02023R1542 — GA — 28.07.2023 — 000.005
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) 2023/1542 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 191 28.7.2023, lch. 1) |
Arna cheartú le:
RIALACHÁN (AE) 2023/1542 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Iúil 2023
maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Chun críocha Chaibidil II, i gcás inar féidir a mheas go dtagann ceallraí a chuirtear ar an margadh faoi níos mó ná catagóir amháin, measfar go dtagann siad faoin gcatagóir a bhfuil feidhm ag na ceanglais is déine maidir leo.
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le ceallraí a ionchorpraítear sna nithe seo a leanas nó atá saindeartha lena n-ionchorprú sna nithe seo a leanas:
trealamh atá nasctha le leasanna slándála fíor-riachtanacha na mBallstát a chosaint, in airm, i muinisin agus in ábhar cogaidh, cé is moite de tháirgí nach bhfuil beartaithe chun críoch míleata go sonrach; agus
trealamh a dheartar lena sheoladh amach sa spás amuigh.
Airteagal 2
Cuspóirí
Is iad cuspóirí an Rialacháin seo rannchuidiú le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh, agus drochthionchair ceallraí ar an gcomhshaol á gcosc agus á laghdú ag an am céanna, agus an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint trí na drochthionchair a bhaineann le giniúint agus bainistiú ceallraí dramhaíola a chosc agus a laghdú.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “ceallra” aon fheiste a sheachadann fuinneamh leictreach arna ghiniúint trí thiontú díreach fuinnimh cheimicigh, ag a bhfuil stór inmheánach nó seachtrach, agus ina bhfuil cill ceallra nó modúil ceallraí in-athluchtaithe nó neamh-in-athluchtaithe amháin nó níos mó, nó pacáistí díobh, agus áirítear leis ceallra a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide, a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, ar athraíodh a chuspóir nó a athmhonaraíodh;
ciallaíonn “pacáiste ceallraí” aon tacar ceall ceallraí nó modúl ceallraí atá nasctha le chéile nó atá imchochlaithe i gcásáil sheachtrach, chun go mbeidh siad ina n-aonad iomlán nach bhfuil an t-úsáideoir deiridh ceaptha a scaradh óna chéile nó a oscailt;
ciallaíonn “modúl ceallraí” aon tacar ceall ceallraí atá nasctha le chéile nó atá imchochlaithe i gcásáil sheachtrach chun na cealla a chosaint ar imbhualadh seachtrach, agus atá ceaptha lena n-úsáid ina n-aonar nó in éineacht le modúil eile;
ciallaíonn “cill ceallra” an bunaonad feidhmiúil i gceallra, ina bhfuil leictreoidí, leictrilít, coimeádán, teirminéil agus, más infheidhme, deighilteoirí, agus ina bhfuil na hábhair ghníomhacha arb é a n-imoibriú a ghineann fuinneamh leictreach;
ciallaíonn “ábhar gníomhach” ábhar a imoibríonn go ceimiceach chun fuinneamh leictreach a tháirgeadh nuair a dhí-luchtaíonn an chill ceallra nó chun fuinneamh leictreach a stóráil nuair atá an ceallra á luchtú;
ciallaíonn “ceallra neamh-in-athluchtaithe” ceallra nach ndeartar chun é a athluchtú go leictreach;
ciallaíonn “ceallra in-athluchtaithe” ceallra a dheartar chun é a athluchtú go leictreach;
ciallaíonn “ceallra a bhfuil stóras seachtrach aige” ceallra atá saindeartha leis an bhfuinneamh atá aige a stóráil go heisiach i bhfeiste seachtrach nasctha amháin nó níos mó;
ciallaíonn “ceallra inaistrithe” ceallra atá séalaithe, a bhfuil meáchan 5 kg ann nó níos lú, nach bhfuil saindeartha le haghaidh úsáid thionsclaíoch agus nach ceallra feithiclí leictreacha, ceallra LMT ná ceallra SLI é;
ciallaíonn “ceallra inaistrithe d’úsáid ghinearálta” ceallra inaistrithe, bíodh sé in-athluchtaithe nó ná bíodh, atá saindeartha le bheith idir-inoibritheach agus a bhfuil ceann de na formáidí coiteanna seo a leanas aige: 4,5 Volta (3R12), cnapcheall, D, C, AA, AAA, AAAA, A23, 9 Volta (PP3);
ciallaíonn “ceallra modhanna éadroma iompair” nó “ceallra LMT” ceallra atá séalaithe, a bhfuil meáchan 25 kg ann nó níos lú agus atá saindeartha chun cumhacht leictreach a sholáthar le haghaidh fórsa tarraingthe feithiclí rothacha ar féidir iad a chumhachtú trí mhótar leictreach leis féin nó trí mheascán de chumhacht an mhótair agus cumhacht an duine, lena n-áirítear feithiclí cineálcheadaithe de chatagóir L de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), agus nach ceallra feithiclí leictreacha é;
ciallaíonn “ceallra dúiseachta, soilsithe agus adhainte” nó “ceallra SLI” ceallra atá saindeartha chun cumhacht leictreach a sholáthar le haghaidh dúiseachta, soilsithe nó adhainte agus ar féidir é a úsáid freisin chun críoch cúnta nó cúltaca i bhfeithiclí, i modhanna iompair eile nó in innealra;
ciallaíonn “ceallra tionsclaíoch” ceallra atá saindeartha le haghaidh úsáidí tionsclaíocha, atá beartaithe le haghaidh úsáidí tionsclaíocha tar éis bheith faoi réir ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó faoi réir athrú cuspóra, nó aon cheallra eile a bhfuil meáchan níos mó ná 5 kg ann agus nach ceallra feithiclí leictreacha, ceallra LMT ná ceallra SLI é;
ciallaíonn “ceallra feithiclí leictreacha” ceallra atá saindeartha chun cumhacht leictreach a sholáthar le haghaidh fórsa tarraingthe i bhfeithiclí hibrideacha nó leictreacha de chatagóir L dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 168/2013, a bhfuil meáchan níos mó ná 25 kg ann, nó ceallra atá saindeartha chun cumhacht leictreach a sholáthar le haghaidh fórsa tarraingthe i bhfeithiclí hibrideacha nó leictreacha de chatagóirí M, N nó O dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2018/858;
ciallaíonn “córas stórála fuinnimh i gceallraí suite” ceallra tionsclaíoch a bhfuil stóras inmheánach aige atá saindeartha chun fuinneamh leictreach a stóráil amach ón eangach agus a sheachadadh isteach inti nó fuinneamh leictreach a stóráil le haghaidh úsáideoirí deiridh agus a sheachadadh chucu, gan beann ar an áit ina bhfuil an ceallra á úsáid ná ar an duine a úsáideann an ceallra;
ciallaíonn “cur ar an margadh” ceallra a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair;
ciallaíonn “cur ar fáil ar an margadh” ceallra a sholáthar lena dháileadh nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;
ciallaíonn “cur i seirbhís” céadúsáid ceallra, chun na críche a bhí beartaithe dó, san Aontas, gan é a bheith curtha ar an margadh roimhe sin;
ciallaíonn “samhail cheallra” leagan de cheallra a bhfuil na saintréithe teicniúla céanna ag na haonaid uile de atá ábhartha do cheanglais an Rialacháin seo maidir le hinbhuanaitheacht, sábháilteacht, lipéadú, marcáil agus faisnéis, agus an t-aitheantóir samhla céanna;
ciallaíonn “ceallra lena mbaineann riosca” ceallra a bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith aige ar shláinte an duine nó sábháilteacht daoine, ar mhaoin nó ar an gcomhshaol ar bhealach a théann thar an méid a mheastar a bheith réasúnta agus inghlactha maidir leis an gcríoch atá beartaithe don cheallra nó faoi ghnáthdhálaí úsáide an cheallra lena mbaineann nó faoi dhálaí úsáide a mbeifí ag súil go réasúnta leo, lena n-áirítear fad na húsáide agus, i gcás inarb iomchuí, maidir lena chur i seirbhís, maidir lena shuiteáil agus ceanglais maidir le cothabháil;
ciallaíonn “lorg carbóin” suim na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe gás ceaptha teasa i gcóras táirgí, arna sloinneadh mar choibhéisí dé-ocsaíde carbóin agus bunaithe ar staidéar ar Lorg Comhshaoil Táirge (PEF) ag úsáid chatagóir aon tionchair amháin an athraithe aeráide;
ciallaíonn “oibreoir eacnamaíoch” an monaróir, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir, an dáileoir nó an soláthraí seirbhíse comhlíonta nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile atá faoi réir oibleagáidí i ndáil le ceallraí a mhonarú, a ullmhú le haghaidh athúsáide nó a ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó i ndáil le cuspóir ceallraí a athrú nó i ndáil le ceallraí a athmhonarú, a chur ar fáil ar an margadh nó a chur ar an margadh, lena n-áirítear ar líne, nó i ndáil le ceallraí a chur i seirbhís i gcomhréir leis an Rialachán seo;
ciallaíonn “oibreoir neamhspleách” duine nádúrtha nó dlítheanach atá neamhspleách ar an monaróir agus ar an táirgeoir agus atá páirteach go díreach nó go hindíreach i ndeisiú, cothabháil nó athrú cuspóra ceallraí, agus áirítear leis oibreoirí bainistithe dramhaíola, deisitheoirí, monaróirí nó dáileoirí trealaimh deisiúcháin, uirlisí nó páirteanna spártha, agus foilsitheoirí faisnéise teicniúla, oibreoirí a thairgeann seirbhísí cigireachta agus tástála, oibreoirí a thairgeann oiliúint do shuiteálaithe, do mhonaróirí agus do dheisitheoirí trealaimh le haghaidh feithiclí breosla mhalartaigh;
ciallaíonn “cód QR” cód maitríse meaisín-inléite lena nasctar le faisnéis mar a cheanglaítear leis an Rialachán seo;
ciallaíonn “córas bainistithe ceallra” feiste leictreach lena rialaítear nó lena mbainistítear feidhmeanna leictreacha agus teirmeacha ceallra chun sábháilteacht, feidhmíocht agus ré feidhme an cheallra a áirithiú, lena mbainistítear agus lena stóráiltear na sonraí le haghaidh na bparaiméadar chun staid sláinte agus saolré ionchasach an cheallra a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a chinneadh agus lena ndéantar cumarsáid leis an bhfeithicil, na modhanna éadroma iompair nó an fearas ina bhfuil an ceallra ionchorpraithe, nó le bonneagar luchtúcháin poiblí nó príobháideach;
ciallaíonn “fearas” aon trealamh leictreach nó leictreonach, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (a), de Threoir 2012/19/AE, a chumhachtaítear go hiomlán nó go páirteach le ceallra nó ar féidir é a chumhachtú le ceallra;
ciallaíonn “staid luchta” an fuinneamh atá ar fáil i gceallra arna shloinneadh mar chéatadán dá thoilleadh rátaithe arna dhearbhú ag an monaróir;
ciallaíonn “staid sláinte” léiriú ar an mbail ghinearálta atá ar cheallra in-athluchtaithe agus ar an acmhainn atá aige an fheidhmíocht shonraithe a sheachadadh i gcomparáid leis an mbail a bhí air ar dtús;
ciallaíonn “ullmhú le haghaidh athúsáide” ullmhú le haghaidh athúsáide mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (16), de Threoir 2008/98/CE;
ciallaíonn “ullmhú le haghaidh athrú cuspóra” aon oibríocht lena n-ullmhaítear ceallra dramhaíola, nó codanna de, ionas gur féidir é a úsáid do chuspóir eile nó d’fheidhm eile seachas an ceann dár dearadh i dtosach é;
ciallaíonn “athrú cuspóra” aon oibríocht arb é an toradh atá uirthi go n-úsáidtear ceallra, nach ceallra dramhaíola é, nó codanna de do chuspóir nó d’fheidhm seachas an ceann dár dearadh an ceallra i dtosach;
ciallaíonn “athmhonarú” aon oibríocht theicniúil ar cheallra caite lena n-áirítear díchóimeáil a gceall ceallraí agus a modúl ceallraí go léir agus meastóireacht orthu agus úsáid líon áirithe ceall ceallraí agus modúl ceallraí atá nua, caite nó aisghafa ó dhramhaíl, nó comhpháirteanna ceallra eile, chun toilleadh an cheallra a thabhairt ar ais go 90 % ar a laghad den toilleadh rátaithe bunaidh, agus i gcás, maidir le staid sláinte na gcealla ceallraí aonair uile, nach bhfuil difear níos mó na 3 % idir na cealla, agus ina bhfuil sé mar thoradh air sin go n-úsáidtear an ceallra don chuspóir céanna nó don fheidhm chéanna agus an ceann dár dearadh an ceallra i dtosach;
ciallaíonn “monaróir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn ceallra nó a chuireann faoi deara ceallra a dhearadh nó a mhonarú, agus a mhargaíonn an ceallra sin faoina ainm féin nó faoina thrádmharc féin nó a chuireann i seirbhís é chun a chríche féin;
ciallaíonn “sonraíochtaí teicniúla” doiciméad ina leagtar síos na ceanglais theicniúla atá le comhlíonadh ag táirge, próiseas nó seirbhís;
ciallaíonn “caighdeán comhchuibhithe” caighdeán mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1)(c), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;
ciallaíonn “marcáil CE” marcáil lena léiríonn monaróir go bhfuil an ceallra i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú lena ndéantar foráil maidir lena greamú;
ciallaíonn “creidiúnú” creidiúnú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;
ciallaíonn “comhlacht creidiúnaithe náisiúnta” comhlacht creidiúnaithe náisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;
ciallaíonn “measúnú comhréireachta” an próiseas lena léirítear cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh ceanglais an Rialacháin seo maidir le hinbhuanaitheacht, sábháilteacht, lipéadú, faisnéis agus dícheall cuí;
ciallaíonn “comhlacht um measúnú comhréireachta” comhlacht a dhéanann gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta lena n-áirítear calabrú, tástáil, deimhniú agus iniúchadh;
ciallaíonn “comhlacht faoina dtugtar fógra” comhlacht um measúnú comhréireachta faoinar tugadh fógra i gcomhréir le Caibidil V;
ciallaíonn “dícheall cuí maidir le ceallraí” na hoibleagáidí atá ar oibreoir eacnamaíoch, i ndáil lena chóras bainistithe, bainistiú riosca, fíoruithe tríú páirtí agus faireachas arna dhéanamh ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus nochtadh faisnéise, chun rioscaí sóisialta agus comhshaoil iarbhír agus ionchasacha a bhaineann le foinsiú, próiseáil agus trádáil na n-amhábhar agus na n-amhábhar tánaisteach a theastaíonn le haghaidh monaraíocht ceallraí a shainaithint agus a chosc agus chun dul i ngleic leis na rioscaí sin, lena n-áirítear ag soláthraithe sa slabhra agus a bhfochuideachtaí nó a bhfochonraitheoirí;
ciallaíonn “fochuideachta” duine dlítheanach trína bhfeidhmítear gníomhaíocht gnóthas rialaithe de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (f), de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );
ciallaíonn “máthairchuideachta” cuideachta a rialaíonn fochuideachta amháin nó níos mó;
ciallaíonn “limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus limistéir ardriosca” limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus limistéir ardriosca mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (f), de Rialachán (AE) 2017/821;
ciallaíonn “cianchonarthaí” cianchonarthaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Threoir 2011/83/AE;
ciallaíonn “táirgeoir” aon mhonaróir, allmhaireoir nó dáileoir nó duine nádúrtha nó dlítheanach eile, gan beann ar an teicníc dhíolacháin a úsáidtear, lena n-áirítear trí bhíthin cianchonarthaí, ar fíor an méid seo a leanas ina leith:
tá sé bunaithe i mBallstát agus monaraíonn sé ceallraí faoina ainm féin nó faoina thrádmharc féin, nó cuireann sé faoi deara ceallraí a dhearadh nó a mhonarú agus soláthraíonn sé iad den chéad uair faoina ainm féin nó faoina thrádmharc féin, lena n-áirítear na ceallraí sin atá ionchorpraithe i bhfearais, i modhanna éadroma iompair nó i bhfeithiclí eile, laistigh de chríoch an Bhallstáit sin;
tá sé bunaithe i mBallstát agus athdhíolann sé, laistigh de chríoch an Bhallstáit sin, faoina ainm féin nó faoina thrádmharc féin, ceallraí, lena n-áirítear na ceallraí sin atá ionchorpraithe i bhfearais, i modhanna éadroma iompair nó i bhfeithiclí eile, arna monarú ag daoine eile, nach léirítear ainm ná trádmharc na monaróirí eile sin orthu;
tá sé bunaithe i mBallstát agus soláthraíonn sé, den chéad uair sa Bhallstát sin ar bhonn gairmiúil, ceallraí, lena n-áirítear na ceallraí sin atá ionchorpraithe i bhfearais, i modhanna éadroma iompair nó i bhfeithiclí eile, ó Bhallstát eile nó ó thríú tír; nó
díolann sé ceallraí, lena n-áirítear na ceallraí sin atá ionchorpraithe i bhfearais, i modhanna éadroma iompair nó i bhfeithiclí eile, trí bhíthin cianchonarthaí go díreach le húsáideoirí deiridh, cibé acu an teaghlaigh phríobháideacha iad nó nach teaghlaigh phríobháideacha iad, i mBallstát, agus tá sé bunaithe i mBallstát eile nó i dtríú tír;
ciallaíonn “ionadaí údaraithe do fhreagracht leathnaithe táirgeoirí” duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe i mBallstát ina gcuireann an táirgeoir ceallraí ar an margadh agus nach ionann é agus an Ballstát ina bhfuil an táirgeoir bunaithe, duine a cheapann an táirgeoir i gcomhréir le hAirteagal 8a(5), an tríú fomhír, de Threoir 2008/98/CE chun oibleagáidí an táirgeora sin faoi Chaibidil VIII den Rialachán seo a chomhlíonadh;
ciallaíonn “eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí” eintiteas dlítheanach a eagraíonn comhlíonadh oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora, ó thaobh airgeadais de nó ó thaobh airgeadais agus oibríochta de, thar ceann roinnt táirgeoirí;
ciallaíonn “ceallra dramhaíola” aon cheallra ar dramhaíl é mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir 2008/98/CE;
ciallaíonn “dramhaíl monaraíochta ceallraí” na hábhair nó na réada a dhiúltaítear le linn phróiseas monaraíochta an cheallra, nach féidir a athúsáid mar chuid lárnach den phróiseas céanna agus ar gá iad a athchúrsáil;
ciallaíonn “substaint ghuaiseach” substaint a aicmítear mar shubstaint ghuaiseach de bhun Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008;
ciallaíonn “cóireáil” aon oibríocht a dhéantar ar cheallraí dramhaíola tar éis dóibh a bheith tugtha ar láimh do shaoráid i gcomhair sórtála, ullmhú le haghaidh athúsáide, ullmhú le haghaidh athrú cuspóra, ullmhú le haghaidh athchúrsála nó i gcomhair athchúrsála;
ciallaíonn “ullmhú le haghaidh athchúrsála” ceallraí dramhaíola a chóireáil roimh aon phróiseas athchúrsála, inter alia, pacáistí ceallraí a stóráil, a láimhseáil agus a dhíchóimeáil nó codáin nach cuid den cheallra féin iad a dheighilt;
ciallaíonn “pointe bailithe dheonaigh” aon ghnóthas neamhbhrabúsach, aon ghnóthas tráchtála nó aon ghnóthas eacnamaíoch eile nó aon chomhlacht poiblí atá páirteach, ar a thionscnamh féin, i mbailiú ar leithligh ceallraí inaistrithe dramhaíola agus ceallraí LMT dramhaíola, a ghineann sé nó a ghineann úsáideoirí deiridh eile, sula dtugtar na ceallraí dramhaíola sin ar láimh do tháirgeoirí, d’eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí nó d’oibreoirí bainistithe dramhaíola le haghaidh cóireáil ina dhiaidh sin;
ciallaíonn “oibreoir bainistithe dramhaíola” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéileálann ar bhonn gairmiúil le bailiú ar leithligh nó le cóireáil ceallraí dramhaíola;
ciallaíonn “saoráid cheadaithe” bunaíocht nó gnóthas a gceadaítear di nó dó i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE cóireáil a dhéanamh ar cheallraí dramhaíola;
ciallaíonn “athchúrsálaí” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann athchúrsáil i saoráid cheadaithe;
ciallaíonn “saolré ceallra” an tréimhse a thosaíonn nuair a mhonaraítear an ceallra agus a dtagann deireadh léi nuair a thagann an ceallra chun bheith ina dhramhaíl;
ciallaíonn “éifeachtúlacht athchúrsála” an cóimheas, arna shloinneadh mar chéatadán, a fhaightear trí mhais na gcodán aschuir is ábhar don athchúrsáil a roinnt ar mhais chodán ionchuir na gceallraí dramhaíola, i ndáil le próiseas athchúrsála;
ciallaíonn “reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú” aon reachtaíocht de chuid an Aontais lena gcomhchuibhítear na coinníollacha maidir le táirgí a mhargú;
ciallaíonn “údarás náisiúnta” údarás formheasa nó aon údarás eile atá páirteach i bhfaireachas margaidh i mBallstát i leith ceallraí agus atá freagrach as faireachas margaidh den sórt sin;
ciallaíonn “ionadaí údaraithe” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó mhonaróir chun gníomhú thar a cheann i ndáil le cúraimí sonraithe maidir le hoibleagáidí an mhonaróra faoi Chaibidlí IV agus VI;
ciallaíonn “allmhaireoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas agus a chuireann ceallra ó thríú tír ar an margadh;
ciallaíonn “dáileoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, a chuireann ceallra ar fáil ar an margadh;
ciallaíonn “aitheantóir uathúil” teaghrán uathúil carachtar chun ceallraí a shainaithint lenar féidir nasc gréasáin a dhéanamh leis an bpas ceallra freisin;
ciallaíonn “ardán ar líne” ardán ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (i), de Rialachán (AE) 2022/2065.
ciallaíonn “rannpháirtí sa mhargadh” rannpháirtí sa mhargadh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (25), de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ).
De bhreis ar na sainmhínithe dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
“dramhaíl”, “sealbhóir dramhaíola”, “bainistiú dramhaíola”, “cosc”, “bailiú”, “bailiú ar leithligh”, scéim leathnaithe freagrachta táirgeora’, “athúsáid” agus “athchúrsáil”, a leagtar síos in Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;
“faireachas margaidh”, “údarás faireachais margaidh”, “soláthraí seirbhíse comhlíonta”, “gníomhaíocht cheartaitheach”, “úsáideoir deiridh”, “aisghairm” agus “tarraingt siar”, chomh maith le “riosca” i ndáil le ceanglais Chaibidlí I, IV, VI, VII agus IX den Rialachán seo agus Iarscríbhinní V, VIII agus XIII a ghabhann leis, a leagtar síos in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/1020;
“comhbhailitheoir neamhspleách” agus “stóráil fuinnimh” a leagtar síos in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944.
Airteagal 4
Saorghluaiseacht
Airteagal 5
Ceanglais maidir le hinbhuanaitheacht, sábháilteacht, lipéadú agus faisnéis i dtaca le ceallraí
Ní chuirfear ceallraí ar an margadh ná ní chuirfear i seirbhís iad ach amháin i gcás ina gcomhlíonann siad na ceanglais seo a leanas:
na ceanglais maidir le hinbhuanaitheacht agus sábháilteacht a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus 12; agus
na ceanglais maidir le lipéadú agus faisnéis a leagtar síos i gCaibidil III.
CAIBIDIL II
Ceanglais maidir le hinbhuanaitheacht agus sábháilteacht
Airteagal 6
Srianta ar shubstaintí
Airteagal 7
Lorg carbóin ceallraí feithiclí leictreacha, ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus ceallraí LMT
Maidir le ceallraí feithiclí leictreacha, ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh agus ceallraí LMT, déanfar dearbhú maidir le lorg carbóin a tharraingt suas le haghaidh gach samhla ceallra in aghaidh na monarchan monaraíochta, i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fomhír agus ina mbeidh, ar a laghad, an fhaisnéis seo a leanas:
faisnéis riaracháin faoin monaróir;
faisnéis faoin tsamhail cheallra;
faisnéis faoi shuíomh geografach na monarchan monaraíochta ceallraí;
lorg carbóin an cheallra, arna ríomh mar kg de choibhéis dé-ocsaíde carbóin in aghaidh aon kWh den fhuinneamh iomlán a sholáthraíonn an ceallra thar a ré feidhme ionchasach;
lorg carbóin an cheallra arna dhifreáil de réir chéim na saolré mar a thuairiscítear i bpointe 4 d’Iarscríbhinn II;
uimhir aitheantais dhearbhú comhréireachta AE an cheallra;
nasc gréasáin lena dtugtar rochtain ar leagan poiblí den staidéar lena dtacaítear leis na luachanna loirg carbóin dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e).
Beidh feidhm ag an dearbhú maidir le lorg carbóin ó na tréimhsí ama seo a leanas:
an 18 Feabhra 2025 nó 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe nó an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fhomhír, pointí (a) agus (b), faoi seach, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí feithiclí leictreacha;
an 18 Feabhra 2026 nó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe nó an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fomhír, pointí (a) agus (b), faoi seach, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras atá go heisiach seachtrach acu;
an 18 Lúnasa 2028 nó 18 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe nó an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fhomhír, pointí (a) agus (b), faoi seach, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí LMT;
an 18 Lúnasa 2030 nó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe nó an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fomhír, pointí (a) agus (b), faoi seach, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe a bhfuil stóras seachtrach acu.
Go dtí go mbeidh sé inrochtana tríd an gcód QR dá dtagraítear in Airteagal 13(6), beidh an dearbhú maidir le lorg carbóin ag gabháil leis an gceallra.
Déanfaidh an Coimisiún, faoin 18 Feabhra 2024 i gcás ceallraí feithiclí leictreacha, faoin 18 Feabhra 2025 i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe, seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras seachtrach acu, faoin 18 Feabhra 2027 i gcás ceallraí LMT agus faoin 18 Feabhra 2029 i gcás ceallraí tionsclaíocha a bhfuil stóras seachtrach acu, an méid seo a leanas a ghlacadh:
gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a bhunú chun lorg carbóin an cheallra dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d), a ríomh agus a fhíorú, i gcomhréir leis na heilimintí fíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II;
gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an fhormáid le haghaidh an dearbhaithe maidir le lorg carbóin dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).
I gcás ceallraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, léireofar sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII gur ríomhadh an dearbhú maidir le lorg carbóin agus an t-aicmiú gaolmhar in aicme feidhmíochta an loirg carbóin i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun mhír 1, an ceathrú fomhír, pointe (a) agus an ceathrú fomhír, pointe (a), den mhír seo.
Beidh feidhm ag na ceanglais maidir le haicme feidhmíochta an loirg carbóin sa chéad fhomhír ón:
18 Lúnasa 2026 nó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe nó an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fhomhír, pointí (a) agus (b), faoi seach, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí feithiclí leictreacha;
18 Lúnasa 2027 nó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe nó an gnímh chur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fomhír, pointí (a) agus (b), faoi seach, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras atá go heisiach seachtrach acu;
18 Feabhra 2030 nó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe nó an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fhomhír, pointí (a) agus (b), faoi seach, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí LMT;
18 Feabhra 2032 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe nó an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fomhír, pointí (a) agus (b), faoi seach, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe a bhfuil stóras seachtrach acu.
Déanfaidh an Coimisiún, faoin 18 Feabhra 2025 i gcás ceallraí feithiclí leictreacha, faoin 18 Lúnasa 2026 i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe, seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras atá go heisiach seachtrach acu, faoin 18 Lúnasa 2028 i gcás ceallraí LMT agus faoin 18 Lúnasa 2030 6i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe a bhfuil stóras seachtrach acu, an méid seo a leanas a ghlacadh:
gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí aicmí feidhmíochta an loirg carbóin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhunú. Ar dó an gníomh tarmligthe sin a ullmhú, cuirfidh an Coimisiún na coinníollacha a leagtar amach i bpointe 8 d’Iarscríbhinn II san áireamh;
gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear na formáidí le haghaidh an lipéadaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus an fhormáid le haghaidh an dearbhaithe maidir le haicme feidhmíochta an loirg carbóin dá dtagraítear san fhomhír sin. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).
Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i bpointe 8 d’Iarscríbhinn II, athbhreithniú ar líon na n-aicmí feidhmíochta agus ar na tairseacha eatarthu, gach 3 bliana agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun líon na n-aicmí feidhmíochta agus na tairseacha eatarthu a leasú d’fhonn iad a choimeád ionadaíoch ar réaltacht an mhargaidh agus ar na forbairtí a mheastar a bheidh sa mhargadh.
Beidh feidhm ag an gceanglas maidir le huastairseach an loirg carbóin saolré dá dtagraítear sa chéad fhomhír amhail ón:
18 Feabhra 2028 nó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear sa tríú fomhír, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí feithiclí leictreacha;
18 Feabhra 2029 nó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear sa tríú fomhír, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras atá go heisiach seachtrach acu;
18 Lúnasa 2031 nó 18 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear sa tríú fomhír, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí LMT;
18 Lúnasa 2033 nó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear sa tríú fomhír, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe a bhfuil stóras seachtrach acu.
Déanfaidh an Coimisiún, faoin 18 Lúnasa 2026 i gcás ceallraí feithiclí leictreacha, faoin 18 Feabhra 2028 i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe, seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras seachtrach acu, faoin 18 Feabhra 2030 i gcás ceallraí LMT agus faoin 18 Feabhra 2032 i gcás ceallraí tionsclaíocha a bhfuil stóras seachtrach acu, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí uastairseach an loirg carbóin saolré dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chinneadh. Ar dó an gníomh tarmligthe sin a ullmhú, cuirfidh an Coimisiún na coinníollacha ábhartha a leagtar amach i bpointe 9 d’Iarscríbhinn II san áireamh.
Le tabhairt isteach uastairseach an loirg carbóin saolré, tionscnófar, más gá, athaicmiú ar na haicmí feidhmíochta loirg carbóin dá dtagraítear i mír 2.
Airteagal 8
Ábhar athchúrsáilte i gceallraí tionsclaíocha, ceallraí feithiclí leictreacha, ceallraí LMT agus ceallraí SLI
Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír ón 18 Lúnasa 2033 maidir le ceallraí LMT ina bhfuil cóbalt, luaidhe, litiam nó nicil in ábhair ghníomhacha.
Faoin 18 Lúnasa 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a bhunú, i gcás na gceallraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, chun an sciar céatadáin de chóbalt, de litiam nó de nicil atá in ábhair ghníomhacha agus a aisghabhadh ó dhramhaíl monaraíochta ceallraí nó ó dhramhaíl iarthomhaltóra a ríomh agus a fhíorú, agus chun an sciar céatadáin de luaidhe atá sa cheallra agus a aisghabhadh ó dhramhaíl a ríomh agus a fhíorú, agus tríd an bhformáid a bhunú don doiciméadacht theicniúil.
Ón 18 Lúnasa 2031, i gcás ceallraí tionsclaíocha ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh, seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras atá go heisiach seachtrach acu, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí SLI a bhfuil cóbalt, luaidhe, litiam nó nicil in ábhair ghníomhacha iontu, léireofar, sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII, go bhfuil sna ceallraí sin, in ábhair ghníomhacha, an sciar céatadáin íosta seo a leanas de chóbalt, luaidhe, litiam agus nicil, faoi seach, a aisghabhadh ó dhramhaíl monaraíochta ceallraí nó ó dhramhaíl iarthomhaltóra, agus an sciar céatadán íosta de luaidhe atá sa cheallra agus a aisghabhadh ó dhramhaíl atá sa cheallra, do gach samhail cheallra in aghaidh na bliana agus in aghaidh na monarchan monaraíochta:
16 % cóbalt;
85 % luaidhe;
6 % litiam;
6 % nicil.
Ó 18 Lúnasa 2036, i gcás ceallraí tionsclaíocha ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh, seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras atá go heisiach seachtrach acu, ceallraí feithiclí leictreacha, ceallraí LMT agus ceallraí SLI a bhfuil cóbalt, luaidhe, litiam nó nicil in ábhair ghníomhacha iontu, léireofar, sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII, go bhfuil sna ceallraí sin, in ábhair ghníomhacha, an sciar céatadáin íosta seo a leanas de chóbalt, luaidhe, litiam agus nicil, faoi seach, a aisghabhadh ó dhramhaíl monaraíochta ceallraí nó ó dhramhaíl iarthomhaltóra atá in ábhair ghníomhacha, agus an sciar céatadáin íosta de luaidhe atá sa cheallra agus a aisghabhadh ó dhramhaíl atá sa cheallra, do gach samhail cheallra in aghaidh na bliana agus in aghaidh na monarchan monaraíochta:
26 % cóbalt;
85 % luaidhe;
12 % litiam;
15 % nicil.
I gcás ina bhfuil údar leis agus inarb iomchuí ar bhonn an mheasúnaithe a dhéanfar faoin gcéad fhomhír nó mar gheall ar athruithe móra eile i dteicneolaíochtaí ceallraí ag a bhfuil tionchar ar an gcineál ábhar arna aisghabháil, glacfaidh an Coimisiún, faoin 18 Lúnasa 2029, gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 89, chun na spriocanna a leagtar síos i míreanna 2 agus 3 a leasú.
Airteagal 9
Ceanglais maidir le feidhmíocht agus marthanacht le haghaidh ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun na híosluachanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír a leasú nó chun paraiméadair feidhmíochta leictriceimicí agus mharthanachta a chur leo sin a leagtar amach in Iarscríbhinn III i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.
Ar dó an gníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ullmhú, measfaidh an Coimisiún an gá an tionchar atá ag ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta ar an gcomhshaol ar feadh a saolré a laghdú, lena n-áirítear trí bhíthin éifeachtúlacht acmhainne na gceallraí sin a mhéadú, agus cuirfidh sé caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha agus scéimeanna lipéadaithe idirnáisiúnta ábhartha san áireamh.
Áiritheoidh an Coimisiún freisin nach mbeidh drochthionchar suntasach ag na forálacha a leagtar síos leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar shábháilteacht ná ar fheidhmiúlacht na gceallraí sin ná na bhfearas, na modhanna éadroma iompair nó na bhfeithiclí eile ina n-ionchorpraítear na ceallraí sin, ar an inacmhainneacht ná ar an gcostas d’úsáideoirí deiridh ná ar iomaíochas an tionscail.
Airteagal 10
Ceanglais maidir le feidhmíocht agus marthanacht le haghaidh ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe, ceallraí LMT agus ceallraí feithiclí leictreacha
I gcás na gceallraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII, míniú ar na sonraíochtaí teicniúla, na caighdeáin theicniúla agus na coinníollacha teicniúla arna n-úsáid chun na luachanna le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a thomhas, a ríomh nó a mheas. Beidh sa mhíniú sin na heilimintí a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn IV, ar a laghad.
Faoin 18 Feabhra 2027, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí íosluachanna a bhunú le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn IV a bhainfidh ceallraí LMT amach.
Ar dó na gníomhartha tarmligthe a ullmhú dá dtagraítear sa chéad agus sa dara fomhír, measfaidh an Coimisiún an gá an tionchar atá ag ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe ar an gcomhshaol ar feadh a saolré a laghdú, ar ceallraí iad ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh, seachas na cinn a bhfuil stóras atá go heisiach seachtrach acu, agus ceallraí LMT, agus áiritheoidh sé nach mbeidh drochthionchar suntasach ag na ceanglais a leagtar síos sna gníomhartha sin ar fheidhmiúlacht na gceallraí sin nó na bhfearas, na modhanna éadroma iompair ná na bhfeithiclí eile ina n-ionchorpraítear na ceallraí sin, ar a n-inacmhainneacht ná ar iomaíochas an tionscail.
Airteagal 11
Inbhainteacht agus in-athsholáthraitheacht ceallraí inaistrithe agus cheallraí LMT
Measfar gur féidir leis an úsáideoir deiridh ceallra inaistrithe a bhaint go réidh nuair is féidir é a bhaint de tháirge trí uirlisí atá ar fáil ar bhonn tráchtála a úsáid, gan gá a bheith le húsáid uirlisí speisialaithe, ach amháin má sholáthraítear saor in aisce leis an táirge iad, le huirlisí dílsithe, le fuinneamh teirmeach, nó le tuaslagóirí chun an táirge a dhíchóimeáil.
Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann táirgí ar an margadh, táirgí ina n-ionchorpraítear ceallraí inaistrithe, áiritheoidh sé go mbeidh treoracha agus faisnéis sábháilteachta maidir le húsáid, baint agus athsholáthar na gceallraí ag gabháil leis na táirgí sin. Cuirfear na treoracha sin agus an fhaisnéis sábháilteachta sin ar fáil go buan ar líne, ar shuíomh gréasáin a bheidh ar fáil go poiblí, ar bhealach sothuigthe d’úsáideoirí deiridh.
Beidh an mhír seo gan dochar d’aon fhorálacha sonracha lena n-áirithítear leibhéal níos airde cosanta don chomhshaol agus do shláinte an duine maidir le húsáideoirí deiridh a bheith in ann ceallraí inaistrithe a bhaint agus a athsholáthar, a leagtar síos in aon dlí de chuid an Aontais maidir le trealamh leictreach agus leictreonach mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (a), de Threoir 2012/19/AE.
De mhaolú ar mhír 1, féadfar na táirgí seo a leanas ina n-ionchorpraítear ceallraí inaistrithe a dhearadh ar bhealach a fhágfaidh gur gairmithe neamhspleácha amháin a bheidh in ann an ceallra a bhaint agus a athsholáthar:
fearais atá saindeartha chun oibriú go príomha i dtimpeallacht ina mbíonn deoir anuas nó sruthanna uisce orthu nó ina dtumtar in uisce go rialta iad agus atá beartaithe a bheith in-nite nó insruthlaithe;
feistí gairmiúla íomhánna leighis agus radaiteiripe, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2017/745, agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2017/746.
Ní bheidh an maolú a leagtar amach i bpointe (a) den mhír seo infheidhme ach amháin nuair is gá maolú den sórt sin chun sábháilteacht an úsáideora agus an fhearais a áirithiú.
Airteagal 12
Sábháilteacht na gcóras stórála fuinnimh i gceallraí suite
Faoin 18 Lúnasa 2024, maidir leis an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII:
léireofar léi go bhfuil na córais stórála fuinnimh i gceallraí suite i gcomhréir le mír 1 agus áireofar inti fianaise gur éirigh le tástálacha orthu le haghaidh na bparaiméadar sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn V, a n-úsáidfear modheolaíochtaí tástála úrscothacha ina leith. Ní bheidh feidhm ag na paraiméadair shábháilteachta ach amháin sa mhéid gurb ann do ghuais chomhfhreagrach don chóras stórála fuinnimh i gceallraí suite atá i gceist nuair a úsáidtear é faoi na coinníollacha atá beartaithe ag an monaróir;
áireofar inti measúnú ar ghuaiseacha sábháilteachta a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann leis an gcóras stórála fuinnimh i gceallraí suite nach dtugtar aghaidh orthu in Iarscríbhinn V;
áireofar inti fianaise gur éirigh le maolú agus le tástáil ar na guaiseacha dá dtagraítear i bpointe (b); úsáidfear modheolaíochtaí tástála úrscothacha le haghaidh tástáil den sórt sin;
áireofar inti treoracha maidir le maolú i gcás ina bhféadfadh na guaiseacha sainaitheanta tarlú, mar shampla dóiteán nó pléascadh.
Athbhreithneofar an doiciméadacht theicniúil más rud é go n-ullmhaítear ceallra le haghaidh athúsáide, go n-ullmhaítear é le haghaidh athrú cuspóra, go n-athmhonaraítear é nó go n-athraítear a chuspóir.
CAIBIDIL III
Ceanglais maidir le lipéadú, marcáil agus faisnéis
Airteagal 13
Ceallraí a lipéadú agus a mharcáil
Leis an tsiombail bailiú ar leithligh cumhdófar 3 % d’achar an taoibh is mó den cheallra ar a laghad, suas le huasmhéid 5 × 5 cm.
I gcás cealla ceallraí sorcóireacha, cumhdófar 1,5 % d’achar dromchla an cheallra ar a laghad leis an tsiombail bailiú ar leithligh agus beidh méid 5 × 5 cm ar a mhéad ann.
I gcás ina bhfágann méid an cheallra go mbeadh an tsiombail bailiú ar leithligh níos lú ná 0,47 × 0,47 cm, ní gá don cheallra a mharcáil leis an tsiombail sin. Ina ionad sin, déanfar siombail bailiú ar leithligh, dar méid 1 × 1 cm ar a laghad, a phriontáil ar an bpacáistíocht.
Déanfar an tsiombail ceimiceáin ábhartha lena léirítear cion an mhiotail throm a phriontáil faoi bhun na siombaile bailiú ar leithligh agus is é an ceathrú cuid de mhéid na siombaile sin ar a laghad a bheidh in achar na siombaile.
Ón 18 Feabhra 2027, déanfar gach ceallra a mharcáil le cód QR mar a thuairiscítear i gCuid C d’Iarscríbhinn VI. Leis an gcód QR, tabharfar rochtain ar an méid seo a leanas:
i gcás ceallraí LMT, ceallraí tionsclaíocha ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh agus ceallraí feithiclí leictreacha, an pas ceallra i gcomhréir le hAirteagal 77;
i gcás ceallraí eile, an fhaisnéis is infheidhme dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo, an dearbhú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 18, an tuairisc dá dtagraítear in Airteagal 52(3) agus an fhaisnéis maidir le ceallraí dramhaíola a chosc agus a bhainistiú a leagtar síos in Airteagal 74(1), pointí (a) go (f);
i gcás ceallraí SLI, an méid cóbailt, luaidhe, litiam nó nicile arna aisghabháil ó dhramhaíl agus atá ar na hábhair ghníomhacha sa cheallra, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 8.
Beidh an fhaisnéis sin iomlán, cothrom le dáta agus cruinn.
Airteagal 14
Faisnéis maidir le staid sláinte agus le saolré ionchasach na gceallraí
Soláthrófar rochtain inléite amháin ar shonraí le haghaidh na bparaiméadar a leagtar amach in Iarscríbhinn VII tríd an gcóras bainistithe ceallra dá dtagraítear i mír 1, agus cearta maoine intleachtúla mhonaróir an cheallra á n-urramú, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach don duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaigh an ceallra go dleathach, lena n-áirítear oibreoirí neamhspleácha nó oibrithe bainistithe dramhaíola, nó d’aon tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a gceann tráth ar bith, chun críoch an mhéid seo a leanas a dhéanamh:
an ceallra a chur ar fáil do chomhbhailitheoirí neamhspleácha nó do rannpháirtithe sa mhargadh trí stóráil fuinnimh;
meastóireacht a dhéanamh ar luach iarmharach nó ar an tsaolré atá fágtha ag an gceallra agus ar an gcumas atá ann tuilleadh úsáide a bhaint as, bunaithe ar an meastachán ar staid sláinte an cheallra;
ullmhú an cheallra le haghaidh athúsáide, ullmhú an cheallra le haghaidh athrú cuspóra, athrú cuspóra an cheallra nó athmhonarú an cheallra a éascú.
CAIBIDIL IV
Comhréireacht ceallraí
Airteagal 15
Toimhde maidir le comhréireacht na gceallraí
Airteagal 16
Sonraíochtaí comhchoiteanna
I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos sonraíochtaí comhchoiteanna le haghaidh na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 9, 10, 12, 13, 14 agus 78 nó tástálacha dá dtagraítear in Airteagal 15(1), sna cásanna seo a leanas:
ní chumhdaítear na ceanglais ná na tástálacha sin le caighdeáin chomhchuibhithe, ná le codanna díobh, ar foilsíodh tagairtí ina leith in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
tá iarrtha ag an gCoimisiún ar eagraíocht Eorpach amháin nó níos mó um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú le haghaidh na gceanglas nó na dtástálacha sin; agus
comhlíonadh ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:
níor ghlac aon cheann de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú leis an iarraidh ón gCoimisiún,
tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil moill mhíchuí ag baint le glacadh na gcaighdeán comhchuibhithe arna n-iarraidh, nó
tá caighdeán seachadta ag eagraíocht Eorpach um chaighdeánú nach bhfreagraíonn go hiomlán don iarraidh ón gCoimisiún.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).
Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme lena mbunaítear na sonraíochtaí comhchoiteanna á ullmhú aige, cuirfidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó an ghrúpa saineolaithe san áireamh agus rachaidh sé i gcomhairle mar is cóir leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.
Airteagal 17
Nósanna imeachta measúnaithe comhréireachta
Déanfar measúnú comhréireachta ar cheallraí maidir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 6, 9, 10, 12, 13 agus 14 i gcomhréir le ceann amháin de na nósanna imeachta seo a leanas:
i gcás ceallraí a mhonaraítear i sraith:
“Modúl A – Rialú inmheánach táirgthe”, a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn VIII, nó
“Modúl D1 – Dearbhú cáilíochta an phróisis táirgthe”, a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn VIII;
i gcás ceallraí nach monaraítear i sraith:
“Modúl A – Rialú inmheánach táirgthe”, a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn VIII, nó
“Modúl G – Comhréireacht bunaithe ar fhíorú aonaid”, a leagtar amach i gCuid C d’Iarscríbhinn VIII.
Déanfar measúnú comhréireachta ar cheallraí maidir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 7 agus 8 i gcomhréir le ceann amháin de na nósanna imeachta seo a leanas:
“Modúl D1 - Dearbhú cáilíochta an phróisis táirgthe” a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn VIII i gcás ceallraí a mhonaraítear i sraith; nó
“Modúl G – Comhréireacht bunaithe ar fhíorú aonaid”, a leagtar amach i gCuid C d’Iarscríbhinn VIII i gcás ceallraí nach monaraítear i sraith.
Airteagal 18
Dearbhú comhréireachta AE
Airteagal 19
Prionsabail ghinearálta na marcála CE
Beidh an mharcáil CE faoi réir na bprionsabal ginearálta a leagtar amach in Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.
Airteagal 20
Rialacha agus coinníollacha maidir leis an marcáil CE a ghreamú
CAIBIDIL V
Fógra a thabhairt faoi chomhlachtaí um measúnú comhréireachta
Airteagal 21
Fógra a thabhairt
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi chomhlachtaí um measúnú comhréireachta arna n-údarú chun cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Airteagal 22
Údaráis a thugann fógra
Airteagal 23
Ceanglais a bhaineann leis na húdaráis a thugann fógra
Airteagal 24
Oibleagáid faisnéise ar údaráis a thugann fógra
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoina nósanna imeachta chun na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a mheasúnú agus chun fógra a thabhairt fúthu agus chun faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra, agus faoi aon athruithe ar na nósanna imeachta sin.
Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.
Airteagal 25
Ceanglais a bhaineann leis na húdaráis faoina dtugtar fógra
Ní bheidh baint dhíreach ag comhlacht um measúnú comhréireachta, ag a lucht ardbhainistíochta ná ag an bpearsanra a bheidh freagrach as cúraimí an mheasúnaithe comhréireachta a chomhlíonadh le dearadh, monaraíocht, margú, allmhairiú, dáileadh, suiteáil, úsáid nó cothabháil na gceallraí sin, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht do na páirtithe atá i gceist leis na gníomhaíochtaí sin. Ní rachaidh siad i mbun aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith i gcoimhlint lena neamhspleáchas breithiúnais nó lena n-ionracas i ndáil le gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta faoina dtugtar fógra dóibh ina leith. Beidh feidhm leis sin go háirithe maidir le seirbhísí comhairliúcháin.
Áiritheoidh comhlacht um measúnú comhréireachta nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a mháthairchuideachtaí ná a chomhchuideachtaí, a fhochuideachtaí ná a fhochonraitheoirí difear do rúndacht, oibiachtúlacht ná neamhchlaontacht a ghníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta.
Tráth ar bith, agus i gcás gach nós imeachta measúnaithe comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, i gcás iniúchtaí tréimhsiúla i gcomhréir le hAirteagal 48(2) agus fíorú tríú páirtí i gcomhréir le hAirteagal 51, agus i gcás gach catagóire ceallra ar tugadh fógra dó ina leith, beidh fáil ag comhlacht um measúnú comhréireachta ar an méid seo a leanas:
an pearsanra is gá ag a bhfuil eolas teicniúil agus taithí leordhóthanach agus iomchuí chun na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh;
na tuairiscí is gá ar na nósanna imeachta ar i gcomhréir leo a dhéantar an measúnú comhréireachta, lena n-áirithítear trédhearcacht na nósanna imeachta sin agus an fhéidearthacht iad a athdhéanamh;
beartais agus nósanna imeachta iomchuí chun idirdhealú a dhéanamh idir gníomhaíochtaí a dhéanann sé mar chomhlacht faoina dtugtar fógra agus cúraimí eile;
na nósanna imeachta is gá chun cúraimí measúnaithe comhréireachta a fheidhmiú lena dtugtar aird chuí ar mhéid ghnóthais, an earnáil ina bhfeidhmíonn sé, a struchtúr, a chasta atá teicneolaíocht an cheallra atá i gceist agus mais an phróisis táirgthe nó cineál srathach an phróisis sin.
Beidh ag comhlacht um measúnú comhréireachta na modhanna is gá chun na cúraimí teicniúla agus riaracháin a bhaineann lena ghníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta a fheidhmiú ar bhealach iomchuí, agus beidh rochtain aige ar an bhfaisnéis, ar an trealamh tástála agus ar na saoráidí tástála uile is gá. Áireofar leis sin bunú agus maoirsiú nósanna imeachta inmheánacha, beartais ghinearálta, cóid iompair nó rialacha inmheánacha eile, sannadh pearsanra do chúraimí sonracha, agus cinntí maidir le measúnú comhréireachta, gan iad a tharmligean d’fhochonraitheoir nó d’fhochuideachta.
Beidh an méid seo a leanas ag an bpearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí measúnaithe comhréireachta a chomhlíonadh:
oiliúint theicniúil fhónta agus gairmoiliúint fhónta lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí uile measúnaithe comhréireachta ar tugadh fógra don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith;
eolas sásúil ar cheanglais na measúnuithe a dhéanann siad agus údarás leordhóthanach chun na measúnuithe sin a dhéanamh;
eolas iomchuí agus tuiscint iomchuí ar na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus 12, 13 agus 14 agus in Airteagail 48 go 52, ar na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 15 agus ar na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16 agus ar fhorálacha ábhartha reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú agus an dlí náisiúnta;
an cumas deimhnithe, taifid agus tuarascálacha a tharraingt suas lena léireofar go ndearnadh measúnuithe comhréireachta.
Ní bhraithfidh luach saothair an lucht ardbainistíochta agus an phearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh ar an líon measúnuithe comhréireachta a dhéantar ná ar thorthaí na measúnuithe sin.
Airteagal 26
Toimhde maidir le comhréireacht na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
I gcás ina léiríonn comhlacht um measúnú comhréireachta a chomhréireacht leis na critéir a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha, nó codanna díobh, ar foilsíodh tagairtí ina leith in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 25 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme.
Airteagal 27
Fochuideachtaí comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus fochonraitheoireacht ag comhlachtaí den sórt sin
Airteagal 28
Iarratas ar fhógra
Airteagal 29
Nós imeachta um fhógra a thabhairt
Airteagal 30
Uimhreacha aitheantais agus liostaí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
Airteagal 31
Athruithe ar na fógraí
Airteagal 32
Agóid in aghaidh inniúlacht na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
Airteagal 33
Oibleagáidí oibríochtúla na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
Airteagal 34
Achomharc in aghaidh chinntí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh fáil ar nós imeachta achomhairc in aghaidh chinntí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra.
Airteagal 35
Oibleagáid faisnéise ar údaráis faoina dtugtar fógra
Cuirfidh comhlacht faoina dtugtar fógra an t-údarás a thugann fógra ar an eolas faoin méid seo a leanas:
aon diúltú, srianadh, fionraíocht nó tarraingt siar i ndáil le deimhniú comhréireachta nó cinneadh formheasa;
aon imthosca a dhéanann difear do raon feidhme an fhógra a thug sé nó do na coinníollacha maidir leis an bhfógra a thug sé;
aon iarraidh ar fhaisnéis a gheobhaidh sé ó údaráis faireachais margaidh maidir lena ghníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta;
arna iarraidh sin, aon ghníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta a fheidhmítear laistigh de raon feidhme a fhógra agus aon ghníomhaíocht eile dá bhfeidhmítear, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht.
Soláthróidh comhlacht faoina dtugtar fógra faisnéis ábhartha do chomhlachtaí eile faoina dtugtar fógra a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla measúnaithe comhréireachta lena gcumhdaítear na catagóirí ceallra céanna, faisnéis ábhartha maidir le:
measúnuithe comhréireachta diúltacha agus, arna iarraidh sin, measúnuithe comhréireachta dearfacha; agus
aon chinneadh formheasa a srianadh, a fionraíodh nó a tarraingíodh siar.
Airteagal 36
Malartú taithí agus dea-chleachtais
Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le malartú taithí agus dea-chleachtais a eagrú idir údaráis na mBallstát atá freagrach as beartas maidir le fógra a thabhairt.
Airteagal 37
Comhordú na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear comhordú agus comhar iomchuí i bhfeidhm idir comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus go bhfeidhmeofar an comhordú agus comhar sin i gceart i bhfoirm grúpa comhordaithe earnála de chomhlachtaí faoina dtugtar fógra.
Beidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra rannpháirteach in obair an ghrúpa comhordaithe earnála, go díreach nó trí bhíthin ionadaithe ainmnithe.
CAIBIDIL VI
Oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha seachas na hoibleagáidí i gCaibidlí VII agus VIII
Airteagal 38
Oibleagáidí na monaróirí
Agus cheallra á chur ar an margadh nó á chur i seirbhís acu, lena n-áirítear chun críocha an mhonaróra féin, áiritheoidh monaróirí maidir leis an gceallra:
gur dearadh agus gur monaraíodh é i gcomhréir le hAirteagail 6 go 10 agus Airteagail 12 agus 14, agus go bhfuil treoracha agus faisnéis sábháilteachta atá soiléir, intuigthe agus inléite ag gabháil leis i dteanga nó i dteangacha is éasca d’úsáideoirí deiridh a thuiscint, de réir mar a chinneann an Ballstát ina bhfuil an ceallra le cur ar an margadh nó le cur i seirbhís; agus
go marcáiltear agus go lipéadaítear é i gcomhréir le hAirteagal 13.
Airteagal 39
Oibleagáidí na soláthraithe ceall ceallraí agus modúl ceallraí
Soláthróidh soláthraithe ceall ceallraí agus modúl ceallraí an fhaisnéis agus an doiciméadacht is gá chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh agus cealla ceallraí nó modúil ceallraí á soláthar acu do mhonaróir. Cuirfear an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin ar fáil saor in aisce.
Airteagal 40
Oibleagáidí na n-ionadaithe údaraithe
Ní bheidh sainordú an ionadaí údaraithe bailí ach amháin nuair a ghlacfaidh an t-ionadaí údaraithe i scríbhinn é.
Feidhmeoidh ionadaí údaraithe na cúraimí arna sonrú sa sainordú a gheofar ón monaróir. Beidh an acmhainn iomchuí ag an ionadaí údaraithe chun na cúraimí a shonraítear sa sainordú a chomhlíonadh. Soláthróidh an t-ionadaí údaraithe cóip den sainordú don údarás faireachais margaidh, arna iarraidh sin dó, i dteanga de chuid an Aontais a chinnfidh an t-údarás sin. Áireofar sa sainordú na cúraimí a leanas ar a laghad:
an dearbhú comhréireachta AE, an doiciméadacht theicniúil, an tuarascáil fíorúcháin agus an cinneadh formheasa dá dtagraítear in Airteagal 51(2) agus na tuarascálacha iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 48(2) a choimeád ar fáil d’údaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an ceallra a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís;
de bhun iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá chun comhréireacht an cheallra a léiriú a sholáthar dó. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin i bhformáid leictreonach agus, arna iarraidh sin, i bhformáid pháipéir;
comhoibriú leis na húdaráis náisiúnta, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéantar chun deireadh a chur leis na rioscaí a chothaíonn ceallraí a chumhdaítear le sainordú an ionadaí údaraithe.
Airteagal 41
Oibleagáidí na n-allmhaireoirí
Roimh dóibh ceallra a chur ar an margadh, fíoróidh allmhaireoirí an méid seo a leanas:
gur tarraingíodh suas dearbhú comhréireachta AE agus an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII agus go ndearna an monaróir an nós imeachta ábhartha measúnaithe comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 17;
go bhfuil an mharcáil CE dá dtagraítear in Airteagal 19 ar an gceallra agus go bhfuil sé marcáilte agus lipéadaithe i gcomhréir le hAirteagal 13;
go bhfuil na doiciméid is gá ag gabháil leis an gceallra de bhun Airteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13 agus 14 agus go bhfuil treoracha agus faisnéis sábháilteachta ag gabháil leis i dteanga nó i dteangacha is éasca d’úsáideoirí deiridh a thuiscint, de réir mar a chinneann an Ballstát ina bhfuil an ceallra le cur ar fáil ar an margadh; agus
gur chomhlíon an monaróir na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 38(6) agus (7).
I gcás ina measann allmhaireoir nó go bhfuil údar aige chun a chreidiúint nach bhfuil ceallra i gcomhréir le hAirteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13 agus 14, ní chuirfidh an t-allmhaireoir an ceallra sin ar an margadh go dtí go dtabharfar an ceallra sin chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás ina mbaineann riosca leis an gceallra, cuirfidh an t-allmhaireoir an monaróir agus an t-údarás faireachais margaidh ar an eolas, ag tabhairt mionsonraí faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh.
Airteagal 42
Oibleagáidí na ndáileoirí
Roimh dóibh ceallra a chur ar fáil ar an margadh, fíoróidh dáileoirí an méid seo a leanas:
go bhfuil an táirgeoir cláraithe ar chlár na dtáirgeoirí dá dtagraítear in Airteagal 55;
go bhfuil an mharcáil CE dá dtagraítear in Airteagal 19 ar an gceallra agus go bhfuil sé marcáilte agus lipéadaithe i gcomhréir le hAirteagal 13;
go bhfuil na doiciméid a éilítear de bhun Airteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13 agus 14 ag gabháil leis an gceallra agus go bhfuil treoracha agus faisnéis sábháilteachta ag gabháil leis i dteanga nó i dteangacha is éasca d’úsáideoirí deiridh a thuiscint, de réir mar a chinneann an Ballstát ina bhfuil an ceallra le cur ar fáil ar an margadh nó le cur i seirbhís; agus
gur chomhlíon an monaróir agus an t-allmhaireoir na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 38(6) agus (7) agus Airteagal 41(3) faoi seach.
Airteagal 43
Oibleagáidí na soláthraithe seirbhíse comhlíonta
Áiritheoidh soláthraithe seirbhíse comhlíonta, i gcás na gceallraí a láimhseálann siad, nach ndéanfaidh na dálaí le linn ollstórála, pácáistiú, seoladh a chur ar an gceallra nó é a sheoladh, comhlíonadh Airteagail 6 go 10 ná Airteagail 12, 13 agus 14 a chur i mbaol i ndáil leis na ceallraí.
Gan dochar d’oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha ábhartha a leagtar síos sa Chaibidil seo, déanfaidh soláthraithe seirbhíse comhlíonta, sa bhreis ar an gceanglas dá dtagraítear sa chéad mhír, na cúraimí a leagtar síos in Airteagal 40(3), pointe (c), agus in Airteagal 40(4).
Airteagal 44
Cás ina mbíonn feidhm ag oibleagáidí na monaróirí maidir le hallmhaireoirí agus dáileoirí
Measfar gur monaróir é allmhaireoir nó dáileoir chun críocha an Rialacháin seo agus go mbeidh siad faoi réir oibleagáidí monaróra faoi Airteagal 38, i gcás ina bhfuil feidhm ag aon cheann de na cásanna seo a leanas:
cuirtear ceallra ar an margadh nó cuirtear i seirbhís é faoi ainm nó faoi thrádmharc an allmhaireora féin nó an dáileora féin;
déanann an t-allmhaireoir sin nó an dáileoir sin modhnú ar cheallra atá curtha ar an margadh nó curtha i seirbhís cheana féin ar bhealach ina bhféadfaí difear a dhéanamh do chomhlíonadh cheanglais ábhartha an Rialacháin seo; nó
déanann an t-allmhaireoir sin nó an dáileoir sin modhnú ar chuspóir ceallra atá curtha ar an margadh nó curtha i seirbhís cheana féin.
Airteagal 45
Oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha a chuireann ar an margadh nó a chuireann i seirbhís ceallraí a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide, a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, nó ar athraíodh a gcuspóir nó a athmhonaraíodh
Airteagal 46
Sainaithint oibreoirí eacnamaíocha
Soláthróidh oibreoirí eacnamaíocha, arna iarraidh sin ag údarás náisiúnta an fhaisnéis seo a leanas do na húdaráis faireachais margaidh:
sainaitheantas aon oibreora eacnamaíoch a sholáthair ceallra dóibh;
sainaitheantas aon oibreora eacnamaíoch ar sholáthair siad ceallra dó, chomh maith leis an líon ceallraí agus na samhlacha beachta.
CAIBIDIL VII
Oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha a mhéid a bhaineann le beartais díchill chuí maidir le ceallraí
Airteagal 47
Raon feidhme na Caibidle seo
Níl feidhm ag an gCaibidil seo maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a raibh glanláimhdeachas níos lú ná EUR 40 milliún acu sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach, agus nach cuid de ghrúpa iad, ina bhfuil máthairghnóthais agus foghnóthais, a sháraíonn, ar bhonn comhdhlúite, an teorainn EUR 40 milliún.
Níl feidhm ag an gCaibidil seo maidir le hoibreoirí eacnamaíocha i dtaca le ceallraí a bheith á gcur ar an margadh nó á gcur i seirbhís, ar ceallraí iad a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide, a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, ar athraíodh a gcuspóir nó a athmhonaraíodh, má cuireadh ceallraí den sórt sin ar an margadh nó má cuireadh i seirbhís cheana iad sula ndearnadh oibríochtaí den sórt sin orthu.
Tá feidhm ag an gCaibidil seo gan dochar do na forálacha a leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le hoibleagáidí díchill chuí i ndáil le mianraí agus miotail de thionscnamh limistéir ina bhfuil coinbhleacht nó limistéar ardriosca.
Airteagal 48
Beartais díchill chuí maidir le ceallraí
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
an liosta d’amhábhair i bpointe 1 d’Iarscríbhinn X agus de chatagóirí riosca i bpointe 2 d’Iarscríbhinn X a leasú, i bhfianaise dul chun cinn eolaíoch nó teicneolaíoch maidir le monaraíocht ceallraí agus ceimic ceallraí agus leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/821;
an liosta d’ionstraimí idirnáisiúnta i bpointe 3 d’Iarscríbhinn X a leasú, i gcomhréir le forbairtí laistigh de na fóraim idirnáisiúnta ábhartha maidir le caighdeáin a bhaineann le beartais díchill chuí agus le cosaint an chomhshaoil agus na gceart sóisialta;
na hoibleagáidí ar na hoibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leagtar síos in Airteagail 49 agus 50 a leasú i bhfianaise leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/821, agus an liosta d’ionstraimí díchill chuí a aithnítear go hidirnáisiúnta agus a leagtar amach i bpointe 4 d’Iarscríbhinn X a leasú.
Airteagal 49
Córas bainistithe an oibreora eacnamaíoch
Déanfaidh gach oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 48(1) an méid seo a leanas:
beartas díchill chuí de chuid na cuideachta maidir le ceallraí, a bhaineann le hamhábhair a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn X, agus na catagóirí riosca sóisialta agus comhshaoil gaolmhara a liostaítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn X, a ghlacadh agus a chur in iúl go soiléir do sholáthróirí agus don phobal;
caighdeáin atá comhsheasmhach leis na caighdeáin a leagtar amach in ionstraimí díchill chuí a aithnítear go hidirnáisiúnta agus a liostaítear i bpointe 4 d’Iarscríbhinn X a ionchorprú ina bheartas díchill chuí maidir le ceallraí;
a chóras bainistithe inmheánaigh a struchtúrú sa chaoi go dtacófar lena bheartas díchill chuí maidir le ceallraí trína chur de fhreagracht ar a leibhéal bainistíochta is airde formhaoirseacht a dhéanamh ar a bheartas díchill chuí maidir le ceallraí chomh maith le taifid a choinneáil ar bun den chóras sin ar feadh 10 mbliana ar a laghad;
córas rialuithe agus trédhearcachta a bhunú agus a fheidhmiú maidir leis an slabhra soláthair, lena n-áirítear líne chúraim nó córas inrianaitheachta, lena ndéanfar gníomhaithe réamhtheachtacha sa slabhra soláthair a shainaithint;
a bheartas díchill chuí maidir le ceallraí, lena n-áirítear bearta bainistithe riosca, a ionchorprú i gconarthaí agus comhaontuithe le soláthraithe; agus
sásra casaoide a bhunú, lena n-áirítear córas feasachta riosca luathrabhaidh agus sásra feabhsúcháin, nó foráil a dhéanamh maidir le sásraí den sórt sin trí chomhaontuithe comhoibríocha le hoibreoirí eacnamaíocha eile nó le heagraíochtaí eile nó trí dhul ar iontaoibh saineolaí nó comhlachta sheachtraigh, amhail ombudsman, a éascú; beidh sásraí den sórt sin bunaithe ar Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine.
Beidh doiciméadacht ina soláthraítear an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad mar thaca ag an gcóras dá dtagraítear i mír 1, pointe (d):
tuairisc ar an amhábhar, lena n-áirítear a ainm trádála agus a chineál;
ainm agus seoladh an tsoláthraí a sholáthair an t-amhábhar sna ceallraí don oibreoir eacnamaíoch a chuireann na ceallraí ina bhfuil an t-amhábhar atá i gceist ar an margadh;
tír thionscnaimh an amhábhair agus na hidirbhearta margaidh ó eastóscadh an amhábhair chuig an soláthraí is gaire don oibreoir eacnamaíoch a chuireann an ceallra ar an margadh;
cainníochtaí an amhábhair sa cheallra a chuirtear ar an margadh, arna shloinneadh i gcéatadán nó de réir meáchain;
tuarascálacha fíorúcháin tríú páirtí arna n-eisiúint ag comhlacht faoina dtugtar fógra agus a bhaineann leis na soláthraithe dá dtagraítear in Airteagal 50(3);
mura bhfuil na taifid dá dtagraítear i bpointe (e) ar fáil agus i gcás ina dtionscnaíonn an t-amhábhar ó limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéir ardriosca, faisnéis bhreise i gcomhréir leis na moltaí sonracha d’oibreoirí eacnamaíocha réamhtheachtacha, mar a leagtar amach i dTreoir ECFE maidir le dícheall cuí do Shlabhraí Soláthair Freagracha Mianraí ó Limistéir ina bhfuil Coinbhleacht agus ó Limistéir Ardriosca, i gcás inarb ábhartha, amhail an mianach tionscnaimh, suíomhanna ina ndéantar an t-amhábhar a chomhdhlúthú, a thrádáil agus a phróiseáil, agus ina ndéantar cánacha, táillí agus ríchíosanna a íocadh.
Cuirfidh soláthróirí dá dtagraítear in Airteagal 50(3) tuarascálacha fíorúcháin tríú páirtí dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír ar fáil d’oibreoirí iartheachtacha an tslabhra soláthair.
Airteagal 50
Oibleagáidí maidir le bainistiú riosca
Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 48(1) an méid seo a leanas:
aon riosca drochthionchar ina shlabhra soláthair, a bhaineann leis na catagóirí riosca a liostaítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn X mar chuid dá phlean bainistithe, a shainaithint agus a mheasúnú, lena n-áirítear ar bhonn na faisnéise arna soláthar de bhun Airteagal 49 agus aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil go poiblí nó a chuireann geallsealbhóirí ar fáil, faoi threoir a bheartais díchill chuí maidir le ceallraí;
straitéis a cheapadh agus a chur chun feidhme chun freagairt ar na rioscaí a sainaithníodh, ionas gur féidir tionchair dhíobhálacha a chosc, a mhaolú agus aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach eile tríd an méid seo a leanas:
torthaí a mheasúnaithe riosca a thuairisciú chuig a leibhéal bainistíochta is airde arna shannadh i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 49(1);
bearta bainistithe riosca a ghlacadh atá i gcomhréir leis na hionstraimí díchill chuí a aithnítear go hidirnáisiúnta a liostaítear i bpointe 4 d’Iarscríbhinn X, agus a chumas chun tionchar a imirt á chur san áireamh, agus i gcás inar gá, bearta a dhéanamh chun brú a chur ar sholáthraithe, lena n-áirítear a bhfochuideachtaí agus a bhfochonraitheoirí, ar féidir leo an riosca arna shainaithint a chosc nó a mhaolú ar an mbealach is éifeachtaí;
plean bainistithe riosca a cheapadh agus a chur chun feidhme, faireachán agus rianú a dhéanamh ar fheidhmíocht na n-iarrachtaí maolaithe riosca, tuairisciú ar ais chuig a leibhéal bainistíochta is airde arna shannadh i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 49(1), agus breithniú a dhéanamh ar rannpháirtíocht le soláthróir nó lena fhochuideachta nó lena fhochonraitheoir a chur ar fionraí nó a scor tar éis iarrachtaí ar chliseadh ar mhaolú, bunaithe ar chonarthaí agus comhaontuithe ábhartha dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 49(1);
tuilleadh measúnuithe fíorais agus riosca a dhéanamh le haghaidh rioscaí nach mór a mhaolú, nó tar éis athrú ar imthosca.
Airteagal 51
Fíorú tríú páirtí ar bheartais díchill chuí maidir le ceallraí
Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra fíoruithe tríú páirtí. Maidir le fíoruithe tríú páirtí den sórt sin:
cumhdófar leis na gníomhaíochtaí, próisis agus córais uile a úsáideann oibreoirí eacnamaíocha chun a n-oibleagáidí maidir le dícheall cuí a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagail 49, 50 agus 52;
beidh mar a gcuspóir acu comhréireacht cleachtas díchill chuí oibreoirí eacnamaíocha, a chuireann ceallraí ar an margadh, a chinneadh i gcomhréir le hAirteagail 49, 50 agus 52;
i gcás inarb ábhartha, áireofar seiceálacha ar ghnóthais agus déanfar faisnéis a bhailiú ó gheallsealbhóirí;
réimsí ina bhféadfaí feabhas a dhéanamh i ndáil lena gcleachtais díchill chuí a shainaithint do na hoibreoirí eacnamaíocha a chuireann ceallraí ar an margadh;
prionsabail an neamhspleáchais, na hinniúlachta agus na cuntasachta san iniúchóireacht a urramú, mar a leagtar amach i dTreoir ECFE maidir le Dícheall Cuí do Shlabhraí Soláthair Freagracha Mianraí ó Limistéir ina bhfuil Coinbhleacht agus ó Limistéir Ardriosca.
Airteagal 52
Faisnéis a nochtadh maidir le beartais díchill chuí maidir le ceallraí
Airteagal 53
Aitheantas do scéimeanna díchill chuí
Agus cinneadh á dhéanamh aige maidir le haitheantas a thabhairt do scéim díchill chuí, cuirfidh an Coimisiún san áireamh cleachtais éagsúla an tionscail a chumhdaítear leis an scéim sin agus ina theannta sin beidh aird aige ar an gcur chuige agus modh rioscabhunaithe atá in úsáid ag an scéim sin chun rioscaí a shainaithint.
CAIBIDIL VIII
Ceallraí dramhaíola a bhainistiú
Airteagal 54
Údarás inniúil
Leagfaidh na Ballstáit síos mionsonraí eagrúchán agus oibríocht an údaráis inniúil nó na n-údarás inniúil, lena n-áirítear na rialacha riaracháin agus na rialacha nós imeachta le haghaidh an mhéid seo a leanas:
táirgeoirí a chlárú i gcomhréir le hAirteagal 55;
údarú a thabhairt do tháirgeoirí agus d’eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí i gcomhréir le hAirteagal 58;
formhaoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora i gcomhréir le hAirteagal 57;
sonraí ar cheallraí agus ar cheallraí dramhaíola a bhailiú i gcomhréir le hAirteagal 75;
faisnéis a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 76.
Airteagal 55
Clár na dtáirgeoirí
Tíolacfaidh táirgeoirí an t-iarratas ar chlárú trí chóras próiseála sonraí leictreonach dá dtagraítear i mír 9, pointe (a).
Ní dhéanfaidh táirgeoirí ach ceallraí a chur ar fáil, lena n-áirítear na ceallraí sin atá ionchorpraithe i bhfearais, i modhanna éadroma iompair nó i bhfeithiclí eile, ar mhargadh Ballstáit, má tá siad féin nó, i gcás údaraithe, a n-ionadaithe údaraithe do fhreagracht leathnaithe táirgeora, cláraithe sa Bhallstát sin.
Áireofar an fhaisnéis seo a leanas ar an iarratas ar chlárú:
ainm, agus ainmneacha branda má tá siad ar fáil, faoina n-oibríonn an táirgeoir sa Bhallstát agus seoladh an táirgeora, lena n-áirítear cód poist agus áit phoist, sráid agus uimhir na sráide, tír, uimhir theileafóin, más ann di, seoladh gréasáin agus ríomhphoist, lena léirítear pointe teagmhála aonair;
cód céannachta náisiúnta an táirgeora, lena n-áirítear a uimhir ar an gclár trádála nó uimhir chlárúcháin oifigiúil choibhéiseach agus an uimhir Eorpach aitheantais cánach nó an uimhir náisiúnta aitheantais cánach;
an catagóir ceallraí nó na catagóirí ceallraí a bhfuil sé beartaithe ag an táirgeoir a chur ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Bhallstáit, eadhon ceallraí inaistrithe, ceallraí tionsclaíocha, ceallraí LMT, ceallraí feithiclí leictreacha, nó ceallraí SLI, agus a gceimic;
faisnéis maidir le conas a chomhlíonann an táirgeoir a fhreagrachtaí a leagtar síos in Airteagal 56 agus na ceanglais faoi Airteagail 59, 60 agus 61, faoi seach:
le haghaidh ceallraí inaistrithe nó ceallraí LMT, comhlíonfar ceanglais phointe (d) tríd an méid seo a leanas a sholáthar:
le haghaidh ceallraí SLI, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha, comhlíonfar ceanglais phointe (d) seo tríd an méid seo a leanas a sholáthar:
ráiteas ón táirgeoir nó, i gcás inarb infheidhme, ó ionadaí údaraithe do fhreagracht leathnaithe táirgeora nó ón eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a cheaptar i gcomhréir le hAirteagal 57(1) á lua go bhfuil an fhaisnéis arna soláthar fíor.
I gcás ina ndéanann ionadaí údaraithe do fhreagracht leathnaithe táirgeora a dhéanann ionadaíocht thar ceann níos mó ná táirgeoir amháin oibleagáidí faoin Airteagal seo a chomhlíonadh thar ceann táirgeora, de bhreis ar an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 3, déanfaidh an t-ionadaí údaraithe sin ainm agus sonraí teagmhála a chur ar fáil ar leithligh le haghaidh gach duine de na táirgeoirí ionadaithe.
Maidir leis an údarás inniúil:
cuirfidh sé faisnéis faoin bpróiseas iarratais ar fáil ar a shuíomh gréasáin trí chóras leictreonach próiseála sonraí;
deonóidh sé clárúcháin agus soláthróidh sé uimhir chlárúcháin laistigh d’uastréimhse 12 sheachtain ón tráth a sholáthraítear an fhaisnéis uile a cheanglaítear faoi mhíreanna 2 agus 3.
Féadfaidh an t-údarás inniúil an méid a leanas a dhéanamh:
rialacha mionsonraithe a leagan síos i leith cheanglais agus phróiseas an chlárúcháin gan ceanglais shubstainteacha a chur leis na cinn a leagtar síos i míreanna 2 agus 3;
táillí atá costas-bhunaithe agus comhréireach a mhuirearú ar tháirgeoirí chun na hiarratais dá dtagraítear i mír 2 a phróiseáil.
Déanfaidh an t-údarás inniúil clárú an táirgeora a tharraingt siar más rud é nach ann dó a thuilleadh.
Airteagal 56
Freagracht Leathnaithe Táirgeora
Cumhdóidh na ranníocaíochtaí airgeadais atá le n-íoc ag an táirgeoir na costais seo a leanas i leith na dtáirgí a chuireann an táirgeoir ar fáil ar an margadh sa Bhallstát lena mbaineann:
na costais a ghabhann le bailiú ar leithligh ceallraí dramhaíola agus le hiompar na gceallraí sin, lena gcóireáil agus lena n-athchúrsáil ina dhiaidh sin, agus aon ioncam a fhaightear óna n-ullmhú le haghaidh athúsáide nó óna n-ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó ó luach na n-amhábhar tánaisteach arna n-aisghabháil ó cheallraí dramhaíola athchúrsáilte á gcur san áireamh;
na costais a ghabhann le suirbhé ilchodach ar dhramhaíl mheasctha chathrach arna bailiú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 69(5);
na costais a ghabhann le faisnéis a chur ar fáil maidir le ceallraí dramhaíola a chosc agus a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 74;
na costais a ghabhann le bailiú sonraí agus le tuairisciú do na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 75.
I gcás ina bhfuil ceallra dá dtagraítear i mír 2 faoi réir níos mó ná aon fhreagracht leathnaithe táirgeora amháin, ní iompróidh an chéad táirgeoir a chuireann an ceallra sin ar fáil ar an margadh costais bhreise mar thoradh ar an sásra roinnte costas sin.
Éascóidh an Coimisiún malartú faisnéise agus comhroinnt dea-chleachtas idir na Ballstáit maidir le sásraí roinnte costas den sórt sin.
Airteagal 57
Eagraíocht um Fhreagracht Táirgeoirí
I gcás ina bhfuil oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora á gcomhlíonadh ar bhonn comhchoiteann, áiritheoidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí an chóir chomhionann do tháirgeoirí gan beann ar a dtionscnamh nó ar a méid, gan ualach díréireach a chur ar tháirgeoirí cainníochtaí beaga ceallraí, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide. Áiritheoidh siad an méid a leanas freisin maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais arna n-íoc ag táirgeoirí leo:
déantar iad a mhodhnú i gcomhréir le hAirteagal 8a(4), pointe (b), de Threoir 2008/98/CE agus de réir chatagóir an cheallra agus cheimic an cheallra ar a laghad, agus an mharthanacht agus leibhéal an ábhair athchúrsáilte i monaraíocht na gceallraí á gcur san áireamh, de réir mar is iomchuí, agus á chur san áireamh freisin ar ullmhaíodh na ceallraí le haghaidh athúsáide, ar ullmhaíodh iad le haghaidh athrú cuspóra, ar athraíodh a gcuspóir nó ar athmhonaraíodh iad, agus a lorg carbóin; agus
déantar iad a choigeartú chun aon ioncaim a chur san áireamh a fhaigheann na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí ó ullmhú le haghaidh athúsáide nó ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó ó luach amhábhar tánaisteach arna n-aisghabháil ó cheallraí dramhaíola athchúrsáilte.
Airteagal 58
Comhlíonadh na freagrachta leathnaithe táirgeora a údarú
Ní dheonófar an t-údarú ach amháin i gcás ina léirítear an méid seo a leanas:
go bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8a(3), pointí (a) go (d), de Threoir 2008/98/cé á gcomhlíonadh agus gur leordhóthanach na bearta arna gcur i bhfeidhm ag an táirgeoir nó ag an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí chun na hoibleagáidí a leagtar amach sa Chaibidil seo a chomhlíonadh maidir leis an líon ceallraí arna chur ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Bhallstáit ag an táirgeoir nó ag na táirgeoirí a ngníomhaíonn an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí thar a gceann; agus
trí fhianaise dhoiciméadach a sholáthar, go bhfuil ceanglais Airteagal 59(1) agus (2) nó ceanglais Airteagal 60(1), (2) agus (4), á gcomhlíonadh agus go bhfuil na socruithe go léir i bhfeidhm ionas gur féidir an sprioc bhailithe dá dtagraítear in Airteagal 59(3) agus in Airteagal 60(3), faoi seach, ar a laghad a bhaint amach agus a choinneáil ar bun go marthanach.
Airteagal 59
Ceallraí inaistrithe dramhaíola a bhailiú
Áiritheoidh táirgeoirí ceallraí inaistrithe nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí go ndéantar na ceallraí inaistrithe dramhaíola uile, gan beann ar a gcineál, ar a gcomhdhéanamh ceimiceach, ar an mbail atá orthu, ar a mbranda nó a dtionscnamh, a bhailiú ar leithligh ar chríoch Bhallstáit i gcás ina gcuireann siad ceallraí inaistrithe ar fáil ar an margadh den chéad uair. Chun na críche sin, déanfaidh siad an méid seo a leanas:
córas aisghlactha agus bailithe le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola a bhunú;
bailiú ceallraí inaistrithe dramhaíola a thairiscint, saor in aisce, do na heintitis dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), agus foráil a dhéanamh maidir le ceallraí inaistrithe dramhaíola ó gach eintiteas a bhain úsáid as an tairiscint sin a bhailiú (“pointí bailithe cleamhnaithe le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola”);
foráil a dhéanamh maidir leis na socruithe praiticiúla is gá maidir le bailiú agus iompar ceallraí inaistrithe dramhaíola, lena n-áirítear coimeádáin bhailithe oiriúnacha agus coimeádáin iompair oiriúnacha a chomhlíonann ceanglais Threoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ) a sholáthar, saor in aisce, do na pointí bailithe cleamhnaithe le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola;
na ceallraí inaistrithe dramhaíola arna mbailiú ag na pointí bailithe cleamhnaithe a bhailiú, saor in aisce, a mhinice is comhréireach leis an limistéar atá i gceist agus le líon agus cineál guaiseach na gceallraí inaistrithe dramhaíola a bhailítear trí na pointí bailithe cleamhnaithe le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola de ghnáth;
na ceallraí inaistrithe dramhaíola a bhaintear de dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach a bhailiú, saor in aisce, a mhinice is comhréireach le toirt agus cineál guaiseach na gceallraí inaistrithe dramhaíola;
a áirithiú go ndéanann oibreoir bainistithe dramhaíola na ceallraí inaistrithe dramhaíola arna mbailiú ó na pointí bailithe cleamhnaithe le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola agus a bhaintear de dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach a chóireáil ina dhiaidh sin i saoráid cheadaithe i gcomhréir le hAirteagal 70.
Áiritheoidh táirgeoirí ceallraí inaistrithe nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí an méid seo a leanas i gcás chóras aisghlactha agus bailithe na gceallraí inaistrithe dramhaíola:
gur pointí bailithe atá ann a chuireann siad ar bun i gcomhar le ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
dáileoirí i gcomhréir le hAirteagal 62;
saoráidí cóireála feithiclí a bhfuil a ré caite faoi réir Threoir 2000/53/CE;
údaráis phoiblí, nó tríú páirtithe a dhéanann gníomhaíochtaí bainistithe dramhaíola thar a gceann, i gcomhréir le hAirteagal 66;
pointí bailithe deonacha i gcomhréir le hAirteagal 67;
saoráidí cóireála dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh faoi réir Threoir 2012/19/AE; agus
go gcumhdaítear leis críoch iomlán an Bhallstáit, agus méid agus dlús an daonra, líon ionchasach ceallraí inaistrithe dramhaíola, inrochtaineacht agus cóngaracht d’úsáideoirí deiridh á gcur san áireamh, gan a bheith teoranta do limistéir inar brabúsach ceallraí inaistrithe dramhaíola a bhailiú agus a bhainistiú ina dhiaidh.
Táirgeoirí ceallraí inaistrithe nó, i gcás ina gceaptar iad faoi Airteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, déanfaidh siad na spriocanna bailithe seo a leanas, ar a laghad, le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola a bhaint amach agus a choinneáil ar bun go marthanach:
45 % faoin 31 Nollaig 2023;
63 % faoin 31 Nollaig 2027;
73 % faoin 31 Nollaig 2030.
Ríomhfaidh táirgeoirí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, an ráta bailithe dá dtagraítear sa mhír seo i gcomhréir le hIarscríbhinn XI.
Airteagal 60
Ceallraí LMT dramhaíola a bhailiú
Áiritheoidh táirgeoirí ceallraí LMT nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, go ndéantar na ceallraí LMT dramhaíola uile, gan beann ar a gcineál, ar a gcomhdhéanamh ceimiceach, ar an mbail atá orthu, ar a mbranda nó a dtionscnamh, a bhailiú ar leithligh ar chríoch Bhallstáit i gcás ina gcuireann siad ceallraí ar fáil ar an margadh den chéad uair. Chun na críche sin, déanfaidh siad an méid seo a leanas:
córas bailithe agus aisghlactha le haghaidh ceallraí LMT dramhaíola a bhunú;
bailiú ceallraí LMT dramhaíola a thairiscint, saor in aisce, do na heintitis dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), agus foráil a dhéanamh maidir le ceallraí LMT dramhaíola ó gach eintiteas a bhain úsáid as an tairiscint sin a bhailiú (“pointí bailithe cleamhnaithe le haghaidh ceallraí LMT”);
foráil a dhéanamh maidir leis na socruithe praiticiúla is gá maidir le bailiú agus iompar ceallraí LMT dramhaíola, lena n-áirítear coimeádáin bhailithe oiriúnacha agus coimeádáin iompair oiriúnacha a chomhlíonann ceanglais Threoir 2008/68/CE a sholáthar, saor in aisce, do na pointí bailithe cleamhnaithe le haghaidh ceallraí LMT;
na ceallraí LMT dramhaíola arna mbailiú ag na pointí bailithe cleamhnaithe le haghaidh ceallraí LMT a bhailiú, saor in aisce, a mhinice is comhréireach leis an limistéar atá i gceist agus le líon agus cineál guaiseach na gceallraí LMT dramhaíola a bhailítear ag na pointí bailithe sin de ghnáth;
na ceallraí LMT dramhaíola a bhaintear as dramhthrealamh leictreach agus leictreonach a bhailiú, saor in aisce, a mhinice is comhréireach le toirt agus cineál guaiseach na gceallraí LMT dramhaíola;
a áirithiú go ndéanann oibreoir bainistithe dramhaíola na ceallraí LMT dramhaíola arna mbailiú ó na pointí bailithe cleamhnaithe le haghaidh ceallraí LMT agus a bhaintear de dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach a chóireáil ina dhiaidh sin i saoráid cheadaithe i gcomhréir le hAirteagal 70.
Áiritheoidh táirgeoirí ceallraí LMT nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, an méid seo a leanas i gcás chóras aisghlactha agus bailithe na gceallraí LMT dramhaíola:
gur pointí bailithe atá ann a chuireann siad ar bun i gcomhar le ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
dáileoirí i gcomhréir le hAirteagal 62;
saoráidí cóireála feithiclí a bhfuil a ré caite faoi réir Threoir 2000/53/CE;
údaráis phoiblí, nó tríú páirtithe a dhéanann gníomhaíochtaí bainistíochta dramhaíola thar a gceann, i gcomhréir le hAirteagal 66;
pointí bailithe deonacha i gcomhréir le hAirteagal 67;
saoráidí cóireála dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh faoi réir Threoir 2012/19/AE; agus
cumhdaítear leis críoch iomlán an Bhallstáit, agus méid agus dlús an daonra, líon ionchasach na gceallraí LMT dramhaíola, inrochtaineacht agus cóngaracht d’úsáideoirí deiridh á gcur san áireamh, gan a bheith teoranta do limistéir inar brabúsach ceallraí LMT dramhaíola a bhailiú agus a bhainistiú ina dhiaidh.
Táirgeoirí ceallraí LMT nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, déanfaidh siad na spriocanna bailithe seo a leanas, ar a laghad, le haghaidh ceallraí LMT dramhaíola a bhaint amach agus a choinneáil ar bun go marthanach:
51 % faoin 31 Nollaig 2028;
61 % faoin 31 Nollaig 2031.
Ríomhfaidh táirgeoirí ceallraí LMT nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí an ráta bailithe dá dtagraítear sa mhír seo i gcomhréir le hIarscríbhinn XI.
Déanfaidh táirgeoirí ceallraí LMT nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí an méid seo a leanas:
bonneagar bailithe oiriúnach a chur ar bun do na pointí bailithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), chun ceallraí LMT dramhaíola a chomhlíonann na ceanglais sábháilteachta is infheidhme a bhailiú ar leithligh agus na costais is gá arna dtabhú ag na pointí bailithe i ndáil leis na gníomhaíochtaí tógála ar ais a chumhdach; beidh na coimeádáin chun ceallraí dramhaíola den sórt sin a bhailiú agus a stóráil go sealadach ag na pointí bailithe oiriúnach i bhfianaise líon agus cineál guaiseach na gceallraí LMT dramhaíola ar dócha a bhaileofar trí na pointí bailithe sin;
ceallraí LMT dramhaíola a bhailiú ó na pointí bailithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), a mhinice is comhréireach le hacmhainneacht stórála an bhonneagair bailithe ar leithligh agus le líon agus cineál guaiseach na gceallraí dramhaíola a bhailítear trí na pointí bailithe sin de ghnáth; agus
foráil a dhéanamh maidir le seachadadh ceallraí LMT dramhaíola arna mbailiú ó na pointí bailithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), den Airteagal seo chuig saoráidí ceadaithe lena gcóireáil i gcomhréir le hAirteagail 70 agus 73.
Airteagal 61
Ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola a bhailiú
Táirgeoirí ceallraí SLI, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, déanfaidh siad gach ceallra SLI dramhaíola, gach ceallra tionsclaíoch dramhaíola agus gach ceallra feithiclí leictreacha dramhaíola, gan beann ar a gcomhdhéanamh ceimiceach, ar an mbail atá orthu, ar a mbranda nó ar thionscnamh na catagóire faoi seach, a chuir siad ar fáil ar an margadh den chéad uair ar chríoch an Bhallstáit sin a thógáil ar ais saor in aisce agus gan oibleagáid ar an úsáideoir deiridh ceallra nua a cheannach, ná an ceallra a bheith ceannaithe aige uathu, agus áiritheoidh siad go ndéantar gach ceallra dramhaíola den sórt sin a bhailiú ar leithligh. Chun na críche sin, glacfaidh siad le ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola a thógáil ar ais ó úsáideoirí deiridh, nó ó chórais aisghlactha agus bailithe lena n-áirítear pointí bailithe arna gcur ar bun acu i gcomhar le:
dáileoirí ceallraí SLI, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha i gcomhréir le hAirteagal 62(1);
oibreoirí a dhéanann athmhonarú nó athrú cuspóra ar cheallraí SLI, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha;
saoráidí cóireála agus athchúrsála dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh agus feithiclí a bhfuil a ré caite dá dtagraítear in Airteagal 65 le haghaidh ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola a eascraíonn as a n-oibríochtaí;
údaráis phoiblí nó tríú páirtithe a dhéanann gníomhaíochtaí bainistíochta dramhaíola thar a gceann i gcomhréir le hAirteagal 66.
Féadfaidh Ballstáit bearta a ghlacadh lena gceanglaítear nach bhféadfaidh na heintitis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) go (d), ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola a bhailiú ach amháin má tá conradh tugtha i gcrích acu leis na táirgeoirí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), le heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí.
I gcás ina gceanglaítear ceallraí tionsclaíocha dramhaíola a dhíchóimeáil ag áitreabh úsáideoirí príobháideacha, neamhthráchtála, ní bheidh mar thoradh ar oibleagáid an táirgeora na ceallraí dramhaíola sin a thógáil ar ais aon chostais a bhaineann leis na ceallraí dramhaíola sin a dhíchóimeáil agus a bhailiú a ghearradh ar na húsáideoirí sin.
Déanfaidh táirgeoirí ceallraí SLI, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, an méid seo a leanas:
bonneagar bailithe oiriúnach a sholáthar do na córais aisghlactha agus bailithe dá dtagraítear i mír 1 chun ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola a chomhlíonann na ceanglais sábháilteachta is infheidhme a bhailiú ar leithligh, agus na costais is gá arna dtabhú ag na córais aisghlactha agus bailithe sin i ndáil leis na gníomhaíochtaí tógála ar ais a chumhdach; beidh na coimeádáin chun ceallraí dramhaíola den sórt sin a bhailiú agus a stóráil ar bhonn sealadach ag na córais aisghlactha agus bailithe oiriúnach i bhfianaise líon agus cineál guaiseach na gceallraí SLI dramhaíola, na gceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus na gceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola ar dócha a bhaileofar trí na pointí bailithe sin;
ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola a bhailiú ó na córais aisghlactha agus bailithe dá dtagraítear i mír 1 a mhinice is comhréireach le hacmhainneacht stórála an bhonneagair bailithe ar leithligh agus líon agus cineál guaiseach na gceallraí dramhaíola a bhailítear trí na córais aisghlactha agus bailithe sin de ghnáth; agus
foráil a dhéanamh maidir le ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola arna mbailiú ó úsáideoirí deiridh agus ó na córais aisghlactha agus bailithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a sheachadadh chuig saoráidí ceadaithe le haghaidh a gcóireála i gcomhréir le hAirteagail 70 agus 73.
Airteagal 62
Oibleagáidí na ndáileoirí
Tógfaidh dáileoirí ceallraí dramhaíola ar ais ón úsáideoir deiridh saor in aisce agus gan oibleagáid a fhorchur ar an úsáideoir deiridh ceallra nua a cheannach nó a bheith ceannaithe aige, gan beann ar a gcomhdhéanamh ceimiceach, a mbranda nó a dtionscnamh mar seo a leanas:
i gcás ceallraí inaistrithe dramhaíola ag asraon miondíola an dáileora nó i gcóngaracht láithreach an asraoin sin;
i gcás ceallraí LMT dramhaíola, ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola, ag asraon miondíola an dáileora nó gar don asraon sin.
Maidir leis an oibleagáid i ndáil le tógáil ar ais a leagtar síos i mír 1:
ní bheidh feidhm aici maidir le dramhtháirgí ina bhfuil ceallraí;
beidh sí teoranta do na catagóirí ceallraí dramhaíola atá, nó a bhí, á dtairiscint mar cheallraí ag an dáileoir agus, le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola, don líon a dhiúscraíonn úsáideoirí deiridh neamhghairmiúla de ghnáth.
Chun críocha Airteagal 30(1), pointí (d) agus (e), de Rialachán (AE) 2022/2065 a chomhlíonadh, gheobhaidh soláthraithe ardán ar líne, a thagann faoi raon feidhme Roinn 4 de Chaibidil III den Rialachán sin, a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le táirgeoirí, an fhaisnéis seo a leanas ó tháirgeoirí a thairgeann ceallraí, lena n-áirítear ceallraí atá ionchorpraithe i bhfearais, i modhanna éadroma iompair nó i bhfeithiclí eile, do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas:
mionsonraí a bhaineann le clár na dtáirgeoirí dá dtagraítear in Airteagal 55 agus uimhir chlárúcháin nó uimhreacha clárúcháin an táirgeora sa chlár sin;
féindeimhniúchán arna dhéanamh ag an táirgeoir nach dtairgfidh sé ach ceallraí, lena n-áirítear na ceallraí sin atá ionchorpraithe i bhfearais, i modhanna éadroma iompair nó i bhfeithiclí eile, ar ina leith a chomhlíontar na ceanglais maidir le freagracht leathnaithe táirgeora dá dtagraítear in Airteagal 56(1), (2), (3) agus (4), Airteagal 57(1) agus Airteagal 58(1), (2) agus (7).
Airteagal 63
Córais aisíoctha éarlaise do cheallraí
Faoin 31 Nollaig 2027, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a indéanta atá sé córais aisíoctha éarlaise a bhunú do cheallraí, go háirithe i gcás ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta, agus ar na tairbhí féideartha a bhaineann le córais den sórt sin a bhunú. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus breathnóidh sé ar na bearta iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear tograí reachtacha a ghlacadh.
Airteagal 64
Oibleagáidí na n-úsáideoirí deiridh
Airteagal 65
Oibleagáidí oibreoirí na saoráidí cóireála
Airteagal 66
Rannpháirtíocht na n-údarás bainistithe dramhaíola poiblí
Áiritheoidh na húdaráis phoiblí bainistithe dramhaíola go ndéanfar ceallraí dramhaíola bailithe a chóireáil i gcomhréir le hAirteagal 70, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
iad a thabhairt ar láimh do tháirgeoirí na catagóire ábhartha ceallraí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), d’eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, nó d’oibreoirí bainistíochta dramhaíola arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 57(8); nó
cóireáil a dhéanamh ar na ceallraí dramhaíola bailithe iad féin i gcomhréir le hAirteagal 68(2).
Airteagal 67
Rannpháirtíocht na bpointí bailithe deonacha
Airteagal 68
Srianta maidir le ceallraí inaistrithe dramhaíola agus ceallraí LMT dramhaíola a thabhairt ar láimh
Airteagal 69
Oibleagáidí ar na Ballstáit maidir le spriocanna bailithe le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola agus ceallraí LMT dramhaíola
I gcás ina gcuireann an t-údarás inniúil a bharúlacha maidir leis an dréachtphlean gníomhaíochta ceartaithí in iúl, déanfaidh an táirgeoir nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, laistigh d’aon mhí amháin tar éis dó na barúlacha sin a fháil, an plean gníomhaíochta ceartaithí a tharraingt suas, agus na barúlacha sin á gcur san áireamh, agus cuirfidh sé chun feidhme é dá réir.
Déanfar inneachar an phlean gníomhaíochta ceartaithí agus comhlíonadh an phlean sin ag an táirgeoir nó ag an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a chur san áireamh agus meastóireacht á déanamh i dtaobh an bhfuil na coinníollacha maidir leis an gclárú a leagtar síos in Airteagal 55 agus, i gcás inarb infheidhme, leis an údarú a leagtar síos in Airteagal 58 á gcomhlíonadh.
Airteagal 70
Cóireáil
Airteagal 71
Spriocanna maidir le héifeachtúlacht athchúrsála agus aisghabháil ábhar
Airteagal 72
Ceallraí dramhaíola a loingsiú
I gcás ina suíonn na húdaráis inniúla i mBallstát gur ceallraí dramhaíola atá i gceist le loingsiú beartaithe ceallraí caite, féadfar costais na n-anailísí iomchuí, na gcigireachtaí iomchuí agus na stórála iomchuí a dhéantar ar na ceallraí caite a bhfuil amhras ann gur dramhaíl iad a ghearradh ar tháirgeoirí na catagóire ábhartha ceallraí, ar thríú páirtithe a ghníomhaíonn thar a gceann nó ar dhaoine eile a shocraíonn an loingsiú. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89, lena bhforlíontar na híoscheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn XIV, go háirithe maidir le staid na sláinte, chun idirdhealú a dhéanamh idir loingsiú ceallraí caite agus ceallraí dramhaíola.
Airteagal 73
Ceallraí LMT dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola a ullmhú le haghaidh athúsáide nó a ullmhú le haghaidh athrú cuspóra
Chun a dhoiciméadú nach dramhaíl a thuilleadh é ceallra LMT dramhaíola, ceallra tionsclaíoch dramhaíola agus ceallra feithiclí leictreacha dramhaíola a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide nó a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, léireoidh sealbhóir an cheallra an méid seo a leanas arna iarraidh sin d’údarás inniúil:
fianaise faoi mheastóireacht ar staid sláinte nó faoi thástáil ar staid sláinte arna déanamh i mBallstát i bhfoirm cóipe den taifead lena ndearbhaítear cumas an cheallra chun an fheidhmíocht is ábhartha dá úsáid a chomhlíonadh tar éis ullmhú le haghaidh athúsáide, nó ullmhú le haghaidh athrú cuspóra;
maidir le húsáid bhreise a bhaint as an gceallra a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide, nó a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, déantar í sin a dhoiciméadú trí bhíthin sonrasc nó conradh i ndáil leis an gceallra a dhíol nó le húinéireacht an cheallra a aistriú;
fianaise ar chosaint iomchuí ar dhíobháil le linn iompair, lódála agus dílódála, lena n-áirítear trí phacáistiú leordhóthanach agus cruachadh iomchuí an ualaigh.
Airteagal 74
Faisnéis maidir le ceallraí dramhaíola a chosc agus a bhainistiú
De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8a(2) de Threoir 2008/98/CE, cuirfidh táirgeoirí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí an fhaisnéis seo a leanas ar fáil d’úsáideoirí deiridh agus do dháileoirí maidir le ceallraí dramhaíola a chosc agus a bhainistiú i ndáil leis na catagóirí ceallraí a sholáthraíonn siad laistigh de chríoch Bhallstáit:
an ról atá ag úsáideoirí deiridh agus iad ag rannchuidiú le cosc dramhaíola, lena n-áirítear trí fhaisnéis maidir le dea-chleachtais agus moltaí a bhaineann le ceallraí a úsáid a bhfuil sé d’aidhm leo síneadh a chur lena gcéim úsáide agus leis na féidearthachtaí maidir lena n-athúsáid, lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide, lena n-ullmhú le haghaidh athrú cuspóra, athrú cuspóra agus athmhonaraíocht;
an ról atá ag úsáideoirí deiridh agus iad ag rannchuidiú le bailiú ar leithligh ceallraí dramhaíola i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoi Airteagal 64 chun go mbeifear in ann iad a chóireáil;
na córais bailithe ar leithligh, na pointí aisghlactha agus bailithe, na córais ullmhúcháin le haghaidh athúsáide, na córais ullmhúcháin le haghaidh athrú cuspóra agus cóireála atá ar fáil le haghaidh ceallraí dramhaíola;
na treoracha sábháilteachta is gá chun ceallraí dramhaíola a láimhseáil, lena n-áirítear i ndáil leis na rioscaí a bhaineann le ceallraí ina bhfuil litiam agus leis na ceallraí sin a láimhseáil;
ciall na lipéad agus na siombailí atá ar cheallraí i gcomhréir le hAirteagal 13 nó a phriontáiltear ar a bpacáistíocht nó sna doiciméid a ghabhann le ceallraí; agus
tionchar substaintí, go háirithe substaintí guaiseacha, atá i gceallraí ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine nó ar shábháilteacht daoine, lena n-áirítear an tionchar mar gheall ar dhiúscairt mhíchuí ceallraí dramhaíola, amhail caitheamh bruscair nó iad a bheith á ndiúscairt mar dhramhaíl chathrach nár sórtáladh.
Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil:
ag eatraimh ama thráthrialta le haghaidh gach samhla ceallra a luaithe a chuirtear an tsamhail cheallra lena mbaineann ar fáil ar an margadh den chéad uair i mBallstát ag an díolphointe ar a laghad ar bhealach infheicthe agus trí ardáin ar líne;
i dteanga nó i dteangacha is éasca d’úsáideoirí deiridh a thuiscint, de réir mar a chinneann an Ballstát ina bhfuil an ceallra le cur ar fáil ar an margadh.
A luaithe a sholáthraítear ceallra laistigh de chríoch Bhallstáit, cuirfidh táirgeoirí an fhaisnéis seo a leanas ar fáil go leictreonach, faisnéis a bhaineann le samhlacha ceallraí sonracha maidir le cóireáil cheart fhónta a dhéanamh ar cheallraí dramhaíola ó thaobh an chomhshaoil de, saor in aisce agus arna iarraidh sin, d’oibreoirí bainistithe dramhaíola a bhíonn i mbun ullmhú le haghaidh athúsáide, ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó cóireála, a mhéid is gá do na hoibreoirí sin chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh:
na próisis chun modhanna éadroma iompair, feithiclí agus fearais a dhíchóimeáil ar bhealach lena mbeifear in ann ceallraí ionchorpraithe a bhaint;
na bearta sábháilteachta agus cosanta, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le bearta sábháilteachta ceirde agus cosanta dóiteáin, is infheidhme maidir leis an stóráil, an iompar agus na próisis chóireála le haghaidh ceallraí dramhaíola.
Sainaithneofar leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír na comhábhair agus na hábhair agus suíomh gach substainte guaisí i gceallraí, a mhéid is gá sin d’oibreoirí a dhéanann ullmhú le haghaidh athúsáide, ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó cóireála, chun cur ar a gcumas ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh.
Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil i dteanga nó i dteangacha is éasca d’oibreoirí arna lua sa chéad fhomhír a thuiscint, de réir mar a chinnfidh an Ballstát ar a margadh a bhfuil an ceallra le cur ar fáil.
Soláthróidh dáileoirí an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 freisin nuair a dhíolann siad a dtáirgí trí ardáin ar líne lena gceadaítear do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe.
Airteagal 75
Íoscheanglais maidir le tuairisciú do na húdaráis inniúla
Déanfaidh táirgeoirí ceallraí inaistrithe agus táirgeoirí cheallraí LMT, nó i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, de réir cheimic agus chatagóir na gceallraí agus na gceallraí dramhaíola a thuairisciú don údarás inniúil le haghaidh gach bliana féilire:
an líon ceallraí inaistrithe agus ceallraí LMT arna chur ar fáil ar an margadh den chéad uair ar chríoch Bhallstáit, cé is moite de cheallraí a d’imigh as críoch an Bhallstáit sin an bhliain sin, sular díoladh iad le húsáideoirí deiridh;
an líon ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta arna chur ar fáil ar an margadh den chéad uair ar chríoch Bhallstáit, cé is moite de cheallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta a d’imigh as críoch an Bhallstáit sin an bhliain sin, sular díoladh iad le húsáideoirí deiridh;
an líon ceallraí inaistrithe dramhaíola agus ceallraí LMT dramhaíola arna bhailiú i gcomhréir le hAirteagail 59 agus 60, faoi seach;
an ráta bailithe arna bhaint amach ag an táirgeoir nó ag an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola agus cheallraí LMT dramhaíola;
an líon ceallraí inaistrithe dramhaíola arna bhailiú agus an líon ceallraí LMT dramhaíola arna sheachadadh chuig saoráidí ceadaithe lena gcóireáil;
líon na gceallraí inaistrithe dramhaíola bailithe agus ceallraí LMT dramhaíola arna onnmhairiú chuig tríú tíortha lena gcóireáil, lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide, nó lena n-ullmhú le haghaidh athrú cuspóra;
an líon ceallraí inaistrithe dramhaíola agus ceallraí LMT dramhaíola bailithe arna sheachadadh chuig saoráidí ceadaithe lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide nó lena ullmhú le haghaidh athrú cuspóra.
I gcás ina mbailíonn oibreoirí bainistíochta dramhaíola seachas táirgeoirí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, ceallraí inaistrithe dramhaíola nó ceallraí LMT dramhaíola ó dháileoirí nó ó phointí bailithe eile le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola nó ceallraí LMT dramhaíola, tuairisceoidh siad don údarás inniúil le haghaidh gach bliana féilire an líon ceallraí inaistrithe dramhaíola agus ceallraí LMT dramhaíola arna bhailiú de réir a gceimice.
Tuairisceoidh táirgeoirí ceallraí SLI, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha nó i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, don údarás inniúil le haghaidh gach bliana féilire an fhaisnéis seo a leanas, de réir ceimic agus catagóirí ceallraí dramhaíola:
an líon ceallraí SLI, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha arna chur ar fáil ar an margadh den chéad uair i mBallstát, cé is moite de cheallraí a d’imigh as críoch an Bhallstáit sin an bhliain sin, sular díoladh iad le húsáideoirí deiridh;
an líon ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola bailithe arna sheachadadh chuig saoráidí ceadaithe lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide nó lena n-ullmhú le haghaidh athrú cuspóra;
an líon ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola bailithe arna sheachadadh chuig saoráidí ceadaithe lena gcóireáil;
an líon ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola bailithe arna onnmhairiú chuig tríú tíortha lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide, lena n-ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó lena gcóireáil.
I gcás ina mbailíonn oibreoirí bainistithe dramhaíola ceallraí dramhaíola ó dháileoirí nó ó phointí bailithe eile le haghaidh ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola nó ó úsáideoirí deiridh, tuairisceoidh siad an fhaisnéis seo a leanas don údarás inniúil le haghaidh gach bliana féilire de réir ceimic agus catagóirí ceallraí dramhaíola:
an líon ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola bailithe;
an líon ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola bailithe arna sheachadadh chuig saoráidí ceadaithe lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide nó lena n-ullmhú le haghaidh athrú cuspóra;
an líon ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola bailithe arna sheachadadh chuig saoráidí ceadaithe lena gcóireáil;
an líon ceallraí dramhaíola gluaisteán, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola bailithe arna onnmhairiú chuig tríú tíortha lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide, lena n-ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó lena gcóireáil.
Déanfaidh oibreoirí bainistithe dramhaíola a dhéanann cóireáil agus athchúrsálaithe an fhaisnéis seo a leanas a thuairisciú d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéantar ceallraí dramhaíola a chóireáil le haghaidh gach bliana féilire agus ag an mBallstát inar bailíodh na ceallraí dramhaíola:
an líon ceallraí dramhaíola arna fháil lena gcóireáil;
an líon ceallraí dramhaíola a thosaigh ag dul faoi ullmhú le haghaidh athúsáide, ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó próisis athchúrsála;
sonraí maidir le héifeachtúlacht athchúrsála le haghaidh ceallraí dramhaíola, aisghabháil ábhar ó cheallraí dramhaíola agus an ceann scríbe agus toradh na gcodán aschuir deiridh.
Cumhdófar gach céim aonair athchúrsála agus gach codán aschuir comhfhreagrach sa tuairisciú a dhéanfar faoin éifeachtúlacht athchúrsála agus faoi leibhéil d’ábhair aisghafa. I gcás ina ndéantar oibríochtaí athchúrsála ag níos mó ná saoráid amháin, beidh an chéad athchúrsálaí freagrach as an bhfaisnéis a bhailiú agus an fhaisnéis sin a thuairisciú do na húdaráis inniúla.
Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit ina ndéantar ceallraí dramhaíola a chóireáil an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo a sholáthar d’údarás inniúil an Bhallstáit inar bailíodh na ceallraí, murab ionann iad.
Déanfar ceallraí dramhaíola a sheolfar chuig Ballstát eile lena gcóireáil sa Bhallstát eile sin a áireamh sna sonraí maidir le héifeachtúlacht athchúrsála agus aisghabháil ábhar agus áireofar iad chun na spriocanna a leagtar amach in Iarscríbhinn XII a bhaint amach ag an mBallstát inar bailíodh an dramhaíl sin.
Airteagal 76
Tuairisciú don Choimisiún
Cuirfidh na Ballstáit na sonraí seo a leanas maidir le ceallraí inaistrithe, ceallraí LMT, ceallraí SLI, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha ar fáil go poiblí i bhfoirm chomhiomlánaithe maidir le gach bliain féilire agus san fhormáid arna bunú ag an gCoimisiún sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 5, de réir catagóirí ceallraí agus a gceimice:
an líon ceallraí arna chur ar fáil ar an margadh den chéad uair i mBallstát, lena n-áirítear iad sin a ionchorpraítear i bhfearais, feithiclí nó táirgí tionsclaíocha, ach gan ceallraí a d’imigh as críoch an Bhallstáit sin an bhliain sin, sular díoladh iad le húsáideoirí deiridh, a áireamh;
an líon ceallraí dramhaíola arna bhailiú i gcomhréir le hAirteagail 59, 60 agus 61, agus na rátaí bailithe arna ríomh ar bhonn na modheolaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn XI;
an líon ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus an líon ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola arna bhailiú agus arna sheachadadh chuig saoráidí ceadaithe lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide nó lena n-ullmhú le haghaidh athrú cuspóra;
na luachanna le haghaidh na n-éifeachtúlachtaí athchúrsála a bhaintear amach dá dtagraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn XII agus na luachanna le haghaidh na haisghabhála ábhar a bhaintear amach dá dtagraítear i gCuid C d’Iarscríbhinn XII, maidir leis na ceallraí arna mbailiú sa Bhallstát sin.
Cuirfidh na Ballstáit na sonraí sin ar fáil laistigh de 18 mí ó dheireadh na bliana tuairiscithe dá mbailítear na sonraí. Cuirfidh siad na sonraí sin ar fáil go poiblí agus go leictreonach san fhormáid arna bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 5, trí úsáid a bhaint as seirbhísí sonraí atá inrochtana go héasca. Beidh na sonraí inléite, insórtáilte agus inchuardaithe ag meaisín, agus urramófar leo caighdeáin oscailte don úsáid ó thríú páirtithe. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún nuair a chuirtear na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil.
Bainfidh an chéad tréimhse tuairiscithe leis an gcéad bhliain féilire iomlán tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme, lena mbunaítear an fhormáid maidir le tuairisciú don Choimisiún, i gcomhréir le mír 5.
Sa bhreis ar na hoibleagáidí faoi Threoracha 2000/53/CE agus 2012/19/AE, áireofar le sonraí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (a) go (d), den Airteagal seo ceallraí atá ionchorpraithe i bhfeithiclí agus i bhfearais, agus ceallraí dramhaíola a bhaintear as na feithiclí agus na fearais sin i gcomhréir le hAirteagal 65.
CAIBIDIL IX
Pas ceallra digiteach
Airteagal 77
Pas ceallra
Is é a bheidh san fhaisnéis sa phas ceallra:
faisnéis a bhfuil rochtain ag an bpobal i gcoitinne uirthi i gcomhréir le pointe 1 d’Iarscríbhinn XIII;
faisnéis nach bhfuil inrochtana ach ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra, údaráis faireachais margaidh agus an Coimisiún i gcomhréir le pointí 2 agus 3 d’Iarscríbhinn XIII; agus
faisnéis nach bhfuil inrochtana ach ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin agus í a phróiseáil chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den tríú fomhír i gcomhréir le pointí 2 agus 4 d’Iarscríbhinn XIII.
Maidir leis na críocha chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (c) den dara fomhír agus chun í a phróiseáil:
bainfidh siad le díchóimeáil an cheallra, lena n-áirítear bearta sábháilteachta atá le déanamh le linn na díchóimeála, agus comhdhéanamh mionsonraithe na samhla ceallra agus beidh siad fíor-riachtanach chun go mbeidh na deisitheoirí, na hathmhonaróirí, na hoibreoirí dara húsáid agus na hathchúrsálaithe in ann a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha faoi seach a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo; nó
i gcás ceallraí aonair, beidh siad fíor-riachtanach do cheannaitheoir an cheallra nó do pháirtithe a ghníomhaíonn thar ceann an cheannaitheora, chun an ceallra aonair a chur ar fáil do chomhbhailitheoirí neamhspleácha fuinnimh nó do rannpháirtithe sa mhargadh fuinnimh.
Áireofar an fhaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír sa phas ceallra a mhéid is infheidhme maidir le catagóir nó le fochatagóir ceallraí lena mbaineann.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn XIII a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le háireamh sa phas ceallra i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.
Comhlíonfaidh an cód QR agus an t-aitheantóir uathúil caighdeáin ISO/IEC 15459-1:2014, 15459-2:2015, 15459-3:2014, 15459-4:2014, 15459-5:2014 agus 15459-6:2014 nó a gcoibhéis.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an dara fomhír den mhír seo a leasú i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch trí na caighdeáin dá dtagraítear san fhomhír sin a ionadú nó trí chaighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta eile a chur leis a dhéanfaidh an cód QR agus an t-aitheantóir uathúil a chomhlíonadh.
I gcás ina n-athraíonn stádas an cheallra go ceallra dramhaíola, aistreofar an fhreagracht as comhlíonadh na n-oibleagáidí faoi mhír 4 den Airteagal chuig an táirgeoir nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), chuig an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, nó chuig an oibreoir bainistithe dramhaíola arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 57(8).
Is iad seo a leanas na critéir lena sonrófar na daoine dá dtagraítear i mír 2, pointe (c), agus lena gcinnfear a mhéid a fhéadfaidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí 2 agus 4 d’Iarscríbhinn XIII a íoslódáil, a chomhroinnt, a fhoilsiú agus a athúsáid:
an gá atá le faisnéis den sórt sin chun meastóireacht a dhéanamh ar stádas agus luach iarmharach an cheallra agus ar an gcumas atá ann tuilleadh úsáide a bhaint as;
an gá atá le faisnéis den sórt sin chun ullmhúchán a dhéanamh maidir le hathúsáid an cheallra, ullmhúchán a dhéanamh maidir lena chuspóir a athrú nó athrú cuspóra, athmhonarú nó athchúrsáil an cheallra, nó chun rogha a dhéanamh idir na hoibríochtaí sin;
an gá atá lena áirithiú gur teoranta don íosmhéid is gá i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme a bheidh an rochtain agus an phróiseáil ar an bhfaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de sa phas ceallra.
Airteagal 78
Dearadh teicniúil agus oibriú an phas ceallra
Le dearadh teicniúil agus oibriú an phas ceallra, comhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha seo a leanas:
beidh an pas ceallra go hiomlán idir-inoibritheach le pasanna digiteacha táirgí eile a cheanglaítear le dlí an Aontais maidir le héicidhearthóireacht, i ndáil le gnéithe teicniúla, séimeantacha agus eagraíochtúla na cumarsáide ó cheann go ceann agus an aistrithe sonraí;
beidh rochtain saor in aisce ag na tomhaltóirí, na hoibreoirí eacnamaíocha agus na gníomhaithe ábhartha eile ar an bpas ceallra agus beidh an rochtain sin bunaithe ar a gcearta rochtana faoi seach a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII agus sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 77(9);
déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as comhlíonadh na n-oibleagáidí faoi Airteagal 77(4) nó (7), nó na hoibreoirí atá údaraithe chun gníomhú thar a cheann, na sonraí a áirítear sa phas ceallra a stóráil;
má dhéanann oibreoirí atá údaraithe chun gníomhú thar ceann an oibreora eacnamaíoch atá freagrach as comhlíonadh na n-oibleagáidí faoi Airteagal 77(4) nó (7) na sonraí a áirítear sa phas ceallra a stóráil, nó a phróiseáil ar bhealach eile, ní cheadófar do na hoibreoirí sin sonraí den sórt sin a dhíol, a athúsáid ná a phróiseáil, ina n-iomláine nó i bpáirt, thar a bhfuil riachtanach chun na seirbhísí stórála nó próiseála ábhartha a sholáthar;
beidh an pas ceallra fós ar fáil nuair a scoirfidh an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as comhlíonadh na n-oibleagáidí faoi Airteagal 77(4) nó (7) de bheith ann nó nuair a scoirfidh sé dá ghníomhaíocht san Aontas;
beidh srian ar na cearta chun faisnéis a rochtain, a thabhairt isteach, a mhodhnú nó a thabhairt cothrom le dáta sa phas ceallra bunaithe ar na cearta rochtana a shonraítear in Iarscríbhinn XIII agus sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 77(9);
áiritheofar fíordheimhniú, iontaofacht agus sláine sonraí;
beidh an pas ceallra de chineál go n-áirithítear ardleibhéal slándála agus príobháideachais agus go seachnaítear calaois.
CAIBIDIL X
Faireachas margaidh an Aontais agus nósanna imeachta coimirce an Aontais
Airteagal 79
Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil le ceallraí lena mbaineann riosca
I gcás, agus an mheastóireacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar siúl, nach bhfaighidh na húdaráis faireachais margaidh amach nach gcomhlíonann an ceallra na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo (“ceallra neamhchomhlíontach”), cuirfidh siad de cheangal, gan mhoill, ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí is gá a ghlacadh, laistigh de thréimhse réasúnta arna forordú ag na húdaráis faireachais margaidh agus ar cóimhéid le cineál an riosca, chun an ceallra a chur i gcomhréir leis na ceanglais sin, chun é a tharraingt siar ón mhargadh, nó chun é a aisghairm.
Cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh an comhlacht ábhartha faoina dtugtar fógra ar an eolas dá réir sin.
Cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas, gan mhoill, maidir leis na bearta sin.
Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4, an dara fomhír, na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun ceallra neamhchomhlíontach a shainaithint, tionscnamh an cheallra sin, an cineál neamhchomhlíontachta a líomhnaítear agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh agus na hargóintí a chuir an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha chun tosaigh. Léireoidh na húdaráis faireachais margaidh go háirithe cibé ar tharla an neamhchomhlíonadh i ngeall ar aon cheann de na nithe seo a leanas:
mainneachtain an cheallra a bheith i gcomhréir le hAirteagail 6 go 10 nó Airteagal 12, 13 nó 14;
easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 15;
easnaimh sna sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16.
Airteagal 80
Nós imeachta coimirce an Aontais
Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcinntear cé acu atá údar leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).
Má mheastar go bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta, glacfaidh na Ballstáit uile na bearta is gá lena áirithiú go dtarraingítear an ceallra neamhchomhlíontach siar óna margadh, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.
Má mheastar nach bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta, tarraingeoidh an Ballstát lena mbaineann siar an beart sin.
Airteagal 81
Ceallraí comhlíontacha lena mbaineann riosca
Airteagal 82
Gníomhaíochtaí comhpháirteacha
Féadfaidh na húdaráis faireachais margaidh gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht d’oibreoirí eacnamaíocha nó d’úsáideoirí deiridh. Mar chuid de ghníomhaíochtaí comhpháirteacha den sórt sin, féadfaidh Ballstáit nó údaráis faireachais margaidh ionaid inniúlachta ceallra a bhunú, d’fhonn gur féidir comhlíonadh a chur chun cinn, neamhchomhlíonadh a shainaithint, feasacht a mhúscailt agus treoir a thabhairt i ndáil leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/1020.
Airteagal 83
Neamhchomhlíonadh foirmiúil
Gan dochar d’Airteagal 79, i gcás ina bhfaigheann Ballstát amach gur tharla ceann de na nithe seo a leanas, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh lena mbaineann:
greamaíodh an mharcáil CE de shárú ar Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 nó ar Airteagal 20 den Rialachán seo;
níor greamaíodh an mharcáil CE;
tá uimhir aitheantais an chomhlachta faoinár dtugtar fógra, i gcás ina gceanglaítear faoi Iarscríbhinn VIII, greamaithe de shárú ar Airteagal 20 nó níor greamaíodh í;
níor tarraingíodh suas an dearbhú comhréireachta AE nó níor tarraingíodh suas i gceart é;
níl an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII ar fáil nó níl sí iomlán;
tá an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 38(7) nó in Airteagal 41(3) ar iarraidh, bréagach nó neamhiomlán;
níor comhlíonadh aon cheanglas riaracháin eile dá bhforáiltear in Airteagail 38 nó 41;
Airteagal 84
Neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí díchill chuí
CAIBIDIL XI
Soláthar poiblí glas agus an nós imeachta chun na srianta ar shubstaintí a leasú
Airteagal 85
Soláthar poiblí glas
Airteagal 86
Nós imeachta srianta ar shubstaintí
Má léirítear sa sainchomhad maidir le srianta go bhfuil gá le gníomhaíocht ar bhonn uile-Aontais, de bhreis ar aon bhearta atá i bhfeidhm cheana féin, cuirfidh an Ballstát an sainchomhad faoi bhráid na Gníomhaireachta san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, chun an próiseas a thuairiscítear i míreanna 4 go 9 den Airteagal seo, agus in Airteagail 87 agus 88 a thionscnamh.
Cuirfidh an Ghníomhaireacht an sainchomhad maidir le srianta ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin, lena n-áirítear na srianta a mholtar de bhun mhíreanna 2 agus 3, gan mhoill, lena léirítear go soiléir an dáta a foilsíodh é. Iarrfaidh an Ghníomhaireacht ar na geallsealbhóirí uile lena mbaineann an méid seo a leanas a thíolacadh go haonair nó i gcomhpháirt, laistigh de 4 mhí ón dáta foilsithe:
barúlacha i dtaca leis an sainchomhad maidir le srianta agus i dtaca leis na srianta atá molta;
anailís shocheacnamaíoch ar na srianta atá molta, lena n-áirítear anailís ar roghanna malartacha, nó faisnéis ar féidir léi cur le hanailís den sórt sin, ag féachaint go grinn ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leis na srianta atá molta. Beidh an anailís sin i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn XVI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.
Airteagal 87
Tuairim ó Choistí na Gníomhaireachta
Airteagal 88
Tuairim a chur faoi bhráid an Choimisiúin
CAIBIDIL XII
Cumhachtaí tarmligthe agus nós imeachta coiste
Airteagal 89
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 90
An nós imeachta coiste
I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
CAIBIDIL XIII
Leasuithe
Airteagal 91
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/1020
Leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 mar a leanas:
in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21 den liosta de reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú:
Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE (IO L 191, 28.7.2023, lch. 1);”.
Airteagal 92
Leasú ar Threoir 2008/98/CE
In Airteagal 8a(7) de Threoir 2008/98/CE, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:
“ ►C1 I gcás ceallraí, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *4 ) ◄ , glacfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora a bunaíodh roimh an 4 Iúil 2018 an tAirteagal seo faoin 18 Lúnasa 2025.
CAIBIDIL XIV
Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 93
Pionóis
Faoin 18 Lúnasa 2025 déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin gan mhoill agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
Airteagal 94
Athbhreithniú
Agus an dul chun cinn teicniúil agus taithí phraiticiúil arna mbaint amach sna Ballstáit á gcur san áireamh, áireoidh an Coimisiún, ina thuarascáil, meastóireacht ar na gnéithe seo a leanas den Rialachán seo:
liosta de na formáidí coiteanna a thagann faoin sainmhíniú ar cheallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta;
na ceanglais maidir le hinbhuanaitheacht agus sábháilteacht a leagtar síos i gCaibidil II, lena n-áirítear an gá a d’fhéadfadh a bheith ann toirmeasc ar onnmhairithe a thabhairt isteach maidir le ceallraí nach gcomhlíonann na srianta a leagtar amach in Iarscríbhinn I;
na ceanglais maidir le lipéadú agus faisnéis a leagtar síos i gCaibidil III;
na ceanglais díchill chuí maidir le ceallraí a leagtar síos in Airteagail 48 go 53;
na bearta maidir le bainistiú ceallraí dramhaíola a leagtar síos i gCaibidil VIII, lena n-áirítear an fhéidearthacht dhá fho-chatagóir ceallraí inaistrithe a thabhairt isteach eadhon ceallraí inaistrithe in-athluchtaithe agus neamh-in-athluchtaithe, lena ngabhann spriocanna bailithe ar leithligh, agus an fhéidearthacht sprioc bhailithe ar leithligh a thabhairt isteach le haghaidh ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta;
na bearta maidir leis an bpas ceallra a leagtar amach i gCaibidil IX;
sáruithe agus éifeachtacht, comhréireacht agus athchomhairleacht na bpionós a leagtar amach in Airteagal 93;
anailís ar thionchar an Rialacháin seo ar iomaíochas earnáil na gceallraí agus ar infheistíochtaí in earnáil na gceallraí, agus ar an ualach riaracháin a eascraíonn as an Rialachán seo.
I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 chun na forálacha ábhartha den Rialachán seo a leasú.
Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ina mbeidh torthaí an mheasúnaithe sin faoi cheann 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm aon cheann de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nó faoin 30 Meitheamh 2031, cibé acu is túisce. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún, ag gabháil lena thuarascáil, togra reachtach lena leasaítear Caibidil VII.
Airteagal 95
Aisghairm agus rialacha idirthréimhseacha
Aisghairtear Treoir 2006/66/CE le héifeacht ón 18 Lúnasa 2025.
Mar sin féin, leanfaidh na forálacha seo a leanas d’fheidhm a bheith acu mar a leagtar amach anseo thíos:
Airteagal 11 go dtí an 18 Feabhra 2027;
Airteagal 12(4) agus (5) go dtí an 31 Nollaig 2025, ach amháin a mhéid a bhaineann leis an bhforáil a bhaineann le tarchur sonraí chuig an gCoimisiún a leanfaidh d’fheidhm a bheith aige go dtí an 30 Meitheamh 2027;
Airteagal 21(2) go dtí an 18 Lúnasa 2026.
Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.
Airteagal 96
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas mar a leanas:
beidh feidhm ag Airteagal 11 ón 18 Feabhra 2027;
beidh feidhm ag Airteagal 17 agus ag Caibidil VI ón 18 Lúnasa 2024, seachas Airteagal 17(2) a mbeidh feidhm aige ó 12 mhí tar éis dháta chéad fhoilsithe an liosta dá dtagraítear in Airteagal 30(2);
beidh feidhm ag Caibidil VIII ón 18 Lúnasa2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
SRIANTA AR SHUBSTAINTÍ
|
Colún 1 An tsubstaint nó an grúpa substaintí a ainmniú |
Colún 2 Coinníollacha srianta |
|
1. Mearcair Uimh. CAS 7439-97-6 Uimh. CE 231-106-7 agus a chomhdhúile |
Ní bheidh níos mó ná 0,0005 % de mhearcair (arna shloinneadh mar mhiotal mearcair) de réir meáchain i gceallraí, bídís ionchorpraithe i bhfearais, i modhanna éadroma iompair nó i bhfeithiclí eile nó ná bíodh. |
|
2. Caidmiam Uimh. CAS 7440-43-9 Uimh. CE 231-152-8 agus a chomhdhúile |
Ní bheidh níos mó ná 0,002 % de chaidmiam (arna shloinneadh mar mhiotal caidmiam) de réir meáchain i gceallraí inaistrithe, bídís ionchorpraithe i bhfearais, i modhanna éadroma iompair nó i bhfeithiclí eile nó ná bíodh. |
|
3. Luaidhe Uimh. CAS 7439-92-1 Uimh. CE 231-100-4 agus a comhdhúile |
1. Ón 18 Lúnasa 2024 , ní bheidh níos mó ná 0,01 % de luaidhe (arna shloinneadh mar mhiotal luaidhe) de réir meáchain i gceallraí inaistrithe, bídís ionchorpraithe i bhfearais nó ná bíodh. 2. Ní bheidh feidhm ag an srian a leagtar amach i bpointe 1 maidir le cnapchealla soghluaiste sinc-aeir go dtí an 18 Lúnasa 2028. |
IARSCRÍBHINN II
LORG CARBÓIN
1. Raon feidhme
Soláthraítear eilimintí fíor-riachtanacha maidir le conas an lorg carbóin a ríomh san Iarscríbhinn seo.
Leis an modheolaíocht chun an lorg carbóin a ríomh agus a fhíorú dá bhforálfar trí bhíthin an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 7, cuirfear leis na heilimintí fíor-riachtanacha a áirítear san Iarscríbhinn seo, beidh sí i gcomhréir leis an leagan is déanaí de mhodh an Choimisiúin maidir leis an Lorg Comhshaoil Táirge agus na Rialacha Catagóire ábhartha maidir leis an Lorg Comhshaoil Táirge (PEFCRanna) agus léireofar léi na comhaontuithe idirnáisiúnta agus an dul chun cinn teicniúil/eolaíoch i réimse an mheasúnaithe saolré.
Beidh an ríomh a dhéanfar ar an lorg carbóin saolré bunaithe ar an liosta ábhar, ar an bhfuinneamh agus ar na hábhair choimhdeacha arna n-úsáid i monarcha mhonaraíochta shonrach chun samhail shonrach cheallra a tháirgeadh. Go háirithe, déanfar na comhpháirteanna leictreonacha, mar shampla aonaid bainistithe ceallraí agus aonaid sábháilteachta, agus na hábhair chatóideacha a shainaithint go beacht, toisc gur féidir leo a bheith ar an bpríomhspreagthóir le haghaidh lorg carbóin ceallraí.
2. Sainmhínithe
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “sonraí gníomhaíochta” an fhaisnéis atá bainteach le próisis fad a bhíonn Fardail Saolré (LCI) á samhaltú, trína ndéantar gach ceann de thorthaí comhiomlánaithe LCI na slabhraí próisis a léiríonn na gníomhaíochtaí a bhaineann le próisis a iolrú faoi na sonraí gníomhaíochta comhfhreagraí agus tiomsaítear iad ansin chun an lorg carbóin atá bainteach leis an bpróiseas sin a ghabháil;
ciallaíonn “liosta ábhar” liosta de na hamhábhair, na fo-chóimeálacha, na cóimeálacha idirmheánacha, na fo-chomhpháirteanna agus na páirteanna, agus na méideanna de gach ceann acu, a theastaíonn chun an ceallra a mhonarú;
ciallaíonn “sonraí cuideachta-shonracha” sonraí a thomhaistear nó a bhailítear go díreach ó shaoráid amháin nó ó roinnt saoráidí (sonraí suíomh-shonracha) atá ionadaíoch ar ghníomhaíochtaí na cuideachta, tugtar “sonraí príomhúla” ar shonraí den sórt sin freisin;
ciallaíonn “aonad feidhmiúil” na gnéithe cáilíochtúla agus cainníochtúla a bhaineann leis na feidhmeanna, na seirbhísí, nó an dá cheann, atá á gcur ar fáil ag an gceallra;
ciallaíonn “saolré” na céimeanna leanúnacha agus idirnasctha de chóras táirge, ón amhábhair a fháil nó na hacmhainní nádúrtha a ghiniúint go dtí an diúscairt deiridh (ISO 14040:2006 nó caighdeán coibhéiseach);
ciallaíonn “fardal saolré (LCI)” an tacar comhcheangailte malairtí de shreabhadh bunúsacha, sreabhadh dramhaíola agus sreabhadh táirgí i dtacar sonraí LCI;
ciallaíonn “tacar sonraí fardail saolré (LCI)” doiciméad nó comhad lena ngabhann faisnéis saolré maidir le táirge sonrach nó tagairt eile, amhail láithreán nó próiseas, ina gcumhdaítear meiteashonraí tuairisciúla agus fardal cainníochtúil saolré, a bhféadfadh tacar sonraí aonadphróisis, tacar sonraí atá comhiomlánaithe go páirteach nó tacar sonraí comhiomlánaithe a bheith san áireamh ann;
ciallaíonn “sreabhadh tagartha” tomhas na n-aschur ó phróisis i gcóras táirge ar leith a éilítear chun an fheidhm arna sloinneadh leis an aonad feidhmiúil a chomhlíonadh (bunaithe ar ISO 14040:2006 nó caighdeán coibhéiseach);
ciallaíonn “sonraí tánaisteacha” sonraí nach mbailítear nó nach dtomhaistear go díreach ó phróiseas sonrach laistigh de shlabhra soláthair na cuideachta nó nach ndéanann an chuideachta sin meastachán orthu, ach a fhaightear ó bhunachar sonraí LCI tríú páirtí nó ó fhoinsí eile; áirítear le sonraí den sórt sin meán-sonraí ón tionscal, mar shampla, ó shonraí táirgeachta foilsithe, staidreamh rialtais, agus comhlachais tionscail, chomh maith le staidéir litríochta, staidéir innealtóireachta agus paitinní, agus is féidir leo a bheith bunaithe freisin ar shonraí airgeadais agus is féidir seachshonraí agus sonraí cineálacha eile a bheith iontu; agus áirítear leo freisin sonraí príomhúla a ghabhann trí chéim chomhiomlánaithe chothrománach;
ciallaíonn “teorainn an chórais” na gnéithe a áirítear sa chéimeanna saolré nó a fhágtar ar lár as.
Ina theannta sin, áireofar sna rialacha comhchuibhithe chun lorg carbóin ceallraí a ríomh aon sainmhíniú eile is gá lena léiriú.
3. Aonad feidhmiúil agus an sreabhadh tagartha
Sainmhínítear an t-aonad feidhmiúil mar kWh (cileavatuair) amháin den fhuinneamh iomlán a sholáthraíonn córas an cheallra thar ré feidhme an cheallra, arna thomhas in kWh. Faightear an fuinneamh iomlán ó líon na dtimthriallta arna n-iolrú faoin méid fuinnimh a sheachadtar i gcaitheamh gach timthrialla.
Is ionann an sreabhadh tagartha agus meáchan an cheallra a theastaíonn chun feidhm shonrach a chomhlíonadh agus tomhaisfear é in kg ceallra in aghaidh kWh den fhuinneamh iomlán a sheachadann ceallra i gcaitheamh a ré feidhme. Déanfar na sonraí cainníochtúla uile maidir le hionchur agus aschur arna mbailiú ag an monaróir chun an lorg carbóin a chainníochtú a ríomh i ndáil leis an sreabhadh tagartha.
Mar eisceacht ar an gcéad mhír, i gcás ceallraí cúltaca arb é a bpríomhfheidhm leanúnachas foinse cumhachta a áirithiú, sainmhínítear an t-aonad feidhmiúil mar an cumas kWmin amháin (cileavata-nóiméad) amháin de thoilleadh cumhachta cúltaca a sholáthar tráth ar bith le linn shaolré an cheallra. Dá réir sin, is é an sreabhadh tagartha le haghaidh ceallraí cúltaca meáchan an cheallra a theastaíonn chun an fheidhm shainithe a chomhlíonadh agus tomhaisfear é in kg ceallra in aghaidh kWmin de thoilleadh cumhachta cúltaca arna roinnt ar ré feidhme an cheallra de réir blianta. Déanfar na sonraí cainníochtúla uile maidir le hionchur agus aschur arna mbailiú ag monaróirí na gceallraí cúltaca chun an lorg carbóin a chainníochtú a ríomh i ndáil leis an sreabhadh tagartha sin.
I gcásanna eisceachtúla, amhail i gcás ceallraí le haghaidh feithiclí hibrideacha neamh-inluchtaithe, féadfar aonad feidhmiúil éagsúil a shainiú sa mhodheolaíocht.
4. Teorainn an chórais
Is iad seo a leanas na céimeanna saolré agus na próisis lena mbaineann a áireofar i dteorainn an chórais:
|
An chéim shaolré |
Na próisis lena mbaineann |
|
Amhábhar a fháil agus réamhphróiseáil |
Áirítear mianadóireacht agus foinsiú eile ábhartha, réamhphróiseáil agus iompar ábhar gníomhach leis seo, suas go dtí monaraíocht ceall ceallraí agus comhpháirteanna ceallraí (ábhair ghníomhacha, deighilteoir, leictrilít, cásálacha, comhpháirteanna gníomhacha agus éighníomhacha ceallraí), agus comhpháirteanna leictreacha nó leictreonacha. |
|
Táirgeadh an phríomhtháirge |
Cóimeáil ceall ceallraí agus cóimeáil ceallraí leis na cealla ceallraí agus na comhpháirteanna leictreacha nó leictreonacha |
|
Dáileadh |
Iompar chuig an díolphointe |
|
Deireadh ré agus athchúrsáil |
Bailiú, díchóimeáil agus athchúrsáil |
Eisiafar na próisis seo a leanas a bhaineann leis na céimeanna saolré ó theorainn an chórais:
Eisiafar an chéim úsáide ó na ríomhanna don lorg carbóin saolré, ós rud é nach mbíonn sí faoi thionchar díreach monaróirí, seachas i gcás ina léirítear gur féidir le roghanna a dhéanann monaróirí ceallraí ag céim an dearaidh rannchuidiú go neamh-dhiomaibhseach leis an tionchar sin.
5. Tacair sonraí cuideachta-shonracha agus tánaisteacha a úsáid
Mar gheall ar an líon ard comhpháirteanna ceallraí atá ann agus mar gheall ar chastacht na bpróiseas monaraíochta, déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch an úsáid a bhaintear as sonraí cuideachta-shonracha a theorannú, i gcás ina bhfuil údar leis, d’anailís próisis agus comhpháirte ar na comhpháirteanna a bhaineann go sonrach le ceallraí.
Go háirithe, beidh na sonraí gníomhaíochta go léir a bhaineann le hanóid, catóid, leictrilít, deighilteoir agus ceall-chásáil ceallraí ag tagairt do shamhail shonrach cheallra a tháirgtear i monarcha táirgthe ar leith. Dá réir sin, ní úsáidfear aon sonraí gníomhaíochta réamhshocraithe. Úsáidfear na sonraí gníomhaíochta a bhaineann go sonrach le ceallraí in éineacht leis na tacair sonraí tánaisteacha ábhartha atá comhlíontach maidir le PEF.
Toisc go mbaineann an dearbhú maidir le lorg carbóin go sonrach le samhail cheallra a tháirgtear i láithreán táirgthe sainithe, ní cheadófar sampláil sonraí a bhailítear ó mhonarchana éagsúla a tháirgeann an tsamhail cheallra chéanna.
I gcás ina dtagann athrú ar an liosta ábhar nó ar an meascán fuinnimh a úsáidtear chun samhail cheallra a tháirgeadh, déanfar an lorg carbóin don tsamhail cheallra sin a athríomh.
Áireofar leis na rialacha comhchuibhithe dá bhforáiltear trí ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 7(1) samhaltú mionsonraithe ar na céimeanna saolré seo a leanas:
6. Measúnú tionchair ar an lorg carbóin
Ríomhfar lorg carbóin an cheallra ag úsáid an mhodha measúnaithe tionchair den tsaolré um “athrú aeráide” a mholtar i dtuarascáil 2019 an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde dar teideal Suggestions for updating the Product Environmental Footprint (PEF) method [Moltaí chun uasdátú a dhéanamh ar an modh maidir leis an Lorg Comhshaoil Táirge (PEF)].
Soláthrófar na torthaí mar thorthaí tréithrithe gan normalú agus ualú. Tá an liosta de thosca tréithrithe a úsáidfear ar fáil ar an Ardán Eorpach maidir le Measúnú Saolré.
7. Fritháirimh
Ríomhtar fritháirimh i gcoibhneas le bonnlíne a léiríonn cás hipitéiseach den chuma a bheadh ar astaíochtaí in éagmais tionscadal maolaithe lena ngintear na fritháirimh.
Ní bheidh fritháirimh san áireamh sa dearbhú maidir le lorg carbóin, ach féadfar iad a thuairisciú ar leithligh mar fhaisnéis chomhshaoil bhreise agus iad a úsáid chun críoch cumarsáide.
8. Aicmí feidhmíochta an loirg carbóin
Ag brath ar dháileadh na luachanna sna dearbhuithe maidir le lorg carbóin a bhaineann le ceallraí a chuirtear ar an margadh, sainaithneofar líon réasúnta aicmí feidhmíochta, agus beidh catagóir A ar an aicme is fearr leis an tionchar is ísle de lorg carbóin saolré, chun difreáil mhargaidh maidir le catagóirí na gceallraí dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a chumasú.
Beidh leagan síos na tairsí le haghaidh gach aicme feidhmíochta, chomh maith le leithead na haicme sin, bunaithe ar dháileadh fheidhmíochtaí chatagóirí na gceallraí dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a cuireadh ar an margadh sna 3 bliana roimhe sin, na feabhsúcháin teicneolaíochta a bhfuiltear ag dréim leo, agus tosca teicniúla eile.
9. Uastairseacha carbóin
Bunaithe ar an bhfaisnéis a bhailítear trí na dearbhuithe maidir le lorg carbóin agus trí dháileadh coibhneasta na n-aicmí feidhmíochta de lorg carbóin samhlacha ceallraí a chuirtear ar an margadh, agus an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil sa réimse á chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún uastairseacha an loirg carbóin saolré a leagan síos le haghaidh chatagóirí na gceallraí dá dtagraítear in Airteagal 7(1), tar éis dó measúnú tionchair tiomnaithe a dhéanamh chun na luachanna le haghaidh na dtairseach a chinneadh.
Agus uastairseacha an loirg carbóin saolré dá dtagraítear sa chéad fhomhír á leagan síos aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh dáileadh coibhneasta na luachanna loirg carbóin le haghaidh ceallraí ar an margadh, an méid dul chun cinn atá déanta maidir le lorg carbóin na gceallraí a chuirtear ar an margadh a laghdú agus rannchuidiú iarbhír agus féideartha thairseacha an loirg carbóin saolré sin do chuspóirí an Aontais maidir le soghluaisteacht inbhuanaithe agus aeráidneodracht faoi 2050.
IARSCRÍBHINN III
PARAIMÉADAIR FEIDHMÍOCHTA LEICTRICEIMICÍ AGUS MHARTHANACHTA LE HAGHAIDH CEALLRAÍ INAISTRITHE D’ÚSÁID GHINEARÁLTA
Cuid A
Paraiméadair le haghaidh ceallraí neamh-in-athluchtaithe
1. An mheánré íosta: an meán-am íosta a shroicheann sampla de na ceallraí ar dhíluchtú nuair a bhaintear úsáid astu faoi dhálaí sonracha, amhail teocht agus bogthaise choibhneasta.
2. Feidhmíocht díluchtaithe mhoillithe: an laghdú coibhneasta ar an meánré íosta, agus an toilleadh meán-íosfhad a tomhaiseadh ar dtús mar phointe tagartha, tar éis tréimhse ama shainithe agus faoi dhálaí sonracha, amhail teocht agus bogthaise choibhneasta.
3. Frithsheasmhacht in aghaidh sceite: frithsheasmhacht in aghaidh éalú neamhbheartaithe leictrilíte, gáis nó ábhair eile.
Cuid B
Paraiméadair le haghaidh ceallraí in-athluchtaithe
1. Toilleadh rátaithe: luach toillte ceallra, faoi dhálaí sonracha, amhail teocht agus bogthaise choibhneasta, agus arna dhearbhú ag an monaróir.
2. Coinneáil luchtaithe (toilleadh) ( 6 ): an toilleadh is féidir le ceallra a sheachadadh tar éis stórála, faoi dhálaí sonracha, amhail teocht agus bogthaise choibhneasta, ar feadh tréimhse shonrach, gan athluchtú ina dhiaidh sin agus arna shloinneadh mar chéatadán den toilleadh rátaithe.
3. Aisghabháil luchtaithe (toilleadh): an toilleadh is féidir le ceallra a sheachadadh le hathluchtú ina dhiaidh sin tar éis stórála, faoi dhálaí sonracha, amhail teocht agus bogthaise choibhneasta, ar feadh tréimhse shonrach agus arna sloinneadh mar chéatadán den toilleadh rátaithe.
4. Buanseasmhacht i dtimthriallta, líon na dtimthriallta luchtaithe agus díluchtaithe atá ceallra in ann a dhéanamh faoi dhálaí sonracha, amhail teocht agus bogthaise choibhneasta, sula dtiteann an toilleadh faoi bhun codán sonraithe den toilleadh rátaithe.
5. Frithsheasmhacht in aghaidh sceite: frithsheasmhacht in aghaidh éalú neamhbheartaithe leictrilíte, gáis nó ábhair eile.
IARSCRÍBHINN IV
CEANGLAIS FEIDHMÍOCHTA LEICTRICEIMICÍ AGUS MHARTHANACHTA MAIDIR LE CEALLRAÍ LMT, CEALLRAÍ TIONSCLAÍOCHA AG A BHFUIL TOILLEADH NÍOS MÓ NÁ 2 KWH AGUS CEALLRAÍ FEITHICLÍ LEICTREACHA
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “toilleadh rátaithe” líon iomlán na n-aimpéaruaireanta (Ah) is féidir a tharraingt siar ó cheallra lánluchtaithe faoi dhálaí tagartha.
ciallaíonn “meathlú toillte” an laghdú le himeacht aimsire agus de bharr úsáide a thagann ar an méid luchtaithe atá ceallra in ann a sheachadadh ag an voltas rátaithe, i dtaca leis an toilleadh rátaithe bunaidh.
ciallaíonn “cumhacht” an méid fuinnimh atá ceallra in ann a sholáthar thar thréimhse ar leith faoi dhálaí tagartha.
ciallaíonn “meathlú cumhachta” an laghdú le himeacht aimsire agus de bharr úsáide a thagann ar an méid cumhachta is féidir le ceallra a sholáthar ag an voltas rátaithe.
ciallaíonn “fritotaíocht inmheánach” mar a chuirtear in aghaidh sreabhadh srutha laistigh de cheall nó ceallra faoi dhálaí tagartha, arb é atá ann, suim na friotaíochta leictreonaice agus na friotaíochta ianaí leis an rannchuidiú don fhriotaíocht éifeachtach iomlán lena n-áirítear airíonna ionduchtacha/toilleasacha.
ciallaíonn “éifeachtúlacht fuinnimh dé-aistir” an cóimheas den ghlanfhuinneamh a sheachadann ceallra i rith tástáil díluchtaithe don fhuinneamh iomlán a éilítear chun an staid luchtaithe tosaigh a thabhairt ar ais trí ghnáthluchtú.
Cuid A
Paraiméadair a bhaineann le feidhmíocht leictriceimiceach agus marthanacht
1. Toilleadh rátaithe (in Ah) agus meathlú toillte (in %).
2. Cumhacht (in W) agus meathlú cumhachta (in %).
3. Friotaíocht inmheánach (in Ω) agus méadú sa fhriotaíocht inmheánach (in %).
4. I gcás inarb infheidhme, éifeachtúlacht fuinnimh dé-aistir agus a mheathlú (in %).
5. Saolré ionchasach an cheallra faoi na dálaí tagartha dar dearadh é, i dtéarmaí timthriallta, ach amháin i gcás feidhmeanna neamh-thimthriallacha agus blianta féilire.
Cuid B
Eilimintí chun míniú a thabhairt ar na tomhais le haghaidh na bparaiméadar a liostaítear i gCuid A
1. An ráta díluchtaithe agus an ráta luchtaithe atá i bhfeidhm.
2. An cóimheas idir an chumhacht ainmniúil ceallraí (W) agus fuinneamh ceallraí (Wh).
3. Doimhneacht an díluchtaithe sa tástáil saolré.
4. Toilleadh cumhachta ag staid luchtaithe 80 % agus 20 %.
5. Aon ríomhanna arna ndéanamh leis na paraiméadair thomhaiste, más infheidhme.
IARSCRÍBHINN V
PARAIMÉADAIR SHÁBHÁILTEACHTA
1. Suaitheadh teirmeach agus timthriall
Dearfar an tástáil seo chun meastóireacht a dhéanamh ar athruithe ar shláine an cheallra de dhroim méadú agus crapadh comhpháirteanna cille tar éis dóibh a bheith faoi lé athruithe as cuimse ar theocht nó athruithe tobanna ar theocht, agus chun meastóireacht a dhéanamh ar iarmhairtí féideartha athruithe den sórt sin. Le linn turraing theirmeach, cuirfear an ceallra faoi lé dhá theorainn teochta agus coimeádfar iad ag gach teorainn teochta faoi seach ar feadh tréimhse sonraithe.
2. Cosaint gearrchiorcaid sheachtrach
Déanfar meastóireacht leis an tástáil ar fheidhmíocht sábháilteachta cheallra agus gearrchiorcad seachtrach á chur i bhfeidhm. Is féidir meastóireacht a dhéanamh tríd an tástáil ar ghníomhachtú ar fheiste cosanta forshrutha nó ar chumas na gceall an sruth a sheasamh gan a bheith ina gcúis le staid ghuaiseach (mar shampla, imoibriú teirmeach ó smacht, pléascadh, dóiteán). Is iad na príomhfhachtóirí riosca giniúint teasa ar leibhéal na cille agus stuáil leictreach, rudaí ar féidir leo díobháil a dhéanamh do chiorcadra nó a bhféadfadh friotaíocht insliúcháin laghdaithe a bheith mar thoradh uirthi.
3. Cosaint ar róluchtú
Déanfar meastóireacht leis an tástáil seo ar fheidhmíocht sábháilteachta cheallra i gcásanna róluchtaithe. Is iad na príomhrioscaí sábháilteachta le linn róluchtaithe dianscaoileadh na leictrilíte, na catóide agus na hanóide, dianscaoileadh eisiteirmeach shraith an idirphas leictrilíte soladaí (SEI), díghrádú deighilteora, agus an phlátáil litiam, rioscaí a bhféadfadh féin-téamh an cheallra agus imoibriú teirmeach ó smacht a bheith mar thoradh orthu. Áireofar ar na fachtóirí a dhéanann difear do thoradh na tástála, ar a laghad, an ráta luchtaithe agus an staid luchtaithe arna baint amach faoi dheireadh. Is féidir an chosaint a áirithiú trí cheachtar de rialú voltais (idirbhriseadh tar éis an teorainn-voltas luchtaithe a bhaint amach) nó de rialú srutha (idirbhriseadh tar éis an sruth uasta luchtaithe a shárú).
4. Cosaint ar ró-dhíluchtú
Déanfar meastóireacht leis an tástáil seo ar fheidhmíocht sábháilteachta cheallra i gcásanna ró-dhíluchtaithe. Áirítear ar rioscaí sábháilteachta le linn ró-dhíluchtú malartú polaraíochta a bhíonn ina chúis ocsaídithe ar an tiomsaitheoir srutha anóide (Copar) agus ar an bplátáil ar an taobh catóide. Is féidir le ró-dhíluchtú ar mionleibhéal a bheith ina chúis le carnadh deindríte agus le gearrchiorcad ar deireadh.
5. Cosaint ar ró-theocht
Déanfar meastóireacht leis an tástáil seo ar an éifeacht atá ag teip ar rialú teochta nó ag teip ar ghnéithe eile le haghaidh cosaint in aghaidh róthéamh inmheánach le linn oibriú.
6. Cosaint ar fhorleathadh teirmeach
Déanfar meastóireacht leis an tástáil seo ar fheidhmíocht sábháilteachta cheallra i gcásanna forleata theirmigh. Is féidir le himoibriú teirmeach ó smacht i gcill amháin imoibriú cascáideach a thionscnamh ar fud an cheallra iomláin ar féidir leis a bheith comhdhéanta de chealla iomadúla. D’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ann dá thoradh sin lena n-áirítear sceitheadh suntasach gáis. Cuirfear san áireamh leis an tástáil sin na tástálacha atá á bhforbairt ag ISO i gcomhair feidhmeanna iompair agus Rialachán Teicniúil Domhanda na Náisiún Aontaithe.
7. Damáiste meicniúil trí fhórsaí seachtracha
Déanfaidh na tástálacha seo ionsamhlú ar chás amháin nó níos mó ina nochtar ceallra do struis mheicniúla trí thimpiste agus ina bhfanann sé oibríoch chun na críche dá bhfuil sé deartha. Ba cheart do na critéir chun na cásanna sin a ionsamhlú a bheith i gcomhréir le húsáidí ón bhfíorshaol.
8. Gearrchiorcad inmheánach
Déanfar meastóireacht leis an tástáil seo ar fheidhmíocht sábháilteachta cheallra i gcásanna gearrchiorcaid inmheánaigh. D’fhéadfadh gearrchiorcaid inmheánacha, rud atá ar cheann de na príomhthosaíochtaí ag monaróirí ceallraí, a bheith ina gcúis le hastaíochtaí, imoibriú teirmeach ó smacht, agus splancadh trínar féidir na gala leictrilíte a sceitear ón gcill a adhaint. Is féidir le neamhfhoirfeachtaí monaraíochta, láithreacht neamhíonachtaí i gcealla nó fás deindríteach litiam a bheith ina gcúis le gearrchiorcaid inmheánacha den sórt sin, agus is iadsan is cúis leis an gcuid is mó de na teagmhais sábháilteachta ar an láthair. D’fhéadfadh iliomad cásanna gearrchiorcaid inmheánacha tarlú (mar shampla, teagmháil leictreach catóide/anóide, tiomsaitheoir srutha alúmanaim/tiomsaitheoir srutha copair, tiomsaitheoir srutha alúmanaim/anóide) agus friotaíocht teagmhála éagsúil i gceist le gach ceann acu.
9. Drochíde theirmeach
Le linn na tástála seo, déanfar an ceallra a nochtadh do theochtaí ardaithe (teocht 85 °C atá in IEC 62619) trínar féidir imoibrithe dianscaoilte eisiteirmeacha a thionscnamh agus as a bhféadfadh imoibriú teirmeach ó smacht sa chill a bheith mar thoradh orthu.
10. Tástáil dóiteáin
Déanfar an baol pléasctha a mheasúnú tríd an gceallra a nochtadh do dhóiteán.
11. Astú gás
Is féidir le méideanna suntasacha d’ábhair a d’fhéadfadh a bheith guaiseach a bheith i gceallraí, mar shampla leictrilítí an-inadhainte, comhábhair chreimneacha agus thocsaineacha. Má nochtar an ceallra do dhálaí áirithe, d’fhéadfaí sláine an cheallra a chur i mbaol, rud a fhágann go ndéantar gáis ghuaiseacha a sceitheadh. Dá bhrí sin, is tábhachtach go sainaithnítear astaíochtaí gás ó shubstaintí a scaoiltear ón gceallra le linn tástálacha: déanfar an riosca ó gháis thocsaineacha a astaítear ó leictrilítí neamh-uisceacha a chur san áireamh go cuí i gcás gach paraiméadair sábháilteachta a liostaítear i bpointí 1 go 10.
IARSCRÍBHINN VI
CEANGLAIS MAIDIR LE LIPÉADÚ, MARCÁIL AGUS FAISNÉIS
Cuid A: Faisnéis ghinearálta maidir le ceallraí
Cuimseofar san fhaisnéis ar lipéad ceallraí an fhaisnéis seo a leanas maidir leis an gceallra:
faisnéis lena sainaithnítear an monaróir i gcomhréir le hAirteagal 38(7);
catagóir an cheallra agus faisnéis lena sainaithnítear an ceallra i gcomhréir le hAirteagal 38(6);
an áit mhonaraíochta (suíomh geografach na monarchan monaraíochta ceallraí);
an dáta monaraíochta (mí agus bliain);
an meáchan;
an toilleadh;
an cheimic;
na substaintí guaiseacha atá sa cheallra, seachas mearcair, caidmiam nó luaidhe;
oibreán múchta inúsáidte;
amhábhair chriticiúla atá sa cheallra i dtiúchan atá corradh le 0,1 % meáchain de réir meáchain.
Cuid B: An tsiombail le haghaidh bailiú ar leithligh ceallraí
Cuid C: Cód QR
Beidh ardchodarsnacht ar an gcód QR i gcomparáid leis an dath cúlra agus beidh sé sách mór le go mbeifear in ann é a léamh le léitheoir QR atá ar fáil go coitianta, amhail iad sin a bhíonn comhtháthaithe i bhfeistí cumarsáide láimhe.
IARSCRÍBHINN VII
NA PARAIMÉADAIR CHUN STAID SLÁINTE AGUS SAOLRÉ IONCHAIS CEALLRAÍ A CHINNEADH
Cuid A
Na paraiméadair chun staid sláinte ceallraí feithiclí leictreacha, córas stórála fuinnimh i gceallraí suite agus ceallraí LMT a chinneadh:
I gcás ceallraí feithiclí leictreacha:
staid fuinnimh dheimhnithe (SOCE).
I gcás córais stórála fuinnimh i gceallraí suite agus ceallraí LMT:
an toilleadh atá fágtha;
i gcás inar féidir, an cumas cumhachta atá fágtha;
i gcás inar féidir, an éifeachtúlacht fuinnimh dé-aistir atá fágtha;
an t-athrú ar rátaí féin-díluchtaithe;
i gcás inar féidir, an fhriotaíocht ohmic.
Cuid B
Paraiméadair chun saolré ionchasach na gcóras stórála fuinnimh i gceallraí suite agus ceallraí LMT a chinneadh:
dáta monaraíochta an cheallra agus, más infheidhme, an dáta ar cuireadh i seirbhís é;
an tréchur fuinnimh;
an tréchur toillte;
rianú teagmhas díobhálach, amhail líon na dteagmhas de dhíluchtú domhain, an t-am a chaitear i dteochtaí foircneacha, an t-am a chaitear ag luchtú i dteochtaí foircneacha;
líon na dtimthriallta lánluchtaithe – lán-díluchtaithe coibhéiseacha.
IARSCRÍBHINN VIII
NÓSANNA IMEACHTA MEASÚNAITHE COMHRÉIREACHTA
Cuid A
MODÚL A – RIALÚ INMHEÁNACH TÁIRGTHE
1. Tuairisc ar an modúl
Is é atá i gceist le rialú inmheánach táirgthe an nós imeachta measúnaithe comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointí 2, 3 agus 4, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn an monaróir faoina fhreagracht féin go gcomhlíonann na ceallraí lena mbaineann na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 6, 9, 10, 12, 13 agus 14 a bhaineann leo.
2. Doiciméadacht theicniúil
Déanfaidh an monaróir an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas. Fágfaidh an doiciméadacht go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an cheallra leis na ceanglais ábhartha dá dtagraítear i bpointe 1 agus áireofar leis anailís agus measúnú leordhóthanach ar na rioscaí.
Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar inti, a mhéid is ábhartha do mheasúnú, dearadh, monarú agus oibriú an cheallra. Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad ar áireamh, i gcás inar infheidhme, sa doiciméadacht theicniúil:
tuairisc ghinearálta ar an gceallra agus a úsáid bheartaithe;
líníochtaí den dearadh coincheapúil agus líníochtaí monaraíochta agus scéimeanna comhpháirteanna, fochóimeálacha, agus ciorcaid;
na tuairiscí agus na mínithe is gá chun na líníochtaí agus na scéimeanna dá dtagraítear i bpointe (b) a thuiscint agus oibriú an cheallra;
sampla den lipéad a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 13;
liosta de na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 15, a cuireadh i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach, lena n-áirítear léiriú ar na codanna de a cuireadh i bhfeidhm, liosta de na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16, a cuireadh i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach, lena n-áirítear léiriú ar na codanna de a cuireadh i bhfeidhm, agus liosta de na sonraíochtaí teicniúla ábhartha eile a úsáidtear chun críoch tomhais nó ríofa;
i gcás nár cuireadh na caighdeáin chomhchuibhithe agus na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear i bpointe (e) i bhfeidhm nó nach bhfuil siad ar fáil, tuairisc ar na réitigh a glacadh chun na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 6, 9, 10, 12, 13 agus 14 a chomhlíonadh nó chun comhlíonadh na gceanglas sin a fhíorú;
torthaí na ríomhanna dearaidh a rinneadh agus na scrúduithe a rinneadh, agus an fhianaise theicniúil nó dhoiciméadach a úsáideadh; agus
na tuarascálacha tástála.
3. Monaraíocht
Déanfaidh an monaróir na bearta uile is gá ionas go n-áirithítear leis an bpróiseas monaraíochta agus leis an bhfaireachán a dhéantar air go gcomhlíonann na ceallraí an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 2 agus go gcomhlíonann siad na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear i bpointe 1.
4. Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta AE
Greamóidh an monaróir an mharcáil CE de gach ceallra aonair a chomhlíonann na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear i bpointe 1, nó, i gcás nach bhfuil sé sin indéanta nó mura bhfuil gá leis mar gheall ar chineál an cheallra, ar an bpacáistíocht agus ar na doiciméid a ghabhann leis an gceallra.
Déanfaidh an monaróir dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas maidir le gach samhail cheallra i gcomhréir le hAirteagal 18 agus coinneoidh sé é in éineacht leis an doiciméadacht theicniúil agus beidh sé ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis don cheallra deiridh leis an tsamhail cheallra faoi seach a bheith curtha ar an margadh. Leis an dearbhú comhréireachta AE, sainaithneofar an tsamhail cheallra dár tarraingíodh suas é.
Cuirfear cóip den dearbhú comhréireachta AE ar fáil do na húdaráis náisiúnta arna iarraidh sin.
5. Ionadaí údaraithe an mhonaróra
Féadfaidh ionadaí údaraithe an mhonaróra oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointe 4 a chomhlíonadh, thar ceann agus faoi fhreagracht an mhonaróra, ar choinníoll go sonraítear iad sa sainordú.
Cuid B
MODÚL D1 - DEARBHÚ CÁILÍOCHTA AN PHRÓISIS TÁIRGTHE
1. Tuairisc ar an modúl
Is é atá i gceist le dearbhú cáilíochta an phróisis táirgthe an nós imeachta measúnaithe comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointí 2, 4 agus 7, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn an monaróir faoin bhfreagracht aonair atá orthu, gan dochar do na hoibleagáidí atá ar oibreoirí eacnamaíocha eile i gcomhréir leis an Rialachán seo, go gcomhlíonann na ceallraí lena mbaineann na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 7 agus 8, nó, de rogha an mhonaróra, na ceanglais uile is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus in Airteagail 12, 13 agus 14.
2. Doiciméadacht theicniúil
Déanfaidh an monaróir an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas. Fágfaidh an doiciméadacht theicniúil go bhféadfar measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an cheallra leis na ceanglais ábhartha dá dtagraítear i bpointe 1, agus beidh ann anailís agus measúnú leordhóthanach ar na rioscaí.
Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar inti, a mhéid is ábhartha do mheasúnú, dearadh, monarú agus úsáid bheartaithe an cheallra. Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad ar áireamh sa doiciméadacht theicniúil, nuair is infheidhme:
tuairisc ghinearálta ar an gceallra agus ar a úsáid bheartaithe;
na líníochtaí den dearadh coincheapúil agus na líníochtaí monaraíochta agus scéimeanna comhpháirteanna, fochóimeálacha agus ciorcaid;
na tuairiscí agus na mínithe is gá chun na líníochtaí agus na scéimeanna dá dtagraítear i bpointe (b) a thuiscint agus oibriú an cheallra;
sampla den lipéad a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 13;
liosta de na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 15, na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16, nó an dá rud, arna gcur i bhfeidhm, agus, i gcás caighdeáin chomhchuibhithe, sonraíochtaí comhchoiteanna, nó an dá rud, arna gcur i bhfeidhm go páirteach, léiriú ar cé na codanna díobh a cuireadh i bhfeidhm;
liosta de shonraíochtaí teicniúla ábhartha eile a úsáidtear chun críoch tomhais nó ríofa agus tuairiscí ar na réitigh arna nglacadh chun na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus in Airteagail 12, 13 agus 14 a chomhlíonadh nó chun comhlíonadh na gceanglas sin a fhíorú, i gcás nár cuireadh caighdeáin chomhchuibhithe, sonraíochtaí comhchoiteanna, nó an dá rud, i bhfeidhm nó nach bhfuil fáil orthu;
torthaí na ríomhanna dearaidh a rinneadh agus na scrúduithe a rinneadh, agus an fhianaise theicniúil nó dhoiciméadach a úsáideadh;
staidéar lena dtacaítear le luachanna loirg carbóin dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus leis an aicme loirg carbóin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), ina bhfuil na ríomhanna a rinneadh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 7(1), an ceathrú fomhír, pointe (a), agus an fhianaise agus an fhaisnéis lena gcinntear na sonraí ionchuir do na ríomhanna sin;
staidéar lena dtacaítear le sciar ábhair athchúrsáilte dá dtagraítear in Airteagal 8, ina bhfuil na ríomhanna a rinneadh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe de bhun Airteagal 8(1), an dara fomhír, agus an fhianaise agus an fhaisnéis lena gcinntear na sonraí ionchuir do na ríomhanna sin; agus
na tuarascálacha tástála.
3. Infhaighteacht na doiciméadachta teicniúla
Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an ceallra a chur ar an margadh.
4. Monaraíocht
Oibreoidh an monaróir córas cáilíochta formheasta maidir le táirgeadh, le cigireacht ar an táirge deiridh agus le tástáil na gceallraí lena mbaineann de réir mar a shonraítear i bpointe 5 é, agus beidh sé faoi réir faireachais mar a shonraítear i bpointe 6 é.
5. Córas cáilíochta
1. Taiscfidh an monaróir iarratas ar mheasúnú ar a chóras cáilíochta lena rogha comhlachta faoina dtugtar fógra, do na ceallraí lena mbaineann.
Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:
ainm agus seoladh an mhonaróra agus, má thaisceann ionadaí údaraithe an mhonaróra an t-iarratas, a ainm agus a sheoladh freisin;
dearbhú i scríbhinn nár cuireadh an t-iarratas céanna faoi bhráid aon chomhlacht eile faoina dtugtar fógra;
gach faisnéis is ábhartha don chatagóir cheallra atá beartaithe;
an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras cáilíochta dá dtagraítear i bpointe 5.2;
an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 2.
2. Áiritheofar leis an gcóras cáilíochta go gcomhlíonann na ceallraí na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus in Airteagail 12, 13 agus 14.
Déanfar na heilimintí, na ceanglais agus na forálacha uile arna nglacadh ag an monaróir a dhoiciméadú ar bhealach córasach agus ordúil trí bhíthin beartais, nósanna imeachta agus treoracha scríofa. Le doiciméadacht an chórais cáilíochta, beifear in ann léiriú comhsheasmhach a dhéanamh ar na cláir, pleananna, lámhleabhair agus taifid cháilíochta.
I ndoiciméadacht an chórais cháilíochta, beidh tuairisc leordhóthanach ar an méid seo a leanas go háirithe:
cuspóirí cáilíochta agus struchtúr eagraíochtúil, freagrachtaí agus cumhachtaí an lucht bainistíochta maidir le cáilíocht táirge;
na nósanna imeachta maidir le doiciméadú agus faireachán a dhéanamh ar na paraiméadair agus ar na sonraí is gá chun sciar an ábhair athchúrsáilte dá dtagraítear in Airteagal 8 agus, i gcás inarb infheidhme, na luachanna loirg carbóin agus an aicme loirg carbóin dá dtagraítear in Airteagal 7 a ríomh agus a nuashonrú;
na teicnící, na próisis agus na gníomhaíochtaí córasacha comhfhreagracha a úsáidfear i dtaca le monaraíocht, le rialú cáilíochta agus le dearbhú cáilíochta;
na scrúduithe, na ríomhanna, na tomhais agus na tástálacha a dhéanfar roimh an monaraíocht, lena linn agus ina diaidh agus cé chomh minic is a dhéanfar iad;
na taifid ar cháilíocht, amhail tuarascálacha cigireachta agus ríomh, tomhas agus sonraí tástála, sonraí calabraithe, tuarascálacha ar cháilíocht an phearsanra lena mbaineann;
na modhanna faireacháin ar ghnóthú cháilíocht an táirge a éilítear agus ar oibriú éifeachtach an chórais cáilíochta.
3. Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an córas cáilíochta a mheasúnú chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh an gcomhlíonann sé na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 5.2.
Glacfaidh an comhlacht leis go gcomhlíontar na ceanglais sin maidir leis na heilimintí den chóras cáilíochta a chomhlíonann sonraíochtaí comhfhreagracha an chaighdeáin chomhchuibhithe iomchuí.
Sa bhreis ar thaithí ar chórais bainistithe cáilíochta, beidh ag an bhfoireann iniúchóireachta ball amháin ar a laghad a bhfuil taithí aige nó aici ar mheastóireacht i réimse an táirge ábhartha agus i dteicneolaíocht an táirge lena mbaineann, agus eolas ar na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus in Airteagail 12, 13 agus 14.
Mar chuid den iniúchóireacht, tabharfar cuairt ar áitreabh an mhonaróra chun measúnú a dhéanamh.
Athbhreithneoidh an fhoireann iniúchóireachta na doiciméid theicniúla dá dtagraítear i bpointe 2 chun cumas an mhonaróra a fhíorú i dtaca leis na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus in Airteagail 12, 13 agus 14 a shainaithint agus na scrúduithe, na ríomhanna, na tomhais agus na tástálacha riachtanacha a chur i gcrích d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh an ceallra na ceanglais sin. Seiceálfaidh an fhoireann iniúchóireachta iontaofacht na sonraí a úsáidtear chun sciar an ábhair athchúrsáilte dá dtagraítear in Airteagal 8 agus, i gcás inarb infheidhme, na luachanna loirg carbóin agus an aicme loirg carbóin dá dtagraítear in Airteagal 7 a ríomh chomh maith le cur chun feidhme cuí na modheolaíochta ríomha ábhartha.
Tar éis measúnú a dhéanamh ar an gcóras cáilíochta, tabharfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra fógra maidir lena chinneadh don mhonaróir. Sonrófar conclúidí na hiniúchóireachta agus na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin san fhógra.
4. Geallfaidh an monaróir go gcomhlíonfaidh sé na hoibleagáidí a eascraíonn as an gcóras cáilíochta mar atá formheasta agus go gcoinneoidh sé ar bun é ionas go mbeidh sé leordhóthanach agus éifeachtúil i gcónaí.
5. Coinneoidh an monaróir an comhlacht faoina dtugtar fógra agus a bhfuil an córas cáilíochta formheasta aige ar an eolas maidir le haon athrú atá beartaithe maidir leis an gcóras cáilíochta.
Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra meastóireacht ar aon athruithe atá beartaithe agus cinnfidh sé an leanfaidh an córas cáilíochta modhnaithe de na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 5.2 a chomhlíonadh nó an mbeidh gá lena athmheasúnú.
Tabharfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra fógra don mhonaróir maidir lena chinneadh. Sonrófar conclúidí an scrúdaithe agus an cinneadh réasúnaithe faoin mheasúnú san fhógra sin.
6. Faireachas faoi fhreagracht an chomhlachta faoina dtugtar fógra
Is é is cuspóir don fhaireachas a áirithiú go gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a eascraíonn as an gcóras cáilíochta formheasta.
Tabharfaidh an monaróir, chun críoch measúnachta, cead don chomhlacht faoina dtugtar fógra, rochtain a fháil ar na láithreáin monaraithe, iniúchóireachta, tástála agus stórála agus tabharfaidh sé don chomhlacht an fhaisnéis riachtanach go léir, go háirithe:
doiciméadacht an chórais cáilíochta dá dtagraítear i bpointe 5.2;
an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 2;
na taifid ar cháilíocht, amhail tuarascálacha cigireachta agus ríomh, tomhas agus sonraí tástála, sonraí calabraithe agus tuarascálacha ar cháilíocht an phearsanra lena mbaineann.
Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra iniúchtaí tréimhsiúla chun a áirithiú go gcoinníonn an monaróir an córas cáilíochta ar bun agus go gcuireann sé i bhfeidhm é, agus tabharfaidh sé tuarascáil iniúchóireachta don mhonaróir. Le linn iniúchtaí den sórt sin, seiceálfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra, ar a laghad, iontaofacht na sonraí a úsáidtear chun sciar an ábhair athchúrsáilte dá dtagraítear in Airteagal 8 agus, i gcás inarb infheidhme, na luachanna loirg carbóin agus an aicme loirg carbóin dá dtagraítear in Airteagal 7 a ríomh, chomh maith le cur chun feidhme cuí na modheolaíochta ríomha ábhartha.
Ina theannta sin, féadfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra cuairteanna gan choinne a thabhairt ar an monaróir. I rith cuairteanna den sórt sin, féadfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra, más gá, scrúduithe, ríomhanna, tomhais agus tástálacha a dhéanamh, nó socrú lena ndéanamh, chun a fhíorú go bhfuil an córas cáilíochta ag feidhmiú i gceart. Cuirfidh an comhlacht faoina dtugtar fógra tuarascáil ar fáil don mhonaróir maidir lena chuairt agus, má rinneadh tástálacha, gheobhaidh an monaróir tuarascáil tástála air sin.
7. Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta AE
Greamóidh an monaróir an mharcáil CE, agus, faoi fhreagracht an chomhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 5.1, uimhir aitheantais an chomhlachta sin de gach ceallra aonair a chomhlíonann na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear i bpointe 1, nó, i gcás nach bhfuil sé sin indéanta nó mura bhfuil gá leis mar gheall ar chineál an cheallra, ar an bpacáistíocht agus ar na doiciméid a ghabhann leis an gceallra.
Déanfaidh an monaróir dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas maidir le gach samhail cheallra i gcomhréir le hAirteagal 18 agus coinneoidh sé é agus beidh sé ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis don cheallra deiridh leis an tsamhail cheallra faoi seach a bheith curtha ar an margadh. Leis an dearbhú comhréireachta AE, sainaithneofar an tsamhail cheallra dár tarraingíodh suas é.
Cuirfear cóip den dearbhú comhréireachta AE ar fáil do na húdaráis náisiúnta arna iarraidh sin.
8. Infhaighteacht doiciméadacht an chórais cáilíochta
Coinneoidh an monaróir, ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis don cheallra a bheith curtha ar an margadh, an méid a leanas ar fáil do na húdaráis náisiúnta:
doiciméadacht an chórais cáilíochta dá dtagraítear i bpointe 5.2;
an t-athrú dá dtagraítear i bpointe 5.5, arna fhormheas;
cinntí agus tuarascálacha an chomhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointí 5.5, 6.3 agus 6.4.
9. Oibleagáidí faisnéise an chomhlachta faoina dtugtar fógra
Gach comhlacht faoina dtugtar fógra, cuirfidh sé ar an eolas an t-údarás sin a thugann fógra faoi, maidir le córais cháilíochta a n-eisítear nó a dtarraingítear siar a gcuid ceadanna, agus cuirfidh sé ar fáil, ar bhonn tréimhsiúil nó ar iarratas, don údarás sin a thugann fógra, liosta de na ceaduithe sin a diúltaíodh do chórais cháilíochta, a cuireadh ar fionraí nó ar cuireadh srian leo ar aon bhealach eile.
Déanfaidh gach comhlacht faoina dtugtar fógra ceaduithe córais cáilíochta atá diúltaithe aige, tarraingthe siar aige, curtha ar fionraí aige nó a bhfuil teorannú déanta aige ar aon bhealach eile orthu, a chur in iúl do na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra, agus, arna iarraidh sin, ceaduithe córais cáilíochta a d’eisigh sé.
10. Ionadaí údaraithe an mhonaróra
Féadfaidh ionadaí údaraithe an mhonaróra oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointí 3, 5.1, 5.5, 7 agus 8 a chomhlíonadh, thar ceann an mhonaróra agus faoi fhreagracht an mhonaróra, ar choinníoll go sonraítear iad sa sainordú.
Cuid C
MODÚL G – COMHRÉIREACHT BUNAITHE AR FHÍORÚ AONAID
1. Tuairisc ar an modúl
Is é atá i gceist le comhréireacht bunaithe ar fhíorú aonaid an nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointí 2, 3 agus 5, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn sé faoin bhfreagracht aonair atá air, gan dochar do na hoibleagáidí atá ar oibreoirí eacnamaíocha eile i gcomhréir leis an Rialachán seo, go bhfuil an ceallra lena mbaineann, a bhí faoi réir fhorálacha phointe 4, i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 7 agus 8, nó, de rogha an mhonaróra, na ceanglais uile is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13 agus 14.
2. Doiciméadacht theicniúil
1. Déanfaidh an monaróir an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas agus a chur ar fáil don chomhlacht faoina dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 4. Fágfaidh an doiciméadacht theicniúil go bhféadfar measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an cheallra leis na ceanglais ábhartha dá dtagraítear i bpointe 1 agus beidh ann anailís agus measúnú leordhóthanach ar na rioscaí.
Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar inti, a mhéid is ábhartha do mheasúnú, dearadh, monarú agus úsáid bheartaithe an cheallra.
I gcás inarb infheidhme, beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad ar áireamh sa doiciméadacht theicniúil:
tuairisc ghinearálta ar an gceallra agus a úsáid bheartaithe;
na líníochtaí den dearadh coincheapúil agus na líníochtaí monaraíochta agus scéimeanna comhpháirteanna, fochóimeálacha agus ciorcaid;
na tuairiscí agus na mínithe is gá chun na líníochtaí agus na scéimeanna dá dtagraítear i bpointe (b) a thuiscint agus oibriú an cheallra;
sampla den lipéad a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 13;
liosta de na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 15, na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16, nó an dá rud, arna gcur i bhfeidhm, agus, i gcás caighdeáin chomhchuibhithe, sonraíochtaí comhchoiteanna, nó an dá rud, arna gcur i bhfeidhm go páirteach, léiriú ar cé na codanna díobh a cuireadh i bhfeidhm;
liosta de shonraíochtaí teicniúla ábhartha eile a úsáidtear chun críoch tomhais nó ríomha agus tuairiscí ar na réitigh arna nglacadh chun na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear i bpointe 1 a chomhlíonadh nó chun comhréireacht ceallraí leis na ceanglais sin a fhíorú, i gcás nár cuireadh caighdeáin chomhchuibhithe, sonraíochtaí comhchoiteanna, nó an dá rud, i bhfeidhm nó nach bhfuil fáil orthu;
torthaí na ríomhanna dearaidh a rinneadh agus na scrúduithe a rinneadh agus an fhianaise theicniúil nó dhoiciméadach a úsáideadh;
staidéar lena dtacaítear leis na luachanna loirg carbóin agus an aicme loirg carbóin dá dtagraítear in Airteagal 7, ina bhfuil na ríomhanna a rinneadh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe de bhun Airteagal 7(1), an ceathrú fomhír, pointe (a), agus an fhianaise agus an fhaisnéis lena gcinntear na sonraí ionchuir do na ríomhanna sin;
staidéar lena dtacaítear le sciar ábhair athchúrsáilte dá dtagraítear in Airteagal 8, ina bhfuil na ríomhanna a rinneadh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe de bhun Airteagal 8(1), an dara fomhír, agus an fhianaise agus an fhaisnéis lena gcinntear na sonraí ionchuir do na ríomhanna sin; agus
na tuarascálacha tástála.
2. Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an ceallra a chur ar an margadh.
3. Monaraíocht
Déanfaidh an monaróir gach beart is gá ionas go n-áirithítear leis an bpróiseas monaraíochta agus leis an bhfaireachán a dhéantar air go bhfuil an ceallra monaraithe i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear i bpointe 1.
4. Fíorú
Déanfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra, arna roghnú ag an monaróir, scrúduithe, ríomhanna, tomhais agus tástálacha iomchuí, mar a leagtar amach sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 15, sna sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16, nó sa dá rud, nó tástálacha coibhéiseacha, chun comhréireacht an cheallra leis na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear i bpointe 1 a sheiceáil, nó cuirfidh sé faoi deara iad a dhéanamh. In éagmais caighdeán comhchuibhithe den sórt sin nó sonraíocht chomhchoiteann, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra cinneadh maidir leis na scrúduithe, na ríomhanna, na tomhais agus na tástálacha is iomchuí a bheidh le déanamh.
Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra deimhniú comhréireachta a eisiúint i leith na scrúduithe, na ríomhanna, na dtomhas agus na dtástálacha a rinneadh, agus greamóidh sé a uimhir aitheantais den cheallra atá formheasta, nó socróidh sé lena greamú faoina fhreagracht.
Coinneoidh an monaróir na deimhnithe comhréireachta ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an ceallra a chur ar an margadh.
5. Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta AE
Greamóidh an monaróir an mharcáil CE agus, faoi fhreagracht an chomhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 4, uimhir aitheantais an chomhlachta sin de gach ceallra a chomhlíonann na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear i bpointe 1, nó, i gcás nach bhfuil sé sin indéanta nó mura bhfuil gá leis de bharr chineál an cheallra, den phacáistíocht agus de na doiciméid a ghabhann leis an gceallra.
Déanfaidh an monaróir dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 18 i gcás gach ceallra agus coinneoidh sé é agus beidh sé ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis don cheallra a bheith curtha ar an margadh. Leis an dearbhú comhréireachta AE, sainaithneofar an ceallra dá bhfuil sé tarraingthe suas.
Cuirfear cóip den dearbhú comhréireachta AE ar fáil do na húdaráis náisiúnta arna iarraidh sin.
6. Ionadaí údaraithe an mhonaróra
Féadfaidh ionadaí údaraithe an mhonaróra oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointí 2.2, 4.2 agus 5 a chomhlíonadh, thar ceann an mhonaróra agus faoi fhreagracht an mhonaróra, ar choinníoll go sonraítear iad sa sainordú.
IARSCRÍBHINN IX
DEARBHÚ COMHRÉIREACHTA AE Uimh.* …
* (uimhir aitheantais an dearbhaithe)
1. Samhail cheallra (táirge, catagóir, agus baisc nó sraithuimhir):
2. Ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más infheidhme, ainm agus seoladh a ionadaí údaraithe:
3. Eisítear an dearbhú comhréireachta seo faoi chúram an mhonaróra agus é sin amháin.
4. Cuspóir an dearbhaithe (tuairisc ar an gceallra agus an ceallra a shainaithint, rud a fhágann gur féidir é a rianú, agus ina bhféadfaí, i gcás inarb iomchuí, íomhá an cheallra a bheith san áireamh ann):
5. Tá cuspóir an dearbhaithe a thuairiscítear i bpointe 4 i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais um chomhchuibhiú: … (tagairt do na gníomhartha eile de chuid an Aontais atá i bhfeidhm).
6. Tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó do na sonraíochtaí comhchoiteanna atá in úsáid nó tagairtí do na sonraíochtaí teicniúla eile a ndearbhaítear comhréireacht maidir leo:
7. Rinne an comhlacht faoina dtugtar fógra … (ainm, seoladh, uimhir) … (tuairisc ar an idirghabháil) … agus d’eisigh sé an deimhniú/na deimhnithe: … (mionsonraí, lena n-áirítear an dáta a bhaineann leis, agus, i gcás inarb iomchuí, faisnéis maidir le fad a bhailíochta agus na coinníollacha maidir lena bhailíocht).
8. Faisnéis bhreise
Arna shíniú le haghaidh agus thar ceann:
(an áit agus an dáta eisiúna):
(ainm, feidhm) (síniú)
IARSCRÍBHINN X
LIOSTA D’AMHÁBHAIR AGUS CATAGÓIRÍ RIOSCA
1. Amhábhair:
cóbalt;
graifít nádúrtha;
litiam;
nicil;
comhdhúile ceimiceacha bunaithe ar na hamhábhair a liostaítear i bpointí (a) go (d), atá riachtanach chun na hábhair ghníomhacha atá i gceallraí a mhonarú.
2. Catagóirí sóisialta agus riosca comhshaoil:
an comhshaol, an aeráid agus sláinte an duine, agus aird á tabhairt ar éifeachtaí díreacha, spreagtha, indíreacha agus carnacha, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:
aer, lena n-áirítear truailliú aeir amhail astaíochtaí gás ceaptha teasa,
uisce, lena n-áirítear grinneall na farraige agus an comhshaol muirí, agus lena n-áirítear truailliú uisce, úsáid uisce, cainníochtaí uisce (tuilte nó séideáin) agus rochtain ar uisce,
ithir, lena n-áirítear truailliú ithreach, creimeadh ithreach, úsáid talún agus díghrádú talún,
bithéagsúlacht, lena n-áirítear damáiste do ghnáthóga, don fhiadhúlra, do fhlóra agus d’éiceachórais, lena n-áirítear seirbhísí éiceachórais,
substaintí guaiseacha,
torann agus tonnchrith,
sábháilteacht monarchana,
úsáid fuinnimh,
dramhaíl agus fuíll;
ceart an duine, cearta saothair agus caidreamh tionsclaíoch, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:
sábháilteacht agus sláinte ceirde,
saothar leanaí,
saothar éignithe,
idirdhealú,
saoirsí ceardchumainn;
saol pobail, lena n-áirítear saol na bpobal dúchasach.
3. Áirítear ar na hionstraimí idirnáisiúnta lena gcumhdaítear na rioscaí dá dtagraítear i bpointe 2:
Deich bPrionsabal Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe;
Treoirlínte Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe le haghaidh Measúnú Socheolaíoch ar Shaolré Táirgí;
an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, go háirithe Cinneadh COP VIII/28- Treoirlínte deonacha maidir le measúnú tionchair cuimsitheach ar bhithéagsúlacht;
Comhaontú Pháras na Náisiún Aontaithe;
ocht gCoinbhinsiún bhunúsacha EIS mar a shainítear faoi Dhearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair;
aon choinbhinsiúin idirnáisiúnta chomhshaoil eile atá ina gceangal ar an Aontas nó ar a Bhallstáit;
Dearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair;
Bille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine, lena n-áirítear an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha.
4. Áirítear ar na hionstraimí díchill chuí is infheidhme maidir leis na ceanglais díchill chuí a leagtar síos i gCaibidil VII den Rialachán seo:
Bille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine, lena n-áirítear an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha;
Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine;
Treoirlínte ECFE do Fhiontair Ilnáisiúnta;
Dearbhú Trípháirteach Prionsabal EIS maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta;
Treoir Díchill Chuí ECFE maidir le hIompar Gnó Freagrach;
Treoir ECFE um Dhícheall Cuí i dtaca le Dícheall Cuí do Shlabhraí Soláthair Freagracha Mianraí ó Limistéir ina bhfuil Coinbhleacht agus ó Limistéir Ardriosca.
IARSCRÍBHINN XI
RÁTAÍ BAILITHE A RÍOMH DO CHEALLRAÍ INAISTRITHE DRAMHAÍOLA AGUS CEALLRAÍ LMT DRAMHAÍOLA
1. Déanfaidh táirgeoirí na catagóire ábhartha ceallraí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, agus na Ballstáit an ráta bailithe a ríomh mar an céatadán a fhaightear trí mheáchan na gceallraí dramhaíola, a bhailítear i gcomhréir le hAirteagail 59, 60 agus 69, faoi seach, i mbliain féilire ar leith i mBallstát a roinnt ar mheáchan ceallraí den sórt sin ar an meán, a chuireann táirgeoirí ar fáil ar an margadh go díreach le húsáideoirí deiridh nó a sheachadann siad do thríú páirtithe chun iad a chur ar fáil ar an margadh d’úsáideoirí deiridh sa Bhallstát sin i rith na 3 bliana féilire roimhe sin. Déanfar an ráta bailithe sin a ríomh do cheallraí inaistrithe i gcomhréir le hAirteagal 59, agus do cheallraí LMT i gcomhréir le hAirteagal 60 faoi seach.
|
Bliain |
Bailiú sonraí |
Ríomh |
Ceanglas maidir le tuairisciú |
|
|
Bliain 1 |
Díolacháin i mbliain 1 (S1) |
|
|
|
|
Bliain 2 |
Díolacháin i mbliain 2 (S2) |
|
|
|
|
Bliain 3 |
Díolacháin i mbliain 3 (S3) |
|
|
|
|
Bliain 4 |
Díolacháin i mbliain 4 (S4) |
Bailiú i mbliain 4 (C4) |
Ráta bailithe (CR4) = 3*C4/(S1+S2+S3) |
CR4 |
|
Bliain 5 |
Díolacháin i mbliain 5 (S5) |
Bailiú i mbliain 5 (C5) |
Ráta bailithe (CR5) = 3*C5/(S2+S3+S4) |
CR5 |
|
Etc. |
Etc. |
Etc. |
Etc. |
|
2. Déanfaidh táirgeoirí na catagóire ábhartha ceallraí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, agus na Ballstáit díolacháin bhliantúla ceallraí le húsáideoirí deiridh i mbliain ar leith a ríomh, mar mheáchan ceallraí den sórt sin a chuirtear ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Bhallstáit sa bhliain lena mbaineann, cé is moite d’aon cheallraí a d’imigh as críoch an Bhallstáit sin an bhliain sin, sular díoladh iad leis na húsáideoirí deiridh. Déanfar na díolacháin sin a ríomh ar leithligh do cheallraí inaistrithe agus do cheallraí LMT.
3. I gcás gach ceallra, ní chomhairfear ach an chéad uair a chuirtear ar fáil ar an margadh iad i mBallstát.
4. Beidh an ríomh dá bhforáiltear i bpointí 1 agus 2 bunaithe ar shonraí a bhaileofar nó ar mheastacháin a bheidh suntasach ó thaobh staitistice de bunaithe ar na sonraí a bhaileofar.
IARSCRÍBHINN XII
CEANGLAIS MAIDIR LE STÓRÁIL AGUS CÓIREÁIL, LENA N-ÁIRÍTEAR ATHCHÚRSÁIL
Cuid A: Stóráil, ceanglais chóireála
1. Áireofar le cóireáil, ar a laghad, gach sreabhán agus aigéad a bhaint.
2. Déanfar an chóireáil agus aon stóráil, lena n-áirítear stóráil shealadach, ag saoráidí cóireála, lena n-áirítear saoráidí athchúrsála, i láithreáin a bhfuil dromchlaí neamhscagacha acu agus cumhdaigh shíondíonacha oiriúnacha nó i gcoimeádáin oiriúnacha.
3. Déanfar ceallraí dramhaíola i saoráidí cóireála, lena n-áirítear saoráidí athchúrsála, a stóráil ar bhealach a fhágann nach ndéantar iad a mheascadh le dramhaíl as ábhair sheoltacha nó indóite.
4. Beidh réamhchúraimí agus bearta sábháilteachta speisialta i bhfeidhm chun ceallraí de chineál dramhaíola litiambhunaithe a chóireáil agus iad á láimhseáil, á sórtáil agus á stóráil. Áireofar ar bhearta den sórt sin cosaint ó neamhchosaint ar na nithe seo a leanas:
teas iomarcach, amhail teocht ard, tine nó solas díreach na gréine;
uisce, amhail deascadh agus tuile;
aon bhrú nó damáiste fisiciúil.
Stórálfar ceallraí litiam-bhunaithe dramhaíola ina ngnáthchlaonadh suiteáilte, is é sin, ní dhéanfar iad a inbhéartú riamh, agus i limistéir dhea-aeráilte agus clúdófar iad le leithlisiú rubair ardvoltais. Beidh comhartha rabhaidh ar shaoráidí stórála le haghaidh ceallraí litiam-bhunaithe dramhaíola.
5. Déanfar mearcair a dheighilt, le linn na cóireála, i sruth inaitheanta, a dhíluailítear agus a dhiúscraítear go sábháilte agus nach féidir a bheith ina chúis le héifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine ná ar an gcomhshaol.
6. Déanfar caidmiam a dheighilt, le linn na cóireála, i sruth inaitheanta, a dtugtar ceann scríbe sábháilte dó agus nach féidir a bheith ina chúis le héifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine ná ar an gcomhshaol.
Cuid B: Spriocanna maidir le héifeachtúlacht athchúrsála
1. Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2025, bainfear amach, leis an athchúrsáil, ar a laghad, na spriocanna seo a leanas maidir le héifeachtúlacht athchúrsála:
athchúrsáil 75 % de réir meánmheáchan ceallraí luaidhe-aigéadacha;
athchúrsáil 65 % de réir meánmheáchan ceallraí litiam-bhunaithe;
athchúrsáil 80 % de réir meánmheáchan ceallraí nicile-caidmiam;
athchúrsáil 50 % de réir meánmheáchan ceallraí dramhaíola eile.
2. Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2030, bainfear amach, leis an athchúrsáil, ar a laghad, na spriocanna seo a leanas maidir le héifeachtúlacht athchúrsála:
athchúrsáil 80 % de réir meánmheáchan ceallraí luaidhe-aigéadacha;
athchúrsáil 70 % de réir meánmheáchan ceallraí litiam-bhunaithe.
Cuid C: Spriocanna maidir le haisghabháil ábhar
1. Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2027, bainfear amach, leis an athchúrsáil uile, ar a laghad, na spriocanna seo a leanas maidir le haisghabháil ábhar:
90 % le haghaidh cóbailt;
90 % le haghaidh copair;
90 % le haghaidh luaidhe;
50 % le haghaidh litiam;
90 % le haghaidh nicile.
2. Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2031, bainfear amach, leis an athchúrsáil uile, ar a laghad, na spriocanna seo a leanas maidir le haisghabháil ábhar:
95 % le haghaidh cóbailt;
95 % le haghaidh copair;
95 % le haghaidh luaidhe;
80 % le haghaidh litiam;
95 % le haghaidh nicile.
IARSCRÍBHINN XIII
FAISNÉIS ATÁ LE CUR SA PHAS CEALLRA
1. FAISNÉIS A BHFUIL ROCHTAIN AG AN bPOBAL UIRTHI AGUS A BHAINEANN LEIS AN tSAMHAIL CHEALLRA
Áireofar i bpas ceallra an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis an tsamhail cheallra, faisnéis a mbeidh rochtain ag an bpobal uirthi:
an fhaisnéis a shonraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn VI;
comhdhéanamh ábhair an cheallra, lena n-áirítear a cheimic, substaintí guaiseacha atá sa cheallra, seachas mearcair, caidmiam nó luaidhe, agus amhábhair chriticiúla atá sa cheallra;
an fhaisnéis maidir leis an lorg carbóin dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus (2);
faisnéis maidir le foinsiú freagrach mar a léirítear sa tuarascáil maidir le beartais díchill chuí maidir le ceallraí dá dtagraítear in Airteagal 52(3);
faisnéis maidir le hábhar athchúrsáilte mar atá sa doiciméadacht dá dtagraítear in Airteagal 8(1);
sciar an ábhair in-athnuaite;
toilleadh rátaithe (in Ah);
voltas íosta, ainmniúil agus uasta, leis na raoin teochta nuair is ábhartha;
toilleadh cumhachta bunaidh (i Vatanna) agus teorainneacha, leis an raon teochta nuair is ábhartha;
saolré ionchasach an cheallra arna sloinneadh de réir timthriallta, agus an tástáil tagartha a úsáideadh;
an tairseach toillte i gcomhair tnáitheadh (i gcás ceallraí feithiclí leictreacha amháin);
an raon teochta is féidir leis an gceallra a sheasamh nuair nach mbíonn sé in úsáid (tástáil tagartha);
an tréimhse lena mbaineann an baránta tráchtála saoil féilire;
éifeachtúlacht fuinnimh dé-aistir tosaigh agus ag 50 % den tsaolré;
friotaíocht inmheánach na cille ceallra agus na phacáiste ceallraí;
c-ráta na tástála saolré ábhartha;
na ceanglais mharcála a leagtar síos in Airteagal 13(3) agus (4);
an dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 18;
an fhaisnéis maidir le cosc agus bainistiú ceallraí dramhaíola a leagtar síos in Airteagal 74(1), pointí (a) go (f).
2. FAISNÉIS A BHAINEANN LEIS AN tSAMHAIL CHEALLRA, FAISNÉIS NACH mBEIDH ROCHTAIN AG DAOINE UIRTHI ACH AMHÁIN IAD SIÚD A bhFUIL LEAS DLISTEANACH ACU AGUS AN COIMISIÚN
Áireofar i bpas ceallra an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis an tsamhail cheallra, faisnéis nach mbeidh rochtain ag daoine uirthi ach amháin iad siúd a bhfuil leas dlisteanach acu agus an Coimisiún:
comhdhéanamh mionsonraithe, lena n-áirítear na hábhair a úsáidtear sa chatóid, san anóid agus sa leictrilít;
uimhreacha páirte comhpháirteanna agus sonraí teagmhála na bhfoinsí le haghaidh páirteanna spártha athsholáthair;
faisnéis díchóimeála, lena n-áirítear iad seo a leanas ar a laghad:
bearta sábháilteachta.
3. FAISNÉIS A mBEIDH ROCHTAIN AG COMHLACHTAÍ FAOINA dTUGTAR FÓGRA, AG ÚDARÁIS FAIREACHAIS MARGAIDH AGUS AG AN gCOIMISIÚN UIRTHI, AGUS ACU SIÚD AMHÁIN
Áireofar i bpas ceallra an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis an tsamhail cheallra, faisnéis a mbeidh rochtain ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra, ag údaráis faireachais margaidh agus ag an gCoimisiún uirthi, agus acu siúd amháin:
4. FAISNÉIS AGUS SONRAÍ A BHAINEANN LE CEALLRA AONAIR, NACH mBEIDH ROCHTAIN AG DAOINE ORTHU ACH AMHÁIN IAD SIÚD A bhFUIL LEAS DLISTEANACH ACU
Áireofar i bpas ceallra an fhaisnéis shonrach agus na sonraí seo a leanas a bhaineann le ceallra aonair, nach mbeidh rochtain ag daoine orthu ach amháin iad siúd a bhfuil leas dlisteanach acu:
na luachanna le haghaidh paraiméadair feidhmíochta agus mharthanachta dá dtagraítear in Airteagal 10(1), nuair a chuirfear an ceallra ar an margadh agus nuair a bheidh sé faoi réir athrú ar a stádas;
faisnéis maidir le staid sláinte an cheallra de bhun Airteagal 14;
faisnéis maidir le stádas an cheallra, arna shainmhíniú mar “bunaidh”, “a chuspóir athraithe”, “athúsáidte”, “athmhonaraithe” nó “dramhaíl”;
faisnéis agus sonraí mar thoradh ar a húsáid, lena n-áirítear líon na dtimthriallta luchtaithe agus scaoilte agus na dteagmhas diúltach, amhail tionóiscí, chomh maith le faisnéis a taifeadadh ar bhonn tréimhsiúil maidir leis na dálaí comhshaoil oibriúcháin, lena n-áirítear an teocht, agus faoin staid muirir.
IARSCRÍBHINN XIV
ÍOSCHEANGLAIS MAIDIR LE LOINGSIÚ CEALLRAÍ CAITE
1. Chun idirdhealú a dhéanamh idir ceallraí caite agus ceallraí dramhaíola, i gcás ina maíonn an sealbhóir, arb é atá i gceist leis an duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil na ceallraí caite nó na ceallraí dramhaíola ina sheilbh aige, go bhfuil sé i gceist aige ceallraí caite a loingsiú nó go bhfuil ceallraí caite á loingsiú aige seachas ceallraí dramhaíola, beidh ceangal ar an sealbhóir sin an méid seo a leanas a bheith ar fáil chun bunús a thabhairt leis an maíomh sin:
cóip den sonrasc agus den chonradh a bhaineann le díol nó aistriú úinéireacht na gceallraí lena luaitear go bhfuil na ceallraí beartaithe le haghaidh athúsáid dhíreach agus go bhfuil siad ag feidhmiú go hiomlán;
fianaise ar mheastóireacht nó tástáil i bhfoirm cóipe de na taifid, amhail deimhniú tástála, cruthúnas ar fheidhmiúlacht i gcás gach ceallra nó codáin de laistigh den coinsíneacht, agus an prótacal ina bhfuil an fhaisnéis uile maidir leis an taifead i gcomhréir le pointe 3;
dearbhú arna dhéanamh ag an sealbhóir á rá nach dramhaíl é aon chuid den ábhar nó den trealamh laistigh den choinsíneacht mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir 2008/98/CE; agus
cosaint iomchuí ar dhíobháil le linn iompair, lódála agus dílódála, lena n-áirítear go háirithe trí phacáistiú leordhóthanach agus cruachadh iomchuí an ualaigh.
2. Ní bheidh feidhm ag pointe 1(a) agus (b) ná ag pointe 3 i gcás ina léirítear le cruthúnas doiciméadach go bhfuil an loingsiú á dhéanamh faoi chuimsiú comhaontú aistrithe gnólacht le gnólacht agus:
go gcuirtear an ceallra caite ar ais chuig an táirgeoir nó chuig tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a cheann lena dheisiú faoi bharántas le hintinn é a athúsáid; nó
más le haghaidh úsáid ghairmiúil an ceallra caite, go seoltar é chuig an táirgeoir nó chuig tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a cheann nó thar ceann saoráide tríú páirtí i dtíortha lena mbaineann Cinneadh C(2001)107/Final ó Chomhairle ECFE maidir leis an athbhreithniú ar Chinneadh C(92)39/Final maidir leis an Rialú ar Ghluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíola a bhfuil Oibríochtaí Aisghabhála i gceist leo, tá feidhm acu maidir le hathchóiriú nó le deisiú faoi chonradh bailí d’fhonn iad a athúsáid; nó
más le haghaidh úsáid ghairmiúil an ceallra caite agus má tá sé lochtach, go seoltar é chuig an táirgeoir nó chuig tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a cheann chun anailís a dhéanamh ar bhunchúis faoi chonradh bailí, i gcásanna nach féidir ach leis an táirgeoir nó le tríú páirtithe a ghníomhaíonn thar a cheann an anailís sin a dhéanamh.
3. Chun a léiriú gur ceallraí caite, seachas ceallraí dramhaíola, atá sna ceallraí atá á loingsiú, déanfaidh an sealbhóir na céimeanna seo a leanas a mhéid a bhaineann le tástáil agus coimeád taifead:
déanfar an ceallra a thástáil le haghaidh a staide sláinte agus déanfar meastóireacht ar an láithreacht de shubstaintí guaiseacha;
taifeadfar torthaí na meastóireachta agus na tástála dá dtagraítear i bpointe (a).
déanfar an taifead a shocrú go daingean ach ní go buan ar an gceallra caite é féin, murar pacáladh an ceallra caite, nó ar an bpacáistíocht, ionas gur féidir é a léamh gan an phacáistíocht a bhaint;
beidh an fhaisnéis seo a leanas ar áireamh sa taifead:
4. I dteannta na doiciméadachta a cheanglaítear i bpointí 1, 2 agus 3, beidh an méid seo a leanas ag gabháil le gach ualach, mar shampla coimeádán loingseoireachta nó leoraí, de cheallraí caite:
doiciméad iompair iomchuí; agus
dearbhú freagrachta ón duine atá faoi dhliteanas.
5. In éagmais cruthúnas, i bhfoirm na doiciméadachta iomchuí a cheanglaítear i bpointí 1, 2, 3 agus 4, gur ceallra caite, seachas ceallra dramhaíola, atá sa rud, agus in éagmais cosaint iomchuí ar dhamáiste le linn iompair, lódála agus dílódála, go háirithe trí phacáistíocht leordhóthanach agus trí chruachadh iomchuí an ualaigh, ar oibleagáidí de chuid an tsealbhóra a shocraíonn an t-iompar iad, measfar gur dramhaíl an rud agus toimhdeofar go bhfuil loingsiú neamhdhleathach i gceist leis an ualach. I gcásanna den sórt sin, déileálfar leis an ualach i gcomhréir le hAirteagail 24 agus 25 de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006.
IARSCRÍBHINN XV
TÁBLA COMHGHAOIL
|
Treoir 2006/66/CE |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 1 |
Airteagal 1 |
|
Airteagal 1, an chéad fhomhír, pointe 1 |
Airteagal 1(1) |
|
Airteagal 1, an chéad fhomhír, pointe 2 |
Airteagal 1(1) |
|
Airteagal 1, an dara fomhír |
— |
|
Airteagal 2 |
Airteagal 1(3) (4) agus (5) |
|
Airteagal 2(1) |
Airteagal 1(3) agus (4) |
|
Airteagal 2(2) |
Airteagal 1(5) |
|
Airteagal 2(2), pointe (a) |
Airteagal 1(5), pointe (a) |
|
Airteagal 2(2), pointe (b) |
Airteagal 1(5), pointe (a) |
|
Airteagal 3 |
Airteagal 3 |
|
Airteagal 3, pointe 1 |
Airteagal 3(1), pointe 1 |
|
Airteagal 3, pointe 2 |
Airteagal 3(1), pointe 2 |
|
Airteagal 3, pointe 3 |
Airteagal 3(1), pointe 9 |
|
Airteagal 3, pointe 4 |
— |
|
Airteagal 3, pointe 5 |
Airteagal 3(1), pointe 12 |
|
Airteagal 3, pointe 6 |
Airteagal 3(1), pointe 13 |
|
Airteagal 3, pointe 7 |
Airteagal 3(1), pointe 50 |
|
Airteagal 3, pointe 8 |
Airteagal 3(2), pointe (a) |
|
Airteagal 3, pointe 9 |
— |
|
Airteagal 3, pointe 10 |
Airteagal 3(1), pointe 53 |
|
Airteagal 3, pointe 11 |
Airteagal 3(1), pointe 26 |
|
Airteagal 3, pointe 12 |
Airteagal 3(1), pointe 47 |
|
Airteagal 3, pointe 13 |
Airteagal 3(1), pointe 65 |
|
Airteagal 3, pointe 14 |
Airteagal 3(1), pointe 16 |
|
Airteagal 3, pointe 15 |
Airteagal 3(1), pointe 22 |
|
Airteagal 3, pointe 16 |
— |
|
Airteagal 3, pointe 17 |
— |
|
Airteagal 4 |
Airteagal 6 |
|
Airteagal 4(1) |
Iarscríbhinn I |
|
Airteagal 4(1), pointe (a) |
Iarscríbhinn I, iontráil 1 |
|
Airteagal 4(1), pointe (b) |
Iarscríbhinn I, iontráil 2 |
|
Airteagal 4(2) |
— |
|
Airteagal 4(3) |
— |
|
Airteagal 4(3), pointe (a) |
— |
|
Airteagal 4(3), pointe (b) |
— |
|
Airteagal 4(3), pointe (c) |
— |
|
Airteagal 4(4) |
— |
|
Airteagal 5 |
— |
|
Airteagal 6 |
Airteagal 4 |
|
Airteagal 6(1) |
Airteagal 4(1) |
|
Airteagal 6(2) |
— |
|
Airteagal 7 |
Airteagal 2 |
|
Airteagal 8 |
Airteagail 59 go 62, agus 64 go 67 |
|
Airteagal 8(1) |
Airteagal 59 |
|
Airteagal 8(1), an chéad fhomhír, pointe (a) |
Airteagal 59(1), pointe (a) Airteagal 59(1), pointe (b) |
|
Airteagal 8(1), an chéad fhomhír, pointe (b) |
Airteagal 62 |
|
Airteagal 8(1), an chéad fhomhír, pointe (c) |
Airteagal 61(1) Airteagal 62(1) |
|
Airteagal 8(1), an chéad fhomhír, pointe (d) |
Airteagal 59(2), pointe (a)(ii) Airteagal 60(1), pointe (c) |
|
Airteagal 8(1), an dara fomhír |
Airteagal 59(5) |
|
Airteagal 8(2) |
Airteagal 59(1) agus Airteagal 59(2) |
|
Airteagal 8(2), pointe (a) |
Airteagal 59(1) agus Airteagal 59(2) |
|
Airteagal 8(2), pointe (b) |
Airteagal 59(2) |
|
Airteagal 8(2), pointe (c) |
— |
|
Airteagal 8(3) |
Airteagal 61 |
|
Airteagal 8(4) |
Airteagal 61 |
|
Airteagal 9 |
— |
|
Airteagal 10 |
Airteagail 59, 60 agus 69 |
|
Airteagal 10(1) |
— |
|
Airteagal 10(1), an dara fomhír |
Airteagal 75(4) |
|
Airteagal 10(2) |
Airteagail 59 agus 60 |
|
Airteagal 10(2), pointe (a) |
— |
|
Airteagal 10(2), pointe (b) |
Airteagal 59(3) agus Airteagal 60(3) |
|
Airteagal 10(3) |
Airteagal 69(2) agus Airteagal 76(1), an dara fomhír |
|
Airteagal 10(4) |
— |
|
Airteagal 11 |
Airteagal 11 |
|
Airteagal 11, an chéad fhomhír |
Airteagal 11(1) |
|
Airteagal 11, an dara fomhír |
Airteagal 11(3) |
|
Airteagal 12 |
Airteagal 70 |
|
Airteagal 12(1) |
Airteagal 70(2) |
|
Airteagal 12(1), an chéad fhomhír, pointe (a) |
Airteagal 59(1), pointe (f), Airteagal 60(1), pointe (f), agus Airteagal 61(3), pointe (c) |
|
Airteagal 12(1), an chéad fhomhír, pointe (b) |
Airteagal 71(1) |
|
Airteagal 12(1), an dara fomhír |
— |
|
Airteagal 12(1), an tríú fomhír |
— |
|
Airteagal 12(2) |
Airteagal 71(4) |
|
Airteagal 12(3) |
Airteagal 70(3) |
|
Airteagal 12(4) |
Airteagal 71(2) agus (3) |
|
Airteagal 12(5); |
Airteagal 75(5), pointe (c), agus Airteagal 76(1), pointe (d) |
|
Airteagal 12(6) |
Airteagal 71(4) |
|
Airteagal 13 |
— |
|
Airteagal 13(1) |
— |
|
Airteagal 13(2) |
- |
|
Airteagal 14 |
Airteagal 70(1) |
|
Airteagal 15 |
Airteagal 72 |
|
Airteagal 15(1) |
Airteagal 72(1) |
|
Airteagal 15(2) |
Airteagal 72(3) |
|
Airteagal 15(3) |
Airteagal 72(4) |
|
Airteagal 16 |
Airteagal 56 |
|
Airteagal 16(1) |
Airteagal 56(1) agus (4) |
|
Airteagal 16(1), pointe (a) |
Airteagal 56(4), pointe (a) |
|
Airteagal 16(1), pointe (b) |
Airteagal 56(4), pointe (a) |
|
Airteagal 16(2) |
— |
|
Airteagal 16(3) |
Airteagal 56(1), pointe (c) |
|
Airteagal 16(4) |
Airteagal 74(5) |
|
Airteagal 16(5) |
— |
|
Airteagal 16(6) |
— |
|
Airteagal 17 |
Airteagal 55 |
|
Airteagal 18 |
Airteagal 57(2), pointe (c) |
|
Airteagal 18(1) |
— |
|
Airteagal 18(2) |
— |
|
Airteagal 18(3) |
— |
|
Airteagal 19 |
Airteagal 59(1), Airteagal 60(1), Airteagal 61(1), Airteagal 62 agus Airteagail 64 go 67 |
|
Airteagal 19(1) |
Airteagal 59(2), Airteagal 60(2), Airteagal 61(1) agus Airteagail 62, 65, 66 agus 67 |
|
Airteagal 19(2) |
Airteagal 57(2), pointe (c) |
|
Airteagal 20 |
Airteagal 74 |
|
Airteagal 20(1) |
Airteagal 74(1) |
|
Airteagal 20(1), pointe (a) |
Airteagal 74(1), pointe (f) |
|
Airteagal 20(1), pointe (b) |
Airteagal 74(1), pointe (b) |
|
Airteagal 20(1), pointe (c) |
Airteagal 74(1), pointe (c) |
|
Airteagal 20(1), pointe (d) |
Airteagal 74(1), pointe (b) |
|
Airteagal 20(1), pointe (e) |
Airteagal 74(1), pointe (e) |
|
Airteagal 20(2) |
Airteagal 74 |
|
Airteagal 20(3) |
Airteagal 74(4) |
|
Airteagal 21 |
Airteagal 20 Airteagal 13, Iarscríbhinn VI, Cuid A, B agus C |
|
Airteagal 21(1) |
Airteagal 13(4) |
|
Airteagal 21(2) |
Airteagal 13(2) |
|
Airteagal 21(3) |
Airteagal 13(5) |
|
Airteagal 21(4) |
Airteagal 13(4) |
|
Airteagal 21(5) |
Airteagal 13(4) |
|
Airteagal 21(6) |
— |
|
Airteagal 21(7) |
— |
|
Airteagal 22a |
— |
|
Airteagal 23 Athbhreithniú |
Airteagal 69(3), Airteagal 94 |
|
Airteagal 23(1) |
Airteagal 94(1) |
|
Airteagal 23(2) |
Airteagal 94(2) |
|
Airteagal 23(2), pointe (a) |
— |
|
Airteagal 23(2), pointe (b) |
Airteagal 94(2), an chéad fhomhír, pointe (e) |
|
Airteagal 23(2), pointe (c) |
Airteagal 71(5) agus (6) |
|
Airteagal 23(3) |
Airteagal 94(2), an dara fomhír |
|
Airteagal 23a |
Airteagal 89 |
|
Airteagal 23a(1) |
Airteagal 89(1) |
|
Airteagal 23a(2) |
Airteagal 89(2) |
|
Airteagal 23a(3) |
Airteagal 89(3) |
|
Airteagal 23a(4) |
Airteagal 89(5) |
|
Airteagal 23a(5) |
Airteagal 89(6) |
|
Airteagal 24 |
Airteagal 90 |
|
Airteagal 24(1) |
Airteagal 90(1) |
|
Airteagal 24(2) |
Airteagal 90(3) |
|
Airteagal 24(2), an dara fomhír |
Airteagal 90(3), an dara fomhír |
|
Airteagal 25 |
Airteagal 93 |
|
Airteagal 26 |
— |
|
Airteagal 27 |
— |
|
Airteagal 28 |
Airteagal 95 |
|
Airteagal 29 |
Airteagal 96 |
|
Airteagal 30 |
— |
|
Iarscríbhinn I |
Iarscríbhinn XI |
|
Iarscríbhinn II |
Iarscríbhinn VI, Cuid B |
|
Iarscríbhinn III |
Iarscríbhinn XII |
|
Iarscríbhinn III, Cuid A |
Iarscríbhinn XII, Cuid A |
|
Iarscríbhinn III, Cuid B |
Iarscríbhinn XII, Cuid B |
|
Iarscríbhinn IV |
Airteagal 55 |
( 1 ) Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le sábháilteacht núicléach na suiteálacha núicléacha (IO L 172, 2.7.2009, lch. 18).
( 2 ) Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).
( 3 ) Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).
( 4 ) Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54).
( 5 ) Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).
( *1 ) Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le trealamh cosanta pearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 89/686/CEE ón gComhairle (IO L 81, 31.3.2016, lch. 51).
( *2 ) Rialachán (AE) 2016/426 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/142/CE (IO L 81, 31.3.2016, lch. 99).
( *3 ) Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE (IO L 191, 28.7.2023, lch. 1);”;
►C1 ( *4 ) Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE (IO L 191, 28.7.2023, lch. 1).”. ◄
( 6 ) Luann IEC luchtú agus toilleadh. Is ionann an dá ní sin agus an chainníocht fhisiceach chéanna (luchtú); is é an t-aon difríocht amháin go léirítear an luchtú in C = A*s cé go léirítear an toilleadh in A*h. Sa chleachtas, úsáidtear toilleadh i bhformhór na gcásanna.