02024R1735 — GA — 28.06.2024 — 000.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2024/1735 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meitheamh 2024

maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 1735 28.6.2024, lch. 1)


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 90111, 5.2.2025, lch.  1 (2024/1735)




▼B

RIALACHÁN (AE) 2024/1735 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meitheamh 2024

maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

1.  
Is é cuspóir ginearálta an Rialacháin seo feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú trí chreat a bhunú chun rochtain an Aontais ar sholáthar slán agus inbhuanaithe teicneolaíochtaí glan-nialasachta a áirithiú, lena n-áirítear tríd an acmhainneacht monaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus a slabhraí soláthair a mhéadú chun a n-athléimneacht a choimirciú agus rannchuidiú ag an am céanna le spriocanna aeráide agus cuspóir aeráidneodrachta an Aontais, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2021/1119 iad, d’fhonn geilleagar agus sochaí an Aontais a dhícharbónú, agus trí chur leis na poist ardcháilíochta i réimse na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta, agus ar an gcaoi sin iomaíochas an Aontais a fheabhsú freisin.
2.  

Chun an cuspóir ginearálta dá dtagraítear i mír 1 a ghnóthú, leagtar síos leis an Rialachán seo bearta arb é is aidhm dóibh an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

laghdú a dhéanamh ar an mbaol go mbeadh suaitheadh soláthair ann a bhaineann le teicneolaíochtaí glan-nialasachta ar dócha go ndéanfadh siad an iomaíocht a shaobhadh agus an margadh inmheánach a ilroinnt, go háirithe tríd an acmhainneacht monaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus a slabhraí soláthair a mhéadú agus tacú leis an méadú sin;

(b) 

margadh le haghaidh seirbhísí stórála CO2 a bhunú san Aontas;

(c) 

éileamh ar theicneolaíochtaí glan-nialasachta inbhuanaithe athléimneacha a spreagadh trí nósanna imeachta soláthair phoiblí, trí cheantáil agus trí chineálacha eile idirghabhála poiblí;

(d) 

scileanna a fheabhsú trí thacú leis na hAcadaimh, agus ar an gcaoi sin poist ardcháilíochta a chosaint agus a chruthú;

(e) 

tacú leis an nuálaíocht trí bhoscaí gainimh rialála glan-nialasachta a chruthú, gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a chomhordú trí Ghrúpa Stiúrtha an Phlean Straitéisigh um Theicneolaíocht Fuinnimh, agus trí úsáid soláthair réamhthráchtála agus soláthair phoiblí réiteach nuálach;

(f) 

feabhas a chur ar chumas an Aontais faireachán a dhéanamh ar na rioscaí soláthair a bhaineann le teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus iad a mhaolú.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.  
Cé is moite d’Airteagail 33 agus 34 den Rialachán seo, a bhfuil feidhm acu maidir le teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha agus teicneolaíochtaí nuálacha eile, tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le teicneolaíochtaí glan-nialasachta. Déantar amhábhair chriticiúla a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2024/1252 a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.
2.  
I gcás saoráidí táirgthe comhtháite lena gcumhdaítear táirgeadh ábhar a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2024/1252 agus an Rialacháin seo araon, is é táirge deiridh na saoráidí a chinnfeadh an Rialachán a mbeidh feidhm aige.
3.  
Cé is moite d’Airteagail 5, 25, 26 agus 28, tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le tionscadail dícharbónúcháin i dtionscail dianfhuinnimh atá mar chuid de shlabhra soláthair teicneolaíochta glan-nialasachta agus a laghdaíonn rátaí astaithe CO2(e) na bpróiseas tionsclaíoch go suntasach agus go buan a mhéid is indéanta go teicniúil.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn ‘teicneolaíochtaí glan-nialasachta’ na teicneolaíochtaí a liostaítear in Airteagal 4 i gcás inar táirgí deiridh, comhpháirteanna sonracha nó innealra sonrach iad a úsáidtear go príomha chun na táirgí sin a tháirgeadh;

(2) 

ciallaíonn ‘comhpháirt’ cuid de tháirge deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta a ndéanann cuideachta í a mhonarú agus a thrádáil, lena n-áirítear ábhar próiseáilte;

(3) 

ciallaíonn ‘teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite’ teicneolaíochtaí lena dtáirgtear fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite;

(4) 

ciallaíonn ‘fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite’ fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite nó fuinneamh in-athnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara fomhír, pointe (1), de Threoir (AE) 2018/2001;

(5) 

ciallaíonn ‘stóráil fuinnimh’ stóráil leictreachais agus teasa chomh maith le cineálacha eile stórála a úsáidtear chun fuinneamh saor ó iontaise a stóráil;

(6) 

ciallaíonn ‘breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch’ breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara fomhír, pointe (36) de Threoir (AE) 2018/2001;

(7) 

ciallaíonn ‘breoslaí malartacha inbhuanaithe’ breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, breoslaí eitlíochta sintéiseacha ísealcharbóin nó hidrigin le haghaidh eitlíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (7), (13) nó (17) de Rialachán (AE) 2023/2405 atá ceaptha don earnáil eitlíochta nó breoslaí atá ceaptha don earnáil mhuirí mar a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 10(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2023/1805;

(8) 

ciallaíonn ‘teicneolaíochtaí claochlaitheacha tionsclaíocha le haghaidh an dícharbónaithe’ an acmhainneacht mhonaraíochta a uas-scálú le haghaidh teicneolaíochtaí claochlaitheacha tionsclaíocha a úsáidtear chun laghdú suntasach buan a dhéanamh ar rátaí astaíochtaí CO2-eq i saoráid tráchtála de chuid gnólachta dianfhuinnimh, mar a shainmhínítear in Airteagal 17(1), pointe (a), de Threoir 2003/96/CE ón gComhairle ( 1 ), in earnálacha na cruaiche, an alúmanaim, na miotal neamhfheiriúil, na gceimiceán, na stroighne, na gloine, na ceirmeachta, na leasachán agus earnáil an laín agus an pháipéir, a mhéid is indéanta go teicniúil;

(9) 

ciallaíonn ‘réitigh bhith-theicneolaíochta aeráide agus fuinnimh’ teicneolaíochtaí atá fréamhaithe in úsáid miocrorgánach nó móilíní bitheolaíocha mar shampla einsímí, roisíní nó bithpholaiméir, lena bhféadtar astaíochtaí CO2 a laghdú ach iad a chur in ionad ionchuir iontaise nó cheimiceacha dianfhuinnimh i bpróisis monaraíochta tionsclaíche atá ábhartha inter alia i ngabháil carbóin, táirgeadh bithbhreoslaí agus ábhair bhithbhunaithe, i gcomhréir le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh;

(10) 

ciallaíonn ‘a úsáidtear go príomha’ táirgí deiridh agus comhpháirteanna sonracha, atá riachtanach chun teicneolaíochtaí glan-nialasachta a tháirgeadh mar a leagtar amach san Iarscríbhinn nó táirgí deiridh, comhpháirteanna sonracha agus innealra sonrach atá riachtanach chun teicneolaíochtaí glan-nialasachta a tháirgeadh, bunaithe ar fhianaise arna soláthar d’údarás inniúil náisiúnta ag an tionscnóir tionscadail, cé is moite de thionscadail dícharbónúcháin i dtionscail dianfhuinnimh, nach gá an fhianaise sin a thabhairt ina leith;

(11) 

ciallaíonn ‘ábhar próiseáilte’ ábhar a próiseáladh ar bhealach ionas go mbeadh sé oiriúnach d’fheidhm shonrach i slabhra soláthair teicneolaíochta glan-nialasachta, cé is moite d’amhábhair chriticiúla a shainmhínítear de bhun Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2024/1252;

(12) 

ciallaíonn ‘teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha’ teicneolaíochtaí glan-nialasachta a bhfuil fíor-nuálaíocht ina cuid díobh nach bhfuil ar fáil ar an margadh faoi láthair agus atá forbartha a ndóthain chun tástáil a dhéanamh orthu i dtimpeallacht rialaithe;

(13) 

ciallaíonn ‘teicneolaíochtaí nuálacha eile’ teicneolaíochtaí a bhaineann le fuinneamh nó leis an aeráid a bhfuil sé cruthaithe go bhféadfaidís rannchuidiú le dícharbónú na gcóras tionsclaíoch nó fuinnimh agus spleáchais straitéiseacha a laghdú, ar teicneolaíochtaí fíornuálacha iad nach bhfuil ar fáil ar mhargadh an Aontais faoi láthair agus atá forbartha a ndóthain chun tástáil a dhéanamh orthu i dtimpeallacht rialaithe;

(14) 

ciallaíonn ‘soláthar réamhthráchtála’ soláthar teicneolaíochtaí glan-nialasachta ag céim réamhthráchtála, lena mbaineann comhroinnt rioscaí agus sochair faoi dhálaí margaidh agus forbairt iomaíoch i gcéimeanna;

(15) 

ciallaíonn ‘soláthar poiblí réiteach nuálach’ nós imeachta soláthair phoiblí dá bhfeidhmíonn údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha mar chustaiméir céadtrialach le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta, a bhféadfaí tástáil chomhréireachta a áireamh ann;

(16) 

ciallaíonn ‘tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta’ saoráid tráchtála atá beartaithe nó cuspóir saoráide atá ann cheana a leathnú nó a athrú chun teicneolaíochtaí glan-nialasachta a mhonarú, nó tionscadal dícharbónúcháin i dtionscail dianfhuinnimh;

(17) 

ciallaíonn ‘tionscadail dícharbónúcháin i dtionscail dianfhuinnimh’ an tsaoráid tráchtála de chuid gnólachta dianfhuinnimh, mar a shainmhínítear in Airteagal 17(1), pointe (a), de Threoir 2003/96/CE, in earnáil na cruach, an alúmanaim, na miotal neamhfheiriúil, na gceimiceán, na stroighne, an aoil, na gloine, na ceirmeachta, na leasachán, mar aon le earnáil an laín agus an pháipéir atá mar chuid de shlabhra soláthair teicneolaíochta glan-nialasachta agus lena laghdaítear rátaí astaíochtaí CO2-eq de phróisis thionsclaíocha a thógáil nó a thiontú go suntasach agus go buan a mhéid is indéanta go teicniúil;

(18) 

ciallaíonn ‘tionscadal straitéiseach glan-nialasachta’ tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta, tionscadal gabhála CO2, tionscadal stórála CO2 nó tionscadal bonneagair iompair CO2 atá lonnaithe san Aontas agus ar aithin Ballstát mar thionscadal straitéiseach glan-nialasachta é de bhun Airteagail 13 agus 14;

(19) 

ciallaíonn ‘próiseas deonaithe ceadanna’ próiseas lena gcumhdaítear na ceadanna ábhartha uile chun tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta agus tionscadail straitéiseacha glan-nialasachta a thógáil, a mhéadú, a thiontú agus a oibriú, lena n-áirítear ceadanna maidir le tógáil, ceimiceáin agus nascacht eangaí, agus measúnuithe agus údaruithe comhshaoil i gcás inar gá, agus lena gcuimsítear na hiarratais agus na nósanna imeachta uile ón uair a admhaítear gur comhlánaíodh an t-iarratas go dtí go dtugann an pointe teagmhála aonair lena mbaineann an fógra faoin gcinneadh cuimsitheach maidir le toradh an nós imeachta, agus i ndáil le stóráil gheolaíoch CO2, an próiseas deonaithe ceadanna stórála a bhaineann le próiseáil na gceadanna uile is gá do na suiteálacha dromchla a iarrtar chun láithreán stórála a oibriú, lena n-áirítear ceadanna tógála agus údaruithe píopaí, agus an t-údarú comhshaoil maidir le hinstealladh agus stóráil CO2 arna gcur i gcrích i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE;

(20) 

ciallaíonn ‘cinneadh cuimsitheach’ an cinneadh nó an tsraith cinntí a dhéanann údaráis de chuid na mBallstát lena gcinntear cé acu atá nó nach bhfuil tionscnóir tionscadail údaraithe chun tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a chur chun feidhme, gan dochar d’aon chinneadh a dhéanfar i gcomhthéacs nós imeachta achomhairc;

(21) 

ciallaíonn ‘tionscnóir tionscadail’ aon ghnóthas nó aon chuibhreannas gnóthas a bhfuil tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta nó tionscadal straitéiseach glan-nialasachta á fhorbairt aige;

(22) 

ciallaíonn ‘bosca gainimh rialála glan-nialasachta’ scéim lena gcuirtear ar a gcumas do ghnóthais tástáil a dhéanamh ar theicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha agus teicneolaíochtaí nuálacha eile i bhfíorthimpeallacht rialaithe, faoi phlean sonrach, a dhéanann údarás inniúil a fhorbairt agus a fhaire;

(23) 

ciallaíonn ‘nós imeachta soláthair phoiblí’ aon cheann díobh seo a leanas:

(a) 

aon chineál nós imeachta dámhachtana a chumhdaítear le Treoir 2014/24/AE maidir le conradh poiblí a thabhairt i gcrích nó le Treoir 2014/25/AE maidir le conradh soláthair, oibreacha agus seirbhíse a thabhairt i gcrích;

(b) 

nós imeachta maidir le hoibreacha nó lamháltas seirbhíse a dhámhachtain a chumhdaítear le Treoir 2014/23/AE;

(24) 

ciallaíonn ‘údarás conarthach’, i gcomhthéacs nósanna imeachta soláthair phoiblí, údarás conarthach mar a shainmhínítear in Airteagal 6 de Threoir 2014/23/AE, Airteagal 2(1), pointe (1) de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 3 de Threoir 2014/25/AE é;

(25) 

ciallaíonn ‘eintiteas conarthach’, i gcomhthéacs nósanna imeachta soláthair phoiblí, eintiteas conarthach mar a shainmhínítear in Airteagal 7 de Threoir 2014/23/AE agus Airteagal 4 de Threoir 2014/25/AE é;

(26) 

ciallaíonn ‘conradh’, i gcomhthéacs nósanna imeachta soláthair phoiblí, conradh poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (5) de Threoir 2014/24/AE, ‘conarthaí soláthair, oibreacha agus seirbhíse’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2014/25/AE é, agus ‘lamháltais’ mar a shainmhínítear in Airteagal 5, pointe (1), de Threoir 2014/23/AE é;

(27) 

ciallaíonn ‘ceant’ sásra lenar féidir le nósanna imeachta iomaíocha tairisceana tacú le táirgeadh nó tomhaltas fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite nach dtagann faoi Threoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ) ná faoi Threoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE ná 2014/25/AE;

(28) 

ciallaíonn ‘acmhainneacht insteallta CO2’ an méid bliantúil CO2 is féidir a instealladh i láithreán stórála geolaíoch oibríochtúil, a cheadaítear faoi Threoir 2009/31/CE, chun astaíochtaí a laghdú nó chun aistrithe dé-ocsaíde carbóin a mhéadú, go háirithe ó shuiteálacha tionsclaíocha mórscála agus a thomhaistear i dtonaí in aghaidh na bliana;

(29) 

ciallaíonn ‘bonneagar iompair CO2’ gréasán na bpíblínte, lena n-áirítear stáisiúin comhbhrúiteora ghaolmhara, chun CO2 a iompar chuig an láithreán stórála, chomh maith le haon long, aon mhodhanna iompair de bhóthar nó d’iarnród, lena n-áirítear gairis leachtúcháin agus saoráidí stórála sealadaí, más gá, chun CO2 a iompar chuig na saoráidí cuain agus chuig an láithreán stórála;

(30) 

ciallaíonn ‘comhtháthú an chórais fuinnimh’ réitigh chun an córas fuinnimh ina iomláine a phleanáil agus a oibriú, ar fud iompróirí fuinnimh, bonneagair agus earnálacha tomhaltais éagsúla, trí naisc níos láidre a chruthú eatarthu chun seirbhísí fuinnimh atá saor ó iontaise, solúbtha, iontaofa agus tíosach ar acmhainní a sholáthar, ar an gcostas is lú is féidir don tsochaí, don gheilleagar agus don chomhshaol;

(31) 

ciallaíonn ‘Comhpháirtíochtaí Tionsclaíochta glan-nialasachta’ gealltanas idir an tAontas agus tríú tír maidir le comhar a mhéadú a bhaineann le teicneolaíochtaí glan-nialasachta a bhunaítear trí ionstraim neamhcheangailteach lena leagtar amach gníomhaíochtaí nithiúla comhleasa;

(32) 

ciallaíonn ‘céaduaire’ saoráid teicneolaíochta glan-nialasachta atá nua nó a ndearnadh uasghrádú shuntasach uirthi, lena soláthraítear nuálaíocht i ndáil le próiseas monaraíochta na teicneolaíochta glan-nialasachta sin nach ann ach do mhéid fíorbheag den teicneolaíocht sin fós nó nach ngealltar í a thógáil laistigh den Aontas;

(33) 

ciallaíonn ‘acmhainneacht mhonaraíochta’ méid iomlán acmhainneacht aschuir na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta a tháirgtear i dtionscadal monaraíochta nó, i gcás ina dtáirgeann tionscadal monaraíochta comhpháirteanna sonracha nó innealra sonrach a úsáidtear go príomha chun na táirgí sin a tháirgeadh seachas na táirgí deiridh iad féin, acmhainneacht aschuir na dtáirgí deiridh a bhfuil comhpháirteanna den sórt sin nó innealra sonrach den sórt sin le táirgeadh ina leith.

Airteagal 4

Liosta na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta

1.  

Is iad seo a leanas na teicneolaíochtaí glan-nialasachta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo:

(a) 

teicneolaíochtaí gréine, lena n-áirítear fótavoltachas, teicneolaíochtaí grianteasa leictreacha agus teicneolaíochtaí grianteasa;

(b) 

teicneolaíochtaí gaoithe ar tír agus teicneolaíochtaí in-athnuaite amach ón gcósta;

(c) 

teicneolaíochtaí ceallraí agus stórála fuinnimh;

(d) 

teaschaidéil agus teicneolaíochtaí fuinnimh gheoiteirmigh;

(e) 

teicneolaíochtaí hidrigine lena n-áirítear leictrealóirí agus breosla-chealla;

(f) 

teicneolaíochtaí inbhuanaithe bithgháis agus bithmheatáin;

(g) 

teicneolaíochtaí GSC;

(h) 

teicneolaíochtaí eangaí leictreachais, lena n-áirítear teicneolaíochtaí luchtaithe feithiclí leictreacha le haghaidh iompair agus teicneolaíochtaí chun an eangach a dhigitiú;

(i) 

teicneolaíochtaí fuinnimh eamhnaithe núicléach, lena n-áirítear teicneolaíochtaí timthrialla breoslaí núicléacha;

(j) 

teicneolaíochtaí breoslaí malartacha inbhuanaithe;

(k) 

teicneolaíochtaí hidreachumhachta;

(l) 

teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite, nach gcumhdaítear leis na catagóirí roimhe seo;

(m) 

teicneolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a bhaineann le córais fuinnimh, lena n-áirítear teicneolaíochtaí eangaí teasa;

(n) 

teicneolaíochtaí breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch;

(o) 

réitigh bhith-theicneolaíochta aeráide agus fuinnimh;

(p) 

teicneolaíochtaí claochlaitheacha tionsclaíocha le haghaidh an dícharbónaithe nach gcumhdaítear leis na catagóirí roimhe seo;

(q) 

teicneolaíochtaí iompair agus úsáide CO2;

(r) 

teicneolaíochtaí tiomána gaoithe agus leictrí le haghaidh iompair;

(s) 

teicneolaíochtaí núicléacha nach gcumhdaítear leis na catagóirí roimhe seo.

2.  
Beidh mír 1 gan dochar don cheart atá ag Ballstát rogha a dhéanamh idir foinsí éagsúla fuinnimh agus struchtúr ginearálta a sholáthair fuinnimh.
3.  
Beidh mír 1 gan dochar do leithdháileadh chistiú an Aontais, go háirithe maidir le critéir incháilitheachta nó dámhachtana, arna nglacadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta iomchuí, nó maidir le tacaíocht ón Aontas trí BEI.

CAIBIDIL II

COINNÍOLLACHA CUMASÚCHÁIN LE HAGHAIDH MONARAÍOCHT TEICNEOLAÍOCHTA GLAN-NIALASACHTA

ROINN I

Tagarmharcanna

Airteagal 5

Tagarmharcanna

1.  

Tacóidh an Coimisiún agus na Ballstáit le tionscadail mhonaraíochta ghlan-nialasachta i gcomhréir leis an gCaibidil seo chun a áirithiú go laghdófar spleáchais straitéiseacha san Aontas ar theicneolaíochtaí glan-nialasachta agus a slabhraí soláthair tríd an acmhainneacht mhonaraíochta seo a leanas a bhaint amach le haghaidh na dteicneolaíochtaí sin:

(a) 

tagarmharc de 40 % ar a laghad de riachtanais imscartha bhliantúla an Aontais le haghaidh na dteicneolaíochtaí comhfhreagracha is gá chun spriocanna aeráide agus fuinnimh 2030 an Aontais a bhaint amach;

(b) 

méadú i sciar an Aontais le haghaidh na dteicneolaíochtaí comhfhreagracha chun 15 % de tháirgeadh an domhain a bhaint amach faoi 2040 bunaithe ar fhaireacháin de bhun Airteagal 42, ach amháin i gcás ina mbeadh acmhainneacht mhonaraíochta mhéadaithe an Aontais i bhfad níos airde ná riachtanais imscartha an Aontais le haghaidh na dteicneolaíochtaí comhfhreagracha is gá chun spriocanna aeráide agus fuinnimh 2040 an Aontais a bhaint amach.

ROINN II

Próisis riaracháin agus deonaithe ceadanna a chuíchóiriú

Airteagal 6

Pointí teagmhála aonair

1.  
Faoin 30 Nollaig 2024, bunóidh nó ainmneoidh na Ballstáit údarás amháin nó níos mó mar phointí teagmhála aonair ar an leibhéal riaracháin ábhartha. Beidh gach pointe teagmhála aonair freagrach as an bpróiseas deonaithe ceadanna a cheadú agus a chomhordú le haghaidh tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta lena n-áirítear tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta agus as faisnéis a sholáthar maidir leis na próisis riaracháin a chuíchóiriú i gcomhréir le hAirteagal 7, lena n-áirítear faisnéis maidir le cathain a mheastar iarratas a bheith iomlán i gcomhréir le hAirteagal 9(10).
2.  
I gcás ina mbunaíonn nó ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná pointe teagmhála aonair amháin de bhun mhír 1 den Airteagal seo, cuirfidh an Ballstát uirlisí ar fáil chun cabhrú le tionscnóirí tionscadail an pointe teagmhála bunaithe nó ainmnithe iomchuí a shainaithint ar an leathanach gréasáin a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 7.
3.  
Is é an pointe teagmhála aonair arna bhunú nó arna ainmniú de bhun mhír 1 an t-aon phointe teagmhála don tionscnóir tionscadail sa phróiseas deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta, lena n-áirítear tionscadal straitéiseach glan-nialasachta. Déanfaidh sé tíolacadh na ndoiciméad agus na faisnéise ábhartha uile a chomhordú agus a éascú agus tabharfaidh sé fógra don tionscnóir tionscadail maidir le toradh an chinnidh chuimsithigh.
4.  
Ceadófar do thionscnóirí tionscadail aon doiciméad atá ábhartha maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna a chur isteach i bhfoirm leictreonach.
5.  
Áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcuirfear san áireamh aon staidéir ábhartha a dhéantar nó aon cheadanna nó údaruithe ábhartha a eisítear le haghaidh tionscadal ar leith agus nach mbeidh gá le staidéir, ceadanna ná údaruithe dúbailte, mura gceanglaítear a mhalairt faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.
6.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain éasca ag iarratasóirí ar fhaisnéis maidir le díospóidí a bhaineann leis an bpróiseas deonaithe ceadanna a réiteach agus ar nósanna imeachta chun iad a réiteach, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, sásraí malartacha um réiteach díospóidí, má dhéantar foráil maidir leis na nósanna imeachta mar sin sa dlí náisiúnta.
7.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh líon leordhóthanach ball foirne cáilithe agus acmhainní leordhóthanacha airgeadais, teicniúla agus teicneolaíocha is gá, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, le haghaidh an uas-scilithe agus an athscilithe, ag an bpointe teagmhála aonair agus na húdaráis náisiúnta uile lena mbaineann atá freagrach as aon chéim feadh na bpróiseas deonaithe ceadanna, lena n-áirítear gach céim ghnásúil, chun a gcuid cúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh go héifeachtach.
8.  
Déanfaidh an tArdán dá dtagraítear in Airteagail 38 agus 39 plé tréimhsiúil ar chur chun feidhme na Roinne seo agus Airteagail 15 agus 16 agus comhroinnfidh sé dea-chleachtais maidir le pointí teagmhála aonair a eagrú.
9.  
Déanfaidh na húdaráis atá rannpháirteach sa phróiseas deonaithe ceadanna agus údaráis eile lena mbaineann na ceanglais agus an méid faisnéise a iarrfar ar thionscnóir tionscadail a shonrú agus a chur ar fáil don phointe teagmhála aonair lena mbaineann sula gcuirfear tús leis an bpróiseas deonaithe ceadanna.

Airteagal 7

Rochtain ar fhaisnéis ar líne

Soláthróidh na Ballstáit rochtain ar an bhfaisnéis seo a leanas faoi phróisis atá ábhartha maidir le tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta, lena n-áirítear tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, ar líne agus ar bhealach láraithe inrochtana:

(a) 

na pointí teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 6(1);

(b) 

an próiseas deonaithe ceadanna, lena n-áirítear faisnéis maidir le réiteach díospóidí;

(c) 

seirbhísí maoiniúcháin agus infheistíochta;

(d) 

deiseanna cistiúcháin ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal na mBallstát;

(e) 

seirbhísí tacaíochta gnó, lena n-áirítear dearbhú cánach corparáide, dlíthe cánach áitiúla nó dlí an tsaothair, ach gan bheith teoranta dóibh sin.

Airteagal 8

An cur chun feidhme a luathú

Cuirfidh na Ballstáit tacaíocht riaracháin ar fáil do thionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta atá lonnaithe ar a gcríoch, chun a gcur chun feidhme tráthúil agus éifeachtach a éascú, agus aird ar leith á tabhairt ar FBManna atá rannpháirteach sna tionscadail, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a sholáthar:

(a) 

cúnamh i dtaca le comhlíonadh na n-oibleagáidí riaracháin agus tuairiscithe is infheidhme a áirithiú;

(b) 

cúnamh do thionscnóirí tionscadail chun an pobal a chur ar an eolas chun glacadh an phobail leis an tionscadal a mhéadú;

(c) 

cúnamh do thionscnóirí tionscadail le linn an phróisis deonaithe ceadanna, go háirithe do FBManna.

Airteagal 9

Fad tréimhse an phróisis deonaithe ceadanna

1.  

Ní bheidh an próiseas deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta níos faide ná aon cheann de na teorainneacha ama seo a leanas:

(a) 

12 mhí i gcás tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a thógáil nó a leathnú ar lú a n-acmhainneacht mhonaraíochta bhliantúil ná 1 GW;

(b) 

18 mí i gcás tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a thógáil nó a leathnú arb é 1 GW nó níos mó a n-acmhainneacht mhonaraíochta bhliantúil.

2.  
Ní bheidh an próiseas deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta nach ndéantar a n-acmhainneacht mhonaraíochta bhliantúil a thomhas in GW níos faide ná teorainn ama 18 mí.
3.  
I gcás ina n-éilítear le tionscadail dícharbónúcháin i dtionscail dianfhuinnimh, lena n-áirítear nuair a aithnítear iad mar thionscadail straitéiseacha, go ndéanfaí roinnt saoráidí nó aonad a thógáil ar láithreán amháin, féadfaidh an tionscnóir tionscadail agus an pointe teagmhála aonair teacht ar chomhaontú maidir leis an tionscadal a roinnt i roinnt tionscadal níos lú chun na teorainneacha ama is infheidhme a chomhlíonadh.
4.  
I gcás ina gceanglaítear measúnú tionchair ar an gcomhshaol de bhun Threoir 2011/92/AE, ní áireofar céimeanna an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (g)(i) den Treoir sin le linn an phróisis deonaithe ceadanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.
5.  
I gcás ina léiríonn an comhairliúchán de bhun Airteagal 1(2), pointe (g)(ii), de Threoir 2011/92/AE gur gá an tuarascáil faoin measúnú tionchair ar an gcomhshaol a fhorlíonadh le faisnéis bhreise, féadfaidh an pointe teagmhála aonair an deis a thabhairt don tionscnóir faisnéis bhreise a chur isteach. Sa chás sin, tabharfaidh an pointe teagmhála aonair fógra don tionscnóir tionscadail nuair atá an fhaisnéis bhreise le tabhairt, dáta a bheidh 30 lá ar a laghad tar éis an fhógra a thabhairt. An tréimhse idir an sprioc chun faisnéise breise a chur ar fáil agus an fhaisnéis sin a chur isteach, ní áireofar í i bhfad an phróisis deonaithe ceadanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.
6.  
I gcásanna eisceachtúla, nuair is gá sin de bharr chineál, chastacht, shuíomh nó mhéid an tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta nó an tionscadail straitéisigh glan-nialasachta atá beartaithe, féadfaidh Ballstát síneadh 3 mhí ar a mhéad a chur, aon uair amháin, leis na teorainneacha ama dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 7 den Airteagal seo agus in Airteagal 16(1) agus (2) sula rachaidh siad in éag agus ar bhonn cás ar chás.
7.  
I gcás ina measfaidh Ballstát go bhfuil rioscaí eisceachtúla ag baint leis an tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta nó an tionscadail straitéisigh glan-nialasachta atá beartaithe do shláinte agus sábháilteacht oibrithe nó an phobail i gcoitinne, agus i gcás ina mbeidh gá le ham breise chun a shuí go bhfuil bearta curtha i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí is féidir a shainaithint, féadfaidh sé síneadh 6 mhí eile a chur leis na teorainneacha ama dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 agus in Airteagal 16(1) agus (2), laistigh de 6 mhí ó thús an phróisis deonaithe ceadanna.
8.  
Agus mír 6 nó 7 á cur i bhfeidhm, cuirfidh an pointe teagmhála aonair an tionscnóir tionscadail ar an eolas i scríbhinn faoi na cúiseanna leis an síneadh agus faoin dáta a bhfuil coinne leis an gcinneadh cuimsitheach.
9.  
Tabharfaidh an pointe teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Rialachán seo fógra don tionscnóir tionscadail maidir leis an dáta a mbeidh an tuarascáil faoin measúnú tionchair ar an gcomhshaol dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Threoir 2011/92/AE dlite, agus aird á tabhairt ar eagrú an phróisis deonaithe ceadanna sa Bhallstát ábhartha agus ar an ngá atá le dóthain ama a thabhairt chun measúnú a dhéanamh ar an tuarascáil. An tréimhse idir an sprioc chun an tuarascáil faoin tionchar ar an gcomhshaol a chur ar fáil agus an tuarascáil sin a chur isteach, ní áireofar í i bhfad an phróisis deonaithe ceadanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.
10.  
Tráth nach déanaí ná 45 lá ó iarratas ar dheonú ceada a fháil, dearbhóidh an pointe teagmhála aonair lena mbaineann go bhfuil an t-iarratas iomlán nó, murar sheol an tionscnóir tionscadail an fhaisnéis uile is gá chun an t-iarratas a phróiseáil, iarrfaidh sé ar an tionscnóir tionscadail iarratas iomlán a chur isteach gan moill mhíchuí, agus sonróidh sé cén fhaisnéis atá in easnamh. I gcás ina meastar go bhfuil an t-iarratas arna chur isteach neamhiomlán don dara huair, féadfaidh an pointe teagmhála aonair, laistigh de 30 lá ón dara hiarratas a chur isteach, an dara hiarraidh ar fhaisnéis a dhéanamh. Ní iarrfaidh an pointe teagmhála aonair faisnéis i réimsí nach gcumhdaítear sa chéad iarraidh ar fhaisnéis bhreise agus ní bheidh sé i dteideal ach tuilleadh fianaise a iarraidh chun an fhaisnéis a sainaithníodh atá in easnamh a chomhlánú. Is é an dáta a dhearbhóidh an t-údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 6(1) iomláine an iarratais ón bpointe teagmhála aonair tús an phróisis deonaithe ceadanna le haghaidh an iarratais áirithe sin.
11.  
Tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis an dáta a gheofar an dearbhaithe, déanfaidh an pointe teagmhála aonair, i ndlúthchomhar leis na húdaráis eile lena mbaineann, sceideal mionsonraithe a tharraingt suas le haghaidh an phróisis deonaithe ceadanna. Tosóidh an sceideal sin ón tráth a admhaíonn an pointe teagmhála aonair iomláine an iarratais. Foilseoidh an pointe teagmhála aonair an sceideal ar shuíomh gréasáin saor in aisce.
12.  
Ní dochar na teorainneacha ama a leagtar síos san Airteagal seo agus in Airteagal 16 d’oibleagáidí a eascraíonn as dlí an Aontais agus as an dlí idirnáisiúnta, agus ní dochar iad do nósanna imeachta achomhairc riaracháin ná leigheasanna breithiúnacha os comhair cúirte nó binse.
13.  
Na teorainneacha ama a leagtar síos in san Airteagal seo agus in Airteagal 16 d’aon cheann de na próisis deonaithe ceadanna, ní dochar iad d’aon teorainn ama níos giorra arna leagan síos ag na Ballstáit.

Airteagal 10

Measúnuithe agus údarú comhshaoil

1.  
I gcás ina bhfuil gá le measúnú tionchair ar an gcomhshaol de bhun Airteagail 5 go 9 de Threoir 2011/92/AE, féadfaidh an tionscnóir tionscadail tuairim a iarraidh, sula gcuirfear an t-iarratas isteach, ar an bpointe teagmhála aonair maidir le raon feidhme agus leibhéal mionsonraithe na faisnéise atá le háireamh sa tuarascáil faoin measúnú tionchair ar an gcomhshaol de bhun Airteagal 5(1) den Treoir sin. Áiritheoidh an pointe teagmhála aonair go n-eiseofar an tuairim sin a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 45 lá ón dáta a chuir an tionscnóir tionscadail a iarraidh ar thuairim isteach.
2.  
I gcás ina n-eascraíonn an oibleagáid measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí ar an gcomhshaol go comhuaineach as aon dá cheann nó níos mó de Threoir 92/43/CEE, Treoir 2000/60/CE, Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ), Treoir 2008/98/CE, Treoir 2009/147/CE, Treoir 2010/75/AE, Treoir 2011/92/AE nó Treoir 2012/18/AE, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear nósanna imeachta comhordaithe nó comhpháirteacha i bhfeidhm lena gcomhlíonfar ceanglais uile na reachtaíochta sin de chuid an Aontais.

Faoin nós imeachta comhordaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, comhordóidh údarás inniúil náisiúnta na measúnuithe aonair éagsúla ar an tionchar ar an gcomhshaol atá ag tionscadail ar leith a cheanglaítear le gníomhartha reachtacha ábhartha an Aontais.

Faoin nós imeachta comhpháirteach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh údarás inniúil náisiúnta foráil maidir le measúnú aonair ar thionchar comhshaoil tionscadail ar leith a cheanglaítear le gníomhartha reachtacha ábhartha an Aontais. Ní dhéanfaidh cur i bhfeidhm an nós imeachta chomhpháirtigh nó an nós imeachta comhordaithe difear d’ábhar an mheasúnaithe tionchair ar an gcomhshaol.

3.  
Áiritheoidh na Ballstáit go n-eiseoidh na húdaráis inniúla conclúid réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (g)(iv) de Threoir 2011/92/AE maidir leis an measúnú tionchair ar an gcomhshaoil laistigh de 90 lá tar éis dóibh an fhaisnéis uile is gá de bhun Airteagail 5, 6 agus 7 den Treoir sin a fháil agus tar éis na comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7 den Treoir sin a thabhairt i gcrích.
4.  
I gcásanna eisceachtúla, nuair is gá sin de bharr chineál, chastacht, shuíomh nó mhéid an tionscadail atá beartaithe, féadfaidh na Ballstáit síneadh 20 lá ar a mhéad a chur leis an teorainn ama dá dtagraítear i mír 3 sula rachaidh siad in éag agus ar bhonn cás ar chás. Sa chás sin, cuirfidh an pointe teagmhála aonair lena mbaineann an tionscnóir tionscadail ar an eolas i scríbhinn faoi na cúiseanna lena dtugtar údar leis an síneadh agus faoin spriocdháta chun é a thabhairt i gcrích go réasúnaithe.
5.  
Ní bheidh na tréimhsí ama chun dul i gcomhairle leis an bpobal lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (e), de Threoir 2011/92/AE agus leis na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Treoir sin maidir leis an tuarascáil ar an gcomhshaol dá dtagraítear in Airteagal 5(1) den Treoir sin níos faide ná 85 lá agus, i gcomhréir le hAirteagal 6(7) den Treoir sin, ní bheidh siad níos giorra ná 30 lá. Sna cásanna a thagann faoi Airteagal 6(4), an dara fomhír den treoir sin, féadfar síneadh 90 lá ar a mhéad a chur leis an tréimhse sin ar bhonn cás ar chás.
6.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh líon leordhóthanach foirne cáilithe agus líon leordhóthanach acmhainní airgeadais, teicniúla agus teicneolaíochta is gá chun a n-oibleagáidí faoin Airteagal seo a chomhlíonadh ag a n-údaráis inniúla agus ag údaráis eile arna n-ainmniú de bhun Airteagal 6(1) de Threoir 2011/92/AE.

Airteagal 11

Pleanáil

1.  
Breathnóidh na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla atá freagrach as pleananna a ullmhú, lena n-áirítear criosú, pleananna spásúla agus pleananna úsáide talún, ar fhorálacha a áireamh sna pleananna sin, i gcás inarb iomchuí, ar fhorálacha maidir le tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a fhorbairt, lena n-áirítear tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta agus, i gcás inarb iomchuí, gleannta luathaithe tionscal glan-nialasachta agus an bonneagar is gá. Nuair a bheifear ag féachaint do na forálacha sin a áireamh, tabharfar tosaíocht do dhromchlaí saorga agus tógtha, do láithreáin thionsclaíocha agus do láithreáin athfhorbraíochta. Chun forbairt tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a éascú, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na sonraí ábhartha uile maidir le pleanáil spásúlachta ar fáil ar líne i gcomhréir le hAirteagal 7.
2.  
I gcás ina n-áireofar i bpleananna forálacha maidir le forbairt tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta, lena n-áirítear tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, agus a mbonneagar a éilítear, agus atá faoi réir measúnaithe de bhun Threoir 2001/42/CE agus de bhun Airteagal 6 de Threoir 92/43/CEE, déanfar na measúnuithe sin a chomhcheangal. I gcás inarb infheidhme, tabharfar aghaidh sa mheasúnú comhcheangailte sin freisin ar an tionchar ar na dobharlaigh a bhféadfadh go ndéanfaí difear dóibh dá dtagraítear i dTreoir 2000/60/CE. I gcás ina gceanglaítear ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar thionchair na ngníomhaíochtaí atá á ndéanamh anois agus a dhéanfar amach anseo ar an muirthimpeallacht, lena n-áirítear idirghníomhaíochtaí idir an talamh agus an fharraige, dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ), cumhdófar na tionchair sin leis an measúnú comhcheangailte freisin. Má chomhcheanglaítear measúnuithe de bhun na míre seo, ní dhéanfaidh sé sin difear dá n-inneachar ná dá gcáilíocht. Déanfar measúnuithe comhcheangailte ar bhealach nach mbeidh fadú ar na teorainneacha ama a leagtar amach sa Rialachán seo mar thoradh air.

Airteagal 12

Infheidhmeacht Choinbhinsiúin UNECE

1.  
Tá an Rialachán seo gan dochar do na hoibleagáidí faoi Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil, arna shíniú in Aarhus an 25 Meitheamh 1998, agus faoi Choinbhinsiún UNECE maidir le measúnú tionchair ar an gcomhshaol i gcomhthéacs trasteorann, arna shíniú in Espoo an 25 Feabhra 1991, agus a Phrótacal maidir le Measúnú Straitéiseach Comhshaoil, a síníodh i gCív an 21 Bealtaine 2003.
2.  
Déanfar gach cinneadh a ghlacfar de bhun na Roinne seo agus Airteagail 8, 15, 16 agus 28 a chur ar fáil go poiblí ar bhealach sothuigthe agus beidh gach cinneadh a bhaineann le tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta agus tionscadal straitéiseach glan-nialasachta ar fáil ar an suíomh gréasáin céanna.

ROINN III

Tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta

Airteagal 13

Critéir roghnúcháin

1.  

Aithneoidh na Ballstáit mar thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta atá lonnaithe san Aontas lena rannchuidítear leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, lena n-áirítear rannchuidiú le spriocanna aeráide nó fuinnimh an Aontais, agus lena gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na critéir seo a leanas:

(a) 

rannchuidítear leis an tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta le hathléimneacht theicneolaíoch agus thionsclaíoch theicneolaíochtaí glan-nialasachta an Aontais trí acmhainneacht monaraíochta comhpháirte nó deighleoige den slabhra soláthair teicneolaíochta glan-nialasachta a mhéadú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i) 

acmhainneacht mhonaraíochta a chur leis san Aontas le haghaidh teicneolaíocht ghlan-nialasachta, a bhfuil an tAontas ag brath níos mó ná 50 % uirthi ar allmhairí a thagann ó thríú tíortha;

(ii) 

cur go suntasach leis an acmhainneacht mhonaraíochta, rud a chuirfidh go mór le cuspóirí aeráide nó fuinnimh 2030 an Aontais; nó

(iii) 

an acmhainneacht mhonaraíochta a mhéadú nó an acmhainneacht mhonaraíochta atá ann cheana san Aontas a thabhairt cothrom le dáta le haghaidh teicneolaíocht glan-nialasachta, ar sciar suntasach den táirgeadh domhanda í acmhainneacht mhonaraíochta an Aontais agus a bhfuil ról ríthábhachtach aici in athléimneacht an Aontais;

(b) 

tá tionchar dearfach soiléir ag an tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta ar shlabhra soláthair thionscal glan-nialasachta an Aontais nó ar earnálacha iartheachtacha trí rochtain a thabhairt do thionscail Eorpacha glan-nialasachta ar an teicneolaíocht ghlan-nialasachta is fearr atá ar fáil nó ar tháirgí a tháirgtear i saoráid mhonaraíochta céaduaire, agus comhlíontar leis ceann amháin ar a laghad de na critéir seo a leanas:

(i) 

bearta a chur i bhfeidhm chun lucht saothair is gá le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta a mhealladh, a choinneáil, a uas-sciliú nó a athsciliú, lena n-áirítear trí phrintíseachtaí, cúrsaí oiliúna, oideachas agus oiliúint leanúnach i ndlúthchomhar le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, institiúidí oideachais agus oiliúna agus le comhpháirtithe sóisialta lena n-áirítear ceardchumainn;

(ii) 

rannchuidiú le hiomaíochas FBManna mar chuid de shlabhra soláthair na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta;

(c) 

leis an tionscadal, rannchuidítear le cuspóirí aeráide nó fuinnimh an Aontais a bhaint amach trí theicneolaíochtaí glan-nialasachta a mhonarú trí chleachtais lena gcuirtear gnéithe feabhsaithe inbhuanaitheachta comhshaoil agus feidhmíochta nó ciorclaíochta chun feidhme, lena n-áirítear éifeachtúlacht agus cleachtais chuimsitheacha ísealcharbóin, éifeachtúlachta fuinnimh, uisce nó ábhair agus cleachtais lena laghdaítear go suntasach agus go buan rátaí astaíochtaí CO2(e).

2.  

Faoin 1 Márta 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina leagfar amach treoirlínte lena n-áiritheofar coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme na gcritéar a leagtar síos san Airteagal seo. Áireofar sna treoirlínte sin, ar a laghad, treoraíocht shonrach maidir leis na critéir a bheidh le húsáid chun measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas:

(a) 

cibé acu a bhaineann nó nach mbaineann acmhainneacht mhonaraíochta bhreise le hacmhainneacht monaraíochta teicneolaíochta chéaduaire nó le hacmhainneacht mhonaraíochta na dteicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil;

(b) 

cibé acu is nó nach féidir a mheas gur acmhainneacht shuntasach í an acmhainneacht mhonaraíochta bhreise.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2).

3.  

Aithneoidh na Ballstáit tionscadail stórála CO2 lena gcomhlíontar na critéir seo a leanas ar fad mar thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta:

(a) 

tá an láithreán stórála CO2 lonnaithe i gcríoch an Aontais, ina limistéir eacnamaíocha eisiacha nó ar a scairbh ilchríochach de réir bhrí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige;

(b) 

leis an tionscadal stórála CO2, rannchuidítear le baint amach an chuspóra a leagtar amach in Airteagal 20;

(c) 

tá iarratas ar chead déanta ag an tionscadal stórála CO2 chun CO2 a stóráil go geolaíoch, agus go slán, buan, i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE.

Aon tionscadal gabhála CO2 a bhaineann le tionscadal stórála CO2 lena gcomhlíontar na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus aon tionscadal bonneagair CO2 is gá lena mbaineann chun CO2 gafa a iompar, aithneofar é mar thionscadal straitéiseach glan-nialasachta.

4.  
Maidir le tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta lena gcomhfhreagraítear do theicneolaíocht ghlan-nialasachta, atá lonnaithe i ‘réigiúin bheagfhorbartha agus trasdula’ agus i gCríocha an Chiste um Aistriú Cóir agus atá incháilithe do chistiú faoi rialacha an bheartais comhtháthaithe, nuair a bheidh an nós imeachta dámhachtana críochnaithe, aithneoidh na Ballstáit iad mar thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta faoi Airteagal 14(3) arna iarraidh sin i scríbhinn don tionscnóir tionscadail gan é a bheith ar an tionscnóir tionscadail iarratas foirmiúil a chur isteach faoi Airteagal 14(2).
5.  
Maidir le tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta atá lonnaithe san Aontas agus lena rannchuidítear le baint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1(1) agus lena dtairbhítear den Chiste don Nuálaíocht, nó atá ina chuid de Thionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne, den Chomhpháirtíocht Eorpach um Ghleannta Hidrigine, nó den Bhanc Hidrigine, i gcás ina dtacaíonn na cistí le hinfheistíocht in acmhainneachtaí mhonaraíochta, aithneoidh na Ballstáit iad mar thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta faoi Airteagal 14(3) arna iarraidh sin i scríbhinn don tionscnóir tionscadail gan é a bheith ar an tionscnóir tionscadail iarratas foirmiúil a chur isteach faoi Airteagal 14(2).
6.  
I gcás tionscadal straitéiseach glan-nialasachta lena rannchuidítear le slabhra breisluacha le haghaidh teicneolaíocht nach nglacann Ballstát léi mar chuid de struchtúr ginearálta a sholáthair fuinnimh, féadfaidh an Ballstát sin diúltú an tionscadal sin a aithint mar thionscadal straitéiseach. Más ann do theicneolaíochtaí glan-nialasachta a bhfuil sé ar intinn ag Ballstát gan tionscadail a aithint mar thionscadail straitéiseacha ina leith, cuirfidh an Ballstát sin an méid sin in iúl a luaithe is féidir agus go poiblí.

Airteagal 14

Feidhmiú agus údarú

1.  
Maidir le hiarratais ar thionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a aithint mar thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, cuirfidh an tionscnóir tionscadail faoi bhráid an Bhallstáit ábhartha iad.
2.  

Beidh na nithe seo a leanas san iarratas dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

fianaise ábhartha a bhaineann le comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 13(1) nó (3);

(b) 

plean gnó ina ndéantar measúnú ar inmharthanacht airgeadais an tionscadail i gcomhréir leis an gcuspóir poist ardcháilíochta a chruthú; agus

(c) 

an chéad dréacht ar amchlár le haghaidh an tionscadail, ina meastar cathain a bheadh an tionscadal in ann rannchuidiú le tagarmharc an Aontais le haghaidh acmhainneacht mhonaraíochta dá dtagraítear in Airteagal 5 nó le cuspóir ar leibhéal an Aontais maidir le hacmhainneacht insteallta CO2 dá dtagraítear in Airteagal 20.

Soláthróidh an Coimisiún foirm réamhshocraithe chun na hiarratais dá dtagraítear i mír 1 a thíolacadh.

3.  
Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an iarratas dá dtagraítear i mír 1 le próiseas cothrom trédhearcach laistigh de mhí amháin ón iarratas iomlán a fháil. Mura bhfuil an fhaisnéis ábhartha agus iomlán uile is gá chun iarratas a phróiseáil seolta ag an tionscnóir tionscadail, iarrfaidh an Ballstát, aon uair amháin, go gcuirfidh an tionscnóir tionscadail faisnéis chomhlántach isteach gan moill mhíchuí, chun go mbeidh iarratas iomlán ann. Is é an dáta a admhófar iomláine na haighneachta tús an phróisis measúnaithe. Beidh an cinneadh a thiocfaidh as an bpróiseas sin réasúnaithe agus cuirfear in iúl é don tionscnóir tionscadail agus don Ardán dá dtagraítear in Airteagail 38 agus 39.
4.  
Mura mbeidh aon chinneadh ann laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh an tionscnóir tionscadail fógra a thabhairt don Bhallstát agus a iarraidh gan moill mhíchuí go soláthróidh an Ballstát sprioc-am nuashonraithe don tionscnóir tionscadail, nach mbeidh níos déanaí ná 30 lá ón sprioc-am bunaidh.
5.  
Féadfaidh an Coimisiún a thuairim a thabhairt ar na tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta arna bhformheas. I gcás ina ndiúltóidh Ballstát don iarratas, beidh sé de cheart ag an iarratasóir an t-iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin, agus déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an iarratas laistigh de 20 lá oibre. Tá measúnú an Choimisiúin gan dochar do chinneadh an Bhallstáit.
6.  
I gcás ina ndeimhneoidh an Coimisiún diúltú an Bhallstáit don iarratas tar éis dó measúnú a dhéanamh i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra faoina chonclúid don iarratasóir i bhfoirm litreach. I gcás nach mbeidh an Coimisiún ag teacht leis an mBallstát ar a mheasúnú, pléifidh an tArdán dá dtagraítear in Airteagail 38 agus 39 an tionscadal atá i gceist.
7.  
I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nó Ballstát go ndearnadh athruithe substaintiúla ar thionscadal straitéiseach glan-nialasachta nó nach gcomhlíonann sé a thuilleadh na critéir a leagtar síos in Airteagal 13, nó i gcás ina raibh a aitheantas mar thionscadal straitéiseach glan-nialasachta bunaithe ar iarratas ina raibh faisnéis mhícheart, cuirfidh sé an tionscnóir tionscadail lena mbaineann ar an eolas faoin méid sin. Tar éis éisteacht leis an tionscnóir tionscadail, féadfaidh an Ballstát an cinneadh lena n-aithnítear tionscadal mar thionscadal straitéiseach glan-nialasachta a aisghairm.
8.  
Tionscadal nach n-aithnítear a thuilleadh mar thionscadal straitéiseach glan-nialasachta, caillfidh sé na cearta uile a bhaineann leis an stádas sin faoin Rialachán seo.
9.  
Déanfaidh an Coimisiún clárlann tionscadal straitéiseach glan-nialasachta a bheidh ar fáil go hoscailte a bhunú agus a choinneáil ar bun.

Airteagal 15

Stádas tosaíochta na dtionscadal straitéiseach glan-nialasachta

1.  
Áiritheoidh tionscnóirí tionscadail agus na húdaráis uile lena mbaineann i gcás tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta go gcaithfear leis na próisis ábhartha ar an mbealach is gasta is féidir i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.
2.  
Gan dochar d’oibleagáidí dá bhforáiltear i ndlí an Aontais, i gcás ina n-aithnítear tionscadal mar thionscadal straitéiseach glan-nialasachta, deonóidh na Ballstáit an stádas den tábhacht náisiúnta is airde is féidir don tionscadal straitéiseach glan-nialasachta sin, i gcás inar ann don stádas sin sa dlí náisiúnta, agus go gcaithfear le tionscadal straitéiseach glan-nialasachta dá réir sin sna próisis deonaithe ceadanna, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le measúnuithe comhshaoil agus, i gcás ina bhfuil sonraí ar fáil, le pleanáil spásúlachta.
3.  
Measfar go rannchuidíonn tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta le slándáil sholáthar na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta san Aontas agus, dá bhrí sin, gur chun leas an phobail iad. Maidir leis na tionchair nó na hoibleagáidí comhshaoil dá dtagraítear in Airteagail 6(4) agus 16(1) de Threoir 92/43/CEE, Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE, Airteagal 9(1), pointe (a), de Threoir 2009/147/CE agus agus i ngníomhartha reachtacha de chuid an Aontais maidir le hathchóiriú an dúlra, measfar tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta san Aontas a bheith ar mhaithe le leas an phobail agus féadfar a mheas go bhfuil leas sáraitheach poiblí acu agus go bhfónann siad do leasanna na sláinte agus na sábháilteachta poiblí ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach sna gníomhartha sin.
4.  
Maidir le gach nós imeachta um réiteach díospóidí, dlíthíocht, achomharc agus leigheas breithiúnach a bhaineann le tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta os comhair aon chúirt, binse, painéal náisiúnta, lena n-áirítear maidir le hidirghabháil nó eadráin, i gcás inar ann dóibh sa dlí náisiúnta, caithfear leo mar ábhair phráinneacha, más rud é agus a mhéid a dhéantar foráil sa dlí náisiúnta a bhaineann leis an bpróiseas deonaithe ceadanna maidir leis na nósanna imeachta práinne sin agus ar choinníoll go n-urramaítear na cearta is infheidhme de ghnáth maidir le daoine aonair nó pobail áitiúla a chosaint. Glacfaidh tionscnóirí Tionscadail straitéiseach glan-nialasachta páirt sna nósanna imeachta práinne sin, i gcás inarb infheidhme.

Airteagal 16

Fad an phróisis deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta

1.  

Ní bheidh an próiseas deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta níos faide ná:

(a) 

9 mí i gcás tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta a thógáil nó a leathnú ar lú a n-acmhainneacht mhonaraíochta bhliantúil ná 1 GW;

(b) 

12 mhí i gcás tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta a thógáil nó a leathnú arb é 1 GW nó níos mó a n-acmhainneacht mhonaraíochta bhliantúil;

(c) 

18 mí le haghaidh na gceadanna uile is gá chun láithreán stórála a oibriú i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE.

2.  
Le haghaidh tionscadail straitéiseacha glan-nialasachta nach ndéantar a n-acmhainneacht mhonaraíochta bhliantúil a thomhas in GW, ní bheidh an próiseas deonaithe ceadanna níos faide ná 12 mhí.
3.  
I gcás ina gceanglaítear measúnú tionchair ar an gcomhshaol de bhun Threoir 2011/92/AE, ní áireofar céim an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2) pointe (g)(i), den Treoir sin le linn an phróisis deonaithe ceadanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.

Airteagal 17

Gleannta Luathaithe Glan-Nialasachta

1.  
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh Gleannta Luathaithe glan-nialasachta (‘na Gleannta’) a ainmniú mar réimsí sonracha chun dlús a chur le gníomhaíochtaí tionsclaíocha glan-nialasachta, go háirithe chun cur chun feidhme tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a luathú, lena n-áirítear tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta nó braislí díobh, nó chun teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha a thástáil. Is iad cuspóirí na nGleannta braislí de ghníomhaíocht thionsclaíoch ghlan-nialasachta a chruthú agus nósanna imeachta riaracháin a chuíchóiriú a thuilleadh.
2.  

Maidir leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír 1, déanfar an méid a leanas:

(a) 

raon feidhme geografach agus teicneolaíochta soiléir a shainiú le haghaidh na nGleannta;

(b) 

limistéir lena n-áirítear dromchlaí saorga agus tógtha, láithreáin thionsclaíocha agus láithreáin athfhorbraíochta a chur san áireamh;

(c) 

beidh siad faoi réir measúnú comhshaoil de bhun Threoir 2001/42/CE, agus, i gcás inarb infheidhme, faoi réir measúnú comhshaoil de bhun Airteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE; a mhéid is féidir, le torthaí na measúnuithe sin, éascófar ullmhú tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta nó tionscadal straitéiseach glan-nialasachta d’fhonn cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach agus dúbláil measúnuithe a sheachaint; tá an fhoráil seo gan dochar do chomhlíontacht tionscadal aonair le dlí chomhshaoil an Aontais is infheidhme;

(d) 

sineirgí a áirithiú, i gcás inar féidir, le hainmniú limistéar luathaithe fuinnimh in-athnuaite mar a bhunaítear le Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ).

3.  

Beidh plean ag gabháil le cinneadh ó Bhallstát Gleann a ainmniú ina leagfar amach bearta nithiúla náisiúnta chun a tharraingteacht mar shuíomh le haghaidh gníomhaíochtaí monaraíochta a mhéadú, lena n-áirítear ar a laghad na scéimeanna tacaíochta eacnamaíche agus riaracháin seo a leanas chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

forbairt an bhonneagair is gá sa Ghleann a éascú;

(b) 

tacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí príobháideacha sa Ghleann;

(c) 

athsciliú agus uas-sciliú leormhaith an lucht saothair áitiúil a bhaint amach;

(d) 

faisnéis faoin nGleann a chur ar fáil ar líne i gcomhréir le hAirteagal 7.

4.  
Maidir le hinfheistíochtaí poiblí arb é is aidhm dóibh Gleannta a bhunú, iad a fheistiú le bonneagar iomchuí, láithreáin athfhorbraíochta a thiontú agus leordhóthanacht an díorma scileanna áitiúla a fhorbairt, féadfaidh siad, i gcás inarb iomchuí, tairbhe a bhaint as na huasrátaí cómhaoinithe faoi Rialacháin (AE) 2021/1058, (AE) 2021/1056 agus (AE) 2021/1057.

Airteagal 18

Ceadú faoi Ghleannta

1.  
Beidh feidhm ag Ranna II agus III maidir le tionscadail aonair i nGleannta. Ainmneofar pointe teagmhála amháin do gach Gleann.
2.  
D’fhonn dúbláil measúnuithe a sheachaint, agus an tuairim dá dtagraítear in Airteagal 10(1) á heisiúint aige, cuirfidh an t-údarás inniúil torthaí na measúnuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 17(2), pointe (c), san áireamh.
3.  
Cuirfidh an pointe teagmhála aonair teimpléid ar fáil do thionscnóirí tionscadail lena léirítear na ceadanna sonracha is gá le haghaidh tionscadal i nGleannta. Áireofar sna teimpléid sin faisnéis maidir le haon ghnéithe den tionscadal agus maidir leis na bearta atá beartaithe chun éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar an gcomhshaol a sheachaint nó a chosc chun a áirithiú nach mbeidh ach tionscadail a bhfuil tionchar suntasach acu ar an gcomhshaol faoi réir measúnú de bhun Threoir 2011/92/AE agus chun cinneadh údaráis inniúil a éascú i dtaobh an bhfuil an tionscadal le cur faoi réir measúnú de bhun Airteagal 4(2) go (6), den Treoir sin.
4.  
Measfar go rannchuidíonn tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta i nGleannta le slándáil sholáthar na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta san Aontas agus, dá bhrí sin, gur chun leasa an phobail iad. Maidir leis na tionchair nó na hoibleagáidí comhshaoil dá dtagraítear in Airteagail 6(4) agus 16(1) de Threoir 92/43/CEE, Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE, Airteagal 9(1), pointe (a), de Threoir 2009/147/CE agus i ngníomhartha reachtacha de chuid an Aontais maidir le hathchóiriú an dúlra, measfar tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta i nGleannta san Aontas a bheith chun leas an phobail agus féadfar a mheas go bhfuil leas sáraitheach poiblí acu agus go bhfónann siad do leasanna na sláinte agus na sábháilteachta poiblí ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach sna gníomhartha sin.

Airteagal 19

Maoiniú a chomhordú

1.  
Scrúdóidh an tArdán mar a bhunaítear in Airteagal 38 na scrogaill agus riachtanais airgeadais uile-Aontais na dtionscadal straitéiseach glan-nialasachta, tabharfaidh sé comhairle maidir le bealaí chun maoiniú an Aontais agus maoiniú náisiúnta a chomhordú i ndáil leis na riachtanais airgeadais sin, agus baileoidh sé dea-chleachtais a d’fhéadfadh a bheith ann, inter alia, chun slabhraí soláthair trasteorann an Aontais a fhorbairt, go háirithe ar bhonn malartuithe agus moltaí rialta ón nGrúpa um an Tionscal Glan-Nialasachta agus leis na comhghuaillíochtaí tionsclaíocha ábhartha.
2.  

Arna iarraidh sin don tionscnóir tionscadail straitéisigh glan-nialasachta, pléifidh an tArdán an bealach is féidir maoiniú an tionscadail a thabhairt i gcrích agus tabharfaidh sé comhairle faoin méid sin, agus an cistiú a fuarthas cheana á chur san áireamh agus na heilimintí seo a leanas ar a laghad á meas:

(a) 

foinsí maoiniúcháin príobháideacha breise;

(b) 

tacaíocht trí acmhainní ón nGrúpa BEI nó ó institiúidí idirnáisiúnta airgeadais eile lena n-áirítear an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha;

(c) 

ionstraimí agus cláir de chuid na mBallstát atá ann cheana, lena n-áirítear ó bhainc náisiúnta le haghaidh spreagadh, institiúidí náisiúnta agus gníomhaireacht náisiúnta creidmheasa onnmhairiúcháin;

(d) 

cláir chistiúcháin agus mhaoiniúcháin ábhartha de chuid an Aontais.

3.  
Faoin 30 Meán Fómhair 2024 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an tArdán moltaí ar fáil don Choimisiún maidir le bealaí chun cistiú leordhóthanach a áirithiú, lena n-áirítear trí bhuiséad an Aontais, chun cuspóirí an Rialacháin seo a shaothrú.
4.  
Tabharfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, faoi ghníomhaíochtaí chun dlús a chur le hinfheistíochtaí poiblí i dtionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta. Féadfar a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin, gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 CFAE, comhairle a thabhairt agus tacaíocht a chomhordú do thionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a bhfuil deacrachtaí acu maoiniú a fháil.

CAIBIDIL III

ACMHAINNEACHT INSTEALLTA CO2

Airteagal 20

Cuspóir ar leibhéal an Aontais: acmhainneacht insteallta CO2

1.  
Bainfear acmhainneacht insteallta bhliantúil 50 milliún tona CO2 ar a laghad amach faoi 2030, i láithreáin stórála, a chiallaíonn láithreáin stórála gheolaíocha a cheadaítear faoi Threoir 2009/31/CE, lena n-áirítear olacheantair agus gáscheantair ídithe agus uiscigh shailíne, atá lonnaithe i gcríoch an Aontais, ina limistéir eacnamaíocha eisiacha nó ar a scairbh ilchríochach de réir bhrí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige agus nach ndéanfar a chomhcheangal le Gnóthú Hidreacarbón Faoi Spreagadh.
2.  
Dearfar gach láithreán stórála sa chaoi go n-oibreoidh siad ar feadh 5 bliana ar a laghad agus urramóidh siad prionsabail na rochtana cothrom agus oscailte, a sholáthar dóibh ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheacha, mar a shainmhínítear i dTreoir 2009/31/CE iad.
3.  
Faoin 30 Meitheamh 2027 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta i dtreo sprioc bhliantúil an Aontais maidir le hacmhainneacht insteallta a bhaint amach, lena n-áirítear staid an mhargaidh a bhaineann leis an acmhainneacht insteallta. Áireofar sa tuairisc forléargas ar raon geografach na láithreán stórála ar fud an Aontais. Déanfar measúnú sa chéad tuarascáil ar cibé acu a mheastar nó nach meastar gur gá cuspóir uile-Aontais a thabhairt isteach do 2040 nó níos luaithe más gá.
4.  

Áireofar sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3 measúnú stórála agus acmhainneachta insteallta CO2, agus úsáid á baint, go háirithe, as an bhfaisnéis arna bailiú de bhun Airteagal 21(2) agus Airteagal 23(6). Leis na tuarascálacha, déanfar an méid seo a leanas:

(a) 

anailís mhionsonraithe a sholáthar ar phleanáil gheografach agus ama na láithreán stórála CO2 agus ar thionscadail gabhála CO2 le haghaidh astaíochtaí CO2 ó shuiteálacha tionsclaíocha laistigh den Aontas agus aird á tabhairt ar an acmhainneacht shonrach maidir le húsáid CO2 chun rannchuidiú le stóráil bhuan CO2;

(b) 

an príomhbhonneagar is gá le haghaidh iompar agus stóráil astaíochtaí CO2 ó shuiteálacha tionsclaíocha ar fud an Aontais a shainaithint;

(c) 

anailís mhionsonraithe a sholáthar ar na bacainní a d’fhéadfadh bac a chur ar fhorbairt mhargadh GSC.

5.  
Faoin 31 Nollaig 2028, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3, togra reachtach a thíolacadh chun cuspóir nua ar leibhéal an Aontais maidir le hacmhainneacht insteallta CO2 a thabhairt isteach faoi 2040 nó níos luaithe más gá. Má chinneann an Coimisiún gan togra reachtach a mholadh chun an cuspóir sin a thabhairt isteach, tabharfaidh sé cúiseanna lena chinneadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
6.  
Laistigh de 3 mhí tar éis don Aontas comhaontú idirnáisiúnta a bhaineann leis an gCaibidil seo a shíniú, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil ina ndéanfar measúnú ar impleachtaí an chomhaontaithe idirnáisiúnta, go háirithe maidir le caighdeáin chomhshaoil agus cuspóirí aeráide an Aontais a chur chun cinn agus a chosaint agus maidir leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith le beartais agus bearta breise de chuid an Aontais i bhfianaise fhorálacha an chomhaontaithe idirnáisiúnta sin. Ar bhonn na tuarascála sin, déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena leasaítear an Rialachán seo de bhun mhír 1.
7.  
Foilseoidh an Coimisiún treoirlínte ina léireofar na leibhéil iomchuí íonachta CO2 agus na leibhéil iomchuí riandúile laistigh den sreabhadh CO2 le haghaidh tionscadail stórála CO2 lena gcuirtear le cuspóir acmhainneachta insteallta an Aontais.

Airteagal 21

Trédhearcacht sonraí maidir le hacmhainneacht stórála CO2

1.  

Faoin 30 Nollaig 2024, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a) 

sonraí a chur ar fáil go poiblí maidir leis na limistéir uile ina bhféadfaí láithreáin stórála CO2 a cheadú ar a gcríoch, lena n-áirítear uiscigh shalanda, gan dochar do cheanglais maidir le faisnéis rúnda a chosaint;

(b) 

oibleagáid a chur ar eintitis atá ina sealbhóirí nó a bhí ina sealbhóirí ar údarú mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe 3, de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ) ar a gcríoch na sonraí geolaíocha go léir a bhaineann le láithreáin táirgthe a díchoimisiúnaíodh nó ar tugadh fógra faoina dhíchoimisiúnú don údarás inniúil, agus, má tá siad ar fáil, measúnuithe eacnamaíocha ar na costais ábhartha maidir le hinstealladh CO2 a chumasú, a chur ar fáil go poiblí ar bhonn neamhthuilleamaí, mura rud é go bhfuil iarratas ar chead taiscéalaíochta déanta ag eintiteas i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE, lena n-áirítear sonraí maidir leis an méid a leanas:

(i) 

an bhfuil an láithreán oiriúnach chun CO2 a instealladh agus a stóráil ar bhealach inbhuanaithe, sábháilte agus buan;

(ii) 

an ann do bhonneagar iompair agus modhanna fóirstineacha chun CO2 a iompar chomh fada leis an suíomh agus an gá dóibh a bheith ann.

Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, áireofar sna sonraí ar a laghad an fhaisnéis a iarrtar sna Fógraí ón gCoimisiún maidir leis an treoraíocht do na Ballstáit le haghaidh pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide faoina dtugtar fógra de bhun Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2018/1999 agus na nuashonruithe orthu sin arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14 de (pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide).

2.  

Faoin 30 Nollaig 2024 agus gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh gach Ballstát tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, a chuirfear ar fáil don phobal agus a bheidh gan dochar do cheanglais maidir le cosaint na faisnéise rúnda, ina dtabharfar tuairisc ar an méid seo a leanas:

(a) 

mapáil ar thionscadail gabhála CO2 atá idir lámha ar a chríoch nó i gcomhar le Ballstáit eile agus meastachán ar na riachtanais chomhfhreagracha maidir le hacmhainneachtaí insteallta agus stórála, agus iompar CO2;

(b) 

mapáil ar thionscadail iompair CO2 agus stórála CO2 atá ar siúl ar a chríoch, lena n-áirítear stádas an cheadaithe faoi Threoir 2009/31/CE, dátaí a bhfuil coinne le Cinneadh Críochnaitheach Infheistíochta agus le teacht i ngníomh;

(c) 

na bearta tacaíochta náisiúnta a glacadh nó a ghlacfar chun tionscadail dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír seo a spreagadh, chomh maith le bearta a bhaineann le hiompar trasteorann CO2;

(d) 

an straitéis agus na spriocanna náisiúnta a socraíodh agus a shocrófar chun CO2 a ghabháil faoi 2030, i gcás inarb infheidhme;

(e) 

comhar déthaobhach agus réigiúnach lena n-éascaítear iompar trasteorann CO2, lena n-áirítear na himpleachtaí maidir le rochtain na n-eintiteas a ghabhann CO2 ar mhodh sábháilte neamh-idirdhealaitheach chun CO2 a iompar;

(f) 

tionscadail iompair CO2 atá ar siúl agus meastachán ar acmhainneacht riachtanach na dtionscadal iompair CO2 a bheidh ann amach anseo chun an acmhainneacht ghabhála agus stórála chomhfhreagrach a mheaitseáil.

3.  
Má léirítear sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 nach bhfuil aon tionscadal stórála CO2 ar siúl ar a gcríoch, tabharfaidh na Ballstáit tuairisc ar phleananna chun dícharbónú na n-earnálacha tionsclaíocha a éascú. Áireofar leis sin, más infheidhme, iompar trasteorann CO2 chuig láithreáin stórála atá lonnaithe i mBallstáit eile, chomh maith le tionscadail úsáide CO2.

Airteagal 22

Bonneagar iompair CO2

1.  
Chun gur fusa an cuspóir a leagtar amach in Airteagal 20 a bhaint amach, déanfaidh an tAontas agus a Bhallstáit, i gcás inarb iomchuí i gcomhar le cuideachtaí ábhartha, gach iarracht réasúnach chun an bonneagar iompair CO2 is gá a fhorbairt, lena n-áirítear bonneagar trasteorann, agus na tairbhí eacnamaíocha agus comhshaoil a bhaineann le gaireacht na láithreán gabhála agus stórála á gcur san áireamh.
2.  
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun rochtain ar ghréasáin iompair CO2 agus ar láithreáin stórála a chumasú chun críocha stóráil gheolaíoch an CO2 arna tháirgeadh agus arna ghabháil a mhéid atá sé indéanta go heacnamaíoch nó nuair atá custaiméir ionchasach toilteanach íoc as, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Threoir 2009/31/CE.
3.  
I gcás ina ndéanfar CO2 a ghabháil agus a iompar i mBallstát amháin agus ina ndéanfar é a iompar agus a stóráil i mBallstáit eile, comhordóidh na Ballstáit na bearta a dhéanfaidh siad de bhun mhír 2. Féadfaidh an Coimisiún an comhordú sin a éascú trí Ghrúpálacha Réigiúnacha GSC a bhunú i gcás ina dtagann iarraidh chomhpháirteach ó na Ballstáit lena mbaineann.

Airteagal 23

Rannchuidiú táirgeoirí údaraithe ola agus gáis

1.  
Beidh gach eintiteas a bhfuil údarú aige mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe 3, de Threoir 94/22/CE faoi réir rannchuidiú aonair leis an sprioc uile-Aontais maidir le hacmhainneacht insteallta CO2 atá ar fáil a leagtar amach in Airteagal 20 den Rialachán seo. Déanfar na rannchuidithe sin a ríomh ar bhonn pro rata ar bhonn sciar gach eintitis de tháirgeadh amhola agus gáis nádúrtha an Aontais ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2023 agus is é a bheidh iontu acmhainneacht insteallta CO2 i láithreán stórála a cheadaítear i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE agus atá ar fáil don mhargadh faoi 2030. Eintitis a bhfuil a dtáirgeadh amhola agus gáis nádúrtha faoin tairseach a shocraítear i gcomhréir le gníomh tarmligthe de bhun mhír 12 den Airteagal seo, eiseofar ón ríomh sin iad agus ní bheidh siad faoi réir rannchuidiú.
2.  
Faoin 30 Meán Fómhair 2024, déanfaidh na Ballstáit na heintitis dá dtagraítear i mír 1 agus a scaireanna i dtáirgeadh amhola agus gáis nádúrtha ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2023 a shainaithint agus a thuairisciú don Choimisiún.
3.  
Tar éis don Choimisiún na tuarascálacha arna gcur isteach de bhun Airteagal 21(2) a fháil agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara, sonróidh na rannchuidithe le cuspóir an Aontais mar atá an acmhainneacht insteallta CO2 faoi 2030 ó eintitis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
4.  

Laistigh den 30 Meitheamh 2025, cuirfidh na heintitis dá dtagraítear i mír 1 plean faoi bhráid an Choimisiúin ina mionsonrófar an chaoi a bhfuil sé beartaithe acu a rannchuidiú le cuspóir an Aontais mar atá an acmhainneacht insteallta CO2 a bhaint amach faoi 2030. Sna pleananna sin:

(a) 

deimhneofar rannchuidiú an eintitis, a shloinnfear i dtéarmaí sprioc thoirt na hacmhainneachta nua stórála agus insteallta CO2 a choimisiúnófar faoi 2030;

(b) 

sonrófar na modhanna agus na garspriocanna chun an sprioc thoirt a bhaint amach.

5.  

Chun a sprioc thoirteanna acmhainneachta insteallta atá ar fáil a bhaint amach, féadfaidh na heintitis dá dtagraítear i mír 1 an méid a leanas a dhéanamh:

(a) 

tionscadail stórála CO2, nó iad a fhorbairt ina n-aonar nó i gcomhar le chéile nó infheistíocht a dhéanamh iontu;

(b) 

comhaontuithe a dhéanamh le heintitis eile dá dtagraítear i mír 1;

(c) 

comhaontuithe a dhéanamh le forbróirí tionscadal stórála tríú páirtí nó le hinfheisteoirí chun a rannchuidiú a chomhlíonadh.

6.  
Faoin 30 Meitheamh 2026 agus gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh na heintitis dá dtagraítear i mír 1 tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina sonrófar an dul chun cinn atá déanta acu maidir lena rannchuidiú a chomhlíonadh. Déanfaidh an Coimisiún na tuarascála sin a fhoilsiú.
7.  

De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh Ballstát a iarraidh ar an gCoimisiún na heintitis dá dtagraítear sa mhír sin a dhíolmhú ó rannchuidithe aonair i ndáil leis na gníomhaíochtaí táirgthe a rinne siad ar chríoch an Bhallstáit sin ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2023, ar choinníoll an mhéid a leanas:

(a) 

gur mó acmhainneacht insteallta foriomlán bliantúil na láithreán stórála uile arna n-oibriú ag aon eintiteas a bhfuil cead stórála faighte aige de réir bhrí Threoir 2009/31/CE a bhfuil cinneadh infheistíochta deiridh déanta aige agus atá lonnaithe ar chríoch an Bhallstáit sin, gur mó é ná suim na rannchuidithe aonair arna ndéanamh ag na heintitis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i ndáil leis na gníomhaíochtaí táirgthe ábhartha, agus go gcomhfhreagraíonn na hacmhainneachtaí insteallta bliantúla a bhaineann leis na láithreáin stórála sin dóibh siúd a luaitear sna ceadanna stórála agus sna cinntí infheistíochta críochnaitheacha agus go rannchuidíonn sé leis an sprioc uile-Aontais le haghaidh acmhainneacht insteallta CO2 infhaighte a leagtar amach in Airteagal 20 den Rialachán seo;

(b) 

cuirtear an t-iarratas isteach roimh dheireadh 2027.

8.  
Ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha i mír 7, glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena ndíolmhófar na heintitis lena mbaineann óna rannchuidiú aonair a bhaineann leis na gníomhaíochtaí táirgthe atá déanta acu ar chríoch an Bhallstáit a bhfuil an t-iarratas á chur isteach aige.
9.  
Maidir le heintitis atá díolmhaithe de bhun mhír 8, ní fhéadfaidh siad comhaontuithe a dhéanamh i gcomhréir le mír 5, pointí (b) agus (c), ach amháin maidir le haon acmhainneacht insteallta a sháraíonn an rannchuidiú aonair óna bhfuil siad díolmhaithe agus maidir le suim na rannchuidithe aonair a díolmhaíodh.
10.  
Aon bhliain amháin tar éis an chinnidh díolúine agus gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an Ballstát tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina mionsonrófar dul chun cinn na n-eintiteas díolmhaithe atá díolmhaithe de bhun mhír 8 chun a rannchuidiú leis an sprioc uile-Aontais a bhaint amach maidir le hacmhainneacht insteallta CO2 atá ar fáil a leagtar amach in Airteagal 20. Déanfaidh an Coimisiún na tuarascála sin a phoibliú.
11.  
►C1  Faoin 31 Nollaig 2028, déanfaidh an Coimisiún measúnú, ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 42(1), pointe (d), agus Airteagal 42(7), ar an ngaol idir an t-éileamh ar acmhainneacht insteallta ó thionscadail gabhála CO2 agus an príomhbhonneagar a theastaíonn chun CO2 a iompar, ar thionscadail iad atá ar siúl nó atá beartaithe a bheith oibríochtúil faoi 2030 agus suim ranníocaíochtaí aonair na n-eintiteas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i ndáil leis na gníomhaíochtaí táirgthe ar chríoch Ballstáit ar leith. ◄ I gcás mhíchothromaíocht shubstaintiúil, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann, ar bhonn eisceachtúil, maolú a iarraidh ar an gCoimisiún maidir leis an dáta faoina mbeidh na ranníocaíochtaí aonair le comhlíonadh.
12.  

Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

Na rialacha maidir le heintitis a shainaithint nach mór dóibh rannchuidiú a dhéanamh i gcomhréir le mír 1, lena n-áirítear an tairseach ar faoina bun atá eintitis díolmhaithe ó bheith ag rannchuidiú;

(b) 

na socruithe ar dá réir a chuirtear comhaontuithe idir eintitis dá dtagraítear i mír 1 agus infheistíochtaí in acmhainneacht stórála atá ag tríú páirtithe san áireamh chun a rannchuidiú aonair faoi mhír 5, pointe (b) agus (c), a bhaint amach;

(c) 

ábhar na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 6;

(d) 

na coinníollacha mionsonraithe faoina bhféadfaidh an Coimisiún díolúine nó maolú a dheonú d’eintitis faoi mhír 7, 8 nó 11.

13.  
Tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2026, leagfaidh na Ballstáit síos pionóis, trí bhíthin nósanna imeachta riaracháin, imeachtaí dlíthiúla, nó tríd an dá rud, a bheidh infheidhme maidir le sáruithe arna ndéanamh ag eintitis dá dtagraítear i mír 1 i ndáil lena n-oibleagáidí faoi mhír 3. Beidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 24

Creat rialála don mhargadh le haghaidh CO2 gafa

1.  

Faoin 30 Meitheamh 2027, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fheidhmiú an mhargaidh i dtaca le CO2 gafa. Beidh an measúnú sin bunaithe ar mhodheolaíocht shoiléir, cuirfear san áireamh ann na tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 21(2) agus, go háirithe, déanfar an méid seo a leanas a mheas:

(a) 

an gcuireann na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 23(1) forbairt an mhargaidh stórála CO2 san Aontas chun cinn go héifeachtach;

(b) 

an bhforáiltear do rochtain ar líonra stórála agus iompair CO2 ar bhealach oscailte, cothrom agus neamh-idirdhealaitheach agus do shábháilteacht an líonra;

(c) 

an bhforáiltear do rochtain ar bhealach oscailte, cothrom agus neamh-idirdhealaitheach chun CO2 a úsáid nó a stóráil;

(d) 

an leordhóthanach an líonra iompair CO2 agus an bonneagar eile ar fud an Aontais chun tacú leis na cuspóirí insteallta agus leis an ngá CO2 a ghabháil;

(e) 

an áirithítear, le feidhmiú an mhargaidh CO2, rochtain leordhóthanach ar acmhainneacht insteallta maidir le hastaíochtaí CO2 is doiligh a mhaolú.

2.  
Ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Coimisiún gníomh reachtach a mholadh lena rialálfar an margadh chun aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh arna sainaithint, go háirithe maidir le hastaíochtaí is doiligh a mhaolú.

CAIBIDIL IV

ROCHTAIN AR MHARGAÍ

Airteagal 25

Rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta i nósanna imeachta soláthair phoiblí

1.  
Maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2014/23/AE, 2014/24/AE nó 2014/25/AE i gcás conarthaí ina bhfuil teicneolaíochtaí glan-nialasachta a liostaítear in Airteagal 4(1), pointí (a) go (k) den Rialachán seo mar chuid dá n-ábhar, nó i gcás conarthaí oibreacha agus lamháltais oibreacha ina n-áirítear an teicneolaíocht sin, cuirfidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha íoscheanglais éigeantacha i bhfeidhm maidir le hinbhuanaitheacht comhshaoil arna mbunú sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 san Airteagal seo.
2.  
Ní chuirfidh mír 1 cosc ar údaráis chonarthacha ná ar eintitis chonarthacha íoscheanglais bhreise nó critéir dhámhachtana bhreise a úsáid i ndáil le hinbhuanaitheacht comhshaoil.
3.  

D’ainneoin mhír 1, cuirfidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha, na ceanglais nó na hoibleagáidí conarthacha seo a leanas i bhfeidhm maidir leis na conarthaí oibreacha agus na lamháltais oibreacha dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

coinníoll speisialta a bhaineann le cúrsaí sóisialta nó fostaíochta i bhfoirm clásal feidhmíochta conartha de réir bhrí Airteagal 70 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 87 de Threoir 2014/25/AE agus prionsabail ghinearálta Threoir 2014/23/AE;

(b) 

ceanglas chun comhlíonadh na gceanglas cibearshlándála is infheidhme a léiriú dá bhforáiltear i rialachán maidir le cibear-athléimneacht, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí agus i gcás ina mbeidh fáil uirthi, trí scéim Eorpach ábhartha um dheimhniú cibearshlándála;

(c) 

oibleagáid chonarthach shonrach chun comhpháirt an chonartha a bhaineann le teicneolaíochtaí glan-nialasachta a liostaítear in Airteagal 4(1), pointí (a) go (k) a sheachadadh in am, as a bhféadfadh oibleagáid chun muirear iomchuí a íoc teacht mura gcomhlíonfaí an oibleagáid sin, agus a théann thar na ceanglais dá bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta is infheidhme, más ann don reachtaíocht sin.

4.  

Beidh na híoscheanglais éigeantacha dá dtagraítear i mír 1, i gcás inarb infheidhme, sna foirmeacha seo a leanas, i gcás inarb infheidhme:

(a) 

sonraíochtaí teicniúla nó ceanglais theicniúla de réir bhrí Airteagal 36 de Threoir 2014/23/AE, de mhír 42 de Threoir 2014/24/AE agus d’Airteagal 60 de Threoir 2014/25/AE; nó

(b) 

clásail feidhmíochta conartha de réir bhrí Airteagal 70 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 87 de Threoir 2014/25/AE agus prionsabail ghinearálta Threoir 2014/23/AE.

5.  
Faoin 30 Márta 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena sonrófar íoscheanglais maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil do na nósanna imeachta soláthair phoiblí dá dtagraítear i mír 1.

Agus an gníomh cur chun feidhme sin á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún na heilimintí seo a leanas ar a laghad san áireamh:

(a) 

staid mhargaidh na dteicneolaíochtaí ábhartha ar leibhéal an Aontais;

(b) 

forálacha maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil a leagtar amach i ngníomhartha reachtacha agus neamhreachtacha eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí a chumhdaítear leis an oibleagáid a leagtar amach i mír 1;

(c) 

gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, lena n-áirítear an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais agus comhaontuithe idirnáisiúnta eile a bhfuil an tAontas faoina gceangal.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2).

6.  
Ní dhéanfaidh an Ballstát idirdhealú in aghaidh an tsoláthraí ná ní chaithfear go difriúil le soláthraí ná le táirgí glan-nialasachta ó Bhallstát eile.
7.  
Cuirfear san áireamh a mhéid a chuireann an tairiscint le hathléimneacht, i gcás nósanna imeachta soláthair phoiblí a thagann faoi raon feidhme Threoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE i gcás ina bhfuil sna conarthaí sin teicneolaíochtaí glan-nialasachta a liostaítear in Airteagal 4(1), pointí (a) go (k) den Rialachán seo ag na conarthaí sin mar chuid dá n-ábhar, nó i gcás na gconarthaí oibreacha agus na lamháltas oibreacha dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear an teicneolaíocht sin, agus i gcás conarthaí arna ndámhachtain ar bhonn creat-chomhaontú ina bhfuil luach measta na gcomhaontuithe sin cothrom leis na luachanna a leagtar amach in Airteagal 8 de Threoir 2014/23/AE, in Airteagal 4 de Threoir 2014/24/AE agus in Airteagal 15 de Threoir 2014/25/AE, nó os a gcionn, i gcomhréir leis an mír seo.

Más rud é, tráth a dhéantar gairm chun iomaíochta le haghaidh nós imeachta soláthair phoiblí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó tráth a chuirtear tús leis an nós imeachta sin, go bhfuil sé cinnte ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 29 (2) go gcuimsítear le teicneolaíocht shonrach ghlan-nialasach nó a príomh-chomhpháirteanna sonracha ar de thionscnamh tríú tír í, go cuimsítear leis sin cion dar méid breis agus 50 % de sholáthar na teicneolaíochta sonraí glan-nialasachta sin nó a príomh-chomhpháirteanna laistigh den Aontas, nó má tá cinnte ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 29(2) go bhfuil méadú 10 bpointe ar a laghad tagtha, ar an meán ar feadh 2 bhliain as a chéile laistigh den Aontas, ar an gcion de sholáthar teicneolaíochta glan-nialasachta sonraí nó a príomh-chomhpháirteanna sonracha ar de thionscnamh tríú tír iad agus go gcuimsítear leis sin 40 % ar a laghad den soláthar laistigh den Aontas, áireoidh na húdaráis chonarthacha agus na heintitis chonarthacha na coinníollacha a leanas sna nósanna imeachta soláthair phoiblí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo:

(a) 

oibleagáid, fad a mhairfidh an conradh, gan níos mó ná 50 % de luach na teicneolaíochta glan-nialasachta sonraí dá dtagraítear san alt seo ó gach tríú tír aonair a sholáthar de réir mar a chinnfidh an Coimisiún;

(b) 

oibleagáid, fad a mhairfidh an conradh, nach soláthróidh an tairgeoir a n-éireoidh leis nó fochonraitheoir ó gach tríú tír aonair, de réir mar a chinnfidh an Coimisiún, go díreach nó go hindíreach, níos mó ná 50 % de luach na bpríomh-chomhpháirteanna sonracha den teicneolaíocht ghlan-nialasachta shonrach dá dtagraítear sa mhír seo;

(c) 

oibleagáid maidir le fianaise leormhaith a bhaineann le pointe (a) nó (b) a sholáthar d’údaráis chonarthacha nó d’eintitis chonarthacha arna iarraidh sin dóibh, ar a dhéanaí tráth a thabharfar forghníomhú an chonartha i gcrích;

(d) 

oibleagáid maidir le muirear comhréireach a íoc, i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b), dar méid 10 % ar a laghad de luach theicneolaíochtaí glan-nialasachta sonracha an chonartha dá dtagraítear sa mír seo.

8.  
Maidir le conarthaí a chumhdaítear le Foscríbhinn I an Aontais a ghabhann le Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais agus le comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha eile a bhfuil an tAontas faoina gceangal, ní chuirfidh údaráis chonarthacha ná eintitis chonarthacha ceanglais phointí (a) go (d) den dara fomhír de mhír 7 i gcás ina dtagann an teicneolaíocht glan-nialasachta sonrach nó a príomh-chomhpháirteanna sonracha ó fhoinsí soláthair is sínitheoirí leis na comhaontuithe sin.
9.  

Féadfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha a chinneadh ar bhonn eisceachtúil gan míreanna 1 go 4, a chur i bhfeidhm sna cásanna seo a leanas:

(a) 

ní ceadmhach ach d’oibreoir eacnamaíoch ar leith an teicneolaíocht ghlan-nialasachta is gá a sholáthar agus ní ann d’aon rogha mhalartach nó ionadach réasúnach agus níl an easpa iomaíochta mar thoradh ar chúngú saorga ar pharaiméadair an nós imeachta soláthair phoiblí;

(b) 

níor tíolacadh aon tairiscintí oiriúnacha ná aon iarrataí oiriúnacha ar rannpháirtíocht mar fhreagairt ar nós imeachta soláthair phoiblí comhchosúil a bhí ann roimhe agus a sheol an t-údarás conarthach nó an t-eintiteas conarthach céanna sa 2 bhliain díreach roimh thús an nós imeachta soláthair nua atá beartaithe;

(c) 

chuirfeadh a gcur i bhfeidhm oibleagáid ar an údarás conarthach nó ar an eintiteas conarthach trealamh a fháil a mbeadh costais dhíréireacha ag baint leis nó bheadh neamhréireacht theicniúil ann maidir lena oibriú agus lena chothabháil mar thoradh ar an gcur i bhfeidhm sin.

10.  
Féadfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha a thoimhdiú go bhfuil difríochtaí costais measta os cionn 20 % díréireach, bunaithe ar shonraí oibiachtúil trédhearcacha.
11.  

I gcás inar eascair as cur i bhfeidhm na ranníocaíochta athléimneachta de bhun mhír 7 den Airteagal seo nár tíolacadh aon tairiscintí oiriúnacha ná aon iarrataí oiriúnacha ar rannpháirtíocht mar fhreagairt ar nós imeachta soláthair phoiblí, féadfaidh na húdaráis chonarthacha nó na heintitis chonarthacha, ar bhonn eisceachtúil, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

cinneadh a dhéanamh an nós imeachta idirbheartaithe a úsáid gan é a fhoilsiú roimh ré de bhun Airteagal 32(2), pointe (a), de Threoir 2014/24/AE, Airteagal 50, pointe (a), de Threoir 2014/25/AE nó Airteagal 31(5) de Threoir 2014/23/AE; nó

(b) 

cinneadh a dhéanamh gan mír 7 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm i nós imeachta soláthair phoiblí sonrach ina dhiaidh sin arb é is aidhm dó aghaidh a thabhairt ar na riachtanais chéanna ar mar thoradh orthu a cuireadh tús leis an nós imeachta tosaigh dá dtagraítear sa mhír seo.

12.  

Beidh an tAirteagal seo gan dochar don mhéid a leanas:

(a) 

an fhéidearthacht critéir bhreise nach mbaineann le praghas a úsáid;

(b) 

an fhéidearthacht tairiscintí thar a bheith íseal a eisiamh faoi Airteagal 69 de Threoir 2014/24/AE agus faoi Airteagal 84 de Threoir 2014/25/AE;

(c) 

Airteagail 107 agus 108 CFAE, i gcás nósanna imeachta soláthair phoiblí neamhiomaíocha.

Airteagal 26

Ceantanna chun foinsí in-athnuaite fuinnimh a imscaradh

1.  

I gcás na dteicneolaíochtaí a liostaítear in Airteagal 4(1), pointí (a) go (j) ar teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite iad, áireoidh na Ballstáit, agus ceantanna á ndearadh acu chun fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a imscaradh, an méid seo a leanas:

(a) 

critéir réamhcháiliúcháin a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(i) 

iompar gnó freagrach;

(ii) 

cibearshlándáil agus slándáil sonraí; agus

(iii) 

an cumas an tionscadal a sheachadadh go hiomlán agus in am;

(b) 

critéir réamhcháiliúcháin nó critéir dhámhachtana chun measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta an cheant dá dtagraítear i mír 2.

Ní dochar an mhír seo d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2018/2001 agus d’Airteagail 107 agus 108 CFAE, agus d’oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais.

2.  
Beidh rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta na gceantanna bunaithe ar na critéir a leagtar síos sa mhír seo. Beidh na critéir sin oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.

Le ceantanna, rannchuideofar leis an athléimneacht, ag cur san áireamh an cion den teicneolaíocht glan-nialasachta nó a príomh-chomhpháirteanna sonracha de thionscnamh tríú tír lena gcuimsítear níos mó ná 50 % de sholáthar na teicneolaíochta glan-nialasachta sin nó a príomh-chomhpháirteanna laistigh den Aontas;

Chun críocha an dara fhomhír den mhír seo, cinnfear an tír thionscnaimh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ).

Le ceantanna, rannchuideofar freisin le ceann amháin ar a laghad de na nithe seo a leanas:

(a) 

inbhuanaitheacht chomhshaoil a théann thar na híoscheanglais sa dlí is infheidhme;

(b) 

nuálaíocht trí réitigh úrnua a chur ar fáil nó trí réitigh inchomparáide úrscothacha a fheabhsú;

(c) 

comhtháthú an chórais fuinnimh.

Ní chuirfidh an mhír seo bac ar na Ballstáit critéir bhreise nach mbaineann le praghsanna a úsáid de bhreis ar na critéir a liostaítear sa mhír seo.

3.  
Faoin 30 Márta 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena sonrófar tuilleadh na critéir réamhcháiliúcháin agus dámhachtana dá dtagraítear i mír 1.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2).

4.  
Nuair a chuirtear i bhfeidhm iad mar chritéir dhámhachtana, tabharfaidh na Ballstáit íosualú de 5 % agus ualú comhcheangailte idir 15 % agus 30 % de na critéir dhámhachtana do gach ceann acu chun measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta an cheant. Tá an méid sin gan dochar don fhéidearthacht ualú níos airde a thabhairt do na critéir dá dtagraítear sa cheathrú fomhír de mhír 2, i gcomhréir le haon teorainn le haghaidh critéir nach mbaineann le praghsanna a leagtar síos faoi na rialacha maidir le státchabhair.
5.  
Ní bheidh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit na breithnithe a bhaineann leis na critéir réamhcháiliúcháin agus dámhachtana a leagtar síos i mír 1 a chur i bhfeidhm i gcás ina mbeadh costais dhíréireacha dá gcuirfí i bhfeidhm iad. Féadfaidh na Ballstáit a thoimhdiú go bhfuil na costais díréireach má tá difríocht os cionn 15 % sna costais in aghaidh an cheant, bunaithe ar shonraí oibiachtúil infhíoraithe.
6.  
Déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, bearta chun ráta forghníomhaithe na dtionscadal a uasmhéadú trí dhreasachtaí iomchuí, mar shampla, trí innéacsú praghsanna a chur i bhfeidhm. Féadfaidh na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tairiscintí diúltacha ar luas agus ar scála an imscartha.
7.  
Beidh feidhm ag Airteagail 1 go 5 maidir le 30 % ar a laghad den mhéid a chuirtear ar ceant in aghaidh na bliana in aghaidh an Bhallstáit, nó de rogha air sin, ar a laghad 6 Ghigeavata in aghaidh na bliana in aghaidh an Bhallstáit.
8.  

Faoin 31 Nollaig 2027 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú cuimsitheach ar chur i bhfeidhm na gcritéar athléimneachta agus inbhuanaitheachta le haghaidh ceantanna i dtaca le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a imscaradh agus ar a n-éifeacht ar imscaradh luathaithe teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite. Go háirithe, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thionchar na gcritéar athléimneachta agus inbhuanaitheachta ar na nithe seo a leanas:

(a) 

forbairt mhonarú bliantúil theicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite an Aontais;

(b) 

imscaradh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, lena n-áirítear a dtionchar airgeadais agus a dtionchar ar luas an imscartha, agus ag an am céanna an inoibritheacht, lena n-áirítear an t-ualach riaracháin, agus soiléireacht an chórais d’fhorbróirí tionscadal agus don riarachán náisiúnta á gcur san áireamh freisin, ar bhonn na sonraí atá ar fáil.

Mar chuid den mheasúnú sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe ó na Ballstáit i réimse na ceantála.

9.  
Más rud é go bhfuil an measúnú dá dtagraítear i mír 8 dearfach, go háirithe más rud é nár chuir cur i bhfeidhm na gcritéar athléimneachta agus inbhuanaitheachta bac suntasach ar imscaradh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra a thíolacadh chun mír 7 a leasú chun sciartha an mhéid a chuirtear ar ceant in aghaidh na bliana in aghaidh an Bhallstáit nó an dearbhmhéid a bhfuil feidhm ag míreanna 1 go 5 maidir leis a chinneadh, go háirithe d’fhonn na méideanna sin a mhéadú, agus chun tairseach na ndifríochtaí costais measta dá dtagraítear i mír 5 a choigeartú.
10.  
Chun na méideanna a chuirtear ar ceant in aghaidh na bliana in aghaidh an Bhallstáit a ríomh, féadfar ceantanna le haghaidh suiteálacha lena mbaineann uasmhéid tionscadail 10 MW a eisiamh. I gcás ceantanna i leith teicneolaíocht shonrach a bhfuil feidhm ag míreanna 1 go 5 maidir léi, agus ar a raibh tearc-éileamh ina dhiaidh sin, féadfar an sciar tearc-éilithe den mhéid ar ceant a eisiamh ó chur i bhfeidhm mhíreanna 1 go 5.
11.  
Chun cur chun feidhme a éascú do na Ballstáit uile, go háirithe dóibh siúd a bhfuil méid íseal ceantanna acu, féadfaidh na Ballstáit nár sheol níos mó ná 2 cheant in aghaidh na bliana le linn an 2 bhliain roimhe sin, sciar na gceantanna a bhfuil feidhm ag míreanna 1 go dtí 5 ina leith, a ríomh thar an tréimhse 2 bhliain sin.

Airteagal 27

Soláthar réamhthráchtála agus soláthar poiblí réiteach nuálaíoch

1.  
Féachfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, le soláthar réamhthráchtála agus soláthar poiblí na réiteach nuálach a úsáid chun nuálaíocht a spreagadh sa teicneolaíocht ghlan-nialasachta agus chun acmhainneacht mhonaraíochta nua a chruthú le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta san Aontas. Féadfar cistiú ar leibhéal an Aontais a chur le soláthar réamhthráchtála agus soláthar poiblí réiteach nuálach faoi chuimsiú chláir an Aontais atá ann cheana le haghaidh soláthar réamhthráchtála comhpháirteach nó soláthar poiblí ar fud na mBallstát.
2.  
Ullmhóidh an tArdán moltaí maidir le dearadh sholáthar réamhthráchtála nó sholáthar poiblí réiteach nuálach.

Airteagal 28

Cineálacha eile idirghabhálacha poiblí

1.  
Gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 CFAE agus Airteagal 4 de Threoir (AE) 2018/2001 agus i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh scéimeanna nua a bhunú nó scéimeanna atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta a rachaidh chun tairbhe do theaghlaigh, do chuideachtaí nó do thomhaltóirí a dhreasaíonn ceannach na dtáirgí deiridh teicneolaíochta glan nialasachta, déanfaidh na Ballstáit, údaráis réigiúnacha nó áitiúla, comhlachtaí arna rialú ag an dlí poiblí nó comhlachais ina gcuimsítear ceann amháin nó níos mó de na húdaráis nó de na comhlachtaí sin arna rialú ag an dlí poiblí na scéimeanna sin a dhearadh ar bhealach a chuirfidh chun cinn táirgí deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta a bheith á gceannach ag tairbhithe, táirgí lena mbaineann rannchuidiú mór inbhuanaitheachta agus athléimneachta dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo trí chúiteamh airgeadais comhréireach breise a sholáthar nó trí cáilitheacht na scéime ar bhonn an gcritéir a leagtar síos i mír 4 den Airteagal seo a oiriúnú, agus inrochtaineacht na scéimeanna do shaoránaigh atá beo go fuinneamhbhocht á meas ag an am céanna.
2.  
An cúiteamh airgeadais breise a dheonóidh na húdaráis i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, de bharr chur i bhfeidhm na gcritéar a leagtar síos i mír 4, pointí (a), (c) agus (d), den Airteagal seo, ní bheidh sé níos mó ná 5 % de chostas an táirge deiridh teicneolaíocht glan-nialasachta don tomhaltóir, cé is moite de scéimeanna lena ndírítear ar shaoránaigh atá beo go fuinneamhbhocht, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ), arb é 15 % an teorainn ina leith.
3.  
Agus scéim á dearadh agus á cur chun feidhme de bhun mhír 1, déanfaidh an t-údarás measúnú ar athléimneacht agus rannchuidiú inbhuanaitheachta na dtáirgí deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta atá ar fáil ar an margadh ar bhonn próiseas oscailte, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach. Beifear i dteideal iarratas a dhéanamh i leith aon táirge deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta dul isteach sa scéim tráth ar bith. Sonróidh an t-údarás pasmharc ar dá réir a bheidh táirgí deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta incháilithe don chúiteamh airgeadais breise faoin scéim tacaíochta.
4.  

Beidh rannchuidiú athléimneachta agus inbhuanaitheachta maidir le cineálacha eile idirghabhálacha poiblí bunaithe ar a rannchuidiú leis an athléimneacht, ag cur san áireamh an cion den teicneolaíocht glan-nialasachta nó a príomh-chomhpháirteanna sonracha de thionscnamh tríú tír lena gcuimsítear níos mó ná 50 % de sholáthar na teicneolaíochta glan-nialasachta sin laistigh den Aontas, agus ar a laghad ceann amháin díobh seo a leanas:

(a) 

inbhuanaitheacht chomhshaoil a théann thar na híoscheanglais sa dlí is infheidhme;

(b) 

rannchuidiú le nuálaíocht trí réitigh úrnua a chur ar fáil nó trí réitigh inchomparáide úrscothacha a fheabhsú;

(c) 

rannchuidiú le comhtháthú an chórais fuinnimh.

Beidh na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.

Ní chuirfidh sé sin bac ar na Ballstáit critéir bhreise nach mbaineann le praghsanna a úsáid de bhreis ar na critéir a leagtar amach sa mhír sin.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), den Airteagal seo, cinnfear an tír thionscnaimh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

5.  
Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis uile a bhaineann le scéimeanna de bhun mhír 1 i gcás gach táirge deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta ábhartha a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin aonair ar a bhfuil rochtain saor in aisce.

Airteagal 29

Tionscnaimh maidir le rochtain ar mhargaí a chomhordú

1.  
I gcás inarb ábhartha, soláthróidh an Coimisiún treoir maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar chun measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú athléimneachta agus inbhuanaitheachta na dtáirgí teicneolaíochta glan-nialasachta a chumhdaítear leis na cineálacha idirghabhálacha poiblí dá dtagraítear in Airteagail 25, 26 agus 28.
2.  
Chun measúnú a dhéanamh ar an rannchuidiú leis an athléimneacht, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena ndéanfar foráil maidir le liosta de gach ceann de na táirgí deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta agus dá bpríomh-chomhpháirteanna sonracha. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2).

Ar bhonn an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an Coimisiún faisnéis nuashonraithe ar fáil faoi na sciartha de sholáthar an Aontais de thionscnamh tríú tíortha éagsúla sa bhliain is deireanaí a bhfuil sonraí ar fáil ina leith maidir le gach ceann de na teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus a bpríomh-chomhpháirteanna. Cinnfear an tír thionscnaimh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

3.  
Pléifidh an tArdán bearta a rinne na Ballstáit chun Airteagail 25 go 28 a chur chun feidhme agus malartóidh sé dea-chleachtais, inter alia, maidir le húsáid phraiticiúil na gcritéar lena sainítear an ranníocaíocht inbhuanaitheachta agus athléimneachta sna nósanna imeachta soláthair phoiblí, nó scéimeanna lena ndreasaítear ceannach táirgí deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta.

CAIBIDIL V

FEABHAS A CHUR AR SCILEANNA CHUN POIST ARDCHÁILÍOCHTA A CHRUTHÚ

Airteagal 30

Acadaimh Eorpacha um an tionscal glan-nialasachta

1.  

Bunaithe ar mheasúnú ón gCoimisiún, agus úsáid á baint aige as sonraí agus tuarascálacha atá ann cheana, ar ghanntanais scileanna sna tionscail teicneolaíochta glan-nialasachta atá ríthábhachtach don chlaochlú tionsclaíoch agus don dícharbónú, agus inniúlacht na mBallstát i réimse an oideachais agus na hoiliúna á hurramú go hiomlán aige, tacóidh an Coimisiún, lena n-áirítear trí síolchistiú a sholáthar, le seoladh acadaimh Eorpacha an tionscail glan-nialasachta (‘na hAcadaimh’), mar eagraíochtaí nó cuibhreannais nó mar thionscadail de chuid geallsealbhóirí ábhartha, a bhfuil na cuspóirí seo a leanas acu:

(a) 

cláir foghlama, ábhar agus ábhair foghlama agus oiliúna don oiliúint agus don oideachas a fhorbairt, lena bheith á n-úsáid go deonach ag na Ballstáit agus ag soláthraithe oideachais agus oiliúna ar a gcríocha, mar shampla, maidir le teicneolaíochtaí glan-nialasachta a fhorbairt, a tháirgeadh, a shuiteáil, a choimisiúnú, a oibriú, a chothabháil, a dheisiú, a éicidhearadh, a athúsáid agus a athchúrsáil, agus maidir le hamhábhair, chomh maith le gnéithe ábhartha sláinte agus sábháilteachta ceirde agus inniúlachtaí trasnaí; léireofar leis sin an measúnú ar ghanntanais scileanna agus tacófar le hinniúlachtaí na n-údarás poiblí, go háirithe iad siúd atá inniúil ar cheadanna agus údaruithe dá dtagraítear i gCaibidil II a eisiúint, agus údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha dá dtagraítear i gCaibidil IV den Rialachán seo;

(b) 

na cláir foghlama, an t-ábhar agus na hábhair a bheith á n-úsáid ar bhonn deonach ag soláthraithe oideachais agus oiliúna sna Ballstáit a chur chun cinn;

(c) 

tacaíocht a thairiscint do na soláthraithe oideachais agus oiliúna a úsáideann na cláir foghlama, an t-ábhar agus na hábhair a tháirgeann na hAcadaimh chun cáilíocht na hoiliúna a chuirtear ar fáil a choinneáil agus chun sásraí a fhorbairt chun cáilíocht na hoiliúna atá á cur ar fáil a áirithiú;

(d) 

dintiúir a fhorbairt, lena n-áirítear, más iomchuí, micridhintiúir, chun gur féidir leis na Ballstáit agus soláthraithe oideachais agus oiliúna ar a gcríocha iad a úsáid go deonach, chun sainaithint scileanna a éascú, agus, más iomchuí, sainaithint cáilíochtaí, chun inaistritheacht idir poist agus tionscail a fheabhsú, chun soghluaisteacht trasteorann an lucht saothair a éascú, chun meaitseáil le poist ábhartha ardcháilíochta a chur chun cinn trí uirlisí ar nós líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES) agus EURAXES, agus chun a áirithiú go mbeidh sé le feiceáil go soiléir gur Acadamh a d'fhorbair clár foghlama nó ábhar foghlama áirithe.

2.  
Beidh gníomhaithe ábhartha rannpháirteach sna hAcadaimh, mar shampla, an tionscal teicneolaíochta glan-nialasachta, soláthraithe oideachais agus oiliúna agus comhpháirtithe sóisialta ó raon Ballstát. Forbróidh na hAcadaimh pleananna gníomhaíochta ina leagfar amach, i measc nithe eile, garspriocanna, spriocanna lena n-áirítear i dtéarmaí líon na bhfoghlaimeoirí ar spriocanna iad a bheidh bunaithe ar mheasúnú ar ghanntanais scileanna, chomh maith le plean airgeadais arb é is aidhm dó inbhuanaitheacht airgeadais a bhaint amach. Tabharfar aird ar leith sna pleananna gníomhaíochta sin ar réigiúin atá i mbun claochlú tionsclaíoch nó a bhfuil ráta ard dífhostaíochta iontu, i gcás inarb ábhartha.
3.  
Déanfaidh na hAcadaimh ábhar atá cothrom ó thaobh inscne de a chruthú, rannchuideoidh siad le steiréitíopaí inscne a chomhrac agus rochtain chothrom ar ábhair foghlama a chur chun cinn do chách, agus aird ar leith a thabhairt ar an ngá le níos mó ban agus daoine óga, go háirithe NEETanna, daoine scothaosta, oibrithe i ngairmeacha atá i mbaol dul i léig nó a bhfuil a n-ábhar agus a gcúraimí á gclaochlú go mór de bharr teicneolaíochtaí nua, daoine atá ag obair i réigiúin atá i mbun aistriú agus daoine faoi mhíchumas, a ghníomhachtú. Déanfaidh na hAcadaimh éagsúlacht a chur chun cinn mar aon le cuimsitheacht daoine faoi mhíchumas, imirceach agus daoine atá i staideanna leochaileacha.
4.  
Gan dochar do chumhachtaí ábhartha an údaráis bhuiséadaigh, cuirfear acmhainní airgeadais ar fáil ar leibhéal an Aontais nuair is iomchuí chun tacú le seoladh na nAcadamh le síolchistiú dá dtagraítear i mír 1. Ina theannta sin, moltar do na Ballstáit úsáid a bhaint as cistí ábhartha de chuid an Aontais, mar shampla, CSE+, chun tacú le himscaradh an ábhair foghlama a d’fhorbair na hAcadaimh.

Airteagal 31

Gairmeacha rialaithe i dtionscail teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla

1.  

Laistigh de 9 mí tar éis chur i gcríoch an ábhair foghlama agus na n-ábhar a d’fhorbair Acadamh áirithe agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit a ndícheall a shainaithint an bhfuil na cláir foghlama a d’fhorbair an tAcadamh sin coibhéiseach leis na cáilíochtaí sonracha a theastaíonn ón mBallstát óstach chun rochtain a fháil ar ghníomhaíochtaí rialaithe laistigh de raon feidhme gairme a bhfuil leas ar leith ag baint leo le haghaidh an tionscail teicneolaíochta glan-nialasachta sa Bhallstát sin. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear torthaí na measúnuithe ar fáil go poiblí agus go mbeidh rochtain éasca orthu ar líne. I gcás ina measfar nach bhfuil na cláir foghlama coibhéiseach leis na cáilíochtaí a éilíonn an Ballstát óstach chun rochtain a fháil ar ghníomhaíochtaí rialaithe, nó i gcás nach ndearna Ballstát iarracht coibhéis a shainaithint, cuirfidh an Ballstát sin an tArdán ar an eolas, agus soláthróidh sé faisnéis ábhartha maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

an réasúnaíocht nár comhlánaíodh an cleachtadh sainaitheantais; nó

(b) 

na difríochtaí idir na cláir foghlama arna bhforbairt ag na hAcadaimh agus na cáilíochtaí sonracha a theastaíonn ón mBallstát óstach sin, agus conas coibhéis a bhaint amach.

2.  
Má thagann Ballstát ar an gconclúid go bhfuil na cláir foghlama a d’fhorbair Acadamh coibhéiseach leis na cáilíochtaí sonracha a éilíonn an Ballstát is óstach chun rochtain a fháil ar ghníomhaíochtaí rialaithe, éascóidh sé sainaithint na ndintiúr arna n-eisiúint ag soláthraithe oideachais agus oiliúna ar bhonn na gclár foghlama a d’fhorbair an tAcadamh, faoi Theideal III, Caibidil I de Threoir 2005/36/CE, aon uair a iarrann sealbhóir dintiúir den sórt sin rochtain ar ghairm rialaithe de réir bhrí Airteagal 3(1), pointe (a) de Threoir 2005/36/CE, agus lena mbaineann tábhacht ar leith don tionscal teicneolaíochta glan-nialasachta, trí chaitheamh leis an dintiúr mar fhianaise leordhóthanach ar cháilíochtaí foirmiúla, i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir 2005/36/CE.
3.  
I gcás ina rialaítear rochtain ar ghairm lena mbaineann tábhacht ar leith le haghaidh an tionscail teicneolaíochta glan-nialasachta de réir bhrí Airteagal 3(1), pointe (a), de Threoir 2005/36/CE, oibreoidh na Ballstáit chun tacar coiteann eolais, scileanna agus inniúlachtaí íosta a fhorbairt a theastaíonn chun an ghairm shonrach sin a shaothrú chun creat comhchoiteann oiliúna dá dtagraítear in Airteagal 49a(1) de Threoir 2005/36/CE a bhunú chun sainaithint uathoibríoch cáilíochtaí a chumasú. Féadfaidh an tArdán moltaí a thíolacadh chomh maith maidir le creata comhchoiteanna oiliúna, dá dtagraítear in Airteagal 49a(3) de Threoir 2005/36/CE.

Airteagal 32

An tArdán um Ghlan-Nialasacht na hEorpa agus scileanna

Tacóidh an tArdán le gníomhaíocht na mBallstát agus cuirfidh sé léi maidir le scileanna a imscaradh i dteicneolaíochtaí glan-nialasachta, agus a n-inniúlacht á hurramú ag an am céanna, trí chomhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit, lena n-áirítear údaráis inniúla, agus údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha dá dtagraítear i gCaibidil II agus IV, trí bhíthin an mhéid seo a leanas:

(a) 

measúnú, faireachán leanúnach agus réamhaisnéis a dhéanamh ar éileamh agus soláthar lucht saothair ag a bhfuil na tacair scileanna a theastaíonn i dteicneolaíochtaí glan-nialasachta agus ar infhaighteacht agus glacadh deiseanna oideachais agus oiliúna comhfhreagracha, chun cur le gníomhaíochtaí na nAcadamh, de réir mar is iomchuí;

(b) 

faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht na nAcadamh, ar bhonn na sonraí agus na faisnéise maidir le líon na ndaoine a bhain tairbhe as na cláir foghlama arna bhforbairt ag na hAcadaimh, lena n-áirítear sonraí dí-chomhiomlánaithe de réir earnála tionsclaíche, inscne, aoise, agus leibhéal oideachais agus cáilíochta, sineirgí a chothú le tionscnaimh agus tionscadail scileanna de chuid an Aontais agus náisiúnta, agus dea-chleachtais a neartú agus a mhéadú, inter alia, chun lucht saothair ilghnéitheach a mhealladh agus maoirseacht ghinearálta a sholáthar;

(c) 

anailís a dhéanamh ar bhunchúiseanna na nganntanas saothair agus scileanna, ar bhonn na léargas agus na sonraí atá ann cheana, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le cáilíocht na tairisceana poist, agus ar an gcaoi sin, measúnú an gá bearta breise a dhéanamh chun níos mó oibrithe de gach leibhéal cáilíochta a mhealladh i dtionscail áirithe;

(d) 

cúnamh a thabhairt le páirtithe leasmhara a shlógadh, lena n-áirítear lucht tionscail, gnóthais lena n-áirítear FBManna, comhpháirtithe sóisialta agus soláthraithe oideachais agus oiliúna, mar shampla, ollscoileanna, ar mhaithe le cur chun cinn, agus, i gcomhréir le cleachtais náisiúnta, a rannpháirtíocht fhéideartha i gcur i bhfeidhm clár foghlama arna bhforbairt ag na hAcadaimh;

(e) 

cuidiú le glacadh na ndintiúr foghlama arna bhforbairt ag na hAcadaimh sna Ballstáit chun sainaithint scileanna agus, i gcás inarb iomchuí, sainaithint cáilíochtaí agus meaitseáil scileanna agus post a chur chun cinn, inter alia, trí bhailíocht agus glacadh na ndintiúr a chur chun cinn ar fud mhargadh saothair an Aontais;

(f) 

faireachán a dhéanamh ar ghlacadh agus ar shainaithint dintiúr foghlama agus rannchuidiú le réitigh a sholáthar i gcás ina mbraitear saincheisteanna neamhaitheantais;

(g) 

forbairt próifílí gairmeacha Eorpacha, chun gur féidir leis na Ballstáit iad a úsáid go deonach, a éascú, i gcás inarb iomchuí, arb é a bheidh iontu tacar coiteann eolais, scileanna agus inniúlachtaí le haghaidh na bpríomhghairmeacha sna teicneolaíochtaí glan-nialasachta, agus leas á bhaint, inter alia, as na cláir foghlama arna bhforbairt ag na hAcadaimh, agus, i gcás inarb iomchuí, úsáid a bhaint as an téarmaíocht a sholáthraítear san Aicmiú Eorpach Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha (ESCO) chun trédhearcacht agus soghluaisteacht idir poist agus thar theorainneacha an mhargaidh inmheánaigh a éascú;

(h) 

ionchais ghairme agus dálaí oibre ardcháilíochta a chur chun cinn, lena n-áirítear pá leordhóthanach, i bpoist i dtionscail teicneolaíochta glan-nialasachta, lánpháirtiú tuilleadh ban agus daoine óga sa mhargadh saothair ó thaobh na dteicneolaíochta glan-nialasachta de, go háirithe NEETanna, daoine scothaosta, oibrithe i ngairmeacha atá i mbaol imeacht i léig nó a bhfuil a n-ábhar agus a gcúraimí á gclaochlú go mór le teicneolaíochtaí nua, daoine atá ag obair i réigiúin atá i mbun aistriú agus daoine faoi mhíchumas, agus oibrithe oilte a mhealladh ó thríú tíortha trí ionstraimí ar nós an Chárta Ghoirm Eorpaigh agus i gcomhréir le hinniúlachtaí, dlí agus cleachtas náisiúnta, agus ar an gcaoi sin, lucht saothair níos ilghnéithí a bhaint amach;

(i) 

soghluaisteacht an lucht saothair ar fud an Aontais a spreagadh agus tacú léi agus foilsiú folúntas a bhaineann le teicneolaíochtaí glan-nialasachta ag EURES a chur chun cinn, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 );

(j) 

comhordú níos dlúithe agus malartú dea-chleachtas agus feasa gnó a éascú idir na Ballstáit agus laistigh den earnáil phríobháideach chun feabhas a chur ar infhaighteacht scileanna sna teicneolaíochtaí glan-nialasachta, lena n-áirítear trí rannchuidiú le beartais an Aontais agus na mBallstát chun daoine tréitheacha nua a mhealladh ó thríú tíortha agus ó gach leibhéal oideachais, i gcomhréir le hinniúlachtaí, dlí agus cleachtas náisiúnta, agus i gcomhar leis na struchtúir comhair Eorpaigh atá ann cheana san oideachas agus san oiliúint;

(k) 

sineirgí a lorg le cláir oiliúna nó oideachais atá ann cheana, agus é mar aidhm, i measc nithe eile, cláir foghlama na nAcadamh a mheaitseáil le riachtanais thionscal an Aontais.

CAIBIDIL VI

NUÁLAÍOCHT

Airteagal 33

Boscaí gainimh rialála glan-nialasachta

1.  
Faoin 30 Márta 2025, bunóidh nó ainmneoidh na Ballstáit pointe teagmhála amháin nó níos mó agus boscaí gainimh rialála glan-nialasachta á mbunú acu. Beidh pointe teagmhála aonair freagrach as gach iarraidh ar bhosca gainimh rialála glan-nialasachta a bhunú de bhun an Airteagail seo.
2.  
Féadfaidh na Ballstáit, in éineacht le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus Ballstáit eile i gcás inarb iomchuí, ar a dtionscnamh féin, boscaí gainimh rialála glan-nialasachta a bhunú. Bunóidh na Ballstáit boscaí gainimh rialála glan-nialasachta i ndlúthchomhar le lucht tionscail, agus i gcás inarb ábhartha, institiúidí taighde, comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta, i gcomhréir le mír 1 arna iarraidh sin d’aon chuideachta, d’aon eagraíocht nó d’aon chuibhreannas atá ag forbairt teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha, a chomhlíonann na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin a leagtar síos i mír 3, an dara fomhír, pointe (a) agus ar roghnaigh na húdaráis inniúla é de réir an nós imeachta roghnúcháin dá dtagraítear i mír 3, an dara fomhír, pointe (b).
3.  
Glacfar na socruithe agus na coinníollacha maidir leis na boscaí gainimh rialála glan-nialasachta a bhunú agus a oibriú de bhun mhír 2 trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Cuirfidh na socruithe agus na coinníollacha sin feabhas ar sholúbthacht na n-údarás inniúil maidir le tús áite a thabhairt d’iarratais áirithe ar bhoscaí gainimh rialála glan-nialasachta agus na hiarratais sin a fhormheas. Cothóidh siad nuálaíocht agus foghlaim rialála agus cuirfidh siad san áireamh go háirithe imthosca agus acmhainneachtaí speisialta FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta rannpháirteacha.

Sna gníomhartha cur chun feidhme sin, áireofar na príomhphrionsabail choiteanna maidir leis na saincheisteanna seo a leanas:

(a) 

na critéir incháilitheachta agus an nós imeachta roghnúcháin le haghaidh rannpháirtíocht sna boscaí gainimh rialála glan-nialasachta;

(b) 

an nós imeachta maidir le boscaí gainimh rialála glan-nialasachta a chur i bhfeidhm, a bheith rannpháirteach iontu, faireachán a dhéanamh orthu, imeacht astu agus iad a fhoirceannadh;

(c) 

na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme maidir leis na rannpháirtithe.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2).

4.  
Ní dhéanfaidh rannpháirtíocht sna boscaí gainimh rialála glan-nialasachta difear do chumhachtaí maoirseachta agus ceartaitheacha na n-údarás a dhéanann maoirseacht ar an mbosca gainimh rialála glan-nialasachta. Déanfar na teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha nó teicneolaíochtaí nuálacha eile a thástáil, a fhorbairt agus a bhailíochtú faoi mhaoirseacht agus le tacaíocht na n-údarás inniúil. Feidhmeoidh na húdaráis inniúla a gcumhachtaí maoirseachta ar bhealach solúbtha laistigh de theorainneacha an dlí ábhartha, agus déanfaidh siad na cleachtais rialála atá ann cheana á oiriúnú agus a gcumhachtaí lánroghnacha a úsáid agus forálacha dlíthiúla á gcur chun feidhme agus á bhforfheidhmiú acu maidir le tionscadal sonrach bosca ghainimh rialála glan-nialasachta, d’fhonn bacainní a bhaint, an t-ualach rialála a mhaolú, éiginnteacht rialála a laghdú, agus tacú le nuálaíocht i dteicneolaíochtaí glan-nialasachta nó i dteicneolaíochtaí nuálacha eile.
5.  
Chun cuspóir an Airteagail seo a bhaint amach, breithneoidh na húdaráis inniúla ar mhaoluithe nó díolúintí a dheonú faoin dlí náisiúnta a mhéid a cheadaítear sin faoi dhlí ábhartha an Aontais. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go n-urramófar leis an bplean maidir le boscaí gainimh rialála glan-nialasachta go n-urramófar ceanglais dhlí an Aontais agus príomhchuspóirí agus ceanglais fhíor-riachtanacha an dlí náisiúnta. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar aon riosca mór don tsláinte, don tsábháilteacht nó don chomhshaol a shainaithneofar le linn forbairt agus tástáil teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha nó teicneolaíochtaí nuálacha eile a chur in iúl go poiblí agus go gcuirfear an próiseas forbartha agus tástála ar fionraí láithreach dá dheasca go dtí go ndéanfar an riosca sin a mhaolú. I gcás ina measfaidh údaráis inniúla go bhfuil rioscaí eisceachtúla ag baint leis an tionscadal atá beartaithe do shláinte agus sábháilteacht oibrithe, an phobail i gcoitinne, nó an chomhshaoil, go háirithe toisc go mbaineann sé le tástáil, forbairt nó bailíochtú lena mbaineann substaintí fíorthocsaineacha, ní fhormheasfaidh siad an plean maidir leis an mbosca gainimh rialála glan-nialasachta go dtí go mbeidh siad sásta go bhfuil coimircí leordhóthanacha curtha i bhfeidhm atá i gcomhréir leis an riosca eisceachtúil a sainaithníodh.
6.  
Beidh rannpháirtithe sa bhosca gainimh rialála glan-nialasachta faoi dhliteanas i gcónaí faoi dhlí dliteanais is infheidhme de chuid an Aontais agus na mBallstát as aon díobháil ábhartha a dhéanfar do thríú páirtithe de thoradh na tástála a dhéanfar sa bhosca gainimh glan-nialasachta.
7.  
Féadfar síneadh a chur le fad an bhosca ghainimh rialála glan-nialasachta tríd an nós imeachta céanna, le comhaontú an údaráis inniúil náisiúnta.
8.  
Déanfar na boscaí gainimh rialála teicneolaíochtaí glan-nialasachta a dhearadh agus a chur chun feidhme ar bhealach, i gcás inarb ábhartha, a éascóidh comhar trasteorann idir na húdaráis inniúla náisiúnta. Na Ballstáit a bhfuil boscaí gainimh rialála glan-nialasachta bunaithe acu, déanfaidh siad a ngníomhaíochtaí a chomhordú agus comhoibreoidh siad faoi chuimsiú an Ardáin agus é mar chuspóir acu faisnéis ábhartha a chomhroinnt leis Ballstáit eile. Féadfaidh an tArdán cuireadh a thabhairt do chuideachtaí a ghlac páirt i mbosca gainimh rialála glan-nialasachta a dtaithí ar an bpróiseas a roinnt. Tuairisceoidh an Coimisiún go rialta, ar bhonn na faisnéise a chuirfidh na Ballstáit agus na pléití a reáchtáiltear san Ardán ar fáil, maidir le torthaí chur chun feidhme na mboscaí gainimh rialála glan-nialasachta, lena n-áirítear dea-chleachtais, ceachtanna a foghlaimíodh agus moltaí maidir lena mbunú agus, i gcás inarb ábhartha, maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus reachtaíocht eile de chuid an Aontais laistigh den bhosca gainimh rialála ar bhealach atá oiriúnaithe chun críocha an bhosca ghainimh glan-nialasachta.

Airteagal 34

Bearta le haghaidh FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta

1.  

Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a) 

rochtain tosaíochta a sholáthar do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta ar na boscaí gainimh rialála glan-nialasachta nuálacha sa mhéid go gcomhlíonann siad na coinníollacha incháilitheachta a leagtar síos in Airteagal 33;

(b) 

gníomhaíochtaí múscailte feasachta a eagrú maidir le rannpháirtíocht FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta sna boscaí gainimh rialála glan-nialasachta;

(c) 

i gcás inarb iomchuí, bealach tiomnaithe a bhunú chun cumarsáid a dhéanamh le FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta chun treoir a sholáthar agus freagra a thabhairt ar cheisteanna faoi chur chun feidhme Airteagal 33.

2.  
Cuirfidh na Ballstáit leasanna sonracha agus riachtanais shonracha FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta san áireamh, agus soláthróidh siad tacaíocht riaracháin leordhóthanach chun gur féidir leo páirt a ghlacadh sna boscaí gainimh rialála glan-nialasachta. Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 CFAE, ba cheart do na Ballstáit FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta a chur ar an eolas faoin tacaíocht airgeadais atá ar fáil dá ngníomhaíochtaí sna boscaí gainimh rialála glan-nialasachta.

Airteagal 35

Grúpa Stiúrtha an Phlean Straitéisigh Eorpaigh um Theicneolaíocht Fuinnimh a bhunú

1.  
Bunaítear leis seo Grúpa Stiúrtha an Phlean Straitéisigh um Theicneolaíocht Fuinnimh (Grúpa Stiúrtha Phlean SET).
2.  
Déanfaidh Grúpa Stiúrtha Phlean SET na cúraimí a leagtar amach sa Rialachán seo.

Airteagal 36

Cúraimí Ghrúpa Stiúrtha Phlean SET

1.  
Tabharfaidh Grúpa Stiúrtha Phlean SET comhairle agus treoraíocht don Phlean Straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh agus stiúrfaidh sé é.
2.  
Oibreoidh agus comhordóidh an Coimisiún agus na Ballstáit laistigh de Ghrúpa Stiúrtha Phlean SET chun cuidiú le teicneolaíochtaí fuinnimh atá glan, éifeachtúil agus iomaíoch ó thaobh costais de a fhorbairt trí chomhordú agus comhoibriú i dtaighde agus nuálaíocht maidir le fuinneamh glan agus, i gcás inarb ábhartha, le tríú tíortha arna iarraidh sin.
3.  
Tabharfaidh Grúpa Stiúrtha Phlean SET comhairle agus cúnamh don Choimisiún maidir le tionscnaimh a bhunú a bhaineann leis na cúraimí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

Airteagal 37

Struchtúr agus feidhmiú Ghrúpa Stiúrtha Phlean SET

1.  
Beidh Grúpa Stiúrtha Phlean SET comhdhéanta de na Ballstáit agus den Choimisiún. Beidh ionadaí amháin nó níos mó ón gCoimisiún ina chathaoirleach nó ina gcathaoirligh air.
2.  
Ceapfaidh gach Ballstát ionadaí ardleibhéil chuig Grúpa Stiúrtha Phlean SET. I gcás inarb ábhartha a mhéid a bhaineann leis an bhfeidhm agus an saineolas, féadfaidh Ballstát níos mó ná ionadaí amháin a cheapadh i ndáil le cúraimí éagsúla Ghrúpa Stiúrtha Phlean SET. Beidh ionadaí malartach ag gach ionadaí a cheapfar chuig Grúpa Stiúrtha Phlean SET.
3.  
Ar bhonn togra ón gCoimisiún, glacfaidh Grúpa Stiúrtha Phlean SET a rialacha nós imeachta trí thromlach simplí dá chomhaltaí.
4.  
Tiocfaidh Grúpa Stiúrtha Phlean SET le chéile go tráthrialta chun a áirithiú go ndéanfar a chuid cúraimí go héifeachtach. I gcás inar gá, tiocfaidh Grúpa Stiúrtha Phlean SET le chéile ar bhonn iarraidh réasúnaithe ón gCoimisiún nó ó thromlach simplí dá chomhaltaí.
5.  
Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do Ghrúpa Stiúrtha Phlean SET trí bhíthin rúnaíocht feidhmiúcháin a sholáthraíonn tacaíocht theicniúil agus lóistíochta.
6.  
Féadfaidh Grúpa Stiúrtha Phlean meithleacha agus tascfhórsaí buana nó sealadacha a bhunú chun díriú ar cheisteanna agus cúraimí sonracha.

CAIBIDIL VII

RIALACHAS

Airteagal 38

Bunú agus cúraimí an Ardáin um Ghlan-Nialasacht na hEorpa

1.  
Bunaítear leis seo an tArdán um Ghlan-Nialasacht na hEorpa (‘an tArdán’).
2.  
Déanfaidh an tArdán na cúraimí a leagtar amach sa Rialachán seo.
3.  
Féadfaidh an tArdán comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit maidir lena ngníomhaíochtaí chun na cuspóirí a leagtar amach i gCaibidil I den Rialachán seo a bhaint amach, agus ualach riaracháin díréireach ar na Ballstáit á sheachaint ag an am céanna, i gcás inarb indéanta, agus pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát á gcur san áireamh.
4.  

Comhordóidh comhaltaí den Ardán maidir leis na Comhpháirtíochtaí Tionsclaíochta Glan-Nialasachta laistigh den Ardán chun cuidiú le glacadh teicneolaíochtaí glan-nialasacha a chur chun cinn ar fud an domhain, chun comhoibriú i bhforbairt na dteicneolaíochtaí glan-nialasacha nuálacha agus chun tacú le ról chumais thionsclaíocha an Aontais chun an bealach a réiteach le haghaidh an aistrithe dhomhanda chuig fuinneamh glan, i gcomhréir le cuspóir ghinearálta an Rialacháin seo a leagtar amach in Airteagal 1. Féadfaidh an tArdán plé a dhéanamh go tréimhsiúil ar an méid a leanas, inter alia:

(a) 

conas feabhas a chur ar an gcomhar, fios gnó agus comhroinnt teicneolaíochta idir an tAontas agus tríú tíortha feadh an tslabhra luacha glan-nialasachta agus conas iad a chur chun cinn;

(b) 

an athléimneacht lena n-áirítear trí iomaíochas feabhsaithe na dtionscal Eorpach laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo i ndáil le slabhraí luacha domhanda agus gníomhaíochtaí molta le haghaidh feabhsaithe;

(c) 

i gcás inarb iomchuí, feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht idir an Rialachán seo agus tionscnaimh eile de chuid an Aontais a d’fhéadfadh rannchuidiú le cuspóirí an Rialacháin seo agus cé acu is nó nach ceart moltaí a eisiúint ina leith;

(d) 

an dul chun cinn maidir le slabhraí luacha teicneolaíochtaí glan-nialasachta, athruithe leanúnacha teicneolaíocha agus tionsclaíocha, agus slabhraí luacha straitéiseacha atá ag teacht chun cinn agus a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo i bhfianaise chuspóirí an Rialacháin seo;

(e) 

dea-chleachtais maidir le Roinn II de Chaibidil II a chur chun feidhme chomh maith le hAirteagail 15 agus 16 agus dlús a chur leis na spriocdhátaí ceadúcháin;

(f) 

conas aghaidh a thabhairt ar bhacainní neamhtharaife trádála, mar shampla, trí aitheantas frithpháirteach a thabhairt do mheasúnú comhréireachta nó trí ghealltanais a dhéanamh chun srianta ar onnmhairiú a sheachaint;

(g) 

cé na tríú tíortha a bhféadfaí tús áite a thabhairt dóibh chun Comhpháirtíochtaí Tionsclaíochta Glan-Nialasachta a thabhairt i gcrích, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(i) 

an rannchuidiú a d’fhéadfadh a bheith ann le slándáil an tsoláthair, agus a n-acmhainneacht monaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta á cur san áireamh;

(ii) 

an bhfuil comhaontuithe comhair ann cheana idir tríú tír agus an tAontas;

(iii) 

an áirithítear le creat rialála tríú tír agus lena chur chun feidhme faireachán, cosc agus íoslaghdú ar thionchair chomhshaoil, úsáid cleachtas lena mbaineann freagracht shóisialta lena n-áirítear cearta an duine agus cearta saothair a urramú, agus rannpháirtíocht fhiúntach chothrom le pobail áitiúla, úsáid cleachtas gnó trédhearcach agus cosc ar dhrochthionchair ar fheidhmiú cuí an riaracháin phoiblí agus ar an smacht reachta;

(iv) 

acmhainní insteallta agus stórála CO2 laistigh dá gcríocha;

(h) 

conas táirgeadh teicneolaíochtaí glan-nialasachta san Aontas a dhreasú, trí aghaidh a thabhairt ar chistiú, creat rialála agus ráthaíochtaí infheistíochta agus suímh;

(i) 

measúnú ar chur i bhfeidhm beart trádála i dtionscail ghlan-nialasachta.

Beidh an mhír seo gan dochar do shainchumais na Comhairle, i gcomhréir leis na Conarthaí, maidir le hionstraimí idirnáisiúnta neamhcheangailteacha.

5.  
Féadfaidh na Ballstáit tacú leis an gCoimisiún agus na bearta comhair a leagtar amach sa chomhpháirtíocht thionsclaíochta ghlan-nialasachta á gcur chun feidhme.
6.  
Agus Tuarascáil an Choimisiúin an 24 Deireadh Fómhair 2023 dar teideal ‘Dul chun cinn maidir le hiomaíochas teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain’ agus Shuirbhé Bliantúil Ualaigh 2022 an Choimisiúin á gcur san áireamh, tuairisceoidh an Coimisiún don Ardán maidir le forbairt an ualaigh rialála le haghaidh tionscail ghlan-nialasachta san Aontas.
7.  
Comhordóidh an tArdán go rialta leis an bhFóram Ardleibhéil maidir le Caighdeánú chun plé a dhéanamh ar úsáid an chaighdeánaithe chun tacú le teicneolaíochtaí glan-nialasachta a fhorbairt san Aontas.

Airteagal 39

Struchtúr agus feidhmiú an Ardáin

1.  
Beidh an tArdán comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún. Ionadaí ón gCoimisiún a bheidh ina chathaoirleach air.
2.  
Ceapfaidh gach Ballstát ionadaí ardleibhéil ar an Ardán. I gcás inarb ábhartha a mhéid a bhaineann le feidhm agus saineolas, féadfaidh Ballstát níos mó ná ionadaí amháin a cheapadh i ndáil le cúraimí éagsúla an Ardáin. Beidh ionadaí malartach ag gach ionadaí a cheaptar chuig an Ardán. Ní bheidh cearta vótála ach ag na Ballstáit. Ní bheidh ach aon vóta amháin ag gach Ballstát gan beann ar líon na n-ionadaithe.
3.  
Ar thogra ón gCoimisiún, glacfaidh an tArdán a rialacha nós imeachta trí thromlach simplí dá chomhaltaí.
4.  
Tiocfaidh an tArdán le chéile go tráthrialta chun a áirithiú go ndéanfar a chuid cúraimí go héifeachtach, cúraimí dá bhforáiltear sa Rialachán seo. I gcás inar gá, tionólfaidh an tArdán cruinnithe urghnácha ar bhonn iarraidh réasúnaithe ón gCoimisiún nó ó Bhallstát.
5.  
Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh don Ardán trí bhíthin rúnaíocht feidhmiúcháin a sholáthraíonn tacaíocht theicniúil agus lóistíochta.
6.  
Féadfaidh an tArdán foghrúpaí buana nó sealadacha a bhunú chun díriú ar cheisteanna agus cúraimí sonracha a bhaineann leis an Rialachán seo.

Bunóidh an tArdán foghrúpa, ar a laghad, chun cur chun feidhme iomchuí na nAcadamh a áirithiú de bhun Chaibidil V.

7.  
Tabharfaidh an tArdán cuireadh d’ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa freastal ar a chruinnithe mar bhreathnóirí lena n-áirítear cruinnithe na bhfoghrúpaí buana nó sealadacha dá dtagraítear i mír 6. Gheobhaidh Parlaimint na hEorpa an doiciméadacht agus an fhaisnéis uile a bhaineann le hobair an Ardáin ag an am céanna le comhaltaí an Ardáin.
8.  
Bunóidh an tArdán Grúpa um an Tionscal Glan-Nialasachta. Déanfaidh an grúpa sin, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin don Ardán, moltaí a chur ar fáil don Ardán d’fhonn rannchuidiú le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.
9.  
I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an tArdán nó an Coimisiún cuireadh a thabhairt do shaineolaithe a dhéanann ionadaíocht ar an tionscal, ar an tsochaí shibhialta, ar an lucht acadúil, ar na cheardchumainn agus ar thríú páirtithe eile páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Ardáin agus na foghrúpaí nó chun aighneachtaí i scríbhinn a sholáthar. Ní bheidh na saineolaithe sin rannpháirteach sa chinnteoireacht.
10.  
Déanfaidh an tArdán na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar faisnéis rúnda agus faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a láimhseáil agus a phróiseáil go sábháilte.
11.  
Déanfaidh an tArdán a dhícheall teacht ar chinntí trí bhíthin comhthola.
12.  
Comhordóidh agus comhoibreoidh an tArdán le comhghuaillíochtaí tionsclaíocha ábhartha atá ann cheana agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé orthu freastal ar a chruinnithe, lena n-áirítear cruinnithe na bhfoghrúpaí buana nó sealadacha dá dtagraítear i mír 6.
13.  
Tiocfaidh an tArdán le chéile uair sa bhliain ar a laghad le hionadaithe ó Ghrúpa Stiúrtha Phlean SET dá dtagraítear in Airteagal 35 chun na forbairtí is déanaí agus sineirgí idir cur chun feidhme an Rialacháin seo agus an Phlean Straitéisigh um Theicneolaíocht Fuinnimh a phlé agus chun moltaí a eisiúint ina leith.

Airteagal 40

An Grúpa Comhairleach Eolaíoch um Ualach Rialála Glan-Nialasachta

1.  
Bunaítear leis seo Grúpa Comhairleach Eolaíoch um Ualach Rialála Glan-Nialasachta (‘an Grúpa Comhairleach Eolaíoch’).
2.  
Beidh an Grúpa Comhairleach Eolaíoch comhdhéanta de 7 saineolaithe eolaíocha sinsearacha ar a laghad a chumhdóidh raon leathan disciplíní ábhartha. Comhlíonfaidh comhaltaí an Ghrúpa Chomhairligh Eolaíoch na critéir a leagtar síos i mír 4.
3.  
Ní bheidh náisiúntacht an Bhallstáit chéanna ag níos mó ná beirt chomhaltaí den Ghrúpa Comhairleach Eolaíoch. Ní bheidh neamhspleáchas chomhaltaí an Ghrúpa Chomhairligh Eolaíoch inchurtha in amhras.
4.  

Ceapfar comhaltaí an Ghrúpa Chomhairligh Eolaíoch ar feadh téarma 4 bliana, a bheidh ina tréimhse in-athnuaite uair amháin, tar éis nós imeachta roghnúcháin a reáchtáil a bheidh oscailte, cothrom agus trédhearcach. Bunófar roghnú na gcomhaltaí ar na critéir seo a leanas:

(a) 

barr feabhais eolaíoch;

(b) 

taithí ar mheasúnuithe eolaíocha a dhéanamh agus comhairle eolaíoch a sholáthar ina réimsí saineolais;

(c) 

saineolas i réimse an riaracháin phoiblí nó i réimsí eile atá ábhartha do chúraimí an Ghrúpa Chomhairligh Eolaíoch;

(d) 

taithí ghairmiúil i dtimpeallacht idirdhisciplíneach i gcomhthéacs idirnáisiúnta.

5.  
Déanfar comhaltaí an Ghrúpa Chomhairligh Eolaíoch a cheapadh i gcáil phearsanta agus nochtfaidh siad a dtuairimí neamhspleách ar na Ballstáit agus ar institiúidí an Aontais. Toghfaidh an Grúpa Comhairleach Eolaíoch cathaoirleach as measc a chomhaltaí ar feadh tréimhse 4 bliana. Glacfaidh an Grúpa Comhairleach Eolaíoch a rialacha nós imeachta.
6.  
I bhfeidhmiú a ghníomhaíochtaí, feidhmeoidh an Grúpa Comhairleach Eolaíoch go heisiach i gcáil chomhairleach agus gníomhóidh sé gan dochar do cheart tionscnaimh an Choimisiúin, don Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr agus d’fheidhmeanna grinnscrúdaithe agus rialaithe cáilíochta an Choimisiúin ar an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála.
7.  
Tacóidh an Grúpa Comhairleach Eolaíoch, i gcomhréir le mír 6, le hobair an Choimisiúin, Pharlaimint na hEorpa agus na mBallstát, agus é ag gníomhú go neamhspleách agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige trí thuarascálacha comhairleacha a chur ar fáil maidir le tionchar agus ualach rialála dhlí an Aontais ar ghníomhaíochtaí tionsclaíocha laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo. Chun comhairle chomhsheasmhach a sholáthar, déanfaidh an Grúpa Comhairleach Eolaíoch measúnú ar thionchair agus ualaí rialála ar ghníomhaíochtaí tionsclaíocha laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, agus leas á bhaint as modheolaíocht atá bunaithe ar an eolaíocht agus, i gcás inarb iomchuí, agus an Bosca Uirlisí um Rialáil Níos Fearr á chur san áireamh.
8.  
Is é an Coimisiún a chuirfidh rúnaíocht ar fáil don Ghrúpa Comhairleach Eolaíoch.
9.  
Déanfaidh an Grúpa Comhairleach Eolaíoch tuairimí a mhalartú go rialta leis an Ardán maidir lena chuid oibre.

Airteagal 41

Pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide

Cuirfidh na Ballstáit an Rialachán seo san áireamh agus a bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide á n-ullmhú acu, go háirithe maidir leis an ngné ‘taighde, nuálaíocht agus iomaíochas’ den Aontas Fuinnimh, a léiríonn tosaíochtaí Straitéis an Aontais Fuinnimh agus an Phlean Straitéisigh um Theicneolaíocht Fuinnimh, agus nuair a bheidh a dtuarascálacha débhliantúla ar dhul chun cinn á dtíolacadh acu i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999.

CAIBIDIL VIII

FAIREACHÁN

Airteagal 42

Faireachán

1.  

Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar an méid seo a leanas:

(a) 

dul chun cinn an Aontais maidir le cuspóirí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1, go háirithe na rioscaí soláthair a bhaineann le teicneolaíochtaí glan-nialasachta a shaobhfadh an iomaíocht, nó a dhéanfadh an margadh inmheánach a ilroinnt, agus tionchar gaolmhar an Rialacháin seo;

(b) 

dul chun cinn an Aontais maidir leis na tagarmharcanna dá dtagraítear in Airteagal 5 a bhaint amach, agus srianta agus deiseanna ar an margadh domhanda á gcur san áireamh;

(c) 

méid nó luach na n-allmhairí teicneolaíochtaí glan-nialasachta isteach ina chríoch agus na n-onnmhairí teicneolaíochtaí glan-nialasachta lasmuigh den Aontas;

(d) 

an dul chun cinn maidir leis an gcuspóir ar leibhéal an Aontais acmhainneacht insteallta CO2 dá dtagraítear in Airteagal 20 agus maidir leis an mbonneagar iompair gaolmhar CO2 agus na gníomhaíochtaí gabhála gaolmhara CO2.

2.  
Déanfaidh na Ballstáit agus na húdaráis náisiúnta a ainmneoidh siad chun na críche sin sonraí agus fianaise eile is gá de bhun mhír 1 a bhailiú agus a sholáthar.

Déanfaidh siad, go háirithe, sonraí maidir leis na nithe seo a leanas a bhailiú gach 3 bliana ar a laghad:

(a) 

bacainní ar thrádáil na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta nó earraí a úsáideann teicneolaíochtaí glan-nialasachta laistigh den mhargadh inmheánach agus na cúiseanna a d’fhéadfadh a bheith leo, lena n-áirítear i gcás ina n-eascraíonn na bacainní sin as suaitheadh sa slabhra soláthair domhanda;

(b) 

forbairtí ar theicneolaíochtaí glan-nialasachta agus treochtaí margaidh, chomh maith le praghsanna margaidh ar na teicneolaíochtaí glan-nialasachta faoi seach, lena n-áirítear faisnéis maidir le ceantanna, faoina minicíocht, a bpraghsanna dámhachtana, agus a méid - de réir mar is ábhartha chun ceanglais Chaibidil IV a chomhlíonadh;

(c) 

acmhainneacht monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta agus gníomhaíochtaí gaolmhara, lena n-áirítear sonraí maidir le fostaíocht agus scileanna;

(d) 

an líon FBManna atá páirteach sna tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta;

(e) 

an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann le próisis deonaithe ceadanna de réir na teicneolaíochta glan-nialasachta:

(i) 

líon na bpróiseas deonaithe ceadanna a tionscnaíodh, líon na n-iarratas a diúltaíodh, agus líon na gcinntí cuimsitheacha a rinneadh ina sonrófar cé acu a cheadaigh nó a dhiúltaigh siad an tionscadal;

(ii) 

fad na bpróiseas deonaithe ceadanna i gcás ina ndearnadh cinneadh cuimsitheach, lena n-áirítear fad na síntí ar na teorainneacha ama;

(iii) 

faisnéis faoi na hacmhainní a leithdháileadh chun an pointe teagmhála aonair a oibriú;

(f) 

líon agus cineál na mboscaí gainimh rialála glan-nialasachta;

(g) 

an méid CO2 a stóráiltear faoi thalamh go buan i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE.

3.  
I gcás nach bhfuil siad san áireamh cheana sna pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ná i gcomhréir leo, cuirfidh gach Ballstát tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 15 Márta 2027 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, ina leagfar amach na sonraí dá dtagraítear i mír 2.
4.  
Ní bheidh feidhm ag an oibleagáidí tuairiscithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo i gcás ina measann na Ballstáit go mbeadh sé ag teacht salach ar a leasanna bunúsacha slándála de bhun Airteagal 346 CFAE.
5.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun teimpléad a sholáthar le haghaidh na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2).
6.  
Ar bhonn na dtuarascálacha a chuirfear isteach de bhun mhír 3 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhul chun cinn an Aontais dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) den Airteagal seo agus foilseoidh sé moltaí gaolmhara mar chuid de na Tuarascálacha Bliantúla maidir le hIomaíochas na dTeicneolaíochtaí Fuinnimh Ghlain, de bhun Airteagal 35(2), pointe (m), de Rialachán (AE) 2018/1999. Breithneofar sna moltaí freisin cé acu a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo na teicneolaíochtaí glan-nialasachta uile is gá chun na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 1 den Rialachán seo a bhaint amach.
7.  
Ar bhonn na ndréachtiarratas ar chead arna gcur isteach de bhun Airteagal 10 de Threoir 2009/31/CE agus ar bhonn na dtuarascálacha arna gcur isteach de bhun Airteagail 21(2), 23(4) agus 23(6) den Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an dul chun cinn maidir le baint amach na sprice uile-Aontais i dtaca le hacmhainneacht insteallta CO2 dá dtagraítear i mír 1 pointe (d) den Airteagal seo. Tuairisceoidh an Coimisiún faoin méid sin gach bliain do Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle.
8.  
Cuirfidh an Coimisiún an tArdán ar an eolas faoina thorthaí i ndáil leis an Airteagal seo.

CAIBIDIL IX

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 43

Cumhachtaí a tharmligean

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun leasú a dhéanamh ar na socruithe lena gcuirtear comhaontuithe idir eintitis dá dtagraítear in Airteagal 23(1) agus infheistíochtaí in acmhainneacht stórála atá i seilbh tríú páirtithe san áireamh chun a rannchuidiú aonair a leagtar amach in Airteagal 23(5) a chomhlíonadh, agus ábhar na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 23(6) a bhunú.

Airteagal 44

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 23(12), Airteagal 43 agus Airteagal 46(7) a ghlacadh go ceann tréimhse 5 bliana ón 29 Meitheamh 2024. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 23(12), Airteagal 43 agus Airteagal 46(7) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.  
Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 23(12), Airteagal 43 nó Airteagal 46(7) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 45

Nós imeachta coiste

1.  
Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás ábhair a bhaineann le hAirteagal 25 den Rialachán seo, gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón gCoiste Comhairleach um Sholáthar Poiblí arna bhunú le Cinneadh 71/306/CEE ón gComhairle ( 10 ). I gcás nithe a bhaineann le hAirteagal 26 den Rialachán seo, gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón gCoiste maidir leis an Aontas Fuinnimh arna bhunú le hAirteagal 44 de Rialachán (AE) 2018/1999.
2.  
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 46

Meastóireacht

1.  
Faoin 30 Meitheamh 2028, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus tíolacfaidh sé tuarascáil ar a phríomhthorthaí do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.
2.  

Déanfaidh an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 a méid a leanas a mheas:

(a) 

ar baineadh amach cuspóirí an Rialacháin seo mar a leagtar síos in Airteagal 1, go háirithe maidir lena rannchuidiú le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, tionchar an Rialacháin seo ar úsáideoirí gnó, go háirithe FBManna, agus úsáideoirí deiridh, agus ar chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip;

(b) 

an bhfuil an Rialachán seo oiriúnach le cur i gcrích tar éis 2030 agus i dtreo sprioc níos fadtéarmaí 2050 maidir le haeráidneodracht dá dtagraítear in Airteagal 1, agus a chur san áireamh, i measc gnéithe eile, an fhéidearthacht teicneolaíochtaí eile a áireamh sa Rialachán seo ar féidir leo ról suntasach a bheith acu maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050;

(c) 

an bhfuil gá le tagarmharcanna le haghaidh teicneolaíochtaí sonracha chun slándáil sholáthar na dteicneolaíochtaí sin a bhaint amach don Aontas.

3.  

Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh sa mheastóireacht:

(a) 

torthaí an phróisis faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 42;

(b) 

na riachtanais teicneolaíochta a eascraíonn as nuashonruithe ar na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide, lena n-áirítear an Plean Straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh, agus an Tuarascáil is déanaí ar Staid an Aontais Fuinnimh á cur san áireamh;

4.  
Laistigh den tréimhse chéanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus tar éis gach athnuachana nó nuashonraithe ar na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus tar éis dul i gcomhairle leis an Ardán, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le liosta na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta a leagtar amach in Airteagal 4 a leathnú, agus i gcás inarb iomchuí tíolacfaidh sé togra.
5.  
Soláthróidh údaráis inniúla na mBallstát don Choimisiún aon fhaisnéis ábhartha atá acu agus a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ón gCoimisiún chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas.
6.  
I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 1, nach dócha go mbainfidh an tAontas na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1(1) amach, déanfaidh sé measúnú, tar éis dul i gcomhairle leis an Ardán, ar a indéanta agus ar a chomhréirí a bheadh sé bearta a mholadh chun a áirithiú go mbainfear na cuspóirí sin amach.
7.  
Faoin 30 Márta 2025, déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an Iarscríbhinn a leasú ar bhonn an liosta de theicneolaíochtaí glan-nialasachta a leagtar amach in Airteagal 4, chun na fochatagóirí a shainaithint laistigh de theicneolaíochtaí glan-nialasachta agus liosta na gcomhpháirteanna sonracha a úsáidtear le haghaidh na dteicneolaíochtaí sin. Beidh an gníomh tarmligthe sin bunaithe ar mheasúnú cuimsitheach chun comhpháirteanna bunriachtanacha sonracha a shainaithint ar féidir a mheas le réasún gur comhpháirteanna iad a úsáidtear go príomha le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta. Beidh an measúnú sin bunaithe ar anailís mhodheolaíoch ar shlabhraí soláthair na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta, agus infhaighteacht tráchtála na gcomhpháirteanna, an leibhéal iomchuí mionsonraí agus forbairtí sa teicneolaíocht á gcur san áireamh, go háirithe. Féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an ngníomh tarmligthe sin ar bhonn an mheasúnaithe sin.

Airteagal 47

Faisnéis rúnda a láimhseáil

1.  
Ní úsáidfear faisnéis a fhaightear le linn chur chun feidhme an Rialacháin seo ach amháin chun críocha an Rialacháin seo agus déanfar í a chosaint le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí ábhartha náisiúnta.
2.  
Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcosnófar rúin trádála agus ghnó agus faisnéis íogair, rúnda agus rúnaicmithe eile a gheofar agus a phróiseálfar agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, lena n-áirítear moltaí agus bearta atá le déanamh, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta ábhartha.
3.  
Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit nach ndéanfar an fhaisnéis rúnaicmithe a sholáthrófar nó a mhalartófar de bhun an Rialacháin seo a íosghrádú nó a scaoileadh ó rúnaicmiú gan toiliú i scríbhinn roimh ré ón tionscnóir i gcomhréir leis an dlí ábhartha náisiúnta nó le dlí ábhartha an Aontais.
4.  
I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go gcuirfear a leas slándála náisiúnta i mbaol le nochtadh faisnéise comhiomlánaithe de bhun Airteagal 23, féadfaidh sé, trí fhógra réasúnaithe, agóid a dhéanamh in aghaidh an fhaisnéis sin a bheith á nochtadh ag an gCoimisiún.
5.  
Áiritheoidh an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta, a n-oifigigh, a bhfostaithe agus daoine eile atá ag obair faoi mhaoirseacht na n-údarás sin rúndacht na faisnéise a gheobhaidh siad agus a gcúraimí agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais nó leis an dlí ábhartha náisiúnta. Tá feidhm ag an oibleagáid sin freisin maidir le hionadaithe uile na mBallstát, breathnóirí, saineolaithe agus rannpháirtithe eile a fhreastalaíonn ar chruinnithe an Ardáin de bhun Airteagal 39.

Airteagal 48

Leasú ar Rialachán (AE) 2018/1724

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 mar a leanas:

(1) 

in Iarscríbhinn I, sa chéad cholún, cuirtear ró nua leis ‘R. Tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta’;

(2) 

in Iarscríbhinn I, sa dara colún, sa ró ‘R. Tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta’, cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘1. 

faisnéis faoin bpróiseas deonaithe ceadanna;

2. 

seirbhísí maoiniúcháin agus infheistíochta;

3. 

deiseanna cistiúcháin ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal na mBallstát;

4. 

seirbhísí tacaíochta gnó, lena n-áirítear dearbhú cánach corparáide, dlíthe cánach áitiúla, dlí an tsaothair, ach gan bheith teoranta dóibh sin.’

;

(3) 

in Iarscríbhinn II, sa chéad cholún, cuirtear ró nua leis ‘Tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta’;

(4) 

in Iarscríbhinn II, sa dara colún, sa ró ‘Tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta’, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘Nósanna imeachta le haghaidh na gceadanna ábhartha uile chun tionscadail monaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta a thógáil, a shíneadh, a thiontú agus a oibriú, lena n-áirítear ceadanna maidir le tógáil, ceimiceáin agus nascacht eangaí, measúnuithe comhshaoil agus údaruithe, i gcás inar gá, agus lena gcuimsítear na hiarratais agus nósanna imeachta uile.’

;
(5) 

in Iarscríbhinn II, sa tríú colún, sa ró ‘Tionscadail mhonaraíochta teicneolaíochta ghlan-nialasachta’, cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘Gach aschur a bhaineann leis na nósanna imeachta a théann ón admháil go bhfuil an t-iarratas tugtha i gcrích go dtí an fógra ón bpointe teagmhála ainmnithe faoin gcinneadh cuimsitheach maidir le toradh an nós imeachta.’

;
(6) 

in Iarscríbhinn III, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(8) Pointí teagmhála aonair a bhunaítear nó a ainmnítear de bhun Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ), lena n-áirítear chun críocha Airteagal 18(1) den Rialachán sin agus pointí teagmhála a bhunaítear nó a ainmnítear de bhun Airteagal 33(1) de.

Airteagal 49

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.  
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2.  
Beidh feidhm aige ón 29 Meitheamh 2024.
3.  
Go dtí an 30 Meitheamh 2026, ní bheidh feidhm ag Airteagal 25(1) ach amháin maidir le conarthaí arna dtabhairt i gcrích ag comhlachtaí lárnacha ceannaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (16), de Threoir 2014/24/AE agus in Airteagal 2(1), pointe (12), de Threoir 2014/25/AE agus maidir le conarthaí dar luach EUR 25 mhilliún nó níos mó.
4.  
Beidh feidhm ag Airteagail 26 agus 28 ón 30 Nollaig 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN

Liosta de tháirgí deiridh agus de chomhpháirteanna sonracha a mheastar a bheith in úsáid go príomha chun teicneolaíochtaí glan-nialasachta a tháirgeadh



 

Fochatagóirí laistigh de theicneolaíochtaí glan-nialasachta

Comhpháirteanna a úsáidtear go príomha chun críoch na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta sin

Teicneolaíochtaí gréine

Teicneolaíochtaí fótavoltacha

 

Teicneolaíochtaí grianteasa leictreacha

 

Teicneolaíochtaí grianteasa

 

Teicneolaíochtaí gréine eile

Teicneolaíochtaí gaoithe ar tír agus teicneolaíochtaí in-athnuaite amach ón gcósta

Teicneolaíochtaí gaoithe ar tír

 

Teicneolaíochtaí in-athnuaite amach ón gcósta

 

Teicneolaíochtaí ceallraí agus stórála fuinnimh

Teicneolaíochtaí ceallraí

 

Teicneolaíochtaí stórála fuinnimh

 

Teaschaidéil agus teicneolaíochtaí fuinnimh gheoiteirmigh;

Teicneolaíochtaí teaschaidéal

 

Teicneolaíochtaí fuinnimh gheoiteirmigh

 

Teicneolaíochtaí hidrigine

Leictrealóirí

 

Breosla-chill hidrigine

 

Teicneolaíochtaí hidrigine eile

 

Teicneolaíochtaí inbhuanaithe bithgháis agus bithmheatáin

Teicneolaíochtaí inbhuanaithe bithgháis

 

Teicneolaíochtaí inbhuanaithe bithmheatáin

 

Teicneolaíochtaí GSC

Teicneolaíochtaí gabhála carbóin

 

Teicneolaíochtaí stórála carbóin

 

Teicneolaíochtaí eangaí leictreachais

Teicneolaíochtaí eangaí leictreachais

 

Teicneolaíochtaí luchtaithe feithiclí leictreacha le haghaidh iompair

 

Teicneolaíochtaí chun an eangach a dhigiteáil

 

Teicneolaíochtaí eangaí leictreachais eile

 

Teicneolaíochtaí fuinnimh eamhnaithe núicléach

Teicneolaíochtaí fuinnimh eamhnaithe núicléach

 

Teicneolaíochtaí timthrialla breosla núicléach

 

Teicneolaíochtaí breoslaí malartacha inbhuanaithe

Teicneolaíochtaí breoslaí malartacha inbhuanaithe

 

Teicneolaíochtaí hidreachumhachta

Teicneolaíochtaí hidreachumhachta

 

Teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite

Teicneolaíochtaí fuinnimh osmóisigh

 

Teicneolaíochtaí fuinnimh chomhthimpeallaigh, seachas teaschaidéil

 

Teicneolaíochtaí bithmhaise

 

Teicneolaíochtaí gáis láithreáin líonta

 

Teicneolaíochtaí gáis ionaid cóireála séarachais

 

Teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite

 

Teicneolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a bhaineann le córais fuinnimh

Teicneolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a bhaineann le córais fuinnimh

 

 

Teicneolaíochtaí eangaí teasa

 

Teicneolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a bhaineann le córais fuinnimh eile

 

Breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch

Teicneolaíochtaí breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch

 

Réitigh bhith-theicneolaíochta aeráide agus fuinnimh

Réitigh bhith-theicneolaíochta aeráide agus fuinnimh

 

Teicneolaíochtaí claochlaitheacha tionsclaíocha le haghaidh an dícharbónaithe

Teicneolaíochtaí claochlaitheacha tionsclaíocha le haghaidh an dícharbónaithe

 

Teicneolaíochtaí iompair agus úsáide CO2

Teicneolaíochtaí iompair CO2

 

Teicneolaíochtaí úsáide CO2

 

Teicneolaíochtaí tiomána gaoithe agus leictrí le haghaidh iompair

Teicneolaíochtaí tiomána gaoithe

 

Teicneolaíochtaí tiomána leictrí

 

Teicneolaíochtaí núicléacha eile

Teicneolaíochtaí núicléacha eile

 



( ) Treoir 2003/96/EC ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).

( ) Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, lch. 76).

( ) Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú ar na héifeachtaí atá ag tionscadail áirithe phoiblí agus phríobháideacha ar an gcomhshaol (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30).

( ) Treoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat do phleanáil spásúil mhuirí (IO L 257, 28.8.2014, lch. 135).

( ) Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle (IO L, 2023/2413, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2413/oj).

( ) Treoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 1994 maidir leis na coinníollacha chun údaruithe a dheonú agus a úsáid i ndáil le sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh hidreacarbón (IO L 164, 30.6.1994, lch. 3).

( ) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

( ) Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 (IO L 130, 16.5.2023, lch. 1)

( ) Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 107, 22.4.2016, lch. 1).

( ) Cinneadh ón gComhairle 71/306/CEE an 26 Iúil 1971 lena mbunaítear Coiste Comhairleach um Chonarthaí Oibreacha Poiblí (IO L 185, 16.8.1971, lch. 15).

( *1 ) Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan nialasachta na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (IO L, 2024/1735, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1735/oj).’.