02023R0956 — GA — 20.10.2025 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) 2023/956 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 130 16.5.2023, lch. 52) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN (AE) 2025/2083 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 8 Deireadh Fómhair 2025 |
L 2083 |
1 |
17.10.2025 |
|
RIALACHÁN (AE) 2023/956 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 10 Bealtaine 2023
lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Ábhar
Airteagal 2
Raon feidhme
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos coinníollacha mionsonraithe maidir le SCCT a chur i bhfeidhm ar na hearraí sin, go háirithe a mhéid a bhaineann le coincheapa atá coibhéiseach le hallmhairiú isteach i gcríoch an Aontais agus le scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta, a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta maidir le dearbhú SCCT a thíolacadh i ndáil leis na hearraí sin agus na rialuithe atá le déanamh ag na húdaráis chustaim. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2) den Rialachán seo.
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le:
leictreachas a ghintear ar scairbh ilchríochach ná i limistéar eacnamaíoch eisiach Ballstáit nó tíre nó críche a liostaítear i bpointí 1 agus 2 d’Iarscríbhinn III;
hidrigin de thionscnamh scairbh ilchríochach ná limistéar eacnamaíoch eisiach Ballstáit nó tíre nó críche a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III.
Déanfar tríú tíortha agus tríú críocha a liostú i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III i gcás ina gcomhlíonann siad gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
tá feidhm ag CTA AE maidir leis an tríú tír nó an tríú críoch sin nó gur tugadh comhaontú i gcrích idir an tríú tír sin nó an tríú críoch sin agus an tAontas ar comhaontú é lena ndéantar nasc iomlán idir CTA AE agus córas trádála astaíochtaí an tríú tír nó an tríú críoch sin;
an praghas carbóin a íoctar i dtír thionscnaimh na n-earraí, muirearaítear go hiarbhír é ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa atá leabaithe sna hearraí sin gan aon lacáistí seachas na cinn sin a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le CTA AE freisin.
Má tá margadh leictreachais ag tríú tír nó ag tríú críoch, ar margadh é atá comhtháite trí mhargadhchúpláil le margadh inmheánach an Aontais don leictreachas, agus mura bhfuil aon réiteach teicniúil ann chun SCCT a chur i bhfeidhm i leith allmhairiú leictreachais isteach i gcríoch chustaim an Aontais ón tríú tír sin nó ón tríú críoch sin, beidh díolúine ó chur i bhfeidhm SCCT ag an allmhairiú leictreachais ón tír nó ón gcríoch, ar choinníoll go bhfuil measúnú déanta ag an gCoimisiún gur comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas go léir i gcomhréir le mír 8:
tá comhaontú tugtha i gcrích ag an tríú tír nó ag an tríú críoch leis an Aontas, lena leagtar amach oibleagáid maidir le dlí an Aontais a chur i bhfeidhm i réimse an leictreachais, lena n-áirítear an reachtaíocht maidir le forbairt foinsí in-athnuaite fuinnimh, chomh maith le rialacha eile i réimse an fhuinnimh, an chomhshaoil agus na hiomaíochta;
cuirtear chun feidhme leis an reachtaíocht intíre sa tríú tír sin nó sa tríú críoch sin príomhfhorálacha reachtaíocht mhargadh leictreachais an Aontais, lena n-áirítear an reachtaíocht maidir le forbairt foinsí in-athnuaite fuinnimh agus le margadhchúpláil margaí leictreachais;
tá treochlár curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an tríú tír nó ag an tríú críoch, ina bhfuil amchlár chun bearta a ghlacadh chun na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (d) agus (e) a chur chun feidhme;
tá gealltanas tugtha ag an tríú tír nó ag an tríú críoch i leith na haeráidneodrachta faoi 2050 agus, i gcás inarb infheidhme, tá straitéis forbartha fhadtéarmach, le haghaidh lár an chéid agus ailínithe leis an gcuspóir sin, foirmlithe aici dá réir maidir le híseal-astaíochtaí gás ceaptha teasa agus curtha in iúl go foirmiúil aici do Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), agus tá an gealltanas sin curtha chun feidhme aici ina reachtaíocht intíre;
agus an treochlár á chur chun feidhme aici dá dtagraítear i bpointe (c), tá comhlíonadh na sprioc-amanna a socraíodh agus dul chun cinn substaintiúil i dtreo ailíniú na reachtaíochta intíre le dlí an Aontais i réimse na gníomhaíochta ar son na haeráide léirithe ag an tríú tír nó ag an tríú críoch, ar bhonn an treochláir sin, lena n-áirítear dul chun cinn i dtreo praghsála carbóin ar leibhéal coibhéiseach leis an Aontas go háirithe a mhéid a bhaineann le giniúint leictreachais. Tá córas trádála astaíochtaí le haghaidh leictreachais a chur chun feidhme, a bhfuil praghas coibhéiseach aige le CTA AE, le tabhairt chun críche faoin 1 Eanáir 2030;
tá córas éifeachtach curtha ar bun ag an tríú tír nó ag an tríú críoch chun allmhairiú indíreach leictreachais isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó thríú críocha eile nach gcomhlíonann na coinníollacha atá leagtha amach i bpointí (a) go (e) a chosc.
Déanfar tríú tír nó tríú críoch a liostaítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III a bhaint den liosta sin i gcás ina mbeidh feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:
má tá cúiseanna ag an gCoimisiún a mheas nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach léirithe ag an tríú tír nó ag an tríú críoch sin chun ceann de na coinníollacha a leagtar amach i mír 7a chomhlíonadh, nó má tá beart déanta ag an tríú tír nó ag an tríú críoch sin atá ar neamhréir leis na cuspóirí a leagtar amach i reachtaíocht aeráide agus chomhshaoil an Aontais;
má tá bearta déanta ag an tríú tír nó ag an tríú críoch sin atá contrártha lena cuspóirí dícharbónaithe, amhail tacaíocht phoiblí a sholáthar chun acmhainneacht nua ghiniúna a bhunú a astaíonn níos mó ná 550 gram de dhé-ocsaíd charbóin (“CO2”) de thionscnamh breosla iontaise in aghaidh na cileavatuaire leictreachais;
má tá fianaise ag an gCoimisiún go bhfuil, mar thoradh ar mhéadú ar onnmhairí leictreachais chuig an Aontas, méadú 5% ar a laghad tagtha ar na hastaíochtaí in aghaidh na cileavatuaire leictreachais a táirgeadh sa tríú tír nó sa tríú críoch sin i gcomparáid leis an 1 Eanáir 2026.
Airteagal 2a
Díolúine de minimis
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “earraí” earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I;
ciallaíonn “gáis ceaptha teasa” gáis ceaptha teasa mar a shonraítear in Iarscríbhinn I i ndáil le gach ceann de na hearraí a liostaítear san Iarscríbhinn sin;
ciallaíonn “astaíochtaí” scaoileadh gás ceaptha teasa san atmaisféar ó tháirgeadh earraí;
ciallaíonn “allmhairiú” scaoileadh i saorchúrsaíocht dá bhforáiltear in Airteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
ciallaíonn “CTA AE” (Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh) an córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas i leith gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE cé is moite de ghníomhaíochtaí eitlíochta;
ciallaíonn “críoch chustaim an Aontais” an chríoch a shainítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
ciallaíonn “tríú tír” tír nó críoch lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais;
ciallaíonn “scairbh ilchríochach” scairbh ilchríochach mar a shainmhínítear in Airteagal 76 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige;
ciallaíonn “limistéar eacnamaíoch eisiach” limistéar eacnamaíoch eisiach mar a shainmhínítear in Airteagal 55 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige agus ar dhearbhaigh Ballstát gur limistéar eacnamaíoch eisiach é de bhun an choinbhinsiúin sin;
ciallaíonn “luach intreach” an luach intreach ar earraí tráchtála a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (48), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446;
ciallaíonn “margadhchúpláil” acmhainn tarchurtha a leithdháileadh trí chóras Aontais lena ndéantar orduithe a mheaitseáil agus acmhainní traslimistéir a leithdháileadh go comhuaineach faoi mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2015/1222;
ciallaíonn “leithdháileadh acmhainne sainráite” leithdháileadh acmhainne tarchurtha trasteorann ar leithligh ó thrádáil leictreachais;
ciallaíonn “údarás inniúil” an t-údarás arna ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 11;
ciallaíonn “údaráis chustaim” riaracháin chustaim na mBallstát mar a shainmhínítear in Airteagal 5, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
ciallaíonn “allmhaireoir” an duine a thaisceann dearbhú custaim maidir le scaoileadh earraí chun saorchúrsaíochta nó bille urscaoilte i gcomhréir le hAirteagal 175(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 in ainm an duine sin agus thar ceann an duine sin nó, i gcás ina dtaisceann ionadaí indíreach custaim an dearbhú custaim i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, an duine a dtaisctear an dearbhú sin thar a cheann nó thar a ceann;
ciallaíonn “dearbhóir custaim” dearbhóir mar a shainmhínítear in Airteagal 5, pointe (15), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 é, a thaisceann dearbhú custaim chun earraí a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta ina ainm féin nó an duine a dtaisctear dearbhú den sórt sin ina ainm;
ciallaíonn “dearbhóir SCCT údaraithe” duine atá údaraithe ag údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 17;
ciallaíonn “duine” duine nádúrtha, duine dlítheanach nó aon chomhlachas daoine nach duine dlítheanach é nó í ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige nó aici gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh;
ciallaíonn “bunaithe i mBallstát”:
i gcás duine nádúrtha, aon duine a bhfuil a áit nó a háit chónaithe i mBallstát;
i gcás duine dlítheanach nó comhlachas daoine, aon duine a bhfuil a oifig chláraithe nó a hoifig chláraithe, a cheannáras lárnach nó a ceannáras lárnach nó buanbhunaíocht ghnó i mBallstát;
ciallaíonn “Uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha (uimhir EORI)” an uimhir a shann an t-údarás custaim nuair a rinneadh an clárúchán chun críoch custaim i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
ciallaíonn “astaíochtaí díreacha” astaíochtaí ó phróisis táirgthe earraí, lena n-áirítear astaíochtaí ó tháirgeadh téimh agus fuaraithe a ídítear le linn na bpróiseas táirgthe, gan beann ar shuíomh táirgthe an téimh nó an fhuaraithe;
ciallaíonn “astaíochtaí leabaithe” astaíochtaí díreacha a scaoiltear le linn táirgeadh earraí agus astaíochtaí indíreacha ó tháirgeadh leictreachais a ídítear le linn na bpróiseas táirgthe, arna ríomh i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IV agus atá sonraithe tuilleadh sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 7(7);
ciallaíonn “tona de CO2e” tona méadrach amháin CO2, nó méid d’aon ghás ceaptha teasa eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a bhfuil acmhainneacht téite domhanda choibhéiseach aige;
ciallaíonn “deimhniú SCCT” deimhniú i bhformáid leictreonach a fhreagraíonn do thona amháin de CO2e d’astaíochtaí leabaithe in earraí;
ciallaíonn “géilleadh” deimhnithe SCCT a fhritháireamh in aghaidh na n-astaíochtaí leabaithe dearbhaithe in earraí allmhairithe nó in aghaidh na n-astaíochtaí leabaithe in earraí allmhairithe ar cheart iad a bheith dearbhaithe;
ciallaíonn “próisis táirgthe” na próisis cheimiceacha agus na próisis fhisiceacha a fheidhmítear chun earraí a tháirgeadh i suiteáil;
ciallaíonn “luach réamhshocraithe” luach, a ríomhtar nó a bhaintear as sonraí tánaisteacha, lena léirítear na hastaíochtaí leabaithe in earraí;
ciallaíonn “astaíochtaí iarbhír” na hastaíochtaí a ríomhtar bunaithe ar shonraí príomhúla ó na próisis táirgthe earraí agus ó tháirgeadh leictreachais a ídítear le linn na bpróiseas sin de réir mar a chinntear i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IV;
ciallaíonn “praghas carbóin” an tsuim airgid a íoctar, faoi scéim um laghdú astaíochtaí carbóin, i dtríú tír i bhfoirm cánach, tobhaigh nó táille nó i bhfoirm lamháltas astaíochtaí faoi chóras trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa, a ríomhtar de réir gáis ceaptha teasa a chumhdaítear leis an mbeart sin agus a scaoiltear le linn tháirgeadh na n-earraí;
ciallaíonn “suiteáil” aonad teicniúil do-aistrithe ina ndéantar próiseas táirgthe;
ciallaíonn “oibreoir” aon duine a oibríonn nó a rialaíonn suiteáil i dtríú tír, lena n-áirítear máthairchuideachta a rialaíonn suiteáil i dtríú tír;
ciallaíonn “comhlacht creidiúnaithe náisiúnta” comhlacht creidiúnaithe náisiúnta arna cheapadh ag gach Ballstát de bhun Airteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;
ciallaíonn “lamháltas CTA AE” lamháltas mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (a), de Threoir 2003/87/CE é i leith gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin seachas gníomhaíochtaí eitlíochta;
ciallaíonn “astaíochtaí indíreacha” astaíochtaí ó tháirgeadh leictreachais a thomhlaítear le linn na bpróiseas táirgthe d’earraí, gan beann ar shuíomh tháirgeadh an leictreachais arna thomhailt.
CAIBIDIL II
OIBLEAGÁIDÍ AGUS CEARTA DEARBHÓIRÍ SCCT ÚDARAITHE
Airteagal 4
Allmhairiú earraí
Ní dhéanfaidh ach dearbhóir SCCT údaraithe earraí a allmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais.
Airteagal 5
Iarratas ar údarú
Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit inar taisceadh an dearbhú custaim an duine a chlárú sa chlárlann SCCT.
Beidh an fhaisnéis seo a leanas faoin iarratasóir san áireamh san iarratas ar údarú:
ainm, seoladh agus faisnéis teagmhála;
uimhir EORI;
an phríomhghníomhaíocht eacnamaíoch a dhéantar san Aontas;
deimhniú ón údarás cánach sa Bhallstát ina bhfuil an t-iarratasóir bunaithe nach bhfuil an t-iarratasóir sin faoi réir ordú aisghabhála gan íoc le haghaidh fiachais chánach náisiúnta;
dearbhú ar onóir nach raibh an t-iarratasóir páirteach in aon sárú tromchúiseach ná i sáruithe leantacha ar reachtaíocht chustaim, ar rialacha cánachais ná ar rialacha maidir le drochúsáid mhargaidh le linn na 5 bliana roimh bhliain an iarratais, lena n-áirítear gan aon taifead a bheith aige maidir le cionta coiriúla tromchúiseacha a bhaineann lena ghníomhaíocht eacnamaíoch;
an fhaisnéis uile is gá lena thaispeáint go bhfuil an acmhainn airgeadais agus an acmhainn oibríochtúil ag an iarratasóir chun a oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus, má chinneann an t-údarás inniúil ar bhonn measúnú riosca gur gá sin, doiciméid tacaíochta lena ndeimhnítear an fhaisnéis sin, amhail an cuntas brabúis agus caillteanais agus an clár comhardaithe le haghaidh suas le 3 cinn de na blianta airgeadais ba dhéanaí dár dúnadh na cuntais;
cainníocht mheasta allmhairí earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais de réir chineál na n-earraí agus faisnéis maidir leis na Ballstáit allmhairiúcháin, le haghaidh na bliana féilire ina gcuirtear isteach an t-iarratas, agus le haghaidh na bliana féilire dár gcionn;
uimhir dheimhniú an oibreora eacnamaíoch údaraithe (AEO), má deonaíodh stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe don iarratasóir, i gcomhréir le hAirteagal 38 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
ainmneacha agus faisnéis teagmhála na ndaoine sin a bhfuil an t-iarratasóir ag feidhmiú ar a son, más infheidhme.
Airteagal 6
Dearbhú SCCT
Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa dearbhú SCCT:
cainníocht iomlán gach cineáil earraí a allmhairíodh le linn na bliana féile roimhe sin, arna sloinneadh i meigeavatuaireanta i gcás leictreachais agus i dtonaí i gcás earraí eile, lena n-áirítear na hearraí allmhairithe faoi bhun na tairsí mais-bhunaithe aonair;
iomlán na n-astaíochtaí leabaithe sna hearraí dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, arna sloinneadh i dtonaí d’astaíochtaí CO2e in aghaidh na meigeavatuaire leictreachais nó, i gcás earraí eile, i dtonaí d’astaíochtaí CO2e in aghaidh an tona de gach cineál earraí, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 7 agus, i gcás ina gcinntear na hastaíochtaí leabaithe ar bhonn na n-astaíochtaí iarbhír, arna bhfíorú i gcomhréir le hAirteagal 8;
an líon iomlán deimhnithe SCCT atá le géilleadh, a chomhfhreagraíonn d’iomlán na n-astaíochtaí leabaithe dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo tar éis an laghdaithe atá dlite mar gheall ar an bpraghas carbóin a íocadh i dtríú tír i gcomhréir le hAirteagal 9 agus an coigeartú is gá chun an méid a leithdháiltear lamháltais CTA AE saor in aisce i gcomhréir le hAirteagal 31 a léiriú;
i gcás inarb infheidhme, cóipeanna de thuarascálacha fíorúcháin arna n-eisiúint ag fíoraitheoirí creidiúnaithe faoi Airteagal 8 agus Iarscríbhinn VI.
Airteagal 7
Astaíochtaí leabaithe a ríomh
Déanfar astaíochtaí leabaithe in earraí seachas leictreachas a chinneadh:
bunaithe ar na hastaíochtaí iarbhír i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach i bpointí 2 agus 3 d’Iarscríbhinn IV, nó
trí thagairt do luachanna réamhshocraithe i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach i bpointe 4.1 d’Iarscríbhinn IV.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na nithe seo a leanas:
cur i bhfeidhm ghnéithe na modhanna ríofa a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, lena n-áirítear teorainneacha córais na bpróiseas táirgthe a chinneadh, a dhéanfar a ailíniú leo siúd a chumhdaítear le CTA AE, agus ábhair ionchuir ábhartha (réamhtheachtaithe), fachtóirí astaíochta, luachanna suiteáil-sonracha astaíochtaí iarbhír agus luachanna réamhshocraithe agus a gcur i bhfeidhm faoi seach maidir le hearraí aonair, mar aon le modhanna a leagan síos chun iontaofacht na sonraí a áirithiú ar ar a mbonn a chinnfear na luachanna réamhshocraithe, lena n-áirítear leibhéal mionsonraithe na sonraí, agus lena n-áirítear sonraíocht bhreise ar earraí atá le meas mar “earraí simplí” agus “earraí casta” chun críoch phointe 1 d’Iarscríbhinn IV. Sonrófar sna gníomhartha cur chun feidhme sin freisin na gnéithe fianaise lena léirítear go gcomhlíontar na critéir is gá chun údar a thabhairt le húsáid astaíochtaí iarbhír le haghaidh leictreachas allmhairithe agus le haghaidh leictreachas a ídítear i bpróisis táirgthe earraí chun críocha mhíreanna 2, 3 agus 4 a liostaítear i bpointí 5 agus 6 d’Iarscríbhinn IV; agus
cur i bhfeidhm gnéithe de na modhanna ríofa de bhun mhír 4 i gcomhréir le pointe 4.3 d’Iarscríbhinn IV.
I gcás ina bhfuil údar oibiachtúil leis, forálfar leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír gur féidir luachanna réamhshocraithe a oiriúnú do limistéir, réigiúin nó tíortha ar leith chun tosca sonracha oibiachtúla, a mbíonn tionchar acu ar astaíochtaí, a chur san áireamh, mar shampla gnáthfhoinsí fuinnimh nó próisis thionsclaíocha. Leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, tógfar ar reachtaíocht atá ann cheana chun faireachán agus fíorú a dhéanamh ar shonraí astaíochtaí agus gníomhaíochta i gcás suiteálacha atá cumhdaithe faoi Threoir 2003/87/CE, go háirithe Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún ( 2 ), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún ( 3 ). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2) den Rialachán seo.
Airteagal 8
Astaíochtaí leabaithe a fhíorú
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na prionsabail fíorúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a chur i bhfeidhm maidir leis an méid seo a leanas:
an fhéidearthacht an oibleagáid atá ar an bhfíoraitheoir cuairt a thabhairt ar an tsuiteáil ina dtáirgtear earraí ábhartha a tharscaoileadh, in imthosca a bhfuil údar cuí leo agus gan meastachán iontaofa ar na hastaíochtaí leabaithe a chur i mbaol;
tairseacha a shainiú chun a chinneadh an bhfuil míthuairiscí nó neamh-chomhréireachtaí ábhartha; agus
na doiciméid tacaíochta is gá le haghaidh na tuarascála fíorúcháin, lena n-áirítear a formáid.
I gcás ina nglacfaidh sé na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír, éileoidh an Coimisiún coibhéis agus comhleanúnachas leis na nósanna imeachta a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2) den Rialachán seo.
Airteagal 9
Praghas carbóin a íocadh i dtríú tír
Amhail ó 2027, féadfaidh an Coimisiún, i gcás tríú tíortha ina bhfuil rialacha praghsála carbóin i bhfeidhm, na praghsanna carbóin réamhshocraithe do na tríú tíortha sin a chinneadh, agus a chur ar fáil i gclárlann SCCT dá dtagraítear in Airteagal 14, agus an mhodheolaíocht chun iad a ríomh a fhoilsiú. Déanfaidh an Coimisiún amhlaidh ar bhonn na sonraí is fearr atá ar fáil ó fhaisnéis iontaofa atá ar fáil go poiblí agus ó fhaisnéis arna soláthar ag na tríú tíortha sin. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon lacáiste nó aon chineál eile cúitimh atá ar fáil sa tríú tír ábhartha a mbeadh laghdú ar an bpraghas carbóin réamhshocraithe mar thoradh air.
Airteagal 10
Oibreoirí agus suiteálacha i dtríú tíortha a chlárú
Ar an bhfaisnéis a bheidh san iarraidh ar chlárú dá dtagraítear i mír 1, beidh an fhaisnéis seo a leanas le háireamh i gclárlann SCCT tráth an chláraithe:
ainm, seoladh, cláruimhir chorparáideach nó ghníomhaíochta agus sonraí teagmhála an oibreora, agus, más infheidhme, ainm, seoladh, cláruimhir chorparáideach nó ghníomhaíochta agus sonraí teagmhála a eintiteas rialúcháin lena n-áirítear máthairchuideachta an oibreora sin mar aon leis na doiciméid tacaíochta;
suíomh gach suiteála lena n-áirítear an seoladh iomlán agus comhordanáidí geografacha arna sloinneadh i ndomhanfhad agus i ndomhanleithead, lena n-áirítear sé dheachúil;
príomhghníomhaíocht eacnamaíoch na suiteála.
Déanfaidh an t-oibreoir an méid seo a leanas:
na hastaíochtaí leabaithe a chinneadh, ar astaíochtaí iad a ríomhtar i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, de réir chineál na n-earraí a tháirgtear ag an tsuiteáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;
a áirithiú go ndéanann fíoraitheoir atá creidiúnaithe de bhun Airteagal 18 na hastaíochtaí leabaithe dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a fhíorú i gcomhréir leis na prionsabail fíorúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn VI;
cóip a choimeád den tuarascáil fíorúcháin chomh maith le taifid den fhaisnéis a cheanglaítear chun na hastaíochtaí leabaithe in earraí a ríomh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn V ar feadh tréimhse 4 bliana tar éis an fíorú a dhéanamh agus, i gcás inarb infheidhme, cóip a choimeád den doiciméadacht a cheanglaítear chun a léiriú go raibh na hastaíochtaí leabaithe dearbhaithe faoi réir praghas carbóin i dtríú tír a íocadh go hiarbhír, go dtí deireadh an cheathrú bliain tar éis na bliana a ndearna an duine neamhspleách an fhaisnéis atá sa doiciméadacht sin a fhíorú lena linn i gcomhréir le hAirteagal 9(2);
i gcás inarb infheidhme, an praghas carbóin a íocadh i dtríú tír i gcomhréir le hAirteagal 9 a chinneadh, agus doiciméadacht tionlacain agus fianaise a uaslódáil.
Airteagal 10a
Fíoraitheoirí creidiúnaithe a chlárú
San iarraidh ar chlárú i gclárlann SCCT dá dtagraítear i mír 1, beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, le háireamh i gclárlann SCCT tráth an chláraithe:
ainm agus uimhir chéannachta chreidiúnúcháin uathúil an fhíoraitheora;
aon raon feidhme an chreidiúnaithe atá ábhartha maidir le SCCT;
tír bhunaíochta an fhíoraitheora;
dáta éifeachtach an chreidiúnaithe agus dáta éaga na ndeimhnithe creidiúnúcháin atá ábhartha maidir le SCCT;
aon fhaisnéis maidir le bearta riaracháin arna bhforchur ar an bhfíoraitheoir atá ábhartha maidir le SCCT;
cóip den deimhniú creidiúnúcháin is ábhartha do SCCT.
Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a áireamh i gclárlann SCCT tráth a chláraítear an fíoraitheoir.
CAIBIDIL III
ÚDARÁIS INNIÚLA
Airteagal 11
Údaráis inniúla
Cuirfidh an Coimisiún liosta de na húdaráis inniúla uile ar fáil do na Ballstáit agus foilseoidh sé an fhaisnéis sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus cuirfidh sé an fhaisnéis sin ar fáil i gclárlann SCCT.
Airteagal 12
An Coimisiún
Sa bhreis ar na cúraimí eile a fheidhmíonn sé faoin Rialachán seo, tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na húdaráis inniúla agus a bhfeidhmeanna agus a ndualgais faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh acu, agus déanfaidh sé a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú trí thacú le dea-chleachtais a mhalartú, agus trí threoirlínte a eisiúint ina leith, faoi raon feidhme an Rialacháin seo, agus trí mhalartú leormhaith faisnéise agus comhair a chur chun cinn idir na húdaráis inniúla, chomh maith le hidir na húdaráis inniúla agus an Coimisiún.
Airteagal 13
Rúndacht ghairmiúil agus nochtadh faisnéise
Airteagal 14
Clárlann SCCT
Beidh i gclárlann SCCT dá dtagraítear i mír 1 cuntais le faisnéis faoi gach dearbhóir SCCT údaraithe, go háirithe an méid seo a leanas:
ainm, seoladh agus faisnéis teagmhála an dearbhóra SCCT údaraithe;
uimhir EORI an dearbhóra SCCT údaraithe;
uimhir chuntais SCCT;
an uimhir aitheantais, praghas díola, dáta díola, agus dáta tugtha suas, dáta athcheannaigh, nó dáta cealaithe dheimhnithe SCCT i gcás gach dearbhóra SCCT údaraithe.
Airteagal 15
Anailís riosca
Airteagal 16
Cuntais i gclárlann SCCT
Airteagal 17
Údarú
Sula ndeonófar stádas dearbhóra SCCT údaraithe, féadfaidh an t-údarás inniúil dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla ábhartha nó leis an gCoimisiún trí chlárlann SCCT maidir le comhlíonadh na gcritéar a leagtar amach i mír 2. Ní mhairfidh an comhairliúchán níos faide ná 15 lá féilire.
Is iad seo a leanas a bheidh sna critéir chun stádas dearbhóra SCCT údaraithe a dheonú:
nach raibh an t-iarratasóir rannpháirteach i sárú tromchúiseach ná i sáruithe leantacha ar reachtaíocht chustaim, ar rialacha cánachais, ar rialacha maidir le drochúsáid mhargaidh ná ar an Rialachán seo ná ar ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a glacadh faoin Rialachán seo, agus go háirithe nach bhfuil aon taifead ag an iarratasóir maidir le cionta coiriúla tromchúiseacha a bhaineann lena ghníomhaíocht eacnamaíoch le linn na 5 bliana roimh an iarratas;
léiríonn an t-iarratasóir an acmhainn airgeadais agus an acmhainn oibríochtúil atá aige chun a oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh;
tá an t-iarratasóir bunaithe sa Bhallstát ina dtíolacfar an t-iarratas; agus
tá uimhir EORI sannta don iarratasóir i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
Déanfar cinneadh an údaráis inniúil lena ndeonaítear stádas dearbhóra SCCT údaraithe a chlárú i gclárlann SCCT agus beidh an fhaisnéis seo a leanas ann:
ainm, seoladh agus faisnéis teagmhála an dearbhóra SCCT údaraithe;
uimhir EORI an dearbhóra SCCT údaraithe;
uimhir chuntais SCCT a shanntar don dearbhóir SCCT údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 16(1);
an ráthaíocht a cheanglaítear i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo.
Socróidh an t-údarás inniúil méid na ráthaíochta sin ag an méid arna ríomh mar luach comhiomlán líon na ndeimhnithe SCCT a bheadh ar an dearbhóir SCCT údaraithe a ghéilleadh i gcomhréir le hAirteagal 22 i leith allmhairí na n-earraí a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 5(5), pointe (g), agus an coigeartú is gá á chur san áireamh chun léiriú a thabhairt ar a mhéid a leithdháiltear lamháltais CTA AE saor in aisce i gcomhréir le hAirteagal 31. Ráthaíocht bhainc a bheidh sa ráthaíocht a sholáthrófar, atá iníoctha ar an gcéad éileamh, ag institiúid airgeadais a oibríonn san Aontas nó trí aon fhoirm eile ráthaíochta lena soláthraítear dearbhú coibhéiseach.
I gcás ina ndiúltóidh an t-údarás inniúil an t-údarú a dheonú i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, bunóidh an t-údarás inniúil, laistigh de mhí amháin ó dháta an chinnidh, na hastaíochtaí atá leabaithe sna hearraí a allmhairíodh idir an 1 Eanáir 2026 agus dáta an chinnidh sin, ar bhonn na faisnéise a cuireadh in iúl i gcomhréir le hAirteagal 25(3) agus trí thagairt do luachanna réamhshocraithe i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, agus ar bhonn aon fhaisnéis ábhartha eile.
Úsáidfear na hastaíochtaí sin arna mbunú chun pionóis a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 26(2a).
Déanfaidh an t-údarás inniúil stádas dearbhóra SCCT údaraithe a chúlghairm sna cásanna seo a leanas:
go n-iarrfaidh an dearbhóir SCCT údaraithe cúlghairm; nó
nach gcomhlíonann an dearbhóir SCCT údaraithe na critéir a leagtar amach i míreanna 2 nó 6 den Airteagal seo a thuilleadh, nó go raibh baint aige le sárú tromchúiseach nó sáruithe leantacha ar an oibleagáid i leith deimhnithe SCCT dá dtagraítear in Airteagal 22(1) a ghéilleadh nó ar an oibleagáid chun a áirithiú go mbeidh líon leordhóthanach dheimhnithe SCCT ar a chuntas i gclárlann SCCT ag deireadh gach ráithe dá dtagraítear in Airteagal 22(2).
Sula ndéanfar stádas dearbhóra SCCT údaraithe a chúlghairm, tabharfaidh an t-údarás inniúil an deis don dearbhóir SCCT údaraithe éisteacht a fháil. Féadfaidh an t-údarás inniúil dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla ábhartha nó leis an gCoimisiún trí chlárlann SCCT maidir leis na coinníollacha agus na critéir a bhaineann leis an gcúlghairm. Ní mhairfidh an comhairliúchán níos faide ná 15 lá féilire.
Beidh na cúiseanna atá leis an gcinneadh mar aon le faisnéis faoin gceart chun achomharc a dhéanamh san áireamh in aon chinneadh cúlghairme.
Cláróidh an t-údarás inniúil faisnéis i gclárlann SCCT maidir leis an méid seo a leanas:
na hiarratasóirí ar diúltaíodh a n-iarratas ar údarú de bhun mhír 3; agus
na daoine a ndearnadh a stádas mar dhearbhóir SCCT údaraithe a chúlghairm de bhun mhír 8.
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na coinníollacha seo a leanas a ghlacadh i gcás:
chur i bhfeidhm na gcritéar dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, lena n-áirítear gan a bheith rannpháirteach i sárú tromchúiseach ná i sáruithe leantacha faoi mhír 2, pointe (a), den Airteagal seo;
chur i bhfeidhm na ráthaíochta dá dtagraítear i míreanna 5, 6 agus 7den Airteagal seo;
chur i bhfeidhm na gcritéar maidir le sárú tromchúiseach nó sáruithe leantacha dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo;
na n-iarmhairtí a bhaineann le stádas dearbhóra SCCT údaraithe a chúlghairm dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo; agus
na sprioc-amanna sonracha, raon feidhme agus formáid an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear i míreanna 1 agus 8 den Airteagal seo.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).
Airteagal 18
Creidiúnú fíoraitheoirí
▼M1 —————
Airteagal 19
Athbhreithniú ar dhearbhuithe SCCT
D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh san athbhreithniú fíorú ar an bhfaisnéis a sholáthraítear i ndearbhú SCCT agus i dtuarascálacha fíorúcháin ar bhonn na faisnéise arna cur in iúl ag na húdaráis chustaim i gcomhréir le hAirteagal 25, aon fhaisnéis ábhartha eile, agus ar bhonn aon iniúchta a mheastar a bhfuil gá leis, lena n-áirítear iniúchadh ag áitreabh an dearbhóra SCCT údaraithe.
Cuirfidh an Coimisiún tionscnamh agus torthaí an athbhreithnithe in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an dearbhóir SCCT údaraithe bunaithe, trí chlárlann SCCT.
Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an dearbhóir SCCT údaraithe bunaithe athbhreithniú a dhéanamh freisin ar dhearbhú SCCT laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Cuirfidh an t-údarás inniúil tionscnamh agus torthaí an athbhreithnithe in iúl don Choimisiún, trí chlárlann SCCT.
Éascóidh an Coimisiún freisin an malartú faisnéise leis na húdaráis inniúla maidir le gníomhaíochtaí calaoiseacha, na conclúidí ar thángthas orthu de bhun Airteagal 25a agus na pionóis arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 26.
Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don dearbhóir SCCT údaraithe faoina chinneadh maidir leis an líon deimhnithe SCCT a chinntear agus iarrfaidh sé go ngéillfidh an dearbhóir SCCT údaraithe na deimhnithe SCCT breise laistigh de thréimhse aon mhí amháin.
Beidh na cúiseanna atá leis an gcinneadh mar aon le faisnéis faoin gceart chun achomharc a dhéanamh san áireamh i gcinneadh an údaráis inniúil. Tabharfar fógra faoin gcinneadh freisin trí chlárlann SCCT.
I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil, tar éis dó an réamh-ríomh a fháil ón gCoimisiún i gcomhréir le míreanna 2 agus 4 den Airteagal seo, gan aon ghníomhaíocht a dhéanamh, cuirfidh an t-údarás inniúil an Coimisiún ar an eolas dá réir sin, trí chlárlann SCCT.
CAIBIDIL IV
DEIMHNITHE SCCT
Airteagal 20
Deimhnithe SCCT a dhíol
Beidh rochtain ag an gCoimisiún agus ag na húdaráis inniúla ar an bhfaisnéis atá san ardán lárnach coiteann.
Le linn fhad tréimhse an chéad chonartha soláthair phoiblí chomhpháirtigh chun an t-ardán lárnach coiteann a bhunú, a oibriú agus a bhainistiú, is ar bhuiséad ginearálta an Aontais a thitfidh na costais sin ar dtús. Chuige sin, is éard a bheidh san ioncam a ghinfidh na táillí ioncam sannta inmheánach i gcomhréir le hAirteagal 21(3), pointe (a), de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ). Sannfar an t-ioncam sin chun na costais a bhaineann le bunú, oibriú agus bainistiú an ardáin lárnaigh choitinn a chumhdach. Aon ioncam a bheidh fágtha tar éis ghlanadh na gcostas sin, sannfar do bhuiséad an Aontais é.
Ar feadh ré na gconarthaí soláthair chomhpháirtigh ina dhiaidh sin le haghaidh oibriú agus bhainistiú an ardáin lárnaigh choitinn, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 28, lena bhforlíontar an Rialachán seo, chun a chinneadh go ndéanfaidh na táillí is iníoctha ag dearbhóirí SCCT údaraithe na costais a bhaineann le hoibriú agus bainistiú an ardáin lárnaigh choitinn a mhaoiniú go díreach.
Airteagal 21
Praghas na ndeimhnithe SCCT
I gcás na seachtainí féilire sin nach mbíonn aon cheant sceidealta ar an ardán ceantála, is é an praghas a bheidh ar dheimhnithe SCCT ná meán na bpraghsanna scoir lamháltais CTA AE ón tseachtain dheireanach ina raibh ceantanna ar siúl ar an ardán ceantála.
Airteagal 22
Deimhnithe SCCT a ghéilleadh
Ón mbliain 2027 ar aghaidh, áiritheoidh an dearbhóir SCCT údaraithe go gcomhfhreagraíonn an líon deimhnithe SCCT ar a chuntas i gclárlann SCCT ag deireadh gach ráithe do 50 % ar a laghad de na hastaíochtaí leabaithe sna hearraí uile atá allmhairithe aige ó thús na bliana féilire, arna chinneadh trí thagairt d’aon cheann díobh seo a leanas:
luachanna réamhshocraithe i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IV gan an uasmharcáil dá dtagraítear i bpointe 4.1 den Iarscríbhinn sin; nó
an líon deimhnithe SCCT a géilleadh i gcomhréir le mír 1 le haghaidh na bliana féilire roimh an mbliain inar géilleadh iad, ar choinníoll go dtagraítear sa dearbhú custaim le haghaidh allmhairiú earraí do na hearraí céanna de réir cód AC agus tíortha tionscnaimh leis an dearbhú SCCT a cuireadh isteach sa bhliain féilire roimh an mbliain reatha.
Chun críoch na míre seo, cuirfear san áireamh an coigeartú le haghaidh leithdháileadh saor in aisce dá dtagraítear in Airteagal 31.
Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don dearbhóir SCCT údaraithe faoin ngá atá le líon leordhóthanach deimhnithe SCCT a áirithiú ina chuntas laistigh de mhí amháin ón bhfógra sin a fháil.
Déanfaidh an t-údarás inniúil an fógra a thugtar don dearbhóir SCCT údaraithe, agus an freagra a fhaightear uaidh, a chlárú i gclárlann SCCT.
Airteagal 23
Athcheannach deimhnithe SCCT
Déanfaidh an Coimisiún na deimhnithe SCCT iomarcacha a athcheannach tríd an ardán lárnach coiteann dá dtagraítear in Airteagal 20 thar ceann an Bhallstáit ina bhfuil an dearbhóir SCCT údaraithe bunaithe. Déanfaidh an dearbhóir SCCT údaraithe an iarraidh ar athcheannach a chur isteach faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain ar lena linn a rinneadh deimhnithe SCCT a ghéilleadh.
I gcás dearbhóir SCCT údaraithe a bhí ag ceannach deimhnithe SCCT i mbliain féilire agus é ag súil go sárófaí an tairseach mhais-bhunaithe aonair agus nach sáraíonn sé tairseach den sórt sin, athcheannófar gach deimhniú SCCT sin arna iarraidh sin don dearbhóir SCCT údaraithe de bhun mhír 1 den Airteagal seo.
Airteagal 24
Deimhnithe SCCT a chur ar ceal
CAIBIDIL V
RIALACHA IS INFHEIDHME I LEITH ALLMHAIRIÚ EARRAÍ
Airteagal 25
Rialacha is infheidhme i leith allmhairiú earraí
Airteagal 25a
Forfheidhmiú na tairsí mais-bhunaithe aonair agus faireachán a dhéanamh uirthi
Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-allmhaireoir bunaithe faireachán a dhéanamh freisin ar chomhlíonadh na tairsí mais-bhunaithe aonair.
Malartóidh an Coimisiún go tréimhsiúil agus go huathoibríoch leis na húdaráis inniúla an fhaisnéis is gá chun faireachán a dhéanamh ar allmhaireoirí trí chlárlann SCCT. Áireofar san fhaisnéis sin liosta allmhaireoirí a sháraíonn 90 % den tairseach mhais-bhunaithe aonair.
Féadfaidh an t-údarás inniúil a iarraidh go soláthródh an t-allmhaireoir nó an Coimisiún an fhianaise dhoiciméadach is gá chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a sháraigh nó nár sháraigh an t-allmhaireoir an tairseach mhais-bhunaithe aonair. I gcás nach leor an fhianaise dhoiciméadach chun a mheas cé acu ar sháraigh nó nár sháraigh an t-allmhaireoir an tairseach sin, féadfaidh na húdaráis inniúla fianaise dhoiciméadach bhreise a iarraidh ar na húdaráis chustaim má tá fianaise den sórt sin ar fáil.
I gcás ina ndéanann ionadaí indíreach custaim amháin nó níos mó ionadaíocht ar allmhaireoir agus i gcás ina sáraíonn sé an tairseach mais-bhunaithe aonair, cuirfidh an t-údarás inniúil na hionadaithe indíreacha custaim arna gceapadh ar an eolas faoi sin i gcomhréir le hAirteagal 5(1a) nó 5(2).
Ní bheidh éifeacht fionraíochta ann má chuirtear achomharc isteach in aghaidh cinneadh lena gcinntear gur sháraigh an t-allmhaireoir an tairseach mhais-bhunaithe aonair.
Measfar nach fíorchleachtas ná fíorshocrú é, nó nach fíorshraith de chleachtais ná de shocruithe é, i gcás nach féidir a mheas, agus na fíorais agus do na himthosca ábhartha uile á gcur san áireamh, gur cuireadh i bhfeidhm iad ar chúiseanna tráchtála bailí a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch an allmhaireora.
Chun críocha Airteagal 17(2), pointe (a), agus Airteagal 26(2a), i gcás ina dtagann an t-údarás inniúil ar an tátal go raibh an t-allmhaireoir ag gabháil do chleachtas, do shocrú, nó do shraith de chleachtais nó de shocruithe, a meastar nach fíorchleachtais ná fíorshocruithe iad, measfar go raibh baint ag an allmhaireoir le sárú tromchúiseach ar an Rialachán seo.
CAIBIDIL VI
FORFHEIDHMIÚ
Airteagal 26
Pionóis
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh an t-údarás inniúil an pionós dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo a laghdú i gcás inar sháraigh allmhaireoir an tairseach mhais-bhunaithe aonair faoi oiread nach mó ná 10 % den tairseach sin nó i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 17(7a). Beidh pionós den sórt sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus ní bheidh sé níos ísle ná an pionós dá bhforáiltear i mír 1. Nuair a bheidh an pionós íoctha ag an allmhaireoir, scaoilfear é ón oibleagáid dearbhú SCCT a chur isteach agus ón oibleagáid deimhnithe SCCT a ghéilleadh.
Má chinneann an t-údarás inniúil, lena n-áirítear i bhfianaise na réamhríomhanna arna ndéanamh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 19, gur mhainnigh dearbhóir SCCT údaraithe an oibleagáid a chomhlíonadh i leith deimhnithe SCCT a ghéilleadh mar a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, nó go bhfuil earraí tugtha isteach ag an duine sin i gcríoch chustaim an Aontais gan na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh mar a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, déanfaidh an t-údarás inniúil an pionós a fhorchur de bhun mhír 1 nó mhír 2 den Airteagal seo, de réir mar is infheidhme. Chuige sin, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don dearbhóir SCCT údaraithe nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag mír 2 den Airteagal seo, don duine faoi na nithe seo a leanas:
go bhfuil an t-údarás inniúil tagtha ar an tátal go bhfuil mainnithe ag an dearbhóir SCCT údaraithe nó ag an duine dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh;
na cúiseanna atá lena thátal;
méid an phionóis a fhorchuirtear ar an dearbhóir SCCT údaraithe nó ar an duine dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo;
an dáta óna mbeidh an pionós dlite;
an ghníomhaíocht atá le déanamh ag an dearbhóir SCCT údaraithe nó ag an duine dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo chun an pionós a íoc; agus
an ceart atá ag an dearbhóir SCCT údaraithe nó ag an duine dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo achomharc a dhéanamh.
Airteagal 27
Imchéimniú
Saineofar cleachtais imchéimniúcháin mar athrú ar an bpatrún trádála in earraí, ar athrú é a eascraíonn as cleachtas, próiseas nó obair nach bhfuil cúis chuí ná bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach leo seachas aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a sheachaint, go hiomlán nó go páirteach. Féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis an gcleachtas, próiseas nó obair sin, ach gan a bheith teoranta dóibh:
na hearraí lena mbaineann a mhodhnú rud beag chun iad a chur faoi chóid AC nach liostaítear in Iarscríbhinn I, ach amháin i gcás ina ndéanann an modhnú athrú ar a mbuntréithe;
allmhairí a roinnt go saorga, lena n-áirítear trí shocruithe nach fíorshocruithe iad, ionas nach sárófar an tairseach mhais-bhunaithe aonair.
CAIBIDIL VII
AN TARMLIGEAN A FHEIDHMIÚ AGUS AN NÓS IMEACHTA COISTE
Airteagal 28
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 29
An nós imeachta coiste
CAIBIDIL VIII
TUAIRISCIÚ AGUS ATHBHREITHNIÚ
Airteagal 30
Tuairisciú agus athbhreithniú ag an gCoimisiún
Áireofar measúnú sa tuarascáil ar an méid seo a leanas:
an fhéidearthacht an raon feidhme a leathnú chuig:
astaíochtaí indíreacha leabaithe sna hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II;
astaíochtaí leabaithe in iompar na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i seirbhísí iompair;
earraí atá i mbaol sceite carbóin seachas iad siúd a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus go sonrach ceimiceáin orgánacha agus polaiméirí orgánacha;
ábhair ionchuir eile (réamhtheachtaithe) le haghaidh na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I;
na critéir atá le húsáid chun earraí a shainaithint atá le háireamh sa liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo bunaithe ar na hearnálacha atá i mbaol sceite carbóin arna sainaithint de bhun [Airteagal 10b de] Threoir 2003/87/CE; beidh tráthchlár ag gabháil leis an measúnú sin a dtiocfaidh deireadh leis in 2030 chun na hearraí a áireamh de réir a chéile faoi raon feidhme an Rialacháin seo, agus an leibhéal riosca a bhaineann lena sceitheadh carbóin faoi seach á chur san áireamh go háirithe;
na ceanglais theicniúla chun astaíochtaí leabaithe a ríomh i gcás earraí eile atá le háireamh sa liosta in Iarscríbhinn I;
an dul chun cinn atá déanta sa phlé idirnáisiúnta maidir le gníomhú ar son na haeráide;
an córas rialachais, lena n-áirítear na costais riaracháin;
tionchar an Rialacháin seo ar earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a allmhairítear ó thíortha i mbéal forbartha le sainleas chuig na tíortha is lú forbairt arna sainaithint ag na Náisiúin Aontaithe (TLFanna) agus ar éifeachtaí an chúnaimh theicniúil a thugtar;
an mhodheolaíocht chun astaíochtaí indíreacha a ríomh de bhun Airteagal 7(7) agus phointe 4.3 d’Iarscríbhinn IV.
Roimh an 1 Eanáir 2028, agus gach 2 bhliain dá éis sin, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus feidhmiú SCCT. Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil:
measúnú ar thionchar SCCT ar an méid seo a leanas:
sceitheadh carbóin, lena n-áirítear i ndáil le honnmhairí;
na hearnálacha a chlúdaítear;
an margadh inmheánach, lena n-áirítear tionchar eacnamaíoch agus críochach ar fud an Aontais;
boilsciú agus praghas tráchtearraí;
an éifeacht ar thionscail a úsáideann earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I;
trádáil idirnáisiúnta, lena n-áirítear athdháileadh acmhainní; agus
na tíortha is lú forbairt;
measúnú ar an méid seo a leanas:
an córas rialachais, lena n-áirítear measúnú ar chur chun feidhme agus riar na ráthaíochtaí agus údarú dhearbhóirí SCCT a dhéanfaidh na Ballstáit;
raon feidhme an Rialacháin seo;
cleachtais imchéimnithe;
cur i bhfeidhm pionós sna Ballstáit;
cur i bhfeidhm na tairsí mais-bhunaithe aonair, lena n-áirítear an fhéidearthacht an tairseach sin a mhéadú agus tairseach fhorlíontach choinsíneacht-bhunaithe a thabhairt isteach;
torthaí imscrúduithe agus pionóis arna bhforchur;
faisnéis chomhiomlánaithe maidir le déine astaíochtaí do gach tír thionscnaimh le haghaidh na n-earraí éagsúla a liostaítear in Iarscríbhinn I.
CAIBIDIL IX
COMHORDÚ A DHÉANAMH LE LEITHDHÁILEADH NA LAMHÁLTAS SAOR IN AISCE FAOI CTA AE
Airteagal 31
Leithdháileadh na lamháltas saor in aisce faoi CTA AE agus an oibleagáid deimhnithe SCCT a ghéilleadh
CAIBIDIL X
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 32
Raon feidhme na hidirthréimhse
Le linn na hidirthréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 31 Nollaig 2025, beidh oibleagáidí an allmhaireora faoin Rialachán seo teoranta do na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagail 33, 34 agus 35 den Rialachán seo. I gcás ina bhfuil an t-allmhaireoir bunaithe i mBallstát agus ina gceapann sé ionadaí custaim indíreach i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, agus i gcás ina gcomhaontóidh an t-ionadaí custaim indíreach amhlaidh, beidh feidhm ag na hoibleagáidí tuairiscithe maidir leis an ionadaí custaim indíreach sin. I gcás nach bhfuil an t-allmhaireoir bunaithe i mBallstát, beidh feidhm ag na hoibleagáidí tuairiscithe maidir leis an ionadaí custaim indíreach.
Airteagal 33
Allmhairiú earraí
Airteagal 34
Oibleagáid tuairiscithe i dtaca le nósanna imeachta áirithe custaim
Ní bhainfidh an oibleagáid tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 35 den Rialachán seo le hallmhairiú na nithe seo a leanas:
táirgí próiseáilte ar toradh iad ar an nós imeachta próiseála amach dá dtagraítear in Airteagal 259 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
earraí a cháilíonn mar earraí arna dtabhairt ar ais i gcomhréir le hAirteagal 203 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
Airteagal 35
Oibleagáid tuairiscithe
Beidh an fhaisnéis seo a leanas i dtuarascáil SCCT:
cainníocht iomlán gach cineáil earraí, arna sloinneadh in uaireanta meigeavata i gcás leictreachais agus i dtonaí i gcás earraí eile; agus arna sonrú in aghaidh gach suiteála a tháirgeann na hearraí sa tír thionscnaimh;
iomlán na n-astaíochtaí leabaithe iarbhír, arna shloinneadh i dtonnaí d’astaíochtaí coibhéise CO2e in aghaidh na meigeavatuaire leictreachais nó, i gcás earraí eile, i dtonnaí d’astaíochtaí coibhéise CO2e, in aghaidh an tonna de gach cineál earraí, arna ríomh i gcomhréir leis an modh a leagtar amach in Iarscríbhinn IV;
iomlán na n-astaíochtaí indíreacha, arna ríomh i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7;
an praghas carbóin atá dlite i dtír thionscnaimh le haghaidh na n-astaíochtaí leabaithe sna hearraí allmhairithe, agus aon lacáiste nó aon chineál eile cúitimh atá ar fáil á gcur san áireamh.
I gcás ina dtionscnóidh údarás inniúil an Bhallstáit dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo nós imeachta ceartúcháin, lena n-áirítear faisnéis a fuarthas i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo á meas, agus ina gcinnfidh sé nach bhfuil na bearta is gá déanta ag an allmhaireoir nó, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 32, ag an ionadaí custaim indíreach chun tuarascáil SCCT a cheartú, nó i gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil lena mbaineann, go háirithe agus faisnéis a fuarthas i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo á cur san áireamh, nár chomhlíon an t-allmhaireoir nó, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 32, an t-ionadaí custaim indíreach an oibleagáid tuarascáil SCCT a thíolacadh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, forchuirfidh an t-údarás inniúil sin pionós éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach ar an allmhaireoir nó, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 32, ar an ionadaí custaim indíreach. Chuige sin, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don allmhaireoir nó, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAireagal 32, don ionadaí custaim indíreach agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoin méid seo a leanas:
an chonclúid, agus na cúiseanna leis an gconclúid sin, i gcás inar mhainnigh an t-allmhaireoir, nó i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 32, an t-ionadaí custaim indíreach an oibleagáid a chomhlíonadh maidir le tuarascáil a thíolacadh do ráithe ar leith nó nár ghlac sé na bearta is gá chun an tuarascáil a cheartú;
méid an phionóis atá á fhorchur ar an allmhaireoir nó, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 32, ar an ionadaí custaim indíreach;
an dáta óna mbeidh an pionós dlite;
an ghníomhaíocht atá le déanamh ag an allmhaireoir nó, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 32, ag an ionadaí custaim indíreach chun an pionós a íoc; agus
an ceart atá ag an allmhaireoir nó, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 32, ag an ionadaí custaim indíreach achomharc a dhéanamh.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na nithe seo a leanas:
an fhaisnéis atá le tuairisciú, an modh agus an fhormáid don tuairisciú sin, lena n-áirítear faisnéis mhionsonraithe de réir na tíre tionscnaimh agus an chineáil earraí chun tacú leis na hiomláin dá dtagraítear i mír 2, pointí (a), (b) agus (c), agus samplaí d’aon lacáiste ábhartha nó d’aon chineál eile cúitimh atá ar fáil dá dtagraítear i mír 2, pointe (d);
raon táscach na bpionós atá le forchur de bhun mhír 5 agus na critéir atá le cur san áireamh chun an méid iarbhír a chinneadh, lena n-áirítear tromchúis agus fad na mainneachtana tuairisc a thabhairt;
rialacha mionsonraithe maidir leis an meánphraghas bliantúil carbóin atá dlite dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), arna shloinneadh in airgeadra eachtrach a chomhshó in euro ag an meánráta malairte bliantúil;
rialacha mionsonraithe maidir leis na gnéithe de na modhanna ríomha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, lena n-áirítear teorainneacha córais na bpróiseas táirgthe, na fachtóirí astaíochta, luachanna suiteáil-sonracha na n-astaíochtaí iarbhír agus a gcur i bhfeidhm faoi seach ar earraí aonair a chinneadh chomh maith le modhanna a leagan síos chun iontaofacht na sonraí a áirithiú, lena n-áirítear an leibhéal mionsonra; agus
na modhanna agus an fhormáid do na ceanglais tuairiscithe le haghaidh astaíochtaí indíreacha in earraí allmhairithe; áireofar san fhormáid sin cainníocht an leictreachais a úsáidtear chun na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a tháirgeadh, chomh maith leis an tír thionscnaimh, foinse na giniúna agus na fachtóirí astaíochta a bhaineann leis an leictreachas sin.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2) den Rialachán seo. Beidh feidhm acu maidir le hearraí a allmhairítear le linn na hidirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 32 den Rialachán seo agus cuirfidh siad leis an reachtaíocht atá ann cheana le haghaidh suiteálacha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE.
CAIBIDIL XI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 36
Teacht i bhfeidhm
Beidh feidhm aige ón 1 Deireadh Fómhair 2023. Mar sin féin:
beidh feidhm ag Airteagail 5, 10, 14, 16 agus 17 ón 31 Nollaig 2024;
►M1 beidh feidhm ag Airteagal 2(2) agus Airteagail 2a, 4, 6 go 9, 10a, 15, 19 agus 21, Airteagal 22(1) agus 22(3) agus Airteagail 23 go 27 agus 31 ón 1 Eanáir 2026; ◄
beidh feidhm ag Airteagal 22(2) ón 1 Eanáir 2027;
beidh feidhm ag Airteagal 20(1), (3), (4) agus (5), ón 1 Feabhra 2027.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
Liosta na n-earraí agus na ngás ceaptha teasa
1. Chun críche earraí a shainaithint, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí a thagann faoi na cóid Ainmníochta Comhcheangailte (“AC”) a leagtar amach sa tábla seo a leanas. Is iad na cóid AC na cóid faoi Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87.
2. Chun críocha an Rialacháin seo, is iad na gáis cheaptha teasa a bhaineann le hearraí dá dtagraítear i bpointe 1 na gáis a leagtar amach sa tábla seo a leanas le haghaidh na n-earraí lena mbaineann.
Stroighin
|
Cód AC |
Gás ceaptha teasa |
|
►M1 ex 2507 00 80 – Créanna caoilíneacha eile seachas créanna caoilíneacha neamhchailcínithe ◄ |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
2523 10 00 – Clincir stroighne |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
2523 21 00 – Stroighin bhán Portland, bíodh sí daite go saorga nó ná bíodh |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
2523 29 00 – Cineálacha eile stroighne Portland |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
2523 30 00 – Stroighin alúmanach |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
2523 90 00 – Cineálacha eile stroighne hiodrálaí |
Dé-ocsaíd charbóin |
Leictreachas
|
Cód AC |
Gás ceaptha teasa |
|
2716 00 00 – Fuinneamh leictreach |
Dé-ocsaíd charbóin |
Leasacháin
|
Cód AC |
Gás ceaptha teasa |
|
2808 00 00 – Aigéad nítreach; aigéid shulfainítreacha |
Dé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil |
|
2814 – Amóinia, bíodh sí ainhidriúil nó i dtuaslagán uiscí |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
2834 21 00 - Níotráití potaisiam |
Dé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil |
|
3102 – Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha, iad nítrigineach |
Dé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil |
|
3105 – Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha ina bhfuil dhá cheann nó trí cinn de na dúile leasacháin nítrigin, fosfar agus potaisiam; leasacháin eile; earraí faoin gcaibidil seo i dtáibléid nó i bhfoirmeacha comhchosúla nó i bpacáistí nach mó ná 10 kg a n-ollmheáchan Cé is moite de: 3105 60 00 – Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha ina bhfuil an dá dhúil leasacháin fosfar agus potaisiam |
Dé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil |
Iarann agus cruach
|
Cód AC |
Gás ceaptha teasa |
|
72 – Iarann agus cruach Cé is moite de: 7202 2 – Fearói-shileacan 7202 30 00 – Fearósileacamangainéis 7202 50 00 – Fearósileacacróimiam 7202 70 00 – Fearó-mholaibdéineam 7202 80 00 – Fearó-thungstan agus fearósileacatungstan 7202 91 00 – Fearói-thíotáiniam agus fearósileacatíotáiniam 7202 92 00 – Fearó-vanaidiam 7202 93 00 – Fearói-niabáit 7202 99 – Eile: 7202 99 10 – Fearó-fhosfar 7202 99 30 – Fearósileacamaignéisiam 7202 99 80 – Eile 7204 – Fuíollábhar iarainn agus dramhiarann; tinní dramhiarainn agus cruach lena n-athleá |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
2601 12 00 – Iarnchlocha agus tiúcháin cheirtleánaithe, seachas iarnphirítí rósta |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
7301 – Bratphíleáil iarainn nó cruach, bíodh sí druileáilte nó pollta, bíodh sí déanta as nithe cóimeáilte nó ná bíodh; uillinneacha, cruthanna agus cónaisc, agus táthú déanta orthu, iad déanta as iarann nó as cruach |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
7302 – Ábhar tógála iarainn nó cruach le haghaidh iarnród nó le haghaidh trambhealaí, lena n-áirítear: ráillí, ráillí cosanta agus ráillí mantacha, lanna aistrithe treo, froganna trasnála, slata pointe agus píosaí eile i gcomhair na trasnála, trasnáin (trascheangail), lioscáin, teangacha ladhróige, dingeacha teanga ladhróige, bonnphlátaí (bunphlátaí), fáiscíní ráille, leabaphlátaí, ceangail agus ábhar speisialaithe eile chun ráillí a cheangal nó a dheisiú |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
7303 00 –Feadáin, píobáin agus próifílí tolla, déanta as iarann teilgthe |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
7304 – Feadáin, píobáin agus próifílí tolla, gan uaim, iad déanta as cruach nó as iarann (seachas iarann teilgthe) |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
7305 – Feadáin agus píobáin eile (iad táite, seamaithe nó dúnta ar bhealach eile den chineál sin, mar shampla), trasghearradh ciorclach iontu, iad níos mó ná 406,4 mm ar an trastomhas seachtrach, agus iad déanta as iarann nó cruach |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
7306 – Feadáin, píobáin agus próifílí tolla eile (cinn séama oscailte nó cinn atá dúnta le táthú, seamú nó ar bhealach eile den chineál sin, mar shampla), iad déanta as iarann nó as cruach |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
7307 – Feistis feadáin nó píobáin (cúplálacha, uillinneacha, muinchillí, mar shampla), iad déanta as iarann nó as cruach |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
7308 – Struchtúir (gan foirgnimh réamhdhéanta atá faoi cheannteideal 9406 a áireamh) agus codanna de struchtúir (droichid agus codanna droichid, geataí loic, túir, crainn laitíse, díonta, creatlacha dín, doirse agus fuinneoga agus a bhfrámaí mar aon le tairseacha doirse, comhlaí, balastráidí, piléir, colúin, mar shampla), iad déanta as iarann nó as cruach; plátaí, slata, uillinneacha, cruthanna, cónaisc, feadáin agus a leithéidí, arna n-ullmhú lena n-úsáid i struchtúir, iad déanta as iarann nó as cruach |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
7309 00 – Taiscumair, umair, dabhcha agus taisceadáin eile den chineál sin le haghaidh aon ábhair (cé is moite de ghás comhbhrúite nó leachtaithe), iad déanta as iarann nó as cruach, a bhfuil toilleadh is mó ná 300 l iontu, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bíodh, ach nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
7310 – Umair, bairillí, drumaí, cannaí, boscaí agus taisceadáin eile den chineál céanna, le haghaidh aon ábhair (cé is moite de ghás comhbhrúite nó leachtaithe), iad déanta as iarann nó as cruach, a bhfuil toilleadh iontu nach mó ná 300 l, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bíodh, ach nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
7311 00 – Coimeádáin le haghaidh gás comhbhrúite nó leachtaithe, iad déanta as iarann nó as cruach |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
7318 – Scriúnna, boltaí, cnónna, scriúnna cóiste, crúcaí scriú, seamanna, leicníní, pionnaí leicnín, leicneáin (lena n-áirítear leicneáin ar sprionga) agus earraí den chineál céanna, iad déanta as iarann nó as cruach |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
7326 – Earraí eile iarainn nó cruach |
Dé-ocsaíd charbóin |
Alúmanam
|
Cód AC |
Gás ceaptha teasa |
|
7601 – Alúmanam neamhshaoirsithe |
Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin |
|
7603 – Púdair agus calóga alúmanaim |
Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin |
|
7604 – Barra, slata agus próifílí alúmanaim |
Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin |
|
7605 – Sreang alúmanaim |
Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin |
|
7606 – Plátaí, leatháin agus stiallacha alúmanaim, atá níos mó ná 0,2 mm ar tiús |
Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin |
|
7607 – Scragall alúmanaim (bíodh sé priontáilte nó bíodh páipéar, cairtchlár, plaistigh nó ábhar taca comhchosúil ar a chúl nó ná bíodh), nach bhfuil níos mó ná 0,2 mm ar tiús (gan aon ábhar taca a áireamh) |
Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin |
|
7608 – Feadáin agus píobáin alúmanaim |
Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin |
|
7609 00 00 – Feistis feadáin nó píobáin alúmanaim (cúplálacha, uillinneacha, muinchillí, mar shampla) |
Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin |
|
7610 – Struchtúir alúmanaim (gan foirgnimh réamhdhéanta atá faoi cheannteideal 9406 a áireamh) agus codanna de struchtúir (mar shampla, droichid agus codanna droichid, túir, crainn laitíse, díonta, creatlacha dín, doirse agus fuinneoga agus a bhfrámaí mar aon le tairseacha dorais, balastráidí, piléir agus colúin); plátaí alúmanaim, slata, próifílí, feadáin agus a leithéid sin agus iad ullmhaithe le húsáid i struchtúir |
Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin |
|
7611 00 00 – Taiscumair, umair, dabhcha agus taisceadáin chomhchosúla eile, as alúmanam, le haghaidh aon ábhair (seachas gás comhbhrúite nó leachtaithe), a bhfuil toilleadh níos mó ná 300 l iontu, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bíodh, ach nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu |
Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin |
|
7612 – Umair, bairillí, drumaí, cannaí, boscaí agus taisceadáin chomhchosúla eile (lena n-áirítear taisceadáin fheadánacha righne nó intitimeacha), as alúmanam, le haghaidh aon ábhair (seachas gás comhbhrúite nó leachtaithe), nach bhfuil toilleadh níos mó ná 300 l iontu, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bíodh, ach nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu |
Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin |
|
7613 00 00 – Coimeádáin alúmanaim le haghaidh gás comhbhrúite nó leachtaithe |
Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin |
|
7614 – Sreang dhualach, cáblaí, bandaí trilseánaithe agus a leithéid de dhéantús alúmanaim, nach bhfuil inslithe go leictreach |
Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin |
|
7616 – Earraí eile alúmanaim |
Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin |
Ceimiceáin
|
Cód AC |
Gás ceaptha teasa |
|
2804 10 00 – Hidrigin |
Dé-ocsaíd charbóin |
IARSCRÍBHINN II
Liosta na n-earraí nach bhfuil ach astaíochtaí díreacha le cur san áireamh ina leith, de bhun Airteagal 7(1)
Iarann agus cruach
|
Cód AC |
Gás ceaptha teasa |
|
72 – Iarann agus cruach Cé is moite de: 7202 2 – Fearói-shileacan 7202 30 00 – Fearósileacamangainéis 7202 50 00 – Fearósileacacróimiam 7202 70 00 – Fearó-mholaibdéineam 7202 80 00 – Fearó-thungstan agus fearósileacatungstan 7202 91 00 – Fearói-thíotáiniam agus fearósileacatíotáiniam 7202 92 00 – Fearó-vanaidiam 7202 93 00 – Fearói-niabáit 7202 99 – Eile: 7202 99 10 – Fearó-fhosfar 7202 99 30 – Fearósileacamaignéisiam 7202 99 80 – Eile 7204 – Fuíollábhar iarainn agus dramhiarann; tinní dramhiarainn agus cruach lena n-athleá |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
7301 – Bratphíleáil iarainn nó cruach, bíodh sí druileáilte nó pollta, bíodh sí déanta as nithe cóimeáilte nó ná bíodh; uillinneacha, cruthanna agus cónaisc, agus táthú déanta orthu, iad déanta as iarann nó as cruach |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
7302 – Ábhar tógála iarainn nó cruach le haghaidh iarnród nó le haghaidh trambhealaí, lena n-áirítear: ráillí, ráillí cosanta agus ráillí mantacha, lanna aistrithe treo, froganna trasnála, slata pointe agus píosaí eile i gcomhair na trasnála, trasnáin (trascheangail), lioscáin, teangacha ladhróige, dingeacha teanga ladhróige, bonnphlátaí (bunphlátaí), fáiscíní ráille, leabaphlátaí, ceangail agus ábhar speisialaithe eile chun ráillí a cheangal nó a dheisiú |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
7303 00 –Feadáin, píobáin agus próifílí tolla, déanta as iarann teilgthe |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
7304 – Feadáin, píobáin agus próifílí tolla, gan uaim, iad déanta as cruach nó as iarann (seachas iarann teilgthe) |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
7305 – Feadáin agus píobáin eile (iad táite, mar shampla, sin nó iad seamaithe nó dúnta ar bhealach eile den chineál sin), trasghearradh ciorclach iontu, iad níos mó ná 406,4 mm ar an trastomhas seachtrach, agus iad déanta as iarann nó cruach |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
7306 – Feadáin, píobáin agus próifílí tolla eile (cinn séama oscailte nó cinn atá dúnta le táthú, seamú nó ar bhealach eile den chineál sin, mar shampla), iad déanta as iarann nó as cruach |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
7307 – Feistis feadáin nó píobáin (cúplálacha, uillinneacha, muinchillí, mar shampla), iad déanta as iarann nó as cruach |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
7308 – Struchtúir (gan foirgnimh réamhdhéanta atá faoi cheannteideal 9406 a áireamh) agus codanna de struchtúir (droichid agus codanna droichid, geataí loic, túir, crainn laitíse, díonta, creatlacha dín, doirse agus fuinneoga agus a bhfrámaí mar aon le tairseacha doirse, comhlaí, balastráidí, piléir, colúin, mar shampla), iad déanta as iarann nó as cruach; plátaí, slata, uillinneacha, cruthanna, cónaisc, feadáin agus a leithéidí, arna n-ullmhú lena n-úsáid i struchtúir, iad déanta as iarann nó as cruach |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
7309 00 – Taiscumair, umair, dabhcha agus taisceadáin eile den chineál sin le haghaidh aon ábhair (cé is moite de ghás comhbhrúite nó leachtaithe), iad déanta as iarann nó as cruach, a bhfuil toilleadh is mó ná 300 l iontu, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bíodh, ach nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
7310 – Umair, bairillí, drumaí, cannaí, boscaí agus taisceadáin eile den chineál céanna, le haghaidh aon ábhair (cé is moite de ghás comhbhrúite nó leachtaithe), iad déanta as iarann nó as cruach, a bhfuil toilleadh iontu nach mó ná 300 l, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bíodh, ach nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
7311 00 – Coimeádáin le haghaidh gás comhbhrúite nó leachtaithe, iad déanta as iarann nó as cruach |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
7318 – Scriúnna, boltaí, cnónna, scriúnna cóiste, crúcaí scriú, seamanna, leicníní, pionnaí leicnín, leicneáin (lena n-áirítear leicneáin ar sprionga) agus earraí den chineál céanna, iad déanta as iarann nó as cruach |
Dé-ocsaíd charbóin |
|
7326 – Earraí eile iarainn nó cruach |
Dé-ocsaíd charbóin |
Alúmanam
|
Cód AC |
Gás ceaptha teasa |
|
7601 – Alúmanam neamhshaoirsithe |
Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin |
|
7603 – Púdair agus calóga alúmanaim |
Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin |
|
7604 – Barra, slata agus próifílí alúmanaim |
Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin |
|
7605 – Sreang alúmanaim |
Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin |
|
7606 – Plátaí, leatháin agus stiallacha alúmanaim, atá níos mó ná 0,2 mm ar tiús |
Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin |
|
7607 – Scragall alúmanaim (bíodh sé priontáilte nó bíodh páipéar, cairtchlár, plaistigh nó ábhar taca comhchosúil ar a chúl nó ná bíodh), nach bhfuil níos mó ná 0,2 mm ar tiús (gan aon ábhar taca a áireamh) |
Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin |
|
7608 – Feadáin agus píobáin alúmanaim |
Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin |
|
7609 00 00 – Feistis feadáin nó píobáin alúmanaim (cúplálacha, uillinneacha, muinchillí, mar shampla) |
Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin |
|
7610 – Struchtúir alúmanaim (gan foirgnimh réamhdhéanta atá faoi cheannteideal 9406 a áireamh) agus codanna de struchtúir (mar shampla, droichid agus codanna droichid, túir, crainn laitíse, díonta, creatlacha dín, doirse agus fuinneoga agus a bhfrámaí mar aon le tairseacha dorais, balastráidí, piléir agus colúin); plátaí alúmanaim, slata, próifílí, feadáin agus a leithéid sin agus iad ullmhaithe le húsáid i struchtúir |
Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin |
|
7611 00 00 – Taiscumair, umair, dabhcha agus taisceadáin chomhchosúla eile, as alúmanam, le haghaidh aon ábhair (seachas gás comhbhrúite nó leachtaithe), a bhfuil toilleadh níos mó ná 300 l iontu, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bíodh, ach nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu |
Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin |
|
7612 – Umair, bairillí, drumaí, cannaí, boscaí agus taisceadáin chomhchosúla eile (lena n-áirítear taisceadáin fheadánacha righne nó intitimeacha), as alúmanam, le haghaidh aon ábhair (seachas gás comhbhrúite nó leachtaithe), nach bhfuil toilleadh níos mó ná 300 l iontu, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bíodh, ach nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu |
Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin |
|
7613 00 00 – Coimeádáin alúmanaim le haghaidh gás comhbhrúite nó leachtaithe |
Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin |
|
7614 – Sreang dhualach, cáblaí, bandaí trilseánaithe agus a leithéid de dhéantús alúmanaim, nach bhfuil inslithe go leictreach |
Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin |
|
7616 – Earraí eile alúmanaim |
Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin |
Ceimiceáin
|
Cód AC |
Gás ceaptha teasa |
|
2804 10 00 – Hidrigin |
Dé-ocsaíd charbóin |
Leictreachas
|
Cód AC |
Gás ceaptha teasa |
|
2716 00 00 – Fuinneamh leictreach |
Dé-ocsaíd charbóin |
IARSCRÍBHINN III
Tríú tíortha agus críocha atá lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo chun críoch Airteagal 2
1. TRÍÚ TÍORTHA AGUS TRÍÚ CRÍOCHA ATÁ LASMUIGH DE RAON FEIDHME AN RIALACHÁIN SEO
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí de thionscnamh na dtíortha seo a leanas:
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí de thionscnamh na gcríoch seo a leanas:
2. TRÍÚ TÍORTHA AGUS TRÍÚ CRÍOCHA ATÁ LASMUIGH DE RAON FEIDHME AN RIALACHÁIN SEO MAIDIR LE LEICTREACHAS A ALLMHAIRIÚ ISTEACH I gCRÍOCH CHUSTAIM AN AONTAIS
[Tríú tíortha nó tríú críocha atá le cur isteach nó atá le scriosadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 2(11).]
IARSCRÍBHINN IV
Modhanna chun astaíochtaí leabaithe a ríomh chun críoch Airteagal 7
1. SAINMHÍNITHE
Chun críocha na hIarscríbhinne seo agus Iarscríbhinní V agus VI, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “earraí simplí” earraí a tháirgtear i bpróiseas táirgthe nach n-éilíonn ach ábhair ionchuir (réamhtheachtaithe) agus breoslaí nach ngabhann aon astaíochtaí leabaithe leo;
ciallaíonn “earraí coimpléascacha” earraí seachas earraí simplí;
ciallaíonn “sainastaíochtaí leabaithe” na hastaíochtaí leabaithe in aon tona amháin earraí, arna shloinneadh ina thonaí d’astaíochtaí coibhéise CO2e in aghaidh an tona earraí;
ciallaíonn “fachtóir astaíochta CO2” meán ualaithe dhéine CO2 an leictreachais a ghintear as breoslaí iontaise i limistéar geografach; is éard atá san fhachtóir astaíochta CO2 an toradh a fhaightear trí shonraí astaíochta CO2 na hearnála leictreachais a roinnt ar ollmhéid na giniúna leictreachais ó bhreoslaí iontaise sa limistéar ábhartha geografach; sloinntear é i dtonnaí CO2 in aghaidh na meigeavatuaire;
ciallaíonn “fachtóir astaíochta le haghaidh leictreachais” an luach réamhshocraithe, arna shloinneadh i gcoibhéis CO2e, arb ionann é agus déine astaíochtaí an leictreachais a ídítear i dtáirgeadh earraí;
ciallaíonn “comhaontú ceannaigh cumhachta” conradh faoina gcomhaontaíonn duine leictreachas a cheannach go díreach ó tháirgeoir leictreachais;
ciallaíonn “oibreoir córais tarchurtha” oibreoir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (35), de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ) é.
2. NA hASTAÍOCHTAÍ LEABAITHE SONRACHA IARBHÍR A CHINNEADH LE hAGHAIDH EARRAÍ SIMPLÍ
Chun na sainastaíochtaí leabaithe iarbhír a chinneadh le haghaidh earraí simplí a tháirgtear i suiteáil ar leith, déanfar na hastaíochtaí díreacha agus, i gcás inarb iomchuí, na hastaíochtaí indíreacha, a thabhairt sa chuntas. Chun na críche sin, tá an chothromóid seo a leanas le cur i bhfeidhm:
Nuair:
|
is é SEEg |
na sainastaíochtaí leabaithe a ghabhann leis na hearraí g, i dtéarmaí coibhéise CO2e ina aghaidh an tona; |
|
is é AttrEmg |
na hastaíochtaí sannta a ghabhann leis na hearraí g; agus |
|
is é ALg |
leibhéal gníomhaíochta na n-earraí, arb é an méid de na hearraí a táirgeadh sa tsuiteáil sin é le linn na tréimhse tuairiscithe. |
ciallaíonn “astaíochtaí sannta” an chuid d’astaíochtaí na suiteála le linn na tréimhse tuairiscithe arb é próiseas táirgthe earraí g is cúis léi, agus é sin arna bhunú ar chur i bhfeidhm theorainneacha córais an phróisis táirgthe a shainítear sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 7(7). Is í an chothromóid seo a leanas a úsáidfear chun na hastaíochtaí sannta a ríomh:
Nuair:
|
is é DirEm |
na hastaíochtaí díreacha, a thagann de thoradh an phróisis táirgthe, arna sloinneadh i dtonaí de choibhéis CO2e, faoi chuimsiú na dteorainneacha córais dá dtagraítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 7(7) agus |
|
is é IndirEm |
na hastaíochtaí indíreacha a thagann de thoradh táirgeadh leictreachais a ídítear i bpróisis táirgthe earraí, arna sloinneadh i dtonnaí de choibhéis CO2e, laistigh de na teorainneacha córais dá dtagraítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 7(7). |
3. NA hASTAÍOCHTAÍ LEABAITHE IARBHÍR A CHINNEADH LE hAGHAIDH EARRAÍ COIMPLÉASCACHA
Chun na sainastaíochtaí leabaithe iarbhír a chinneadh le haghaidh earraí coimpléascacha a tháirgtear i suiteáil ar leith, tá an chothromóid seo a leanas le cur i bhfeidhm:
I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:
|
is é AttrEmg |
na hastaíochtaí sannta a ghabhann leis na hearraí g; |
|
is é ALg |
leibhéal gníomhaíochta na n-earraí, eadhon, cainníocht na n-earraí sin a tháirgtear sa tsuiteáil sin le linn na tréimhse tuairiscithe, agus |
|
is é EEInpMat |
na hastaíochtaí leabaithe a ghabhann leis na hábhair (réamhtheachtaithe) ionchuir a ídítear sa phróiseas táirgthe. Ní dhéanfar ach ábhair ionchuir (réamhtheachtaithe) a liostaítear in Iarscríbhinn I agus de thionscnamh tríú tíortha agus tríú críocha nach bhfuil díolmhaithe de bhun phointe 1 d’Iarscríbhinn III, a bhreithniú. Mar seo a leanas a ríomhtar an EEInpMat is ábhartha: |
I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:
|
is é Mi |
mais an ábhair ionchuir (réamhtheachtaí) i a úsáidtear sa phróiseas táirgthe, agus |
|
is iad SEEi |
na sainastaíochtaí leabaithe i gcás an ábhair ionchuir (réamhtheachtaí) i. Maidir le SEEi, bainfidh oibreoir na suiteála úsáid as luach na n-astaíochtaí a eascraíonn as an tsuiteáil inar táirgeadh an t-ábhar ionchuir (réamhtheachtaí), ar choinníoll gur féidir sonraí na suiteála a thomhas ar mhodh leormhaith. |
4. NA LUACHANNA RÉAMHSHOCRAITHE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 7(2) AGUS (3) A CHINNEADH
Chun críche luachanna réamhshocraithe a chinneadh, ní úsáidfear ach luachanna iarbhír chun astaíochtaí leabaithe a chinneadh. In éagmais sonraí iarbhír, féadfar luachanna litríochta a úsáid. Agus na luachanna réamhshocraithe á gcinneadh, bainfear úsáid as na sonraí is fearr atá ar fáil. Beidh na sonraí is fearr a bheidh ar fáil bunaithe ar fhaisnéis iontaofa a bheidh ar fáil go poiblí. Athbhreithneofar luachanna réamhshocraithe go tréimhsiúil trí bhíthin na ngníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar de bhun Airteagal 7(7) bunaithe ar an bhfaisnéis is cothroime le dáta agus is iontaofa, lena n-áirítear ar bhonn faisnéise arna soláthar ag tríú tír nó ag grúpa de thríú tíortha.
4.1. Na luachanna réamhshocraithe dá dtagraítear in Airteagal 7(2)
Socrófar luachanna réamhshocraithe ag meándéine astaíochta gach tíre onnmhairiúcháin agus le haghaidh gach ceann de na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I cé is moite de leictreachas, agus méadófar iad trí chorrlach a chur leo a cheapfar go comhréireach. Cinnfear an corrlach sin sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 7(7) agus socrófar iad ar leibhéal iomchuí chun sláine comhshaoil SCCT a áirithiú, ag tógáil ar an bhfaisnéis is cothroime le dáta agus is iontaofa, lena n-áirítear ar bhonn faisnéise a bhailítear le linn na hidirthréimhse. I gcás nach féidir sonraí iontaofa maidir leis an tír onnmhairiúcháin a chur i bhfeidhm i gcás cineál áirithe earraí, bunófar na luachanna réamhshocraithe ar mheándéine astaíochtaí na 10 dtír onnmhairiúcháin a bhfuil na déine astaíochtaí is airde acu ar féidir sonraí iontaofa a chur i bhfeidhm ina leith maidir leis an gcineál sin earraí.
4.2. Na luachanna réamhshocraithe le haghaidh leictreachas allmhairithe dá dtagraítear in Airteagal 7(3)
Déanfar luachanna réamhshocraithe le haghaidh leictreachas allmhairithe a chinneadh do thríú tír, do ghrúpa de thríú tíortha nó do réigiún laistigh de thríú tír, bunaithe ar luachanna réamhshocraithe sonracha, i gcomhréir le pointe 4.2.1, nó, mura mbeidh na luachanna sin ar fáil, ar luachanna réamhshocraithe malartacha, i gcomhréir le pointe 4.2.2.
I gcás ina dtáirgtear an leictreachas i dtríú tír, i ngrúpa de thríú tíortha nó i réigiún laistigh de thríú tír, agus ina dtéann sé trí thríú tíortha, trí ghrúpaí de thríú tíortha, trí réigiúin laistigh de thríú tír nó trí Bhallstáit chun go n-allmhaireofar isteach san Aontas é, is iad na luachanna réamhshocraithe a bheidh le húsáid na luachanna ón tríú tír, ón ngrúpa de thríú tíortha nó ón réigiún laistigh de thríú tír inar táirgeadh an leictreachas.
4.2.1. Luachanna réamhshocraithe sonracha le haghaidh tríú tír, grúpa de thríú tíortha nó réigiún laistigh de thríú tír
Socrófar na luachanna réamhshocraithe sonracha ag an bhfachtóir astaíochta CO2 sa tríú tír, sa ghrúpa tríú tíortha nó sa réigiún laistigh de thríú tír, bunaithe ar na sonraí is fearr atá ar fáil don Choimisiún.
4.2.2. Luachanna réamhshocraithe malartacha
I gcás nach mbeidh luach réamhshocraithe sonrach ar fáil do thríú tír, do ghrúpa tríú tíortha nó do réigiún laistigh de thríú tír, socrófar an luach réamhshocraithe malartach le haghaidh leictreachais ag fachtóir astaíochta CO2 san Aontas.
I gcás inar féidir a léiriú, ar bhonn sonraí iontaofa, go bhfuil fachtóir astaíochta CO2 i dtríú tír, i ngrúpa de thríú tíortha nó i réigiún laistigh de thríú tír níos ísle ná an luach réamhshocraithe sonrach arna chinneadh ag an gCoimisiún nó níos ísle ná an fachtóir astaíochta CO2 san Aontas, féadfar luach réamhshocraithe malartach bunaithe ar an bhfachtóir astaíochta CO2 sin a úsáid i gcás an tríú tír sin, an ghrúpa sin de thríú tíortha, nó an réigiúin sin laistigh de thríú tír.
4.3 Luachanna réamhshocraithe le haghaidh astaíochtaí indíreacha leabaithe
Déanfar luachanna réamhshocraithe na n-astaíochtaí indíreacha atá leabaithe in earra a tháirgtear i dtríú tír a chinneadh ar luach réamhshocraithe a ríomhfar ar mheán an leictreachais a úsáidtear chun an t-earra sin a tháirgeadh, a ríomhfar ar mheán fhachtóir astaíochta eangach leictreachais an Aontais, fachtóir astaíochta eangach leictreachais na tíre tionscnaimh nó fachtóir astaíochta CO2 na bhfoinsí socraithe praghsanna sa tír thionscnaimh.
I gcás ina léiríonn tríú tír, nó grúpa de thríú tíortha, don Choimisiún, ar bhonn sonraí iontaofa, go bhfuil meánfhachtóir astaíochta meascáin leictreachais nó fachtóir astaíochta CO2 foinsí socraithe praghsanna sa tríú tír nó sa ghrúpa de thríú tíortha níos ísle ná an luach réamhshocraithe d’astaíochtaí indíreacha, bunófar luach réamhshocraithe malartach bunaithe ar an meánfhachtóir astaíochta CO2 sin don tír sin nó don ghrúpa tíortha sin.
Glacfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2025, gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 7(7) chun sonrú breise a dhéanamh i dtaobh cé acu de na modhanna ríomha arna gcinneadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír a mbeidh feidhm acu maidir le ríomh luachanna réamhshocraithe. Chun na críche sin, bunóidh an Coimisiún é féin ar na sonraí is cothroime le dáta agus is iontaofa, lena n-áirítear sonraí a bhailítear le linn na hidirthréimhse, maidir le cainníocht an leictreachais a úsáidtear chun na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a tháirgeadh, chomh maith leis an tír thionscnaimh, foinse na giniúna agus na fachtóirí astaíochta a bhaineann leis an leictreachas sin. Cinnfear an modh ríomha sonrach ar bhonn an mhodha is iomchuí chun an dá chritéar seo a leanas a bhaint amach:
5. COINNÍOLLACHA MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM ASTAÍOCHTAÍ LEABAITHE IARBHÍR I LEICTREACHAS ALLMHAIRITHE
Féadfaidh dearbhóir SCCT údaraithe na hastaíochtaí leabaithe iarbhír a chur i bhfeidhm in ionad na luachanna réamhshocraithe le haghaidh an ríomha dá dtagraítear in Airteagal 7(3) má chomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas:
tá an méid leictreachais, a n-éilítear an úsáid astaíochtaí leabaithe iarbhír ina leith, cumhdaithe ag comhaontú ceannaigh cumhachta idir an dearbhóir SCCT údaraithe agus táirgeoir leictreachais atá lonnaithe i dtríú tír;
an tsuiteáil ina ngintear an leictreachas, tá sí nasctha go díreach le córas tarchurtha an Aontais nó is féidir a léiriú ag am an onnmhairithe nach raibh aon phlódú líonra fisiceach ag aon phointe sa líonra idir an tsuiteáil agus córas tarchurtha an Aontais;
ní astaíonn an tsuiteáil a tháirgeann leictreachas níos mó ná 550 gram CO2 de thionscnamh breosla iontaise in aghaidh na cileavatuaire leictreachais;
tá méid an leictreachais a n-éilítear na hastaíochtaí leabaithe iarbhír a úsáid ina leith sannta ar bhealach cinnte don acmhainn idirnasctha leithdháilte ag na hoibreoirí córas tarchurtha freagracha uile sa tír thionscnaimh, sa tír ceann scríbe agus, más ábhartha, i ngach tír idiriompair, agus is don tréimhse ama chéanna, tréimhse nach mbeidh níos faide ná uair an chloig, a thagraíonn an acmhainn ainmnithe agus an táirgeadh leictreachais ag an tsuiteáil;
tá comhlíonadh na gcritéar thuas deimhnithe ag fíoraitheoir creidiúnaithe, a gheobhaidh tuarascálacha eatramhacha gach mí ar a laghad ina dtabharfar léiriú ar an gcaoi a bhfuiltear ag comhlíonadh na gcritéar sin.
Déanfar méid carntha an leictreachais faoin gcomhaontú ceannaigh cumhachta agus a astaíochtaí leabaithe iarbhír comhfhreagracha a eisiamh ó ríomh fhachtóir astaíochta na tíre nó an fhachtóra astaíochta CO2 a úsáidtear chun críche astaíochtaí indíreacha leabaithe leictreachais in earraí a ríomh i gcomhréir le pointe 4.3, faoi seach.
6. COINNÍOLLACHA MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM ASTAÍOCHTAÍ LEABAITHE IARBHÍR I gCÁS ASTAÍOCHTAÍ INDÍREACHA
Féadfaidh dearbhóir SCCT údaraithe astaíochtaí leabaithe iarbhír a chur i bhfeidhm in ionad luachanna réamhshocraithe don ríomh dá dtagraítear in Airteagal 7(4) más féidir leis a léiriú go bhfuil nasc teicniúil díreach idir an tsuiteáil ina dtáirgtear an t-earra allmhairithe agus an fhoinse giniúna leictreachais nó má tá comhaontú ceannaigh cumhachta tugtha i gcrích ag oibreoir na suiteála sin le táirgeoir leictreachais atá lonnaithe i dtríú tír le haghaidh méid leictreachais atá coibhéiseach leis an méid a n-éilítear úsáid luacha shonraigh ina leith.
7. LUACHANNA RÉAMHSHOCRAITHE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 7(2) A OIRIÚNÚ DE RÉIR GNÉITHE RÉIGIÚN-SONRACHA
Is féidir luachanna réamhshocraithe a chur in oiriúint do limistéir agus réigiúin ar leith laistigh de thríú tíortha ina bhfuil saintréithe sonracha i réim maidir le fachtóirí astaíochta oibiachtúla. Nuair atá sonraí atá curtha in oiriúint do na saintréithe áitiúla sonracha sin ar fáil agus nuair is féidir luachanna réamhshocraithe níos spriocdhírithe a chinneadh, féadfar na luachanna réamhshocraithe sin a úsáid.
Maidir le dearbhóirí i leith earraí a tháirgtear i dtríú tír, i ngrúpa de thríú tíortha nó i réigiún laistigh de thríú tír, i gcás inar féidir leis na dearbhóirí sin, ar bhonn sonraí iontaofa, a léiriú gurb ísle na luachanna réamhshocraithe malartacha arna n-oiriúnú de réir gnéithe réigiún-sonracha ná na luachanna réamhshocraithe arna gcinneadh ag an gCoimisiún, féadfar na luachanna réamhshocraithe réigiún-sonracha sin a úsáid.
IARSCRÍBHINN V
Ceanglais leabharchoimeádta le haghaidh faisnéis a úsáidtear chun astaíochtaí leabaithe a ríomh chun críoch Airteagal 7(5)
1. NA SONRAÍ ÍOSTA NACH MÓR DO DHEARBHÓIR SCCT ÚDARAITHE A CHOINNEÁIL LE hAGHAIDH EARRAÍ ALLMHAIRITHE:
Sonraí lena sainaithnítear an dearbhóir SCCT údaraithe:
ainm;
uimhir chuntais SCCT.
Sonraí maidir le hearraí allmhairithe:
cineál agus cainníocht gach cineáil earraí;
an tír thionscnaimh;
na hastaíochtaí iarbhír nó na luachanna réamhshocraithe.
2. NA SONRAÍ ÍOSTA ATÁ LE COINNEÁIL AG DEARBHÓIR SCCT ÚDARAITHE LE hAGHAIDH ASTAÍOCHTAÍ LEABAITHE IN EARRAÍ ALLMHAIRITHE ARNA mBUNÚ AR NA hASTAÍOCHTAÍ IARBHÍR
Do gach cineál earraí allmhairithe a gcinntear astaíochtaí leabaithe ina leith bunaithe ar astaíochtaí iarbhír, coinneofar na sonraí breise seo a leanas:
sainaitheantas na suiteála inar táirgeadh na hearraí;
faisnéis teagmhála oibreoir na suiteála inar táirgeadh na hearraí;
na tuarascálacha fíorúcháin mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VI í;
sainastaíochtaí leabaithe na n-earraí;
an fhaisnéis agus an modh a úsáidtear chun na hastaíochtaí leabaithe a ríomh.
IARSCRÍBHINN VI
Prionsabail fíorúcháin agus inneachar tuarascálacha fíorúcháin chun críoch Airteagal 8
1. PRIONSABAIL AN FHÍORAITHE
Beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:
beidh dearcadh an sceipteachais ghairmiúil ag fíoraitheoirí agus iad ag déanamh na bhfíoruithe;
ní mheasfar na hastaíochtaí leabaithe iomlána a bheidh le dearbhú i ndearbhú SCCT a bheith fíoraithe ach amháin má aimsíonn an fíoraitheoir, le dearbhú réasúnta, go bhfuil an tuarascáil fíorúcháin saor ó mhíráitis ábhartha agus ó neamh-chomhréireachtaí ábhartha maidir le hastaíochtaí leabaithe a ríomh i gcomhréir le rialacha Iarscríbhinn IV;
beidh sé éigeantach go dtabharfaidh an fíoraitheoir cuairteanna ar an tsuiteáil ach amháin i gcás ina dtarscaoiltear ón éigeantas sin é trí bhíthin critéir shonracha a chomhlíonadh;
chun a chinneadh cé acu is ábhartha míráitis nó neamh-chomhréireachtaí, nó nach ábhartha, úsáidfidh an fíoraitheoir tairseacha a leagtar síos leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 8(3).
Maidir le paraiméadair nach gcinntear na tairseacha sin ina leith, bainfidh an fíoraitheoir úsáid as breithiúnas saineolach i dtaobh an bhfuil míráitis nó neamh-chomhréireachtaí, ina n-aonar nó nuair a dhéantar iad a chomhiomlánú le míráitis nó neamh-chomhréireachtaí eile, a bhfuil bonn cirt leo de bharr a méide agus a cineáil, le meas mar mhíráitis nó neamh-chomhréireachtaí ábhartha.
2. INNEACHAR NA TUARASCÁLA FÍORÚCHÁIN
Ullmhóidh an fíoraitheoir tuarascáil fíorúcháin ina suífear astaíochtaí leabaithe na n-earraí agus ina sonrófar na saincheisteanna go léir a bhaineann leis an obair a rinneadh agus ina n-áireofar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:
sainaitheantas na suiteálacha inar táirgeadh na hearraí;
faisnéis teagmhála oibreoir na suiteálacha inar táirgeadh na hearraí;
an tréimhse tuairiscithe is infheidhme;
ainm agus faisnéis teagmhála an fhíoraitheora;
uimhir chreidiúnaithe an fhíoraitheora, agus ainm an chomhlachta creidiúnaithe;
dáta na gcuairteanna ar na suiteálacha, más infheidhme, nó na cúiseanna nár tugadh cuairt ar an tsuiteáil;
cainníochtaí gach cineáil earraí dearbhaithe a táirgeadh sa tréimhse tuairiscithe;
cainníochtú astaíochtaí díreacha na suiteála le linn na tréimhse tuairiscithe;
tuairisc ar an gcaoi a sanntar astaíochtaí na suiteála do chineálacha éagsúla earraí;
faisnéis chainníochtúil faoi na hearraí, na hastaíochtaí agus na sreafaí fuinnimh nach mbaineann leis na hearraí sin;
i gcás earraí coimpléascacha:
cainníochtaí gach ábhar ionchuir (réamhtheachtaí) a úsáideadh;
na hastaíochtaí leabaithe sonracha a bhaineann le gach ceann de na hábhair ionchuir (réamhtheachtaithe) a úsáideadh;
sainaithint na suiteálacha inar táirgeadh an t-ábhar ionchuir (réamhtheachtaí) agus na hastaíochtaí iarbhír ó tháirgeadh an ábhair sin;
ráiteas an fhíoraitheora ina ndeimhnítear gurb é a bhreith nó a breith, le cinnteacht réasúnta, go bhfuil an tuarascáil saor ó mhíráitis ábhartha agus ó neamh-chomhréireachtaí ábhartha maidir le rialacha ríomha Iarscríbhinn IV;
faisnéis faoi mhíráitis ábhartha a aimsíodh agus a ceartaíodh;
faisnéis faoi neamh-chomhréireachtaí ábhartha leis na rialacha ríomha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a aimsíodh agus a ceartaíodh.
IARSCRÍBHINN VII
An tairseach mhais-bhunaithe aonair
1. Socrófar an tairseach mhais-bhunaithe aonair dá dtagraítear in Airteagal 2a ag 50 tona glanmhaise.
2. Chun críche Airteagal 2a(3), beidh feidhm ag an modheolaíocht seo a leanas:
|
|
arna roghnú ar bhealach go mbeidh
|
I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:
|
is é 99 % |
an sprioc-sciar d’astaíochtaí; |
|
is é |
an tairseach mhaise i dtonaí lenar féidir sprioc-sciar áirithe d’astaíochtaí a ghabháil; |
Astaíochtaí bliantúla in aghaidh an allmhaireora;
|
is é qi,j |
cainníocht na n-allmhairí i dtonaí ag an allmhaireoir i den chód AC j; |
|
is é Ji |
an líon cód AC arna n-allmhairiú ag an allmhaireoir i i measc na gceithre earnáil a chuirtear san áireamh (alúmanam, stroighin, leasacháin, iarann agus cruach); |
|
is é EIj |
an déine astaíochtaí le haghaidh chód AC j ( 8 ); |
|
Iomlán na n-astaiochtaí: |
iomlán na n-astaíochtaí CO2 ó na ceithre earnáil SCCT arna gcur san áireamh, is é sin suim na n-astaíochtaí comhfhreagracha le haghaidh na n-allmhaireoirí uile:
i gcás inarb é N an líon allmhaireoirí; |
|
|
cainníocht iomlán, i dtonaí, na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I arna n-allmhairiú ag an allmhaireoir i; |
is feidhm táscaire é atá cothrom le 1 i gcás
(is é sin, nuair atá cainníochtaí á n-allmhairiú ag allmhaireoir atá níos airde ná an tairseach mhaise
) - tá sé cothrom le 0 seachas sin.
Chun éiginnteacht maidir le hathruithe ar phatrúin trádála a ghabháil agus cuspóir comhshaoil an Rialacháin seo á choinneáil ar bun an tráth céanna, cuirtear corrlach 0,25 pointe céatadáin leis an sprioc-sciar thuas d’astaíochtaí.
Slánófar an tairseach mhais-bhunaithe aonair go dtí an deich is gaire.
( 1 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2015/2446/oj).
( 2 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1).
( 3 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha idirthréimhseacha uile-Aontais le haghaidh leithdháileadh saor in aisce comhchuibhithe liúntais astaíochtaí de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, 27.2.2019, lch. 8).
( 4 ) Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
( 5 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2830 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2023 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha a leagan síos maidir le huainiú, riarachán agus gnéithe eile a bhaineann le ceantáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L, 2023/2830, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2830/oj).
( 6 ) Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).
( 7 ) Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).
( 7 ) Tá an déine astaíochtaí Ej bunaithe ar na luachanna réamhshocraithe (gan uasmharcáil) le haghaidh astaíochtaí a fhoilsítear le haghaidh na hidirthréimhse. I gcás stroighne agus táirgí leasacháin, cuirtear astaíochtaí díreacha agus astaíochtaí indíreacha san áireamh; i gcás alúmanaim agus táirgí iarainn agus cruach, ní chuirtear ach astaíochtaí díreacha san áireamh. Maidir le nuashonruithe ar an tairseach mhais-bhunaithe aonair a dhéanfar amach anseo, socrófar na luachanna réamhshocraithe i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IV gan an uasmharcáil dá dtagraítear i bpointe 4.1 d’Iarscríbhinn IV.