02023R0444 — GA — 02.03.2023 — 000.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/444 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Nollaig 2022

lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le bearta chun rochtain éifeachtach ar sheirbhísí éigeandála a áirithiú trí chumarsáid éigeandála ar an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112”

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 065 2.3.2023, lch. 1)


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 068, 6.3.2023, lch.  182 ((AE) 2023/444)




▼B

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/444 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Nollaig 2022

lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le bearta chun rochtain éifeachtach ar sheirbhísí éigeandála a áirithiú trí chumarsáid éigeandála ar an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112”

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



CAIBIDIL 1

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Leis an Rialachán seo, bunaítear bearta chun rochtain éifeachtach ar sheirbhísí éigeandála a áirithiú trí chumarsáid éigeandála maidir le réitigh faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora, rochtain d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas agus ródú chuig an PSAP is iomchuí.

Airteagal 2

Chun críocha an Rialacháin seo tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “cumarsáid éigeandála éifeachtach” cumarsáid éigeandála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (38) de Threoir (AE) 2018/1972 lena n-áirithítear an méid seo a leanas:

(a) 

cumarsáid phras idir an t-úsáideoir deiridh agus an PSAP is iomchuí, agus

(b) 

faisnéis chomhthéacsúil a chur ar fáil go pras, lena n-áirítear faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora;

(2) 

ciallaíonn “faisnéis chomhthéacsúil” an fhaisnéis a chuireann an t-úsáideoir deiridh in iúl trí chumarsáid éigeandála nó a fhaightear agus a tharchuirtear go huathoibríoch ó ghléas an úsáideora deiridh nó ón ngréasán ábhartha chun gur féidir acmhainní idirghabhála na seirbhísí éigeandála a shainaithint go pras agus chun gur féidir leis na seirbhísí éigeandála teacht go tapa chuig láthair na hidirghabhála.



CAIBIDIL 2

FAISNÉIS FAOI SHUÍOMH AN GHLAOITEORA

Airteagal 3

1.  
Agus critéir á leagan síos acu maidir le cruinneas agus iontaofacht na faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora de bhun Airteagal 109 (6) de Threoir (AE) 2018/1972, áiritheoidh na húdaráis rialála inniúla, laistigh de theorainneacha na féidearthachta teicniúla, go n-aimseofar suíomh an úsáideora deiridh ar bhealach chomh hiontaofa agus chomh cruinn agus is gá le go mbeidh na seirbhísí éigeandála ábalta cuidiú leis an úsáideoir deiridh. Leagfaidh na húdaráis inniúla rialála síos na critéir agus na paraiméadair a shonraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo á gcur san áireamh acu.
2.  

Maidir leis na líonraí fosaithe:

(a) 

déanfar an critéar cruinnis maidir le faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a shloinneadh mar fhaisnéis a bhaineann le seoladh fisiciúil chríochphointe an líonra;

(b) 

sloinnfear an critéar iontaofachta maidir le faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora mar ráta ratha, i gcéatadán, an réitigh theicniúil nó an mheascáin de réitigh theicniúla chun faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a chomhfhreagraíonn don chritéar cruinnis a chruthú agus a tharchur chuig an PSAP is iomchuí.

3.  

Maidir leis na líonraí móibíleacha:

(a) 

déanfar an critéar cruinnis maidir le faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a shloinneadh i méadair. Más infheidhme, déanfar an critéar um chruinneas airde nó ingearach a shloinneadh i méadair chomh maith;

(b) 

sloinnfear an critéar iontaofachta maidir le faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora mar ráta ratha, i gcéatadán, an réitigh theicniúil nó an mheascáin de réitigh theicniúla chun limistéar cuardaigh a chomhfhreagraíonn don chritéar cruinnis a chruthú agus a tharchur chuig an PSAP is iomchuí.



CAIBIDIL 3

ROCHTAIN AR SHEIRBHÍSÍ ÉIGEANDÁLA D’ÚSÁIDEOIRÍ DEIRIDH FAOI MHÍCHUMAS

Airteagal 4

Agus rochtain ar sheirbhísí éigeandála á cur chun feidhme acu trí chumarsáid éigeandála d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, áiritheoidh na Ballstáit, faoi réir na féidearthachta teicniúla, go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le coibhéis fheidhmiúil seo a leanas:

(a) 

gur féidir cumarsáid idirghníomhach dhá threo a dhéanamh leis an gcumarsáid éigeandála idir an t-úsáideoir deiridh faoi mhíchumas agus an PSAP;

(b) 

go mbeidh an chumarsáid éigeandála ar fáil go héasca, gan réamhchlárú, d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas atá ag taisteal i mBallstát eile;

(c) 

go soláthrófar an chumarsáid éigeandála saor in aisce d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas;

(d) 

go ródófar an chumarsáid éigeandála gan mhoill chuig an PSAP is iomchuí atá cáilithe agus feistithe chun an chumarsáid éigeandála ó úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas a fhreagairt agus a phróiseáil;

(e) 

go n-áiritheofar leibhéil choibhéise cruinnis agus iontaofachta faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora don chumarsáid éigeandála d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas mar atá do ghlaonna éigeandála ó úsáideoirí deiridh eile;

(f) 

go mbeidh úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas ábalta an leibhéal céanna feasachta, ar a laghad, faoi na modhanna rochtana ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála a bhaint amach agus a bhaineann úsáideoirí deiridh eile faoi ghlaonna éigeandála ar “112” amach, trí na modhanna rochtana a dhearadh nó trí bhearta múscailte feasachta.



CAIBIDIL 4

RÓDÚ CHUIG AN BPOINTE FREAGARTHA GLAONNA ÉIGEANDÁLA IS OIRIÚNAÍ

Airteagal 5

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cumarsáid éigeandála agus faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a ródú gan mhoill chuig an PSAP is iomchuí a bheidh ábalta, go teicniúil, an fhaisnéis chomhthéacsúil a chur in iúl do na seirbhísí éigeandála agus na seirbhísí sin a chur ar an eolas.

Airteagal 6

Chun an fhéidearthacht theicniúil do rochtain réidh ar sheirbhísí éigeandála dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 4(1) den Rialachán seo a áirithiú, gan dochar do chur chun feidhme Threoir (AE) 2019/882, comhoibreoidh na Ballstáit leis an gCoimisiún chun ceanglais idir-inoibritheachta chomhchoiteanna a shainaithint lena n-éascófar an chumarsáid éigeandála chuig an PSAP is iomchuí trí fheidhmchlár móibíleach áit ar bith san Aontas.



CAIBIDIL 5

Tuairisciú

Airteagal 7

1.  
Déanfaidh na Ballstáit feidhmíocht an ródaithe chuig an PSAP is iomchuí a thuairisciú go rialta don Choimisiún faoi Airteagal 5, arna chur chun feidhme le haghaidh cumarsáid éigeandála agus faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora.
2.  
►C1  Tráth nach déanaí ná an 5 Nollaig 2023 ullmhóidh agus tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún treochlár chun an córas náisiúnta PSAP a uasghrádú chun go mbeidh siad ábalta cumarsáid éigeandála a ghlacadh, a fhreagairt agus a phróiseáil trí theicneolaíocht phaicéadlasctha. ◄ Léireofar sa treochlár an dáta a mbeifear ag súil le húsáid na cumarsáide éigeandála bunaithe ar ghutha, ar théacs nó ar fhíseán trí theicneolaíochtaí paicéadlasctha. Áireofar sa treochlár freisin an dáta táscach faoina mbeidh PSAPanna réidh chun cumarsáid éigeandála den sórt sin a ghlacadh. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis nuashonraithe ar fáil maidir le cur chun feidhme gharspriocanna idirmheánacha an treochláir i gcomhréir le hAirteagal 8.

Airteagal 8

1.  

Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún tráth nach déanaí ná an 5 Márta 2024:

(a) 

na critéir maidir le cruinneas agus iontaofacht na faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora, arna sloinneadh i gcomhréir leis na paraiméadair dá dtagraítear in Airteagal 3,

(b) 

an modh rochtana ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála a úsáidfidh úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, lena n-áirítear iad siúd a úsáideann seirbhísí fánaíochta, agus measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le coibhéis fheidhmiúil in Airteagal 5.

2.  
Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear san airteagal seo agus in Airteagal 7 a sholáthar don Choimisiún gan dochar don spriocdháta tosaigh dá bhforáiltear ann, i gcomhthéacs gach bailithe sonraí a thionscnóidh an Coimisiún chun críocha a oibleagáid a chomhlíonadh maidir le tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle de bhun Airteagal 109 (4) de Threoir (AE) 2018/1972.



CAIBIDIL 6

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 9

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.