02023R2772 — GA — 22.12.2023 — 000.002


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2772 ÓN gCOIMISIÚN

an 31 Iúil 2023

lena bhforlíontar Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 2772 22.12.2023, lch. 1)


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 90241, 19.4.2024, lch.  1 ((AE) 2023/27722023/2772)




▼B

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2772 ÓN gCOIMISIÚN

an 31 Iúil 2023

lena bhforlíontar Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



Airteagal 1

Ábhar

Leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán seo na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta atá le húsáid ag gnóthais chun a dtuairisciú inbhuanaitheachta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE de réir an tráthchláir a leagtar amach in Airteagal 5(2) de Threoir (AE) 2022/2464.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh maidir le blianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh sin.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

CAIGHDEÁIN EORPACHA MAIDIR LE TUAIRISCIÚ UM INBHUANAITHEACHT (ESRS)



ESRS 1

Ceanglais ghinearálta

ESRS 2

Nochtaí ginearálta

ESRS E1

Athrú aeráide

ESRS E2

Truailliú

ESRS E3

Uisce agus acmhainní muirí

ESRS E4

Bithéagsúlacht agus éiceachórais

ESRS E5

Úsáid acmhainní agus an geilleagar ciorclach

ESRS S1

Lucht saothair dílis

ESRS S2

Oibrithe sa slabhra luacha

ESRS S3

Pobail dá ndéantar difear

ESRS S4

Tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh

ESRS G1

Iompar gnó

ESRS 1

CEANGLAIS GHINEARÁLTA

CLÁR ÁBHAR

Cuspóir

1.

Catagóirí Chaighdeáin ESRS, réimsí tuairiscithe agus coinbhinsiúin maidir le dréachtú

1.1

Catagóirí Chaighdeáin ESRS

1.2

Réimsí tuairiscithe agus íoscheanglais maidir le nochtadh ábhair i dtaca le beartais, gníomhaíochtaí, spriocanna agus méadracht

1.3

Coinbhinsiúin maidir le dréachtú

2.

Saintréithe cáilíochtúla na faisnéise

3.

Ábharthacht dhúbailte mar bhonn ag nochtaí inbhuanaitheachta

3.1

Páirtithe leasmhara agus an bhaint atá acu leis an bpróiseas measúnaithe ábharthachta

3.2

Ábhair ábhartha agus ábharthacht na faisnéise

3.3

Ábharthacht dhúbailte

3.4

Ábharthacht tionchair

3.5

Ábharthacht airgeadais

3.6

Tionchair nó rioscaí ábhartha a eascraíonn as gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar ábhair inbhuanaitheachta

3.7

Leibhéal an dí-chomhiomlánaithe

4.

Dícheall cuí

5.

Slabhra luacha

5.1

Gnóthas tuairiscithe agus slabhra luacha

5.2

Meastachán ag úsáid meánchostais agus ionadaithe earnála

6.

Tréimhsí ama

6.1

Tréimhse tuairiscithe

6.2

An t-am atá thart, an lá atá inniu ann agus an todhchaí a nascadh

6.3

Tuairisciú ar dhul chun cinn in aghaidh na bonnbhliana

6.4

Sainmhíniú ar gearrthéarmach, meántéarmach agus fadtéarmach chun críoch tuairiscithe

7

Faisnéis inbhuanaitheachta a ullmhú agus a chur i láthair

7.1

Faisnéis chomparáideach a chur i láthair

7.2

Foinsí neamhchinnteachta meastacháin agus neamhchinnteachta torthaí

7.3

Nochtaí maidir le teagmhais a thabhairt cothrom le dáta tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe

7.4

Athruithe ar ullmhú agus ar chur i láthair na faisnéise inbhuanaitheachta

7.5

Earráidí i dtréimhsí roimhe sin a thuairisciú

7.6

Tuairisciú comhdhlúite agus díolúine fochuideachta

7.7

Faisnéis rúnaicmithe agus íogair, agus faisnéis faoi mhaoin intleachtúil, saineolas nó torthaí na nuálaíochta

7.8

Tuairisciú ar dheiseanna

8.

Struchtúr an ráitis inbhuanaitheachta

8.1

Ceanglas ginearálta maidir le cur i láthair

8.2

Ábhar agus struchtúr an ráitis inbhuanaitheachta

9.

Naisc le codanna eile den tuairisciú corparáideach agus faisnéis nasctha

9.1

Cuimsiú de réir tagartha

9.2

Faisnéis nasctha agus nascacht leis na ráitis airgeadais

10.

Forálacha idirthréimhseacha

10.1

Foráil idirthréimhseach a bhaineann le nochtaí eintiteas-sonracha

10.2

Foráil idirthréimhseach a bhaineann le caibidil 5 Slabhra luacha

10.3

Foráil idirthréimhseach a bhaineann le roinn 7.1 Faisnéis chomparáideach a chur i láthair

10.4

Foráil idirthréimhseach: Liosta na gCeanglas maidir le Nochtadh atá céimnithe isteach

Foscríbhinn A:

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm

Nochtaí eintiteas-sonracha

Ábharthacht dhúbailte

Meastachán ag úsáid meánchostais agus ionadaithe earnála

Ábhar agus struchtúr an ráitis inbhuanaitheachta

Foscríbhinn B:

Saintréithe cáilíochtúla na faisnéise

Foscríbhinn C:

Liosta de Cheanglais maidir le Nochtadh atá céimnithe isteach

Foscríbhinn D:

Struchtúr ráiteas inbhuanaitheachta ESRS

Foscríbhinn E:

Sreabhchairt chun na nochtaí atá le háireamh a chinneadh

Foscríbhinn F:

Sampla de struchtúr ráiteas inbhuanaitheachta ESRS

Foscríbhinn G:

Sampla de chuimsiú de réir tagartha

Cuspóir

1. Is é cuspóir na gCaighdeán Eorpach maidir le Tuairisciú um Inbhuanaitheacht (ESRS) an fhaisnéis inbhuanaitheachta a shonrú a nochtfaidh gnóthas i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ( 1 ) arna leasú le Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. ( 2 ) Le tuairisciú i gcomhréir le ESRS, ní dhíolmhaítear gnóthais ó oibleagáidí eile a leagtar síos i ndlí an Aontais.

2. Go sonrach, sonraítear in ESRS an fhaisnéis a nochtfaidh gnóthas faoina thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta chomhshaoil, shóisialta agus rialachais. Le ESRS, ní cheanglaítear ar ghnóthais aon fhaisnéis a nochtadh maidir le topaicí comhshaoil, sóisialta agus rialachais a chumhdaítear le ESRS nuair a rinne an gnóthas measúnú ar an topaic i gceist mar neamhábhartha (Féach Foscríbhinn E den Chaighdeán seo ‘Sreabhchairt chun na nochtaí atá le háireamh a chinneadh’). Leis an bhfaisnéis a nochtar i gcomhréir le ESRS, cuirtear ar a gcumas d’úsáideoirí an ráitis inbhuanaitheachta tionchair ábhartha an ghnóthais ar dhaoine agus ar an gcomhshaol agus éifeachtaí ábhartha ábhar inbhuanaitheachta ar fhorbairt, ar fheidhmíocht agus ar shuíomh an ghnóthais a thuiscint.

3. Is é is cuspóir don Chaighdeán seo (ESRS 1) tuiscint a thabhairt ar ailtireacht ESRS, ar na coinbhinsiúin maidir le dréachtú agus ar na coincheapa bunúsacha a úsáidtear, agus ar na ceanglais ghinearálta maidir le faisnéis inbhuanaitheachta a ullmhú agus a chur i láthair i gcomhréir le Treoir 2013/34, arna leasú le Treoir 2022/2464.

1.    Catagóirí Chaighdeáin ESRS, réimsí tuairiscithe agus coinbhinsiúin maidir le dréachtú

1.1.    Catagóirí chaighdeáin ESRS

4. Tá trí chatagóir ESRS ann:

(a) 

caighdeáin thrasearnálacha;

(b) 

caighdeáin thopaicshonracha (caighdeáin Chomhshaoil, Shóisialta agus Rialachais); agus

(c) 

caighdeáin earnáilsonracha.

Tá caighdeáin thrasearnálacha agus caighdeáin thopaicshonracha il-oiriúnach ó thaobh earnála de, rud a chiallaíonn go bhfuil feidhm acu maidir le gach gnóthas gan beann ar an earnáil nó ar na hearnálacha ina bhfuil an gnóthas ag oibriú.

5. Tá feidhm ag caighdeáin thrasearnálacha ESRS 1 Ceanglais ghinearálta agus ESRS 2 Nochtaí ginearálta maidir leis na hábhair inbhuanaitheachta a chumhdaítear le caighdeáin thopaicshonracha agus le caighdeáin earnáilsonracha.

6. Sa chaighdeán seo (ESRS 1), déantar cur síos ar ailtireacht chaighdeáin ESRS, mínítear coinbhinsiúin maidir le dréachtú agus coincheapa bunúsacha, agus leagtar amach ceanglais ghinearálta maidir le faisnéis a bhaineann le hinbhuanaitheacht a ullmhú agus a chur i láthair.

7. Le ESRS 2 bunaítear Ceanglais maidir le Nochtadh i dtaobh na faisnéise a sholáthróidh an gnóthas ar an leibhéal ginearálta thar gach ábhar inbhuanaitheachta ábhartha maidir leis na réimsí tuairiscithe rialachas, straitéis, tionchar, bainistiú rioscaí agus deiseanna, agus méadracht agus spriocanna.

8. Le ESRS topaicshonracha, cumhdaítear topaic inbhuanaitheachta agus tá siad struchtúrtha i dtopaicí agus i bhfothopaicí, agus, i gcás inar gá, i bhfo-fhothopaicí. Sa tábla i gCeanglas maidir le Cur i bhFeidhm 16 (AR 16) a ghabhann leis an gcaighdeán sin, tugtar forléargas ar na topaicí inbhuanaitheachta, ar na fothopaicí agus ar na fo-fhothopaicí (ar a dtugtar ‘ábhair inbhuanaitheachta’ i dteannta a chéile) a chumhdaítear le ESRS topaicshonracha.

9. D’fhéadfadh ceanglais shonracha a chomhlánaíonn na Ceanglais maidir le Nochtadh ar an leibhéal ginearálta a bhaineann le ESRS 2 a bheith san áireamh in ESRS topaicshonracha. Le ESRS 2 Foscríbhinn C Ceanglais maidir le Nochtadh/Cur i bhFeidhm in ESRS topaicshonracha is infheidhme i gcomhpháirt le ESRS 2 Nochtaí Ginearálta soláthraítear liosta de na ceanglais bhreise in ESRS topaicshonracha a chuirfidh an gnóthas i bhfeidhm i gcomhar leis na ceanglais ghinearálta maidir le nochtadh in ESRS 2.

10. Tá caighdeáin earnáilsonracha infheidhme maidir le gach gnóthas laistigh d’earnáil. Tugtar aghaidh leo ar thionchair, rioscaí agus deiseanna ar dócha go mbeidh siad ábhartha do gach gnóthas in earnáil shonrach agus nach gcumhdaítear, nó nach gcumhdaítear go leormhaith, le caighdeáin thopaicshonracha. Baineann na caighdeáin earnáilsonracha le hilábhair agus cumhdaítear leo na hábhair is ábhartha don earnáil atá i gceist. Baineann caighdeáin earnáilsonracha leibhéal ard inchomparáideachta amach.

11. I dteannta na gceanglas maidir le nochtadh a leagtar síos sna trí chatagóir ESRS, i gcás ina gcinneann gnóthas nach bhfuil tionchar, riosca nó deis cumhdaithe ag ESRS nó nach bhfuil sé cumhdaithe le gráinneacht leormhaith ach go bhfuil sé ábhartha mar gheall ar a fhíorais agus a chúinsí sonracha, soláthróidh sé nochtaí breise eintiteas-sonracha chun go mbeidh úsáideoirí in ann tionchair, rioscaídeiseanna an ghnóthais, ar tionchair, rioscaí nó deiseanna a bhaineann le hinbhuanaitheacht iad, a thuiscint. Le ceanglais maidir le cur i bhfeidhm AR 1 go AR 5, tugtar treoraíocht bhreise maidir le nochtaí eintiteas-sonracha.

1.2.    Réimsí tuairiscithe agus íoscheanglais maidir le nochtadh ábhair i dtaca le beartais, gníomhaíochtaí, spriocanna agus méadracht

12. Na Ceanglais maidir le Nochtadh in ESRS 2, in ESRS topaicshonracha agus in ESRS earnáilsonracha, tá siad struchtúrtha sna réimsí tuairiscithe seo a leanas:

(a) 

Rialachas (GOV): na próisis, rialuithe agus nósanna imeachta rialachais a úsáidtear chun faireachán, bainistiú agus maoirseacht a dhéanamh ar thionchair, rioscaí agus deiseanna (féach ESRS 2, caibidil 2 Rialachas);

(b) 

Straitéis (SBM): an dóigh a n-idirghníomhaíonn straitéis agus samhail ghnó an ghnóthais lena thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha, lena n-áirítear an dóigh a dtugann an gnóthas aghaidh ar na tionchair, rioscaí agus deiseanna sin (féach ESRS 2, caibidil 3 Straitéis);

(c) 

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna (IRO): an próiseas/na próisis trína ndéanann an gnóthas an méid seo a leanas:

i. 

tionchair, rioscaí agus deiseanna a shainaithint agus measúnú a dhéanamh ar a n-ábharthacht (féach IRO-1 i roinn 4.1 de ESRS 2),

ii. 

bainistíonn sé ábhair inbhuanaitheachta ábhartha trí bheartais agus trí ghníomhaíochtaí (féach roinn 4.2 de ESRS 2).

(d) 

Méadracht agus spriocanna (MT): feidhmíocht an ghnóthais, lena n-áirítear spriocanna atá leagtha síos aige agus dul chun cinn atá déanta i dtreo na spriocanna sin a bhaint amach (féach ESRS 2, caibidil 5 Méadracht agus spriocanna).

13. Áirítear le ESRS 2:

(a) 

i roinn 4.2 Íoscheanglais maidir le Nochtadh i dtaca le beartais (MDR-P) agus gníomhartha (MDR-A);

(b) 

i roinn 5 Íoscheanglais maidir le Nochtadh i dtaca le méadracht (MDR-M) agus spriocanna (MDR-T).

Cuirfidh an gnóthas na híoscheanglais maidir le nochtadh i bhfeidhm i dtaca le beartais, gníomhaíochtaí, méadracht agus spriocanna mar aon leis na Ceanglais maidir le Nochtadh chomhfhreagracha in ESRS topaicshonracha agus earnáilsonracha.

1.3.    Coinbhinsiúin maidir le dréachtú

14. I ngach ESRS:

(a) 

tagraíonn an téarma ‘tionchair’ do thionchair dhearfacha agus dhiúltacha a bhaineann le hinbhuanaitheacht atá nasctha le gnó an ghnóthais, arna sainaithint trí mheasúnú ábharthachta tionchair (féach roinn 3.4 Ábharthacht tionchair ). Tagraíonn sé do thionchair iarbhír agus do thionchair a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

(b) 

Tagraíonn an téarma ‘rioscaí agus deiseanna’ do rioscaí airgeadais agus deiseanna airgeadais an ghnóthais a bhaineann le hinbhuanaitheacht, lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as spleáchais ar acmhainní nádúrtha, daonna agus sóisialta, mar a shainaithnítear trí phróiseas measúnaithe ar ábharthacht airgeadais (féach roinn 3.5).

Tagraítear dóibh sin i gcomhpháirt mar ‘thionchair, rioscaí agus deiseanna’ (IROnna). Léiríonn siad peirspictíocht ábharthachta dhúbailte ESRS a thuairiscítear i roinn 3.

15. Ar fud ESRS, cuirtear na téarmaí a shainmhínítear i ngluais na sainmhínithe (Iarscríbhinn II) i gcló trom iodálach, ach amháin i gcás ina n-úsáidtear téarma sainmhínithe níos mó ná uair amháin san mhír chéanna.

16. Le ESRS déantar an fhaisnéis a struchtúrú a bheidh le nochtadh faoi Cheanglais maidir le Nochtadh. Is éard atá i ngach Ceanglas maidir le Nochtadh pointe sonraí ar leith amháin nó níos mó. Is féidir freisin go dtagraítear leis an téarma ‘pointe sonraí’ d’fho-eilimint insinte de Cheanglas maidir le Nochtadh.

17. Chomh maith leis na Ceanglais maidir le Nochtadh, tá Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm sa chuid is mó de ESRS freisin. Tacaíonn Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm le cur i bhfeidhm na gCeanglas maidir le Nochtadh agus tá an t-údarás céanna acu agus atá ag codanna eile de ESRS.

18. Baineann ESRS úsáid as na téarmaí seo a leanas chun idirdhealú a dhéanamh idir céimeanna éagsúla oibleagáide ar an ngnóthas faisnéis a nochtadh:

(a) 

‘nochtfaidh sé’ — tugann sé le fios go bhforordaítear an fhoráil le Ceanglas maidir le Nochtadh nó le pointe sonraí;

(b) 

‘féadfaidh sé a nochtadh’ — tugann sé nochtadh deonach le fios chun dea-chleachtas a spreagadh.

Ina theannta sin, úsáideann ESRS an téarma “breithneoidh” agus tagairt á déanamh do shaincheisteanna, d’acmhainní nó do mhodheolaíochtaí a mheastar a chuirfidh an gnóthas san áireamh nó a úsáidfidh sé agus nochtadh ar leith á ullmhú más infheidhme.

2.    Saintréithe cáilíochtúla na faisnéise

19. Le linn dó a ráiteas inbhuanaitheachta a ullmhú, cuirfidh an gnóthas na nithe seo a leanas i bhfeidhm:

(a) 

saintréithe bunúsacha cáilíochtúla na faisnéise, i.e. ábharthacht agus léiriú dílis; agus

(b) 

saintréithe cáilíochtúla feabhsaithe na faisnéise, i.e. inchomparáideacht, infhíoraitheacht agus intuigtheacht.

20. Déantar saintréithe cáilíochtúla sin na faisnéise a shainmhíniú agus a thuairisciú i bhFoscríbhinn B den Chaighdeán seo.

3.    Ábharthacht dhúbailte mar bhonn ag nochtaí inbhuanaitheachta

21. Tuairisceoidh an gnóthas ar ábhair inbhuanaitheachta bunaithe ar an bprionsabal maidir le hábharthacht dhúbailte mar a shainmhínítear agus mar a mhínítear sa chaibidil seo.

3.1    Páirtithe leasmhara agus an bhaint atá acu leis an bpróiseas measúnaithe ábharthachta

22. Is iad na páirtithe leasmhara na páirtithe sin ar féidir leo difear a dhéanamh don ghnóthas nó dá ndéanann an gnóthas difear. Tá dhá phríomhghrúpa páirtithe leasmhara ann:

(a) 

páirtithe leasmhara dá ndéantar difear: daoine aonair nó grúpaí a ndéantar difear dá leasanna nó a bhféadfaí difear a dhéanamh dá leasanna — go dearfach nó go diúltach — de bharr ghníomhaíochtaí an ghnóthais agus a ghaolmhaireachtaí díreacha nó indíreacha gnó thar a shlabhra luacha; agus

(b) 

úsáideoirí na ráiteas inbhuanaitheachta: príomhúsáideoirí an tuairiscithe airgeadais ilchuspóirigh (infheisteoirí reatha agus ionchasacha, iasachtóirí agus creidiúnaithe eile, lena n-áirítear bainisteoirí sócmhainní, institiúidí creidmheasa, gnóthais árachais), agus úsáideoirí eile ráiteas inbhuanaitheachta, lena n-áirítear comhpháirtithe gnó an ghnóthais, ceardchumainn agus comhpháirtithe sóisialta, an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, rialtais, anailíseoirí agus acadóirí.

23.  D’fhéadfadh roinnt páirtithe leasmhara ach ní gach páirtí leasmhar a bheith sa dá ghrúpa dá dtagraítear i mír 22.

24. Tá rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara dá ndéantar difear lárnach do phróiseas leanúnach díchill chuí an ghnóthais (féach caibidil 4 Dícheall cuí) agus don mheasúnú ar ábharthacht inbhuanaitheachta. Áirítear leis sin na próisis atá aige chun tionchair dhiúltacha iarbhír agus ionchasacha a shainaithint agus a mheasúnú, rud a threoraíonn an próiseas measúnaithe chun na tionchair ábhartha chun críoch tuairisciú um inbhuanaitheacht a shainaithint (féach roinn 3.4 den Chaighdeán seo).

3.2    Ábhair ábhartha agus ábharthacht na faisnéise

25. Is gá measúnú ábharthachta a dhéanamh (féach ranna 3.4 Ábharthacht tionchair agus 3.5 Ábharthacht airgeadais) ionas go mbeidh an gnóthas in ann na tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bheidh le tuairisciú a shainaithint.

26. Is é an measúnú ábharthachta an túsphointe le haghaidh tuairisciú um inbhuanaitheacht faoi ESRS. Áirítear in IRO-1 i roinn 4.1 de ESRS 2 ceanglais ghinearálta maidir le nochtadh i dtaca le próiseas an ghnóthais chun tionchair, rioscaí agus deiseanna a shainaithint agus chun measúnú a dhéanamh ar a n-ábharthacht. Soláthraíonn SBM-3 de ESRS 2 ceanglais ghinearálta maidir le nochtadh i dtaca leis na tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a eascraíonn as measúnú ábharthachta an ghnóthais.

27. Áirítear leis na Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm i bhFoscríbhinn A den Chaighdeán seo liosta ábhar inbhuanaitheachta a chumhdaítear in ESRS topaicshonracha, roinnte i gcatagóirí de réir topaicí, fothopaicí agus fo-fhothopaicí, mar thaca leis an measúnú ábharthachta. Foscríbhinn E Sreabhchairt chun na nochtaí atá le háireamh a chinneadh den Chaighdeán seo ina soláthraítear léaráid den mheasúnú ábharthachta ar a dtugtar tuairisc sa roinn seo.

28. Tá ábhar inbhuanaitheachta ‘ábhartha’ nuair a chomhlíonann sé na critéir a shainmhínítear le haghaidh ábharthacht tionchair (féach roinn 3.4 den Chaighdeán seo) nó le haghaidh ábharthacht airgeadais (féach roinn 3.5 den Chaighdeán seo) nó an dá cheann.

29. Gan beann ar thoradh a mheasúnaithe ábharthachta, nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas i gcónaí a cheanglaítear le: ESRS 2 Nochtadh Ginearálta (i.e. na Ceanglais uile maidir le Nochtadh agus na pointí sonraí uile a shonraítear in ESRS 2) agus na Ceanglais maidir le Nochtadh (lena n-áirítear a bpointí sonraí) in ESRS topaicshonracha a bhaineann leis an gCeanglas maidir le Nochtadh IRO-1 Tuairisc ar an bpróiseas chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú, mar a liostaítear in ESRS 2 Foscríbhinn C Ceanglais maidir le Nochtadh/Cur i bhFeidhm in ESRS topaicshonracha is infheidhme go comhpháirteach le ESRS 2 Nochtadh Ginearálta.

30. I gcás ina dtagann an gnóthas ar an gconclúid go bhfuil ábhar inbhuanaitheachta ábhartha de thoradh a mheasúnaithe ábharthachta, ar a leagann ESRS 2 IRO-1, IRO-2 agus SBM-3 síos ceanglais maidir le nochtadh, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a) 

nochtfaidh sé faisnéis de réir na gCeanglas maidir le Nochtadh (lena n-áirítear Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm) a bhaineann leis an ábhar inbhuanaitheachta sonrach sin san ESRS topaicshonrach earnáilsonrach comhfhreagrach; agus

(b) 

nochtfaidh sé nochtaí eintiteas-shonracha breise (féach mír 11 agus AR 1 go AR 5 den Chaighdeán seo) i gcás nach bhfuil an t-ábhar inbhuanaitheachta ábhartha cumhdaithe ag ESRS nó nach bhfuil sé cumhdaithe le gráinneacht leormhaith.

31. An fhaisnéis is infheidhme arna forordú laistigh de Cheanglas maidir le Nochtadh, lena n-áirítear a pointí sonraí, nó laistigh de nochtadh eintiteas-sonrach, nochtfar í nuair a mheasann an gnóthas, mar chuid dá mheasúnú ar fhaisnéis ábhartha, í a bheith ábhartha ó cheann amháin nó níos mó de na peirspictíochtaí seo a leanas:

(a) 

tábhacht na faisnéise i ndáil leis an ábhar a airbheartaíonn sé a léiriú nó a mhíniú; nó

(b) 

cumas na faisnéise sin freastal ar riachtanais chinnteoireachta na n-úsáideoirí, lena n-áirítear riachtanais phríomhúsáideoirí an tuairiscithe airgeadais ilchuspóirigh a thuairiscítear i mír 48 agus/nó riachtanais na n-úsáideoirí arb é a bpríomhleas faisnéis faoi thionchair an ghnóthais.

32. Má chinneann an gnóthas nach bhfuil an t-athrú aeráide ábhartha agus, dá bhrí sin, go bhfágann sé ar lár na ceanglais uile maidir le nochtadh in ESRS E1 Athrú Aeráide, nochtfaidh sé míniú mionsonraithe ar chonclúidí a mheasúnaithe ábharthachta maidir leis an athrú aeráide (féach ESRS 2 IRO-2 Ceanglais maidir le nochtadh in ESRS atá cumhdaithe ag ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais), lena n-áirítear anailís réamhbhreathnaitheach ar na dálaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis leis an ngnóthas a theacht ar an gconclúid go bhfuil an t-athrú aeráide ábhartha amach anseo. Má thagann an gnóthas ar an gconclúid nach bhfuil topaic ábhartha, topaic seachas an t-athrú aeráide, agus, dá bhrí sin, go bhfágann sé na Ceanglais uile maidir le Nochtadh ar lár san ESRS topaicshonrach comhfhreagrach, féadfaidh sé míniú gairid a thabhairt ar chonclúidí a mheasúnaithe ábharthachta don topaic sin.

33. Le linn don ghnóthas a bheith ag nochtadh faisnéise maidir le beartais, gníomhaíochtaí agus spriocanna i ndáil le hábhar inbhuanaitheachta a ndearnadh measúnú air mar ábhar ábhartha, cuirfidh an gnóthas san áireamh an fhaisnéis arna forordú leis na Ceanglais uile maidir le Nochtadh agus na pointí sonraí san ESRS topaicshonrach agus earnáilsonrach a bhaineann leis an ábhar sin agus san Íoscheanglas maidir le Nochtadh comhfhreagrach i dtaca le beartais, gníomhaíochtaí, agus spriocanna a cheanglaítear faoi ESRS 2. Mura féidir leis an ngnóthas an fhaisnéis a nochtadh arna forordú leis na Ceanglais maidir le Nochtadh agus na pointí sonraí san ESRS topaicshonrach nó earnáilsonrach, nó leis na hÍoscheanglais maidir le Nochtadh in ESRS 2 i dtaca le beartais, gníomhaíochtaí agus spriocanna, toisc nár ghlac sé na beartais faoi seach, nár chuig sé na gníomhaíochtaí faoi seach chun feidhme, agus nár leag sé síos na spriocanna faoi seach, nochtfaidh sé go bhfuil sé sin amhlaidh agus féadfaidh sé tréimhse ama a thuairisciú ina bhfuil sé d’aidhm aige iad sin a bheith i bhfeidhm aige.

34. Nuair a bhíonn faisnéis á nochtadh ag an ngnóthas maidir le méadracht le haghaidh ábhar inbhuanaitheachta ábhartha de réir na roinne Méadrachta agus Spriocanna den ESRS topaicshonrach ábhartha:

(a) 

áireoidh sé an fhaisnéis arna forordú le Ceanglas maidir le Nochtadh, má mheasann sé go bhfuil faisnéis den sórt sin ábhartha; agus

(b) 

féadfaidh sé an fhaisnéis arna forordú le pointe sonraí Ceanglais maidir le Nochtadh a fhágáil ar lár, má mheasann sé nach bhfuil faisnéis den sórt sin ábhartha, agus má bhaineann sé de thátal as nach bhfuil gá le faisnéis den sórt sin chun cuspóir an Cheanglais maidir le Nochtadh a chomhlíonadh.

35. Má fhágann an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le pointe sonraí a eascraíonn as reachtaíocht eile de chuid an Aontais a liostaítear i bhFoscríbhinn B de ESRS 2 ar lár, luafaidh sé go sainráite nach bhfuil an fhaisnéis atá i gceist ‘ábhartha’.

36. Suífidh an gnóthas conas a chuireann sé critéir i bhfeidhm, lena n-áirítear tairseacha iomchuí, chun na nithe seo a leanas a chinneadh:

(a) 

an fhaisnéis a nochtann sé ar mhéadracht le haghaidh ábhar inbhuanaitheachta ábhartha de réir na roinne Méadracht agus Spriocanna den ESRS topaicshonrach ábhartha, i gcomhréir le mír 34; agus

(b) 

an fhaisnéis a bheidh le nochtadh mar nochtaí eintiteas-sonracha.

3.3    Ábharthacht dhúbailte

37. Tá dhá ghné ag baint le hábharthacht dhúbailte, is iad sin: ábharthacht tionchair agus ábharthacht airgeadais. Mura sonraítear a mhalairt, úsáidtear na téarmaí ‘ábhartha’ agus ‘ábharthacht’ ar fud ESRS chun tagairt a dhéanamh d’ábharthacht dhúbailte.

38. Tá measúnuithe ar ábharthacht tionchair agus ar ábharthacht airgeadais idirghaolmhar agus breithneofar an chaoi a mbíonn an dá ghné sin ag brath ar a chéile. Go ginearálta, is é an túsphointe an measúnú ar thionchair, cé go bhféadfadh rioscaí agus deiseanna ábhartha a bheith ann freisin nach mbaineann le tionchair an ghnóthais. D’fhéadfadh tionchar inbhuanaitheachta a bheith ábhartha ó thaobh airgeadais de óna thionscnamh nó d’fhéadfadh sé teacht chun bheith ábhartha ó thaobh airgeadais de, nuair a d’fhéadfaí coinne réasúnach a bheith leis go ndéanfadh sé difear do staid airgeadais, d’fheidhmíocht airgeadais, nó do shreafaí airgid an ghnóthais, dá rochtain ar mhaoiniú nó do chostas caipitil sa ghearrthéarma, sa mheántéarma nó san fhadtéarma. Déantar tionchair a ghabháil leis an bpeirspictíocht ábharthachta tionchair is cuma cé acu atá siad ábhartha ó thaobh airgeadais de nó nach bhfuil.

39. Agus na tionchair, na rioscaí agus na deiseanna i slabhra luacha an ghnóthais á sainaithint agus á measúnú chun a n-ábharthacht a chinneadh, díreoidh an gnóthas ar réimsí ina meastar gur dóigh go n-eascróidh tionchair, rioscaí agus deiseanna, bunaithe ar chineál na ngníomhaíochtaí, na ngaolmhaireachtaí gnó, na limistéar geografach nó na dtosca eile lena mbaineann.

40. Breithneoidh an gnóthas conas a dhéantar difear dó mar gheall ar a spleáchais ar infhaighteacht acmhainní nádúrtha, daonna agus sóisialta ar phraghsanna agus ar cháilíocht iomchuí, gan beann ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith aige ar na hacmhainní sin.

41. Tuigtear go bhfuil príomhthionchair, príomhrioscaí agus príomhdheiseanna gnóthais mar an gcéanna leis na tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithnítear faoin bprionsabal maidir le hábharthacht dhúbailte agus dá bhrí sin ar a dtuairiscítear ina ráiteas inbhuanaitheachta.

42. Cuirfidh an gnóthas na critéir a leagtar síos faoi ranna 3.4 agus 3.5 den Chaighdeán seo i bhfeidhm, agus úsáid á baint as tairseacha cainníochtúla agus/nó cáilíochtúla iomchuí. Tá gá le tairseacha iomchuí chun a chinneadh cé na tionchair, rioscaí agus deiseanna a shainaithníonn an gnóthas agus a dtugann sé aghaidh orthu mar chinn ábhartha agus chun a chinneadh cé na hábhair inbhuanaitheachta atá ábhartha chun críoch tuairiscithe. Baineann roinnt caighdeán agus creataí atá ann cheana úsáid as an téarma ‘na tionchair is suntasaí’ agus tagairt á déanamh don tairseach a úsáidtear chun na tionchair a shainaithint a ndéantar cur síos orthu in ESRS mar ‘thionchair ábhartha’.

3.4    Ábharthacht tionchair

43. ábhar inbhuanaitheachta ábhartha ó pheirspictíocht tionchair de i gcás ina bhfuil baint aige le tionchair ábhartha iarbhír nó ionchasacha, dhearfacha nó dhiúltacha an ghnóthais ar dhaoine nó ar an gcomhshaol sa ghearrthéarma, sa mheántéarma nó san fhadtéarma. Áirítear le tionchair na cinn sin a bhaineann le hoibríochtaí an ghnóthais féin agus leis an slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, lena n-áirítear trína tháirgí agus trína sheirbhísí, agus trína ghaolmhaireachtaí gnó chomh maith. Áirítear le gaolmhaireachtaí gnó na cinn sin atá i slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach an ghnóthais agus níl siad teoranta do ghaolmhaireachtaí conarthacha díreacha.

44. Sa chomhthéacs sin, áirítear le tionchair ar dhaoine nó ar an gcomhshaol tionchair i ndáil le hábhair chomhshaoil, shóisialta agus rialachais.

45. Tá an measúnú ábharthachta ar thionchar diúltach bunaithe ar an bpróiseas díchill chuí a shainmhínítear in ionstraimí idirnáisiúnta Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus i dTreoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta. Maidir le tionchair dhiúltacha iarbhír, tá ábharthacht bunaithe ar dhéine an tionchair, agus i dtaca le tionchair dhiúltacha ionchasacha tá sé bunaithe ar dhéine agus ar dhóchúlacht an tionchair. Tá an déine bunaithe ar na tosca seo a leanas:

(a) 

an scála;

(b) 

raon feidhme; agus

(c) 

carachtar doleigheasta an tionchair.

I gcás tionchar diúltach ionchasach ar chearta an duine, bíonn tosaíocht ag déine an tionchair ar a dhóchúlacht.

46. I gcás tionchar dearfach, tá ábharthacht bunaithe ar:

(a) 

scála agus raon feidhme an tionchair le haghaidh tionchair iarbhír; agus

(b) 

scála, raon feidhme agus dóchúlacht an tionchair le haghaidh tionchair ionchasacha.

3.5    Ábharthacht airgeadais

47. Is síneadh ar raon feidhme na hábharthachta a úsáideadh sa phróiseas a bhaineann le cinneadh a dhéanamh faoin bhfaisnéis ba cheart a áireamh i ráitis airgeadais an ghnóthais é raon feidhme na hábharthachta airgeadais le haghaidh tuairisciú um inbhuanaitheacht.

48. Comhfhreagraíonn an measúnú ábharthachta airgeadais do shainaithint na faisnéise a mheastar a bheith ábhartha do phríomhúsáideoirí an tuairiscithe airgeadais ilchuspóirigh agus cinntí á ndéanamh a bhaineann le hacmhainní a sholáthar don eintiteas. Go háirithe, meastar gur faisnéis ábhartha atá ann do phríomhúsáideoirí an tuairiscithe airgeadais ilchuspóirigh más rud é, mar gheall ar an bhfaisnéis sin a fhágáil ar lár, míráiteas a dhéanamh ina taobh nó í a fholú, go bhféadfadh coinne réasúnach a bheith leis go n-imreofaí tionchar ar na cinntí a dhéanann siad ar bhonn ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais.

49. Tá ábhar inbhuanaitheachta ábhartha ó pheirspictíocht airgeadais de má spreagann sé éifeachtaí airgeadais ábhartha ar an ngnóthas nó más rud é go bhféadfadh coinne réasúnach a bheith ann go ndéanfadh sé amhlaidh. Is amhlaidh atá i gcás ina ngineann ábhar inbhuanaitheachta rioscaídeiseanna a bhfuil tionchar ábhartha acu, nó a bhféadfadh coinne réasúnach a bheith leis go mbeadh tionchar ábhartha acu, ar fhorbairt, ar staid airgeadais, ar fheidhmíocht airgeadais, ar shreafaí airgid, ar rochtain ar mhaoiniú nó ar chostas caipitil an ghnóthais sa ghearrthéarma, sa mheántéarma nó san fhadtéarma. D’fhéadfadh rioscaí agus deiseanna eascairt as teagmhais roimhe seo nó teagmhais amach anseo. Níl ábharthacht airgeadais ábhair inbhuanaitheachta srianta d’ábhair atá laistigh de smacht an ghnóthais ach áirítear faisnéis ar rioscaí agus ar dheiseanna ábhartha atá inchurtha i leith gaolmhaireachtaí gnó thar raon feidhme an chomhdhlúthaithe arna úsáid in ullmhú na ráiteas airgeadais.

50. Féadfaidh spleáchais ar acmhainní nádúrtha, daonna agus sóisialta a bheith ina bhfoinsí rioscaí nó deiseanna airgeadais. D’fhéadfadh spleáchais éifeachtaí a spreagadh ar dhá bhealach fhéideartha:

(a) 

d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar chumas an ghnóthais leanúint ag úsáid na n-acmhainní is gá ina phróisis ghnó nó na hacmhainní sin a fháil, chomh maith le cáilíocht agus praghsáil na n-acmhainní sin; agus

(b) 

d’fhéadfaidís difear a dhéanamh do chumas an ghnóthais a bheith ag brath ar ghaolmhaireachtaí a theastaíonn uaidh ina phróisis ghnó ar théarmaí inghlactha.

51. Déantar measúnú ar ábharthacht rioscaí agus deiseanna bunaithe ar mheascán den dóchúlacht go dtarlóidh siad agus de mhéid fhéideartha na n-éifeachtaí airgeadais.

3.6    Tionchair nó rioscaí ábhartha a eascraíonn as gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar ábhair inbhuanaitheachta

52. D’fhéadfadh sé go n-eascródh as próiseas measúnaithe ábharthachta an ghnóthais cásanna a shainaithint ina bhféadfadh a chuid gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar thionchair nó ar rioscaí áirithe, nó chun tairbhiú de dheiseanna áirithe i ndáil le hábhar inbhuanaitheachta, tionchair dhiúltacha ábhartha a bheith acu nó a bheith ina gcúis le rioscaí ábhartha i ndáil le hábhar inbhuanaitheachta amháin eile nó níos mó. Mar shampla:

(a) 

plean gníomhaíochta chun dícharbónú a dhéanamh ar tháirgeacht a bhaineann le droim a thabhairt do tháirgí áirithe, d’fhéadfadh tionchair dhiúltacha ábhartha a bheith aige ar lucht saothair dílis an ghnóthais agus d’fhéadfadh rioscaí ábhartha a bheith ann dá bharr sin i ngeall ar phá téarfa; nó

(b) 

plean gníomhaíochta soláthróra mótarfheithiclí chun díriú ar sholáthar ríomhfheithiclí, d’fhéadfadh sócmhainní tréigthe maidir le táirgeadh páirteanna soláthair do ghnáthfheithiclí a bheith mar thoradh air.

53. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an gnóthas na nithe seo a leanas:

(a) 

nochtfaidh sé gur ann do thionchair dhiúltacha ábhartha nó do rioscaí ábhartha in éineacht leis na gníomhaíochtaí lena gcruthaítear iad, le crostagairt don topaic lena mbaineann na tionchair nó na rioscaí; agus

(b) 

soláthróidh sé tuairisc ar conas a thugtar aghaidh ar na tionchair dhiúltacha ábhartha nó ar na rioscaí ábhartha faoin ábhar lena mbaineann siad.

3.7    Leibhéal an dí-chomhiomlánaithe

54. I gcás inar gá sin chun tuiscint cheart a fháil ar a thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha, dí-chomhiomlánóidh an gnóthas an fhaisnéis a thuairisceofar:

(a) 

de réir tíre, i gcás ina bhfuil éagsúlachtaí suntasacha idir tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha ó thír go tír agus i gcás ina dtarlódh sé nuair a chuirfí an fhaisnéis i láthair ar leibhéal comhiomlánaithe níos airde go bhfolófaí faisnéis ábhartha maidir le tionchair, rioscaí nó deiseanna; nó

(b) 

de réir láithreán suntasach nó de réir sócmhainn shuntasach, i gcás ina bhfuil tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha an-spleách ar shuíomh sonrach nó ar shócmhainn shonrach.

55. I gcás ina ndéantar sainmhíniú ar an leibhéal dí-chomhiomlánaithe iomchuí i gcomhair tuairisciú, breithneoidh an gnóthas an dí-chomhiomlánú a glacadh ina mheasúnú ábharthachta. Ag brath ar fhíorais agus ar imthosca sonracha an ghnóthais, d’fhéadfadh gá a bheith le dí-chomhiomlánú de réir fochuideachta.

56. I gcás ina ndéantar sonraí ó leibhéil éagsúla, nó ó shuíomhanna éagsúla laistigh de leibhéal, a chomhiomlánú, áiritheoidh an gnóthas nach ndéanfaidh an comhiomlánú sin folú ar an tsainiúlacht agus ar an gcomhthéacs is gá chun an fhaisnéis a léirmhíniú. Ní dhéanfaidh an gnóthas comhiomlánú ar mhíreanna ábhartha atá difriúil ina gcineál.

57. Nuair a chuireann an gnóthas faisnéis i láthair arna comhiomlánú de réir earnálacha, glacfaidh sé an t-aicmiú earnála ESRS atá le sonrú i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 29b(1) an tríú fomhír, pointe (ii), de Threoir 2013/34/AE. I gcás ina gceanglaítear le ESRS topaicshonrach nó earnáilsonrach go nglacfar leibhéal sonrach dí-chomhiomlánaithe chun mír shonrach faisnéise a ullmhú, beidh tosaíocht ag an gceanglas san ESRS topaicshonrach nó earnáilsonrach.

4.    Dícheall cuí

58. Le toradh phróiseas díchill chuí inbhuanaitheachta an ghnóthais (dá dtagraítear mar ‘dícheall cuí’ sna hionstraimí idirnáisiúnta a luaitear thíos) tugtar treoir do mheasúnú an ghnóthais ar a thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha. Ní fhorchuirtear le ESRS aon cheanglas iompair i ndáil le dícheall cuí; ná ní dhéanann siad ról chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an ghnóthais maidir le hiompar díchill chuí a leathnú ná a mhodhnú.

59. Is éard is dícheall cuí ann an próiseas faoina ndéanann gnóthais tionchair dhiúltacha iarbhír agus ionchasacha ar an gcomhshaol agus ar dhaoine atá nasctha lena ngnó a shainaithint, a chosc agus a mhaolú agus faoina gcoinníonn siad cuntas ar an dóigh a dtugann siad aghaidh ar na tionchair sin. Áirítear leo sin tionchair dhiúltacha a bhaineann le hoibríochtaí an ghnóthais féin agus lena shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, lena n-áirítear trína tháirgí agus trína sheirbhísí, agus trína ghaolmhaireachtaí gnó chomh maith. Is cleachtas leanúnach é dícheall cuí a fhreagraíonn d’athruithe ar straitéis, samhail ghnó, gníomhaíochtaí, gaolmhaireachtaí gnó, oibriú, foinsiú agus comhthéacsanna díolacháin an ghnóthais, agus a d’fhéadfadh athruithe a spreagadh sna nithe sin. Tugtar tuairisc ar an bpróiseas sin in ionstraimí idirnáisiúnta Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus i dTreoirlínte ECFE le haghaidh Fiontair Ilnáisiúnta.

60. Sainaithnítear leis na hionstraimí idirnáisiúnta sin roinnt céimeanna sa phróiseas díchill chuí, lena n-áirítear sainaithint agus measúnú na dtionchar diúltach a bhaineann le hoibríochtaí an ghnóthais féin agus lena shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, lena n-áirítear trína tháirgí nó trína sheirbhísí, agus trína ghaolmhaireachtaí gnó chomh maith. I gcás nach féidir leis an ngnóthas aghaidh a thabhairt ar na tionchair uile ag an am céanna, bítear in ann leis an bpróiseas díchill chuí tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíocht bunaithe ar dhéine agus ar dhóchúlacht na dtionchar. Is í an ghné sin den phróiseas díchill chuí a threoraíonn an measúnú ar thionchair ábhartha (féach roinn 3.4 den Chaighdeán seo). Trí thionchair ábhartha a shainaithint tacaítear freisin le rioscaí agus deiseanna inbhuanaitheachta ábhartha a shainaithint, ar rioscaí agus deiseanna iad a tharlaíonn go minic de bharr na dtionchar sin.

61. Léirítear croí-eilimintí an díchill chuí go díreach i gCeanglais maidir le Nochtadh a leagtar amach in ESRS 2 agus san ESRS topaicshonrach, mar a thaispeántar thíos:

(a) 

dícheall cuí a leabú i rialachas, straitéis agus samhail ghnó ( 3 ). Tugtar aghaidh air sin faoi:

i. 

ESRS 2 GOV-2: Faisnéis arna soláthar do chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta an ghnóthais agus ábhair inbhuanaitheachta a dtugann siad aghaidh orthu;

ii. 

ESRS 2 GOV-3: Feidhmíocht a bhaineann le hinbhuanaitheacht a chomhtháthú i scéimeanna dreasachta; agus

iii. 

ESRS 2 SBM-3: Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó.

(b) 

ag obair le páirtithe leasmhara ( 4 ) dá ndéantar difear. Tugtar aghaidh air sin faoi:

i. 

ESRS 2 GOV-2;

ii. 

ESRS 2 SBM-2: Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara;

iii. 

ESRS 2 IRO-1;

iv. 

ESRS 2 MDR-P; agus

v. 

ESRS topaicshonracha: a léiríonn na céimeanna agus na haidhmeanna difriúla a bhíonn le rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara i rith an phróisis díchill chuí.

(c) 

tionchair dhiúltacha ar dhaoine agus ar an gcomhshaol a shainaithint agus measúnú a dhéanamh orthu ( 5 ). Tugtar aghaidh air sin faoi:

i. 

ESRS 2 IRO-1 (lena n-áirítear Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta shonracha san ESRS ábhartha); agus

ii. 

ESRS 2 SBM-3;

(d) 

gníomhaíocht a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha ar dhaoine agus ar an gcomhshaol ( 6 ). Tugtar aghaidh air sin faoi:

i. 

ESRS 2 MDR-A; agus

ii. 

ESRS topaicshonracha: a léiríonn an raon gníomhaíochtaí, lena n-áirítear pleananna aistrithe, trína dtugtar aghaidh ar thionchair.

(e) 

éifeachtacht na n-iarrachtaí sin a rianú ( 7 ). Tugtar aghaidh air sin faoi:

i. 

ESRS 2 MDR-M;

ii. 

ESRS 2 MDR-T; agus

iii. 

ESRS topaicshonracha: maidir le méadracht agus spriocanna.

5.    Slabhra luacha

5.1    Gnóthas tuairiscithe agus slabhra luacha

62. Is le haghaidh an ghnóthais tuairiscithe chéanna leis na ráitis airgeadais a bheidh an ráiteas inbhuanaitheachta. Más máthairchuideachta é an gnóthas tuairiscithe, mar shampla, a gceanglaítear uirthi ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú, is don don ghrúpa a bheidh an ráiteas inbhuanaitheachta. Níl feidhm ag an gceanglas sin i gcás nach gceanglaítear ar an ngnóthas tuairiscithe ráitis airgeadais a tharraingt suas nó i gcás ina bhfuil tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite á ullmhú ag an ngnóthas tuairiscithe de bhun Airteagal 48i de Threoir 2013/34/AE.

63. Déanfar an fhaisnéis maidir leis an ngnóthas tuairiscithe arna soláthar sa ráiteas inbhuanaitheachta a leathnú chun faisnéis a áireamh maidir leis na tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha atá nasctha leis an ngnóthas trína ghaolmhaireachtaí gnó díreacha agus indíreacha sa slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach (‘faisnéis slabhra luacha’). Agus an fhaisnéis maidir leis an ngnóthas tuairiscithe á leathnú, áireoidh an gnóthas tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha atá nasctha lena shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach:

(a) 

ag leanúint ó thoradh a phróisis díchill chuí agus a mheasúnaithe ábharthachta; agus

(b) 

i gcomhréir le haon cheanglas sonrach a bhaineann leis an slabhra luacha in ESRS eile.

64. Ní cheanglaítear le mír 63 faisnéis faoi gach uile ghníomhaí sa slabhra luacha, ach díreach faisnéis ábhartha faoin slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach a chur san áireamh. Is féidir le hábhair inbhuanaitheachta éagsúla a bheith ábhartha i ndáil le codanna éagsúla de shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach an ghnóthais. Leathnófar an fhaisnéis ionas go n-áireofar inti faisnéis maidir leis an slabhra luacha i ndáil leis na codanna den slabhra luacha a bhfuil an t-ábhar ábhartha ina leith agus i ndáil leis na codanna sin amháin.

65. Áireoidh an gnóthas faisnéis slabhra luacha ábhartha i gcás inar gá sin chun:

(a) 

ligean d’úsáideoirí na ráiteas inbhuanaitheachta tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha an ghnóthais a thuiscint; agus/nó

(b) 

tacar faisnéise a chur le chéile a chomhlíonann saintréithe cáilíochtúla na faisnéise (féach Foscríbhinn B den Chaighdeán seo).

66. I gcás ina mbíonn cinneadh á dhéanamh faoin leibhéal laistigh dá oibríochtaí dílse agus dá shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach ag a n-eascraíonn ábhar inbhuanaitheachta ábhartha, úsáidfidh an gnóthas a mheasúnú ar thionchair, rioscaí agus deiseanna ag leanúint an phrionsabail maidir le hábharthacht dhúbailte (féach caibidil 3 den Chaighdeán seo).

67. I gcás ina bhfuil comhlaigh nó comhfhiontair, ar a bhfuil cuntas faoi mhodh an chothromais nó a chomhdhlúthaítear go comhréireach sna ráitis airgeadais, mar chuid de shlabhra luacha an ghnóthais, mar shampla mar sholáthróirí, áireoidh an gnóthas faisnéis a bhaineann leis na comhlaigh nó na comhfhiontair sin, i gcomhréir le mír 63, go comhsheasmhach leis an gcur chuige arna ghlacadh do na gaolmhaireachtaí gnó eile sa slabhra luacha. Sa chás sin, agus méadracht an tionchair á cinneadh, ní bheidh sonraí an chomhlaigh nó an chomhfhiontair teoranta don sciar cothromais arna shealbhú, ach cuirfear san áireamh iad ar bhonn na dtionchar atá nasctha le táirgí agus seirbhísí an ghnóthais trína ghaolmhaireachtaí gnó.

5.2    Meastachán ag úsáid meánchostais agus ionadaithe earnála

68. Féadfaidh cumas an ghnóthais an fhaisnéis is gá faoin slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach a fháil a bheith éagsúil ag brath ar thosca éagsúla, amhail socruithe conarthacha an ghnóthais, an leibhéal rialaithe atá aige ar na hoibríochtaí lasmuigh den raon feidhme comhdhlúthaithe agus a chumhacht cheannaigh. I gcás nach bhfuil sé de chumas ag an ngnóthas gníomhaíochtaí a shlabhra luacha réamhtheachtaigh agus/nó iartheachtaigh agus a ghaolmhaireachtaí gnó a rialú, d’fhéadfadh sé a bheith níos dúshlánaí faisnéis slabhra luacha a fháil.

69. Is ann d’imthosca a fhágann nach féidir leis an ngnóthas an fhaisnéis a bhailiú maidir lena shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach mar a cheanglaítear le mír 63 tar éis iarrachtaí réasúnta déanamh amhlaidh. Sna himthosca sin, tabharfaidh an gnóthas meastachán ar an bhfaisnéis a bheidh le tuairisciú maidir lena shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, trí gach faisnéis réasúnta agus gach faisnéis ar féidir tacú léi a úsáid, amhail meánsonraí earnála agus ionadaithe eile.

70. D’fhéadfadh dúshlán a bheith ag baint le faisnéis slabhra luacha a fháil freisin i gcás FBManna agus eintitis eile sa slabhra luacha réamhtheachtach agus/nó iartheachtach nach bhfuil faoi raon feidhme an tuairiscithe um inbhuanaitheacht a cheanglaítear le hAirteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE (féach ESRS 2 BP-2 Nochtaí i ndáil le himthosca sonracha).

71. I dtaca le beartais, gníomhaíochtaí agus spriocanna, áireofar i dtuairisciú an ghnóthais faisnéis faoin slabhra luacha réamhtheachtach agus/nó iartheachtach a mhéid a bhaineann na beartais, gníomhaíochtaí agus spriocanna sin le gníomhaithe sa slabhra luacha. I dtaca le méadracht, i roinnt mhaith cásanna, go háirithe le haghaidh ábhair chomhshaoil dá bhfuil ionadaithe ar fáil, d’fhéadfadh an gnóthas a bheith in ann na ceanglais maidir le tuairisciú a chomhlíonadh gan sonraí a bhailiú ó na gníomhaithe ina shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, go háirithe ó FBManna, mar shampla, le linn dó astaíochtaí Scóip 3 GCT de chuid an ghnóthais a ríomh.

72. Ní bheidh faisnéis nach gcomhlíonann saintréithe cáilíochtúla na faisnéise (féach caibidil 2 agus roinn 7.2 Foinsí neamhchinnteachta meastacháin agus neamhchinnteachta torthaí an Chaighdeáin seo) mar thoradh ar mheastacháin a chur san áireamh a dhéantar trí úsáid a bhaint as meánsonraí earnála nó ionadaithe eile.

6.    Tréimhsí ama

6.1    Tréimhse tuairiscithe

73. Beidh an tréimhse tuairiscithe le haghaidh ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais comhsheasmhach le tréimhse tuairiscithe a ráiteas airgeadais.

6.2    An t-am atá thart, an lá atá inniu ann agus an todhchaí a nascadh

74. Bunóidh an gnóthas naisc iomchuí ina ráiteas inbhuanaitheachta idir faisnéis chúlghabhálach agus faisnéis réamhbhreathnaitheach, i gcás inarb ábhartha, chun tuiscint shoiléir a chothú ar an mbaint atá ag faisnéis stairiúil le faisnéis atá dírithe ar an todhchaí.

6.3    Tuairisciú ar dhul chun cinn in aghaidh na bonnbhliana

75. Is í an bhonnbhliain an dáta tagartha stairiúil nó an tréimhse dá bhfuil faisnéis ar fáil agus ar féidir faisnéis ina dhiaidh sin a chur i gcomparáid léi le himeacht ama.

76. Cuirfidh an gnóthas faisnéis chomparáideach i láthair i leith na bonnbhliana le haghaidh méideanna arna dtuairisciú sa tréimhse reatha le linn dó tuairisciú ar na forbairtí agus ar dhul chun cinn i dtreo sprice, mura sainmhínítear cheana féin sa Cheanglas ábhartha maidir le Nochtadh conas tuairisciú ar dhul chun cinn. Féadfaidh an gnóthas faisnéis stairiúil a áireamh freisin faoi gharspriocanna a baineadh amach idir an bhonnbhliain agus an tréimhse tuairiscithe nuair is faisnéis ábhartha é sin.

6.4    Sainmhíniú ar gearrthéarmach, meántéarmach agus fadtéarmach chun críocha tuairiscithe

77. Le linn dó a ráiteas inbhuanaitheachta a ullmhú, glacfaidh an gnóthas na heatraimh ama seo a leanas ó dheireadh na tréimhse tuairiscithe:

(a) 

an tréimhse ama ghearrthéarmach: an tréimhse arna glacadh ag an ngnóthas mar an tréimhse tuairiscithe ina ráitis airgeadais;

(b) 

an tréimhse ama mheántéarmach: ó dheireadh na tréimhse tuairiscithe gearrthéarmaí a shainmhínítear in (a) suas le 5 bliana; agus

(c) 

an tréimhse ama fhadtéarmach: níos mó ná 5 bliana.

78. Úsáidfidh an gnóthas miondealú breise don tréimhse ama fhadtéarmach i gcás ina bhfuil coinne le tionchair nó le gníomhaíochtaí i dtréimhse is faide ná 5 bliana más gá sin chun faisnéis ábhartha a sholáthar d’úsáideoirí ráiteas inbhuanaitheachta.

79. Má cheanglaítear sainmhínithe difriúla ar thréimhsí ama meántéarmacha nó fadtéarmacha le haghaidh míreanna sonracha nochta in ESRS eile, beidh tosaíocht ag na sainmhínithe sna ESRS sin.

80. D’fhéadfadh imthosca a bheith ann ina bhfuil faisnéis neamhábhartha mar thoradh ar úsáid na dtréimhsí ama meántéarmacha nó fadtéarmacha a shainmhínítear i mír 77, toisc go mbaineann an gnóthas úsáid as sainmhíniú difriúil do na nithe seo (i) a phróisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a bhainistiú nó (ii) an sainmhíniú ar a chuid gníomhaíochtaí agus chun spriocanna a leagan síos. D’fhéadfadh na himthosca sin a bheith ann mar gheall ar shaintréithe a bhaineann go sonrach leis an tionscal, amhail sreabhadh airgid agus timthriallta gnó, an fad a bhfuil coinne leis i dtaca le hinfheistíochtaí caipitil, na tréimhsí ama ar lena linn a dhéanfaidh úsáideoirí na ráiteas inbhuanaitheachta a gcuid measúnuithe nó na tréimhsí ama pleanála a úsáidtear de ghnáth i dtionscal an ghnóthais i gcomhair cinnteoireachta. Sna himthosca sin, féadfaidh an gnóthas sainmhíniú difriúil ar thréimhsí ama meántéarmacha agus fadtéarmacha a ghlacadh (féach ESRS 2 BP—2, mír 9).

81. Tagraíonn tagairtí do ‘ghearrthéarmach’/‘gearrthéarma’, ‘meántéarmach’/‘meántéarma’ agus ‘fadtéarmach’/’fadtéarma’ in ESRS don tréimhse ama arna cinneadh ag an ngnóthas de réir na bhforálacha i míreanna 77 go 80.

7.    Faisnéis inbhuanaitheachta a ullmhú agus a chur i láthair

82. Soláthraítear ceanglais ghinearálta sa chaibidil seo a bheidh le cur i bhfeidhm nuair a bheidh faisnéis inbhuanaitheachta á hullmhú agus á cur i láthair.

7.1    Faisnéis chomparáideach a chur i láthair

83. Nochtfaidh an gnóthas faisnéis chomparáideach maidir leis an tréimhse roimhe sin le haghaidh na méadrachta cainníochtúla agus na méideanna airgeadaíochta uile a nochtadh sa tréimhse reatha. I gcás inarb ábhartha maidir le tuiscint ar ráiteas inbhuanaitheachta na tréimhse reatha, nochtfaidh an gnóthas faisnéis chomparáideach freisin le haghaidh nochtaí insinte.

84. I gcás ina dtuairiscíonn an gnóthas faisnéis chomparáideach atá difriúil leis an bhfaisnéis a tuairiscíodh sa tréimhse roimhe sin nochtfaidh sé:

(a) 

an difríocht idir an figiúr a tuairiscíodh sa tréimhse roimhe sin agus an figiúr comparáideach athbhreithnithe; agus

(b) 

na cúiseanna a ndearnadh athbhreithniú ar an bhfigiúr.

85. Bíonn sé dodhéanta uaireanta faisnéis chomparáideach a choigeartú le haghaidh tréimhse amháin nó níos mó roimhe sin chun inchomparáideacht a bhaint amach leis an tréimhse reatha. Mar shampla, d’fhéadfadh sé nár bailíodh sonraí sa tréimhse (sna tréimhsí) roimhe sin ar bhealach lena rabhthas in ann sainmhíniú nua ar mhéadracht nó ar sprioc a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach, nó athráiteas cúlghabhálach chun earráid réamhthréimhse a cheartú, agus d’fhéadfadh sé a bheith dodhéanta an fhaisnéis a athchruthú (féach ESRS 2 BP-2). I gcás ina mbíonn sé dodhéanta faisnéis chomparáideach a choigeartú le haghaidh tréimhse amháin nó níos mó roimhe sin, nochtfaidh an gnóthas é sin.

86. I gcás ina gceanglaíonn ESRS ar an ngnóthas níos mó ná tréimhse chomparáideach amháin a chur i láthair le haghaidh méadrachta nó pointe sonraí, beidh tosaíocht ag ceanglais an ESRS sin.

7.2    Foinsí neamhchinnteachta meastacháin agus neamhchinnteachta torthaí

87. I gcás nach féidir méadracht cainníochtúla agus méideanna airgeadaíochta, lena n-áirítear faisnéis faoin slabhra luacharéamhtheachtach agus iartheachtach (féach caibidil 5 den Chaighdeán seo), a thomhas go díreach agus nach féidir ach meastachán a thabhairt maidir leo, d’fhéadfadh neamhchinnteacht tomhais a bheith ann.

88. Nochtfaidh gnóthas faisnéis chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí na héiginnteachtaí is mó a dhéanann difear do na méadrachtaí cainníochtúla agus do na méideanna airgeadaíochta a thuairiscítear ina ráiteas inbhuanaitheachta a thuiscint.

89. Cuid fhíor-riachtanach d’fhaisnéis a bhaineann le hinbhuanaitheacht a ullmhú is ea toimhdí agus meastacháin réasúnacha a úsáid, lena n-áirítear anailís ar chásanna nó anailís íogaireachta, agus ní dhéanann sé dochar d’úsáideacht na faisnéise sin, ar choinníoll go dtugtar tuairisc chruinn ar na toimhdí agus ar na meastacháin agus go mínítear go cruinn iad. Fiú le leibhéal ard neamhchinnteachta tomhais ní gá go gcuirfí cosc ar thoimhde ná ar mheastachán den sórt sin faisnéis úsáideach a sholáthar nó saintréithe cáilíochtúla na faisnéise a chomhlíonadh (féach Foscríbhinn B den Chaighdeán seo).

90. Na sonraí agus na toimhdí a úsáidfear chun an ráiteas inbhuanaitheachta a ullmhú, beidh siad comhsheasmhach a mhéid is féidir leis na sonraí agus na toimhdí airgeadais comhfhreagracha a úsáidtear i ráitis airgeadais an ghnóthais.

91. Ceanglaíonn roinnt ESRS go nochtfaí faisnéis amhail mínithe maidir le teagmhais fhéideartha sa todhchaí ag a mbeidh torthaí neamhchinnte. Agus breithiúnas á thabhairt ar cé acu atá nó nach bhfuil faisnéis maidir le teagmhais fhéideartha den sórt sin sa todhchaí ábhartha, tagróidh an gnóthas do na critéir i gCaibidil 3 den Chaighdeán seo agus breithneoidh sé an méid seo a leanas:

(a) 

►C1  na h éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo mar gheall ar na teagmhais ◄ (an toradh a d’fhéadfadh a bheith ann);

(b) 

déine agus dóchúlacht na dtionchar ar dhaoine nó ar an gcomhshaol de dheasca na dteagmhas a d’fhéadfadh tarlú, agus na tosca déine a shonraítear i mír 45 á gcur san áireamh; agus

(c) 

an raon iomlán torthaí féideartha agus dóchúlacht na dtorthaí féideartha laistigh den raon sin.

92. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar na torthaí féideartha, breithneoidh an gnóthas gach fíoras agus toisc ábhartha, lena n-áirítear faisnéis maidir le torthaí lena mbaineann dóchúlacht íseal agus tionchar ard, a d’fhéadfadh a bheith ábhartha, ach iad a bheith comhiomlánaithe. Mar shampla, d’fhéadfadh an gnóthas a bheith neamhchosanta ar roinnt tionchar nó rioscaí, agus d’fhéadfadh gach ceann acu cur isteach air ar an mbealach céanna, mar shampla cur isteach ar shlabhra soláthair an ghnóthais. D’fhéadfadh faisnéis faoi fhoinse aonair riosca a bheith neamhábhartha más rud é gur fíor-chaolseans go dtarlódh cur isteach ón bhfoinse sin. D’fhéadfadh faisnéis maidir leis an riosca comhiomlán go gcuirfear isteach ar an slabhra soláthair ó gach foinse a bheith ábhartha, áfach (féach ESRS 2 BP-2).

7.3    Nochtaí maidir le teagmhais a thabhairt cothrom le dáta tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe

93. I roinnt cásanna, d’fhéadfadh an gnóthas faisnéis a fháil tar éis na tréimhse tuairiscithe ach sula gceadaítear an tuarascáil bhainistíochta lena heisiúint. Má sholáthraítear fianaise nó léargais i bhfaisnéis den sórt sin maidir leis na dálaí arbh ann dóibh ag deireadh na tréimhse, tabharfaidh an gnóthas, i gcás inarb iomchuí, meastacháin agus nochtaí inbhuanaitheachta cothrom le dáta, i bhfianaise na faisnéise nua.

94. I gcás ina soláthraíonn faisnéis den sórt sin fianaise nó léargais faoi idirbhearta ábhartha, faoi imeachtaí eile agus faoi dhálaí a eascraíonn tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe, soláthróidh an gnóthas, i gcás inarb iomchuí, faisnéis insinte ina dtabharfaidh sé le fios gurbh ann do na teagmhais sin tar éis dheireadh na bliana, tabharfaidh sé a gcineál le fios agus a n-iarmhairtí féideartha.

7.4    Athruithe ar ullmhú agus ar chur i láthair na faisnéise inbhuanaitheachta

95. An sainmhíniú ar mhéadracht agus ríomh méadrachta, lena n-áirítear méadracht a úsáidtear chun spriocanna a leagan síos agus chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna sin, beidh siad comhsheasmhach le himeacht ama. Soláthróidh an gnóthas figiúirí comparáideacha athluaite, mura rud é nach bhfuil sé indéanta déanamh amhlaidh (féach ESRS 2 BP-2), i gcás inar fíor an méid seo a leanas:

(a) 

rinne sé méadracht nó sprioc a athshainiú nó a ionadú;

(b) 

shainaithin sé faisnéis nua maidir leis na figiúirí measta a nochtadh sa tréimhse roimhe sin agus soláthraítear leis an bhfaisnéis nua fianaise ar imthosca a bhí ann le linn na tréimhse sin.

7.5    Earráidí i dtréimhsí roimhe sin a thuairisciú

96. Ceartóidh an gnóthas earráidí réamhthréimhse ábhartha trí na méideanna comparáideacha a athlua don réamhthréimhse / do na réamhthréimhsí a nochtadh, mura bhfuil sé dodhéanta déanamh amhlaidh. Ní bhaineann an ceanglas sin le tréimhsí tuairiscithe roimh an gcéad bhliain de chur i bhfeidhm ESRS ag an ngnóthas.

97. Is earráidí réamhthréimhse iad easnaimh agus míráitis i ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais le haghaidh réamhthréimhse amháin nó níos mó. Tarlaíonn earráidí den sórt sin nuair nach n-úsáidtear faisnéis iontaofa, nó nuair a bhaintear mí-úsáid as faisnéis iontaofa:

(a) 

a bhí ar fáil nuair a údaraíodh eisiúint na tuarascála bainistíochta ina gcuimsítear an ráiteas inbhuanaitheachta do na tréimhsí sin; agus

(b) 

a bhféadfaí coinne réasúnach a bheith leis go bhfuarthas í agus gur cuireadh san áireamh í nuair a bhí nochtaí inbhuanaitheachta atá cuimsithe sna tuarascálacha sin á n-ullmhú.

98. Cuimsítear le hearráidí den sórt sin: éifeachtaí botúin mhatamaiticiúla, botúin maidir leis na sainmhínithe ar mhéadracht nó ar spriocanna a chur i bhfeidhm, dearmaid nó míchialla a bhaint as fíorais, agus calaois.

99. Déantar earráidí ionchasacha sa tréimhse reatha ar thángthas orthu sa tréimhse sin a cheartú sula ndéantar an tuarascáil bhainistíochta a údarú lena heisiúint. Ní thagtar ar earráidí ábhartha uaireanta áfach go dtí tréimhse ina dhiaidh sin.

100. Nuair a bhíonn sé dodhéanta cinneadh a dhéanamh maidir le héifeacht earráide ar gach tréimhse roimhe sin a chuirtear i láthair, athluafaidh an gnóthas an fhaisnéis chomparáideach chun an earráid a cheartú ón dáta is túisce atá indéanta. Agus nochtaí le haghaidh tréimhse roimhe sin á gceartú, ní bhreathnóidh an gnóthas siar le linn dó toimhdí a dhéanamh faoina mbeadh mar rún ag an mbainistíocht a dhéanamh i dtréimhse roimhe sin nó le linn dó meastachán a thabhairt ar na méideanna arna nochtadh i dtréimhse roimhe sin. Tá feidhm ag an gceanglas sin maidir le nochtaí siarbhreathnaitheacha agus réamhbhreathnaitheacha araon a cheartú.

101. Déantar idirdhealú idir ceartuithe ar earráidí agus athruithe ar mheastacháin. D’fhéadfadh sé gur ghá athbhreithniú a dhéanamh ar mheastacháinde réir mar a bheidh faisnéis bhreise ar eolas (féach ESRS 2 BP-2).

7.6    Tuairisciú comhdhlúite agus díolúine fochuideachta

102. I gcás ina dtuairiscíonn an gnóthas ar leibhéal comhdhlúite, déanfaidh sé a mheasúnú ar thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha don ghrúpa comhdhlúite ina iomláine, gan beann ar struchtúr dlíthiúil an ghrúpa. Áiritheoidh sé go mbeidh na fochuideachtaí uile cumhdaithe ar bhealach lena mbeifear in ann tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint go neamhchlaonta. Déanfar na critéir agus na tairseacha chun tionchar, riosca nó deis a mheasúnú mar cheann ábhartha a chinneadh bunaithe ar chaibidil 3 den Chaighdeán seo.

103. I gcás ina sainaithníonn an gnóthas difríochtaí móra idir tionchair, rioscaídeiseanna ábhartha ar leibhéal grúpa agus tionchair, rioscaí nó deiseanna ábhartha ceann amháin nó níos mó dá chuid fochuideachtaí, soláthróidh an gnóthas tuairisc leormhaith ar thionchair, rioscaí agus deiseanna, de réir mar is iomchuí, na fochuideachta nó na bhfochuideachtaí lena mbaineann.

104. I gcás ina ndéantar measúnú an mór iad na difríochtaí idir tionchair, rioscaídeiseanna ábhartha ar leibhéal grúpa agus tionchair, rioscaí nó deiseanna ceann amháin nó níos mó dá fhochuideachtaí, féadfaidh an gnóthas imthosca difriúla a chur san áireamh, amhail cé acu a fheidhmíonn nó nach bhfeidhmíonn an fhochuideachta nó na fochuideachtaí in earnáil dhifriúil i gcomparáid leis an gcuid eile den ghrúpa nó na himthosca a léirítear i roinn 3.7 Leibhéal an dí-chomhiomlánaithe.

7.7    Faisnéis rúnaicmithe agus íogair, agus faisnéis faoi mhaoin intleachtúil, saineolas nó torthaí na nuálaíochta

105. Ní cheanglaítear ar an ngnóthas faisnéis rúnaicmithefaisnéis íogair a nochtadh, fiú má mheastar gur faisnéis ábhartha í an fhaisnéis sin.

106. Le linn dó faisnéis a nochtadh maidir lena straitéis, a phleananna agus a ghníomhaíochtaí, i gcás ina bhfuil píosa sonrach faisnéise a chomhfhreagraíonn do mhaoin intleachtúil, saineolas nó torthaí nuálaíochta ábhartha chun an cuspóir a bhíonn ag Ceanglas maidir le Nochtadh a chomhlíonadh, féadfaidh an gnóthas an píosa sonrach faisnéise sin a fhágáil ar lár mar sin féin i gcás faisnéise:

(a) 

ar rún í sa chiall nach bhfuil daoine laistigh de na ciorcail a dhéileálann de ghnáth leis an gcineál faisnéise i gceist ar an eolas go ginearálta fúithi ná nach bhfuil rochtain acu uirthi, ina hiomláine nó i gcumraíocht agus cóimeáil bheacht a comhpháirteanna;

(b) 

a bhfuil luach tráchtála uirthi toisc gur rún í; agus

(c) 

ar ghlac an gnóthas céimeanna réasúnacha ina leith chun í a choimeád faoi rún.

107. Má fhágann an gnóthas faisnéis rúnaicmithefaisnéis íogair ar lár, nó píosa sonrach faisnéise a chomhfhreagraíonn do mhaoin intleachtúil, do shaineolas nó do thorthaí nuálaíochta toisc go gcomhlíonann sé na critéir a bunaíodh sa mhír roimhe seo, comhlíonfaidh sé an ceanglas maidir le nochtadh atá i gceist trí gach faisnéis eile is gá a nochtadh.

108. Déanfaidh an gnóthas gach iarracht réasúnta chun a áirithiú, sa bhreis ar an bhfaisnéis rúnaicmithefaisnéis íogair a fhágáil ar lár, nó sa bhreis ar an bpíosa sonrach faisnéise a chomhfhreagraíonn do mhaoin intleachtúil, saineolas nó torthaí nuálaíochta, nach lagófar ábharthacht fhoriomlán an nochta atá i gceist.

7.8    Tuairisciú ar dheiseanna

109. Agus tuairisciú á dhéanamh ar dheiseanna, ba cheart faisnéis thuairisciúil a bheith sa nochtadh lena bhféadfaidh an léitheoir an deis don ghnóthas nó don earnáil ina hiomláine a thuiscint. Agus tuairisciú á dhéanamh ag an ngnóthas ar dheiseanna, cuirfidh sé ábharthacht na faisnéise atá le nochtadh san áireamh. Sa chomhthéacs sin, breithneoidh sé, i measc tosca eile:

(a) 

cé acu atá nó nach bhfuil an deis á saothrú faoi láthair agus corpraithe ina straitéis ghinearálta, os coinne deis ghinearálta don ghnóthas nó don earnáil; agus

(b) 

cé acu an iomchuí nó nach iomchuí bearta cainníochtúla maidir le héifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo a chuimsiú, agus an líon toimhdí a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uaidh agus an éiginnteacht iarmhartach á gcur san áireamh.

8.    Struchtúr an ráitis inbhuanaitheachta

110. Soláthraítear an bunús sa chaibidil seo do chur i láthair na faisnéise faoi ábhair inbhuanaitheachta a ullmhaíodh i gcomhréir le hAirteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE (i.e., an ráiteas inbhuanaitheachta) laistigh de thuarascáil bhainistíochta an ghnóthais. Cuirtear faisnéis den sórt sin i láthair i roinn thiomnaithe den tuarascáil bhainistíochta a sainaithníodh mar an ráiteas inbhuanaitheachta. Foscríbhinn F Sampla de struchtúr ráitis inbhuanaitheachta ESRS den Chaighdeán seo ina soláthraítear sampla léiritheach de ráiteas inbhuanaitheachta agus é leagtha amach de réir cheanglais na caibidle seo.

8.1    Ceanglas ginearálta maidir le cur i láthair

111. Cuirfear faisnéis inbhuanaitheachta i láthair:

(a) 

ar bhealach lena mbeifear in ann idirdhealú a dhéanamh idir faisnéis a cheanglaítear le nochtaí in ESRS agus faisnéis eile a áirítear sa tuarascáil bhainistíochta; agus

(b) 

faoi struchtúr lena n-éascaítear rochtain agus tuiscint ar an ráiteas inbhuanaitheachta, i bhformáidí a bheidh inléite ag an duine agus ag meaisín araon.

8.2    Ábhar agus struchtúr an ráitis inbhuanaitheachta

112. Seachas an fhéidearthacht atá ann faisnéis a chuimsiú de réir tagartha i gcomhréir le roinn 9.1 Cuimsiú de réir tagartha den Chaighdeán seo, tuairisceoidh an gnóthas na nochtaí uile is infheidhme a cheanglaítear le ESRS de réir chaibidil 1 den Chaighdeán seo, laistigh de roinn thiomnaithe den tuarascáil bhainistíochta.

113. Áireoidh an gnóthas ina ráiteas inbhuanaitheachta na nochtaí de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ) agus de bhun na Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena sonraítear ábhar agus módúlachtaí eile na nochtaí sin. Áiritheoidh an gnóthas go mbeidh na nochtaí sin inaitheanta ar leithligh laistigh den ráiteas inbhuanaitheachta. Déanfar na nochtaí a bhaineann le gach ceann de na cuspóirí comhshaoil a shainítear sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht a chur i láthair le chéile i gcuid atá inaitheanta go soiléir den roinn comhshaoil den ráiteas inbhuanaitheachta. Níl na nochtaí sin faoi réir fhorálacha ESRS, cé is moite den mhír seo agus den chéad abairt de mhír 115 den chaighdeán seo.

114. Nuair a chuireann an gnóthas nochtaí breise san áireamh ina ráiteas inbhuanaitheachta a eascraíonn as (i) reachtaíocht eile lena gceanglaítear ar an ngnóthas faisnéis inbhuanaitheachta a nochtadh, nó (ii) caighdeáin agus creataí tuairiscithe um inbhuanaitheacht a nglactar leo go ginearálta, lena n-áirítear treoraíocht neamhéigeantach agus treoraíocht earnáilsonrach, arna bhfoilsiú ag comhlachtaí socraithe caighdeán eile (amhail ábhar teicniúil arna eisiúint ag Bord na gCaighdeán Idirnáisiúnta Inbhuanaitheachta nó ag an Tionscnamh Tuairiscithe Domhanda), beidh an méid seo a leanas fíor i gcás nochtaí den sórt sin:

(a) 

sainaithneofar go soiléir iad le tagairt iomchuí don reachtaíocht, don chaighdeán nó don chreat gaolmhar (féach ESRS 2 BP-2, mír 15);

(b) 

comhlíonfaidh siad na ceanglais maidir le saintréithe cáilíochtúla na faisnéise a shonraítear i gcaibidil 2 agus i bhFoscríbhinn B den chaighdeán seo.

115. Leagfaidh an gnóthas a ráiteas inbhuanaitheachta amach i gceithre chuid, san ord seo a leanas: faisnéis ghinearálta, faisnéis chomhshaoil (lena n-áirítear nochtaí de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852), faisnéis shóisialta agus faisnéis rialachais. Ag urramú na forála i roinn 3.6 Tionchair nó rioscaí ábhartha a eascraíonn as gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar ábhair inbhuanaitheachta den Chaighdeán seo, i gcás ina bhfuil san fhaisnéis a sholáthraítear i gcuid amháin faisnéis a bheidh le tuairisciú i gcuid eile, féadfaidh an gnóthas tagairt i gcuid amháin d’fhaisnéis a chuirtear i láthair i gcuid eile, agus dúbailtí a sheachaint. Féadfaidh an gnóthas an struchtúr mionsonraithe a thaispeántar i bhFoscríbhinn F den Chaighdeán seo a chur i bhfeidhm.

116. Déanfar na nochtaí a cheanglaítear le ESRS earnáilsonrach a ghrúpáil de réir an réimse tuairiscithe agus, i gcás inarb infheidhme, de réir topaic inbhuanaitheachta. Cuirfear i láthair iad in éineacht leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2 agus an ESRS topaicshonrach comhfhreagrach.

117. I gcás ina bhforbraíonn an gnóthas nochtaí eintiteas-sonracha ábhartha i gcomhréir le mír 11, tuairisceoidh sé na nochtaí sin in éineacht leis na nochtaí earnáil-il-oiriúnacha agus earnáilsonracha is ábhartha.

9.    Naisc le codanna eile den tuairisciú corparáideach agus faisnéis nasctha

118. Soláthróidh an gnóthas faisnéis a chuirfidh ar a gcumas d’úsáideoirí a ráitis inbhuanaitheachta na naisc idir píosaí éagsúla faisnéise sa ráiteas, agus na naisc idir an fhaisnéis sa ráiteas inbhuanaitheachta agus faisnéis eile a nochtann an gnóthas i gcodanna eile dá thuairisciú corparáideach a thuiscint.

9.1    Cuimsiú de réir tagartha

119. Ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha i mír 120, féadfar faisnéis arna forordú le Ceanglas maidir le Nochtadh de ESRS, lena n-áirítear pointe sonraí sonrach arna fhorordú ag Ceanglas maidir le Nochtadh, féadfar iad a chuimsiú sa ráiteas inbhuanaitheachta trí thagairt don mhéid seo a leanas:

(a) 

roinn eile den tuarascáil bhainistíochta;

(b) 

na ráitis airgeadais;

(c) 

an ráiteas rialachais chorparáidigh (mura cuid den tuarascáil bhainistíochta é);

(d) 

an tuarascáil luacha saothair a cheanglaítear le Treoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 );

(e) 

an doiciméad clárúcháin uilíoch, dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2017/1129 ( 10 ); agus

(f) 

nochtaí poiblí faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (nochtaí Cholún 3) ( 11 ). Má chuimsíonn an gnóthas de réir tagartha faisnéis ó nochtaí Cholún 3, áiritheoidh sé go bhfuil an fhaisnéis ag teacht le raon feidhme an chomhdhlúthaithe a úsáidtear don ráiteas inbhuanaitheachta tríd an bhfaisnéis atá cuimsithe a chomhlánú le heilimintí breise de réir mar is gá.

120. Féadfaidh an gnóthas faisnéis a chuimsiú trí thagairt do na doiciméid, nó do chuid de na doiciméid, arna liostú i mír 119, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas i dtaca leis na nochtaí arna gcuimsiú de réir tagartha:

(a) 

is gné ar leith den fhaisnéis iad agus sainaithnítear go soiléir sa doiciméad lena mbaineann go dtugann siad aghaidh ar an gCeanglas ábhartha maidir le Nochtadh, nó ar an bpointe sonraí sonrach ábhartha a fhorordaítear le Ceanglas maidir le Nochtadh;

(b) 

foilsítear iad roimh an tuarascáil bhainistíochta nó an tráth céanna leis an tuarascáil bhainistíochta;

(c) 

tá siad sa teanga chéanna leis an ráiteas inbhuanaitheachta;

(d) 

tá siad faoi réir an leibhéil chéanna dearbhaithe ar a laghad agus atá an ráiteas inbhuanaitheachta; agus

(e) 

go gcomhlíonann siad na ceanglais digitithe theicniúla chéanna leis an ráiteas inbhuanaitheachta.

121. Ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a bhunaítear i mír 120, féadfar faisnéis arna forordú le Ceanglas maidir le Nochtadh in ESRS, lena n-áirítear pointe sonraí sonrach arna fhorordú le Ceanglas maidir le Nochtadh, féadfar í a chuimsiú sa ráiteas inbhuanaitheachta trí thagairt do thuarascáil an ghnóthais arna hullmhú de réir Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil an Aontais (EMAS) Rialachán (AE) Uimh. 1221/2009 ( 12 ). Sa chás seo, áiritheoidh an gnóthas go dtáirgtear an fhaisnéis arna cuimsiú de réir tagartha ag úsáid an bhunúis chéanna chun faisnéis ESRS a ullmhú, lena n-áirítear raon feidhme chomhdhlúthaithe agus chóireála na faisnéise sa slabhra luacha.

122. Agus an ráiteas inbhuanaitheachta á ullmhú agus cuimsiú de réir tagartha in úsáid, breithneoidh an gnóthas comhtháiteacht fhoriomlán na faisnéise tuairiscithe agus áiritheoidh sé nach lagaíonn an cuimsiú de réir tagartha inléiteacht an ráitis inbhuanaitheachta. Foscríbhinn G Sampla de chuimsiú de réir tagartha den Chaighdeán seo ar sampla léiritheach é de chuimsiú de réir tagartha (Féach ESRS 2 BP-2).

9.2    Faisnéis nasctha agus nascacht le ráitis airgeadais

123. Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar na gaolmhaireachtaí idir píosaí difriúla faisnéise. Chun é sin a dhéanamh, d’fhéadfadh sé gur ghá faisnéis insinte maidir le rialachas, straitéis agus bainistiú riosca a bhaineann le méadracht agus spriocanna a nascadh. Mar shampla, agus faisnéis nasctha á soláthar aige, d’fhéadfadh sé gur ghá don ghnóthas míniú a thabhairt ar éifeacht nó ar éifeacht dhóchúil a straitéise ar a ráitis airgeadais nó ar a phleananna airgeadais, nó míniú a thabhairt ar an gcaoi a mbaineann a straitéis le méadracht agus le spriocanna a úsáidtear chun dul chun cinn a thomhas in aghaidh feidhmíochta. Thairis sin, d’fhéadfadh sé gur ghá don ghnóthas míniú a thabhairt ar an dóigh a bhféadfadh an úsáid a bhaineann sé as acmhainní nádúrtha agus as athruithe laistigh dá shlabhra soláthair a thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a mhéadú, a athrú nó a laghdú. D’fhéadfadh sé gur ghá dó an fhaisnéis sin a nascadh le faisnéis maidir leis na héifeachtaí airgeadais atá ann faoi láthair nó a bhfuil coinne leo ar a chostais táirgthe, lena fhreagairt straitéiseach chun na tionchair nó rioscaí sin a mhaolú, agus lena infheistíocht ghaolmhar i sócmhainní nua. D’fhéadfadh sé gur ghá don ghnóthas freisin faisnéis insinte a nascadh leis na méadrachtaí agus na spriocanna gaolmhara agus leis an bhfaisnéis sna ráitis airgeadais. Beidh an fhaisnéis ina dtugtar tuairisc ar naisc soiléir agus gonta.

124. Nuair a áirítear sa ráiteas inbhuanaitheachta méideanna airgeadaíochta nó pointí sonraí cainníochtúla eile a sháraíonn tairseach ábharthachta agus a chuirtear i láthair sna ráitis airgeadais (nascacht dhíreach idir faisnéis a nochtar sa ráiteas inbhuanaitheachta agus faisnéis a nochtar i ráitis airgeadais), áireoidh an gnóthas tagairt don mhír ábhartha dá ráitis airgeadais inar féidir teacht ar an bhfaisnéis chomhfhreagrach.

125. Féadfar a áireamh sa ráiteas inbhuanaitheachta méideanna airgeadaíochta nó pointí sonraí cainníochtúla eile a sháraíonn tairseach ábharthachta agus ar comhiomlán, nó cuid, iad de mhéideanna airgeadaíochta nó sonraí cainníochtúla a chuirtear i láthair i ráitis airgeadais an ghnóthais (nascacht indíreach idir faisnéis a nochtar i ráiteas inbhuanaitheachta agus faisnéis a nochtar i ráitis airgeadais). Más amhlaidh atá, míneoidh an gnóthas conas a bhaineann na méideanna nó na pointí sonraí sin sa ráiteas inbhuanaitheachta leis na méideanna is ábhartha a chuirtear i láthair sna ráitis airgeadais. Áireofar leis an nochtadh sin tagairt don mhír líne agus/nó do na míreanna ábhartha dá ráitis airgeadais inar féidir teacht ar an bhfaisnéis chomhfhreagrach. I gcás inarb iomchuí, féadfar réiteach a sholáthar, agus féadfar é a chur i láthair i bhfoirm tábla.

126. I gcás faisnéise nach gcumhdaítear le míreanna 124 agus 125, míneoidh an gnóthas, bunaithe ar thairseach ábharthachta, comhsheasmhacht sonraí suntasacha, toimhdí suntasacha agus faisnéis cháilíochtúil shuntasach a áirítear ina ráiteas inbhuanaitheachta leis na sonraí comhfhreagracha, na toimhdí comhfhreagracha agus an fhaisnéis cháilíochtúil chomhfhreagrach a áirítear sna ráitis airgeadais. D’fhéadfadh sé sin tarlú i gcás ina gcuimsítear leis an ráiteas inbhuanaitheachta an méid seo a leanas:

(a) 

méideanna airgeadaíochta nó sonraí cainníochtúla eile atá nasctha le méideanna airgeadaíochta nó le sonraí cainníochtúla eile a chuirtear i láthair sna ráitis airgeadais; nó

(b) 

faisnéis cháilíochtúil atá nasctha le faisnéis cháilíochtúil a chuirtear i láthair sna ráitis airgeadais.

127. Comhsheasmhacht mar a cheanglaítear le mír 126 beidh sé ar leibhéal pointe sonraí aonair agus áireofar leis tagairt don mhír líne ábhartha nó don mhír de nótaí a ghabhann leis na ráitis airgeadais. I gcás nach bhfuil sonraí suntasacha, toimhdí suntasacha agus faisnéis cháilíochtúil shuntasach comhsheasmhach, luafaidh an gnóthas é sin agus míneoidh sé an chúis atá leis.

128. Seo a leanas samplaí d’ítimí a bhfuil an míniú i mír 126 ag teastáil ina leith:

(a) 

i gcás ina gcuirtear an mhéadracht chéanna i láthair ón dáta tuairiscithe i ráitis airgeadais agus mar réamhaisnéis le haghaidh tréimhsí amach anseo sa ráiteas inbhuanaitheachta; agus

(b) 

i gcás ina n-úsáidtear réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha nó ghnó chun méadracht a fhorbairt sa ráiteas inbhuanaitheachta agus i gcás ina bhfuil siad ábhartha freisin chun meastachán a thabhairt ar mhéid in-aisghabhála sócmhainní, méid na ndliteanas nó na bhforálacha i ráitis airgeadais.

129. Féadfar a áireamh le ESRS topaicshonracha agus earnáilsonracha ceanglais chun réitigh a áireamh nó chun comhsheasmhacht na sonraí agus na dtoimhdí le haghaidh Ceanglais shonracha maidir le Nochtadh a léiriú. Sna cásanna sin, beidh tosaíocht ag na ceanglais sna ESRS sin.

10    Forálacha idirthréimhseacha

10.1    Foráil idirthréimhseach a bhaineann le nochtaí eintiteas-sonracha

130. Tá coinne leis go dtiocfaidh forbairt ar a mhéid a chumhdaítear ábhair inbhuanaitheachta le ESRS de réir mar a fhorbraítear tuilleadh Ceanglas maidir le Nochtadh. Dá bhrí sin, is dócha go dtiocfaidh laghdú ar an ngá atá le nochtaí eintiteas-sonracha le himeacht ama, go háirithe mar thoradh ar chaighdeáin earnáilsonracha atá le glacadh amach anseo.

131. Agus a nochtaí eintiteas-sonracha á sainiú aige, féadfaidh an gnóthas bearta idirthréimhseacha a ghlacadh lena n-ullmhú sna chéad trí ráiteas inbhuanaitheachta bhliantúla faoina bhféadfaidh sé an méid seo a leanas a dhéanamh mar thosaíocht:

(a) 

na nochtaí eintiteas-sonracha sin a thabhairt isteach ina thuairisciú a thuairiscigh sé i dtréimhsí roimhe sin, má chomhlíonann na nochtaí sin na saintréithe cáilíochtúla den fhaisnéis dá dtagraítear faoi chaibidil 2 den Chaighdeán seo nó má oiriúnaítear iad chun na saintréithe cáilíochtúla sin a chomhlíonadh; agus

(b) 

a nochtaí a chomhlánú, arna n-ullmhú ar bhonn an ESRS thopaicshonraigh, le tacar iomchuí nochtaí breise chun ábhair inbhuanaitheachta a chumhdach atá ábhartha don ghnóthas ina earnáil / earnálacha, agus úsáid á baint as an dea-chleachtas atá ar fáil agus/nó na creataí atá ar fáil nó na caighdeáin tuairiscithe, amhail treoraíocht thionscalbhunaithe IFRS agus Caighdeáin Earnála GRI.

10.2    Foráil idirthréimhseach a bhaineann le caibidil 5 Slabhra luacha

132. Do na chéad 3 bliana de thuairisciú inbhuanaitheachta an ghnóthais faoi ESRS, i gcás nach bhfuil an fhaisnéis uile is gá maidir lena shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach ar fáil, míneoidh an gnóthas na hiarrachtaí a rinneadh chun an fhaisnéis is gá a fháil faoina shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, na cúiseanna nach bhféadfaí an fhaisnéis uile is gá a fháil, agus a phleananna chun an fhaisnéis is gá a fháil amach anseo.

133. Do na chéad trí bliana dá thuairisciú inbhuanaitheachta faoi ESRS, chun aird a thabhairt ar na deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag gnóthais agus faisnéis á bailiú acu ó ghníomhaithe ar fud a slabhra luacha agus chun an t-ualach ar FBManna sa slabhra luacha a theorannú:

(a) 

agus faisnéis maidir le beartais, gníomhaíochtaí agus spriocanna á nochtadh ag an ngnóthas i gcomhréir le ESRS2 agus ESRS eile, féadfaidh sé faisnéis faoin slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach a theorannú d’fhaisnéis atá ar fáil go hinmheánach, amhail sonraí atá ar fáil cheana féin don ghnóthas agus faisnéis atá ar fáil go poiblí; agus

(b) 

agus méadracht á nochtadh ag an ngnóthas, ní cheanglaítear air faisnéis faoin slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach a áireamh, cé is moite de phointí sonraí a dhíorthaítear ó reachtaíocht eile de chuid an Aontais, mar a liostaítear in ESRS 2 Foscríbhinn B.

134. Beidh feidhm ag míreanna 132 agus 133 gan beann ar cé acu is FBM é an gníomhaí ábhartha sa slabhra luacha nó nach ea.

135. Ag tosú ón gceathrú bliain dá thuairisciú faoin ESRS, áireoidh an gnóthas faisnéis slabhra luacha réamhtheachtach agus/nó iartheachtach de réir mhír 63. Sa chomhthéacs sin, an fhaisnéis a cheanglaítear le ESRS a fháil ó ghnóthais FBM i slabhra luacha réamhtheachtach agus/nó iartheachtach an ghnóthais, ní bheidh sí níos mó ná ábhar an ESRS sa todhchaí i gcás FBManna liostaithe.

10.3    Foráil idirthréimhseach a bhaineann le roinn 7.1 Faisnéis chomparáideach a chur i láthair

136. Chun cur i bhfeidhm céaduaire an Chaighdeáin seo a éascú, ní cheanglaítear ar an ngnóthas an fhaisnéis chomparáideach a cheanglaítear le roinn 7.1 Faisnéis chomparáideach a chur i láthair a nochtadh sa chéad bhliain d’ullmhú an ráitis inbhuanaitheachta faoin ESRS. I gcás na gceanglas maidir le nochtadh a liostaítear i bhFoscríbhinn C Liosta de Cheanglais maidir le Nochtadh atá céimnithe isteach, tá feidhm ag an bhforáil idirthréimhseach seo maidir leis an gcéad bhliain de chur i bhfeidhm sainordaitheach an cheanglais maidir le nochtadh atá céimnithe isteach.

10.4    Foráil idirthréimhseach: Liosta na gCeanglas maidir le Nochtadh atá céimnithe isteach

137. Le Foscríbhinn C Liosta de Cheanglais maidir le Nochtadh atá céimnithe isteach sa Chaighdeán seo, leagtar síos forálacha céimnithe isteach le haghaidh na gCeanglas maidir le Nochtadh nó pointí sonraí na gCeanglas maidir le Nochtadh in ESRS topaicshonrach a d’fhéadfaí a fhágáil ar lár nó nach bhfuil infheidhme sa chéad bhliain / sna céad bhlianta d’ullmhú an ráitis inbhuanaitheachta faoin ESRS.




Foscríbhinn A

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm

Is dlúthchuid de ESRS 1 í an fhoscríbhinn seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán.

Nochtaí eintiteas-sonracha

AR 1. Cuirfidh na nochtaí eintiteas-sonracha ar a gcumas d’úsáideoirí tuiscint a fháil ar thionchair, rioscaí agus deiseanna an ghnóthais i ndáil le hábhair chomhshaoil, shóisialta nó rialachais.

AR 2. Agus nochtaí eintiteas-sonracha á bhforbairt ag an ngnóthas, áiritheoidh sé an méid seo a leanas:

(a) 

go gcomhlíonann na nochtaí saintréithe cáilíochtúla na faisnéise mar a leagtar amach i gcaibidil 2 Saintréithe cáilíochtúla na faisnéise; agus

(b) 

go n-áirítear lena nochtaí, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis na réimsí tuairiscithe rialachais; straitéis; bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna; agus méadracht agus spriocanna (féach ESRS 2 caibidlí 2 go 5).

AR 3. Agus úsáideacht na méadrachta a bheidh le háireamh ina nochtaí eintiteas-sonracha á cinneadh aige, breithneoidh an gnóthas na nithe seo a leanas:

(a) 

cé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn a mhéadracht feidhmíochta roghnaithe léargas maidir le:

i. 

cé chomh héifeachtach agus atá a chleachtais chun torthaí diúltacha a laghdú agus/nó torthaí dearfacha a mhéadú do dhaoine agus don chomhshaol (maidir le tionchair); agus/nó

ii. 

an dóchúlacht go mbeidh éifeachtaí airgeadais ar an ngnóthas mar thoradh ar a chleachtais (maidir le rioscaí agus deiseanna);

(b) 

cé acu atá nó nach bhfuil na torthaí tomhaiste iontaofa go leor, is é sin, nach mbaineann líon iomarcach toimhdí agus éiginnteachtaí leo a d’fhágfadh go mbeadh an mhéadracht róthreallach chun léiriú dílis a thabhairt; agus

(c) 

cé acu atá nó nach bhfuil faisnéis chomhthéacsúil leormhaith tugtha aige chun méadracht feidhmíochta a léirmhíniú go hiomchuí, agus cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh tionchar a bheith ag éagsúlachtaí i bhfaisnéis chomhthéacsúil den sórt sin ar inchomparáideacht na méadrachta le himeacht ama.

AR 4. Agus a nochtaí eintiteas-sonracha á bhforbairt aige, breithneoidh an gnóthas go cúramach:

(a) 

inchomparáideacht idir gnóthais, agus ábharthacht na faisnéise arna soláthar á háirithiú fós, ag aithint go bhféadfadh inchomparáideacht a bheith teoranta le haghaidh nochtaí eintiteas-sonracha. Breithneoidh an gnóthas cé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn na creataí, na tionscnaimh, na caighdeáin tuairiscithe agus na tagarmharcanna ábhartha atá ar fáil (amhail an t-ábhar teicniúil arna eisiúint ag an mBord um Chaighdeáin Inbhuanaitheachta Idirnáisiúnta nó ag an Tionscnamh Tuairiscithe Domhanda) gnéithe atá in ann tacú le hinchomparáideacht a mhéid is féidir é; agus

(b) 

inchomparáideacht le himeacht ama: príomhthoisc é comhsheasmhacht na modheolaíochtaí agus na nochtaí chun inchomparáideacht a bhaint amach le himeacht ama.

AR 5. Is féidir treoraíocht bhreise a fháil chun nochtaí eintiteas-sonracha a fhorbairt ach an fhaisnéis a cheanglaítear faoi ESRS topaicshonrach a bhreithniú, faisnéis ina dtugtar aghaidh ar ábhair inbhuanaitheachta den chineál céanna.

Ábharthacht dhúbailte

Páirtithe leasmhara agus an bhaint atá acu leis an bpróiseas measúnaithe ábharthachta

AR 6. Anuas ar na catagóirí páirtithe leasmhara atá liostaithe i mír 22, is catagóirí comónta páirtithe leasmhara iad seo a leanas: fostaithe agus oibrithe eile, soláthróirí, tomhaltóirí, custaiméirí, úsáideoirí deiridh, pobail áitiúla agus daoine atá i staideanna leochaileacha, agus údaráis phoiblí, lena n-áirítear rialtóirí, maoirseoirí agus bainc cheannais.

AR 7. Is féidir an dúlra a mheas mar pháirtí leasmhar ciúin. Sa chás sin, d’fhéadfadh sonraí éiceolaíocha agus sonraí maidir le caomhnú speiceas tacú le measúnú ábharthachta an ghnóthais.

AR 8. Faigheann measúnú ábharthachta treoir ón idirphlé le páirtithe leasmhara dá ndéantar difear. Féadfaidh an gnóthas oibriú le páirtithe leasmhara dá ndéantar difear nó lena n-ionadaithe (amhail fostaithe nó ceardchumainn), mar aon le húsáideoirí an tuairiscithe um inbhuanaitheacht agus le saineolaithe eile, chun ionchuir nó aiseolas a sholáthar ar a chonclúidí maidir lena thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha.

Measúnú ar ábharthacht tionchair

AR 9. Agus measúnú á dhéanamh ar ábharthacht tionchair agus cinneadh á dhéanamh faoi na hábhair ábhartha a bheidh le tuairisciú, breithneoidh an gnóthas na trí chéim seo a leanas:

(a) 

tuiscint ar an gcomhthéacs i ndáil lena thionchair lena n-áirítear a ghníomhaíochtaí, a ghaolmhaireachtaí gnó, agus páirtithe leasmhara;

(b) 

tionchair iarbhír agus ionchasacha a shainaithint (idir dhiúltach agus dearfach), trí rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara agus saineolaithe. Sa chéim sin, féadfaidh an gnóthas a bheith ag brath ar thaighde eolaíoch agus anailíseach maidir leis na tionchair ar ábhair inbhuanaitheachta;

(c) 

measúnú ar ábharthacht a thionchair iarbhír agus a thionchair fhéideartha agus cinneadh na n-ábhar ábhartha. Sa chéim sin, glacfaidh an gnóthas le tairseacha chun cinneadh a dhéanamh cé na tionchair a chumhdófar ina ráiteas inbhuanaitheachta.

Saintréithe na déine

AR 10. Cinntear an déine leis na tosca seo a leanas:

(a) 

scála: cé chomh tromchúiseach agus atá an tionchar diúltach nó cén chomh tairbhiúil agus atá an tionchar dearfach do dhaoine nó don chomhshaol;

(b) 

raon feidhme: cé chomh forleathan agus atá na tionchair dhiúltacha nó dhearfacha. I gcás na dtionchar comhshaoil, féadfar an raon feidhme a thuiscint mar mhéid an damáiste comhshaoil nó an pheiriméadair gheografaigh. I gcás na dtionchar ar dhaoine, féadfar an raon feidhme a thuiscint mar an líon daoine dá ndearnadh difear tromchúiseach; agus

(c) 

carachtar doleigheasta: cibé acu agus a mhéid a d’fhéadfaí na tionchair dhiúltacha a leigheas, i.e., an comhshaol nó na daoine dá ndearnadh difear a chur ar ais go dtí an staid ina raibh siad roimhe sin.

AR 11. Is féidir le haon cheann de na trí shaintréith (scála, raon feidhme, agus carachtar doleigheasta) tionchar diúltach a dhéanamh tromchúiseach. I gcás tionchar diúltach ionchasach ar chearta an duine, bíonn tosaíocht ag déine an tionchair ar a dhóchúlacht.

Tionchair a bhaineann leis an ngnóthas

AR 12. Mar léiriú:

(a) 

má úsáideann an gnóthas cóbalt ina tháirgí a mhianaítear agus saothar leanaí in úsáid, beidh an tionchar diúltach (i.e., saothar leanaí) nasctha le táirgí an ghnóthais trí na sraitheanna de ghaolmhaireachtaí gnó ina shlabhra luacha. Áirítear ar na caidrimh sin an bruithneoir agus trádálaí mianraí agus an fiontar mianadóireachta a úsáideann saothar leanaí; agus

(b) 

má sholáthraíonn an gnóthas iasachtaí airgeadais d’fhiontar le haghaidh gníomhaíochtaí gnó arb é a bhíonn mar thoradh orthu, de shárú ar chaighdeáin chomhaontaithe, go ndéantar éilliú ar uisce agus ar thalamh timpeall ar na hoibríochtaí, beidh an tionchar diúltach sin nasctha leis an ngnóthas trína ghaolmhaireacht leis an bhfiontar a soláthraíonn sé na hiasachtaí dó.

Measúnú ar ábharthacht airgeadais

AR 13. Is samplaí iad seo a leanas den chaoi ar foinsí rioscaídeiseanna iad tionchair agus spleáchais:

(a) 

nuair a bhíonn samhail ghnó an ghnóthais ag brath ar acmhainn nádúrtha — uisce mar shampla — is dóigh go ndéanfar difear dó de bharr athruithe ar cháilíocht, ar infhaighteacht agus ar phraghsáil na hacmhainne sin;

(b) 

nuair a bhíonn tionchair dhiúltacha ann de bharr gníomhaíochtaí an ghnóthais, e.g., ar phobail áitiúla, d’fhéadfadh na gníomhaíochtaí a bheith faoi réir rialacháin rialtais níos déine agus/nó d’fhéadfadh an tionchar iarmhairtí de chineál clú a spreagadh. D’fhéadfadh sé go mbeadh éifeachtaí diúltacha acu sin ar bhranda an ghnóthais agus d’fhéadfadh costais earcaíochta níos airde teacht chun cinn dá mbarr; agus

(c) 

nuair a bhíonn rioscaí ábhartha a bhaineann le hinbhuanaitheacht os comhair comhpháirtithe gnó an ghnóthais, d’fhéadfadh an gnóthas a bheith neamhchosanta ar iarmhairtí gaolmhara freisin.

AR 14. Is é túsphointe an mheasúnaithe ábharthachta airgeadais rioscaí agus deiseanna a shainaithint a dhéanann difear, nó a bhféadfadh coinne réasúnach a bheith leis go ndéanfadh sé difear, do riocht airgeadais, feidhmíocht airgeadais, sreafaí airgid, rochtain ar mhaoiniú nó costas caipitil an ghnóthais sa ghearrthéarma, sa mheántéarma nó san fhadtéarma. Sa chomhthéacs seo, breithneoidh an gnóthas an méid seo a leanas:

(a) 

gur ann do spleáchais ar acmhainní nádúrtha agus sóisialta mar fhoinsí éifeachtaí airgeadais (féach mír 50);

(b) 

a n-aicmiú mar fhoinsí:

i. 

rioscaí (ag rannchuidiú le himeacht diúltach in insreafaí airgid lena bhfuil coinne sa todhchaí nó le méadú ar imeacht in eis-sreafaí airgid lena bhfuil coinne sa todhchaí agus/nó imeacht diúltach ó athrú lena bhfuil coinne i gcaipitil nach n-aithnítear sna ráitis airgeadais); nó

ii. 

deiseanna (ag rannchuidiú le himeacht deimhneach in insreafaí airgid lena bhfuil coinne sa todhchaí nó le laghdú ar imeacht in eis-sreafaí airgid sa todhchaí agus/nó imeacht deimhneach ó athrú lena bhfuil coinne i gcaipitil nach n-aithnítear sna ráitis airgeadais).

AR 15. A luaithe agus a shainaithníonn an gnóthas a chuid rioscaí agus deiseanna, cinnfidh sé cé acu atá ábhartha i gcomhair tuairisciú. Beidh sé sin bunaithe ar mheascán de (i) an dóchúlacht go dtarlóidh siad agus (ii) méid ionchasach na n-éifeachtaí airgeadais a cinneadh ar bhonn tairseacha iomchuí. Sa chéim sin cuirfidh sé rannchuidiú na rioscaí agus na ndeiseanna sin le héifeachtaí airgeadais sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma san áireamh bunaithe ar:

(a) 

cásanna/réamhaisnéisí a meastar gur dóigh go dtarlóidh siad; agus

(b) 

►C1  éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo a bhaineann le h ábhair inbhuanaitheachta  ◄ a eascraíonn as cásanna atá faoin tairseach ‘níos dóchúla ná a mhalairt’ nó sócmhainní/dliteanais nach léirítear (nó nach léirítear go fóill) sna ráitis airgeadais. Áirítear leis sin:

i. 

cásanna ionchasacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’ionchas giniúna an tsreafa airgid tar éis do theagmhais tarlú sa todhchaí;

ii. 

caipitil nach n-aithnítear mar shócmhainní ó pheirspictíocht cuntasaíochta agus tuairiscithe airgeadais de ach ag a bhfuil tionchar suntasach ar fheidhmíocht airgeadais, amhail caipitil nádúrtha, intleachtúla (eagraíochtúla), dhaonna, shóisialta agus ghaolmhaireachta; agus

iii. 

teagmhais fhéideartha sa todhchaí ag a bhféadfadh tionchar a bheith ar éabhlóid na gcaipiteal sin.

Ábhair inbhuanaitheachta a bheidh le háireamh sa mheasúnú ábharthachta

AR 16. Le linn don ghnóthas a mheasúnú ábharthachta a dhéanamh, breithneoidh sé an liosta seo a leanas d’ábhair inbhuanaitheachta a chumhdaítear san ESRS topaicshonrach. I gcás, de thoradh mheasúnú ábharthachta an ghnóthais (féach ESRS 2 IRO-1), go ndéantar measúnú ar ábhar inbhuanaitheachta áirithe sa liosta seo mar ábhar ábhartha, tuairisceoidh an gnóthas de réir na gCeanglas comhfhreagrach maidir le Nochtadh san ESRS topaicshonrach ábhartha. Ní úsáidtear an liosta sin in ionad an phróisis maidir le hábhair ábhartha a chinneadh. Is uirlis é an liosta seo chun tacú le measúnú ábharthachta an ghnóthais. Is gá don ghnóthas i gcónaí a imthosca sonracha féin a chur san áireamh le linn dó a ábhair ábhartha a chinneadh. Forbróidh an gnóthas, i gcás inar gá, nochtaí eintiteas-sonracha freisin maidir le tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha nach gcumhdaítear le ESRS mar a thuairiscítear i mír 11 den Chaighdeán seo.



Topaicshonrach

ESRS

Ábhair inbhuanaitheachta a chumhdaítear in ESRS topaicshonracha

 

Topaic

Fothopaic

Fo-fhothopaicí

ESRS E1

Athrú aeráide

— Oiriúnú don athrú aeráide

— Maolú ar an athrú aeráide

— Fuinneamh

 

ESRS E2

Truailliú

— Truailliú aeir

— Truailliú uisce

— Truailliú ithreach

— Truailliú orgánach beo agus acmhainní bia

— Substaintí ar díol imní iad

— Substaintí ar ábhar mór imní iad

— Micreaphlaistigh

 

ESRS E3

Uisce agus acmhainní muirí

— Uisce

— Acmhainní muirí

— Tomhaltas uisce

— Asbhaintí uisce

— Sceitheadh uisce

— Sceitheadh uisce sna haigéin

— Acmhainní muirí a bhaint agus a úsáid

ESRS E4

Bithéagsúlacht agus éiceachórais

— Spreagthaí tionchair dhírigh chailliúint na bithéagsúlachta

— Athrú Aeráide

— Athrú ar thalamhúsáid, athrú ar úsáid uisce úir agus athrú ar úsáid na farraige

— Saothrú díreach

— Speicis choimhthíocha ionracha

— Truailliú

— Eile

— Tionchair ar staid speiceas

Samplaí:

— Méid dhaonra na speiceas

— Baol díothaithe domhanda speicis

— Tionchair ar fhairsinge agus ar riocht na n-éiceachóras

Samplaí:

— Díghrádú talún

— Fású

— Séalú ithreach

— Tionchair agus spleáchais ar éicisheirbhísí

 

ESRS E5

Geilleagar ciorclach

— Insreafaí acmhainní, lena n-áirítear úsáid acmhainní

— Eis-sreafaí acmhainní a bhaineann le táirgí agus seirbhísí

— Dramhaíl

 

ESRS S1

Lucht saothair dílis

— Coinníollacha oibre

— Fostaíocht shlán

— Am oibre

— Pá leordhóthanach

— Idirphlé sóisialta

— Saoirse comhlachais, comhairlí oibreacha a bheith ann agus cearta oibrithe maidir le faisnéis, comhairliúchán agus rannpháirtíocht

— Cómhargáil, lena n-áirítear an ráta oibrithe atá cumhdaithe ag comhaontuithe comhchoiteanna

— Cothromaíocht oibre is saoil

— Sláinte agus sábháilteacht

 

 

— Cóir chomhionann agus deiseanna comhionanna do chách

— Comhionannas inscne agus pá comhionann as obair ar comhionann a luach

— Oiliúint agus forbairt scileanna

— Fostaíocht agus cuimsiú daoine faoi mhíchumas

— Bearta in aghaidh foréigin agus ciapadh i saol na hoibre

— Éagsúlacht

 

 

— Cearta eile a bhaineann le saol na hoibre

— Saothar leanaí

— Obair éigeantais

— Tithíocht leordhóthanach

— Príobháideachas

ESRS S2

Oibrithe sa slabhra luacha

— Coinníollacha oibre

— Fostaíocht shlán

— Am oibre

— Pá leordhóthanach

— Idirphlé sóisialta

— Saoirse comhlachais, lena n-áirítear comhairlí oibre a bheith ann

— Cómhargáil

— Cothromaíocht oibre is saoil

— Sláinte agus sábháilteacht

 

 

— Cóir chomhionann agus deiseanna comhionanna do chách

— Comhionannas inscne agus pá comhionann as obair ar comhionann a luach

— Oiliúint agus forbairt scileanna

— Fostaíocht agus cuimsiú daoine faoi mhíchumas

— Bearta in aghaidh foréigin agus ciapadh i saol na hoibre

— Éagsúlacht

 

 

— Cearta eile a bhaineann le saol na hoibre

— Saothar leanaí

— Obair éigeantais

— Tithíocht leordhóthanach

— Uisce agus sláintíocht

— Príobháideachas

ESRS S3

Pobail dá ndéantar difear

— Cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha pobal

— Tithíocht leordhóthanach

— Bia leordhóthanach

— Uisce agus sláintíocht

— Tionchair a bhaineann le talamh

— Tionchair a bhaineann le slándáil

 

 

— Cearta sibhialta agus polaitiúla pobal

— Saoirse cainte

— Saoirse comhthionóil

— Tionchair ar chosantóirí chearta an duine

 

 

— Cearta na bpobal dúchasach

— Toiliú saor, roimh ré agus eolasach

— Féinchinntiúchán

— Cearta cultúrtha

ESRS S4

Tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh

— Tionchair a bhaineann le faisnéis do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh

— Príobháideachas

— Saoirse cainte

— Rochtain ar fhaisnéis (cháilíochta)

 

 

— Sábháilteacht phearsanta tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh

— Sláinte agus sábháilteacht

— Slándáil duine

— Cosaint leanaí

 

 

— Cuimsiú sóisialta tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh

— Neamh-idirdhealú

— Rochtain ar tháirgí agus seirbhísí

— Cleachtais margaíochta fhreagracha —

ESRS G1

Iompar gnó

— Cultúr corparáideach

— Sceithirí a chosaint

— Leas ainmhithe

— Rannpháirtíocht pholaitiúil agus gníomhaíochtaí stocaireachta

— Bainistiú gaolmhaireachtaí le soláthróirí lena n-áirítear cleachtais íocaíochta

 

 

 

— Éilliú agus breabaireacht

— agus brath lena n-áirítear oiliúint Cosc

— Teagmhais

Meastachán ag úsáid meánchostais agus ionadaithe earnála

AR 17. I gcás nach féidir leis an ngnóthas faisnéis maidir leis an slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach a bhailiú mar a cheanglaítear le mír 63 tar éis dó iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh é sin a dhéanamh, déanfaidh sé an fhaisnéis atá le tuairisciú a mheas trí úsáid a bhaint as gach faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi atá ar fáil don ghnóthas ar an dáta tuairiscithe gan costas nó iarracht mhíchuí. Áirítear leis sin faisnéis inmheánach agus sheachtrach, ach gan a bheith teoranta dóibh, amhail sonraí ó fhoinsí indíreacha, meánsonraí earnála, anailísí samplacha, sonraí ó ghrúpaí margaidh agus piarghrúpaí, ionadaithe eile nó sonraí atá bunaithe ar chaiteachas.

Ábhar agus struchtúr an ráitis inbhuanaitheachta

AR 18. Mar léiriú le haghaidh mhír 115 i roinn 8.2 Ábhar agus struchtúr an ráitis inbhuanaitheachta den Chaighdeán seo, d’fhéadfadh an gnóthas a chumhdaíonn ábhair chomhshaoil agus shóisialta sa bheartas céanna crostagairt a dhéanamh. Ciallaíonn sé sin go bhféadfaidh an gnóthas tuairisciú ar an mbeartas ina nochtaí comhshaoil agus crostagairt a dhéanamh dó ó na nochtaí sóisialta ábhartha nó vice versa. Ceadaítear cur i láthair comhdhlúite a dhéanamh ar bheartais thar ábhair.




Foscríbhinn B

Saintréithe cáilíochtúla na faisnéise

Is dlúthchuid de ESRS 1 í an fhoscríbhinn seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán. Sainítear san fhoscríbhinn seo na saintréithe cáilíochtúla a chomhlíonfaidh an fhaisnéis a chuirtear i láthair sa ráiteas inbhuanaitheachta arna ullmhú de réir ESRS.

Ábharthacht

QC 1. Tá faisnéis inbhuanaitheachta ábhartha i gcás ina bhféadfadh sé difríocht a dhéanamh i gcinntí úsáideoirí faoi chur chuige ábharthachta dúbailte (féach caibidil 3 den Chaighdeán seo).

QC 2. D’fhéadfadh faisnéis difríocht a dhéanamh maidir le cinneadh fiú má roghnaíonn roinnt úsáideoirí gan leas a bhaint aisti nó má tá siad ar an eolas maidir léi cheana féin ó fhoinsí eile. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag faisnéis inbhuanaitheachta ar chinntí úsáideoirí má tá luach tuarthach, luach deimhniúcháin nó an dá cheann aige. Tá luach tuarthach ag faisnéis más féidir í a úsáid mar ionchur i bpróisis arna gcur in úsáid ag úsáideoirí chun torthaí a thuar sa todhchaí. Ní gá gur tuar nó réamhaisnéis a bheadh i bhfaisnéis inbhuanaitheachta le go mbeadh luach tuarthach aici, ach ina ionad sin beidh luach tuarthach aici má chuireann úsáideoirí in úsáid í chun a dtuartha féin a dhéanamh.

QC 3. Tá luach deimhniúcháin ag faisnéis má thugtar aiseolas inti (ag deimhniú nó ag athrú) faoi mheastóireachtaí roimhe sin.

QC 4. Is gné ábharthachta eintiteas-sonrach é an ábharthacht bunaithe ar chineál nó ar mhéid, nó an dá cheann, na míreanna lena mbaineann an fhaisnéis, agus measúnú á dhéanamh i gcomhthéacs thuairisciú um inbhuanaitheacht an ghnóthais (féach caibidil 3 den Chaighdeán seo).

Léiriú dílis

QC 5. Le bheith úsáideach, ní hamháin nach mór don fhaisnéis feiniméin ábhartha a léiriú, ní mór di léiriú dílis a thabhairt freisin ar shubstaint an fheiniméin a airbheartaíonn sí a léiriú. Ceanglaítear le léiriú dílis go mbeadh an fhaisnéis (i) comhlánaithe, (ii) neodrach agus (iii) cruinn.

QC 6. Áirítear le léiriú iomlán ar thionchar, riosca nó deis an fhaisnéis uile is gá do na húsáideoirí chun an tionchar, riosca nó deis sin a thuiscint. Áirítear leis sin an chaoi ar chuir an gnóthas a straitéis, a bhainistíocht riosca agus a rialachas in oiriúint mar fhreagairt ar an tionchar, an riosca nó an deis sin, chomh maith leis an méadracht a sainaithníodh chun spriocanna a leagan síos agus chun feidhmíocht a thomhas.

QC 7. Tá léiriú neodrach gan chlaonadh sa roghnú nó sa nochtadh a dhéanann sé ar fhaisnéis. Tá faisnéis neodrach mura bhfuil sí claonta, ualaithe, curtha i dtábhacht, má tá an bhéim bainte de nó má ionramháiltear í ar shlí eile ionas go mbeidh sé níos dóchúla go bhfaighidh na húsáideoirí an fhaisnéis sin go fabhrach nó go neamhfhabhrach. Beidh sí cothrom, chun gnéithe fabhracha/deimhneacha agus neamhfhabhracha/diúltacha a chumhdach. Tabharfar an aird chéanna ar thionchair ábhartha idir dhiúltach agus dearfach ó pheirspictíocht ábharthachta tionchair de chomh maith le rioscaí agus deiseanna ábhartha ó pheirspictíocht ábharthachta airgeadais de. Aon fhaisnéis inbhuanaitheachta mhianaidhme, mar shampla spriocanna nó pleananna, cumhdóidh sí mianaidhmeanna agus tosca araon a d’fhéadfadh cosc a chur ar an ngnóthas na mianaidhmeanna sin a bhaint amach chun léiriú neodrach a bheith aige.

QC 8. Tacaítear leis an neodracht nuair a fheidhmítear stuamacht ar feidhmiú réamhchúraim é nuair a bhíonn breithiúnais á ndéanamh faoi dhálaí neamhchinnteachta. Ní dhéanfar faisnéis a ghlanluacháil ná a chúiteamh le bheith neodrach. Ciallaíonn feidhmiú stuamachta nach ndéantar áibhéil faoi dheiseanna agus nach ndéantar beag is fiú de rioscaí. Mar an gcéanna, ní cheadaítear le feidhmiú stuamachta go ndéanfaí beag is fiú de dheiseanna ná go ndéanfaí áibhéil faoi rioscaí. Féadfaidh an gnóthas faisnéis ghlan a chur i láthair, mar aon le holl-luachanna, mura bhfolaíonn cur i láthair den sórt sin faisnéis ábhartha agus má áirítear míniú soiléir léi maidir le héifeachtaí na glanluachála agus na cúiseanna atá leis an nglanluacháil.

QC 9. Is féidir le faisnéis a bheith cruinn gan a bheith iomlán beacht i ngach cás. Tugann faisnéis chruinn le tuiscint go bhfuil próisis agus rialuithe inmheánacha leormhaithe curtha chun feidhme ag an ngnóthas chun earráidí ábhartha nó míráitis ábhartha a sheachaint. Dá bharr sin, cuirfear meastacháin i láthair le béim shoiléir ar na lochtanna a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus an neamhchinnteacht a ghabhann leis sin (féach roinn 7.2 den Chaighdeán seo). An méid beachtais a theastóidh agus a bheifear in ann a bhaint amach, agus na tosca a fhágann go mbíonn faisnéis cruinn, beidh siad ag brath ar chineál na faisnéise agus ar chineál na n-ábhar ar a dtugtar aghaidh inti. Ceanglaítear mar shampla le cruinneas:

(a) 

tá faisnéis fhíorasach saor ó earráid ábhartha;

(b) 

tá tuairiscí beacht;

(c) 

tá meastacháin, neastacháin agus réamhaisnéisí sainaitheanta go soiléir mar sin;

(d) 

ní dhearnadh aon earráid ábhartha le linn do phróiseas iomchuí chun meastachán, neastachán nó réamhaisnéis a fhorbairt a bheith á roghnú agus á chur i bhfeidhm, agus go bhfuil na hionchuir leis an bpróiseas sin réasúnach agus gur féidir tacú leo;

(e) 

tá na dearbhuithe réasúnach agus bunaithe ar fhaisnéis de cháilíocht agus de chainníocht leordhóthanach; agus

(f) 

tugann faisnéis maidir le breithiúnais faoin todhchaí léiriú dílis ar na breithiúnais agus ar an bhfaisnéis sin araon ar a bhfuil siad bunaithe.

Inchomparáideacht

QC 10. Tá faisnéis inbhuanaitheachta inchomparáide nuair is féidir í a chur i gcomparáid le faisnéis arna soláthar ag an ngnóthas i dtréimhsí roimhe sin agus, nuair is féidir í a chur i gcomparáid le faisnéis arna soláthar ag gnóthais eile, go háirithe iad sin ag a raibh gníomhaíochtaí den chineál céanna nó a bhí ag feidhmiú laistigh den tionscal céanna. Is féidir sprioc, bonnlíne, tagarmharc tionscail, faisnéis inchomparáide ó ghnóthais eile nó ó eagraíocht ag a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta, etc. a úsáid mar phointe tagartha i gcomhair comparáide.

QC 11. Baineann comhsheasmhacht le hinchomparáideacht, ach ní hionann iad. Tagraíonn comhsheasmhacht don úsáid a bhaintear as na cuir chuige nó na modhanna céanna don ábhar inbhuanaitheachta céanna, ó thréimhse go tréimhse ag an ngnóthas agus gnóthais eile. Cuidíonn comhsheasmhacht chun sprioc na hinchomparáideachta a bhaint amach.

QC 12. Ní rud uilíoch í inchomparáideacht. Ionas go mbeidh faisnéis inchomparáide, beidh comhpháirteanna comhchosúla cosúil lena chéile agus beidh cuma dhifriúil ar chomhpháirteanna difriúla. Ní fheabhsaítear inchomparáideacht na faisnéise inbhuanaitheachta trí rudaí nach bhfuil cosúil lena chéile a dhéanamh cosúil lena chéile aon ní ná mar a fheabhsaítear í trí chuma dhifriúil a chur ar rudaí.

Infhíoraitheacht

QC 13. Cuidíonn infhíoraitheacht chun muinín a thabhairt d’úsáideoirí go bhfuil faisnéis iomlán, neodrach agus cruinn. Tá faisnéis inbhuanaitheachta infhíoraithe más féidir comhthacú leis an bhfaisnéis inti féin nó leis na hionchuir a úsáideadh chun í a dhíorthú.

QC 14. Ciallaíonn infhíoraitheacht go bhféadfadh breathnóirí eolasacha agus neamhspleácha éagsúla teacht ar chomhthoil, cé nach gá go mbeidís go hiomlán ar aon intinn, gur léiriú dílis é léiriú áirithe. Soláthrófar faisnéis inbhuanaitheachta ar bhealach lena bhfeabhsaítear a hinfhíoraitheacht, mar shampla:

(a) 

faisnéis a chur san áireamh ar féidir comhthacú léi trína cur i gcomparáid le faisnéis eile atá ar fáil d’úsáideoirí maidir le gnó an ghnóthais, gnóthaí eile nó maidir leis an timpeallacht sheachtrach;

(b) 

faisnéis a sholáthar faoi ionchuir agus modhanna ríomha a úsáideadh chun meastacháin nó neastacháin a chur le chéile; agus

(c) 

faisnéis a sholáthar arna hathbhreithniú agus arna comhaontú ag comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta nó ag a gcoistí.

QC 15. Beidh roinnt faisnéise inbhuanaitheachta i bhfoirm mínithe nó faisnéise réamhbhreathnaithí. Is féidir tacú leis na nochtaí sin trí léiriú dílis a dhéanamh ar bhonn fíorasach mar shampla ar straitéisí, pleananna agus anailísí riosca an ghnóthais. Chun cuidiú le húsáideoirí cinneadh a dhéanamh cé acu faisnéis den sórt sin a úsáid nó gan a úsáid, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar na toimhdí agus na modhanna bunúsacha trínar cuireadh an fhaisnéis le chéile, chomh maith le tosca eile a sholáthraíonn fianaise go léiríonn sé na pleananna nó na cinntí iarbhír a rinne an gnóthas.

Sothuigtheacht

QC 16. Tá faisnéis inbhuanaitheachta sothuigthe nuair atá sí soiléir agus gonta. Cuireann faisnéis intuigthe ar a chumas d’aon úsáideoir réasúnta eolasach an fhaisnéis atá á cur in iúl a thuiscint go héasca.

QC 17. Chun go mbeidh nochtaí inbhuanaitheachta gonta, ní mór dóibh (a) faisnéis chineálach ina bhfuil ‘téacs réamhshocraithe’ a sheachaint, faisnéis nach mbaineann go sonrach leis an ngnóthas; (b) dúbailt gan ghá na faisnéise a sheachaint, lena n-áirítear faisnéis a sholáthraítear freisin i ráitis airgeadais; agus (c) teanga shoiléir agus abairtí agus míreanna dea-struchtúrtha a úsáid. Ní áireofar ach faisnéis ábhartha amháin le nochtaí gonta. ►C1  Déanfar faisnéis chomhlántach a chuirtear i láthair de bhun mhír 114 a sholáthar ar bhealach a sheachnaíonn folú faisnéise ábhartha. ◄

QC 18. D’fhéadfaí soiléireacht a fheabhsú trí fhaisnéis maidir le forbairtí sa tréimhse tuairiscithe a idirdhealú ó fhaisnéis ‘sheasta’ ar beag athrú a ndéantar uirthi, ó thréimhse go chéile. Is féidir é sin a dhéanamh, mar shampla, trí thuairisc ar leith a thabhairt ar ghnéithe de rialachas an ghnóthais a bhaineann le hinbhuanaitheacht agus próisis bainistithe riosca ar tháinig athrú orthu ón tréimhse tuairiscithe roimhe sin i gcomparáid leo siúd nár tháinig aon athrú orthu.

QC 19. Bíonn iomláine, soiléireacht agus inchomparáideacht na nochtaí inbhuanaitheachta uile ag brath ar fhaisnéis a bheith á cur i láthair mar fhaisnéis iomlán comhleanúnach. Ionas go mbeidh nochtaí inbhuanaitheachta comhleanúnach, cuirfear i láthair iad ar bhealach a mhíníonn an comhthéacs agus na naisc idir an fhaisnéis ghaolmhar. Le comhleanúnachas, ceanglaítear ar an ngnóthas freisin faisnéis a sholáthar ar bhealach a ligeann d’úsáideoirí faisnéis maidir lena thionchair, rioscaí agus deiseanna a bhaineann le hinbhuanaitheacht a cheangal le faisnéis i ráitis airgeadais an ghnóthais.

QC 20. Má bhíonn impleachtaí ag rioscaí agus deiseanna a bhaineann le hinbhuanaitheacht a pléadh sna ráitis airgeadais do thuairisciú um inbhuanaitheacht, áireoidh an gnóthas sa ráiteas inbhuanaitheachta an fhaisnéis a theastaíonn ó úsáideoirí chun measúnú a dhéanamh ar na himpleachtaí sin agus cuirfidh sé naisc iomchuí i láthair chuig na ráitis airgeadais (féach caibidil 9 den Chaighdeán seo). Beidh an leibhéal faisnéise, gráinneachta agus teicniúlachta ailínithe le riachtanais agus le hionchais úsáideoirí. Seachnófar giorrúcháin agus saineofar agus nochtfar na haonaid tomhais.




Foscríbhinn C

Liosta de Cheanglais maidir le Nochtadh atá céimnithe isteach

Is dlúthchuid de ESRS 1 í an fhoscríbhinn seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán.



ESRS

Ceanglas maidir le Nochtadh

Ainm iomlán an Cheanglais maidir le Nochtadh

Dáta céimnithe isteach nó dáta éifeachtach (lena n-áirítear an chéad bhliain)

ESRS 2

SBM-1

Straitéis, samhail ghnó agus slabhra luacha

Tuairisceoidh an gnóthas an fhaisnéis a fhorordaítear le ESRS 2 SBM-1 mír 40 (b) (miondealú ar ioncam iomlán de réir earnáil shuntasach ESRS) agus 40(c) (liosta de na hearnálacha móra breise ESRS) ag tosú ón dáta cur i bhfeidhm a shonraítear i nGníomh Tarmligthe ón gCoimisiún atá le glacadh de bhun Airteagal 29b(1) tríú fomhír, pointe (ii), de Threoir 2013/34/AE.

ESRS 2

SBM-3

Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó

Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS 2 SBM-3, mír 48 (e), (éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo) a fhágáil ar lár don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. Féadfaidh an gnóthas ESRS 2 SBM-3, mír 48 (e), a chomhlíonadh trí nochtaí cáilíochtúla a thuairisciú, agus iad sin amháin, ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta, má bhíonn sé dodhéanta nochtaí cainníochtúla a ullmhú.

ESRS E1

E1-6

Oll-astaíochtaí Scóip 1, 2, 3 agus Iomlán na n-astaíochtaí GCT

Gnóthais nó grúpaí nach sáraíonn ar a ndátaí dúnta cuntais an meánlíon 750 fostaí le linn na bliana airgeadais (ar bhonn comhdhlúite i gcás inarb infheidhme), féadfaidh siad na pointí sonraí a fhágáil ar lár maidir le hastaíochtaí scóip 3 agus iomlán na n-astaíochtaí GCT don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS E1

E1-9

Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí fisiceacha ábhartha agus rioscaí aistrithe ábhartha agus deiseanna ionchasacha a bhaineann leis an aeráid

Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS E1-9 a fhágáil ar lár don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. Féadfaidh an gnóthas ESRS E1-9 a chomhlíonadh trí nochtaí cáilíochtúla a thuairisciú, agus iad sin amháin, ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta, má bhíonn sé dodhéanta nochtaí cainníochtúla a ullmhú.

ESRS E2

E2-6

►C1  Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna a bhaineann le truailliú ◄

Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS E2-6 a fhágáil ar lár don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. Seachas an fhaisnéis arna forordú le mír 40(b) maidir leis an gcaiteachas oibriúcháin agus caiteachas caipitiúil a rinneadh sa tréimhse tuairiscithe i gcomhar le mórtheagmhais agus taiscí, féadfaidh an gnóthas ESRS E2-6 a chomhlíonadh agus gan a thuairisciú ach nochtaí cáilíochtúla, ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS E3

E3-5

►C1  Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí ◄

Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS E3-5 a fhágáil ar lár don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. Féadfaidh an gnóthas ESRS E3-5 a chomhlíonadh trí nochtaí cáilíochtúla a thuairisciú, agus iad sin amháin, ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS E4

Gach ceanglas maidir le nochtadh

Gach ceanglas maidir le nochtadh

Gnóthais nó grúpaí nach sáraíonn ar a ndátaí dúnta cuntais an meánlíon 750 fostaí le linn na bliana airgeadais (ar bhonn comhdhlúite i gcás inarb infheidhme), féadfaidh siad an fhaisnéis a shainaithnítear sna ceanglais maidir le nochtadh in ESRS E4 a fhágáil ar lár don chéad 2 bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS E4

E4-6

►C1  Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna a bhaineann le bithéagsúlacht agus éiceachóras ◄

Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS E4-6 a fhágáil ar lár don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

Féadfaidh an gnóthas ESRS E4-6 a chomhlíonadh trí nochtaí cáilíochtúla a thuairisciú, agus iad sin amháin, ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS E5

E5-6

►C1  Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna a bhaineann le húsáid acmhainní agus an geilleagar ciorclach ◄

Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS E5-6 a fhágáil ar lár don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

Féadfaidh an gnóthas ESRS E5-6 a chomhlíonadh trí nochtaí cáilíochtúla a thuairisciú, agus iad sin amháin, ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS S1

Gach ceanglas maidir le nochtadh

Gach ceanglas maidir le nochtadh

Gnóthais nó grúpaí nach sáraíonn ar a ndátaí dúnta cuntais an meánlíon 750 fostaí le linn na bliana airgeadais (ar bhonn comhdhlúite i gcás inarb infheidhme), féadfaidh siad an fhaisnéis a shainaithnítear sna ceanglais maidir le nochtadh in ESRS S1 a fhágáil ar lár don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS S1

S1-7

Saintréithe oibrithe neamhfhostaithe i lucht saothair dílis an ghnóthais

Féadfaidh an gnóthas tuairisciú a fhágáil ar lár le haghaidh na bpointí sonraí uile sa Cheanglas maidir le Nochtadh sin don chéad bhliain d’ullmhú a ráiteas inbhuanaitheachta.

ESRS S1

S1-8

Cumhdach na cómhargála agus idirphlé sóisialta

Féadfaidh an gnóthas an Ceanglas sin maidir le Nochtadh a fhágáil ar lár maidir lena fhostaithe féin i dtíortha nach tíortha LEE iad don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS S1

S1-11

Cosaint shóisialta

Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS S1-11 a fhágáil ar lár don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS S1

S1-12

►C1  Daoine faoi mhíchumas ◄

Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS S1-12 a fhágáil ar lár don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS S1

S1-13

Oiliúint agus forbairt scileanna

Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS S1-13 a fhágáil ar lár don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS S1

S1-14

Sláinte agus sábháilteacht

Féadfaidh an gnóthas na pointí sonraí a fhágáil ar lár maidir le cásanna drochshláinte a bhaineann leis an obair agus maidir leis an líon laethanta a cailleadh de dheasca gortuithe, timpistí, básanna agus drochshláinte a bhaineann leis an obair don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS S1

S1-14

Sláinte agus sábháilteacht

Féadfaidh an gnóthas tuairisciú ar dhaoine nach fosaithe iad a fhágáil ar lár don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS S1

S1-15

Cothromaíocht oibre is saoil

Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS S1-15 a fhágáil ar lár don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS S2

Gach ceanglas maidir le nochtadh

Gach ceanglas maidir le nochtadh

Gnóthais nó grúpaí nach sáraíonn ar a ndátaí dúnta cuntais an meánlíon 750 fostaí le linn na bliana airgeadais (ar bhonn comhdhlúite i gcás inarb infheidhme), féadfaidh siad an fhaisnéis a shainaithnítear sna ceanglais maidir le nochtadh in ESRS S2 a fhágáil ar lár don chéad 2 bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS S3

Gach ceanglas maidir le nochtadh

Gach ceanglas maidir le nochtadh

Gnóthais nó grúpaí nach sáraíonn ar a ndátaí dúnta cuntais an meánlíon 750 fostaí le linn na bliana airgeadais (ar bhonn comhdhlúite i gcás inarb infheidhme), féadfaidh siad an fhaisnéis a shainaithnítear sna ceanglais maidir le nochtadh in ESRS S3 a fhágáil ar lár don chéad 2 bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS S4

Gach ceanglas maidir le nochtadh

Gach ceanglas maidir le nochtadh

Gnóthais nó grúpaí nach sáraíonn ar a ndátaí dúnta cuntais an meánlíon 750 fostaí le linn na bliana airgeadais (ar bhonn comhdhlúite i gcás inarb infheidhme), féadfaidh siad an fhaisnéis a shainaithnítear sna ceanglais maidir le nochtadh in ESRS S4 a fhágáil ar lár don chéad 2 bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.




Foscríbhinn D

Struchtúr ráiteas inbhuanaitheachta ESRS

Is dlúthchuid de ESRS 1 í an fhoscríbhinn seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán i ndáil le tuairisciú i gceithre chuid mar a leagtar amach i mír 115.



Cuid den tuarascáil bhainistíochta

Códú ESRS

Teideal

1.  Faisnéis ghinearálta

ESRS 2

Nochtaí ginearálta, lena n-áirítear faisnéis arna soláthar faoi Cheanglais maidir le Cur i BhFeidhm ESRS topaicshonracha a liostaítear in ESRS 2 Foscríbhinn C.

2.  Faisnéis chomhshaoil

Ní bhaineann le hábhar

Nochtaí de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 (an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht)

 

ESRS E1

Athrú aeráide

 

ESRS E2

Truailliú

 

ESRS E3

Uisce agus acmhainní muirí

 

ESRS E4

Bithéagsúlacht agus éiceachórais

 

ESRS E5

Úsáid acmhainní agus an geilleagar ciorclach

3.  Faisnéis shóisialta

ESRS S1

Lucht saothair dílis

 

ESRS S2

Oibrithe sa slabhra luacha

 

ESRS S3

Pobail dá ndéantar difear

 

ESRS S4

Tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh

4.  Faisnéis rialachais

ESRS G1

Iompar gnó




Foscríbhinn E

Sreabhchairt chun na nochtaí a chinneadh faoi ESRS

Is é an measúnú ábharthachta an túsphointe le haghaidh tuairisciú um inbhuanaitheacht faoi ESRS. Tugann an fhoscríbhinn seo léiriú neamhcheangailteach ar an measúnú ar ábharthacht tionchair agus ar ábharthacht airgeadais a leagtar amach i gcaibidil 3. Áirítear in IRO-1 i roinn 4.1 de ESRS 2 ceanglais ghinearálta maidir le nochtadh i dtaca le próiseas an ghnóthais chun tionchair, rioscaí agus deiseanna a shainaithint agus chun measúnú a dhéanamh ar a n-ábharthacht. Soláthraíonn SBM-3 de ESRS 2 ceanglais ghinearálta maidir le nochtadh i dtaca leis an tionchar, na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a eascraíonn as measúnú ábharthachta an ghnóthais. Is féidir leis an ngnóthas na ceanglais uile maidir le nochtadh a fhágáil ar lár i gcaighdeán topaicshonrach má mheas sé nach bhfuil an topaic atá i gceist ábhartha. Sa chás sin, féadfaidh sé míniú gearr a nochtadh ar chonclúidí an mheasúnaithe ábharthachta maidir leis an topaic sin, ach nochtfaidh sé míniú mionsonraithe i gcás ESRS E1 athrú aeráide (IRO-2 ESRS 2). Ceanglais maidir le nochtadh a leagtar síos le ESRS, seachas ceanglais iompraíochta. Tá na ceanglais maidir le nochtadh i ndáil le pleananna gníomhaíochta, spriocanna, beartais, anailís ar chásanna agus pleananna aistrithe comhréireach toisc go bhfuil siad ag brath ar an ngnóthas iad sin a bheith acu, rud a d’fhéadfadh a bheith ag brath ar mhéid, ar acmhainneacht, ar acmhainní, agus ar scileanna an ghnóthais. Tugtar an méid seo a leanas faoi deara: Ní chumhdaítear leis an sreabhchairt thíos an cás ina ndéanann an gnóthas measúnú ar ábhar inbhuanaitheachta mar ábhartha ach nach gcumhdaítear é le caighdeán topaicshonrach, agus sa chás sin déanfaidh an gnóthas nochtaí breise eintiteas-sonracha (ESRS 1 (30 (b)).

image




Foscríbhinn F

Sampla de struchtúr ráiteas inbhuanaitheachta ESRS

Comhlánaíonn an fhoscríbhinn seo ESRS 1. Tugann sé léiriú neamhcheangailteacha de struchtúr an ráitis inbhuanaitheachta a leagtar amach i roinn 8.2 den Chaighdeán seo. Sa léiriú sin, tháinig an gnóthas ar an gconclúid nach ábhar iad an bhithéagsúlacht agus na héiceachórais, an truailliú agus na pobail dá ndéantar difear.

image




Foscríbhinn G

Sampla de chuimsiú de réir tagartha

Comhlánaíonn an fhoscríbhinn seo ESRS 1. Tugann sé léirithe neamhcheangailteacha ar chuimsiú de réir tagartha de roinn eile den tuarascáil bhainistíochta sa ráiteas inbhuanaitheachta mar a leagtar amach i roinn 9.1 den Chaighdeán seo.

image

ESRS 2

NOCHTAÍ GINEARÁLTA

CLÁR ÁBHAR

Cuspóir

1.

An bonn leis an ullmhúchán

Ceanglas maidir le Nochtadh BP-1 — Bonn ginearálta le ráitis inbhuanaitheachta a ullmhú

Ceanglas maidir le Nochtadh BP-2 — Nochtaí i ndáil le himthosca sonracha

2.

Rialachas

Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-1 — Ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta

Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-2 — Faisnéis arna soláthar do chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta an ghnóthais agus ábhair inbhuanaitheachta a dtugann siad aghaidh orthu

Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-3 — Feidhmíocht a bhaineann le hinbhuanaitheacht a chomhtháthú i scéimeanna dreasachta

Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-4 — Ráiteas maidir le dícheall cuí

Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-5 — Bainistiú riosca agus rialuithe inmheánacha ar thuairisciú inbhuanaitheachta

3.

Straitéis

Ceanglas maidir le Nochtadh SBM-1 — Straitéis, samhail ghnó agus slabhra luacha

Ceanglas maidir le Nochtadh SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara

Ceanglas maidir le Nochtadh SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó

4.

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

4.1

Nochtaí maidir leis an bpróiseas measúnaithe ábharthachta

►C1  Ceanglas maidir le Nochtadh IRO-1 – Tuairisc ar an bpróiseas chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú ◄

Ceanglas maidir le Nochtadh IRO-2 — Ceanglais maidir le nochtadh in ESRS atá cumhdaithe ag ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais

4.2

Íoscheanglas maidir le nochtadh i ndáil le beartais agus gníomhaíochtaí

Íoscheanglas maidir le nochtadh — Beartais MDR-P — Beartais arna nglacadh chun ábhair inbhuanaitheachta ábhartha a bhainistiú

Íoscheanglas maidir le nochtadh — Gníomhaíochtaí MDR-A — Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta ábhartha

5.

Méadracht agus spriocanna

Íoscheanglas maidir le nochtadh — Méadracht MDR-M — Méadracht i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta ábhartha

Íoscheanglas maidir le nochtadh — Spriocanna MDR-T — Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna

Foscríbhinn A:

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm

1.

An bonn leis an ullmhúchán

Ceanglas maidir le Nochtadh BP-1 — Bonn ginearálta le ráiteas inbhuanaitheachta a ullmhú

2.

Rialachas

Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-1 — Ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta

Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-2 — Faisnéis arna soláthar do chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta an ghnóthais agus ábhair inbhuanaitheachta a dtugann siad aghaidh orthu

Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-3 — Feidhmíocht a bhaineann le hinbhuanaitheacht a chomhtháthú i scéimeanna dreasachta

Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-4 — Ráiteas maidir le dícheall cuí

Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-5 — Bainistiú riosca agus rialuithe inmheánacha ar thuairisciú inbhuanaitheachta

3.

Straitéis

Ceanglas maidir le Nochtadh SBM-1 — Straitéis, samhail ghnó agus slabhra luacha

Ceanglas maidir le Nochtadh SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara

Ceanglas maidir le Nochtadh SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó

4.

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh IRO-2 — Ceanglais maidir le nochtadh in ESRS atá cumhdaithe ag ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais

Íoscheanglas maidir le Nochtadh — Beartais MDR-P — Beartais arna nglacadh chun ábhair inbhuanaitheachta ábhartha a bhainistiú

Íoscheanglas maidir le Nochtadh — Gníomhaíochtaí MDR-A — Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta ábhartha

5.

Méadracht agus spriocanna

Íoscheanglas maidir le nochtadh — Spriocanna MDR-T — Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna

Foscríbhinn B:

Liosta na bpointí sonraí i gcaighdeáin thrasearnálacha agus i gcaighdeáin thopaicshonracha a eascraíonn as reachtaíocht eile an Aontais

Foscríbhinn C:

Ceanglais maidir le Nochtadh/Cur i bhFeidhm in ESRS topaicshonracha is infheidhme go comhpháirteach le ESRS 2 Nochtaí Ginearálta

Cuspóir

1. Leagtar amach in ESRS na ceanglais maidir le nochtadh a bhfuil feidhm acu maidir le gach gnóthas gan beann ar a n-earnáil gníomhaíochta (i.e. an earnáil il-oiriúnach) agus a bhfuil feidhm acu ar fud na dtopaicí inbhuanaitheachta (i.e., trasearnálach). ►C1  Cumhdaítear leis an ESRS seo na réimsí tuairiscithe a shainítear in ESRS 1 Ceanglais ghinearálta roinn 1.2 Réimsí tuairiscithe agus íoscheanglais maidir le nochtadh ábhair i dtaca le beartais, gníomhaíochtaí, spriocanna agus méadracht. ◄

2. Agus nochtaí á n-ullmhú faoin gCaighdeán seo, cuirfidh an gnóthas i bhfeidhm na Ceanglais maidir le Nochtadh (lena n-áirítear a bpointí sonraí) a leagtar amach in ESRS topaicshonracha, mar a liostaítear i bhFoscríbhinn C den Chaighdeán seo Ceanglais maidir le Nochtadh/Cur i bhFeidhm in ESRS topaicshonracha is infheidhme go comhpháirteach le ESRS 2 Nochtadh Ginearálta . Cuirfidh an gnóthas na ceanglais a liostaítear i bhFoscríbhinn C i bhfeidhm:

(a) 

i ngach cás, maidir leis na ceanglais i gcaighdeáin thopaicshonracha a bhaineann le Ceanglais maidir le Nochtadh IRO-1 Tuairisc ar na próisis chun tionchair , rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú; agus

(b) 

maidir le gach ceanglas eile a liostaítear i bhFoscríbhinn C, má tá an topaic inbhuanaitheachta ábhartha bunaithe ar mheasúnú ábharthachta an ghnóthais (féach ESRS 1 caibidil 3 Ábharthacht dhúbailte mar bhonn le nochtaí inbhuanaitheachta), agus sa chás sin amháin.

1.    An bonn leis an ullmhúchán

Ceanglas maidir le Nochtadh BP-1 — Bonn ginearálta le ráiteas inbhuanaitheachta a ullmhú

3.  Nochtfaidh an gnóthas an bonn ginearálta chun a ráiteas inbhuanaitheachta a ullmhú.

4. Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar an gcaoi a n-ullmhaíonn an gnóthas a ráiteas inbhuanaitheachta, lena n-áirítear raon feidhme an chomhdhlúthaithe, faisnéis faoinslabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach agus, i gcás inarb ábhartha, cé acu a d’úsáid nó nár úsáid an gnóthas aon cheann de na roghanna chun an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí d) agus e) a fhágáil ar lár sa mhír seo a leanas.

5. Nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas:

(a) 

cé acu a ullmhaíodh an ráiteas inbhuanaitheachta ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn aonair;

(b) 

maidir le ráitis inbhuanaitheachta chomhdhlúite:

i. 

deimhniú gurb ionann raon feidhme an chomhdhlúthaithe agus raon feidhme na ráiteas airgeadais, nó, i gcás inarb infheidhme, dearbhú nach gceanglaítear ar an ngnóthas tuairiscithe ráitis airgeadais a tharraingt suas nó go bhfuil tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite á ullmhú ag an ngnóthas tuairiscithe de bhun Airteagal 48i de Threoir 2013/34/AE. agus

ii. 

i gcás inarb infheidhme, tásc maidir le cé na foghnóthais a áirítear sa chomhdhlúthú atá díolmhaithe ó thuairisciú inbhuanaitheachta aonair nó comhdhlúite de bhun Airteagal 19a(9) nó Airteagal 29a(8) de Threoir 2013/34/AE;

(c) 

a mhéid a chumhdaítear slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach an ghnóthais leis an ráiteas inbhuanaitheachta (féach ESRS 1 roinn 5.1 Gnóthas tuairiscithe agus slabhra luacha);

(d) 

cé acu a d’úsáid nó nár úsáid an gnóthas an rogha píosa sonrach faisnéise a fhágáil ar lár a chomhfhreagraíonn do mhaoin intleachtúil, saineolas nó torthaí na nuálaíochta (féach ESRS 1 roinn 7.7 Faisnéis rúnaicmithe agus íogair agus faisnéis maidir le maoin intleachtúil, saineolas nó torthaí na nuálaíochta); agus

(e) 

i gcás gnóthais atá bunaithe i mBallstát den Aontas Eorpach lena gceadaítear díolúine ó nochtadh i gcás forbairtí atá ag teacht chun cinn nó ábhair a bhfuil idirbheartaíocht ar siúl ina dtaobh, dá bhforáiltear in Airteagail 19a(3) agus 29a (3) de Threoir 2013/34/AE, gan beann ar cé acu a d’úsáid nó nár úsáid an gnóthas an díolúine sin.

Ceanglas maidir le Nochtadh BP-2 — Nochtaí i ndáil le himthosca sonracha

6.  Nochtfaidh an gnóthas nochtaí i ndáil le himthosca sonracha.

7. Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar éifeacht na n-imthosca sonracha sin ar ullmhú an ráitis inbhuanaitheachta.

8. Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis sin a thuairisciú in éineacht leis na nochtaí dá dtagraíonn siad.

Tréimhsí ama

9. I gcás inar imigh an gnóthas ó na tréimhsí ama meántéarmacha nó fadtéarmacha arna sainiú ag ESRS 1 roinn 6.4 Sainmhíniú ar gearrthéarmach, meántéarmach agus fadtéarmach chun críocha tuairiscithe, tabharfaidh sé tuairisc ar an méid seo a leanas:

(a) 

a chuid sainmhínithe ar thréimhsí ama meántéarmacha nó fadtéarmacha; agus

(b) 

na cúiseanna ar cuireadh na sainmhínithe sin i bhfeidhm.

Meastachán slabhra luacha

10. I gcás ina n-áirítear i méadracht sonraí maidir leis an slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach a mheastar agus úsáid á baint as foinsí indíreacha, amhail meánsonraí earnála nó ionadaithe eile, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:

(a) 

sainaithneoidh sé an mhéadracht;

(b) 

tabharfaidh sé tuairisc ar an mbonn atá leis an ullmhúchán;

(c) 

tabharfaidh sé tuairisc ar an leibhéal cruinnis a eascraíonn as sin; agus

(d) 

i gcás inarb infheidhme, tabharfaidh sé tuairisc ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe chun cruinneas a fheabhsú amach anseo (féach ESRS 1 caibidil 5 Slabhra luacha).

Foinsí neamhchinnteachta meastacháin agus neamhchinnteachta torthaí

11. I gcomhréir le ESRS 1 roinn 7.2 Foinsí neamhchinnteachta meastacháin agus neamhchinnteachta torthaí, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:

(a) 

sainaithneoidh sé na méadrachtaí cainníochtúla agus na méideanna airgeadaíochta atá nochta aige atá faoi réir ardleibhéal neamhchinnteachta tomhais;

(b) 

i ndáil le gach méadracht chainníochtúil agus gach méid airgeadaíochta a shainaithneofar:

i. 

nochtfaidh sé faisnéis faoi fhoinsí neamhchinnteachta tomhais (mar shampla, spleáchas an mhéid ar thoradh teagmhais amach anseo, ar theicníc tomhais nó ar infhaighteacht agus ar cháilíocht sonraí ó shlabhra luacha réamhtheachtach agus/nó iartheachtach an eintitis); agus

ii. 

nochtfaidh sé na toimhdí, na neastacháin agus na breithiúnais a rinne an t-eintiteas agus é á thomhas.

12. Agus faisnéis réamhbhreathnaitheach á nochtadh aige, féadfaidh an gnóthas a chur in iúl go measann sé go bhfuil an fhaisnéis sin neamhchinnte.

Athruithe ar ullmhú agus ar chur i láthair na faisnéise inbhuanaitheachta

13. I gcás ina dtarlaíonn athruithe ar ullmhú agus ar chur i láthair na faisnéise inbhuanaitheachta i gcomparáid leis an tréimhse tuairiscithe nó na tréimhsí tuairiscithe roimhe sin, (féach ESRS 1 roinn 7.4 Athruithe ar ullmhú agus ar chur i láthair na faisnéise inbhuanaitheachta), déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:

(a) 

míneoidh sé na hathruithe agus na cúiseanna atá leo, lena n-áirítear an fáth a gcuirtear faisnéis níos úsáidí ar fáil leis an méadracht a cuireadh in ionad na méadrachta roimhe sin;

(b) 

nochtfaidh sé figiúirí comparáideacha athbhreithnithe, mura bhfuil sé dodhéanta déanamh amhlaidh. I gcás ina bhfuil sé dodhéanta faisnéis chomparáideach a choigeartú le haghaidh tréimhse amháin nó níos mó roimhe sin, nochtfaidh an gnóthas é sin. agus

(c) 

nochtfaidh sé an difríocht idir an figiúr a nochtadh sa tréimhse roimhe sin agus an figiúr comparáideach athbhreithnithe;

Earráidí i dtréimhsí roimhe sin a thuairisciú

14. I gcás ina sainaithníonn an gnóthas earráidí réamhthréimhse ábhartha (féach ESRS 1 roinn 7.5 Earráidí i dtréimhsí roimhe sin a thuairisciú), nochtfaidh sé an méid seo a leanas:

(a) 

cineál na hearráide réamhthréimhse ábhartha;

(b) 

a mhéid is indéanta, an ceartúchán maidir le gach tréimhse roimhe sin a áirítear sa ráiteas inbhuanaitheachta; agus

(c) 

mura bhfuil sé indéanta an earráid a cheartú, na himthosca ba chúis leis an riocht sin a bheith ann.

Nochtaí a eascraíonn as reachtaíocht eile nó as fógraí tuairiscithe inbhuanaitheachta a nglactar leo go ginearálta

15. I gcás ina n-áiríonn an gnóthas ina ráiteas inbhuanaitheachta faisnéis a eascraíonn as reachtaíocht eile lena gceanglaítear ar an ngnóthas faisnéis inbhuanaitheachta a nochtadh nó as caighdeáin agus creataí tuairiscithe inbhuanaitheachta a nglactar leo go ginearálta (féach roinn ESRS 1 roinn 8.2 Ábhar agus struchtúr an ráitis inbhuanaitheachta), chomh maith leis an bhfaisnéis a fhorordaíonn ESRS, nochtfaidh sé an fíoras sin. I gcás ina gcuirtear caighdeáin nó creataí tuairiscithe eile i bhfeidhm go páirteach, soláthróidh an gnóthas tagairt bheacht do mhíreanna an chaighdeáin nó an chreata a chuirtear i bhfeidhm.

Cuimsiú de réir tagartha

16. I gcás ina gcuimsíonn an gnóthas faisnéis de réir tagartha (féach ESRS 1 roinn 9.1 Cuimsiú de réir tagartha), nochtfaidh sé liosta de cheanglais maidir le nochtadh ESRS, nó na pointí sonraí sonracha a shainordaítear le Ceanglas maidir le Nochtadh, a ionchorpraíodh de réir tagartha.

▼C1

Forálacha céimnithe isteach a úsáid i gcomhréir le Foscríbhinn C de ESRS 1

▼B

17. Gnóthas nó grúpa nach sáraíonn ar a dháta dúnta cuntais an meánlíon 750 fostaí le linn na bliana airgeadais, má chinneann sé an fhaisnéis a cheanglaítear le ESRS E4, ESRS S1, ESRS S2, ESRS S3 nó ESRS S4 a fhágáil ar lár i gcomhréir le Foscríbhinn C de ESRS 1, nochtfaidh sé mar sin féin cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh measúnú ar na topaicí inbhuanaitheachta a chumhdaítear le ESRS E4, ESRS S1, ESRS S2, ESRS S3 agus ESRS S4 faoi seach mar thopaicí ábhartha, mar thoradh ar mheasúnú ábharthachta an ghnóthais. Ina theannta sin, má tá measúnú déanta ar cheann amháin nó níos mó de na topaicí sin a bheith ábhartha, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas, i gcás gach topaice ábhartha:

(a) 

nochtfaidh sé an liosta ábhar (i.e. topaic, fothopaic nó fo-fhothopaic) in AR 16 ESRS 1 Foscríbhinn A a mheastar a bheith ábhartha agus tuairisc ghairid a thabhairt maidir le conas a chuirtear tionchair an ghnóthais a bhaineann leis na hábhair sin san áireamh i samhail ghnó agus i straitéis ghnó an ghnóthais. Féadfaidh an gnóthas an t-ábhar a shainaithint ar leibhéal na topaice, na fothopaice nó na fo-fhothopaice;

(b) 

tuairisc ghairid a thabhairt ar aon sprioc faoi cheangal ama atá leagtha síos aige a bhaineann leis na hábhair atá i gceist, ar an dul chun cinn atá déanta aige i dtreo na spriocanna sin a bhaint amach, agus ar cé acu atá nó nach bhfuil na spriocanna a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachórais bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhochloíte;

(c) 

tuairisc ghairid a thabhairt ar a chuid beartas i ndáil leis na hábhair atá i gceist;

(d) 

tuairisc ghairid a thabhairt ar ghníomhaíochtaí atá déanta aige chun drochthionchair iarbhír nó fhéideartha a bhaineann leis na hábhair atá i gceist a shainaithint, faireachán a dhéanamh orthu, iad a chosc, a mhaolú, a leigheas nó deireadh a chur leo, agus ar thoradh na ngníomhaíochtaí sin; agus

(e) 

méadracht a bhaineann leis na nithe atá i gceist a nochtadh.

2.    Rialachas

18. Is é cuspóir na caibidle seo ceanglais maidir le nochtadh a shocrú lena gcumasófar tuiscint ar na próisis rialachais, na rialuithe agus na nósanna imeachta a cuireadh i bhfeidhm chun faireachán, bainistiú agus maoirseacht a dhéanamh ar ábhair inbhuanaitheachta.

Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-1 — Ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta

19. Nochtfaidh an gnóthas comhdhéanamh na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta, a róil agus a bhfreagrachtaí agus rochtain ar shaineolas agus ar scileanna maidir le cúrsaí inbhuanaitheachta.

20. Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh ná tuiscint a thabhairt ar na nithe seo a leanas:

(a) 

comhdhéanamh agus éagsúlacht na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta;

(b) 

róil agus freagrachtaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta ó thaobh formhaoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú, lena n-áirítear ról na bainistíochta sna próisis sin; agus

(c) 

saineolas agus scileanna a chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta maidir le hábhair inbhuanaitheachta nó rochtain ar an saineolas agus ar na scileanna sin.

21. Nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis a leanas maidir le comhdhéanamh agus éagsúlacht chomhaltaí chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta an ghnóthais:

(a) 

an líon comhaltaí feidhmiúcháin agus neamhfheidhmiúcháin;

(b) 

ionadaíocht fostaithe agus oibrithe eile;

(c) 

taithí atá ábhartha do na hearnálacha, táirgí agus suíomhanna geografacha an ghnóthais;

(d) 

an céatadán de réir inscne agus gnéithe eile den éagsúlacht arna bhreithniú ag an ngnóthas. Déanfar éagsúlacht inscne ( 13 ) an bhoird a ríomh mar mheánchóimheas idir comhaltaí boird baineanna agus comhaltaí boird fireanna; agus

(e) 

an céatadán comhaltaí neamhspleácha boird ( 14 ). I gcás gnóthais a bhfuil bord aonadach acu, comhfhreagraíonn sé don chéatadán de chomhaltaí boird neamhfheidhmiúcháin neamhspleácha. I gcás gnóthais a bhfuil bord déach acu, comhfhreagraíonn sé don chéatadán de chomhaltaí neamhspleácha den chomhlacht maoirseachta.

22. Nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas maidir le róil agus freagrachtaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta:

(a) 

céannacht na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta ( amhail coiste boird nó a leithéid) nó duine aonair laistigh de chomhlacht atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar thionchair, rioscaí agus deiseanna;

(b) 

an chaoi a léirítear freagrachtaí gach comhlachta nó gach duine aonair maidir le tionchair, rioscaí agus deiseanna i dtéarmaí tagartha an ghnóthais, i sainorduithe an bhoird agus i mbeartais ghaolmhara eile;

(c) 

tuairisc ar ról na bainistíochta sna próisis rialachais, sna rialuithe agus sna nósanna imeachta a úsáidtear chun faireachán, bainistiú agus maoirseacht a dhéanamh ar thionchair, rioscaí agus deiseanna, lena n-áirítear:

i. 

cé acu a dhéantar nó nach ndéantar an ról sin a tharmligean chuig post nó coiste sonrach ar leibhéal na bainistíochta agus conas a dhéantar formhaoirseacht ar an bpost nó ar an gcoiste sin;

ii. 

faisnéis faoi na línte tuairiscithe chuig na comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta;

iii. 

cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear rialuithe agus nósanna imeachta tiomnaithe i bhfeidhm maidir le bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna agus, má chuirtear, an chaoi a ndéantar iad a chomhtháthú le feidhmeanna inmheánacha eile; agus

(d) 

an chaoi a ndéanann na comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta agus an bhainistíocht shinsearach feidhmiúcháin maoirseacht ar spriocanna a leagan síos a bhaineann le tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha, agus an chaoi a ndéanann siad faireachán ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna sin.

23. Áireofar sa nochtadh tuairisc ar an gcaoi a ndéanann na comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta cinneadh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil na scileanna agus an saineolas iomchuí ar fáil nó maidir le cé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar iad a fhorbairt chun maoirseacht a dhéanamh ar ábhair inbhuanaitheachta, lena n-áirítear:

(a) 

an saineolas a bhaineann le hinbhuanaitheacht atá ag na comhlachtaí, ina n-iomláine, go díreach nó is féidir leo a bhaint amach, mar shampla trí rochtain ar shaineolaithe nó ar oiliúint; agus

(b) 

an chaoi a mbaineann na scileanna agus an saineolas sin le tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha an ghnóthais.

Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-2 — Faisnéis arna soláthar do chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta an ghnóthais agus ábhair inbhuanaitheachta a dtugann siad aghaidh orthu

24.  Nochtfaidh an gnóthas conas a chuirtear na comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta ar an eolas faoi ábhair inbhuanaitheachta agus conas a tugadh aghaidh ar na hábhair sin le linn na tréimhse tuairiscithe.

25. Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar an gcaoi a gcuirtear comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta ar an eolas faoi ábhair inbhuanaitheachta, chomh maith leis an bhfaisnéis agus na hábhair ar thug siad aghaidh orthu le linn na tréimhse tuairiscithe. Leis sin ansin bítear in ann tuiscint a fháil ar cé acu ar cuireadh nó nár cuireadh comhaltaí na gcomhlachtaí sin ar an eolas go leordhóthanach agus cibé acu a bhí siad in ann a gcuid róil a chomhlíonadh.

26. Nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas:

(a) 

cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear na comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta, lena n-áirítear a gcoistí ábhartha, ar an eolas faoi thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha, cé a chuireann ar an eolas iad, agus a mhinice a chuirtear ar an eolas iad (féach Ceanglas maidir le Nochtadh IRO-1 - Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú den Chaighdeán seo), cur chun feidhme díchill chuí, agus torthaí agus éifeachtacht na mbeartas, na ngníomhaíochtaí, na méadrachta agus na spriocanna arna nglacadh chun aghaidh a thabhairt orthu;

(b) 

an chaoi a ndéanann na comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta tionchair, rioscaí agus deiseanna a mheas agus maoirseacht á déanamh acu ar straitéis an ghnóthais, ar a chinntí maidir le mór-idirbhearta, agus ar a bheartais bainistithe riosca, lena n-áirítear cé acu a bhreithnigh nó nár bhreithnigh siad comhbhabhtálacha a bhaineann leis na tionchair, na rioscaí agus na deiseanna sin; agus

(c) 

liosta de na tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha ar thug na comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta, nó a gcoistí ábhartha, aghaidh orthu le linn na tréimhse tuairiscithe.

Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-3 — Feidhmíocht a bhaineann le hinbhuanaitheacht a chomhtháthú i scéimeanna dreasachta

27.  Nochtfaidh an gnóthas faisnéis maidir le comhtháthú a chuid feidhmíochta a bhaineann le hinbhuanaitheacht i scéimeanna dreasachta.

28. Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar cé acu a thairgtear nó nach dtairgtear scéimeanna dreasachta do chomhaltaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta atá nasctha le hábhair inbhuanaitheachta.

29. Nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas faoi na scéimeanna dreasachta agus na beartais luacha saothair a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta do chomhaltaí chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta an ghnóthais, i gcás inar ann dóibh:

(a) 

tuairisc ar phríomh-shaintréithe na scéimeanna dreasachta;

(b) 

cé acu atá nó nach bhfuil feidhmíocht á measúnú in aghaidh spriocanna agus/nó tionchair shonracha a bhaineann leis an inbhuanaitheacht, agus má tá, cé na spriocanna agus/nó tionchair sin;

(c) 

cé acu atá nó nach bhfuil méadracht feidhmíochta a bhaineann le hinbhuanaitheacht á meas mar thagarmharcanna feidhmíochta nó á háireamh i mbeartais luacha saothair agus conas a dhéantar iad a mheas nó a áireamh;

(d) 

cion an luacha saothair inathraithe atá ag brath ar spriocanna agus/nó tionchair a bhaineann leis an inbhuanaitheacht; agus

(e) 

an leibhéal sa ghnóthas ag a ndéantar téarmaí na scéimeanna dreasachta a fhormheas agus a thabhairt cothrom le dáta.

Ceanglas maidir le Nochtadh GOV—4 — Ráiteas maidir le dícheall cuí

30.  Nochtfaidh an gnóthas mapáil ar an bhfaisnéis a sholáthraítear ina ráiteas inbhuanaitheachta faoin bpróiseas díchill chuí.

31. Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a éascú ar phróiseas díchill chuí an ghnóthais maidir le hábhair inbhuanaitheachta.

32. Baineann príomhghnéithe agus príomhchéimeanna an díchill chuí dá dtagraítear faoi ESRS 1 caibidil 4 Dícheall cuíle roinnt Ceanglas um Nochtadh trasearnálacha agus topaicshonracha faoi ESRS. Soláthróidh an gnóthas mapáil ina míneofar conas agus cá háit a léirítear cur i bhfeidhm phríomhghnéithe agus phríomhchéimeanna phróiseas an díchill chuí ina ráiteas inbhuanaitheachta, chun gur féidir léiriú a dhéanamh ar chleachtais iarbhír an ghnóthais maidir le dícheall cuí ( 15 ).

33. Leis an gceanglas sin maidir le nochtadh, ní shainordaítear aon cheanglas iompraíochta sonrach maidir le gníomhaíochtaí díchill chuí agus ní leathnaítear ná ní mhodhnaítear ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta mar atá sainordaítear i reachtaíocht nó i rialachán eile.

Ceanglas maidir le Nochtadh GOV–5 — Bainistiú riosca agus rialuithe inmheánacha ar thuairisciú inbhuanaitheachta

34.  Nochtfaidh an gnóthas príomhghnéithe a bhainistíochta riosca agus a chórais rialaithe inmheánaigh i ndáil leis an bpróiseas (na próisis) tuairiscithe um inbhuanaitheacht.

35. Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar phróisis bhainistithe riosca agus rialaithe inmheánaigh an ghnóthais i ndáil le tuairisciú inbhuanaitheachta.

36. Nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas:

(a) 

raon feidhme, príomhghnéithe agus comhpháirteanna na bpróiseas agus na gcóras bainistíochta riosca agus rialaithe inmheánaigh i ndáil le tuairisciú um inbhuanaitheacht;

(b) 

an cur chuige measúnaithe riosca a leanadh, lena n-áirítear an mhodheolaíocht tosaíochta riosca;

(c) 

na príomhrioscaí a sainaithníodh agus a gcuid straitéisí maolaithe lena n-áirítear rialuithe gaolmhara;

(d) 

tuairisc ar conas a dhéanann an gnóthas comhtháthú ar thorthaí a mheasúnaithe riosca agus ar a rialuithe inmheánacha a mhéid a bhaineann leis an bpróiseas tuairiscithe um inbhuanaitheacht maidir le feidhmeanna agus próisis inmheánacha ábhartha; agus

(e) 

tuairisc ar thuairisciú tréimhsiúil na dtorthaí dá dtagraítear i bpointe (d) do na comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta.

3.    Straitéis

37. Leagtar síos sa chaibidil seo ceanglais maidir le nochtadh lenar féidir an méid seo a leanas a thuiscint:

(a) 

na heilimintí de straitéis an ghnóthais a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta, lena shamhail ghnó agus lena shlabhra luacha, nó a dhéanann difear dóibh;

(b) 

an chaoi a gcuirtear leasanna agus tuairimí pháiritithe leasmhara an ghnóthais san áireamh le straitéis agus samhail ghnó an ghnóthais; agus

(c) 

toradh mheasúnú an ghnóthais ar thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha, lena n-áirítear an chaoi a gcuireann siad bonn eolais faoina straitéis agus faoina shamhail ghnó.

Ceanglas maidir le Nochtadh SBM-1 — Straitéis, samhail ghnó agus slabhra luacha

38.  Nochtfaidh an gnóthas na heilimintí dá straitéis a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta, lena shamhail ghnó agus lena shlabhra luacha, nó a bhfuil tionchar acu orthu.

39. Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuairisc a thabhairt ar phríomheilimintí straitéis ghinearálta an ghnóthais a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta nó a dhéanann difear dóibh, agus ar phríomheilimintí shamhail ghnó agus shlabhra luacha an ghnóthais, chun tuiscint a thabhairt ar a neamhchosaint ar thionchair, rioscaí agus deiseanna agus ar an áit as a dtagann siad.

40. Nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas faoi phríomheilimintí a straitéise ginearálta a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta nó a dhéanann difear dóibh:

(a) 

tuairisc ar an méid seo a leanas:

i. 

grúpaí suntasacha táirgí agus/nó seirbhísí a thairgtear, lena n-áirítear athruithe ar an tréimhse tuairiscithe (táirgí agus/nó seirbhísí nua/bainte);

ii. 

margaí suntasacha agus/nó grúpaí custaiméirí ar a bhfreastalaítear, lena n-áirítear athruithe ar an tréimhse tuairiscithe (margaí nua/bainte agus/nó grúpaí custaiméirí);

iii. 

an líon fostaithe de réir limistéir gheografacha; agus

iv. 

i gcás inarb infheidhme agus inarb ábhartha, táirgí agus seirbhísí a bhfuil toirmeasc orthu i margaí áirithe;

(b) 

miondealú ar an ioncam iomlán, mar a áirítear ina ráiteas airgeadais, de réir earnálacha móra ESRS. Nuair a sholáthraíonn an gnóthas tuairisciú deighleoige mar a cheanglaítear le IFRS 8 Deighleoga oibriúcháin ina ráiteas airgeadais, déanfar an fhaisnéis ioncaim earnála sin a réiteach, a mhéid is féidir, le faisnéis IFRS 8;

(c) 

liosta de na hearnálacha móra breise ESRS anuas ar na hearnálacha a léirítear faoi mhír 40(b), amhail gníomhaíochtaí as a n-eascraíonn ioncam idirchuideachtaí, ina bhforbraíonn an gnóthas gníomhaíochtaí móra, nó ina bhfuil sé nó ina bhféadfadh sé a bheith nasctha le tionchair ábhartha. Beidh sainaithint na n-earnálacha ESRS breise sin comhsheasmhach leis an gcaoi a ndearna an gnóthas iad a mheas agus a mheasúnú ábharthachta á dhéanamh aige agus leis an gcaoi a nochtann sé faisnéis earnáilsonrach ábhartha;

(d) 

i gcás inarb infheidhme, ráiteas ina dtugtar le fios, in éineacht leis na hioncaim ghaolmhara, go bhfuil an gnóthas gníomhach in:

i. 

earnáil na mbreoslaí iontaise ( 16 )(gual, ola agus gás), (i.e., faigheann sí ioncam ó thaiscéalaíocht, mianadóireacht, eastóscadh, táirgeadh, próiseáil, stóráil, scagadh nó dáileadh, lena n-áirítear iompar, stóráil agus trádáil, breoslaí iontaise mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (62), de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 17 )), lena n-áirítear dí-chomhiomlánú ioncaim a dhíorthaítear ó ghual, ó ola agus ó ghás, chomh maith leis an ioncam a dhíorthaítear ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le Tacsanomaíocht a bhaineann le gás iontaise mar a cheanglaítear faoi Airteagal 8(7)(a) de Rialachán Tarmligthe 2021/2178 ón gCoimisiún ( 18 );

ii. 

táirgeadh ceimiceán ( 19 ), i.e., tagann a ghníomhaíochtaí faoi Rannán 20.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006;

iii. 

airm chonspóideacha ( 20 ) (mianaigh frithphearsanra, cnuasmhuinisin, airm cheimiceacha agus airm bhitheolaíocha); agus/nó

iv. 

saothrú agus táirgeadh tobac ( 21 );

(e) 

a spriocanna a bhaineann leis an inbhuanaitheacht i dtéarmaí grúpaí móra táirgí agus seirbhísí, catagóirí custaiméirí, limistéir gheografacha agus caidrimh le páirtithe leasmhara;

(f) 

measúnú ar na táirgí agus/nó na seirbhísí móra atá aige faoi láthair, agus ar mhargaí móra agus grúpaí móra custaiméirí, i ndáil lena spriocanna a bhaineann leis an inbhuanaitheacht; agus

(g) 

na heilimintí de straitéis an ghnóthais a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta nó a mbíonn tionchar acu orthu, lena n-áirítear na príomhdhúshláin atá romhainn, réitigh nó tionscadail chriticiúla atá le cur i bhfeidhm, i gcás inarb ábhartha le haghaidh tuairisciú inbhuanaitheachta.

41. Má tá an gnóthas bunaithe i mBallstát den Aontas Eorpach lena gceadaítear díolúine ó nochtadh na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 18, mír 1, fophointe (a) de Threoir 2013/34/AE ( 22 ), agus má bhain an gnóthas úsáid as an díolúine sin, féadfaidh sé an miondealú ar ioncam de réir earnáil shuntasach ESRS a cheanglaítear le mír 40(b) a fhágáil ar lár. Sa chás sin, nochtfaidh an gnóthas mar sin féin liosta na n-earnálacha ESRS atá suntasach don ghnóthas.

42. Nochtfaidh an gnóthas tuairisc ar a shamhail ghnó agus ar a shlabhra luacha, lena n-áirítear:

(a) 

a ionchuir agus a chur chuige maidir leis na hionchuir sin a bhailiú, a fhorbairt agus a shlánú;

(b) 

a aschur agus a thorthaí i dtéarmaí na sochar atá ann faoi láthair agus na sochar a bhfuiltear ag súil leo do chustaiméirí, d’infheisteoirí agus do pháirtithe leasmhara eile; agus

(c) 

príomhghnéithe a shlabhra luacha réamhtheachtaigh agus iartheachtaigh agus suíomh an ghnóthais ina shlabhra luacha, lena n-áirítear tuairisc ar na príomhghníomhaithe gnó (amhail na príomhsholáthraithe, na príomhchustaiméirí, na príomhbhealaí dáileacháin agus na príomhúsáideoirí deiridh) agus ar a gcaidreamh leis an ngnóthas. I gcás ina bhfuil roinnt slabhraí luacha ag an ngnóthas, cumhdóidh an nochtadh na príomhshlabhraí luacha.

Ceanglas maidir le Nochtadh SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara

43.  Nochtfaidh an gnóthas an chaoi a gcuirtear leasanna agus tuairimí a pháiritithe leasmhara san áireamh le straitéis agus samhail ghnó an ghnóthais.

44. Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar an gcaoi a gcuireann leasanna agus tuairimí na bpáirtithe leasmharabonn eolais faoi straitéis agus samhail ghnó an ghnóthais.

45. Nochtfaidh an gnóthas tuairisc achomair ar na nithe a leanas:

(a) 

rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara, lena n-áirítear:

i. 

príomhpháirtithe leasmhara an ghnóthais;

ii. 

cé acu a tharlaíonn nó nach dtarlaíonn rannpháirtíocht leo agus cé na catagóirí páirtithe leasmhara lena mbaineann;

iii. 

an chaoi a n-eagraítear í;

iv. 

a cuspóir; agus

v. 

an chaoi a gcuireann an gnóthas an toradh san áireamh;

(b) 

tuiscint an ghnóthais ar leasanna agus ar thuairimí a phríomhpháirtithe leasmhara mar a bhaineann siad le straitéis agus samhail ghnó an ghnóthais, a mhéid a rinneadh anailís orthu sin le linn phróiseas díchill chuí agus/nó phróiseas measúnaithe ábharthachta an ghnóthais (féach Ceanglas maidir le Nochtadh IRO-1 den Chaighdeán seo);

(c) 

i gcás inarb infheidhme, leasuithe ar a straitéis agus/nó ar a shamhail ghnó, lena n-áirítear:

i. 

an chaoi ar leasaigh an gnóthas a straitéis agus/nó a shamhail ghnó, nó an chaoi a bhfuil coinne leis go leasóidh sé í, chun aghaidh a thabhairt ar leasanna agus tuairimí a pháirtithe leasmhara;

ii. 

aon chéim eile atá á pleanáil agus an amlíne a bhaineann leis sin; agus

iii. 

cé acu is dócha nó nach dócha go n-athróidh na céimeanna sin an caidreamh le páirtithe leasmhara agus tuairimí na bpáirtithe leasmhara; agus

(d) 

cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear na comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta ar an eolas faoi thuairimí agus leasanna na bpáirtithe leasmhara a ndéantar difear dóibh maidir le tionchair an ghnóthais a bhaineann le hinbhuanaitheacht agus an dóigh a gcuirtear ar an eolas iad.

Ceanglas maidir le Nochtadh SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó

46.  Nochtfaidh an gnóthas a thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus an chaoi a n-idirghníomhaíonn siad lena straitéis agus lena shamhail ghnó.

47. Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar na tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha de réir mar a eascraíonn siad as measúnú ábharthachta an ghnóthais agus ar an gcaoi a dtagann siad as straitéis agus samhail ghnó an ghnóthais, lena n-áirítear a leithdháileadh acmhainní, agus ar an gcaoi a spreagann siad oiriúnú na straitéise agus na samhla sin. Déantar an fhaisnéis atá le nochtadh faoi bhainistiú thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha an ghnóthais a fhorordú in ESRS topaicshonracha agus i gcaighdeáin earnáilsonracha, a chuirfear i bhfeidhm i gcomhar leis na hÍoscheanglais maidir le Nochtadh i dtaca le beartais, gníomhaíochtaí agus spriocanna a bhunaítear sa Chaighdeán seo.

48. Nochtfaidh an gnóthas:

(a) 

tuairisc ghairid ar na tionchair, rioscaí agus deiseanna a eascraíonn as a mheasúnú ábharthachta (féach Ceanglas maidir le Nochtadh IRO-1 den chaighdeán seo), lena n-áirítear tuairisc ar an áit ina shamhail ghnó, ina chuid oibríochtaí féin agus ina shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach ina bhfuil na tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha comhchruinnithe;

(b) 

na héifeachtaí atá ann faoi láthair nó a bhfuil coinne leo ó thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha ar a shamhail ghnó, ar a slabhra luacha, ar a straitéis agus ar a chinnteoireacht, agus an chaoi ar fhreagair sé nó a bhfuil sé beartaithe aige freagairt do na héifeachtaí sin, lena n-áirítear aon athrú atá déanta aige nó a bhfuil sé beartaithe aige a dhéanamh ar a straitéis nó ar a shamhail ghnó mar chuid dá ghníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar thionchair nó ar rioscaí ábhartha ar leith, nó chun deiseanna ábhartha ar leith a shaothrú;

(c) 

i dtaca le tionchair ábhartha an ghnóthais:

i. 

an chaoi a ndéanann tionchair dhiúltacha agus dhearfacha ábhartha an ghnóthais difear (nó, i gcás tionchair fhéideartha, an difear is dócha a dhéanfaidh siad) do dhaoine nó don chomhshaol;

ii. 

cé acu a thagann na tionchair ó straitéis agus samhail ghnó an ghnóthais nó atá siad nasctha leo, agus cén chaoi a dtagann siad ón straitéis agus ón tsamhail sin nó a nasctar leo iad;

iii. 

na tréimhsí ama a bhfuil coinne réasúnach leo maidir leis na tionchair; agus

iv. 

cé acu atá baint ag an ngnóthas leis na tionchair ábhartha trína ghníomhaíochtaí nó mar gheall ar a chaidrimh ghnó, lena dtugtar tuairisc ar chineál na ngníomhaíochtaí nó na gcaidreamh gnó lena mbaineann;

(d) 

na héifeachtaí airgeadais atá ann faoi láthair ó rioscaí agus deiseanna ábhartha an ghnóthais ar a riocht airgeadais, ar a fheidhmíocht airgeadais agus ar a shreafaí airgid agus na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhfuil riosca mór ann ina leith go ndéanfaí coigeartú ábhartha laistigh den chéad tréimhse tuairiscithe bhliantúil eile ar shuimeanna glanluacha na sócmhainní agus na ndliteanas arna dtuairisciú sna ráitis airgeadais ghaolmhara;

(e) 

na héifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna ábhartha an ghnóthais ar a riocht airgeadais, ar a fheidhmíocht airgeadais agus ar a shreafaí airgid sa ghearrthéarma, sa mheántéarma nó san fhadtéarma, lena n-áirítear na tréimhsí ama a bhfuil coinne réasúnach leo maidir leis na tionchair sin. Áireofar leis sin an chaoi a bhfuil coinne ag an ngnóthas leis go n-athróidh a staid airgeadais, a fheidhmíocht airgeadais agus a shreafaí airgid sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, i bhfianaise a straitéise chun rioscaí agus deiseanna a bhainistiú, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

i. 

a phleananna infheistíochta agus diúscartha (mar shampla, caiteachas caipitiúil, éadálacha agus dífheistithe móra, comhfhiontair, claochlú gnó, nuálaíocht, réimsí nua gnó agus aistarraingtí sócmhainní), lena n-áirítear pleananna nach bhfuil an gnóthas faoi ghealltanas conarthach ina leith; agus

ii. 

na foinsí cistiúcháin atá beartaithe aige chun a straitéis a chur chun feidhme.

(f) 

faisnéis faoi athléimneacht straitéis agus shamhail ghnó an ghnóthais maidir lena chumas aghaidh a thabhairt ar na tionchair agus rioscaí ábhartha atá aige agus leas a bhaint as na deiseanna ábhartha atá aige. Nochtfaidh an gnóthas anailís cháilíochtúil agus, i gcás inarb infheidhme, anailís chainníochtúil ar an athléimneacht, lena n-áirítear an chaoi a ndearnadh an anailís agus na tréimhsí ama a cuireadh i bhfeidhm mar a shainmhínítear in ESRS 1 (féach ESRS 1 caibidil 6 Tréimhsí ama). Le linn dó faisnéis chainníochtúil a sholáthar, féadfaidh an gnóthas méideanna aonair nó raonta a nochtadh;

(g) 

athruithe ar na tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha i gcomparáid leis an tréimhse tuairiscithe roimhe sin; agus

(h) 

sonrú na dtionchar, na rioscaí agus na ndeiseanna sin a chumhdaítear le Ceanglais maidir le Nochtadh ESRS seachas iad siúd a chumhdaítear trí nochtadh breise eintiteas-sonrach a bheith in úsáid ag an ngnóthas.

49. Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis thuairisciúil a cheanglaítear i mír 46 a nochtadh in éineacht leis na nochtaí a sholáthraítear faoin ESRS topaicshonrach comhfhreagrach, agus sa chás sin cuirfidh sé ráiteas i láthair fós ar a thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha in éineacht lena nochtaí arna n-ullmhú faoin gcaibidil seo de ESRS 2.

4.    Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

4.1    Nochtaí maidir leis an bpróiseas measúnaithe ábharthachta

50. Leagtar síos sa chaibidil seo ceanglais maidir le nochtadh lenar féidir an méid seo a leanas a thuiscint:

(a) 

an próiseas chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint; agus

(b) 

an fhaisnéis a chuir an gnóthas san áireamh ina ráiteas inbhuanaitheachta mar thoradh ar a mheasúnú ábharthachta.

Ceanglas maidir le Nochtadh IRO-1 — Tuairisc ar an bpróiseas chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú

51.  Nochtfaidh an gnóthas a phróiseas chun a thionchair, rioscaí agus deiseanna a shainaithint agus chun measúnú a dhéanamh cé na cinn atá ábhartha.

52. Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a thabhairt ar an bpróiseas trína sainaithníonn an gnóthas tionchair, rioscaí agus deiseanna agus lena ndéantar measúnú ar a n- ábharthacht, mar bhonn chun na nochtaí ina ráiteas inbhuanaitheachta a chinneadh (féach ESRS 1 caibidil 3 agus a Cheanglais ghaolmhara maidir le Cur i bhFeidhm, lena leagtar amach ceanglais agus prionsabail maidir leis an bpróiseas chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú bunaithe ar phrionsabal na hábharthachta dúbailte).

53. Nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas:

(a) 

tuairisc ar na modheolaíochtaí agus ar na toimhdí a cuireadh i bhfeidhm sa phróiseas a thuairiscítear;

(b) 

forléargas ar an bpróiseas chun tionchair fhéideartha agus iarbhír an ghnóthais ar dhaoine agus ar an gcomhshaol a shainaithint, a chur in ord tosaíochta agus a mheasúnú, bunaithe ar phróiseas díchill chuí an ghnóthais, lena n-áirítear míniú an fíor an méid seo a leanas maidir leis an bpróiseas, agus an chaoi a ndéanann sé é sin:

i. 

díríonn sé ar ghníomhaíochtaí sonracha, caidrimh ghnó, geografaíocht nó tosca eile as a n-eascraíonn an riosca méadaithe go mbeidh drochthionchair ann;

ii. 

measann sé na tionchair a bhfuil baint ag an ngnóthas leo trína oibríochtaí féin nó mar thoradh ar a chaidrimh ghnó;

iii. 

cuireann sé san áireamh comhairliúchán le páirtithe leasmhara a ndéantar difear dóibh chun tuiscint a fháil ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith orthu agus comhairliúchán le saineolaithe seachtracha;

iv. 

tugann sé tús áite do thionchair dhiúltacha bunaithe ar dhéine agus dóchúlacht choibhneasta na dtionchar sin, (féach ESRS 1 roinn 3.4 Ábharthacht tionchair)agus — más infheidhme — tionchair dhearfacha ar a scála, raon feidhme agus dóchúlacht choibhneasta, agus cinneann sé cé na hábhair inbhuanaitheachta atá ábhartha chun críoch tuairiscithe (lena n-áirítear na tairseacha cáilíochtúla nó cainníochtúla agus critéir eile a úsáidtear mar a fhorordaítear le ESRS 1 roinn 3.4 Ábharthacht tionchair);

(c) 

forléargas ar an bpróiseas a úsáidtear chun rioscaí agus deiseanna a bhfuil éifeachtaí airgeadais acu nó a bhféadfadh éifeachtaí airgeadais a bheith acu a shainaithint, a chur in ord tosaíochta agus a mheasúnú. Áireofar an méid seo a leanas sa nochtadh:

i. 

an chaoi a ndearna an gnóthas breithniú ar naisc a thionchair agus a spleáchais leis na rioscaí agus na deiseanna a d’fhéadfadh eascairt as na tionchair agus na spleáchais sin;

ii. 

►C1  an chaoi a ndéanann an gnóthas measúnú ar dhóchúlacht, méid, agus cineál éifeachtaí an riosca agus na ndeiseanna sainaitheanta (amhail na tairseacha cáilíochtúla nó cainníochtúla agus critéir eile a úsáidtear arna bhforordú ag ESRS 1 roinn 3.5 Ábharthacht airgeadais); ◄

iii. 

an chaoi a dtugann an gnóthas tosaíocht do na rioscaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht i gcoibhneas le cineálacha eile rioscaí, lena n-áirítear an úsáid a bhaineann sé as uirlisí measúnaithe riosca;

(d) 

tuairisc ar an bpróiseas cinnteoireachta agus ar na nósanna imeachta rialaithe inmheánaigh gaolmhara;

(e) 

a mhéid a dhéantar agus an chaoi a ndéantar an próiseas chun tionchair agus rioscaí a shainaithint, a mheasúnú agus a bhainistiú a chomhtháthú i bpróiseas foriomlán bainistithe riosca an ghnóthais agus a mhéid a úsáidtear agus an chaoi a n-úsáidtear é chun meastóireacht a dhéanamh ar phróifíl riosca fhoriomlán agus ar phróisis bainistithe riosca an ghnóthais;

(f) 

a mhéid a dhéantar agus an chaoi a ndéantar an próiseas chun deiseanna a shainaithint, a mheasúnú agus a bhainistiú a chomhtháthú i bpróiseas bainistíochta foriomlán an ghnóthais i gcás inarb infheidhme;

(g) 

na paraiméadair ionchuir a úsáideann sé (mar shampla, foinsí sonraí, raon feidhme na n-oibríochtaí a chumhdaítear agus na mionsonraí a úsáidtear i dtoimhdí); agus

(h) 

cé acu atá nó nach bhfuil athrú tagtha ar an bpróiseas agus an chaoi ar athraíodh é i gcomparáid leis an tréimhse tuairiscithe roimhe sin, cathain a rinneadh an próiseas a mhodhnú go deireanach agus dátaí athbhreithnithe an mheasúnaithe ábharthachta amach anseo.

Ceanglas maidir le Nochtadh IRO-2 — Ceanglais maidir le nochtadh in ESRS atá cumhdaithe ag ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais

54.  Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar na Ceanglais maidir le Nochtadh a comhlíonadh ina ráitis inbhuanaitheachta.

55. Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar na Ceanglais maidir le Nochtadh a áirítear i ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais agus ar na topaicí a fágadh ar lár mar toisc nach topaicí ábhartha iad, mar thoradh ar an measúnú ábharthachta.

56. Áireoidh an gnóthas liosta de na Ceanglais maidir le Nochtadh a comhlíonadh agus an ráiteas inbhuanaitheachta á ullmhú, tar éis thoradh an mheasúnaithe ábharthachta (féach ESRS 1 caibidil 3), lena n-áirítear uimhreacha na leathanach ar a bhfuil na nochtaí gaolmhara agus/nó na míreanna ina bhfuil na nochtaí gaolmhara sa ráiteas inbhuanaitheachta. Féadfar iad sin a chur i láthair mar innéacs ábhair. Áireoidh an gnóthas freisin tábla de na pointí sonraí uile a dhíorthaíonn ó reachtaíocht eile de chuid an Aontais a liostaítear i bhFoscríbhinn B den chaighdeán seo, ina léireofar an áit ar féidir teacht orthu sa ráiteas inbhuanaitheachta agus lena n-áirítear na pointí sin a mheas an gnóthas nach pointí ábhartha iad, agus sa chás sin léireoidh an gnóthas “Neamhábhartha” sa tábla i gcomhréir le ESRS 1, mír 35.

57. Má chinneann an gnóthas nach bhfuil an t-athrú aeráide ábhartha agus, dá bhrí sin, go bhfágann sé ar lár na ceanglais uile maidir le nochtadh in ESRS E1 Athrú Aeráide, nochtfaidh sé míniú mionsonraithe ar chonclúidí a mheasúnaithe ábharthachta maidir leis an athrú aeráide (féach ESRS 2 IRO-2 Ceanglais maidir le nochtadh in ESRS atá cumhdaithe ag ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais), lena n-áirítear anailís réamhbhreathnaitheach ar na dálaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis leis an ngnóthas a theacht ar an gconclúid go bhfuil an t-athrú aeráide ábhartha amach anseo.

58. Má thagann an gnóthas ar an gconclúid nach bhfuil topaic ábhartha, topaic seachas an t-athrú aeráide, agus, dá bhrí sin, go bhfágann sé na Ceanglais uile maidir le Nochtadh ar lár san ESRS topaicshonrach comhfhreagrach, féadfaidh sé míniú gairid a thabhairt ar chonclúidí a mheasúnaithe ábharthachta don topaic sin.

59. Soláthróidh an gnóthas míniú ar an gcaoi ar chinn sé an fhaisnéis ábhartha atá le nochtadh maidir leis na tionchair, rioscaí agus deiseanna a ndearna sé measúnú orthu mar chinn ábhartha, lena n-áirítear úsáid tairseach agus/nó an chaoi ar chuir sé na critéir in ESRS 1 roinn 3.2 Ábhair ábhartha agus ábharthacht na faisnéise chun feidhme

4.2    Íoscheanglais maidir le nochtadh i ndáil le beartais agus gníomhaíochtaí

60. Leagtar amach sa roinn seo na híoscheanglais maidir le nochtadh atá le cur san áireamh nuair a nochtann an gnóthas faisnéis faoina bheartais agus faoina ghníomhaíochtaí chun tionchair ábhartha iarbhír agus ionchasacha a chosc, a mhaolú agus a leigheas, chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí agus/nó chun deiseanna ábhartha a shaothrú (i dteannta a chéile, chun ‘ábhair inbhuanaitheachtaábhartha a bhainistiú’). Cuirfear i bhfeidhm iad in éineacht leis na Ceanglais maidir le Nochtadh, lena n-áirítear Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm, dá bhforáiltear in ESRS ábhartha topaicshonracha agus/nó earnáilsonracha. Cuirfear i bhfeidhm iad freisin nuair a ullmhóidh an gnóthas nochtaí eintiteas-sonracha.

61. Beidh na nochtaí comhfhreagracha taobh le nochtaí arna bhforordú ag an ESRS ábhartha. Nuair a thugann beartas aonair nó na gníomhaíochtaí céanna aghaidh ar roinnt ábhar inbhuanaitheachta idirnasctha, féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis is gá a nochtadh ina thuairisciú faoi ESRS topaicshonrach amháin agus crostagairt a dhéanamh dó ina thuairisciú faoi ESRS topaicshonracha eile.

62. Mura féidir leis an ngnóthas an fhaisnéis maidir le beartais agus gníomhaíochtaí a cheanglaítear faoi ESRS ábhartha a nochtadh, toisc nár ghlac sé beartais agus/nó gníomhaíochtaí faoi threoir an ábhair inbhuanaitheachta shonraigh lena mbaineann, nochtfaidh sé go bhfuil sé sin amhlaidh, agus tabharfaidh sé cúiseanna nár ghlac sé beartais agus/nó gníomhaíochtaí. Féadfaidh an gnóthas tráthchlár a nochtadh ina mbeidh sé d’aidhm aige iad a ghlacadh.

Íoscheanglas maidir le Nochtadh — Beartais MDR-P — Beartais arna nglacadh chun ábhair inbhuanaitheachta ábhartha a bhainistiú

63. Cuirfidh an gnóthas na híoscheanglais maidir le nochtadh a shainítear san fhoráil seo i bhfeidhm nuair a nochtfaidh sé na beartais atá i bhfeidhm aige maidir le gach ábhar inbhuanaitheachta a shainaithnítear mar ábhar ábhartha.

64. Is é cuspóir an Íoscheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar na beartais atá i bhfeidhm ag an ngnóthas chun tionchair iarbhír agus fhéideartha a chosc, a mhaolú agus a leigheas, chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí agus chun deiseanna a shaothrú.

65. Nochtfaidh an gnóthas faisnéis faoi bheartais arna nglacadh chun ábhair inbhuanaitheachta ábhartha a bhainistiú. Áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa nochtadh:

(a) 

tuairisc ar phríomhábhar an bheartais, lena n-áirítear a chuspóirí ginearálta agus na tionchair, rioscaídeiseanna ábhartha lena mbaineann an beartas agus an próiseas chun faireachán a dhéanamh;

(b) 

tuairisc ar raon feidhme an bheartais, nó ar a eisiamh, ó thaobh gníomhaíochtaí, slabhra luacha réamhtheachtacha agus/nó iartheachtacha, limistéir gheografacha agus más ábhartha, grúpaí páirtithe leasmhara dá ndéantar difear;

(c) 

an leibhéal is sinsearaí in eagraíocht an ghnóthais atá freagrach as an mbeartas a chur chun feidhme;

(d) 

tagairt, más ábhartha, do na caighdeáin tríú páirtí nó na tionscnaimh a gheallann an gnóthas a urramú trí chur chun feidhme an bheartais;

(e) 

más ábhartha, tuairisc ar an mbreithniú a rinneadh ar leasanna na bpríomhpháirtithe leasmhara agus an beartas á shocrú; agus

(f) 

más ábhartha, cibé acu a chuireann nó nach gcuireann an gnóthas an beartas ar fáil do pháirtithe leasmhara dá bhféadfaí difear a dhéanamh, agus páirtithe leasmhara a dteastaíonn cúnamh uathu chun é a chur chun feidhme, agus conas a dhéantar é sin.

Íoscheanglas maidir le nochtadh — Gníomhaíochtaí MDR-A — Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta ábhartha

66. Cuirfidh an gnóthas i bhfeidhm na ceanglais maidir le hábhar na nochtaí san fhoráil seo le linn dó tuairisc a thabhairt ar na gníomhaíochtaí trína mbainistíonn sé gach ábhar inbhuanaitheachta ábhartha lena n-áirítear pleananna gníomhaíochta agus acmhainní atá leithdháilte agus/nó beartaithe.

67. Is é is cuspóir don Íoscheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar na príomhghníomhaíochtaí a rinneadh agus/nó atá beartaithe chun tionchair iarbhír agus fhéideartha a chosc, a mhaolú agus a leigheas, agus chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí agus deiseanna, agus i gcás inarb infheidhme cuspóirí agus spriocanna na mbeartas gaolmhar a bhaint amach.

68. I gcás ina n-éilíonn cur chun feidhme beartais gníomhaíochtaí, nó plean gníomhaíochta cuimsitheach, chun a chuspóirí a bhaint amach, agus nuair a chuirtear gníomhaíochtaí chun feidhme gan beartas sonrach, nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas:

(a) 

liosta de na príomhghníomhaíochtaí a rinneadh sa bhliain tuairiscithe agus atá beartaithe don todhchaí, na torthaí a bhfuil coinne leo agus, i gcás inarb ábhartha, an chaoi a gcuireann a gcur chun feidhme le cuspóirí agus spriocanna beartais a bhaint amach;

(b) 

raon feidhme na bpríomhghníomhaíochtaí (i.e. cumhdach i dtéarmaí gníomhaíochtaí, slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, limistéir gheografacha agus, i gcás inarb infheidhme, grúpaí páirtithe leasmhara dá ndéantar difear);

(c) 

na tréimhsí ama faoina bhfuil sé beartaithe ag an ngnóthas gach príomhghníomhaíocht a chomhlánú;

(d) 

más infheidhme, príomhghníomhaíochtaí a rinneadh (mar aon le torthaí) chun foráil a dhéanamh maidir le leigheas a sholáthar dóibh siúd a ndearnadh díobháil dóibh de dheasca tionchair ábhartha iarbhír agus chun comhoibriú i soláthar an leighis sin nó chun tacú lena sholáthar;

(e) 

más infheidhme, faisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil maidir le dul chun cinn gníomhaíochtaí nó pleananna gníomhaíochta a nochtadh i dtréimhsí roimhe sin.

69. I gcás ina bhfuil gá le caiteachas mór oibriúcháin (Opex) agus/nó caiteachas mór caipitiúil (Capex) chun plean gníomhaíochta a chur chun feidhme, déanfaidh an gnóthas na nithe seo a leanas:

(a) 

tuairisc a thabhairt ar an gcineál acmhainní airgeadais agus acmhainní eile atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo arna leithdháileadh ar an bplean gníomhaíochta, lena n-áirítear, más infheidhme, téarmaí ábhartha na n-ionstraimí airgeadais inbhuanaithe, amhail bannaí glasa, bannaí sóisialta agus iasachtaí glasa, na cuspóirí comhshaoil nó sóisialta, agus cé acu atá nó nach bhfuil an cumas na gníomhaíochtaí nó an plean gníomhaíochta a chur chun feidhme ag brath ar réamhchoinníollacha sonracha, e.g. tacaíocht airgeadais a dheonú nó forbairtí beartais phoiblí agus forbairtí margaidh;

(b) 

méid na n-acmhainní airgeadais atá ann faoi láthair a sholáthar agus míniú a thabhairt ar an gcaoi a mbaineann siad leis na méideanna is ábhartha a chuirtear i láthair sna ráitis airgeadais; agus

(c) 

méid na n-acmhainní airgeadais a bheidh ann amach anseo a sholáthar.

5.    Méadracht agus spriocanna

70. Leagtar amach sa chaibidil seo na hÍoscheanglais maidir le Nochtadh a chuirfear san áireamh nuair a nochtfaidh an gnóthas faisnéis maidir lena mhéadracht agus a spriocanna a bhaineann le gach ábhar inbhuanaitheachta ábhartha. Cuirfear i bhfeidhm iad in éineacht leis na Ceanglais maidir le Nochtadh, lena n-áirítear Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm, dá bhforáiltear san ESRS ábhartha topaicshonrach. Cuirfear i bhfeidhm iad freisin nuair a ullmhóidh an gnóthas nochtaí eintiteas-sonracha.

71. Beidh na nochtaí comhfhreagracha taobh le nochtaí arna bhforordú ag an ESRS topaicshonrach.

72. Mura féidir leis an ngnóthas an fhaisnéis maidir le spriocanna a nochtadh a éilítear faoin ESRS topaicshonrach ábhartha, toisc nár ghlac sé spriocanna faoi threoir an ábhair inbhuanaitheachta shonraigh lena mbaineann, nochtfaidh sé go bhfuil sé sin amhlaidh, agus tabharfaidh sé cúiseanna nár ghlac sé spriocanna. Féadfaidh an gnóthas tráthchlár a nochtadh ina mbeidh sé d’aidhm aige iad a ghlacadh.

Íoscheanglas maidir le nochtadh — Méadracht MDR-M — Méadracht i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta ábhartha

73. Cuirfidh an gnóthas na ceanglais le haghaidh ábhar na nochtaí san fhoráil seo i bhfeidhm le linn dó nochtadh a dhéanamh maidir leis an méadracht atá i bhfeidhm aige i ndáil le gach ábhar inbhuanaitheachta ábhartha.

74. Is é is cuspóir don Íoscheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar an méadracht a úsáideann an gnóthas chun éifeachtacht a chuid gníomhaíochtaí a rianú chun ábhair inbhuanaitheachta ábhartha a bhainistiú.

75. Nochtfaidh an gnóthas aon mhéadracht a úsáideann sé chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar éifeachtacht, i ndáil le tionchar, rioscadeis ábhartha.

76. Áireofar i méadracht an mhéadracht sin a shainítear in ESRS, chomh maith le méadracht a shainaithnítear ar bhonn eintiteas-sonrach, gan beann ar cé acu a tógadh ó fhoinsí eile iad nó a d’fhorbair an gnóthas féin iad.

77. Maidir le gach méadracht, déanfaidh an gnóthas na nithe seo a leanas:

(a) 

nochtfaidh sé na modheolaíochtaí agus na toimhdí suntasacha atá taobh thiar den mhéadracht, lena n-áirítear teorainneacha na modheolaíochtaí a úsáideadh;

(b) 

nochtfaidh sé cé acu a bhailíochtaíonn comhlacht seachtrach seachas an soláthraí dearbhúcháin an tomhas ar an méadracht agus má dhéanann, cén comhlacht a dhéanann é;

(c) 

cuirfidh sé lipéad ar an méadracht agus saineoidh sé í agus úsáid á baint as ainmneacha agus tuairiscí atá ciallmhar, soiléir agus beacht;

(d) 

i gcás ina sonraítear airgeadra mar aonad tomhais, úsáidfidh sé airgeadra tuairiscithe a ráiteas airgeadais.

Íoscheanglas maidir le nochtadh — Spriocanna MDR-T — Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna

78. Cuirfidh an gnóthas na ceanglais le haghaidh ábhar na nochtaí san fhoráil seo i bhfeidhm le linn dó faisnéis a nochtadh maidir leis na spriocanna atá leagtha síos aige i ndáil le gach ábhar inbhuanaitheachta ábhartha.

79. Is é cuspóir an Íoscheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar na nithe seo a leanas i gcás gach ábhair inbhuanaitheachta ábhartha:

(a) 

cé acu a rianaíonn nó nach rianaíonn an gnóthas éifeachtacht a ghníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha, lena n-áirítear an mhéadracht a úsáideann sé chun é sin a dhéanamh, agus an chaoi a rianaíonn sé an éifeachtacht sin;

(b) 

spriocanna intomhaiste atá faoi cheangal ama agus atá dírithe ar thorthaí arna leagan síos ag an ngnóthas chun cuspóirí an bheartaisa bhaint amach, arna sainiú i dtéarmaí na dtorthaí a bhfuiltear ag súil leo do dhaoine, don chomhshaol nó don ghnóthas maidir le tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha;

(c) 

an dul chun cinn foriomlán i dtreo na spriocanna a glacadh le himeacht ama;

(d) 

i gcás nach bhfuil spriocanna intomhaiste atá faoi cheangal ama agus atá dírithe ar thorthaí leagtha síos ag an ngnóthas, cé acu a rianaíonn nó nach rianaíonn sé, mar sin féin, éifeachtacht a ghníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus cé acu a dhéanann nó nach ndéanann sé an dul chun cinn a thomhas maidir lena chuspóirí beartais a bhaint amach, agus an chaoi a rianaíonn sé an éifeachtacht sin agus a ndéanann sé an dul chun cinn a thomhas; agus

(e) 

cé acu a bhí nó nach raibh páirtithe leasmhara páirteach i socrú spriocanna do gach ábhar inbhuanaitheachta ábhartha agus an chaoi a raibh siad páirteach ann.

80. Nochtfaidh an gnóthas na spriocanna intomhaiste atá dírithe ar thorthaí agus atá faoi cheangal ama maidir le hábhair inbhuanaitheachta ábhartha atá leagtha síos aige chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn. Áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa nochtadh i gcás gach sprice:

(a) 

tuairisc ar an ngaol idir an sprioc agus na cuspóirí beartais;

(b) 

an leibhéal sprice sainithe atá le baint amach, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, cé acu an dearbh-sprioc nó sprioc choibhneasta é agus cén t-aonad ina dtomhaistear é;

(c) 

raon feidhme na sprice, lena n-áirítear gníomhaíochtaí an ghnóthais agus/nó a shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach i gcás inarb infheidhme agus teorainneacha geografacha;

(d) 

an luach bonnlíne agus an bhonnbhliain óna dtomhaistear dul chun cinn;

(e) 

an tréimhse lena mbaineann an sprioc agus más infheidhme, aon gharsprioc nó aon sprioc idirthréimhseach;

(f) 

na modheolaíochtaí agus na toimhdí suntasacha a úsáidtear chun spriocanna a shainiú, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an cás roghnaithe, foinsí sonraí, ailíniú le spriocanna beartais náisiúnta, AE nó idirnáisiúnta agus an chaoi a gcuirtear comhthéacs níos leithne na forbartha inbhuanaithe agus/nó na staide áitiúla ina dtarlaíonn tionchair san áireamh sna spriocanna;

(g) 

cé acu atá nó nach bhfuil spriocanna an ghnóthais a bhaineann le cúrsaí comhshaoil bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhochloíte;

(h) 

cé acu a bhí nó nach raibh páirtithe leasmhara páirteach i socrú spriocanna do gach ábhar inbhuanaitheachta ábhartha agus an chaoi a raibh siad páirteach ann;

(i) 

aon athrú ar spriocanna agus ar mhéadracht chomhfhreagrach nó ar bhun-mhodheolaíochtaí tomhais, toimhdí suntasacha, teorainneacha, foinsí agus próisis chun sonraí arna nglacadh laistigh den tréimhse ama shainithe a bhailiú. Áirítear leis sin míniú ar an réasúnaíocht atá leis na hathruithe sin agus ar a n-éifeacht ar inchomparáideacht (féach Ceanglas maidir le Nochtadh BP-2 Nochtaí maidir le cúinsí sonracha an Chaighdeáin seo); agus

(j) 

an fheidhmíocht i gcomparáid lena spriocanna nochta, lena n-áirítear faisnéis faoin gcaoi a ndéantar faireachán agus athbhreithniú ar an sprioc agus an mhéadracht a úsáidtear, cé acu atá nó nach bhfuil an dul chun cinn i gcomhréir leis an méid a bhí beartaithe ar dtús, agus anailís ar threochtaí nó athruithe móra ar fheidhmíocht an ghnóthais i dtreo an sprioc a bhaint amach.

81. Mura bhfuil aon sprioc intomhaiste atá dírithe ar thorthaí leagtha síos ag an ngnóthas:

(a) 

féadfaidh sé a nochtadh cé acu a leagfar síos nó nach leagfar síos na spriocanna sin agus an tréimhse ama chun iad a leagan síos, nó na cúiseanna nach bhfuil sé beartaithe ag an ngnóthas na spriocanna sin a leagan síos;

(b) 

nochtfaidh sé cé acu a rianaíonn nó nach rianaíonn sé, mar sin féin, éifeachtacht a chuid beartas agus a chuid gníomhaíochtaí i ndáil leis an tionchar, riosca agus deis ábhartha a bhaineann le hinbhuanaitheacht, agus má rianaíonn sé amhlaidh, nochtfaidh sé an méid seo a leanas:

i. 

aon phróiseas trína ndéanann sé é sin;

ii. 

an leibhéal sainithe uaillmhéine atá le baint amach agus aon táscaire cáilíochtúil nó cainníochtúil a úsáideann sé chun meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn, lena n-áirítear an bhonntréimhse óna ndéantar dul chun cinn a thomhas.




Foscríbhinn A

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm

Is dlúthchuid de ESRS 2 í an fhoscríbhinn seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán.

1.    An bonn leis an ullmhúchán

Ceanglas maidir le Nochtadh BP-1 — Bonn ginearálta le ráitis inbhuanaitheachta a ullmhú

AR 1. Agus tuairisc á tabhairt ar a mhéid a chumhdaítear slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach an ghnóthais leis an ráiteas inbhuanaitheachta (féach ESRS 1 roinn 5.1 Gnóthas tuairiscithe agus slabhra luacha), féadfaidh an gnóthas idirdhealú a dhéanamh idir:

(a) 

a mhéid a leathnaítear a mheasúnú ábharthachta ar thionchair, rioscaí agus deiseanna chun a shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach a chumhdach;

(b) 

a mhéid a leathnaítear a bheartais, gníomhaíochtaí agus spriocanna chun a shlabhra luacha a chumhdach; agus

(c) 

a mhéid a áiríonn sé sonraí maidir leis an slabhra luacha réamhtheachtach agus/nó iartheachtach nuair a bhíonn méadracht á nochtadh aige.

Ceanglas maidir le Nochtadh BP-2 — Nochtaí i ndáil le himthosca sonracha

AR 2. Féadfaidh an gnóthas a nochtadh cé acu atá nó nach bhfuil sé ag brath ar aon chaighdeán Eorpach arna bhformheas ag an gCóras Eorpach um Chaighdeánú (caighdeáin ISO/IEC nó CEN/CENELEC), chomh maith lena mhéid atá na sonraí agus na próisis a úsáidtear chun críoch tuairiscithe inbhuanaitheachta fíoraithe ag soláthraí dearbhúcháin seachtrach agus ar cinneadh ina leith go gcomhlíonann siad an caighdeán comhfhreagrach ISO/IEC nó CEN/CENELEC.

2.    Rialachas

Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-1 — Ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta

AR 3. Agus cur síos á dhéanamh ar ról agus ar fhreagrachtaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta maidir le hábhair inbhuanaitheachta, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

na gnéithe den inbhuanaitheacht ar a ndéantar maoirseacht, i dtaca leis na hábhair chomhshaoil, shóisialta agus rialachais a d’fhéadfadh a bheith roimh an ngnóthas, lena n-áirítear:

i. 

aon mheasúnú ar ghnéithe de straitéis agus de shamhail ghnó an ghnóthais a bhaineann le hinbhuanaitheacht agus aon athrú orthu;

ii. 

rioscaí, deiseanna agus tionchair ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú;

iii. 

beartais agus spriocanna gaolmhara, pleananna gníomhaíochta agus acmhainní tiomnaithe; agus

iv. 

tuairisciú um inbhuanaitheacht;

(b) 

an fhoirm arna glacadh ag maoirseacht den sórt sin le haghaidh gach ceann de na gnéithe thuas: i.e., faisnéis, comhairliúchán nó cinnteoireacht; agus

(c) 

an bealach a eagraítear agus a dhéantar foirmiúlú ar mhaoirseacht den sórt sin, i.e., próisis faoina n-oibríonn comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta leis na gnéithe sin den inbhuanaitheacht.

AR 4. Agus tuairisc á tabhairt ar eagrú rialachais an ghnóthais maidir le hábhair inbhuanaitheachta, féadfar cur síos ar struchtúr casta rialachais a chomhlánú lena gcur i láthair i bhfoirm léaráide.

AR 5. Féadfar bunús a thabhairt leis an tuairisc ar leibhéal saineolais nó rochtain ar shaineolas na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta trí chomhdhéanamh na gcomhlachtaí a léiriú, lena n-áirítear comhaltaí ar a mbraitheann na comhlachtaí sin le haghaidh saineolais chun maoirseacht a dhéanamh ar ábhair inbhuanaitheachta, agus an chaoi a gcuireann siad le tionchar an tsaineolais sin mar chomhlacht. Sa tuairisc, breithneoidh an gnóthas an chaoi a bhfuil an saineolas agus na scileanna ábhartha maidir le tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha an ghnóthais agus cé acu atá nó nach bhfuil rochtain ag na comhlachtaí agus/nó ag a chomhaltaí ar fhoinsí eile saineolais, amhail saineolaithe sonracha agus oiliúint shonrach agus tionscnaimh oideachais eile chun saineolas a bhaineann le hinbhuanaitheacht a thabhairt cothrom le dáta agus a fhorbairt laistigh de na comhlachtaí sin.

Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-2 — Faisnéis arna soláthar do chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta an ghnóthais agus ábhair inbhuanaitheachta a dtugann siad aghaidh orthu

AR 6. Ag brath ar struchtúr an ghnóthais, féadfaidh na comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta díriú ar spriocanna uileghabhálacha, agus díríonn an bhainistíocht ar na spriocanna níos mionsonraithe. Sa chás sin, féadfaidh an gnóthas a nochtadh an chaoi a n-áirithíonn na comhlachtaí rialachais go bhfuil sásra iomchuí i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht.

Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-3 — Feidhmíocht a bhaineann le hinbhuanaitheacht a chomhtháthú i scéimeanna dreasachta

AR 7. I gcás gnóthais liostaithe, ba cheart don Cheanglas maidir le Nochtadh seo a bheith comhsheasmhach leis an tuarascáil luach saothair arna forordú in airteagail 9a agus 9b de Threoir 2007/36/CE maidir le cearta áirithe scairshealbhóirí a fheidhmiú i gcuideachtaí liostaithe. Faoi réir fhorálacha ESRS 1, míreanna 119, 120 agus 122, féadfaidh gnóthas liostaithe tagairt a dhéanamh dá thuarascáil luach saothair.

Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-4 — Ráiteas maidir le dícheall cuí

AR 8. Féadfar an mhapáil a cheanglaítear le mír 30 a chur i láthair i bhfoirm tábla, agus crostagairt a dhéanamh idir croí-eilimintí an díchill chuí, maidir le tionchair ar dhaoine agus ar an gcomhshaol, agus na nochtaí ábhartha i ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais, mar a leagtar amach thíos.

AR 9. Féadfaidh an gnóthas colúin bhreise a chur leis an tábla thíos chun na nochtaí sin a bhaineann le tionchair ar dhaoine agus/nó ar an gcomhshaol a shainaithint go soiléir ag glacadh leis, i roinnt cásanna, go bhféadfadh níos mó ná nochtadh amháin faisnéis a sholáthar maidir leis an gcéim díchill chuí chéanna.

AR 10. Tá na príomhthagairtí in ionstraimí idirnáisiúnta Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus i dTreoirlínte ECFE le haghaidh Fiontair Ilnáisiúnta maidir le croí-eilimintí an phróisis díchill chuí liostaithe in ESRS 1 caibidil 4.



CROÍ-EILIMINTÍ AN DÍCHILL CHUÍ

MÍREANNA SA RÁITEAS INBHUANAITHEACHTA

a)  An dícheall cuí a leabú i rialachas, straitéis agus samhail ghnó

 

b)  Oibriú le páirtithe leasmhara dá ndéantar difear i ngach príomhchéim den dícheall cuí

 

c)  Drochthionchair a shainaithint agus measúnú a dhéanamh orthu

 

d)  Gníomhaíochtaí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na drochthionchair sin

 

e)  Éifeachtacht na n-iarrachtaí sin a rianú agus cumarsáid a dhéanamh

 

Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-5 — Bainistiú riosca agus rialuithe inmheánacha ar thuairisciú inbhuanaitheachta

AR 11. Díríonn an Ceanglas maidir le Nochtadh seo ar na próisis rialaithe inmheánaigh ar an bpróiseas tuairiscithe um inbhuanaitheacht agus orthu sin amháin. Féadfaidh an gnóthas rioscaí a chur san áireamh amhail iomláine agus sláine na sonraí, cruinneas na dtorthaí meastacháin, infhaighteacht shonraí an tslabhra luacha réamhtheachtaigh agus iartheachtaigh, agus uainiú infhaighteacht na faisnéise.

3.    Straitéis

Ceanglas maidir le Nochtadh SBM-1 — Straitéis, samhail ghnó agus slabhra luacha

AR 12. Chun an fhaisnéis faoi earnálacha a cheanglaítear le mír 40 a sholáthar, déanfaidh an gnóthas a ghníomhaíochtaí suntasacha a mhapáil i gcomhréir le hearnálacha ESRS. Murab ann do chód le haghaidh fo-earnála, úsáidfear an teideal ‘eile’.

AR 13. Chun críocha na nochtaí a cheanglaítear i mír 40, tá grúpa táirgí agus/nó seirbhísí a thairgtear, grúpa margaí agus/nó grúpaí custaiméirí ar a bhfreastalaítear, nó earnáil ESRS, suntasach don ghnóthas má chomhlíonann sé ceann amháin nó an dá cheann de na critéir seo a leanas:

(a) 

is é a ghineann níos mó ná 10 faoin gcéad d’ioncam an ghnóthais;

(b) 

tá baint aige le tionchair iarbhír ábhartha nó le tionchair dhiúltacha ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ag an ngnóthas.

AR 14. Agus nochtaí a bhaineann lena shamhail ghnó agus lena slabhra luacha á n-ullmhú ag an ngnóthas, déanfaidh sé an méid seo a leanas a mheas:

(a) 

a phríomhghníomhaíochtaí, a acmhainní, a bhealaí dáileacháin agus a chatagóirí custaiméirí;

(b) 

a phríomhchaidrimh ghnó agus a bpríomhthréithe siúd, lena n-áirítear caidreamh le custaiméirí agus le soláthróirí;

(c) 

struchtúr costais agus ioncam a dheighleoga gnólachta, i gcomhréir le ceanglais nochta IFRS 8 sa ráiteas airgeadais, i gcás inarb infheidhme;

(d) 

na tionchair, rioscaí agus deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann ina earnáil nó ina earnálacha suntasacha agus an gaol a d’fhéadfadh a bheith acu lena shamhail ghnó féin nó lena shlabhra luacha féin.

AR 15. Féadfaidh faisnéis chomhthéacsúil a bheith ábhartha go háirithe d’úsáideoirí ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais, chun tuiscint a fháil ar a mhéid a áirítear faisnéis faoin slabhra luacha réamhtheachtach agus/nó iartheachtach sna nochtaí tuairiscithe. Ba cheart go dtacódh an tuairisc ar phríomhghnéithe den slabhra luacha réamhtheachtach agus/nó iartheachtach agus i gcás inarb infheidhme sainaithint príomhshlabhraí luacha le tuiscint ar an gcaoi a gcuireann an gnóthas i bhfeidhm ceanglais ESRS 1 caibidil 5 agus an measúnú ábharthachta a rinne an gnóthas i gcomhréir le ESRS 1 caibidil 3. Féadfar forléargas ardleibhéil a thabhairt sa tuairisc ar phríomhghnéithe na n-eintiteas sa slabhra luacha réamhtheachtach agus/nó iartheachtach lena léirítear a rannchuidiú coibhneasta le feidhmíocht agus seasamh an ghnóthais agus lena mínítear an chaoi a gcuireann siad le cruthú luacha eacnamaíoch an ghnóthais.

Ceanglas maidir le Nochtadh SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara

AR 16. D’fhéadfadh tuairimí agus leasanna na bpáirtithe leasmhara a chuirtear in iúl mar chuid de rannpháirtíocht an ghnóthais le páirtithe leasmhara trína phróiseas díchill chuí nó trína phróiseas/phróisis díchill chuí a bheith ábhartha do ghné amháin nó níos mó dá straitéis nó dá shamhail ghnó. Dá réir sin, d’fhéadfaidís difear a dhéanamh do chinntí an ghnóthais maidir le treo na straitéise nó na samhla gnó amach anseo.

Ceanglas maidir le Nochtadh SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó

AR 17. Agus tuairisc á tabhairt aige ar an áit ina shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach ina bhfuil tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha comhchruinnithe, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a mheas: limistéir gheografacha, saoráidí nó cineálacha sócmhainní, ionchuir, aschuir agus cainéil dáilte.

AR 18. Féadfar an nochtadh sin a shloinneadh i dtéarmaí tionchair amháin, riosca amháin nó deis amháin nó trí ghrúpaí de thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a chomhiomlánú, nuair a sholáthraíonn sé sin faisnéis níos ábhartha agus nuair nach ndéanann sé faisnéis ábhartha a fholú.

4.    Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh IRO-2 — Ceanglais maidir le Nochtadh in ESRS atá cumhdaithe ag ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais

AR 19. D’ainneoin an bhoinn le haghaidh chur i láthair na faisnéise faoi ábhair inbhuanaitheachta a áirítear in ESRS 1 caibidil 8 Struchtúr an ráitis inbhuanaitheachta, féadfaidh an gnóthas an liosta a nochtadh de na Ceanglais maidir le Nochtadh a comhlíonadh agus an ráiteas inbhuanaitheachta á ullmhú (féach mír 54) sa chuid den ráiteas inbhuanaitheachta a bhaineann le faisnéis ghinearálta nó i gcodanna eile den ráiteas inbhuanaitheachta de réir mar a mheasann sé a bheith iomchuí. Féadfaidh an gnóthas innéacs ábhair a úsáid, i.e., liosta i bhfoirm tábla de na Ceanglais maidir le Nochtadh a áirítear sa ráiteas inbhuanaitheachta, mar aon leis an tásc ar an áit a bhfuil siad (leathanach/míreanna).

Íoscheanglas maidir le Nochtadh — Beartais MDR-P — Beartais arna nglacadh chun ábhair inbhuanaitheachta ábhartha a bhainistiú

AR 20. Mar gheall ar an idirspleáchas idir tionchair ar dhaoine agus ar an gcomhshaol, rioscaí agus deiseanna, féadfaidh feidhm a bheith ag beartas aonair maidir le roinnt ábhar inbhuanaitheachta ábhartha, lena n- áirítear ábhair a dtugann níos mó ná ESRS topaicshonrach amháin aghaidh orthu. Mar shampla, má chumhdaíonn beartas aonair ábhar comhshaoil agus ábhar sóisialta araon, féadfaidh an gnóthas tuairisciú ar an mbeartas sa chuid den ráiteas inbhuanaitheachta a bhaineann leis an gcomhshaol. Sa chás sin, ba chóir go mbeadh crostagairt sa roinn shóisialta don roinn chomhshaoil ina dtuairiscítear an beartas. Ar an gcuma chéanna, féadfar beartas a thuairisciú sa roinn shóisialta agus crostagairt a bheith ann dó sa roinn chomhshaoil.

AR 21. Sa tuairisc ar raon feidhme an bheartais, féadfar a mhíniú cé na gníomhaíochtaí agus/nó na codanna d’oibríochtaí an ghnóthais féin nó den slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach lena mbaineann an beartas. Féadfar míniú a thabhairt freisin sa tuairisc ar na teorainneacha breise atá ábhartha don topaic shonrach nó d’imthosca an ghnóthais, mar shampla limistéir gheografacha, saolréanna, etc. I gcásanna áirithe, cuir i gcás mura gcumhdaíonn an beartas an slabhra luacha iomlán, féadfaidh an gnóthas faisnéis shoiléir a sholáthar maidir le méid an tslabhra luacha a chumhdaítear leis an mbeartas.

Íoscheanglas maidir le nochtadh — Gníomhaíochtaí MDR-A — Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta ábhartha

AR 22. Is iad na príomhghníomhaíochtaí i gcomhthéacs an Íoscheanglais seo maidir le Nochtadh na gníomhaíochtaí sin a rannchuidíonn go hábhartha le cuspóirí an ghnóthais a bhaint amach maidir le dul i ngleic le tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha. Ar chúiseanna sothuigtheachta, d’fhéadfaí príomhghníomhaíochtaí a chomhiomlánú i gcás inarb iomchuí.

AR 23. Féadfar faisnéis maidir le leithdháileadh acmhainní a chur i láthair i bhfoirm tábla agus í a mhiondealú idir caiteachas caipitiúil agus caiteachas oibriúcháin, agus thar na tréimhsí ama ábhartha, agus idir acmhainní arna gcur i bhfeidhm sa bhliain tuairiscithe reatha agus an leithdháileadh beartaithe acmhainní thar thréimhsí ama sonracha.

5.    Méadracht agus spriocanna

Íoscheanglas maidir le nochtadh — Spriocanna MDR-T — Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna

AR 24. Agus spriocanna a bhaineann le tionchair ar an gcomhshaol a chosc nó a mhaolú á nochtadh ag an ngnóthas, tabharfaidh sé tús áite do spriocanna a bhaineann leis na tionchair a laghdú i ndearbhthéarmaí seachas i dtéarmaí coibhneasta. Nuair a thugann spriocanna aghaidh ar thionchair shóisialta a chosc nó a mhaolú, féadfar iad a shonrú i dtéarmaí na n-éifeachtaí ar chearta an duine, ar leas an duine nó ar thorthaí dearfacha do pháirtithe leasmhara dá ndéantar difear.

AR 25. Féadfar an fhaisnéis faoin dul chun cinn atá déanta i dtreo na spriocanna a bhaint amach a chur i láthair i dtábla cuimsitheach, lena n-áirítear faisnéis faoin luach bonnlíne agus faoin spriocluach, faoi na garspriocanna, agus faoin bhfeidhmíocht a baineadh amach sna tréimhsí roimhe sin.

AR 26. I gcás ina ndéanfaidh an gnóthas cur síos ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cuspóirí beartais a bhaint amach in éagmais sprioc intomhaiste, féadfaidh sé bonnlíne a shonrú a ndéanfar an dul chun cinn a mheas ina leith. Mar shampla, féadfaidh an gnóthas measúnú a dhéanamh ar mhéadú faoi chéatadán áirithe dóibh siúd atá faoi bhun pá cóir; nó féadfaidh sé measúnú a dhéanamh ar cháilíocht a ghaolmhaireachtaí le pobail áitiúla trí thagairt do chion na saincheisteanna a tharraing pobail anuas agus a réitíodh chun sástachta dóibh. Bainfidh an bhonnlíne agus an measúnú ar an dul chun cinn leis na tionchair, rioscaí agus deiseanna atá mar bhonn taca le hábharthacht an ábhair a dtugtar aghaidh air sa bheartas.




Foscríbhinn B

Liosta na bpointí sonraí i gcaighdeáin thrasearnálacha agus i gcaighdeáin thopaicshonracha a eascraíonn as reachtaíocht eile an Aontais

Is dlúthchuid de ESRS 2 í an fhoscríbhinn seo. Léirítear sa tábla thíos na pointí sonraí in ESRS 2 agus ESRS topaicshonrach a eascraíonn as reachtaíocht eile de chuid an Aontais.



Ceanglas maidir le Nochtadh agus pointe sonraí gaolmhar

Tagairt (1) RNAI

Tagairt (2) Cholún 3

Tagairt don Rialachán tagarmhairc (3)

Tagairt do

Dhlí Aeráide an Aontais (4)

ESRS 2 GOV-1

Éagsúlacht inscne an Bhoird mír 21 (d)

Táscaire uimhir 13 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1

 

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún (5), Iarscríbhinn II

 

ESRS 2 GOV-1

An céatadán de chomhaltaí an bhoird atá neamhspleách mír 21 (e)

 

 

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II

 

ESRS 2 GOV-4

Ráiteas maidir le dícheall cuí mír 30

Táscaire uimhir 10 Tábla #3 d’Iarscríbhinn 1

 

 

 

ESRS 2 SBM-1

Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí a bhaineann le gníomhaíochtaí breoslaí iontaise fuinneamh mír 40 (d) i

Táscairí uimhir 4 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1

Airteagal 449 a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún (6) Tábla 1: Faisnéis cháilíochtúil maidir le riosca Comhshaoil agus Tábla 2: Faisnéis cháilíochtúil maidir le riosca Sóisialta

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II

 

ESRS 2 SBM-1

Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí a bhaineann le táirgeadh ceimiceach mír 40 (d) ii

Táscaire uimhir 9 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1

 

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II

 

ESRS 2 SBM-1

Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí a bhaineann le hairm chonspóideacha mír 40 (d) iii

Táscaire uimhir 14 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1

 

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún (7), Airteagal 12(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II

 

ESRS 2 SBM-1

Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí a bhaineann le saothrú agus táirgeadh tobac mír 40 (d) iv

 

 

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún, Airteagal 12(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II

 

ESRS E1-1

Plean aistrithe chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 mír 14

 

 

 

Rialachán (AE) 2021/1119, Airteagal 2(1)

ESRS E1-1

Gnóthais eisiata ó Thagarmharcanna atá ailínithe le Comhaontú Pháras mír 16 (g)

 

Airteagal 449a

Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún Teimpléad 1: Leabhar baincéireachta — Riosca aistrithe maidir leis an Athrú Aeráide: Cáilíocht chreidmheasa na neamhchosaintí de réir na hearnála, astaíochtaí agus aibíocht iarmharach

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún, Airteagal 12.1 (d) go (g) agus Airteagal 12.2.

 

ESRS E1-4

Astaíocht GCT spriocanna laghdaithe mír 34

Táscaire uimhir 4 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1

Airteagal 449a

Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún Teimpléad 3: Leabhar baincéireachta — Riosca aistrithe maidir leis an athrú aeráide: méadrachtaí um ailíniú

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún, Airteagal 6

 

ESRS E1-5

Ídiú fuinnimh ó fhoinsí iontaise dí-chomhiomlánaithe de réir foinsí (earnálacha aeráide ardtionchair amháin) mír 38

Táscaire uimhir 5 Tábla #1 agus Táscaire uimhir 5 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1

 

 

 

ESRS E1-5 Tomhaltas fuinnimh agus meascán fuinnimh mír 37

Táscaire uimhir 5 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1

 

 

 

ESRS E1-5

Déine fuinnimh bainteach le gníomhaíochtaí in earnálacha aeráide ardtionchair míreanna 40 go 43

Táscaire uimhir 6 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1

 

 

 

ESRS E1-6

Oll-astaíochtaí GCT Scóipeanna 1, 2, 3 agus astaíochtaí GCT iomlána mír 44

Táscairí uimhir 1 agus uimhir 2 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1

Airteagal 449 a; Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún Teimpléad 1: Leabhar baincéireachta — Riosca aistrithe maidir leis an athrú aeráide: Cáilíocht chreidmheasa na neamhchosaintí de réir na hearnála, astaíochtaí agus aibíocht iarmharach

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún, Airteagail 5(1), 6 agus 8(1)

 

ESRS E1-6

Déine astaíochtaí comhlána GCT míreanna 53 go 55

Táscairí uimhir 3 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1

Airteagal 449 a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún Teimpléad 3: Leabhar baincéireachta — Riosca aistrithe maidir leis an athrú aeráide: méadrachtaí um ailíniú

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún, Airteagal 8(1)

 

ESRS E1-7

Aistrithe GCT agus creidmheasanna carbóin mír 56

 

 

 

Rialachán (AE) 2021/1119, Airteagal 2(1)

ESRS E1-9

Neamhchosaint na punainne tagarmhairc do rioscaí fisiceacha a bhaineann leis an aeráid mír 66

 

 

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II

 

ESRS E1-9

Méideanna airgeadaíochta a dhí-chomhiomlánú de réir rioscaí fisiceacha géara agus ainsealacha mír 66 (a)

ESRS E1-9

Suíomh na sócmhainní suntasacha atá faoi riosca fisiceach ábhartha mír 66 (c).

 

Airteagal 449 a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún míreanna 46 agus 47: Teimpléad 5: Leabhar baincéireachta — Riosca fisiceach maidir leis an athrú aeráide: Neamhchosaintí faoi réir riosca fisiceach.

 

 

ESRS E1-9 Miondealú de shuim ghlanluacha a shócmhainní eastáit réadaigh de réir aicmí éifeachtúlachta fuinnimh mír 67 (c).

 

Airteagal 449 a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún mír 34;Teimpléad 2:Leabhar baincéireachta — Riosca aistrithe maidir leis an athrú aeráide: Iasachtaí atá comhthaobhaithe le maoin dhochorraithe — Éifeachtúlacht fuinnimh na comhthaobhachta

 

 

ESRS E1-9

Méid neamhchosaint na punainne do dheiseanna a bhaineann leis an aeráid mír 69

 

 

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II

 

ESRS E2-4

An méid truailleán a liostaítear in Iarscríbhinn II den Rialachán E-PRTR (an Clár Eorpach um Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán) a astaítear san aer, san uisce agus san ithir, mír 28

Táscaire uimhir 8 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1 Táscaire uimhir 2 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1 Táscaire uimhir 1 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1 Táscaire uimhir 3 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1

 

 

 

ESRS E3-1

Uisce agus acmhainní muirí mír 9

Táscaire uimhir 7 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1

 

 

 

ESRS E3-1

Beartas tiomnaithe mír 13

Táscaire uimhir 8 Tábla 2 d’Iarscríbhinn 1

 

 

 

ESRS E3-1

Aigéin agus farraigí inbhuanaithe mír 14

Táscaire uimhir 12 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1

 

 

 

ESRS E3-4

An t-uisce iomlán a athchúrsáiltear agus a athúsáidtear mír 28 (c)

Táscaire uimhir 6.2 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1

 

 

 

ESRS E3-4

An tomhaltas iomlán uisce in m3 in aghaidh an ghlanioncaim ó oibríochtaí dílse mír 29

Táscaire uimhir 6.1 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1

 

 

 

►C1  ESRS 2- SBM 3 - E4 mír 16 (a) i ◄

Táscaire uimhir 7 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1

 

 

 

►C1  ESRS 2- SBM 3 - E4 mír 16 (b) ◄

Táscaire uimhir 10 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1

 

 

 

►C1  ESRS 2- SBM 3 - E4 mír 16 (c) ◄

Táscaire uimhir 14 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1

 

 

 

ESRS E4-2

Cleachtais nó beartais talún / talmhaíochta inbhuanaithe mír 24 (b)

Táscaire uimhir 11 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1

 

 

 

ESRS E4-2

Cleachtais nó beartais aigéan / farraigí inbhuanaithe mír 24 (c)

Táscaire uimhir 12 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1

 

 

 

ESRS E4-2

Beartais chun aghaidh a thabhairt ar an dífhoraoisiú mír 24 (d)

Táscaire uimhir 15 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1

 

 

 

ESRS E5-5

Dramhaíl neamh-athchúrsáilte mír 37 (d)

Táscaire uimhir 13 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1

 

 

 

ESRS E5-5

Dramhaíl ghuaiseach agus dramhaíl radaighníomhach mír 39

Táscaire uimhir 9 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1

 

 

 

ESRS 2- SBM3 - S1

Riosca i leith teagmhais saothair éignithe mír 14 (f)

Táscaire uimhir 13 Tábla #3 d’Iarscríbhinn I

 

 

 

ESRS 2- SBM3 - S1

Riosca i leith teagmhais saothair leanaí mír 14 (g)

Táscaire uimhir 12 Tábla #3 d’Iarscríbhinn I

 

 

 

ESRS S1-1

Tiomantais sa bheartas maidir le cearta an duine mír 20

Táscaire uimhir 9 Tábla #3 agus Táscaire uimhir 11 Tábla #1 d’Iarscríbhinn I

 

 

 

ESRS S1-1

Beartais díchill chuí maidir le saincheisteanna ar a dtugtar aghaidh le Coinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, 1 go 8, mír 21

 

 

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II

 

ESRS S1-1

próisis agus bearta chun gáinneáil ar dhaoine a chosc mír 22

Táscaire uimhir 11 Tábla #3 d’Iarscríbhinn I

 

 

 

ESRS S1-1

beartas nó córas bainistíochta chun tionóiscí tionsclaíocha a chosc mír 23

Táscaire uimhir 1 Tábla #3 d’Iarscríbhinn I

 

 

 

ESRS S1-3

sásraí láimhseála casaoidí/gearán mír 32 (c)

Táscaire uimhir 5 Tábla #3 d’Iarscríbhinn I

 

 

 

ESRS S1-14

An líon básanna agus líon agus ráta na dtionóiscí a bhaineann leis an obair mír 88 (b) agus (c)

Táscaire uimhir 2 Tábla #3 d’Iarscríbhinn I

 

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II

 

ESRS S1-14

An líon laethanta a cailleadh de dheasca díobhálacha, timpistí, básanna nó tinnis mír 88 (e)

Táscaire uimhir 3 Tábla #3 d’Iarscríbhinn I

 

 

 

ESRS S1-16

Bearna phá neamhchoigeartaithe idir na hinscní mír 97 (a)

Táscaire uimhir 12 Tábla #1 d’Iarscríbhinn I

 

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II

 

ESRS S1-16

Cóimheas pá POF iomarcach mír 97 (b)

Táscaire uimhir 8 Tábla #3 d’Iarscríbhinn I

 

 

 

ESRS S1-17

Teagmhais idirdhealaithe, mír 103 (a)

Táscaire uimhir 7 Tábla #3 d’Iarscríbhinn I

 

 

 

►C1  ESRS S1-17 Neamh-urraim do Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus do Threoirlínte ECFE mír 104 (a) ◄

Táscaire uimhir 10 Tábla #1 agus Táscaire uimhir 14 Tábla #3 d’Iarscríbhinn I

 

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún, Airteagal 12 (1)

 

ESRS 2- SBM3 — S2

Riosca suntasach de shaothar leanaí nó saothar éignithe sa slabhra luacha mír 11 (b)

Táscairí uimhir 12 agus uimhir 13 Tábla #3 d’Iarscríbhinn 1

 

 

 

ESRS S2-1

Tiomantais sa bheartas maidir le cearta an duine mír 17

Táscaire uimhir 9 Tábla #3 agus Táscaire uimhir 11 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1

 

 

 

ESRS S2-1 — Beartais a bhaineann le hoibrithe slabhra luacha mír 18

Táscaire uimhir 11 agus uimhir 4 Tábla #3 d’Iarscríbhinn 1

 

 

 

ESRS S2-1 Neamh-urraim do Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus do threoirlínte ECFE mír 19

Táscaire uimhir 10 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1

 

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún, Airteagal 12 (1)

 

ESRS S2-1

Beartais díchill chuí maidir le saincheisteanna ar a dtugtar aghaidh le Coinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, 1 go 8, mír 19

 

 

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II

 

ESRS S2-4

Saincheisteanna agus teagmhais maidir le cearta an duine atá nasctha lena shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach mír 36

Táscaire uimhir 14 Tábla #3 d’Iarscríbhinn 1

 

 

 

ESRS S3-1

Tiomantais i mbeartas chearta an duine mír 16

Táscaire uimhir 9 Tábla #3 d’Iarscríbhinn 1 agus Táscaire uimhir 11 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1

 

 

 

ESRS S3-1

►C1  ESRS S3-1 neamh-urraim do Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, do phrionsabail EIS nó do threoirlínte ECFE mír 17 ◄

Táscaire uimhir 10 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1

 

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún, Airteagal 12 (1)

 

ESRS S3-4

Saincheisteanna agus teagmhais maidir le cearta an duine mír 36

Táscaire uimhir 14 Tábla #3 d’Iarscríbhinn 1

 

 

 

ESRS S4-1 Beartais a bhaineann le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh mír 16

Táscaire uimhir 9 Tábla #3 agus Táscaire uimhir 11 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1

 

 

 

ESRS S4-1

Neamh-urraim do Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus do threoirlínte ECFE mír 17

Táscaire uimhir 10 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1

 

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún, Airteagal 12 (1)

 

ESRS S4-4

Saincheisteanna agus teagmhais maidir le cearta an duine mír 35

Táscaire uimhir 14 Tábla #3 d’Iarscríbhinn 1

 

 

 

ESRS G1-1

Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe mír 10 (b)

Táscaire uimhir 15 Tábla #3 d’Iarscríbhinn 1

 

 

 

ESRS G1-1

Sceithirí a chosaint mír 10 (d)

Táscaire uimhir 6 Tábla #3 d’Iarscríbhinn 1

 

 

 

ESRS G1-4

Fíneálacha i leith sárú ar dhlíthe frithéillithe agus frithbhreabaireachta mír 24 (a)

Táscaire uimhir 17 Tábla #3 d’Iarscríbhinn 1

 

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II)

 

ESRS G1-4

Caighdeáin frithéillithe agus frithbhreabaireachta mír 24 (b)

Táscaire uimhir 16 Tábla #3 d’Iarscríbhinn 1

 

 

 

(1)   

Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (an Rialachán maidir le Nochtaí um Airgeadas Inbhuanaithe) (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1)

(2)   

Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil ‘CRR’) (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(3)   

Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).

(4)   

Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) ( IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(5)   

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an míniú sa ráiteas tagarmhairc ar an gcaoi a léirítear fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais i ngach tagarmharc a sholáthraítear agus a fhoilsítear (IO L 406, 3.12.2020, lch. 1).

(6)   

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 a mhéid a bhaineann le rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais a nochtadh (IO L 324,19.12.2022, lch. 1.).

(7)   

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le híoschaighdeáin i gcomhair Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras (IO L 406, 3.12.2020, lch. 17).




Foscríbhinn C

Ceanglais maidir le Nochtadh agus Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm in ESRS topaicshonracha is infheidhme i gcomhar le ESRS 2 Nochtaí ginearálta

Is dlúthchuid de ESRS 2 í an fhoscríbhinn seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán. Leagtar amach sa tábla seo a leanas na ceanglais in ESRS topaicshonracha nach mór a chur san áireamh agus tuairisciú á dhéanamh in aghaidh na gCeanglas maidir le Nochtadh in ESRS 2.



ESRS 2 Nochtadh Ceanglas

An mhír ghaolmhar de ESRS

GOV—1 — Ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta

ESRS G1 Iompar gnó (mír 5)

GOV—3 Feidhmíocht a bhaineann le hinbhuanaitheacht a chomhtháthú i scéimeanna dreasachta

ESRS E1 Athrú aeráide (mír 13)

SMB —2 Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara

ESRS S1 Lucht saothair dílis (mír 12)

ESRS S2 Oibrithe sa slabhra luacha (mír 9)

ESRS S3 Pobail dá ndéantar difear (mír 7)

ESRS S4 Tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh (mír 8)

SBM—3 Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó

ESRS E1 Athrú Aeráide (míreanna 18 go 19)

ESRS E4 Bithéagsúlacht agus éiceachórais (mír 16)

ESRS S1 Lucht saothair dílis (míreanna 13 go 16)

ESRS S2 Oibrithe sa slabhra luacha (míreanna 10 go 13)

ESRS S3 Pobail dá ndéantar difear (míreanna 8 go 11)

ESRS S4 Tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh (míreanna 9 go 12)

IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú

ESRS E1 Athrú aeráide (míreanna 20 go 21)

ESRS E2 Truailliú (mír 11)

ESRS E3 Uisce agus acmhainní muirí (mír 8)

ESRS E4 Bithéagsúlacht agus éiceachórais (míreanna 17 go 19)

ESRS E5 Úsáid acmhainní agus an geilleagar ciorclach (mír 11)

ESRS G1 Iompar gnó (mír 6)

ESRS E1

ATHRÚ AERÁIDE

CLÁR ÁBHAR

Cuspóir

Idirghníomhaíochtaí le ESRS eile

Ceanglais maidir le Nochtadh

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

Rialachas

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 GOV-3 — Feidhmíocht a bhaineann le hinbhuanaitheacht a chomhtháthú i scéimeanna dreasachta

Straitéis

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-1 — Plean aistrithe maidir le maolú ar an athrú aeráide

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann leis an aeráid a shainaithint agus a mheasúnú

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-2 — Beartais a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú aeráide

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-3 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le beartais don athrú aeráide

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-4 — Spriocanna a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú aeráide

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-5 — Tomhaltas fuinnimh agus meascán fuinnimh

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-6 — Oll-astaíochtaí Scóip 1, 2, 3 agus Iomlán na n-astaíochtaí GCT

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-7 — Aistrithe GCT agus tionscadail maolaithe GCT arna maoiniú trí chreidmheasanna carbóin

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-8 — Praghsáil inmheánach carbóin

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-9 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí fisiceacha ábhartha agus rioscaí aistrithe ábhartha agus deiseanna ionchasacha a bhaineann leis an aeráid

Foscríbhinn A:

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

Straitéis

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-1 — Plean aistrithe maidir le maolú ar an athrú aeráide

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-2 — Beartais a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú aeráide

Ceanglais maidir le Nochtadh E1-3 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le beartais don athrú aeráide

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-4 — Spriocanna a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú aeráide

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-5 — Tomhaltas fuinnimh agus meascán fuinnimh

Ceanglais maidir le Nochtadh E1-6 — Oll-astaíochtaí Scóip 1, 2, 3 agus Iomlán na n-astaíochtaí GCT

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-7 — Aistrithe GCT agus tionscadail maolaithe GCT arna maoiniú trí chreidmheasanna carbóin

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-8 — Praghsáil inmheánach carbóin

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-9 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí fisiceacha ábhartha agus rioscaí aistrithe ábhartha agus deiseanna ionchasacha a bhaineann leis an aeráid

Cuspóir

1. Is é cuspóir an Chaighdeáin seo na Ceanglais maidir le Nochtadh a shonrú a chuirfidh ar a gcumas d’úsáideoirí ráiteas inbhuanaitheachta na nithe seo a leanas a thuiscint:

(a) 

an dóigh a ndéanann an gnóthas difear don athrú aeráide, i dtéarmaí na dtionchar ábhartha — idir dhearfach agus diúltach, idir iarbhír agus ionchasach;

(b) 

iarrachtaí maolaithe an ghnóthais san am a chuaigh thart, atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo i gcomhréir le Comhaontú Pháras (nó comhaontú idirnáisiúnta nuashonraithe maidir leis an athrú aeráide) agus atá comhoiriúnach leis an téamh domhanda a theorannú go 1.5 °C;

(c) 

pleananna agus acmhainneacht an ghnóthais a straitéis agus a shamhail ghnó a oiriúnú, i gcomhréir leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe agus rannchuidiú leis an téamh domhanda a theorannú go 1.5 °C;

(d) 

aon ghníomhaíocht eile a dhéanann an gnóthas, agus toradh na ngníomhaíochtaí sin chun tionchair dhiúltacha iarbhír nó fhéideartha a chosc, a mhaolú nó a leigheas, agus chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí agus deiseanna;

(e) 

nádúr, cineál agus méid rioscaí agus deiseanna ábhartha an ghnóthais a eascraíonn as tionchair agus as spleáchais an ghnóthais ar an athrú aeráide, agus an dóigh a mbainistíonn an gnóthas iad; agus

(f) 

na héifeachtaí airgeadais ar an ngnóthas sa ghearrthéarma, sa mheántéarma nó san fhadtéarma a bhaineann leis na rioscaí agus na deiseanna a eascraíonn as tionchair agus as spleáchais an ghnóthais ar an athrú aeráide.

2. Cuirtear san áireamh sna Ceanglais maidir le Nochtadh den Chaighdeán seo ceanglais reachtaíocht agus rialachán gaolmhar an Aontais (i.e., an Rialachán maidir leis an Dlí Aeráide Eorpach ( 23 ), an Rialachán maidir le Caighdeáin Tagarmhairc Aeráide ( 24 ), an Rialachán maidir le Nochtaí um Airgeadas Inbhuanaithe (RNAI) ( 25 ), Tacsanomaíocht AE ( 26 ), agus ceanglais maidir le nochtadh i gColún 3 ÚBE ( 27 )).

3. Cumhdaítear leis an gCaighdeán seo na Ceanglais maidir le Nochtadh a bhaineann leis na hábhair inbhuanaitheachta seo a leanas:Maolú ar an athrú aeráide’ agus ‘Oiriúnú don athrú aeráide’. Cumhdaítear ann freisin ábhair a bhaineann le fuinneamh, a mhéid atá siad ábhartha don athrú aeráide.

4. Baineannmaolú ar an athrú aeráide le hiarrachtaí an ghnóthais maidir leis an bpróiseas ginearálta chun an méadú ar an meánteocht dhomhanda a theorannú go 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch i gcomhréir le Comhaontú Pháras. Cumhdaítear leis an gCaighdeán seo ceanglais maidir le nochtadh a bhaineann leis na seacht ngás ceaptha teasa (GCT), dé-ocsaíd charbóin (CO2), meatán (CH4), ocsaíd nítriúil (N2O), hidreafluaracarbóin (HFCanna), sárfhluaracarbóin (PCFanna), heicseafluairíd sulfair (SF6) agus trífhluairíd nítrigine (NF3) ach gan a bheith teoranta dóibh. Cumhdaítear leis freisin Ceanglais maidir le Nochtadh i dtaca leis an gcaoi a dtugann an gnóthas aghaidh ar a astaíochtaí gás ceaptha teasa chomh maith leis na rioscaí aistrithe gaolmhara.

5. Baineannoiriúnú don athrú aeráide le próiseas coigeartaithe an ghnóthais don athrú aeráide iarbhír agus don athrú aeráide a mheastar a bheidh ann.

6. Cumhdaítear leis an gCaighdeán seo Ceanglais maidir le Nochtadh i dtaca le guaiseacha a bhaineann leis an aeráid a bhféadfadh rioscaí fisiceacha aeráide a bheith mar thoradh orthu don ghnóthas agus dá réitigh oiriúnaithe chun na rioscaí sin a laghdú. Cumhdaítear leis freisin rioscaí aistrithe a eascraíonn as an oiriúnú is gá do ghuaiseacha a bhaineann leis an aeráid.

7. Leis na Ceanglais maidir le Nochtadh a bhaineann le ‘Fuinneamh’, cumhdaítear gach cineál táirgthe agus tomhaltais fuinnimh.

Idirghníomhaíochtaí le ESRS eile

8. substaintí ídithe ózóin (ODS), ocsaídí nítrigine (NOX) agus ocsaídí sulfair (SOX), i measc astaíochtaí aeir eile, nasctha leis an athrú aeráide ach cumhdaítear iad faoi na ceanglais tuairiscithe in ESRS E2.

9. Na tionchair ar dhaoine a d’fhéadfadh eascairt as an aistriú chuig geilleagar atá aeráidneodrach, cumhdaítear iad faoi ESRS S1 Lucht saothair dílis, ESRS S2 Oibrithe sa slabhra luacha, ESRS S3 Pobail dá ndéantar difear agus ESRS S4 Tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh.

10. Baineann maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide go dlúth le topaicí a dtugtar aghaidh orthu go háirithe in ESRS E3 Uisce agus acmhainní uisce agus in ESRS E4 Bithéagsúlacht agus éiceachórais. Maidir le huisce agus mar a léirítear i dtábla na nguaiseacha a bhaineann leis an aeráid in AR 11, tugann an caighdeán seo aghaidh ar rioscaí fisiceacha géara agus ainsealacha a eascraíonn as guaiseacha a bhaineann le huisce agus leis na haigéin. Tugtar aghaidh archailliúint na bithéagsúlachta agus ar an díghrádú éiceachóras a d’fhéadfadh a bheith ann de dheasca an athraithe aeráide in ESRS E4 Bithéagsúlacht agus éiceachórais.

11. Ba cheart an Caighdeán sin a léamh agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le ESRS 1 Ceanglais ghinearálta agus ESRS 2 Nochtaí ginearálta.

Ceanglais maidir le Nochtadh

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

12. Ba cheart ceanglais na roinne seo a léamh agus a chur i bhfeidhm i gcomhar leis na nochtuithe a éilítear le ESRS 2 maidir le Caibidil 2 Rialachas, Caibidil 3 Straitéis agus Caibidil 4 Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna. ►C1  Cuirfear na nochtaí a eascraíonn as sin i láthair sa ráiteas inbhuanaitheachta in éineacht leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2, cé is moite de ESRS 2 SBM-3 Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó, ar ina leith a fhéadfaidh an gnóthas, i gcomhréir le ESRS 2 mír 49, na nochtaí a chur i láthair in éineacht leis na nochtaí eile a cheanglaítear sa chaighdeán topaicshonrach seo. ◄

Rialachas

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 GOV-3 — Feidhmíocht a bhaineann le hinbhuanaitheacht a chomhtháthú i scéimeanna dreasachta

13. Nochtfaidh an gnóthas cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear breithnithe a bhaineann leis an aeráid san áireamh i luach saothair chomhaltaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta agus an chaoi a gcuirtear san áireamh iad, lena n-áirítear an ndearnadh measúnú ar a bhfeidhmíocht in aghaidh na spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT a tuairiscíodh faoi Cheanglas maidir le Nochtadh E1-4 agus an céatadán den luach saothair a aithnítear sa tréimhse reatha atá nasctha le breithnithe a bhaineann leis an aeráid, mar aon le míniú ar cad iad na breithnithe aeráide.

Straitéis

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-1 — Plean aistrithe maidir le maolú ar an athrú aeráide

14.  Nochtfaidh an gnóthas a phlean aistrithe maidir le maolú ar an athrú aeráide  ( 28 ).

15. Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar iarrachtaí maolaithe an ghnóthais san am a chuaigh thart, atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo chun a áirithiú go mbeidh a straitéis agus a shamhail ghnó comhoiriúnach leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe, agus leis an téamh domhanda a theorannú go 1.5 °C i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus leis an gcuspóir aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus, i gcás inarb ábhartha, leis an neamhchosaint atá ag an ngnóthas ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le gual, ola agus gás.

16. Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis a cheanglaítear le mír 14:

(a) 

trí thagairt do spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT (mar a cheanglaítear le Ceanglas maidir le Nochtadh E1-4), míniú ar an gcaoi a bhfuil spriocanna an ghnóthais comhoiriúnach leis an téamh domhanda a theorannú go 1.5 °C i gcomhréir le Comhaontú Pháras;

(b) 

trí thagairt do spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT (mar a cheanglaítear le Ceanglas maidir le Nochtadh E1-4), agus do na gníomhaíochtaí um maolú ar an athrú aeráide (mar a cheanglaítear le Ceanglas maidir le Nochtadh E1-3), míniú ar na luamháin dícharbónaithe a sainaithníodh, agus ar na príomhghníomhaíochtaí atá beartaithe, lena n-áirítear athruithe ar phunann táirgí agus seirbhísí an ghnóthais agus glacadh teicneolaíochtaí nua ina chuid oibríochtaí féin, nó an slabhra luacha réamhtheachtach agus/nó iartheachtach;

(c) 

trí thagairt do na gníomhaíochtaí um maolú ar an athrú aeráide (mar a cheanglaítear le Ceanglas maidir le Nochtadh E1-3), míniú agus cainníochtú ar infheistíochtaí agus cistiú an ghnóthais lena dtacaítear le cur chun feidhme a phlean aistrithe, lena ngabhann tagairt do phríomhtháscairí feidhmíochta CapEx atá ailínithe leis an tacsanomaíocht, agus i gcás inarb ábhartha, pleananna CapEx, a nochtann an gnóthas i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún;

(d) 

measúnú cáilíochtúil ar na hastaíochtaí GCT a d’fhéadfadh a bheith gaibhnithe ó phríomhshócmhainní agus ó phríomhtháirgí an ghnóthais. Áireofar leis sin míniú ar cé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh agus ar conas a fhéadfaidh na hastaíochtaí sin baint amach spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT an ghnóthais a chur i mbaol agus riosca aistrithe a spreagadh, agus más infheidhme, míniú ar phleananna an ghnóthais a shócmhainní agus a tháirgí atá dian ar GCT agus dian ar fhuinneamh a bhainistiú;

(e) 

i gcás gnóthais ag a bhfuil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chumhdaítear le rialacháin tharmligthe i dtaca le hoiriúnú don athrú aeráide nó maolú ar an athrú aeráide faoin Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, míniú ar aon chuspóir nó ar aon phlean (CapEX, pleananna CapEx, OpEX) atá ag an ngnóthas chun a ghníomhaíochtaí eacnamaíocha (ioncam, CapEx, OpEx) a ailíniú leis na critéir a bhunaítear i Rialachán Tarmligthe 2021/2139 ón gCoimisiún ( 29 );

(f) 

más infheidhme, nochtadh méideanna móra CapEx a infheistíodh le linn na tréimhse tuairiscithe a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann le gual, ola agus gás ( 30 );

(g) 

nochtadh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an gnóthas eisiata ó Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras ( 31 );

(h) 

míniú ar an gcaoi a bhfuil an plean aistrithe leabaithe i straitéis ghnó fhoriomlán agus pleanáil airgeadais an ghnóthais agus ailínithe leo;

(i) 

cé acu atá nó nach bhfuil an plean aistrithe formheasta ag na comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta; agus

(j) 

míniú ar dhul chun cinn an ghnóthais maidir leis an bplean aistrithe a chur chun feidhme.

17. Sa chás nach mbeidh plean aistrithe i bhfeidhm ag an ngnóthas, tabharfaidh sé le fios cé acu a ghlacfaidh sé plean aistrithe agus, má ghlacann, cén uair a ghlacfaidh sé é.

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó

18. I dtaca le gach riosca ábhartha a bhaineann leis an aeráid a shainaithin an gnóthas, míneoidh sé cé acu a mheasann an t-eintiteas gur riosca fisiceach a bhaineann leis an aeráid nó gur riosca aistrithe a bhaineann leis an aeráid é an riosca.

19. Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar athléimneacht a straitéise agus a shamhla gnó i ndáil leis an athrú aeráide. Beidh na nithe seo a leanas sa tuairisc:

(a) 

raon feidhme na hanailíse athléimneachta;

(b) 

conas agus an uair a rinneadh an anailís athléimneachta, lena n-áirítear an úsáid a bhaintear as anailís ar chásanna aeráide mar a thagraítear di sa Cheanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 agus sna míreanna gaolmhara den cheanglas maidir le cur i bhfeidhm; agus

(c) 

torthaí na hanailíse athléimneachta lena n-áirítear na torthaí ó úsáid na hanailíse ar chásanna.

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann leis an aeráid a shainaithint agus a mheasúnú

20. Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an bpróiseas chun tionchair, rioscaí agus deiseanna a bhaineann leis an aeráid a shainaithint agus a mheasúnú. Áireofar sa tuairisc sin a phróiseas i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a) 

tionchair ar an athrú aeráide, go háirithe, astaíochtaí GCT an ghnóthais (mar a cheanglaítear leis an gCeanglas maidir le Nochtadh ESRS E1-6);

(b) 

rioscaí fisiceacha a bhaineann leis an aeráid ina chuid oibríochtaí féin agus feadh an tslabhra luacha réamhtheachtaigh agus iartheachtach, go háirithe:

i. 

guaiseacha a bhaineann leis an aeráid a shainaithint, agus cásanna aeráide d’astaíochtaí arda ar a laghad á gcur san áireamh; agus

ii. 

measúnú ar conas a d’fhéadfadh a shócmhainní agus a ghníomhaíochtaí gnó a bheith neamhchosanta agus leochaileach i leith na nguaiseacha sin a bhaineann leis an aeráid, rud a chruthaíonn ollrioscaí fisiceacha don ghnóthas.

(c) 

rioscaí aistrithe a bhaineann leis an aeráid agus deiseanna ina chuid oibríochtaí féin agus feadh an tslabhra luacha réamhtheachtaigh agus iartheachtach, go háirithe:

i. 

teagmhais aistrithe a bhaineann leis an aeráid a shainaithint, agus cás aeráide ar a laghad á bhreithniú i gcomhréir le téamh domhanda a theorannú go 1,5 °C gan aon sárú nó lena mbaineann sárú teoranta; agus

ii. 

measúnú ar conas a d’fhéadfadh a shócmhainní agus a ghníomhaíochtaí gnó a bheith neamhchosanta ar na teagmhais aistrithe sin a bhaineann leis an aeráid, rud a chruthaíonn ollrioscaí aistrithedeiseanna don ghnóthas.

21. Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhíreanna 20(b) agus 20(c) á nochtadh aige, míneoidh an gnóthas conas a d’úsáid sé anailís ar chásanna a bhaineann leis an aeráid, lena n-áirítear raon cásanna aeráide, chun bonn eolais a chur faoi rioscaí fisiceacha agus rioscaí aistrithe agus deiseanna a shainaithint agus a mheasúnú sa ghearrthéarma, sa mheántéarma nó san fhadtéarma, lena n-áirítear:

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-2 — Beartais a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú aeráide

22.  Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar a bheartais arna nglacadh chun bainistiú a dhéanamh ar a thionchair, a rioscaí agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin.

23. Is é cuspóir an Cheanglais maidir le Nochtadh seo tuiscint a chumasú ar a mhéid atá beartais ag an ngnóthas a thugann aghaidh ar shainaithint, measúnú, bainistiú agus/nó leasú a thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin.

24. Beidh sa nochtadh a cheanglaítear le mír 22 an fhaisnéis faoi na beartais atá i bhfeidhm ag an ngnóthas chun a thionchair, a rioscaí agus a dheiseanna ábhartha a bhainistiú a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin i gcomhréir le ESRS 2 MDR-P Beartais arna nglacadh chun ábhair inbhuanaitheachta ábhartha a bhainistiú.

25. Cuirfidh an gnóthas in iúl cé acu a thugann nó nach dtugann a bheartais aghaidh ar na réimsí seo a leanas, agus an chaoi a dtugann siad aghaidh orthu:

(a) 

maolú ar an athrú aeráide;

(b) 

oiriúnú don athrú aeráide;

(c) 

éifeachtúlacht fuinnimh;

(d) 

imscaradh an fhuinnimh in-athnuaite; agus

(e) 

eile

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-3 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le beartais don athrú aeráide

26.  Nochtfaidh an gnóthas na gníomhaíochtaí a dhéanann sé maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin agus na hacmhainní a leithdháiltear ar a gcur chun feidhme.

27. Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar na príomhghníomhaíochtaí a rinneadh agus atá beartaithe chun cuspóirí agus spriocanna beartais a bhaineann leis an aeráid a bhaint amach.

28. Leanfaidh an tuairisc ar na gníomhaíochtaí agus ar na hacmhainní a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin na prionsabail a luaitear in ESRS 2 MDR-A Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta ábhartha.

29. De bhreis ar ESRS 2 MDR-A, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:

(a) 

agus liostú á dhéanamh ar na príomhghníomhaíochtaí a rinneadh sa bhliain tuairiscithe agus atá beartaithe don todhchaí, cuirfidh sé na gníomhaíochtaí maidir le maolú ar an athrú aeráide i láthair trí luamhán dícharbónaithe lena n-áirítear na réitigh dhúlrabhunaithe;

(b) 

agus tuairisc á tabhairt ar thoradh na ngníomhaíochtaí maidir le maolú ar an athrú aeráide, áireoidh sé na laghduithe astaíochtaí GCT a baineadh amach agus a mheastar a bheidh ann; agus

(c) 

méideanna móra airgeadaíochta de CapEx agus OpEx a theastaíonn chun na gníomhaíochtaí a rinneadh nó atá beartaithe a chur chun feidhme, iad a nascadh leis an méid seo a leanas:

i. 

na míreanna líne nó na nótaí ábhartha sna ráitis airgeadais;

ii. 

na príomhtháscairí feidhmíochta a cheanglaítear faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún; agus

iii. 

más infheidhme, an plean CapEx a cheanglaítear le rialachán tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún.

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-4 — Spriocanna a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú aeráide

30.  Nochtfaidh an gnóthas na spriocanna a bhaineann leis an aeráid atá leagtha síos aige.

31. Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a fháil ar na spriocanna atá leagtha síos ag an ngnóthas chun tacú lena bheartais maolaithe agus oiriúnaithe don athrú aeráide agus chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair, na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhaineann leis an aeráid.

32. Cuimseofar i nochtadh na spriocanna a cheanglaítear i mír 30 an fhaisnéis a cheanglaítear in ESRS 2 MDR-T Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna.

33. Maidir leis an nochtadh a cheanglaítear le mír 30, nochtfaidh an gnóthas cé acu atá nó nach bhfuil agus conas atá spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT leagtha síos aige agus/nó aon spriocanna eile chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann leis an aeráid a bhainistiú, mar shampla, cur in úsáid fuinnimh in-athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh, oiriúnú don athrú aeráide, agus maolú riosca fisiceach nó aistrithe.

34. Má tá spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT ( 32 ) leagtha síos ag an ngnóthas, beidh feidhm ag ESRS 2 MDR-T agus ag na ceanglais seo a leanas:

(a) 

Nochtfar spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT i ndearbhluach (i dtonaí CO2eq nó mar chéatadán d’astaíochtaí bonnbhliana) agus, i gcás inarb ábhartha, i luach déine;

(b) 

Nochtfar spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT le haghaidh astaíochtaí GCT Scóip 1, 2, 3, ar leithligh nó comhcheangaillte. Sonróidh an gnóthas, i gcás spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT comhcheangailte, an Scóip astaíochtaí GCT (1, 2 agus/nó 3) a chumhdaítear leis an sprioc, an sciar a bhaineann le gach Scóip astaíochtaí GCT faoi seach agus cé na GCTanna a chumhdaítear. Míneoidh an gnóthas an chaoi a n-áirithítear comhsheasmhacht na spriocanna sin lena theorainneacha fardail GCT (mar a cheanglaítear leis an gCeanglas maidir le Nochtadh ESRS E1-6). Spriocanna comhlána a bheidh sna spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT, rud a chiallaíonn nach n-áireoidh an gnóthas aistrithe GCT, creidmheasanna carbóin ná astaíochtaí seachanta mar bhealach chun na spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT a bhaint amach;

(c) 

nochtfaidh an gnóthas a luach reatha bonnbhliana agus bonnlíne, agus ó 2030 amach, tabharfaidh sé an bhonnbhliain le haghaidh a spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT cothrom le dáta tar éis gach tréimhse 5 bliana ina dhiaidh sin. Féadfaidh an gnóthas an dul chun cinn a rinne sé roimhe seo maidir lena spriocanna a bhaint amach roimh a bhonnbhliain reatha a nochtadh ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis sin comhsheasmhach le ceanglais an Chaighdeáin seo;

(d) 

Áireofar le spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT ar a laghad spriocluachanna don bhliain 2030 agus, más infhaighte, don bhliain 2050. Ó 2030 ar aghaidh, socrófar spriocluachanna tar éis gach tréimhse 5 bliana ina dhiaidh sin;

(e) 

luafaidh an gnóthas cé acu atá nó nach bhfuil na spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT bunaithe ar eolaíocht agus comhoiriúnach leis an téamh domhanda a theorannú go 1.5 °C. Sonróidh an gnóthas an creat agus an mhodheolaíocht a úsáideadh chun na spriocanna sin a chinneadh, lena n-áirítear cé acu a dhíorthaítear nó nach ndíorthaítear iad agus úsáid á baint as conair dícharbónaithe earnála agus cad iad na cásanna foluiteacha aeráide agus beartais agus cé acu a deimhníodh nó nár deimhníodh na spriocanna go seachtrach. Mar chuid de na toimhdí criticiúla chun spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT a leagan síos, tabharfaidh an gnóthas míniú gairid ar conas a bhreithnigh sé forbairtí todhchaí (e.g., athruithe ar an líon díolachán, athruithe ar shainroghanna agus ar éileamh custaiméirí, tosca rialála, agus teicneolaíochtaí nua) agus an chaoi a bhféadfadh tionchar a bheith acu sin ar a astaíochtaí GCT agus ar a laghduithe astaíochtaí araon; agus

(f) 

tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar na luamháin dícharbónaithe a mheastar a bheidh ann agus ar a rannchuidiú cainníochtúil foriomlán chun na spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT a bhaint amach (e.g., éifeachtúlacht fuinnimh nó ábhartha agus laghdú tomhaltais, malartú breosla, úsáid fuinnimh in-athnuaite, deireadh a chur le táirge agus próiseas de réir a chéile nó ionadú an táirge agus an phróisis).

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-5 — Tomhaltas fuinnimh agus meascán fuinnimh

35.  Soláthróidh an gnóthas faisnéis maidir lena ídiú fuinnimh agus a mheascán fuinnimh.

36. Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar thomhaltas iomlán fuinnimh an ghnóthais i ndearbhluach, feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh, ar an neamhchosaint ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le gual, ola agus gás, agus ar sciar an fhuinnimh in-athnuaite ina mheascán fuinnimh foriomlán.

37. Áireofar sa nochtadh a cheanglaítear le mír 35 an tomhaltas fuinnimh iomlán in MWh a bhaineann le hoibríochtaí dílse arna ndí-chomhiomlánú de réir na nithe seo a leanas:

(a) 

tomhaltas fuinnimh iomlán ó fhoinsí iontaise ( 33 );

(b) 

tomhaltas fuinnimh iomlán ó fhoinsí núicléacha ;

(c) 

ídiú fuinnimh ó fhoinsí neamh-inathnuaite arna ndí-chomhiomlánú de réir:

i. 

ídiú breosla le haghaidh foinsí in-athnuaite lena n-áirítear bithmhais (lena gcuimsítear freisin dramhaíl thionsclaíoch agus chathrach de thionscnamh bitheolaíoch), bithbhreoslaí, bithghás, hidrigin ó fhoinsí in-athnuaite ( 34 ), etc.;

ii. 

ídiú an leictreachais, an teasa, na gaile agus an fhuaraithe a cheannaítear nó a fhaightear ó fhoinsí inathnuaite; agus

iii. 

ídiú fuinnimh inathnuaite neamhbhreosla féinghinte.

38. An gnóthas a bhfuil oibríochtaí aige in earnálacha ag a bhfuil tionchar mór ar an aeráid ( 35 ), déanfaidh sé a thomhaltas fuinnimh iomlán ó fhoinsí iontaise a dhí-chomhiomlánú a thuilleadh tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

ídiú breosla ó ghual agus ó tháirgí guail;

(b) 

ídiú breosla ó amhola agus ó tháirgí peitriliam;

(c) 

ídiú breosla ó ghás nádúrtha;

(d) 

ídiú breosla ó fhoinsí iontaise eile;

(e) 

ídiú an leictreachais, an teasa, na gaile agus an fhuaraithe a cheannaítear nó a fhaightear ó fhoinsí breoslaí iontaise;

39. Ina theannta sin, i gcás inarb infheidhme, déanfaidh an gnóthas a tháirgeadh fuinnimh neamh-inathnuaite agus a tháirgeadh fuinnimh in-athnuaite in MWh a dhí-chomhiomlánú agus a nochtadh ar leithligh ( 36 ).

Déine fuinnimh bunaithe ar ghlanioncam  ( 37 )

40. Soláthróidh an gnóthas faisnéis maidir leis an déine fuinnimh (tomhaltas iomlán fuinnimh in aghaidh an ghlanioncaim) a bhaineann le gníomhaíochtaí in earnálacha ag a bhfuil tionchar mór ar an aeráid.

41. Ní dhíorthófar an nochtadh maidir le déine fuinnimh a cheanglaítear le mír 40 ach amháin ón tomhaltas fuinnimh iomlán agus ón nglanioncam ó ghníomhaíochtaí in earnálacha ag a bhfuil tionchar mór ar an aeráid.

42. Sonróidh an gnóthas na hearnálacha ag a bhfuil tionchar mór ar an aeráid, ar earnálacha iad a úsáidtear chun an déine fuinnimh a cheanglaítear le mír 40 a chinneadh.

43. Nochtfaidh an gnóthas an réiteach leis an mír líne ábhartha nó leis na nótaí ábhartha sna ráitis airgeadais maidir le méid an ghlanioncaim ó ghníomhaíochtaí in earnálacha ag a bhfuil tionchar mór ar an aeráid (an t-ainmneoir i ríomh na déine fuinnimh a cheanglaítear le mír 40).

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-6 — Oll-astaíochtaí Scóip 1, 2, 3 agus Iomlán na n-astaíochtaí GCT

44.  Nochtfaidh an gnóthas i dtonaí méadracha CO2eq an méid seo a leanas ( 38 ):

(a) 

oll-astaíochtaí GCT Scóip 1;

(b) 

oll-astaíochtaí GCT Scóip 2;

(c) 

oll-astaíochtaí GCT Scóip 3; agus

(d) 

astaíochtaí GCT iomlána.

45. Cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh i mír 44 i leith:

(a) 

oll-astaíochtaí GCT Scóip 1 mar a cheanglaítear le mír 44 (a), tuiscint a thabhairt ar thionchair dhíreacha an ghnóthais ar an athrú aeráide agus ar chion iomlán a astaíochtaí GCT a rialaítear faoi scéimeanna trádála astaíochtaí.

(b) 

oll-astaíochtaí GCT Scóip 2 mar a cheanglaítear le mír 44 (b), tuiscint a thabhairt ar na tionchair indíreacha ar an athrú aeráide arb é fuinneamh ídithe an ghnóthais is cúis leo, cibé acu a cheannaítear nó a fhaightear go seachtrach é.

(c) 

oll-astaíochtaí GCT Scóip 3 mar a cheanglaítear le mír 44 (c), tuiscint a thabhairt ar na hastaíochtaí GCT a tharlaíonn i slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach an ghnóthais thar a astaíochtaí GCT Scóip 1 agus 2. I gcás roinnt mhaith gnóthas, d’fhéadfadh astaíochtaí GCT Scóip 3 a bheith ina bpríomhghné dá bhfardal GCT agus is spreagadh tábhachtach iad do rioscaí aistrithe an ghnóthais.

(d) 

iomlán n-astaíochtaí GCT mar a cheanglaítear le mír 44 (d), tuiscint fhoriomlán a thabhairt ar astaíochtaí GCT an ghnóthais agus ar cibé acu a tharlaíonn siad óna chuid oibríochtaí féin nó ón slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach. Is réamhriachtanas é an nochtadh sin chun dul chun cinn a thomhas i dtreo astaíochtaí GCT a laghdú i gcomhréir le spriocanna an ghnóthais a bhaineann leis an aeráid agus le spriocanna beartais an Aontais.

Tá an fhaisnéis ón gCeanglais seo maidir le Nochtadh ag teastáil freisin chun tuiscint a fháil ar rioscaí aistrithe an ghnóthais a bhaineann leis an aeráid.

46. Agus an fhaisnéis faoi astaíochtaí GCT a cheanglaítear faoi mhír 44 á nochtadh, déanfaidh an gnóthas tagairt do ESRS 1 míreanna 62 go 67. I bprionsabal, i dtaca leis na sonraí maidir le hastaíochtaí GCT a ghnólachtaí comhlachaithe nó a chomhfhiontar atá mar chuid de shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach an ghnóthais (SCR 1 Mír 67), níl siad teoranta don sciar cothromais arna shealbhú. Dá ghnólachtaí comhlachaithe, dá chomhfhiontair, dá fhochuideachtaí neamh-chomhdhlúite (eintitis infheistíochta) agus dá shocruithe conarthacha ar comhshocruithe iad nach bhfuil struchtúraithe trí eintiteas (i.e., oibríochtaí agus sócmhainní a rialaítear go comhpháirteach), áireoidh an gnóthas na hastaíochtaí GCT i gcomhréir le méid rialú oibriúcháin an ghnóthais orthu.

47. I gcás athruithe móra ar an sainmhíniú ar a bhfuil i gceist leis an ngnóthas tuairiscithe agus ar a shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, nochtfaidh an gnóthas na hathruithe sin agus míneoidh sé a n-éifeacht ar inchomparáideacht a astaíochtaí GCT tuairiscithe ó bhliain go bliain (i.e., an éifeacht ar an inchomparáideacht idir astaíochtaí GCT na tréimhse tuairiscithe atá ann faoi láthair agus astaíochtaí GCT na tréimhse tuairiscithe a bhí ann roimhe seo).

48. Áireofar an méid seo a leanas sa nochtadh maidir le hollastaíochtaí GCT Scóip 1 a cheanglaítear le mír 44 (a):

(a) 

oll-astaíochtaí GCT Scóip 2 i dtonaí méadracha CO2eq; agus

(b) 

an céatadán d’astaíochtaí GCT Scóip 1 ó scéimeanna rialaithe trádála astaíochtaí.

49. Áireofar an méid seo a leanas sa nochtadh maidir le hollastaíochtaí GCT Scóip 2 a cheanglaítear le mír 44 (b):

(a) 

oll-astaíochtaí GCT Scóip 2 suíomhbhunaithe i dtonaí méadracha CO2eq; agus

(b) 

oll-astaíochtaí GCT Scóip 2 margadhbhunaithe i dtonaí méadracha CO2eq.

50. I gcás astaíochtaí Scóip 1 agus Scóip 2 a nochtar mar a cheanglaítear le míreanna 44 (a) agus (b), déanfaidh an gnóthas an fhaisnéis a dhí-chomhiomlánú, agus astaíochtaí á nochtadh ar leithligh acu:

(a) 

ón ggrúpa cuntasaíochta comhdhlúite (an mháthairchuideachta agus na fochuideachtaí); agus

(b) 

ó institiúidí infheistiúcháin amhail gnólachtaí comhlachaithe, comhfhiontair, nó fochuideachtaí neamh-chomhdhlúite nach bhfuil comhdhlúite go hiomlán i ráitis airgeadais an ghrúpa cuntasaíochta chomhdhlúite, chomh maith le socruithe conarthacha ar socruithe comhpháirteacha iad nach bhfuil struchtúraithe trí eintiteas (i.e. oibríochtaí agus sócmhainní a rialaítear go comhpháirteach), a bhfuil rialú oibriúcháin aige ina leith.

51. Áireofar le nochtadh oll-astaíochtaí GCT Scóip 3 a cheanglaítear le mír 44 (c) astaíochtaí GCT i dtonaí méadracha CO2eq ó gach catagóir shuntasach de Scóip 3 (i.e. gach catagóir de Scóip 3 atá ina tosaíocht don ghnóthas).

52. Is éard a bheidh i nochtadh na n-astaíochtaí GCT iomlána a cheanglaítear le mír 44 (d) suim astaíochtaí GCT Scóip 1, 2 agus 3 a cheanglaítear le míreanna 44 (a) go (c). Nochtfar iomlán na n-astaíochtaí GCT le dí-chomhiomlánú lena ndéantar idirdhealú ar na nithe seo a leanas:

(a) 

na hastaíochtaí GCT iomlána a dhíorthaítear ó astaíochtaí GCT bunúsacha Scóip 2 arna dtomhas ag úsáid an mhodha shuíomhbhunaithe; agus

(b) 

na hastaíochtaí GCT iomlána a dhíorthaítear ó astaíochtaí GCT bunúsacha Scóip 2 arna dtomhas ag úsáid an mhodha margadhbhunaithe.

Déine astaíochtaí gás ceaptha teasa bunaithe ar ghlanioncam  ( 39 )

53. Nochtfaidh an gnóthas a dhéine astaíochtaí GCT (iomlán na n-astaíochtaí GCT in aghaidh an ghlanioncaim).

54. Soláthrófar leis an nochtadh maidir le déine GCT a cheanglaítear le mír 53 na hastaíochtaí GCT iomlána i dtonaí méadracha CO2eq (a cheanglaítear le mír 44 (d)) in aghaidh an ghlanioncaim.

55. Nochtfaidh an gnóthas an réiteach leis an mír líne ábhartha nó leis na nótaí ábhartha sna ráitis airgeadais maidir le méideanna an ghlanioncaim (an t-ainmneoir i ríomh dhéine na n-astaíochtaí GCT a cheanglaítear le mír 53).

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-7 — Aistrithe GCT agus tionscadail maolaithe GCT arna maoiniú trí chreidmheasanna carbóin

56.  Nochtfaidh an gnóthas:

(a) 

Aistrithe agus stóráil GCT i dtonaí méadracha CO2eq mar thoradh ar thionscadail a d’fhéadfadh a bheith forbartha aige ina oibríochtaí féin, nó a rannchuidigh leis ina shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach; agus

(b) 

méid na laghduithe nó na n-aistrithe astaíochtaí GCT ó thionscadail um maolú ar an athrú aeráide lasmuigh dá shlabhra luacha atá maoinithe aige nó atá beartaithe aige a mhaoiniú trí chreidmheasanna carbóin a cheannach.

57. Seo a leanas cuspóir an Cheanglais maidir le Nochtadh:

(a) 

tuiscint a thabhairt ar ghníomhaíochtaí an ghnóthais chun GCT a bhaint den atmaisféar go buan nó chun tacú go gníomhach leis sin, rud a d’fhéadfadh spriocanna glan-nialasachta a bhaint amach (mar a luaitear i mír 60).

(b) 

chun tuiscint a thabhairt ar mhéid agus ar cháilíocht na gcreidmheasanna carbóin atá ceannaithe ag an ngnóthas nó a bhfuil sé beartaithe aige iad a cheannach ón margadh deonach, rud a d’fhéadfadh tacú lena éilimh neodrachta GCT (mar a luaitear i mír 61).

58. Áireofar sa nochtadh maidir le haistrithe agus stóráil GCT a cheanglaítear le mír 56 (a) an méid seo a leanas, más infheidhme:

(a) 

an méid iomlán aistrithe agus stóráil GCT i dtonaí méadracha de CO2eq arna dhí-chomhiomlánú agus arna nochtadh ar leithligh le haghaidh na méide a bhaineann le hoibríochtaí dílse an ghnóthais agus lena shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, agus arna mhiondealú de réir gníomhaíocht aistrithe; agus

(b) 

na toimhdí, modheolaíochtaí agus creataí ríomha arna gcur i bhfeidhm ag an ngnóthas.

59. Áireofar sa nochtadh maidir le hcreidmheasanna carbóin a cheanglaítear le mír 56 (b) an méid seo a leanas, más infheidhme:

(a) 

méid iomlán na gcreidmheasanna carbóin lasmuigh de shlabhra luacha an ghnóthais i dtonaí méadracha CO2eq a fhíoraítear in aghaidh caighdeáin cháilíochta aitheanta agus a chuirtear ar ceal le linn na tréimhse tuairiscithe; agus

(b) 

méid iomlán na gcreidmheasanna carbóin lasmuigh de shlabhra luacha an ghnóthais i dtonaí méadracha CO2eq atá beartaithe a chur ar ceal amach anseo agus cibé acu atá siad bunaithe ar chomhaontuithe conarthacha atá ann cheana nó nach bhfuil.

60. I gcás ina nochtann an gnóthas sprioc ghlan-nialasachta sa bhreis ar na spriocanna laghdaithe oll-astaíochtaí GCT i gcomhréir leis an gCeanglas maidir le Nochtadh E1-4, mír 30, míneoidh sé an raon feidhme, na modheolaíochtaí agus na creataí a chuirtear i bhfeidhm agus an chaoi a bhfuil sé beartaithe na hastaíochtaí GCT iarmharacha (tar éis thart ar 90-95 % de laghdú astaíochtaí GCT leis an bhféidearthacht go mbeadh éagsúlachtaí earnálacha a bhfuil údar leo i gcomhréir le conair aitheanta earnálach dhícharbónaithe) a neodrú trí, mar shampla, aistrithe GCT ina chuid oibríochtaí féin agus slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach.

61. I gcás ina bhféadfadh sé go ndearna an gnóthas éilimh phoiblí maidir le neodracht GCT a bhaineann le creidmheasanna carbóin a úsáid, míneoidh sé an méid seo a leanas:

(a) 

cé acu atá nó nach bhfuil agus an chaoi a bhfuil spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT ag gabháil leis na héilimh sin, mar a cheanglaítear leis an gceanglas maidir le Nochtadh ESRS E1-4;

(b) 

cé acu a chuireann nó nach gcuireann agus an chaoi nach gcuireann na héilimh sin agus an spleáchas ar chreidmheasanna carbóin bac ná laghdú ar bhaint amach a spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT, nó ( 40 ), más infheidhme, a sprice glan-nialasachta; agus

(c) 

inchreidteacht agus sláine na gcreidmheasanna carbóin a úsáidtear, lena n-áirítear trí thagairt a dhéanamh do chaighdeáin cháilíochta aitheanta.

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-8 — Praghsáil inmheánach carbóin

62.  Nochtfaidh an gnóthas an gcuireann sé scéimeanna inmheánacha praghsála carbóin i bhfeidhm, agus má chuireann, conas a thacaíonn siad lena chinnteoireacht agus conas a dhreasóidh siad cur chun feidhme beartas agus spriocanna a bhaineann leis an aeráid.

63. Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis a cheanglaítear i mír 62:

(a) 

an cineál scéim praghsála carbóin inmheánaigh, mar shampla, na scáthphraghsanna a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh CapEx nó cinnteoireacht infheistíochta taighde agus forbartha, táillí carbóin inmheánacha nó cistí carbóin inmheánacha;

(b) 

raon feidhme sonrach chur i bhfeidhm na scéimeanna praghsála carbóin (gníomhaíochtaí, limistéir gheografacha, eintitis, etc.);

(c) 

na praghsanna carbóin a cuireadh i bhfeidhm de réir an chineáil scéime agus na toimhdí criticiúla a rinneadh chun na praghsanna a chinneadh, lena n-áirítear foinse na bpraghsanna carbóin a cuireadh i bhfeidhm agus cén fáth a meastar go bhfuil siad ábhartha dá gcur i bhfeidhm roghnaithe. Féadfaidh an gnóthas modheolaíocht ríomha na bpraghsanna carbóin a nochtadh lena n-áirítear a mhéid a socraíodh iad sin ag úsáid treoraíocht eolaíoch agus conas a bhaineann a bhforbairt sa todhchaí le conairí praghsála carbóin eolaíocht-bhunaithe; agus

(d) 

ollmhéideanna na n-astaíochtaí GCT atá ann faoi láthair de réir Scóip 1, 2 agus, i gcás inarb infheidhme, Scóip 3 i dtonaí méadracha CO2eq a chumhdaítear leis na scéimeanna sin, chomh maith lena sciar d’astaíochtaí GCT foriomlána an ghnóthais le haghaidh gach Scóipe faoi seach.

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-9 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí fisiceacha ábhartha agus rioscaí aistrithe ábhartha agus deiseanna ionchasacha a bhaineann leis an aeráid

64.  Nochtfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:

(a) 

éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí fisiceacha ábhartha

(b) 

éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí aistrithe ábhartha agus

(c) 

an cumas tairbhiú de dheiseanna ábhartha a bhaineann leis an aeráid.

65. Tá an fhaisnéis a cheanglaítear le mír 64 sa bhreis ar an bhfaisnéis maidir leis na héifeachtaí airgeadais atá ann faoi láthair a cheanglaítear faoi ESRS 2 SBM-3 mír 48 (d). Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh:

(a) 

a bhaineann le héifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo i ngeall ar rioscaí fisiceacha ábhartha agus rioscaí aistrithe, tuiscint a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil tionchar ábhartha ag na rioscaí sin (nó ar an tionchar a bhféadfaí coinne réasúnach a bheith leis) ar riocht airgeadais, ar fheidhmíocht airgeadais agus ar shreafaí airgid an ghnóthais, sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Ba cheart torthaí na hanailíse ar chásanna a úsáidtear chun anailís athléimneachta a dhéanamh mar a cheanglaítear faoi mhíreanna AR 10 go AR 13 a bheith mar bhonn eolais don mheasúnú ar na héifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí ábhartha fisiceacha agus aistrithe.

(b) 

an cumas deiseanna ábhartha a bhaineann leis an aeráid a shaothrú chun tuiscint a chumasú ar conas a d’fhéadfadh an gnóthas tairbhe airgeadais a bhaint as deiseanna ábhartha a bhaineann leis an aeráid. Tá an nochtadh sin comhlántach leis na príomhtháscairí feidhmíochta atá le nochtadh i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún.

66. Le nochtadh na n-éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí fisiceacha ábhartha a cheanglaítear le mír 64 (a), áireofar an méid seo a leanas ( 41 ):

(a) 

méid airgeadaíochta agus cion (céatadán) na sócmhainní lena ngabhann riosca fisiceach ábhartha sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma sula ndéantar gníomhaíochtaí um oiriúnú don athrú aeráide a mheas; le méideanna airgeadaíochta na sócmhainní sin arna ndí-chomhiomlánú de réir rioscaí fisiceacha géara agus ainsealacha ( 42 );

(b) 

cion na sócmhainní lena ngabhann riosca fisiceach ábhartha ar a dtugtar aghaidh leis na gníomhaíochtaí um oiriúnú don athrú aeráide;

(c) 

suíomh sócmhainní suntasacha lena ngabhann riosca fisiceach ábhartha ( 43 ); agus

(d) 

méid airgeadaíochta agus cion (céatadán) an ghlanioncaim óna ghníomhaíochtaí gnó lena ngabhann riosca fisiceach ábhartha sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

67. Le nochtadh na n-éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí aistrithe ábhartha a cheanglaítear le mír 64 (b), áireofar an méid seo a leanas:

(a) 

méid airgeadaíochta agus cion (céatadán) na sócmhainní lena ngabhann riosca aistrithe ábhartha sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma sula ndéantar gníomhaíochtaí um maolú ar an athrú aeráide a mheas;

(b) 

cion na sócmhainní lena ngabhann riosca aistrithe ábhartha ar a dtugtar aghaidh leis na gníomhaíochtaí um maolú ar an athrú aeráide;

(c) 

miondealú ar an luach iomlán de réir leabhar ar shócmhainní eastáit réadaigh an ghnóthais de réir aicmí éifeachtúlachta fuinnimh ( 44 );

(d) 

dliteanais a bhféadfadh gá a bheith lena n-aithint i ráitis airgeadais sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma; agus

(e) 

an méid airgeadaíochta agus an cion (céatadán) de ghlanioncam óna ghníomhaíochtaí gnó faoi riosca ábhartha aistrithe sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, an glanioncam ó chustaiméirí an ghnóthais a fheidhmíonn i ngníomhaíochtaí a bhaineann le gual, ola agus gás.

68. Nochtfaidh an gnóthas réitigh a ghabhann le míreanna líne nó nótaí ábhartha sna ráitis airgeadais díobh seo a leanas:

(a) 

méideanna móra na sócmhainní agus an ghlanioncaim lena ngabhann riosca fisiceach ábhartha (mar a cheanglaítear le mír 66);

(b) 

méideanna móra na sócmhainní, na ndliteanas, agus an ghlanioncaim lena ngabhann riosca aistrithe ábhartha (mar a cheanglaítear le mír 67).

69. Maidir le nochtadh na hacmhainneachta chun deiseanna a bhaineann leis an aeráid a shaothrú a cheanglaítear le mír 64 (c), déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a mheas ( 45 ):

(a) 

an coigilteas costais a mheastar a thiocfaidh as gníomhaíochtaí um maolú ar an athrú aeráide agus um oiriúnú don athrú sin; agus

(b) 

méid ionchasach an mhargaidh nó na hathruithe a bhfuil coinne leo ar ghlanioncam ó tháirgí agus seirbhísí ísealcharbóin nó réitigh oiriúnúcháin ag a bhfuil rochtain ag an ngnóthas nó a bhféadfadh rochtain a bheith aige orthu.

70. Ní gá cainníochtú a dhéanamh ar na héifeachtaí airgeadais a eascraíonn as deiseanna mura gcomhlíonann nochtadh den sórt sin saintréithe cáilíochtúla na faisnéise úsáidí a áirítear faoi ESRS 1 Foscríbhinn B Saintréithe cáilíochtúla na faisnéise.




Foscríbhinn A

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm

Is dlúthchuid de ESRS E1 í an Fhoscríbhinn seo. Tacaíonn sí le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le nochtadh a leagtar amach sa chaighdeán seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán.

Straitéis

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-1 — Plean aistrithe maidir le maolú ar an athrú aeráide

AR 1. Baineann plean aistrithe le hiarrachtaí an ghnóthais maidir leis an athrú aeráide a mhaolú. Agus a phlean aistrithe á nochtadh aige, meastar go dtabharfaidh an gnóthas míniú ardleibhéil ar an gcaoi a ndéanfaidh sé a straitéis agus a shamhail ghnó a choigeartú chun comhoiriúnacht leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe a áirithiú agus leis an téamh domhanda a theorannú go 1.5 °C i gcomhréir le Comhaontú Pháras (nó comhaontú idirnáisiúnta nuashonraithe maidir leis an athrú aeráide) agus maidir leis an gcuspóir aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 gan aon sárú nó lena mbaineann sárú teoranta mar a bhunaítear i Rialachán (AE) 2021/1119 (an Dlí Aeráide Eorpach), agus i gcás inarb infheidhme, conas a dhéanfaidh sé a neamhchosaint ar ghual, agus ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le hola agus gás a choigeartú.

AR 2. Níor sainíodh conairí earnála leis na beartais phoiblí do gach earnáil go fóill. Dá bhrí sin, an nochtadh faoi mhír 16 (a) maidir le comhoiriúnacht an phlean aistrithe leis an gcuspóir an téamh domhanda a theorannú go 1.5 °C, ba cheart é a thuiscint mar nochtadh sprioc laghdaithe astaíochtaí GCT an ghnóthais. Déanfar an nochtadh faoi mhír 16 (a) a thagarmharcáil i ndáil le conair go 1.5 °C. Ba cheart an tagarmharc sin a bheith bunaithe ar chonair dícharbónaithe earnála má tá sé ar fáil d’earnáil an ghnóthais nó ar chás uile-gheilleagair agus aird á tabhairt ar na teorainneacha a bhaineann leis (i.e., is aistriú simplí é ar chuspóirí laghdaithe astaíochtaí ón stát go leibhéal an ghnóthais). Ba cheart an AR seo a léamh freisin i gcomhar le AR 26 agus AR 27 agus leis na conairí dícharbónaithe earnála dá dtagraíonn siad.

AR 3. Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 16(d) á nochtadh aige, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a bhreithniú:

(a) 

na hastaíochtaí GCT gaibhnithe carnacha a bhaineann le príomhshócmhainní ón mbliain tuairiscithe go dtí 2030 agus 2050 in tCO2eq. Déanfar measúnú air sin mar shuim astaíochtaí GCT Scóip 1 agus 2 a mheastar a bheidh ann thar shaolré oibriúcháin na bpríomhshócmhainní gníomhacha atá pleanáilte go daingean. Is iad na príomhshócmhainní na príomhshócmhainní sin atá faoi úinéireacht nó faoi rialú an ghnóthais, agus is éard atá iontu sócmhainní atá ann cheana nó atá beartaithe (amhail suiteálacha, saoráidí agus trealamh do-aistrithe nó soghluaiste) ar foinsí iad d’astaíochtaí GCT móra díreacha nó indíreacha ó fhuinneamh. Is iad na príomhshócmhainní atá pleanáilte go daingean na sócmhainní ar dóchúla go n-úsáidfidh an gnóthas iad sna 5 bliana amach romhainn.

(b) 

na hastaíochtaí GCT gaibhnithe carnacha a bhaineann le hastaíochtaí GCT táirgí díolta in tCO2eq i gcéim na húsáide dírí, arna mheas mar an méid díolachán táirgí sa bhliain tuairiscithe arna iolrú faoi shuim na n-astaíochtaí GCT measta i gcéim na húsáide dírí le linn a saolré ionchasaí. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas seo ach amháin má tá catagóir de Scóip 3‘úsáid táirgí díolta’ sainaitheanta ag an ngnóthas mar chatagóir suntasach faoin gCeanglas maidir le Nochtadh E1-6 mír 51; agus

(c) 

míniú ar na pleananna chun bainistíocht a dhéanamh, i.e., a shócmhainní agus táirgí atá dian ar GCT agus dian ar fhuinneamh a athrú ó bhonn, a dhíchoimisiúnú nó deireadh a chur leo de réir a chéile.

AR 4. Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 16 (e) á nochtadh ag an ngnóthas, míneoidh sé conas a mheastar go dtiocfaidh forbairt ar ailíniú a ghníomhaíochtaí eacnamaíocha le forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún le himeacht ama chun tacú lena aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe. Agus an méid sin á dhéanamh aige, cuirfidh an gnóthas san áireamh na príomhtháscairí feidhmíochta is gá a nochtadh faoi Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 (go háirithe ioncam atá ailínithe le tacsanomaíocht agus CapEx agus, más infheidhme, pleananna CapEx).

AR 5.  ►C1  Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 16 (g) á nochtadh aige, luafaidh an gnóthas cé acu atá nó nach bhfuil sí eisiata ó Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras i gcomhréir leis na critéir eisiaimh a luaitear in Airteagal 12(1), pointí (d) go (g) ( 46 ) agus Airteagal 12(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún (an Rialachán maidir le Caighdeáin Tagarmhairc Aeráide) ( 47 ) ◄ .

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó

AR 6. Agus an fhaisnéis maidir le raon feidhme na hanailíse athléimneachta á nochtadh ag an ngnóthas mar a cheanglaítear faoi mhír 19(a), míneoidh sé cén chuid dá oibríochtaí féin agus dá shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach féin mar aon le cé na rioscaí fisiceacha agus na rioscaí aistrithe ábhartha a d’fhéadfadh a bheith eisiata ón anailís.

AR 7. Agus an fhaisnéis á nochtadh maidir leis an gcaoi a ndearnadh an anailís athléimneachta mar a cheanglaítear faoi mhír 19(b), míneoidh an gnóthas an méid seo a leanas:

(a) 

na toimhdí criticiúla faoin gcaoi a ndéanfaidh an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin athléimneach difear dá threochtaí maicreacnamaíocha mórthimpeall, tomhaltas fuinnimh agus meascán fuinnimh, agus toimhdí maidir le cur in úsáid na teicneolaíochta;

(b) 

na tréimhsí ama a chuirtear i bhfeidhm agus a n-ailíniú leis na cásanna aeráide agus gnó a breithníodh chun rioscaí fisiceacha agus aistrithe ábhartha a chinneadh (míreanna AR 11 go AR 12) agus spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT a shocrú (a thuairiscítear faoi Cheanglas maidir le Nochtadh E1-4); agus

(c) 

conas a breithníodh na héifeachtaí airgeadais measta a bhfuil coinne leo ó rioscaí fisiceacha agus aistrithe ábhartha (mar a cheanglaítear le Ceanglas maidir le Nochtadh E1-9) chomh maith leis na gníomhaíochtaímaolaithe agus na hacmhainní (a nochtadh faoi Cheanglas maidir le Nochtadh E1-3).

AR 8. Agus an fhaisnéis á nochtadh maidir torthaí na hanailíse athléimneachta mar a cheanglaítear faoi mhír 19(c), míneoidh an gnóthas an méid seo a leanas:

(a) 

réimsí neamhchinnteachtaí na hanailíse athléimneachta agus a mhéid a dhéantar na sócmhainní agus na gníomhaíochtaí gnó atá i mbaol a mheas laistigh de shainmhíniú straitéis an ghnóthais, na gcinntí infheistíochta, agus na ngníomhaíochtaí maolaithe atá ann faoi láthair agus atá beartaithe;

(b) 

cumas an ghnóthais a straitéis agus a shamhail ghnó a choigeartú nó a oiriúnú don athrú aeráide sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, lena n-áirítear rochtain leanúnach ar mhaoiniú a fháil ar chostas inacmhainne caipitil, an cumas sócmhainní atá ann cheana a ath-imlonnú, a uasghrádú nó a dhíchoimisiúnú, a phunann táirgí agus seirbhísí a aistriú, nó a lucht saothair a athsciliú.

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann leis an aeráid a shainaithint agus a mheasúnú

AR 9. Agus an fhaisnéis maidir leis na próisis chun tionchar chomhshaoil a shainaithint agus a mheasúnú á nochtadh aige, mar a cheanglaítear faoi mhír 20(a), míneoidh an gnóthas an chaoi a ndearna sé an méid seo a leanas:

(a) 

scagadh a dhéanamh ar a ghníomhaíochtaí agus ar a phleananna chun foinsí astaíochtaí GCT iarbhír agus féideartha amach anseo a shainaithint agus, más infheidhme, spreagthaí le tionchair eile a bhaineann leis an aeráid a shainaithint (e.g. astaíochtaí carbóin dhubh nó ózón trópaisféarach nó athrú ar thalamhúsáid) ina chuid oibríochtaí féin agus feadh an tslabhra luacha; agus

(b) 

measúnú a dhéanamh ar an tionchar iarbhír agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an athrú aeráide (i.e., iomlán na n-astaíochtaí GCT).

AR 10. Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis a nochtar faoi mhíreanna 20 (a) agus AR 9 a nascadh leis an bhfaisnéis a nochtar faoi na Ceanglais maidir le Nochtadh seo a leanas: An Ceanglas maidir le Nochtadh E1-1, mír 16 (d) maidir le hastaíochtaí GCT gaibhnithe; Ceanglas maidir le Nochtadh E1-4 agus Ceanglas maidir le Nochtadh E1-6.

AR 11. Agus an fhaisnéis maidir leis na próisis chun rioscaí fisiceacha a shainaithint agus a mheasúnú á nochtadh aige mar a cheanglaítear faoi mhír 20(b), míneoidh an gnóthas cé acu a rinne nó nach ndearna sé an méid seo a leanas agus an chaoi a ndearna sé é:

(a) 

guaiseacha a bhaineann leis an aeráid a shainaithint (féach an tábla thíos) sa ghearrthéarma, sa mheántéarma nó san fhadtéarma agus scagadh a dhéanamh ar cé acu an bhféadfaí nó nach bhféadfaí a ghníomhaíochtaí sócmhainní agus gnó a nochtadh do na guaiseacha sin;

(b) 

tréimhsí gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha a shainiú agus an bealach a bhfuil na sainithe sin nasctha le saolré ionchais shócmhainní an ghnóthais, a thréimhsí ionchasacha i ndáil leis an bpleanáil straitéiseach agus pleananna um leithdháileadh caipitil;

(c) 

measúnú a dhéanamh ar a mhéid a fhéadfaidh a shócmhainní agus a ghníomhaíochtaí gnó a bheith neamhchosanta agus leochaileach i leith na nguaiseacha sainaitheanta a bhaineann leis an aeráid, agus dóchúlacht, méid agus fad na nguaiseacha á gcur san áireamh chomh maith leis na comhordanáidí geospásúla (Aicmiú Comhchoiteann na n-Aonad Críche maidir le Staidreamh le haghaidh chríoch an Aontais) a bhaineann go sonrach le suíomhanna agus slabhraí soláthair an ghnóthais; agus

(d) 

tá sainaithint na nguaiseacha a bhaineann leis an aeráid agus an measúnú ar nochtadh agus ar íogaireacht bunaithe ar chásanna aeráide d’astaíochtaí arda, a d’fhéadfadh, mar shampla, a bheith bunaithe ar IPCC SSP5-8.5, réamh-mheastacháin aeráide réigiúnacha ábhartha bunaithe ar na cásanna astaíochtaí sin, nó cásanna aeráide NGFS (an Líonra um Ghlasú an Chórais Airgeadais) lena ngabhann riosca ard fisiceach amhail ‘Domhan róthe’ nó ‘Ní leor é agus tá sé rómhall’. Le haghaidh ceanglais ghinearálta maidir le hanailís ar chásanna a bhaineann leis an aeráid, féach míreanna 18, 19, AR 13 go AR 15.



Guaiseacha a bhaineann leis an aeráid a aicmiú

(Foinse: Rialachán tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún)

 

Rioscaí a bhaineann le teocht

Rioscaí a bhaineann le gaoth

Rioscaí a bhaineann le huisce

Guaiseacha a bhaineann le mais sholadach

Ainsealach

Athrú teochta (aer, fionnuisce, uisce mara)

Athrú i bpátrúin ghaoithe

Athrú i bpatrúin agus i gcineálacha frasaíochta (báisteach, clocha sneachta, sneachta/leac oighir)

Creimeadh cósta

Strus teirmeach

 

Inathraitheacht frasaíochta nó hidreolaíoch

Díghrádú ithreach

Inathraitheacht teochta

 

Aigéadú na n-aigéan

Creimeadh ithreach

Talamh síorshioctha ag leá

 

Ionsá salanda

Sreabhadh ithreach

 

 

Ardú ar leibhéal na farraige

 

 

 

Strus maidir le huisce

 

Géar

Tonn teasa

Cioclóin, spéirlingí, tíofúin

Triomach

Maidhm shneachta

Tonn fuachta/sioc

Stoirmeacha (lena n-áirítear síobadh sneachta, deannach agus stoirmeacha gainimh)

Frasaíocht throm (báisteach, clocha sneachta, sneachta/leac oighir)

Maidhm shléibhe

Falscaí

Tornádó

Tuile (chósta, srutha, bháistiúil, screamhuisce)

Turnamh

 

 

Ráig locha oighrigh

 

AR 12. Agus an fhaisnéis maidir leis na próisis chun rioscaí aistrithe agus deiseanna a shainaithint agus a mheasúnú á nochtadh aige, mar a cheanglaítear faoi mhír 20 (c), míneoidh an gnóthas cé acu a rinne nó nach ndearna sé an méid seo a leanas agus an chaoi a ndearna sé é:

(a) 

teagmhais aistrithe a shainaithint (féach an tábla le samplaí thíos) sa ghearrthéarma, sa mheántéarma nó san fhadtéarma agus scagadh a dhéanamh le fáil amach cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh a shócmhainní agus a ghníomhaíochtaí gnó a bheith neamhchosanta ar na teagmhais sin. I gcás rioscaí agus deiseanna aistrithe, an rud a mheastar a bheith fadtéarmach, féadfaidh sé níos mó ná 10 mbliana a chumhdach agus féadfar é a ailíniú le spriocanna beartais phoiblí a bhaineann leis an aeráid;

(b) 

measúnú a dhéanamh ar a mhéid a d’fhéadfadh a shócmhainní agus a ghníomhaíochtaí gnó a bheith neamhchosanta agus leochaileach do na teagmhais aistrithe shainaitheanta, agus dóchúlacht, méid agus fad na dteagmhas aistrithe á gcur san áireamh;

(c) 

bonn eolais a chur faoi shainaithint imeachtaí aistrithe agus faoin measúnú ar neamhchosaint trí anailís ar chásanna a bhaineann leis an aeráid, agus cás a bheadh comhsheasmhach ar a laghad le Comhaontú Pháras á mheas agus an t-athrú aeráide á theorannú go 1.5 °C, mar shampla, bunaithe ar chásanna na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh (Astaíochtaí Glan-Nialasachta faoi 2050, Cás na Forbartha Inbhuanaithe, etc) nó cásanna aeráide NGFS (an Líonra um Ghlasú an Chórais Airgeadais). Maidir leis na ceanglais ghinearálta a bhaineann le hanailís ar chásanna a bhaineann leis an aeráid, féach míreanna 18, 19, AR 13 go AR 15; agus

(d) 

sócmhainní sainaitheanta agus gníomhaíochtaí gnó nach bhfuil comhoiriúnach leis an aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach nó a dteastaíonn iarrachtaí suntasacha uathu chun a bheith comhoiriúnach leis an aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach (mar shampla, mar gheall ar astaíochtaí GCT atá gaibhnithe go suntasach nó neamh-chomhoiriúnacht leis na ceanglais maidir le hailíniú le Tacsanomaíocht faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún).



Samplaí de theagmhais aistrithe a bhaineann leis an aeráid (samplaí bunaithe ar aicmiú TCFD)

Beartas agus dlíthiúil

Teicneolaíocht

Margadh

Clú

Praghsáil mhéadaithe ar astaíochtaí GCT

Táirgí agus seirbhísí reatha a ionadú le roghanna lena ngabhann astaíochtaí níos ísle

Iompar custaiméirí a athrú

Athruithe ar thosaíochtaí tomhaltóirí

Astaíochtaí feabhsaithe - oibleagáidí tuairiscithe

Infheistíocht neamhrathúil i dteicneolaíochtaí nua

Neamhchinnteacht i gcomharthaí margaí

Stiogmatú na hearnála

Sainorduithe maidir le táirgí agus seirbhísí atá ann cheana agus rialú na dtáirgí agus na seirbhísí sin

Costais an aistrithe chuig teicneolaíochtaí lena ngabhann astaíochtaí níos ísle

Costas méadaithe amhábhar

Méadú ar ábhar imní páirtithe leasmhara

Sainorduithe maidir le próisis táirgthe atá ann cheana agus rialú na bpróiseas sin

 

Aiseolas diúltach ó pháirtithe leasmhara

Neamhchosaint ar dhlíthíocht

 

Anailís ar chás an athraithe aeráide

AR 13. Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhíreanna 19, 20, 21, AR 10 agus AR 11 á nochtadh ag an ngnóthas, míneoidh sé conas a d’úsáid sé anailís ar chásanna a bhaineann leis an aeráid atá i gcomhréir lena imthosca chun bonn eolais a chur faoi rioscaí agus deiseanna fisiceacha agus aistrithe a shainaithint agus a mheasúnú sa ghearrthéarma, sa mheántéarma nó san fhadtéarma, lena n-áirítear:

(a) 

cé na cásanna a úsáideadh, a bhfoinsí agus a n-ailíniú le heolaíocht úrscothach;

(b) 

insintí, tréimhsí ama, agus críochphointí a úsáideadh le plé ar cén fáth a gcreideann sé go gcumhdaíonn an raon cásanna a úsáideadh a rioscaí agus a neamhchinnteachtaí sochreidte;

(c) 

na príomhfhórsaí agus na príomhspreagthóirí a chuirtear san áireamh i ngach cás agus an fáth a bhfuil siad ábhartha don ghnóthas, mar shampla toimhdí beartais, treochtaí maicreacnamaíocha, úsáid fuinnimh agus meascán fuinnimh, agus toimhdí teicneolaíochta; agus

(d) 

príomh-ionchuir agus príomh-bhacainní na gcásanna, lena n-áirítear a leibhéal mionsonraí (e.g., cé acu atá an anailís ar rioscaí fisiceacha a bhaineann leis an aeráid bunaithe ar chomhordanáidí geospásúla atá sonrach do shuíomhanna an ghnóthais nó sonraí leathana ar leibhéal náisiúnta nó réigiúnach).

AR 14. Agus anailís ar chásanna á déanamh ag an ngnóthas, féadfaidh sé an treoraíocht seo a leanas a chur san áireamh: Forlíonadh Teicniúil TCFD maidir le ‘Úsáid na hAnailíse ar Chásanna chun Rioscaí agus Deiseanna a Bhaineann leis an Aeráid a Nochtadh’ (2017); TFCS ‘Treoraíocht maidir le hAnailís ar Chásanna do Chuideachtaí Neamhairgeadais’ (2020); ISO 14091:2021 ‘Oiriúnú don athrú aeráide — Treoirlínte maidir le leochaileacht, tionchair agus measúnú riosca’; aon chaighdeáin tionscail aitheanta eile amhail an Líonra um Ghlasú an Chórais Airgeadais (NGFS); agus rialacháin an Aontais, rialacháin náisiúnta, rialacháin réigiúnacha agus rialacháin áitiúla.

AR 15. Míneoidh an gnóthas go hachomair conas atá na cásanna aeráide a úsáidtear comhoiriúnach leis na toimhdí criticiúla a bhaineann leis an aeráid a dhéantar sna ráitis airgeadais.

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-2 — Beartais a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú aeráide

AR 16. Féadfar beartais a bhaineann le maolú ar an athrú aeráideoiriúnú don athrú aeráide a nochtadh ar leithligh toisc nach ionann na cuspóirí atá leo, na daoine lena mbaineann, na gníomhaíochtaí agus na hacmhainní is gá chun iad a chur chun feidhme.

AR 17. Tugann beartais a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide aghaidh ar bhainistiú astaíochtaí gás ceaptha teasa, aistrithe gás ceaptha teasa agus rioscaí aistrithe an ghnóthais thar thréimhsí ama éagsúla, ina oibríochtaí féin agus/nó sa slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach. ►C1  Féadfaidh baint a bheith ag an gceanglas faoi mhír 22 le beartais neamhspleácha maidir le maolú ar an athrú aeráide chomh maith le beartais ábhartha maidir le hábhair eile a thacaíonn go hindíreach le maolú ar an athrú aeráide lena n-áirítear beartais oiliúna , beartais soláthair nó slabhra soláthair , beartais infheistíochta, nó beartais forbartha táirgí. ◄

AR 18. Tugann beartais a bhaineann le hoiriúnú don athrú aeráide aghaidh ar bhainistiú rioscaí fisiceacha aeráide an ghnóthais agus ar na rioscaí aistrithe a bhaineann leis an oiriúnú don athrú aeráide. Féadfaidh baint a bheith ag an gceanglas faoi mhíreanna 22 agus 25 le beartais neamhspleácha oiriúnaithe don athrú aeráide chomh maith le beartais ábhartha maidir le hábhair eile a thacaíonn go hindíreach le hoiriúnú don athrú aeráide, lena n-áirítear beartais oiliúna, agus beartais éigeandála nó beartais sláinte agus sábháilteachta.

Ceanglais maidir le Nochtadh E1-3 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le beartais don athrú aeráide

AR 19. Agus an fhaisnéis faoi ghníomhaíochtaí á nochtadh aige mar a cheanglaítear faoi mhíreanna 29 (a) agus 29 (b), féadfaidh an gnóthas:

(a) 

a phríomhghníomhaíochtaí a rinneadh agus/nó a phleananna chun beartais maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin a chur chun feidhme a nochtadh ina ghníomhaíochtaí aonair nó ina ghníomhaíochtaí ar leithligh;

(b) 

cineálacha comhiomlána gníomhaíochtaí maolaithe (luamháin dhícharbónaithe) amhail éifeachtúlacht fuinnimh, leictriú, malartú breosla, úsáid fuinnimh in-athnuaite, athrú táirgí, agus dícharbónú an tslabhra soláthair a oireann do ghníomhaíochtaí sonracha na ngnóthas;

(c) 

an liosta de na príomhghníomhaíochtaí maolúcháin a nochtadh in éineacht leis na spriocanna intomhaiste (mar a cheanglaítear le Ceanglas maidir le Nochtadh E1-4), le dí-chomhiomlánú trí luamháin dícharbónaithe; agus

(d) 

na gníomhaíochtaí oiriúnaithe don athrú aeráide a nochtadh de réir chineál an réitigh oiriúnaithe amhail oiriúnú dúlrabhunaithe, innealtóireacht nó réitigh theicneolaíocha.

AR 20. Agus an fhaisnéis faoi acmhainní á nochtadh mar a cheanglaítear faoi mhír 29 (c), ní nochtfaidh an gnóthas ach na méideanna suntasacha OpEx agus CapEx is gá chun na gníomhaíochtaí a chur chun feidhme toisc gurb é cuspóir na faisnéise sin inchreidteacht a ghníomhaíochtaí a léiriú seachas na méideanna nochta a réiteach leis na ráitis airgeadais. Is éard a bheidh sna méideanna nochta CapEx agus OpEx na suimiúcháin a dhéantar le sócmhainní inláimhsithe agus sócmhainní doláimhsithe le linn na bliana airgeadais reatha chomh maith leis na suimiúcháin atá beartaithe le haghaidh na dtréimhsí amach anseo ina gcuirfear na gníomhaíochtaí chun feidhme. Ní bheidh sna méideanna nochta ach na hinfheistíochtaí airgeadais incriminteacha a rannchuidíonn go díreach le spriocanna an ghnóthais a bhaint amach.

AR 21. I gcomhréir le ceanglais ESRS 2 MDR-A, míneoidh an gnóthas an mbraitheann a chumas na gníomhaíochtaí a chur chun feidhme agus a mhéid a bhraitheann sé ar infhaighteacht agus leithdháileadh acmhainní. Féadann rochtain leanúnach ar chostas inacmhainne caipitil a bheith criticiúil i ndáil le cur chun feidhme ghníomhaíochtaí an ghnóthais, lena n-áirítear a choigeartuithe ar athruithe soláthair/éilimh nó a éadálacha gaolmhara agus infheistíochtaí suntasacha i dtaighde agus forbairt.

AR 22. Beidh méideanna OpEx agus CapEx a cheanglaítear chun na gníomhaíochtaí a nochtar faoi mhír 29 (c) a chur chun feidhme comhsheasmhach leis na príomhtháscairí feidhmíochta (eochairtháscairí feidhmíochta CapEx agus OpEx) agus, más infheidhme, leis an bplean CapEx a cheanglaítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún. Míneoidh an gnóthas aon difríochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann idir méideanna móra OpEx agus CapEx a nochtar faoin gCaighdeán seo agus na príomhtháscairí feidhmíochta a nochtar faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún mar gheall, mar shampla, ar nochtadh gníomhaíochtaí eacnamaíocha neamh-incháilithe mar a shainmhínítear sa rialachán tarmligthe sin. Féadfaidh an gnóthas a ghníomhaíochtaí a struchtúrú de réir gníomhaíochta eacnamaíche chun comparáid a dhéanamh idir OpEx agus CapEx, agus más infheidhme a phleananna OpEx agus/nó CapEx lena phríomhtháscairí feidhmíochta ailínithe le Tacsanomaíocht.

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-4 — Spriocanna a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú aeráide

AR 23. Faoi mhír 34 (a), féadfaidh an gnóthas spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT a nochtadh i luach déine. Déantar spriocanna déine a fhoirmliú mar chóimheasa d’astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcoibhneas le haonad gníomhaíochta fisicí nó aschuir eacnamaíoch. Déantar tagairt d’aonaid ghníomhaíochta nó aschuir ábhartha i gcaighdeáin earnáilsonracha ESRS. I gcásanna nach bhfuil ach sprioc laghdaithe déine GCT socraithe ag an ngnóthas, nochtfaidh sé mar sin féin na dearbhluachanna gaolmhara don spriocbhliain agus don spriocbhliain eatramhach nó do na spriocbhlianta eatramhacha. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar ghnóthas méadú ar dhearbhastaíochtaí gás ceaptha teasa a nochtadh don spriocbhliain agus don spriocbhliain eatramhach nó do na spriocbhlianta eatramhacha, mar shampla toisc go bhfuil sé ag súil le fás orgánach a ghnó.

AR 24. Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 34 (b) á nochtadh aige, sonróidh an gnóthas sciar na sprice a bhaineann le gach Scóip astaíochtaí GCT (1, 2 nó 3) faoi seach. Luafaidh an gnóthas an modh a úsáidtear chun astaíochtaí GCT Scóip 2 a áirítear sa sprioc a ríomh (i.e., an modh suíomhbhunaithe nó modh margadhbhunaithe). Má tá teorainn na sprice maidir le laghdú astaíochtaí GCT éagsúil ó theorainn na n-astaíochtaí GCT a tuairiscíodh faoin gCeanglas maidir le Nochtadh E1-6, nochtfaidh an gnóthas cé na gáis a chumhdaítear, an céatadán faoi seach de Scóip 1, 2, 3 agus iomlán na n-astaíochtaí GCT a chumhdaítear leis an sprioc. I gcás spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT a fhochuideachtaí, cuirfidh an gnóthas na ceanglais sin i bhfeidhm ar an gcaoi chéanna ar leibhéal na fochuideachta.

AR 25. Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 34 (c) á nochtadh maidir le bonnbhliain agus luach bonnlíne:

(a) 

míneoidh an gnóthas go gairid conas a d’áirithigh sé go bhfuil an luach bonnlíne, a ndéantar an dul chun cinn i dtreo na sprice a thomhas ina aghaidh, ionadaíoch i dtéarmaí na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear agus thionchair na dtosca seachtracha (e.g., aimhrialtachtaí teochta i mbliain faoi leith a imríonn tionchar ar an méid tomhaltais fuinnimh agus astaíochtaí GCT gaolmhara). Is féidir déanamh amhlaidh le normalú an luacha bonnlíne nó trí luach bonnlíne, a dhíorthaítear ó mheán 3 bliana, a úsáid má mhéadaítear leis sin an t-ionadaíochas agus má fhágtar leis sin go dtugtar léiriú níos dílse;

(b) 

ní athrófar an luach bonnlíne ná an bhonnbhliain mura dtarlaíonn athruithe suntasacha ar an teorainn sprice ná ar an teorainn tuairiscithe. Sa chás sin, míneoidh an gnóthas conas a dhéanann an luach bonnlíne nua difear don sprioc nua, a baint amach agus staid an dul chun cinn le himeacht ama. Chun inchomparáideacht a chothú, agus spriocanna nua á socrú aige, roghnóidh an gnóthas an bhonnbhliain is déanaí nach dtagann roimh an gcéad bhliain tuairiscithe den spriocthréimhse nua ar feadh tréimhse níos faide ná 3 bliana. Mar shampla, i gcás 2030 mar spriocbhliain agus spriocthréimhse idir 2025 agus 2030, roghnófar an bhonnbhliain ón tréimhse idir 2022 agus 2025;

(c) 

tabharfaidh an gnóthas a bhonnbhliain cothrom le dáta ó 2030 ar aghaidh agus i ngach tréimhse 5 bliana ina dhiaidh sin. Ciallaíonn sé sin, roimh 2030, go bhféadfaidh gurb iad na bonnbhlianta arna roghnú ag gnóthais an bhonnbhliain a chuirtear i bhfeidhm faoi láthair le haghaidh spriocanna atá ann cheana nó an chéad bhliain de chur i bhfeidhm cheanglais an tuairiscithe inbhuanaitheachta mar a leagtar amach in Airteagal 5(2) de Threoir (AE) 2022/2464 (2024, 2025 nó 2026) agus, tar éis 2030, gach 5 bliana (2030, 2035, etc); agus

(d) 

nuair a chuireann sé spriocanna a bhaineann leis an aeráid i láthair, féadfaidh an gnóthas an dul chun cinn maidir le baint amach na spriocanna sin roimh a bhonnbhliain reatha. Agus é sin á dhéanamh aige, áiritheoidh an gnóthas, a mhéid is féidir, go bhfuil an fhaisnéis faoin dul chun cinn a rinneadh san am atá thart comhsheasmhach le ceanglais an Chaighdeáin seo. I gcás difríochtaí modheolaíochta, mar shampla, maidir le teorannacha sprice, soláthróidh an gnóthas míniú gairid ar na difríochtaí sin.

AR 26. Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhíreanna 34 (d) agus 34 (e) á nochtadh aige, cuirfidh an gnóthas an fhaisnéis i láthair le linn na spriocthréimhse ag tagairt do chonair astaíochtaí a bhaineann go sonrach le hearnáil, má tá sí ar fáil, nó do chonair astaíochtaí trasearnála atá comhoiriúnach leis an téamh domhanda a theorannú go 1.5 °C. Chun na críche sin, ríomhfaidh an gnóthas spriocluach tagartha ailínithe 1.5 °C do Scóip 1 agus 2 (agus, más infheidhme, conair ar leithligh le haghaidh Scóip 3) ar féidir a spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT féin nó a spriocanna eatramhacha féin sna Scóip faoi seach a chur i gcomparáid leis.

AR 27. Féadfar an spriocluach tagartha a ríomh trí na hastaíochtaí GCT sa bhonnbhliain a iolrú faoi fhachtóir laghdaithe astaíochtaí earnáilsonrach (modheolaíocht dícharbónaithe earnála) nó faoi fhachtóir laghdaithe astaíochtaí trasearnála (modheolaíocht chraptha). Is féidir na fachtóirí laghdaithe astaíochtaí sin a dhíorthú ó fhoinsí éagsúla. Ba cheart don ghnóthas a áirithiú go bhfuil an fhoinse a úsáidtear bunaithe ar chonair laghdaithe astaíochtaí atá comhoiriúnach leis an téamh domhanda a theorannú go 1.5 °C.

AR 28. Tá na fachtóirí laghdaithe astaíochtaí faoi réir tuilleadh forbartha. Dá dhroim sin, moltar do ghnóthais gan ach faisnéis atá cothrom le dáta agus ar fáil go poiblí a úsáid.



 

2030

2050

Conair laghduithe trasearnála (ACA) bunaithe ar an mbliain 2020 mar an bhliain tagartha

-42  %

-90  %

Foinse:  bunaithe ar Pathways to Net-zero — SBTi Technical Summary [Conairí chuig Neodracht Charbóin — Achoimre Theicniúil SBTi] (Leagan 1.0, Deireadh Fómhair 2021)

AR 29. Tá an spriocluach tagartha ag brath ar an mbonnbhliain agus ar astaíochtaí bonnlíne sprioc laghdaithe astaíochtaí GCT an ghnóthais. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an spriocluach tagartha do ghnóthais ag a bhfuil bonnbhliain le déanaí nó ó astaíochtaí bonnlíne níos airde chomh dúshlánach céanna leis an spriocluach tagartha do ghnóthais a bhfuil gníomhaíochtaí uaillmhianacha déanta acu cheana féin chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Dá bhrí sin, gnóthais a bhfuil laghduithe astaíochtaí gás ceaptha teasa bainte amach acu san am a chuaigh thart, ar laghduithe iad atá comhoiriúnach leis an gconair trasearnála nó earnáilsonrach atá ailínithe le 1.5 C, féadfaidh siad a n-astaíochtaí bonnlíne a choigeartú dá réir chun an spriocluach tagartha a chinneadh. Dá réir sin, má tá na hastaíochtaí bonnlíne á gcoigeartú ag an ngnóthas chun an spriocluach tagartha a chinneadh, ní bhreithneoidh sé laghduithe ar astaíochtaí GCT a tháinig roimh 2020 agus cuirfidh sé fianaise iomchuí ar fáil maidir leis an laghdú ar astaíochtaí GCT a baineadh amach roimhe seo.

AR 30. Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 34 (f) á nochtadh aige, míneoidh an gnóthas:

(a) 

trí thagairt dá ghníomhaíochtaí chun an t-athrú aeráide a mhaolú, na luamháin dícharbónaithe agus a rannchuidiú cainníochtúil measta le baint amach a spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT arna miondealú de réir gach Scóip (1, 2 agus 3);

(b) 

cé acu atá nó nach bhfuil sé beartaithe aige teicneolaíochtaí nua a ghlacadh agus ról na dteicneolaíochtaí sin chun a spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT a bhaint amach; agus

(c) 

ar mheas sé réimse éagsúil cásanna aeráide, lena n-áirítear ar a laghad cás aeráide atá comhoiriúnach le téamh domhanda a theorannú go 1.5 °C agus conas a mheas sé é, chun forbairtí ábhartha comhshaoil, sochaíocha, teicneolaíochta, margaidh agus beartais a bhrath agus chun a luamháin dícharbónaithe a chinneadh.

AR 31. Féadfaidh an gnóthas a spriocanna laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur i láthair mar aon lena ghníomhaíochtaí chun an t-athrú aeráide a mhaolú (féach mír AR 19) mar thábla nó mar chonair ghrafach ina léirítear forbairtí le himeacht ama. Soláthraítear samplaí de chomhcheangal spriocanna agus seifteanna dícharbónaithe san fhigiúr agus sa tábla a leanas:

image



 

Bonnbhliain (e.g., 2025)

Sprioc 2030

Sprioc 2035

Suas chuig sprioc 2050

Astaíochtaí GCT (ktCO2eq)

100

60

40

 

 

Éifeachtúlacht fuinnimh agus laghdú ídiúcháin

-

-10

-4

 

 

Éifeachtúlacht ábhair agus laghdú ídiúcháin

-

-5

-

 

 

Malartú breosla

-

-2

-

 

 

Leictriú

-

-

-10

 

 

Úsáid fuinnimh inathnuaite

-

-10

-3

 

 

Táirge a chéimniú amach, a ionadú nó a mhodhnú

-

-8

-

 

 

Próiseas a chéimniú amach, a ionadú nó a mhodhnú

-

-5

-3

 

 

Eile

-

-

 

 

 

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-5 — Tomhaltas fuinnimh agus meascán fuinnimh

Treoraíocht maidir le ríomh

AR 32. Agus an fhaisnéis maidir le tomhaltas fuinnimh a cheanglaítear faoi mhír 35 á hullmhú, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:

(a) 

ní thuairisceoidh sé ach an fuinneamh a ídeofar ó phróisis faoi úinéireacht nó faoi rialú an ghnóthais a chuireann i bhfeidhm an peiriméadar céanna a chuirtear i bhfeidhm chun astaíochtaí GCT Scóipeanna 1 agus 2 a thuairisciú;

(b) 

fágfaidh sé amhábhair agus breoslaí nach ndóitear chun críocha fuinnimh ar lár. Is féidir leis an ngnóthas a ídíonn fuinneamh mar amhábhair faisnéis maidir leis an ídiú sin a nochtadh ar leithligh ó na nochtaí a cheanglaítear;

(c) 

áiritheoidh sé go dtuairisceofar an fhaisnéis chainníochtúil uile a bhaineann le fuinneamh i meigeavatuaireanta (MWh) i Luach Calrach Íochtarach nó glanluach calrach. Mura bhfuil sonraí amha faisnéise a bhaineann le fuinneamh ar fáil ach amháin in aonaid fuinnimh seachas MWh (amhail Giga-Joules (GJ) nó teas-aonaid Bhriotanacha (Btu)), in aonaid toirte (amhail troithe ciúbacha nó galún) nó in aonaid mhaise (amhail cileagram nó punt), déanfar iad a thiontú go MWh trí fhachtóirí tiontaithe oiriúnacha a úsáid (féach mar shampla Iarscríbhinn II de thuarascáil IPCC Measúnaithe a Cúigiú). Beidh fachtóirí coinbhéartachta le haghaidh breoslaí trédhearcach agus cuirfear i bhfeidhm iad ar bhealach comhsheasmhach;

(d) 

a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis chainníochtúil uile a bhaineann le fuinneamh a thuairisciú mar thomhaltas fuinnimh deiridh, ag tagairt don mhéid fuinnimh a ídíonn an gnóthas go hiarbhír agus úsáid á baint, mar shampla, as an tábla in Iarscríbhinn IV de Threoir 2012/27 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 48 ) maidir le héifeachtúlacht fuinnimh;

(e) 

seachnóidh sé comhaireamh dúbailte an ídithe fuinnimh agus é ag nochtadh ídiú fuinnimh féinghinte. Má ghineann an gnóthas leictreachas ó fhoinse breosla neamh-inathnuaite nó inathnuaite agus má ídíonn sé an leictreachas ginte ansin, ní dhéanfar an t-ídiú fuinnimh a chomhaireamh ach uair amháin faoin ídiú breosla;

(f) 

gan tomhaltas fuinnimh a fhritháireamh fiú má dhíoltar le tríú páirtí fuinneamh a ghintear ar an láthair agus má úsáideann tríú páirtí é;

(g) 

ní dhéanfaidh sé fuinneamh a fhaightear ó fhoinse laistigh den teorainn eagraíochtúil a chomhaireamh faoi fhuinneamh ‘a cheannaítear nó a fhaightear’;

(h) 

coinneoidh sé cuntas ar ghal, teas nó fuarú a fhaightear mar ‘dhramhfhuinneamh’ ó phróisis thionsclaíocha tríú páirtí faoi fhuinneamh ‘a cheannaítear nó a fhaightear’;

(i) 

aird a thabhairt ar hidrigin in-athnuaite ( 49 ) mar bhreosla in-athnuaite. Áireofar hidrigin nach ndíorthaítear ina hiomláine ó fhoinsí inathnuaite faoi ‘ídiú fuinnimh ó fhoinsí neamh-inathnuaite eile’; agus

(j) 

glacfaidh sé cur chuige coimeádach agus an leictreachas, gal, teas nó fuarú á roinnt idir foinsí inathnuaite agus neamh-inathnuaite bunaithe ar an gcur chuige a chuirfear i bhfeidhm chun astaíochtaí GCT Scóip 2 margadhbhunaithe a ríomh. Ní mheasfaidh an gnóthas gur ó fhoinsí inathnuaite a eascraíonn na tomhailtí fuinnimh sin ach amháin má shainítear tionscnamh an fhuinnimh a cheannaítear go soiléir sna socruithe conarthacha lena sholáthróirí (comhaontú ceannaigh cumhachta in-athnuaite, taraif chaighdeánaithe don leictreachas glas, ionstraimí margaidh amhail Ráthaíocht Tionscnaimh ó fhoinsí inathnuaite san Eoraip ( 50 ) nó ionstraimí comhchosúla amhail Deimhnithe Fuinnimh In-athnuaite sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada, etc.).

AR 33.  ►C1  Tá an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 38 infheidhme má tá an gnóthas ag oibriú in aon earnáil amháin ar a laghad a bhfuil tionchar ard aige ar an aeráid . ◄ Áireofar freisin san fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 38 (a) go (e). fuinneamh ó fhoinsí iontaise arna thomhailt in oibríochtaí nach bhfuil in earnálacha a bhfuil tionchar mór acu ar an aeráid.

AR 34. Féadfar an fhaisnéis maidir le tomhaltas agus meascán fuinnimh a chur i láthair trí úsáid a bhaint as an bhformáid tháblach seo a leanas d’earnálacha ardtionchair ar an aeráid agus do gach earnáil eile trí rónna (1) go (5) a fhágáil ar lár.



Ídiú fuinnimh agus meascán

Bliain chomparáideach

Bliain N

(1)  Ídiú breosla ó ghual agus táirgí guail (MWh)

 

 

(2)  Ídiú breosla ó amhola agus táirgí peitriliam (MWh)

 

 

(3)  Ídiú breosla ó ghás nádúrtha (MWh)

 

 

(4)  Ídiú breosla ó fhoinsí iontaise eile (MWh)

 

 

(5)  Ídiú an leictreachais, an teasa, na gaile agus an fhuaraithe a cheannaítear nó a fhaightear ó fhoinsí breoslaí iontaise (MWh)

 

 

(6)  Tomhaltas iomlán fuinnimh iontaise (MWh) (arna ríomh mar shuim línte 1 go 5)

 

 

Sciar na bhfoinsí iontaise i dtomhaltas fuinnimh iomlán (%)

 

 

(7)  Tomhaltas ó fhoinsí núicléacha (MWh)

 

 

An sciar den tomhaltas ó fhoinsí núicléacha i dtomhaltas fuinnimh iomlán (%)

 

 

(8)  Ídiú breosla le haghaidh foinsí in-athnuaite, lena n-áirítear bithmhais (lena gcuimsítear freisin dramhaíl thionsclaíoch agus chathrach de thionscnamh bitheolaíoch, bithghás, hidrigin in-athnuaite, etc.) (MWh)

 

 

(9)  Ídiú an leictreachais, an teasa, na gaile agus an fhuaraithe a cheannaítear nó a fhaightear ó fhoinsí inathnuaite (MWh)

 

 

(10)  Ídiú fuinnimh inathnuaite neamhbhreosla féinghinte (MWh)

 

 

(11)  Tomhaltas iomlán fuinnimh in-athnuaite (MWh) (arna ríomh mar shuim línte 8 go 10)

 

 

Sciar na bhfoinsí inathnuaite i dtomhaltas fuinnimh iomlán (%)

 

 

►C1  Tomhaltas iomlán fuinnimh (MWh) (arna ríomh mar shuim línte 6, 7 agus 11)  ◄

 

 

AR 35. Féadfar an tomhaltas fuinnimh iomlán le hidirdhealú idir tomhaltas fuinnimh iontaise, núicléach agus in-athnuaite a chur i láthair go grafach sa ráiteas inbhuanaitheachta ina léirítear forbairtí le himeacht ama (e.g., trí phítchairt nó trí bharrachairt).

Déine fuinnimh bunaithe ar ghlanioncam

Treoraíocht maidir le ríomh

AR 36. Agus an fhaisnéis maidir le déine fuinnimh a cheanglaítear faoi mhír 40 á hullmhú, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:

(a) 

ríomhfaidh sé an cóimheas déine fuinnimh ag úsáid na foirmle a leanas:

image

(b) 

sloinnfidh sé an t-ídiú fuinnimh iomlán in MWh agus an glanioncam in aonaid airgeadaíochta (e.g., Euro);

(c) 

ní bheidh san uimhreoir agus san ainmneoir ach an cion den tomhaltas fuinnimh deiridh iomlán (san uimhreoir) agus den ghlanioncam (san ainmneoir) atá inchurtha i leith gníomhaíochtaí in earnálacha a bhfuil tionchar mór acu ar an aeráid. I ndáiríre, ba cheart comhsheasmhacht a bheith ann i raon feidhme an uimhreora agus an ainmneora araon;

(d) 

ríomhfaidh sé an t-ídiú fuinnimh iomlán i gcomhréir leis an gceanglas i mír 37;

(e) 

ríomhfaidh sé an glanioncam i gcomhréir leis na ceanglais maidir le caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme maidir leis na ráitis airgeadais, i.e., IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí nó ceanglais áitiúla GAAP.

AR 37. Féadfar an fhaisnéis chainníochtúil a chur i láthair sa tábla a leanas.



Déine fuinnimh in aghaidh an ghlanioncaim

Bliain chomparáideach

N

% N / N-1

Ídiú fuinnimh iomlán ó ghníomhaíochtaí in earnálacha aeráide ardtionchair in aghaidh an ghlanioncaim ó ghníomhaíochtaí in earnálacha aeráide ardtionchair (MWh/Aonad airgeadaíochta)

 

 

 

Nascacht déine fuinnimh bunaithe ar ghlanioncam le faisnéis tuairiscithe airgeadais

AR 38. Féadfar réiteach an ghlanioncaim ó ghníomhaíochtaí in earnálacha a bhfuil tionchar ard acu ar an aeráid leis an ítim ábhartha do líne na ráiteas airgeadais nó nochtadh (mar a cheanglaítear le mír 43) a chur i láthair:

(a) 

le crostagairt don mhír líne ghaolmhar nó nochtadh gaolmhar sna ráitis airgeadais; nó

(b) 

Le réiteach cainníochtúil ag úsáid na formáide tábla thíos, murar féidir crostagairt dhíreach a dhéanamh idir an glanioncam agus mír líne nó nochtadh sna ráitis airgeadais.



Glanioncam ó ghníomhaíochtaí in earnálacha aeráide ardtionchair chun déine fuinnimh a ríomh

 

Glanioncam (eile)

 

Glanioncam iomlán (Ráitis airgeadais)

 

Ceanglais maidir le Nochtadh E1-6 — Oll-astaíochtaí Scóip 1, 2, 3 agus Iomlán na n-astaíochtaí GCT

Treoraíocht maidir le ríomh

AR 39. Agus an fhaisnéis maidir le tuairisciú astaíochtaí GCT a cheanglaítear faoi mhír 44 á hullmhú, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:

(a) 

na prionsabail, na ceanglais agus an treoir a chuirtear ar fáil le Caighdeán Corparáideach Phrótacal GCT (leagan 2004) a bhreithniú. Féadfaidh an gnóthas Moladh (AE) 2021/2279 ón gCoimisiún ( 51 ) nó na ceanglais a shonraítear in EN ISO 14064-1:2018 a mheas. Má chuireann an gnóthas modheolaíocht chuntasaíochta GCT ISO 14064-1: 2018 i bhfeidhm cheana féin, comhlíonfaidh sé ceanglais an chaighdeáin seo mar sin féin (e.g. maidir le teorainneacha tuairisciúcháin agus nochtadh astaíochtaí GCT Scóip 2 margadhbhunaithe);

(b) 

nochtfaidh siad na modheolaíochtaí, na toimhdí suntasacha agus na fachtóirí astaíochtaí a úsáideadh chun astaíochtaí GCT a ríomh nó a thomhas, maille leis na cúiseanna ar roghnaíodh iad, agus soláthróidh siad tagairt nó nasc d’aon uirlisí ríofa a úsáideadh;

(c) 

cuirfidh sé san áireamh astaíochtaí CO2, CH4, N2O, HFCs, PFCs, SF6, agus NF3. Féadfar GCT breise a mheas nuair atá siad suntasach; agus

(d) 

úsáid a bhaint as na luachanna is déanaí ón bPoitéinseal Téimh Dhomhanda (GWP) arna bhfoilsiú ag IPCC bunaithe ar thréimhse ama 100 bliain chun astaíochtaí CO2eq gás neamh-CO2 a ríomh.

AR 40. Agus an fhaisnéis á hullmhú chun tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí GCT óna ghnólachtaí comhlachaithe, ó chomhfhiontair, ó fhochuideachtaí neamh-chomhdhlúite (eintitis infheistíochta) agus ó shocruithe conarthacha mar a cheanglaítear le mír 50, déanfaidh an gnóthas 100 % d’astaíochtaí GCT na n-eintiteas a rialaíonn sé go hoibríochtúil a chomhdhlúthú. Sa chleachtas, tarlaíonn sé sin nuair a shealbhaíonn na gnóthais an ceadúnas — nó nuair a cheadaíonn siad — na sócmhainní ó na gnólachtaí comhlachaithe, ó na comhfhiontair, ó fhochuideachtaí neamh-chomhdhlúite (eintitis infheistíochta) agus ó shocruithe conarthacha a oibriú. I gcás ina bhfuil rialú oibríochtúil páirtaimseartha atá sainithe go conarthach ag an ngnóthas, comhdhlúthóidh sé 100 % den GCT a astaítear le linn a rialaithe oibríochtúil.

AR 41. I gcomhréir le ESRS 1, caibidil 3.7, déanfaidh an gnóthas faisnéis maidir lena astaíochtaí gás ceaptha teasa a dhí-chomhiomlánú de réir mar is iomchuí. Mar shampla, féadfaidh an gnóthas a astaíochtaí GCT Scóip 1, 2, 3 nó iomlána a dhí-chomhiomlánú de réir tíre, deighleoga oibriúcháin, gníomhaíochta eacnamaíche, fochuideachta, catagóir GCT (CO2, CH4, N2O, HFCanna, PFCanna, SF6, NF3, agus GCT eile arna meas ag an ngnóthas) nó cineál foinse (dóchán do-aistrithe, dóchán soghluaiste, astaíochtaí próisis agus astaíochtaí éalaitheacha).

AR 42. D’fhéadfadh sé go mbeadh tréimhse tuairiscithe éagsúil ag gnóthas ó chuid de na heintitis nó ó na heintitis uile ina shlabhra luacha. Sna himthosca sin, ceadaítear don ghnóthas a astaíochtaí GCT a thomhas i gcomhréir le mír 44 agus úsáid á baint as faisnéis le haghaidh tréimhsí tuairiscithe atá éagsúil óna thréimhse tuairiscithe féin má fhaightear an fhaisnéis sin ó eintitis ina shlabhra luacha le tréimhsí tuairiscithe atá éagsúil le tréimhse tuairiscithe an ghnóthais, ar choinníoll:

(a) 

úsáideann an gnóthas na sonraí is déanaí atá ar fáil ó na heintitis sin ina shlabhra luacha chun a astaíochtaí gás ceaptha teasa a thomhas agus a nochtadh;

(b) 

is ionann fad na dtréimhsí tuairiscithe; agus

(c) 

nochtann an gnóthas na héifeachtaí a bhíonn ag teagmhais shuntasacha agus ag athruithe ar imthosca (a bhaineann lena astaíochtaí gás ceaptha teasa) a tharlaíonn idir dátaí tuairiscithe na n-eintiteas ina shlabhra luacha agus dáta ráitis airgeadais cuspóra ghinearálta an ghnóthais.

AR 43. Agus an fhaisnéis maidir le holl-astaíochtaí GCT Scóip 1 a cheanglaítear faoi mhír 48 (a) á hullmhú, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:

(a) 

ríomhfaidh sé nó tomhaisfidh sé astaíochtaí GCT ó dhó gan ghluaiseacht, dó móibíleach, astaíochtaí próisis agus astaíochtaí éalaitheacha; agus úsáidfidh sé sonraí gníomhaíochta oiriúnacha ina n-áirítear an t-ídiú breosla neamh-inathnuaite;

(b) 

úsáidfidh sé fachtóirí astaíochta oiriúnacha agus comhsheasmhacha;

(c) 

astaíochtaí bithghineacha CO2 a nochtadh ó dhóchán nó bith-dhíghrádú bithmhaise ar leithligh ó astaíochtaí GCT Scóip 1, ach astaíochtaí cineálacha eile GCT a chur san áireamh (go háirithe CH4 agus N2O);

(d) 

ní áireofar aon aistriú, ná aon chreidmheas carbóin ná lamháltas GCT a ceannaíodh, a díoladh nó a aistríodh, i ríomh astaíochtaí GCT Scóip 1; agus

(e) 

i gcás gníomhaíochtaí a thuairiscítear faoi CTA AE, tuairisceoidh sé maidir le hastaíochtaí Scóip 1 agus é ag leanúint mhodheolaíocht CTA AE. Féadfar modheolaíocht EU ETS a chur i bhfeidhm freisin maidir le gníomhaíochtaí i ngeograif agus in earnálacha nach gcumhdaítear le CTA AE.

AR 44. Agus an fhaisnéis maidir leis an gcéatadán d’astaíochtaí GCT Scóip 1 ó scéimeanna trádála astaíochtaí rialáilte a cheanglaítear faoi mhír 48 (b) á hullmhú, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:

(a) 

breithniú a dhéanamh ar astaíochtaí GCT ó na suiteálacha a oibríonn sé atá faoi réir Scéimeanna Trádála Astaíochtaí rialáilte (CTA), lena n-áirítear CTA-AE, CTA náisiúnta agus CTA neamh-AE, más infheidhme;

(b) 

ní chuirfidh sé san áireamh ach astaíochtaí CO2, CH4, N2O, HFCs, PFCs, SF6, agus NF3;

(c) 

áiritheoidh sé an tréimhse chuntasaíochta chéanna le haghaidh oll-astaíochtaí GCT Scóip 1 agus astaíochtaí GCT a rialaítear faoi CTA; agus

(d) 

déanfaidh sé an sciar a ríomh ag úsáid na foirmle seo a leanas:



Astaíochtaí GCT e GCT in (t CO2eq) ó shuiteálacha CTA AE + suiteálacha náisiúnta CTA + suiteálacha neamh-AE CTA

Astaíochtaí GCT Scóip 1 (t CO2eq)

AR 45. Agus an fhaisnéis maidir le holl-astaíochtaí GCT Scóip 2 a cheanglaítear faoi mhír 49 á hullmhú, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:

(a) 

breithniú a dhéanamh ar phrionsabail agus ar cheanglais Threoir Scóip 2 de Phrótacal GCT (leagan 2015, go háirithe critéir cháilíochta Scóip 2 i gcaibidil 7.1 a bhaineann le hionstraimí conarthacha); féadfaidh sé freisin Moladh (AE) 2021/2279 ón gCoimisiún nó na ceanglais ábhartha maidir le cainníochtú astaíochtaí indíreacha GCT ó fhuinneamh allmhairithe a mheas in EN ISO 14064-1:2018;

(b) 

folaíonn sé leictreachas, gal, teas agus fuarú arna gceannach nó arna bhfáil arna thomhailt ag an ngnóthas;

(c) 

seachnóidh sé comhaireamh dúbailte astaíochtaí GCT a thuairiscítear faoi Scóip 1 nó 3;

(d) 

na modhanna suíomhbhunaithe agus margadhbhunaithe a chur i bhfeidhm chun astaíochtaí GCT Scóip 2 a ríomh agus faisnéis a sholáthar maidir le sciar agus cineálacha na n-ionstraimí conarthacha. Cainníochtaítear leis an modh suíomhbhunaithe astaíochtaí GCT Scóip 2 bunaithe ar mheánfhachtóirí astaíochtaí maidir le giniúint fuinnimh le haghaidh suíomhanna sonraithe, lena n-áirítear teorainneacha áitiúla, fonáisiúnta nó náisiúnta (Prótacal GCT, ‘Scope 2 Guidance’, Glossary, 2015). Cainníochtaítear leis an modh margadhbhunaithe astaíochtaí GCT Scóip 2 bunaithe ar astaíochtaí GCT a astaítear ó ghineadóirí, óna gceannaíonn an t-eintiteas tuairiscithe leictreachas go conarthach atá cuachta le hionstraimí, nó ionstraimí díchuachta ina n-aonar (Prótacal GCT, ‘Scope 2 Guidance’, Glossary, 2015); sa chás sin, féadfaidh an gnóthas an sciar d’astaíochtaí GCT Scóip 2 a nochtadh atá margadhbhunaithe agus atá nasctha le leictreachas a chuachtar le hionstraimí, amhail Ráthaíocht Tionscnaimh nó Teastais Fuinnimh Inathnuaite. Cuirfidh an gnóthas faisnéis ar fáil maidir leis an sciar agus na cineálacha ionstraimí conarthacha a úsáidtear chun fuinneamh cuachta a dhíol agus a cheannach agus a bhfuil airíonna aige maidir le giniúint fuinnimh nó maidir le héilimh i leith aitreabúideachta fuinnimh díchuachta.

(e) 

nochtfaidh sé astaíochtaí bithghineacha carbóin CO2 ó dhóchán nó bith-dhíghrádú bithmhaise ar leithligh ó astaíochtaí GCT Scóip 2 ach áirítear astaíochtaí cineálacha eile GCT (C4 agus N2O go háirithe). I gcás nach scarann na fachtóirí astaíochta a chuirtear i bhfeidhm an céatadán de bhithmhais nó de CO2 bithghineach, nochtfaidh an gnóthas é sin. I gcás nach bhfuil astaíochtaí GCT seachas CO2 (C4 agus N2O go háirithe) ar fáil le haghaidh meánfhachtóirí astaíochtaí eangaí suíomhbhunaithe nó nach bhfuil siad eisiata uathu nó i gcás ina bhfuil faisnéis ón modh margadhbhunaithe ar fáil, nochtfaidh an gnóthas an méid sin.

(f) 

ní áireofar aon aistriú, ná aon chreidmheas carbóin ná lamháltas GCT a ceannaíodh, a díoladh nó a aistríodh, i ríomh astaíochtaí GCT Scóip 2;

AR 46. Agus an fhaisnéis maidir le holl-astaíochtaí GCT Scóip 3 a cheanglaítear faoi mhír 51 á hullmhú, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:

(a) 

prionsabail agus forálacha Phrótacal GCT an tSlabhra Luacha Chorparáidigh (Scóip 3) Caighdeán Cuntasaíochta agus Tuairiscithe (Leagan 2011) a bhreithniú; agus féadfaidh sé breithniú a dhéanamh ar Mholadh (AE) 2021/2279 ón gCoimisiún nó ar na ceanglais ábhartha maidir le hastaíochtaí GCT indíreacha ó EN ISO 14064-1:2018 a chainníochtú;

(b) 

más institiúid airgeadais í, breathnaigh ar Chaighdeán Cuntasaíochta agus Tuairiscithe GCT don Tionscal Airgeadais ón gComhpháirtíocht um Chuntasaíocht Charbóin Airgeadais (PCAF), go sonrach cuid A “Astaíochtaí Íoctha” (leagan Nollaig 2022);

(c) 

déanfaidh sé astaíochtaí iomlána GCT Scóip 3 a scagadh bunaithe ar 15 chatagóir de Scóip 3 a shonraítear i bPrótacal GCT Corporate Standard agus Prótacal GCT Corporate Value Chain (Scope 3) Accounting and Reporting Standard (leagan 2011) ag úsáid meastacháin iomchuí. De rogha air sin, féadfaidh sé a chuid astaíochtaí GCT indíreacha a scagadh bunaithe ar na catagóirí dá bhforáiltear in EN ISO 14064-1:2018, clásal 5.2.4 (gan astaíochtaí GCT indíreacha ó fhuinneamh allmhairithe a áireamh);

(d) 

a chatagóirí suntasacha Scóip 3 a shainaithint agus a nochtadh bunaithe ar mhéid a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa measta agus ar chritéir eile arna soláthar ag Slabhra Luacha Corparáideach Phrótacal GCT (Scóip 3) Caighdeán Cuntasaíochta agus Tuairiscithe (Leagan 2011, lgh. 61 agus 65-68) nó EN ISO 14064-1:2018 Iarscríbhinn H.3.2, amhail caiteachas airgeadais, tionchar, rioscaí agus deiseanna aistrithe gaolmhara nó tuairimí páirtithe leasmhara;

(e) 

astaíochtaí GCT a ríomh nó a mheas i 3 chatagóir Scóipe suntasacha ag baint úsáide as fachtóirí oiriúnacha astaíochtaí;

(f) 

nuashonrú a dhéanamh ar astaíochtaí GCT Scóip 3 i ngach catagóir shuntasach gach bliain ar bhonn sonraí gníomhaíochta reatha; fardal iomlán GCT Scóip 3 a thabhairt cothrom le dáta gach 3 bliana ar a laghad nó maidir le tarlú teagmhais shuntasaigh nó athrú suntasach ar imthosca (d’fhéadfadh teagmhas suntasach nó athrú suntasach ar imthosca baint a bheith aige, mar shampla, le hathruithe ar ghníomhaíochtaí nó ar struchtúr an ghnóthais, le hathruithe ar ghníomhaíochtaí nó ar struchtúr a shlabhraí luacha réamhtheachtacha agus iartheachtacha, le hathrú ar an modheolaíocht ríofa nó le hearráidí a aimsiú);”);

(g) 

a mhéid a thomhaistear astaíochtaí GCT Scóip 3 an ghnóthais a nochtadh trí úsáid a bhaint as ionchuir ó ghníomhaíochtaí sonracha laistigh de shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach an eintitis, agus nochtfaidh sé céatadán na n-astaíochtaí a ríomhtar trí úsáid a bhaint as sonraí príomhúla arna bhfáil ó sholáthróirí nó ó chomhpháirtithe eile sa slabhra luacha.

(h) 

i gcás gach catagóire GCT Scóip 3 suntasach, nochtfar na teorainneacha tuairiscithe a breithníodh, na modhanna ríofa chun meastachán a dhéanamh ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa chomh maith le cé acu a cuireadh agus cé na huirlisí ríofa a cuireadh i bhfeidhm. Ba cheart do chatagóirí Scóip 3 a bheith i gcomhréir le Prótacal GCT agus ba cheart a áireamh iontu:

i. 

astaíochtaí GCT indíreacha Scóip 2 ón ngrúpa comhdhlúite cuntasaíochta (an mháthairchuideachta agus a fochuideachtaí),

ii. 

astaíochtaí GCT indíreacha Scóip 3 ó ghnólachtaí comhlachaithe, comhfhiontair agus fochuideachtaí neamhdhlúite ar féidir leis an ngnóthas a ngníomhaíochtaí oibriúcháin agus caidrimh a rialú (i.e., rialú oibriúcháin),

iii. 

Astaíochtaí GCT Scóip 1, 2 agus 3 ó chomhlaigh, ó chomhfhiontair, ó fhochuideachtaí neamh-chomhdhlúite (eintitis infheistíochta) agus ó shocruithe comhpháirteacha nach bhfuil rialú oibríochtúil ag an ngnóthas ina leith agus nuair atá na heintitis sin mar chuid de shlabhra luacha réamhtheachtach agus dopíonaithe an ghnóthais.

(i) 

nochtfaidh sé liosta catagóirí d’astaíochtaí GCT Scóip 3 a áirítear san fhardal, agus a fhágtar ar lár, in éineacht le réasúnú le haghaidh chatagóirí Scóip 3 a fhágtar ar lár;

(j) 

astaíochtaí bithghineacha CO2 a nochtadh ó dhóchán nó bith-dhíghrádú bithmhaise a tharlaíonn ina shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach ar leithligh ó ollastaíochtaí GCT Scóip 3, agus lena n-áirítear astaíochtaí cineálacha eile GCT (amhail CH4 agus N2O), agus astaíochtaí CO2 a tharlaíonn i saolré bithmhaise seachas ó dhóchán nó ó bhith-dhíghrádú (amhail astaíochtaí GCT ó bhithmhais a phróiseáil nó a iompar) i ríomh astaíochtaí GCT Scóip 3;

(k) 

ní áireofar aon aistriú, ná aon chreidmheas carbóin ná lamháltas GCT a ceannaíodh, a díoladh nó a aistríodh, i ríomh astaíochtaí GCT Scóip 3;

AR 47. Agus an fhaisnéis faoi iomlán na n- astaíochtaí GCT a cheanglaítear faoi mhír 52 á hullmhú, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:

(a) 

cuirfidh sé na foirmlí a leanas i bhfeidhm chun iomlán na n-astaíochtaí GCT a ríomh:

image

image

(b) 

nochtfaidh sé na n-astaíochtaí GCT iomlána agus déanfaidh sé idirdhealú idir astaíochtaí a thagann as modhanna suíomhbhunaithe agus margadhbhunaithe a chuirtear i bhfeidhm agus astaíochtaí GCT foluiteacha Scóip 2 á dtomhas.

AR 48. Nochtfaidh an gnóthas a astaíochtaí GCT iomlána arna ndí-chomhiomlánú de réir Scóip 1 agus 2 agus Scóip 3 suntasach i gcomhréir leis an tábla thíos.



 

Siarghabhálach

Garspriocanna agus spriocbhlianta

Bonn bliain

Bliain chomparáideach

N

% N/ N-1

2025

2030

(2050)

Spriocbhliain / Bonnbhliain % Bhliantúil

Astaíochtaí GCT Scóip 1

Oll-astaíochtaí GCT astaíochtaí CO2eq (tCO2eq)

 

 

 

 

 

 

 

 

Céatadán astaíochtaí GCT

Scóip 1 ó scéimeanna rialaithe trádála astaíochtaí (%)

 

 

 

 

 

 

 

 

Astaíochtaí GCT Scóip 2

Oll-astaíochtaí GCT suíomhbhunaithe Scóip 2 (tCO2eq)

 

 

 

 

 

 

 

 

Oll-astaíochtaí GCT margadhbhunaithe 2 Astaíochtaí gás ceaptha teasa (tCO2eq)

 

 

 

 

 

 

 

 

Astaíochtaí móra GCT Scóip 3

Iomlán na n-oll-astaíochtaí GCT indíreacha 3) astaíochtaí GCT (tCO2eq)

 

 

 

 

 

 

 

 

1  Earraí ceannaithe agus ceannaithe

 

 

 

 

 

 

 

 

[Fo-chatagóir roghnach: Néalríomhaireacht agus seirbhísí ionaid sonraí

 

 

 

 

 

 

 

 

2  Earraí caipitiúla

 

 

 

 

 

 

 

 

3  Breosla agus

Gníomhaíochtaí a bhaineann le fuinneamh (nach n-áirítear i Scóip ná i Scóip 2)

 

 

 

 

 

 

 

 

4  Iompar agus dáileadh réamhtheachtach

 

 

 

 

 

 

 

 

5  Dramhaíl a ghintear in oibríochtaí

 

 

 

 

 

 

 

 

6  Taisteal gnó

 

 

 

 

 

 

 

 

7  Comaitéireacht fostaithe

 

 

 

 

 

 

 

 

8  Sócmhainní léasaithe réamhtheachtacha

 

 

 

 

 

 

 

 

9  Iompar iartheachtach

 

 

 

 

 

 

 

 

10  Próiseáil táirgí díolta

 

 

 

 

 

 

 

 

11  Úsáid táirgí díolta

 

 

 

 

 

 

 

 

12  Cóireáil deiridh ré táirgí díolta

 

 

 

 

 

 

 

 

13  Sócmhainní léasaithe iartheachtacha

 

 

 

 

 

 

 

 

14  Saincheadúnais

 

 

 

 

 

 

 

 

15  Infheistíochtaí

 

 

 

 

 

 

 

 

Astaíochtaí GCT iomlána

Astaíochtaí GCT iomlána (suíomhbhunaithe) (tCO2eq)

 

 

 

 

 

 

 

 

Astaíochtaí GCT iomlána (margadhbhunaithe) (tCO2eq)

 

 

 

 

 

 

 

 

AR 49. Chun aird a tharraingt ar rioscaí aistrithe a d’fhéadfadh a bheith ann, féadfaidh an gnóthas a astaíochtaí GCT iomlána arna n-imdhealú de réir mórthíortha agus, más infheidhme, de réir deighleoga oibriúcháin a nochtadh (agus na deighleoga céanna á gcur i bhfeidhm le haghaidh na ráiteas airgeadais mar a cheanglaítear leis na caighdeáin chuntasaíochta, i.e. IFRS 8 Deighleoga oibriúcháin nó GAAP áitiúil). Féadfar astaíochtaí GCT Scóip 3 a fhágáil ar lár ó na miondealuithe sin de réir tíre mura bhfuil na sonraí gaolmhara ar fáil go héasca.

AR 50. Féadfar astaíochtaí GCT Scóip 3 a thíolacadh freisin de réir na gcatagóirí astaíochtaí indíreacha a shainítear in EN ISO 14064-1:2018.

AR 51. Más ábhar é d’astaíochtaí Scóip 3 an ghnóthais, nochtfaidh sé na hastaíochtaí GCT ó sheirbhísí néalríomhaireachta agus lárionaid sonraí ceannaithe mar fhothacar de chatagóir uileghabhálach Scóip 3“earraí agus seirbhísí a ceannaíodh go réamhtheachtach”.

AR 52. Féadfar iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa arna n-imdhealú de réir Scóip 1, 2 agus 3 a chur i láthair go grafach sa ráiteas inbhuanaitheachta (e.g., mar bharrachairt nó mar phíchairt) ina léirítear deighilt na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa thar an slabhra luacha (réamhtheachtach, féinoibríochtaí, Iompar, Downstream).

Déine astaíochtaí gás ceaptha teasa bunaithe ar ghlanioncam

Treoraíocht maidir le ríomh

AR 53. Agus an fhaisnéis maidir le déine GCT bunaithe ar ghlanioncam a cheanglaítear faoi mhír 53 á nochtadh, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:

(a) 

ríomhfaidh sé an cóimheas déine GCT leis an bhfoirmle a leanas:

image

(b) 

na hastaíochtaí gás ceaptha teasa iomlána a shloinneadh i dtonaí méadracha CO2eq agus an glanioncam in aonaid airgeadaíochta (e.g. Euro) agus na torthaí don mhodh margadhbhunaithe agus suíomhbhunaithe a chur i láthair;

(c) 

áireoidh sé iomlán na n-astaíochtaí GCT san uimhreoir agus an glanioncam foriomlán san ainmneoir;

(d) 

ríomhfaidh sé na hastaíochtaí GCT iomlána mar a cheanglaítear le míreanna 44 (d) agus 52; agus

(e) 

ríomhfaidh sé an glanioncam i gcomhréir leis na ceanglais sna caighdeáin chuntasaíochta a chuirtear i bhfeidhm i gcás ráiteas airgeadais, i.e., IFRS 15 nó GAAP áitiúil.

AR 54. Féadfar an fhaisnéis chainníochtúil a chur i láthair san fhormáid tábla seo a leanas.



Déine GCT in aghaidh an ghlanioncaim

Bliain chomparáideach

N

% N / N-1

Iomlán na n-astaíochtaí GCT (suíomhbhunaithe) in aghaidh an ghlanioncaim (tCO2eq/Aonad airgeadaíochta)

 

 

 

Iomlán na n-astaíochtaí GCT (margadhbhunaithe) in aghaidh an ghlanioncaim (tCO2eq/Aonad airgeadaíochta)

 

 

 

Nascacht déine GCT bunaithe ar ioncam le faisnéis tuairiscithe airgeadais

AR 55. Féadfaidh ceachtar díobh seo a leanas réiteach a dhéanamh ar an nglanioncam a úsáidtear chun déine GCT a ríomh leis an ítim líne ábhartha nó leis na nótaí ábhartha sna ráitis airgeadais (mar a cheanglaítear le mír 55):

(a) 

le crostagairt don mhír líne ghaolmhar nó nochtadh gaolmhar sna ráitis airgeadais; nó

(b) 

Le réiteach cainníochtúil ag úsáid na formáide tábla thíos, murar féidir crostagairt dhíreach a dhéanamh idir an glanioncam agus mír líne nó nochtadh sna ráitis airgeadais.



Glanioncam a úsáidtear chun déine GCT a ríomh

 

Glanioncam (eile)

 

Glanioncam iomlán (ráitis airgeadais)

 

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-7 — Aistrithe GCT agus tionscadail maolaithe GCT arna maoiniú trí chreidmheasanna carbóin

GCT a bhaint agus a stóráil ina n-oibríochtaí féin agus sa slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach

AR 56. Anuas ar a bhfardail astaíochtaí GCT, soláthróidh na gnóthais trédhearcacht maidir le conas, agus a mhéid, a fheabhsaíonn siad linnte nádúrtha nó a chuireann siad réitigh theicniúla i bhfeidhm chun GCTanna a bhaint as an atmaisféar ina n-oibríochtaí féin agus sa slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach. Cé nach bhfuil aon choincheapa ná modheolaíochtaí ann a nglactar leo go ginearálta chun cuntas a thabhairt ar aistrithe gás ceaptha teasa, tá sé mar aidhm ag an gCaighdeán seo trédhearcacht a mhéadú maidir le hiarrachtaí an ghnóthais GCTanna a bhaint den atmaisféar (mír 56 (a) agus mír 58). Déanfar aistrithe gás ceaptha teasa lasmuigh den slabhra luacha a dtacaíonn an gnóthas leo trí chreidmheasanna carbóin a cheannach a nochtadh ar leithligh mar a cheanglaítear le míreanna 56 (b) agus 59.

AR 57. Agus an fhaisnéis faoi aistrithe agus stóráil GCT ó oibríochtaí an ghnóthais féin agus a shlabhra luacha réamhtheachtach agus srutha a cheanglaítear faoi mhíreanna 56 (a) agus 58 á nochtadh, faisnéis maidir le gach gníomhaíocht aistrithe agus stórála, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:

(a) 

na GCTanna lena mbaineann;

(b) 

cibé acu aistriú agus stóráil bithghineach nó ó athrú ar thalamhúsáid (e.g. foraoisiú, athfhoraoisiú, athchóiriú foraoise, plandáil crann uirbeach, agrafhoraoiseacht, carbón ithreach tógála, etc.), teicneolaíocht (e.g. gabháil dhíreach aeir), nó hibrideach (e.g. bithfhuinneamh lena ngabhann gabháil agus stóráil CO2), agus sonraí teicneolaíochta maidir leis an aistriú, cineál na stórála agus, más infheidhme, iompar GCTanna aistrithe;

(c) 

más infheidhme, míniú gairid ar cé a cháilíonn nó nach gcáilíonn an ghníomhaíocht mar réiteach dúlrabhunaithe; agus

(d) 

an bealach a mbainistítear an riosca a bhaineann le neamhbhuaine, lena n-áirítear teagmhais sceite agus aisiompaithe a aimsiú agus faireachán a dhéanamh orthu, de réir mar is iomchuí.

Treoraíocht maidir le ríomh

AR 58. Agus an fhaisnéis faoi aistriú agus stóráil GCT ó oibríochtaí an ghnóthais féin agus a shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach a cheanglaítear faoi mhíreanna 56 (a) agus 58 á n-ullmhú, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:

(a) 

cuirfidh sé san áireamh, a mhéid is infheidhme, Prótacal GCT Corporate Standard (leagan 2004), Product Standard (leagan 2011), Agriculture Guidance (leagan 2014), Land use, land-use change, and forestry Guidance for GHG project accounting (leagan 2006);

(b) 

cuirfidh sé i bhfeidhm modhanna comhthuisceana i ndáil le cuntas a choinneáil ar aistrithe GCT a luaithe a bhíonn siad ar fáil, go háirithe creat rialála an Aontais le haghaidh aistrithe CO2 a dheimhniú;

(c) 

más infheidhme, mínigh ról na n-aistrithe dá bheartas maidir le maolú ar an athrú aeráide;

(d) 

áireofar baint ó oibríochtaí ar leis í, a rialaíonn sí nó a rannchuidíonn sé leo agus nár díoladh le páirtí eile trí chreidmheasanna carbóin;

(e) 

más infheidhme, na gníomhaíochtaí sin chun GCT a bhaint in oibríochtaí dílse nó sa slabhra luacha a mharcáil, ar gníomhaíochtaí iad a tiontaíodh ina gcreidmheasanna carbóin agus a díoladh le páirtithe eile ar an margadh deonach;

(f) 

tabhair cuntas ar na hastaíochtaí GCT a bhaineann le gníomhaíocht aistrithe, lena n-áirítear iompar agus stóráil, faoi Cheanglas Nochta E1-6 (Scóip 1, 2 nó 3). Chun trédhearcacht a mhéadú maidir le héifeachtúlacht gníomhaíochta aistrithe, lena n-áirítear iompar agus stóráil, féadfaidh an gnóthas na hastaíochtaí GCT a bhaineann leis an ngníomhaíocht sin a nochtadh (e.g. astaíochtaí GCT ó thomhaltas leictreachais na dteicneolaíochtaí gabhála aeir dhírigh) in éineacht le méid na n-astaíochtaí GCT a baineadh, ach ar leithligh ón méid sin;

(g) 

i gcás aisiompaithe, coinneoidh sé cuntas ar na hastaíochtaí GCT faoi seach mar fhritháireamh le haghaidh na n-aisiompaithe sa tréimhse tuairiscithe;

(h) 

úsáid a bhaint as na luachanna GWP is déanaí arna bhfoilsiú ag IPCC bunaithe ar thréimhse ama 100 bliain chun astaíochtaí CO2eq gás neamh-CO2 a ríomh agus tuairisc a thabhairt ar na toimhdí a rinneadh, ar na modheolaíochtaí agus ar na creataí a cuireadh i bhfeidhm chun méid aistrithe gás ceaptha teasa a ríomh; agus

(i) 

smaoinigh ar réitigh dhúlrabhunaithe.

AR 59. Imdhealóidh an gnóthas na haistrithe GCT a tharlaíonn ina oibríochtaí féin agus iad siúd a tharlaíonn sa slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach agus nochtfaidh sé ar leithligh iad. Áireofar ar ghníomhaíochtaí aistrithe gás ceaptha teasa sa slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach na gníomhaíochtaí sin a bhfuil an gnóthas ag tacú go gníomhach leo, mar shampla, trí thionscadal comhair le soláthróir. Níl ar an ngnóthas aon aistriú GCT a d’fhéadfadh tarlú ina shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, nach bhfuil sé ar an eolas faoi, a chur san áireamh.

AR 60. Féadfar an fhaisnéis chainníochtúil maidir le haistrithe GCT a chur i láthair ag úsáid na formáide tábla a leanas.



Aistrithe

Bliain chomparáideach

N

% N / N-1

Gníomhaíocht aistrithe GCT 1 (e.g., athbhunú foraoise)

-

 

 

Gníomhaíocht aistrithe GCT 2 (e.g., gabháil ón aer)

-

 

 

-

 

 

Iomlán na n-astaíochtaí GCT óna oibríochtaí féin (tCO2eq)

 

 

 

Gníomhaíocht aistrithe GCT 1 (e.g., athbhunú foraoise)

-

 

 

Gníomhaíocht aistrithe GCT 2 (e.g., gabháil ón aer)

-

 

 

-

 

 

Iomlán na n-aistrithe GCT sa slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach (tCO2eq)

 

 

 

Aisiompuithe (tCO2eq)

 

 

 

Tionscadail maolaithe GCT a mhaoinítear trí chreidmheasanna carbóin

AR 61. D’fhéadfadh maoiniú tionscadal laghdaithe astaíochtaí GCT lasmuigh de shlabhra luacha an ghnóthais trí chreidmheasanna carbóin a cheannach a chomhlíonann caighdeáin ardcháilíochta a bheith ina rannchuidiú úsáideach chun an t-athrú aeráide a mhaolú. Leis an gCaighdeán seo ceanglaítear ar an ngnóthas a nochtadh an n-úsáideann sé creidmheasanna carbóin ar leithligh ó na hastaíochtaí GCT (míreanna 56 (b) agus 59) agus spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT (Ceanglas Nochta E1-4). Ceanglaítear ar an ngnóthas freisin a mhéid a úsáideann sé na critéir cháilíochta a thaispeáint agus cé acu critéir cháilíochta a úsáideann sé do na creidmheasanna carbóin sin.

AR 62. Agus an fhaisnéis maidir le creidmheasanna carbóin a cheanglaítear faoi mhíreanna 56 (b) agus 59 á nochtadh aige, nochtfaidh an gnóthas an dí-chomhiomlánú seo a leanas de réir mar is infheidhme:

(a) 

sciar (céatadán toirte) na dtionscadal laghdaithe agus tionscadal aistrithe;

(b) 

maidir le creidmheasanna carbóin ó thionscadail aistrithe, míniú ar cé acu ó linnte bithghineacha nó ó linnte teicneolaíocha atá siad;

(c) 

sciar (céatadán toirte) gach caighdeáin cáilíochta aitheanta;

(d) 

an sciar (céatadán toirte) a eisítear ó thionscadail san Aontas; agus

(e) 

an sciar (céatadán toirte) a cháilíonn mar choigeartú comhfhreagrach faoi Airteagal 6 de Chomhaontú Pháras.

Treoraíocht maidir le ríomh

AR 63. Agus an fhaisnéis faoi chreidmheasanna carbóin a cheanglaítear faoi mhír 56 (b) agus faoi mhír 59 á hullmhú aige, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:

(a) 

Breithniú a dhéanamh ar chaighdeáin cháilíochta aitheanta;.

(b) 

más infheidhme, mínigh ról na gcreidmheasanna carbóin ina bheartas maolaithe don athrú aeráide;

(c) 

gan creidmheasanna carbóin arna n-eisiúint ó thionscadail laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh dá shlabhra luacha a áireamh mar go nochtfar na laghduithe ar astaíochtaí GCT faoi seach cheana féin faoi Cheanglas maidir le Nochtadh E1-6 (Scóip 2 nó Scóip 3) tráth a dtarlaíonn siad (i.e., seachnaítear comhaireamh dúbailte);

(d) 

ní chuirfidh sé creidmheasanna carbóin ó thionscadail aistrithe GCT san áireamh ina shlabhra luacha toisc go bhféadfadh na haistrithe GCT faoi seach a bheith san áireamh cheana féin faoi Cheanglas maidir le Nochtadh E1-7 an tráth a tharlóidh siad (i.e., seachnaítear comhaireamh dúbailte);

(e) 

gan creidmheasanna carbóin a nochtadh mar fhritháireamh dá astaíochtaí gás ceaptha teasa faoin gCeanglas maidir le Nochtadh E1-6 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa;

(f) 

ní nochtfaidh sé creidmheasanna carbóin mar bhealach chun na spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT a nochtar faoi Cheanglas maidir le Nochtadh E1-4 a bhaint amach; agus

(g) 

ríomhfaidh sé an méid creidmheasanna carbóin atá le cealú sa todhchaí, mar shuim na gcreidmheasanna carbóin i dtonnaí méadracha CO2eq thar fhad na gcomhaontuithe conarthacha atá ann cheana.

AR 64. Féadfar an fhaisnéis ar chreidmheasanna carbóin a cealaíodh sa bhliain tuairiscithe agus a bheartaítear a chur ar ceal amach anseo a chur i láthair trí úsáid a bhaint as na formáidí tábla seo a leanas.



Creidmheasanna carbóin a chealaítear sa bhliain tuairiscithe

Bliain chomparáideach

N

Iomlán (tCO2eq)

 

 

Sciar ó thionscadail aistrithe (%)

 

 

Sciar ó thionscadail laghdaithe (%)

 

 

Caighdeán cáilíochta aitheanta 1 (%)

 

 

Caighdeán cáilíochta aitheanta 2 (%)

 

 

Caighdeán cáilíochta aitheanta 3 (%)

 

 

 

 

Sciar ó thionscadail laistigh den Aontas (%)

 

 

Sciar de chreidmheasanna carbóin a cháilíonn mar choigeartuithe comhfhreagracha (%)

 

 



Creidmheasanna carbóin a bhfuil sé beartaithe iad a chealú sa todhchaí

Méid go dtí [tréimhse]

Iomlán (tCO2eq)

 

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-8 — Praghsáil inmheánach carbóin

AR 65. Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhíreanna 62 agus 63 á nochtadh aige, más infheidhme, míneoidh an gnóthas go hachomair an bhfuil na praghsanna carbóin a úsáidtear i scéimeanna praghsála carbóin inmheánacha comhsheasmhach leis na cinn a úsáidtear i ráitis airgeadais agus an chaoi a bhfuil siad comhsheasmhach leo sin a úsáidtear i ráitis airgeadais. Déanfar é sin i gcás praghsanna carbóin inmheánacha a úsáidtear le haghaidh na nithe a leanas:

(a) 

measúnú ar shaolré úsáide agus luach iarmharach a shócmhainní (sócmhainní doláimhsithe, réadmhaoin, gléasra agus trealamh);

(b) 

lagú sócmhainní; agus

(c) 

luach cóir sócmhainní arna bhfáil trí éadálacha gnó a thomhas.

AR 66. Féadfar an fhaisnéis a chur i láthair tríd an tábla seo a leanas a úsáid:



Cineálacha praghsanna carbóin inmheánacha

Méid i gceist (tCO2eq)

Praghsanna a chuirtear i bhfeidhm (€/tCO2eq)

Tuairisc ar pheiriméadar

Scáthphraghas CapEx

 

 

 

Scáthphraghas infheistíochta i dTaighde agus Forbairt

 

 

 

Táille nó ciste carbóin inmheánach

 

 

 

Praghsanna carbóin le haghaidh tástáil lagaithe

 

 

 

Etc.

 

 

 

Ceanglas maidir le Nochtadh E1-9 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí fisiceacha ábhartha agus rioscaí aistrithe ábhartha agus deiseanna ionchasacha a bhaineann leis an aeráid

Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí fisiceacha ábhartha agus rioscaí aistrithe ábhartha

AR 67. D’fhéadfadh rioscaí fisiceacha ábhartha a bhaineann leis an aeráid agus rioscaí aistrithe difear a dhéanamh do staid airgeadais an ghnóthais (e.g., sócmhainní faoi úinéireacht, sócmhainní faoi rialú airgeadais, agus dliteanais), feidhmíocht (e.g., méadú/laghdú a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ar ghlanioncam agus costais i ngeall ar bhriseadh gnó, praghsanna soláthair méadaithe a bhféadfadh creimeadh corrlaigh a bheith mar thoradh orthu), agus sreafaí airgid. Fágann dóchúlacht íseal, déine ard agus tréimhsí ama fadtéarmacha roinnt neamhchosaintí fisiceacha ar riosca a bhaineann leis an aeráid agus de bharr na héiginnteachta a eascraíonn as an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe go mbeidh éifeachtaí airgeadais ábhartha réamh-mheasta bainteacha atá lasmuigh de raon feidhme cheanglais na gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme.

AR 68. Faoi láthair, níl aon mhodheolaíocht ann a nglactar go coitianta léi chun measúnú nó tomhas a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh rioscaí fisiceacha ábhartha agus rioscaí aistrithe difear a dhéanamh do staid airgeadais, do shreafaí airgeadais, feidhmíochta agus airgid an ghnóthais amach anseo. Dá bhrí sin, beidh nochtadh na n-éifeachtaí airgeadais (mar a cheanglaítear le mír 64, le mír 66 agus le mír 67) ag brath ar mhodheolaíocht inmheánach an ghnóthais agus ar fheidhmiú breithiúnais shuntasaigh agus na hionchuir á gcinneadh, agus ar thoimhdí is gá chun na héifeachtaí airgeadais a bhfuiltear ag súil leo a chainníochtú.

Treoir maidir le ríomh — Éifeachtaí airgeadais réamh-mheasta ó rioscaí fisiceacha ábhartha

AR 69. Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhíreanna 64 (a) agus 66 á nochtadh aige, míneoidh an gnóthas an méid seo a leanas agus conas:

(a) 

rinneadh measúnú ann ar na héifeachtaí airgeadais a bhfuiltear ag súil leo ar shócmhainní agus ar ghníomhaíochtaí gnó lena mbaineann riosca fisiciúil ábhartha, lena n-áirítear raon feidhme an chur i bhfeidhm, tréimhsí ama, modheolaíocht ríofa, toimhdí criticiúla agus paraiméadair chriticiúla agus teorainneacha an mheasúnaithe; agus

(b) 

braitheann an measúnú ar shócmhainní agus ar ghníomhaíochtaí gnó a mheastar a bheith faoi riosca fisiceach ábhartha ar an bpróiseas nó is cuid den phróiseas é chun riosca fisiceach ábhartha a chinneadh mar a cheanglaítear faoi mhíreanna 20 (b) agus AR 11 agus chun cásanna aeráide a chinneadh mar a cheanglaítear faoi mhíreanna 19 agus AR 13 go AR 14. Go háirithe, míneoidh sé an dóigh a ndearna sé tréimhsí ama gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha a shainiú agus an bealach a bhfuil na sainithe sin nasctha le saolré ionchasach shócmhainní an ghnóthais, a thréimhsí ama i ndáil leis an bpleanáil straitéiseach agus pleananna um leithdháileadh caipitil.

AR 70. Agus an fhaisnéis faoi shócmhainní ar riosca fisiciúil ábhartha á hullmhú aige, ar faisnéis í a cheanglaítear a nochtadh faoi mhír 66 (a), déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:

(a) 

Ríomhfaidh sé na sócmhainní faoi risoca fisiceach ábhartha i dtéarmaí méid airgeadaíochta agus mar chion (céatadán) d’iomlán na sócmhainní ar an dáta tuairiscithe (i.e., is éard atá sa chion meastachán ar luach na sócmhainní de réir na leabhar faoi riosca fisiceach ábhartha arna roinnt ar an luach iomlán de réir na leabhar mar a luaitear sa ráiteas maidir le riocht airgeadais nó sa chlár comhardaithe). Díorthófar an meastachán de shócmhainní lena mbaineann riosca fisiceach ábhartha ó thús na sócmhainní a aithnítear sna ráitis airgeadais. Féadfar an meastachán de mhéideanna airgeadaíochta agus an sciar de shócmhainní lena ngabhann riosca ábhartha fisiceach a chur i láthair mar mhéid amháin nó raon méideanna.

(b) 

Cuirfear na cineálacha uile sócmhainní san áireamh, lena n-áirítear sócmhainní léasa airgeadais / sócmhainní ceart úsáide nuair a chinnfear na sócmhainní lena ngabhann riosca fisiceach ábhartha.

(c) 

Chun comhthéacs a thabhairt don fhaisnéis sin, déanfaidh an gnóthas an méid a leanas:

i. 

nochtfaidh sé suíomh a shócmhainní suntasacha lena ngabhann riosca fisiceach ábhartha. Déanfar sócmhainní móra atá lonnaithe ( 52 ) i gcríoch an Aontais a chomhiomlánú le cóid NUTS leibhéal 3 dhigit (Aicmiú Comhchoiteann na n-Aonad Críche maidir le Staidreamh). I gcás sócmhainní suntasacha atá suite lasmuigh de chríoch an Aontais, ní sholáthrófar an miondealú de réir chód NUTS ach amháin i gcás inarb infheidhme.

ii. 

méideanna airgeadaíochta na sócmhainní atá i mbaol a dhí-chomhiomlánú trí ghéarriosca fisiceach agus trí riosca ainsealach fisiseach ( 53 ).

(d) 

an sciar de na sócmhainní faoi phriacal fisiceach ábhartha a eascraíonn as mír 66 (a) a ríomh, ar sócmhainní iad a dtugtar aghaidh air leis na gníomhaíochtaí oiriúnaithe don athrú aeráide bunaithe ar an bhfaisnéis a nochtar faoi Cheanglas maidir le Nochtadh E1-3. Is é is aidhm dó sin glanrioscaí a neasú.

AR 71. Le linn don ghnóthas an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 64 (a) agus 66 (d) a ullmhú, féadfaidh sé an sciar den ghlanioncam ó ghníomhaíochtaí gnó atá i mbaol fisiciúil a mheasúnú agus a nochtadh. Maidir leis an nochtadh sin:

(a) 

beidh sé bunaithe ar an nglanioncam i gcomhréir leis na ceanglais sna caighdeáin chuntasaíochta a chuirtear i bhfeidhm i gcás ráiteas airgeadais, i.e., IFRS 15 nó GAAP áitiúil.

(b) 

féadfar miondealú ar ghníomhaíochtaí gnó an ghnóthais a áireamh leis na sonraí comhfhreagracha maidir leis an gcéatadán gaolmhar den ghlanioncam iomlán, na fachtóirí riosca (guaiseacha, neamhchosaint agus íogaireacht) agus, más féidir, méid na n-éifeachtaí airgeadais a bhfuiltear ag súil leo i dtéarmaí creimeadh corrlaigh thar na tréimhsí ama gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha. Chomh maith leis sin, féadfaidh cineál na ngníomhaíochtaí gnó a imdhealú de réir deighleoga oibriúcháin má tá ranníocaíocht corrlach de réir deighleoga oibriúcháin nochta ag an ngnóthas ina thuairisciú teascán sna ráitis airgeadais.

Treoraíocht maidir le ríomh — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó riosca aistrithe

AR 72. Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhíreanna 64 (b) agus 67 (a) á nochtadh aige, míneoidh an gnóthas an méid seo a leanas agus conas:

(a) 

cé acu agus conas a rinne nó nach ndearna sé measúnú ar na héifeachtaí féideartha ar an bhfeidhmíocht agus an staid airgeadais sa todhchaí i ndáil le sócmhainní agus gníomhaíochtaí lena ngabhann riosca aistrithe ábhartha, lena n-áirítear raon feidhme an chur chun feidhme, modheolaíocht ríofa, toimhdí criticiúla agus imlínte agus teorainneacha an mheasúnúcháin; agus

(b) 

►C1  an measúnú ar shócmhainní agus ar ghníomhaíochtaí gnó a mheastar a bheith ag riosca aistrithe ábhartha braitheann sé ar an bpróiseas nó tá sé mar cuid den phróiseas chun rioscaí aistrithe ábhartha a chinneadh mar a thuairiscítear faoi mhíreanna 20 (c) agus AR 12 agus chun cásanna a chinneadh mar a cheanglaítear faoi mhíreanna AR 12 go AR 15. ◄ Go háirithe, míneoidh sé an dóigh a ndearna sé tréimhsí ama gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha a shainiú agus an bealach a bhfuil na sainithe sin nasctha le saolré ionchasach shócmhainní an ghnóthais, a thréimhsí ama i ndáil leis an bpleanáil straitéiseach agus pleananna um leithdháileadh caipitil.

AR 73. Agus an fhaisnéis faoi shócmhainní faoi riosca trasdula ábhartha á nochtadh mar a cheanglaítear faoi mhíreanna 67 (a) agus (b):

(a) 

áireoidh an gnóthas meastachán ar an méid sócmhainní tréigthe féideartha (i méideanna airgeadaíochta agus mar sciar/céatadán) ón mbliain tuairiscithe go dtí 2030 agus idir 2030 agus 2050 ar a laghad. Tuigtear gurb é atá i sócmhainní tréigthe príomhshócmhainní gníomhacha nó atá pleanáilte go daingean de chuid an ghnóthais ag a bhfuil astaíochtaí GCT gaibhnithe suntasacha le linn a saolré oibriúcháin. Is iad na príomhshócmhainní atá pleanáilte go daingean na sócmhainní ar dóchúla go n-úsáidfidh an gnóthas iad sna 5 bliana amach romhainn. Féadfar an méid a shloinneadh mar raon luachanna sócmhainní bunaithe ar chásanna éagsúla aeráide agus beartais, lena n-áirítear cás atá ailínithe le hathrú aeráide a theorannú go 1.5 °C.

(b) 

nochtfaidh an gnóthas miondealú ar luach glanluacha a shócmhainní eastáit réadaigh, lena n-áirítear sócmhainní cearta úsáide, de réir aicmí éifeachtúlachta fuinnimh. Déanfar an éifeachtúlacht fuinnimh a léiriú i dtéarmaí raonta an ídithe fuinnimh in kWh/m2 nó aicme lipéid EPC (Deimhniú Feidhmíochta Fuinnimh) ( 54 ) ( 55 ). Mura féidir leis an ngnóthas an fhaisnéis sin a fháil ar bhonn iarrachta is fearr, nochtfaidh sé suim ghlanluacha iomlán na sócmhainní eastáit réadaigh a bhfuil an tomhaltas fuinnimh bunaithe ina leith ar mheastacháin inmheánacha.

(c) 

ríomhfaidh an gnóthas cion (céatadán) na sócmhainní iomlána (lena n-áirítear léas airgeadais/sócmhainní ceart úsáide) ag riosca aistrithe ábhartha a dtugtar aghaidh air leis na gníomhaíochtaí um maolú ar an athrú aeráide bunaithe ar an bhfaisnéis a nochtar faoi Cheanglas maidir le Nochtadh E1-3. Is é méid iomlán na sócmhainní an tsuim ghlanluacha ar an gclár comhardaithe ar an dáta tuairiscithe.

AR 74. Agus an fhaisnéis faoi dhliteanais ionchasacha ó rioscaí aistrithe ábhartha a cheanglaítear faoi mhír 67(d) á nochtadh:

(a) 

gnóthais a oibríonn suiteálacha a rialaítear faoi scéim trádála astaíochtaí, féadfaidh siad raon dliteanas a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo de thionscnamh na scéimeanna sin a áireamh;

(b) 

féadfaidh gnóthais, atá faoi réir CTA AE, na dliteanais fhéideartha sa todhchaí a bhaineann lena bpleananna leithdháilte don tréimhse roimh 2030 agus go dtí 2030 a nochtadh. Féadfaidh an dliteanas féideartha a mheas:

i. 

ar bhonn an lín liúntas i seilbh an ghnóthais ag tús na tréimhse tuairiscithe;

ii. 

ar bhonn an lín liúntas atá le ceannach sa mhargadh go bliantúil, i.e., roimh 2030 agus go dtí 2030;

iii. 

an bhearna idir astaíochtaí measta sa todhchaí faoi chásanna aistrithe éagsúla agus leithdháiltí saor in aisce lamháltas is eol don tréimhse go dtí 2030, agus

iv. 

an costas bliantúil measta in aghaidh an tona CO2 ar gá liúntas a cheannach ina leith;

(c) 

Agus measúnú á dhéanamh aige ar a dhliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, féadfaidh an gnóthas líon na lamháltas astaíochtaí GCT faoi raon 1 laistigh de scéimeanna trádála astaíochtaí rialáilte agus líon carnach na lamháltas astaíochtaí a stóráiltear (ó lamháltais roimhe sin) ag tús na tréimhse tuairiscithe a mheas agus a nochtadh;

(d) 

gnóthais a nochtann méideanna na gcreidmheasanna carbóin a bhfuil sé beartaithe iad a chealú go luath amach anseo (Ceanglas Nochta E1-7) féadfaidh siad na dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a nochtadh a bhaineann leo siúd atá bunaithe ar chomhaontuithe conarthacha atá ann cheana;

(e) 

féadfaidh an gnóthas a oll-astaíochtaí GCT Scóip 1, 2 agus iomlána (in aonaid airgeadaíochta) a áireamh freisin, arna ríomh mar seo a leanas:

i. 

astaíochtaí GCT Scóip 1 agus 2, a bhfuil luach airgid curtha orthu, sa bhliain tuairiscithe de réir na foirmle a leanas:

(a) 

image

ii. 

astaíochtaí GCT iomlána, a bhfuil luach airgid curtha orthu, sa bhliain tuairiscithe de réir na foirmle a leanas:

(b) 

image

iii. 

trí ráta íseal, meánchostais agus ardchostais a úsáid ( 56 ) d’astaíochtaí gás ceaptha teasa (e.g. praghas carbóin an mhargaidh agus meastacháin éagsúla do chostais shochaíocha carbóin) agus na cúiseanna lena roghnú.

AR 75. Féadfar cineálacha cur chuige agus modheolaíochtaí eile a chur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh rioscaí aistrithe difear a dhéanamh do staid airgeadais an ghnóthais amach anseo. In aon chás, áireofar le nochtadh na n-éifeachtaí airgeadais a bhfuiltear ag súil leo tuairisc ar na modheolaíochtaí agus na sainmhínithe arna n-úsáid ag an ngnóthas.

AR 76. Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 67 (e) á hullmhú aige, féadfaidh an gnóthas measúnú agus nochtadh a dhéanamh ar sciar an ghlanioncaim ó ghníomhaíochtaí gnó atá faoi riosca aistrithe. Maidir leis an nochtadh sin:

(a) 

beidh sé bunaithe ar an nglanioncam i gcomhréir leis na ceanglais sna caighdeáin chuntasaíochta a chuirtear i bhfeidhm i gcás ráiteas airgeadais, i.e., IFRS 15 nó GAAP áitiúil.

(b) 

féadfar miondealú ar ghníomhaíochtaí gnó an ghnóthais a áireamh leis na sonraí comhfhreagracha maidir leis an gcéatadán gaolmhar den ghlanioncam reatha, fachtóirí riosca (imeachtaí agus neamhchosaint), agus nuair is féidir, na héifeachtaí airgeadais a bhfuiltear ag súil leo a bhaineann le creimeadh corrlaigh thar an gcreimeadh corrlaigh sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Chomh maith leis sin, féadfar cineál na ngníomhaíochtaí gnó a dhí-chomhiomlánú de réir deighleoga oibriúcháin má tá ranníocaíocht corrlach de réir deighleoga oibriúcháin nochta ag an ngnóthas ina thuairisciú teascán sna ráitis airgeadais.

Nascacht le faisnéis tuairiscithe airgeadais

AR 77. Féadfaidh an gnóthas réiteach an mhéid shuntasaigh sócmhainní, dliteanas agus glanioncaim (atá leochaileach do rioscaí fisiceacha ábhartha nó do rioscaí aistrithe) chuig an ítim líne ábhartha nó nochtadh (e.g. tuairisciú deighleoige) sna ráitis airgeadais (mar a cheanglaítear le mír 68) a thíolacadh mar seo a leanas:

(a) 

le crostagairt don mhír líne ghaolmhar nó nochtadh gaolmhar sna ráitis airgeadais más féidir na méideanna sin a shainaithint sna ráitis airgeadais; nó

(b) 

Mar réiteach cainníochtúil leis an mír líne nó nochtadh sa ráiteas airgeadais ag úsáid na formáide tábla thíos murar féidir crostagairt dhíreach a dhéanamh dóibh seo:



Suim ghlanluacha sócmhainní nó dliteanas nó glanioncaim atá leochaileach do rioscaí fisiceacha ábhartha nó rioscaí aistrithe ábhartha

 

Míreanna coigeartúcháin

 

Sócmhainní nó dliteanais nó glanioncam sna ráitis airgeadais

 

AR 78. Áiritheoidh an gnóthas comhsheasmhacht na sonraí agus na dtoimhdí chun measúnú agus tuairisciú a dhéanamh ar na héifeachtaí airgeadais a bhfuiltear ag súil leo ó rioscaí fisiceacha ábhartha agus rioscaí aistrithe sa ráiteas inbhuanaitheachta leis na sonraí agus na toimhdí comhfhreagracha a úsáidtear le haghaidh na ráiteas airgeadais (e.g., praghsanna carbóin a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar bhearnú sócmhainní, saolré úsáideach sócmhainní, meastacháin agus forálacha). Míneoidh an gnóthas na cúiseanna a bhaineann le haon neamhréir (e.g., i gcás ina mbíonn impleachtaí airgeadais iomlána rioscaí a bhaineann leis an aeráid á measúnú fós nó i gcás nach meastar iad a bheith ábhartha sna ráitis airgeadais).

AR 79. Maidir le héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ar dhliteanais (mar a cheanglaítear le mír 67 (d)), más infheidhme, déanfaidh an gnóthas crostagairt don tuairisc ar na scéimeanna trádála astaíochtaí sna ráitis airgeadais.

Deiseanna a bhaineann leis an aeráid

AR 80. Agus an fhaisnéis faoi mhír 69 (a) á nochtadh aige, míneoidh an gnóthas cineál an choigiltis ar chostais (e.g., ó thomhaltas fuinnimh laghdaithe), na tréimhsí ama agus an mhodheolaíocht a úsáideadh, lena n-áirítear raon feidhme an mheasúnaithe, toimhdí criticiúla, agus teorainneacha, agus cibé acu ar cuireadh anailís ar chásanna i bhfeidhm nó nár cuireadh.

AR 81. Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 69 (b) á nochtadh aige, míneoidh an gnóthas conas a rinne sé measúnú ar mhéid an mhargaidh nó ar aon athruithe a bhfuiltear ag súil leo ar ghlanioncam ó tháirgí agus seirbhísí ísealcharbóin nó réitigh oiriúnaithe lena n-áirítear raon feidhme an mheasúnaithe, an tréimhse ama, na toimhdí criticiúla, agus na teorainneacha agus a mhéid atá an margadh sin inrochtana don ghnóthas. Féadfar an fhaisnéis maidir le méid an mhargaidh a chur i bpeirspictíocht i ndáil leis an ioncam atá ann faoi láthair atá ailínithe le tacsanomaíocht a nochtar faoi fhorálacha Rialachán (AE) 2020/852. Féadfaidh an t-eintiteas míniú a thabhairt freisin ar an gcaoi a saothróidh sé a dheiseanna a bhaineann leis an aeráid agus, i gcás inar féidir, ba cheart é sin a nascadh leis na nochtuithe maidir le beartais, spriocanna agus gníomhaíochtaí faoi Cheanglais maidir le Nochtadh E1-2, E1-3 agus E1-4.

ESRS E2

TRUAILLIÚ

CLÁR ÁBHAR

Cuspóir

Idirghníomhaíocht le ESRS eile

Ceanglais maidir le Nochtadh

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le truailliú a shainaithint agus a mheasúnú

Ceanglas maidir le Nochtadh E2-1 — Beartais a bhaineann leis an truailliú

Ceanglas maidir le Nochtadh E2-2 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní a bhaineann le truailliú

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh E2-3 — Spriocanna a bhaineann leis an truailliú

Ceanglas maidir le Nochtadh E2-4 — Truailliú aeir, uisce agus ithreach

Ceanglas maidir le Nochtadh E2-5 — Substaintí ar díol imní iad agus substaintí ar díol mór imní iad

Ceanglas maidir le Nochtadh E2-6 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó thionchair, rioscaí agus deiseanna a bhaineann le truailliú

Foscríbhinn A:

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh E2-1 — Beartais a bhaineann leis an truailliú

Ceanglas maidir le Nochtadh E2-2 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní a bhaineann le truailliú

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh E2-3 — Spriocanna a bhaineann leis an truailliú

Ceanglas maidir le Nochtadh E2-4 — Truailliú aeir, uisce agus ithreach

Ceanglas maidir le Nochtadh E2-5 — Substaintí ar díol imní iad agus substaintí ar díol mór imní iad

►C1  Ceanglas maidir le Nochtadh E2-6 – Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna a bhaineann le truailliú ◄

Cuspóir

1. Is é cuspóir an Chaighdeáin seo na Ceanglais maidir le Nochtadh a shonrú a chuirfidh ar a gcumas d’úsáideoirí an ráitis inbhuanaitheachta na nithe seo a leanas a thuiscint:

(a) 

an tionchar a bhíonn ag an ngnóthas ar thruailliú aeir, uisce agus ithreach, i dtéarmaí tionchair ábhartha dhearfacha agus dhiúltacha iarbhír nó fhéideartha;

(b) 

aon ghníomhaíochtaí a rinneadh, agus toradh na ngníomhaíochtaí sin, chun tionchair dhiúltacha iarbhír nó fhéideartha a chosc nó a mhaolú, agus chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí agus deiseanna;

(c) 

pleananna agus cumas an ghnóthais a straitéis agus a shamhail ghnó a oiriúnú i gcomhréir leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe agus leis an ngá atá ann truailliú a chosc, a rialú agus a dhíothú. Is é is aidhm dó sin timpeallacht atá saor ó thocsainí a chruthú le truailliú nialasach freisin chun tacú le Plean Gníomhaíochta an Aontais “I dtreo Truailliú Nialasach le haghaidh Aer, Uisce agus Ithreach”;

(d) 

nádúr, cineál agus méid na rioscaí agus na ndeiseanna ábhartha atá ag an ngnóthas a bhaineann le tionchair agus spleáchais truaillithe an ghnóthais, chomh maith le truailliú a chosc, a rialú, a dhíothú nó a laghdú, lena n-áirítear nuair is toradh é sin ar chur i bhfeidhm rialachán, agus conas a bhainistíonn an gnóthas é sin; agus

(e) 

na héifeachtaí airgeadais ar an ngnóthas thar na rioscaí agus na deiseanna ábhartha sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma a eascraíonn as tionchair agus spleáchais an ghnóthais a bhaineann le truailliú.

2. Leagtar amach sa Chaighdeán seo na Ceanglais maidir le Nochtadh a bhaineann leis na hábhair inbhuanaitheachta seo a leanas: truailliú aeir, uisce, ithreach, substaintí ar údar imní iad, lena n-áirítear substaintí arb údar mór imní iad.

3. Tagraíonn “truailliú aeir” d’astaíochtaí an ghnóthais san aer (laistigh agus lasmuigh araon), agus d’astaíochtaí den sórt sin a chosc, a rialú agus a laghdú.

4. Tagraíonn “truailliú uisce” d’astaíochtaí an ghnóthais san uisce, agus d’astaíochtaí den sórt sin a chosc, a rialú agus a laghdú.

5. Tagraíonn “truailliú ithreach” d’astaíochtaí an ghnóthais san ithir agus d’astaíochtaí den sórt sin a chosc, a rialú agus a laghdú.

6. Maidir le “substaintí ar údar imní iad”, cumhdaítear leis an gcaighdeán seo táirgeadh, úsáid agus/nó dáileadh agus tráchtálú substaintí ar údar imní iad ag an ngnóthas, lena n-áirítear substaintí arb údar mór imní iad. Is é is aidhm do cheanglais maidir le substaintí ar údar imní iad tuiscint a thabhairt d’úsáideoirí ar thionchair iarbhír nó ar thionchair fhéideartha a bhaineann le substaintí den sórt sin, agus srianta a d’fhéadfadh a bheith ar a n-úsáid agus/nó ar a ndáileadh agus ar thráchtálú á gcur san áireamh freisin.

Idirghníomhaíocht le ESRS eile

7. Tá dlúthnasc idir topaic an truaillithe agus fothopaicí comhshaoil eile amhail an t-athrú aeráide, uisce agus acmhainní muirí, an bhithéagsúlacht agus an geilleagar ciorclach. Dá bhrí sin, chun forbhreathnú cuimsitheach a sholáthar ar an méid a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar do thruailliú, cumhdaítear na Ceanglais maidir le Nochtadh ábhartha i gCaighdeáin chomhshaoil eile mar seo a leanas:

(a) 

ESRS E1 Athrú aeráide lena dtugtar aghaidh ar na seacht ngás ceaptha teasa seo a leanas atá nasctha le truailliú aeir: Dé-ocsaíd charbóin (CO2), meatán (CH4), ocsaíd nítriúil (N2O), hidreafluaracarbóin (HFCanna), sárfhluaracarbóin (PFCanna), heicseafluairíd sulfair (SF6) agus trífhluairíd nítrigine (NF3).

(b) 

ESRS E3 Uisce agus acmhainní muirí lena dtugtar aghaidh ar thomhaltas uisce, go háirithe i limistéir atá i mbaol uisce, athchúrsáil agus stóráil uisce. Áirítear leis sin freisin bainistiú freagrach acmhainní muirí, lena n-áirítear cineál agus cainníocht na dtráchtearraí a bhaineann le hacmhainní muirí (amhail uaigheanna, mianraí domhainfharraige, bia mara) a úsáideann an gnóthas. Cumhdaítear leis an gCaighdeán seo na tionchair dhiúltacha, i dtéarmaí truailliú uisce agus acmhainní muirí, lena n-áirítear micreaphlaistigh, arna nginiúint ag gníomhaíochtaí den sórt sin.

(c) 

ESRS E4 Bithéagsúlacht agus éiceachórais a thugann aghaidh ar éiceachórais agus ar speicis. Tugtar aghaidh leis an gCaighdeán seo ar thruailliú mar spreagthóir díreach chailliúint na bithéagsúlachta.

(d) 

ESRS E5 Úsáid acmhainní agus geilleagar ciorclach lena dtugtar aghaidh, go háirithe, ar an aistriú ó acmhainní neamh-inathnuaite a eastóscadh agus ó chur chun feidhme cleachtas lena gcuirtear cosc ar ghiniúint dramhaíola, lena n-áirítear truailliú a ghintear le dramhaíl.

8. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag iarmhairtí truaillithe an ghnóthais ar dhaoine agus ar phobail. Cumhdaítear tionchair dhiúltacha ábhartha ar phobail a ndéantar difear dóibh ó thionchair a bhaineann le truailliú atá inchurtha i leith an ghnóthais i bpobail a bhfuil éifeacht acu ar ESRS S3.

9. Ba cheart an Caighdeán sin a léamh i gcomhar le ESRS 1 Ceanglais ghinearálta agus ESRS 2 Nochtaí Ginearálta.

Ceanglais maidir le Nochtadh

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

10. Ba cheart ceanglais na roinne seo a léamh i gcomhar leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2 caibidil 4 Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna agus ba cheart iad a thuairisciú ina dteannta.

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le truailliú a shainaithint agus a mheasúnú

11. Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an bpróiseas chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus soláthróidh sé faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

cibé acu a rinne nó nach ndearna an gnóthas scagadh ar a shuíomhanna agus ar a ghníomhaíochtaí gnó chun a thionchair, rioscaí agus deiseanna iarbhír agus ionchasacha a bhaineann le truailliú a shainaithint ina oibríochtaí féin agus ina shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, agus más amhlaidh atá, na modheolaíochtaí, na toimhdí agus na huirlisí a úsáideadh sa scagadh;

(b) 

an ndearna an gnóthas comhairliúcháin, go háirithe leis na pobail a ndearnadh difear dóibh, agus conas a rinne sé amhlaidh.

Ceanglas maidir le Nochtadh E2-1 — Beartais a bhaineann leis an truailliú

12. Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar a bheartais arna nglacadh chun bainistiú a dhéanamh ar a thionchair, a rioscaí agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann le cosc agus rialú ar thruailliú.

13. Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar a mhéid atá beartais ag an ngnóthas a thugann aghaidh ar shainaithint, ar mheasúnú, ar bhainistiú agus/nó ar leasú na dtionchar, na rioscaí agus na ndeiseanna a bhaineann le truailliú ábhartha.

14. Beidh sa nochtadh a cheanglaítear le mír 12 an fhaisnéis faoi na beartais atá i bhfeidhm ag an ngnóthas chun a thionchair ábhartha, a rioscaí agus a dheiseanna a bhaineann le truailliú a bhainistiú i gcomhréir le Beartais MDR-P ESRS 2 arna nglacadh chun ábhair inbhuanaitheachta ábhair a bhainistiú.

15. Léireoidh an gnóthas, maidir lena oibríochtaí féin agus maidir lena shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtacha, cibé acu a théann nó nach dtugann a bheartais aghaidh ar na réimsí seo a leanas ina bhfuil ábhar agus conas a théann siad i ngleic leo:

(a) 

tionchair dhiúltacha a bhaineann le truailliú aeir, uisce agus ithreach a mhaolú, lena n-áirítear cosc agus rialú;

(b) 

substaintí ar údar imní iad a ionadú agus a íoslaghdú, agus deireadh a chur de réir a chéile le substaintí arb údar mór imní iad, go háirithe i gcás úsáid neamhriachtanach na sochaí agus i dtáirgí tomhaltais; agus

(c) 

teagmhais agus cásanna éigeandála a sheachaint, agus má tharlaíonn agus nuair a tharlaíonn siad, a dtionchar ar dhaoine agus ar an gcomhshaol a rialú agus a theorannú.

Ceanglas maidir le Nochtadh E2-2 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní a bhaineann le truailliú

16. Nochtfaidh an gnóthas na gníomhaíochtaí a dhéanann sé a bhaineann leis an truailliú agus na hacmhainní a leithdháiltear ar a gcur chun feidhme.

17. Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar na príomhghníomhaíochtaí a rinneadh agus atá beartaithe chun na cuspóirí agus na spriocanna beartais a bhaineann le truailliú a bhaint amach.

18. Beidh an fhaisnéis a fhorordaítear in ESRS 2 MDR-A Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta ábhartha sa tuairisc ar na pleananna gníomhaíochta agus na hacmhainní a bhaineann le truailliú.

19. I dteannta ESRS 2 MDR-A, féadfaidh an gnóthas a shonrú cén tsraith san ordlathas maolaithe seo a leanas ar féidir gníomhaíocht agus acmhainní a leithdháileadh air:

(a) 

truailliú a sheachaint, lena n-áirítear aon ábhar nó comhdhúile a bhfuil tionchar diúltach acu a chéimniú amach (truailliú ag an bhfoinse a chosc);

(b) 

truailliú a laghdú, lena n-áirítear: aon chéimniú amach ábhar nó comhdhúl; ceanglais forfheidhmithe a chomhlíonadh amhail ceanglais maidir leis na Teicnící is Fearr atá ar Fáil (BAT); nó na critéir ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ maidir le cosc agus rialú ar thruailliú a chomhlíonadh de réir Rialachán an Aontais maidir le Tacsanomaíocht agus a Ghníomhartha Tarmligthe (truailliú a íoslaghdú); agus

(c) 

éiceachórais inar tharla truailliú a athbhunú, a athghiniúint agus a chlaochlú (na tionchair a rialú ó ghníomhaíochtaí agus ó theagmhais rialta araon).

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh E2-3 — Spriocanna a bhaineann leis an truailliú

20. Nochtfaidh an gnóthas na spriocanna a bhaineann le truailliú atá leagtha síos aige.

21. Is é cuspóir an Riachtanais Nochta seo tuiscint a chumasú ar na spriocanna atá leagtha síos ag an ngnóthas chun tacú lena bheartais a bhaineann le truailliú agus chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair, na rioscaí agus na deiseanna a bhaineann le truailliú ábhartha.

22. Beidh na ceanglais faisnéise a shainítear in ESRS 2 MDR-T Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna sa tuairisc ar spriocanna.

23. Léireofar sa nochtadh a cheanglaítear le mír 20 cibé acu a bhaineann nó nach mbaineann a spriocanna le cosc agus rialú na nithe seo a leanas agus conas a bhaineann siad leis na nithe seo a leanas a chosc agus a rialú:

(a) 

truailleáin aeir agus ualaí sonracha faoi seach;

(b) 

astaíochtaí chuig uisce agus ualaí sonracha faoi seach;

(c) 

truailliú d’ithir agus ualaí sonracha faoi seach; agus

(d) 

substaintí ar údar imní iad agus substaintí ar údar mór imní iad.

24. Chomh maith le ESRS 2 MDR-T, féadfaidh an gnóthas a shonrú ar cuireadh tairseacha éiceolaíocha (e.g., sláine an bhithsféir, ídiú ózóin strataisféarach, luchtú aerasóil atmaisféaraigh, ídiú ithreach, aigéadú aigéin) agus leithdháiltí eintiteasshonracha san áireamh agus spriocanna á socrú. Má tá, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

na tairseacha éiceolaíocha a sainaithníodh, agus an mhodheolaíocht a úsáideadh chun na tairseacha sin a shainaithint;

(b) 

cé acu atá nó nach bhfuil na tairseacha eintiteas-sonrach agus má tá, conas a cinneadh iad; agus

(c) 

an dóigh a leithdháiltear sa ghnóthas an fhreagracht as tairseacha éiceolaíocha sainaitheanta a urramú.

25. Sonróidh an gnóthas mar chuid den fhaisnéis chomhthéacsúil cé acu atá nó nach bhfuil na spriocanna atá leagtha síos agus curtha i láthair aige sainordaitheach (a cheanglaítear leis an reachtaíocht) nó deonach.

Ceanglas maidir le Nochtadh E2-4 — Truailliú aeir, uisce agus ithreach

26.  Nochtfaidh an gnóthas na truailleáin a astaíonn sé trína oibríochtaí féin, chomh maith leis na micreaphlaistigh a ghineann sé nó a úsáideann sé.

27. Is é cuspóir an cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar na hastaíochtaí a ghineann an gnóthas san aer, san uisce agus san ithir ina oibríochtaí féin, agus ar ghiniúint agus úsáid micreaphlaisteach.

28. Nochtfaidh an gnóthas méideanna na nithe seo a leanas:

(a) 

gach truailleán a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 57 ) (Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán “Rialachán E-PRTR”) a astaítear san aer, san uisce agus san ithir, cé is moite d’astaíochtaí GCT a nochtar i gcomhréir le ESRS E1 Athrú Aeráide ( 58 );

(b) 

micreaphlaistigh arna nginiúint nó arna n-úsáid ag an ngnóthas.

29. Is éard a bheidh sna méideanna dá dtagraítear i mír 28 méideanna comhdhlúite lena n-áirítear na hastaíochtaí ó na saoráidí sin a bhfuil rialú airgeadais ag an ngnóthas orthu agus na hastaíochtaí a bhfuil rialú oibríochtúil aige orthu. Ní áireofar sa chomhdhlúthú ach na hastaíochtaí ó shaoráidí a bhfuil an luach tairsí is infheidhme a shonraítear in Iarscríbhinn II de Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 sáraithe ina leith.

30. Tabharfaidh an gnóthas comhthéacs maidir lena nochtadh agus tabharfaidh sé tuairisc ar an méid a leanas:

(a) 

na hathruithe le himeacht ama,

(b) 

na modheolaíochtaí tomhais; agus

(c) 

an próiseas/na próisis chun sonraí a bhailiú le haghaidh cuntasaíocht agus tuairisciú a bhaineann le truailliú, lena n-áirítear na cineálacha sonraí is gá agus na foinsí faisnéise.

31. Nuair a roghnaítear modheolaíocht níos ísle i gcomparáid le tomhas díreach astaíochtaí chun astaíochtaí a chainníochtú, leagfaidh an gnóthas amach na cúiseanna leis an modheolaíocht níos ísle sin a roghnú. Má bhaineann an gnóthas úsáid as meastacháin, nochtfaidh sé an caighdeán, an staidéar earnálach nó na foinsí is bunús do na meastacháin, chomh maith le leibhéal féideartha éiginnteachta agus an raon meastachán lena léirítear an éiginnteacht tomhais.

Ceanglas maidir le Nochtadh E2-5 — Substaintí ar díol imní iad agus substaintí ar díol mór imní iad

32.  Nochtfaidh an gnóthas faisnéis maidir le táirgeadh, úsáid, dáileadh, tráchtálú agus allmhairiú/onnmhairiú substaintí ar údar imní iad agus substaintí arb údar mór imní iad, astu féin, i meascáin nó in earraí.

33. Is é cuspóir an Riachtanais Nochta seo tuiscint a chumasú ar thionchar an ghnóthais ar shláinte agus ar an gcomhshaol trí shubstaintí ar údar imní iad agus trí shubstaintí ar údar mór imní iad ina n-aonar. Chomh maith leis sin, beifear in ann tuiscint a fháil ar rioscaí agus deiseanna ábhartha an ghnóthais, lena n-áirítear nochtadh do na substaintí sin agus na rioscaí a eascraíonn as athruithe ar rialacháin.

34. Áireofar sa nochtadh a cheanglaítear le mír 32 méideanna iomlána na substaintí ar údar imní iad a ghintear nó a úsáidtear le linn an táirgthe nó a fhaightear, agus méideanna iomlána na substaintí ar údar imní iad agus a fhágann a shaoráidí mar astaíochtaí, mar tháirgí, nó mar chuid de tháirgí nó de sheirbhísí agus iad roinnte ina bpríomhaicmí guaise substaintí ar údar imní iad.

35. Cuirfidh an gnóthas an fhaisnéis maidir le substaintí ar údar mór imní iad i láthair ar leithligh.

Ceanglas maidir le Nochtadh E2-6 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le truailliú

36.  Nochtfaidh an gnóthas na héifeachtaí airgeadais a mheastar a bheidh ag rioscaí agus deiseanna a bhaineann le truailliú ábhartha.

37. Tá an fhaisnéis a cheanglaítear le mír 36 sa bhreis ar an bhfaisnéis maidir leis na héifeachtaí airgeadais reatha ar shreabha an ghnóthais, ar staid airgeadais, ar fheidhmíocht airgeadais agus ar airgead tirim don tréimhse tuairiscithe a cheanglaítear faoi ESRS 2 SBM-3 mír 48 (d).

38. Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh ná tuiscint a thabhairt ar na nithe seo a leanas:

(a) 

►C1   éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo i ngeall ar rioscaí ábhartha a eascraíonn as tionchair agus spleáchais a bhaineann le truailliú agus an tionchar ábhartha atá ag na rioscaí sin (nó a bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnach go mbeadh tionchar ábhartha acu) ar staid airgeadais, ar fheidhmíocht airgeadais, agus ar shreafaí airgid thirim an ghnóthais, sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma. ◄

(b) 

éifeachtaí airgeadais a bhfuiltear ag súil leo mar gheall ar dheiseanna ábhartha a bhaineann le cosc agus rialú ar thruailliú.

39. Áireofar an méid seo a leanas sa nochtadh:

(a) 

cainníochtú ar na héifeachtaí airgeadais a bhfuiltear ag súil leo i dtéarmaí airgeadaíochta sula ndéanfar gníomhaíochtaí a bhaineann le truailliú a mheas, nó i gcás nach féidir é sin a dhéanamh gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí, faisnéis cháilíochtúil. Maidir le héifeachtaí airgeadais a eascraíonn as deiseanna, ní éilítear cainníochtú más é an toradh a bheadh air nochtadh nach gcomhlíonann saintréithe cáilíochtúla na faisnéise (féach ESRS 1 Foscríbhinn B Saintréithe cáilíochtúla na faisnéise);

(b) 

tuairisc ar na héifeachtaí a breithníodh, na tionchair ghaolmhara agus na tréimhsí ama is dócha a thiocfaidh siad chun cinn; agus

(c) 

na toimhdí criticiúla a úsáidtear chun na héifeachtaí airgeadais a bhfuiltear ag súil leo a chainníochtú, chomh maith le foinsí agus leibhéal éiginnteachta na dtoimhdí sin.

40.  ►C1  Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis a sholáthrófar faoi mhír 39(a): ◄

(a) 

an sciar den ghlanioncam a dhéantar le táirgí agus seirbhísí atá ina substaintí ar údar imní iad nó ina bhfuil substaintí ar údar imní iad, agus an sciar den ghlanioncam a dhéantar le táirgí agus seirbhísí atá nó ina bhfuil substaintí ar údar mór imní iad;

(b) 

an caiteachas oibríochtúil agus caipitiúil arna dtabhú sa tréimhse tuairiscithe i gcomhcheangal le mórtheagmhais agus taiscí;

(c) 

na forálacha maidir le costais a bhaineann le cosaint an chomhshaoil agus le feabhsúchán, e.g., maidir le láithreáin éillithe a athshlánú, láithreáin líonta talún a athshaothrú, éilliú comhshaoil a bhaint ag láithreáin táirgthe nó stórála atá ann cheana agus bearta comhchosúla.

41. Nochtfaidh an gnóthas aon fhaisnéis chomhthéacsúil ábhartha lena n-áirítear tuairisc ar theagmhais ábhartha agus ar fhosuithe lena raibh tionchair dhiúltacha ag truailliú ar an gcomhshaol agus/nó lena bhfuiltear ag súil go mbeidh éifeachtaí diúltacha ag an truailliú ar shreafaí airgid airgeadais, ar staid airgeadais agus ar fheidhmíocht airgeadais an ghnóthais le tréimhsí ama gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha.




Foscríbhinn A

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm

Is dlúthchuid de ESRS E2 í an Fhoscríbhinn seo. Tacaíonn sí le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le nochtadh a leagtar amach sa chaighdeán seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den chaighdeán.

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le truailliú a shainaithint agus a mheasúnú

AR 1. Agus measúnú ábharthachta á dhéanamh ar fhothopaicí comhshaoil, déanfaidh an gnóthas measúnú ar ábharthacht an truaillithe ina oibríochtaí féin agus ina shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, agus féadfaidh sé na ceithre chéim thíos a mheas, ar a dtugtar cur chuige LEAP freisin:

(a) 

Céim 1: an áit ina dtarlaíonn an comhéadan leis an dúlra a aimsiú ina oibríochtaí féin agus ina slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach;

(b) 

Céim 2: meastóireacht a dhéanamh ar na spleáchais agus na tionchair a bhaineann le truailliú;

(c) 

Céim 3: measúnú a dhéanamh ar na rioscaí agus na deiseanna ábhartha; agus

(d) 

Céim 4: torthaí an mheasúnaithe ábharthachta a ullmhú agus a thuairisciú.

AR 2. Freagraíonn an measúnú ábharthachta do ESRS E2 do na chéad trí chéim de chur chuige seo LEAP. Tugann an ceathrú céim aghaidh ar thoradh an phróisis.

AR 3. Sa phróiseas chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na dtionchar, na spleáchas, na rioscaí agus na ndeiseanna, breithneofar na forálacha in ESRS 2 IRO-1 Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú, agus IRO-2 Ceanglais maidir le Nochtadh in ESRS a chumhdaítear le ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais.

AR 4. Áirítear an méid seo a leanas ar na fothopaicí a chumhdaítear leis an measúnú ábharthachta faoi ESRS E2:

(a) 

truailliú aeir, uisce agus ithreach (seachas astaíochtaí agus dramhaíl GCT), micreaphlaistigh, agus substaintí ar údar imní iad;

(b) 

spleáchais ar sheirbhísí éiceachórais a chuidíonn le tionchair a bhaineann le truailliú a mhaolú.

AR 5. I gCéim 1, chun a aimsiú cén áit ina dtarlaíonn an comhéadan leis an dúlra ina oibríochtaí féin agus ina slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a mheas:

(a) 

suíomhanna suíomhanna na sócmhainní díreacha agus na n-oibríochtaí díreacha agus na ngníomhaíochtaí réamhtheachtacha agus iartheachtacha gaolmhara ar fud an tslabhra luacha;

(b) 

na suíomhanna suímh ina dtarlaíonn astaíochtaí uisce, ithreach agus truailleán aeir; agus

(c) 

na hearnálacha nó na haonaid ghnó a bhaineann leis na hastaíochtaí sin nó le táirgeadh, úsáid, dáileadh, tráchtálú agus allmhairiú/onnmhairiú micreaphlaistigh, substaintí ar údar imní iad, agus substaintí ar údar mór imní iad, astu féin, i meascáin nó in earraí.

AR 6. Baineann Céim 2 leis an meastóireacht ar thionchair agus ar spleáchais an ghnóthais ar gach láithreán ábhartha nó ar gach earnáil/aonad gnó, lena n-áirítear trí mheasúnú a dhéanamh ar dhéine agus ar dhóchúlacht na dtionchar ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine.

AR 7. I gCéim 3, chun na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhaineann leis a mheasúnú bunaithe ar thorthaí Chéim 1 agus Chéim 2, féadfaidh an gnóthas:

(a) 

rioscaí agus deiseanna aistrithe ina oibríochtaí féin agus ina shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach a shainaithint de réir na gcatagóirí seo a leanas:

i. 

beartas agus dlíthiúil: e.g., rialáil a thabhairt isteach, neamhchosaint ar smachtbhannaí agus dlíthíocht (e.g. faillí i dtreo éiceachóras), oibleagáidí tuairiscithe feabhsaithe;

ii. 

teicneolaíocht: e.g. táirgí nó seirbhísí ar lú a dtionchar a ionadú, táirgí nó seirbhísí a ionadú, aistriú ó shubstaintí ar údar imní iad;

iii. 

margadh: e.g. soláthar, éileamh agus maoiniú athraitheach, luaineacht nó costais mhéadaithe ar roinnt substaintí; agus

iv. 

clú: e.g. braistintí athraitheacha sa tsochaí, sa chustaiméir nó sa phobal mar thoradh ar ról eagraíochta maidir le truailliú a chosc agus a rialú;

(b) 

rioscaí fisiciúla a shainaithint, e.g., cur isteach go tobann ar rochtain ar uisce glan, ar bháisteach aigéadach, nó ar theagmhais truaillithe eile ar dócha go dtiocfadh truailliú astu nó go raibh truailliú mar thoradh orthu agus go mbeadh tionchar aige sin ar an gcomhshaol agus ar an tsochaí ina dhiaidh sin;

(c) 

deiseanna a shainaithint a bhaineann le cosc agus rialú ar thruailliú, arna n-aicmiú mar seo a leanas:

i. 

éifeachtúlacht acmhainne: cainníochtaí substaintí a úsáidtear a laghdú nó éifeachtúlacht próisis táirgthe a fheabhsú chun tionchair a íoslaghdú;

ii. 

margaí: e.g., gníomhaíochtaí gnó a éagsúlú;

iii. 

maoiniú: e.g. rochtain ar chistí, bannaí nó iasachtaí glasa;

iv. 

athléimneacht: e.g., na substaintí a úsáidtear a éagsúlú agus astaíochtaí a rialú leis an nuálaíocht nó teicneolaíocht; agus

v. 

clú: caidreamh dearfach le páirtithe leasmhara mar thoradh ar sheasamh réamhghníomhach maidir le rioscaí a bhainistiú.

AR 8. Chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht, féadfaidh an gnóthas breithniú a dhéanamh ar Mholadh (AE) 2021/2279 ón gCoimisiún maidir le húsáid modhanna Lorg Comhshaoil chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl.

AR 9. Agus faisnéis á soláthar aige maidir le toradh a mheasúnaithe ábharthachta, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a mheas:

(a) 

liosta de na láithreacha inar saincheist ábhartha é truailliú d’oibríochtaí an ghnóthais féin agus dá shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach; agus

(b) 

liosta de ghníomhaíochtaí gnó a bhaineann le tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhar truaillithe.

Ceanglas maidir le Nochtadh E2-1 — Beartais a bhaineann leis an truailliú

AR 10. Féadfar na beartais a dtugtar tuairisc orthu faoin gCeanglas maidir le Nochtadh seo a chomhtháthú i mbeartais chomhshaoil nó inbhuanaitheachta níos leithne lena gcumhdaítear fothopaicí éagsúla.

AR 11. Áireofar sa tuairisc ar na beartais faisnéis faoin truailleán/faoi na truailleáin nó faoi na substaintí a chumhdaítear.

AR 12.  ►C1  Agus faisnéis á nochtadh faoi mhír 12, féadfaidh an gnóthas faisnéis chomhthéacsúil a chur san áireamh maidir leis an gcaidreamh idir a bheartais a chuirfear chun feidhme agus maidir leis an gcaoi a bhféadfaidh siad rannchuidiú le Plean Gníomhaíochta an Aontais ‘I dTreo Truaillithe Nialais don Aer, don Uisce agus don Ithir’ ina mbeidh gnéithe, mar shampla, maidir leis an méid seo a leanas: ◄

(a) 

an chaoi a ndéanann spriocanna agus bearta Phlean Gníomhaíochta an Aontais agus an t-athbhreithniú ar na treoracha atá ann cheana (e.g. an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha) difear dó nó dóibh;

(b) 

an chaoi a bhfuil sé i gceist aige a lorg truailliúcháin a laghdú chun cur leis na spriocanna sin.

Ceanglas maidir le Nochtadh E2-2 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní a bhaineann le truailliú

AR 13. I gcás ina sínfidh gníomhaíochtaí chuig gealltanais réamhtheachtacha nó iartheachtacha sa slabhra luacha, cuirfidh an gnóthas faisnéis ar fáil maidir leis na cineálacha gníomhaíochtaí a léiríonn na gealltanais sin.

AR 14. Agus acmhainní á mbreithniú, d’fhéadfadh sé gur samplaí de chaiteachas oibríochtúil iad infheistíochtaí i dtaighde agus i bhforbairt chun roghanna malartacha sábháilte agus inbhuanaithe a fhorbairt ar úsáid substaintí ar údar imní iad nó chun astaíochtaí a laghdú i bpróiseas táirgthe.

AR 15. I gcás inarb ábhartha chun a chuspóirí agus a spriocanna beartais a bhaineann le truailliú a bhaint amach, féadfaidh an gnóthas faisnéis a sholáthar ar phleananna gníomhaíochta ar leibhéal an láithreáin.

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh E2-3 — Spriocanna a bhaineann leis an truailliú

AR 16. Má thagraíonn an gnóthas do thairseacha éiceolaíocha agus spriocanna á leagan síos aige, féadfaidh sé tagairt a dhéanamh don treoir arna soláthar ag an Tionscnamh um Spriocanna Eolaíochtabhunaithe don Dúlra (SBTN) ina threoir eatramhach (Treoir Tosaigh do Ghnó, Meán Fómhair 2020), nó d’aon treoir eile le modheolaíocht a aithnítear go heolaíoch lenar féidir spriocanna eolaíochtbhunaithe a leagan síos trí thairseacha éiceolaíocha agus, más infheidhme, leithdháiltí eintiteasshonracha a shainaithint. Féadfaidh tairseacha éiceolaíocha a bheith áitiúil, náisiúnta agus/nó domhanda.

AR 17. Féadfaidh an gnóthas a shonrú an dtugtar aghaidh sa sprioc ar easnaimh a bhaineann leis na critéir rannchuidithe shubstaintiúla maidir le cosc agus rialú ar thruailliú mar a shainmhínítear i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2020/852. I gcás nach gcomhlíontar na critéir ‘gan dochar suntasacha a dhéanamh’ a Chosc agus a Rialú (DNSH) maidir le truailliú a chosc agus a rialú mar a shainmhínítear i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(3), Airteagal 11(3), Airteagal 12(2), Airteagal 13(2), agus Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852, féadfaidh an gnóthas a shonrú an dtugtar aghaidh ar easnaimh a bhaineann leis an DNSH critera sin sa sprioc.

AR 18. I gcás inarb ábhartha chun tacú leis na beartais atá glactha aige, féadfaidh an gnóthas faisnéis a sholáthar maidir leis na spriocanna a shocraítear ar leibhéal an láithreáin.

AR 19. Féadfaidh na spriocanna oibríochtaí an ghnóthais féin agus/nó an slabhra luacha a chumhdach.

Ceanglas maidir le Nochtadh E2-4 — Truailliú aeir, uisce agus ithreach

AR 20. Áireofar san fhaisnéis atá le soláthar maidir le micreaphlaistigh faoi mhír 28(b) micreaphlaistigh a gineadh nó a úsáideadh le linn próisis táirgthe nó a fuarthas amach, agus a fhágann saoráidí an ghnóthais mar astaíochtaí, mar tháirgí, nó mar chuid de tháirgí nó de sheirbhísí. Féadfar micreaphlaistigh a tháirgeadh go neamhbheartaithe i gcás ina gcaitheann píosaí móra plaistigh amhail boinn ghluaisteáin nó teicstílí sintéiseacha nó nuair is féidir iad a mhonarú d’aon ghnó agus a chur le táirgí chun críocha sonracha (e.g. coirníní exfoliating i scrobarnaí aghaidhe nó cabhlach).

AR 21. Cuirfear toirt na dtruailleán i láthair in aonaid mhaise iomchuí, mar shampla i dtonaí nó i gcileagraim.

AR 22. Déanfar an fhaisnéis a cheanglaítear faoin gCeanglas seo maidir le Nochtadh a sholáthar ar leibhéal an ghnóthais tuairiscithe. Féadfaidh an gnóthas miondealú breise a nochtadh, áfach, lena n-áirítear faisnéis ar leibhéal an tsuímh nó miondealú ar a astaíochtaí de réir an chineáil foinse, de réir earnála nó de réir limistéir gheografaigh.

AR 23. Agus faisnéis chomhthéacsúil faoi na hastaíochtaí á soláthar, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a mheas:

(a) 

innéacsanna áitiúla cháilíocht an aeir (AQI) don limistéar ina dtarlaíonn truailliú aeir an ghnóthais;

(b) 

an méid uirbithe (DEGURBA) ( 59 ) don limistéar ina dtarlaíonn truailliú aeir; agus

(c) 

céatadán an ghnóthais d’astaíochtaí iomlána na dtruailleán san uisce agus san ithir a tharlaíonn i limistéir atá i mbaol uisce, lena n-áirítear limistéir ina bhfuil strus arduisce.

AR 24. Féadfaidh an fhaisnéis a sholáthraítear faoin gCeanglas maidir le Nochtadh seo a bheith ag tagairt don fhaisnéis a gceanglaítear ar an ngnóthas í a thuairisciú faoi reachtaíocht eile atá ann cheana (i.e., IED, E-PRTR, etc.).

AR 25. I gcás ina bhfuil gníomhaíochtaí an ghnóthais faoi réir Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (IED) ( 60 ) agus na Doiciméid Tagartha ábhartha maidir leis na Teicnící is Fearr atá ar Fáil (BREFanna), is cuma cé acu laistigh den Aontas Eorpach a dhéantar an ghníomhaíocht nó nach ndéantar, féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis bhreise seo a leanas a nochtadh:

(a) 

liosta suiteálacha arna n-oibriú ag an ngnóthas a thagann faoi Chonclúidí IED agus an Aontais faoi na teicnící is fearr atá ar fáil;

(b) 

liosta de theagmhais neamhchomhlíonta nó de ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin ar bith is gá chun comhlíonadh a áirithiú i gcás sáruithe ar choinníollacha ceada;

(c) 

an fheidhmíocht iarbhír, mar a shonraítear i gconclúidí AE-BAT maidir le suiteálacha tionsclaíocha, agus comparáid idir feidhmíocht chomhshaoil an ghnóthais i gcoinne ‘leibhéil astaíochtaí a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil’(BAT-AEL) mar a thuairiscítear i gconclúidí AE-BAT;

(d) 

feidhmíocht iarbhír an ghnóthais i gcoinne na ‘leibhéal feidhmíochta comhshaoil a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil’ (BAT-AEPLanna) ar choinníoll go bhfuil siad infheidhme maidir leis an earnáil agus leis an tsuiteáil; agus

(e) 

liosta d’aon sceidil nó maoluithe comhlíontachta arna ndeonú ag údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de Threoir 2010/75/AE a bhaineann le cur chun feidhme BAT-AELanna.

Modheolaíochtaí

AR 26. Agus faisnéis faoi thruailleáin á soláthar, breithneoidh an gnóthas cuir chuige maidir le cainníochtú san ord tosaíochta seo a leanas:

(a) 

astaíochtaí, eisiltigh nó truailliú eile a thomhas go díreach trí úsáid a bhaint as córais faireacháin leanúnaigh aitheanta (e.g. Córais Uaththomhas Tomhas AMS);

(b) 

tomhais thréimhsiúla;

(c) 

ríomh bunaithe ar shonraí a bhaineann go sonrach leis an suíomh;

(d) 

ríomh bunaithe ar fhachtóirí truailliúcháin foilsithe; agus

(e) 

meastachán.

AR 27. Maidir le nochtadh modheolaíochtaí a cheanglaítear le mír 30, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a mheas:

(a) 

cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar faireachán air i gcomhréir le Caighdeáin BREF AE nó le tagarmharc ábhartha eile; agus

(b) 

cé acu agus conas a rinneadh nó nach ndearnadh tástálacha calabrúcháin na gCóras Tomhais Uathoibrithe agus cé acu agus conas a áirithíodh nó nár áirithíodh deimhniú an tomhais thréimhsiúil ag saotharlanna neamhspleácha.

Ceanglas maidir le Nochtadh E2-5 — Substaintí ar díol imní iad agus substaintí ar díol mór imní iad

An liosta substaintí atá le cur san áireamh

AR 28. Ionas go mbeidh an fhaisnéis iomlán, áireofar substaintí in oibríochtaí an ghnóthais féin agus na substaintí sin a sholáthraítear (e.g., leabaithe i gcomhábhair, i dtáirgí leathchríochnaithe, nó sa táirge deiridh).

AR 29. Cuirfear toirt na dtruailleán i láthair in aonaid mhaise, mar shampla i dtonaí nó i gcileagraim nó in aonaid mhaise eile atá oiriúnach do thoirteanna agus do chineál na dtruailleán atá á scaoileadh.

Faisnéis chomhthéacsúil

AR 30. Féadfaidh an fhaisnéis a sholáthraítear faoin gCeanglas seo maidir le Nochtadh tagairt a dhéanamh d’fhaisnéis a cheanglaítear ar an ngnóthas cheana féin a thuairisciú faoi reachtaíocht eile atá ann cheana (i.e., Treoir 2010/75/AE, Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 “E-PRTR”, etc.).

Ceanglas maidir le Nochtadh E2-6 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le truailliú

AR 31. D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh sa chaiteachas oibriúcháin agus caipitil a bhaineann le teagmhais agus taiscí, mar shampla:

(a) 

costas chun truailliú aeir, uisce agus ithreach faoi seach, lena n-áirítear cosaint an chomhshaoil, a dhíothú agus a leigheas;

(b) 

costais a bhaineann le cúiteamh damáiste, lena n-áirítear íocaíocht fíneálacha agus pionóis a ghearrann rialtóirí nó údaráis rialtais.

AR 32. D’fhéadfadh go n-áireofaí ar theagmhais, mar shampla, briseadh sa táirgeadh, cibé acu a eascraíonn siad as an slabhra soláthair agus/nó as a n-oibríochtaí féin, a raibh truailliú mar thoradh orthu.

AR 33. Féadfaidh an gnóthas measúnú a chur san áireamh ar a tháirgí agus a sheirbhísí gaolmhara atá i mbaol sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ina míneofar an dóigh a sainítear iad, an dóigh a ndéantar meastachán ar mhéideanna airgeadais, agus cé na toimhdí criticiúla a dhéantar.

AR 34. Féadfaidh méid aonair nó raon a bheith i gcainníochtú na n-éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo i dtéarmaí airgeadaíochta faoi mhír 38(a).

ESRS E3

UISCE AGUS ACMHAINNÍ MUIRÍ

CLÁR ÁBHAR

Cuspóir

Idirghníomhaíocht le ESRS eile

Ceanglais maidir le nochtadh

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí a shainaithint agus a mheasúnú

Ceanglas maidir le Nochtadh E3-1 — Beartais a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí

Ceanglas maidir le Nochtadh E3-2 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh E3-3 — Spriocanna a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí

Ceanglas maidir le Nochtadh E3-4 — Tomhaltas uisce

Ceanglas maidir le Nochtadh E3-5 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó thionchair, rioscaí agus deiseanna a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí

Foscríbhinn A:

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí a shainaithint agus a mheasúnú

Ceanglas maidir le Nochtadh E3-1 — Beartais a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí

Ceanglas maidir le Nochtadh E3-2 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní a bhaineann le beartais uisce agus acmhainní muirí

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh E3-3 — Spriocanna a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí

Ceanglas maidir le Nochtadh E3-4 — Tomhaltas uisce

Ceanglas maidir le Nochtadh E3-5 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí

Cuspóir

1. Is é cuspóir an Chaighdeáin seo na Ceanglais maidir le Nochtadh a shonrú a chuirfidh ar a gcumas d’úsáideoirí an ráitis inbhuanaitheachta na nithe seo a leanas a thuiscint:

(a) 

an chaoi a ndéanann an gnóthas difear d’uisce agus d’acmhainní muirí, i dtéarmaí iarmhairtí ábhartha deimhneacha agus diúltacha iarbhír nó féideartha;

(b) 

aon ghníomhaíochtaí a rinneadh, agus toradh na ngníomhaíochtaí sin chun tionchair dhiúltacha ábhartha iarbhír nó fhéideartha a chosc nó a mhaolú, chun uisce agus acmhainní muirí a chosaint, agus maidir le tomhaltas uisce a laghdú, agus chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí agus deiseanna;

(c) 

an gcuireann an gnóthas le huaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip maidir le haer úr, uisce glan, ithir shláintiúil agus bithéagsúlacht, agus conas a rannchuidíonn sé agus a mhéid a rannchuidíonn sé, chomh maith le hinbhuanaitheacht an gheilleagair ghoirm agus earnálacha an iascaigh, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh: Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 61 ) (Treoir Réime Uisce AE), Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 62 ) (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí), Treoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 63 ) (Treoir AE maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí), na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (go háirithe SDG 6 Uisce glan agus sláintíocht agus 14 Saol faoi uisce), agus urraim do theorainneacha comhshaoil domhanda (e.g. sláine bithsféar, aigéadú aigéin, úsáid fionnuisce, agus sreafaí bithgheoiceimiceacha teorainneacha pláinéadacha);

(d) 

pleananna agus cumas an ghnóthais a straitéis agus a shamhail ghnó a oiriúnú i gcomhréir le húsáid inbhuanaithe uisce a chur chun cinn bunaithe ar chosaint fhadtéarmach na n-acmhainní uisce atá ar fáil; éiceachórais uisceacha a chosaint agus gnáthóga fionnuisce agus muirí a athbhunú;

(e) 

nádúr, cineál agus méid rioscaí agus deiseanna ábhartha an ghnóthais a eascraíonn as tionchair agus as spleáchais an ghnóthais ar uisce agus acmhainní muirí, agus an dóigh a mbainistíonn an gnóthas iad; agus

(f) 

na héifeachtaí airgeadais ar an ngnóthas thar na rioscaí agus na deiseanna ábhartha sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma a eascraíonn as tionchair agus as spleáchais an ghnóthais ar uisce agus ar acmhainní muirí.

2. Leagtar amach sa Chaighdeán seo na Ceanglais maidir le Nochtadh a bhaineann le huisce agus acmhainní mara. Maidir le “uisce”, clúdaíonn an caighdeán seo uisce dromchla agus screamhuisce. Áirítear ann ceanglais nochta maidir le tomhaltas uisce i ngníomhaíochtaí, táirgí agus seirbhísí an ghnóthais, chomh maith le faisnéis ghaolmhar maidir le haistarraingtí uisce agus doirteadh uisce.

3. Maidir le “hacmhainní muirí”, cumhdaítear leis an gcaighdeán seo eastóscadh agus úsáid na n-acmhainní sin, agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha gaolmhara.

Idirghníomhaíocht le ESRS eile

4. Tá dlúthnasc idir ábhar an uisce agus na n-acmhainní muirí agus fo-ábhair chomhshaoil eile amhail an t-athrú aeráide, an truailliú, an bhithéagsúlacht agus an geilleagar ciorclach. Dá bhrí sin, chun forléargas cuimsitheach a sholáthar ar an méid a d’fhéadfadh a bheith ábhartha d’acmhainní uisce agus mara, cumhdaítear na Ceanglais maidir le Nochtadh ábhartha in ESRS comhshaoil eile mar seo a leanas:

(a) 

ESRS E1 Athrú aeráide, lena dtugtar aghaidh, go háirithe, ar rioscaí géara agus ainsealacha fisiciúla a eascraíonn as guaiseacha a bhaineann le huisce agus leis na haigéin arb é an t-athrú aeráide is cúis leo nó atá níos measa, lena n-áirítear teocht an uisce a mhéadú, patrúin agus cineálacha frasaíochta atá ag athrú (báisteach, clocha sneachta, sneachta/oighear), frasaíocht nó inathraitheacht hidreolaíoch, aigéadú na n-aigéan, ionradh saland, ardú ar leibhéal na farraige, triomach, strus ard uisce, frasaíocht throm, tuile agus eisíocaíochtaí loch oighreacha;

(b) 

ESRS E2 Truailliú, lena dtugtar aghaidh, go háirithe, ar na hastaíochtaí chuig uisce, lena n-áirítear astaíochtaí chuig na haigéin, agus úsáid agus giniúint micreaphlaisteach;

(c) 

ESRS E4 Bithéagsúlacht agus éiceachórais, lena dtugtar aghaidh, go háirithe, ar chaomhnú agus ar úsáid inbhuanaithe éiceachóras fionnuisce uisceach chomh maith leis na haigéin agus na farraigí; agus

(d) 

ESRS E5 Úsáid acmhainní agus geilleagar ciorclach lena dtugtar aghaidh go háirithe ar bhainistiú dramhaíola lena n-áirítear plaisteach, agus ar an aistriú chuig eastóscadh acmhainní fuíolluisce neamh-inathnuaite; úsáid laghdaithe plaisteach; agus athchúrsáil fuíolluisce.

5. Bíonn tionchar ag tionchair an ghnóthais ar uisce agus ar acmhainní muirí ar dhaoine agus ar phobail. Cumhdaítear tionchair dhiúltacha ábhartha ar phobail dá ndéantar difear ó thionchair a bhaineann le huisce agus le hacmhainní muirí atá inchurtha i leith an ghnóthais in ESRS S3 Pobail dá ndéantar difear.

6. Ba cheart an Caighdeán sin a léamh i gcomhar le ESRS 1 Ceanglais ghinearálta agus ESRS 2 Nochtaí Ginearálta.

Ceanglais maidir le nochtadh

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

7. Ba cheart ceanglais na roinne seo a léamh i gcomhar leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2 caibidil 4 Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna agus ba cheart iad a thuairisciú ina dteannta.

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí a shainaithint agus a mheasúnú

8. Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an bpróiseas chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus soláthróidh sé faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

an ndearna an gnóthas a shócmhainní agus a ghníomhaíochtaí a scagadh agus conas a rinne sé scagadh orthu chun na tionchair, na rioscaí agus na deiseanna iarbhír agus ionchasacha a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí a shainaithint ina oibríochtaí féin agus ina shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, agus más amhlaidh atá, na modheolaíochtaí, na toimhdí agus na huirlisí a úsáideadh sa scagadh;

(b) 

cibé ar reáchtáil sé comhairliúcháin, go háirithe, leis na pobail lena mbaineann agus conas a rinne sé amhlaidh ( 64 ).

Ceanglas maidir le Nochtadh E3-1 — Beartais a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí

9. Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar a bheartais arna nglacadh chun bainistiú a dhéanamh ar a thionchair, a rioscaí agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí ( 65 ).

10. Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar a mhéid atá beartais ag an ngnóthas a thugann aghaidh ar shainaithint, measúnú, bainistiú agus/nó leasú a dhéanamh ar a thionchair, rioscaí agus deiseanna a bhaineann le huisce ábhartha agus le hacmhainní muirí.

11. Sa nochtadh a cheanglaítear le mír 9 beidh an fhaisnéis faoi na beartais atá i bhfeidhm ag an ngnóthas chun a thionchair, a rioscaí agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí a bhainistiú i gcomhréir le Beartais ESRS 2 MDR-P arna nglacadh chun ábhair inbhuanaitheachta ábhair a bhainistiú.

12. Cuirfidh an gnóthas in iúl an dtugann a bheartais aghaidh ar na nithe seo a leanas nuair is ábhartha agus conas a théann siad i ngleic leo:

(a) 

bainistiú uisce lena n-áirítear:

i. 

úsáid agus foinsiú uisce agus acmhainní muirí ina chuid oibríochtaí féin;

ii. 

cóireáil uisce mar chéim i dtreo foinsiú níos inbhuanaithe uisce; agus

iii. 

truailliú uisce de dheasca a ghníomhaíochtaí a chosc agus a laghdú.

(b) 

dearadh táirgí agus seirbhísí chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann leis an uisce agus acmhainní muirí a chaomhnú; agus

(c) 

gealltanas chun tomhaltas ábhartha uisce a laghdú i limistéir atá i mbaol uisce ina chuid oibríochtaí féin agus feadh an tslabhra luacha réamhtheachtaigh agus iartheachtach.

13. 

Má tá ceann amháin ar a laghad de láithreáin an ghnóthais suite i limistéar struis arduisce agus nach bhfuil sé clúdaithe ag polasaí, luafaidh an gnóthas gurb amhlaidh atá agus tabharfaidh sé cúiseanna le gan polasaí den sórt sin a ghlacadh. Féadfaidh an gnóthas tráthchlár a nochtadh ina mbeidh sé d’aidhm aige an beartas sin a ghlacadh. ( 66 )

14. 

Sonróidh an gnóthas ar ghlac sé beartais nó cleachtais a bhaineann le haigéin agus farraigí inbhuanaithe ( 67 ).

Ceanglas maidir le Nochtadh E3-2 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí

15.  Nochtfaidh an gnóthas na gníomhaíochtaí a dhéanann sé a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí agus na hacmhainní a leithdháiltear ar a gcur chun feidhme.

16. Is é cuspóir an Riachtanais Nochta seo tuiscint a chumasú ar na príomhghníomhaíochtaí a rinneadh agus atá beartaithe chun cuspóirí agus spriocanna beartais a bhaineann le huisce agus acmhainní mara a bhaint amach.

17. Leanfaidh an tuairisc ar na gníomhaíochtaí agus na hacmhainní na prionsabail a shainítear in ESRS 2 MDR-A Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le hábhair ábhartha inbhuanaitheachta. De bhreis ar ESRS 2 MDR-A, féadfaidh an gnóthas a shonrú cén tsraith de ghníomhaíocht san ordlathas maolaithe agus

18. Is féidir acmhainní a leithdháileadh orthu seo a leanas:

(a) 

úsáid uisce agus acmhainní muirí a sheachaint;

(b) 

úsáid uisce agus acmhainní muirí a laghdú, amhail trí bhearta éifeachtúlachta;

(c) 

uisce a aiséileamh agus a athúsáid; nó

(d) 

éiceachóras uisceach agus dobharlaigh a athchóiriú agus a athghiniúint.

19. Sonróidh an gnóthas gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le limistéir atá faoi riosca uisce, lena n-áirítear limistéir ina bhfuil strus mór uisce.

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh E3-3 — Spriocanna a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí

20. Nochtfaidh an gnóthas na spriocanna a bhaineann le huisce agus le hacmhainní muirí atá leagtha síos aige.

21. Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a fháil ar na spriocanna atá glactha ag an ngnóthas chun tacú lena bheartais a bhaineann le huisce agus acmhainní mara agus aghaidh a thabhairt ar thionchair, rioscaí agus deiseanna a bhaineann le huisce ábhartha agus le hacmhainní muirí.

22. Beidh na ceanglais faisnéise a shainítear in ESRS 2 MDR-T Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna sa tuairisc ar na spriocanna.

23. Léireofar sa nochtadh a cheanglaítear le mír 20 an mbaineann a spriocanna leis na nithe seo a leanas agus conas a bhaineann siad leo:

(a) 

bainistiú tionchair ábhartha, rioscaí agus deiseanna a bhaineann le limistéir atá i mbaol uisce, lena n-áirítear feabhas a chur ar cháilíocht an uisce;

(b) 

bainistiú freagrach ar thionchair, rioscaí agus deiseanna acmhainní muirí lena n-áirítear cineál agus cainníocht na dtráchtearraí a bhaineann le hacmhainní muirí (amhail uaigheanna, mianraí domhainfharraige, bia mara) a úsáideann an gnóthas; agus

(c) 

laghdú ar thomhaltas uisce, lena n-áirítear míniú ar an gcaoi a mbaineann na spriocanna sin le limistéir atá i mbaol uisce, lena n-áirítear limistéir ina bhfuil strus ard uisce.

24. Chomh maith le ESRS 2 MDR-T, féadfaidh an gnóthas a shonrú ar cuireadh tairseacha éiceolaíocha agus leithdháiltí eintiteas-sonracha san áireamh agus spriocanna á socrú. Má tá, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

na tairseacha éiceolaíocha a sainaithníodh, agus an mhodheolaíocht a úsáideadh chun na tairseacha sin a shainaithint;

(b) 

cé acu atá nó nach bhfuil na tairseacha eintiteas-sonrach agus má tá, conas a cinneadh iad; agus

(c) 

an dóigh a leithdháiltear sa ghnóthas an fhreagracht as tairseacha éiceolaíocha sainaitheanta a urramú.

25. Sonróidh an gnóthas mar chuid den fhaisnéis chomhthéacsúil cé acu atá nó nach bhfuil na spriocanna atá leagtha síos agus curtha i láthair aige sainordaitheach (a cheanglaítear leis an reachtaíocht) nó deonach.

Ceanglas maidir le Nochtadh E3-4 — Tomhaltas uisce

26. Nochtfaidh an gnóthas faisnéis maidir le feidhmíocht a thomhaltais uisce i ndáil leis na tionchair, na rioscaí agus na deiseanna ábhartha atá aige.

27. Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar ídiú uisce an ghnóthais agus ar aon dul chun cinn atá déanta ag an ngnóthas i ndáil lena spriocanna.

28. Baineann an nochtadh a cheanglaítear le mír 26 le hoibríochtaí dílse agus áireofar ann:

(a) 

tomhaltas iomlán uisce in m3;

(b) 

tomhaltas iomlán uisce in m3 i limistéir atá i mbaol uisce, lena n-áirítear limistéir ina bhfuil strus arduisce;

(c) 

an t-uisce iomlán a athchúrsáiltear agus a athúsáidtear in m3 ( 68 );

(d) 

an méid iomlán uisce a stóráladh agus athruithe stórais in m3; agus

(e) 

aon fhaisnéis chomhthéacsúil is gá maidir le pointí (a) go (d), lena n-áirítear cáilíocht agus cainníocht uisce na n-imchuach uisce, an chaoi ar tiomsaíodh na sonraí, amhail aon chaighdeáin, modheolaíochtaí agus toimhdí a úsáideadh, lena n-áirítear an ndéantar an fhaisnéis a ríomh, a mheas, a shamhaltú, nó a fháil ó thomhais dhíreacha, agus an cur chuige a glacadh chuige sin, amhail aon fhachtóirí earnáilsonracha a úsáid.

29. Soláthróidh an gnóthas faisnéis maidir lena dhéine uisce: tomhaltas iomlán uisce ina chuid oibríochtaí féin in m3 in aghaidh an mhilliúin EUR de ghlanioncam ( 69 ).

Ceanglas maidir le Nochtadh E3-5 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí

30. Nochtfaidh an gnóthas na héifeachtaí airgeadais a mheastar a bheidh ag rioscaí agus deiseanna a bhaineann le huisce ábhartha agus le hacmhainní muirí.

31. Tá an fhaisnéis a cheanglaítear le mír 30 sa bhreis ar an bhfaisnéis maidir leis na héifeachtaí airgeadais reatha ar staid airgeadais, ar fheidhmíocht airgeadais agus ar shreafaí airgid an eintitis don tréimhse tuairiscithe a cheanglaítear faoi ESRS 2 SBM-3 mír 48 (d).

32. Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh ná tuiscint a thabhairt ar na nithe seo a leanas:

(a) 

éifeachtaí airgeadais a bhfuiltear ag súil leo mar gheall ar rioscaí ábhartha a eascraíonn as tionchair agus spleáchais a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí agus an tionchar ábhartha a bhíonn ag na rioscaí sin (nó a bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnach go mbeadh tionchar acu) ar staid airgeadais, ar fheidhmíocht airgeadais agus ar shreafaí airgid an ghnóthais, sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma; agus

(b) 

éifeachtaí airgeadais a bhfuiltear ag súil leo mar gheall ar dheiseanna ábhartha a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí.

33. Áireofar an méid seo a leanas sa nochtadh:

(a) 

cainníochtú ar na héifeachtaí airgeadais a bhfuiltear ag súil leo i dtéarmaí airgeadaíochta sula mbreithneofar gníomhaíochtaí a bhaineann le huisce agus le hacmhainní muirí nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí, faisnéis cháilíochtúil. Maidir le héifeachtaí airgeadais a eascraíonn as deiseanna, ní éilítear cainníochtú más é an toradh a bheadh air nochtadh nach gcomhlíonann saintréithe cáilíochtúla na faisnéise (féach ESRS 1 Foscríbhinn B Saintréithe cáilíochtúla na faisnéise);

(b) 

tuairisc ar na héifeachtaí a breithníodh, na tionchair agus na spleáchais lena mbaineann siad, agus na tréimhsí ama is dócha a thiocfaidh siad chun cinn; agus

(c) 

na toimhdí criticiúla a úsáidtear chun na héifeachtaí airgeadais a bhfuiltear ag súil leo a chainníochtú, chomh maith le foinsí agus leibhéal éiginnteachta na dtoimhdí sin.




Foscríbhinn A

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm

Is dlúthchuid de ESRS E3 í an fhoscríbhinn seo. Tacaíonn sí le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le nochtadh a leagtar amach sa chaighdeán seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán.

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí a shainaithint agus a mheasúnú

AR 1. Agus measúnú ábharthachta á dhéanamh aige ar fhothopaicí comhshaoil, déanfaidh an gnóthas measúnú ar ábharthacht an uisce agus na n-acmhainní muirí ina oibríochtaí féin agus ina shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, agus féadfaidh sé na ceithre chéim thíos a mheas, ar a dtugtar cur chuige LEAP freisin:

(a) 

Céim 1: an áit ina dtarlaíonn an comhéadan leis an dúlra a aimsiú ina oibríochtaí féin agus feadh an tslabhra luacha;

(b) 

Céim 2: meastóireacht a dhéanamh ar na spleáchais agus ar na tionchair;

(c) 

Céim 3: measúnú a dhéanamh ar na rioscaí agus na deiseanna ábhartha; agus

(d) 

Céim 4: torthaí an mheasúnaithe ábharthachta a ullmhú agus a thuairisciú.

AR 2. Freagraíonn an measúnú ábharthachta do ESRS E3 do na chéad trí chéim de chur chuige seo LEAP, tugann an ceathrú céim aghaidh ar thoradh an phróisis.

AR 3. Leis na próisis chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na dtionchar, na rioscaí agus na ndeiseanna, breithneofar na forálacha in ESRS 2 IRO-1 Tuairisc ar na próisis chun tionchair ábhartha, rioscaí agus deiseanna a shainaithint agus a mheasúnú, agus Ceanglais maidir le Nochtadh IRO-2 in ESRS a chumhdaítear le ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais.

AR 4. Áirítear an méid seo a leanas ar na fothopaicí a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí a chumhdaítear leis an measúnú ábharthachta:

(a) 

uisce, lena gcuimsítear tomhaltas uisce dromchla, screamhuisce, chomh maith le tarraingt siar agus doirteadh uisce; agus

(b) 

acmhainní muirí, lena gcuimsítear eastóscadh agus úsáid acmhainní den sórt sin agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha gaolmhara.

AR 5. I gcéim 1, chun a aimsiú cá bhfuil limistéir atá i mbaol uisce, agus limistéir ina bhfuil comhéadan le hacmhainní muirí a bhféadfadh tionchair ábhartha agus spleáchais a bheith mar thoradh orthu ina oibríochtaí féin agus feadh a shlabhra luacha réamhtheachtaigh agus iartheachtach, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a mheas:

(a) 

suíomhanna na sócmhainní díreacha agus na n-oibríochtaí díreacha agus na ngníomhaíochtaí réamhtheachtacha agus iartheachtacha gaolmhara ar fud an tslabhra luacha;

(b) 

na suíomhanna atá suite i limistéir atá faoi riosca uisce, lena n-áirítear limistéir struis arduisce; agus

(c) 

na hearnálacha nó na haonaid ghnó atá ag idirghníomhú le huisce nó le hacmhainní muirí sna háiteanna tosaíochta sin.

AR 6. Breithneoidh an gnóthas abhantracha mar an leibhéal ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar shuíomhanna agus déanfaidh sé an cur chuige sin a chomhcheangal le measúnú riosca oibriúcháin ar a shaoráidí agus ar shaoráidí soláthróirí a bhfuil tionchair agus rioscaí ábhartha acu.

AR 7. Breithneoidh an gnóthas na critéir maidir le stádas dobharlach a shainiú i gcomhréir leis na hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann le Treoir 2000/60/CE (an Treoir Réime maidir le hUisce) chomh maith leis na treoirdhoiciméid a sholáthraítear chun an Treoir Réime maidir le hUisce a chur chun feidhme. Is féidir rochtain a fháil ar an liosta treoirdhoiciméad ar leathanach baile Comhshaoil an Choimisiúin Eorpaigh.

AR 8. I gcéim 2, chun meastóireacht a dhéanamh ar a thionchair agus ar a spleáchais do gach suíomh tosaíochta arna shainaithint faoi AR 5, féadfaidh an gnóthas:

(a) 

próisis ghnó agus gníomhaíochtaí as a dtagann tionchair agus spleáchais ar shócmhainní comhshaoil agus ar sheirbhísí éiceachórais a shainaithint;

(b) 

tionchair agus spleáchais a bhaineann le huisce agus le hacmhainní muirí ar fud shlabhra luacha an ghnóthais a shainaithint; agus

(c) 

measúnú a dhéanamh ar a dhéine agus a dhóchúla a bheidh na tionchair dhearfacha agus na tionchair dhiúltacha ar uisce agus acmhainní muirí.

AR 9. Chun spleáchais a bhaineann le huisce agus le hacmhainní muirí a shainaithint, féadfaidh an gnóthas brath ar aicmithe idirnáisiúnta amhail an tAicmiú Coiteann Idirnáisiúnta ar Sheirbhísí Éiceachórais (CICES).

AR 10. Agus a chuid spleáchais a bhaineann le hacmhainní muirí á sainaithint aige, breithneoidh an gnóthas an mbraitheann sé ar thráchtearraí tábhachtacha a bhaineann le hacmhainní muirí, lena n-áirítear uaigheanna agus táirgí bia mara ach gan a bheith teoranta dóibh.

AR 11. Sainmhínítear acmhainní muirí de réir a n-úsáide ag sochaithe daonna agus ní mór iad a mheas i ndáil leis an mbrú a bhíonn orthu. Cuirtear cuid de na táscairí brú i láthair in ESRS eile, eadhon micreaphlaistigh agus astaíochtaí chuig uisce in ESRS E2 agus dramhaíl phlaisteach in ESRS E5.

AR 12. Seo a leanas samplaí de spleáchais acmhainní muirí a d’fhéadfadh an gnóthas a mheas:

(a) 

spleáchais ar éisc agus sliogéisc a shaothraítear ar bhonn tráchtála ina chuid oibríochtaí féin agus ar a shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach; agus

(b) 

gníomhaíocht iascaireachta a bhaineann le trálaeireacht ghrinnill shoghluaiste, a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith aici freisin ar ghrinneall na farraige.

AR 13. I gCéim 3, chun na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhaineann leis a mheasúnú bunaithe ar thorthaí Chéim 1 agus Chéim 2, féadfaidh an gnóthas:

(a) 

rioscaí agus deiseanna aistrithe ina oibríochtaí féin agus ina shlabhra luacha a shainaithint de réir na gcatagóirí seo a leanas:

i. 

beartas agus dlíthiúil: e.g., rialáil nó beartas a thabhairt isteach (e.g., athruithe amhail cosaint mhéadaithe uisce, cáilíocht mhéadaithe rialachán uisce, rialú sreafaí soláthair uisce), rialachas neamhéifeachtach ar dhobharlaigh nó ar acmhainní muirí, go háirithe thar theorainneacha (e.g., rialachas trasteorann agus comhar) as a dtagann díghrádú uisce nó aigéin, nochtadh do smachtbhannaí agus dlíthíochta (e.g. neamh-urramú ceadanna nó leithdháiltí; faillí maidir le speicis mhuirí atá faoi bhagairt nó marú na speiceas sin), oibleagáidí tuairiscithe feabhsaithe maidir le héiceachórais mhuirí agus seirbhísí gaolmhara;

ii. 

teicneolaíocht: e.g. ionadú táirgí nó seirbhísí ag táirgí nó seirbhísí ar lú a dtionchar ar uisce agus acmhainní muirí, an t-aistriú chuig teicneolaíochtaí atá níos éifeachtúla agus níos glaine (i.e. ar lú a dtionchair ar aigéin agus uisce), teicneolaíochtaí nua faireacháin (e.g. satailíte), íonú an uisce, cosaint ar thuilte;

iii. 

margadh: e.g. soláthar, éileamh agus maoiniú athraitheach, costais luaineacha nó mhéadaithe ar uisce nó acmhainní muirí;

iv. 

clú: e.g. braistintí athraitheacha sochaíocha, custaiméara nó pobail mar thoradh ar thionchar eagraíochta ar uisce agus ar acmhainní muirí; agus

v. 

rannchuidiú le rioscaí sistéamacha trína oibríochtaí féin agus trína shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, lena n-áirítear na rioscaí a bhaineann le cliseadh éiceachórais mhuirí nó na rioscaí nach bhfeidhmíonn córas nádúrtha criticiúil a thuilleadh (e.g. sroichtear pointí iompaithe, rioscaí fisiciúla a shuimiú);

(b) 

riosca fisiceach a shainaithint lena n-áirítear cainníocht uisce (ganntanas uisce, strus uisce), cáilíocht uisce, meath bonneagair nó neamh-infhaighteacht roinnt tráchtearraí a bhaineann le hacmhainní muirí (e.g. tearcghníomhaíocht speiceas áirithe éisc nó orgánach muirí beo eile faoi uisce a dhíolann an gnóthas mar tháirgí) as a dtiocfaidh, mar shampla, nach féidir oibríochtaí a reáchtáil i limistéir gheografacha áirithe;

(c) 

deiseanna a shainaithint arna n-aicmiú mar a leanas:

i. 

éifeachtúlacht acmhainne: e.g. aistriú chuig seirbhísí agus próisis atá níos éifeachtúla nach bhfuil an oiread céanna uisce agus acmhainní muirí ag teastáil lena n-aghaidh;

ii. 

margaí: e.g. táirgí agus seirbhísí ó thaobh acmhainní de a fhorbairt, gníomhaíochtaí gnó a éagsúlú;

iii. 

maoiniú: e.g. rochtain ar chistí, bannaí nó iasachtaí glasa;

iv. 

athléimneacht: e.g. éagsúlú acmhainní muirí nó uisce agus gníomhaíochtaí gnó (e.g., aonad gnó nua a chur ar bun maidir le hathchóiriú éiceachórais), infheistíocht a dhéanamh i mbonneagair ghlasa, réitigh dhúlrabhunaithe, sásraí athchúrsála agus ciorclaíochta a ghlacadh lena laghdaítear na spleáchais ar uisce nó ar acmhainní muirí; agus

v. 

clú: rannpháirtíocht dhearfach na bpáirtithe leasmhara mar thoradh ar sheasamh réamhghníomhach maidir le rioscaí a bhaineann leis an dúlra a bhainistiú (e.g., as a dtiocfaidh stádas comhpháirtíochta tosaíochta).

AR 14. Féadfaidh an gnóthas a bheith ag brath ar bhailiú sonraí príomhúil, tánaisteach nó múnlaithe nó ar chineálacha cur chuige ábhartha eile chun measúnú a dhéanamh ar thionchair ábhartha, spleáchais, rioscaí agus deiseanna, lena n-áirítear Moladh 2021/2279 ón gCoimisiún maidir le modhanna an Lorg Comhshaoil a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl (Iarscríbhinn I — Lorg Comhshaoil Táirgí; Iarscríbhinn III — Lorg Comhshaoil Eagraíochta).

AR 15. Agus faisnéis á soláthar maidir le toradh an mheasúnaithe ábharthachta, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a mheas:

(a) 

liosta de limistéir gheografacha inar saincheist ábhartha é uisce d’oibríochtaí an ghnóthais féin agus dá shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach;

(b) 

liosta de thráchtearraí a bhaineann le hacmhainní muirí arna n-úsáid ag an ngnóthas agus atá ábhartha do dhea-stádas comhshaoil uiscí mara agus chun acmhainní muirí a chosaint; agus

(c) 

liosta de na hearnálacha nó de na codanna a bhaineann le hábhar uisce agus acmhainní muirí, tionchair, rioscaí agus deiseanna.

Ceanglas maidir le Nochtadh E3-1 — Beartais a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí

AR 16. Féadfar na beartais a dtugtar tuairisc orthu faoin gCeanglas maidir le Nochtadh seo a chomhtháthú i mbeartais chomhshaoil nó inbhuanaitheachta níos leithne lena gcumhdaítear fothopaicí éagsúla.

AR 17. Agus faisnéis á nochtadh aige faoi mhír 9, féadfaidh an gnóthas a nochtadh cé acu a dhéanann nó nach ndéanann a bheartais an méid seo a leanas:

(a) 

meathlú breise a chosc agus stádas dobharlach agus éiceachóras uisceach a chosaint agus a fheabhsú;

(b) 

lena gcuirtear úsáid inbhuanaithe uisce chun cinn bunaithe ar chosaint fhadtéarmach na n-acmhainní uisce atá ar fáil;

(c) 

lena bhféachtar le feabhas a chur ar an gcomhshaol uisce agus é a chosaint níos fearr;

(d) 

lena gcuirtear dea-stádas comhshaoil uiscí mara chun cinn; agus

(e) 

laghdú aistarraingtí uisce agus doirteadh uisce a chur chun cinn.

AR 18. Féadfaidh an gnóthas faisnéis a nochtadh freisin faoi bheartais a dhéanann an méid seo a leanas:

(a) 

cur le cáilíocht mhaith éiceolaíoch agus cheimiceach uisce dromchla agus le cáilíocht mhaith cheimiceach agus le cainníocht mhaith dobharlach screamhuisce, d’fhonn sláinte an duine, soláthar uisce, éiceachórais nádúrtha agus bithéagsúlacht, dea-stádas comhshaoil uiscí mara agus cosaint an bhoinn acmhainní ar a bhfuil gníomhaíochtaí a bhaineann le cúrsaí muirí ag brath a chosaint;

(b) 

tionchair ábhartha agus rioscaí ábhartha a íoslaghdú agus bearta maolaithe a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh luach agus feidhmiúlacht na seirbhísí tosaíochta a choinneáil agus éifeachtúlacht acmhainní ar oibríochtaí dílse a mhéadú; agus

(c) 

tionchair ar phobail dá ndéantar difear a sheachaint.

Ceanglas maidir le Nochtadh E3-2 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní a bhaineann le beartais uisce agus acmhainní muirí

AR 19. Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 15 á nochtadh aige, breithneoidh an gnóthas na gníomhaíochtaí, nó na pleananna gníomhaíochta, lena rannchuideofar le haghaidh a thabhairt ar na tionchair, na rioscaí agus na deiseanna ábhartha arna sainaithint. Cuireann an Chomhghuaillíocht um Maoirseacht Uisce treoir úsáideach ar fáil.

AR 20. Ós rud é gur acmhainní comhroinnte iad acmhainní uisce agus acmhainní muirí a bhféadfadh gníomhaíochtaí comhchoiteanna, nó pleananna gníomhaíochta, a bhfuil baint ag páirtithe leasmhara eile leo, féadfaidh an gnóthas faisnéis a sholáthar maidir leis na gníomhaíochtaí comhchoiteanna sonracha sin, lena n-áirítear faisnéis faoi pháirtithe eile (iomaitheoirí, soláthraithe, miondíoltóirí, custaiméirí, comhpháirtithe gnó eile, pobail agus údaráis áitiúla, gníomhaireachtaí rialtais...) agus faisnéis shonrach faoin tionscadal, faoina rannchuidiú sonrach, faoina urraitheoirí agus faoi rannpháirtithe eile.

AR 21. Agus faisnéis á soláthar maidir le caiteachais chaipitiúla, féadfaidh an gnóthas breithniú a dhéanamh ar chaiteachas a bhaineann, mar shampla, le hathshlánú draenála uisce stoirme, píblínte, nó innealra a úsáidtear chun táirgí nua ísealúsáide uisce a mhonarú.

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh E3-3 — Spriocanna a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí

AR 22. Má thagraíonn an gnóthas do thairseacha éiceolaíocha agus spriocanna á socrú aige, féadfaidh sé tagairt a dhéanamh don treoir a sholáthraíonn an Tionscnamh um Spriocanna Eolaíochtabhunaithe don Dúlra (SBTN) ina threoir eatramhach (Treoir Tosaigh do Ghnó, Meán Fómhair 2020). D’fhéadfadh sé tagairt a dhéanamh freisin d’aon treoir eile le modheolaíocht a aithnítear go heolaíoch lena gcumasaítear spriocanna eolaíochtbhunaithe a shocrú trí thairseacha éiceolaíocha agus, más infheidhme, leithdháiltí a bhaineann go sonrach leis an eagraíocht a shainaithint. Féadfaidh tairseacha éiceolaíocha a bheith áitiúil, náisiúnta agus/nó domhanda.

AR 23. Féadfaidh an gnóthas spriocanna a sholáthar maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

laghdú ar aistarraingtí uisce; agus

(b) 

doirteadh uisce a laghdú.

AR 24. Má sholáthraíonn an gnóthas spriocanna maidir le haistarraingtí, féadfar a áireamh ann aistarraingt uisce ó ithreacha agus uiscígh thruaillithe, agus uisce a tarraingíodh siar agus a chóireáiltear chun críocha feabhsúcháin.

AR 25. Má sholáthraíonn an gnóthas spriocanna maidir le sceitheadh, d’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis sceitheadh uisce chuig screamhuisce amhail athinstealladh do uiscígh, nó uisce a fhilleann ar fhoinse screamhuisce trí shiúdbhealach nó swale.

AR 26. Féadfaidh na spriocanna a oibríochtaí féin agus/nó a slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach a chumhdach.

AR 27. Féadfaidh an gnóthas a shonrú an dtugtar aghaidh sa sprioc ar easnaimh a bhaineann leis na critéir rannchuidithe shubstaintiúla le haghaidh Acmhainní Uisce agus Muirí mar a shainmhínítear i ngníomhartha tarmligthe an Choimisiúin arna nglacadh de bhun Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2020/852. I gcás nach gcomhlíontar na critéir maidir le Dochar Suntasach (DNSH) le haghaidh Acmhainní Uisce agus Mara mar a shainmhínítear i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(3), Airteagal 11(3), Airteagal 13(2), Airteagal 14(2), agus Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852, féadfaidh an gnóthas a shonrú an dtugtar aghaidh sa sprioc ar easnaimh a bhaineann leis na critéir DNSH sin.

Ceanglas maidir le Nochtadh E3-4 — Tomhaltas uisce

AR 28. Féadfaidh an gnóthas feidhmiú i limistéir éagsúla atá faoi riosca uisce. Agus faisnéis faoi mhír 28 (b) á nochtadh aige, ní chuirfidh an gnóthas an fhaisnéis sin san áireamh ach amháin do na réimsí sin a sainaithníodh mar réimsí ábhartha i gcomhréir le ESRS2 IRO-1 agus ESRS2 SBM-3.

AR 29.  ►C1  Agus faisnéis chomhthéacsúil á nochtadh maidir le feidhmíocht tomhaltais uisce a cheanglaítear le mír 28(e), míneoidh an gnóthas na modheolaíochtaí ríomha agus go sonrach an sciar den bheart a fhaightear ó thomhas díreach, ó shampláil agus eachtarshuíomh, nó ó na meastacháin is fearr. ◄

AR 30. Féadfaidh an gnóthas faisnéis maidir le miondealuithe eile a sholáthar (i.e. in aghaidh earnála nó deighleoige).

AR 31. Agus an fhaisnéis a cheanglaítear le mír 29 á nochtadh aige, féadfaidh an gnóthas cóimheasa déine breise a sholáthar bunaithe ar ainmneoirí eile.

AR 32. Féadfaidh an gnóthas faisnéis a sholáthar freisin maidir lena aistarraingtí uisce agus a sceitheadh uisce.

Ceanglas maidir le Nochtadh E3-5 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí

AR 33. Féadfaidh an gnóthas measúnú a chur san áireamh ar a tháirgí agus a sheirbhísí gaolmhara atá i mbaol sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ina míneofar an dóigh a sainítear iad, an dóigh a ndéantar meastachán ar mhéideanna airgeadais, agus cé na toimhdí criticiúla a dhéantar.

AR 34.  ►C1  Féadfaidh méid aonair nó raon a bheith i gcainníochtú na n- éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo i dtéarmaí airgeadaíochta faoi mhír 33(a). ◄

ESRS E4

BITHÉAGSÚLACHT AGUS ÉICEACHÓRAIS

CLÁR ÁBHAR

Cuspóir

Idirghníomhaíocht le ESRS eile

Ceanglais maidir le Nochtadh

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

Straitéis

Ceanglas maidir le Nochtadh E4-1 — Plean aistrithe agus breithniú ar bhithéagsúlacht agus éiceachórais sa straitéis agus sa tsamhail ghnó

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 – Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí, spleáchais agus deiseanna ábhartha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais a shainaithint agus a mheasúnú

Ceanglas maidir le Nochtadh E4-2 — Beartais a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachórais

Ceanglas maidir le Nochtadh E4-3 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh E4-4 — Spriocanna a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais

Ceanglas maidir le Nochtadh E4-5 — Méadracht tionchair a bhaineann le hathrú bithéagsúlachta agus éiceachóras

Ceanglas maidir le Nochtadh E4-6 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna a bhaineann le bithéagsúlacht agus éiceachóras

Foscríbhinn A:

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh E4-1 — Plean aistrithe agus breithniú ar bhithéagsúlacht agus éiceachórais sa straitéis agus sa tsamhail ghnó

Ceanglais maidir le nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais a shainaithint agus a mheasúnú

Ceanglas maidir le Nochtadh E4-2 — Beartais a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachórais

Ceanglas maidir le Nochtadh E4-3 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh E4-4 — Spriocanna a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais

Ceanglas maidir le Nochtadh E4-5 — Méadracht tionchair a bhaineann le hathrú bithéagsúlachta agus éiceachóras

Ceanglas maidir le Nochtadh E4-6 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna a bhaineann le bithéagsúlacht agus éiceachóras

Cuspóir

1. Is é cuspóir an Chaighdeáin seo na Ceanglais maidir le Nochtadh a shonrú a chuirfidh ar a gcumas d’úsáideoirí an ráitis inbhuanaitheachta na nithe seo a leanas a thuiscint:

(a) 

an chaoi a ndéanann an gnóthas difear don bhithéagsúlacht agus d’ éiceachórais, i dtéarmaí tionchair ábhartha dhearfacha agus dhiúltacha, iarbhír agus ionchasacha, lena n-áirítear a mhéid a chuireann sé le spreagthaí chailliúint agus dhíghrádú na bithéagsúlachta agus an éiceachórais;

(b) 

aon ghníomhaíocht a rinneadh, agus toradh na gníomhaíochta sin, chun tionchair dhiúltacha ábhartha iarbhír nó fhéideartha a chosc nó a mhaolú agus chun bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú, agus chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí agus deiseanna; agus

(c) 

pleananna agus cumas an ghnóthais a straitéis agus a shamhail ghnó a oiriúnú i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

i. 

teorainneacha pláinéadacha a bhaineann le sláine an bhithsféir agus le hathrú ar an gcóras talún a urramú;

ii. 

an fhís de Chreat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montreal agus a chuspóirí agus a spriocanna ábhartha;

iii. 

gnéithe ábhartha de Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 ( 70 );

iv. 

Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (an Treoir AE maidir le hÉin agus an Treoir maidir le Gnáthóga) ( 71 ); agus

v. 

Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí ( 72 );

(d) 

nádúr, cineál agus méid rioscaí, spleáchais agus dheiseanna ábhartha an ghnóthais a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachórais, agus an dóigh a mbainistíonn an gnóthas iad; agus

(e) 

na héifeachtaí airgeadais ar an ngnóthas thar na rioscaí agus na deiseanna ábhartha sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma a eascraíonn as tionchair agus as spleáchais an ghnóthais ar bhithéagsúlacht agus ar éiceachórais.

2. Leagtar amach sa Chaighdeán seo Ceanglais maidir le Nochtadh a bhaineann le gaolmhaireacht an ghnóthais le gnáthóga talún, fionnuisce agus muirí, le héiceachórais agus le pobail de speicis ghaolmhara fauna agus flora, lena n-áirítear éagsúlacht laistigh de speicis, idir speicis agus éiceachórais agus a n-idirghaol le pobail dhúchasacha agus le pobail eile dá ndéantar difear.

3. Tagraíonn na téarmaí ‘bithéagsúlacht’ agus ‘éagsúlacht bhitheolaíoch’ don athraitheacht i measc orgánach beo ó gach foinse lena n-áirítear, inter alia, éiceachórais talún, fionnuisce, mhuirí agus éiceachórais uisceacha eile agus na coimpléisc éiceolaíocha ar cuid díobh iad.

Idirghníomhaíocht le ESRS eile

4. Tá ‘anbhithéagsúlacht agus éiceachórais’ nasctha go dlúth le cúrsaí comhshaoil eile. Is iad na nithe is mó a spreagann athrú ar an mbithéagsúlacht agus athrú ar éiceachórais ná an t-athrú aeráide, truailliú, athrú ar úsáid talún, athrú ar úsáid fionnuisceagus athrú ar úsáid na farraige, saothrú díreach ar orgánaigh agus speiceas coimhthíoch ionrach. Cumhdaítear na spreagthaí sin sa chaighdeán seo, seachas an t-athrú aeráide (a chumhdaítear le ESRS E1) agus truailliú (a chumhdaítear le ESRS E2).

5. Chun tuiscint chuimsitheach a fháil ar thionchair ábhartha agus ar spleáchais ar an mbithéagsúlacht agus ar éiceachórais, ba cheart na Ceanglais maidir le Nochtadh ESRS comhshaoil eile a léamh agus a léirmhíniú i gcomhar le ceanglais shonracha maidir le nochtadh den Chaighdeán seo. Is iad seo a leanas na ceanglais ábhartha maidir le nochtadh a chumhdaítear in ESRS comhshaoil eile:

(a) 

ESRS E1 Athrú aeráide, lena dtugtar aghaidh go háirithe ar astaíochtaí GCT agus ar acmhainní fuinnimh (tomhaltas fuinnimh);

(b) 

ESRS E2 Truailliú, lena dtugtar aghaidh ar thruailliú aeir, uisce agus ithreach;

(c) 

ESRS E3 Uisce agus acmhainní muirí lena dtugtar aghaidh go háirithe ar acmhainní uisce (tomhaltas uisce) agus acmhainní muirí;

(d) 

Le ESRS E5Úsáid acmhainní agus an geilleagar ciorclach tugtar aghaidh go háirithe ar an aistriú ó acmhainní neamh-inathnuaite a eastóscadh agus ar chur chun feidhme cleachtas lena gcuirtear cosc ar ghiniúint dramhaíola, lena n-áirítear truailliú a ghintear le dramhaíl.

6. Déanann tionchair an ghnóthais ar an mbithéagsúlacht agus ar éiceachórais difear do dhaoine agus do phobail. Agus tuairisciú á dhéanamh ar thionchair dhiúltacha ábhartha ar phobail dá ndéantar difear de bharr an athraithe ar an mbithéagsúlacht agus ar éiceachórais faoi ESRS E4, breithneoidh an gnóthas ceanglais ESRS S3 Pobail dá ndéantar difear.

7. Ba cheart an Caighdeán sin a léamh i gcomhar le ESRS 1 Ceanglais ghinearálta agus ESRS 2 Nochtaí Ginearálta.

Ceanglais maidir le Nochtadh

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

8. Léifear ceanglais na roinne seo i gcomhar leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2 Caibidil 2 Rialachas, Caibidil 3 Straitéis agus Caibidil 4 Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna.

9. Déanfar na nochtaí a thiocfaidh as sin a chur i láthair in éineacht leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2, cé is moite de ESRS 2 SBM-3, a bhfuil sé de rogha ag an ngnóthas nochtaí a chur i láthair ina leith in éineacht leis na nochtaí topaicshonracha.

10. Sa bhreis ar na ceanglais in ESRS 2, áirítear sa Chaighdeán seo freisin an Ceanglas maidir le Nochtadh topaicshonrach E4-1 Plean aistrithe agus breithniú ar bhithéagsúlacht agus éiceachórais sa straitéis agus sa tsamhail ghnó.

Straitéis

Ceanglas maidir le Nochtadh E4-1 — Plean aistrithe agus breithniú ar bhithéagsúlacht agus éiceachórais sa straitéis agus sa tsamhail ghnó

11. Nochtfaidh an gnóthas conas a eascraíonn tionchar, spleáchais, rioscaí agus deiseanna bithéagsúlachta agus éiceachórais as a straitéis agus a shamhail ghnó agus conas a spreagann siad oiriúnú na straitéise agus na samhla gnó sin.

12. Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar athléimneacht straitéis agus shamhail ghnó an ghnóthais i ndáil le bithéagsúlacht agus éiceachórais, agus ar chomhoiriúnacht straitéis agus shamhail ghnó an ghnóthais maidir le spriocanna ábhartha beartais phoiblí áitiúla, náisiúnta agus domhanda a bhaineann le bithéagsúlacht agus éiceachórais.

13. Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar athléimneacht a straitéise agus a shamhla gnó i ndáil le bithéagsúlacht agus éiceachórais. Ba cheart an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt sa tuairisc:

(a) 

measúnú ar athléimneacht na samhla gnó agus na straitéise atá ann faoi láthair i leith rioscaí fisiceacha, aistrithe agus sistéamacha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachórais;

(b) 

raon feidhme na hanailíse athléimneachta i ndáil le hoibríochtaí an ghnóthais féin agus lena shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach agus i ndáil leis na rioscaí a mheastar san anailís sin;

(c) 

na príomhthoimhdí a dhéantar;

(d) 

na tréimhsí ama a úsáidtear;

(e) 

torthaí na hanailíse athléimneachta; agus

(f) 

rannpháirtíocht páirtithe leasmhara, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, iad siúd a bhfuil eolas dúchasach agus áitiúil acu.

14. Má dhéanann an gnóthas faisnéis a nochtadh a shonraítear sa cheanglas seo maidir le nochtadh mar chuid den fhaisnéis a cheanglaítear faoi ESRS 2 SBM-3, féadfaidh an gnóthas tagairt a dhéanamh don fhaisnéis atá nochta aige faoi ESRS 2 SBM-3.

15. Féadfaidh an gnóthas a phlean aistrithe a nochtadh chun a shamhail ghnó agus a straitéis ghnó a fheabhsú agus, ar deireadh thiar, chun iad a ailíniú le fís Chreat Bithéagsúlachta Domhanda Kunming-Montreal agus a chuspóirí agus spriocanna ábhartha, le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, agus chun teorainneacha pláinéadacha a bhaineann le sláine an bhithsféir agus le hathrú ar an gcóras talún a urramú.

Ceanglas maidir le Nochtadh SBM 3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó

16. Nochtfaidh an gnóthas:

(a) 

liosta de láithreáin ábhartha ina oibríochtaí féin, lena n-áirítear láithreáin atá faoina rialú oibríochtúil, bunaithe ar thorthaí mhír 17(a). Nochtfaidh an gnóthas na láithreáin sin tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

i. 

na gníomhaíochtaí a dhéanann difear diúltach do limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de ( 73 ) a shonrú;

ii. 

miondealú a sholáthar ar láithreáin de réir na dtionchar agus na spleáchas a sainaithníodh, agus de réir stádas éiceolaíoch na limistéar (ag tagairt do leibhéal sonrach bonnlíne an éiceachórais) ina bhfuil siad lonnaithe; agus

iii. 

na limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de dá ndéantar difear a shonrú, ionas go mbeidh úsáideoirí in ann an suíomh agus an t-údarás inniúil freagrach a chinneadh maidir leis na gníomhaíochtaí a shonraítear i mír 16(a) i.

(b) 

cé acu a sainaithníodh nó nár sainaithníodh tionchair dhiúltacha ábhartha maidir le díghrádú talún, fairsingiú fásaighséalú ithreach ( 74 ); agus

(c) 

cé acu atá nó nach bhfuil oibríochtaí aige a dhéanann difear do speicis faoi bhagairt ( 75 ).

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 – Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí, spleáchais agus deiseanna ábhartha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais a shainaithint agus a mheasúnú

17. Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar a phróiseas chun tionchair, rioscaí, spleáchais agus deiseanna ábhartha a shainaithint. Áireofar sa tuairisc ar an bpróiseas cé acu a rinne nó nach ndearna an gnóthas na nithe seo a leanas, agus an dóigh a ndearna sé iad:

(a) 

tionchair iarbhír agus fhéideartha ar bhithéagsúlacht agus ar éiceachórais a shainaithint agus a mheasúnú ag suíomhanna láithreáin dhílis agus sa slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, lena n-áirítear na critéir mheasúnaithe a chuirtear i bhfeidhm;

(b) 

spleáchais ar bhithéagsúlacht agus ar éiceachórais agus a seirbhísí a shainaithint agus a mheasúnú ag suíomhanna láithreáin dhílis agus sa slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, lena n-áirítear na critéir mheasúnaithe a chuirtear i bhfeidhm, agus, má áirítear sa mheasúnú sin éicisheirbhísí a gcuirtear isteach orthu nó ar dócha go gcuirfear isteach orthu;

(c) 

rioscaí agus deiseanna aistrithe agus fisiceacha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachórais a shainaithint agus a mheasúnú, lena n-áirítear critéir mheasúnaithe arna gcur i bhfeidhm bunaithe ar a thionchair agus ar a spleáchais;

(d) 

rioscaí sistéamacha a bhreithniú;

(e) 

comhairliúcháin a dhéanamh leis na pobail dá ndéantar difear maidir le measúnuithe inbhuanaitheachta ar acmhainní bitheolaíocha comhroinnte agus éiceachórais agus, go háirithe:

i. 

i gcás inar dócha go mbeidh tionchar diúltach ag láithreán, ag táirgeadh nó ag foinsiú amhábhair ar an mbithéagsúlacht agus ar éiceachórais, na láithreáin shonracha, an táirgeadh nó an foinsiú amhábhar a shainaithint a bhfuil tionchair dhiúltacha acu, nó a bhféadfadh tionchair dhiúltacha a bheith acu ar phobail dá ndéantar difear;

ii. 

i gcás inar dócha go mbeidh tionchar ann ar phobail dá ndéantar difear, nochtfaidh an gnóthas an chaoi a raibh na pobail sin páirteach sa mheasúnú ábharthachta; agus

iii. 

maidir leis na tionchair ar sheirbhísí éiceachórais atá ábhartha do phobail dá ndéantar difear ina chuid oibríochtaí féin, léireoidh an gnóthas conas is féidir tionchair dhiúltacha a sheachaint. Má bhíonn na tionchair sin dosheachanta, féadfaidh an gnóthas a phleananna maidir lena n-íoslaghdú a léiriú agus bearta maolaithe a chur chun feidhme a fhéachann le luach agus feidhmiúlacht seirbhísí tosaíochta a choinneáil ar bun.

18. Féadfaidh an gnóthas a nochtadh cé acu a bhain nó nár bhain sé úsáid as anailís ar chásanna bithéagsúlachta agus éiceachóras agus conas a d’úsáid sé í chun bonn eolais a chur faoi rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú thar thréimhsí ama gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha. Más rud é gur bhain an gnóthas úsáid as anailís ar chásanna den sórt sin, féadfaidh sé an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh:

(a) 

an fáth ar roghnaíodh na cásanna breithnithe;

(b) 

an dóigh a dtugtar na cásanna breithnithe cothrom le dáta de réir dálaí a athraíonn agus treochtaí a thagann chun cinn; agus

(c) 

cé acu atá nó nach bhfuil na cásanna bunaithe ar ionchais arna bhfoilsiú ag comhlachtaí údarásacha idir-rialtasacha, amhail an Coinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht agus, i gcás inarb ábhartha, trí chomhdhearcadh eolaíoch, amhail an comhdhearcadh arna chur in iúl ag an Ardán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES).

19. Nochtfaidh an gnóthas go sonrach:

(a) 

cé acu atá nó nach bhfuil láithreáin aige atá suite i limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de nó gar dóibh agus cé acu a bhíonn nó nach mbíonn tionchar diúltach ag gníomhaíochtaí a bhaineann leis na láithreáin sin ar na limistéir sin trí é a bheith mar thoradh ar na gníomhaíochtaí sin go dtagann meath ar ghnáthóga nádúrtha agus ar ghnáthóga na speiceas agus go gcuirtear isteach ar speicis ar lena n-aghaidh a ainmníodh limistéar faoi chosaint; agus

(b) 

cé acu a thángthas nó nár thángthas ar an gconclúid gur gá bearta maolaithe a bhaineann leis an mbithéagsúlacht a chur chun feidhme, amhail na bearta sin a shainaithnítear sna nithe seo a leanas: Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héin fhiáine a chaomhnú; Treoir 92/43/CEE ón gComhairle maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú; Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol (MTC) mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2), pointe (g), de Threoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 76 ) maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá ag tionscadail phoiblí agus phríobháideacha áirithe i ndáil leis an gcomhshaol; agus i gcás gníomhaíochtaí atá suite i dtríú tíortha, i gcomhréir le forálacha coibhéiseacha náisiúnta nó le caighdeáin idirnáisiúnta, amhail Caighdeán Feidhmíochta 6 na Corparáide Airgeadais Idirnáisiúnta (IFC): Caomhnú na Bithéagsúlachta agus Bainistíocht Inbhuanaithe na Beo-Acmhainní Nádúrtha.

Ceanglas maidir le Nochtadh E4-2 — Beartais a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais

20.  ►C1  Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar na beartais atá glactha aige chun bainistiú a dhéanamh ar a thionchair, a rioscaí, a spleáchais, agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachórais. ◄

21. Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar a mhéid atá beartais ag an ngnóthas a thugann aghaidh ar a thionchair, spleáchais, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais a shainaithint, a mheasúnú, a bhainistiú agus/nó a leigheas.

22. Beidh sa nochtadh a cheanglaítear le mír 20 an fhaisnéis faoi na beartais atá i bhfeidhm ag an ngnóthas chun a thionchair, a rioscaí, a spleáchais agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachórais a bhainistiú i gcomhréir le beartais ESRS 2 MDR-P Beartais arna nglacadh chun ábhair inbhuanaitheachta ábhartha a bhainistiú).

23. Chomh maith le forálacha ESRS 2 MDR-P, tabharfaidh an gnóthas tuairisc an fíor an méid seo a leanas agus an chaoi a dtarlaíonn an méid seo a leanas maidir lena bheartais a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachórais:

(a) 

baineann siad le hábhair a shonraítear in ESRS E4 AR 4;

(b) 

baineann siad leis na tionchair ábhartha atá aige i ndáil leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais;

(c) 

baineann siad le spleáchais ábhartha agus le rioscaí agus deiseanna fisiceacha agus aistrithe ábhartha;

(d) 

tacaíonn siad le hinrianaitheacht táirgí, comhpháirteanna agus amhábhar a bhfuil tionchair ábhartha iarbhír nó fhéideartha acu ar an mbithéagsúlacht agus ar éiceachórais feadh an tslabhra luacha;

(e) 

tugann siad aghaidh ar tháirgeadh, foinsiú nó tomhaltas as éiceachórais a bhainistítear chun dálaí bithéagsúlachta a choinneáil ar bun nó a fheabhsú, mar a léirítear le faireachán tráthrialta agus tuairisciú ar stádas bithéagsúlachta agus gnóthachain nó caillteanais bhithéagsúlachta; agus

(f) 

tugann siad aghaidh ar iarmhairtí sóisialta na dtionchar a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais.

24. Nochtfaidh an gnóthas go sonrach cé acu atá nó nach bhfuil na nithe seo a leanas glactha aige:

(a) 

beartas cosanta bithéagsúlachta agus éiceachórais lena gcumhdaítear láithreáin oibríochtúla atá faoi úinéireacht, léasaithe nó bainistithe i limistéar atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de nó gar do limistéar den chineál sin;

(b) 

cleachtais nó beartais talún / talmhaíochta inbhuanaithe ( 77 );

(c) 

cleachtais nó beartais aigéan / farraigí inbhuanaithe ( 78 ); agus

(d) 

beartais chun aghaidh a thabhairt ar dhífhoraoisiú ( 79 ).

Ceanglas maidir le Nochtadh E4-3 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais

25. Nochtfaidh an gnóthas na gníomhaíochtaí a dhéanann sé a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais agus na hacmhainní a leithdháiltear ar a gcur chun feidhme.

26. Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar na príomhghníomhaíochtaí a rinneadh agus atá beartaithe a chuireann go mór le cuspóirí agus spriocanna beartais a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachóraisa bhaint amach.

27. Leanfaidh an tuairisc ar na príomhghníomhaíochtaí agus na príomhacmhainní an t-ábhar sainordaitheach a shainítear in ESRS 2 MDR-A Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta ábhartha.

28. Ina theannta sin, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:

(a) 

féadfaidh sé an chaoi ar chuir sé an t-ordlathas maolúcháin i bhfeidhm maidir lena ghníomhaíochtaí a nochtadh (seachaint, íoslaghdú, athbhunú/athshlánú, agus cúiteamh nó fritháirimh);

(b) 

nochtfaidh sé cé acu a bhain nó nár bhain sé úsáid as fritháirimh bhithéagsúlachta ina phleananna gníomhaíochta. Má tá fritháirimh bhithéagsúlachta sna gníomhaíochtaí, cuirfidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas san áireamh:

i. 

aidhm an fhritháirimh agus na heochairtháscairí feidhmíochta a úsáideadh;

ii. 

éifeachtaí maoinithe (costais dhíreacha agus indíreacha) na bhfritháireamh bithéagsúlachta i dtéarmaí airgeadaíochta; agus;

iii. 

tuairisc ar fhritháirimh lena n-áirítear limistéar, cineál, na critéir cháilíochta a cuireadh i bhfeidhm agus na caighdeáin a chomhlíonann na fritháirimh bhithéagsúlachta;

(c) 

tabharfaidh sé tuairisc ar cé acu a chuir nó nár chuir sé san áireamh eolas dúchasach traidisiúnta áitiúil agus réitigh dhúlrabhunaithe i ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachóraisagus an chaoi ar chuir sé san áireamh iad.

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh E4-4 — Spriocanna a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais

29.  Nochtfaidh an gnóthas na spriocanna atá leagtha síos aige a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus leis an éiceachóras.

30. Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar na spriocanna atá glactha ag an ngnóthas chun tacú lena bheartais bhithéagsúlachta agus éiceachórais agus chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair, na spleáchais, na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhaineann leis.

31. Cloífidh an tuairisc ar na spriocanna leis an ábhar sainordaitheach a shainítear in ESRS 2 MDR-T Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna.

32. Áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa nochtadh a cheanglaítear le mír 29:

(a) 

cé acu a cuireadh nó nár cuireadh tairseacha éiceolaíocha agus leithdháiltí tionchar ar an ngnóthas i bhfeidhm agus spriocanna á socrú. Má cuireadh, sonróidh an gnóthas an méid seo a leanas:

i. 

na tairseacha éiceolaíocha a sainaithníodh, agus an mhodheolaíocht a úsáideadh chun na tairseacha sin a shainaithint;

ii. 

cé acu atá nó nach bhfuil na tairseacha eintiteas-sonrach agus má tá, conas a cinneadh iad; agus

iii. 

an dóigh a leithdháiltear sa ghnóthas an fhreagracht as tairseacha éiceolaíocha sainaitheanta a urramú;

(b) 

cé acu atá nó nach bhfuil na spriocanna bunaithe ar Chreat Bithéagsúlachta Domhanda Kunming-Montreal, ar ghnéithe ábhartha de Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 agus beartais agus reachtaíocht náisiúnta eile a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus leis an éiceachóras, agus/nó cé acu atá nó nach bhfuil siad ailínithe leo;

(c) 

an chaoi a mbaineann na spriocanna le tionchair, spleáchais, rioscaí agus deiseanna bithéagsúlachta agus éiceachórais arna sainaithint ag an ngnóthas i ndáil lena oibríochtaí féin agus lena shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach;

(d) 

raon feidhme geografach na spriocanna, más ábhartha;

(e) 

cé acu a d’úsáid nó nár úsáid an gnóthas fritháirimh bhithéagsúlachta agus a spriocanna á socrú; agus

(f) 

cén tsraith den ordlathas maolaithe ar ar féidir an sprioc a leithdháileadh (i.e. seachaint, íoslaghdú, athchóiriú agus athshlánú, cúiteamh nó fritháirimh).

Ceanglas maidir le Nochtadh E4-5 — Méadracht tionchair a bhaineann le hathrú bithéagsúlachta agus éiceachóras

33. Tuairisceoidh an gnóthas méadracht a bhaineann lena thionchair ábhartha ar bhithéagsúlacht agus ar éiceachórais.

34. Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint ar fheidhmíocht an ghnóthais a chumasú i leith tionchair arna sainaithint mar thionchair ábhartha sa mheasúnú ábharthachta ar athrú bithéagsúlachta agus éiceachórais.

35. Má shainaithin an gnóthas láithreáin atá suite i limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de nó gar dóibh agus a bhfuil tionchar diúltach aige orthu (féach mír 19(a)), nochtfaidh an gnóthas an líon láithreán agus limistéar (i heicteáir) na láithreán atá faoi úinéireacht, faoi léas nó faoi bhainistiú sna limistéir faoi chosaint sin nó sna príomhlimistéir bhithéagsúlachta sin nó gar dóibh.

36. Má shainaithin an gnóthas tionchair ábhartha maidir le hathrú ar úsáid talún, nó tionchair ar mhéid agus ar riocht na n- éiceachóras, féadfaidh sé a n-úsáid talún a nochtadh freisin bunaithe ar Mheasúnú Saolré.

37. I gcás na bpointí sonraí a shonraítear i míreanna 38 go 41, breithneoidh an gnóthas a chuid oibríochtaí féin.

38. Má tháinig an gnóthas ar an gconclúid go rannchuidíonn sé go díreach leis na spreagthaí tionchair sin athrú ar úsáid talún, athrú ar úsáid fionnuisceagus/nó athrú ar úsáid na farraige, déanfaidh sé an mhéadracht ábhartha a thuairisciú. Féadfaidh an gnóthas méadracht a nochtadh lena dtomhaistear na nithe seo a leanas:

(a) 

athrú cumhdaigh talún (e.g. dífhoraoisiú nó mianadóireacht) le himeacht ama (e.g. 1 bhliain nó 5 bliana);

(b) 

athruithe le himeacht ama (e.g. 1 bhliain nó 5 bliana) i mbainistiú an éiceachórais (e.g., trí bhainistiú talmhaíochta a dhianú, nó trí chleachtais bhainistíochta nó saothrú foraoiseachta níos fearr a chur i bhfeidhm);

(c) 

athruithe ar chumraíocht spásúil an tírdhreacha (e.g. ilroinnt gnáthóg, athruithe ar chomhcheangailteacht éiceolaíoch);

(d) 

athruithe ar chomhcheangailteacht struchtúrach éiceolaíoch (e.g. tréscaoilteacht gnáthóige bunaithe ar ghnéithe fisiceacha agus ar shocruithe paistí gnáthóige); agus

(e) 

an chomhcheangailteacht fheidhmiúil (e.g. cé chomh maith agus a théann géinte nó aonáin trí thalamh, fionnuisce agus muirdhreach).

39. Má tháinig an gnóthas ar an gconclúid go rannchuidíonn sé go díreach le speicis choimhthíocha ionracha a thabhairt isteach de thaisme nó go deonach, féadfaidh an gnóthas an mhéadracht a nochtadh a úsáideann sé chun bainistiú a dhéanamh ar chonairí ina dtagann speicis choimhthíocha ionrachaisteach agus ina leathann siad agus chun bainistiú a dhéanamh na rioscaí a bhaineann le speicis choimhthíocha ionracha a bhainistiú.

40. Má shainaithin an gnóthas tionchair ábhartha a bhaineann le staid na speiceas, féadfaidh an gnóthas méadracht a mheasann sé a bheith ábhartha a thuairisciú. Féadfaidh an gnóthas:

(a) 

tagairt a dhéanamh do cheanglais ábhartha maidir le nochtadh in ESRS E1, ESRS E2, ESRS E3, agus ESRS E5;

(b) 

méid an daonra, raon laistigh d’éiceachórais shonracha chomh maith le riosca díothaithe a chur san áireamh. Tugann na gnéithe sin léargas ar shláinte daonra speicis aonair agus ar a athléimneacht choibhneasta in aghaidh athrú a spreagann an duine agus athrú a tharlaíonn go nádúrtha;

(c) 

méadracht a nochtadh lena dtomhaistear athruithe ar an líon aonán de speiceas laistigh de limistéar sonrach;

(d) 

méadracht ar speicis atá i mbaol a ndíothaithe ( 80 ) a nochtadh ar méadracht í lena dtomhaistear:

i. 

stádas bagartha speicis agus conas a d’fhéadfadh gníomhaíochtaí/brúnna difear a dhéanamh don stádas bagartha; nó

ii. 

athruithe ar an ngnáthóg ábhartha le haghaidh speicis faoi bhagairt mar athróg ionadach ar thionchar an ghnóthais ar riosca díothaithe an daonra áitiúil.

41. Má shainaithin an gnóthas tionchair ábhartha a bhaineann le héiceachórais, féadfaidh sé an méid seo a leanas a nochtadh:

(a) 

maidir le fairsinge na n-éiceachóras, méadracht lena dtomhaistear cumhdach limistéir éiceachórais ar leith gan gá le cáilíocht an limistéir atá á mheasúnú a chur san áireamh, amhail cumhdach gnáthóige. Tá cumhdach foraoise, mar shampla, ina thomhas ar a fhairsinge atá cineál áirithe éiceachórais, gan bail an éiceachórais a chur san áireamh (e.g. soláthraítear an t-achar leis gan tuairisc a dhéanamh ar an éagsúlacht speiceas laistigh den fhoraois).

(b) 

maidir le staid na n-éiceachóras:

i. 

méadracht lena dtomhaistear cáilíocht na n-éiceachóras i gcoibhneas le staid tagartha réamhchinntithe;

ii. 

méadracht lena dtomhaistear speicis éagsúla laistigh d’éiceachóras seachas an líon aonán laistigh de speiceas aonair laistigh d’éiceachóras (mar shampla: táscairí maidir le saibhreas agus flúirse speiceas atá bunaithe go heolaíoch lena dtomhaistear forbairt chomhdhéanamh speiceas (dúchasach) laistigh d’éiceachóras in aghaidh na staide tagartha ag tús na chéad tréimhse tuairiscithe chomh maith leis an staid spriocdhírithe a leagtar amach i gCreat Bithéagsúlachta Domhanda Kunming-Montreal, nó comhiomlánú de stádas caomhantais speiceas más ábhartha); nó

iii. 

méadracht a léiríonn comhpháirteanna struchtúracha riochta amhail comhcheangailteacht gnáthóige (i.e. an chaoi a bhfuil gnáthóga nasctha lena chéile).

Ceanglas maidir le Nochtadh E4-6 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le bithéagsúlacht agus éiceachóras

42. Nochtfaidh an gnóthas éifeachtaí airgeadais ionchasacha a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le bithéagsúlacht agus éiceachóras.

43. Tá an fhaisnéis a cheanglaítear le mír 42 sa bhreis ar an bhfaisnéis maidir leis na héifeachtaí airgeadais atá ann faoi láthair ar staid airgeadais, ar fheidhmíocht airgeadais agus ar shreafaí airgid an eintitis don tréimhse tuairiscithe a cheanglaítear faoi ESRS 2 SBM-3 mír 48 (d).

44. Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar na nithe seo a leanas:

(a) 

éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo mar gheall ar rioscaí ábhartha a eascraíonn as tionchair agus spleáchais a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus leis an éiceachóras agus an tionchar ábhartha a bhíonn ag na rioscaí sin (nó a bhféadfaí a coinne a bheith leis go réasúnach) ar staid airgeadais, ar fheidhmíocht airgeadais agus ar shreafaí airgid an ghnóthais sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma; agus

(b) 

►C1  éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo mar gheall ar dheiseanna ábhartha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachórais. ◄

45. Áireofar an méid seo a leanas sa nochtadh:

(a) 

cainníochtú ar na héifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo i dtéarmaí airgeadaíochta sula ndéanfar gníomhaíochtaí a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachóraisa mheas nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh gan costas nó iarracht mhíchuí, faisnéis cháilíochtúil. Maidir le héifeachtaí airgeadais a eascraíonn as deiseanna ábhartha, ní éilítear cainníochtú más rud é go mbeadh mar thoradh air nochtadh nach gcomhlíonann saintréithe cáilíochtúla na faisnéise (féach ESRS 1 Foscríbhinn B Saintréithe cáilíochtúla na faisnéise). Féadfaidh méid aonair nó raon a bheith i gcainníochtú na n-éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo i dtéarmaí airgeadaíochta;

(b) 

tuairisc ar na héifeachtaí a breithníodh, na tionchair agus na spleáchais lena mbaineann siad agus na tréimhsí ama inar dócha go dtiocfaidh siad chun cinn; agus

(c) 

na toimhdí criticiúla a úsáidtear chun na héifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo a chainníochtú chomh maith le foinsí agus leibhéal éiginnteachta na dtoimhdí sin.




Foscríbhinn A

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm (AR)

Is dlúthchuid de ESRS E4 í an fhoscríbhinn seo. Tacaíonn sí le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le nochtadh a leagtar amach sa chaighdeán seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den chaighdeán.

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

Straitéis

Ceanglas maidir le Nochtadh E4-1 — Plean aistrithe agus breithniú ar bhithéagsúlacht agus éiceachórais sa straitéis agus sa tsamhail ghnó

AR 1. Má nochtann an gnóthas plean aistrithe, féadfaidh sé an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

míniú a thabhairt ar an gcaoi a ndéanfaidh sé a straitéis agus a shamhail ghnó a choigeartú chun feabhas a chur ar na cuspóirí agus spriocanna beartais phoiblí ábhartha ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus domhanda a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais, agus chun ailíniú a bhaint amach leo, lena n-áirítear fís Chreat Bithéagsúlachta Domhanda Kunming-Montreal agus a chuspóirí agus spriocanna ábhartha, Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, agus Treoir 2009/147/CE agus Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (Treoracha an Aontais maidir le hÉin agus Gnáthóga) agus, de réir mar is iomchuí, teorainneacha pláinéadacha a bhaineann le sláine an bhithsféir agus le hathrú ar an gcóras talún;

(b) 

faisnéis maidir lena oibríochtaí féin a chur san áireamh agus míniú a thabhairt freisin ar an gcaoi a bhfuil sé ag freagairt do thionchair ábhartha ina shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach arna sainaithint ina mheasúnú ábharthachta i gcomhréir le ESRS 2 IRO-1 Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú;

(c) 

míniú a thabhairt ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn a straitéis lena phlean aistrithe;

(d) 

míniú a thabhairt ar an gcaoi a gcuireann sé le haghaidh a thabhairt ar spreagthaí tionchair ar an mbithéagsúlacht agus ar an éiceachóras, agus míniú a thabhairt ar na gníomhaíochtaí maolúcháin a d’fhéadfadh a bheith aige de réir an ordlathais maolúcháin agus ar na príomhspleáchais conaire agus na sócmhainní agus na hacmhainní gaibhnithe (e.g. plandaí, amhábhair) a bhaineann le hathrú ar an mbithéagsúlacht agus ar éiceachórais;

(e) 

a infheistíochtaí agus a chistiú lena dtacaítear le cur chun feidhme a phlean aistrithe a mhíniú agus a chainníochtú, le tagairt do phríomhtháscairí feidhmíochta CapEx atá ailínithe le tacsanomaíocht, agus i gcás inarb ábhartha pleananna CapEx, a nochtann an gnóthas i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún;

(f) 

má tá gníomhaíochtaí eacnamaíocha aige a chumhdaítear le rialacháin tharmligthe maidir leis an mbithéagsúlacht faoin Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, míniú a thabhairt maidir le haon chuspóir nó aon phlean (CapEX, pleananna CapEx) atá aige chun a ghníomhaíochtaí eacnamaíocha (ioncam, CapEx) a ailíniú leis na critéir a bunaíodh sna rialacháin tarmligthe sin;

(g) 

míniú a thabhairt ar an gcaoi a n-úsáidtear fritháirimh bhithéagsúlachta mar chuid den phlean aistrithe, agus má úsáidtear iad, i gcás ina bhfuil sé beartaithe na fritháirimh a úsáid, méid na húsáide i ndáil leis an bplean aistrithe foriomlán, agus cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh an t-ordlathas maolúcháin a mheas;

(h) 

míniú a thabhairt ar an gcaoi a mbainistítear an próiseas chun an plean aistrithe a chur chun feidhme agus a thabhairt cothrom le dáta;

(i) 

míniú a thabhairt ar an gcaoi a ndéanann sé dul chun cinn a thomhas, is é sin an mhéadracht agus na modheolaíochtaí a úsáideann sé chun na críche sin a léiriú;

(j) 

a léiriú cé acu a rinne nó nach ndearna na comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta formheas ar an bplean aistrithe; agus

(k) 

na dúshláin agus na teorainneacha atá ann faoi láthair chun plean a dhréachtú maidir le réimsí a bhfuil tionchar mór acu a léiriú agus an chaoi a bhfuil an chuideachta ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin sin.

AR 2. Má nochtar plean aistrithe, féadfaidh an gnóthas, mar shampla, tagairt a dhéanamh do na spriocanna seo a leanas ó Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030:

(a) 

Tá an meath ar phailneoirí aisiompaithe.

(b) 

Tá laghdú 50 % tagtha ar úsáid lotnaidicídí ceimiceacha agus ar an riosca a bhaineann leo, agus tá laghdú 50 % tagtha ar úsáid lotnaidicídí níos guaisí.

(c) 

Tá 25 % ar a laghad de thalamh talmhaíochta faoi bhainistíocht feirmeoireachta orgánaí, agus tá méadú mór tagtha ar ráta úsáide cleachtas agrai-éiceolaíoch.

(d) 

Tá 3 bhilliún crann breise curtha san Aontas, agus lánurraim tugtha do phrionsabail éiceolaíocha.

(e) 

Dul chun cinn mór maidir le láithreáin ina bhfuil ithir éillithe a leigheas.

(f) 

Tá 25 000  km ar a laghad d’aibhneacha saorchúrsála athchóirithe.

(g) 

Tá laghdú 50 % tagtha ar chaillteanais cothaitheach ó leasacháin, a bhfuil laghdú 20 % ar a laghad ar úsáid leasachán mar thoradh air.

(h) 

Tá laghdú suntasach tagtha ar thionchair dhiúltacha ar speicis agus gnáthóga íogaire, lena n-áirítear ar ghrinneall na farraige trí ghníomhaíochtaí iascaireachta agus eastósctha, sa chaoi go bhfuil dea-stádas comhshaoil bainte amach.

AR 3. Má nochtar plean aistrithe, féadfaidh an gnóthas tagairt a dhéanamh freisin do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDG), go háirithe:

(a) 

SDG 2 - Díothú an ocrais, slándáil bia agus cothú feabhsaithe a bhaint amach agus talmhaíocht inbhuanaithe a chur chun cinn;

(b) 

SDG 6 - Rochtain ar uisce agus ar shláintíocht a áirithiú do gach duine;

(c) 

SDG 14 - Na haigéin, na farraigí agus acmhainní muirí a chaomhnú agus a úsáid ar shlí inbhuanaithe ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe; agus

(d) 

SDG 15 — Úsáid inbhuanaithe éiceachóras talún a chosaint, a athbhunú agus a chur chun cinn, foraoisí a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe, chun gaineamhlú a chomhrac, chun díghrádú talún a stopadh agus a aisiompú, agus chun cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh.

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglais maidir le nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais a shainaithint agus a mheasúnú

AR 4. Áirítear an méid seo a leanas i dtaobh an ghnóthais sa mheasúnú ábharthachta faoi ESRS E4:

(a) 

a rannchuidiú le spreagthaí tionchair dhírigh ar chailliúint na bithéagsúlachta ( 81 ):

i. 

athrú aeráide;

ii. 

athrú ar thalamhúsáid (e.g., saorgú talún), athrú ar úsáid uisce úir agus athrú ar úsáid na farraige;

iii. 

saothrú díreach;

iv. 

speicis choimhthíocha ionracha;

v. 

truailliú; agus

vi. 

nithe eile.

(b) 

tionchair ar staid na speiceas (i.e. daonra na speiceas, riosca díothaithe domhanda speiceas);

(c) 

tionchair ar mhéid agus ar bhail na n- éiceachóras lena n-áirítear trí dhíghrádú talún, fairsingiú fásaigh agus séalú ithreach); agus

(d) 

tionchair agus spleáchais ar éicisheirbhísí.

AR 5. Agus measúnú á dhéanamh ar ábharthacht tionchar, spleáchais, rioscaí agus deiseanna, breithneoidh an gnóthas na forálacha in ESRS 2 IRO-1 agus ESRS 1 Caibidil 3 Ábharthacht dhúbailte mar bhonn le nochtaí inbhuanaitheachta agus tabharfaidh sé tuairisc ar a bhreithnithe.

AR 6. Déanfaidh an gnóthas measúnú ar ábharthacht na bithéagsúlachta agus na n-éiceachóras ina oibríochtaí féin agus ina shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, agus féadfaidh sé a mheasúnú ábharthachta a dhéanamh i gcomhréir leis na chéad trí chéim de chur chuige LEAP: Aimsiú (mír AR 7), Meastóireacht (mír AR 8) agus Measúnú (mír AR 9).

AR 7. Baineann Céim 1 le logánú láithreán ábhartha maidir lena idirphlé leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachórais. Chun na láithreáin ábhartha sin a shainaithint, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

liosta a fhorbairt de shuíomhanna na sócmhainní díreacha agus na n-oibríochtaí díreacha agus de shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach gaolmhar atá ábhartha do ghníomhaíochtaí gnó na ngnóthas. Ina theannta sin, féadfaidh an gnóthas faisnéis a sholáthar maidir le láithreáin ar fógraíodh go foirmiúil go ndéanfar oibríochtaí orthu amach anseo;

(b) 

na bithóim agus na héiceachórais a bhfuil idirphlé aige leo a liostú, bunaithe ar liosta na suíomhanna a shainaithnítear faoi mhír AR 7(a);

(c) 

sláine agus tábhacht reatha na bithéagsúlachta agus an éiceachórais ag gach suíomh a shainaithint agus an fhaisnéis a sholáthraítear i míreanna 16 agus 17 á cur san áireamh;

(d) 

liosta a fhorbairt de shuíomhanna ina bhfuil an gnóthas ag idirphlé le suíomhanna i limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de nó gar dóibh, agus an fhaisnéis a chuirtear ar fáil i míreanna 16 agus 17 á cur san áireamh; agus

(e) 

na hearnálacha, na haonaid ghnó, na slabhraí luacha nó na haicmí sócmhainní a théann i gcomhéadan leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachórais sna láithreáin ábhartha sin a shainaithint. In ionad an idirphlé sin a shainaithint in aghaidh an láithreáin, féadfaidh an gnóthas rogha a dhéanamh iad a shainaithint in aghaidh an amhábhair a sholáthraítear nó a dhíoltar de réir meáchain i dtonnaí, má tá níos mó trédhearcachta ag baint leis an gcleachtas sin.

AR 8. I gCéim 2, chun meastóireacht a dhéanamh ar na tionchair agus ar spleáchais iarbhír nó fhéideartha ar bhithéagsúlacht agus ar éiceachórais do láithreáin ábhartha, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

próisis agus gníomhaíochtaí gnó a théann i gcomhéadan leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachórais a shainaithint;

(b) 

tionchair agus spleáchais iarbhír agus ionchasacha a shainaithint;

(c) 

léiriú a thabhairt ar mhéid, ar scála, ar mhinicíocht agus ar thráthchlár na dtionchar ar an mbithéagsúlacht agus ar éiceachórais agus na nochtaí faoi mhíreanna 16 agus 17 á gcur san áireamh. Thairis sin, féadfaidh an gnóthas na nithe seo a leanas a nochtadh:

i. 

an céatadán de shaoráidí a sholáthróirí atá lonnaithe i limistéir atá i mbaol riosca (le speicis faoi bhagairt ar Liosta Dearg IUCN na Speiceas faoi Bhagairt, an Treoir maidir le hÉin agus Gnáthóga nó liosta náisiúnta de speicis faoi bhagairt, nó i Limistéir faoi Chosaint atá aitheanta go hoifigiúil, líonra Natura 2000 de limistéir faoi chosaint agus Príomhlimistéir Bhithéagsúlachta);

ii. 

►C1  an céatadán dá sholáthar a chaith soláthróirí a bhfuil saoráidí acu atá lonnaithe i limistéir atá i mbaol riosca (le speicis faoi bhagairt ar Liosta Dearg IUCN na Speiceas faoi Bhagairt, an Treoir maidir le hÉin agus Gnáthóga nó liosta náisiúnta de speicis faoi bhagairt, nó i Limistéir faoi Chosaint atá aitheanta go hoifigiúil, líonra Natura 2000 de limistéir faoi chosaint agus Príomhlimistéir Bhithéagsúlachta); ◄

(d) 

léiriú a thabhairt ar mhéid agus scála na spleáchas ar an mbithéagsúlacht agus ar éiceachórais, lena n-áirítear ar amhábhair, ar acmhainní nádúrtha agus ar éicisheirbhísí. Féadfaidh an gnóthas dul i muinín na n-aicmithe idirnáisiúnta amhail an tAicmiú Idirnáisiúnta Coiteann ar Éicisheirbhísí (CICES).

AR9. I gCéim 3, chun na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhaineann leis a mheasúnú bunaithe ar thorthaí Chéim 1 agus Chéim 2, féadfaidh an gnóthas na catagóirí seo a leanas a mheas:

(a) 

rioscaí fisiceacha:

i. 

géar-rioscaí (e.g., tubaistí nádúrtha atá níos measa mar gheall ar chaillteanas cosanta cósta ó éiceachórais, rud a bhfuil costais damáiste stoirme do bhonneagar cósta, galair nó lotnaidí a dhéanann difear don speiceas nó don chineál bairr a bhfuil an gnóthas ag brath air, go háirithe i gcás nach ann d’aon éagsúlacht ghéiniteach nó i gcás éagsúlacht íseal ghéiniteach, caillteanas speiceas agus díghrádúéiceachórais); agus

ii. 

rioscaí ainsealacha (e.g. caillteanas táirgeachta barr mar gheall ar laghdú ar sheirbhísí pailnithe, méadú ar ghanntanas na bpríomh-ionchur nádúrtha nó táirgeadh athraitheach na bpríomh-ionchur nádúrtha, díghrádú éiceachórais mar gheall ar oibríochtaí as a n-eascraíonn, mar shampla, creimeadh cósta agus ilroinnt foraoise, aigéadú na n-aigéan, caillteanas talún do fhairsingiú fásaigh agus díghrádú ithreach agus caillteanas torthúlachta ithreach, caillteanas speiceas dá bharr sin).

(b) 

rioscaí aistrithe, lena n-áirítear:

i. 

beartas agus dlíthiúil: e.g. rialáil nó beartas a thabhairt isteach (e.g. athruithe amhail cosaint talún mhéadaithe); neamhchosaint ar smachtbhannaí agus dlíthíocht (e.g. doirteadh eisilteach truaillitheach a dhéanann dochar do shláinte an duine agus do shláinte an éiceachórais; nó sárú ar chearta, ceadanna nó leithdháiltí a bhaineann leis an mbithéagsúlacht; nó faillí i ndáil le speicis faoi bhagairt nó marú na speiceas sin); oibleagáidí tuairiscithe feabhsaithe maidir leis an mbithéagsúlacht, éiceachórais agus seirbhísí gaolmhara;

ii. 

teicneolaíocht: e.g. táirgí nó seirbhísí a ionadú le táirgí nó seirbhísí ag a bhfuil tionchar níos ísle ar bhithéagsúlacht nó spleáchas níos ísle ar éicisheirbhísí, easpa rochtana ar shonraí nó rochtain ar shonraí ar cháilíocht íseal a chuireann bac ar mheasúnuithe a bhaineann leis an mbithéagsúlacht, aistriú chuig teicneolaíochtaí níos éifeachtúla agus níos glaine (i.e. a bhfuil tionchair níos ísle acu ar an mbithéagsúlacht), teicneolaíochtaí nua faireacháin (e.g. satailít), ceanglais maidir le teicneolaíochtaí áirithe a úsáid (e.g. barra atá frithsheasmhach ó thaobh na haeráide de, pailneoirí meicniúla, íonú uisce, cosaint in aghaidh tuilte);

iii. 

margadh: e.g., soláthar, éileamh agus maoiniú athraitheach, luaineacht nó costais mhéadaithe amhábhar (e.g., ionchur atá dian ó thaobh na bithéagsúlachta de a bhfuil ardú tagtha ar a phraghas mar gheall ar dhíghrádú éiceachórais);

iv. 

clú: e.g., braistintí athraitheacha sochaíocha, custaiméara nó pobail mar thoradh ar ról eagraíochta i gcailliúint bithéagsúlachta, sárú ar chearta a bhaineann leis an dúlra trí oibríochtaí, clúdach diúltach sna meáin mar gheall ar thionchair ar speicis chriticiúla agus/nó éiceachórais, coinbhleachtaí sóisialta a bhaineann leis an mbithéagsúlacht i dtaca le speicis atá i mbaol, limistéir faoi chosaint, acmhainní nó truailliú.

(c) 

rioscaí sistéamacha, lena n-áirítear:

i. 

rioscaí a bhaineann le cliseadh éiceachórais nach bhfuil córas nádúrtha criticiúil ag feidhmiú a thuilleadh, e.g., baintear pointí iompaithe amach agus cliseann ar éiceachórais rud a bhfuil caillteanais fhorleathana gheografacha nó earnála mar thoradh air (rioscaí fisiceacha a shuimeáil);

ii. 

riosca comhiomlánaithe a bhaineann le tionchair bhunúsacha chailliúint na bithéagsúlachta go leibhéil aistrithe agus riosca fisiceach ar fud earnáil amháin nó níos mó i bpunann (corparáideach nó airgeadais); agus

iii. 

rioscaí tógálachta ina bhfuil an baol go dtógfaidh an córas eacnamaíoch ina iomláine na deacrachtaí airgeadais atá ag corparáidí nó institiúidí airgeadais áirithe a bhaineann le gan cuntas a choinneáil ar an neamhchosaint ar rioscaí bithéagsúlachta.

(d) 

deiseanna, lena n-áirítear, mar shampla:

i. 

catagóirí feidhmíochta gnó: éifeachtúlacht acmhainne; táirgí agus seirbhísí; margaí; sreabhadh caipitil agus maoiniú; caipiteal clú; agus

ii. 

catagóirí feidhmíochta inbhuanaitheachta: cosaint, athbhunú agus athghiniúint éiceachórais; úsáid inbhuanaithe a bhaint as acmhainní nádúrtha.

Faisnéis a chur i láthair:

AR 10. Féadfaidh an gnóthas na táblaí thíos a chur san áireamh chun a mheasúnú ábharthachta ar láithreáin ábhartha a shainaithnítear faoi mhír AR 7 a éascú:



Éicisheirbhís…

Spleáchais iarbhír nó ionchasacha

...

Athrú feidhmiúlachta

Caillteanas airgeadais

Teoranta, measartha nó suntasach

Teoranta, measartha nó suntasach



Suíomh láithreáin

Speicis faoi bhagairt, limistéir faoi chosaint, príomhlimistéir bhithéagsúlachta

Tionchair iarbhír nó ionchasacha

Minicíocht an tarlaithe

Luas an tionchair

Déine an tionchair

Acmhainneacht a mhaolaithe

Ard, meánach, íseal

<1 bhliain nó

1–3 bliana

nó >3 bliana

Ard, meánach, íseal

Ard, meánach, íseal

Maidir le AR 7(e), féadfaidh an gnóthas breithniú a dhéanamh ar úsáid a bhaint as an tábla thíos:



Cá dtáirgtear na hamhábhair nó

cá bhfuil a bhfoinse?

Dearbhmheáchan na n-amhábhar (agus

an céatadán de mheáchan na n-amhábhar)

I limistéir ina bhfuil speicis atá liostaithe ar Liosta Dearg IUCN na Speiceas faoi Bhagairt, sna Treoracha maidir le hÉin agus maidir le Gnáthóga

nó ar liostaí náisiúnta de speicis faoi bhagairt

I limistéir faoi chosaint a aithnítear go hoifigiúil

I bPríomhlimistéir Bhithéagsúlachta eile

Ceanglas maidir le Nochtadh E4-2 — Beartais a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais

AR 11. Féadfar na beartais a dtugtar tuairisc orthu faoin gCeanglas seo maidir le Nochtadh a chomhtháthú i mbeartais chomhshaoil nó inbhuanaitheachta níos leithne lena gcumhdaítear fothopaicí éagsúla.

AR 12. Féadfaidh an gnóthas faisnéis a sholáthar freisin faoin gcaoi a dtagraíonn an beartas do tháirgeadh, d’fhoinsiú nó do thomhaltas amhábhar, agus go háirithe an chaoi a ndéanann sé an méid seo a leanas:

(a) 

teorainn a chur le soláthar ó sholáthróirí nach féidir leo a léiriú nach bhfuil siad ag cur le damáiste suntasach do limistéir faoi chosaint nó do phríomhlimistéir bhithéagsúlachta (e.g., trí dheimhniú);

(b) 

tagairt a dhéanamh do chaighdeáin aitheanta nó do dheimhnithe tríú páirtí a ndéanann rialtóirí formhaoirseacht orthu; agus

(c) 

aghaidh a thabhairt ar amhábhair a thagann ó éiceachórais a ndearnadh bainistiú orthu chun dálaí bithéagsúlachta a chothabháil nó a fheabhsú, mar a léirítear le faireachán tráthrialta agus tuairisciú ar stádas bithéagsúlachta agus gnóthachain nó caillteanais.

AR 13. Féadfaidh an gnóthas naisc agus ailíniú le spriocanna agus comhaontuithe domhanda eile a nochtadh amhail SDGanna (spriocanna forbartha inbhuanaithe) 2, 6, 14 agus 15 nó aon choinbhinsiún domhanda seanbhunaithe eile a bhaineann le bithéagsúlacht agus éiceachórais.

AR 14. Agus beartais a bhaineann le hiarmhairtí sóisialta spleáchas agus tionchar a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachórais á nochtadh faoi 23 (f), féadfaidh an gnóthas tagairt a dhéanamh go háirithe do Phrótacal Nagoya agus don Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht (CBD).

AR 15. Agus faisnéis á nochtadh ag an ngnóthas maidir le cé acu a thugann nó nach dtugann a bheartais aghaidh ar iarmhairtí sóisialta na dtionchar a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachórais faoi mhír 23(f), agus an dóigh a dtugann siad aghaidh orthu, féadfaidh sé faisnéis a sholáthar i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a) 

comhroinnt chothrom agus chomhionann na sochar a eascraíonn as úsáid acmhainní géiniteacha; agus

(b) 

an toiliú saor, roimh ré agus feasach le haghaidh rochtain ar acmhainní géiniteacha.

AR 16. Féadfaidh an gnóthas míniú a thabhairt freisin ar an gcaoi a gcuireann a bheartas ar a chumas dó an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

tionchair dhiúltacha ar an mbithéagsúlacht agus ar éiceachórais a sheachaint ina oibríochtaí féin agus sa slabhra luacha gaolmhar réamhtheachtach agus iartheachtach;

(b) 

na tionchair dhiúltacha ar an mbithéagsúlacht agus ar éiceachórais nach féidir a sheachaint ina oibríochtaí agus ar fud an tslabhra luacha réamhtheachtaigh agus iartheachtaigh a laghdú agus a íoslaghdú;

(c) 

éiceachórais dhíghrádaithe a athchóiriú agus a athshlánú nó éiceachórais ghlanta a athchóiriú tar éis dóibh a bheith nochta do thionchair nach féidir a sheachaint agus/nó a íoslaghdú go hiomlán; agus

(d) 

an méid a chuireann sé le spreagthaí ábhartha chailliúint na bithéagsúlachta a mhaolú.

AR 17. Agus a bheartais á nochtadh ag an ngnóthas, má tá tagairt á déanamh aige do chaighdeáin iompair tríú páirtí, féadfaidh an gnóthas a nochtadh an fíor an méid seo a leanas maidir leis an gcaighdeán a úsáideadh:

(a) 

tá sé oibiachtúil agus inghnóthaithe bunaithe ar chur chuige eolaíoch i leith saincheisteanna a shainaithint, agus tá sé réalaíoch maidir le measúnú a dhéanamh ar conas is féidir aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin ar an talamh in imthosca praiticiúla éagsúla;

(b) 

déantar é a fhorbairt nó a chothabháil trí phróiseas comhairliúcháin leanúnaigh le páirtithe leasmhara le hionchur cothrom ó gach grúpa páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear táirgeoirí, trádálaithe, próiseálaithe, airgeadaithe, daoine agus pobail áitiúla, pobail dhúchasacha, agus eagraíochtaí sochaí sibhialta a dhéanann ionadaíocht ar leasanna tomhaltóirí, comhshaoil agus sóisialta, gan aon ghrúpa údarás míchuí ná cumhacht chrosta a bheith acu ar an ábhar;

(c) 

spreagann sé cur chuige céim ar chéim agus feabhas leanúnach, sa chaighdeán agus i gcur i bhfeidhm cleachtas bainistíochta níos fearr araon, agus is gá spriocanna fóinteacha agus garspriocanna sonracha a bhunú chun dul chun cinn a léiriú i gcomhréir le prionsabail agus critéir le himeacht ama;

(d) 

tá sé infhíoraithe trí chomhlachtaí deimhniúcháin nó fíoraithe neamhspleácha, a bhfuil nósanna imeachta measúnaithe sainithe agus diana acu lena seachnaítear coinbhleachtaí leasa, agus a chomhlíonann treoraíocht ISO maidir le nósanna imeachta creidiúnaithe agus fíoraithe nó Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008; agus

(e) 

comhlíonann sé Cód Dea-Chleachtais ISEAL.

Ceanglas maidir le Nochtadh E4-3 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais

AR 18. Féadfaidh an gnóthas méideanna suntasacha airgeadaíochta CapEx agus OpEx is gá chun na gníomhaíochtaí a rinneadh nó atá beartaithe a chur chun feidhme a nascadh leis an méid seo a leanas:

(a) 

na míreanna líne ábhartha nó na nótaí ábhartha sna ráitis airgeadais;

(b) 

na heochairtháscairí feidhmíochta a cheanglaítear faoi Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 agus faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún; agus

(c) 

más infheidhme, an plean CapEx a cheanglaítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún.

AR 19. Féadfaidh an gnóthas a nochtadh cé acu a chuireann nó nach gcuireann sé plean gníomhaíochta ‘seachanta’ san áireamh, rud a chuireann cosc ar ghníomhaíochtaí díobhálacha sula ndéantar iad. Is minic a bhíonn cinneadh i gceist le seachaint imeacht ón gconair forbartha tionscadail ‘gnó mar is gnách’. Is sampla de sheachaint é an lorg bithéagsúlachta agus éiceachórais atá ag tionscadal a athrú chun scriosadh gnáthóige nádúrtha ar an láithreán a sheachaint agus/nó limistéir curtha i leataobh a bhunú a bhfuil luachanna bithéagsúlachta tosaíochta iontu agus ina gcaomhnófar na luachanna sin. Ar a laghad, ba cheart seachaint a chur san áireamh i gcás ina bhfuil luachanna a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus leis an éiceachóras i gceann de na catagóirí seo a leanas: go bhfuil siad an-leochaileach agus nach féidir iad a fháil ar ais, gur ábhar imní ar leith do pháirtithe leasmhara iad, nó go bhfuil údar le cur chuige faichilleach mar gheall ar éiginnteacht faoin measúnú tionchair nó faoi éifeachtúlacht na mbeart bainistíochta. Sainmhínítear na trí phríomhchineál seachanta anseo thíos:

(a) 

►C1  seachaint trí roghnú láithreáin (An tionscadal iomlán a lonnú i bhfad ó limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de); ◄

(b) 

►C1  seachaint trí dhearadh tionscadail (An bonneagar a chumrú chun limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de a chaomhnú); agus ◄

(c) 

seachaint trí sceidealú (Gníomhaíochtaí tionscadail a uainiú sa chaoi go gcuirfear patrúin iompraíochta speiceas (e.g., pórú, imirce) nó feidhmeanna éiceachórais (e.g., dinimicí abhann) san áireamh).

AR 20. Maidir le príomhghníomhaíochtaí, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a nochtadh:

(a) 

liosta de na príomhpháirtithe leasmhara lena mbaineann (e.g. iomaitheoirí, soláthróirí, miondíoltóirí, comhpháirtithe gnó eile, pobail agus údaráis dá ndéantar difear, gníomhaireachtaí rialtais) agus an chaoi a bhfuil siad rannpháirteach, ina luaitear príomhpháirtithe leasmhara a mbíonn tionchar diúltach nó dearfach ag gníomhaíochtaí orthu agus an tionchar a bhíonn acu orthu, lena n-áirítear tionchair nó sochair a chruthaítear do phobail, d’fheirmeoirí beaga, do phobail dhúchasacha nó do dhaoine eile atá i staideanna leochaileacha dá ndéantar difear;

(b) 

i gcás inarb infheidhme, míniú ar an ngá atá le comhairliúcháin iomchuí agus ar an ngá atá le cinntí na bpobal dá ndéantar difear a urramú;

(c) 

measúnú gearr ar cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh na príomhghníomhaíochtaí tionchair shuntasacha dhiúltacha inbhuanaitheachta a spreagadh;

(d) 

míniú ar cé acu atá an phríomhghníomhaíocht beartaithe mar thionscnamh aon uaire nó mar chleachtas sistéamach;

(e) 

míniú i dtaobh cé acu an é an gnóthas amháin a chuireann an plean príomhghníomhaíochta i gcrích, agus úsáid á baint as acmhainní an ghnóthais, nó an cuid de thionscnamh níos leithne é a gcuireann an gnóthas go mór leis. Más cuid de thionscnamh níos leithne é an plean príomhghníomhaíochta, féadfaidh an gnóthas tuilleadh faisnéise a sholáthar faoin tionscadal, faoina urraitheoirí agus faoi rannpháirtithe eile;

(f) 

tuairisc ar an gcaoi a gcuireann sé le hathrú ar fud an chórais, go háirithe chun na nithe a spreagann athrú ar an mbithéagsúlacht agus ar éiceachórais a athrú, e.g., trí thosca teicneolaíocha, eacnamaíocha, institiúideacha agus sóisialta agus athruithe ar bhunluachanna agus ar bhuniompar;

AR 21. I gcomhthéacs an Cheanglais seo maidir le Nochtadh, tagraíonn ‘eolas dúchasach traidisiúnta áitiúil’ do na tuiscintí, na scileanna agus na fealsúnachtaí a d’fhorbair sochaithe a bhfuil stair fhada acu d’idirghníomhaíochta lena dtimpeallacht nádúrtha. Maidir le pobail tuaithe agus pobail dhúchasacha, cuireann eolas áitiúil bonn eolais faoin gcinnteoireacht i dtaobh gnéithe bunúsacha den saol laethúil.

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh E4-4 — Spriocanna a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais

AR 22. Féadfaidh an gnóthas a shonrú cé acu a thugtar nó nach dtugtar aghaidh sa sprioc ar easnaimh a bhaineann leis na critéir Rannchuidithe Shubstaintiúla le haghaidh Bithéagsúlachta mar a shainmhínítear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852. I gcás nach gcomhlíontar na critéir ‘Gan Dochar Suntasach a Dhéanamh’ (DNSH) maidir leis an mBithéagsúlacht mar a shainmhínítear i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(3), Airteagal 11(3), Airteagal 12(2), Airteagal 13(2), agus Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2020/852, féadfaidh an gnóthas a shonrú cé acu a thugtar nó nach dtugtar aghaidh sa sprioc ar easnaimh a bhaineann leis na critéir DNSH sin.

AR 23. Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 29 á nochtadh chun spriocanna a shocrú, breithneoidh an gnóthas an gá atá le toiliú feasach agus toilteanach ó phobail áitiúla agus ó phobail dhúchasacha, an gá atá le comhairliúcháin iomchuí agus an gá atá le cinntí na bpobal sin a urramú.

AR 24. Féadfar na spriocanna a bhaineann le tionchair ábhartha a chur i láthair i dtábla mar a léirítear thíos:



An cineál sprice de réir an ordlathais maolaithe

Luach bonnlíne agus bonnbhliain

Spriocluach agus raon feidhme geografach

Beartas nó reachtaíocht nasctha más ábhartha

2025

2030

Suas le 2050

 

Seachaint

 

 

 

 

 

Íoslaghdú

 

 

 

 

 

Athshlánú agus athchóiriú

 

 

 

 

 

Cúiteamh nó fritháirimh

 

 

 

 

 

AR 25. Maidir leis na spriocanna a bhaineann leis na hábhair inbhuanaitheachta a d’fhéadfadh a bheith ábhartha a liostaítear i mír AR 4 den Chaighdeán seo, féadfar iad a chur i láthair i dtábla mar a léirítear thíos:



An cineál sprice de réir an ábhair inbhuanaitheachta

Luach bonnlíne agus bonnbhliain

Spriocluach agus raon feidhme geografach

Beartas nó reachtaíocht nasctha más ábhartha

2025

2030

Suas le 2050

 

 

 

 

 

 

AR 26. Féadfar spriocanna intomhaiste a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachórais a chur in iúl mar a leanas:

(a) 

méid agus suíomh na limistéar gnáthóige uile a chosnaítear nó a athbhunaítear, bídís á rialú go díreach nó go hindíreach ag an ngnóthas, agus bíodh rath an bhirt athbhunaithe formheasta ag gairmithe seachtracha neamhspleácha nó ná bíodh;

(b) 

dromchlaí athchruthaithe (timpeallachtaí ina gcuirtear tionscnaimh bhainistíochta chun feidhme chun gnáthóg a chruthú ar láithreán nach raibh sé ann ar dtús); nó

(c) 

an líon tionscadal/láithreán nó an céatadán díobh ar cuireadh feabhas ar a sláine éiceolaíoch (e.g. suiteáil bealaí éisc, conairí fiadhúlra).

Ceanglas maidir le Nochtadh E4-5 — Méadracht tionchair a bhaineann le hathrú bithéagsúlachta agus éiceachóras

AR 27. Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoin gCeanglas seo maidir le Nochtadh á hullmhú ag an ngnóthas, déanfaidh sé an méid seo a leanas a mheas agus féadfaidh sé tuairisc a thabhairt air:

(a) 

na modheolaíochtaí agus an mhéadracht a úsáideadh agus míniú ar an bhfáth a roghnaítear na modheolaíochtaí agus an mhéadracht sin, chomh maith lena dtoimhdí, a dteorainneacha agus a neamhchinnteachtaí, agus aon athrú ar mhodheolaíochtaí a rinneadh le himeacht ama agus an fáth ar tharla siad;

(b) 

raon feidhme na méadrachta agus na modheolaíochtaí, mar shampla:

i. 

gnóthas, láithreán, branda, tráchtearra, aonad gnó corparáideach, gníomhaíocht;

ii. 

gnéithe (mar a leagtar amach i mír AR 4) a chumhdaítear.

(c) 

comhpháirteanna bithéagsúlachta na méadrachta: sonrach don speiceas, sonrach don éiceachóras;

(d) 

na limistéir gheografacha a chumhdaítear leis an modheolaíocht agus míniú ar an bhfáth ar fágadh aon limistéar geografach ábhartha ar lár;

(e) 

an dóigh a gcomhtháthaíonn an mhéadracht tairseacha éiceolaíocha (e.g., sláine an bhithsféir agus athrú ar an gcóras talún, teorainneacha pláinéadacha) agus leithdháiltí;

(f) 

minicíocht an fhaireacháin, na príomh-mhéadrachtaí a bhfuil faireachán á dhéanamh orthu, agus an coinníoll/luach bonnlíne agus an bhliain/tréimhse bhonnlíne, chomh maith leis an tréimhse thagartha;

(g) 

cé acu a bhraitheann an mhéadracht sin ar shonraí príomhúla, ar shonraí tánaisteacha, ar shonraí samhaltaithe nó ar bhreithiúnas saineolaí, nó ar mheascán díobh sin;

(h) 

léiriú maidir leis an ngníomhaíocht a ndéantar tomhas agus faireachán uirthi trí bhíthin na méadrachta agus an chaoi a mbaineann siad le baint amach na spriocanna;

(i) 

cé acu sainordaitheach (ceanglaítear le reachtaíocht í) nó deonach atá méadracht. Má tá sí sainordaitheach, féadfaidh an gnóthas an reachtaíocht ábhartha a shonrú; má tá sí deonach, féadfaidh an gnóthas tagairt a dhéanamh d’aon chaighdeán deonach nó d’aon nós imeachta deonach a úsáideadh; agus

(j) 

cé acu atá nó nach bhfuil an mhéadracht bunaithe ar ionchais nó moltaí maidir le treoirlínte, beartais, reachtaíocht nó comhaontuithe ábhartha agus údarásacha ar leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal idir-rialtasach, amhail an Coinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht (CBD) nó IPBES, nó an gcomhfhreagraíonn an mhéadracht dóibh sin.

AR 28. Nochtfaidh an gnóthas méadracht atá infhíoraithe agus atá láidir go teicniúil agus ó thaobh na heolaíochta de, i bhfianaise na n-amscálaí agus na limistéar geografach iomchuí, agus féadfaidh sé an chaoi a gcomhfhreagraíonn a mhéadracht roghnaithe do na critéir sin a nochtadh. Chun a áirithiú go bhfuil an mhéadracht ábhartha, ba cheart gaol soiléir a bheith idir an táscaire agus cuspóir an tomhais. Ba cheart neamhchinnteachtaí a laghdú a mhéid is féidir. Ba cheart d’eagraíochtaí seanbhunaithe tacú leis na sonraí nó leis na sásraí a úsáidtear agus ba cheart iad a thabhairt cothrom le dáta le himeacht ama. Is féidir sonraí samhaltaithe láidre agus breithiúnas saineolaí a úsáid i gcás ina bhfuil bearnaí sna sonraí. Beidh an mhodheolaíocht mionsonraithe go leor chun gur féidir comparáid fhóinteach a dhéanamh idir tionchair agus gníomhaíochtaí maolúcháin le himeacht ama. Ní mór próisis bailithe faisnéise agus sainmhínithe a chur i bhfeidhm go córasach. Fágann sé sin gur féidir athbhreithniú fóinteach a dhéanamh ar fheidhmíocht an ghnóthais le himeacht ama agus cuidíonn sé le comparáid inmheánach agus piaraí a dhéanamh.

AR 29. Má chomhfhreagraíonn méadracht do sprioc, beidh bonnlíne an dá cheann ailínithe. Is cuid riachtanach den mhórphróiseas bainistithe bithéagsúlachta agus éiceachóras í an bhonnlíne bhithéagsúlachta. Tá gá leis an mbonnlíne chun bonn eolais a chur faoi mheasúnú tionchair agus pleanáil bainistíochta, chomh maith le faireachán agus bainistiú oiriúnaitheach.

AR 30. Féadfar modheolaíochtaí atá ann chun sonraí a bhailiú agus chun tionchair na ngnóthas ar bhithéagsúlacht agus ar éiceachórais a thomhas a dheighilt i dtrí chatagóir mar a leanas:

(a) 

sonraí príomhúla: sonraí arna mbailiú in situ ag úsáid suirbhéanna ar an talamh;

(b) 

sonraí tánaisteacha: lena n-áirítear sraitheanna sonraí geospásúla atá forleagtha le sonraí suímh geografacha gníomhaíochtaí gnó.

i. 

Ar leibhéal na speiceas, is féidir sraitheanna sonraí ar raonta speiceas éagsúil a úsáid chun na speicis a d’fhéadfadh a bheith i láthair ag suíomhanna éagsúla a thuar. Áirítear leis sin láithreáin oibriúcháin agus suíomhanna foinsithe. Beidh leibhéil éagsúla cruinnis ag sraitheanna éagsúla raon, ag brath ar thosca áirithe (e.g., an ndearnadh scagadh ar na raonta speiceas bunaithe ar infhaighteacht gnáthóige). Faisnéis maidir le stádas bagartha na speiceas, agus maidir leis na gníomhaíochtaí atá ina mbagairt orthu, is féidir léi sin léiriú a thabhairt ar an mbealach dóchúil a bhféadfadh gníomhaíochtaí gnó a bheith ag rannchuidiú le treochtaí pobal speiceas agus stádas a mbagartha.

ii. 

Ar leibhéal an éiceachórais, is féidir sraitheanna sonraí lena léirítear an t-athrú ar mhéid agus riocht na n-éiceachóras a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear leibhéil ilroinnte agus comhcheangailteachta gnáthóige.

(c) 

sonraí samhaltaithe maidir le staid na bithéagsúlachta: Cineálacha cur chuige bunaithe ar shamhail, úsáidtear go coitianta iad chun táscairí leibhéil éiceachórais a thomhas (e.g. fairsinge, bail, nó feidhm). Cainníochtaítear le samhlacha conas a dhéanann méid brúnna éagsúla difear do staid na bithéagsúlachta. Tagraítear dóibh sin mar ghaolmhaireachtaí brú-staide agus tá siad bunaithe ar shonraí atá nasctha go domhanda. Cuirtear torthaí samhaltaithe i bhfeidhm go háitiúil chun meastachán a dhéanamh ar an gcaoi a dtiocfaidh athruithe ar riocht an éiceachórais de bharr brúnna ar leibhéal gnóthais. Is iondúil go mbíonn trí phríomhthréith ag spreagadh tionchair: méid (e.g., méid an éilleáin, déine an torainn), méid spásúil (e.g., achar talún éillithe) agus méid ama (fad marthanachta éilleáin).

AR 31. Maidir le measúnú saolré ar úsáid talún, féadfaidh an gnóthas tagairt a dhéanamh do na ‘Táscairí comhshaoil a bhaineann le húsáid talún le haghaidh Measúnú Saolré’ ón Airmheán Comhpháirteach Taighde.

AR 32. Maidir le speicis choimhthíocha ionracha a thabhairt isteach, féadfaidh an gnóthas na conairí agus an líon speiceas coimhthíoch ionrach agus méid an dromchla a chumhdaítear le speicis choimhthíocha ionracha a nochtadh.

AR 33. Maidir le méadracht maidir le méid agus riocht na n-éiceachóras, is féidir treoraíocht úsáideach a fháil in obair Chóras na gCuntas Eacnamaíoch Comhshaoil de na Náisiúin Aontaithe - Cuntasaíocht Éiceachórais (UN SEEA EA).

AR 34. Féadfaidh an gnóthas nochtadh a dhéanamh in aonaid limistéir (e.g., m2 nó ha) ar úsáid talún trí úsáid a bhaint as treoraíocht arna soláthar ag an Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS) ( 82 ):

(a) 

úsáid iomlán talún;

(b) 

an t-achar iomlán atá séalaithe;

(c) 

an t-achar iomlán atá dírithe ar an dúlra ar an láthair; agus

(d) 

an t-achar iomlán atá dírithe ar an dúlra lasmuigh den láthair.

AR 35. Féadfaidh an gnóthas, mar shampla, athrú ar chumhdach talún a nochtadh, is é sin léiriú fisiceach ar na spreagthaí ‘modhnú gnáthóige’ agus ‘gníomhaíochtaí tionsclaíocha agus tí’, i.e. athrú de dhéantús an duine nó athrú nádúrtha ar airíonna fisiceacha dhromchla an domhain ag suíomh sonrach.

AR 36. Is gnáth-athróg é cumhdach talún ar féidir é a mheasúnú le sonraí fhaire na cruinne.

AR 37. Agus tuairisciú á dhéanamh ar thionchair ábhartha a bhaineann leis na héiceachórais, féadfaidh an gnóthas, sa bhreis ar mhéid agus riocht na n-éiceachóras, feidhmiú na n-éiceachóras a chur san áireamh freisin tríd an méid seo a leanas a úsáid:

(a) 

méadracht lena dtomhaistear próiseas nó feidhm a chuireann an t-éiceachóras i gcrích, nó lena léirítear cumas an éiceachórais tabhairt faoin bpróiseas sonrach sin nó faoin bhfeidhm shonrach sin: e.g. glantáirgiúlacht phríomhúil, arb é atá ann tomhas ar tháirgiúlacht plandaí bunaithe ar an ráta ag a stórálann plandaí fuinneamh agus ar an ráta ag a gcuirtear ar fáil do speicis eile san éiceachóras é. Is croíphróiseas é a tharlaíonn chun go bhfeidhmeoidh éiceachórais. Tá baint aige le roinnt mhaith tosca, amhail éagsúlacht speiceas, ach ní thomhaistear na tosca sin go díreach leis; nó

(b) 

Méadracht lena dtomhaistear athruithe ar dhaonra speicis a shainaithnítear go heolaíoch mar speiceas atá faoi bhagairt.

AR 38. Ar leibhéal an éiceachórais, féadfar sraitheanna sonraí lena léirítear an t-athrú ar mhéid agus riocht na n-éiceachóras a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear leibhéil ilroinnte agus comhcheangailteachta gnáthóige.

Ceanglas maidir le Nochtadh E4-6 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le bithéagsúlacht agus éiceachóras

AR 39. 

Féadfaidh an gnóthas measúnú a chur san áireamh ar a tháirgí agus a sheirbhísí gaolmhara atá i mbaol sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ina míneofar an dóigh a sainítear iad, an dóigh a ndéantar meastachán ar mhéideanna airgeadais, agus cé na toimhdí criticiúla a dhéantar.

AR 40. 

Féadfaidh méid aonair nó raon a bheith i gcainníochtú na n-éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo i dtéarmaí airgeadaíochta faoi mhír 45(a).

ESRS E5

ÚSÁID ACMHAINNÍ AGUS AN GEILLEAGAR CIORCLACH

CLÁR ÁBHAR

Cuspóir

Idirghníomhaíochtaí le ESRS eile

Ceanglais maidir le Nochtadh

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach a shainaithint agus a mheasúnú

Ceanglas maidir le Nochtadh E5-1 — Beartais a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach

Ceanglas maidir le Nochtadh E5-2 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh E5-3 — Spriocanna a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach

Ceanglas maidir le Nochtadh E5-4 — Insreafaí acmhainní

Ceanglas maidir le Nochtadh E5-5 — Eis-sreafaí acmhainní

Ceanglas maidir le Nochtadh E5-6 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó thionchair, rioscaí agus deiseanna a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach

Foscríbhinn A:

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm (AR)

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach a shainaithint agus a mheasúnú

Ceanglas maidir le Nochtadh E5-1 — Beartais a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach

Ceanglas maidir le Nochtadh E5-2 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh E5-3 — Spriocanna a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach

Ceanglas maidir le Nochtadh E5-4 — Insreafaí acmhainní

Ceanglas maidir le Nochtadh E5-5 — Eis-sreafaí acmhainní

Ceanglas maidir le Nochtadh E5-6 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach

Cuspóir

1. Is é cuspóir an Chaighdeáin seo na Ceanglais maidir le Nochtadh a shonrú a chuirfidh ar a gcumas d’úsáideoirí an ráitis inbhuanaitheachta na nithe seo a leanas a thuiscint:

(a) 

an chaoi a ndéanann an gnóthas difear d’úsáid acmhainní, lena n-áirítear éifeachtúlacht acmhainní, ídiú acmhainní agus foinsiú agus úsáid inbhuanaithe acmhainní inathnuaite a sheachaint (dá dtagraítear sa Chaighdeán seo mar ‘úsáid acmhainní agus an geilleagar ciorclach’) i dtéarmaí na dtionchar ábhartha idir dhearfach agus diúltach, idir iarbhír agus fhéideartha;

(b) 

aon ghníomhaíocht a dhéantar, agus toradh na ngníomhaíochtaí sin, chun tionchair dhiúltacha iarbhír nó fhéideartha a eascraíonn as úsáid acmhainní a chosc nó a mhaolú, lena n-áirítear a bhearta chun cabhrú lena fhás eacnamaíoch a dhíchúpláil ó úsáid ábhar, agus chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí agus deiseanna;

(c) 

pleananna agus acmhainneacht an ghnóthais a straitéis agus a shamhail ghnó a oiriúnú i gcomhréir le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh lena n-áirítear dramhaíl a íoslaghdú, luach táirgí, ábhar agus acmhainní eile a choinneáil ag an luach is airde, ach gan bheith teoranta don mhéid sin, agus feabhas a chur ar a n-úsáid éifeachtúil i dtáirgeadh agus i dtomhaltas;

(d) 

nádúr, cineál agus méid rioscaí agus dheiseanna ábhartha an ghnóthais a bhaineann le tionchair agus spleáchais an ghnóthais, a eascraíonn as úsáid acmhainní agus as an ngeilleagar ciorclach, agus an chaoi a mbainistíonn an gnóthas iad; agus

(e) 

na héifeachtaí airgeadais ar an ngnóthas a bhaineann le rioscaí agus deiseanna ábhartha sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma a eascraíonn as tionchair agus as spleáchais an ghnóthais ar úsáid acmhainní agus ar an ngeilleagar ciorclach.

2. Leagtar amach sa Chaighdeán seo na Ceanglais maidir le Nochtadh a bhaineann le ‘húsáid acmhainní’ agus ‘geilleagar ciorclach’ agus go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

insreafaí acmhainní lena n-áirítear ciorclaíocht insreafaí acmhainní ábhartha, agus acmhainní inathnuaite agus neamh-inathnuaite á gcur san áireamh; agus

(b) 

eis-sreafaí acmhainní lena n-áirítear faisnéis maidir le táirgí agus ábhair; agus

(c) 

dramhaíl.

3. Ciallaíonn geilleagar ciorclach córas eacnamaíoch ina ndéantar luach na dtáirgí, na n-ábhar agus na n-acmhainní eile sa gheilleagar a chothabháil chomh fada agus is féidir, feabhas a chur ar a n-úsáid éifeachtúil sa táirgeadh agus sa tomhaltas, agus an tionchar atá ag a n-úsáid ar an gcomhshaol a laghdú ar an gcaoi sin, dramhaíl a íoslaghdú agus scaoileadh substaintí guaiseacha i ngach céim dá saolré a íoslaghdú, lena n-áirítear trí ord na réiteach dramhaíola a chur i bhfeidhm. Is é an sprioc luach na n-acmhainní, na dtáirgí agus na n-ábhar teicniúil agus bitheolaíoch, a uasmhéadú agus a chothabháil trí chóras a chruthú lena bhféadfar marthanacht, úsáid optamach nó athúsáid, athriochtú, athmhonarú, athchúrsáil agus timthriall cothaitheach a bhaint amach.

4. Leis an gCaighdeán seo, cuirtear le creataí agus beartais reachtacha ábhartha de chuid an Aontais lena n-áirítear Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh don Gheilleagar Ciorclach, Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 83 ) (an Treoir Réime Dramhaíola) agus an straitéis thionsclaíoch don Eoraip.

5. Chun meastóireacht a dhéanamh ar an aistriú ó ghnó mar is gnách, rud a chiallaíonn geilleagar ina mbaintear acmhainní finideacha chun táirgí a dhéanamh a úsáidtear agus a chaitear amach ansin (‘táirgeadh líneach’), chuig córas eacnamaíoch ciorclach, braitheann an Caighdeán seo ar na sreafaí fisiceacha acmhainní, ábhar agus táirgí a úsáideann agus a ghineann an gnóthas a shainaithint trí Cheanglas maidir le Nochtadh E5-4 Insreafaí acmhainní agus trí Cheanglas maidir le Nochtadh E5-5 Eis-sreafaí acmhainní.

Idirghníomhaíochtaí le ESRS eile

6. Tá úsáid acmhainní ina spreagadh mór do thionchair chomhshaoil eile amhail an t-athrú aeráide, truailliú, uisce agus acmhainní muirí agus bithéagsúlacht. Is córas é geilleagar ciorclach a bhfuil claonadh ann úsáid inbhuanaithe a bhaint as acmhainní i dtaca le heastóscadh, próiseáil, táirgeadh, tomhaltas agus bainistiú dramhaíola. Baineann sochair chomhshaoil iomadúla leis an gcóras sin, go háirithe an laghdú ar thomhaltas ábhair agus fuinnimh agus laghdú ar astaíochtaí san aer (astaíochtaí gás ceaptha teasa nó truailliú eile), teorainn a chur le haistarraingtí agus sceitheadh uisce agus athghiniúint an dúlra lena gcuirtear teorainn leis an tionchar ar an mbithéagsúlacht.

7. Chun forléargas cuimsitheach a sholáthar maidir le cúrsaí comhshaoil eile a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir le húsáid acmhainní agus maidir leis an ngeilleagar ciorclach, cumhdaítear ceanglais ábhartha maidir le nochtadh in ESRS comhshaoil eile mar a leanas:

(a) 

ESRS E1 Athrú aeráide, lena dtugtar aghaidh, go háirithe, ar astaíochtaí GCT agus ar acmhainní fuinnimh (tomhaltas fuinnimh);

(b) 

ESRS E2 Truailliú, lena dtugtar aghaidh, go háirithe, ar astaíochtaí san uisce, san aer agus san ithir chomh maith le substaintí ar údar imní iad;

(c) 

ESRS E3 Uisce agus acmhainní muirí, lena dtugtar aghaidh, go háirithe, ar acmhainní uisce (tomhaltas uisce) agus acmhainní muirí; agus

(d) 

ESRS E4 Bithéagsúlacht agus éiceachórais, lena dtugtar aghaidh, go háirithe, ar éiceachórais, speicis agus amhábhair.

8. Is féidir le tionchair an ghnóthais a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach, go háirithe na tionchair a bhaineann le dramhaíl, difear a dhéanamh do dhaoine agus do phobail. Cumhdaítear in ESRS S3 Pobail dá ndéantar difear tionchair dhiúltacha ábhartha ar phobail dá ndéantar difear de bharr úsáid acmhainní agus an gheilleagair chiorclaigh atá inchurtha i leith an ghnóthais. Téann úsáid éifeachtúil chiorclach acmhainní chun tairbhe an iomaíochais agus na folláine eacnamaíche freisin

9. Ba cheart an Caighdeán sin a léamh i gcomhar le ESRS 1 Ceanglais ghinearálta agus ESRS 2 Nochtaí Ginearálta.

Ceanglais maidir le Nochtadh

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

10. Ba cheart ceanglais na roinne seo a léamh i gcomhar leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2 caibidil 4 Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna agus ba cheart iad a thuairisciú ina dteannta.

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach a shainaithint agus a mheasúnú

11. Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an bpróiseas chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach a shainaithint, go háirithe maidir le hinsreafaí acmhainní, eis-sreafaí acmhainní agus dramhaíl, agus soláthróidh sé faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

cé acu a rinne nó nach ndearna an gnóthas scagadh ar a shócmhainní agus ar a ghníomhaíochtaí chun a thionchair, rioscaí agus deiseanna iarbhír agus féideartha ina oibríochtaí féin agus ina shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach a shainaithint, agus más amhlaidh a rinne, na modheolaíochtaí, na toimhdí agus na huirlisí a úsáideadh sa scagadh;

(b) 

cé acu a reáchtáil nó nár reáchtáil an gnóthas comhairliúcháin, go háirithe, leis na pobail dá ndéantar difear, agus an dóigh ar reáchtáil sé iad.

Ceanglas maidir le Nochtadh E5-1 — Beartais a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach

12. Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar na beartais atá glactha aige chun bainistiú a dhéanamh ar a thionchair, a rioscaí, a spleáchais, agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar cioclach.

13. Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar a mhéid atá beartais ag an ngnóthas a thugann aghaidh ar a thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le húsáid acmhainní agus an geilleagar ciorclach a shainaithint, a mheasúnú, a bhainistiú agus/nó a leigheas.

14. Beidh sa nochtadh a cheanglaítear le mír 12 an fhaisnéis faoi na beartais atá i bhfeidhm ag an ngnóthas chun a thionchair, a rioscaí, agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach a bhainistiú i gcomhréir le ESRS 2 MDR-P Beartais arna nglacadh chun ábhair inbhuanaitheachta ábhartha a bhainistiú).

15. San achoimre, cuirfidh an gnóthas in iúl cé acu a thugann nó nach dtugann a bheartais aghaidh ar na nithe seo a leanas nuair is ábhartha agus an dóigh a dtéann siad i ngleic leo:

(a) 

aistriú ó úsáid acmhainní íona, lena n-áirítear méaduithe coibhneasta ar úsáid acmhainní tánaisteacha (athchúrsáilte);

(b) 

foinsiú inbhuanaithe agus úsáid acmhainní inathnuaite.

16. Tabharfaidh beartais aghaidh ar thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha ina oibríochtaí féin agus feadh a shlabhra luacha réamhtheachtaigh agus iartheachtaigh.

Ceanglas maidir le Nochtadh E5-2 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach

17. Nochtfaidh an gnóthas na gníomhaíochtaí a dhéanann sé a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach agus na hacmhainní a leithdháiltear ar a gcur chun feidhme.

18. Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar na príomhghníomhaíochtaí a rinneadh agus atá beartaithe chun cuspóirí agus spriocanna beartais a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach a bhaint amach.

19. Maidir leis an tuairisc ar na gníomhaíochtaí agus na hacmhainní a leithdháiltear a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach, cloífidh sí leis na prionsabail a shainítear in ESRS 2 MDR-A Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta ábhartha.

20. Chomh maith le ESRS 2 MDR-A, féadfaidh an gnóthas a shonrú cé acu a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear an méid seo a leanas le gníomhaíocht agus le hacmhainní agus an dóigh a gcumhdaítear iad:

(a) 

leibhéil níos airde éifeachtúlachta acmhainní in úsáid ábhar teicniúil agus bitheolaíoch agus uisce, go háirithe i ndáil le hamhábhair chriticiúla agus tearcithir mar a liostaítear sa Chóras Faisnéise Amhábhar;

(b) 

rátaí úsáide níos airde d’amhábhair thánaisteacha (ábhair athchúrsáilte);

(c) 

cur i bhfeidhm an dearaidh chiorclaigh, as a dtiocfaidh marthanacht mhéadaithe agus optamú úsáid táirgí, agus rátaí níos airde i dtaca leis an méid seo a leanas: Athúsáid, Deisiú, Athriochtú, Athmhonarú, Athrú Cuspóra agus Athchúrsáil.

(d) 

cleachtais ghnó chiorclacha a chur i bhfeidhm amhail (i) gníomhaíochtaí coinneála luacha (cothabháil, deisiú, athriochtú, athmhonarú, saothrú le haghaidh comhpháirteanna, uasghrádú agus lóistíocht droim ar ais, córais lúbiata, miondíol athláimhe), (ii) gníomhaíochtaí uasmhéadaithe luacha (córais seirbhísí táirgí, samhlacha gnó an gheilleagair chomhoibríoch agus chomhroinnte), (iii) gníomhaíochtaí deireadh ré (athchúrsáil, uaschúrsáil, freagracht leathnaithe táirgeora), agus (iv) gníomhaíochtaí éifeachtúlachta córas (siombóis thionsclaíoch);

(e) 

gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun giniúint dramhaíola i slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach an ghnóthais a chosc; agus

(f) 

bainistiú dramhaíola a optamú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola.

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh E5-3 — Spriocanna a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach

21. Nochtfaidh an gnóthas na spriocanna atá leagtha síos aige a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach.

22. Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar na spriocanna atá glactha ag an ngnóthas chun tacú lena bheartas maidir le húsáid acmhainní agus an geilleagar ciorclach agus chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann leis.

23. Beidh na ceanglais faisnéise a shainítear in ESRS 2 MDR-T Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna sa tuairisc ar na spriocanna.

24. Léireofar sa nochtadh a cheanglaítear le mír 21 cé acu a bhaineann nó nach mbaineann - agus conas a bhaineann - spriocanna an ghnóthais le hinsreafaí acmhainní agus eis-sreafaí acmhainní, lena n-áirítear dramhaíl agus táirgí agus ábhair, agus, go sonrach leis an méid seo a leanas:

(a) 

dearadh táirgí ciorclacha a mhéadú (lena n-áirítear, mar shampla, dearadh le haghaidh marthanachta, díchóimeála, indeisitheachta, in-athchúrsáilteachta etc.);

(b) 

an méadú ar an ráta úsáide ábhair chiorclaigh;

(c) 

íoslaghdú an óghábhair;

(d) 

foinsiú inbhuanaithe agus úsáid (i gcomhréir le prionsabal na húsáide cascáidí) acmhainní inathnuaite;

(e) 

an bainistiú dramhaíola, lena n-áirítear ullmhú le haghaidh cóireáil chuí; agus

(f) 

ábhair eile a bhaineann le húsáid acmhainní nó leis an ngeilleagar ciorclach.

25. Sonróidh an gnóthas cén tsraith d’ord na réiteach dramhaíola lena mbaineann an sprioc.

26. Chomh maith le ESRS 2 MDR-T, féadfaidh an gnóthas a shonrú cé acu a cuireadh nó nár cuireadh tairseacha éiceolaíocha agus leithdháiltí eintiteas-sonracha san áireamh agus spriocanna á socrú. Má cuireadh, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

na tairseacha éiceolaíocha a sainaithníodh, agus an mhodheolaíocht a úsáideadh chun na tairseacha sin a shainaithint;

(b) 

cé acu atá nó nach bhfuil na tairseacha eintiteas-sonrach agus má tá, conas a cinneadh iad; agus

(c) 

an dóigh a leithdháiltear sa ghnóthas an fhreagracht as tairseacha éiceolaíocha sainaitheanta a urramú.

27. Sonróidh an gnóthas mar chuid den fhaisnéis chomhthéacsúil cé acu atá nó nach bhfuil na spriocanna atá leagtha síos agus curtha i láthair aige sainordaitheach (ceanglaítear le reachtaíocht iad) nó deonach.

Ceanglas maidir le Nochtadh E5-4 — Insreafaí acmhainní

28. Nochtfaidh an gnóthas faisnéis maidir lena insreafaí acmhainní a bhaineann leis na tionchair, na rioscaí agus na deiseanna ábhartha atá aige.

29. Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar úsáid acmhainní in oibríochtaí an ghnóthais féin agus ina shlabhra luacha réamhtheachtach.

30. Áireofar sa nochtadh a cheanglaítear le mír 28 tuairisc ar a insreafaí acmhainní i gcás inarb ábhartha: táirgí (lena n-áirítear pacáistiú) agus ábhair (lena sonraítear amhábhair chriticiúla agus tearcithir), uisce agus réadmhaoin, gléasra agus trealamh a úsáidtear in oibríochtaí an ghnóthais féin agus feadh a shlabhra luacha réamhtheachtaigh.

31. Nuair a mheasann gnóthas gur ábhar inbhuanaitheachta ábhartha é insreafaí acmhainní, nochtfaidh sé an fhaisnéis seo a leanas faoi na hábhair a úsáidtear chun táirgí agus seirbhísí an ghnóthais a mhonarú le linn na tréimhse tuairiscithe, i dtonaí nó i gcileagraim:

(a) 

meáchan foriomlán na dtáirgí agus na n-ábhar teicniúil agus bitheolaíoch a úsáidtear le linn na tréimhse tuairiscithe;

(b) 

céatadán na n-ábhar bitheolaíoch (agus na mbithbhreoslaí a úsáidtear chun críocha neamhfhuinnimh) a úsáidtear chun táirgí agus seirbhísí an ghnóthais a mhonarú (lena n-áirítear pacáistíocht) a fhoinsítear go hinbhuanaithe, leis an bhfaisnéis faoin scéim deimhniúcháin a úsáidtear agus faoi chur i bhfeidhm phrionsabal na húsáide cascáidí; agus

(c) 

meáchan, i ndearbhluach agus i gcéatadán, comhpháirteanna tánaisteacha athúsáidte nó athchúrsáilte, táirgí idirmheánacha tánaisteacha agus ábhair thánaisteacha a úsáidtear chun táirgí agus seirbhísí an ghnóthais a mhonarú (lena n-áirítear pacáistíocht).

32. Soláthróidh an gnóthas faisnéis maidir leis na modheolaíochtaí a úsáidtear chun na sonraí a ríomh. Sonróidh sé an bhfaightear na sonraí ó thomhas díreach nó ó mheastacháin, agus nochtfaidh sé na príomhthoimhdí a úsáidtear.

Ceanglas maidir le Nochtadh E5-5 — Eis-sreafaí acmhainní

33. Nochtfaidh an gnóthas faisnéis maidir lena eis-sreafaí acmhainní, lena n-áirítear dramhaíl, a bhaineann leis na tionchair, na rioscaí agus na deiseanna ábhartha atá aige.

34. Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar na nithe seo a leanas:

(a) 

an chaoi a rannchuidíonn an gnóthas leis an ngeilleagar ciorclach trí i) táirgí agus ábhair a dhearadh i gcomhréir le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus ii) a mhéid a dhéantar táirgí, ábhair agus próiseáil dramhaíola a athchúrsáil sa chleachtas tar éis na chéad úsáide a mhéadú nó a uasmhéadú; agus

(b) 

straitéis laghdaithe dramhaíola agus bainistithe dramhaíola an ghnóthais, a mhéid is eol don ghnóthas conas a bhainistítear a dhramhaíl réamhthomhaltais ina chuid gníomhaíochtaí féin.

Táirgí agus ábhair

35. Soláthróidh an gnóthas tuairisc ar na príomhtháirgí agus ar na príomhábhair a thagann as próiseas táirgthe an ghnóthais agus a dheartar de réir prionsabail chiorclacha, lena n-áirítear marthanacht, in-athúsáidteacht, indeisitheacht, díchóimeáil, athmhonarú, athriochtú, athchúrsáil, ath-imshruthú tríd an mbith-thriall, nó optamú úsáid an táirge nó an ábhair trí shamhlacha gnó ciorclacha eile.

36. Nochtfaidh gnóthais a bhfuil eis-sreafaí ábhartha acu an méid seo a leanas:

(a) 

Marthanacht ionchasach na dtáirgí a chuireann an gnóthas ar an margadh, i ndáil leis an meán tionscail do gach grúpa táirgí;

(b) 

►C1  Indeisitheacht táirgí, agus úsáid á baint as córas rátála bunaithe, i gcás inar féidir; ◄

(c) 

Rátaí an ábhair in-athchúrsáilte i dtáirgí agus ina bpacáistíocht.

Dramhaíl

37. Nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas maidir lena mhéid iomlán dramhaíola óna oibríochtaí féin, i dtonaí nó i gcileagraim:

(a) 

méid iomlán na dramhaíola a ghintear;

(b) 

an méid iomlán de réir meáchain atreoraíodh ó dhiúscairt, le miondealú idir dramhaíl ghuaiseach agus dramhaíl neamhghuaiseach agus miondealú de réir na gcineálacha oibríochta aisghabhála seo a leanas:

i. 

ullmhú le haghaidh athúsáide;

ii. 

athchúrsáil; agus

iii. 

oibríochtaí aisghabhála eile.

(c) 

an méid de réir meáchain atá dírithe ar dhiúscairt de réir cineál cóireála dramhaíola agus an méid iomlán ina n-áirítear na trí chineál, le miondealú idir dramhaíl ghuaiseach agus dramhaíl neamhghuaiseach. Is iad na cineálacha cóireála dramhaíola atá le nochtadh:

i. 

loscadh dramhaíola;

ii. 

líonadh talún; agus

iii. 

oibríochtaí diúscartha eile;

(d) 

méid iomlán agus céatadán na dramhaíola neamh-athchúrsáilte ( 84 ).

38. Agus comhdhéanamh na dramhaíola á nochtadh ag an ngnóthas, sonróidh sé an méid seo a leanas:

(a) 

na sruthanna dramhaíola is ábhartha dá earnáil nó dá ghníomhaíochtaí (e.g. fuíoll don ghnóthas in earnáil na mianadóireachta, dramhaíl leictreonach don ghnóthas in earnáil na ríomhtháirgí tomhaltóra, nó dramhaíl bhia don ghnóthas in earnáil na talmhaíochta nó in earnáil an fháilteachais); agus;

(b) 

na hábhair atá sa dramhaíl (e.g. bithmhais, miotail, mianraí neamh-mhiotalacha, plaistic, teicstílí, amhábhair chriticiúla agus tearcithir).

39. Nochtfaidh an gnóthas freisin méid iomlán na dramhaíola guaisí agus na dramhaíola radaighníomhaí arna nginiúint ag an ngnóthas, i gcás ina sainmhínítear dramhaíl radaighníomhach in Airteagal 3(7) de Threoir 2011/70/Euratom ón gComhairle ( 85 ).

40. Soláthróidh an gnóthas faisnéis chomhthéacsúil maidir leis na modheolaíochtaí a úsáidtear chun na sonraí a ríomh agus go háirithe na critéir agus na toimhdí a úsáidtear chun táirgí atá deartha de réir prionsabail chiorclacha faoi mhír 35 a chinneadh agus a aicmiú. Sonróidh sé an bhfaightear na sonraí ó thomhas díreach nó ó mheastacháin; agus nochtfaidh sé na príomhthoimhdí a úsáidtear.

Ceanglas maidir le Nochtadh E5-6 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le húsáid acmhainní agus an geilleagar ciorclach

41. Nochtfaidh an gnóthas na héifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo a bheidh ag rioscaí agus deiseanna ábhartha a eascraíonn as tionchair a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach.

42. Tá an fhaisnéis a cheanglaítear le mír 41 sa bhreis ar an bhfaisnéis maidir leis na héifeachtaí airgeadais atá ann faoi láthair ar staid airgeadais, ar fheidhmíocht airgeadais agus ar shreafaí airgid an eintitis don tréimhse tuairiscithe a cheanglaítear faoi ESRS 2 SBM-3 mír 48 (d). Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar na nithe seo a leanas:

(a) 

éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo mar gheall ar rioscaí ábhartha a eascraíonn as tionchair agus spleáchais a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach agus an tionchar ábhartha a bhíonn ag na rioscaí sin nó an tionchar ábhartha a bhféadfaí coinne réasúnach a bheith leis go mbeadh ag na rioscaí sin ar staid airgeadais, ar fheidhmíocht airgeadais agus ar shreafaí airgid an ghnóthais sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma; agus

(b) 

éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo mar gheall ar dheiseanna ábhartha a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach.

43. Áireofar an méid seo a leanas sa nochtadh:

(a) 

cainníochtú ar na héifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo i dtéarmaí airgeadaíochta sula ndéanfar gníomhaíochtaí a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach a mheas nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh gan costas nó iarracht mhíchuí, faisnéis cháilíochtúil. Maidir le héifeachtaí airgeadais a eascraíonn as deiseanna ábhartha, ní éilítear cainníochtú más rud é go mbeadh mar thoradh air nochtadh nach gcomhlíonann saintréithe cáilíochtúla na faisnéise (féach ESRS 1 Foscríbhinn B Saintréithe cáilíochtúla na faisnéise);

(b) 

tuairisc ar na héifeachtaí a breithníodh, na tionchair agus na spleáchais lena mbaineann siad agus na tréimhsí ama inar dócha go dtiocfaidh siad chun cinn;

(c) 

na toimhdí criticiúla a úsáidtear chun na héifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo a chainníochtú, chomh maith le foinsí agus leibhéal éiginnteachta na dtoimhdí sin.




Foscríbhinn A

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm (AR)

Is dlúthchuid de ESRS E5 í an fhoscríbhinn seo. Tacaíonn sí le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le nochtadh a leagtar amach sa chaighdeán seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den chaighdeán.

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach a shainaithint agus a mheasúnú

AR 1. Agus measúnú ábharthachta á dhéanamh ag an ngnóthas ar fhothopaicí comhshaoil, déanfaidh an gnóthas measúnú ar ábharthacht úsáid acmhainní agus an gheilleagair chiorclaigh ina oibríochtaí féin agus ina shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, agus féadfaidh sé na ceithre chéim thíos a mheas, ar a dtugtar cur chuige LEAP freisin:

(a) 

Céim 1: an áit a dtarlaíonn an comhéadan leis an dúlra a aimsiú in oibríochtaí dílse an ghnóthais agus feadh a shlabhra luacha réamhtheachtaigh agus iartheachtaigh;

(b) 

Céim 2: meastóireacht a dhéanamh ar na spleáchais agus ar na tionchair;

(c) 

Céim 3: measúnú a dhéanamh ar na rioscaí agus na deiseanna ábhartha;

(d) 

Céim 4: torthaí an mheasúnaithe ábharthachta a ullmhú agus a thuairisciú.

AR 2. Maidir le ESRS E5, braitheann céimeanna 1 agus 2 go príomha ar na measúnuithe ábharthachta a dhéantar faoi ESRS E1 (lena n-áirítear tomhaltas fuinnimh), ESRS E2 (truailliú), ESRS E3 (acmhainní muirí, tomhaltas uisce) agus ESRS E4 (bithéagsúlacht, éiceachórais, amhábhair). Go deimhin, tá sé d’aidhm ag an ngeilleagar ciorclach ar deireadh an tionchar atá ag úsáid táirgí, ábhar agus acmhainní eile ar an gcomhshaol a laghdú, dramhaíl agus scaoileadh substaintí guaiseacha a íoslaghdú agus, dá bhrí sin, tionchair ar an dúlra a laghdú. Leis an gCeanglas seo maidir le Cur i bhFeidhm dírítear go príomha ar an tríú céim den chur chuige LEAP seo, agus tugtar aghaidh sa cheathrú céim ar thoradh an phróisis.

AR 3. Sa phróiseas chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na dtionchar, na spleáchas, na rioscaí agus na ndeiseanna, breithneofar na forálacha in ESRS 2 IRO-1 Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú agus IRO-2 Ceanglais maidir le Nochtadh in ESRS a chumhdaítear le ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais.

AR 4. Áirítear an méid seo a leanas leis na fothopaicí a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach a chumhdaítear leis an measúnú ábharthachta:

(a) 

insreafaí acmhainní lena n-áirítear ciorclaíocht insreafaí acmhainní ábhartha, agus optamú úsáide acmhainní, déine ábhar agus táirgí agus acmhainní inathnuaite agus neamh-inathnuaite á gcur san áireamh;

(b) 

eis-sreafaí acmhainní a bhaineann le táirgí agus seirbhísí; agus

(c) 

dramhaíl, lena n-áirítear dramhaíl ghuaiseach agus bainistiú dramhaíola neamhghuaisí.

AR 5. I gCéim 3, chun na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhaineann leis a mheasúnú bunaithe ar thorthaí Chéim 1 agus Chéim 2, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

rioscaí agus deiseanna aistrithe a shainaithint ina oibríochtaí féin agus ina shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, lena n-áirítear an riosca fanacht i gcás ‘gnó mar is gnách’:

i. 

beartas agus dlí, e.g. toirmisc ar acmhainní neamh-inathnuaite a eastóscadh agus a úsáid, rialacháin maidir le cóireáil dramhaíola;

ii. 

teicneolaíocht, e.g. teicneolaíochtaí nua a thabhairt isteach sa mhargadh chun úsáid táirgí agus ábhar atá ann cheana a ionadú;

iii. 

an margadh, e.g., soláthar, éileamh agus maoiniú a athrú;

iv. 

clú, e.g. braistintí sochaíocha, custaiméirí nó pobail a athrú.

(b) 

rioscaí fisiceacha a shainaithint lena n-áirítear ídiú stoic agus úsáid acmhainní inathnuaite íona agus neamhíona, agus acmhainní neamh-inathnuaite;

(c) 

deiseanna a shainaithint arna n-aicmiú mar a leanas:

i. 

éifeachtúlacht acmhainne: e.g., aistriú chuig seirbhísí agus próisis níos éifeachtúla a éilíonn níos lú acmhainní, éicidhearthóireacht le haghaidh fad saoil, deisiú, athúsáid, athchúrsáil, fotháirgí, córais aisghlactha, gníomhaíocht díchúplála ó eastóscadh ábhar, úsáid ábhair chiorclaigh a ghéarú, córas a chruthú lena gcumasaítear dí-ábharú (e.g. digitiú, rátaí úsáide a fheabhsú, meáchan a laghdú); cleachtais chun a áirithiú go ndéanfar táirgí agus ábhair a bhailiú, a shórtáil, agus a athúsáid, a dheisiú, a athriochtú, a athmhonarú;

ii. 

margaí: e.g., éileamh ar tháirgí agus ar sheirbhísí nach bhfuil chomh dian ó thaobh acmhainní de, agus samhlacha nua tomhaltais amhail táirge mar sheirbhís, íoc in aghaidh na húsáide, comhroinnt, léasú;

iii. 

maoiniú: e.g. rochtain ar chistí, bannaí nó iasachtaí glasa;

iv. 

athléimneacht: e.g. éagsúlú acmhainní agus gníomhaíochtaí gnó (e.g., tús a chur le haonad gnó nua chun ábhair nua a athchúrsáil), infheistiú i mbonneagair ghlasa, sásraí athchúrsála agus ciorclaíochta a ghlacadh lena laghdaítear na spleáchais, cumas an ghnóthais stoic agus sreafaí acmhainní a choimirciú amach anseo; agus

v. 

clú.

AR 6. Féadfaidh an gnóthas na modheolaíochtaí seo a leanas a bhreithniú chun measúnú a dhéanamh ar a thionchair, a rioscaí agus a dheiseanna i dtaca lena oibríochtaí dílse agus feadh a shlabhra luacha réamhtheachtaigh agus iartheachtaigh:

(a) 

Moladh ón gCoimisiún 2021/2279 maidir le modhanna an Loirg Comhshaoil a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil táirgí agus eagraíochtaí ar feadh a saolré a thomhas agus a chur in iúl (Iarscríbhinn I — Lorg Comhshaoil Táirge; Iarscríbhinn III — Lorg Comhshaoil Eagraíochta); agus

(b) 

Anailís ar Shreabhadh Ábhar (MFA) ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil.

AR 7. Agus faisnéis á soláthar maidir le toradh an mheasúnaithe ábharthachta, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a mheas:

(a) 

liosta d’aonaid ghnó a bhaineann le tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an geilleagar ciorclach i gcomhthéacs tháirgí agus sheirbhísí an ghnóthais agus an dramhaíl a ghineann sé;

(b) 

liosta de na hacmhainní ábhartha a úsáideann an gnóthas agus iad in ord tosaíochta;

(c) 

na tionchair agus rioscaí ábhartha a bhaineann lena bheith ag fanacht i gcás gnó mar is gnách;

(d) 

na deiseanna ábhartha a bhaineann le geilleagar ciorclach;

(e) 

na tionchair agus na rioscaí ábhartha a bhaineann le haistriú chuig geilleagar ciorclach; agus

(f) 

céimeanna an tslabhra luacha ina bhfuil úsáid acmhainní, rioscaí agus tionchair dhiúltacha comhchruinnithe.

Ceanglas maidir le Nochtadh E5-1 — Beartais a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach

AR 8. Féadfar na beartais a dtugtar tuairisc orthu faoin gCeanglas seo maidir le Nochtadh a chomhtháthú i mbeartais chomhshaoil nó inbhuanaitheachta níos leithne lena gcumhdaítear fothopaicí éagsúla.

AR 9. Agus faisnéis maidir lena bheartais á soláthar aige, breithneoidh an gnóthas cé acu agus conas a thugann nó nach dtugann a bheartais aghaidh ar na nithe seo a leanas:

(a) 

ord na réiteach dramhaíola: (a) cosc; (b) ullmhú le haghaidh athúsáide; (c) athchúrsáil; (d) aisghabháil eile, e.g. aisghabháil fuinnimh; agus (e) diúscairt. Sa chomhthéacs sin, ní féidir a mheas gur aisghabháil í an chóireáil dramhaíola;

(b) 

tosaíocht a thabhairt don dramhaíl a sheachaint nó a íoslaghdú (Athúsáid, Deisiú, Athriochtú, Athmhonarú agus Athrú cuspóra) thar chóireáil dramhaíola (Athchúrsáil). Ba cheart coincheapa na héicidhearthóireachta ( 86 ), na dramhaíola mar acmhainn nó mar dhramhaíl iarthomhaltais (ag deireadh saolré táirgí tomhaltais) a chur san áireamh freisin.

AR 10. Agus a chuid beartas á sainiú, féadfaidh an gnóthas breithniú a dhéanamh ar an bPáipéar maidir le ‘Córas catagóirithe don gheilleagar ciorclach’, ina dtugtar tuairisc ar shamhlacha deartha agus táirgthe ciorclacha, samhlacha úsáide ciorclacha, samhlacha téarnaimh luacha chiorclaigh agus tacaíocht chiorclach de réir phrionsabail na naoi straitéis nó bprionsabal ‘R’ de chuid an gheilleagair chiorclaigh: diúltú, athmhachnamh, laghdú, athúsáid, deisiú, athriochtú, athmhonarú, athrú cuspóra agus athchúrsáil.

Ceanglas maidir le Nochtadh E5-2 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach

AR 11. Agus faisnéis á soláthar faoi mhír 17 agus de bhrí go ndéantar acmhainní a chomhroinnt agus go bhféadfadh gníomhaíochtaí comhchoiteanna a bheith ag teastáil i straitéisí geilleagair chiorclaigh, féadfaidh an gnóthas na gníomhaíochtaí a rinneadh chun dul i ngleic lena shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach agus/nó lena líonra áitiúil a shonrú maidir le comhar nó tionscnaimh a fhorbairt lena méadaítear ciorclaíocht táirgí agus ábhar.

AR 12. Go háirithe, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

an chaoi a gcuireann sé leis an ngeilleagar ciorclach, lena n-áirítear mar shampla córais chliste bailithe dramhaíola;

(b) 

na páirtithe leasmhara eile a bhfuil baint acu leis na gníomhaíochtaí comhchoiteanna: iomaitheoirí, soláthróirí, miondíoltóirí, custaiméirí, comhpháirtithe gnó eile, pobail agus údaráis áitiúla, gníomhaireachtaí rialtais;

(c) 

tuairisc ar eagrúchán an chomhair nó an tionscnaimh, lena n-áirítear rannchuidiú sonrach an ghnóthais agus róil na bpáirtithe leasmhara éagsúla sa tionscadal.

AR 13. Féadfaidh na gníomhaíochtaí oibríochtaí dílse an ghnóthais agus/nó a shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach a chumhdach.

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh E5-3 — Spriocanna a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach

AR 14. Má thagraíonn an gnóthas do thairseacha éiceolaíocha chun spriocanna a leagan síos, féadfaidh sé tagairt a dhéanamh don treoraíocht arna soláthar ag an Tionscnamh um Spriocanna Eolaíochtabhunaithe don Dúlra (SBTN) ina threoraíocht eatramhach (Treoraíocht Tosaigh do Ghnó, Meán Fómhair 2020) nó d’aon treoraíocht eile le modheolaíocht a aithnítear go heolaíoch lenar féidir spriocanna eolaíochtbhunaithe a leagan síos trí thairseacha éiceolaíocha agus, más infheidhme, leithdháiltí a bhaineann go sonrach leis an eagraíocht, a shainaithint. Féadfaidh tairseacha éiceolaíocha a bheith áitiúil, náisiúnta agus/nó domhanda.

AR 15. Agus faisnéis maidir le spriocanna á soláthar ag an ngnóthas, tabharfaidh sé tosaíocht do spriocanna de luach absalóideach.

AR 16. Agus spriocanna faisnéise á soláthar de réir mhír 24, déanfaidh an gnóthas breithniú ar chéim an táirgthe, ar chéim na húsáide, agus ar dheireadh ré fheidhmeach táirgí agus ábhar.

AR 17. Agus faisnéis á soláthar maidir le spriocanna a bhaineann le hamhábhar inathnuaite íon faoi mhír 24(c), breithneoidh an gnóthas an chaoi a bhféadfadh tionchar a bheith ag na spriocanna sin ar chailliúint bithéagsúlachta, i bhfianaise ESRS E4 freisin.

AR 18. Féadfaidh an gnóthas spriocanna eile a nochtadh faoi mhír 24(f) lena n-áirítear i ndáil le foinsiú inbhuanaithe. Má nochtann sé amhlaidh, míneoidh an gnóthas an sainmhíniú ar fhoinsiú inbhuanaithe atá glactha aige agus an chaoi a mbaineann sé leis an gcuspóir a leagtar amach i mír 22.

AR 19. Féadfaidh na spriocanna oibríochtaí dílse an ghnóthais agus/nó a shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach a chumhdach.

AR 20. Féadfaidh an gnóthas a shonrú cé acu a thugtar nó nach dtugtar aghaidh sa sprioc ar easnaimh a bhaineann leis na critéir Rannchuidithe Shubstaintiúla le haghaidh Geilleagar Ciorclach mar a shainmhínítear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) 2020/852. I gcás nach gcomhlíontar na critéir ‘Gan Dochar Suntasach a Dhéanamh’ (DNSH) maidir leis an nGeilleagar Ciorclach mar a shainmhínítear i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(3), Airteagal 11(3), Airteagal 12(2), Airteagal 14(2), agus Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852, féadfaidh an gnóthas a shonrú cé acu a thugtar nó nach dtugtar aghaidh sa sprioc ar easnaimh a bhaineann leis na critéir DNSH sin.

Ceanglas maidir le Nochtadh E5-4 — Insreafaí acmhainní

AR 21. Féadfaidh insreafaí acmhainní na catagóirí seo a leanas a chumhdach: Trealamh TF, teicstílí, troscán, foirgnimh, innealra trom, innealra meánmheáchain, innealra éadrom, iompar trom, iompar meánmheáchain, iompar éadrom agus trealamh stórasaithe. Maidir le hábhair, áirítear le táscairí insreafa acmhainní amhábhair, ábhair phróisis ghaolmhara, agus earraí nó páirteanna leathmhonaraithe.

AR 22. Nuair atá an gnóthas faoi réir mhír 31, féadfaidh sé trédhearcacht a sholáthar freisin maidir leis na hábhair a fhoinsítear ó fhotháirgí/sruth dramhaíola (e.g., fuíollghearrthóga ábhair nach raibh i dtáirge roimhe sin).

AR 23. Is ionann ainmneoir tháscaire an chéatadáin a cheanglaítear faoi mhíreanna 31(b) agus 31(c) agus meáchan foriomlán na n-ábhar a úsáideadh le linn na tréimhse tuairiscithe.

AR 24. Na sonraí úsáide a thuairiscítear, tabharfaidh siad léiriú ar an ábhar ina staid bhunaidh, agus ní chuirfear i láthair iad agus tuilleadh ionramhála déanta orthu, amhail iad a thuairisciú mar ‘mheáchan tirim’.

AR 25. I gcásanna ina bhfuil forluí idir catagóirí athúsáide, athchúrsáilte, sonróidh an gnóthas conas a seachnaíodh comhaireamh dúbailte agus na roghanna a rinneadh.

Ceanglas maidir le Nochtadh E5-5 — Eis-sreafaí acmhainní

AR 26. Tagraíonn faisnéis faoi tháirgí agus faoi ábhair atá le soláthar faoi mhír 35 do na hábhair agus na táirgí uile a thagann as próiseas táirgeachta an ghnóthais agus a chuireann cuideachta ar an margadh (lena n-áirítear pacáistíocht).

AR 27. Agus an ráta á thiomsú, úsáidfidh an gnóthas mar ainmneoir meáchan foriomlán na n-ábhar a úsáideadh le linn na tréimhse tuairiscithe.

AR 28. Féadfaidh an gnóthas a rannpháirtíocht i mbainistiú dramhaíola táirge deireadh ré a nochtadh, mar shampla trí scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora nó córais aisghlactha.

AR 29. Tuigtear gur dramhaíl ghuaiseach nó dramhaíl neamhghuaiseach an cineál dramhaíola. Féadfar roinnt dramhaíl shonrach, amhail dramhaíl radaighníomhach, a chur i láthair mar chineál ar leithligh freisin.

AR 30. Agus na sruthanna dramhaíola atá ábhartha dá earnálacha nó dá ghníomhaíochtaí á mbreithniú ag an ngnóthas, féadfaidh sé liosta na dtuairiscí dramhaíola ón gCatalóg Dramhaíola Eorpach a mheas.

AR 31. Tá samplaí de chineálacha eile oibríochtaí aisghabhála faoi mhír 37(b)iii le fáil in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2008/98/CE (an Treoir Réime Dramhaíola).

AR 32. Tá samplaí de chineálacha eile oibríochtaí diúscartha faoi mhír 37(c)iii le fáil in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/98/CE (an Treoir Réime Dramhaíola).

AR 33. Agus faisnéis chomhthéacsúil á soláthar faoi mhír 40, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

míniú a thabhairt ar na cúiseanna atá le meáchain arda dramhaíola atá dírithe ar dhiúscairt (e.g. rialacháin áitiúla lena dtoirmisctear cineálacha sonracha dramhaíola a chur i líonadh talún);

(b) 

tuairisc a thabhairt ar chleachtais earnála, ar chaighdeáin earnála nó ar rialacháin sheachtracha lena sainordaítear oibríocht diúscartha shonrach; agus

(c) 

a shonrú cé acu a samhaltaíodh na sonraí nó a fuarthas ó thomhais dhíreacha iad, amhail nótaí maidir le haistriú dramhaíola ó bhailitheoirí dramhaíola faoi chonradh.

Ceanglas maidir le Nochtadh E5-6 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le húsáid acmhainní agus an geilleagar ciorclach

AR 34. Agus faisnéis á soláthar aige faoi mhír 42(b), féadfaidh an gnóthas léiriú agus tuairisc a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe aige coinneáil luacha a neartú.

AR 35. Féadfaidh an gnóthas measúnú a chur san áireamh ar a tháirgí agus a sheirbhísí gaolmhara atá i mbaol sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ina míneofar an dóigh a sainítear iad, an dóigh a ndéantar meastachán ar mhéideanna airgeadais, agus cé na toimhdí criticiúla a dhéantar.

AR 36. Féadfaidh raon a bheith i gcainníochtú na n-éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo i dtéarmaí airgeadaíochta faoi mhír 43(a).

ESRS S1

LUCHT SAOTHAIR DÍLIS

CLÁR ÁBHAR

Cuspóir

Idirghníomhaíocht le ESRS eile

Ceanglais maidir le nochtadh

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

Straitéis

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-1 — Beartais a bhaineann le lucht saothair dílis

►C1  Ceanglas maidir le Nochtadh S1-2 – Próisis rannpháirtíochta le lucht saothair dílis agus ionadaithe oibrithe maidir le tionchair ◄

►C1  Ceanglas maidir le Nochtadh S1-3 – Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le lucht saothair dílis ábhair imní a chur in iúl ◄

►C1  Ceanglas maidir le Nochtadh S1-4 – Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar lucht saothair dílis, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le lucht saothair dílis, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin ◄

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-6 — Saintréithe fhostaithe an ghnóthais

►C1  Ceanglas maidir le Nochtadh S1-7 – Saintréithe neamhfhostaithe i lucht saothair dílis an ghnóthais ◄

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-8 — Cumhdach cómhargála agus idirphlé sóisialta

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-9 — Méadracht éagsúlachta

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-10 — Pá leordhóthanach

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-11 — Cosaint shóisialta

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-12 — Daoine faoi mhíchumas

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-13 — Méadracht oiliúna agus forbartha scileanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-14 — Méadracht sláinte agus sábháilteachta

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-15 — Méadracht maidir le cothromaíocht oibre is saoil

►C1  Ceanglas maidir le Nochtadh S1-16 – Méadracht luacha saothair (bearna phá agus luach saothair iomlán) ◄

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-17 — Teagmhais, gearáin agus tionchair dhiana ar chearta an duine

Foscríbhinn A:

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm (AR)

Cuspóir

ESRS 2 Nochtaí Ginearálta

Straitéis

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-1 — Beartais a bhaineann le lucht saothair dílis

►C1  Ceanglas maidir le Nochtadh S1-2 – Próisis rannpháirtíochta le lucht saothair dílis agus ionadaithe oibrithe maidir le tionchair ◄

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le hoibrithe dílse ábhair imní a chur in iúl

►C1  Ceanglas maidir le Nochtadh S1-4 – Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar lucht saothair dílis, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le lucht saothair dílis, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin ◄

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus spriocanna a bhaineann le rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-6 — Saintréithe Fhostaithe an Ghnóthais

►C1  Ceanglas maidir le Nochtadh S1-7 – Saintréithe neamhfhostaithe i lucht saothair dílis an ghnóthais ◄

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-8 — Cumhdach cómhargála agus idirphlé sóisialta

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-9 — Méadracht éagsúlachta

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-10 — Pá Leordhóthanach

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-11 — Cosaint shóisialta

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-12 — Daoine faoi mhíchumas

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-13 — Méadracht Oiliúna agus Forbartha Scileanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-14 — Méadracht sláinte agus sábháilteachta

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-15 — Cothromaíocht oibre is saoil

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-16 — Méadracht luacha saothair (bearna phá agus luach saothair iomlán)

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-17 — Teagmhais, gearáin agus tionchair dhiana ar chearta an duine

Foscríbhinn A.1:

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm le haghaidh nochtaí a bhaineann le ESRS 2

Foscríbhinn A.2:

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm le haghaidh ESRS S1-1 Polasaithe a bhaineann le lucht saothair dílis

▼C1

Foscríbhinn A.3:

Ceanglas maidir le Cur i bhFeidhm le haghaidh ESRS S1-4 – Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar lucht saothair dílis, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le lucht saothair dílis, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin

▼B

Foscríbhinn A.4:

Ceanglas maidir le Cur i bhFeidhm le haghaidh ESRS S1-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú

Cuspóir

1. Is é cuspóir an Chaighdeáin seo ceanglais maidir le nochtadh a shonrú lena gcuirfear ar a gcumas d’úsáideoirí an ráitis inbhuanaitheachta tionchair ábhartha an ghnóthais ar a lucht saothair dílis a thuiscint, chomh maith le rioscaí agus deiseanna ábhartha gaolmhara, lena n-áirítear:

(a) 

an dóigh a ndéanann an gnóthas difear dá lucht saothair dílis, i dtéarmaí na dtionchar ábhartha — idir dhearfach agus diúltach, idir iarbhír agus fhéideartha — atá aige;

(b) 

aon ghníomhaíocht a dhéantar, agus toradh na ngníomhaíochtaí sin, chun tionchair dhiúltacha iarbhír nó fhéideartha a chosc, a mhaolú nó a leigheas, agus chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí agus deiseanna;

(c) 

nádúr, cineál agus méid rioscaí agus dheiseanna ábhartha an ghnóthais a bhaineann lena thionchair agus lena spleáchais ar a lucht saothair dílis, agus an chaoi a mbainistíonn an gnóthas iad; agus

(d) 

na héifeachtaí airgeadais ar an ngnóthas a bhaineann le rioscaí agus deiseanna ábhartha sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma a eascraíonn as tionchair agus as spleáchais an ghnóthais ar a lucht saothair dílis.

2. Chun an cuspóir a bhaint amach, leis an gCaighdeán seo éilítear míniú ar an gcur chuige ginearálta a ghlacann an gnóthas chun aon tionchar ábhartha iarbhír agus féideartha ar a lucht saothair dílis a shainaithint agus a bhainistiú i ndáil leis na tosca nó ábhair shóisialta seo a leanas, lena n-áirítear cinn a bhaineann le cearta an duine:

(a) 

dálaí oibre, lena n-áirítear:

i. 

fostaíocht shlán;

ii. 

am oibre;

iii. 

pá leordhóthanach;

iv. 

idirphlé sóisialta;

v. 

saoirse comhlachais, comhairlí oibreacha a bheith ann agus cearta oibrithe maidir le faisnéis, comhairliúchán agus rannpháirtíocht;

vi. 

cómhargáil, lena n-áirítear an ráta lucht saothair an ghnóthais atá cumhdaithe ag comhaontuithe comhchoiteanna;

vii. 

cothromaíocht oibre agus saoil; agus

viii. 

sláinte agus sábháilteacht.

(b) 

cóir chomhionann agus comhionannas deiseanna do chách, lena n-áirítear:

i. 

comhionannas inscne agus comhionann as obair ar comhionann a luach;

ii. 

oiliúint agus forbairt scileanna;

iii. 

fostaíocht agus cuimsiú daoine faoi mhíchumas;

iv. 

bearta in aghaidh foréigin agus ciaptha san ionad oibre; agus

v. 

éagsúlacht.

(c) 

cearta eile a bhaineann leis an obair, lena n-áirítear na cearta sin a bhaineann leis an méid seo a leanas:

i. 

saothar leanaí;

ii. 

saothar éignithe;

iii. 

tithíocht leordhóthanach; agus

iv. 

príobháideachas.

3. Éilítear leis an gCaighdeán seo freisin míniú ar conas is féidir le tionchair den sórt sin, chomh maith le spleáchais an ghnóthais ar a lucht saothair dílis, rioscaídeiseanna ábhartha a chruthú don ghnóthas. Mar shampla, maidir le comhionannas deiseanna, is féidir le hidirdhealú i bhfruiliú agus in ardú céime na mban rochtain an ghnóthais ar lucht saothair cáilithe a laghdú agus dochar a dhéanamh dá chlú. Os a choinne sin, d’fhéadfadh tionchair dhearfacha a bheith ag beartais chun ionadaíocht ban a mhéadú sa lucht saothair agus in ardleibhéil bhainistíochta, amhail an líon lucht saothair cáilithe a mhéadú agus feabhas a chur ar chlú an ghnóthais.

4. Cumhdaíonn an Caighdeán seo lucht saothair dílis an ghnóthais, a thuigtear go n-áirítear leis daoine atá i gcaidreamh fostaíochta leis an ngnóthas (‘fostaithe’) agus oibrithe neamhfhostaithe ar daoine iad a bhfuil conarthaí acu leis an ngnóthas chun saothar a sholáthar (‘daoine féinfhostaithe’) nó daoine a sholáthraíonn gnóthais atá ag gabháil go príomha do ‘ghníomhaíochtaí fostaíochta’ (Cód NACE N78). Féach Ceanglas 3 maidir le Cur i bhFeidhm le haghaidh samplaí de dhaoine a thagann faoi lucht saothair dílis. Ní dhéanfaidh an fhaisnéis a cheanglaítear a nochtadh maidir le hoibrithe neamhfhostaithe difear dá stádas de bhun an dlí saothair is infheidhme.

5. Ní chumhdaítear leis an gCaighdeán seo oibrithe i slabhra luacha réamhtheachtach nó iartheachtach an ghnóthais; cumhdaítear na catagóirí oibrithe sin in ESRS S2 Oibrithe sa slabhra luacha.

6. Leis an gCaighdeán, ceanglaítear ar ghnóthais tuairisc a thabhairt ar a lucht saothair dílis, lena n-áirítear príomh-shaintréithe na bhfostaithe agus na n-oibrithe neamhfhostaithe atá ina gcuid de. Tugann an cur síos seo tuiscint d’úsáideoirí ar struchtúr lucht saothair dhílis an ghnóthais agus cabhraíonn sé le faisnéis a chuirtear ar fáil trí nochtaí eile a chur i gcomhthéacs.

7. Is é cuspóir an Chaighdeáin freisin a chur ar a gcumas d’úsáideoirí tuiscint a fháil ar a mhéid atá an gnóthas ailínithe le hionstraimí agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta agus Eorpacha maidir le cearta an duine nó a mhéid a chomhlíonann sé iad, lena n-áirítear an Bille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine, Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta, Dearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair agus coinbhinsiúin bhunúsacha ILO, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Dhaoine faoi Mhíchumas, an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, Cairt Shóisialta na hEorpa athbhreithnithe, Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, tosaíochtaí beartais an Aontais mar a leagtar amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus reachtaíocht an Aontais, lena n-áirítear acquis dhlí saothair an Aontais Eorpaigh.

Idirghníomhaíocht le ESRS eile

8. Léifear an Caighdeán sin i gcomhar le ESRS 1 Prionsabail ghinearálta agus ESRS 2 Ceanglais ghinearálta.

9. Léifear an Caighdeán seo i gcomhar le ESRS S2 Oibrithe sa slabhra luacha, ESRS S3 Pobail dá ndéantar difear agus ESRS S4 Tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh.

10.  ►C1  Beidh an tuairisciú faoin gCaighdeán seo comhsheasmhach, comhleanúnach agus, i gcás inarb ábhartha, nasctha go soiléir le tuairisciú ar oibrithe slabhra luacha an ghnóthais faoi ESRS S2, chun tuairisciú éifeachtach a áirithiú. ◄

Ceanglais maidir le nochtadh

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

11. Ba cheart ceanglais na roinne seo a léamh i gcomhar leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2 maidir le Straitéis (SBM). Déanfar na nochtaí a thiocfaidh as sin a chur i láthair in éineacht leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2, cé is moite de ESRS 2 SBM-3, a bhfuil sé de rogha ag an ngnóthas nochtaí a chur i láthair ina leith in éineacht leis an nochtadh topaicshonrach.

Straitéis

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara

12. Agus é ag freagairt do ESRS 2 SBM-2, nochtfaidh an gnóthas conas a bheidh leasanna, tuairimí agus cearta daoine ina lucht saothair dílis, lena n-áirítear urraim do chearta an duine, mar bhonn eolais dá straitéis agus dá shamhail ghnó. Is grúpa tábhachtach páirtithe leasmhara dá ndéantar difear é lucht saothair dílis an ghnóthais.

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó

13. Agus an gnóthas ag freagairt do ESRS 2 SBM-3 mír 48, nochtfaidh sé an méid seo a leanas:

(a) 

maidir leis na tionchair iarbhír agus fhéideartha ar a lucht saothair dílis, mar a shainaithnítear in ESRS 2 IRO-1 Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú, cé acu is fíor nó nach fíor an méid seo a leanas, agus conas atá sé sin amhlaidh: (i) gur de thionscnamh straitéis agus shamhlacha gnó an ghnóthais iad nó go bhfuil baint acu leo, agus (ii) go gcuireann siad bonn eolais faoi straitéis agus faoi shamhail ghnó an ghnóthais agus go rannchuidíonn siad lena n-oiriúnú; agus

(b) 

an gaol idir na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhaineann leis a eascraíonn as tionchair agus as spleáchais ar a lucht saothair dílis agus as a straitéis agus a shamhail ghnó.

14. Agus ceanglais mhír 48 á gcomhlíonadh ag an ngnóthas, nochtfaidh sé cé acu atá nó nach bhfuil gach duine ina lucht saothair dílis, a bhféadfadh an gnóthas tionchar ábhartha a imirt air, san áireamh i raon feidhme a nochta faoi ESRS 2. Áirítear leis na tionchair ábhartha sin tionchair dhiúltacha a bhaineann le hoibríochtaí an ghnóthais féin agus lena shlabhra luacha, lena n-áirítear trína tháirgí agus trína sheirbhísí, agus trína ghaolmhaireachtaí gnó chomh maith. Thairis sin, nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas:

(a) 

tuairisc ghairid ar na cineálacha fostaithe agus oibrithe neamhfhostaithe ina lucht saothair dílis faoi réir tionchar ábhartha de bharr a oibríochtaí, agus sonraigh cé acu fostaithe, daoine féinfhostaithe, nó daoine arna soláthar ag gnóthais tríú páirtí atá ag gabháil go príomha do ghníomhaíochtaí fostaíochta iad;

(b) 

i gcás tionchair dhiúltacha ábhartha, cé acu atá siad (i) forleathan nó sistéamach i gcomhthéacsanna ina n-oibríonn an gnóthas (mar shampla, saothar leanaí nó saothar éignithe nó saothar éigeantach i dtíortha nó i réigiúin shonracha lasmuigh den Aontas Eorpach), nó (ii) a bhaineann siad le teagmhais aonair (mar shampla, tionóisc thionsclaíoch nó doirteadh ola);

(c) 

i gcás tionchair dhearfacha ábhartha, tuairisc ghairid ar na gníomhaíochtaí a mbíonn tionchair dhearfacha acu, na cineálacha fostaithe agus oibrithe neamhfhostaithe ina lucht saothair dílis a ndéantar difear dearfach dóibh nó a bhféadfaí difear dearfach a dhéanamh dóibh; féadfaidh an gnóthas a nochtadh freisin an dtarlaíonn na tionchair dhearfacha i dtíortha sonracha nó i réigiúin shonracha;

(d) 

aon riosca agus deis ábhartha don ghnóthas a eascraíonn as tionchair agus as spleáchais ar a lucht saothair dílis;

(e) 

aon tionchar ábhartha ar a lucht saothair dílis a d’fhéadfadh teacht as pleananna aistrithe chun tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol a laghdú agus oibríochtaí atá níos glaise agus atá neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach, lena n-áirítear faisnéis faoi na tionchair ar a lucht saothair dílis de bharr phleananna agus ghníomhaíochtaí an ghnóthais chun astaíochtaí carbóin a laghdú i gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta. Ar thionchair, rioscaí agus deiseanna áirítear athstruchtúrú agus caillteanas fostaíochta chomh maith le deiseanna a eascraíonn as cruthú post agus athsciliú nó uas-sciliú;

(f) 

oibríochtaí atá go mór i mbaol ó thaobh teagmhais saothair éignithe nó éigeantaigh de ( 87 ) i dtéarmaí:

i. 

an cineál oibríochta (amhail monarcha mhonaraíochta); nó

ii. 

tíortha nó limistéir gheografacha ina bhfuil oibríochtaí a mheastar a bheith i mbaol;

(g) 

oibríochtaí atá go mór i mbaol ó thaobh teagmhais saothair leanaí ( 88 ) de i dtéarmaí:

i. 

an cineál oibríochta (amhail monarcha mhonaraíochta); nó

ii. 

tíortha nó limistéir gheografacha ina bhfuil oibríochtaí a mheastar a bheith i mbaol.

15. Agus tuairisc á tabhairt aige ar na príomhchineálacha daoine ina lucht saothair dílis dá ndéantar difear diúltach nó dá bhféadfaí difear diúltach a dhéanamh, bunaithe ar an measúnú ábharthachta a leagtar amach in ESRS 2 IRO 1, nochtfaidh an gnóthas cé acu a d’fhorbair nó nár fhorbair sé tuiscint agus conas a d’fhorbair sé tuiscint ar an gcaoi a bhféadfadh daoine a bhfuil tréithe ar leith acu, iad siúd atá ag obair i gcomhthéacsanna ar leith, nó na daoine sin atá i mbun gníomhaíochtaí ar leith a bheith níos mó i mbaol díobhála.

16. Nochtfaidh an gnóthas cé na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhaineann leis, más ann dóibh, a eascraíonn as tionchair agus as spleáchais ar dhaoine ina lucht saothair dílis a bhaineann le grúpaí sonracha daoine (mar shampla, aoisghrúpaí áirithe, nó daoine atá ag obair i monarcha nó i dtír áirithe) seachas lena lucht saothair dílis uile (mar shampla, gearradh ginearálta, nó oiliúint a thairgtear do gach duine ina lucht saothair dílis).

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-1 — Beartais a bhaineann le lucht saothair dílis

17.  Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar a bheartais arna nglacadh chun a thionchair ábhartha ar a lucht saothair dílis a bhainistiú, chomh maith le rioscaí agus deiseanna ábhartha gaolmhara.

18. Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar a mhéid atá beartais ag an ngnóthas lena dtugtar aghaidh ar shainaithint, ar mheasúnú, ar bhainistiú agus/nó ar leigheas na dtionchar ábhartha ar lucht saothair dílis an ghnóthais go sonrach, chomh maith le beartais lena gcumhdaítear tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann lena lucht saothair dílis.

19. Beidh sa nochtadh a cheanglaítear le mír 17 an fhaisnéis faoi bheartais an ghnóthais chun a thionchair, a rioscaí, agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann lena lucht saothair dílis agus leis an ngeilleagar ciorclach a bhainistiú i gcomhréir le ESRS 2 MDR-P Beartais arna nglacadh chun ábhair inbhuanaitheachta ábhartha a bhainistiú). Ina theannta sin, sonróidh an gnóthas an gcumhdaítear leis na beartais sin grúpaí sonracha laistigh dá lucht saothair dílis nó a lucht saothair dílis uile.

20. Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar a ghealltanais bheartais maidir le cearta an duine ( 89 ) atá ábhartha dá lucht saothair dílis, lena n-áirítear na próisis agus na sásraí sin chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, Dearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair agus Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta ( 90 ). Díreoidh sé, ina nochtadh, ar na hábhair sin atá ábhartha i ndáil leis an méid seo a leanas, chomh maith lena chur chuige ginearálta maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

urraim do chearta daonna, lena n-áirítear cearta oibrithe bunúsacha, daoine ina lucht saothair dílis;

(b) 

rannpháirtíocht le daoine ina lucht saothair dílis; agus

(c) 

bearta chun leigheas ar thionchair ar chearta an duine a chur ar fáil agus/nó a chumasú.

21. Nochtfaidh an gnóthas cé acu atá nó nach bhfuil a chuid beartas maidir lena lucht saothair dílis ailínithe le hionstraimí ábhartha a aithnítear go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, agus conas atá siad ailínithe leis na hionstraimí sin ( 91 ).

22. Luafaidh an gnóthas cé acu a thugann nó nach dtugann a bheartais i ndáil lena lucht saothair dílis aghaidh go sainráite ar gháinneáil ar dhaoine ( 92 ), ar shaothar éignithe nó ar shaothar éigeantach agus ar shaothar leanaí.

23. Luafaidh an gnóthas cé acu atá nó nach bhfuil beartas coiscthe tionóiscí tionsclaíochta nó córas bainistíochta aige ( 93 ).

24. Nochtfaidh an gnóthas:

(a) 

cé acu atá nó nach bhfuil beartais shonracha aige atá dírithe ar idirdhealú a dhíothú, lena n-áirítear ciapadh, comhionannas deiseanna a chur chun cinn agus bealaí eile chun an éagsúlacht agus an cuimsiú a chur chun cinn;

(b) 

c acu a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear na forais idirdhealaithe seo a leanas go sonrach sa bheartas: bunadh ciníoch agus eitneach, dath, gnéas, gnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne, míchumas, aois, reiligiún, tuairim pholaitiúil, bunadh náisiúnta nó bunadh sóisialta, nó cineálacha eile idirdhealaithe a chumhdaítear le rialachán de chuid an Aontais agus leis an dlí náisiúnta;

(c) 

cé acu atá nó nach bhfuil gealltanais shonracha bheartais ag an ngnóthas a bhaineann le cuimsiú nó le gníomhaíocht dhearfach do dhaoine ó ghrúpaí atá i mbaol ar leith ó thaobh leochaileachta ina lucht saothair dílis agus, má tá, cad iad na gealltanais sin; agus

(d) 

cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear na beartais sin chun feidhme agus conas a chuirtear chun feidhme iad trí nósanna imeachta sonracha chun a áirithiú go ndéanfar idirdhealú a chosc, a mhaolú agus go ngníomhófar dá réir a luaithe a bhraitear é, agus chun an éagsúlacht agus an cuimsiú a chur chun cinn i gcoitinne.

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-2 — Próisis rannpháirtíochta le lucht saothair dílis agus ionadaithe oibrithe maidir le tionchair

25.  Nochtfaidh an gnóthas a phróisis ghinearálta chun dul i dteagmháil le daoine ina lucht saothair dílis agus le hionadaithe oibrithe faoi na tionchair iarbhír agus fhéideartha ar a lucht saothair dílis.

26. Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar an gcaoi a n-oibríonn an gnóthas, mar chuid dá phróiseas leanúnach díchill chuí, le daoine ina lucht saothair dílis agus le hionadaithe oibrithe faoi thionchair ábhartha, iarbhír agus fhéideartha, dhearfacha agus/nó dhiúltacha a dhéanann difear dóibh nó ar dócha go ndéanfaidh siad difear dóibh, agus cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear peirspictíochtaí a lucht saothair dhílis san áireamh i bpróisis chinnteoireachta an ghnóthais agus an chaoi a gcuirtear san áireamh iad.

27. Nochtfaidh an gnóthas cé acu atá nó nach bhfuil peirspictíochtaí a lucht saothair dhílis ina mbonn eolais dá chinntí nó dá ghníomhaíochtaí atá dírithe ar na tionchair iarbhír agus fhéideartha ar a lucht saothair dílis a bhainistiú agus an chaoi a gcuireann na peirspictíochtaí sin bonn eolais faoi na cinntí nó na gníomhaíochtaí sin. Áireofar leis sin, i gcás inarb ábhartha, míniú ar an méid seo a leanas:

(a) 

cé acu a dhéantar nó nach ndéantar teagmháil dhíreach le lucht saothair dílis an ghnóthais nó le hionadaithe na n-oibrithe;

(b) 

an chéim (na céimeanna) ag a dtarlaíonn an rannpháirtíocht, an cineál rannpháirtíochta agus minicíocht na rannpháirtíochta;

(c) 

an fheidhm agus an ról is sinsearaí sa ghnóthas ag a bhfuil freagracht oibríochtúil as a áirithiú go dtarlaíonn an rannpháirtíocht sin agus go dtugann na torthaí bonn eolais do chur chuige an ghnóthais;

(d) 

i gcás inarb infheidhme, Creat-Chomhaontú Domhanda nó comhaontuithe eile atá ag an ngnóthas le hionadaithe na n-oibrithe a bhaineann le cearta daonna a lucht saothair dhílis a urramú, lena n-áirítear míniú ar an gcaoi a gcuireann an comhaontú ar a chumas don ghnóthas léargas a fháil ar pheirspictíochtaí a lucht saothair dhílis; agus

(e) 

i gcás inarb infheidhme, an chaoi a ndéanann an gnóthas measúnú ar éifeachtacht a rannpháirtíochta lena lucht saothair dílis, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, aon chomhaontú nó aon toradh atá mar thoradh uirthi.

28. I gcás inarb infheidhme, nochtfaidh an gnóthas na bearta a dhéanann sé chun léargas a fháil ar pheirspictíochtaí na ndaoine ina lucht saothair dílis a d’fhéadfadh a bheith an-leochaileach do thionchair agus/nó a d’fhéadfadh a bheith imeallaithe (mar shampla, mná, imircigh, daoine faoi mhíchumas).

29. Mura féidir leis an ngnóthas an fhaisnéis a cheanglaítear thuas a nochtadh toisc nár ghlac sé próiseas ginearálta chun rannpháirtíocht a dhéanamh lena lucht saothair dílis, nochtfaidh sé gurb amhlaidh an cás. Féadfaidh sé tráthchlár a nochtadh faoina bhfuil sé ag féachaint le próiseas den sórt sin a bheith i bhfeidhm.

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le lucht saothair dílis ábhair imní a chur in iúl

30.  Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar na próisis atá i bhfeidhm aige chun foráil a dhéanamh maidir leis na tionchair dhiúltacha ar dhaoine ina lucht saothair dílis a bhfuil baint ag an ngnóthas leo a leigheas nó chun comhoibriú d’fhonn na tionchair sin a leigheas, chomh maith leis na bealaí atá ar fáil dá lucht saothair dílis chun ábhair imní a ardú chun go dtabharfaí aghaidh orthu.

31. Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar na modhanna foirmiúla trínar féidir le lucht saothair dílis an ghnóthais a n-ábhair imní agus a riachtanais a chur in iúl go díreach don ghnóthas agus/nó trína dtacaíonn an gnóthas le hinfhaighteacht bealaí den sórt sin (mar shampla, sásraí casaoide) san ionad oibre, agus ar an gcaoi a ndéantar obair leantach leis na daoine lena mbaineann maidir leis na saincheisteanna a ardaíodh, agus éifeachtacht na mbealaí sin.

32. Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar na próisis atá i bhfeidhm chun na hábhair a shainítear i mír 2 de roinn an Chuspóra a chumhdach tríd an bhfaisnéis seo a leanas a nochtadh:

(a) 

a chur chuige ginearálta agus a phróisis maidir le réiteach a sholáthar nó rannchuidiú leis i gcás inarb é ba chúis le tionchar diúltach ábhartha ar dhaoine ina lucht saothair dílis nó i gcás inar rannchuidigh sé leis an tionchar sin, lena n-áirítear cé acu a mheasann nó nach measann an gnóthas go bhfuil an réiteach a chuirtear ar fáil éifeachtach agus an chaoi a measann sé amhlaidh;

(b) 

aon bhealach sonrach atá i bhfeidhm aige chun go gcuirfidh a lucht saothair dílis a n-ábhair imní nó a riachtanais in iúl go díreach don ghnóthas agus chun go dtabharfar aghaidh orthu, lena n-áirítear cé acu an é an gnóthas féin a bhunaíonn iad agus/nó an trí rannpháirtíocht i sásraí tríú páirtí a bhunaítear iad;

(c) 

cé acu atá nó nach bhfuil sásra láimhseála casaoide/gearán ag an ngnóthas a bhaineann le cúrsaí fostaithe ( 94 ); agus

(d) 

na próisis trína dtacaíonn an gnóthas le hinfhaighteacht bealaí den sórt sin in ionad oibre a lucht saothair dhílis; agus

(e) 

an chaoi a ndéanann sé rianú agus faireachán ar shaincheisteanna a tarraingíodh aníos agus ar tugadh aghaidh orthu, agus an chaoi a n-áirithíonn sé éifeachtacht na mbealaí, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht páirtithe leasmhara arb iad na húsáideoirí beartaithe iad.

33. Nochtfaidh an gnóthas cé acu a dhéanann nó nach ndéanann sé measúnú go bhfuil daoine ina lucht saothair dílis ar an eolas faoi na struchtúir nó na próisis sin, agus go bhfuil muinín acu astu, mar bhealach chun a n-ábhair imní nó a riachtanais a chur in iúl agus chun go dtabharfar aghaidh orthu, agus an chaoi a ndéanann sé an measúnú sin. Ina theannta sin, nochtfaidh an gnóthas cé acu atá nó nach bhfuil beartais i bhfeidhm aige chun na daoine aonair a úsáideann iad, lena n-áirítear ionadaithe oibrithe, a chosaint ar fhrithbheart. Má nochtadh an fhaisnéis sin i gcomhréir le ESRS G1-1, féadfaidh an gnóthas tagairt a dhéanamh don fhaisnéis sin.

34. Mura féidir leis an ngnóthas an fhaisnéis a cheanglaítear thuas a nochtadh toisc nár ghlac sé bealach chun ábhair imní a chur in iúl agus/nó toisc nach dtacaíonn sé le bealach den sórt sin a bheith ar fáil san ionad oibre dá lucht saothair dílis, nochtfaidh sé gurb amhlaidh an cás. Féadfaidh sé tráthchlár a nochtadh faoina bhfuil sé ag féachaint le bealach den sórt sin a bheith i bhfeidhm.

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-4 — Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar lucht saothair dílis, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le lucht saothair dílis, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin

35.  Nochtfaidh an gnóthas an chaoi a ndéanann sé gníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha agus dhearfacha ábhartha, agus chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú a bhaineann lena lucht saothair dílis, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin.

36. Tá dhá chuspóir ag an gCeanglas seo maidir le Nochtadh. Ar an gcéad dul síos, tá sé de chuspóir aige tuiscint a chumasú ar aon ghníomhaíocht agus tionscnamh trína bhféachann an gnóthas leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

tionchair dhiúltacha ábhartha ar a lucht saothair dílis a chosc, a mhaolú agus a leigheas; agus/nó

(b) 

tionchair dhearfacha ábhartha a bhaint amach dá lucht saothair dílis.

Ar an dara dul síos, tá sé de chuspóir aige tuiscint a chumasú ar na bealaí ina bhfuil aghaidh á tabhairt ag an ngnóthas ar na rioscaí ábhartha agus ina bhfuil sé ag saothrú na ndeiseanna ábhartha a bhaineann lena lucht saothair dílis.

37. Soláthróidh an gnóthas tuairisc achomair ar na pleananna gníomhaíochta agus ar na hacmhainní chun a thionchair, a rioscaí agus a dheiseanna ábhartha a bhainistiú a bhaineann lena lucht saothair dílisi gcomhréir le ESRS 2 MDR-A Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta ábhartha.

38. Maidir leis na tionchair ábhartha a bhaineann lena lucht saothair dílis, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:

(a) 

gníomhaíochtaí a rinneadh, atá beartaithe nó atá ar bun chun tionchair dhiúltacha ábhartha ar a lucht saothair dílis a chosc nó a mhaolú;

(b) 

cé acu a rinne nó nach ndearna sé gníomh chun leigheas a sholáthar nó a chumasú i ndáil le hiarmhairt iarbhír ábhartha, agus an chaoi a ndearna sé é sin;

(c) 

aon ghníomhaíocht nó tionscnamh breise atá i bhfeidhm aige a bhfuil sé de phríomhchuspóir acu tionchar dearfach a imirt ar a lucht saothair dílis; agus

(d) 

an dóigh a ndéanann sé rianú agus measúnú ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí agus na dtionscnamh sin maidir le torthaí a bhaint amach dá lucht saothair dílis.

39. Maidir le mír 36, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar na próisis trína sainaithníonn sé cén ghníomhaíocht is gá agus is iomchuí mar fhreagairt ar thionchar diúltach iarbhír nó féideartha ar a lucht saothair dílis.

40. I ndáil le rioscaí agus deiseanna ábhartha, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:

(a) 

an ghníomhaíocht atá beartaithe nó atá ar bun chun rioscaí ábhartha a mhaolú don ghnóthas a eascraíonn as a thionchair agus a spleáchais ar a lucht saothair dílis agus an chaoi a rianaíonn sé éifeachtacht sa chleachtas; agus

(b) 

an ghníomhaíocht atá beartaithe nó atá ar siúl chun deiseanna ábhartha a shaothrú don ghnóthas i ndáil lena lucht saothair dílis.

41. Nochtfaidh an gnóthas cé acu a áirithíonn nó nach áirithíonn sé agus conas a áirithíonn sé nach bhfuil a chleachtais féin ina gcúis le tionchair dhiúltacha ábhartha ar a lucht saothair dílis nó nach gcuireann siad leo, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, a chleachtais i ndáil le soláthar, díolacháin agus úsáid sonraí. D’fhéadfaí a áireamh leis sin nochtadh a dhéanamh ar an gcur chuige a ghlactar nuair a thagann teannas chun cinn idir tionchair dhiúltacha ábhartha a chosc nó a mhaolú agus brúnna gnó eile.

42. Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 40 á nochtadh ag an ngnóthas, breithneoidh sé ESRS 2 MDR-T Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna má dhéanann sé meastóireacht ar éifeachtacht gníomhaíochta trí sprioc a leagan síos.

43. Nochtfaidh an gnóthas cé na hacmhainní a leithdháiltear ar bhainistiú a thionchar ábhartha, mar aon le faisnéis a chuireann ar a gcumas d’úsáideoirí tuiscint a fháil ar an gcaoi a mbainistítear na tionchair ábhartha.

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú

44.  Nochtfaidh an gnóthas na spriocanna atá faoi cheangal ama agus dírithe ar thorthaí a d’fhéadfadh a bheith socraithe aige agus a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a) 

tionchair dhiúltacha ar a lucht saothair dílis a laghdú; agus/nó

(b) 

tionchair dhearfacha ar a lucht saothair dílis a chur chun cinn; agus/nó

(c) 

bainistíocht a dhéanamh ar rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann lena lucht saothair dílis.

45. Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar a mhéid atá spriocanna atá dírithe ar thorthaí á n-úsáid ag an ngnóthas chun a dhul chun cinn a spreagadh agus a thomhas maidir le haghaidh a thabhairt ar a thionchair dhiúltacha ábhartha agus/nó tionchair dhearfacha ar a lucht saothair dílis a chur chun cinn, agus/nó rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann lena lucht saothair dílis a bhainistiú.

46. Beidh na ceanglais faisnéise a shainítear in ESRS 2 MDR-T sa tuairisc achomair ar na spriocanna a socraíodh chun a thionchair, a rioscaí agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann le lucht saothair dílis an ghnóthais a bhainistiú.

47. Nochtfaidh an gnóthas an próiseas chun na spriocanna a shocrú, lena n-áirítear cé acu a bhí nó nach raibh an gnóthas ag plé go díreach lena lucht saothair dílis nó le hionadaithe na n-oibrithe agus conas a rinne sé é sin i dtaca leis na nithe seo a leanas:

(a) 

aon sprioc den sórt sin a leagan síos;

(b) 

feidhmíocht an ghnóthais ina gcoinne a rianú; agus

(c) 

aon cheacht nó aon fheabhsú de thoradh fheidhmíocht an ghnóthais a shainaithint.

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-6 — Saintréithe fhostaithe an ghnóthais

48.  Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar phríomh-shaintréithe na bhfostaithe ina lucht saothair dílis.

49. Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh léargas a thabhairt ar chur chuige an ghnóthais i leith fostaíochta, lena n-áirítear raon feidhme agus cineál na dtionchar a eascraíonn as a chleachtais fostaíochta, faisnéis chomhthéacsúil a sholáthar a chuideoidh le tuiscint a fháil ar an bhfaisnéis a thuairiscítear i nochtaí eile, agus a bheith mar bhonn le ríomh na méadrachta cainníochtúla atá le nochtadh faoi cheanglais eile maidir le nochtadh sa Chaighdeán seo.

50. I dteannta na faisnéise a cheanglaítear le mír 40(a)iii de ESRS 2 Nochtaí Ginearálta, nochtfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:

(a) 

an líon iomlán fostaithe de réir an lín daoine aonair, agus na miondealuithe de réir inscne agus de réir tíre i gcás tíortha ina bhfuil 50 fostaí nó níos mó ag an ngnóthas a sheasann do 10 % ar a laghad dá líon iomlán fostaithe;

(b) 

an líon iomlán de na daoine seo a leanas de réir an lín daoine aonair nó de réir choibhéis lánaimseartha (FTE):

i. 

fostaithe buana, agus miondealú de réir inscne;

ii. 

fostaithe sealadacha, agus miondealú de réir inscne; agus

iii. 

fostaithe a bhfuil uaireanta neamhráthaithe acu, agus miondealú de réir inscne.

(c) 

an líon iomlán fostaithe a d’fhág an gnóthas le linn na tréimhse tuairiscithe agus ráta láimhdeachais na bhfostaithe sa tréimhse tuairiscithe.

(d) 

tuairisc ar na modheolaíochtaí agus na toimhdí a úsáidtear chun na sonraí a thiomsú, lena n-áirítear cé acu a thuairiscítear nó nach dtuairiscítear na figiúirí:

i. 

de réir an lín fostaithe aonair nó de réir coibhéis lánaimseartha (FTE) (lena n-áirítear míniú ar conas a shainmhínítear FTE); agus

ii. 

ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, mar mheánfhigiúr le haghaidh na tréimhse tuairiscithe, nó ag úsáid modheolaíocht eile.

(e) 

i gcás inarb infheidhme, faisnéis chomhthéacsúil a sholáthar is gá chun na sonraí a thuiscint (mar shampla, chun luaineachtaí sa líon fostaithe le linn na tréimhse tuairiscithe a thuiscint); agus

(f) 

crostagairt don fhaisnéis a thuairiscítear faoi (a) thuas leis an bhfigiúr is ionadaíche sna ráitis airgeadais.

51. Maidir leis an bhfaisnéis a shonraítear i bpointe (b) de mhír 50, féadfaidh an gnóthas an miondealú de réir réigiúin a nochtadh freisin.

52. Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh trí líon daoine aonair nó a choibhéis lánaimseartha (FTE):

(a) 

fostaithe lánaimseartha, agus miondealuithe de réir inscne agus réigiúin; agus

(b) 

fostaithe páirtaimseartha, agus miondealuithe de réir inscne agus réigiúin.

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-7 — Saintréithe oibrithe neamhfhostaithe i lucht saothair dílis an ghnóthais

53.  Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar phríomh-shaintréithe na n-oibrithe neamhfhostaithe ina lucht saothair dílis.

54. Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh léargas a thabhairt ar chur chuige an ghnóthais i leith fostaíochta, lena n-áirítear raon feidhme agus cineál na dtionchar a eascraíonn as a chleachtais fostaíochta, faisnéis chomhthéacsúil a sholáthar a chuideoidh le tuiscint a fháil ar an bhfaisnéis a thuairiscítear i nochtaí eile, agus a bheith mar bhonn le ríomh na méadrachta cainníochtúla atá le nochtadh faoi cheanglais eile maidir le nochtadh sa Chaighdeán seo. Chomh maith leis sin, is féidir tuiscint a fháil uaidh ar an méid a bhraitheann an gnóthas ar oibrithe neamhfhostaithe mar chuid dá lucht saothair.

55. Sa nochtadh a cheanglaítear le mír 53 áireofar an méid seo a leanas:

(a) 

nochtadh maidir leis an líon iomlán oibrithe neamhfhostaithe i lucht saothair dílis an ghnóthais, i.e., daoine a bhfuil conarthaí acu leis an ngnóthas chun saothar a sholáthar (‘daoine féinfhostaithe’) nó daoine arna soláthar ag gnóthais atá ag gabháil go príomha do ‘ghníomhaíochtaí fostaíochta’ (Cód NACE N78).

(b) 

míniú ar na modheolaíochtaí agus na toimhdí a úsáidtear chun na sonraí a thiomsú, lena n-áirítear cé acu a thuairiscítear nó nach dtuairiscítear an líon oibrithe neamhfhostaithe:

i. 

de réir an lín fostaithe aonair nó de réir coibhéis lánaimseartha (FTE) (lena n-áirítear míniú ar conas a shainmhínítear FTE); agus

ii. 

ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, mar mheánfhigiúr le haghaidh na tréimhse tuairiscithe, nó ag úsáid modheolaíocht eile.

(c) 

i gcás inarb infheidhme, faisnéis chomhthéacsúil a sholáthar is gá chun na sonraí a thuiscint (mar shampla, luaineachtaí móra sa líon oibrithe neamhfhostaithe i lucht saothair dílis an ghnóthais le linn na tréimhse tuairiscithe agus idir an tréimhse tuairiscithe atá ann faoi láthair agus an tréimhse tuairiscithe roimhe sin).

56. Maidir leis an bhfaisnéis a shonraítear i bpointe (a) de mhír 55, féadfaidh an gnóthas na cineálacha is coitianta oibrithe neamhfhostaithe a nochtadh (mar shampla, daoine féinfhostaithe, daoine arna soláthar ag gnóthais atá ag gabháil go príomha do ghníomhaíochtaí fostaíochta, agus cineálacha eile atá ábhartha don ghnóthas), a gcaidreamh leis an ngnóthas, agus an cineál oibre a dhéanann siad.

57. I gcás nach bhfuil sonraí ar fáil, déanfaidh an gnóthas meastachán ar an líon agus luafaidh sé go ndearna sé amhlaidh. Nuair a dhéanann an gnóthas meastacháin, tabharfaidh sé tuairisc ar an mbonn atá le hullmhú an mheastacháin sin.

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-8 — Cumhdach cómhargála agus idirphlé sóisialta

58.  ►C1  Nochtfaidh an gnóthas faisnéis a mhéid a dhéanann comhaontuithe cómhargála coinníollacha oibre agus téarmaí fostaíochta a chuid fostaithe a chinneadh nó a mhéid a imríonn siad tionchar orthu agus a mhéid a dhéantar ionadaíocht ar a chuid fostaithe san idirphlé sóisialta sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE).  ◄

59. Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar chumhdach comhaontuithe cómhargála agus idirphlé sóisialta d’fhostaithe dílse an ghnóthais.

60. Nochtfaidh an gnóthas:

(a) 

céatadán iomlán a fhostaithe a chumhdaítear le comhaontuithe cómhargála;

(b) 

in LEE, cé acu atá nó nach bhfuil comhaontú cómhargála amháin nó níos mó aige agus, má tá, céatadán foriomlán a chuid fostaithe a chumhdaítear leis an gcomhaontú/leis na comhaontuithe sin do gach tír ina bhfuil fostaíocht shuntasach aici, a shainmhínítear mar 50 fostaí ar a laghad de réir an lín daoine aonair a sheasann do 10 % ar a laghad dá líon iomlán fostaithe; agus

(c) 

lasmuigh de LEE, an céatadán dá fhostaithe dílse atá cumhdaithe ag comhaontuithe cómhargála de réir réigiúin.

61. I gcás fostaithe nach gcumhdaítear le comhaontuithe cómhargála, féadfaidh an gnóthas a nochtadh cé acu a chinneann nó nach gcinneann sé a ndálaí oibre agus a dtéarmaí fostaíochta bunaithe ar chomhaontuithe cómhargála lena gcumhdaítear a fhostaithe eile nó bunaithe ar chomhaontuithe cómhargála ó ghnóthais eile.

62. Féadfaidh an gnóthas a nochtadh a mhéid a chinneann comhaontuithe cómhargála dálaí oibre agus téarmaí fostaíochta oibrithe neamhfhostaithe ina lucht saothair dílis, nó a mhéid a n-imríonn siad tionchar orthu, lena n-áirítear meastachán ar an ráta cumhdaigh.

63. Nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas i ndáil le hidirphlé sóisialta:

(a) 

céatadán domhanda na bhfostaithe atá cumhdaithe ag ionadaithe oibrithe, arna dtuairisciú ar leibhéal na tíre do gach tír LEE ina bhfuil fostaíocht shuntasach ag an ngnóthas; agus

(b) 

aon chomhaontú a bheith ann lena chuid fostaithe maidir le hionadaíocht ó Chomhairle Oibreacha Eorpacha (EWC), Comhairle Oibreacha Societas Europaea (SE), nó Comhairle Oibreacha Societas Cooperativa Europaea (SCE).

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-9 — Méadracht éagsúlachta

64.  Nochtfaidh an gnóthas an dáileadh inscne i measc na hardbhainistíochta agus an dáileadh aoise i measc a fhostaithe.

65. Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar éagsúlacht inscne ar leibhéal ardbhainistíochta agus ar dháileadh aoise a chuid fostaithe.

66. Nochtfaidh an gnóthas:

(a) 

an dáileadh inscne de réir lín agus céatadáin ar leibhéal na hardbhainistíochta; agus

(b) 

an dáileadh fostaithe de réir aoisghrúpa: faoi bhun 30 bliain d’aois; 30–50 bliain d’aois; os cionn 50 bliain d’aois.

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-10 — Pá leordhóthanach

67.  Nochtfaidh an gnóthas cé acu a íoctar nó nach n-íoctar pá leordhóthanach lena chuid fostaithe, agus mura n-íoctar pá leordhóthanach leo uile, na tíortha agus céatadán na bhfostaithe lena mbaineann.

68. Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar cé acu a íoctar nó nach n-íoctar pá leordhóthanach le fostaithe uile an ghnóthais, i gcomhréir leis na tagarmharcanna is infheidhme.

69. Nochtfaidh an gnóthas cé acu a íoctar nó nach n-íoctar pá leordhóthanach lena fhostaithe go léir, i gcomhréir leis na tagarmharcanna is infheidhme. Má íoctar, is leor an méid sin a lua chun an ceanglas seo maidir le nochtadh a chomhlíonadh agus ní bheidh gá le tuilleadh faisnéise.

70. Mura n-íoctar pá leordhóthanach lena fhostaithe uile i gcomhréir leis na tagarmharcanna is infheidhme, nochtfaidh an gnóthas cé na tíortha ina dtuilleann fostaithe méid atá faoi bhun an tagarmhairc pá leordhóthanaigh is infheidhme agus céatadán na bhfostaithe a thuilleann faoi bhun an tagarmhairc pá leordhóthanaigh is infheidhme do gach ceann de na tíortha sin.

71. Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis a nochtadh freisin a shonraítear sa cheanglas seo maidir le nochtadh i ndáil le hoibrithe neamhfhostaithe ina lucht saothair.

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-11 — Cosaint shóisialta

72.  Nochtfaidh an gnóthas cé acu atá nó nach bhfuil a chuid fostaithe cumhdaithe ag cosaint shóisialta in aghaidh caillteanas ioncaim mar gheall ar mhórtheagmhais saoil, agus, mura bhfuil, na tíortha nach bhfuil siad cosanta iontu.

73. Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh ná tuiscint a chumasú ar cé acu atá nó nach bhfuil fostaithe an ghnóthais cumhdaithe ag cosaint shóisialta in aghaidh caillteanas ioncaim mar gheall ar mhórtheagmhais saoil, agus, mura bhfuil, na tíortha nach bhfuil siad cosanta iontu.

74. Nochtfaidh an gnóthas cé acu atá nó nach bhfuil a chuid fostaithe uile cumhdaithe ag cosaint shóisialta, trí chláir phoiblí nó trí shochair arna dtairiscint ag an ngnóthas, in aghaidh caillteanas ioncaim mar gheall ar aon cheann de na mórtheagmhais saoil seo a leanas:

(a) 

breoiteacht;

(b) 

dífhostaíocht a thosaíonn agus an t-oibrí dílis ag obair don ghnóthas;

(c) 

díobháil fostaíochta agus míchumas a fuarthas;

(d) 

saoire thuismitheoireachta; agus

(e) 

dul ar scor.

Má tá, is leor an méid sin a lua chun an ceanglas seo maidir le nochtadh a chomhlíonadh agus ní bheidh gá le tuilleadh faisnéise.

75. Mura gcumhdaítear a chuid fostaithe uile le cosaint shóisialta i gcomhréir le mír 72, nochtfaidh an gnóthas freisin na tíortha nach bhfuil cosaint shóisialta ag fostaithe iontu maidir le ceann amháin nó níos mó de na cineálacha teagmhas a liostaítear i mír 72 agus, i gcás gach ceann de na tíortha sin, nochtfaidh sé na cineálacha fostaithe nach bhfuil cosaint shóisialta acu maidir le gach mórtheagmhas saoil is infheidhme.

76. Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis a nochtadh freisin a shonraítear sa cheanglas seo maidir le nochtadh i ndáil le hoibrithe neamhfhostaithe ina lucht saothair.

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-12 — Daoine faoi mhíchumas

77.  Nochtfaidh an gnóthas céatadán a fhostaithe féin atá faoi mhíchumas.

78. Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar a mhéid a áirítear daoine faoi mhíchumas i measc fhostaithe an ghnóthais.

79.  ►C1  Nochtfaidh an gnóthas céatadán na n daoine faoi mhíchumas i measc a chuid fostaithe faoi réir srianta dlíthiúla ar bhailiú sonraí. ◄

80. Féadfaidh an gnóthas céatadán na bhfostaithe faoi mhíchumas a nochtadh agus miondealú a thabhairt de réir inscne.

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-13 — Méadracht oiliúna agus forbartha scileanna

81.  Nochtfaidh an gnóthas a mhéid a sholáthraítear oiliúint agus forbairt scileanna dá fhostaithe.

82. Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar na gníomhaíochtaí oiliúna agus forbartha scileanna a tairgeadh d’fhostaithe, laistigh de chomhthéacs an fháis ghairmiúil leanúnaigh, chun scileanna fostaithe a uasghrádú agus chun infhostaitheacht leanúnach a éascú.

83. Sa nochtadh a cheanglaítear le mír 81 áireofar an méid seo a leanas:

(a) 

céatadán na bhfostaithe a ghlac páirt in athbhreithnithe rialta feidhmíochta agus forbartha gairme; déanfar an fhaisnéis sin a mhiondealú de réir inscne;

(b) 

mheánlíon na n-uaireanta oiliúna in aghaidh an fhostaí agus de réir inscne.

84. Féadfaidh an gnóthas miondealuithe a nochtadh de réir catagóir fostaithe maidir le céatadán na bhfostaithe a ghlac páirt i bhforbairt rialta feidhmíochta agus ghairme agus maidir le meánlíon na n-uaireanta oiliúna in aghaidh an fhostaí.

85. Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis a nochtadh freisin a shonraítear sa cheanglas seo maidir le nochtadh i ndáil le hoibrithe neamhfhostaithe ina lucht saothair.

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-14 — Méadracht sláinte agus sábháilteachta

86.  Nochtfaidh an gnóthas faisnéis faoin méid a chumhdaítear a lucht saothair dílis lena chóras bainistithe sláinte agus sábháilteachta agus faoi líon na dteagmhas a bhaineann le gortuithe, drochshláinte agus básanna a bhaineann leis an obair ina lucht saothair féin. Ina theannta sin, nochtfaidh sé an líon básanna de dheasca gortuithe a bhaineann leis an obair agus drochshláinte a bhaineann leis an obair i measc oibrithe eile a oibríonn ar láithreáin an ghnóthais.

87. Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh é a bheith indéanta tuiscint a fháil ar chumhdach, cáilíocht agus feidhmíocht an chórais bainistithe sláinte agus sábháilteachta arna bhunú chun gortuithe a bhaineann leis an obair a chosc.

88. Áireofar sa nochtadh a cheanglaítear le mír 86 an fhaisnéis seo a leanas, i gcás inarb infheidhme, arna miondealú idir fostaithe agus oibrithe neamhfhostaithe i lucht saothair dílis an ghnóthais:

(a) 

céatadán na ndaoine ina lucht saothair dílis atá cumhdaithe ag córas bainistithe sláinte agus sábháilteachta an ghnóthais bunaithe ar cheanglais dlí agus/nó caighdeáin nó treoirlínte aitheanta;

(b) 

an líon básanna ( 95 ) de dheasca gortuithe a bhaineann leis an obair agus drochshláinte a bhaineann leis an obair;

(c) 

an líon agus an ráta tionóiscí intaifeadta a bhaineann leis an obair;

(d) 

maidir le fostaithe an ghnóthais, an líon cásanna drochshláinte intaifeadta a bhaineann leis an obair, faoi réir srianta dlíthiúla ar bhailiú sonraí; agus

(e) 

maidir le fostaithe an ghnóthais, an líon laethanta a cailleadh de dheasca gortuithe a bhaineann leis an obair agus básanna ó thionóiscí a bhaineann leis an obair, ó dhrochshláinte a bhaineann leis an obair agus ó bhásanna de dheasca drochshláinte ( 96 ).

Déanfar an fhaisnéis maidir le (b) a thuairisciú freisin d’oibrithe eile atá ag obair ar láithreáin an ghnóthais, amhail oibrithe sa slabhra luacha má tá siad ag obair ar láithreáin an ghnóthais.

89. Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis a shonraítear i bpointí (d) agus (e) de mhír 88 a nochtadh freisin maidir le hoibrithe neamhfhostaithe.

90. Ina theannta sin, féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis bhreise seo a leanas maidir le cumhdach sláinte agus sábháilteachta a áireamh freisin: céatadán a chuid oibrithe dílse a chumhdaítear le córas bainistithe sláinte agus sábháilteachta atá bunaithe ar cheanglais dhlíthiúla agus/nó ar chaighdeáin nó ar threoirlínte aitheanta agus a ndearnadh iniúchadh inmheánach air agus/nó a ndearna páirtí seachtrach iniúchadh nó deimhniú air.

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-15 — Méadracht maidir le cothromaíocht oibre is saoil

91.  Nochtfaidh an gnóthas a mhéid atá fostaithe i dteideal saoire a bhaineann leis an teaghlach agus í a úsáid.

92. Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar an teidlíocht agus ar na cleachtais iarbhír i measc na bhfostaithe saoire a bhaineann leis an teaghlach a thógáil ar bhealach atá cothrom ó thaobh inscne de, ós rud é go bhfuil sé ar cheann de ghnéithe na cothromaíochta oibre is saoil.

93. Sa nochtadh a cheanglaítear le mír 91 áireofar an méid seo a leanas:

(a) 

céatadán na bhfostaithe atá i dteideal saoire a bhaineann leis an teaghlach a thógáil; agus

(b) 

céatadán na bhfostaithe atá ina theideal sin a thóg saoire a bhaineann leis an teaghlach, agus miondealú de réir inscne.

94. Má tá fostaithe uile an ghnóthais i dteideal saoire a bhaineann leis an teaghlach tríd an mbeartas sóisialta agus/nó trí chomhaontuithe cómhargála, is leor é sin a nochtadh chun ceanglas mhír 93a a chomhlíonadh.

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-16 — Méadracht luacha saothair (bearna phá agus luach saothair iomlán)

95.  Nochtfaidh an gnóthas céatadán na bearna pá idir a fhostaithe baineanna agus fireanna agus an cóimheas idir luach saothair an duine aonair is airde a íoctar agus an luach saothair airmheánach dá fhostaithe.

96. Tá dhá chuspóir ag an gCeanglas seo maidir le Nochtadh: chun tuiscint a thabhairt ar mhéid aon bhearna sa phá idir mná agus fir i measc fhostaithe an ghnóthais; agus léargas a thabhairt ar leibhéal an neamh-chomhionannais luacha saothair laistigh den ghnóthas agus cé acu atá nó nach bhfuil éagothromaíochtaí móra pá ann.

97. Sa nochtadh a cheanglaítear le mír 95 áireofar an méid seo a leanas:

(a) 

an bhearna phá idir na hinscní, arna sainmhíniú mar an difríocht idir na meánleibhéil phá idir fostaithe baineanna agus fostaithe fireanna, arna sloinneadh mar chéatadán de mheánleibhéal pá na bhfostaithe fireanna ( 97 );

(b) 

cóimheas luacha saothair iomlán bhliantúil an duine aonair is airde a íoctar leis an luach saothair iomlán airmheánach bliantúil do gach fostaí (gan an duine aonair is airde pá a áireamh) ( 98 ); agus

(c) 

i gcás inarb infheidhme, aon fhaisnéis chomhthéacsúil is gá chun na sonraí agus an chaoi ar tiomsaíodh na sonraí agus aon athrú eile ar na sonraí foluiteacha atá le breithniú a thuiscint.

98. Féadfaidh an gnóthas miondealú a nochtadh ar an mbearna phá idir na hinscní mar a shainmhínítear i mír 97(a) de réir catagóir fostaí agus/nó de réir tíre/dheighilte. Féadfaidh an gnóthas an bhearna phá idir na hinscní idir fostaithe a nochtadh de réir catagóirí fostaithe arna miondealú de réir an ghnáth-bhuntuarastail agus de réir comhpháirteanna comhlántacha nó athraitheacha.

99. Maidir le mír 97 (b), féadfaidh an gnóthas an figiúr sin arna choigeartú le haghaidh difríochtaí cumhachta ceannaigh idir tíortha a thuairisciú, agus sa chás sin tuairisceoidh sé an mhodheolaíocht a úsáideadh don ríomh.

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-17 — Teagmhais, gearáin agus tionchair dhiana ar chearta an duine

100.  ►C1  Nochtfaidh an gnóthas líon na dteagmhas agus/nó na ngearán a bhaineann leis an obair agus na n-iarmhairtí tromchúiseacha ar chearta an duine laistigh dá lucht saothair féin, agus aon fhíneálacha, smachtbhannaí nó cúiteamh gaolmhar don tréimhse tuairiscithe. ◄

101. Is é cuspóir an Cheanglais maidir le Nochtadh ná tuiscint a thabhairt ar a mhéid a théann teagmhais a bhaineann leis an obair agus cásanna tromchúiseacha de thionchair ar chearta an duine i bhfeidhm ar a lucht saothair dílis.

102. Áireofar sa nochtadh a cheanglaítear le mír 100, faoi réir na rialachán príobháideachais ábhartha, teagmhais idirdhealaithe a bhaineann leis an obair ar fhorais inscne, tionscnaimh chiníoch nó eitnigh, náisiúntachta, reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise, gnéaschlaonta, nó cineálacha ábhartha eile idirdhealaithe a bhaineann le geallsealbhóirí inmheánacha agus/nó seachtracha thar oibríochtaí sa tréimhse tuairiscithe. Áirítear leis sin teagmhais ciaptha mar chineál sonrach idirdhealaithe.

103. Nochtfaidh an gnóthas:

(a) 

an líon iomlán teagmhas idirdhealaithe, lena n-áirítear ciapadh, a tuairiscíodh sa tréimhse tuairiscithe ( 99 );

(b) 

líon na ngearán a chomhdaítear trí bhealaí do dhaoine i bhfórsa saothair an ghnóthais féin chun ábhair imní a ardú (lena n-áirítear sásraí casaoide) agus, i gcás inarb infheidhme, chuig Pointí Teagmhála Náisiúnta d’Fhiontair Ilnáisiúnta ECFE a bhaineann leis na hábhair a shainítear i mír 2 den Chaighdeán seo, cé is moite díobh siúd a tuairiscíodh cheana in (a) thuas;

(c) 

méid iomlán na bhfíneálacha, na bpionós, agus an chúitimh i leith damáistí mar thoradh ar na teagmhais agus ar na gearáin a nochtar thuas, agus réiteach idir na méideanna airgeadaíochta sin a nochtar leis an méid is ábhartha a chuirtear i láthair sna ráitis airgeadais; agus

(d) 

i gcás inarb infheidhme, faisnéis chomhthéacsúil is gá chun na sonraí agus an chaoi ar tiomsaíodh na sonraí sin a thuiscint.

104. Nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas maidir le cásanna sainaitheanta de theagmhais thromchúiseacha maidir le cearta an duine (e.g. saothar éigeantais, gáinneáil ar dhaoine nó saothar leanaí):

(a) 

líon na dteagmhas tromchúiseach maidir le cearta an duine a bhaineann le lucht saothair an ghnóthais sa tréimhse tuairiscithe, lena n-áirítear léiriú ar líon na dteagmhas sin nach n-urramaítear Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, Dearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair nó Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta. Murar tharla aon teagmhas den sórt sin, luafaidh an gnóthas é sin ( 100 ); agus

(b) 

méid iomlán na bhfíneálacha, na bpionós agus an chúitimh i leith damáistí i leith na dteagmhas a thuairiscítear in (a) thuas, agus réiteach na méideanna airgeadaíochta a nochtar sa mhéid is ábhartha sna ráitis airgeadais.




Foscríbhinn A

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm (AR)

Is dlúthchuid de ESRS S1 Lucht saothair dílis í an fhoscríbhinn seo. Tacaíonn sí le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le nochtadh a leagtar amach sa chaighdeán seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán seo.

Cuspóir

AR 1. I dteannta na saincheisteanna a liostaítear i mír 2, féadfaidh an gnóthas breithniú a dhéanamh freisin ar fhaisnéis a nochtadh faoi shaincheisteanna eile atá ábhartha maidir le tionchar ábhartha ar feadh tréimhse níos giorra ama, mar shampla tionscnaimh maidir le sláinte agus sábháilteacht a lucht saothair dhílis le linn paindéime.

AR 2. Níl sé i gceist leis an bhforléargas ar chúrsaí sóisialta i mír 2 a thabhairt le tuiscint gur cheart tuairisc a thabhairt ar na saincheisteanna uile sin i ngach Ceanglas maidir le Nochtadh sa Chaighdeán seo. Ina ionad sin, soláthraíonn siad liosta d’ábhair a dhíorthaítear ó na ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta a leagtar amach i dTreoir 2013/34/AE a bhreithneoidh an gnóthas le haghaidh mheasúnú ábharthachta ESRS 2 a bhaineann lena lucht saothair dílis agus, de réir mar is iomchuí, tuairisceoidh siad mar thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha iad laistigh de raon feidhme an Chaighdeáin seo.

AR 3. Seo a leanas samplaí de dhaoine a thagann faoi raon feidhme ‘Lucht saothair dílis’:

(a) 

Seo a leanas samplaí de chonraitheoirí (daoine féinfhostaithe) i lucht saothair dílis an ghnóthais:

i. 

Conraitheoirí arna bhfostú ag an ngnóthas chun obair a dhéanamh, ar obair í a dhéanfadh fostaí ina mhalairt de chás

ii. 

Conraitheoirí arna bhfostú ag an ngnóthas chun obair a dhéanamh in áit phoiblí (e.g. ar bhóthar, ar an tsráid).

iii. 

Conraitheoirí arna bhfostú ag an ngnóthas chun an obair/an tseirbhís a dhéanamh go díreach in áit oibre chliant an ghnóthais.

(b) 

Is samplaí de dhaoine atá fostaithe ag tríú páirtí atá i mbun ‘gníomhaíochtaí fostaíochta’ iad daoine a dhéanann an obair chéanna a dhéanann fostaithe, amhail:

i. 

daoine a dhéanann ionadaíocht d’fhostaithe atá as láthair go sealadach (mar gheall ar bhreoiteacht, saoire, saoire thuismitheoireachta, etc.);

ii. 

daoine a dhéanann obair sa bhreis ar ghnáthfhostaithe;

iii. 

daoine a sheoltar go sealadach ó Bhallstát eile den Aontas Eorpach chun dul ag obair don ghnóthas (‘oibrithe ar postú’).

ESRS 2 Nochtaí Ginearálta

Straitéis

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara

AR 4. Le ESRS 2 SBM-2 ceanglaítear ar an ngnóthas tuiscint a chur ar fáil cé acu a mheasann sé nó nach measann sé go bhféadfadh ról a bheith ag a straitéis agus a shamhail ghnó maidir le tionchair shuntasacha ábhartha ar a lucht saothair dílis a chruthú, a ghéarú nó a mhaolú, agus ar an gcaoi a ndéanann siad é sin, agus cé acu atá nó nach bhfuil an tsamhail ghnó agus an straitéis oiriúnaithe chun aghaidh a thabhairt ar thionchair ábhartha den sórt sin agus ar an gcaoi a bhfuil siad oiriúnaithe.

AR 5. Cé go bhféadfadh sé nach bhfuil lucht saothair dílis an ghnóthais ag déanamh rannpháirtíochta leis an ngnóthas ar leibhéal a straitéise nó a shamhla gnó, is féidir lena dtuairimí bonn eolais a chur faoi mheasúnú an ghnóthais ar a straitéis agus ar a shamhail ghnó. Breithneoidh an gnóthas tuairimí ionadaithe na n-oibrithe nuair is infheidhme chun an nochtadh sin a chomhlíonadh.

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó

AR 6. Is féidir le tionchair ar lucht saothair dílis an ghnóthais teacht as a straitéis nó as a shamhail ghnó ar bhealaí éagsúla. Mar shampla, d’fhéadfadh tionchair a bheith ag baint le tairiscint luacha an ghnóthais (amhail táirgí nó seirbhísí ar an gcostas is ísle a sholáthar, nó seachadadh ardluais, ar bhealaí a chuireann brú ar chearta saothair ina chuid oibríochtaí féin), nó a struchtúr costais agus an tsamhail ioncaim (amhail riosca fardail a aistriú chuig soláthróirí, a bhfuil éifeachtaí iarmhartacha aige ar chearta saothair na ndaoine a oibríonn dóibh).

AR 7. Is féidir leis na tionchair ar lucht saothair dílis an ghnóthais a eascraíonn as an straitéis nó as an tsamhail ghnó rioscaí ábhartha a chruthú don ghnóthas freisin. Mar shampla, tagann rioscaí chun cinn má tá roinnt daoine sa lucht saothair i mbaol saothar éignithe, agus má tá táirgí á n-allmhairiú ag an ngnóthas isteach i dtíortha ina gceadaítear faoin dlí earraí allmhairithe a bhfuil amhras fúthu go ndearnadh iad le saothar éignithe a choigistiú. D’fhéadfadh sampla de dheiseanna don ghnóthas teacht as deiseanna a chur ar fáil don lucht saothair amhail cruthú post agus uas-sciliú i gcomhthéacs ‘aistriú cóir’. Sampla eile, i gcomhthéacs paindéime nó géarchéim sláinte thromchúiseach eile, baineann sé leis an ngnóthas a d’fhéadfadh a bheith ag brath ar shaothar teagmhasach gan mórán rochtana nó gan rochtain ar bith ar chúram breoiteachta agus ar shochair sláinte a bhféadfadh rioscaí tromchúiseacha a bheith rompu ó thaobh leanúnachas oibríochtúil agus gnó de toisc nach bhfuil aon rogha ag oibrithe ach leanúint de bheith ag obair agus iad tinn, rud a chuirfeadh le leathadh an ghalair agus a d’fhéadfadh cliseadh mór sa slabhra soláthair a spreagadh. Tá méadú ag teacht freisin ar na rioscaí clú agus na rioscaí deiseanna gnó a bhaineann le dúshaothrú oibrithe ar bheagán oiliúna agus ar phá íseal i dtaca le limistéir gheografach a aimsiú ina bhfuil íoschosaintí dóibh agus tá frithfhreagairt meáin anois ann agus tá rogha na dtomhaltóirí ag bogadh i dtreo earraí a bhfuil bunús níos eiticiúla leo nó atá níos inbhuanaithe.

AR 8. Maidir le samplaí de shaintréithe áirithe daoine i lucht saothair dílis an ghnóthais a d’fhéadfadh an gnóthas a mheas agus é ag freagairt do mhír 15, baineann siad le daoine óga a d’fhéadfadh a bheith níos soghabhálaí i leith tionchair ar a bhforbairt fhisiciúil agus mheabhrach, nó le mná i gcomhthéacs inar gnáthchleachtas é idirdhealú a dhéanamh ar mhná i dtéarmaí agus i ndálaí oibre, nó le himircigh i gcomhthéacs ina ndéantar droch-rialú ar an margadh soláthair saothair agus inar gnáthchleachtas é táillí earcaíochta a ghearradh ar oibrithe. I gcás roinnt daoine sa lucht saothair, d’fhéadfadh an cineál gníomhaíochta is cuid dhílis den obair a gceanglaítear orthu a dhéanamh iad a chur i mbaol (mar shampla, daoine a gceanglaítear orthu ceimiceáin a láimhseáil nó trealamh áirithe a oibriú, nó fostaithe ar phá íseal a bhfuil conarthaí ‘gan íosmhéid uaireanta’ acu).

AR 9. Maidir le mír 16, d’fhéadfadh rioscaí ábhartha teacht chun cinn freisin mar gheall ar spleáchas an ghnóthais ar a lucht saothair dílis i gcás ina bhféadfadh iarmhairtí airgeadais a bheith mar thoradh ar theagmhais a bhfuil dóchúlacht íseal ach ardtionchar ag baint leo; mar shampla, i gcás ina mbíonn tionchar tromchúiseach ar an tsláinte ag paindéim dhomhanda ar lucht saothair an ghnóthais, rud a chuireann isteach go mór ar tháirgeadh agus ar dháileadh. I measc na samplaí eile de riosca a bhaineann le spleáchas an ghnóthais ar a lucht saothair tá ganntanas oibrithe oilte nó cinntí polaitiúla nó reachtaíocht a dhéanann difear dá oibríochtaí féin agus dá lucht saothair féin.

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-1 — Beartais a bhaineann le lucht saothair dílis

AR 10. Breithneoidh an gnóthas an soláthraíonn mínithe ar athruithe suntasacha ar na beartais a glacadh le linn na bliana tuairiscithe (mar shampla, ionchais nua d’fhochuideachtaí eachtracha, cuir chuige nua nó cur chuige breise maidir le dícheall cuí agus leigheas) faisnéis chomhthéacsúil d’úsáideoirí agus féadfaidh sé mínithe den sórt sin a nochtadh. Áirítear leis sin beartais agus gealltanais an ghnóthais na rioscaí agus na tionchair dhiúltacha ar dhaoine ina lucht saothair dílis a chosc nó a mhaolú maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú agus aistriú chuig oibríochtaí atá níos glaise agus atá neodrach ó thaobh na haeráide de chomh maith le deiseanna a chur ar fáil don lucht saothair amhail cruthú post agus uas-sciliú, lena n-áirítear gealltanais fhollasacha maidir le ‘haistriú cóir’.

AR 11. Féadfaidh an beartas a bheith i bhfoirm beartais neamhspleách maidir le lucht saothair dílis an ghnóthais nó féadfar é a áireamh i ndoiciméad níos leithne amhail cód eitice nó beartas inbhuanaitheachta ginearálta a nocht an gnóthas cheana mar chuid de ESRS eile. Sna cásanna sin, tabharfaidh an gnóthas crostagairt chruinn chun na gnéithe den bheartas a chomhlíonann ceanglais an Cheanglais seo maidir le Nochtadh a shainaithint.

AR 12. Agus ailíniú a chuid beartas le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine á nochtadh aige, measfaidh an gnóthas go dtagraíonn na Prionsabail Threoracha don Bhille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine, arb é atá ann Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus an dá Chúnant lena gcuirtear chun feidhme é, chomh maith le Dearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Cearta Bunúsacha agus Prionsabail Bhunúsacha san Obair agus na croíchoinbhinsiúin atá ina mbonn leis, agus féadfaidh sé a ailíniú leis na hionstraimí sin a thuairisciú.

AR 13.  ►C1  Agus míniú á thabhairt ar an gcaoi a bhfuil beartais sheachtracha leabaithe, féadfaidh an gnóthas, mar shampla, beartais inmheánacha maidir le foinsiú freagrach a chur san áireamh, agus ailíniú le beartais eile atá ábhartha dá lucht saothair féin, mar shampla, maidir le saothar éignithe. ◄ Maidir le cóid iompair do sholáthraithe a d’fhéadfadh a bheith ag an ngnóthas, léireofar ann an bhfuil forálacha iontu lena dtugtar aghaidh ar shábháilteacht oibrithe, obair fhorbhásach (i.e., úsáid oibrithe ar chonarthaí gearrthéarmacha nó ar chonarthaí uaireanta teoranta, oibrithe atá fostaithe trí thríú páirtithe, fochonraitheoireacht do thríú páirtithe nó úsáid oibrithe neamhfhoirmiúla), gáinneáil ar dhaoine, úsáid saothair éigeantais nó saothair leanaí, agus cé acu atá nó nach bhfuil na forálacha sin i gcomhréir go hiomlán le caighdeáin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair is infheidhme.

AR 14. Féadfaidh an gnóthas léiriú a thabhairt ar na cineálacha cumarsáide maidir lena bheartais leis na daoine aonair sin, leis an ngrúpa daoine aonair nó leis na heintitis sin a bhfuil siad ábhartha ina leith, toisc go bhfuiltear ag súil go gcuirfidh siad chun feidhme iad (mar shampla, fostaithe, conraitheoirí agus soláthróirí an ghnóthais), nó toisc go bhfuil leas díreach acu ina gcur chun feidhme (mar shampla, daoine ina lucht saothair dílis, infheisteoirí). Féadfaidh sé uirlisí agus bealaí cumarsáide a nochtadh (mar shampla, fógráin, nuachtlitreacha, suíomhanna gréasáin tiomnaithe, na meáin shóisialta, idirghníomhaíochtaí aghaidh ar aghaidh, ionadaithe oibrithe), arb é is aidhm dóibh a áirithiú go bhfuil an beartas inrochtana agus go dtuigeann lucht féachana éagsúil na himpleachtaí a bhaineann leis. Féadfaidh an gnóthas míniú a thabhairt freisin ar an gcaoi a n-aithníonn sé bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le scaipeadh, agus ar an gcaoi a gcuireann sé deireadh leo, amhail trí aistriúchán go teangacha ábhartha nó trí úsáid a bhaint as léirithe grafacha.

AR 15. Tarlaíonn idirdhealú i bhfostaíocht agus i ngairm bheatha nuair a chaitear le duine ar bhealach éagsúil nó ar bhealach nach bhfuil chomh fabhrach céanna mar gheall ar shaintréithe nach mbaineann le fiúntas ná le bunriachtanais an phoist. Is minic a shainítear na saintréithe sin i ndlíthe náisiúnta. Chomh maith leis na forais a luaitear sa Cheanglas maidir le Nochtadh, breithneoidh an gnóthas forais eile idirdhealaithe a thoirmisctear faoin reachtaíocht náisiúnta.

AR 16. D’fhéadfadh idirdhealú teacht chun cinn i réimse gníomhaíochtaí a bhaineann leis an obair. Áirítear orthu sin rochtain ar fhostaíocht, gairmeacha faoi leith, oiliúint agus gairmthreoir agus slándáil shóisialta. Thairis sin, is féidir go mbeidh sé le sonrú i dtéarmaí agus coinníollacha fostaíochta, amhail: earcaíocht, luach saothair, uaireanta oibre agus sosa, laethanta saoire le pá, cosaint mháithreachais, slándáil tréimhse oifige, sannadh tascanna oibre, measúnú feidhmíochta agus dul chun cinn, deiseanna oiliúna, ionchais maidir le hardú céime, sláinte agus sábháilteacht gairme, foirceannadh fostaíochta. Féadfaidh an gnóthas aghaidh a thabhairt ar na réimsí sin go sonrach nuair a nochtfaidh sé a bheartais agus a nósanna imeachta foluiteacha chun an ceanglas maidir le nochtadh a chomhlíonadh.

AR 17. Féadfaidh an gnóthas a nochtadh cé acu is fíor nó nach fíor an méid seo a leanas:

(a) 

tá beartais agus nósanna imeachta aige a fhágann go bhfuil cáilíochtaí, scileanna agus taithí mar bhonn le hearcaíocht, socrúchán, oiliúint agus dul chun cinn ar gach leibhéal, agus san am céanna, cuireann sé san áireamh go bhfuil sé níos deacra do dhaoine áirithe seachas a chéile na cáilíochtaí, na scileanna agus an taithí sin a fháil;

(b) 

sannann sé freagracht ar an leibhéal ardbhainistíochta as cóir chomhionann agus as deiseanna san fhostaíocht, eisíonn sé beartais agus nósanna imeachta soiléire ar fud na cuideachta chun cleachtais chomhionanna fostaíochta a threorú, agus chun dul chun cinn a nascadh le feidhmíocht inmhianaithe sa réimse sin;

(c) 

cuireann sé oiliúint foirne ar fáil maidir le beartais agus cleachtais neamh-idirdhealaithe, agus béim ar leith á leagan ar an meánbhainistíocht agus ar an ardbhainistíocht chun feasacht a mhúscailt agus aghaidh a thabhairt ar straitéisí réitigh chun idirdhealú sistéamach agus idirdhealú teagmhasach a chosc agus chun aghaidh a thabhairt air;

(d) 

déanann sé coigeartuithe ar an timpeallacht fhisiciúil chun sláinte agus sábháilteacht a áirithiú d’oibrithe, do chustaiméirí agus do chuairteoirí eile faoi mhíchumas;

(e) 

déanann sé meastóireacht ar cé acu a sainaithníodh nó nár sainmhíníodh riachtanais an phoist ar bhealach a d’fhéadfadh grúpaí áirithe a chur faoi mhíbhuntáiste córasach;

(f) 

coimeádann sé taifid atá cothrom le dáta maidir le hearcaíocht, oiliúint agus ardú céime lena dtugtar léargas trédhearcach ar dheiseanna d’fhostaithe agus ar a ndul chun cinn laistigh den ghnóthas;

(g) 

cuireann sé nósanna imeachta casaoide ar bun chun aghaidh a thabhairt ar ghearáin, chun achomhairc a láimhseáil agus chun ceart cúitimh a sholáthar d’fhostaithe (go háirithe i gcomhthéacs na caibidlíochta agus comhaontuithe cómhargála) nuair a aithnítear idirdhealú, agus tá sé airdeallach ar struchtúir fhoirmiúla agus ar shaincheisteanna cultúrtha neamhfhoirmiúla a d’fhéadfadh cosc a chur ar fhostaithe ábhair imní agus casaoidí a ardú; agus

(h) 

tá cláir aige chun rochtain ar fhorbairt scileanna a chur chun cinn.

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-2 — Próisis rannpháirtíochta le lucht saothair dílis agus ionadaithe oibrithe maidir le tionchair

AR 18. Nuair a thugtar tuairisc ar an bhfeidhm nó ar an ról ar a bhfuil freagracht oibríochtúil as an rannpháirtíocht sin agus/nó as an gcuntasacht deiridh sin, féadfaidh an gnóthas a nochtadh an ról tiomnaithe nó feidhm thiomnaithe é sin nó cuid de ról nó feidhm níos leithne, agus cé acu ar tairgeadh nó nár táirgeadh aon ghníomhaíocht fothaithe acmhainneachta chun tacú leis an bhfoireann chun dul i mbun rannpháirtíochta. Mura féidir leis post nó feidhm den sórt sin a shainaithint, féadfaidh sé a rá gurb amhlaidh atá. D’fhéadfaí an nochtadh sin a chomhlíonadh freisin trí thagairt a dhéanamh d’fhaisnéis arna nochtadh de réir ESRS 2 GOV-1 Ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta.

AR 19. Agus na nochtaí a dtugtar tuairisc orthu i mír 27 b) agus c) á n-ullmhú aige, féadfar na léirithe seo a leanas a bhreithniú:

(a) 

samplaí de chéimeanna ina dtarlaíonn rannpháirtíocht ná i) an cur chuige maidir le maolú a chinneadh agus ii) meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht an mhaolaithe;

(b) 

i gcás an chineáil rannpháirtíochta, d’fhéadfadh rannpháirtíocht, comhairliúchán agus/nó faisnéis a bheith ann;

(c) 

i gcás mhinicíocht na rannpháirtíochta, féadfar faisnéis a sholáthar maidir le cé acu a dhéantar nó nach ndéantar rannpháirtíocht ar bhonn tráthrialta, ag pointí áirithe i dtionscadal nó i bpróiseas gnó, (mar shampla, nuair a thosaíonn séasúr nua buainte nó nuair a osclaítear líne tháirgthe nua), agus cé acu mar fhreagairt ar cheanglais dlí agus/nó mar fhreagairt ar iarrataí ó pháirtithe leasmhara a dhéantar í agus cé acu a chomhtháthaítear nó nach gcomhtháthaítear toradh na rannpháirtíochta i bpróisis chinnteoireachta an ghnóthais; agus

(d) 

maidir leis an ról a bhfuil freagracht oibríochtúil ag baint leis, cé acu a éilíonn nó nach éilíonn an gnóthas ar bhaill foirne ábhartha scileanna áirithe a bheith acu, nó cé acu a chuireann nó nach gcuireann sé oiliúint nó fothú acmhainneachta ar fáil do bhaill foirne ábhartha chun dul i mbun rannpháirtíochta.

AR 20. Feidhmíonn Creat-Chomhaontuithe Domhanda (GFAnna) chun gaolmhaireacht leanúnach a bhunú idir fiontar ilnáisiúnta agus Cónaidhm Dhomhanda Ceardchumann chun a áirithiú go gcloífidh an gnóthas leis na caighdeáin chéanna i ngach tír ina n-oibríonn sé.

AR 21. Chun léiriú a thabhairt ar an gcaoi a ndearna a lucht saothair féin cinntí nó gníomhaíochtaí sonracha a threorú, féadfaidh an gnóthas samplaí a sholáthar ón tréimhse tuairiscithe reatha.

AR 22.  ►C1  I gcás ina bhfuil comhaontuithe ag an ngnóthas le ceardchumainn náisiúnta, Eorpacha nó idirnáisiúnta nó le comhairlí oibre a bhaineann le cearta daoine ina lucht saothair féin, is féidir é sin a nochtadh chun léiriú a thabhairt ar an gcaoi a gcuireann an comhaontú ar chumas an ghnóthais léargas a fháil ar pheirspictíochtaí na ndaoine sin. ◄

AR 23. I gcás inar féidir, féadfaidh an gnóthas samplaí a nochtadh ón tréimhse tuairiscithe chun léiriú a thabhairt ar an gcaoi ar chuir peirspictíochtaí a lucht saothair féin agus ionadaithe oibrithe cinntí sonracha nó gníomhaíochtaí sonracha an ghnóthais ar an eolas.

AR 24. Breithneoidh an gnóthas na gnéithe seo a leanas agus an Ceanglas maidir le Nochtadh seo á chomhlíonadh aige:

(a) 

An cineál rannpháirtíochta (mar shampla, faisnéis, comhairliúchán nó rannpháirtíocht) agus a mhinicíocht (mar shampla, leanúnach, ráithiúil, bliantúil);

(b) 

conas a dhéantar aiseolas a thaifeadadh agus a chomhtháthú sa chinnteoireacht, agus conas a chuirtear daoine sa lucht saothair ar an eolas faoin gcaoi a raibh tionchar ag a n-aiseolas ar chinntí;

(c) 

an dtarlaíonn gníomhaíochtaí rannpháirtíochta ar an leibhéal eagraíochtúil nó ar leibhéal níos ísle, amhail ar leibhéal an tsuímh nó ar leibhéal an tionscadail, agus sa chás deireanach sin, an chaoi a ndéantar faisnéis ó ghníomhaíochtaí rannpháirtíochta a lárú;

(d) 

na hacmhainní (mar shampla, acmhainní airgeadais nó daonna) a leithdháiltear ar rannpháirtíocht; agus

(e) 

an chaoi a n-oibríonn sé le daoine ina lucht saothair agus le hionadaithe na n-oibrithe maidir leis na tionchair ar a lucht saothair féin a d’fhéadfadh eascairt as astaíochtaí carbóin a laghdú agus as aistriú chuig oibríochtaí atá níos glaise agus atá neodrach ó thaobh na haeráide de, go háirithe athstruchtúrú, caillteanas nó cruthú fostaíochta, oiliúint agus uas-sciliú/athsciliú, cothromas inscne agus sóisialta, agus sláinte agus sábháilteacht.

AR 25. Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh freisin i ndáil le mír 24 maidir le héagsúlacht:

(a) 

an chaoi a ndéanann sé rannpháirtíocht le daoine atá i mbaol nó le daoine atá i staideanna leochaileacha (mar shampla cé acu a ghlacann nó nach nglacann sé cuir chuige ar leith agus cé acu a thugann nó nach dtugann sé aird ar leith ar bhacainní a d’fhéadfadh a bheith ann);

(b) 

conas a chuireann sé san áireamh bacainní féideartha ar rannpháirtíocht le daoine ina lucht saothair (mar shampla, difríochtaí teanga agus cultúrtha, míchothromaíochtaí inscne agus cumhachta, deighiltí laistigh de phobal nó de ghrúpa);

(c) 

conas a chuireann sé faisnéis ar fáil do dhaoine ina lucht saothair atá intuigthe agus inrochtana trí chainéil chumarsáide iomchuí;

(d) 

aon leasanna coinbhleachta a tháinig chun cinn i measc a lucht saothair agus conas a réitigh an gnóthas na leasanna coinbhleachta sin; agus

(e) 

an chaoi a bhféachann sé le hurraim a thabhairt do chearta daonna na ngeallsealbhóirí uile a bhí rannpháirteach, mar shampla, a gcearta chun príobháideachais, chun saoirse tuairimí a nochtadh, agus chun comhthionóil shíochánta agus chun agóid a dhéanamh.

AR 26. Féadfaidh an gnóthas faisnéis a thuairisciú freisin faoi éifeachtacht na bpróiseas chun dul i dteagmháil lena fhórsa saothair féin ó thréimhsí tuairiscithe roimhe seo. Tá feidhm aige sin i gcásanna ina ndearna an gnóthas measúnú ar éifeachtacht na bpróiseas sin nó inar fhoghlaim sé ceachtanna uathu le linn na tréimhse tuairiscithe reatha. Is féidir a áireamh ar na próisis a úsáidtear chun éifeachtacht a rianú iniúchóireacht nó fíorú inmheánach nó seachtrach, measúnuithe tionchair, córais tomhais, aiseolas ó pháirtithe leasmhara, sásraí casaoide, rátálacha feidhmíochta seachtraí, agus tagarmharcáil.

▼C1

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-3 – Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir lena lucht saothair dílis ábhair imní a chur in iúl

▼B

AR 27. Agus na ceanglais a leagtar amach sna critéir nochta maidir le Ceanglais maidir le Nochtadh ESRS S1-3 á gcomhlíonadh, féadfaidh an gnóthas a bheith á threorú ag inneachar Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus ag Treoir Díchill Chuí ECFE maidir le hIompar Gnó Freagrach atá dírithe ar shásraí feabhsúcháin agus casaoide.

AR 28. I measc na mbealaí chun ábhair imní nó riachtanais a ardú tá sásraí casaoide, beolínte, ceardchumainn (áit a bhfuil cónascadh á dhéanamh ar dhaoine sa lucht saothair), comhairlí oibre, próisis idirphlé nó modhanna eile trínar féidir le lucht saothair an ghnóthais féin nó ionadaithe na n-oibrithe imní a chur in iúl maidir le tionchair nó riachtanais ar mhaith leo go dtabharfadh an gnóthas aghaidh orthu a mhíniú. D’fhéadfaí a áireamh leis sin an dá bhealach a sholáthraíonn an gnóthas go díreach agus bealaí arna soláthar ag na heintitis ina bhfuil a lucht saothair féin ag obair, chomh maith le haon sásraí eile a d’fhéadfadh gnóthas a úsáid chun léargas a fháil ar bhainistiú na dtionchar ar a lucht saothair féin, amhail iniúchtaí comhlíontachta. I gcás ina bhfuil an gnóthas ag brath, chun an ceanglas sin a fhreagairt, ar fhaisnéis arna soláthar ag a chaidrimh ghnó maidir le bealaí den sórt sin a bheith ann, agus ar an bhfaisnéis sin amháin, féadfaidh sé é sin a shonrú.

AR 29. D’fhéadfaí a áireamh ar shásraí tríú páirtí iad siúd arna n-oibriú ag an rialtas, ag eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), ag comhlachais tionscail agus ag tionscnaimh chomhoibríocha eile. Féadfaidh an gnóthas a nochtadh an bhfuil siad sin inrochtana ag a lucht saothair uile féin (nó ag ionadaithe oibrithe nó, má tá siad as láthair, ag daoine aonair nó ag eagraíochtaí atá ag gníomhú thar a gceann nó atá in ann, ar bhealach eile, a bheith ar an eolas faoi thionchair dhiúltacha).

AR 30. Déanfaidh an gnóthas breithniú i dtaobh an bhfuil daoine ina lucht saothair féin a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh agus a n-ionadaithe oibrithe in ann rochtain a fháil ar bhealaí ar leibhéal an ghnóthais a bhfuil siad fostaithe aige, nó ar conradh chun obair a dhéanamh dó, i ndáil le gach tionchar ábhartha agus conas a bheidh siad in ann dul i mbun oibre. D’fhéadfadh beolínte, ceardchumainn (áit a bhfuil cónascadh ag daoine sa lucht saothair) nó comhairlí oibreacha, nó sásraí casaoide eile arna n-oibriú ag an ngnóthas ábhartha nó ag tríú páirtí, a bheith ar na bealaí ábhartha.

AR 31. Agus míniú á thabhairt ar cibé an eol nó nach eol don ghnóthas go bhfuil daoine ina lucht saothair féin ar an eolas faoi aon cheann de na bealaí sin agus go bhfuil muinín acu astu, féadfaidh an gnóthas sonraí ábhartha agus iontaofa a chur ar fáil maidir le héifeachtacht na mbealaí sin ó thaobh na ndaoine lena mbaineann de. Ar shamplaí d’fhoinsí faisnéise tá suirbhéanna ar dhaoine i lucht saothair an ghnóthais a bhfuil úsáid bainte acu as bealaí den sórt sin agus a leibhéil sástachta leis an bpróiseas agus leis na torthaí.

AR 32. Agus cur síos á dhéanamh aige ar éifeachtacht na mbealaí le haghaidh a lucht saothair féin agus ionadaithe na n-oibrithe chun ábhair imní a chur in iúl, féadfaidh na ceisteanna seo a leanas a bheith mar threoir ag an ngnóthas, bunaithe ar na “critéir éifeachtúlachta le haghaidh sásraí casaoide neamhbhreithiúnacha”, mar a leagtar amach i bPrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, go háirithe prionsabal 31. Féadfar na breithnithe seo thíos a chur i bhfeidhm maidir le bealaí aonair nó córas comhchoiteann bealaí:

(a) 

an bhfuil dlisteanacht ag na bealaí trí chuntasacht iomchuí a sholáthar as a n-iompar cóir agus trí mhuinín na bpáirtithe leasmhara a chothú?

(b) 

an eol do na páirtithe leasmhara na bealaí a bheith ann agus an bhfuil rochtain acu orthu?

(c) 

an bhfuil nósanna imeachta soiléire agus aitheanta ag baint leis na bealaí, mar aon le tráthchláir tháscacha?

(d) 

an áirithítear leis na bealaí go bhfuil rochtain réasúnach ag páirtithe leasmhara ar fhoinsí faisnéise, comhairle agus saineolais?

(e) 

an soláthraíonn na bealaí trédhearcacht trí fhaisnéis leordhóthanach a sholáthar do ghearánaigh agus, i gcás inarb infheidhme, chun aon leas poiblí atá i gceist a chomhlíonadh araon?

(f) 

an bhfuil na torthaí a bhaintear amach trí na bealaí i gcomhréir le cearta an duine a aithnítear go hidirnáisiúnta?

(g) 

an sainaithníonn an gnóthas léargais ó na bealaí a thacaíonn le foghlaim leanúnach chun feabhas a chur ar na bealaí agus chun tionchair amach anseo a chosc?

(h) 

an ndíríonn an gnóthas ar an idirphlé le gearánaigh mar an modh chun teacht ar réitigh chomhaontaithe, seachas a bheith ag féachaint leis an toradh a chinneadh go haontaobhach?

▼C1

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-4 – Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar lucht saothair dílis, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le lucht saothair dílis, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin

▼B

AR 33. D’fhéadfadh sé go dtógfaidh sé am chun tuiscint a fháil ar thionchair dhiúltacha agus ar an dóigh a bhféadfadh an gnóthas a bheith bainteach leo trína lucht saothair dílis, agus chun freagairtí iomchuí a shainaithint agus a chur i bhfeidhm). Dá bhrí sin, féadfaidh an gnóthas na nithe seo a leanas a nochtadh:

(a) 

na cineálacha cur chuige ginearálta agus sonracha atá aige chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha ábhartha;

(b) 

na tionscnaimh atá aige arb é is aidhm dóibh rannchuidiú le tionchair dhearfacha ábhartha breise;

(c) 

an méid dul chun cinn atá déanta aige ina iarrachtaí le linn na tréimhse tuairiscithe; agus

(d) 

na haidhmeanna atá aige maidir le feabhsú leanúnach.

AR 34. Is féidir gníomhaíochtaí iomchuí éagsúla a bheith ann ag brath ar an ngnóthas féin a bheith ina chúis nó ag rannchuidiú le tionchar ábhartha, nó baint a bheith aige leis toisc go bhfuil an tionchar nasctha go díreach lena oibríochtaí, lena tháirgí nó lena sheirbhísí trí ghaolmhaireacht ghnó.

AR 35. Ós rud é go bhféadfadh tionchair dhiúltacha ábhartha a rinne difear dá lucht saothair féin a tharla le linn na tréimhse tuairiscithe a bheith nasctha freisin le heintitis nó le hoibríochtaí eile nach bhfuil smacht díreach aige orthu, féadfaidh an gnóthas a nochtadh an bhféachann sé lena ghiaráil a úsáid ina chaidreamh gnó chun na tionchair sin a bhainistiú agus an chaoi a bhféachann sé lena ghiaráil a úsáid. D’fhéadfaí a áireamh leis sin giaráil tráchtála a úsáid (mar shampla, ceanglais chonarthacha a fhorfheidhmiú le caidreamh gnó nó dreasachtaí a chur chun feidhme), cineálacha eile giarála laistigh den chaidreamh (amhail oiliúint nó fothú acmhainneachta maidir le cearta oibrithe a chur ar fáil d’eintitis a bhfuil caidreamh gnó ag an ngnóthas leo) nó giaráil chomhoibríoch le piaraí nó le gníomhaithe eile (amhail tionscnaimh atá dírithe ar earcaíocht fhreagrach nó a áirithiú go bhfaigheann oibrithe pá leordhóthanach).

AR 36. Nuair a nochtfaidh an gnóthas a rannpháirtíocht i dtionscnamh tionscail nó il-gheallsealbhóra mar chuid dá ghníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha ábhartha, féadfaidh an gnóthas a nochtadh conas atá an tionscnamh, agus a rannpháirtíocht féin, dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an tionchar ábhartha lena mbaineann. Féadfaidh sé tuairisciú faoi ESRS S1-5 ar na spriocanna ábhartha arna leagan síos ag an tionscnamh agus ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna sin.

AR 37. Agus nochtadh á dhéanamh aige an ndéanann an gnóthas na tionchair iarbhír agus fhéideartha ar a lucht saothair féin a mheas agus conas a mheasann sé iad i gcinntí chun deireadh a chur le caidreamh gnó agus i dtaobh an bhféachann sé le dul i ngleic le haon tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar fhoirceannadh, agus conas a fhéachtar leis, féadfar samplaí a chur san áireamh sa ghnóthas.

AR 38. Is féidir a áireamh ar na próisis a úsáidtear chun éifeachtacht na ngníomhaíochtaí a rianú iniúchóireacht nó fíorú inmheánach nó seachtrach, imeachtaí cúirte agus/nó cinntí gaolmhara cúirte, measúnuithe tionchair, córais tomhais, aiseolas ó pháirtithe leasmhara, sásraí casaoide, rátálacha feidhmíochta seachtraí, agus tagarmharcáil.

AR 39. Is é is aidhm don tuairisciú ar éifeachtacht tuiscint a fháil ar na naisc idir gníomhaíochtaí a dhéanann gnóthas agus bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar thionchair. Áirítear san fhaisnéis bhreise a fhéadfaidh an gnóthas a sholáthar sonraí lena léirítear laghdú ar líon na dteagmhas a sainaithníodh.

AR 40. Maidir le tionscnaimh nó próisis a bhfuil sé mar phríomhaidhm acu tionchair dhearfacha a chur ar fáil do dhaoine i bhfórsa saothair an ghnóthais féin atá bunaithe ar a riachtanais, agus maidir le dul chun cinn i gcur chun feidhme na dtionscnamh nó na bpróiseas sin, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a nochtadh:

(a) 

faisnéis faoi cé acu atá nó nach bhfuil ról ag daoine ina lucht saothair féin agus ag ionadaithe oibrithe i gcinntí maidir le ceapadh agus cur chun feidhme na gclár nó na bpróiseas sin; agus

(b) 

faisnéis maidir leis na torthaí dearfacha a bheartaítear leis na cláir nó na próisis sin nó atá bainte amach acu le haghaidh lucht saothair dílis an ghnóthais.

AR 41. Féadfaidh an gnóthas a mhíniú cé acu atá nó nach bhfuil aon tionscnamh den sórt sin ceaptha tacú freisin le ceann amháin nó níos mó de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach. Mar shampla, d’fhéadfadh gnóthas a gheallann SDG 8 “fás eacnamaíoch marthanach, cuimsitheach agus inbhuanaithe, fostaíocht iomlán tháirgiúil agus obair chuibhiúil do chách a chur chun cinn” a bheith ag obair go gníomhach chun deireadh a chur le saothar éigeantais nó saothar éigeantach nó chun tacú le leibhéil níos airde táirgiúlachta maidir le gníomhaíochtaí i dtíortha i mbéal forbartha trí uasghrádú teicneolaíoch agus oiliúint a chur ar shaothar áitiúil, rud a rachaidh chun tairbhe do na daoine sonracha ina lucht saothair féin a bhfuil na gníomhaíochtaí dírithe orthu, agus dá bpobail áitiúla freisin.

AR 42. Agus na torthaí dearfacha atá beartaithe nó bainte amach ag a chuid gníomhaíochtaí do lucht saothair an ghnóthais féin á nochtadh, tá idirdhealú le déanamh idir fianaise gur tharla gníomhaíochtaí áirithe (mar shampla, go bhfuil oiliúint litearthachta airgeadais faighte ag x líon daoine) ó fhianaise ar thorthaí iarbhír do na daoine lena mbaineann (mar shampla, go dtuairiscíonn x daoine go bhfuil siad in ann a bpá agus a mbuiséid teaghlaigh a bhainistiú níos fearr).

AR 43. Má tá bearta déanta ag an ngnóthas chun maolú a dhéanamh ar na tionchair dhiúltacha ar a lucht saothair féin a eascraíonn as an aistriú chuig geilleagar atá níos glaise agus atá neodrach ó thaobh na haeráide de, amhail oiliúint agus athsciliú, ráthaíochtaí fostaíochta, agus i gcás laghdú nó ollfhostú, bearta amhail comhairleoireacht post, cóitseáil, socrúcháin laistigh de chuideachta agus pleananna luathscoir, nochtfaidh an gnóthas na bearta sin. Áirítear orthu sin bearta chun an rialachán i réim a chomhlíonadh. D’fhéadfadh an gnóthas aird a tharraingt ar fhorbairtí seachtracha atá ann faoi láthair agus/nó a bhfuiltear ag súil leo, ar forbairtí iad a mbíonn tionchar acu ar cé acu a éiríonn nó nach dtagann rioscaí as spleáchais. Áirítear leis sin breithniú ar thionchair a d’fhéadfadh eascairt as an aistriú chuig oibríochtaí níos glaise agus níos aeráidneodraí.

AR 44. Agus na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhaineann lena thionchair nó lena spleáchais ar a lucht saothair féin á nochtadh aige, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a mheas:

(a) 

D’fhéadfaí a áireamh ar na rioscaí a bhaineann le tionchair an ghnóthais ar a lucht saothair féin an nochtadh do chlú nó nochtadh dlíthiúil i gcás ina bhfaightear amach go bhfuil daoine i lucht saothair an ghnóthais faoi réir saothar éigeantais nó saothar leanaí;

(b) 

féadfar a áireamh ar na rioscaí a bhaineann le spleáchais an ghnóthais ar a lucht saothair féin cur isteach ar oibríochtaí gnó i gcás ina bhfuil láimhdeachas suntasach fostaithe nó easpa scileanna/forbairt oiliúna ag bagairt ar ghnó an ghnóthais; agus

(c) 

i measc na ndeiseanna a bhaineann le tionchair an ghnóthais ar a lucht saothair féin, d’fhéadfaí difreáil sa mhargadh agus achomharc níos fearr ó chustaiméirí ó phá agus coinníollacha cuibhiúla a ráthú do neamhfhostaithe a áireamh.

AR 45. Agus míniú á thabhairt an dtagann rioscaí as spleáchais, cuirfidh an gnóthas forbairtí seachtracha san áireamh.

AR 46. Agus beartais, gníomhaíochtaí agus acmhainní agus spriocanna a bhaineann le bainistiú rioscaí agus deiseanna ábhartha á nochtadh aige, i gcásanna ina n-eascraíonn rioscaí agus deiseanna as tionchar ábhartha, féadfaidh an gnóthas crostagairt a dhéanamh dá nochtuithe maidir le beartais, gníomhaíochtaí agus acmhainní agus spriocanna i ndáil leis an tionchar sin.

AR 47. Déanfaidh an gnóthas breithniú i dtaobh an gcomhtháthófar a phróiseas nó a phróisis chun rioscaí ábhartha a bhaineann leis an lucht saothair féin a bhainistiú agus conas a dhéanfar iad a chomhtháthú sa phróiseas nó sna próisis bainistithe riosca atá aige cheana.

AR 48. Agus na hacmhainní a leithdháiltear ar bhainistiú tionchar ábhartha á nochtadh aige, féadfaidh an gnóthas a mhíniú cé na feidhmeanna inmheánacha atá bainteach le bainistiú na dtionchar agus cé na cineálacha gníomhaíochta a dhéanann siad chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha agus tionchair dhearfacha a chur chun cinn.

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus spriocanna a bhaineann le rioscaí agus deiseanna

AR 49.  ►C1  Agus faisnéis faoi spriocanna á nochtadh aige i gcomhréir le mír 44, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a nochtadh: ◄

(a) 

na torthaí a bheartaítear a bhaint amach i saol líon áirithe daoine ina lucht saothair féin;

(b) 

cobhsaíocht na spriocanna le himeacht ama i dtéarmaí sainmhínithe agus modheolaíochtaí chun inchomparáideacht thar thréimhse ama a chumasú; agus/nó

(c) 

na caighdeáin nó na gealltanais a bhfuil na spriocanna bunaithe orthu (mar shampla cóid iompair, beartais foinsithe, creataí domhanda nó cóid tionscail).

AR 50. D’fhéadfadh spriocanna a bhaineann le rioscaí agus deiseanna a bheith mar an gcéanna le spriocanna a bhaineann le tionchair ábhartha nó d’fhéadfaidís a bheith éagsúil leo. Mar shampla, d’fhéadfadh sprioc chun pá leordhóthanach a bhaint amach d’oibrithe nach fostaithe iad an tionchar ar na daoine sin a laghdú agus na rioscaí gaolmhara a laghdú ó thaobh cháilíocht agus iontaofacht a n-aschuir de.

AR 51. Féadfaidh an gnóthas idirdhealú a dhéanamh freisin idir spriocanna gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha lena gcumhdaítear an gealltanas beartais céanna. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh sprioc fhadtéarmach ag an ngnóthas laghdú 80 % ar theagmhais sláinte agus sábháilteachta a dhéanann difear thiománaithe seachadta a bhaint amach faoi 2030 agus sprioc ghearrthéarmach na huaireanta ragoibre a dhéanann tiománaithe seachadta a laghdú x% agus a n-ioncam á choinneáil mar an gcéanna san am céanna faoi 2024.

AR 52. Agus sprioc á modhnú nó á hionadú ag an ngnóthas sa tréimhse tuairiscithe, féadfaidh an gnóthas an t-athrú a mhíniú ach crostagairt a dhéanamh d’athruithe móra ar an tsamhail ghnó nó d’athruithe níos leithne ar an gcaighdeán nó ar an reachtaíocht a bhfuil glacadh leo as a ndíorthaítear an sprioc chun faisnéis chomhthéacsúil a sholáthar, de réir ESRS 2 BP-2 Nochtaí i ndáil le himthosca sonracha.

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-6 — Saintréithe Fhostaithe an Ghnóthais

AR 53. Cumhdaítear leis an gCeanglas seo maidir le Nochtadh na fostaithe uile a dhéanann obair d’aon cheann d’eintitis an ghnóthais a áirítear ina thuairisciú inbhuanaitheachta.

AR 54. Trí mhiondealú a chur ar fáil d’fhostaithe de réir tíre, tugtar léargas ar dháileadh na gníomhaíochta ar fud na dtíortha. Tá an líon fostaithe i ngach tír ina phríomhspreagadh freisin do mhórán cearta faisnéise, comhairliúcháin agus rannpháirtíochta d’oibrithe agus ionadaithe oibrithe, in acquis dhlí saothair an Aontais (mar shampla, Treoir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 101 )‘an Treoir maidir le Comhairle Oibreacha Eorpacha’ agus Treoir /2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 102 )‘an Treoir Faisnéise agus Comhairliúcháin’ agus sa dlí náisiúnta (mar shampla, cearta chun comhairle fostaithe a bhunú nó ionadaíocht fostaithe ar leibhéal an bhoird a bheith acu). Faightear léargas ar ionadaíocht inscne ar fud an ghnóthais ach miondealú ar fhostaithe de réir inscne agus cineál caidrimh fostaíochta a sholáthar. Ina theannta sin, faightear léargas ar éagsúlachtaí réigiúnacha ach miondealú ar fhostaithe de réir réigiúin a sholáthar. Is féidir le réigiún tagairt a dhéanamh do thír nó do shuíomhanna geografacha eile, amhail réigiún laistigh de thír nó réigiún domhanda.

AR 55. Déanfaidh an gnóthas na nochtaí a iarrtar a nochtadh sna formáidí tábla seo a leanas:



Tábla 1

Teimpléad chun faisnéis maidir leis an líon fostaithe aonair a chur i láthair de réir inscne

Inscne

An líon fostaithe (an líon daoine aonair)

Fireann

 

Baineann

 

Eile

 

Níor tuairiscíodh

 

Iomlán

Fostaithe

 

I roinnt Ballstát, is féidir le daoine iad féin a chlárú go dleathach mar dhaoine a bhfuil tríú hinscne acu, inscne atá neodrach go minic, agus a aicmítear mar ‘eile’ sa tábla thuas. Más rud é, áfach, go bhfuil an gnóthas ag nochtadh sonraí faoi fhostaithe i gcás nach féidir sin a dhéanamh, féadfaidh sé é sin a mhíniú agus a léiriú nach bhfuil an chatagóir ‘eile’ infheidhme.



Tábla 2

Teimpléad chun an líon fostaithe a chur i láthair i dtíortha ina bhfuil 50 fostaí ar a laghad ag an ngnóthas a sheasann do 10 % ar a laghad dá líon iomlán fostaithe.

Tír

An líon fostaithe (an líon daoine aonair)

Tír A

 

Tír B

 

Tír C

 

Tír D

 



Tábla 3

Teimpléad chun faisnéis maidir le fostaithe a chur i láthair de réir cineál conartha, arna miondealú de réir inscne (líon daoine aonair nó FTE) (déantar tuairisciú ar fhostaithe lánaimseartha agus páirtaimseartha ar bhonn deonach)

[Tréimhse tuairiscithe]

BAINEANN

FIREANN

EILE (*1)

GAN NOCHTADH

IOMLÁN

An líon fostaithe (an líon daoine / FTE)

 

 

 

 

 

An líon fostaithe buana (an líon daoine / FTE)

 

 

 

 

 

An líon fostaithe sealadacha (an líon daoine / FTE)

 

 

 

 

 

An líon fostaithe a bhfuil uaireanta neamhráthaithe acu (an líon daoine / FTE)

 

 

 

 

 

An líon fostaithe lánaimseartha (an líon daoine / FTE)

 

 

 

 

 

An líon fostaithe páirtaimseartha (an líon daoine / FTE)

 

 

 

 

 

(*1)   

* Inscne mar atá sonraithe ag na fostaithe iad féin.



Tábla 4

Teimpléad chun faisnéis maidir le fostaithe a chur i láthair de réir cineál conartha, arna miondealú de réir réigiúin (líon daoine aonair nó FTE) (déantar tuairisciú ar fhostaithe lánaimseartha agus páirtaimseartha go saorálach)

[Tréimhse tuairiscithe]

RÉIGIÚN A

RÉIGIÚN B

IOMLÁN

An líon fostaithe (an líon daoine / FTE)

 

 

 

An líon fostaithe buana (an líon daoine / FTE)

 

 

 

An líon fostaithe sealadacha (an líon daoine / FTE)

 

 

 

An líon fostaithe a bhfuil uaireanta neamhráthaithe acu (an líon daoine / FTE)

 

 

 

An líon fostaithe lánaimseartha (an líon daoine / FTE)

 

 

 

An líon fostaithe páirtaimseartha (an líon daoine / FTE)

 

 

 

AR 56. Tá na sainmhínithe ar fhostaithe buana, sealadacha, uaireanta neamhráthaithe, lánaimseartha, agus páirtaimseartha éagsúil ó thír go tír. Má tá fostaithe ag an ngnóthas i níos mó ná tír amháin, úsáidfidh sé na sainmhínithe de réir dhlíthe náisiúnta na dtíortha ina bhfuil na fostaithe bunaithe chun sonraí ar leibhéal tíre a ríomh. Déanfar na sonraí ar leibhéal tíre a shuimiú ansin chun na figiúirí iomlána a ríomh, agus neamhshuim á déanamh d’aon difríocht idir sainmhínithe dlíthiúla náisiúnta. Tá fostaithe a bhfuil uaireanta neamhráthaithe acu fostaithe ag an ngnóthas gan ráthaíocht maidir le líon íosta uaireanta oibre nó líon seasta uaireanta oibre. D’fhéadfadh sé go mbeadh ar an bhfostaí é féin a chur ar fáil le haghaidh oibre de réir mar is gá, ach níl oibleagáid chonarthach ar an ngnóthas líon íosta nó líon seasta uaireanta oibre a thairiscint don fhostaí in aghaidh an lae, in aghaidh na seachtaine nó in aghaidh na míosa. Samplaí a thagann faoin gcatagóir sin is ea oibrithe ócáideacha, fostaithe a bhfuil conarthaí gan íosmhéid uaireanta acu agus fostaithe ar glao-dhualgas.

AR 57. Le nochtadh líon na bhfostaithe ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, soláthraítear faisnéis don phointe ama sin, gan luaineachtaí a ghabháil le linn na tréimhse tuairiscithe. Trí na huimhreacha sin a nochtadh mar mheáin thar an tréimhse tuairiscithe, cuirtear san áireamh luaineachtaí le linn na tréimhse tuairiscithe.

AR 58. Ní dócha gur leor astu féin sonraí cainníochtúla, amhail an líon fostaithe sealadacha nó páirtaimseartha. D’fhéadfadh cion mór fostaithe sealadacha nó páirtaimseartha a léiriú go bhfuil easpa slándála fostaíochta ag fostaithe, ach d’fhéadfadh sé a léiriú chomh maith céanna go bhfuil solúbthacht san áit oibre i gcás ina gcuirtear an cineál fostaíochta sin ar fáil mar rogha dheonach. Ar an ábhar sin, ceanglaítear ar an ngnóthas faisnéis chomhthéacsúil a nochtadh chun cabhrú le húsáideoirí faisnéise na sonraí a léirmhíniú. Féadann an gnóthas na cúiseanna atá le fostaíocht shealadach a mhíniú. Sampla de mhíniú den sórt sin is ea earcaíocht fostaithe chun obair a dhéanamh ar thionscadal nó imeacht sealadach nó séasúrach. Sampla eile is ea an cleachtas caighdeánach a bhaineann le conradh sealadach (sé mhí, mar shampla) a thairiscint d’fhostaithe nua sula ndéantar fostaíocht bhuan a thairiscint. Féadfaidh an gnóthas míniú a thabhairt freisin ar na cúiseanna atá le fostaíocht faoi uaireanta nach bhfuil ráthaithe.

AR 59. Chun láimhdeachas na bhfostaithe féin a ríomh, ríomhfaidh an gnóthas comhiomlán líon na bhfostaithe a fhágann go deonach nó mar gheall ar dhífhostú, scor, nó bás i seirbhís. Úsáidfidh an gnóthas an figiúr sin mar an t-uimhreoir sa ráta athraithe fostaithe agus féadfaidh sé an t-ainmneoir a úsáidtear chun an ráta sin a ríomh a chinneadh agus tuairisc a thabhairt ar a mhodheolaíocht.

AR 60. I gcás nach mbeidh sonraí ar fáil le haghaidh faisnéis mhionsonraithe, úsáidfidh an gnóthas meastachán ar an líon fostaithe nó ar a gcóimheasa, i gcomhréir le ESRS 1, agus sainaithneoidh sé go soiléir an áit a bhfuil meastacháin á n-úsáid.

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-7 — Saintréithe oibrithe neamhfhostaithe i lucht saothair dílis an ghnóthais

AR 61. Leis an gCeanglas seo maidir le Nochtadh tugtar léargas ar chur chuige an ghnóthais i leith fostaíochta, agus ar raon feidhme agus cineál na dtionchar a eascraíonn as a chleachtais fostaíochta. Soláthraítear faisnéis chomhthéacsúil leis freisin a chabhraíonn le tuiscint a fháil ar an bhfaisnéis a thuairiscítear i nochtaí eile. Cumhdaítear leis an nochtadh sin conraitheoirí aonair a sholáthraíonn saothar don ghnóthas (‘daoine féinfhostaithe’) agus oibrithe arna soláthar ag gnóthais atá ag gabháil go príomha do ‘ghníomhaíochtaí fostaíochta’ (Cód NACE N78). Más fostaithe iad na daoine go léir a dhéanann obair don ghnóthas agus mura bhfuil aon duine ina lucht saothair ag an ngnóthas nach fostaithe iad, níl an Ceanglas seo maidir le Nochtadh ábhartha don ghnóthas; dá ainneoin sin, féadfaidh an gnóthas an fíoras sin a lua agus an fhaisnéis a cheanglaítear le Ceanglas maidir le Nochtadh S1-6 á nochtadh aige mar fhaisnéis chomhthéacsúil mar d’fhéadfadh an fhaisnéis sin a bheith ábhartha d’úsáideoirí an Ráitis Inbhuanaitheachta.

AR 62. Seo a leanas samplaí de chonraitheoirí (daoine féinfhostaithe) i lucht saothair dílis an ghnóthais: conraitheoirí arna bhfostú ag an ngnóthas chun obair a dhéanamh, ar obair í a dhéanfadh fostaí ina mhalairt de chás; conraitheoirí arna bhfostú ag an ngnóthas chun obair a dhéanamh in áit phoiblí (ar bhóthar, ar an tsráid, mar shampla); agus conraitheoirí arna bhfostú ag an ngnóthas chun an obair/an tseirbhís a dhéanamh go díreach in áit oibre chliant na heagraíochta. Áirítear na daoine seo a leanas i ndaoine atá fostaithe ag tríú páirtí atá i mbun ‘gníomhaíochtaí fostaíochta’ agus a bhfuil a gcuid oibre faoi stiúir an ghnóthais: daoine a dhéanann an obair chéanna a dhéanann fostaithe, amhail daoine a dhéanann ionadaíocht d’fhostaithe atá as láthair go sealadach (de bharr breoiteachta, saoire, saoire thuismitheoireachta, etc.); daoine a dhéanann obair rialta ag an láithreán céanna le fostaithe; agus oibrithe a sheoltar go sealadach ó Bhallstát eile den Aontas Eorpach chun dul ag obair don ghnóthas (‘oibrithe ar postú’). Seo a leanas samplaí d’oibrithe sa slabhra luacha (agus, dá bhrí sin, d’oibrithe nach bhfuil i lucht saothair dílis an ghnóthais agus a thuairiscítear faoi raon feidhme ESRS S2): oibrithe do sholáthróir a bhfuil conradh aige leis an ngnóthas a oibríonn ar áitreabh an tsoláthróra agus modhanna oibre an tsoláthróra á n-úsáid acu; oibrithe d’eintiteas ‘iartheachtach’ a cheannaíonn earraí nó seirbhísí ón ngnóthas; agus oibrithe soláthróra trealaimh don ghnóthas a dhéanann cothabháil rialta ar threalamh an tsoláthróra (mar shampla, gléas fótachóipeála) mar a shonraítear sa chonradh idir an soláthróir trealaimh agus an gnóthas, in áit oibre amháin nó níos mó d’áiteanna oibre an ghnóthais.

AR 63. Mura féidir leis an ngnóthas figiúirí beachta a thuairisciú, úsáidfidh sé meastacháin de réir na bhforálacha in ESRS 1 chun an líon daoine ina lucht saothair dílis nach fostaithe iad a nochtadh don deichniúr is gaire nó, i gcás ina bhfuil an líon daoine ina lucht saothair dílis nach fostaithe iad níos mó ná 1 000 , don 100 is gaire, agus míneoidh sé é sin. Ina theannta sin, sainaithneoidh sé go soiléir cén fhaisnéis a dhíorthaítear ó shonraí iarbhír agus ó mheastacháin.

AR 64. Le nochtadh líon na ndaoine i lucht saothair dílis an ghnóthais nach fostaithe iad ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, soláthraítear faisnéis maidir leis an bpointe ama sin gan luaineachtaí a ghabháil le linn na tréimhse tuairiscithe. Agus an uimhir sin á nochtadh mar mheán le linn na tréimhse tuairiscithe, déantar luaineachtaí le linn na tréimhse tuairiscithe a mheas agus is féidir faisnéis níos léargais agus níos ábhartha a sholáthar d’úsáideoirí.

AR 65. Leis an bhfaisnéis a nochtann an gnóthas, is féidir le húsáideoirí tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-athraíonn líon na neamhfhostaithe i lucht saothair an ghnóthais féin le linn na tréimhse tuairiscithe nó i gcomparáid leis an tréimhse tuairiscithe roimhe sin (i.e., ar tháinig méadú nó laghdú ar líon na ndaoine). Féadfaidh an gnóthas na cúiseanna leis na luaineachtaí a nochtadh freisin. Mar shampla, d’fhéadfadh méadú ar an líon oibrithe neamhfhostaithe le linn na tréimhse tuairiscithe a bheith mar thoradh ar theagmhas séasúrach. Os a choinne sin, d’fhéadfadh laghdú ar an líon oibrithe neamhfhostaithe i gcomparáid leis an tréimhse tuairiscithe roimhe sin a bheith mar thoradh ar thionscadal sealadach a bheith curtha i gcrích. Má nochtann an gnóthas luaineachtaí, míneoidh sé freisin na critéir a úsáidtear chun a chinneadh cé na luaineachtaí a nochtann sé. Mura bhfuil aon luaineacht shuntasach sa líon oibrithe neamhfhostaithe le linn na tréimhse tuairiscithe nó idir an tréimhse tuairiscithe atá ann faoi láthair agus an tréimhse tuairiscithe roimhe sin, féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis sin a nochtadh.

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-8 — Cumhdach cómhargála agus idirphlé sóisialta

Cumhdach cómhargála

AR 66. Déantar céatadán na bhfostaithe a chumhdaítear le comhaontuithe cómhargála a ríomh trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle seo a leanas:

image

AR 67. Is iad na fostaithe i bhfórsa saothair an ghnóthais féin atá cumhdaithe ag comhaontuithe cómhargála na daoine aonair sin a bhfuil oibleagáid ar an ngnóthas an comhaontú a chur i bhfeidhm ina leith. Ciallaíonn sé sin, mura gcumhdaítear aon duine de na fostaithe le comhaontú cómhargála, is é nialas an céatadán a thuairiscítear. Ní gá fostaí i bhfórsa saothair an ghnóthais féin atá cumhdaithe ag níos mó ná comhaontú cómhargála amháin a áireamh ach uair amháin.

AR 68. Níl an riachtanas seo dírithe ar chéatadán na bhfostaithe a ndéanann comhairle oibreacha nó a bhaineann le ceardchumainn ionadaíocht orthu a fháil, rud a d’fhéadfadh a bheith difriúil. Is féidir le céatadán na bhfostaithe a chumhdaítear le comhaontuithe cómhargála a bheith níos airde ná céatadán na bhfostaithe a bhfuil aontacht acu nuair a bhíonn feidhm ag na comhaontuithe cómhargála maidir le comhaltaí de chuid an Aontais agus maidir le comhaltaí nach comhaltaí den Aontas iad araon. De rogha air sin, is féidir go mbeidh an céatadán fostaithe a chumhdaítear le comhaontuithe cómhargála níos ísle ná an céatadán fostaithe atá i gceardchumann. D’fhéadfadh sé gurb amhlaidh sin i gcás nach bhfuil aon chomhaontú cómhargála ar fáil nó i gcás nach gcumhdaítear leis na comhaontuithe cómhargála na fostaithe uile atá i gceardchumann.

Idirphlé Sóisialta

AR 69. Chun an fhaisnéis a cheanglaítear le mír 63(a) a ríomh, sonróidh an gnóthas cé na tíortha de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) ina bhfuil fostaíocht shuntasach aige (i.e. 50 fostaí ar a laghad a sheasann do 10 % ar a laghad dá fhostaithe iomlána). I gcás na dtíortha sin, tuairisceoidh sí céatadán na bhfostaithe sa tír sin atá fostaithe i mbunaíochtaí ina ndéanann ionadaithe oibrithe ionadaíocht ar fhostaithe. Sainmhínítear bunaíocht mar aon áit oibríochtaí ina ndéanann an gnóthas gníomhaíocht eacnamaíoch, nach bhfuil neamhbhuan, le modhanna daonna agus earraí. I measc na samplaí tá: monarcha, brainse de shreangshiopa miondíola, nó ceanncheathrú gnóthais. I gcás tíortha nach bhfuil ach bunaíocht amháin iontu, is é 100 % nó 0 % an céatadán a thuairisceofar.

image

AR 70. Déanfar an fhaisnéis a cheanglaítear leis an gCeanglas seo maidir le Nochtadh a thuairisciú mar a leanas



Tábla 1

Teimpléad tuairiscithe le haghaidh cumhdach cómhargála agus idirphlé sóisialta

 

Cumhdach na Cómhargála

Idirphlé sóisialta

Ráta Cumhdaigh

Fostaithe — LEE

(i gcás tíortha ina bhfuil > 50 fostaí a sheasann do > 10 % den líon iomlán fostaithe)

Fostaithe — Neamh-LEE

(meastachán le haghaidh réigiúin ina bhfuil > 50 fostaí a sheasann do > 10 % den líon iomlán fostaithe)

Ionadaíocht san áit oibre (LEE amháin)

(i gcás tíortha ina bhfuil > 50 fostaí a sheasann do > 10 % den líon iomlán fostaithe)

0 -19  %

 

Réigiún A

 

20 -39  %

Tír A

Réigiún B

 

40 -59  %

Tír B

 

Tír A

60 -79  %

 

 

Tír B

80 -100  %

 

 

 

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-9 — Méadracht éagsúlachta

AR 71. Agus an nochtadh maidir le hinscne ar an ardleibhéal bainistíochta á ullmhú aige, úsáidfidh an gnóthas an sainmhíniú ar ardleibhéal bainistíochta mar choincheap a chuimsíonn leibhéal amháin agus dhá leibhéal faoi bhun na gcomhlachtaí riaracháin agus maoirseachta ach amháin má sainmhíníodh an coincheap sin cheana in oibríochtaí an ghnóthais agus mura dtagann sé leis an tuairisc ar tugadh roimhe seo air. Más amhlaidh sin, féadann an gnóthas a shainmhíniú féin ar ardleibhéal bainistíochta a úsáid agus an méid sin mar aon lena shainmhíniú féin a nochtadh.

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-10 — Pá Leordhóthanach

AR 72. Ríomhfar an is ísle don chatagóir is ísle, gan intéirnigh agus printísigh a áireamh. Tá sé sin le bheith bunaithe ar an mbunphá móide aon íocaíocht sheasta bhreise atá ráthaithe do gach fostaí. Déanfar an pá is ísle a bhreithniú ar leithligh le haghaidh gach tíre ina bhfuil oibríochtaí ag an ngnóthas, ach amháin lasmuigh de LEE i gcás ina sainmhínítear an pá íosta nó an pá leordhóthanach ábhartha ar leibhéal fonáisiúnta.

AR 73. An tagarmharc pá leordhóthanach a úsáidtear chun comparáid a dhéanamh leis an bpá is ísle, ní bheidh sé níos ísle ná:

(a) 

in LEE: an pá íosta a shocraítear i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 103 ) maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach. Sa tréimhse go dtí go dtiocfaidh Treoir (AE) 2022/2041 i bhfeidhm, i gcás nach mbeidh aon phá íosta is infheidhme arna chinneadh le reachtaíocht ná le cómhargáil i dtír LEE, úsáidfidh an gnóthas tagarmharc pá leordhóthanach nach bhfuil níos ísle ná an pá íosta i dtír chomharsanachta a bhfuil stádas socheacnamaíoch comhchosúil aici nó nach bhfuil níos ísle ná norm idirnáisiúnta a luaitear go coitianta amhail 60 % de phá airmheánach na tíre agus 50 % den mheán-ollphá.

(b) 

lasmuigh de LEE:

i. 

an leibhéal pá arna bhunú in aon reachtaíocht idirnáisiúnta, náisiúnta nó fonáisiúnta, noirm oifigiúla nó comhaontuithe comhchoiteanna atá ann cheana, bunaithe ar mheasúnú ar leibhéal pá is gá le haghaidh caighdeán sásúil maireachtála;

ii. 

murab ann d’aon cheann de na hionstraimí a shainaithnítear in (i), aon phá íosta náisiúnta nó fonáisiúnta arna bhunú le reachtaíocht nó le cómhargáil; nó

iii. 

murab ann d’aon cheann de na hionstraimí a shainaithnítear in (i) nó (ii), aon tagarmharc a chomhlíonann na critéir a leagtar amach leis an Tionscnamh Trádála Inbhuanaithe (IDH) (‘Treochlár maidir le hÍosphá Maireachtála — Ardán chun Íosphá Maireachtála a Dheimhniú i Slabhraí Soláthair’), lena n-áirítear tagarmharcanna is infheidhme atá ailínithe le modheolaíocht Anker, nó a sholáthraíonn an Fhondúireacht Táscairí Pá nó an Líonra um Pá Cóir, ar choinníoll go n-áirithítear tosaíocht na cómhargála chun téarmaí agus coinníollacha fostaíochta a shuí.

AR 74. I dTreoir (AE) 2022/2041 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach, tagraítear do na luachanna tagartha táscacha a úsáidtear go coitianta ar an leibhéal idirnáisiúnta amhail 60 % den ollphá airmheánach agus 50 % den mheán-ollphá, agus/nó luachanna tagartha táscacha a úsáidtear ar an leibhéal náisiúnta. Sonraí maidir leis na luachanna táscacha 60 % den ollphá airmheánach náisiúnta nó 50 % den mheán-ollphá náisiúnta, is féidir iad a fháil ón Suirbhé Eorpach ar an bhFórsa Saothair.

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-11 — Cosaint shóisialta

AR 75. Tagraíonn cosaint shóisialta do na bearta uile lena dtugtar rochtain ar chúram sláinte agus ar thacaíocht ioncaim i gcásanna ina dtarlaíonn teagmhais dhúshlánach saoil amhail cailliúint poist, a bheith breoite agus cúram leighis a bheith de dhíth ar dhuine, leanbh a shaolú agus leanbh a thógáil, dul ar scor agus pinsean a bheith de dhíth ar dhuine.

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-12 — Daoine faoi mhíchumas

AR 76. Agus an fhaisnéis a cheanglaítear i mír 77 maidir le daoine faoi mhíchumas á nochtadh ag an ngnóthas, soláthróidh sé aon fhaisnéis chomhthéacsúil is gá chun na sonraí a thuiscint agus chun an chaoi ar tiomsaíodh na sonraí (modheolaíocht) a thuiscint. Faisnéis maidir leis an tionchar atá ag sainmhínithe dlíthiúla éagsúla ar dhaoine faoi mhíchumas sna tíortha éagsúla ina bhfuil oibríochtaí ag an ngnóthas, mar shampla.

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-13 — Méadracht Oiliúna agus Forbartha Scileanna

AR 77. Sainmhínítear athbhreithniú tráthrialta ar fheidhmíocht mar athbhreithniú bunaithe ar chritéir atá ar eolas ag an bhfostaí agus ag a oifigeach uachtarach nó ag a hoifigeach uachtarach agus a dhéantar uair sa bhliain ar a laghad, agus fios a bheith ag an bhfostaí go bhfuil an t-athbhreithniú á dhéanamh. Is féidir a áireamh san athbhreithniú meastóireacht ag an oibrí uachtarach díreach, piaraí, nó réimse níos leithne d’fhostaithe. Is féidir go mbeidh an roinn acmhainní daonna páirteach san athbhreithniú freisin. D’fhonn an fhaisnéis a cheanglaítear le mír 83 (a) a nochtadh, úsáidfidh an gnóthas figiúirí líon na bhfostaithe dá bhforáiltear i gCeanglas um Nochtadh ESRS S1-6 san ainmneoir chun na nithe seo a leanas a ríomh:

(a) 

an líon athbhreithnithe feidhmíochta/an cion díobh de réir an fhostaí; agus

(b) 

an líon athbhreithnithe i gcomhréir leis an líon athbhreithnithe atá comhaontaithe ag an mbainistíocht.

AR 78. Chun an meán a cheanglaítear de réir mhír 83 (b) a nochtadh, déanfaidh an gnóthas an ríomh seo a leanas: líon iomlán na n-uaireanta oiliúna a thairgtear d’fhostaithe agus a chuir siad i gcrích in aghaidh na catagóire inscne roinnte ar líon iomlán na bhfostaithe in aghaidh na catagóire inscne. Maidir leis an meánfhigiúr oiliúna iomlán agus an meánfhigiúr de réir inscne, is iad na figiúirí faoin líon daoine aonair a thuairiscítear i gCeanglas maidir le Nochtadh ESRS S1-6 a úsáidfear i gcás fostaíocht iomlán agus fostaíocht de réir inscne.

AR 79. Is éard atá i gcatagóirí fostaithe miondealú ar fhostaithe de réir leibhéil (amhail an bhainistíocht shinsearach, an mheánbhainistíocht) nó de réir feidhme (amhail teicniúil, riaracháin, táirgeadh). Díorthaítear an fhaisnéis sin ó chóras acmhainní daonna an ghnóthais féin. Agus an lucht saothair á aicmiú, saineoidh an gnóthas catagóirí fostaithe réasúnta agus fiúntacha a chuirfidh ar chumas úsáideoirí na faisnéise tuiscint a fháil ar bhearta feidhmíochta éagsúla idir na catagóirí. Féadfaidh an gnóthas catagóir a thíolacadh d’fhostaithe feidhmiúcháin agus d’fhostaithe neamhfheidhmiúcháin.

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-14 — Méadracht sláinte agus sábháilteachta

AR 80. Maidir le mír 88 (a), nochtfar an céatadán dá lucht saothair féin atá cumhdaithe ag córas bainistíochta sláinte agus sábháilteachta an ghnóthais ar bhonn comhaireamh cinn seachas ar bhonn coibhéise lánaimseartha.

AR 81. Maidir le mír 90, nuair a bhí córas bainistíochta sláinte agus sábháilteachta an ghnóthais, nó codanna áirithe de, faoi réir iniúchadh inmheánach nó deimhniú seachtrach, féadfaidh an gnóthas an fíoras sin, nó easpa an fhíorais sin, agus na bunchaighdeáin d’iniúchtaí/deimhnithe den sórt sin, de réir mar is infheidhme, a lua.

AR 82. Féadfar básanna a thuairisciú ar leithligh dóibh sin a eascraíonn as gortuithe a bhaineann leis an obair agus iad sin a eascraíonn as drochshláinte a bhaineann leis an obair.

Treoraíocht maidir le ‘a bhaineann leis an obair’

AR 83. Eascraíonn gortuithe a bhaineann leis an obair agus drochshláinte a bhaineann leis an obair as neamhchosaint ar ghuaiseacha san obair. Dá ainneoin sin, is féidir le cineálacha eile teagmhas tarlú nach bhfuil baint acu leis an obair féin. Mar shampla, ní mheastar go ginearálta go mbaineann na teagmhais seo a leanas leis an obair, mura sonraítear a mhalairt sa reachtaíocht náisiúnta is infheidhme:

(a) 

buaileann taom croí duine sa lucht saothair agus é ag obair, ar taom croí é nach bhfuil baint aige leis an obair;

(b) 

go ndéantar duine sa lucht saothair atá ag tiomáint chuig an obair nó ón obair a ghortú i dtionóisc ghluaisteáin (nuair nach cuid den obair an tiomáint agus i gcás nár eagraigh an gnóthas an t-iompar); agus

(c) 

tá urghabháil ag an obair ag duine sa lucht saothair le titimeas nach bhfuil baint aige leis an obair.

AR 84. Maidir le taisteal chun críocha oibre, baineann díobhálacha agus drochshláinte a tharlaíonn le linn do dhuine a bheith ag taisteal leis an obair más rud é, tráth an ghortaithe nó na drochshláinte, go raibh an duine ag gabháil do ghníomhaíochtaí oibre “ar mhaithe leis an bhfostóir”. Áirítear ar shamplaí de na gníomhaíochtaí sin taisteal chuig agus ó theagmhálaithe custaiméara; bheith i mbun tascanna oibre; agus bheith ag cur siamsaíocht ar fáil nó siamsaíocht a bheith á cur ar fáil dó chun gnó a idirbheartú, a phlé nó a chur chun cinn (le treoir ón bhfostóir). Más é an gnóthas atá freagrach as an gcomaitéireacht iompair, tharla teagmhais le linn na comaitéireachta a mheastar a bheith bainteach leis an obair. Mar sin féin, féadfar teagmhais a thagann chun cinn le linn taistil, lasmuigh de fhreagracht an ghnóthais (i.e. comaitéireacht rialta chuig an obair agus ón obair), a thuairisciú ar leithligh ar choinníoll go bhfuil sonraí den sórt sin ar fáil ar fud an ghnóthais.

AR 85. Maidir le hobair ón mbaile, tá gaol oibre idir gortuithe agus drochshláinte a tharlaíonn nuair a bhíonn obair á déanamh ón mbaile, má tharlaíonn an gortú nó an drochshláinte le linn don duine a bheith ag obair ón mbaile; agus go bhfuil an gortú nó an drochshláinte bainteach go díreach le feidhmíocht na hoibre seachas an timpeallacht nó an suíomh baile ginearálta.

AR 86. Maidir le meabhairghalar, meastar go mbaineann sé leis an obair, más rud é gur thug an duine lena mbaineann fógra dó go deonach agus go dtacaíonn tuairim ó ghairmí ceadúnaithe cúraim sláinte a bhfuil oiliúint agus taithí chuí aige nó aici léi; agus má deir tuairim den sórt sin go bhfuil an tinneas a bhaineann leis an obair.

AR 87. Maidir le saincheisteanna sláinte a eascraíonn, mar shampla, as caitheamh tobac, mí-úsáid drugaí agus alcóil, neamhghníomhaíocht fhisiciúil, aistí bia míshláintiúla, agus tosca síceasóisialta nach mbaineann leis an obair, ní mheastar go bhfuil siad bainteach leis an obair.

AR 88. Ní mheastar go bhfuil galair cheirde ina ngortuithe a bhaineann leis an obair ach cumhdaítear iad faoi dhrochshláinte a bhaineann leis an obair.

Treoir maidir le ráta na ngortuithe a bhaineann leis an obair a ríomh

AR 89. Agus ráta na ngortuithe a bhaineann leis an obair á ríomh, roinnfidh an gnóthas líon na gcásanna faoi seach ar líon iomlán na n-uaireanta an chloig a d’oibrigh daoine ina lucht saothair féin agus iolraithe faoi 1 000 000 . Dá réir sin, léiríonn na rátaí sin an líon cásanna faoi seach in aghaidh an mhilliúin uaireanta an chloig oibrithe. Léiríonn ráta bunaithe ar 1 000 000 uair an chloig oibrithe líon na ngortuithe a bhaineann leis an obair in aghaidh gach 500 duine lánaimseartha sa lucht saothair thar thréimhse ama bliana. Chun críocha inchomparáideachta, úsáidfear ráta atá bunaithe ar 1 000 000 uair an chloig oibrithe freisin do ghnóthais a bhfuil níos lú ná 500 duine sa lucht saothair.

AR 90. Murar féidir leis an ngnóthas an líon uaireanta an chloig a oibrítear a ríomh go díreach, féadfaidh sé é sin a mheas ar bhonn na ngnáthuaireanta nó na n-uaireanta an chloig caighdeánacha oibre, ag tabhairt san áireamh teidlíochtaí tréimhsí saoire íoctha ón obair (mar shampla, saoire íoctha, saoire bhreoiteachta íoctha, saoire phoiblí) agus é sin a mhíniú ina nochtaí.

AR 91. Áireoidh gnóthas básanna de thoradh gortú a bhaineann leis an obair i ríomh an líon agus an ráta gortuithe intaifeadta a bhaineann leis an obair.

Treoraíocht maidir le drochshláinte intaifeadta a bhaineann leis an obair

AR 92. Is féidir a áireamh ar dhrochshláinte a bhaineann leis an obair fadhbanna sláinte géara, athfhillteacha agus ainsealacha a tharlaíonn nó a éiríonn níos measa de bharr coinníollacha nó cleachtais oibre. Áirítear orthu sin neamhoird mhatánchnámharlaigh, galair chraicinn agus riospráide, ailsí urchóideacha, galair de bharr oibreáin fhisiceacha (mar shampla, caillteanas éisteachta de dheasca torainn, galair de bharr tonnchrith), agus galair mheabhracha (mar shampla, imní, neamhord struis iar-thrámach). Chun críoch na nochtaí a cheanglaítear, déanfaidh an gnóthas, ar a laghad, a áireamh ina nochtadh na cásanna sin a dtugtar breac-chuntas orthu i Liosta ILO na nGalar Gairme.

AR 93. I gcomhthéacs an Chaighdeáin seo, cumhdaítear neamhoird mhatánchnámharlaigh a bhaineann leis an obair faoi dhrochshláinte a bhaineann leis an obair (agus ní gortuithe).

AR 94. Baineann na cásanna atá le nochtadh i mír 88(d) le cásanna drochshláinte a bhaineann leis an obair a cuireadh in iúl don ghnóthas nó a shainaithin an gnóthas trí fhaireachas leighis, le linn na tréimhse tuairiscithe. D’fhéadfaí fógra a thabhairt don ghnóthas faoi chásanna drochshláinte a bhaineann leis an obair trí thuairiscí ó dhaoine lena mbaineann, ó ghníomhaireachtaí cúitimh, nó ó ghairmithe cúraim sláinte. D’fhéadfaí a áireamh sa nochtadh cásanna drochshláinte a bhaineann leis an obair a braitheadh le linn na tréimhse tuairiscithe i measc daoine a bhí i bhfórsa saothair an ghnóthais roimhe sin.

Treoraíocht maidir leis an líon laethanta caillte

AR 95. Comhairfidh an gnóthas an líon laethanta a cailleadh sa chaoi is go n-áireofar an chéad lá iomlán agus an lá deireanach neamhláithreachta. Ba cheart laethanta féilire a mheas chun an ríomh a dhéanamh, dá bhrí sin, áireofar na laethanta nach bhfuil an duine aonair lena mbaineann sceidealta le haghaidh oibre (mar shampla, laethanta deireadh seachtaine, laethanta saoire poiblí) mar laethanta caillte.

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-15 — Cothromaíocht oibre is saoil

AR 96. Áirítear le saoire a bhaineann leis an teaghlach saoire mháithreachais, saoire atharthachta, saoire thuismitheoireachta, agus saoire cúramóirí atá ar fáil faoin dlí náisiúnta nó faoi chomhaontuithe cómhargála. Chun críoch an Chaighdeáin seo, sainmhínítear na coincheapa sin mar a leanas:

(a) 

saoire mháithreachais (ar a dtugtar saoire toirchis freisin): saoire neamhláithreachta cosaint fostaíochta le haghaidh ban fostaithe go díreach timpeall ar am breith linbh (nó, i roinnt tíortha, uchtáil);

(b) 

saoire atharthachta: saoire ón obair d’aithreacha nó, i gcás ina n-aithnítear í faoin dlí náisiúnta agus a mhéid a aithnítear í, saoire do dhara tuismitheoirí coibhéiseacha, tráth breithe nó uchtála linbh, chun cúram a sholáthar;

(c) 

saoire tuismitheora: saoire ón obair do thuismitheoirí ar an bhforas gur rugadh nó gur uchtaíodh leanbh chun aire a thabhairt don leanbh sin, mar atá sainmhínithe ag gach Ballstát;

(d) 

saoire cúramóra ón obair: saoire le haghaidh oibrithe chun cúram pearsanta a sholáthar do dhuine gaolta, nó duine a chónaíonn sa teaghlach céanna, óna dteastaíonn cúram nó tacaíocht shuntasach ar chúis leighis thromchúiseacha, mar a shainmhíníonn gach Ballstát.

AR 97. Maidir le mír 93 (a), is iad na fostaithe atá i dteideal saoire a bhaineann leis an teaghlach iad siúd atá cumhdaithe ag rialacháin, beartais eagraíochtúla, comhaontuithe, conarthaí nó comhaontuithe cómhargála ina bhfuil teidlíochtaí saoire a bhaineann leis an teaghlach agus a thuairiscigh a dteidlíocht i leith an ghnóthais nó an ghnóthais agus go bhfuil a dteidlíocht chun an ghnóthais nó an ghnóthais ar an eolas faoin teidlíocht.

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-16 — Méadracht luacha saothair (bearna phá agus luach saothair iomlán)

Bearna phá

AR 98. Nuair a bheidh an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 97 (a) le haghaidh na bearna pá idir a fhostaithe baineanna agus fostaithe fireanna (ar a dtugtar “an bhearna phá idir na hinscní”) á tiomsú ag an ngnóthas, úsáidfidh sé an mhodheolaíocht seo a leanas:

(a) 

leibhéal comhlán pá na bhfostaithe go léir in aghaidh na huaire a chur san áireamh; agus

(b) 

an fhoirmle seo a leanas a chur i bhfeidhm chun an bhearna phá idir na hinscní a ríomh:

image

AR 99. Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 97 (a) á nochtadh aige, soláthróidh an gnóthas aon fhaisnéis chomhthéacsúil is gá chun na sonraí a thuiscint agus conas a tiomsaíodh na sonraí (modheolaíocht). Faisnéis maidir leis an tionchar a bhíonn ag tosca oibiachtúla amhail an cineál oibre agus tír na fostaíochta ar an mbearna phá idir na hinscní.

AR 100. Tuairisceofar tomhas bhearna phá idir na hinscní an ghnóthais le haghaidh na tréimhse tuairiscithe reatha agus, má thuairiscítear é i dtuarascálacha inbhuanaitheachta roimhe sin, le haghaidh an dá thréimhse tuairiscithe roimhe sin.

Cóimheas luacha saothair iomlán

AR 101. Agus an fhaisnéis a cheanglaítear le mír 97 (b) á tiomsú aige, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:

(a) 

na fostaithe uile a chur san áireamh;

(b) 

an méid ar fad a leanas, ag brath ar bheartais luach saothair an ghnóthais, a bhreith:

i. 

tuarastal bunúsach, arb é an tsuim é de chúiteamh airgid ráthaithe, gearrthéarmach, agus neamh-inathraithe;

ii. 

sochair in airgead tirim, arb é sin suim an bhuntuarastail agus na liúntas airgid thirim, bónais, coimisiúin, comhroinnt brabúis airgid, agus cineálacha eile íocaíochtaí airgid inathraithe;

iii. 

sochair chomhchineáil, amhail gluaisteáin, árachas sláinte príobháideach, árachas saoil, cláir folláine; agus

iv. 

luach saothair díreach, arb é atá ann suim na sochar in airgead tirim, sochair chomhchineáil agus luach cóir iomlán na ndreasachtaí fadtéarmacha bliantúla (mar shampla, dámhachtainí stoc-roghanna, scaireanna nó aonaid stoic shrianta, scaireanna nó aonaid stoic feidhmíochta, scaireanna stoic phantom, cearta luachmheasa stoic, agus dámhachtainí airgid fadtéarmacha).

(c) 

an fhoirmle seo a leanas a chur i bhfeidhm maidir leis an gcóimheas luach saothair iomlán bliantúil:

image

AR 102. Chun an fhaisnéis chomhthéacsúil a léiriú, féadfaidh an gnóthas míniú a thabhairt chun na sonraí agus an chaoi ar cuireadh na sonraí i dtoll a cheile a thuiscint (modheolaíocht). D’fhéadfadh sé nach leor sonraí cainníochtúla, amhail cóimheas luach saothair iomlán bliantúil, as a stuaim féin chun difríocht pá agus a thiománaithe a thuiscint. Mar shampla, d’fhéadfadh tionchar a bheith ag méid an ghnóthais (mar shampla, ioncam, líon na bhfostaithe), a earnáil, a straitéis fostaíochta (mar shampla, spleáchas ar oibrithe seachfhoinsithe nó fostaithe páirtaimseartha, leibhéal ard uathoibrithe) nó luaineacht airgeadra ar chóimheasa pá.

Ceanglas maidir le Nochtadh S1-17 — Teagmhais, gearáin agus tionchair dhiana ar chearta an duine

AR 103. De bhreis ar an bhfaisnéis a cheanglaítear le míreanna 103 agus 104, féadfaidh an gnóthas stádas teagmhas agus/nó gearán agus gníomhaíochtaí a rinneadh maidir leis an méid seo a leanas a nochtadh:

(a) 

teagmhais arna n-athbhreithniú ag an ngnóthas;

(b) 

pleananna leighis a bheith á gcur chun feidhme;

(c) 

pleananna leighis a cuireadh chun feidhme, agus torthaí arna n-athbhreithniú trí phróisis athbhreithnithe bainistíochta inmheánacha; agus

(d) 

teagmhais nach bhfuil faoi réir gníomhaíochta a thuilleadh.

AR 104.  ►C1  Má thiomsaíonn an gnóthas an fhaisnéis a bhfuil tuairisc uirthi in AR 105, breithneoidh sé an méid seo a leanas: ◄

(a) 

ní bhíonn teagmhas faoi réir gníomhaíochta a thuilleadh má réitítear é, má chuirtear an cás i gcrích, nó mura gceanglaítear ar an ngnóthas gníomhaíocht bhreise a dhéanamh. Mar shampla, d’fhéadfaí a áireamh le teagmhas nach bhfuil tuilleadh gníomhaíochta ag teastáil ina leith cásanna a aistarraingítear nó i gcás nach ann a thuilleadh do na himthosca bunúsacha a bhí mar chúis leis an teagmhas;

(b) 

tá gníomhaíocht feabhais dírithe i dtreo an té a dhéanann an ciapadh líomhnaithe agus an t-íospartach líomhnaithe. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí ar ghníomhaíocht feabhais i leith an íospartaigh a speansas a íoc le haghaidh seisiúin chomhairleoireachta, am saor íoctha a thairiscint don íospartach, laethanta breoiteachta/laethanta saoire a thairiscint don íospartach arís más rud é gur thabhaigh an t-íospartach aon speansais mar gheall ar an gciapadh (amhail laethanta breoiteachta nó laethanta saoire a úsáid); agus

(c) 

féadfar a áireamh ar ghníomhaíocht feabhais i dtreo an té a dhéanann an ciapadh rabhadh ó bhéal agus/nó i scríbhinn a thabhairt don té a dhéanann an ciapadh, comhairleoireacht frithchiaptha a shainordú nó an té a dhéanann an ciapadh a chur chuig seimineár iomchuí, oiliúint feasachta ar chiapadh agus oiliúint coisc. D’fhéadfadh fionraí gan phá a bheith ina rogha freisin. Má gearradh pionós ar an duine a bhfuil an ciapadh curtha ina leith cheana ach nach stopann a c(h)iapadh, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le pionós níos tromchúisí.

AR 105. Áirítear ar theagmhais thromchúiseacha maidir le cearta an duine cásanna dlí, gearáin fhoirmiúla tríd an ngnóthas nó sásraí gearáin tríú páirtí, líomhaintí tromchúiseacha i dtuarascálacha poiblí nó sna meáin, i gcás ina bhfuil siad nasctha le lucht saothair an ghnóthais féin, agus nach ndéanann an gnóthas na teagmhais a dhíospóid, chomh maith le haon mhórthionchair eile a bhfuil an gnóthas ar an eolas fúthu.

AR 106. De bhreis ar an bhfaisnéis a cheanglaítear le mír 104 thuas, féadfaidh an gnóthas an líon teagmhas tromchúiseach maidir le cearta an duine a nochtadh i gcás ina raibh ról ag an ngnóthas réiteach a fháil dóibh siúd dá ndearnadh difear le linn na tréimhse tuairiscithe.




Foscríbhinn A.1

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm le haghaidh nochtaí a bhaineann le ESRS 2

Is dlúthchuid de ESRS S1 Lucht saothair dílis í an fhoscríbhinn seo. Tacaíonn sí le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le nochtadh ó ESRS 2 a leagtar amach sa chaighdeán seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den chaighdeán. Tugtar ann liosta neamh-uileghabhálach de na fachtóirí a bheidh le meas ag an ngnóthas agus ESRS 2 SBM-2 agus ESRS 2 SBM-3 á gcomhlíonadh aige. Ní thugtar sainmhínithe ar na téarmaí a luaitear thíos san fhoscríbhinn seo. Is féidir teacht ar gach téarma sainmhínithe in Iarscríbhinn II: Acrainmneacha agus Gluais na dTéarmaí.



Cúrsaí sóisialta agus cúrsaí a bhaineann le cearta an duine

Liosta neamhchuimsitheach tosca le breith agus Measúnú Ábharthachta á dhéanamh

Fostaíocht shlán

% d’fhostaithe a bhfuil conarthaí sealadacha acu, cóimheas idir oibrithe neamhfhostaithe agus fostaithe, cosaint shóisialta

Am oibre

% d’fhostaithe a bhfuil conarthaí páirtaimseartha nó conarthaí gan íosmhéid uaireanta acu, sástacht fostaí leis an am oibre

Pá leordhóthanach

Sainmhínithe dlíthiúla AE, náisiúnta nó áitiúla ar phá leordhóthanach, pá cóir, agus pá íosta

Idirphlé sóisialta / comhairlí oibre a bheith ann / cearta oibrithe maidir le faisnéis, comhairliúchán agus rannpháirtíocht

Méid na hionadaíochta ionad oibre, trasteorann agus ar leibhéal boird trí cheardchumainn agus/nó comhairlí oibreacha

Saoirse comhlachais/Cómhargáil lena n-áirítear an ráta den lucht saothair atá cumhdaithe ag comhaontuithe comhchoiteanna

% de lucht saothair dílis cumhdaithe ag comhaontuithe cómhargála, stadanna oibre

Cothromaíocht oibre is saoil

Saoire a bhaineann leis an obair, uaireanta oibre solúbtha, rochtain ar chúram leanaí

Sláinte agus sábháilteacht

Cumhdach ag an gcóras S&S, ráta básanna, timpistí neamh-mharfacha, drochshláinte a bhaineann leis an obair, laethanta oibre caillte

Comhionannas inscne agus pá comhionann as obair ar comhionann a luach

% de mhná in ardbhainistíocht agus sa lucht saothair, bearna phá fireann-baineann

Oiliúint agus forbairt scileanna

Méid agus dáileadh oiliúna, % d’fhostaithe le feidhmíocht tráthrialta agus athbhreithnithe forbartha

Daoine faoi mhíchumas a fhostú agus a chuimsiú

% de bhearta fostaíochta agus inrochtaineachta d’fhostaithe faoi mhíchumas

Bearta in aghaidh foréigin agus ciaptha i saol na hoibre

Leitheadúlacht foréigin agus ciaptha

Éagsúlacht

Ionadaíocht na mban agus / nó grúpaí eitneacha nó mionlaigh sa lucht saothair dílis. Dáileadh aoise sa lucht saothair dílis. Céatadán daoine faoi mhíchumas laistigh den lucht saothair dílis.

Saothar leanaí

Cineál oibríochtaí agus limistéir gheografacha i mbaol saothar leanaí

Saothar éignithe

Cineál oibríochtaí agus limistéir gheografacha i mbaol saothar éignithe




Foscríbhinn A.2

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm le haghaidh ESRS S1-1 Polasaithe a bhaineann le lucht saothair dílis

Is dlúthchuid de ESRS S1 Lucht saothair dílis í an fhoscríbhinn seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán seo. Tacaíonn sí le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le Ceanglas maidir le Nochtadh ESRS S1-1 maidir le cúrsaí sóisialta agus cúrsaí a bhaineann le cearta an duine le samplaí de nochtaí.



Cúrsaí sóisialta agus cúrsaí a bhaineann le cearta an duine

Samplaí de bheartais:

Fostaíocht shlán

Níl beartas um scaoileadh chun bealaigh, teorainneacha ar chonarthaí sealadacha a athnuachan, soláthar cosanta sóisialta ón bhfostóir i gcás ina bhfuil soláthar stáit easnamhach ann

Am oibre

Teorainneacha ar ragobair, sealanna fada agus scoilte, agus obair oíche agus obair ag an deireadh seachtaine, sceidealú leordhóthanach na n-agaí tionscanta

Pá leordhóthanach

Beartas chun a áirithiú go bhfaigheann gach duine sa lucht saothair dílis pá leordhóthanach

Idirphlé sóisialta / comhairlí oibre a bheith ann / cearta oibrithe maidir le faisnéis, comhairliúchán agus rannpháirtíocht

Beartas chun institiúidí don idirphlé sóisialta a spreagadh, faisnéis agus comhairliúchán rialta le hionadaithe oibrithe, comhairliúchán sula sroichtear cinntí críochnaitheacha ar shaincheisteanna a bhaineann le fostaíocht

Saoirse comhlachais/Cómhargáil lena n-áirítear an ráta oibrithe atá cumhdaithe ag comhaontuithe comhchoiteanna

Gan cur isteach ar fhoirmiú agus earcaíocht na gceardchumann (lena n-áirítear rochtain na gceardchumann ar ghnóthais), margáil de mheon macánta, am saor leordhóthanach d’ionadaithe na n-oibrithe chun a ndualgais, a saoráidí agus a gcosaint ar dhífhostú a dhéanamh d’ionadaithe oibrithe, gan aon idirdhealú a dhéanamh ar chomhaltaí na gceardchumann ná ar ionadaithe na n-oibrithe

Cothromaíocht oibre is saoil

Saoire teaghlaigh, am solúbtha oibre, rochtain ar áiseanna cúraim lae a chur ar fáil do gach fostaí

Sláinte agus sábháilteacht

Clúdach de gach lucht saothair féin i gcóras bainistíochta H&S

►C1  Comhionannas inscne agus pá comhionann ar obair arb ionann a luach  ◄

►C1  Beartas le haghaidh comhionannas inscne agus pá comhionann ar obair arb ionann a luach ◄

Oiliúint agus forbairt scileanna

Beartas chun scileanna agus ionchais ghairme a bhreisiú d’fhostaithe

Daoine faoi mhíchumas a fhostú agus a chuimsiú

Beartas chun áiteanna oibre a dhéanamh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas

Bearta in aghaidh foréigin agus ciaptha i saol na hoibre

Beartas neamhfhulaingthe ar fhoréigean agus ciapadh ag an áit oibre

Éagsúlacht

Beartas cuimsitheachta (i.e. éagsúlacht eitneach nó grúpaí mionlaigh) agus gníomhaíocht dhearfach.

Saothar leanaí

Beartas chun, i gcás ina dtarlaíonn saothar leanaí, a shainaithint cá dtarlaíonn nochtadh le hoibrithe óga ar obair ghuaiseach agus an riosca nochta a chosc

Saothar éignithe

Beartas chun a shainaithint cá dtarlaíonn saothar éignithe agus baol saothar éignithe a laghdú




▼C1

Foscríbhinn A.3

Ceanglas maidir le Cur i bhFeidhm le haghaidh ESRS S1-4 – Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar lucht saothair dílis, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le lucht saothair dílis, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin

▼B

Is dlúthchuid de ESRS S1 Lucht saothair dílis í an fhoscríbhinn seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán seo. Tacaíonn sí le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le Ceanglas maidir le Nochtadh ESRS S1-4 maidir le cúrsaí sóisialta agus cúrsaí a bhaineann le cearta an duine le samplaí de nochtaí:



Cúrsaí sóisialta agus cúrsaí a bhaineann le cearta an duine

Samplaí de ghníomhaíochtaí:

Fostaíocht shlán

Conartha buana a thairiscint d’fhostaithe a bhfuil conarthaí sealadach acu, pleananna a chur chun feidhme don chosaint shóisialta i gcás ina bhfuil soláthar stáit easnamhach

Am oibre

Sealobair a rothlú, síneadh a chur le fógra sceidealaithe, ragobair iomarcach a laghdú

Pá leordhóthanach

Caibidlíocht ar phá cóir i gcomhaontuithe cómhargála, fíorú go n-íocann gníomhaireachtaí fostaíochta pá cóir

Idirphlé sóisialta / comhairlí oibre a bheith ann / cearta oibrithe maidir le faisnéis, comhairliúchán agus rannpháirtíocht

Leathnú saincheisteanna inbhuanaitheachta a ndéileáiltear leo san idirphlé sóisialta, méadú ar an líon cruinnithe, méadú ar acmhainní le haghaidh comhairlí oibreacha

Saoirse comhlachais/Cómhargáil lena n-áirítear an ráta oibrithe atá cumhdaithe ag comhaontuithe comhchoiteanna

Leathnú saincheisteanna inbhuanaitheachta a ndéileáiltear leo i gcómhargáil, méadú ar acmhainní le haghaidh ionadaithe oibrithe

Cothromaíocht oibre is saoil

Incháilitheacht do shaoire teaghlaigh agus socruithe am solúbtha oibre a leathnú, soláthar cúram lae a mhéadú

Sláinte agus sábháilteacht

Oiliúint um shláinte agus sábháilteacht a mhéadú, infheistíocht i dtrealamh níos sábháilte

►C1  Comhionannas inscne agus pá comhionann ar obair arb ionann a luach  ◄

Earcaíocht dhírithe agus ardú céime a thabhairt do mhná, laghdú ar an mbearna phá trí chomhaontuithe cómhargála a idirbheartú

Oiliúint agus forbairt scileanna

Iniúchtaí scileanna, oiliúint chun bearnaí a líonadh

Daoine faoi mhíchumas a fhostú agus a chuimsiú

Bearta inrochtaineachta a mhéadú

Bearta in aghaidh foréigin agus ciaptha i saol na hoibre

Sásraí gearáin a fheabhsú, smachtbhannaí in aghaidh foréigin agus ciaptha a mhéadú, oiliúint um chosc a chur ar fáil don bhainistíocht

Éagsúlacht

Oiliúint um éagsúlacht agus cuimsiú (lena n-áirítear breithnithe eitneachais), earcú spriocdhírithe ar ghrúpaí tearcionadaithe

Saothar leanaí

Bearta um fhíorú aoise, comhpháirtíochtaí le heagraíochtaí chun deireadh a chur le saothar leanaí, bearta in aghaidh na gcineálacha is measa den saothar leanaí

Saothar éignithe

Bearta lena n-áirithítear toiliú don fhostaíocht gan pionóis a bhagairt, conarthaí i dteanga shothuigthe, saoirse chun deireadh a chur le fostaíocht gan phionós, níor cheart go ndéanfaí oibleagáid de shaothar i mbearta smachta, toiliú saor ar ragobair, saoirse gluaiseachta (lena n-áirítear chun an áit oibre a fhágáil), déileáil chóir d’oibrithe imirceacha, faireachán ar ghníomhaireachtaí fostaíochta.




Foscríbhinn A.4

Ceanglas maidir le Cur i bhFeidhm le haghaidh ESRS S1-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú

Is dlúthchuid de ESRS S1 Lucht saothair dílis í an fhoscríbhinn seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán seo. Tacaíonn sí le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le Ceanglas maidir le Nochtadh ESRS S1-5 maidir le cúrsaí sóisialta agus cúrsaí a bhaineann le cearta an duine le samplaí de nochtaí:



Cúrsaí sóisialta agus cúrsaí a bhaineann le cearta an duine

Samplaí de spriocanna:

Fostaíocht shlán

An % den lucht saothair a bhfuil conarthaí fostaíochta acu a mhéadú (go háirithe conarthaí buana) agus cosaint shóisialta

Am oibre

An % den lucht saothair a bhfuil socruithe am solúbtha oibre acu

Pá leordhóthanach

A chinntiú go bhfaigheann gach duine ina lucht saothair féin pá leordhóthanach

Idirphlé sóisialta / comhairlí oibre a bheith ann / cearta oibrithe maidir le faisnéis, comhairliúchán agus rannpháirtíocht

An t-idirphlé sóisialta a shíneadh chuig tuilleadh bunaíochtaí agus/nó tíortha

Saoirse comhlachais/Cómhargáil lena n-áirítear an ráta oibrithe atá cumhdaithe ag comhaontuithe comhchoiteanna

An % den lucht saothair féin a chumhdaítear leis an gcómhargáil a mhéadú, comhaontuithe cómhargála a chaibidliú maidir le saincheisteanna inbhuanaitheachta

Cothromaíocht oibre is saoil

Bearta oibre is saoil a leathnú chuig % níos mó den lucht saothair féin

Sláinte agus sábháilteacht

An ráta gortuithe agus am oibre a chailltear de bharr gortuithe a laghdú

►C1  Comhionannas inscne agus pá comhionann ar obair arb ionann a luach  ◄

An % de mhná sa lucht saothair agus in ardbhainistíocht a mhéadú, an bhearna phá fireann-baineann a laghdú

Oiliúint agus forbairt scileanna

An % d’fhostaithe a mhéadú a fhaigheann oiliúint agus athbhreithnithe rialta um fhorbairt scileanna

Daoine faoi mhíchumas a fhostú agus a chuimsiú

An % daoine faoi mhíchumas sa lucht saothair dílis a mhéadú

Bearta in aghaidh foréigin agus ciaptha san ionad oibre

Bearta a shíneadh chuig gach ionad oibre

Éagsúlacht

An % daoine i ngrúpaí tearcionadaithe sa lucht saothair dílis agus san ardbhainistíocht a mhéadú

Saothar leanaí

Síneadh a chur le bearta chun nochtadh daoine óga ar obair ghuaiseacha a chosc chuig % níos mó d’oibríochtaí

Saothar éignithe

Bearta chun saothar éignithe a chosc a leathnú chun níos mó oibríochtaí a chumhdach

ESRS S2

OIBRITHE SA SLABHRA LUACHA

CLÁR ÁBHAR

Cuspóir

Idirghníomhaíocht le ESRS eile

Ceanglais maidir le Nochtadh

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

Straitéis

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S2-1 — Beartais a bhaineann le hoibrithe slabhra luacha

Ceanglas maidir le Nochtadh S2-2 — Próisis rannpháirtíochta le hoibrithe slabhra luacha maidir le tionchair

Ceanglas maidir le Nochtadh S2-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le hoibrithe slabhra luacha ábhair imní a chur in iúl

►C1  Ceanglas maidir le Nochtadh S2-4 – Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar oibrithe slabhra luacha, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le oibrithe slabhra luacha, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin ◄

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S2-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú

Foscríbhinn A:

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm (AR)

Cuspóir

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

Straitéis

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S2-1 — Beartais a bhaineann le hoibrithe slabhra luacha

Ceanglas maidir le Nochtadh S2-2 — Próisis rannpháirtíochta le hoibrithe slabhra luacha maidir le tionchair

Ceanglas maidir le Nochtadh S2-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le hoibrithe slabhra luacha ábhair imní a chur in iúl

Ceanglas maidir le Nochtadh S2-4 — Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar oibrithe slabhra luacha, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le oibrithe slabhra luacha, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S2-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú

Cuspóir

1. Is é is cuspóir don Chaighdeán seo ceanglais maidir le nochtadh a shonrú lena gcuirfear ar a gcumas d’úsáideoirí an ráitis inbhuanaitheachta tuiscint a fháil ar thionchair ábhartha ar oibrithe sa slabhra luacha a bhfuil baint acu le hoibríochtaí dílse agus slabhra luacha an ghnóthais, lena n-áirítear trína tháirgí nó trína sheirbhísí, agus trína chaidrimh ghnó, agus na rioscaí agus na deiseanna ábhartha gaolmhara a bhaineann leis, lena n-áirítear:

(a) 

conas a dhéanann an gnóthas difear dá oibrithe ina shlabhra luacha, i dtéarmaí na dtionchar ábhartha — idir dhearfach agus diúltach, idir iarbhír agus fhéideartha — atá aige;

(b) 

aon ghníomhaíocht a dhéantar, agus toradh na ngníomhaíochtaí sin, chun tionchair dhiúltacha iarbhír nó fhéideartha a chosc, a mhaolú nó a leigheas, agus chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí agus deiseanna;

(c) 

nádúr, cineál agus méid rioscaí agus dheiseanna ábhartha an ghnóthais, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann lena thionchair agus lena spleáchais ar oibrithe sa slabhra luacha, agus an chaoi a mbainistíonn an gnóthas iad; agus

(d) 

na héifeachtaí airgeadais ar an ngnóthas a bhaineann le rioscaí agus deiseanna ábhartha sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as tionchair agus as spleáchais an ghnóthais ar oibrithe sa slabhra luacha.

2. Chun an cuspóir a bhaint amach, éilíonn an Caighdeán seo míniú ar an gcur chuige ginearálta a ghlacann an gnóthas chun aon tionchar ábhartha iarbhír agus féideartha ar oibrithe sa slabhra luacha a shainaithint agus a bhainistiú i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a) 

dálaí oibre (mar shampla, fostaíocht shlán, am oibre, pá leordhóthanach, idirphlé sóisialta, saoirse comhlachais, lena n-áirítear comhairlí fostaithe a bheith ann, cómhargáil, cothromaíocht oibre is saoil agus sláinte agus sábháilteacht);

(b) 

cóir chomhionann agus deiseanna comhionanna do chách (mar shampla, comhionannas inscne agus comhionann as obair ar comhionann a luach, oiliúint agus forbairt scileanna, fostaíocht agus cuimsiú daoine faoi mhíchumas, bearta in aghaidh foréigin agus ciaptha san áit oibre, agus éagsúlacht);

(c) 

cearta eile a bhaineann leis an obair (mar shampla, saothar leanaí, saothar éignithe, tithíocht leordhóthanach, uisce agus sláintíocht agus príobháideachas).

3. Éilítear leis an gCaighdeán seo freisin míniú ar an gcaoi ar féidir le tionchair den sórt sin, chomh maith le spleáchais an ghnóthais ar oibrithe sa slabhra luacha, rioscaí nó deiseanna ábhartha a chruthú don ghnóthas. Mar shampla, d’fhéadfadh tionchair dhiúltacha ar oibrithe slabhra luacha cur isteach ar oibríochtaí an ghnóthais (trí chustaiméirí ag diúltú a tháirgí a cheannach nó gníomhaireachtaí stáit ag gaibhniú a earraí) agus dochar a dhéanamh dá cháil. Os a choinne sin, le hurraim do chearta oibrithe agus do chláir thacaíochta ghníomhacha (mar shampla trí thionscnaimh litearthachta airgeadais), is féidir deiseanna gnó a chruthú, amhail soláthar níos iontaofa nó leathnú ar an mbonn tomhaltóirí a bheidh ann amach anseo.

4. Cumhdaítear leis an gCaighdeán seo na hoibrithe uile i slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach an ghnóthais a bhfuil tionchar ábhartha ag an ngnóthas orthu nó ar féidir tionchar ábhartha a bheith ag an ngnóthas orthu, lena n-áirítear tionchair a bhaineann le hoibríochtaí dílse agus le slabhra luacha an ghnóthais, lena n-áirítear trína tháirgí nó trína sheirbhísí, agus trína chaidrimh ghnó. Áirítear leis sin na hoibrithe uile nach bhfuil san áireamh i raon feidhme ‘lucht saothair dílis’ (‘lucht saothair dílis’ lena n-áirítear fostaithe, conraitheoirí aonair, i.e. oibrithe féinfhostaithe, agus oibrithe arna soláthar ag gnóthais tríú páirtí atá ag gabháil go príomha do ‘ghníomhaíochtaí fostaíochta’). Tá lucht saothair dílis cumhdaithe in ESRS S1 Lucht saothair dílis. Féach AR 3 le haghaidh samplaí dá bhfuil san áireamh i raon feidhme an Chaighdeáin seo.

Idirghníomhaíocht le ESRS eile

5. Tá feidhm ag an gCaighdeán seo nuair a shainaithnítear tionchair ábhartha ar oibrithe sa slabhra luacha agus/nó rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le hoibrithe sa slabhra luacha tríd an bpróiseas measúnaithe ábharthachta a leagtar amach in ESRS 2 Nochtaí ginearálta.

6. Léifear an Caighdeán seo i gcomhar le ESRS 1 Ceanglais ghinearálta, agus ESRS 2, chomh maith le ESRS S1, ESRS S3 Pobail dá ndéantar difear agus ESRS S4 Tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh.

7. Beidh an tuairisciú faoin gCaighdeán seo comhsheasmhach, comhleanúnach agus, i gcás inarb ábhartha, nasctha go soiléir le tuairisciú ar lucht saothair dílis an ghnóthais faoi ESRS S1, chun tuairisciú éifeachtach a áirithiú.

Ceanglais maidir le Nochtadh

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

8. Ba cheart ceanglais na roinne seo a léamh i gcomhar leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2 maidir le Straitéis (SBM). Déanfar na nochtaí a thiocfaidh as sin a chur i láthair in éineacht leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2, cé is moite de SBM-3 Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó, a bhfuil sé de rogha ag an ngnóthas nochtaí a chur i láthair ina leith in éineacht leis an nochtadh topaicshonrach.

Straitéis

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara

9. Agus an gnóthas ag freagairt do ESRS 2 SBM-2 mír 43, nochtfaidh sé conas a d’fhéadfadh tionchar ábhartha a bheith ag an ngnóthas ar leasanna, tuairimí agus cearta a oibrithe sa slabhra luacha, lena n-áirítear urraim dá gcearta daonna, agus bonn eolais a chur faoina straitéis agus a shamhail ghnó. Is grúpa tábhachtach páirtithe leasmhara dá ndéantar difear iad oibrithe sa slabhra luacha.

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó

10. Agus an gnóthas ag freagairt do ESRS 2 SBM-3 mír 48, nochtfaidh sé an méid seo a leanas:

(a) 

maidir leis na tionchair iarbhír agus fhéideartha ar oibrithe sa slabhra luacha, mar a shainaithnítear in ESRS 2 IRO-1 Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú, cé acu is fíor nó nach fíor an méid seo a leanas, agus conas atá sé sin amhlaidh: (i) gur de thionscnamh straitéis agus shamhlacha gnó an ghnóthais iad nó go bhfuil baint acu leo, agus (ii) go gcuireann siad bonn eolais faoi straitéis agus faoi shamhail ghnó an ghnóthais agus go rannchuidíonn siad lena n-oiriúnú; agus

(b) 

ar thaobh amháin, an gaol idir na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a eascraíonn as tionchair agus as spleáchais ar oibrithe sa slabhra luacha, agus ar an taobh eile, a straitéis agus a shamhail ghnó.

11. Agus ceanglais mhír ESRS 2 SBM-3 mír 48 á gcomhlíonadh aige, nochtfaidh an gnóthas cé acu atá nó nach bhfuil na hoibrithe uile sa slabhra luacha ar dócha go mbeidh tionchar ábhartha ag an ngnóthas orthu, lena n-áirítear tionchair a bhaineann le hoibríochtaí dílse agus slabhra luacha an ghnóthais, lena n-áirítear trína tháirgí nó trína sheirbhísí, agus trína chaidrimh ghnó, san áireamh i raon feidhme a nochta faoi ESRS 2. Thairis sin, nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas:

(a) 

tuairisc ghairid ar na cineálacha oibrithe sa slabhra luacha a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith ag an ngnóthas orthu, lena n-áirítear tionchair a bhaineann le hoibríochtaí dílse agus le slabhra luacha an ghnóthais, lena n-áirítear trína tháirgí nó trína sheirbhísí, agus trína chaidrimh ghnó, agus a shonrú an:

i. 

oibrithe atá ag obair ar láithreán an ghnóthais iad ach nach cuid dá lucht saothair dílis iad, i.e. nach oibrithe féinfhostaithe iad ná oibrithe arna soláthar ag gnóthais tríú páirtí atá ag gabháil go príomha do ghníomhaíochtaí fostaíochta (a chumhdaítear le ESRS S1);

ii. 

ar fostaithe iad atá ag obair d’eintitis i slabhra luacha réamhtheachtach an ghnóthais (e.g., iad sin atá páirteach in eastóscadh miotal nó mianraí nó i mbuaint tráchtearraí, i scagadh, monaraíocht nó foirmeacha eile próiseála);

iii. 

ar fostaithe iad atá ag obair d’eintitis i slabhra luacha iartheachtach an ghnóthais (e.g., iad sin atá páirteach i ngníomhaíochtaí lóistíochta nó saincheadúnaithe, miondíoltóirí);

iv. 

ar fostaithe iad atá ag obair in oibríochtaí comhfhiontair nó meán sainchuspóireacha lena mbaineann an gnóthas tuairiscithe;

v. 

oibrithe (laistigh de na catagóirí roimhe seo nó sa bhreis air sin) atá an-leochaileach maidir le tionchair dhiúltacha bíodh sin mar gheall ar a saintréithe bunúsacha nó mar gheall ar an gcomhthéacs ar leith, amhail ceardchumannaithe, oibrithe imirceacha, oibrithe baile, mná nó oibrithe óga.

(b) 

aon limistéar geografach, ar leibhéal na tíre nó ar leibhéil eile, nó tráchtearraí a bhfuil riosca suntasach ann maidir le saothar leanaí, nó saothar éignithe nó saothar éigeantach ina leith, i measc oibrithe i slabhra luacha an ghnóthais ( 104 );

(c) 

i gcás tionchair dhiúltacha ábhartha, bíodh siad (i) forleathan nó sistéamach i gcomhthéacsanna ina n-oibríonn an gnóthas nó ina bhfuil foinsiú nó caidrimh ghnó eile ag an ngnóthas (e.g. saothar leanaísaothar éignithe, go háirithe slabhraí soláthair tráchtearraí i dtíortha nó i réigiúin shonracha), nó (ii) a bhaineann le teagmhais aonair (e.g. tionóisc thionsclaíochta nó doirteadh ola) nó le caidrimh ghnó shonracha. Áirítear leis sin breithniú ar thionchair ar oibrithe slabhra luacha a d’fhéadfadh eascairt as an aistriú chuig oibríochtaí níos glaise agus chuig oibríochtaí aeráidneodracha. I measc na dtionchar a d’fhéadfadh a bheith ann tá tionchair a bhaineann le nuálaíocht agus athstruchtúrú, mianaigh a dhúnadh, mianadóireacht mhéadaithe ar mhianraí atá ag teastáil don aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe, agus táirgeadh painéal gréine;

(d) 

i gcás tionchair dhearfacha ábhartha, tuairisc ghairid ar na gníomhaíochtaí a mbíonn tionchar dearfach acu (e.g., cleachtais cheannaigh nuashonraithe, fothú acmhainneachta d’oibrithe sa slabhra soláthair), lena n-áirítear deiseanna a chur ar fáil don lucht saothair amhail cruthú post agus uas-sciliú i gcomhthéacs ‘aistriú cóir’, agus na cineálacha oibrithe sa slabhra luacha a ndéantar difear dearfach dóibh nó a bhféadfaí difear dearfach a dhéanamh dóibh; féadfaidh an gnóthas a nochtadh freisin an dtarlaíonn na tionchair dhearfacha i dtíortha sonracha nó i réigiúin shonracha; agus

(e) 

aon riosca agus deis ábhartha don ghnóthas a eascraíonn as tionchair agus as spleáchais ar oibrithe sa slabhra luacha.

12. Agus cur síos á dhéanamh aige ar na príomhchineálacha oibrithe sa slabhra luacha a ndéantar difear diúltach dóibh nó a bhféadfaí difear diúltach a dhéanamh dóibh, bunaithe ar an measúnú ábharthachta a leagtar amach in ESRS 2 IRO-1, nochtfaidh an gnóthas cé acu a d’fhorbair nó nár fhorbair sé tuiscint agus an chaoi ar fhorbair sé tuiscint ar conas a d’fhéadfadh oibrithe a bhfuil saintréithe ar leith acu, iad siúd atá ag obair i gcomhthéacsanna ar leith, nó iad siúd a thugann faoi ghníomhaíochtaí ar leith, a bheith i mbaol níos mó díobhála.

13. Nochtfaidh an gnóthas cé na rioscaí agus na deiseanna ábhartha dá chuid a eascraíonn as tionchair agus as spleáchais ar a oibrithe sa slabhra luacha, más ann dóibh, a bhaineann le grúpaí sonracha oibrithe sa slabhra luacha (mar shampla, aoisghrúpaí áirithe, oibrithe i monarcha nó i dtír ar leith) seachas le hoibrithe uile an tslabhra luacha.

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S2-1 — Beartais a bhaineann le hoibrithe slabhra luacha

14. Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar a bheartais arna nglacadh chun a thionchair ábhartha ar oibrithe sa slabhra luacha a bhainistiú, chomh maith le rioscaí agus deiseanna ábhartha gaolmhara.

15. Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar a mhéid atá beartais ag an ngnóthas lena dtugtar aghaidh ar thionchair ábhartha ar oibrithe sa slabhra luacha go sonrach a shainaithint, a mheasúnú, a bhainistiú agus/nó a leigheas, chomh maith le beartais lena gcumhdaítear rioscaídeiseanna ábhartha a bhaineann le hoibrithe sa slabhra luacha.

16. Beidh sa nochtadh a cheanglaítear le mír 14 an fhaisnéis faoi bheartais an ghnóthais chun a thionchair, a rioscaí agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann le hoibrithe sa slabhra luacha a bhainistiú i gcomhréir le ESRS 2 MDR-P Beartais arna nglacadh chun ábhair inbhuanaitheachta ábhartha a bhainistiú. Ina theannta sin, sonróidh an gnóthas an gcumhdaítear leis na beartais sin grúpaí sonracha oibrithe sa slabhra luacha nó na hoibrithe uile sa slabhra luacha.

17. Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar a ghealltanais bheartais maidir le cearta an duine ( 105 ) atá ábhartha d’oibrithe sa slabhra luacha, lena n-áirítear na próisis agus na sásraí sin chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, Dearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair nó Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta ( 106 ). Díreoidh sé, ina nochtadh, ar na hábhair sin atá ábhartha i ndáil leis an méid seo a leanas, chomh maith lena chur chuige ginearálta maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

urraim do chearta an duine, lena n-áirítear cearta saothair oibrithe;

(b) 

rannpháirtíocht le hoibrithe slabhra luacha; agus

(c) 

bearta chun leigheas ar thionchair ar chearta an duine a chur ar fáil agus/nó a chumasú.

18. Luafaidh an gnóthas cé acu a thugann nó nach dtugann a bheartais i ndáil le hoibrithe sa slabhra luacha aghaidh go sainráite ar gháinneáil ar dhaoine ( 107 ), ar shaothar éignithe nó ar shaothar éigeantach agus ar shaothar leanaí. Luafaidh sé freisin cé acu atá nó nach bhfuil cód iompair soláthróra ( 108 ) ag an ngnóthas.

19. Nochtfaidh an gnóthas cé acu atá nó nach bhfuil a chuid beartas maidir le hoibrithe sa slabhra luacha ailínithe le hionstraimí a aithnítear go hidirnáisiúnta agus atá ábhartha d’oibrithe slabhra luacha, lena n-áirítear Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe (NA) maidir le Gnó agus Cearta an Duine, agus conas atá siad ailínithe leis na hionstraimí sin ( 109 ). Nochtfaidh an gnóthas freisin a mhéid a tuairiscíodh cásanna nach n-urramaítear Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, Dearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair nó Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta lena mbaineann oibrithe sa slabhra luacha ina slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach agus, más infheidhme, léiriú ar chineál na gcásanna sin ( 110 ).

Ceanglas maidir le Nochtadh S2-2 — Próisis rannpháirtíochta le hoibrithe slabhra luacha maidir le tionchair

20. Nochtfaidh an gnóthas a phróisis ghinearálta chun rannpháirtíocht a dhéanamh le hoibrithe sa slabhra luacha agus lena n-ionadaithe faoi na tionchair iarbhír agus na tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu orthu.

21. Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a chumasú i dtaobh cé acu a bhíonn nó nach mbíonn an gnóthas ag déanamh rannpháirtíocht, mar chuid dá phróiseas leanúnach díchill chuí, le hoibrithe sa slabhra luacha agus lena n-ionadaithe dlisteanacha, nó le hionadaithe inchreidte, agus ar an gcaoi a mbíonn a ndéanann sé sin, maidir le tionchair ábhartha iarbhír agus fhéideartha dhearfacha agus/nó dhiúltacha a dhéanann difear dóibh nó ar dócha go ndéanfaidh siad difear dóibh, agus cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear peirspictíochtaí oibrithe slabhra luacha san áireamh i bpróisis chinnteoireachta an ghnóthais agus conas a chuirfear san áireamh iad.

22. Nochtfaidh an gnóthas cé acu a dhéanann nó nach ndéanann peirspictíochtaí ó na hoibrithe sa slabhra luacha eolas dá chinntí nó dá ghníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh na tionchair iarbhír agus fhéideartha ar oibrithe sa slabhra luacha a bhainistiú agus nochtfaidh sé conas a dhéantar sin. Áireofar leis sin, i gcás inarb ábhartha, míniú ar an méid seo a leanas:

(a) 

cé acu a dhéantar nó nach ndéantar rannpháirtíocht go díreach le hoibrithe sa slabhra luacha nó lena n-ionadaithe dlisteanacha, nó le hionadaithe inchreidte a bhfuil léargas acu ar a staid;

(b) 

an chéim (na céimeanna) ag a dtarlaíonn an rannpháirtíocht, an cineál rannpháirtíochta agus minicíocht na rannpháirtíochta;

(c) 

an fheidhm agus an ról is sinsearaí sa ghnóthas ag a bhfuil freagracht oibríochtúil as a áirithiú go dtarlaíonn an rannpháirtíocht sin, agus go dtugann na torthaí bonn eolais do chur chuige an ghnóthais;

(d) 

i gcás inarb infheidhme, Creat-Chomhaontuithe Domhanda nó le haghaidh comhaontuithe atá ag an ngnóthas le cónaidhmeanna ceardchumann domhanda a bhaineann le hurraim do chearta an duine oibrithe sa slabhra luacha, lena n-áirítear a gceart cómhargála, agus lena n-áirítear míniú ar an gcaoi a chuirtear ar a chumas don ghnóthas léargas a fháil ar pheirspictíochtaí na n-oibrithe sin leis an gcomhaontú; agus

(e) 

i gcás inarb infheidhme, conas a dhéanann an gnóthas measúnú ar éifeachtacht a rannpháirtíochta le hoibrithe sa slabhra luacha, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, aon chomhaontú nó aon toradh a leanann aisti.

23. I gcás inarb infheidhme, nochtfaidh an gnóthas na bearta a dhéanann sé chun léargas a fháil ar dhearcthaí oibrithe a bhféadfadh leochaileacht ar leith do thionchair a bheith ag baint leo agus/nó oibrithe a d’fhéadfadh a bheith imeallaithe (oibrithe baineanna, oibrithe imirceacha, oibrithe faoi mhíchumas, mar shampla).

24. Mura féidir leis an ngnóthas an fhaisnéis a cheanglaítear thuas a nochtadh toisc nár ghlac sé próiseas ginearálta chun rannpháirtíocht a dhéanamh le hoibrithe sa slabhra luacha, nochtfaidh sé gurb amhlaidh an cás. Féadfaidh sé tráthchlár a nochtadh faoina bhfuil sé ag féachaint le próiseas den sórt sin a bheith i bhfeidhm.

Ceanglas maidir le Nochtadh S2-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le hoibrithe slabhra luacha ábhair imní a chur in iúl

25. Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar na próisis atá i bhfeidhm aige chun foráil a dhéanamh maidir leis na tionchair dhiúltacha ar oibrithe sa slabhra luacha a bhfuil baint ag an ngnóthas leo a fheabhsú nó chun comhoibriú d’fhonn na tionchair sin a fheabhsú, chomh maith leis na bealaí atá ar fáil d’oibrithe sa slabhra luacha chun ábhair imní a tharraingt suas agus chun aghaidh a thabhairt orthu.

26. Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a chumasú ar na modhanna foirmiúla trínar féidir le hoibrithe sa slabhra luacha a n-imní agus a riachtanais a chur in iúl go díreach don ghnóthas agus/nó trína dtacaíonn an gnóthas le hinfhaighteacht bealaí den sórt sin (mar shampla, sásraí casaoide) in ionad oibre oibrithe sa slabhra luacha, conas a dhéantar obair leantach leis na hoibrithe sin maidir leis na saincheisteanna a tarraingíodh suas, agus éifeachtacht na mbealaí sin.

27. Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:

(a) 

a chur chuige ginearálta agus a phróisis maidir le leigheas a sholáthar nó rannchuidiú leis i gcás ina raibh tionchar diúltach ábhartha ar oibrithe sa slabhra luacha mar thoradh air nó inar rannchuidigh sé leis, lena n-áirítear cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an gnóthas measúnú go bhfuil an leigheas atá á sholáthar éifeachtach agus conas a dhéanann sé an measúnú sin;

(b) 

aon bhealach sonrach atá i bhfeidhm aige chun go gcuirfidh oibrithe an tslabhra luacha a n-ábhair imní nó a riachtanais in iúl go díreach don ghnóthas agus chun go dtabharfar aghaidh orthu, lena n-áirítear cé acu an é an gnóthas féin a bhunaíonn iad agus/nó an sásraí tríú páirtí iad;

(c) 

na próisis trína dtacaíonn sé le bealaí den sórt sin a bheith ar fáil in ionad oibre oibrithe sa slabhra luacha nó lena n-éilíonn sé é sin; agus

(d) 

an chaoi a rianaítear agus a ndéanann sé faireachán ar shaincheisteanna a tharraingítear suas agus a dtugtar aghaidh orthu, agus conas a áirithíonn sé éifeachtacht na mbealaí, é san áireamh trí rannpháirtíocht páirtithe leasmhara arb iad na húsáideoirí beartaithe iad.

28. Nochtfaidh an gnóthas cé acu a dhéanann nó nach ndéanann sé measúnú go bhfuil oibrithe sa slabhra luacha ar an eolas faoi na struchtúir nó na próisis sin agus go bhfuil muinín acu astu mar bhealach chun a n-ábhair imní nó a riachtanais a chur in iúl le go dtabharfar aghaidh orthu, agus conas a dhéanann sé an measúnú sin. Ina theannta sin, nochtfaidh an gnóthas an bhfuil beartais i bhfeidhm aige maidir le daoine aonair a úsáideann iad a chosaint ar fhrithbheart. Má nochtadh an fhaisnéis sin i gcomhréir le ESRS G1-1, féadfaidh an gnóthas tagairt a dhéanamh don fhaisnéis sin.

29. Mura féidir leis an ngnóthas an fhaisnéis a cheanglaítear thuas a nochtadh toisc nár ghlac sé bealach chun ábhair imní a chur in iúl agus/nó toisc nach dtacaíonn sé le bealach den sórt sin a bheith ar fáil san ionad oibre dá oibrithe slabhra luacha, nochtfaidh sé gurb amhlaidh an cás. Féadfaidh sé tráthchlár a nochtadh faoina bhfuil sé ag féachaint le bealach nó próisis den sórt sin a bheith i bhfeidhm.

Ceanglas maidir le Nochtadh S2-4 — Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar oibrithe slabhra luacha, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le oibrithe slabhra luacha, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin

30. Nochtfaidh an gnóthas conas a dhéanann sé beart chun aghaidh a thabhairt ar thionchair ábhartha ar oibrithe sa slabhra luacha, agus chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú a bhaineann le hoibrithe sa slabhra luacha agus le héifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin.

31. Tá dhá chuspóir ag an gCeanglas seo maidir le Nochtadh. Ar an gcéad dul síos, beifear in ann tuiscint a fháil ar aon ghníomhaíochtaí nó tionscnaimh trína bhféachann an gnóthas leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

na tionchair dhiúltacha ábhartha ar oibrithe sa slabhra luacha a chosc, a mhaolú agus a leigheas; agus/nó

(b) 

tionchair dhearfacha ábhartha a bhaint amach d’oibrithe sa slabhra luacha.

Ar an dara dul síos, beifear in ann tuiscint a fháil ar na bealaí ina bhfuil an gnóthas ag dul i ngleic leis na rioscaí ábhartha agus ag saothrú na ndeiseanna ábhartha a bhaineann le hoibrithe sa slabhra luacha.

Soláthróidh an gnóthas tuairisc achomair ar na pleananna gníomhaíochta agus ar na hacmhainní chun a thionchair, a rioscaí agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann le hoibrithe sa slabhra soláthair a bhainistiú de réir ESRS 2 MDR-A Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta.

32. I ndáil le tionchair ábhartha, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:

(a) 

gníomhaíochtaí a rinneadh, atá beartaithe nó atá ar bun chun tionchair dhiúltacha ábhartha ar oibrithe sa slabhra soláthair a chosc nó a mhaolú;

(b) 

cé acu a rinne nó nach ndearna sé gníomh chun leigheas a sholáthar nó a chumasú i ndáil le hiarmhairt iarbhír ábhartha, agus an chaoi a ndearna sé é sin;

(c) 

aon ghníomhaíocht nó tionscnamh breise atá i bhfeidhm aige a bhfuil sé de phríomhchuspóir aici/aige tionchar dearfach a imirt ar oibrithe sa slabhra luacha; agus

(d) 

conas a rianaíonn agus a ndéanann sé measúnú ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí agus na dtionscnamh sin maidir le torthaí beartaithe a bhaint amach d’oibrithe sa slabhra luacha.

33. I ndáil le mír 30, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:

(a) 

na próisis trína sainaithnítear an ghníomhaíocht is gá agus is iomchuí mar fhreagairt ar thionchar diúltach iarbhír nó féideartha ar leith ar oibrithe sa slabhra luacha;

(b) 

a chur chuige maidir le gníomhaíocht a dhéanamh i ndáil le tionchair dhiúltacha ábhartha shonracha ar oibrithe sa slabhra luacha, lena n-áirítear aon ghníomhaíocht i ndáil lena cheannacháin féin nó le cleachtais inmheánacha eile, chomh maith le fothú acmhainneachta nó cineálacha eile rannpháirtíochta le heintitis sa slabhra luacha, nó cineálacha gníomhaíochta comhoibríche le piaraí sa tionscal nó le páirtithe ábhartha eile; agus

(c) 

conas a áirithíonn sé go bhfuil próisis chun leigheas a sholáthar nó a chumasú i gcás tionchair dhiúltacha ábhartha ar fáil agus éifeachtach ina gcur chun feidhme agus ina dtorthaí.

34. I ndáil le rioscaí agus deiseanna ábhartha, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:

(a) 

an ghníomhaíocht atá beartaithe nó atá ar bun chun rioscaí ábhartha a mhaolú don ghnóthas a eascraíonn as a thionchair agus a spleáchais ar oibrithe sa slabhra luacha agus conas a rianaíonn sé éifeachtacht sa chleachtas; agus

(b) 

cén ghníomhaíocht atá beartaithe nó ar siúl chun deiseanna ábhartha a shaothrú don ghnóthas i ndáil lena oibrithe slabhra luacha.

35. Nochtfaidh an gnóthas cé acu a dhéanann nó nach ndéanann sé bearta, agus conas a dhéanann sé beart, chun nach mbeidh sé ina chúis le tionchair dhiúltacha ábhartha ar oibrithe sa slabhra luacha nó nach rannchuideoidh sé leis sin trína chleachtais féin, é san áireamh, i gcás inarb ábhartha, i ndáil le soláthar, díolacháin agus úsáid sonraí. D’fhéadfaí a áireamh leis sin nochtadh a dhéanamh ar an gcur chuige a ghlactar nuair a thagann teannas chun cinn idir tionchair dhiúltacha ábhartha a chosc nó a mhaolú agus brúnna gnó eile.

36. Nochtfaidh an gnóthas freisin cé acu ar tuairiscíodh nó nár tuairiscíodh saincheisteanna tromchúiseacha maidir le cearta an duine agus teagmhais thromchúiseacha a bhaineann lena shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach agus, más infheidhme, nochtfaidh sé iad sin ( 111 ).

37. Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 32 (c) á nochtadh ag an ngnóthas, breithneoidh an gnóthas ESRS 2 (féach ESRS 2 MDR-T Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna) má dhéanann sé meastóireacht ar éifeachtacht gníomhaíochta trí sprioc a leagan síos.

38. Nochtfaidh an gnóthas cad iad na hacmhainní a leithdháiltear ar bhainistiú a thionchar ábhartha, mar aon le faisnéis a chuireann ar a gcumas d’úsáideoirí tuiscint a fháil ar an gcaoi a mbainistítear na tionchair ábhartha.

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S2-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú

39. Nochtfaidh an gnóthas na spriocanna atá faoi cheangal ama agus dírithe ar thorthaí a d’fhéadfadh a bheith socraithe aige agus a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a) 

tionchair dhiúltacha ar oibrithe slabhra luacha a laghdú; agus/nó

(b) 

tionchair dhearfacha ar oibrithe slabhra luacha a chur ar aghaidh; agus/nó

(c) 

bainistíocht a dhéanamh ar rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le hoibrithe slabhra luacha.

40. Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a chumasú ar a mhéid atá spriocanna atá faoi cheangal ama agus dírithe ar thorthaí á n-úsáid ag an ngnóthas chun a dhul chun cinn a spreagadh agus a thomhas maidir le haghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha ábhartha, agus/nó tionchair dhearfacha ar oibrithe sa slabhra luacha a chur chun cinn, agus/nó rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le hoibrithe sa slabhra luacha a bhainistiú.

41. Beidh na ceanglais faisnéise a shainítear in ESRS 2 MDR-T sa tuairisc achoimre ar na spriocanna chun na tionchair ábhartha, na rioscaí agus na deiseanna a bhaineann le hoibrithe sa slabhra luacha a bhainistiú.

42. Nochtfaidh an gnóthas an próiseas chun na spriocanna a shocrú, lena n-áirítear cé acu atá nó nach bhfuil an gnóthas ag déanamh rannpháirtíocht go díreach le hoibrithe sa slabhra luacha, lena n-ionadaithe dlisteanacha, nó le hionadaigh inchreidte a bhfuil léargas acu ar a staid sna nithe seo a leanas agus conas a dhéanann sé sin:

(a) 

aon sprioc den sórt sin a leagan síos;

(b) 

feidhmíocht an ghnóthais ina gcoinne a rianú; agus

(c) 

aon cheacht nó aon fheabhsú de thoradh fheidhmíocht an ghnóthais a shainaithint.




Foscríbhinn A

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm

Tá an t-aguisín seo ina dhlúthchuid de ESRS S2 Oibrithe sa slabhra luacha. Tacaíonn sé le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le nochtadh a leagtar amach sa chaighdeán seo agus tá an t-údarás céanna aige agus atá ag na codanna eile de ESRS S2.

Cuspóir

AR 1. Sa bhreis ar na saincheisteanna a liostaítear i mír 2, féadfaidh an gnóthas breithniú a dhéanamh freisin ar fhaisnéis a nochtadh faoi shaincheisteanna eile atá ábhartha do thionchar ábhartha ar feadh tréimhse ama níos giorra, mar shampla tionscnaimh maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe sa slabhra luacha le linn paindéime.

AR 2. Níl sé i gceist leis an bhforléargas ar chúrsaí sóisialta agus ar chúrsaí a bhaineann le cearta an duine dá bhforáiltear i mír 2 a thabhairt le tuiscint gur cheart na saincheisteanna sin go léir a nochtadh i ngach Ceanglas maidir le Nochtadh sa Chaighdeán sin. Ina ionad sin, cuirtear liosta ar fáil leis de na hábhair a bhreithneoidh an gnóthas ina mheasúnú ábharthachta (tagairt do ESRS 1 chaibidil 3 Ábharthacht dhúbailte mar bhonn ag nochtaí inbhuanaitheachta agus ESRS 2 IRO-1) a bhaineann le hoibrithe sa slabhra luacha agus, de réir mar is iomchuí, a nochtfaidh sé mar thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha laistigh de raon feidhme an Chaighdeáin seo.

AR 3. Seo a leanas samplaí d’oibrithe a thagann faoi raon feidhme an Chaighdeáin seo:

(a) 

oibrithe de sheirbhísí seachfhoinsithe ag obair in ionad oibre an ghnóthais (e.g., lónadóireacht tríú páirtí nó oibrithe slándála);

(b) 

oibrithe soláthróra a bhfuil conradh acu leis an ngnóthas a oibríonn ar áitreabh an tsoláthróra agus modhanna oibre an tsoláthróra á n-úsáid acu;

(c) 

oibrithe d’eintiteas ‘iartheachtach’ a cheannaíonn earraí nó seirbhísí ón ngnóthas;

(d) 

oibrithe soláthróra trealaimh don ghnóthas a dhéanann, in áit oibre arna rialú ag an ngnóthas, cothabháil thráthrialta ar threalamh an tsoláthróra (e.g., gléas fótachóipeála) mar a shonraítear sa chonradh idir an soláthróir trealaimh agus an gnóthas; agus

(e) 

oibrithe níos doimhne sa slabhra soláthair atá ag eastóscadh tráchtearraí a phróiseáiltear ina dhiaidh sin ina gcomhpháirteanna a théann i dtáirgí an ghnóthais.

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

Straitéis

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara

AR 4. Le Ceanglas maidir le Nochtadh ESRS 2 SBM-2 ceanglaítear ar an ngnóthas tuiscint a thabhairt maidir le cé acu a chuireann sé nó nach gcuireann sé san áireamh an ról a d’fhéadfadh a bheith ag a straitéis agus a shamhail ghnó maidir le tionchair mhóra ábhartha ar oibrithe sa slabhra luacha a chruthú, a ghéarú nó a mhaolú, agus ar conas a chuirtear sin san áireamh, agus maidir le cé acu a oiriúnaítear nó nach n-oiriúnaítear an tsamhail ghnó agus an straitéis ghnó chun aghaidh a thabhairt ar thionchair ábhartha den sórt sin, agus conas a dhéantar sin.

AR 5. Cé go bhféadfadh sé nach bhfuil oibrithe sa slabhra luacha ag déanamh rannpháirtíocht leis an ngnóthas ar leibhéal a straitéise nó a shamhla gnó, is féidir leis a dtuairimí eolas a dhéanamh do mheasúnú an ghnóthais ar a straitéis agus a shamhail ghnó. Féadfaidh an gnóthas tuairimí na n-oibrithe sa slabhra luacha agus ionadaithe na n-oibrithe sa slabhra luacha a nochtadh.

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó

AR 6. Is féidir le tionchair ar oibrithe sa slabhra luacha teacht as straitéis nó samhail ghnó an ghnóthais ar bhealaí éagsúla. Mar shampla, d’fhéadfadh tionchair a bheith bainteach le tairiscint luacha an ghnóthais (amhail táirgí nó seirbhísí ar an gcostas is ísle a sholáthar, nó seachadadh ardluais, ar bhealaí a chuireann brú ar chearta saothair sna slabhraí luacha réamhtheachtacha agus iartheachtacha), a shlabhra luacha (amhail a bheith ag brath ar thráchtearraí bunáitíochta doiléire, gan infheictheacht ar na tionchair ar oibrithe), nó a struchtúr costais agus an tsamhail ioncaim (e.g. riosca fardail a aistriú chuig soláthróirí, le héifeachtaí iarmhartacha ar chearta saothair a n-oibrithe).

AR 7. Is féidir le tionchair ar oibrithe sa slabhra luacha de thionscnamh na straitéise nó na samhla gnó rioscaí ábhartha a chruthú don ghnóthas freisin. Mar shampla, i gcomhthéacs paindéime nó géarghéarchéime sláinte eile, d’fhéadfadh rioscaí tromchúiseacha oibríochtúla agus leanúnachais gnó a bheith i ndán do ghnóthais a bhraitheann ar shaothar teagmhasach gan mórán rochtana ar chúram breoiteachta agus ar shochair sláinte toisc nach bhfuil aon rogha ag oibrithe ach leanúint de bheith ag obair agus iad breoite, rud a chuirfeadh le leathadh an ghalair agus le cliseadh mór sa slabhra soláthair. Sampla eile is ea an cás ina gcruthaítear rioscaí oibriúcháin trí earraí a dhíol ar na praghsanna is saoire do chustaiméirí toisc go bhféadfadh soláthróirí atá faoi bhrú as cuimse maidir le praghsanna táirgeadh a ligean ar fochonradh, rud a d’fhéadfadh cáilíocht níos ísle, agus slabhra soláthair níos faide, nach bhfuil chomh trédhearcach ná chomh hinrialaithe céanna teacht as. Tá méadú ag teacht freisin ar na rioscaí clú agus na rioscaí deiseanna gnó a bhaineann le dúshaothrú oibrithe ar bheagán oiliúna agus ar phá íseal i dtaca le limistéir gheografach a aimsiú ina bhfuil íoschosaintí dóibh agus tá frithfhreagairt meáin anois ann agus tá rogha na dtomhaltóirí ag bogadh i dtreo earraí a bhfuil bunús níos eiticiúla leo nó atá níos inbhuanaithe.

AR 8. Maidir le samplaí de shaintréithe áirithe oibrithe sa slabhra luacha a d’fhéadfadh an gnóthas a chur san áireamh agus iad ag freagairt do mhír 12, baineann siad le hoibrithe óga a d’fhéadfadh a bheith níos soghabhálaí i leith tionchair ar a bhforbairt fhisiceach agus mheabhrach, nó le hoibrithe ban i gcomhthéacs ina ndéantar idirdhealú rialta ar mhná i dtéarmaí agus i gcoinníollacha na hoibre, nó le hoibrithe imirceacha i gcomhthéacs nach ndéantar rialáil go dona ar mhargadh an tsoláthair saothair agus ina ngearrtar táillí earcaíochta ar oibrithe go tráthrialta. I gcás roinnt oibrithe, d’fhéadfadh an cineál gníomhaíochta is cuid dhílis den obair a gceanglaítear orthu a dhéanamh iad a chur i mbaol (e.g. oibrithe a gceanglaítear orthu ceimiceáin a láimhseáil nó trealamh áirithe a oibriú, nó oibrithe ar phá íseal a bhfuil conarthaí ‘gan íosmhéid uaireanta’ acu).

AR 9. Maidir le mír 13, d’fhéadfadh rioscaí ábhartha teacht chun cinn freisin mar gheall ar spleáchas an ghnóthais ar oibrithe sa slabhra luacha i gcás ina spreagfadh teagmhas a bhfuil dóchúlacht íseal ann go dtarlóidh sé ach a mbeadh ardtionchar aige éifeachtaí airgeadais; i gcás ina n-imreoidh paindéim dhomhanda, mar shampla, tionchair shláinte thromchúiseacha ar oibrithe ag gach céim den slabhra luacha as a leanann suaití móra ar tháirgeadh agus dáileadh. I measc na samplaí eile de riosca a bhaineann le spleáchas an ghnóthais ar oibrithe sa slabhra luacha tá ganntanas oibrithe oilte nó cinntí polaitiúla nó reachtaíochta a dhéanann difear d’oibrithe sa slabhra luacha atá ag obair do sholáthraithe lóistíochta. Mar shampla, má tá oibrithe áirithe i slabhra luacha an ghnóthais i mbaol saothar éignithe, agus má tá táirgí á n-allmhairiú ag an ngnóthas isteach i dtíortha ina gceadaítear faoin dlí earraí allmhairithe a bhfuil amhras fúthu go ndearnadh iad le saothar éigeantais a choigistiú.

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S2-1 — Beartais a bhaineann le hoibrithe slabhra luacha

AR 10. Má tá na beartais teoranta do lucht saothair dílis an ghnóthais agus mura gcumhdaíonn siad oibrithe in eintitis agus caidrimh réamhtheachtacha agus iartheachtacha, nochtfar iad faoi ESRS S1 agus ní i ndáil leis an gceanglas sin.

AR 11. Má áirítear faisnéis atá ábhartha d’oibrithe sa slabhra luacha sna nochtaí faoi ESRS S1, is féidir tagairt a dhéanamh dó sin anseo; comhlíonfar ansin nochtaí maidir leis na gnéithe eile faoin gCeanglas maidir leis an Nochtadh sin.

AR 12. Féadfaidh an gnóthas mínithe a nochtadh maidir le hathruithe móra ar na beartais a glacadh le linn na bliana tuairiscithe (e.g. ionchais nua do sholáthraithe, cuir chuige nua nó cuir chuige bhreise maidir le dícheall cuí agus leigheas).

AR 13. Féadfaidh an beartas a bheith i bhfoirm beartais aonair maidir le hoibrithe sa slabhra luacha nó féadfar é a áireamh i ndoiciméad níos leithne amhail cód eitice nó beartas inbhuanaitheachta ginearálta a nocht an gnóthas cheana mar chuid de ESRS eile. Sna cásanna sin, tabharfaidh an gnóthas crostagairt chruinn chun na gnéithe den bheartas a chomhlíonann ceanglais an Cheanglais seo maidir le Nochtadh a shainaithint.

AR 14. Agus ailíniú a chuid beartas le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine á nochtadh aige, measfaidh an gnóthas go dtagraíonn na Prionsabail Threoracha don Bhille Idirnáisiúnta um Chearta, arb é atá ann Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus an dá Chúnant lena gcuirtear chun feidhme é, chomh maith le Dearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Cearta Bunúsacha agus Prionsabail Bhunúsacha san Obair agus na croíchoinbhinsiúin atá ina mbonn leis, agus féadfaidh sé a ailíniú leis na hionstraimí sin a nochtadh.

AR 15. Agus an chaoi a bhfuil beartais sheachtracha leabaithe á nochtadh aige, féadfaidh an gnóthas, mar shampla, beartais inmheánacha maidir le foinsiú freagrach a chur san áireamh, agus ailíniú le beartais eile atá ábhartha d’oibrithe sa slabhra luacha, mar shampla, maidir le saothar éignithe. Maidir leis na cóid soláthróra a d’fhéadfadh a bheith ag an ngnóthas, léireofar san achoimre cé acu atá nó nach bhfuil forálacha iontu lena dtugtar aghaidh ar shábháilteacht oibrithe, obair fhorbhásach (mar shampla, úsáid oibrithe ar chonarthaí gearrthéarmacha nó ar chonarthaí uaireanta teoranta, oibrithe atá fostaithe trí thríú páirtithe, fochonraitheoireacht do thríú páirtithe nó úsáid oibrithe neamhfhoirmiúla), gáinneáil ar dhaoine, úsáid saothair éignithe nó saothair leanaí, agus cé acu atá nó nach bhfuil na forálacha sin i gcomhréir go hiomlán le caighdeáin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair is infheidhme.

AR 16. Féadfaidh an gnóthas léiriú a thabhairt ar na cineálacha cumarsáide maidir lena bheartais leis na daoine aonair sin, leis an ngrúpa daoine aonair sin nó leis na heintitis sin a bhfuil siad ábhartha ina leith, toisc go bhfuil coinne leis go gcuirfidh siad chun feidhme iad (mar shampla, fostaithe, conraitheoirí agus soláthróirí an ghnóthais), nó toisc go bhfuil leas díreach acu ina gcur chun feidhme (mar shampla, oibrithe dílse, infheisteoirí). Féadfaidh sé uirlisí agus bealaí cumarsáide a nochtadh (mar shampla, fógráin, nuachtlitreacha, suíomhanna gréasáin tiomnaithe, na meáin shóisialta, idirghníomhaíochtaí aghaidh ar aghaidh, ionadaithe oibrithe), arb é is aidhm dóibh a áirithiú go bhfuil an beartas inrochtana agus go dtuigeann lucht féachana éagsúil na himpleachtaí a bhaineann leis. Féadfaidh an gnóthas míniú a thabhairt freisin ar an gcaoi a n-aithníonn sé bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le scaipeadh, agus ar an gcaoi a gcuireann sé deireadh leo, amhail trí aistriúchán go teangacha ábhartha nó trí úsáid a bhaint as léirithe grafacha.

Ceanglas maidir le Nochtadh S2-2 — Próisis rannpháirtíochta le hoibrithe slabhra luacha maidir le tionchair

AR 17. Nuair a thugtar tuairisc ar an bhfeidhm nó ar an ról ag a bhfuil freagracht oibríochtúil as an rannpháirtíocht sin agus/nó cuntasacht deiridh, féadfaidh an gnóthas a nochtadh an ról tiomnaithe nó feidhm thiomnaithe é sin nó cuid de ról nó feidhm níos leithne, agus cé acu a cuireadh nó nár cuireadh aon ghníomhaíocht fothaithe acmhainneachta ar fáil d’fhonn tacú leis an bhfoireann chun dul i mbun rannpháirtíochta. Mura féidir leis post nó feidhm den sórt sin a aithint, féadfaidh sé a rá gurb amhlaidh atá. D’fhéadfaí an nochtadh sin a chomhlíonadh freisin trí thagairt a dhéanamh d’fhaisnéis arna nochtadh de réir ESRS 2 GOV-1 Ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta.

AR 18. Agus na nochtaí a dtugtar tuairisc orthu i mír 22 b) agus c) á n-ullmhú aige, féadfar na léirithe seo a leanas a bhreithniú:

(a) 

is samplaí de chéimeanna ina dtarlaíonn rannpháirtíocht iad i) an cur chuige maidir le maolú a chinneadh agus ii) meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht an mhaolaithe;

(b) 

i gcás an chineáil rannpháirtíochta, d’fhéadfadh rannpháirtíocht, comhairliúchán agus/nó faisnéis a bheith ann;

(c) 

i gcás mhinicíocht na rannpháirtíochta, féadfar faisnéis a sholáthar maidir le cé acu a dhéantar nó nach ndéantar rannpháirtíocht ar bhonn tráthrialta, ag pointí áirithe i dtionscadal nó i bpróiseas gnó, nuair a thosaíonn séasúr nua buainte, mar shampla, nó nuair a osclaítear líne nua táirgeachta, agus cé acu mar fhreagairt ar cheanglais dlí agus/nó mar fhreagairt ar iarrataí ó pháirtithe leasmhara a dhéantar í agus cé acu a chomhtháthaítear nó nach gcomhtháthaítear toradh na rannpháirtíochta i bpróisis chinnteoireachta an ghnóthais; agus

(d) 

maidir leis an ról ag a bhfuil freagracht oibríochtúil, cé acu a éilíonn nó nach n-éilíonn an gnóthas ar bhaill foirne ábhartha scileanna áirithe a bheith acu, nó cé acu a chuireann nó nach soláthraíonn sé oiliúint nó fothú acmhainneachta do bhaill foirne ábhartha chun dul i mbun rannpháirtíochta.

AR 19. Feidhmíonn Creat-Chomhaontuithe Domhanda (GFAnna) chun gaolmhaireacht leanúnach a bhunú idir fiontar ilnáisiúnta agus Cónaidhm Dhomhanda Ceardchumann chun a áirithiú go gcloífidh an gnóthas leis na caighdeáin chéanna i ngach tír ina n-oibríonn sé.

AR 20. Chun an chaoi ar thug dearcthaí oibrithe slabhra luacha bonn eolais do chinntí nó gníomhaíochtaí sonracha an ghnóthais a léiriú, féadfaidh an gnóthas samplaí ón tréimhse tuairiscithe atá ann faoi láthair a sholáthar.

Ceanglas maidir le Nochtadh S2-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le hoibrithe slabhra luacha ábhair imní a chur in iúl

AR 21. Agus na ceanglais a leagtar amach i gCeanglas maidir le Nochtadh ESRS S2-3 á gcomhlíonadh, féadfaidh an gnóthas a bheith á threorú ag ábhar Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus ag Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta atá dírithe ar shásraí feabhsúcháin agus casaoide.

AR 22. I measc na mbealaí chun ábhair imní nó riachtanais a chur in iúl tá sásraí casaoide, beolínte, ceardchumainn (ina bhfuil oibrithe aontaithe), próisis idirphlé nó modhanna eile trínar féidir le hoibrithe sa slabhra luacha nó a n-ionadaithe dlisteanacha ábhair imní a léiriú faoi thionchair nó na riachtanais a mhíniú ar mhaith leo go dtabharfadh an gnóthas aghaidh orthu. D’fhéadfaí a áireamh leis sin an dá bhealach a sholáthraíonn an gnóthas go díreach agus na bealaí a sholáthraíonn na heintitis ina bhfuil na hoibrithe sa slabhra luacha ag obair, sa bhreis ar aon sásra eile a d’fhéadfadh an gnóthas a úsáid chun léargas a fháil ar bhainistiú na dtionchar ar oibrithe, amhail iniúchtaí comhlíontachta. I gcás ina bhfuil an gnóthas ag brath, chun an ceanglas sin a fhreagairt, ar fhaisnéis arna soláthar ag a chaidrimh ghnó maidir le bealaí den sórt sin a bheith ann, agus ar an bhfaisnéis sin amháin, féadfaidh sé é sin a shonrú.

AR 23. Chun léargas níos fearr a thabhairt ar an bhfaisnéis a chumhdaítear sa Cheanglas maidir le Nochtadh ESRS S2-3, féadfaidh an gnóthas míniú a thabhairt i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil oibrithe sa slabhra luacha a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh in ann bealaí a rochtain ar leibhéal an ghnóthais a bhfuil siad fostaithe aige, nó ar conradh chun obair a dhéanamh dó, agus conas atá siad in ann sin a dhéanamh, i ndáil le gach tionchar ábhartha.

AR 24. D’fhéadfaí a áireamh ar shásraí tríú páirtí iad siúd arna n-oibriú ag an rialtas, eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), comhlachais tionscail agus tionscnaimh chomhoibríocha eile. Féadfaidh an gnóthas a nochtadh cé acu atá nó nach bhfuil siad sin inrochtana do gach oibrí a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith ag an ngnóthas air nó a bhfuil tionchar ábhartha aige air nó do dhaoine aonair nó eagraíochtaí atá ag gníomhú thar a gceann nó atá in ann, ar bhealach eile, a bheith ar an eolas faoi thionchair dhiúltacha.

AR 25. I ndáil le daoine aonair a úsáideann na sásraí a chosaint in aghaidh frithbhirt, féadfaidh an gnóthas tuairisc a thabhairt ar cé acu a chaitheann nó nach gcaitheann sé le casaoidí faoi rúndacht agus i ndáil le cearta chun príobháideachais agus leis an gceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint; agus cé acu a ligeann nó nach ligeann na meicníochtaí d’oibrithe iad a úsáid gan ainm (mar shampla, trí ionadaíocht tríú páirtí).

AR 26. Agus nochtadh á dhéanamh ag an ngnóthas maidir le cé acu atá nó nach bhfuil a fhios ag an ngnóthas go bhfuil oibrithe sa slabhra luacha ar an eolas faoi aon cheann de na bealaí sin agus go bhfuil muinín acu astu, féadfaidh an gnóthas sonraí ábhartha agus iontaofa a sholáthar maidir le héifeachtacht na mbealaí sin ó thaobh na n-oibrithe sa slabhra luacha iad féin. Ar shamplaí d’fhoinsí faisnéise tá suirbhéanna ar oibrithe a bhfuil úsáid bainte acu as bealaí den sórt sin agus a leibhéil sástachta leis an bpróiseas agus leis na torthaí.

AR 27. Agus tuairisc á thabhairt ar éifeachtacht na mbealaí d’oibrithe sa slabhra luacha chun ábhair imní a chur in iúl, féadfaidh na ceisteanna seo a leanas a bheith ina dtreoir don ghnóthas, bunaithe ar na ‘critéir éifeachtúlachta le haghaidh sásraí casaoide neamhbhreithiúnacha’, mar a leagtar amach i bPrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, go háirithe Prionsabal 31. Féadfar na breithnithe seo thíos a chur i bhfeidhm maidir le bealaí aonair nó córas comhchoiteann bealaí:

(a) 

an bhfuil dlisteanacht ag na bealaí trí chuntasacht iomchuí a sholáthar as a n-iompar cóir agus trí mhuinín na bpáirtithe leasmhara a chothú?

(b) 

an eol do na páirtithe leasmhara na bealaí a bheith ann agus an bhfuil rochtain acu orthu?

(c) 

an bhfuil nósanna imeachta soiléire agus aitheanta ag baint leis na bealaí, mar aon le tráthchláir tháscacha?

(d) 

an áirithítear leis na bealaí go bhfuil rochtain réasúnach ag páirtithe leasmhara ar fhoinsí faisnéise, comhairle agus saineolais?

(e) 

an soláthraíonn na bealaí trédhearcacht trí fhaisnéis leordhóthanach a sholáthar do ghearánaigh agus, i gcás inarb infheidhme, chun aon leas poiblí atá i gceist a chomhlíonadh araon?

(f) 

an bhfuil na torthaí a bhaintear amach trí na bealaí i gcomhréir le cearta an duine a aithnítear go hidirnáisiúnta?

(g) 

an sainaithníonn an gnóthas léargais ó na bealaí a thacaíonn le foghlaim leanúnach chun feabhas a chur ar na bealaí agus chun tionchair amach anseo a chosc?

(h) 

an ndíríonn an gnóthas ar an idirphlé le gearánaigh mar an modh chun teacht ar réitigh chomhaontaithe, seachas a bheith ag féachaint leis an toradh a chinneadh go haontaobhach?

Ceanglas maidir le Nochtadh S2-4 — Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar oibrithe slabhra luacha, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le oibrithe slabhra luacha, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin

AR 28. D’fhéadfadh sé go dtógfaidh sé am tuiscint a fháil ar thionchair dhiúltacha agus conas a d’fhéadfadh an gnóthas a bheith bainteach leo trína shlabhra luacha, agus chun freagairtí iomchuí a shainaithint agus a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, breithneoidh an gnóthas na nithe seo a leanas:

(a) 

na cineálacha cur chuige ginearálta agus sonracha atá aige chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha ábhartha;

(b) 

na tionscnaimh atá aige arb é is aidhm dóibh rannchuidiú le tionchair dhearfacha ábhartha breise;

(c) 

an méid dul chun cinn atá déanta aige ina iarrachtaí le linn na tréimhse tuairiscithe; agus

(d) 

na haidhmeanna atá aige maidir le feabhsú leanúnach.

AR 29. Is féidir gníomhaíochtaí iomchuí éagsúla a bheith ann ag brath ar an ngnóthas féin a bheith ina chúis nó ag rannchuidiú le tionchar ábhartha nó cé acu atá nó nach bhfuil an tionchar ábhartha nasctha go díreach lena oibríochtaí, lena tháirgí nó lena sheirbhísí féin trí chaidreamh gnó.

AR 30. Ós rud é go bhféadfadh tionchair dhiúltacha ábhartha a dhéanann difear d’oibrithe sa slabhra luacha a tháinig chun cinn le linn na tréimhse tuairiscithe a bheith bainteach freisin le heintitis nó le hoibríochtaí nach bhfuil smacht díreach ag an ngnóthas orthu, féadfaidh sé a nochtadh cé acu a fhéachann nó nach bhféachann sé lena ghiaráil ina chaidreamh gnó a úsáid chun na tionchair sin a bhainistiú agus conas a fhéachann sé leis sin a dhéanamh. D’fhéadfaí a áireamh leis sin giaráil tráchtála a úsáid (mar shampla, ceanglais chonarthacha a fhorfheidhmiú trí chaidrimh ghnó nó dreasachtaí a chur chun feidhme), cineálacha eile giarála laistigh den chaidreamh (amhail oiliúint nó fothú acmhainneachta maidir le cearta oibrithe a sholáthar d’eintitis a bhfuil caidreamh gnó ag an ngnóthas leo) nó giaráil chomhoibríoch le piaraí nó le gníomhaithe eile (amhail tionscnaimh atá dírithe ar earcaíocht fhreagrach nó ar a áirithiú go bhfaigheann oibrithe pá leordhóthanach).

AR 31. Nuair a nochtfaidh an gnóthas a rannpháirtíocht i dtionscnamh tionscail nó i dtionscnamh ina bhfuil an iliomad páirtithe leasmhara mar chuid dá ghníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha ábhartha, féadfaidh an gnóthas a nochtadh conas atá an tionscnamh, agus a rannpháirtíocht féin, dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an tionchar ábhartha lena mbaineann. Féadfaidh sé na spriocanna ábhartha a leagtar síos leis an tionscnamh a nochtadh faoi ESRS S2-5, chomh maith leis an dul chun cinn atá déanta ina leith.

AR 32. Agus nochtadh á dhéanamh ag an ngnóthas maidir le cé acu a dhéanann nó nach ndéanann sé breithniú ar thionchair iarbhír agus fhéideartha ar oibrithe sa slabhra luacha i gcinntí chun caidrimh ghnó a fhoirceannadh agus conas a dhéanann an gnóthas an breithniú sin, agus cé acu a fhéachann sé nó nach bhféachann sé le dul i ngleic le haon tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ina thoradh ar fhoirceannadh, agus conas a fhéachann sé leis sin a dhéanamh, féadfaidh an gnóthas samplaí a chur san áireamh.

AR 33. Agus é á nochtadh ag an ngnóthas conas a rianaíonn sé éifeachtacht a ghníomhaíochtaí chun tionchair ábhartha a bhainistiú le linn na tréimhse tuairiscithe, féadfaidh an gnóthas aon cheacht a foghlaimíodh ó na tréimhsí tuairiscithe roimhe sin agus ó na tréimhsí tuairiscithe reatha a nochtadh.

AR 34. Is féidir a áireamh ar na próisis a úsáidtear chun éifeachtacht na ngníomhaíochtaí a rianú iniúchóireacht nó fíorú inmheánach nó seachtrach, imeachtaí cúirte agus/nó cinntí cúirte gaolmhara, measúnuithe tionchair, córais tomhais, aiseolas ó pháirtithe leasmhara, sásraí casaoide, rátálacha feidhmíochta seachtracha, agus tagarmharcáil.

AR 35. Is é is aidhm don tuairisciú ar éifeachtacht tuiscint a fháil ar na naisc idir gníomhaíochtaí a dhéanann an gnóthas agus bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar thionchair. Mar shampla, chun éifeachtacht a ghníomhaíochtaí a léiriú chun tacú lena sholáthróirí a ndálaí oibre a fheabhsú, féadfaidh an gnóthas aiseolas ó shuirbhéanna a nochtadh ó oibrithe na soláthróirí a léiríonn go bhfuil feabhas tagtha ar dhálaí oibre ón uair a thosaigh an gnóthas ag obair leis na soláthróirí sin. Áirítear san fhaisnéis bhreise a fhéadfaidh an gnóthas a sholáthar sonraí lena léirítear laghdú ar líon na dteagmhas a sainaithníodh trí iniúchtaí neamhspleácha, mar shampla.

AR 36. Maidir le tionscnaimh nó próisis atá i bhfeidhm ag an ngnóthas atá bunaithe ar riachtanais na n-oibrithe dá ndéantar difear agus maidir le dul chun cinn i gcur chun feidhme na dtionscnamh nó na bpróiseas sin, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a nochtadh:

(a) 

faisnéis maidir le cé acu atá nó nach bhfuil ról ag oibrithe sa slabhra luacha agus ag ionadaithe dlisteanacha nó ag a n-ionadaithe inchreidte i gcinntí maidir le ceapadh agus cur chun feidhme na gclár nó na bpróiseas sin agus faisnéis faoin gcaoi a bhfuil ról acu; agus

(b) 

faisnéis maidir leis na torthaí dearfacha a bheartaítear leis na tionscnaimh nó na próisis sin nó atá bainte amach acu le haghaidh oibrithe slabhra luacha na dtionscnamh nó na bpróiseas sin.

AR 37. Féadfaidh an gnóthas a nochtadh cé acu atá nó nach bhfuil tionscnaimh nó próisis a bhfuil sé mar phríomhaidhm acu tionchair dhearfacha a bhaint amach d’oibrithe sa slabhra luacha ceaptha freisin chun tacú le ceann amháin nó níos mó de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe a bhaint amach. Mar shampla, trí ghealltanas a thabhairt SDG 8 de chuid na Náisiún Aontaithe a chur chun cinn maidir le ‘fás eacnamaíoch marthanach, cuimsitheach agus inbhuanaithe agus lánfhostaíocht tháirgiúil agus obair chuibhiúil a chur chun cinn do chách’ d’fhéadfadh sé go mbeadh fothú acmhainneachta á sholáthar ag an ngnóthas do shealbhóirí beaga ina shlabhra soláthair, rud a d’fhágfadh go dtiocfadh méadú ar a n-ioncam; nó d’fhéadfadh sé a bheith ag tacú le hoiliúint chun cion na mban atá in ann poist seachadta a ghlacadh ina shlabhra luacha iartheachtach a mhéadú.

AR 38. Agus torthaí dearfacha atá beartaithe nó bainte amach ag a ghníomhaíochtaí d’oibrithe sa slabhra luacha á nochtadh ag an ngnóthas, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir fianaise gur tharla gníomhaíochtaí áirithe (e.g. go bhfuil oiliúint litearthachta airgeadais faighte ag an líon oibrithe x) agus fianaise ar thorthaí iarbhír d’oibrithe (e.g. go dtuairiscíonn an líon oibrithe x go bhfuil siad in ann a mbuiséad teaghlaigh a bhainistiú níos fearr chun a spriocanna coigiltis a bhaint amach).

AR 39. Agus nochtadh á dhéanamh ag an ngnóthas maidir le cé acu atá nó nach bhfuil ról ag tionscnaimh nó ag próisis maidir le tionchair dhiúltacha ábhartha a mhaolú freisin, féadfaidh an gnóthas e.g. cláir a mheas arb é is aidhm dóibh litearthacht airgeadais oibrithe ban a chur chun cinn, ar cláir iad a bhfuair níos mó ban ardú céime mar gheall orthu chomh maith le tuairiscí ar ghnéaschiapadh laghdaithe san ionad oibre.

AR 40. Agus na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhaineann le tionchair nó le spleáchais an ghnóthais ar oibrithe sa slabhra luacha á nochtadh ag an ngnóthas, féadfaidh sé an méid seo a leanas a mheas:

(a) 

féadfar a áireamh ar na rioscaí a bhaineann le tionchair an ghnóthais ar oibrithe sa slabhra luacha an nochtadh clú nó nochtadh dlíthiúil i gcás ina gcinntear go bhfuil oibrithe sa slabhra luacha faoi réir saothar éignithesaothar leanaí;

(b) 

féadfar a áireamh ar na rioscaí a bhaineann le spleáchais an ghnóthais ar oibrithe sa slabhra luacha cur isteach ar oibríochtaí gnó i gcás ina ndúntar codanna móra dá shlabhra soláthair nó dá líonra dáileacháin de dheasca paindéime;

(c) 

féadfar a áireamh ar na deiseanna a bhaineann le tionchair an ghnóthais ar oibrithe sa slabhra luacha idirdhealú margaidh agus breis tarraingteachta do chustaiméirí mar gheall ar phá cuibhiúil agus coinníollacha cuibhiúla a ráthú d’oibrithe neamhfhostaithe; agus

(d) 

►C1  d’fhéadfaí a áireamh ar dheiseanna a bhaineann le spleáchais an ghnóthais ar oibrithe slabhra luacha soláthar inbhuanaithe tráchtearra a bhaint amach sa todhchaí trína áirithiú gur féidir le feirmeoirí beaga dóthain a thuilleamh lena chur ina luí ar na glúnta amach romhainn leanúint ar aghaidh ag feirmeoireacht an bhairr sin. ◄

AR 41. Agus nochtadh á dhéanamh ag an gnóthas cé acu a n-athraíonn nó nach n-athraíonn spleáchais ina rioscaí, déanfaidh sé forbairtí seachtracha a mheas.

AR 42. Agus beartais, gníomhaíochtaí agus acmhainní agus spriocanna a bhaineann le bainistiú rioscaí agus deiseanna ábhartha á nochtadh aige, i gcásanna ina n-eascraíonn rioscaí agus deiseanna as tionchar ábhartha, féadfaidh an gnóthas crostagairt a dhéanamh dá nochtaí maidir le beartais, gníomhaíocht agus acmhainní agus spriocanna i ndáil leis an tionchar sin.

AR 43. Déanfaidh an gnóthas a mheas cé acu a chomhtháthaítear nó nach gcomhtháthaítear a phróisis chun rioscaí ábhartha a bhaineann le hoibrithe sa slabhra luacha a bhainistiú ina phróisis bainistíochta riosca atá ann cheana agus conas a dhéantar sin.

AR 44. Agus na hacmhainní a leithdháiltear ar bhainistiú tionchar ábhartha á nochtadh aige, féadfaidh an gnóthas a nochtadh cé na feidhmeanna inmheánacha atá bainteach le bainistiú na dtionchar agus cé na cineálacha gníomhaíochta a dhéanann siad chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha agus tionchair dhearfacha a chur chun cinn.

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S2-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú

AR 45. Agus faisnéis maidir le spriocanna á nochtadh ag an ngnóthas i gcomhréir le mír 39, féadfaidh sé an méid seo a leanas a nochtadh:

(a) 

na torthaí beartaithe atá le baint amach le linn saol oibrithe an tslabhra luacha, agus na torthaí sin a bheith chomh sonrach agus is féidir;

(b) 

cobhsaíocht na spriocanna le himeacht ama i dtéarmaí sainmhínithe agus modheolaíochtaí chun inchomparáideacht le himeacht ama a chumasú;

(c) 

na caighdeáin nó na gealltanais ar a bhfuil na spriocanna bunaithe (mar shampla cóid iompair, beartais foinsithe, creataí domhanda nó cóid tionscail).

AR 46. D’fhéadfadh spriocanna a bhaineann le rioscaí agus deiseanna ábhartha a bheith mar an gcéanna le spriocanna a bhaineann le tionchair ábhartha nó éagsúil leo. Mar shampla, d’fhéadfadh sprioc chun maireachtála a bhaint amach d’oibrithe sa slabhra soláthair an tionchar ar na hoibrithe sin a laghdú agus na rioscaí gaolmhara a laghdú ó thaobh cháilíocht agus iontaofacht an tsoláthair de.

AR 47. Féadfaidh an gnóthas idirdhealú a dhéanamh freisin idir spriocanna gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha lena gcumhdaítear an gealltanas beartais céanna. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh sprioc fhadtéarmach ag an ngnóthas laghdú 80 % ar theagmhais sláinte agus sábháilteachta a dhéanann difear d’oibrithe soláthróra ar leith a bhaint amach faoi 2030 agus sprioc ghearrthéarmach na huaireanta ragoibre a dhéanann tiománaithe seachadta dó a laghdú x% agus an tráth céanna a n-ioncam á choinneáil ar bun faoi 2024.

AR 48. Agus sprioc á modhnú nó á hionadú ag an ngnóthas sa tréimhse tuairiscithe, féadfaidh an gnóthas an t-athrú a mhíniú ach crostagairt a dhéanamh d’athruithe móra ar an tsamhail ghnó nó d’athruithe níos leithne ar an gcaighdeán nó ar an reachtaíocht a bhfuil glacadh leo as a ndíorthaítear an sprioc chun faisnéis chomhthéacsúil a sholáthar, de réir ESRS 2 BP-2 Nochtaí i ndáil le himthosca sonracha.

ESRS S3

POBAIL DÁ nDÉANTAR DIFEAR

CLÁR ÁBHAR

Cuspóir

Idirghníomhaíocht le ESRS eile

Ceanglais maidir le Nochtadh

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

Straitéis

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S3-1 — Beartais a bhaineann le pobail dá ndéantar difear

Ceanglas maidir le Nochtadh S3-2 — Próisis rannpháirtíochta le pobail dá ndéantar difear maidir le tionchair

Ceanglas maidir le Nochtadh S3-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le pobail dá ndéantar difear ábhair imní a chur in iúl

Ceanglas maidir le Nochtadh S3-4 — Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar phobail dá ndéantar difear, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le pobail dá ndéantar difear, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S3-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú

Foscríbhinn A:

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm

Cuspóir

ESRS 2 Nochtaí Ginearálta

Straitéis

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S3-1 — Beartais a bhaineann le pobail dá ndéantar difear

Ceanglas maidir le Nochtadh S3-2 — Próisis rannpháirtíochta le pobail dá ndéantar difear maidir le tionchair

Ceanglas maidir le Nochtadh S3-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le pobail dá ndéantar difear ábhair imní a chur in iúl

►C1  Ceanglas maidir le Nochtadh S3-4 – Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar phobail dá ndéantar difear, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le pobail dá ndéantar difear, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin ◄

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S3-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú

Cuspóir

1. Is é is cuspóir don Chaighdeán seo ceanglais maidir le nochtadh a shonrú, ar ceanglais iad lena gcuirfear ar a gcumas d’úsáideoirí an ráitis inbhuanaitheachta tionchair ábhartha ar na pobail dá ndéantar difear a bhfuil baint acu le hoibríochtaí an ghnóthais féin agus leis an slabhra luacha a thuiscint, lena n-áirítear trína tháirgí nó trína sheirbhísí, agus trína chaidrimh ghnó, agus na rioscaí agus deiseanna ábhartha gaolmhara a bhaineann leo, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a) 

an chaoi a ndéanann an gnóthas difear do phobail, sna limistéir is dóichí tionchair a bheith orthu agus ar dóichí na tionchair sin a bheith dian, ó thaobh tionchair dhearfacha agus dhiúltacha ábhartha iarbhír nó ionchasacha;

(b) 

aon ghníomhaíochtaí a rinneadh, agus toradh na ngníomhaíochtaí sin, chun tionchair dhiúltacha iarbhír nó fhéideartha a chosc, a mhaolú nó a leigheas, agus chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí agus deiseanna;

(c) 

nádúr, cineál agus méid rioscaí agus dheiseanna ábhartha an ghnóthais a bhaineann lena thionchair agus lena spleáchais ar phobail dá ndéantar difear, agus conas a bhainistíonn an gnóthas iad; agus

(d) 

na héifeachtaí airgeadais ar an ngnóthas a bhaineann le rioscaí agus na deiseanna ábhartha thar na sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma a eascraíonn as tionchair agus as spleáchais an ghnóthais ar phobail dá ndéantar difear.

2. Chun an cuspóir a bhaint amach, leis an gCaighdeán seo éilítear míniú ar an gcur chuige ginearálta a ghlacann an gnóthas chun aon tionchar ábhartha iarbhír agus féideartha ar phobail dá ndéantar difear a shainaithint agus a bhainistiú i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a) 

cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha pobal (mar shampla, tithíocht leordhóthanach, bia, uisce agus sláintíocht leordhóthanach, tionchair a bhaineann le talamh agus slándáil);

(b) 

cearta sibhialta agus polaitiúla pobal (mar shampla, saoirse chun tuairimí a nochtadh, saoirse comhthionóil, tionchair ar chosantóirí chearta an duine); agus

(c) 

cearta ar leith na bpobal dúchasach (mar shampla, toiliú saor, roimh ré agus feasach, féinchinntiúchán, cearta cultúrtha).

3. Ceanglaítear leis an gCaighdeán seo freisin míniú a thabhairt ar an gcaoi a bhféadfadh tionchair den sórt sin, chomh maith le spleáchais an ghnóthais ar phobail dá ndéantar difear, rioscaí nó deiseanna ábhartha a chruthú don ghnóthas. Mar shampla, d’fhéadfadh caidrimh dhiúltacha le pobail dá ndéantar difear cur isteach ar oibríochtaí an ghnóthais féin nó dochar a dhéanamh dá chlú, agus is féidir le caidrimh chuiditheacha tairbhí gnó a thabhairt, amhail oibríochtaí cobhsaí agus saor ó choinbhleacht agus éascaíocht níos fearr maidir le hearcú go háitiúil.

Idirghníomhaíocht le ESRS eile

4. Tá feidhm ag an gcaighdeán sin nuair a shainaithnítear tionchair ábhartha ar na pobail dá ndéantar difear agus/nó rioscaí agus deiseanna ábhartha maidir leo tríd an bpróiseas measúnaithe ábharthachta a leagtar amach in ESRS 2 Nochtaí Ginearálta.

5. Léifear an Caighdeán seo i gcomhar le ESRS 1 Ceanglais Ghinearálta, agus ESRS 2, chomh maith le ESRS S1 Lucht saothair dílis, ESRS S2 Oibrithe sa slabhra luacha agus ESRS S4 Tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh.

Ceanglais maidir le Nochtadh

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

6. Ba cheart ceanglais na roinne seo a léamh i gcomhar leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2 maidir le Straitéis (SBM). Déanfar na nochtaí a thiocfaidh as sin a chur i láthair in éineacht leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2, cé is moite de SBM-3 Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó, a bhfuil sé de rogha ag an ngnóthas nochtaí a chur i láthair ina leith in éineacht leis an nochtadh topaicshonrach.

Straitéis

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara

7. Agus é ag freagairt do ESRS 2 SBM-2, mír 43, nochtfaidh an gnóthas conas a bheidh tuairimí, leasanna agus cearta na bpobal dá ndéantar difear, lena n-áirítear urraim do chearta an duine (agus a gcearta mar phobail dhúchasacha, i gcás inarb infheidhme), ina mbonn eolais dá straitéis agus dá shamhail ghnó. Is grúpa tábhachtach páirtithe leasmhara dá ndéantar difear iad na pobail dá ndéantar difear.

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó

8. Agus an gnóthas ag freagairt do ESRS 2 SBM-3 mír 48, nochtfaidh sé an méid seo a leanas:

(a) 

maidir leis na tionchair iarbhír agus fhéideartha ar phobail dá ndéantar difear, mar a shainaithnítear in ESRS 2 IRO-1 Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú, cé acu is fíor nó nach fíor an méid seo a leanas, agus conas atá sé sin amhlaidh: (i) gur de thionscnamh straitéis agus shamhlacha gnó an ghnóthais iad nó go bhfuil baint acu leo, agus (ii) go bhfuil siad ina a mbonn eolais chun straitéis agus samhail ghnó an ghnóthais a oiriúnú agus go rannchuidíonn leis an gcéanna; agus

(b) 

an gaol idir na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhaineann leis a eascraíonn as tionchair agus as spleáchais ar phobail dá ndéantar difear agus as a straitéis agus a shamhail ghnó.

9. Agus ceanglais mhír 48 á gcomhlíonadh aige, nochtfaidh an gnóthas cé acu atá nó nach bhfuil na pobail uile dá ndéantar difear ar dócha go mbeidh tionchar ábhartha ag an ngnóthas orthu, lena n-áirítear tionchair a bhaineann le hoibríochtaí dílse an ghnóthais agus slabhra luacha an ghnóthais, lena n-áirítear trína tháirgí nó trína sheirbhísí, agus trína chaidrimh ghnó freisin, san áireamh i raon feidhme a nochta faoi ESRS 2. Thairis sin, nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas:

(a) 

tuairisc ghearr ar na cineálacha pobal atá faoi réir tionchair ábhartha de dhroim a oibríochtaí dílse nó trína shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, agus sonróidh sé cé acu:

i. 

pobail atá ina gcónaí nó ag obair timpeall limistéir oibriúcháin, monarchana, saoráidí nó oibríochtaí fisiceacha eile an ghnóthais, nó pobail níos iargúlta a ndéanann gníomhaíochtaí ag na láithreáin sin difear dóibh (mar shampla mar gheall ar thruailliú uisce iartheachtach);

ii. 

pobail feadh shlabhra luacha an ghnóthais (mar shampla, iad siúd a ndéanann oibríochtaí saoráidí soláthróirí nó gníomhaíochtaí na soláthraithe lóistíochta nó dáileacháin difear dóibh);

iii. 

pobail ag críochphointe amháin nó ag an dá chríochphointe den slabhra luacha (mar shampla, ag pointe eastósctha miotal nó mianraí nó ag pointe buainte tráchtearraí, nó pobail timpeall ar láithreáin dramhaíolaathchúrsála);

iv. 

pobail dhúchasacha.

(b) 

i gcás iarmhairtí diúltacha ábhartha, bídís (i) forleathan nó sistéamach i gcomhthéacsanna ina n-oibríonn nó ina bhfuil foinsiú nó caidrimh ghnó eile ag an ngnóthas (mar shampla, pobail imeallaithe atá thíos leis an tionchar ar a sláinte agus ar a gcáilíocht saoil i limistéar ina bhfuil ardtionsclú), nó (ii) bainteach le teagmhais aonair in oibríochtaí an ghnóthais féin (e.g. doirteadh dramhaíola tocsaineach a dhéanann difear do rochtain an phobail ar uisce óil glan) nó i gcaidreamh gnó ar leith (e.g. agóid shíochánta a dhéanann pobail i gcoinne oibríochtaí gnó ar thug seirbhísí slándála an ghnóthais freagairt fhoréigneach dóibh ina leith). Áirítear leis sin breithniú ar thionchair ar phobail dá ndéantar difear a d’fhéadfadh eascairt as an aistriú chuig oibríochtaí níos glaise agus níos aeráidneodraí. I measc na dtionchar a d’fhéadfadh a bheith ann tá tionchair a bhaineann le nuálaíocht agus athstruchtúrú, mianaigh a dhúnadh, mianadóireacht mhéadaithe ar mhianraí atá ag teastáil chun aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe agus táirgeadh painéal gréine;

(c) 

i gcás tionchair dhearfacha ábhartha, tuairisc ghairid ar na gníomhaíochtaí a mbíonn tionchar dearfach acu (mar shampla, fothú acmhainneachta chun tacú le níos mó agus cineálacha nua slite beatha áitiúla) agus ar na cineálacha pobal dá ndéantar difear dearfach nó a bhféadfaí difear dearfach a dhéanamh dóibh; féadfaidh an gnóthas a nochtadh freisin an dtarlaíonn na tionchair dhearfacha i dtíortha sonracha nó i réigiúin shonracha; agus

(d) 

aon rioscaí agus deiseanna ábhartha don ghnólacht a eascraíonn as tionchair agus as spleáchais ar na pobail dá ndéantar difear.

10. Agus tuairisc á thabhairt aige ar na príomhchineálacha pobal a ndearnadh difear diúltach dóibh nó a d’fhéadfaí difear diúltach a dhéanamh dóibh, bunaithe ar an measúnú ábharthachta a leagtar amach sa Cheanglas um Nochtadh ESRS 2 IRO-1, nochtfaidh an gnóthas cé acu a d’fhorbair nó nár fhorbair sé tuiscint ar an gcaoi a bhfuil pobail dá ndéantar difear a bhfuil saintréithe ar leith acu nó orthu siúd a bhfuil cónaí orthu i gcomhthéacsanna ar leith, nó na pobail sin a thugann faoi ghníomhaíochtaí áirithe, i mbaol níos mó díobhála agus conas a d’fhorbair sé an tuiscint sin.

11. Nochtfaidh an gnóthas cé na rioscaí agus na deiseanna ábhartha, más ann dóibh, a eascraíonn as tionchair agus as spleáchais ar phobail dá ndéantar difear, a bhaineann le grúpaí sonracha de phobail dá ndéantar difear seachas leis na pobail uile dá ndéantar difear.

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S3-1 — Beartais a bhaineann le pobail dá ndéantar difear

12.  Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar a bheartais arna nglacadh chun a thionchair ábhartha ar phobail dá ndéantar difear a bhainistiú, chomh maith le rioscaí agus deiseanna ábhartha gaolmhara.

13. Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a chumasú ar a mhéid atá beartais ag an ngnóthas lena dtugtar aghaidh ar shainaithint, ar mheasúnú, ar bhainistiú agus/nó ar fheabhsú na dtionchar ábhartha ar phobail dá ndéantar difear go sonrach, chomh maith le beartais lena gcumhdaítear rioscaí nó deiseanna ábhartha a bhaineann le pobail dá ndéantar difear.

14. Beidh sa nochtadh a cheanglaítear le mír 12 an fhaisnéis faoi bheartais an ghnóthais chun a thionchair, a rioscaí agus a dheiseanna ábhartha a bhainistiú a bhaineann le pobail dá ndéantar difear i gcomhréir le ESRS 2 MDR-P Beartais arna nglacadh chun ábhair inbhuanaitheachta ábhartha a bhainistiú. Ina theannta sin, sonróidh an gnóthas an gcumhdaítear leis na beartais sin pobail shonracha dá ndéantar difear nó a pobail uile dá ndéantar difear.

15. Nochtfaidh an gnóthas aon fhorálacha beartais ar leith chun tionchair ar phobail dhúchasacha a chosc agus chun aghaidh a thabhairt orthu.

16. Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar a ghealltanais ( 112 ) maidir le cearta an duine atá ábhartha do na pobail dá ndéantar difear, lena n-áirítear na próisis agus na sásraí sin chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, Dearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair nó Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta. Ina nochtadh, díreoidh sé ar na hábhair sin atá ábhartha i ndáil leis an méid seo a leanas ( 113 ), chomh maith lena chur chuige ginearálta maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

urraim do chearta daonna pobal, agus pobal dúchasach go sonrach;

(b) 

rannpháirtíocht le pobail dá ndéantar difear; agus

(c) 

bearta chun leigheas ar thionchair ar chearta an duine a chur ar fáil agus/nó a chumasú.

17. Nochtfaidh an gnóthas cé acu atá nó nach bhfuil a chuid beartas maidir le pobail dá ndéantar difear ailínithe le caighdeáin a aithnítear go hidirnáisiúnta agus atá ábhartha do phobail agus do phobail dhúchasacha go sonrach, lena n-áirítear Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe (NA) maidir le Gnó agus Cearta an Duine. Nochtfaidh an gnóthas freisin a mhéid a tuairiscíodh cásanna nach n-urramaítear Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, Dearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair nó Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta, ar cásanna iad a bhfuil baint acu le pobail dá ndéantar difear, ina oibríochtaí féin nó ina shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach agus, más infheidhme, léiriú ar chineál na gcásanna sin ( 114 ).

18. Féadfaidh an beartas a bheith i bhfoirm beartais aonair maidir le pobail nó a bheith san áireamh i ndoiciméad níos leithne amhail cód eitice nó beartas inbhuanaitheachta ginearálta a nocht an gnóthas cheana féin mar chuid de ESRS eile. Sna cásanna sin, tabharfaidh an gnóthas crostagairt chruinn chun na gnéithe den bheartas a chomhlíonann ceanglais an Cheanglais seo maidir le Nochtadh a shainaithint.

Ceanglas maidir le Nochtadh S3-2 — Próisis rannpháirtíochta le pobail dá ndéantar difear maidir le tionchair

19.  Nochtfaidh an gnóthas a phróisis ghinearálta chun rannpháirtíocht a dhéanamh leis na pobail dá ndéantar difear agus lena n-ionadaithe maidir leis an tionchar iarbhír agus leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu orthu.

20. Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a chumasú i dtaobh cé acu a bhíonn nó nach mbíonn an gnóthas ag déanamh rannpháirtíocht, mar chuid dá phróiseas leanúnach díchill chuí, lena n-ionadaithe dlisteanacha, nó le hionadaithe inchreidte, agus conas a dhéanann sé sin, maidir le tionchair ábhartha iarbhír agus fhéideartha dhearfacha agus/nó dhiúltacha a dhéanann difear dóibh nó ar dócha go ndéanfaidh siad difear dóibh, agus cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear dearcthaí na bpobal a ndéantar difear dóibh san áireamh i bpróisis chinnteoireachta an ghnóthais, agus conas a chuirtear san áireamh iad.

21. Nochtfaidh an gnóthas cé acu a dhéanann nó nach ndéanann peirspictíochtaí na bpobal dá ndéantar difear eolas dá chinntí nó dá ghníomhaíochtaí atá dírithe ar thionchair iarbhír agus fhéideartha ar phobail a bhainistiú, agus conas a dhéanann sé sin. Áireofar leis sin, i gcás inarb ábhartha, míniú ar an méid seo a leanas:

(a) 

cé acu a dhéantar nó nach ndéantar teagmháil go díreach leis na pobail dá ndéantar difear nó lena n-ionadaithe dlisteanacha, nó le hionadaithe inchreidte a bhfuil léargas acu ar a gcás;

(b) 

an chéim (na céimeanna) ag a dtarlaíonn an rannpháirtíocht, an cineál rannpháirtíochta agus minicíocht na rannpháirtíochta;

(c) 

an fheidhm agus an ról is sinsearaí sa ghnóthas ag a bhfuil freagracht oibríochtúil as a áirithiú go dtarlaíonn an rannpháirtíocht sin agus go dtugann na torthaí bonn eolais do chur chuige an ghnóthais;

(d) 

i gcás inarb infheidhme, conas a dhéanann gnóthas measúnú ar éifeachtacht a rannpháirtíochta le pobail dá ndéantar difear lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, aon chomhaontú nó aon toradh a leanann aisti.

22. I gcás inarb infheidhme, nochtfaidh an gnóthas na bearta a dhéanfaidh sé chun léargas a fháil ar pheirspictíochtaí na bpobal dá ndéantar difear a d’fhéadfadh a bheith an-leochaileach ó thaobh tionchair agus/nó imeallaithe de, agus faoi dhearcadh grúpaí sonracha laistigh de na pobail dá ndéantar difear, amhail mná agus cailíní.

23. I gcás inar pobail dhúchasacha iad na pobail dá ndéantar difear, nochtfaidh an gnóthas freisin conas a chuireann sé san áireamh a gcearta ar leith agus áiritheoidh sé go n-urramófar a gcearta ar leith ina chur chuige maidir le rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara, lena n-áirítear an ceart atá acu chun toiliú saor, roimh ré agus feasach maidir leis an méid seo a leanas: (i) a maoin chultúrtha, intleachtúil, reiligiúnach agus spioradálta; (ii) gníomhaíochtaí a dhéanann difear dá dtailte agus dá gcríocha; agus (iii) bearta reachtacha nó riaracháin a dhéanann difear dóibh. Go háirithe, i gcás ina ndéantar rannpháirtíocht le pobail dhúchasacha, nochtfaidh an gnóthas freisin cé acu a fuarthas nó nach bhfuarthas comhairle ó phobail dhúchasacha maidir le mód agus paraiméadair na rannpháirtíochta agus conas a rinneadh sin (fad agus a bhí clár oibre, cineál, agus tráthúlacht na rannpháirtíochta á ndearadh, cuir i gcás).

24. Mura féidir leis an ngnóthas an fhaisnéis a cheanglaítear thuas a nochtadh toisc nár ghlac sé próiseas ginearálta chun rannpháirtíocht a dhéanamh le pobail dá ndéantar difear, nochtfaidh sé gurb amhlaidh an cás. Féadfaidh sé tráthchlár a nochtadh faoina bhfuil sé ag féachaint le próiseas den sórt sin a bheith i bhfeidhm.

Ceanglas maidir le Nochtadh S3-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le pobail dá ndéantar difear ábhair imní a chur in iúl

25.  Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar na próisis atá i bhfeidhm aige chun foráil a dhéanamh maidir leis na tionchair dhiúltacha a bhfuil baint ag an ngnóthas leo a fheabhsú nó chun comhoibriú lena leigheas, chomh maith leis na bealaí atá ar fáil do phobail dá ndéantar difear chun ábhair imní a chur in iúl agus chun aghaidh a thabhairt orthu.

26. Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a chumasú ar na modhanna foirmiúla trínar féidir le pobail dá ndéantar difear a n-imní agus a riachtanais a chur in iúl go díreach don ghnóthas, agus/nó trína dtacaíonn an gnóthas le hinfhaighteacht bealaí den sórt sin (mar shampla, meicníochtaí casaoide) trína chaidrimh ghnó, conas a dhéantar obair leantach leis na pobail sin maidir leis na saincheisteanna a tarraingíodh suas, agus éifeachtacht na mbealaí sin.

27. Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:

(a) 

a chur chuige ginearálta maidir le leigheas agus na próisis atá aige chun leigheas a sholáthar nó chun rannchuidiú leis i gcás inar shainaithin sé go raibh tionchar diúltach ábhartha ar phobail dá ndéantar difear mar thoradh air nó gur rannchuidigh sé leis an tionchar sin, lena n-áirítear cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an gnóthas measúnú go bhfuil an leigheas a chuirtear ar fáil éifeachtach, agus conas a dhéanann sé an measúnú sin;

(b) 

aon bhealach sonrach atá i bhfeidhm aige chun go gcuirfidh pobail dá ndéantar difear a n-ábhair imní nó a riachtanais in iúl go díreach don ghnóthas agus chun go dtabharfar aghaidh orthu, lena n-áirítear cé acu an é an gnóthas féin a bhunaíonn iad agus/nó an trí rannpháirtíocht i sásraí tríú páirtí a bhunaítear iad;

(c) 

a phróisis trína dtacaíonn an gnóthas le hinfhaighteacht bealaí den sórt sin trína chaidrimh ghnó; agus

(d) 

an chaoi a rianaítear agus a ndéanann sé faireachán ar shaincheisteanna a tarraingíodh suas agus ar tugadh aghaidh orthu, agus conas a áirithíonn sé éifeachtacht na mbealaí, é san áireamh trí rannpháirtíocht páirtithe leasmhara arb iad na húsáideoirí beartaithe iad.

28. Nochtfaidh an gnóthas cé acu a dhéanann nó nach ndéanann measúnú sé go bhfuil na pobail dá ndéantar difear ar an eolas faoi na struchtúir nó na próisis sin agus go bhfuil muinín acu astu mar bhealach chun a n-ábhair imní nó a riachtanais a chur in iúl agus le go dtabharfar aghaidh orthu, agus conas a dhéanann sé an measúnú sin. Ina theannta sin, nochtfaidh an gnóthas an bhfuil beartais i bhfeidhm aige maidir le daoine aonair a úsáideann iad a chosaint ar fhrithbheart. Má nochtadh an fhaisnéis sin i gcomhréir le ESRS G1-1, féadfaidh an gnóthas tagairt a dhéanamh don fhaisnéis sin.

29. Mura féidir leis an ngnóthas an fhaisnéis a cheanglaítear thuas a nochtadh toisc nár ghlac sé bealach chun ábhair imní a chur in iúl agus/nó toisc nach dtacaíonn sé le bealach den sórt sin a bheith ar fáil lena ghaolmhaireachtaí gnó, nochtfaidh sé gurb amhlaidh an cás. Féadfaidh sé tráthchlár a nochtadh faoina bhfuil sé ag féachaint le bealach nó próisis den sórt sin a bheith i bhfeidhm.

Ceanglas maidir le Nochtadh S3-4 — Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar phobail dá ndéantar difear, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le pobail dá ndéantar difear, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin

30.  Nochtfaidh an gnóthas conas a dhéanann sé beart chun aghaidh a thabhairt ar thionchair ábhartha ar phobail dá ndéantar difear, agus chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú a bhaineann le pobail dá ndéantar difear agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin.

31. Tá dhá chuspóir ag an gCeanglas seo maidir le Nochtadh. Ar an gcéad dul síos, tá sé chun tuiscint a thabhairt ar aon ghníomhaíochtaí agus tionscnaimh trína bhféachann an gnóthas leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

na tionchair dhiúltacha ábhartha ar na pobail dá ndéantar difear a chosc, a mhaolú agus a leigheas; agus/nó

(b) 

tionchair dhearfacha ábhartha a bhaint amach do na pobail dá ndéantar difear.

Ar an dara dul síos, beifear in ann tuiscint a fháil ar na bealaí ina bhfuil an gnóthas ag dul i ngleic leis na rioscaí ábhartha agus ag saothrú na ndeiseanna ábhartha a bhaineann leis na pobail dá ndéantar difear.

Soláthróidh an gnóthas tuairisc achomair ar na pleananna gníomhaíochta agus ar na hacmhainní chun a thionchair, a rioscaí agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann leis na pobail a ndéantar difear dóibh a bhainistiú de réir ESRS 2 MDR-A Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta.

32. I ndáil le tionchair ábhartha, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:

(a) 

gníomhaíochtaí a rinneadh, atá beartaithe nó atá ar bun chun tionchair dhiúltacha ábhartha ar phobail dá ndéantar difear a chosc nó a mhaolú;

(b) 

cé acu a rinne nó nach ndearna sé gníomh chun leigheas a sholáthar nó a chumasú i ndáil le hiarmhairt iarbhír ábhartha, agus an chaoi a ndearna sé é sin;

(c) 

aon ghníomhaíochtaí nó tionscnaimh breise atá i bhfeidhm aige a bhfuil sé de phríomhchuspóir acu tionchar dearfach a imirt ar phobail dá ndéantar difear; agus

(d) 

an dóigh a ndéanann sé rianú agus measúnú ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí agus na dtionscnamh sin maidir le torthaí a bhaint amach do na pobail dá ndéantar difear.

33.  ►C1  I ndáil le mír 30, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas: ◄

(a) 

na próisis trína sainaithníonn sé cén ghníomhaíocht is gá agus is iomchuí mar fhreagairt ar thionchar diúltach iarbhír nó féideartha ar phobail dá ndéantar difear;

(b) 

a chur chuige maidir le gníomhaíocht a dhéanamh i ndáil le tionchair dhiúltacha ábhartha shonracha ar phobail, lena n-áirítear aon ghníomhaíocht i ndáil lena chleachtais féin maidir le talamh a fháil, pleanáil agus tógáil, oibriú nó cleachtais dúnta, chomh maith le cé acu a bheidh nó nach mbeidh gá le gníomhaíocht níos leithne nó le gníomhaíocht chomhoibritheach le páirtithe ábhartha eile; agus

(c) 

conas a áirithíonn sé go bhfuil próisis chun leigheas a sholáthar nó a chumasú i gcás tionchair dhiúltacha ábhartha ar fáil agus éifeachtach ina gcur chun feidhme agus ina dtorthaí.

34. I ndáil le rioscaí agus deiseanna ábhartha, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:

(a) 

an ghníomhaíocht atá beartaithe nó atá ar bun chun rioscaí ábhartha a mhaolú don ghnóthas a eascraíonn as a thionchair agus a spleáchais ar phobail dá ndéantar difear agus conas a rianaíonn sé éifeachtacht sa chleachtas; agus

(b) 

cén ghníomhaíocht atá beartaithe nó ar siúl chun deiseanna ábhartha a shaothrú don ghnóthas i ndáil le pobail dá ndéantar difear.

35. Nochtfaidh an gnóthas cé acu a dhéanann nó nach ndéanann sé beart, agus conas a dhéanann sé beart, chun nach mbeidh sé ina chúis le tionchair dhiúltacha ábhartha ar na pobail dá ndéantar difear nó nach rannchuideoidh sé leis sin trína chleachtais féin, é san áireamh, i gcás inarb ábhartha, i ndáil le pleanáil, fáil agus saothrú talún, maoiniú, eastóscadh nó táirgeadh amhábhar, úsáid acmhainní nádúrtha, agus bainistiú na dtionchar ar an gcomhshaol. D’fhéadfaí a áireamh leis sin nochtadh a dhéanamh ar an gcur chuige a ghlactar nuair a thagann teannas chun cinn idir tionchair dhiúltacha ábhartha a chosc nó a mhaolú agus brúnna gnó eile.

36. Nochtfaidh an gnóthas freisin ar tuairiscíodh saincheisteanna tromchúiseacha maidir le cearta an duine agus teagmhais thromchúiseacha a bhaineann le pobail dá ndéantar difear agus, más infheidhme, nochtfaidh sé iad sin ( 115 ).

37.  ►C1  Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 32 (d) á nochtadh ag an ngnóthas, breithneoidh an gnóthas ESRS 2 MDR-T Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna má dhéanann sé meastóireacht ar éifeachtacht gníomhaíochta trí sprioc a leagan síos. ◄

38. Nochtfaidh an gnóthas cad iad na hacmhainní a leithdháiltear ar bhainistiú a thionchar ábhartha, mar aon le faisnéis a chuireann ar a gcumas d’úsáideoirí tuiscint a fháil ar an gcaoi a mbainistítear na tionchair ábhartha.

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S3-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú

39.  Nochtfaidh an gnóthas na spriocanna atá faoi cheangal ama agus dírithe ar thorthaí a d’fhéadfadh a bheith socraithe aige agus a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a) 

tionchair dhiúltacha ar phobail dá ndéantar difear a laghdú; agus/nó

(b) 

tionchair dhearfacha ar phobail dá ndéantar difear a chur chun cinn; agus/nó

(c) 

bainistíocht a dhéanamh ar rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le pobail dá ndéantar difear.

40. Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a chumasú ar a mhéid atá an gnóthas ag úsáid spriocanna atá faoi cheangal ama agus dírithe ar thorthaí chun a dhul chun cinn a spreagadh agus a thomhas maidir le dul i ngleic le tionchair dhiúltacha ábhartha, agus/nó tionchair dhearfacha ar na pobail dá ndéantar difear a chur chun cinn, agus/nó rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann leis na pobail dá ndéantar difear a bhainistiú.

41. Beidh na ceanglais faisnéise a shainmhínítear in ESRS 2 MDR-T sa tuairisc achoimre ar na spriocanna chun na tionchair, na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhaineann leis na pobail dá ndéantar difear a bhainistiú.

42. Nochtfaidh an gnóthas an próiseas chun na spriocanna a shocrú, lena n-áirítear cé acu atá nó nach raibh an gnóthas ag déanamh rannpháirtíocht go díreach le pobail dá ndéantar difear, lena n-ionadaithe dlisteanacha, nó le hionadaithe inchreidte a bhfuil léargas acu ar a staid sna nithe seo a leanas agus conas a rinne sé sin:

(a) 

aon sprioc den sórt sin a leagan síos;

(b) 

feidhmíocht an ghnóthais ina gcoinne a rianú; agus

(c) 

aon cheacht nó aon fheabhsú de thoradh fheidhmíocht an ghnóthais a shainaithint.




Foscríbhinn A

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm

Is dlúthchuid de ESRS S3 Na pobail dá ndéantar difear í an fhoscríbhinn seo. Tacaíonn sí le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le nochtadh a leagtar amach sa chaighdeán seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den chaighdeán.

Cuspóir

AR 1. Níl sé i gceist leis an bhforléargas ar chúrsaí sóisialta agus ar chúrsaí a bhaineann le cearta an duine dá bhforáiltear i mír 2 a thabhairt le tuiscint gur cheart na saincheisteanna sin go léir a nochtadh i ngach Ceanglas maidir le Nochtadh sa Chaighdeán sin. Ina ionad sin, cuirtear liosta ar fáil leis de na hábhair a ndéanfaidh an gnóthas breithniú orthu ina mheasúnú ábharthachta (tagairt do ESRS 1 chaibidil 3 Ábharthacht dhúbailte mar bhonn ag nochtaí inbhuanaitheachta agus ESRS 2 IRO-1) a bhaineann le pobail dá ndéantar difear agus, de réir mar is iomchuí, a nochtfaidh sé mar thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha laistigh de raon feidhme an Chaighdeáin seo.

AR 2. I dteannta na saincheisteanna a liostaítear i mír 2, féadfaidh an gnóthas breithniú a dhéanamh freisin ar fhaisnéis a nochtadh faoi shaincheisteanna eile atá ábhartha do thionchar ábhartha ar feadh tréimhse níos giorra ama, mar shampla tionscnaimh maidir leis an tionchar ar phobail a bhaineann le hoibríochtaí an ghnóthais de dheasca dálaí aimsire foircneacha agus tobanna.

ESRS 2 Nochtaí Ginearálta

Straitéis

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara

AR 3. Le Ceanglas maidir le Nochtadh ESRS 2 SBM-2 ceanglaítear ar an ngnóthas tuiscint a thabhairt maidir le cé acu a dhéanann nó nach ndéanann sé breithniú ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag a straitéis agus a shamhail ghnó maidir le tionchair ábhartha mhóra ar phobail dá ndéantar difear a chruthú, a ghéarú nó a mhaolú, , agus conas a dhéanann sé breithniú air sin agus ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar an tsamhail ghnó agus an straitéis a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt ar thionchair ábhartha den sórt sin agus conas a dhéantar sin.

AR 4. Cé go bhféadfadh sé nach bhfuil na pobail dá ndéantar difear ag déanamh rannpháirtíocht leis an ngnóthas ar leibhéal a straitéise nó a samhla gnó, is féidir eolas a dhéanamh do mheasúnú an ghnóthais ar a straitéis agus a shamhail ghnó lena dtuairimí. Féadfaidh an gnóthas tuairimí na bpobal dá ndéantar difear agus ionadaithe na bpobal dá ndéantar difear a nochtadh.

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó

AR 5. Is féidir le tionchair ar phobail dá ndéantar difear teacht as straitéis nó samhail ghnó an ghnóthais ar bhealaí éagsúla. Mar shampla, d’fhéadfadh tionchair a bheith bainteach le tairiscint luacha an ghnóthais (amhail tionscadail a thógáil nó a thosú agus amlínte i gceist dóibh nach dtugann dóthain ama chun dul i gcomhairle le grúpaí a ndéanann na tionscadail difear dóibh), a shlabhra luacha (mar shampla, úsáid talún i dtíortha ina gconspóidtear úinéireacht go minic nó ina bhfuil taifid neamhiontaofa nó nach dtugtar aitheantas d’úsáideoirí talún amhail pobail dhúchasacha), nó a struchtúr costais agus an tsamhail ioncaim (amhail straitéisí ionsaitheacha chun cánachas a íoslaghdú, go háirithe maidir le hoibríochtaí i dtíortha atá i mbéal forbartha).

AR 6. D’fhéadfadh rioscaí ábhartha don ghnóthas a bheith ina dtoradh ar na tionchair ar phobail dá ndéantar difear de thionscnamh na straitéise nó na samhla gnó. Mar shampla, i gcás ina bhfuil sé i gceist le straitéis an ghnóthais bogadh i dtreo geografaíocht lena mbaineann riosca níos airde chun tráchtearraí áirithe a shaothrú, agus má chuireann na pobail dá ndéantar difear in aghaidh a láithreachta nó a chleachtas áitiúla, d’fhéadfadh sé sin moilleanna forleathana agus costasacha a chruthú, agus tionchar a imirt ar chumas an ghnóthais lamháltais nó ceadanna talún a fháil amach anseo. Ar an gcaoi chéanna, má bhíonn samhail ghnó an ghnóthais ag brath ar dian-eastóscadh uisce ina phlandaí, sa mhéid go ndéanann sé sin difear do rochtain na bpobal ar uisce le haghaidh tomhaltais, sláinteachais agus slite beatha, d’fhéadfadh baghcait, gearáin agus cásanna dlí a bheith ina dtoradh air sin.

AR 7. Maidir le samplaí de shaintréithe áirithe na bpobal dá ndéantar difear a d’fhéadfadh an gnóthas a chur san áireamh agus é ag freagairt do mhír 10, pobal dá ndéantar difear atá scoite amach go fisiceach nó go heacnamaíoch agus atá soghabhálach i leith galair a thabharfaí isteach nó a bhfuil rochtain theoranta aige ar sheirbhísí sóisialta agus, dá bhrí sin, atá ag brath ar bhonneagar arna bhunú ag an ngnóthas. D’fhéadfadh sin a bheith amhlaidh i gcás ina gceannaíonn an gnóthas talamh a oibríonn mná ach ina ndéantar íocaíochtaí do na fir mar chinn teaghlaigh agus breis díchumhachtaithe a dhéanamh ar mhná sa phobal dá bharr. D’fhéadfadh sé a bheith amhlaidh freisin toisc go bhfuil an pobal dúchasach, agus go bhféachann a bhaill le cearta cultúrtha nó eacnamaíocha a fheidhmiú ar an talamh atá faoi úinéireacht nó in úsáid ag an ngnóthas — nó ag ceann de na heintitis a bhfuil caidreamh gnó aige leis — i gcomhthéacs nach bhfuil a gcearta á gcosaint ag an stát. Ina theannta sin, déanfaidh an gnóthas a mheas an bhforluíonn saintréithe éagsúla. Mar shampla, d’fhéadfadh saintréithe amhail eitneacht, stádas socheacnamaíoch, stádas imirceach agus inscne rioscaí forluiteacha díobhála a chruthú do phobail áirithe dá ndéantar difear, nó do chodanna ar leith de na pobail sin dá ndéantar difear, ós rud é gur minic a bhíonn pobail dá ndéantar difear ilchineálach ó thaobh cineáil de.

AR 8. Maidir le mír 11, d’fhéadfadh rioscaí ábhartha teacht chun cinn freisin mar gheall ar spleáchas an ghnóthais ar phobail dá ndéantar difear i gcás ina spreagfadh teagmhas a bhfuil dóchúlacht íseal ann go dtarlóidh sé ach a mbeadh ardtionchar aige éifeachtaí airgeadais; mar shampla, i gcás ina dtarlaíonn timpiste thionsclaíoch a bhaineann le hoibríochtaí an ghnóthais, as a leanann díobháil thromchúiseach do phobail dá ndéantar difear, mar thoradh ar thubaiste nádúrtha.

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S3-1 — Beartais a bhaineann le pobail dá ndéantar difear

AR 9. Áireofar sa tuairisc an fhaisnéis bhunriachtanach is gá chun ionadaíocht dhílis na mbeartas i ndáil leis na pobail dá ndéantar difear a áirithiú agus, dá bhrí sin, breithneoidh an gnóthas mínithe ar athruithe móra ar na beartais a glacadh le linn na bliana tuairiscithe (mar shampla, cuir chuige nua nó cuir chuige bhreise maidir le rannpháirtíocht, dícheall cuí agus leigheas).

AR 10. Agus ailíniú a bheartas le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine á nochtadh ag an ngnóthas, measfaidh sé go dtagraíonn na Prionsabail Threoracha don Bhille Idirnáisiúnta um Chearta, arb é atá ann Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus an dá Chúnant lena gcuirtear chun feidhme é, chomh maith le Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach, Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Pobail Dhúchasacha agus Threibheacha (EIS Uimh. 169) agus na croíchoinbhinsiúin a thacaíonn leis, agus féadfaidh sé a ailíniú leis na hionstraimí sin a nochtadh.

AR 11. Féadfaidh an gnóthas léiriú a thabhairt ar na cineálacha cumarsáide maidir lena bheartais leis na daoine aonair sin, leis an ngrúpa daoine aonair sin nó leis na heintitis sin a bhfuil siad ábhartha ina leith, toisc go bhfuil coinne leis go gcuirfidh siad chun feidhme iad (mar shampla, fostaithe, conraitheoirí agus soláthróirí an ghnóthais), nó toisc go bhfuil leas díreach acu ina gcur chun feidhme (mar shampla, oibrithe dílse, infheisteoirí). Féadfaidh sé uirlisí agus bealaí cumarsáide a nochtadh (mar shampla, fógráin, nuachtlitreacha, suíomhanna gréasáin tiomnaithe, na meáin shóisialta, idirghníomhaíochtaí aghaidh ar aghaidh, ionadaithe oibrithe), arb é is aidhm dóibh a áirithiú go bhfuil an beartas inrochtana agus go dtuigeann lucht féachana éagsúil na himpleachtaí a bhaineann leis. Féadfaidh an gnóthas míniú a thabhairt freisin ar an gcaoi a n-aithníonn sé bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le scaipeadh, agus ar an gcaoi a gcuireann sé deireadh leo, amhail trí aistriúchán go teangacha ábhartha nó trí úsáid a bhaint as léirithe grafacha.

AR 12. Agus saincheisteanna tromchúiseacha maidir le cearta an duine agus teagmhais thromchúiseacha a bhaineann le pobail dá ndéantar difear á nochtadh ag an ngnóthas, breithneoidh sé aon díospóid dlíthiúil a bhaineann le cearta talún agus le toiliú saor, roimh ré agus feasach ó phobail dhúchasacha.

Ceanglas maidir le Nochtadh S3-2 — Próisis rannpháirtíochta le pobail dá ndéantar difear maidir le tionchair

AR 13. Féadfar a áireamh sna mínithe ar an gcaoi a gcuireann an gnóthas san áireamh agus ar an gcaoi a n-áirithíonn sé urraim do cheart na bpobal dúchasach chun toiliú saor, roimh ré agus feasach faisnéis faoi phróisis chun dul i gcomhairle le pobail dhúchasacha chun an toiliú sin a fháil. Breithneoidh an gnóthas conas a áirítear sa chomhairliúchán caibidlíocht de mheon macánta leis na pobail dhúchasacha dá ndéantar difear chun a dtoiliú saor, roimh ré agus feasach a fháil i gcás ina ndéanann an gnóthas difear do na tailte, na críocha nó na hacmhainní ar leis na pobail dhúchasacha iad de ghnáth, a áitíonn siad nó a úsáideann siad ar shlí eile; nó pobail dhúchasacha a athlonnú amach as tailte nó críocha atá faoi réir úinéireachta traidisiúnta nó atá in úsáid nó faoi áitíocht de réir gnáis; nó difear dá maoin chultúrtha, intleachtúil, reiligiúnach agus spioradálta.

AR 14. Nuair a thugtar tuairisc ar an bhfeidhm nó ar an ról ag a bhfuil freagracht oibríochtúil as an rannpháirtíocht sin agus/nó as an gcuntasacht deiridh sin, féadfaidh an gnóthas a nochtadh an ról tiomnaithe nó feidhm thiomnaithe é sin nó cuid de ról nó feidhm níos leithne, agus cé acu ar tairgeadh nó nár táirgeadh aon ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta chun tacú leis an bhfoireann chun dul i mbun rannpháirtíochta. Mura féidir leis post nó feidhm den sórt sin a aithint, féadfaidh sé a rá gurb amhlaidh atá. D’fhéadfaí an nochtadh sin a chomhlíonadh freisin trí thagairt a dhéanamh d’fhaisnéis arna nochtadh de réir ESRS 2 GOV-1 Ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta.

AR 15.  ►C1  Agus na nochtaí a dtugtar tuairisc orthu i mír 21 b) agus c) á n-ullmhú aige, féadfar na léirithe seo a leanas a bhreithniú: ◄

(a) 

samplaí de chéimeanna ina dtarlaíonn rannpháirtíocht ná i) an cur chuige maidir le maolú a chinneadh agus ii) meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht an mhaolaithe;

(b) 

i gcás an chineáil rannpháirtíochta, d’fhéadfadh rannpháirtíocht, comhairliúchán agus/nó faisnéis a bheith ann;

(c) 

i gcás mhinicíocht na rannpháirtíochta, féadfar faisnéis a sholáthar maidir le cé acu a dhéantar nó nach ndéantar rannpháirtíocht ar bhonn tráthrialta, ag pointí áirithe i dtionscadal nó i bpróiseas gnó; agus

(d) 

maidir leis an ról ag a bhfuil freagracht oibríochtúil, cé acu a éilíonn nó nach n-éilíonn an gnóthas ar bhaill foirne ábhartha scileanna áirithe a bheith acu, nó cé acu a chuireann nó nach gcuireann sé oiliúint nó fothú acmhainneachta ar fáil do bhaill foirne ábhartha chun dul i mbun rannpháirtíochta. I gcás tionchair ábhartha, rioscaí agus deiseanna a bhaineann le pobail dhúchasacha, áirítear leis sin oiliúint ar chearta na ndaoine dúchasacha, lena n-áirítear toiliú saor, roimh ré agus feasach.

AR 16. Chun an chaoi ar thug dearcthaí pobal bonn eolais do chinntí nó gníomhaíochtaí sonracha an ghnóthais a léiriú, féadfaidh an gnóthas samplaí ón tréimhse tuairiscithe reatha a sholáthar.

Ceanglas maidir le Nochtadh S3-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le pobail dá ndéantar difear ábhair imní a chur in iúl

AR 17. Agus na ceanglais a leagtar amach i gCeanglas um Nochtadh ESRS S3-3 á gcomhlíonadh, féadfaidh an gnóthas a bheith á threorú ag ábhar Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus ag Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta atá dírithe ar shásraí feabhsúcháin agus casaoide.

AR 18. I measc na mbealaí chun ábhair imní nó riachtanais a chur in iúl, áirítear sásraí casaoide, beolínte, próisis idirphlé nó modhanna eile trínar féidir leis na pobail lena mbaineann nó lena n-ionadaithe dlisteanacha ábhair imní a léiriú faoi thionchair nó na riachtanais ar mhaith leo go dtabharfadh an gnóthas aghaidh orthu a mhíniú. D’fhéadfaí a áireamh orthu sin bealaí a sholáthraíonn an gnóthas go díreach agus tá siad le tuairisciú i dteannta aon sásra eile a fhéadfaidh an gnóthas a úsáid chun léargas a fháil ar bhainistiú na dtionchar ar thomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh, amhail iniúchtaí comhlíontachta. I gcás ina bhfuil an gnóthas ag brath, chun an ceanglas sin a fhreagairt, ar fhaisnéis arna soláthar ag a chaidrimh ghnó maidir le bealaí den sórt sin a bheith ann, agus ar an bhfaisnéis sin amháin, féadfaidh sé é sin a shonrú.

AR 19. Chun léargas níos fearr a thabhairt ar an bhfaisnéis a chumhdaítear in ESRS S3-3, féadfaidh an gnóthas a mhíniú cé acu atá nó nach bhfuil pobail a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh in ann bealaí a rochtain ar leibhéal an ghnóthais a ndéanann sé difear dóibh, agus conas atá siad in ann sin a dhéanamh, i ndáil le gach tionchar ábhartha. I measc na n-léargais ábhartha tá faisnéis maidir le cé acu is féidir nó nach féidir le pobail a ndéantar difear dóibh bealaí a rochtain i dteanga a thuigeann siad, agus an ndeachthas i gcomhairle leo i ndearadh na mbealaí sin.

AR 20. D’fhéadfaí a áireamh ar shásraí tríú páirtí iad siúd arna n-oibriú ag an rialtas, eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), comhlachais tionscail agus tionscnaimh chomhoibríocha eile. Féadfaidh an gnóthas a nochtadh an bhfuil siad seo inrochtana ag gach pobal dá ndéantar difear a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith ag an ngnóthas orthu, nó ag daoine aonair nó eagraíochtaí atá ag gníomhú thar a gceann nó atá in ann, ar shlí eile, a bheith ar an eolas faoi thionchair dhiúltacha.

AR 21. I ndáil le cosaint daoine aonair a úsáideann na sásraí in aghaidh frithbheartaíochta, féadfaidh an gnóthas tuairisc a thabhairt ar cé acu a chaitheann nó nach gcaitheann sé le casaoidí faoi rúndacht agus i ndáil le cearta chun príobháideachais agus leis an gceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint; agus cibé acu is féidir nó nach féidir na sásraí a úsáid gan ainm (mar shampla, trí ionadaíocht ó thríú páirtí).

AR 22. Agus próisis á nochtadh a bhaineann le leigheas a chur ar fáil agus a chumasú do phobail dhúchasacha, áirítear san fhaisnéis ábhartha cé acu a rinne nó nach ndearna an gnóthas breithniú ar a nósanna, a dtraidisiúin, a rialacha agus a gcórais dlí agus conas rinne sé sin.

AR 23. Agus nochtadh á dhéanamh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil a fhios ag an ngnóthas go bhfuil na pobail dá ndéantar difear ar an eolas faoi aon cheann de na bealaí sin agus go bhfuil muinín acu astu, agus maidir le conas atá a fhios ag an ngnóthas sin, féadfaidh sé sonraí ábhartha agus iontaofa a sholáthar maidir le héifeachtacht na mbealaí sin ó dhearcadh na bpobal féin dá ndéantar difear. Ar shamplaí d’fhoinsí faisnéise tá suirbhéanna ar mhuintir na bpobal a bhfuil úsáid bainte acu as bealaí den sórt sin agus a leibhéil shástachta leis an bpróiseas agus leis na torthaí.

AR 24. Agus cur síos á dhéanamh ar éifeachtacht na mbealaí do na pobail a ndéantar difear dóibh chun ábhair imní a ardú, féadfaidh na ceisteanna seo a leanas a bheith mar threoir ag an ngnóthas, bunaithe ar na “critéir éifeachtúlachta le haghaidh sásraí casaoide neamhbhreithiúnacha”, mar a leagtar amach i bPrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, go háirithe Prionsabal 31. Féadfar na cúinsí thíos a chur i bhfeidhm ar bhonn cainéal aonair nó ar an gcomhchóras cainéal:

(a) 

an bhfuil dlisteanacht ag na bealaí trí chuntasacht iomchuí a sholáthar as a n-iompar cóir agus trí mhuinín na bpáirtithe leasmhara a chothú?

(b) 

an eol do na páirtithe leasmhara na bealaí a bheith ann agus an bhfuil rochtain acu orthu?

(c) 

an bhfuil nósanna imeachta soiléire aitheanta ag na bealaí, an bhfuil tráthchláir socraithe acu agus soiléireacht faoi na próisis?

(d) 

an áirithítear leis na bealaí go mbeidh rochtain réasúnach ar fhoinsí faisnéise, comhairle agus saineolais?

(e) 

an soláthraíonn na bealaí trédhearcacht trí fhaisnéis leordhóthanach a sholáthar do ghearánaigh agus, i gcás inarb infheidhme, chun aon leas poiblí atá i gceist a chomhlíonadh araon?

(f) 

an bhfuil na torthaí a bhaintear amach trí na bealaí i gcomhréir le cearta an duine a aithnítear go hidirnáisiúnta?

(g) 

an sainaithníonn an gnóthas léargais ó na bealaí a thacaíonn le foghlaim leanúnach chun feabhas a chur ar na bealaí agus chun tionchair amach anseo a chosc?

(h) 

an ndíríonn an gnóthas ar an idirphlé le gearánaigh mar an modh chun teacht ar réitigh chomhaontaithe, seachas a bheith ag féachaint leis an toradh a chinneadh go haontaobhach?

Ceanglas maidir le Nochtadh S3-4 — Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar phobail dá ndéantar difear, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le pobail dá ndéantar difear, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin

AR 25. D’fhéadfadh sé go dtógfaidh sé am tuiscint a fháil ar thionchair dhiúltacha agus conas a d’fhéadfadh an gnóthas a bheith bainteach leo trína shlabhra luacha, agus chun freagairtí iomchuí a shainaithint agus a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, breithneoidh an gnóthas na nithe seo a leanas:

(a) 

na cineálacha cur chuige ginearálta agus sonracha atá aige chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha ábhartha;

(b) 

a infheistíocht shóisialta nó cláir forbartha eile atá dírithe ar rannchuidiú le tionchair dhearfacha ábhartha bhreise;

(c) 

an méid dul chun cinn atá déanta aige ina iarrachtaí le linn na tréimhse tuairiscithe; agus

(d) 

na haidhmeanna atá aige maidir le feabhsú leanúnach.

AR 26. Is féidir gníomhaíochtaí iomchuí éagsúla a bheith ann ag brath ar an ngnóthas féin a bheith ina chúis nó ag rannchuidiú le tionchar ábhartha, nó cé acu atá nó nach bhfuil an tionchar ábhartha nasctha go díreach lena oibríochtaí, lena tháirgí nó lena sheirbhísí trí ghaolmhaireacht ghnó.

AR 27. Ós rud é go bhféadfadh tionchair dhiúltacha ábhartha a dhéanann difear do phobail a tháinig chun cinn le linn na tréimhse tuairiscithe a a bheith bainteach freisin le heintitis nó le hoibríochtaí nach bhfuil smacht díreach ag an ngnóthas orthu, féadfaidh an gnóthas a nochtadh cé acu a fhéachann nó nach bhféachann sé lena ghiaráil a úsáid ina chaidrimh ghnó chun na tionchair sin a bhainistiú agus conas a fhéachann sé leis sin a dhéanamh. D’fhéadfaí a áireamh leis sin giaráil tráchtála a úsáid (mar shampla, ceanglais chonarthacha a fhorfheidhmiú le caidreamh gnó nó dreasachtaí a chur chun feidhme), cineálacha eile giarála laistigh den chaidreamh (amhail oiliúint nó fothú acmhainneachta maidir le cearta na bpobal dúchasach a chur ar fáil d’eintitis a bhfuil caidreamh gnó ag an ngnóthas leo) nó giaráil chomhoibríoch le piaraí nó le gníomhaithe eile (amhail tionscnaimh a bhfuil sé mar aidhm leo tionchair a bhaineann le slándáil ar phobail a íoslaghdú nó páirt a ghlacadh i gcomhpháirtíochtaí comhphobail cuideachtaí).

AR 28. D’fhéadfadh tionchair ar phobail eascairt as ábhair chomhshaoil a nochtann an gnóthas faoi ESRS E1 go E5. Ar shamplaí tá:

(a) 

ESRS E1 Athrú aeráide: Chun pleananna maolaithe don athrú aeráide a chur chun feidhme, féadfar a cheangal ar an ngnóthas infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail fuinnimh in-athnuaite a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do thailte, do chríocha agus d’acmhainní nádúrtha na bpobal dúchasach. Mura dtéann an gnóthas i gcomhairle leis na pobail dhúchasacha atá buailte, d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar cheart na bpobal lena mbaineann toiliú saor, feasach agus roimh ré a fháil;

(b) 

ESRS E2 Truailliú: D’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag an ngnóthas ar phobail atá faoi thionchar diúltach toisc nach gcosnódh sé iad ar thruailliú ó shaoráid táirgthe ar leith is cúis le saincheisteanna a bhaineann leis an tsláinte;

(c) 

ESRanna E3 Uisce agus foinsí muirí: D’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag an ngnóthas ar rochtain ar uisce óil glan na bpobal agus uisce á tharraingt siar acu i limistéir ina bhfuil uisce faoi strus;

(d) 

ESRs E4 Bithéagsúlacht agus éiceachórais: D’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag an ngnóthas ar shlí bheatha na bhfeirmeoirí áitiúla trí oibríochtaí a dhéanann ithir a éilliú. I measc na samplaí eile tá séalú talún trí bhonneagar nua a thógáil, lenar féidir deireadh a chur le speicis phlandaí atá ríthábhachtach do bhithéagsúlacht áitiúil, mar shampla, nó chun uisce a scagadh do phobail; nó tabhairt isteach speiceas ionrach (cibé acu plandaí nó ainmhithe) a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar éiceachórais agus dochar a dhéanamh dá éis sin;

(e) 

ESRS E5 Úsáid Acmhainní agus an Geilleagar Ciorclach: D’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag an ngnóthas ar shaol na bpobal trí dhul i bhfeidhm ar a sláinte trí mhíbhainistiú dramhaíola guaisí.

I gcás ina dtugtar aghaidh ar an gceangal idir tionchair ar an gcomhshaol agus pobail áitiúla sna nochtaí laistigh de Cheanglais maidir le Nochtadh ESRS E1-E5, féadfaidh an gnóthas crostagairt a dhéanamh dóibh sin agus nochtaí den sórt sin a shainaithint go soiléir.

AR 29. Nuair a nochtfaidh an gnóthas a rannpháirtíocht i dtionscnamh tionscail nó i dtionscnamh ina bhfuil an iliomad páirtithe leasmhara mar chuid dá ghníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha ábhartha, féadfaidh an gnóthas a nochtadh conas atá an tionscnamh, agus a rannpháirtíocht féin, dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an tionchar ábhartha lena mbaineann. Féadfaidh sé na spriocanna ábhartha a leagtar síos leis an tionscnamh a nochtadh faoi ESRS S3-5, chomh maith leis an dul chun cinn atá déanta ina leith.

AR 30. Agus nochtadh á dhéanamh ag an ngnóthas maidir le cé acu a dhéanann sé nó nach ndéanann sé na tionchair iarbhír agus fhéideartha ar phobail dá ndéantar difear a mheas i gcinntí chun deireadh a chur le caidrimh ghnó, agus conas a dhéanann sé sin a mheas, agus cé acu a fhéachann nó nach bhféachann sé le dul i ngleic le haon tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ina dtoradh ar fhoirceannadh, agus conas a fhéachann sé leis sin a dhéanamh, féadfaidh an gnóthas samplaí a chur san áireamh.

AR 31. Agus é á nochtadh ag an ngnóthas conas a rianaíonn sé éifeachtacht na ngníomhaíochtaí chun tionchair ábhartha a bhainistiú le linn na tréimhse tuairiscithe, féadfaidh an gnóthas aon cheacht a foghlaimíodh ó na tréimhsí tuairiscithe roimhe sin agus ó na tréimhsí tuairiscithe reatha a nochtadh.

AR 32. Is féidir a áireamh ar na próisis a úsáidtear chun éifeachtacht na ngníomhaíochtaí a rianú iniúchóireacht nó fíorú inmheánach nó seachtrach, imeachtaí cúirte agus/nó cinntí cúirte gaolmhara, measúnuithe tionchair, córais tomhais, aiseolas ó pháirtithe leasmhara, sásraí casaoide, rátálacha feidhmíochta seachtracha, agus tagarmharcáil.

AR 33. Is é is aidhm don tuairisciú ar éifeachtacht tuiscint a fháil ar na naisc idir gníomhaíochtaí a dhéanann an gnóthas agus bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar thionchair.

AR 34. Maidir le tionscnaimh nó próisis a bhfuil sé mar phríomhaidhm acu tionchair dhearfacha a chur ar fáil do phobail dá ndéantar difear atá bunaithe ar riachtanais na bpobal dá ndéantar difear, agus maidir leis an dul chun cinn i gcur chun feidhme na dtionscnamh nó na bpróiseas sin, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a nochtadh:

(a) 

faisnéis faoi cé acu atá nó nach bhfuil ról ag pobail agus ionadaithe dlisteanacha nó ag a n-ionadaithe inchreidte i gcinntí maidir le dearadh agus cur chun feidhme na n-infheistíochtaí nó na gclár sin agus an chaoi a bhfuil ról acu; agus

(b) 

faisnéis faoi na torthaí dearfacha a bhí beartaithe nó a bhain amach do na pobail a ndearnadh difear dóibh de bharr na n-infheistíochtaí nó na gclár sin.

(c) 

míniú ar neas-raon feidhme na bpobal dá ndéantar difear a chumhdaítear leis na cláir infheistíochta sóisialta nó forbartha a bhfuil tuairisc orthu, agus, i gcás inarb infheidhme, an réasúnaíocht is bun le leis an gcúis ar roghnaíodh pobail áirithe do chur chun feidhme cláir infheistíochta sóisialta nó forbartha ar leith.

AR 35. Féadfaidh an gnóthas a nochtadh an bhfuil aon tionscnaimh nó próisis a bhfuil sé mar phríomhaidhm acu tionchair dhearfacha a bhaint amach do phobail a ndéantar difear dóibh ceaptha freisin chun tacú le ceann amháin nó níos mó de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe a bhaint amach. Mar shampla, trí ghealltanas a thabhairt SDG 5 na Náisiún Aontaithe a chur chun cinn chun “comhionannas inscne a bhaint amach agus mná agus cailíní uile a chumhachtú”, d‘fhéadfadh sé go mbeadh bearta machnamhacha á ndéanamh ag an ngnóthas chun mná a áireamh sa phróiseas comhairliúcháin le pobal atá thíos leis chun caighdeáin maidir le rannpháirtíocht éifeachtach geallsealbhóirí a chomhlíonadh, rud a d’fhéadfadh cabhrú le mná a chumhachtú sa phróiseas féin, ach ina saol laethúil freisin.

AR 36. Agus torthaí dearfacha atá beartaithe nó bainte amach do na pobail dá ndéantar difear a bhuí lena ghníomhaíochtaí á nochtadh ag an ngnóthas, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir fianaise gur tharla gníomhaíochtaí áirithe (mar shampla, gur cuireadh oiliúint ar fáil don líon ban den phobal x maidir le conas a bheith ina soláthróirí áitiúla don ghnóthas) agus fianaise ar thorthaí iarbhír do phobail dá ndéantar difear (mar shampla, go bhfuil gnólachtaí beaga curtha ar bun ag an líon den phobal ar mná iad x agus go ndearnadh a gconradh leis an ngnóthas a athnuachan bliain ar bhliain).

AR 37. Agus nochtadh á dhéanamh ag an ngnóthas maidir le cé acu atá nó nach bhfuil ról ag tionscnaimh nó próisis maidir le tionchair dhiúltacha ábhartha a mhaolú freisin, féadfaidh an gnóthas, mar shampla, breithniú a dhéanamh ar chláir arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar bhonneagar áitiúil máguaird oibríochtaí gnóthais, amhail feabhsuithe ar bhóithre , rud as a n-eascraíonn laghdú ar líon na dtionóiscí tromchúiseacha tráchta a bhfuil baill den phobal páirteach iontu.

AR 38. Agus na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhaineann le tionchair nó le spleáchais an ghnóthais ar phobail dá ndéantar difear á nochtadh, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a mheas:

(a) 

D’fhéadfadh sé go n-áireofaí ar na rioscaí a bhaineann le tionchair an ghnóthais ar na pobail a ndéantar difear dóibh nochtadh do chlú nó nochtadh dlíthiúil, chomh maith le rioscaí oibríochtúla, i gcás ina ndéanann pobail a ndearnadh difear dóibh agóid in aghaidh athlonnaithe nó caillteanas rochtana ar thailte, rud a d’fhágfadh moilleanna costasacha, baghcatanna, nó cásanna dlí;

(b) 

féadfar a áireamh ar na rioscaí a bhaineann le spleáchais an ghnóthais ar phobail dá ndéantar difear cur isteach ar oibríochtaí gnó i gcás ina gcinneann pobail dhúchasacha a dtoiliú le tionscadal ar a dtailte a tharraingt siar, ag cur iallach ar an ngnóthas an tionscadal a mhodhnú nó a thréigean go suntasach;

(c) 

►C1  i measc na ndeiseanna a bhaineann le tionchair an ghnóthais ar na pobail a ndéantar difear dóibh , d’fhéadfaí tionscadail a mhaoiniú ar bhealach níos éasca agus a bheith ina chomhpháirtí rogha do phobail, do rialtais agus do ghnólachtaí eile; agus ◄

(d) 

i measc na ndeiseanna a bhaineann le spleáchais an ghnóthais ar phobail atá buailte, d’fhéadfaí caidrimh dhearfacha a fhorbairt idir an gnóthas agus pobail dhúchasacha a chuireann ar chumas tionscadal atá ann cheana leathnú le tacaíocht láidir.

AR 39.  ►C1  Agus an fhaisnéis in AR 38 á nochtadh aige, féadfaidh an gnóthas mínithe ar rioscaí agus deiseanna a eascraíonn as tionchair chomhshaoil nó as spleáchais a mheas (féach ar AR 28 le haghaidh tuilleadh sonraí), lena n-áirítear tionchair ghaolmhara ar chearta an duine (nó ar an tionchar sóisialta). ◄ Ar shamplaí tá rioscaí clú a eascraíonn as an tionchar a bhíonn ag sceitheadh truaillithe neamhbhainistithe ar shláinte na bpobal; nó éifeachtaí airgeadais agóidí a d’fhéadfadh cur isteach ar ghníomhaíochtaí gnóthais nó cur isteach orthu, mar shampla, mar fhreagairt ar oibríochtaí i limistéir ina bhfuil béim ar uisce a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar shaol na bpobal atá buailte.

AR 40. Agus nochtadh á dhéanamh ag an gnóthas cé acu a n-athraíonn nó nach n-athraíonn spleáchais ina rioscaí, déanfaidh sé forbairtí seachtracha a mheas.

AR 41. Agus beartais, gníomhaíocht agus acmhainní agus spriocanna a bhaineann le bainistiú rioscaí agus deiseanna ábhartha á nochtadh ag an ngnóthas, i gcásanna ina n-eascraíonn rioscaí agus deiseanna as tionchar ábhartha, féadfaidh an gnóthas crostagairt a dhéanamh dá nochtuithe maidir le beartais, gníomhaíochtaí agus acmhainní agus spriocanna i ndáil leis an tionchar sin.

AR 42. Déanfaidh an gnóthas breithniú i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil a phróisis chun rioscaí ábhartha a bhaineann le pobail dá ndéantar difear a bhainistiú comhtháite ina phróisis bainistithe riosca atá ann cheana, agus conas atá siad comhtháite iontu.

AR 43. Agus na hacmhainní a leithdháiltear ar bhainistiú tionchar ábhartha á nochtadh aige, féadfaidh an gnóthas a nochtadh cé na feidhmeanna inmheánacha atá bainteach le bainistiú na dtionchar agus cé na cineálacha gníomhaíochta a dhéanann siad chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha agus tionchair dhearfacha a chur chun cinn.

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S3-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú

AR 44.  ►C1  Agus faisnéis maidir le spriocanna á nochtadh ag an ngnóthas i gcomhréir le mír 39, féadfaidh sé an méid seo a leanas a nochtadh: ◄

(a) 

na torthaí beartaithe atá le baint amach le linn saolré na bpobal dá ndéantar difear, ar an mbealach is sonraí agus is féidir;

(b) 

cobhsaíocht na spriocanna le himeacht ama i dtéarmaí sainmhínithe agus modheolaíochtaí chun inchomparáideacht a chumasú le himeacht ama;

(c) 

na caighdeáin nó na gealltanais a bhfuil na spriocanna bunaithe orthu (mar shampla cóid iompair, beartais foinsithe, creataí domhanda nó cóid tionscail).

AR 45. D’fhéadfadh spriocanna a bhaineann le rioscaí agus deiseanna ábhartha a bheith mar an gcéanna le spriocanna a bhaineann le tionchair ábhartha nó éagsúil leo. Mar shampla, dá mbeadh sprioc ann slite beatha na bpobal lena mbaineann a athbhunú go hiomlán tar éis an athlonnaithe, d’fhéadfaí an tionchar ar na pobail sin a laghdú agus rioscaí gaolmhara amhail agóidí pobail a laghdú.

AR 46. Féadfaidh an gnóthas idirdhealú a dhéanamh freisin idir spriocanna gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha lena gcumhdaítear an gealltanas beartais céanna. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé mar phríomhchuspóir ag an ngnóthas baill den phobal a fhostú ag láithreán mianadóireachta áitiúil, agus é mar sprioc fhadtéarmach aige foireann a chur ar fáil 100 % go háitiúil faoi 2025, agus é mar chuspóir gearrthéarmach x faoin gcéad d’fhostaithe áitiúla a chur leis gach bliain suas go dtí 2025.

AR 47. Agus sprioc á modhnú nó á hionadú ag an ngnóthas sa tréimhse tuairiscithe, féadfaidh an gnóthas an t-athrú a mhíniú ach é a nascadh le hathruithe móra ar an tsamhail ghnó nó le hathruithe níos leithne ar an gcaighdeán nó ar an reachtaíocht a bhfuil glacadh leo as a ndíorthaítear an sprioc chun faisnéis chomhthéacsúil a sholáthar, de réir ESRS 2 BP-2 Nochtaí i ndáil le himthosca sonracha.

ESRS S4

TOMHALTÓIRÍ AGUS ÚSÁIDEOIRÍ DEIRIDH

CLÁR ÁBHAR

Cuspóir

Idirghníomhaíocht le ESRS eile

Ceanglais maidir le Nochtadh

ESRS 2 Nochtaí Ginearálta

Straitéis

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara

►C1  Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 – Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó ◄

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S4-1 — Beartais a bhaineann le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh

Ceanglas maidir le Nochtadh S4-2 — Próisis rannpháirtíochta le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh maidir le tionchair

Ceanglas maidir le Nochtadh S4-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh ábhair imní a chur in iúl

Ceanglas maidir le Nochtadh S4-4 — Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar thomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí agus na gcur chuige sin

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S4-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú

Foscríbhinn A:

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm

Cuspóir

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

Straitéis

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S4-1 — Beartais a bhaineann le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh

Ceanglas maidir le Nochtadh S4-2 — Próisis rannpháirtíochta le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh maidir le tionchair

Ceanglas maidir le Nochtadh S4-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh ábhair imní a chur in iúl

►C1  Ceanglas maidir le Nochtadh S4-4 – Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar thomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a mhaolú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí agus na gcur chuige sin ◄

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S4-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú

Cuspóir

1. Is é is cuspóir don Chaighdeán seo ceanglais maidir le nochtadh a shonrú, ar ceanglais iad lena gcuirfear ar a gcumas d’úsáideoirí an ráitis inbhuanaitheachta tionchair ábhartha ar thomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh a bhfuil baint acu le hoibríochtaí an ghnóthais féin agus leis an slabhra luacha a thuiscint, lena n-áirítear trína tháirgí nó trína sheirbhísí, agus trína chaidrimh ghnó, agus na rioscaí agus deiseanna ábhartha gaolmhara a bhaineann leo, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a) 

an chaoi a ndéanann an gnóthas difear do thomhaltóirí agus/nó d’úsáideoirí deiridh a tháirgí agus/nó a sheirbhísí (dá dtagraítear sa Chaighdeán seo mar ‘tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh’), ó thaobh tionchair dhearfacha agus dhiúltacha ábhartha iarbhír nó ionchasacha;

(b) 

aon ghníomhaíochtaí a rinneadh, agus toradh na ngníomhaíochtaí sin, chun tionchair dhiúltacha iarbhír nó fhéideartha a chosc, a mhaolú nó a leigheas, agus chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí agus deiseanna;

(c) 

nádúr, cineál agus méid rioscaí agus deiseanna ábhartha an ghnóthais a bhaineann lena thionchair agus lena spleáchais ar thomhaltóirí agus ar úsáideoirí deiridh, agus conas a bhainistíonn an gnóthas na rioscaí agus na deiseanna sin; agus

(d) 

na héifeachtaí airgeadais ar an ngnóthas a bhaineann le rioscaí agus na deiseanna ábhartha thar na sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma a eascraíonn as tionchair agus as spleáchais an ghnóthais ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh.

2. Chun an cuspóir a bhaint amach, leis an gCaighdeán seo éilítear míniú ar an gcur chuige ginearálta a ghlacann an gnóthas chun aon tionchar ábhartha iarbhír agus féideartha ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh a bhaineann lena tháirgí agus/nó lena sheirbhísí a shainaithint agus a bhainistiú i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a) 

tionchair a bhaineann le faisnéis ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh (mar shampla, príobháideachas, saoirse chun tuairimí a nochtadh agus rochtain ar fhaisnéis (cáilíocht);

(b) 

sábháilteacht phearsanta tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh (sláinte agus sábháilteacht, slándáil duine agus cosaint leanaí, mar shampla);

(c) 

cuimsiú sóisialta tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh (mar shampla, neamh-idirdhealú, rochtain ar tháirgí agus ar sheirbhísí agus cleachtais mhargaíochta fhreagracha).

3. Ceanglaítear leis an gCaighdeán seo freisin míniú a thabhairt ar an gcaoi ar féidir le tionchair den sórt sin, chomh maith le spleáchais an ghnóthais ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh, rioscaí nó deiseanna ábhartha a chruthú don ghnóthas. Mar shampla, is féidir le tionchair dhiúltacha ar chlú tháirgí agus/nó sheirbhísí an ghnóthais dochar a dhéanamh dá fheidhmíocht ghnó, agus d’fhéadfadh tairbhí gnó a bheith mar thoradh ar iontaoibh as táirgí agus/nó seirbhísí, amhail díolacháin mhéadaithe nó leathnú an bhoinn tomhaltóirí a bheidh ann amach anseo.

4. Ní thagann úsáid neamhdhleathach nó mí-úsáid táirgí agus seirbhísí an ghnóthais a dhéanann tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh faoi raon feidhme an chaighdeáin seo.

Idirghníomhaíocht le ESRS eile

5. Tá feidhm ag an gcaighdeán sin nuair a shainaithnítear tionchair ábhartha ar thomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh agus/nó rioscaí agus deiseanna ábhartha maidir leo tríd an bpróiseas measúnaithe ábharthachta a leagtar amach in ESRS 2 Nochtuithe ginearálta.

6. Léifear an Caighdeán seo i gcomhar le ceanglais ghinearálta ESRS 1, agus ESRS 2, chomh maith le lucht saothair ESRS S1 Féin, Oibrithe ESRS S2 sa slabhra luacha agus pobail a bhfuil éifeacht orthu ESRS S3.

Ceanglais maidir le Nochtadh

ESRS 2 Nochtaí Ginearálta

7. Ba cheart ceanglais na roinne seo a léamh i gcomhar leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2 maidir le Straitéis (SBM). Déanfar na nochtaí a thiocfaidh as sin a chur i láthair in éineacht leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2, cé is moite de SBM-3 Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó, a bhfuil sé de rogha ag an ngnóthas nochtaí a chur i láthair ina leith in éineacht leis an nochtadh topaicshonrach.

Straitéis

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara

8. Agus é ag freagairt do ESRS 2 SBM-2, mír 43, nochtfaidh an gnóthas conas a dhéanfaidh leasanna, tuairimí agus cearta a thomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear urraim do chearta an duine, a straitéis agus a shamhail ghnó a chur ar an eolas. Is grúpa tábhachtach páirtithe leasmhara lena mbaineann iad tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh.

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó

9. Agus an gnóthas ag freagairt do ESRS 2 SBM-3 mír 48, nochtfaidh sé an méid seo a leanas:

(a) 

maidir leis na tionchair iarbhír agus fhéideartha ar thomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh mar a sainaithníodh sna Ceanglais maidir le Nochtadh ESRS 2 IRO-1 Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú, cé acu is fíor nó nach fíor an méid seo a leanas, agus conas atá sé sin amhlaidh: (i) gur de thionscnamh straitéis agusshamhlacha gnó an ghnóthais iad nó go bhfuil baint acu leo, agus (ii) straitéis agus samhail ghnó an ghnóthais a chur ar an eolas agus rannchuidiú lena oiriúnú, agus

(b) 

an gaol idir na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhaineann leis a eascraíonn as tionchair agus as spleáchais ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh agus as a straitéis agus a shamhail ghnó.

10. Agus ceanglais mhír 48 á gcomhlíonadh aige, nochtfaidh an gnóthas an bhfuil na tomhaltóirí agus/nó na húsáideoirí deiridh uile ar dócha go mbeidh tionchar ábhartha ag an ngnóthas orthu, lena n-áirítear tionchair a bhaineann le hoibríochtaí an ghnóthais féin agus leis an slabhra luacha, lena n-áirítear trína tháirgí nó trína sheirbhísí, agus trína chaidreamh gnó, san áireamh i raon feidhme a nochta faoi ESRS 2. Thairis sin, nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas:

(a) 

tuairisc ghearr ar na cineálacha tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh atá faoi réir tionchair ábhartha de dhroim a oibríochtaí dílse nó trína shlabhra luacha, agus sonróidh sé cé acu:

i. 

tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh táirgí atá díobhálach do dhaoine go bunúsach agus/nó a mhéadaíonn rioscaí maidir le galar ainsealach;

ii. 

tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh seirbhísí a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar a gcearta chun príobháideachais, chun a sonraí pearsanta a chosaint, chun saoirse chun tuairimí a nochtadh agus chun neamh-idirdhealaithe;

iii. 

tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh a bhraitheann ar fhaisnéis chruinn agus inrochtana maidir le táirgí nó seirbhísí, amhail lámhleabhair agus lipéid táirgí, le nach mbainfidh siad úsáid as táirge nó seirbhís ar bhealach a d’fhéadfadh a bheith díobhálach;

iv. 

tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh atá leochaileach go háirithe maidir le tionchair sláinte nó phríobháideachais, nó tionchair a bheadh ag straitéisí margaíochta, amhail leanaí nó daoine atá leochaileach ó thaobh airgeadais de;

(b) 

i gcás tionchair dhiúltacha ábhartha, cibé an bhfuil siad (i) forleathan nó sistéamach i gcomhthéacsanna ina ndíolann nó ina soláthraíonn an gnóthas a tháirgí nó a sheirbhísí (mar shampla, faireachas stáit a dhéanann difear do phríobháideacht úsáideoirí seirbhíse), nó (ii) a bhaineann le teagmhais aonair (mar shampla, fabht atá nasctha le táirge ar leith) nó le caidrimh ghnó shonracha (mar shampla, úsáideann comhpháirtí gnó margaíocht a dhíríonn go míchuí ar thomhaltóirí óga);

(c) 

i gcás tionchair dhearfacha ábhartha, tuairisc ghairid ar na gníomhaíochtaí a mbíonn tionchar dearfach acu (mar shampla, dearadh táirgí a fheabhsaíonn a inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas) agus ar na cineálacha tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh a ndéantar difear dearfach dóibh nó a bhféadfaí difear dearfach a dhéanamh dóibh; féadfaidh an gnóthas a nochtadh freisin an dtarlaíonn na tionchair dhearfacha i dtíortha sonracha nó i réigiúin shonracha; agus

(d) 

aon riosca agus deis ábhartha don gnólacht a eascraíonn as tionchair agus spleáchais ar thomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh.

11. Agus cur síos á dhéanamh aige ar na príomhchineálacha tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh a bhfuil nó a bhféadfaí tionchar diúltach a imirt orthu, bunaithe ar an measúnú ábharthachta a leagtar amach in ESRS 2 IRO-1, nochtfaidh an gnóthas cibé ar fhorbair sé tuiscint agus conas a d’fhorbair sé tuiscint ar conas a d’fhéadfadh tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh a bhfuil saintréithe ar leith acu, nó iad siúd a úsáideann táirgí nó seirbhísí áirithe, a bheith i mbaol níos mó díobhála agus conas a d’fhorbair sé í.

12. Nochtfaidh an gnóthas cé na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhaineann leis, más ann dóibh, a eascraíonn as tionchair agus as spleáchais ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh, a bhaineann le grúpaí sonracha tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh (mar shampla, aoisghrúpaí áirithe) seachas le gach tomhaltóir agus/nó úsáideoir deiridh.

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S4-1 — Beartais a bhaineann le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh

13.  Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar a bheartais arna nglacadh chun bainistiú a dhéanamh ar a thionchair ábhartha a tháirgí agus/nó a sheirbhísí ar thomhaltóirí agus ar úsáideoirí deiridh, chomh maith le rioscaí agus deiseanna ábhartha gaolmhara.

14. Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a chumasú ar a mhéid atá beartais ag an ngnóthas lena dtugtar aghaidh ar shainaithint, measúnú, bainistiú agus/nó feabhsú na dtionchar ábhartha ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh go sonrach, chomh maith le beartais lena gcumhdaítear rioscaí nó deiseanna ábhartha a bhaineann le tomhaltóirí agus/nó le húsáideoirí deiridh.

15. Beidh sa nochtadh a cheanglaítear le mír 13 an fhaisnéis faoi bheartais an ghnóthais chun a thionchair ábhartha, a rioscaí agus a dheiseanna a bhaineann le tomhaltóirí agus/nó le húsáideoirí deiridh a bhainistiú i gcomhréir le Beartais ESRS 2 MDR-P arna nglacadh chun ábhair inbhuanaitheachta ábhartha a bhainistiú. Ina theannta sin, sonróidh an gnóthas cé acu grúpaí sonracha nó na tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh uile a chumhdaítear leis na beartais sin.

16. Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar a ghealltanais ( 116 ) bheartais maidir le cearta an duine atá ábhartha do thomhaltóirí agus/nó d’úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear na próisis agus na sásraí sin chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, Dearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair nó Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta. Díreoidh sé, ina nochtadh, ar na hábhair sin atá ábhartha i ndáil leis an méid seo a leanas, chomh maith lena chur chuige ginearálta maidir leis an méid seo a leanas ( 117 ):

(a) 

cosaint agus urramú do chearta daonna tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh;

(b) 

rannpháirtíocht le tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh; agus

(c) 

bearta chun leigheas ar thionchair ar chearta an duine a chur ar fáil agus/nó a chumasú.

17. Nochtfaidh an gnóthas an bhfuil a bheartais maidir le tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh ailínithe agus conas atá siad ailínithe le hionstraimí a aithnítear go hidirnáisiúnta agus atá ábhartha do thomhaltóirí agus/nó d’úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe (NA) maidir le Gnó agus Cearta an Duine. Nochtfaidh an gnóthas freisin a mhéid a tuairiscíodh cásanna nach n-urramaítear Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, Dearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair nó Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta a bhfuil baint ag tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh leo ina shlabhra luacha iartheachtach agus, más infheidhme, léiriú ar chineál na gcásanna sin ( 118 ).

Ceanglas maidir le Nochtadh S4-2 — Próisis rannpháirtíochta le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh maidir le tionchair

18.  Nochtfaidh an gnóthas a phróisis ghinearálta chun teagmháil a dhéanamh le tomhaltóirí agus le húsáideoirí deiridh agus lena n-ionadaithe faoi na tionchair iarbhír agus na tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu orthu.

19. Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a chumasú maidir le cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an gnóthas rannpháirtíocht, mar chuid dá phróiseas leanúnach díchill chuí, le tomhaltóirí agus/nó le húsáideoirí deiridh, lena n-ionadaithe dlisteanacha, nó le hionadaithe inchreidte, agus conas a dhéanann sé sin, maidir le tionchair ábhartha iarbhír agus fhéideartha dhearfacha agus/nó dhiúltacha a dhéanann difear dóibh nó ar dócha go ndéanfaidh siad difear dóibh, agus cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear peirspictíochtaí tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh san áireamh i bpróisis chinnteoireachta an ghnóthais agus conas a dhéantar sin.

20. Nochtfaidh an gnóthas cibé acu a bheidh nó nach mbeidh peirspictíochtaí na dtomhaltóirí agus/nó na n-úsáideoirí deiridh mar bhonn eolais dá chinntí nó dá ghníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh tionchair iarbhír agus fhéideartha ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh a bhainistiú agus nochtfaidh sé conas iad. Áireofar leis sin, i gcás inarb ábhartha, míniú ar an méid seo a leanas:

(a) 

cé acu a dhéantar nó nach ndéantar rannpháirtíocht go díreach le tomhaltóirí a ndearnadh difear dóibh/úsáideoirí deiridh, nó lena n-ionadaithe dlisteanacha, nó le hionadaithe inchreidte a bhfuil léargas acu ar a staid;

(b) 

an chéim (na céimeanna) ag a dtarlaíonn an rannpháirtíocht, an cineál rannpháirtíochta agus minicíocht na rannpháirtíochta;

(c) 

an fheidhm agus an ról is sinsearaí sa ghnóthas ag a bhfuil freagracht oibríochtúil as a áirithiú go dtarlaíonn an rannpháirtíocht sin agus go dtugann na torthaí bonn eolais do chur chuige an ghnóthais; agus

(d) 

i gcás inarb infheidhme, conas a dhéanann an gnóthas measúnú ar éifeachtacht a rannpháirtíochta le tomhaltóirí agus/nó le húsáideoirí deiridh, agus, i gcás inarb ábhartha, ar aon chomhaontuithe nó torthaí a eascraíonn as an rannpháirtíocht sin.

21. I gcás inarb infheidhme, nochtfaidh an gnóthas na bearta a dhéanfaidh sé chun léargas a fháil ar pheirspictíochtaí na dtomhaltóirí agus/nó na n-úsáideoirí deiridh a d’fhéadfadh a bheith an-leochaileach i leith tionchair agus/nó imeallaithe (mar shampla, daoine faoi mhíchumas, leanaí, etc.).

22. Mura féidir leis an ngnóthas an fhaisnéis a cheanglaítear thuas a nochtadh toisc nár ghlac sé próiseas ginearálta chun rannpháirtíocht a dhéanamh le tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh, nochtfaidh sé gurb amhlaidh an cás. Féadfaidh sé tráthchlár a nochtadh faoina bhfuil sé ag féachaint le próiseas den sórt sin a bheith i bhfeidhm.

Ceanglas maidir le Nochtadh S4-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh ábhair imní a chur in iúl

23.  Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar na próisis atá i bhfeidhm aige chun foráil a dhéanamh maidir leis na tionchair dhiúltacha ar thomhaltóirí agus ar úsáideoirí deiridh a bhfuil baint ag an ngnóthas leo a fheabhsú nó chun comhoibriú lena leigheas, chomh maith leis na bealaí atá ar fáil do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh chun ábhair imní a ardú agus tabharfar aghaidh orthu.

24. Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a chumasú ar na modhanna foirmiúla trínar féidir le tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh a n-imní agus a riachtanais a chur in iúl go díreach don ghnóthas, agus/nó trína dtacaíonn an gnóthas le hinfhaighteacht bealaí den sórt sin (mar shampla, sásraí casaoide) trína chaidreamh gnó, conas a dhéantar obair leantach leis na tomhaltóirí agus/nó leis na húsáideoirí deiridh sin maidir leis na saincheisteanna a tarraingíodh suas, agus éifeachtacht na mbealaí sin.

25. Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:

(a) 

a chur chuige ginearálta maidir le leigheas agus na próisis atá aige chun leigheas a sholáthar nó rannchuidiú leis i gcás inar shainaithin sé gur chúis é le tionchar diúltach ábhartha ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh nó gur rannchuidigh sé leis an tionchar sin, lena n-áirítear an measann an gnóthas go bhfuil an leigheas a cuireadh ar fáil éifeachtach agus conas a mheasann sé é;

(b) 

aon bhealach sonrach atá i bhfeidhm aige chun go gcuirfidh tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh a n-ábhair imní nó a riachtanais in iúl go díreach don ghnóthas agus chun go dtabharfar aghaidh orthu, lena n-áirítear cé acu a bhunaíonn nó nach mbunaíonn an gnóthas féin iad agus/nó a bhunaítear nó nach mbunaítear trí rannpháirtíocht i sásraí tríú páirtí iad;

(c) 

na próisis trína dtacaíonn nó trína n-éilíonn an gnóthas infhaighteacht na mbealaí sin trína chaidrimh ghnó; agus

(d) 

an chaoi a rianaítear agus a ndéanann sé faireachán ar shaincheisteanna a tarraingíodh suas agus ar tugadh aghaidh orthu, agus conas a áirithíonn sé éifeachtacht na mbealaí, é san áireamh trí rannpháirtíocht páirtithe leasmhara arb iad na húsáideoirí beartaithe iad.

26. Nochtfaidh an gnóthas cibé acu a mheasann sé, agus conas a mheasann sé, go bhfuil tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh ar an eolas faoi na struchtúir nó na próisis sin agus go bhfuil muinín acu astu mar bhealach chun a n-ábhair imní nó a riachtanais a ardú agus tabharfaidh sé aghaidh orthu. Ina theannta sin, nochtfaidh an gnóthas an bhfuil beartais i bhfeidhm aige chun daoine aonair a chosaint ar fhrithbheart nuair a úsáideann siad struchtúir nó próisis den sórt sin. Má nochtadh an fhaisnéis sin i gcomhréir le ESRS G1-1, féadfaidh an gnóthas tagairt a dhéanamh don fhaisnéis sin.

27. Mura féidir leis an ngnóthas an fhaisnéis a cheanglaítear thuas a nochtadh toisc nár ghlac sé bealach chun ábhair imní a chur in iúl agus/nó toisc nach dtacaíonn sé le sásraí a bheith ar fáil lena ghaolmhaireachtaí gnó, nochtfaidh sé gurb amhlaidh an cás. Féadfaidh sé tráthchlár a nochtadh faoina bhfuil sé ag féachaint le bealach nó próisis den sórt sin a bheith i bhfeidhm.

Ceanglas maidir le Nochtadh S4-4 — Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar thomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a mhaolú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí agus na gcur chuige sin

28.  Nochtfaidh an gnóthas conas a dhéanann sé beart chun aghaidh a thabhairt ar thionchair ábhartha ar thomhaltóirí agus ar úsáideoirí deiridh, agus chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú a bhaineann le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin.

29. Tá dhá chuspóir ag an gCeanglas seo maidir le Nochtadh. Ar an gcéad dul síos, tá sé chun tuiscint a thabhairt ar aon ghníomhaíochtaí agus tionscnaimh trína bhféachann an gnóthas leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

na tionchair dhiúltacha ábhartha ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh a chosc, a mhaolú agus a leigheas, agus/nó

(b) 

tionchair dhearfacha ábhartha a bhaint amach do thomhaltóirí agus/nó d’úsáideoirí deiridh.

Ar an dara dul síos, beifear in ann tuiscint a fháil ar na bealaí ina bhfuil an gnóthas ag dul i ngleic leis na rioscaí ábhartha agus na deiseanna ábhartha a bhaineann le tomhaltóirí agus/nó le húsáideoirí deiridh a shaothrú.

30. Soláthróidh an gnóthas tuairisc achomair ar na pleananna gníomhaíochta agus ar na hacmhainní chun a thionchair, a rioscaí agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann le tomhaltóirí agus le húsáideoirí deiridh a bhainistiú de réir ESRS 2 MDR-A Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta.

31. I ndáil le tionchair ábhartha, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:

(a) 

gníomhaíochtaí a rinneadh, atá beartaithe nó atá ar bun chun tionchair dhiúltacha ábhartha ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh a chosc, a mhaolú nó a leigheas;

(b) 

cé acu a rinne nó nach ndearna sé gníomh chun leigheas a sholáthar nó a chumasú i ndáil le hiarmhairt iarbhír ábhartha, agus an chaoi a ndearna sé é sin;

(c) 

aon ghníomhaíochtaí nó tionscnaimh bhreise atá i bhfeidhm aige agus é mar phríomhchuspóir acu rannchuidiú go dearfach le torthaí sóisialta feabhsaithe do thomhaltóirí agus/nó d’úsáideoirí deiridh; agus

(d) 

conas a rianaíonn agus a ndéanann sé measúnú ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí agus na dtionscnamh sin maidir leis na torthaí atá beartaithe a bhaint amach do thomhaltóirí agus/nó d’úsáideoirí deiridh.

32. I ndáil le mír 28, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:

(a) 

na próisis trína sainaithnítear an ghníomhaíocht is gá agus is iomchuí mar fhreagairt ar thionchar diúltach iarbhír nó féideartha ar leith ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh;

(b) 

a cineálacha cur chuige maidir le gníomhaíocht a dhéanamh i ndáil le tionchair dhiúltacha ábhartha shonracha ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear aon ghníomhaíocht i ndáil lena chleachtais féin maidir le dearadh, margaíocht nó díolachán táirgí, chomh maith le cibé an mbeidh gá le gníomhaíocht níos leithne nó gníomhaíocht chomhoibríoch le páirtithe ábhartha eile; agus

(c) 

conas a áirithíonn sé go bhfuil próisis chun leigheas a sholáthar nó a chumasú i gcás tionchair dhiúltacha ábhartha ar fáil agus éifeachtach ina gcur chun feidhme agus ina dtorthaí.

33. I ndáil le rioscaí agus deiseanna ábhartha, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:

(a) 

cén ghníomhaíocht atá beartaithe nó atá ar bun chun rioscaí ábhartha don ghnóthas a mhaolú a eascraíonn as a thionchair agus a spleáchas ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh agus conas a rianaíonn sé éifeachtacht sa chleachtas; agus

(b) 

cén ghníomhaíocht atá beartaithe nó ar siúl chun deiseanna ábhartha a shaothrú don ghnóthas i ndáil le tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh.

34. Nochtfaidh an gnóthas cé acu a dhéanann nó nach ndéanann sé beart, agus conas a dhéanann sé beart, chun nach mbeidh sé ina chúis le tionchair dhiúltacha ábhartha ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh nó nach rannchuideoidh sé leis sin leo trína chleachtais féin, é san áireamh, i gcás inarb ábhartha, i ndáil le margaíocht, díolacháin agus úsáid sonraí, nó nach gcuirfidh sé leis na tionchair sin. D’fhéadfaí a áireamh leis sin nochtadh a dhéanamh ar an gcur chuige a ghlactar nuair a thagann teannas chun cinn idir tionchair dhiúltacha ábhartha a chosc nó a mhaolú agus brúnna gnó eile.

35. Agus an nochtadh sin á ullmhú, déanfaidh an gnóthas a mheas ar tuairiscíodh saincheisteanna tromchúiseacha maidir le cearta an duine agus teagmhais thromchúiseacha a bhaineann lena thomhaltóirí agus/nó lena úsáideoirí deiridh agus, más infheidhme, nochtfaidh sé iad sin ( 119 ).

36.  ►C1  I gcás ina ndéanfaidh an gnóthas meastóireacht ar éifeachtacht gníomhaíochta trí sprioc a leagan síos, agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 31 (d) á nochtadh ag an ngnóthas, breithneoidh an gnóthas ESRS 2 MDR-T Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna. ◄

37. Nochtfaidh an gnóthas cad iad na hacmhainní a leithdháiltear ar bhainistiú a thionchair ábhartha mar aon le faisnéis a chuireann ar chumas úsáideoirí tuiscint a fháil ar an gcaoi a mbainistítear na tionchair ábhartha.

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S4-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú

38.  Nochtfaidh an gnóthas na spriocanna atá faoi cheangal ama agus dírithe ar thorthaí a d’fhéadfadh a bheith socraithe aige agus a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a) 

tionchair dhiúltacha ar thomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh a laghdú; agus/nó

(b) 

tionchair dhearfacha ar thomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh a chur chun cinn; agus/nó

(c) 

bainistíocht a dhéanamh ar rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh.

39. Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a chumasú ar a mhéid atá spriocanna atá faoi cheangal ama agus dírithe ar thorthaí á n-úsáid ag an ngnóthas chun a dhul chun cinn a spreagadh agus a thomhas maidir le haghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha ábhartha, agus/nó tionchair dhearfacha ar thomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh a chur chun cinn, agus/nó rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh a bhainistiú.

40. Beidh na ceanglais faisnéise a shainmhínítear in ESRS 2 MDR-T sa tuairisc achoimre ar na spriocanna chun na tionchair ábhartha, na rioscaí agus na deiseanna a bhaineann le tomhaltóirí agus/nó le húsáideoirí deiridh a bhainistiú.

41. Nochtfaidh an gnóthas an próiseas chun na spriocanna a shocrú, lena n-áirítear an ndearna an gnóthas rannpháirtíocht go díreach le tomhaltóiríagus/nó le húsáideoirí deiridh, lena n-ionadaithe dlisteanacha, nó le hionadaithe inchreidte a bhfuil léargas acu ar a staid sna nithe seo a leanas, agus nochtfaidh sé conas a ndearna sé é sin:

(a) 

aon sprioc den sórt sin a leagan síos;

(b) 

feidhmíocht an ghnóthais ina gcoinne a rianú; agus

(c) 

aon cheacht nó aon fheabhsú de thoradh fheidhmíocht an ghnóthais a shainaithint, más ann dóibh.




Foscríbhinn A

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm

Tá an t-aguisín seo ina dhlúthchuid de ESRS S4 Tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh. Tacaíonn sí le cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar amach sa chaighdeán seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den chaighdeán.

Cuspóir

AR 1. Féadfaidh an gnóthas aird a tharraingt ar shaincheisteanna speisialta atá ábhartha do thionchar ábhartha ar feadh tréimhse níos giorra, mar shampla tionscnaimh maidir le sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh i ndáil le héilliú táirge nó sárú tromchúiseach príobháideachais mar gheall ar sceitheadh ollmhór sonraí.

AR 2. Níl sé i gceist leis an bhforléargas ar chúrsaí sóisialta agus ar chúrsaí a bhaineann le cearta an duine dá bhforáiltear i mír 2 a thabhairt le tuiscint gur cheart na saincheisteanna sin go léir a nochtadh i ngach Ceanglas maidir le Nochtadh sa Chaighdeán sin. Ina ionad sin, cuirtear liosta ar fáil leis de na hábhair a bhreithneoidh an gnóthas ina mheasúnú ábharthachta (tagairt do ESRS 1 chaibidil 3 Ábharthacht dhúbailte mar bhonn ag nochtaí inbhuanaitheachta agus ESRS 2 IRO-1) a bhaineann le tomhaltóirí agus/nó le húsáideoirí deiridh agus, ina dhiaidh sin, a nochtfaidh sé mar thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha laistigh de raon feidhme an Chaighdeáin seo.

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

Straitéis

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara

AR 3. Le ESRanna 2 SBM-2 ceanglaítear ar an ngnóthas tuiscint a thabhairt i dtaobh an bhfuil ról ag a straitéis agus a shamhail ghnó maidir le tionchair shuntasacha ábhartha ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh a chruthú, a ghéarú nó a mhaolú (nó, os a choinne sin), agus ar an gcaoi a ndéantar, agus ar an gcaoi a ndéantar, an tsamhail ghnó agus an straitéis a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt ar thionchair ábhartha den sórt sin.

AR 4. Cé go bhféadfadh sé nach bhfuil tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh ag plé leis an ngnóthas ar leibhéal a straitéise nó a shamhail ghnó, is féidir a dtuairimí a chur in iúl do mheasúnú an ghnóthais ar a straitéis agus a shamhail ghnó. Féadfaidh an gnóthas tuairimí na dtomhaltóirí agus/nó na n-ionadaithe dlisteanacha (iarbhír nó ionchasacha) a ndearnadh difear ábhartha dóibh nó tuairimí ionadaithe dlisteanacha na n-ionadaithe inchreidte a bhfuil léargas acu ar a gcás a nochtadh.

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó

AR 5. Is féidir le tionchair ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh teacht as samhail ghnó nó straitéis ghnó an ghnóthais ar bhealaí éagsúla. Mar shampla, d’fhéadfadh baint a bheith ag tionchair le tairiscint luacha an ghnóthais (mar shampla, soláthar d’ardáin ar líne a bhfuil acmhainneacht acu le haghaidh díobháil ar líne agus as líne), a shlabhra luacha (mar shampla, luas maidir le táirgí nó seirbhísí a fhorbairt, nó tionscadail a sheachadadh, lena ngabhann rioscaí don tsláinte agus don tsábháilteacht), nó a struchtúr costais agus an tsamhail ioncaim (mar shampla, dreasachtaí a chuireann tomhaltóirí i mbaol a uasmhéadú).

AR 6. Is féidir le tionchair ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh de thionscnamh na straitéise nó na samhla gnó rioscaí ábhartha a chruthú don ghnóthas freisin. Mar shampla, má tá samhail ghnó an ghnóthais bunaithe ar spreagadh a thabhairt dá fhórsa díolacháin chun méideanna móra táirge nó seirbhíse a dhíol (mar shampla cártaí creidmheasa nó leigheas pian) ar luas, agus go ndéantar dochar mór do thomhaltóirí mar thoradh air sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh cásanna dlí agus damáiste do chlú i ndán don ghnóthas a dhéanfadh difear dá ghnó agus dá chreidiúnacht amach anseo.

AR 7. I measc na samplaí de shaintréithe áirithe tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh a d’fhéadfadh an gnóthas a chur san áireamh agus é ag freagairt do mhír 11 tá tomhaltóirí óga agus/nó úsáideoirí deiridh a d’fhéadfadh a bheith níos so-ghabhálaí i leith tionchar ar a bhforbairt fhisiciúil agus mheabhrach, nó nach bhfuil litearthacht airgeadais acu agus a d’fhéadfadh a bheith níos so-ghabhálaí i leith díolacháin dhúshaothraithe nó cleachtais mhargaíochta. D’fhéadfadh mná a bheith san áireamh iontu freisin i gcomhthéacs ina ndéantar idirdhealú rialta ar mhná maidir lena rochtain ar sheirbhísí áirithe nó maidir le táirgí áirithe a mhargú.

AR 8. Maidir le mír 12, d’fhéadfadh rioscaí teacht chun cinn mar gheall ar spleáchas an ghnóthais ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh i gcás ina spreagfadh teagmhas a bhfuil dóchúlacht íseal ann go dtarlóidh sé ach a mbeadh ardtionchar aige éifeachtaí airgeadais, mar shampla, i gcás ina mbeadh tionchar tromchúiseach ag paindéim dhomhanda ar shlite beatha tomhaltóirí áirithe, rud a d’fhéadfadh athruithe móra a dhéanamh ar phatrúin tomhaltais.

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S4-1 — Beartais a bhaineann le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh

AR 9. Áireofar sa tuairisc an fhaisnéis bhunriachtanach is gá chun ionadaíocht dhílis na mbeartas maidir le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh a áirithiú, agus dá bhrí sin, breithneoidh an gnóthas mínithe ar athruithe suntasacha ar na beartais arna nglacadh le linn na bliana tuairiscithe (mar shampla, ionchais nua do chustaiméirí gnó, cuir chuige nua nó cur chuige breise maidir le dícheall cuí agus leigheas).

AR 10. Féadfaidh an beartas a bheith i bhfoirm beartais neamhspleách maidir le tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh nó féadfar é a áireamh i ndoiciméad níos leithne amhail cód eitice nó beartas inbhuanaitheachta ginearálta a nocht an gnóthas cheana mar chuid de ESRS eile. Sna cásanna sin, tabharfaidh an gnóthas crostagairt chruinn chun na gnéithe den bheartas a chomhlíonann ceanglais an Cheanglais seo maidir le Nochtadh a shainaithint.

AR 11. Agus a bheartais á nochtadh aige i gcomhréir le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, breithneoidh an gnóthas go dtagraíonn na Prionsabail Threoracha don Bhille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine, arb é atá ann Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus an dá Chúnant lena gcuirtear chun feidhme é, agus féadfaidh sé a ailíniú leis na hionstraimí sin a nochtadh.

AR 12. Agus an chaoi a bhfuil beartais sheachtracha aghaidhe leabaithe á nochtadh ag an ngnóthas, féadfaidh sé, mar shampla, breithniú a dhéanamh ar bheartais díolacháin agus dáileacháin inmheánacha agus ailíniú le beartais eile atá ábhartha do thomhaltóirí agus/nó d’úsáideoirí deiridh. Breithneoidh an gnóthas freisin na beartais atá aige chun fírinneacht agus úsáideacht na faisnéise arna soláthar do thomhaltóirí agus/nó d’úsáideoirí deiridh ionchasacha agus iarbhír a chosaint, roimh dhíolachán agus i ndiaidh díolacháin araon.

AR 13. Féadfaidh an gnóthas léiriú a thabhairt ar na cineálacha cumarsáide maidir lena bheartais leis na daoine aonair sin, leis an ngrúpa daoine aonair sin nó leis na heintitis sin a bhfuil siad ábhartha ina leith, toisc go bhfuil coinne leis go gcuirfidh siad chun feidhme iad (mar shampla, fostaithe, conraitheoirí agus soláthróirí an ghnóthais), nó toisc go bhfuil leas díreach acu ina gcur chun feidhme (mar shampla, oibrithe dílse, infheisteoirí). Féadfaidh sé uirlisí agus bealaí cumarsáide a nochtadh (mar shampla, fógráin, nuachtlitreacha, suíomhanna gréasáin tiomnaithe, na meáin shóisialta, idirghníomhaíochtaí aghaidh ar aghaidh, ionadaithe oibrithe), arb é is aidhm dóibh a áirithiú go bhfuil an beartas inrochtana agus go dtuigeann lucht féachana éagsúil na himpleachtaí a bhaineann leis. Féadfaidh an gnóthas míniú a thabhairt freisin ar an gcaoi a n-aithníonn sé bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le scaipeadh, agus ar an gcaoi a gcuireann sé deireadh leo, amhail trí aistriúchán go teangacha ábhartha nó trí úsáid a bhaint as léirithe grafacha.

Ceanglas maidir le Nochtadh S4-2 — Próisis rannpháirtíochta le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh maidir le tionchair

AR 14. D’fhéadfaí comhlachtaí náisiúnta cosanta tomhaltóirí do roinnt tomhaltóirí a áireamh in ionadaithe inchreidte a bhfuil eolas acu ar leasanna, ar thaithí nó ar pheirspictíochtaí tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh.

AR 15. Nuair a thugtar tuairisc ar an bhfeidhm nó ar an ról ag a bhfuil freagracht oibríochtúil as an rannpháirtíocht sin agus/nó as an gcuntasacht deiridh sin, féadfaidh an gnóthas a nochtadh an ról tiomnaithe nó feidhm thiomnaithe é sin nó cuid de ról nó feidhm níos leithne, agus cé acu ar tairgeadh nó nár táirgeadh aon ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta chun tacú leis an bhfoireann chun dul i mbun rannpháirtíochta. Mura féidir leis post nó feidhm den sórt sin a aithint, féadfaidh sé a rá gurb amhlaidh atá. D’fhéadfaí an nochtadh sin a chomhlíonadh freisin trí thagairt a dhéanamh d’fhaisnéis arna nochtadh de réir ESRS 2 GOV-1 Ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta.

AR 16. Agus na nochtaí a dtugtar tuairisc orthu i mír 20 b) agus c) á n-ullmhú, féadfar na léirithe seo a leanas a bhreithniú:

(a) 

i gcás na céime (na gcéimeanna) ag a dtarlaíonn an rannpháirtíocht, d’fhéadfadh cinneadh cineálacha cur chuige maolaithe nó meastóireacht ar a n-éifeachtacht a bheith ina samplaí díobh;

(b) 

i gcás an chineáil rannpháirtíochta, d’fhéadfadh rannpháirtíocht, comhairliúchán agus/nó faisnéis a bheith ann;

(c) 

i gcás mhinicíocht na rannpháirtíochta, féadfar faisnéis a sholáthar maidir le cé acu a dhéantar nó nach ndéantar rannpháirtíocht ar bhonn tráthrialta, ag pointí áirithe i dtionscadal nó i bpróiseas gnó, chomh maith le cé acu mar fhreagairt ar cheanglais dlí agus/nó mar fhreagairt ar iarrataí ó pháirtithe leasmhara a dhéantar í agus cé acu a chomhtháthaítear nó nach gcomhtháthaítear toradh na rannpháirtíochta i bpróisis chinnteoireachta an ghnóthais; agus

(d) 

maidir leis an ról ag a bhfuil freagracht oibríochtúil, cé acu a éilíonn nó nach n-éilíonn an gnóthas ar bhaill foirne ábhartha scileanna áirithe a bheith acu, nó cé acu a chuireann nó nach gcuireann sé oiliúint nó fothú acmhainneachta ar fáil do bhaill foirne ábhartha chun dul i mbun rannpháirtíochta.

AR 17. Chun an chaoi ar thug dearcthaí tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh bonn eolais do chinntí nó gníomhaíochtaí sonracha an ghnóthais a léiriú, féadfaidh an gnóthas samplaí ón tréimhse tuairiscithe atá ann faoi láthair a sholáthar.

Ceanglas maidir le Nochtadh S4-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh ábhair imní a chur in iúl

AR 18. Agus na ceanglais a leagtar amach sna critéir maidir le nochtadh in ESRS S4-3 á gcomhlíonadh ag an ngnóthas, féadfaidh an gnóthas a bheith á threorú ag inneachar Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus ag Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta atá dírithe ar leigheas agus sásraí casaoide.

AR 19. I measc na mbealaí chun ábhair imní nó riachtanais a ardú, áirítear sásraí casaoide, beolínte, próisis idirphlé nó modhanna eile trínar féidir le tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh nó a n-ionadaithe dlisteanacha ábhair imní a léiriú faoi thionchair nó faoi riachtanais ar mhaith leo go dtabharfadh an gnóthas aghaidh orthu. D’fhéadfaí a áireamh orthu sin bealaí a sholáthraíonn an gnóthas go díreach agus tá siad le tuairisciú i dteannta aon sásra eile a fhéadfaidh an gnóthas a úsáid chun léargas a fháil ar bhainistiú na dtionchar ar thomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh, amhail iniúchtaí comhlíontachta. I gcás ina bhfuil an gnóthas ag brath, chun an ceanglas sin a fhreagairt, ar fhaisnéis arna soláthar ag a chaidrimh ghnó maidir le bealaí den sórt sin a bheith ann, agus ar an bhfaisnéis sin amháin, féadfaidh sé é sin a shonrú.

AR 20. Chun léargas níos fearr a thabhairt ar an bhfaisnéis a chumhdaítear in ESRS S4-3, féadfaidh an gnóthas léargas a thabhairt ar cé acu atá nó nach bhfuil tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh in ann bealaí a rochtain ar leibhéal an ghnóthais a ndéanann sé difear dóibh, agus conas atá siad in ann sin a dhéanamh, i ndáil le gach tionchar ábhartha.

AR 21. D’fhéadfaí a áireamh ar shásraí tríú páirtí iad siúd arna n-oibriú ag an rialtas, eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), comhlachais tionscail agus tionscnaimh chomhoibríocha eile. Maidir le raon feidhme na sásraí sin, féadfaidh an gnóthas a nochtadh an bhfuil siad sin inrochtana do na tomhaltóirí agus/nó na húsáideoirí deiridh go léir a bhféadfadh an gnóthas, nó daoine aonair nó eagraíochtaí atá ag gníomhú thar a gceann nó atá in ann, ar bhealach eile, a bheith ar an eolas faoi thionchair dhiúltacha, agus trína bhféadfaidh tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh (nó daoine aonair nó eagraíochtaí atá ag gníomhú thar a gceann nó atá in ann ar bhealach eile a bheith ar an eolas faoi thionchair dhiúltacha), gearáin nó ábhair imní a bhaineann le gníomhaíochtaí an ghnóthais féin a dhéanamh.

AR 22. I ndáil le daoine aonair a úsáideann na sásraí a chosaint in aghaidh frithbhirt, féadfaidh an gnóthas tuairisc a thabhairt ar cé acu a chaitheann nó nach gcaitheann sé le casaoidí faoi rúndacht agus i ndáil le cearta chun príobháideachais agus leis an gceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint; agus an ligeann siad do thomhaltóirí agus/nó d’úsáideoirí deiridh iad a úsáid gan ainm (mar shampla, trí ionadaíocht ó thríú páirtí).

AR 23. Agus nochtadh á dhéanamh aige an bhfuil a fhios ag an ngnóthas go bhfuil tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh ar an eolas faoi aon cheann de na bealaí sin agus conas a bhfuil muinín acu astu, féadfaidh an gnóthas sonraí ábhartha agus iontaofa a sholáthar maidir le héifeachtacht na mbealaí sin ó thaobh na dtomhaltóirí agus/nó na n-úsáideoirí deiridh féin de. Ar shamplaí d’fhoinsí faisnéise tá suirbhéanna ar thomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh a bhfuil úsáid bainte acu as bealaí den sórt sin agus a leibhéil shástachta leis an bpróiseas agus leis na torthaí. Chun léiriú a thabhairt ar an méid úsáide ar baineadh as bealaí den sórt sin, féadfaidh an gnóthas an líon gearán a fuarthas ó thomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh le linn na tréimhse tuairiscithe a nochtadh.

AR 24. Agus cur síos á dhéanamh ar éifeachtacht na mbealaí atá ag tomhaltóirí agus/nó ag úsáideoirí deiridh chun ábhair imní a léiriú, féadfaidh na ceisteanna seo a leanas a bheith mar threoir ag an ngnóthas, bunaithe ar na “critéir éifeachtúlachta le haghaidh sásraí casaoide neamhbhreithiúnacha”, mar a leagtar amach i bPrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine. Féadfar na cúinsí thíos a chur i bhfeidhm ar bhonn cainéal aonair nó ar an gcomhchóras cainéal:

(a) 

an bhfuil dlisteanacht ag na bealaí trí chuntasacht iomchuí a sholáthar as a n-iompar cóir agus trí mhuinín na bpáirtithe leasmhara a chothú?

(b) 

an eol do na páirtithe leasmhara na bealaí a bheith ann agus an bhfuil rochtain acu orthu?

(c) 

an bhfuil nósanna imeachta soiléire aitheanta ag na bealaí, an bhfuil tráthchláir socraithe acu agus soiléireacht faoi na próisis?

(d) 

an áirithítear leis na bealaí go mbeidh rochtain réasúnach ar fhoinsí faisnéise, comhairle agus saineolais?

(e) 

an soláthraíonn na bealaí trédhearcacht trí fhaisnéis leordhóthanach a sholáthar do ghearánaigh agus, i gcás inarb infheidhme, chun aon leas poiblí atá i gceist a chomhlíonadh araon?

(f) 

an bhfuil na torthaí a bhaintear amach leis na bealaí i gcomhréir le cearta an duine a aithnítear go hidirnáisiúnta?

(g) 

an sainaithníonn an gnóthas léargais ó na bealaí a thacaíonn le foghlaim leanúnach chun feabhas a chur ar na bealaí agus chun tionchair amach anseo a chosc?

(h) 

an ndíríonn an gnóthas ar an idirphlé le gearánaigh mar an modh chun teacht ar réitigh chomhaontaithe, seachas a bheith ag féachaint leis an toradh a chinneadh go haontaobhach?

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Prionsabal 31 de Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine.

Ceanglas maidir le Nochtadh S4-4 — Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar thomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a mhaolú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí agus na gcur chuige sin

AR 25. D’fhéadfadh sé go dtógfaidh sé am tuiscint a fháil ar thionchair dhiúltacha agus conas a d’fhéadfadh an gnóthas a bheith bainteach leo trína shlabhra luacha iartheachtach, agus chun freagairtí iomchuí a shainaithint agus a chur i bhfeidhm). Dá bhrí sin, breithneoidh an gnóthas na nithe seo a leanas:

(a) 

Na cineálacha cur chuige ginearálta agus sonracha atá aige chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha ábhartha;

(b) 

na tionscnaimh atá aige arb é is aidhm dóibh rannchuidiú le tionchair dhearfacha ábhartha breise;

(c) 

an méid dul chun cinn atá déanta aige ina iarrachtaí le linn na tréimhse tuairiscithe; agus

(d) 

na haidhmeanna atá aige maidir le feabhsú leanúnach.

AR 26. Is féidir gníomhaíochtaí iomchuí éagsúla a bheith ann ag brath ar an ngnóthas féin a bheith ina chúis nó ag rannchuidiú le tionchar ábhartha, nó cé acu atá nó nach bhfuil an tionchar ábhartha nasctha go díreach lena oibríochtaí, lena tháirgí nó lena sheirbhísí trí ghaolmhaireacht ghnó.

AR 27. Ós rud é go bhféadfadh tionchair dhiúltacha ábhartha a dhéanann difear do thomhaltóirí agus/nó d’úsáideoirí deiridh a tharla le linn na tréimhse tuairiscithe a bheith nasctha freisin le heintitis nó le hoibríochtaí nach bhfuil smacht díreach aige orthu, féadfaidh an gnóthas a nochtadh an bhféachann sé le giaráil a úsáid le caidrimh ghnó ábhartha chun na tionchair sin a bhainistiú agus conas a dhéanann sé iarracht í a úsáid. D’fhéadfaí a áireamh leis sin giaráil tráchtála a úsáid (mar shampla, ceanglais chonarthacha a fhorfheidhmiú le caidreamh gnó nó dreasachtaí cur chun feidhme), cineálacha eile giarála laistigh den chaidreamh (amhail oiliúint nó forbairt acmhainní a chur ar fáil maidir le húsáid cheart táirgí nó cleachtais díola chuí do chaidreamh gnó) nó giaráil chomhoibríoch le piaraí nó le gníomhaithe eile (amhail tionscnaimh atá dírithe ar shábháilteacht fhreagrach margaíochta nó táirgí).

AR 28. Nuair a nochtfaidh an gnóthas a rannpháirtíocht i dtionscnamh tionscail nó i dtionscnamh ina bhfuil an iliomad páirtithe leasmhara mar chuid dá ghníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha ábhartha, féadfaidh an gnóthas a nochtadh conas atá an tionscnamh, agus a rannpháirtíocht féin, dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an tionchar ábhartha lena mbaineann. Féadfaidh sé na spriocanna ábhartha a leagtar síos leis an tionscnamh a nochtadh faoi ESRS S4-5, chomh maith leis an dul chun cinn atá déanta ina leith.

AR 29. Agus nochtadh á dhéanamh ag an ngnóthas maidir le cé acu a dhéanann nó nach ndéanann sé breithniú ar iarmhairtí iarbhír agus féideartha ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh i gcinntí chun caidrimh ghnó a fhoirceannadh, agus conas a dhéanann sé sin, agus cé acu a fhéachann nó nach bhféachann sé le dul i ngleic le haon tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ina dtoradh ar fhoirceannadh, agus conas a fhéachann sé leis sin a dhéanamh, féadfaidh an gnóthas samplaí a chur san áireamh.

AR 30. Agus é á nochtadh ag an ngnóthas conas a rianaíonn sé éifeachtacht na ngníomhaíochtaí chun tionchair ábhartha a bhainistiú le linn na tréimhse tuairiscithe, féadfaidh an gnóthas aon cheacht a foghlaimíodh ó na tréimhsí tuairiscithe roimhe sin agus ó na tréimhsí tuairiscithe reatha a nochtadh.

AR 31. Is féidir a áireamh ar na próisis a úsáidtear chun éifeachtacht na ngníomhaíochtaí a rianú iniúchóireacht nó fíorú inmheánach nó seachtrach, imeachtaí cúirte agus/nó cinntí cúirte gaolmhara, measúnuithe tionchair, córais tomhais, aiseolas ó pháirtithe leasmhara, sásraí casaoide, rátálacha feidhmíochta seachtracha, agus tagarmharcáil.

AR 32. Is é is aidhm don tuairisciú ar éifeachtacht tuiscint a fháil ar na naisc idir gníomhaíochtaí a dhéanann an gnóthas agus bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar thionchair.

AR 33. Maidir le tionscnaimh nó próisis atá i bhfeidhm ag an ngnóthas agus atá bunaithe ar riachtanais na dtomhaltóirí agus/nó na n-úsáideoirí deiridh a ndéantar difear dóibh agus leibhéal a gcur chun feidhme, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a nochtadh:

(a) 

faisnéis faoi cé acu atá nó nach bhfuil ról ag tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh agus ionadaithe dlisteanacha nó ag a n-ionadaithe inchreidte i gcinntí maidir le ceapadh agus cur chun feidhme na gclár nó na bpróiseas sin agus faoin gcaoi a bhfuil ról acu; agus

(b) 

faisnéis maidir leis na torthaí dearfacha a bheartaítear leis na cláir nó na próisis sin nó atá bainte amach acu le haghaidh tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh na gclár nó na bpróiseas sin.

AR 34. Féadfaidh an gnóthas a nochtadh an bhfuil aon tionscnaimh nó próisis arb é a bpríomhaidhm tionchair dhearfacha a bhaint amach do thomhaltóirí agus/nó d’úsáideoirí deiridh ceaptha freisin chun tacú le ceann amháin nó níos mó de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe a bhaint amach. Mar shampla, trí ghealltanas a thabhairt SDG 3 de chuid na Náisiún Aontaithe a chur chun cinn chun “Beatha shláintiúil a áirithiú agus folláine a chur chun cinn do chách ag gach aois” d’fhéadfadh an gnóthas a bheith ag obair go gníomhach chun a tháirgí a dhéanamh níos lú suimitheach agus díobhálach do shláinte fhisiciúil agus shíceolaíoch.

AR 35.  ►C1  an ghnóthais á nochtadh aige, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir fianaise gur tharla gníomhaíochtaí áirithe (mar shampla, go bhfuair an líon tomhaltóirí x faisnéis faoi nósanna itheacháin sláintiúla) agus fianaise ar thorthaí iarbhír do thomhaltóirí agus/nó d’úsáideoirí deiridh (mar shampla, gur ghlac an líon tomhaltóirí x nósanna itheacháin níos sláintiúla). ◄

AR 36. Agus nochtadh á dhéanamh ag an ngnóthas maidir le cé acu atá nó nach bhfuil ról ag tionscnaimh nó ag próisis maidir le tionchair dhiúltacha ábhartha a mhaolú freisin, féadfaidh an gnóthas, mar shampla, cláir a mheas arb é is aidhm dóibh tacú leis an bhfeasacht mhéadaithe ar an riosca a bhaineann le camscéimeanna ar líne, rud as a n-eascraíonn laghdú ar líon na gcásanna ina dtarlaíonn sáruithe ar phríobháideachas sonraí d’úsáideoirí deiridh.

AR 37. Agus na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhaineann le tionchair nó spleáchais an ghnóthais ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh á nochtadh ag an ngnóthas, féadfaidh sé an méid seo a leanas a mheas:

(a) 

D’fhéadfadh nochtadh clú nó dlíthiúil a bheith ar na rioscaí a bhaineann le tionchair an ghnóthais ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh i gcás ina n-eascraíonn gortuithe nó básanna as táirgí drochdheartha nó lochtacha;

(b) 

D’fhéadfaí a áireamh ar na rioscaí a bhaineann le spleáchais an ghnóthais ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh cailliúint leanúnachais gnó i gcás ina bhfágann géarchéim eacnamaíoch nach féidir le tomhaltóirí táirgí nó seirbhísí áirithe a sholáthar;

(c) 

►C1  d’fhéadfaí a áireamh ar dheiseanna a bhaineann le tionchair an ghnóthais ar thomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh difreálú margaidh agus mealltacht custaiméirí a bheith níos mó mar gheall ar tháirgí sábháilte nó seirbhísí lena n-urramaítear príobháideachas a thairiscint; agus ◄

(d) 

►C1  i measc na ndeiseanna a bhaineann le spleáchais an ghnóthais ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh, d’fhéadfaí bonn tomhaltóirí dílis don todhchaí a bhaint amach trína áirithiú, mar shampla, go n-urramaítear daoine LGBTQI agus nach n-eisiann cleachtais díola an ghnóthais daoine den sórt sin ó na táirgí nó ó na seirbhísí a thairgeann sé. ◄

AR 38. Agus nochtadh á dhéanamh ag an gnóthas cé acu a n-athraíonn nó nach n-athraíonn spleáchais ina rioscaí, déanfaidh sé forbairtí seachtracha a mheas.

AR 39. Agus beartais, gníomhaíocht agus acmhainní agus spriocanna a bhaineann le bainistiú rioscaí agus deiseanna ábhartha á nochtadh ag an ngnóthas, i gcásanna ina n-eascraíonn rioscaí agus deiseanna as tionchar ábhartha, féadfaidh an gnóthas crostagairt a dhéanamh dá nochtuithe maidir le beartais, gníomhaíocht agus acmhainní agus spriocanna i ndáil leis an tionchar sin.

AR 40. Cuirfidh an gnóthas san áireamh a mhéid a chomhtháthaítear a phróisis chun rioscaí ábhartha a bhaineann le tomhaltóirí agus/nó le húsáideoirí deiridh a bhainistiú sna próisis bainistithe riosca atá ann cheana agus conas a dhéantar iad a bhainistiú.

AR 41. Agus na hacmhainní a leithdháiltear ar bhainistiú tionchar ábhartha á nochtadh aige, féadfaidh an gnóthas a nochtadh cé na feidhmeanna inmheánacha atá bainteach le bainistiú na dtionchar agus cé na cineálacha gníomhaíochta a dhéanann siad chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha agus tionchair dhearfacha a chur chun cinn.

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh S4-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú

AR 42. Agus spriocanna maidir le tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh á nochtadh ag an ngnóthas, is féidir leis an ngnóthas an méid seo a leanas a nochtadh:

(a) 

na torthaí beartaithe atá le baint amach i saolta tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh, ar an mbealach is sonraí agus is féidir;

(b) 

cobhsaíocht na spriocanna le himeacht ama i dtéarmaí sainmhínithe agus modheolaíochtaí chun inchomparáideacht a chumasú; agus/nó

(c) 

►C1  tá na caighdeáin nó na gealltanais ar a bhfuil na spriocanna bunaithe le sainiú go soiléir sa tuairisciú (mar shampla cóid iompair, beartais foinsithe, creataí domhanda nó cóid tionscail). ◄

AR 43. D’fhéadfadh spriocanna a bhaineann le rioscaí agus deiseanna ábhartha a bheith mar an gcéanna nó éagsúil le spriocanna atá ceangailte le tionchair ábhartha. Mar shampla, dá mbeadh sprioc ann chun rochtain chomhionann ar mhaoiniú a áirithiú do thomhaltóirí nach ndéantar freastal ceart orthu, d’fhéadfaí na tionchair idirdhealaithe ar na tomhaltóirí sin a laghdú agus líon custaiméirí an ghnóthais a mhéadú.

AR 44. Féadfaidh an gnóthas idirdhealú a dhéanamh freisin idir spriocanna gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha lena gcumhdaítear an gealltanas beartais céanna. D’fhéadfadh a bheith mar phríomhchuspóir ag gnóthas a sheirbhísí ar líne a dhéanamh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas, a bheith mar sprioc fhadtéarmach aige go mbeadh 100 % dá sheirbhísí oiriúnaithe aige faoi 2025 agus mar chuspóir gearrthéarmach aige go gcuirfí x faoin gcéad de ghnéithe inrochtana leo gach bliain go dtí 2025, mar shampla.

AR 45. Agus sprioc á modhnú nó á hionadú ag an ngnóthas sa tréimhse tuairiscithe, féadfaidh an gnóthas an t-athrú a mhíniú ach crostagairt a dhéanamh d’athruithe móra ar an tsamhail ghnó nó d’athruithe níos leithne ar an gcaighdeán nó ar an reachtaíocht a bhfuil glacadh leis as a ndíorthaítear an sprioc chun faisnéis chomhthéacsúil a sholáthar de réir ESRS 2 BP-2 Nochtaí i ndáil le himthosca sonracha.

ESRS G1

IOMPAR GNÓ

CLÁR ÁBHAR

Cuspóir

Idirghníomhaíocht le ESRS eile

Ceanglais maidir le Nochtadh

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

Rialachas

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 GOV-1 — Ról na gcomhlachtaí riaracháin, maoirseachta agus bainistíochta

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú

►C1  Ceanglas maidir le Nochtadh G1-1 – Beartais iompair gnó agus cultúr corparáideach ◄

Ceanglas maidir le Nochtadh G1-2 — Bainistiú caidreamh le soláthróirí

Ceanglas maidir le Nochtadh G1-3 — Éilliú agus breabaireacht a chosc agus a bhrath

Méadracht agus spriocanna

►C1  Ceanglas maidir le Nochtadh G1-4 – Teagmhais éillithe nó bhreabaireachta ◄

Ceanglas maidir le Nochtadh G1-5 — Gníomhaíochtaí tionchair pholaitiúil agus brústocaireachta

Ceanglas maidir le Nochtadh G1-6 — Cleachtais íocaíochta

Foscríbhinn A:

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

►C1  Ceanglas maidir le Nochtadh G1-1 – Beartais iompair gnó agus cultúr corparáideach ◄

Ceanglas maidir le Nochtadh G1-2 — Bainistiú caidreamh le soláthróirí

Ceanglas maidir le Nochtadh G1-3 — Éilliú agus breabaireacht a chosc agus a bhrath

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh G1-5 — Gníomhaíochtaí tionchair pholaitiúil agus brústocaireachta

Ceanglas maidir le Nochtadh G1-6 — Cleachtais íocaíochta

Cuspóir

1. Is é is cuspóir don Chaighdeán seo ceanglais maidir le nochtadh a shonrú lena gcuirfear ar a gcumas d’úsáideoirí ráitis inbhuanaitheachta an ghnóthais straitéis agus cur chuige, próisis agus nósanna imeachta an ghnóthais a thuiscint chomh maith lena fheidhmíocht i ndáil le hiompar gnó.

2. Dírítear sa Chaighdeán seo ar na nithe seo a leanas, dá dtagraítear i dteannta a chéile sa Chaighdeán seo mar ‘iompar gnó nó ábhair iompair gnó’:

(a) 

eitic ghnó agus cultúr corparáideach, lena n-áirítear frithéilliú agus frithbhreabaireacht, cosaint sceithirí eolais, agus leas ainmhithe;

(b) 

bainistiú caidreamh le soláthróirí, lena n-áirítear cleachtais íocaíochta, go háirithe maidir le híocaíocht dhéanach le gnóthais bheaga agus mheánmhéide.

(c) 

gníomhaíochtaí agus gealltanais an ghnóthais a bhaineann lena thionchar polaitiúil a fheidhmiú, lena n-áirítear a ghníomhaíochtaí brústocaireachta;

Idirghníomhaíocht le ESRS eile

3. Léifear ábhar an Chaighdeáin seo maidir le nochtaí ginearálta chomh maith le bainistiú tionchair, riosca agus deiseanna agus méadrachtaí agus spriocanna i gcomhar le prionsabail ghinearálta ESRS 1 agus ceanglais ghinearálta ESRS 2 faoi seach.

Ceanglais maidir le Nochtadh

ESRS 2 Nochtaí ginearálta

4. Ba cheart ceanglais na roinne seo a léamh i gcomhar leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2 maidir le Rialachas (GOV), Straitéis (SBM) agus Bainistíocht ar thionchair, ar rioscaí agus ar dheiseanna (IRO) agus ba cheart iad a thuairisciú ina dteannta.

Rialachas

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 GOV-1 — Ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta

5. Agus faisnéis á nochtadh ag an ngnóthas faoi ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta, déanfaidh an gnóthas na gnéithe seo a leanas a chumhdach:

(a) 

ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta a bhaineann le hiompar gnó; agus

(b) 

saineolas na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta maidir le hábhair iompair gnó.

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú

6. Nuair a bheidh cur síos á dhéanamh ar an bpróiseas chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint i ndáil le cúrsaí iompair gnó, nochtfaidh an gnóthas na critéir ábhartha uile a úsáideadh sa phróiseas, lena n-áirítear suíomh, gníomhaíocht, earnáil agus struchtúr an idirbhirt.

Ceanglas maidir le Nochtadh G1-1 — Beartais iompair gnó agus cultúr corparáideach

7. Nochtfaidh an gnóthas a bheartais maidir le nithe a sheoltar gnó agus conas a chothaíonn sé a chultúr corparáideach.

8. Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a chumasú ar a mhéid atá beartais ag an ngnóthas lena dtugtar aghaidh ar shainaithint, ar mheasúnú, ar bhainistiú agus/nó ar fheabhsú a thionchar, a rioscaí agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann le hábhair iompair gnó. Tá sé mar aidhm aige freisin tuiscint a thabhairt ar chur chuige an ghnóthais i leith cultúr corparáideach.

9. Áireofar sna nochtaí a cheanglaítear faoi mhír 7 conas a dhéanfaidh an gnóthas a chultúr corparáideach a bhunú, a fhorbairt, a chur chun cinn agus a mheasúnú.

10. Cumhdóidh na nochtuithe i mír 7 na gnéithe seo a leanas a bhaineann le beartais an ghnóthais maidir le cúrsaí iompair gnó:

(a) 

tuairisc ar na sásraí chun ábhair imní maidir le hiompar neamhdhleathach nó iompar neamhdhleathach a shainaithint, a thuairisciú agus a imscrúdú i gcontrárthacht lena chód iompair nó le rialacha inmheánacha comhchosúla; agus an bhfreastalaíonn sé ar thuairisciú ó gheallsealbhóirí inmheánacha agus/nó seachtracha;

(b) 

i gcás nach bhfuil aon bheartais ag an ngnóthas maidir le frithéilliú nó frithbhreabaireacht i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe ( 120 ), luafaidh sé an méid sin agus an bhfuil sé beartaithe aige iad a chur chun feidhme agus an tráthchlár don chur chun feidhme;

(c) 

conas a chosnaíonn an gnóthas sceithirí, lena n-áirítear:

i. 

mionsonraí maidir le bealaí tuairiscithe inmheánacha do sceithirí a bhunú, lena n-áirítear an soláthraíonn an gnóthas faisnéis agus oiliúint dá oibrithe féin agus faisnéis faoi ainmniú agus oiliúint na mball foirne a fhaigheann tuarascálacha; agus

ii. 

bearta chun cosaint a thabhairt i gcoinne frithbhirt a oibrithe féin ar sceithirí iad i gcomhréir leis an dlí is infheidhme lena dtrasuitear Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 121 );

(d) 

i gcás nach bhfuil aon bheartais ag an ngnóthas maidir le cosaint sceithirí ( 122 ), luafaidh sé an méid sin agus an bhfuil sé beartaithe aige iad a chur chun feidhme agus an tráthchlár don chur chun feidhme;

(e) 

lasmuigh de na nósanna imeachta chun obair leantach a dhéanamh ar thuarascálacha ó sceithirí i gcomhréir leis an dlí is infheidhme lena dtrasuitear Treoir (AE) 2019/1937, an bhfuil nósanna imeachta ag an ngnóthas chun imscrúdú a dhéanamh ar theagmhais iompair gnó, lena n-áirítear teagmhais éillithe agus breabaireachta, go pras, go neamhspleách agus go hoibiachtúil;

(f) 

i gcás inarb infheidhme, cé acu atá nó nach bhfuil beartais maidir le leas ainmhithe i bhfeidhm ag an ngnóthas;

(g) 

beartas an ghnóthais maidir le hoiliúint laistigh den eagraíocht maidir le hiompar gnó, lena n-áirítear spriocphobal, minicíocht agus doimhneacht an chumhdaigh; agus

(h) 

na feidhmeanna laistigh den ghnóthas is mó atá i mbaol maidir le héilliú agus breabaireacht.

11. Gnóthais atá faoi réir ceanglais dhlíthiúla faoin dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2019/1937, nó faoi réir ceanglais dhlíthiúla choibhéiseacha maidir le cosaint sceithirí, féadfaidh siad an nochtadh a shonraítear i mír 10 (d) a chomhlíonadh trína lua go bhfuil siad faoi réir na gceanglas dlí sin.

Ceanglas maidir le Nochtadh G1-2 — Bainistiú caidreamh le soláthróirí

12. Soláthróidh an gnóthas faisnéis maidir le bainistíocht a chaidreamh lena sholáthróirí agus maidir leis na tionchair atá aige ar a shlabhra soláthair.

13. Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a thabhairt ar bhainistiú an ghnóthais ar a phróiseas soláthair, lena n-áirítear iompar cothrom le soláthróirí.

14. Soláthróidh an gnóthas tuairisc ar a bheartas chun íocaíochtaí déanacha a chosc, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide.

15. Áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa nochtadh a cheanglaítear faoi mhír 12:

(a) 

cur chuige an ghnóthais i leith a chaidrimh lena sholáthraithe, agus rioscaí don ghnóthas a bhaineann lena shlabhra soláthair agus tionchair ar ábhair inbhuanaitheachta á gcur san áireamh; agus

(b) 

cé acu a chuireann nó nach gcuireann sé critéir shóisialta agus chomhshaoil san áireamh maidir le roghnú a sholáthraithe agus conas a chuireann sé san áireamh iad.

Ceanglas maidir le Nochtadh G1-3 — Éilliú agus breabaireacht a chosc agus a bhrath

16. Soláthróidh an gnóthas faisnéis maidir leis an gcóras atá aige chun teagmhais a bhaineann le héilliú agus breabaireacht a chosc agus a bhrath, a imscrúdú agus chun freagairt ar líomhaintí maidir leis na teagmhais sin, lena n-áirítear an oiliúint ghaolmhar.

17. Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo trédhearcacht a sholáthar maidir le príomhnósanna imeachta an ghnóthais chun líomhaintí faoi éilliú agus breabaireacht a chosc, a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu. Áirítear leis sin an oiliúint a chuirtear ar fáil d’oibrithe féin agus/nó faisnéis a chuirtear ar fáil go hinmheánach nó do sholáthraithe.

18. Áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa nochtadh a cheanglaítear faoi mhír 16:

(a) 

tuairisc ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun líomhaintí nó teagmhais éillithe agus breabaireachta a chosc, a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu;

(b) 

cé acu atá nó nach bhfuil na himscrúdaitheoirí nó an coiste imscrúdúcháin ar leithligh ón slabhra bainistíochta atá páirteach san ábhar; agus

(c) 

an próiseas, más ann dó, chun torthaí a thuairisciú do na comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta.

19. I gcás nach mbeidh aon nós imeachta den sórt sin i bhfeidhm ag an ngnóthas, nochtfaidh sé an méid sin agus, i gcás inarb infheidhme, na pleananna atá aige chun na nósanna imeachta sin a ghlacadh.

20. Áireofar sna nochtaí a cheanglaítear le mír 16 faisnéis faoin gcaoi a gcuireann an gnóthas a bheartais in iúl dóibh siúd a bhfuil siad ábhartha dóibh chun a áirithiú go bhfuil rochtain ar an mbeartas agus go dtuigeann siad na himpleachtaí a bhaineann leis.

21. Áireofar sa nochtadh a cheanglaítear le mír 16 faisnéis faoin méid seo a leanas maidir le hoiliúint:

(a) 

cineál, raon feidhme agus doimhneacht na gclár oiliúna frith-éillithe agus frithbhreabaireachta arna dtairiscint nó arna gceangal ag an ngnóthas;

(b) 

céatadán na bhfeidhmeanna i mbaol a chumhdaítear le cláir oiliúna; agus

(c) 

a mhéid a thugtar oiliúint do chomhaltaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta.

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh G1-4 — Teagmhais éillithe nó bhreabaireachta

22. Soláthróidh an gnóthas faisnéis faoi theagmhais éillithe nó breabaireachta le linn na tréimhse tuairiscithe.

23. Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo trédhearcacht a sholáthar maidir leis na teagmhais a bhaineann le héilliúbreabaireacht le linn na tréimhse tuairiscithe agus na torthaí gaolmhara.

24. Nochtfaidh an gnóthas:

(a) 

an líon ciontuithe agus an líon fíneálacha i leith sárú ar dhlíthe frithéillithe agus frithbhreabaireachta ( 123 ); agus

(b) 

aon ghníomhaíochtaí a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe i nósanna imeachta agus i gcaighdeáin frithéillithe agus frithbhreabaireachta ( 124 ).

25. Féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a nochtadh:

(a) 

líon agus cineál iomlán na dteagmhas éillithe nó breabaireachta deimhnithe;

(b) 

líon na dteagmhas deimhnithe inar dífhostaíodh oibrithe dílse nó inar smachtaíodh iad i gcás éillithe nó teagmhas a bhaineann le breabaireacht;

(c) 

líon na dteagmhas deimhnithe a bhaineann le conarthaí le comhpháirtithe gnó a foirceannadh nó nár athnuadh mar gheall ar sháruithe a bhaineann le héilliú nó breabaireacht; agus

(d) 

sonraí na gcásanna dlí poiblí maidir le héilliú nó breabaireacht a tugadh i gcoinne an ghnóthais agus a oibrithe féin le linn na tréimhse tuairiscithe agus torthaí na gcásanna sin. Áirítear leis sin cásanna a tionscnaíodh sna blianta roimhe sin nuair nár bunaíodh an toradh ach amháin sa tréimhse tuairiscithe reatha.

26. Ní áireofar sna nochtaí is gá teagmhais a bhaineann le gníomhaithe ina shlabhra luacha ach amháin i gcás ina bhfuil baint dhíreach ag an ngnóthas nó ag a fhostaithe leis.

Ceanglas maidir le Nochtadh G1-5 — Gníomhaíochtaí tionchair pholaitiúil agus brústocaireachta

27. Soláthróidh an gnóthas faisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí agus na gealltanais a bhaineann lena thionchar polaitiúil a fheidhmiú, lena n-áirítear a ghníomhaíochtaí brústocaireachta a bhaineann lena thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha.

28. Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo trédhearcacht a sholáthar maidir le gníomhaíochtaí agus gealltanais an ghnóthais a bhaineann lena thionchar polaitiúil a fheidhmiú lena ngabhann rannchuidithe polaitiúla, lena n-áirítear cineálacha agus cuspóir na ngníomhaíochtaí brústocaireachta.

29. Áireofar an méid seo a leanas sa nochtadh a cheanglaítear le mír 27:

(a) 

más infheidhme, an t-ionadaí/na hionadaithe atá freagrach sna comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta as maoirseacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí sin;

(b) 

le haghaidh ranníocaíochtaí airgeadais nó ranníocaíochtaí polaitiúla comhchineáil:

i. 

luach airgeadúil iomlán ranníocaíochtaí airgeadais agus polaitiúla comhchineáil a dhéanann an gnóthas go díreach agus go hindíreach, arna gcomhiomlánú de réir tíre nó limistéar geografach i gcás inarb ábhartha, chomh maith leis an gcineál faighteora/tairbhí; agus

ii. 

i gcás inarb iomchuí, conas a mheastar luach airgeadúil ranníocaíochtaí comhchineáil.

(c) 

na príomhábhair a chumhdaítear lena ghníomhaíochtaí brústocaireachta agus príomhsheasaimh an ghnóthais ina leith sin go hachomair. Áireofar leis sin mínithe ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn sé sin lena thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha arna sainaithint ina mheasúnú ábharthachta de réir ESRS 2; agus

(d) 

má tá an gnóthas cláraithe i gClár Trédhearcachta an Aontais Eorpaigh nó i gclár trédhearcachta coibhéiseach i mBallstát, ainm aon chláir den sórt sin agus a uimhir aitheantais sa chlár.

30. Áireofar sa nochtadh freisin faisnéis faoi cheapadh aon chomhaltaí de na comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta a raibh post inchomparáide acu sa riarachán poiblí (lena n-áirítear rialtóirí) le linn an dá bhliain roimh an gceapachán sin sa tréimhse tuairiscithe reatha.

Ceanglas maidir le Nochtadh G1-6 — Cleachtais íocaíochta

31. Soláthróidh an gnóthas faisnéis faoina chleachtais íocaíochta, go háirithe maidir le híocaíochtaí déanacha le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).

32. Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo léargas a thabhairt ar na téarmaí íocaíochta conarthacha agus ar a fheidhmíocht maidir le híocaíocht, go háirithe maidir leis an tionchar a bhíonn acu sin ar FBManna agus go háirithe maidir le híocaíochtaí déanacha le FBManna.

33. Áireofar an méid seo a leanas sa nochtadh faoi mhír 31:

(a) 

an meánfhad ama a thógann sé ar an ngnóthas sonrasc a íoc ón dáta a thosaítear ag ríomh an téarma íocaíochta chonarthaigh nó reachtúil, i líon laethanta;

(b) 

tuairisc ar théarmaí caighdeánacha íocaíochta an ghnóthais i líon na laethanta de réir phríomhchatagóir soláthróirí agus céatadán a íocaíochtaí ailínithe leis na téarmaí caighdeánacha sin;

(c) 

líon na n-imeachtaí dlíthiúla atá fós gan íoc faoi láthair le haghaidh íocaíochtaí déanacha; agus

(d) 

an fhaisnéis chomhlántach is gá chun comhthéacs leordhóthanach a sholáthar. Má bhain an gnóthas úsáid as sampláil ionadaíoch chun an fhaisnéis a cheanglaítear faoi phointe (a) a ríomh, luafaidh sé an fíoras sin agus tabharfaidh sé tuairisc ghairid ar an modheolaíocht a úsáideadh.




Foscríbhinn A

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm

Is dlúthchuid de ESRS G1 Iompar gnó í an fhoscríbhinn seo. Tacaíonn sí le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le nochtadh a leagtar amach sa chaighdeán seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán.

Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna

Ceanglas maidir le Nochtadh G1-1 — Beartais iompair gnó agus cultúr corparáideach

AR 1. Féadfaidh an gnóthas na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh agus a nochtadh faoi mhír 7 á chinneadh aige:

(a) 

na gnéithe den chultúr corparáideach a chuirtear san áireamh agus a phléann na comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta agus a mhinice a chuirtear san áireamh iad;

(b) 

na príomhthéamaí a chuirtear chun cinn agus a chuirtear in iúl mar chuid den chultúr corparáideach;

(c) 

an chaoi a dtugann comhaltaí chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta an ghnóthais treoir chun cultúr corparáideach a chur chun cinn; agus

(d) 

dreasachtaí nó uirlisí sonracha dá oibrithe dílse chun a chultúr corparáideach a chothú agus a spreagadh.

Ceanglas maidir le Nochtadh G1-2 — Bainistiú caidreamh le soláthróirí

AR 2. Chun críocha an chaighdeáin seo, d’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh i mbainistiú an chaidrimh le soláthraithe an ghnóthais:

(a) 

an chaoi a dtacaíonn cleachtais an ghnóthais, lena n-áirítear gníomhaíochtaí chun tionchair shuaitheadh ar a shlabhra soláthair a sheachaint nó a íoslaghdú, lena straitéis agus le bainistiú riosca;

(b) 

lucht saothair soláthair/soláthair an ghnóthais a oiliúint maidir le rannpháirtíocht agus idirphlé le soláthróirí chomh maith le dreasachtaí a lucht saothair soláthair lena n-áirítear an mbaineann na dreasachtaí sin le fachtóirí praghais, cáilíochta nó inbhuanaitheachta;

(c) 

scagadh agus meastóireacht ar fheidhmíocht shóisialta agus chomhshaoil soláthróirí;

(d) 

soláthróirí bunaithe go háitiúil a chuimsiú ina shlabhra soláthair agus/nó soláthróirí a bhfuil deimhniúchán acu;

(e) 

conas a dhéileálann cleachtais an ghnóthais le soláthraithe leochaileacha;

(f) 

spriocanna agus gníomhaíochtaí an ghnóthais maidir le caidreamh le soláthróirí a chur in iúl agus a bhainistiú; agus

(g) 

conas a dhéantar meastóireacht ar thorthaí na gcleachtas sin, lena n-áirítear cuairteanna, iniúchtaí nó suirbhéanna ar sholáthróirí.

AR 3. Áirítear le ‘soláthraithe leochaileacha’ soláthróirí atá neamhchosanta ar rioscaí suntasacha eacnamaíocha, comhshaoil agus/nó sóisialta.

Ceanglas maidir le Nochtadh G1-3 — Éilliú agus breabaireacht a chosc agus a bhrath

AR 4. Ciallaíonn ‘feidhmeanna faoi riosca’ na feidhmeanna sin a mheastar a bheith i mbaol éillithe agus breabaireachta mar thoradh ar a chúraimí agus a fhreagrachtaí.

AR 5. Féadfar a áireamh i nochtuithe sonraí faoi na measúnuithe riosca agus/nó mapáil, chomh maith le cláir faireacháin agus/nó nósanna imeachta rialaithe inmheánaigh arna ndéanamh ag an ngnóthas chun éilliú agus breabaireacht a bhrath.

AR 6. D’fhéadfadh beartais an ghnóthais maidir le héilliú agus breabaireacht a bheith ábhartha do ghrúpaí sonracha daoine, toisc go bhfuiltear ag súil go gcuirfidh siad chun feidhme iad (mar shampla, fostaithe, conraitheoirí agus soláthróirí an ghnóthais), nó toisc go bhfuil leas díreach acu ina gcur chun feidhme (mar shampla oibrithe slabhra luacha, infheisteoirí). Féadfaidh an gnóthas na huirlisí agus na bealaí cumarsáide a nochtadh (e.g. fógráin, nuachtlitreacha, suíomhanna gréasáin tiomnaithe, na meáin shóisialta, idirghníomhaíochtaí aghaidh ar aghaidh, ceardchumainn agus/nó ionadaithe oibrithe) chun beartais a chur in iúl do ghrúpaí den sórt sin. D’fhéadfaí a áireamh leis sin freisin bacainní féideartha ar scaipeadh a shainaithint agus/nó a bhaint, amhail trí aistriúchán go teangacha ábhartha nó trí léirithe grafacha a úsáid.

AR 7. Féadfaidh an gnóthas anailís ar a ghníomhaíochtaí oiliúna a nochtadh, mar shampla, an réigiún oiliúna nó catagóir lucht saothair an ghnóthais féin i gcás ina bhfuil éagsúlachtaí móra idir a chláir bunaithe ar fhachtóirí den sórt sin agus go mbeadh an fhaisnéis sin úsáideach d’úsáideoirí.

AR 8. Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis is gá maidir le hoiliúint a chur i láthair tríd an tábla seo a leanas a úsáid:

Sampla léiritheach d’oiliúint frithéillithe agus frithbhreabaireachta

Le linn na bliana airgeadais 20XY, sholáthair ABC oiliúint ar a bheartas dá oibrithe dílse a raibh feidhmeanna i mbaol á ndéanamh acu (féach nóta x). Tá an oiliúint éigeantach d’oibrithe a dhéanann na feidhmeanna sin atá i mbaol, ach chuir ABC an oiliúint ar fáil ar bhonn saorálach d’oibrithe dílse eile. Is mar a leanas mionsonraí a oiliúna le linn na bliana:



 

Feidhmeanna i mbaol

Bainisteoirí

AMSB (1)

Oibrithe eile eile

Cumhdach oiliúna

 

 

 

 

Iomlán

20 000

200

16

70 000

An líon iomlán a oileadh

19 500

150

8

5 000

Modh agus fad na

hoiliúna

 

 

 

 

Oiliúint sa seomra ranga

5  uair an chloig

 

 

 

Oiliúint ríomhbhunaithe

1  uair an chloig

2  uair an chloig

1  uair an chloig

 

Oiliúint dheonach

ríomhbhunaithe

 

 

 

1  uair an chloig

Minicíocht

 

 

 

 

A mhinice atá gá le hoiliúint

Go bliantúil

Go bliantúil

Go leathbhliantúil

-

Ábhair a chumhdaítear

 

 

 

 

Sainmhíniú ar éilliú

X

X

X

X

Beartas

X

X

X

X

Nósanna imeachta um amhras/brath

X

X

 

 

Etc.

X

 

 

 

(1)   

Comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta.

Méadracht agus spriocanna

Ceanglas maidir le Nochtadh G1-5 — Gníomhaíochtaí tionchair pholaitiúil agus brústocaireachta

AR 9. Chun críocha an Chaighdeáin seo, ciallaíonn ‘ranníocaíocht pholaitiúil’ tacaíocht airgeadais nó tacaíocht chomhchineáil a sholáthraítear go díreach do pháirtithe polaitiúla, dá n-ionadaithe tofa nó do dhaoine atá ag lorg oifige polaitiúla. D’fhéadfadh tabhartais, iasachtaí, urraíocht, réamhíocaíochtaí le haghaidh seirbhísí, nó ceannach ticéad le haghaidh imeachtaí tiomsaithe airgid agus cleachtais chomhchosúla eile a bheith i gceist le ranníocaíochtaí airgeadais. Is féidir a áireamh ar ranníocaíochtaí comhchineáil fógraíocht, úsáid saoráidí, dearadh agus priontáil, deonú trealaimh, ballraíocht ar bhord, fostaíocht nó obair chomhairleoireachta a sholáthar do pholaiteoirí tofa nó d’iarrthóirí ar oifig pholaitiúil.

AR 10. Tagraíonn ‘ranníocaíocht pholaitiúil indíreach’ do na ranníocaíochtaí polaitiúla sin a dhéantar trí bhíthin eagraíocht is idirghabhálaí amhail brústocaire nó carthanacht, nó tacaíocht a thugtar d’eagraíocht amhail meitheal mhachnaimh nó comhlachas trádála atá nasctha le páirtithe nó cúiseanna polaitiúla áirithe nó a thacaíonn leo.

AR 11. Agus ‘suíomh inchomparáide’ á chinneadh sa chaighdeán seo aige, breithneoidh an gnóthas tosca éagsúla, lena n-áirítear an leibhéal freagrachta agus raon feidhme na ngníomhaíochtaí a dhéantar.

AR 12. Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar maidir lena ranníocaíochtaí airgeadais nó comhchineáil i ndáil lena chostais stocaireachta:

(a) 

méid airgeadaíochta iomlán na gcostas inmheánach agus seachtrach sin; agus

(b) 

an méid iomlán a íoctar as ballraíocht i gcomhlachais stocaireachta.

AR 13. Má tá oibleagáid dhlíthiúil ar an ngnóthas a bheith ina chomhalta de chomhlachas tráchtála nó d’eagraíocht eile a dhéanann ionadaíocht ar a leasanna, féadfaidh sé a nochtadh gurb amhlaidh atá.

AR 14. Agus an ceanglas i mír 29(c) á chomhlíonadh aige, breithneoidh an gnóthas an t-ailíniú idir a ráitis phoiblí maidir lena thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a ghníomhaíochtaí brústocaireachta.

AR 15. Sampla den chuma a d’fhéadfadh a bheith ar nochtuithe den sórt sin:

Sampla léiritheach de rannpháirtíocht pholaitiúil (lena n-áirítear gníomhaíochtaí stocaireachta)

Le linn na bliana airgeadais 20XY bhí baint ag ABC le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an rialachán XXX atá beartaithe, rud a d’fhéadfadh tionchar diúltach suntasach a imirt ar a shamhail ghnó dá gcuirfí chun feidhme é san fhormáid reatha. Cé go measann ABC go mbeidh roinnt feabhsuithe ar an gcóras rialála ann, amhail xxx, de bharr an rialacháin bheartaithe, is mó na costais a bheidh ag xxx ná na tairbhí, dar leis, san fhormáid ina bhfuil sé faoi láthair. Leanann ABC agus a phiaraí de bheith ag obair le XXX (an rialtóir) chun feabhas a chur ar an gcothromaíocht sin.

Thacaigh ABC freisin leis an bpáirtí polaitiúil QRP i dTír X agus páirtí EFG i dTír Y mar an dá.... Tá ABC cláraithe ina chlár trédhearcachta áitiúil, i.e. XYZ, agus is é 987234 a uimhir chlárúcháin.

Méideanna i mílte €



 

2023

2022 [le deimhniú]

Maoiniú polaitiúil a soláthraíodh

100

 

Maoiniú do QRP

75

 

Maoiniú do EFG

25

 

 

100

 

Ceanglas maidir le Nochtadh G1-6 — Cleachtais íocaíochta

AR 16. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh difríocht mhór a bheith idir téarmaí caighdeánacha íocaíochta conarthacha an ghnóthais, ag brath ar an tír nó ar an gcineál soláthróra. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh faisnéis faoi na téarmaí caighdeánacha de réir príomhchatagóirí soláthraithe nó tíre nó réigiúin gheografaigh a bheith ina samplaí d’fhaisnéis chomhthéacsúil bhreise chun na nochtuithe i mír 33(b) a mhíniú.

AR 17. Sampla den chuma a d’fhéadfadh a bheith ar an gcur síos ar nochtadh caighdeánach téarma conartha i mír 33(b):

Is ionann téarmaí íocaíochta conartha caighdeánacha ABC agus íocaíocht ar shonrasc a fháil do mhórdhíoltóirí a chuimsíonn thart ar 80 % dá shonraisc bhliantúla de réir luacha. Íocann sé as seirbhísí a fhaightear laistigh de 30 lá ón sonrasc a fháil, ar cás é a chuimsíonn thart ar 5 % dá shonraisc bhliantúla. Íoctar an chuid eile dá shonraisc laistigh de 60 lá tar éis iad a fháil, ach amháin na cinn sin i dtír X a íoctar laistigh de 90 lá tar éis iad a fháil i gcomhréir le caighdeáin an mhargaidh.




IARSCRÍBHINN II

ACRAINMNEACHA AGUS GLUAIS TÉARMAÍ

Cuirtear i láthair san Iarscríbhinn seo na hacrainmneacha uile atá le fáil in ESRSanna (Tábla 1) chomh maith leis na téarmaí uile a shainmhínítear sna ESRSanna (Tábla 2).



Tábla 1

Acrainmneacha

AMS

Córais Uathoibrithe Tomhais

AQI

Innéacsanna Cáilíochta an Aeir

AR

Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm

AWS

An Chomhghuaillíocht um Maoirseacht Uisce

BAT

An Teicníc is Fearr atá ar Fáil

BAT-AEL

Leibhéal Astaíochta a Bhaineann leis an Teicníc is Fearr atá ar Fáil

BAT-AEPL

An Teicníc is Fearr atá ar Fáil-Leibhéal Feidhmíochta Comhshaoil atá Bainteach léi

BREFanna

Doiciméid Thagartha maidir leis na Teicnící is Fearr atá ar Fáil

Btu

Teas-aonad Briotanach

CapEx

Caiteachas Caipitiúil

CBD

An Coinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht

CDDA

Bunachar Sonraí Coiteann maidir le Limistéir Ainmnithe

CEN

An Coiste Eorpach um Chaighdeánú

CENELEC

Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil

CH4

Meatán

CICES

Aicmiú Idirnáisiúnta Coiteann ar Sheirbhísí Éiceachórais

C02

Dé-ocsaíd Charbóin

CRR

►C1  Rialachán (AE) 757/2013 ó Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) (An Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil). ◄

DEGURBA

Leibhéal an Uirbithe

DR BP-1

Ceanglas maidir le Nochtadh - Bunús ginearálta maidir le hullmhú na ráiteas inbhuanaitheachta

DR BP-2

Ceanglas maidir le Nochtadh - Nochtaí i ndáil le himthosca sonracha

DR GOV-1

Ceanglas maidir le Nochtadh - Ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta

DR GOV-2

Ceanglas maidir le Nochtadh - Faisnéis arna soláthar do chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta an ghnóthais agus ábhair inbhuanaitheachta a dtugann siad aghaidh orthu

DR GOV-3

Ceanglas maidir le Nochtadh - Feidhmíocht a bhaineann le hinbhuanaitheacht a chomhtháthú i scéimeanna dreasachta

DR GOV-4

Ceanglas maidir le Nochtadh - Ráiteas maidir le dícheall cuí inbhuanaitheachta

DR GOV-5

Ceanglas maidir le Nochtadh - Bainistíocht riosca agus rialuithe inmheánacha ar thuairisciú inbhuanaitheachta

DR SBM-1

Ceanglas maidir le Nochtadh - Staid an mhargaidh, straitéis, samhail ghnó (samhlacha gnó) agus slabhra luacha

DR SBM-2

Ceanglas maidir le Nochtadh - Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara

DR SBM-3

Ceanglas maidir le Nochtadh - Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó (samhlacha gnó)

DR IRO-1

Ceanglas maidir le Nochtadh – Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú

DR IRO-2

Ceanglais maidir le Nochtadh in ESRS cumhdaithe ag ráitis inbhuanaitheachta an ghnóthais

DNSH

Gan Dochar Suntasach a Dhéanamh

DR

Ceanglais maidir le Nochtadh

ASA

An tÚdarás Baincéireachta Eorpach

CE

An Coimisiún Eorpach

EEA

An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

EFRAG

An Grúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais

EFRAG SRB

Bord Tuairiscithe Inbhuanaitheachta an Ghrúpa Chomhairligh Eorpaigh

um Thuairisciú Airgeadais

MTC

Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol

EMAS

An Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil

EPC

Deimhniú Feidhmíochta Fuinnimh

E-PRTR

An Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán

ESA

Údaráis Mhaoirseachta Eorpacha

ESMA

An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí

reatha

Caighdeáin Eorpacha Tuairiscithe Inbhuanaitheachta

ESRS 1

Caighdeán Eorpach Tuairiscithe Inbhuanaitheachta 1 - Ceanglais ghinearálta

ESRS 2

Caighdeán Eorpach Tuairiscithe Inbhuanaitheachta 2 - Nochtaí ginearálta

ESRS E1

Caighdeán Eorpach Tuairiscithe Inbhuanaitheachta E1 - Athrú aeráide

ESRS E2

Caighdeán Eorpach Tuairiscithe Inbhuanaitheachta E2 - Truailliú

ESRS E3

Caighdeán Eorpach Tuairiscithe Inbhuanaitheachta E3 - Uisce agus acmhainní muirí

ESRS E4

Caighdeán Eorpach Tuairiscithe Inbhuanaitheachta E4 - Bithéagsúlacht agus éiceachórais

ESRS E5

Caighdeán Eorpach Tuairiscithe Inbhuanaitheachta E5 - Úsáid acmhainní agus an geilleagar ciorclach

ESRS G1

Caighdeán Eorpach Tuairiscithe Inbhuanaitheachta G1 - Iompar gnó

ESRS S1

Caighdeán Eorpach Tuairiscithe Inbhuanaitheachta S1 - Lucht saothair dílis

ESRS S2

Caighdeán Eorpach Tuairiscithe Inbhuanaitheachta S2 - Oibrithe sa slabhra luacha

ESRS S3

Caighdeán Eorpach Tuairiscithe Inbhuanaitheachta S3 - Pobail dá ndéantar difear

ESRS S4

Caighdeán Eorpach Tuairiscithe Inbhuanaitheachta S4 - Tomhaltóirí & úsáideoirí deiridh

AE

An tAontas Eorpach

CTA AE

Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh

EWC

Comhairle Oibreacha Eorpacha

FPIC

Toiliú Saor, Roimh Ré agus Eolasach

FTE

Coibhéis lánaimseartha

GAAP

Prionsabail Chuntasaíochta a bhFuil Glactha Leo go Ginearálta

GCT

Gás Ceaptha Teasa

GJ

Gigigiúil

GRI

Tionscnamh Domhanda um Thuairisciú

GWP

Acmhainneacht téite domhanda

HFCanna

Hidreafluaracarbóin

IED

Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (An Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha)

IFC

An Chorparáid Airgeadais Idirnáisiúnta

IFRS

Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais

EIS

An Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair

IPBES

An tArdán Idir-rialtasach um Beartas Eolaíochta maidir le Seirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais

IPCC

An Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide

ISEAL

Comhghuaillíocht um Chreidiúnú agus Lipéadú Idirnáisiúnta Sóisialta agus Comhshaoil

ISO

An Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú

ISSB

An Bord Idirnáisiúnta um Chaighdeáin Inbhuanaitheachta

ITS

Caighdeáin Theicniúla Cur Chun Feidhme

IUCN

An tAontas Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra

KBA

Príomhlimistéir Bithéagsúlachta

Kg

Cileagram

lb

Punt

LEAP

Lonnaigh, Déan Meastóireacht, Déan Measúnú, Ullmhaigh

LGBTIQ

Daoine Leispiacha, Aeracha, Déghnéasacha, Trasinscneacha, Idirghnéasacha agus Aiteacha

MDR

Íoscheanglas maidir le Nochtadh

MWh

Meigeavatuair

N2O

Ocsaíd Nítriúil

NACE

Aicmiú Staidrimh Gníomhaíochtaí Eacnamaíocha san Comhphobal Eorpach

NF3

Trífhluairíd nítrigine

ENRanna

Eagraíochtaí Neamhrialtasacha

NH3

Amóinia

NOX

Ocsaídí nítrigine

NUTS

Aicmiú Comhchoiteann na nAonad Críche maidir le Staidreamh

O3

Ózón

ODS

Substaint lena n-ídítear an t-ózón

ECFE

An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta

OECM

Samhail Aeráide Domhain Amháin

OpEx

Caiteachas Oibríochtúil

PBTS

Substaintí imchoimeádacha, inbhithbhailithe agus tocsaineacha

PCAF

An Chomhpháirtíocht um Airgeadas Cuntasaíochta Carbóin

PCFanna

Sárfhluaracarbóin

PM

Ábhar Cáithníneach

PMTanna

Substaintí Imchoimeádacha, Soghluaiste agus Tocsaineacha

POPanna

Truailleáin orgánacha mharthanacha

REACH

Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán

SBTi

Tionscnamh Spriocanna Eolaíochtbhunaithe

SBTN

Líonra Spriocanna Eolaíochtbhunaithe

SCE

Societas Cooperativa Europaea

SDA

Cur Chuige i leith Dícharbónú Earnála

SDGanna

Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe

SDPI

Táscaire Feidhmíochta Forbartha Inbhuanaithe

SE

Cuideachta Eorpach

SEEA

Córas na gCuntas Eacnamaíoch Comhshaoil

SEEA EA

Córas na gCuntas Éiceachórais Eacnamaíoch Comhshaoil

SFDR

Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (An Rialachán maidir le Nochtaí um Airgeadas Inbhuanaithe)

SOX

Ocsaídí sulfair

SVHC

Substaintí ar Ábhar Mór Imní Iad

TCFD

Tascfhórsa FSB um Nochtaí Airgeadais a bhaineann leis an Aeráid

TNFD

Tascfhórsa FSB um Nochtaí Airgeadais a bhaineann leis an Dúlra

NA

Na Náisiúin Aontaithe

UNEP

Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe

UNESCO

Eagraíocht Oideachais Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe

vPvBanna

Substaintí an-imchoimeádacha agus an-inbhithbhailithe

vPvManna

Substaintí an-imchoimeádacha agus an-soghluaiste

WDPA

Bunachar Sonraí Domhanda Limistéar faoi Chosaint

WRI

Institiúid Acmhainní an Domhain

WWF

An Ciste Domhanda Fiadhúlra

(1)   

Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(2)   

Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

(3)   

Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de-san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, p. 1).



Tábla 2

Téarmaí a shainmhínítear in ESRS

Téarma sainmhínithe

Sainmhíniú

Gníomhaíochtaí

Legníomhaíochtaí táthar ag tagairt do na nithe seo a leanas:

i.  gníomhaíochtaí agus pleananna gníomhaíochta (lena n-áirítear pleananna aistrithe) a dhéantar chun a áirithiú go ndéanann an gnóthas seachadadh in aghaidh spriocanna arna leagan síos agus trína bhféachann an gnóthas le haghaidh a thabhairt ar thionchair, rioscaí agus ar dheiseanna ábhartha; agus

ii.  cinntí chun tacú leo sin le hacmhainní airgeadais, daonna nó teicneolaíochta.

Gníomhaí sa slabhra luacha

Daoine aonair nó eintitis sa slabhra luacha réamhtheachtach nó iartheachtach. Breithnítear gur gníomhaí iartheachtach ón ngnóthas é an gníomhaí (e.g. dáileoirí, custaiméirí) nuair a fhaigheann sé táirgí nó seirbhísí ón ngnóthas; breithnítear go bhfuil sé réamhtheachtach ón ngnóthas (e.g., soláthróirí) i gcás ina soláthraíonn sé táirgí nó seirbhísí a úsáidtear chun táirgí nó seirbhísí dílse an ghnóthais a tháirgeadh.

Pá leordhóthanach

lenar féidir riachtanais an oibrí agus a theaghlaigh a chomhlíonadh i bhfianaise dálaí náisiúnta eacnamaíocha agus sóisialta.

Comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta

Na comhlachtaí rialachais ag a bhfuil an t-údarás cinnteoireachta is airde sa ghnóthas lena n-áirítear a choistí. Mura bhfuil aon chomhalta de chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta de chuid an ghnóthais sa struchtúr rialachais, ba cheart an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin agus an Leas-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin, más ann don fheidhm sin, a áireamh ann. I roinnt dlínsí, cuimsítear dhá leibhéal le córais rialachais, i gcás ina mbíonn maoirseacht agus bainistíocht leithlisithe. Sna cásanna sin, áirítear an dá leibhéal faoin sainmhíniú ar chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta.

Pobail Dá nDéantar Difear

Daoine nó grúpa/grúpaí a chónaíonn nó a oibríonn sa limistéar céanna a ndearna oibríochtaí an ghnóthais nó a shlabhra luacha difear dó nó a bhféadfadh oibríochtaí an ghnóthais nó a shlabhra luacha réamhthachtaigh agus iartheachtaigh difear a dhéanamh dó. Féadfaidh pobail a chónaíonn in aice oibríochtaí an ghnóthais (pobail áitiúla) nó iad sin a chónaíonn go cianda a bheith sna pobail dá ndéantar difear. Áirítear leis na pobail dá ndéantar difear, pobail dhúchasacha dá ndéantar difear iarbhír nó ionchasach.

Luach saothair iomlán bliantúil

Le luach saothair iomlán bliantúil don lucht saothair dílis áirítear tuarastal, bónas, dámhachtainí stoic, dámhachtainí céadrogha, cúiteamh plean dreasachta neamhchothromais, athrú ar luach pinsin, agus tuilleamh cúitimh iarchurtha neamhcháilithe arna soláthar le himeacht bliana.

Éifeachtaí airgeadais lena bhfuil coinne

Éifeachtaí airgeadais nach gcomhlíonann na critéir aitheantais lena gcuimsiú i míreanna líne an ráitis airgeadais sa tréimhse tuairiscithe agus nach gcuimsítear leis na héifeachtaí airgeadais reatha.

Limistéar ina bhfuil riosca uisce

Dobharcheantar a chuimsíonn roinnt gnéithe fisiceacha a bhaineann le huisce:

i.  a fhágann gur lú ná maith agus / nó meathlaithe an stádas ag ceann amháin nó níos mó de dhobharlaigh (mar a shainmhínítear in Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1)), rud a léiríonn go bhfuil saincheisteanna suntasacha ann a mhéid a bhaineann le hinfhaighteacht, cáilíocht, cainníocht uisce (lena n-áirítear ardstrus maidir le huisce); agus/nó

ii.  a chruthaíonn saincheisteanna a mhéid a bhaineann le hinrochtaineacht uisce, saincheisteanna rialála nó clú (lena n-áirítear úsáid uisce a chomhroinnt le pobail agus inacmhainneacht uisce) dá shaoráidí agus do shaoráidí príomhsholáthróra (príomhsholáthróirí).

Limistéar ina bhfuil ardstrus maidir le huisce

Réigiúin ina bhfuil céatadán an uisce iomláin a asbhaintear ard (40-80 %) nó fíorard (níos mó ná 80 %) in uirlis Aqueduct Water Risk Atlas de chuid Institiúid Acmhainní an Domhain (WRI). Féach freisin ganntanas uisce.

Ábhair próisis bhaintigh

Ábhair a bhfuil gá leo sa phróiseas monaraíochta ach nach cuid den táirge deiridh iad, amhail bealaí le haghaidh innealra monaraíochta.

Conclúidí ó Na Teicnící is Fearr atá ar Fáil (BAT)

Doiciméad ina bhfuil codanna de dhoiciméad tagartha BAT lena leagtar síos na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil, tuairisc orthu, faisnéis maidir lena n- infheidhmeacht a mheasúnú, na leibhéil astaíochta a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil, na leibhéil feidhmíochta comhshaoil a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil, an t-íosmhéid inneachair a bheidh i gcóras bainistíochta comhshaoil lena n-áirítear tagarmharcanna a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil, an faireachán bainteach, na leibhéil tomhaltais bhainteacha agus, i gcás inarb iomchuí, bearta ábhartha feabhsúcháin láithreáin (2).

Leibhéal Astaíochta a Bhaineann leis an Teicníc is Fearr atá ar Fáil (BAT-AEL)

Raon na leibhéal astaíochtaí a fhaightear faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin trí úsáid a bhaint as ceann de na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) nó as teaglaim de na teicnící is fearr atá ar fáil, mar a dtugtar tuairisc orthu i gconclúidí BAT, arna shloinneadh mar mheánluach thar thréimhse ama faoi leith, faoi na dálaí tagartha sonraithe, i.e., an leibhéal astaíochta a bhaineann le BAT.

Teicníc is Fearr atá ar Fáil: Leibhéal Feidhmíochta Comhshaoil atá Bainteach léi (BAT-AEPL)

An raon leibhéal feidhmíochta comhshaoil, seachas leibhéil astaíochta, a fhaightear faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin agus úsáid á baint as BAT nó as teaglaim BATanna (3).

Na Teicnící is Fearr atá ar Fáil (BAT) (4)

An chéim is éifeachtaí agus is airde d’fhorbairt gníomhaíochtaí agus a modhanna oibriúcháin a léiríonn go bhfuil teicnící áirithe oiriúnach go praiticiúil chun bunús a thabhairt do theorainnluachanna astaíochta agus do choinníollacha ceada eile atá ceaptha chun astaíochtaí agus a dtionchar ar an gcomhshaol ina iomláine a chosc, agus i gcás nach bhfuil sé sin indéanta, chun iad a laghdú:

i.  áirítear le ‘teicnící’ an teicneolaíocht a úsáidtear agus an bealach ina ndéantar an tsuiteáil a dhearadh, a thógáil, a chothabháil, a oibriú agus a dhíchoimisiúnú;

ii.  ciallaíonn ‘na teicnící atá ar fáil’ na teicnící sin a fhorbraítear ar scála lena gceadaítear cur chun feidhme san earnáil tionsclaíochta ábhartha, faoi dhálaí atá inmharthana go heacnamaíoch agus go teicniúil, agus na costais agus na buntáistí á gcur san áireamh, cé acu atá nó nach bhfuil na teicnící sin á n-úsáid nó á dtáirgeadh sa Bhallstát i gceist, ar choinníoll go bhfuil siad inrochtana go réasúnta ag an oibreoir; agus

iii.  ciallaíonn ‘is fearr’ na cinn is éifeachtaí chun leibhéal ginearálta ard cosanta an chomhshaoil ina iomláine a ghnóthú.

Caillteanas bithéagsúlachta

An laghdú ar aon ghné den bhithéagsúlacht (i.e. ar an leibhéal géiniteach, ar leibhéal speicis agus éiceachórais), i limistéar áirithe de dheasca báis (lena n-áirítear díothú), scriosadh nó baint de láimh fisiceach; d’fhéadfadh sé go dtagraíonn sé d’iliomad scálaí, ó dhíothú ar scála domhanda go díothú pobail, as a dtagann laghdú ar an mbithéagsúlacht ar an scála céanna sin.

An bhithéagsúlacht nó an éagsúlacht bhitheolaíoch

An athraitheacht i measc orgánaigh bheo as gach foinse lena n-áirítear éiceachórais talún, mhuirí agus uisceacha eile agus na coimpléascanna éiceolaíocha ar cuid díobh iad. Áirítear air sin athraitheacht ó thaobh saintréithe géiniteacha, feinitíopacha, fíliginiteacha agus feidhmiúla, chomh maith le hathruithe ar fhlúirse agus dáileadh le himeacht ama agus thar spás laistigh de speicis, pobail bhitheolaíocha agus éiceachórais.

Limistéar atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de

Líonra Natura 2000 de limistéir faoi chosaint, láithreáin Oidhreachta Domhanda UNESCO agus Príomhlimistéir Bhithéagsúlachta (‘KBAnna’), chomh maith le limistéir eile faoi chosaint, dá dtagraítear i bhFoscríbhinn D d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún (5).

Sláine an bhithsféir nó sláine éiceolaíoch

Cumas éiceachórais próisis éiceolaíocha agus pobal ilghnéitheach orgánach a chothú agus a choinneáil ar bun.

Geilleagar gorm

Cuimsítear leis an ngeilleagar gorm na tionscail agus na hearnálacha uile a bhaineann le haigéin, farraigí agus cóstaí, bídís bunaithe sa mhuirthimpeallacht (e.g. loingseoireacht, an t-iascach, giniúint fuinnimh) nó ar talamh (e.g. calafoirt, longchlóis, dobharshaothrú agus táirgeadh algaí ar talamh, turasóireacht chósta).

BREF nó doiciméid tagartha an Aontais maidir leis na Teicnící is Fearr atá ar Fáil

Doiciméad, a leanann as an malartú faisnéise a eagraítear de bhun Airteagal 13 de Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha, arna tharraingt suas le haghaidh gníomhaíochtaí sainithe agus lena dtugtar tuairisc, go háirithe, ar theicnící a chuirtear i bhfeidhm, astaíochtaí agus leibhéil tomhaltais faoi láthair, teicnící a bhreithnítear chun na teicnící is fearr atá ar fáil a chinneadh chomh maith le conclúidí BAT agus aon teicníc atá ag teacht chun cinn, agus aird ar leith á tabhairt ar na critéir a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2010/75/AE.

Breabaireacht

A chur ina luí ar dhuine go mímhacánta gníomhú chun do leasa trí bhronntanas airgid nó aslach eile a thabhairt dó.

Samhail ghnó

Córas an ghnóthais lena ndéantar ionchuir a bhonnathrú trína ghníomhaíochtaí agus trína ndéantar aschuir agus torthaí díobh arb é is aidhm dóibh aidhmeanna straitéiseacha an ghnóthais a chomhlíonadh agus luach a chruthú thar thréimhsí ama gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha. Úsáidtear an téarma ‘samhail ghnó’ san uimhir uatha in ESRS, cé go n-aithnítear go bhféadfadh níos mó ná samhail ghnó amháin a bheith ag gnóthais.

Gaolmhaireachtaí gnó

Na gaolmhaireachtaí atá ag an ngnóthas le comhpháirtithe gnó, eintitis ina shlabhra luacha, agus aon eintiteas neamh-Stáit nó Stáit atá nasctha go díreach lena oibríochtaí gnó, táirgí nó seirbhísí. Níl gaolmhaireachtaí gnó teoranta do ghaolmhaireachtaí conarthacha díreacha. Cuimsítear leo gaolmhaireachtaí gnó indíreacha i slabhra luacha an ghnóthais taobh amuigh den chéad sraith, agus staideanna scairsheilbhe i gcomhfhiontair nó infheistíochtaí.

Seachtháirge

Substaint nó ní a leanann as próiseas táirgthe nach é táirgeadh na substainte nó an ní sin é a phríomhaidhm, agus nach mbreithnítear a bheith ina dhramhaíl, ach gur seachtháirge é má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

i.  is cinnte go mbainfear úsáid bhreise as an tsubstaint nó an ní;

ii.  is féidir an tsubstaint nó an ní a úsáid go díreach gan aon phróiseáil bhreise air seachas gnáthchleachtas tionsclaíoch;

iii.  táirgtear an tsubstaint nó an ní mar dhlúthchuid de phróiseas táirgthe; agus

iv.  agus is dleathach úsáid bhreise a bhaint as, i.e., comhlíonann an tsubstaint nó an ní na ceanglais cosanta táirge, comhshaoil agus sláinte uile le haghaidh na húsáide sonraí agus ní bheidh drochthionchair ar an gcomhshaol ná ar shláinte an duine ann ar an iomlán dá dheasca.

Creidmheas carbóin

Ionstraim inaistrithe nó intrádála ar léiriú í ar thonna méadrach amháin d’astaíochtaí coibhéise dé-ocsaíde carbóin a laghdú nó a bhaint agus a eisítear agus a fhíoraítear de réir caighdeáin cháilíochta aitheanta.

Coibhéis dé-ocsaíde carbóin (CO2eq)

An t-aonad uilíoch tomhais chun an acmhainneacht téite domhanda (GWP) atá ag gach gás ceaptha teasa a léiriú, arna sloinneadh i dtéarmaí GWP d’aonad amháin dé-ocsaíde carbóin. Úsáidtear é chun meastóireacht a dhéanamh ar eisiúint (nó eisiúint a sheachaint) gás ceaptha teasa difriúil ar bhonn comónta.

Saothar leanaí

Obair a bhaineann a n-óige, a n-acmhainn agus a ndínit de leanaí, agus atá díobhálach dá bhforbairt fhisiceach agus mheabhrach. Tagraíonn sé d’obair:

i.  atá contúirteach agus díobhálach go meabhrach, go fisiceach, go sóisialta nó go morálta do leanaí; agus/nó

ii.  a chuireann isteach ar a scolaíocht tríd an deis freastal ar scoil a bhaint díobh; rud a thugann orthu scoil a fhágáil roimh am; nó a cheanglaíonn orthu iarracht a dhéanamh dul ar scoil agus obair róthrom agus rófhada a dhéanamh i gcomhthráth.

Sainmhínítear leanbh mar dhuine faoi bhun 18 mbliana d’aois. Cé acu is féidir nó nach féidir ‘saothar leanaí’ a thabhairt ar chineálacha áirithe ‘oibre’, is rud é a bhraitheann ar aois an linbh, ar chineál agus uaireanta na hoibre a dhéantar agus ar na dálaí faoina ndéantar í. Níl an freagra mar an gcéanna i ngach tír, ná i ngach earnáil laistigh de thíortha.

Níor cheart an aois íosta oibre a bheith níos lú ná an aois íosta ag a dtugtar an scolaíocht éigeantach i gcrích agus, in aon chás, níor cheart í a bheith níos lú ná 15 bliana de réir Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) Uimh. 138 maidir le hAois Íosta. D’fhéadfadh eisceachtaí a bheith ann i roinnt tíortha nach bhfuil forbairt leormhaith ar a ngeilleagair ná ar a saoráidí oideachais, agus is infheidhme aois íosta 14 bliana.

Sonraíonn an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) na tíortha eisceachta sin mar fhreagairt ar iarratas speisialta ón tír lena mbaineann agus i gcomhairle le heagraíochtaí ionadaíocha fostóirí agus oibrithe.

Féadfar a cheadú le dlíthe náisiúnta daoine idir 13 bliana agus 15 bliana d’aois a fhostú ar obair éadrom fad nach dócha go mbeidh an obair sin díobhálach dá sláinte ná dá bhforbairt agus nach ndéanfaidh sí dochar dá bhfreastal scoile nó dá rannpháirtíocht i gcláir ghairmoideachais nó oiliúna. An aois íosta chun bheith ag gabháil d’obair ar dócha, de thoradh a cineáil nó na n-imthosca ina ndéantar í, go gcuirfidh sí sláinte, sábháilteacht nó moráltacht daoine óga i mbaol, ní bheidh sí níos lú ná 18 mbliana.

Geilleagar Ciorclach

Córas eacnamaíoch ina gcoinnítear luach táirgí, ábhar agus acmhainní eile sa gheilleagar ar bun a fhad is féidir agus ina bhfeabhsaítear a n-úsáid éifeachtúil i dtáirgeadh agus tomhaltas, rud a laghdaíonn tionchar comhshaoil a n-úsáide agus a íoslaghdaíonn dramhaíl agus scaoileadh substaintí guaiseacha ag gach céim dá saolré, lena n-áirítear tríd an ordlathas dramhaíola a chur i bhfeidhm.

Prionsabail an gheilleagair chiorclaigh

Is iad prionsabail gheilleagair ciorclach na hEorpa:

i.  inúsáidteacht;

ii.  in-athúsáidteacht;

iii.  indeisitheacht;

iv.  díchóimeáil;

v.  athmhonarú nó athriochtú;

vi.  athchúrsáil;

vii.  athshruthú de réir an timthrialla bhitheolaíoch;

viii.  barrfheabhsú ionchasacha eile ar úsáid táirge nó ábhair.

Ráta úsáide ábhair chiorclaigh

Ábhair, comhpháirteanna agus táirgí a athshruthú sa chleachtas tar éis a gcéad úsáide trí na straitéisí seo a leanas (in ord tosaíochta) a chur i bhfeidhm:

i.  cothabháil/úsáid fhaidréiseach;

ii.  athúsáid/athdháileadh;

iii.  athriochtú/athmhonarú;

iv.  athchúrsáil, múiríniú nó bith-dhíghrádú anaeróbach.

Sainmhínítear an ráta úsáide mar an cóimheas idir úsáid chiorclach ábhar agus úsáid fhoriomlán ábhar.

Faisnéis rúnaicmithe

Faisnéis rúnaicmithe AE mar a shainmhínítear i gCinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (7) maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint nó atá aicmithe ag ceann de na Ballstáit agus marcáilte de réir Fhoscríbhinn B a ghabhann leis an gCinneadh sin ón gComhairle.

Oiriúnú don athrú aeráide

An próiseas chun oiriúnú don athrú aeráide iarbhír agus don athrú aeráide a bhfuil coinne leis agus dá thionchair.

Maolú ar an athrú aeráide

An próiseas a bhaineann le hastaíochtaí GCT a laghdú agus leis an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choimeád faoi bhun 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, i gcomhréir le Comhaontú Pháras.

Athléimneacht aeráide

An acmhainneacht atá ag eintiteas coigeartú i leith athruithe aeráide, agus i leith forbairtí nó neamhchinnteachtaí a bhaineann leis an athrú aeráide. Bainteach leis an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide tá an acmhainneacht bainistíocht a dhéanamh ar Scóip 1 a bhaineann leis an aeráid agus tairbhiú de dheiseanna a bhaineann leis an aeráid, lena n-áirítear an cumas freagairt ar rioscaí aistrithe agus fisiceacha agus oiriúnú dóibh. Le hathléimneacht ghnóthais in aghaidh an athraithe aeráide áirítear a athléimneacht straitéiseach agus a athléimneacht oibríochtúil araon i leith athruithe a bhaineann leis an aeráid agus i leith forbairtí nó neamhchinnteachtaí atá bainteach leis an aeráid.

Deis a bhaineann leis an aeráid

Éifeachtaí dearfacha ionchasacha a bhaineann leis an athrú aeráide a d’fhéadfadh a bheith ar an ngnóthas. D’fhéadfadh iarrachtaí chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú don athrú aeráide deiseanna a chruthú do ghnóthais. Beidh na deiseanna a bhaineann leis an aeráid éagsúil ag brath ar an réigiún, an margadh agus an tionscal ina n-oibríonn gnóthas.

Riosca fisiceach a bhaineann leis an aeráid (Riosca fisiceach ó athrú aeráide)

Rioscaí a leanann as an athrú aeráide a d’fhéadfadh a bheith bunaithe ar theagmhas (géar-rioscaí) nó ar athruithe níos fadtéarmaí i bpatrúin aeráide (rioscaí ainsealacha).

Eascraíonn géar-rioscaí fisiceacha as guaiseacha áirithe, go háirithe teagmhais a bhaineann leis an aimsir amhail stoirmeacha, tuilte, dóiteáin nó toinn teasa. Eascraíonn rioscaí fisiceacha ainsealacha as athruithe níos fadtéarmaí ar an aeráid, amhail athruithe ar an teocht, agus as a n-éifeachtaí ar leibhéil ardaithe na farraige, níos lú uisce a bheith ar fáil, caillteanas na bithéagsúlachta agus athruithe ar tháirgiúlacht talún agus ithreach.

Riosca aistrithe a bhaineann leis an aeráid

Rioscaí a eascraíonn as an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin atá athléimneach in aghaidh an athraithe aeráide. Áirítear leo de ghnáth rioscaí beartais, rioscaí dlíthiúla, rioscaí teicneolaíochta, rioscaí margaidh agus rioscaí clú.

Cómhargáil

An chaibidlíocht uile a dhéantar idir fostóir, grúpa fostaithe nó ceann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí fostóirí, ar thaobh amháin, agus ceann amháin nó níos mó de cheardchumainn nó, ina n-éagmais sin, ionadaithe na n-oibrithe arna dtoghadh agus arna n-údarú go cuí acu i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin náisiúnta, ar an taobh eile, chun:

i.  dálaí oibre agus téarmaí fostaíochta a chinneadh; agus/nó

ii.  an caidreamh idir fostóirí agus oibrithe a rialáil; agus/nó an caidreamh idir fostóirí nó a n-eagraíochtaí agus eagraíocht oibrithe nó eagraíochtaí oibrithe a rialáil.

Teagmhas deimhnithe (saothair leanaí nó saothair éignithe nó gáinneála ar dhaoine)

Áirítear ar theagmhais dheimhnithe teagmhais de shaothar leanaí nó saothar éignithe nó gáinneáil ar dhaoine ar suíodh go bhfuil bunús leo. Ní áirítear ar theagmhais deimhnithe teagmhais de shaothar leanaí nó saothar éignithe nó gáinneáil ar dhaoine atá fós faoi imscrúdú sa tréimhse tuairiscithe.

Teagmhas deimhnithe éillithe nó breabaireachta

Teagmhas éillithebreabaireachta ar suíodh go bhfuil bunús leis. Ní áirítear ar theagmhais dheimhnithe éillithe nó breabaireachta teagmhais éillithe nó breabaireachta atá fós faoi imscrúdú ag deireadh na tréimhse tuairiscithe. Féadfaidh oifigeach comhlíontachta an ghnóthais nó feidhm chomhchosúil nó údarás a chinneadh go bhfuil bunús le cásanna neamhchomhlíonta ionchasacha. Ní gá do chúirt dlí a chinneadh go bhfuil bunús leis.

Tomhaltóir

Daoine aonair a fhaigheann, a thomhlaíonn nó a úsáideann earraí agus seirbhísí le haghaidh úsáid phearsanta, dóibh féin nó do dhaoine eile, agus ní chun críoch athdhíola, tráchtála nó trádála, gnó, ceardaíochta ná gairme.

Cultúr corparáideach

Cuireann cultúr corparáideach spriocanna in iúl trí luachanna agus creidimh. Treoraíonn sé gníomhaíochtaí an ghnóthais trí thoimhdí comhroinnte agus noirm ghrúpa amhail luachanna nó ráitis mhisin nó cód iompair.

Éilliú

Cumhacht arna cur ar iontaoibh a mhí-úsáid chun leas príobháideach, rud a fhéadann daoine aonair nó eagraíochtaí a ghríosú. Áirítear leis cleachtais amhail íocaíochtaí éascaíochta, calaois, sracadh, claonpháirteachas agus sciúradh airgid. Áirítear leis freisin aon bhronntanas, iasacht, táille, dámhachtain nó buntáiste eile a thugann aon duine d’aon duine eile nó a fhaigheann aon duine ó aon duine eile mar aslach chun rud éigin a dhéanamh a bheadh mímhacánta, neamhdhleathach nó ina shárú iontaobhais in iompar gnó an ghnóthais. Is féidir a áireamh orthu sin airgead tirim nó sochair chomhchineáil, amhail earraí saor in aisce, bronntanais, agus laethanta saoire, nó seirbhísí pearsanta speisialta a sholáthraítear chun críche buntáiste mhíchuí, nó brú morálta a d’fhéadfadh a bheith ann dá dheasca buntáiste den sórt sin a fháil.

Seachvótálaithe inchreidte

Daoine ag a bhfuil taithí sách domhain ag dul i ngleic le páirtithe leasmhara dá ndéantar difear ó réigiún nó comhthéacs ar leith (mar shampla, oibrithe ban ar fheirmeacha, pobail dhúchasacha nó oibrithe imirceacha) ar féidir leo cuidiú chun a n-imní dóchúla a chur in iúl go héifeachtach. Sa chleachtas, is féidir forbairt agus eagraíochtaí neamhrialtasacha chearta an duine, ceardchumainn idirnáisiúnta agus sochaí shibhialta áitiúil a áireamh anseo, lena n-áirítear eagraíochtaí creideamh-bhunaithe.

Éifeachtaí airgeadais reatha

Éifeachtaí airgeadais don tréimhse tuairiscithe reatha a aithnítear sna ráitis airgeadais phríomha.

Seifteanna dícharbónúcháin

Cineálacha comhiomlánaithe de ghníomhaíochtaí maolaithe amhail éifeachtúlacht fuinnimh, leictriú, aistriú breosla, úsáid as fuinneamh inathnuaite, athrú táirgí, agus dícharbónú an tslabhra soláthair atá oiriúnach do ghníomhaíochtaí sonracha na ngnóthas.

Dífhoraoisiú

Tiontú sealadach nó buan talún foraoisithe ina talamh neamhfhoraoisithe, arb é an duine is cúis leis (8).

Díghrádú nó éiceachóras díghrádaithe

Tionchair ainsealacha an duine arb é a leanann astu caillteanas bithéagsúlachta agus an cur isteach ar struchtúr, comhdhéanamh agus feidhmiúlacht éiceachórais.

Spleáchais

Cás ina mbíonn gnóthas spleách ar acmhainní nádúrtha, daonna agus/nó sóisialta chun a phróisis ghnó a dhéanamh.

Sil-leagan in uisce agus ithir

Méid substainte a charn sa chomhshaol, san uisce nó san ithir, de bharr iarmhairt ar ghnáthghníomhaíochtaí nó teagmhais nó diúscairtí gnóthas, gan beann ar cibé acu a tharlaíonn an carnadh sin ag suíomh táirgthe gnóthais nó lasmuigh de.

Fású

Díghrádú talún i limistéir thura, bhreacthura agus thirime fo-bhogthaise a leanann as tosca éagsúla, lena n-áirítear éagsúlachtaí aeráide agus gníomhaíochtaí an duine. Ní thagraíonn fású do leathadh nádúrtha fásach atá ann cheana.

Sceitheadh

Is éard a chiallaíonn sceitheadh fuíolluisce an méid uisce (in m3) nó substainte (in kg BOD/d nó tomhas is inchomparáide) a chuirtear le dobharlach / a láisteann isteach ann ó phoncfhoinse nó foinse idirleata. Ciallaíonn eisilteach (nó sceitheadh) séarachais séarachas cóireáilte arna sceitheadh ó ghléasra cóireála séarachais.

Idirdhealú

Is go díreach nó go hindíreach a dhéantar idirdhealú. Tarlaíonn idirdhealú díreach i gcás ina gcaitear le duine aonair ar bhealach nach bhfuil chomh fabhrach céanna leis an mbealach a gcaitear, nó a gcaithfí, le daoine eile a bhfuil cásanna comhchosúla acu, agus inarb é an rud is cúis leis saintréith ar leith den duine sin, rud is ‘foras cosanta’ ann. Idirdhealú indíreach a bheidh ann i gcás ina dtabharfaidh riail, ar cosúil gur riail neodrach í, míbhuntáiste do dhuine nó do ghrúpa a bhfuil na saintréithe céanna i bpáirt acu. Ní mór a léiriú, i gcomparáid le grúpa comparáide, go dtugann cinneadh míbhuntáiste do ghrúpa.

Ábharthacht dhúbailte

Tá dhá ghné ag baint le hábharthacht dhúbailte: ábharthacht tionchair agus ábharthacht airgeadais. Comhlíonann ábhar inbhuanaitheachta an critéar maidir le hábharthacht dhúbailte má tá sé ábhartha ó thaobh tionchair nó ó thaobh airgeadais de nó an dá rud.

Inmharthanacht táirge, comhpháirte nó ábhair

Cumas táirge, comhpháirte nó ábhair fanacht feidhmiúil agus ábhartha nuair a úsáidtear mar a cheaptar é.

Tairseach éiceolaíoch

An pointe a bhíonn athrú sách beag ar dhálaí seachtracha ina chúis le athrú gasta ar éiceachóras. I gcás ina sáraítear tairseach éiceolaíoch, ní féidir leis an éiceachóras filleadh ar a ghnáthstaid trí bhíthin a athléimneachta féin a thuilleadh.

Fairsinge éiceachórais

Méid sócmhainne éiceachórais, agus is é is sócmhainn éiceachórais ann spás tadhlach éiceachórais de chineál sonrach a bhfuil tacar sainiúil comhpháirteanna bitheacha agus aibitheacha agus a n-idirghníomhaíochtaí mar shaintréithe aige.

Athchóiriú éiceachórais

Aon ghníomhaíocht a dhéantar d’aon ghnó a thionscnaíonn nó a chuireann dlús le teacht aniar éiceachórais ó staid dhíghrádaithe.

Seirbhísí éiceachórais

Na bealaí a rannchuidíonn éiceachórais leis na tairbhí a úsáidtear i ngníomhaíocht eacnamaíoch agus i ngníomhaíocht eile an duine, is iad sin na tairbhí a bhaineann daoine as éiceachórais. I Measúnú Éiceachórais na Mílaoise, is féidir seirbhísí éiceachórais a roinnt ina seirbhísí tacaíochta, rialála, soláthair agus cultúrtha. Leis an Aicmiú Idirnáisiúnta Coiteann ar Sheirbhísí Éiceachórais (CICES) aicmítear cineálacha seirbhísí éiceachóras.

Éiceachóras (éiceachórais)

Coimpléasc dinimiciúil de phobail plandaí, ainmhithe agus miocrorgánaigh agus a dtimpeallacht neamhbheo ag idirghníomhú le chéile mar aonad feidhmiúil. Le Típeolaíocht Dhomhanda Éiceachóras 2.0 IUCN soláthraítear típeolaíocht éiceachóras.

Astaíocht

Scaoileadh díreach nó indíreach substaintí, creathanna, teasa nó torainn ó fhoinsí aonair nó scaipthe isteach san aer, san uisce nó san ithir (9).

Fostaí

Duine aonair atá i gcaidreamh fostaíochta leis an ngnóthas de réir an dlí náisiúnta nó de réir cleachtas náisiúnta.

Úsáideoirí deiridh

Daoine a úsáideann nó a bheartaítear go n-úsáidfidh siad táirge nó seirbhís áirithe iarbhír.

Comhdheiseanna

Rochtain chomhionann neamh-idirdhealaitheach, ag daoine aonair, ar dheiseanna oideachais, oiliúna, fostaíochta, forbartha gairme agus feidhmithe cumhachta gan iad a bheith faoi mhíbhuntáiste ar bhonn critéar amhail inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, náisiúntacht, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh.

Cóir Chomhionann

Is prionsabal ginearálta de dhlí na hEorpa é prionsabal na córa comhionainne lena ndéantar talamh slán de go gcaitear ar an mbealach céanna le cásanna inchomparáide nó le páirtithe a bhfuil cásanna inchomparáide acu. I gcomhthéacs ESRS S1, tagraíonn an téarma ‘cóir chomhionann’ freisin do phrionsabal an neamh-idirdhealaithe, nach ndéanfar aon idirdhealú díreach ná indíreach dá réir bunaithe ar fhoras ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, gnéithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó aon tuairim eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh.

Éifeachtaí airgeadais

Éifeachtaí ag rioscaí agus deiseanna a imríonn tionchar ar staid airgeadais, feidhmíocht airgeadais agus sreafaí airgid an ghnóthais sa ghearrthéarma, sa mheántéarma nó san fhadtéarma.

Ábharthacht airgeadais

Tá ábhar inbhuanaitheachta ábhartha ó thaobh airgeadais de má ghineann sé rioscaídeiseanna a dhéanann difear do staid airgeadais, feidhmíocht airgeadais nó sreabhadh airgid an ghnóthais, nó dá rochtain ar mhaoiniú nó dá chostas caipitil, sa ghearrthéarma, sa mheántéarma nó san fhadtéarma (nó a bhféadfadh coinne réasúnach a bheith leis go ndéanfaidís an difear sin).

Saothar éignithe

Gach obair nó seirbhís a bhaintear as aon duine atá faoi bhagairt pionóis agus nár chuir an duine é féin ar fáil go saorálach ina leith. Cuimsítear leis an téarma gach cás ina gcuirtear iallach ar dhuine ar aon bhealach obair a dhéanamh agus áirítear leis cleachtais thraidisiúnta ar ‘geall le sclábhaíocht’ iad agus cineálacha comhaimseartha comhéigin a bhaineann dúshaothrú saothair leo, rud lena bhféadfaí gáinneáil ar dhaoine agus sclábhaíocht an lae inniu a áireamh.

Breosla iontaise

Foinsí neamh-inathnuaite fuinnimh atá bunaithe ar charbón ar nós breoslaí soladacha, gás nádúrtha agus ola.

Toiliú Saor, Roimh Ré agus Eolasach (FPIC)

Is léiriú ar cheart pobal dúchasach chun a dtosaíochtaí polaitiúla, sóisialta, eacnamaíocha agus cultúrtha a fhéinchinneadh é. Tá sé comhdhéanta de thrí cheart idirghaolmhara agus charnacha atá ag pobail dhúchasacha: an ceart go rachfar i gcomhairle leo; an ceart chun páirt a ghlacadh; agus an ceart chun a dtailte, a gcríoch agus a n-acmhainní. Baineann FPIC le pobail dhúchasacha agus aithnítear é faoin dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, go háirithe Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach.

Fionnuisce

Screamhuisce agus uisce dromchla, ag a bhfuil meánsalandacht bhliantúil < 0,5 ‰ (i.e., an teorainn a luaitear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir Réime maidir le hUisce).

Laghdú astaíochtaí GCT

Laghdú ar astaíochtaí GHG Scóip 1, 2, 3astaíochtaí GCT iomlána an ghnóthais ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, i gcoibhneas le hastaíochtaí bonnbhliana. D’fhéadfadh laghduithe ar astaíochtaí leanúint astu seo a leanas, agus cinn eile nach iad, éifeachtúlacht fuinnimh, leictriú, dícharbónú soláthróirí, dícharbónú ar an meascán leictreachais, forbairt táirgí inbhuanaithe nó athruithe ar theorainneacha nó ar ghníomhaíochtaí tuairiscithe (e.g. seachfhoinsiú, inniúlachtaí laghdaithe), ar choinníoll go mbaintear amach iad laistigh d’oibríocht dhílis agus slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach an ghnóthais. Ní dhéantar baintí ná astaíochtaí seachanta a chomhaireamh mar laghduithe ar astaíochtaí.

Baint agus stóráil GCT

Tagraíonn baint (antrapaigineach) d’aistarraingt GCTanna ón atmaisféar de thoradh gníomhaíochtaí an duine d’aon ghnó. Áirítear orthu sin linnte bitheolaíocha antrapaigineacha CO2 a fheabhsú agus innealtóireacht cheimiceach a úsáid chun baint agus stóráil fhadtéarmach a bhaint amach. Is féidir le gabháil agus stóráil carbóin (CCS) ó fhoinsí tionsclaíocha agus foinsí a bhaineann le fuinneamh, nach mbaineann CO2 den atmaisféar astu féin, CO2 atmaisféarach a bhaint má úsáidtear i gcomhcheangal le táirgeadh bithfhuinnimh í (Gabháil agus Stóráil Carbóin Bithfhuinnimh - BECCS). Is féidir baint a aisiompú, arb ionann iad agus aon ghluaiseacht GCT stóráilte amach as an stóráil bheartaithe a ghabhann isteach san atmaisféar arís. Foraois a fásadh chun méid sonrach CO2 a bhaint, mar shampla, má bhíonn sí faoi réir falscaí, aisiompaítear na hastaíochtaí a ghabhtar sna crainn.

Acmhainneacht téite domhanda (GWP)

Toisc lena dtugann tuairisc ar thionchar fórsála radantaí (an méid díobhála a dhéantar don atmaisféar) aonaid amháin de GHG ar leith i gcoibhneas le haonad amháin CO2.

Gáis cheaptha teasa (GCT)

Na gáis a liostaítear i gcuid 2 d’Iarscríbhinn V de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Áirítear orthu sin dé-ocsaíd charbóin (CO2), Meatán (CH4), Ocsaíd Nítriúil (N2O), heicseafluairíd sulfair (SF6), trífhluairíd nítrigine (NF3), HFCanna, sárfhluaracarbóin (PFCanna).

Sásra casaoide

Aon ghnáthphróiseas, bíodh sé státbhunaithe nó gan bheith státbhunaithe, breithiúnach nó neamhbhreithiúnach, trínar féidir le páirtithe leasmhara casaoidí a dhéanamh agus leigheas a lorg. Ar shamplaí de shásraí casaoide státbhunaithe breithiúnacha agus neamhbhreithiúnacha áirítear cúirteanna, binsí saothair, institiúidí náisiúnta um chearta an duine, Pointí Teagmhála Náisiúnta faoi Threoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta, oifigí ombudsman, gníomhaireachtaí cosanta tomhaltóirí, comhlachtaí maoirseachta rialála, agus oifigí gearán arna reáchtáil ag rialtas. Ar shásraí casaoide nach bhfuil státbhunaithe áirítear iad siúd arna riar ag an ngnóthas, ina aonar nó in éineacht le páirtithe leasmhara, amhail sásraí casaoide agus cómhargáil ar an leibhéal oibríochtúil, lena n-áirítear na sásraí a bhunaítear trí bhíthin na cómhargála. Áirítear orthu freisin sásraí arna riar ag comhlachais tionscail, eagraíochtaí idirnáisiúnta, eagraíochtaí sochaí sibhialta, nó grúpaí ilpháirtithe leasmhara.

Is í an eagraíocht, ina haonar nó i gcomhar le páirtithe leasmhara eile, a riarann sásraí casaoide ar an leibhéal oibríochtúil agus tá rochtain dhíreach ag páirtithe leasmhara na heagraíochta orthu. Táthar in ann casaoidí a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu go luath agus díreach dá mbarr, rud a choisceann an díobháil agus an géarú ar chasaoidí araon. Le sásraí casaoide, tugtar caoi freisin dóibh siúd a ndéantar difear díreach dóibh aiseolas tábhachtach a sholáthar maidir le héifeachtacht dhícheall cuí na heagraíochta.

De réir Threoirphrionsabal 31 ó na Náisiúin Aontaithe, is é is sásraí casaoide éifeachtacha ann sásraí dlisteanacha, inrochtana, intuartha, cothromasacha, trédhearcacha atá comhoiriúnach le cearta agus ina bhfoinse foghlama leanúnaí. I dteanna na gcritéar sin, tá sásraí casaoide éifeachtacha ar an leibhéal oibríochtúil bunaithe ar rannpháirtíocht agus idirphlé. D’fhéadfadh sé gur deacra don eagraíocht measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na sásraí casaoide a bhfuil sé rannpháirteach iontu ná iad siúd a bhunaigh sé féin.

Screamhuisce

An t-uisce uile faoi dhromchla na talún atá i gcrios an tsáithithe agus i dteagmháil dhíreach leis an talamh nó leis an bhfo-ithir (11).

Gnáthóg

An áit nó an cineál láithreáin ina n-aimsítear orgánach nó pobal go nádúrtha. Úsáidtear í freisin i gciall na saintréithe comhshaoil a theastaíonn ó speiceas ar leith nó a nideog éiceolaíche.

Ilroinnt gnáthóg

Téarma ginearálta a thugann tuairisc ar an tacar próiseas inarb é an toradh atá ar an gcaillteanas gnáthóg go dtagann gnáthóga leanúnacha chun bheith roinnte ina ngeadáin, a dtéann a líon i méid ach a méid i laghad le himeacht ama, i riocht agus gur lú an t-achar iomlán iontu agus iad siad scoite amach ó chéile ag maitrís gnáthóg nach bhfuil cosúil leo. D’fhéadfadh próisis nádúrtha (e.g. dóiteáin foraoise agus féarthalún, tuilte) agus gníomhaíochtaí an duine (foraoiseacht, talmhaíocht, uirbiú) a bheith ina gcúis le hilroinnt gnáthóg.

Ciapadh

Cás ina dtarlaíonn iompar gan iarraidh a bhaineann le foras cosanta idirdhealaithe (mar shampla, inscne faoi Threoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), nó reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh faoi Threoir 2000/78/CE ón gComhairle (13)) chun dínit duine a shárú, agus chun timpeallacht imeaglaithe, naimhdeach, tháireach, náireach nó mhaslach a chruthú.

Dramhaíl ghuaiseach

Dramhaíl a léiríonn ceann amháin nó níos mó de na saintréithe guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) maidir le dramhaíl.

Earnálacha aeráide ardtionchair

Earnálacha a liostaítear i Ranna A go H agus i Roinn L d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) (mar a shainmhínítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún (16)).

Tionchair

An éifeacht atá ag an ngnóthas nó a d’fhéadfadh a bheith aige ar an gcomhshaol agus ar dhaoine, lena n-áirítear éifeachtaí ar chearta an duine, a bhaineann lena oibríochtaí dílse agus lena shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, lena n-áirítear trína chuid táirgí agus seirbhísí, agus trína ghaolmhaireachtaí gnó. D’fhéadfadh na tionchair a bheith iarbhír nó ionchasach, diúltach nó dearfach, beartaithe nó neamhbheartaithe, agus in-aisiompaithe nó do-aisiompaithe. Féadfaidh siad teacht chun cinn sa ghearrthéarma, meántéarma nó fadtéarma. Le tionchair, léirítear rannchuidiú, diúltach nó dearfach, an ghnóthais leis an bhforbairt inbhuanaithe.

Tionscnóirí tionchair

Na tosca uile is cúis le hathruithe ar an dúlra, sócmhainní antrapaigineacha, na bealaí a rannchuidíonn an dúlra le saol daoine agus le dea-cháilíocht saoil. Tionscnóirí nádúrtha agus antrapaigineacha araon atá i dtionscnóirí díreacha an athraithe. Imríonn siad tionchair dhíreacha fhisiceacha ar an nádúr (go meicniúil agus go ceimiceach agus ó thaobh torainn agus solais de, etc.) agus tionchair a dhéanann difear dá iompraíocht. Áirítear orthu sin, inter alia, an t-athrú aeráide, truailliú, cineálacha éagsúla athraithe ar úsáid talún, speicis agus zónóisí coimhthíocha ionracha, agus saothrú. Bíonn tionscnóirí tionchair indíreacha ag oibriú ar bhealach idirleata trí thionscnóirí díreacha, chomh maith le tionscnóirí indíreacha eile freisin, a athrú agus tionchar a imirt orthu (trína bheith ag déanamh difear dá leibhéal, dá dtreo nó dá ráta). Idirghníomhaíochtaí idir tionscnóirí díreacha agus indíreacha, cruthaíonn siad slabhraí éagsúla gaolmhaireachta, aitreabúideachta agus tionchar, a d’fhéadfadh a bheith éagsúil ó thaobh cineáil, déine, ré agus faid de. D’fhéadfadh cineálacha éagsúla éifeachtaí iarmharta a bheith ann de thoradh na ngaolmhaireachtaí sin freisin. Ar thionscnóirí tionchair domhanda áirítear tionscnóirí eacnamaíocha, déimeagrafacha, rialachais, teicneolaíocha agus cultúrtha. I measc tionscnóirí indíreacha, tugtar aird ar leith ar ról institiúidí (idir fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil) agus ar na tionchair a imríonn patrúin táirgthe, soláthair agus tomhaltais ar an dúlra, ar na bealaí a rannchuidíonn an dúlra le saol daoine agus le dea-cháilíocht saoil.

Ábharthacht tionchair

Beidh ábhar inbhuanaitheachta ábhartha ó pheirspictíocht tionchair de i gcás ina mbeidh baint aige le hábhar iarbhír nó ionchasach an ghnóthais, le tionchair dhearfacha nó dhiúltacha ar dhaoine nó ar an gcomhshaol thar thréimhsí ama gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha. Ó thaobh tionchair de, áirítear le hábhar inbhuanaitheachta ábhartha tionchair a bhaineann le hoibríochtaí dílse agus slabhra luacha réamhteachtach agus iartheachtach an ghnóthais, lena n-áirítear trína chuid táirgí agus seirbhísí, agus trína ghaolmhaireachtaí gnó.

Teagmhas

Gníomhaíocht dlí nó gearán a chláraítear leis an ngnóthas nó le húdaráis inniúla trí phróiseas foirmiúil, nó cás neamhchomhlíonta a shainaithníonn an gnóthas trí nósanna imeachta bunaithe. Ar nósanna imeachta bunaithe chun cásanna neamhchomhlíonta a shainaithint is féidir iniúchtaí ar chóras bainistíochta, cláir faireacháin fhoirmiúla, nó sásraí casaoide a áireamh.

Loscadh

Dóchan dramhaíola faoi smacht ag teocht ard, bíodh aisghabháil fuinnimh ann nó ná bíodh.

Comhalta boird neamhspleách

Comhaltaí boird a fheidhmíonn breithiúnas neamhspleách saor ó aon tionchar seachtrach nó aon choinbhleacht leasa. Ciallaíonn neamhspleáchas go ginearálta breithiúnas a fheidhmiú go hoibiachtúil gan srian. I gcás ina n-úsáidfear mar shlat tomhais é chun cosúlacht neamhspleáchais a bhreithniú, nó chun comhalta neamhfheidhmiúcháin de na comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta a chatagóiriú mar neamhspleách, ciallaíonn sé easpa leasa, staide, comhlachais nó gaolmhaireachta ar dócha, nuair a bhreithnítear ó pheirspictíocht tríú páirtí réasúnaigh eolaigh é, go n-imreodh sé tionchar míchuí ar chinnteoireacht nó gur chúis laofachta ina leith.

Pobail dhúchasacha

Níor comhaontaíodh ar an leibhéal idirnáisiúnta aon sainmhíniú aonair ar phobail dhúchasacha. Sa chleachtas, tá cóineasú ann i measc gníomhaireachtaí idirnáisiúnta maidir leis na grúpaí is féidir a mheas a bheith ina bpobail dhúchasacha agus ar cheart cosaint speisialta a bheith orthu mar sin. Baineann critéar tábhachtach chun pobail dhúchasacha a shainmhíniú lena gceangal le limistéar traidisiúnta, mar a shainmhínítear i gCoinbhinsiún EIS Uimh. 169, Airteagal 1, ina ndeirtear go bhfuil feidhm ag an gcoinbhinsiún maidir le: ‘(a) pobail threibheacha i dtíortha neamhspleácha a dhealaíonn a gcoinníollacha sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíocha iad ó chodanna eile den phobal náisiúnta, agus a rialaítear a stádas, go hiomlán nó go páirteach, lena gcustaim nó lena dtraidisiúin féin, nó le dlíthe nó rialacháin speisialta; (b) pobail i dtíortha neamhspleácha a mbreathnaítear orthu mar dhúchasach ós rud é gur de shliocht na ndaonraí a mhair sa tír nó i réigiún geografach lena mbaineann an tír iad, tráth concais nó coilínithe, nó tráth a bunaíodh na teorainneacha stáit atá ann faoi láthair agus a bhfuil a n-institiúidí sóisialta, eacnamaíocha, cultúrtha nó polaitiúla uile fós acu, nó cuid díobh, gan beann ar a stádas dlíthiúil’. Luaitear an méid seo a leanas freisin in Airteagal 1(2) de Choinbhinsiún EIS Uimh. 169: ‘measfar gur critéar bunúsach é [féin]-aitheantas mar phobal dúchasach nó treibheach chun a chinneadh cé na grúpaí a bhfuil feidhm ag forálacha an Choinbhinsiúin seo maidir leo’.

Astaíochtaí GCT indíreacha

Astaíochtaí GCT atá mar iarmhairt ar ghníomhaíochtaí eintitis ach a tharlaíonn ag foinsí atá faoi úinéireacht eintitis eile nó á rialú ag eintiteas eile. Is éard is astaíochtaí indíreacha ann astaíochtaí GCT Scóip 2 agus astaíochtaí GCT Scóip 3 in éineacht.

Suiteáil

Aonad teicniúil do-aistrithe ina ndéantar gníomhaíocht amháin nó níos mó, cinn a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’astaíochtaí agus don truailliú.

Praghas carbóin inmheánach

Praghas a úsáideann eintitis chun measúnú a dhéanamh ar impleachtaí airgeadais athruithe ar infheistíocht, táirgeadh, agus patrúin tomhaltais, agus ar dhul chun cinn teicneolaíoch ionchasach agus costais laghdaithe astaíochtaí sa todhchaí.

Scéim praghsála carbóin inmheánach

Socrú eagraíochtúil a ligeann do ghnóthas praghsanna carbóin a chur i bhfeidhm i gcinnteoireacht straitéiseach agus oibríochtúil. Tá dhá chineál praghas carbóin inmheánach ann a úsáideann gnóthais de ghnáth. Scáthphraghas a thugtar ar an gcéad chineál, ar costas teoiriciúil nó méid barúlach é nach ngearrann an gnóthas ach is féidir a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar impleachtaí eacnamaíocha nó ar chomhbhabhtálacha le haghaidh rudaí cosúil le tionchair riosca, infheistíochtaí nua, glanluach reatha tionscadal, agus costas-tairbhe na dtionscnamh éagsúil. Cáin nó táille inmheánach é an dara cineál, ar praghas carbóin é a ghearrtar ar ghníomhaíocht ghnó, líne táirgí, nó aonad gnó eile bunaithe ar a astaíochtaí GCT (tá na cánacha nó na táillí inmheánacha sin comhchosúil le praghsáil aistrithe ionchuideachta).

Speiceas ionrach nó coimhthíoch

Speiceas a bhfuil a thabhairt isteach agus/nó a leathadh ag gníomhaíocht an duine ó lasmuigh dá dháileadh nádúrtha ina bhagairt ar an mbithéagsúlacht, ar an tslándáil bia, agus ar shláinte agus dea-bhail an duine. Tagraíonn ‘coimhthíoch’ don speiceas a bheith tugtha isteach ó lasmuigh dá dháileadh nádúrtha (is comhchiallaigh le ‘coimhthíoch’ iad ‘andúchasach’ agus ‘neamhdhúchasach’). Ciallaíonn ‘ionrach’ gur ‘gnách leis leathadh amach ar fud na n-éiceachóras ina dtugtar isteach é agus iad a mhodhnú’. Dá réir sin, d’fhéadfadh speiceas a bheith coimhthíoch gan bheith ionrach nó, i gcás speiceas atá de bhunadh réigiúin, d’fhéadfadh sé dul i méid agus teacht chun bheith ionrach, gan é a bheith ina speiceas coimhthíoch iarbhír.

Príomhlimistéar Bithéagsúlachta (KBA)

Láithreáin a rannchuidíonn go mór le marthanacht na bithéagsúlachta go domhanda, in éiceachórais talún, fionnuisce agus mhuirí. Cáilíonn láithreáin mar KBAnna má chomhlíonann siad ceann amháin nó níos mó de 11 chritéar, a chuirtear ina gcúig chatagóir: an bhithéagsúlacht faoi bhagairt; an bhithéagsúlacht faoi shrian geografach; sláine éiceolaíoch; próisis bhitheolaíocha; agus, neamh-in-athsholáthaireacht. Is é BirdLife International a dhéanann bainistíocht ar an mBunachar Sonraí Domhanda KBAnna thar ceann Chomhpháirtíocht KBA.

Díghrádú talún

An iliomad próiseas a thionscnaíonn meathlú nó caillteanas bithéagsúlachta, feidhmeanna éiceachórais nó a dtairbhí do dhaoine ar a n-áirítear díghrádú na n-éiceachóras talún uile.

Líonadh talún

Láithreán diúscartha dramhaíola chun dramhaíl a thaisceadh ar an talamh nó isteach sa talamh (17).

(Athrú ar) an gcóras talún

Comhpháirt talún chóras an Domhain, ina gcuimsítear na próisis agus na gníomhaíochtaí uile a bhaineann leis an úsáid a bhaineann an duine as an talamh. Áirítear orthu sin ionchuir agus socruithe socheacnamaíocha, teicneolaíocha agus eagraíochtúla, chomh maith leis na tairbhí a bhaintear as an talamh agus torthaí sóisialta agus éiceolaíocha neamhbheartaithe gníomhaíochtaí sochaíocha. I gcoincheap na gcóras talún tá úsáid talún (na gníomhaíochtaí, na socruithe agus na hionchuir atá bainteach le húsáid talún) in éineacht le cumhdach talún (saintréithe fisiceacha uile na talún is inaitheanta trí Fhaire na Cruinne).

(Athrú ar) úsáid talún

An úsáid a bhaineann an duine as limistéar sonrach chun críche áirithe (amhail úsáid chónaitheach; talmhaíocht; áineas; úsáid thionsclaíoch, etc). Faoi thionchar ag cumhdach talún, ach gan bheith comhchiallach leis. Tagraíonn an t-athrú ar úsáid talún d’athrú ar úsáid nó bainistíocht talún ag an duine, a bhféadfadh athrú ar chumhdach talún a bheith ann dá thoradh.

Ionadaithe dlisteanacha

Daoine aonair a aithnítear mar dhlisteanach faoin dlí nó sa chleachtas, amhail ionadaithe ceardchumainn tofa i gcás oibrithe, nó ionadaithe eile a roghnaítear go saor de pháirtithe leasmhara dá ndéantar difear.

Giaráil

Cumas an ghnóthais athrú a dhéanamh ar chleachtais mhíchearta páirtí eile a bhfuil baint acu le tionchar diúltach a bhaineann leis an inbhuanaitheacht.

Gníomhaíochtaí stocaireachta

Gníomhaíochtaí a dhéantar chun tionchar a imirt ar fhoirmliú nó cur chun feidhme beartais nó reachtaíochta, nó próisis chinnteoireachta rialtas, institiúidí rialtasacha, rialtóirí, institiúidí an Aontais, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí nó bunaitheoirí caighdeán. Áirítear ar ghníomhaíochtaí den sórt sin (liosta neamh-uileghabhálach):

i.  cruinnithe, comhdhálacha, imeachtaí a eagrú nó rannpháirt a ghlacadh iontu;

ii.  rannchuidiú le comhairliúcháin phoiblí, éisteachtaí nó tionscnaimh chomhchosúla eile nó rannpháirt a ghlacadh iontu;

iii.  feachtais chumarsáide, ardáin, líonraí, tionscnaimh chosmhuintire a eagrú;

iv.  páipéir bheartais agus sheasaimh, pobalbhreitheanna, suirbhéanna, obair thaighde a ullmhú/a choimisiúnú de réir na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear le rialacha an chláir trédhearcachta.

Astaíochtaí GCT iata

Meastacháin ar astaíochtaí GCT sa todhchaí ar dócha go dtarlóidh siad de bharr príomhshócmhainní nó táirgí gnóthais a dhíoltar laistigh dá saolré oibriúcháin.

Úsáid fhaidréiseach

Dearadh táirge le haghaidh a chothabhála agus a mharthanachta ar bhealach a spreagtar úsáid níos faide ná an úsáid a bhaintear as faoin gcaighdeán tionscail sa chleachtas agus ar scála, agus ar bhealach nach gcuirtear isteach ar a chóireáil chiorclach ag deireadh a ré feidhmiúla.

Acmhainní muirí

Acmhainní bitheolaíocha agus neamh-bhitheolaíocha a fhaightear sna farraigí agus sna haigéin. Ar shamplaí díobh sin tá mianraí domhainfharraige, gairbhéil agus táirgí bia mara, ach gan bheith teoranta dóibh

Deiseanna ábhartha

Deiseanna a bhaineann le hinbhuanaitheacht lena ngabhann éifeachtaí dearfacha airgeadais agus a dhéanann difear ábhartha do shreabhadh airgid an ghnóthais, nó dá rochtain ar mhaoiniú nó dá chostas caipitil, sa ghearrthéarma, sa mheántéarma nó san fhadtéarma (nó a bhféadfadh coinne réasúnach a bheith leis go ndéanfaidís an difear sin).

Rioscaí ábhartha

Rioscaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht lena ngabhann éifeachtaí diúltacha airgeadais agus a dhéanann difear ábhartha do shreabhadh airgid an ghnóthais, nó dá rochtain ar mhaoiniú nó dá chostas caipitil, sa ghearrthéarma, sa mheántéarma nó san fhadtéarma (nó a bhféadfadh coinne réasúnach a bheith leis go ndéanfaidís an difear sin).

Ábharthacht

Tá ábhar inbhuanaitheachta ábhartha má chomhlíonann sé an sainmhíniú ar ábharthacht tionchair, ábharthacht airgeadais, nó an dá rud.

Méadrachtaí

Táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla a úsáideann an gnóthas chun éifeachtacht sheachadadh a bheartais a bhaineann le hinbhuanaitheacht a thomhas agus a thuairisciú agus in aghaidh a spriocanna le himeacht ama. Tacaíonn méadrachtaí freisin leis an tomhas ar thorthaí an ghnóthais i ndáil le daoine dá ndéantar difear, an comhshaol agus an gnóthas.

Micreaphlaistigh

Píosaí beaga plaisteach, níos lú ná 5 mm de ghnáth. Tá an líon micreaphlaisteach a fhaightear sa chomhshaol, lena n-áirítear san fharraige, agus i mbia agus in uisce óil, ag dul i méid. Nuair a bheidh siad sa chomhshaol, ní bhith-dhíghrádaíonn micreaphlaistigh agus is gnách go gcarnann siad – ach amháin má cheaptar iad go sonrach chun bith-dhíghrádú sa chomhshaol oscailte. Is feiniméan casta í an in-bhithdhíghrádaitheacht, go háirithe sa mhuirthimpeallacht. Micreaphlaistigh a bheith i láthair i meáin chomhthimpeallacha éagsúla (amhail uisce), a dtionchar ar an gcomhshaol agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar shláinte an duine, is ábhair imní iad atá ag dul i méid.

Íoscheanglas maidir le Nochtadh

Le híoscheanglas maidir le nochtadh, leagtar síos inneachar na faisnéise a cheanglaítear ar an ngnóthas a áireamh le linn dó tuairisc a thabhairt ar bheartais, gníomhaíochtaí, méadrachtaíspriocanna, de bhun Ceanglas maidir le Nochtadh in ESRS nó ar bhonn eintiteas-sonrach.

Acmhainní nádúrtha

Sócmhainní nádúrtha (amhábhair) a aimsítear sa dúlra ar féidir iad a úsáid le haghaidh táirgeadh nó tomhaltas eacnamaíoch.

Réitigh dhúlrabhunaithe

Gníomhaíochtaí chun éiceachórais talún, fionnuisce, chósta agus mhuirí nádúrtha nó mhodhnaithe a chosaint, a chaomhnú, a athchóiriú, a úsáid go hinbhuanaithe agus a bhainistiú lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil go héifeachtach oiriúnaitheach agus lena soláthraítear, an tráth céanna, tairbhí maidir le dea-bhail an duine, seirbhísí éiceachórais, athléimneacht agus bithéagsúlacht.

Sprioc ghlan-nialasach

Ciallaíonn sprioc ghlan-nialasach a shocrú ar leibhéal gnóthais agus é ailínithe le spriocanna aeráide sochaíocha a chomhlíonadh: scála laghduithe astaíochtaí slabhra luacha a bhaint amach a bheidh i gcomhréir leis an laghdú a cheangaítear chun go sroichfear an ghlan-nialasacht i gconairí 1,5 C, agus tionchar aon astaíocht iarmharach a neodrú (tar éis thart ar 90-95 % d’astaíochtaí GCT a laghdú agus an fhéidearthacht ann go mbeadh éagsúlachtaí earnálacha a bhfuil údar leo ann i gcomhréir le conair earnálach aitheanta) trí mhéid coibhéiseach CO2 a bhaint go buan.

i.
ii.

Neamhfhostaithe

Le neamhfhostaithe i lucht saothair dílis gnóthais, áirítear conraitheoirí aonair a sholáthraíonn saothar don ghnóthas (‘daoine féinfhostaithe’) agus daoine arna soláthar ag gnóthais a bhíonn ag gabháil go príomha do ‘ghníomhaíochtaí fostaíochta’ (Cód NACE N78).

Fuinneamh neamh-inathnuaite

Fuinneamh nach féidir a shainaithint mar fhuinneamh a dhíorthaítear ó fhoinsí inathnuaite.

Rialú oibriúcháin

Is é is rialú oibriúcháin ann (ar eintiteas, láithreán, oibríocht nó sócmhainn) cás ina bhfuil sé ar a chumas ag an ngnóthas gníomhaíochtaí agus gaolmhaireachtaí oibríochtúla an eintitis, láithreáin, oibríochta nó sócmhainne a stiúradh go díreach.

Deiseanna

Deiseanna a bhaineann le hinbhuanaitheacht lena ngabhann éifeachtaí dearfacha airgeadais.

Ragobair

An líon uaireanta an chloig a oibríonn oibrí de bhreis ar na huaireanta conarthacha atá aige nó aici.

Lucht saothair dílis/oibrithe dílse

Oibrithe atá i ngaolmhaireacht fostaíochta leis an ngnóthas (‘fostaithe’) chomh maith le neamhfhostaithe ar conraitheoirí aonair iad a sholáthraíonn saothar don ghnóthas (‘daoine féinfhostaithe’) nó daoine arna soláthar ag gnóthais a bhíonn ag gabháil go príomha do ‘ghníomhaíochtaí fostaíochta’ (Cód NACE N78).

Substaintí lena n-ídítear an t-ózón

Substaintí a liostaítear i bPrótacal Montréal um Shubstaintí a Ídíonn an Ciseal Ózóin.

Pacáistíocht

Táirgí a dhéantar as aon ábhar d’aon chineál atá le húsáid chun earraí, ó amhábhair go hearraí próiseáilte, a choimeád, a chosaint, a láimhseáil, a sheachadadh, a stóráil, a iompar agus a chur i láthair, ón táirgeoir chuig an úsáideoir nó an tomhaltóir (18).

An gnáth-thuarastal bunaidh nó íosta maille le haon luach saothair eile, in airgead nó i gcomhchineál, a fhaigheann an t-oibrí, go díreach nó go hindíreach (‘comhpháirteanna comhlántacha agus athraitheacha’), óna f(h)ostóir as ucht a f(h)ostaíochta. Ciallaíonn ‘leibhéal ’ pá bliantúil comhlán agus an pá comhlán comhfhreagrach in aghaidh na huaire. Ciallaíonn ‘leibhéal airmheánach ’ pá an fhostaí a dtuillfeadh leath na bhfostaithe níos mó de agus leath na bhfostaithe níos lú de.

Daoine faoi mhíchumas

Daoine a bhfuil lagú fadtéarmach fisiceach, meabhrach, intleachtúil nó céadfach orthu, ar lagú é, nuair a bhíonn orthu dul i ngleic le bacainní éagsúla, a d’fhéadfadh cur isteach ar a rannpháirtíocht iomlán agus éifeachtach sa tsochaí ar bhonn comhionann le daoine eile.

Rioscaí fisiceacha

Braitheann an fiontar eacnamaíoch domhanda uile ar fheidhmiú chórais an Domhain, amhail aeráid chobhsaí agus seirbhísí éiceachórais, amhail soláthar bithmhaise (amhábhair). Rioscaí fisiceacha a bhaineann leis an dúlra, is toradh díreach iad ar spleáchas eagraíochta ar an dúlra. Tagann rioscaí fisiceacha chun cinn nuair a bhíonn córais nádúrtha lagaithe mar gheall ar an tionchar atá ag teagmhais aeráide (e.g. teagmhais adhaimsire amhail triomach), teagmhais gheolaíocha (e.g. teagmhais sheismeacha amhail crith talún) nó teagmhais nó athruithe ar chothromaíocht éiceachórais, amhail cáilíocht na hithreach nó an éiceolaíocht mhuirí, a dhéanann difear do na seirbhísí éiceachórais a mbraitheann eagraíochtaí orthu. D’fhéadfaidís a bheith ina ngéar-rioscaí, ina rioscaí ainsealacha, nó an dá rud. Tagann rioscaí fisiceacha a bhaineann leis an dúlra chun cinn de thoradh athruithe ar dhálaí bitheacha (beo) agus aibitheacha (neamhbheo) a thacaíonn le héiceachórais shláintiúla fheidhmiúla. De ghnáth, baineann rioscaí fisiceacha go sonrach le suíomh. Bíonn rioscaí fisiceacha a bhaineann leis an dúlra bainteach go minic le rioscaí fisiceacha a bhaineann leis an aeráid.

Teorainneacha pláinéadacha

Leis an gcoincheap sin, is féidir meastachán a dhéanamh ar spás oibríochta sábháilte don chine daonna i ndáil le feidhmiú an Domhain. I gcás gach ceann de phróisis chórais an Domhain, cainníochtaítear leibhéal teorann nár cheart a shárú má táimid chun athrú comhshaoil dhomhanda doghlactha a sheachaint.

Beartas

Tacar nó creat cuspóirí ginearálta agus prionsabal bainistíochta a úsáideann an gnóthas i gcomhair cinnteoireachta. Cuireann beartas straitéis nó cinntí bainistíochta an ghnóthais chun feidhme ar cinntí iad a bhaineann le hábhar inbhuanaitheachta ábhartha. Tá gach beartas faoi chúram duine (daoine) sainithe, sonraítear ann a pheiriméadar feidhme, agus áirítear leis cuspóir amháin nó níos mó (nasctha nuair is infheidhme maidir le spriocanna intomhaiste). Déantar beartas a bhailíochtú agus a athbhreithniú de réir rialacha infheidhme na ngnóthas maidir le rialachas. Cuirtear beartas chun feidhme trí ghníomhaíochtaí nó pleananna gníomhaíochta.

Truailleán

Substaint, creathadh, teas, torann, solas nó éilleán eile arb ann dóibh in aer, in uisce nó in ithir, a d’fhéadfadh a bheith díobhálach do shláinte an duine agus/nó don chomhshaol, a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh do mhaoin ábhartha, nó a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’áiseanna agus d’úsáidí dlisteanacha eile den chomhshaol (19).

Truailliú

Truailleáin a thabhairt isteach, go díreach nó go hindíreach, de thoradh ghníomhaíocht an duine, san aer, san uisce nó san ithir a d’fhéadfadh a bheith díobhálach do shláinte an duine agus/nó don chomhshaol, a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh do mhaoin ábhartha, nó a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’áiseanna agus d’úsáidí dlisteanacha eile den chomhshaol (20).

Truailliú ithreach

Substaintí, creathanna, teas nó torann a thabhairt isteach san ithir de thoradh ghníomhaíocht an duine – is cuma cé acu a thugtar isteach ag suíomh táirgthe gnóthais iad nó lasmuigh de trí úsáid tháirgí agus/nó sheirbhísí an ghnóthais – a bhféadfadh na substaintí, na creathanna, an teas nó an torann sin a bheith díobhálach do shláinte an duine nó don chomhshaol, as a leanann damáiste do mhaoin ábhartha, nó a dhéanann dochar d’áiseanna agus d’úsáidí dlisteanacha eile den chomhshaol nó a chuireann isteach orthu (21). Áirítear ar thruailleáin ithreach truailleáin neamhorgánacha, truailleáin orgánacha mharthanacha (POPanna), lotnaidicídí, comhdhúile nítrigine agus fosfair, etc.

Limistéar faoi chosaint

Spás geografach atá sainithe go soiléir agus a aithnítear, a ainmnítear agus a bhainistítear trí mhodhanna dlíthiúla nó éifeachtacha eile chun caomhnú an dúlra agus na seirbhísí éiceachórais agus na luachanna cultúrtha atá bainteach leis a bhaint amach san fhadtéarma.

Leictreachas, teas, gail nó fuarú ceannaithe nó faighte

I gcás ina bhfuair an gnóthas a chuid leictreachais, teasa, gail nó fuaraithe ó thríú páirtí. Léiríonn an téarma ‘faighte’ imthosca ina bhféadfadh sé nach gceannaíonn cuideachta leictreachas go díreach (e.g., tionónta i bhfoirgneamh), ach tugtar an fuinneamh isteach i saoráid an ghnóthais i gcomhair úsáide.

Amhábhar

Ábhar príomhúil nó tánaisteach a úsáidtear chun táirge a tháirgeadh.

Caighdeáin cháilíochta aitheanta le haghaidh creidmheasanna carbóin

Caighdeáin cháilíochta le haghaidh creidmheasanna carbóin ar féidir le tríú páirtithe neamhspleácha iad a fhíorú, ceanglais agus tuarascálacha tionscadal a chur ar fáil go poiblí agus lena n-áirithítear breisíocht, buaine, agus seachaint comhairimh dúbailte agus a sholáthraíonn rialacha maidir le hastaíochtaí agus baint GHG an tionscadail a ríomh, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a fhíorú.

Gortú nó drochshláinte intaifeadta a bhaineann leis an obair

Gortú nó drochshláinte intaifeadta a bhaineann leis an obair as a leanann aon cheann de na nithe seo a leanas:

i.  bás, laethanta as láthair ón obair, obair shrianta nó aistriú chuig post eile, cóir leighis seachas garchabhair, nó cáilliúint comhfheasa; nó

ii.  gortú nó drochshláinte shuntasach arna diagnóisiú ag liachleachtóir nó gairmí cúraim sláinte ceadúnaithe eile, fiú mura bhfuil bás, laethanta as láthair ón obair, obair shrianta nó aistriú chuig post eile, cóir leighis seachas garchabhair, nó cáilliúint comhfheasa mar thoradh uirthi.

Aisghabháil

Aon oibríocht arb é an príomhthoradh atá uirthi go mbaintear úsáid fhónta as dramhaíl trína cur in ionad ábhair eile a mbainfí feidhm ar leith astu murach sin, nó go n-ullmhaítear dramhaíl chun an fheidhm sin a bhaint aisti, sa tsaoráid nó sa gheilleagar i gcoitinne (22).

Athchúrsáil

Aon oibríocht aisghabhála ina ndéantar ábhair dhramhaíola a athphróiseáil ina dtáirgí, ina n-ábhair nó ina substaintí, chun na gcríoch bunaidh nó chun críoch eile. Áirítear air sin ábhair orgánacha a athphróiseáil ach ní áirítear air aisghabháil fuinnimh ná ábhar a athphróiseáil ina n-ábhair atá le húsáid mar bhreosla nó le haghaidh oibríochtaí aislíonta.

Athghiniúint acmhainne

Acmhainneacht féin-athnuachana córas nádúrtha a chur chun cinn, arb é is aidhm dó próisis éiceolaíocha a ndearna gníomhaíocht an duine damáiste dóibh nó róshaothrú orthu a chur i ngníomh arís.

Leigheas

Chun gníomhú in aghaidh tionchar diúltach nó é a shlánú. Samplaí: leithscéalta, cúiteamh airgeadais nó neamhairgeadais, cosc díobhála trí urghairí nó ráthaíochtaí neamh-atarlaithe, smachtbhannaí pionósacha (bídís ina smachtbhannaí coiriúla nó riaracháin, amhail fíneálacha), tabhairt ar ais, athchóiriú, athshlánú.

Fuinneamh inathnuaite

Fuinnimh as foinsí neamhiontaise in-athnuaite, is é sin fuinneamh gaoithe, grianfhuinneamh (grianfhuinneamh teirmeach agus grianfhuinneamh fótavoltach) agus fuinneamh geoiteirmeach, fuinneamh comhthimpeallach, fuinneamh taoide, fuinneamh tonnta agus fuinneamh aigéin eile, hidreachumhacht, bithmhais, gás láithreáin líonta, gás ó ghléasra cóireála séarachais, agus bithghás (23).

Ábhair inathnuaite

Ábhair a dhíorthaítear ó acmhainní a ndéanann timthriallta éiceolaíocha nó próisis talmhaíochta iad a athshlánú go tapa, ionas nach bhfuil na seirbhísí a sholáthraíonn na hacmhainní sin ná acmhainní eile atá nasctha leo i mbaol agus go mbeidh siad fós ar fáil don chéad ghlúin eile.

Insreafaí acmhainní

Acmhainn a thagann isteach i saoráidí an ghnóthais.

Eis-sreafaí acmhainní

Acmhainn a fhágann saoráidí an ghnóthais.

Barrfheabhsú úsáide acmhainní

Dearadh, táirgeadh agus dáileadh ábhar agus táirgí arb é is cuspóir dó iad a choimeád in úsáid ag a luach is airde. Is samplaí d’uirlisí chun úsáid acmhainní a bharrfheabhsú iad an éicidhearthóireacht agus an dearthóireacht ar mhaithe le húsáid fhaidréiseach, deisiú, athúsáid, athrú cuspóra, díchóimeáil agus athmhonarú.

Athúsáid

Aon oibríocht trína mbaintear úsáid an athuair as táirgí agus comhpháirteanna nach dramhaíl iad chun na críche céanna dár ceapadh iad. D’fhéadfadh glanadh nó coigeartuithe beaga a bheith i gceist leis sin ionas go mbeidh siad ullamh don chéad úsáid eile gan modhnú suntasach.

Abhantrach

An limistéar talún óna ritheann gach sreabhadh de dhroim talún trí shraith sruthanna, aibhneacha agus, b’fhéidir, lochanna isteach san fharraige ag béal abhann, inbhear nó deilt amháin.

Rioscaí

Rioscaí airgeadais a bhaineann leis an inbhuanaitheacht lena ngabhann éifeachtaí airgeadais diúltacha a eascraíonn as ábhair chomhshaoil, shóisialta nó rialachais a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh do staid airgeadais, feidhmíocht airgeadais nó sreabhadh airgid an ghnóthais, nó dá rochtain ar mhaoiniú nó dá chostas caipitil, sa ghearrthéarma, sa mheántéarma nó san fhadtéarma.

Cás

Tuairisc shochreidte ar conas a d’fhéadfaí an todhchaí a fhorbairt bunaithe ar shraith chomhtháite toimhdí maidir le príomhfhórsaí spreagtha a bheidh comhsheasmhach go hinmheánach (e.g. ráta an athraithe theicneolaíoch, praghsanna) agus gaolmhaireachtaí. Tabhair faoi deara nach réamh-mheastacháin ná réamhaisnéisí iad na cásanna ach úsáidtear iad chun léiriú a sholáthar ar impleachtaí forbairtí agus gníomhaíochtaí.

Anailís ar chásanna

Próiseas chun raon ionchasach torthaí ar theagmhais sa todhchaí a shainaithint agus a mheasúnú faoi dhálaí neamhchinnteachta.

Astaíochtaí GCT Scóip 1

Astaíochtaí GHG díreacha ó fhoinsí atá faoi úinéireacht an ghnóthais nó á rialú aige.

Astaíochtaí GCT Scóip 2

Astaíochtaí indíreacha ó leictreachas, gail, teas, nó fuarú ceannaithe nó faighte a ghiniúint, arna n-ídiú ag an ngnóthas.

Astaíochtaí GCT Scóip 3

Gach astaíocht GCT indíreach (nach n-áirítear in astaíochtaí GCT Scóip 2) a tharlaíonn i slabhra luacha an ghnóthais tuairiscithe, lena n-áirítear astaíochtaí réamhtheachtacha agus iartheachtacha araon. Is féidir astaíochtaí GHG Scóip 3 a mhiondealú de réir chatagóirí Scóip 3.

Catagóir Scóip 3

Ceann de 15 chineál astaíochtaí GHG Scóip 3 a shainaithnítear le Caighdeán Corparáideach Phrótacal GHG agus a mhionsonraítear le Caighdeán Cuntasaíochta agus Tuairiscithe Shlabhra Luacha Corparáideach (Scóip 3) Phrótacal GHG (arna oiriúnú ó Chaighdeán Cuntasaíochta agus Tuairiscithe Shlabhra Luacha Corparáideach (Scóip 3) Phrótacal GCT, Gluais (Leagan 2011). Gnóthais a roghnaíonn cuntas a choinneáil ar astaíochtaí Scóip 3 bunaithe ar na catagóirí d’astaíochtaí GCT indíreacha in ISO 14064-1:2018, féadfaidh siad tagairt freisin don chatagóir a shainítear i gclásal 5.2.4 (gan astaíochtaí GCT indíreacha ó fhuinneamh allmhairithe a áireamh) de ISO 14064-1:2018.

Faisnéis íogair

Faisnéis íogair mar a shainmhínítear in Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta.

Suíomh

Suíomh ina bhfuil suiteáil fhisiceach amháín nó níos mó. Má tá níos mó ná suiteáil fhisiceach amháin ann ó na húinéirí nó ó na hoibreoirí céanna nó éagsúla agus má roinntear bonneagar agus saoráidí áirithe, féadfaidh an limistéar iomlán ina bhfuil an tsuiteáil fhisiciúil suite a bheith ina láithreán.

Idirphlé sóisialta

Gach cineál caibidlíochta, comhairliúcháin nó, go simplí, malartaithe faisnéise idir nó i measc ionadaithe rialtas, fostóirí, a n-eagraíochtaí agus ionadaithe oibrithe, maidir le saincheisteanna leasa choitinn a bhaineann le beartas eacnamaíoch agus sóisialta. Is féidir é a bheith ina phróiseas tríthaobhach, ina bhfuil an rialtas ina pháirtí oifigiúil san idirphlé, nó féadfar nach mbeidh ann ach caidrimh dhéthaobhacha idir ionadaithe oibrithe agus an bhainistíocht (nó ceardchumainn agus eagraíochtaí fostóirí).

Cosaint shóisialta

An tacar beart atá ceaptha an bhochtaineacht agus an leochaileacht ar feadh an tsaoil a laghdú agus a chosc.

Ithir

Brat uachtair an Domhain atá suite idir an bhuncharraig agus an dromchla. Tá an ithir comhdhéanta de cháithníní mianraí, ábhar orgánach, uisce, aer agus orgánaigh bheo (25).

Díghrádú ithreach

Cumas laghdaitheach na hithreach earraí agus seirbhísí éiceachórais a sholáthar do na páirtithe leasmhara a dteastaíonn siad uathu.

Séalú ithreach

Ithir a chumhdach ar bhealach a fhágann go bhfuil an limistéar a chumhdaítear neamhscagach (e.g. bóthar). D’fhéadfadh an easpa tréscaoilteachta sin tionchair chomhshaoil a chruthú mar a thuairiscítear i Rialachán (AE) 2018/2026 ón gCoimisiún (26).

Ualaigh shonracha

Mais an truailleáin a scaoiltear in aghaidh na maise den táirge a tháirgtear. Le hualaigh shonracha, is féidir comparáid a dhéanamh idir feidhmíocht chomhshaoil suiteálacha gan beann ar a méideanna táirgeachta éagsúla agus ní dhéanann meascadh ná caolú difear dóibh (27).

Rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara

Próiseas leanúnach idirghníomhaíochta agus idirphlé idir an gnóthas agus a pháirtithe leasmhara a chuireann ar chumas an ghnóthais a leasanna agus a n-imní a chloisteáil, a thuiscint agus a fhreagairt.

Páirtithe leasmhara

Iad sin ar féidir leo difear a dhéanamh don ghnóthas nó dá ndéanann an gnóthas difear. Tá dhá phríomhghrúpa páirtithe leasmhara ann:

i.  Páirtithe leasmhara dá ndéantar difear: daoine aonair nó grúpaí a ndéantar difear dá leasanna nó a bhféadfaí difear a dhéanamh dá leasanna – go dearfach nó go diúltach – de bharr ghníomhaíochtaí an ghnóthais agus a ghaolmhaireachtaí díreach nó indíreacha gnó thar a shlabhra luacha; agus

ii.  úsáideoirí na ráiteas inbhuanaitheachta: príomhúsáideoirí an tuairiscithe airgeadais ag a bhfuil cuspóir ginearálta (infheisteoirí reatha agus ionchasacha, iasachtóirí agus creidiúnaithe eile, lena n-áirítear bainisteoirí sócmhainní, institiúidí creidmheasa, gnóthais árachais), chomh maith le húsáideoirí eile, lena n-áirítear comhpháirtithe gnó an ghnóthais, ceardchumainn agus comhpháirtithe sóisialta, an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, rialtais, anailíseoirí agus acadóirí.

D’fhéadfadh roinnt páirtithe leasmhara ach ní iad uile a bheith sa dá ghrúpa.

Substaintí

Aon dúil cheimiceach agus a comhdhúile, cé is moite de na substaintí seo a leanas:

i.  substaintí radaighníomhacha mar a shainmhínítear in Airteagal 1 de Threoir 96/29/Euratom ón gComhairle (28) lena leagtar síos caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta chun sláinte oibrithe agus an phobail i gcoitinne a chosaint ar na contúirtí a éiríonn as radaíocht ianúcháin;

ii.  miocrorgánaigh ghéinmhodhnaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(b) de Threoir 2009/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29) maidir le húsáid imshrianta miocrorgánach géinmhodhnaithe;

iii.  orgánaigh ghéinmhodhnaithe mar a shainmhínítear i bpointe 2 d’Airteagal 2 de Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30) maidir le scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe isteach sa chomhshaol (31).

Substaintí ar díol imní iad

Substaint arb amhlaidh an méid seo a leanas ina leith:

i.  substaint a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 57, agus a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 59(1), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32);

ii.  a aicmítear i gCuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33) i gceann de na haicmí guaise nó de na catagóirí guaise seo a leanas:

— carcanaigineacht, catagóirí 1 agus 2;

— só-ghineacht ghaiméite, catagóirí 1 agus 2;

— tocsaineacht atáirgthe, catagóirí 1 agus 2;

— suaitheadh inchríneach maidir le sláinte an duine;

— suaitheadh inchríneach maidir leis an gcomhshaol;

— Airíonna Marthanacha, Soghluaiste agus Tocsaineacha nó airíonna An-Mharthanach, An-Soghluaiste;

— Airíonna Marthanacha, Inbhithbhailithe agus Tocsaineacha nó airíonna An-Mharthanach agus An-Inbhithbhailithe;

— íogrú riospráide, catagóir 1;

— íogrú craicinn, catagóir 1;

— guais ainsealach don chomhshaol uisceach, catagóirí 1 go 4;

— guaiseach don chiseal ózóin;

— tocsaineacht sain-spriocorgáin, nochtadh aonair, catagóirí 1 agus 2;

— tocsaineacht sain-spriocorgáin, nochtadh aonair, catagóirí 1 agus 2; nó

iii.  tionchar diúltach aige ar athúsáid agus athchúrsáil ábhar sa táirge ina bhfuil sé, mar a shainmhínítear i gceanglais éicidhearthóireachta táirgeshonracha ábhartha de chuid an Aontais.

Substaintí ar Díol Mór Imní iad (SVHCanna)

Substaintí a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (REACH) agus a sainaithníodh i gcomhréir le hAirteagal 59(1) den Rialachán sin.

Soláthróir

Eintiteas réamhtheachtach ón eagraíocht (i.e., i slabhra soláthair na heagraíochta), a sholáthraíonn táirge nó seirbhís a úsáidtear i bhforbairt táirgí nó seirbhísí dílse eagraíochta. Féadfaidh soláthróir gaolmhaireacht ghnó dhíreach a bheith aige leis an eagraíocht (dá dtagraítear go minic mar sholáthróir den chéad sraith) nó gaolmhaireacht ghnó indíreach.

Slabhra soláthair

An raon iomlán gníomhaíochtaí nó próiseas arna ndéanamh ag eintitis réamhtheachtacha ón ngnóthas, a sholáthraíonn táirgí nó seirbhísí a úsáidtear chun táirgí nó seirbhísí dílse an ghnóthais a fhorbairt agus a tháirgeadh. Cuimsítear leis sin eintitis réamhtheachtacha lena bhfuil gaolmhaireacht dhíreach ag an ngnóthas (dá dtagraítear go minic mar sholáthróir den chéad sraith) agus eintitis lena bhfuil gaolmhaireacht ghnó indíreach ag an ngnóthas.

Uisce dromchla

Uiscí intíre, ach amháin screamhuisce; uiscí trasdultacha agus uiscí cósta, ach amháin i leith stádas ceimiceach, ar lena aghaidh a áireofar uiscí trasdultacha leis freisin (34).

Ábhair inbhuanaitheachta

Cearta comhshaoil, cearta sóisialta agus cearta an duine, agus tosca rialachais, lena n-áirítear tosca inbhuanaitheachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (24), de Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35).

Ráiteas inbhuanaitheachta

An roinn ar leith de thuarascáil bhainistíochta an ghnóthais ina gcuirtear i láthair an fhaisnéis maidir le hábhair inbhuanaitheachta arna hullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36) agus ESRS.

Deiseanna a bhaineann le hinbhuanaitheacht

Teagmhais nó dálaí neamhchinnte comhshaoil, sóisialta nó rialachais a bhféadfadh, má tharlaíonn siad, éifeacht dhearfach ábhartha ionchasach a bheith acu ar shamhail ghnó agus straitéis an ghnóthais agus ar a chumas a spriocanna a bhaint amach agus luach a chruthú agus, dá bhrí sin, a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a chinntí agus ar chinntí a chomhpháirtithe gaolmhaireachta gnó a mhéid a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta. Fearacht aon deis eile, déantar deiseanna a bhaineann le hinbhuanaitheacht a thomhas mar theaglaim de mhéid tionchair agus an dóchúlacht go dtarlóidh sé.

Rioscaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht

Teagmhais nó dálaí neamhchinnte comhshaoil, sóisialta nó rialachais a bhféadfadh, má tharlaíonn siad, éifeacht dhiúltach ábhartha ionchasach a bheith acu ar shamhail ghnó agus straitéis an ghnóthais agus ar a chumas a spriocanna a bhaint amach agus luach a chruthú agus, dá bhrí sin, a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a chinntí agus ar chinntí a ghaolmhaireachta gnó a mhéid a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta. Fearacht aon riosca eile, is é atá i gceist le rioscaí a bhaineann leis an inbhuanaitheacht teaglaim de mhéid tionchair agus an dóchúlacht go dtarlóidh sé.

Tionchair a bhaineann le hinbhuanaitheacht

An éifeacht atá ag an ngnóthas nó a d’fhéadfadh a bheith aige ar an gcomhshaol agus ar dhaoine, lena n-áirítear éifeachtaí ar a gcearta daonna, de thoradh ghníomhaíochtaí nó ghaolmhaireachtaí gnó an ghnóthais. D’fhéadfadh na tionchair a bheith iarbhír nó ionchasach, diúltach nó dearfach, gearrthéarmach, meántéarmach nó fadtéarmach, beartaithe nó neamhbheartaithe, agus in-aisiompaithe nó do-aisiompaithe. Le tionchair, léirítear rannchuidiú, diúltach nó dearfach, an ghnóthais leis an bhforbairt inbhuanaithe.

Rioscaí sistéamacha

Rioscaí a eascraíonn as briseadh síos an chórais ina iomláine seachas as teip codanna aonair de. Mar shaintréith acu tagann pointí iompaithe beaga le chéile go hindíreach chun teipeanna móra a chruthú ina dtarlaíonn idirghníomhaíochtaí cascáideacha idir rioscaí fisiceacha agus aistrithe (tógálacht), de réir mar a thionscnaíonn caillteanas amháin slabhra caillteanas eile, gan córais bheith in ann cothromaíocht a bhaint amach arís tar éis suaite. Sampla de sin is ea caillteanas speicis buntaca, amhail dobhráin mhara, a bhfuil ról ríthábhachtach acu i struchtúr pobail éiceachórais. Nuair a seilgeadh dobhráin mhara a oiread sin gur bheag nár díothaíodh iad sna 1900idí, chuaigh éiceachórais an chósta i léig agus laghdaíodh táirgeadh bithmhaise go mór.

Spriocanna

Spriocanna atá intomhaiste, dírithe ar thorthaí agus faoi cheangal ama a bhféachann an gnóthas lena mbaint amach i ndáil le tionchair, rioscaídeiseanna ábhartha. Féadfaidh an gnóthas iad a shocrú go deonach nó féadfar iad a dhíorthú ó cheanglais dlí atá ar an ngnóthas.

Speiceas faoi bhagairt

Speiceas i mbaol, lena n-áirítear flora agus fauna, a liostaítear ar an Liosta Dearg Eorpach nó ar Liosta Dearg IUCN, dá dtagraítear i Roinn 7 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún.

Oiliúint

Tionscnaimh a chuireann an gnóthas i bhfeidhm a fhéachann le scileanna agus eolas a oibrithe dílse a choinneáil ar bun agus/nó a fheabhsú. Is féidir modheolaíochtaí éagsúla a áireamh inti, amhail oiliúint ar an láthair, agus oiliúint ar líne.

Plean aistrithe

Cineál sonrach plean gníomhaíochta a ghlacann an gnóthas i ndáil le cinneadh straitéiseach ina dtugtar aghaidh:

i.  ar chuspóir beartais phoiblí; agus/nó

ii.  plean gníomhaíochta eintiteas-sonrach a eagraítear mar thacar struchtúraithe spriocanna agus gníomhaíochtaí, atá bainteach le príomh-chinneadh straitéiseach, athrú ollmhór ar shamhail ghnó, agus/nó gníomhaíochtaí agus acmhainní leithdháilte a bhfuil tábhacht ar leith leo.

Plean aistrithe le haghaidh maolú ar an athrú aeráide

Gné de straitéis fhoriomlán gnóthais ina leagtar amach spriocanna, gníomhaíochtaí agus acmhainní an ghnóthais dá aistriú i dtreo geilleagar ísealcharbóin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí amhail a astaíochtaí GCT a laghdú i ndáil leis an gcuspóir go gcuirfear teorann leis an téamh domhanda ag 1,5 °C agus le cuspóir na haeráidneodrachta.

Rioscaí aistrithe

Rioscaí a leanann as mí-ailíniú idir straitéis agus bainistíocht eagraíochta nó infheisteora agus an tírdhreach athraitheach rialála, beartais nó sochaíoch ina n-oibríonn sé. Forbairtí a fhéachann le damáiste don aeráid nó don dúlra a stopadh nó a aisiompú, amhail bearta rialtais, forbairtí ceannródaíocha teicneolaíochta, athruithe ar an margadh, dlíthíocht agus roghanna tomhaltóirí a bheith ag athrú, is féidir leo sin uile aistrithe rioscaí a chruthú nó a athrú.

Úsáideoirí

Úsáideoirí ráiteas inbhuanaitheachta iad príomhúsáideoirí an tuairiscithe airgeadais ag a bhfuil cuspóir ginearálta (infheisteoirí reatha agus ionchasacha, iasachtóirí agus creidiúnaithe eile, lena n-áirítear bainisteoirí sócmhainní, institiúidí creidmheasa, gnóthais árachais), chomh maith le húsáideoirí eile, lena n-áirítear comhpháirtithe gnó an ghnóthais, ceardchumainn agus comhpháirtithe sóisialta, an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, rialtais, anailíseoirí agus acadóirí.

Slabhra luacha

An raon iomlán gníomhaíochtaí, acmhainní agus gaolmhaireachtaí a bhaineann le samhail ghnó an ghnóthais agus an timpeallacht sheachtrach ina bhfeidhmíonn sé.

Cuimsítear le slabhra luacha na gníomhaíochtaí, acmhainní agus gaolmhaireachtaí a úsáideann an gnóthas agus a mbíonn sé ag brath orthu chun a tháirgí nó as sheirbhísí a chruthú idir thionscnamh go seachadadh, ídiú agus deireadh ré. Áirítear le gníomhaíochtaí, acmhainní agus gaolmhaireachtaí ábhartha:

i.  iad sin in oibríochtaí dílse an ghnóthais, amhail acmhainní daonna;

ii.  iad sin feadh a bhealaí soláthair, margaíochta agus dáilte, amhail ábhair agus foinsiú seirbhíse agus díol agus seachadadh táirgí agus seirbhísí; agus

iii.  na timpeallachtaí maoiniúcháin, geografacha, geopholaitiúla agus rialála ina n-oibríonn an gnóthas.

Áirítear le slabhra luacha gníomhaithe atá réamhtheachtach agus iartheachtach ón ngnóthas. Gníomhaithe atá réamhtheachtach ón ngnóthas (e.g. soláthróirí), soláthraíonn siad táirgí nó seirbhísí a úsáidtear chun táirgí nó seirbhísí an ghnóthais a fhorbairt. Faigheann eintitis atá iartheachtach ón ngnóthas (e.g. dáileoirí, custaiméirí) táirgí nó seirbhísí ón ngnóthas.

Úsáidtear an téarma ‘slabhra luacha’ san uimhir uatha in ESRS, cé go n-aithnítear go bhféadfadh slabhraí luacha iomadúla a bheith ag gnóthais.

Oibrí i slabhra luacha

Duine aonair a fheidhmíonn obair i slabhra luacha gnóthais, gan beann ar ghaolmhaireacht chonarthach a bheith ann leis an ngnóthas nó cineál na gaolmhaireachta sin. In ESRS, in raon feidhme na n-oibrithe sa slabhra luacha áirítear na hoibrithe uile i slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach an ghnóthais a bhfuil tionchar ábhartha ag an ngnóthas orthu nó a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith ag an ngnóthas orthu. Áirítear orthu sin tionchair atá nasctha le hoibríochtaí dílse an ghnóthais, agus leis an slabhra luacha, lena n-áirítear trína chuid táirgí nó seirbhísí, agus trína ghaolmhaireachtaí gnó. Áirítear orthu sin na hoibrithe uile nach dtagann faoi raon feidhme ‘Lucht saothair dílis’ (áirítear le ‘Lucht saothair dílis’ daoine atá i ngaolmhaireacht fostaíochta leis an ngnóthas (‘fostaithe’) chomh maith le neamhfhostaithe ar conraitheoirí aonair iad a sholáthraíonn saothar don ghnóthas (‘daoine féinfhostaithe’) nó daoine arna soláthar ag gnóthais a bhíonn ag gabháil go príomha do ghníomhaíochtaí fostaíochta). (Cód NACE N78)

comhiomlán, gan comhpháirteanna athraitheacha amhail pá ragoibre agus dreasachta a áireamh, agus gan liúntais a áireamh ach amháin má tá siad ráthaithe.

Dramhaíl

Aon substaint nó réad a dhéanfaidh an sealbhóir a dhiúscairt nó a bhfuil sé beartaithe aige a dhiúscairt nó a bhfuil sé de cheangal air a dhiúscairt (37).

Ordlathas dramhaíola

Ord tosaíochta maidir le dramhaíl a chosc agus a bhainistiú (38):

i.  cosc;

ii.  ullmhú i gcomhair athúsáid;

iii.  athchúrsáil;

iv.  aisghabháil eile (e.g., aisghabháil fuinnimh); agus

v.  diúscairt.

Bainistiú dramhaíola

Bailiú, iompar, aisghabháil, agus diúscairt dramhaíola, lena n-áirítear faireachán na n-oibríochtaí sin agus iarchúram na suíomhanna diúscartha, agus lena n-áirítear gníomhartha a dhéanann duine mar dhéileálaí nó mar bhróicéir (39).

Fuíolluisce

Uisce nach bhfuil aon luach láithreach a thuilleadh air chun na críche dar úsáideadh é nó de shaothrú na críche dar táirgeadh é, mar gheall ar a cháilíocht, a chainníocht nó an tráth atá sé ann.

D’fhéadfadh fuíolluisce ó úsáideoir amháin a bheith ina sholáthar d’úsáideoir in áit éigin eile. Ní bhreithnítear gur fuíolluisce é uisce fuaraithe.

Tomhaltas uisce

An méid uisce a tharraingítear isteach faoi theorainneacha an ghnóthais (nó na saoráide) agus nach sceitear ar ais sa timpeallacht uisce nó chuig tríú páirtí le himeacht na tréimhse tuairiscithe.

Sceitheadh uisce

Suim na n-eisilteach agus an uisce eile a fhágann teorainneacha na heagraíochta agus a scaoiltear isteach in uisce dromchla, screamhuisce nó chuig tríú páirtithe le himeacht na tréimhse tuairiscithe.

Déine úsáide uisce

Méadracht a léiríonn an ghaolmhaireacht idir gné thoirtmhéadrach uisce agus aonad gníomhaíochta (táirgí, díolacháin, etc.) arna chruthú.

Uisce (athchúrsáilte agus athúsáidte)

Uisce agus fuíolluisce (cóireáilte nó neamhchóireáilte) a úsáideadh níos mó ná uair amháin cheana sula sceitear amach ó theorainn an ghnóthais nó saoráidí comhroinnte é, ionas go laghdaítear an t-éileamh ar uisce. D’fhéadfadh sé gurb é an próiseas céanna é (athchúrsáilte) nó gur próiseas éagsúil é laistigh den tsaoráid chéanna (dá chuid féin nó comhroinnte le gnóthais eile) nó i saoráidí (athúsáidte) eile de chuid an ghnóthais.

Ganntanas uisce

A fhlúirsí, nó a ghainne, atá acmhainní fionnuisce ó thaobh toirtmhéadrachta de. Is é an duine is cúis le ganntanas, is feidhm é de thoirt tomhaltais uisce an duine i gcoibhneas leis an toirt acmhainní uisce i limistéar ar leith. Dá réir sin, réigiún tur nach bhfuil ach fíorbheagán uisce ach gan aon tomhaltas ag an duine ar an uisce sin ann, mheasfaí gur réigiún tur é agus ní réigiún ina bhfuil ganntanas uisce. Is fíorstaid oibiachtúil fhisiceach é an ganntanas uisce a bhfuiltear in ann a thomhas go comhsheasmhach ar fud réigiún agus le himeacht ama. Tá ganntanas uisce ina léiriú ar a fhlúirsí atá fionnuisce go fisiceach, ní ar cé acu atá nó nach bhfuil an t-uisce sin oiriúnach lena úsáid. D’fhéadfadh sé, mar shampla, go bhfuil acmhainní uisce flúirseach i réigiún (nach mbreithnítear ganntanas uisce a bheith ann dá réir) ach go bhfuil an truailliú chomh tromchúiseach sin ann nach bhfuil na soláthairtí sin oiriúnach d’úsáidí an duine ná d’úsáidí éiceolaíocha.

Asbhaint uisce

Suim an uisce uile a tharraingítear isteach faoi theorainneacha an ghnóthais as gach foinse le haghaidh aon úsáid le himeacht na tréimhse tuairiscithe.

Ionadaithe oibrithe

Ciallaíonn ionadaithe oibrithe:

i.  ionadaithe ceardchumann, is é sin ionadaithe a ainmníonn nó a thoghann ceardchumainn nó comhaltaí ceardchumann i gcomhréir le reachtaíocht agus cleachtas náisiúnta;

ii.  ionadaithe arna dtoghadh go cuí, is é sin ionadaithe arna dtoghadh faoi shaoirse ag oibrithe na heagraíochta, nach bhfuil faoi cheannas ná faoi rialú ag an bhfostóir i gcomhréir le forálacha dlíthe nó rialachán náisiúnta nó le comhaontuithe comhchoiteanna agus nach n-áirítear ar a bhfeidhmeanna gníomhaíochtaí ar sainchumas eisiach na gceardchumann sa tír lena mbaineann iad agus nach n-úsáidtear chun an bonn a bhaint de sheasamh na gceardchumann lena mbaineann nó a n-ionadaithe.

Cothromaíocht oibre agus saoil

Staid shásúil cothromaíochta idir saol oibre agus saol pearsanta duine aonair. Leis an gcothromaíocht oibre agus saoil go ginearálta, cuimsítear ní hamháin an chothromaíocht idir an saol oibre agus an saol príobháideach i bhfianaise freagrachtaí teaghlaigh nó cúraim, ach cuimsítear leis freisin an leithdháileadh ama idir an t-am a chaitear ag an obair agus sa saol príobháideach lasmuigh de fhreagrachtaí teaghlaigh.

Guaiseacha a bhaineann leis an obair

Is féidir a áireamh ar ghuaiseacha a bhaineann leis an obair:

i.  guaiseacha fisiceacha (e.g. radaíocht, teochtaí foircneacha, torann ard leanúnach, doirteadh ar urláir nó guaiseacha tuisle, innealra gan chosaint, trealamh leictreach lochtach);

ii.  guaiseacha eirgeanamaíocha (e.g. stáisiúin oibre agus cathaoireacha nár coigeartaíodh i gceart, luailí amscaí, creathadh);

iii.  guaiseacha ceimiceacha (e.g. nochtadh do charcanaiginí, só-ghineacha, substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh, tuaslagóirí, aonocsaíd charbóin, nó lotnaidicídí);

iv.  guaiseacha bitheolaíocha (e.g. nochtadh d’fhuil agus sreabháin coirp, fungais, baictéir, víris, nó greamanna feithide);

v.  guaiseacha síceasóisialta (e.g. drochíde ó bhéal, ciapadh, bulaíocht);

vi.  guaiseacha a bhaineann le heagrú na hoibre (e.g. ualach oibre iomarcach, sealobair, uaireanta fada an chloig, obair oíche, foréigean san áit oibre).

Teagmhas a bhaineann leis an obair

Teagmhas a eascraíonn as obair, nó le linn oibre, a bhféadfadh gortú nó drochshláinte a bheith mar thoradh air, nó a bhfuil gortú nó drochshláinte mar thoradh air. D’fhéadfadh teagmhais a bheith mar thoradh, mar shampla, ar fhadhbanna leictreacha, pléascadh, tine, róshreabhadh, ró-thoradh, sceitheadh, sreabhadh, briseadh, brúchtadh, scoilteadh, caillteanas rialaithe, sleamhnú, barrthuisce agus titim, gluaiseacht choirp gan strus, gluaiseacht choirp faoi strus, turraing, eagla, foréigean nó ciapadh san ionad oibre (e.g. gnéaschiapadh).

Is minic a ghairtear ‘timpiste’ de theagmhas a leanann gortú nó drochshláinte as. Is minic a ghairtear ‘neasteagmhas’ nó ‘neas-imbhualadh’ de theagmhas a bhféadfadh gortú nó drochshláinte leanúint as ach nach leanann.

(1)   

Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(2)   

Treoir-2010/75/AE maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (IED).

(3)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2012 lena leagtar síos rialacha a bhaineann le treoraíocht maidir le bailiú sonraí agus tarraingt suas doiciméad tagartha BAT agus a ndearbhú cáilíochta dá dtagraítear i dTreoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (IO L 63, 2.3.2012, lch. 1).

(4)   

Airteagal 3, pointe 10, de Threoir-2010/75/AE maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (IED).

(5)   

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile (IO L 442, 9.12.2021, lch. 1).

(6)   

Treoir 2010/75/AE maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (IED).

(7)   

2013/488/AE: Cinneadh ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).

(8)   

Iarscríbhinn I, pointe 21, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil leis an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”, lena sonraítear ábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le táscairí inbhuanaitheachta agus drochthionchair inbhuanaitheachta, agus ábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le cur chun cinn saintréithe comhshaoil nó sóisialta agus cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe i ndoiciméid réamhchonarthacha, ar shuíomhanna gréasáin agus i dtuarascálacha tréimhsiúla (IO L 196, 25.7.2022, lch. 1).

(9)   

Treoir 2010/75/AE maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (IED).

(10)   

Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(11)   

Airteagail 2(20) de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(12)   

Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir na fir agus na mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (IO L 204, 26.7.2006, lch. 23).

(13)   

Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO L 303, 2.12.2000, lch. 16).

(14)   

Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(15)   

Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le fearainn shonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).

(16)   

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil leis an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”, lena sonraítear ábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le táscairí inbhuanaitheachta agus drochthionchair inbhuanaitheachta, agus ábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le cur chun cinn saintréithe comhshaoil nó sóisialta agus cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe i ndoiciméid réamhchonarthacha, ar shuíomhanna gréasáin agus i dtuarascálacha tréimhsiúla (IO L 196, 25.7.2022, lch. 1).

(17)   

Airteagal 2,pointe (g), de Threoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (IO L 182, 16.7.1999, lch. 1).

(18)   

Airteagal 3(1) de Threoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 365, 31.12.1994, lch. 10).

(19)   

Airteagal 2(10) de Rialachán (AE) 2020/852 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú.

(20)   

Treoir 2010/75/AE maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (IED).

(21)   

Treoir 2010/75/AE maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (IED).

(22)   

Airteagal 3(15) de Threoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl.

(23)   

Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinnTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(24)   

Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 149).

(25)   

Airteagal 3(21) de Threoir 2010/75/AE maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (IED).

(26)   

Rialachán (AE) 2018/2026 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Comhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) (IO L 325, 20.12.2018, lch. 18).

(27)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2012 lena leagtar síos rialacha a bhaineann le treoraíocht maidir le bailiú sonraí agus tarraingt suas doiciméad tagartha BAT agus a gcáilíocht, dearbhú dá dtagraítear i dTreoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha.

(28)   

Treoir 96/29/Euratom ón gComhairle an 13 Bealtaine 1996 lena leagtar síos caighdeáin bhunúsacha sábhailteachta chun sláinte oibrithe agus an phobail i gcoitinne a chosaint ar na contúirtí a éiríonn as radaíocht ianúcháin (IO L 159, 29.6.1996, lch. 1).

(29)   

Treoir 2009/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le húsáid imshrianta miocrorgánach géinmhodhnaithe (IO L 125, 21.5.2009, lch. 75).

(30)   

Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe isteach sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2001, lch. 1).

(31)   

Treoir 2010/75/AE maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (IED).

(32)   

Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) agus lena gcruthaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE, Treoir 93/67/CEE, Treoir 93/105/CE agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1)

(33)   

Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(34)   

Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (an Treoir Réime maidir le hUisce).

(35)   

Rialachán (AE) 2019/2088 maidir lenochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de in earnáil na seirbhísí airgeadais.

(36)   

Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(37)   

Airteagal 3(1) de Threoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl.

(38)   

Airteagal 4(1) de Threoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl.

(39)   

Airteagal 3(9) de Threoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl.



( 1 ) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

( 2 ) Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (IO L 322, 16.12.2022, lch. 15).

( 3 ) Prionsabal Treorach 16 de chuid na Náisiún Aontaithe agus a thráchtaireacht; Treoir Léirmhínitheach na Náisiún Aontaithe, Ceisteanna 21 agus 25 chomh maith le Treoirlínte ECFE Caibidil II maidir le Beartais Ghinearálta (mír A.10), agus caibidil IV ar Chearta an Duine (mír 4; agus mír 44 den Tráchtaireacht); agus Treoraíocht Díchill Chuí ECFE, Roinn II (1.1 agus 1.2) agus Iarscríbhinn, Ceisteanna 14 agus 15.

( 4 ) Prionsabal Treorach 18 de chuid na Náisiún Aontaithe agus a Thráchtaireacht, Prionsabal Treorach 20 de chuid na Náisiún Aontaithe, Tráchtaireacht a ghabhann le Prionsabail Threoracha 21 agus 29 de chuid na Náisiún Aontaithe, agus Prionsabal Treorach 31(h) de chuid na Náisiún Aontaithe agus a Thráchtaireacht; agus Treoir Léirmhínitheach na Náisiún Aontaithe, Ceisteanna 30, 33, 42 agus 76 chomh maith le (b) Treoirlínte ECFE Caibidil II ar Bheartais Ghinearálta (mír A.14 agus mír 25 den Tráchtaireacht); agus Treoraíocht Díchill Chuí ECFE, Roinn II (2.1.c, 2.3. 2.4.a, 3.1.b agus 3.1.f) agus Iarscríbhinn Ceisteanna 8- 11.

( 5 ) Prionsabail Threoracha 17, 18 agus 24 de chuid na Náisiún Aontaithe agus a gcuid Tráchtaireachtaí, agus an Tráchtaireacht a ghabhann le Prionsabal Treorach 29 de chuid na Náisiún Aontaithe; agus Treoir Léirmhínitheach na Náisiún Aontaithe, Ceisteanna 9, 12-13, 27-28, 36-42, agus 85-89 agus (b) Treoirlínte ECFE Caibidil II ar Bheartais Ghinearálta (míreanna A.10-11 agus mír 14 den Tráchtaireacht), agus Caibidil IV ar Chearta an Duine (míreanna 1-2 agus míreanna 41-43 den Tráchtaireacht); agus Treoraíocht Díchill Chuí ECFE, Roinn II (2.1-2.4) agus Iarscríbhinn Ceisteanna 3-5, agus 19-31).

( 6 ) Prionsabail Threoracha 19, 22 agus 23 de chuid na Náisiún Aontaithe agus a gcuid Tráchtaireachtaí; agus Treoir Léirmhínitheach na Náisiún Aontaithe, Ceisteanna 11, 32,46-47, 64-68, agus 82-83 agus (b) Treoirlínte ECFE Caibidil II ar Bheartais Ghinearálta (míreanna A.12 agus míreanna 18-22 den Tráchtaireacht), agus Caibidil IV ar Chearta an Duine (míreanna 3 agus 42-43 den Tráchtaireacht); agus Treoraíocht Díchill Chuí ECFE, Roinn II (3.1-3.2) agus Iarscríbhinn Ceisteanna 32-40).

( 7 ) Prionsabail Threoracha 20 agus 31(g) de chuid na Náisiún Aontaithe agus a gcuid Tráchtaireachtaí; agus Treoir Léirmhínitheach de chuid na Náisiún Aontaithe, Ceisteanna 49-53 agus 80 agus (b) Treoraíocht Díchill Chuí ECFE, Roinn II (4.1 agus 5.1) agus Iarscríbhinn, Ceisteanna 41-47.

( 8 ) Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

( 9 ) Treoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le feidhmiú cearta áirithe scairshealbhóirí i gcuideachtaí liostaithe (IO L 184, 14.7.2007, lch. 17).

( 10 ) Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad le haghaidh trádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).

( 11 ) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

( 12 ) Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001 agus Cinntí 2001/681/CE agus 2006/193/CE ón gCoimisiún (IO L 342, 22.12.2009, lch. 1).

( 13 ) Tacaíonn an fhaisnéis seo le riachtanais faisnéise na nithe seo a leanas: rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha a leagtar amach le táscaire #13 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Éagsúlacht inscne an bhoird’) agus riarthóirí tagarmharcanna chun tosca ESG a nochtadh faoi réir Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar a leagtar amach le táscaire ‘Meánchóimheas ualaithe idir comhaltaí boird baineanna agus fireanna’ i roinn 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II.

( 14 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise riarthóirí tagarmharcanna tosca ESG a nochtadh faoi réir Rialachán (AE) 2020/1816 mar a leagtar amach sa táscaire ‘Meánchéatadán ualaithe comhaltaí boird atá neamhspleách’ i roinn I d’Iarscríbhinn II.

( 15 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #10 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘An easpa díchill chuí’).

( 16 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #4 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Neamhchosaint ar chuideachtaí atá gníomhach in earnáil na mbreoslaí iontaise’).

( 17 ) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

( 18 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí ábhar agus cur i láthair na faisnéise le nochtadh ag gnóthais faoi réir Airteagail 19a nó Airteagal 29a de Threoir 2013/34/AE a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a shonrú, agus ina sonraítear an mhodheolaíocht chun an oibleagáid nochta sin a chomhlíonadh (IO L 443, 10.12.2021, lch. 9).

( 19 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #9 i dTábla II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Infheistíochtaí i gcuideachtaí a tháirgeann ceimiceáin’).

( 20 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #14 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Neamhchosaint ar airm chonspóideacha (mianaigh frithphearsanra, cnuasmhuinisin, airm cheimiceacha agus airm bhitheolaíocha)’).

( 21 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais riarthóirí tagarmharcanna tosca ESG a nochtadh faoi réir Rialachán (AE) 2020/1818 mar a leagtar amach i mír b) d’Airteagal 12.1.

( 22 ) Airteagal 18, mír 1, fophointe (a) de Threoir 2013/34/AE: ‘an glanláimhdeachas arna mhiondealú de réir catagóirí gníomhaíochta agus ina margaí geografacha, a mhéid atá difríocht shubstaintiúil idir na catagóirí agus na margaí sin, agus an chaoi a n-eagraítear díol táirgí agus soláthar seirbhísí á cur san áireamh.’

( 23 ) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) ( IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

( 24 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le híoschaighdeáin i gcomhair Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras (IO L 406, 3.12.2020, lch. 17).

( 25 ) Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (an Rialachán maidir le Nochtaí um Airgeadas Inbhuanaithe) (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1)

( 26 ) Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

( 27 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 a mhéid a bhaineann le rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais a nochtadh (IO L 324,19.12.2022, lch. 1.).

( 28 ) Tá an fhaisnéis sin ailínithe le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Dlí Aeráide Eorpach), Airteagal 2(1); agus le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún (Rialachán maidir le Tagarmharc Aeráide), Airteagal 2.

( 29 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile (IO L 442, 9.12.2021, lch. 1).

( 30 ) Na méideanna CapEx atá á mbreithniú, baineann siad leis na cóid NACE seo a leanas:

(a) 

B.05 Mianadóireacht guail agus ligníte, B.06 Eastóscadh peitriliam amh agus gáis nádúrtha (teoranta do pheitriliam amh), B.09.1 Gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh eastóscadh peitriliam agus gáis nádúrtha (teoranta do pheitriliam amh),

(b) 

C.19 Monarú táirgí cóic agus peitriliam scagtha,

(c) 

D.35.1 - Giniúint, tarchur agus dáileadh cumhachta,

(d) 

D.35.3 - Soláthar gaile agus aerchóirithe (teoranta do chumhacht agus/nó giniúint teasa gualadhainte agus ola-adhainte),

(e) 

G.46.71 - Mórdhíol breoslaí soladacha, leachtacha agus gásacha agus táirgí gaolmhara (teoranta do bhreoslaí soladacha agus leachtacha).

Le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le gás, tugann an sainmhíniú ar chód NACE aghaidh ar ghníomhaíochtaí le hastaíochtaí GCT díreacha atá níos airde ná 270 gCO2/KWh.

( 31 ) Áirítear an ceanglas seo maidir le nochtadh i gcomhréir leis na ceanglais i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún, teimpléad I, an riosca aistrithe maidir leis an athrú aeráide; agus tá sé ailínithe le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún (Rialachán Tagarmhairc Aeráide), Airteagal 12.1 (d) go (g) agus Airteagal 12.2.

( 32 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 (RNAI) ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha a leagtar amach le táscaire #4 i dTábla II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Infheistíochtaí i gcuideachtaí nach bhfuil tionscnaimh laghdaithe astaíochtaí carbóin acu’). agus tá sé ailínithe le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún (Rialachán Tagarmhairc Aeráide), Airteagal 6.

( 33 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire sainordaitheach a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #5 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘An sciar de thomhaltas agus táirgeadh fuinnimh neamh-inathnuaite’). Tá an miondealú ina thagairt do tháscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach i dtáscaire #5 i dTábla II den Iarscríbhinn chéanna (‘Miondealú an tomhaltais fuinnimh de réir chineál na bhfoinsí neamh-inathnuaite fuinnimh’).

( 34 ) Comhlíontach leis na ceanglais i ngníomhartha tarmligthe maidir le hidrigin ó fhoinsí in-athnuaite: Rialachán tarmligthe ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mhodheolaíocht de chuid an Aontais a bhunú ina leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch; agus rialachán tarmligthe ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí íostairseach i gcomhair laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte a bhunú agus trí mhodheolaíocht a shonrú chun measúnú a dhéanamh ar na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus ó bhreosla carbóin athchúrsáilte.

( 35 ) Is iad na hearnálacha ag a bhfuil tionchar ard ar an aeráid na hearnálacha a liostaítear i Ranna A go H de NACE agus i Roinn L (mar a shainmhínítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún).

( 36 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire sainordaitheach a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #5 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘An sciar de thomhaltas agus táirgeadh fuinnimh neamh-inathnuaite’).

( 37 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire sainordaitheach a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #6 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Déine tomhaltais fuinnimh de réir earnáil ardtionchair aeráide’).

( 38 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire sainordaitheach a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscairí #1 agus #2 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Astaíochtaí gás ceaptha teasa’ agus ‘Lorg carbóin’). Tá an fhaisnéis sin ailínithe le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún (Rialachán Tagarmhairc Aeráide), Airteagal 5 (1), Airteagal 6 agus Airteagal 8 (1).

( 39 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire sainordaitheach a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #3 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Déine astaíochtaí gás ceaptha teasa institiúidí infheistiúcháin’). Tá an fhaisnéis sin ailínithe le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún (Rialachán Tagarmhairc Aeráide), Airteagal 8 (1).

( 40 ) Tá an fhaisnéis sin ailínithe le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Dlí Aeráide Eorpach), Airteagal 2(1);

( 41 ) Tá an fhaisnéis sin ailínithe le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún (Rialachán Tagarmhairc Aeráide).

( 42 ) Tá an ceanglas sin maidir le nochtadh comhsheasmhach leis na ceanglais a áirítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún - Teimpléad 5: Leabhar baincéireachta — Riosca fisiceach maidir leis an athrú aeráide: Neamhchosaintí faoi réir riosca fisiceach.

( 43 ) Tá an ceanglas sin maidir le nochtadh comhsheasmhach leis na ceanglais a áirítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún - Teimpléad 5: Leabhar baincéireachta — Riosca fisiceach maidir leis an athrú aeráide: Neamhchosaintí faoi réir riosca fisiceach.

( 44 ) Tá an ceanglas sin maidir le nochtadh comhsheasmhach leis na ceanglais a áirítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún - Teimpléad 2: Leabhar baincéireachta — Riosca aistrithe maidir leis an athrú aeráide: Iasachtaí atá comhthaobhaithe le réadmhaoin – Éifeachtúlacht fuinnimh na comhthaobhachta.

( 45 ) Tá an fhaisnéis sin ailínithe le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún (Rialachán Tagarmhairc Aeráide).

►C1  ( 46 ) Luaitear in Airteagal 12.1 den Rialachán maidir le Caighdeáin Tagarmhairc Aeráide ‘go n-eisiafaidh Riarthóirí Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras na cuideachtaí seo a leanas:

a) 

cuideachtaí a dhíorthaíonn 1 % nó níos mó dá n-ioncam ó ghual crua agus lignít a thaiscéaladh, mianadóireacht a dhéanamh orthu, iad a eastóscadh, a dháileadh nó a scagadh; nó

b) 

cuideachtaí a dhíorthaíonn 10 % nó níos mó dá n-ioncam ó bhreoslaí ola a thaiscéaladh, iad a eastóscadh, a dháileadh nó a scagadh; nó

c) 

cuideachtaí a dhíorthaíonn 50 % nó níos mó dá n-ioncam ó bhreoslaí gásacha a thaiscéaladh, iad a eastóscadh, a mhonarú nó a dháileadh; nó

d) 

cuideachtaí a dhíorthaíonn 50 % nó níos mó dá n-ioncam ó ghiniúint leictreachais lena ngabhann déine GCT de níos mó ná 100 g CO2 e/KWh.

Luaitear in Airteagal 12.2 maidir le ‘ Riarthóirí Thagarmharcanna an Aontais atá ailínithe le Comhaontú Pháras, déanfaidh siad a eisiamh ó na tagarmharcanna sin aon chuideachta a fhaigheann siad nó a mheasann siad nó a fhaigheann nó a mheasann soláthraithe sonraí seachtracha a bheith i mbun díobháil shuntasach do cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcomhréir leis na rialacha maidir le meastacháin a leagtar síos in Airteagal 13(2) den Rialachán seo. ’.

( 47 ) Tá an ceanglas seo maidir le nochtadh comhsheasmhach leis na ceanglais i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún, teimpléad 1, an riosca aistrithe maidir leis an athrú aeráide. ◄

( 48 ) Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

( 49 ) Comhlíontach leis na ceanglais i ngníomhartha tarmligthe maidir le hidrigin ó fhoinsí in-athnuaite: Rialachán tarmligthe ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mhodheolaíocht de chuid an Aontais a bhunú ina leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch; agus rialachán tarmligthe ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí íostairseach i gcomhair laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte a bhunú agus trí mhodheolaíocht a shonrú chun measúnú a dhéanamh ar na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus ó bhreosla carbóin athchúrsáilte.

( 50 ) Bunaithe ar Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn.

( 51 ) Moladh ón gCoimisiún (AE) 2021/2279 an 15 Nollaig 2021 maidir le modhanna an Loirg Comhshaoil a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil táirgí agus eagraíochtaí ar feadh a saolré a thomhas agus a chur in iúl (IO L 471, 30.12.2021, lch. 1).

( 52 ) Tá an ceanglas sin maidir le nochtadh comhsheasmhach le ceanglais Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún — Teimpléad 5 neamhchosaintí faoi réir riosca fisiceach.

( 53 ) Tá an ceanglas sin maidir le nochtadh comhsheasmhach le ceanglais Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún — Teimpléad 5 neamhchosaintí faoi réir riosca fisiceach.

( 54 ) Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

( 55 ) Tá an ceanglas nochta sin comhsheasmhach le ceanglais Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún — Teimpléad 2 réadmhaoin dhochorraithe, éifeachtúlacht fuinnimh na comhthaobhachta.

( 56 ) Is é an ráta costais an fachtóir a úsáidtear chun tionchair neamhairgeadaíochta amhail tonaí, heicteáir, m3 etc. a thiontú ina n-aonaid airgeadaíochta. Ba cheart rátaí costais a bheith bunaithe ar staidéir luachála airgeadaíochta, ní mór dóibh a bheith bunaithe ar an eolaíocht agus ní mór do na modhanna a úsáidtear chun na rátaí a fháil a bheith trédhearcach. Is féidir treoir maidir leis na modhanna sin a fháil, e.g., ón tionscadal TRÉDHEARCACH arna chistiú ag AE-LIFE.

( 57 ) Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le bunú Clár Eorpach um Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán agus lena leasaítear Treoir 91/689/CEE agus Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 033, 4.2.2006, lch. 1);

( 58 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 go ndíorthaítear é ó: (a) táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #2 i dTábla II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le nochtadh i ndáil le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (“Astaíochtaí truailleán aeir”); (b) táscaire #8 i dTábla I d’Iarscríbhinn I (“Astaíochtaí chun uisce); (c) táscaire #1 i dTábla II d’Iarscríbhinn I (“Astaíochtaí truailleán neamhorgánach”); agus (d) táscaire #3 i dTábla II d’Iarscríbhinn I (“Astaíochtaí substaintí ídithe ózóin”).

( 59 ) De réir Eurostat, is aicmiú é Céim an uirbithe (DEGURBA) a léiríonn carachtar limistéir. Bunaithe ar an sciar den daonra áitiúil a bhfuil cónaí orthu i gcnuasaigh uirbeacha agus i lárionaid uirbeacha, aicmítear Aonaid Riaracháin Áitiúla (LAU nó pobail) ina dtrí chineál ceantair: i) Cathracha (ceantair dhlúthdhaonra), ii) Bailte agus bruachbhailte (ceantracha meándlúis), agus iii) Ceantair thuaithe (ceantair ina bhfuil daonra mór).

( 60 ) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

( 61 ) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (an Treoir Réime maidir le hUisce) (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

( 62 ) Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais chomhshaoil mhuirí (An Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

( 63 ) Treoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat do phleanáil spásúil mhuirí (IO L 257, 28.8.2014, lch. 135).

( 64 ) Foinse: Caighdeán Feidhmíochta IFC 6, 2012.

( 65 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha a leagtar amach le táscaire #7 i dTábla II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Infheistíochtaí i gcuideachtaí nach bhfuil cleachtais aigéan/farraigí inbhuanaithe acu’).

( 66 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #8 i dTábla II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Neamhchosaint ar limistéir ina bhfuil ardstrus maidir le huisce’).

( 67 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha a leagtar amach le táscaire #12 i dTábla II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Infheistíochtaí i gcuideachtaí nach bhfuil cleachtais aigéan/farraigí inbhuanaithe acu’).

( 68 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #6.2 i dTábla II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Úsáid agus athchúrsáil uisce’’, 2. Meánchéatadán ualaithe an uisce arna athchúrsáil agus arna athúsáid ag institiúidí infheistiúcháin).

( 69 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #6.1 i dTábla II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Úsáid agus athchúrsáil uisce’’, 1. An meánmhéid uisce a thomhlaíonn institiúidí infheistiúcháin (i méadair chiúbacha) in aghaidh an mhilliúin EUR d’ioncam institiúidí infheistiúcháin).

( 70 ) Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 - An dúlra a thabhairt ar ais inár saol, COM/2020/380 final.

( 71 ) Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú ( IO L 20, 26.1.2010, lch. 7) agus Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

( 72 ) Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais chomhshaoil mhuirí (An Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) ( IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

( 73 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #7 i dTábla 1 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe gaolmhar i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Gníomhaíochtaí a dhéanann difear diúltach do limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de’).

( 74 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchar príomha mar a leagtar amach le táscaire #10 i dTábla 2 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe gaolmhar i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Díghrádú talún, fairsingiú fásaigh, séalú ithreach’).

( 75 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchar príomha mar a leagtar amach le táscaire #14 i dTábla 2 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe gaolmhar i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Speicis nádúrtha agus limistéir faoi chosaint’).

( 76 ) Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).

( 77 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchar príomha mar a leagtar amach le táscaire #11 i dTábla II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Infheistíochtaí i gcuideachtaí nach bhfuil cleachtais talún / talmhaíochta inbhuanaithe acu’).

( 78 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchar príomha mar a leagtar amach le táscaire #12 i dTábla II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Infheistíochtaí i gcuideachtaí nach bhfuil cleachtais aigéan/farraigí inbhuanaithe acu’).

( 79 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchar príomha mar a leagtar amach le táscaire #15 i dTábla II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Dífhoraoisiú’).

( 80 ) Mar a léirítear i Liosta Dearg IUCN na Speiceas faoi Bhagairt agus sa Liosta Dearg Eorpach arna fhoilsiú ag an gCoimisiún Eorpach.

( 81 ) Is faoi ESRS E1 Athrú Aeráide agus truailliú faoi ESRS E2 Truailliú atá an spreagadh díreach athrú aeráide le tuairisciú.

( 82 ) Mar a moladh le Rialachán (AE) 2018/2026 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) (IO L 325, 20.12.2018, lch. 18).

( 83 ) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

( 84 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #13 i dTábla II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Cóimheas dramhaíola neamh-athchúrsáilte’).

( 85 ) Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle an 19 Iúil 2011 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le bainistiú freagrach agus sábháilte ar bhreosla spíonta agus ar dhramhaíl radaighníomhach (IO L 199, 2.8.2011, lch. 48). Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire sainordaitheach a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #9 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Cóimheas idir dramhaíl ghuaiseach agus dramhaíl radaighníomhach’).

( 86 ) De réir mar a leagtar síos le Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).

( 87 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscairí breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #13 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Oibríochtaí agus soláthróirí atá go mór i mbaol ó thaobh teagmhais saothair éignithe nó éigeantaigh de’).

( 88 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscairí breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #12 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Oibríochtaí agus soláthróirí atá go mór i mbaol ó thaobh teagmhais saothair leanaí de’).

( 89 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #9 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Easpa beartais ar chearta an duine’).

( 90 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire sainordaitheach a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #11 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe.

( 91 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais riarthóirí tagarmharcanna tosca ESG a nochtadh faoi réir Rialachán (AE) 2020/1816 mar a leagtar amach le táscaire ‘Neamhchosaint na punainne tagarmhairc ar chuideachtaí nach bhfuil beartais díchill chuí acu maidir le saincheisteanna a dtugtar aghaidh orthu i gCoinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair 1 go 8’ i roinn 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II.

( 92 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #11 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Easpa próiseas agus beart chun gáinneáil ar dhaoine a chosc’).

( 93 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchar príomha mar a leagtar amach le táscaire #1 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Infheistíochtaí i gcuideachtaí nach bhfuil beartais acu chun tionóiscí tionsclaíochta a chosc’).

( 94 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #5 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Easpa sásraí láimhseála casaoidí/gearán a bhaineann le hábhair fostaithe).

( 95 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise riarthóirí tagarmharcanna tosca ESG a nochtadh faoi réir Rialachán (AE) 2020/1816 mar a leagtar amach le táscaire ‘Meánchóimheas ualaithe timpistí, díobhálacha, básanna’ i roinn 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II. Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha a leagtar amach le táscaire #2 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaca le rialacha maidir le nochtadh i dtaobh infheistíochtaí inbhuanaithe (‘An ráta timpistí’) agus riarthóirí tagarmharcanna chun tosca ESG a nochtadh faoi réir Rialachán (AE) 2020/1816 mar a leagtar amach le táscaire ‘Meánchóimheas ualaithe timpistí, díobhálacha, básanna’ i roinn 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II.

( 96 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #3 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘An líon laethanta a cailleadh de dheasca díobhálacha, timpistí, básanna nó tinnis’).

( 97 ) Tacaíonn an fhaisnéis seo leis na riachtanais faisnéise seo a leanas: rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire sainordaitheach a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #12 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Bearna phá neamhchoigeartaithe idir na hinscní’); agus riarthóirí tagarmharcanna chun tosca ESG a nochtadh faoi réir Rialachán (AE) 2020/1816 mar a leagtar amach le táscaire ‘Meán ualaithe na bearna pá idir na hinscní’ i roinn 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II.

( 98 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #8 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Cóimheas pá POF iomarcach’).

( 99 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #7 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Teagmhais idirdhealaithe’).

( 100 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire sainordaitheach breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #10 i dTábla I d’Iarscríbhinn I agus le táscaire #14 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Sáruithe ar phrionsabail Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe agus Treoirlínte ECFE le haghaidh Fiontair Ilnáisiúnta’ agus ‘An líon cásanna sainaitheanta de shaincheisteanna agus teagmhais mhóra maidir le cearta an duine’); agus riachtanais faisnéise riarthóirí tagarmharcanna chun tosca ESG a nochtadh faoi réir Rialachán (AE) 2020/1816 mar a leagtar amach le táscaire ‘An líon comhpháirteanna tagarmhairc atá faoi réir sáruithe sóisialta (dearbhuimhir agus coibhneasta arna roinnt ar gach comhpháirt tagarmharcanna), dá dtagraítear i gconarthaí agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta, i bprionsabail na Náisiún Aontaithe agus, i gcás inarb infheidhme, sa dlí náisiúnta’ i ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II.

( 101 ) Treoir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le Comhairle Oibreacha Eorpach a bhunú nó nós imeachta i ngnóthais ar leibhéal an Chomhphobail agus i ngrúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail chun fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo (IO L 122, 16.5.2009, lch. 28).

( 102 ) Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta chun fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo - Dearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hionadaíocht fostaithe (IO L 80, 23.3.2002, lch. 29).

( 103 ) Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (IO L 275, 25.10.2022, lch. 33).

( 104 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscairí breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscairí uimhir 12 agus uimhir 13 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Oibríochtaí agus soláthróirí atá go mór i mbaol ó thaobh teagmhais saothair leanaí de’ agus ‘Oibríochtaí agus soláthróirí atá go mór i mbaol ó thaobh teagmhais saothair éignithe nó éigeantaigh de’).

( 105 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #9 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Easpa beartais ar chearta an duine’).

( 106 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire sainordaitheach a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #11 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Easpa próiseas agus sásraí comhlíontachta chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh phrionsabail Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe agus Threoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta’).

( 107 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #11 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Easpa próiseas agus beart chun gáinneáil ar dhaoine a chosc’).

( 108 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #4 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Easpa cóid iompair soláthróra’).

( 109 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais riarthóirí tagarmharcanna tosca ESG a nochtadh faoi réir Rialachán (AE) 2020/1816 mar a leagtar amach le táscaire ‘Neamhchosaint na punainne tagarmhairc ar chuideachtaí nach bhfuil beartais díchill chuí acu maidir le saincheisteanna a dtugtar aghaidh orthu i gCoinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair 1 go 8’ i ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II.

( 110 ) Tacaíonn an fhaisnéis seo le riachtanais faisnéise na ndaoine seo a leanas: rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire sainordaitheach a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #10 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe; agus riarthóirí tagarmharcanna chun tosca ESG a nochtadh faoi réir Rialachán (AE) 2020/1816 mar a leagtar amach le táscairí ‘An líon comhpháirteanna tagarmhairc atá faoi réir sáruithe sóisialta (dearbhuimhir agus coibhneasta arna roinnt ar gach comhpháirt tagarmharcanna), dá dtagraítear i gconarthaí agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta, i bprionsabail na Náisiún Aontaithe agus, i gcás inarb infheidhme, sa dlí náisiúnta’ agus ‘Neamhchosaint na punainne tagarmhairc ar chuideachtaí nach bhfuil beartais díchill chuí acu maidir le saincheisteanna a dtugtar aghaidh orthu i gCoinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair 1 go 8’ i ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II.

( 111 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann leis na drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #14 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘An líon cásanna sainaitheanta de shaincheisteanna agus de teagmhais thromchúiseacha maidir le cearta an duine’).

( 112 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #9 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Easpa beartais um chearta an duine’).

( 113 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 mar gur eascair sí as táscaire sainordaitheach a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #11 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Easpa próiseas agus sásraí comhlíontachta chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh phrionsabail Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe agus Threoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta’).

( 114 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise na ngrúpaí seo a leanas: rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sé as táscaire sainordaitheach a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #10 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Sáruithe ar phrionsabail Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe agus ar Threoirlínte na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le Fiontair Ilnáisiúnta’); agus riarthóirí tagarmharcanna chun tosca ESG a nochtadh faoi réir Rialachán (AE) 2020/1816 mar a leagtar amach le táscaire ‘An líon comhpháirteanna tagarmhairc atá faoi réir sáruithe sóisialta (dearbhuimhir agus coibhneasta arna roinnt ar gach comhpháirt tagarmharcanna), dá dtagraítear i gconarthaí agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta, i bprionsabail na Náisiún Aontaithe agus, i gcás inarb infheidhme, sa dlí náisiúnta’ i ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II.

( 115 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann leis na drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #14 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘An líon cásanna sainaitheanta de shaincheisteanna agus de teagmhais thromchúiseacha maidir le cearta an duine’).

( 116 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #9 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Easpa beartais um chearta an duine’).

( 117 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 mar gur eascair sí as táscaire sainordaitheach a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #11 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe.

( 118 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise na ngrúpaí seo a leanas: rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go ndíorthaítear é ó tháscaire éigeantach a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #10 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le rialacha nochta i ndáil le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (“Forluithe phrionsabail Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe agus Treoirlínte na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) d’Fhiontair Ilnáisiúnta”); agus riarthóirí tagarmharcanna chun tosca ESG a nochtadh faoi réir Rialachán (AE) 2020/1816 mar a leagtar amach le táscaire ‘An líon comhpháirteanna tagarmhairc atá faoi réir sáruithe sóisialta (dearbhuimhir agus coibhneasta arna roinnt ar gach comhpháirt tagarmharcanna), dá dtagraítear i gconarthaí agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta, i bprionsabail na Náisiún Aontaithe agus, i gcás inarb infheidhme, sa dlí náisiúnta’ i ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II.

( 119 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann leis na drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #14 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘An líon cásanna sainaitheanta de shaincheisteanna agus de teagmhais thromchúiseacha maidir le cearta an duine’).

( 120 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 mar go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #15 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Easpa beartas frithéillithe agus frithbhreabaireachta’).

( 121 ) Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

( 122 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 mar gur eascair sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchar príomha mar a leagtar amach le táscaire #6 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Cosaint neamhleor do sceithirí eolais’).

( 123 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise na ngrúpaí seo a leanas: rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go ndíorthaítear é ó tháscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha a leagtar amach i dtáscaire #17 de Thábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le nochtaí maidir le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (“Líon na gciontuithe agus méid na bhfíneálacha as sárú ar dhlíthe frithéillithe agus frithbhreabaireachta”); agus riarthóirí tagarmharcanna chun tosca ESG atá faoi réir Rialachán (AE) 2020/1816 a nochtadh mar a leagtar amach sa táscaire ‘Nuamaigh ciontuithe agus méid na bhfíneálacha i leith sáruithe ar dhlíthe frithéillithe agus frithbhreabaireachta’ i ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II.

( 124 ) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 mar gur eascair sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach i dtáscaire #16 de Thábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe 2022/1288 (AE) ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Cásanna nach ndearnadh gníomhaíocht leormhaith iontu chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar chaighdeáin frithéillithe agus frithbhreabaireachta’).