LEAGAN COMHDHLÚITE

AN CHONARTHA

AR AN AONTAS EORPACH

   Clár

I.        Téacs an Chonartha

       Brollach

       Teideal I            Forálacha coiteanna

       Teideal II            Forálacha a leasaíonn an Conradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa d'fhonn an Comhphobal Eorpach a bhunú

       Teideal III            Forálacha a leasaíonn an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach

       Teideal IV            Forálacha a leasaíonn an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach

       Teideal V            Forálacha maidir le comhbheartas eachtrach agus slándála

       Teideal VI            Forálacha maidir le comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla

       Teideal VII            Forálacha maidir le comhar níos dlúithe

       Teideal VIII        Forálacha críochnaitheacha


II.    Prótacail (téacs gan atáirgeadh)

       Nóta:    Déantar na tagairtí atá sna prótacail d'airteagail, teidil agus ranna den Chonradh a oiriúnú i gcomhréir leis na cláir choibhéise atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Conradh Amstardam.

       Prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach:

           Prótacal (Uimh. 1) maidir le hAirteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (1997)

       Prótacail atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomphobail Eorpaigh:

           Prótacal (Uimh. 2) ag lánpháirtiú acquis Schengen i gcreat an Aontais Eorpaigh (1997)

           Prótacal (Uimh. 3) maidir le gnéithe áirithe d'Airteagal 14 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar an Ríocht Aontaithe agus ar Éirinn (1997)

           Prótacal (Uimh. 4) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann (1997)

           Prótacal (Uimh. 5) maidir le seasamh na Danmhairge (1997)


       Prótacail atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis na Conarthaí ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

           Prótacal (Uimh. 6) i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach (1992)

           Prótacal (Uimh. 7) maidir leis na hinstitiúidí agus ionchas ann do mhéadú an Aontais Eorpaigh (1997)

           Prótacal (Uimh. 8) maidir le suímh institiúidí na gComhphobal Eorpach, suímh eagras agus ranna áirithe de chuid na gComhphobal Eorpach agus suíomh Europol a shocrú (1997)

           Prótacal (Uimh. 9) maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach (1997)


TÁ A SHOILSE RÍ NA MBEILGEACH, A SOILSE BANRÍON NA DANMHAIRGE, UACHTARÁN PHOBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE, UACHTARÁN NA POBLACHTA HEILLÉANAÍ, A SHOILSE RÍ NA SPÁINNE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA FRAINCE, UACHTARÁN NA HÉIREANN, UACHTARÁN PHOBLACHT NA HIODÁILE, A MHÓRGACHT RÍOGA ARDDIÚC LUCSAMBURG, A SOILSE BANRÍON NA HÍSILTÍRE,

UACHTARÁN PHOBLACHT NA PORTAINGÉILE, A SOILSE BANRÍON RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN,

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU tús a chur le céim nua i bpróiseas na lánpháirtíochta Eorpaí a gabhadh ar láimh le bunú na gComhphobal Eorpach,

AG MEABHRÚ DÓIBH tábhacht stairiúil deireadh a bheith curtha le roinnt mhórroinn na hEorpa agus an gá atá ann le boinn dhaingne a chruthú do thógáil Eoraip na todhchaí,

AG DAINGNIÚ a gcion le prionsabail na saoirse, an daonlathais agus urramú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, agus smachta reachta,

AG DAINGNIÚ a gcion leis na cearta sóisialta bunúsacha mar atá siad sainithe i gCairt Shóisialta na hEorpa arna síniú in Torino ar an 18 Deireadh Fómhair 1961 agus i gCairt Chomhphobail 1989 um chearta sóisialta bunúsacha le haghaidh oibrithe,

ÓS MIAN LEO an dlúthpháirtíocht idir a bpobail a neartú agus a stair, a gcultúr agus a dtraidisiúin á nurramú acu,


ÓS MIAN LEO oibriú daonlathach agus éifeachtach na ninstitiúidí a fheabhsú tuilleadh chun a chumasú dóibh na cúraimí atá curtha orthu a chur i gcrích níos fearr laistigh de chreat institiúideach aonair,

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU neartú agus cóineasú a ngeilleagar a ghnóthú agus aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a bhunú, lena náirítear, i gcomhréir le forálacha an Chonartha seo, airgeadra aonair cobhsaí,

AR A BHEITH DE RÚN DAINGEAN ACU dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta a chur ar aghaidh dá bpobail, ag tabhairt aird ar phrionsabal na forbartha inbhuanaithe agus faoi chuimsiú ghnóthú an mhargaidh inmheánaigh agus athneartú ar chomhtháthú agus ar chosaint an chomhshaoil, agus beartais a chur chun feidhme a áiritheoidh go mbeidh dul chun cinn comhthreomhar i réimsí eile ag gabháil le haon dul chun cinn sa lánpháirtíocht eacnamaíoch,

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU saoránacht a bhunú is coiteann do náisiúnaigh a dtíortha,

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU comhbheartas eachtrach agus slándála a chur chun feidhme, lena náirítear comhbheartas cosanta a chumadh go comhleanúnach, as a bhféadfadh comhchosaint teacht i gcomhréir le forálacha Airteagal 17, ag athneartú ar an dóigh sin na féiniúlachta Eorpaí agus a neamhspleáchais, d'fhonn an tsíocháin, an tslándáil agus an dul chun cinn san Eoraip agus ar domhan a chur ar aghaidh,

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU saorghluaiseacht daoine a éascú, agus sábháilteacht agus slándáil a bpobal á náirithiú acu, trí limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chur ar bun, i gcomhréir le forálacha an Chonartha seo,


AR A BHEITH BEARTAITHE ACU leanúint den síorphróiseas ionsar aontas buandlúite a chur ar bun idir pobail na hEorpa ina nglactar cinntí ar leibhéal chomh gar do na saoránaigh agus is féidir, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta,

I bhFIANAISE na gcéimeanna eile is gá a ghlacadh chun an lánpháirtíocht Eorpach a chur ar aghaidh,

TAR ÉIS CINNEADH Aontas Eorpach a bhunú agus chun na críche sin tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh mar lánchumhachtaigh:

A SHOILSE RÍ NA mBEILGEACH:

Mark EYSKENS, Aire Gnóthaí Eachtracha,

Philippe MAYSTADT, Aire Airgeadais;

A SOILSE BANRÍON NA DANMHAIRGE:

Uffe ELLEMANNJENSEN, Aire Gnóthaí Eachtracha,

Anders FOGH RASMUSSEN, Aire Gnóthaí Eacnamaíocha;

UACHTARÁN PHOBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE:

HansDietrich GENSCHER, Aire Gnóthaí Eachtracha na Cónaidhme,

Theodor WAIGEL, Aire Airgeadais na Cónaidhme;

UACHTARÁN NA POBLACHTA HEILLÉANAÍ:

Antonios SAMARAS, Aire Gnóthaí Eachtracha,

Efthymios CHRISTODOULOU, Aire an Gheilleagair Náisiúnta;


A SHOILSE RÍ NA SPÁINNE:

Francisco FERNÁNDEZ ORDÓÑEZ, Aire Gnóthaí Eachtracha,

Carlos SOLCHAGA CATALÁN, Aire Geilleagair agus Airgeadais;

UACHTARÁN PHOBLACHT NA FRAINCE:

Roland DUMAS, Aire Gnóthaí Eachtracha,

Pierre BÉRÉGOVOY, Aire Geilleagair, Airgeadais agus an Bhuiséid;

UACHTARÁN NA hÉIREANN:

Gerard COLLINS, Aire Gnóthaí Eachtracha,

Bertie AHERN, Aire Airgeadais;

UACHTARÁN PHOBLACHT NA hIODÁILE:

Gianni DE MICHELIS, Aire Gnóthaí Eachtracha,

Guido CARLI, Aire an Státchiste;

A MHÓRGACHT RÍOGA ARDDIÚC LUCSAMBURG:

Jacques F. POOS, LeasPhríomhaire, Aire Gnóthaí Eachtracha,

JeanClaude JUNCKER, Aire Airgeadais;

A SOILSE BANRÍON NA hÍSILTÍRE:

Hans VAN DEN BROEK, Aire Gnóthaí Eachtracha,

Willem KOK, Aire Airgeadais;


UACHTARÁN PHOBLACHT NA PORTAINGÉILE:

João de Deus PINHEIRO, Aire Gnóthaí Eachtracha,

Jorge BRAGA DE MACEDO, Aire Airgeadais;

A SOILSE BANRÍON RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN:

The Rt. HON. Douglas HURD, Státrúnaí Gnóthaí Eachtracha agus Gnóthaí Comhlathais,

The Hon. Francis MAUDE, Rúnaí Airgeadais, An Státchiste;

NOCH A RINNE, tar éis dóibh a Lánchumhachtaí, agus iad i bhfoirm cheart chuí, a thabhairt ar aird a chéile, comhaontú mar a leanas:

   TEIDEAL I

   FORÁLACHA COITEANNA

   AIRTEAGAL 1 (SeanAirteagal A)

Leis an gConradh seo, bunaíonn na hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA Aontas Eorpach eatarthu féin, dá ngairtear "an tAontas" anseo feasta.

Céim nua sa síorphróiseas ionsar aontas buandlúite a chur ar bun idir pobail na hEorpa is ea an Conradh seo, ina nglactar cinntí ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir agus ar leibhéal chomh gar do na saoránaigh agus is féidir.


Fothófar an tAontas ar na Comhphobail Eorpacha arna bhforlíonadh ag na beartais agus na cineálacha comhair a bhunaítear sa Chonradh seo. Beidh de chúram air an caidreamh idir na Ballstáit agus idir a bpobail a eagrú ar dhóigh chomhchuí agus dhlúthpháirteach.

AIRTEAGAL 2 (SeanAirteagal B)

Is iad seo a leanas cuspóirí an Aontais:

   dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta agus ardleibhéal fostaíochta a chur ar aghaidh agus forbairt chothromúil inbhuanaithe a ghnóthú, go háirithe trí limistéar gan teorainneacha inmheánacha a chur ar bun, trí chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú agus trí aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a bhunú a chuimseoidh airgeadra aonair faoi dheoidh i gcomhréir le forálacha an Chonartha seo;

   a fhéiniúlacht a dhearbhú ar an ardán idirnáisiúnta, go háirithe trí chomhbheartas eachtrach agus slándála a chur chun feidhm, lena náirítear comhbheartas cosanta a chumadh go comhleanúnach, as a bhféadfadh comhchosaint teacht i gcomhréir le forálacha Airteagal 17;

   cosaint chearta agus leasanna náisiúnaigh a Bhallstát a neartú trí shaoránacht den Aontas a thionscnamh;


   an tAontas a choimeád ar bun agus a fhorbairt mar limistéar saoirse, slándála agus ceartais, ina náiritheofar saorghluaiseacht daoine i dteannta le bearta iomchuí maidir le rialuithe ar theorainneacha seachtracha, tearmann agus inimirce, maille leis an gcoirpeacht a chosc agus a chomhrac;

   an acquis communautaire a choimeád ar bun ina iomláine agus é a fhorbairt d'fhonn a mheas a mhéad is gá na beartais agus na cineálacha comhair a thionscnaítear sa Chonradh seo a athbhreithniú d'fhonn éifeachtúlacht shásraí agus institiúidí an Chomhphobail a áirithiú.

Déanfar cuspóirí an Aontais a ghnóthú mar a fhoráiltear sa Chonradh seo agus i gcomhréir leis na coinníollacha agus leis an tráthchlár atá leagtha amach ann agus prionsabal na coimhdeachta mar atá sé sainithe in Airteagal 5 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh á urramú.

AIRTEAGAL 3 (SeanAirteagal C)

Beidh ag an Aontas creat aonair institiúideach a áiritheoidh comhchuibheas agus leanúnachas na ngníomhaíochtaí a chuirfear i gcrích chun a chuspóirí a bhaint amach, agus an acquis communautaire á urramú agus á fhorbairt.

Déanfaidh an tAontas go háirithe comhchuibheas a ghníomhaíochtaí seachtracha i gcoitinne a áirithiú faoi chuimsiú a chuid beartas maidir le caidreamh eachtrach, slándáil, geilleagar agus forbairt. Beidh an Chomhairle agus an Coimisiún freagrach as an gcomhchuibheas sin a áirithiú agus comhoibreoidh siad le chéile chuige sin. I gcomhréir lena gcumhachtaí faoi seach, áiritheoidh siad cur chun feidhme na mbeartas sin.


   AIRTEAGAL 4 (SeanAirteagal D)

Tabharfaidh an Chomhairle Eorpach don Aontas an spreagadh is gá dá fhorbairt agus saineoidh sí na treoirlínte polaitiúla ginearálta.

Is iad Ceannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát mar aon le hUachtarán an Choimisiúin a thiocfaidh le chéile sa Chomhairle Eorpach. Beidh de chúnamh acu Airí Gnóthaí Eachtracha na mBallstát agus comhalta amháin den Choimisiún. Tiocfaidh an Chomhairle Eorpach le chéile ar a laghad dhá uair sa bhliain agus is é Ceannaire Stáit nó Rialtais an Bhallstáit a bheidh ag feidhmiú Uachtaránacht na Comhairle a bheidh sa chathaoir.

Tíolacfaidh an Chomhairle Eorpach, tar éis gach cruinniú dá cuid, tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa maille le tuarascáil bhliantúil i scríbhinn ar an dul chun cinn atá déanta ag an Aontas.

   AIRTEAGAL 5 (SeanAirteagal E)

Feidhmeoidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún, an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Iniúchóirí a gcumhachtaí faoi na coinníollacha agus chun na gcríoch dá bhforáiltear, ar thaobh amháin, i bhforálacha na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus na gConarthaí agus na nIonstraimí dá éis sin á modhnú agus á bhforlíonadh, agus, ar an taobh eile, i bhforálacha eile an Chonartha seo.


AIRTEAGAL 6 (SeanAirteagal F)

1. Tá an tAontas fothaithe ar phrionsabail na saoirse, an daonlathais, urramú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, agus an smachta reachta, prionsabail ar comhphrionsabail iad ag na Ballstáit.

2. Urramóidh an tAontas, mar phrionsabail ghinearálta dhlí an Chomhphobail, na cearta bunúsacha mar atá siad áirithithe ag an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint arna shíniú sa Róimh ar an 4 Samhain 1950 agus mar a thig siad as na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit.

3. Urramóidh an tAontas féiniúlachtaí náisiúnta a chuid Ballstát.

4. Beidh ag an Aontas na hacmhainní is gá chun a chuspóirí a bhaint amach agus a chuid beartas a chur i gcrích.

AIRTEAGAL 7 (SeanAirteagal F.1)

1. Féadfaidh an Chomhairle, ag teacht le chéile di i dtionól na gCeannairí Stáit nó Rialtais agus ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ó thrian de na Ballstáit nó ón gCoimisiún agus tar éis aontú Pharlaimint na hEorpa a fháil, a shuíomh go bhfuil sárú tromchúiseach leanúnach á dhéanamh ag Ballstát ar phrionsabail atá luaite in Airteagal 6(1), tar éis iarraidh ar rialtas an Bhallstáit i gceist a bharúlacha a thíolacadh.


2. Nuair a shuífear amhlaidh, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh cearta áirithe a chineann ón gConradh seo a chur i bhfeidhm ar an mBallstát i gceist a fhionraí, lena náirítear cearta vótála ionadaí rialtas an Bhallstáit sin sa Chomhairle. Lena linn sin, tabharfaidh an Chomhairle aird ar na hiarmhairtí a fhéadfaidh teacht ón bhfionraíocht sin i dtaca le cearta agus oibleagáidí daoine nádúrtha agus dlítheanacha.

Leanfaidh oibleagáidí an Bhallstáit i gceist faoin gConradh seo de bheith ina gceangal ar an mBallstát sin ar aon chuma.

3. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh dá éis sin na bearta arna nglacadh faoi mhír 2 a athrú nó a chúlghairm mar fhreagra ar athruithe sa staid ba bhun leis na bearta sin a fhorchur.

4. Chun críche an Airteagail seo, gníomhóidh an Chomhairle gan vóta ionadaí an Bhallstáit i gceist a chur san áireamh. Ní chuirfidh staonadh ó vótáil ag comhaltaí a bheidh i láthair go pearsanta nó a mbeidh ionadaithe ag feidhmiú thar a gceann cosc ar chinntí dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh. Saineofar tromlach cáilithe mar an chionmhaireacht chéanna de vótaí ualaithe na gcomhaltaí i dtrácht den Chomhairle atá leagtha síos in Airteagal 205(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an mír seo freisin i gcás cearta vótála a fhionraí de bhun mhír 2.

5. Chun críche an Airteagail seo, gníomhóidh Parlaimint na hEorpa trí thromlach dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh is ionann agus tromlach dá comhaltaí.


TEIDEAL II

FORÁLACHA A LEASAÍONN AN CONRADH

AG BUNÚ CHOMHPHOBAL EACNAMAÍOCHTA NA hEORPA D'FHONN

AN COMHPHOBAL EORPACH A BHUNÚ

AIRTEAGAL 8 (SeanAirteagal G)

(téacs gan atáirgeadh)

TEIDEAL III

FORÁLACHA A LEASAÍONN AN CONRADH

AG BUNÚ AN CHOMHPHOBAIL EORPAIGH DO GHUAL AGUS CRUACH

   AIRTEAGAL 9 (SeanAirteagal H)

   (téacs gan atáirgeadh)

TEIDEAL IV

FORÁLACHA A LEASAÍONN AN CONRADH

AG BUNÚ AN CHOMHPHOBAIL EORPAIGH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

   AIRTEAGAL 10 (SeanAirteagal I)

   (téacs gan atáirgeadh)


TEIDEAL V

FORÁLACHA MAIDIR LE COMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA

   AIRTEAGAL 11 (SeanAirteagal J.1)

1. Saineoidh an tAontas agus cuirfidh sé chun feidhme comhbheartas eachtrach agus slándála a fholóidh gach réimse den bheartas eachtrach agus slándála agus arb iad a chuspóirí:

   comhluacha, bunleasanna, neamhspleáchas agus iomláine an Aontais a choimirciú i gcomhréir le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe;

   slándáil an Aontais a neartú ar gach dóigh;

   síocháin a chaomhnú agus slándáil idirnáisiúnta a neartú, i gcomhréir le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe, le prionsabail Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí agus le cuspóirí Chairt Pháras, lena náirítear iad sin a bhaineann le teorainneacha seachtracha;

   comhar idirnáisiúnta a chur ar aghaidh;

   daonlathas agus an smacht reachta, agus urraim do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, a fhorbairt agus a chomhdhlúthú.

2. Tacóidh na Ballstáit go gníomhach agus gan chuntar le beartas eachtrach agus slándála an Aontais de mheon dílseachta agus dlúthpháirtíochta frithpháirtí.

Oibreoidh na Ballstáit le chéile chun a ndlúthpháirtíocht pholaitiúil fhrithpháirteach a fheabhsú agus a fhorbairt. Staonfaidh siad ó aon ghníomhaíocht a bheadh bunoscionn le leasanna an Aontais nó ar dóigh di a éifeachtúlacht mar fhórsa comhtháthaithe sa chaidreamh idirnáisiúnta a dhochrú.

Áiritheoidh an Chomhairle go gcomhlíonfar na prionsabail sin.


   AIRTEAGAL 12 (SeanAirteagal J.2)

Déanfaidh an tAontas na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 11 a shaothrú:

   trí phrionsabail agus treoirlínte ginearálta an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a shainiú;

   trí chomhstraitéisí a chinneadh;

   trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha a ghlacadh;

   trí chomhsheasaimh a ghlacadh;

   trí neartú a dhéanamh ar chomhar córasach idir na Ballstáit agus a mbeartas á sheoladh acu.

   AIRTEAGAL 13 (SeanAirteagal J.3)

1. Saineoidh an Chomhairle Eorpach prionsabail agus treoirlínte ginearálta an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, lena náirítear ábhair a bhfuil impleachtaí cosanta acu.

2. Déanfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh maidir le comhstraitéisí a bheidh le cur chun feidhme ag an Aontas sna réimsí ina bhfuil comhleasanna tábhachtacha ag na Ballstáit.

Leagfar amach sna comhstraitéisí sin na cuspóirí atá leo, a ré agus na hacmhainní a chuirfidh an tAontas agus na Ballstáit ar fáil.


3. Glacfaidh an Chomhairle na cinntí is gá chun an comhbheartas eachtrach agus slándála a shainiú agus a chur chun feidhme ar bhonn na dtreoirlínte ginearálta arna sainiú ag an gComhairle Eorpach.

Molfaidh an Chomhairle comhstraitéisí don Chomhairle Eorpach agus cuirfidh sí chun feidhme iad, go háirithe trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha agus comhsheasaimh a ghlacadh.

Áiritheoidh an Chomhairle aontacht, comhchuibheas agus éifeachtúlacht ghníomhaíocht an Aontais.

   AIRTEAGAL 14 (SeanAirteagal J.4)

1. Glacfaidh an Chomhairle gníomhaíochtaí comhpháirteacha. Tabharfar aghaidh sna gníomhaíochtaí comhpháirteacha ar staideanna sonracha ina meastar gur gá gníomhaíocht oibríochtúil ag an Aontas. Leagfar síos iontu na cuspóirí atá leo, a raon feidhme, na hacmhainní a chuirfear ar fáil don Aontas, a ré más gá, agus na coinníollacha maidir lena gcur chun feidhme.

2. Má tharlaíonn athrú sna himthosca a bhfuil éifeacht shuntasach aige ar cheist atá ina ábhar do ghníomhaíocht chomhpháirteach, déanfaidh an Chomhairle prionsabail agus cuspóirí na gníomhaíochta sin a athbhreithniú agus glacfaidh sí na cinntí is gá. Fad nach mbeidh cinneadh glactha ag an gComhairle, beidh feidhm fós ag an ngníomhaíocht chomhpháirteach.

3. Beidh na gníomhaíochtaí comhpháirteacha ina gceangal ar na Ballstáit sna seasaimh a ghlacfaidh siad agus i seoladh a ngníomhaíochta.


4. Féadfaidh an Chomhairle a iarraidh ar an gCoimisiún aon tograí iomchuí a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála a chur faoina bráid d'fhonn a áirithiú go gcuirfear gníomhaíocht chomhpháirteach chun feidhme.

5. Aon uair a bheartaítear seasamh náisiúnta a ghlacadh nó gníomhaíocht náisiúnta a dhéanamh de bhun gníomhaíochta comhpháirtí, cuirfear eolas ar fáil in am ionas gur féidir, más gá, comhairle a ghlacadh roimh ré i dtionól na Comhairle. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid eolas a chur ar fáil roimh ré maidir le bearta nach mbeidh iontu ach trasuí náisiúnta ar chinntí na Comhairle.

6. I gcás géarriachtanais a bhaineann le hathruithe ar an staid agus mura mbeidh cinneadh déanta ag an gComhairle, féadfaidh na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh ar bhonn práinne, ag féachaint do chuspóirí ginearálta na gníomhaíochta comhpháirtí. Cuirfidh an Ballstát i dtrácht an Chomhairle ar an eolas láithreach faoi aon bheart den sórt sin.

7. I gcás mórdheacrachtaí maidir le gníomhaíocht chomhpháirteach a chur chun feidhme, cuirfidh Ballstát na deacrachtaí os comhair na Comhairle a dhéanfaidh iad a phlé agus réitigh iomchuí a lorg. Ní féidir leis na réitigh sin bheith bunoscionn le cuspóirí na gníomhaíochta comhpháirtí ná a héifeachtúlacht a dhochrú.

   AIRTEAGAL 15 (SeanAirteagal J.5)

Glacfaidh an Chomhairle comhsheasaimh. Saineoidh na comhsheasaimh cur chuige an Aontais faoi ábhar áirithe de chineál geografach nó téamúil. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil a mbeartas náisiúnta i gcomhréir leis na comhsheasaimh.


   AIRTEAGAL 16 (SeanAirteagal J.6)

Tabharfaidh na Ballstáit eolas dá chéile agus rachaidh siad i gcomhairle le chéile i dtionól na Comhairle faoi aon ábhar leasa ghinearálta a bhaineann le beartas eachtrach agus slándála chun a áirithiú go gcuirfear tionchar an Aontais i gcion ar an mbealach is éifeachtúla is féidir trí ghníomhaíocht chomhbheartaithe agus chóineasaithe.

   AIRTEAGAL 17 (SeanAirteagal J.7)

1. Cuimseoidh an comhbheartas eachtrach agus slándála na ceisteanna uile a bhaineann le slándáil an Aontais, lena náirítear comhbheartas cosanta a chumadh go comhleanúnach, i gcomhréir leis an dara fomhír, as a bhféadfadh comhchosaint teacht, dá gcinnfeadh an Chomhairle Eorpach amhlaidh. Sa chás sin, molfaidh sí do na Ballstáit cinneadh den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

Is cuid dhílis d'fhorbairt an Aontais é Aontas Iarthar na hEorpa (AIE) a chuireann rochtain ar chumas oibríochtúil ar fáil don Aontas, go háirithe i gcomhthéacs mhír 2. Tá sé mar thaca ag an Aontas le linn dó gnéithe cosanta an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar atá leagtha amach san Airteagal seo a chumadh. Taobhóidh an tAontas dá bhrí sin le caidreamh institiúideach níos dlúithe le AIE le go bhféadfar AIE a lánpháirtiú san Aontas, dá gcinnfeadh an Chomhairle Eorpach amhlaidh. Sa chás sin, molfaidh sí do na Ballstáit cinneadh den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

Ní dhéanfaidh beartas an Aontais i gcomhréir leis an Airteagal seo dochar do cháilíocht shonrach beartais slándála agus cosanta Ballstát áirithe agus urramóidh sé na hoibleagáidí a chineann ó Chonradh an Atlantaigh Thuaidh i gcás Ballstát áirithe a mheasann go bhfuil a gcomhchosaint bainte amach acu in Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT), agus beidh sé ag luí leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta arna bhunú sa chreat sin.


Agus comhbheartas cosanta á chumadh go comhleanúnach, beidh comhar idir Ballstáit i réimse na narmálacha mar thaca aige, má mheasann na Ballstáit gur iomchuí é.

2. Cuimseoidh na ceisteanna dá dtagraítear san Airteagal seo cúraimí daonchairdis agus tarrthála, cúraimí síochánaíochta agus cúraimí fórsaí comhraic le linn bainistíochta géarchéime, lena náirítear síocháin a dhéanamh.

3. Bainfidh an tAontas leas as AIE chun cinntí agus gníomhaíochtaí an Aontais a bhfuil impleachtaí cosanta acu a shaothrú tuilleadh agus a chur chun feidhme.

Beidh inniúlacht na Comhairle Eorpaí chun treoirlínte a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 13 infheidhme freisin i leith AIE i gcás na nábhar sin a mbaineann an tAontas leas as AIE ina leith.

Nuair a bhainfidh an tAontas leas as AIE chun cinntí an Aontais maidir leis na cúraimí dá dtagraítear i mír 2 a shaothrú tuilleadh agus a chur chun feidhme, beidh Ballstáit uile an Aontais i dteideal páirt iomlán a ghlacadh sna cúraimí i gceist. Déanfaidh an Chomhairle, i gcomhaontú le hinstitiúidí AIE, na socruithe praiticiúla is gá a ghlacadh chun a chur ar chumas na mBallstát uile a bheidh ag rannchuidiú sna cúraimí i gceist páirt iomlán chothrom a ghlacadh i bpleanáil agus i gcinnteoireacht in AIE.

Déanfar cinntí a bhfuil impleachtaí cosanta acu agus a ndéileáiltear leo faoin mír seo a ghlacadh gan dochar do na beartais agus na hoibleagáidí dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 1.


4. Ní choiscfidh forálacha an Airteagail seo comhar níos dlúithe idir dhá Bhallstát nó níos mó a fhorbairt ar bhonn déthaobhach, faoi chuimsiú AIE agus na Comhghuaillíochta Atlantaí, ar choinníoll nach mbeidh an comhar sin ina shárú ná ina bhac ar an gcomhar dá bhforáiltear sa Teideal seo.

5. D'fhonn cuspóirí an Airteagail seo a chur ar aghaidh, déanfar forálacha an Airteagail seo a athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 48.

   AIRTEAGAL 18 (SeanAirteagal J.8)

1. In ábhair a thig faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála, is í an Uachtaránacht a fheidhmeoidh ar son an Aontais.

2. Beidh an Uachtaránacht freagrach as cinntí arna nglacadh faoin Teideal seo a chur chun feidhme; sa cháil sin, léireoidh sí i bprionsabal seasamh an Aontais in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta.

3. Cabhróidh Ardrúnaí na Comhairle leis an Uachtaránacht agus feidhmeoidh sé feidhm Ardionadaí don chomhbheartas eachtrach agus slándála.

4. Beidh baint iomlán ag an gCoimisiún leis na cúraimí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2. Más gá, cabhróidh an chéad Bhallstát eile ag a mbeidh an Uachtaránacht leis an Uachtaránacht sna cúraimí sin.

5. Féadfaidh an Chomhairle, aon uair a mheasann sí gur gá sin, ionadaí speisialta a cheapadh a mbeidh sainordú aige i ndáil le saincheisteanna beartais áirithe.


   AIRTEAGAL 19 (SeanAirteagal J.9)

1. Comhordóidh na Ballstáit a ngníomhaíocht in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta. Déanfaidh siad na comhsheasaimh a chosaint sna fóraim sin.

In eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta nach bhfuil na Ballstáit go léir rannpháirteach iontu, déanfaidh na Ballstáit sin atá rannpháirteach iontu na comhsheasaimh a chosaint.

2. Gan dochar do mhír 1 agus d'Airteagal 14(3), cuirfidh na Ballstáit a bhfuil ionadaíocht acu in eagraíochtaí idirnáisiúnta nó ag comhdhálacha idirnáisiúnta nach bhfuil na Ballstáit go léir rannpháirteach iontu na Ballstáit eile sin ar an eolas faoi aon ábhar comhleasa.

Na Ballstáit atá freisin ina gcomhaltaí de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, déanfaidh siad comhbheartú agus cuirfidh siad na Ballstáit eile ar an eolas go hiomlán. Na Ballstáit atá ina mbuanchomhaltaí den Chomhairle Slándála, áiritheoidh siad, i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna, go ndéantar seasaimh agus leasanna an Aontais a chosaint, gan dochar dá bhfreagrachtaí de bhun fhorálacha Chairt na Náisiún Aontaithe.

   AIRTEAGAL 20 (SeanAirteagal J.10)

Déanfaidh misin taidhleoireachta agus consalachta na mBallstát agus Toscaireachtaí an Choimisiúin i dtríú tíortha agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta, agus a nionadaíochtaí chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, comhoibriú chun a áirithiú go ndéantar na comhsheasaimh agus na gníomhaíochtaí comhpháirteacha arna nglacadh ag an gComhairle a chomhlíonadh agus a chur chun feidhme.


Cuirfidh siad dlús leis an gcomhar trí fhaisnéis a mhalartú, trí mheasúnachtaí comhpháirteacha a dhéanamh agus trí rannchuidiú leis na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 20 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh a chur chun feidhme.

   AIRTEAGAL 21 (SeanAirteagal J.11)

Rachaidh an Uachtaránacht i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le príomhghnéithe agus bunroghanna an chomhbheartais eachtraigh agus slándála agus áiritheoidh sí go dtabharfar aird chuí ar dhearcadh Pharlaimint na hEorpa. Cuirfidh an Uachtaránacht agus an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas go tráthrialta faoi fhorbairt bheartas eachtrach agus slándála an Aontais.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa ceisteanna a dhíriú chuig an gComhairle agus moltaí a thabhairt di. Cuirfidh sí díospóireacht ar siúl gach bliain ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála.

   AIRTEAGAL 22 (SeanAirteagal J.12)

1. Féadfaidh aon Bhallstát nó an Coimisiún aon cheist a thig faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála a chur os comhair na Comhairle agus tograí a chur faoi bhráid na Comhairle.


2. I gcásanna ina mbeidh gá le cinneadh sciobtha, comórfaidh an Uachtaránacht uaithi féin, nó arna iarraidh sin don Choimisiún nó do Bhallstát, cruinniú urghnách den Chomhairle laistigh d'ocht nuaire an chloig is daichead nó, má tá éigeandáil ann, laistigh de thréimhse níos giorra.

   AIRTEAGAL 23 (Airteagal J.13)

1. Glacfaidh an Chomhairle cinntí faoin Teideal seo ag gníomhú di d’aon toil. Ní chuirfidh staonadh ó vótáil ag comhaltaí a bheidh i láthair go pearsanta nó a mbeidh ionadaithe ag feidhmiú thar a gceann cosc ar chinntí den sórt sin a ghlacadh.

Agus é ag staonadh ó vótáil, féadfaidh comhalta den Chomhairle a staonadh ó vótáil a cháiliú trí dhearbhú foirmiúil a dhéanamh faoin bhfomhír seo. Sa chás sin, ní bheidh d'oibleagáid air an cinneadh a chur i bhfeidhm ach glacfaidh sé leis go bhfuil an cinneadh de cheangal ar an Aontas. Staonfaidh an Ballstát i dtrácht, de mheon dlúthpháirtíochta frithpháirtí, ó aon ghníomhaíocht ar dóigh di bheith ar neamhréir le gníomhaíocht an Aontais a bheidh bunaithe ar an gcinneadh sin nó gníomhaíocht sin an Aontais a bhac agus urramóidh na Ballstáit eile a sheasamh. Más mó ná trian de na vótaí arna nualú i gcomhréir le hAirteagal 205(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh líon chomhaltaí na Comhairle a dhéanann a staonadh ó vótáil a cháiliú amhlaidh, ní ghlacfar an cinneadh.

2. De mhaolú ar fhorálacha mhír 1, gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe:

   nuair a ghlacfaidh sí gníomhaíochtaí comhpháirteacha, comhsheasaimh nó aon chinneadh eile ar bhonn comhstraitéise;


   nuair a ghlacfaidh sí aon chinneadh ag cur gníomhaíochta comhpháirtí nó comhsheasaimh chun feidhme.

Má dhearbhaíonn comhalta den Chomhairle go bhfuil sé ar intinn aige, ar chúiseanna tábhachtacha sonraithe beartais náisiúnta, cur i gcoinne cinneadh a ghlacadh atá le glacadh trí thromlach cáilithe, ní dhéanfar vótáil. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a iarraidh go ndéanfar an cheist a chur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí chun go nglacfar cinneadh d'aon toil.

Déanfar vótaí chomhaltaí na Comhairle a ualú i gcomhréir le hAirteagal 205(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh. Chun go nglacfar cinntí, is gá 62 vóta ar a laghad ina bhfabhar arna gcaitheamh ag 10 comhalta ar a laghad.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le cinntí a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta acu.

3. I gcás ceisteanna nós imeachta, gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach a comhaltaí.

   AIRTEAGAL 24 (SeanAirteagal J.14)

Nuair is gá comhaontú a thabhairt i gcrích le Stát amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó d'fhonn an Teideal seo a chur chun feidhme, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, a údarú don Uachtaránacht, a mbeidh cúnamh aici ón gCoimisiún mar is iomchuí, caibidlíocht a oscailt chuige sin. Tabharfaidh an Chomhairle comhaontuithe den sórt sin i gcrích, ag gníomhú di d'aon toil ar mholadh ón Uachtaránacht. Ní bheidh aon chomhaontú ina cheangal ar Bhallstát a ndearbhaíonn a ionadaí sa Chomhairle nach foláir dó ceanglais a nós imeachta bhunreachtúil féin a chomhlíonadh; féadfaidh comhaltaí eile na Comhairle a chomhaontú go mbeidh feidhm ag an gcomhaontú maidir leo go sealadach.

Beidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo freisin maidir le hábhair a thig faoi Theideal VI.


   AIRTEAGAL 25 (SeanAirteagal J.15)

Gan dochar d'Airteagal 207 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, déanfaidh Coiste Polaitiúil faireachán ar an staid idirnáisiúnta sna réimsí a thig faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála, agus rannchuideoidh sé le beartais a shainiú trí thuairimí a thabhairt don Chomhairle arna iarraidh sin don Chomhairle nó ar a thionscnamh féin. Déanfaidh sé freisin faireachán ar chur chun feidhme beartas comhaontaithe, gan dochar do fhreagracht na hUachtaránachta agus an Choimisiúin.

   AIRTEAGAL 26 (SeanAirteagal J.16)

Cabhróidh Ardrúnaí na Comhairle, Ardionadaí don chomhbheartas eachtrach agus slándála, leis an gComhairle in ábhair a thig faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála, go háirithe trí rannchuidiú le cinntí um beartais a fhoirmiú, a ullmhú agus a chur chun feidhme, agus, nuair is iomchuí, ag gníomhú dó thar ceann na Comhairle arna iarraidh sin don Uachtaránacht, trí agallamh polaitiúil a sheoladh le tríú páirtithe.

   AIRTEAGAL 27 (SeanAirteagal J.17)

Beidh baint iomlán ag an gCoimisiún leis an obair a dhéantar i réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála.


   AIRTEAGAL 28 (SeanAirteagal J.18)

1. Beidh feidhm ag Airteagail 189, 190, 196 go 199, 203, 204, 206 go 209, 213 go 219, 255 agus 290 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh maidir leis na forálacha a bhaineann leis na réimsí dá dtagraítear sa Teideal seo.

2. Déanfar an caiteachas riarthach a thabhóidh na hinstitiúidí trí na forálacha a bhaineann leis na réimsí dá dtagraítear sa Teideal seo a mhuirearú ar bhuiséad na gComhphobal Eorpach.

3. Aon chaiteachas oibríochtúil atá ann de bharr na forálacha sin a chur chun feidhme, muirearófar é ar bhuiséad na gComhphobal Eorpach freisin, seachas aon chaiteachas a thig ó oibríochtaí a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta acu agus cásanna ina gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt ag gníomhú di d'aon toil.

Nuair nach muirearófar an caiteachas ar bhuiséad na gComhphobal Eorpach, muirearófar ar na Ballstáit é i gcomhréir le scála na holltáirgeachta náisiúnta mura gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt ag gníomhú di d'aon toil. I dtaca le caiteachas a thig ó oibríochtaí a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta acu, ní bheidh d'iallach ar na Ballstáit a bhfuil dearbhú foirmiúil déanta ag a nionadaithe sa Chomhairle faoin dara fomhír d'Airteagal 23(1) ranníocaíochtaí a dhéanamh maidir lena maoiniú.

4. Beidh feidhm ag an nós imeachta buiséadach atá leagtha síos sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh maidir leis an gcaiteachas a mhuirearófar ar bhuiséad na gComhphobal Eorpach.


TEIDEAL VI

FORÁLACHA MAIDIR LE COMHAR PÓILÍNEACHTA AGUS

COMHAR BREITHIÚNACH IN ÁBHAIR CHOIRIÚLA

   AIRTEAGAL 29 (SeanAirteagal K.1)

Gan dochar do chumhachtaí an Chomhphobail Eorpaigh, beidh de chuspóir ag an Aontas ardleibhéal sábháilteachta a chur ar fáil do na saoránaigh laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais trí chomhghníomhaíocht a fhorbairt idir na Ballstáit i réimsí an chomhair phóilíneachta agus bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus tríd an gciníochas agus an tseineafóibe a chosc agus a chomhrac.

Gnóthófar an cuspóir sin trí choirpeacht, bíodh nó ná bíodh sí eagraithe, a chosc agus a chomhrac, go háirithe sceimhlitheoireacht, gáinneáil daoine agus cionta i gcoinne leanaí, gáinneáil aindleathach drugaí agus gáinneáil aindleathach arm, éilliú agus calaois:

   trí chomhar níos dlúithe idir fórsaí póilíneachta, údaráis chustaim agus údaráis inniúla eile sna Ballstáit, go díreach agus tríd an Oifig Eorpach Póilíní (Europol), i gcomhréir le forálacha Airteagail 30 agus 32;

   trí chomhar níos dlúithe idir údaráis bhreithiúnacha agus údaráis inniúla eile de chuid na mBallstát i gcomhréir le forálacha phointí (a) go (d) d'Airteagal 31 agus Airteagal 32;

   trí na rialacha maidir le hábhair choiriúla sna Ballstáit a chomhfhogasú, más gá, i gcomhréir le forálacha phointe (e) d'Airteagal 31.


   AIRTEAGAL 30 (SeanAirteagal K.2)

1. Cuimseoidh comhghníomhaíocht i réimse an chomhair phóilíneachta:

(a)    comhar oibríochtúil idir na húdaráis inniúla, lena náirítear seirbhísí póilíneachta, seirbhísí custaim agus sainseirbhísí eile um fhorghníomhú an dlí de chuid na mBallstát i ndáil le cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú;

(b)    faisnéis ábhartha, lena náirítear faisnéis arna sealbhú ag seirbhísí um fhorghníomhú an dlí maidir le tuarascálacha ar idirbhearta airgeadais amhrasacha, a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil, a anailísiú agus a mhalartú, go háirithe trí Europol, faoi réir forálacha iomchuí maidir le sonraí pearsanta a chosaint;

(c)    comhar agus tionscnaimh chomhpháirteacha maidir le hoiliúint, malartú oifigeach liaison, foireann a thabhairt ar iasacht, úsáid trealaimh agus taighde fóiréinseach;

(d)    cóimheastóireacht ar theicníochtaí imscrúdaithe áirithe i ndáil le saghsanna tromchúiseacha coirpeachta eagraithe a bhrath.

2. Cuirfidh an Chomhairle comhar ar aghaidh trí Europol agus déanfaidh sí ach go háirithe, laistigh de thréimhse cúig bliana ó dháta Chonradh Amstardam a theacht i bhfeidhm:

(a)    Europol a chumasú chun ullmhú gníomhaíochtaí sonracha imscrúdaithe de chuid údaráis inniúla na mBallstát, lena náirítear gníomhaíochtaí oibríochtúla de chuid foirne comhpháirteacha, ar a mbeidh ionadaithe Europol i gcáil tacaíochta, a éascú agus tacú leis an ullmhú sin, agus comhordú agus cur i gcrích na ngníomhaíochtaí sin a chothú;


(b)    bearta a ghlacadh a cheadóidh d'Europol a iarraidh ar údaráis inniúla na mBallstát a nimscrúduithe a sheoladh agus a chomhordú i gcásanna sonracha agus oilteacht shonrach a fhorbairt a fhéadfar a chur ar fáil do Bhallstáit chun cabhrú leo cásanna coirpeachta eagraithe a imscrúdú;

(c)    socruithe liaison a chur ar aghaidh idir oifigigh ionchúisimh/imscrúdaithe atá ag sainfheidhmiú sa chomhrac i gcoinne na coirpeachta eagraithe i ndlúthchomhar le hEuropol;

(d)    líonra taighde, doiciméadaithe agus staidrimh maidir leis an gcoirpeacht trasteorann a bhunú.

   AIRTEAGAL 31 (SeanAirteagal K.3)

Cuimseoidh comhghníomhaíocht maidir le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla:

(a)    comhar idir aireachtaí inniúla agus údaráis bhreithiúnacha nó údaráis choibhéiseacha na mBallstát a éascú agus a luathú i ndáil le himeachtaí agus forghníomhú breitheanna;

(b)    eiseachadadh idir na Ballstáit a éascú;

(c)    comhchuibheas a áirithiú idir na rialacha is infheidhme sna Ballstáit, a mhéad is gá chun an comhar sin a fheabhsú;

(d)    easaontais dlínse idir na Ballstáit a chosc;


(e)    bearta a ghlacadh go comhleanúnach a bhunóidh rialacha íosta i ndáil leis na heilimintí a chomhdhéanann gníomhartha coiriúla agus le pionóis i réimsí na coirpeachta eagraithe, na sceimhlitheoireachta agus gáinneála aindleathaí drugaí.

   AIRTEAGAL 32 (SeanAirteagal K.4)

Leagfaidh an Chomhairle síos na coinníollacha agus na teorainneacha faoina bhféadfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagail 30 agus 31 oibriú ar chríoch Bhallstáit eile i gcuibhreann agus i gcomhaontú le húdaráis an Bhallstáit sin.

   AIRTEAGAL 33 (SeanAirteagal K.5)

Ní dhéanfaidh an Teideal seo difear d'fheidhmiú na bhfreagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir leis an ord poiblí a chaomhnú agus slándáil inmheánach a choimirciú.

   AIRTEAGAL 34 (SeanAirteagal K.6)

1. Sna réimsí dá dtagraítear sa Teideal seo, cuirfidh na Ballstáit a chéile ar an eolas agus rachaidh siad i gcomhairle le chéile i dtionól na Comhairle d'fhonn a ngníomhaíocht a chomhordú. Chuige sin, cuirfidh siad comhoibriú ar bun idir ranna ábhartha a gcuid riarachán.


2. Déanfaidh an Chomhairle bearta a ghlacadh agus comhar a chur ar aghaidh, san fhoirm iomchuí agus de réir na nósanna imeachta iomchuí mar atá siad leagtha amach sa Teideal seo, chun rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a shaothrú. Chuige sin, ag gníomhú di d'aon toil ar thionscnamh aon Bhallstáit nó an Choimisiúin, féadfaidh an Chomhairle:

(a)    comhsheasaimh a ghlacadh a shaineoidh cur chuige an Aontais Eorpaigh maidir le hábhar áirithe;

(b)    cinntí réime a ghlacadh d'fhonn dlíthe agus rialacháin na mBallstát a chomhfhogasú. Beidh na cinntí réime ina gceangal ar na Ballstáit maidir leis an toradh atá le gnóthú ach fágfar faoi na húdaráis náisiúnta foirm agus modhanna a roghnú. Ní ghabhfaidh éifeacht dhíreach leo;

(c)    cinntí a ghlacadh chun críche ar bith eile is comhchuí le cuspóirí an Teidil seo, gan aon chomhfhogasú ar dhlíthe agus rialacháin na mBallstát. Beidh na cinntí sin ceangailteach agus ní ghabhfaidh éifeacht dhíreach leo; déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, bearta a ghlacadh is gá chun na cinntí sin a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais;

(d)    coinbhinsiúin a bhunú a mholfaidh sí do na Ballstáit lena nglacadh i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach. Tosóidh na Ballstáit ar na nósanna imeachta is infheidhme laistigh de theorainn ama a shocróidh an Chomhairle.

       Mura bhforáiltear a mhalairt iontu, a luaithe a bheidh coinbhinsiúin glactha ag leath na mBallstát ar a laghad, tiocfaidh siad i bhfeidhm i leith na mBallstát sin. Glacfar bearta chun coinbhinsiúin a chur chun feidhme i dtionól na Comhairle trí thromlach dhá thrian de na Páirtithe Conarthacha.


3. Nuair a cheanglaítear ar an gComhairle gníomhú trí thromlach cáilithe, déanfar vótaí a comhaltaí a ualú i gcomhréir le hAirteagal 205(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus, chun go nglacfar gníomhartha na Comhairle, is gá 62 vóta ar a laghad ina bhfabhar arna gcaitheamh ag 10 comhalta ar a laghad.

4. I gcás ceisteanna nós imeachta, gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach a comhaltaí.

   AIRTEAGAL 35 (SeanAirteagal K.7)

1. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo, chun réamhrialuithe a thabhairt ar bhailíocht agus léiriú cinntí réime agus cinntí, ar léiriú coinbhinsiún arna mbunú faoin Teideal seo agus ar bhailíocht agus léiriú na mbeart á gcur chun feidhme.

2. Féadfaidh aon Bhallstát, trí dhearbhú a dhéanamh tráth sínithe Chonradh Amstardam nó aon tráth eile ina dhiaidh sin, glacadh le dlínse na Cúirte Breithiúnais chun réamhrialuithe a thabhairt mar atá sonraithe i mír 1.

3. Sonróidh Ballstát a dhéanann dearbhú de bhun mhír 2:

(a)    go bhféadfaidh aon chúirt nó binse de chuid an Bhallstáit sin nach bhfuil aon leigheas breithiúnach ann faoin dlí náisiúnta in aghaidh a breitheanna nó a bhreitheanna a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais réamhrialú a thabhairt ar cheist a thugtar ar aird i gcás atá ar feitheamh os comhair na cúirte nó an bhinse sin agus a bhaineann le bailíocht nó léiriú gníomh dá dtagraítear i mír 1 má mheasann an chúirt nó an binse sin gur gá breith maidir leis an gceist ionas go bhféadfaidh sí nó sé breithiúnas a thabhairt, nó


(b)    go bhféadfaidh aon chúirt nó binse de chuid an Bhallstáit sin a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais réamhrialú a thabhairt ar cheist a thugtar ar aird i gcás atá ar feitheamh os comhair na cúirte nó an bhinse sin agus a bhaineann le bailíocht nó léiriú gníomh dá dtagraítear i mír 1 má mheasann an chúirt nó an binse sin gur gá breith maidir leis an gceist ionas go bhféadfaidh sí nó sé breithiúnas a thabhairt.

4. Beidh aon Bhallstát, bíodh nó ná bíodh dearbhú de bhun mhír 2 déanta aige, i dteideal ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a thíolacadh don Chúirt i gcásanna a thagann chun cinn faoi mhír 1.

5. Ní bheidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais chun léirmheas a dhéanamh ar bhailíocht nó comhréireacht oibríochtaí arna ndéanamh ag póilíní nó seirbhísí eile um fhorghníomhú an dlí de chuid Ballstáit nó ar fheidhmiú na bhfreagrachtaí atá ar Bhallstáit maidir leis an ord poiblí a chaomhnú agus slándáil inmheánach a choimirciú.

6. Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais chun léirmheas a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na gcinntí réime agus na gcinntí i gcaingne a thionscnóidh Ballstát nó an Coimisiún mar gheall ar easpa inniúlachta, ar shárú ceanglais fhíorriachtanaigh nós imeachta, ar shárú an Chonartha seo nó aon riail dlí a bhaineann lena chur i bhfeidhm nó ar mhíúsáid cumhachtaí. Déanfar na himeachtaí dá bhforáiltear sa mhír seo a thionscnamh laistigh de dhá mhí ón mbeart a fhoilsiú.

7. Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais chun rialú ar aon díospóid idir na Ballstáit maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm gníomhartha arna nglacadh faoi Airteagal 34(2) nuair nach féidir an díospóid sin a réiteach sa Chomhairle laistigh de shé mhí óna cur faoi bhráid na Comhairle ag ceann dá comhaltaí. Beidh dlínse freisin ag an gCúirt chun rialú ar aon díospóid idir na Ballstáit agus an Coimisiún maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm coinbhinsiún arna mbunú faoi phointe (d) d'Airteagal 34(2).


   AIRTEAGAL 36 (SeanAirteagal K.8)

1. Cuirfear ar bun Coiste Comhordaithe ar a mbeidh ardfheidhmeannaigh. I dteannta lena ról comhordaithe, beidh sé de chúram ar an gCoiste:

   tuairimí a thabhairt le haghaidh na Comhairle, arna iarraidh sin don Chomhairle nó ar a thionscnamh féin;

   gan dochar d'Airteagal 207 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, rannchuidiú le hullmhú phléití na Comhairle sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 29.

2.    Beidh baint iomlán ag an gCoimisiún leis an obair sna réimsí dá dtagraítear sa Teideal seo.

   AIRTEAGAL 37 (SeanAirteagal K.9)

Déanfaidh na Ballstáit, in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta ina mbeidh siad rannpháirteach, na comhsheasaimh arna nglacadh faoi fhorálacha an Teidil seo a chosaint.

Beidh feidhm ag Airteagail 18 agus 19 mar is iomchuí maidir le hábhair a thig faoin Teideal seo.


   AIRTEAGAL 38 (SeanAirteagal K.10)

Féadfaidh comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 24 ábhair a thig faoin Teideal seo a fholú.

   AIRTEAGAL 39 (SeanAirteagal K.11)

1. Rachaidh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa sula nglacfaidh sí aon bheart dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 34(2). Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa a tuairim laistigh de theorainn ama, nach lú ná trí mhí, a fhéadfaidh an Chomhairle a leagan síos. Mura dtabharfar tuairim laistigh den teorainn ama sin, féadfaidh an Chomhairle gníomhú.

2. Cuirfidh an Uachtaránacht agus an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas go tráthrialta faoi phléití sna réimsí a thig faoin Teideal seo.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa ceisteanna a dhíriú chuig an gComhairle nó moltaí a dhéanamh lena haghaidh. Cuirfidh sí díospóireacht ar siúl gach bliain faoin dul chun cinn atá déanta sna réimsí dá dtagraítear sa Teideal seo.

   AIRTEAGAL 40 (SeanAirteagal K.12)

1. Na Ballstáit a bhfuil sé ar intinn acu comhar níos dlúithe a bhunú eatarthu, féadfar a údarú dóibh, faoi réir Airteagail 43 agus 44, leas a bhaint as na hinstitiúidí, na nósanna imeachta agus na sásraí atá leagtha síos sna Conarthaí ar choinníoll:

(a)    go nurramaíonn an comhar a bheartaítear cumhachtaí an Chomhphobail Eorpaigh, mar aon leis na cuspóirí atá leagtha síos sa Teideal seo;


(b)    gurb é is aidhm don chomhar a bheartaítear a chur ar chumas an Aontais forbairt níos gasta a dhéanamh chun bheith ina limistéar saoirse, slándála agus ceartais.

2. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe arna iarraidh sin do na Ballstáit i dtrácht agus tar éis a iarraidh ar an gCoimisiún a thuairim a thabhairt, an túdarú dá dtagraítear i mír 1 a dheonú; déanfar an iarraidh a chur freisin chuig Parlaimint na hEorpa.

Má dhearbhaíonn comhalta den Chomhairle go bhfuil sé ar intinn aige, ar chúiseanna tábhachtacha sonraithe beartais náisiúnta, cur i gcoinne dheonú an údaraithe trí thromlach cáilithe, ní dhéanfar vótáil. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a iarraidh go ndéanfar an cheist a chur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí chun go nglacfar cinneadh d'aon toil.

Déanfar vótaí chomhaltaí na Comhairle a ualú i gcomhréir le hAirteagal 205(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh. Chun go nglacfar cinntí, is gá 62 vóta ar a laghad ina bhfabhar arna gcaitheamh ag 10 comhalta ar a laghad.

3. Aon Bhallstát ar mian leis bheith ina pháirtí sa chomhar arna bhunú i gcomhréir leis an Airteagal seo, cuirfidh sé a intinn in iúl don Chomhairle agus don Choimisiún agus tabharfaidh an Coimisiún tuairim don Chomhairle laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra sin a fháil; féadfaidh moladh a bheith in éineacht leis an tuairim sin maidir le cibé socruithe sonracha a mheasfaidh sé a bheith riachtanach chun go dtiocfaidh an Ballstát sin chun bheith ina pháirtí sa chomhar sin. Laistigh de cheithre mhí ó dháta an fhógra sin, déanfaidh an Chomhairle cinneadh maidir leis an iarraidh agus maidir le cibé socruithe sonracha a mheasfaidh sí a bheith riachtanach. Measfar an cinneadh a bheith glactha mura gcinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, é a choimeád ar stad; sa chás sin, tabharfaidh an Chomhairle na cúiseanna lena cinneadh agus socróidh sí spriocdháta chun é a athscrúdú. Chun críche na míre seo, gníomhóidh an Chomhairle faoi na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 44.


4. Beidh feidhm ag forálacha Airteagail 29 go 41 maidir leis an gcomhar níos dlúithe dá bhforáiltear san Airteagal seo, mura bhforáiltear a mhalairt san Airteagal seo agus in Airteagail 43 agus 44.

Beidh feidhm maidir le míreanna 1, 2 agus 3 ag forálacha an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh a bhaineann le cumhachtaí Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach agus le feidhmiú na gcumhachtaí sin.

5. Beidh an tAirteagal seo gan dochar d’fhorálacha an Phrótacail ag lánpháirtiú acquis Schengen i gcreat an Aontais Eorpaigh.

   AIRTEAGAL 41 (SeanAirteagal K.13)

1. Beidh feidhm ag Airteagail 189, 190, 195, 196 go 199, 203, 204, 205(3), 206 go 209, 213 go 219, 255 agus 290 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh maidir leis na forálacha a bhaineann leis na réimsí dá dtagraítear sa Teideal seo.

2. Déanfar an caiteachas riarthach a thabhóidh na hinstitiúidí trí na forálacha a bhaineann leis na réimsí dá dtagraítear sa Teideal seo a mhuirearú ar bhuiséad na gComhphobal Eorpach.

3. Aon chaiteachas oibríochtúil atá ann de bharr na forálacha sin a chur chun feidhme, muirearófar é ar bhuiséad na gComhphobal Eorpach freisin, ach amháin nuair a chinnfidh an Chomhairle a mhalairt ag gníomhú di d'aon toil. Nuair nach muirearófar an caiteachas ar bhuiséad na gComhphobal Eorpach, muirearófar é ar na Ballstáit i gcomhréir le scála na holltáirgeachta náisiúnta mura gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt ag gníomhú di d'aon toil.


4. Beidh feidhm ag an nós imeachta buiséadach atá leagtha síos sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh maidir leis an gcaiteachas a mhuirearófar ar bhuiséad na gComhphobal Eorpach.

   AIRTEAGAL 42 (SeanAirteagal K.14)

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thionscnamh an Choimisiúin nó Ballstáit agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, a chinneadh go dtiocfaidh gníomhaíocht sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 29 faoi Theideal IV den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus lena linn sin na dálaí vótála ábhartha a bhaineann léi a chinneadh. Molfaidh sí an cinneadh sin do na Ballstáit lena ghlacadh i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

TEIDEAL VII (SeanTeideal VIa)

FORÁLACHA MAIDIR LE COMHAR NÍOS DLÚITHE

   AIRTEAGAL 43 (SeanAirteagal K.15)

1. Na Ballstáit a bhfuil sé ar intinn acu comhar níos dlúithe a bhunú eatarthu féin, féadfaidh siad leas a bhaint as na hinstitiúidí, na nósanna imeachta agus na sásraí atá leagtha síos sa Chonradh seo agus sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh ar choinníoll:

(a)    gurb é is aidhm don chomhar dlús a chur le cuspóirí an Aontais agus a leasanna a chosaint agus fónamh dóibh;


(b)    go nurramaíonn an comhar prionsabail na gConarthaí sin agus creat institiúideach aonair an Aontais;

(c)    nach núsáidtear an comhar ach mar rogha dheireanach, nuair nach bhféadfaí cuspóirí na gConarthaí sin a ghnóthú trí na nósanna imeachta ábhartha atá leagtha síos iontu a chur i bhfeidhm;

(d)    go mbaineann an comhar le tromlach na mBallstát ar a laghad;

(e)    nach ndéanann an comhar difear don "acquis communautaire" ná do na bearta arna nglacadh faoi fhorálacha eile na gConarthaí sin;

(f)    nach ndéanann an comhar difear d'inniúlachtaí, cearta, oibleagáidí agus leasanna na mBallstát sin nach bhfuil rannpháirteach ann;

(g)    go bhfuil an comhar ar oscailt do na Ballstáit uile agus go gceadaíonn sé dóibh bheith ina bpáirtithe sa chomhar tráth ar bith, ar choinníoll go gcomhlíonann siad an bunchinneadh agus na cinntí arna nglacadh sa chreat sin;

(h)    go gcomhlíonann an comhar na critéir shonracha breise atá leagtha síos in Airteagal 11 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus in Airteagal 40 den Chonradh seo, de réir an réimse i dtrácht, agus go bhfuil sé údaraithe ag an gComhairle i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos iontu.

2. Cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm, a mhéad a bhaineann leo, na gníomhartha agus na cinntí arna nglacadh chun an comhar ina bhfuil siad rannpháirteach a chur chun feidhme. Na Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach sa chomhar sin, ní chuirfidh siad bac ar a chur chun feidhme ag na Ballstáit rannpháirteacha.


   AIRTEAGAL 44 (SeanAirteagal K.16)

1. D'fhonn na gníomhartha agus na cinntí a ghlacadh is gá chun an comhar dá dtagraítear in Airteagal 43 a chur chun feidhme, beidh feidhm ag forálacha institiúideacha ábhartha an Chonartha seo agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh. Ar a shon sin, cé go bhféadfaidh comhaltaí uile na Comhairle páirt a ghlacadh sna pléití, is iad ionadaithe na mBallstát rannpháirteach amháin a bheidh rannpháirteach i nglacadh na gcinntí. Saineofar tromlach cáilithe mar an chionmhaireacht chéanna de vótaí ualaithe na gcomhaltaí i dtrácht den Chomhairle atá leagtha síos in Airteagal 205(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh. Is éard is aontoilíocht ann vótaí na gcomhaltaí i dtrácht den Chomhairle agus iad sin amháin.

2. Is iad na Ballstáit rannpháirteacha a iompróidh an caiteachas a thig ón gcomhar a chur chun feidhme, seachas costais riarthacha a thabhóidh na hinstitiúidí, mura gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt ag gníomhú di d'aon toil.

   AIRTEAGAL 45 (SeanAirteagal K.17)

Cuirfidh an Chomhairle agus an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas go tráthrialta faoi fhorbairt an chomhair níos dlúithe arna bhunú ar bhonn an Teidil seo.


TEIDEAL VIII (SeanTeideal VII)

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

AIRTEAGAL 46 (SeanAirteagal L)

Forálacha an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a bhaineann le cumhachtaí Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach agus le feidhmiú na gcumhachtaí sin, ní bheidh feidhm acu ach maidir leis na forálacha seo a leanas den Chonradh seo:

(a)    forálacha a leasaíonn an Conradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa d'fhonn an Comhphobal Eorpach a bhunú, an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach agus an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach;

(b)    forálacha Theideal VI, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 35;

(c)    forálacha Theideal VII, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 11 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus in Airteagal 40 den Chonradh seo;

(d)    Airteagal 6(2) maidir le gníomhaíocht na ninstitiúidí, a mhéad atá dlínse ag an gCúirt faoi na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus faoin gConradh seo;

(e)    Airteagail 46 go 53.


   AIRTEAGAL 47 (SeanAirteagal M)

Faoi réir forálacha a leasaíonn an Conradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa d'fhonn an Comhphobal Eorpach a bhunú, an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach agus an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach agus na bhforálacha críochnaitheacha seo, ní dhéanfaidh aon fhoráil sa Chonradh seo difear do na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach ná do na Conarthaí nó Ionstraimí iardain á leasú nó á bhforlíonadh.

   AIRTEAGAL 47 (SeanAirteagal N)

Féadfaidh Rialtas aon Bhallstáit nó an Coimisiún tograí a chur faoi bhráid na Comhairle chun na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas fothaithe a athbhreithniú.

Má dhéanann an Chomhairle, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, agus, nuair is iomchuí, leis an gCoimisiún, tuairim a thabhairt i bhfabhar comhdháil d'ionadaithe do Rialtais na mBallstát a ghairm, comórfaidh Uachtarán na Comhairle an chomhdháil chun na leasuithe a bheidh le déanamh ar na Conarthaí sin a chinneadh de thoil a chéile. Rachfar i gcomhairle freisin leis an mBanc Ceannais Eorpach i gcás leasuithe institiúideacha sa réimse airgeadaíochta.

Tiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm tar éis a ndaingnithe ag na Ballstáit go léir i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.


   AIRTEAGAL 49 (SeanAirteagal O)

Féadfaidh aon Stát Eorpach a urramaíonn na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal 6(1) iarratas a dhéanamh chun bheith ina chomhalta den Aontas. Díreoidh sé a iarratas chun na Comhairle a ghníomhóidh d'aon toil tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus tar éis do Pharlaimint na hEorpa aontú trí thromlach glan de na comhaltaí a chomhdhéanann í.

Na coinníollacha ar a ligfear Stát isteach agus na hoiriúnuithe is gá dá chionn sin ar na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas fothaithe, beidh siad ina nábhar do chomhaontú idir na Ballstáit agus an Stát iarrthach. Cuirfear an comhaontú sin faoi bhráid na Stát Conarthach uile lena dhaingniú i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

   AIRTEAGAL 50 (SeanAirteagal P)

1. Aisghairtear leis seo Airteagail 2 go 7 agus 10 go 19 den Chonradh ag bunú Comhairle Aonair agus Coimisiún Aonair de na Comhphobail Eorpacha, arna shíniú sa Bhruiséil ar an 8 Aibreán 1965.

2. Aisghairtear leis seo Airteagal 2, Airteagal 3(2) agus Teideal III den Ionstraim Eorpach Aonair arna shíniú i Lucsamburg ar an 17 Feabhra 1986 agus sa Háig ar an 28 Feabhra 1986.

   AIRTEAGAL 51 (SeanAirteagal Q)

Tá an Conradh seo tugtha i gcrích go ceann tréimhse gan teorainn.


   AIRTEAGAL 52 (SeanAirteagal R)

1. Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha daingniú ar an gConradh seo i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le Rialtas Phoblacht na hIodáile.

2. Tiocfaidh an Conradh seo i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 1993 ar an gcoinníoll go mbeidh gach ionstraim daingniúcháin taiscthe, nó, ina éagmais sin, ar an gcéad lá den mhí i ndiaidh thaisceadh na hionstraime daingniúcháin ag an gceann is déanaí de Stáit a shínithe a dhéanfaidh an taisceadh sin.

   AIRTEAGAL 53 (SeanAirteagal S)

Tarraingíodh an Conradh seo suas i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Danmhairgis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, san Ollainnis, sa Phortaingéilis agus sa Spáinnis, agus comhúdarás ag na téacsanna i ngach ceann de na teangacha sin; taiscfear é i gcartlann Rialtas Phoblacht na hIodáile agus cuirfidh an Rialtas sin cóip dheimhnithe chuig Rialtas gach ceann eile de na Stáit shínitheacha.

De bhun Chonradh Aontachais 1994, is téacsanna údarásacha iad freisin na leaganacha den Chonradh seo san Fhionlainnis agus sa tSualainnis.


DÁ FHIANÚ SIN, chuir na Lánchumhachtaigh thíossínithe a lámh leis an gConradh seo.

Arna dhéanamh i Maastricht, an seachtú lá d'Fheabhra, míle naoi gcéad nócha a dó.

Mark EYSKENS                                                Philippe MAYSTADT

Uffe ELLEMANNJENSEN                                Anders FOGH RASMUSSEN

HansDietrich GENSCHER                                Theodor WAIGEL

Antonios SAMARAS                                        Efthymios CHRISTODOULOU

Francisco FERNÁNDEZ ORDÓÑEZ                    Carlos SOLCHAGA CATALÁN

Roland DUMAS                                                Pierre BÉRÉGOVOY

Gerard COLLINS                                            Bertie AHERN

Gianni DE MICHELIS                                        Guido CARLI

Jacques F. POOS                                                JeanClaude JUNCKER

Hans VAN DEN BROEK                                    Willem KOK

João de Deus PINHEIRO                                    Jorge BRAGA DE MACEDO

Douglas HURD                                                Francis MAUDE