02023R2631 — GA — 09.01.2024 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2023/2631 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Samhain 2023

maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 2631 30.11.2023, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2023/2869 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 13 Nollaig 2023

  L 2869

1

20.12.2023




▼B

RIALACHÁN (AE) 2023/2631 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Samhain 2023

maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



TEIDEAL I

ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo:

(a) 

leagtar síos ceanglais aonfhoirmeacha le haghaidh eisitheoirí bannaí ar mian leo úsáid a bhaint as an ainmniú ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ le haghaidh a mbannaí a chuirtear ar fáil d’infheisteoirí san Aontas;

(b) 

bunaítear córas chun athbhreithneoirí seachtracha ar Bhannaí Glasa Eorpacha a chlárú agus a mhaoirsiú; agus

(c) 

soláthraítear teimpléid nochta roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht san Aontas.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn ‘eisitheoir’ eintiteas a eisíonn bannaí;

(2) 

ciallaíonn ‘ceannasaí’ eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2017/1129;

(3) 

ciallaíonn ‘ceanglais maidir le tacsanomaíocht’ na critéir le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh am chomhshaoil de agus a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852;

(4) 

ciallaíonn ‘margadh rialáilte’ margadh rialáilte mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1), pointe (21), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );

(5) 

ciallaíonn ‘banna a mhargaítear mar bhanna atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de’ banna a dtugann a eisitheoir gealltanas nó éileamh réamhchonarthach d’aon chineál d’infheisteoirí go leithdháiltear fáltais an bhanna ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a rannchuidíonn le cuspóir comhshaoil;

(6) 

ciallaíonn ‘banna atá nasctha le hinbhuanaitheacht’ banna a n-athraíonn a shaintréithe airgeadais nó struchtúracha ag brath ar a mhéid atá cuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil réamhshainithe bainte amach ag an eisitheoir;

(7) 

ciallaíonn ‘Ballstát baile’ Ballstát baile mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (m), de Rialachán (AE) 2017/1129;

(8) 

ciallaíonn ‘Ballstát óstach’ Ballstát óstach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (n), de Rialachán (AE) 2017/1129;

(9) 

ciallaíonn ‘sócmhainn airgeadais’ fiachas nó cothromas, nó teaglaim díobh sin;

(10) 

ciallaíonn ‘a chuirtear ar fáil d’infheisteoirí san Aontas’:

(a) 

aon tairiscint don phobal san Aontas; nó

(b) 

bannaí a ligean isteach chun a dtrádála in ionad trádála atá lonnaithe san Aontas;

(11) 

ciallaíonn ‘tairiscint don phobal’ tairiscint urrús don phobal mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (d), de Rialachán (AE) 2017/1129;

(12) 

ciallaíonn ‘ionad trádála’ ionad trádála mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (24), de Threoir 2014/65/AE;

(13) 

ciallaíonn ‘plean CapEx’ plean CapEx dá bhforáiltear i bpointe 1.1.2.2, pointe (b), agus pointe 1.1.3.2, pointe (b), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178;

(14) 

ciallaíonn ‘costais eisiúna’ costais a bhaineann go díreach le bannaí a eisiúint, lena n-áirítear costais arna dtabhú as comhairle ghairmiúil, seirbhísí dlí, rátáil, athbhreithniú seachtrach, frithghealladh agus láithriú;

(15) 

ciallaíonn ‘critéir scagtha theicniúla’ na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852;

(16) 

ciallaíonn ‘gníomhaíocht eacnamaíoch idirthréimhseach’ gníomhaíocht eacnamaíoch a chomhlíonann Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852;

(17) 

ciallaíonn ‘gníomhaíocht eacnamaíoch chumasúcháin’ gníomhaíocht eacnamaíoch a chomhlíonann Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2020/852;

(18) 

ciallaíonn ‘urrúsú’ urrúsú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2017/2402;

(19) 

ciallaíonn ‘tionscnóir’ tionscnóir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2017/2402;

(20) 

ciallaíonn ‘eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin’ nó ‘SSPE’ eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin nó SSPE mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2) de Rialachán (AE) 2017/2402;

(21) 

ciallaíonn ‘neamhchosaint urrúsaithe’ neamhchosaint a áirítear in urrúsú;

(22) 

ciallaíonn ‘banna urrúsúcháin’ banna arna eisiúint ag SSPE i gcomhréir le Teideal II, Caibidil 3;

(23) 

ciallaíonn ‘urrúsú sintéiseach’ urrúsú sintéiseach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (AE) 2017/2402;

(24) 

ciallaíonn ‘breoslaí iontaise’ breoslaí iontaise mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (62), de Rialachán (AE) 2018/1999;

TEIDEAL II

CEANGLAIS MAIDIR LE hÚSÁID AN AINMNITHE ‘BANNA GLAS EORPACH’ NÓ ‘EUGB’

CAIBIDIL 1

Ceanglais a bhaineann le bannaí

Airteagal 3

An t-ainmniú ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’

Ní úsáidfear an t-ainmniú ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ ach amháin i gcás bannaí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach sa Teideal seo.

Airteagal 4

Úsáid na bhfáltas ó Bhannaí Glasa Eorpacha

1.  

Roimh aibíocht Banna Ghlais Eorpaigh, leithdháilfear fáltais ó bhanna den sórt sin ina n-iomláine, i gcomhréir leis na ceanglais maidir le tacsanomaíocht, ar cheann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas (an ‘cur chuige céimnithe’):

(a) 

sócmhainní seasta nach sócmhainní airgeadais iad;

(b) 

caiteachas caipitil a thagann faoi phointe 1.1.2.2. d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178;

(c) 

caiteachas oibriúcháin a thagann faoi phointe 1.1.3.2. d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe(AE) 2021/2178 agus a tabhaíodh tráth nach déanaí ná 3 bliana roimh eisiúint an Bhanna Ghlais Eorpaigh;

(d) 

sócmhainní airgeadais a cruthaíodh tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis an Banna Glas Eorpach a eisiúint;

(e) 

sócmhainní agus caiteachas teaghlach.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh eisitheoirí costais eisiúna a asbhaint ó fháltais an Bhanna Ghlais Eorpaigh sula leithdháilfear na fáltais sin.

2.  
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh eisitheoirí fáltais ó Bhanna Glas Eorpach amháin nó níos mó atá gan íoc a leithdháileadh ar phunann sócmhainní seasta nó punann sócmhainní airgeadais i gcomhréir leis na ceanglais maidir le tacsanomaíocht (an ‘cur chuige punainne’).

I gcás ina leithdháilfidh eisitheoirí fáltais i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, léireoidh siad sna tuarascálacha leithdháilte dá dtagraítear in Airteagal 11 go sáraíonn luach iomlán na sócmhainní dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ina bpunann luach iomlán a bpunann de Bhannaí Glasa Eorpacha atá gan íoc.

3.  
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh eisitheoir ceannasach nó eisitheoir tríú tír is Stát, comhalta de chónaidhm i gcás Stát cónaidhme, nó eintiteas réigiúnach nó bardasach, na fáltais ó Bhannaí Glasa Eorpacha a d’eisigh sé a leithdháileadh freisin ar fhaoiseamh cánach, fóirdheontais, tomhaltas idirmheánach, aistrithe reatha laistigh den rialtas ginearálta, comhar idirnáisiúnta reatha nó cineálacha eile caiteachais phoiblí, ar choinníoll go leithdháilfear na fáltais i gcomhréir leis na ceanglais maidir le tacsanomaíocht.

Airteagal 5

Solúbthacht in úsáid na bhfáltas ó Bhannaí Glasa Eorpacha

1.  

De mhaolú ar Airteagal 4(1), féadfaidh eisitheoirí suas le 15 % de na fáltais ó Bhanna Glas Eorpach a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a chomhlíonann na ceanglais maidir le tacsanomaíocht, seachas na critéir scagtha theicniúla ar choinníoll gurb é atá sna ghníomhaíochtaí sin:

(a) 

gníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil aon chritéir scagtha theicniúla tagtha i bhfeidhm ina leith faoi dháta eisiúna an Bhanna Ghlais Eorpaigh; nó

(b) 

gníomhaíochtaí i gcomhthéacs na tacaíochta idirnáisiúnta a thuairiscítear i gcomhréir le treoirlínte, critéir agus timthriallta tuairiscithe arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear maoiniú aeráide arna thuairisciú don Choimisiún faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide dá dtagraítear in Airteagal 19(3) de Rialachán (AE) 2018/1999, agus cúnamh oifigiúil forbartha arna thuairisciú do Choiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta.

2.  
I gcás ina leithdháilfidh eisitheoir fáltais ó Bhanna Glas Eorpach i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh sé sa bhileog fíricí maidir leis an mBanna Glas Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 10 tuairisc ar na gníomhaíochtaí lena mbaineann agus ar chéatadán measta na bhfáltas atá beartaithe chun na gníomhaíochtaí sin a mhaoiniú mar iomlán agus in aghaidh na gníomhaíochta freisin.
3.  
I gcás ina leithdháilfidh eisitheoir fáltais ó Bhanna Glas Eorpach ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), áiritheoidh sé go gcomhlíónfaidh na gníomhaíochtaí sin, i gcás inarb infheidhme, na critéir chineálacha ó thaobh ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a leagtar amach in Aguisíní A, B, C agus D a ghabhann le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139.
4.  
I gcás ina leithdháilfidh eisitheoir fáltais ó Bhanna Glas Eorpach ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), áiritheoidh sé ar bhonn díchill go gcomhlíonfaidh na gníomhaíochtaí sin na critéir scagtha theicniúla ábhartha.

Airteagal 6

Sócmhainní Airgeadais

1.  
Ní leithdháilfear fáltais ó shócmhainní airgeadais ach amháin ar na húsáidí a leagtar amach in Airteagal 4(1), nó, i gcás inarb infheidhme, ar na húsáidí a leagtar amach in Airteagal 4(2) agus (3).
2.  

Féadfar fáltais ó shócmhainní airgeadais a leithdháileadh ar shócmhainní airgeadais eile dá éis sin, ar choinníoll:

(a) 

nach bhfuil níos mó ná trí cinn de shócmhainní airgeadais i gcomharbas ann dá éis sin;

(b) 

go leithdháiltear na fáltais ó na sócmhainní airgeadais deiridh sa seicheamh ar na húsáidí a leagtar amach in Airteagal 4(1), an chéad fhomhír, pointe (a), (b), (c) nó (e), nó, i gcás inarb infheidhme, ar na húsáidí a leagtar amach in Airteagal 4(3); agus

(c) 

go n-áirithíonn an t-eisitheoir gur féidir le hathbhreithneoirí seachtracha leithdháileadh deiridh na bhfáltas a athbhreithniú go héifeachtach.

Airteagal 7

Pleananna CapEx

1.  
I gcás ina mbaineann úsáidí na bhfáltas dá dtagraítear in Airteagal 4(1), an chéad fhomhír, pointí (b) agus (c), le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chomhlíonfaidh na ceanglais maidir le tacsanomaíocht, foilseoidh an t-eisitheoir plean CapEx.
2.  
Sonrófar sa phlean CapEx spriocdháta, a tharlóidh sula sroichfidh an Banna Glas Eorpach aibíocht, faoina mbeidh an caiteachas caipitil agus oibriúcháin uile a mhaoinítear ag an mBanna Glas Eorpach le bheith tacsanomaíocht-ailínithe.
3.  
Gheobhaidh an t-eisitheoir, laistigh de 60 lá ón spriocdháta a shonraítear sa phlean CapEx, measúnú ó athbhreithneoir seachtrach maidir le hailíniú tacsanomaíochta an chaiteachais caipitil agus oibriúcháin a áirítear sa phlean CapEx sin agus a mhaoinítear ag fáltais ón mBanna Glas Eorpach.

Airteagal 8

Na critéir scagtha theicniúla agus marthanachta a chur i bhfeidhm

1.  

I gcás ina leithdháilfidh eisitheoirí na fáltais ó Bhannaí Glasa Eorpacha ar na húsáidí a leagtar amach in Airteagal 4(1) agus (3), áiritheoidh siad an méid seo a leanas:

(a) 

leithdháiltear na fáltais sin i gcomhréir leis na critéir scagtha theicniúla is infheidhme tráth eisiúna an bhanna;

(b) 

i gcás ina leasófar na critéir scagtha theicniúla tar éis an banna a eisiúint, déanfar na fáltais seo a leanas a leithdháileadh i gcomhréir leis na critéir scagtha theicniúla leasaithe tráth nach déanaí ná 7 mbliana ó dháta chur i bhfeidhm na gcritéar leasaithe:

(i) 

fáltais nach bhfuil leithdháilte go fóill; agus

(ii) 

fáltais a chumhdaítear le plean CapEx i gcomhréir le hAirteagal 7 nár chomhlíon na ceanglais maidir le tacsanomaíocht go fóill.

2.  
I gcás ina leithdháilfidh eisitheoirí fáltais i gcomhréir leis an gcur chuige punainne, ní áireoidh eisitheoirí ina bpunann ach na sócmhainní sin a bhfuil a mbunghníomhaíocht eacnamaíoch ailínithe le haon chritéir scagtha theicniúla ab infheidhme ag aon phointe le linn na 7 mbliana roimh dháta foilsithe na tuarascála leithdháilte.
3.  
I gcás ina bhfuil an baol ann nach ndéanfar na fáltais ó bhanna gan íoc a ailíniú le mír 1, pointe (b)(ii), déanfaidh an t-eisitheoir plean a tharraingt suas, a chur faoi bhráid athbhreithniú seachtrach ag athbhreithneoir seachtrach agus foilseoidh sé plean chun iad a ailíniú a mhéid is féidir leis na critéir scagtha theicniúla leasaithe agus chun iarmhairtí diúltacha na heaspa ailínithe iomláin leis na critéir scagtha theicniúla leasaithe a mhaolú a mhéid is féidir. Foilseoidh an t-eisitheoir an plean sin sula rachaidh an tréimhse a leagtar amach i mír 1, pointe (b), in éag.
4.  
Léireofar ailíniú leis na critéir scagtha theicniúla ábhartha sa tuarascáil leithdháilte dá dtagraítear in Airteagal 11.

Airteagal 9

Eisiaimh dlínsí neamhchomhoibríocha chun críocha cánach

Ní fhormheasfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 44(1) den Rialachán seo réamheolaire arna eisiúint ag dlínse a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamhchomhair chun críocha cánach, ag tír ardriosca a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675, nó ag eisitheoirí atá bunaithe sna dlínsí nó sna tíortha sin, i gcás ina dtagrófar sa réamheolaire sin don Rialachán seo nó don ainmniú ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’.

CAIBIDIL 2

Trédhearcacht agus ceanglais maidir le hathbhreithniú seachtrach

Airteagal 10

Bileog fíricí maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus athbhreithniú réamheisiúna

1.  

Roimh Bhanna Glas Eorpach a eisiúint, déanfaidh eisitheoirí an méid seo a leanas:

(a) 

comhlánóidh siad an bhileog fíricí maidir le Bannaí Glasa Eorpacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

(b) 

áiritheoidh siad go mbeidh an bhileog fíricí chomhlánaithe maidir le Bannaí Glasa Eorpacha faoi réir athbhreithniú réamheisiúna le tuairim dhearfach ó athbhreithneoir seachtrach.

2.  
Féadfaidh baint a bheith ag an mbileog fíricí dá dtagraítear i mír 1 le níos mó ná éisiúint amháin de Bhannaí Glasa Eorpacha.
3.  

San athbhreithniú réamheisiúna dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), beidh an méid seo a leanas:

(a) 

measúnú i dtaobh an bhfuil an bhileog fíricí maidir le Bannaí Glasa Eorpacha iomlán ag an eisitheoir i gcomhréir le hAirteagail 4 go 8 agus le hIarscríbhinn I; agus

(b) 

na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 11

Tuarascálacha leithdháilte agus athbhreithniú iareisiúna ar thuarascálacha leithdháilte

1.  
I gcás gach tréimhse 12 mhí go dtí dáta leithdháileadh iomlán fháltais a mBanna Glas Eorpach agus, i gcás inarb infheidhme, go dtí go gcríochnófar an plean CapEx, tarraingeoidh eisitheoirí Bannaí Glasa Eorpacha suas tuarascáil ar leithdháileadh Bannaí Glasa Eorpacha ag baint úsáid as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II, lena léirítear go bhfuil fáltais an Bhanna Ghlais Eorpaigh, óna dháta eisiúna go dtí deireadh na tréimhse dá dtagraítear sa tuarascáil, leithdháilte i gcomhréir le hAirteagal 4 go hAirteagal 8.

Tosóidh an chéad tréimhse 12 mhí ar an dáta eisiúna.

De mhaolú ar an dara fomhír, féadfaidh eisitheoirí dáta deiridh na chéad tréimhse tuairiscithe a shocrú mar lá deireanach na bliana féilire nó na bliana airgeadais eisiúna.

2.  
Beidh sna tuarascálacha leithdháilte, i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir leis an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme an phlean CapEx.

Foilseoidh eisitheoirí, ina dtuarascálacha leithdháilte bliantúla, na cúiseanna le haon mhoill nó diall ag a bhfuil tionchar suntasach ar chur chun feidhme an phlean CapEx.

3.  
Féadfaidh baint a bheith ag na tuarascálacha leithdháilte le níos mó ná eisiúint amháin de Bhannaí Glasa Eorpacha.
4.  
Gheobhaidh eisitheoirí Bannaí Glasa Eorpacha athbhreithniú iareisiúna ó athbhreithneoir seachtrach ar an tuarascáil leithdháilte a tharraingítear suas tar éis leithdháileadh iomlán fháltais an Bhanna Ghlais Eorpaigh.
5.  
Más rud é, tar éis fhoilsiú na tuarascála leithdháilte i gcomhréir le hAirteagal 15(1), pointe (d), go gceartaítear leithdháileadh na bhfáltas, leasóidh eisitheoirí na mBannaí Glasa Eorpacha lena mbaineann an tuarascáil leithdháilte agus gheobhaidh siad athbhreithniú iareisiúna ó athbhreithneoir seachtrach ar an tuarascáil leithdháilte leasaithe sin, gan moill mhíchuí.
6.  
De mhaolú ar mhír 4, beidh gach tuarascáil leithdháilte ag eisitheoirí a leithdháileann fáltais de Bhanna Glas Eorpach amháin nó níos mó ar phunann sócmhainní, faoi réir athbhreithniú iareisiúna a dhéanfaidh athbhreithneoir seachtrach. Tabharfaidh an t-athbhreithneoir seachtrach aird ar leith ar na sócmhainní sin nár áiríodh in aon tuarascáil leithdháilte a foilsíodh roimhe sin.

Ní cheanglófar an t-athbhreithniú iareisiúna sin i gcás, le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil leithdháilte, nach ndearnadh aon athrú ar leithdháileadh ar an bpunann sócmhainní agus nár athraíodh aon sócmhainn sa phunann ná ní raibh aon sócmhainn faoi réir athrú ar leithdháileadh, i gcomparáid leis an tréimhse a cumhdaíodh sa tuarascáil leithdháilte roimhe sin. Sna cásanna sin, áireofar sa tuarascáil leithdháilte chomhfhreagrach ráiteas maidir le heasnamh an athbhreithnithe iareisiúna toisc easnamh na n-athruithe sin.

7.  
Áiritheoidh eisitheoirí Bannaí Glasa Eorpacha go ndéanfar na tuarascálacha leithdháilte bliantúla agus, i gcás inarb infheidhme, aon athbhreithniú iareisiúna a cheanglaítear leis an Airteagal seo a chur ar fáil don phobal laistigh de 270 lá tar éis dheireadh gach tréimhse 12 mhí dá dtagraítear i mír 1. Laistigh den tréimhse 270 lá sin, áiritheoidh na heisitheoirí go mbeidh 90 lá ar a laghad ag an athbhreithneoir seachtrach chun tuarascáil leithdháilte a athbhreithniú.
8.  

Beidh an fhaisnéis seo a leanas san athbhreithniú iareisiúna dá dtagraítear i míreanna 4, 5 agus 6 den Airteagal seo:

(a) 

measúnú ar cibé acu a leithdháil an t-eisitheoir fáltais an bhanna, i gcomhréir le hAirteagail 4 go 8, ar bhonn na faisnéise a soláthraíodh don athbhreithneoir seachtrach;

(b) 

measúnú ar cibé acu a leithdháil an t-eisitheoir fáltais an bhanna mar a leagtar amach sa bhileog fíricí maidir le Banna Glas Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 10, ar bhonn na faisnéise a soláthraíodh don athbhreithneoir seachtrach;

(c) 

na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 12

Tuarascáil tionchair maidir le Bannaí Glasa Eorpacha

1.  
Déanfaidh eisitheoirí Bannaí Glasa Eorpacha, tar éis leithdháileadh iomlán na bhfáltas agus ar a laghad uair amháin le linn shaolré na mbannaí sin, tuarascáil tionchair maidir le Bannaí Glasa Eorpacha a tharraingt suas ó thaobh tionchar comhshaoil úsáid na bhfáltas ó bhannaí trí úsáid a bhaint as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
2.  
Féadfaidh baint a bheith ag an tuarascáil tionchair maidir le Bannaí Glasa Eorpacha le níos mó ná eisiúint amháin de Bhannaí Glasa Eorpacha.
3.  

Féadfaidh eisitheoirí Bannaí Glasa Eorpacha athbhreithniú a lorg ó athbhreithneoir seachtrach ar an tuarascáil tionchair. Beidh an méid seo a leanas sna hathbhreithnithe ar an tuarascáil tionchair sin:

(a) 

measúnú ar cibé acu atá eisiúint an bhanna ailínithe le straitéis comhshaoil níos leithne an eisitheora;

(b) 

measúnú ar an tionchar comhshaoil a luaitear a bheidh ag fáltais an bhanna;

(c) 

na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 13

Eisitheoirí ceannasacha

1.  

Gheobhaidh ceannasaí athbhreithnithe iareisiúna ar a Bhannaí Glasa Eorpacha ón dream seo a leanas:

(a) 

athbhreithneoir seachtrach; nó

(b) 

athbhreithneoir seachtrach agus iniúchóir Stáit.

2.  
I gcás ina bhfaighidh ceannasaí athbhreithniú iareisiúna ó athbhreithneoir seachtrach agus ó iniúchóir Stáit, déanfaidh an t-iniúchóir Stáit athbhreithniú ar leithdháileadh na bhfáltas bannaí agus déanfaidh an t-athbhreithneoir seachtrach a fhionnadh cibé acu an bhfuil na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a mhaoinítear tríd an mbanna ailínithe leis na ceanglais maidir le tacsanomaíocht.

Airteagal 14

Réamheolaire le haghaidh Bannaí Glasa Eorpacha

1.  

Chun an t-ainmniú ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ a úsáid, foilseoidh an t-eisitheoir réamheolaire de bhun Rialachán (AE) 2017/1129 a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

ainmnítear na bannaí mar ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ sa réamheolaire tríd síos;

(b) 

luaitear sa réamheolaire go n-eisítear an Banna Glas Eorpach i gcomhréir leis an Rialachán seo, sa roinn den réamheolaire ina bhfuil an fhaisnéis faoi úsáid na bhfáltas.

2.  
De mhaolú ar mhír 1, féadfar an t-ainmniú ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ a úsáid le haghaidh bannaí a chumhdaítear le hAirteagal 1(2), pointí (b) agus (d), de Rialachán (AE) 2017/1129.
3.  
Chun críocha an Rialacháin seo, forléireofar an téarma ‘faisnéis rialáilte’ dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/1129, mar théarma a fholaíonn an fhaisnéis atá sa bhileog fíricí maidir le Bannaí Glasa Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán seo.
4.  
I gcás ina bhfoilseofar réamheolaire de bhun Rialachán (AE) 2017/1129, áireofar achoimre ar an bplean CapEx sa réamheolaire sin. Liostófar san achoimre sin na tionscadail a rinne an t-eisitheoir arb iad na tionscadail is suntasaí iad, arna dtomhas mar sciar den chaiteachas caipitil iomlán a chumhdaítear leis an bplean CapEx, agus sonrófar inti cineál, earnáil, suíomh agus bliain chríochnaithe ionchasach na dtionscadal sin.

Airteagal 15

Foilsiú ar shuíomh gréasáin an eisitheora agus fógra chuig ESMA agus údaráis inniúla

1.  

Déanfaidh eisitheoirí Bannaí Glasa Eorpacha gach ceann den mhéid seo a leanas a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin agus a chur ar fáil, saor in aisce agus i gcomhréir le hAirteagal 21(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2017/1129, go dtí go mbeidh 12 mhí ar a laghad caite tar éis aibíocht na mbannaí sin, lena n-áirítear aon leasuithe nó aon cheartúcháin orthu:

(a) 

sula n-eiseofar an banna, an bhileog fíricí chomhlánaithe maidir le Bannaí Glasa Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán seo;

(b) 

sula n-eiseofar an banna, an t-athbhreithniú réamheisiúna a bhaineann leis an mbileog fíricí maidir le Bannaí Glasa Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán seo;

(c) 

sula n-eiseofar an banna, nasc chuig an suíomh gréasáin inar féidir an réamheolaire a cheadú i gcás ina bhfoilseofar réamheolaire de bhun Rialachán (AE) 2017/1129;

(d) 

gan moill mhíchuí tar éis iad a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 11(1) den Rialachán seo, tuarascálacha leithdháilte maidir le Bannaí Glasa Eorpacha;

(e) 

gan moill mhíchuí tar éis iad a fháil, na hathbhreithnithe iareisiúna a bhaineann le tuarascálacha leithdháilte maidir le Bannaí Glasa Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán seo;

(f) 

gan moill mhíchuí tar éis í a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán seo, tuarascáil tionchair maidir le Bannaí Glasa Eorpacha;

(g) 

i gcás inarb infheidhme, an plean CapEx;

(h) 

i gcás inarb infheidhme, an t-athbhreithniú ar an tuarascáil tionchair dá dtagraítear in Airteagal 12(3) den Rialachán seo.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (d), i gcás ina ndéanfar athbhreithniú iareisiúna ar thuarascáil leithdháilte maidir le Bannaí Glasa Eorpacha, foilseofar an tuarascáil leithdháilte sin gan moill mhíchuí tar éis an t-athbhreithniú iareisiúna a fháil.

2.  

Soláthrófar an fhaisnéis atá sna doiciméid dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (a), (d) agus (f), de rogha an eisitheora, i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta, nó:

(a) 

i gcás nach ndéanfar na Bannaí Glasa Eorpacha a thairiscint don phobal ná a ligean isteach chun a dtrádála ach i mBallstát amháin, i dteanga lena nglacann údarás inniúil an Bhallstáit sin;

(b) 

i gcás ina ndéanfar na Bannaí Glasa Eorpacha a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála in dhá Bhallstát nó níos mó, i dteanga lena nglacann údarás inniúil gach ceann de na Ballstáit sin;

3.  
De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil réamheolaire le haghaidh an Bhanna Ghlais Eorpaigh le foilsiú de bhun Rialachán (AE) 2017/1129, déanfar an fhaisnéis atá sna doiciméid dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (a), (d) agus (f) den Airteagal seo, a sholáthar i dteanga nó i dteangacha an réamheolaire sin.
4.  
I gcás inarb infheidhme, tabharfaidh eisitheoirí fógra do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 44(1) agus (2), faoi fhoilsiú gach ceann de na doiciméid dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, den Airteagal seo gan moill mhíchuí tar éis gach foilsithe.
5.  
Tabharfaidh eisitheoirí fógra do ESMA faoi fhoilsiú na ndoiciméad uile dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, laistigh de 30 lá tar éis a bhfoilsithe.

▼M1

Airteagal 15 a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.  

Ón 10 Eanáir 2030, nuair a bheidh aon cheann acu seo a leanas á phoibliú aige:

(a) 

an bhileog eolais, an t-athbhreithniú réamheisiúna a bhaineann leis an mbileog eolais, tuarascálacha leithdháilte bliantúla, an t-athbhreithniú iareisiúna a bhaineann le tuarascáil leithdháilte bhliantúil amháin, nó a bhaineann le roinnt tuarascálacha leithdháilte bliantúla, an tuarascáil tionchair, an t-athbhreithniú ar an tuarascáil tionchair dá dtagraítear in Airteagal 15;

(b) 

an nochtadh réamheisiúna dá dtagraítear in Airteagal 20, agus an nochtadh iareisiúna tréimhsiúil dá dtagraítear in Airteagal 21;

déanfaidh an t-eisitheoir an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin dá dtagraítear i mír 3 nó 4 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ).

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a) 

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4) de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b) 

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i) 

ainmneacha uile an eisitheora lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii) 

aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eisitheora, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii) 

méid an eisitheora, de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv) 

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(v) 

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.  
Chun críocha mhír 1, an dara fomhír, pointe (b)(ii), gheobhaidh an t-eisitheoir aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.
3.  
Chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná ESMA.
4.  
Faoin 9 Eanáir 2030, chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.
5.  

Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b) 

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c) 

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.  
I gcás inar gá, glacfaidh ESMA treoirlínte i gcomhair eintiteas chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 5, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.

▼B

CAIBIDIL 3

Coinníollacha chun an t-ainmniú ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ a úsáid i leith bannaí urrúsúcháin

Airteagal 16

An t-ainmniú ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ a chur i bhfeidhm maidir le bannaí urrúsúcháin

1.  

I gcás banna urrúsúcháin a ainmnítear mar ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’:

(a) 

forléireofar tagairtí sa Rialachán seo do ‘eisitheoir’ mar thagairtí do ‘tionscnóir’;

(b) 

forléireofar tagairtí in Airteagal 4 do ‘fáltais’ mar thagairtí do na fáltais a fuair an tionscnóir ó na neamhchosaintí urrúsaithe a dhíol leis an SSPE.

2.  
De mhaolú ar mhír 1, pointe (a), forléireofar tagairtí do ‘eisitheoir’ in Airteagail 9 agus 15, Airteagal 44(3), Airteagal 45(1), Airteagal 48 agus Airteagal 49(1) mar thagairtí do ‘tionscnóir’ nó do ‘SSPE’ agus forléireofar tagairtí do ‘eisitheoir’ in Airteagal 14(1) agus in Airteagal 44(1) mar thagairtí do ‘SSPE’.
3.  

I gcás ina gcruthóidh roinnt tionscnóirí na neamhchosaintí urrúsaithe, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a) 

comhlíonfaidh gach tionscnóir na ceanglais chun na fáltais a úsáid a leagtar amach in Airteagail 4 go 8 ar bhonn pro rata, le tagairt dá sciar i gcomhthiomsú na neamhchosaintí urrúsaithe;

(b) 

comhlíonfaidh na tionscnóirí na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 10, 11, 12, 15, 18 agus 19 i gcomhpháirt, ina léireofar go soiléir iontu a mhéid a chomhlíon gach tionscnóir a cheanglais faoi seach;

(c) 

comhlíonfaidh na tionscnóirí i gcomhpháirt na ceanglais chun athbhreithniú seachtrach a fháil a leagtar amach in Airteagail 10 agus 11;

(d) 

i gcás ina gcinnfidh níos mó ná tionscnóir amháin athbhreithniú ar an tuarascáil tionchair dá dtagraítear in Airteagal 12(3) a lorg, comhlíonfaidh siad i gcomhpháirt ceanglais an athbhreithnithe sin.

Airteagal 17

Bannaí a eisiamh a eisítear chun críche urrúsú sintéiseach

Ní bheidh bannaí a eisítear chun críche urrúsú sintéiseach incháilithe chun an t-ainmniú ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ a úsáid.

Airteagal 18

Eisiaimh i gcomhair neamhchosaintí urrúsaithe áirithe

1.  
Chun críocha an Rialacháin seo, ní chuimseoidh neamhchosaintí urrúsaithe neamhchosaintí lena maoinítear taiscéalaíocht, mianadóireacht, eastóscadh, táirgeadh, próiseáil, stóráil, mínghlanadh nó dáileadh, lena n-áirítear iompar, agus trádáil breoslaí iontaise.
2.  
Féadfar neamhchosaintí lena maoinítear giniúint leictreachais ó bhreoslaí iontaise, comhghiniúint teasa/fuaire agus cumhachta ó bhreoslaí iontaise, nó táirgeadh teasa/fuaire ó bhreoslaí iontaise, i gcás ina gcomhlíonann an ghníomhaíocht na critéir maidir le ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139, a áireamh i gcomhthiomsú na neamhchosaintí urrúsaithe chun críocha an Rialacháin seo.
3.  
Míneoidh an tionscnóir a mhéid a comhlíonadh mír 1 den Airteagal seo sa bhileog fíricí maidir le Bannaí Glasa Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 10.
4.  
Ar an údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 44 á iarraidh sin, léireoidh an tionscnóir go bhfuil mír 1 den Airteagal seo á comhlíonadh.

Airteagal 19

Ceanglais bhreise nochta i gcás urrúsú

1.  
I gcás banna urrúsaithe a ainmnítear mar ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’, áireofar sa réamheolaire arna fhoilsiú de bhun Rialachán (AE) 2017/1129 ráiteas gur banna urrúsaithe é an banna agus gurb é an tionscnóir atá freagrach as na gealltanais a tugadh sa réamheolaire maidir le húsáid na bhfáltas a chomhlíonadh.
2.  

Chun trédhearcacht a sholáthar mar gheall ar shaintréithe comhshaoil na neamhchosaintí urrúsaithe, déanfar faisnéis faoin méid seo a leanas a áireamh sa réamheolaire ar bhonn na n-iarrachtaí is fearr agus a mhéid is féidir leis an tionscnóir, ar bhonn na sonraí atá ar fáil:

(a) 

an sciar de na neamhchosaintí urrúsaithe i gcomhthiomsú na neamhchosaintí urrúsaithe, lena maoinítear gníomhaíochtaí eacnamaíocha is gníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don tacsanomaíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (5), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178;

(b) 

de réir gníomhaíocht eacnamaíoch ábhartha a liostaítear i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852, sa chomhthiomsú neamhchosaintí atá incháilithe don tacsanomaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, an sciar de neamhchosaintí urrúsaithe atá tacsanomaíocht-ailínithe;

(c) 

in aghaidh na gníomhaíochta eacnamaíche ábhartha a liostaítear i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852, sa chomhthiomsú neamhchosaintí atá incháilithe don tacsanomaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, an sciar de neamhchosaintí urrúsaithe nach gcomhlíonann na cuspóirí ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852.

3.  
Áireofar an fhaisnéis atá sa réamheolaire i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo freisin sa bhileog fíricí maidir le Bannaí Glasa Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 10 agus, ar bhonn nuashonruithe bliantúla atá le déanamh ag an tionscnóir, sa tuarascáil leithdháilte maidir le Bannaí Glasa Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 11.

TEIDEAL III

TEIMPLÉID NOCHTA ROGHNACHA LE hAGHAIDH BANNAÍ A MHARGAÍTEAR MAR BHANNAÍ ATÁ INBHUANAITHE Ó THAOBH AN CHOMHSHAOIL DE AGUS LE hAGHAIDH BANNAÍ ATÁ NASCTHA LE hINBHUANAITHEACHT

Airteagal 20

Nochtaí réamheisiúna d’eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht

1.  
Faoin 21 Nollaig 2024, foilseoidh an Coimisiún treoirlínte lena mbunófar teimpléid i gcás nochtaí deonacha réamheisiúna i gcomhair eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht.
2.  
Léireofar sna teimpléid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo cibé an bhfuil sé beartaithe ag an eisitheoir úsáid a bhaint as athbhreithneoir seachtrach agus as an teimpléad coiteann i gcás nochtaí tréimhsiúla dá dtagraítear in Airteagal 21.
3.  

I gcás eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, áireofar sna teimpléid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, sa bhreis ar an léiriú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, na heilimintí seo a leanas ar a laghad, lena léireofar intinn an eisitheora bunaithe ar shonraí atá ar fáil tráth na bannaí a eisiúint:

(a) 

i gcás ina mbeidh an t-eisitheoir faoi réir na hoibleagáide pleananna a fhoilsiú de bhun Airteagal 19a(2), pointe (a)(iii), nó Airteagal 29a(2), pointe (a)(iii), de Threoir 2013/34/AE, nó i gcás inar fhoilsigh an t-eisitheoir na pleananna sin dá dheoin féin, an modh ina bhfuil sé beartaithe go rannchuideoidh fáltais ó bhannaí le cur chun feidhme na bpleananna sin;

(b) 

i gcás ina mbeidh an t-eisitheoir faoi réir na hoibleagáide faisnéis a nochtadh de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852, an tslí ina bhfuiltear ag súil go rannchuideoidh fáltais ó bhannaí le láimhdeachas tacsanomaíocht-ailínithe an eisitheora, caiteachas caipitil an eisitheora agus caiteachas oibriúcháin an eisitheora;

(c) 

an sciar íosta d’fháltais ó bhannaí atá le húsáid le haghaidh gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852.

4.  

I gcás eisitheoirí bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht, áireofar sna teimpléid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, sa bhreis ar an léiriú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, na heilimintí seo a leanas ar a laghad, lena léireofar intinn an eisitheora bunaithe ar shonraí atá ar fáil tráth na bannaí a eisiúint:

(a) 

réasúnaíocht, leibhéal uaillmhéine, ábharthacht agus modheolaíocht ríofa na bpríomhtháscairí feidhmíochta arna leagan síos ag an eisitheoir;

(b) 

i gcás ina mbeidh an t-eisitheoir faoi réir oibleagáid pleananna a fhoilsiú de bhun Airteagal 19a(2), pointe (a)(iii), nó Airteagal 29a(2), pointe (a)(iii), de Threoir 2013/34/AE, nó i gcás inar fhoilsigh an t-eisitheoir na pleananna sin dá dheoin féin, an modh ina bhfuil sé beartaithe go rannchuideoidh an banna le cur chun feidhme na bpleananna sin;

(c) 

i gcás inarb ábhartha, an modh ina bhfuil an banna nasctha le láimhdeachas atá tacsanomaíocht-ailínithe, caiteachas caipitil agus caiteachas oibriúcháin an eisitheora trí Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a chur i bhfeidhm;

(d) 

tuairisc ar struchtúr na mbannaí, lena n-áirítear an sásra coigeartaithe cúpóin.

Airteagal 21

Nochtaí iareisiúna tréimhsiúla d’eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht

1.  
Féadfaidh eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht nochtaí maidir le faisnéis iareisiúna thréimhsiúil a dhéanamh trí bhíthin teimpléid choiteanna.

I gcás ina ndéanfaidh eisitheoir nochtaí faisnéis iareisiúna thréimhsiúil i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 44 go dtí aibíocht an bhanna.

2.  

I gcás eisitheoir bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, áireofar sna teimpléid dá dtagraítear i mír 1 na heilimintí seo a leanas ar a laghad:

(a) 

i gcás ina mbeidh an t-eisitheoir faoi réir oibleagáid pleananna a fhoilsiú de bhun Airteagal 19a(2), pointe (a)(iii), nó Airteagal 29a(2), pointe (a)(iii), de Threoir 2013/34/AE, nó i gcás inar fhoilsigh an t-eisitheoir na pleananna sin dá dheoin féin, an modh ina rannchuidíonn fáltais ó bhannaí le cur chun feidhme na bpleananna sin;

(b) 

i gcás ina mbeidh an t-eisitheoir faoi réir na hoibleagáide faisnéis a nochtadh de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852, an modh ina rannchuidíonn fáltais ó bhannaí le láimhdeachas atá tacsanomaíocht-ailínithe an eisitheora, caiteachas caipitil agus caiteachas oibriúcháin an eisitheora;

(c) 

an sciar íosta d’fháltais ó bhannaí a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852.

3.  

I gcás eisitheoir bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht, áireofar sna teimpléid dá dtagraítear i mír 1 na heilimintí seo a leanas ar a laghad:

(a) 

réasúnaíocht, leibhéal uaillmhéine, ábharthacht agus modheolaíocht ríofa na bpríomhtháscairí feidhmíochta arna leagan síos ag an eisitheoir;

(b) 

i gcás ina mbeidh an t-eisitheoir faoi réir oibleagáid pleananna a fhoilsiú de bhun Airteagal 19a(2), pointe (a)(iii), nó Airteagal 29a(2), pointe (a)(iii), de Threoir 2013/34/AE, nó i gcás inar fhoilsigh an t-eisitheoir na pleananna sin dá dheoin féin, an modh ina bhfuil sé beartaithe go rannchuideoidh fáltais an bhanna le cur chun feidhme na bpleananna sin;

(c) 

i gcás inarb ábhartha, an modh ina bhfuil fáltais an banna nasctha le láimhdeachas atá tacsanomaíocht-ailínithe, caiteachas caipitil agus caiteachas oibriúcháin an eisitheora trí Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a chur i bhfeidhm;

(d) 

tuairisc ar struchtúr na mbannaí, lena n-áirítear an sásra coigeartaithe cúpóin.

4.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 68 faoin 21 Nollaig 2024 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí ábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise a bheidh le nochtadh sna teimpléid a bhunú dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo.

Agus an gníomh tarmligthe sin á dhréachtú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an fhaisnéis maidir le gnéithe comhshaoil, sóisialta agus rialachais a cheanglaítear a nochtadh faoi ghníomhartha reachtacha ábhartha eile, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2017/1129, chun nochtaí forluiteacha d’eisitheoirí a sheachaint.

Agus an gníomh tarmligthe sin á dhréachtú aige, breithneoidh an Coimisiún freisin riachtanais faisnéise na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais faoi réir cheanglais nochta Rialachán (AE) 2019/2088.

TEIDEAL IV

ATHBHREITHNEOIRÍ SEACHTRACHA LE hAGHAIDH BANNAÍ GLASA EORPACHA

CAIBIDIL 1

Coinníollacha le haghaidh athbhreithniú seachtrach ar Bhannaí Glasa Eorpacha

Airteagal 22

Clárú

1.  
Beidh na hathbhreithneoirí seachtracha le haghaidh Bannaí Glasa Eorpacha cláraithe le ESMA, sula rachaidh siad i mbun a ngníomhaíochtaí.
2.  
Comhlíonfaidh na hathbhreithneoirí seachtracha atá cláraithe le ESMA na coinníollacha i gcomhair clárú a leagtar amach in Airteagal 23(2) i gcónaí.
3.  
Ní bheidh iniúchóirí Stáit faoi réir Theidil IV agus V den Rialachán seo.

Airteagal 23

Iarratas ar chlárú mar athbhreithneoir seachtrach le haghaidh Bannaí Glasa Eorpacha

1.  

Beidh an fhaisnéis seo a leanas in iarratas ar chlárú mar athbhreithneoir seachtrach le haghaidh Bannaí Glasa Eorpacha:

(a) 

ainm iomlán an iarratasóra, seoladh a oifige cláraithe laistigh den Aontas, suíomh gréasáin an iarratasóra agus, i gcás ina mbeidh fáil air, an t-aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI);

(b) 

ainm agus sonraí teagmhála duine teagmhála;

(c) 

foirm dhlíthiúil an iarratasóra;

(d) 

struchtúr úinéireachta an iarratasóra;

(e) 

céannachtaí chomhaltaí an lucht bainistíochta sinsearach agus bhord an iarratasóra lena gcurriculum vitae ina léirítear ar a laghad leibhéal na cáilíochta, na taithí agus na hoiliúna atá acu;

(f) 

an líon anailísithe, fostaithe agus daoine eile atá bainteach go díreach le gníomhaíochtaí measúnúcháin, agus an leibhéal eolais, taithí agus oiliúna a ghnóthaigh siad agus iad ag obair don iarratasóir le linn athbhreithniú seachtrach nó seirbhísí comhchosúla a sholáthar;

(g) 

tuairisc ar na nósanna imeachta agus ar na modheolaíochtaí aarna gcur chun feidhme ag an t-iarratasóir chun athbhreithnithe a eisiúint;

(h) 

na socruithe rialachais chorparáidigh agus na beartais nó na nósanna imeachta arna gcur chun feidhme ag an iarratasóir chun aon choinbhleachtaí leasa iarbhír nó féideartha dá dtagraítear in Airteagal 35 a shainaithint, a dhíchur nó a bhainistiú agus a nochtadh ar bhealach trédhearcach;

(i) 

i gcás inarb infheidhme, doiciméid agus faisnéis a bhaineann le haon socrú seachfhoinsithe atá ann cheana nó atá beartaithe le haghaidh ghníomhaíochtaí an athbhreithneora sheachtraigh atá cumhdaithe leis an Rialachán seo, lena n-áirítear faisnéis maidir le heintitis a ghlacann le feidhmeanna seachfhoinsithe;

(j) 

i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le gníomhaíochtaí eile arna ndéanamh ag an iarratasóir.

2.  

Ní chláróidh ESMA iarratasóir mar athbhreithneoir seachtrach ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

maidir le lucht bainistíochta sinsearach agus comhaltaí bhord an iarratasóra:

(i) 

beidh dea-cháil leordhóthanach orthu;

(ii) 

beidh siad oilte go leordhóthanach lena áirithiú gur féidir leis an iarratasóir na cúraimí a éilítear ar athbhreithneoirí seachtracha a dhéanamh de bhun an Rialacháin seo;

(iii) 

beidh cáilíochtaí gairmiúla leordhóthanacha acu;

(iv) 

beidh taithí ábhartha acu ar ghníomhaíochtaí amhail dearbhú cáilíochta, rialú cáilíochta, athbhreithnithe réamheisiúna, athbhreithnithe iareisiúna agus athbhreithnithe ar thuarascálacha tionchair a dhéanamh, tuairimí ailínithe dara páirtí nó seirbhísí airgeadais a sholáthar;

(b) 

an líon anailísithe, fostaithe agus daoine eile atá bainteach go díreach le gníomhaíochtaí measúnúcháin an iarratasóra, go bhfuil an leibhéal eolais, taithí agus oiliúna atá acu leordhóthanach chun go gcomhlíonfaidh an t-iarratasóir na cúraimí a éilítear ó athbhreithneoirí seachtracha de bhun an Rialacháin seo;

(c) 

socruithe inmheánacha an iarratasóra a cuireadh chun feidhme lena áirithiú go bhfuil comhlíonadh cheanglais Chaibidil 2 den Teideal seo iomchuí agus éifeachtach.

Agus measúnú á dhéanamh aige ar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh ESMA a chur san áireamh an ndearna an t-iarratasóir, i gcás inar sholáthair sé seirbhísí de bhun Airteagail 69 agus 70, a dhícheall chun Airteagail 24 go 38 a chomhlíonadh. Chun na críche sin, féadfaidh ESMA a cheangal ar an iarratasóir an fhaisnéis is gá a sholáthar dó.

3.  
Laistigh de 20 lá oibre tar éis iarratas a fháil, déanfaidh ESMA measúnú i dtaobh an bhfuil an t-iarratas iomlán.

Mura bhfuil an t-iarratas iomlán, tabharfaidh ESMA fógra ina leith sin don iarratasóir agus leagfaidh sé síos sprioc-am faoina mbeidh ar an iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar.

I gcás ina mbeidh an t-iarratas iomlán, tabharfaidh ESMA fógra don iarratasóir ina leith sin.

4.  
Laistigh de 45 lá oibre tar éis iarratas iomlán a fháil, cláróidh ESMA an t-iarratasóir nó diúltóidh sé an t-iarratasóir a chlárú.

Féadfaidh ESMA síneadh 15 lá oibre a chur leis an tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir gníomhaíochtaí athbhreithnithe sheachtraigh áirithe a sheachfhoinsiú.

5.  
Tabharfaidh ESMA fógra i scríbhinn don iarratasóir faoi chlárú an iarratasóra sin mar athbhreithneoir seachtrach, nó faoi dhiúltú an t-iarratasóir a chlárú. Soláthrófar cúiseanna sa chinneadh maidir le clárú iarratasóra nó diúltú do chlárú iarratasóra agus gabhfaidh éifeacht leis an gcinneadh an cúigiú lá oibre tar éis a ghlactha.
6.  
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na critéir dá dtagraítear i mír 2, an chéad fomhír, pointí (a) agus (b).

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Nollaig 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

7.  
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a shonrú maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar.

Le linn dó dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt, cuirfidh ESMA modhanna clárúcháin dhigitigh san áireamh.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Nollaig 2024.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 24

Athruithe ábhartha maidir leis an gclárú

1.  
Tabharfaidh athbhreithneoir seachtrach fógra do ESMA maidir le haon athrú ábhartha ar an bhfaisnéis arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 23(1) sula ndéanfar na hathruithe sin a chur chun feidhme.

I gcás ina ndéanfaidh ESMA agóid in aghaidh na n-athruithe ábhartha sin, cuirfidh sé an t-athbhreithneoir seachtrach ar an eolas laistigh de 45 lá oibre ón bhfógra maidir leis na hathruithe sin agus luafaidh sé na cúiseanna atá lena agóid. Ní chuirfear na hathruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo chun feidhme má dhéanann ESMA agóid laistigh den tréimhse sin.

2.  
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a shonrú maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar.

Le linn dó dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt, cuirfidh ESMA modhanna clárúcháin dhigitigh i gcuntas.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Nollaig 2025.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 25

Córas teanga

Cuirfidh iarratasóir an t-iarratas ar chlárú dá dtagraítear in Airteagal 23 isteach i gceann de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 ( 3 ) maidir le haon chumarsáid eile idir ESMA agus an t-iarratasóir agus a fhoireann.

CAIBIDIL 2

Ceanglais eagraíochtúla, próisis agus doiciméid a bhaineann le rialachas

Airteagal 26

Prionsabail ghinearálta

1.  
Beidh córais, acmhainní agus nósanna imeachta iomchuí ag athbhreithneoirí seachtracha chun a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.
2.  
Déanfaidh athbhreithneoirí seachtracha faireachán agus meastóireacht ar bhonn bliantúil ar a laghad ar a leordhóthanaí agus a éifeachtaí atá a gcuid córas, acmhainní agus nósanna imeachta a bhunaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo agus déanfaidh siad bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh ina leith.
3.  
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na critéir chun measúnú a dhéanamh ar a iomchuí, a leordhóthanaí agus a éifeachtaí atá córais, acmhainní agus nósanna imeachta na n-athbhreithneoirí seachtracha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Nollaig 2025.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 27

Lucht bainistíochta sinsearaí agus comhaltaí an bhoird

1.  

Áiritheoidh lucht bainistíochta sinsearaí agus comhaltaí bhord an athbhreithneora sheachtraigh na rudaí seo a leanas faoi seach nó déanfaidh siad maoirseacht orthu:

(a) 

bainistíocht fhónta agus stuama an athbhreithneora sheachtraigh;

(b) 

neamhspleáchas na ngníomhaíochtaí measúnúcháin;

(c) 

go ndéantar aon choinbhleachtaí leasa iarbhír nó féideartha a shainaithint go cuí, a dhíchur nó a bhainistiú agus a nochtadh ar bhealach trédhearcach;

(d) 

go gcomhlíonann an t-athbhreithneoir seachtrach an Rialachán seo i gcónaí.

2.  
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na critéir lenar féidir measúnú a dhéanamh ar bhainistíocht fhónta agus stuama an athbhreithneora sheachtraigh dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), agus bainistiú na gcoinbhleachtaí leasa dá dtagraítear i mír 1, pointe (c).

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Nollaig 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 28

Anailísithe agus fostaithe na n-athbhreithneoirí seachtracha, agus daoine eile a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí measúnúcháin na n-athbhreithneoirí seachtracha

1.  
Áiritheoidh na hathbhreithneoirí seachtracha go bhfuil an t-eolas, an taithí agus an oiliúint is gá ag a gcuid anailísithe agus ag a bhfostaithe, agus ag aon duine nádúrtha eile a bhfuil a gcuid seirbhísí curtha ar fáil dóibh, nó a bhfuil siad faoina rialú, agus a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí measúnúcháin i gcomhair na ndualgas atá sannta dóibh.
2.  
Áiritheoidh na hathbhreithneoirí seachtracha nach gceadaítear do na daoine dá dtagraítear i mír 1 caibidlíocht maidir le táillí nó íocaíochtaí a thionscnamh, nó páirt a ghlacadh iontu, le haon eintiteas measúnaithe, le tríú páirtí gaolmhar nó le haon duine a bhfuil nasc acu go díreach nó go hindíreach leis an eintiteas measúnaithe trí rialú.
3.  
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na critéir lenar féidir measúnú a dhéanamh ar a iomchuí atá an t-eolas, an taithí agus an oiliúint atá ag na daoine dá dtagraítear i mír 1.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Nollaig 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 29

Feidhm chomhlíonta

1.  
Bunóidh na hathbhreithneoirí seachtracha feidhm chomhlíonta bhuan, neamhspleách agus éifeachtach agus coimeádfaidh siad ar bun í maidir leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoin Rialachán seo.
2.  

Áiritheoidh na hathbhreithneoirí seachtracha go gcomhlíonfar leis an bhfeidhm chomhlíonta an méid seo a leanas:

(a) 

go bhfuil údarás aici chun a freagrachtaí a chur i gcrích i gceart agus go neamhspleách;

(b) 

go bhfuil na hacmhainní agus an saineolas is gá aici, mar aon le rochtain ar an bhfaisnéis ábhartha go léir;

(c) 

nach ndéanann sí faireachán ná measúnú ar a cuid gníomhaíochtaí féin;

(d) 

nach gcúitítear í i ndáil le feidhmíocht ghnó an athbhreithneora sheachtraigh.

3.  
Cuirfear torthaí na feidhme comhlíonta ar fáil do chomhlacht maoirseachta nó, i gcás inarb infheidhme, do chomhlacht riaracháin an athbhreithneora sheachtraigh.
4.  
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na critéir lenar féidir measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil an t-údarás ag an bhfeidhm chomhlíonta chun a cuid freagrachtaí a chur i gcrích i gceart agus go neamhspleách dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), agus na critéir lenar féidir measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil na hacmhainní agus an saineolas is gá ag an bhfeidhm chomhlíonta agus i dtaobh an bhfuil rochtain aici ar an bhfaisnéis uile is ábhartha dá dtagraítear i mír 2, pointe (b).

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Nollaig 2025.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 30

Beartais agus nósanna imeachta inmheánacha

1.  
Glacfaidh athbhreithneoirí seachtracha beartais agus nósanna imeachta inmheánacha maidir le dícheall cuí lena n-áirithítear nach gcuireann a leasanna gnó bac ar neamhspleáchas ná ar chruinneas na ngníomhaíochtaí measúnúcháin.
2.  
Glacfaidh athbhreithneoirí seachtracha nósanna imeachta riaracháin agus cuntasaíochta slán, sásraí rialaithe inmheánaigh, agus socruithe rialaithe agus cosanta éifeachtacha maidir le córais próiseála faisnéise agus cuirfidh siad chun feidhme iad.
3.  
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na critéir lenar féidir measúnú a dhéanamh ar fhóntacht na nósanna imeachta riaracháin agus cuntasaíochta agus na sásraí rialaithe inmheánaigh mar aon le héifeachtacht na socruithe rialaithe agus coimirce le haghaidh córas próiseála faisnéise dá dtagraítear i mír 2.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Nollaig 2025.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 31

Modheolaíochtaí measúnaithe agus faisnéis a úsáidtear le haghaidh athbhreithnithe

1.  
Déanfaidh athbhreithneoirí seachtracha bearta a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun a áirithiú go dtabharfaidh a n-athbhreithnithe tuairim bunaithe ar anailís chríochnúil ar an bhfaisnéis uile atá ar fáil dóibh agus go bhfuil siad, de réir a gcuid modheolaíochtaí, ábhartha dá n-anailís.
2.  
Cuirfidh na hathbhreithneoirí seachtracha ar fáil go poiblí na príomhchéimeanna a rinneadh ina réasúnú chun teacht ar chonclúidí gach ceann dá n-athbhreithnithe.
3.  
Bainfidh na hathbhreithneoirí seachtracha úsáid as faisnéis de cháilíocht leordhóthanach a thagann ó fhoinsí iontaofa le linn dóibh athbhreithnithe a sholáthar.
4.  
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na critéir chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 de cháilíocht leordhóthanach agus i dtaobh an bhfuil na foinsí dá dtagraítear sa mhír sin iontaofa.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Nollaig 2025.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 32

Earráidí i modheolaíochtaí measúnúcháin nó maidir lena gcur i bhfeidhm

1.  
Maidir leis na hathbhreithneoirí seachtracha a fhaigheann amach faoi earráidí ina modheolaíochtaí measúnúcháin nó maidir lena gcur i bhfeidhm, earráidí a bhfuil tionchar ábhartha acu ar athbhreithniú, cuirfidh siad na hearráidí sin in iúl láithreach do ESMA agus d’eisitheoirí na mBannaí Glasa Eorpacha lena mbaineann agus míneoidh siad na hearráidí sin dóibh.
2.  
Tabharfaidh na hathbhreithneoirí seachtracha aghaidh ar na hearráidí ar bhealach tráthúil agus foilseoidh siad na hearráidí dá dtagraítear i mír 1 ar a gcuid suíomhanna gréasáin, agus i gcás inarb ábhartha, athbhreithniú athbhreithnithe agus ceartaithe a luaithe is féidir. Luafar na cúiseanna atá leis na hathruithe sna doiciméid athbhreithnithe.

Airteagal 33

Seachfhoinsiú

1.  
Áiritheoidh na hathbhreithneoirí seachtracha a dhéanann a ngníomhaíochtaí measúnúcháin a sheachfhoinsiú do sholáthraithe seirbhíse tríú páirtí go mbeidh sé de chumas agus d’inniúlacht ag aon soláthraí seirbhíse tríú páirtí den sórt sin na gníomhaíochtaí measúnúcháin sin a dhéanamh ar bhealach iontaofa agus gairmiúil. Áiritheoidh na hathbhreithneoirí seachtracha sin freisin nach gcuirfidh an seachfhoinsiú bac ábhartha ar cháilíocht a rialaithe inmheánaigh agus ar chumas ESMA maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht na n-athbhreithneoirí seachtracha sin leis an Rialachán seo.
2.  
Ní dhéanfaidh na hathbhreithneoirí seachtracha a ngníomhaíochtaí measúnaithe go léir ná a bhfeidhm chomhlíonta a sheachfhoinsiú.
3.  
Tabharfaidh na hathbhreithneoirí seachtracha fógra do ESMA faoi na gníomhaíochtaí measúnaithe a bheartaíonn siad a sheachfhoinsiú, lena n-áirítear sonrú ar leibhéal na n-acmhainní daonna agus teicniúla is gá chun gach ceann de na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh agus ar na cúiseanna atá leis an seachfhoinsiú sin.
4.  
Áiritheoidh na hathbhreithneoirí seachtracha a sheachfhoinsíonn gníomhaíochtaí measúnaithe nach laghdóidh nó nach lagóidh an seachfhoinsiú sin cumas chomhaltaí lucht bainistíochta sinsearaí nó chomhlacht bainistíochta an athbhreithneora sheachtraigh a bhfeidhm nó a róil a chomhlíonadh.
5.  
Áiritheoidh na hathbhreithneoirí seachtracha go gcomhoibreoidh soláthraithe seirbhíse tríú páirtí agus go gcomhlíonfaidh siad aon iarrataí maoirseachta ó ESMA i dtaca le haon ghníomhaíochtaí measúnaithe seachfhoinsithe.
6.  

Beidh na hathbhreithneoirí seachtracha fós freagrach as aon ghníomhaíocht sheachfhoinsithe agus glacfaidh siad bearta chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a) 

go ndéanfaidh siad measúnuithe i dtaobh an ndéanann soláthraithe seirbhíse tríú páirtí gníomhaíochtaí measúnúcháin seachfhoinsithe go héifeachtach, agus na dlíthe is infheidhme de chuid an Aontais agus na dlíthe náisiúnta is infheidhme agus na ceanglais rialála á gcomhlíonadh acu, agus an dtugann siad aghaidh go leormhaith ar theipeanna a shainaithnítear;

(b) 

go ndéantar aon rioscaí féideartha i ndáil le gníomhaíochtaí measúnúcháin seachfhoinsithe a shainaithint;

(c) 

go ndéantar faireachán tréimhsiúil ar na gníomhaíochtaí measúnúcháin seachfhoinsithe;

(d) 

nósanna imeachta rialaithe leormhaithe maidir le gníomhaíochtaí measúnúcháin seachfhoinsithe, lena n-áirítear maoirseacht éifeachtach ar na gníomhaíochtaí measúnúcháin seachfhoinsithe agus ar aon riosca féideartha i ndáil leis an soláthraí seirbhíse tríú páirtí;

(e) 

leanúnachas leormhaith gnó maidir leis na gníomhaíochtaí measúnúcháin seachfhoinsithe.

Chun críocha na chéad fhomhíre, phointe (e), gheobhaidh na hathbhreithneoirí seachtracha faisnéis maidir le socruithe leanúnachais gnó na soláthraithe seirbhíse tríú páirtí, déanfaidh siad measúnú ar a gcáilíocht agus iarrfaidh siad feabhsuithe ar shocruithe den sórt sin i gcás inar gá.

7.  

Ullmhóidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na critéir chun:

(a) 

measúnú a dhéanamh ar chumas agus ar inniúlacht soláthraithe seirbhíse tríú páirtí na gníomhaíochtaí measúnúcháin a dhéanamh go hiontaofa agus go gairmiúil; agus

(b) 

a áirithiú nach gcuireann na gníomhaíochtaí measúnúcháin a dhéantar bac ábhartha ar cháilíocht rialú inmheánach na n-athbhreithneoirí seachtracha nó ar chumas ESMA maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht na n-athbhreithneoirí seachtracha leis an Rialachán seo.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Nollaig 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 34

Ceanglais maidir le taifid a choimeád

1.  

Coimeádfaidh na hathbhreithneoirí seachtracha taifid leormhaithe díobh seo a leanas:

(a) 

céannacht na ndaoine atá rannpháirteach i gcinneadh agus i bhformheas na n-athbhreithnithe, agus an dáta a rinneadh na cinntí chun na hathbhreithnithe a fhormheas;

(b) 

an doiciméadacht maidir leis na nósanna imeachta agus na modheolaíochtaí bunaithe arna n-úsáid ag na hathbhreithneoirí seachtracha chun na hathbhreithnithe a dhéanamh agus a tharraingt suas;

(c) 

na doiciméid inmheánacha, lena n-áirítear faisnéis nach faisnéis phoiblí í agus páipéir oibre, a úsáidtear mar an bunús d’aon athbhreithniú foilsithe;

(d) 

taifid ar na nósanna imeachta agus na bearta a chuir na hathbhreithneoirí seachtracha chun feidhme chun an Rialachán seo a chomhlíonadh;

(e) 

cóipeanna de chumarsáidí inmheánacha agus seachtracha a bhaineann le gníomhaíochtaí measúnúcháin, lena n-áirítear cumarsáidí leictreonacha, a fuair an t-athbhreithneoir seachtrach agus a fhostaithe;

(f) 

an doiciméadacht ina bhfuil measúnuithe réamhchonarthacha dá dtagraítear in Airteagal 35(2).

2.  
Coimeádfar na taifid agus na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 go dtí go mbeidh 5 bliana ar a laghad caite tar éis aibíocht an bhanna lena mbaineann agus cuirfear ar fáil do ESMA iad arna iarraidh sin dó.
3.  
I gcás inar tharraing ESMA siar clárú an athbhreithneora sheachtraigh i gcomhréir le hAirteagal 59(1), áiritheoidh an t-athbhreithneoir seachtrach sin go gcoimeádfar na taifid agus na doiciméid ar feadh 5 bliana breise. Coimeádfar taifid agus doiciméid ina leagtar amach cearta agus oibleagáidí faoi seach an athbhreithneora sheachtraigh agus eisitheoir an Bhanna Ghlais Eorpaigh faoi chomhaontú chun seirbhísí measúnúcháin a sholáthar ar feadh thréimhse an chaidrimh leis an eisitheoir sin.

Airteagal 35

Coinbhleachtaí leasa agus rúndacht faisnéise

1.  

Déanfaidh athbhreithneoirí seachtracha aon choinbhleachtaí leasa iarbhír nó féideartha a bhaineann le haon cheann de na nithe seo a leanas a shainaithint, a dhíchur nó a bhainistiú, agus nochtfaidh siad ar bhealach trédhearcach iad ina n-athbhreithnithe:

(a) 

a n-anailísithe nó a bhfostaithe;

(b) 

na scairshealbhóirí ag a bhfuil 10 % de chaipiteal nó de chearta vótála na n-athbhreithneoirí seachtracha nó i gcuideachta a bhfuil sé de chumhacht aici rialú nó tionchar ceannasach a fheidhmiú ar na hathbhreithneoirí seachtracha;

(c) 

aon duine a bhfuil baint chonarthach aige leis na hathbhreithneoirí seachtracha agus a bhfuil baint dhíreach aige le gníomhaíochtaí measúnaithe;

(d) 

aon duine a bheidh ag formheas na n-athbhreithnithe.

2.  
Sula ndéanfar conradh le heisitheoir chun seirbhísí a sholáthar, déanfaidh an t-athbhreithneoir seachtrach measúnú réamhchonarthach i dtaobh an bhfuil coinbhleacht leasa iarbhír nó féideartha ann, agus déanfaidh sé an measúnú sin a dhoiciméadú. Déanfaidh an t-athbhreithneoir seachtrach an measúnú réamhchonarthach agus an doiciméadacht ghaolmhar a thabhairt cothrom le dáta nuair a thiocfaidh athrú ábhartha ar an riosca coinbhleachta leasa chun cinn tar éis an conradh a thabhairt i gcrích idir an t-athbhreithneoir seachtrach agus an t-eisitheoir.

Ní eiseoidh an t-athbhreithneoir seachtrach athbhreithniú i gcás ina sainaithnítear ann go bhfuil coinbhleacht leasa iarbhír ann agus nach bhfuil an t-athbhreithneoir seachtrach in ann bearta a chur chun feidhme chun an choinbhleacht leasa sin a dhíchur nó a bhainistiú.

3.  
Ní bheidh na táillí arna muirearú ag athbhreithneoirí seachtracha i gcomhair seirbhísí measúnúcháin ag brath ar thoradh na n-athbhreithnithe, ná ar aon toradh eile a gheofar maidir leis an obair a rinneadh.
4.  
Anailísithe, fostaithe an athbhreithneora sheachtraigh agus aon duine eile atá bainteach ar bhonn conarthach leis na hathbhreithneoirí seachtracha agus a bhfuil baint dhíreach acu leis na gníomhaíochtaí measúnúcháin, beidh siad faoi cheangal ag an oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil.
5.  

Áiritheoidh na hathbhreithneoirí seachtracha go ndéanfaidh a gcuid anailísithe agus a fostaithe nó aon duine nádúrtha eile a bhfuil baint acu ar bhonn conarthach leis na hathbhreithneoirí seachtracha agus atá bainteach go díreach le gníomhaíochtaí measúnúcháin an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

(a) 

na bearta réasúnacha ar fad a dhéanamh chun maoin agus taifid atá i seilbh an athbhreithneora sheachtraigh a chosaint ar chalaois, ar ghoid nó ar mhí-úsáid, agus aird á thabhairt ar chineál, scála agus castacht a ngnó agus ar chineál agus raon a ngníomhaíochtaí measúnúcháin;

(b) 

nach nochtfaidh siad aon fhaisnéis faoi athbhreithnithe, ná faoi athbhreithnithe a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo, d’aon pháirtithe seachas na heisitheoirí a d’iarr an measúnú ón athbhreithneoir seachtrach;

(c) 

nach n-úsáidfidh siad nó nach roinnfidh siad faisnéis rúnda chun aon chríche eile seachas na gníomhaíochtaí measúnúcháin.

Airteagal 36

Soláthar seirbhísí eile

Áiritheoidh na hathbhreithneoirí seachtracha a sholáthraíonn seirbhísí seachas gníomhaíochtaí measúnúcháin nach gcruthaíonn na seirbhísí eile sin coinbhleachtaí leasa lena ngníomhaíochtaí measúnúcháin a bhaineann le Bannaí Glasa Eorpacha. Nochtfaidh na hathbhreithneoirí seachtracha sin ina n-athbhreithnithe aon seirbhís eile a sholáthraítear don eintiteas ar a ndearadh measúnú nó d’aon tríú páirtí gaolmhar.

CAIBIDIL 3

Athbhreithnithe

Airteagal 37

Tagairtí do ESMA nó d’údaráis inniúla eile

Ina n-athbhreithnithe, ní dhéanfaidh athbhreithneoirí seachtracha tagairt do ESMA ná d’aon údarás inniúil ar bhealach a chuirfeadh in iúl nó a thabharfadh le fios go bhformhuiníonn nó go bhformheasann ESMA nó aon údarás inniúil an t-athbhreithniú sin nó aon ghníomhaíocht measúnúcháin de chuid an athbhreithneora sheachtraigh.

Airteagal 38

Athbhreithnithe a fhoilsiú

1.  

Foilseoidh athbhreithneoirí seachtracha iad seo a leanas agus cuirfidh siad ar fáil saor in aisce ar a suíomhanna gréasáin iad:

(a) 

laistigh de thréimhse réasúnach ama roimh eisiúint an bhanna lena mbaineann, na hathbhreithnithe réamheisiúna atá eisithe acu;

(b) 

gan mhoill tar éis don athbhreithneoir seachtrach an measúnú ar na tuarascálacha leithdháilte a chur i gcrích, na hathbhreithnithe iareisiúna atá eisithe acu;

(c) 

gan mhoill tar éis don athbhreithneoir seachtrach measúnú a dhéanamh ar na tuarascálacha tionchair, na hathbhreithnithe ar na tuarascálacha tionchair a d’eisigh siad.

2.  
Beidh na hathbhreithnithe ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin an athbhreithneora sheachtraigh go dtí aibíocht an bhanna lena mbaineann ar a laghad.
3.  
Soláthróidh na hathbhreithneoirí seachtracha a chinneann gan leanúint d’athbhreithniú a sholáthar faisnéis faoi na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin ar a suíomhanna gréasáin, gan mhoill tar éis an chinnidh sin.

Caibidil 4

Soláthar seirbhísí a dhéanann athbhreithneoirí seachtracha tríú tír

Airteagal 39

Forálacha ginearálta

1.  
Féadfaidh athbhreithneoir seachtrach tríú tír a sheirbhísí a sholáthar i gcomhréir leis an Rialachán seo d’eisitheoirí Bhannaí Glasa Eorpacha i gcás ina bhfuil an t-athbhreithneoir tríú tír sin cláraithe i gclár na n-athbhreithneoirí seachtracha tríú tír arna choimeád ag ESMA i gcomhréir le hAirteagal 67.
2.  

Ní chláróidh ESMA athbhreithneoir seachtrach tríú tír a rinne iarratas ar sheirbhísí athbhreithneora sheachtraigh a sholáthar i gcomhréir leis an Rialachán seo ar fud an Aontais i gcomhréir le mír 1 (‘an t-athbhreithneoir seachtrach iarrthach tríú tír’) ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

ghlac an Coimisiún cinneadh de bhun Airteagal 40;

(b) 

tá an t-athbhreithneoir seachtrach iarrthach tríú tír cláraithe nó údaraithe chun seirbhísí athbhreithnithe sheachtraigh a bheidh le soláthar san Aontas a sholáthar agus tá sé faoi réir maoirseacht agus forfheidhmiúchán éifeachtach lena n-áirithítear go gcomhlíontar go hiomlán na ceanglais is infheidhme sa tríú tír sin;

(c) 

tá socruithe comhair bunaithe de bhun Airteagal 40(3).

3.  
I gcás ina bhfuil athbhreithneoir seachtrach tríú tír cláraithe i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní dhéanfar aon cheanglais bhreise a fhorchur maidir leis an athbhreithneoir seachtrach tríú tír i leith nithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo.
4.  
Cuirfidh an t-athbhreithneoir seachtrach iarrthach tríú tír a iarratas faoi bhráid ESMA, trí úsáid a bhaint as na foirmeacha agus na teimpléid dá dtagraítear in Airteagal 23(7), tar éis don Choimisiún cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 40(1) a ghlacadh maidir leis an tríú tír ina bhfuil an t-athbhreithneoir seachtrach tríú tír sin cláraithe nó údaraithe.
5.  
Soláthróidh an t-athbhreithneoir seachtrach iarrthach an tríú tír an fhaisnéis uile is gá do ESMA chun é a chlárú.
6.  
Laistigh de 20 lá oibre ó iarratas a fháil, déanfaidh ESMA measúnú i dtaobh an bhfuil an t-iarratas iomlán.

Mura bhfuil an t-iarratas iomlán, tabharfaidh ESMA fógra faoin méid sin don athbhreithneoir seachtrach iarrthach tríú tír agus leagfaidh sé síos spriocdháta faoina mbeidh ar an athbhreithneoir seachtrach tríú tír faisnéis bhreise a sholáthar.

I gcás ina bhfuil an t-iarratas iomlán, tabharfaidh ESMA fógra faoin méid sin don athbhreithneoir seachtrach iarrthach tríú tír.

7.  
Laistigh de 45 lá oibre tar éis iarratas iomlán a fháil, tabharfaidh ESMA míniú lánréasúnaithe i scríbhinn don athbhreithneoir seachtrach iarrthach tríú tír i dtaobh ar deonaíodh nó ar diúltaíodh an clárú.

Féadfaidh ESMA síneadh 15 lá oibre a chur leis an tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an athbhreithneoir seachtrach iarrthach tríú tír seachfhoinsiú a úsáid chun a chuid gníomhaíochtaí mar athbhreithneoir seachtrach a dhéanamh.

8.  
Tabharfaidh ÚEUM fógra i scríbhinn don athbhreithneoir seachtrach iarrthach tríú tír faoi chlárú an athbhreithneora sheachtraigh tríú tír sin, nó faoin diúltú an t-athbhreithneoir seachtrach iarrthach tríú tír a chlárú. Le cinneadh den sórt sin clárú nó diúltú athbhreithneoir seachtrach iarrthach tríú tír a chlárú, tabharfar cúiseanna leis an gcinneadh sin agus gabhfaidh éifeacht leis an gcúigiú lá oibre tar éis a ghlactha.
9.  
Déanfaidh athbhreithneoirí seachtracha tríú tír, roimh dóibh aon seirbhís a sholáthar i ndáil le heisitheoirí Bannaí Glasa Eorpacha atá bunaithe san Aontas, tairiscint chun aon díospóid a bhaineann leis na seirbhísí sin a chur faoi bhráid dlínse cúirte Ballstáit nó binse eadrána ag a bhfuil suíochán i mBallstát.

Airteagal 40

Cinneadh coibhéise

1.  

Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh i ndáil le tríú tír ina luaitear go n-áirithítear le creataí dlíthiúla agus maoirseachta an tríú tír sin an méid seo a leanas:

(a) 

go gcomhlíonann athbhreithneoirí seachtracha atá cláraithe nó údaraithe sa tríú tír sin ceanglais eagraíochtúla agus iompair gnó atá ceangailteach ó thaobh dlí agus a bhfuil éifeacht choibhéiseach acu leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus sna bearta cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo;

(b) 

go bhforáiltear le creat dlíthiúil an tríú tír sin do chóras coibhéiseach éifeachtach chun aitheantas a thabhairt d’athbhreithneoirí seachtracha atá cláraithe nó údaraithe faoi dhlí an tríú tír sin.

2.  

Féadfaidh an Coimisiún a mheas go bhfuil éifeacht choibhéiseach ag creat eagraíochtúil agus iompair gnó tríú tír le ceanglais an Rialacháin seo más rud é, laistigh den chreat sin, go bhfuil eintitis a sholáthraíonn seirbhísí athbhreithnithe sheachtraigh faoi réir an mhéid seo a leanas:

(a) 

clárú nó údarú agus maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach ar bhonn leanúnach;

(b) 

ceanglais eagraíochtúla leormhaithe i réimse fheidhmeanna an rialaithe inmheánaigh;

(c) 

rialacha iomchuí maidir le gnó a sheoladh.

3.  

Bunóidh ESMA socruithe comhair leis na húdaráis inniúla ábhartha de chuid tríú tíortha a shainaithnítear go bhfuil a gcreataí dlí agus maoirseachta coibhéiseach go héifeachtach i gcomhréir le mír 1. Sonrófar leis na socruithe sin an méid seo a leanas:

(a) 

an sásra maidir leis an malartú faisnéise idir ESMA agus údaráis inniúla na dtríú tíortha lena mbaineann, lena n-áirítear rochtain ar an bhfaisnéis uile maidir leis na hathbhreithneoirí seachtracha tríú tír atá cláraithe nó údaraithe i dtríú tíortha arna iarraidh ag ESMA;

(b) 

an sásra chun fógra a thabhairt go pras do ESMA i gcás ina measfaidh údarás inniúil tríú tír go bhfuil athbhreithneoir seachtrach tríú tír atá faoi mhaoirsiú aige agus atá cláraithe ag ESMA sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 67 ag sárú coinníollacha a chlárúcháin nó a údaraithe nó an dlí is infheidhme;

(c) 

na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cigireachtaí ar an láthair.

4.  
Athbhreithneoir seachtrach tríú tír atá bunaithe i dtír inar sainaithníodh a chreat dlí agus maoirseachta mar cheann atá coibhéiseach go héifeachtach i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, agus atá cláraithe sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 67, beidh sé in ann na seirbhísí a chumhdaítear leis an gclárú d’eisitheoirí bannaí glasa Eorpacha a sholáthar ar fud an Aontais.
5.  
Ní bhainfidh athbhreithneoir seachtrach tríú tír úsáid níos mó as na cearta faoi Airteagal 39 i gcás ina ndéanann an Coimisiún a chinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir leis an tríú tír sin a chúlghairm.

Airteagal 41

Clárú athbhreithneora sheachtraigh tríú tír a tharraingt siar

1.  

Déanfaidh ESMA clárú an athbhreithneora sheachtraigh tríú tír a tharraingt siar tríd an athbhreithneoir seachtrach sin a bhaint den chlár dá dtagraítear in Airteagal 67 i gcás ina bhfuil cúiseanna a bhfuil bunús maith leo aige, bunaithe ar fhianaise dhoiciméadach, chun a chreidiúint, agus na seirbhísí faoin Rialachán seo á soláthar san Aontas ag an athbhreithneoir seachtrach tríú tír:

(a) 

go ngníomhaíonn sé ar dhóigh ar léir go ndéanfaidh sé dochar do leasanna infheisteoirí nó d’fheidhmiú ordúil margaí; nó

(b) 

gur sháraigh sé go tromchúiseach na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme ina leith sa tríú tír lena mbaineann agus ar ghlac an Coimisiún cinneadh de bhun Airteagal 40(1) ar a mbonn.

2.  

Déanfaidh ESMA cinneadh de bhun mhír 1 tar éis dí an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

an cheist a chur faoi bhráid údarás maoirseachta an tríú tír lena mbaineann agus nach ndearna an t-údarás maoirseachta sin na bearta is gá chun infheisteoirí agus feidhmiú ordúil na margaí san Aontas a chosaint nó gur mhainnigh sé a léiriú go gcomhlíonann an t-athbhreithneoir seachtrach tríú tír lena mbaineann na ceanglais is infheidhme maidir leis sa tríú tír sin; agus

(b) 

údarás maoirseachta an tríú tír lena mbaineann a chur ar an eolas go bhfuil sé beartaithe aige clárú an athbhreithneora sheachtraigh tríú tír a tharraingt siar 30 lá ar a laghad sular tarraingíodh siar é.

3.  
Cuirfidh ESMA an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi chinneadh arna dhéanamh de bhun mhír 1agus foilseoidh sé a chinneadh ar a shuíomh gréasáin.
4.  
I gcás ina dtarraingeofar siar clárú athbhreithneora sheachtraigh tríú tír, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an bhfuil na coinníollacha faoinar glacadh cinneadh de bhun Airteagal 40(1) fós ann i ndáil leis an tríú tír lena mbaineann.

Airteagal 42

Athbhreithneoir seachtrach tríú tír a aithint

1.  
Go dtí go nglacfar cinneadh de bhun Airteagal 40(1), féadfaidh athbhreithneoir seachtrach tríú tír a sheirbhísí a sholáthar i gcomhréir leis an Rialachán seo ar choinníoll go bhfaighidh an t-athbhreithneoir seachtrach tríú tír aitheantas ó ESMA i gcomhréir leis an Airteagal seo.
2.  
Athbhreithneoir seachtrach tríú tír a bhfuil sé beartaithe aige aitheantas a fháil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo (‘an t-athbhreithneoir seachtrach tríú tír a bhfuil aitheantas á lorg aige’) comhlíonfaidh sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 23 go 38 agus in Airteagail 54 go 56.
3.  

Beidh ionadaí dlíthiúil atá bunaithe san Aontas ag athbhreithneoir seachtrach tríú tír a bhfuil aitheantas á lorg aige. Déanfaidh an t-ionadaí dlíthiúil sin an méid seo a leanas:

(a) 

beidh sé nó sí freagrach, mar aon leis an athbhreithneoir seachtrach tríú tír a bhfuil aitheantas á lorg aige, as a áirithiú go gcomhlíonann an soláthar seirbhíse a dhéanann an t-athbhreithneoir seachtrach tríú tír a bhfuil aitheantas á lorg aige faoin Rialachán seo na ceanglais dá dtagraítear i mír 2 agus beidh sé nó sí i dtaca leis sin cuntasach do ESMA as iompar an athbhreithneora sheachtraigh tríú tír a bhfuil aitheantas á lorg aigesan Aontas;

(b) 

gníomhóidh sé nó sí thar ceann an athbhreithneora sheachtraigh tríú tír a a bhfuil aitheantas á lorg aige mar an príomhphointe teagmhála le ESMA agus aon duine eile san Aontas i dtaca le hoibleagáidí an athbhreithneora sheachtraigh faoin Rialachán seo; agus

(c) 

beidh eolas leordhóthanach, saineolas leordhóthanach agus acmhainní leordhóthanacha aige nó aici chun a oibleagáidí nó a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoin mír seo.

4.  
San iarratas ar aitheantas ó ESMA dá dtagraítear i mír 1 beidh an fhaisnéis uile is gá chun a dheimhniú do ESMA gur chuir an t-athbhreithneoir seachtrach tríú tír a bhfuil aitheantas á lorg aige gach ceann de na socruithe is gá chun feidhme chun na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a chomhlíonadh agus tabharfar le fios, i gcás inarb infheidhme, cén t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an athbhreithneoir seachtrach tríú tír bhfuil aitheantas á lorg aige sa tríú tír.
5.  
Laistigh de 30 lá oibre ó iarratas ar aitheantas a fháil, déanfaidh ESMA measúnú i dtaobh an bhfuil an t-iarratas ar aitheantas iomlán.

I gcás nach bhfuil an t -iarratas iomlán, tabharfaidh ESMA fógra faoin méid sin don athbhreithneoir seachtrach tríú tír a bhfuil aitheantas á lorg aige agus leagfaidh sé síos spriocdháta faoina mbeidh ar an athbhreithneoir seachtrach tríú tír a bhfuil aitheantas á lorg aige faisnéis bhreise a sholáthar.

I gcás ina bhfuil an t -iarratas iomlán, tabharfaidh ESMA fógra faoin méid sin don athbhreithneoir seachtrach tríú tír a bhfuil aitheantas á lorg aige.

6.  
Laistigh de 45 lá oibre ó iarratas ar aitheantas iomlán a fháil, fíoróidh ESMA gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos i míreanna 2 agus 3.

Féadfaidh ESMA síneadh 15 lá oibre a chur leis an tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an athbhreithneoir seachtrach tríú tír a bhfuil aitheantas á lorg aige gníomhaíochtaí athbhreithnithe seachtracha áirithe a sheachfhoinsiú.

7.  
Tabharfaidh ESMA fógra i scríbhinn don athbhreithneoir seachtrach tríú tír a bhfuil aitheantas á lorg aige faoina chinneadh aitheantas mar athbhreithneoir seachtrach tríú tír a thabhairt don athbhreithneoir seachtrach tríú tír a bhfuil aitheantas á lorg aige nó maidir lena dhiúltú aitheantas a thabhairt dó. Soláthrófar cúiseanna sa chinneadh aitheantas a thabhairt d’athbhreithneoir seachtrach tríú tír a bhfuil aitheantas á lorg aige nó diúltú aitheantas a thabhairt dó agus gabhfaidh éifeacht leis an gcinneadh ar an gcúigiú lá oibre tar éis a ghlactha.
8.  
Cuirfidh ESMA ar fionraí nó, i gcás inarb iomchuí, tarraingeoidh sé siar an t-aitheantas arna dheonú i gcomhréir le mír 7 i gcás ina bhfuil cúiseanna a bhfuil bunús maith leo aige, bunaithe ar fhianaise dhoiciméadach, a mheas go bhfuil an t-athbhreithneoir seachtrach tríú tír ag gníomhú ar bhealach atá dochrach do leasanna úsáideoirí a chuid seirbhísí nó d’fheidhmiú ordúil margaí nó gur sháraigh go tromchúiseach an Rialachán seo, nó go ndearna an t-athbhreithneoir seachtrach tríú tír ráitis bhréagacha nó gur úsáid sé aon mhodh eile neamhrialta chun aitheantas a fháil.
9.  
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an fhaisnéis agus foirm agus inneachar an iarratais dá dtagraítear i mír 4.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Nollaig 2025.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 43

Formhuiniú seirbhísí a sholáthraítear i dtríú tír faoin Rialachán seo

1.  

Féadfaidh athbhreithneoir seachtrach atá bunaithe san Aontas agus atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 23 iarratas a dhéanamh chuig ESMA chun formhuiniú ar na seirbhísí a sholáthraíonn athbhreithneoir seachtrach tríú tír ar bhonn leanúnach san Aontas a údarú, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

d’fhíoraigh an t-athbhreithneoir seachtrach agus tá sé in ann a léiriú do ESMA go leanúnach go gcomhlíonann an soláthar seirbhísí faoin Rialachán seo a dhéanann an t-athbhreithneoir seachtrach tríú tír ceanglais atá chomh dian céanna ar a laghad leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo;

(b) 

tá an saineolas is gá ag an athbhreithneoir seachtrach chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar an ngníomhaíocht maidir leis an soláthar a dhéanann an t-athbhreithneoir seachtrach tríú tír sin ar sheirbhísí faoin Rialachán seo agus chun na rioscaí gaolmhara a bhainistiú;

(c) 

úsáidtear seirbhísí an athbhreithneora sheachtraigh tríú tír ar aon cheann de na cúiseanna oibiachtúla seo a leanas:

(i) 

sonraíochtaí na margaí nó na n-infheistíochtaí foluiteacha;

(ii) 

gaireacht an athbhreithneora sheachtraigh tríú tír do mhargaí tríú tír, d’eisitheoirí tríú tír nó d’infheisteoirí tríú tír;

(iii) 

saineolas an athbhreithneora sheachtraigh tríú tír chun seirbhísí an athbhreithnithe sheachtraigh a sholáthar nó i margaí nó in infheistíochtaí sonracha.

2.  
Soláthróidh athbhreithneoir seachtrach a chuireann isteach iarratas dá dtagraítear i mír 1 (‘an t-athbhreithneoir seachtrach formhuiniúcháin’) an fhaisnéis uile atá riachtanach chun a dheimhniú do ESMA go bhfuil na coinníollacha uile dá dtagraítear sa mhír sin comhlíonta tráth an iarratais.
3.  
Déanfaidh ESMA measúnú i dtaobh an bhfuil an t-iarratas dá dtagraítear i mír 1 iomlán laistigh de 20 lá oibre ón uair a gheobhaidh sé an t-iarratas.

I gcás nach bhfuil an t-iarratas iomlán, tabharfaidh ESMA fógra dá réir sin don athbhreithneoir seachtrach formhuiniúcháin agus leagfaidh sé síos spriocdháta faoina mbeidh ar an athbhreithneoir seachtrach formhuiniúcháin faisnéis bhreise a sholáthar.

I gcás ina bhfuil an t-iarratas iomlán, tabharfaidh ESMA fógra dá réir sin don athbhreithneoir seachtrach formhuiniúcháin.

Laistigh de 45 lá oibre ón iarratas iomlán a fháil, scrúdóidh ESMA an t-iarratas agus glacfaidh sé cinneadh chun an formhuiniú a údarú nó a dhiúltú. Tabharfaidh ESMA fógra don athbhreithneoir seachtrach formhuiniúcháin faoina chinneadh. Cuirfear cúiseanna ar fáil sa chinneadh agus gabhfaidh éifeacht leis ar an gcúigiú lá oibre tar éis a ghlactha.

4.  
Measfar seirbhísí a sholáthróidh athbhreithneoir seachtrach tríú tír ar formhuiníodh a chuid seirbhísí faoin Rialachán seo a bheith ina seirbhísí arna soláthar ag an athbhreithneoir seachtrach formhuiniúcháin. Ní bhainfidh an t-athbhreithneoir seachtrach formhuiniúcháin úsáid as an bhformhuiniú ar shlí go mbeadh sé ar intinn aige ceanglais an Rialacháin seo a sheachaint.
5.  
Leanfaidh an t-athbhreithneoir seachtrach formhuiniúcháin de bheith lánfhreagrach as na seirbhísí arna soláthar faoin Rialachán seo ag an athbhreithneoir seachtrach tríú tír ar formhuiníodh a chuid seirbhísí agus as comhlíonadh an Rialacháin seo.
6.  
I gcás ina bhfuil cúiseanna a bhfuil bunús maith leo ag ESMA a mheas nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh a thuilleadh, beidh an chumhacht aige a cheangal ar an athbhreithneoir seachtrach formhuiniúcháin scor den fhormhuiniú.
7.  
Foilseoidh an t-athbhreithneoir seachtrach formhuiniúcháin an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 38 ar a shuíomh gréasáin.
8.  
Tuairisceoidh an t-athbhreithneoir seachtrach formhuiniúcháin chuig ESMA gach bliain maidir leis na seirbhísí a d’fhormhuinigh sé le linn an 12 mhí roimhe sin.

TEIDEAL V

MAOIRSEACHT ARNA DÉANAMH AG ÚDARÁIS INNIÚLA AGUS AG ESMA

CAIBIDIL 1

Údaráis inniúla

Airteagal 44

Maoirseacht arna déanamh ag údaráis inniúla

1.  

Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile arna ainmniú de bhun Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2017/1129 maoirseacht ar an méid seo a leanas:

(a) 

eisitheoirí Bannaí Glasa Eorpacha maidir lena n-oibleagáidí faoi Theideal II, Caibidil 2, agus faoi Airteagail 18 agus 19 a chomhlíonadh;

(b) 

eisitheoirí a úsáideann na teimpléid choiteanna dá bhforáiltear in Airteagal 21 maidir le comhlíonadh na dteimpléad sin.

2.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Rialachán (AE) 2017/2402 maoirseacht ar chomhlíonadh a n-oibleagáidí ag tionscnóirí faoi Theideal II, Caibidil 2, agus faoi Airteagail 18 agus 19 den Rialachán seo.
3.  
De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, ní dhéanfaidh údaráis inniúla maoirseacht ar eisitheoirí Bannaí Glasa Eorpacha a chumhdaítear le hAirteagal 1(2), pointí (b) agus (d), de Rialachán (AE) 2017/1129.

Airteagal 45

Cumhachtaí na n-údarás inniúil

1.  

Ar mhaithe lena ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe seo a leanas ar a laghad ag údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:

(a) 

ceangal a chur ar eisitheoirí bileoga fíricí maidir le bannaí Glasa Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 10 a fhoilsiú nó an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a áireamh sna bileoga fíricí sin;

(b) 

a cheangal ar eisitheoirí athbhreithnithe agus measúnuithe a fhoilsiú;

(c) 

a cheangal ar eisitheoirí tuarascálacha leithdháilte bliantúla a fhoilsiú nó an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a áireamh i dtuarascálacha leithdháilte bliantúla;

(d) 

a cheangal ar eisitheoirí tuarascáil tionchair a fhoilsiú nó an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a áireamh sa tuarascáil tionchair;

(e) 

ceangal a chur ar eisitheoirí fógra a thabhairt don údarás inniúil faoin bhfoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 15(4);

(f) 

i gcás ina n-úsáideann eisitheoirí na teimpléid choiteanna dá bhforáiltear in Airteagal 21, ceangal a chur ar na heisitheoirí sin na heilimintí dá dtagraítear iontu a áireamh ina nochtaí iareisiúna tréimhsiúla;

(g) 

a cheangal ar iniúchóirí agus ar lucht bainistíochta sinsearaí an eisitheora faisnéis ábhartha agus doiciméid ábhartha a sholáthar;

(h) 

tairiscint bannaí Glasa Eorpacha nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte a chur ar fionraí go ceann tréimhse nach faide ná 10 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann gur mhainnigh an t-eisitheoir oibleagáid de bhun Theideal II, Caibidil 2, nó Airteagail 18 nó 19 a chomhlíonadh;

(i) 

toirmeasc a chur ar thairiscint Bannaí Glasa Eorpacha nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann go bhfuil an t-eisitheoir fós ag mainneachtain oibleagáid de bhun Theideal II, Caibidil 2, nó Airteagail 18 nó 19 a chomhlíonadh;

(j) 

fógraí a chur ar fionraí ar feadh 10 lá oibre as a chéile ar a mhéad, nó ceangal a chur ar eisitheoirí Bannaí Glasa Eorpacha nó idirghabhálaithe airgeadais lena mbaineann fógraí a chur ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná 10 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann gur mhainnigh an t-eisitheoir oibleagáid de bhun Theideal II, Caibidil 2, nó Airteagal 18 nó Airteagal 19 a chomhlíonadh;

(k) 

fógraí a thoirmeasc, nó ceangal a chur ar eisitheoirí Bannaí Glasa Eorpacha nó idirghabhálaithe airgeadais lena mbaineann scor d’fhógraí i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann go bhfuil an t-eisitheoir fós ag mainneachtain oibleagáid de bhun Theideal II, Caibidil 2, nó Airteagal 18 nó Airteagal 19 a chomhlíonadh;

(l) 

a phoibliú nach gcomhlíonann eisitheoir Bannaí Glasa Eorpacha an Rialachán seo, agus ceangal a chur ar an eisitheoir sin an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin;

(m) 

toirmeasc a chur ar eisitheoir Bannaí Glasa Eorpacha a eisiúint ar feadh tréimhse ama nach faide ná bliain amháin i gcás ina ndearna eisitheoir sárú tromchúiseach arís agus arís eile ar Theideal II, Caibidil 2, nó ar Airteagal 18 nó 19;

(n) 

tar éis tréimhse 3 mhí tar éis an cheanglais dá dtagraítear i bpointe (l) den fhomhír seo, an fíoras nach gcomhlíonann an t-eisitheoir Bannaí Glasa Eorpacha Airteagal 3 a mhéid a bhaineann le húsáid an ainmnithe ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ a phoibliú, agus ceangal a chur ar an eisitheoir sin an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin;

(o) 

cigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair a dhéanamh ar láithreacha seachas áiteanna cónaithe príobháideacha daoine nádúrtha, agus chun na críche sin, dul isteach in aon áitreabh chun doiciméid agus sonraí eile in aon fhormáid a rochtain, i gcás ina bhfuil drochamhras réasúnta ann go mbeidh doiciméid agus sonraí eile a bhaineann le hábhar na cigireachta nó an imscrúdaithe ábhartha chun sárú ar an Rialachán seo a chruthú.

I gcás inar gá faoin dlí náisiúnta, féadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh ar an údarás breithiúnach ábhartha cinneadh a dhéanamh maidir le húsáid na gcumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.  

Feidhmeoidh na húdaráis inniúla a bhfeidhmeanna agus a gcumhachtaí dá dtagraítear i mír 1 ar aon cheann de na bealaí seo leanas:

(a) 

go díreach;

(b) 

i gcomhar le húdaráis eile;

(c) 

faoina bhfreagracht trí tharmligean chuig na húdaráis dá dtagraítear i bpointe (b);

(d) 

trí iarratas a dhéanamh chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.

3.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha ar fad is gá ag údaráis inniúla chun a ndualgas a chomhlíonadh.
4.  
Duine a chuireann faisnéis ar fáil d’údarás inniúil de bhun an Rialacháin seo, ní mheasfar go bhfuil sé ag sárú aon srian maidir le nochtadh faisnéise a fhorchuirtear le haon chonradh nó le haon fhoráil, reachtach, rialála nó riaracháin, agus ní bheidh an duine sin faoi réir dliteanas d’aon chineál maidir leis an bhfaisnéis sin a chur ar fáil d’údarás inniúil.

Airteagal 46

Comhar idir na húdaráis inniúla

1.  
Comhoibreoidh na húdaráis inniúla chun críocha an Rialacháin seo. Déanfaidh siad faisnéis a mhalartú gan moill mhíchuí agus comhoibreoidh siad ó thaobh imscrúdaithe, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin de.

I gcás na mBallstát a chinn, i gcomhréir le hAirteagal 49(5), pionóis choiriúla a leagan síos as sáruithe ar an Rialachán seo, áiritheoidh siad go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí uile is gá ag na húdaráis inniúla chun idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis bhreithiúnacha laistigh dá ndlínse chun faisnéis shonrach a fháil maidir le himscrúduithe coiriúla nó imeachtaí dlíthiúla arna dtionscnamh de dheasca sáruithe líomhnaithe ar an Rialachán seo agus chun an fhaisnéis chéanna a sholáthar d’údaráis inniúla eile chun a ndualgas a chomhlíonadh maidir le comhoibriú lena chéile chun críocha an Rialacháin seo.

2.  

Féadfaidh údarás inniúil diúltú gníomhú de bhun iarraidh ar fhaisnéis nó de bhun iarraidh comhoibriú le himscrúdú, in aon cheann de na himthosca eisceachtúla seo a leanas agus sna himthosca sin amháin:

(a) 

i gcás inar dócha go mbeidh éifeacht dhiúltach ann ar a imscrúdú, ar a ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin féin nó ar imscrúdú coiriúil má chomhlíontar an iarraidh;

(b) 

i gcás inar tionscnaíodh imeachtaí dlíthiúla cheana i leith na ngníomhaíochtaí céanna agus i gcoinne na ndaoine céanna os comhair údaráis ábhartha Bhallstát an údaráis inniúil sin;

(c) 

i gcás inar tugadh breithiúnas críochnaitheach cheana i leith na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (b), maidir leis na gníomhaíochtaí céanna i mBallstát an údaráis inniúil sin.

3.  
Féadfaidh údaráis inniúla cúnamh a iarraidh ar údarás inniúla de chuid Ballstát eile maidir le cigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair.

I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil de chuid Ballstáit eile cigireacht nó imscrúdú ar an láthair a dhéanamh, féadfaidh sé aon cheann de na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

an chigireacht nó an t-imscrúdú ar an láthair a dhéanamh é féin;

(b) 

cead a thabhairt don údarás inniúil a chuir an iarraidh isteach páirt a ghlacadh sa chigireacht nó san imscrúdú ar an láthair;

(c) 

cead a thabhairt don údarás inniúil a chuir an iarraidh isteach an chigireacht nó an t-imscrúdú ar an láthair a dhéanamh é féin;

(d) 

iniúchóirí nó saineolaithe a cheapadh chun an chigireacht nó an t-imscrúdú ar an láthair a dhéanamh;

(e) 

cúraimí ar leith a bhaineann le gníomhaíochtaí maoirseachta a roinnt leis na húdaráis inniúla eile.

4.  
I gcás banna urrúsúcháin, i gcás ina gcinneann údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 44(2), nó ina bhfuil cúis aige lena chreidiúint, nár comhlíonadh ceanglas faoi Theideal II, Caibidil 2, nó faoi Airteagal 18 nó faoi Airteagal 19, cuirfidh sé údarás inniúil Bhallstát an eintitis nó na n-eintiteas a bhfuil drochamhras ann faoi neamhchomhlíonadh den sórt sin maidir lena thorthaí ar an eolas ar bhealach atá mionsonraithe go leor. Tar éis dó an fhaisnéis sin a fháil, déanfaidh údarás inniúil Bhallstát an eintitis a bhfuil drochamhras ann faoina neamhchomhlíonadh, laistigh de 15 lá oibre, aon ghníomhaíocht is gá chun aghaidh a thabhairt ar an neamhchomhlíonadh a sainaithníodh agus tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil eile lena mbaineann. I gcás ina n-easaontaíonn údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 44(2) le húdarás inniúil eile i ndáil leis an nós imeachta nó lena ghníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht, cuirfidh sé sin in iúl do na húdaráis inniúla eile ar fad atá bainteach, gan aon mhoill mhíchuí.
5.  
Féadfaidh na húdaráis inniúla aird ESMA a tharraingt ar an ábhar i gcás inar diúltaíodh d’iarraidh ar chomhar, go háirithe maidir le malartú faisnéise, nó murar gníomhaíodh de bhun na hiarrata sin laistigh de thréimhse réasúnach ama. Gan dochar d’Airteagal 258 CFAE, féadfaidh ESMA, i gcásanna den sórt sin, gníomhú i gcomhréir leis an gcumhacht a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
6.  
Féadfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis atá le malartú i gcomhréir le mír 1 a shonrú.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

7.  
Féadfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun na foirmeacha caighdeánacha, na teimpléid chaighdeánacha agus na nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú chun críocha an chomhair agus an mhalartaithe faisnéise dá dtagraítear i mír 1.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 47

Rúndacht ghairmiúil

1.  
Maidir leis an bhfaisnéis uile a dhéantar a mhalartú idir na húdaráis inniúla faoin Rialachán seo agus a bhaineann le dálaí gnó nó oibríochtúla agus le gnóthaí pearsanta nó eacnamaíocha eile, beidh sí rúnda agus cuirfear í faoi réir rúndacht ghairmiúil, ach amháin i gcás ina sonraíonn an t-údarás inniúil tráth a mhalartaíonn sé faisnéis den sórt sin le húdarás inniúil eile, go bhféadfar an fhaisnéis sin a nochtadh nó i gcás ina bhfuil an nochtadh sin riachtanach le haghaidh imeachtaí dlíthiúla.
2.  
Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir le gach duine a oibríonn nó a d’oibrigh don údarás inniúil nó d’aon tríú páirtí a ndearna an t-údarás inniúil a chumhachtaí a tharmligean chuige. Ní dhéanfar faisnéis atá faoi réir rúndacht ghairmiúil a nochtadh d’aon duine eile ná d’aon údarás eile ach amháin de bhua dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta.

Airteagal 48

Bearta réamhchúraim

1.  
Údarás inniúil de chuid an Bhallstáit óstaigh a bhfuil forais shoiléire agus inléirithe aige lena chreidiúint go bhfuil neamhrialtachtaí déanta ag eisitheoir Banna Ghlais Eorpaigh nó gur sháraigh an t-eisitheoir sin an Rialachán seo, tarchuirfidh sé na torthaí sin chuig údarás inniúil an Bhallstáit baile agus chuig ESMA.
2.  
Más rud é, d’ainneoin na mbeart arna ndéanamh ag údarás inniúil an Bhallstáit baile, gur lean eisitheoir Banna Ghlais Eorpaigh de bheith ag sárú an Rialacháin seo, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh, tar éis dó údarás inniúil an Bhallstáit baile agus ESMA a chur ar an eolas, gach beart iomchuí chun infheisteoirí a chosaint agus cuirfidh sé an Coimisiún agus ESMA ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí.
3.  
Féadfaidh údarás inniúil a easaontaíonn le haon cheann de na bearta arna ndéanamh ag údarás inniúil eile de bhun mhír 2 aird ESMA a tharraingt ar an gceist. Féadfaidh ESMA gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 49

Pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile

1.  

Gan dochar do chumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha údarás inniúil de bhun Airteagal 45 agus do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le pionóis choiriúla agus iad a fhorchur, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a fhoráil go dtabharfar de chumhacht d’údaráis inniúla pionóis riaracháin a fhorchur agus bearta riaracháin iomchuí eile a dhéanamh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Beidh feidhm ag na pionóis riaracháin agus ag na bearta riaracháin eile sin maidir leo seo a leanas:

(a) 

sáruithe eisitheoirí ar a n-oibleagáidí faoi Theideal II, Caibidil 2, nó faoi Airteagal 18, Airteagal 19 nó Airteagal 21;

(b) 

mainneachtain comhoibriú le himscrúdú, le cigireacht nó le ceanglas a chumhdaítear le hAirteagal 45(1) nó mainneachtain iad a chomhlíonadh.

2.  
Féadfaidh Ballstáit a chinneadh gan rialacha a leagan síos maidir le cumhacht údarás inniúil pionóis riaracháin a fhorchur agus bearta riaracháin iomchuí eile a dhéanamh dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina bhfuil na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den mhír sin faoi réir pionóis choiriúla cheana féin ina ndlí náisiúnta faoin 21 Nollaig 2024. I gcás ina gcinneann siad amhlaidh, tabharfaidh na Ballstáit fógra mionsonraithe don Choimisiún agus do ESMA i dtaobh na gcodanna ábhartha dá ndlí coiriúil.
3.  
Faoin 21 Nollaig 2024, tabharfaidh na Ballstáit fógra mionsonraithe don Choimisiún agus do ESMA maidir leis na rialacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus ESMA gan mhoill faoi aon leasú air sin ina dhiaidh sin.
4.  

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla na pionóis riaracháin seo a leanas ar a laghad agus bearta riaracháin eile a fhorchur i ndáil leis na sáruithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (a):

(a) 

ráiteas poiblí, ina léirítear an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú agus cineál an tsáraithe i gcomhréir le hAirteagal 45(1), pointe (1);

(b) 

ordú lena gceanglaítear ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú scor den iompar ar sárú é;

(c) 

ordú lena gcuirtear toirmeasc ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú Bannaí Glasa Eorpacha a eisiúint ar feadh tréimhse ama nach faide ná aon bhliain amháin;

(d) 

fíneálacha riaracháin uasta de dhá oiread mhéid na mbrabús arna ngnóthú nó mhéid na gcaillteanas arna seachaint de dheasca an tsáraithe, ar a laghad, i gcás inar féidir na nithe sin a chinneadh;

(e) 

i gcás duine dlítheanach, fíneálacha riaracháin uasta dar luach EUR 500 000 ar a laghad nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 20 Nollaig 2023, nó 0.5 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na ráiteas airgeadais is déanaí atá ar fáil agus arna bhformheas ag an comhlacht bainistíochta;

(f) 

i gcás duine nádúrtha, fíneálacha riaracháin uasta dar luach EUR 50 000 ar a laghad nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 20 Nollaig 2023.

Chun críocha phointe na chéad fhomhíre, pointe (e), i gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid máthairghnóthais an duine dlítheanach ar a bhfuil sé de cheangal ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE, is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme i réimse na cuntasaíochta de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil a d’fhormheas comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh.

5.  
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do phionóis bhreise nó do bhearta breise agus d’fhíneálacha riaracháin a bheadh ar leibhéil níos airde ná iad sin dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

Airteagal 50

Cumhachtaí maoirseachta agus cumhachtaí forchurtha pionós a fheidhmiú

1.  

Agus cineál agus leibhéal na bpionós riaracháin agus na mbeart riaracháin eile á sainiú acu, cuirfidh na húdaráis inniúla na cúinsí ábhartha go léir san áireamh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na nithe seo a leanas:

(a) 

tromchúis agus fad an tsáraithe;

(b) 

leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;

(c) 

láidreacht airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, arna léiriú le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó le hioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach;

(d) 

an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí;

(e) 

tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh nó na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as an sárú nó na caillteanais do thríú páirtithe arb é an sárú is cúis leo, a mhéid is féidir iad a chinneadh;

(f) 

a mhéid atá an duine atá freagrach as an sárú ag comhoibriú leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin, nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé, a áirithiú;

(g) 

sáruithe arna ndéanamh roimhe sin ar an Rialachán seo ag an duine atá freagrach as an sárú;

(h) 

aon bhearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú chun athdhéanamh an tsáraithe a chosc.

2.  
Agus a gcuid cumhachtaí á bhfeidhmiú acu i dtaca le pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchur faoi Airteagal 49, gníomhóidh údaráis inniúla i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú gurb éifeachtach agus iomchuí a bheidh feidhmiú a gcumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha, agus na pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchuirfidh siad. Comhordóidh siad a ngníomhaíocht chun dúbláil agus forluí a sheachaint le linn dóibh a gcumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha a fheidhmiú agus le linn dóibh pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchur i leith cásanna trasteorann.

Airteagal 51

Ceart achomhairc

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cinntí a dhéanfar faoin Rialachán seo cuí-réasúnaithe agus go mbeidh siad faoi réir ceart achomhairc os comhair cúirte.

Airteagal 52

Cinntí a fhoilsiú

1.  
Déanfaidh údaráis inniúla cinneadh lena bhforchuirtear pionós riaracháin nó beart riaracháin eile as sárú ar an Rialachán seo a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin oifigiúla díreach tar éis don fhógra faoin gcinneadh sin a bheith tugtha don duine is ábhar don chinneadh sin. Áireofar faisnéis san fhoilsiú sin maidir le saghas agus cineál an tsáraithe, mar aon le céannacht na ndaoine atá freagrach. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le cinntí lena bhforchuirtear bearta de chineál imscrúdaitheach.
2.  

Nuair a mheasann an t-údarás inniúil gur míréireach é foilsiú chéannacht na ndaoine dlítheanacha, nó foilsiú céannachta nó sonraí pearsanta daoine nádúrtha, tar éis measúnú cás ar chás a dhéanamh ar chomhréireacht fhoilsiú na sonraí sin, nó nuair a chuirfeadh foilsiú den sórt sin cobhsaíocht margaí airgeadais nó aon imscrúdú atá ar siúl ag an am sin i mbaol, déanfaidh na húdaráis inniúla ceann amháin de na nithe seo a leanas:

(a) 

foilsiú an chinnidh chun pionós riaracháin nó beart riaracháin eile a fhorchur a chur siar go dtí an tráth a scoirfidh cúiseanna a neamhfhoilsithe de bheith ann;

(b) 

an cinneadh a fhoilsiú chun pionós riaracháin nó beart riaracháin eile a fhorchur ar bhonn anaithnid ar bhealach a bheidh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás ina n-áirithítear, leis an bhfoilsiú sin gan ainm, cosaint éifeachtach na sonraí pearsanta lena mbaineann;

(c) 

gan an cinneadh maidir le pionós riaracháin nó beart riaracháin eile a fhorchur a fhoilsiú i gcás ina meastar nach leor iad na roghanna dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b) chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(i) 

nach gcuirfí cobhsaíocht margaí airgeadais i mbaol; nó

(ii) 

comhréireacht i dtaca le cinneadh mar sin a fhoilsiú ag féachaint do bhearta a meastar gur mionbhearta iad.

Má dhéantar cinneadh pionós riaracháin nó beart riaracháin eile a fhoilsiú ar bhonn anaithnid, dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, féadfar foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar go ceann tréimhse réasúnach i gcás ina dtuartar go mbeidh deireadh laistigh den tréimhse sin leis na cúiseanna a bheidh ann don fhoilsiú sin gan ainm.

3.  
I gcás ina bhfuil an cinneadh pionós riaracháin nó beart riaracháin eile a fhorchur faoi achomharc os comhair na cúirte nó an chomhlachta riaracháin ábhartha, déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 44(1) agus (2) an fhaisnéis sin, agus aon fhaisnéis eile maidir leis an toradh ar an achomharc sin, a fhoilsiú láithreach, ar a shuíomh gréasáin oifigiúil. Thairis sin, foilseofar freisin aon chinneadh lena gcuirtear cinneadh roimhe sin chun pionós riaracháin nó beart riaracháin eile a fhorchur ar neamhní.
4.  
Áiritheoidh na húdaráis inniúla go bhfanfaidh aon fhoilseachán i gcomhréir leis an Airteagal seo ar a suíomh gréasáin oifigiúil go ceann tréimhse 5 bliana ar a laghad i ndiaidh a fhoilsithe. Cuirfear teorainn le sonraí pearsanta atá san fhoilseachán, chun nach gcuimseofar ach sonraí pearsanta a bhfuil gá leo chun críoch an cháis ar leith, agus ní choimeádfar ar shuíomh gréasáin oifigiúil an údaráis inniúil iad ach don tréimhse atá riachtanach i gcomhréir leis na rialacha infheidhme um chosaint sonraí.

Airteagal 53

Tuairisciú ar phionóis riaracháin agus ar bhearta riaracháin eile do ESMA

1.  
Tabharfaidh údaráis inniúla, ar bhonn bliantúil, faisnéis chomhiomlán do ESMA maidir leis na pionóis riaracháin go léir nó na bearta riaracháin eile go léir a forchuireadh i gcomhréir le hAirteagal 49. Foilseoidh ESMA an fhaisnéis sin i dtuarascáil bhliantúil.
2.  
I gcás inar roghnaigh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 49(5), pionóis choiriúla a leagan síos i leith sáruithe ar na forálacha dá dtagraítear ann, déanfaidh a n-údaráis inniúla sonraí anaithnidithe comhiomlánaithe a sholáthar do ESMA, ar bhonn bliantúil, maidir leis na himscrúduithe coiriúla uile a rinneadh agus na pionóis choiriúla uile a forchuireadh. Déanfaidh ESMA sonraí i dtaobh pionóis choiriúla arna bhforchur a fhoilsiú i dtuarascáil bhliantúil.
3.  
Déanfaidh údarás inniúil a nocht pionóis riaracháin, bearta riaracháin eile nó pionóis choiriúla don phobal na pionóis nó na bearta sin a thuairisciú do ESMA an tráth céanna.
4.  
Cuirfidh na húdaráis inniúla ESMA ar an eolas maidir le gach pionós riaracháin nó beart riaracháin eile a forchuireadh ach nár foilsíodh i gcomhréir le hAirteagal 52(2), an chéad fhomhír, pointe (c), lena n-áirítear aon achomharc ina leith agus an toradh a bhí air. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na húdaráis inniúla faisnéis agus an breithiúnas críochnaitheach i ndáil le haon phionós coiriúil arna fhorchur agus go gcuirfear an méid sin faoi bhráid ESMA. Coinneoidh ESMA bunachar sonraí lárnach de na pionóis a chuirtear in iúl dó chun faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla agus chun na críche sin amháin. Is ag na húdaráis inniúla amháin a bheidh rochtain ar an mbunachar sonraí sin agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn na húdaráis inniúla.

CAIBIDIL 2

ESMA

Airteagal 54

Iarrataí ar fhaisnéis

1.  

Féadfaidh ESMA, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, é a chur de cheangal ar na daoine seo a leanas an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun a dhualgais faoin Rialachán seo a chur i gcrích:

(a) 

daoine a sheolann gnó an athbhreithneora sheachtraigh go héifeachtach;

(b) 

comhaltaí de chomhlachtaí maoirseachta, bainistíochta nó riaracháin an athbhreithneora sheachtraigh;

(c) 

comhaltaí de lucht bainistíochta sinsearaí an athbhreithneora sheachtraigh;

(d) 

aon duine a bhfuil baint dhíreach aige nó aici le gníomhaíochtaí measúnúcháin an athbhreithneora sheachtraigh;

(e) 

ionadaithe dlíthiúla agus fostaithe eintiteas a ndearna athbhreithneoir seachtrach feidhmeanna áirithe a sheachfhoinsiú chucu i gcomhréir le hAirteagal 33;

(f) 

daoine atá bainteach nó nasctha go dlúth agus go substaintiúil ar shlí eile leis an bpróiseas maidir leis an athbhreithneoir seachtrach a bhainistiú, lena n-áirítear scairshealbhóirí ag a bhfuil 10 % ar a laghad de chaipiteal nó de chearta vótála an athbhreithneora sheachtraigh nó i gcuideachta a bhfuil sé de chumhacht aici rialú nó tionchar ceannasach a fheidhmiú ar an athbhreithneoir seachtrach;

(g) 

aon duine a ghníomhaíonn mar athbhreithneoir seachtrach, nó a mhaíonn gur athbhreithneoir seachtrach é, gan bheith cláraithe mar athbhreithneoir seachtrach, agus aon duine a dhéanann aon cheann de na feidhmeanna dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) thar ceann duine den sórt sin.

2.  

Nuair atá iarraidh shimplí ar fhaisnéis á seoladh faoi mhír 1, déanfaidh ESMA an méid seo a leanas:

(a) 

déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b) 

luafaidh sé cuspóir na hiarrata;

(c) 

sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;

(d) 

socróidh sé teorainn ama faoina gcaithfear an fhaisnéis a sholáthar;

(e) 

déanfaidh sé an duine óna n-iarrtar an fhaisnéis a chur ar an eolas nach bhfuil aon oibleagáid ann an fhaisnéis a sholáthrach, i gcás ina dtabharfar freagra deonach ar an iarraidh sin, gur gá an fhaisnéis a sholáthrófar a bheith ceart agus ní míthreorach; agus

(f) 

an fhíneáil fhéideartha dá bhforáiltear in Airteagal 60 a léiriú, i gcás inar mícheart nó míthreorach iad na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh.

3.  

Nuair a cheanglaítear faisnéis a sholáthar le cinneadh faoi mhír 1, déanfaidh ESMA an méid seo a leanas:

(a) 

déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b) 

luafaidh sé cuspóir na hiarrata;

(c) 

sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;

(d) 

socróidh sé teorainn ama faoina gcaithfear an fhaisnéis a sholáthar;

(e) 

sonróidh sé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 61 i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilítear neamhiomlán;

(f) 

léireoidh sé an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 60, i gcás inar mícheart nó míthreorach iad na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh;

(g) 

sonróidh sé an ceart chun achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh os comhair an Bhoird Achomhairc i gcomhréir le hAirteagal 58 agus Airteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus chun an cinneadh a chur faoi athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt Bhreithiúnais’) i gcomhréir le hAirteagal 60 agus Airteagal 61 den Rialachán sin.

4.  
Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí, an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar. Féadfaidh dlíodóirí arna n-údarú go cuí an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcuid cliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má chruthaítear an fhaisnéis a sholáthraítear a bheith neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
5.  
Déanfaidh ESMA, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh dá dtagraítear i mír 1 a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil na daoine ar a bhfuil an iarraidh nó an cinneadh sin dírithe lonnaithe nó bunaithe.

Airteagal 55

Imscrúduithe ginearálta

1.  

Chun a dhualgais faoin Rialachán seo a chur i gcrích, féadfaidh ESMA imscrúduithe riachtanacha a dhéanamh maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 54(1). Chuige sin, cumhachtófar d’oifigigh agus do dhaoine eile arna n-údarú ag ESMA an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile atá ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, gan beann ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte;

(b) 

cóipeanna deimhnithe a thógáil nó a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;

(c) 

aon duine dá dtagraítear in Airteagal 54(1) nó ionadaithe nó foireann an duine sin a thoghairm agus mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a iarraidh orthu ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus cuspóir na cigireachta a iarraidh orthu, agus na freagraí uathu a thaifeadadh;

(d) 

agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoilíonn go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;

(e) 

taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.

2.  
Déanfaidh oifigigh ESMA agus daoine eile arna n-údarú ag ESMA chun críoch na n-imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a thabhairt ar aird ina sonraítear ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe. Sonrófar leis an údarú sin freisin na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 61 i gcás nach soláthrófar na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, nó aon ábhar eile a éilítear, ná na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 54(1) nó i gcás ina mbíonn na nithe sin neamhiomlán, agus sonrófar na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 60 i gcás ina gcruthaítear na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 54(1) a bheith mícheart nó míthreorach.
3.  
Géillfidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 54(1) d’imscrúduithe arna dtionscnamh ar bhonn cinneadh ó ESMA. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 61, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart chun an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.
4.  
Laistigh de thréimhse réasúnta ama sula ndéanfar an t-imscrúdú, déanfaidh ESMA an t-údarás inniúil, dá dtagraítear in Airteagal 44, den Bhallstát ina bhfuil an t-imscrúdú le déanamh a chur ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarraidh a fháil ó ESMA, tabharfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil cúnamh do na daoine údaraithe sin le linn dóibh a ndualgais a chur i gcrích. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin arna iarraidh sin.
5.  
Más rud é, maidir le hiarraidh ar thaifid ar thrácht teileafóin nó ar thrácht sonraí dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), go gceanglaítear ar údarás inniúil údarú údaráis bhreithiúnaigh a fháil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, déanfaidh ESMA iarratas ar an údarú sin. Féadfaidh ESMA iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
6.  
I gcás ina ndéanfar iarratas ar údarú amhail dá dtagraítear i mír 5, fíoróidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta go bhfuil cinneadh ESMA barántúil agus nach treallach ná iomarcach iad na bearta comhéigneacha atá beartaithe ag féachaint d’ábhar na n-imscrúduithe. Le linn dó comhréireacht na mbeart comhéigneach a fhíorú, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ESMA mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag ESMA chun drochamhras a bheith air gur sáraíodh an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ESMA a thabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht an chinnidh ó ESMA faoi réir athbhreithniú ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 56

Cigireachtaí ar an láthair

1.  
Chun a dhualgais faoin Rialachán seo a chur i gcrích, féadfaidh ESMA na cigireachtaí ar an láthair go léir is gá a dhéanamh ag áitreabh gnó, talamh nó maoin na ndaoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 54(1). Féadfaidh ESMA an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin ar mhaithe leis na cigireachtaí a dhéanamh go cuí agus go héifeachtúil.
2.  
Féadfaidh oifigigh ESMA agus daoine eile arna n-údarú ag ESMA chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh dul isteach in aon áitreabh gnó, ar aon talamh nó maoin de chuid na ndaoine dlítheanacha atá faoi réir cinneadh maidir le himscrúdú arna ghlacadh ag ESMA agus beidh na cumhachtaí go léir dá dtagraítear in Airteagal 55(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó, maoin agus leabhair nó taifid a shéalú ar feadh thréimhse na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.
3.  
Déanfaidh na hoifigigh agus daoine eile a bheidh údaraithe ag ESMA cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thaispeáint ina sonraítear ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 61, mura ngéillfidh na daoine lena mbaineann don chigireacht. In am trátha roimh an gcigireacht, tabharfaidh ESMA fógra faoin gcigireacht d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh.
4.  
Géillfidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 54(1) do chigireachtaí ar an láthair arna n-ordú le cinneadh ó ESMA. Déanfar ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a mbeidh sí le tosú, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 61, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart chun an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú, a shonrú sa chinneadh. Déanfaidh ESMA na cinntí sin tar éis dul i gcomhairle le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh.
5.  
Arna iarraidh sin do ESMA, déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin arna n-údarú nó arna gceapadh ag údarás inniúil an Bhallstáit sin, cúnamh gníomhach a thabhairt d’oifigigh ESMA agus do dhaoine eile arna n-údarú ag ESMA. Chuige sin, beidh na cumhachtaí a leagtar amach i mír 2 acu. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil sin freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin arna iarraidh sin.
6.  
Féadfaidh ESMA a cheangal ar údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 55(1) a dhéanamh thar a cheann. Chuige sin, beidh na cumhachtaí céanna ag na húdaráis inniúla agus atá ag ESMA de réir mar atá leagtha amach san Airteagal seo agus in Airteagal 55(1).
7.  
I gcás ina bhfaighidh oifigigh ESMA agus compánaigh eile arna n-údarú ag ESMA go bhfuil duine ag cur in aghaidh cigireacht arna hordú de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin, ionas go mbeidh ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.
8.  
Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go gceanglaítear údarú a fháil ó údarás breithiúnach de bhun an dlí náisiúnta is infheidhme, déanfaidh ESMA iarratas ar an údarú sin. Féadfaidh ESMA iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
9.  
I gcás ina ndéanfar iarratas ar údarú, arb ábhar é sin dá dtagraítear i mír 8, fíoróidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta go bhfuil cinneadh ESMA barántúil agus nach treallach ná iomarcach iad na bearta comhéigneacha atá beartaithe ag féachaint d’ábhar na cigireachta. Le linn dó comhréireacht na mbeart comhéigneach a fhíorú, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ESMA mínithe mionsonraithe a thabhairt, go sonrach maidir leis na forais atá ag ESMA chun drochamhras a bheith air go ndearnadh an Rialachán seo a shárú, mar aon le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ESMA a thabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ESMA faoi réir athbhreithniú ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais ag leanúint an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 57

Na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 54, 55 agus 56 a fheidhmiú

Maidir leis na cumhachtaí a thabharfar do ESMA, d’aon duine dá chuid oifigeach nó d’aon duine eile a bheidh údaraithe ag ESMA de bhun Airteagal 54, Airteagal 55 nó Airteagal 56, ní úsáidfear iad chun nochtadh faisnéise nó doiciméad atá faoi réir pribhléid dhlíthiúil a éileamh.

Airteagal 58

Malartú faisnéise

1.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 44, ESMA, agus údaráis ábhartha eile, gan moill mhíchuí, an fhaisnéis is gá le haghaidh chur i gcrích a gcuid dualgas faoin Rialachán seo a sholáthar dá chéile.
2.  
Údaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 44, ESMA, údaráis ábhartha eile agus comhlachtaí nó daoine nádúrtha agus dlítheanacha eile a fhaigheann faisnéis rúnda agus a gcuid dualgas faoin Rialachán seo á bhfeidhmiú acu, ní úsáidfidh siad an fhaisnéis sin ach amháin agus iad i mbun a ndualgas.

Airteagal 59

Bearta maoirseachta ESMA

1.  

Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 63(8), go bhfaigheann ESMA amach go ndearna duine sárú a liostaítear in Airteagal 60(1), glacfaidh sé cinneadh maidir le ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

clárú an athbhreithneora;

(b) 

aitheantas athbhreithneora sheachtraigh tríú tír a tharraingt siar;

(c) 

toirmeasc sealadach a chur ar an athbhreithneoir seachtrach maidir leis na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo a shaothrú ar fud an Aontais, go dtí go gcuirfear deireadh leis an sárú;

(d) 

clárú athbhreithneora sheachtraigh tríú tír a chur ar fionraí;

(e) 

an duine a cheangal deireadh a chur leis an sárú;

(f) 

fíneálacha a fhorchur de bhun Airteagal 60;

(g) 

íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur de bhun Airteagal 61;

(h) 

fógra poiblí a eisiúint.

2.  

Tarraingeoidh ESMA siar clárú nó aitheantas athbhreithneora sheachtraigh in aon cheann de na himthosca seo a leanas:

(a) 

thréig an t-athbhreithneoir seachtrach an clárú nó an t-aitheantas go sainráite nó níor bhain sé úsáid as an gclárú ná as an aitheantas laistigh de 36 mhí tar éis clárú nó aitheantas a bheith deonaithe;

(b) 

fuair an t-athbhreithneoir seachtrach an clárú nó an t-aitheantas trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó ar mhodh neamhrialta éigin eile;

(c) 

ní chomhlíonann an t-athbhreithneoir seachtrach na coinníollacha faoinar cláraíodh é nó faoina bhfuair sé aitheantas a thuilleadh.

I gcás ina dtarraingeoidh ESMA siar clárú nó aitheantas an athbhreithneora sheachtraigh, soláthróidh sé cúiseanna iomlána lena chinneadh.

Beidh éifeacht láithreach ag an aistarraingt.

3.  

Chun críocha mhír 1, cuirfidh ESMA cineál agus tromchúis an tsáraithe san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:

(a) 

fad agus minicíocht an tsáraithe;

(b) 

cibé acu a bhí nó nach raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, cibé acu a éascaíodh nó nár éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó cibé acu a bhí nó nach raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile;

(c) 

cibé acu d’aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;

(d) 

leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;

(e) 

láidreacht airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, arna léiriú le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó le hioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach;

(f) 

an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí;

(g) 

tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh nó na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as an sárú nó na caillteanais do thríú páirtithe arb é an sárú is cúis leo, a mhéid is féidir iad a chinneadh;

(h) 

leibhéal comhoibrithe an duine atá freagrach as an sárú le ESMA, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain an duine sin a áirithiú;

(i) 

sáruithe arna ndéanamh roimhe sin ar an Rialachán seo ag an duine atá freagrach as an sárú;

(j) 

aon bhearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú chun athdhéanamh an tsáraithe a chosc.

4.  
Gan moill mhíchuí, tabharfaidh ESMA fógra faoi aon ghníomhaíocht a dhéantar de bhun mhír 1 don duine atá freagrach as an sárú, agus cuirfidh sé an ghníomhaíocht sin in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún. Déanfaidh sé aon ghníomhaíocht den sórt sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin laistigh de 10 lá oibre ón dáta a glacadh an cinneadh dá dtagraítear i mír 1.

Áireofar an méid seo a leanas leis an nochtadh don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a) 

ráiteas lena ndearbhófar ceart an duine atá freagrach as an sárú chun achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh;

(b) 

i gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur taisceadh achomharc agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin;

(c) 

ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil Bord Achomhairc ESMA ábalta cur i bhfeidhm an chinnidh a fhionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 60

Fíneálacha

1.  

Glacfaidh ESMA cinneadh lena bhforchuirfear fíneáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 63(8), go gcinnfidh sé go ndearna athbhreithneoir seachtrach nó aon duine de na daoine dá dtagraítear in Airteagal 54(1), d’aon ghnó nó le faillí, ceann amháin nó níos mó de na sáruithe seo a leanas:

(a) 

neamhchomhlíonadh Airteagal 24(1) nó aon fhoráil de Theideal IV, Caibidil 2 agus Caibidil 3;

(b) 

ráitis bhréagacha a chur isteach agus iarratas á dhéanamh ar chlárú mar athbhreithneoir seachtrach, nó úsáid a bhaint as aon mhodh neamhrialta eile chun clárú den sórt sin a fháil;

(c) 

mainníodh faisnéis a sholáthar mar fhreagairt ar chinneadh lena n-éilítear faisnéis de bhun Airteagal 54, nó soláthraíodh faisnéis mhícheart nó mhíthreorach mar fhreagairt ar iarraidh ar fhaisnéis nó ar chinneadh;

(d) 

cuireadh bac ar an imscrúdú nó níor comhlíonadh é de bhun Airteagal 55(1), pointe (a), (b), (c), nó (e);

(e) 

neamhchomhlíonadh Airteagal 56, má mainníodh míniú a thabhairt i dtaca le fíorais nó doiciméid a bhaineann le hábhar agus cuspóir na cigireachta, nó má tugadh míniú mícheart nó míthreorach;

(f) 

rinneadh gníomhaíocht athbhreithneoirí seachtracha nó maíodh gur athbhreithneoir seachtrach a bhí i gceist, gan bheith cláraithe mar athbhreithneoir seachtrach.

Measfar go ndearnadh sárú d’aon ghnó má thagann ESMA ar fhachtóirí oibiachtúla lena léirítear gur ghníomhaigh duine d’aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.

2.  
Gan dochar do mhír 3, beidh íosmhéid na fíneála dá dtagraítear i mír 1 cothrom le EUR 20 000 . Beidh an t-uasmhéid cothrom le EUR 200 000 .

Cuirfidh ESMA na critéir a leagtar amach in Airteagal 59(3) san áireamh le linn don leibhéal fíneála a bheith á chinneadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo.

3.  
I gcás ina ndearna duine sárú a liostaítear i mír 1 agus ina bhfuair an duine sin tairbhe airgeadais go díreach nó go hindíreach ón sárú, beidh an fhíneáil comhionann, ar a laghad, leis an tairbhe airgeadais sin.
4.  
I gcás ina gcuimsítear teaglaim de sháruithe éagsúla le gníomh nó le neamhghníomh, cuirfidh ESMA fíneáil aonair i bhfeidhm. Beidh an fhíneáil sin ar an bhfíneáil is airde is infheidhme i leith an ghnímh nó an neamhghnímh sin.

Airteagal 61

Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.  

Forchuirfidh ESMA, trí chinneadh, íocaíocht phionósach thréimhsiúil chun iallach a chur:

(a) 

ar dhuine deireadh a chur le sárú, i gcomhréir le cinneadh arna dhéanamh de bhun Airteagal 59(1), pointe (e);

(b) 

ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 54(1):

(i) 

chun faisnéis iomlán a sholáthar, a ceanglaíodh le cinneadh de bhun Airteagal 54;

(ii) 

chun géilleadh d’imscrúdú agus go háirithe chun taifid iomlána, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a sholáthar, agus chun aon fhaisnéis eile a thugtar in imscrúdú arna sheoladh ag cinneadh de bhun Airteagal 55 a iomlánú agus a cheartú; nó

(iii) 

chun géilleadh do chigireacht ar an láthair arna hordú le cinneadh arna dhéanamh de bhun Airteagal 56.

2.  
Forchuirfear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil de réir gach lae moille.
3.  
Beidh 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin i gceist le méid na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Déanfar é a ríomh ón dáta a shonraítear sa chinneadh lena bhforchuirtear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.
4.  
Déanfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur ar feadh uastréimhse 6 mhí tar éis an fógra faoin gcinneadh ó ESMA a fháil. Tar éis dheireadh na tréimhse, athbhreithneoidh ESMA an beart.

Airteagal 62

Nochtadh, cineál, forfheidhmiú agus leithdháileadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.  
Déanfaidh ESMA gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchuirtear de bhun Airteagal 60 agus Airteagal 61 a nochtadh don phobal, mura rud é go ndéanfadh an nochtadh sin don phobal dochar mór do na margaí airgeadais nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann. Ní bheidh aon sonraí pearsanta de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ) sa nochtadh sin.
2.  
Is de chineál riaracháin a bheidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirtear de bhun Airteagal 60 agus Airteagal 61.
3.  
Beidh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirtear de bhun Airteagal 60 agus Airteagal 61 in-fhorfheidhmithe.

Chun fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorfheidhmiú, cuirfidh ESMA na rialacha nós imeachta shibhialta atá i bhfeidhm sa Bhallstát nó sa tríú tír ina ndéantar an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorfheidhmiú.

4.  
Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh chuig buiséad ginearálta an Aontais.
5.  
I gcás ina gcinnfidh ESMA gan aon fhíneáil ná íocaíocht phionósach a fhorchur tráth a ndúnfar imscrúdú, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir sin agus leagfaidh sé amach na cúiseanna atá lena chinneadh.

Airteagal 63

Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus fíneálacha a fhorchur

1.  
Más rud é, le linn dó a dhualgas faoin Rialachán seo a chur i gcrích, go bhfaigheann ESMA amach go bhfuil tásca tromchúiseacha ann a léiríonn go bhféadfadh sé gurbh ann d’fhíorais ar dóigh maidir leo gurb ionann iad agus ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 60(1), ceapfaidh ESMA oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ESMA chun an t-ábhar a imscrúdú. Ní bheidh an t-oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach ná tar éis a bheith rannpháirteach i maoirseacht dhíreach ná indíreach ná i bpróiseas clárúcháin an athbhreithneora sheachtraigh lena mbaineann, agus feidhmeoidh sé nó sí a chuid feidhmeanna nó a cuid feidhmeanna go neamhspleách ar Bhord Maoirseoirí ESMA.
2.  
Déanfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúil arna tíolacadh ag daoine atá faoi réir imscrúdú á cur san áireamh, agus déanfaidh sé nó sí comhad iomlán ina mbeidh a chuid cinntí nó a cuid cinntí a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ESMA.
3.  
Chun a chuid cúraimí nó a cuid cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin an chumhacht a fheidhmiú chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 54 agus chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 55 agus Airteagal 56. Agus na cumhachtaí sin á n-úsáid, comhlíonfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin Airteagal 57.
4.  
Agus a chuid cúraimí nó a cuid cúraimí á gcomhall aige nó aici, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus ar an bhfaisnéis uile atá bailithe ag ESMA trína ghníomhaíochtaí maoirseachta.
5.  
Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú nó a himscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé nó sí an comhad ina bhfuil a chuid cinntí nó a cuid cinntí a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ESMA, tabharfaidh sé nó sí deis do na daoine atá faoi réir imscrúdú éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á n-imscrúdú. Ní dhéanfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí nó a cuid cinntí a bhunú ar fhíorais seachas fíorais a raibh deis ag na daoine a bhí faoi réir imscrúdú barúil a thabhairt ina leith.
6.  
Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn imscrúduithe faoin Airteagal seo.
7.  
Nuair a bheidh an comhad ina bhfuil a chuid cinntí nó a cuid cinntí á chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ESMA ag an oifigeach imscrúdúcháin, tabharfaidh sé nó sí fógra faoin méid sin do na daoine atá faoi réir imscrúduithe. Beidh na daoine atá faoi imscrúdú i dteideal rochtain a fháil ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghairmiúla a chosaint. Ní shínfidh an ceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad chuig faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe.
8.  
Ar bhonn an chomhaid ina bhfuil cinntí an oifigigh imscrúdúcháin agus, arna iarraidh sin do na daoine lena mbaineann, déanfaidh ESMA, tar éis éisteacht a thabhairt do na daoine sin i gcomhréir le hAirteagal 64, a chinneadh an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 60(1) déanta ag na daoine a bhí faoi réir imscrúdú, agus más amhlaidh an cás, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 59 agus forchuirfidh sé fíneáil i gcomhréir le hAirteagal 60.
9.  
Ní bheidh an t-oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití Bhord Maoirseoirí ESMA ná ní dhéanfaidh sé nó sí idiragairt ar aon bhealach eile sa phróiseas cinnteoireachta.
10.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 68 faoin 21 Nollaig 2024 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an nós imeachta a shonrú a thuilleadh maidir le feidhmiú na cumhachta atá ag ESMA fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, lena n-áirítear forálacha maidir leis na cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú, agus rialacha mionsonraithe maidir le tréimhsí teorann i dtaca le pionóis a fhorchur agus a fhorfheidhmiú.
11.  
Déanfaidh ESMA ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha más rud é, le linn dó a dhualgais faoin Rialachán seo a dhéanamh, go bhfaigheann sé amach go bhfuil tásca tromchúiseacha ann a léiríonn go bhféadfadh sé gurbh ann d’fhíorais ar dóigh maidir leo forais shoiléire agus fhollasacha ann le bheith in amhras faoi fhíorais a bheith ann ar dóigh gurb ionann iad agus cionta coiriúla. Ina theannta sin, staonfaidh ESMA ó fhíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur más rud é, maidir le héigiontú nó le ciontú roimhe sin a eascraíonn as fíorais chomhionanna nó as fíorais atá comhionann lena chéile go substaintiúil, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 64

Éisteacht na ndaoine atá faoi réir cinntí de bhun Airteagail 59, 60 agus 61

1.  
Sula ndéanfar aon chinneadh de bhun Airteagail 59, 60 agus 61, tabharfaidh ESMA deis do na daoine atá faoi réir cinneadh den sórt sin éisteacht a fháil maidir le torthaí ESMA. Is ar na cinntí sin a raibh deis ag na daoine sin a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ESMA a chuid cinntí.
2.  
Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo má bhíonn gá le gníomhaíocht phráinneach de bhun Airteagal 59 chun damáiste suntasach agus gardhamáiste don chóras airgeadais a chosc. Sa chás sin, féadfaidh ESMA cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis dó a chinneadh a dhéanamh.
3.  
Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir cinnidh ó ESMA a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí. Beidh na daoine sin i dteideal fáil a bheith acu ar chomhad ESMA, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghairmiúla a chosaint. Ní shínfidh an ceart rochtana ar an gcomhad chuig faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha de chuid ESMA.

Airteagal 65

Athbhreithniú ón gCúirt Bhreithiúnais

Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí trínar fhorchuir ESMA fíneáil nó íocaíocht phionósach tréimhsiúil de bhun an Rialacháin seo. Féadfaidh sé an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a forchuireadh a neamhniú, a laghdú nó a mhéadú.

Airteagal 66

Táillí clárúcháin, aitheantais agus maoirseachta

1.  
Gearrfaidh ESMA táillí ar athbhreithneoirí seachtracha as an gcaiteachas a bhaineann lena gclárú, lena n-aitheantas agus lena maoirseacht agus as aon chostas a d’fhéadfadh ESMA a thabhú agus é i mbun a chuid cúraimí faoin Rialachán seo.
2.  
Leis na táillí iomlána a ghearrfaidh ESMA ar na hathbhreithneoirí seachtracha iarrthacha, athbhreithneoirí seachtracha cláraithe nó athbhreithneoirí seachtracha aitheanta i gcomhréir leis an Rialachán seo, cumhdófar na costais riaracháin arna dtabhú ag ESMA ina ghníomhaíochtaí i ndáil le clárú agus maoirseacht na n-athbhreithneoirí seachtracha uile; Ag an am céanna, beidh aon táille i gcomhréir le láimhdeachas an athbhreithneora sheachtraigh lena mbaineann.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfar athbhreithneoirí seachtracha a bhfuil a láimhdeachas bliantúil faoi bhun méid áirithe a dhíolmhú ón oibleagáid táille a íoc, mar atá sonraithe tuilleadh sa ghníomh tarmligthe atá le glacadh ag an gCoimisiún de bhun mhír 3.

3.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 68 faoin 21 Nollaig 2024 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonrú a dhéanamh, go háirithe, ar chineál na dtáillí, ar na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, ar mhéid na dtáillí agus ar an modh ina n-íocfar iad.

Agus an gníomh tarmligthe á dhréachtú aige, sonróidh an Coimisiún tairseach láimhdeachais bhliantúil athbhreithneoirí seachtracha ar leibhéal grúpa nach bhfuil aon táille le gearradh faoina bun, agus sonróidh sé freisin an modh ina ríomhfar an láimhdeachas bliantúil chun an tairseach sin a chur i bhfeidhm.

4.  
Sula nglacfar an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 3, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le ESMA maidir leis na táillí dá dtagraítear sa mhír sin.

Airteagal 67

Clár ESMA d’athbhreithneoirí seachtracha agus athbhreithneoirí seachtracha tríú tír

1.  

Coinneoidh ESMA clár ar a shuíomh gréasáin a bheidh inrochtana go poiblí agus ina liostófar iad seo a leanas:

(a) 

athbhreithneoirí seachtracha atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 23;

(b) 

athbhreithneoirí seachtracha a bhfuil toirmeasc sealadach orthu a gcuid gníomhaíochtaí a shaothrú i gcomhréir le hAirteagal 59;

(c) 

athbhreithneoirí seachtracha ar tarraingíodh siar a gclárú i gcomhréir le hAirteagal 59;

(d) 

athbhreithneoirí seachtracha tríú tír ar ceadaíodh dóibh seirbhísí a sholáthar san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 39;

(e) 

athbhreithneoirí seachtracha tríú tír atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 42;

(f) 

athbhreithneoirí seachtracha atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 23 agus a fhormhuiníonn na seirbhísí arna soláthar ag athbhreithneoirí seachtracha tríú tír i gcomhréir le hAirteagal 43;

(g) 

athbhreithneoirí seachtracha tríú tír ar tarraingíodh siar a gclárú agus nach n-úsáideann na cearta faoi Airteagal 39 a thuilleadh, i gcás ina dtarraingíonn an Coimisiún siar a chinneadh faoi Airteagal 40(1) i ndáil leis an tríú tír sin;

(h) 

athbhreithneoirí seachtracha tríú tír ar cuireadh a n-aitheantas ar fionraí nó ar tarraingíodh siar é;

(i) 

athbhreithneoirí seachtracha atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 23 agus nach bhfuil in ann na seirbhísí a sholáthraíonn athbhreithneoirí seachtracha tríú tír i gcomhréir le hAirteagal 43 a fhormhuiniú a thuilleadh.

2.  
Beidh sonraí teagmhála athbhreithneoirí seachtracha, a suíomhanna gréasáin agus na dátaí ar a mbeidh éifeacht leis na cinntí a rinne ESMA maidir leis na hathbhreithneoirí seachtracha sin sa chlár.
3.  
I gcás athbhreithneoirí seachtracha tríú tír, beidh faisnéis sa chlár freisin maidir leis na seirbhísí a sholáthraíonn athbhreithneoirí seachtracha tríú tír agus maidir le sonraí teagmhála an údaráis inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh orthu sa tríú tír.

TEIDEAL VI

GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE

Airteagal 68

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 21(4), Airteagal 63(10) agus Airteagal 66(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 20 Nollaig 2023.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 21(4), Airteagal 63(10) agus in Airteagal 66(3) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.  
Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 21(4), Airteagal 63(10) agus Airteagal 66(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

TEIDEAL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 69

Forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le hathbhreithneoirí seachtracha

1.  
Maidir le hathbhreithneoir seachtrach ag a bhfuil ar intinn seirbhísí a sholáthar i gcomhréir leis an Rialachán seo an 21 Nollaig 2024 go dtí an 21 Meitheamh 2026, ní sholáthróidh sé na seirbhísí sin ach amháin tar éis fógra a bheith tugtha do ESMA faoi sin agus tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 23(1) a sholáthar.
2.  
Go dtí an 21 Meitheamh 2026, déanfaidh na hathbhreithneoirí seachtracha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ndícheall chun Airteagail 24 go 38 a chomhlíonadh cé is moite de na ceanglais a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 24(2) agus sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagail 26(3), 27(2), 28(3), 29(4), 30(3), 31(4) agus 33(7);
3.  
Tar éis an 21 Meitheamh 2026, ní sholáthróidh na hathbhreithneoirí seachtracha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo seirbhísí i gcomhréir leis an Rialachán seo ach amháin tar éis dóibh clárú i gcomhréir le hAirteagal 23, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad Airteagal 22 agus Airteagail 24 go 38 mar a fhorlíontar leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 70

Forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le hathbhreithneoirí seachtracha tríú tír

1.  
Maidir le hathbhreithneoir seachtrach tríú tír ag a bhfuil ar intinn seirbhísí a sholáthar i gcomhréir leis an Rialachán seo ón 21 Nollaig 2024 go dtí an 21 Meitheamh 2026, ní sholáthróidh sé na seirbhísí sin ach amháin tar éis fógra a bheith tugtha do ESMA faoi sin agus tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 23(1) a sholáthar.
2.  

Déanfaidh na hathbhreithneoirí seachtracha tríú tír dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas:

(a) 

déanfaidh siad a ndícheall chun Airteagail 24 go 38 a chomhlíonadh cé is moite de na ceanglais a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 24(2) agus sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagail 26(3), 27(2), 28(3), 29(4), 30(3), 31(4) agus 33(7);

(b) 

beidh ionadaí dlíthiúil acu atá bunaithe san Aontas agus a chomhlíonfaidh Airteagal 42(3).

3.  
Féadfaidh ESMA, tráth ar bith ón 21 Nollaig 2024 go dtí an 21 Meitheamh 2026, comhlíonadh mír 2, pointe (b), ag athbhreithneoirí seachtracha tríú tír a fhorfheidhmiú trí bhearta maoirseachta a fhorchur i gcomhréir le Teideal V.

Airteagal 71

Athbhreithniú

1.  

Faoin 21 Nollaig 2028 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ESMA agus leis an Ardán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe a bhunaítear le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2020/852, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil sin, a mhéid is féidir, ar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) 

glacadh leis an gcaighdeán maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus a sciar den mhargadh, san Aontas agus ar fud an domhain araon, go háirithe ag fiontair bheaga agus mheánmhéide;

(b) 

tionchar an Rialacháin seo ar an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe, ar an mbearna infheistíochtaí is gá chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ), agus ar shreafaí caipitil phríobháidigh a atreorú i dtreo infheistíochtaí inbhuanaithe;

(c) 

feidhmiú an mhargaidh d’athbhreithneoirí seachtracha agus an mhaoirseacht a dhéanann ESMA air;

(d) 

oiriúnacht na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 66(3) agus an tionchar a bheidh acu ar athbhreithneoirí seachtracha agus ar bhuiséad ESMA;

(e) 

inchreidteacht, agus aon chásanna mí-úsáide, éileamh comhshaoil i margadh na mbannaí glasa;

(f) 

feidhmiú mhargadh na mbannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht, lena n-áirítear inchreidteacht agus cáilíocht éileamh ábhartha;

(g) 

an gá atá le haitheantas a thabhairt do chritéir tríú tír chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chinneadh mar chritéir atá coibhéiseach leis na ceanglais maidir le tacsanomaíocht, ar choinníoll go bhfuil coimircí sonracha i bhfeidhm chun cuspóirí coibhéiseacha a áirithiú, chun leithdháileadh úsáid na bhfáltas ó Bhanna Glas Eorpach a údarú i gcomhréir leis na critéir tríú tír sin;

(h) 

tionchar praiticiúil Airteagal 5 ar úsáid Bannaí Glasa Eorpacha, cáilíocht chomhshaoil úsáid a bhfáltas, agus na cúiseanna nach gcuireann an tsolúbthacht dá bhforáiltear san Airteagal sin cosc ar an aistriú chuig maoiniú gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de;

(i) 

cur chun feidhme Theideal III den Rialachán seo, lena n-áirítear úsáid na dteimpléad dá dtagraítear sa Teideal sin ag eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht, bíodh na bannaí sin á margú sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó ná bíodh, anailís ar ghlacadh na dteimpléad sin, éabhlóid an mhargaidh agus comhsheasmhacht na dteimpléad sin le dlí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2019/2088.

2.  
Beidh togra reachtach ag gabháil leis na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le nochtaí d’eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht.
3.  
Faoin 21 Nollaig 2026, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil faoin ngá atá le bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht a rialáil, agus togra reachtach ag gabháil léi, i gcás inarb iomchuí.
4.  
Foilseoidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2024 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, tuarascáil chun eisitheoirí Bannaí Glasa Eorpacha a chur ar an eolas faoin athbhreithniú arna dhéanamh de bhun Airteagal 19(5), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2020/852, lena n-áirítear comhsheasmhacht na gcritéar scagtha teicniúil leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 10(2) den Rialachán sin, agus na rialacha marthanachta a leagtar síos in Airteagal 8 den Rialachán seo á gcur san áireamh.
5.  
Faoin 21 Nollaig 2028, déanfaidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) (ÚEÁPC) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ) (ar a dtugtar le chéile “na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha” nó “ÚMEnna”), tuarascáil a fhoilsiú maidir lena indéanta atá sé síneadh a chur leis an incháilitheacht chun an t-ainmniú ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ a úsáid chun críche urrúsuithe sintéiseacha.
6.  
Faoin 21 Nollaig 2029, féadfaidh an Coimisiún, bunaithe ar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 5, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Féadfaidh togra reachtach a bheith ag gabháil leis an tuarascáil ón gCoimisiún, más iomchuí.
7.  
Faoin 21 Nollaig 2028, agus, i gcás inarb iomchuí, gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010, tuarascáil a fhoilsiú maidir le héabhlóid an mhargaidh le haghaidh bannaí urrúsúcháin. Déanfar measúnú sna tuarascálacha sin, i measc nithe eile, ar tháinig méadú leordhóthanach ar mhéid na sócmhainní tacsanomaíocht-ailínithe chun críche athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na rialacha maidir le húsáid na bhfáltas le haghaidh bannaí urrúsúcháin a bhfuil a n-eisitheoirí ag iarraidh an t-ainmniú ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ a úsáid.
8.  
Déanfaidh an Coimisiún, bunaithe ar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 7, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Gabhfaidh togra reachtach leis an tuarascáil ón gCoimisiún, más iomchuí.

Airteagal 72

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.  
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2.  
Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 21 Nollaig 2024.
3.  
De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 20, 21(4), 23(6) agus (7), 24(2), 26(3), 27(2), 28(3), 29(4), 30(3), 31(4), 33(7), 42(9), 46(6) agus (7), 49(1), (2) agus (3), 63(10), 66(3), agus Airteagail 68, 69 agus 70 ón 20 Nollaig 2023.
4.  
De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 40, Airteagal 42(1) go (8) agus Airteagal 43 ón 21 Meitheamh 2026.
5.  
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun Airteagal 45 agus Airteagal 49 a chomhlíonadh faoin 21 Nollaig 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

BILEOG FÍRICÍ MAIDIR LE BANNAÍ GLASA EORPACHA

Níl an doiciméad seo ná a bhfuil ann faoi réir aon fhormheasa ná formhuinithe ó ESMA ná ó aon údarás inniúil eile.



1.  Faisnéis ghinearálta

— [Dáta foilsithe na bileoige fíricí maidir le Bannaí Glasa Eorpacha]

— [Ainm dlíthiúil an eisitheora]

— [I gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) an eisitheora]

— [Seoladh suímh gréasáin a thugann faisnéis d’infheisteoirí maidir le conas teagmháil a dhéanamh leis an eisitheoir]

— [I gcás ina bhfuil siad ar fáil, ainm an bhanna/na mbannaí arna sannadh ag an eisitheoir]

— [I gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISIN) an bhanna/na mbannaí]

— [I gcás ina bhfuil sé ar fáil, an dáta nó an tréimhse eisiúna atá beartaithe]

— [Céannacht agus sonraí teagmhála an athbhreithneora sheachtraigh]

— [Más infheidhme, ainm an údaráis inniúil a d’fhormheas an réamheolaire bannaí nó na réamheolairí]

2.  Faisnéis thábhachtach

— [An ráiteas seo a leanas: “[Úsáideann an banna seo] [Úsáideann na bannaí seo] an t-ainmniú ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1)].”]

— [I gcás ina bhfuil sé beartaithe fáltais ó bhannaí a leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán sin, an ráiteas seo a leanas: ‘[Baineann an Banna Glas Eorpach seo] [Baineann na Bannaí Glasa Eorpacha seo] úsáid as an tsolúbthacht lena gceadaítear neamhailíniú páirteach leis na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (‘na critéir scagtha theicniúla’), mar a thuairiscítear a thuilleadh i Roinn 4 den bhileog fíricí seo.’]

3.  Straitéis i leith an chomhshaoil agus réasúnaíocht

[Ráiteas faoi cibé acu atá nó nach bhfuil sé beartaithe ag an eisitheoir athbhreithniú seachtrach a fháil ar an bhfaisnéis arna cur isteach faoin Roinn seo trí athbhreithniú ar an tuarascáil tionchair.]

Forléargas

— [Faisnéis maidir leis an gcaoi a bhfuiltear ag súil go gcuirfidh an banna/na bannaí le straitéis chomhshaoil níos leithne an eisitheora, lena n-áirítear na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 arna saothrú ag an mbanna/na bannaí.]

Nasc le príomhtháscairí feidhmíochta na sócmhainní, an láimhdeachais, CapEx, agus OpEx

— [A mhéid atá siad ar fáil don eisitheoir tráth na heisiúna, agus i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir faoi réir Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852, tuairisc ar conas agus a mhéid (e.g. arna sloinneadh mar athrú céatadáin measta bliain ar bhliain) a mheastar go rannchuideoidh fáltais ó bhannaí le príomhtháscairí feidhmíochta an eisitheora maidir le sócmhainní tacsanomaíocht-ailínithe, láimhdeachas, caiteachas caipitil agus caiteachas oibriúcháin.]

Nasc chuig na pleananna um aistriú

— [I gcás ina bhfuil an t-eisitheoir faoi réir oibleagáid pleananna a fhoilsiú de bhun Airteagal 19a(2), pointe (a)(iii), nó, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 29a(2), pointe (a)(iii), de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), nó i gcás ina bhfoilsíonn an t-eisitheoir pleananna um aistriú dá dheoin féin:

— 

— an tslí ina bhfuil sé beartaithe go rannchuideoidh fáltais ó bhannaí le maoiniú agus le cur chun feidhme na bpleananna sin. Féadfar an fhaisnéis a thabhairt ar leibhéal gníomhaíochta eacnamaíche nó ar leibhéal tionscadail ar thionscadal; agus

— nasc chuig an suíomh gréasáin ar a bhfoilsítear na pleananna sin.]

Urrúsú

[I gcás inarb infheidhme i gcás urrúsú, tuairisc ar an mbealach ina gcomhlíontar Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2023/2631 agus an fhaisnéis a cheanglaítear in Airteagal 19(2) den Rialachán sin.]

4.  Leithdháileadh beartaithe na bhfáltas ó bhannaí

[Soláthrófar an fhaisnéis a liostaítear thíos ar a laghad ar leibhéal na gníomhaíochta eacnamaíche, agus go hidéalach ar leibhéal an tionscadail nó an ghrúpa tionscadal. D’fhéadfadh comhaontuithe rúndachta, breithnithe iomaíocha nó líon mór tionscadal cáilitheach bunúsach agus cúinsí comhchosúla a bheith ina n-údar le teorainn a chur leis an méid sonraí a chuirtear ar fáil. I gcás ina leithdháilfear fáltais ó bhannaí ar chaiteachas dá dtagraítear in Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2023/2631, féadfar an fhaisnéis a sholáthar ar leibhéal an chláir.]

Leithdháileadh beartaithe ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha tacsanomaíocht-ailínithe

— [Cé acu atá nó nach bhfuil fáltais á leithdháileadh ag an eisitheoir i gcomhréir le cur chuige céimseach nó cur chuige na punainne, agus an banna urrúsúcháin é an banna/an bannaí urrúsúcháin iad na bannaí.]

— [An cion íosta d’fháltais ó bhannaí a cheanglaítear de réir phleananna an eisitheora atá le húsáid do ghníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852, de réir na modheolaíochta sa tuarascáil leithdháilte (85 % ar a laghad a bheidh sa chion]: [XX] % d’fháltais ó bhannaí.]

— [I gcás ina bhfuil fáil air, léiriú ar sciar na bhfáltas ó bhannaí atá le húsáid don mhaoiniú (i mbliain na heisiúna nó tar éis bhliana na heisiúna) agus don athmhaoiniú.]

— [I gcás inar ceannasaí é an t-eisitheoir, agus ina bhfuil sé beartaithe fáltais ó bhannaí a leithdháileadh ar fhaoiseamh cánach mar a leagtar amach in Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2023/2631, meastachán ar mhéid ionchasach an chaillteanais ioncaim a bhaineann le faoiseamh cánach incháilithe.]

— [I gcás ina bhfuil siad ar fáil, an cuspóir/na cuspóirí comhshaoil spriocdhírithe, dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852.]

— [Maidir le gach ceann de na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhfuil sé beartaithe fáltais a leithdháileadh orthu, faisnéis maidir lena gcineálacha, lena n-earnálacha, agus lena gcóid NACE faoi seach i gcomhréir leis an aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).]

Leithdháileadh beartaithe ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha tacsanomaíocht-ailínithe sonracha

— [I gcás ina bhfuil sé beartaithe fáltais ó bhannaí a leithdháileadh ar ghníomhaíocht eacnamaíoch chumasúcháin nó ar ghníomhaíocht eacnamaíoch idirthréimhseach, cineál na gníomhaíochta eacnamaíche cumasúcháin nó na gníomhaíochta eacnamaíche idirthréimhsí a bheartaítear a mhainiú agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, méid agus cion na bhfáltas atá beartaithe a leithdháileadh ar gach cineál gníomhaíochta eacnamaíche cumasúcháin nó gníomhaíochta eacnamaíche idirthréimhsí.]

— [I gcás inarb infheidhme, méid agus sciar na bhfáltas a bheartaítear a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí tacsanomaíocht-ailínithe a bhaineann le fuinneamh núicléach agus gás iontaise i gcomhréir le hAirteagail 10(2) agus 11(3) de Rialachán (AE) 2020/852.

Leithdháileadh beartaithe ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil ailínithe leis na critéir scagtha theicniúla

— [I gcás ina bhfuil sé beartaithe fáltais ó bhannaí a leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2023/2631, ráiteas go bhfuil sé beartaithe na fáltais [glanfháltais] ón mbanna a leithdháileadh i bpáirt ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil ailínithe leis na critéir scagtha theicniúla. Tabharfaidh an t-eisitheoir tuairisc ar an neamhailíniú sin, ar na gníomhaíochtaí lena mbaineann agus, i gcás ina mbeidh fáil air, ar chéatadán measta na bhfáltas atá beartaithe chun na gníomhaíochtaí sin a mhaoiniú ar bhonn iomlán agus in aghaidh na gníomhaíochta, lena n-áirítear miondealú ina dtugtar tuairisc ar an bpointe nó ar na pointí d’Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2023/2631 atá á n-úsáid. Thairis sin, míniú ar cén fáth nach féidir na critéir scagtha theicniúla a chur i bhfeidhm agus míniú ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe ag an eisitheoir a áirithiú go gcomhlíonann na gníomhaíochtaí sin Airteagal 5(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2023/2631 agus Airteagal 3, pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2020/852.]

Próiseas agus amlíne maidir le leithdháileadh

[An t-am measta tar éis bannaí a eisiúint go dtí leithdháileadh iomlán na bhfáltas ó bhannaí.]

[Tuairisc ar na próisis trína ndéanfaidh an t-eisitheoir amach cén chaoi a dtagann tionscadail leis na critéir i leith gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 (‘na ceanglais maidir le tacsanomaíocht’]

Costais eisiúna

[Meastachán ar mhéid na gcostas eisiúna carnach a asbhaintear as na fáltais, mar a cheadaítear faoi Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2023/2631, maille le míniú tionlacain.]

5.  Tionchar comhshaoil na bhfáltas ó bhannaí

[Más ann dóibh, meastachán ar na tionchair chomhshaoil a mheastar a bheidh ag fáltais ón mbanna/ó na bannaí. I gcás nach bhfuil fáil ar an bhfaisnéis sin, ní mór údar a thabhairt leis sin]

6.  Faisnéis faoi thuairisciú

[Nasc chuig suíomh gréasáin an eisitheora mar a cheanglaítear le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2023/2631]

[I gcás inarb infheidhme, nasc le tuarascálacha ábhartha an eisitheora, amhail an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite nó an tuarascáil inbhuanaitheachta chomhdhlúite. De bhun Threoir 2013/34/AE.]

An dáta a thosaíonn an chéad tréimhse tuairiscithe, murab ionann é agus an dáta eisiúna, mar a leagtar amach in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2023/2631.

— [Léiriú maidir le cibé acu a chuimseoidh nó nach gcuimseoidh tuarascálacha leithdháilte faisnéis de réir tionscadail faoi mhéideanna arna leithdháileadh agus na tionchair chomhshaoil a bhfuil súil leo]

7.  Plean CapEx

— [I gcás inarb infheidhme, tuairisc mhionsonraithe ar an bplean le haghaidh caiteachas caipitil (CapEx) dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2023/2631, lena n-áirítear na príomhpharaiméadair arna n-úsáid ag an eisitheoir chun ailíniú na sócmhainní nó na ngníomhaíochtaí ábhartha leis na ceanglais maidir le tacsanomaíochta chinneadh faoi dheireadh na tréimhse dá bhforáiltear san Airteagal sin]

8.  Faisnéis ábhartha eile

(1)   

Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht (IO L 2023/2631, 30.11.2023, http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2631/oj).

(2)   

Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(3)   

Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(4)   

Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le réimsí sonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).

[I gcás banna urrúsúcháin, déanfar tagairtí sa doiciméad seo don eisitheoir a fhorléiriú mar thagairtí don tionscnóir de réir mar is iomchuí agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfear tagairtí don tionscnóir ina n-ionad.]




IARSCRÍBHINN II

TUARASCÁIL LEITHDHÁILTE BHLIANTÚIL MAIDIR LE BANNAÍ GLASA EORPACHA

[i gcás ina ndéantar an tuarascáil leithdháilte a athbhreithniú, léireofar é sin sa teideal]

Níl an doiciméad seo ná a bhfuil ann faoi réir aon fhormheasa ná formhuinithe ó ESMA ná ó aon údarás inniúil eile.



1.  Faisnéis ghinearálta

— [Dáta eisiúna an bhanna/na mbannaí nó na dtráinsí den bhanna/de na bannaí]

— [Dáta foilsithe na tuarascála leithdháilte]]

— [An chéad dáta agus an dáta deireanach den tréimhse dá dtagraíonn an tuarascáil leithdháilte bhliantúil: [dáta — dáta]]

— [Ainm dlíthiúil an eisitheora]

— [I gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) an eisitheora]

— [Seoladh suímh gréasáin a thugann faisnéis d’infheisteoirí maidir le conas teagmháil a dhéanamh leis an eisitheoir]

— [I gcás ina bhfuil fáil air, ainm an bhanna/na mbannaí arna sannadh ag an eisitheoir]

— [I gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISIN) an bhanna/na mbannaí agus a thráinsí/a dtráinsí]

— [I gcás ina raibh an tuarascáil leithdháilte faoi réir athbhreithniú iareisiúna, céannacht agus sonraí teagmhála an athbhreithneora sheachtraigh]

— [Más infheidhme, ainm an údaráis inniúil a d’fhormheas an réamheolaire bannaí nó na réamheolairí bannaí]

2.  Faisnéis thábhachtach

[An ráiteas seo a leanas: “[Úsáideann an banna seo] [Úsáideann na bannaí seo] an t-ainmniú ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).]

[I gcás ina bhfuil sé beartaithe na fáltais ó na bannaí a bheith leithdháilte i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán sin, an ráiteas seo a leanas: “[Baineann an Banna Glas Eorpach seo] [Baineann na Bannaí Glasa Eorpacha seo] úsáid as an tsolúbthacht lena gceadaítear neamhailíniú páirteach leis na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (‘na critéir scagtha theicniúla’), mar a thuairiscítear a thuilleadh i Roinn 4 den tuarascáil leithdháilte seo.”]”

3.  Straitéis i leith an chomhshaoil agus réasúnaíocht

Forléargas

[Na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 arna saothrú leis an mbanna/na bannaí]*;

Nasc le príomhtháscairí feidhmíochta na sócmhainní, an láimhdeachais, CapEx, agus OpEx

[I gcás ina bhfuil an t-eisitheoir faoi réir Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852, tuairisc ar conas agus, a mhéid (e.g. arna shloinneadh mar athrú céatadáin bliain ar bhliain), agus ina gcuireann fáltais ó bhannaí le príomhtháscairí feidhmíochta an eisitheora maidir le sócmhainní tacsanomaíocht-ailínithe, láimhdeachas, caiteachas caipitil agus caiteachas oibriúcháin, agus na méideanna sa tábla ‘Iomláin’ i dTábla A, i gcás inarb infheidhme, á gcur san áireamh.]

Nasc chuig an bplean um aistriú

[I gcás ina bhfuil an t-eisitheoir faoi réir oibleagáid pleananna a fhoilsiú de bhun Airteagal 19a(2), pointe (a)(iii), nó, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 29a(2), pointe (a)(iii), de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), nó i gcás ina bhfoilsíonn an t-eisitheoir pleananna aistrithe dá dheoin féin:

— an modh ina rannchuidíonn fáltais ó bhannaí le maoiniú agus le cur i ngníomh na bpleananna sin. Féadfar an fhaisnéis a thabhairt ar leibhéal gníomhaíochta eacnamaíche nó ar leibhéal tionscadail ar thionscadal; agus

— nasc chuig an suíomh gréasáin ar a bhfoilsítear na pleananna sin.]

Urrúsú

[I gcás inarb infheidhme i gcás urrúsú, an fhaisnéis a cheanglaítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) 2023/2631]

4.  Leithdháileadh na bhfáltas ó bhannaí

[Soláthrófar an fhaisnéis a liostaítear thíos ar a laghad ar leibhéal na gníomhaíochta eacnamaíche, agus go hidéalach ar leibhéal an tionscadail nó an ghrúpa tionscadal. D’fhéadfadh comhaontuithe rúndachta, breithnithe iomaíocha nó líon mór tionscadal cáilitheach bunúsach agus cúinsí comhchosúla a bheith ina n-údar le teorainn a chur leis an méid sonraí a chuirtear ar fáil. I gcás ina leithdháilfear fáltais ó bhannaí ar chaiteachas dá dtagraítear in Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2023/2361, féadfar an fhaisnéis a sholáthar ar leibhéal an chláir.]

Leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha tacsanomaíocht-ailínithe

— [Cibé acu atá nó nach bhfuil fáltais á leithdháileadh ag an eisitheoir i gcomhréir leis an gcur chuige céimnitheach nó le cur chuige na punainne, agus an banna urrúsúcháin é an banna/an bannaí urrúsúcháin iad na bannaí.]

— [I gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 11(6) de Rialachán (AE) 2023/2631, ráiteas nár athraíodh comhdhéanamh phunann na sócmhainní airgeadais agus/nó na sócmhainní seasta, i gcomparáid leis an mbliain a chumhdaítear leis an tuarascáil leithdháilte roimhe sin.]

— [Comhlánóidh an t-eisitheoir Tábla A nó Tábla B thíos, ag brath ar cé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear an cur chuige céimseach nó cur chuige na punainne i leith leithdháileadh na bhfáltas. Déanfar na hiomláin chomhfhreagracha a chomhlánú freisin.]

— [Dearbhú maidir le hAirteagal 3, pointe (c), de Rialachán (AE) 2020/852 (coimircí íosta) a chomhlíonadh;

— [I gcás inar ceannasaí é an t-eisitheoir, agus inar leithdháileadh fáltais ó bhannaí ar fhaoiseamh cánach mar a leagtar amach in Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2023/2631, meastachán ar an gcaillteanas ioncaim a bhaineann le faoiseamh cánach incháilithe.]

Leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha tacsanomaíocht-ailínithe sonracha

— [I gcás ina leithdháiltear fáltais ó bhannaí ar ghníomhaíocht eacnamaíoch chumasúcháin nó gníomhaíocht eacnamaíoch idirthréimhseach, cineál na ngníomhaíochta eacnamaíche cumasúcháin nó gníomhaíochta eacnamaíche idirthréimhsí a mhaoinítear agus méid agus cion na bhfáltas a leithdháiltear ar gach cineál gníomhaíochta eacnamaíche cumasúcháin nó gníomhaíochta eacnamaíche idirthréimhsí.]

— [I gcás inarb infheidhme, méid agus sciar na sócmhainní a bhaineann le gníomhaíochtaí tacsanomaíocht-ailínithe a bhaineann le fuinneamh núicléach agus gás iontaise i gcomhréir le hAirteagail 10(2) agus 11(3) de Rialachán (AE) 2020/852.]

Leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil ailínithe leis na critéir scagtha theicniúla

— [I gcás ina ndéantar fáltais ó bhannaí a leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2023/2631, ráiteas go bhfuil na fáltais [glanfháltais] ón mbanna a leithdháileadh i bpáirt ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil ailínithe leis na critéir scagtha theicniúla. Tabharfaidh an t-eisitheoir tuairisc ar an neamhailíniú sin, ar na gníomhaíochtaí lena mbaineann agus ar chéatadán na bhfáltas a leithdháileadh ar na gníomhaíochtaí sin ar bhonn iomlán na gníomhaíochta agus ar bhonn in aghaidh na gníomhaíochta, lena n-áirítear miondealú ina dtugtar tuairisc ar an bpointe nó na pointí d’Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2023/2631 atá á n-úsáid. Thairis sin, míniú ar cén fáth nach féidir na critéir scagtha theicniúla a chur i bhfeidhm agus míniú ar an gcaoi a bhfuil sé áirithithe ag an eisitheoir go gcomhlíonann na gníomhaíochtaí sin Airteagal 5(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2023/2631 agus Airteagal 3, pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2020/852.]

Costais eisiúna

— [Meastachán ar mhéid na gcostas eisiúna carnach a asbhaintear as na fáltais, mar a cheadaítear faoi Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2023/2631, maille le míniú tionlacain.]

5.  Tionchar comhshaoil na bhfáltas ó bhannaí

[Ní cheanglaítear aon fhaisnéis a sholáthar faoin Roinn seo den tuarascáil.]

6.  Faisnéis faoi thuairisciú

— [Nasc chuig suíomh gréasáin an eisitheora dá dtagraítear in Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2023/2631.]

— [I gcás inarb infheidhme, nasc le tuarascálacha ábhartha an eisitheora, amhail an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite nó an tuarascáil inbhuanaitheachta chomhdhlúite de bhun Threoir 2013/34/AE.]

7.  Plean CapEx

— [I gcás inarb infheidhme, an dul chun cinn arna dhéanamh maidir le cur chun feidhme phlean CapEx dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2023/2631 agus an dáta a mheastar a dtabharfar na tionscadail chun críche ann.]

— [I gcás ina raibh aon mhoill nó diallas ag a bhfuil tionchar suntasach ar chur chun feidhme phlean CapEx, tabharfaidh an t-eisitheoir na cúiseanna leis sin, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den Rialachán sin.]

— [I gcás inarb infheidhme, an plean dá dtagraítear in Airteagal 8(3) den Rialachán sin.]

8.  Faisnéis ábhartha eile

(1)   

Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 November 2023 maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht (IO L, 2023/2631, 30.11.2023, http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2631/oj).

(2)   

Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(3)   

Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

[I gcás banna urrúsúcháin, déanfar tagairtí don eisitheoir sa doiciméad seo a fhorléiriú mar thagairtí don tionscnóir de réir mar is iomchuí agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfear tagairtí don tionscnóir ina n-ionad.]

Tábla A: Faisnéis maidir le hailíniú tacsanamaíochta fáltas le haghaidh bannaí lena n-úsáidtear an cur chuige céimneach maidir le leithdháileadh na bhfáltas ó bhannaí

[Soláthrófar an fhaisnéis sa tábla thíos ar a laghad ar leibhéal na gníomhaíochta eacnamaíche agus go hidéalach ar leibhéal an tionscadail nó an ghrúpa tionscadal. D’fhéadfadh comhaontuithe rúndachta, breithnithe iomaíocha nó líon mór tionscadal cáilitheach bunúsach agus cúinsí comhchosúla a bheith ina n-údar le teorainn a chur leis an méid sonraí a chuirtear ar fáil. I gcás ina leithdháilfear fáltais ó bhannaí ar chaiteachas dá dtagraítear in Airteagal 4(3), féadfar an fhaisnéis a sholáthar ar leibhéal an chláir.]

Cumhdaítear leis an bhfaisnéis sa tábla thíos an tréimhse ó eisiúint an bhanna lena mbaineann, suas go dtí an dáta tuairiscithe.



1.  Ainm, suíomh agus tuairisc an tionscadail (nó grúpa tionscadal nó gníomhaíochta eacnamaíche)

1.1.  (le haghaidh gach tionscadail/grúpa tionscadal/gníomhaíochta eacnamaíche, de réir mar is infheidhme) [Ainm]

1.2.  [Suíomh]

1.3.  [Tuairisc bhunúsach]

2.  Méid na bhfáltas arna leithdháileadh ón mbanna/ó na bannaí

2.1.  [fáltais ó bhannaí arna leithdháileadh ar an tionscadal/grúpa tionscadal/gníomhaíocht eacnamaíoch seo ón dáta eisiúna]

2.2.  [fáltais ó bhannaí arna leithdháileadh ar an tionscadal/ar an ngrúpa tionscadal/gníomhaíocht eacnamaíoch seo le linn na tréimhse tuairiscithe.]

2.3.  An sciar den tionscadal atá maoinithe ag an mbanna/na bannaí

3.  Sciar d’iomlán na bhfáltas arna n-úsáid chun maoiniú (i mbliain na heisiúna nó tar éis bhliain na heisiúna) nó athmhaoiniú (níos luaithe)

3.1.  [an sciar den mhéid i ró 2.1 a úsáidtear le haghaidh maoiniú agus athmhaoiniú]

3.2.  [an sciar den mhéid i ró 2.2 a úsáidtear le haghaidh maoiniú agus athmhaoiniú]

4.  Cineál agus earnáil na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha arna gcistiú ag an mbanna/na bannaí

4.1.  [I gcás gach ceann de na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leis an tionscadal arna mhaoiniú ag an mbanna/na bannaí: na cineálacha/na hearnálacha]

4.2.  [I gcás gach ceann de na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leis an tionscadal arna mhaoiniú ag an mbanna/na bannaí: i gcás inarb infheidhme, na cóid NACE faoi seach i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1)]

5.  Méid na bhfáltas arna leithdháileadh ón mbanna/ó na bannaí tacsanomaíocht-ailínithe

5.1.  [d’fháltais iomlána ó bhannaí a leithdháileadh ar an tionscadal, an méid arna leithdháileadh ar ghníomhaíocht thacsanomaíocht-ailínithe ón dáta eisiúna i leith]

5.2.  [sciar an chéatadáin den mhéid a thugtar i ró 2.1]

5.3.  [de na fáltais ó bhannaí a leithdháileadh ar an tionscadal sa tréimhse tuairiscithe, an méid a leithdháiltear ar ghníomhaíocht thacsanomaíocht-ailínithe sa tréimhse tuairiscithe]

5.4.  [sciar an chéatadáin den mhéid a thugtar i ró 2.2]

6.  Cuspóirí comhshaoil agus critéir scagtha theicniúla

6.1.  [An cuspóir/na cuspóirí comhshaoil spriocdhírithe, dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852];

6.2.  [Léiriú maidir le cé na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852 a úsáidtear chun na critéir scagtha theicniúla agus a ndátaí cur i bhfeidhm a shocrú]

6.3.  [Faisnéis faoin modheolaíocht agus faoi na toimhdí a úsáidtear chun na príomh-mhéadrachtaí tionchair a ríomh i gcomhréir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoi Airteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) agus 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852, agus le haghaidh aon mhéadracht tionchair bhreise.]

7.  Cineál na sócmhainní agus an chaiteachais atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de

7.1.  [den mhéid arna leithdháileadh sa tréimhse tuairiscithe i ró 5.3, méid an chaiteachais chaipitiúil]

7.2.  [den mhéid arna leithdháileadh sa tréimhse tuairiscithe i ró 5.3, méid an chaiteachais oibríochtúil]

7.3.  [den mhéid arna leithdháileadh sa tréimhse tuairiscithe i ró 5.3, méid na sócmhainní seasta]

7.4.  [den mhéid arna leithdháileadh sa tréimhse tuairiscithe i ró 5.3, méid na sócmhainní airgeadais]

8.  Faisnéis ábhartha eile

8.1.  [Faisnéis ábhartha eile, amhail príomhtháscairí feidhmíochta comhshaoil, chomh maith le naisc chuig suíomhanna gréasáin ina bhfuil faisnéis ábhartha agus naisc chuig doiciméid phoiblí ábhartha ina bhfuil faisnéis níos mionsonraithe, amhail suíomh gréasáin na cuideachta ina dtugtar tuairisc ar an tionscadal nó tuairisc arna déanamh ag comhairleacht chomhshaoil]

(1)   

Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le réimsí sonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).

Iomláin:



Ó eisiúint ar aghaidh

[tréimhse tuairiscithe]

Méid iomlán na bhfáltas ó bhannaí arna leithdháileadh ó eisíodh iad: [X]

Ar díobh sin, méid iomlán na bhfáltas ó bhannaí arna leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha tacsanomaíocht-ailínithe ó eisiúint ar aghaidh: [X]

Méid iomlán na bhfáltas ó bhannaí arna leithdháileadh sa tréimhse tuairiscithe: [X]

Ar díobh sin, méid iomlán na bhfáltas ó bhannaí arna leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha tacsanomaíocht-ailínithe sa tréimhse tuairiscithe: [X]

Ar díobh sin:

— Méid iomlán na bhfáltas ó bhannaí arna leithdháileadh ar chaiteachas caipitil tacsanomaíocht-ailínithe sa tréimhse tuairiscithe: [X]

— Méid iomlán na bhfáltas ó bhannaí arna leithdháileadh ar chaiteachas oibriúcháin tacsanomaíocht-ailínithe sa tréimhse tuairiscithe: [X]

— Méid iomlán na bhfáltas ó bhannaí arna leithdháileadh ar chaiteachas [eile] tacsanomaíocht-ailínithe sa tréimhse tuairiscithe: [X]

Tábla B: Faisnéis maidir le hailíniú tacsanomaíochta fáltas le haghaidh bannaí agus úsáid á baint as an gcur chuige punainne maidir le leithdháileadh na bhfáltas ó bhannaí

[Soláthrófar an fhaisnéis sa tábla thíos ar a laghad ar leibhéal na gníomhaíochta eacnamaíche, agus go hidéalach ar leibhéal an tionscadail nó an ghrúpa tionscadal. D’fhéadfadh comhaontuithe rúndachta, breithnithe iomaíocha nó líon mór tionscadal cáilitheach bunúsach agus cúinsí comhchosúla a bheith ina n-údar le teorainn a chur leis an méid sonraí a chuirtear ar fáil. Féadfar cuid den fhaisnéis riachtanach nó an fhaisnéis uile is gá a thabhairt lasmuigh d’fhormáid an tábla.]

Cumhdaítear leis an bhfaisnéis sa tábla thíos an tréimhse tuairiscithe.



Bannaí Glasa Eorpacha gan íoc

Punann sócmhainní atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de

[Forléargas ar gach Banna Glas Eorpach gan íoc, lena léirítear a luach aonair agus a gcomhluach.]

[Forléargas ar na sócmhainní airgeadais incháilithe agus na sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2023/2631 ar chlár comhardaithe an eisitheora, lena léirítear:

1.  [Ainm, suíomh, agus tuairisc bhunúsach ar an tionscadal]

2.  [I gcás ina bhfuil fáil orthu, léiriú ar na fáltais atá beartaithe a leithdháileadh ar an tionscadal seo ón mbanna]

3.  [I gcás ina bhfuil fáil air, léiriú ar an sciar den mhéid i bpointe 2 atá le húsáid le haghaidh maoiniú agus athmhaoiniú]

4.  [I gcás gach ceann de na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leis an tionscadal arna mhaoiniú ag an mbanna: na cineálacha/na hearnálacha, agus, i gcás inarb infheidhme, cóid NACE faoi seach i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006]

5.  [I gcás ina bhfuil fáil air, méid na bhfáltas don tionscadal sin arna chistiú ag an mbanna arna leithdháileadh ar ghníomhaíocht Thacsanomaíocht-ailínithe] [sciar de réir céatadáin den mhéid a thugtar i bpointe 2]

6.  [An cuspóir/na cuspóirí comhshaoil spriocdhírithe, dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852] [Léiriú ar na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852 a úsáidtear chun na critéir scagtha theicniúla a chinneadh, agus a ndátaí cur i bhfeidhm] [Faisnéis maidir leis an modheolaíocht agus na toimhdí a úsáidtear chun príomh-mhéadrachtaí tionchair a ríomh i gcomhréir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoi Airteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) agus 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852, agus maidir le haon mhéadracht tionchair bhreise.]

7.  [I gcás ina bhfuil fáil air, miondealú ar an méid dá dtagraítear i bpointe 5 de réir cibé acu a leithdháiltear fáltais ar shócmhainní seasta nó ar shócmhainní airgeadais.]

8.  [I gcás inarb infheidhme, méideanna a chuirtear leis an bpunann tionscadail nó a bhaintear den phunann iad i gcás ina gcuirtear Bannaí Glasa Eorpacha nua leis an bpunann nó ina mbaintear Bannaí Glasa Eorpacha (atá ag teacht in aibíocht) den phunann].

9.  [I gcás ina bhfuil fáil orthu, sonraigh méid agus/nó líon na dtionscadal nua i gcomparáid le méid eisiúintí nua na mBannaí Glasa Eorpacha i mbliain féilire na heisiúna]

10.  [Faisnéis ábhartha eile, amhail príomhtháscairí feidhmíochta comhshaoil, chomh maith le naisc chuig suíomhanna gréasáin ina bhfuil faisnéis ábhartha agus naisc chuig doiciméid phoiblí ábhartha ina bhfuil faisnéis níos mionsonraithe.]

Luach iomlán phunann na mBannaí Glasa Eorpacha gan íoc:

Luach iomlán phunann na sócmhainne atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de:

Luach iomlán phunann na sócmhainní atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a bhaineann le gníomhaíocht thacsanomaíocht-ailínithe:




IARSCRÍBHINN III

TUARASCÁIL TIONCHAIR MAIDIR LE BANNAÍ GLASA EORPACHA

[I gcás ina ndéantar an tuarascáil tionchair a athbhreithniú, léireofar é sin sa teideal.]

Níl an doiciméad seo ná a bhfuil ann faoi réir aon fhormheasa ná aon fhormhuinithe ó ESMA ná ó aon údarás inniúil eile.



1.  Faisnéis ghinearálta

— [Dáta foilsithe na tuarascála tionchair]

— [I gcás inarb infheidhme, dáta foilsithe na tuarascála tionchair athbhreithnithe]

— [Dáta eisiúna an bhanna/na mbannaí nó na dtráinsí den bhanna/de na bannaí]

— [Ainm dlíthiúil an eisitheora]

— [I gcás ina bhfuil fáil air, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) an eisitheora]

— [Seoladh suímh gréasáin a thugann faisnéis d’infheisteoirí maidir le conas teagmháil a dhéanamh leis an eisitheoir]

— [I gcás ina bhfuil fáil air, ainm an bhanna/na mbannaí arna sannadh ag an eisitheoir]

— [I gcás ina bhfuil fáil orthu, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISIN) an bhanna/na mbannaí agus a thráinsí/a tráinse]

— [I gcás ina ndearna athbhreithneoir seachtrach measúnú ar an tuarascáil tionchair, céannacht agus sonraí teagmhála an athbhreithneora sheachtraigh]

— [Más infheidhme, ainm an údaráis inniúil a d’fhormheas an réamheolaire bannaí nó na réamheolairí bannaí]

2.  Faisnéis thábhachtach

— [An ráiteas seo a leanas: “[Úsáideann an banna seo] [Úsáideann na bannaí seo] an t-ainmniú ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1)].”

— [I gcás ina ndearnadh fáltais ó bhannaí a leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán sin, an ráiteas seo a leanas: “[Baineann an Banna Glas Eorpach seo] [Baineann na Bannaí Glasa Eorpacha seo] úsáid as an tsolúbthacht lena gceadaítear neamhailíniú páirteach leis na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (‘na critéir scagtha theicniúla’), mar a thuairiscítear a thuilleadh i Roinn 4 den tuarascáil tionchair seo.”]

3.  Straitéis i leith an chomhshaoil agus réasúnaíocht

Forléargas

— [Faisnéis faoin gcaoi ar rannchuidigh an banna/na bannaí le straitéis chomhshaoil níos leithne an eisitheora.]

— [I gcás inarb infheidhme, míniú ar aon athrú ar straitéis níos leithne an eisitheora i leith an chomhshaoil ó foilsíodh an bhileog fíricí maidir le bannaí glasa Eorpacha.]

— [Na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 arna saothrú leis an mbanna/na bannaí];

Príomhtháscairí feidhmíochta caiteachais chaipitil agus caiteachais oibriúcháin

— [I gcás ina bhfuil an t-eisitheoir faoi réir Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852, tuairisc ar conas agus a mhéid (e.g. arna shloinneadh mar athrú céatadáin bliain ar bhliain) a rannchuidigh na fáltais ó bhannaí le príomhtháscairí feidhmíochta an eisitheora maidir le sócmhainní tacsanomaíocht-ailínithe, láimhdeachas, caiteachas caipitil agus caiteachas oibriúcháin agus tuairisc ar na tréimsí airgeadais inar rannchuidigh siad leo.]

Nasc chuig an bplean um aistriú

— [I gcás ina bhfuil an t-eisitheoir faoi réir oibleagáid pleananna a fhoilsiú de bhun Airteagal 19a(2), pointe (a)(iii), nó, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 29a(2), pointe (a)(iii), de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), nó i gcás ina bhfoilsíonn an t-eisitheoir pleananna aistrithe dá dheoin féin:

— 

— an modh inar rannchuidigh fáltais ó bhannaí le maoiniú agus le cur i ngníomh na bpleananna sin. Féadfar an fhaisnéis a thabhairt ar leibhéal gníomhaíochta eacnamaíche comhiomláine nó ar leibhéal tionscadail ar thionscadal; agus

— nasc chuig an suíomh gréasáin ar a bhfoilsítear na pleananna sin.]

4.  Leithdháileadh na bhfáltas ó bhannaí

[Soláthrófar an fhaisnéis a liostaítear thíos ar a laghad ar leibhéal na gníomhaíochta eacnamaíche, agus go hidéalach ar leibhéal an tionscadail nó an ghrúpa tionscadal. D’fhéadfadh comhaontuithe rúndachta, breithnithe iomaíocha nó líon mór tionscadal cáilitheach bunúsach agus cúinsí comhchosúla a bheith ina n-údar le teorainn a chur leis an méid sonraí a chuirtear ar fáil. I gcás ina leithdháilfear fáltais ó bhannaí ar chaiteachas dá dtagraítear in Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2023/2631 féadfar an fhaisnéis a sholáthar ar leibhéal an chláir.]

Leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha sonracha ailínithe le tacsanomaíocht

[Cion na bhfáltas ó bhannaí a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852, de réir na modheolaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2631:] [XX] % d’fháltais an bhanna.]

[I gcás inar leithdháileadh fáltais ó bhannaí ar ghníomhaíocht eacnamaíoch chumasúcháin nó ar ghníomhaíocht eacnamaíoch idirthréimhseach, ina sonrófar an ghníomhaíocht eacnamaíoch chumasúcháin nó an ghníomhaíocht eacnamaíoch idirthréimhseach agus méid agus cion na bhfáltas a leithdháileadh ar gach cineál gníomhaíochta eacnamaíche cumasúcháin nó gníomhaíochta eacnamaíche idirthréimhsí.]

[I gcás inarb infheidhme, méid agus sciar na sócmhainní a bhaineann le gníomhaíochtaí tacsanomaíocht-ailínithe a bhaineann le fuinneamh núicléach agus gás iontaise i gcomhréir le hAirteagal 10(2) agus 11(3) de Rialachán (AE) 2020/852.]

Leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil ailínithe leis na critéir scagtha theicniúla

[I gcás ina ndearnadh fáltais ó bhannaí a leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2023/2631, ráiteas go ndearnadh na fáltais [glanfháltais] ón mbanna a leithdháileadh i bpáirt ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil ailínithe leis na critéir scagtha theicniúla. Tabharfaidh an t-eisitheoir tuairisc ar an neamhailíniú sin, ar na gníomhaíochtaí lena mbaineann agus ar chéatadán na bhfáltas a leithdháileadh ar na gníomhaíochtaí sin ar bhonn iomlán agus in aghaidh na gníomhaíochta, lena n-áirítear miondealú ina dtugtar tuairisc ar an bpointe nó na pointí d’Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2023/2631 atá nó a bhí á n-úsáid. Thairis sin, míniú ar cén fáth nárbh fhéidir na critéir scagtha theicniúla a chur i bhfeidhm agus míniú ar an gcaoi a bhfuil sé áirithithe ag an eisitheoir go gcomhlíonann na gníomhaíochtaí sin Airteagal 5(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2023/2631 agus Airteagal 3, pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2020/852.]

5.  Tionchar comhshaoil na bhfáltas ó bhannaí

— [Meastachán ar dhea-thionchair agus drochthionchair chomhshaoil i bhfoirm chomhlánaithe.]

— [Faisnéis faoin modheolaíocht agus faoi na toimhdí arna n-úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchair na dtionscadal, i gcás nár cuimsíodh an fhaisnéis sin i mbileog fíricí an bhanna maidir leis an mbanna glas Eorpach.]

— [Faisnéis faoi dhea-thionchair agus faoi dhrochthionchair chomhshaoil na dtionscadal, agus i gcás ina bhfuil fáil orthu, méadrachtaí gaolmhara. I gcás nach bhfuil fáil ar an bhfaisnéis sin ar leibhéal tionscadail, ní mór míniú a thabhairt ina leith.]

— [I gcás inar mian leis an eisitheoir í a chur san áireamh, faisnéis faoi cé acu a rannchuidigh nó nár rannchuidigh an tionscadal le gnéithe inbhuanaitheachta eile den bhanna agus conas a rannchuidigh sé leo, lena n-áirítear gnéithe sóisialta an aistrithe i dtreo neodracht aeráide, amhail trí phoist nua, athsciliú agus bonneagar áitiúil a sholáthar do phobail a ndéanann aistriú gníomhaíochtaí eacnamaíocha i dtreo na hinbhuanaitheachta difear dóibh.]

— [I gcás ina leithdháiltear fáltais ó bhannaí i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2023/2631, tuairisceoidh an t-eisitheoir an fhaisnéis sin ar leithligh le haghaidh na dtionscadal agus na ngníomhaíochtaí sin.]

6.  Faisnéis faoi thuairisciú

— [Nasc chuig suíomh gréasáin an eisitheora dá dtagraítear in Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2023/2631.]

— [I gcás inarb infheidhme, nasc le tuarascálacha ábhartha an eisitheora, amhail an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite nó an tuarascáil inbhuanaitheachta chomhdhlúite de bhun Threoir 2013/34/AE.]

7.  Plean CapEx

[I gcás inarb infheidhme, an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme phlean CapEx dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2023/2631.]

8.  Faisnéis ábhartha eile

(1)   

Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 November 2023 maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht (IO L 2023/2631, 30.11.2023, http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2631/oj).

(2)   

Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(3)   

Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

[I gcás banna urrúsúcháin, déanfar tagairtí don eisitheoir sa doiciméad seo a fhorléiriú mar thagairtí don tionscnóir de réir mar is iomchuí agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfear tagairtí don tionscnóir ina n-ionad.]




IARSCRÍBHINN IV

ÁBHAR ATHBHREITHNITHE RÉAMHEISIÚNA, ATHBHREITHNITHE IAREISIÚNA NÓ ATHBHREITHNITHE AR THUARASCÁLACHA TIONCHAIR

Níl an doiciméad seo ná a bhfuil ann faoi réir aon fhormheasa ná aon fhormhuinithe ó ESMA ná ó aon údarás inniúil eile.



Beidh an teideal ‘Athbhreithniú réamheisiúna’, ‘Athbhreithniú iareisiúna’ nó ‘Athbhreithniú ar Thuarascálacha Tionchair’ le feiceáil go soiléir ar bharr an chéad leathanaigh den doiciméad.

1.  Faisnéis ghinearálta

— [Dáta foilsithe an athbhreithnithe]

— [Dáta eisiúna an bhanna/na mbannaí nó na dtráinsí den bhanna/de na bannaí]

— [Dáta foilsithe na bileoige fíricí gaolmhaire maidir le bannaí glasa Eorpacha, agus i gcás inarb infheidhme, na tuarascála leithdháilte gaolmhaire, nó na tuarascála tionchair]

— [Ainm dlíthiúil an eisitheora]

— [I gcás ina bhfuil fáil air, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) an eisitheora]

— [I gcás ina bhfuil fáil air, ainm an bhanna/na mbannaí arna shannadh ag an eisitheoir]

— [I gcás ina bhfuil fáil orthu, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISIN) an bhanna/na mbannaí agus a thráinsí/a dtráinsí]

— [Céannacht agus sonraí teagmhála an athbhreithneora sheachtraigh, lena n-áirítear a sheoladh gréasáin]

— [Ainm agus teideal poist an phríomhanailísí i ngníomhaíocht mheasúnaithe ar leith]

— [Ainm agus post an duine ar a bhfuil freagracht phríomhúil as an athbhreithniú a fhormheas]

— [I gcás inarb ábhartha, an dáta a tugadh an t-athbhreithniú cothrom le dáta den uair dheireanach agus míniú ina sonraítear an chúis atá leis an nuashonrú]

— [I gcás inarb infheidhme, seirbhísí eile arna soláthar ag an athbhreithneoir seachtrach don eintiteas measúnaithe mar aon le tuairisc ar aon choinbhleachtaí leasa iarbhír nó féideartha]

2.  Réamhráitis

[Le haghaidh athbhreithnithe réamheisiúna: Ráiteas go ndearna athbhreithneoir seachtrach measúnú ar an mbileog fíricí chomhlánaithe maidir le bannaí glasa Eorpacha a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) ]

[Le haghaidh athbhreithnithe iareisiúna: Ráiteas go bhfuil measúnú déanta ag an athbhreithneoir seachtrach ar an tuarascáil iomlán maidir le leithdháileadh na mBannaí Glasa Eorpacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2631]

[Le haghaidh athbhreithnithe ar thuarascálacha tionchair: Ráiteas go ndearna an t-athbhreithneoir seachtrach measúnú ar an tuarascáil tionchair chomhlánaithe maidir le Bannaí Glasa Eorpacha a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2631]

[Ráiteas gurb ionann an t-athbhreithniú sin agus tuairim neamhspleách an athbhreithneora sheachtraigh, agus nach bhfuiltear le brath air ach amháin go leibhéal teoranta]

3.  Ráitis maidir le húsáid fáltas a ailíniú le Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2)

[Ní chuirfear an roinn seo i gcrích ach amháin i gcás athbhreithnithe réamheisiúna nó athbhreithnithe iareisiúna.]

[Ráiteas maidir le hailíniú a dhéanamh ar úsáid na bhfáltas ón mBanna Glas Eorpach (nó ó na Bannaí Glasa Eorpacha) le Rialachán (AE) 2020/852 bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar ag an eisitheoir don athbhreithneoir seachtrach:

— i gcás ina gcuireann an t-athbhreithneoir neamhspleách tuairim dhearfach in iúl, ráiteas go gcomhlíonann an banna/na bannaí — nó go bhfuiltear ag súil go gcomhlíonfaidh sé/siad, i gcás inarb ábhartha - ceanglais Rialachán (AE)2023/2631 maidir le húsáid na bhfáltas;

— i gcás ina gcuireann an t-athbhreithneoir neamhspleách tuairim dhiúltach in iúl, ráiteas nach gcomhlíonann an banna/na bannaí — nó nach bhfuiltear ag súil go gcomhlíonfaidh sé/siad, i gcás inarb ábhartha — ceanglais Rialachán (AE) 2023/2631 maidir le húsáid na bhfáltas, agus nach féidir an t-ainmniú ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ a úsáid ach amháin má chuirtear an banna isteach le haghaidh athbhreithniú nua agus má fhaigheann sé tuairim dhearfach]

4.  Foinsí, modheolaíochtaí measúnúcháin, agus príomhthoimhdí

— [Faisnéis faoi na foinsí ar a bhfuiltear ag brath chun an t-athbhreithniú a ullmhú, lena n-áirítear naisc le sonraí tomhais agus an mhodheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm, i gcás ina bhfuil fáil orthu]

— [Míniú ar na modheolaíochtaí measúnaithe agus na príomhthoimhdí]

— [Míniú ar na toimhdí agus na ceanglais maidir le tacsanomaíocht a úsáideadh, ar na teorainneacha agus ar na neamhchinnteachtaí i ndáil leis na modheolaíochtaí a úsáideadh agus ráiteas soiléir i dtaobh an measann an t-athbhreithneoir seachtrach gur leor cáilíocht na faisnéise arna soláthar ag an eisitheoir nó ag tríú páirtí gaolmhar chun an t-athbhreithniú a dhéanamh agus a mhéid a rinne an t-athbhreithneoir seachtrach iarracht an fhaisnéis a cuireadh ar fáil amhlaidh a fhíorú]

5.  Measúnú agus tuairim

[I ngach cás bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar ag an eisitheoir don athbhreithneoir seachtrach — le sonrú, i gcás inarb iomchuí]

[Le haghaidh athbhreithnithe réamheisiúna:

— Measúnú mionsonraithe i dtaobh an ailíníonn an bhileog fíricí chomhlánaithe le hAirteagail 4 go 8 de Rialachán (AE) 2023/2631;

— Tuairim an athbhreithneora sheachtraigh ar an measúnú thuasluaite;

— I gcás ina bhfuil sé beartaithe fáltais ó bhannaí a leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2023/2631, cuirfear an measúnú agus an tuairim ar fáil i roinn ar leith.]

[Le haghaidh athbhreithnithe iareisiúna:

— Measúnú mionsonraithe ar cibé acu ar leithdháil nó nár leithdháil an t-eisitheoir fáltais ón mbanna ar bhealach a n-ailíníonn le hAirteagail 4 go 7 de Rialachán (AE) 2023/2631.

— Measúnú ar cibé acu ar chomhlíon nó nár chomhlíon an t-eisitheoir úsáid bheartaithe na bhfáltas a leagtar amach sa bhileog fíricí maidir le bannaí glasa;

— Tuairim an athbhreithneora sheachtraigh ar an dá mheasúnú dá dtagraítear sa chéad fhleasc agus sa dara fleasc;

— Le haghaidh sócmhainní nó gníomhaíochtaí atá faoi réir phlean CapEx, measúnú ar chur i gcrích an phlean ar cibé acu an gcomhlíonann na sócmhainní nó na gníomhaíochtaí sin na ceanglais maidir le tacsanomaíocht;

— I gcás ina leithdháilfear fáltais ó bhannaí i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2023/2631, cuirfear an measúnú agus an tuairim ar fáil i roinn ar leith. Cuirfear in iúl sa mheasúnú ar comhlíonadh gach ceann de cheanglais ábhartha an Airteagail sin.]

[Le haghaidh athbhreithnithe ar thuarascálacha tionchair:

— Measúnú ar cibé acu atá eisiúint an bhanna ailínithe le straitéis agus réasúnaíocht comhshaoil níos leithne an eisitheora nó nach bhfuil;

— Measúnú ar an tionchar comhshaoil a luaitear a bheidh ag na fáltais ón mbanna;

— Tuairim an athbhreithneora sheachtraigh ar an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhleasc agus sa dara fleasc.]

6.  Aon fhaisnéis eile

[Aon fhaisnéis eile a d’fhéadfadh an t-athbhreithneoir a mheas gurb ábhartha í i dtaca lena athbhreithniú]

(1)   

Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 November 2023 maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht (IO L, 2023/2631, lch. 30.11.2023, http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2631/oj ).

(2)   

Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

[I gcás banna urrúsúcháin, déanfar tagairtí don eisitheoir sa doiciméad seo a fhorléiriú mar thagairtí don tionscnóir de réir mar is iomchuí agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfear tagairtí don tionscnóir ina n-ionad]



( 1 ) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

( 2 ) Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (OJ L, 2023/2859, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2859/oj).

( 3 ) Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385/58).

( 4 ) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

( 5 ) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

( 6 ) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).