02023R0955 — GA — 30.06.2024 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) 2023/955 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 (IO L 130 16.5.2023, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
TREOIR (AE) 2023/1791 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Meán Fómhair 2023 |
L 231 |
1 |
20.9.2023 |
|
RIALACHÁN (AE) 2023/955 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 10 Bealtaine 2023
lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060
CAIBIDIL I
Forálacha Ginearálta
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Bunaítear leis an Rialachán seo an Ciste Aeráide Sóisialta (“an Ciste”) don tréimhse ó 2026 go 2032.
Leis an gCiste, soláthrófar tacaíocht airgeadais do na Ballstáit le haghaidh na mbeart agus na n-infheistíochtaí a áirítear ina bPleananna Aeráide Sóisialta (“na Pleananna”).
Teaghlaigh, micrifhiontair agus úsáideoirí iompair, atá leochaileach agus dá ndéantar difear ar leith de bharr astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE, go háirithe teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh nó teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht iompair, bainfidh siad leas as na bearta agus na hinfheistíochtaí a dtacaíonn an Ciste leo.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “bochtaineacht fuinnimh” bochtaineacht fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (52), de Threoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );
ciallaíonn “bochtaineacht iompair” neamhábaltacht nó deacracht daoine aonair agus teaghlach na costais a bhaineann le hiompar príobháideach nó poiblí a sheasamh, nó easpa rochtana nó rochtain theoranta a bheith acu ar an iompar is gá ionas gur féidir leo rochtain a fháil ar sheirbhísí socheacnamaíocha bunriachtanacha agus gníomhaíochtaí socheacnamaíocha bunriachtanacha, agus an comhthéacs náisiúnta agus spásúil á chur san áireamh;
ciallaíonn “costais iomlána mheasta an Phlean” costais iomlána mheasta na mbeart agus na n-infheistíochtaí a áirítear sa Phlean;
ciallaíonn “leithdháileadh airgeadais” tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha faoin gCiste atá ar fáil lena leithdháileadh, nó a leithdháileadh, ar Bhallstát;
ciallaíonn “garsprioc” rud cáilíochtúil atá le baint amach agus a úsáidtear chun dul chun cinn a thomhas maidir le beart nó infheistíocht a bhaint amach;
ciallaíonn “sprioc” rud cainníochtúil atá le baint amach agus a úsáidtear chun dul chun cinn a thomhas maidir le beart nó infheistíocht a bhaint amach;
ciallaíonn “fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite” nó “fuinneamh inathnuaite” fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara fomhír, pointe (1), de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );
ciallaíonn “teaghlach” teaghlach príobháideach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (15), de Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );
ciallaíonn “micrifhiontar” fiontar a fhostaíonn níos lú ná 10 nduine agus nach sáraíonn a láimhdeachas bliantúil nó a gclár comhardaithe bliantúil EUR 2 mhilliún, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagail 3 go 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún ( 4 );
ciallaíonn “teaghlaigh leochaileacha” teaghlaigh faoi bhochtaineacht fuinnimh nó teaghlaigh, lena n-áirítear teaghlaigh ar ioncam íseal agus ar mheánioncam íseal, dá ndéantar difear suntasach mar gheall ar na tionchair a bhíonn ag praghsanna de bharr astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE agus nach bhfuil sé d’acmhainn acu an foirgneamh atá á áitiú acu a athchóiriú;
ciallaíonn “micrifhiontair leochaileacha” micrifhiontair dá ndéantar difear suntasach mar gheall ar na tionchair ar phraghsanna a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh nó iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE agus, chun críoch a ngníomhaíochta, nach bhfuil sé d’acmhainn acu an foirgneamh atá á áitiú acu a athchóiriú, nó feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle a cheannach nó athrú chuig modhanna iompair inbhuanaithe malartacha, lena n-áirítear iompar poiblí, de réir mar is ábhartha;
ciallaíonn “úsáideoirí iompair leochaileacha ” daoine aonair agus teaghlaigh faoi bhochtaineacht iompair, ach daoine aonair agus teaghlaigh freisin, lena n-áirítear iad sin ar ioncam íseal agus ar mheánioncam íseal, dá ndéantar difear suntasach mar gheall ar na tionchair ar phraghsanna a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE agus nach bhfuil sé d’acmhainn acu feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle a cheannach nó athrú chuig modhanna iompair inbhuanaithe malartacha, lena n-áirítear iompar poiblí;
ciallaíonn “athchóiriú foirgneamh” aon chineál athchóirithe foirgneamh a bhaineann le fuinneamh, a bhfuil sé d’aidhm aige feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú, amhail insliú imchlúdach an fhoirgnimh, is é sin le rá na ballaí, an díon, an t-urlár agus athsholáthar na bhfuinneog, agus córais theicniúla foirgneamh a shuiteáil, i gcomhréir le haon chaighdeáin sábháilteachta náisiúnta ábhartha, lena n-áirítear trí rannchuidiú leis na ceanglais athchóirithe a bhunaítear sa Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú);
ciallaíonn “córas teicniúil foirgnimh” an fearas teicniúil a bhíonn i bhfoirgneamh nó in aonad foirgnimh i gcomhair téamh spáis, fuarú spáis, aerála, uisce te tí, uathoibriú agus rialú foirgnimh, giniúint agus stóráil fuinnimh inathnuaite ar an láthair, nó meascán d’fhearas teicniúil den sórt sin, lena n-áirítear na córais sin a úsáideann fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite;
ciallaíonn “custaiméir gníomhach” custaiméir gníomhach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 );
ciallaíonn “pobal fuinnimh saoránach” pobal fuinnimh saoránach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “comhphobal fuinnimh inathnuaite” comhphobal fuinnimh inathnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (16), de Threoir (AE) 2018/2001;
ciallaíonn “trádáil fuinnimh inathnuaite idir piaraí” trádáil idir piaraí d’fhuinnimh inathnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18), de Threoir (AE) 2018/2001;
ciallaíonn “feithicil astaíochtaí nialasacha agus ísle” feithicil astaíochtaí nialasacha agus ísle mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (m), de Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ).
Airteagal 3
Cuspóirí
CAIBIDIL II
Pleananna Aeráide Sóisialta
Airteagal 4
Pleananna Aeráide Sóisialta
Áireofar sa Phlean bearta agus infheistíochtaí náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, bearta agus infheistíochtaí áitiúla agus réigiúnacha, i gcomhréir le hAirteagal 8, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
athchóiriú foirgneamh a dhéanamh, agus téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú, lena n-áirítear giniúint agus stóráil fuinnimh inathnuaite a chomhtháthú;
an glacadh atá le soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha agus ísle agus iompar astaíochtaí nialasacha agus ísle a mhéadú.
Airteagal 5
Comhairliúchán poiblí
Áiritheoidh gach Ballstát achoimre ar an méid seo a leanas ina Phlean:
an comhairliúchán arna dhéanamh de bhun mhír 1; agus
conas a léirítear ionchur na ngeallsealbhóirí a ghlac páirt sa chomhairliúchán sa Phlean.
Airteagal 6
Inneachar na bPleananna Aeráide Sóisialta
Leagfar amach na gnéithe seo a leanas sa Phlean:
bearta agus infheistíochtaí nithiúla i gcomhréir le hAirteagail 4 agus 8 chun na héifeachtaí dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír seo a laghdú, mar aon le míniú ar an gcaoi a gcuirfeadh na bearta agus na hinfheistíochtaí sin go héifeachtúil leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach laistigh de leagan amach foriomlán bheartais ábhartha an Bhallstáit;
i gcás inarb ábhartha, bearta tionlacain nithiúla atá comhleanúnach go frithpháirteach agus treisithe chun na bearta agus na hinfheistíochtaí a chur i gcrích agus na héifeachtaí dá dtagraítear i bpointe (d) a laghdú;
faisnéis faoi mhaoiniú beart agus infheistíochtaí, ar maoiniú é atá ann cheana nó atá beartaithe, ó fhoinsí eile de chuid an Aontais, ó fhoinsí eile idirnáisiúnta, ó fhoinsí eile poiblí nó, i gcás inarb ábhartha, ó fhoinsí eile príobháideacha a rannchuidíonn leis na bearta agus leis na hinfheistíochtaí a leagtar amach sa Phlean, lena n-áirítear faisnéis faoi thacaíocht ioncaim dhíreach shealadach;
meastachán ar na héifeachtaí dóchúla a bheadh ag an méadú ar phraghsanna mar thoradh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus ó iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE ar theaghlaigh, go háirithe ar mhinicíocht na bochtaineachta fuinnimh agus na bochtaineachta iompair, agus ar mhicrifhiontair; táthar le hanailís a dhéanamh ar na héifeachtaí sin ar an leibhéal críochach iomchuí mar atá sainithe ag gach Ballstát, agus sonraíochtaí agus gnéithe náisiúnta á gcur san áireamh, amhail rochtain ar iompar poiblí agus ar sheirbhísí bunúsacha, agus na limistéir is mó a ndéantar difear dóibh á sainaithint;
líon measta agus sainaithint na dteaghlach leochaileach, na micrifhiontar leochaileach agus na n-úsáideoirí iompair leochaileacha;
míniú ar an gcaoi a bhfuil na sainmhínithe ar bhochtaineacht fuinnimh agus ar bhochtaineacht iompair le cur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta;
i gcás ina bhforáiltear sa Phlean maidir le bearta dá dtagraítear in Airteagal 4(3), na critéir chun faighteoirí deiridh incháilithe a shainaithint, an teorainn ama a bheartaítear le haghaidh na mbeart atá i gceist agus an t-údar atá leo ar bhonn meastachán cainníochtúil agus míniú cáilíochtúil ar an gcaoi a bhfuiltear ag súil go laghdóidh na bearta sin bochtaineacht fuinnimh, bochtaineacht iompair agus a leochailí atá teaghlaigh i leith méadú ar phraghsanna breoslaí iompair de bhóthar agus breoslaí téimh;
na garspriocanna agus na spriocanna atá beartaithe agus tráthchlár táscach cuimsitheach maidir le cur chun feidhme na mbeart agus na n-infheistíochtaí atá le tabhairt i gcrích faoin 31 Iúil 2032;
i gcás inarb infheidhme, tráthchlár chun tacaíocht d’fheithiclí astaíochtaí ísle a laghdú de réir a chéile;
costais iomlána mheasta an Phlean, lena ngabhann údar agus mínithe iomchuí ar an gcaoi a bhfuil siad i gcomhréir le prionsabal na costéifeachtúlachta agus i gcomhréir leis an tionchar a mheastar a bheidh ag an bPlean;
an ranníocaíocht náisiúnta a bheartaítear le costais iomlána mheasta an Phlean, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 15;
cé is moite de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 4(3) den Rialachán seo, míniú ar an gcaoi a n-áirithítear leis an bPlean nach ndéanfadh aon cheann de na bearta ná na hinfheistíochtaí dochar suntasach do na cuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852;
na socruithe maidir leis an bhfaireachán éifeachtach agus leis an gcur chun feidhme éifeachtach a dhéanann an Ballstát lena mbaineann ar an bPlean, go háirithe na garspriocanna agus na spriocanna atá beartaithe, na comhtháscairí ábhartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV agus, mura bhfuil aon cheann de na táscairí sin ábhartha do bheart sonrach nó d’infheistíocht shonrach, táscairí aonair breise arna moladh ag an mBallstát lena mbaineann;
maidir le hullmhú an Phlean agus, i gcás ina bhfuil fáil air, maidir le cur chun feidhme an Phlean, achoimre ar an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 5;
míniú ar chóras an Bhallstáit chun calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú, agus úsáid á baint as na leithdháiltí airgeadais arna soláthar faoin gCiste, agus ar na socruithe a bhfuil sé mar aidhm leo cistiú dúbailte ón gCiste agus ó chláir eile de chuid an Aontais a sheachaint;
i gcás inarb infheidhme agus inarb ábhartha, míniú ar an gcaoi ar cuireadh san áireamh sa Phlean sainiúlachtaí geografacha, amhail oileáin, na réigiúin agus na críocha is forimeallaí, limistéir thuaithe nó iargúlta, ceantair imeallacha nach bhfuil rochtain mhaith orthu, limistéir shléibhtiúla nó limistéir atá tite ar gcúl;
i gcás inarb ábhartha, míniú ar an gcaoi a bhfuil sé mar aidhm leis na bearta agus na hinfheistíochtaí aghaidh a thabhairt ar neamhionannas inscne.
Beidh an Plean comhsheasmhach leis an bhfaisnéis a áirítear sna nithe seo a leanas agus leis na gealltanais a thug an Ballstát faoi na nithe seo a leanas:
Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta;
a chláir beartais chomhtháthaithe faoi Rialachán (AE) 2021/1060;
a phlean téarnaimh agus athléimneachta faoi Rialachán (AE) 2021/241;
a phlean athchóirithe foirgneamh faoin Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú);
a phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide cothrom le dáta faoi Rialachán (AE) 2018/1999; agus
a phleananna críochacha um aistriú cóir faoi Rialachán (AE) 2021/1056.
CAIBIDIL III
Tacaíocht ón gCiste le haghaidh Pleananna Aeráide Sóisialta
Airteagal 7
Na prionsabail lena rialaítear an Ciste
Ní íocfar tacaíocht airgeadais de bhun mhír 1 den Airteagal seo le gach Ballstát ach amháin ar choinníoll go mbainfidh an Ballstát sin amach na garspriocanna agus na spriocanna le haghaidh na mbeart agus na n-infheistíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán seo. Beidh na garspriocanna agus na spriocanna sin comhoiriúnach le spriocanna aeráide an Aontais agus an cuspóir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, agus cumhdófar leo go háirithe:
éifeachtúlacht fuinnimh;
athchóiriú foirgneamh;
soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha agus ísle agus iompar astaíochtaí nialasacha agus ísle;
laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa;
laghduithe ar líon na dteaghlach leochaileach, go háirithe teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh, líon na micrifhiontar leochaileach agus líon na n-úsáideoirí iompair leochaileacha.
Airteagal 8
Bearta agus infheistíochtaí incháilithe atá le háireamh sna Pleananna Aeráide Sóisialta
Féadfaidh an Ballstát na bearta agus na hinfheistíochtaí seo a leanas a bhfuil tionchair mharthanacha acu a áireamh i gcostais iomlána mheasta an Phlean, ar choinníoll go ndírítear iad ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha nó ar úsáideoirí iompair leochaileacha go príomha agus go bhfuil siad beartaithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
tacú le hathchóiriú foirgneamh, go háirithe do theaghlaigh leochaileacha agus do mhicrifhiontair leochaileacha atá sna foirgnimh is lú feidhmíochta, agus lena n-áirítear do thionóntaí agus do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta;
tacú le rochtain ar thithíocht inacmhainne atá tíosach ar fhuinneamh, lena n-áirítear tithíocht shóisialta;
rannchuidiú le dícharbónú a dhéanamh, amhail trí leictriú, ar théamh agus fuarú foirgneamh, agus ar chócaireacht iontu, trí rochtain a sholáthar ar chórais inacmhainne agus tíosach ar fhuinneamh, agus trí ghiniúint agus stóráil fuinnimh inathnuaite a chomhtháthú agus a stóráil, lena n-áirítear trí chomhphobail fuinnimh inathnuaite, pobail fuinnimh saoránach agus custaiméirí gníomhacha eile chun glacadh féintomhaltas fuinnimh inathnuaite a chur chun cinn, amhail comhroinnt fuinnimh agus trádáil fuinnimh inathnuaite idir piaraí, nascadh le heangacha cliste agus le gréasáin téimh ceantair, a rannchuidíonn le coigilteas fuinnimh a bhaint amach nó le bochtaineacht fuinnimh a laghdú;
faisnéis, oideachas, feasacht agus comhairle spriocdhírithe, inrochtana agus inacmhainne a sholáthar maidir le bearta agus infheistíochtaí costéifeachtacha, tacaíocht atá ar fáil d’athchóirithe foirgneamh agus éifeachtúlacht fuinnimh, chomh maith le roghanna eile soghluaisteachta agus iompair atá inbhuanaithe agus inacmhainne;
tacú le heintitis phoiblí agus phríobháideacha, lena n-áirítear soláthraithe tithíochta sóisialta, go háirithe comharchumainn phoiblí–phríobháideacha, chun réitigh inacmhainne éifeachtúlachta fuinnimh agus ionstraimí cistiúcháin iomchuí a fhorbairt agus a sholáthar i gcomhréir le spriocanna sóisialta an Chiste;
rochtain ar fheithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle agus ar rothair a sholáthar, agus neodracht theicneolaíoch á coinneáil ag an am céanna, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais nó dreasachtaí fioscacha chun iad a cheannach, agus le haghaidh bonneagar poiblí agus príobháideach iomchuí, go háirithe, i gcás inarb ábhartha, feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle a cheannach, bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslúcháin agus margadh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle athláimhe a fhorbairt; beidh sé mar aidhm ag na Ballstáit a áirithiú, i gcás inar réiteach inacmhainne agus in-imscartha iad feithiclí astaíochtaí nialasacha, go dtugtar tosaíocht ina bPleananna do thacaíocht d’fheithiclí den sórt sin;
úsáid iompair phoiblí atá inacmhainne agus inrochtana a dhreasú agus tacú le heintitis phríobháideacha agus phoiblí, lena n-áirítear comharchumainn, chun soghluaisteacht inbhuanaithe ar éileamh, seirbhísí soghluaisteachta comhroinnte agus roghanna soghluaisteachta gníomhacha a fhorbairt agus a sholáthar.
Airteagal 9
Tairbhí a chur ar aghaidh chuig teaghlaigh, micrifhiontair agus úsáideoirí iompair
Airteagal 10
Acmhainní an Chiste
Na méideanna bliantúla a leithdháiltear ar an gCiste, laistigh de theorainn an uasmhéid a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo, ní bheidh siad níos mó ná na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 30d(4), an ceathrú fomhír, de Threoir 2003/87/CE.
I gcás ina gcuirtear an córas trádála astaíochtaí a bunaíodh i gcomhréir le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE ar atráth go dtí 2028 de bhun Airteagal 30k den Treoir sin, is é EUR 54 600 000 000 a bheidh san uasmhéid atá le cur ar fáil don Chiste, agus ní rachaidh na méideanna bliantúla a leithdháiltear ar an gCiste thar na méideanna faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 30d(4), an cúigiú fomhír, de Threoir 2003/87/CE.
Airteagal 11
Acmhainní ó chláir faoi bhainistíocht roinnte, agus acmhainní chuig na cláir sin, agus úsáid acmhainní
Airteagal 12
Cur chun feidhme
Is é an Coimisiún a chuirfidh an Ciste chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir leis na rialacha ábhartha arna nglacadh de bhun Airteagal 322 CFAE, go háirithe Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.
Airteagal 13
Breisíocht agus cistiú forlíontach
Airteagal 14
An leithdháileadh airgeadais uasta
Airteagal 15
Ranníocaíocht náisiúnta leis na costais iomlána mheasta
Déanfaidh na Ballstáit 25 % ar a laghad de chostais iomlána mheasta a bPleananna a ranníoc.
Airteagal 16
Measúnú ón gCoimisiún
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an Phlean, agus dúshláin shonracha agus leithdháileadh airgeadais an Bhallstáit á gcur san áireamh, mar a leanas:
chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:
cé acu atá nó nach bhfuil an Plean ina fhreagairt leordhóthanach ar an tionchar sóisialta ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha, go háirithe teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh nó teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht iompair, agus ar na dúshláin atá rompu sa Bhallstát lena mbaineann, de bharr astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus ó iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE, agus aird chuí á tabhairt ar na dúshláin a shainaithnítear sna measúnuithe ón gCoimisiún ar thabhairt cothrom le dáta phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide an Bhallstáit lena mbaineann agus ar an dul chun cinn atá déanta ag an mBallstát sin de bhun Airteagal 9(3), agus Airteagail 13 agus 29 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus sna moltaí ón gCoimisiún do na Ballstáit a eisítear de bhun Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1999 i bhfianaise spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais do 2030 agus chuspóir fadtéarmach an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050 ar a dhéanaí;
an bhfuiltear ag súil go n-áiritheofar leis an bPlean nach ndéanfaidh na bearta agus na hinfheistíochtaí a áirítear sa Phlean dochar suntasach do na cuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 agus an gcuidíonn an Plean le spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú;
cibé acu atá nó nach bhfuil bearta agus infheistíochtaí sa Phlean a rannchuidíonn leis an aistriú glas, lena n-áirítear chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta agus ar na dúshláin a eascraíonn as sin agus go háirithe le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais do 2030 a bhaint amach agus le cuspóir fadtéarmach an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050 ar a dhéanaí agus garspriocanna 2030 de Straitéis an Aontais um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste;
chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:
cibé an meastar go mbeidh tionchar buan sa Bhallstát ar na dúshláin a dtugann an Plean sin aghaidh orthu, i gcomhréir le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais do 2030 agus le cuspóir fadtéarmach an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050 ar a dhéanaí, agus go háirithe ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha, go háirithe teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh nó teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht iompair;
cibé an meastar go n-áiritheofar leis na socruithe arna moladh ag an mBallstát go ndéanfar faireachán agus cur chun feidhme éifeachtach ar an bPlean, lena n-áirítear an tráthchlár, na garspriocanna agus na spriocanna a bheartaítear, agus na táscairí gaolmhara;
cibé an bhfuil na bearta agus na hinfheistíochtaí arna moladh ag an mBallstát comhsheasmhach agus i gcomhréir le ceanglais na Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (athmhúnlú), Threoir (AE) 2018/2001, an Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha, agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Threoir (AE) 2009/33 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ) agus Threoir 2010/31/AE; agus
cibé an gcothaíonn na bearta agus na hinfheistíochtaí atá arna moladh ag an mBallstát comhlántacht, sineirge, comhleanúnachas agus comhsheasmhacht le hionstraimí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 6(3);
chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:
cé acu atá nó nach bhfuil an t-údar arna sholáthar ag an mBallstát maidir le méid chostais iomlána mheasta an Phlean réasúnta agus inchreidte agus cé acu atá nó nach bhfuil sé i gcomhréir le prionsabal na costéifeachtúlachta agus i gcomhréir leis an tionchar náisiúnta eacnamaíoch agus sóisialta a mheastar a bheidh ann, agus sonraíochtaí náisiúnta a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar na costais dá bhforáiltear sa Phlean á gcur san áireamh freisin;
cé acu atáthar nó nach bhfuiltear ag dréim leis go ndéanfaidh na socruithe arna moladh ag an mBallstát coinbhleachtaí leasa, éilliú agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú agus úsáid á baint as an leithdháileadh airgeadais a sholáthraítear faoin gCiste, lena n-áirítear na socruithe sin a bhfuil sé mar aidhm leo cistiú dúbailte ón gCiste agus ó chláir eile de chuid an Aontais a sheachaint;
cé acu atá nó nach bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna arna moladh ag an mBallstát éifeachtach i bhfianaise raon feidhme, chuspóirí agus ghníomhaíochtaí incháilithe an Chiste;
chun measúnú a dhéanamh ar chomhleanúnachas, cuirfidh an Coimisiún san áireamh cibé acu atá nó nach bhfuil bearta agus infheistíochtaí sa Phlean a léiríonn gníomhaíochtaí comhleanúnacha.
Airteagal 17
Cinneadh ón gCoimisiún
I gcás ina ndéanann an Coimisiún measúnú dearfach ar Phlean, leagfar amach an méid seo a leanas sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1:
na bearta agus na hinfheistíochtaí atá le cur chun feidhme ag an mBallstát, méid chostais iomlána mheasta an Phlean, agus na garspriocanna agus spriocanna;
an leithdháileadh airgeadais uasta a leithdháiltear i gcomhréir le hAirteagal 14(1) atá le híoc i dtráthchodanna, i gcomhréir le hAirteagal 20, a luaithe a bhainfidh an Ballstát amach go sásúil na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha arna sainaithint maidir le cur chun feidhme an Phlean;
an ranníocaíocht náisiúnta;
na socruithe agus an tráthchlár i ndáil le faireachán a dhéanamh ar an bPlean agus i ndáil leis an bPlean a chur chun feidhme, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, na bearta is gá chun Airteagal 21 a chomhlíonadh;
na táscairí ábhartha a bhaineann le baint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna a bheartaítear; agus
na socruithe chun rochtain ar na bunsonraí ábhartha a sholáthar don Choimisiún.
Is mar seo a leanas a shocrófar méid an leithdháilte airgeadais uasta dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), den Airteagal seo:
i gcás ina gcomhlíonann an Plean go sásúil na critéir a leagtar amach in Airteagal 16(3), agus go bhfuil méid chostais iomlána mheasta an Phlean lúide an ranníocaíocht náisiúnta comhionann leis an leithdháileadh airgeadais uasta le haghaidh an Bhallstáit sin dá dtagraítear in Airteagal 14(1), nó níos airde, beidh an leithdháileadh airgeadais a leithdháiltear ar an mBallstát comhionann le méid iomlán an leithdháilte airgeadais uasta dá dtagraítear in Airteagal 14(1);
i gcás ina gcomhlíonann an Plean go sásúil na critéir a leagtar amach in Airteagal 16(3), agus ina bhfuil méid chostais iomlána mheasta an Phlean lúide an ranníocaíocht náisiúnta níos ísle ná an leithdháileadh airgeadais uasta le haghaidh an Bhallstáit sin dá dtagraítear in Airteagal 14(1), beidh an leithdháileadh airgeadais a leithdháiltear ar an mBallstát comhionann le méid chostais iomlána mheasta an Phlean lúide an ranníocaíocht náisiúnta;
i gcás ina gcomhlíonann an Plean go sásúil na critéir a leagtar amach in Airteagal 16(3), ach ina sainaithnítear sa mheasúnú go bhfuil laigí sna córais rialaithe inmheánaigh, féadfaidh an Coimisiún a éileamh go ndéanfaí bearta breise chun aghaidh a thabhairt ar na laigí sin a áireamh sa Phlean agus go mbainfeadh an Ballstát amach iad roimh an gcéad íocaíocht;
i gcás nach gcomhlíonann an Plean go sásúil na critéir a leagtar amach in Airteagal 16(3), ní leithdháilfear aon leithdháileadh airgeadais ar an mBallstát.
Airteagal 18
Leasú ar Phleananna Aeráide Sóisialta
Airteagal 19
Gealltanas an leithdháilte airgeadais
Airteagal 20
Rialacha maidir le híocaíochtaí agus maidir le comhaontuithe a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh i ndáil le leithdháiltí airgeadais
Ní chuirfear an fhionraí i leataobh ach amháin i gcás ina bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna bainte amach go sásúil a leagtar amach sa chinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 17.
Airteagal 21
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
Leis na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 19, forálfar go mbeidh na hoibleagáidí seo a leanas ar na Ballstáit:
a sheiceáil go rialta go ndearnadh an maoiniú a sholáthraítear a úsáid mar is ceart i gcomhréir leis na rialacha uile is infheidhme agus gur cuireadh aon bheart nó infheistíocht faoin bPlean chun feidhme i gceart i gcomhréir leis na rialacha uile is infheidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann le calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú;
bearta iomchuí a dhéanamh chun calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa mar a shainítear in Airteagal 61 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus a ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais leo a chosc, a bhrath agus a cheartú agus caingean dlí a dhéanamh chun cistí a míleithreasaíodh a aisghabháil, lena n-áirítear i ndáil le haon bheart nó infheistíocht a cuireadh chun feidhme faoin bPlean;
an méid seo a leanas a chur le haon iarraidh ar íocaíocht:
dearbhú bainistíochta gur úsáideadh na leithdháiltí airgeadais chun na críche a beartaíodh dóibh, go bhfuil an fhaisnéis a tíolacadh in éineacht leis an iarraidh ar íocaíocht iomlán, cruinn agus iontaofa agus go dtugann na córais rialaithe inmheánaigh a cuireadh ar bun na dearbhuithe is gá go ndearnadh na leithdháiltí airgeadais a bhainistiú i gcomhréir leis na rialacha uile is infheidhme, go háirithe na rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a sheachaint, calaois a chosc, éilliú agus cistiú dúbailte ón gCiste agus ó chláir eile de chuid an Aontais i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais; agus
achoimre ar na hiniúchtaí a rinneadh i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh go hidirnáisiúnta leo, lena n-áirítear raon feidhme na n-iniúchtaí sin ó thaobh an mhéid caiteachais a chumhdaítear agus na tréimhse ama a chumhdaítear agus anailís ar na laigí a sainaithníodh agus ar aon ghníomh ceartaitheach a rinneadh;
chun críoch iniúchta agus rialaithe agus chun faisnéis inchomparáide a sholáthar ar úsáid leithdháiltí airgeadais i ndáil le bearta agus infheistíochtaí a cuireadh chun feidhme faoin bPlean, na catagóirí caighdeánaithe sonraí seo a leanas a bhailiú, a thaifeadadh, agus a stóráil i gcóras leictreonach agus rochtain orthu a áirithiú:
ainm fhaighteoirí deiridh na leithdháiltí airgeadais, a n-uimhreacha cláraithe CBL nó uimhreacha aitheantais chánach agus méid na leithdháiltí airgeadais ón gCiste;
ainm an chonraitheora nó na gconraitheoirí agus an fhochonraitheora nó na bhfochonraitheoirí agus a n-uimhir chláraithe CBL nó a n-uimhreacha cláraithe CBL nó a n-uimhir nó uimhreacha aitheantais chánach agus luach an chonartha nó na gconarthaí i gcás inarb údarás conarthach faighteoir deiridh na leithdháiltí airgeadais i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le soláthar poiblí nó leis an dlí náisiúnta maidir le soláthar poiblí;
céadainm nó céadainmneacha, sloinne nó sloinnte, dáta nó dátaí breithe agus uimhir chláraithe CBL nó uimhreacha cláraithe CBL nó uimhir nó uimhreacha aitheantais chánach úinéir tairbhiúil nó úinéirí tairbhiúla fhaighteoir na leithdháiltí airgeadais nó an chonraitheora, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6), de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 );
liosta d’aon bhearta agus infheistíochtaí a cuireadh chun feidhme faoin gCiste le méid iomlán chistiú poiblí na mbeart agus na n-infheistíochtaí sin agus lena léirítear méid na gcistí a íocadh faoi chistí eile a maoiníodh as buiséad an Aontais;
údarú a thabhairt go sainráite don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, a gcearta a fheidhmiú mar a fhoráiltear le hAirteagal 129(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus oibleagáidí a fhorchur ar fhaighteoirí deiridh uile na leithdháiltí airgeadais arna n-íoc chun na bearta agus na hinfheistíochtaí a áirítear sa Phlean a chur chun feidhme, nó ar gach duine nó eintiteas eile atá bainteach lena gcur chun feidhme, údarú a thabhairt go sainráite don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb infheidhme, do OIPE a gcearta a fheidhmiú mar a fhoráiltear le hAirteagal 129(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus oibleagáidí comhchosúla a fhorchur ar gach faighteoir deiridh cistí arna n-eisíoc;
taifid a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 132 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, arb é an pointe tagartha an t-idirbheart íocaíochta a bhaineann leis an mbeart nó leis an infheistíocht faoi seach.
Ní bheidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (d)(ii) den chéad fhomhír den Airteagal seo de dhíth ach amháin i gcás ina mbeidh luach an tsoláthair phoiblí níos mó ná tairseacha an Aontais a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ). Maidir le fochonraitheoirí, ní bheidh an fhaisnéis sin de dhíth ach amháin sna cásanna seo a leanas:
don chéad leibhéal fochonraitheoireachta;
i gcás ina dtaifeadtar an fhaisnéis sin maidir leis an gconraitheoir faoi seach; agus
i gcás fochonarthaí ar mó a luach iomlán ná EUR 50 000 .
Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na haisghabhála agus an laghdaithe, déanfaidh an Coimisiún prionsabal na comhréireachta a urramú agus cuirfidh sé san áireamh a thromchúisí atá an chalaois, an t-éilliú agus an choinbhleacht leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nó do shárú ar oibleagáid. Tabharfaidh an Coimisiún an deis don Bhallstát a chuid barúlacha a chur i láthair sula ndéantar an laghdú.
CAIBIDIL IV
Comhlántacht, faireachán agus meastóireacht
Airteagal 22
Comhordú agus comhlántacht
Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit lena mbaineann, ar bhealach a bheidh i gcomhréir lena gcuid freagrachtaí faoi seach, sineirgí a chothú agus comhordú éifeachtach a áirithiú idir an Ciste agus cláir agus ionstraimí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 6(3) den Rialachán seo, agus an Ciste don Nuachóiriú faoi Airteagal 10d de Threoir 2003/87/CE. Chun na críche sin, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:
a áirithiú go bhfuil comhlántacht, sineirge, comhleanúnachas agus comhsheasmhacht idir ionstraimí éagsúla ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal áitiúil nó ar an leibhéal réigiúnach, le linn chéim na pleanála agus le linn chéim an chur chun feidhme;
sásraí comhordúcháin a bharrfheabhsú chun athobair a sheachaint; agus
dlúthchomhar a áirithiú idir iad siúd atá freagrach as an gcur chun feidhme agus an rialú ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal áitiúil nó ar an leibhéal réigiúnach chun cuspóirí an Chiste a bhaint amach.
Airteagal 23
Faisnéis, cumarsáid agus infheictheacht
Airteagal 24
Faireachán ar chur chun feidhme
Airteagal 25
Trédhearcacht
Airteagal 26
Idirphlé aeráide sóisialta
Chun an t-idirphlé idir institiúidí an Aontais a fheabhsú, go háirithe idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún, agus chun tuilleadh trédhearcachta agus cuntasachta a áirithiú, féadfaidh coistí inniúla Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún 2 uair in aghaidh na bliana na hábhair seo a leanas a phlé:
na Pleananna arna dtíolacadh ag na Ballstáit;
an measúnú a dhéanann an Coimisiún ar na Pleananna arna dtíolacadh ag na Ballstáit;
stádas maidir le baint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna a leagtar amach sna Pleananna arna dtíolacadh ag na Ballstáit;
nósanna imeachta maidir le híocaíocht, fionraí agus foirceannadh, lena n-áirítear aon bharúil a chuirtear i láthair agus aon bhearta feabhais a dhéanann na Ballstáit chun a áirithiú go mbaintear amach go sásúil na garspriocanna agus na spriocanna a leagtar amach sna Pleananna arna dtíolacadh acu.
CAIBIDIL V
Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 27
Meastóireacht agus athbhreithniú ar an gCiste
Sa tuarascáil mheastóireachta dá dtagraítear i mír 1, déanfar measúnú ar an méid seo, go háirithe:
a mhéid a baineadh amach cuspóirí an Chiste a leagtar amach in Airteagal 3, éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus breisluach an Aontais;
ar bhonn tír ar thír, éifeachtúlacht na mbeart agus na n-infheistíochtaí agus úsáid na tacaíochta ioncaim dírí i bhfianaise bhaint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna a leagtar amach sna Pleananna;
an chaoi a gcuirtear na sainmhínithe ar bhochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht iompair i bhfeidhm sna Ballstáit, bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (f), agus an bhfuil gá le leasuithe ar na sainmhínithe sin;
ábharthacht leanúnach na gcuspóirí uile, agus na mbeart agus na n-infheistíochtaí a leagtar amach in Airteagal 8 den Rialachán seo i bhfianaise an tionchair ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bharr astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE agus de bharr na mbeart náisiúnta a rinneadh chun na laghduithe ceangailteacha bliantúla ar astaíochtaí gás ceaptha ag na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 13 ) chomh maith le hábharthacht leanúnach an ioncaim shannta i ndáil le forbairtí a d’fhéadfaí a dhéanamh maidir le lamháltais a cheantáil faoin gcóras trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh, iompar de bhóthair agus earnálacha breise de bhun Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE agus breithnithe ábhartha eile.
Airteagal 28
Leasú ar Rialachán (AE) 2021/1060
Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach i Rialachán (AE) 2021/1060:
“Airteagal 26a
Acmhainní arna n-aistriú ón gCiste Aeráide Sóisialta
Airteagal 29
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 30 Meitheamh 2024, an dáta faoina bhfuil na Ballstáit leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá a thabhairt i bhfeidhm chun Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 ) lena leasaítear Treoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE a chomhlíonadh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
Modheolaíocht chun an leithdháileadh airgeadais uasta a ríomh do gach Ballstát faoin gCiste de bhun Airteagal 14
Leagtar amach san Iarscríbhinn seo an mhodheolaíocht chun an leithdháileadh airgeadais uasta atá ar fáil do gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 14 a ríomh.
Leis an modheolaíocht cuirtear na hathróga seo a leanas san áireamh maidir le gach Ballstát:
Bunaítear an leithdháileadh airgeadais uasta a dhéanann Ballstát faoin gCiste (MFAi) mar a leanas:
Mar a bhfuil:
Is ionann an t-uasmhéid (MA) chun an Ciste a chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 10(1) agus α i agus sciar Bhallstát i san uasmhéid, arna chinneadh ar bhonn na gcéimeanna seo a leanas:
Agus
fi = 1 if
; fi = 2,5 if
Mar a bhfuil, i gcás gach Ballstáit i:
rural pop i an daonra atá i mbaol bochtaineachta ar a bhfuil cónaí i gceantair thuaithe Bhallstát i;
rural pop EU suim an daonra atá i mbaol bochtaineachta ar a bhfuil cónaí i gceantair thuaithe Bhallstáit AE-27;
pop i daonra Bhallstát i;
pop EU suim dhaonra Bhallstáit AE-27;
HCO2 i na hastaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó dhóchán breosla ag teaghlaigh Bhallstát i;
HCO2 EU suim na n-astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó dhóchán breosla ag teaghlaigh Bhallstáit AE-27;
arrears i an céatadán de theaghlaigh atá i mbaol na bochtaineachta le riaráistí ar bhillí fóntais Bhallstát i;
arrears EU an céatadán de theaghlaigh atá i mbaol na bochtaineachta le riaráistí ar bhillí fóntais AE-27;
OIN per capita Bhallstát i;
OIN per capita AE-27.
Déantar βi
na mBallstát sin ag a bhfuil OIN per capita faoi bhun luach AE-27 agus gurb é
an chomhpháirt íosta lena n-aghaidh a choigeartú go comhréireach chun a áirithiú gurb ionann suim βi
le haghaidh gach Ballstáit agus 100 %. Déantar gach λi
a choigeartú go comhréireach chun a áirithiú gurb ionann a suim agus 100 %.
I gcás na mBallstát uile, ní féidir le αi a bheith níos ísle ná 0,07 % den uasmhéid dá dtagraítear in Airteagal 10(1). Déantar α i na mBallstát uile ag a bhfuil α i os cionn 0,07 % a choigeartú go comhréireach chun a áirithiú gurb ionann suim gach α i agus 100 %.
I gcás na mBallstát ag a bhfuil OIN per capita faoi bhun 90 % de luach AE-27, ní fhéadfaidh α i a bheith níos ísle ná an sciar d’astaíochtaí tagartha faoi Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2018/842 le haghaidh na bhfoinsí astaíochtaí 1A3b, 1A4a agus 1A4b, mar a bhunaítear i dTreoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa don mheán don tréimhse 2016/2018, arna athbhreithniú go cuimsitheach de bhun Airteagal 4(3) den Rialachán sin. Déantar α i na mBallstát ag a bhfuil OIN per capita os cionn luach AE-27 a choigeartú go comhréireach chun a áirithiú gurb ionann suim gach α i agus 100 %.
IARSCRÍBHINN II
An leithdháileadh airgeadais uasta do gach Ballstát faoin gCiste de bhun Airteagail 10 agus 14
Nuair a chuirtear an mhodheolaíocht in Iarscríbhinn I i bhfeidhm ar na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 10(1) is é an toradh a bhíonn air ná an sciar seo a leanas agus an leithdháileadh airgeadais uasta do gach Ballstát.
Cumhdófar aon mhéid a thiocfaidh de thoradh Airteagal 10(3) laistigh de theorainneacha an leithdháilte airgeadais uasta do gach Ballstát ar bhonn pro rata.
|
An leithdháileadh airgeadais uasta in aghaidh an Bhallstáit |
|||
|
Ballstát |
Sciar mar % den iomlán |
IOMLÁN 2026-2032 (in EUR, praghsanna reatha) |
|
|
De bhun Airteagal 10(1), an chéad fhomhír agus an dara fomhír |
De bhun Airteagal 10(1), an tríú fomhír |
||
|
An Bheilg |
2,55 |
1 659 606 425 |
1 394 069 397 |
|
An Bhulgáir |
3,85 |
2 499 490 282 |
2 099 571 836 |
|
An tSeicia |
2,40 |
1 562 617 717 |
1 312 598 882 |
|
An Danmhairg |
0,50 |
324 991 338 |
272 992 724 |
|
An Ghearmáin |
8,18 |
5 317 778 511 |
4 466 933 949 |
|
An Eastóin |
0,29 |
186 244 570 |
156 445 439 |
|
Éire |
1,02 |
663 390 868 |
557 248 329 |
|
An Ghréig |
5,52 |
3 586 843 608 |
3 012 948 631 |
|
An Spáinn |
10,52 |
6 837 784 631 |
5 743 739 090 |
|
An Fhrainc |
11,19 |
7 276 283 944 |
6 112 078 513 |
|
An Chróit |
1,94 |
1 263 071 899 |
1 060 980 395 |
|
An Iodáil |
10,81 |
7 023 970 924 |
5 900 135 577 |
|
An Chipir |
0,20 |
131 205 466 |
110 212 591 |
|
An Laitvia |
0,71 |
463 676 528 |
389 488 284 |
|
An Liotuáin |
1,02 |
664 171 367 |
557 903 948 |
|
Lucsamburg |
0,10 |
66 102 592 |
55 526 177 |
|
An Ungáir |
4,33 |
2 815 968 174 |
2 365 413 267 |
|
Málta |
0,07 |
45 500 000 |
38 220 000 |
|
An Ísiltír |
1,11 |
720 463 632 |
605 189 451 |
|
An Ostair |
0,89 |
578 936 189 |
486 306 399 |
|
An Pholainn |
17,60 |
11 439 026 446 |
9 608 782 215 |
|
An Phortaingéil |
1,88 |
1 223 154 017 |
1 027 449 374 |
|
An Rómáin |
9,25 |
6 012 677 290 |
5 050 648 923 |
|
An tSlóivéin |
0,55 |
357 971 733 |
300 696 256 |
|
An tSlóvaic |
2,35 |
1 530 553 074 |
1 285 664 582 |
|
An Fhionlainn |
0,54 |
348 132 328 |
292 431 155 |
|
An tSualainn |
0,62 |
400 386 447 |
336 324 616 |
|
AE27 |
100 % |
65 000 000 000 |
54 600 000 000 |
IARSCRÍBHINN III
Príomhcheanglais le haghaidh chóras rialaithe inmheánaigh an Bhallstáit
1. Soláthróidh an Ballstát córas rialaithe inmheánaigh a bheidh éifeachtach agus éifeachtúil, i gcomhréir lena chreat institiúideach, dlíthiúil agus airgeadais, lena gcuimseofar deighilt feidhmeanna agus socruithe tuairiscithe, maoirseachta agus faireacháin.
Áirítear leis sin:
ainmniú na n-údarás ar a gcuirtear de chúram an Plean Aeráide Sóisialta a chur chun feidhme agus na freagrachtaí agus feidhmeanna gaolmhara a leithdháileadh;
ainmniú an údaráis nó na n-údarás ar a bhfuil freagracht as an dearbhú bainistíochta a ghabhann leis na hiarrataí ar íocaíocht a shíniú;
nósanna imeachta lena n-áiritheofar go bhfaighidh an t-údarás nó na húdaráis sin dearbhú maidir le baint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna a leagtar amach sa Phlean, agus go ndearnadh na cistí a bhainistiú i gcomhréir le gach riail is infheidhme, go háirithe rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a sheachaint, calaois a chosc, éilliú agus cistiú dúbailte;
deighilt iomchuí idir feidhmeanna bainistíochta agus iniúchóireachta.
2. Déanfaidh an Ballstát bearta frithchalaoise agus frithéillithe a chur chun feidhme go héifeachtach, chomh maith le haon bheart is gá chun coinbhleacht leasa a sheachaint go héifeachtach.
Áirítear leis sin:
bearta iomchuí i ndáil le calaois, éilliú agus coinbhleacht leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú, chomh maith le cistiú dúbailte a sheachaint agus caingne dlí a ghlacadh chun cistí a rinneadh a mhíleithreasú a aisghabháil;
measúnú riosca maidir le calaois agus bearta maolaithe frithchalaoise iomchuí a shainiú.
3. Coinneoidh an Ballstát nósanna imeachta ar bun chun an dearbhú bainistíochta agus an achoimre ar na hiniúchtaí arna ndéanamh ar leibhéal náisiúnta a tharraingt suas.
Áirítear leis sin:
nós imeachta éifeachtach chun an dearbhú bainistíochta a tharraingt suas, tuairisc a thabhairt ar an achoimre ar na hiniúchtaí agus an fhaisnéis bhunúsach a choimeád don rian iniúchóireachta;
nósanna imeachta éifeachtacha chun a áirithiú go ndéantar gach cás calaoise, éillithe agus coinbhleachta leasa a thuairisciú agus a cheartú i gceart trí aisghabhálacha.
4. Chun an fhaisnéis is gá a chur ar fáil, áiritheoidh an Ballstát go ndéanfar fíoruithe bainistíochta iomchuí, lena n-áirítear nósanna imeachta chun baint amach garspriocanna agus spriocanna a sheiceáil chomh maith le prionsabail ghinearálta na bainistíochta fónta airgeadais a chomhlíonadh.
Áirítear leis sin:
fíoruithe bainistíochta iomchuí trína ndéanfaidh údaráis cur chun feidhme seiceáil ar bhaint amach gharspriocanna agus spriocanna an chiste (e.g. athbhreithnithe deisce, seiceálacha ar an láthair);
fíoruithe bainistíochta iomchuí trína ndéanfaidh na húdaráis cur chun feidhme seiceáil nach ann do neamhrialtachtaí tromchúiseacha, eadhon calaois, éilliú agus coinbhleacht leasa, agus cistiú dúbailte (e.g. athbhreithnithe deisce, seiceálacha ar an láthair).
5. Déanfaidh an Ballstát iniúchtaí leordhóthanacha agus neamhspleácha ar chórais agus oibríochtaí i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta.
Áirítear leis sin:
ainmniú an chomhlachta/na gcomhlachtaí a dhéanfaidh na hiniúchtaí ar chórais agus oibríochtaí agus an chaoi a ndéantar neamhspleáchas feidhmiúil an chomhlachta/na gcomhlachtaí siúd a áirithiú;
leithdháileadh acmhainní leordhóthanacha don chomhlacht/do na comhlachtaí seo chun críche an Chiste;
an comhlacht/na comhlachtaí ag dul i ngleic go héifeachtach le riosca calaoise, éillithe, coinbhleacht leasa agus cistiú dúbailte trí iniúchtaí córais agus iniúchtaí ar oibríochtaí.
6. Coinneoidh an Ballstát córas éifeachtach ar bun chun a áirithiú go gcoimeádfar an fhaisnéis agus na doiciméid go léir is gá chun críocha an riain iniúchóireachta.
Áirítear leis sin:
sonraí faoi fhaighteoirí deiridh na mbeart nó na n-infheistíochtaí is gá chun na garspriocanna agus na spriocanna a bhaint amach a bhailiú, a thaifeadadh agus a stóráil go héifeachtach i gcóras leictreonach;
rochtain don Choimisiún, do OLAF, do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus i ndáil leis na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, OIPE, ar na sonraí maidir le faighteoirí deiridh.
IARSCRÍBHINN IV
Comhtháscairí do gharspriocanna agus spriocanna táscacha le haghaidh Phleananna Aeráide Sóisialta na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (m), faireachán arna dhéanamh ag an mBallstát ar chur chun feidhme a Phlean dá dtagraítear in Airteagal 24(1), meastóireacht arna déanamh ag an gCoimisiún ar an dul chun cinn i dtreo chuspóirí an Chiste dá dtagraítear in Airteagal 24(4).
Is féidir le bearta agus infheistíochtaí rannchuidiú le roinnt de na comhtháscairí. Mura bhfuil beart nó infheistíocht i bPlean Ballstáit a rannchuidíonn le roinnt de na táscairí, féadfaidh Ballstát “neamhbhainteach” a lua.
|
Uimhir |
Comhtháscaire a bhaineann le tacaíocht ón gCiste |
Míniú |
Aonad |
|
Earnáil na bhfoirgneamh |
|||
|
Táscairí comhthéacs |
|||
|
1 |
Líon na dteaghlach leochaileach |
I gcomhréir leis an sainmhíniú in Airteagal 2, pointe (10). |
Líon na dteaghlach |
|
2 |
Líon na dteaghlach faoi bhochtaineacht fuinnimh |
I gcomhréir leis an sainmhíniú in Airteagal 2, pointe (1). |
Líon na dteaghlach |
|
Táscairí aschuir |
|||
|
3 |
Líon na dteaghlach leochaileach a bhain tairbhe as beart struchtúrach amháin ar a laghad chun a n-astaíochtaí in earnáil na bhfoirgneamh a laghdú |
I gcomhréir le hAirteagail 2, pointe (10), agus Airteagal 8(1). Bearta i ngeall ar thacaíocht ón gCiste amháin. |
Líon na dteaghlach |
|
4 |
Líon na bhfoirgneamh a ndearnadh athchóiriú domhain orthu (i.e. athchóiriú lena ndéantar foirgneamh nó aonad foirgnimh a chlaochlú (a) roimh an 1 Eanáir 2030 ina fhoirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh (b) ón 1 Eanáir 2030 ina fhoirgneamh astaíochtaí nialasacha) |
Leis an táscaire comhairtear líon na bhfoirgneamh agus an t-achar urláir comhfhreagrach atá á n-athchóiriú go hiomlán nó go páirteach bunaithe ar an tacaíocht ó bhearta agus ó infheistíochtaí faoin gCiste, agus sainmhíniú ar “athchóiriú foirgneamh” in Airteagal 2, pointe (13). Anuas air sin, déanfar idirdhealú sa táscaire idir foirgnimh ar bhonn a n-aicme teastas feidhmíochta fuinnimh, agus sainaithneofar ann go sonrach an líon foirgneamh is lú feidhmíochta a ndearnadh athchóiriú orthu. |
Aonaid foirgneamh |
|
5 |
Achar úsáideach iomlán na bhfoirgneamh a ndearnadh athchóiriú domhain orthu (i.e. athchóiriú lena ndéantar foirgneamh nó aonad foirgnimh a chlaochlú (a) roimh an 1 Eanáir 2030 ina fhoirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh (b) ón 1 Eanáir 2030 ina fhoirgneamh astaíochtaí nialasacha) |
Achar urláir athchóirithe (m2/bliain) |
|
|
6 |
Líon na bhfoirgneamh a ndearnadh athchóiriú fuinnimh eile orthu (i.e. na hathchóirithe fuinnimh uile seachas athchóiriú domhain, le tuairisciú thuas) |
Aonaid foirgneamh |
|
|
7 |
Achar úsáideach iomlán na bhfoirgneamh a ndearnadh athchóiriú fuinnimh eile orthu (i.e. na hathchóirithe fuinnimh uile seachas athchóiriú domhain, le tuairisciú thuas) |
Achar urláir athchóirithe (m2/bliain) |
|
|
8 |
Suiteáil téimh breoslaí iontaise a athsholáthar le fearas bunaithe ar fhoinsí fuinnimh inathnuaite agus/nó suiteáil an-éifeachtúil ar bhonn aicme an Lipéid Fuinnimh mar a bunaíodh sa Rialachán sa ghníomh dlí ábhartha. |
Comhlíonann na gníomhaíochtaí seo tagarmharc an Aontais maidir le fuinneamh inathnuaite agus sciar táscach an fhuinnimh inathnuaite (in ídiú fuinnimh deiridh) arna bhunú ar an leibhéal náisiúnta in earnáil na bhfoirgneamh faoin bhforáil ábhartha de Threoir (AE) 2018/2001. Is féidir le córais téimh agus fuaraithe inathnuaite agus leictreachas inathnuaite rannchuidiú leis an tagarmharc sin. Rannchuideodh na gníomhaíochtaí sin freisin leis an sprioc maidir le téamh agus fuarú inathnuaite faoin bhforáil ábhartha den Treoir sin. Ní bhaineann sé seo ach le hathsholáthar suiteálacha téimh breoslaí iontaise i ngeall ar thacaíocht ón gCiste amháin. |
Líon na n-aonad suiteála téimh breoslaí iontaise arna n-athsholáthar (e.g. ag teaschaidéal nó grianshuiteáil teirmeach) |
|
9 |
Acmhainneacht oibríochtúil bhreise arna suiteáil don fhuinneamh inathnuaite |
Líon agus toilleadh na gceapadóirí fótavoltacha agus grianfhuinnimh nó na bpainéal fótavoltach teirmeach dín ( PVT); líon agus toilleadh na dteaschaidéal; líon agus toilleadh na dteicneolaíochtaí inathnuaite téimh agus fuaraithe spáis eile lena n-áirítear coirí atá bunaithe ar fhoinsí fuinnimh inathnuaite. Ní bhaineann sé ach le hacmhainneacht oibríochtúil breise i ngeall ar thacaíocht ón gCiste amháin. |
MW |
|
10 |
an líon aonad |
||
|
Táscairí toraidh |
|||
|
11 |
Laghdú ar líon na dteaghlach leochaileach |
Laghdú ar líon na dteaghlach leochaileach mar thoradh ar bhearta agus infheistíochtaí arna maoiniú faoin gCiste. |
% |
|
12 |
Laghdú measta ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnáil na bhfoirgneamh |
Laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnáil na bhfoirgneamh arna spreagadh ag bearta agus infheistíochtaí arna maoiniú faoin gCiste. Bunaítear na hastaíochtaí in earnáil na bhfoirgneamh mar astaíochtaí a chumhdaítear le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE (d’earnáil na bhfoirgneamh, foinsí astaíochtaí 1A4a agus 1A4b mar a bhunaítear i dTreoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa). |
ktCO2e |
|
13 |
Laghdú ar líon na dteaghlach faoi bhochtaineacht fuinnimh |
Laghdú ar líon na dteaghlach faoi bhochtaineacht fuinnimh mar thoradh ar bhearta agus infheistíochtaí arna maoiniú faoin gCiste. Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann Airteagal 3(3), pointe (d) de Rialachán (AE) 2018/1999, de bhun Airteagal 24, pointe (b) den Rialachán sin, a áireamh ina dtuarascáil chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn, faisnéis chainníochtúil maidir le líon na dteaghlach faoi bhochtaineacht fuinnimh. Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as, agus níl siad teoranta do, na táscairí atá ar fáil le hOifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh (Eurostat) a shainaithnítear mar tháscairí ábhartha i Moladh (AE) 2020/1563 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir le bochtaineacht fuinnimh (1), a liostaítear sa teimpléad tuairiscithe do thuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn. Ní áirítear leis an táscaire teaghaisí comhchoiteanna mar shampla ospidéil, tithe altranais, tithe cónaithe, príosúin, beairicí míleata, institiúidí reiligiúnacha, tithe lóistín, brúnna oibrithe etc. |
% |
|
14 |
Coigilt in ídiú fuinnimh phríomhúil bhliantúil |
Chun na críche sin, ní dhéanfar an coigilteas fuinnimh a bhainfear amach ach amháin ar bhonn na tacaíochta airgeadais ón gCiste. Tuairisceoidh na Ballstáit maidir leis an laghdú ar ídiú fuinnimh bliantúil deiridh/phríomhúil a bhaintear amach i measc teaghlach leochaileach, daoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta de bhun fhorálacha ábhartha na Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh (athmhúnlú) i ngeall ar thacaíocht ón gCiste atá comhlántach leis an gCiste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh faoi fhorálacha ábhartha na Treorach sin, lena n-áirítear an tacaíocht trí scéimeanna oibleagáide éifeachtúlachta fuinnimh agus bearta beartais malartacha de bhun fhoráil ábhartha na Treorach sin agus lena n-áirítear idirghabhálacha arna ndéanamh chun cloí le híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh de bhun fhorálacha ábhartha na Treorach sin. |
MWh/bliana |
|
15 |
kWh/m2 (má tá achar urláir iomlán ar fáil) |
||
|
16 |
Coigilteas in ídiú fuinnimh deiridh bhliantúil |
Tagraíonn an bhonnlíne don ídiú fuinnimh bliantúil deiridh agus phríomhúil roimh an idirghabháil, agus tagraíonn an luach a baineadh amach don ídiú fuinnimh bliantúil deireadh agus príomhúil don bhliain tar éis na hidirghabhála. Déanfar coigilteas fuinnimh i bhfoirgnimh aonair a dhoiciméadú ar bhonn Deimhnithe Feidhmíochta Fuinnimh nó ar bhonn critéir eile chun an coigilteas fuinnimh spriocdhírithe nó bainte amach a chinneadh a leagtar amach san fhoráil ábhartha den Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú). |
kWh/m2 (má tá achar urláir iomlán ar fáil) |
|
17 |
MWh/bliana |
||
|
Earnáil an iompair de bhóthar |
|||
|
Táscairí comhthéacs |
|||
|
18 |
Líon na n-úsáideoirí iompair leochaileacha |
I gcomhréir leis an sainmhíniú in Airteagal 2, pointe (12). |
Líon na dteaghlach |
|
19 |
Líon na dteaghlach faoi bhochtaineacht iompair |
I gcomhréir leis an sainmhíniú in Airteagal 2, pointe (2). |
Líon na dteaghlach |
|
Táscairí aschuir |
|||
|
20 |
Líon na n-úsáideoirí iompair leochaileacha a bhain tairbhe as beart struchtúrach amháin ar a laghad chun a n-astaíochtaí in earnáil an iompair de bhóthar a laghdú |
I gcomhréir le hAirteagal 2, pointe (12), agus Airteagal 8(1). Bearta i ngeall ar thacaíocht ón gCiste amháin. |
Líon na dteaghlach |
|
21 |
Ceannacháin feithiclí astaíochtaí nialasacha |
Líon na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha a fhaigheann tacaíocht ó bhearta agus infheistíochtaí arna maoiniú faoin gCiste. |
Líon na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha |
|
22 |
Ceannacháin feithiclí astaíochtaí ísle |
Líon na bhfeithicil astaíochtaí ísle a fhaigheann tacaíocht ó bhearta agus infheistíochtaí arna maoiniú faoin gCiste. |
Líon na bhfeithiclí astaíochtaí ísle |
|
23 |
Ceannacháin rothar agus feithiclí micrea-shoghluaisteachta |
Líon na rothar agus na bhfeithiclí micrea-shoghluaisteachta a fhaigheann tacaíocht ó bhearta agus infheistíochtaí arna maoiniú faoin gCiste. |
Líon na rothar agus na bhfeithiclí micrea-shoghluaisteachta |
|
24 |
Bonneagar breoslaí malartacha breise (pointí athbhreoslúcháin/athluchtaithe) |
Líon na bpointí athbhreoslúcháin agus athluchtaithe (nua nó uasghrádaithe) le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle a fhaigheann tacaíocht ó bhearta agus infheistíochtaí arna maoiniú faoin gCiste, agus béim bhreise á leagan ar limistéir iargúlta. Beidh an bhrí chéanna leis na téarmaí “breosla malartach”, “pointe athluchtaithe” agus “pointe athbhreoslúcháin” agus atá sna sainmhínithe ar na téarmaí sin i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscaradh bonneagar breoslaí malartacha, agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Baileofar agus tuairisceofar an táscaire ar leithligh idir (i) pointí athluchtaithe agus (ii) pointí athbhreoslúcháin. Mar chuid den cheann deireanach sin, déanfar tuairisciú ar leithligh ar (iii) phointí athbhreoslaithe hidrigine. |
Líon na bpointí athbhreoslúcháin agus athluchtaithe |
|
25 |
Ticéid iompair phoiblí laghdaithe nó saor in aisce |
Líon úsáideoirí iompar phoiblí a fhaigheann tacaíocht ó bhearta agus infheistíochtaí arna maoiniú faoin gCiste. Baileofar agus tuairisceofar an táscaire ar leithligh idir thicéid (i) laghdaithe agus (ii) saor in aisce. |
An líon úsáideoirí |
|
26 |
Réitigh bhreise maidir le soghluaisteacht chomhroinnte agus soghluaisteacht ar éileamh |
Líon úsáideoirí na réiteach maidir le soghluaisteacht chomhroinnte agus soghluaisteacht ar éileamh a fhaigheann tacaíocht ó bhearta agus infheistíochtaí arna maoiniú faoin gCiste. |
An líon úsáideoirí |
|
27 |
Aonaid |
||
|
28 |
Bonneagar rothaíochta tiomnaithe dá dtugtar tacaíocht |
Fad an bhonneagair rothaíochta thiomnaithe atá nuathógtha nó uasghrádaithe go suntasach ag tionscadail a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste. Áirítear le bonneagar rothaíochta tiomnaithe saoráidí rothaíochta atá scartha ó bhóithre le haghaidh tráchta feithiclí nó codanna eile den bhóthar céanna trí mhodhanna struchtúracha (amhail colbhaí agus bacainní), sráideanna rothaíochta, tolláin rothaíochta, etc. Maidir le bonneagar rothaíochta le lánaí aontreo scartha (e.g. ar gach taobh de bhóthar), tomhaistear an fad mar fhad lána. |
Líon na gciliméadar |
|
Táscairí toraidh |
|||
|
29 |
Laghdú ar líon na n-úsáideoirí iompair leochaileacha |
Laghdú ar líon na n-úsáideoirí iompair leochaileacha mar thoradh ar bhearta agus infheistíochtaí arna maoiniú faoin gCiste. |
% |
|
30 |
Laghdú ar líon na dteaghlach faoi bhochtaineacht iompair |
Laghdú ar líon na dteaghlach faoi bhochtaineacht iompair mar thoradh ar bhearta agus infheistíochtaí arna maoiniú faoin gCiste. |
% |
|
31 |
Laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnáil an iompair de bhóthar |
Tuairisceoidh na Ballstáit faoin laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnáil an iompair de bhóthar arna spreagadh ag bearta agus infheistíochtaí arna maoiniú faoin gCiste. Sainmhínítear na hastaíochtaí in earnáil an iompair de bhóthar mar astaíochtaí a chumhdaítear le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE (d’earnáil an iompair de bhóthar, foinsí astaíochtaí 1A3b mar a bhunaítear i dTreoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa). |
ktCO2e |
|
Micrifhiontair (earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar araon) |
|||
|
Táscairí comhthéacs |
|||
|
32 |
Líon na micrifhiontar leochaileach |
I gcomhréir leis an sainmhíniú in Airteagal 2, pointe (11). |
Líon na micrifhiontar |
|
Táscairí aschuir |
|||
|
33 |
Líon na micrifhiontar leochaileach a bhain tairbhe as beart struchtúrach amháin ar a laghad chun a n-astaíochtaí in earnáil na bhfoirgneamh agus earnáil an iompair de bhóthar a laghdú |
I gcomhréir le hAirteagal 2, pointe (11), agus Airteagal 8(1). Bearta i ngeall ar thacaíocht ón gCiste amháin. |
Líon na micrifhiontar |
|
Táscairí toraidh |
|||
|
34 |
Laghdú ar líon na micrifhiontar leochaileach |
Laghdú ar líon na micrifhiontar leochaileach mar thoradh ar bhearta agus infheistíochtaí arna maoiniú faoin gCiste. |
% |
|
Tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach |
|||
|
Táscairí comhthéacs |
|||
|
35 |
Sciar den tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach i gcostais iomlána na bPleananna Aeráide Sóisialta |
I gcomhréir le hAirteagal 4(3) agus Airteagal 10. |
% |
|
Táscairí aschuir |
|||
|
36 |
Líon na dteaghlach leochaileach agus na n-úsáideoirí iompair leochaileacha a bhfuil tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach faighte acu |
Léireofar sa táscaire líon na dteaghlach leochaileach agus na n-úsáideoirí iompair leochaileacha a bhfuil tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach faighte acu, agus dá bhrí sin cuirfear faighteoirí deiridh uile na tacaíochta ioncaim dírí sealadaí a íocadh faoin gCiste san áireamh. Déanfar an táscaire a bhailiú agus a thuairisciú ar leithligh do theaghlaigh leochaileacha agus do na húsáideoirí iompair leochaileacha, i gcomhréir le hAirteagal 2, pointí (10)agus (12) agus Airteagal 4(3). |
Líon na dteaghlach leochaileach (aonad: teaghlaigh) |
|
37 |
Líon na n-úsáideoirí iompair leochaileacha (aonad: teaghlaigh) |
||
|
Táscairí toraidh |
|||
|
38 |
Meántacaíocht ioncaim dhíreach shealadach le haghaidh gach teaghlach leochaileach agus úsáideoir iompair leochaileach |
Léireofar leis an táscaire meánmhéid na tacaíochta ioncaim dírí sealadaí a fhaigheann gach teaghlach leochaileach agus gach úsáideoir iompair leochaileach faoin gCiste. |
EUR/teaghlach (earnáil na bhfoirgneamh) |
|
39 |
EUR/teaghlach (earnáil an iompair de bhóthar) |
||
|
(1)
IO L 357, 27.10.2020, lch. 35. |
|||
IARSCRÍBHINN V
Teimpléad le haghaidh na bPleananna Aeráide Sóisialta dá dtagraítear in Airteagal 6(7)
|
Clár na nÁbhar |
|
|
1. |
FORLÉARGAS AGUS PRÓISEAS LENA mBUNAÍTEAR AN PLEAN AERÁIDE SÓISIALTA 4 |
|
1.1. |
Achoimre feidhmiúcháin |
|
1.2. |
Forléargas ar staid reatha an bheartais |
|
1.3. |
Próiseas comhairliúcháin phoiblí |
|
2. |
CUR SÍOS AR NA BEARTA AGUS NA hINFHEISTÍOCHTAÍ, NA GARSPRIOCANNA AGUS NA SPRIOCANNA 6 |
|
2.1. |
COMHPHÁIRT [1][2]: [earnáil na bhfoirgneamh][earnáil an iompair] |
|
(i) |
Cur síos ar an gcomhpháirt |
|
(ii) |
Cur síos ar na bearta agus na hinfheistíochtaí a bhaineann leis an gcomhpháirt |
|
(iii) |
Gan dochar suntasach a dhéanamh |
|
(iv) |
Garspriocanna, spriocanna agus amlíne |
|
(v) |
Maoiniú agus costais |
|
(vi) |
Údar le heintitis thairbheacha seachas teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha (más infheidhme) |
|
(vii) |
Costais iomlána mheasta na comhpháirte |
|
(viii) |
An cás ina gcuirfí tús leis an gcóras trádála astaíochtaí níos déanaí |
|
2.2. |
COMHPHÁIRT [3]: tacaíocht ioncaim dhíreach |
|
(i) |
Cur síos ar an gcomhpháirt |
|
(ii) |
Cur síos ar na bearta a bhaineann leis an gcomhpháirt |
|
(iii) |
Garspriocanna agus spriocanna maidir le bearta tacaíochta ioncaim dírí |
|
(iv) |
An t-údar atá leis na bearta |
|
(v) |
Costais na mbeart |
|
(vi) |
Údar le heintitis thairbheacha seachas teaghlaigh leochaileacha, agus úsáideoirí iompair leochaileacha (más infheidhme) |
|
(vii) |
Costas measta an Phlean maidir le comhpháirt na tacaíochta ioncaim dírí. |
|
(viii) |
An cás ina gcuirfí tús leis an gcóras trádála astaíochtaí níos déanaí |
|
2.3. |
Cúnamh teicniúil |
|
2.4. |
Aistrithe chuig cláir faoi bhainistíocht roinnte |
|
2.5. |
Costais iomlána |
|
3. |
ANAILÍS AGUS AN TIONCHAR FORIOMLÁN |
|
3.1. |
Sainmhínithe |
|
3.2. |
An tionchar réamh-mheasta ar ghrúpaí leochaileacha |
|
3.3. |
Tionchar réamh-mheasta na mbeart agus na n-infheistíochtaí atá beartaithe |
|
4. |
COMHLÁNTACHT, BREISÍOCHT AGUS CUR CHUN FEIDHME AN PHLEAN |
|
4.1. |
Faireachán ar an bPlean agus cur chun feidhme an Phlean |
|
4.2. |
Comhsheasmhacht le tionscnaimh eile |
|
4.3. |
Comhlántacht an chistithe |
|
4.4. |
Breisíocht |
|
4.5. |
Sonraíochtaí geografacha |
|
4.6. |
Éilliú, calaois agus coinbhleachtaí leasa a chosc |
|
4.7. |
Faisnéis agus cumarsáid |
1. FORLÉARGAS AGUS PRÓISEAS LENA mBUNAÍTEAR AN PLEAN AERÁIDE SÓISIALTA
1.1. Achoimre feidhmiúcháin
Comhthéacs an aistrithe ghlais sa Bhallstát agus béim ar leith á leagan ar na príomhdhúshláin a eascraíonn as na tionchair shóisialta a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó earnáil na bhfoirgneamh agus ó earnáil an iompair de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE agus an chaoi a bhfreagróidh an Plean ar na dúshláin sin.
Tábla forléargais ina ndéantar achoimre ar phríomhchuspóirí an Phlean, mar aon le costais iomlána mheasta an Phlean, lena n-áirítear an ranníocaíocht ón gCiste, an ranníocaíocht náisiúnta agus na hacmhainní ó chláir faoi bhainistíocht roinnte atá le haistriú chuig an gCiste, arna roinnt idir na trí réimse idirghabhála: bearta agus infheistíochtaí le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar, agus bearta maidir le tacaíocht ioncaim dhíreach, bunaithe ar an teimpléad thíos:
|
Réimse idirghabhála |
Costais iomlána (iomlán agus % den chistiú iomlán) de réir fhoinse an chistithe |
Forbhreathnú ar na príomhbhearta agus na príomhinfheistíochtaí atá beartaithe |
Cuspóirí na mbeart agus na n-infheistíochtaí |
Tionchar na mbeart agus na n-infheistíochtaí |
|
|
Laghdú ar líon na dteaghlach leochaileach agus na n-úsáideoirí iompair leochaileacha (aonad: teaghlaigh) |
Laghdú ar astaíochtaí CO2 |
||||
|
Earnáil na bhfoirgneamh |
|
|
|
|
|
|
Earnáil an iompair de bhóthar |
|
|
|
|
|
|
Tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach |
|
|
|
|
|
|
Cúnamh teicniúil (Airteagal 8(3)) |
|
|
|
|
|
|
Ranníocaíocht leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (Airteagal 11(3)) |
|
|
|
|
|
|
Ranníocaíocht le hurrann an Bhallstáit in InvestEU (Airteagal 11(3)) |
|
|
|
|
|
1.2. Forléargas ar staid reatha an bheartais
Faisnéis faoi na beartais náisiúnta fuinnimh agus aeráide atá ann faoi láthair, an chaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad sa chomhthéacs náisiúnta, agus béim faoi leith á leagan ar earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair agus ag féachaint do na grúpaí is leochailí.
1.3. An próiseas comhairliúcháin phoiblí
Achoimre ar phróiseas comhairliúcháin na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, na gcomhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, eagraíochtaí don óige, agus geallsealbhóirí ábhartha eile, mar a chuirtear chun feidhme i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil náisiúnta, chun an Plean a ullmhú agus, i gcás ina mbeidh fáil air, é a chur chun feidhme, lena gcumhdaítear raon feidhme, cineál agus uainiú na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin, chomh maith leis an gcaoi a léirítear tuairimí na ngeallsealbhóirí sa Phlean.
2. CUR SÍOS AR NA BEARTA AGUS NA hINFHEISTÍOCHTAÍ, NA GARSPRIOCANNA AGUS NA SPRIOCANNA
Faisnéis faoi gach comhpháirt i gcás na dtrí réimse den Phlean ar leithligh:
D’fhéadfadh roinnt fo-chomhpháirteanna a bheith i gcomhpháirt a dhíríonn ar dhúshlán nó ar riachtanas sonrach. Féadfaidh beart nó infheistíocht amháin nó roinnt beart nó infheistíochtaí a bhfuil dlúthnasc eatarthu nó atá spleách ar a chéile a bheith mar chuid de gach comhpháirt nó fo-chomhpháirt.
2.1. COMHPHÁIRT [1][2]: [earnáil na bhfoirgneamh][earnáil an iompair]
Faisnéis faoin gcomhpháirt:
(i) Cur síos ar an gcomhpháirt
Bosca achoimre:
Bosca achoimre le haghaidh Comhpháirt [1][2] [earnáil na bhfoirgneamh][earnáil an iompair]
Réimse ina ndéanfar idirghabháil: [earnáil na bhfoirgneamh][earnáil an iompair]
Cuspóir:
Bearta agus infheistíochtaí:
Costais iomlána mheasta: EUR xx, arb é atá ann
Na costais a iarradh a chumhdach faoin gCiste: EUR xx
Na costais atá le cumhdach leis an ranníocaíocht náisiúnta: EUR xx
(ii) Cur síos ar na bearta agus na hinfheistíochtaí a bhaineann leis an gcomhpháirt
Cur síos mionsonraithe ar an gcomhpháirt agus ar bhearta agus infheistíochtaí sonracha a ghabhann léi, mar aon lena hidirnaisc agus sineirgí, lena gcumhdaítear an méid seo a leanas:
(iii) Gan dochar suntasach a dhéanamh
Faisnéis faoin gcaoi a gcomhlíontar an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852, leis na bearta agus na hinfheistíochtaí a áirítear sa chomhpháirt. Cuirfidh an Coimisiún treoir theicniúil ar fáil, de bhun Airteagal 6(5) den Rialachán seo.
(iv) Garspriocanna, spriocanna agus amlíne
Faisnéis faoi gach garsprioc agus sprioc lena léireofar an dul chun cinn atá déanta maidir le bearta agus infheistíochtaí na comhpháirte seo a chur chun feidhme, mar seo a leanas:
Tábla ina bhfuil garspriocanna, spriocanna agus an amlíne le haghaidh na gcomhpháirteanna agus an fhaisnéis seo a leanas ann:
|
Sraithuimhir |
Ainm an bhirt/na hinfheistíochta |
Garsprioc nó Sprioc |
Ainm na garsprice/sprice |
Táscairí cáilíochtúla (garspriocanna) |
Táscairí cainníochtúla (spriocanna) |
Amlíne chun na garspriocanna agus na spriocanna a bhaint amach |
Cur síos ar gach garsprioc agus sprioc |
|||
|
Aonad tomhais/infheistíochta |
Bonnlíne |
Cuspóir |
Ráithe |
Bliain |
||||||
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
(v) Maoiniú agus costais
Faisnéis agus míniú ar chostais iomlána mheasta na comhpháirte agus le haghaidh gach birt agus infheistíochta, agus údar iomchuí mar thaca leis sin, lena n-áirítear:
(vi) Údar le heintitis thairbheacha seachas teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha (más infheidhme)
Má chuirtear tacaíocht ón gCiste ar fáil trí eintitis phoiblí nó phríobháideacha seachas teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha, nó úsáideoirí iompair leochaileacha, míniú ar na bearta nó na hinfheistíochtaí a achtóidh na heintitis sin agus mar a rachaidh na bearta agus na hinfheistíochtaí sin chun tairbhe teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha i ndeireadh na dála;
Má chuirtear tacaíocht ón gCiste ar fáil trí idirghabhálaithe airgeadais, cur síos ar na bearta a bhfuil sé ar intinn ag an mBallstát a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfidh idirghabhálaithe airgeadais an tairbhe iomlán ar aghaidh chuig na faighteoirí deiridh.
(vii) Costais iomlána mheasta na comhpháirte
Comhlánú an tábla maidir le costas measta na mbeart agus na n-infheistíochtaí a áirítear sa chomhpháirt, i gcomhréir leis an teimpléad a chuirtear ar fáil thíos:
|
Sraithuimhir |
Beart gaolmhar (beart nó infheistíocht) |
Tréimhse ama ábhartha |
Costais mheasta a n-iarrtar cistiú ón gCiste ina leith |
||||||||
|
An méid iomlán a iarradh |
Más ann dó: deighilte de réir bliana |
||||||||||
|
Dáta tosaigh |
Dáta deiridh |
Méid (mn EUR) |
2026 |
2027 |
2028 |
2029 |
2030 |
2031 |
2032 |
||
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
(viii) An cás ina gcuirfí tús leis an gcóras trádála astaíochtaí níos déanaí
Cur síos ar na coigeartuithe is gá ar na bearta, infheistíochtaí, garspriocanna, spriocanna, méid na ranníocaíochta náisiúnta agus aon ghné ábhartha eile den Phlean atá mar thoradh ar thús an chórais trádála astaíochtaí arna bhunú de bhun Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE i gcomhréir le hAirteagal 30k den Treoir sin a chur siar agus cainníochtú na gcoigeartuithe sin.
Leagan ar leith den bhosca achoimre, an tábla maidir le garspriocanna, spriocanna agus amlíne agus an tábla maidir le costais mheasta.
2.2. COMHPHÁIRT [3]: tacaíocht ioncaim dhíreach
Faisnéis faoin gComhpháirt le haghaidh na tacaíochta ioncaim dírí:
(i) Cur síos ar an gcomhpháirt
Bosca achoimre:
Bosca achoimre le haghaidh Chomhpháirt 3 - tacaíocht ioncam dhíreach
Réimse idirghabhála: tacaíocht ioncaim dhíreach
Cuspóir:
Bearta:
Costais iomlána mheasta: EUR xx, arb é atá ann
Na costais a iarradh a chumhdach faoin gCiste: EUR xx
Na costais atá le cumhdach leis an ranníocaíocht náisiúnta: EUR xx
(ii) Cur síos ar na bearta a bhaineann leis an gcomhpháirt
Cur síos mionsonraithe ar an gcomhpháirt agus ar na bearta sonracha a ghabhann léi, mar aon lena hidirnaisc agus sineirgí, lena n-áirítear:
(iii) Garspriocanna agus spriocanna maidir le bearta tacaíochta ioncaim dírí
Faisnéis faoi gach garsprioc agus sprioc lena léireofar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an gcomhpháirt seo a chur chun feidhme, mar seo a leanas:
Tábla ina bhfuil garspriocanna, spriocanna agus amlíne maidir le bearta tacaíochta ioncaim dírí sealadaí, cuirtear teimpléad ar fáil thíos:
|
Sraithuimhir |
Beart |
Garsprioc nó Sprioc |
Ainm na garsprice/sprice |
Táscairí cáilíochtúla (garspriocanna) |
Táscairí cainníochtúla (spriocanna) |
Amlíne chun na garspriocanna agus na spriocanna a bhaint amach |
Cur síos ar gach garsprioc agus sprioc |
|||
|
Aonad tomhais |
Bonnlíne |
Cuspóir |
Ráithe |
Bliain |
|
|||||
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
(iv) An t-údar atá leis na bearta
An t-údar leis an ngá atá le tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach bunaithe ar na critéir a leagtar amach in Airteagail 6(1) agus 8(2):
(v) Costais na mbeart
Faisnéis faoi chostais iomlána mheasta na comhpháirte, agus údar iomchuí mar thaca leis sin, lena n-áirítear:
(vi) Údar le heintitis thairbheacha seachas teaghlaigh leochaileacha, agus úsáideoirí iompair leochaileacha (más infheidhme)
Má chuirtear tacaíocht ón gCiste ar fáil trí eintitis phoiblí nó phríobháideacha seachas teaghlaigh leochaileacha nó úsáideoirí iompair leochaileacha, míniú ar an gcineál bearta a achtóidh na heintitis sin agus mar a rachaidh na bearta sin chun tairbhe teaghlaigh leochaileacha nó úsáideoirí iompair leochaileacha i ndeireadh na dála.
Má chuirtear tacaíocht ón gCiste ar fáil trí idirghabhálaithe airgeadais, cur síos ar na bearta a bhfuil sé ar intinn ag an mBallstát a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfidh idirghabhálaithe airgeadais an tairbhe iomlán ar aghaidh chuig na faighteoirí deiridh.
(vii) Costas measta an Phlean maidir le comhpháirt na tacaíochta ioncaim dírí sealadaí.
Comhlánú an tábla maidir le costas na tacaíocht a áirítear sa chomhpháirt, cuirtear teimpléad ar fáil thíos:
|
Sraithuimhir |
Cineálacha tacaíochta |
Tréimhse ama ábhartha |
Costais mheasta a n-iarrtar cistiú ón gCiste ina leith |
||||||||
|
An méid iomlán a iarradh |
Más ann dó: deighilte de réir bliana |
||||||||||
|
Dáta tosaigh |
Dáta deiridh |
Méid (mn EUR) |
2026 |
2027 |
2028 |
2029 |
2030 |
2031 |
2032 |
||
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
(viii) An cás ina gcuirfí tús leis an gcóras trádála astaíochtaí níos déanaí
Cur síos ar na coigeartuithe is gá ar na bearta, infheistíochtaí, garspriocanna, spriocanna, méid na ranníocaíochta náisiúnta agus aon ghné ábhartha eile den Phlean atá mar thoradh ar thús an chórais trádála astaíochtaí arna bhunú de bhun Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE i gcomhréir le hAirteagal 30k den Treoir sin a chur siar agus cainníochtú na gcoigeartuithe sin.
Leagan ar leith den bhosca achoimre, an tábla maidir le garspriocanna, spriocanna agus amlíne agus an tábla maidir le costais mheasta.
2.3. Cúnamh teicniúil
Cur síos ar na gníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil a áireofar chun na bearta agus na hinfheistíochtaí a leagtar amach sa Phlean a riar agus a chur chun feidhme go héifeachtach, i gcomhréir le hAirteagal 8(3), lena n-áirítear:
2.4. Aistrithe chuig cláir faoi bhainistíocht roinnte
Má tá sé beartaithe acmhainní a aistriú ón gCiste chuig cistí faoi bhainistíocht roinnte de bhun Airteagal 11(2), léiriú ar na cláir a n-aistreofar na hacmhainní sin chucu agus faoin amlíne a n-aistreofar iad, agus léiriú ar an gcaoi a gcomhlíonfar, leis na bearta agus na hinfheistíochtaí atá le cur chun feidhme faoi na cláir sin, na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3, lena n-áirítear cibé acu an dtagann siad faoi na bearta agus na hinfheistíochtaí a leagtar amach in Airteagal 8.
2.5. Costais iomlána mheasta an Phlean
Costais iomlána mheasta an Phlean, lena n-áirítear aon mhéideanna a chuirtear ar fáil le haghaidh tacaíocht theicniúil bhreise faoi Airteagal 11(4) den Rialachán seo, méid na ranníocaíochta in airgead tirim chun críoch urrann an Bhallstáit de bhun fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/523 agus aon mhéid a chuirtear ar fáil le haghaidh cúnamh teicniúil breise faoi Airteagal 8(3) den Rialachán seo.
Léiriú ar an ranníocaíocht náisiúnta le costais iomlána a phlean, lena n-áirítear léiriú ar aon acmhainní a bheartaítear a aistriú chuig an gCiste ó chláir faoi bhainistíocht roinnte de bhun Airteagal 11(1) den Rialachán seo agus aon acmhainní a bheartaítear a aistriú ón gCiste chuig cláir faoi bhainistíocht roinnte de bhun Airteagal 11(2) den Rialachán seo.
Cur síos ar an gcaoi a bhfuil na costais i gcomhréir le prionsabal na costéifeachtúlachta agus ag teacht leis an tionchar a mheastar a bheidh ag an bPlean.
Comhlánú an tábla ina ndéantar achoimre ar chostas an Chiste de réir fhoinse an chistithe, cuirtear teimpléad ar fáil thíos:
|
Costais iomlána an Phlean Aeráide Sóisialta |
An bunchás |
I gcás Airteagal 30k de Threoir 2003/87/CE |
|
COSTAIS IOMLÁNA MHEASTA AN PHLEAN, arb é atá ann |
EUR XXX |
EUR XXX |
|
Arna gcumhdach faoin gCiste |
EUR XXX |
EUR XXX |
|
Ranníocaíocht náisiúnta |
EUR XXX |
EUR XXX |
|
Aistrithe ó chláir faoi bhainistíocht roinnte |
EUR XXX |
EUR XXX |
|
(Aistrithe chuig cláir faoi bhainistíocht roinnte) |
-EUR XXX |
-EUR XXX |
3. ANAILÍS AGUS AN TIONCHAR FORIOMLÁN
3.1. Sainmhínithe
Míniú ar an gcaoi a gcuirfear na sainmhínithe ar bhochtaineacht fuinnimh agus ar bhochtaineacht iompair i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta.
3.2. An tionchar réamh-mheasta ar ghrúpaí leochaileacha
Meastachán ar na héifeachtaí is dócha a bheidh ag an méadú sin ar phraghsanna mar thoradh ar an gcóras trádála astaíochtaí arna bhunú de bhun Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE ar theaghlaigh, agus go háirithe ar ráta tarlaithe na bochtaineachta fuinnimh agus na bochtaineachta iompair, agus ar mhicrifhiontair, ina gcuimseofar go háirithe líon measta agus sainaithint teaghlach leochaileach, micrifhiontar leochaileach agus úsáideoirí iompair leochaileacha. Táthar le hanailís a dhéanamh ar na héifeachtaí sin ar an leibhéal críochach iomchuí mar atá bunaithe ag gach Ballstát, agus sonraíochtaí náisiúnta agus gnéithe mar shampla rochtain ar iompar poiblí agus ar sheirbhísí bunúsacha á gcur san áireamh agus na limistéir is mó a ndéantar difear dóibh á sainaithint.
Cur síos ar an modheolaíocht a úsáidtear sna meastacháin, agus é á chinntiú go ndéantar na meastacháin a ríomh le leibhéal leordhóthanach dí-chomhiomlánaithe réigiúnaigh.
3.3. Tionchar réamh-mheasta na mbeart agus na n-infheistíochtaí atá beartaithe
Meastachán ar na tionchair réamh-mheasta a bheidh ag na bearta agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe i roinn 2 ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, bochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht iompair, i gcomparáid leis an mbonnlíne a gcuirtear síos uirthi thuas.
Cur síos ar an modheolaíocht a úsáideadh sna meastacháin.
Táblaí cáilíochtúla agus cainníochtúla maidir le tionchar an Phlean, cuirtear teimpléad ar fáil thíos:
|
Comhpháirt |
Cur síos ar na tionchair réamh-mheasta a bheidh ag an gcomhpháirt ar: (na táscairí cainníochtúla ábhartha san áireamh) |
||||
|
Éifeachtúlacht fuinnimh |
Athchóiriú foirgneamh |
Soghluaisteacht agus iompar íseal-astaíochtaí agus astaíochtaí nialasacha |
Laghduithe in astaíochtaí gás ceaptha teasa |
Laghdú ar líon na dteaghlach leochaileach agus na n-úsáideoirí iompair leochaileacha (aonad: teaghlaigh) |
|
|
An Plean foriomlán |
|
|
|
|
|
|
Earnáil na bhfoirgneamh |
|
|
|
|
|
|
Earnáil an iompair de bhóthar |
|
|
|
|
|
|
Comhpháirt |
Cainníochtú an tionchair (má tá sé ar fáil) i.e. an difríocht % ón mbonnlíne bheartasneodrach |
|||||
|
Gearrthéarmach (3 bliana ar aghaidh) |
Meántéarmach (deireadh an phlean) |
|||||
|
Astaíochtaí gás ceaptha teasa |
Teaghlaigh faoi bhochtaineacht fuinnimh |
Teaghlaigh faoi bhochtaineacht iompair |
Astaíochtaí gás ceaptha teasa |
Teaghlaigh faoi bhochtaineacht fuinnimh |
Teaghlaigh faoi bhochtaineacht iompair |
|
|
An Plean foriomlán |
|
|
|
|
|
|
|
Earnáil na bhfoirgneamh |
|
|
|
|
|
|
|
Earnáil an iompair de bhóthar |
|
|
|
|
|
|
Tábla cáilíochtúil agus cainníochtúil maidir leis an tionchar a mheastar a bheidh ag na bearta tacaíochta ioncaim dírí sealadaí ar an laghdú ar líon na dteaghlach leochaileach agus na n-úsáideoirí iompair leochaileacha chomh maith le teaghlaigh faoi bhochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht iompair, cuirtear teimpléad ar fáil thíos:
|
Comhpháirt: tacaíocht ioncaim dhíreach |
|
|
Laghdú ar líon na dteaghlach leochaileach agus na n-úsáideoirí iompair leochaileacha |
Cur síos ar na tionchair mheasta |
|
Meastacháin ar na tionchair mheasta; aonad: teaghlaigh |
|
|
Laghdú ar líon na dteaghlach faoi bhochtaineacht fuinnimh agus faoi bhochtaineacht iompair |
Cur síos ar na tionchair mheasta |
|
Meastacháin ar na tionchair mheasta; aonad: teaghlaigh |
|
4. COMHLÁNTACHT, BREISÍOCHT AGUS CUR CHUN FEIDHME AN PHLEAN
Baineann an chuid seo leis an bPlean iomlán. Ní mór údar a bheith leis na critéir éagsúla a luaitear thíos le haghaidh an Phlean iomláin.
4.1. Faireachán ar an bPlean agus cur chun feidhme an Phlean
Míniú ar an gcaoi a bhfuil sé ar intinn ag an mBallstát na bearta agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe a chur chun feidhme, ag díriú ar na socruithe agus ar an tráthchlár le haghaidh an fhaireacháin agus an chur chun feidhme, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, na bearta is gá chun Airteagal 21 a chomhlíonadh.
4.2. Comhsheasmhacht le tionscnaimh eile
Míniú ar an gcaoi a bhfuil an Plean comhsheasmhach leis an bhfaisnéis a áirítear agus leis na gealltanais a thug an Ballstát faoi phleananna agus cistí ábhartha eile, agus an t-idirghníomhú idir na pleananna éagsúla agus súil á caitheamh chun tosaigh, mar a leagtar amach in Airteagal 6(3) agus in Airteagal 16(3), pointe (b)(iii).
4.3. Comhlántacht an chistithe
Faisnéis faoi mhaoiniú beart agus infheistíochtaí atá ann cheana nó atá beartaithe ó fhoinsí eile de chuid an Aontais, foinsí idirnáisiúnta, poiblí nó, i gcás inarb ábhartha, ó fhoinsí príobháideacha lena rannchuidítear leis na bearta agus na hinfheistíochtaí a leagtar amach sa Phlean, lena n-áirítear tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach, de bhun Airteagal 6(1), pointe (c).
4.4. Breisíocht
Míniú ar an gcaoi ar bearta nó infheistíochtaí breise iad na bearta nó na hinfheistíochtaí nua nó atá ann cheana agus nach nglactar ionad an chaiteachais bhuiséadaigh náisiúnta athfhilltigh leo, de bhun Airteagal 13(2), agus údar leis sin, lena n-áirítear míniú mar sin ar na bearta agus na hinfheistíochtaí a áirítear sa Phlean i gcomhréir le hAirteagal 4(5), agus údar leis sin.
4.5. Sonraíochtaí geografacha
Míniú ar an gcaoi ar cuireadh sonraíochtaí geografacha san áireamh sa Phlean, mar shampla oileáin, na réigiúin agus na críocha is forimeallaí, limistéir thuaithe nó iargúlta, limistéir imeallacha nach bhfuil rochtain mhaith orthu, limistéir shléibhtiúla nó limistéir atá tite ar gcúl.
4.6. Éilliú, calaois agus coinbhleachtaí leasa a chosc
Córas chun éilliú, calaois agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú, agus úsáid á baint as na cistí a chuirtear ar fáil faoin gCiste, agus na socruithe arb é is aidhm dóibh cistiú dúbailte ón gCiste agus ó chláir eile de chuid an Aontais a sheachaint i gcomhréir le hAirteagal 21 agus Iarscríbhinn III, lena n-áirítear cistí arna soláthar trí eintitis phoiblí nó phríobháideacha seachas teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha i gcomhréir le hAirteagal 9.
4.7. Faisnéis, cumarsáid agus infheictheacht
Comhlíonadh na bhforálacha a leagtar amach in Airteagal 23 ina dtagraítear do rochtain phoiblí ar shonraí, ina léirítear an suíomh gréasáin ina bhfoilseofar na sonraí, chomh maith leis na bearta faisnéise, cumarsáide, agus infheictheachta.
Achoimre ar an straitéis cumarsáide náisiúnta atá beartaithe lena ndírítear ar a áirithiú go mbeidh an pobal eolach ar chistiú an Aontais.
( 1 ) Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (IO L 231 20 20.9.2023, lch. 1)
( 2 ) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
( 3 ) Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 808/2004, (CE) Uimh. 452/2008 agus (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle (IO L 261 I, 14.10.2019, lch. 1).
( 4 ) Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).
( 5 ) Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).
( 6 ) Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).
( 7 ) Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).
( 8 ) Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).
( 9 ) Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus éifeachtúil ó thaobh an fhuinnimh de a chur chun cinn (IO L 120, 15.5.2009, lch. 5).
( 10 ) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
( 11 ) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
( 12 ) Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
( 13 ) Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).
( *1 ) Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 (IO L, 130 16.5.2023, lch. 1).”.
( 14 ) Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (Féach leathanach 134 den Iris Oifigiúil).