02024L1799 — GA — 31.07.2026 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
TREOIR (AE) 2024/1799 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Meitheamh 2024 maidir le rialacha comhchoiteanna lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoracha (AE) 2019/771 agus (AE) 2020/1828 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 1799 10.7.2024, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2026/74 ÓN gCOIMISIÚN an 12 Eanáir 2026 |
L 74 |
1 |
20.4.2026 |
|
Arna ceartú le:
TREOIR (AE) 2024/1799 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Meitheamh 2024
maidir le rialacha comhchoiteanna lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoracha (AE) 2019/771 agus (AE) 2020/1828
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Airteagal 1
Ábhar, cuspóir agus raon feidhme
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críoch na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “tomhaltóir” tomhaltóir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir (AE) 2019/771;
ciallaíonn “deisitheoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhís deisiúcháin a bhaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin, lena n-áirítear monaróirí agus díoltóirí a sholáthraíonn seirbhísí deisiúcháin agus soláthraithe seirbhísí deisiúcháin, bídís neamhspleách nó cleamhnaithe leis na monaróirí nó díoltóirí sin;
ciallaíonn “deisiú”“deisiú” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (20), de Rialachán (AE) 2024/1781;
ciallaíonn “díoltóir”“díoltóir” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Threoir (AE) 2019/771;
ciallaíonn “monaróir”“monaróir” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (42), de Rialachán (AE) 2024/1781;
ciallaíonn “ionadaí údaraithe”“ionadaí údaraithe” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (43) de Rialachán (AE) 2024/1781;
ciallaíonn “allmhaireoir”“allmhaireoir” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (44), de Rialachán (AE) 2024/1781;
ciallaíonn “dáileoir”“dáileoir” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (45), de Rialachán (AE) 2024/1781;
ciallaíonn “earra픓earraí” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Threoir (AE) 2019/771, seachas uisce, gás agus leictreachas;
ciallaíonn “athchóiriú”“athchóiriú” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18), de Rialachán (AE) 2024/1781;
ciallaíonn “ceanglais indeisitheachta” ceanglais faoi ghníomhartha dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II lena gcumasaítear earra a dheisiú, lena n-áirítear ceanglais maidir le feabhas a chur ar a éascaíocht díchóimeála agus ceanglais maidir le rochtain ar pháirteanna spártha, agus faisnéis agus uirlisí a bhaineann le deisiúchán is infheidhme maidir le hearraí nó comhpháirteanna sonracha earraí;
ciallaíonn “meán marthanach”“meán marthanach” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Threoir (AE) 2019/771.
Airteagal 3
Leibhéal an chomhchuibhithe
Ní dhéanfaidh na Ballstáit forálacha nach bhfuil i gcomhréir leo sin a leagtar síos sa Treoir seo a choinneáil ar bun ná a thabhairt isteach ina ndlí náisiúnta.
Airteagal 4
An Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán
Gan dochar do Threoir 2011/83/AE, cuirfidh an deisitheoir an tomhaltóir ar an eolas faoi chostais na seirbhíse diagnóisí.
Sonrófar san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán na coinníollacha deisiúcháin seo a leanas ar bhealach atá soiléir agus sothuigthe:
céannacht an deisitheora;
an seoladh geografach ag a bhfuil an deisitheoir bunaithe chomh maith le huimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an deisitheora agus, má tá siad ar fáil, modhanna eile cumarsáide ar líne a chuireann ar a chumas don tomhaltóir dul i dteagmháil leis an deisitheoir, agus cumarsáid a dhéanamh leis, ar bhealach tapa éifeachtúil inrochtana;
an t-earra atá le deisiú;
cineál an lochta agus an deisiúcháin a mholtar;
an praghas nó, mura bhfuil sé réasúnach an praghas a ríomh roimh ré, an modh ina ríomhfar an praghas agus an t-uasphraghas le haghaidh an deisiúcháin;
an t-am a bheidh ag teastáil chun an deisiúchán a chur i gcrích;
infhaighteacht earraí athsholáthair sealadacha ar feadh thréimhse an deisithe agus na costais a bhaineann le hathsholáthar sealadach, más ann dóibh, don tomhaltóir;
an áit a dtugann an tomhaltóir an earra ar láimh chun iad a dheisiú;
i gcás inarb infheidhme, infhaighteacht seirbhísí coimhdeacha, mar shampla baint, suiteáil agus iompar, a thairgeann an deisitheoir, agus costais mhionsonraithe na seirbhísí sin, más ann dóibh, ar an tomhaltóir;
tréimhse bhailíochta na Foirme Eorpaí um Fhaisnéis faoin Deisiúchán;
i gcás inarb infheidhme, faisnéis bhreise.
I gcás inar sholáthair an deisitheoir Foirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán atá iomlán agus cruinn don tomhaltóir, measfar gur chomhlíon sé na ceanglais seo a leanas:
ceanglais faisnéise maidir le príomhghnéithe na seirbhíse deisiúcháin a leagtar síos in Airteagal 5(1) pointe (a), agus in Airteagal 6(1), pointe (a) de Threoir 2011/83/AE agus in Airteagal 22(1), pointe (j) de Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );
ceanglais faisnéise maidir le céannacht agus faisnéis teagmhála an deisitheora a leagtar síos in Airteagal 5(1), pointe (b), agus Airteagal (6)(1), pointí (b) agus (c), de Threoir 2011/83/AE, Airteagal 22(1), pointe (a), de Threoir 2006/123/CE agus Airteagal 5(1), pointí (a), (b) agus (c) de Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );
ceanglais faisnéise maidir leis an bpraghas a leagtar síos in Airteagal 5(1), pointe (c), agus in Airteagal 6(1), pointe (e) de Threoir 2011/83/AE agus in Airteagal 22(1), pointe (i), agus (3), pointe (a), de Threoir 2006/123/CE;
ceanglais faisnéise maidir leis na socruithe le haghaidh na feidhmíochta agus an t-am chun an tseirbhís deisiúcháin a dhéanamh a leagtar síos in Airteagal 5(1), pointe (d), agus Airteagal 6(1), pointe (g), de Threoir 2011/83/AE.
Airteagal 5
Oibleagáid maidir le deisiú
Déanfar an deisiú de bhun mhír 1 faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
déanfar é saor in aisce nó ar phraghas réasúnta;
déanfar é laistigh de thréimhse réasúnta ama ón uair a bheidh seilbh fhisiciúil ag an monaróir ar an earra, a bheidh an t-earra faighte aige nó a bheidh rochtain tugtha ag an tomhaltóir dó ar an earra;
féadfaidh an monaróir earra athsholáthair a thabhairt ar iasacht don tomhaltóir saor in aisce nó ar tháille réasúnta fad a bheidh an deisiú á dhéanamh; agus
i gcásanna nach féidir an deisiú a dhéanamh, féadfaidh an monaróir earra athchóirithe a thairiscint don tomhaltóir.
Airteagal 6
Faisnéis maidir leis an oibleagáid maidir le deisiú
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an monaróir nó, i gcás inarb infheidhme, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir nó an dáileoir ar fáil saor in aisce, ar feadh ré iomlán a n-oibleagáide maidir le deisiú ar a laghad de bhun Airteagal 5, faisnéis faoina seirbhísí deisiúcháin ar bhealach sorochtana, soiléir agus sothuigthe.
Airteagal 7
Ardán Eorpach deisiúcháin ar líne
Déanfaidh na ranna náisiúnta a úsáideann an comhéadan coiteann ar líne agus na hardáin náisiúnta ar líne an méid seo a leanas:
feidhmeanna cuardaigh maidir le hearraí, suíomh na seirbhísí deisiúcháin a áireamh, lena n-áirítear feidhm atá bunaithe ar léarscáil, soláthar trasteorann seirbhísí, coinníollacha deisiúcháin, lena n-áirítear an t-am is gá chun an deisiú a chur i gcrích, infhaighteacht earraí athsholáthair sealadacha agus an áit a dtugann an tomhaltóir na hearraí ar láimh le haghaidh deisiú, infhaighteacht agus coinníollacha seirbhísí coimhdeacha, lena n-áirítear baint, suiteáil agus iompar, a thairgeann deisitheoirí, agus na caighdeáin cháilíochta Eorpacha nó náisiúnta deisiúcháin is infheidhme;
i gcás inarb infheidhme, feidhm chuardaigh a áireamh chun díoltóirí earraí a ndearnadh athchóiriú orthu, ceannaitheoirí earraí lochtacha lena n-athchóiriú nó tionscnaimh deisiúcháin faoi stiúir an phobail a aimsiú;
a chur ar a gcumas do thomhaltóirí an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a iarraidh ó dheisitheoirí atá á tairiscint;
a chur ar a gcumas do dheisitheoirí faisnéis agus seirbhísí teagmhála a thabhairt cothrom le dáta go rialta ar an ardán;
a chur ar a gcumas do dheisitheoirí a léiriú go gcloíonn siad leis na caighdeáin cháilíochta Aontais nó náisiúnta is infheidhme;
inrochtaineacht a chumasú trí shuíomhanna gréasáin náisiúnta atá nasctha leis an bpointe rochtana aonair digiteach a bhunaítear le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );
inrochtaineacht a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas; agus
foirmeacha teagmhála a sholáthar d’úsáideoirí chun saincheisteanna teicniúla a bhaineann le feidhmiú an ardáin Eorpaigh ar líne a thuairisciú, chomh maith le sonraí míchruinne maidir leis an bhfaisnéis arna soláthar ag deisitheoirí, agus, i gcás inarb infheidhme, ag díoltóirí earraí a ndearnadh athchóiriú orthu, ceannaitheoirí earraí lochtacha lena n-athchóiriú nó tionscnaimh deisiúcháin faoi stiúir an phobail.
Airteagal 8
Grúpa Saineolaithe
Bunóidh an Coimisiún grúpa saineolaithe a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit uile agus a bheidh faoi chathaoirleacht ionadaí ón gCoimisiún. Beidh sé de chúram ar an ngrúpa saineolaithe comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le dearadh agus feidhmiú an ardáin Eorpaigh ar líne agus a ranna náisiúnta.
Airteagal 9
Pointí teagmhála náisiúnta
Faoin 31 Iúil 2026, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin méid seo a leanas:
an pointe teagmhála náisiúnta atá ainmnithe acu don ardán Eorpach ar líne; nó
na hardáin náisiúnta ar líne a bhunaigh siad nó a bhunóidh siad i gcomhréir le hAirteagal 7(3).
Beidh an pointe teagmhála náisiúnta freagrach as na cúraimí seo a leanas:
rochtain ar a roinn náisiúnta a sholáthar le haghaidh clárú do dheisitheoirí agus, i gcás inarb infheidhme, díoltóirí earraí a ndearnadh athchóiriú orthu, ceannaitheoirí earraí lochtacha lena n-athchóiriú agus tionscnaimh deisiúcháin faoi stiúir an phobail;
a áirithiú go gcomhlíonfar aon choinníollacha rochtana arna leagan síos ag na Ballstáit de bhun mhír 2; agus
cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le hoibriú ranna náisiúnta an ardáin Eorpaigh ar líne.
Airteagal 10
Bearta do Mhicrifhiontair agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide
I gcás inarb iomchuí, glacfaidh an Coimisiún treoirlínte chun tacú go háirithe le micrifhiontair agus le fiontair bheaga agus mheánmhéide na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo a chomhlíonadh.
Airteagal 11
Forfheidhmiú
Áireofar leis na modhanna dá dtagraítear i mír 1, forálacha trína bhféadfaidh ceann amháin nó níos mó de na comhlachtaí seo a leanas, de réir mar a chinnfear leis an dlí náisiúnta, caingean a thabhairt faoin dlí náisiúnta os comhair chúirteanna nó údaráis inniúil riaracháin an Bhallstáit chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm na forálacha náisiúnta lena ndéantar an Treoir seo a thrasuí:
comhlachtaí poiblí nó a n-ionadaithe;
eagraíochtaí a bhfuil leas dlisteanach acu i gcosaint tomhaltóirí nó an chomhshaoil;
eagraíochtaí gairmiúla a bhfuil leas dlisteanach acu i gcaingean a thabhairt.
Airteagal 12
Faisnéis do thomhaltóirí
Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú go mbeidh faisnéis faoi chearta tomhaltóirí faoin Treoir seo, agus faoi na modhanna chun na cearta sin a fhorfheidhmiú, ar fáil do thomhaltóirí, lena n-áirítear ar shuíomhanna gréasáin náisiúnta atá nasctha leis an bpointe rochtana aonair digiteach a bhunaítear le Rialachán (AE) 2018/1724.
Airteagal 13
Bearta na mBallstát lena gcuirtear deisiú chun cinn
Airteagal 14
Cineál sainordaitheach
Airteagal 15
Pionóis
Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun Airteagail 4, 5 agus 6 a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha agus na bearta sin faoin 31 Iúil 2026 agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
Airteagal 16
Leasú ar Threoir (AE) 2019/771
Leasaítear Treoir (AE) 2019/771 mar a leanas:
In Airteagal 7(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):
beidh an chainníocht agus na cáilíochtaí agus gnéithe eile acu, lena n-áirítear maidir le marthanacht, indeisitheacht, feidhmiúlacht, comhoiriúnacht agus slándáil, a fhaightear de ghnáth i gcomhair earraí den chineál céanna agus a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil leo le réasún, ag féachaint do chineál na n-earraí agus i bhfianaise aon ráitis phoiblí arna dhéanamh ag an díoltóir nó ag daoine eile thar ceann an díoltóra, nó ag daoine eile i naisc roimhe seo de shlabhra na n-idirbheart, lena n-áirítear an táirgeoir, go háirithe san fhógraíocht nó ar lipéadú.”
;
Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
;
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
;
cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
;
In Airteagal 13, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:
;
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14, mír (1):
Déanfar deisithe nó athsholáthar a chur i gcrích:
saor in aisce;
laistigh de thréimhse réasúnta ama ón tráth a mbeidh an díoltóir curtha ar an eolas ag an tomhaltóir faoin easpa comhréireachta;
gan míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir, agus cineál na n-earraí agus an chríoch ar chuici a bhí na hearraí ag teastáil ón tomhaltóir á gcur san áireamh.
Le linn an deisiúcháin, ag brath ar shainiúlachtaí na catagóire earraí ábhartha, go háirithe ar an ngá atá ag an tomhaltóir na hearraí sin a bheith ar fáil go buan, féadfaidh an díoltóir earra athsholáthair a sholáthar don tomhaltóir saor in aisce, lena n-áirítear earra athchóirithe, ar iasacht.
Féadfaidh an díoltóir earra athchóirithe a sholáthar, arna iarraidh sin go sainráite don tomhaltóir, chun a oibleagáid a chomhlíonadh maidir leis an earra a athsholáthar.”.
Airteagal 17
Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2020/1828, cuirtear an pointe seo a leanas léi:
“(70) Treoir (AE) 2024/1799 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le rialacha comhchoiteanna lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoracha (AE) 2019/771 agus (AE) 2020/1828 (IO L, 2024/1799, 10.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1799/oj).”
Airteagal 18
Leasú ar Rialachán (AE) 2017/2394
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2394, cuirtear an pointe seo a leanas léi:
“29. Treoir (AE) 2024/1799 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le rialacha comhchoiteanna lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoracha (AE) 2019/771 agus (AE) 2020/1828 (IO L, 2024/1799, 10.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1799/oj).”.
Airteagal 19
Tuairisciú ag an gCoimisiún agus athbhreithniú
Airteagal 20
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 21
Forálacha idirthréimhseacha
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 16 den Treoir seo maidir le conarthaí díolacháin arna dtabhairt i gcrích roimh an 31 Iúil 2026.
Airteagal 22
Trasuí
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.
Cuirfidh na Ballstáit na forálacha sin i bhfeidhm ón 31 Iúil 2026.
Airteagal 23
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 24
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
IARSCRÍBHINN I
FOIRM EORPACH UM FHAISNÉIS FAOIN DEISIÚCHÁN
Cuid I
Céannacht agus sonraí teagmhála an deisitheora a sholáthraíonn an tseirbhís deisiúcháin
|
Deisitheoir |
[Céannacht] |
|
Seoladh |
[Seoladh geografach atá le húsáid ag an tomhaltóir] |
|
Uimhir theileafóin |
|
|
Seoladh ríomhphoist |
|
|
Má sholáthraíonn an deisitheoir iad, modhanna eile cumarsáide ar líne, lenar féidir leis an tomhaltóir dul i dteagmháil leis an deisitheoir agus cumarsáid a dhéanamh leis go tapa agus go héifeachtúil |
|
Cuid II
Faisnéis faoin tseirbhís deisiúcháin
|
An t-earra atá le deisiú |
[An t-earra a shainaithint] |
|
Cineál an lochta |
[Tuairisc ar an locht] |
|
An cineál deisiúcháin atá molta |
[Cén cineál beart a dhéanfar chun an locht a dheisiú] |
|
Praghas le haghaidh an deisiúcháin nó, mura féidir é a ríomh, an modh ríofa is infheidhme agus an t-uasphraghas le haghaidh an deisiúcháin |
[Ciallaíonn sé sin an méid iomlán nó, mura féidir é sin a ríomh, an modh ríofa agus an uasteorainn le haghaidh na seirbhíse deisiúcháin, in EUR nó san airgeadra náisiúnta] |
|
An t-am chun an deisiúchán a chur i gcrích |
[An t-am i laethanta faoina ngeallann an deisitheoir an tseirbhís a dhéanamh] |
|
Infhaighteacht earraí athsholáthair sealadacha |
[Ciallaíonn earra athsholáthair sealadach go bhfaighidh an tomhaltóir earra coibhéiseach lena úsáid le linn thréimhse an deisithe, ní mór don deisitheoir “Tá” nó “Níl” a chur in iúl] |
|
Má tá, sonraigh na costais chomhfhreagracha, más ann dóibh: |
[In EUR nó san airgeadra náisiúnta] |
|
Áit chun na hearraí a thabhairt ar láimh |
[An áit a dtugann an tomhaltóir na hearraí ar láimh chun iad a dheisiú] |
|
Más infheidhme, infhaighteacht seirbhísí coimhdeacha |
[Tabhair le fios má tháirgtear, agus a mhéid a thairgtear, seirbhísí coimhdeacha mar shampla baint, suiteáil agus iompar, nó roghnaigh “Níl aon seirbhís choimhdeach ann” mura dtairgtear aon seirbhís choimhdeach le haghaidh an deisiúcháin lena mbaineann] |
|
Má thairgtear, sonraigh na costais chomhfhreagracha, más ann dóibh: |
[In EUR nó san airgeadra náisiúnta, in aghaidh na seirbhíse a thairgtear] |
|
Tréimhse bhailíochta na Foirme Eorpaí um Fhaisnéis faoin Deisiúchán |
[Tréimhse bhailíochta 30 lá ar a laghad] |
|
Más infheidhme, faisnéis bhreise |
|
Tugtar mínithe don deisitheoir leis na léirithe atá idir lúibíní cearnacha agus ní mór an fhaisnéis chomhfhreagrach a chur ina n-ionad.
IARSCRÍBHINN II
LIOSTA DE GHNÍOMHARTHA DLÍ DE CHUID AN AONTAIS LENA LEAGTAR SÍOS CEANGLAIS INDEISITHEACHTA
1. Le haghaidh meaisíní níocháin tí agus meaisíní niteoir-triomadóir tí, Rialachán (AE) 2019/2023 ón gCoimisiún ( 4 )
2. Le haghaidh miasniteoirí tí, Rialachán (AE) 2019/2022 ón gCoimisiún ( 5 )
3. Le haghaidh fearais chuisniúcháin, Rialachán (AE) 2019/2019 ón gCoimisiún ( 6 )
4. Le haghaidh taispeáintí leictreonacha, Rialachán (AE) 2019/2021 ón gCoimisiún ( 7 )
5. Le haghaidh trealamh táthúcháin, Rialachán (AE) 2019/1784 ón gCoimisiún ( 8 )
6. Le haghaidh folúsghlantóirí, Rialachán (AE) Uimh. 666/2013 ón gCoimisiún ( 9 )
7. Le haghaidh freastalaithe agus táirgí stórála sonraí, Rialachán (AE) 2019/424 ón gCoimisiún ( 10 )
8. Le haghaidh fóin phóca, fóin siúil agus ríomhairí táibléid, Rialachán (AE) 2023/1670 ón gCoimisiún ( 11 )
9. Le haghaidh triomadóirí rothlaim tí, Rialachán (AE) 2023/2533 ón gCoimisiún ( 12 )
10. Le haghaidh earraí ina bhfuil ceallraí do mhodhanna éadroma iompair, Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 13 )
11. Le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla tí, Rialachán (AE) 2024/1103 ón gCoimisiúno ( 14 ).
( ) Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).
( ) Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“an Treoir maidir le trádáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).
( ) Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).
( ) Rialachán (AE) 2019/2023 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh meaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1015/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 285).
( ) Rialachán (AE) 2019/2022 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh miasniteoirí tí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1016/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 267).
( ) Rialachán (AE) 2019/2019 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le fearais chuisniúcháin de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 643/2009 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 187).
( ) Rialachán (AE) 2019/2021 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le taispeáintí leictreonacha de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 642/2009 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 241).
( ) Rialachán (AE) 2019/1784 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le trealamh táthúcháin de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 272, 25.10.2019, lch. 121).
( ) Rialachán (AE) Uimh. 666/2013 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2013 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh folúsghlantóirí (IO L 192, 13.7.2013, lch. 24).
( ) Rialachán (AE) 2019/424 ón gCoimisiún an 15 Márta 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le freastalaithe agus táirgí stórála sonraí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 617/2013 ón gCoimisiún (IO L 74, 18.3.2019, lch. 46).
( ) Rialachán (AE) 2023/1670 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2023 lena leagtar síos ceanglais maidir le héicidhearthóireacht i dtaca le fóin chliste, fóin phóca nach fóin chliste iad, fóin shiúil agus ríomhairí táibléid de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/826 ón gCoimisiún (IO L 214, 31.8.2023, lch. 47).
( ) Rialachán (AE) 2023/2533 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2023 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh triomadóirí rothlaim tí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/826 ón gCoimisiún, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 932/2012 ón gCoimisiún (IO L, 2023/2533, 22.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2533/oj).
( ) Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE (IO L 191, 28.7.2023, lch. 1).
( 1 ) Rialachán (AE) 2024/1103 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2024 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla agus na rialtáin ghaolmhara ar leithligh agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/1188 ón gCoimisiún (IO L, 2024/1103, 19.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1103/oj).