02024R0259 — GA — 11.01.2024 — 000.002
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) 2024/259 ÓN gCOMHAIRLE an 10 Eanáir 2024 (IO L 259 11.1.2024, lch. 1) |
Arna cheartú le:
|
Ceartúchán, IO L 90086, 7.2.2024, lch. 1 ((AE) 2024/2592024/259) |
|
RIALACHÁN (AE) 2024/259 ÓN gCOMHAIRLE
an 10 Eanáir 2024
lena socraítear le haghaidh 2024 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh
TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Raon Feidhme
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais a fheidhmíonn sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh agus a shaothraíonn na stoic éisc seo a leanas:
An eascann Eorpach (Anguilla anguilla) an coiréalach dearg (Corallium rubrum) agus an dorád coiteann (Coryphaena hippurus) sa Mheánmhuir;
an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus), an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris), an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea), an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) agus an lannach riabhach (Mullus barbatus) sa Mheánmhuir Thiar;
an t-ainseabhaí (Engraulis encrasicolus) agus an sairdín (Sardina pilchardus) i Muir Aidriad;
an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus), an sól coiteann (Solea solea), an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris), an lannach riabhach (Mullus barbatus) i Muir Aidriad;
An colmóir Eorpach (Merluccius merluccius) agus an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris) i gCaolas na Sicile;
an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) agus an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) i gCaolas na Sicile, sa Mhuir Iónach agus i Muir na Leiveainte;
an deargán (Pagellus bogaraveo) i Muir Alboran;
an salán (Sprattus sprattus) agus an turbard (Scophthalmus maximus) sa Mhuir Dhubh.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Sa bhreis air sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn ‘uiscí idirnáisiúnta’ uiscí atá lasmuigh de cheannasacht nó de dhlínse aon Stáit;
ciallaíonn ‘iascaigh áineasa’ gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála, lena saothraítear beo-acmhainní uisceacha muirí, le haghaidh áineasa, turasóireachta nó spóirt;
ciallaíonn ‘gabháil iomlán incheadaithe’ (TAC):
in iascaigh atá faoi réir na díolúine ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear in Airteagal 15(4) go (7) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, an chainníocht éisc a fhéadtar a thabhairt i dtír as gach stoc gach bliain;
i ngach iascach eile, an chainníocht éisc a fhéadtar a ghabháil as gach stoc thar thréimhse bliana;
ciallaíonn ‘cuóta’ cion de TAC a chionroinntear ar an Aontas nó ar Bhallstát;
ciallaíonn ‘cuóta uathrialach de chuid an Aontais’ teorainn ghabhála a chionroinntear go huathrialach ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais in éagmais TAC chomhaontaithe;
ciallaíonn ‘cuóta anailíseach’ cuóta uathrialach de chuid an Aontais ar ina leith atá measúnú anailíseach ar fáil;
ciallaíonn ‘measúnú anailíseach’ meastóireacht chainníochtúil ar threochtaí i gcás stoc ar leith, bunaithe ar shonraí maidir le bitheolaíocht agus saothrú an stoic sin, a sonraíodh le hathbhreithniú eolaíoch na sonraí sin go raibh siad de cháilíocht leordhóthanach chun comhairle eolaíoch a sholáthar i ndáil le roghanna maidir le gabhálacha amach anseo;
ciallaíonn ‘feiste comhthiomsaithe éisc’ (FAD) aon trealamh ar ancaire atá ar snámh ar dhromchla na farraige arb é is aidhm dó éisc a mhealladh.
Airteagal 3
Limistéir iascaireachta
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas ar limistéir gheografacha:
ciallaíonn ‘folimistéir gheografacha CGIM’ na limistéir a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE)2023/2124 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );
ciallaíonn ‘an Mheánmhuir’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 1 go 27 mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2124;
ciallaíonn ‘an Mheánmhuir Thiar’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 1, 2, 5, 6, 7, 8, 9, 10 agus 11, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2023/2124;
ciallaíonn ‘Muir Aidriad’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 17 agus 18, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2023/2124;
ciallaíonn ‘Caolas na Sicile’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 12, 13, 14, 15, agus 16, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2124;
ciallaíonn ‘An Mhuir Iónach’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 19, 20 agus 21, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2124;
ciallaíonn ‘Muir na Leiveainte’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 24, 25, 26 agus 27, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2023/2124;
ciallaíonn ‘Muir Alboran’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 1 go 3, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2023/2124;
ciallaíonn ‘an Mhuir Dhubh’ uiscí i bhfolimistéar geografach CGIM 29, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2023/2124.
TEIDEAL II
DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA AN AONTAIS
CAIBIDIL I
An Mheánmhuir
Airteagal 4
An eascann Eorpach
Cuirfear toirmeasc ar ghabháil do ghníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála le haghaidh eascanna Eorpacha, mar spriocspeiceas nó mar fhoghabháil de thaisme, ag gach céim dá saolré ar feadh tréimhse 6 mhí ar a laghad. Chuige sin, cinnfidh gach Ballstát lena mbaineann tréimhse choiscthe amháin nó níos mó faoi réir an mhéid seo a leanas:
i gcás inarb iomchuí, féadfaidh an tréimhse choiscthe nó na tréimhsí coiscthe a bheith éagsúil laistigh de Bhallstát amháin ó limistéar iascaireachta amháin go limistéar iascaireachta eile chun patrún imirce geografaí agus aimseartha na heascainne a chur san áireamh ag na céimeanna difriúla dá saolré;
mairfidh an tréimhse choiscthe nó na tréimhsí coiscthe 6 mhí as a chéile ar a laghad, nó 6 mhí ar an iomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i mír 3; agus
Beidh an tréimhse choiscthe nó na tréimhsí coiscthe comhsheasmhach leis na cuspóirí caomhnaithe a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007 ón gComhairle ( 2 ), leis na pleananna náisiúnta bainistíochta atá i bhfeidhm agus le patrúin imirce aimseartha na heascainne Eorpaí ag an gcéim saoil faoi seach sa Bhallstát lena mbaineann.
Déanfaidh gach Ballstát lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas:
faoin 1 Márta 2024 maidir leis an tréimhse choiscthe nó na tréimhsí coiscthe a chinn sé i gcomhréir le míreanna 2 agus 3;
laistigh de 2 sheachtain tar éis a nglactha maidir leis na bearta náisiúnta a bhaineann leis an tréimhse choiscthe nó na tréimhsí coiscthe a chinn sé i gcomhréir le míreanna 2 agus 3; agus
faoin 31 Márta 2024 maidir leis na bearta arna mbunú i gcomhréir le mír 5.
Airteagal 5
An coiréalach dearg
Airteagal 6
An dorád coiteann
CAIBIDIL II
An Mheánmhuir Thiar
Airteagal 7
Stoic ghrinnill
Leis an gcionroinnt deiseanna iascaireachta a dhéanfaidh na Ballstáit, mar a leagtar amach iad san Airteagal seo agus in Iarscríbhinn III, comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
beidh sí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
beidh sí gan dochar do na nithe seo a leanas:
malartuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
asbhaintí agus ath-chionroinntí arna ndéanamh de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;
gabhálacha breise arna gceadú faoi Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle nó faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
cainníochtaí arna gcoinneáil siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 nó arna n-aistriú faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
asbhaintí arna ndéanamh de bhun Airteagail 105, 106 agus 107 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
Airteagal 8
Sásra cúitimh
Maidir leis an roinn cabhlaigh lena mbaineann, féadfaidh Ballstát cionroinnt bhreise laethanta iascaireachta a dheonú in 2024 do shoithí a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu de 4.5 % arna ríomh i gcomhréir le mír 4 agus ar choinníoll go gcomhlíonann an soitheach a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu ceann de na coinníollacha seo a leanas:
go n-úsáideann an soitheach sin trál a bhfuil soc-fhoirceann a bhfuil mogallmhéid chearnógach 45 mm aige chun gabhálacha colmóirí óga a laghdú 25 % ar a laghad;
go n-úsáideann an soitheach sin trál a bhfuil soc-fhoirceann a bhfuil mogallmhéid chearnógach 50 mm aige d’iascaigh dhomhainfharraige chun gabhálacha séaclaí gorma agus dearga ag a bhfuil fad carapáis níos lú ná 25 mm i bhfolimistéir gheografacha 1, 2, 5, 6, 7, 8, 9, 10 agus 11 a laghdú 25 % ar a laghad agus gabhálacha séaclaí móra dearga ag a bhfuil fad carapáis níos lú ná 35 mm sna folimistéir gheografacha 8, 9, 10 agus 11 a laghdú 25 % ar a laghad;
go n-úsáideann na soithí sin trealamh an-roghnaíoch rialáilte, agus is é an toradh a bheidh ar na sonraíochtaí teicniúla sin, i gcomhréir leis an staidéar eolaíoch a rinne STECF, laghdú 25 % ar a laghad de ghabhálacha iasc óg de gach speiceas grinnill nó 20 % ar a laghad de ghabhálacha sceithirí gach speiceas grinnill i gcomparáid le 2020, amhail greille shórtála ag a bhfuil spásáil 20 mm ar a laghad;
tá limistéir choiscthe shealadacha bunaithe ag an mBallstát lena mbaineann chun gabhálacha iasc óg de gach speiceas grinnill nó 20 % ar a laghad de ghabhálacha sceitheacha de gach speiceas grinnill a laghdú faoi 25 % ar a laghad;
gur ghlac an Ballstát lena mbaineann íosmhéid tagartha caomhnaithe nua do cholmóirí de 26 cm ar a laghad, agus go bhfuil sé cinntithe aige go bhforfheidhmeofar bearta teicniúla iomchuí chun an t-íosmhéid tagartha caomhnaithe sin a chomhlíonadh, chun an fad a bhaint amach de réir a chéile tráth na chéad aibíochta agus chun stádas stoc colmóirí a fheabhsú;
gur ghlac an Ballstát lena mbaineann íosmhéid tagartha caomhnaithe nua maidir leis an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) 25 mm CL ar a laghad agus maidir leis an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) 35 mm CL ar a laghad, agus tá forfheidhmiú beart teicniúil iomchuí daingnithe aige chun na híosmhéideanna tagartha caomhnaithe sin a chomhlíonadh, chun an fad a bhaint amach de réir a chéile tráth na chéad aibíochta agus chun stádas na stoc a fheabhsú;
tá tréimhse choiscthe 4 seachtaine leanúnacha ar a laghad socraithe ag na Ballstáit lena mbaineann le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta le trálaeir sna limistéir agus sna tréimhsí a aithnítear a bheith tábhachtach, ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil, chun sceithirí stoc colmóirí a chosaint. Leis na limistéir sin cuirfear san áireamh freisin patrúin spásúla maidir le dáileadh sceithirí, lena n-áirítear doimhneachtaí ó 150 m go 500 m.. Is ó mhí Feabhra go mí an Mhárta agus ó mhí Dheireadh Fómhair go mí na Samhna a bheidh na tréimhsí coiscthe iascaireachta sealadacha;
Tá tréimhse choiscthe socraithe ag na Ballstáit lena mbaineann le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta ina n-úsáidtear déthrálaeir;
Tá tréimhse choiscthe socraithe ag na Ballstáit lena mbaineann le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta le trálaeir ag doimhneacht níos airde ná 800m;
tá limistéir choiscthe bhuana bunaithe ag an mBallstát lena mbaineann chun gabhálacha iasc óg de gach speiceas grinnill nó 20 % ar a laghad de ghabhálacha sceitheacha de gach speiceas grinnill a laghdú faoi 25 % ar a laghad;
go n-úsáideann an soitheach sin trál a bhfuil doirse eitilte nó doirse meánuiscí nó doirse eile a laghdaíonn teagmháil na ndoirse agus an fhearais le grinneall na farraige chun gnáthóga riachtanacha éisc na speiceas grinnill a chaomhnú;
tá tréimhse choiscthe dar fad 4 seachtaine leanúnacha ar a laghad socraithe ag na Ballstáit lena mbaineann le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta le trálaeir sna limistéir agus sna tréimhsí a aithnítear a bheith tábhachtach, ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil, chun an séacla dearg agus gorm agus/nó an séacla mór dearg a chosaint.
Airteagal 9
Taifeadadh agus tarchur sonraí
CAIBIDIL III
Muir Aidriad
Airteagal 10
Stoic peiligeach beag
Airteagal 11
Stoic ghrinnill
Airteagal 12
Tarchur sonraí
Nuair a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, sonraí a bhaineann le tabhairt i dtír na gcainníochtaí stoc arna ngabháil, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.
CAIBIDIL IV
Caolas na Sicile
Airteagal 13
Stoic ghrinnill
Airteagal 14
Séaclaí domhainmhara
Airteagal 15
Tarchur sonraí
I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, sonraí a bhaineann le tabhairt i dtír na gcainníochtaí stoc arna ngabháil, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.
CAIBIDIL V
An Mhuir Iónach agus Muir na Leiveainte
Airteagal 16
Séaclaí domhainmhara
CAIBIDIL VI
Muir Alboran
Airteagal 17
Deargán
CAIBIDIL VII
An Mhuir Dhubh
Airteagal 18
Deiseanna iascaireachta le haghaidh an tsaláin a leithdháileadh
Airteagal 19
Deiseanna iascaireachta le haghaidh an turbaird a leithdháileadh
Airteagal 20
Iarracht iascaireachta le haghaidh an turbaird a bhainistiú
Maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar thurbaird faoi chuimsiú Airteagal 19, gan beann ar fhad foriomlán na soithí, ní rachaidh siad thar 180 lá iascaireachta in aghaidh na bliana.
Airteagal 21
Tréimhse choiscthe le haghaidh an turbaird
Toirmeascfar ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais aon ghníomhaíocht iascaireachta a dhéanamh, lena n-áirítear an turbard a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a thabhairt i dtír agus a dhíol den chéad uair, in uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh ón 15 Aibreán go dtí an 15 Meitheamh.
Airteagal 22
Forálacha speisialta maidir le leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta sa Mhuir Dhubh
Déanfar deiseanna iascaireachta i measc na mBallstát a chionroinnt mar a leagtar amach in Airteagail 18 agus 19 gan dochar do na nithe seo a leanas:
malartuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
asbhaintí agus ath-chionroinntí arna ndéanamh de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;
asbhaintí arna ndéanamh de bhun Airteagail 105 agus 107 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
Airteagal 23
Tarchur sonraí
I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, sonraí a bhaineann le tabhairt i dtír chainníochtaí stoc salán agus stoc turbard arna ngabháil in Uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo.
TEIDEAL III
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 24
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
NA DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCOMHTHÉACS PHLEAN BAINISTÍOCHTA ILBHLIANTÚIL AN CHOIMISIÚIN GHINEARÁLTA IASCAIGH DON MHEÁNMHUIR MAIDIR LEIS AN gCOIRÉALACH DEARG SA MHEÁNMHUIR
Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo an líon uasta údaruithe iascaireachta incheadaithe agus uasleibhéal cainníochtaí saothraithe le haghaidh an choiréalaigh dheirg sa Mheánmhuir.
Is tagairtí do FLGanna CGIM é tagairt do limistéir iascaireachta.
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:
|
Ainm eolaíoch |
Cód Alpha-3 |
Gnáthainm |
|
Corallium rubrum |
COL |
An coiréalach dearg |
Tábla 1
An líon uasta údaruithe iascaireachta (*1)
|
Na Ballstáit |
An coiréalach dearg COL |
|
An Ghréig |
12 |
|
An Spáinn |
0 (*2) |
|
An Fhrainc |
32 |
|
An Chróit |
28 |
|
An Iodáil |
40 |
|
(*1)
Líon na soithí nó tumairí, nó iad araon, nó péire is tumaire amháin ag a bhfuil soitheach amháin, atá údaraithe chun an coiréalach dearg a shaothrú.
(*2)
I gcomhréir leis an toirmeasc ama atá ann faoi láthair go dtí mí Aibreáin 2024 maidir le hiascaigh coiréalaigh dheirg atá bunaithe in uiscí na Spáinne, go dtí go ndéanfar cinneadh eile ag deireadh na tréimhse sin. |
|
Tábla 2
Uasleibhéal cainníochtaí saothraithe arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain
|
Speiceas: |
An coiréalach dearg Corallium rubrum |
Limistéar: |
Uiscí an Aontais sa Mheánmhuir - FLGanna 1-27
►C2
|
|
|
An Ghréig |
1,844 |
|
|
|
|
An Spáinn |
0 |
|||
|
An Fhrainc |
1,400 |
|
||
|
An Chróit |
1,226 |
|
||
|
An Iodáil |
1,378 |
|
||
|
An tAontas |
5,848 |
|
||
|
TAC |
Ní bhaineann le hábhar |
|
||
|
(*1)
I gcomhréir leis an toirmeasc ama atá ann faoi láthair go dtí mí Aibreáin 2024 maidir le hiascaigh coiréalaigh dheirg atá bunaithe in uiscí na Spáinne, go dtí go ndéanfar cinneadh eile ag deireadh na tréimhse sin. |
||||
IARSCRÍBHINN II
DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCOMHTHÉACS BHAINISTIÚ AN DORÁID CHOITINN SA MHEÁNMHUIR
Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo líon uasta soithí iascaireachta de chuid an Aontais, arna sloinneadh i líon soithí, kW agus olltonnáiste, a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh ar an dorád coiteann trí fheistí comhthiomsaithe éisc a úsáid sa Mheánmhuir mar aon leis an uasleibhéal gabhálacha.
Is tagairtí do FLGanna CGIM iad tagairtí do limistéir iascaireachta.
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:
|
Ainm eolaíoch |
Cód Alpha-3 |
Gnáthainm |
|
Coryphaena hippurus |
DOL |
An dorád coiteann |
(a) An uasacmhainneacht cabhlaigh na soithí atá ag díriú ar an dorád coiteann trí fheistí comhthiomsaithe éisc a úsáid sa Mheánmhuir (FLGanna 1-27)
|
An Ballstát |
Líon soithí |
kW |
GT |
|
An Iodáil |
797 |
67 925,37 |
7 203 |
|
Málta |
130 |
16 662 |
1 296,28 |
|
An Spáinn |
45 |
2 105,73 |
153,34 |
b) An líon uasta feistí comhthiomsaithe éisc in aghaidh an tsoithigh atá údaraithe díriú ar an dorád coiteann sa Mheánmhuir (FLGanna 1-27)
|
An Ballstát |
An líon uasta feistí comhthiomsaithe éisc in aghaidh an tsoithigh |
|
An Iodáil |
100 |
|
Málta |
200 |
|
An Spáinn |
50 |
c) Uasleibhéal gabhálacha i dtonaí beomheáchain arna ngabháil sa Mheánmhuir (FLGanna 1-27) ()
|
Speiceas: |
An dorád coiteann Coryphaena hippurus |
Limistéar: |
Uiscí an Aontais agus uiscí Idirnáisiúnta FLGanna CGIM 1-27 (DOL/MED) |
|
|
An Iodáil |
1 174 |
|
Uasleibhéal gabhálacha |
|
|
Málta |
517 |
|
||
|
An Spáinn |
127 |
|
||
|
An tAontas |
1 818 |
|||
|
TAC |
Ní bhaineann le hábhar |
|
||
|
(*1)
Ní fhéadfar an cuóta seo a iascach ach idir an 15 Lúnasa agus an 31 Nollaig 2024 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2023/2124. |
||||
IARSCRÍBHINN III
DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCOMHTHÉACS BHAINISTIÚ NA STOC GRINNILL SA MHEÁNMHUIR THIAR
Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo an uasiarracht iascaireachta incheadaithe (in aghaidh laethanta iascaireachta) de réir stocghrúpaí, mar a shainítear in Airteagal 2, pointe (13) de Rialachán (AE) Uimh. 2019/1022, agus na huasteorainneacha gabhála agus fad foriomlán na soithí le haghaidh gach cineál tráil ( 3 ) agus báid spiléireachta grinnill lena ndéantar iascaireacht ar na stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar.
Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/1022 agus in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) 1224/2009.
Is tagairt do FLGanna CGIM é tagairt do limistéir iascaireachta.
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:
|
Ainm eolaíoch |
Cód Alpha-3 |
Gnáthainm |
|
Aristaeomorpha foliacea |
ARS |
An séacla mór dearg |
|
Aristeus antennatus |
ARA |
An séacla gorm agus dearg |
|
Lophiidae |
HKE |
An colmóir Eorpach |
|
Mullus barbatus |
MUT |
An milléad riabhach |
|
Nephrops norvegicus |
NEP |
Gliomach na hIorua |
|
Parapenaeus longirostris |
DPS |
An rós-séacla domhainmhara |
1. An uasiarracht iascaireachta incheadaithe (in aghaidh laethanta iascaireachta)
(a) An líon laethanta iascaireachta le haghaidh trálaeir i Muir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (FLGanna 1, 2, 5,6 agus 7)
|
Stocghrúpa |
Fad foriomlán na soithí |
An Spáinn |
An Fhrainc |
An Iodáil |
Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta |
Cód comhroinnte breise |
|
An milléad riabhach in FLGanna 1, 5, 6 agus 7; an colmóir in FLGanna 1, 5, 6 agus 7; an rós-séacla domhainmhara in FLGanna 1, 5 agus 6; Gliomach na hIorua in FLGanna 5 agus 6 |
< 12 m |
1 507 |
0 |
0 |
EFF1/MED1_TR1 |
EFF1/MED1_TR1_AA |
|
≥ 12 m agus < 18 m |
16 189 |
0 |
0 |
EFF1/MED1_TR1 |
EFF1/MED1_TR2_AA |
|
|
≥ 18 m agus < 24 m |
30 375 |
3 429 |
0 |
EFF1/MED1_TR3 |
EFF1/MED1_TR2_AA |
|
|
≥ 24 m |
10 698 |
4 173 |
0 |
EFF1/MED1_TR4 |
EFF1/MED1_TR4_AA |
|
|
An séacla gorm agus dearg in FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7 |
< 12 m |
0 |
0 |
0 |
EFF2/MED1_TR1 |
EFF2/MED1_TR1_AA |
|
≥ 12 m agus < 18 m |
759 |
0 |
0 |
EFF2/MED1_TR1 |
EFF2/MED1_TR2_AA |
|
|
≥ 18 m agus < 24 m |
7 690 |
0 |
0 |
EFF2/MED1_TR3 |
EFF2/MED1_TR3_AA |
|
|
≥ 24 m |
6 173 |
0 |
0 |
EFF2/MED1_TR4 |
EFF2/MED1_TR4_AA |
b) An líon laethanta iascaireachta le haghaidh trálaeir ar Oileán na Corsaice, sa Mhuir Liogúrach, i Muir Thoirian agus ar Oileán na Sairdíne (FLGanna 8, 9, 10 agus 11)
|
Stocghrúpa |
Fad foriomlán na soithí |
An Spáinn |
An Fhrainc |
An Iodáil |
Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta |
Cód comhroinnte breise |
|
An milléad riabhach in FLGanna 8, 9, 10 agus 11; an colmóir in FLGanna 8, 9, 10 agus 11; an rós-séacla domhainmhara in FLGanna 9, 10 agus 11; Gliomach na hIorua in FLGanna 9 agus 10 |
< 12 m |
0 |
139 |
1 969 |
EFF1/MED2_TR1 |
EFF1/MED2_TR1_AA |
|
≥ 12 m agus < 18 m |
0 |
556 |
29 613 |
EFF1/MED2_TR2 |
EFF1/MED2_TR2_AA |
|
|
≥ 18 m agus < 24 m |
0 |
139 |
19 915 |
EFF1/MED2_TR3 |
EFF1/MED2_TR3_AA |
|
|
≥ 24 m |
0 |
139 |
2 658 |
EFF1/MED2_TR4 |
EFF1/MED2_TR4_AA |
|
|
An séacla mór dearg in FLGanna 8, 9, 10 agus 11 |
< 12 m |
0 |
0 |
326 |
EFF2/MED2_TR1 |
EFF2/MED2_TR1_AA |
|
≥ 12 m agus < 18 m |
0 |
0 |
2 402 |
EFF2/MED2_TR2 |
EFF2/MED2_TR2_AA |
|
|
≥ 18 m agus < 24 m |
0 |
0 |
1 934 |
EFF2/MED2_TR3 |
EFF2/MED2_TR3_AA |
|
|
≥ 24 m |
0 |
0 |
259 |
EFF2/MED2_TR4 |
EFF2/MED2_TR4_AA |
c) An líon laethanta iascaireachta le haghaidh báid spiléireachta grinnill i Muir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7)
|
Stocghrúpa |
Fad foriomlán na soithí |
An Spáinn |
An Fhrainc |
An Iodáil |
Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta |
|
An colmóir in FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7 |
< 12 m |
9 433 |
6 432 |
0 |
EFF1/MED1_LL1 |
|
≥ 12 m agus < 18 m |
2 148 |
93 |
0 |
EFF1/MED1_LL2 |
|
|
≥ 18 m agus < 24 m |
74 |
0 |
0 |
EFF1/MED1_LL3 |
|
|
≥ 24 m |
29 |
0 |
0 |
EFF1/MED1_LL4 |
d) An líon laethanta iascaireachta le haghaidh báid spiléireachta grinnill ar Oileán na Corsaice, sa Mhuir Liogúrach, i Muir Thoirian agus ar Oileán na Sairdíne (FLGanna 8, 9, 10 agus 11)
|
Stocghrúpa |
Fad foriomlán na soithí |
An Spáinn |
An Fhrainc |
An Iodáil |
Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta |
|
An colmóir in FLGanna 8, 9, 10 agus 11 |
< 12 m |
0 |
1 650 |
33 187 |
EFF1/MED2_LL1 |
|
≥ 12 m agus < 18 m |
0 |
51 |
4 748 |
EFF1/MED2_LL2 |
|
|
≥ 18 m agus < 24 m |
0 |
0 |
26 |
EFF1/MED2_LL3 |
|
|
≥ 24 m |
0 |
0 |
0 |
EFF1/MED2_LL4 |
2. Uasteorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí domhainmhara
(a) Deiseanna iascaireachta le haghaidh an tséacla ghoirm agus dheirg (Aristeus antennatus) i Muir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7) arna sloinneadh mar uasleibhéal gabhálacha i dtonaí beomheáchain
|
Speiceas: |
An séacla gorm agus dearg Aristeus antennatus |
Limistéar: |
FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7 (ARA/GF1-7) |
|
|
An Spáinn |
787 |
|
Uasleibhéal gabhálacha |
|
|
An Fhrainc |
51 |
|
||
|
An Iodáil |
0 |
|
||
|
An tAontas |
838 |
|
||
|
TAC |
Ní bhaineann le hábhar |
|
||
b) Deiseanna iascaireachta le haghaidh an tséacla ghoirm agus dheirg (Aristeus antennatus) agus le haghaidh an tséacla mhóir dheirg (Aristaeomorpha foliacea) ar Oileán na Corsaice, sa Mhuir Liogúrach, sa Mhuir Thoirian agus ar Oileán na Sairdíne (FLGanna 8, 9, 10 agus 11) arna sloinneadh mar uasleibhéal gabhálacha i dtonaí beomheáchain
|
Speiceas: |
An séacla gorm agus dearg Aristeus antennatus |
Limistéar: |
FLGanna 8, 9, 10 agus 11 (ARA/GF8-11) |
|
|
An Spáinn |
0 |
|
Uasleibhéal gabhálacha |
|
|
An Fhrainc |
9 |
|
||
|
An Iodáil |
236 |
|
||
|
An tAontas |
245 |
|
||
|
TAC |
Ní bhaineann le hábhar |
|
||
|
Speiceas: |
An séacla mór dearg Aristaeomorpha foliacea |
Limistéar: |
FLGanna 8, 9, 10 agus 11 (ARS/GF8-11) |
|
|
An Spáinn |
0 |
|
Uasleibhéal gabhálacha |
|
|
An Fhrainc |
5 |
|
||
|
An Iodáil |
344 |
|
||
|
An tAontas |
349 |
|
||
|
TAC |
Ní bhaineann le hábhar |
|
||
IARSCRÍBHINN IV
DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I MUIR AIDRIAD
Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo na deiseanna iascaireachta de réir stoic nó grúpaí iarrachta soithí agus, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leo, lena n-áirítear líon uasta soithí iascaireachta an Aontais a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh ar pheiligigh bheaga.
Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
Is tagairt do FLGanna CGIM é tagairt do limistéir iascaireachta.
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha:
|
Ainm eolaíoch |
Cód Alpha-3 |
Gnáthainm |
|
Engraulis encrasicolus |
ANE |
An t-ainseabhaí |
|
Lophiidae |
HKE |
An colmóir Eorpach |
|
Mullus barbatus |
MUT |
An milléad riabhach |
|
Nephrops norvegicus |
NEP |
Gliomach na hIorua |
|
Parapenaeus longirostris |
DPS |
An rós-séacla domhainmhara |
|
Sardina pilchardus |
PIL |
An sairdín |
|
Solea solea |
SOL |
An sól coiteann |
1. Stoic pheiligeacha bheaga – FLGanna 17 agus 18
Uasleibhéal gabhálacha arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain
|
Speiceas: |
Speicis pheiligeacha bheaga (an t-ainseabhaí agus an sairdín) Engraulis encrasicolus agus Sardina pilchardus |
Limistéar: |
Uiscí an Aontais agus uiscí Idirnáisiúnta folimistéir CGIM 17 agus 18
►C2
|
|
|
An Iodáil |
30 672 |
Uasleibhéal gabhálacha |
||
|
An Chróit |
47 139 |
|||
|
TAC |
Ní bhaineann le hábhar |
|||
|
(*1)
Maidir leis an tSlóivéin, tá na cainníochtaí bunaithe ar leibhéal na ngabhálacha a rinneadh in 2014, suas le méid nár cheart dó dul thar 300 tona. |
||||
Uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta na dtrálaer agus na soithí peas-saighne a bhíonn ag iascaireacht go gníomhach le haghaidh pheiligigh bheaga
|
An Ballstát |
Trealamh |
Líon soithí |
kW |
GT |
|
An Chróit |
PS |
249 |
77 145,52 |
18 537,72 |
|
An Iodáil |
PTM, OTM agus PS |
685 |
134 556,7 |
25 852 |
|
An tSlóivéin (*1) |
PS |
4 |
433,7 |
38,5 |
|
(*1)
Ní bheidh feidhm ag an bhforáil faoi mhír 28 de CGIM/44/2021/20 maidir le cabhlaigh náisiúnta ina bhfuil níos lú ná 10 soitheach idir soithí peas-saighne nó trálaeir pheiligeacha a bhíonn ag iascaireacht go gníomhach le haghaidh peiligigh bheaga, mar a taifeadadh i gcláir náisiúnta agus i gcláir CGIM araon in 2014. Sa chás sin, féadfaidh méadú nach mó ná 50 %teacht ar acmhainneacht an chabhlaigh ghníomhaigh i dtaca le líon na soithí agus le holltonnáiste (OT) olltonnáiste cláraithe (OTC) agus kW. |
||||
2. Stoic ghrinnill – FLGanna 17 agus 18
An uasiarracht iascaireachta incheadaithe (in aghaidh laethanta iascaireachta) de réir cineálacha tráil agus roinn cabhlaigh lena ndéantar iascaireacht ar stoic ghrinnill in FLGanna 17 agus 18 (Muir Aidriad).
|
|
|
|
|
|
Laethanta iascaireachta 2024 |
||
|
An cineál trealaimh |
Limistéar geografach |
An stoc lena mbaineann |
Fad foriomlán na soithí |
Cód an ghrúpa iarrachta |
An Iodáil |
An Chróit |
An tSlóivéin |
|
Tráil (OTB) |
Folimistéir CGIM 17 agus 18 |
An milléad riabhach; an colmóir; an rós-séacla domhainmhara; agus gliomach na hIorua |
< 12 m |
EFF/MED3_OTB_TR1 |
3 098 |
9 864 |
|
|
≥ 12 m agus < 24 m |
EFF/MED3_OTB_TR2 |
69 625 |
22 981 |
||||
|
≥ 24 m |
EFF/MED3_OTB_TR3 |
6 100 |
2 063 |
||||
|
Tráil bhíoma (TBB) |
Folimistéar CGIM 17 |
An sól coiteann |
< 12 m |
EFF/MED3_TBB_TR1 |
194 |
0 |
0 |
|
≥ 12 m agus < 24 m |
EFF/MED3_TBB_TR2 |
3 635 |
0 |
0 |
|||
|
≥ 24 m |
EFF/MED3_TBB_TR3 |
3 614 |
0 |
0 |
|||
|
(*1)
Ní sháróidh an tSlóivéin an teorainn iarrachta 3 000 lá iascaireachta in aghaidh na bliana i gcomhréir le mír 13 de CGIM/43/2019/5. |
|||||||
Uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta na soithí tráil ghrinnill agus tráil bhíoma atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill
|
An Ballstát |
Trealamh |
Líon soithí |
kW |
GT |
|
An Chróit |
OTB |
495 |
79 867,99 |
13 267,99 |
|
An Iodáil |
OTB agus TBB |
1 363 |
260 618,37 |
47 148 |
|
An tSlóivéin (*1) |
OTB |
11 |
1 813,00 |
168,67 |
|
(*1)
Ní bheidh feidhm ag forálacha mhíreanna 9(c) agus 28 de CGIM/43/2019/5 maidir le cabhlaigh náisiúnta ag a mbíonn tráil (OTB) á n-oibriú acu agus a bhíonn ag iascaireacht ar feadh níos lú ná 1 000 lá le linn na tréimhse tagartha atá luaite i mír 9(c) de CGIM/43/2019/5. Ní thiocfaidh méadú níos mó ná 50 faoin gcéad, maidir leis an tréimhse thagartha sin, ar acmhainneacht iascaireachta an chabhlaigh ghníomhaigh ag a mbíonn tráil (OTB) á n-oibriú acu. |
||||
IARSCRÍBHINN V
DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCAOLAS NA SICILE
Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo na deiseanna iascaireachta de réir stoic nó grúpaí iarrachta soithí agus, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leo, lena n-áirítear líon uasta soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar speicis ghrinnill agus ar shéaclaí domhainmhara.
Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
Is tagairtí do FLGanna CGIM iad tagairtí do limistéir iascaireachta.
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha:
|
Ainm eolaíoch |
Cód Alpha-3 |
Gnáthainm |
|
Lophiidae |
HKE |
An colmóir Eorpach |
|
Parapenaeus longirostris |
DPS |
An rós-séacla domhainmhara |
|
Aristaeomorpha foliacea |
ARS |
An séacla mór dearg |
|
Aristeus antennatus |
ARA |
An séacla gorm agus dearg |
1. Stoic Ghrinnill
(a) An uasacmhainneacht cabhlaigh arna sloinneadh i líon soithí, kW agus olltonnáiste soithí tráil grinnill atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic grinnill i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16)
|
An Ballstát |
Trealamh |
Líon soithí |
kW |
GT |
|
An Chipir |
OTB |
1 |
265 |
105 |
|
An Spáinn |
OTB |
1 |
100 |
118 |
|
An Iodáil |
OTB |
594 |
144 175 |
36 856 |
|
Málta |
OTB |
15 |
5 562 |
2 007 |
b) Uasleibhéal iarrachta iascaireachta (i líon na laethanta iascaireachta), le haghaidh soithí tráil grinnill a dhíríonn ar an gcolmóir Eorpach (Merluccius merluccius) i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16)
|
An Ballstát |
Trealamh |
Fad an tsoithigh |
Cód an ghrúpa iarrachta |
Laethanta iascaireachta 2024 |
|
CYP |
OTB |
T-12 |
EFF4/MED4_OTB4 |
51 |
|
ITA |
OTB |
T-07 |
EFF4/MED4_OTB1 |
90 |
|
ITA |
OTB |
T-10 |
EFF4/MED4_OTB2 |
188 |
|
ITA |
OTB |
T-11 |
EFF4/MED4_OTB3 |
19 366 |
|
ITA |
OTB |
T-12 |
EFF4/MED4_OTB4 |
3 657 |
|
MLT |
OTB |
T-11 |
EFF4/MED4_OTB3 |
338 |
|
MLT |
OTB |
T-12 |
EFF4/MED4_OTB4 |
165 |
c) Uasleibhéal gabhálacha séaclaí domhainmhara (Parapenaeus longirostris) i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16) arna shloinneadh ina thonaí beomheáchain
|
Speiceas: |
An rós-séacla domhainmhara Parapenaeus longirostris |
Limistéar: |
FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16
►C2
|
|
|
An Chipir |
1 |
|
Uasteorainn gabhála |
|
|
An Iodáil |
2 083 |
|
||
|
Málta |
6 |
|
||
|
An tAontas |
2 090 |
|
||
|
TAC |
Ní bhaineann le hábhar |
|
||
2. An séacla domhainmhara
(a) An uasacmhainneacht cabhlaigh arna sloinneadh i líon soithí, kW agus olltonnáiste soithí tráil grinnill atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic séaclaí domhainmhara i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13 14, 15 agus 16)
|
An Ballstát |
Trealamh |
Líon soithí |
kW |
GT |
|
An Chipir |
OTB |
1 |
265 |
105 |
|
An Spáinn |
OTB |
2 |
440,56 |
218,78 |
|
An Iodáil |
OTB |
320 |
93 756 |
26 076 |
|
Málta |
OTB |
15 |
5 562 |
2 007 |
b) Uasleibhéal gabhálacha séaclaí móra dearga (Aristaeomorpha foliacea) i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16) arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain
|
Speiceas: |
An séacla mór dearg Aristaeomorpha foliacea |
Limistéar: |
FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16
►C2
|
|
|
An Spáinn |
1 |
|
Uasteorainn gabhála |
|
|
An Iodáil |
844 |
|
||
|
An Chipir |
0 |
|
||
|
Málta |
36 |
|
||
|
An tAontas |
881 |
|
||
|
TAC |
Ní bhaineann le hábhar |
|
||
c) Uasleibhéal gabhálacha séaclaí gorma agus dearga (Aristeus antennatus) i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16) arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain
|
Speiceas: |
An séacla gorm agus dearg Aristeus antennatus |
Limistéar: |
FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16
►C2
|
|
|
An Spáinn |
1 |
|
Uasteorainn gabhála réamhchúramach |
|
|
An Iodáil |
98 |
|
||
|
An Chipir |
0 |
|
||
|
Málta |
2 |
|
||
|
An tAontas |
101 |
|
||
|
TAC |
Ní bhaineann le hábhar |
|
||
IARSCRÍBHINN VI
DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS SA MHUIR IÓNACH AGUS I MUIR NA LEIVEAINTE
Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo líon uasta soithí iascaireachta de chuid an Aontais a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill sa Mhuir Iónach agus i Muir na Leiveainte.
Is tagairtí do FLGanna CGIM iad tagairtí do limistéir iascaireachta.
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:
|
Ainm eolaíoch |
Cód Alpha-3 |
Gnáthainm |
|
Aristaeomorpha foliacea |
ARS |
An séacla mór dearg |
|
Aristeus antennatus |
ARA |
An séacla gorm agus dearg |
1. An Mhuir Iónach
(a) An uasacmhainneacht cabhlaigh arna sloinneadh i líon soithí, kW agus olltonnáiste soithí tráil grinnill atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic séaclaí domhainmhara sa Mhuir Iónach (FLGanna 19, 20 agus 21)
|
An Ballstát |
Trealamh |
Líon soithí |
kW |
GT |
|
An Ghréig |
OTB |
240 |
69 281 |
23 101 |
|
An Iodáil |
OTB |
410 |
95 996 |
22 252 |
|
Málta |
OTB |
15 |
5 562 |
2 007 |
b) Uasleibhéal gabhálacha séaclaí móra dearga (Aristaeomorpha foliacea) sa Mhuir Iónach (FLGanna 19, 20 agus 21) arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain
|
Speiceas: |
An séacla mór dearg Aristaeomorpha foliacea |
Limistéar: |
FLGanna 19, 20 agus 21 ►C2 (ARS/GF19-21) ◄ |
|
|
An Ghréig |
33 |
|
Uasteorainn gabhála |
|
|
An Iodáil |
303 |
|
||
|
Málta |
45 |
|
||
|
An tAontas |
381 |
|
||
|
TAC |
Ní bhaineann le hábhar |
|
||
c) Uasleibhéal gabhálacha séaclaí gorma agus dearga (Aristeus antennatus) sa Mhuir Iónach (FLGanna 19, 20 agus 21) arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain
|
Speiceas: |
An séacla gorm agus dearg Aristeus antennatus |
Limistéar: |
FLGanna 19, 20 agus 21 ►C2 (ARA/GF19-21) ◄ |
|
|
An Ghréig |
14,5 |
|
Uasteorainn gabhála |
|
|
An Iodáil |
242,5 |
|
||
|
Málta |
0 |
|
||
|
An tAontas |
257 |
|
||
|
TAC |
Ní bhaineann le hábhar |
|
||
2. Muir na Leiveainte
(a) An uasacmhainneacht cabhlaigh arna sloinneadh i líon soithí, kW agus olltonnáiste soithí tráil grinnill atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic séaclaí domhainmhara i Muir na Leiveainte (FLGanna 24, 25, 26 agus 27)
|
An Ballstát |
Trealamh |
Líon soithí |
kW |
GT |
|
An Chipir |
OTB |
6 |
2 048 |
618 |
|
An Iodáil |
OTB |
80 |
37 192 |
13 199 |
b) Uasleibhéal gabhálacha séaclaí móra dearga (Aristaeomorpha foliacea) i Muir na Leiveainte (FLGanna 24, 25, 26 agus 27) arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain
|
Speiceas: |
An séacla mór dearg Aristaeomorpha foliacea |
Limistéar: |
FLGanna 24, 25, 26 agus 27 ►C2 (ARS/GF24-27) ◄ |
|
|
An Iodáil |
46,4 |
|
Uasteorainn gabhála réamhchúramach |
|
|
An Chipir |
11,6 |
|
||
|
An tAontas |
58 |
|
||
|
TAC |
Ní bhaineann le hábhar |
|
||
c) Uasleibhéal gabhálacha séaclaí gorma agus dearga (Aristeus antennatus) i Muir na Leiveainte (FLGanna 24, 25, 26 agus 27) arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain
|
Speiceas: |
An séacla gorm agus dearg Aristeus antennatus |
Limistéar: |
FLGanna 24, 25, 26 agus 27 ►C2 (ARA/GF24-27) ◄ |
|
|
An Iodáil |
9,4 |
|
Uasteorainn gabhála réamhchúramach |
|
|
An Chipir |
5,6 |
|
||
|
An tAontas |
15 |
|
||
|
TAC |
Ní bhaineann le hábhar |
|
||
IARSCRÍBHINN VII
DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I MUIR ALBORAN
(a) Uasleibhéal gabhálacha a dhéanfar le spiléir agus le línte láimhe, arna shloinneadh i dtonaí beomheáchain
|
Speiceas: |
An deargán Pagellus bogaraveo |
Limistéar: |
Uiscí an Aontais i Muir Alboran – FLGanna 1, 2 agus 3 ►C2 (SBR/GF1-3) ◄ |
|
|
An Spáinn |
29,76 |
|
Uasleibhéal gabhálacha |
|
|
An tAontas |
29,76 |
|
||
|
TAC |
Ní bhaineann le hábhar |
|
||
b) An líon uasta spiléar agus línte láimhe a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh i Muir Alboran (FLGanna 1, 2 agus 3)
|
An Ballstát |
An deargán in FLGanna 1, 2 agus 3 |
|
An Spáinn |
82 |
IARSCRÍBHINN VIII
DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS SA MHUIR DHUBH
Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo TACanna agus cuótaí arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain de réir stoic agus, i gcás inarb iomchuí, de réir na gcoinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leo.
Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
Is tagairt do FLGanna CGIM é tagairt do limistéir iascaireachta.
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha:
|
Ainm eolaíoch |
Cód Alpha-3 |
Gnáthainm |
|
Sprattus sprattus |
SPR |
An salán |
|
Scophthalmus maximus |
TUR |
An turbard |
|
Speiceas: |
An salán Sprattus sprattus |
Limistéar: |
Uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh – FLG 29 (SPR/F3742C) |
|
|
An Bhulgáir |
8 032,50 |
|
TAC anailíseach Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96. |
|
|
An Rómáin |
3 442,50 |
|
||
|
An tAontas |
11 475 |
|
||
|
TAC |
Ní bhaineann le hábhar |
|
||
|
Speiceas: |
An turbard Scophthalmus maximus |
Limistéar: |
Uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh – FLG 29 (TUR/F3742C) |
|
|
An Bhulgáir |
95 |
|
TAC anailíseach Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus 3(3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96. |
|
|
An Rómáin |
75 |
|
||
|
An tAontas |
170 |
|||
|
TAC |
857 |
|
||
|
(*1)
Ní cheadófar aon ghníomhaíocht iascaireachta, lena n-áirítear trasloingsiú, coinneáil ar bord, tabhairt i dtír agus céad díol ón 15 Aibreán go dtí an 15 Meitheamh 2024. |
||||
( 1 ) Rialachán (AE) 2023/2124 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2023 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) (IO L, 2023/2124, 12.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2124/oj).
( 2 ) Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear bearta chun an stoc eascann Eorpach a athshlánú (IO L 248, 22.9.2007, lch. 17).
( 3 ) TBB, OTB, PTB, TBN, TBS, TB, OTM, PTM, TMS, TM, OTT, OT, PT, TX, OTP agus TSP.