02024R2847 — GA — 20.11.2024 — 000.003
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) 2024/2847 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 2847 20.11.2024, lch. 1) |
Arna cheartú le:
|
Ceartúchán, IO L 90828, 17.10.2025, lch. 1 (Rialachán (AE) 2024/2847) |
RIALACHÁN (AE) 2024/2847 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Deireadh Fómhair 2024
maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos leis an Rialachán seo:
rialacha maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar fáil ar an margadh chun cibearshlándáil na dtáirgí sin a áirithiú;
ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha maidir le dearadh, forbairt agus táirgeadh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, agus na hoibleagáidí atá ann d’oibreoirí eacnamaíocha i ndáil leis na táirgí sin i dtaca leis an gcibearshlándáil;
ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha maidir leis na próisis láimhseála leochaileachtaí a chuireann monaróirí i bhfeidhm chun cibearshlándáil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a áirithiú le linn an ama a mheastar go mbeidh na táirgí in úsáid, agus na hoibleagáidí atá ann d’oibreoirí eacnamaíocha i ndáil leis na próisis sin;
rialacha maidir le faireachas margaidh, lena n-áirítear faireachán, agus forfheidhmiú na rialacha agus na gceanglas dá dtagraítear san Airteagal seo.
Airteagal 2
Raon feidhme
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil feidhm ag na gníomhartha dlí de chuid an Aontais seo a leanas maidir leo:
Rialachán (AE) 2017/745;
Rialachán (AE) 2017/746;
Rialachán (AE) 2019/2144.
Sna cásanna seo a leanas, féadfar cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a theorannú nó a eisiamh maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear le rialacha eile de chuid an Aontais lena leagtar síos ceanglais lena dtugtar aghaidh ar na rioscaí uile nó ar chuid de na rioscaí a chumhdaítear leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I:
tá teorannú nó eisiamh den sórt sin comhsheasmhach leis an gcreat rialála foriomlán a bhfuil feidhm aige maidir leis na táirgí sin; agus
leis na rialacha earnála, baintear amach an leibhéal céanna cosanta nó leibhéal níos airde cosanta i gcomparáid leis an leibhéal cosanta dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, trína shonrú cé acu atá nó nach bhfuil gá leis an teorannú nó leis an eisiamh agus trí na táirgí agus na rialacha lena mbaineann a shonrú, chomh maith le raon feidhme an teorannaithe, más ábhartha.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn ‘táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha’ táirge bogearraí nó crua-earraí agus a réitigh cianphróiseála sonraí, lena n-áirítear comhpháirteanna bogearraí nó crua-earraí atá á gcur ar an margadh astu féin;
ciallaíonn ‘cianphróiseáil sonraí’ próiseáil sonraí go cianda ar lena haghaidh a dhéanann an monaróir na bogearraí a dhearadh agus a fhorbairt, nó lena haghaidh a dhéantar iad a dhearadh agus a fhorbairt faoi fhreagracht an mhonaróra, i gcás ina gcuirfeadh easpa na próiseála sonraí sin cosc ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ceann dá fheidhmeanna a dhéanamh;
ciallaíonn ‘cibearshlándáil’ cibearshlándáil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2019/881;
ciallaíonn ‘bogearraí’ an chuid sin de chóras faisnéise leictreonach ina bhfuil cód ríomhaireachta;
ciallaíonn ‘crua-earraí’ córas faisnéise leictreonach fisiceach, nó codanna de, atá in ann sonraí digiteacha a phróiseáil, a stóráil nó a tharchur;
ciallaíonn ‘comhpháirt’ bogearraí nó crua-earraí atá beartaithe lena gcomhtháthú i gcóras faisnéise leictreonach;
ciallaíonn ‘córas faisnéise leictreonach’ córas, lena n-áirítear trealamh leictreach nó leictreonach, atá in ann sonraí digiteacha a phróiseáil, a stóráil nó a tharchur;
ciallaíonn ‘nasc loighciúil’ léiriú fíorúil ar nasc sonraí a chuirtear chun feidhme trí chomhéadan bogearraí;
ciallaíonn ‘nasc fisiceach’ nasc idir córais faisnéise leictreonacha nó comhpháirteanna a chuirtear chun feidhme agus meáin fhisiceacha á n-úsáid, lena n-áirítear trí chomhéadain leictreacha, optúla nó mheicniúla, sreanga nó radathonnta;
ciallaíonn ‘nasc indíreach’ nasc le gléas nó le líonra, nach dtarlaíonn go díreach, ach mar chuid de chóras níos mó atá in-nasctha go díreach leis an ngléas nó leis an líonra sin;
ciallaíonn ‘críochphointe’ aon ghléas atá nasctha le líonra agus a fheidhmíonn mar phointe iontrála sa líonra sin;
ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ an monaróir, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir, an dáileoir, nó duine nádúrtha nó dlítheanach eile atá faoi réir oibleagáidí i ndáil le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mhonarú nó táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar fáil ar an margadh i gcomhréir leis an Rialachán seo;
ciallaíonn ‘monaróir’ duine nádúrtha nó dlítheanach a fhorbraíonn nó a mhonaraíonn táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó a dhéanann socrú chun táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a dhearadh, a fhorbairt nó a mhonarú, agus a chuireann ar an margadh iad faoina ainm nó faoina thrádmharc, bíodh sin mar mhalairt ar íocaíocht, chun airgead a shaothrú nó saor in aisce;
ciallaíonn ‘maor bogearraí foinse oscailte’ duine dlítheanach, seachas monaróir, a bhfuil sé de chríoch nó de chuspóir aige tacaíocht a sholáthar go córasach ar bhonn leanúnach chun táirgí sonracha ag a bhfuil eilimintí digiteacha a fhorbairt, ar táirgí iad a cháilíonn mar shaor-bhogearraí foinse oscailte agus atá beartaithe le haghaidh gníomhaíochtaí tráchtála, agus a áirithíonn inmharthanacht na dtáirgí sin;
ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas agus a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó mhonaróir gníomhú thar a cheann maidir le cúraimí sonraithe;
ciallaíonn ‘allmhaireoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chuireann táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh, ar táirge é a bhfuil ainm nó trádmharc duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá bunaithe lasmuigh den Aontas air;
ciallaíonn ‘dáileoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, a chuireann táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar mhargadh an Aontais gan difear a dhéanamh d’airíonna an táirge;
ciallaíonn ‘tomhaltóir’ duine nádúrtha a ghníomhaíonn chun críoch nach mbaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm bheatha an duine sin;
ciallaíonn ‘micrifhiontair’, ‘fiontair bheaga’ agus ‘fiontair mheánmhéide’, faoi seach, micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE;
ciallaíonn ‘tréimhse thacaíochta’ an tréimhse ar lena linn a cheanglaítear ar mhonaróir a áirithiú go ndéantar leochaileachtaí táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a láimhseáil go héifeachtach agus i gcomhréir leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn I;
ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ an chéad uair a chuirtear táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar mhargadh an Aontais;
ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ soláthar táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha lena dháileadh nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin mar mhalairt ar íocaíocht nó saor in aisce;
ciallaíonn ‘an chríoch a beartaíodh’ an úsáid a bheartaigh an monaróir le haghaidh táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena n-áirítear an comhthéacs sonrach agus na coinníollacha sonracha úsáide, mar a shonraítear san fhaisnéis arna soláthar ag an monaróir sna treoracha úsáide, sna hábhair agus ráitis fógraíochta nó díolacháin, agus sa doiciméadacht theicniúil;
ciallaíonn ‘úsáid atá intuartha le réasún’ úsáid nach gá gurb í sin an chríoch a beartaíodh arna soláthar ag an monaróir sna treoracha úsáide, sna hábhair agus ráitis fógraíochta nó díolacháin, agus sa doiciméadacht theicniúil, ach úsáid ar dócha go n-eascróidh sí as iompraíocht an duine nó as oibríochtaí nó idirghníomhaíochtaí teicniúla atá intuartha le réasún;
ciallaíonn ‘mí-úsáid atá intuartha le réasún’ úsáid táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir leis an gcríoch a beartaíodh dó, ach a d’fhéadfadh eascairt as iompraíocht an duine nó as idirghníomhaíocht le córais eile atá intuartha le réasún;
ciallaíonn ‘údarás a thugann fógra’ an t-údarás náisiúnta atá freagrach as na nósanna imeachta is gá a chur ar bun agus a dhéanamh a mhéid a bhaineann le comhlachtaí um measúnú comhréireachta a mheasúnú, a ainmniú agus fógra a thabhairt fúthu, chomh maith le faireachán a dhéanamh orthu;
ciallaíonn ‘measúnú comhréireachta’ an próiseas lena bhfíoraítear ar comhlíonadh na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I;
ciallaíonn ‘comhlacht um measúnú comhréireachta’ comhlacht um measúnú comhréireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;
ciallaíonn ‘comhlacht faoina dtugtar fógra’ comhlacht um measúnú comhréireachta arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 43 agus le reachtaíocht eile an Aontais um chomhchuibhiú;
ciallaíonn ‘modhnú substaintiúil’ athrú ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha tar éis é a chur ar an margadh, arb athrú é a dhéanann difear don chaoi a gcomhlíonann an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn I, nó as a n-eascraíonn modhnú ar an gcríoch a beartaíodh don táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar ina leith atá measúnú déanta;
ciallaíonn ‘marcáil CE’ marcáil lena dtugann monaróir le fios go bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir i gcomhréir leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus le reachtaíocht eile is infheidhme an Aontais um chomhchuibhiú lena bhforáiltear do ghreamú na marcála;
ciallaíonn ‘reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú’ reachtaíocht an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1020 agus aon reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena ndéantar na coinníollacha maidir le margú táirgí a bhfuil feidhm ag an Rialachán sin ina leith a chomhchuibhiú;
ciallaíonn ‘údarás um fhaireachas margaidh’ údarás um fhaireachas margaidh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (4), de Rialachán (AE) 2019/1020;
ciallaíonn ‘caighdeán idirnáisiúnta’ caighdeán idirnáisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1)(a), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;
ciallaíonn ‘caighdeán Eorpach’ caighdeán Eorpach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;
ciallaíonn ‘caighdeán comhchuibhithe’ caighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1)(c), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;
ciallaíonn ‘riosca cibearshlándála’ an poitéinseal atá ann go mbeadh teagmhas ina chúis le caillteanas nó le suaitheadh agus tá sé le sloinneadh mar theaglaim de mhéid an chaillteanais nó an tsuaite sin agus den dóchúlacht go dtarlóidh an teagmhas;
ciallaíonn ‘riosca suntasach cibearshlándála’ riosca cibearshlándála ar féidir glacadh leis, bunaithe ar a shaintréithe teicniúla, gur mór an dóchúlacht go mbeidh teagmhas ann dá bharr a bhféadfadh tionchar an-diúltach a bheith mar thoradh air, lena n-áirítear caillteanas nó suaitheadh suntasach ábhartha nó neamhábhartha;
ciallaíonn ‘liosta ábhar bogearraí’ taifead foirmiúil ina gcoinnítear na mionsonraí agus na gaolmhaireachtaí slabhra soláthair a bhaineann leis na comhpháirteanna a áirítear in eilimintí bogearraí táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha;
ciallaíonn ‘leochaileacht’ laige, soghabháltacht nó fabht táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha is féidir a shaothrú le cibearbhagairt;
ciallaíonn ‘leochaileacht insaothraithe’ leochaileacht a bhfuil an poitéinseal ann ina leith go n-úsáidfeadh namhaid go héifeachtach í faoi dhálaí oibríochtúla praiticiúla;
ciallaíonn ‘leochaileacht a shaothraítear go gníomhach’ leochaileacht a bhfuil fianaise iontaofa ann ina leith go ndearna gníomhaí mailíseach í a shaothrú i gcóras gan cead ó úinéir an chórais;
ciallaíonn ‘teagmhas’ teagmhas mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (6), de Threoir(AE) 2022/2555;
ciallaíonn ‘teagmhas a bhfuil tionchar aige ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha’ teagmhas a dhéanann difear diúltach, nó a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh, do chumas táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha infhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht sonraí nó feidhmeanna a chosaint;
ciallaíonn ‘neasteagmhas’ neasteagmhas mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (5), de Threoir (AE) 2022/2555;
ciallaíonn ‘cibearbhagairt’ cibearbhagairt mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Rialachán (AE) 2019/881;
ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;
ciallaíonn ‘saor-bhogearraí foinse oscailte’ bogearraí a bhfuil a gcód foinseach comhroinnte go hoscailte agus a chuirtear ar fáil faoi shaorcheadúnas foinse oscailte lena bhforáiltear do gach ceart chun é a dhéanamh inrochtana go héasca, inúsáidte, inmhodhnaithe agus in-athdháilte;
ciallaíonn ‘aisghairm’ aisghairm mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (22), de Rialachán (AE) 2019/1020;
ciallaíonn ‘tarraingt siar’ tarraingt siar mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (23), de Rialachán (AE) 2019/1020;
ciallaíonn ‘CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir’ CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir de bhun Airteagal 12(1) de Threoir (AE) 2022/2555.
Airteagal 4
Saorghluaiseacht
Airteagal 5
Soláthar nó úsáid táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha
Airteagal 6
Ceanglais maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha
Ní dhéanfar táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar fáil ar an margadh ach amháin sna cásanna seo a leanas:
comhlíonann siad na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn I, ar choinníoll go ndéantar iad a shuiteáil, a chothabháil agus a úsáid i gceart chun na críche a beartaíodh dóibh nó go ndéantar iad a shuiteáil, a chothabháil agus a úsáid i gceart faoi dhálaí is féidir a thuar le réasún, agus, i gcás inarb infheidhme, go bhfuil na nuashonruithe slándála is gá suiteáilte; agus
comhlíonann na próisis a chuireann an monaróir ar bun na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn I.
Airteagal 7
Táirgí tábhachtacha ag a bhfuil eilimintí digiteacha
Maidir le catagóirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, arna roinnt in aicme I agus in aicme II mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, comhlíonann siad ceann amháin ar a laghad de na critéir seo a leanas:
déanann an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha feidhmeanna go príomha atá criticiúil do chibearshlándáil táirgí, líonraí nó seirbhísí eile, lena n-áirítear fíordheimhniú agus rochtain a dhaingniú, ionradh a chosc agus a bhrath, slándáil críochphointe nó cosaint líonra;
comhlíonann an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha feidhm lena mbaineann riosca suntasach go mbeidh éifeachtaí díobhálacha aige ó thaobh a dhéine agus a chumais cur isteach ar líon mór táirgí eile, iad a rialú, nó damáiste a dhéanamh dóibh, nó mar gheall ar shláinte, slándáil nó sábháilteacht a úsáideoirí trí chúbláil dhíreach, amhail feidhm lárchórais, lena n-áirítear bainistiú líonra, rialú cumraíochta, fíorúlú nó próiseáil sonraí pearsanta.
Leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfar foráil, i gcás inarb iomchuí, d’idirthréimhse íosta 12 mhí, go háirithe i gcás ina gcuirfear catagóir nua de tháirgí tábhachtacha ag a bhfuil eilimintí digiteacha le haicme I nó le haicme II nó ina n-aistreofar í ó aicme I go dtí aicme II mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, sula mbeidh feidhm ag na nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 32(2) agus (3), mura mbeidh údar le hidirthréimhse níos giorra ar mhórfhorais phráinne.
Airteagal 8
Táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha
Sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta atá beartaithe ar an margadh agus rachaidh sé i mbun comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear an Grúpa Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2019/881. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú ullmhacht agus leibhéal acmhainne na mBallstát chun an scéim Eorpach ábhartha um dheimhniú cibearshlándála a chur chun feidhme. I gcás nár glacadh aon ghníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, beidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mbaineann a gcroífheidhmiúlacht le catagóir táirgí mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV faoi réir na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 32(3).
Leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar foráil d’idirthréimhse íosta 6 mhí, mura mbeidh údar le hidirthréimhse níos giorra ar mhórchúiseanna práinne.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 chun Iarscríbhinn IV a leasú trí chatagóirí táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur leis nó a tharraingt siar. Agus na catagóirí sin de tháirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus an leibhéal dearbhúcháin is gá á gcinneadh aige, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún na critéir dá dtagraítear in Airteagal 7(2) i gcuntas agus áiritheoidh sé go gcomhlíonfaidh na catagóirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha ceann amháin ar a laghad de na critéir seo a leanas:
go bhfuil spleáchas criticiúil ag eintitis fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2022/2555 maidir leis an gcatagóir táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha;
go bhféadfadh suaití tromchúiseacha do shlabhraí soláthair criticiúla ar fud an mhargaidh inmheánaigh a bheith mar thoradh ar theagmhais agus leochaileachtaí a shaothraítear a bhaineann leis an gcatagóir táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha.
Sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú den chineál dá dtagraítear i mír 1.
Leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar foráil d’idirthréimhse íosta 6 mhí, mura mbeidh údar le hidirthréimhse níos giorra ar mhórchúiseanna práinne.
Airteagal 9
Comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí
Agus bearta á n-ullmhú aige chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha agus cuirfidh sé i gcuntas tuairimí na ngeallsealbhóirí ábhartha, amhail údaráis ábhartha na mBallstát, gnóthais san earnáil phríobháideach, lena n-áirítear micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, pobal na mbogearraí foinse oscailte, comhlachais tomhaltóirí, acadóirí, agus gníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha de chuid an Aontais chomh maith le grúpaí saineolaithe arna mbunú ar leibhéal an Aontais. Go háirithe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na geallsealbhóirí sin, ar bhealach struchtúrtha, i gcás inarb iomchuí, agus lorgóidh sé tuairimí na ngeallsealbhóirí sin le linn dó na nithe seo a leanas a dhéanamh:
an treoraíocht dá dtagraítear in Airteagal 26 a ullmhú;
tuairiscí teicniúla ar na catagóirí táirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 7(4), an gá atá le nuashonruithe féideartha ar liosta na gcatagóirí de tháirgí i gcomhréir le hAirteagal 7(3) agus le hAirteagal 8(2) a mheasúnú, nó an measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar an margadh dá dtagraítear in Airteagal 8(1), gan dochar d’Airteagal 61;
tabhairt faoi obair ullmhúcháin chun meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo.
Airteagal 10
Scileanna a fheabhsú i dtimpeallacht dhigiteach chibear-athléimneach
Chun críocha an Rialacháin seo agus chun freagairt do riachtanais gairmithe chun tacú le cur chun feidhme an Rialacháin seo, déanfaidh na Ballstáit, le tacaíocht ón gCoimisiún, ón Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála agus ó ENISA, i gcás inarb iomchuí, agus freagracht na mBallstát i réimse an oideachais á hurramú go hiomlán acu, bearta agus straitéisí a chur chun cinn arb é is aidhm leo:
scileanna cibearshlándála a fhorbairt agus uirlisí eagraíochtúla agus teicneolaíocha a chruthú chun a áirithiú go mbeidh fáil leordhóthanach ar ghairmithe oilte chun tacú le gníomhaíochtaí na n-údarás um fhaireachas margaidh agus na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta;
comhar a mhéadú idir an earnáil phríobháideach, oibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear trí athsciliú nó uas-sciliú fostaithe monaróirí, tomhaltóirí, soláthraithe oiliúna chomh maith le riaracháin phoiblí, agus ar an gcaoi sin na roghanna a leathnú do dhaoine óga chun rochtain a fháil ar phoist in earnáil na cibearshlándála.
Airteagal 11
Sábháilteacht ghinearálta táirgí
De mhaolú ar Airteagal 2(1), an tríú fomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/988, beidh feidhm ag Caibidil III, Roinn 1, Caibidlí V agus VII, agus Caibidlí IX go XI den Rialachán sin maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i ndáil le gnéithe agus rioscaí nó catagóirí rioscaí nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo i gcás nach bhfuil na táirgí sin faoi réir ceanglais shonracha sábháilteachta a leagtar síos i ‘reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú’ eile mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) 2023/988.
Airteagal 12
Córais intleachta saorga ardriosca
Gan dochar do na ceanglais maidir le cruinneas agus stóinseacht a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2024/1689, táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a aicmítear mar chórais intleachta saorga ardriosca de bhun Airteagal 6 den Rialachán sin, measfar go gcomhlíonann na táirgí sin na ceanglais chibearshlándála a leagtar amach in Airteagal 15 den Rialachán sin sna cásanna seo a leanas:
comhlíonann na táirgí sin na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn I;
comhlíonann na próisis a chuireann an monaróir ar bun na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn I; agus
léirítear baint amach leibhéal na cosanta cibearshlándála a cheanglaítear faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2024/1689 i ndearbhú comhréireachta AE arna eisiúint faoin Rialachán seo.
CAIBIDIL II
OIBLEAGÁIDÍ OIBREOIRÍ EACNAMAÍOCHA AGUS FORÁLACHA MAIDIR LE SAOR-BHOGEARRAÍ FOINSE OSCAILTE
Airteagal 13
Oibleagáidí monaróirí
Déanfaidh na monaróirí cinneadh faoin tréimhse thacaíochta ionas go léireofar léi an fad ama a meastar go mbeidh an táirge in úsáid lena linn, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar ionchais réasúnta úsáideoirí, cineál an táirge, lena n-áirítear an chríoch a beartaíodh dó, chomh maith le dlí ábhartha an Aontais lena gcinntear saolré táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Agus an tréimhse thacaíochta á cinneadh ag na monaróirí, féadfaidh siad an méid seo a leanas a chur i gcuntas freisin: tréimhsí tacaíochta táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil feidhmiúlacht chomhchosúil acu arna gcur ar an margadh ag monaróirí eile, infhaighteacht na timpeallachta oibriúcháin, tréimhsí tacaíochta na gcomhpháirteanna comhtháite lena soláthraítear príomhfheidhmeanna agus a fhaightear ó thríú páirtithe, chomh maith le treoraíocht ábhartha arna soláthar ag an ngrúpa tiomnaithe um chomhar riaracháin (ADCO) arna bhunú de bhun Airteagal 52(15) agus ag an gCoimisiún. Na hábhair atá le cur i gcuntas chun an tréimhse thacaíochta a chinneadh, déanfar iad a mheas ar bhealach lena n-áirithítear comhréireacht ar bhealach lena n-áirithítear comhréireacht.
Gan dochar don dara fomhír, 5 bliana ar a laghad a bheidh sa tréimhse thacaíochta. I gcás ina meastar go mbeidh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha in úsáid ar feadh tréimhse níos lú ná 5 bliana, comhfhreagróidh an tréimhse thacaíochta don fhad ama a mheastar go mbeidh an táirge in úsáid.
Agus na moltaí ó ADCO dá dtagraítear in Airteagal 52(16) á gcur i gcuntas, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an íostréimhse thacaíochta a shonrú le haghaidh catagóirí sonracha táirgí i gcás ina dtugtar le fios leis na sonraí faireachais margaidh nach leor na tréimhsí tacaíochta.
Áireoidh na monaróirí an fhaisnéis a cuireadh i gcuntas chun tréimhse thacaíochta táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chinneadh sa doiciméadacht theicniúil mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.
Beidh beartais agus nósanna imeachta iomchuí ag na monaróirí, lena n-áirítear beartais um nochtadh comhordaithe leochaileachtaí, dá dtagraítear i gCuid II, pointe (5), d’Iarscríbhinn I, chun leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, arna dtuairisciú ó fhoinsí inmheánacha nó seachtracha, a phróiseáil agus a leigheas.
Cuirfidh siad na nósanna imeachta roghnaithe um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 32 i gcrích nó socróidh siad go gcuirfear i gcrích iad.
I gcás inar léiríodh, leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta sin, go gcomhlíonann an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn I, agus go gcomhlíonann na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn I, déanfaidh na monaróirí dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 28 agus déanfaidh siad an mharcáil CE a ghreamú i gcomhréir le hAirteagal 30.
Áiritheoidh na monaróirí go mbeidh an pointe teagmhála aonair so-aitheanta ag na húsáideoirí. Áireoidh siad freisin an pointe teagmhála aonair san fhaisnéis agus sna treoracha don úsáideoir a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
Leis an bpointe teagmhála aonair, ligfear d’úsáideoirí na modhanna cumarsáide is fearr leo a roghnú agus ní bheidh siad teoranta d’uirlisí uathoibrithe.
I gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil i bhfianaise chineál an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cuirfidh na monaróirí fógra ar taispeáint d’úsáideoirí ina gcuirfear in iúl dóibh gur shroich a dtáirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha deireadh a thréimhse tacaíochta.
Airteagal 14
Oibleagáidí tuairiscithe monaróirí
Chun críocha an fhógra dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an monaróir an méid seo a leanas isteach:
fógra luathrabhaidh faoi leochaileacht a shaothraítear go gníomhach, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 24 uair an chloig tar éis don mhonaróir teacht ar an eolas fúithi, ina léireofar, i gcás inarb infheidhme, na Ballstáit faoina bhfuil an monaróir ar an eolas gur cuireadh a tháirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar a gcríoch;
mura bhfuil an fhaisnéis ábhartha curtha ar fáil cheana, fógra leochaileachta, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 72 uair an chloig tar éis don mhonaróir teacht ar an eolas faoin leochaileacht a shaothraítear go gníomhach, ina soláthrófar faisnéis ghinearálta, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, faoin táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cineál ginearálta an tsaothraithe agus na leochaileachta lena mbaineann chomh maith le haon bheart ceartaitheach nó maolaitheach arna dhéanamh, agus bearta ceartaitheacha nó maolaitheacha is féidir le húsáideoirí a dhéanamh, agus ina léireofar freisin, i gcás inarb infheidhme, a íogaire atá an fhaisnéis faoina dtugtar fógra, dar leis an monaróir;
mura bhfuil an fhaisnéis ábhartha curtha ar fáil cheana, tuarascáil chríochnaitheach, tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis beart ceartaitheach nó maolaitheach a bheith ar fáil, ina n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:
tuairisc ar an leochaileacht, lena n-áirítear a déine agus a tionchar;
i gcás ina mbeidh fáil uirthi, faisnéis maidir le haon ghníomhaí mailíseach a shaothraigh nó a shaothraíonn an leochaileacht;
mionsonraí faoin nuashonrú slándála nó faoi bhearta ceartaitheacha eile a cuireadh ar fáil chun an leochaileacht a leigheas.
Chun críocha an fhógra dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh an monaróir an méid seo a leanas isteach:
fógra luathrabhaidh faoi theagmhas tromchúiseach a bhfuil tionchar aige ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 24 uair an chloig tar éis don mhonaróir teacht ar an eolas faoi, lena n-áirítear ar a laghad an bhfuil amhras ann gur ghníomhartha neamhdhleathacha nó mailíseacha ba chúis leis an teagmhas, agus ina léireofar freisin, i gcás inarb infheidhme, na Ballstáit faoina bhfuil an monaróir ar an eolas gur cuireadh a tháirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar a gcríoch;
mura bhfuil an fhaisnéis ábhartha curtha ar fáil cheana, fógra teagmhais, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 72 uair an chloig tar éis don mhonaróir teacht ar an eolas faoin teagmhas, ina soláthrófar faisnéis ghinearálta, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, faoi chineál an teagmhais, measúnú tosaigh ar an teagmhas, chomh maith le haon bheart ceartaitheach nó maolaitheach arna dhéanamh, agus bearta ceartaitheacha nó maolaitheacha is féidir le húsáideoirí a dhéanamh, agus ina léireofar freisin, i gcás inarb infheidhme, a íogaire atá an fhaisnéis faoina dtugtar fógra, dar leis an monaróir;
mura bhfuil an fhaisnéis ábhartha curtha ar fáil cheana, tuarascáil chríochnaitheach, laistigh de 1 mhí amháin tar éis an fógra teagmhais a chur isteach faoi phointe (b), ina n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:
tuairisc mhionsonraithe ar an teagmhas, lena n-áirítear a dhéine agus a thionchar;
an cineál bagartha nó an bhunchúis ar dócha gur spreag sí an teagmhas;
bearta maolaitheacha arna gcur i bhfeidhm agus bearta maolaitheacha leanúnacha.
Chun críocha mhír 3, measfar teagmhas a bhfuil tionchar aige ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bheith tromchúiseach sna cásanna seo a leanas:
déanann sé difear diúltach, nó d’fhéadfadh sé difear diúltach a dhéanamh, do chumas táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha infhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht sonraí nó feidhmeanna íogaire nó tábhachtacha a chosaint; nó
tugadh isteach cód mailíseach nó rinneadh é a fhorghníomhú i dtáirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó i gcórais líonraí agus faisnéise úsáideoir an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha dá dheasca, nó d’fheadfadh an méid sin teacht as.
Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gur sa Bhallstát ina ndéantar na cinntí a bhaineann le cibearshlándáil a tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha den chuid is mó atá príomhbhunaíocht mhonaróra san Aontas. Mura féidir an Ballstát sin a chinneadh, measfar go bhfuil an phríomhbhunaíocht sa Bhallstát ina bhfuil an bhunaíocht ina bhfuil an líon is airde fostaithe san Aontas ag an monaróir lena mbaineann.
I gcás nach bhfuil aon phríomhbhunaíocht ag monaróir san Aontas, cuirfidh sé na fógraí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 isteach trí úsáid a bhaint as críochphointe fógartha leictreonach an CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir sa Bhallstát arna chinneadh de bhun an oird seo a leanas agus bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don mhonaróir:
an Ballstát ina bhfuil an t-ionadaí údaraithe, atá ag gníomhú thar ceann an mhonaróra don líon is airde táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha de chuid an mhonaróra sin, bunaithe;
an Ballstát ina bhfuil an t-allmhaireoir, a chuireann an líon is airde táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha de chuid an mhonaróra sin ar an margadh, bunaithe;
an Ballstát ina bhfuil an dáileoir, a chuireann an líon is airde táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha de chuid an mhonaróra sin ar fáil ar an margadh, bunaithe;
an Ballstát ina bhfuil an líon is airde úsáideoirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha de chuid an mhonaróra sin lonnaithe.
I ndáil leis an tríú fomhír, pointe (d), féadfaidh monaróir fógraí a bhaineann le haon leochaileacht a shaothraítear go gníomhach nó le haon teagmhas tromchúiseach a bhfuil tionchar aige ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ina dhiaidh sin a chur faoi bhráid an CSIRT céanna atá ainmnithe mar chomhordaitheoir ar thuairiscigh sé dó den chéad uair.
Airteagal 15
Tuairisciú deonach
Féadfaidh an CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir tosaíocht a thabhairt do phróiseáil fógraí éigeantacha roimh phróiseáil fógraí deonacha.
Airteagal 16
Ardán tuairiscithe aonair a bhunú
In imthosca eisceachtúla agus, go háirithe, arna iarraidh sin don mhonaróir agus i bhfianaise leibhéal íogaireachta na faisnéise faoina dtugtar fógra mar atá léirithe ag an monaróir faoi Airteagal 14(2), pointe (a), den Rialachán seo, féadfar moill a chur ar scaipeadh an fhógra, ar bhonn forais chibearshlándála a bhfuil údar leo, ar feadh tréimhse a bhfuil géarghá léi, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil leochaileacht faoi réir nós imeachta um nochtadh comhordaithe leochaileachtaí dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Threoir (AE) 2022/2555. I gcás ina gcinneann CSIRT fógra a choinneáil siar, cuirfidh sé ENISA ar an eolas láithreach faoin gcinneadh agus tabharfaidh sé údar leis an bhfógra a choinneáil siar chomh maith le léiriú ar cathain a scaipfidh sé an fógra i gcomhréir leis an nós imeachta scaipthe a leagtar síos sa mhír seo. Féadfaidh ENISA tacú leis an CSIRT ar fhorais chibearshlándála a chur i bhfeidhm i ndáil le moill a chur ar scaipeadh an fhógra.
In imthosca fíoreisceachtúla, i gcás ina léiríonn an monaróir san fhógra dá dtagraítear in Airteagal 14(2), pointe (b):
gur shaothraigh gníomhaí mailíseach an leochaileacht faoina dtugtar fógra go gníomhach agus, de réir na faisnéise atá ar fáil, nár saothraíodh í in aon Bhallstát eile seachas an Ballstát ina bhfuil an CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir ar thug an monaróir fógra faoin leochaileacht dó;
gur dócha go mbeadh soláthar faisnéise mar thoradh ar scaipeadh breise láithreach na leochaileachta faoina dtugtar fógra, ar faisnéis í a mbeadh a nochtadh contrártha do leasanna bunúsacha an Bhallstáit sin; nó
go bhfuil gar-riosca ard cibearshlándála ag baint leis an leochaileacht faoina dtugtar fógra, ar riosca é a eascraíonn as an scaipeadh breise;
ní dhéanfar ach an fhaisnéis go ndearna an monaróir fógra a thabhairt, an fhaisnéis ghinearálta faoin táirge, an fhaisnéis faoi chineál ginearálta an tsaothraithe agus an fhaisnéis gur tugadh an fógra ar bhonn forais slándála, a chur ar fáil an tráth céanna do ENISA go dtí go scaipfear an fógra ina iomláine ar na CSIRTanna lena mbaineann agus ar ENISA. I gcás ina measann ENISA, bunaithe ar an bhfaisnéis sin, go bhfuil riosca sistéamach ann a dhéanann difear don tslándáil sa mhargadh inmheánach, molfaidh sé don CSIRT fála an fógra ina iomláine a scaipeadh ar na CSIRTanna eile atá ainmnithe mar chomhordaitheoirí agus ar ENISA féin.
Airteagal 17
Forálacha eile a bhaineann le tuairisciú
Airteagal 18
Ionadaithe údaraithe
Comhlíonfaidh ionadaí údaraithe na cúraimí arna sonrú sa sainordú a gheofar ón monaróir. Soláthróidh an t-ionadaí údaraithe cóip den sainordú do na húdaráis um fhaireachas margaidh arna iarraidh sin. Leis an sainordú sin, ligfear don ionadaí údaraithe an méid seo a leanas, ar a laghad, a dhéanamh:
dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 28 agus an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 31 a choinneáil ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh go ceann 10 mbliana ar a laghad tar éis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh nó go ceann na tréimhse tacaíochta, cibé acu is faide;
ar iarraidh réasúnaithe ó údarás um fhaireachas margaidh, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile a sholáthar don údarás sin, a bhfuil gá leo chun comhréireacht an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a léiriú;
oibriú i gcomhar leis na húdaráis um fhaireachas margaidh, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon bheart arna dhéanamh chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear le sainordú an ionadaí údaraithe.
Airteagal 19
Oibleagáidí allmhaireoirí
Sula gcuirfidh siad táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh, áiritheoidh na hallmhaireoirí an méid seo a leanas:
tá na nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 32 curtha i gcrích ag an monaróir;
tá an doiciméadacht theicniúil tarraingthe suas ag an monaróir;
tá an mharcáil CE dá dtagraítear in Airteagal 30 ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus tá dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 13(20) agus an fhaisnéis agus na treoracha don úsáideoir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II ag gabháil leis i dteanga is féidir le húsáideoirí agus le húdaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint go héasca;
chomhlíon an monaróir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 13(15), (16) agus (19).
Chun críocha na míre seo, beidh allmhaireoirí in ann na doiciméid is gá a sholáthar lena gcruthaítear gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo.
I gcás ina bhfuil cúis ag an allmhaireoir lena cheapadh go bhféadfadh riosca suntasach cibearshlándála a bheith ag baint le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i bhfianaise tosca neamhtheicniúla riosca, tabharfaidh an t-allmhaireoir an méid sin le fios do na húdaráis um fhaireachas margaidh. Tar éis dóibh an fhaisnéis sin a fháil, leanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 54(2).
Ar theacht ar an eolas dóibh faoi leochaileacht sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cuirfidh na hallmhaireoirí an monaróir ar an eolas faoin leochaileacht sin gan moill mhíchuí. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tabharfaidh na hallmhaireoirí an méid sin le fios gan mhoill d’údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát inar chuir siad an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar an margadh, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoi neamhchomhlíonadh agus faoi aon bheart ceartaitheach arna dhéanamh.
Airteagal 20
Oibleagáidí dáileoirí
Sula gcuirfidh dáileoirí táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar an margadh, fíoróidh siad an méid seo a leanas:
tá an mharcáil CE ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha;
chomhlíon an monaróir agus an t-allmhaireoir na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 13(15), (16), (18), (19) agus (20) agus Airteagal 19(4), agus rinne siad na doiciméid uile is gá a sholáthar don dáileoir.
Ar theacht ar an eolas dóibh faoi leochaileacht sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cuirfidh na dáileoirí an monaróir ar an eolas faoin leochaileacht sin gan moill mhíchuí. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tabharfaidh na dáileoirí an méid sin le fios gan mhoill d’údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát inar chuir siad an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar an margadh, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bheart ceartaitheach arna dhéanamh.
Airteagal 21
Cásanna ina bhfuil feidhm ag oibleagáidí monaróirí maidir leis na hallmhaireoirí agus na dáileoirí
Measfar allmhaireoir nó dáileoir a bheith ina mhonaróir chun críocha an Rialacháin seo agus beidh sé faoi réir Airteagail 13 agus 14, i gcás ina gcuireann an t-allmhaireoir nó an dáileoir sin táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc nó i gcás ina ndéanann sé modhnú substaintiúil ar tháirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a cuireadh ar an margadh cheana.
Airteagal 22
Cásanna eile ina bhfuil feidhm ag oibleagáidí monaróirí
Airteagal 23
Oibreoirí eacnamaíocha a shainaithint
Déanfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha, arna iarraidh sin, an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar do na húdaráis um fhaireachas margaidh:
ainm agus seoladh aon oibreora eacnamaíoch a sholáthair táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha dóibh;
i gcás ina bhfuil fáil orthu, ainm agus seoladh aon oibreora eacnamaíoch ar sholáthair siad táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha dó.
Airteagal 24
Oibleagáidí maor bogearraí foinse oscailte
Ar iarraidh réasúnaithe ó údarás um fhaireachas margaidh, soláthróidh maoir bogearraí foinse oscailte an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 don údarás sin, i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach agus i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca.
Airteagal 25
Fianú slándála saor-bhogearraí foinse oscailte
Chun an oibleagáid maidir le dícheall cuí a leagtar amach in Airteagal 13(5) a éascú, go háirithe a mhéid a bhaineann le monaróirí a chomhtháthaíonn comhpháirteanna saor-bhogearraí foinse oscailte ina dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chláir dheonacha um fhianú slándála a bhunú lena gceadófar d’fhorbróirí nó d’úsáideoirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a cháilíonn mar shaor-bhogearraí foinse oscailte chomh maith le tríú páirtithe eile measúnú a dhéanamh ar an bhfuil na táirgí sin i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha uile nó le ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha áirithe nó le hoibleagáidí eile a leagtar síos sa Rialachán seo.
Airteagal 26
Treoraíocht
I gcás ina bhfuil sé ar intinn aige treoraíocht dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar, tabharfaidh an Coimisiún aghaidh ar na gnéithe seo a leanas ar a laghad:
raon feidhme an Rialacháin seo, agus béim ar leith á leagan ar réitigh cianphróiseála sonraí agus ar shaor-bhogearraí foinse oscailte;
cur i bhfeidhm tréimhsí tacaíochta i ndáil le catagóirí áirithe táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha;
treoraíocht atá dírithe ar mhonaróirí atá faoi réir an Rialacháin seo agus faoi réir reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú seachas an Rialachán seo freisin nó faoi réir gníomhartha dlí gaolmhara eile de chuid an Aontais;
coincheap an mhodhnaithe shubstaintiúil.
Déanfaidh an Coimisiún liosta de na gníomhartha tarmligthe agus de na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, ar liosta é a bhfuil rochtain éasca air, a choinneáil ar bun freisin.
CAIBIDIL III
COMHRÉIREACHT AN TÁIRGE AG A BHFUIL EILIMINTÍ DIGITEACHA
Airteagal 27
Toimhde chomhréireachta
Iarrfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú le haghaidh na gceanglas cibearshlándála fíor-riachtanach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Agus iarrataí ar chaighdeánú le haghaidh an Rialacháin seo á hullmhú aige, déanfaidh an Coimisiún a dhícheall na caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta maidir leis an gcibearshlándáil atá ann cheana agus atá i bhfeidhm nó atá á bhforbairt a chur i gcuntas chun forbairt caighdeán comhchuibhithe a shimpliú, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.
Ní ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
d’iarr an Coimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú le haghaidh na gceanglas cibearshlándála fíor-riachtanach a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus:
níor glacadh leis an iarraidh;
ní dhéantar na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar aghaidh ar an iarraidh sin a sheachadadh laistigh den sprioc-am a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; nó
ní chomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe an iarraidh; agus
níor foilsíodh aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus ní mheastar go bhfoilseofar aon tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).
Airteagal 28
Dearbhú comhréireachta de chuid AE
Is é struchtúr na samhla a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a bheidh ag an leagan simplithe de dhearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 13(20). Cuirfear ar fáil é sna teangacha a cheanglaíonn an Ballstát ina gcuirtear an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh nó ina gcuirtear ar fáil ar an margadh é.
Airteagal 29
Prionsabail ghinearálta na marcála CE
Beidh an mharcáil CE faoi réir na bprionsabal ginearálta a leagtar amach in Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.
Airteagal 30
Rialacha agus coinníollacha maidir leis an marcáil CE a ghreamú
Is é an comhlacht féin a ghreamóidh uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra, sin nó an monaróir nó ionadaí údaraithe an mhonaróra, ach treoir chuige sin a fháil ón gcomhlacht sin.
Airteagal 31
Doiciméadacht theicniúil
Airteagal 32
Nósanna imeachta um measúnú comhréireachta maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha
Déanfaidh an monaróir measúnú comhréireachta ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ar na próisis arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir chun a chinneadh cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Léireoidh an monaróir comhréireacht leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha trí úsáid a bhaint as aon cheann de na nósanna imeachta seo a leanas:
an nós imeachta um rialú inmheánach (bunaithe ar mhodúl A) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII;
an nós imeachta um chineálscrúdú AE (bunaithe ar mhodúl B) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, agus ina dhiaidh sin, comhréireacht le cineál AE bunaithe ar rialú inmheánach táirgthe (bunaithe ar mhodúl C) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII;
measúnú comhréireachta bunaithe ar dhearbhú cáilíochta iomlán (bunaithe ar mhodúl H) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII; nó
i gcás ina bhfuil sí ar fáil agus inarb infheidhme, scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála de bhun Airteagal 27(9).
I gcás, agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh táirge thábhachtaigh ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a thagann faoi aicme I mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus ar chomhlíonadh na bpróiseas arna gcur i bhfeidhm ag monaróir an táirge leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, nach bhfuil caighdeáin chomhchuibhithe, sonraíochtaí coiteanna ná scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála atá ar leibhéal dearbhúcháin ‘substainteach’ ar a laghad dá dtagraítear in Airteagal 27, curtha i bhfeidhm ag an monaróir, nó nach bhfuil siad curtha i bhfeidhm ach i bpáirt aige, nó i gcás nach ann do na caighdeáin chomhchuibhithe, na sonraíochtaí coiteanna ná na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála sin, déanfar an táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir a mhéid a bhaineann leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha sin, a chur faoi bhráid ceachtar de na nósanna imeachta seo a leanas:
an nós imeachta um chineálscrúdú AE (bunaithe ar mhodúl B) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, agus ina dhiaidh sin, comhréireacht le cineál AE bunaithe ar rialú inmheánach táirgthe (bunaithe ar mhodúl C) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII; nó
measúnú comhréireachta bunaithe ar dhearbhú cáilíochta iomlán (bunaithe ar mhodúl H) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII.
I gcás inar táirge tábhachtach é an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a thagann faoi aicme II mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, léireoidh an monaróir comhréireacht leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I trí úsáid a bhaint as aon cheann de na nósanna imeachta seo a leanas:
nós imeachta um chineálscrúdú AE (bunaithe ar mhodúl B) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, agus ina dhiaidh sin, comhréireacht le cineál AE bunaithe ar rialú inmheánach táirgthe (bunaithe ar mhodúl C) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII;
measúnú comhréireachta bunaithe ar dhearbhú cáilíochta iomlán (bunaithe ar mhodúl H) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII; nó
i gcás ina bhfuil sí ar fáil agus inarb infheidhme, scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála de bhun Airteagal 27(9) den Rialachán seo ar leibhéal dearbhúcháin ‘substaintiúil’ ar a laghad de bhun Rialachán (AE) 2019/881.
Léireoidh táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a liostaítear in Iarscríbhinn IV go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I trí úsáid a bhaint as ceann de na nósanna imeachta seo a leanas:
scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála i gcomhréir le hAirteagal 8(1); nó
i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha in Airteagal 8(1), aon cheann de na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.
Airteagal 33
Bearta tacaíochta i gcás micrifhiontar agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta
Déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, na gníomhaíochtaí seo a leanas, atá saincheaptha do riachtanais na micrifhiontar agus na bhfiontar beag:
gníomhaíochtaí sonracha múscailte feasachta agus oiliúna a eagrú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo;
bealach tiomnaithe a leagan síos chun cumarsáid a dhéanamh le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus, de réir mar is iomchuí, le húdaráis phoiblí áitiúla chun comhairle a chur ar fáil agus chun freagairt d’fhiosrúcháin faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo;
tacú le gníomhaíochtaí tástála agus gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, le tacaíocht ón Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).
Airteagal 34
Comhaontuithe maidir le haitheantas frithpháirteach
Agus leibhéal na forbartha teicniúla agus an cur chuige maidir le measúnú comhréireachta tríú tír á gcur i gcuntas, féadfaidh an tAontas Comhaontuithe maidir le hAitheantas Frithpháirteach a thabhairt i gcrích le tríú tíortha, i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE, ar mhaithe le trádáil idirnáisiúnta a chur chun cinn agus a éascú.
CAIBIDIL IV
FÓGRA A THABHAIRT MAIDIR LE COMHLACHTAÍ UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA
Airteagal 35
Fógra a thabhairt
Airteagal 36
Na húdaráis a thugann fógra
Airteagal 37
Na ceanglais a bhaineann leis na húdaráis a thugann fógra
Airteagal 38
An oibleagáid faisnéise atá ar údaráis a thugann fógra
Airteagal 39
Na ceanglais a bhaineann le comhlachtaí faoina dtugtar fógra
Maidir le comhlacht ar le comhlachas gnó nó cónaidhm phroifisiúnta é a dhéanann ionadaíocht ar ghnóthais a bhfuil baint acu le dearadh, forbairt, táirgeadh, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ar a ndéanann sé measúnú, féadfar a mheas gur comhlacht tríú páirtí den sórt sin é ar choinníoll go léirítear go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa i gceist leis.
Maidir le comhlacht um measúnú comhréireachta, a ardbhainistíocht agus an pearsanra atá freagrach as cúraimí an mheasúnaithe comhréireachta a chur i gcrích, ní bheidh baint dhíreach acu le dearadh, forbairt, táirgeadh, allmhairiú, dáileadh, margú, suiteáil, úsáid ná cothabháil na dtáirgí sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha a ndéanann siad measúnú orthu, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht ar pháirtithe a ghabhann do na gníomhaíochtaí sin. Ní ghabhfaidh siad d’aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht le neamhspleáchas a mbreithiúnais ná a n-ionracais i ndáil le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dtugtar fógra dóibh ina leith. Beidh feidhm aige seo go háirithe i leith seirbhísí sainchomhairleoireachta.
Áiritheoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a bhfochuideachtaí ná a bhfochonraitheoirí difear do rúndacht, d’oibiachtúlacht ná do neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta féin.
I gcás gach nós imeachta um measúnú comhréireachta agus gach cineáil nó catagóire táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar tugadh fógra don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith, beidh fáil ag an gcomhlacht i gcónaí ar na nithe riachtanacha seo a leanas:
pearsanra ag a bhfuil an t-eolas teicniúil is gá agus taithí leordhóthanach iomchuí chun na cúraimí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích;
tuairiscí ar na nósanna imeachta ar i gcomhréir leo a dhéantar an measúnú comhréireachta atá le cur i gcrích, lena n-áirithítear trédhearcacht na nósanna imeachta sin agus an cumas i dtaobh iad a atáirgeadh. Beidh beartais agus nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm aige lena ndéantar idirdhealú idir na cúraimí a dhéanann sé mar chomhlacht faoina dtugtar fógra agus na gníomhaíochtaí eile a dhéanann sé;
na nósanna imeachta sin a bhaineann le gníomhaíochtaí a chur i gcrích lena dtugtar aird chuí ar mhéid an ghnóthais, an earnáil ina bhfuil sé ag feidhmiú, a struchtúr, castacht theicneolaíocht an táirge atá i dtrácht agus mais nó cineál srathach an phróisis táirgthe.
Beidh na hacmhainní is gá ag comhlacht um measúnú comhréireachta chun na cúraimí teicniúla agus na cúraimí riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a fheidhmiú ar shlí iomchuí agus beidh rochtain aige ar an trealamh nó ar na saoráidí uile is gá.
Beidh an méid seo a leanas ag an bpearsanra atá freagrach as na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireacha a chur i gcrích:
oiliúint fhónta theicniúil agus ghairmiúil a chumhdaíonn na gníomhaíochtaí uile um measúnú comhréireachta a bhfuil fógra tugtha don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith;
eolas sásúil ar na ceanglais a bhíonn i gceist sna measúnuithe a dhéanann siad agus údarás leormhaith chun na measúnuithe sin a dhéanamh;
eolas agus tuiscint iomchuí ar na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ar na caighdeáin chomhchuibhithe agus sonraíochtaí coiteanna is infheidhme, agus ar fhorálacha ábhartha reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú agus a ghníomhartha cur chun feidhme;
an cumas deimhnithe, taifid agus tuarascálacha a dhréachtú lena léirítear gur cuireadh measúnuithe i gcrích.
Ní bheidh luach saothair ardbhainistíocht agus phearsanra measúnúcháin an chomhlachta um measúnú comhréireachta ag brath ar líon na measúnuithe a chuirtear i gcrích ná ar thorthaí na measúnuithe sin.
Airteagal 40
Toimhde chomhréireachta na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
I gcás ina léiríonn comhlacht um measúnú comhréireachta go gcomhlíonann sé na critéir a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha, nó i gcodanna díobh, a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, measfar go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 39 á gcomhlíonadh aige a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme.
Airteagal 41
Fochuideachtaí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra agus fochonraitheoireacht arna déanamh ag na comhlachtaí faoina dtugtar fógra
Airteagal 42
Iarratas ar fhógra
Airteagal 43
An nós imeachta um fhógra a thabhairt
Ní mheasfar ach comhlacht den sórt sin a bheith ina chomhlacht faoina dtugtar fógra chun críocha an Rialacháin seo.
Airteagal 44
Uimhreacha aitheantais agus liostaí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
Sannfaidh sé uimhir aonair den sórt sin fiú i gcás ina dtugtar fógra don chomhlacht faoi roinnt gníomhartha dlí de chuid an Aontais.
Áiritheoidh an Coimisiún go gcoimeádfar an liosta sin cothrom le dáta.
Airteagal 45
Athruithe ar na fógraí
Airteagal 46
Agóidí in aghaidh inniúlacht comhlachtaí faoina dtugtar fógra
Airteagal 47
Oibleagáidí oibríochtúla na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
Airteagal 48
Achomharc in aghaidh chinntí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil nós imeachta achomhairc in aghaidh chinntí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra ar fáil.
Airteagal 49
An oibleagáid faisnéise atá ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra
Cuirfidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra an méid seo a leanas in iúl don údarás a thugann fógra:
aon deimhniú a ndiúltaítear dó, a shriantar, a fhionraítear nó a tharraingítear siar;
aon imthosca a dhéanann difear don raon feidhme nó do na coinníollacha maidir le fógra a thabhairt;
aon iarraidh ar fhaisnéis atá faighte acu ó údaráis um fhaireachas margaidh maidir le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta;
arna iarraidh sin, gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéantar laistigh de raon feidhme a bhfógra agus aon ghníomhaíocht eile a dhéantar, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht.
Airteagal 50
Malartú taithí
Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir leis an malartú taithí a eagrú idir údaráis náisiúnta na mBallstát atá freagrach as beartas maidir le fógra a thabhairt.
Airteagal 51
Comhordú na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
CAIBIDIL V
FAIREACHAS MARGAIDH AGUS FORFHEIDHMIÚ
Airteagal 52
Faireachas margaidh agus rialú táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i margadh an Aontais
Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis a dhéanann maoirseacht ar dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí aon doiciméadacht a chruthaítear nó a choimeádtar faoin Rialachán seo a iarraidh agus rochtain a fháil uirthi nuair is gá rochtain a fháil ar an doiciméadacht sin chun a gcúraimí a chomhlíonadh. Cuirfidh siad údaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas faoi aon iarraidh den sórt sin.
Foilseoidh ADCO, i bhfoirm a bheidh inrochtana don phobal agus soláimhsithe, staidreamh ábhartha ar chatagóirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena n-áirítear meántréimhsí tacaíochta, arna gcinneadh ag an monaróir de bhun Airteagal 13(8), chomh maith le treoraíocht a sholáthar ina n-áirítear tréimhsí tacaíochta táscacha i gcás catagóirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha.
I gcás ina dtugann na sonraí le fios go bhfuil tréimhsí tacaíochta neamhleora ann le haghaidh catagóirí sonracha táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, féadfaidh ADCO moltaí a eisiúint d’údaráis um fhaireachas margaidh chun a ngníomhaíochtaí a dhíriú ar na catagóirí táirgí sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha.
Airteagal 53
Rochtain ar shonraí agus ar dhoiciméadacht
I gcás inar gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ar na próisis a chuireann a monaróirí i bhfeidhm leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus ar iarraidh réasúnaithe a fháil, tabharfar rochtain do na húdaráis um fhaireachas margaidh ar na sonraí is gá, i dteanga is furasta dóibh a thuiscint, chun measúnú a dhéanamh ar dhearadh, forbairt, táirgeadh agus láimhseáil leochaileachtaí na dtáirgí sin, lena n-áirítear doiciméadacht inmheánach ghaolmhar an oibreora eacnamaíoch ábhartha.
Airteagal 54
Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leo
I gcás, agus an mheastóireacht sin á déanamh, ina bhfionnann an t-údarás um fhaireachas margaidh nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh ag an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cuirfidh sé de cheangal ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gan mhoill gach beart ceartaitheach iomchuí a dhéanamh chun an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a thabhairt i gcomhréir leis na ceanglais sin, é a tharraingt siar ón margadh nó é a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta, i gcomhréir leis an gcineál riosca cibearshlándála, de réir mar a fhéadfaidh an t-údarás um fhaireachas margaidh a fhorordú.
Cuirfidh an t-údarás um fhaireachas margaidh an comhlacht ábhartha faoina dtugtar fógra ar an eolas dá réir sin. Beidh feidhm ag Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/1020 i leith na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha.
Tabharfaidh an t-údarás sin fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, gan aon mhoill mhíchuí, faoi na bearta sin.
San fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5, beidh na mionsonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun táirge neamhchomhlíontach ag a bhfuil eilimintí digiteacha a shainaithint, chomh maith le háit tionscnaimh an táirge sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cineál an neamhchomhlíonta a líomhnaítear agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus fad tréimhse na mbeart náisiúnta atá déanta agus na hargóintí a rinne an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha. Tabharfaidh an t-údarás um fhaireachas margaidh le fios go háirithe cé acu an ceann amháin nó níos mó na sin de na nithe seo a leanas is cúis leis an neamhchomhlíonadh nó nach ea:
mainneachtain an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó na bpróiseas arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh;
easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe, sna scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála nó sna sonraíochtaí coiteanna, dá dtagraítear in Airteagal 27.
Airteagal 55
Nós imeachta coimirce an Aontais
Airteagal 56
Nós imeachta ar leibhéal an Aontais maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leo
Airteagal 57
Táirgí comhlíontacha ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leo
Ceanglóidh údarás um fhaireachas margaidh Ballstáit ar oibreoir eacnamaíoch gach beart iomchuí a dhéanamh i gcás, tar éis dó meastóireacht a dhéanamh faoi Airteagal 54, ina bhfionnann sé, cé go bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir i gcomhréir leis an Rialachán seo, go bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leo chomh maith le riosca don mhéid seo a leanas:
sláinte nó sábháilteacht daoine;
comhlíonadh oibleagáidí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta atá beartaithe chun cearta bunúsacha a chosaint;
infhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht seirbhísí a thairgtear trí úsáid a bhaint as córas faisnéise leictreonach ag eintitis fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2022/2555; nó
gnéithe eile de chosaint leas an phobail.
Féadfar a áireamh ar na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír bearta chun a áirithiú nach mbeidh na rioscaí ábhartha ag baint a thuilleadh leis an táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha ná leis na próisis arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir agus an táirge á chur ar fáil ar an margadh, agus an táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha á tharraingt siar ón margadh, nó á aisghairm, agus beidh na bearta i gcomhréir le cineál na rioscaí sin.
Airteagal 58
Neamhchomhlíonadh foirmiúil
I gcás ina bhfaighidh údarás um fhaireachas margaidh i mBallstát amach faoi aon cheann de na nithe seo a leanas, cuirfidh sé de cheangal ar an oibreoir ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh lena mbaineann:
greamaíodh an mharcáil CE de shárú ar Airteagail 29 agus 30;
nár greamaíodh an mharcáil CE;
nár tarraingíodh suas dearbhú comhréireachta AE;
nár tarraingíodh suas i gceart dearbhú comhréireachta AE;
nár greamaíodh uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra atá bainteach leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta, i gcás inarb infheidhme;
nach bhfuil an doiciméadacht theicniúil ar fáil nó nach bhfuil sí iomlán.
Airteagal 59
Gníomhaíochtaí comhpháirteacha na n-údarás um fhaireachas margaidh
Airteagal 60
Scuab-imscrúduithe
CAIBIDIL VI
CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE AGUS NÓS IMEACHTA COISTE
Airteagal 61
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 62
Nós imeachta coiste
CAIBIDIL VII
RÚNDACHT AGUS PIONÓIS
Airteagal 63
Rúndacht
Gach páirtí a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, urramóidh siad rúndacht na faisnéise agus na sonraí a gheofar agus a gcúraimí agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu sa chaoi is go gcosnófar an méid seo a leanas go háirithe:
cearta maoine intleachtúla, agus faisnéis rúnda ghnó nó rúin trádála duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh, lena n-áirítear cód foinseach, seachas na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );
cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo, go háirithe chun críoch cigireachtaí, imscrúduithe nó iniúchtaí;
leasanna an phobail agus leasanna slándála náisiúnta;
sláine na n-imeachtaí coiriúla nó riaracháin.
Airteagal 64
Pionóis
Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, cuirfear na himthosca ábhartha uile a bhaineann leis an gcás sonrach san áireamh agus tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:
cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe agus a iarmhairtí;
an amhlaidh gur ghearr na húdaráis chéanna um fhaireachas margaidh nó údaráis eile um fhaireachas margaidh fíneálacha riaracháin cheana féin ar an oibreoir eacnamaíoch céanna as sárú comhchosúil;
méid, go háirithe maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, agus sciar margaidh an oibreora eacnamaíoch a bhfuil an sárú á dhéanamh aige.
►C1 De mhaolú ar mhíreanna 2 go 9, ní bheidh feidhm ag na fíneálacha riaracháin dá dtagraítear sna míreanna sin maidir leis an méid seo a leanas: ◄
monaróirí a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga maidir le haon mhainneachtain an spriocdháta dá dtagraítear in Airteagal 14(2), pointe (a), nó in Airteagal 14(4), pointe (a), a chomhlíonadh;
aon sárú ar an Rialachán seo ag maoir bogearraí foinse oscailte.
Airteagal 65
Caingne ionadaíocha
Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2020/1828 maidir le caingne ionadaíocha a thugtar in aghaidh sáruithe ag oibreoirí eacnamaíocha ar fhorálacha den Rialachán seo lena ndéantar dochar, nó lena bhféadfaí dochar a dhéanamh, do chomhleasanna tomhaltóirí.
CAIBIDIL VIII
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 66
Leasú ar Rialachán (AE) 2019/1020
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1020, cuirtear an pointe seo a leanas léi:
. Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ).
Airteagal 67
Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2020/1828, cuirtear an pointe seo a leanas léi:
Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *2 ).
Airteagal 68
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 168/2013
I gCuid C1, sa tábla, d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ),cuirtear an iontráil seo a leanas léi:
‘
|
16 |
18 |
cosaint don fheithicil in aghaidh cibirionsaithe |
|
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
’.
Airteagal 69
Forálacha idirthréimhseacha
Airteagal 70
Meastóireacht agus athbhreithniú
Airteagal 71
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Beidh feidhm ag Airteagal 14, áfach, ón 11 Meán Fómhair 2026 agus ag Caibidil IV (Airteagail 35 go 51) ón 11 Meitheamh 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
CEANGLAIS CHIBEARSHLÁNDÁLA RIACHTANACHA
Cuid I Ceanglais chibearshlándála a bhaineann le hairíonna táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha
(1) Déanfar táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh ar bhealach chun leibhéal iomchuí cibearshlándála a áirithiú bunaithe ar na rioscaí.
(2) Ar bhonn an mheasúnaithe riosca cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 13(2) agus i gcás inarb infheidhme, déanfar an méid seo a leanas i gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha:
cuirfear ar fáil ar an margadh iad gan leochaileachtaí insaothraithe aitheanta a bheith ann;
cuirfear ar fáil ar an margadh iad agus cumraíocht shlán mar réamhshocrú i bhfeidhm orthu, mura gcomhaontaítear a mhalairt idir an monaróir agus an t-úsáideoir gnó maidir le táirge saincheaptha ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena n-áirítear an fhéidearthacht an táirge a athshocrú chuig a riocht bunaidh;
áiritheofar gur féidir aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí trí nuashonruithe slándála, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, trí nuashonruithe slándála uathoibríocha a shuiteáiltear laistigh de thréimhse ama iomchuí arna gcumasú mar shocrú réamhshocraithe, le sásra rogha an diúltaithe atá soiléir agus éasca le húsáid, trí fhógra a thabhairt d’úsáideoirí faoi nuashonruithe atá ar fáil, agus an rogha iad a chur ar athló go sealadach;
áiritheofar cosaint ar rochtain neamhúdaraithe trí bhíthin sásraí iomchuí rialaithe, lena n-áirítear córais bainistíochta fíordheimhniúcháin, céannachta nó rochtana ach gan a bheith teoranta dóibh, agus tabharfar tuairisc ar rochtain neamhúdaraithe a d’fhéadfadh a bheith ann;
cosnófar rúndacht sonraí a stóráiltear, a tharchuirtear nó a phróiseáiltear ar bhealach eile, idir shonraí pearsanta agus shonraí eile, amhail trí shonraí ábhartha a chriptiú agus iad ar fos nó faoi bhealach trí bhíthin sásraí úrscothacha, agus trí úsáid a bhaint as modhanna teicniúla eile;
maidir le sláine sonraí a stóráiltear, a tharchuirtear nó a phróiseáiltear ar bhealach eile, idir shonraí pearsanta agus shonraí eile, mar aon le horduithe, cláir agus cumraíocht, cosnófar iad ar aon chineál ionramhála nó modhnaithe nach n-údaraíonn an t-úsáideoir agus déanfar tuairisciú ar an truailliú;
ní phróiseálfar ach sonraí pearsanta agus sonraí eile atá leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá i ndáil leis an gcríoch a beartaíodh don táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha (íoslaghdú sonraí);
cosnófar infhaighteacht feidhmeanna fíor-riachtanacha agus bunúsacha, agus tar éis teagmhais freisin, lena n-áirítear trí bhearta athléimneachta agus maolaithe in aghaidh ionsaithe diúltaithe seirbhíse;
íoslaghdófar an tionchar diúltach a bhíonn ag na táirgí iad féin nó ag gléasanna nasctha ar infhaighteacht na seirbhísí a sholáthraítear le gléas nó le líonraí eile;
déanfar iad a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh chun dromchlaí ionsaithe a theorannú, lena n-áirítear comhéadain sheachtracha;
déanfar iad a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh chun an tionchar a bhíonn ag teagmhas a laghdú trí úsáid a bhaint as sásraí agus as teicnící iomchuí chun an saothrú a mhaolú;
soláthrófar faisnéis faoin tslándáil trí ghníomhaíocht inmheánach ábhartha a thaifeadadh agus faireachán a dhéanamh uirthi, lena n-áirítear an rochtain ar shonraí, ar sheirbhísí agus ar fheidhmeanna agus modhnú sonraí, seirbhísí nó feidhmeanna, agus sásra rogha an diúltaithe don úsáideoir;
tabharfar an deis d’úsáideoirí na sonraí agus na socruithe go léir a bhaint go slán agus go héasca ar bhonn buan agus, i gcás inar féidir na sonraí sin a aistriú chuig táirgí nó córais eile, áiritheofar go ndéanfar é sin ar bhealach slán.
Cuid II Ceanglais maidir le láimhseáil leochaileachtaí
Déanfaidh monaróirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha an méid seo a leanas:
déanfar leochaileachtaí agus comhpháirteanna atá i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a shainaithint agus a dhoiciméadú, lena n-áirítear trí liosta ábhar bogearraí a tharraingt suas i bhformáid a úsáidtear go coitianta agus atá meaisín-inléite lena gcumhdaítear spleáchais ardleibhéil na dtáirgí ar a laghad;
i ndáil leis na rioscaí atá ann do na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tabharfar aghaidh ar na leochaileachtaí agus leigheasfar iad gan mhoill, lena n-áirítear trí nuashonruithe slándála a sholáthar; i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, déanfar nuashonruithe slándála nua a sholáthar ar leithligh ó nuashonruithe feidhmiúlachta;
cuirfear i bhfeidhm tástálacha agus athbhreithnithe éifeachtacha a dhéantar go tráthrialta maidir le slándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha;
a luaithe a chuirfear nuashonrú slándála ar fáil, comhroinnfear faisnéis agus cuirfear ar fáil go poiblí í faoi na leochaileachtaí a leigheasadh, lena n-áirítear tuairisc ar na leochaileachtaí, faisnéis lena gcuirtear ar a gcumas d’úsáideoirí an táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha a shainaithint, tionchair na leochaileachtaí, a dhéine atá siad agus faisnéis shoiléir agus inrochtana lena gcabhraítear le húsáideoirí na leochaileachtaí a leigheas; i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ina measann monaróirí gur mó na rioscaí slándála a bhaineann le foilsiú ná na sochair slándála, féadfaidh siad moill a chur ar fhaisnéis phoiblí maidir le leochaileacht leigheasta a chur ar fáil go dtí go mbeidh an deis tugtha d’úsáideoirí an paiste ábhartha a chur i bhfeidhm;
cuirfear beartas i bhfeidhm maidir le nochtadh comhordaithe leochaileachtaí agus forfheidhmeofar é;
déanfar bearta chun comhroinnt faisnéise a éascú faoi leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith ina dtáirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus i gcomhpháirteanna tríú páirtí atá sa táirge sin, lena n-áirítear trí sheoladh teagmhála a sholáthar chun na leochaileachtaí a aimsítear sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a thuairisciú;
forálfar do shásraí chun nuashonruithe a dháileadh go slán do tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha chun a áirithiú go ndéanfar leochaileachtaí a leigheas nó a mhaolú go tráthúil agus, i gcás inarb infheidhme le haghaidh nuashonruithe slándála, ar bhealach uathoibríoch;
áiritheofar, i gcás ina mbeidh nuashonruithe slándála ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna slándála sainaitheanta, go scaipfear iad gan mhoill agus, mura gcomhaontaítear a mhalairt idir monaróir agus úsáideoir gnó i ndáil le táirge saincheaptha ag a bhfuil eilimintí digiteacha, go mbeidh siad saor in aisce, agus teachtaireachtaí comhairleacha ag gabháil leo lena gcuirfear an fhaisnéis ábhartha ar fáil d’úsáideoirí, lena n-áirítear maidir leis an ngníomhaíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh.
IARSCRÍBHINN II
FAISNÉIS AGUS TREORACHA LE hAGHAIDH AN ÚSÁIDEORA
Beidh na nithe seo a leanas ar a laghad ag gabháil leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha:
ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe an mhonaróra, agus seoladh poist, seoladh ríomhphoist nó teagmháil dhigiteach eile chomh maith leis an suíomh gréasáin inar féidir dul i dteagmháil leis an monaróir, i gcás ina bhfuil sé ar fáil;
an pointe teagmhála aonair inar féidir faisnéis faoi leochaileachtaí an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a thuairisciú agus a fháil, agus an áit inar féidir teacht ar bheartas an mhonaróra maidir le nochtadh comhordaithe leochaileachtaí;
ainm agus cineál agus aon fhaisnéis bhreise lena gcumasaítear sainaithint uathúil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha;
an chríoch a beartaíodh don táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena n-áirítear an timpeallacht slándála arna soláthar ag an monaróir, mar aon le bunfheidhmiúlachtaí an táirge agus faisnéis faoi na hairíonna slándála;
aon imthoisc aitheanta nó intuartha, a bhaineann le húsáid an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir leis an gcríoch a beartaíodh dó nó faoi dhálaí mí-úsáide atá intuartha le réasún, arb imthoisc í a bhféadfadh rioscaí suntasacha cibearshlándála eascairt aisti;
i gcás inarb infheidhme, an seoladh idirlín ag a bhféadfar rochtain a fháil ar dhearbhú comhréireachta AE;
an cineál tacaíochta slándála teicniúla a thairgeann an monaróir agus dáta deiridh na tréimhse tacaíochta ar lena linn is féidir le húsáideoirí a bheith ag súil leis go láimhseálfar leochaileachtaí agus le nuashonruithe slándála a fháil;
treoracha mionsonraithe nó seoladh idirlín a thagraíonn do na treoracha mionsonraithe sin agus faisnéis faoin méid seo a leanas:
na bearta is gá a dhéanamh le linn choimisiúnú tosaigh an táirge agus le linn shaolré an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha chun a úsáid shlán a áirithiú;
an chaoi ar féidir le hathruithe ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha difear a dhéanamh don tslándáil sonraí;
an chaoi chun nuashonruithe a bhaineann leis an tslándáil a shuiteáil;
díchoimisiúnú slán an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena n-áirítear faisnéis faoin gcaoi ar féidir sonraí úsáideora a bhaint go slán;
an chaoi ar féidir an socrú réamhshocraithe lena gcumasaítear suiteáil uathoibríoch nuashonruithe slándála, mar a cheanglaítear le Cuid I, pointe (2)(c), d’Iarscríbhinn I, a chasadh as;
i gcás ina bhfuil sé beartaithe an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chomhtháthú i dtáirgí eile ag a bhfuil eilimintí digiteacha, an fhaisnéis is gá chun go gcomhlíonfaidh an suimeálaí na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus na ceanglais doiciméadachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.
Má chinneann an monaróir an liosta ábhar bogearraí a chur ar fáil don úsáideoir, faisnéis faoin áit ar féidir rochtain a fháil ar an liosta ábhar bogearraí.
IARSCRÍBHINN III
TÁIRGÍ TÁBHACHTACHA AG A BHFUIL EILIMINTÍ DIGITEACHA
Aicme I
1. Córais bainistithe céannachta agus bogearraí agus crua-earraí bainistithe rochtana pribhléidithe, lena n-áirítear fíordheimhniú agus léitheoirí rialaithe rochtana, lena n-áirítear léitheoirí bithmhéadracha
2. Brabhsálaithe neamhspleácha agus brabhsálaithe leabaithe
3. Bainisteoirí pasfhocal
4. Bogearraí lena ndéantar bogearraí mailíseacha a chuardach, a bhaint nó a chur ar coraintín
5. Táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil feidhm acu mar líonra príobháideach fíorúil (VPN)
6. Córais bainistíochta líonraí
7. Córais bainistíochta faisnéise slándála agus teagmhas slándála (SIEM)
8. Bainisteoirí bútála
9. Príomhbhonneagar poiblí agus bogearraí eisiúna deimhnithe dhigitigh
10. Comhéadain fhisiceacha agus fhíorúla líonra
11. Córais oibriúcháin
12. Ródairí, móideimí atá beartaithe lena nascadh leis an idirlíon agus lasca
13. Micreaphróiseálaithe a bhfuil feidhmiúlachtaí slándála acu
14. Micririalaitheoirí a bhfuil feidhmiúlachtaí slándála acu
15. Ciorcaid chomhtháite aonfheidhmeacha (ASIC) agus eagair geataí in-ríomhchláraithe sa réimse (FPGA) a bhfuil feidhmiúlachtaí slándála acu
16. Cúntóirí fíorúla baile cliste ilfheidhmeacha
17. Táirgí baile cliste a bhfuil feidhmiúlachtaí slándála acu, lena n-áirítear glais dorais chliste, ceamaraí slándála, córais faireacháin leanaí agus córais aláraim
18. Bréagáin atá nasctha leis an idirlíon a chumhdaítear le Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ) ag a bhfuil gnéithe idirghníomhacha sóisialta (e.g. labhairt nó scannánú) nó ag a bhfuil gnéithe rianaithe suímh
19. Táirgí inchaite pearsanta atá le caitheamh nó le cur ar chorp an duine ag a bhfuil críoch faireacháin sláinte (amhail rianú) agus nach bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2017/745 ná (AE) 2017/746 maidir leo, nó táirgí inchaite pearsanta atá beartaithe lena n-úsáid ag leanaí agus le haghaidh leanaí
Aicme II
1. Hipearmhaoirseoirí agus córais ama rite coimeádán lena dtacaítear le rith fíorúlaithe córas oibriúcháin agus timpeallachtaí comhchosúla
2. Ballaí dóiteáin, córais braite ionraidh agus córais choisc
3. Micreaphróiseálaithe nach féidir baint dóibh
4. Micririalaitheoirí nach féidir baint dóibh
IARSCRÍBHINN IV
TÁIRGÍ CRITICIÚLA AG A BHFUIL EILIMINTÍ DIGITEACHA
1. Gléasanna Crua-earraí le Boscaí Slándála
2. Geataí méadair chliste laistigh de chórais méadraithe chliste mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (23) de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ) agus gléasanna eile chun críoch ardslándála, lena n-áirítear le haghaidh cripteaphróiseáil shlán
3. Cártaí cliste nó gléasanna comhchosúla, lena n-áirítear eilimintí slána
IARSCRÍBHINN V
DEARBHÚ COMHRÉIREACHTA DE CHUID AE
Beidh an fhaisnéis seo a leanas uile i ndearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 28:
Ainm agus cineál agus aon fhaisnéis bhreise lena gcumasaítear sainaithint uathúil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha
Ainm agus seoladh an mhonaróra nó ionadaí údaraithe an mhonaróra sin
Ráiteas gur faoi fhreagracht aonair an tsoláthraí a eisítear dearbhú comhréireachta AE
Cuspóir an dearbhúcháin (aitheantas an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha lena gceadaítear inrianaitheacht, lena bhféadfaí grianghraf a áireamh, i gcás inarb iomchuí)
Ráiteas go bhfuil cuspóir an dearbhúcháin ar a dtugtar tuairisc thuas i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais um chomhchuibhiú
Tagairtí d’aon chaighdeán comhchuibhithe ábhartha eile a úsáidtear nó aon sonraíocht choiteann nó deimhniúchán cibearshlándála eile a ndearbhaítear comhréireacht ina leith
I gcás inarb infheidhme, ainm agus uimhir an chomhlachta faoina dtugtar fógra, tuairisc ar an nós imeachta um measúnú comhréireachta agus sainaithint an deimhnithe a eisíodh
Faisnéis bhreise:
Arna shíniú thar ceann:
(áit agus dáta eisiúna):
(ainm, feidhm) (síniú):
IARSCRÍBHINN VI
LEAGAN SIMPLITHE DE DHEARBHÚ COMHRÉIREACHTA DE CHUID AE
Soláthrófar an leagan simplithe de dhearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 13(20) mar a leanas:
IARSCRÍBHINN VII
ÁBHAR NA DOICIMÉADACHTA TEICNIÚLA
Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 31, de réir mar is infheidhme maidir leis an táirge ábhartha ag a bhfuil eilimintí digiteacha:
tuairisc ghinearálta ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena gcuimsítear an méid seo a leanas:
an chríoch a beartaíodh dó;
leaganacha de bhogearraí a dhéanann difear don chomhlíontacht leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha;
i gcás inar táirge crua-earraí é an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, grianghraif nó léaráidí a léiríonn na gnéithe seachtracha, an mharcáil agus an leagan amach inmheánach;
faisnéis agus treoracha le haghaidh an úsáideora mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II;
tuairisc ar dhearadh, ar fhorbairt agus ar tháirgeadh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ar phróisis láimhseála leochaileachtaí, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
faisnéis riachtanach faoi dhearadh agus faoi fhorbairt an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme, líníochtaí agus scéimeanna agus/nó tuairisc ar ollstruchtúr an chórais lena mínítear an chaoi a gcuireann na comhpháirteanna bogearraí le chéile nó an tionchar a bhíonn acu ar a chéile agus conas a chomhtháthaítear iad sa phróiseáil fhoriomlán;
faisnéis riachtanach agus sonraíochtaí maidir leis na próisis láimhseála leochaileachtaí arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir, lena n-áirítear an liosta ábhar bogearraí, an beartas um nochtadh comhordaithe leochaileachtaí, fianaise ar sheoladh teagmhála a sholáthar chun leochaileachtaí a thuairisciú agus tuairisc ar na réitigh theicniúla a roghnaítear chun nuashonruithe a dháileadh go slán;
faisnéis riachtanach agus sonraíochtaí maidir le próisis táirgthe agus faireacháin le haghaidh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus maidir le bailíochtú na bpróiseas sin.
measúnú ar na rioscaí cibearshlándála ar ina n-aghaidh a dhéantar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a dhearadh, a fhorbairt, a tháirgeadh, a chur ar fáil agus a choinneáil ar bun de bhun Airteagal 13, lena n-áirítear an chaoi a bhfuil na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn 1 infheidhme;
faisnéis ábhartha a cuireadh san áireamh chun an tréimhse thacaíochta de bhun Airteagal 13(8) den táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chinneadh;
liosta de na caighdeáin chomhchuibhithe a cuireadh i bhfeidhm ina n-iomláine nó i bpáirt agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sonraíochtaí coiteanna mar a leagtar amach in Airteagal 27 den Rialachán seo nó scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2019/881 de bhun Airteagal 27(8) den Rialachán seo, agus, i gcás nár cuireadh i bhfeidhm na caighdeáin chomhchuibhithe, na sonraíochtaí coiteanna ná na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála sin, tuairiscí ar na réitigh a glacadh chun na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCodanna I agus II d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh, lena n-áirítear liosta de na sonraíochtaí teicniúla ábhartha eile a cuireadh i bhfeidhm. I gcás caighdeáin chomhchuibhithe, sonraíochtaí coiteanna nó scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a bheith i bhfeidhm i bpáirt, sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na codanna a cuireadh i bhfeidhm;
tuairiscí ar na tástálacha a rinneadh chun a fhíorú go gcomhlíonann an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis láimhseála leochaileachtaí na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha is infheidhme mar leagtar amach i gCodanna I agus II d’Iarscríbhinn I;
cóip de dhearbhú comhréireachta AE;
i gcás inarb infheidhme, an liosta ábhar bogearraí, i ndiaidh iarraidh réasúnaithe ó údarás um fhaireachas margaidh ar choinníoll go bhfuil gá leis chun go mbeidh an t-údarás sin in ann comhlíontacht leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a sheiceáil.
IARSCRÍBHINN VIII
NÓSANNA IMEACHTA UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA
Cuid I Nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar an rialú inmheánach (bunaithe ar mhodúl A)
1. Is é atá sa rialú inmheánach an nós imeachta um measúnú comhréireachta lena gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointí 2, 3 agus 4 den Chuid seo, agus lena n-áirithíonn sé agus lena ndearbhaíonn sé ar a fhreagracht aonair go gcomhlíonann na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha uile a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn I agus go gcomhlíonann an monaróir na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn I.
2. Tarraingeoidh an monaróir suas an doiciméadacht theicniúil a shonraítear in Iarscríbhinn VII.
3. Dearadh, forbairt, táirgeadh agus láimhseáil leochaileachtaí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha
Déanfaidh an monaróir gach beart is gá chun go n-áiritheofar leis na próisis deartha, forbartha, táirgthe agus láimhseála leochaileachtaí agus leis an bhfaireachán a dhéantar ar na próisis sin go gcomhlíonann na táirgí monaraithe nó forbartha ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCodanna I agus II d’Iarscríbhinn I.
4. Marcáil chomhréireachta agus dearbhú comhréireachta
4.1. Greamóidh an monaróir an mharcáil CE de gach táirge aonair ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a chomhlíonann na ceanglais is infheidhme a leagtar amach sa Rialachán seo.
4.2. Tarraingeoidh an monaróir suas dearbhú comhréireachta de chuid AE i scríbhinn le haghaidh gach táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir le hAirteagal 28 agus coinneoidh sé in éineacht leis an doiciméadacht theicniúil é agus cuirfidh sé ar fáil do na húdaráis náisiúnta é go ceann 10 mbliana tar éis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh nó ar feadh na tréimhse tacaíochta, cibé acu is faide Le dearbhú comhréireachta AE, sainaithneofar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar tarraingíodh an dearbhú comhréireachta suas ina leith. Déanfar cóip de dhearbhú comhréireachta AE a chur ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin.
5. Ionadaithe údaraithe
Oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointe 4, féadfaidh a ionadaí údaraithe na hoibleagáidí a chomhlíonadh thar a cheann, agus faoina fhreagracht, ar choinníoll go sonrófar na hoibleagáidí ábhartha sa sainordú.
Cuid II Cineálscrúdú AE (bunaithe ar mhodúl B)
1. Is cuid de nós imeachta um measúnú comhréireachta é an cineálscrúdú AE lena ndéanann comhlacht faoina dtugtar fógra scrúdú ar dhearadh teicniúil agus ar fhorbairt theicniúil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ar na próisis láimhseála leochaileachtaí arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir, agus lena bhfianaíonn sé go gcomhlíonann táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid d’Iarscríbhinn I agus go gcomhlíonann an monaróir na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn I.
2. Déanfar cineálscrúdú AE trí mheasúnú a dhéanamh ar leormhaitheas dhearadh teicniúil an táirge agus fhorbairt theicniúil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha tríd an scrúdú ar an doiciméadacht theicniúil agus ar an bhfianaise thacaíochta dá dtagraítear i bpointe 3, agus an scrúdú ar eiseamail de chuid chriticiúil amháin den táirge nó níos mó ná sin (meascán den chineál táirge agus den chineál deartha).
3. Cuirfidh an monaróir iarratas ar chineálscrúdú AE faoi bhráid comhlacht amháin dá rogha féin faoina dtugtar fógra.
Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:
ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an t-ionadaí údaraithe a chuireann an t-iarratas isteach, ainm agus seoladh an ionadaí údaraithe sin freisin;
dearbhú i scríbhinn nár cuireadh an t-iarratas céanna faoi bhráid aon chomhlachta eile faoina dtugtar fógra;
an doiciméadacht theicniúil, lena mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha is infheidhme mar a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn I agus ar phróisis láimhseála leochaileachtaí an mhonaróra a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn I, agus cuimseofar sa doiciméadacht theicniúil freisin anailís agus measúnú leormhaith ar na rioscaí. Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar inti, a mhéid is ábhartha don mheasúnú, dearadh, monarú agus oibriú an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Beidh sa doiciméadacht theicniúil, i gcás inarb infheidhme, na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn VII ar a laghad;
an fhianaise thacaíochta le haghaidh leorgacht na réiteach deartha theicniúil agus forbartha teicniúla agus na bpróiseas láimhseála leochaileachtaí. Luafar san fhianaise thacaíochta sin aon doiciméad a úsáideadh, go háirithe i gcás nár cuireadh na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus na sonraíochtaí teicniúla i bhfeidhm ina n-iomláine. Áireofar san fhianaise thacaíochta, i gcás inar gá, torthaí na dtástálacha a rinne saotharlann iomchuí an mhonaróra nó a rinne saotharlann tástála eile thar a cheann agus faoina fhreagracht.
4. Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an méid seo a leanas:
déanfaidh sé scrúdú ar an doiciméadacht theicniúil agus ar an bhfianaise thacaíochta chun measúnú a dhéanamh ar leorgacht dhearadh teicniúil agus fhorbairt theicniúil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i ndáil leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn I agus ar leorgacht na bpróiseas láimhseála leochaileachtaí arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir i ndáil leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn I;
fíoróidh sé gur forbraíodh nó gur monaraíodh eiseamail i gcomhréir leis an doiciméadacht theicniúil, agus sainaithneoidh sé na heilimintí a dearadh agus a forbraíodh i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme de na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó de na sonraíochtaí teicniúla, mar aon leis na heilimintí a dearadh agus a forbraíodh gan forálacha ábhartha na gcaighdeán sin a chur i bhfeidhm;
déanfaidh sé scrúduithe agus tástálacha iomchuí nó cuirfidh sé á ndéanamh iad, chun a sheiceáil, i gcás inar roghnaigh an monaróir na réitigh atá sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó sna sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chur i bhfeidhm, ar cuireadh i bhfeidhm i gceart iad;
déanfaidh sé scrúduithe agus tástálacha iomchuí nó cuirfidh sé á ndéanamh iad, chun a sheiceáil, i gcás nár cuireadh i bhfeidhm na réitigh atá sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó sna sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach in Iarscríbhinn I, an gcomhlíonann na réitigh a ghlac an monaróir na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha chomhfhreagracha;
comhaontóidh sé leis an monaróir an suíomh ar a ndéanfar na scrúduithe agus na tástálacha.
5. An comhlacht faoina dtugtar fógra, tarraingeoidh sé suas tuarascáil mheastóireachta ina gclárófar na gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhréir le pointe 4 maille lena dtoradh. Gan dochar dá oibleagáidí i leith na n-údarás a thugann fógra, ní scaoilfidh an comhlacht faoina dtugtar fógra ábhar na tuarascála sin, ina iomláine nó i bpáirt, ach tar éis comhaontú a fháil ón monaróir.
6. I gcás ina gcomhlíonfaidh an cineál agus na próisis láimhseála leochaileachtaí na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, eiseoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra deimhniú ar chineálscrúdú AE chuig an monaróir. Ar an deimhniú sin beidh ainm agus seoladh an mhonaróra, conclúidí an scrúdaithe, na coinníollacha bailíochta (más ann dóibh) agus na sonraí is gá chun an cineál formheasta agus na próisis láimhseála leochaileachtaí a shainaithint. Féadfaidh iarscríbhinn amháin nó níos mó ná sin a bheith ag gabháil leis an deimhniú.
Sa deimhniú agus sna hiarscríbhinní a ghabhann leis, beidh an fhaisnéis ábhartha uile chun gur féidir meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíontacht na dtáirgí monaraithe nó forbartha ag a bhfuil eilimintí digiteacha leis an gcineál a scrúdaíodh agus ar na próisis láimhseála leochaileachtaí agus chun gur féidir rialú inseirbhíse a dhéanamh.
I gcás nach gcomhlíonann an cineál ná na próisis láimhseála leochaileachtaí na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn I, diúltóidh an comhlacht faoina dtugtar fógra deimhniú ar chineálscrúdú AE a eisiúint agus cuirfidh sé é sin in iúl don iarratasóir, agus tabharfaidh sé cúiseanna mionsonraithe lena dhiúltú.
7. Coinneoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra é féin ar an eolas faoi aon athrú ar staid na teicníochta lena nglactar go ginearálta, athruithe a chiallaíonn go bhféadfadh sé nach gcomhlíonann an cineál formheasta ná na próisis láimhseála leochaileachtaí na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn I a thuilleadh, agus cinnfidh sé an gá imscrúdú breise a dhéanamh de bharr na n-athruithe sin. Más gá, cuirfidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an monaróir ar an eolas dá réir.
Na modhnuithe uile ar an gcineál formheasta agus ar na próisis láimhseála leochaileachtaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chomhréireacht leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó do choinníollacha bailíochta an deimhnithe, cuirfidh an monaróir na modhnuithe sin in iúl don chomhlacht faoina dtugtar fógra ag a bhfuil an doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an deimhniú ar chineálscrúdú AE. Leis na modhnuithe sin, éileofar formheas breise i riocht breise a chuirtear leis an mbundeimhniú ar chineálscrúdú AE.
8. Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra iniúchtaí tréimhsiúla chun a áirithiú go ndéanfar na próisis láimhseála leochaileachtaí a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn I a chur chun feidhme go leormhaith.
9. Gach comhlacht faoina dtugtar fógra, déanfaidh sé na húdaráis a thugann fógra dó a chur ar an eolas maidir le deimhnithe ar chineálscrúdú AE agus maidir le breiseanna a ghabhann leo a d’eisigh sé nó a tharraing sé siar, agus cuirfidh sé an liosta de dheimhnithe agus d’aon bhreis a diúltaíodh, a cuireadh ar fionraí nó a teorannaíodh ar bhealach eile ar fáil do na húdaráis a thugann fógra dó ar bhonn tréimhsiúil nó arna iarraidh sin dóibh.
Gach comhlacht faoina dtugtar fógra, cuirfidh sé na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra ar an eolas maidir le deimhnithe ar chineálscrúdú AE agus maidir le haon bhreis a dhiúltaigh sé nó a tharraing sé siar, a chuir sé ar fionraí nó a theorannaigh sé ar bhealach eile agus, arna iarraidh sin air, maidir le deimhnithe agus/nó breiseanna a d’eisigh sé.
Féadfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra cóip a fháil de na deimhnithe ar chineálscrúdú AE agus d’aon bhreiseanna a ghabhann leo arna iarraidh sin dóibh. Arna iarraidh sin, féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit cóip a fháil den doiciméadacht theicniúil agus de thorthaí na scrúduithe a rinne an comhlacht faoina dtugtar fógra. An comhlacht faoina dtugtar fógra, coinneoidh sé cóip den deimhniú ar chineálscrúdú AE, de na hiarscríbhinní agus de na breiseanna a ghabhann leis, agus den chomhad teicniúil lena n-áirítear an doiciméadacht a chuir an monaróir isteach, go dtí go rachaidh bailíocht an deimhnithe sin in éag.
10. Maidir le deimhniú ar chineálscrúdú AE, na hiarscríbhinní agus na breiseanna a ghabhann leis, chomh maith leis an doiciméadacht theicniúil, cuirfidh an monaróir cóip díobh ar fáil do na húdaráis náisiúnta go ceann 10 mbliana tar éis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh nó ar feadh na tréimhse tacaíochta, cibé acu is faide.
11. Féadfaidh ionadaí údaraithe an mhonaróra an t-iarratas dá dtagraítear i bpointe 3 a chur isteach agus na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointe 7 agus i bpointe 10 a chomhlíonadh, ar choinníoll go sonrófar na hoibleagáidí ábhartha sa sainordú.
Cuid III Cineálchomhréireacht bunaithe ar an rialú inmheánach ar an táirgeadh (bunaithe ar mhodúl C)
1. Is éard atá sa chineálchomhréireacht bunaithe ar an rialú inmheánach ar an táirgeadh an chuid de nós imeachta um measúnú comhréireachta lena gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointí 2 agus 3 den Chuid seo, agus lena n-áirithíonn sé agus lena ndearbhaíonn sé go bhfuil na táirgí lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir leis an gcineál a dtugtar tuairisc air sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus go gcomhlíonann siad na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn I agus go gcomhlíonann an monaróir na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn I.
2. Táirgeadh
Déanfaidh an monaróir na bearta uile is gá chun go n-áiritheofar leis an táirgeadh agus leis an bhfaireachán a dhéantar ar an táirgeadh go bhfuil na táirgí monaraithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir leis an gcineál formheasta a dtugtar tuairisc air sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn I agus go n-áiritheofar leo go gcomhlíonann an monaróir na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn I.
3. Marcáil chomhréireachta agus dearbhú comhréireachta
Greamóidh an monaróir an mharcáil CE de gach táirge aonair ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá i gcomhréir leis an gcineál a dtugtar tuairisc air sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus a chomhlíonann na ceanglais is infheidhme a leagtar amach sa Rialachán seo.
Tarraingeoidh an monaróir suas dearbhú comhréireachta i scríbhinn do mhúnla táirge agus cuirfidh sé ar fáil do na húdaráis náisiúnta é go ceann 10 mbliana tar éis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh nó ar feadh na tréimhse tacaíochta, cibé acu is faide. Leis an dearbhú comhréireachta, sainaithneofar an múnla táirge ar tarraingíodh suas an dearbhú ina leith. Cuirfear cóip den dearbhú comhréireachta ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin.
4. Ionadaí údaraithe
Oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointe 3, féadfaidh a ionadaí údaraithe na hoibleagáidí a chomhlíonadh thar a cheann, agus faoina fhreagracht, ar choinníoll go sonrófar na hoibleagáidí ábhartha sa sainordú.
Cuid IV Comhréireacht bunaithe ar dhearbhú iomlán cáilíochta (bunaithe ar mhodúl H)
1. Is é atá sa chomhlíontacht bunaithe ar dhearbhú iomlán cáilíochta an nós imeachta um measúnú comhréireachta lena gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointí 2 agus 5 den Chuid seo, agus lena n-áirithíonn sé agus lena ndearbhaíonn sé ar a fhreagracht aonair go gcomhlíonann na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó na catagóirí táirgí lena mbaineann na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn I agus go gcomhlíonann na próisis láimhseála leochaileachtaí arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn I.
2. Dearadh, forbairt, táirgeadh agus láimhseáil leochaileachtaí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha
Oibreoidh an monaróir córas cáilíochta formheasta mar a shonraítear i bpointe 3 chun na táirgí lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha a dhearadh, a fhorbairt agus chun cigireacht agus tástáil a dhéanamh ar an táirge deiridh agus chun leochaileachtaí a láimhseáil, coinneoidh sé a éifeachtacht ar feadh na tréimhse tacaíochta, agus beidh sé faoi réir faireachais de réir mar a shonraítear i bpointe 4.
3. Córas cáilíochta
Taiscfidh an monaróir iarratas ar mheasúnú ar a chóras cáilíochta leis an gcomhlacht faoina dtugtar fógra dá rogha féin, le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha.
Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:
ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an t-ionadaí údaraithe a thaisceann an t-iarratas, ainm agus seoladh an ionadaí údaraithe sin;
an doiciméadacht theicniúil maidir le múnla amháin de gach catagóir táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil sé beartaithe iad a mhonarú nó a fhorbairt. Beidh sa doiciméadacht theicniúil, i gcás inarb infheidhme, na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn VII ar a laghad;
an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras cáilíochta; agus
dearbhú i scríbhinn nár cuireadh an t-iarratas céanna faoi bhráid aon chomhlachta eile faoina dtugtar fógra.
Leis an gcóras cáilíochta, áiritheofar go gcomhlíonann na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn I agus go gcomhlíonann na próisis láimhseála leochaileachtaí arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir na ceanglais a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn I.
Déanfar na heilimintí, na ceanglais agus na forálacha uile a ghlacann an monaróir a dhoiciméadú ar bhealach córasach eagraithe i bhfoirm beartas, nósanna imeachta agus treoracha i scríbhinn. Leis an doiciméadacht sin maidir leis an gcóras cáilíochta, beifear in ann léirléamh comhsheasmhach a dhéanamh ar na cláir, na pleananna, na lámhleabhair agus na taifid cháilíochta.
Sa doiciméadacht sin, beidh tuairisc leormhaith ar na nithe seo a leanas go háirithe:
na cuspóirí cáilíochta agus an struchtúr eagraíochtúil, freagrachtaí agus cumhachtaí na bainistíochta ó thaobh deartha, forbartha agus cháilíocht an táirge de agus ó thaobh na láimhseála leochaileachtaí de;
na sonraíochtaí maidir leis an dearadh teicniúil agus leis an bhforbairt theicniúil, lena n-áirítear na caighdeáin, a chuirfear i bhfeidhm agus, i gcás nach gcuirfear na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha ná na sonraíochtaí teicniúla i bhfeidhm ina n-iomláine, an modh a úsáidfear chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn I a bhfuil feidhm acu maidir leis na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha;
na sonraíochtaí nós imeachta, lena n-áirítear na caighdeáin, a chuirfear i bhfeidhm agus, i gcás nach gcuirfear na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha ná na sonraíochtaí teicniúla i bhfeidhm ina n-iomláine, an modh a úsáidfear chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn I a bhfuil feidhm acu maidir leis an monaróir;
an rialú deartha agus forbartha, mar aon leis na teicnící fíorúcháin, na próisis agus na gníomhaíochtaí córasacha deartha agus forbartha a úsáidfear nuair a bheidh na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhaineann leis an gcatagóir a chumhdaítear á ndearadh agus á bhforbairt;
na teicnící, na próisis agus na gníomhaíochtaí córasacha comhfhreagracha a úsáidfear maidir leis an táirgeadh, an rialú cáilíochta agus an dearbhú cáilíochta;
na scrúduithe agus na tástálacha a dhéanfar roimh an táirgeadh, lena linn agus ina dhiaidh, agus tuairisc ar a mhinice a dhéanfar iad;
na taifid ar cháilíocht, mar shampla tuarascálacha cigireachta agus sonraí tástála, sonraí calabraithe agus tuarascálacha ar cháilíocht an phearsanra lena mbaineann;
na modhanna chun faireachán a dhéanamh ar ghnóthú na cáilíochta deartha agus táirge is gá agus ar oibriú éifeachtach an chórais cáilíochta.
Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra measúnú ar an gcóras cáilíochta chun a chinneadh an gcomhlíonann sé na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 3.2.
Toimhdeoidh sé comhréireacht leis na ceanglais sin i leith na n-eilimintí den chóras cáilíochta a chomhlíonann sonraíochtaí comhfhreagracha an chaighdeáin náisiúnta lena gcuirtear an caighdeán comhchuibhithe ábhartha nó an tsonraíocht theicniúil i bhfeidhm.
Chomh maith leis an taithí ar chórais bainistíochta cáilíochta, beidh ar an bhfoireann iniúchóireachta ball amháin ar a laghad ag a bhfuil taithí mar mheasúnóir i réimse an táirge ábhartha agus i dteicneolaíocht an táirge lena mbaineann, agus beidh eolas aige nó aici ar na ceanglais is infheidhme a leagtar amach sa Rialachán seo. Mar chuid den iniúchadh, tabharfar cuairt ar áitreabh an mhonaróra chun measúnú a dhéanamh, i gcás inar ann don áitreabh sin. Athbhreithneoidh an fhoireann iniúchóireachta an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 3.1 (b),, chun cumas an mhonaróra a fhíorú i dtaca leis na ceanglais is infheidhme a leagtar amach sa Rialachán seo a shainaithint, agus na scrúduithe is gá a dhéanamh d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha na ceanglais sin.
Tabharfar fógra don mhonaróir nó dá ionadaí údaraithe faoin gcinneadh sin.
Beidh conclúidí an iniúchta agus an cinneadh réasúnaithe maidir leis an measúnú san fhógra.
Geallfaidh an monaróir go gcomhlíonfaidh sé na hoibleagáidí a eascróidh ón gcóras cáilíochta mar atá formheasta agus go gcoinneoidh sé ar bun é ionas go mbeidh sé leormhaith agus éifeachtúil i gcónaí.
An comhlacht faoina dtugtar fógra, comhlacht a rinne an córas cáilíochta a fhormheas, coinneoidh an monaróir ar an eolas é maidir le haon athrú atá beartaithe ar an gcóras cáilíochta.
Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra meastóireacht ar aon athrú atá beartaithe agus cinnfidh sé an leanfaidh an córas cáilíochta modhnaithe de na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 3.2 a chomhlíonadh nó an gá athmheasúnú a dhéanamh.
Tabharfaidh sé fógra don mhonaróir faoina chinneadh. Beidh conclúidí an scrúdaithe agus an cinneadh réasúnaithe maidir leis an measúnú san fhógra sin.
4. Faireachas faoi chúram an chomhlachta faoina dtugtar fógra
Is é is aidhm don fhaireachas a áirithiú go gcomhlíonann an monaróir go cuí na hoibleagáidí a eascraíonn ón gcóras cáilíochta formheasta.
Chun críoch measúnaithe, tabharfaidh an monaróir rochtain ar na láithreáin deartha, forbartha, táirgthe, chigireachta, tástála agus stórála don chomhlacht faoina dtugtar fógra agus tabharfaidh sé an fhaisnéis uile is gá dó, go háirithe an méid seo a leanas:
an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras cáilíochta;
na taifid cháilíochta dá bhforáiltear sa chuid den chóras cáilíochta a bhaineann le dearadh, amhail torthaí anailísí, ríomhanna agus tástálacha;
na taifid cháilíochta dá bhforáiltear sa chuid den chóras cáilíochta a bhaineann le monaraíocht, amhail tuarascálacha cigireachta agus sonraí tástála, sonraí calabrúcháin agus tuarascálacha ar cháilíocht an phearsanra lena mbaineann.
Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra iniúchtaí tréimhsiúla chun a áirithiú go gcoinneoidh an monaróir an córas cáilíochta ar bun agus go gcuirfidh sé i bhfeidhm é agus tabharfaidh sé tuarascáil ar an iniúchadh don mhonaróir.
5. Marcáil chomhréireachta agus dearbhú comhréireachta
Greamóidh an monaróir an mharcáil CE agus, faoi fhreagracht an chomhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear i mír 3.1, uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra, de gach táirge aonair ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn I
Tarraingeoidh an monaróir suas dearbhú comhréireachta i scríbhinn le haghaidh gach múnla táirge agus cuirfidh sé ar fáil do na húdaráis náisiúnta é go ceann 10 mbliana tar éis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh nó ar feadh na tréimhse tacaíochta, cibé acu is faide Leis an dearbhú comhréireachta, sainaithneofar an múnla táirge ar tarraingíodh suas an dearbhú ina leith.
Cuirfear cóip den dearbhú comhréireachta ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin.
6. Ar feadh tréimhse dar críoch 10 mbliana ar a laghad tar éis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh nó ar feadh na tréimhse tacaíochta, cibé acu is faide, coinneoidh an monaróir na nithe seo a leanas ar fáil do na húdaráis náisiúnta:
an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 3.1;
an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras cáilíochta dá dtagraítear i bpointe 3.1;
an t-athrú dá dtagraítear i bpointe 3.5, mar a formheasadh;
cinntí agus tuarascálacha an chomhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointí 3.5 agus 4.3.
7. Gach comhlacht faoina dtugtar fógra, cuirfidh sé na húdaráis a thugann fógra dó ar an eolas faoi fhormheasanna córais cáilíochta a eisíodh nó a tarraingíodh siar, agus cuirfidh sé ar fáil do na húdaráis a thugann fógra dó, ar bhonn tréimhsiúil nó arna iarraidh sin, liosta de na formheasanna córais cáilíochta a diúltaíodh, a cuireadh ar fionraí nó a teorannaíodh ar bhealach eile.
Gach comhlacht faoina dtugtar fógra, déanfaidh sé na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra a chur ar an eolas faoi fhormheasanna córais cáilíochta a dhiúltaigh sé, a chuir sé ar fionraí nó a tharraing sé siar agus, arna iarraidh sin dó, cuirfidh sé ar an eolas iad faoi fhormheasanna córais cáilíochta a d’eisigh sé.
8. Ionadaí údaraithe
Oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointí 3.1, 3.5, 5 agus 6, féadfaidh ionadaí údaraithe an mhonaróra na hoibleagáidí a chomhlíonadh thar a cheann agus faoina fhreagracht, ar choinníoll go sonrófar sa sainordú iad.
Rinneadh ráiteas maidir leis an ngníomh seo agus is féidir teacht air in OJ C, 2024/6786, 20.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6786/oj.
( ) Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle (IO L 257, 28.8.2014, lch. 146).
( ) Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint faisnéise gan nochtadh agus faisnéis ghnó (rúin trádála) ar a n-éadáil, a n-úsáid agus a nochtadh neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).
( *1 ) Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht) (IO L, 20.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2847/oj).’.
( *2 ) Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht) (IO L, 2024/2847, 20.11.2024, ELI http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2847/oj).’
( ) Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).
( ) Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán (IO L 170, 30.6.2009, lch. 1).
( ) Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).
( ) IO L, 2024/2847, 20.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2847/oj.