02024D2643 — GA — 22.05.2025 — 002.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

CINNEADH (CBES) 2024/2643 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Deireadh Fómhair 2024

a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise

(IO L 2643 9.10.2024, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

CINNEADH (CBES) 2024/3174 ÓN gCOMHAIRLE  an 16 Nollaig 2024

  L 3174

1

16.12.2024

►M2

CINNEADH (CBES) 2025/963 ÓN gCOMHAIRLE  an 20 Bealtaine 2025

  L 963

1

20.5.2025

►M3

CINNEADH (CBES) 2025/966 ÓN gCOMHAIRLE  an 20 Bealtaine 2025

  L 966

1

20.5.2025

►M4

CINNEADH (CBES) 2025/969 ÓN gCOMHAIRLE  an 20 Bealtaine 2025

  L 969

1

21.5.2025




▼B

CINNEADH (CBES) 2024/2643 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Deireadh Fómhair 2024

a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise



Airteagal 1

▼M2

1.  

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun teacht isteach ina gcríocha, nó chun idirthuras trína gcríocha, a chosc i leith na ndaoine nádúrtha seo a leanas a liostaítear in Iarscríbhinn I:

(a) 

atá freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais a chur chun feidhme, tacú leo, tairbhe a bhaint astu, a bheith rannpháirteach iontu nó iad a éascú, ar gníomhaíochtaí iad atá inchurtha i leith Rialtas Chónaidhm na Rúise lena mbaintear an bonn den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht nó den tslándáil san Aontas, de cheann amháin nó de roinnt dá Bhallstáit, d’eagraíocht idirnáisiúnta nó de thríú tír, nó lena gcuirtear ceannasacht nó neamhspleáchas ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit nó tríú tír i mbaol, trí na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(i) 

bac a chur ar an bpróiseas polaitiúil daonlathach nó an t-ord poiblí agus sábháilteacht nó an bonn a bhaint díobh, nó an méid sin a phleanáil, a stiúradh, a bheith páirteach sa mhéid sin, go díreach nó go hindíreach, tacú leis, nó é a éascú ar shlí eile, lena n-áirítear trí bhac a chur ar reáchtáil toghchán nó an bonn a bhaint di sin, nó trí iarracht a dhéanamh an t-ord bunreachtúil a dhíchobhsú nó a threascairt;

(ii) 

agóidí foréigneacha a phleanáil, a stiúradh, a bheith páirteach iontu, go díreach nó go hindíreach, tacú leo nó iad a éascú ar shlí eile;

(iii) 

gníomhartha foréigin fisiceacha nó neamhfhisiceacha, lena n-áirítear gníomhaíochtaí chun daoine a cháineann gníomhaíochtaí nó beartais Chónaidhm na Rúise a chur ina dtost, a imeaglú, a chomhéigniú nó chun díoltas beacht a dhéanamh orthu, a phleanáil, a stiúradh, páirt a ghlacadh iontu, go díreach nó go hindíreach, tacú leo, nó iad a éascú ar bhealach éigin eile;

(iv) 

úsáid ionramhála faisnéise agus cur isteach ar fhaisnéis a phleanáil, a stiúradh, páirt a ghlacadh inti, go díreach nó go hindíreach, tacú léi, nó í a éascú ar bhealach éigin eile;

(v) 

aon ghníomhaíochtaí atá dírithe ar fheidhmiú institiúidí daonlathacha, gníomhaíochtaí eacnamaíocha nó seirbhísí leasa phoiblí, lena n-áirítear trí theacht isteach neamhúdaraithe i gcríoch Bhallstáit, lena n-áirítear a aerspás, é sin a phleanáil, a stiúradh, páirt a ghlacadh ann, go díreach nó go hindíreach, tacú leo, nó iad a éascú ar bhealach eile, nó aon ghníomhaíochtaí dar cuspóir cur isteach ar bhonneagar criticiúil, lena n-áirítear bonneagar fomhuirí, nó dochar a dhéanamh dó nó é a scriosadh, lena n-áirítear trí shabaitéireacht nó cibirghníomhaíochtaí mailíseacha mar chuid de ghníomhaíochtaí hibrideacha;

(vi) 

ionstraimiú imirceach dá dtagraítear in Airteagal 1(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1359 a phleanáil, a stiúradh, páirt a ghlacadh ann, go díreach nó go hindíreach, tacú leis, nó é a éascú ar bhealach eile;

(vii) 

saothrú a dhéanamh ar choinbhleacht armtha, ar an éagobhsaíocht nó ar an neamhshlándáil, lena n-áirítear trí acmhainní nádúrtha agus fiadhúlra a thrádáil nó a shaothrú go haindleathach i dtríú tír;

(viii) 

coinbhleacht fhoréigneach i dtríú tír a thionscnamh, tacú léi, nó í a éascú ar bhealach eile;

(b) 

a bhfuil baint acu leis na daoine nádúrtha a liostaítear faoi phointí (a) agus (b);

(c) 

a thugann tacaíocht do na daoine nádúrtha atá i mbun gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a).

▼B

2.  
Ní chuirfear de cheangal le mír 1 ar aon Bhallstát teacht isteach chuig a chríoch féin a dhiúltú dá náisiúnaigh féin.
3.  

I gcás ina mbeidh Ballstát faoi cheangal ag oibleagáid faoin dlí idirnáisiúnta, beidh mír 1 gan dochar don chás sin, eadhon:

(a) 

mar thír óstach d’eagraíocht idir-rialtasach idirnáisiúnta;

(b) 

mar thír óstach ar chomhdháil idirnáisiúnta a bheidh á tionól ag na Náisiúin Aontaithe nó faoina gcoimirce;

(c) 

faoi chomhaontú iltaobhach lena dtugtar pribhléidí agus díolúintí; nó

(d) 

faoi Chonradh Idir-Réitigh 1929 (Comhaontú na Lataráine) a tugadh i gcrích idir an Suí Naofa (Stát Chathair na Vatacáine) agus an Iodáil.

4.  
Beidh feidhm ag mír 3 freisin i gcásanna ina bhfuil an Ballstát ina thír óstach don Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE).
5.  
Cuirfear an Chomhairle ar an eolas go cuí faoi gach cás ina dtugann an Ballstát díolúine de bhun mhíreanna 3 nó 4.
6.  
Féadfaidh na Ballstáit díolúintí ó na bearta a forchuireadh faoi mhír 1 a dheonú i gcás ina mbeidh údar leis ar fhorais an riachtanais dhaonnachtúil phráinnigh, nó ar fhorais go bhfuiltear ag freastal ar chruinnithe idir-rialtasacha nó ar chruinnithe atá á gcur chun cinn ag an Aontas nó á n-óstáil aige, nó atá á n-óstáil ag Ballstát a bhfuil Cathaoirleacht aige ar oifig ESCE, i gcás ina reáchtáiltear idirphlé polaitiúil a chuireann cuspóirí beartais na mbeart sin chun cinn go díreach.
7.  
Féadfaidh na Ballstáit díolúintí a dheonú ó na bearta a forchuireadh faoi mhír 1 más amhlaidh go bhfuil gá le teacht isteach nó le hidirthuras chun próiseas breithiúnach a chomhlíonadh, lena n-áirítear nósanna imeachta um thabhairt suas agus nósanna imeachta eiseachadta.
8.  
Tabharfaidh aon Bhallstát ar mian leis na díolúintí a dheonú dá dtagraítear i mír 6 nó 7 fógra i scríbhinn don Chomhairle faoin méid sin. Measfar díolúine a bheith deonaithe mura ndéanfaidh comhalta amháin nó níos mó de chomhaltaí na Comhairle agóid i scríbhinn laistigh de 2 lá oibre tar éis fógra a fháil faoin díolúine atá beartaithe. Má dhéanann comhalta amháin nó níos mó de chomhaltaí na Comhairle agóid, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh an díolúine atá beartaithe a dheonú.
9.  
I gcás, de bhun mhíreanna 3, 4, 6, 7 nó 8, ina n-údaraíonn Ballstát teacht isteach ina chríoch, nó idirthuras trína chríoch do dhuine a liostaítear san Iarscríbhinn, beidh an t-údarú sin teoranta don chuspóir ar chuige sin a thugtar é don duine lena mbaineann.

Airteagal 2

▼M2

1.  

Na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha uile ar le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí iad, atá faoi úinéireacht, i seilbh nó faoi rialú na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin:

(a) 

atá freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais a chur chun feidhme, tacú leo, tairbhe a bhaint astu, a bheith rannpháirteach iontu nó iad a éascú, ar gníomhaíochtaí iad atá inchurtha i leith Rialtas Chónaidhm na Rúise lena mbaintear an bonn den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht nó den tslándáil san Aontas, de cheann amháin nó de roinnt dá Bhallstáit, d’eagraíocht idirnáisiúnta nó de thríú tír, nó lena gcuirtear ceannasacht nó neamhspleáchas ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit nó tríú tír i mbaol, trí na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(i) 

bac a chur ar an bpróiseas polaitiúil daonlathach nó an t-ord poiblí agus sábháilteacht nó an bonn a bhaint díobh, nó an méid sin a phleanáil, a stiúradh, a bheith páirteach sa mhéid sin, go díreach nó go hindíreach, tacú leis, nó é a éascú ar shlí eile, lena n-áirítear trí bhac a chur ar reáchtáil toghchán nó an bonn a bhaint de sin, nó trí iarracht a dhéanamh an t-ord bunreachtúil a dhíchobhsú nó a threascairt;

(ii) 

agóidí foréigneacha a phleanáil, a stiúradh nó a bheith páirteach iontu, go díreach nó go hindíreach, tacú leo, nó iad a éascú ar shlí eile;

(iii) 

gníomhartha foréigin fisiceacha nó neamhfhisiceacha, lena n-áirítear gníomhaíochtaí chun daoine a cháineann gníomhaíochtaí nó beartais Chónaidhm na Rúise a chur ina dtost, a imeaglú, a chomhéigniú nó chun díoltas beacht a dhéanamh orthu, a phleanáil, a stiúradh, páirt a ghlacadh iontu, go díreach nó go hindíreach, tacú leo, nó iad a éascú ar bhealach éigin eile;

(iv) 

úsáid ionramhála agus cur isteach ar fhaisnéis a phleanáil, a stiúradh, páirt a ghlacadh inti, go díreach nó go hindíreach, tacú léi, nó í a éascú ar bhealach éigin eile;

(v) 

aon ghníomhaíochtaí atá dírithe ar fheidhmiú institiúidí daonlathacha, gníomhaíochtaí eacnamaíocha nó seirbhísí leasa phoiblí, lena n-áirítear trí theacht isteach neamhúdaraithe i gcríoch Bhallstáit, lena n-áirítear a aerspás, é sin a phleanáil, a stiúradh, páirt a ghlacadh ann, go díreach nó go hindíreach, tacú leo, nó iad a éascú ar bhealach eile, nó aon ghníomhaíochtaí dar cuspóir cur isteach ar bhonneagar criticiúil, lena n-áirítear bonneagar fomhuirí, nó dochar a dhéanamh dó nó é a scriosadh, lena n-áirítear trí shabaitéireacht nó cibirghníomhaíochtaí mailíseacha mar chuid de ghníomhaíochtaí hibrideacha;

(vi) 

ionstraimiú imirceach dá dtagraítear in Airteagal 1(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1359 a phleanáil, a stiúradh, páirt a ghlacadh ann, go díreach nó go hindíreach, tacú leis, nó é a éascú ar bhealach eile;

(vii) 

saothrú a dhéanamh ar choinbhleacht armtha, ar an éagobhsaíocht nó ar an neamhshlándáil, lena n-áirítear trí acmhainní nádúrtha agus fiadhúlra a thrádáil nó a shaothrú go haindleathach i dtríú tír;

(viii) 

coinbhleacht fhoréigneach i dtríú tír a thionscnamh, tacú léi, nó í a éascú ar bhealach eile;

(b) 

a bhfuil baint acu leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí a liostaítear faoi phointí (a) agus (b);

(c) 

a thugann tacaíocht do na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí atá i mbun gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a); mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, déanfar iad a reo.

▼B

2.  
Ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis ná do chomhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn, ná ní chuirfear chun sochair dóibh iad.
3.  

De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur fíor an méid seo a leanas maidir leis na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:

(a) 

go bhfuil gá leo chun freastal ar bhunriachtanais na ndaoine a liostaítear san Iarscríbhinn agus a mball teaghlaigh cleithiúnach, lena n-áirítear íocaíochtaí as earraí bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;

(b) 

gur ceapadh iad chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc agus costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

(c) 

gur ceapadh iad chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;

(d) 

go bhfuil siad riachtanach i gcás costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais a mheasann sé gur cheart údarú sonrach a dheonú, coicís ar a laghad roimh an údarú;

(e) 

go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas misin taidhleoireachta nó poist chonsalaigh nó eagraíochta idirnáisiúnta nó ón gcuntas sin a bhfuil díolúintí aige i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó an phoist chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta;

(f) 

go bhfuil siad riachtanach d’fheidhmiú ionadaíochtaí taidhleoireachta agus consalacha an Aontais agus na mBallstát nó tíortha is comhpháirtithe sa Rúis, lena n-áirítear toscaireachtaí, ambasáidí agus misin, nó eagraíochtaí idirnáisiúnta sa Rúis a thairbhíonn de dhíolúintí i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta; nó

(g) 

go bhfuil siad riachtanach do sholáthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí a dhéanann oibreoirí teileachumarsáide de chuid an Aontais, agus chun saoráidí agus seirbhísí gaolmhara a sholáthar atá riachtanach le haghaidh oibriú, chothabháil agus shlándáil na seirbhísí cumarsáide leictreonaí sin.

4.  
Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 3 laistigh de 2 sheachtain ón údarú sin a fháil.
5.  

De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 a liostú san Iarscríbhinn, nó go bhfuil siad faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá infhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;

(b) 

ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh den sórt sin a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, faoi na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;

(c) 

ní chun leas duine nádúrtha ná dhlítheanaigh, eintitis ná comhlachta a liostaítear san Iarscríbhinn é an cinneadh; agus

(d) 

níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.

6.  
Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údaruithe arna ndeonú faoi mhír 5 laistigh de 2 sheachtain ón údarú sin a fháil.
7.  
Ní chuirfear cosc le mír 1 ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach, ar eintiteas nó ar chomhlacht a liostaítear íocaíocht a dhéanamh atá dlite faoi chonradh a rinneadh roimh an dáta a liostaíodh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin san Iarscríbhinn, ar choinníoll gur chinn an Ballstát lena mbaineann nach bhfaigheadh duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i mír 1 an íocaíocht, go díreach nó go hindíreach.
8.  

Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir le breiseanna mar a leanas arna gcur le cuntais reoite:

(a) 

ús nó tuilleamh eile ar na cuntais sin;

(b) 

íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta a tháinig na cuntais sin le bheith faoi réir na mbeart dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2; nó

(c) 

íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána arna ndéanamh san Aontas nó is infhorghníomhaithe sa Bhallstát lena mbaineann,

ar choinníoll go bhfanfaidh aon ús den sórt sin, tuilleamh agus íocaíochtaí eile faoi réir na mbeart dá bhforáiltear i mír 1.

▼M2

Airteagal 2a

1.  
Toirmeascfar gabháil, go díreach nó go hindíreach, d’aon idirbheart a bhaineann le haon sócmhainn inláimhsithe, mar shampla soithí, aerárthaí, réadmhaoin, calafoirt, aerfoirt, agus gnéithe fisiceacha de líonraí digiteacha agus cumarsáide, mar a liostaítear in Iarscríbhinn II.
2.  

Áireofar ar an liosta in Iarscríbhinn II sócmhainní inláimhsithe:

(a) 

a úsáidtear i ngníomhaíochtaí de chineál díchobhsaitheach lena gcuirtear bonneagar criticiúil, lena n-áirítear bonneagar fomhuirí, i mbaol nó lena ndéantar damáiste dó agus ar gníomhaíochtaí iad atá inchurtha i leith Rialtas Chónaidhm na Rúise nó a théann chun tairbhe dó;

(b) 

a úsáidtear i gcomhthéacs gníomhaíochtaí de chineál díchobhsaitheach a sháraíonn rialacháin náisiúnta nó idirnáisiúnta nó rialacháin de chuid an Aontais maidir le haer, trácht muirí nó trácht talún, agus atá inchurtha i leith Rialtas Chónaidhm na Rúise nó a théann chun tairbhe dó;

(c) 

a úsáidtear i ngníomhaíochtaí de chineál díchobhsaitheach, lena n-áirítear spiaireacht agus faireachas, iompar arm nó trealaimh mhíleata agus pearsanra mhíleata, ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis, agus atá inchurtha i leith Rialtas Chónaidhm na Rúise nó a théann chun tairbhe do Rialtas Chónaidhm na Rúise;

(d) 

atá faoi úinéireacht, nó atá á gcairtfhostú nó á n-oibriú ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó a úsáidtear ar bhealach eile in ainm na ndaoine sin, thar a gceann, i ndáil leo nó chun tairbhe na ndaoine sin.

3.  
Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le hidirbhearta arna ndéanamh ar chúiseanna sábháilteachta muirí nó eitlíochta, nó atá riachtanach chun críoch daonnúil, nó chun teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach, teagmhas ar dócha tionchar tromchúiseach mór a bheith aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol, nó mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha.
4.  
Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le hidirbhearta a eascraíonn as breithiúnas nó dámhachtain eadrána arna dtabhairt i mBallstát a aithint nó a fhorfheidhmiú, nó maidir le hidirbhearta arna ndéanamh chun críoch imscrúdaithe ar sháruithe ar an gCinneadh seo nó chun críoch imscrúdaithe ar ghníomhaíocht aindleathach eile.
5.  
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla Bhallstáit idirbhearta a bhaineann le sócmhainní inláimhsithe a liostaítear in Iarscríbhinn II a údarú faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh, ar bhonn cás ar chás, go bhfuil gá leis an idirbheart chun aon chríche atá comhsheasmhach le cuspóirí an Chinnidh seo.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú den sórt sin a dheonaítear laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

Airteagal 2b

1.  

Toirmeascfar gabháil, go díreach nó go hindíreach, d’aon idirbheart le:

(a) 

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe lasmuigh den Aontas ar institiúid creidmheasa nó airgeadais é nó ar eintiteas é a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní, a bhfuil baint aige le hidirbhearta lena n-éascaítear, go díreach nó go hindíreach, gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(1) ó Airteagal 2(1), nó a théann chun tairbhe ar bhealach eile do dhaoine, eintitis nó comhlachtaí atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(1) nó Airteagal 2(1); nó;

(b) 

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a sholáthraíonn cúnamh teicniúil nó oibríochtúil do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí atá i mbun gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(1) nó Airteagal 2(1), mar a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo iad.

2.  

Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir leis na hidirbhearta seo a leanas:

(a) 

a bhfuil gá leo chun táirgí cógaisíochta, míochaine nó talmhaíochta agus bia, lena n-áirítear cruithneacht agus leasacháin, a onnmhairiú, a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a iompar;

(b) 

a bhfuil géarghá leo chun rochtain ar imeachtaí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána i mBallstát a áirithiú, agus chun aitheantas a thabhairt nó forfheidhmiú a dhéanamh maidir le breithiúnas nó dámhachtain eadrána arna soláthar i mBallstát ach na hidirbhearta sin a bheith comhsheasmhach le cuspóirí an Chinnidh seo agus le cuspóirí Rialachán (AE) 2024/2642 ón gComhairle ( 1 ); nó

(c) 

a bhfuil gá leo chun críoch daonnúil, ar nós cúnamh a sheachadadh nó an seachadadh sin a éascú, lena n-áirítear soláthairtí leighis, bia, nó oibrithe daonnúla agus cúnamh gaolmhar a aistriú, nó le haghaidh aslonnuithe.

Airteagal 2c

1.  
Toirmeascfar ar oibreoirí aon ábhar ó na daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV a chraoladh, nó craoladh a chumasú, a éascú nó rannchuidiú leis an gcraoladh ar bhealach eile, lena n-áirítear trí tharchur nó trí dháileadh ar aon bhealach, mar shampla cábla, satailít, teilifís trí Phrótacal Idirlín (IP-TV), soláthraithe seirbhísí idirlín, ardáin nó feidhmchláir comhroinnte físeán idirlín, bíodh siad nua nó réamhshuiteáilte.
2.  
Cuirfear ar fionraí aon cheadúnas nó údarú craolacháin, agus aon socrú tarchuir nó dáileacháin, leis na daoine dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV.
3.  
Cuirfear toirmeasc ar fhógraíocht a dhéanamh ar tháirgí nó ar sheirbhísí in aon ábhar arna léiriú nó arna chraoladh ag na daoine dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV, lena n-áirítear trí tharchur nó trí dháileadh ar aon mhodh dá dtagraítear i mír 1 den airteagal seo

▼B

Airteagal 3

1.  

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2(1) agus (2) maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar cúnamh daonnúil go tráthúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thabharfaidh an cúnamh sin agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:

(a) 

na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

(b) 

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c) 

eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;

(d) 

eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe na Náisiún Aontaithe, in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla;

(e) 

eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí dár dheonaigh an tAontas an Deimhniú Comhpháirtíochta Daonnúla nó atá deimhnithe nó aitheanta ag Ballstát i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta;

(f) 

sainghníomhaireachtaí na mBallstát; nó

(g) 

fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí, nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin.

2.  
Ní bheidh feidhm ag an díolúine a leagtar amach i mír 1 maidir leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí a shainaithnítear san Iarscríbhinn le réiltín.
3.  
Gan dochar do mhír 1, agus de mhaolú ar Airteagal 2(1) agus (2), féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun a áirithiú go seachadfar cúnamh daonnúil go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine.
4.  
Mura ndéanann an t-údarás inniúil ábhartha cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra am breise laistigh de 5 lá oibre ón dáta a fhaightear iarraidh ar údarú faoi mhír 1, measfar gur deonaíodh an t-údarú sin.
5.  
Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údaruithe arna ndeonú faoin Airteagal seo laistigh de 4 seachtaine óna ndeonófar an t-údarú sin.

Airteagal 4

1.  
Is í an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ó Bhallstát nó ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”), a chinnfidh an liosta atá san Iarscríbhinn a bhunú agus a leasú.
2.  
Cuirfidh an Chomhairle cinneadh de bhun mhír 1, lena n-áirítear na forais leis an liostú sin, in iúl go díreach don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht lena mbaineann, más eol an seoladh, nó trí fhógra a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, rud a thabharfaidh deis don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht sin barúlacha a chur i láthair.
3.  
I gcás ina gcuirfear barúlacha isteach, nó ina gcuirfear fianaise nua shubstaintiúil i láthair, athbhreithneoidh an Chomhairle an cinneadh de bhun mhír 1 agus cuirfidh sí an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann ar an eolas dá réir sin.

Airteagal 5

1.  
Áireofar san Iarscríbhinn na forais leis na daoine nádúrtha agus dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 a liostú.
2.  
Beidh san Iarscríbhinn, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis is gá chun daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine nádúrtha, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha agus ailiasanna; dáta breithe agus áit bhreithe; náisiúntacht; uimhreacha pas agus cárta aitheantais; inscne; seoladh, más eol; agus feidhm nó gairm. Maidir le daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, féadfaidh ainmneacha; áit agus dáta clárúcháin; uimhir chlárúcháin; agus áit ghnó.

Airteagal 6

1.  

Féadfaidh an Chomhairle agus an tArdionadaí, sonraí pearsanta a phróiseáil chun a gcúraimí faoin gCinneadh seo a thabhairt i gcrích, go háirithe:

(a) 

a mhéid a bhaineann leis an gComhairle, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú agus a dhéanamh;

(b) 

a mhéid a bhaineann leis an Ardionadaí, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú.

2.  
Maidir le sonraí ábhartha a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha liostaithe, le ciontuithe coiriúla nó le bearta slándála a bhaineann leis na daoine sin, ní fhéadfaidh an Chomhairle ná an tArdionadaí iad a phróiseáil, i gcás inarb infheidhme, ach amháin a mhéid is gá an phróiseáil sin chun an Iarscríbhinn a ullmhú.
3.  
Chun críocha an Chinnidh seo, ainmnítear an Chomhairle agus an tArdionadaí mar “rialaitheoirí” de réir bhrí Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), chun a áirithiú gur féidir leis na daoine nádúrtha lena mbaineann a gcearta a fheidhmiú faoin Rialachán sin.

Airteagal 7

1.  

Ní shásófar aon éileamh i ndáil le haon chonradh ná idirbheart a ndearnadh difear dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin gCinneadh seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh eile mar sin, mar shampla éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna, ráthaíocht nó slánaíocht nó iad a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é go ndéanfaidh ceann de na páirtithe seo a leanas an t-éileamh:

(a) 

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, a liostaítear san Iarscríbhinn;

(b) 

aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó ceann de na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a).

2.  
In aon imeacht chun éileamh a fhorfheidhmiú, is faoin duine nádúrtha nó dlítheanach, faoin ngrúpa, faoin eintiteas nó faoin gcomhlacht atá ag iarraidh an t-éileamh sin a fhorfheidhmiú, a bheidh sé a chruthú nach dtoirmeasctar an t-éileamh a shásamh le mír 1.
3.  
Tá an tAirteagal seo gan dochar don cheart atá ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na grúpaí, na heintitis agus na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 chun athbhreithniú breithiúnach ar dhlíthiúlacht neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí conarthacha i gcomhréir leis an gCinneadh seo.

Airteagal 8

Cuirfear toirmeasc ar pháirt a ghlacadh, go feasach nó d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh teacht timpeall ar na toirmisc a leagtar amach sa Chinneadh seo, lena n-áirítear trí pháirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí sin gan an cuspóir ná an éifeacht sin a lorg d’aon ghnó ach a bheith ar an eolas go bhféadfadh an cuspóir nó an éifeacht sin a bheith ag an rannpháirtíocht agus glacadh leis an bhféidearthacht sin.

Airteagal 9

Chun tionchar na mbeart a leagtar amach sa Chinneadh seo a uasmhéadú, spreagfaidh an tAontas tríú Stáit chun bearta sriantacha a ghlacadh cosúil leis na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo.

Airteagal 10

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 9 Deireadh Fómhair 2025.

Déanfar athbhreithniú leanúnach ar an gCinneadh seo. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.

Déanfar na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3 a mhéid a bhaineann le hAirteagal 2(1) agus (2) a athbhreithniú go tráthrialta, agus gach 12 mhí ar a laghad, nó ar iarraidh phráinneach ó aon Bhallstát, ón Ardionadaí nó ón gCoimisiún tar éis d’athrú ó bhonn teacht ar na himthosca.

Airteagal 11

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.




▼M2

IARSCRÍBHINN I

▼B

Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 1(1) agus 2(1)

▼M1

A. 

Daoine nádúrtha



 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Ráiteas ar Chúiseanna

Dáta an liostaithe

1.

Artem Sergeevich KUREEV

(Rúisis: Артём Сергеевич КУРЕЕВ)

Oifigeach sa 5ú Seirbhís de chuid Sheirbhís Slándála na Cónaidhme, Príomheagarthóir “African Initative”, Bunaitheoir “Rusafro”

Dáta breithe: 24.10.1980

Áit bhreithe: APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Pasuimhir: 4002209800

Uimhir Aitheantais Chánach (INN): 782500167259

Is oifigeach de chuid Sheirbhís Slándála Chónaidhm na Rúise é Artem Sergeevich Kureev a bhfuil baint aige le gníomhaíochtaí urchóideacha, mar shampla, feachtais bhréagaisnéise chomhordaithe, san Eoraip agus san Afraic araon. Reáchtálann sé feachtais tionchair san Eoraip, lena n-áirítear trína eagrú go scaipfí ailt i Rúisis agus a n-aistriúcháin Bhéarla ar sheachshuíomhanna gréasáin agus trí íoc as foilsiú alt atá ar son na Rúise, agus arb é is aidhm dó sin bréagaisnéis na Rúise a scaipeadh san Eoraip. Bhunaigh sé dhá eagraíocht meán san Afraic agus reáchtáil sé feachtais bhréagaisnéise d’aon ghnó arbh é is aidhm dóibh an bonn a bhaint de thionscadail sláinte an Iarthair san Afraic trí theoiricí comhcheilge a scaipeadh; líomhnaítear, mar shampla, go bhfuil úsáid á bhaint as an Afraic le haghaidh turgnaimh chogaíochta bitheolaíche agus go bhfuil trialacha aindleathacha le haghaidh drugaí éagsúla á ndéanamh ag cuideachtaí cógaisíochta an Iarthair.

Dá bhrí sin, tá gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise á gcur chun feidhme ag Artem Sergeevich Kureev lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht nó slándáil san Aontas nó i dtríú tíortha, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, trí úsáid ionramhála agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis a phleanáil agus a stiúradh.

16.12.2024

2.

Nikolai Aleksandrovich TUPIKIN

(Rúisis: Николай Александрович ТУПИКИН)

Stiúrthóir feidhmiúcháin Structura National Technologies ar a dtugtar freisin GKStruktura

Áit bhreithe: APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir Aitheantais Chánach (INN): 773402066160

Is é Nikolai Aleksandrovich Tupikin ceannasaí agus bunaitheoir Structura National Technologies (GK Struktura). Bhí baint ag an gcuideachta leis an bhfeachtas “Doppelganger”, mar a ghairtear de, feachtas um bréagaisnéis dhigiteach faoi stiúir na Rúise arb é is aidhm dó faisnéis a ionramháil agus bréagaisnéis a scaipeadh chun tacú le cogadh foghach na Rúise faoin Úcráine agus ag díriú ar Bhallstáit an Aontais, ar na Stáit Aontaithe agus ar an Úcráin. Oibríonn sé i ndlúthchomhar le Riarachán Uachtaránachta Chónaidhm na Rúise. Bhí sé ar dhuine de na príomhphearsana i bhfeachtas bréagaisnéise na Rúise ar fud Mheiriceá Laidineach arb é is aidhm dó an bonn a bhaint de thacaíocht don Úcráin.

Dá bhrí sin, tá gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise á gcur chun feidhme ag Nikolai Aleksandrovich Tupikin lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht nó slándáil san Aontas nó i dtríú tíortha, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, Trí úsáid ionramhála agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis a phleanáil agus a stiúradh. Tá baint aige freisin le Sofia Avraamovna Zakharova, ceann roinne in Oifig Uachtarán Chónaidhm na Rúise um Fhorbairt Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide agus Bonneagar Cumarsáide.

16.12.2024

3.

Sofia Avraamovna ZAKHAROVA

(Rúisis: София Авраамовна ЗАХАРОВА)

Ceann roinne in Oifig Uachtarán Chónaidhm na Rúise um Fhorbairt Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide agus Bonneagar Cumarsáide

Áit bhreithe: APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Tá Sofia Avraamovna Zakharova ina ceann roinne in Oifig Uachtarán Chónaidhm na Rúise um Fhorbairt Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide agus Bonneagar Cumarsáide. Bhí baint aici leis an bhfeachtas, “Doppelganger”, mar a ghairtear de, arb é is aidhm dó faisnéis a ionramháil agus bréagaisnéis a scaipeadh chun tacú le cogadh foghach na Rúise faoin Úcráine agus ag díriú ar Bhallstáit an Aontais, ar na Stáit Aontaithe agus ar an Úcráin. Bhí sí ag obair go díreach le Ilya Gambashidze agus Nikolai Tupikin, cinn Social Design Agency agus GK Struktura, faoi seach, ar an oibríocht sin. Bhí sí ar dhuine de cheannairí foirne agus de bhaill ghníomhacha “Team I”, mar a ghairtear de, faoi stiúir Ilya Gambashidze, atá taobh thiar d’fheachtas na Creimile maidir le bréagaisnéis san Iarthar, a chuireann isteach ar thoghcháin i dtíortha éagsúla, agus atá ag ullmhú tionscadal chun míchlú a tharraingt ar fhreasúra na Rúise.

Dá bhrí sin, tá gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise á gcur chun feidhme ag Sofia Avraamovna Zakharova lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht nó slándáil san Aontas nó i dtríú tíortha, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, trí úsáid ionramhála agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis a phleanáil agus a stiúradh.

16.12.2024

4.

Andrey Vladimirovich AVERYANOV

(Rúisis: Андрей Владимирович АВЕРЬЯНОВ)

Ceannasaí aonad 29155 de chuid GRU

Maorghinearál

Dáta breithe: 29.9.1967

Áit bhreithe: APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir Aitheantais Chánach (INN): 773378888007

Is oifigeach míleata ardchéime i bPríomh-Stiúrthóireacht Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise (GRU) é Andrey Vladimirovich Averyanov. Tar éis bhás Yevgeny Prigozhin agus athstruchtúrú an Wagner Group, rinneadh ceannasaíocht oibríochtaí míleata na Rúise san Afraic a athstruchtúrú agus a chur faoi Africa Corps faoi scáth Aireacht Cosanta na Rúise, agus cuireadh Averyanov i gceannas ar na hoibríochtaí. I roinnt mhaith tíortha san Afraic, cuireann fórsaí na Rúise slándáil ar fáil do ghiuntaí míleata ar chuir rialtais dhaonlathacha dhlisteanacha as cumhacht, a bhfuil cobhsaíocht, slándáil agus daonlathas na dtíortha ag dul in olcas dá bharr.

Ina theannta sin, baineann fórsaí na Rúise san Afraic leas as na hacmhainní nádúrtha atá ann chun a n-oibríochtaí a mhaoiniú. Ag tús 2024, ghlac fórsaí na Rúise smacht ar mhianach óir Intahaka i Mailí.

Dá bhrí sin, tá gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise á gcur chun feidhme ag Andrey Vladimirovich Averyanov lena mbaintear an bonn den daonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht nó slándáil i dtríú tíortha, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, tríd tríd an mbonn a bhaint den phróiseas polaitiúil daonlathach i dtíortha na hAfraice ina n-oibríonn fórsaí na Rúise agus trí leas a bhaint as coinbhleacht armtha, as an éagobhsaíocht nó as an neamhshlándáil, lena n-áirítear trí acmhainní nádúrtha agus fiadhúlra a thrádáil go haindleathach nó leas a bhaint astu go haindleathach i dtríú tír.

16.12.2024

5.

Tinatin Givievna KANDELAKI

ar a dtugtar freisin

Tina KANDELAKI

(Rúisis: Тинатин Гивиевна КАНДЕЛАКИ)

Iriseoir, pearsa phoiblí, duine cáiliúil, láithreoir teilifíse agus léiritheoir, Leas-Ardstiúrthóir ar Gazprom Media Holding

Dáta breithe: 10.11.1975

Áit bhreithe: Tbilisi, PPS na Seoirsia (an tSeoirsia anois)

Náisiúntacht: Seoirsiach

Inscne: baineann

Is iriseoir Rúiseach í Tinatin Givievna Kandelaki, tá sí fostaithe ag an gcuideachta Gazprom Media atá faoi úinéireacht stáit, agus is pearsa phoiblí í a bhfuil leas á bhaint aici as an tóir atá uirthi agus an tionchar atá aici sa réimse poiblí chun bolscaireacht na Rúise a scaipeadh agus chun údar a thabhairt do chogadh foghadh leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Bhí sí i measc na ndaoine a ghlac páirt i gceolchoirm staidiam Luzhniki an 18 Márta 2022 a bhí ag comóradh 8 mbliana ó rinneadh ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus a bhí ina siombail tacaíochta don chogadh leanúnach san Úcráin. Tar éis 2014, thacaigh sí go hiomlán le hionghabháil neamhdhleathach na Crimé. Thairis sin, is Leas-Ardstiúrthóir ar Gazprom Media Holding í, ar cuideachta sealbhaíochta í de roinnt eagraíochtaí meán a scaipeann bolscaireacht atá i gcoinne na Úcráine agus a thugann údar le fogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Cuireadh roinnt cainéal teilifíse atá faoi úinéireacht agus rialú Gazprom Media Holding in ionad chainéil teilifíse de chuid na hÚcráine ar mhinicíochtaí áitiúla teilifíse a d’urghabh an Rúis de láimh láidir roimhe sin tar éis ionradh na Rúise ar an gCrimé agus, dá bhrí sin, ghlac siad páirt ghníomhach i bpróiseas ionghabháil neamhdhleathach na Crimé.

Dá bhrí sin, tá Tinatin Givievna Kandelaki freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme, as tacú leo nó as tairbhe a bhaint astu, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den daonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht agus slándáil san Aontais nó i gceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit, in eagraíocht idirnáisiúnta nó i dtríú tír, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, nó lena mbaintear an bonn den cheannasacht nó neamhspleáchas i gceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit nó i dtríú tír, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, trí úsáid ionramhála agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis a phleanáil, a stiúradh, páirt dhíreach nó indíreach a ghlacadh inti, tacú léi nó í a éascú ar bhealach eile.

16.12.2024

6.

Vladimir Vladimirovich SERGIYENKO

(Rúisis: Владимир Владимирович СЕРГИЕНКО)

Iar-chúntóir an Chomhalta de Bundestag, Eugen Schmidt

Dáta breithe: 23.5.1971

Áit bhreithe: Lviv, PPS na hÚcráine (an Úcráin anois)

Náisiúntacht: Rúiseach / Úcránach

Inscne: fireann

Is iar-chúntóir parlaiminteach an Chomhalta de Bundestag na Gearmáine, Eugen Schmidt, é Vladimir Vladimirowitsch Sergiyenkodon. Ag an am céanna, chuaigh Sergiyenko i gcomhar go gníomhach le hoifigigh faisnéise na Rúise agus é ag iarraidh leas a bhaint as an rochtain phribhléideach pharlaiminteach agus pholaitiúil atá aige chun dochair don phróiseas polaitiúil daonlathach agus ord bunreachtúil Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine.

Dá bhrí sin, chuir Vladimir Vladimirowich Sergiyenko gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise chun feidhme, agus thacaigh sé leo, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den daonlathas, smacht reachta agus slándáil i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, trí pháirt dhíreach nó indíreach a ghlacadh i mbac a chur ar an bpróiseas daonlathach polaitiúil, nó tríd an bonn a bhaint den phróiseas sin.

16.12.2024

7.

Denis Alexandrovich SMOLYANINOV

(Rúisis: Денис Александрович СМОЛЯНИНОВ)

Coirnéal de GRU

Dáta breithe: 26.8.1976

Áit bhreithe: Chelyabinsk, APSS (Codhnaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Pasuimhir: 672904784466

Is coirnéal de chuid GRU é Denis Alexandrovich Smolyaninov a bhfuil speisialtóireacht in oibríochtaí síceolaíochta aige. Tá sé i gceannas ar an stiúradh Úcránach de GRU. Liostaí na n-amhas atá le seoladh chuig an Donbas tríd an stiúradh Úcránach. Rinne sé maoirseacht freisin ar dhá chuideachta mhíleata phríobháideacha a bhfuil baint acu leis an Aireacht Cosanta: Longifolia, ar cuideachta mhíleata a thugann na cinn choireachta ó na 1990idí le chéile í, trínar bunaíodh teagmhálacha le cuideachtaí míleata príobháideacha an Iarthair, agus Convoy, an chuideachta slándála míleata. Go gairid roimh ionradh na Rúise ar an Úcráin, d’imscar sé líonra gníomhairí san Úcráin. Tá cainéil Telegram á n-úsáid aige, lena n-áirítear san Úcráin, chun bréagaisnéis a scaipeadh. Trí na meáin shóisialta, earcaíonn sé gníomhairí le haghaidh gníomhaíochtaí sabaitéireachta san Aontas agus gníomhaíochtaí eile darb aidhm teannas a chruthú idir tíortha ECAT.

Tá GRU freagrach as pléascanna, coirloscadh agus damáiste don bhonneagar ar chríoch an Aontais a ullmhú go gníomhach, agus é mar aidhm aige moill a chur ar sholáthar na n-arm chuig an Úcráin agus easaontas agus míshástacht i leith na tacaíochta a thugann an Eoraip don Úcráin a chruthú.

Dá bhrí sin, tá Denis Alexandrovich Smolyaninov freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme, as tacú leo nó as tairbhe a bhaint astu, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht nó slándáil san Aontas nó i dtríú tíortha, nó ar bagairt iad ar an gcobhsaíocht agus ar an tslándáil sin, trí ghníomhartha foréigin a phleanáil agus a stiúradh, agus trí úsáid ionramhála agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis a éascú.

16.12.2024

8.

Vladimir/ Volodymyr LIPCHENKO

(Rúisis: Володимир ЛИПЧЕНКО)

Oifigeach de GRU

Dáta breithe: 28.9.1974

Áit bhreithe: Mykolaiv, PPS na hÚcráine (an Úcráin anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Pasuimhir: 4015400649

Is oifigeach de chuid GRU é Vladimir Lipchenko atá freagrach as ionsaithe hibrideacha a dhéanamh san Eoraip faoina ainm bréige “Wlodek Lyakh”. Is cuid de roinn speisialta atá faoi stiúir Choirnéal GRU Denis Alexandrovich Smolyaninov é, roinn a bunaíodh chun gníomhaíochtaí sabaitéireachta a dhéanamh i dtíortha an Iarthair. Thug sé ar duine Músaem na Forghabhála i Ríge a chur trí thine trí mhanglaim Molotov a chaitheamh.

Dá bhrí sin, tá Vladimir Lipchenko freagrach as gníomhaíochtaí de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise nó as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí iad lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht nó slándáil san Aontais, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, trí ghníomhartha foréigin a phleanáil agus a stiúradh.

16.12.2024

9.

Yuriy SIZOV

(Rúisis: Юрий СИЗОВ)

Oifigeach míleata de GRU

Dáta breithe: 17.2.1988

Áit bhreithe: Cathair Pheadair, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Pasuimhir: 784805190577

Is oifigeach míleata de chuid GRU é Yuriy Sizov. Feidhmíonn sé in aonad míleata Uimh. 92154. Thug sé treoracha go pearsanta chun ghníomhairí a earcú le díriú ar hipearmhargadh i gCív agus thaifead sé físeán teagaisc maidir le gaireas pléascach a shuiteáil i gceann de na siopaí sa slabhra céanna i réigiún Mhoscó. Eisean a bhí freagrach freisin as sabaitéireacht a eagrú san Úcráin i réigiún Lviv i mí Feabhra 2024. Rinne sé maoirseacht ar ghníomhairí faisnéise na Rúise a raibh baint acu leis an ngníomhaíocht sabaitéireachta a bhí beartaithe agus thug sé orduithe dóibh.

Dá bhrí sin, tá Yuriy Sizov freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme, as tacú leo nó as tairbhe a bhaint astu, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht agus slándáil san Aontais nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, trí ghníomhartha foréigin a phleanáil agus a stiúradh.

16.12.2024

10.

Visa Nokhayevich MIZAEV

(Виса Нохаевич МИЗАЕВ)

ar a dtugtar freisin

Vishan Nochaevic MIZAYEV;

Vysa Nokhaevich MIZAEV;

Visa Nokhaievych MIZAIEV;

Oleg SHISHKIN

Fiontraí

Dáta breithe: 9.7.1963

Áit bhreithe: Grozny, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Pasuimhir 753870064 (Cónaidhm na Rúise)

Pasuimhir PRE0018440 (Cónaidhm San Críostóir-Nimheas);

Uimhir Aitheantais Chánach (INN): 481101523410

Is fiontraí Rúiseach é Visa Nokhayevich Mizaev. Bhí ról lárnach aige in oibríocht faisnéise Rúiseach i gcoinne Sheirbhís Faisnéise Cónaidhme na Gearmáine (BND) inar ghríosaigh sé a chuid comhchoirithe faisnéis ard-rúnaicmithe a fháil ó BND agus í a chur ar aghaidh chuig Seirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB) í.

Dá bhrí sin, cuireannVisa Nokhayevich Mizaev gníomhaíochtaí de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise chun feidhme, agus tacaíonn sé leo, ar gníomhaíochtaí iad lena mbaintear an bonn den tslándáil i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, trí iarracht a dhéanamh an t-ord bunreachtúil a dhíchobhsú.

16.12.2024

11.

Olga Alekseevna BELYAVTSEVA

(Ольга Алексеевна БЕЛЯВЦЕВА)

ar a dtugtar freisin

Olha Oleksiyivna BIELIAVTSEVA;

Olga Alekseevna BELJIAWZEWA;

Olga Aleksevna MIZAEV

Fiontraí

Dáta breithe: 25.10.1969

Áit bhreithe: Lipetsk, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Pasuimhir 768613166 (Cónaidhm na Rúise)

Uimhir Aitheantais Chánach (INN): 481100083621

Is fiontraí Rúiseach í Olga Alekseevna Belyavtseva. Is í bean chéile agus comhpháirtí gnó Visa Nokhayevich Mizaev. Tá baint aici le Visa Nokhayevich Mizaev mar gur leosan beirt an dá Chuideachta Dliteanais Theoranta “OOO Agronom-sad” agus “OOO Biplast” atá lonnaithe sa Rúis. Is í a bhunaigh na cuideachtaí sin agus ba í an t-aon scairshealbhóir í sular aistrigh sí 30 % de scaireanna an dá chuideachta tar éis di Visa Mizaev a phósadh in 2018. Thairis sin, bhí socrú comhchosúil úinéireachta ag Belyavtseva agus Mizaev maidir leis an gcuideachta Agronom-Sad Trading sular dhíol Mizaev a scaireanna le Belyavtseva an 22 Feabhra 2023 i nasc sealadach díreach le rannpháirtíocht Visa Mizaev in oibríocht faisnéise na Rúise i gcoinne Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, rud a thug leachtacht bhreise do Mizaev agus a cheil a bhonn sócmhainní.

Dá bhrí sin, tacaíonn Olga Alekseevna Belyavtseva le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá páirteach i ngníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí iad lena mbaintear an bonn den tslándáil Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tá baint aici freisin le Visa Nokhayevich Mizaev.

16.12.2024

12.

Timofey Vyacheslavovich BORDACHEV

(Rúisis: Тимофей Вячеславович БОРДАЧЕВ)

Eolaí polaitiúil

Dáta breithe: 28.1.1973

Áit bhreithe: Cathair Pheadair, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is eolaí polaitiúil Rúiseach agus speisialtóir gnóthaí idirnáisiúnta é Timofey Vyacheslavovich Bordachev. Is é an Stiúrthóir Cláir é ar Chlub Plé Valdai, is é an Maoirseoir Acadúil é ar an Lárionad um Staidéar Cuimsitheach Eorpach agus Idirnáisiúnta san Ollscoil Náisiúnta Taighde — Ardscoil Eacnamaíochta, agus tá sé ina chomhalta den Chomhairle um Beartas Eachtrach agus Cosanta.

Trí na gníomhaíochtaí a dhéanann sé, cuireann sé go mór le bonn idé-eolaíoch agus cuíchóiriú chogadh foghadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus le beartais ionsaitheacha na Creimile, lena n-áirítear tríd an tuairim a chur chun cinn nach stát ná rialtas dlisteanach í an Úcráin.

Dá bhrí sin, tá Timofey Vyacheslavovich Bordachev freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise lena mbaintear an bonn de cheannasacht nó neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, trí pháirt a ghlacadh in úsáid ionramhála agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis agus tacú léi sin.

16.12.2024

13.

Harouna Douamba

Fear gnó, stiúrthóir Groupe Panafricain pour le Commerce et l’investissement

Dáta breithe: 8.1.1973

Áit bhreithe: Cocody, an Cósta Eabhair

Náisiúntacht: duine as an gCósta Eabhair

Inscne: fireann

Is fear gnó as an gCósta Eabhair é Harouna Douamba, agus is é ceann líonra bréagaisnéise frith-Iarthair pró-Rúiseach i bPoblacht na hAfraice Láir agus i mBuircíne Fasó é.

In 2011, bhunaigh Douamba eagraíocht neamhrialtasach darb ainm Aimons Notre Afrique (ANACOM) i bPoblacht na hAfraice Láir. Fuair an eagraíocht sin cistiú ó Lobaye Invest, ag a raibh baint le Grúpa Wagner. In 2022, bhunaigh Harouna Douamba Groupe Panafricain pour le Commerce et l’Investissement (GPCI) i mBuircíne Fasó. Bhí baint ag GPCI le hoibríochtaí tionchair ceilte.

Dhíchóimeáil Meta líonraí bréagaisnéise Harouna Douamba i mí na Bealtaine 2021, agus arís ina dhiaidh sin i mí na Bealtaine 2023. Ina ainneoin sin, tá grúpaí bréagaisnéise a bhaineann le GPCI fós gníomhach agus tá feachtais bhréagaisnéise struchtúrtha chomhordaithe á reáchtáil acu, agus úsáid á baint acu as líonra ollmhór slabhraí faisnéise. Díríonn na feachtais sin ar an bhFrainc go háirithe, lena n-áirítear trí líomhaintí comhcheilge, sceimhlitheoireachta, oibríochtaí díchobhsaithe nó trí coups a ullmhú i gcoinne an Aontais nó a Bhallstát.

Dá bhrí sin, tá Harouna Douamba ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise, agus á gcur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den daonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht nó slándáil i mBallstát nó i dtríú tír, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, trí úsáid ionramhála agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis a phleanáil nó a stiúradh, nó páirt dhíreach nó indíreach a ghlacadh inti, agus tacú léi nó í a éascú ar bhealach eile.

16.12.2024

▼M4

14.

Anatolii PRIZENKO

Fear gnó

Dáta breithe: 26.11.1974

Áit bhreithe: Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Moldóive (Poblacht na Moldóive anois)

Náisiúntacht: Moldóvach

Inscne: fireann

Is fear gnó i bPoblacht na Moldóive é Anatolii Prizenko. Ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2023, chomhordaigh sé roinnt saoránach de chuid Phoblacht na Moldóive a chur chun na Fraince, áit ar phéinteáil siad Réalta Dháiví ar na sráideanna agus íocadh iad as sin a dhéanamh. Thuairiscigh na meáin an oibríocht sin go forleathan agus bhí éifeacht dhíchobhsaitheach shuntasach aici i gcomhthéacs na coinbhleachta idir Iosrael agus Hamas tar éis na n-ionsaithe an 7 Deireadh Fómhair 2023. Scaip an líonra meán Recent Reliable News íomhánna den oibríocht sin ar dtús, líonra a bhfuil baint aige le Rialtas Chónaidhm na Rúise agus a úsáideann gníomhaithe na Rúise chun feachtais bhréagaisnéise a stiúradh.

Ghlac Anatolii Prizenko freagracht go poiblí as an oibríocht sin a eagrú. De réir tuairiscí sna meáin, rinneadh an oibríocht dhíchobhsaitheach sin ar mhaithe le seirbhís faisnéise míleata na Rúise, GRU, agus bhí mar aidhm aici teannas a spreagadh i sochaí na Fraince.

Dá bhrí sin, tá Anatolii Prizenko freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme, as tacú leo nó as tairbhe a bhaint astu, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht i mBallstát agus, dá bhrí sin, san Aontas, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, trí úsáid ionramhála agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis a phleanáil, a stiúradh nó páirt dhíreach nó indíreach a ghlacadh inti.

16.12.2024

▼M1

15.

Alesia MILORADOVICH nó Alesya MILORADOVICH nó Olesya MILORADOVIC

Алеся МИЛОРАДОВИЧ nó Олеся МИЛОРАДОВИЧ

Fostaí de chuid Rialtas na Rúise,

“Éascaitheoir Gnóthaí Eachtracha”

Ball comhlach den tionscadal “Iriseoirí eachtracha don Rúis” (“Иностраные журналисты за Росисг”)

Dáta breithe: 10.3.1968

Áit bhreithe: Angarsk, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Is comhoibritheoir de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise sa Fhrainc í Alesya Miloradovich, agus tugann sí “éascaitheoir gnóthaí eachtracha” uirthi féin.

D’eagraigh Alesya Miloradovich misean “breathnóireacht toghcháin”, mar a ghairtear de, i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach ag an Rúis, i gcomhthéacs an reifrinn maidir le hionghabháil na réigiún sin chun na Rúise, agus d’earcaigh sí náisiúnaigh de chuid na Fraince a ghlac páirt sa mhisean. D’admhaigh sí go poiblí go ndearna sí é seo ar mhaithe le Rialtas na Rúise.

Bhí sí ar dhuine de na daoine a d’eagraigh turas ar ar tugadh leanaí Francacha chuig Ionad Idirnáisiúnta Leanaí Artek sa Chrimé, a ionghabhadh go neamhdhleathach arb é Cónaidhme na Rúise a chistigh é. Bhí páirt aici freisin sa tionscadal bolscaireachta Rúiseach “Foreign journalists for Russia” [Iriseoirí eachtracha don Rúis] agus ghlac sí páirt i dtuairimí a scaipeadh ar son na Rúise, lena n-áirítear trína mhaíomh go dtacaíonn sochaí na Fraince agus sochaí an Iarthair leis na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh ag an Rúis i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá Alesya Miloradovich freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme, as tacú leo nó as tairbhe a bhaint astu, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den daonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht nó slándáil i dtríú tír, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, trí phleanáil, striúradh agus páirt dhíreach nó indíreach a ghlacadh maidir le bac a chur ar an bpróiseas daonlathach polaitiúil nó tríd an bonn a bhaint den phróiseas sin, nó an méid sin a éascú ar bhealach eile, lena n-áirítear trí iarracht a dhéanamh ord bunreachtúil an tríú tír sin a dhíchobhsú

16.12.2024

16.

Oleg Sergeevich EREMENKO

(Rúisis: Олег Сергеевич ЕРЕМЕНКО)

Ionadaí de chuid Officers of Russia, iar-oifigeach de chuid GRU

Dáta breithe: 18.5.1978

Áit bhreithe: Bischkek, PSS na Cirgeastáine (an Chirgeastáin anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: Fireann

Is iar-oifigeach de chuid GRU é Oleg Sergeevich Eremenko agus is comhalta gníomhach é de ghrúpaí tionchair Rúiseacha éagsúla. Go sonrach, is comhalta é de chuid “Officers of Russia”, eagraíocht a úsáideann seirbhísí míleata agus slándála na Rúise chun tionchar a imirt ar an bpolaitíocht intíre trí naisc a chothú le hiarshaighdiúirí i measc dhiaspóra na Rúise agus le pearsanra míleata agus slándála atá ar scor as na hiarfhórsaí armtha a bhíodh i gcomhghuaillíocht leis an Aontas Sóivéadach, arb é a bpríomhionadaí sa Ghearmáin. Sa cháil sin, tá Oleg Sergeevich Eremenko comhlachaithe leis na heintitis seo a leanas atá ainmnithe ag an Aontas: Rossotrudnitschestvo,– oibreoir “Teach na Rúise” i mBeirlín, agus an Grúpa Wagner. Ina cháil mar thoscaire ar fhearas slándála stáit na Rúise, bíonn naisc á gcothú ag Oleg Sergeevich Eremenko le heagraíochtaí frithdhaonlathacha sa Ghearmáin agus bíonn sé ag tacú leo. Tá dlúthbhaint aige le grúpaí frithdhaonlathacha i bhfad amach ar an eite chlé agus le grúpaí d’iarphearsanra as seirbhísí slándála neamhdhleathacha GDR agus le hiarshaighdiúirí de chuid foirmíochtaí míleata GDR, mar shampla Desant e.V., comhlachas pró-Rúiseach d’iar-pharatrúipéirí.

Dá bhrí sin, tá Oleg Sergeevich Eremenko ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais de chuid rialtas Chónaidhm na Rúise lena mbaintear an bonn den daonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht nó slándáil i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáines; nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, lena n-áirítear trí iarracht a dhéanamh a hord bunreachtúil a dhíchobhsú.

16.12.2024

▼M3

17.

Alik Yuryevich KHUCHBAROV

Alik Yuryevich HUCHBAROV

Alik HUTŠBAROV

(Rúisis: Алик Юрьевич ХУЧБАРОВ)

Feidhm: Oibrí de chuid GRU

Dáta breithe: 12.11.1992

Náisiúntacht: Rúiseach, Eastónach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais chánach: 601515903509

Bhí Alik Khuchbarov freagrach as oibríocht san Eastóin a phleanáil agus a ullmhú ina ndearnadh damáiste do mhaoin pearsana poiblí a labhair amach in aghaidh chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, agus ina ndearnadh séadchomharthaí a bhaineann leis an Dara Cogadh Domhanda a aghlot. Agus an méid sin á dhéanamh aige, bhí sé ag gníomhú faoi stiúir agus chun leasa ghníomhaireacht faisnéise míleata eachtraí na Rúise, agus arna iarraidh sin di, chun déantóirí ciona a earcú chun na hionsaithe a dhéanamh. Díríodh ar fheithiclí Aire Gnóthaí Baile na hEastóine agus phríomheagarthóir nuachtán Rúisise sna hionsaithe. D’éirigh le seirbhísí slándála na hEastóine cosc a chur ar ionsaithe breise ar phearsana poiblí eile. Ina theannta sin, rinneadh roinnt leachtanna cuimhneacháin cogaidh a aghlot, caitheadh péint orthu agus tarraingíodh svaisticí orthu. Ba é cuspóir na hoibríochta faitíos, scaoll, agus teannas a chruthú san Eastóin agus na daoine sin a bhíodh ag cáineadh ghníomhaíochtaí agus bheartas na Rúise a imeaglú. Mar ghníomhaire i líonra GRU, tá Alik Khuchbarov freagrach as gníomhaíochtaí de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme ar gníomhaíochtaí iad lena mbaintear an bonn den daonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht nó slándáil i mBallstát, trí ghníomhartha foréigin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí chun daoine a cháineann gníomhaíochtaí nó beartais Chónaidhm na Rúise a chur ina dtost, a imeaglú, a chomhéigniú, agus chun díoltas beacht a dhéanamh orthu, a phleanáil agus a stiúradh.

20.5.2025

18.

Ilya Sergeevich BOCHAROV

Ilja BOTŠAROV

(Rúisis: Илья Сергеевич БОЧАРОВ)

Feidhm: Oibrí de chuid GRU

Dáta breithe: 29.6.1991

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais chánach: 561410364291

Bhí Ilya Bocharov freagrach as oibríocht san Eastóin a phleanáil agus a ullmhú ina ndearnadh damáiste do mhaoin pearsana poiblí a labhair amach in aghaidh chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, agus ina ndearnadh séadchomharthaí a bhaineann leis an Dara Cogadh Domhanda a aghlot. Agus an méid sin á dhéanamh aige, bhí sé ag gníomhú faoi stiúir agus chun leasa ghníomhaireacht faisnéise míleata eachtraí na Rúise (GRU), agus arna iarraidh sin di, chun déantóirí ciona a earcú chun na hionsaithe a dhéanamh. Díríodh ar fheithiclí Aire Gnóthaí Baile na hEastóine agus phríomheagarthóir nuachtán Rúisise sna hionsaithe. D’éirigh le seirbhísí slándála na hEastóine cosc a chur ar ionsaithe breise ar phearsana poiblí eile. Ina theannta sin, rinneadh roinnt leachtanna cuimhneacháin cogaidh a aghlot, caitheadh péint orthu agus tarraingíodh svaisticí orthu. Ba é cuspóir na hoibríochta faitíos, scaoll, agus teannas a chruthú san Eastóin agus na daoine sin a bhíodh ag cáineadh ghníomhaíochtaí agus bheartas na Rúise a imeaglú. Mar ghníomhaire i líonra GRU, tá Ilya Bocharov freagrach as gníomhaíochtaí de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme ar gníomhaíochtaí iad lena mbaintear an bonn den daonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht nó slándáil i mBallstát, trí ghníomhartha foréigin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí chun daoine a cháineann gníomhaíochtaí nó beartais Chónaidhm na Rúise a chur ina dtost, a imeaglú, a chomhéigniú, agus chun díoltas beacht a dhéanamh orthu, a phleanáil agus a stiúradh.

20.5.2025

19.

Elena KOLBASNIKOVA

(Rúisis: Елена КОЛБАСНИКОВА)

Náisiúntacht: Úcráineach, Rúiseach

Dáta breithe: 20.3.1975

Áit bhreithe: Dnipro, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hÚcráine (an Úcráin anois)

Inscne: baineann

Is náisiúnach Rúiseach í Elena Kolbasnikova a bhfuil dlúthnaisc aici le Rossotrudnitschestwo, eintiteas stáit Rúiseach, agus a fhaigheann tacaíocht airgeadais ón eintiteas sin. Bhunaigh Kolbasnikova struchtúir pholaitiúla le heite dheis fhrithdhaonlathach na Gearmáine mar thacú leis an díchobhsú a bhíonn á dhéanamh ag an Rúis ar an Úcráin. Gearradh pianbhreith uirthi as fuathchaint i gcúirt céime deiridh sa Ghearmáin tar éis di an bonn bhaint de cheannasacht na hÚcráine agus institiúidí phoiblí na Gearmáine a cháineadh. Tá imscrúduithe coiriúla ar siúl maidir lena tacaíocht do na scarúnaithe i réigiún Donbas le crua-earraí míleata, trí bhíthin imeachtaí tiomsaithe airgid agus trí chúnamh a chur ar fáil do ghrúpaí scarúnaíochta. Ar a bharr sin, chuir Kolbasnikova chun cinn gníomhartha foréigneacha a rinne a fear céile, Rostislav Teslyuk, i gcoinne frith-léiritheoirí agus d’eagraigh sí railithe carranna chun mionaoisigh Úcránacha a bhí ag lorg tearmainn sa Ghearmáin a imeaglú.

Dá bhrí sin, tacaíonn sí le gníomhaíochtaí de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise, ar gníomhaíochtaí iad lena mbaintear an bonn den daonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht nó slándáil i mBallstát trí ghníomhaíochtaí arb é is cuspóir leo an bonn a bhaint den phróiseas polaitiúil daonlathach sa Ghearmáin. Tacaíonn sí freisin le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag Rialtas Chónaidhm na Rúise lena mbaintear an bonn de shlándáil tríú tír (an Úcráin), trí choinbhleacht armtha a thionscnamh nó a éascú, rud a dhéantar trí thacú le gluaiseachtaí scarúnaíocha san Úcráin.

Tá baint ag Elena Kolbasnikova le Rostislav Teslyuk agus tá iarrachtaí déanta acu go comhpháirteach an Úcráin a dhíchobhsú trí na gníomhaíochtaí atá déanta acu.

20.5.2025

20.

Hüseyin DOGRU

Seoladh: Kavacık Mahallesi, Fatih Sultan Mehmet Caddesi, Tonoglu Block No.: 3, Beykoz, Iostanbúl, an Tuirc

Náisiúntacht: Turcach

Inscne: fireann

Is é Hüseyin Doğru bunaitheoir agus ionadaí AFA Medya A.Ș., cuideachta meán atá lonnaithe in Iostanbúl. Oibríonn AFA Medya A.Ș. RED, atá comhdhéanta de roinnt ardán meán agus a bhfuil dlúthnaisc airgeadais agus eagraíochtúla aige le heintitis bholscaireachta stáit na Rúise agus le gníomhaithe bolscaireachta stáit na Rúise agus roinneann sé naisc struchtúracha dhoimhne lena n-áirítear idirnaisc idir pearsanra aonair agus uainíocht pearsanra aonair le heagraíochtaí meán stáit na Rúise.

Bhain RED úsáid as a ardáin meán – agus é ag foilsiú go minic faoi “redstreamnet” nó “theredstream” – chun faisnéis bhréagach a scaipeadh go córasach maidir le hábhair atá conspóideach go polaitiúil d’fhonn easaontas eitneach, polaitiúil agus reiligiúnach a chruthú i measc a spriocphobail, ar Gearmánaigh iad den chuid is mó, lena n-áirítear trí insintí grúpaí sceimhlitheoireachta radacacha Ioslamacha, mar shampla Hamas, a scaipeadh.

Le linn forghabháil fhoréigneach ar ollscoil sa Ghearmáin arna déanamh ag lucht círéibe frith-Iosrael, rinne pearsanra RED comhordú leis na háititheoirí chun íomhánna dá loitiméireacht a scaipeadh – inar baineadh úsáid as siombailí Hamas – trína gcainéil ar líne, rud a chuir ardán eisiach meán ar fáil dóibh agus a d’éascaigh cineál foréigean na hagóide.

Dá bhrí sin, trí AFA Medya, tacaíonn Hüseyin Doğru le gníomhaíochtaí Rialtas Chónaidhm na Rúise lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht agus den tslándáil san Aontas agus i gceann amháin nó roinnt dá Bhallstáit nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, lena n-áirítear trí thacú go hindíreach le léirsithe foréigneacha agus iad a éascú agus trí ionramháil chomhordaithe ar fhaisnéis a dhéanamh.

20.5.2025

21.

Yulia Sergeevna PROKHOROVA

(Rúisis: Юлия Сергеевна ПРОХОРОВА)

Náisiúntacht: Rúiseach

Dáta breithe: 18.2.1992

Seoladh: Cónaidhm na Rúise, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Landshut, Bavaria, an Ghearmáin, roimhe seo

Inscne: baineann

Is saoránach Rúiseach í Yulia Prokhorova. Bhí sí ina cónaí sa Ghearmáin go dtí 2024. Tá feachtas ag Yulia Prokhorova ar na meáin shóisialta inar chuir sí chun cinn cur amú fuinnimh d’aon ghnó sa Ghearmáin mar thacú le cogadh foghach na Rúise. Ag an am céanna, scaipeann sí mífhaisnéis ar mheáin stáit na Rúise maidir leis an soláthar fuinnimh, an smacht reatha agus dídeanaithe ón Úcráin sa Ghearmáin.

Ina theannta sin, rinne Yulia Prokhorova dídeanaithe ón Úcráin san Eoraip a imeaglú trí bhíthin ionsaithe poiblí agus cineálacha eile ciaptha, a thaifead sí agus a scaip sí ar líne.

Dá bhrí sin, tacaíonn Yulia Prokhorova le gníomhaíochtaí agus beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn den daonlathas, den smacht reatha, den chobhsaíocht nó den tslándáil san Aontas nó i gceann amháin dá Bhallstáit, trí thabhairt faoi ionramháil agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis agus trína bheith ag tacú go hindíreach le gníomhaíochtaí atá dírithe ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus seirbhísí atá chun leas an phobail.

20.5.2025

22.

Rostislav TESLYUK

(Rúisis: Ростислав ТЕСЛЮК)

ar a dtugtar freisin

Max SCHLUND

(Rúisis: Макс ШЛУНД)

Náisiúntacht: Rúiseach

Dáta breithe: 23.4.1982

Áit bhreithe: Moscó

Inscne: fireann

Is náisiúnach Rúiseach é Rostislav Teslyuk a bhfuil dlúthnaisc aige le Rossotrudnitschestwo, eintiteas stáit Rúiseach, agus a fhaigheann tacaíocht airgeadais ón eintiteas sin. Bhunaigh Rostislav Teslyuk struchtúir pholaitiúla le heite dheis fhrithdhaonlathach na Gearmáine chun tacú leis an díchobhsú a bhíonn á dhéanamh ag an Rúis ar an Úcráin. Tá imscrúduithe coiriúla fós ar siúl maidir lena thacaíocht do na scarúnaithe i réigiún Donbas le crua-earraí míleata. Rinne Teslyuk gníomhartha foréigneacha i gcoinne frith-léirsitheoirí agus d’eagraigh sé railithe carranna in éineacht le Elena Kolbasnikova chun mionaoisigh Úcránacha a bhí ag lorg tearmainn sa Ghearmáin a imeaglú.

Dá bhrí sin, tacaíonn sé le gníomhaíochtaí de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise ar gníomhaíochtaí iad lena mbaintear an bonn den daonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht nó slándáil i mBallstát (an Ghearmáin) trí ghníomhaíochtaí arb é is cuspóir leo an bonn a bhaint den phróiseas polaitiúil daonlathach sa Ghearmáin. Tá sé freagrach freisin as gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag Rialtas Chónaidhm na Rúise lena mbaintear an bonn de shlándáil tríú tír (an Úcráin), trí choinbhleacht armtha a thionscnamh nó a éascú, rud a dhéanann sé trí thacú le gluaiseachtaí scarúnaíocha san Úcráin.

Tá baint ag Rostislav Teslyuk le Elena Kolbasnikova atá faoi réir bearta sriantacha agus tá iarrachtaí déanta acu go comhpháirteach an Úcráin a dhíchobhsú trí na gníomhaíochtaí atá déanta acu.

20.5.2025

23.

Alina LIPP

Feidhm: comhfhreagraí cogaidh

Dáta breithe: 17.9.1993

Áit bhreithe: Hamburg

Náisiúntacht: Gearmánach

Inscne: baineann

Tá blag ag Aline Lipp dar teideal “Neues aus Russland”, blag ina scaipeann sí go córasach mífhaisnéis faoi chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus ina ndéanann sí rialtas na hÚcráine a dhídhlisteanú, go háirithe d’fhonn dul i gcion ar mheon phobal na Gearmáine i leith na tacaíochta a thugann siad don Úcráin.

Ina theannta sin, tá a ról mar chomhfhreagraí cogaidh de chuid fhórsaí armtha na Rúise in oirthear na hÚcráine á úsáid aici chun bolscaireacht chogaidh na Rúise a scaipeadh. Bíonn sí le feiceáil go rialta ar chláracha siamsaíochta agus bolscaireachta do thrúpaí ar an gcainéal teilifíse míleata Rúiseach Zvezda.

Dá bhrí sin, tá Alina Lipp ag dul i mbun gníomhaíochtaí de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise, agus tacaíonn sí leo, ar gníomhaíochtaí iad lena mbaintear an bonn den tslándáil agus den chobhsaíocht san Aontas agus i dtríú tír (an Úcráin) trí úsáid a bhaint as ionramháil agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis, agus trí choinbhleacht armtha a éascú i dtríú tír.

20.5.2025

24.

Viktor Volodymyrovych MEDVEDCHUK

(Úcráinis: Віктор Володимирович МЕДВЕДЧУК)

(Rúisis: Виктор Владимирович МЕДВЕДЧУК)

Feidhm: Polaiteoir, pearsa gnó, úinéir meán de facto

Dáta breithe: 7.8.1954

Áit bhreithe: Pochet, Krasnoyarskyi Krai, Poblacht Shóisialach Chónaidhme na Rúise, APSS

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Seoladh: Moscó

Uimhir Aitheantais Chánach Úcránach (Код ДРФО): 1994214296 (neamhní)

Is iarpholaiteoir agus iarphearsa gnó de chuid na hÚcráine é Viktor Medvedchuk, a bhí ar an bpríomhthacadóir do bheartas ar son na Rúise san Úcráin agus a chuir beartais agus gníomhaíochtaí chun cinn arb é is aidhm dóibh inchreidteacht agus dlisteanacht Rialtas na hÚcráine a scriosadh. Tá dlúthcheangal pearsanta ag Viktor Medvedchuk le hUachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin, agus tá baint aige leis.

Agus cabhair aige óna chomhlaigh, Artem Marchevskyi ina measc, rialaigh Viktor Medvedchuk eagraíochtaí meán na hÚcráine agus d’úsáid sé iad chun bolscaireacht ar son na Rúise a scaipeadh san Úcráin agus níos faide i gcéin. Tar éis thús chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, scaip Viktor Medvedchuk insintí bolscaireachta na Rúise faoin gcogadh, rud a bhain an bonn de cheannasacht na hÚcráine. Chuige sin, i mí Aibreáin 2023 bhunaigh Viktor Medvedchuk gluaiseacht pholaitiúil dar teideal “Another Ukraine” sa Rúis.

I dteannta a chomhpháirtithe agus a eintitis chomhlachaithe, Artem Marchevskyi agus an cainéal meán Voice of Europe san áireamh, agus i ndlúthchomhar le húdaráis na Rúise, leanann Viktor Medvedchuk de mhaoiniú a thabhairt do pháirtithe polaitiúla agus do pholaiteoirí aonair san Eoraip agus d’oibríochtaí tionchair a dhéanamh a bhfuil dírithe orthu. Bhí sé d’aidhm leis na gníomhaíochtaí sin tacaíocht a thabhairt do leasanna bheartas eachtrach Chónaidhm na Rúise agus an tionchar a bhaineann leis a scaipeadh, lena n-áirítear roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2024. Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin acmhainní airgeadais a chur ar fáil do ghníomhaithe polaitiúla aonair san Eoraip, ina measc, iarrthóirí a bhí roghnaithe do thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, agus le haghaidh comhar le hiriseóirí. Threoraigh agus choinnigh Viktor Medvedchuk smacht ar ghníomhaíochtaí urchóideacha Artem Marchevskyi agus Voice of Europe, agus úsáid á baint aige as an treoir de facto a thugann Artem Marchevskyi do Voice of Europe.

Dá bhrí sin, tá Viktor Medvedchuk freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme, as tacú leo nó as tairbhe a bhaint astu, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den daonlathas agus den chobhsaíocht san Aontas agus i dtríú tír nó ar bagairt iad ar an méid sin, agus lena mbaintear an bonn de cheannasacht nó de neamhspleáchas roinnt Ballstát an Aontais agus na hÚcráine, trína bheith páirteach sa bhac ar an bpróiseas polaitiúil daonlathach nó an bonn a bhaint de, agus an méid sin a phleanáil, a stiúradh agus a éascú ar bhealach eile, lena n-áirítear toghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2024, agus trína bheith páirteach in ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis, agus an méid sin a phleanáil agus a stiúradh.

20.5.2025

25.

Artem Pavlovich MARCHEVSKYI

Artem Pavlovich MARCHEVSKIJ

Artem Pavlovich MARCHEVSKIY

Artěm Pavlovič MARČEVSKIJ

(Úcráinis: Артем Павлович МАРЧЕВСЬКИЙ)

(Rúisis: Артем Павлович МАРЧЕВСКИЙ)

Feidhm: Polaiteoir, léiritheoir meán, bolscaire

Dáta breithe: 5.7.1988

Áit bhreithe: Cív, Poblacht Shóisialach Chónaidhme na hÚcráine, APSS, (an Úcráin anois)

Náisiúntacht: Úcránach, Iosraelach

Inscne: fireann

Seoladh: Hovorčovická 1079, 250 65 Líbeznice, Poblacht na Seice

Uimhir Aitheantais Chánach Úcránach (Код ДРФО): 3232824038

Is iarpholaiteoir Úcránach é Artem Marchevskyi a bhfuil dlúthcheangal aige le Viktor Medvedchuk, ar iarpholaiteoir Úcránach agus pearsa gnó é a bhfuil dlúthnaisc aige le Rialtas Chónaidhm na Rúise. De bhua a ról sa pháirtí “Opposition Platform – For Life” [Ardán Freasúra - Ar feadh an tSaoil], páirtí atá ar son na Rúise, agus sa chainéal teilifíse atá bainteach le bolscaireacht atá ar son na Rúise, thacaigh Artem Marchevskyi le Viktor Medvedchuk agus thug sé cúnamh dó ó 2018 go 2021. Lean Artem Marchevskyi agus Viktor Medvedchuk de bheith ag comhordú tar éis dóibh beirt an Úcráin a fhágáil nuair a thosnaigh an Rúis a hionradh uirthi in 2022. Threoirigh agus rialaigh Viktor Medvedchuk gníomhaíochtaí Artem Marchevskyi lena n-éascófaí forbairt a dhéanamh ar líonra tionchair Viktor Medvedchuk san Aontas agus a Bhallstáit.

Bhí ról ríthábhachtach ag Artem Marchevskyi maidir le bréagaisnéis chomhbheartaithe agus insintí claonta a scaipeadh arb é ba aidhm leo tacú le leasanna bheartas eachtrach Chónaidhm na Rúise agus a thionchar a scaipeadh, lena n-áirítear roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2024, tríd an bonn a bhaint d’íomhá phoiblí na hÚcráine agus dá hiarrachtaí í féin a chosaint ar chogadh foghach na Rúise. Bhí ról ríthábhachtach ag Artem Marchevskyi maidir le branda meán Voice of Europe a fháil agus a ghníomhaíochtaí a ionchorpú i gcuideachta den ainm céanna. Agus é ina cheannaire faoi cheilt ar “Voice of Europe”, bhain Artem Marchevskyi úsáid as an gcuideachta chun acmhainní airgeadais a threorú, ar acmhainní iad a ainmníodh chun luach saothair a thabhairt do bholscairí agus chun líonra tionchair a thógáil a nascann Artem Medvedchuk agus a chomhpháirtithe le hionadaithe páirtithe polaitiúla san Eoraip.

Dá bhrí sin, tá Artem Marchevskyi freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise lena mbaintear an bonn den daonlathas agus den chobhsaíocht san Aontas agus san Úcráin nó ar bagairt iad ar an méid sin, agus lena mbaintear an bonn de cheannasacht nó de neamhspleáchas roinnt Ballstát dá chuid agus na hÚcráine, trína bheith páirteach sa bhac ar an bpróiseas polaitiúil daonlathach nó an bonn a bhaint de, agus an méid sin a éascú ar bhealach eile, agus trína bheith páirteach in ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis, agus an méid sin a phleanáil agus a stiúradh.

20.5.2025

26.

Natallia SUDLIANKOVA

ar a dtugtar freisin

Natallia SUDLENKOVA

Natalia SUDLENKOVA

Natalia SUDLIANKOVÁ (ŠEVKOVÁ)

Natalija SUDLIANKOVÁ (ŠEVKOVÁ)

(Rúisis: Наталья СУДЛЕНКОВА (ШЕВКО))

Ar a dtugtar freisin

Natalyia KORNELYUK

(Rúisis: Наталья КОРНЕЛЮК)

Feidhm: Iriseoir, comhairleoir meán agus caidrimh phoiblí, comhordaitheoir

Dáta breithe: 9.6.1964

Áit bhreithe: an Bhealarúis

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Inscne: baineann

Seoladh: Borovanského 2381/22, 155 00 Prague, Poblacht na Seice

Doiciméid aitheantais: Doiciméad taistil: U0002974, bailí go dtí an 18.3.2031

Cead Cónaithe: 001631077, bailí go dtí an 13.3.2034

Is iriseoir agus comhairleoir meán agus caidrimh phoiblí í Natallia Sudliankova agus tá táirgí meán saincheaptha á ndéanamh aici lena n-áirítear ionramháil ar fhaisnéis agus scaipeadh insintí míthreoracha arb é is aidhm leo tacú le leasanna bheartas eachtrach Chónaidhm na Rúise agus arb é is aidhm leo an bonn a bhaint de mhuinín an phobail i leith luachanna agus próisis dhaonlathacha an Aontais agus na Seice. Tá obair á fháil ag Sudliankova ina leith sin le tamall fada agus tugtar cúiteamh airgeadais di.

Tá ról suntasach aici maidir le hionramháil chomhordaithe ar fhaisnéise atá beartaithe don phobal i bPoblacht na Seice agus i mBallstáit eile a phleanáil agus a threorú agus comhoibríonn sí le heintitis de chuid stát na Rúise (Rosatom, Pravfond), le heintitis a dhéanann ionadaíocht ar leasanna Chónaidhm na Rúise (Immortal Regiment of Russia), agus le Alexey Nikolayevich Shavrov, oifigeach de Phríomh-Stiúrthóireacht Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise (GRU).

Dá bhrí sin, tá Natallia Sudliankova freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise lena mbaintear an bonn den daonlathas agus den chobhsaíocht san Aontas agus san Úcráin nó ar bagairt iad ar an méid sin, agus lena mbaintear an bonn de cheannasacht nó de neamhspleáchas roinnt Ballstát dá chuid agus na hÚcráine, trí úsáid ionramhála ar fhaisnéis a phleanáil, a stiúradh agus páirt a ghlacadh inti.

20.5.2025

27.

Iurie NECULITI

(Rúisis: Юрие НЕКУЛИТИ)

Feidhm: Príomhoifigeach feidhmiúcháin Stark Industries

Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive

Inscne: fireann

Seoladh: 71-75 Shelton Street, Covent Garden, Londain, an Ríocht Aontaithe; Chisinau, Poblacht na Moldóive

Áit bhreithe: Bender, Poblacht na Moldóive

Tá Iurie Neculiti ina phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar Stark Industries Solutions Ltd., seirbhís óstála gréasáin atá cláraithe mar chuideachta poist sa Ríocht Aontaithe. Soláthraíonn an chuideachta óstáil freastalaithe agus tá suíomhanna freastalaithe aici ar fud an domhan.

Cuireann Stark ar chumas gníomhaithe éagsúla atá urraithe ag stát na Rúise agus atá cleamhnaithe leis gníomhaíochtaí díchobhsaitheacha a dhéanamh, lena n-áirítear ionramháil agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis agus cibirionsaithe i gcoinne an Aontais agus tríú tíortha trí sheirbhísí a sholáthar atá beartaithe chun na gníomhaíochtaí sin a cheilt ar ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus slándála na hEorpa.

Dá bhrí sin, ina cháil mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar Stark Industries Solutions Ltd., tá Neculiti ag tacú le gníomhaíochtaí de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise lena gcuirtear an daonlathas agus an smacht reachta, an chobhsaíocht nó an tslándáil san Aontas, i gceann dá Bhallstáit agus i dtríú tír, i mbaol trí ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis a éascú agus trí ghníomhaíochtaí a éascú atá dírithe ar fheidhmiú institiúidí daonlathacha, gníomhaíochtaí eacnamaíocha nó seirbhísí ar mhaithe le leas an phobail.

Tá baint ag Iurie Neculiti le Ivan Neculiti agus le Stark Industries.

20.5.2025

28.

Ivan NECULITI

(Rúisis: Иван НЕКУЛИТИ)

Feidhm: Úinéir Stark Industries agus PQ Hosting

Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive

Inscne: fireann

Seoladh: 71-75 Shelton Street, Covent Garden, Londain, an Ríocht Aontaithe; Chisinau, Poblacht na Moldóive

Áit bhreithe: Bender, an Mholdóiv

Tá Ivan Neculiti ina úinéir ar Stark Industries Solutions Ltd. seirbhís óstála gréasáin atá cláraithe mar chuideachta poist sa Ríocht Aontaithe. Soláthraíonn an chuideachta óstáil freastalaithe agus tá suíomhanna freastalaithe aici ar fud an domhan.

Cuireann Stark ar chumas gníomhaithe éagsúla atá urraithe ag stát na Rúise agus atá cleamhnaithe leis gníomhaíochtaí díchobhsaitheacha a dhéanamh, lena n-áirítear ionramháil agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis agus cibirionsaithe i gcoinne an Aontais agus tríú tíortha trí sheirbhísí a sholáthar atá beartaithe chun na gníomhaíochtaí sin a cheilt ar ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus slándála na hEorpa.

Tá baint ag Ivan Neculiti le Iurie Neculiti agus le Stark Industries.

Dá bhrí sin, agus é mar úinéir ar Stark Industries Solutions Ltd., tá Ivan Neculiti ag tacú le gníomhaíochtaí de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise lena gcuirtear an daonlathas agus an smacht reachta, an chobhsaíocht nó an tslándáil san Aontas, i gceann dá Bhallstáit agus i dtríú tír, i mbaol trí ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis a éascú agus trí ghníomhaíochtaí a éascú atá dírithe ar fheidhmiú institiúidí daonlathacha, gníomhaíochtaí eacnamaíocha nó seirbhísí ar mhaithe le leas an phobail.

20.5.2025

29.

Andrei KHARKOVSKY

(Rúiseach: Андрей ХАРКОВСКИЙ)

Feidhm: Príomhchomhalta de Cossack Warriors of Russia and Abroad (Aontas Fhorsaí Cosacach na Rúise agus na bhFórsaí Cosacach Eachtrach)

Náisiúntacht: Rúiseach

Áit bhreithe: Réigiún Tomsk, an Rúis

Inscne: fireann

Seoladh: An Ghearmáin

Saoránach de chuid na Rúise a bhfuil cónaí air sa Ghearmáin is ea Andrei Kharkovsky. Sa Ghearmáin, feidhmíonn Kharkovsky mar ionadaí ag Cossack Warriors of Russia and Abroad (Aontas Fhorsaí Cosacach na Rúise agus na bhFórsaí Cosacach Eachtrach), lena n-áirítear trí chruinnithe míleata a eagrú dá chomhaltaí. Is eintiteas é Aontas Fhorsaí Cosacach na Rúise agus na bhFórsaí Cosacach Eachtrach atá nasctha le Rialtas Chónaidhm na Rúise, agus a ghlacann páirt i gcogadh foghach na Rúise agus i ngníomhartha foréigin san Úcráin chun tacú le scarúnaithe atá ar son na Rúise faoi scáth “misean stairiúil” chun smacht na Rúise ar dheisceart agus oirthear na hÚcráine a athbhunú. Mar bhall d’Aontas Fhórsaí Cosacach na Rúise agus na bhFórsaí Cosacach Eachtrach, tá Kharkovsky ag dul i mbun gníomhartha foréigneacha

Dá bhrí sin, tá Andrei Kharkovsky ag tacú le gníomhaíochtaí Rialtas Chónaidhm na Rúise lena mbaintear an bonn de cheannasacht agus de shlándáil na hÚcráine trí iarracht a dhéanamh ord bunreachtúil na hÚcráine a threascairt.

20.5.2025

30.

Anatoli Yurevich ABRAMOV

Anatoly Yurievich ABRAMOV

(Rúisis: Анатолий Юрьевич АБРАМОВ)

Feidhm: Stiúrthóir bhrainse de General Radio Frequency Centre (Lárionad Radaimhinicíochta Ginearálta) i gCeantar Cónaidhmeach an Iarthuaiscirt

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Anatoly Abramov stiúrthóir bhrainse de General Radio Frequency Centre (Lárionad Radaimhinicíochta Ginearálta) (GRFC) i gCeantar Cónaidhmeach an Iarthuaiscirt. Déanann Stiúrthóir GRFC ceannairí brainse a cheapadh agus a bhriseadh as a bpost i gcomhaontú le Roskomnadzor, agus gníomhaíonn siad thar ceann GRFC.

Déanann sé maoirseacht ar úsáid radaimhinicíochtaí agus gléasanna raidió i réigiún Kaliningrad.

Le deireanas, tá teipeanna chomharthaí GPS i roinnt tíortha Eorpacha nasctha le gníomhaíochtaí cogaíochta leictreonaí as Kaliningrad, lena n-áirítear trasnaíocht agus spúfáil chomharthaí GPS, a théann i bhfeidhm go príomha ar na Stáit Bhaltacha. Chuir na gníomhaíochtaí sin isteach ar an eitlíocht shibhialta. Is gá cead a fháil ó GRC chun srian a chur le comharthaí GPS.

Dá bhrí sin, tá Anatoly Abramov freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a phleanáil, a stiúradh, páirt a ghlacadh iontu, tacú leo go díreach nó go hindíreach nó iad a éascú ar bhealach eile, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht nó den tslándáil san Aontas nó i roinnt dá Bhallstáit nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin trí dhul i mbun gníomhaíochtaí atá dírithe ar fheidhmiú bonneagair chriticiúil.

20.5.2025

31.

Ruslan Vasilyevich NESTERENKO

(Rúisis: Руслан Васильевич НЕСТЕРЕНКО)

Feidhm: Ard-Stiúrthóir Gníomhach General Radio Frequency Centre (Lárionad Radaimhinicíochta Ginearálta)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Ruslan Nesterenko ardstiúrthóir gníomhach General Radio Frequency Centre (Lárionad Radaimhinicíochta Ginearálta). Déanann sé maoirseacht ar úsáid radaimhinicíochtaí agus cinntíonn sé go gcomhlíontar an reachtaíocht.

Le deireanas, tá teipeanna chomharthaí GPS i roinnt tíortha Eorpacha nasctha le gníomhaíochtaí cogaíochta leictreonaí as Kaliningrad, an Rúis, lena n-áirítear trasnaíocht agus “spúfáil” chomharthaí GPS, a théann i bhfeidhm go príomha ar na Stáit Bhaltacha agus a chuireann isteach ar eitlíocht shibhialta. Is gá cead a fháil ó GRC chun srian a chur le comharthaí GPS.

Faoi threoir Nesterenko, tá baint ag GRFC le hionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis a mbíonn tionchar acu ar Bhallstáit an Aontais a phleanáil agus tacú leo. De réir Chairt GRFC, déanann an t-ardstiúrthóir ionadaíocht ar leasanna an fhiontair laistigh den Rúis agus lasmuigh dá teorainneacha.

Dá bhrí sin, tá Ruslan Nesterenko freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a phleanáil, a stiúradh, páirt a ghlacadh iontu, tacú leo go díreach nó go hindíreach nó iad a éascú ar bhealach eile, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht nó den tslándáil san Aontas nó i roinnt dá Bhallstáit nó ar bagairt iad na gníomhaíocht nó na beartais sin ar an méid sin trí dhul i mbun gníomhaíochtaí atá dírithe ar fheidhmiú an bhonneagair chriticiúil agus trí thacú le leas a baint as ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis nó trí sin a éascú ar bhealach eile.

20.5.2025

32.

Viktor Aleksandrovitch LUKOVENKO

(Rúisis: Виктор Александрович ЛУКОВЕНКО)

ar a dtugtar freisin

Viktor VASILEV

(Rúisis: Виктор ВАСИЛЬЕВ)

Feidhm: Ceannasaí na gníomhaireachta nuachta “African Initiative” (“Tionscnamh na hAfraice”)

Dáta breithe: 6.4.1985

Náisiúntacht: Úisbeacach

Inscne: fireann

Tá Viktor Lukovenko gníomhach ar mhór-roinn na hAfraice le roinnt blianta anuas, mar chomhalta de Ghrúpa Wagner roimhe sin agus anois mar stiúrthóir ar an ngníomhaireacht nuachta “African Initiative” (“Tionscnamh na hAfraice”). Tá baint aige le bolscaireacht na Rúise a scaipeadh ar an mór-roinn. Tá baint aige le bolscairí aitheanta ar son na Rúise san Afraic. Ina theannta sin, seoladh Viktor Lukovenko chuig an Úcráin in 2022 roimh an gcogadh, faoi mhaoirseacht choirnéal GRU, chun lucht tacaíochta de chuid na Rúise a earcú.

Dá bhrí sin, tá Viktor Lukovenko freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme agus as tacú leo, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht nó de shlándáil an Aontais nó i gceann amháin nó roinnt dá Bhallstáit nó ar bagairt iad ar an méid sin, trí ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis a phleanáil, a stiúradh, páirt a ghlacadh ann, tacú leis an méid sin agus an méid sin a éascú go díreach nó go hindíreach.

20.5.2025

33.

Oleg Anatoliyovych VOLOSHIN

(Úcráinis: Олег Анатолійович Волошин)

(Rúisis: Олег Анатольевич Волошин)

Náisiúntacht: Rúiseach

Dáta breithe: 7.4.1981

Áit bhreithe: Nikolaev, APSS (an Úcráin anois)

Pasuimhir: ET870130

Uimhir aitheantais: 1981040705733; 2968200719

Inscne: fireann

Is iar-chomhairleoir Úcránach agus comhalta den pháirtí polaitiúil ar son na Rúise “Opposition Platform for Life” (OPFL) [Ardán Freasúra – Ar feadh an tSaoil] é Oleg Voloshin. Tá sé mar chuid den líonra atá taobh thiar de “Voice of Europe” agus tá sé gníomhach ar Golos.eu agus PolitWera, ardáin a scaipeann bréagaisnéis agus insintí ar son na Rúise. Bhí baint aige le híocaíochtaí breibe le polaiteoirí an Iarthair.

D’úsáid Oleg Voloshin a cháil mar thoscaire de chuid na hÚcráine i dTionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa (2019-2023) chun straitéis maidir le cur isteach na Rúise san Eoraip a chur chun feidhme, straitéis a bhí faoi stiúir an olagarc Viktor Medvedchuk, atá i gceannas ar OPFL.

Go háirithe, chuir Voloshin “plean síochána” Medvedchuk don Úcráin chun cinn, atá nasctha le hinsint na Rúise maidir lena cogadh foghach. Chun ionadaithe tofa ón Eoraip a mhealladh ar son a chúise, d’eagraigh sé comhdhálacha le parlaiminteoirí ón bhFrainc agus ón nGearmáin, agus é ag áitiú go bhfuil gné pharlaiminteach, mar a thugtar air, lasmuigh d’aon chreat oifigiúil ag “formáid na Normainne” (an Fhrainc, an Ghearmáin, an Úcráin agus an Rúis). An 11 Feabhra 2022 i Seanad na Fraince a bhí an t-imeacht is déanaí a d’eagraigh Voloshin (“An próiseas síochána san Úcráin: conas teacht as an tsáinn”), cúpla lá sula ndearna arm na Rúise ionradh ar an Úcráin.

Dá bhrí sin, tá Oleg Voloshin freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme, as tacú leo nó as tairbhe a bhaint astu, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn de dhaonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht nó slándáil an Aontais agus a Bhallstát, lena n-áirítear an Ghearmáin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin, trína bheith rannpháirteach go díreach agus go hindíreach sa bhac ar an bpróiseas polaitiúil daonlathach agus an bonn a bhaint de, agus an méid sin a phleanáil agus a stiúradh.

20.5.2025

34.

Justin Blaise TAGOUH

(Rúisis: Жюстин Блез ТАГУ)

Feidhm: príomhoifigeach feidhmiúcháin an ghrúpa preasa International Afrique Media (IAM), ina bhfuil an cainéal teilifíse Afrique Média, athbhreithniú preasa IAM agus Courrier Confidentiel

Dáta breithe: 1959

Inscne: fireann

Tá Justin Tagouh ina phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar an ngrúpa preasa International Africa Media. Tá naisc dhíreacha ag an ngrúpa meáin sin le húdaráis na Rúise agus tá insint na Rúise agus an insint fhrith-Iarthair á scaipeadh aige i dtíortha san Afraic.

Dá bhrí sin, tá Justin Tagouh freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme agus as tacú leo, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn de dhaonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht nó slándáil an Aontais nó i gceann amháin nó roinnt dá Bhallstáit, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, trí ionramháil agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis a phleanáil nó a stiúradh, páirt a ghlacadh ann, agus tacú go díreach nó go hindíreach leis an méid sin nó an méid sin a éascú ar bhealach eile.

20.5.2025

35.

Mikhaïl Mikhaïlovich PRUDNIKOV

ar a dtugtar freisin

“Micha”

(Rúisis: Михаил Михайлович Прудников)

Feidhm: comhalta de Africa Politology, eintiteas atá freagrach as bréagaisnéis agus bolscaireacht na Rúise i bPoblacht na hAfrice Láir

Áit bhreithe: Réigiún Tambov

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is gníomhaí bréagaisnéise Rúiseach é Mikhaïl Prudnikov a fheidhmíonn i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL) agus a bhfuil dlúthnaisc aige le réaltra Wagner agus leis an bhfeachtas bréagaisnéise atá á chur i gcrích in PAL trí nuachtáin agus líonraí éagsúla. D’fhorbair sé, go háirithe, insint i gcoinne thíortha an Iarthair agus ghlac sé páirt i ngníomhaíochtaí cumarsáide chun an bonn a bhaint d’íomhá an Aontais in PAL agus bagairt a dhéanamh ar an íomhá sin.

Dá bhrí sin, tá Mikhaïl Prudnikov freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme agus as tacú leo, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn de dhaonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht nó slándáil an Aontais nó i gceann amháin nó roinnt dá Bhallstáit, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, trí ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis a phleanáil nó a stiúradh, páirt a ghlacadh ann, agus tacú go díreach nó go hindíreach leis an méid sin nó an méid sin a éascú ar bhealach eile.

20.5.2025

36.

Sylvain AFOUA

(Rúisis: Сильвен АФУА)

ar a dtugtar freisin

Egountchi BEHANZIN

(Rúisis: Эгунчи БЕХАНЗИН)

Feidhm: bunaitheoir an ghrúpa uile-Afracaigh “Ligue de défense noire Africaine” (LDNA); tionchaire/gníomhaí a bhfuil an bréagainm “Egountchi Behanzin” air

Dáta breithe: 5.11.1988

Áit bhreithe: Madjikpeto, Tóga

Náisiúntacht: Francach, Tógalannach

Inscne: fireann

Is gníomhaí ar son na Rúise é Sylvain Afoua, bunaitheoir an “Ligue de défense noire Africaine” (LDNA) (Black African Defence League) (Léig Cosanta na nAfracach Dubh), grúpa a raibh páirteach i ngníomhaíochtaí spriocdhírithe ar chríoch na Fraince. Díscaoileadh an struchtúr le forógra ó aire na Fraince an 29 Meán Fómhair 2021 toisc gur scaip sé idé-eolaíocht lena spreagtar fuath, idirdhealú agus foréigean. Scaipeann Sylvain Afoua insintí agus mífhaisnéis na Rúise maidir leis an gcogadh foghach ar an Úcráin, rud a dhéanann sé go háirithe ar mhór-roinn na hAfraice. Tarchuirtear a theachtaireacht trí líonraí sóisialta agus suíomh gréasáin a chomhlachais. Tugtar cuireadh dó go rialta chuig fóraim de chuid na Rúise agus, thairis sin, tá nasc airgeadais aige le Grúpa Wagner.

Dá bhrí sin, tá Sylvain Afoua freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme, as tacú leo agus as tairbhe a bhaint astu, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn de dhaonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht nó slándáil an Aontais nó i gceann amháin nó roinnt dá Bhallstáit, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, trí ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis a phleanáil nó a stiúradh, páirt a ghlacadh ann, agus tacú leis an méid sin go díreach nó go hindíreach nó an méid sin a éascú ar bhealach eile.

20.5.2025

37.

Thomas Röper

(Rúisis: Томас Рёпер)

Feidhm: comhfhreagraí cogaidh

Dáta breithe: 26.11.1971

Áit bhreithe: Bremen

Náisiúntacht: Gearmánach

Inscne: fireann

Is blagálaí Gearmánach é Thomas Röper. Trína líonra de chainéil ar líne darb ainm “Anti-Spiegel”, scaipeann sé mífhaisnéis faoi chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin go córasach agus déanann sé rialtas na hÚcráine a dhídhlisteanú, go háirithe d’fhonn dul i gcion ar mheon phobal na Gearmáine i leith na tacaíochta a thugann siad don Úcráin.

Ina theannta sin, déanann sé ionghabháil neamhdhleathach na Rúise ar chríoch na hÚcráine a dhlisteanú trí fheidhmiú mar “breathnóir” toghcháin agus trí pháirt a ghlacadh i bhfeachtas chun reifreann neamhdhleathach na Rúise maidir leis na críocha atá faoi fhorghabháil ag an Rúis a scaradh ón Úcráin. Thairis sin, bhí sé ina urlabhraí le haghaidh Rialtas Chónaidhm na Rúise chun insintí bolscaireachta na Rúise a scaipeadh, lena n-áirítear fóram Arria na Náisiún Aontaithe.

Dá bhrí sin, tá páirt á glacadh ag Thomas Röper in ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis, tacaíonn sé leo agus éascaíonn sé coinbhleacht armtha i dtríú tír.

20.5.2025

▼M1

B. 

Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí



 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Ráiteas ar chúiseanna

Dáta an liostaithe

1.

GRU Unit 29155

ФКУ “Войсковая Часть 29155”

Áit chlárúcháin: 105077, Moscow 11th Parkovaya Street, 38A

Uimh. Chlárúcháin: 7719737879

OGRN: 1097746770395

Is aonad ceilte é GRU Unit 29155 laistigh de ghníomhaireacht faisnéise míleata na Rúise (GRU), a bhfuil cáil air as a rannpháirtíocht i bhfeallmharuithe eachtracha agus i ngníomhaíochtaí díchobhsaithe ar fud na hEorpa. Trí coups, feallmharuithe, buamáil agus cibirionsaithe i gcoinne tíortha eile ar fud an domhain i dtaca leis an gcogadh san Úcráin, tá sé ag déanamh iarracht anord a chruthú agus tíortha an Aontais a dhíchobhsú. Agus gníomhaíochtaí den sórt sin á ndéanamh aige, féachann sé le cuidiú leis an Rúis agus tairbhe a dhéanamh di. Rinne GRU Unit 29155 cibirionsaithe agus ionsaithe eile ar bhonneagar criticiúil. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme, as tacú leo nó as tairbhe a bhaint astu, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den daonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht nó slándáil san Aontas nó i gceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin, trí ghníomhaíochtaí foréigin a phleanáil, a stiúradh, páirt dhíreach nó indíreach a ghlacadh iontu, trí thacú leo nó iad a éascú ar bhealach eile, chomh maith le pleanáil, stiúradh, gabháil d’aon ghníomhaíochtaí, tacú leo, nó iad a éascú ar bhealach eile, arb é is aidhm dóibh cur isteach ar bhonneagar criticiúil, damáiste a dhéanamh don bhonneagar sin nó é a scriosadh, lena n-áirítear trí shabaitéireacht nó cibirghníomhaíochtaí mailíseacha mar chuid de ghníomhaíochtaí hibrideacha.

16.12.2024

2.

Groupe Panafricain pour le Commerce et l’Investissement

GPCI

Áit chlárúcháin: Lomé, Tóga

Dáta clárúcháin: Eanáir 2022

Is líonra bréagaisnéise é Groupe Panafricain pour le Commerce et l’Investissement (GPCI) a dhéanann oibríochtaí tionchair ceilte pró-Rúiseacha, go háirithe i bPoblacht na hAfraice Láir agus i mBuircíne Fasó. Dhíchóimeáil Meta GPCI i mí na Bealtaine 2023. Ina ainneoin sin, tá GPCI fós gníomhach agus tá feachtais bhréagaisnéise struchtúrtha chomhordaithe á reáchtáil acu, agus úsáid á baint acu as líonra ollmhór slabhraí faisnéise. Díríonn na feachtais sin ar an bhFrainc go háirithe, lena n-áirítear trí líomhaintí comhcheilge, sceimhlitheoireachta, oibríochtaí díchobhsaithe nó trí coups a ullmhú in aghaidh an Aontais nó a Bhallstát. Tá GPCI cistithe go hindíreach ag an nGrúpa Wagner.

Dá bhrí sin, tá GPCI freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme agus tacú leo, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den daonlathas, cobhsaíocht nó slándáil san Aontas nó i gceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, trí úsáid ionramhála agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis a phleanáil, a stiúradh, páirt dhíreach nó indíreach a ghlacadh inti, go díreach nó go hindíreach, tacú léi nó í a éascú ar bhealach eile.

16.12.2024

3.

African Initiative

Áit chlárúcháin: Moscó, an Rúis

Dáta clárúcháin: Mí Mheán Fómhair 2023

Is gníomhaireacht nuachta é African Initiative a oibríonn ar mhór-roinn na hAfraice. Bhí baint aici le bolscaireacht agus bréagaisnéis na Rúise a scaipeadh i gcoinne an Iarthair, agus d’fhostaigh sé iriseoirí agus lucht tionchair chun bolscaireacht na Rúise a scaipeadh. D’eagraigh sé turais phreasa freisin d’iriseoirí Afracacha i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach ar lena linn a scaipeadh insintí pró-Rúiseacha faoin gcogadh. D’eagraigh African Initiative imeachtaí freisin a fhreastalaíonn ar leasanna Rialtas Chónaidhm na Rúise, lena n-áirítear trí rochtain ar acmhainní mianraí a éascú.

Dá bhrí sin, freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise, agus á gcur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn den daonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht agus slándáil san Aontas nó i gceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit nó i dtríú tír, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, trí úsáid ionramhála agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis a phleanáil nó a stiúradh, páirt dhíreach nó indíreach a ghlacadh inti, agus tacú léi nó í a éascú ar bhealach eile

16.12.2024

▼M3

4.

AFA Media, ar a dtugtar freisin RED

AFA Medya Anonim Șirketi, ar a dtugtar freisin RED

AFA Медиа

Seoladh: Kavacık Mahallesi, Fatih Sultan Mehmet Caddesi, Tonoglu Block No.: 3, Beykoz, Iostanbúl, an Tuirc

An cineál eintitis: cuideachta meán

Áit chlárúcháin: Iostanbúl

Dáta clárúcháin: 22.11.2022

Uimhir CBL: 0081804196

Uimhir chlárúcháin 423277-5

Príomháit ghnó: an Tuirc

Suíomh gréasáin: https://thered.stream/imprint/

Bunaitheoir: Hüseyin Dogru

Is cuideachta meán é AFA Medya A.Ș. atá lonnaithe in Iostanbúl. Oibríonn AFA Medya A.Ș. RED, atá comhdhéanta de roinnt ardán meán agus a bhfuil dlúthnaisc airgeadais agus eagraíochtúla aige le heintitis bholscaireachta stáit na Rúise agus le gníomhaithe bolscaireachta stáit na Rúise agus roinneann sé naisc struchtúracha dhoimhne lena n-áirítear idirnaisc idir pearsanra aonair agus uainíocht pearsanra aonair le heagraíochtaí meán stáit na Rúise.

Bhain RED úsáid as a ardáin meán – agus é ag foilsiú go minic faoi “redstreamnet” nó “theredstream” – chun faisnéis bhréagach a scaipeadh go córasach maidir le hábhair atá conspóideach go polaitiúil d’fhonn easaontas eitneach, polaitiúil agus reiligiúnach a chruthú i measc a spriocphobail, ar Gearmánaigh iad den chuid is mó, lena n-áirítear trí insintí grúpaí sceimhlitheoireachta radacacha Ioslamacha, mar shampla Hamas, a scaipeadh.

Le linn forghabháil fhoréigneach ar ollscoil sa Ghearmáin arna déanamh ag lucht círéibe frith-Iosrael, rinne pearsanra RED comhordú leis na háititheoirí chun a loitiméireacht a scaipeadh – inar baineadh úsáid as siombailí Hamas – trí chainéil RED ar líne, rud a chuir ardán eisiach meán ar fáil dóibh.

Dá bhrí sin, tacaíonn AFA Medya Anonim Șirketi le gníomhaíochtaí Rialtas Chónaidhm na Rúise lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht agus den tslándáil san Aontas agus i gceann amháin dá Bhallstáit nó níos mó ná sin, lena n-áirítear trí thacú go hindíreach le léirsithe foréigneacha agus iad a éascú agus trí ionramháil ar fhaisnéis a dhéanamh.

20.5.2025

5.

Voice of Europe

(Rúisis: Голос Европы)

Seoladh: Krakovská 583/9, 110 00 Prág, Poblacht na Seice

Suíomh gréasáin: www.voiceofeurope.com, www.voiceofeurope.eu

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta (s.r.o.)

Áit chlárúcháin: Prág

Dáta clárúcháin: 14.3.2023

Uimhir chlárúcháin: CZ05185327

Príomháit ghnó: Poblacht na Seice

Is eagraíocht meán ar líne é Voice of Europe atá ag gabháil d’fheachtas córasach idirnáisiúnta maidir le hionramháil ar na meáin agus saobhadh fíricí trína shuíomh gréasáin agus trína chuntais ar Facebook, YouTube, Telegram agus X. Scaip Voice of Europe bréagaisnéis chomhbheartaithe i dtaca leis an Úcráin, leis an Aontas agus a Bhallstáit agus é mar aidhm aige tacú le leasanna bheartas eachtrach Chónaidhm na Rúise. Bhain sé an bonn go córasach d’íomhá phoiblí na hÚcráine agus dá hiarrachtaí í féin a chosaint ar chogadh foghach na Rúise, agus ar inchreidteacht chúnamh an Aontais agus a Bhallstát do chosaint na hÚcráine, lena n-áirítear roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2024.

Ba é Viktor Medvedchuk, ar polaiteoir agus duine gnó de chuid na hÚcráine atá ar son na Rúise é agus a bhfuil dlúthnaisc aige le ceannaireacht Chónaidhm na Rúise, trína chomhpháirtí Artem Marchevskyi, ba eisean a mhaoinigh agus a stiúir Voice of Europe go rúnda. Baineadh úsáid as Voice of Europe chun acmhainní airgeadais a threorú, ar acmhainní iad a ainmníodh chun luach saothair a thabhairt do bholscairí agus chun líonra tionchair a thógáil a nascann Medvedchuk agus a chomhpháirtithe le hionadaithe páirtithe polaitiúla san Eoraip. Dá bhrí sin, bhí Voice of Europe páirteach i ngníomhaíochtaí lenar éascaíodh líonra tionchair Viktor Medvedchuk a thógáil san Aontas agus ina Bhallstáit.

Trína ghníomhaíochtaí, tá Voice of Europe ag cur gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise chun feidhme agus ag tacú leo, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den daonlathas agus den chobhsaíocht san Aontas agus san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus na beartais sin ar an méid sin, agus lena mbaintear an bonn de cheannasacht nó de neamhspleáchas roinnt Bhallstát den Aontas, trína bheith páirteach sa bhac ar an bpróiseas polaitiúil daonlathach nó tríd an mbonn a bhaint de, nó tríd an méid sin a éascú ar bhealach eile, lena n-áirítear toghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2024, agus trí ionramháil agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis a dhéanamh.

20.5.2025

6.

Norebo JSC

Seoladh: Office 510, 43 Schmidta Street, 183038 Murmansk, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Áit chlárúcháin: Murmansk

Dáta clárúcháin: 2.11.2007

Uimhir chlárúcháin: 1201000007889

UAC/KPP: 2901170107 / 519001001

Is cuideachta iascaireachta Rúiseach é Norebo JSC. Léiríonn soithí atá faoi úinéireacht agus á n-oibriú ag Norebo JSC patrún gluaiseachta ar leith atá ar neamhréir leis an ngnáthchleachtas eacnamaíoch agus leis na gnáthghníomhaíochtaí iascaireachta. Tá na patrúin ghluaiseachta sin ag teacht le cuspóirí urchóideacha, mar shampla, a bheith cóngarach arís agus arís eile do bhonneagar criticiúil agus do shuíomhanna míleata agus guairdeall thart. Dá bhrí sin, tá nasc aitheanta ag údaráis na mBallstát agus ag údaráis tríú stáit idir na patrúin ghluaiseachta sin agus feachtas faireachais státurraithe na Rúise ina bhfostaítear, inter alia, trálaeir iascaireachta shibhialtacha, chun misin spiaireachta a dhéanamh atá dírithe ar an mbonneagar sibhialtach agus míleata sa Muir Thuaidh agus i Muir Bhailt. D'fhéadfadh na gníomhaíochtaí sin oibríochtaí sabaitéireachta a éascú amach anseo. Tá teicneolaíocht a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh spiaireachta feistithe freisin ar shoithí loingseoireachta ar le Norebo JSC iad agus atá á n-oibriú aige. Tá toirmeasc ar shoitheach Norebo JSC dul isteach i saoráidí calafoirt na hÍsiltíre mar gheall ar spiaireacht.

Fuair Norebo JSC roinnt iasachtaí freisin ó Sberbank, banc Rúiseach atá faoi úinéireacht an stáit.

Thairis sin, i mí Iúil 2022, d’eisigh an Rúis a “teagasc muirí” nua, ina leagtar béim ar thábhacht straitéiseach na long sibhialtach agus a bhfoirne don ullmhacht mhuirí, lena n-áirítear trína n-ullmhú d’am cogaidh agus trína cheadú d'fhórsaí armtha iad a úsáid in am síochána.

Dá bhrí sin, cuireann Norebo JSC chun feidhme gníomhaíochtaí de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise agus tacaíonn sé leo, ar gníomhaíochtaí iad a bhaineann an bonn den tslándáil san Aontas, i roinnt dá Bhallstáit agus i dtríú tíortha, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an tslándáil sin, trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh atá dírithe ar chur isteach ar bhonneagar criticiúil, lena n-áirítear bonneagar fomhuirí, agus trí thacú leis na gníomhaíochtaí sin.

20.5.2025

7.

Murman Sea Food

(Rúisis: Мурман СиФуд, Мурманские морепродукты)

Seoladh: Ulitsa Karla Marksa, 28, Murmansk, Murmansk Oblast, Cónaidhm na Rúise, 183025

An cineál eintitis: Cuideachta faoi dhliteanas teoranta

Áit chlárúcháin: Murmansk

Is cuideachta iascaireachta Rúiseach é Murman SeaFood (MSF). Tá iompar neamhghnách léirithe arís agus arís eile ag Melkart-5 (Rúisis: Мелькарт–5), soitheach atá faoi úinéireacht MSF agus atá á oibriú aige, iompar nach bhfuil i gcomhréir lena ghnáthghníomhaíochtaí iascaireachta ná a ghnáthchleachtas eacnamaíoch, lena n-áirítear láithreacht i ndlúthghaireacht d’fhreachnamh míleata ECAT atá ar siúl, agus láithreacht rialta gar do bhonneagar criticiúil agus láithreáin mhíleata na hIorua. Go háirithe, léirigh Melkart-5 cleachtais loingseoireachta thar a bheith neamhghnách an-ghar do chábla fomhuirí i Muir Thuaidh na hIorua; chuaigh sé thar an cábla an iliomad uaireanta díreach sula ndearnadh damáiste tromchúiseach don chábla. Ina theannta sin, sháraigh criú Melkart-5 rialacháin na hIorua maidir le teacht i dtír nuair a rugadh orthu agus iad ag triail ar imscrúdú a dhéanamh ar dhroichead Ioruach atá ríthábhachtach chun críoch lóistíochta míleata ar bhealach folaitheach.

Thairis sin, i mí Iúil 2022, d’eisigh an Rúis a “teagasc muirí” nua, ina leagtar béim ar thábhacht straitéiseach na long sibhialtach agus a bhfoirne don ullmhacht mhuirí, lena n-áirítear trína n-ullmhú d’am cogaidh agus trína cheadú d'fhórsaí armtha iad a úsáid in am síochána.

Dá bhrí sin, cuireann MSF chun feidhme gníomhaíochtaí de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise agus tacaíonn sé leo, ar gníomhaíochtaí iad a bhaineann an bonn den tslándáil san Aontas, i roinnt dá Bhallstáit agus i dtríú tíortha, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an tslándáil sin, trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh atá dírithe ar chur isteach ar bhonneagar criticiúil, lena n-áirítear bonneagar fomhuirí, agus trí thacú leis na gníomhaíochtaí sin.

20.5.2025

8.

Federal State Unitary Enterprise “Main Radio Frequency Center” (“Príomhionad Radaimhinicíochta” de Fhiontar Aonadach an Stáit Cónaidhme)

General Radio Frequency Center (Lárionad Radaimhinicíochta Ginearálta)

GRFC

Федеральное Государственное Унитарное Предприятие “Главный Радиочастотный Центр”

ФГУП “ГРЧЦ”

Seoladh: 7, Derbenevskaya nab. 7 p., Moscó 115114. 15

115114, город Москва, Дербеневская наб, д. 7 стр. 15

An cineál eintitis: Gníomhaireacht chónaidhme

Áit chlárúcháin: Moscó, Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 30.3.2001

BIN: 1027739334479

UAC: 7706228218

KPP: 772501001

Príomháit ghnó: an Rúis

Tá General Radio Frequency Center (GRFC) (Ionad Radaimhinicíochta Ginearálta) freagrach as úsáid chuí radaimhinicíochtaí agus gléasanna raidió chun críoch sibhialta a áirithiú agus déanann sé faireachán ar chomhlíonadh na reachtaíochta. Tá sé ar cheann de na príomheagraíochtaí a chuireann le cinntí maidir le húsáid agus maoirseacht na hearnála radaimhinicíochta.

Le déanaí, tá nasc ann idir teipeanna chomharthaí GPS i roinnt tíortha Eorpacha agus gníomhaíochtaí cogaíochta leictreonaí as Kaliningrad, lena n-áirítear trasnaíocht agus spúfáil chomharthaí GPS, a dhéanann difear go príomha do na Stáit Bhaltacha. Chuir na gníomhaíochtaí sin isteach ar an eitlíocht shibhialta. Is gá cead a fháil ó GRC chun srian a chur le comharthaí GPS.

Fuair an lárionad cogaíochta leictreonaí in Kaliningrad trealamh trasnaíochta nua agus rinne sé cleachtaí trí úsáid a bhaint as ardchórais atá in ann cur isteach ar chumarsáid ar fud limistéir mhóra.

Dá bhrí sin, tá GRFC freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a phleanáil, a stiúradh, páirt a ghlacadh iontu, tacú go díreach nó go hindíreach leo nó iad a éascú ar bhealach eile, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht nó den tslándáil san Aontas nó i roinnt dá Bhallstáit, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin, trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh atá dírithe ar fheidhmiú an bhonneagair chriticiúil agus trí thacú le leas a bhaint as ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis nó trí sin a éascú ar bhealach eile.

20.5.2025

9.

Stark Industries Solutions Ltd.

Dáta clárúcháin: 10.2.2022

Seoladh: 71-75 Shelton Street, Covent Garden, Londain, an Ríocht Aontaithe

(seoladh poist)

Uimhir chlárúcháin: 13906017

Suíomh gréasáin: https://stark-industries.solutions/

Suíomh gréasáin: https://pq.hosting/

Is seirbhís óstála gréasáin é Stark Industries Solutions Ltd. atá cláraithe mar chuideachta poist sa Ríocht Aontaithe. Tá Stark Industries Solutions Ltd. faoi úinéireacht náisiúnaigh de chuid na Moldáive, is iad sin Ivan Neculiti agus Iurie Neculiti, agus tá sé á oibriú acu freisin, tríd an tseirbhís óstála gréasáin PQ Hosting. Soláthraíonn an chuideachta óstáil freastalaithe agus tá suíomhanna freastalaithe ar fud an domhain.

Cuireann Stark ar chumas gníomhaithe éagsúla atá urraithe ag stát na Rúise agus atá cleamhnaithe leis gníomhaíochtaí díchobhsaitheacha a dhéanamh, lena n-áirítear ionramháil agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis agus cibirionsaithe ar an Aontas agus tríú tíortha trí sheirbhísí a sholáthar atá beartaithe chun na gníomhaíochtaí sin a cheilt ó ghníomhaireachtaí Eorpacha forfheidhmithe dlí agus slándála.

Dá bhrí sin, tá Stark Industries Solutions Ltd. ag tacú le gníomhaíochtaí de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chuireann an daonlathas agus an smacht reachta, an chobhsaíocht nó an tslándáil san Aontas, i gceann dá Bhallstáit agus i dtríú tír, i mbaol, trí ionramháil agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis a éascú agus trí ghníomhaíochtaí a éascú atá dírithe ar fheidhmiú institiúidí daonlathacha, gníomhaíochtaí eacnamaíocha nó seirbhísí leasa phoiblí.

Tá baint ag Stark le Ivan Neculiti agus Iurie Neculiti.

20.5.2025

▼M2




IARSCRÍBHINN II

Liosta na sócmhainní inláimhsithe dá dtagraítear in Airteagal 2a

[…]




IARSCRÍBHINN III

Liosta na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2b

[…]




IARSCRÍBHINN IV

Liosta na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2c

[…]



( 1 ) Rialachán (CBES) 2024/2642 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2024 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise (IO L, 2024/2642, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2642/oj).

( 1 ) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).