02024R1309 — GA — 08.05.2024 — 000.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2024/1309 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2024

maidir le bearta chun an costas a laghdú a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí gigighiotáin a imscaradh, lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/61/AE (an Gníomh um Bonneagar Gigighiotáin)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 1309 8.5.2024, lch. 1)


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 90315, 24.5.2024, lch.  1 (2024/1309)




▼B

RIALACHÁN (AE) 2024/1309 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2024

maidir le bearta chun an costas a laghdú a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí gigighiotáin a imscaradh, lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/61/AE (an Gníomh um Bonneagar Gigighiotáin)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  
Is é is aidhm don Rialachán seo leathadh amach líonraí fíor-ardacmhainne a éascú agus a spreagadh trí úsáid chomhpháirteach an bhonneagair fhisicigh atá ann cheana a chur chun cinn agus trí imscaradh níos éifeachtúla bonneagair fhisicigh nua a chumasú sa chaoi go mbeifear in ann líonraí den sórt sin a leathadh amach ar bhealach níos tapa agus ar chostas níos lú.
2.  
Má tá aon fhoráil sa Rialachán seo ag teacht salach ar fhoráil i dTreoir 2002/77/CE, (AE) 2018/1972 nó (AE) 2022/2555, beidh forlámhas ag an bhforáil ábhartha sna Treoracha sin.
3.  
Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais íosta chun na haidhmeanna a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach. Féadfaidh na Ballstáit bearta atá níos doichte nó níos mionsonraithe ná na ceanglais íosta sin a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach i gcomhréir le dlí an Aontais, i gcás ina gcuirtear chun cinn leis na bearta úsáid chomhpháirteach an bhonneagair fhisicigh atá ann cheana nó i gcás ina gcumasaítear leo bonneagar fisiceach nua a imscaradh ar bhealach níos éifeachtúla.
4.  
De mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, ní choinneoidh na Ballstáit ar bun ná ní thabharfaidh siad isteach na bearta dá dtagraítear sa mhír sin i leith Airteagal 3(5), an chéad fhomhír, pointí (a) go (e), Airteagal 3(7) agus (10), Airteagal 4(7), Airteagal 5(2), an dara fomhír, Airteagail 5(5) agus 6(2) agus Airteagal 10(7) agus (8).
5.  
Ní dochar an Rialachán seo do fhreagracht na mBallstát an tslándáil náisiúnta a choimirciú ná dá gcumhacht feidhmeanna sár-riachtanacha eile Stáit a choimirciú, lena n-áirítear iomláine chríochach an Stáit a áirithiú agus an smacht reachta a chaomhnú.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/1972, go háirithe na sainmhínithe ar ‘líonra cumarsáide leictreonaí’, ‘líonra fíor-ardacmhainne’, ‘líonra cumarsáide leictreonaí poiblí’, ‘críochphointe an líonra’, ‘saoráidí gaolmhara’, ‘úsáideoir deiridh’, ‘slándáil líonraí agus seirbhísí’, ‘rochtain’, agus ‘oibreoir’.

Tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn ‘oibreoir líonra’:

(a) 

oibreoir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (29), de Threoir (AE) 2018/1972;

(b) 

gnóthas a sholáthraíonn bonneagar fisiceach atá beartaithe chun an méid seo a leanas a sholáthar:

(i) 

seirbhís chun an méid seo a leanas a tháirgeadh, a iompar nó a dháileadh:

— 
gás;
— 
leictreachas, lena n-áirítear soilsiú poiblí;
— 
téamh;
— 
uisce, lena n-áirítear diúscairt nó cóireáil fuíolluisce agus camrais, agus córais draenála;
(ii) 

seirbhísí iompair, lena n-áirítear iarnróid, bóithre lena n-áirítear bóithre uirbeacha, tolláin, calafoirt agus aerfoirt;

(2) 

ciallaíonn ‘comhlacht faoi rialú an dlí phoiblí’ comhlacht ag a bhfuil na saintréithe seo a leanas ar fad:

(a) 

bunaítear é leis an gcuspóir sonrach riachtanais ar mhaithe leis an leas ginearálta a chomhlíonadh, agus níl carachtar tionsclaíoch ná tráchtála aige;

(b) 

tá pearsantacht dhlítheanach aige;

(c) 

tá sé á mhaoiniú, go hiomlán nó den chuid is mó, ag údaráis stáit, réigiúnacha nó áitiúla nó ag comhlachtaí eile faoi rialú an dlí phoiblí nó tá sé faoi réir mhaoirseacht bainistíochta na n-údarás nó na gcomhlachtaí sin; nó tá bord riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta aige, a gceapann údaráis stáit, réigiúnacha nó áitiúla nó comhlachtaí eile faoi rialú an dlí phoiblí níos mó ná leath dá chomhaltaí;

(3) 

ciallaíonn ‘comhlacht de chuid na hearnála poiblí’ údarás stáit, réigiúnach nó áitiúil, comhlacht faoi rialú an dlí phoiblí nó comhlachas arna fhoirmiú ag údarás amháin nó níos mó den sórt sin nó ag comhlacht amháin nó níos mó den sórt sin faoi rialú an dlí phoiblí;

(4) 

ciallaíonn ‘bonneagar fisiceach’:

(a) 

aon eilimint de líonra atá beartaithe chun eilimintí eile de líonra a óstáil gan bheith ina heilimint ghníomhach den líonra í féin, amhail píobáin, crainn, duchtanna, dúnphoill iniúchta, dúnphoill, caibinéid, suiteálacha aeróige, túir agus cuaillí, chomh maith le foirgnimh, lena n-áirítear a ndíonta agus codanna dá n-aghaidheanna nó bealaí isteach ar fhoirgnimh, agus aon sócmhainn eile, lena n-áirítear troscán sráide, amhail cuaillí solais, comharthaí sráide, soilse tráchta, cláir fógraí agus frámaí dola, chomh maith le stadanna bus agus trambhealaí agus stáisiúin mheitreo agus traenach;

(b) 

i gcás nach cuid de líonra iad agus ina bhfuil siad faoi úinéireacht nó faoi rialú comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí: foirgnimh lena n-áirítear a ndíonta agus codanna dá n-aghaidheanna nó bealaí isteach ar fhoirgnimh, agus aon sócmhainn eile, lena n-áirítear troscán sráide, amhail cuaillí solais, comharthaí sráide, soilse tráchta, cláir fógraí agus frámaí dola, chomh maith le stadanna bus agus trambhealaí agus stáisiúin mheitreo agus traenach.

Cáblaí, lena n-áirítear snáithín optúil dorcha, chomh maith le heilimintí de líonraí a úsáidtear chun uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), ní bonneagar fisiceach iad de réir bhrí an Rialacháin seo;

(5) 

ciallaíonn ‘oibreacha sibhialta’ gach toradh oibreacha tógála nó innealtóireachta sibhialta, ar an iomlán, ar leor é ann féin chun feidhm eacnamaíoch nó theicniúil a chomhlíonadh agus a bhfuil eilimint amháin nó níos mó de bhonneagar fisiceach i gceist leis;

(6) 

ciallaíonn ‘bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh’ bonneagar fisiceach nó suiteálacha ag suíomh an úsáideora deiridh, lena n-áirítear eilimintí faoi chomhúinéireacht, atá beartaithe chun líonraí rochtana le sreang agus/nó gan sreang a óstáil, i gcás ina bhfuil líonraí rochtana den sórt sin in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar agus pointe rochtana an fhoirgnimh a nascadh le críochphointe an líonra;

(7) 

ciallaíonn ‘sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh’ cáblaí snáthoptaice ag suíomh an úsáideora deiridh, lena n-áirítear eilimintí faoi chomhúinéireacht, atá beartaithe chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar agus pointe rochtana an fhoirgnimh a nascadh le críochphointe an líonra;

(8) 

ciallaíonn ‘bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín’ bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá beartaithe chun eilimintí snáthoptaice a óstáil;

(9) 

ciallaíonn ‘móroibreacha athchóirithe’ oibreacha sibhialta ag suíomh an úsáideora deiridh a chuimsíonn modhnuithe struchtúracha ar an mbonneagar fisiceach iomlán laistigh den fhoirgneamh nó ar chuid shuntasach den bhonneagar sin agus a bhfuil cead tógála de dhíth ina leith i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(10) 

ciallaíonn ‘cead’ cinneadh sainráite nó intuigthe nó sraith cinntí a ghlactar go comhuaineach nó i ndiaidh a chéile ag údarás inniúil amháin nó níos mó agus a cheanglaítear faoin dlí náisiúnta chun go ndéanfaidh gnóthas na hoibreacha tógála nó innealtóireachta sibhialta is gá chun eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh;

(11) 

ciallaíonn ‘pointe rochtana’ pointe fisiceach, suite laistigh nó lasmuigh den fhoirgneamh, ar a bhfuil rochtain ag gnóthais a bhfuil líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí á soláthar acu nó atá údaraithe iad a sholáthar, mar a gcuirtear ar fáil nasc chuig an mbonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín;

(12) 

ciallaíonn ‘cearta slí’ na cearta dá dtagraítear in Airteagal 43(1) de Threoir (AE) 2018/1972 agus a dheonaítear d’oibreoir chun saoráidí a shuiteáil ar mhaoin phoiblí nó phríobháideach, os a cionn nó fúithi, chun líonraí fíor-ardacmhainne agus saoráidí gaolmhara a imscaradh.

Airteagal 3

Rochtain ar bhonneagar fisiceach atá ann cheana

1.  
Comhlíonfaidh oibreoirí líonra agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu, arna iarraidh sin i scríbhinn ag oibreoir, gach iarraidh réasúnta ar rochtain ar an mbonneagar fisiceach sin faoi théarmaí agus coinníollacha cothroma agus réasúnta, lena n-áirítear ó thaobh praghsanna de, d’fhonn eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh. Comhlíonfaidh comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu iarrataí réasúnta uile den sórt sin faoi théarmaí agus coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha freisin. Sna hiarrataí i scríbhinn sin, sonrófar eilimintí an bhonneagair fhisicigh a n-iarrtar rochtain orthu, lena n-áirítear amchlár sonrach. Féadfaidh na Ballstáit ceanglais mhionsonraithe a shonrú maidir le gnéithe riaracháin na n-iarrataí.
2.  
Arna iarraidh sin d’oibreoir, déanfaidh daoine dlítheanacha atá gníomhach go príomha mar thionóntaí talún, nó mar shealbhóirí ceart thar thalamh, seachas cearta maoine, ar a bhfuil sé beartaithe saoráidí a shuiteáil nó ar ar suiteáladh iad d’fhonn eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh, nó a bhainistíonn conarthaí léasa thar ceann úinéirí talún, agus oibreoirí caibidlíocht maidir le rochtain ar thalamh den sórt sin de mheon macánta, lena n-áirítear maidir leis an bpraghas, lena léireofar, i gcás inarb iomchuí, dálaí an mhargaidh, i gcomhréir le dlí náisiúnta na gconarthaí.

Cuirfidh oibreoirí agus daoine dlítheanacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo an t-údarás rialála náisiúnta ar an eolas faoi thabhairt i gcrích comhaontuithe ar thángthas orthu i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, lena n-áirítear an praghas a comhaontaíodh.

Féadfaidh na Ballstáit treoraíocht a sholáthar maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha, lena n-áirítear an praghas, chun tabhairt i gcrích comhaontuithe den sórt sin a éascú.

3.  

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhfuil úinéirí foirgneamh tráchtála príobháideach nach bhfuil faoi úinéireacht nó faoi rialú oibreora líonra le hiarrataí réasúnta ar rochtain ar na foirgnimh sin, lena n-áirítear a ndíonta, a chomhlíonadh, arna iarraidh sin i scríbhinn d’oibreoir, d’fhonn eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a shuiteáil faoi théarmaí agus coinníollacha cothroma agus réasúnta, agus ar phraghas lena léirítear dálaí an mhargaidh. Sula ndéanfaidh an t-iarrthóir ar rochtain iarraidh den sórt sin, comhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tá an foirgneamh suite i gceantar tuaithe nó iargúlta mar atá sainithe ag na Ballstáit;

(b) 

níl aon líonra fíor-ardacmhainne atá den chineál céanna – fosaithe nó móibíleach – leis an gceann atá beartaithe ag an iarrthóir ar rochtain a imscaradh ar fáil sa limistéar dá bhfuil an iarraidh á déanamh, agus níl aon phlean ann líonra den sórt sin a imscaradh de réir na faisnéise arna bailiú tríd an bpointe faisnéise aonair atá ar fáil ar dháta na hiarrata,

(c) 

níl aon bhonneagar fisiceach sa limistéar dá ndearnadh an iarraidh ar rochtain atá faoi úinéireacht nó faoi rialú oibreoirí líonra nó comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí agus atá oiriúnach go teicniúil chun eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne a óstáil.

Féadfaidh na Ballstáit liosta a chinneadh de chatagóirí foirgneamh tráchtála a fhéadfar a dhíolmhú ón oibleagáid iarraidh den sórt sin ar rochtain a chomhlíonadh, ar chúiseanna a bhaineann leis an tslándáil phoiblí, cosaint, sábháilteacht agus sláinte. An liosta sin agus na critéir atá le cur i bhfeidhm chun na catagóirí sin a shainaithint, déanfar iad a fhoilsiú trí phointe faisnéise aonair.

4.  

Agus téarmaí agus coinníollacha cothroma agus réasúnta, lena n-áirítear ó thaobh praghsanna de, á gcinneadh chun rochtain a dheonú, agus chun praghsanna iomarcacha a sheachaint, cuirfidh oibreoirí líonra agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu, i gcás inarb ábhartha, an méid seo a leanas ar a laghad san áireamh:

(a) 

conarthaí atá ann cheana agus téarmaí agus coinníollacha arna gcomhaontú idir oibreoirí a bhfuil rochtain á lorg acu agus oibreoirí líonra nó comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a dheonaíonn rochtain ar bhonneagar fisiceach;

(b) 

an gá lena áirithiú go bhfuil deis chothrom ag an soláthraí rochtana na costais a aisghabháil, ar costais iad a thabhaíonn sé chun rochtain ar a bhonneagar fisiceach a sholáthar, agus na coinníollacha náisiúnta sonracha, samhlacha gnó, agus aon struchtúir tharaife a cuireadh ar bun chun deis chothrom maidir le haisghabháil costas a sholáthar á gcur san áireamh; i gcás líonraí cumarsáide leictreonaí, tá aon leigheas arna fhorchur ag údarás rialála náisiúnta le cur san áireamh freisin;

(c) 

aon chostais bhreise chothabhála agus oiriúnaithe a eascraíonn as rochtain a sholáthar ar an mbonneagar fisiceach ábhartha;

(d) 

tionchar na rochtana a iarradh ar phlean gnó an tsoláthraí rochtana, lena n-áirítear infheistíochtaí sa bhonneagar fisiceach ar iarradh rochtain air;

(e) 

i gcás sonrach rochtain na n-oibreoirí ar bhonneagar fisiceach, aon treoraíocht ábhartha de bhun mhír 13, agus go háirithe an méid seo a leanas:

(i) 

inmharthanacht eacnamaíoch na n-infheistíochtaí sin bunaithe ar a bpróifíl riosca;

(ii) 

an gá le toradh cóir ar infheistíocht agus le haon sceideal ama le haghaidh toradh den sórt sin ar infheistíocht;

(iii) 

aon tionchar a imríonn an rochtain ar iomaíocht iartheachtach agus dá réir sin ar phraghsanna agus ar an toradh ar infheistíocht;

(iv) 

aon dímheas ar shócmhainní an líonra tráth na hiarrata ar rochtain;

(v) 

aon chás gnó a bhí mar bhonn taca leis an infheistíocht tráth a rinneadh í, go háirithe infheistíocht sa bhonneagar fisiceach a úsáidtear chun nascacht a sholáthar; agus

(vi) 

aon fhéidearthacht a tairgeadh roimhe sin don iarrthóir ar rochtain comhinfheistíocht a dhéanamh in imscaradh an bhonneagair fhisicigh, go háirithe de bhun Airteagal 76 de Threoir (AE) 2018/1972, nó comhimscaradh a dhéanamh in éineacht leis;

(f) 

agus breithniú á dhéanamh ar an ngá atá ag na hoibreoirí le toradh cóir ar infheistíocht, ar toradh é lena léirítear dálaí ábhartha an mhargaidh, a samhlacha gnó éagsúla, go háirithe i gcás gnóthais a sholáthraíonn saoráidí gaolmhara go príomha agus a thairgeann rochtain fhisiceach do níos mó ná gnóthas amháin a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó atá údaraithe chun líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí a sholáthar.

5.  

Oibreoirí líonra agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu, féadfaidh siad rochtain ar bhonneagar fisiceach sonrach a dhiúltú ar bhonn ceann amháin nó níos mó de na forais seo a leanas:

(a) 

níl an bonneagar fisiceach ar iarradh rochtain air oiriúnach go teicniúil chun aon cheann de na heilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne dá dtagraítear i mír 1 a óstáil;

(b) 

tá easpa spáis ann chun eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara dá dtagraítear i mír 1 a óstáil, lena n-áirítear tar éis an gá, a léirítear go leordhóthanach, a bheidh ag an soláthraí rochtana amach anseo le spás a chur san áireamh, amhail trí thagairt a dhéanamh do phleananna infheistíochta atá ar fáil go poiblí nó do chéatadán a chuirtear i bhfeidhm go comhleanúnach le haghaidh na hacmhainneachta a choimeádtar chun freastal ar riachtanais a bheidh ann amach anseo, i gcomparáid le hacmhainneacht iomlán an bhonneagair fhisicigh;

(c) 

tá cúiseanna ann a bhfuil údar cuí leo maidir le sábháilteacht, an tslándáil náisiúnta agus an tsláinte phoiblí;

(d) 

tá cúiseanna ann a bhfuil údar cuí leo maidir le sláine agus slándáil aon líonra, go háirithe bonneagar náisiúnta criticiúil;

(e) 

tá riosca ann a bhfuil údar cuí leis go gcuirfí isteach go tromchúiseach ar na seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá beartaithe dá ndéanfaí seirbhísí eile a sholáthar ar an mbonneagar fisiceach céanna;

(f) 

modhanna malartacha inmharthana a bheith ar fáil chun rochtain fhisiceach mhórdhíola éighníomhach a fháil ar líonraí cumarsáide leictreonaí, atá oiriúnach chun líonraí fíor-ardacmhainne a sholáthar, agus a thairgtear faoi théarmaí agus coinníollacha cothroma agus réasúnta, a sholáthraíonn an oibreoir líonra céanna nó, i gcás sonrach ceantair thuaithe nó iargúlta ina n-oibrítear líonra ar bhonn mórdhíola amháin agus faoi úinéireacht nó faoi rialú comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí, a sholáthraíonn oibreoir líonra den sórt sin.

6.  

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhféadfaidh na hoibreoirí líonra agus na comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu rochtain ar bhonneagar fisiceach sonrach a dhiúltú i gcás ina bhfuil modhanna malartacha inmharthana ann chun rochtain oscailte neamh-idirdhealaitheach mórdhíola a fháil ar líonraí fíor-ardacmhainne a sholáthraíonn an oibreoir líonra céanna nó an comhlacht poiblí céanna, ar choinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a) 

tairgtear na modhanna malartacha rochtana mórdhíola sin faoi théarmaí agus coinníollacha cothroma agus réasúnta, lena n-áirítear ó thaobh praghsanna de;

(b) 

tugtar aghaidh le tionscadal imscartha an oibreora iarrthaigh ar an limistéar cumhdaigh céanna agus níl aon líonra snáithín eile ann lena nasctar áitribh úsáideoirí deiridh ag freastal ar an limistéar cumhdaigh sin.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin maidir leis na Ballstáit sin ina gcuirtear féidearthacht den sórt sin maidir le diúltú nó féidearthacht choibhéiseach maidir le diúltú i bhfeidhm an 11 Bealtaine 2024, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena gcomhlíontar dlí an Aontais.

7.  
I gcás ina ndiúltaítear rochtain a sholáthar, dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6, cuirfidh an t-oibreoir líonra nó comhlacht na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú aige in iúl don iarrthóir rochtana, i scríbhinn, na cúiseanna sonracha mionsonraithe le diúltú den sórt sin, tráth nach déanaí ná mí amháin ón dáta a fhaightear an iarraidh chomhlánaithe ar rochtain, ach amháin i gcás bonneagar náisiúnta criticiúil mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta, ar bonneagar é nach gceanglófar cúiseanna sonracha mionsonraithe a thabhairt ina leith agus an diúltú á chur in iúl don iarrthóir rochtana.
8.  
Féadfaidh na Ballstáit comhlacht a bhunú nó a ainmniú chun iarrataí ar rochtain ar bhonneagar fisiceach atá faoi úinéireacht nó faoi rialú comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a chomhordú, chun comhairle dhlíthiúil agus theicniúil a sholáthar trí théarmaí agus coinníollacha rochtana a chaibidliú, agus chun soláthar faisnéise trí phointe faisnéise aonair dá dtagraítear in Airteagal 12 a éascú.
9.  
Bonneagar fisiceach atá faoi réir cheana ag oibleagáidí rochtana arna bhforchur ag údaráis rialála náisiúnta de bhun Threoir (AE) 2018/1972 nó a eascraíonn as cur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le Státchabhair, ní bheidh sé faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1, 4 agus 5 a fhad a bheidh oibleagáidí rochtana den sórt sin i bhfeidhm.
10.  
Ní fhéadfaidh comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach nó catagóirí áirithe bonneagair fhisicigh faoi úinéireacht nó faoi rialú acu míreanna 1, 4 agus 5 a chur i bhfeidhm maidir leis an mbonneagar fisiceach sin nó na catagóirí bonneagair fhisicigh sin ar chúiseanna a bhaineann le luach ailtireachta, stairiúil, reiligiúnach nó comhshaoil nó ar chúiseanna a bhaineann le slándáil phoiblí, cosaint, sábháilteacht agus sláinte. Sainaithneoidh na Ballstáit nó, de réir mar is iomchuí, údaráis réigiúnacha agus áitiúla bonneagar fisiceach den sórt sin nó catagóirí bonneagair fhisicigh den sórt sin ina gcríocha bunaithe ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo agus atá comhréireach. Liosta na gcatagóirí bonneagair fhisicigh agus na critéir a chuirtear i bhfeidhm chun iad a shainaithint, déanfar iad a chur ar fáil trí phointe faisnéise aonair.
11.  
Beidh sé de cheart ag oibreoirí rochtain ar a mbonneagar fisiceach a thairiscint chun líonraí, seachas líonraí cumarsáide leictreonaí nó saoráidí gaolmhara, a imscaradh.
12.  
D’ainneoin mhír 3, ní dochar an tAirteagal seo do cheart úinéir an bhonneagair fhisicigh chun maoine i gcás nach é an t-oibreoir líonra nó comhlacht na hearnála poiblí an t-úinéir, agus ní dochar é do cheart aon tríú páirtí eile chun maoine, amhail úinéirí talún agus úinéirí maoine príobháidí, nó, i gcás inarb infheidhme, do chearta tionóntaí.
13.  
Tar éis dul i gcomhairle le geallsealbhóirí, leis na comhlachtaí náisiúnta um réiteach díospóidí agus le comhlachtaí nó gníomhaireachtaí inniúla eile de chuid an Aontais sna hearnálacha ábhartha de réir mar is iomchuí, agus tar éis na prionsabail sheanbhunaithe agus an staid ar leith ar fud na mBallstát a chur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le BEREC, treoraíocht a thabhairt maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo.

Airteagal 4

Trédhearcacht maidir leis an mbonneagar fisiceach

1.  

Chun a bheith in ann rochtain a iarraidh ar bhonneagar fisiceach i gcomhréir le hAirteagal 3, beidh sé de cheart ag oibreoir rochtain a fháil, arna iarraidh sin, ar an bhfaisnéis íosta seo a leanas maidir leis an mbonneagar fisiceach atá ann cheana, i bhformáid leictreonach trí phointe faisnéise aonair:

(a) 

suíomh agus bealach geothagartha;

(b) 

cineál an bhonneagair agus an úsáid a bhaintear as faoi láthair;

(c) 

pointe teagmhála.

Beidh faisnéis íosta den sórt sin inrochtana, faoi théarmaí comhréireacha, neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha agus, in aon chás tráth nach déanaí ná 10 lá oibre tar éis an dáta ar tíolacadh an iarraidh ar rochtain ar fhaisnéis. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar síneadh 5 lá oibre a chur, uair amháin, leis an spriocdháta sin. Is trí phointe faisnéise aonair a chuirfear aon síneadh ar an spriocdháta in iúl d’oibreoirí a iarrann rochtain.

Aon oibreoir a iarrann rochtain ar fhaisnéis de bhun an Airteagail seo, sonróidh sé an limistéar geografach ina bhfuil sé beartaithe aige eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh.

Féadfar rochtain ar an bhfaisnéis íosta a theorannú nó a dhiúltú ar choinníoll go bhfuil gá leis sin chun slándáil foirgneamh áirithe atá faoi úinéireacht nó faoi rialú comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí, slándáil agus sláine na líonraí, slándáil náisiúnta, slándáil an bhonneagair náisiúnta chriticiúil, sláinte phoiblí nó sábháilteacht phoiblí a áirithiú, nó ar chúiseanna rúndachta nó rún oibriúcháin agus gnó.

2.  
De bhreis ar an bhfaisnéis íosta dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit faisnéis a éileamh maidir le bonneagar fisiceach atá ann cheana amhail faisnéis faoi leibhéal áitíochta an bhonneagair fhisicigh.
3.  
Déanfaidh oibreoirí líonra agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí an fhaisnéis íosta dá dtagraítear i mír 1 ar a laghad agus, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i mír 2 a chur ar fáil trí phointe faisnéise aonair agus i bhformáid leictreonach, agus cuirfidh siad aon nuashonrú ar an bhfaisnéis sin ar fáil go pras. I gcás nach gcomhlíonann oibreoirí líonraí nó comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí an mhír seo, féadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 atá in easnamh a chur ar fáil i bhformáid leictreonach trí phointe faisnéise aonair, laistigh de 10 lá oibre ón dáta a fhaightear iarraidh den sórt sin, gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit pionóis a fhorchur ar oibreoirí líonraí agus ar chomhlachtaí earnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu toisc nach bhfuil an oibleagáid sin á comhlíonadh acu.
4.  
Ar feadh idirthréimhse a bheidh chomh gairid agus is féidir agus nach faide ná 12 mhí, féadfaidh na Ballstáit bardais ina bhfuil níos lú ná 3 500 áitritheoir a dhíolmhú ón oibleagáid dá dtagraítear i mír 3. Leagfaidh na Ballstáit amach treochlár ina dtugtar na spriocdhátaí maidir leis an bhfaisnéis íosta dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil trí phointe rochtana aonair i bhformáid leictreonach. Foilseofar na heisceachtaí agus na treochláir sin trí phointe faisnéise aonair. Le linn na hidirthréimhse sin, áiritheoidh na bardais sin go mbeidh rochtain ag oibreoirí ar an bhfaisnéis atá ar fáil.
5.  
Comhlíonfaidh oibreoirí líonra agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí iarrataí réasúnta ar shuirbhéanna ar an láthair ar eilimintí sonracha dá mbonneagar fisiceach arna iarraidh sin go sonrach, i scríbhinn, d’oibreoir. Sonrófar in iarrataí den sórt sin na heilimintí den bhonneagar fisiceach lena mbaineann d’fhonn eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh. Maidir le suirbhéanna ar an láthair ar na heilimintí sonracha den bhonneagar fisiceach, deonófar suirbhéanna den sórt sin faoi théarmaí comhréireacha, neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha laistigh de mhí amháin ón dáta a fhaightear an iarraidh, faoi réir na dteorainneacha a leagtar amach i mír 1, an ceathrú fomhír. Féadfaidh na Ballstáit ceanglais mhionsonraithe a shonrú maidir le gnéithe riaracháin na n-iarrataí.
6.  
Féadfaidh na Ballstáit, bunaithe ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo agus atá comhréireach, an bonneagar náisiúnta criticiúil mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta, nó codanna de, nach mbeidh faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar síos i míreanna 1, 3 agus 5, a shainaithint.
7.  

Ní bheidh feidhm ag mír 1, 3 ná 5 sna cásanna seo a leanas:

(a) 

níl an bonneagar fisiceach oiriúnach go teicniúil chun líonraí fíor-ardacmhainne ná saoráidí gaolmhara a imscaradh;

(b) 

bheadh an oibleagáid maidir le faisnéis a sholáthar faoi chineálacha áirithe bonneagair fhisicigh atá ann cheana de bhun mhír 1, an chéad fhomhír, díréireach, ar bhonn measúnú costais agus tairbhe arna dhéanamh ag na Ballstáit agus comhairliúchán le geallsealbhóirí; nó

(c) 

níl an bonneagar fisiceach faoi réir oibleagáidí rochtana i gcomhréir le hAirteagal 3(10).

Is trí phointe faisnéise aonair a fhoilseofar an t-údar, na critéir agus na coinníollacha a bhaineann le haon eisceachtaí den sórt sin a chur i bhfeidhm agus tabharfar fógra ina leith don Choimisiún.

8.  
Déanfaidh oibreoirí a fhaigheann rochtain ar fhaisnéis de bhun an Airteagail seo bearta iomchuí chun a áirithiú go n-urramófar rúndacht chomh maith le rúin oibriúcháin agus ghnó. Chuige sin, coinneoidh siad an fhaisnéis faoi rún agus úsáidfidh siad í chun a líonraí a imscaradh agus chun na críche sin amháin.

Airteagal 5

Oibreacha sibhialta a chomhordú

1.  
Beidh sé de cheart ag comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu agus ag oibreoirí líonra comhaontuithe maidir le comhordú oibreacha sibhialta, lena n-áirítear comhaontuithe maidir le cionroinnt costas, a chaibidliú le hoibreoirí d’fhonn eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh.
2.  
Agus oibreacha sibhialta á ndéanamh, nó á mbeartú lena ndéanamh, acu, go díreach nó go hindíreach, ar oibreacha sibhialta iad a mhaoinítear go hiomlán nó i bpáirt le cistí poiblí, comhlíonfaidh comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu agus oibreoirí líonra aon iarraidh réasúnta i scríbhinn chun na hoibreacha sibhialta sin a chomhordú faoi théarmaí trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha, iarraidh arna déanamh ag oibreoirí d’fhonn eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh. Féadfaidh na Ballstáit ceanglais mhionsonraithe a shonrú maidir le gnéithe riaracháin na hiarrata.

Comhlíonfar iarrataí ar oibreacha sibhialta a chomhordú, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a) 

maidir leis an oibreoir líonra nó comhlacht de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú aige, a raibh sé beartaithe aige na hoibreacha sibhialta atá i gceist a dhéanamh ar dtús, ní bheidh aon chostais bhreise nach féidir a aisghabháil i gceist le comhordú na n-oibreacha sibhialta, lena n-áirítear na costais sin arb iad moilleanna breise ba chúis leo, gan dochar don fhéidearthacht go dtiocfadh na páirtithe lena mbaineann ar chomhaontú maidir leis na costais a chionroinnt;

(b) 

an t-oibreoir líonra nó comhlacht de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú aige, a bhfuil sé beartaithe aige na hoibreacha sibhialta a dhéanamh ar dtús, beidh sé fós i gceannas ar chomhordú na n-oibreacha;

(c) 

tíolactar an iarraidh a luaithe is féidir agus, i gcás ina bhfuil gá le cead le haghaidh na n-oibreacha sibhialta, mí amháin ar a laghad sula gcuirfear an tionscadal deiridh faoi bhráid na n-údarás inniúil a dheonaíonn ceadanna.

3.  
Maidir le hiarrataí ar oibreacha sibhialta a chomhordú a dhéanann gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, nó atá údaraithe iad a sholáthar, a chur faoi bhráid gnóthas atá faoi úinéireacht nó faoi rialú comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí agus a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, nó atá údaraithe chun iad a sholáthar, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go measfar na hiarrataí sin a bheith míréasúnta i gcás ina rannchuidíonn na hoibreacha sibhialta leis na líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh, ar choinníoll go bhfuil na líonraí fíor-ardacmhainne sin lonnaithe i gceantair thuaithe nó iargúlta agus go bhfuil siad faoi úinéireacht nó faoi rialú comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí agus go n-oibrítear iad ar bhonn mórdhíola amháin.
4.  

Maidir le hiarraidh ar oibreacha sibhialta a chomhordú a dhéanann gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, nó atá údaraithe iad a sholáthar, a chur faoi bhráid gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, nó atá údaraithe iad a sholáthar, féadfar a mheas go bhfuil an iarraidh sin míréasúnta i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a) 

baineann an iarraidh le limistéar a ndearnadh ceann ar bith díobh seo a leanas ina leith:

(i) 

réamhaisnéis maidir le raon na líonraí leathanbhanda, lena n-áirítear líonraí fíor-ardacmhainne de bhun Airteagal 22(1) de Threoir (AE) 2018/1972;

(ii) 

tugadh cuireadh rún a nochtadh maidir le líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh de bhun Airteagal 22(3) de Threoir (AE) 2018/1972;

(iii) 

comhairliúchán poiblí i dtaca le rialacha an Aontais maidir leis an Státchabhair a chur i bhfeidhm;

(b) 

mhainnigh an gnóthas iarrthach a chur in iúl go raibh rún aige líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh sa limistéar dá dtagraítear i bpointe (a) in aon cheann de na nósanna imeachta is déanaí de na nósanna imeachta a liostaítear sa phointe sin lena gcumhdaítear an tréimhse ina ndearnadh an iarraidh ar chomhordú.

Má mheastar go bhfuil iarraidh ar chomhordú míréasúnta ar bhonn na chéad fhomhíre, an gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, nó atá údaraithe iad a sholáthar, agus a dhiúltaigh oibreacha sibhialta a chomhordú, déanfaidh sé bonneagar fisiceach ag a bhfuil acmhainneacht leordhóthanach a imscaradh chun freastal ar riachtanais réasúnta a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo maidir le rochtain tríú páirtí.

5.  
Féadfaidh na Ballstáit, bunaithe ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo agus atá comhréireach, na cineálacha oibreacha sibhialta a mheastar a bheith teoranta ó thaobh raon feidhme de, amhail i dtéarmaí luacha, méide nó faid, nó a bheith bainteach le bonneagar náisiúnta criticiúil a shainaithint, ar oibreacha iad a d’fhéadfaí a dhíolmhú ón oibleagáid oibreacha sibhialta a chomhordú de bhun mhír 2. Is trí phointe faisnéise aonair a fhoilseofar an t-údar, na critéir agus na coinníollacha a bhaineann le heisceachtaí a chur i bhfeidhm maidir le cineálacha oibreacha sibhialta den sórt sin.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach gcuirfidh comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu agus oibreoirí líonraí mír 2 ná 4 i bhfeidhm maidir le cineálacha oibreacha sibhialta a bhaineann le bonneagar náisiúnta criticiúil nó ar chúiseanna slándála náisiúnta arna sainaithint ag na Ballstáit de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo.

Féadfaidh comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu agus oibreoirí líonraí a chinneadh gan mír 2 ná 4 a chur i bhfeidhm maidir leis na cineálacha oibreacha a shainaithin na Ballstáit mar oibreacha atá teoranta ó thaobh raon feidhme de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo.

6.  

Faoin 12 Samhain 2025, tar éis dul i gcomhairle le geallsealbhóirí, na comhlachtaí náisiúnta um réiteach díospóidí agus comhlachtaí nó gníomhaireachtaí inniúla eile de chuid an Aontais sna hearnálacha ábhartha, de réir mar is iomchuí, agus tar éis na prionsabail sheanbhunaithe agus na cásanna sonracha i ngach Ballstát a chur san áireamh, soláthróidh BEREC, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

na costais a bhaineann le comhordú na n-oibreacha sibhialta dá dtagraítear i mír 1 a chionroinnt;

(b) 

na critéir ba cheart do na comhlachtaí um réiteach díospóidí a leanúint agus díospóidí a thagann faoi raon feidhme an Airteagail seo á réiteach acu; agus

(c) 

na critéir chun acmhainneacht leordhóthanach a áirithiú chun freastal ar riachtanais réasúnacha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo má dhiúltaítear comhordú a dhéanamh ar oibreacha sibhialta de bhun mhír 4.

Airteagal 6

Trédhearcacht maidir le hoibreacha sibhialta atá beartaithe

1.  

Ionas go mbeifear in ann na comhaontaithe maidir le comhordú na n-oibreacha sibhialta dá dtagraítear in Airteagal 5 a chaibidliú, cuirfidh aon oibreoir líonra agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu an fhaisnéis íosta seo a leanas ar fáil i bhformáid leictreonach trí phointe faisnéise aonair:

(a) 

suíomh geothagartha agus cineál na n-oibreacha;

(b) 

eilimintí an bhonneagair fhisicigh lena mbaineann;

(c) 

an dáta a mheastar a thosóidh na hoibreacha agus a bhfad;

(d) 

an dáta a mheastar a chuirfear an tionscadal deiridh faoi bhráid na n-údarás inniúil chun ceadanna a dheonú, i gcás inarb infheidhme;

(e) 

pointe teagmhála.

Áiritheoidh an t-oibreoir líonra agus an comhlacht de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú aige, maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír le haghaidh oibreacha sibhialta atá beartaithe a bhaineann lena mbonneagar fisiceach, go mbeidh an fhaisnéis sin ceart agus cothrom le dáta agus go gcuirfear ar fáil í go pras, trí phointe faisnéise aonair, a luaithe a bheidh an fhaisnéis ar fáil don oibreoir líonra le haghaidh a chuid oibreacha sibhialta a bheartaítear sna 6 mhí ina dhiaidh sin agus, in aon chás agus i gcás ina bhfuil cead beartaithe, tráth nach déanaí ná 2 mhí sula gcuirfear an t-iarratas ar chead faoi bhráid na n-údarás inniúil den chéad uair.

Beidh sé de cheart ag oibreoirí rochtain a fháil ar an bhfaisnéis íosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhformáid leictreonach, ar iarraidh réasúnaithe a fháil, trí phointe faisnéise aonair, lena sonraítear an limistéar ina bhfuil sé beartaithe ag an oibreoir iarrthach eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh. Laistigh de 10 lá oibre ón dáta a fhaightear an iarraidh chun rochtain a fháil ar fhaisnéis, cuirfear an fhaisnéis a iarradh ar fáil faoi théarmaí comhréireacha, neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar síneadh 5 lá oibre a chur, uair amháin, leis an spriocdháta sin. Ní fhéadfar rochtain ar an bhfaisnéis íosta a theorannú nó a dhiúltú ach amháin i gcás inar gá chun slándáil na líonraí agus a sláine, slándáil náisiúnta, slándáil bonneagair chriticiúil, sláinte phoiblí nó sábháilteacht phoiblí a áirithiú, nó ar chúiseanna rúndachta nó rún oibriúcháin agus gnó.

2.  
Féadfaidh na Ballstáit, bunaithe ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo agus atá comhréireach, na cineálacha oibreacha sibhialta a mheastar a bheith teoranta ó thaobh raon feidhme de, amhail i dtéarmaí luacha, méide nó faid, nó a bheith bainteach le bonneagar náisiúnta criticiúil a shainaithint, chomh maith leis na héigeandálaí nó na cúiseanna slándála náisiúnta a thabharfadh údar maith gan bheith faoi réir na hoibleagáide an fhaisnéis íosta a chur ar fáil de bhun mhír 1. Is trí phointe faisnéise aonair a fhoilseofar an t-údar, na critéir agus na coinníollacha a bhaineann le heisceachtaí a chur i bhfeidhm maidir le cineálacha oibreacha sibhialta den sórt sin.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach gcuirfidh comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu agus oibreoirí líonraí mír 1 i bhfeidhm maidir le cineálacha oibreacha sibhialta a bhaineann le bonneagar náisiúnta criticiúil nó ar chúiseanna slándála náisiúnta arna sainaithint ag na Ballstáit de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo.

Féadfaidh comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu agus oibreoirí líonraí a chinneadh gan mír 1 a chur i bhfeidhm maidir le faisnéis faoi chineálacha oibreacha sibhialta atá teoranta ó thaobh raon feidhme de agus ar na cúiseanna éigeandála arna sainaithint ag na Ballstáit de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo.

Airteagal 7

Nósanna imeachta chun ceadanna agus cearta slí a dheonú

1.  
Ní chuirfidh na húdaráis inniúla srian ná bac míchuí ar imscaradh aon eilimint de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara. Aon rialacha lena rialaítear na coinníollacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le deonú na gceadanna agus na gceart slí a theastaíonn chun eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh, déanfaidh na Ballstáit a ndícheall chun a áirithiú go mbeidh siad comhsheasmhach ar fud na críche náisiúnta.
2.  
Cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis uile ar fáil, trí phointe faisnéise aonair i bhformáid leictreonach, maidir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le ceadanna agus cearta slí a dheonú, a dheonaítear trí nósanna imeachta riaracháin, lena n-áirítear aon fhaisnéis maidir le díolúintí ó chuid de na ceadanna nó na cearta slí nó ó na ceadanna nó na cearta slí uile a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta agus bealaí chun iarratais a thíolacadh i bhformáid leictreonach agus faisnéis faoi stádas an iarratais a aisghabháil.
3.  
Beidh sé de cheart ag aon oibreoir iarratais ar na ceadanna ar fad is gá, nó athnuachan orthu, nó ar chearta slí a thíolacadh, trí phointe faisnéise aonair i bhformáid leictreonach, agus faisnéis a aisghabháil maidir le stádas a iarratais. Féadfaidh na Ballstáit nósanna imeachta mionsonraithe a shonrú maidir leis an bhfaisnéis sin a aisghabháil.
4.  
Iarratais ar cheadanna, lena n-áirítear iarratais ar chearta slí, nár chuir an t-oibreoir céanna a rinne an t-iarratas ar chead an fhaisnéis íosta ar fáil ina leith trí phointe faisnéise aonair de bhun Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, féadfaidh na húdaráis inniúla, laistigh de 15 lá oibre tar éis é a fháil, iarratais den sórt sin a dhiúltú.
5.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla ceadanna, cé is moite de chearta slí, a dheonú nó a dhiúltú laistigh de 4 mhí ón dáta a fhaightear iarratas comhlánaithe ar chead.

Cinnfidh na húdaráis inniúla comhláine an iarratais ar cheadanna nó ar chearta slí laistigh de 20 lá oibre ón dáta a fhaightear an t-iarratas. Iarrfaidh na húdaráis inniúla ar an iarratasóir aon fhaisnéis atá in easnamh a sholáthar laistigh den tréimhse sin. Ní bheidh fionraí ná briseadh ar an tréimhse fhoriomlán 4 mhí chun an iarraidh ar chead a scrúdú, ag tosú ón dáta a fhaightear an t-iarratas comhlánaithe, mar thoradh ar chinneadh an údaráis inniúil go bhfuil an t-iarratas ar chead comhlánaithe.

Ní dochar an chéad fhomhír ná an dara fomhír do sprioc-amanna nó oibleagáidí sonracha eile a leagtar síos chun an nós imeachta a sheoladh go cuí, ar sprioc-amanna nó oibleagáidí iad is infheidhme maidir leis an nós imeachta deonaithe ceadanna, lena n-áirítear imeachtaí achomhairc, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais agus ní dochar iad do rialacha lena ndeonaítear don iarrthóir cearta breise nó a bhfuil sé mar aidhm leo an deonú ceadanna is tapúla is féidir a áirithiú.

Leagfaidh na Ballstáit amach agus foilseoidh siad, roimh ré, trí phointe faisnéise aonair, na forais ar ar féidir leis an údarás inniúil, i gcásanna eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe, ag gníomhú as a stuaim féin dó, síneadh a chur leis na sprioc-amanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo agus i mír 6.

Beidh aon síneadh chomh gearr agus is féidir agus ní rachaidh sé thar 4 mhí, ach amháin i gcás inar gá sin chun sprioc-amanna nó oibleagáidí sonracha eile a leagtar síos chun an nós imeachta is infheidhme maidir leis an nós imeachta deonaithe ceadanna a sheoladh go cuí, lena n-áirítear imeachtaí achomhairc, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais.

Ní iarrfar síneadh chun faisnéis atá in easnamh a fháil, ar faisnéis í nár iarr an t-údarás inniúil ar an iarratasóir de bhun an dara fomhír.

Beidh aon diúltú ceada nó cirt slí cuí-réasúnaithe ar bhonn critéir oibiachtúla, thrédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha agus chomhréireacha.

6.  
De mhaolú ar Airteagal 43(1), pointe (a), de Threoir (AE) 2018/1972, i gcás ina bhfuil gá, de bhreis ar cheadanna, le cearta slí ar, thar nó faoi mhaoin phoiblí, nó i gcás inarb infheidhme, maoin phríobháideach, le réamhúdarú ón úinéir nó i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, chun eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh, deonóidh na húdaráis inniúla cearta slí den sórt sin laistigh den tréimhse 4 mhí nó laistigh den sprioc-am arna shocrú faoin dlí náisiúnta, cibé acu is giorra, ón dáta a fhaightear an t-iarratas comhlánaithe ach amháin i gcás díshealbhú.
7.  
Féadfaidh na húdaráis inniúla athnuachan a dhéanamh ar an gcead a deonaíodh d’oibreoir le haghaidh oibreacha sibhialta a raibh gá leo chun eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh i gcás, ar chúiseanna a bhfuil údar oibiachtúil leo, nár féadadh an obair a thosú nó a thabhairt chun críche roimh dhul in éag bhailíocht an cheada. Deonófar athnuachan an cheada gan ceanglais bhreise nós imeachta do na hoibreoirí.
8.  
Féadfaidh na Ballstáit, inter alia, a cheangal go mbeidh gá le ceadanna chun eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh ar fhoirgnimh nó ar láithreáin a bhfuil luach ailtireachta, stairiúil, reiligiúnach nó comhshaoil ag baint leo atá cosanta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó i gcás inar gá ar mhaithe leis an tsábháilteacht phoiblí, slándáil bonneagair chriticiúil nó cúiseanna comhshaoil.
9.  
Ceadanna, seachas cearta slí, a bhfuil gá leo chun eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh, ní bheidh siad faoi réir aon táille ná aon mhuirear a théann thar chostais riaracháin dá bhforáiltear, mutatis mutandis, in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2018/1972.
10.  
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo sna Ballstáit. Chuige sin, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún gach 3 bliana maidir le stádas chur chun feidhme an Airteagail seo agus maidir le cibé ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh na coinníollacha a liostaítear ann.
11.  
Beidh feidhm ag an nós imeachta a bhunaítear san Airteagal seo gan dochar d’Airteagal 57 de Threoir (AE) 2018/1972.
12.  
Ní dochar an tAirteagal seo don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit forálacha breise a thabhairt isteach d’údaráis inniúla chun dlús a chur leis an nós imeachta deonaithe ceadanna.

Airteagal 8

Éagmais cinnidh maidir leis an iarratas ar chead

1.  
In éagmais cinneadh ón údarás inniúil faoin sprioc-am is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 7(5), measfar gur deonaíodh an cead ar dhul in éag an sprioc-ama sin.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír ar choinníoll nach mbaineann an nós imeachta deonaithe ceadanna le cearta slí. Arna iarraidh sin, beidh an t-oibreoir nó aon pháirtí dá ndéantar difear i dteideal dearbhú i scríbhinn a fháil ón údarás inniúil, i gcás inarb infheidhme, gur deonaíodh an cead go hintuigthe.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag aon tríú páirtí dá ndéantar difear idirghabháil a dhéanamh sa nós imeachta riaracháin agus agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh lena ndeonaítear an cead.

2.  

Féadfaidh na Ballstáit maolú ó mhír 1 den Airteagal seo i gcás ina bhfuil ceann amháin ar a laghad de na réitigh seo a leanas ar fáil don nós imeachta ábhartha deonaithe ceadanna:

(a) 

tá an t-oibreoir a ndearnadh damáiste dó toisc nár chomhlíon an t-údarás inniúil an sprioc-am is infheidhme a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 7(5) i dteideal cúiteamh a éileamh i leith damáiste, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(b) 

féadfaidh an t-oibreoir an cás a tharchur chuig cúirt nó chuig údarás maoirseachta.

3.  
I gcás maolú de bhun mhír 2 den Airteagal seo, áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann, ar dhul in éag an sprioc-am a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 7(5) agus gan dochar do cheart an oibreora réitigh a lorg láithreach i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, go n-iarrfaidh an t-údarás inniúil, nó aon chomhlacht eile arna chinneadh ag an mBallstát sin, ar an iarratasóir, gan moill mhíchuí, arna iarraidh sin don oibreoir, nó as a stuaim féin, freastal ar chruinniú chun glacadh an chinnidh maidir leis an iarratas ar chead a éascú. Déanfaidh an t-údarás inniúil an cruinniú a thionól tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis thíolacadh na hiarrata. Gan moill mhíchuí tar éis an chruinnithe, soláthróidh an t-údarás inniúil cuntas i scríbhinn ar an bplé, lena n-áirítear tuairimí na bpáirtithe lena mbaineann agus lena gcuirtear in iúl don oibreoir dáta ar a bhfuil cinneadh maidir leis an iarratas ar chead le heisiúint.

Airteagal 9

Díolúintí ó nósanna imeachta deonaithe ceadanna

1.  

Ní bheidh oibreacha sibhialta a bhfuil aon cheann díobh seo a leanas i gceist leo faoi réir aon nós imeachta deonaithe ceadanna de réir bhrí Airteagal 7, mura n-éilítear cead den sórt sin i gcomhréir le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais:

(a) 

oibreacha deisithe agus cothabhála atá teoranta ó thaobh raon feidhme de, amhail i dtéarmaí luacha, méide, tionchair agus faid;

(b) 

uasghráduithe teoranta teicniúla ar oibreacha nó suiteálacha atá ann cheana, a bhfuil tionchar teoranta acu;

(c) 

oibreacha sibhialta ar mhionscála atá teoranta ó thaobh raon feidhme de, amhail i dtéarmaí luacha, méide, tionchair nó an fhaid ama is gá chun na líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh.

2.  
Bunaithe ar chúiseanna bhfuil údar cuí leo agus atá comhréireach, sainaithneoidh na Ballstáit na cineálacha oibreacha sibhialta a bhfuil feidhm ag mír 1 maidir leo. Foilseofar faisnéis faoi chineálacha oibreacha sibhialta den sórt sin trí phointe faisnéise aonair.
3.  

De mhaolú ar mhír 1 agus faoi réir an nós imeachta a leagtar síos i mír 2, féadfaidh údaráis inniúla a cheangal go mbeidh gá le ceadanna chun eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh sna cásanna seo a leanas:

(a) 

i gcás bonneagar fisiceach nó catagóirí áirithe bonneagair fhisicigh a chosnaítear ar chúiseanna a bhaineann le luach ailtireachta, stairiúil, reiligiúnach nó comhshaoil, nó a chosnaítear ar bhealach eile i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; nó

(b) 

i gcás inar gá ar chúiseanna maidir leis an tslándáil phoiblí, an chosaint, an tsábháilteacht, cúiseanna comhshaoil nó sláinte poiblí, nó chun slándáil an bhonneagair chriticiúil a chosaint.

4.  
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar oibreoirí a bhfuil sé beartaithe acu oibreacha sibhialta a chumhdaítear leis an Airteagal seo a dhéanamh fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla, roimh thús na n-oibreacha, go bhfuil sé ar intinn acu tús a chur leis na hoibreacha sibhialta.

Ní bheidh san fhógra sin ach dearbhú ón oibreoir go bhfuil sé ar intinn aige na hoibreacha sibhialta a thosú agus an fhaisnéis íosta is gá a thíolacadh chun go mbeidh na húdaráis inniúla in ann measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil na hoibreacha sin cumhdaithe leis an maolú a leagtar amach i mír 3. Áireofar san fhaisnéis íosta sin ar a laghad an dáta a mheastar a thosóidh na hoibreacha sibhialta, fad na n-oibreacha, sonraí teagmhála an duine atá freagrach as na hoibreacha a dhéanamh agus an limistéir lena mbaineann na hoibreacha.

Airteagal 10

Bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh agus sreangú snáithín

1.  
Beidh gach foirgneamh nuathógtha agus gach foirgneamh a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh air, lena n-áirítear eilimintí faoi chomhúinéireacht, a bhfuil iarratais ar cheadanna tógála tíolactha ina leith tar éis an 12 Feabhra 2026, feistithe le bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín agus sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh, lena n-áirítear naisc suas leis an bpointe fisiceach ag a nascann an t-úsáideoir deiridh leis an líonra poiblí.
2.  
Déanfar gach foirgneamh ilteaghaise nuathógtha nó gach foirgneamh ilteaghaise a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh air, a bhfuil iarratais ar cheadanna tógála tíolactha ina leith tar éis an 12 Feabhra 2026, a fheistiú le pointe rochtana.
3.  
Faoin 12 Feabhra 2026, déanfar gach foirgneamh, lena n-áirítear eilimintí díobh atá faoi chomhúinéireacht, a bhfuil móroibreacha athchóirithe mór á ndéanamh orthu mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Threoir 2010/31/AE, a fheistiú le bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín, agus le sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh, lena n-áirítear naisc suas leis an bpointe fisiceach ag a nascann an t-úsáideoir deiridh leis an líonra poiblí, mura méadóidh sé sin costais na n-oibreacha athchóirithe go díréireach agus má tá sé indéanta go teicniúil. Beidh pointe rochtana ag gach foirgneamh ilteaghaise a bhfuil móroibreacha athchóirithe den sórt sin á ndéanamh air.
4.  

Faoin 12 Samhain 2025, glacfaidh na Ballstáit, i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara agus ar bhonn dhea-chleachtais an tionscail, na caighdeáin ábhartha nó na sonraíochtaí teicniúla is gá chun míreanna 1, 2 agus 3 a chur chun feidhme. Leis na caighdeáin nó na sonraíochtaí teicniúla sin, beifear in ann gnáthghníomhaíochtaí cothabhála a dhéanamh go héasca ar shreanguithe snáithín aonair arna n-úsáid ag gach oibreoir chun seirbhísí líonra fíor-ardacmhainne a sholáthar agus leagfar amach an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) 

sonraíochtaí maidir le pointe rochtana an fhoirgnimh agus sonraíochtaí an chomhéadain snáithín;

(b) 

sonraíochtaí cábla;

(c) 

sonraíochtaí soicéid;

(d) 

sonraíochtaí seolphíobán nó micreadhuchtanna;

(e) 

sonraíochtaí teicniúla is gá chun trasnaíocht ar cháblú leictreach a chosc;

(f) 

an ga íosta lúibe;

(g) 

sonraíochtaí teicniúla maidir leis an gcáblú a shuiteáil.

5.  
Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na caighdeáin nó na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i mír 4. Chun comhlíonadh den sórt sin a léiriú, cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta ar bun lena bhféadfaí cigireacht ar an láthair ar na foirgnimh nó sampla ionadaíoch díobh a áireamh.
6.  
Beidh foirgnimh a fheistítear i gcomhréir leis an Airteagal seo incháilithe, ar bhonn deonach agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna gcur ar bun ag na Ballstáit, chun lipéad ‘réidh don snáithín’ a fháil, i gcás inar roghnaigh na Ballstáit lipéad den sórt sin a thabhairt isteach.
7.  
Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 maidir le catagóirí áirithe foirgneamh, i gcás ina bhfuil comhlíonadh na míreanna sin díréireach, i dtéarmaí costas ar úinéirí aonair nó ar chomhúinéirí bunaithe ar ghnéithe oibiachtúla. Sainaithneoidh na Ballstáit catagóirí foirgneamh den sórt sin bunaithe ar chúiseanna bhfuil údar cuí leo agus atá comhréireach.
8.  
Sainaithneoidh na Ballstáit, ar bhonn cúiseanna cuí-réasúnaithe agus comhréireacha, na cineálacha foirgneamh, amhail catagóirí sonracha séadchomharthaí, foirgnimh stairiúla, foirgnimh mhíleata agus foirgnimh a úsáidtear chun críoch slándála náisiúnta, mar a shainítear sa dlí náisiúnta, atá le bheith díolmhaithe ó na hoibleagáidí dá bhforáiltear i míreanna 1, 2 agus 3 nó a bhfuil feidhm le bheith ag na hoibleagáidí sin ina leith le hoiriúnuithe teicniúla cuí. Foilseofar faisnéis faoi chatagóirí foirgneamh den sórt sin trí phointe faisnéise aonair.

Airteagal 11

Rochtain ar bhonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh

1.  
Faoi réir mhír 3, agus gan dochar do chearta maoine, beidh sé de cheart ag aon soláthraí líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí a líonra a leathadh amach ar a chostas féin go dtí an pointe rochtana.
2.  
Faoi réir mhír 3, beidh sé de cheart ag aon soláthraí líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí rochtain a fháil ar aon bhonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá ann cheana d’fhonn eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh má tá dúbailt dodhéanta go teicniúil nó neamhéifeachtúil go heacnamaíoch.
3.  
Aon sealbhóir cirt chun an pointe rochtana agus an bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh a úsáid, comhlíonfaidh sé na hiarrataí réasúnta uile i scríbhinn ar rochtain ar an bpointe rochtana agus ar an mbonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh ó sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí faoi théarmaí agus coinníollacha cothroma, réasúnta agus neamh-idirdhealaitheacha, lena n-áirítear ó thaobh praghsanna de, i gcás inarb iomchuí. Féadfaidh na Ballstáit ceanglais mhionsonraithe a shonrú maidir le gnéithe riaracháin na hiarrata.
4.  
In éagmais bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín, beidh sé de cheart ag aon soláthraí líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí a líonra a fhoirceannadh ag áitreabh an tsíntiúsóra, faoi réir chomhaontú an úinéara agus/nó an tsíntiúsóra, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus an bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá ann cheana á úsáid aige, a mhéid atá sé ar fáil agus inrochtana faoi mhír 3, agus ar choinníoll go n-íoslaghdaítear an tionchar ar mhaoin phríobháideach tríú páirtithe.
5.  
Ní dochar an tAirteagal seo do cheart maoine úinéir an phointe rochtana nó an bhonneagair fhisicigh laistigh den fhoirgneamh i gcás nach ionann an sealbhóir cirt an bonneagar nó an pointe rochtana sin a úsáid agus úinéir an bhonneagair nó an phointe rochtana sin, ná do cheart maoine aon tríú páirtí eile, amhail úinéirí talún agus úinéirí foirgneamh.
6.  
Faoin 12 Samhain 2025, tar éis dul i gcomhairle le geallsealbhóirí, leis na comhlachtaí náisiúnta um réiteach díospóidí agus le comhlachtaí nó gníomhaireachtaí inniúla eile de chuid an Aontais sna hearnálacha ábhartha de réir mar is iomchuí, agus tar éis na prionsabail sheanbhunaithe agus an staid ar leith ar fud na mBallstát a chur san áireamh, déanfaidh BEREC, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte a fhoilsiú i dtaca leis na téarmaí agus coinníollacha maidir le rochtain ar bhonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh, lena n-áirítear maidir le cur i bhfeidhm téarmaí agus coinníollacha cothroma agus réasúnta, agus maidir leis na critéir ba cheart do na comhlachtaí náisiúnta um réiteach díospóidí a leanúint agus díospóidí á réiteach.

Airteagal 12

Pointí faisnéise aonair a dhigitiú

1.  
Le pointí faisnéise aonair, cuirfear uirlisí digiteacha iomchuí ar fáil, amhail i bhfoirm tairseacha gréasáin, bunachair sonraí, ardáin dhigiteacha nó feidhmchláir dhigiteacha, chun gur féidir na cearta uile a leagtar amach sa Rialachán seo a fheidhmiú ar líne agus na hoibleagáidí uile a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh.
2.  
Féadfaidh na Ballstáit roinnt uirlisí digiteacha atá ann cheana nó roinnt uirlisí digiteacha nuafhorbartha lena dtacaítear leis na pointí faisnéise aonair dá dtagraítear i mír 1 a idirnascadh, nó a chomhtháthú go hiomlán nó go páirteach, de réir mar is iomchuí, chun dúbailt uirlisí digiteacha a sheachaint.
3.  
Leagfaidh na Ballstáit amach pointe iontrála digiteach náisiúnta aonair, ina bhfuil comhéadan coiteann úsáideora chun rochtain rianúil ar na pointí faisnéise aonair digitithe a áirithiú.
4.  
Áiritheoidh na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha teicniúla, airgeadais agus daonna chun tacú le pointí faisnéise aonair a leathadh amach agus a dhigitiú.

Airteagal 13

Díospóidí a réiteach

1.  

Gan dochar don fhéidearthacht cás a tharchur chuig cúirt, beidh aon pháirtí i dteideal díospóid a d’fhéadfadh teacht chun cinn a tharchur chuig an gcomhlacht náisiúnta inniúil um réiteach díospóidí a bhunaítear de bhun Airteagal 14:

(a) 

i gcás ina ndiúltaítear rochtain ar an mbonneagar atá ann cheana nó nach dtagtar ar chomhaontú maidir le téarmaí agus coinníollacha sonracha, lena n-áirítear ó thaobh praghsanna de, laistigh de mhí amháin ón dáta a fhaightear an iarraidh ar rochtain faoi Airteagal 3;

(b) 

i dtaca leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 4 agus 6, lena n-áirítear i gcás nach soláthraítear an fhaisnéis a iarrtar laistigh de na sprioc-amanna is infheidhme;

(c) 

i gcás nach dtagtar ar chomhaontú maidir le comhordú oibreacha sibhialta de bhun Airteagal 5(2) laistigh de mhí amháin ón dáta a fhaightear an iarraidh fhoirmiúil ar oibreacha sibhialta a chomhordú; nó

(d) 

i gcás nach dtagtar ar chomhaontú maidir le rochtain ar bhonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh dá dtagraítear in Airteagal 11(2) nó (3) laistigh de mhí amháin ón dáta a fhaightear an iarraidh fhoirmiúil ar rochtain.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, i gcás díospóidí dá dtagraítear i mír 1 pointí (a) agus (d), i gcás gurb é an t-eintiteas ónar iarr an t-oibreoir rochtain an t-eintiteas céanna atá i dteideal an ceart slí a dheonú don mhaoin ar a bhfuil, ina bhfuil nó faoina bhfuil ábhar na hiarrata ar rochtain lonnaithe, go bhféadfaidh an comhlacht náisiúnta inniúil um réiteach díospóidí díospóidí maidir leis an gceart slí a réiteach freisin.

2.  

Agus prionsabal na comhréireachta agus na prionsabail arna mbunú sa treoraíocht ábhartha ón gCoimisiún nó sna treoirlínte ó BEREC á gcur san áireamh go hiomlán, eiseoidh an comhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí dá dtagraítear i mír 1 cinneadh ceangailteach chun an díospóid a réiteach:

(a) 

laistigh de 4 mhí ón dáta a fhaightear an iarraidh ar réiteach díospóide, i ndáil le díospóidí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a);

(b) 

laistigh de mhí amháin ón dáta a fhaightear an iarraidh ar réiteach díospóide, i ndáil le díospóidí dá dtagraítear i mír 1, pointí (b), (c) agus (d).

Ní fhéadfar síneadh a chur leis na sprioc-amanna sin ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo.

3.  
A mhéid a bhaineann le díospóidí dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (c) agus (d), féadfaidh sé gurb é atá i gcinneadh an chomhlachta náisiúnta um réiteach díospóidí téarmaí agus coinníollacha cothroma agus réasúnta a shocrú, lena n-áirítear ó thaobh praghsanna de, i gcás inarb iomchuí.
4.  
Foilseoidh na comhlachtaí um réiteach díospóidí a gcinntí, agus prionsabail na rúndachta agus chosaint na rún gnó á n-urramú acu. Leis an bpointe faisnéise aonair, áiritheofar rochtain ar na cinntí a fhoilsíonn na comhlachtaí um réiteach díospóidí.

I gcás ina mbaineann an díospóid le bonneagar oibreora agus gurb é an comhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí an t-údarás rialála náisiúnta, cuirfear na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/1972 san áireamh, i gcás inarb iomchuí.

5.  
Leis an Airteagal seo, comhlánaítear na leigheasanna breithiúnacha agus na nósanna imeachta breithiúnacha dá dtagraítear in Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus ní dochar é dóibh.

Airteagal 14

Comhlachtaí inniúla

1.  
Bunóidh nó ainmneoidh na Ballstáit comhlacht inniúil amháin nó níos mó chun na cúraimí a shanntar don chomhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí i gcomhréir le hAirteagal 13(1) a dhéanamh (‘an comhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí’).
2.  
Beidh an comhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí leithleach go dlíthiúil ó aon oibreoir líonra agus aon chomhlacht earnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú aige agus a bhfuil baint aige leis an díospóid agus beidh sé neamhspleách ó thaobh feidhmeanna de ar aon oibreoir nó comhlacht den sórt sin. Na Ballstáit a bhfuil oibreoirí líonra faoi úinéireacht nó faoi rialú acu, áiritheoidh siad go mbeidh na feidhmeanna a bhaineann leis na nósanna imeachta náisiúnta um réiteach díospóidí agus feidhmeanna an phointe faisnéise aonair deighilte go héifeachtach ina struchtúr ó ghníomhaíochtaí a bhaineann le húinéireacht nó le rialú.

Gníomhóidh comhlachtaí náisiúnta um réiteach díospóidí go neamhspleách agus go hoibiachtúil, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó aon chomhlacht eile agus na díospóidí a chuirtear faoina mbráid á réiteach acu. Ní chuirfear cosc leis sin ar mhaoirseacht i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Is ag comhlachtaí inniúla achomhairc amháin a bheidh an chumhacht cinntí na gcomhlachtaí náisiúnta um réiteach díospóidí a chur ar fionraí nó a chur ar ceal.

3.  
Féadfaidh an comhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí táillí a ghearradh chun na costais a chumhdach a bhaineann leis na cúraimí a sannadh dó a dhéanamh.
4.  
Rachaidh na páirtithe uile lena mbaineann díospóid i gcomhar go hiomlán leis an gcomhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí.
5.  
Déanfaidh comhlacht inniúil amháin nó níos mó arna cheapadh ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, de réir mar is iomchuí, feidhmeanna pointe faisnéise aonair dá dtagraítear in Airteagail 3 go 10, 12 agus 13. Chun na costais a chumhdach a bhaineann leis na feidhmeanna sin a dhéanamh, féadfar táillí a ghearradh chun na pointí faisnéise aonair a úsáid.
6.  
Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 2, an chéad fhomhír, maidir leis na comhlachtaí inniúla a dhéanann feidhmeanna pointe faisnéise aonair.
7.  
Feidhmeoidh na comhlachtaí inniúla a gcumhachtaí ar bhealach neamhchlaonta, trédhearcach agus tráthúil. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh acmhainní teicniúla, airgeadais agus daonna leormhaithe acu chun na cúraimí a shanntar dóibh a dhéanamh.
8.  
Foilseoidh na Ballstáit na cúraimí atá le déanamh ag gach comhlacht inniúil trí phointe faisnéise aonair, go háirithe i gcás ina sanntar na cúraimí sin do níos mó ná comhlacht inniúil amháin nó i gcás ina dtagann athrú ar na cúraimí sannta. I gcás inarb iomchuí, rachaidh na comhlachtaí inniúla i gcomhairle le chéile agus oibreoidh siad i gcomhar le chéile maidir le hábhair leasa choitinn.
9.  
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le céannacht gach comhlachta inniúil, i gcomhréir leis an Airteagal seo, chun feidhm a dhéanamh faoin Rialachán seo, agus maidir lena bhfreagrachtaí faoi seach, agus maidir le haon mhodhnú ar an méid sin, sula dtiocfaidh ainmniú nó modhnú den sórt sin i bhfeidhm.
10.  
Beidh aon chinneadh a dhéanann comhlacht inniúil faoi réir achomharc, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, os comhair comhlacht achomhairc atá go hiomlán neamhspleách, lena n-áirítear comhlacht de chineál breithiúnach. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 31 de Threoir (AE) 2018/1972 maidir le haon achomharc de bhun na míre seo.

Ní dochar an ceart chun achomhairc i gcomhréir leis an gcéad fhomhír do cheart na bpáirtithe an díospóid a thabhairt os comhair na cúirte inniúla náisiúnta.

Airteagal 15

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus ar aon chinneadh ceangailteach a ghlacann na comhlachtaí inniúla dá dtagraítear in Airteagal 14 de bhun an Rialacháin seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear iomchuí, éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 16

Tuarascáil agus faireachán

1.  
Faoin 12 Bealtaine 2028, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh achoimre ar thionchar na mbeart a leagtar amach sa Rialachán seo san áireamh sa tuarascáil chomh maith le measúnú ar an dul chun cinn maidir lena chuspóirí a bhaint amach, lena n-áirítear cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh an Rialachán seo rannchuidiú a thuilleadh leis na spriocanna nascachta a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2022/2481 a bhaint amach, agus conas a d’fhéadfadh sé é sin a dhéanamh.

Áireofar sa tuarascáil forbairtí a bhaineann le raon feidhme an Rialacháin seo a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an dul chun cinn i dtreo líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh go tapa agus go forleathan i gceantair thuaithe, oileánda agus iargúlta, amhail oileáin agus réigiúin shléibhtiúla agus réigiúin tearcdhaonra, chomh maith le forbairt an mhargaidh le haghaidh bonneagar túr, agus glacadh réiteach éagsúil aisiompair lena n-áirítear aisiompar satailíte i nascacht dhigiteach ardluais.

2.  
Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún faisnéis a iarraidh ar na Ballstáit, ar faisnéis í a thíolacfar gan moill mhíchuí. Go háirithe, faoin 12 Samhain 2025, déanfaidh na Ballstáit, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, tríd an gCoiste Cumarsáide a bunaíodh faoi Airteagal 118 de Threoir (AE) 2018/1972, táscairí a leagan amach chun faireachán leormhaith a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus an sásra chun a áirithiú go ndéanfar na sonraí a bhailiú agus a thuairisciú don Choimisiún go tráthrialta.

Airteagal 17

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2015/2120

Leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 mar a leanas:

(1) 

in Airteagal 2, cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(5) 

ciallaíonn “seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir” seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 );

(6) 

ciallaíonn “cumarsáid intíre” aon seirbhís cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe a thosaíonn i mBallstát sholáthraí baile an tomhaltóra agus a chríochnaíonn ag aon uimhir líne talún nó fón póca ar cuid de phlean uimhríochta náisiúnta an Bhallstáit chéanna í;

(7) 

ciallaíonn “cumarsáid laistigh den Aontas” aon seirbhís cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe a thosaíonn i mBallstát sholáthraí baile an tomhaltóra agus a chríochnaíonn ag aon uimhir líne talún nó fón póca ar cuid de phlean uimhríochta náisiúnta Ballstáit eile í.

(2) 

in Airteagal 5a, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

‘7.  
Ón 1 Eanáir 2029, ní chuirfidh soláthraithe praghsanna miondíola éagsúla i bhfeidhm ar thomhaltóirí le haghaidh cumarsáid intíre agus cumarsáid laistigh den Aontas, ar choinníoll go nglacfar rialacha teicniúla maidir le coimircí, amhail an inbhuanaitheacht, an úsáid chóir agus bearta frithchalaoise. Faoin 30 Meitheamh 2028, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na rialacha teicniúla sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5b.
8.  
Ón 1 Eanáir 2025, maidir leis an oibleagáid gan praghsanna miondíola éagsúla a chur i bhfeidhm a leagtar síos i mír 7, féadfaidh soláthraithe í a chomhlíonadh ar bhonn deonach. Beidh na soláthraithe sin díolmhaithe ó na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 1, faoi réir beartas maidir le húsáid chóir, d’fhonn na sochair a bhaineann le praghsanna comhionanna miondíola ar chumarsáid intíre agus ar chumarsáid laistigh den Aontas a thabhairt do thomhaltóirí níos luaithe. Chuige sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme maidir le húsáid chóir, bunaithe ar ghnáthphatrúin úsáide, agus bearta frithchalaoise faoin 31 Nollaig 2024, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5b(2).
9.  
Faoin 30 Meitheamh 2027, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Airteagal seo, agus bunaithe ar an measúnú ar a thionchar, féadfaidh an Coimisiún, más iomchuí, a chinneadh togra reachtach a thíolacadh chun é a leasú.
10.  

Beidh an méid seo a leanas sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 9:

(a) 

forbairt na gcostas mórdhíola a bhaineann le soláthar cumarsáide laistigh den Aontas;

(b) 

forbairt na hiomaíochta sa mhargadh chun seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe a sholáthar agus treocht phraghsanna miondíola na cumarsáide laistigh den Aontas sna Ballstáit éagsúla;

(c) 

forbairt na roghanna is fearr le tomhaltóirí agus na rogha tairiscintí speisialta agus cuach nach ngearrtar muirir orthu ar bhonn thomhaltas iarbhír na cumarsáide laistigh den Aontas;

(d) 

an tionchar a d’fhéadfaí a imirt ar na margaí náisiúnta chun seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe a sholáthar agus go háirithe ar na praghsanna miondíola a ghearrtar ar thomhaltóirí i gcoitinne, agus na costais a bhaineann le cumarsáid laistigh den Aontas a sholáthar á gcur san áireamh, agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta ar ioncam i gcás soláthraithe agus, más féidir, ar chumas infheistíochta na soláthraithe, go háirithe i bhfianaise leathadh amach líonraí amach anseo i gcomhréir leis na spriocanna nascachta a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2022/2481 i gcás nach gcuirtear muirir bhreise ar chumarsáid laistigh den Aontas i bhfeidhm cheana féin;

(e) 

méid úsáide, infhaighteacht agus iomaíochas na seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir nó aon roghanna malartacha ar chumarsáid laistigh den Aontas;

(f) 

forbairt na bpleananna taraife maidir le cumarsáid laistigh den Aontas, agus go háirithe, a mhéid a chuir cur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear i mír 8 torthaí ar fáil a théann i dtreo deireadh a chur le difríochtaí i bpraghsanna miondíola do thomhaltóirí idir cumarsáid intíre agus cumarsáid laistigh den Aontas.

11.  
Chun an measúnú dá dtagraítear i mír 9 a dhéanamh, baileoidh BEREC faisnéis ábhartha ó na húdaráis rialála náisiúnta ar bhonn rialta. I gcás inarb infheidhme, féadfaidh údaráis rialála náisiúnta sonraí den sórt sin a sholáthar i gcomhar le húdaráis inniúla eile. Cuirfear na sonraí arna mbailiú ag BEREC de bhun na míre seo in iúl don Choimisiún uair sa bhliain ar a laghad. Déanfaidh an Coimisiún iad a chur ar fáil go poiblí. Chun a áirithiú gur féidir le BEREC a oibleagáidí a chomhlíonadh faoin mír seo, beidh sé d’oibleagáid ar sholáthraithe comhoibriú trí na sonraí a iarrtar, lena n-áirítear sonraí rúnda, a sholáthar do na húdaráis náisiúnta ábhartha.’;
(3) 

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 5b

Nós imeachta coiste

1.  
Chun a oibleagáidí faoi Airteagal 5a den Rialachán seo a chomhlíonadh, tabharfaidh an Coiste Cumarsáide, a bunaíodh le hAirteagal 118(1) de Threoir (AE) 2018/1972, cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.  
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.’.
(4) 

in Airteagal 10(5), cuirtear an dáta ‘30 Meitheamh 2032’ in ionad an dáta ‘14 Bealtaine 2024’.

Airteagal 18

Aisghairm

1.  
Aisghairtear Treoir 2014/61/AE le héifeacht ón ►C1  12 Samhain 2025 ◄ .
2.  

De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil feidhm ag forálacha an Rialacháin seo a chuirtear in ionad fhorálacha Threoir 2014/61/AE ó dháta níos déanaí, fanfaidh na forálacha comhfhreagracha seo a leanas den Threoir sin i bhfeidhm go dtí an dáta céanna sin, mar a leagtar amach thíos:

(a) 

fanfaidh Airteagal 4(2) agus (3), Airteagal 4(4), an chéad abairt, Airteagal 6(1), (2), (3) agus (5), agus Airteagal 7(1) agus (2), den Treoir sin i bhfeidhm go dtí an 12 Bealtaine 2026;

(b) 

fanfaidh Airteagal 8(1)go (4) den Treoir sin i bhfeidhm go dtí an 12 Feabhra 2026.

3.  
Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá san Iarscríbhinn.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.  
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2.  
Beidh feidhm aige ón 12 Samhain 2025.
3.  

De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo:

(a) 

beidh feidhm ag Airteagal 5(6) agus Airteagal 11(6) ón 11 Bealtaine 2024;

(b) 

beidh feidhm ag Airteagal 17 ón 15 Bealtaine 2024;

(c) 

beidh feidhm ag Airteagal 10(1), (2) agus (3) ón 12 Feabhra 2026;

(d) 

beidh feidhm ag Airteagal 4(3), Airteagal 6(1), Airteagal 7(2) agus (3) agus Airteagal 12(1), (2) agus (3) ón 12 Bealtaine 2026;

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN

Tábla comhghaoil



Treoir 2014/61/AE

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(4)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(4)

Airteagal 1(5)

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(11)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(3)

Airteagal 3(4)

Airteagal 3(3)

Airteagal 3(5)

Airteagal 3(6)

Airteagal 3(3), an dara fomhír

Airteagal 3(7)

Airteagal 3(4)

Airteagal 13(1)(a)

Airteagal 3(5)

Airteagal 13(2)

Airteagal 13(3)

Airteagal 13(4), an dara fomhír

Airteagal 3(8)

Airteagal 3(9)

Airteagal 3(10)

Airteagal 3(6)

Airteagal 3(12)

Airteagal 3(13)

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(4) an chéad abairt

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(4) an dara habairt agus an tríú habairt

Airteagal 4(1), an dara fomhír agus an tríú fomhír

Airteagal 4(5)

Airteagal 4(5)

Airteagal 4(6)

Airteagal 13(1)(b)

Airteagal 13(2)(b)

Airteagal 4(7)

Airteagal 4(6)

Airteagal 4(7)

Airteagal 4(8)

Airteagal 4(8)

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(2)

Airteagal 5(2)

Airteagal 5(3)

Airteagal 5(4)

Airteagal 5(3)

Airteagal 13(1)(c)

Airteagal 5(4)

Airteagal 13(2)(b)

Airteagal 13(3)

Airteagal 5(5)

Airteagal 5(5)

Airteagal 5(6)

Airteagal 6(1)

Airteagal 6(1)

Airteagal 6(2)

Airteagal 6(3)

Airteagal 6(1)

Airteagal 6(4)

Airteagal 13(1)(b), Airteagal 13(2)(b),

Airteagal 6(5)

Airteagal 6(2)

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(2)

Airteagal 7(2)

Airteagal 7(3)

Airteagal 7(4)

Airteagal 7(3)

Airteagal 7(5)

Airteagal 7(6)

Airteagal 7(7)

Airteagal 7(8)

Airteagal 7(9)

Airteagal 7(10)

Airteagal 7(11)

Airteagal 7(12)

Airteagal 7(4)

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 8(1)

Airteagal 10(1)

Airteagal 8(2)

Airteagal 10(2)

Airteagal 8(3)

Airteagal 10(6)

Airteagal 8(4)

Airteagal 10(7)

Airteagal 10(8)

Airteagal 9(1)

Airteagal 11(1)

Airteagal 9(2)

Airteagal 11(2)

Airteagal 9(3)

Airteagal 11(3)

Airteagal 13(1)(d)

Airteagal 13(2)

Airteagal 9(4)

Airteagal 11(3)

Airteagal 9(5)

Airteagal 11(4)

Airteagal 9(6)

Airteagal 11(5)

Airteagal 11(6)

Airteagal 12

Airteagal 13(1) an dara fomhír

Airteagal 13(4), an chéad fhomhír

Airteagal 13(5)

Airteagal 10(1)

Airteagal 14(1)

Airteagal 10(2)

Airteagal 14(2) agus Airteagal 14(3)

Airteagal 10(3)

Airteagal 14(4)

Airteagal 10(4)

Airteagal 14(5)

Airteagal 14(6)

Airteagal 14(7)

Airteagal 10(5)

Airteagal 14(9)

Airteagal 10(6)

Airteagal 14(10)

Airteagal 11

Airteagal 15

Airteagal 12

Airteagal 16(1)

Airteagal 16(2)

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 19

Airteagal 15



( ) Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1).

( *1 ) Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).’;