02023R0888 — GA — 23.04.2026 — 008.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) 2023/888 ÓN gCOMHAIRLE an 28 Aibreán 2023 (IO L 114 2.5.2023, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1045 ÓN gCOMHAIRLE an 30 Bealtaine 2023 |
L 140I |
1 |
30.5.2023 |
|
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/739 ÓN gCOMHAIRLE an 22 Feabhra 2024 |
L 739 |
1 |
22.2.2024 |
|
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1243 ÓN gCOMHAIRLE an 26 Aibreán 2024 |
L 1243 |
1 |
29.4.2024 |
|
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2465 ÓN gCOIMISIÚN an 10 Meán Fómhair 2024 |
L 2465 |
1 |
12.9.2024 |
|
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2700 ÓN gCOMHAIRLE an 14 Deireadh Fómhair 2024 |
L 2700 |
1 |
14.10.2024 |
|
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/817 ÓN gCOMHAIRLE an 25 Aibreán 2025 |
L 817 |
1 |
28.4.2025 |
|
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1434 ÓN gCOMHAIRLE an 15 Iúil 2025 |
L 1434 |
1 |
15.7.2025 |
|
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/898 ÓN gCOMHAIRLE an 21 Aibreán 2026 |
L 898 |
1 |
22.4.2026 |
|
Arna cheartú le:
RIALACHÁN (AE) 2023/888 ÓN gCOMHAIRLE
an 28 Aibreán 2023
a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú
Airteagal 1
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “éileamh” aon éileamh, bíodh sé dearbhaithe le himeachtaí dlí nó ná bíodh, arna dhéanamh roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó dá éis, faoi chonradh nó idirbheart, nó i ndáil le conradh nó idirbheart, agus go háirithe:
éileamh ar chomhlíonadh aon oibleagáide a thiocfadh chun cinn faoi chonradh nó idirbheart nó i ndáil le conradh nó idirbheart;
éileamh ar shíneadh a chur le banna, le ráthaíocht airgeadais nó le slánaíocht, i cibé foirm, nó éileamh ar iad a íoc;
éileamh ar chúiteamh i leith conartha nó idirbhirt;
frithéileamh;
éileamh ar bhreithiúnas, dámhachtain eadrána nó cinneadh coibhéiseach, gan beann ar an áit ina ndéantar nó ina dtugtar iad, a aithint nó a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear trí bhíthin an nós imeachta exequatur;
ciallaíonn “conradh nó idirbheart” aon idirbheart gan beann ar an bhfoirm agus gan beann ar an dlí is infheidhme, bíodh sé comhdhéanta de chonradh amháin nó níos mó nó oibleagáidí comhchosúla a rinneadh idir na páirtithe céanna nó idir páirtithe éagsúla; chun na críche sin áirítear le “conradh” banna, ráthaíocht nó slánaíocht, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, agus creidmheas, bíodh sé neamhspleách go dlíthiúil nó ná bíodh, chomh maith le haon fhoráil ábhartha a eascraíonn as an idirbheart nó a mbeadh baint aici leis an idirbheart;
ciallaíonn “údaráis inniúla” údaráis inniúla na mBallstát faoi mar a shainaithnítear iad ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II;
ciallaíonn “acmhainní eacnamaíocha” sócmhainní de gach cineál, bídís inláimhsithe nó doláimhsithe, sochorraithe nó dochorraithe, arb acmhainní nach cistí iad, ach a fhéadfar a úsáid chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil;
ciallaíonn “reo acmhainní eacnamaíocha” cosc a chur le húsáid acmhainní eacnamaíocha chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil ar aon bhealach, lena n-áirítear iad a dhíol, a chur ar cíos nó a mhorgáistiú, ach gan bheith teoranta don mhéid sin;
ciallaíonn “reo cistí” cosc a chur ar aon bhogadh, aistriú, athrú, úsáid, rochtain ar, nó láimhseáil cistí ar aon dóigh as a n-eascródh aon athrú ar a dtoirt, méid, suíomh, úinéireacht, seilbh, tréith, ceann scríbe, nó aon athrú eile a d’fhágfadh go bhféadfaí na cistí a úsáid, bainistíocht punainne san áireamh;
ciallaíonn “cistí” sócmhainní airgeadais agus leasanna de gach cineál, lena n-áirítear ach gan bheith teoranta don mhéid seo a leanas:
airgead tirim, seiceanna, éilimh ar airgead, dréachtaí, orduithe airgid agus ionstraimí íocaíochta eile;
taiscí le hinstitiúidí airgeadais nó le heintitis eile, iarmhéideanna ar chuntais, fiachais agus oibleagáidí fiachais;
urrúis agus ionstraimí fiachais a thrádáiltear go poiblí nó go príobháideach, lena n-áirítear stoic agus scaireanna, deimhnithe in ionannas urrús, bannaí, nótaí, barántais, bintiúir agus conarthaí díorthach;
ús, díbhinní nó ioncam eile ar shócmhainní nó luach a fhabhraíonn astu nó arna nginiúint astu;
creidmheas, ceart fritháirimh, ráthaíochtaí, bannaí feidhmíochta nó ceangaltais airgeadais eile;
litreacha creidmheasa, billí luchtaithe, billí díolacháin;
doiciméid ina bhfuil cruthúnas ar leas i gcistí nó in acmhainní airgeadais;
ciallaíonn “críoch an Aontais” críocha na mBallstát a bhfuil an Conradh infheidhme maidir leo, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Chonradh, lena n-áirítear a n-aerspás.
Airteagal 2
Aireofar iad seo a leanas in Iarscríbhinn I:
daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais, nó a bhíonn ag tacú leo nó á gcur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, agus den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht nó den tslándáil i bPoblacht na Moldóive, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin, trí aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:
bac a chur ar an bpróiseas daonlathach polaitiúil nó an bonn a bhaint de, lena n-áirítear trí bhac a chur ar thoghcháin a reáchtáil nó tríd an mbonn a bhaint go mór de thoghcháin a reáchtáil nó iarrachtaí a dhéanamh an t-ord bunreachtúil a dhíchobhsú nó a threascairt;
agóidí foréigneacha nó gníomhaíocht eile foréigin a phleanáil, a stiúradh nó a bheith páirteach iontu, go díreach nó go hindíreach, tacú leo nó iad a éascú ar shlí eile; nó
mí-iompar tromchúiseach airgeadais a bhaineann le cistí poiblí agus onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil;
daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, a bhaineann leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí arna n-ainmniú faoi phointe (a).
Airteagal 3
De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur fíor an méid seo a leanas maidir leis na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:
go bhfuil gá leo chun freastal ar bhunriachtanais daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus baill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine nádúrtha sin, lena n-áirítear íocaíochtaí as bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;
gur ceapadh iad chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc nó costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;
gur ceapadh iad chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;
go bhfuil siad riachtanach i gcás costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil ábhartha d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais a mheasann sé ar ar cheart údarú sonrach a dheonú, 2 sheachtain ar a laghad roimh an údarú; nó
go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas misin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó eagraíochta idirnáisiúnta nó ón gcuntas sin a bhfuil díolúintí aige i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta.
Airteagal 4
Airteagal 5
De mhaolú ar Airteagal 2(1), féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
tá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 2 a liostú in Iarscríbhinn I, nó tá siad faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;
ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh den sórt sin a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;
ní chun sochair duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear in Iarscríbhinn I é an cinneadh; agus
níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.
Airteagal 6
De mhaolú ar Airteagal 2(1), agus ar choinníoll gurb íocaíocht ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I í atá dlite faoi chonradh nó faoi chomhaontú a thug an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann i gcrích nó arb oibleagáid í a tháinig chun cinn dóibh, roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin a áireamh in Iarscríbhinn I, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt, faoi na coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, ar choinníoll gur chinn an t-údarás inniúil mar a leanas:
go mbainfear leas as na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha le haghaidh íocaíocht ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I; agus
nach sárú ar Airteagal 2(2) í an íocaíocht.
Airteagal 7
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2(2) maidir leis an méid seo a leanas a chur le cuntais reoite:
ús nó tuillimh eile ar na cuntais sin;
íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 2 a áireamh in Iarscríbhinn I; nó
íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a tugadh sa Bhallstát nó atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann,
ar choinníoll go ndéantar aon ús den sórt sin, agus tuillimh agus íocaíochtaí eile a reo i gcomhréir le hAirteagal 2(1).
Airteagal 8
Gan dochar do na rialacha is infheidhme a bhaineann le tuairisciú, rúndacht agus sicréideacht ghairmiúil, déanfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí an méid seo a leanas:
aon fhaisnéis lena n-éascófar comhlíonadh an Rialacháin seo, mar shampla faisnéis faoi chuntais agus faoi mhéideanna arna reo i gcomhréir le hAirteagal 2(1), a sholáthar d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu nó ina bhfuil siad lonnaithe, agus déanfaidh siad aon fhaisnéis den sórt sin a tharchur, go díreach nó tríd an mBallstát, chuig an gCoimisiún; agus
rachaidh siad i gcomhar leis an údarás inniúil chun an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a fhíorú.
Airteagal 9
Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta sin dá dtagraítear in Airteagal 2.
Airteagal 10
Airteagal 11
Ní shásófar aon éileamh i ndáil le haon chonradh ná idirbheart a ndearnadh dochar dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin Rialachán seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh eile den sórt sin, mar shampla éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna, ráthaíocht nó slánaíocht nó iad a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é go ndéanfaidh ceann de na páirtithe seo a leanas an t-éileamh:
daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I;
aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó ceann de na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a).
Airteagal 12
Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit a chéile ar an eolas faoi na bearta a dhéantar faoin Rialachán seo agus roinnfidh siad aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh i ndáil leis an Rialachán seo, go háirithe faisnéis faoin méid seo a leanas:
cistí arna reo faoi Airteagal 2 agus údaruithe arna ndeonú faoi Airteagail 3, 5 agus 6;
sárú agus fadhbanna forfheidhmiúcháin agus breithiúnais arna dtabhairt ag cúirteanna náisiúnta.
Airteagal 13
Airteagal 14
Airteagal 15
Airteagal 16
Déanfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) sonraí pearsanta a phróiseáil chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a thabhairt i gcrích. Airítear ar na cúraimí sin:
a mhéid a bhaineann leis an gComhairle, leasuithe ar Iarscríbhinn I a ullmhú agus a dhéanamh;
a mhéid a bhaineann leis an Ardionadaí, leasuithe ar Iarscríbhinn I a ullmhú;
maidir leis an gCoimisiún:
inneachar Iarscríbhinn I a chur leis an liosta comhdhlúite leictreonach de dhaoine, grúpaí agus eintitis atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais an Aontais agus a chur leis an léarscáil smachtbhannaí idirghníomhach, iad ar fáil go poiblí;
próiseáil faisnéise faoi thionchar na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo mar shampla fiúntas na gcistí reoite agus próiseáil faisnéise faoi údaruithe arna ndeonú ag na húdaráis inniúla.
Airteagal 17
Airteagal 18
Ní dhéanfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis a sholáthraítear dó nó a fhaigheann sé i gcomhréir leis an Rialachán seo a úsáid ach chun na gcríoch dár soláthraíodh nó dá bhfuarthas íagus chuige sin amháin.
Airteagal 19
Beidh feidhm ag an Rialachán seo:
laistigh de chríoch an Aontais, lena n-áirítear laistigh dá aerspás;
ar bord aon aerárthach nó soitheach faoi dhlínse Bhallstáit;
maidir le haon duine nádúrtha laistigh nó lasmuigh de chríoch an Aontais ar náisiúnach Ballstáit é;
maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, laistigh de chríoch an Aontais nó lasmuigh di, atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit;
maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht i leith aon ghnó a dhéantar go hiomlán nó go páirteach laistigh den Aontas.
Airteagal 20
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
LIOSTA NA NDAOINE NÁDÚRTHA AGUS DLÍTHEANACHA, NA N-EINTITEAS AGUS NA GCOMHLACHTAÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2
A. Daoine nádúrtha
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Ráiteas ar chúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
1. |
Ilan Mironovich SHOR ar a dtugtar freisin Ilan Mironovici ȘOR |
Feidhm: fear gnó, uachtarán an pháirtí pholaitiúil “SHOR” (“ȘOR”) Dáta breithe: 6.3.1987 Áit bhreithe: Tel Aviv, Iosrael Inscne: fireann Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive, Iosraelach Uimhir Aitheantais Stáit (IDNP): 0971007884125 (Poblacht na Moldóive) |
Is polaiteoir Moldóvach é Ilan Shor (ceannaire an pháirtí pholaitiúil ȘOR) agus fear gnó ó Phoblacht na Moldóive a bhfuil baint aige le maoiniú neamhdhleathach páirtithe polaitiúla i bPoblacht na Moldóive, agus le gríosú chun foréigin i gcoinne an fhreasúra pholaitiúil. Sular fógraíodh é a bheith míbhunreachtúil i mí an Mheithimh 2023, bhí baint ag an bPáirtí ȘOR, a bhfuil Ilan Shor i gceannas air, le daoine a íoc agus a oiliúint chun mí-ord agus corraíl a spreagadh le linn na n-agóidí i bPoblacht na Moldóive. Le cinneadh dar dáta an 13 Aibreán 2023, ghearr Cúirt Achomhairc Chísineá pianbhreith phríosúnachta 15 bliana ar Ilan Shor as a bheith ciontach i gcalaois agus i sciúradh airgid sa chás “Calaois Bhainc”, agus rinneadh sócmhainní dá chuid, ar luach EUR 254 mhilliún iad, a choigistiú. Rinneadh cistí ón gcalaois bhaincéireachta mhórscála sin agus naisc chuig olagarcaí éillitheacha agus eintitis atá bunaithe i Moscó a úsáid agus tá siad fós á n-úsáid, de réir údaráis Phoblacht na Moldóive, chun corraíl pholaitiúil a chruthú go saorga sa tír. Áirítear ar a chuid gníomhaíochtaí atá dírithe ar dhaonlathas Phoblacht na Moldóive a threascairt cistiú neamhdhleathach a chur ar fáil chun tacú le gníomhaíocht pholaitiúil atá ar son na Creimile i bPoblacht na Moldóive. Sampla d’úsáid na gcistí sin is ea agóidí agus slógaí foréigneacha a eagrú, go príomha sa phríomhchathair Císineá, agus cabhair á fáil ó agóideoirí a bhí á n-íoc ag an bPáirtí ȘOR, le linn 2022 agus 2023. Ó fógraíodh Páirtí Șor a bheith míbhunreachtúil, lean Ilan Shor de thionchar na Rúise ar an ardán polaitiúil i bPoblacht na Moldóive a éascú, trí pháirtithe eile a mhaoiniú go neamhdhleathach agus iarracht a dhéanamh breab a thabhairt do pholaiteoirí. Trí cheannach vótaí agus feachtais bhréagaisnéise a mhaoiniú, chuir sé isteach freisin ar thoghcháin uachtaránachta 2024, an reifreann bunreachtúil maidir le haontachas leis an Aontas agus ar thoghcháin pharlaiminteacha 2025 i bPoblacht na Moldóive. Tríd an gcomhlachas neamhrialtasach Evrazia, atá lonnaithe sa Rúis, agus tríd an mBloc Polaitiúil “Victory/Pobeda” (“an Bua”), cuireann Ilan Shor insintí bolscaireachta na Rúise chun cinn agus comhordaíonn sé gníomhaíochtaí maoiniúcháin atá dírithe ar thionchar a imirt ar an staid pholaitiúil i bPoblacht na Moldóive. Trí léirsithe foréigneacha a stiúradh agus a phleanáil agus trína mhí-iompar tromchúiseach airgeadais maidir le cistí poiblí agus onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil, agus trí iarracht a dhéanamh an t-ord bunreachtúil a threascairt, tá Ilan Shor freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, agus den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht agus den tslándáil i bPoblacht na Moldóive, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Ina theannta sin, tá baint aige le Evrazia. |
30.5.2023 |
|
2. |
Gheorghe Petru CAVCALIUC |
Feidhm: polaiteoir, uachtarán an pháirtí pholaitiúil “Páirtí chun an Eoraip a Thógáil sa Bhaile” (PACE) iar-Leas-Cheann ar Chigireacht Ghinearálta na bPóilíní Dáta breithe: 25.10.1982 Áit bhreithe: sráidbhaile Micăuți, contae Strășeni, Poblacht na Moldóive Inscne: fireann Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive, Rómánach Uimhir Aitheantais Stáit (IDNP): 2000033042660 (Poblacht na Moldóive) Uimh. Pas: AB0664715 (Poblacht na Moldóive) 058117566 (an Rómáin) |
Is é Gheorghe Petru Cavcaliuc an t-iar-Leas-Cheann ar Chigireacht Ghinearálta na bPóilíní i bPoblacht na Moldóive. Is eol gur eagraigh sé agóidí foréigneacha mhí Dheireadh Fómhair 2022 agus gur ghlac sé páirt iontu, in éineacht le Ilan Shor. D’úsáid sé a naisc laistigh de Chigireacht Ghinearálta na bPóilíní chun iar-phóilíní a earcú agus grúpa paraimíleata a chruthú chun na léirsitheoirí foréigneacha a “chosaint” i gcoinne Rialtas Phoblacht na Moldóive. Sa chomhthéacs sin, bhunaigh sé “scáthrialtas” mar a thugtar air agus é d’aidhm aige áit rialtas Phoblacht na Moldóive, a toghadh go daonlathach, a ghlacadh. Trí léirsithe foréigneacha a stiúradh agus a phleanáil, tá Gheorghe Cavcaliuc freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, agus den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht agus den tslándáil i bPoblacht na Moldóive, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
30.5.2023 |
|
3. |
Marina TAUBER |
Feidhm: Comhalta de Pharlaimint Phoblacht na Moldóive (ó mhí an Mhárta 2019) Dáta breithe: 1.5.1986 Áit bhreithe: Chisinau, Poblacht na Moldóive Inscne: baineann Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive |
Is leascheannaire pháirtí pholaitúil Ilan Shor ȘOR agus Comhalta de Pharlaimint Phoblacht na Moldóive í Marina Tauber. Cúisíodh í sa chás “Calaois Bhainc” agus tá sí faoi réir imscrúdú in dhá chás choiriúla i bPoblacht na Moldóive a bhaineann le maoiniú neamhdhleathach ó ghrúpa coiriúil eagraithe agus le falsú na tuarascála ar bhainistíocht airgeadais an Pháirtí ȘOR. An 20 Nollaig 2022, rinne ionchúisitheoirí roinnt cuardaigh éagsúla i ndáil leis an gcás faoi mhaoiniú neamhdhleathach a bheith á dhéanamh ar pháirtí SOR. D’aithin údaráis Phoblacht na Moldóive ansin airgead a bhí le húsáid, dar leis na hionchúisitheoirí, chun agóidí frithrialtais a eagrú agus chun luach saothair a thabhairt do na rannpháirtithe sna léirsithe sin. In 2023, gabhadh seilbh ar sceana, ar shubstaintí inadhainte agus ar mhiodóga tar éis agóidí a d’eagraigh Gluaiseacht an Phobail, a bhfuil an Páirtí ȘOR ina chuid de. Cláraíodh foréigean agus coimhlintí idir na póilíní agus léirsitheoirí, inar coinníodh 54 dhuine, lena n-áirítear mionaoisigh. De réir Chigireacht Ghinearálta Phóilíní Phoblacht na Moldóive, bhí Marina Tauber i measc phríomheagraithe agóidí Pháirtí ȘOR agus Ghluaiseacht an Phobail. De réir Oifig Ionchúisitheora Phoblacht na Moldóive in aghaidh Éilliú, d’úsáid sí ionstraimí cumarsáide speisialta chun treoracha díreacha a thabhairt d’uachtaráin agus do leasuachtaráin oifigí críochacha Pháirtí ȘOR sa tír maidir le conas daoine a thabhairt chuig na léirsithe, conas iompar a eagrú agus conas an t-airgead a fháil chun luach saothair a íoc leis na daoine. Thairis sin, comhordaíonn Marina Tauber gníomhaíochtaí maoiniúcháin atá dírithe ar thionchar a imirt ar an staid pholaitiúil i bPoblacht na Moldóive. Trí léirsithe foréigneacha a stiúradh agus a phleanáil agus trína mí-iompar tromchúiseach airgeadais maidir le cistí poiblí agus onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil, agus trí iarracht a dhéanamh an t-ord bunreachtúil a threascairt, tá Marina Tauber freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, agus den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht agus den tslándáil i bPoblacht na Moldóive, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
30.5.2023 |
|
4. |
Igor Yuryevich CHAIKA dá ngairtear freisin Igor Yuryevich CHAYKA (Игорь Юрьевич ЧАЙКА) |
Feidhm: fear gnó Rúiseach Dáta breithe: 13.12.1988 Áit bhreithe: Irkutsk nó Moscó, iar-USSR (Cónaidhm na Rúise anois) Inscne: fireann Náisiúntacht: Rúiseach |
Is fear gnó Rúiseach é Igor Chaika atá freagrach as airgead a chasadh chun tacú le tionscadail Sheirbhís Slándála Chónaidhme na Rúise (FSB) atá dírithe ar Phoblacht na Moldóive a dhíchobhsú. D’imir sé an ról “sparán” na Rúise, agus airgead á chur aige le sócmhainní FSB i bPoblacht na Moldóive chun an tír a thabhairt faoi smacht na Creimile. Trína mhí-iompar tromchúiseach airgeadais a bhaineann le cistí poiblí, tá Igor Chaika freagrach as tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, agus den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht agus den tslándáil i bPoblacht na Moldóive, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
30.5.2023 |
|
5. |
Vladimir Gheorghe PLAHOTNIUC ar a dtugtar freisin Vladimir ULINICI ar a dtugtar freisin Vladimir PLAKHOTNYUK ar a dtugtar freisin Vladislav Vladimir NOVAK ar a dtugtar freisin Mihail TAUȘANOV / Mikhail TAUSHANOV (Владимир (Влад) Георгиевич ПЛАХОТНЮК) |
Feidhm: fear gnó, polaiteoir Dáta breithe: 1.1.1966 nó 25.12.1965 Áit bhreithe: Pitușca, Călărași, iar-USSR (Poblacht na Moldóive anois) Inscne: fireann Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive, Rómánach, Rúiseach Uimhir Aitheantais Stáit (IDNP): 0962706018030 (Poblacht na Moldóive) Uimhir an phas: AB 0671328; AA 1203658 (Poblacht na Moldóive) |
Tá Vladimir Plahotniuc faoi réir go leor imeachtaí coiriúla i bPoblacht na Moldóive a bhaineann le coireanna i ndáil le cistí Stáit Phoblacht na Moldóive a chúigleáil agus na cistí sin a aistriú go neamhdhleathach lasmuigh de Phoblacht na Moldóive. Cúisíodh é i bPoblacht na Moldóive sa chás “Calaois Bhainc”, cás a bhfuil a éifeachtaí eacnamaíocha fós ag cur isteach ar an tír. Tá sé á imscrúdú freisin as iar-uachtarán Phoblacht na Moldóive a bhreabadh le mála airgid mar mhalairt ar fhabhair pholaitiúla. Ina theannta sin, thionóil sé cruinnithe leis an gCreimil chun tacaíocht a fháil dá chur isteach ar thoghcháin pharlaiminteacha 2025 i bPoblacht na Moldóive. Trína mhí-iompar tromchúiseach airgeadais a bhaineann le cistí poiblí agus onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil agus tríd an mbonn a bhaint den phróiseas polaitiúil daonlathach i bPoblacht na Moldóive, tá Vladimir Plahotniuc freagrach as gníomhaíochtaí agus as beartais a chur chun feidhme a bhaineann an bonn den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht nó den tslándáil i bPoblacht na Moldóive. |
30.5.2023 |
|
6. |
Chiril GUZUN |
Iar-Oifigeach póilíneachta teorann agus ceannaire ar ghrúpa paraimíleata, “SCUTUL POPORULUI” Dáta breithe: 27.4.1979 Áit bhreithe: Ratus, Criuleni, PSS na Moldóive Inscne: fireann Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive, Rómánach |
Is é Chiril Guzun bunaitheoir agus ceannaire reatha “Scutul Poporului”, eagraíocht pharaimíleatach i bPoblacht na Moldóive, lena n-áirítear iarphearsanra míleata, póilíneachta agus forfheidhmithe dlí, a úsáideann foréigean agus iad ag freastal ar agóidí, go háirithe chun Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú. Le linn na n-iarrachtaí chun an rialtas náisiúnta a dhíchobhsú i mí Feabhra 2023, bhí grúpaí agóideoirí a bhí cleamhnaithe leis na páirtithe “Partidul ȘOR” a coisceadh ina dhiaidh sin agus leis an bpáirtí “An Eoraip a Thógáil sa Bhaile”“Partidul Acasă Construim Europa” (PACE), timpeallaithe ag comhaltaí de “Scutul Poporului” a raibh baint acu le círéibeacha agus le léirsithe foréigneacha, agus bhí “Scutul Poporului” ag tacú leo. Tá seanaithne ag Chiril Guzun ar Gheorghe Cavcaliuc, duine atá liostaithe agus atá ina cheannaire ar an bpáirtí “PACE”. D’admhaigh Cavcaliuc go raibh sé ag comhordú le heagraíocht Chiril Guzun maidir leis na hagóidí foréigneacha. Ina theannta sin, is í Natalia Guzun, bean chéile Chiril Guzun, leas-uachtarán an pháirtí “PACE”. Ina ról mar cheannaire ar “Scutul Poporului”, trí léirsithe foréigneacha a stiúradh, trí pháirt a ghlacadh iontu agus trí thacú leo, tá Chiril Guzun freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn den smacht reachta, den chobhsaíocht agus den tslándáil i bPoblacht na Moldóive agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Ina theannta sin, tá baint ag Chiril Guzun le Gheorghe Cavcaliuc agus le “Scutul Poporului”. |
22.2.2024 |
|
7. |
Dmitry MILYUTIN (Дмитрий Милютин) |
Leas-Cheann na Roinne Faisnéise Oibríochtúla i Stiúrthóireacht 5, Seirbhís Slándála Cónaidhme na Rúise (FSB) Dáta breithe: 30.5.1967 Áit bhreithe: Ijevsk, USSR (Cónaidhm na Rúise anois) Inscne: fireann Náisiúntacht: Rúiseach Uimhir an Chárta Aitheantais: 0134180 |
Tá Dmitry Milyutin ina Leas-Cheann ar Roinn Faisnéise Oibríochtúla de chuid Sheirbhís Slándála Cónaidhme na Rúise (FSB), atá freagrach as oibríochtaí ceilte na Rúise i bPoblacht na Moldóive ó 2016, go háirithe i réigiún Transnistria, lena ndéantar an ord bunreachtúil a díchobhsú. Trína chuid oibrithe, tá Milyutin ag stiúradh, ag comhordú agus ag ionramháil gníomhaithe polaitiúla roghnaithe i bPoblacht na Moldóive chun cláir oibre ar son na Rúise a shaothrú, rud a bhaineann an bonn den phróiseas polaitiúil daonlathach i bPoblacht na Moldóive. Ina theannta sin, tá baint ag grúpa Milyutin le heagrú agóidí foréigneacha agus gníomhartha foréigin eile atá ar siúl i bPoblacht na Moldóive. Tríd an mbonn tromchúiseach a bhaint den phróiseas polaitiúil daonlathach, trí iarracht a dhéanamh an t-ord bunreachtúil a dhíchobhsú, agus trí léirsithe foréigneacha agus gníomhartha foréigin eile a éascú, tá Dmitry Milyutin ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de cheannasacht agus neamhspleáchas, den daonlathas, den smacht reachta, de chobhsaíocht agus de slándáil Phoblacht na Moldóive agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar na gníomhaíochtaí sin. Tá baint aige freisin leis an duine liostaithe Igor Chaika. |
22.2.2024 |
|
8. |
Arina Evgheni CORȘICOVA |
Dáta breithe: 28.12.1974 Inscne: baineann Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive Uimhir Aitheantais Stáit (IDNP): 0962011898118 |
Bhí Arina Corșicova i gceannas ar roinnt iontaobhas meán cumarsáide i bPoblacht na Moldóive, a bhfuil dhá chainéal teilifíse ag ceann acu, “Accent TV” agus “Primul în Moldova”, ar chuir Poblacht na Moldóive a gceadúnais chraolacháin ar fionraí as faisnéis mhícheart a scaipeadh maidir le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus maidir le himeachtaí polaitiúla atá ar siúl faoi láthair i bPoblacht na Moldóive. D’ainneoin a cheadúnas craolacháin a chailleadh, leanann “Primul în Moldova” de ráitis bhréagacha a scaipeadh atá dírithe ar ord bunreachtúil Phoblacht na Moldóive a dhíchobhsú. Sa chomhthéacs sin, tá Arina Corșicova freagrach as an mbonn a bhaint den phróiseas polaitiúil daonlathach i bPoblacht na Moldóive trí fheachtas bréagaisnéise a stiúradh agus trí thacaíocht pholaitiúil a fháil ó Ilan Shor, ar duine liostaithe é. Ina theannta sin, is comhlach í le fada an lá de Ilan Shor, tar éis di a fheachtais toghcháin a mhaoiniú san am a chuaigh thart agus a bheith ina scairshealbhóir indíreach de chuid “Banca Socială”, a bhfuil baint aige leis an gcás “Calaois Bhainc”. Tríd an mbonn a bhaint den phróiseas polaitiúil daonlathach agus tríd an ord bunreachtúil a dhíchobhsú, tá Arina Corșicova freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn den daonlathas, den smacht reachta agus den chobhsaíocht i bPoblacht na Moldóive agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin agus tacaíonn sí leo. Ina theannta sin, tá baint aici le Ilan Shor. |
22.2.2024 |
|
9. |
Dumitru CHITOROAGĂ ar a dtugtar freisin Dumitru CHITORAGA |
Dáta breithe: 23.12.1984 Inscne: fireann Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive Uimhir Aitheantais Stáit (IDNP): 2002003101445 Pasuimhir: AB1187605 |
Tá Dumitru Chitoroagă ina riarthóir ar iontaobhas meán a bhfuil roinnt cainéal cumarsáide meán aige i bPoblacht na Moldóive, agus tá sé ina stiúrthóir ar roinnt cainéil díobh freisin. Leis na cainéil cumarsáide meán sin, cuirtear teachtaireachtaí chun cinn go minic a bhfuil sé mar aidhm leo bac a chur ar an bpróiseas polaitiúil daonlathach agus an bonn a bhaint de trí mhaímh fhollasacha maidir le Rialtas Phoblacht na Moldóive. Thairis sin, léiríonn siad tacaíocht láidir don duine liostaithe Ilan Shor agus dá pháirtí polaitiúil “SHOR” (“ȘOR”). Bhí cuid de na cainéil seo faoi úinéireacht Ilan Shor nó bunaithe aige trí idirghabhálaithe. Tá ceadúnais chraolacháin roinnt cainéal meán curtha ar fionraí ag Poblacht na Moldóive go dlíthiúil, lena n-áirítear “TV6” agus “ORHEI TV”, atá faoi riar Dumitru Chitoroagă, as faisnéis bhréagach a scaipeadh maidir leis na himeachtaí polaitiúla atá ann faoi láthair i bPoblacht na Moldóive. Dá bhrí sin, trí bhac a chur ar an bpróiseas polaitiúil daonlathach agus tríd an mbonn a bhaint de, tá Dumitru Chitoroagă freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht agus den tslándáil i bPoblacht na Moldóive agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Ina theannta sin, tá baint aige le Ilan Shor. |
22.2.2024 |
|
10. |
Maria ALBOT |
Comhairleoir um chaidreamh seachtrach ag Bashkan Gagauzia Riarthóir na Fondúireachta “Miron Shor” Scairshealbhóir i “Banca Socială” Dáta breithe: 21.1.1986 Inscne: baineann Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive Uimhir Aitheantais Stáit (IDNP): 2000088038487 |
Is comhlach iontaofa le fada an lá í Maria Albot de Ilan Shor, ar duine liostaithe é. Tá ról ceannasach aici faoi láthair i gceann dá fhondúireachtaí, an Fhondúireacht “Miron Shor”, agus tá baint aici leis an gcás “Calaois Bhainc” a rinne difear do chobhsaíocht airgeadais Phoblacht na Moldóive. Roimhe seo, bhí poist aici i gcuideachtaí nó i bhfondúireachtaí eile faoi úinéireacht Ilan Shor nó a bhí bainteach leis. Tá baint aici faoi láthair le hoibríochtaí faoi stiúir Ilan Shor chun bolscaireacht, slógadh agus agóidí comhordaithe a mhaoiniú arb é is aidhm dóibh Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú. Dá bhrí sin, tá baint aici le Ilan Shor. |
22.2.2024 |
|
11. |
Victor PETROV |
Polaiteoir, comhalta de Comhthionól Phobal Gagauzia Dáta breithe: 29.6.1975 Inscne: fireann Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive Uimhir Aitheantais Stáit (IDNP): 0973004885136 |
Is ionadaí é Victor Petrov do Bashkan Chomhthionól Phobal Gagauzia agus tá sé ina cheannaire ar Aontas Phobal Gagauzia, gluaiseacht shochpholaitiúil atá go follasach ar son na Rúise agus a chumasc le páirtí polaitiúil “Renaștere”. Faigheann sé tacaíocht pholaitiúil ón duine liostaithe Ilan Shor. Tá Victor Petrov rannpháirteach go gníomhach i scaipeadh bréagaisnéise agus i gríosú foréigin agus eagla i measc pobal Gagauzia Phoblacht na Moldóive maidir le cailliúint neamhspleáchais a d’fhéadfadh na húdaráis in Chișinău a chothú. Mar thoradh air sin, chuir údaráis i bPoblacht na Moldóive bac ar cheann dá shuíomhanna gréasáin, “gagauznews.md”. Mar sin féin, leantar den scaipeadh trí réimse nua, “gagauznews.com” agus trí dhearbhuithe Petrov. Tríd an mbonn a bhaint den phróiseas polaitiúil daonlathach agus tríd an ord bunreachtúil a dhíchobhsú, tá Victor Petrov ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn den daonlathas, den smacht reachta agus den chobhsaíocht i bPoblacht na Moldóive agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tá baint aige freisin le Ilan Shor. |
22.2.2024 |
|
12. |
Evghenia GUȚUL |
Feidhm: iarGhobharnóir Aonad Críochach Féinrialaithe Gagauzia Dáta breithe: 5.9.1986 Áit bhreithe: Etulia, Vulcănești, PSS na Moldóive (Poblacht na Moldóive anois) Inscne: baineann Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive |
Is í Evghenia Guțul iarGhobharnóir (Bashkan) Aonad Críochach Féinrialaithe Gagauzia i bPoblacht na Moldóive. D’oibrigh sí roimhe sin do pháirtí polaitiúil Ilan Shor, “SHOR” (“ȘOR”), atá toirmiscthe anois, agus bhí baint aici lena mhaoiniú neamhdhleathach. Mhol sí roinnt comhpháirtithe de chuid Shor chun poist ar Choiste Feidhmiúcháin Gagauzia a líonadh, in ainneoin nach bhfuil naisc ag na daoine sin le Gagauzia. Thug sí cuairt fhoirmiúil ar Chónaidhm na Rúise agus bhuail sí le hUachtarán na Rúise, Vladimir Putin, in ainneoin nach raibh an inniúlacht bhunreachtúil aici, mar Ghobharnóir, é sin a dhéanamh. D’iarr sí dearbhú ar Putin go dtacaíonn an Rúis le cearta, údarás agus seasaimh Gagauzia agus fuair sí an dearbhú sin. Ó cuireadh Evghenia Guțul faoi choinneáil i mí an Mhárta 2025, tá Ilia Uzun ag gníomhú mar Ghobharnóir (Bashkan) Aonad Críochach Féinrialaithe Gagauzia ina hionad agus tá sé tar éis a bheith á dhearbhú go poiblí go bhfuil gach ábhar a bhaineann le feidhmiú an Choiste Feidhmiúcháin á chomhordú le Evghenia Gutul trína dlíodóirí, cé nach bhforáiltear i ndlí Phoblacht na Moldóive do nósanna imeachta lena bhféadfaí ábhair a chomhordú le hiar-Bashkan nuair nach bhfuil a dualgais á gcomhlíonadh aici a thuilleadh. Trí scarúnachas agus dlúthnaisc le Cónaidhm na Rúise a chur chun cinn in Aonad Críochach Féinrialaithe Gagauzia, tá Evghenia Guțul ag iarraidh an t-ord bunreachtúil a threascairt, rud a chuireann ceannasacht agus neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, agus an daonlathas, an chobhsaíocht agus an tslándáil i bPoblacht na Moldóive, i mbaol. |
14.10.2024 |
|
13. |
Iurii CUZNEȚOV |
Feidhm: Leas-Cheann na Roinne Ginearálta um Chaidreamh Seachtrach, Aonad Críochach Féinrialaithe Gagauzia Dáta breithe: 18.7.1988 Áit bhreithe: PSS na Moldóive (Poblacht na Moldóive anois). Inscne: fireann Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive Uimhir Aitheantais Stáit (IDNP): 2004042080868 |
Is é Iurii Cuznețov, iarchomhalta de chuid pháirtí polaitiúil Ilan Shor, “SHOR” (“ȘOR”), Leas-Cheann na Roinne Ginearálta um Chaidreamh Seachtrach de Choiste Feidhmiúcháin Aonad Críochach Féinrialaithe Gagauzia. Bhí sé in éineacht le Evghenia Guțul nuair a thug sí cuairt ar Chónaidhm na Rúise agus bhí sé páirteach sa scéim chun saoránaigh Gagauzia a mhaoiniú trí bhanc Rúiseach. Thacaigh sé go gníomhach le feachtas Evghenia Guțul le bheith ina Gobharnóir (Bashkan) ar Gagauzia. Dá bhrí sin, tá baint ag Iurii Cuznețov le Evghenia Guțul. |
14.10.2024 |
|
14. |
Nelli PARUTENCO |
Feidhm: Bunaitheoir/ Stiúrthóir Evrazia Dáta breithe: 21.3.1962 Inscne: baineann Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive Uimhir Aitheantais Stáit (IDNP): 0970403899047 |
Ba í Nelli Parutenco cisteoir pháirtí polaitiúil Ilan Shor, “SHOR” (“ȘOR”), go dtí gur toirmeascadh é. I gcomhthéacs na n-imscrúduithe ar Pháirtí SOR mar gheall ar mhaoiniú neamhdhleathach, d’éalaigh sí go Moscó in 2022. Anois, is í Nelli Parutenco bunaitheoir agus stiúrthóir an chumainn neamhrialtasach, Evrazia, atá lonnaithe sa Rúis agus arb é is aidhm dó leasanna na Rúise a chur chun cinn i bpoblachtaí iar-Shóivéadacha, Poblacht na Moldóive san áireamh. Tá insintí bolscaireachta na Rúise á gcur chun cinn ag Evrazia, i measc leanaí óga, freisin, i gcampaí óige a eagraíonn sé. Feidhmíonn Evrazia mar chainéal chun maoiniú a chur ar fáil do shaoránaigh agus do thionscadail bhonneagair in Gagauzia ó bhanc Rúiseach agus ó Ilan Shor, agus feidhmíonn sé mar chainéal chun oiliúint maidir le hagóidíocht fhoréigneach a mhaoiniú do shaoránaigh Phoblacht na Moldóive, arna heagrú ag an Rúis. D’úsáid Evrazia airgead ó Ilan Shor chun tionchar a imirt ar thoghcháin uachtaránachta 2024 agus ar reifreann bunreachtúil 2024 maidir le haontachas leis an Aontas. D’oibrigh Evrazia go dlúth le bloc polaitiúil Shor “Victory” (“An Bua”), ag cur tacaíocht airgeadais agus tacaíocht lóistíochta ar fáil chun tionchar na Rúise sa réigiún a threisiú. Dá bhrí sin, trí Evrazia, tá Nelli Parutenco ag iarraidh an t-ord bunreachtúil a threascairt, rud a chuireann ceannasacht agus neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, agus an daonlathas, an chobhsaíocht agus an tslándáil i bPoblacht na Moldóive, i mbaol. Tá baint ag Nelli Parutenco le Evrazia. Ina theannta sin, tá baint ag Nelli Parutenco le Ilan Shor. |
14.10.2024 |
|
15. |
Ilia UZUN |
Feidhm: Leas-Uachtarán Choiste Feidhmiúcháin Aonad Críochach Féinrialaithe Gagauzia, Comhalta de Chomhthionól Phobal Gaugazia Dáta breithe: 16.5.1967 Áit bhreithe: Chioselia Rusă, Comrat, PSS na Moldóive (Poblacht na Moldóive anois) Inscne: fireann Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive Uimhir Aitheantais Stáit (IDNP): 0961607975268 |
Is comhalta de Chomhthionól Phobal Gaugazia é Ilia Uzun agus is é Leas-Uachtarán Choiste Feidhmiúcháin Gagauzia é. Bhuail sé le Ilan Shor in Iosrael chun cur chun feidhme phleananna toghcháin an Ghobharnóra (Bashkan) Evghenia Guțul in Gagauzia a phlé. Ó cuireadh Evghenia Guțul faoi choinneáil i mí an Mhárta 2025, tá Ilia Uzun ag gníomhú mar Ghobharnóir (Bashkan) Aonad Críochach Féinrialaithe Gagauzia ina hionad, agustá sé tar éis a bheith á dhearbhú go poiblí go bhfuil gach ábhar a bhaineann le feidhmiú an Choiste Feidhmiúcháin á chomhordú le Evghenia Guțul trína dlíodóirí, cé nach bhforáiltear i ndlí Phoblacht na Moldóive do nósanna imeachta lena bhféadfaí ábhair a chomhordú le hiar-Bashkan nuair nach bhfuil a dualgais á gcomhlíonadh aici a thuilleadh. Tá bolscaireacht na Rúise á scaipeadh ag Ilia Uzun, bolscaireacht a sheol foireann Ilan Shor. Phleanáil sé léirsithe i gcoinne údaráis Phoblacht na Moldóive, léirsithe a d’eagraigh Ilan Shor nó a chomhpháirtithe, d’fhreastail sé orthu agus bhí sé i gceannas orthu. Thacaigh sé go poiblí le Ilan Shor nó lena ghníomhaíochtaí. Dá bhrí sin, tá baint aige le Ilan Shor agus Evghenia Guțul. |
14.10.2024 |
|
16. |
Mihail VLAH |
Feidhm: Leas-Ghobharnóír agus comhairleoir um chaidreamh leis na meáin do Ghobharnóir Aonad Críochach Féinrialaithe Gagauzia Dáta breithe: 4.2.1978 Inscne: fireann Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive Pasuimhir: 2000019014568 |
Tá Mihail Vlah ina leasghobharnóir do Ghobharnóir (Bashkan) Gagauzia, Evghenia Guțul. Cheap Evghenia Guțul é ach níor fhormheas Comhthionól Phobal Gagauzia an ceapachán. Is é comhairleoir Evghenia Guțul um chaidreamh leis na meáin freisin é. Bhuail sé le Ilan Shor in Iosrael chun cur chun feidhme phleananna toghcháin an Ghobharnóra Guțul in Gagauzia a phlé. Phleanáil sé léirsithe i gcoinne údaráis Phoblacht na Moldóive, léirsithe inar tacaíodh le Evghenia Guțul nó a d’eagraigh Ilan Shor nó a chomhpháirtithe agus d’fhreastail sé orthu. Thacaigh sé go poiblí le gníomhaíochtaí Ilan Shor nó Evghenia Guțul. Dá bhrí sin, tá baint ag Mihail Vlah le Ilan Shor agus le Evghenia Guțul. Ina theannta sin, ghlac sé páirt i léirsiú foréigneach, nó ghríosaigh sé foréigean, i gcoinne Rialtas Phoblacht na Moldóive agus rinne sé iarracht an t-ord bunreachtúil a dhíchobhsú trína mhaíomh go bhfuil sé de cheart ag Réigiún Críochach Féinrialaithe Gagauzia ionadaíochtaí taidhleoireachta a oscailt thar lear. |
14.10.2024 |
|
17. |
Alexandru BEȘCHIERU |
Feidhm: Ceannaire ar pháirtí polaitiúil “Forța de Alternativă și de Salvare a Moldovei” (“Fórsa Malartach agus Slánaithe na Moldóive”) Dáta breithe: 5.7.1990 Áit bhreithe: Císineá, Poblacht na Moldóive Inscne: fireann Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive |
Is é Alexandru Beșchieru ceannaire an pháirtí pholaitiúil “Forța de Alternativă și de Salvare a Moldovei” (“FASM”), atá ar cheann de na páirtithe is comharba a d’eascair as páirtí polaitiúil ȘOR, ar páirtí coiscthe é, atá faoi stiúir Ilan Shor. I mí Aibreáin 2024, sheol Ilan Shor Victory/Pobeda Political Bloc i Moscó, rud a thugann na comharbaí a d’eascair as a pháirtí le chéile, lena n-áirítear FASM. Mar cheannaire ar FASM, déanann Alexandru Beșchieru ionadaíocht don pháirtí agus comhordaíonn sé a chuid gníomhaíochtaí. Dá bhrí sin, tá baint aige le Victory/Pobeda Political Bloc. Tá baint aige freisin le Ilan Shor. |
15.7.2025 |
|
18. |
Victoria FURTUNĂ |
Feidhm: Polaiteoir - Ceannaire ar pháirtí polaitiúil “Moldova Mare” Dáta breithe: 24.2.1981 Áit bhreithe: Hâncești, Poblacht na Moldóive Inscne: baineann Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive |
Is polaiteoir ó Phoblacht na Moldóive í Victoria Furtună a bhfuil tacaíocht shuntasach faighte aici ó Ilan Shor agus ó Victory/Pobeda Political Bloc, atá mar chomharba ar pháirtí polaitiúil ȘOR, ar páirtí coiscthe é, faoi stiúir Ilan Shor. Go háirithe, le linn thoghchán uachtaránachta 2024, moladh do bhaill Victory/Pobeda Political Bloc vóta a chaitheamh ar son Victoria Furtună, lena n-áirítear trí scéimeanna breabaireachta. Thairis sin, de shárú ar dhlíthe toghcháin lena dtoirmisctear feachtasaíocht a dhéanamh ar lá na dtoghchán, thug an duine liostaithe Ilan Shor agus a chomhpháirtithe treoir dá lucht tacaíochta chun vóta a chaitheamh ar son Victoria Furtună. Dá bhrí sin, tá baint aici le Victory/Pobeda Political Bloc. Tá baint aici freisin le Ilan Shor. |
15.7.2025 |
|
19. |
Vadim GROZAVU |
Feidhm: Ceannaire ar pháirtí polaitiúil “Victorie” (an Bua) Dáta breithe: 2.12.1984 Áit bhreithe: Poblacht na Moldóive Inscne: fireann Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive |
Is é Vadim Grozavu ceannaire an pháirtí pholaitiúil “Victorie”, atá ar cheann de na páirtithe is comharba a d’eascair as páirtí polaitiúil ȘOR, ar páirtí coiscthe é, atá faoi stiúir an duine liostaithe Ilan Shor. I mí Aibreáin 2024, sheol Ilan Shor Victory/Pobeda Political Bloc i Moscó, rud a thugann na comharbaí a d’eascair as a pháirtí le chéile, lena n-áirítear Victory. Mar cheannaire ar Victory, déanann Vadim Grozavu ionadaíocht don pháirtí agus comhordaíonn sé a chuid gníomhaíochtaí. Dá bhrí sin, tá baint aige le Victory/Pobeda Political Bloc. Tá baint aige freisin le Ilan Shor. |
15.7.2025 |
|
20. |
Irina MIHAIL LOZOVAN |
Feidhm: Polaiteoir - páirtí polaitiúil “Renaștere” (Athbheochan) Dáta breithe: 27.12.1983 Áit bhreithe: Lipcani, Poblacht na Moldóive Inscne: baineann Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive |
Is polaiteoir i bPoblacht na Moldóive í Irina Lozovan ón bpáirtí polaitiúil Renaștere (“Renaștere”/“Athbheochan”), atá ar cheann de na páirtithe is comharba a d’eascair as páirtí polaitiúil ȘOR, ar páirtí coiscthe é, atá faoi stiúir an duine liostaithe Ilan Shor. I mí Aibreáin 2024, sheol Ilan Shor Victory/Pobeda Political Bloc i Moscó, rud a thugann na comharbaí a d’eascair as a pháirtí le chéile, lena n-áirítear Renaștere. Ghlac Irina Lozovan páirt san imeacht sin agus bhí ról feidhmiúcháin aici i scéim bhreabaireachta Ilan Shor i gcomhthéacs na dtoghchán uachtaránachta agus an reifrinn bhunreachtúil maidir le haontachas leis an Aontas in 2024. Tríd an mbonn a bhaint ar bhealach suntasach de reáchtáil na dtoghchán, tá Irina Lozovan freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht nó den tslándáil i bPoblacht na Moldóive nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tá baint aici freisin le Victory/Pobeda Political Bloc agus le Ilan Shor. |
15.7.2025 |
|
21. |
Alexei LUNGU |
Feidhm: Iriseoir, Uachtarán an Pháirtí Pholaitiúil “Șansă” (Seans) Dáta breithe: 19.11.1983 Áit bhreithe: Poblacht na Moldóive Inscne: fireann Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive |
Is é Alexei Lungu ceannaire an pháirtí pholaitiúil “Șansă”, atá ar cheann de na páirtithe a tháinig in áit an pháirtí pholaitiúil ȘOR, ar páirtí coiscthe é, atá faoi stiúir an duine liostaithe Ilan Shor. I mí Aibreáin 2024, sheol Ilan Shor bloc polaitiúil Victory/Pobeda (“an Bua”) Moscó, rud a thugann na comharbaí a d’eascair as a pháirtí le chéile, lena n-áirítear Șansă. Mar cheannaire ar Șansă, déanann Alexei Lungu ionadaíocht don pháirtí agus comhordaíonn sé a chuid gníomhaíochtaí. Dá bhrí sin, tá baint aige leis an mBloc Polaitiúil ar a dtugtar Victory/Pobeda. Tá baint aige freisin le Ilan Shor. |
15.7.2025 |
|
22. |
Alexandr NESTEROVSCHI |
Feidhm: Polaiteoir Dáta breithe: 11.1.1981 Áit bhreithe: Răuțel, Poblacht na Moldóive Inscne: fireann Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive |
Is polaiteoir ó Phoblacht na Moldóive é Alexandr Nesterovschi a raibh baint aige le scéimeanna breabaireachta a d’eagraigh an duine liostaithe Ilan Shor chun drochthionchar a imirt ar roinnt polaiteoirí ó Phoblacht na Moldóive chun gluaiseacht ar son na hEorpa a chruthú, de réir cosúlachta, ach a bhí á rialú ag Ilan Shor ó Mhoscó, dáiríre. Fuair Alexandr Nesterovschi, le linn a thrialach choiriúil, tacaíocht ón Rúis agus ó Ilan Shor. Gearradh téarma príosúnachta 12 bhliain as éilliú polaitiúil air. Tríd an mbonn a bhaint den phróiseas polaitiúil daonlathach, lena n-áirítear trí iarracht a dhéanamh an t-ord bunreachtúil a dhíchobhsú nó a threascairt, tá Alexandr Nesterovschi freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais a bhaineann an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, nó den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht nó den tslándáil i bPoblacht na Moldóive, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin. Tá baint aige freisin le Ilan Shor. |
15.7.2025 |
|
23. |
Natalia PARASCA |
Feidhm: Polaiteoir; ceannaire ar an bpáirtí polaitiúil “Renaștere” (Athbheochan); comhalta boird den eagraíocht “Evrazia” Dáta breithe: 2.2.1990 Áit bhreithe: an Úcráin Inscne: baineann Náisiúntacht: Rúiseach |
Is í Natalia Parasca ceannaire an pháirtí pholaitiúil “Renaștere” (Athbheochan), atá ar cheann de na páirtithe is comharba a d’eascair as páirtí polaitiúil ȘOR, ar páirtí coiscthe é, atá faoi stiúir an duine liostaithe Ilan Shor. I mí Aibreáin 2024, sheol Ilan Shor Victory/Pobeda Political Bloc i Moscó, rud a thugann na comharbaí a d’eascair as a pháirtí le chéile, lena n-áirítear Renaștere. Mar cheannaire ar Renaștere, déanann Natalia Parasca ionadaíocht don pháirtí agus comhordaíonn sé a chuid gníomhaíochtaí. Tá sí ina comhalta freisin de bhord an eintitis liostaithe Evrazia, a bhfuil baint ghníomhach aige le scéimeanna maoinithe neamhdhleathacha Ilan Shor. Dá bhrí sin, tá baint ag Natalia Parasca le Victory/Pobeda Political Bloc, Ilan Shor agus Evrazia. |
15.7.2025 |
B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Ráiteas ar Chúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
1. |
Cumann Poiblí – Association of People with Epaulettes “Scutul Poporului” (Asociația Obștească – Asociația Oamenilor cu Epoleți “Scutul Poporului”) |
An cineál eintitis: ENR – grúpa paraimíleata Seoladh: 74, Mitropolit Varlam street, Chișinău, Republic of Moldova Cláruimhir: 1022620011296 Website: https://m.facebook.com/people/Scutul-Poporului/100088028496232/ |
Is eagraíocht pharaimíleatach i bPoblacht na Moldóive í “Scutul Poporului”, lena n-áirítear iarphearsanra míleata, póilíneachta agus forfheidhmithe dlí. Tá sé faoi stiúir Chiril Guzun agus freastalaíonn sé ar agóidí, go háirithe chun Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú, trí úsáid a bhaint as foréigean. Le linn na n-iarrachtaí chun an rialtas náisiúnta a dhíchobhsú i mí Feabhra 2023, bhí grúpaí agóideoirí a bhí cleamhnaithe leis na páirtithe “Partidul ȘOR” a coisceadh ina dhiaidh sin agus leis an bpáirtí “An Eoraip a Thógáil sa Bhaile”“Partidul Acasă Construim Europa” (PACE), timpeallaithe ag comhaltaí de “Scutul Poporului” a raibh baint acu le círéibeacha agus le léirsithe foréigneacha, agus bhí “Scutul Poporului” ag tacú leo. Trí pháirt a ghlacadh i léirsithe foréigneacha agus trí thacú leo, tá “Scutul Poporului” freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, agus den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht agus den tslándáil i bPoblacht na Moldóive, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Ina theannta sin, tá baint ag “Scutul Poporului” leis an duine liostaithe Chiril Guzun. |
22.2.2024 |
|
2. |
Evrazia - Eagraíocht neamhthráchtála uathrialach um chur chun cinn an chomhair idirnáisiúnta |
An cineál eintitis: Eagraíocht neamhthráchtála uathrialach Seoladh: Moscó, 127006, Krasnoproletarskaya Street 7, office 4/P, Cónaidhm na Rúise Cláruimhreacha: OGRN: 1247700291200; INN: 9707028663; KPP: 770701001 Suíomh gréasáin: https://evrazia.su/ |
Is comhlachas neamhrialtasach atá in Evrazia atá lonnaithe sa Rúis agus a bhunaigh Nelli Parutenco. Is é is aidhm dó leasanna na Rúise a chur chun cinn i bpoblachtaí iar-Shóivéadacha, Poblacht na Moldóive san áireamh. Tá insintí bolscaireachta na Rúise á gcur chun cinn ag Evrazia, i measc leanaí óga, freisin, i gcampaí óige a eagraíonn sé. Feidhmíonn Evrazia mar chainéal chun maoiniú a chur ar fáil do shaoránaigh agus do thionscadail bhonneagair in Gagauzia ó bhanc Rúiseach agus ó Ilan Shor, agus feidhmíonn sé mar chainéal chun oiliúint maidir le hagóidíocht fhoréigneach a mhaoiniú do shaoránaigh Phoblacht na Moldóive, arna heagrú ag an Rúis. D’úsáid Evrazia airgead ó Ilan Shor chun tionchar a imirt ar thoghcháin uachtaránachta 2024 agus ar reifreann bunreachtúil 2024 maidir le haontachas leis an Aontas. D’oibrigh Evrazia go dlúth le bloc polaitiúil Shor “Victory” (“An Bua”), ag cur tacaíocht airgeadais agus tacaíocht lóistíochta ar fáil chun tionchar na Rúise sa réigiún a threisiú. Dá bhrí sin, tá Evrazia ag iarraidh an t-ord bunreachtúil a threascairt, rud a chuireann ceannasacht agus neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, agus an daonlathas, an chobhsaíocht agus an tslándáil i bPoblacht na Moldóive, i mbaol. Tá baint ag Evrazia le Nelli Parutenco. Ina theannta sin, tá baint ag Evrazia le Ilan Shor. |
14.10.2024 |
|
3. |
A7 OOO (A7 LLC) |
An cineál eintitis: Cuideachta faoi dhliteanas teoranta |
Bhunaigh Ilan Shor A7 in éineacht le roinnt cuideachtaí airgeadais i Moscó, i gcomhpháirtíocht le heintitis stáit na Rúise. Tá baint ag na cuideachtaí sin le hiarrachtaí a rinneadh chun tionchar a imirt ar thoghcháin uachtaránachta agus ar an reifreann bunreachtúil maidir le haontachas leis an Aontas a reáchtáladh i bPoblacht na Moldóive in 2024. Bhain Ilan Shor úsáid as A7 chun airgead a aistriú chuig vótálaithe, ag tairiscint íocaíochtaí mar mhalairt ar vótaí i gcoinne an reifrinn agus ar son iarrthóirí sonracha sna toghcháin uachtaránachta. Tríd an mbonn a bhaint ar bhealach tromchúiseach de reáchtáil na dtoghchán, tá A7 freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht nó den tslándáil i bPoblacht na Moldóive nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tá baint ag A7 freisin le Ilan Shor. |
15.7.2025 |
|
4. |
VICTORY/POBEDA POLITICAL BLOC Политический блок “Победа” |
An cineál eintitis: Bloc polaitiúil Seoladh: Moscó, Cónaidhm na Rúise |
Bhunaigh Ilan Shor Victory/Pobeda Political Bloc an 21 Aibreán 2024. Nuair a bunaíodh an bloc, bhí roinnt sínitheoirí suntasacha páirteach ann, lena n-áirítear Marina Tauber agus Evghenia Guțul, agus ceannairí na bpáirtithe “Deis” (Șansă), “Athbheochan” (Renaștere), “an Bua” (Victorie) agus “Fórsa Malartach agus Slánaithe na Moldóive” (Forța de Alternativă și de Salvare a Moldovei). Le linn an tionóil, toghadh Ilan Shor ina chathaoirleach ar an mbloc polaitiúil, Evghenia Guttul ina rúnaí feidhmiúcháin agus Marina Tauber ina rúnaí, ar daoine liostaithe iad an bheirt sin. Tá baint ag Victory/Pobeda Political Bloc le faisnéis bhréagach a scaipeadh agus ltá sé ag gabháil do scéimeanna ceannaithe vótaí le linn na dtoghchán uachtaránachta agus an reifrinn bhunreachtúil maidir le haontachas leis an Aontas a reáchtáladh i bPoblacht na Moldóive in 2024. Tríd an mbonn a bhaint den phróiseas polaitiúil daonlathach, lena n-áirítear tríd an mbonn a bhaint ar bhealach suntasach de reáchtáil na dtoghchán, tá Victory/Pobeda Political Bloc freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais a bhaineann an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, nó den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht nó den tslándáil i bPoblacht na Moldóive, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin. Tá baint aige freisin le Ilan Shor. |
15.7.2025 |
|
5. |
The Cultural Educational Centre of Moldova (“Культурно-образовательный центр Молдовы”) |
An cineál eintitis: Eagraíocht neamhbhrabúis uathrialaitheach Seoladh: Moscó, Cónaidhm na Rúise Uimhir chlárúcháin: 1237700920654 – 9705215107/770501001 Suíomh gréasáin: https://moldovacenter.ru/ |
D’éascaigh Cultural Educational Centre of Moldova (Ionad Oideachais Chultúrtha na Moldóive) an próiseas maidir le cur isteach ar thoghcháin i dtoghcháin uachtaránachta 2024 trí dhearbháin saor in aisce a dháileadh ar vótálaithe a iompraíodh chuig stáisiún vótála i Moscó, agus an clár bolscaireachta “Cárta Shaoránach Phoblacht na Moldóive i gCónaidhm na Rúise” á chur chun cinn ag an am céanna. Rinneadh na gníomhaíochtaí sin i gcomhar le Ilan Shor agus le comhpháirtithe eile, chun tionchar córasach a imirt ar thorthaí toghcháin. Chuir Ilan Shor agus Evghenia Guttul, in éineacht leis an bpáirtí polaitiúil Victory, oscailt an Ionaid Oideachais Chultúrtha chun cinn i roinnt cathracha Rúiseacha. Baineadh úsáid as an ócáid lainseála freisin mar ardán chun clár oibre Victory/Pobeda Political Bloc, atá faoi stiúir Ilan Shor agus Evghenia Guttul, a chur chun cinn. Tríd an mbonn a bhaint den phróiseas polaitiúil daonlathach, lena n-áirítear tríd an mbonn a bhaint ar bhealach suntasach de reáchtáil na dtoghchán, tá Cultural Educational Centre of Moldova (Ionad Oideachais Chultúrtha na Moldóive) freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais a bhaineann an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, nó den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht nó den tslándáil i bPoblacht na Moldóive, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin. Dá bhrí sin, tá baint ag Cultural Educational Centre of Moldova (Ionad Oideachais Chultúrtha na Moldóive) le Ilan Shor. |
15.7.2025 |
IARSCRÍBHINN II
Suíomhanna gréasáin le haghaidh faisnéis maidir leis na húdaráis inniúla agus an seoladh chun fógraí a thabhairt don Choimisiún
AN BHEILG
https://diplomatie.belgium.be/en/policy/policy_areas/peace_and_security/sanctions
BULGARIA
https://www.mfa.bg/en/EU-sanctions
AN tSEICIA
www.financnianalytickyurad.cz/mezinarodni-sankce.html
DENMARK
https://um.dk/udenrigspolitik/sanktioner/ansvarlige-myndigheder
AN GHEARMÁIN
https://www.bmwi.de/Redaktion/DE/Artikel/Aussenwirtschaft/embargos-aussenwirtschaftsrecht.html
AN EASTÓIN
https://vm.ee/sanktsioonid-ekspordi-ja-relvastuskontroll/rahvusvahelised-sanktsioonid
ÉIRE
https://www.dfa.ie/our-role-policies/ireland-in-the-eu/eu-restrictive-measures/
AN GHRÉIG
http://www.mfa.gr/en/foreign-policy/global-issues/international-sanctions.html
AN SPÁINN
https://www.exteriores.gob.es/es/PoliticaExterior/Paginas/SancionesInternacionales.aspx
FRANCE
http://www.diplomatie.gouv.fr/fr/autorites-sanctions/
AN CHRÓIT
https://mvep.gov.hr/vanjska-politika/medjunarodne-mjere-ogranicavanja/22955
AN IODÁIL
AN CHIPIR
AN LAITVIA
AN LIOTUÁIN
LUXEMBOURG
AN UNGÁIR
https://kormany.hu/kulgazdasagi-es-kulugyminiszterium/ensz-eu-szankcios-tajekoztato
MALTA
AN ÍSILTÍR
https://www.rijksoverheid.nl/onderwerpen/internationale-sancties
AN OSTAIR
https://www.bmeia.gv.at/themen/aussenpolitik/europa/eu-sanktionen-nationale-behoerden/
AN PHOLAINN
https://www.gov.pl/web/dyplomacja/sankcje-miedzynarodowe
https://www.gov.pl/web/diplomacy/international-sanctions
PORTUGAL
https://portaldiplomatico.mne.gov.pt/politica-externa/medidas-restritivas
ROMANIA
AN tSLÓIVÉIN
http://www.mzz.gov.si/si/omejevalni_ukrepi
AN tSLÓVAIC
https://www.mzv.sk/europske_zalezitosti/europske_politiky-sankcie_eu
AN FHIONLAINN
AN tSUALAINN
https://www.regeringen.se/sanktioner
Seoladh chun fógraí a chur chuig an gCoimisiún Eorpach:
An Coimisiún Eorpach
An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil (AS FISMA)
2 Rue de Spa
B-1049 an Bhruiséil, an Bheilg
R-phost: relex-sanctions@ec.europa.eu