02023R2465 — GA — 14.10.2024 — 001.002
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2465 ÓN gCOIMISIÚN an 17 Lúnasa 2023 (IO L 2465 8.11.2023, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/2506 ÓN gCOIMISIÚN an 3 Iúil 2024 |
L 2506 |
1 |
24.9.2024 |
|
Arna cheartú le:
|
Ceartúchán, IO L 90278, 3.5.2024, lch. 1 ((AE) 2023/24652023/2465) |
|
|
Ceartúchán, IO L 90097, 3.2.2025, lch. 1 (Tarmligthe (AE) 2023/2465L, 2023/2465) |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2465 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Lúnasa 2023
lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh uibheacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 589/2008 ón gCoimisiún
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, forlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 le rialacha maidir le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh uibheacha cearca den speiceas Gallus gallus, cé is moite d’uibheacha goir, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:
na critéir aicmithe;
an leasú agus an láimhseáil;
na ceanglais mharcála agus phacála;
téarmaí roghnacha forchoimeádta a úsáid;
na leibhéil lamháltais;
na coinníollacha maidir le hallmhairí agus onnmhairí.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2466, beidh feidhm ag na sainmhínithe in Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 agus ag pointí 5.2, 5.3, 5.4 agus 7.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004.
Ina theannta sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn ‘paca’ cumhdach ina bhfuil uibheacha Aicme A nó Aicme B, cé is moite de phacáistíocht iompair agus coimeádáin uibheacha chun críche tionsclaíochta;
ciallaíonn ‘díolachán uibheacha scaoilte’ uibheacha a thairiscint don tomhaltóir deiridh lena miondíol, seachas i bpacaí;
ciallaíonn ‘bailitheoir’ aon bhunaíocht atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 chun uibheacha a bhailiú ó tháirgeoir lena seachadadh ar ionad pacála uibheacha, ar mhargadh a dhíolann go heisiach le mórdhíoltóirí a bhfuil a ngnóthais formheasta mar ionaid pacála uibheacha, nó ar an tionscadal bia nó neamhbhia;
ciallaíonn ‘tionscal bia’ aon bhunaíocht ina dtáirgtear táirgí uibhe atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine, cé is moite d’oll-lónadóirí;
ciallaíonn ‘tionscal neamhbhia’ aon ghnólacht a tháirgeann táirgí ina bhfuil uibheacha nach bhfuil ceaptha lena gcaitheamh ag an duine;
ciallaíonn ‘oll-lónadóirí’ na bunaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011;
ciallaíonn ‘uibheacha’ uibheacha i mblaosc — seachas uibheacha atá briste, gortha nó cócaráilte — a dtáirgeann cearca den speiceas Gallus gallus iad agus atá oiriúnach lena gcaitheamh go díreach ag an duine nó chun táirgí uibhe a ullmhú;
ciallaíonn ‘uibheacha briste’ uibheacha a bhfuil scoilteanna sa bhlaosc agus sna scannáin araon, rud a fhágann a bhfuil iontu gan chosaint;
ciallaíonn ‘uibheacha gortha’ uibheacha ó thráth a gcurtha isteach sa ghoradán ar aghaidh;
ciallaíonn ‘uibheacha chun críche tionsclaíochta’ uibheacha nach bhfuil ceaptha lena gcaitheamh ag an duine;
ciallaíonn ‘baisc’ na huibheacha i bpacaí nó scaoilte a thagann ón láithreán táirgthe nó ón ionad pacála uibheacha céanna atá suite in aon áit amháin, uibheacha ag a bhfuil an dáta breithe nó an dáta ar fearr roimhe nó an dáta pacála céanna, an modh feirmeoireachta céanna agus, i gcás uibheacha grádaithe, an grádú cáilíochta agus meáchain céanna;
ciallaíonn ‘athphacáil’ uibheacha a aistriú go fisiciúil go paca eile nó paca ina bhfuil uibheacha a athmharcáil;
ciallaíonn ‘margú’ uibheacha a choimeád chun iad a dhíol, lena n-áirítear iad a thairiscint lena ndíol, a stóráil, a phacáil, a lipéadú, a sheachadadh, nó aon fhoirm aistrithe eile, bíodh sin saor in aisce nó ná bíodh;
ciallaíonn ‘oibreoir’ táirgeoir agus aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a bhfuil baint aige le huibheacha a mhargú;
ciallaíonn ‘láithreán táirgthe’ bunaíocht ina gcoimeádtar béaróga, atá cláraithe i gcomhréir le Treoir 2002/4/CE ón gCoimisiún ( 1 );
ciallaíonn ‘ionad pacála uibheacha’ ionad pacála uibheacha de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2466 agus ina ndéantar uibheacha a ghrádú de réir cáilíochta agus meáchain;
ciallaíonn ‘tomhaltóir deiridh’ an tomhaltóir deiridh táirge bia nach n-úsáidfidh an bia mar chuid d’oibríocht gnólachta bia nó de ghníomhaíocht gnólachta bia ar bith;
ciallaíonn ‘cód táirgeora’ sainuimhir an láithreáin táirgthe de réir phointe 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2002/4/CE.
Airteagal 3
Saintréithe cáilíochta na n-uibheacha
Beidh na saintréithe cáilíochta seo a leanas ag uibheacha Aicme A:
blaosc agus cúitineach: gnáthchruth, glan agus gan damáiste;
aerspás: airde nach mó ná 6 mm, ina stad; mar sin féin, chun uibheacha a mhargú mar uibheacha ‘rí-úr’, ní fhéadfaidh sé a bheith níos mó ná 4 mm;
buíocán: le feiceáil le linn an léasbhraite mar scáth amháin, gan imlíne inaitheanta shoiléir, beagáinín soghluaiste ar chasadh na huibhe, agus filleann sé ar shuíomh lárnach;
gealachán: geal, tréshoilseach;
ginidín: forbairt dhofheicthe;
ábhar eachtrach: ní cheadaítear é;
boladh eachtrach neamhbheartaithe: ní cheadaítear é.
Airteagal 4
Uibheacha a leasú agus a láimhseáil
Airteagal 5
Uibheacha Aicme A a ghrádú de réir meáchain
Déanfar uibheacha Aicme A a ghrádú de réir meáchain mar a leanas:
XL — an-mhór: meáchan ≥ 73 g;
L — mór: meáchan ≥ 63 g agus < 73 g;
M — meánach: meáchan ≥ 53 g agus < 63 g;
S — beag: meáchan < 53 g.
Airteagal 6
Teorainn ama chun uibheacha a ghrádú, a mharcáil agus a phacáil agus chun pacaí a mharcáil
Airteagal 7
Faisnéis a thaispeántar ar phacáistíocht iompair
Gan dochar d’Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, déanfaidh an táirgeoir gach pacáistíocht iompair ina bhfuil uibheacha a shainaithint ag an láithreán táirgthe leis na nithe seo a leanas:
ainm agus seoladh an táirgeora;
an cód táirgeora;
líon na n-uibheacha agus/nó a meáchan;
an dáta nó an tréimhse bhreithe;
an dáta seolta.
I gcás ionaid pacála uibheacha a soláthraítear uibheacha neamhphacáilte dóibh óna n-aonaid táirgthe féin atá suite ar an láithreán céanna, féadfar an tsainaithint ar an bpacáistíocht iompair a dhéanamh ag an ionad pacála uibheacha.
I gcás ina ndéanfar baisceanna a gheobhaidh bailitheoir a fhoroinnt lena seachadadh ar níos mó ná oibreoir amháin, féadfar lipéid iomchuí coimeádán iompair a chur in ionad na ndoiciméad tionlacain, ar choinníoll go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 le fáil ar na lipéid sin.
Airteagal 8
Uibheacha a mharcáil chun iad a sheachadadh thar theorainneacha
Airteagal 9
Tásca ar uibheacha Aicme B
Is éard a bheidh sa tásc dá dtagraítear i gCuid VI, Pointe III(1), an dara fomhír, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ciorcal ar trastomhas 12 mm ar a laghad thart timpeall ar an litir ‘B’ atá 5 mm ar airde ar a laghad, nó spota datha ar trastomhas 5 mm ar a laghad atá sofheicthe gan dua.
Airteagal 10
Marcáil uibheacha a sheachadtar go díreach ar an tionscal bia
Airteagal 11
Pacaí a mharcáil
Beidh an méid seo a leanas le feiceáil i gcló sofheicthe soléite ar dhromchla seachtrach pacaí ina bhfuil uibheacha Aicme A:
cóid na n-ionad pacála uibheacha ina ndearnadh uibheacha a phacáil agus, i gcás inarb iomchuí, a athphacáil;
an grádú cáilíochta; déanfar pacaí a shainaithint leis na focail ‘Aicme A’ nó leis an litir ‘A’, bíodh an méid sin leis féin nó i dteannta na bhfocal ‘úr’ nó ‘uibheacha úra’;
an grádú meáchain i gcomhréir le hAirteagal 5;
an dáta ar fearr roimhe i gcomhréir le hAirteagal 9(1), pointe (f), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011;
an fhoclaíocht ‘uibheacha nite’ i gcás uibheacha a níodh i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán seo;
mar choinníoll speisialta stórála i gcomhréir le hAirteagal 9(1), pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, tásc lena gcuirtear comhairle ar thomhaltóirí uibheacha a choimeád fuaraithe tar éis iad a cheannach.
Chun an modh feirmeoireachta a shainaithint, ní úsáidfear ach na téarmaí seo a leanas:
i gcás na feirmeoireachta traidisiúnta, na téarmaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;
i gcás an táirgthe orgánaigh, na téarmaí a leagtar amach in Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ).
Míneofar brí an chóid táirgeora ar an bpaca nó laistigh de.
Beidh an méid seo a leanas le feiceáil i gcló sofheicthe soléite ar dhromchla seachtrach pacaí ina bhfuil uibheacha Aicme B:
cód an ionaid pacála uibheacha;
an grádú cáilíochta; déanfar pacaí a shainaithint leis na focail ‘Aicme B’ nó leis an litir ‘B’;
an dáta pacála.
Airteagal 12
Téarmaí roghnacha forchoimeádta a bhaineann le cáilíocht
Airteagal 13
Téarmaí roghnacha forchoimeádta a bhaineann le beatha
I gcás ina n-úsáidfear tásc maidir leis an mbealach a bheathaítear na béaróga, beidh feidhm ag na ceanglais íosta seo a leanas:
ní fhéadfar tagairt a dhéanamh do ghránaigh mar chomhábhar beatha ach amháin i gcás inar 60 % de réir meáchain ar a laghad den fhoirmle bheatha a thabharfar iad, nach bhféadfaidh seachtháirgí gránach a bheith níos mó ná 15 % di;
gan dochar don mhéid íosta 60 % dá dtagraítear i bpointe (a), i gcás ina ndéanfar tagairt do ghránach sonrach, is 30 % ar a laghad den fhoirmle bheatha a úsáidfear a bheidh ann. I gcás ina ndéanfar tagairt shonrach do níos mó ná gránach amháin, is 5 % ar a laghad den fhoirmle bheatha a úsáidfear a bheidh i ngach ceann acu.
Airteagal 14
Faisnéis atá le taispeáint i gcás díolachán uibheacha scaoilte
I gcás díolachán uibheacha scaoilte, tabharfar an fhaisnéis seo a leanas ar chaoi ina mbeidh an tomhaltóir in ann í a fheiceáil agus a léamh gan dua:
an grádú cáilíochta;
an grádú meáchain i gcomhréir le hAirteagal 5;
tásc maidir leis an modh feirmeoireachta mar a leagtar síos in Airteagal 11(2);
míniú ar bhrí an chóid táirgeora;
an dáta ar fearr roimhe.
Airteagal 15
Cáilíocht na bpacaí
Gan dochar do na ceanglais maidir le cumhdach agus pacáistiú táirgí bia a leagtar síos i gCaibidil X d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004, beidh pacaí turraingfhriotaíoch tirim glan, beidh dea-bhail orthu agus déanfar iad as ábhair a chosnaíonn na huibheacha ar bholadh coimhthíoch agus an riosca go dtiocfaidh meath ar an gcáilíocht.
Airteagal 16
Uibheacha chun críche tionsclaíochta a phacáil
Déanfar uibheacha chun críche tionsclaíochta a mhargú i gcoimeádáin phacáistíochta ar a mbeidh banda dearg nó lipéad dearg.
Taispeánfar an méid seo a leanas ar na bandaí agus na lipéid sin:
ainm agus seoladh an oibreora dá mbeartaítear na huibheacha;
ainm agus seoladh an oibreora a sheol na huibheacha;
na focail ‘uibheacha chun críche tionsclaíochta’ i gceannlitreacha atá 2 cm ar airde, agus na focail ‘neamhoiriúnach lena gcaitheamh ag an duine’ i litreacha atá 8 mm ar airde ar a laghad.
Airteagal 17
Athphacáil
Maidir le huibheacha Aicme A pacáilte, ní fhéadfaidh ach ionaid pacála uibheacha iad a athphacáil. Ní bheidh ach uibheacha de bhaisce amháin i ngach paca.
Airteagal 18
Lamháltas le haghaidh lochtanna cáilíochta
Ceadófar na lamháltais seo a leanas agus baisceanna uibheacha Aicme A á seiceáil:
ag an ionad pacála uibheacha, díreach roimh a seolta: lochtanna cáilíochta ar 5 % d’uibheacha;
le linn na gcéimeanna margaíochta eile: lochtanna cáilíochta ar 7 % d’uibheacha.
Airteagal 19
Lamháltas le haghaidh mheáchan na n-uibheacha
Airteagal 20
Lamháltas maidir le huibheacha a mharcáil
Ceadófar lamháltas ar dá réir a bheidh marcanna doléite ar 20 % de na huibheacha agus baisceanna agus pacaí á seiceáil.
Airteagal 21
Uibheacha atá le honnmhairiú go tríú tíortha
Féadfar a cheangal maidir le huibheacha a phacálfar agus a bheartófar lena n-onnmhairiú chuig tríú tíortha go gcomhlíonfaidh siad ceanglais atá éagsúil leis na ceanglais a leagtar síos i gCuid VI d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus sa Rialachán seo a mhéid a bhaineann le cáilíocht, marcáil agus lipéadú, nó ceanglais bhreise.
Airteagal 22
Uibheacha allmhairithe
I gcás nach mbeidh ráthaíocht leordhóthanach ann maidir le coibhéis na rialacha dá dtagraítear i mír 1, beidh an méid seo a leanas le feiceáil i gcló sofheicthe soléite ar dhromchla seachtrach pacaí ina bhfuil uibheacha a allmhaireofar ón tríú tír lena mbaineann:
an tír thionscnaimh;
an modh feirmeoireachta: ‘caighdeán neamh-AE’.
Airteagal 23
Eisceachtaí le haghaidh na rann Francacha thar lear
Airteagal 24
Eisceachtaí le haghaidh réigiúin áirithe de chuid na Fionlainne
Uibheacha a dhíolfaidh an táirgeoir go díreach le hasraonta miondíola sna réigiúin a liostaítear in Iarscríbhinn III, déanfar iad a dhíolmhú ó cheanglais Chuid VI d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus ó cheanglais an Rialacháin seo. Mar sin féin, ní mór an modh feirmeoireachta a shainaithint go cuí i gcomhréir le hAirteagal 11(2) agus le hAirteagal 14, pointe (c), den Rialachán seo.
Airteagal 25
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 589/2008.
Léireofar tagairtí don Rialachán aisghairthe mar thagairtí don Rialachán seo agus do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2466 agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 26
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
IARSCRÍBHINN I
Téarmaí dá dtagraítear in Airteagal 11(2), an dara fomhír, pointe (a)
|
Cód teanga |
1 |
2 |
3 |
|
BG |
‘Яйца от кокошки – свободно отглеждане на открито’ |
‘Яйца от кокошки – подово отглеждане’ |
‘Яйца от кокошки - оглеждани в уголемени клетки’ |
|
ES |
‘Huevos de gallinas camperas’ |
‘Huevos de gallinas sueltas en el gallinero’ |
‘Huevos de gallinas criadas en jaulas acondicionadas’ |
|
CZ |
‘Vejce nosnic ve volném výběhu’ |
‘Vejce nosnic v halách’ |
‘Vejce nosnic v klecích/obohacené klece’ |
|
DA |
‘Frilandsæg’ |
‘Skrabeæg’ |
‘Æg fra stimulusberigede bure’ |
|
DE |
‘Eier aus Freilandhaltung’ |
‘Eier aus Bodenhaltung’ |
‘Eier aus ausgestalteter Käfighaltung’ |
|
ET |
‘Vabalt peetavate kanade munad’ |
‘Õrrekanade munad’ |
‘Täiustatud puuris peetavate kanade munad’ |
|
EL |
‘Αυγά ελεύθερης βοσκής’ |
‘Αυγά αχυρώνα ή αυγά στρωμνής’ |
‘Αυγά αναβαθμισμένων/διευθετημένων κλωβών’ |
|
EN |
‘Free range eggs’ |
‘Barn eggs’ |
‘Eggs from enriched cages hens’ |
|
FR |
‘Œufs de poules élevées en plein air’ |
‘Œufs de poules élevées au sol’ |
‘Œufs de poules élevées en cages aménagées’ |
|
HR |
‘Jaja iz slobodnog uzgoja’ |
‘Jaja iz štalskog (podnog) uzgoja’ |
‘Jaja iz obogaćenih kaveza’ |
|
GA |
‘Uibheacha saor-raoin’ |
‘Uibheacha sciobóil’ |
‘Uibheacha ó chearca a choinnítear i gcásanna cúbarnaí feabhsaithe’ |
|
IT |
‘Uova da allevamento all’aperto’ |
‘Uova da allevamento a terra’ |
‘Uova da allevamento in gabbie attrezzate’ |
|
LV |
‘Brīvās turēšanas apstākļos dētās olas’ |
‘Kūtī dētas olas’ |
‘Uzlabotos sprostos dētas olas’ |
|
LT |
‘Laisvai laikomų vištų kiaušiniai’ |
‘Ant kraiko laikomų vištų kiaušiniai’ |
‘Pagerintuose narveliuose laikomų vištų kiaušiniai’ |
|
HU |
‘Szabad tartásban termelt tojás’ |
‘Alternatív tartásban termelt tojás’ |
‘Berendezett ketrecben termelt tojás’ |
|
MT |
‘Bajd tat-tiġieg imrobbija barra’ |
‘Bajd tat-tiġieġ imrobbija ma’ l-art |
‘Bajd tat-tiġieġ imrobbija f’gaġeġ arrikkiti‘ |
|
NL |
‘Eieren van hennen met vrije uitloop’ |
‘Scharreleieren’ |
‘Verrijkte kooi-eieren’ |
|
PL |
‘Jaja z chowu na wolnym wybiegu’ |
‘Jaja z chowu ściółkowego’ |
‘Jaja z chowu w ulepszonych klatkach’ |
|
PT |
‘Ovos de galinhas criadas ao ar livre’ |
‘Ovos de galinhas criadas no solo’ |
‘Ovos de galinhas criadas em gaiolas melhoradas’ |
|
RO |
‘Ouă de găini crescute în aer liber’ |
‘Ouă de găini crescute în hale la sol’ |
‘Ouă de găini crescute în baterii îmbunătățite’ |
|
SK |
‘Vajcia z chovu na voľnom výbehu’ |
‘Vajcia z podstielkového chovu’ |
‘Vajcia z chovu v obohatených klietkach’ |
|
SL |
‘Jajca iz proste reje’ |
‘Jajca iz hlevske reje’ |
‘Jajca iz reje v obogatenih kletkah’ |
|
FI |
‘Ulkokanojen munia’ |
‘Lattiakanojen munia’ |
‘Virikehäkkikanojen munia’ |
|
SV |
‘Ägg från utehöns’ |
‘Ägg från frigående höns inomhus’ |
‘Ägg från höns i inredda burar’ |
IARSCRÍBHINN II
Ceanglais íosta le haghaidh córais táirgthe i gcás na modhanna éagsúla feirmeoireachta uibheacha dá dtagraítear in Airteagal 11(3)
1. Ní mór ‘uibheacha saor-raoin’ a tháirgeadh i gcórais táirgthe a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4 de Threoir 1999/74/CE ar a laghad.
Ní mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh, go háirithe:
ní mór rochtain leanúnach a bheith ag cearca ar chlóis faoin aer i rith an lae. Mar sin féin, ní chuireann an ceanglas sin cosc ar tháirgeoir srian a chur leis an rochtain sin ar feadh tréimhse teoranta le linn uaireanta na maidine i gcomhréir le gnáth-dhea-chleachtas na feirmeoireachta, lena n-áirítear dea-chleachtas na feirmeoireachta ainmhithe. I gcás inar forchuireadh srianta sealadacha ar bhonn reachtaíocht an Aontais, féadfar uibheacha a mhargú mar ‘uibheacha saor-raoin’ d’ainneoin an tsriain sin;
ní mór clóis faoin aer a bhfuil rochtain ag cearca orthu a bheith cumhdaithe le fásra den chuid is mó agus ní mór gan iad a úsáid chun críocha eile cé is moite d’úlloird, coillearnach agus innilt beostoic. Féadfaidh na húdaráis inniúla úsáid na gclós faoin aer chun críocha eile a údarú, go háirithe suiteáil painéil gréine, nach bhfuil ag teacht salach ar na coinníollacha leasa ainmhithe a leagtar síos i dTreoir 1999/74/CE agus nach gcuireann teorainn le soghluaisteacht na gcearc;
maidir le dlús stocála uasta na gclós faoin aer, ní mór nach mó é ná 2 500 cearc in aghaidh an heicteáir talún atá ar fáil do na cearca nó ná cearc amháin in aghaidh an 4 m2 i gcónaí. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil 10 m2 ar a laghad in aghaidh na circe ar fáil agus i gcás ina ndéantar uainíocht agus ina dtugtar rochtain chothrom ar an limistéar iomlán do na cearca ar feadh shaol na healta, ní mór a áirithiú go bhfuil 2,5 m2 in aghaidh na circe ar a laghad ar fáil i ngach banrach a úsáidtear tráth ar bith;
ní mór nach dtéann clóis faoin aer níos faide ná 150 m ón gcomhla is gaire den fhoirgneamh. Mar sin féin, is ceadmhach síneadh suas le 350 m ón gcomhla is gaire den fhoirgneamh ar choinníoll go bhfuil líon leordhóthanach foscadán dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe 3(b)(ii), de Threoir 1999/74/CE scaipthe go cothrom ar fud an chlóis faoin aer go léir agus go bhfuil ceithre fhoscadán ar a laghad in aghaidh an heicteáir ann.
2. Ní mór ‘uibheacha sciobóil’ a tháirgeadh i gcórais táirgthe a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4 de Threoir 1999/74/CE ar a laghad.
3. Ní mór uibheacha ó ‘chásanna saibhrithe’ a tháirgeadh i gcórais táirgthe a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 6 de Threoir 1999/74/CE ar a laghad.
4. Féadfaidh na Ballstáit maoluithe ar phointí 1 agus 2 den Iarscríbhinn seo a údarú i gcás bunaíochtaí a bhfuil níos lú ná 350 béaróg acu nó a bhfuil béaróga goir á dtógáil acu a mhéid a bhaineann leis na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe 1(d), pointe 1(e), pointe 2, pointe 3(a)(i) agus pointe 3(b)(i), de Threoir 1999/74/CE.
IARSCRÍBHINN III
Réigiúin de chuid na Fionlainne dá dtagraítear in Airteagal 24
IARSCRÍBHINN IV
Tábla comhghaoil
|
Rialachán (CE) Uimh. 589/2008 |
An Rialachán seo |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2466 |
|
Airteagal 1 |
Airteagal 2 |
Airteagal 2 |
|
Airteagal 2(1) |
Airteagal 3(1) |
|
|
Airteagal 2(2) agus (3) |
Airteagal 4(1) agus (2) |
|
|
Airteagal 2(4) |
Airteagal 3(2) |
|
|
Airteagal 3 |
Airteagal 4(3) agus (4) |
|
|
Airteagal 4 |
Airteagal 5 |
|
|
Airteagal 5 |
|
Airteagal 3 |
|
Airteagal 6 |
Airteagal 6 |
|
|
Airteagal 7 |
Airteagal 7 |
|
|
Airteagal 8 |
Airteagal 8 |
|
|
Airteagal 9 |
|
Airteagal 4 |
|
Airteagal 10 |
Airteagal 9 |
|
|
Airteagal 11 |
Airteagal 10 |
|
|
Airteagal 12 |
Airteagal 11 |
|
|
Airteagal 13 |
— |
— |
|
Airteagal 14 |
Airteagal 12 |
|
|
Airteagal 15 |
Airteagal 13 |
|
|
Airteagal 16 |
Airteagal 14 |
|
|
Airteagal 17 |
Airteagal 15 |
|
|
Airteagal 18 |
Airteagal 16 |
|
|
Airteagal 19 |
Airteagal 17 |
|
|
Airteagal 20 |
|
Airteagal 5 |
|
Airteagal 21 |
|
Airteagal 6 |
|
Airteagal 22 |
|
Airteagal 7 |
|
Airteagal 23 |
|
Airteagal 8 |
|
Airteagal 24 |
|
Airteagal 9 |
|
Airteagal 25 |
|
Airteagal 10 |
|
Airteagal 26 |
Airteagal 18 |
|
|
Airteagal 27 |
Airteagal 19 |
|
|
Airteagal 28 |
Airteagal 20 |
|
|
Airteagal 29 |
Airteagal 21 |
|
|
Airteagal 30 |
Airteagal 22 |
|
|
Airteagal 32 |
|
Airteagal 11 |
|
Airteagal 33 |
Airteagal 23 |
|
|
Airteagal 34 |
Airteagal 24 |
|
|
Airteagal 35 |
— |
— |
|
Airteagal 36 |
— |
— |
|
Airteagal 37 |
— |
Airteagal 12 |
|
Iarscríbhinn I |
Iarscríbhinn I |
|
|
Iarscríbhinn II |
Iarscríbhinn II |
|
|
Iarscríbhinn III |
Iarscríbhinn III |
|
( 1 ) Treoir 2002/4/CE ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2002 maidir le clárú bunaíochtaí ina gcoimeádtar béaróga, a chumhdaítear le Treoir 1999/74/CE ón gComhairle (IO L 30, 31.1.2002, lch. 44).
( 2 ) Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).