02023R2053 — GA — 08.04.2024 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2023/2053 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meán Fómhair 2023

lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (AE) 2017/2107 agus (AE) 2019/833, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2016/1627

(IO L 238 27.9.2023, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2024/897 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 13 Márta 2024

  L 897

1

19.3.2024




▼B

RIALACHÁN (AE) 2023/2053 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meán Fómhair 2023

lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (AE) 2017/2107 agus (AE) 2019/833, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2016/1627



CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha ginearálta chun go ndéanfaidh an tAontas an plean ilbhliantúil bainistíochta don tuinnín gorm (Thunnus thynnus) san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir a chur chun feidhme go haonfhoirmeach éifeachtach, faoi mar a ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (‘ICCAT’) leo.

Airteagal 2

Raon Feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

soithí iascaireachta an Aontais agus soithí de chuid an Aontais a bhíonn i mbun iascaigh áineasa ar soithí iad:

(i) 

a ghabhann an tuinnín gorm laistigh de Limistéar an Choinbhinsiúin; agus

(ii) 

a dhéanann trasloingsiú nó iompar ar bord loinge, lena n-áirítear lasmuigh de Limistéar an Choinbhinsiúin, ar an tuinnín gorm a ghabhtar i Limistéar an Choinbhinsiúin;

(b) 

feirmeacha de chuid an Aontais;

(c) 

soithí iascaireachta tríú tír agus soithí tríú tír a bhíonn i mbun iascaigh áineasa in uiscí an Aontais agus soithí a bhíonn ag iascach ar thuinníní gorma i Limistéar an Choinbhinsiúin;

(d) 

soithí tríú tír a ndéantar cigireacht orthu i gcalafoirt de chuid na mBallstát agus a mbíonn tuinníní gorma ar bord acu a gabhadh i Limistéar an Choinbhinsiúin nó táirgí iascaigh de thionscnamh tuinníní gorma a gabhadh in uiscí an Aontais agus nár tugadh i dtír cheana nó nár trasloingsíodh i gcalafoirt cheana.

Airteagal 3

Cuspóir

Is é is cuspóir don Rialachán seo plean ilbhliantúil bainistíochta don tuinnín gorm, faoi mar a ghlac ICCAT leis, a chur chun feidhme, ar plean é a bhfuil sé mar aidhm leis bithmhais an tuinnín ghoirm a choinneáil os cionn na leibhéal a theastaíonn le go mbeadh UTI ann.

Airteagal 4

Gaol le gníomhartha eile de chuid an Aontais

Mura sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo, tá feidhm ag an Rialachán seo, gan dochar do ghníomhartha eile de chuid an Aontais lena rialaítear earnáil na hiascaireachta, go háirithe:

(1) 

Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(2) 

Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;

(3) 

Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );

(4) 

Rialachán (AE) 2017/2107;

(5) 

Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ).

▼M1

Airteagal 5

Sainmhínithe

Chun críoch an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “ICCAT” an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh;

(2) 

ciallaíonn “SCRS” Buanchoiste ICCAT um Thaighde agus um Staidreamh;

(3) 

ciallaíonn “an Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh;

(4) 

ciallaíonn “Limistéar an Choinbhinsiúin” an ceantar geografach, mar a leagtar amach in Airteagal I den Choinbhinsiún;

(5) 

ciallaíonn “CPC” Páirtí Conarthach sa Choinbhinsiún agus páirtí comhoibritheach neamhchonarthach, eintiteas comhoibritheach neamhchonarthach, nó eintiteas comhoibritheach neamhchonarthach iascaireachta;

(6) 

ciallaíonn “oibreoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach a oibríonn nó a shealbhaíonn gnóthas ar bith atá ag tabhairt faoi cheann ar bith de na gníomhaíochtaí a bhaineann le céim ar bith de na slabhraí táirgthe, próiseála, margaíochta, dáilte agus miondíola ar tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe;

(7) 

ciallaíonn “Ballstát feirme” nó “an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm” an Ballstát a bhfuil an fheirm lonnaithe faoina dhlínse;

(8) 

ciallaíonn “Ballstát brataí” an Ballstát a bhfuil an soitheach iascaireachta faoina bhratach;

(9) 

ciallaíonn “Ballstát an ghaiste” nó “an Ballstát atá freagrach as an ngaiste” an Ballstát a bhfuil an gaiste lonnaithe faoina dhlínse;

(10) 

ciallaíonn “soitheach iascaireachta” aon soitheach cumhachtaithe a úsáidtear chun acmhainní an tuinnín ghoirm a shaothrú ar bhonn tráchtála, lena n-áirítear soithí gabhála, soithí próiseála, soithí tacaíochta, soithí tarraingthe, soithí atá ag gabháil don trasloingsiú, soithí iompair atá feistithe le táirgí an tuinnín a iompar agus soithí coimhdeachta, seachas soithí coimeádán;

(11) 

ciallaíonn “soitheach gabhála” soitheach a úsáidtear chun acmhainní tuinnín ghoirm a ghabháil ar bhonn tráchtála;

(12) 

ciallaíonn “soitheach tarraingthe” aon soitheach a úsáidtear chun caighin tuinnín ghoirm bheo a tharraingt;

(13) 

ciallaíonn “soitheach próiseála” soitheach ar a ndéantar ceann amháin nó níos mó de na hoibríochtaí a leanas ar tháirgí iascaigh, sula ndéantar iad a phacáil: filléadú nó slisniú, reo agus/nó próiseáil;

(14) 

ciallaíonn “soitheach tacaíochta” aon soitheach iascaireachta, seachas soitheach gabhála, soitheach próiseála, soitheach tarraingthe, soitheach atá ag gabháil don trasloingsiú, soitheach iompair atá feistithe chun táirgí tuinnín nó soitheach coimhdeachta a iompar agus atá údaraithe chun oibriú in iascach an tuinnín ghoirm chun cúraimí tacaíochta a dhéanamh;

(15) 

ciallaíonn “soitheach coimhdeachta” aon soitheach a úsáidtear chun tuinnín gorm marbh (gan phróiseáil) a iompar ó chaighean iompair nó feirmeoireachta, ó shoitheach peas-saighne nó ó ghaiste chuig calafort ainmnithe nó chuig soitheach próiseála;

(16) 

is éard is “soitheach cósta mionscála” ann soitheach gabhála a bhfuil rud nach lú ná trí cinn de na cúig thréith seo a leanas ag roinnt leis:

(a) 

fad iomlán is lú ná 12 mhéadar;

(b) 

ní dhéanann an soitheach a chuid iascaireachta ach amháin laistigh de na huiscí atá i ndlínse an Bhallstáit brataí;

(c) 

is lú ná 24 uair an chloig fad na dturas iascaireachta;

(d) 

bunaítear gurb é ceathrar líon uasta ball den chriú;

(e) 

déanann an soitheach iascaireacht agus úsáid á baint as teicnící atá roghnaitheach agus ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol;

(17) 

ciallaíonn “soitheach spiléir peiligeach mórscála” soitheach spiléir peiligeach is mó ná 24 mhéadar a fhad iomlán;

(18) 

ciallaíonn “iascach áineasa” gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála lena saothraítear acmhainní bitheolaíocha mara chun críoch áineasa, turasóireachta nó spóirt;

(19) 

ciallaíonn “peas-saighean” aon líon ciorclaithe a bhfuil a bhun tarraingthe le chéile ag braighdín íochtair ag bun an lín, agus an braighdín sin ag dul trí shraith fáinní ar feadh na téide grinnill i dtreo is gur féidir an líon a fháscadh agus a dhúnadh;

(20) 

ciallaíonn “comhoibríocht iascaireachta” aon oibríocht ina bhfuil dhá shoitheach peas-saighne nó níos mó páirteach agus ina ndéantar gabháil de chuid soitheach peas-saighne amháin a shannadh do shoitheach peas-saighne eile nó níos mó i gcomhréir le scála leithdháilte na gcion;

(21) 

ciallaíonn “grúpa trealaimh” grúpa de shoithí iascaireachta arb é an trealamh céanna atá in úsáid acu agus ar leithdháileadh cuóta grúpa orthu;

(22) 

ciallaíonn “iarracht iascaireachta” an toradh a bhíonn ar acmhainneacht an tsoithigh iascaireachta, agus an toradh a bhíonn ar ghníomhaíocht soithigh iascaireachta chun déine a chuid oibríochtaí iascaireachta a thomhas; bíonn éagsúlacht sa tomhas sin ó threalamh go trealamh; is é líon na nduán nó líon na n-uaireanta duáin an tomhas atá ann i gcás iascaigh spiléir; is é líon na laethanta bádóireachta an tomhas atá ann i gcás na soithí peas-saighne (aga iascaireachta agus aga cuardaigh);

(23) 

ciallaíonn “iascaireacht go gníomhach”, i gcás aon soitheach gabhála, an ghabháil a fhéachann an soitheach sin lena dhéanamh ar thuinnín gorm i rith séasúr iascaireachta ar leith;

(24) 

ciallaíonn “DGTG” doiciméad um ghabháil tuinnín ghoirm;

(25) 

ciallaíonn “r-DGTG” doiciméad leictreonach um ghabháil tuinnín ghoirm;

(26) 

ciallaíonn “trasloingsiú” gach a bhfuil nó cuid dá bhfuil de tháirgí iascaireachta ar bord soitheach iascaireachta a athluchtú go soitheach iascaireachta eile; mar sin féin, an t-athluchtú a dhéantar ar an tuinnín gorm marbh ón bpeas-saighean, ón ngaiste, nó ón soitheach tarraingthe ar shoitheach coimhdeachta, is éard a mheastar nach trasloingsiú atá san athluchtú sin;

(27) 

ciallaíonn “tuinnín gorm beo” tuinnín gorm a choinnítear beo ar feadh tréimhse áirithe i ngaiste, nó an tuinnín a aistrítear agus é beo chuig ionad feirmeoireachta, nó tuinnín a bhíonn i gcaighean, nó á thógáil ar fheirm, tuinnín a a dhéantar a shaothrú i ndeireadh ama, nó tuinnín a scaoiltear saor;

(28) 

ciallaíonn “saothrú” tuinnín gorm a mharú ar fheirmeacha nó i ngaistí;

(29) 

ciallaíonn “gaiste” trealamh feistithe ar ancaire ar an ngrinneall, a mbíonn treoireangach ina cuid de go hiondúil agus lena dtreoraítear tuinníní gorma isteach i bhfál nó sraith d’fhálta, áit a gcoimeádtar é sula ndéantar é a shaothrú;

(30) 

ciallaíonn “cur i gcaighean” tuinnín gorm a athlonnú ar fheirmeacha agus iad a bheathú ina dhiaidh sin chun iad a ramhrú agus an bhithmhais iomlán atá iontu a mhéadú;

(31) 

ciallaíonn “cur i gcaighean rialaithe” an oibríocht cur i gcaighean a dhéantar arís agus arís eile arna iarraidh sin do na húdaráis rialaithe, chun líon agus nó meánmheáchan na n-iasc atá á gcur i gcaighean a fhíorú;

(32) 

ciallaíonn “feirmeoireacht” nó “ramhrú” tuinnín gorm a chur i gcaighean ar fheirmeacha agus iad a bheathú ina dhiaidh sin chun iad a ramhrú agus a mbithmhais iomlán a mhéadú;

(33) 

ciallaíonn “feirm” limistéar muirí, i suíomh amháin nó níos mó a bhfuil gach ceann acu sainithe go soiléir le comhordanáidí geografacha le sainmhíniú soiléir ar dhomhanfhad agus ar dhomhanleithead do gach ceann de phointí an pholagáin, a úsáidtear chun tuinnín gorm arna ghabháil le gaistí nó soithí peas-saighne a ramhrú nó a shaothrú;

(34) 

ciallaíonn “acmhainneacht feirmeoireachta ionchuir” an t-uasmhéid tuinnín ghoirm fhiáin i dtonaí a cheadaítear d’fheirm a chur i gcaighean le linn séasúr iascaireachta;

(35) 

ciallaíonn “aistriú” aistriú a dhéanamh ar ní ar bith de na nithe seo a leanas:

(a) 

tuinnín gorm beo ó líon an tsoithigh gabhála chuig an gcaighean iompair;

(b) 

tuinnín gorm beo ón ngaiste go dtí an caighean iompair, bíodh soitheach tarraingthe i láthair nó ná bíodh;

(c) 

tuinnín gorm beo ón gcaighean iompair chuig caighean iompair eile;

(d) 

caighean a bhfuil an tuinnín gorm beo ann ó shoitheach tarraingthe amháin chuig soitheach tarraingthe eile;

(e) 

tuinnín gorm beo idir caighin éagsúla san aon fheirm amháin (aistriú laistigh den fheirm);

(f) 

tuinnín gorm beo ó fheirm chuig caighean iompair;

(36) 

ciallaíonn “aistriú rialaithe” athdhéanamh aon aistrithe a chuirtear chun feidhme arna iarraidh sin do na húdaráis rialaithe;

(37) 

ciallaíonn “aistriú idir feirmeacha” tuinnín gorm beo a athlonnú ó fheirm amháin go feirm eile ina bhfuil dhá chéim, aistriú ó chaighean na feirme deontóra go caighean iompair agus cur i gcaighean ón gcaighean iompair go dtí caighean na feirme glactha;

(38) 

ciallaíonn “an chéad aistriú” tuinnín gorm beo a aistriú ó pheas-saighean nó ó ghaiste chuig caighean iompair;

(39) 

ciallaíonn “aistriú breise” aon aistriú a dhéantar tar éis an chéad aistrithe agus roimh an gcur i gcaighean ar an bhfeirm chinn scríbe, mar shampla a bhfuil sa dá chaighean iompair a roinnt nó a chumasc, cé is moite d’aistrithe deonacha nó rialaithe;

(40) 

ciallaíonn “aistriú deonach” athdhéanamh aon aistrithe a chuireann an t-oibreoir deontóra chun feidhme go deonach;

(41) 

ciallaíonn “ceamara rialaithe” ceamara steiréascópach nó gnáth-fhíscheamara chun críoch na rialuithe de bhun an Rialacháin seo;

(42) 

ciallaíonn “ceamara steiréascópach” ceamara ar a bhfuil dhá lionsa nó rud is mó ná dhá lionsa, agus braiteoir íomhánna nó fráma scannáin ar leith le haghaidh gach lionsa ionas gur féidir íomhánna tríthoiseacha a thógáil ar mhaithe le fad an éisc a thomhas;

(43) 

ciallaíonn “oibreoir deontóra” máistir an tsoithigh, nó ionadaí de chuid mháistir an tsoithigh gabhála nó tarraingthe, nó oibreoir na feirme nó an ghaiste, nó ionadaí de chuid oibreoir na feirme nó oibreoir an ghaiste, as a dtionscnaíonn oibríocht aistrithe, ach amháin i gcás aistrithe deonacha agus rialaithe;

(44) 

Ciallaíonn “Ballstát an oibreora deontóra” an Ballstát a fheidhmíonn a dhlínse ar an oibreoir deontóra.

▼B

CAIBIDIL II

Bearta Bainistíochta

Airteagal 6

Coinníollacha a bhaineann le bearta bainistíochta iascaigh

1.  
Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh iarracht iascaireachta a shoithí gabhála agus a ghaistí i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta le haghaidh tuinníní gorma atá ar fáil don Bhallstát sin san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir. Áireofar sna bearta a ghlacfaidh na Ballstáit cuótaí aonair a bhunú le haghaidh na soithí gabhála dá gcuid is faide ná 24 mhéadar san iomlán agus a áirítear ar an liosta soithí údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 26.
2.  
Ceanglóidh gach Ballstát ar shoithí gabhála dul láithreach bonn chuig calafort a ainmneoidh an Ballstát sin nuair a mheasfar go bhfuil cuóta aonair an tsoithigh ídithe, i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
3.  
Ní cheadófar oibríochtaí cairtfhostaithe san iascach ar thuinníní gorma.

Airteagal 7

Tuinníní gorma beo nár saothraíodh a thabhairt anonn

▼M1

1.  
Ní fhéadfar a cheadú tuinnín gorm beo ó ghabháil ó bhlianta roimhe sin laistigh d’fheirm nár saothraíodh a thabhairt anonn, ach amháin má dhéanann an Ballstát córas rialaithe athneartaithe a fhorbairt agus a thuairisciú don Choimisiún. Beidh an córas sin ina chuid lárnach de phlean bliantúil faireacháin, rialaithe agus cigireachta an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 14 agus áireofar ann na bearta a bhunaítear de bhun Airteagail 56c, 56d agus 61 ar a laghad.

▼B

2.  

Má cheadaítear tabhairt anonn i gcomhréir le mír 1, beidh feidhm ag na pointí seo a leanas:

(a) 

faoin 25 Bealtaine gach bliain, déanfaidh na Ballstáit atá freagrach as feirmeacha dearbhú bliantúil maidir le tabhairt anonn a chomhlánú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus áireofar ann an méid seo a leanas:

(i) 

cainníochtaí (arna sloinneadh in kg) agus líon na n-iasc a bheartaítear a thabhairt anonn,

(ii) 

bliain na gabhála,

(iii) 

meánmheáchan,

(iv) 

Ballstát brataí nó CPC,

(v) 

tagairtí don Doiciméad um Ghabháil Tuinnín Ghoirm (DGTG) a chomhfhreagraíonn do na gabhálacha a thugtar anonn,

(vi) 

ainm agus uimhir ICCAT na feirme,

(vii) 

uimhir an chaighin, agus

(viii) 

faisnéis maidir leis na cainníochtaí saothraithe (arna sloinneadh ina kg); tráth dheireadh an tsaothraithe;

(b) 

cuirfear cainníochtaí a thabharfar anonn de bhun mhír 1 i gcaighin ar leith nó i sraitheanna éagsula de chaighin ar leith ar an bhfeirm ar bhonn na bliana inar gabhadh iad.

3.  
Sula dtosóidh séasúr iascaireachta, áiritheoidh na Ballstáit atá freagrach as feirmeacha go ndéanfar measúnú críochnúil ar aon tuinníní gorma beo a tugadh anonn tar éis ollsaothruithe i bhfeirmeacha atá faoina ndlínse. Chun na críche sin, na tuinníní gorma beo go léir a tugadh anonn ón mbliain ghabhála a ndearnadh ollsaothrú i bhfeirmeacha lena linn, aistreofar iad chuig caighin eile trí chórais ceamara steiréascópaigh nó modhanna malartacha a úsáid, ar choinníoll go n-áirithítear an leibhéal céanna beaichte agus cruinnis leo, i gcomhréir le hAirteagal 51. Áiritheofar inrianaitheacht lándoiciméadaithe i gcónaí. I gcás tuinníní gorma a thabhairt anonn ó bhlianta nach ndearnadh ollsaothrú lena linn, déanfar rialú go bliantúil ar an tabhairt anonn sin tríd an nós imeachta céanna a chur i bhfeidhm maidir le samplaí iomchuí bunaithe ar mheasúnú riosca.
4.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagtar síos rialacha mionsonraithe chun córas rialaithe athneartaithe a cheapadh le haghaidh tuinníní gorma beo a thabhairt anonn. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68.

▼M1

Airteagal 8

Cuótaí nár úsáideadh a thabhairt anonn

1.  
Ní cheadófar tabhairt anonn uathoibríoch cuóta nár úsáideadh
2.  
Féadfaidh Ballstát a iarraidh go n-aistreofar uaschéatadán 5 % dá chuóta bliantúil ó bhliain amháin go dtí an chéad bhliain eile. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an iarraidh sin san áireamh ina phleananna bliantúla iascaireachta agus bainistíochta acmhainneachta atá le háireamh i bpleananna bliantúla iascaireachta agus bainistíochta acmhainneachta de chuid an Aontais chun go bhformhuineoidh ICCAT í.

▼B

Airteagal 9

Aistrithe cuótaí

▼M1

1.  
Ní dhéanfar cuótaí a aistriú idir an tAontas agus CPCanna eile ach amháin le húdarú roimh ré ó na Ballstáit agus ó na CPCanna lena mbaineann. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do Rúnaíocht ICCAT maidir le cainníocht na gcuótaí lena mbaineann sula n-aistreofar na cuótaí.

▼B

2.  
Ceadófar aistriú cuótaí laistigh de ghrúpaí trealaimh, cuótaí seachghabhála agus cuótaí iascaireachta aonair do gach Ballstát, ar choinníoll go ndéanfaidh na Ballstáit lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas roimh ré faoi na haistrithe sin, ionas gur féidir leis an gCoimisiún Rúnaíocht ICCAT a chur ar an eolas faoi sula dtiocfaidh an t-aistriú i bhfeidhm.

Airteagal 10

Asbhaintí as cuótaí i gcás ró-iascaireachta

Más rud é go sáróidh na Ballstáit na cuótaí a leithdháileadh orthu agus nach féidir an cás a leigheas le malartú cuótaí de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, beidh feidhm ag Airteagail 37 agus 105 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 11

Pleananna iascaireachta bliantúla

1.  

Gach Ballstát ag a bhfuil cuóta tuinníní gorma, déanfaidh sé plean iascaireachta bliantúil a bhunú. Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad maidir leis na soithí gabhála agus na gaistí sa phlean sin:

(a) 

na cuótaí arna leithdháileadh ar gach grúpa trealaimh, cuótaí seachghabhála san áireamh;

(b) 

i gcás inarb infheidhme, an modh a úsáidtear chun cuótaí a leithdháileadh agus a bhainistiú;

(c) 

na bearta chun a áirithiú go n-urramófaí cuótaí aonair;

(d) 

na séasúir oscailte iascaireachta i gcomhair gach aicme trealaimh;

(e) 

faisnéis faoi na calafoirt ainmnithe;

(f) 

na rialacha maidir le seachghabháil; agus

(g) 

an líon soithí gabhála, seachas trálaeir ghrinnill, ar mó ná 24 mhéadar san iomlán a bhfad agus soithí peas-saighne atá údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir.

2.  
Déanfaidh na Ballstáit ag a bhfuil soithí cósta mionscála atá údaraithe chun iascach a dhéanamh ar thuinníní gorma cuóta earnálach sonrach a leithdháileadh ar na soithí sin agus áireoidh siad an leithdháileadh sin ina bpleananna iascaireachta. Áireoidh siad freisin ina bpleananna faireacháin, rialaithe agus cigireachta bearta breise chun dlúthfhaireachán a dhéanamh ar ídiú cuóta an chabhlaigh sin. Féadfaidh na Ballstáit líon éagsúil soithí a údarú lena ndeiseanna iascaireachta a thapú ina n-iomláine agus na paraiméadair dá dtagraítear i mír 1 á n-úsáid acu.
3.  
Féadfaidh an Phortaingéil agus an Spáinn cuótaí earnálacha a leithdháileadh le haghaidh báid bhaoite a oibríonn sna huiscí sin de chuid an Aontais atá timpeall ar oileánraigh na nAsór, Mhaidéara agus na nOileán Canárach. Áireofar na cuótaí earnálacha sin ina bpleananna iascaireachta bliantúla agus leagfar amach go soiléir ina bpleananna bliantúla faireacháin, rialaithe agus cigireachta bearta breise chun faireachán a dhéanamh ar ídiú na gcuótaí sin.
4.  
I gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit cuótaí earnálacha a leithdháileadh i gcomhréir le mír 2 nó 3, ní bheidh feidhm ag an gceanglas íoschuóta 5 thona a shocraítear i ngníomh an Aontais is infheidhme maidir le leithdháileadh deiseanna iascaireachta.
5.  
Má dhéantar aon leasú ar an bplean iascaireachta bliantúil, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann é sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin 3 lá oibre ar a laghad roimh thús na gníomhaíochta iascaireachta lena mbaineann an leasú. Cuirfidh an Coimisiún an leasú ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT lá oibre ar a laghad roimh thús na gníomhaíochta iascaireachta lena mbaineann an leasú.

Airteagal 12

Deiseanna iascaireachta a leithdháileadh

I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair a bheidh na deiseanna iascaireachta a bheidh ar fáil dóibh á leithdháileadh acu, úsáidfidh na Ballstáit critéir thrédhearcacha oibiachtúla, lena n-áirítear critéir de chineál comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch, agus déanfaidh siad iarracht freisin cuótaí náisiúnta a dháileadh go cothrom ar chodanna éagsúla na gcabhlach agus aird speisialta á tabhairt ar iascaigh thraidisiúnta agus cheirde, agus déanfaidh siad dreasachtaí a sholáthar do na soithí iascaireachta sin de chuid an Aontais a mbeidh trealamh roghnaitheach iascaireachta á úsáid acu nó a mbeidh teicnící iascaireachta á n-úsáid acu ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol.

Airteagal 13

Pleananna bainistíochta maidir le hacmhainneacht iascaireachta

Gach Ballstát ag a bhfuil cuóta tuinníní gorma, déanfaidh sé plean bliantúil bainistithe maidir le hacmhainneacht iascaireachta a cheapadh. Sa phlean sin, déanfaidh an Ballstát an líon soithí gabhála agus gaistí a choigeartú sa tslí go n-áiritheofar go mbeidh an acmhainneacht iascaireachta i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta a leithdháileadh ar shoithí gabhála agus gaistí don tréimhse chuóta ábhartha. Coigeartóidh an Ballstát an acmhainn iascaireachta trí úsáid a bhaint as na paraiméadair a shainmhínítear i ngníomh an Aontais is infheidhme maidir le leithdháileadh deiseanna iascaireachta. Beidh coigeartú acmhainneacht iascaireachta an Aontais i gcás soithí peas-saighne teoranta d’uasathrú 20 % i gcomparáid leis an acmhainneacht bunlíne iascaireachta do bhliain 2018.

▼M1

Airteagal 14

Plean bliantúil faireacháin, rialaithe agus cigireachta

Gach Ballstát ag a bhfuil cuóta tuinnín ghoirm, déanfaidh sé plean faireacháin, rialaithe agus cigireachta bliantúil a cheapadh d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo. Cuirfidh gach Ballstát a phlean faoi seach faoi bhráid an Choimisiúin. Leagfaidh gach Ballstát a phlean amach i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a) 

na cuspóirí, na tosaíochtaí agus na nósanna imeachta chomh maith le tagarmharcanna le haghaidh gníomhaíochtaí cigireachta a leagtar amach sa chlár sonrach rialaithe agus cigireachta le haghaidh tuinnín ghoirm a bunaíodh faoi Airteagal 95 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(b) 

an clár gníomhaíochta náisiúnta um rialú tuinnín ghoirm a bunaíodh faoi Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 go dtí an 31 Nollaig 2025, agus, tar éis an dáta sin, i gcomhréir leis an gclár náisiúnta um rialú a bunaíodh faoi Airteagal 93a den Rialachán sin.

▼B

Airteagal 15

Pleananna bliantúla bainistíochta feirmeoireachta

1.  
Gach Ballstát ag a bhfuil cuóta tuinníní gorma, déanfaidh sé plean bliantúil bainistithe feirmeoireachta a cheapadh.
2.  
Sa phlean bliantúil bainistithe feirmeoireachta, áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil an acmhainneacht ionchuir iomlán agus an acmhainneacht feirmeoireachta iomlán i gcomhréir leis an méid measta tuinníní gorma atá ar fáil don fheirmeoireacht.

▼M1

3.  
Déanfaidh na Ballstáit a n-acmhainneacht feirmeoireachta tuinnín a theorannú don acmhainneacht feirmeoireachta iomlán a cláraíodh i dtaifead ICCAT ar na feirmeacha atá údaraithe chun iascach ar thuinnín gorm (“taifead ICCAT ar shaoráidí feirmeoireachta tuinnín ghoirm”) nó a údaraíodh agus a dearbhaíodh le ICCAT in 2018.

▼B

4.  
Beidh uas-ionchur tuinníní gorma fiáine a ghabhfar agus a thabharfar isteach i bhfeirmeacha Ballstáit, teoranta do leibhéal na gcainníochtaí ionchuir a chláraigh feirmeacha an Bhallstáit sin le ICCAT sa “taifead ar shaoráidí feirmeoireachta tuinníní gorma” sna blianta 2005, 2006, 2007 nó 2008.
5.  
Más gá do Bhallstát uas-ionchur tuinníní gorma fiáine a ghabhfar a mhéadú i gceann amháin nó níos mó dá fheirmeacha tuinníní, beidh an méadú sin i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta arna leithdháileadh ar an mBallstát sin, agus le haon allmhairí tuinníní gorma beo ó Bhallstát nó Páirtí Conarthach eile.

▼M1

6.  
Tuairisceoidh na Ballstáit staitisticí maidir leis an méid bliantúil cur i gcaighean (ionchuir éisc fhiáin a gabhadh), saothrú agus onnmhairiú chuig an gCoimisiún, a tharchuirfidh na sonraí chuig Rúnaíocht ICCAT, go dtí go mbeidh feidhmiúlacht eastósctha sonraí forbartha ag Rúnaíocht ICCAT sa chóras r-DGTG agus go mbeidh an fheidhmiúlacht sin ar fáil.
7.  
I gcás inarb iomchuí, cuirfidh na Ballstáit pleananna bainistíochta feirmeoireachta athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Bealtaine gach bliain lena dtarchur chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 1 Meitheamh gach bliain.

▼B

Airteagal 16

Pleananna bliantúla a chur ar aghaidh

1.  

Faoin 31 Eanáir gach bliain, déanfaidh gach Ballstát ag a bhfuil cuóta tuinníní gorma na pleananna seo a leanas a chur faoi bhráid an Choimisiúin:

(a) 

an plean iascaireachta bliantúil, le haghaidh na soithí gabhála agus na ngaistí atá i mbun tuinníní gorma a ghabháil san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 11;

(b) 

an plean bliantúil bainistithe acmhainneachta iascaireachta a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 13;

▼M1

(c) 

an plean bliantúil faireacháin, rialaithe agus cigireachta a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 14; agus

▼B

(d) 

an plean bliantúil bainistithe feirmeoireachta a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 15.

2.  
Cuirfidh an Coimisiún na pleananna dá dtagraítear i mír 1 le chéile, agus úsáidfidh sé iad chun plean bliantúil de chuid an Aontais a bhunú. Cuirfidh an Coimisiún plean bliantúil an Aontais ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 15 Feabhra gach bliain chun go ndéanfaidh ICCAT é a phlé agus a fhormheas.
3.  
I gcás ina mainníonn Ballstát plean dá dtagraítear i mír 1a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin sprioc-am a leagtar síos sa mhír sin, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh plean an Aontais a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT gan pleananna an Bhallstáit lena mbaineann. Ar iarraidh ón mBallstát lena mbaineann, féachfaidh an Coimisiún le ceann amháin de na pleananna dá dtagraítear i mír 1 a chur san áireamh, ar pleananna iad a cuireadh isteach tar éis an sprioc-am a leagtar síos sa mhír sin, ach roimh an sprioc-am dá bhforáiltear i mír 2. Mura gcomhlíonfaidh plean a chuirfidh Ballstát isteach forálacha an Rialacháin seo maidir leis na pleananna bliantúla iascaireachta, acmhainneachta, cigireachta agus feirmeoireachta, nó más ann do locht tromchúiseach a bhféadfadh a theacht as nach dtabharfadh Coimisiún ICCAT a fhormhuiniú do phlean bliantúil an Aontais, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh plean bliantúil an Aontais a chur faoi bhráid Rúnaíocht ICCAT gan pleananna an Bhallstáit lena mbaineann. Cuirfidh an Coimisiún an méid sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann a luaithe is féidir agus féachfaidh sé le haon phleananna athbhreithnithe a chuir an Ballstát sin isteach a áireamh i bplean bliantúil an Aontais nó sna leasuithe ar phlean bliantúil an Aontais, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na pleananna athbhreithnithe sin forálacha an Rialacháin seo maidir leis na pleananna bliantúla iascaireachta, acmhainneachta, cigireachta agus feirmeoireachta.

CAIBIDIL III

Bearta teicniúla

Airteagal 17

Séasúir iascaireachta

1.  
Ceadófar peas-saighneoireacht ar thuinníní gorma san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir ón 26 Bealtaine go dtí an 1 Iúil gach bliain.
2.  
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Chipir agus an Ghréig a iarraidh ina bpleananna iascaireachta bliantúla, dá dtagraítear in Airteagal 11, go gceadófar do shoithí peas-saighne a bhfuil a mbratach ar foluain acu a bheith ag iascach ar thuinníní gorma sa Mheánmhuir Thoir (limistéir iascaireachta FAO 37.3.1 agus 37.3.2) ón 15 Bealtaine go dtí an 1 Iúil gach bliain.
3.  
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Chróit a iarraidh ina plean iascaireachta bliantúla, dá dtagraítear in Airteagal 11, go gceadófar do shoithí peas-saighne a bhfuil a bratach ar foluain acu a bheith ag iascach ar thuinníní gorma i Muir Aidriad (limistéar iascaireachta FAO 37.2.1) ón 26 Bealtaine go dtí an 15 Iúil gach bliain.

▼M1

4.  
De mhaolú ar mhíreanna 1, 2 agus 3, má chuireann dálaí aimsire cosc ar oibríochtaí iascaireachta, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go gcuirfear líon laethanta atá coibhéiseach le líon na laethanta a cailleadh, suas le 10 lá, leis na séasúir iascaireachta dá dtagraítear sna míreanna sin.
5.  
Ceadófar do shoithí gabhála spiléir peiligeacha mórscála tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Bealtaine gach bliain cé is moite den limistéar Siar ó 10°I agus ó Thuaidh ó 42°T.

▼B

6.  
Bunóidh na Ballstáit séasúir iascaireachta dá gcabhlaigh, seachas soithí peas-saighne agus soithí spiléir peiligeacha mórscála, ina bpleananna iascaireachta bliantúla.

Airteagal 18

Oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír

Ní dochar an Chaibidil seo d’Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, lena n-áirítear aon mhaoluithe is infheidhme maidir leis.

Airteagal 19

Íosmhéid tagartha caomhnaithe

1.  
Maidir le tuinníní gorma is éadroime ná 30 kg nó is lú ná 115 cm ar fad go gabhal an eireabaill, cuirfear toirmeasc ar thuinníní gorma den sórt sin a ghabháil, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a iompar, a stóráil, a dhíol, a chur ar taispeántas nó a chur ar díol, lena n-áirítear tuinníní gorma a ghabhfar mar fhoghabhálacha nó in iascaigh áineasa.
2.  

De mhaolú ar mhír 1, beidh íosmhéid tagartha caomhnaithe 8 kg nó 75 cm (fad go gabhal an eireabaill) i bhfeidhm le haghaidh tuinníní gorma i gcás na n-iascach seo a leanas:

(a) 

tuinníní gorma arna ngabháil san Atlantach thoir ag báid bhaoite agus ag báid trollála;

(b) 

tuinníní gorma arna ngabháil sa Mheánmhuir ag báid bhaoite, báid spiléireachta agus báid lámhdhorú laistigh den iascach cabhlaigh cósta mionscála; agus

(c) 

tuinníní gorma arna ngabháil i Muir Aidriad ag soithí a bhfuil bratach na Cróite ar foluain orthu chun críocha feirmeoireachta.

3.  
Leagtar amach in Iarscríbhinn I coinníollacha sonracha a bhaineann leis an maolú dá dtagraítear i mír 2.
4.  
Eiseoidh na Ballstáit údarú iascaireachta do shoithí a bheidh ag iascaireacht faoi na maoluithe dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 d’Iarscríbhinn I. Déanfar na soithí lena mbaineann a léiriú ar liosta na soithí gabhála dá dtagraítear in Airteagal 26.
5.  
Aon éisc a bheidh faoi bhun na n-íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a leagtar amach san Airteagal seo agus a aischuirfear agus iad marbh is i gcoinne chuóta an Bhallstáit lena mbaineann a ríomhfar iad.

Airteagal 20

Gabhálacha de thaisme atá faoi bhun an íosmhéid tagartha caomhnaithe

1.  
De mhaolú ar Airteagal 19(1), maidir le tuinníní gorma ina bhfuil meáchan idir 8 kg agus 30 kg nó, de rogha air sin, atá idir 75 cm agus 115 cm ar fad go gabhal an eireabaill, ceadófar líon uasta 5 % de réir líon na ngabhálacha de thaisme do gach soitheach gabhála agus gaiste ina mbítear ag iascach go gníomhach ar thuinníní gorma.
2.  
Déanfar an céatadán 5 % dá dtagraítear i mír 1 a ríomh ar bhonn iomlán na ngabhálacha tuinníní gorma arna gcoinneáil ar bord soithigh nó laistigh den ghaiste tráth ar bith tar éis gach oibríochta iascaireachta.
3.  
Gabhálacha a rinneadh de thaisme, déanfar iad a bhaint de chuóta an Bhallstáit atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste.
4.  
Maidir le tuinníní gorma atá faoi bhun an íosmhéid tagartha caomhnaithe, beidh gabhálacha de thaisme de thuinníní gorma faoi réir Airteagail 31, 33, 34 agus 35.

Airteagal 21

Foghabhálacha

1.  
Déanfaidh gach Ballstát foráil maidir le foghabháil tuinníní gorma laistigh dá chuóta agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin tráth a chuirfidh sé a phlean iascaireachta faoina bhráid.
2.  
Ní mó ná 20 % de na gabhálacha go léir a bheidh ar bord i ndeireadh gach turais iascaireachta líon na bhfoghabhálacha údaraithe, agus saineofar go soiléir sa phlean iascaireachta bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 11 an líon sin agus an mhodheolaíocht a úsáidfear chun na foghabhálacha sin a ríomh i ndáil leis an ngabháil iomlán a bheidh ar bord. Féadfar céatadán na bhfoghabhálacha a ríomh de réir meáchain nó de réir líon na dtuinníní aonair. Ní dhéanfar ríomh de réir líon na dtuinníní aonair ach i gcás tuinníní agus speicis atá cosúil le tuinníní arna mbainistiú ag ICCAT. Féadfar líon na bhfoghabhálacha údaraithe don chabhlach soithí cósta mionscála a ríomh ar bhonn bliantúil.
3.  
Déanfar gach foghabháil tuinníní gorma marbha a coinníodh ar bord nó a aischuireadh a bhaint de chuóta an Bhallstáit brataí agus a thaifeadadh agus a thuairisciú don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagail 31 agus 32.
4.  
I gcás Ballstáit nach bhfuil cuóta tuinníní gorma acu, déanfar na foghabhálacha lena mbaineann a bhaint den chuóta sonrach foghabhálacha de chuid an Aontais do thuinníní gorma arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE agus le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
5.  
I gcás ina mbeidh an cuóta iomlán a leithdháileadh ar Bhallstát ídithe, ní cheadófar aon tuinníní gorma a bheith á ngabháil ag soithí a bhfuil a bhratach ar foluain acu agus déanfaidh an Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar na tuinníní gorma a gabhadh a scaoileadh mar fhoghabhálacha. I gcás ina mbeidh an cuóta foghabhála sonrach tuinníní gorma arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE agus le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ídithe, ní cheadófar aon tuinníní gorma a bheith á ngabháil ag soithí a bhfuil bratach na mBallstát ar foluain acu agus nach bhfuil cuóta don tuinnín gorm acu, agus déanfaidh na Ballstáit sin na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar na tuinníní gorma a gabhadh a scaoileadh mar fhoghabhálacha. Sna cásanna sin, cuirfear toirmeasc ar phróiseáil agus ar thráchtálú tuinníní gorma marbha agus déanfar gach gabháil a thaifeadadh. Déanfaidh na Ballstáit faisnéis maidir le cainníochtaí na bhfoghabhálacha tuinníní gorma marbha a thuairisciú ar bhonn bliantúil don Choimisiún agus cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.
6.  
I soithí nach mbeifear ag iascach go gníomhach ar thuinníní gorma uathu, déanfar aon chainníocht tuinníní gorma a coinníodh ar bord a scaradh go soiléir ó speicis eile ionas gur féidir le húdaráis rialaithe faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Airteagail seo. Féadfar na foghabhálacha sin a mhargú má bhíonn r-DGTG ag gabháil leo.

▼M1

Airteagal 21a

Toirmeasc ar thuinnín gorm a choinneáil ar bord soithí tacaíochta

Ní dhéanfaidh soithí tacaíochta tuinnín gorm a choinneáil ar bord ná a iompar.

▼B

Airteagal 22

Aermhodhanna a úsáid

Cuirfear toirmeasc ar aon aermhodh a úsáid chun tuinníní gorma a chuardach, lena n-áirítear aerárthaí, héileacaptair nó aon chineál aerfheithiclí gan foireann.

CAIBIDIL IV

Iascaigh áineasa

Airteagal 23

Cuóta sonrach le haghaidh iascaigh áineasa

▼M1

1.  
Féadfaidh na Ballstáit cuóta sonrach a leithdháileadh, i gcás inarb iomchuí, ar iascaigh áineasa. Déanfar tuinnín gorm a d’fhéadfadh a bheith marbh a chur san áireamh sa leithdháileadh sin, lena n-áirítear faoi chuimsiú iascaireacht “gabháil agus scaoileadh saor”. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin gcuóta a leithdháiltear ar iascaigh áineasa nuair a chuirfidh siad a bpleananna iascaigh faoina bhráid.

▼B

2.  
Déanfar gabhálacha tuinníní gorma marbha a thuairisciú agus a ríomh i gcoinne chuóta an Bhallstáit.

Airteagal 24

Coinníollacha sonracha le haghaidh iascaigh áineasa

▼M1

1.  

Déanfaidh Ballstáit ag a bhfuil cuóta tuinnín ghoirm arna leithdháileadh ar na hiascaigh áineasa rialú ar na hiascaigh sin trí údaruithe iascaireachta a eisiúint do shoithí chun críche iascaireachta áineasa. Má iarrann ICCAT é, cuirfidh na Ballstáit liosta ar fáil don Choimisiún de na soithí sin ar deonaíodh údarú iascaireachta dóibh le haghaidh tuinnín ghoirm. Tarchuirfidh an Coimisiún an liosta sin ar aghaidh go leictreonach chuig ICCAT. Beidh an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach soitheach ar an liosta:

(a) 

ainm an tsoithigh;

(b) 

an uimhir ar an gclár;

(c) 

an uimhir thaifid ICCAT (más ann di);

(d) 

an t-ainm a bhí air roimhe seo (más ann dó);

(e) 

ainmneacha agus seoltaí na n-úinéirí agus na n-oibreoirí.

▼B

2.  
In iascaigh áineasa, cuirfear toirmeasc ar níos mó ná tuinnín gorm amháin in aghaidh an tsoithigh sa lá a ghabháil, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír.
3.  
Cuirfear toirmeasc ar thuinníní gorma a gabhadh in iascaigh áineasa a chur ar an margadh.

▼M1

4.  
Déanfaidh gach Ballstát taifead ar shonraí gabhála lena n-áirítear meáchan gach tuinnín ghoirm a gabhadh in iascaigh áineasa, agus cuirfidh siad na sonraí don bhliain roimhe sin in iúl don Choimisiún faoin 30 Meitheamh gach bliain. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a tharchur chuig Rúnaíocht ICCAT.

▼B

5.  
Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú, a mhéid is féidir, go scaoilfear tuinníní gorma, go háirithe cinn óga, a gabhadh beo in iascaigh áineasa. Aon tuinnín gorm a thabharfar i dtír, beidh sé iomlán, beidh na geolbhaigh bainte de agus/nó beidh sé glanta.

Airteagal 25

Gabháil, clibeáil agus scaoileadh

1.  
De mhaolú ar Airteagal 23(1), na Ballstáit a bheidh ag údarú iascaireacht “gabháil agus scaoileadh” san Atlantach Thoir thuaidh a bheidh á déanamh go heisiach in iascaigh spóirt, féadfaidh siad a cheadú do líon teoranta soithí iascaigh spóirt díriú ar thuinníní gorma agus é de chuspóir acu iascaireacht gabháil, clibeáil agus scaoileadh a dhéanamh gan gá a bheith ann le cuóta sonrach a leithdháileadh orthu. Is mar chuid de thionscadal eolaíochta de chuid institiúid taighde atá comhtháite le clár taighde eolaíochta a oibreoidh soithí den sórt sin. Déanfar torthaí an tionscadail a chur in iúl d’údaráis ábhartha an Bhallstáit brataí.
2.  
Na soithí óna mbeidh taighde eolaíochta á dhéanamh faoi Chlár Taighde ICCAT le haghaidh tuinníní gorma, ní mheasfar gníomhaíochtaí “gabháil, clibeáil agus scaoileadh” dá dtagraítear i mír 1 bheith á ndéanamh acu.
3.  

Na Ballstáit a bheidh ag údarú gníomhaíochtaí “gabháil, clibeáil agus scaoileadh”, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:

(a) 

tuairisc ar na gníomhaíochtaí sin agus ar na bearta is infheidhme maidir leo a chur mar chuid lárnach dá bpleananna iascaireachta agus cigireachta dá dtagraítear in Airteagail 12 agus 15;

(b) 

dlúthfhaireachán ar ghníomhaíochtaí na soithí lena mbaineann chun a áirithiú go gcomhlíonann siad an Rialacháin seo;

(c) 

a áirithiú gur pearsanra oilte a dhéanfaidh na hoibríochtaí clibeála agus scaoilte chun ráta ard marthanais tuinníní aonair a chinntiú; agus

(d) 

tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 30 Meitheamh gach bliain maidir leis na gníomhaíochtaí eolaíochta a rinneadh. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT 60 lá roimh chruinniú SCRS na bliana dár gcionn.

4.  
Aon tuinnín gorm a gheobhaidh bás le linn gníomhaíochtaí “gabháil, clibeáil agus scaoileadh”, bainfear de chuóta an Bhallstáit brataí é, agus tabharfar tuairisc air.

CAIBIDIL V

Bearta rialaithe

Roinn 1

Liostaí agus Taifid ar shoithí agus ar ghaistí

Airteagal 26

Liostaí agus Taifid ar shoithí

▼M1

1.  

Gach bliain, aon mhí amháin roimh thús na tréimhse údaraithe iascaireachta, cuirfidh na Ballstáit na liostaí soithí seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin:

(a) 

liosta de gach soitheach gabhála a dhéanann iascaireacht go gníomhach ar thuinnín gorm; agus

(b) 

liosta de gach soitheach eile atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an tuinnín gorm, seachas soithí gabhála.

Áireofar an fhaisnéis seo a leanas i ngach liosta soithí:

(a) 

ainm agus uimhir chláir an tsoithigh;

(b) 

sonrú ar an gcineál soithigh a dhéanann idirdhealú ar a laghad idir soithí gabhála, soithí tarraingthe, soithí coimhdeachta, soithí tacaíochta agus soithí próiseála;

(c) 

fad agus olltonnáiste cláraithe (OTC) nó, i gcás inar féidir, olltonnáiste (GT);

(d) 

Uimhir IMO (i gcás inarb iomchuí);

(e) 

an trealamh a úsáidtear (más ann dó);

(f) 

an bhratach roimhe seo (más ann di);

(g) 

an t-ainm a bhí air roimhe seo (más ann dó);

(h) 

aon mhionsonraí maidir le scriosadh ó chláir eile;

(i) 

comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió (más ann dó);

(j) 

ainm agus seoltaí na n-úinéirí agus na n-oibreoirí; agus

(k) 

tréimhse ama údaraithe chun tuinnín gorm a iascach, a oibriú agus a iompar le haghaidh feirmeoireachta.

Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT 15 lá roimh thús na gníomhaíochta iascaireachta ionas gur féidir na soithí sin a áirítear ar na liostaí sin a chur isteach i dtaifead ICCAT ar shoithí údaraithe agus, más ábhartha, iad a chur isteach i dtaifead ICCAT ar shoithí atá 20 méadar ar fad nó is faide ná sin ina n-iomláine agus atá údaraithe chun oibriú i Limistéar an Choinbhinsiúin.

▼B

2.  
Le linn bliain féilire, féadfar soitheach iascaireachta a áireamh ar an dá liosta dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll nach bhfuil sé ar an dá liosta san am céanna.
3.  
Áireofar san fhaisnéis maidir leis na soithí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 ainm an tsoithigh agus a uimhir ar chlár chabhlach an Aontais mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218 ón gCoimisiún ( 3 ).
4.  
Ní ghlacfaidh an Coimisiún le haon chur isteach cúlghabhálach de na liostaí dá dtagraítear in mír 1.

▼M1

5.  

Ní ghlacfar le hathruithe ina dhiaidh sin ar na liostaí dá dtagraítear i mír 1 agus ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3, le linn bliain féilire, ach amháin mura féidir leis an soitheach iascaireachta dár tugadh fógra páirt a ghlacadh san iascach mar gheall ar chúiseanna oibríochtúla dlisteanacha nó force majeure. Sna himthosca sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas gan mhoill faoi sin agus solathróidh sé an méid seo a leanas:

(a) 

mionsonraí iomlána an tsoithigh nó na soithí iascaireachta a bheartaítear a chur in ionad an tsoithigh sin; agus

(b) 

cuntas cuimsitheach ar an gcúis atá leis an ionadú agus aon fhianaise thacaíochta nó tagairtí ábhartha.

▼B

6.  
Le linn na bliana, modhnóidh an Coimisiún, más gá, an fhaisnéis maidir leis na soithí dá dtagraítear i mír 1 den airteagal seo trí fhaisnéis cothrom le dáta a sholáthar do Rúnaíocht ICCAT i gcomhréir le hAirteagal 7(6) de Rialachán (AE) 2017/2403.

Airteagal 27

Údaruithe iascaireachta do shoithí

1.  
Eiseoidh na Ballstáit údaruithe iascaireachta do shoithí a bheidh san áireamh ar cheann de na liostaí dá dtagraítear in Airteagal 26(1) agus (5). Beidh an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VII ar a laghad sna húdaruithe iascaireachta agus is san fhormáid a leagtar síos san Iarscríbhinn sin a eiseofar na húdaruithe sin. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an fhaisnéis atá san údarú iascaireachta cruinn agus i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2.  
Gan dochar d’Airteagal 21(6), na soithí iascaireachta de chuid an Aontais nár cuireadh isteach sna taifid de chuid ICCAT dá dtagraítear in Airteagal 26(1), ní mheasfar iad a bheith údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma ná tuinníní gorma a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar, a aistriú, a phróiseáil ná a thabhairt i dtír san Atlantach thoir ná sa Mheánmhuir.
3.  
Déanfaidh an Ballstát brataí an t-údarú iascaireachta le haghaidh tuinníní gorma a eisíodh do shoitheach a tharraingt siar, agus féadfaidh sé a cheangal ar an soitheach dul láithreach bonn chuig calafort arna ainmniú aige, nuair a bheidh an cuóta aonair a sannadh don soitheach ídithe.

Airteagal 28

Liostaí agus taifid ar ghaistí atá údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma

▼M1

1.  
Mar chuid dá phlean iascaireachta, cuirfidh gach Ballstát faoi bhráid an Choimisiúin go leictreonach liosta de na gaistí atá údaraithe chun iascach ar thuinnín gorm san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir. Áireofar ar an liosta sin ainm agus uimhir chláir na ngaistí agus comhordanáidí geografacha pholagán an ghaiste. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht ICCAT ionas gur féidir na gaistí sin a chur isteach i dtaifead ICCAT ar na gaistí atá údaraithe chun iascach ar thuinnín gorm.

▼B

2.  
Eiseoidh na Ballstáit údaruithe iascaireachta le haghaidh gaistí a áireofar ar an liosta dá dtagraítear i mír 1. Beidh an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VII ar a laghad sna húdaruithe iascaireachta agus úsáidfear an fhormáid a leagtar amach san Iarscríbhinn sin sna húdaruithe iascaireachta sin. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an fhaisnéis atá san údarú iascaireachta cruinn agus i gcomhréir leis an Rialachán seo.
3.  
Na gaistí de chuid an Aontais nár cuireadh isteach i dtaifid ICCAT ar na gaistí atá údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma ní mheasfar iad a bheith údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma san Atlantach thoir ná sa Mheánmhuir. Cuirfear toirmeasc ar thuinníní gorma a ghabhfar sna gaistí sin a choinneáil ar bord, a aistriú, a chur i gcaighean agus a thabhairt i dtír.
4.  
Tarraingeoidh an Ballstát brataí siar an t-údarú iascaireachta le haghaidh tuinníní gorma a eisíodh do ghaistí nuair a mheasfar go bhfuil an cuóta a sannadh dóibh ídithe.

▼M1

5.  
Tabharfaidh na Ballstáit fógra láithreach don Choimisiún faoi aon ábhar breise a chuirfear lena liosta gaistí atá údaraithe chun iascach ar thuinnín gorm, agus faoi aon ábhar a scriostar de nó a mhodhnaítear air. Tarchuirfidh an Coimisiún athruithe den sórt sin chuig Rúnaíocht ICCAT gan mhoill.

Airteagal 28a

Liostaí feirmeacha agus taifead ar fheirmeacha

1.  

Mar chuid dá phlean iascaireachta, cuirfidh gach Ballstát faoi bhráid an Choimisiúin go leictreonach liosta feirmeacha atá údaraithe tuinnín gorm a iascach san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar an liosta sin:

(a) 

ainm na feirme;

(b) 

an uimhir ar an gclár;

(c) 

ainmneacha agus seoltaí na n-úinéirí agus na n-oibreoirí;

(d) 

an t-ionchur agus an acmhainneacht iomlán feirmeoireachta a leithdháiltear ar gach feirm;

(e) 

comhordanáidí geografacha na limistéar atá údaraithe le haghaidh gníomhaíochtaí feirmeoireachta; agus

(f) 

stádas na feirme (gníomhach nó neamhghníomhach).

Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht ICCAT ionas gur féidir na feirmeacha sin a chur isteach i dtaifead ICCAT ar shaoráidí feirmeoireachta tuinnín ghoirm.

2.  
Feirmeacha nár cuireadh isteach i dtaifid ICCAT ar shaoráidí feirmeoireachta tuinnín ghoirm, ní mheasfar iad a bheith údaraithe tuinnín gorm a iascach san Atlantach thoir ná sa Mheánmhuir.
3.  
Ní údarófar gníomhaíochtaí feirmeoireachta, lena n-áirítear beathú chun críoch ramhraithe nó saothrú, lasmuigh de na comhordanáidí geografacha arna bhformheas le haghaidh gníomhaíochtaí feirmeoireachta.
4.  
Tabharfaidh na Ballstáit fógra láithreach don Choimisiún faoi aon ábhar breise a chuirfear lena liostaí feirmeacha, agus faoi aon ábhar a scriostar díobh nó a dhéantar modhnú orthu. Tarchuirfidh an Coimisiún na hathruithe sin chuig Rúnaíocht ICCAT gan mhoill.
5.  
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú nach gcuirfear tuinnín gorm ar fheirm nach bhfuil liostaithe i dtaifead ICCAT ar shaoráidí feirmeoireachta tuinnín ghoirm agus nach bhfaighidh na feirmeacha sin tuinnín gorm ó shoithí nach bhfuil i dTaifead ICCAT ar shoithí. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun toirmeasc a chur ar aon oibríochtaí ar fheirmeacha nach bhfuil cláraithe i dtaifead ICCAT ar shaoráidí feirmeoireachta tuinnín ghoirm.

▼B

Airteagal 29

Faisnéis maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta

1.  

Faoin 15 Iúil gach bliain, cuirfidh gach Ballstát faisnéis mhionsonraithe faoi bhráid an Choimisiúin maidir le haon ghabhálacha tuinníní gorma san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir a rinneadh sa bhliain iascaireachta roimhe sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 31 Iúil gach bliain. Áireofar ar an bhfaisnéis sin:

(a) 

ainm agus uimhir ICCAT gach soithigh gabhála;

(b) 

tréimhse údaraithe gach soithigh gabhála;

(c) 

líon iomlán gabhálacha gach soithigh gabhála, lena n-áirítear i gcás nárbh ann d’aon ghabháil, le linn thréimhse an údaraithe/na n-údaruithe;

(d) 

líon iomlán na laethanta a bhí gach soitheach gabhála ag iascach san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir le linn thréimhse an údaraithe/na n-údaruithe; agus

(e) 

an ghabháil iomlán lasmuigh dá dtréimhse údaraithe (foghabháil).

2.  

Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh soithí gabhála a raibh a mbratach ar foluain orthu agus nach raibh údaraithe chun iascach go gníomhach ar thuinníní gorma san Atlantach thoir ná sa Mheánmhuir ach a ghabh tuinníní gorma mar fhoghabháil:

(a) 

ainm agus uimhir ICCAT nó, mura bhfuil sé cláraithe le ICCAT, cláruimhir náisiúnta an tsoithigh; agus

(b) 

an líon iomlán gabhálacha tuinníní gorma.

3.  
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon fhaisnéis maidir le haon soithí nach n-áirítear i míreanna 1 agus 2 ach is eol nó a thoimhdítear a bhí ag iascach ar thuinníní gorma san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht ICCAT a luaithe a bheidh an fhaisnéis ar fáil.

Airteagal 30

Comhoibríochtaí iascaireachta

1.  
Ní cheadófar aon chomhoibríocht iascaireachta ar thuinníní gorma ach amháin má údaraíonn an Ballstát brataí/na Ballstáit bhrataí na soithí rannpháirteacha. Chun údarú a fháil beidh sé de cheangal ar gach soitheach peas-saighne a bheith feistithe chun iascach ar thuinníní gorma, cuóta aonair a bheith aige agus na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 32 a chomhlíonadh.
2.  
Beidh an cuóta a leithdháilfear ar chomhoibríocht iascaireachta comhionann le hiomlán na gcuótaí a leithdháilfear ar na soithí peas-saighne rannpháirteacha.
3.  
Ní ghlacfaidh soithí peas-saighne de chuid an Aontais páirt i gcomhoibríochtaí iascaireachta in éineacht le soithí peas-saighne as CPCanna eile.
4.  

Leagtar amach in Iarscríbhinn IV an fhoirm iarratais ar údarú chun páirt a ghlacadh i gcomhoibríocht iascaireachta. Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun an fhaisnéis seo a leanas a fháil ón soitheach peas-saighne dá chuid ó na soithí peas-saighne dá chuid a bheidh ag glacadh páirt i gcomhoibríocht iascaireachta:

(a) 

an tréimhse údaraithe atá iarrtha don chomhoibríocht iascaireachta;

(b) 

aitheantas na n-oibreoirí a bheidh páirteach;

(c) 

an cuóta atá ag gach soitheach;

(d) 

an scála leithdháilte idir na soithí maidir leis na gabhálacha ábhartha; agus

(e) 

faisnéis maidir leis na feirmeacha cinn scríbe.

5.  
Deich lá ar a laghad roimh thús na comhoibríochta iascaireachta, cuirfidh gach Ballstát an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 faoi bhráid an Choimisiúin san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT agus chuig Ballstát brataí na soithí iascaireachta eile a bheidh ag glacadh páirt sa chomhoibríocht iascaireachta 5 lá ar a laghad roimh thús na hoibríochta iascaireachta.
6.  
I gcás force majeure, ní bheidh feidhm ag na sprioc-amanna a leagtar amach i mír 5 a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis faoi na feirmeacha cinn scríbe. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh na Ballstáit nuashonrú ar an bhfaisnéis sin faoi bhráid an Choimisiúin a luaithe is féidir, maille le tuairisc ar na heachtraí is cúis le force majeure. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.

Roinn 2

Gabhálacha a Thaifeadadh

Airteagal 31

Ceanglais taifeadta

1.  
Coinneoidh máistrí soithí gabhála de chuid an Aontais logleabhar ar a gcuid oibríochtaí i gcomhréir le hAirteagail 14, 15, 23 agus 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus le Roinn A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
2.  
Déanfaidh máistrí soithí tarraingthe, soithí coimhdeachta agus soithí próiseála de chuid an Aontais a gcuid gníomhaíochtaí a thaifeadadh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Ranna B, C agus D d’Iarscríbhinn II.

Airteagal 32

Tuarascálacha maidir le gabhálacha le seoladh ag máistrí agus oibreoirí gaistí

1.  
Déanfaidh máistrí soithí gabhála de chuid an Aontais atá ag iascach go gníomhach tuarascálacha laethúla maidir le gabhálacha a chur ar aghaidh chuig a mBallstát brataí le linn na tréimhse iomláine ina mbeidh siad údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma. Ní bheidh na tuarascálacha sin éigeantach i gcás soithí a bheidh i gcalafort, ach amháin má tá siad páirteach i gcomhoibríocht iascaireachta. Maidir leis na sonraí a bheidh sna tuarascálacha, is ó logleabhair a thógfar iad agus áireofar orthu dáta, am, suíomh (domhanleithead agus domhanfhad) agus meáchan agus líon na dtuinníní gorma a gabhadh i Limistéar an Choinbhinsiúin, lena n-áirítear éisc a scaoileadh agus éisc mharbha a aischuireadh. Is san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn III nó i bhformáid a éilíonn an Ballstát a chuirfidh na máistrí na tuarascálacha.
2.  
Cuirfidh máistrí soithí peas-saighne na tuarascálacha laethúla maidir le gabhálacha dá dtagraítear i mír 1 le chéile le haghaidh gach oibríochta iascaireachta, lena n-áirítear i gcás nárbh ann d’aon ghabháil. Déanfaidh máistir an tsoithigh nó ionadaithe údaraithe an mháistir na tuarascálacha a chur ar aghaidh chuig Ballstát brataí an tsoithigh faoi 9.00 GMT don lá roimhe.
3.  
Déanfaidh oibreoirí gaistí a bheidh ag iascach go gníomhach ar thuinníní gorma, nó déanfaidh a n-ionadaithe údaraithe, tuarascálacha laethúla a chur le chéile agus déanfar na tuarascálacha sin a chur in iúl dá mBallstát brataí laistigh de gach 48 n-uair an chloig le linn na tréimhse iomláine ina mbeidh siad údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma. Áireofar sna tuarascálacha sin uimhir an ghaiste ar chlár ICCAT, dáta agus am na gabhála, agus meáchan agus líon na dtuinníní gorma a gabhadh, fiú i gcás nárbh ann d’aon ghabháil, agus lena n-áirítear éisc a scaoileadh agus éisc mharbha a aischuireadh. Is san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn III a chuirfidh siad an fhaisnéis sin.
4.  
Déanfaidh máistrí soithí gabhála seachas soithí peas-saighne na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 a chur ar aghaidh chuig a mBallstát brataí faoin Máirt ar 12.00 GMT don tseachtain roimhe dar chríoch an Domhnach.

Roinn 3

Tabhairt i dtír agus Trasloingsiú

Airteagal 33

Calafoirt ainmnithe

1.  
Déanfaidh gach Ballstát ar leithdháileadh cuóta tuinníní gorma air calafoirt a ainmniú ina gceadófar tuinníní gorma a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú. Déanfar an fhaisnéis maidir leis na calafoirt ainmnithe a áireamh sa phlean iascaireachta bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 11. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi aon leasú ar an bhfaisnéis maidir leis na calafoirt ainmnithe. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin in iúl gan mhoill do Rúnaíocht ICCAT.
2.  

Chun go mbeidh calafort ina chalafort ainmnithe, áiritheoidh Ballstát an chalafoirt go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

amanna bunaithe chun gabhálacha a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú;

(b) 

láithreacha bunaithe chun gabhálacha a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú; agus

(c) 

nósanna imeachta bunaithe cigireachta agus faireachais lena n-áirithítear clúdach cigireachta le linn gach ama chun gabhálacha a thabhairt i dtír agus a thrasloingsiú agus ar gach láthair chun gabhálacha a thabhairt i dtír agus a thrasloingsiú i gcomhréir le hAirteagal 35.

3.  
Cuirfear toirmeasc ar aon chainníocht tuinníní gorma a n-iascfar orthu san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú ó shoithí gabhála, agus ó shoithí próiseála agus ó shoithí coimhdeachta, aon áit seachas sna calafoirt a ainmneoidh na CPCanna agus na Ballstáit. Mar eisceacht, féadfar tuinníní gorma marbha a saothraíodh ó ghaiste nó ó chaighean a iompar chuig soitheach próiseála le soitheach coimhdeachta má dhéantar iompar den sórt sin i láthair an údaráis rialaithe é.

▼M1

4.  
Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar don cheart rochtana ar chalafort faoin dlí idirnáisiúnta a bhaineann le soithí iascaireachta i nguais nó i gcásanna force majeure.

▼B

Airteagal 34

Réamhfhógra maidir le tabhairt i dtír

1.  
Beidh feidhm ag Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 maidir le máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá 12 mhéadar nó níos mó ar fad san iomlán agus a áirítear ar an liosta soithí dá dtagraítear in Airteagal 26. Cuirfear an réamhfhógra faoi Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 chuig údarás inniúil an Bhallstáit (lena n-áirítear an Ballstát brataí) nó an CPC ar mian leo úsáid a bhaint as a chalafoirt nó a shaoráidí tabhairt i dtír.

▼M1

2.  

Sula rachaidh siad isteach sa chalafort, tabharfaidh máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais, lena n-áirítear soithí próiseála agus soithí coimhdeachta, a áirítear ar an liosta soithí dá dtagraítear in Airteagal 26, nó a n-ionadaithe, 4 uair an chloig ar a laghad roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach, fógra d’údarás inniúil a mBallstáit brataí nó an CPC ar mian leo úsáid a bhaint as a chalafoirt nó a shaoráidí tabhairt i dtír, faoin méid seo a leanas ar a laghad:

(a) 

dáta agus am teachta measta;

(b) 

meastachán ar an gcainníocht tuinnín ghoirm a choinnítear ar bord;

(c) 

faisnéis maidir leis an limistéar geografach inar gabhadh na gabhálacha.

▼B

3.  
I gcás ina n-údaraítear do na Ballstáit faoi dhlí infheidhme de chuid an Aontais tréimhse fógra a chur i bhfeidhm is giorra ná an tréimhse 4 uair an chloig roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach, féadfar na meastacháin ar na cainníochtaí tuinníní gorma a coinníodh ar bord a chur in iúl ag an am is infheidhme maidir le fógra a thabhairt roimh theacht chun calafoirt. Más giorra ná turas 4 uair an chloig é an turas idir an t-iascach agus an calafort, féadfar na meastacháin ar na cainníochtaí tuinníní gorma a coinníodh ar bord a mhodhnú aon tráth roimh theacht chun calafoirt.
4.  
Coinneoidh údaráis Bhallstát an chalafoirt taifead ar gach réamhfhógra a thabharfar le haghaidh na bliana reatha.

▼M1

5.  
Déanfaidh údaráis rialaithe ábhartha an Bhallstáit calafoirt gach gabháil a thabharfar i dtír san Aontas a rialú agus déanfar cigireacht ar chéatadán díobh bunaithe ar chóras measúnaithe riosca a mbeidh cuótaí, méid an chabhlaigh agus iarracht iascaireachta ina gcuid de. Leagfar amach sa phlean bliantúil faireacháin, rialaithe agus cigireachta dá dtagraítear in Airteagal 14 na sonraí go léir maidir leis an gcóras rialaithe a bheidh glactha ag gach Ballstát.

▼B

6.  
Déanfaidh máistrí soithigh gabhála de chuid an Aontais, beag beann ar fhad iomlán an tsoithigh, laistigh de 48 n-uair an chloig tar éis an tabhairt i dtír a bheith curtha i gcrích, dearbhú tabhairt i dtír a chur faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit nó an CPC ina ndearnadh an tabhairt i dtír agus faoi bhráid Bhallstát brataí an tsoithigh. Beidh máistir shoitheach gabhála an Aontais freagrach as iomláine agus cruinneas an dearbhaithe agus deimhneoidh sé an céanna. Léireofar sa dearbhú tabhairt i dtír, mar íoscheanglas, na cainníochtaí tuinníní gorma a tugadh i dtír agus an limistéar inar gabhadh iad. Déanfar na gabhálacha go léir a thabharfar i dtír a mheá. Cuirfidh údaráis Bhallstát an chalafoirt taifead ar an tabhairt i dtír chuig údaráis an Bhallstáit brataí nó an CPC laistigh de 48 n-uair an chloig tar éis an tabhairt i dtír a bheith curtha i gcrích.

Airteagal 35

Trasloingsiú

1.  
Cuirfear toirmeasc i ngach imthoisc ar thrasloingsiú ar muir a bheith á dhéanamh ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar a mbeidh tuinníní gorma á n-iompar, nó ag soithí tríú tír in uiscí an Aontais.
2.  
Gan dochar d’Airteagal 52(2) agus (3), Airteagal 54 agus Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2017/2107, is i gcalafoirt ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 33 den Rialachán seo agus sna calafoirt sin amháin a thrasloingseoidh soithí iascaireachta gabhálacha tuinníní gorma.
3.  
Déanfaidh máistir an tsoithigh glactha nó ionadaí an mháistir, 72 uair an chloig ar a laghad roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach, an fhaisnéis a liostaítear sa teimpléad don dearbhú trasloingsithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V a sholáthar d’údaráis ábhartha Bhallstát an chalafoirt. Beidh sé ina cheangal le haghaidh aon trasloingsiú réamhúdarú a fháil ó Bhallstát brataí nó ó CPC brataí an tsoithigh iascaireachta trasloingsithe lena mbaineann. Thairis sin, déanfaidh máistir an tsoithigh iascaireachta trasloingsithe, tráth an trasloingsithe, na dátaí a iarrtar faoi Iarscríbhinn V a chur in iúl dá Bhallstát brataí nó dá CPC brataí.
4.  
Déanfaidh Ballstát an chalafoirt cigireacht ar an soitheach glactha nuair a bhainfidh sé an calafort amach agus seiceálfaidh sé na cainníochtaí agus an doiciméadacht a bhaineann leis an oibríocht trasloingsithe.

▼M1

5.  
Déanfaidh máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais, nó a n-ionadaithe, atá ag gabháil d’oibríochtaí trasloingsithe an dearbhú trasloingsithe ICCAT a chomhlánú agus a tharchur chuig údaráis inniúla a mBallstát brataí tráth nach déanaí ná 5 lá oibre tar éis dháta an trasloingsithe sa chalafort. Déanfaidh máistrí na soithí iascaireachta trasloingsithe, nó a n-ionadaithe, dearbhú trasloingsithe ICCAT a chomhlánú i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach in Iarscríbhinn V. Nascfar dearbhú trasloingsithe ICCAT le r-DGTG chun cros-seiceáil na sonraí atá ann a éascú.

▼B

6.  
Cuirfidh Ballstát an chalafoirt taifead ar an trasloingsiú chuig údarás Bhallstát brataí nó CPC brataí an tsoithigh iascaireachta trasloingsithe laistigh de 5 lá tar éis an trasloingsiú a bheith curtha i gcrích.
7.  
Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstáit na gcalafort ainmnithe cigireacht ar gach trasloingsiú.

Roinn 4

Oibleagáidí Tuairiscithe

▼M1

Airteagal 36

Tuarascálacha ar ghabhálacha arna gcur isteach ag na Ballstáit

Cuirfidh gach Ballstát tuarascálacha ar ghabhálacha faoi bhráid an Choimisiúin gach coicís. Áireofar sna tuarascálacha sin na sonraí a cheanglaítear faoi Airteagal 32 a mhéid a bhaineann le gaistí agus soithí gabhála. Déanfar an fhaisnéis a leagan amach de réir an chineáil trealaimh. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht ICCAT gan mhoill.

▼B

Airteagal 37

Faisnéis maidir le hídiú cuótaí

1.  
De bhreis ar Airteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a chomhlíonadh, cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas nuair a mheasfar gur baineadh amach 80 % den chuóta a leithdháileadh ar ghrúpa trealaimh.
2.  
De bhreis ar Airteagal 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a chomhlíonadh, cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas nuair a mheasfar go bhfuil an cuóta a leithdháileadh ar ghrúpa trealaimh nó ar chomhoibríocht iascaireachta nó ar shoitheach peas-saighne ídithe. Beidh doiciméadacht oifigiúil in éineacht leis an bhfaisnéis sin, doiciméadacht lena dtugtar cruthúnas ar an gcosc ar iascaireacht nó an glao ar ais chuig calafort a d’eisigh an Ballstát don chabhlach, don ghrúpa trealaimh, don chomhoibríocht iascaireachta nó do na soithí ag a bhfuil cuóta aonair agus beidh dáta agus am an dúnta curtha in iúl go soiléir inti.
3.  
Cuirfidh an Coimisiún Rúnaíocht ICCAT ar an eolas faoi na dátaí a ídíodh cuóta an Aontais le haghaidh tuinníní gorma.

Roinn 5

Cláir Breathnóirí

Airteagal 38

Clár breathnóirí náisiúnta

1.  

Maidir le breathnóirí náisiúnta a mbeidh doiciméad aitheantais oifigiúil eisithe dóibh a chur amach ar shoithí iascaireachta agus ar ghaistí a bheidh gníomhach san iascach tuinníní gorma, áiritheoidh gach Ballstát go gcumhdófar leis sin an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) 

20 % dá thrálaeir pheiligeacha ghníomhacha (is faide ná 15 mhéadar);

(b) 

20 % dá shoithí spiléir gníomhacha (is faide ná 15 mhéadar);

(c) 

20 % dá bháid bhaoite ghníomhacha (is faide ná 15 mhéadar);

(d) 

100 % dá shoithí tarraingthe;

(e) 

100 % dá oibríochtaí saothraithe ó ghaistí.

Na Ballstáit ag a bhfuil níos lú ná cúig shoitheach gabhála as na catagóirí atá liostaithe i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír agus atá údaraithe chun iascach go gníomhach ar thuinníní gorma, áiritheoidh siad, má chuirtear breathnóirí náisiúnta chun úsáide, go gcumhdóidh sé sin ar a laghad 20 % den am a bheidh na soithí gníomhach san iascach tuinníní gorma.

▼M1

2.  
De mhaolú ar mhír 1, chun tuinnín a scaoileadh saor ó fheirmeacha, ní bheidh ach breathnóirí réigiúnacha de chuid ICCAT dá dtagraítear in Airteagal 39 i láthair ar na soithí tarraingthe.
3.  
Leagtar amach in Iarscríbhinn VIII oibleagáidí, freagrachtaí agus cúraimí na mbreathnóirí náisiúnta.

▼B

4.  
Na sonraí agus an fhaisnéis a bhaileofar faoi chlár breathnóirí gach Ballstáit soláthrófar don Choimisiún iad. Cuirfidh an Coimisiún na sonraí sin agus an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig SCRS nó chuig Rúnaíocht ICCAT, de réir mar is iomchuí.

▼M1

5.  

Chun críocha an Airteagail seo, áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a) 

go ndéanfar cumhdach ionadaíocht ama agus spásúil chun a áirithiú go bhfaighidh an Coimisiún sonraí agus faisnéis leordhóthanach iomchuí maidir leis an ngabháil, an iarracht iascaireachta agus gnéithe eolaíocha agus bainistíochta eile, agus gnéithe a bhaineann leis na cabhlaigh agus leis na hiascaigh á gcur san áireamh;

(b) 

go mbeidh prótacail láidre ann maidir le bailiú sonraí;

(c) 

go mbeidh na breathnóirí oilte agus faofa mar is ceart sula rachaidh siad i mbun oibre;

(d) 

go gsoláthrófar liosta teagmhálaithe do bhreathnóirí, sula rachaidh said i mbun oibre, laistigh d’údarás inniúil an Bhallstáit i gcás inar cheart dóibh barúlacha a thuairisciú;

(e) 

go ndéanfar, a mhéid is féidir, an cur isteach is lú is féidir ar oibríochtaí soithí agus gaistí a bheidh i mbun iascaireachta i Limistéar an Choinbhinsiúin.

(f) 

go gceadóidh máistrí soithí iascaireachta agus oibreoirí gaiste do bhreathnóirí rochtain a fháil ar na modhanna leictreonacha cumarsáide ar bord na soithí iascaireachta nó ar na gaistí.

▼B

Airteagal 39

Clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit cur chun feidhme éifeachtach chlár breathnóirí réigiúnacha ICCAT mar a leagtar amach san Airteagal seo agus in Iarscríbhinn VIII é.
2.  

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh breathnóir réigiúnach ICCAT i láthair:

(a) 

ar gach soitheach peas-saighne atá údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma;

(b) 

gach uair a dhéanfar tuinníní gorma a aistriú ó shoitheach peas-saighne;

(c) 

gach uair a dhéanfar tuinníní gorma a aistriú ó ghaistí go dtí caighin iompair;

▼M1

(d) 

le linn gach aistrithe ó chaighean feirme amháin go caighin iompair, a tharraingítear go feirm eile ina dhiaidh sin;

▼B

(e) 

gach uair a dhéanfar tuinníní gorma a chur i gcaighean ar fheirmeacha;

(f) 

gach uair a dhéanfar tuinníní gorma a shaothrú ar fheirmeacha; agus

(g) 

nuair a scaoilfear tuinníní gorma ó chaighin feirmeoireachta isteach san fharraige.

▼M1

2a  
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Ballstát ábhartha saothrú ó fheirmeacha suas le 1 000  kg in aghaidh an lae agus suas le 50 tonna ar a mhéad in aghaidh na feirme in aghaidh na bliana chun an margadh tuinnín ghoirm úir a sholáthar a údarú ar choinníoll go mbeidh cigire náisiúnta údaraithe ón mBallstát feirme ar an láthair le haghaidh 100 % de na saothraithe sin agus go rialóidh sé an oibríocht ina hiomláine. Déanfaidh an cigire náisiúnta údaraithe sin na cainníochtaí a saothraíodh a bhailíochtú freisin i gcóras r-DGTG. Sna cásanna sin, ní bheidh síniú bhreathnóir réigiúnach ICCAT ag teastáil sa roinn maidir le faisnéis bailte de r-DGTG.

▼B

3.  
Ní údarófar do shoithí peas-saighne nach bhfuil breathnóir réigiúnach ICCAT i láthair orthu iascach ar thuinníní gorma.

▼M1

4.  
Áiritheoidh na Ballstáit go sannfar breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT amháin do gach feirm ar feadh thréimhse iomlán na n-oibríochtaí cur i gcaighean agus saothraithe. I gcás force majeure, agus tar éis don Bhallstát feirme na himthosca sin arb ionann iad agus force majeure a dhearbhú nó i gcás ina mbeidh feirmeacha comharsanacha, de réir mar a bheidh siad údaraithe agus á rialú ag aon Bhallstát feirme amháin, ag feidhmiú go comhpháirteach mar aonad amháin, féadfaidh níos mó ná feirm amháin breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT a chomhroinnt chun leanúnachas na n-oibríochtaí feirmeoireachta a ráthú, má áirithítear go gcuirfear cúraimí bhreathnóir réigiúnach ICCAT i gcrích mar is cuí agus tar éis dearbhú a fháil ón mBallstát feirme.
4a.  
De mhaolú ar mhír 4, i gcás aistriú idir dhá fheirm éagsúla faoi dhlínse an Bhallstáit chéanna, féadfar aon bhreathnóir réigiúnach ICCAT amháin a shannadh chun an próiseas iomlán a chumhdach lena n-áirítear éisc a aistriú go caighean iompair tarraingthe, tarraingt na n-iasc ón bhfeirm dheontóra chuig an bhfeirm chinn scríbe agus éisc a chur i gcaighean ar an bhfeirm chinn scríbe. Sa chás sin, cuirfidh an fheirm dheontóra breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT amach agus roinnfidh an fheirm dheontóra agus an fheirm chinn scríbe an costas, mura gcinnfidh oibreoirí na bhfeirmeacha sin a mhalairt.

▼B

5.  

Déanfaidh breathnóirí réigiúnacha ICCAT na tascanna seo a leanas go háirithe:

(a) 

breathnóireacht agus faireachán ar oibríochtaí iascaireachta agus feirmeoireachta i gcomhréir le bearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT, lena n-áirítear trí rochtain ar phíosaí scannánaíochta ó cheamara steiréascópach tráth a chuirfear na héisc i gcaighean trínar féidir an fad a thomhas agus meastachán a dhéanamh ar an meáchan comhfhreagrach;

(b) 

na ITDanna agus na DGTGanna a shíniú nuair a bheidh an fhaisnéis a bheidh iontu ag teacht lena chuid barúlacha féin. Seachas sin, léireoidh an breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT ar na ITDanna agus ar na DGTGanna go bhfuil sé i láthair agus cúiseanna an easaontais agus luafaidh sé go sonrach an riail/na rialacha nó an nós imeachta/na nósanna imeachta nár urramaíodh;

(c) 

obair eolaíochta a dhéanamh, lena n-áirítear samplaí a bhailiú, ar bhonn na dtreoirlínte ó SCRS.

▼M1

6.  
Ní chuirfidh máistrí, baill den chriú, ná úinéirí feirmeacha, gaistí ná soithí bac ná imeagla ar bhreathnóirí réigiúnacha ICATT ná ní chuirfidh siad isteach orthu ná ní rachaidh siad i bhfeidhm go míchuí orthu ar mhodh ar bith agus iad i mbun a ndualgas’;
7.  
Leagtar amach in Iarscríbhinn VIII oibleagáidí, freagrachtaí agus cúraimí bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT.

▼B

Roinn 6

Oibríochtaí aistrithe

Airteagal 40

Údarú aistrithe

▼M1

1.  

Sula gcuirfear tús le hoibríocht aistrithe, lena n-áirítear aistriú deonach, seolfaidh an t-oibreoir deontóra réamhfhógra aistrithe chuig an mBallstát brataí, chuig an mBallstát feirme nó chuig an mBallstát an ghaiste ina léireofar an méid seo a leanas:

(a) 

líon agus meastachán ar mheáchan na dtuinníní gorma aonair a bheidh le haistriú;

(b) 

ainm agus uimhir ICCAT an tsoithigh gabhála, na soithí tarraingthe, na feirme nó an ghaiste;

(c) 

dáta agus suíomh na gabhála;/

(d) 

dáta agus am measta an aistrithe;

(e) 

an suíomh measta (domhanleithead agus domhanfhad) ina ndéanfar an t-aistriú agus uimhreacha na gcaighean deontóra agus glactha;

(f) 

ainm agus uimhir ICCAT na feirme cinn scríbe;

(g) 

ainm agus uimhir ICCAT na feirme deontóra, i gcás aistriú ó chaighean na feirme go caighean iompair;

(h) 

uimhreacha caighin an dá chaighean feirme agus aon chaighean iompair atá i gceist, i gcás aistrithe laistigh den fheirm.

▼M1 —————

▼M1

3.  
Sannfar uimhir aitheantais uathúil dá dtagraítear in Airteagal 45c do gach caighean a úsáidtear in oibríochtaí aistrithe agus in iompar gaolmhar tuinnín ghoirm bheo.

▼B

4.  
Déanfaidh an Ballstát ar cuireadh fógra maidir le haistriú chuige de bhun mhír 1 uimhir údaraithe le haghaidh gach oibríochta aistrithe a shannadh agus a chur in iúl do mháistir an tsoithigh iascaireachta nó d’oibreoir an ghaiste nó na feirme de réir mar is iomchuí. San uimhir údaraithe, beidh cód trí litir an Bhallstáit, ceithre uimhir a léireoidh an bhliain, mar aon le trí litir a léireoidh údarú dearfach (AUT) nó diúltach (NEG), agus leanfaidh uimhreacha seicheamhacha an méid sin.

▼M1

5.  
Laistigh de 48 n-uair an chloig tar éis an réamhfhógra aistrithe a thíolacadh, údaróidh an Ballstát dá dtagraítear i mír 1 an t-aistriú nó diúltóidh sé é a údarú. Ní chuirfear tús leis an aistriú gan an uimhir údaraithe roimh ré lena léirítear gur eisíodh an t-údarú dearfach (AUT).

▼B

6.  
Ní réamhbhreith ar dheimhniú na hoibríochta cur i gcaighean é an t-údarú aistrithe.

▼M1

7.  
Ní bheidh aistrithe deonacha ná aistrithe rialaithe faoi réir údarú aistrithe nua.

▼B

Airteagal 41

▼M1

Diúltú an t-aistriú a údarú agus tuinnín gorm a scaoileadh saor ina dhiaidh sin

▼B

1.  

An Ballstát ar cuireadh réamhfhógra maidir le haistriú chuige de bhun Airteagal 40(1), diúltóidh sé an t-aistriú a údarú má mheasann sé, tar éis an réamhfhógra um aistriú a fháil:

(a) 

nach raibh a dhóthain de chuóta ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste ar dearbhaíodh gurbh é a ghabh na héisc;

▼M1

(b) 

nach ndearna an soitheach gabhála nó an gaiste líon agus meáchan na dtuinníní gorma aonair a thuairisciú go cuí, ná nár údaraíodh na tuinníní gorma aonair a chur i gcaighean;

(c) 

nach raibh údarú iascaireachta bailí le haghaidh tuinnín gorm arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 27 nó 28 ag an soitheach gabhála nó an gaiste ar dearbhaíodh gurbh é a ghabh na héisc;

(d) 

maidir leis an soitheach tarraingthe ar dearbhaíodh gurbh é a fuair an t-aistriú iasc, nach bhfuil sé cláraithe i dtaifead ICCAT ar shoithí iascaireachta eile dá dtagraítear in Airteagal 26, nó nach bhfuil córas um fhaireacháin soithí (CFS) nó feiste rianaithe coibhéiseach lánfheidhmiúil feistithe air; nó

(e) 

ní thuairiscítear go bhfuil an fheirm chinn scríbe gníomhach i dtaifead ICCAT ar shaoráidí feirmeoireachta tuinnín ghoirm.

▼B

2.  
Má dhiúltaíonn an Ballstát ar cuireadh fógra maidir le haistriú chuige de bhun Airteagal 40(1) don aistriú, déanfaidh sé ordú scaoilte a eisiúint láithreach do mháistir an tsoithigh gabhála nó tarraingthe nó d’oibreoir an ghaiste nó na feirme de réir mar is iomchuí, chun a chur in iúl dóibh nach bhfuil an t-aistriú údaraithe agus a cheangal orthu na héisc a scaoileadh isteach san fharraige i gcomhréir le hIarscríbhinn XII.

▼M1

3.  
I gcás cliseadh teicniúil ar a CFS le linn iompar chuig an bhfeirm, déanfar soitheach tarraingthe eile ar a mbeidh CFS lánfheidhmiúil a chur in ionad an tsoithigh tarraingthe, nó suiteálfar nó úsáidfear CFS lánfheidhmiúil nua, a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis an chliste theicniúil sin. Mar eisceacht, féadfar síneadh a chur leis an tréimhse 72 uair an chloig sin i gcás force majeure nó srianta oibríochtúla dlisteanacha. Cuirfear an cliseadh teicniúil in iúl láithreach don Choimisiún, agus cuirfidh an Coimisiún Rúnaíocht ICCAT ar an eolas faoi. Déanfaidh an máistir nó ionadaí an mháistir, ón tráth a bhraithfear an cliseadh teicniúil go dtí go leigheasfar é, comhordanáidí nuashonraithe geografacha an tsoithigh iascaireachta a chur in iúl trí mhodh iomchuí teileachumarsáide gach uair an chloig d’údaráis rialaithe an Bhallstáit brataí.

▼B

Airteagal 42

Dearbhú aistrithe ICCAT

▼M1

1.  

Ag deireadh na hoibríochta aistrithe, déanfaidh an t-oibreoir deontóra dearbhú aistrithe ICCAT (ITD) a chomhlánú agus a tharchur i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach in Iarscríbhinn VI chuig na páirtithe seo a leanas:

(a) 

údaráis inniúla an Bhallstáit brataí nó Bhallstát an ghaiste;

(b) 

breathnóir réigiúnach ICCAT i gcás ina bhfuil sé éigeantach an breathnóir sin a bheith i láthair; agus

(c) 

i gcás inarb infheidhme, máistir an tsoithigh tarraingthe nó oibreoir na feirme cinn scríbe.

▼B

2.  
Déanfaidh údaráis an Bhallstáit atá freagrach as an soitheach, as an bhfeirm nó as an ngaiste as a dtionscnaíonn an t-aistriú na foirmeacha ITD a uimhriú. Áireofar in uimhir na foirme ITD cód trí litir an Bhallstáit, agus ina dhiaidh sin ceithre uimhir a thabharfaidh an bhliain le fios agus trí uimhir sheicheamhacha, a mbeidh na trí litir ITD ina ndiaidh (MS-20**/xxx/ITD).

▼M1

3.  
Rachaidh an ITD bunaidh leis an aistriú chuig an bhfeirm chinn scríbe áit a bhfuil tuinníní gorma aonair le cur i gcaighean.

Ar an gcéad aistriú, déanfaidh an t-oibreoir deontóra dearbhú aistrithe bunaidh a dhúbláil i gcás ina n-aistreofar aon ghabháil amháin ón bpeas-saighean nó ón ngaiste chuig níos mó ná caighean iompair amháin.

I gcás aistriú breise, déanfaidh máistir an tsoithigh tarraingthe deontóra an dearbhú aistrithe a nuashonrú trí roinn 3 (aistrithe breise) a chomhlánú, agus soláthróidh an máistir sin an dearbhú aistrithe nuashonraithe don soitheach tarraingthe glactha.

Coimeádfar cóip de ITD ar bord na soithí gabhála deontóra nó na soithí tarraingthe deontóra, nó coinneoidh oibreoir an ghaiste deontóra nó na feirme deontóra é, agus beidh rochtain air tráth ar bith chun críocha rialaithe le linn an tséasúir iascaireachta.

▼B

4.  
Déanfaidh máistrí soithí a bheidh i mbun oibríochtaí aistrithe a ngníomhaíochtaí a thuairisciú i gcomhréir le hIarscríbhinn II.

▼M1

5.  
Déanfar faisnéis maidir le héisc a bhreathnaítear a bheith marbh le linn aistrithe nó le linn iompar éisc go dtí an fheirm chinn scríbe a thaifeadadh i gcomhréir le hIarscríbhinn XIII.

▼B

Airteagal 43

Faireachán le físcheamara

▼M1

1.  

Áiritheoidh an t-oibreoir deontóra go ndéanfar faireachán ar an aistriú le físcheamara san uisce chun líon na dtuinníní gorma aonair atá á aistriú a chinneadh, cé is moite de chaighin a aistrítear idir dhá shoitheach tarraingthe, toisc nach n-aistrítear na tuinníní gorma aonair beo idir na caighin sin. Déanfar an fístaifeadadh i gcomhréir leis na híoschaighdeáin maidir le nósanna imeachta fístaifeadta a leagtar amach in Iarscríbhinn X.

Déanfaidh gach údarás inniúil Bhallstát an oibreora deontóra na bearta is gá chun a áirithiú go soláthróidh an t-oibreoir deontóra cóipeanna de na fístaifid ábhartha gan mhoill:

(a) 

i gcás an chéad aistrithe agus aon aistrithe dheonaigh, chuig breathnóir réigiúnach ICCAT, chuig máistir an tsoithigh tarraingthe ghlactha agus, ag deireadh an turais iascaireachta, chuig údarás inniúil Bhallstát brataí nó Bhallstát gaiste an oibreora deontóra;

(b) 

le haghaidh aistrithe breise, chuig an mbreathnóir náisiúnta ar bord an tsoithigh tarraingthe deontóra, chuig máistir an tsoithigh tarraingthe glactha agus, ag deireadh an turais tarraingthe, chuig údarás inniúil Ballstáit brataí an tsoithigh tarraingthe deontóra;

(c) 

i gcás aistrithe idir dhá fheirm dhifriúil, chuig breathnóir réigiúnach ICCAT, chuig máistir an tsoithigh tarraingthe ghlactha agus, chuig údarás inniúil Ballstáit feirme an oibreora deontóra; agus

(d) 

má tá cigire náisiúnta nó cigire ICCAT i láthair le linn na hoibríochta aistrithe, chuig an gcigire sin.

1a.  
Rachaidh an fístaifead ábhartha leis na héisc go dtí an fheirm chinn scríbe. Coimeádfar cóip ag na gaistí, ar na feirmeacha nó ar bord na soithí deontóra, agus beidh rochtain air chun críoch rialaithe tráth ar bith le linn an tséasúir iascaireachta.

▼B

2.  
I gcás ina n-iarrfaidh SCRS ar an gCoimisiún cóipeanna de na fístaifid a sholáthar, déanfaidh na Ballstáit na cóipeanna sin a sholáthar don Choimisiún agus cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh chuig SCRS iad.

▼M1

3.  
Coimeádfaidh an t-oibreoir deontóra agus údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann na fístaifid a bhaineann le haistrithe ar feadh 3 bliana ar a laghad agus coimeádfaidh siad iad chomh fada agus is gá chun críoch rialaithe agus forfheidhmithe.

Airteagal 43a

Aistrithe deonacha agus rialaithe

1.  
Mura gcomhlíonann an fístaifead dá dtagraítear in Airteagal 43 na híoschaighdeáin maidir le nósanna imeachta fístaifeadta a leagtar amach in Iarscríbhinn X, agus go háirithe mura bhfuil a cháilíocht ná a shoiléire maith a dhóthain chun líon na dtuinníní gorma aonair atá á n-aistriú a chinneadh, féadfaidh an t-oibreoir deontóra aistrithe deonacha a dhéanamh.
2.  
Mura rinneadh aon aistriú deonach, nó más rud é, d’ainneoin an aistrithe dheonaigh, nach féidir fós líon na dtuinníní gorma aonair atá á n-aistriú a chinneadh, ordóidh údarás inniúil Ballstáit brataí, Ballstáit gaiste nó Ballstáit feirme an oibreora deontóra aistriú rialaithe a dhéanfar arís agus arís eile go dtí go mbeidh cáilíocht an fhístaifeadta maith a dhóthain chun líon na dtuinníní gorma aonair atá á n-aistriú a chinneadh.
3.  
Déanfar na haistrithe deonacha agus rialaithe isteach i gcaighean folamh. Úsáidfear líon na n-iasc atá á n-aistriú, mar a cinneadh le linn an aistrithe dheonaigh, chun an logleabhar, ITD agus na ranna ábhartha den r-DGTG a chomhlánú.
4.  
Ní dhéanfar an caighean iompair a scaradh ón soitheach peas-saighne, ón ngaiste nó ón gcaighean feirme go dtí go mbeidh a chúraimí curtha i gcrích ag breathnóir réigiúnach ICCAT atá ar bord an tsoithigh peas-saighne, nó i láthair ag an bhfeirm nó ag an ngaiste.
5.  
Mura bhfuil an cháilíocht fístaifeadta de na haistrithe deonacha maith a dhóthain fós chun líon na n-iasc atá á n-aistriú a chinneadh, féadfaidh údarás inniúil Bhallstát an oibreora deontóra a cheadú go scarfar na caighin iompair ón soitheach peas-saighne, ón ngaiste nó ón bhfeirm. Sa chás sin, ordóidh údarás inniúil Bhallstát an oibreora deontóra doras nó doirse na gcaighean iompair lena mbaineann a shéalú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn XVa, agus ceanglóidh sé go ndéanfar aistrithe rialaithe ag ama cinnte agus in áit chinnte, i láthair údarás inniúil Bhallstáit brataí, Bhallstát an ghaiste nó an Bhallstáit feirme lena mbaineann.
6.  
I gcás nach féidir le húdaráis inniúla an Bhallstáit brataí, Bhallstát an ghaiste nó an Bhallstáit feirme a bheith i láthair ag an aistriú rialaithe, déanfar an t-aistriú rialaithe i láthair bhreathnóir réigiúnach ICCAT. Sa chás sin, beidh an t-oibreoir feirme ar leis na tuinníní gorma aonair atá á n-aistriú freagrach as breathnóir réigiúnach ICCAT a imscaradh chun an t-aistriú rialaithe a fhíorú.

▼M1

Airteagal 44

Imscrúdú ag údarás inniúil Bhallstát an oibreora deontóra’;

1.  

Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát an oibreora deontóra imscrúdú ar gach cás atá mar a leanas:

(a) 

tá difríocht is mó ná 10 % idir líon na dtuinníní gorma aonair a thuairiscigh an t-oibreoir deontóra in ITD agus líon na dtuinníní gorma aonair a chinn breathnóir réigiúnach ICCAT, nó an breathnóir náisiúnta, de réir mar is iomchuí;

(b) 

níor shínigh breathnóir réigiúnach ICCAT ITD.

Déanfar an lamháil earráide 10 % dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), a shloinneadh mar chéatadán d’fhigiúirí an oibreora deontóra.

Ar thionscnamh an imscrúdaithe, cuirfidh údarás inniúil Bhallstát an oibreora deontóra údarás inniúil Bhallstáit brataí na soithí tarraingthe nó CPC na soithí tarraingthe lena mbaineann ar an eolas faoin imscrúdú agus áiritheoidh sé nach gceadófar aon aistriú ón gcaighean iompair ábhartha ná chuige go dtí go gcuirfear an t-imscrúdú i gcrích.

I gcás inarb infheidhme, áireofar san imscrúdú anailís ar na fístaifid ábhartha uile. Ach amháin i gcás force majeure, cuirfear imscrúdú den sórt sin i gcrích sula gcuirfear na héisc i gcaighean ar an bhfeirm agus in aon chás laistigh de 96 uair an chloig ó thionscnamh an imscrúdaithe. Ní údarófar cur i gcaighean ná ní bhailíochtófar an chuid ábhartha den r-DGTG go dtí go bhfaighfear torthaí an imscrúdaithe.

2.  
Maidir le gach oibríocht aistrithe ina bhfuil gá le fístaifeadadh, i gcás ina bhfuil difríocht is mó ná 10 % i líon na dtuinníní gorma aonair atá á n-aistriú arna thuairisciú ag an oibreoir deontóra in ITD agus an líon a chinnfidh údarás inniúil Bhallstát an oibreora deontóra nó CPC an oibreora deontóra neamhchomhlíonadh féideartha ag an soitheach iascaireachta, an gaiste nó an fheirm lena mbaineann a bheidh ann.

▼B

Airteagal 45

Gníomhartha cur chun feidhme

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos nósanna imeachta oibríochtúla maidir le cur i bhfeidhm na Roinne seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68.

▼M1

Airteagal 45a

Leasuithe ar ITDanna agus r-DGTGanna tar éis cigireachtaí ar muir nó imscrúduithe

Más rud é, tar éis cigireacht ar muir nó imscrúdú a dhéanamh, go suítear go bhfuil difríocht is mó ná 10 % idir líon na dtuinníní gorma aonair atá á n-aistriú seachas an líon iasc a dearbhaíodh in ITD agus in r-DGTG, déanfaidh údarás inniúil Bhallstát an oibreora deontóra r-DGTG a leasú chun toradh na cigireachta nó an imscrúdaithe a léiriú.

▼B

Roinn 7

Oibríochtaí Cur i gCaighean

▼M1

Airteagal 45b

Forálacha ginearálta

1.  
Ainmneoidh gach Ballstát feirme údarás inniúil aonair a bheidh freagrach as bailiú agus fíorú faisnéise maidir le hoibríochtaí cur i gcaighean a dhéantar ina dhlínse, as gníomhaíochtaí feirme a dhéantar faoina dhlínse a rialú, agus as tuairisciú d’údaráis inniúla Ballstáit brataí agus Bhallstát gaiste agus CPCanna na soithí nó na ngaistí a ghabh na tuinníní i gcaighean agus as comhoibriú leis na húdaráis inniúla sin.
2.  
Beidh gach gníomhaíocht iascaigh agus feirme tuinnín ghoirm faoi réir an rialaithe a leagtar amach sa phlean bliantúil faireacháin, rialaithe agus cigireachta arna thíolacadh faoi Airteagal 14.
3.  
Na Ballstáit a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí a bhaineann le cur i gcaighean, déanfaidh siad faisnéis a mhalartú agus comhoibreoidh siad le chéile chun a áirithiú go mbeidh líon agus meáchan na dtuinníní gorma aonair, a bhfuil sé beartaithe iad a chur i gcaighean, cruinn, i gcomhréir leis na méideanna gabhála arna dtuairisciú ag máistir an tsoithigh pheas-saighne nó ag oibreoir gaiste, agus a dhearbhófar sna ranna ábhartha de r-DGTG.
4.  
Áiritheoidh na Ballstáit feirme go gcoinneoidh oibreoirí feirme plean scéimreach cruinn ar bun i gcónaí dá bhfeirmeacha, ina léireofar uimhreacha uathúla sainaitheanta na gcaighean uile, dá dtagraítear in Airteagal 45c, agus a suíomh ar leith ar an bhfeirm. Cuirfear an plean sin ar fáil i gcónaí d’údarás inniúil an Bhallstáit feirme chun críoch rialaithe agus do bhreathnóir réigiúnach ICCAT atá imscartha ar an bhfeirm. Beidh aon nuashonrú ar an bplean scéimreach faoi réir fógra a thabhairt roimh ré d’údarás inniúil an Bhallstáit feirme. Déanfar an plean scéimreach a thabhairt cothrom le dáta aon uair a mhodhnaítear líon agus/nó dáileadh na gcaighean feirme.
5.  
Coimeádfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme an fhaisnéis, na doiciméid agus an t-ábhar ar fad a bhaineann le hoibríochtaí cur i gcaighean a dhéantar ar fheirmeacha faoina dhlínse ar feadh 3 bliana ar a laghad, agus coinneoidh siad an fhaisnéis a fhad is gá chun críoch forfheidhmithe. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin mutatis mutandis maidir le hoibreoirí feirme i ndáil le hoibríochtaí cur i gcaighean a dhéantar ar a gcuid feirmeacha.

Airteagal 45c

Uimhir aitheantais uathúil

1.  
Sula gcuirfear tús leis an bhfeachtas iascaireachta tuinnín ghoirm, sannfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme uimhir uathúil inaitheanta (“uimhir an chaighin”) do gach caighean a bhaineann le feirmeacha atá faoina dhlínse, lena n-áirítear na caighin sin a úsáidtear chun na héisc a iompar go dtí an fheirm.
2.  
Déanfar uimhreacha caighin a eisiúint i gcomhréir le córas uimhrithe uathúil ina mbeidh trí uimhir ag leanúint an chóid alfa-3 a chomhfhreagraíonn don Bhallstát feirme. Beidh uimhreacha na gcaighean buan agus ní bheidh siad inaistrithe ó chaighean go caighean.
3.  
Déanfar uimhreacha na gcaighean a stampáil nó a phéinteáil ar dhá thaobh ar aghaidh a chéile d’fháinne an chaighin agus os cionn na líne uisce, i ndath atá i gcodarsnacht leis an gcúlra ar a bhfuil siad péinteáilte nó stampáilte, agus beidh siad infheicthe agus inléite ag am ar bith chun críoch rialaithe. Beidh na litreacha agus na huimhreacha 20 cm ar airde ar a laghad agus beidh siad 4 cm ar a laghad ar tiús.
4.  
De mhaolú ar mhír 3, ceadófar modhanna malartacha chun an uimhir ar an gcaighean a mharcáil, ar choinníoll go dtugann siad an ráthaíocht chéanna maidir le hinfheictheacht, inléiteacht agus dosháraitheacht.

Airteagal 45d

Údarú cur i gcaighean

1.  
Beidh gach oibríocht cur i gcaighean faoi réir an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 2 go 4.
2.  

Iarrfaidh an t-oibreoir feirme go n-eiseoidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme údarú cur i gcaighean. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar áireamh san údarú cur i gcaighean:

(a) 

líon agus meáchan na dtuinníní gorma aonair atá le cur i gcaighean dá dtagraítear in ITD;

(b) 

ITD ábhartha;

(c) 

líon r-DGTGanna lena mbaineann, arna dhearbhú agus arna bhailíochtú ag údarás inniúil an Bhallstáit brataí gabhála nó Bhallstát an ghaiste nó CPC;

(d) 

tuarascálacha uile na n-iasc a fhaigheann bás le linn iad a iompar, arna dtaifeadadh go cuí i gcomhréir le hIarscríbhinn XIII.

3.  
Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme fógra faoin bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2 d’údaráis inniúla ábhartha an Bhallstáit brataí gabhála nó Bhallstáit an ghaiste nó CPCanna, agus iarrfaidh sé dearbhú go bhféadfar an oibríocht cur i gcaighean a údarú.
4.  
Laistigh de 3 lá oibre, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit brataí gabhála nó Bhallstát an ghaiste in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit feirme nó CPC gur féidir an oibríocht cur i gcaighean lena mbaineann a údarú nó go ndiúltófar di. I gcás diúltaithe, sonróidh údarás inniúil an Bhallstáit brataí gabhála nó Bhallstát an ghaiste na cúiseanna leis an diúltú sin. Áireofar an t-ordú scaoilte ina dhiaidh sin sa diúltú.
5.  
Eiseoidh an Ballstát feirme an t-údarú cur i gcaighean láithreach tar éis dó an dearbhú a fháil ó údarás inniúil an Bhallstáit brataí gabhála nó Bhallstát an ghaiste nó CPC lena mbaineann. In éagmais an dearbhaithe sin, ní údaróidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme an oibríocht cur i gcaighean.
6.  
Ní údarófar oibríochtaí cur i gcaighean mura mbeidh an tacar iomlán faisnéise a cheanglaítear faoi mhír 2 ag gabháil leis na héisc atá faoi réir an údaraithe cur i gcaighean.
7.  
Go dtí go bhfaighfear torthaí an imscrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 44 arna dhéanamh ag údarás inniúil an Bhallstáit brataí gabhála nó Bhallstát an ghaiste nó CPC, ní údarófar an oibríocht cur i gcaighean agus ní dhéanfar bailíochtú ar na codanna ábhartha i dtaobh faisnéis gabhála ná faisnéis trádála i dtaobh trádáil in éisc bheo de r-DGTG.
8.  
Murar eisigh údarás inniúil an Bhallstáit feirme nó CPC an t-údarú cur i gcaighean laistigh de mhí amháin tar éis an iarraidh ar údarú cur i gcaighean a fháil ón oibreoir feirme, ordóidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme na héisc go léir atá sa chaighean iompair lena mbaineann a scaoileadh saor agus déanfar amhlaidh, i gcomhréir le hIarscríbhinn XII. Gan mhoill, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme údarás inniúil an Bhallstáit brataí gabhála nó Bhallstát an ghaiste nó CPC lena mbaineann agus Rúnaíocht ICCAT ar an eolas i dtaobh an scaoilte.

▼M1

Airteagal 46

Údarú cur i gcaighean a dhiúltú

1.  

Diúltóidh údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste an cur i gcaighean a fhormheas má mheastar leis:

(a) 

nach raibh cuóta leordhóthanach ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste a ghabh na héisc chun an tuinnín gorm a bhí le cur i gcaighean a chumhdach;

(b) 

nach ndearna an soitheach gabhála nó an gaiste an chainníocht iasc a bhí le cur i gcaighean a thuairisciú go cuí; nó

(c) 

nach bhfuil údarú iascaireachta bailí chun tuinnín gorm a iascach arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 27 nó 28 ag an soitheach gabhála nó an gaiste ar dearbhaíodh gurbh é a ghabh na héisc.

2.  

Má dhiúltaíonn an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste an cur i gcaighean a fhormheas, déanfaidh sé:

(a) 

údarás inniúil an Bhallstáit feirme nó CPC a chur ar an eolas faoi; agus

(b) 

a iarraidh ar údarás inniúil an Bhallstáit feirme nó CPC dul ar aghaidh leis na gabhálacha a urghabháil agus leis na héisc a scaoileadh saor isteach san fharraige.’;

Airteagal 46a

Cur i gcaighean

1.  
Nuair a shroichfidh an soitheach tarraingthe garchomharsanacht na feirme, áiritheoidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme go gcoinneofar an soitheach tarraingthe sin fad 1 mhuirmhíle ar a laghad ó aon tsaoráid de chuid na feirme go dtí go mbeidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme i láthair go fisiciúil. Déanfar faireachán i gcónaí ar shuíomh agus ar ghníomhaíocht an tsoithigh tarraingthe sin.
2.  
Ní údaróidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme tús a chur leis an gcur i gcaighean gan an údarás sin agus breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT a bheith i láthair nó sula mbeidh na codanna ábhartha i dtaobh faisnéis gabhála agus faisnéis trádála i dtaobh trádáil in éisc bheo de r-DGTG comhlánaithe agus bailíochtaithe ag údaráis inniúla an Bhallstáit brataí gabhála nó Bhallstáit an ghaiste nó CPCanna.
3.  
Cuirfear toirmeasc ar chaighin iompair a chur ar ancaire mar chaighin feirme, gan na héisc a athlonnú chun taifeadadh ceamara steiréascópach a cheadú.
4.  
Tar éis na tuinníní gorma aonair a aistriú ón gcaighean tarraingthe go dtí an caighean feirme, áiritheoidh údarás rialaithe an Bhallstáit feirme go ndéanfar caighin feirme ina bhfuil na tuinníní gorma aonair a shéalú i gcónaí. Ní fhéadfar an séalú a dhíshéalú ach amháin nuair a bheidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme i láthair agus an t-údarú tugtha. Bunóidh údarás rialaithe an Bhallstáit feirme prótacail chun caighin feirme a shéalú, lena n-áiritheofar go n-úsáidfear séalaí oifigiúla agus go socrófar na séalaí sin ar bhealach a chuirfidh cosc ar oscailt na ndoirse gan na séalaí a bhriseadh.
5.  
Áiritheoidh na Ballstáit feirme go gcuirfear gabhálacha an tuinnín ghoirm i gcaighin ar leithligh nó i sraitheanna ar leithligh caighean agus go ndéanfar iad a dheighilt ar bhonn an Bhallstáit brataí nó CPC tionscnaimh agus na bliana inar gabhadh iad. I gcás inar gabhadh an tuinnín gorm i gcomhoibríocht iascaireachta áfach, cuirfear na gabhálacha lena mbaineann i gcaighin ar leithligh nó i sraitheanna ar leithligh caighean agus déanfar iad a dheighilt ar bhonn na comhoibríochta iascaireachta agus na bliana inar gabhadh iad.
6.  
Cuirfear éisc i gcaighean roimh an 22 Lúnasa gach bliain, mura rud é go soláthróidh údaráis inniúla an Bhallstáit atá freagrach as an bhfeirm cúiseanna bailí, lena n-áirítear force majeure, agus beidh na cúiseanna sin ag gabháil leis an tuarascáil cur i gcaighean nuair a chuirfear isteach í. In aon chás, ní chuirfear na héisc i gcaighean tar éis an 7 Meán Fómhair gach bliain. Ní bheidh feidhm ag na spriocdhátaí thuas i gcás aistrithe idir feirmeacha.

Airteagal 47

Doiciméid um ghabháil tuinnín ghoirm

Cuirfear toirmeasc ar na Ballstáit feirme údarú a thabhairt tuinnín gorm a chur i gcaighean mura mbeidh na doiciméid a cheanglaítear le ICCAT faoi chuimsiú an chláir de dhoiciméid um ghabháil ó Rialachán (AE) 2023/2833 ( 4 ) ag gabháil leo. Beidh na doiciméid cruinn agus críochnaitheach, agus déanfaidh an Ballstát brataí na soithí gabhála nó CPC na soithí gabhála nó Ballstát an ghaiste gabhála nó CPC an ghaiste gabhála iad a bhailíochtú.

▼M1 —————

▼M1

Airteagal 49

Taifeadadh ar oibríochtaí cur i gcaighean trí cheamaraí rialaithe agus trí dhearbhú cur i gcaighean

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit feirme go ndéanfaidh a n-údaráis rialaithe faireachán ar oibríochtaí cur i gcaighean trí úsáid a bhaint as gnáthcheamaraí agus ceamaraí steiréascópacha araon. Déanfar fístaifid le haghaidh gach oibríochta cur i gcaighean i gcomhréir leis na híoschaighdeáin maidir le nósanna imeachta fístaifeadta a leagtar amach in Iarscríbhinn X.
2.  
Maidir le fístaifeadadh an cheamara rialaithe a úsáidtear chun líon agus meáchan na dtuinníní gorma aonair atá á gcur i gcaighean a chinneadh, mura gcomhlíonann cáilíocht an fhístaifeadta sin na híoschaighdeáin maidir le nósanna imeachta fístaifeadta a leagtar amach in Iarscríbhinn X, ordóidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme cur i gcaighean rialaithe go dtí go bhféadfar líon agus meáchan na dtuinníní gorma aonair a chinneadh. Ní bheidh athdhéanamh na hoibríochta cur i gcaighean faoi réir údarú nua cur i gcaighean.
3.  
I gcás cur i gcaighean rialaithe, áiritheoidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme go ndéanfar caighean na feirme deontóra a shéalú agus nach féidir an caighean a chúbláil roimh an oibríocht nua cur i gcaighean. Caighin na feirme glactha a úsáidtear sa chur i gcaighean rialaithe, beidh siad folamh.
4.  
Nuair a bheidh an oibríocht cur i gcaighean curtha i gcrích, áiritheoidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme go mbeidh rochtain láithreach ag breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT ar gach fístaifead ceamara rialaithe agus go gceadófar dó cóip a dhéanamh, más gá, chun an chúraim d’anailís a dhéanamh ar na fístaifid sin tráth eile nó in áit eile.
5.  
Áiritheoidh gach Ballstát feirme, i gcás gach oibríochta cur i gcaighean, go dtíolacfaidh an t-oibreoir feirme dearbhú ICCAT maidir le cur i gcaighean laistigh de sheachtain amháin tar éis na hoibríochta cur i gcaighean iarbhír, agus úsáid á baint as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XIV.

Airteagal 50

Imscrúduithe a thionscnamh agus a dhéanamh

1.  
Más rud é, i gcás oibríocht gabhála aonair, gur mó ná 10 % an difríocht idir líon na dtuinníní gorma aonair atá á gcur i gcaighean de réir mar a chuir údarás inniúil an Bhallstáit feirme in iúl i gcomhréir le hAirteagal 51(3) agus an líon a tuairiscíodh a bheith gafa agus/nó aistrithe in r-DGTG nó in ITD, seolfaidh údarás inniúil an Bhallstáit brataí gabhála nó Bhallstát an ghaiste imscrúdú chun an meáchan cruinn gabhála a bheidh le hasbhaint den chuóta náisiúnta tuinnín ghoirm a chinneadh.
2.  
Mar thaca leis an imscrúdú dá dtagraítear i mír 1, iarrfaidh údarás inniúil an Bhallstáit brataí gabhála nó Bhallstát an ghaiste an fhaisnéis chomhlántach uile agus torthaí na hanailíse ábhartha ar fhístaifid a rinne údaráis inniúla an Bhallstáit brataí agus an Bhallstáit feirme a raibh baint acu leis an iompar agus an oibríocht cur i gcaighean lena mbaineann.
3.  
Comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát, lena n-áirítear Ballstáit bhrataí na soithí a raibh baint acu leis na héisc a iompar, comhoibreoidh siad go gníomhach, lena n-áirítear tríd an bhfaisnéis agus an doiciméadacht uile atá ar fáil dóibh a mhalartú.
4.  
Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit brataí gabhála nó Bhallstát an ghaiste an t-imscrúdú i gcrích laistigh de 1 mhí tar éis d’údarás inniúil an Bhallstáit feirme na torthaí ar an gcur i gcaighean a chur in iúl.
5.  
Má bhíonn difríocht is mó ná 10 % idir an líon tuinníní gorma aonair a tuairiscíodh a ghabh an soitheach nó an gaiste lena mbaineann agus an líon a chinn údarás inniúil an Bhallstáit brataí gabhála nó Bhallstát an ghaiste de thoradh an imscrúdaithe, d’fhéadfadh sé gur neamhchomhlíonadh arna dhéanamh ag an soitheach nó ag an ngaiste lena mbaineann é sin.
6.  
An lamháil earráide 10 % dá dtagraítear i míreanna 1 agus 5, sloinnfear í mar chéatadán de na figiúirí arna dtuairisciú ag máistir an tsoithigh iascaireachta nó ag ionadaí an mháistir sin nó ag oibreoir an ghaiste nó ag ionadaí an oibreora sin, agus beidh sé infheidhme ar leibhéal na hoibríochta aonair cur i gcaighean.
7.  
Cinnfidh an Ballstát brataí gabhála nó Ballstát an ghaiste meáchan an tuinnín ghoirm a bheidh le hasbhaint dá chuóta náisiúnta tuinnín ghoirm, agus na cainníochtaí a chuirfear i gcaighean, arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn XI, á gcur san áireamh, ar cainníochtaí iad lena n-áirithítear go ríomhfar an meáchan tráth an chur i gcaighean bunaithe ar an ngaol idir fad agus meáchan i gcás éisc fiáine, agus na básanna tuairiscithe, i gcomhréir le hIarscríbhinn XIII.
8.  
I gcás inarb é conclúid an imscrúdaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, áfach, gurb éisc chaillte iad na tuinníní gorma aonair, de réir mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn XIII, déanfar meáchan na n-iasc a cailleadh a asbhaint de chuóta an Bhallstáit i gcomhréir le hIarscríbhinn XIII tríd an meánmheáchan aonair tráth an chur i gcaighean, arna chur in iúl ag údarás inniúil an Bhallstáit feirme, a chur i bhfeidhm maidir le líon na dtuinníní gorma aonair atá sa ghabháil, de réir mar a chinnfidh údarás inniúil an Bhallstáit brataí nó Bhallstát an ghaiste mar thoradh ar an anailís a rinne sé ar an gcéad fhístaifead aistrithe i gcomhthéacs an imscrúdaithe.
9.  
D’ainneoin mhír 8, tar éis dul i gcomhairle le húdarás inniúil an Bhallstáit brataí a bhfuil baint acu le hiasc a iompar go dtí an fheirm chinn scríbe, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit brataí nó Bhallstát an ghaiste cinneadh a dhéanamh gan na héisc a cinneadh san imscrúdú gur cailleadh iad a asbhaint de chuóta an Bhallstáit, i gcás ina mbeidh sé doiciméadaithe go cuí ag an oibreoir gur caillteanais force majeure iad na caillteanais (i.e. pictiúir den chaighean a ndearnadh damáiste dó, tuarascálacha meitéareolaíocha), ina mbeidh an fhaisnéis ábhartha curtha in iúl d’údarás inniúil Bhallstát an oibreora díreach tar éis an teagmhais agus nár tharla básanna deimhnithe mar thoradh ar na caillteanais.

Airteagal 51

Bearta agus cláir chun líon agus meáchan na dtuinníní gorma aonair atá á gcur i gcaighean a chinneadh

1.  
Cinnfidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme líon agus meáchan na dtuinníní gorma aonair atá á gcur i gcaighean trí anailís a dhéanamh ar an bhfístaifead de gach oibríocht cur i gcaighean arna sholáthar ag oibreoir na feirme. Chun an anailís sin a dhéanamh, leanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit feirme na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn XI.
2.  
I gcás ina bhfuil difríocht is mó ná 10 % idir an líon nó an meáchan arna chinneadh ag údarás inniúil an Bhallstáit feirme agus na figiúirí comhfhreagracha a tuairiscíodh i ndearbhú ICCAT maidir le cur i gcaighean, seolfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme imscrúdú chun cúiseanna na neamhréireachta a shainaithint agus, de réir mar is iomchuí, líon agus/nó meáchan na dtuinníní gorma aonair a cuireadh i gcaighean a choigeartú. Sloinnfear an lamháil earráide 10 % sin mar chéatadán de na figiúirí arna soláthar ag an oibreoir feirme.
3.  
Tar éis chur i gcrích oibríochta cur i gcaighean nó, i gcás comhoibríocht iascaireachta nó ghaistí an Bhallstáit chéanna, tar éis chur i gcrích na hoibríochta deireanaí cur i gcaighean a bhaineann leis an gcomhoibríocht iascaireachta nó leis na gaistí sin, cuirfidh an Ballstát feirme torthaí an chláir steiréascópaigh dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI in iúl don Bhallstát brataí gabhála nó do Bhallstát an ghaiste nó do CPC an ghaiste i gcomhréir le Roinn B, pointe 2, d’Iarscríbhinn XI.
4.  
Cuirfidh an Ballstát feirme torthaí an chláir steiréascópaigh dá dtagraítear i mír 3 in iúl freisin don eintiteas a oibríonn clár na mbreathnóirí réigiúnacha ICCAT thar ceann ICCAT.
5.  
Déanfar an clár steiréascópach dá dtagraítear i mír 3 a sheoladh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn XI. Ní cheadmhach modhanna malartacha a úsáid ach amháin más rud é go mbeidh siad formhuinithe ag ICCAT le linn a chruinnithe bhliantúil.
6.  
Cuirfidh gach Ballstát feirme na nósanna imeachta agus na torthaí a bhaineann leis an gclár steiréascópach nó modhanna malartacha dá dtagraítear i mír 5 faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair gach bliain chun go ndéanfar iad a tharchur chuig SCRS faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain.
7.  
Déanfaidh oibreoir na feirme gach tuinnín gorm a gheobhaidh bás le linn oibríocht cur i gcaighean a thuairisciú, i gcomhréir le hIarscríbhinn XIII.
8.  

Déanfaidh an Ballstát brataí gabhála nó Ballstát an ghaiste ordú scaoilte a eisiúint i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn XII le haghaidh na gcainníochtaí a cuireadh i gcaighean ar mó iad ná na cainníochtaí a dearbhaíodh a gabhadh agus a aistríodh, más rud é:

(a) 

nach mbeidh an t-imscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 50(1) curtha i gcrích laistigh de 10 lá oibre ón tráth a cuireadh torthaí an chláir steiréascópaigh in iúl le haghaidh oibríocht cur i gcaighean amháin, nó le haghaidh gach oibríochta cur i gcaighean ó chomhoibríocht iascaireachta; nó

(b) 

go léireoidh toradh an imscrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 50(1) gur mó líon agus/nó meánmheáchan an tuinníní ghoirm ná an líon agus/nó an meánmheáchan a dearbhaíodh a gabhadh agus a aistríodh.

Déanfar an bhreis a scaoileadh i láthair údaráis rialaithe.

9.  
Úsáidfear torthaí an chláir steiréascópaigh chun a chinneadh an gá éisc a scaoileadh agus déanfar na dearbhuithe cur i gcaighean agus na codanna ábhartha de DGTG a líonadh isteach dá réir sin. Nuair a bheidh ordú scaoilte eisithe, iarrfaidh oibreoir na feirme údarás rialaithe náisiúnta agus breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT a bheith i láthair chun faireachán a dhéanamh ar an scaoileadh.

Airteagal 52

Scaoileadh a bhaineann le hoibríochtaí cur i gcaighean

1.  
Déanfar an cinneadh maidir leis na héisc atá le scaoileadh i gcomhréir le Roinn B, pointe 3, d’Iarscríbhinn XI.
2.  
I gcás inar mó meáchan an tuinníní ghoirm atá á gcur i gcaighean ná an meáchan ar dearbhaíodh gur gabhadh é agus/nó gur aistríodh é, eiseoidh údarás inniúil an Bhallstáit brataí gabhála nó Bhallstát an ghaiste ordú scaoilte agus cuirfidh sé an t-ordú sin in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit feirme lena mbaineann gan mhoill. Eiseofar an t-ordú scaoilte i gcomhréir le Roinn B, pointe 3, d’Iarscríbhinn XI, agus cúiteamh a d’fhéadfadh a bheith ann ar leibhéal na comhoibríochta iascaireachta nó an ghaiste á chur san áireamh, i gcomhréir le Roinn B, pointe 5, d’Iarscríbhinn XI.
3.  
Déanfar an oibríocht scaoilte a sheoladh i gcomhréir leis an bprótacal a leagtar amach in Iarscríbhinn XII.

▼M1 —————

▼B

Airteagal 56

Gníomhartha cur chun feidhme

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha a leagtar síos sa Roinn seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68.

▼M1

Roinn 7a

Oibríochtaí saothraithe

Airteagal 56a

Saothrú

1.  
Soithí próiseála a bhfuil sé beartaithe acu oibriú ar fheirmeacha nó ar ghaistí, seolfaidh siad réamhfhógra chuig an mBallstát feirme nó chuig Ballstát an ghaiste 48 n-uair an chloig ar a laghad roimh theacht an tsoithigh chuig limistéar na feirme nó an ghaiste. Áireofar sa réamhfhógra ar a laghad an dáta agus an t-am a mheastar a shroichfidh an soitheach agus faisnéis i dtaobh an bhfuil tuinnín gorm ar bord ag an soitheach próiseála, agus, más amhlaidh go bhfuil, soláthrófar ann mionsonraí maidir leis an lastas, lena n-áirítear cainníochtaí de réir meáchan próiseáilte agus beomheáchan agus sonraí maidir le tionscnamh (feirm nó gaiste agus Ballstát nó CPC) an tuinnín ghoirm atá ar bord.
2.  

Beidh aon oibríocht saothraithe ar fheirmeacha nó ar ghaistí faoi réir údarú ón mBallstát feirme nó ó Bhallstát an ghaiste. Chuige sin, déanfaidh oibreoir na feirme nó an ghaiste a bhfuil sé beartaithe aige tuinnín gorm a shaothrú iarraidh ar údarú a chur faoi bhráid an Bhallstáit feirme nó Ballstát an ghaiste, de réir mar is infheidhme, ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

— 
dáta nó tréimhse an saothraithe,
— 
cainníochtaí measta atá le saothrú i líon na dtuinníní gorma aonair agus i gcileagraim,
— 
an uimhir r-DGTG a bhaineann leis na tuinníní gorm aonair atá le saothrú,
— 
mionsonraí na soithí cúnta a bhfuil baint acu leis an oibríocht, agus
— 
ceann scríbe an tuinnín ghoirm shaothraithe (soitheach próiseála, onnmhairiú, margadh áitiúil, etc.).
3.  
Cé is moite de na tuinníní gorma aonair atá ar tí bháis, ní údarófar aon oibríocht shaothraithe sula gcinnfear torthaí ghlacadh an chuóta i gcomhréir le hAirteagal 50(7) go (9), agus sula ndéanfar an scaoileadh gaolmhar.
4.  
Ní dhéanfar oibríochtaí saothraithe gan breathnóir náisiúnta a bheith i láthair i gcás gaistí nó breathnóir réigiúnach ICCAT i gcás saothrú ar fheirmeacha. Maidir le héisc a sheachadtar ar shoithigh próiseála, féadfaidh an breathnóir náisiúnta nó breathnóir réigiúnach ICCAT a gcúraimí ábhartha a dhéanamh ó na soithigh próiseála.
5.  
Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát feirme nó Bhallstáit an ghaiste torthaí na n-oibríochtaí saothraithe uile a dhéantar ar fheirmeacha agus ar ghaistí atá faoina ndlínse a fhíorú agus a chros-seiceáil, agus úsáid á baint as an bhfaisnéis ábhartha uile atá ina seilbh. Déanfaidh údaráis inniúla rialaithe na mBallstát feirme nó Bhallstáit an ghaiste cigireacht ar gach oibríocht saothraithe tuinnín ghoirm atá ceaptha do shoithí próiseála agus ar chéatadán den chuid eile d’oibríochtaí saothraithe bunaithe ar anailís riosca.
6.  
I gcás gurb é soitheach próiseála ceann scríbe an tuinnín ghoirm, comhlánóidh máistir an tsoithigh próiseála nó a ionadaí dearbhú próiseála. Nuair a bheidh an tuinnín gorm a shaothraítear le tabhairt i dtír go díreach isteach sa chalafort, comhlánóidh oibreoir na feirme nó an ghaiste dearbhú saothraithe. Déanfaidh breathnóir náisiúnta nó breathnóir réigiúnach ICCAT atá i láthair ag an oibríocht shaothraithe na dearbhuithe próiseála agus saothraithe a bhailíochtú.
7.  
Déanfar na dearbhuithe próiseála agus saothraithe a tharchur trí ríomhphost chuig údaráis inniúla an Bhallstáit feirme laistigh de 48 n-uair an chloig tar éis na hoibríochta saothraithe trí úsáid a bhaint as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XVb.

Roinn 7b

Gníomhaíochtaí rialaithe ar na feirmeacha tar éis cur i gcaighean

Airteagal 56b

Aistrithe laistigh den fheirm

1.  
Ní dhéanfar aistriú laistigh den fheirm mura mbeidh údarú tugtha ag údarás inniúil an Bhallstáit feirme. Déanfar gach aistriú a thaifeadadh le ceamaraí rialaithe chun líon na dtuinníní gorma aonair a aistríodh a dhearbhú. Comhlíonfaidh an fístaifead na híoschaighdeáin maidir le nósanna imeachta fístaifeadta a leagtar amach in Iarscríbhinn X. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme faireachán agus rialú ar na haistrithe sin agus áiritheoidh sé go ndéanfar gach aistriú laistigh den fheirm a thaifeadadh i gcóras r-DGTG.
2.  
D’ainneoin an tsainmhínithe ar chur i gcaighean in Airteagal 5, pointe 30, ní mheasfar gur cur i gcaighean é tuinníní gorma aonair a athlonnú idir dhá shuíomh éagsúla ar an bhfeirm chéanna (aistriú laistigh den fheirm) agus úsáid á baint as caighean iompair, chun críocha Roinn 7.
3.  
Le linn aistrithe laistigh den fheirm, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme athghrúpáil éisc den tionscnamh brataí céanna agus an chomhoibríocht chéanna iascaireachta a údarú, ar choinníoll go gcoinnítear inrianaitheacht agus infheidhmeacht na rátaí fáis SCRS.
4.  
Coimeádfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme agus oibreoir na feirme na fístaifid ó aistrithe laistigh den fheirm a dhéantar ar fheirmeacha faoina dhlínse ar feadh 3 bliana ar a laghad agus coimeádfaidh siad an fhaisnéis a fhad is gá chun críoch forfheidhmithe.

Airteagal 56c

Tabhairt anonn

1.  
Sula gcuirfear tús leis na chéad séasúir iascaireachta peas-saighne agus gaiste eile, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme measúnú críochnúil ar an tuinnín gorm beo arna thabhairt anonn sna feirmeacha atá faoina dhlínse. Chuige sin, aistreofar an tuinnín gorm beo lena mbaineann chuig caighin fholmha agus déanfar faireachán orthu le ceamaraí rialaithe chun líon agus meáchan na dtuinníní gorma aonair a aistreofar a chinneadh.
2.  
De mhaolú ar mhír 1, déanfar rialú bliantúil ar thabhairt anonn tuinnín ghoirm ó bhlianta agus ó chaighin nár tharla aon shaothrú iontu tríd an nós imeachta rialaithe randamach a leagtar amach in Airteagal 56e a chur i bhfeidhm.
3.  
An tuinnín gorm beo arna thabhairt anonn, cuirfear i gcaighin ar leithligh nó i sraitheanna ar leithligh caighean ar an bhfeirm agus déanfar iad a dheighilt ar bhonn na comhoibríochta iascaireachta nó ar bhonn Bhallstát an ghaiste tionscnaimh chéanna nó CPC an ghaiste tionscnaimh chéanna.
4.  
Maidir le fístaifead an cheamara rialaithe ó aistrithe an mheasúnaithe ar thabhairt anonn, áiritheoidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme go gcomhlíonfaidh sé na híoschaighdeáin ábhartha le haghaidh nósanna imeachta fístaifeadta a leagtar amach in Iarscríbhinn X agus go gcinnfear líon agus meáchan na dtuinníní gorma aonair arna dtabhairt anonn i gcomhréir le Roinn A d’Iarscríbhinn XI.
5.  
Go dtí go bhforbróidh SCRS algartam chun an fad a choinbhéartú ina mheáchan maidir le hiasc ramhraithe nó iasc saothraithe, déanfar meáchan na dtuinníní gorma aonair arna dtabhairt anonn a chinneadh trí úsáid a bhaint as na táblaí rátaí fáis is nuashonraithe arna dtáirgeadh ag SCRS.
6.  
Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme imscrúdú cuí ar an difríocht sa líon tuinníní gorma aonair idir an líon a bheidh mar thoradh ar an measúnú ar thabhairt anonn agus an líon a bhfuiltear ag súil leis tar éis an tsaothraithe agus déanfar é a thaifeadadh i gcóras r-DGTG. I gcás farasbairr, ordóidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme go scaoilfear an líon comhfhreagrach de thuinníní gorma aonair. Déanfar an oibríocht scaoilte a sheoladh i gcomhréir le hIarscríbhinn XII. Ní cheadófar cúiteamh as difríochtaí idir caighin éagsúla ar an bhfeirm. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme lamháil earráide 5 % a cheadú, ar a mhéad, idir líon na dtuinníní gorma aonair a fuarthas mar thoradh ar an measúnú ar thabhairt anonn agus líon na dtuinníní aonair a measadh a bheith i láthair sa chaighean.
7.  
Coimeádfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme an fístaifead agus na doiciméid ábhartha uile ó mheasúnuithe ar thabhairt anonn a dhéantar ar fheirmeacha faoina ndlínse ar feadh 3 bliana ar a laghad, agus coimeádfaidh sé an fhaisnéis sin chomh fada agus is gá chun críocha forfheidhmithe.

Airteagal 56d

An dearbhú bliantúil maidir le tabhairt anonn

1.  

Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát feirme dearbhú bliantúil maidir le tabhairt anonn a chur i gcrích agus a tharchur chuig an gCoimisiún, i gceangal leis an bplean athbhreithnithe bainistíochta feirmeoireachta, laistigh de 10 lá tar éis dheireadh an mheasúnaithe ar thabhairt anonn. Áireofar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa dearbhú sin:

(a) 

an Ballstát brataí;

(b) 

ainm agus uimhir ICCAT na feirme;

(c) 

bliain na gabhála;

(d) 

tagairtí don Chlár Leictreonach de Dhoiciméid um Ghabháil Tuinnín Ghoirm (r-DGTG) a chomhfhreagraíonn do na gabhálacha a thugtar anonn;

(e) 

uimhreacha na gcaighean;

(f) 

cainníochtaí (arna sloinneadh in kg) agus líon na dtuinníní gorma aonair arna dtabhairt anonn;

(g) 

meánmheáchan;

(h) 

faisnéis maidir le gach ceann de na hoibríochtaí um measúnú ar thabhairt anonn: dáta agus uimhreacha na gcaighean; agus

(i) 

faisnéis maidir le haistrithe laistigh den fheirm roimhe seo, nuair is infheidhme.

Cuirfidh an Coimisiún an dearbhú bliantúil maidir le tabhairt anonn ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT laistigh de 15 lá tar éis dheireadh na hoibríochta um measúnú ar thabhairt anonn.

2.  
Déanfar tuarascáil an chórais steiréascópaigh, i gcás inarb infheidhme, a cheangal leis an dearbhú bliantúil maidir le tabhairt anonn.

Airteagal 56e

Rialuithe randamacha

1.  
Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme rialuithe randamacha ar fheirmeacha atá faoina dhlínse. Déanfar na rialuithe randamacha íosta dá dtagraítear i mír 2 ar fheirmeacha idir tráth a dhéantar na hoibríochtaí cur i gcaighean a chur i gcrích bliain ar leith agus an chéad chur i gcaighean den bhliain dár gcionn. Is é a bheidh i gceist leis na rialuithe sin go ndéanfar gach tuinnín gorm aonair a aistriú go héigeantach ó chaighin feirme go caighin feirme eile ionas gur féidir líon na dtuinníní gorma aonair a chomhaireamh trí fhístaifid rialaithe a úsáid.
2.  
Socróidh gach Ballstát feirme líon íosta rialuithe randamacha a bheidh le déanamh ar gach feirm faoina dhlínse. Cumhdóidh líon na rialuithe randamacha 10 % ar a laghad de líon na gcaighean i ngach feirm tar éis na n-oibríochtaí cur i gcaighean a chur i gcrích, a mbeidh rialú amháin ar a laghad in aghaidh na feirme i gceist leis, chomh maith le slánú suas i gcás inar gá. Beidh roghnú na gcaighean a bheidh le rialú bunaithe ar anailís riosca. Léireofar an phleanáil le haghaidh rialuithe randamacha atá le cur i gcrích i bplean faireacháin, rialaithe agus cigireachta an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 14.
3.  
Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme fógra 2 lá féilire ar a mhéad a thabhairt do na feirmeacha lena mbaineann go ndéanfar rialú randamach, ach ní bheidh sé sin éigeantach. Sna cásanna sin, ní chuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme in iúl don oibreoir feirme cé na caighin atá roghnaithe ach ar theacht chuig an bhfeirm lena mbaineann dó.
4.  
Déanfaidh na hoibreoirí feirme gach beart is iomchuí chun na hoibríochtaí rialaithe randamacha a éascú agus, i gcás ina dtabharfar réamhfhógra, áiritheoidh siad go bhfuil gach modh i bhfeidhm ionas go bhféadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme rialuithe randamacha a dhéanamh tráth, agus in aon chaighean ar an bhfeirm.
5.  
Féachfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme leis an tréimhse idir ordú na rialuithe randamacha agus an dáta a dhéantar na hoibríochtaí rialaithe a laghdú. Áiritheoidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme go ndéanfar na bearta uile is gá chun a áirithiú nach mbeidh an deis ag an oibreoir feirme na caighin lena mbaineann a chúbláil sula gcuirfear an rialú randamach i gcrích.
6.  
Tar éis an rialaithe randamaigh, déanfar aon difríocht idir líon na dtuinníní gorma aonair a chinntear leis na rialuithe randamacha agus an líon a mheastar a bheidh sa chaighean a imscrúdú go cuí agus a thaifeadadh i gcóras r-DGTG. I gcás farasbairr, ordóidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme go scaoilfear an líon comhfhreagrach de thuinníní gorma aonair. Déanfar an oibríocht scaoilte a sheoladh i gcomhréir le hIarscríbhinn XII. Ní cheadófar cúiteamh as difríochtaí idir caighin éagsúla ar an bhfeirm. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme lamháil earráide 5 % a cheadú idir líon na dtuinníní gorma aonair atá ann mar thoradh ar an aistriú rialaithe agus líon na dtuinníní aonair a measadh a bheith i láthair sa chaighean.
7.  
Coimeádfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme fístaifid uile rialuithe randamacha a dhéantar ar fheirmeacha faoina ndlínse ar feadh 3 bliana ar a laghad agus coimeádfaidh siad an fhaisnéis sin a fhad is gá chun críocha forfheidhmithe.
8.  
Cuirfidh an Coimisiún torthaí na rialuithe randamacha in iúl do Rúnaíocht ICCAT roimh thús an tséasúir peas-saighne nua is infheidhme maidir le gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 17, lena gcur ar aghaidh chuig Coiste ICCAT um Chomhlíonadh.

Airteagal 56f

Aistrithe idir feirmeacha

1.  
Ní dhéanfar tuinníní gorma aonair beo aonair a aistriú idir dhá fheirm dhifriúil gan údarú i scríbhinn a bheith tugtha ag údaráis inniúla an Bhallstáit feirme lena mbaineann roimh ré.
2.  
Comhlíonfaidh an t-aistriú ó chaighean na feirme deontóra go dtí an caighean iompair ceanglais mar a leagtar amach i Roinn 6 lena n-áirítear fístaifead chun dearbhú a dhéanamh ar líon na dtuinníní gorma aonair a aistríodh, comhlánú ITD agus fíorú na hoibríochta ag breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT.
3.  
D’ainneoin mhír 2, i gcásanna ina mbeidh an caighean feirme ar fad le haistriú chuig an bhfeirm chinn scríbe, ní bheidh sé riachtanach fístaifeadadh a dhéanamh ar an oibríocht agus déanfar an caighean séalaithe a iompar chuig an bhfeirm chinn scríbe.
4.  
Beidh cur i gcaighean an tuinnín ghoirm ag an bhfeirm chinn scríbe faoi réir na gceanglas maidir le hoibríochtaí cur i gcaighean a leagtar amach in Airteagail 46a agus 49 agus Airteagal 51(1), (2) agus (7), lena n-áirítear fístaifead chun líon agus meáchan na dtuinníní gorma aonair a cuireadh i gcaighean a dhearbhú agus fíorú na hoibríochta ag breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT. Ní bheidh feidhm ag cinneadh ar mheáchan le haghaidh tuinníní gorma aonair atá á gcur i gcaighean ó fheirm eile go dtí go mbeidh algartam forbartha ag SCRS chun an fad a choinbhéartú ina mheáchan le haghaidh iasc ramhraithe nó iasc saothraithe nó le haghaidh an dá rud.

▼B

Roinn 8

Faireachán agus Faireachas

Airteagal 57

Córas um Fhaireachán Soithí

▼M1

1.  
De mhaolú ar Airteagal 9(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, cuirfidh na Ballstáit bhrataí CFS chun feidhme le haghaidh a soithí iascaireachta uile dá gcuid atá 12 mhéadar nó níos mó ar fad san iomlán agus dá soithigh tarraingthe uile, gan beann ar a bhfad, i gcomhréir le hIarscríbhinn XV. Déanfaidh na soithí sin teachtaireachtaí a tharchur uair amháin ar a laghad gach 2 uair an chloig, seachas i gcás soithí tarraingthe agus soithí peas-saighne a tharchuirfidh ar a laghad gach uair an chloig.
2.  
Tosóidh na soithí iascaireachta a bhfuil sé de cheanglas orthu CFS a bheith acu i gcomhréir le mír 1 ar shonraí CFS a tharchur chuig Rúnaíocht ICCAT 5 lá ar a laghad roimh a dtréimhse údaraithe agus leanfaidh siad ar a laghad 5 lá tar éis a dtréimhse údaraithe, ach amháin má chuirtear iarraidh roimh ré chuig an gCoimisiún go mbainfí an soitheach de thaifead ICCAT ar shoithí.

▼B

3.  
Chun críocha rialaithe, áiritheoidh an máistir nó ionadaí an mháistir nach gcuirfear isteach ar shonraí ón CFS a tharchur ó shoithí gabhála atá údaraithe chun iascach go gníomhach ar thuinníní gorma fad a bheidh na soithí sin i gcalafort murab ann do chóras lena bhfógraítear na soithí atá ag teacht agus ag imeacht sa chalafort.
4.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a lárionad faireacháin iascaigh, i bhfíor-am agus an fhormáid “https data feed” á húsáid acu, na teachtaireachtaí ón CFS a fuarthas ó na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain orthu a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig comhlacht a ainmneoidh sé. Cuirfidh an Coimisiún na teachtaireachtaí sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.
5.  

Áiritheoidh na Ballstáit:

▼M1

(a) 

go ndéanfar teachtaireachtaí CFS ó na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain orthu a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún mar a leagtar amach i mír 1;

▼B

(b) 

i gcás mífheidhm theicniúil ar CFS, go ndéanfar teachtaireachtaí malartacha ó na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain orthu a fuarthas de bhun Airteagal 25(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún laistigh de 24 uair an chloig tar éis dá lárionad faireacháin iascaigh iad a fháil;

▼M1

(ba) 

I gcás mífheidhmiú teicniúil ar CFS, déanfar soitheach tarraingthe eile a bhfuil CFS lánfheidhmiúil aige a chur in ionad an tsoithigh tarraingthe lena mbaineann; mura bhfuil aon soitheach tarraingthe eile ar fáil, déanfar CFS nua oibríochtúil a shuiteáil ar bord nó a úsáid má tá sé suiteáilte cheana, a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig, ach amháin i gcás force majeure, agus ba cheart é sin a chur in iúl do Rúnaíocht ICCAT; idir an dá linn, déanfaidh an máistir nó ionadaí an mháistir, ón tráth ar braitheadh an teagmhas agus/nó a cuireadh in iúl é, comhordanáidí geografacha nuashonraithe an tsoithigh tarraingthe a chur in iúl trí mhodhanna teileachumarsáide iomchuí d’údaráis rialaithe an Bhallstáit brataí gach uair an chloig;

▼B

(c) 

go mbeidh uimhriú seicheamhach (agus aitheantóir uathúil) ar gach teachtaireacht a sheolfar ar aghaidh chuig an gCoimisiún chun dúbláil a sheachaint;

(d) 

go mbeidh teachtaireachtaí a chuirfear ar aghaidh chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 24(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011.

6.  
Áiritheoidh gach Ballstát go ndéileálfar go rúnda leis na teachtaireachtaí go léir a chuirfear ar fáil dá shoithí cigireachta agus go mbeidh siad teoranta d’oibríochtaí cigireachta ar muir.

Roinn 9

Cigireacht agus Forfheidhmiú

Airteagal 58

Scéim ICCAT maidir le Comhchigireacht Idirnáisiúnta

1.  
Déanfar gníomhaíochtaí comhchigireachta idirnáisiúnta i gcomhréir le scéim ICCAT maidir le Comhchigireacht Idirnáisiúnta (“scéim ICCAT”) le haghaidh rialú idirnáisiúnta lasmuigh de na huiscí atá faoi dhlínse náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán seo.
2.  
Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil a soithí iascaireachta údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma cigirí a cheapadh agus cigireachtaí a dhéanamh ar muir faoi scéim ICCAT.
3.  
I gcás go mbeidh níos mó ná 15 shoitheach iascaireachta de chuid Ballstáit i mbun gníomhaíochtaí a bhaineann le tuinníní gorma i Limistéar an Choinbhinsiúin aon tráth amháin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, ar bhonn anailís riosca, soitheach cigireachta a chur amach chun críche cigireachta agus rialaithe ar muir i Limistéar an Choinbhinsiúin feadh na tréimhse a mbeidh na soithí sin ann lena linn. Measfar go mbeidh an oibleagáid comhlíonta i gcás ina gcomhoibreoidh Ballstáit le chéile chun soitheach cigireachta a chur amach nó i gcás ina ndéanfar soitheach cigireachta de chuid an Aontais a chur amach i Limistéar an Choinbhinsiúin.
4.  
Féadfaidh an Coimisiún nó comhlacht a ainmneoidh sé cigirí de chuid an Aontais a shannadh do scéim ICCAT.
5.  
Chun críocha mhír 3, déanfaidh an Coimisiún nó comhlacht a ainmneoidh sé na gníomhaíochtaí faireachais agus cigireachta a chomhordú don Aontas. Féadfaidh an Coimisiún, in éineacht leis na Ballstáit ábhartha, cláir chomhchigireachta a leagan síos le cur ar chumas an Aontais a oibleagáid faoi scéim ICCAT a chomhlíonadh. Glacfaidh na Ballstáit a bhfuil a soithí iascaireachta i mbun iascach ar thuinníní gorma na bearta is gá chun cur chun feidhme na gclár sin a éascú go háirithe a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní daonna agus ábhair is gá agus maidir leis na tréimhsí ar lena linn a úsáidfear na hacmhainní sin agus na limistéir gheografacha ina n-úsáidfear iad.
6.  
Faoin 1 Aibreán gach bliain, tabharfaidh na Ballstáit ainmneacha na gcigirí agus na soithí cigireachta don Choimisiún a bhfuil sé beartaithe acu iad a shannadh do scéim ICCAT le linn na bliana. Bainfidh an Coimisiún úsáid as an bhfaisnéis sin gach bliain chun plean maidir le rannpháirtíocht an Aontais i scéim ICCAT a leagan síos, i gcomhar leis na Ballstáit, ar plean é a sheolfaidh sé ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT agus chuig na Ballstáit.

Airteagal 59

▼M1

Cigireachtaí i gcás sáruithe amhrasta

▼B

Áiritheoidh an Ballstát brataí go ndéanfar cigireacht fhisiciúil ar shoitheach iascaireachta a bhfuil a bhratach ar foluain air faoina údarás ina chalafoirt nó go ndéanfaidh cigire a bheidh ainmnithe aige é nuair nach mbeidh an soitheach i gceann dá chalafoirt más rud é, maidir leis an soitheach iascaireachta:

(a) 

nár chomhlíon sé na ceanglais taifeadta agus tuairiscithe a leagtar amach in Airteagail 31 agus 32; nó

(b) 

go ndearna sé sárú ar an Rialacháin seo nó sárú tromchúiseach dá dtagraítear in Airteagal 42 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 nó in Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 60

Cros-seiceálacha

1.  
Fíoróidh gach Ballstát faisnéis agus gur cuireadh isteach in am trátha tuarascálacha cigireachta agus tuarascálacha breathnóirí, sonraí ón CFS agus, i gcás inarb iomchuí, r-DGTGanna, logleabhair a soithí iascaireachta, doiciméid aistrithe agus trasloingsithe agus doiciméid ghabhála i gcomhréir le hAirteagal 109 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
2.  
Déanfaidh gach Ballstát cros-seiceálacha ar gach tabhairt i dtír, trasloingsiú nó cur i gcaighean idir na cainníochtaí de réir an speicis a taifeadadh i logleabhar an tsoithigh iascaireachta nó na cainníochtaí de réir an speicis a taifeadadh ar an dearbhú trasloingsithe agus na cainníochtaí a taifeadadh ar an dearbhú tabhairt i dtír nó ar an dearbhú cur i gcaighean, agus aon doiciméad trasloingsithe ábhartha eile, mar shampla sonrasc nó nótaí díolacháin.

Roinn 10

Forfheidhmiú

▼M1

Airteagal 61

Forfheidhmiú

Gan dochar d’Airteagail 89 go 91 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus go háirithe dualgas na mBallstát bearta forfheidhmiúcháin iomchuí a dhéanamh maidir le soitheach iascaireachta, déanfaidh an Ballstát feirme beart forfheidhmiúcháin iomchuí i ndáil le feirm, i gcás ina bhfuil sé suite, i gcomhréir le dlí náisiúnta is infheidhme, nach gcomhlíonann an fheirm sin Airteagail 45b go 52 den Rialachán seo. Féadfar a áireamh ar na bearta sin, ag brath ar thromchúis an chiona agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, an t-údarú a chur ar fhionraí nó an fheirm a bhaint de liosta náisiúnta na bhfeirmeacha agus/nó pionóis airgeadais a fhorchur.

▼B

CAIBIDIL VI

Margaíocht

Airteagal 62

Bearta margaíochta

1.  
Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ), maidir le tuinníní gorma, cuirfear toirmeasc san Aontas ar a dtrádáil, a thabhairt i dtír, a allmhairiú, a onnmhairiú, a chur i gcaighean chun críocha ramhraithe nó feirmeoireachta, a ath-onnmhairiú nó a thrasloingsiú mura mbeidh na doiciméid chruinne iomlána agus bhailíochtaithe ag gabháil leo mar a cheanglaítear faoin Rialachán seo, nó faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena gcuirtear chun feidhme rialacha ICCAT maidir leis an gclár de dhoiciméid um ghabháil tuinnín ghoirm.
2.  

Maidir le tuinníní gorma, cuirfear toirmeasc san Aontas ar a dtrádáil, ar iad a allmhairiú, a thabhairt i dtír, a chur i gcaighean lena ramhrú nó le haghaidh feirmeoireachta, a phróiseáil, a onnmhairiú, a ath-onnmhairiú agus a thrasloingsiú sna cásanna seo a leanas:

(a) 

gur soithí iascaireachta nó gaistí de chuid Stát brataí nach bhfuil cuóta ná teorainn ghabhála aige le haghaidh tuinníní gorma faoi théarmaí bhearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT a ghabh na tuinníní gorma; nó;

(b) 

gur soitheach iascaireachta nó gaiste a raibh a chuóta aonair nó a raibh deiseanna iascaireachta a Bhallstáit ídithe tráth na gabhála a ghabh na tuinníní gorma.

3.  
Gan dochar do Rialacháin (CE) Uimh. 1224/2009, (CE) Uimh. 1005/2008 agus (AE) Uimh. 1379/2013, maidir le tuinníní gorma, cuirfear toirmeasc san Aontas ar a dtrádáil, ar iad a allmhairiú, a thabhairt i dtír, a phróiseáil agus a onnmhairiú más tuinníní gorma iad as feirmeacha ramhraithe nó feirmeoireachta ó fheirmeacha ramhraithe nó feirmeoireachta nach gcomhlíonann na Rialacháin dá dtagraítear i mír 1.

CAIBIDIL VII

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 63

Meastóireacht

Arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, déanfaidh na Ballstáit tuarascáil mhionsonraithe ar chomhlíonadh an Rialacháin seo acu a chur faoi bhráid an Choimisiúin gan mhoill. Déanfaidh an Coimisiún, faoin dáta a chinnfidh ICCAT, tuarascáil mhionsonraithe ar chur chun feidhme Mholadh ICCAT 19-04 a chur faoi bhráid Rúnaíocht ICCAT ar bhonn na faisnéise a gheobhaidh sé ó na Ballstáit.

Airteagal 64

Maoiniú

Chun críocha Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ), measfar gur plean ilbhliantúil de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 é an Rialachán seo.

Airteagal 65

Rúndacht

Caithfear leis na sonraí a bhaileofar agus a mhalartófar faoi chuimsiú an Rialacháin seo i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le rúndacht de bhun Airteagail 112 agus 113 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 66

An nós imeachta maidir le leasuithe

1.  

Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 67 a bhaineann le leasuithe ar an Rialachán seo chun é a chur in oiriúint do bhearta arna nglacadh ag ICCAT a chuireann ceangal ar an Aontas agus ar a Bhallstáit a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

▼M1

(a) 

tabhairt anonn bhliantúil an tuinnín ghoirm faoi Airteagal 8;

(b) 

na sprioc-amanna ar fúthu nach mór faisnéis a thuairisciú mar a leagtar síos in Airteagail 15(7), Airteagail 16(1), Airteagail 24(4), Airteagail 26(1), Airteagail 29(1), Airteagail 32(2) agus (3), Airteagail 35(5) agus (6), Airteagail 36, Airteagail 41(3), Airteagail 44(2), Airteagail 50(4), Airteagail 57(5), pointe (b) agus Airteagail 58(6);

(c) 

na tréimhsí ama le haghaidh tréimhsí iascaireachta dá bhforáiltear in Airteagal 17(1) go (4);

▼B

(d) 

an t-íosmhéid tagartha caomhnaithe a leagtar amach in Airteagal 19(1) agus (2) agus Airteagal 20(1);

(e) 

na céatadáin agus na paraiméadair thagartha a leagtar síos in Airteagal 13, Airteagal 15(3) agus (4), Airteagal 20(1), Airteagal 21(2), Airteagal 38(1), Airteagal 44(2), Airteagal 50 agus Airteagal 51(8);

(f) 

an fhaisnéis atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin agus dá dtagraítear in Airteagal 11(1), Airteagal 24(1), Airteagal 25(3), Airteagal 29(1), Airteagal 30(4), Airteagal 34(2), Airteagal 40(1) agus Airteagal 55;

(g) 

na tascanna le haghaidh breathnóirí náisiúnta agus breathnóirí réigiúnacha de chuid ICCAT dá bhforáiltear in Airteagal 38(2) agus Airteagal 39(5) faoi seach;

(h) 

na cúiseanna le diúltú an údaraithe aistrithe a leagtar síos in Airteagal 41(1);

(i) 

na cúiseanna leis na gabhálacha a urghabháil agus lena ordú na héisc a scaoileadh faoi Airteagal 46(4);

(j) 

an líon soithí a leagtar amach in Airteagal 58(3);

▼M1

(k) 

Iarscríbhinní I go XVb;

▼M1

(l) 

inneachar an dearbhaithe maidir le tabhairt anonn a leagtar síos in Airteagal 7(2), pointe (a), agus forálacha maidir le cur i gcaighean a leagtar síos in Airteagal 7(2), pointe (b);

(m) 

na maoluithe a leagtar amach in Airteagal 17(2) chun limistéir iascaireachta, soithí iascaireachta agus trealamh a ainmniú, agus maoluithe in Airteagal 17(3) maidir le tuinnín gorm a iascach chun críoch feirmeoireachta;

(n) 

coinníollacha maidir le breathnóirí réigiúnacha ICCAT a shannadh d’fheirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 39(4).

▼B

2.  
Aon leasú a ghlacfar i gcomhréir le mír 1, beidh sé teoranta go docht do chur chun feidhme na leasuithe agus/nó na bhforlíontaí ar an moladh ICCAT lena mbaineann atá ceangailteach ar an Aontas.

Airteagal 67

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 66 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 17 Deireadh Fómhair 2023. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 66 a chúlghairm aon tráth. Má dhéantar cinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.  
Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 66 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag don tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 68

Nós imeachta coiste

1.  
Beidh an Coiste um Iascach agus Dobharshaothrú a bunaíodh le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.  
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 69

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 mar a leanas:

(a) 

scriostar Airteagal 3, pointí (g) go (j), Airteagail 4a, 4b, agus 4c agus Iarscríbhinn Ia;

(b) 

in Iarscríbhinn I, scriostar an fhleasc “Tuinnín gorm: Thunnus thynnus”;

(c) 

in Iarscríbhinn II, scriostar an tsraith “Thunnus thynnus: Tuinnín gorm”.

Airteagal 70

Leasú ar Rialachán (AE) 2017/2107

I Rialachán (AE) 2017/2107, scriostar Airteagal 43.

Airteagal 71

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/833

I Rialachán (AE) 2019/833, scriostar Airteagal 53.

Airteagal 72

Aisghairm

1.  
Aisghairtear Rialachán (CE) 2016/1627.
2.  
Déanfar na tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 73

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

COINNÍOLLACHA SONRACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LEIS NA SOITHÍ GABHÁLA A DHÉANANN IASCAIREACHT FAOI AIRTEAGAL 19

1. Áiritheoidh gach Ballstát go n-urramófar na teorainneacha toillte seo a leanas:

(a) 

Ní mó an t-uasmhéid bád baoite agus bád trollála dá chuid atá údaraithe chun iascach gníomhach a dhéanamh ar an tuinnín gorm ná líon na soithí a bhí rannpháirteach in iascach díreach ar an tuinnín gorm in 2006.

(b) 

Ní mó an t-uasmhéid bád dá chabhlach ar mhionscála atá údaraithe chun iascach gníomhach a dhéanamh ar an tuinnín gorm sa Mheánmhuir ná líon na soithí a bhí rannpháirteach in iascach ar an tuinnín gorm in 2008.

(c) 

Ní mó an t-uasmhéid soithí gabhála dá chuid atá údaraithe chun iascach gníomhach a dhéanamh ar an tuinnín gorm i Muir Aidriad ná líon na soithí a bhí rannpháirteach in iascach díreach ar an tuinnín gorm in 2008.

Déanfaidh gach Ballstát cuótaí aonair a leithdháileadh ar na soithí lena mbaineann.

2. Féadfaidh gach Ballstát an méid seo a leanas a leithdháileadh:

— 
méid nach mó ná 7 % dá chuóta den tuinnín gorm ar na báid bhaoite agus na báid trollála. I gcás na Fraince, is féidir le soithí uasmhéid 100 tona den tuinnín gorm, ina bhfuil meáchan nach lú ná 6,4 kg nó fad go gabhal an eireabaill nach lú ná 70 cm a ghabháil, soithí atá ag oibriú i mBá na Bioscáine agus a bhfuil bratach na Fraince ar foluain orthu agus nach mó ná 17 méadar ar fad san iomlán iad.
— 
méid nach mó ná 2 % dá chuóta den tuinnín gorm ar an iascach cósta ar mhionscála dá chuid le haghaidh éisc úra sa Mheánmhuir.
— 
Sciar nach mó ná 90 % dá chuóta le haghaidh tuinníní gorma i measc a shoithí gabhála i Muir Aidriad chun críocha feirmeoireachta.

3. Le haghaidh uasmhéid 7 % de réir meáchain de thuinníní gorma aonair arna ngabháil ag a soithí a bhfuil a bratach ar foluain acu i Muir Aidriad chun críocha feirmeoireachta, féadfaidh an Chróit íosmheáchan 6,4 kg nó 66 cm ar fhad go gabhal an eireabaill a chur i bhfeidhm.

4. Maidir leis na Ballstáit a bhfuil a gcuid bád baoite, a gcuid bád spiléireachta, a gcuid bád lámhdhorú agus a gcuid bád trollála údaraithe chun iascach ar an tuinnín gorm san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir, déanfaidh siad ceanglais maidir le clibeanna eireabaill a thionscnamh mar a leanas:

— 
déanfar clibeanna eireabaill a ghreamú de gach tuinnín gorm a luaithe a dhíluchtaítear é.
— 
bainfidh uimhir aitheantais uathúil le gach clib eireabaill agus beidh an uimhir sin ar na doiciméid um ghabhail tuinnín ghoirm agus déanfar í a scríobh go soléite agus go doscriosta ar an taobh amuigh d’aon phacáiste ina bhfuil tuinnín.




IARSCRÍBHINN II

CEANGLAIS LOGLEABHAIR

A.   SOITHÍ GABHÁLA

Íos-sonraíochtaí maidir le logleabhair iascaireachta:

1. 

Beidh an logleabhar uimhrithe de réir na bileoige.

2. 

Déanfar an logleabhar a chomhlánú gach lá (meán oíche) nó sula mbainfear an calafort amach.

3. 

Déanfar an logleabhar a chomhlánú i gcás cigireachtaí ar muir.

4. 

Coinneofar cóip amháin den bhileog i gceangal leis an logleabhar.

5. 

Coinneofar logleabhair ar bord ar feadh bliain amháin d’oibríochtaí.

An t-íosmhéid faisnéise caighdeánaí le bheith i logleabhair iascaireachta:

1. 

Ainm agus seoladh mháistir an tsoithigh.

2. 

Dátaí agus ainmneacha na gcalafort imeachta, dátaí agus ainmneacha na gcalafort is ceann scríbe.

3. 

Ainm, cláruimhir, uimhir ICCAT, glao-chomhartha raidió idirnáisiúnta agus uimhir IMO (an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta) (má tá sí ar fáil) an tsoithigh.

4. 

Trealamh iascaireachta:

(a) 

cineál de réir chód FAO;

(b) 

toisí (e.g. fad, méid mogaill, líon duán).

5. 

Oibríochtaí ar muir le haon líne amháin (ar a laghad) in aghaidh gach lae den turas, lena sonrófar:

(a) 

an cineál gníomhaíochta (e.g. iascaireacht, gluaiseacht);

(b) 

suíomh: déanfar suíomh beacht a thaifeadadh gach lá (i gcéimeanna agus i nóiméid) in aghaidh gach oibríochta iascaireachta nó um meán lae i gcás nach ndearnadh aon iascaireacht an lá sin;

(c) 

taifead ar ghabhálacha, lena n-áirítear:

— 
cód FAO;
— 
meáchan slánaithe (RWT) i gcileagraim in aghaidh an lae;
— 
an líon píosaí in aghaidh an lae.

I gcás soithí peas-saighne, ba cheart na sonraí sin a thaifeadadh i gcomhair gach oibríochta iascaireachta lena n-áirítear i gcás nárbh ann d’aon ghabháil.

6. 

Síniú an mháistir.

7. 

An modh chun meáchan a thomhas: meastachán, meá ar bord.

8. 

Beomheáchan coibhéiseach na n-iasc a choinneofar sa logleabhar agus luafar ann na fachtóirí coinbhéartachta a úsáideadh sa mheastóireacht.

An t-íosmhéid faisnéise le bheith i logleabhair iascaireachta i gcás tabhairt i dtír nó trasloingsithe:

1. 

Dátaí agus ainm an chalafoirt inar tugadh an ghabháil éisc i dtír nó inar trasloingsíodh í.

2. 

Táirgí:

(a) 

an speiceas agus cur i láthair de réir chód FAO;

(b) 

líon na n-iasc nó na mboscaí agus an chainníocht i gcileagraim.

3. 

Síniú an mháistir nó síniú ghníomhaire an tsoithigh.

4. 

I gcás trasloingsithe: ainm an tsoithigh ghlactha, a bhratach agus a uimhir ICCAT.

An t-íosmhéid faisnéise le bheith i logleabhair iascaireachta i gcás aistriú i gcaighean:

1. 

Dáta, am agus suíomh (domhanleithead/domhanfhad) aistrithe.

2. 

Táirgí:

(a) 

sainaithint speicis de réir chód FAO;

(b) 

líon na n-iasc agus an chainníocht i gcileagraim a aistríodh i gcaighean.

3. 

Ainm an tsoithigh tarraingthe, a bhratach agus a uimhir ICCAT.

4. 

Ainm na feirme cinn scríbe agus a huimhir ICCAT.

5. 

I gcás comhoibríochta iascaireachta (COI), de bhreis ar an bhfaisnéis atá leagtha síos i bpointí 1 go dtí 4, déanfaidh na máistrí an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh ina logleabhar:

(a) 

a mhéid a bhaineann leis an soitheach gabhála atá i mbun na héisc a aistriú i gcaighean:

— 
an líon gabhálacha a tugadh ar bord,
— 
an líon gabhálacha a ríomhadh in aghaidh a chuóta aonair,
— 
ainmneacha na soithí eile a bhí páirteach sa COI;
(b) 

a mhéid a bhaineann leis na soithí gabhála eile a bhí páirteach sa COI céanna ach nach raibh baint acu le haistriú na n-iasc:

— 
ainmneacha na soithí sin, a nglao-chomharthaí raidió idirnáisiúnta agus a n-uimhreacha ICCAT,
— 
nár tugadh aon ghabhálacha ar bord nó nár aistríodh iad i gcaighean,
— 
an líon gabhálacha a ríomhadh in aghaidh a gcuótaí aonair,
— 
ainm agus uimhir ICCAT an tsoithigh gabhála dá dtagraítear i bpointe (a).

B.   SOITHÍ TARRAINGTHE

1. Déanfaidh máistir soithigh tarraingthe an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh sa logleabhar laethúil: an dáta, an t-am agus an suíomh aistrithe, na cainníochtaí a aistríodh (líon na n-iasc agus an chainníocht i gcileagraim), uimhir an chaighin, chomh maith le hainm, bratach agus uimhir ICCAT an tsoithigh gabhála, ainm agus uimhir ICCAT aon soithigh/aon soithí eile a bhí páirteach, ainm agus uimhir ICCAT na feirme cinn scríbe, agus an uimhir ITD.

2. Déanfar aistrithe eile chuig soithí coimhdeachta nó chuig soitheach tarraingthe eile a thuairisciú agus tabharfar an fhaisnéis chéanna agus atá i bpointe 1 chomh maith le hainm, bratach agus uimhir ICCAT an tsoithigh coimhdeachta nó tarraingthe agus an uimhir ITD.

3. Beidh mionsonraí na n-aistrithe ar fad a rinneadh le linn an tséasúir iascaireachta sa logleabhar laethúil. Coimeádfar an logleabhar laethúil ar bord agus beidh sé le fáil tráth ar bith chun críoch rialaithe.

C.   SOITHÍ COIMHDEACHTA

1. Déanfaidh an máistir ar shoitheach coimhdeachta na gníomhaíochtaí a thaifeadadh go laethúil sa logleabhar lena n-áirítear an dáta, an t-am agus an suíomh, na cainníochtaí de thuinníní gorma a tugadh ar bord, agus ainm an tsoithigh iascaireachta, na feirme nó an ghaiste lena bhfuil máistir an tsoithigh coimhdeachta ag oibriú.

2. Beidh mionsonraí na ngníomhaíochtaí ar fad a rinneadh le linn an tséasúir iascaireachta sa logleabhar laethúil. Coimeádfar an logleabhar laethúil ar bord agus beidh sé le fáil tráth ar bith chun críoch rialaithe.

D.   SOITHÍ PRÓISEÁLA

1. Déanfaidh an máistir ar shoitheach próiseála an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh sa logleabhar laethúil: dáta, am agus suíomh na ngníomhaíochtaí agus na cainníochtaí a trasloingsíodh agus líon agus meáchan na dtuinníní gorma a fuarthas ó fheirmeacha, ó ghaistí nó ó shoithí gabhála i gcás inarb infheidhme. Déanfaidh an máistir ainmneacha agus uimhreacha ICCAT na bhfeirmeacha, na ngaistí nó na soithí gabhála sin a thuairisciú chomh maith.

2. Coinneoidh an máistir ar shoitheach próiseála logleabhar próiseála laethúil ina sonrófar meáchan slánaithe agus líon na n-iasc a aistríodh nó a trasloingsíodh, an fachtóir coinbhéartachta a úsáideadh, agus na meáchain agus na cainníochtaí de réir chur i láthair an táirge.

3. Coinneoidh an máistir ar shoitheach próiseála plean stuála ina sonrófar ionad agus cainníochtaí gach speicis agus gach cur i láthair.

4. Beidh mionsonraí na dtrasloingsithe ar fad a rinneadh le linn an tséasúir iascaireachta sa logleabhar laethúil. Coimeádfar an logleabhar laethúil, an logleabhar próiseála, an plean stuála agus leaganacha bunaidh dearbhuithe trasloingsithe ICCAT ar bord agus beidh siad le fáil tráth ar bith chun críoch rialaithe.




IARSCRÍBHINN III

FOIRM MAIDIR LE TUAIRISCIÚ GABHÁLA



Foirm maidir le tuairisciú gabhála

Bratach

Uimhir ICCAT

Ainm an tsoithigh

Dáta tosaigh na tuarascála

Dáta deiridh na tuarascála

Fad ama na tuarascála (d)

Dáta gabhála

Suíomh na gabhála

Gabháil

Meáchan luaite i gcás comhoibríocht iascaireachta (kg)

Domhanleithead

Domhanfhad

Meáchan (kg)

Líon píosaí

Meánmheáchan (kg)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 




IARSCRÍBHINN IV

FOIRM IARRATAIS MAIDIR LE RANNPHÁIRTÍOCHT I GCOMHOIBRÍOCHT IASCAIREACHTA A ÚDARÚ



Comhoibríocht iascaireachta

An Stát Brataí

Ainm an tsoithigh

Uimhir ICCAT

Fad ama na hoibríochta

Céannacht na n-oibreoirí

Scála leithdháilte in aghaidh an tsoithigh

Cuóta aonair an tsoithigh

Feirm ramhraithe agus feirmeoireachta is ceann scríbe

Páirtí Conarthach sa Choinbhinsiún (CPC)

Uimhir ICCAT

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Dáta …

Bailíochtú an stáit brataí …




IARSCRÍBHINN V

DEARBHÚ TRASLOINGSITHE ICCAT

image




IARSCRÍBHINN VI

DEARBHÚ AISTRITHE ICCAT

image




IARSCRÍBHINN VII

ÍOSMHÉID FAISNÉISE LE HAGHAIDH ÚDARUITHE IASCAIREACHTA  ( 7 )

A.   SAINAITHINT

1. Cláruimhir ICCAT

2. Ainm an tsoithigh iascaireachta

3. Cláruimhir sheachtrach (litreacha agus uimhreacha)

B.   COINNÍOLLACHA IASCAIREACHTA

1. Dáta eisiúna

2. Tréimhse bhailíochta

3. Coinníollacha an údaraithe iascaireachta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, speiceas, limistéar, trealamh iascaireachta agus aon choinníoll eile is infheidhme agus a thagann ón Rialachán seo agus/nó ó reachtaíocht náisiúnta.



 

 

Ó…/…/…

Go dtí …/…/…

Ó…/…/…

Go dtí …/…/…

Ó…/…/…

Go dtí …/…/…

Ó…/…/…

Go dtí …/…/…

Ó…/…/…

Go dtí …/…/…

Ó…/…/…

Go dtí …/…/…

Limistéir

 

 

 

 

 

 

 

Speiceas

 

 

 

 

 

 

 

Trealamh iascaireachta

 

 

 

 

 

 

 

Coinníollacha eile

 

 

 

 

 

 

 

▼M1




IARSCRÍBHINN VIII

Cláir breathnóirí

I.   Clár breathnóirí náisiúnta

1. Is iad bheidh sna cúraimí breathnóirí náisiúnta, go ginearálta, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh soithí iascaireachta agus gaistí an Rialacháin seo.

2. Nuair a imscarfar ar bord soitheach gabhála é, déanfaidh an breathnóir náisiúnta an ghníomhaíocht iascaireachta a thaifeadadh agus a thuairisciú, lena n-áirítear go háirithe an méid seo a leanas:

(a) 

meastachán an bhreathnóra náisiúnta ar líon agus ar mheáchan na dtuinníní gorma aonair a gabhadh (foghabháil san áireamh);

(b) 

diúscairt na gabhála, amhail í a choinneáil ar bord, a aischur marbh nó a scaoileadh saor ina mbeatha mar shampla;

(c) 

limistéar na gabhála de réir domhanleithid agus domhanfhaid;

(d) 

tomhas na hiarrachta iascaireachta (mar shampla an líon tacar, an líon duán), mar a shainítear i Lámhleabhar ICCAT maidir le trealaimh éagsúla;

(e) 

dáta na gabhála;

(f) 

fíorú ar chomhsheasmhacht na n-iontrálacha a dhéantar sa logleabhar le meastachán gabhála an bhreathnóra náisiúnta féin.

3. Nuair a imscarfar ar shoitheach tarraingthe iad, déanfaidh na breathnóirí náisiúnta an méid seo a leanas:

(a) 

i gcás aistriú eile lena mbaineann bogadh éisc idir dhá chaighean iompair:

(i) 

anailís a dhéanamh gan mhoill ar an bhfístaifead den aistriú breise, chun meastachán a dhéanamh ar an líon tuinníní gorma aonair atá á n-aistriú;

(ii) 

fógra a thabhairt láithreach d’údaráis inniúla na mBallstát brataí maidir leis na soithí bronntacha tarraingthe faoi bharúlacha an bhreathnóra náisiúnta, lena n-áirítear an líon tuinníní gorma aonair arna meas ag an mbreathnóir náisiúnta agus an líon comhfhreagrach tuinníní gorma aonair a thuairiscigh máistir an tsoithigh tarraingthe deontóra ar na DTSanna; agus

(iii) 

torthaí na hanailíse a rinne an breathnóir náisiúnta a áireamh sna tuarascálacha breathnóirí chuig údaráis inniúla na mBallstát brataí de chuid na soithí tarraingthe deontóra;

(b) 

na tuinníní gorma aonair uile a breathnaíodh a bheith marbh le linn an turais iompair a thaifeadadh agus a thuairisciú;

(c) 

soithí a mheastar a bheith i mbun iascaireachta in aghaidh bhearta caomhnaithe ICCAT a amharc agus a thaifeadadh; agus

(d) 

fógra a thabhairt gan mhoill d’údaráis inniúla Bhallstáit bhrataí na soithí deontóra tarraingthe maidir le tuarascálacha an bhreathnóra ag deireadh an turais tarraingthe.

4. Nuair a imscarfar ar ghaiste iad, déanfaidh na breathnóirí náisiúnta an méid seo a leanas:

(a) 

údarú saothraithe arna eisiúint ag údaráis inniúla Bhallstáit an ghaiste a fhíorú;

(b) 

an fhaisnéis sna dearbhuithe próiseála agus/nó saothraithe a rinne máistir an tsoithigh próiseála, nó ionadaí an mháistir, nó a rinne oibreoir an ghaiste a bhailíochtú.

5. Déanfaidh an breathnóir náisiúnta obair eolaíoch freisin, mar shampla, na sonraí uile a éilíonn an Coimisiún, ar bhonn moltaí ó SCRS, a bhailiú.

II.   Clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT

1. Ceanglóidh gach Ballstát ar oibreoirí feirmeacha agus gaistí, agus ar mháistrí soithí peas-saighne, nó ar ionadaithe na máistrí, atá faoina dhlínse breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT a imscaradh, a leagtar amach in Airteagal 39.

2. Ceapfar breathnóirí réigiúnacha ICCAT roimh an 1 Aibreán, nó a luaithe is indéanta, gach bliain, agus cuirfear iad ar fheirmeacha, ar ghaistí agus ar bord an tsoithigh peas-saighne a bhfuil bratach na mBallstát ar foluain orthu agus a chuireann clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT chun feidhme. Eiseofar cárta breathnóirí réigiúnacha ICCAT do gach breathnóir.

3. Síneoidh an dá pháirtí lena mbaineann conradh ina liostófar na cearta agus na dualgais idir breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT agus máistir an tsoithigh iascaireachta nó oibreoir na feirme nó an ghaiste.

4. Bunófar lámhleabhar maidir le clár bhreathnóirí ICCAT.

A.   Cáilíochtaí bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT

Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag breathnóirí réigiúnacha ICCAT ionas go mbeidh siad in ann a gcúraimí a chur i gcrích:

(a) 

taithí leordhóthanach le go mbeidh siad in ann speicis agus trealamh iascaireachta a shainaithint;

(b) 

eolas sásúil ar bhearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT, agus ar threoirlínte traenála ICCAT;

(c) 

cumas breathnóireacht agus taifead beacht a dhéanamh;

(d) 

an cumas anailís a dhéanamh ar fhístaifid;

(e) 

a mhéid is féidir, eolas sásúil ar theanga an Bhallstáit brataí, an Bhallstáit feirme nó Bhallstát an ghaiste nó CPC brataí, feirme nó an ghaiste ina bhfuil a gcúraimí á ndéanamh acu.

B.   Oibleagáidí bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT

1. Maidir le breathnóirí réigiúnacha ICCAT:

(a) 

an traenáil theicniúil mar a cheanglaítear faoi na treoirlínte atá bunaithe ag ICCAT a bheith déanta acu;

(b) 

a bheith ina náisiúnach de cheann de na Ballstáit nó de CPCanna agus, a mhéid is féidir, ní náisiúnaigh iad de Bhallstát brataí an tsoithigh peas-saighne nó de CPC brataí an tsoithigh peas-saighne, den Bhallstát feirme nó de CPC feirme, nó de Bhallstát an ghaiste nó de CPC an ghaiste faoi bhreathnú;

(c) 

a bheith in ann na cúraimí a leagtar amach in Cuid II, Roinn C a dhéanamh;

(d) 

a bheith ar an liosta de bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT a choimeádann Rúnaíocht ICCAT;

(e) 

ní mór gan aon leas airgeadais ná tairbhiúil reatha a bheith acu in iascach tuinnín ghoirm.

2. Déileálfaidh breathnóirí réigiúnacha ICCAT leis an bhfaisnéis go léir maidir le hoibríochtaí iascaireachta agus aistrithe arna stiúradh ag na soithí peas-saighne mar fhaisnéis rúnda agus glacfaidh siad leis an gceanglas sin i scríbhinn mar choinníoll lena cheapachán mar bhreathnóir réigiúnach ICCAT.

3. Comhlíonfaidh breathnóirí réigiúnacha ICCAT na ceanglais arna mbunú i ndlíthe agus rialacháin an Bhallstáit brataí nó feirme nó CPC brataí nó feirme a bhfuil dlínse aige ar an soitheach, ar an bhfeirm nó ar an ngaiste a bhfuil an breathnóir réigiúnach sannta dó nó di.

4. Urramóidh breathnóirí réigiúnacha ICCAT an t-ordlathas agus na rialacha iompraíochta ginearálta atá i bhfeidhm ar fhoireann uile an tsoithigh, na feirme agus an ghaiste, ar choinníoll nach gcuireann na rialacha sin isteach ar dhualgais bhreathnóir réigiúnach ICCAT faoin gclár seo, ná ar na hoibleagáidí ar fhoireann an tsoithigh, na feirme agus an ghaiste a leagtar amach san Iarscríbhinn seo.

C.   Cúraimí an bhreathnóra réigiúnaigh ICCAT

1. Déanfaidh breathnóirí réigiúnacha ICCAT na cúraimí seo a leanas go háirithe:

(a) 

mar chúram ginearálta:

(i) 

breathnóireacht agus faireachán a dhéanamh féachaint an bhfuil oibríochtaí iascaireachta agus feirmeoireachta tuinnín ghoirm ag comhlíonadh bhearta ábhartha caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT;

(ii) 

obair eolaíoch, mar shampla samplaí a bhailiú nó sonraí maidir le Tasc II a bhailiú, de réir mar a éilíonn an Coimisiún, ar bhonn na moltaí ó SCRS;

(iii) 

soithí a bhfuil amhras ann go bhfuil siad i mbun iascaireachta de shárú ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT a aimsiú agus taifead a dhéanamh orthu, agus taifead a dhéanamh ar ainm an tsoithigh iascaireachta lena mbaineann agus ar a uimhir ICCAT agus iad a fhíorú;

(iv) 

aon chúraimí eile arna chinneadh ag an gCoimisiún a fheidhmiú;

(b) 

maidir le soithí peas-saighne nó gníomhaíocht gabhála gaistí:

(i) 

breathnú ar na gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéantar agus tuairisciú orthu;

(ii) 

breathnóireacht agus meastachán ar ghabhálacha agus fíoróidh siad iontrálacha a dhéantar sa logleabhar;

(c) 

maidir leis na chéad aistrithe ó shoitheach peas-saighne nó ó ghaiste chuig caighin iompair:

(i) 

na gníomhaíochtaí aistrithe a dhéanfar a thaifeadadh agus tuairisciú orthu;

(ii) 

suíomh an tsoithigh agus é i mbun aistrithe a fhíorú;

(iii) 

athbhreithniú agus anailís a dhéanamh ar na fístaifid uile a bhaineann leis an oibríocht aistrithe lena mbaineann, i gcás inarb infheidhme;

(iv) 

meastachán a dhéanamh ar líon na dtuinníní gorma aonair atá á n-aistriú agus an toradh a thaifeadadh in ITD;

(v) 

tuarascáil laethúil a eisiúint maidir le gníomhaíochtaí aistrithe na soithí peas-saighne;

(vi) 

toradh na hanailíse a dhéanfar a thaifeadadh agus a thuairisciú;

(vii) 

iontrálacha a cuireadh sa réamhfhógra aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 40, agus in ITD dá dtagraítear in Airteagal 42 agus sa r-DGTG, a fhíorú;

(viii) 

a fhíorú go gcuirtear ITD dá dtagraítear in Airteagal 42 ar aghaidh chuig máistir an tsoithigh tarraingthe nó oibreoir na feirme nó an ghaiste;

(ix) 

maidir le haistrithe rialaithe, uimhir aitheantais na séalaí a fhíorú agus a áirithiú go gcuirfear na séalaí ar bhealach a chuirfidh cosc ar oscailt na ndoirse gan na séalaí a bhriseadh;

(d) 

maidir le hoibríochtaí cur i gcaighean, athbhreithniú a dhéanamh ar na fístaifid cheamara tráth an chur i gcaighean chun líon na dtuinníní gorma aonair a chuirtear i gcaighean a chinneadh, in am trátha chun go bhféadfaidh oibreoir na feirme an dearbhú cur i gcaighean lena mbaineann a chomhlánú;

(e) 

maidir le sonraí a fhíorú:

(i) 

na sonraí atá in ITDanna, agus sna dearbhuithe cur i gcaighean agus sa r-DGTG a fhíorú agus a dheimhniú, lena n-áirítear trí anailís a dhéanamh ar na fístaifid;

(ii) 

tuarascáil laethúil a eisiúint maidir le gníomhaíochtaí aistrithe na soithí peas-saighne, na bhfeirmeacha agus na ngaistí;

(iii) 

i gcás ina bhfuil an oibríocht ábhartha i gcomhréir le bearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT agus go bhfuil an fhaisnéis atá sna doiciméid sin i gcomhréir leis na barúlacha a thug breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT, sínigh na ITDanna, na dearbhuithe cur i gcaighean agus an r-DGTG, le hainm agus le huimhir ICCAT scríofa go soiléir; nó i gcás easaontais, léirigh ar ITD agus na dearbhuithe cur i gcaighean ábhartha nó sa r-DGTG lena mbaineann go raibh sé nó sí i láthair, agus na cúiseanna leis an easaontas, agus luaigh go sonrach na rialacha nó na nósanna imeachta nár urramaíodh, dar le breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT;

(f) 

maidir le scaoileadh:

(i) 

maidir le scaoileadh roimh an gcur i gcaighean, breathnaigh ar an oibríocht scaoilte ón bpeas-saighne nó ón gcaighean iompair agus tuairiscigh ar an oibríocht sin, i gcomhréir leis an bprótacal scaoilte in Iarscríbhinn XII;

(ii) 

maidir le scaoileadh tar éis an chur i gcaighean, breathnú ar leithscaradh na n-iasc roimh ré agus an oibríocht scaoilte ina dhiaidh sin agus tuairisciú air sin, i gcomhréir leis an bprótacal scaoilte in Iarscríbhinn XII, lena n-áirítear trína fhíorú go gcomhlíonann cáilíocht an fhístaifeadta den leithscaradh roimhe sin na híoscaighdeáin maidir le nósanna imeachta fístaifeadta a leagtar amach in Iarscríbhinn X agus lena gcinntear líon na dtuinníní gorma aonair a scaoiltear saor;

(iii) 

sa dá chás, an t-ordú scaoilte arna eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit nó CPC lena mbaineann a fhíorú agus an fhaisnéis sa dearbhú scaoilte arna dhéanamh ag an deontóir nó ag an oibreoir feirme a bhailíochtú;

(g) 

maidir le hoibríocht shaothraithe ar fheirmeacha:

(i) 

údarú saothraithe arna eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit feirme nó CPC feirme a fhíorú;

(ii) 

an fhaisnéis sna dearbhuithe próiseála agus saothraithe arna ndéanamh ag máistir an tsoithigh próiseála, nó ag a ionadaí, nó ag oibreoir na feirme a bhailíochtú;

(h) 

maidir le tuairisciú

(i) 

clárú agus fíorú má tá aon chineál clibe ann, marcanna nádúrtha san áireamh, agus fógra a thabhairt má tá aon chomhartha ann gur baineadh clibeanna ar shiúl le déanaí; maidir le gach tuinnín gorm aonair arna gclibeáil le clibeanna leictreonacha, sampláil bhitheolaíoch iomlán (otailití, an dealg agus sampla géiniteach) a dhéanamh de réir na dtreoirlínte arna n-eisiúint ag SCRS;

(ii) 

tuarascálacha ginearálta a chur i dtoll a chéile ina dtiomsófar an fhaisnéis arna bailiú faoi Roinn C agus deis a thabhairt do mháistir an tsoithigh iascaireachta agus don oibreoir feirme aon fhaisnéis ábhartha a chur leis na tuarascálacha sin;

(iii) 

na tuarascálacha ginearálta dá dtagraítear i bpointe (h)(ii) a chur faoi bhráid an eintitis a oibríonn clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT, lena dtarchur chuig Rúnaíocht ICCAT laistigh de 20 lá ó dheireadh na tréimhse breathnóireachta;

(iv) 

i gcásanna ina mbraitheann breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT go bhféadfadh sé nár comhlíonadh moladh ICCAT, déanfaidh sé an fhaisnéis sin a thíolacadh gan mhoill chuig an eintiteas a oibríonn clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT agus cuirfidh an t-eintiteas sin an fhaisnéis sin ar aghaidh gan mhoill chuig údarás inniúil an Bhallstáit, Bhallstát an ghaiste nó an Bhallstáit brataí lena mbaineann, agus chuig Rúnaíocht ICCAT; chun na críche sin, bunóidh an t-eintiteas a oibríonn clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT córas trína bhféadfar an fhaisnéis sin a chur in iúl go slán;

(v) 

fianaise (i.e. grianghraif, fístaifid) a fháil, a mhéid is féidir, ar neamhchomhlíonadh féideartha a bhraitear agus iad a cheangal leis an tuarascáil ó bhreathnóir réigiúnach ICCAT.

D.   Oibleagáidí na mBallstát brataí, na mBallstát feirme nó Bhallstáit an ghaiste

1. Maidir le breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT, áiritheoidh na Ballstáit brataí, na Ballstáit feirme nó Ballstáit an ghaiste an méid seo a leanas:

(a) 

go gceadaítear rochtain dó ar phearsanra ar an soitheach peas-saighne, ar an bhfeirm agus ar an ngaiste agus ar threalamh, ar chaighin, ar threalamh agus ar thaifid an cheamara rialaithe;

(b) 

má iarrtar sin air agus chun na dualgais a leagtar amach i gclár breathnóirí réigiúnacha ICCAT a chomhlíonadh, go gceadófar rochtain dó ar an trealamh seo a leanas, má tá sé ar bord na soithí a bhfuil na breathnóirí sannta dóibh:

(i) 

trealamh loingseoireachta satailíte;

(ii) 

scáileáin taispeána radair nuair a bhítear á n-úsáid;

(iii) 

modhanna leictreonacha cumarsáide;

(c) 

go soláthraítear cóiríocht dó, lena n-áirítear lóistín, bia agus áiseanna sláintíochta leordhóthanacha, atá ar chomhchaighdeán lena bhfuil ar fáil d’oifigigh;

(d) 

go soláthraítear spás leordhóthanach ar an droichead nó ar an teach píolóta dó le haghaidh obair chléireachais, chomh maith le spás ar an deic atá leordhóthanach chun dualgais bhreathnóireachta a chomhlíonadh.

2. Áiritheoidh an Ballstát brataí, Ballstát an ghaiste agus an Ballstát feirme nach gcuirfidh máistrí, baill den chriú, agus ná úinéirí feirmeacha, gaistí nó soithí bac ná imeagla ar bhreathnóir réigiúnach de chuid ICCAT i gcomhlíonadh dhualgais bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT, agus nach gcuirfear isteach air ná nach n-imreofar tionchar air, agus nach dtabharfar breab dó ná nach ndéanfar iarracht breab a thabhairt dó.

3. Soláthrófar cóipeanna de na sonraí amha, na hachoimrí agus na tuarascálacha uile a bhaineann leis an turas iascaireachta do na Ballstáit bhrataí, do Bhallstáit an ghaiste nó do na Ballstáit feirme, ar bhealach atá i gcomhréir le haon cheanglais rúndachta sonraí is infheidhme. Cuirfear tuarascálacha breathnóirí réigiúnacha ICCAT faoi bhráid an Choiste um Chomhlíonadh agus SCRS.

4. Údaráis inniúla na mBallstát brataí, na mBallstát feirme nó Bhallstáit an ghaiste i gcás ina bhfuil seirbhísí breathnóra á soláthar ag breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT, féadfaidh siad a iarraidh go n-ionadófaí an breathnóir má tá fianaise acu nach bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo á gcomhlíonadh ag breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT nó nach bhfuil na cúraimí a leagtar amach sa Rialachán seo á ndéanamh go leordhóthanach aige nó aici. Déanfar na cásanna sin a thuairisciú do Phainéal 2.

E.   Táillí agus eagrúchán

1. Is iad oibreoirí na bhfeirmeacha agus na ngaistí agus úinéirí na soithí peas-saighne a mhaoineoidh na costais a bhaineann le clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT a chur chun feidhme. Déanfar an táille a ríomh ar bhonn chostais iomlána an chláir agus íocfar í isteach i gcuntas speisialta de chuid Rúnaíocht ICCAT a úsáidtear chun clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT a chur chun feidhme.

2. Ní shannfar aon bhreathnóir réigiúnach de chuid ICCAT do shoitheach, do ghaiste nó d’fheirm nár íocadh na táillí ina leith, mar a cheanglaítear faoin Iarscríbhinn seo.

▼B




IARSCRÍBHINN IX

SCÉIM ICCAT MAIDIR LE COMHCHIGIREACHT IDIRNÁISIÚNTA

D’aontaigh ICCAT an méid seo a leanas ag a Cheathrú Gnáthchruinniú (Maidrid, Samhain 1975) agus ag a Chruinniú Bliantúil in 2008 in Marrakech:

De bhun mhír 3 d’Airteagal IX den Choinbhinsiún, molann Coimisiún ICCAT go ndéanfar na socruithe seo a leanas a bhunú maidir le rialú idirnáisiúnta lasmuigh de na huiscí atá faoi dhlínse náisiúnta chun cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin agus na bearta i bhfeidhm faoin gCoinbhinsiún a áirithiú:

I.   SÁRUITHE TROMCHÚISEACHA

1. Chun críocha na nósanna imeachta seo, ciallaíonn sárú tromchúiseach ceann de na sáruithe seo a leanas ar fhorálacha bhearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT arna nglacadh ag Coimisiún ICCAT:

(a) 

iascaireacht gan cheadúnas, cead nó údarú eisithe ag an CPC brataí;

(b) 

gan taifid leordhóthanacha a bheith coimeádta ar ghabháil agus sonraí a bhaineann le gabhálacha i gcomhréir le ceanglais tuairiscithe Choimisiún ICCAT nó míthuairisciú shuntasach ar ghabháil agus/nó sonraí a bhaineann le gabhálacha den chineál sin;

(c) 

iascaireacht i limistéar dúnta;

(d) 

iascaireacht le linn séasúr dúnta;

(e) 

tógáil nó coinneáil d’aon turas speiceas a sháraíonn aon bheart caomhnaithe agus bainistíochta is infheidhme arna ghlacadh ag ICCAT;

(f) 

sárú suntasach ar theorainneacha nó cuótaí gabhála atá i bhfeidhm de bhun rialacha ICCAT;

(g) 

trealamh iascaireachta toirmiscthe a úsáid;

(h) 

marcanna, aitheantas nó clárú aon soithigh iascaireachta a fhalsú nó a cheilt d’aon ghnó;

(i) 

fianaise maidir le himscrúdú ar shárú a cheilt, an fhianaise sin a chur as a riocht nó a scriosadh;

(j) 

iliomad sáruithe ar neamhaird tromchúiseach iad ar bhearta i bhfeidhm de bhun ICCAT nuair a chuirtear le chéile iad;

(k) 

cur in aghaidh cigire údaraithe nó breathnóir nó cur isteach air nó é a ionsaí, a imeaglú, a ghnéaschiapadh, nó cosc nó moill mhíchuí a chur air;

(l) 

CFS a chur as a riocht nó é a dhíchumasú d’aon ghnó;

(m) 

sáruithe eile arna gcinneadh ag ICCAT, tar éis iad a bheith curtha san áireamh agus i gcúrsaíocht ar leagan athbhreithnithe de na nósanna imeachta sin;

(n) 

iascaireacht a dhéanamh le cúnamh ó eitleáin bhreathnóireachta;

(o) 

cur isteach ar an gcóras faireacháin satailíte agus/nó soitheach a oibriú gan CFS;

(p) 

gníomhaíocht aistrithe gan ITD;

(q) 

trasloingsiú ar muir.

2. I gcás ina dtéitear ar bord agus ina ndéantar cigireacht ar shoitheach iascaireachta agus má aimsíonn an cigire údaraithe gníomhaíocht nó imthoisc a bheadh ina sárú tromchúiseach, mar atá sainithe i bpointe 1, lena linn, tabharfaidh údaráis stát brataí na soithí cigireachta fógra láithreach do stát brataí an tsoithigh iascaireachta, go díreach agus trí Rúnaíocht ICCAT chomh maith. Sna cásanna sin, cuirfidh an cigire aon long chigireachta de chuid stát brataí an tsoithigh iascaireachta arb eol í a bheith sa chomharsanacht ar an eolas faoi sin.

3. Cláróidh cigire ICCAT na cigireachtaí a dhéanfar agus aon sáruithe a thabharfar faoi deara i logleabhar an tsoithigh iascaireachta.

4. Tar éis na cigireachta dá dtagraítear i bpointe 2, áiritheoidh an Ballstát brataí go gcuirfidh an soitheach iascaireachta ábhartha stop le gach gníomhaíocht iascaireachta. Ceanglóidh an Ballstát brataí ar an soitheach iascaireachta dul chuig calafort arna ainmniú aige laistigh de 72 uair an chloig, áit a gcuirfear tús le himscrúdú.

5. I gcás nach gceanglaítear ar an soitheach dul chuig calafort, soláthróidh an Ballstát brataí údar iomchuí go tráthúil don Choimisiún a chuirfidh an fhaisnéis ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT, a chuirfidh í ar fáil do Pháirtithe Conarthacha eile ar iarraidh.

II.   CIGIREACHTAÍ A SHEOLADH

6. Cigirí arna n-ainmniú ag na Páirtithe Conarthacha a dhéanfaidh na cigireachtaí. Tabharfar ainmneacha na ngníomhaireachtaí rialtais údaraithe agus ainm gach cigire arna ainmniú chun na críche sin ag a rialtas féin chuig Coimisiún ICCAT.

7. Beidh bratach nó bratainn speisialta arna formheas ag Coimisiún ICCAT agus arna heisiúint ag Rúnaíocht ICCAT ar foluain ar longa atá i mbun dualgais idirnáisiúnta dul ar bord agus cigireachta i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo. Cuirfear ainmneacha na long a úsáidtear chuige sin chuig Rúnaíocht ICCAT chomh luath agus is féidir sula gcuirfear tús leis na gníomhaíochtaí cigireachta. Cuirfidh Rúnaíocht ICCAT faisnéis maidir le soithí cigireachta ainmnithe ar fáil do gach CPC, lena n-áirítear trína cur suas ar a shuíomh gréasáin faoi chosaint pasfhocail.

8. Beidh doiciméad aitheantais iomchuí arna eisiúint ag údaráis an stáit bhrataí ina sheilbh ag gach cigire, agus beidh an doiciméad aitheantais sin san fhoirm atá léirithe i bpointe 21 den Iarscríbhinn seo.

9. Faoi réir na socruithe a comhaontaíodh faoi phointe 16, soitheach atá faoi bhratach Páirtí Chonarthaigh agus é ag iascach ar thuinníní nó éisc atá cosúil le tuinníní i Limistéar an Choinbhinsiúin lasmuigh de na huiscí atá laistigh dá dhlínse náisiúnta, stopfaidh an soitheach sin má thugann long a bhfuil bratainn ICCAT dá ndéantar cur síos uirthi i bpointe 7 ar foluain uirthi agus ar a bhfuil cigire comhartha iomchuí sa Chód Idirnáisiúnta Comharthaí, ach amháin má tá an soitheach i mbun oibríochtaí iascaireachta iarbhír, agus sa chás sin stopfaidh sé a luaithe a bheidh na hoibríochtaí sin curtha i gcrích aige. Tabharfaidh máistir an tsoithigh cead don bhuíon chigireachta mar atá sonraithe i bpointe 10 dul ar bord agus cuirfidh sé dréimire bordála ar fáil. Cuirfidh an máistir ar chumas na buíne cigireachta scrúdú a dhéanamh ar threalamh, gabháil nó ar aon doiciméid ábhartha a mheasann an cigire a bhfuil gá leo chun comhlíonadh mholtaí Choimisiún ICCAT atá i bhfeidhm a fhíorú maidir le Stát brataí an tsoithigh atá faoi réir cigireachta. Fairis sin, féadfaidh cigire aon mhínithe a mheasann sé a bhfuil gá leo a iarraidh.

10. Déanfaidh oifigeach ceannais an tsoithigh cigireachta méid na buíne cigireachta a shocrú agus cúinsí ábhartha á gcur san áireamh aige. Beidh an páirtí cigireachta chomh beag agus is féidir chun na dualgais atá leagtha amach san Iarscríbhinn seo a dhéanamh go slán sábháilte.

11. Agus é ag dul ar bord an tsoithigh, taispeánfaidh an cigire an doiciméadacht aitheantais a ndéantar cur síos uirthi i bpointe 8. Urramóidh an cigire rialacháin, nósanna imeachta agus cleachtais idirnáisiúnta a nglactar leo go ginearálta agus a bhaineann le sábháilteacht an tsoithigh a bhfuiltear ag déanamh cigireachta air agus a chriú, agus cuirfidh sé isteach a laghad is féidir ar ghníomhaíochtaí iascaireachta nó stuáil an táirge, agus a mhéid is féidir, seachnóidh sé aon ghníomhaíocht a mbeadh drochthionchar aici ar cháilíocht na gabhála ar bord.

Ní dhéanfaidh aon chigire níos mó ná a dhéanamh amach an bhfuil na moltaí sin ó Choimisiún ICCAT atá i bhfeidhm maidir le stát brataí an tsoithigh lena mbaineann á gcomhlíonadh. Agus é i mbun cigireachta, féadfaidh cigire aon chúnamh a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil a iarraidh ar mháistir an tsoithigh iascaireachta. Déanfaidh an cigire tuarascáil a tharraingt suas ar an gcigireacht i bhfoirm arna formheas ag Coimisiún ICCAT. Síneoidh an cigire an tuarascáil i láthair mháistir an tsoithigh agus beidh máistir an tsoithigh i dteideal aon bharúlacha a chur leis an tuarascáil é/í féin nó a chinntiú go gcuirtear leis an tuarascáil iad, a mheasann sé/sí a bheith oiriúnach agus síneoidh máistir an tsoithigh na barúlacha sin.

12. Tabharfar cóipeanna den tuarascáil do mháistir an tsoithigh agus do rialtas na buíne cigireachta, agus seolfaidh siad cóipeanna chuig údaráis inniúla Stát brataí an tsoithigh ar a ndearnadh cigireacht agus chuig Coimisiún ICCAT. I gcás ina n-aimsítear aon sárú ar mholtaí ICCAT, cuirfidh an cigire aon long chigireachta de chuid Stát brataí an tsoithigh iascaireachta arb eol í a bheith sa chomharsanacht ar an eolas faoi sin chomh maith, más féidir.

13. Mura nglacfar le cigire nó mura leanfar treoracha an chigire déileálfaidh stát brataí an tsoithigh a ndearnadh cigireacht air leis sin ar an gcaoi chéanna a ndéileáiltear le hiompar mar sin in aghaidh cigire náisiúnta.

14. Déanfaidh na cigirí a ndualgais faoi réir na socruithe sin i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha amach sa Rialachán seo, ach fanfaidh sé faoi rialú oibríochtúil a n-údarás náisiúnta agus freagróidh sé dóibh.

15. Déanfaidh Páirtithe Conarthacha tuarascálacha cigireachta, bileoga faisnéis aimsithe de réir Mholadh ICCAT 94-09 agus ráitis a eascraíonn as cigireachtaí ar dhoiciméadacht arna ndéanamh ag cigirí eachtrannacha faoi na socruithe seo a mheas agus gníomhóidh siad de réir mar a ghníomhódh siad i gcás tuarascálacha a gcigirí náisiúnta i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta. Ní fhorchuirfidh an phointe seo aon oibleagáid ar Pháirtí Conarthach luach fianaise níos airde a bhronnadh ar thuarascáil ó chigire eachtrannach ná mar a bheadh uirthi i dtír an chigire féin. Comhoibreoidh Páirtithe Conarthacha chun nósanna imeachta breithiúnacha nó de chineál eile a eascraíonn as tuarascáil ó chigire faoi réir na socruithe seo a éascú.

16.

 
(a) 

Cuirfidh na Páirtithe Conarthacha Coimisiún ICCAT ar an eolas faoin 15 Feabhra gach bliain maidir lena bpleananna sealadacha maidir le gníomhaíochtaí cigireachta a dhéanamh faoi réir an mholta a chuirtear chun feidhme leis an Rialachán seo le linn na bliana féilire sin agus féadfaidh Coimisiún ICCAT moltaí a thabhairt do na Páirtithe Conarthacha maidir le hoibríochtaí náisiúnta a chomhordú sa réimse sin, lena n-áirítear líon na gcigirí agus na soithí a mbeidh cigirí ar bord orthu.

(b) 

Beidh feidhm ag na socruithe a leagtar amach i Moladh ICCAT 19-04 agus ag na pleananna maidir le rannpháirtíocht idir na Páirtithe Conarthacha mura gcomhaontóidh siad a mhalairt, agus tabharfar fógra do Choimisiún ICCAT faoin gcomhaontú sin. Mar sin féin, cuirfear cur chun feidhme na scéime ar fionraí idir aon dá Pháirtí Chonarthacha má tá fógra tugtha ag ceachtar acu do Choimisiún ICCAT chuige sin, go dtí go dtabharfar an comhaontú sin i gcrích.

17.

 
(a) 

Déanfar cigireacht ar an trealamh iascaireachta i gcomhréir leis na rialacháin i bhfeidhm san fholimistéar ina ndéanfar an chigireacht. Luafaidh an cigire an folimistéar ina ndearnadh an chigireacht agus déanfar cur síos ar aon sáruithe ar thángthas orthu sa tuarascáil chigireachta.

(b) 

Beidh an cigire i dteideal cigireacht a dhéanamh ar an trealamh iascaireachta go léir atá in úsáid nó atá ar bord.

18. Cuirfidh an cigire marc aitheantais arna fhormheas ag Coimisiún ICCAT ar aon trealamh iascaireachta a ndearnadh cigireacht air agus ar dealraitheach é a bheith ag sárú na moltaí de chuid Choimisiún ICCAT is infheidhme maidir le stát brataí an tsoithigh lena mbaineann agus déanfar taifeadadh ar an bhfíric sin sa tuarascáil chigireachta.

19. Féadfaidh an cigire grianghraif a thógáil de na fearais, den trealamh, den doiciméadacht agus d’aon ní eile a cheapann an cigire is gá a thógáil ar chaoi a dtaispeánfaidh na gnéithe sin nach bhfuil i gcomhréir leis an rialachán i bhfeidhm, dar leis/léi, agus sa chás sin déanfar na nithe ar tógadh grianghraf dóibh a liostú sa tuarascáil agus déanfar cóipeanna de na grianghraif a chur i gceangal leis an gcóip den tuarascáil a thabharfar chuig an Stát brataí.

20. Déanfaidh an cigire cigireacht ar gach gabháil ar bord, de réir mar is gá, chun comhlíonadh mholtaí ICCAT a mheas.

21. Seo a leanas léirshamhail den chárta aitheantais do chigirí:

image




IARSCRÍBHINN X

ÍOSCHAIGHDEÁIN MAIDIR LE NÓSANNA IMEACHTA FÍSTAIFEADTA.

Oibríochtaí aistrithe

1. Déanfar an gléas ríomhstórála ar a bhfuil an fístaifead bunaidh a sholáthar do bhreathnóir réigiúnach ICCAT a luaithe is féidir i ndiaidh dheireadh na hoibríochta aistrithe agus déanfaidh sé é a thúsú láithreach d’fhonn aon ionramháil ina dhiaidh sin a sheachaint.

2. Coinneofar an taifead bunaidh ar bord an tsoithigh gabhála nó, nuair is iomchuí, coinneoidh oibreoir an ghaiste nó na feirme é feadh na tréimhse iomláine údaraithe.

3. Cuirfear dhá chóip chomhionanna den fhístaifead ar fáil. Seolfar cóip amháin chuig an mbreathnóir réigiúnach de chuid ICCAT atá ar bord an tsoithigh peas-saighne agus cóip eile chuig an mbreathnóir náisiúnta ar bord an tsoithigh tarraingthe, agus beidh ITD agus na gabhálacha gaolmhara lena mbaineann sí ag gabháil leis an dara cóip a luadh. Ní bheidh feidhm ag an nós imeachta sin ach maidir le breathnóirí náisiúnta i gcás aistrithe idir soithí tarraingthe.

4. Ní mór uimhir ICCAT maidir le húdarú aistrithe a thaispeáint ag tús nó ag deireadh gach físeáin, nó ag tús agus ag deireadh gach físeáin.

5. Beidh am agus dáta an fhíseáin ar taispeáint i gcónaí feadh gach fístaifid.

6. Roimh thús an aistrithe, beidh oscailt agus dúnadh an lín nó an dorais le feiceáil ar an bhfíseán chomh maith le píosa scannáin ag taispeáint an bhfuil tuinníní gorma sna caighin ghlactha agus deontóra cheana féin.

7. Beidh an fístaifeadadh leanúnach gan aon stopadh ná gearrthacha agus beidh an oibríocht aistrithe ar fad cumhdaithe aige.

8. Beidh an fístaifead ar cháilíocht ard go leor le meastachán a dhéanamh ar an líon tuinníní gorma atáthar á aistriú.

9. Mura bhfuil an fístaifead ar cháilíocht ard go leor le meastachán a dhéanamh ar an líon tuinníní gorma atáthar á aistriú, déanfar aistriú rialaithe. Féadfaidh an t-oibreoir a iarraidh ar údaráis bhrataí an tsoithigh nó an ghaiste aistriú rialaithe a dhéanamh. I gcás nach n-iarrfaidh an t-oibreoir an t-aistriú rialaithe sin nó nach mbeidh toradh an aistrithe dheonaigh sin sásúil, iarrfaidh na húdaráis rialaithe a oiread aistrithe rialaithe is gá go dtí go mbeidh fístaifead ar cháilíocht ard go leor ar fáil. Cumhdófar sna haistrithe rialaithe sin aistriú na dtuinníní gorma go léir ón gcaighean glactha go caighean eile agus beidh an dara caighean sin folamh. I gcás inar de thionscnamh gaiste na héisc, féadfar na tuinníní gorma atá aistrithe cheana ón ngaiste go dtí an caighean glactha a sheoladh ar ais go dtí an gaiste agus, sa chás sin, déanfar an t-aistriú rialaithe a chur ar ceal faoi mhaoirseacht an bhreathnóra réigiúnaigh de chuid ICCAT.

Oibríochtaí cur i gcaighean

1. Cuirfear an gléas ríomhstórála ina bhfuil an fístaifead bunaidh ar fáil do bhreathnóir réigiúnach ICCAT a luaithe agus is féidir i ndiaidh dheireadh na hoibríochta cur i gcaighean agus déanfaidh sé é a thúsú láithreach d’fhonn aon ionramháil ina dhiaidh sin a sheachaint.

2. Coinneoidh an fheirm an taifead bunaidh, nuair is infheidhme, feadh na tréimhse iomláine údaraithe.

3. Cuirfear dhá chóip chomhionanna den fhístaifead ar fáil. Seolfar cóip amháin chuig breathnóir réigiúnach ICCAT atá ar an bhfeirm.

4. Beidh uimhir ICCAT maidir le húdarú cur i gcaighean á taispeáint ag tús nó ag deireadh gach físeáin, nó ag tús agus ag deireadh gach físeáin.

5. Beidh am agus dáta an fhíseáin ar taispeáint i gcónaí feadh gach taifid físe.

6. Roimh thús an chur i gcaighean, beidh oscailt agus dúnadh an lín/dorais le feiceáil ar an bhfíseán agus beidh sé soiléir an bhfuil nó nach bhfuil tuinníní gorma sna caighin ghlactha agus deontóra cheana féin.

7. Beidh an fístaifead leanúnach gan aon stopadh ná gearrthacha agus beidh an oibríocht cur i gcaighean ar fad cumhdaithe aige.

8. Beidh an fístaifead ar cháilíocht ard go leor le meastachán a dhéanamh ar an líon tuinníní gorma atáthar á aistriú.

9. Mura bhfuil an fístaifead ar cháilíocht ard go leor le meastachán a dhéanamh ar an líon tuinníní gorma atáthar á aistriú, déanfaidh na húdaráis rialála oibríocht nua cur i gcaighean a iarraidh. Maidir leis an oibríocht nua cur i gcaighean, déanfar na tuinníní gorma go léir atá i gcaighean na feirme glactha a aistriú go caighean eile agus beidh an dara caighean folamh.




IARSCRÍBHINN XI

CAIGHDEÁIN AGUS NÓSANNA IMEACHTA UM CHÓRAIS CEAMARA STEIRÉASCÓPAIGH I GCOMHTHÉACS OIBRÍOCHTAÍ CUR I GCAIGHEAN

A.   Córais ceamara steiréascópaigh a úsáid

Déanfar córais ceamara steiréascópaigh a úsáid i gcomhthéacs oibríochtaí cur i gcaighean, faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 51, i gcomhréir leis an méid a leanas:

1. 

Ní bheidh déine samplála na n-iasc beo níos lú ná 20 % de líon na n-iasc atá á gcur i gcaighean. I gcás inar féidir sin ó thaobh na ngnéithe teicniúla de, déanfar sampláil na n-iasc beo ar bhealach seicheamhach, trí cheann as gach cúig tuinnín aonair a thomhas; is éard a bheidh sa sampla sin éisc a thomhaistear idir 2 mhéadar agus 8 méadar ón gceamara.

2. 

Socrófar toisí an gheata aistrithe idir an caighean deontóra agus an caighean glactha ar uasleithead 10 méadar agus uasairde 10 méadar.

3. 

Nuair a bheidh dáileadh ilmhódach i gceist le tomhais faid na n-iasc (dhá cheann nó níos mó de chohóirt ar mhéideanna difriúla), beifear in ann níos mó ná algartam coinbhéartachta amháin a úsáid don t-aon oibríocht amháin cur i gcaighean; úsáidfear na halgartaim is déanaí atá bunaithe ag SCRS chun fad go gabhal an eireabaill a choinbhéartú i meáchan iomlán, de réir chatagóir méide na n-iasc a tomhaiseadh le linn na hoibríochta cur i gcaighean.

4. 

Déanfar tomhais steiréascópacha an fhaid a bhailíochtú roimh gach oibríocht cur i gcaighean trí bharra scála a úsáid ag fad idir 2 mhéadar agus 8 méadar.

5. 

Nuair a chuirfear torthaí an chláir steiréascópaigh in iúl, sonrófar leis an bhfaisnéis an lamháil earráide a ghabhann le sonraíochtaí teicniúla an chórais ceamaraí steiréascópacha, lamháil nach mbeidh raon níos mó ná +/- 5 % aici.

6. 

Beidh sonraí maidir leis na sonraíochtaí teicniúla thuasluaite go léir sa tuarascáil faoi thorthaí an chláir steiréascópaigh, an déine samplála, an mhodheolaíocht samplála a leanadh, an fad ón gceamara, toisí an gheata aistrithe, agus na halgartaim (gaol idir fad agus meáchan) san áireamh. Déanfaidh SCRS athbhreithniú ar na sonraíochtaí sin, agus déanfaidh sé moltaí maidir lena modhnú más gá.

7. 

I gcásanna nach bhfuil an píosa scannáin ón gceamara steiréascópach ar cháilíocht ard go leor le meastachán a dhéanamh ar mheáchan tuinníní gorma atá á gcur i gcaighean, déanfaidh údaráis an Bhallstáit atá freagrach as an soitheach gabhála, as an ngaiste nó as an bhfeirm oibríocht nua cur i gcaighean a ordú.

B.   Torthaí na gclár a chur i láthair agus a úsáid

1. Déanfar cinntí maidir le difríochtaí idir an tuarascáil ghabhála agus na torthaí ó chlár an chórais steiréascópaigh ar leibhéal na COI nó gabhálacha gaiste iomlána, i gcás COInna agus gabhálacha gaiste dírithe chuig saoráid feirme a bhaineann le CPC amháin agus/nó Ballstát. Déanfar an cinneadh maidir le difríochtaí idir an tuarascáil ghabhála agus na torthaí ó chlár an chórais steiréascópaigh ar leibhéal na n-oibríochtaí cur i gcaighean i gcás COI a bhfuil níos mó ná CPC amháin agus/nó Ballstát páirteach iontu, mura n-aontóidh údaráis uile CPCanna brataí nó údaráis uile an Bhallstáit brataí go léir ar leo na soithí gabhála atá páirteach i COI a mhalairt.

2. Laistigh de 15 lá ón dáta cur i gcaighean, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm tuarascáil a chur ar fáil don Bhallstát nó don CPC atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste agus don Choimisiún, agus beidh na doiciméid seo a leanas inti:

(a) 

tuarascáil theicniúil faoin gcóras steiréascópach lena n-áirítear:

— 
faisnéis ghinearálta: speiceas, suíomh, caighean, dáta, algartam,
— 
faisnéis staitistiúil faoi mhéid: an meánmheáchan agus an meánfhad, an t-íosmheáchan agus an t-íosfhad, an t-uasmheáchan agus an t-uasfhad, an líon iasc a sampláladh, dáileadh meáchain, dáileadh faid;
(b) 

torthaí mionsonraithe an chláir, agus méid agus meáchan gach éisc a sampláladh;

(c) 

tuarascáil maidir le cur i gcaighean lena n-áirítear:

— 
faisnéis ghinearálta faoin oibríocht: uimhir na hoibríochta cur i gcaighean, ainm na feirme, uimhir an chaighin, uimhir BCD, uimhir ITD, ainm agus bratach an tsoithigh gabhála nó an ghaiste, ainm agus bratach an tsoithigh tarraingthe, dáta oibríocht an chórais steiréascópaigh agus ainm comhaid an phíosa scannáin,
— 
an t-algartam a úsáideadh chun an fad a choinbhéartú i meáchan,
— 
comparáid idir na méideanna a dearbhaíodh sa DGTG agus na méideanna a fuarthas faoin gcóras steiréascópach, de réir líon an éisc, an mheánmheáchain agus an mheáchain iomláin (seo a leanas an fhoirmle a úsáidfear chun an difríocht a ríomh: (córas steiréascópach-DGTG)/córas steiréascópach * 100),
— 
lamháil earráide an chórais,
— 
i gcás na dtuarascálacha cur i gcaighean a bhaineann le COInna/gaistí, beidh achoimre chomh maith sa tuarascáil dheireanach maidir le cur i gcaighean ar an bhfaisnéis go léir sna tuarascálacha maidir le cur i gcaighean roimhe sin.

3. Agus an tuarascáil ghabhála á fáil acu, déanfaidh údaráis Bhallstát an tsoithigh gabhála nó an ghaiste na bearta go léir is gá de réir na gcásanna seo a leanas:

(a) 

an meáchan iomlán atá dearbhaithe ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste in DGTG, is meáchan é atá laistigh de raon torthaí an chórais steiréascópaigh:

— 
ní dhéanfar aon scaoileadh a ordú,
— 
déanfar DGTG a mhodhnú de réir an lín (trí líon an éisc a fuarthas ó úsáid na gceamaraí rialaithe nó ó theicnící eile a úsáid) agus an mheánmheáchain, ach ní dhéanfar an meáchan iomlán a mhodhnú;
(b) 

tá an meáchan iomlán atá dearbhaithe ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste in BCD níos ísle ná raon thorthaí an chórais steiréascópaigh:

— 
déanfar scaoileadh a ordú tríd an bhfigiúir is ísle de raon thorthaí an chórais steiréascópaigh a úsáid,
— 
déanfar na hoibríochtaí scaoilte i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 41(2) agus in Iarscríbhinn XII,
— 
i ndiaidh na n-oibríochtaí scaoilte, déanfar DGTG a mhodhnú de réir an lín (trí líon na n-iasc a fuarthas ó úsáid na gceamaraí rialaithe lúide líon na n-iasc a scaoileadh a úsáid) agus an mheánmheáchain, ach ní dhéanfar an meáchan iomlán a mhodhnú;
(c) 

tá an meáchan iomlán atá dearbhaithe ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste in DGTG níos airde ná an figiúr is airde de raon torthaí an chórais steiréascópaigh:

— 
ní dhéanfar aon scaoileadh a ordú,
— 
déanfar DGTG a mhodhnú don mheáchan iomlán (tríd an bhfigiúr is airde de raon torthaí an chórais steiréascópaigh), do líon na n-iasc (ag úsáid na dtorthaí ó na ceamaraí rialaithe) agus don mheánmheáchan dá réir.

4. Maidir le haon mhodhnú iomchuí ar DGTG, beidh na luachanna (líon agus meáchan) a chuirtear i Roinn 2 i gcomhréir leo siúd atá i Roinn 6, agus ní bheidh na luachanna i Roinn 3, Roinn 4 agus Roinn 6 níos airde ná iad siúd atá i Roinn 2.

5. I gcás cúiteamh i leith difríochtaí a fuarthas idir tuarascálacha aonair maidir le cur i gcaighean as gach cur i gcaighean ó COI/ó ghaiste, bíodh gá le hoibríocht scaoilte nó na bíodh, déanfar gach DGTG iomchuí a mhodhnú ar bhonn an raoin is ísle de thorthaí an chórais steiréascópaigh. Déanfar DGTG a bhaineann leis na cainníochtaí de thuinníní gorma a scaoileadh saor a mhodhnú freisin d’fhonn an meáchan/an líon a scaoileadh a léiriú. DGTGanna a bhaineann le tuinníní gorma nár scaoileadh saor ach a bhfuil na torthaí ó na córais steiréascópacha nó teicnící eile difriúil óna torthaí a tuairiscíodh a gabhadh agus a aistríodh, déanfar iad a leasú chun na difríochtaí sin a léiriú.

DGTGanna a bhaineann leis na gabhálacha ón suíomh a rinneadh an oibríocht scaoilte, déanfar iad a mhodhnú freisin d’fhonn an meáchan/an líon a scaoileadh saor a léiriú.




IARSCRÍBHINN XII

PRÓTACAL SCAOILEADH

1. Déanfar tuinníní gorma a scaoiltear isteach san fharraige ó chaighin feirmeoireachta a thaifeadadh le físcheamara agus déanfaidh breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT an scaoileadh a bhreathnú agus dréachtóidh sé tuarascáil agus cuirfidh sé an tuarascáil in éineacht leis na fístaifid chuig Rúnaíocht ICCAT.

2. I gcás inar eisíodh ordú scaoilte, iarrfaidh an t-oibreoir feirme breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT a bheith i láthair.

3. Déanfaidh breathnóir náisiúnta an Bhallstáit atá freagrach as an soitheach tarraingthe nó as an ngaiste scaoileadh tuinníní gorma ó chaighin iompair nó ó ghaistí isteach san fharraige a bhreathnú, agus dréachtóidh sé tuarascáil agus cuirfidh sé an tuarascáil chuig údaráis rialaithe an Bhallstát atá freagrach.

4. Sula dtugtar faoi oibríocht scaoilte, d’fhéadfadh údaráis rialaithe na mBallstát aistriú rialaithe a ordú le gnáthcheamaraí agus/nó le ceamaraí steiréascópacha chun meastachán a dhéanamh ar líon agus meáchan na n-iasc nach mór a scaoileadh.

5. Aon bhearta breise a cheapann údarás na mBallstát gur gá iad a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar oibríochtaí scaoilte ag an am agus an suíomh is feiliúnaí d’fhonn an dóchúlacht go rachaidh na héisc ar ais chuig an stoc a mhéadú, sin bearta is féidir le húdarás na mBallstát a chur i bhfeidhm. Beidh an t-oibreoir freagrach as na héisc a choinneáil beo go dtí go mbeidh an oibríocht scaoilte déanta. Déanfar na hoibríochtaí scaoilte sin laistigh de thrí seachtaine ó dheireadh na n-oibríochtaí cur i gcaighean.

6. Tar éis dheireadh na n-oibríochtaí saothraithe, déanfar éisc atá fós ar fheirm agus nach bhfuil cumhdaithe faoi DGTG a scaoileadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 41(2) agus san Iarscríbhinn seo.

▼M1




IARSCRÍBHINN XIII

DÉILEÁIL LE hÉISC MHARBHA NÓ CHAILLTE

A.   Taifead ar thuinnín gorm atá marbh nó caillte

1. Déanfaidh an t-oibreoir deontóra, i gcás oibríocht aistrithe agus an t-iompar gaolmhar, nó oibreoir na feirme, i gcás oibríocht cur i gcaighean nó gníomhaíochtaí feirmeoireachta, an líon tuinníní gorma aonair a fhaigheann bás le linn aon oibríocht a rialaítear faoin Rialachán seo a thuairisciú, agus déanfar é a asbhaint de chuóta ábhartha an Bhallstáit lena mbaineann.

2. Chun críocha na hIarscríbhinne seo, ciallaíonn “éisc chaillte” na tuinníní gorma aonair atá ar iarraidh nach raibh údar leo mar bhásmhaireachtaí tar éis na ndifríochtaí a d’fhéadfaí a bhrath le linn an imscrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 50 den Rialachán seo.

B.   Déileáil le héisc a fhaigheann bás le linn na gabhála agus an chéad aistrithe

1. An líon tuinníní gorma aonair a fhaigheann bás le linn na gabhála agus an chéad aistrithe ó shoitheach peas-saighne nó ó ghaiste, déanfar iad a thaifeadadh i logleabhar an tsoithigh peas-saighne nó i dtuarascáil laethúil an ghaiste maidir le gabhálacha, agus tuairisceofar iad in ITD agus i roinn 4 (Faisnéis faoin aistriú) den r-DGTG.

2. Soláthrófar r-DGTG do mháistir an tsoithigh tarraingthe agus ranna 2 (Faisnéis faoi ghabhálacha), 3 (Faisnéis trádála) agus 4 (Faisnéis faoin aistriú) lena n-áirítear foranna maidir le 'éisc mharbha' comhlánaithe.

3. Áireofar i roinn 2 (Faisnéis faoi ghabhálacha) de r-DGTG gach tuinnín ghoirm aonair a ghabhtar. Beidh na cainníochtaí iomlána a thuairisceofar i roinn 3 (Faisnéis trádála) agus i roinn 4 (Faisnéis faoin aistriú) den r-DGTG (lena n-áirítear foranna maidir le “éisc mharbha”) cothrom leis na cainníochtaí a thuairisceofar i roinn 2 (Faisnéis faoi ghabháil), tar éis asbhaintí na mbásmhaireachtaí uile a breathnaíodh idir an ghabháil agus cur i gcrích an aistrithe.

4. I gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh ITD ag gabháil le r-DGTG.

5. Déanfar cóip de r-DGTG agus roinn 8 (Faisnéis trádála) comhlánaithe a chomhlánú agus a chur ar aghaidh chuig máistir an tsoithigh coimhdeachta a thugann tuinnín gorm marbh i dtír (nó coinneofar iad ar an soitheach gabhála nó ar an ngaiste má tugadh go díreach i dtír iad). Beidh cóip de ITD ag gabháil leis na héisc mharbha sin agus leis an gcóip sin de r-DGTG.

6. Beidh na cainníochtaí d’éisc mharbha taifeadta in r-DGTG an tsoithigh gabhála a rinne a ngabháil, nó i gcás comhoibríochtaí iascaireachta (“COInna”), in r-DGTG na soithí gabhála rannpháirteacha nó soithigh eile a bhfuil bratach eile ar foluain orthu atá ag glacadh páirt in COI.

C.   Déileáil le héisc a fhaigheann bás nó a chailltear le linn aistrithe agus oibríochtaí iompair eile

1. Tuairisceoidh máistrí na soithí tarraingthe, agus úsáid á baint as an teimpléad dá bhforáiltear i Roinn F, gach tuinnín gorm aonair a faigheann básagus iad á n-iompair. Comhlánóidh máistir an tsoithigh tarraingthe línte aonair gach uair a bhraitear iasc marbh nó iasc caillte.

2. I gcás aistrithe breise, soláthróidh máistir an tsoithigh tarraingthe deontóra bunchóip na tuarascála do mháistir an tsoithigh tarraingthe a bheidh ag glacadh an tuinnín ghoirm, agus coimeádfaidh sé cóip ar bord fad a mhairfidh an feachtas.

3. Ar theacht chuig an bhfeirm cinn scríbe do chaighean iompair, déanfaidh máistir an tsoithigh tarraingthe an tacar iomlán tuarascálacha maidir le héisc mharbha a sheachadadh trí úsáid a bhaint as an teimpléad dá bhforáiltear i Roinn F chuig údarás inniúil an Bhallstáit feirme nó CPC feirme atá freagrach as an bhfeirm.

4. Chun críche ghlacadh an chuóta atá le cinneadh ag an mBallstát brataí nó ag Ballstát an ghaiste, déanfar meáchan na n-iasc a fhaigheann bás nó a chailltear le linn iompair a mheas mar a leanas:

(a) 

i gcás éisc mharbha:

(i) 

i gcás tabhairt i dtír, cuirfear an meáchan éifeachtach i bhfeidhm tráth an tabhairt i dtír;

(ii) 

i gcás ina n-aischuirfear na héisc mharbha, déanfar meánmheáchan na dtuinníní gorma aonair a bunaíodh tráth an chur i gcaighean a chur i bhfeidhm maidir le líon na dtuinníní gorma aonair a aiscuireadh;

(b) 

maidir le héisc a mheasfar ar shlí eile a bheith ina n-éisc chaillte tráth an imscrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 50, cuirfear meánmheáchan tuinníní gorma aonair a bunaíodh tráth an chur i gcaighean i bhfeidhm maidir leis na tuinníní gorma aonair a mheasfar a bheith ina n-éisc chaillte, de réir mar a chinnfidh údarás inniúil an Bhallstáit brataí nó Bhallstát an ghaiste mar thoradh ar an anailís a rinne sé ar an gcéad fhístaifead aistrithe i gcomhthéacs an imscrúdaithe sin.

D.   Déileáil le héisc a fhaigheann bás le linn oibríochtaí cur i gcaighean

Maidir leis na héisc a fhaigheann bás le linn oibríochtaí cur i gcaighean, déanfaidh oibreoir na feirme iad a thuairisciú ar an dearbhú cur i gcaighean. Áiritheoidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme go ndéanfar líon agus meáchan na dtuinníní gorma aonair a fhaigheann bás le linn oibríochtaí cur i gcaighean a thuairisciú san fhoroinn ábhartha de roinn 6 (Faisnéis faoi fheirmeoireacht) den r-DGTG.

E.   Déileáil le héisc a fhaigheann bás nó a chailltear le linn gníomhaíochtaí feirmeoireachta

Déanfaidh oibreoir na feirme éisc mharbha nó chaillte nó iad siúd a imíonn ó fheirmeacha, lena n-áirítear éisc a líomhnaítear a goideadh nó a d’éalaigh, a thuairisciú d’údarás inniúil anBhallstáit feirme díreach tar éis na héisc mharbha nó chaillte a bhrath. Beidh an fhianaise tacaíochta is gá ag gabháil le tuarascáil oibreoir na feirme (e.g. gearán arna chomhdú faoi na héisc a goideadh, tuairisc ar an damáiste i gcás ina ndéantar damáiste don chaighean). Tar éis dó an tuarascáil sin a fháil, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme na hathruithe is gá i bhfeidhm nó cuirfidh sé an r-DGTG lena mbaineann ar ceal (tar éis na bhforbairtí is gá i gcóras r-DGTG).

F.   Teimpléad tuairiscithe



Tuairisciú ar éisc a fhaigheann bás le linn aistrithe agus oibríochtaí tarraingthe eile

Soitheach tarraingthe

Ainm

 

Uimhir ICCAT agus bratach

 

Uimhir ITD agus uimhir an chaighin

 

Ainm an mháistir

 

Soitheach nó soithí gabhála / gaiste

Ainm an tsoithigh nó na soithí / Ainm an ghaiste

 

Uimhir ICCAT agus uimhir COI

 

uimhir nó uimhreacha r-DGTGanna

 

Soitheach tarraingthe a bhí ann roimhe (más ann dó)

Ainm

 

Uimhir ICCAT agus bratach

 

Uimhir ITD agus uimhir an chaighin

 

Líon iomlán na dtuinníní gorma a tuairiscíodh go raibh siad básaithe (*1)

 

An fheirm chinn scríbe

CPC / Ainm / Uimhir ICCAT

 

Dáta

Líon na dtuinníní gorma marbha

Síniú an mháistir

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

IOMLÁN

 

 

(*1)   

I gcás aistrithe breise, déanfaidh máistir an tsoithigh tarraingthe deontóra an leagan bunaidh den tuarascáil maidir le caillteanais a sheachadadh chuig máistir an tsoithigh tarraingthe glactha.

▼B




IARSCRÍBHINN XIV

DEARBHÚ ICCAT MAIDIR LE CUR I GCAIGHEAN  ( 8 )



Ainm an tsoithigh

Bratach

Cláruimhir Uimhir sho-aitheanta an chaighin

Dáta na gabhála

Áit na gabhála Domhanfhad Domhanleithead

uimhir r-DGTG

dáta r-DGTG

Dáta cur i gcaighean

Cainníocht a cuireadh i gcaighean (t)

Líon na n-iasc a cuireadh i gcaighean le haghaidh ramhraithe

Comhdhéanamh na méideanna

Saoráid feirmeoireachta (*1)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

(*1)   

Saoráid atá údaraithe chun oibriú chun tuinníní gorma a ghabhtar i limistéar an Choinbhinsiúin a ramhrú.




IARSCRÍBHINN XV

CAIGHDEÁIN ÍOSTA I LEITH CFS A BHUNÚ LAISTIGH DE LIMISTÉAR CHOINBHINSIÚN ICCAT  ( 9 )

1. D’ainneoin aon cheanglais níos déine atá i bhfeidhm in iascach sonrach de chuid ICCAT, déanfaidh gach Ballstát CFS a chur chun feidhme le haghaidh na soithí iascaireachta dá chuid is mó ná 15 mhéadar ar fad san iomlán agus atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh in uiscí lasmuigh de dhlínse an Bhallstáit brataí agus déanfaidh gach Ballstát an méid seo a leanas:

(a) 

ceanglóidh sé ar a shoithí iascaireachta córas féinrialaitheach is léir má dhéantar crioscaíl leis a bheith acu, córas a chuirfidh teachtaireachtaí ar aghaidh i gcónaí, go huathoibríoch agus go neamhspleách ó aon ionchur ón soitheach, chuig lárionad faireacháin iascaigh (“LFI”) an Bhallstáit brataí ionas go mbeidh an Ballstát brataí sin in ann suíomh, cúrsa agus luas soithigh iascaireachta a rianú.

(b) 

áiritheoidh sé go ndéanfaidh an gléas rianaithe satailíte atá feistithe ar bord an tsoithigh iascaireachta na sonraí seo a leanas a bhailiú agus a tharchur i gcónaí chuig LFI an Bhallstáit brataí:

— 
céannacht an tsoithigh;
— 
suíomh geografach an tsoithigh (domhanleithead, domhanfhad) le lamháil earráide is lú ná 500 méadar, agus le heatramh muiníne 99 %; agus
— 
an dáta agus an t-am;
(c) 

áiritheoidh sé go bhfaighidh LFI an Bhallstáit brataí fógra uathoibríoch má bhristear an líne chumarsáide idir LFI agus an gléas rianaithe satailíte.

(d) 

maidir leis na teachtaireachtaí faoi shuíomh an tsoithigh a tharchuirfear ó na soithigh a bhfuil a bhratach ar foluain acu agus é ag oibriú in uiscí faoi dhlínse Stáit cósta, áiritheoidh sé, i gcomhar leis an Stát cósta sin, go ndéanfar na teachtaireachtaí sin a tharchur go huathoibríoch agus i bhfíor-am chuig LFI an Stáit cósta sin a thugann údarás don ghníomhaíocht. Agus an fhoráil seo á cur chun feidhme, tabharfar aird chuí ar na costais oibríochtúla, na deacrachtaí teicniúla agus an t-ualach riaracháin a bhaineann le tarchur na dteachtaireachtaí sin a íoslaghdú.

(e) 

áiritheoidh sé, chun tarchur agus ceapadh na dteachtaireachtaí faoi shuíomh an tsoithigh a éascú, faoi mar a chuirtear síos air i bpointe (d), déanfaidh LFI an Bhallstáit brataí nó CPC agus LFI an Stáit cósta a gcuid faisnéise teagmhála a mhalartú le chéile agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas faoi aon athrú ar an bhfaisnéis sin gan mhoill. Tabharfaidh LFI an Stáit cósta fógra don Bhallstát brataí nó do LFI CPC faoi aon bhriseadh i gceapadh na dteachtaireachtaí leantacha faoi shuíomh an tsoithigh. Maidir le tarchur na dteachtaireachtaí faoi shuíomh an tsoithigh idir LFI an Bhallstáit brataí nó CPC agus an Stát cósta, is go leictreonach trí chóras sábháilte cumarsáide a dhéanfar iad.

2. Déanfaidh gach Ballstát bearta iomchuí chun tarchur agus ceapadh na dteachtaireachtaí CFS a éascú, faoi mar a shonraítear i mír 1, agus úsáidfidh siad an fhaisnéis sin chun suíomh na soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu a rianú go leanúnach.

3. Áiritheoidh na Ballstáit go n-áiritheoidh máistrí na soithí iascaireachta a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain orthu go mbeidh na gléasanna rianaithe satailíte ag buanfheidhmiú go ceart agus go leanúnach, agus go mbaileofar an fhaisnéis a luaitear i mír 1, pointe (b)ar a laghad uair amháin in aghaidh na huaire i gcás soithí peas-saighne agus gach ré uair an chloig i gcás gach soitheach eile, agus go dtarchuirfear an fhaisnéis sin freisin. Ina theannta sin, ceanglóidh na Ballstáit go n-áiritheoidh oibreoirí na soithí:

(a) 

nach ndéanfar crioscaíl leis an ngléas rianaithe satailíte in aon chor;

(b) 

nach ndéanfar athrú ar shonraí CFS in aon chor;

(c) 

nach gcuirfear isteach ar an aeróg atá nasctha leis an ngléas rianaithe satailíte in aon chor;

(d) 

go mbeidh an gléas rianaithe satailíte cruashreangaithe isteach sa soitheach iascaireachta agus nach mbrisfear an soláthar cumhachta d’aon turas in aon chor; agus

(e) 

nach mbainfear an gléas rianaithe satailíte as an soitheach ach amháin chun é a dheisiú nó ceann úr a chur ar bord.

4. I gcás cliseadh teicniúil ar an ngléas rianaithe satailíte atá feistithe ar bord soitheach iascaireachta nó i gcás nach bhfeidhmeoidh sé mar is ceart, déanfar an gléas a dheisiú laistigh de mhí amháin ón am a tharla an teagmhas, nó déanfar gléas eile a chur ina ionad, murar baineadh an soitheach de liosta soitheach iascaireachta mórscála údaraithe, i gcás inarb infheidhme, nó i gcás na soithí nach bhfuil sé de cheangal orthu a bheith ar an liosta soithí údaraithe de chuid ICCAT, ní bheidh feidhm ag an údarú iascaireacht a dhéanamh i limistéir lasmuigh de dhlínse CPC brataí maidir leo a thuilleadh. Ní bheidh d’údarás ag an soitheach tús a chur le turas iascaireachta agus gléas rianaithe satailíte ar bord nach bhfuil ag feidhmiú i gceart. Thairis sin, nuair nach bhfuil gléas ag feidhmiú mar is ceart nó nuair a theipeann air go teicniúil i rith turas iascaireachta, déanfar an gléas a dheisiú nó gléas úr a chur ina ionad a thúisce a bhaineann an soitheach an calafort amach; Ní bheidh sé d’údarás ag an soitheach tús a chur le turas iascaireachta gan an gléas rianaithe satailíte a bheith deisithe nó gan gléas úr a bheith curtha ina ionad.

5. Áiritheoidh gach Ballstát nó CPC go gcuirfidh soitheach iascaireachta a bhfuil gléas rianaithe satailíte nach bhfuil ag feidhmiú mar is ceart ar bord aige tuarascálacha ina bhfuil an fhaisnéis a luaitear i bpointe (b) de mhír 1 chuig LFI, uair sa lá ar a laghad, trí mhodh cumarsáide eile (an raidió, tuairisciú gréasáin, ríomhphost, teileafacs nó teiléacs).

6. Ní fhéadfaidh na Ballstáit nó CPCanna cead a thabhairt do shoitheach an ghléas rianaithe satailíte a mhúchadh ach amháin más rud é nach mbeidh sé i mbun iascaireachta go ceann tréimhse fhada ama (e.g., agus é sa duga tirim i mbun deisithe), agus go dtabharfaidh sé fógra d’údaráis inniúlachta an Bhallstáit brataí nó CPC roimh ré. Déanfar an gléas rianaithe satailíte a athghníomhachtú sula bhfágann sé an calafort agus déanfaidh sé tuarascáil amháin ar a laghad a bhailiú agus a tharchur agus faoin am sin.

▼M1




IARSCRÍBHINN XVa

Nós imeachta maidir le hoibríochtaí séalaithe caighean iompair

1. Sula n-imscarfar iad ar shoitheach peas-saighne, ar ghaiste, nó ar shoitheach tarraingthe, soláthróidh an t-eintiteas a oibríonn clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT agus údaráis inniúla an Bhallstáit 25 shéala ICCAT ar a laghad do gach breathnóir réigiúnach agus do gach breathnóir náisiúnta de chuid ICCAT atá faoina bhfreagracht, faoi seach, agus coimeádfaidh sé taifead ar na séalaí arna soláthar agus arna n-úsáid.

2. Beidh an t-oibreoir deontóra freagrach as na caighin a shéalú. Chun na críche sin, déanfar trí shéala ar a laghad, a chuirfear ar bhealach a chuirfidh cosc ar oscailt na ndoirse gan na séalaí a bhriseadh, a chur ar dhoras gach caighin.

3. Is éard a bheidh san oibríocht séalaithe físeán arna thaifeadadh ag an oibreoir deontóra agus beifear in ann na séalaí a shainaithint agus a fhíorú gur cuireadh na séalaí i gceart. Comhlíonfaidh an fístaifead na híoschaighdeáin maidir le nósanna imeachta fístaifeadta a leagtar amach in Iarscríbhinn X. Beidh an fístaifead lena mbaineann ag gabháil leis na héisc go dtí an fheirm chinn scríbe. Coimeádfar cóip den fhístaifeadadh ar bord na soithí gabhála deontóra nó na ngaistí agus beidh rochtain uirthi tráth ar bith chun críoch rialaithe le linn an fheachtais iascaireachta. Cuirfear cóip den fhístaifead ar fáil do bhreathnóir réigiúnach ICCAT atá ar bord an tsoithigh peas-saighne nó ar an ngaiste, nó don bhreathnóir náisiúnta ar an soitheach tarraingthe glactha, lena tarchcur chuig údarás inniúil an Bhallstáit nó CPC nó do bhreathnóir réigiúnach ICCAT atá i láthair ag an aistriú rialaithe ina dhiaidh sin.

4. Áireofar san fhístaifead den aistriú rialaithe ina dhiaidh sin an oibríocht neamhshéalaithe, a dhéanfar ar bhealach ina bhféadfar na séalaí a shainaithint agus a fhíorú nach ndearnadh crioscaíl leis na séalaí.




IARSCRÍBHINN XVb

Teimpléad le haghaidh dearbhú próiseála agus dearbhú saothraithe



Próiseáil / Saothrú (ciorclaigh)

Dáta an tsaothraithe(l/m/b): / /

Feirm / Gaiste (ciorclaigh)

Uimhir/Uimhreacha an chaighin/na gcaighean:

Líon na n-iasc aonair a shaothraítear:

Beomheáchan i gcileagraim an tuinnín ghoirm a shaothraítear:

Meáchan i gcileagraim an tuinnín ghoirm a shaothraítear:

uimhir/uimhreacha r-DGTG a bhaineann leis an tuinnín gorm a shaothraítear:

Mionsonraí na soithí cúnta a bhfuil baint acu leis an oibríocht:

Ainm:

Bratach:

Cláruimhir ICCAT:

Ceann scríbe an tuinnín shaothraithe (onnmhairiú, margadh áitiúil, nó eile) (déan an ceann scríbe a chiorclú)

I gcás eile, sonraigh, le do thoil, an méid seo a leanas:

Bailíochtú déanta ag breathnóir náisiúnta nó ag breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT, de réir mar is iomchuí:

Ainm an bhreathnóra:

Uimh. ICCAT:

Síniú:

▼B




IARSCRÍBHINN XVI

TÁBLA COMHGHAOIL IDIR RIALACHÁN (AE) 2016/1627 AGUS AN RIALACHÁN SEO



Rialachán (AE) 2016/1627

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 1

Airteagal 3

Airteagal 5

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 11

Airteagal 7

Airteagal 12

Airteagal 8

Airteagal 13

Airteagal 9

Airteagal 14

Airteagal 10

Airteagal 16

Airteagal 11

Airteagal 17 agus Iarscríbhinn I

Airteagal 12

Airteagal 17 agus Iarscríbhinn I

Airteagal 13

Airteagal 18

Airteagal 14

Airteagal 19

Airteagal 15

Airteagal 20

Airteagal 16

Airteagal 21

Airteagal 17

Airteagal 25

Airteagal 18

Airteagal 22

Airteagal 19

Airteagal 23

Airteagal 20

Airteagal 26

Airteagal 21

Airteagal 4

Airteagal 22

Airteagal 27

Airteagal 23

Airteagal 28

Airteagal 24

Airteagal 30

Airteagal 25

Airteagal 31

Airteagal 26

Airteagal 32

Airteagal 27

Airteagal 36

Airteagal 28

Airteagal 37

Airteagal 29

Airteagal 29

Airteagal 30

Airteagal 33

Airteagal 31

Airteagal 34

Airteagal 32

Airteagal 35

Airteagal 33

Airteagal 40

Airteagal 34

Airteagal 41

Airteagal 35

Airteagal 43

Airteagal 36

Airteagal 44

Airteagal 37

Airteagal 51

Airteagal 38

Airteagal 42

Airteagal 39

Airteagal 45

Airteagal 40

Airteagal 46

Airteagal 41

Airteagal 46

Airteagal 42

Airteagal 47

Airteagal 43

Airteagal 48

Airteagal 44

Airteagal 49

Airteagal 45

Airteagal 50

Airteagal 46

Airteagal 51

Airteagal 47

Airteagal 55

Airteagal 48

Airteagal 56

Airteagal 49

Airteagal 57

Airteagal 50

Airteagal 38

Airteagal 51

Airteagal 39

Airteagal 52

Airteagal 58

Airteagal 53

Airteagal 15

Airteagal 54

Airteagal 59

Airteagal 55

Airteagal 60

Airteagal 56

Airteagal 62

Airteagal 57

Airteagal 63

Airteagal 58

Airteagal 64

Airteagal 59

Airteagal 68

Airteagal 60

Airteagal 70

Airteagal 61

Airteagal 71

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn VII

Iarscríbhinn VIII

Iarscríbhinn VIII

Iarscríbhinn IX

Iarscríbhinn IX

Iarscríbhinn X

Iarscríbhinn X

Iarscríbhinn XI

Iarscríbhinn XI

Iarscríbhinn XII

Iarscríbhinn XII

Iarscríbhinn XIII



( 1 ) Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).

( 2 ) Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 105).

( 3 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2017 maidir le clár cabhlaigh iascaireachta an Aontais (IO L 34, 9.2.2017, lch. 9).

( 4 ) Rialachán (AE) 2023/2883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear clár maidir le doiciméid um ghabháil tuinnín ghoirm (Thunnus thynnus) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 (IO L, 2023/2833, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2833/oj).

( 5 ) Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).

( 6 ) Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).

( 7 ) Tá an méid sin i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011.

( 8 ) Is é seo an Dearbhú maidir le cur i gcaighean a leagtar síos i Moladh ICCAT 06-07.

( 9 ) Tá an méid sin le fáil i Moladh ICCAT maidir le Caighdeáin Íosta i leith Córais Faireacháin Soithí laistigh de Limistéar Choinbhinsiún ICCAT 18-10.