02023L1791 — GA — 20.09.2023 — 000.004
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
TREOIR (AE) 2023/1791 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 231 20.9.2023, lch. 1) |
Arna ceartú le:
TREOIR (AE) 2023/1791 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Meán Fómhair 2023
maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (athmhúnlú)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME, SAINMHÍNITHE AGUS SPRIOCANNA ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Leis an Treoir seo, leagtar síos rialacha atá ceaptha chun an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun feidhme mar thosaíocht thar gach earnáil, bacainní i margadh an fhuinnimh a bhaint agus chun clistí a shárú sa mhargadh a chuireann bac ar éifeachtúlacht i soláthar, tarchur, stóráil agus úsáid fuinnimh. Déantar foráil leis freisin maidir le rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh náisiúnta táscacha do 2030.
Leis an Treoir seo, rannchuidítear le cur chun feidhme bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus, dá bhrí sin, leis an Aontas a bheith mar shochaí chuimsitheach, chóir agus rathúil freisin, ag a bhfuil geilleagar nua-aimseartha iomaíoch agus atá tíosach ar acmhainní.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn ‘fuinneamh’ táirgí fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (d), de Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );
ciallaíonn ‘bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh’ bunphrionsabal éifeachtúlachta fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18), de Rialachán (AE) 2018/1999;
ciallaíonn ‘córas fuinnimh’ córas a dheartar go príomha chun seirbhísí fuinnimh a sholáthar chun éileamh earnálacha críochúsáide le haghaidh fuinneamh i bhfoirm teasa, breoslaí agus leictreachais a shásamh;
ciallaíonn ‘éifeachtúlacht córais’ réitigh atá tíosach ar fhuinneamh a roghnú i gcás ina gcumasófar leo freisin bealach dícharbónaithe costéifeachtach, solúbthacht bhreise agus úsáid éifeachtúil acmhainní;
ciallaíonn ‘tomhaltas fuinnimh phríomhúil’ nó ‘PEC’ méid comhlán an fhuinnimh atá ar fáil, gan buncair mhuirí idirnáisiúnta, tomhaltas deiridh neamhfhuinnimh agus fuinneamh comhthimpeallachta a chur san áireamh;
ciallaíonn ‘tomhaltas fuinnimh deiridh’ nó ‘FEC’ an fuinneamh ar fad a sholáthraítear don earnáil tionsclaíochta, don iompar, lena n-áirítear tomhaltas fuinnimh san eitlíocht idirnáisiúnta, do theaghlaigh, do sheirbhísí poiblí agus príobháideacha, don talmhaíocht, don fhoraoiseacht, don iascaireacht agus d’earnálacha críochúsáide eile, seachas tomhaltas fuinnimh i mbuncair mhuirí idirnáisiúnta, fuinneamh comhthimpeallachta agus seachadtaí chuig earnáil an chlaochlaithe agus chuig earnáil an fhuinnimh, agus caillteanais i ngeall ar tharchur agus ar dháileadh mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008;
ciallaíonn ‘fuinneamh comhthimpeallachta’ fuinneamh comhthimpeallachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir (AE) 2018/2001;
ciallaíonn ‘éifeachtúlacht fuinnimh’ an cóimheas idir an t-aschur feidhmíochta, seirbhíse, earraí nó fuinnimh, agus an t-ionchur fuinnimh;
ciallaíonn ‘coigilteas fuinnimh’ méid fuinnimh a coiglíodh arna chinneadh trí thomhaltas fuinnimh a thomhas nó a mheas, nó tríd an dá rud a dhéanamh, sula gcuirtear beart feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh chun feidhme agus ina dhiaidh sin, agus normalú á áirithiú ag an am céanna i gcás dálaí seachtracha a dhéanann difear don tomhaltas fuinnimh;
ciallaíonn ‘feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh’ méadú ar éifeachtúlacht fuinnimh mar thoradh ar aon athruithe teicneolaíocha, iompraíochta nó eacnamaíocha;
ciallaíonn ‘seirbhís fuinnimh’ an sochar fisiceach, an fóntas nó an t-earra a dhíorthaítear ó fhuinneamh a mheascadh le teicneolaíocht atá tíosach ar fhuinneamh nó le gníomhaíocht, lena bhféadfar na hoibríochtaí, an chothabháil agus an rialú is gá chun an tseirbhís a sheachadadh a áireamh, ar seirbhís í a sheachadtar ar bhonn conartha agus atá, i ngnáthchúinsí, tar éis feabhsú éifeachtúlachta fuinnimh infhíoraithe agus intomhaiste nó coigilteas fuinnimh phríomhúil a bheith mar thoradh air;
ciallaíonn ‘comhlachtaí poiblí’ údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla agus eintitis a mhaoiníonn agus a riarann na húdaráis sin go díreach ach nach de chineál tionsclaíoch nó tráchtála iad;
ciallaíonn ‘achar urláir úsáideach iomlán’ achar urláir foirgnimh, nó cuid d’fhoirgneamh, ina n-úsáidtear fuinneamh chun an aeráid laistigh a chóiriú;
ciallaíonn ‘údaráis chonarthacha’ údaráis chonarthacha mar a shainmhínítear iad in Airteagal 6(1) de Threoir 2014/23/AE, Airteagal 2(1), pointe (1), de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 3(1) de Threoir 2014/25/AE;
ciallaíonn ‘eintitis chonarthacha’ eintitis chonarthacha mar a shainmhínítear in Airteagal 7(1) de Threoir 2014/23/AE agus in Airteagal 4(1) de Threoir 2014/25/AE;
ciallaíonn ‘córas bainistíochta fuinnimh’ tacar gnéithe idirghaolmhara nó idirghníomhacha de straitéis ina leagtar síos cuspóir éifeachtúlachta fuinnimh agus plean chun an cuspóir sin a bhaint amach, lena n-áirítear faireachán ar thomhaltas fuinnimh iarbhír, gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus dul chun cinn a thomhas;
ciallaíonn ‘caighdeán Eorpach’ caighdeán arna ghlacadh ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú, Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil, Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide, a chuirtear ar fáil lena úsáid don phobal;
ciallaíonn ‘caighdeán idirnáisiúnta’ caighdeán arna ghlacadh ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú, a chuirtear ar fáil lena úsáid don phobal;
ciallaíonn ‘páirtí faoi oibleagáid’ dáileoir fuinnimh, comhlacht díolacháin fuinnimh miondíola nó oibreoir córais tarchuir, atá faoi cheangal ag na scéimeanna náisiúnta um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 9;
ciallaíonn ‘páirtí iontaoibhe’ eintiteas dlíthiúil a bhfuil cumhacht tarmligthe aige ó rialtas nó ó chomhlacht poiblí eile chun scéim maoinithe a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú thar ceann an rialtais sin nó thar ceann comhlachta phoiblí eile;
ciallaíonn ‘páirtí rannpháirteach’ fiontar nó comhlacht poiblí a bhfuil gealltanas tugtha aige cuspóirí áirithe a bhaint amach faoi chomhaontú deonach, nó a chumhdaítear le hionstraim beartais rialála náisiúnta;
ciallaíonn ‘údarás poiblí cur chun feidhme’ comhlacht atá á rialú ag an dlí poiblí agus atá freagrach as cánachas fuinnimh nó carbóin, scéimeanna agus ionstraimí airgeadais, dreasachtaí, caighdeáin agus noirm fioscacha, scéimeanna lipéadaithe fuinnimh, oiliúint nó oideachas a dhéanamh nó faireachán a dhéanamh orthu;
ciallaíonn ‘beart beartais’ ionstraim um sholáthar rialála, airgeadais, fioscach, deonach nó faisnéise arna bunú go foirmiúil agus arna cur chun feidhme i mBallstát chun creat tacaíochta, ceanglas nó dreasacht a chruthú do ghníomhaithe sa mhargadh chun seirbhísí fuinnimh a sholáthar agus a cheannach agus chun bearta eile feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh;
ciallaíonn ‘gníomhaíocht aonair’ gníomhaíocht as a dtagann feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh atá infhíoraithe, intomhaiste nó inmheasaithe agus a dhéantar mar thoradh ar bheart beartais;
ciallaíonn 'dáileoir fuinnimh' duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear oibreoir córais dáileacháin, atá freagrach as fuinneamh a iompar d’fhonn é a sheachadadh ar chustaiméirí deiridh nó ar stáisiúin dáileacháin a dhíolann fuinneamh leis na custaiméirí deiridh;
ciallaíonn ‘oibreoir córais dáileacháin’‘oibreoir córais dáileacháin’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 29 de Threoir (AE) 2019/944 a mhéid a bhaineann le leictreachas nó Airteagal 2, pointe 6, de Threoir 2009/73/CE a mhéid a bhaineann le gás;
ciallaíonn ‘cuideachta díolacháin fuinnimh miondíola’ duine nádúrtha nó dlítheanach a dhíolann fuinneamh le custaiméirí deiridh;
ciallaíonn ‘custaiméir deiridh’ duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaíonn fuinneamh dá úsáid deiridh féin;
ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse fuinnimh’ duine nádúrtha nó dlítheanach a sheachadann seirbhísí fuinnimh nó bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh i saoráid nó in áitreabh an chustaiméara deiridh;
ciallaíonn ‘fiontair bheaga agus mheánmhéide’ nó ‘FBManna’ fiontair mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún ( 3 );
ciallaíonn ‘micrifhiontar’ fiontar mar a shainmhínítear in Airteagal 2(3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE;
ciallaíonn ‘iniúchadh fuinnimh’ nós imeachta córasach a bhfuil sé de chuspóir leis eolas leordhóthanach a fháil ar phróifíl tomhaltais fuinnimh foirgnimh nó grúpa foirgneamh, oibríochta nó suiteála tráchtála nó tionsclaíche nó seirbhíse poiblí nó príobháidí, lena sainaithnítear agus lena gcainníochtaítear deiseanna chun coigilteas fuinnimh costéifeachtach a dhéanamh, lena sainaithnítear an fhéidearthacht le haghaidh úsáid costéifeachtach fuinnimh in-athnuaite nó le haghaidh táirgeadh costéifeachtach fuinnimh in-athnuaite agus na torthaí sin a thuairisciú;
Ciallaíonn ‘conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh’ socrú conarthach idir an tairbhí agus soláthraí birt feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh, a fhíoraítear agus a ndéantar faireachán air le linn théarma iomlán an chonartha, i gcás ina n-íoctar as na hoibreacha, an soláthar nó an tseirbhís sa bheart sin i ndáil le leibhéal feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh arna chomhaontú de réir conartha nó i ndáil le critéar feidhmíochta fuinnimh eile arna chomhaontú, amhail coigilteas airgeadais;
ciallaíonn ‘córas méadraithe chliste’ córas méadraithe chliste mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (23), de Threoir (AE) 2019/944 nó córas méadraithe cliste dá dtagraítear i dTreoir 2009/73/CE;
ciallaíonn ‘oibreoir córais tarchuir’‘oibreoir córais tarchuir’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 35 de Threoir (AE) 2019/944 a mhéid a bhaineann le leictreachas nó Airteagal 2, pointe 4, de Threoir 2009/73/CE a mhéid a bhaineann le gás;
ciallaíonn ‘comhghiniúint’ giniúint chomhuaineach, in aon phróiseas amháin, d’fhuinneamh teirmeach agus d’fhuinneamh leictreach nó meicniúil;
ciallaíonn ‘éileamh inchosanta ar bhonn eacnamaíoch’ éileamh nach sáraíonn na riachtanais le haghaidh téimh ná fuaraithe agus a shásófaí ar bhealach eile ag dálaí an mhargaidh trí phróisis ghiniúna fuinnimh seachas comhghiniúint;
ciallaíonn ‘teas úsáideach’ teas a tháirgtear i bpróiseas comhghiniúna chun éileamh ar théamh nó ar fhuarú atá inchosanta ar bhonn eacnamaíoch a shásamh;
ciallaíonn ‘leictreachas ó chomhghiniúint’ leictreachas a ghintear i bpróiseas atá nasctha le táirgeadh teasa úsáidigh agus a ríomhtar i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta a leagtar amach in Iarscríbhinn II;
ciallaíonn ‘comhghiniúint ardéifeachtach’ comhghiniúint a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn III;
ciallaíonn ‘éifeachtúlacht fhoriomlán’ suim bhliantúil an táirgthe leictreachais agus fuinnimh mheicniúil agus an aschuir teasa úsáidigh roinnte ar an ionchur breosla a úsáidtear le haghaidh teasa a tháirgtear i bpróiseas comhghiniúna agus olltáirgeadh leictreachais agus fuinnimh mheicniúil;
ciallaíonn ‘cóimheas idir cumhacht agus teas’ an cóimheas idir leictreachas ó chomhghiniúint go teas úsáideach agus é ag feidhmiú i modh iomlán comhghiniúna agus sonraí oibríochtúla an aonaid shonraigh á n-úsáid;
ciallaíonn ‘aonad comhghiniúna’ aonad atá in ann oibriú sa mhodh comhghiniúna;
ciallaíonn ‘aonad comhghiniúna ar mionscála’ aonad comhghiniúna lena ngabhann toilleadh suiteáilte faoi bhun 1 MWe;
ciallaíonn ‘aonad micrea-chomhghiniúna’ aonad comhghiniúna lena ngabhann toilleadh uasta faoi bhun 50 kWe;
ciallaíonn ‘téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil’ córas téimh agus fuaraithe ceantair a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 26;
ciallaíonn ‘téamh agus fuarú éifeachtúil’ rogha téimh agus fuaraithe lena laghdaítear ar bhealach intomhaiste, i gcomparáid leis an gcás bunlíne lena léirítear cás ‘gnó mar is gnách’, an t-ionchur fuinnimh phríomhúil is gá chun aonad amháin fuinnimh arna sheachadadh a sholáthar laistigh de theorainn ábhartha córais ar bhealach costéifeachtach, arna mheasúnú san anailís costais is tairbhe dá dtagraítear sa Treoir seo, agus an fuinneamh is gá le haghaidh eastósctha, tiontaithe, iompair agus dáilte á chur san áireamh;
ciallaíonn ‘téamh agus fuarú aonair éifeachtúil’ rogha soláthair aonair téimh agus fuaraithe lena laghdaítear ar bhealach intomhaiste, i gcomparáid le téamh agus fuarú ceantair, ionchur an fhuinnimh phríomhúil neamh-in-athnuaite is gá chun aonad amháin fuinnimh arna sheachadadh a sholáthar laistigh de theorainn ábhartha córais nó lena n-éilítear an t-ionchur céanna d’fhuinneamh príomhúil neamh-in-athnuaite ach ar chostas níos ísle, agus an fuinneamh is gá le haghaidh eastósctha, tiontaithe, iompair agus dáilte á chur san áireamh;
ciallaíonn ‘lárionad sonraí’ lárionad sonraí mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn A, pointe 2.6.3.1.16, de Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008;
ciallaíonn ‘athchóiriú substaintiúil’ athchóiriú ar mó a chostas ná 50 % den chostas infheistíochta d’aonad nua inchomparáide;
ciallaíonn ‘comhbhailitheoir’ comhbhailitheoir neamhspleách mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (19), de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn ‘bochtaineacht fuinnimh’ easpa rochtana teaghlaigh ar sheirbhísí fuinnimh bunriachtanacha, ar seirbhísí iad lena soláthraítear leibhéil bhunúsacha agus caighdeáin chuibhiúla mhaireachtála agus sláinte, lena n-áirítear téamh leordhóthanach, uisce te, fuarú, soilsiú, agus fuinneamh chun cumhacht a thabhairt d’fhearais, i bhfianaise an chomhthéacs náisiúnta ábhartha, an bheartais náisiúnta shóisialta atá ann cheana agus beartas náisiúnta ábhartha eile, arb iad teaglaim tosca is cúis léi, lena n-áirítear ar a laghad neamh-inacmhainneacht, d’ioncam indiúscartha neamhleor, do chaiteachas ard ar fhuinneamh agus do dhroch-éifeachtúlacht fuinnimh tithe;
ciallaíonn ‘úsáideoir deiridh’ duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaíonn téamh, fuarú nó uisce te tí dá gcríochúsáid féin, nó duine nádúrtha nó dlítheanach a áitíonn foirgneamh aonair nó aonad i bhfoirgneamh ilárasán nó ilchuspóra a sholáthraítear téamh, fuarú nó uisce te tí dó ó fhoinse lárnach, agus gan aon chonradh díreach nó aonair a bheith ag an duine sin leis an soláthróir fuinnimh;
ciallaíonn ‘ ►C1 dreasachtaí deighilte ◄ ’ easpa dáilte chóir agus réasúnaigh ar oibleagáidí airgeadais agus ar luaíochtaí a bhaineann le hinfheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh i measc na ngníomhaithe lena mbaineann, mar shampla úinéirí agus tionóntaí nó úinéirí éagsúla na n-aonad foirgnimh, nó úinéirí agus tionóntaí nó úinéirí éagsúla foirgneamh ilárasán nó ilchuspóra;
ciallaíonn ‘straitéis rannpháirtíochta’ straitéis lena leagtar síos cuspóirí, lena bhforbraítear teicnící, agus lena mbunaítear an próiseas trína mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha uile rannpháirteach ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear ionadaithe na sochaí sibhialta amhail eagraíochtaí tomhaltóirí, sa phróiseas ceaptha beartas, agus é mar aidhm leis feasacht a mhéadú, aiseolas a fháil maidir leis na beartais sin agus feabhas a chur ar a nglacadh ag an bpobal;
ciallaíonn ‘sciar atá suntasach ó thaobh staidrimh de agus sampla ionadaíoch, ó thaobh staidrimh de, de na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh’ sciar agus sampla lena n-éilítear fothacar de líon staidrimh de na bearta coigiltis fuinnimh atá i gceist a bhunú ar shlí a léiríonn iomlán na mbeart coigiltis fuinnimh, agus, ar an tslí sin, go gceadaítear tátail réasúnta iontaofa a bhaint maidir le muinín as iomlán na mbeart.
Airteagal 3
Bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh
I gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear acmhainní ar thaobh an éilimh agus solúbthachtaí córais, a mheasúnú sna cinntí pleanála, beartais agus mórinfheistíochta dar luach níos mó ná EUR 100 000 000 euro an ceann nó EUR 175 000 000 le haghaidh tionscadail bonneagair iompair, a bhaineann leis na hearnálacha seo a leanas:
córais fuinnimh; agus
earnálacha neamhfhuinnimh, i gcás ina mbíonn tionchar ag na hearnálacha sin ar thomhaltas fuinnimh agus ar éifeachtúlacht fuinnimh amhail foirgnimh, iompar, uisce, teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC), talmhaíocht, agus na hearnálacha fuinnimh.
Agus bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh á chur i bhfeidhm acu, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
modheolaíochtaí costais is tairbhe a chur chun cinn agus, i gcás ina bhfuil gá le hanailísí costais is tairbhe, cur i bhfeidhm na modheolaíochtaí sin a áirithiú agus iad a chur ar fáil go poiblí, lena bhféadfar measúnú cuí a dhéanamh ar na tairbhí níos leithne a bhaineann le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh i gcás inarb iomchuí, agus aird á tabhairt ar an saolré iomlán agus ar an bpeirspictíocht fhadtéarmach, ar an éifeachtúlacht córais agus costais, ar shlándáil an tsoláthair agus ar chainníochtú ó thaobh na sochaí, na sláinte, na heacnamaíochta agus na haeráidneodrachta de, ar an inbhuanaitheacht agus ar phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh san aistriú chuig aeráidneodracht;
aghaidh a thabhairt ar an tionchar ar an mbochtaineacht fuinnimh;
eintiteas nó eintitis a shainaithint a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus thionchar na gcreataí rialála, lena n-áirítear rialacháin airgeadais, na gcinntí pleanála, beartas agus mórinfheistíochta, dá dtagraítear i mír 1 ar thomhaltas fuinnimh, ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar chórais fuinnimh;
tuarascáil a chur chuig an gCoimisiún, mar chuid de na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn a thíolacann siad de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, maidir leis an gcaoi ar cuireadh bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh san áireamh sna cinntí náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, sna cinntí réigiúnacha agus áitiúla maidir le pleanáil, beartas agus mórinfheistíocht a bhaineann leis na córais fuinnimh náisiúnta agus réigiúnacha, agus an méid seo a leanas ar a laghad ar áireamh:
measúnú ar chur i bhfeidhm agus ar thairbhí bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh i gcórais fuinnimh, go háirithe i ndáil le tomhaltas fuinnimh;
liosta gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun aon bhacainní rialála nó neamhrialála nach bhfuil gá leo ar chur chun feidhme bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus ar réitigh ar thaobh an éilimh a bhaint, lena n-áirítear trí reachtaíocht náisiúnta agus bearta atá contrártha do bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a shainaithint.
Airteagal 4
Spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh
Soláthróidh na Ballstáit sciartha tomhaltais fuinnimh phríomhúil agus tomhaltais fuinnimh deiridh na n-earnálacha críochúsáide fuinnimh, mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008, lena n-áirítear earnálacha tionscail, cónaithe, seirbhísí agus iompair, ina rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh náisiúnta. Tabharfaidh na Ballstáit le fios freisin réamh-mheastacháin maidir le tomhaltas fuinnimh ó thaobh TFC de.
Agus a rannchuidithe táscacha náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh dá dtagraítear i mír 2 á socrú acu, cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas san áireamh:
sprioc an Aontais maidir le tomhaltas fuinnimh deiridh do 2030 nach mbeidh níos mó ná 763 Mtoe ann agus an sprioc maidir le tomhaltas fuinnimh phríomhúil nach mbeidh níos mó ná 992,5 Mtoe ann dá bhforáiltear i mír 1;
na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo;
bearta eile chun an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn laistigh de na Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais;
aon tosca ábhartha a dhéanann difear d’iarrachtaí éifeachtúlachta:
iarrachtaí agus gníomhaíochtaí luatha san éifeachtúlacht fuinnimh;
dáileadh cothrom na n-iarrachtaí ar fud an Aontais;
déine fuinnimh an gheilleagair;
an acmhainneacht chostéifeachtach chaomhnaithe fuinnimh atá ann fós;
cúinsí náisiúnta eile a dhéanann difear do thomhaltas fuinnimh, go háirithe:
athruithe ar an OTI, athruithe déimeagrafacha agus réamhthuar ina leith;
athruithe ar allmhairithe agus ar onnmhairithe fuinnimh, forbairtí i meascán fuinnimh agus breoslaí inbhuanaithe a chur in úsáid;
forbairt gach foinse fuinnimh in-athnuaite, fuinneamh núicléach, gabháil agus stóráil carbóin;
dícharbónú tionscal dianfhuinnimh;
leibhéal na huaillmhéine sna pleananna náisiúnta maidir le dícharbónú nó aeráidneodracht;
poitéinseal eacnamaíoch na coigilte fuinnimh;
na dálaí aeráide atá ann faoi láthair agus an réamhthuar don athrú aeráide.
Déanfaidh an Coimisiún measúnú go bhfuil rannchuidiú comhchoiteann na mBallstát comhionann, ar a laghad, le sprioc cheangailteach an Aontais de thomhaltas fuinnimh deiridh a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo. I gcás ina gcinneann an Coimisiún nach leor é, mar chuid dá mheasúnú ar na dréachtphleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe de bhun Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, nó faoin 1 Márta 2024 ar a dhéanaí, agus Cás Tagartha nuashonraithe AE 2020 á chur san áireamh de bhun na míre seo, cuirfidh an Coimisiún rannchuidiú táscach ceartaithe náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh tomhaltas fuinnimh deiridh faoi bhráid gach Ballstáit ar bhonn an mhéid seo a leanas:
an laghdú comhchoiteann atá fágtha ar thomhaltas fuinnimh deiridh a bhfuil gá leis chun sprioc cheangailteach an Aontais a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach;
déine choibhneasta gás ceaptha teasa in aghaidh an aonaid OTI in 2019 i measc na mBallstát lena mbaineann;
OTI na mBallstát sin in 2019.
Sula gcuirfear an fhoirmle in Iarscríbhinn I i bhfeidhm don sásra a bhunaítear sa mhír seo agus faoin 30 Samhain 2023 ar a dhéanaí, tabharfaidh an Coimisiún Cás Tagartha AE 2020 cothrom le dáta ar bhonn na sonraí Eurostat is déanaí arna dtuairisciú ag na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 4(2), pointe (b), agus Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999.
D’ainneoin Airteagal 37 den Treoir seo, déanfaidh na Ballstáit sin ar mian leo a rannchuidithe táscacha náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a nuashonrú de bhun mhír 2 den Airteagal seo, agus Cás Tagartha nuashonraithe AE 2020 á úsáid acu, fógra a thabhairt maidir lena rannchuidiú táscach náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh nuashonraithe faoin 1 Feabhra 2024 ar a dhéanaí. I gcás inar mian le Ballstát a rannchuidiú táscach náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a thabhairt cothrom le dáta, áiritheoidh sé nach mbeidh a rannchuidiú in Mtoe níos mó ná 2,5 % os cionn an mhéid a bheadh ann dá n-eascródh sé as an bhfoirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus úsáid á baint as Cás Tagartha nuashonraithe AE 2020.
Na Ballstáit sin ar thíolaic an Coimisiún rannchuidiú táscach ceartaithe náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh dóibh, nuashonróidh siad a rannchuidithe táscacha náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh de bhun mhír 2 den Airteagal seo, leis an rannchuidiú táscach ceartaithe náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh don tomhaltas fuinnimh deiridh agus nuashonróidh siad freisin a gconair tháscach don rannchuidiú sin agus, i gcás inarb infheidhme, a mbearta breise, mar chuid de na nuashonruithe ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999. Ceanglóidh an Coimisiún ar na Ballstáit, i gcomhréir leis an Rialachán sin, a rannchuidiú táscach ceartaithe éifeachtúlachta fuinnimh agus, i gcás inarb infheidhme, a mbearta breise chun cur i bhfeidhm an tsásra a leagtar amach sa mhír seo a áirithiú, a thíolacadh gan mhoill.
I gcás ina bhfuil fógra tugtha ag Ballstát faoi rannchuidiú táscach náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh tomhaltas fuinnimh deiridh in Mtoe atá cothrom leis an méid a bheadh ann dá n-eascródh sé as an bhfoirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó níos lú ná sin, ní leasóidh an Coimisiún an rannchuidiú sin.
Agus an sásra a leagtar amach sa mhír seo á chur i bhfeidhm, áiritheoidh an Coimisiún nach mbeidh aon difríocht fágtha idir suim ranníocaíochtaí náisiúnta na mBallstát uile agus sprioc cheangailteach an Aontais a leagtar amach i mír 1.
I gcás ina gcinneann an Coimisiún, ar bhonn a mheasúnaithe de bhun Airteagal 29(1) agus (3) de Rialachán (AE) 2018/1999, nach ndearnadh dul chun cinn leordhóthanach maidir leis na rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach, áiritheoidh na Ballstáit atá os cionn a gconairí táscacha le haghaidh tomhaltas fuinnimh deiridh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo go gcuirfear bearta breise chun feidhme laistigh de bhliain amháin ón dáta a fuarthas measúnú an Choimisiúin chun filleadh ar an mbóthar ceart chun a rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach. Áireofar ar na bearta breise sin ceann amháin ar a laghad de na bearta seo a leanas, ach ní bheidh siad teoranta dóibh:
bearta náisiúnta lena ndéanfar coigilteas breise fuinnimh, lena n-áirítear cúnamh forbartha tionscadail níos láidre chun bearta infheistíochta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme;
an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a leagtar amach in Airteagal 8 den Treoir seo a mhéadú;
an oibleagáid don earnáil phoiblí a choigeartú;
ranníocaíocht dheonach airgeadais a dhéanamh leis an gciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 30 den Treoir seo nó le hionstraim mhaoiniúcháin eile atá tiomnaithe d’éifeachtúlacht fuinnimh, i gcás ina mbeidh na ranníocaíochtaí airgeadais bliantúla cothrom leis na hinfheistíochtaí is gá chun an chonair tháscach a bhaint amach.
I gcás ina bhfuil tomhaltas fuinnimh deiridh Ballstáit os cionn a chonaire tháscaigh de thomhaltas fuinnimh deiridh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, áireoidh sé ina thuarascáil chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna tíolacadh de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, míniú ar na bearta a thógfaidh sé lena gcumhdófar an bhearna chun a áirithiú go mbainfidh sé amach a rannchuidithe náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh agus an méid coigiltis fuinnimh a bhfuiltear ag súil leis.
Déanfaidh an Coimisiún a mheas an leor na bearta náisiúnta dá dtagraítear sa mhír seo chun spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bhaint amach. I gcás ina meastar nach leor bearta náisiúnta, déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, bearta a mholadh agus a chumhacht a fheidhmiú ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú, go háirithe, go mbainfear amach spriocanna 2030 an Aontais don éifeachtúlacht fuinnimh.
CAIBIDIL II
RÓL EISEAMLÁIREACH NA HEARNÁLA POIBLÍ
Airteagal 5
An earnáil phoiblí chun tosaigh ar éifeachtúlacht fuinnimh
Féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh iompar poiblí nó na fórsaí armtha a eisiamh ón oibleagáid a leagtar síos sa chéad fhomhír.
Chun críocha na chéad fhomhíre agus an dara fomhír, bunóidh na Ballstáit bonnlíne, lena n-áirítear tomhaltas fuinnimh deiridh gach comhlachta phoiblí, seachas in iompar poiblí nó sna fórsaí armtha, le haghaidh 2021. Is laghdú táscach é an laghdú ar thomhaltas fuinnimh an iompair phoiblí agus na bhfórsaí armtha agus féadfar é a chur san áireamh fós chun an oibleagáid faoin gcéad fhomhír a chomhlíonadh fiú má eisiatar ón mbonnlíne faoin Airteagal seo é.
Áiritheoidh na Ballstáit freisin go ndéanfaidh na húdaráis inniúla gníomhaíochtaí chun tionchair dhiúltacha dhíreacha nó indíreacha shuntasacha na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh ar theaghlaigh fuinneamhbhocht ar ioncam íseal nó ar ghrúpaí leochaileacha a mhaolú nuair a bheidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh á gceapadh agus á gcur chun feidhme acu.
Airteagal 6
Ról eiseamláireach fhoirgnimh na gcomhlachtaí poiblí
Féadfaidh na Ballstáit a roghnú cé na foirgnimh a áireofar sa cheanglas athchóirithe 3 %, agus an aird chuí á tabhairt ar chostéifeachtúlacht agus ar indéantacht theicniúil i dtaca leis na foirgnimh a roghnófar chun athchóiriú a dhéanamh orthu.
Féadfaidh na Ballstáit tithíocht shóisialta a dhíolmhú ón oibleagáid athchóiriú a dhéanamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás nach mbeadh na hathchóirithe sin neodrach ó thaobh costais de nó ina mbeadh méaduithe cíosa mar thoradh orthu do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta mura bhfuil na méaduithe cíosa sin níos airde ná an coigilteas eacnamaíoch ar an mbille fuinnimh.
I gcás ina n-áitíonn comhlachtaí poiblí foirgneamh nach leis na comhlachtaí poiblí é, rachaidh siad i mbun caibidlíochta leis an úinéir, go háirithe nuair a shroichfidh siad pointe truicir amhail athnuachan cíosa, athrú úsáide, mórobair dheisiúcháin nó chothabhála, agus é mar aidhm clásail chonarthacha a bhunú chun go mbeidh an foirgneamh ar a laghad ina fhoirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de nó ina fhoirgneamh astaíochtaí nialasacha.
Déanfar an ráta de 3 % ar a laghad a ríomh ar achar urláir iomlán na bhfoirgneamh ag a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán os cionn 250 m2 ar le comhlachtaí poiblí iad agus, an 1 Eanáir 2024, nach foirgnimh iad atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de.
Féadfaidh na Ballstáit ceanglais nach bhfuil chomh dian céanna leis na ceanglais a leagtar síos i mír 1 a chur i bhfeidhm maidir leis na catagóirí foirgneamh seo a leanas:
foirgnimh atá faoi chosaint oifigiúil mar chuid de thimpeallacht ainmnithe, nó mar gheall ar a sainbhuanna ailtireachta nó staire, sa mhéid go n-athródh comhlíonadh ceanglas áirithe maidir le feidhmíocht fuinnimh a sainghné nó a gcuma ar shlí nach mbeadh glacadh léi;
foirgnimh atá faoi úinéireacht na bhfórsaí armtha nó an rialtais láir agus a fhónann do chríocha cosanta náisiúnta, seachas áit chónaithe aonair nó foirgnimh oifige do na fórsaí armtha agus do bhaill foirne eile arna bhfostú ag údaráis náisiúnta cosanta;
foirgnimh a úsáidtear mar ionaid adhartha agus le haghaidh gníomhaíochtaí creidimh.
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan aon fhoirgneamh nach dtagraítear dó sa chéad fhomhír den mhír seo a athchóiriú go dtí an leibhéal dá bhforáiltear i mír 1 má mheasann siad nach bhfuil sé indéanta ar bhonn teicniúil, eacnamaíoch ná feidhmiúil an foirgneamh sin a athrú ina fhoirgneamh a bheidh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de. I gcás ina gcinneann siad amhlaidh, ní chuirfidh na Ballstáit athchóiriú an fhoirgnimh sin san áireamh agus an ceanglas a leagtar amach i mír 1 á chomhlíonadh.
Féadfaidh Faireachlann an Aontais um Stoc Foirgneamh sonraí atá ar fáil go poiblí agus inrochtana maidir le saintréithe stoic foirgneamh, athchóiriú foirgneamh agus feidhmíocht fuinnimh a chomhiomlánú chun tuiscint níos fearr ar fheidhmíocht fuinnimh na hearnála foirgneamh a áirithiú trí shonraí inchomparáide.
Beidh san fhardal ar a laghad na sonraí seo a leanas:
an t-achar urláir i m2;
tomhaltas fuinnimh tomhaiste bliantúil teasa, fuaraithe, leictreachais agus uisce the nuair a bheidh na sonraí sin ar fáil;
deimhniú feidhmíochta fuinnimh gach foirgnimh a eisítear i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE.
Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas chun an cur chuige malartach sin a chur i bhfeidhm:
a áirithiú go dtabharfar isteach, gach bliain, pas athchóirithe, i gcás inarb infheidhme, i gcás foirgnimh arb ionann iad agus 3 % ar a laghad d’achar urláir iomlán na bhfoirgneamh téite agus/nó fuaraithe atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí. I gcás na bhfoirgneamh sin, déanfar an t-athchóiriú ar fhoirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de faoi 2040 ar a dhéanaí;
meastachán a dhéanamh ar an gcoigilteas fuinnimh a ghinfí le míreanna 1 go mír 4 trí úsáid a bhaint as luachanna caighdeánacha iomchuí le haghaidh tomhaltas fuinnimh i bhfoirgnimh na gcomhlachtaí poiblí tagartha roimh an athchóiriú agus ina dhiaidh, agus déanfar é a athrú ina bhfoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de dá dtagraítear i dTreoir 2010/31/AE.
Na Ballstáit a chinneann an cur chuige malartach a chur i bhfeidhm, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún, faoin 31 Nollaig 2023, maidir lena gcoigilteas fuinnimh réamh-mheasta chun ar a laghad coibhéis an choigiltis fuinnimh sna foirgnimh a chumhdaítear le mír 1 a bhaint amach faoin 31 Nollaig 2030.
Airteagal 7
Soláthar poiblí
Agus na conarthaí poiblí agus na lamháltais ag a bhfuil luach atá cothrom leis na tairseacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó níos mó á dtabhairt i gcrích, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 3 a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear maidir leis na conarthaí poiblí agus lamháltais sin nach bhforáiltear do cheanglais shonracha ina leith in Iarscríbhinn IV.
Chun trédhearcacht a áirithiú agus ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh á gcur i bhfeidhm sa phróiseas soláthair, áiritheoidh na Ballstáit go cuirfidh na húdaráis chonarthacha agus na heintitis chonarthacha faisnéis ar fáil go poiblí maidir le tionchar éifeachtúlachta fuinnimh conarthaí lena ngabhann luach atá cothrom leis na tairseacha dá dtagraítear i mír 1 nó níos mó tríd an bhfaisnéis sin a fhoilsiú sna fógraí faoi seach maidir le Tenders Electronic Daily (TED), i gcomhréir le Treoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1780 ón gCoimisiún ( 6 ). Féadfaidh na húdaráis chonarthacha a chinneadh ceangal a chur ar thairgeoirí faisnéis a nochtadh maidir le poitéinseal téimh dhomhanda saolré i gcás foirgnimh nua agus foirgnimh atá le hathchóiriú, agus leis an úsáid a bhaintear as ábhar ísealcharbóin agus ciorclaíocht na n-ábhar a úsáidtear. Féadfaidh na húdaráis chonarthacha an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí le haghaidh na gconarthaí, go háirithe i gcás foirgneamh nua a bhfuil achar urláir níos mó ná 2 000 m2 acu.
Tacóidh na Ballstáit le húdaráis chonarthacha agus le heintitis chonarthacha maidir le glacadh ceanglas éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, trí rialacha agus treoirlínte soiléire a sholáthar lena n-áirítear modheolaíochtaí maidir le measúnú a dhéanamh ar chostais saolré agus ar thionchair agus costais ar an gcomhshaol, lárionaid tacaíochta inniúlachta a chur ar bun, comhar a spreagadh i measc údaráis chonarthacha lena n-áirítear thar theorainneacha agus soláthar comhiomlánaithe agus soláthar digiteach a úsáid i gcás inar féidir.
Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún maidir leis na bearta a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní ar ghlacadh feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh mar chuid dá dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999.
CAIBIDIL III
AN ÉIFEACHTÚLACHT SAN ÚSÁID FUINNIMH
Airteagal 8
Oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh
Bainfidh na Ballstáit coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide amach a bheidh comhionann ar a laghad:
le coigilteas nua gach bliain ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 de 1,5 % de dhíolacháin fuinnimh bhliantúla le custaiméirí deiridh de réir toirte, a mheánaítear thar an tréimhse is déanaí 3 bliana roimh an 1 Eanáir 2013. Féadfar díolacháin fuinnimh, de réir toirte, a úsáidtear san iompar a eisiamh ón ríomh sin, go hiomlán nó go páirteach;
le coigilteas nua gach bliain ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030 de:
0,8 % de thomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023, mar mheán i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019;
1,3 % de thomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2025, mar mheán i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019;
1,5 % de thomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2027, mar mheán i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019;
1,9 % de thomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil ón 1 Eanáir 2028 go dtí an 31 Nollaig 2030, mar mheán i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019.
De mhaolú ar an gceanglas sin a leagtar síos i bpointe (b)(i) den chéad fhomhír, bainfidh an Chipir agus Málta coigilteas nua amach gach bliain, ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023, arb ionann iad agus 0,24 % de thomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil, mar mheán i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019.
De mhaolú ar phointí (b)(ii), (iii) agus (iv) den chéad fhomhír, bainfidh an Chipir agus Málta coigilteas nua amach gach bliain, ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2030, arb ionann iad agus 0,45 % FEC bliantúil, mar mheán i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019.
Cinnfidh na Ballstáit conas méid ríofa an choigiltis nua a chéimniú thar gach tréimhse dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír, ar choinníoll go mbeidh an coigilteas carnach iomlán fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear bainte amach faoi dheireadh gach tréimhse oibleagáide.
Leanfaidh na Ballstáit de choigilteas nua bliantúil a bhaint amach i gcomhréir leis an ráta coigiltis dá bhforáiltear i bpointe (b)(iv) den chéad fhomhír ar feadh tréimhsí 10 mbliana tar éis 2030.
Chun an coigilteas fuinnimh a cheanglaítear faoi mhír 1 a bhaint amach agus gan dochar do Rialachán (AE) 2019/943 agus do Threoir (AE) 2019/944, déanfaidh na Ballstáit, chun bearta beartais sin den sórt sin a cheapadh, ról na gcomhphobal fuinnimh in-athnuaite agus na bpobal fuinnimh saoránach a mheas agus a chur chun cinn, maidir leis an méid a rannchuidíonn siad leis an gcur chun feidhme i dtreo na mbeart beartais sin.
Bunóidh na Ballstáit agus bainfidh siad amach sciar den mhéid is gá maidir leis an gcoigilteas carnach fuinnimh críochúsáide i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal, agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta. Beidh an sciar sin ar a laghad comhionann le cion na dteaghlach atá faoi bhochtaineacht fuinnimh, arna mheasúnú ina bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 3(3), pointe (d), de Rialachán (AE) 2018/1999. Déanfaidh na Ballstáit ina measúnú ar sciar na bochtaineachta fuinnimh ina bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide na táscairí seo a leanas a mheas:
gan bheith in ann an baile a choinneáil te go leor (Eurostat, SILC [ilc_mdes01]);
riaráistí ar bhillí fóntais (Eurostat, SILC, [ilc_mdes07]);
an daonra iomlán a bhfuil cónaí air i dteaghais ina bhfuil díon sceitheadh, ballaí taise, urláir thaise nó bunús tais, nó lobhadh i bhfrámaí fuinneoige nó san urlár (Eurostat, SILC [ilc_mdho01]);
an ráta baol bochtaineachta (suirbhéanna Eurostat, SILC agus ECHP [ilc_li02]) (pointe scoite: 60 % den mheánioncam tar éis aistrithe sóisialta).
Más rud é nach bhfuil fógra tugtha ag Ballstát maidir le sciar na dteaghlach atá faoi bhochtaineacht fuinnimh, mar a measadh ina bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide é, beidh an sciar den choigilteas carnach fuinnimh críochúsáide i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal, agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, cothrom, ar a laghad, leis an meánsciar uimhríochtúil de na táscairí dá dtagraítear sa tríú fomhír don bhliain 2019 nó, mura bhfuil sé ar fáil do 2019, le haghaidh eachtarshuíomh líneach a gcuid luachanna do na 3 bliana deireanacha atá ar fáil.
Ar choinníoll go mbaineann na Ballstáit amach, ar a laghad, a n-oibleagáid maidir le coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b)(i), féadfaidh siad an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear dá dtagraítear sa phointe sin a ríomh trí cheann amháin nó níos mó de na modhanna seo a leanas:
ráta bliantúil coigiltis a chur i bhfeidhm ar dhíolacháin fuinnimh do chustaiméirí deiridh nó ar thomhaltas fuinnimh deiridh, mar mheán i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019;
fuinneamh a úsáidtear in iompar a fhágáil ar lár, go hiomlán nó go páirteach, ón mbonnlíne ríomha;
úsáid a bhaint as aon cheann de na roghanna a leagtar amach i mír 8.
I gcás ina n-úsáideann Ballstáit aon cheann de na féidearthachtaí dá bhforáiltear i mír 6 maidir leis an gcoigilteas fuinnimh a cheanglaítear dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b)(i), bunóidh siad an méid seo a leanas:
a ráta coigiltis bliantúil féin a chuirfear i bhfeidhm chun an coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide a ríomh, lena n-áiritheofar nach ísle an méid deiridh dá nglanchoigilteas fuinnimh ná an méid a cheanglaítear faoin bpointe sin;
a mbonnlíne ríomha féin a fhéadfaidh an fuinnimh a úsáidtear in iompar a fhágáil ar lár go hiomlán nó go páirteach.
Faoi réir mhír 9, féadfaidh gach Ballstát an méid seo a leanas a dhéanamh:
an ríomh a cheanglaítear faoi mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), a dhéanamh ag úsáid luachanna 1 % in 2014 agus in 2015; 1,25 % in 2016 agus 2017; agus 1,5 % in 2018, 2019 agus 2020;
na díolacháin fuinnimh go léir nó cuid díobh a úsáidtear, de réir toirte, i dtaca leis an tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), nó fuinneamh deiridh arna thomhailt, i dtaca leis an tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i bpointe (b)(i) den fhomhír sin, i ngníomhaíochtaí tionscail a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, a eisiamh ón ríomh;
maidir leis an gcoigilteas fuinnimh a baineadh amach sna hearnálacha trasfhoirmithe, dáilte agus tarchurtha fuinnimh, lena n-áirítear bonneagar téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil, mar thoradh ar chur chun feidhme na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 25(4), pointe (a), d’Airteagal 26(7), agus Airteagal 27(1), (5) go (9) agus (11), an coigilteas sin a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear faoi mhír 1, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b)(i). Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta beartais atá beartaithe acu faoin bpointe seo don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030 mar chuid dá bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12. Ríomhfar tionchar na mbeart sin i gcomhréir le hIarscríbhinn V agus áireofar sna pleananna sin é;
maidir leis an gcoigilteas fuinnimh a eascraíonn ó ghníomhaíochtaí aonair a chuirtear chun feidhme go nua ón 31 Nollaig 2008 agus a leanann de thionchar a bheith acu in 2020 i ndáil leis an tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), agus tar éis 2020 i ndáil leis an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b)(i) den fhomhír sin, agus is féidir a thomhas agus a fhíorú, an coigilteas sin a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear;
coigilteas fuinnimh a eascraíonn ó bhearta beartais a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear, ar choinníoll gur féidir a léiriú go mbíonn gníomhaíochtaí aonair, a dhéantar le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2020 agus lena dtugtar coigilteas tar éis an 31 Nollaig 2020, mar thoradh ar na bearta sin;
30 % den mhéid infhíoraithe fuinnimh, a ghintear dá n-úsáid féin ar fhoirgnimh nó i bhfoirgnimh mar thoradh ar bhearta beartais a chuireann suiteáil nua teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite chun cinn, a eisiamh ó ríomh an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear de bhun mhír 1, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b)(i);
maidir leis an gcoigilteas fuinnimh a sháraíonn an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear don tréimhse oibleagáide ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020, an coigilteas sin a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear de bhun mhír 1, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b)(i), ar choinníoll go n-eascraíonn an coigilteas sin ó ghníomhaíochtaí aonair a dhéantar faoi na bearta beartais dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10 a bhfuil fógra tugtha ag na Ballstáit ina leith ina gcuid pleananna gníomhaíochta náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh agus atá tuairiscithe acu ina dtuarascálacha ar dhul chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 26.
Déanfaidh na Ballstáit éifeacht na roghanna a roghnaítear faoi mhír 8 don tréimhse dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b)(i) a chur i bhfeidhm agus a ríomh ar leithligh:
i gcás ríomh an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear don tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as na roghanna a liostaítear i mír 8, pointí (a) go (d). Ní mó na roghanna uile a roghnaítear faoi mhír 8 i dteannta a chéile ná 25 % den mhéid coigiltis fuinnimh dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a);
i gcás ríomh an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear don tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b)(i), féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as na roghanna a liostaítear i mír 8, pointí (b) go (g), ar choinníoll go leanfaidh gníomhaíochtaí aonair dá dtagraítear i mír 8, pointe (d), de thionchar infhíoraithe agus intomhaiste a bheith acu i ndiaidh an 31 Nollaig 2020. Agus na roghanna uile a roghnaítear faoi mhír 8 á gcur le chéile, ní thiocfaidh laghdú níos mó ná 35 % den mhéid coigiltis fuinnimh a ríomhtar i gcomhréir le míreanna 6 agus 7 mar thoradh orthu.
Beag beann ar cibé a dhéanann nó nach ndéanann Ballstáit fuinneamh a úsáidtear in iompar a eisiamh, go hiomlán nó go páirteach, óna mbonnlíne ríomha nó an mbaineann siad úsáid as na roghanna a liostaítear i mír 8, áiritheoidh siad nach ísle an glanmhéid ríofa den choigilteas nua a bhainfear amach sa thomhaltas fuinnimh deiridh le linn na tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b)(i) ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023 ná an méid a thiocfaidh as an ráta bliantúil coigiltis dá dtagraítear sa phointe sin a chur i bhfeidhm.
De rogha air sin, i gcás nach bhfuil an coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide os cionn an leibhéal a cheanglaítear bainte amach ag Ballstát faoi dheireadh gach tréimhse oibleagáide a leagtar amach i mír 1, beidh sé i dteideal an méid incháilithe nach mó ná 10 % den bharrachas sin a iompar sa tréimhse oibleagáide ina dhiaidh sin gan méadú a dhéanamh ar an spriocghealltanas.
Mar chuid de na nuashonraithe ar a bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, agus a dtuarascálacha fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin, agus a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ina dhiaidh sin ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 den Rialachán sin, léireoidh na Ballstáit an méid seo a leanas lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, le fianaise agus ríomhanna:
i gcás ina bhfuil forluí i dtionchar na mbeart beartais nó na ngníomhaíochtaí aonair, nach bhfuil aon ríomh dúbailte coigiltis fuinnimh;
conas a rannchuidíonn an coigilteas fuinnimh a bhaintear amach de bhun mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), den Airteagal seo lena rannchuidiú náisiúnta de bhun Airteagal 4 a bhaint amach;
go mbunaítear na bearta beartais sin chun a n-oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a chomhlíonadh, ar gníomhaíochtaí iad a cheaptar i gcomhréir leis an Airteagal seo agus go bhfuil na bearta beartais sin incháilithe agus iomchuí chun a áirithiú go mbainfear amach an méid coigiltis charnaigh fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear faoi dheireadh gach tréimhse oibleagáide.
Airteagal 9
Scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh
I gcás inarb infheidhme, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go gcomhlíonfaidh páirtithe faoi oibleagáid an coigilteas sin, go hiomlán nó go páirteach, mar rannchuidiú leis an gciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 30(14).
Faoin scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, féadfaidh na Ballstáit páirtithe faoi oibleagáid an méid seo a leanas a dhéanamh:
coigilteas fuinnimh deimhnithe a áireamh faoi chomhair a n-oibleagáide, ar coigilteas é a bhaineann soláthraithe seirbhíse fuinnimh nó tríú páirtithe eile amach, lena n-áirítear nuair a chuireann páirtithe faoi oibleagáid bearta chun cinn trí chomhlachtaí formheasta eile ag an Stát nó trí údaráis phoiblí a fhéadfaidh baint a bheith acu le comhpháirtíochtaí foirmiúla agus a fhéadfaidh a bheith in éineacht le foinsí eile airgeadais;
coigilteas a fhaightear i mbliain ar leith a chomhaireamh amhail is dá mbeidís faighte ina ionad in aon cheann de na 4 bliana roimhe sin nó le linn na 3 bliana dá éis fad is nach bhfuil sé seo thar dheireadh na dtréimhsí oibleagáide a leagtar amach in Airteagal 8(1).
I gcás ina n-údaraíonn na Ballstáit amhlaidh, áiritheoidh siad go leanfaidh an deimhniúchán coigiltis fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír próiseas formheasa a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit, agus a bheidh soiléir, trédhearcach agus oscailte do gach rannpháirtí margaidh, agus arb é is aidhm dó na costais a bhaineann le deimhniúchán a laghdú.
Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an tionchar atá ag costais dhíreacha agus neamhdhíreacha na scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh ar iomaíochas tionscal dianfhuinnimh a thagann faoi thionchar iomaíochais idirnáisiúnta agus, más iomchuí, glacfaidh siad bearta chun an tionchar sin a íoslaghdú.
Airteagal 10
Bearta beartais malartacha
Airteagal 11
Córais bainistíochta fuinnimh agus iniúchtaí fuinnimh
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh córas bainistíochta fuinnimh i bhfeidhm ag na fiontair dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoin 11 Deireadh Fómhair 2027.
Beidh na hiniúchtaí fuinnimh sin:
déanta ag saineolaithe cáilithe nó creidiúnaithe ar bhealach neamhspleách costéifeachtach, i gcomhréir le hAirteagal 28; nó
curtha chun feidhme agus maoirsithe ag údaráis neamhspleácha faoin reachtaíocht náisiúnta.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na fiontair dá dtagraítear sa chéad fhomhír an chéad iniúchadh fuinnimh faoin 11 Deireadh Fómhair 2026 agus go ndéanfar iniúchtaí fuinnimh gach 4 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin. I gcás ina ndéanann na fiontair sin iniúchtaí fuinnimh cheana féin i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, leanfaidh siad de sin a dhéanamh gach 4 bliana ar a laghad i gcomhréir leis an Treoir seo.
Dréachtóidh na fiontair lena mbaineann Plean Gníomhaíochta nithiúil indéanta mar thoradh ar na moltaí a thiocfaidh ó na hiniúchtaí fuinnimh sin. Sainaithneofar bearta sa Phlean Gníomhaíochta chun gach moladh san iniúchadh a chur chun feidhme, i gcás ina bhfuil sin indéanta go teicniúil nó go heacnamaíoch. Cuirfear an Plean Gníomhaíochta faoi bhráid bhainistíocht an fhiontair.
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseofar na Pleananna Gníomhaíochta agus an ráta maidir leis na moltaí a chur chun feidhme i dtuarascáil bhliantúil an fhiontair, agus go gcuirfear ar fáil go poiblí iad, faoi réir dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta lena gcosnaítear rúin trádála agus ghnó agus rúndacht.
Cuirfidh na Ballstáit infhaighteacht iniúchtaí fuinnimh ardcháilíochta chun cinn do na custaiméirí deiridh go léir, ar iniúchtaí iad atá costéifeachtach agus ar fíor an méid seo a leanas ina leith:
déanann saineolaithe cáilithe nó creidiúnaithe iad ar bhealach neamhspleách i gcomhréir le critéir cháilithe; nó
déanann údaráis neamhspleácha maoirseacht orthu agus iad a chur chun feidhme faoin reachtaíocht náisiúnta.
Féadfaidh saineolaithe inmheánacha nó iniúchóirí fuinnimh na hiniúchtaí fuinnimh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil scéim curtha i bhfeidhm ag an mBallstát lena mbaineann chun a gcáilíocht a áirithiú, lena n-áirítear, más iomchuí, roghnú randamach bliantúil de chéatadán atá suntasach ó thaobh staidrimh de, ar a laghad, de na hiniúchtaí fuinnimh uile arna ndéanamh ag na saineolaithe inmheánacha nó iniúchóirí fuinnimh sin.
Chun críche ardcháilíocht na n-iniúchtaí fuinnimh agus na gcóras bainistíochta fuinnimh a áirithiú, cuirfidh Ballstáit critéir íosta thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha ar bun do na hiniúchtaí fuinnimh i gcomhréir le hIarscríbhinn VI agus na caighdeáin ábhartha Eorpacha agus idirnáisiúnta á gcur san áireamh. Ainmneoidh na Ballstáit údarás nó comhlacht inniúil chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hamlínte chun iniúchtaí fuinnimh a dhéanamh a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo agus go gcuirfear na critéir íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI i bhfeidhm mar is ceart.
Ní bheidh san áireamh in iniúchtaí fuinnimh clásail lena gcuirtear cosc ar aistriú thorthaí an iniúchta chuig aon soláthraí seirbhíse fuinnimh cáilithe nó creidiúnaithe, ar choinníoll nach gcuirfidh an custaiméir ina choinne.
Ar bhonn critéar trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus gan dochar do dhlí an Aontais maidir le státchabhair, féadfaidh na Ballstáit sásraí a chur ar bun, ar nós lárionaid iniúchóireachta fuinnimh do FBManna agus do mhicrifhiontair, ar choinníoll nach mbeidh na sásraí sin in iomaíocht le hiniúchóirí príobháideacha, chun iniúchtaí fuinnimh a chur ar fáil. Féadfaidh siad scéimeanna tacaíochta eile a chur ar fáil do FBManna, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil comhaontuithe deonacha tugtha i gcrích ag na FBManna sin, chun costais iniúchtaí fuinnimh a chumhdach agus chun moltaí atá an-chostéifeachtach a eascraíonn ó na hiniúchtaí fuinnimh a chur chun feidhme, má chuirtear na bearta atá beartaithe sna moltaí sin chun feidhme.
Tarraingeoidh na Ballstáit aird FBManna, lena n-áirítear trína n-eagraíochtaí idirmheánacha ionadaíocha faoi seach, ar shamplaí nithiúla den chaoi a bhféadfadh córais bainistíochta fuinnimh cabhrú lena ngnólachtaí. Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na Ballstáit trí thacú le malartú dea-chleachtas sa réimse seo.
Measfar go gcomhlíontar ceanglais mhír 2 leis na hiniúchtaí fuinnimh i gcás inar fíor an méid seo a leanas ina leith:
déantar ar bhealach neamhspleách iad, ar bhonn na gcritéar íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI;
cuirtear chun feidhme iad faoi chomhaontuithe deonacha arna dtabhairt i gcrích idir eagraíochtaí geallsealbhóirí agus comhlacht a cheap an Ballstát lena mbaineann agus atá faoi mhaoirseacht an Bhallstáit sin, a cheap comhlacht eile a bhfuil an fhreagracht lena mbaineann tarmligthe chuige ag na húdaráis inniúla agus atá faoi mhaoirseacht an chomhlachta sin, nó a cheap an Coimisiún agus atá faoi mhaoirseacht an Choimisiúin.
Beidh an rochtain atá ag rannpháirtithe sa mhargadh a thairgeann seirbhísí fuinnimh bunaithe ar chritéir thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha.
Gan dochar do dhlí an Aontais maidir le státchabhair, féadfaidh na Ballstáit dreasachtaí agus scéimeanna tacaíochta a chur chun feidhme chun moltaí ó iniúchtaí fuinnimh agus ó bhearta comhchosúla a chur chun feidhme.
Airteagal 12
Lárionaid sonraí
Airteagal 13
Méadrú i gcomhair gás nádúrtha
Soláthrófar méadar aonair den sórt sin ar phraghas iomaíoch i gcónaí sna cásanna seo a leanas:
nuair a dhéantar méadar atá ann cheana a ionadú, ach amháin má tá sé sin dodhéanta go teicniúil nó mura bhfuil sé costéifeachtach i ndáil leis an gcoigilteas a d’fhéadfadh a bheith ann san fhadtéarma;
nuair a dhéantar nascadh nua i bhfoirgneamh nua nó nuair a dhéantar athchóiriú mór ar fhoirgneamh de réir bhrí Threoir 2010/31/AE.
I gcás ina ndéanann, agus a mhéid a dhéanann, na Ballstáit córais méadraithe chliste a chur chun feidhme agus méadair chliste i gcomhair gás nádúrtha a leathadh amach i gcomhréir le Treoir 2009/73/CE:
áiritheoidh siad go dtabharfaidh na córais mhéadrúcháin faisnéis do na custaiméirí deiridh maidir leis an am úsáide iarbhír agus go gcuirfear san áireamh go hiomlán cuspóirí na héifeachtúlachta fuinnimh agus na sochar do chustaiméirí deiridh agus feidhmiúlachtaí íosta na méadair agus na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar rannpháirtithe sa mhargadh á mbunú;
áiritheoidh siad slándáil na méadar cliste agus na cumarsáide sonraí, agus príobháideacht na gcustaiméirí deiridh, i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas;
éileoidh siad go dtabharfar comhairle agus faisnéis iomchuí do na custaiméirí deiridh tráth a shuiteálfar na méadair chliste, go háirithe maidir lena bpoitéinseal iomlán i ndáil le bainistiú léimh an mhéadair agus faireachán ar thomhaltas fuinnimh.
Airteagal 14
Méadrú i gcás téimh, fuaraithe agus uisce te tí
Airteagal 15
Fomhéadrú agus leithdháileadh na gcostas i gcás téimh, fuaraithe agus uisce te tí
I gcás nach bhfuil úsáid méadar aonair indéanta go teicniúil nó i gcás nach bhfuil sé costéifeachtúil tomhaltas teasa i ngach aonad foirgnimh a thomhas, úsáidfear leithdháileoirí costais teasa aonair chun tomhaltas teasa a thomhas ag gach radaitheoir mura suífidh an Ballstát atá i gceist nach mbeadh suiteáil na leithdháileoirí costais teasa sin costéifeachtúil. Sna cásanna sin, féadfar modhanna malartacha costéifeachtúla chun tomhaltas teasa a thomhas a mheas. Déanfaidh gach Ballstát na critéir ghinearálta, na modheolaíochtaí ginearálta agus na nósanna imeachta ginearálta chun an neamh-indéantacht theicniúil agus an neamh-chostéifeachtúlacht a chinneadh a leagan amach agus a fhoilsiú go soiléir.
I gcás gur as téamh ceantair nó fuarú ceantair a dhéantar soláthar d'fhoirgnimh ilárasán nó ilchuspóra, nó i gcás córais dhílse téimh nó fuaraithe d'fhoirgnimh den sórt sin a bheith leitheadúil, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil rialacha trédhearcacha náisiúnta i bhfeidhm acu a bhfuil teacht ag an bpobal orthu maidir le leithdháileadh chostas an tomhaltais téimh, fuaraithe agus uisce the tí i bhfoirgnimh den sórt sin chun trédhearcacht agus cruinneas na cuntasaíochta i gcás tomhaltas aonair a áirithiú. I gcás inarb iomchuí, áireofar i rialacha den sórt sin treoirlínte maidir leis an mbealach is ceart an costas a leithdháileadh i dtaobh fuinneamh a úsáidtear do na nithe seo a leanas:
uisce te tí;
teas a radaítear ón tsuiteáil foirgnimh agus chun na limistéir chomhchoiteanna a théamh, i gcás ina bhfuil staighrí agus dorchlaí feistithe le radaitheoirí;
árasáin a théamh nó a fhuarú.
Airteagal 16
Ceanglas cianléimh
Airteagal 17
Faisnéis bhilleála i gcomhair gás nádúrtha
Féadfar an oibleagáid sin a chomhlíonadh trí chóras féinléite rialta ag na custaiméirí deiridh faoina gcuireann siad na léamha óna méadar chuig an soláthróir fuinnimh. Ní bhunófar an bhilleáil ar an tomhaltas measta nó ar ráta comhréidh ach amháin i gcás nach bhfuil léamh méadair curtha ar fáil ag an gcustaiméir deiridh nó ag an úsáideoir deiridh le haghaidh eatramh billeála ar leith.
Cuimseofar an méid seo a leanas leis an bhfaisnéis chomhlántach faoin tomhaltas stairiúil:
sonraí carnacha do na 3 bliana roimhe sin ar a laghad nó don tréimhse ó thús an chonartha soláthair más giorra sin;
sonraí mionsonraithe de réir am na húsáide do gach lá, seachtain, mí agus bliain.
Comhfhreagróidh na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír do na tréimhsí dar táirgeadh faisnéis rialta bhilleála.
Cuirfear na sonraí sin dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír ar fáil don chustaiméir deiridh tríd an idirlíon nó tríd an gcomhéadan méadrúcháin do na 24 mhí roimh sin ar a laghad nó don tréimhse ó thús an chonartha soláthair más giorra sin.
Go neamhspleách ar cé acu a suiteáladh méadair chliste nó nár suiteáladh, maidir leis na Ballstáit:
ceanglóidh siad, sa mhéid go bhfuil fáil ar fhaisnéis maidir le billeáil fuinnimh agus tomhaltas stairiúil na gcustaiméirí deiridh, go gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil do sholáthraí seirbhíse fuinnimh arna ainmniú ag an gcustaiméir deiridh;
áiritheoidh siad go dtabharfar an rogha do na custaiméirí deiridh faisnéis bhilleála leictreonach agus billí leictreonacha a fháil agus go bhfaighidh siad míniú soiléir sothuigthe, arna iarraidh sin dóibh, ar an gcaoi a ríomhadh a mbille, go háirithe i gcás nach bhfuil an bille bunaithe ar an tomhaltas iarbhír;
áiritheoidh go gcuirfear faisnéis iomchuí ar fáil leis an mbille chun cuntas cuimsitheach ar na costais fuinnimh reatha a chur ar fáil do chustaiméirí deiridh, i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII;
féadfaidh siad a leagan síos nach measfar gur iarraidh ar íocaíocht atá san fhaisnéis atá sna billí sin, arna iarraidh sin don chustaiméir deiridh. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtáirgeann soláthróirí foinsí fuinnimh socruithe solúbtha le haghaidh íocaíochtaí iarbhír;
ceanglóidh siad go gcuirfear faisnéis agus meastacháin le haghaidh costais fuinnimh ar fáil do thomhaltóirí ar éileamh agus go tráthúil, agus i bhformáid atá intuigthe go héasca lena gcuirtear ar chumas na dtomhaltóirí comparáid a dhéanamh idir idirbhearta ar bhonn ‘macasamhail le macasamhail’.
Airteagal 18
Faisnéis bhilleála agus tomhaltais i gcás téimh, fuaraithe agus uisce te tí
I gcás ina bhforálann Ballstát dó sin, seachas i gcás tomhaltas fomhéadraithe bunaithe ar leithdháileoirí costais teasa faoi Airteagal 15, féadfar an oibleagáid sin a chomhlíonadh trí chóras féinléimh rialta ina gcuirfidh an custaiméir deiridh nó an t-úsáideoir deiridh léamha óna méadar in iúl don soláthróir fuinnimh. Ní bhunófar an bhilleáil ar thomhaltas measta nó ar ráta comhréidh ach amháin i gcás nach bhfuil léamh méadair curtha ar fáil ag an gcustaiméir deiridh nó ag an úsáideoir deiridh le haghaidh eatramh billeála ar leith.
Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
a cheangal, má tá faisnéis faoi bhilleáil fuinnimh agus tomhaltas stairiúil nó léamha leithdháileoirí costais teasa na n-úsáideoirí deiridh ar fáil, go gcuirfear ar fáil í, arna iarraidh sin ag an úsáideoir deiridh, do sholáthraí seirbhíse fuinnimh arna ainmniú ag an úsáideoir deiridh;
a áirithiú go dtairgfear do chustaiméirí deiridh rogha na faisnéise billeála leictreonaí agus billí;
a áirithiú go gcuirfear faisnéis shoiléir intuigthe ar fáil leis an mbille do gach úsáideoir deiridh i gcomhréir le hIarscríbhinn IX, pointe 3;
an chibearshlándáil a chur chun cinn agus príobháideachas agus cosaint sonraí na n-úsáideoirí deiridh a áirithiú i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme.
Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, ar iarraidh ón gcustaiméir deiridh, nach measfar gur iarraidh ar íocaíocht atá i soláthar faisnéise billeála. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar socruithe solúbtha le haghaidh íocaíocht iarbhír a thairgeadh.
Airteagal 19
Costas rochtana ar mhéadrú agus ar fhaisnéis bhilleála i gcomhair gás nádúrtha
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh custaiméirí deiridh a mbillí agus a bhfaisnéis bhilleála go léir i gcomhair tomhaltas fuinnimh saor in aisce agus go mbeidh rochtain ag custaiméirí deiridh freisin ar a sonraí maidir le tomhaltas ar bhealach iomchuí agus saor in aisce.
Airteagal 20
Costas rochtana ar mhéadrú agus ar fhaisnéis bhilleála agus tomhaltais i gcás téimh, fuaraithe agus uisce te tí
CAIBIDIL IV
FAISNÉIS DO THOMHALTÓIRÍ AGUS CUMASÚ
Airteagal 21
Cearta conarthacha bunúsacha i gcás téimh, fuaraithe agus uisce te tí
Beidh ag custaiméirí deiridh an ceart chun conradh a bheith acu lena soláthróir ina sonraítear an méid seo a leanas:
céannacht, seoladh agus sonraí teagmhála an tsoláthraí;
na seirbhísí a sholáthraítear, leibhéil cáilíochta na seirbhísí atá san áireamh;
na cineálacha seirbhíse cothabhála atá san áireamh sa chonradh gan aon mhuirir bhreise;
na bealaí inar féidir faisnéis chothrom le dáta a fháil faoi na taraifí, na muirir chothabhála uile is infheidhme agus faoi na táirgí nó seirbhísí cuachta;
ré an chonartha, na coinníollacha chun an conradh agus na seirbhísí a athnuachan agus a scor, lena n-áirítear táirgí nó seirbhísí atá cuachta leis na seirbhísí sin, agus cibé an gceadaítear foirceannadh an chonartha gan aon mhuirear a íoc;
aon chúiteamh agus na socruithe aisíocaíochta is infheidhme mura gcomhlíonfar na leibhéil cáilíochta seirbhíse arna gconrú, lena n-áirítear billeáil mhíchruinn nó dhéanach;
an modh chun tús a chur le nós imeachta um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt i gcomhréir le hAirteagal 22;
faisnéis maidir le cearta tomhaltóirí, lena n-áirítear faisnéis faoi gearáin a láimhseáil agus an fhaisnéis uile dá dtagraítear sa mhír seo, a chuirtear in iúl go soiléir ar an mbille nó ar shuíomh gréasáin an fhiontair agus a bhfuil ar áireamh ann sonraí teagmhála nó nasc chuig suíomh gréasáin na bpointí aonair teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 22(3), pointe (e);
na sonraí teagmhála lena gcuirfear ar chumas an chustaiméara na hionaid ilfhreastail ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 22(3), pointe (a), a shainaithint.
Beidh coinníollacha na soláthraithe cothrom agus cuirfear ar fáil iad do na custaiméirí deiridh roimh ré. Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo sula ndéanfar an conradh a thabhairt i gcrích nó a dhearbhú. I gcás ina ndéantar conarthaí a thabhairt i gcrích trí idirghabhálaithe, cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil freisin sula gcuirfear an conradh i gcrích.
Tabharfar achoimre ar na príomhchoinníollacha conarthacha, lena n-áirítear praghsanna agus taraifí, do chustaiméirí deiridh agus d’úsáideoirí deiridh ar bhealach intuigthe agus i bhfriotal a bheidh beacht agus simplí.
Tabharfar do na custaiméirí deiridh cóip den chonradh agus faisnéis shoiléir, ar bhealach trédhearcach, maidir leis na praghsanna agus na taraifí is infheidhme, chomh maith le téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha i ndáil le rochtain ar sheirbhísí téimh, fuaraithe agus uisce the tí agus le húsáid na seirbhísí sin.
Cinnfidh na Ballstáit cé a bheidh freagrach as an bhfaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo a sholáthar do na húsáideoirí deiridh nach bhfuil aon chonradh díreach nó aonair acu le soláthróir, arna iarraidh sin, ar bhealach iomchuí agus saor in aisce.
Airteagal 22
Faisnéis agus ardú feasachta
Chun críocha an Airteagail seo, áireofar ar na bearta sin raon ionstraimí agus beartas chun athrú iompraíochta a chur chun cinn amhail na nithe seo a leanas:
dreasachtaí fioscacha;
rochtain ar mhaoiniú, dearbháin, deontais nó fóirdheontais;
measúnuithe ar thomhaltas fuinnimh a fhaigheann tacaíocht phoiblí agus seirbhísí saincheaptha comhairleacha agus tacaíocht do thomhaltóirí teaghlaigh, go háirithe daoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta;
seirbhísí spriocdhírithe comhairleacha do FBManna agus do mhicrifhiontair;
soláthar faisnéise ar bhealach atá inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas;
tionscadail eiseamláireacha;
gníomhaíochtaí san ionad oibre;
gníomhaíochtaí oiliúna;
uirlisí digiteacha;
straitéisí rannpháirtíochta.
Chun críocha an Airteagail seo, áireofar leis na bearta dá dtagraítear i mír 2 creat tacaíochta a chruthú do ghníomhaithe margaidh amhail na cinn dá dtagraítear i mír 1, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
ionaid ilfhreastail nó sásraí comhchosúla a chruthú chun comhairle agus cúnamh teicniúil, riaracháin agus airgeadais a sholáthar maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, amhail seiceálacha fuinnimh do theaghlaigh, athchóiriú fuinnimh ar fhoirgnimh, faisnéis maidir le fearais nua-aimseartha agus níos éifeachtúla a chur in ionad seanchórais téimh agus córais téimh neamhéifeachtúla agus glacadh fuinnimh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh le haghaidh foirgneamh do chustaiméirí deiridh agus d’úsáideoirí deiridh, go háirithe teaghlaigh agus úsáideoirí beaga neamhtheaghlaigh, lena n-áirítear FBManna agus micrifhiontair;
comhar le gníomhaithe príobháideacha a sholáthraíonn seirbhísí amhail iniúchtaí fuinnimh agus measúnuithe ar thomhaltas fuinnimh, réitigh mhaoiniúcháin agus athchóirithe fuinnimh a dhéanamh;
athruithe in úsáid fuinnimh atá costéifeachtach agus éasca le baint amach a chur in iúl;
scaipeadh faisnéise maidir le bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus ionstraimí maoinithe;
soláthar pointí teagmhála aonair, chun an fhaisnéis uile is gá a thabhairt do chustaiméirí deiridh agus d’úsáideoirí deiridh maidir lena gcearta, an dlí is infheidhme agus na sásraí um réiteach díospóidí a bheidh ar fáil dóibh i gcás díospóide. Féadfaidh pointí teagmhála aonair den sórt sin a bheith ina gcuid de phointí faisnéise tomhaltóra ginearálta.
Chun críche an Airteagail seo, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhar leis na húdaráis inniúla agus, i gcás inarb iomchuí, le geallsealbhóirí príobháideacha, ionaid ilfhreastail thiomnaithe nó sásraí comhchosúla a bhunú chun comhairle theicniúil, riaracháin agus airgeadais a sholáthar maidir le héifeachtúlacht fuinnimh. Déanfar an méid seo a leanas sna saoráidí sin:
comhairle agus faisnéis chuíchóirithe a chur ar fáil do theaghlaigh, FBManna, micrifhiontair agus comhlachtaí poiblí maidir le féidearthachtaí agus réitigh theicniúla agus airgeadais;
tacaíocht iomlánaíoch a thabhairt do gach teaghlach, agus aird ar leith á tabhairt ar theaghlaigh a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus ar na foirgnimh is neamhfheidhmiúla, agus do chuideachtaí creidiúnaithe agus do shuiteálaithe creidiúnaithe a sholáthraíonn seirbhísí iarfheistithe, curtha in oiriúint do thíopeolaíochtaí éagsúla tithíochta agus don raon feidhme geografach, agus tacaíocht a thabhairt lena gcumhdaítear céimeanna éagsúla an tionscadail iarfheistithe, lena n-áirítear chun cur chun feidhme caighdeáin íosta feidhmíochta fuinnimh a éascú i gcás ina bhforáiltear do chaighdeán den sórt sin i ngníomh reachtach de chuid an Aontais;
comhairle a thabhairt maidir le hiompraíocht tomhaltais fuinnimh.
Déanfar an méid seo a leanas sna saoráidí tiomnaithe ionad ilfhreastail dá dtagraítear i mír 4, i gcás inarb iomchuí:
faisnéis a chur ar fáil maidir le gairmithe cáilithe éifeachtúlachta fuinnimh;
sonraí comhiomlánaithe tíopeolaíochta ó thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh a bhailiú, taithí a roinnt agus iad a chur ar fáil go poiblí;
tionscadail fhéideartha a nascadh le gníomhaithe sa mhargadh, go háirithe tionscadail áitiúla ar scála níos lú.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na Ballstáit chun comhroinnt dea-chleachtas a éascú agus chun comhar trasteorann a fheabhsú maidir leis na dea-chleachtais sin.
Cuirfidh an Coimisiún treoirlínte ar fáil do na Ballstáit chun na hionaid ilfhreastail sin a fhorbairt agus é mar aidhm aige cur chuige comhchuibhithe a chruthú ar fud an Aontais. Leis na treoirlínte, spreagfar comhar idir comhlachtaí poiblí, gníomhaireachtaí fuinnimh agus tionscnaimh faoi stiúir an phobail.
I gcás inar gá sin, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhoibreoidh eintitis um réiteach malartach díospóidí le chéile chun sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá simplí, cóir, trédhearcach, neamhspleách, éifeachtach agus éifeachtúil a sholáthar i gcás aon díospóid a eascraíonn as táirgí nó seirbhísí atá ceangailte nó cuachta le haon táirge nó seirbhís a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.
Beidh rannpháirtíocht fiontair i sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt do chustaiméirí teaghlaigh éigeantach mura rud é go léiríonn an Ballstát don Choimisiún go bhfuil sásraí eile ann atá chomh héifeachtach céanna.
D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta chun deireadh a chur le bacainní den sórt sin dreasachtaí a sholáthar, forálacha dlíthiúla nó rialála a aisghairm nó a leasú, treoirlínte agus cumarsáid léirmhínitheach a ghlacadh, nósanna imeachta riaracháin a shimpliú, lena n-áirítear rialacha náisiúnta agus bearta lena rialaítear próisis chinnteoireachta i maoin ilúinéirí, agus an fhéidearthacht iompú ar réitigh maoinithe tríú páirtithe. Féadfar na bearta a chomhcheangal le soláthar oideachais, oiliúna agus faisnéise sonraí agus cúnaimh theicniúil maidir le héifeachtúlacht fuinnimh do ghníomhaithe margaidh amhail na gníomhaithe dá dtagraítear i mír 1.
Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun tacú le hidirphlé iltaobhach i measc comhpháirtithe ábhartha, amhail údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta, úinéirí agus eagraíochtaí tionóntaí, eagraíochtaí tomhaltóirí, dáileoirí fuinnimh nó cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola, ESCOnna, pobail fuinnimh in-athnuaite, pobail fuinnimh saoránach, údaráis phoiblí agus gníomhaireachtaí ábhartha agus é d’aidhm aige tograí a leagan amach maidir le bearta, dreasachtaí agus treoirlínte a nglactar leo go comhpháirteach agus a bhaineann le dreasachtaí deighilte idir na húinéirí agus na tionóntaí nó idir úinéirí foirgnimh nó úinéirí aonaid foirgnimh.
Déanfaidh gach Ballstát na bacainní sin agus na bearta arna nglacadh ina straitéis athchóirithe fhadtéarmach a bhunaítear de bhun Airteagal 2a de Threoir 2010/31/AE agus Rialachán (AE) 2018/1999 a thuairisciú.
Airteagal 23
Comhpháirtíochtaí maidir le héifeachtúlacht fuinnimh
Má bhunaítear comhpháirtíocht, ceapfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, cathaoirleach do gach comhpháirtíocht earnáilsonrach de chuid an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh.
Le treochláir den sórt sin, rannchuideofaí go mór le cuidiú le hearnálacha chun na hinfheistíochtaí is gá a phleanáil, ar infheistíochtaí iad atá ag teastáil chun cuspóirí na Treorach seo agus cuspóirí Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach chomh maith le comhar trasteorann a éascú idir gníomhaithe chun an margadh inmheánach a neartú.
Airteagal 24
Custaiméirí leochaileacha a chumasú agus a chosaint agus an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú
Agus coincheap na gcustaiméirí leochaileacha á shainmhíniú acu de bhun Airteagal 3(3) de Threoir 2009/73/CE agus Airteagal 28(1) de Threoir (AE) 2019/944, cuirfidh na Ballstáit úsáideoirí deiridh san áireamh.
Chun tacú le daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb iomchuí, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas, i gcás inarb infheidhme:
bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme chun éifeachtaí dáileacháin a mhaolú ó bheartais agus ó bhearta eile, amhail bearta cánachais arna gcur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 10 den Treoir seo, nó trádáil astaíochtaí in earnáil na bhfoirgneamh agus an iompair a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Treoir 2003/87/CE;
an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an gcistiú poiblí atá ar fáil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an ranníocaíocht airgeadais arna fáil ag Ballstát ón gCiste Sóisialta ar son na hAeráide de bhun Airteagail 9 agus 14 de Rialachán (AE) 2023/955, agus ioncam ó cheantanna lamháltas ó thrádáil astaíochtaí de bhun CTA AE i gcomhréir le Treoir 2003/87/CE le haghaidh infheistíochtaí i mbearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh mar ghníomhaíochtaí tosaíochta;
infheistíochtaí luatha réamhbhreathnaitheacha a dhéanamh i mbearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh sula léireofar éifeacht ag tionchair dháilte ó bheartais agus ó bhearta eile;
cúnamh teicniúil agus leathadh amach cistithe chumasúcháin agus uirlisí airgeadais a chothú, amhail scéimeanna inbhille, cúlchiste áitiúil lamháltais caillteanais, cistí ráthaíochta, cistí atá dírithe ar athchóiriú domhain agus athchóiriú lena mbaineann gnóthachain íosta fuinnimh;
cúnamh teicniúil a chothú do ghníomhaithe sóisialta chun rannpháirtíocht ghníomhach na gcustaiméirí leochaileacha sa mhargadh fuinnimh, agus athruithe dearfacha ar a dtomhaltas fuinnimh a chur chun cinn;
rochtain a áirithiú ar airgeadas, ar dheontais nó ar fhóirdheontais atá faoi cheangal ag gnóthachain íosta fuinnimh agus rochtain ar iasachtaí bainc inacmhainne nó línte creidmheasa tiomnaithe a éascú dá bhrí sin.
Féadfaidh na Ballstáit a chur ar iontaoibh an líonra saineolaithe comhairle a thabhairt maidir leis na nithe seo a leanas:
sainmhínithe, táscairí agus critéir náisiúnta maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh, fuinneamhbhocht agus custaiméirí leochaileacha, lena n-áirítear úsáideoirí deiridh;
táscairí agus tacair sonraí iomchuí a fhorbairt nó a fheabhsú, a bhaineann le saincheist na bochtaineachta fuinnimh, ar cheart iad a úsáid agus a thuairisciú;
modhanna agus bearta chun inacmhainneacht na gcostas maireachtála a áirithiú, cur chun cinn na neodrachta ó thaobh costais tithíochta de a áirithiú, nó chun a áirithiú go rachaidh an cistiú poiblí a infheistítear i mbearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh chun tairbhe d’úinéirí agus do thionóntaí d’fhoirgnimh agus d’aonaid tógála, go háirithe maidir le daoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal, agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta;
bearta chun cásanna a chosc nó a leigheas ina bhfuil grúpaí áirithe i mbaol níos mó nó ina bhfuil níos mó baol ann go ndéanfaidh an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh nó go bhfuil siad níos so-ghabhálaí do dhrochthionchair na bochtaineachta fuinnimh amhail ar bhonn a n-ioncaim, inscne, reachta sláinte nó toisc gur duine de ghrúpa mionlaigh iad, agus na déimeagrafaice.
CAIBIDIL V
AN ÉIFEACHTÚLACHT I SOLÁTHAR AN FHUINNIMH
Airteagal 25
Measúnú agus pleanáil an téimh agus an fhuaraithe
Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as na hanailísí costais is tairbhe a dhéanamh, soláthróidh siad na modheolaíochtaí agus toimhdí mionsonraithe i gcomhréir le hIarscríbhinn XI agus bunóidh siad na nósanna imeachta don anailís eacnamaíoch agus déanfaidh iad a phoibliú.
I gcás nach sainaithnítear sa mheasúnú cuimsitheach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus san anailís dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo aon acmhainneacht ar mó a tairbhí ná na costais, lena n-áirítear na costais riaracháin a bhaineann leis an anailís costais is tairbhe dá dtagraítear in Airteagal 26(7), féadfaidh an Ballstát lena mbaineann, in éineacht leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, i gcás inarb infheidhme, suiteálacha a eisiamh ó na ceanglais a leagtar síos i míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo.
Áiritheoidh na Ballstáit go n-ullmhóidh na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla pleananna téimh agus fuaraithe áitiúla ar a laghad i mbardais ina bhfuil daonra atá níos airde ná 45 000 . Ba cheart an méid seo a leanas, ar a laghad, a bheith i gceist leis na pleananna sin:
beidh siad bunaithe ar an bhfaisnéis agus ar na sonraí arna soláthar sna measúnuithe cuimsitheacha arna ndéanamh de bhun mhír 1 lena soláthrófar meastachán agus mapáil ar an acmhainneacht chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, lena n-áirítear trí ullmhacht téimh ceantair ar theocht íseal, comhghiniúint ardéifeachtúlachta, aisghabháil dramhaíola teasa, agus fuinneamh in-athnuaite i dtéamh agus i bhfuarú sa réimse áirithe sin;
beidh siad i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh;
beidh straitéis san áireamh iontu chun an acmhainneacht a sainaithníodh de bhun phointe (a) a úsáid;
ullmhófar iad le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí réigiúnacha nó áitiúla ábhartha uile agus áiritheoidh siad rannpháirtíocht an phobail i gcoitinne, lena n-áirítear oibreoirí bonneagair áitiúil fuinnimh;
an bonneagar ábhartha fuinnimh atá ann cheana a chur san áireamh;
déanfar machnamh iontu ar chomhriachtanais na bpobal áitiúil agus an iliomad aonad nó réigiún áitiúil nó réigiúnach riaracháin;
déanfar measúnú leo ar an ról atá ag comhphobail fuinnimh agus ag tionscnaimh eile thomhaltóirthreoraithe ar féidir leo rannchuidiú go gníomhach le tionscadail áitiúla téimh agus fuaraithe a chur chun feidhme;
anailís ar fhearais agus ar chórais téimh agus fuaraithe a áireamh i stoic áitiúla foirgneamh, agus aird chuí á tabhairt ar na féidearthachtaí a bhaineann go sonrach le limistéar do bhearta éifeachtúlachta fuinnimh agus aghaidh á tabhairt ar na foirgnimh is measa feidhmíochta agus ar riachtanais teaghlach leochaileach;
déanfar measúnú leo ar conas cur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart a mhaoiniú agus sásraí airgeadais a shainaithint lena gceadaítear do thomhaltóirí aistriú chuig téamh agus fuarú in-athnuaite;
déanfar conair chun spriocanna na bpleananna a bhaint amach i gcomhréir le neodracht aeráide agus faireachán ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart a sainaithníodh a áireamh leo;
féachaint le seanfhearais téimh agus fuaraithe i gcomhlachtaí poiblí a athsholáthar le roghanna malartacha an-éifeachtúil agus é mar aidhm leis sin deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise;
déanfar measúnú leo ar shineirgí féideartha le pleananna na n-údarás réigiúnach nó áitiúil comharsanachta chun infheistíochtaí comhpháirteacha agus costéifeachtúlacht a spreagadh.
Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an deis do na páirtithe ábhartha uile, lena n-áirítear geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha, páirt a ghlacadh in ullmhú na bpleananna téimh agus fuaraithe, an measúnú cuimsitheach dá dtagraítear i mír 1 agus na beartais agus na bearta dá dtagraítear i mír 5.
Chun na críche sin, forbróidh na Ballstáit moltaí lena dtacófar leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla chun beartais agus bearta a chur chun feidhme maidir le téamh agus fuarú atá tíosach ar fhuinneamh agus atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil agus leas á bhaint as an acmhainneacht a shainaithnítear. Tacóidh na Ballstáit, a mhéid is féidir, le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla trí aon mhodh lena n-áirítear tacaíocht airgeadais agus scéimeanna tacaíochta teicniúla. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na pleananna téimh agus fuaraithe a ailíniú le ceanglais pleanála áitiúla eile i réimsí na haeráide, an fhuinnimh agus an chomhshaoil, chun ualach riaracháin ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a sheachaint agus chun cur chun feidhme éifeachtach na bpleananna a spreagadh.
Féadfaidh grúpa d’údaráis áitiúla comharsanachta éagsúla pleananna téimh agus fuaraithe áitiúla a chur i gcrích i gcomhar le chéile ar choinníoll gurb iomchuí an comhthéacs geografach agus riaracháin mar aon leis an mbonneagar téimh agus fuaraithe.
Déanfaidh údarás inniúil measúnú ar phleananna téimh agus fuaraithe áitiúla agus, más gá, déanfaidh sé bearta cur chun feidhme iomchuí ina dhiaidh sin.
Airteagal 26
Soláthar téimh agus fuaraithe
Chun tomhaltas níos éifeachtúla fuinnimh phríomhúil a áirithiú agus chun sciar an fhuinnimh in-athnuaite sa soláthar téimh agus fuaraithe a théann isteach sa ghréasán a mhéadú, comhlíonfaidh córas éifeachtúil téimh agus fuaraithe ceantair na critéir seo a leanas:
go dtí an 31 Nollaig 2027, córas a úsáideann 50 % ar a laghad d’fhuinneamh in-athnuaite, 50 %de dhramhtheas, 75 % de theas comhghinte nó 50 % de theaglaim d’fhuinneamh agus teas den sórt sin;
ón 1 Eanáir 2028, córas a úsáideann ar a laghad 50 % d’fhuinneamh in-athnuaite, 50 % de dhramhtheas, 50 % d’fhuinneamh in-athnuaite agus de dhramhtheas, 80 % de theas ardéifeachtúlachta comhghinte nó ar a laghad teaglaim d’fhuinneamh teirmeach den sórt sin a théann isteach sa líonra ina bhfuil sciar an fhuinnimh in-athnuaite 5 % ar a laghad agus sciar iomlán an fhuinnimh in-athnuaite, na dramhtheasa nó an teasa ardéifeachtúlachta comhghinte 50 % ar a laghad;
ón 1 Eanáir 2035, córas ina n-úsáidtear 50 % ar a laghad d’fhuinneamh in-athnuaite, 50 % de dhramhtheas nó 50 % d’fhuinneamh in-athnuaite agus de dhramhtheas, nó córas ina bhfuil sciar iomlán an fhuinnimh in-athnuaite, an dramhtheasa nó an teasa chomhghinte ardéifeachtúlachta ach 80 % ar a laghad agus, ina theannta sin, sciar iomlán an fhuinnimh in-athnuaite nó an dramhtheasa a bheith 35 % ar a laghad;
ón 1 Eanáir 2040, córas ina n-úsáidtear 75 % ar a laghad d’fhuinneamh in-athnuaite, 75 % de dhramhtheas nó 75 % d’fhuinneamh in-athnuaite agus de dhramhtheas, nó córas ina n-úsáidtear 95 % ar a laghad d’fhuinneamh in-athnuaite, de dramhtheas nó teas comhghinte ardéifeachtúlachta agus, ina theannta sin, sciar iomlán an fhuinnimh in-athnuaite nó an dramhtheasa a bheith 35 % ar a laghad;
ón 1 Eanáir 2045, córas a úsáideann ar a laghad 75 % d’fhuinneamh in-athnuaite, 75 % de dhramhtheas nó 75 % d’fhuinneamh in-athnuaite agus de dhramhtheas;
ón 1 Eanáir 2050, córas nach n-úsáideann ach fuinneamh in-athnuaite, dramhtheas amháin, nó meascán d’fhuinneamh in-athnuaite agus dramhtheas amháin.
Ina theannta sin, mar mhalairt ar na critéir a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit critéir feidhmíochta inbhuanaitheachta a roghnú bunaithe ar mhéid na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ón gcóras téimh agus fuaraithe ceantair in aghaidh an aonaid teasa nó fuachta arna seachadadh chuig na custaiméirí, agus bearta arna gcur chun feidhme chun an oibleagáid de bhun Airteagal 24(4) de Threoir (AE) 2018/2001 á gcur san áireamh. Agus na critéir sin á roghnú, beidh ag córas éifeachtúil téimh agus fuaraithe ceantair an t-uasmhéid seo a leanas d’astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh an aonaid teasa nó fuachta arna seachadadh chuig na custaiméirí:
go dtí an 31 Nollaig 2025: 200 gram/kWh;
ón 1 Eanáir 2026: 150 gram/kWh;
ón 1 Eanáir 2035: 100 gram/kWh;
ón 1 Eanáir 2045: 50 gram/kWh;
ón 1 Eanáir 2050: 0 gram/kWh.
Ionas go gcáileoidh córas téimh agus fuaraithe ceantair mar chóras éifeachtúil, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina dtógtar é nó ina ndéanfar a aonaid soláthair a athchóiriú go substaintiúil, go gcomhlíonann na córais téimh nó fuaraithe ceantair na critéir a leagtar amach i mír 1 nó i mír 2 is infheidhme tráth a thosaíonn sé nó a leanann sé dá oibriú tar éis an athchóirithe. Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina dtógtar córas téimh agus fuaraithe ceantair nó ina ndéantar athchóiriú substaintiúil ar a aonaid soláthair:
nach bhfuil aon mhéadú ar úsáid breoslaí iontaise seachas gás nádúrtha i bhfoinsí teasa atá ann cheana i gcomparáid leis an tomhaltas bliantúil ar an meán le linn na 3 bliana féilire roimhe sin den lánoibríocht roimh an athchóiriú; agus
nach n-úsáideann aon fhoinsí teasa nua sa chóras sin breoslaí iontaise, seachas gás nádúrtha, má thógtar é nó má dhéantar athchóiriú substaintiúil air go dtí 2030.
Chun measúnú a dhéanamh ar indéantacht eacnamaíoch éifeachtúlacht fuinnimh an tsoláthair teasa agus fuaraithe a mhéadú, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar anailís costais is tairbhe ar leibhéal suiteála i gcomhréir le hIarscríbhinn XI i gcás go ndéanfar na suiteálacha seo a leanas a phleanáil nó a athchóiriú go substaintiúil:
tá suiteáil giniúna leictreachais theirmigh a bhfuil ionchur fuinnimh iomlán bliantúil ar an meán aici atá níos mó ná 10 MW, chun measúnú a dhéanamh ar an gcostas agus ar na tairbhí a bhaineann le foráil a dhéanamh d’oibriú na suiteála mar shuiteáil chomhghiniúna ardéifeachtúlachta;
suiteáil thionsclaíoch a bhfuil meán-ionchur fuinnimh iomlán bliantúil aici ar mó é ná 8 MW d’fhonn úsáid an dramhtheasa ar an láthair agus lasmuigh den láthair a mheasúnú;
saoráid seirbhíse a bhfuil meán-ionchur fuinnimh bliantúil iomlán aici ar mó é ná 7 MW, amhail saoráidí cóireála fuíolluisce agus saoráidí GNL chun measúnú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as dramhtheas ar an láthair agus lasmuigh den láthair;
lárionad sonraí ag a bhfuil ionchur iomlán fuinnimh rátaithe ar mó é ná leibhéal 1 MW chun measúnú a dhéanamh ar an anailís costais is tairbhe, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta don fhéidearthacht theicniúil, ar an gcost-éifeachtúlacht agus ar an tionchar ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar éileamh teasa áitiúil, lena n-áirítear athruithe séasúracha, a bhaineann le leas a bhaint as an dramhtheas chun éileamh a bhfuil údar eacnamaíoch leis a shásamh, agus le nascadh na suiteála sin le líonra téimh ceantair nó le córas fuaraithe ceantair éifeachtúil/RES-bhunaithe nó le feidhmeanna eile aisghabhála dramhtheasa.
Measfar san anailís dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d), réitigh chórais fuaraithe lenar féidir an dramhtheas a bhaint nó a ghabháil ar leibhéal teochta úsáidí le híos-ionchuir choimhdeacha fuinnimh.
Beidh sé mar aidhm ag na Ballstáit deireadh a chur le bacainní ar úsáid dramhtheasa agus tacaíocht a chur ar fáil do ghlacadh dramhtheasa i gcás ina ndéantar na suiteálacha a phleanáil nó a athchóiriú as an nua.
Ní mheasfar gur athfheistiú chun críocha phointí (b) agus (c) den mhír seo é trealamh a fheistiú chun dé-ocsaíd charbóin arna táirgeadh ag suiteáil dócháin a ghabháil d’fhonn í a stóráil go geolaíoch de réir mar a fhoráiltear i dTreoir 2009/31/CE.
Éileoidh na Ballstáit go ndéanfar an anailís costais is tairbhe i gcomhar leis na cuideachtaí atá freagrach as an tsaoráid a oibriú.
Féadfaidh Ballstáit an méid seo a leanas a dhíolmhú ó mhír 7:
suiteálacha giniúna leictreachais cúltaca agus buaiclóid a bhfuil sé beartaithe iad a oibriú faoi bhun 1 500 uair oibríochta in aghaidh na bliana mar mheán rollach thar thréimhse 5 bliana, bunaithe ar nós imeachta fíoraithe arna bhunú ag na Ballstáit lena n-áirithítear go gcomhlíonfar an critéar díolúine sin;
suiteálacha ar gá iad a lonnú gar do láithreán stórála geolaíoch arna fhormheas faoi Threoir 2009/31/CE;
ionaid sonraí a bhfuil nó a bheidh a ndramhtheas á úsáid i líonra téimh ceantair nó go díreach i gcomhair téamh spáis, ullmhú uisce te tí nó le haghaidh úsáidí eile san fhoirgneamh nó sa ghrúpa foirgneamh nó saoráidí ina bhfuil sé suite.
Féadfaidh na Ballstáit tairseacha a leagan síos freisin, arna sloinneadh i dtéarmaí mhéid an dramhtheasa úsáidigh atá ar fáil, an éilimh ar theas nó na hachair idir suiteálacha tionsclaíocha agus líonra téimh ceantair, chun suiteálacha aonair a dhíolmhú ó mhír 7, pointí (c) agus (d).
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi dhíolúintí a ghlacfar faoin mír seo.
Glacfaidh na Ballstáit critéir údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 8 de Threoir (AE) 2019/944, nó critéir cheadúcháin choibhéiseacha, chun:
toradh an mheasúnaithe chuimsithigh dá dtagraítear in Airteagal 25(1) a chur san áireamh;
a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar síos i mír 7;
toradh na hanailíse costais is tairbhe dá dtagraítear i mír 7 seo a chur san áireamh.
Airteagal 27
Trasfhoirmiú, tarchur agus dáileadh fuinnimh
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA COTHROMÁNACHA
Airteagal 28
Fáil ar scéimeanna cáilíochta, creidiúnúcháin agus deimhniúcháin
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar soláthraithe deimhniúcháin, nó scéimeanna cáilíochta coibhéiseacha, lena n-áirítear, i gcás inar gá, cláir oiliúna oiriúnacha a chreidiúnú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 13 ) nó go bhformheasfar iad i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta chóineasaithe nó caighdeáin náisiúnta chóineasaithe.
Faoin 11 Deireadh Fómhair 2024, déanfaidh an Coimisiún an méid a leanas:
i gcomhar le grúpa saineolaithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit, creat a chur ar bun nó feachtas a dhearadh chun níos mó daoine a mhealladh chuig gairmeacha éifeachtúlachta fuinnimh agus urraim do phrionsabal an neamh-idirdhealaithe á áirithiú ag an am céanna;
measúnú a dhéanamh ar a inmharthana atá sé ardán aonair rochtana a bhunú, agus leas á bhaint as tionscnaimh atá ann cheana, i gcás inar féidir, chun tacaíocht a chur ar fáil do na Ballstáit agus a mbearta á mbunú acu chun an leibhéal iomchuí gairmithe cáilithe a áirithiú is gá chun coinneáil suas le luas an dul chun cinn san éifeachtúlacht fuinnimh chun spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach. Bhaileodh an t-ardán saineolaithe ó na Ballstáit, na comhpháirtithe sóisialta, na hinstitiúidí oideachais, an lucht acadúil agus na geallsealbhóirí ábhartha eile le chéile chun dea-chleachtais scéimeanna cáilíochta agus clár oiliúna a chothú agus a chur chun cinn chun a áirithiú go mbeidh níos mó gairmithe éifeachtúlachta fuinnimh ann agus chun gairmithe atá ann cheana a athsciliú nó a uas-sciliú chun freastal ar riachtanais an mhargaidh.
Glacfaidh na Ballstáit bearta oiriúnacha chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin bhfáil ar na scéimeanna i gcomhréir le hAirteagal 29(1).
Airteagal 29
Seirbhísí fuinnimh
Déanfaidh na Ballstáit margadh na seirbhísí fuinnimh agus rochtain air do FBManna a chur chun cinn trí fhaisnéis shoiléir atá inrochtana go héasca a scaipeadh maidir leis an méid seo a leanas:
conarthaí seirbhísí fuinnimh atá ar fáil agus clásail is ceart a bheith san áireamh i gconarthaí den sórt sin chun coigilteas fuinnimh agus cearta na gcustaiméirí deiridh a ráthú;
ionstraimí airgeadais, dreasachtaí, deontais, cistí imrothlacha, ráthaíochtaí, scéimeanna árachais, agus cistí chun tacaíocht a thabhairt do thionscadail seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh;
soláthraithe seirbhísí fuinnimh atá ar fáil, amhail ESCOnna, agus atá cáilithe nó deimhnithe agus a gcáilíochtaí nó a ndeimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 28;
modheolaíochtaí faireacháin agus fíoraithe atá ar fáil agus scéimeanna rialaithe cáilíochta.
Féadfaidh na Ballstáit comhlachtaí poiblí a spreagadh chun conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a chur le chéile le seirbhísí fuinnimh leathnaithe lena n-áirítear freagairt don éileamh agus stóráil chun coigilteas fuinnimh a áirithiú agus na torthaí a bhainfear amach le himeacht ama a choinneáil trí fhaireachán leanúnach, oibriú éifeachtach agus cothabháil éifeachtach.
Tabharfaidh na Ballstáit tacaíocht don earnáil phoiblí maidir le tairiscintí seirbhísí fuinnimh a ghlacadh chucu féin, go háirithe le haghaidh athchóiriú foirgneamh, trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
samhailchonarthaí a sholáthar maidir le conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh lena n-áirítear ar a laghad na míreanna a liostaítear in Iarscríbhinn XV agus na caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta atá ann cheana, na treoirlínte tairisceana atá ar fáil agus treoir Eurostat maidir le láimhseáil staidrimh na gconarthaí feidhmíochta fuinnimh i gcuntais rialtais a chur san áireamh;
faisnéis a sholáthar maidir leis na cleachtais is fearr i dtaca le conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh, lena n-áirítear, más ann di, anailís costais is tairbhe agus leas á bhaint as cur chuige saolré;
bunachar sonraí a chur chun cinn agus a chur ar fáil go poiblí de na tionscadail conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh atá curtha chun feidhme agus leanúnach ina n-áirítear an coigilteas fuinnimh réamh-mheasta agus a baineadh amach.
Tacóidh na Ballstáit le feidhmiú cuí an mhargaidh seirbhísí fuinnimh trí na bearta seo a leanas a dhéanamh:
pointe teagmhála amháin nó níos mó a shainaithint agus a phoibliú ina mbeidh custaiméirí deiridh in ann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil;
deireadh a chur leis na bacainní rialála agus neamhrialála a chuireann bac ar níos mó úsáide a bhaint as an gconraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh agus as samhlacha seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh eile chun bearta coigiltis fuinnimh a shainaithint nó a chur chun feidhme, nó an dá rud;
ról na gcomhlachtaí comhairleacha agus na n-idirghabhálaithe margaidh neamhspleácha a bhunú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear ionaid ilfhreastail nó sásraí tacaíochta comhchosúla chun forbairt an mhargaidh a spreagadh ar thaobh an éilimh agus an tsoláthair, agus faisnéis faoi na sásraí tacaíochta sin a chur ar fáil go poiblí agus rochtain a bheith ag gníomhaithe sa mhargadh uirthi.
Airteagal 30
An ciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh, maoiniú agus tacaíocht theicniúil
Áireofar na heilimintí seo a leanas sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 7:
infheistíocht chaipitil a shlógadh in éifeachtúlacht fuinnimh trí thionchair níos leithne coigiltis fuinnimh a chur san áireamh;
cur chun feidhme ionstraimí airgeadais agus scéimeanna maoiniúcháin atá tiomnaithe don éifeachtúlacht fuinnimh a éascú ar scála arna chur ar bun ag institiúidí airgeadais;
sonraí feidhmíochta fuinnimh agus airgeadais níos fearr a áirithiú tríd an méid seo a leanas:
tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar an mbealach a gcuireann infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh le luachanna sócmhainní bunúsacha;
tacú le staidéir chun measúnú a dhéanamh ar luach airgid a chur ar thairbhí neamhfhuinnimh infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh.
Chun maoiniú príobháideach na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh agus an athchóirithe fuinnimh a shlógadh, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu:
breithneoidh siad bealaí chun úsáid níos fearr a bhaint as córais bainistíochta fuinnimh agus iniúchtaí fuinnimh faoi Airteagal 11 chun tionchar a imirt ar chinnteoireacht;
bainfidh siad an úsáid is fearr is féidir as na féidearthachtaí agus na huirlisí atá ar fáil i mbuiséad an Aontais agus a mholtar sa tionscnamh maidir le foirgnimh chliste agus i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal A Renovation Wave for Europe - greening our buildings, creating jobs, improving lives [Rabharta Athchóiriúcháin don Eoraip - glasú na bhfoirgneamh seo againne, cruthú post agus feabhsú na cáilíochta saoil].
Is é an cuspóir a bheidh ag an treoir cabhrú leis na Ballstáit agus le gníomhaithe sa mhargadh a gcuid infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear sna cláir éagsúla de chuid an Aontais, agus molfaidh siad sásraí airgeadais leordhóthanacha agus réitigh maoiniúcháin nuálacha, ina mbeidh meascán de dheontais, ionstraimí airgeadais agus cúnamh um fhorbairt tionscadal, chun tionscadail atá ann cheana a mhéadú agus cláir an Aontais a úsáid mar chatalaíoch chun maoiniú príobháideach a ghiaráil agus a spreagadh.
Chuige sin, tíolacfaidh an Coimisiún faoin 30 Márta 2024 tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, lena mbeidh tograí reachtacha ag gabháil, i gcás inarb iomchuí.
Déanfaidh na Ballstáit na sonraí seo a leanas a thuairisciú don Choimisiúin faoin 15 Márta 2025 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, mar chuid dá dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 agus i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2018/1999:
méid na n-infheistíochtaí poiblí in éifeachtúlacht fuinnimh agus an meánfhachtóir giarála a bhaintear amach le cistiú poiblí a thacaíonn le bearta éifeachtúlachta fuinnimh;
méid na dtáirgí iasachtúcháin éifeachtúlachta fuinnimh, agus idirdhealú á dhéanamh idir táirgí éagsúla;
i gcás inarb ábhartha, cláir maoiniúcháin náisiúnta a cuireadh i bhfeidhm chun méadú a dhéanamh ar ghlacadh na héifeachtúlachta fuinnimh agus na ndea-chleachtas, agus scéimeanna maoiniúcháin nuálacha don éifeachtúlacht fuinnimh.
Chun ullmhú na tuarascála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a éascú, déanfaidh an Coimisiún na ceanglais a leagtar amach san fhomhír sin a chomhtháthú sa teimpléad coiteann a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 17(4) de Rialachán (AE) 2018/1999.
Chun an oibleagáid dá dtagraítear i mír 17, pointe (b), a chomhlíonadh, agus gan dochar do bhearta náisiúnta breise, cuirfidh na Ballstáit san áireamh na hoibleagáidí maidir le nochtadh atá ar institiúidí airgeadais cheana, lena n-áirítear:
na rialacha maidir le nochtadh le haghaidh institiúidí creidmheasa faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún ( 14 );
na ceanglais maidir le nochtadh rioscaí ESG atá ar institiúidí creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ).
Chun bailiú agus comhiomlánú sonraí maidir le toirt an táirge iasachtúcháin éifeachtúlachta fuinnimh a éascú chun críche an oibleagáid dá dtagraítear i mír 17, bpointe (b), a chomhlíonadh, déanfaidh an Coimisiún, faoin 15 Márta 2024, treoir a thabhairt do na Ballstáit maidir leis na socruithe chun rochtain a fháil ar shonraí maidir le toirt na dtáirgí iasachtúcháin éifeachtúlachta fuinnimh ar leibhéal náisiúnta, chun iad a bhailiú agus chun iad a chomhiomlánú.
Airteagal 31
Fachtóirí coinbhéartachta agus fachtóirí fuinnimh phríomhúil
CAIBIDIL VII
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 32
Pionóis
Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin faoin 11 Deireadh Fómhair 2025 agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
Airteagal 33
Gníomhartha tarmligthe
Airteagal 34
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 35
Athbhreithniú agus faireachán ar an gcur chun feidhme
Faoin 31 Deireadh Fómhair 2025 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na bearta atá ann cheana chun méadú ar éifeachtúlacht fuinnimh agus dícharbónú i dtéamh agus i bhfuarú a bhaint amach. Cuirfear an méid seo a leanas ar fad san áireamh sa mheastóireacht:
éifeachtúlacht fuinnimh agus treochtaí astaíochtaí gás ceaptha teasa i dtéamh agus i bhfuarú, lena n-áirítear i dtéamh agus i bhfuarú ceantair;
idirnaisc idir na bearta a rinneadh;
athruithe ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i dtéamh agus i bhfuarú;
beartais agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh atá ann cheana agus atá beartaithe agus beartais agus bearta maidir le gás ceaptha teasa a laghdú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta;
bearta a rinne na Ballstáit a sholáthar ina measúnuithe cuimsitheacha de bhun Airteagal 25(1) den Treoir seo agus a dtugtar fógra ina leith i gcomhréir le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) 2018/1999.
Faoin 31 Deireadh Fómhair 2025 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an meastóireacht sin agus, i gcás inarb iomchuí, molfaidh sé bearta chun a áirithiú go mbainfear amach spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais.
Áireofar sa mheastóireacht sin:
measúnú ar a éifeachtaí atá an Treoir seo i gcoitinne agus ar a riachtanaí atá sé beartas an Aontais a choigeartú a thuilleadh i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus i bhfianaise forbairtí eacnamaíocha agus nuálaíochta;
measúnú mionsonraithe ar thionchar maicreacnamaíoch comhiomlánaithe na Treorach seo, agus béim á leagan ar na héifeachtaí ar shlándáil fuinnimh, praghsanna fuinnimh, bochtaineacht fuinnimh a íoslaghdú, fás eacnamaíoch, iomaíochas, cruthú post, costas soghluaisteachta agus cumhacht ceannaigh teaghlaigh san Aontais;
príomhspriocanna 2030 an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a leagtar síos in Airteagal 4(1) a mheas d'fhonn na spriocanna sin a choigeartú suas i gcás laghduithe suntasacha costais mar thoradh ar fhorbairtí eacnamaíocha nó teicniúla, nó i gcás inar gá chun spriocanna an Aontais don bhliain 2040 nó 2050 le haghaidh dícharbónú, nó a ghealltanais idirnáisiúnta le haghaidh dícharbónú, a chomhlíonadh;
cibé an leanann na Ballstáit de choigilteas nua bliantúil a bhaint amach nó nach leanann i gcomhréir le hAirteagal 8(1), an chéad fhomhír, pointe (b)(iv), ar feadh tréimhsí 10 mbliana tar éis 2030;
cibé an leanann na Ballstáit dá áirithiú go ndéanfar athchóiriú gach bliain nó nach leanann ar 3 % ar a laghad d’achar urláir iomlán foirgneamh téite agus/nó fuaraithe atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí i gcomhréir le hAirteagal 6(1) d’fhonn an ráta athchóirithe san Airteagal sin a athbhreithniú;
cibé an leanann na Ballstáit de choigilteas fuinnimh a bhaint amach nó nach leanann i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, i measc daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, de bhun Airteagal 8(3) le haghaidh na dtréimhsí 10 mbliana tar éis 2030;
cibé an leanann na Ballstáit de laghdú ar thomhaltas fuinnimh deiridh a bhaint amach nó nach leanann i gcomhréir le hAirteagal 5(1);
tionchair na Treorach seo maidir le tacú le fás eacnamaíoch, aschur tionsclaíoch a mhéadú, foinsí in-athnuaite fuinnimh a imscaradh nó iarrachtaí ardleibhéil chun an aeráidneodracht a bhaint amach.
Cumhdófar sa mheastóireacht freisin na héifeachtaí ar iarrachtaí chun an geilleagar a leictriú agus hidrigin a thabhairt isteach, lena n-áirítear an bhféadfadh údar a bheith le haon athrú ar chóireáil foinsí fuinnimh in-athnuaite glana, agus molfar inti, i gcás inarb iomchuí, réitigh ar aon éifeacht dhíobhálach a d’fhéadfadh a bheith sainaitheanta.
Beidh measúnú mionsonraithe ag gabháil leis an tuarascáil sin i dtaobh an gá an Treoir seo a leasú ar mhaithe le simpliú rialála agus, i gcás inarb iomchuí, beidh moltaí maidir le bearta breise ag gabháil léi.
Airteagal 36
Trasuí
Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagal 4(5), an tríú fomhír, Airteagal 12(1), Airteagal 26(3) agus Airteagal 28(6) a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoi na dátaí dá dtagraítear iontu. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh an tagairt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireofar iontu freisin ráiteas go ndéanfar tagairtí don Treoir a aisghairtear leis an Treoir seo i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá ann cheana a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Cinnfidh na Ballstáit an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.
Airteagal 37
Leasú ar Rialachán (AE) 2023/955
In Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2023/955, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:
ciallaíonn ‘bochtaineacht fuinnimh’ bochtaineacht fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (52), de Threoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ).
Airteagal 38
Aisghairm
Aisghairtear Treoir 2012/27/AE, arna leasú leis na gníomhartha a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn XVI, le héifeacht ón 12 Deireadh Fómhair 2025, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn XVI a thrasuí sa dlí náisiúnta.
Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn XVII.
Airteagal 39
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagail 13, 14, 15, 16, 17, 18, 19 agus 20 agus Iarscríbhinní II, VIII, IX, XII, XIII agus XIV ón 12 Deireadh Fómhair 2025.
Beidh feidhm ag Airteagal 37 ón 30 Meitheamh 2024.
Airteagal 40
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
IARSCRÍBHINN I
RANNÍOCAÍOCHTAÍ NÁISIÚNTA LE SPRIOCANNA ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH AN AONTAIS IN 2030 I dTOMHALTAS FUINNIMH DEIRIDH AGUS/NÓ I dTOMHALTAS FUINNIMH PHRÍOMHÚIL
1. Ríomhtar leibhéal na ranníocaíochtaí náisiúnta ar bhonn na foirmle táscaí:
I gcás inarb é CAE fachtóir ceartúcháin, Target leibhéal uaillmhéine sonrach na tíre agus FECB2030 PECB2030 Cás Tagartha AE 2020 a úsáidtear mar bhunlíne le haghaidh 2030.
2. Is éard atá san fhoirmle seo a leanas na critéir oibiachtúla a léiríonn na fachtóirí a liostaítear in Airteagal 4(3), pointí (d)(i) go (iv), gach ceann á úsáid chun leibhéal uaillmhéine sonrach na tíre a shainiú in % (Target) agus ag a bhfuil an t-ualach céanna san fhoirmle (0.25):
ranníocaíocht atá spleách ar luathghníomhaíocht (‘Fearly-action’);
ranníocaíocht atá spléach ar OTI per capita (‘Fwealth’);
ranníocaíocht atá spléach ar dhéine fuinnimh (‘Fintensity’);
ranníocaíocht fhéideartha coigiltis fuinnimh chost-éifeachtaigh (‘Fpotential’).
3. Déanfar Fearly-action a ríomh do gach Ballstát mar thoradh a mhéid coigiltis fuinnimh faoin bhfeabhas ar an déine fuinnimh a bhain gach Ballstát amach. Déanfar méid an choigiltis fuinnimh do gach Ballstát a ríomh ar bhonn an laghdaithe ar thomhaltas fuinnimh (i gcoibhéis tona ola) i gcoibhneas le laghdú an Aontais ar thomhaltas fuinnimh idir an meán 3 bliana don tréimhse 2007-2009 agus an meán 3 bliana don tréimhse 2017-2019. Déanfar an feabhsú ar dhéine fuinnimh gach Ballstáit a ríomh ar bhonn an laghdaithe ar dhéine fuinnimh (i gcoibhéis tona ola/EUR) i gcoibhneas le laghdú déine fuinnimh an Aontais idir an meán 3 bliana don tréimhse 2007-2009 agus an meán 3 bliana don tréimhse 2017-2019.
4. Ríomhfar Fwealth le haghaidh gach Ballstáit ar bhonn a innéacs meán-fhíor-OTI per capita 3 bliana ó Eurostat i leith meán 3 bliana an Aontais thar an tréimhse 2017-2019, arna shloinneadh i bpaireachtaí cumhachta ceannaigh (PCCanna).
5. Ríomhfar Fintensity le haghaidh gach Ballstáit ar bhonn a innéacs meándéine fuinnimh deiridh 3 bliana (FEC nó PEC in aghaidh fíor OTI in PCCanna) i leith mheán 3 bliana an Aontais thar an tréimhse 2017-2019.
6. Ríomhfar Fpotential le haghaidh gach Ballstáit ar bhonn an choigiltis fuinnimh deiridh nó phríomhúil faoi chás PRIMES MIX 55 % le haghaidh 2030. Sloinntear an coigilteas i leith réamh-mheastacháin Chás Tagartha AE 2020 le haghaidh 2030.
7. I gcás gach critéir dá bhforáiltear i bpointe 2(a) go (d), cuirfear i bhfeidhm teorainn íosta agus teorainn uasta. Cuirfear teorainn uasta leis an leibhéal uaillmhéine le haghaidh na bhfachtóirí Fwealth Fintensity agus Fpotential ag 50 % agus 150 % de mheánleibhéal uaillmhéine an Aontais faoi fhachtóir ar leith. Cuirfear teorainn uasta leis an leibhéal uaillmhéine le haghaidh fhachtóir Fearly-action ag 50 % agus 100 % de mheánleibhéal uaillmhéine an Aontais.
8. Is é Eurostat foinse na sonraí ionchuir a úsáidtear chun na fachtóirí a ríomh mura sonraítear a mhalairt.
9. Ríomhfar Ftotal mar shuim ualaithe na gceithre fhachtóir uile (Fearly-action. Fwealth Fintensity agus Fpotential). Ríomhfar an sprioc mar an toradh ar an bhfachtóir iomlán Ftotal agus sprioc an Aontais.
10. Ríomhfaidh an Coimisiún fachtóir ceartúcháin fuinnimh phríomhúil agus deiridh CEU, fachtóir a chuirfear i bhfeidhm chun suim thorthaí na foirmle a choigeartú le haghaidh na ranníocaíochtaí náisiúnta uile le spriocanna ábhartha an Aontais in 2030. Tá an fachtóir CEU comhionann i gcás na mBallstát uile.
IARSCRÍBHINN II
PRIONSABAIL GHINEARÁLTA CHUN AN LEICTREACHAS Ó CHOMHGHINIÚINT A RÍOMH
Cuid I
Prionsabail ghinearálta
Socrófar na luachanna a úsáidfear chun an leictreachas ó chomhghiniúint a ríomh ar bhonn oibriú an aonaid a mheastar a bheidh ann nó ar bhonn oibriú iarbhír an aonaid faoi ghnáthdhálaí úsáide. I gcás aonaid mhicrea-chomhghiniúna féadfar an ríomh a bheith bunaithe ar luachanna deimhnithe.
Measfar táirgeadh leictreachais ó chomhghiniúint a bheith ar comhchéim le táirgeadh leictreachais iomláin bliantúil an aonaid a thomhaistear ag asraoin na bpríomhghineadóirí má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
in aonaid chomhghiniúna de chineálacha (2), (4), (5), (6), (7) agus (8) dá dtagraítear i gCuid II ag a bhfuil éifeachtúlacht fhoriomlán bhliantúil a shocraíonn na Ballstáit ag leibhéal 75 % ar a laghad;
in aonaid chomhghiniúna de chineálacha (1) agus (3) dá dtagraítear i gCuid II ag a bhfuil éifeachtúlacht fhoriomlán bhliantúil a shocraíonn na Ballstáit ag leibhéal 80 % ar a laghad.
In aonaid chomhghiniúna ag a bhfuil éifeachtúlacht fhoriomlán bhliantúil faoin luach dá dtagraítear i bpointe (1)(a), eadhon na haonaid chomhghiniúna de chineálacha (2), (4), (5), (6), (7), agus (8) dá dtagraítear i gCuid II, nó ag a bhfuil éifeachtúlacht fhoriomlán bhliantúil faoin luach dá dtagraítear i bpointe (1)(b), eadhon na haonaid chomhghiniúna de chineálacha (1) agus (3) dá dtagraítear i gCuid II, ríomhtar leictreachas ó chomhghiniúint de réir na foirmle a leanas:
ECHP=HCHP*C
inarb é:
is é is ECHP ann méid an leictreachais ó chomhghiniúint;
is é is C ann an cóimheas idir cumhacht agus teas;
is é is HCHP ann an méid teasa úsáidigh ó chomhghiniúint (a ríomhtar chun na críche sin mar tháirgeadh teasa iomlán lúide aon teas a tháirgtear i gcoirí leithleacha nó trí eastóscadh gaile beo ón ngineadóir gaile roimh an tuirbín).
Beidh ríomh an leictreachais ó chomhghiniúint bunaithe ar an gcóimheas iarbhír idir cumhacht agus teas. Mura bhfios an cóimheas iarbhír idir cumhacht agus teas aonaid comhghiniúna, féadfar na luachanna réamhshocraithe seo a leanas a úsáid, go háirithe chun críoch staidrimh, le haghaidh aonaid de chineálacha (1), (2), (3), (4) agus (5) dá dtagraítear i gCuid II ar choinníoll go bhfuil an leictreachas comhghiniúna arna ríomh níos lú ná táirgeadh leictreachais iomláin an aonaid nó cothrom leis an méid sin:
|
Cineál an aonaid |
Cóimheas réamhshocraithe idir cumhacht agus teas, C |
|
Gástuirbín comh-thimthrialla le haisghabháil teasa |
0,95 |
|
Tuirbín cúlbhrú |
0,45 |
|
Galtuirbín comhdhlúthúcháin eastósctha |
0,45 |
|
Gástuirbín le haisghabháil teasa |
0,55 |
|
Inneall dócháin inmheánaigh |
0,75 |
Má thugann Ballstáit luachanna réamhshocraithe isteach le haghaidh cóimheasa idir cumhacht agus teas le haghaidh aonaid de chineálacha (6), (7), (8), (9), (10) agus (11) dá dtagraítear i gCuid II, foilseofar na luachanna réamhshocraithe sin agus cuirfear in iúl don Choimisiún iad.
Má aisghabhtar sciar de luach fuinnimh an ionchuir breosla i leith an phróisis comhghiniúna i gceimiceáin agus má athchúrsáiltear an sciar sin, is féidir an sciar sin a dhealú ón ionchur breosla sula ríomhtar an éifeachtúlacht fhoriomlán a úsáidtear i bpointí (1) agus (2).
Féadfaidh na Ballstáit an cóimheas idir cumhacht agus teas a chinneadh mar an cóimheas idir leictreachas agus teas úsáideach nuair atáthar ag oibriú i mód comhghiniúna ag acmhainneacht is ísle agus sonraí oibríochtúla an aonaid shonraigh á n-úsáid.
Féadfaidh na Ballstáit tréimhsí tuairiscithe eile seachas tréimhsí tuairiscithe bliantúla a úsáid chun críoch na ríomhanna i gcomhréir le pointí (1) agus (2).
Cuid II
Teicneolaíochtaí comhghiniúna a chumhdaítear leis an Treoir seo
Gástuirbín comh-thimthrialla le haisghabháil teasa
Tuirbín cúlbhrú
Galtuirbín comhdhlúthúcháin eastósctha
Gástuirbín le haisghabháil teasa
Inneall dócháin inmheánaigh
Micreatuirbíní
Innill den chineál Stirling
Breosla-chealla
Innill ghaile
Timthriallta orgánacha den chineál Rankine
Aon chineál eile teicneolaíochta nó comhcheangail lena gcuimsítear comhghiniúint.
Agus prionsabail ghinearálta maidir le leictreachas ó chomhghiniúint a ríomh á gcur chun feidhme agus á gcur i bhfeidhm, úsáidfidh na Ballstáit na Treoirlínte mionsonraithe a bhunaítear le Cinneadh 2008/952/CE ón gCoimisiún ( 16 ).
IARSCRÍBHINN III
MODHEOLAÍOCHT CHUN ÉIFEACHTÚLACHT AN PHRÓISIS COMHGHINIÚNA A CHINNEADH
Cinnfear na luachanna a úsáidfear chun éifeachtúlacht an chomhghiniúna agus an choigiltis fuinnimh phríomhúil a ríomh ar bhonn oibriú an aonaid a mheastar a bheidh ann nó ar bhonn oibriú iarbhír an aonaid faoi ghnáthdhálaí úsáide.
(a) Comhghiniúint ardéifeachtach
Chun críoch na Treorach seo, comhlíonfaidh comhghiniúint ardéifeachtach na critéir a leanas:
Nuair a thógtar aonad comhghiniúna nó nuair a athchóirítear aonad comhghiniúna go substaintiúil, áiritheoidh na Ballstáit nach dtiocfaidh méadú ar úsáid breoslaí iontaise seachas gás nádúrtha i bhfoinsí teasa atá ann cheana i gcomparáid leis an tomhaltas bliantúil a mheánaítear thar na 3 bliana féilire oibríochta iomláine roimhe sin roimh athchóiriú agus nach n-úsáideann aon fhoinse nua teasa sa chóras sin breoslaí iontaise seachas gás nádúrtha.
(b) An coigilteas fuinnimh phríomhúil a ríomh
Ríomhfar méid an choigiltis fuinnimh phríomhúil a sholáthraítear trí tháirgeadh comhghiniúna a shainítear i gcomhréir le hIarscríbhinn II ar bhonn na foirmle seo a leanas:
I gcás:
inarb é PES an coigilteas fuinnimh phríomhúil.
inarb é CHP Hη an éifeachtúlacht teasa ó tháirgeadh comhghiniúna a shainmhínítear mar aschur teasa úsáidigh bliantúil arna roinnt ar ionchur breosla a úsáidtear chun suim an ionchuir teasa úsáidigh agus ó chomhghiniúint a tháirgeadh.
inarb é Ref Hη an luach tagartha éifeachtúlachta le haghaidh táirgeadh leithleach teasa.
inarb é CHP Hη an éifeachtúlacht leictreachais ón táirgeadh comhghiniúna a shainmhínítear mar aschur teasa úsáidigh bliantúil arna roinnt ar ionchur breosla a úsáidtear chun suim an ionchuir teasa úsáidigh agus leictreachas ó chomhghiniúint a tháirgeadh. I gcás ina ngintear fuinneamh meicniúil le haonad comhghiniúna, féadfar an leictreachas bliantúil ó chomhghiniúint a mhéadú le gné bhreise a léiríonn méid an leictreachais atá comhionann le méid an leictreachais mheicniúil. Ní chruthaítear leis an ngné bhreise seo ceart ráthaíochtaí tionscnaimh a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 26(13).
inarb é Ref Eη an luach tagartha éifeachtúlachta le haghaidh táirgeadh leithleach leictreachais.
(c) Coigilteas fuinnimh a ríomh trí úsáid ríomha mhalartaigh
Féadfaidh na Ballstáit an coigilteas fuinnimh phríomhúil ó tháirgeadh teasa agus leictreachais agus leictreachais mheicniúil mar a chuirtear in iúl thíos a ríomh gan Iarscríbhinn II a chur i bhfeidhm chun codanna teasa agus leictreachais neamh-chomhghinte an phróisis chéanna a eisiamh. Féadfar an táirgeadh sin a mheas mar chomhghiniúint ardéifeachtach ar choinníoll go gcomhlíonann sé na critéir éifeachtúlachta a leagtar amach i bpointe (a) den Iarscríbhinn seo agus, i gcás aonaid chomhghiniúna ag a bhfuil acmhainneacht leictreachais is mó ná 25 MW, má tá an éifeachtúlacht fhoriomlán os cionn 70 %. Mar sin féin, maidir le sonraíocht chainníocht an leictreachais ó chomhghiniúint a tháirgtear sa táirgeadh sin, chun ráthaíocht tionscnaimh a eisiúint agus chun críche staidrimh, cinnfear í i gcomhréir le hIarscríbhinn II.
Má ríomhtar an coigilteas fuinnimh phríomhúil le haghaidh próisis trí úsáid ríomha mhalartaigh mar a chuirtear in iúl thuas, ríomhfar an coigilteas fuinnimh phríomhúil tríd an bhfoirmle i bpointe (b) den Iarscríbhinn seo a úsáid agus: ag cur ‘Hη’ in ionad ‘CHP Hη’ agus ‘Eη’ in ionad ‘CHP Eη,’ i gcás:
ina gciallaíonn Hη éifeachtúlacht teasa an phróisis, a shainmhínítear mar an t-aschur teasa bliantúil arna roinnt ar an ionchur breosla a úsáideadh chun suim an aschuir teasa agus an aschuir leictreachais a tháirgeadh.
ina gciallaíonn Eη éifeachtúlacht leictreachais an phróisis, a shainmhínítear mar an t-aschur leictreachais bliantúil arna roinnt ar ionchur breosla arna úsáid chun suim an aschuir teasa agus an aschuir leictreachais a tháirgeadh. I gcás ina ngintear fuinneamh meicniúil le haonad comhghiniúna, féadfar an leictreachas bliantúil ó chomhghiniúint a mhéadú le gné bhreise a léiríonn méid an leictreachais atá comhionann le méid an leictreachais mheicniúil. Ní chruthófar leis an ngné bhreise sin ceart ráthaíochtaí tionscnaimh a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 26(13).
Féadfaidh na Ballstáit tréimhsí tuairiscithe eile seachas tréimhsí tuairiscithe bliantúla a úsáid chun críoch na ríomhanna i gcomhréir le pointí (b) agus (c) den Iarscríbhinn seo.
I gcás aonaid mhicrea-chomhghiniúna d’fhéadfadh ríomh an choigiltis fuinnimh phríomhúil a bheith bunaithe ar shonraí deimhnithe.
(d) Luachanna tagartha éifeachtúlachta le haghaidh táirgeadh leithleach teasa agus leictreachais
Is éard a bheidh sna luachanna tagartha éifeachtúlachta comhchuibhithe maitrís luachanna arna difreáil de réir fachtóirí ábhartha, lena n-áirítear bliain thógála agus cineálacha breosla, agus beidh siad bunaithe ar anailís dhea-dhoiciméadaithe agus inter alia sonraí ó úsáid oibríochtúil faoi dhálaí réalaíocha, meascán breosla agus dálaí aeráide á gcur san áireamh chomh maith le teicneolaíochtaí comhghiniúna feidhmeacha.
Leis na luachanna tagartha éifeachtúlachta le haghaidh táirgeadh leithleach teasa agus leictreachais i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar amach i bpointe (b) bunófar éifeachtúlacht oibriúcháin an táirgthe leithligh teasa agus leictreachais a raibh an chomhghiniúint beartaithe a ionadú.
Ríomhfar na luachanna tagartha éifeachtúlachta de réir na bprionsabal seo a leanas:
i gcás aonaid chomhghiniúna beidh an chomparáid le táirgeadh leithleach leictreachais bunaithe ar an bprionsabal go gcuirtear na catagóirí breosla céanna i gcomparáid lena chéile;
cuirfear gach aonad comhghiniúna i gcomparáid leis an aonad comhghiniúna is fearr atá ar fáil agus teicneolaíocht inchosanta ar bhonn eacnamaíoch le haghaidh táirgeadh leithleach teasa agus leictreachais ar an margadh i mbliain thógáil an aonaid comhghiniúna;
déanfar luachanna tagartha éifeachtúlachta le haghaidh aonaid chomhghiniúna atá níos sine ná 10 mbliana a shocrú ar na luachanna tagartha de 10 mbliana;
léireoidh luachanna tagartha éifeachtúlachta le haghaidh táirgeadh leithleach leictreachais agus teasa na difríochtaí aeráide idir Ballstáit.
IARSCRÍBHINN IV
CEANGLAIS MAIDIR LE hÉIFEACHTÚLACHT FUINNIMH LE hAGHAIDH SOLÁTHAR POIBLÍ
I nósanna imeachta dámhachtana le haghaidh conarthaí poiblí agus lamháltas, údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha a cheannaíonn táirgí, seirbhísí, foirgnimh agus oibreacha, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:
i gcás ina gcumhdaítear táirge le gníomh tarmligthe arna ghlacadh faoi Rialachán (AE) 2017/1369, Treoir 2010/30/AE nó le gníomh cur chun feidhme ghaolmhar de chuid an Choimisiúin, ní cheannóidh siad ach na táirgí a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 7(2) den Rialachán sin;
i gcás ina gcumhdaítear táirge nach gcumhdaítear faoi phointe (a) le beart cur chun feidhme faoi Threoir 2009/125/CE, ní cheannóidh siad ach táirgí a chomhlíonann tagarmharcanna éifeachtúlachta fuinnimh a shonraítear sa bheart cur chun feidhme sin;
i gcás ina gcumhdaítear táirge nó seirbhís le critéir maidir le soláthar poiblí glas an Aontais nó le critéir náisiúnta choibhéiseacha atá ar fáil, le hábharthacht maidir le héifeachtúlacht fuinnimh an táirge nó na seirbhíse, déanfaidh siad a ndícheall gan ach táirgí agus seirbhísí a cheannach, táirgí agus seirbhísí a urramaíonn ar a laghad na sonraíochtaí teicniúla a shonraítear ag an leibhéal ‘lárnach’ i gcritéir ábhartha maidir le soláthar poiblí glas an Aontais nó i gcritéir náisiúnta choibhéiseacha atá ar fáil lena n-áirítear i measc rudaí eile le haghaidh lárionaid sonraí, seomraí freastalaí agus néalseirbhísí, soilsiú bóithre agus soilse tráchta, ríomhairí, monatóirí, táibléid agus fóin chliste;
gan ach boinn a cheannach a chomhlíonann an critéar maidir leis an aicme éifeachtúlachta fuinnimh breosla is airde a bheith acu, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2020/740, nach gcuirfidh cosc ar chomhlachtaí poiblí boinn a cheannach ag a bhfuil an aicme fliuchghreime nó aicme torainn rollta sheachtraigh is airde acu i gcás ina bhfuil údar cuí leis ar chúiseanna sábháilteachta nó sláinte poiblí;
ceanglóidh siad ina dtairiscintí le haghaidh conarthaí seirbhíse, chun na seirbhísí atá i gceist a sholáthar, nach n-úsáidfidh soláthraithe seirbhíse ach na táirgí a chomhlíonann pointí (a), (b) agus (d), nuair a sholáthraíonn siad na seirbhísí atá i gceist. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin ach maidir le táirgí nua a cheannaíonn soláthraithe seirbhíse i bpáirt nó go hiomlán chun an tseirbhís atá i gceist a sholáthar;
ceannóidh siad foirgnimh a chomhlíonann ar a laghad an leibhéal nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de gan dochar d’Airteagal 6 den Treoir seo, nó déanfaidh siad comhaontuithe cíosa nua lena n-aghaidh, murab é ceann de na nithe seo a leanas cuspóir an cheannacháin:
athchóiriú domhain nó scartáil a dhéanamh;
i gcás comhlachtaí poiblí, an foirgneamh a athdhíol gan é a úsáid chun críocha an chomhlachta phoiblí é féin; nó
é a chaomhnú mar fhoirgneamh atá cosanta go hoifigiúil mar chuid de thimpeallacht ainmnithe, nó mar gheall ar a fhiúntas ailtireachta nó staire ar leith.
Fíorófar comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i bpointe (f) den Iarscríbhinn seo trí bhíthin teastais feidhmíochta fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 11 de Threoir 2010/31/AE.
IARSCRÍBHINN V
MODHANNA COMHCHOITEANNA AGUS PRIONSABAIL CHOMHCHOITEANNA CHUN TIONCHAR SCÉIMEANNA UM OIBLEAGÁID ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH NÓ BEART BEARTAIS EILE FAOI AIRTEAGAIL 8, 9 AGUS 10 AGUS AIRTEAGAL 30(14) A RÍOMH
1. Modhanna chun an coigilteas fuinnimh seachas an coigilteas a eascraíonn ó bhearta cánachais chun críocha Airteagail 8, 9 agus 10 agus Airteagal 30(14) a ríomh.
Féadfaidh páirtithe faoi oibleagáid, páirtithe rannpháirteacha nó páirtithe iontaoibhe, nó údaráis phoiblí cur chun feidhme, feidhm a bhaint as na modhanna seo a leanas chun coigilteas fuinnimh a ríomh:
coigilteas measta, mar thagairt do na torthaí ar fheabhsuithe fuinnimh a ndearnadh faireachán neamhspleách orthu cheana i suiteálacha comhchosúla. Tugtar ‘ex ante’ ar an gcur chuige cineálach;
coigilteas méadraithe, trína ndéantar an coigilteas ó shuiteáil birt, nó pacáiste de bhearta, a chinneadh tríd an laghdú iarbhír ar úsáid fuinnimh a thaifeadadh, agus aird chuí á tabhairt ar fhachtóirí amhail breisíocht, áitíocht, leibhéil táirgeachta agus an aimsir a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar thomhaltas. Tugtar ‘ex post’ ar an gcur chuige cineálach;
coigilteas scálaithe, trína n-úsáidtear meastacháin innealtóireachta ar choigilteas. Ní fhéadfar feidhm a bhaint as an gcur chuige sin ach amháin i gcás ina bhfuil sé deacair nó go díréireach daor sonraí tomhaiste láidre i gcomhair suiteáil shonrach a bhunú, mar shampla comhbhrúiteoir nó mótar leictreach ag a bhfuil rátáil kWh éagsúil a chur in ionad comhbhrúiteoir nó mótar leictreach a ndearnadh faisnéis neamhspleách faoi choigilteas a thomhas ina leith, nó i gcás ina ndéanann saineolaithe cáilithe nó creidiúnaithe atá neamhspleách ó na páirtithe faoi oibleagáid, ó na páirtithe rannpháirteacha nó ó na páirtithe iontaoibhe na meastacháin sin ar bhonn modheolaíochtaí agus tagarmharcanna a bunaíodh go náisiúnta;
agus coigilteas fuinnimh á ríomh chun críocha Airteagal 8(3) is féidir a áireamh chun an oibleagáid san Airteagal sin a chomhlíonadh, féadfaidh na Ballstáit meastachán a dhéanamh ar choigilteas fuinnimh daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta ar bhonn meastacháin innealtóireachta trí dhálaí áitíochta caighdeánaithe agus compord teirmeach a úsáid, nó paraiméadair, amhail paraiméadair a shainítear i rialacháin náisiúnta tógála. Ba cheart do na Ballstáit an chaoi a meastar compord le haghaidh gníomhaíochtaí i bhfoirgnimh a thuairisciú don Choimisiún in éineacht le míniúcháin ar a modheolaíocht ríofa.
coigilteas a rinneadh suirbhéireacht orthu, trína gcinntear freagairt tomhaltóirí do chomhairle, d’fheachtais faisnéise, do lipéadú nó do scéimeanna deimhniúcháin nó do mhéadrú cliste. Ní bhainfear feidhm as an gcur chuige sin ach amháin do choigilteas a eascraíonn ó athruithe in iompar na dtomhaltóirí. Ní dhéanfar feidhm a bhaint as do choigilteas a eascraíonn ó shuiteáil beart fisiciúil.
2. Agus an coigilteas fuinnimh do bheart éifeachtúlachta fuinnimh á chinneadh chun críocha Airteagail 8, 9 agus 10 agus Airteagal 30(14), beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:
léireoidh na Ballstáit gurb é ceann de chuspóirí an bhirt beartais, bíodh sé nua nó ann cheana féin, baint amach coigiltis fuinnimh críochúsáide de bhun Airteagal 8(1) agus soláthróidh siad fianaise agus a ndoiciméid lena dtaispeántar go raibh beart beartais ina chúis leis an gcoigilteas fuinnimh, lena n-áirítear comhaontuithe deonacha;
taispeánfar go bhfuil an coigilteas sa bhreis ar an gcoigilteas a bheadh ann ar aon chaoi gan gníomhaíocht na bpáirtithe faoi oibleagáid, na bpáirtithe rannpháirteacha nó na bpáirtithe iontaoibhe nó na n-údarás poiblí cur chun feidhme. Chun a chinneadh cé na coigiltis is féidir a éileamh mar choigiltis bhreise, tabharfaidh na Ballstáit dá n-aire an chaoi a bhforbródh úsáid fuinnimh agus tomhailt fuinnimh in éagmais an bhirt beartais faoi thrácht trí na tosca seo a leanas, ar a laghad a chur san áireamh: treochtaí do thomhailt fhuinnimh, athruithe in iompar na dtomhaltóirí, dul chun cinn teicneolaíochta agus athruithe arb iad na bearta eile arna gcur chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta is cúis leo;
measfar gur coigilteas a bheadh ann ar aon nós coigilteas a eascraíonn ó chur chun feidhme dhlí éigeantach an Aontais, agus, ar an gcaoi sin, ní dhéanfar é a éileamh mar choigilteas fuinnimh chun críocha Airteagal 8(1). De mhaolú ar an gceanglas sin, coigilteas atá bainteach le hathchóiriú foirgneamh atá ann cheana, lena n-áirítear na coigiltis a eascraíonn ó chur chun feidhme íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh i bhfoirgnimh i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE, féadfar é a éileamh mar choigilteas fuinnimh chun críocha Airteagal 8(1), ar choinníoll go n-áirithítear an critéar ábharthachta dá dtagraítear i bpointe 3(h) den Iarscríbhinn seo. Bearta lena gcuirtear feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh chun cinn san earnáil phoiblí de bhun Airteagail 5 agus 6, féadfaidh siad a bheith incháilithe a bheith curtha san áireamh maidir le coigilteas fuinnimh a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) a chomhlíonadh, ar an gcoinníoll go mbaintear coigilteas fuinnimh críochúsáide infhíoraithe amach leo atá intomhaiste nó inmheasta. Comhlíonfaidh ríomh an choigiltis fuinnimh an Iarscríbhinn seo;
féadfar coigilteas fuinnimh críochúsáide a eascraíonn ó chur chun feidhme beart feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh arna ndéanamh de bhun rialacháin éigeandála faoi Airteagal 122 CFAE a éileamh chun críocha Airteagal 8(1), ar choinníoll go mbeidh coigilteas fuinnimh críochúsáide infhíoraithe agus intomhaiste nó inmheasta, cé is moite den choigilteas fuinnimh sin mar thoradh ar bhearta cóimheasa nó ciorrúcháin;
is féidir bearta a dhéantar de bhun Rialachán (AE) 2018/842 a mheas mar bhearta ábhartha, ach ní mór do na Ballstáit a thaispeáint go n-eascraíonn coigilteas fuinnimh críochúsáide infhíoraithe astu atá intomhaiste nó inmheasta. Comhlíonfaidh ríomh an choigiltis fuinnimh an Iarscríbhinn seo;
ní dhéanfaidh na Ballstáit ach coigilteas fuinnimh críochúsáide a áireamh ó bhearta beartais in earnálacha nó i suiteálacha a chumhdaítear le Caibidil IVa ghabhann le Treoir 2003/87/CE má eascraíonn siad as cur chun feidhme Airteagal 9 nó 10 den Treoir seo agus a théann thar na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2003/87/CE nó thar chur chun feidhme gníomhaíochtaí a bhaineann le leithdháileadh lamháltas saor in aisce faoin Treoir sin. Taispeánfaidh na Ballstáit gurb é an toradh atá ar na bearta beartais coigilteas fuinnimh críochúsáide infhíoraithe agus intomhaiste nó inmheasta. Comhlíonfaidh ríomh an choigiltis fuinnimh an Iarscríbhinn seo. Má tá eintiteas ina pháirtí faoi oibleagáid faoi scéim náisiúnta um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh faoi Airteagal 9 den Treoir seo agus faoi CTA AE le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar faoi Chaibidil IVa a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, áiritheofar leis an gcóras faireacháin agus fíoraithe go gcuirfear san áireamh an praghas carbóin atá curtha i bhfeidhm nuair a scaoiltear breosla lena dtomhail faoin gCaibidil sin nuair a dhéanfar an coigilteas fuinnimh a bhearta coigilte fuinnimh a ríomh agus a thuairisciú;
féadfar creidmheas a thabhairt, ar choinníoll go dtabharfar é amháin do choigilteas a théann thar na leibhéil seo a leanas:
caighdeáin feidhmíochta d’astaíochtaí an Aontais le haghaidh gluaisteáin nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua tar éis Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme ( 17 ); Ní foláir do na Ballstáit cúiseanna, a dtoimhdí agus a modheolaíocht ríofa chun breisíocht le ceanglais nua an Aontais maidir le CO2 feithicle a thaispeáint;
ceanglais an Aontais maidir le táirgí áirithe a bhfuil baint acu le fuinneamh a bhaint den mhargadh tar éis na bearta cur chun feidhme faoi Threoir 2009/125/CE a chur chun feidhme. Soláthróidh na Ballstáit fianaise, a dtoimhdí agus a modheolaíocht ríofa chun breisíocht a thaispeáint;
ceadófar beartais a bhfuil mar chuspóir acu leibhéil níos airde éifeachtúlachta fuinnimh a spreagadh do tháirgí, trealamh, córais iompair, feithiclí agus breoslaí, foirgnimh agus eilimintí foirgnimh, próisis nó margaí, cé is moite de bhearta beartais:
maidir le húsáid dócháin dhírigh teicneolaíochtaí breosla iontaise, a chuirtear chun feidhme go nua ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, agus
lena dtugtar fóirdheontas d’úsáid dócháin dhírigh teicneolaíochtaí breosla iontaise i bhfoirgnimh chónaithe ón 1 Eanáir 2026.
coigilteas fuinnimh a eascraíonn as bearta beartais a chuirtear chun feidhme go nua ón 1 Eanáir 2024 maidir le húsáid dócháin dhírigh breosla iontaise i dtáirgí, trealamh, córais iompair, feithiclí, foirgnimh nó oibreacha, ní áireofar iad faoi chomhair chomhlíonadh na hoibleagáide maidir le coigilteas fuinnimh de bhun Airteagal 8(1)(b). I gcás bearta beartais lena gcuirtear teaglamaí teicneolaíochtaí chun cinn, ní bheidh an sciar den choigilteas fuinnimh a bhaineann leis an teicneolaíocht dócháin breoslaí iontaise incháilithe ón 1 Eanáir 2024.
de mhaolú ar phointe (i), le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2030, ní fhéadfar coigilteas fuinnimh ó theicneolaíochtaí dócháin dhírigh breoslaí iontaise lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht fuinnimh i bhfiontair dhianfhuinnimh in earnáil an tionscail a áireamh mar choigilteas fuinnimh ach amháin chun críocha Airteagal 8(1), pointí (b) agus (c), go dtí an 31 Nollaig 2030, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas ina leith:
rinne an fiontar iniúchadh fuinnimh de bhun Airteagal 11(2) agus plean cur chun feidhme ina n-áirítear:
is é atá i gceist le leanúint d’úsáid teicneolaíochtaí dócháin dhírigh na mbreoslaí iontaise beart éifeachtúlachta fuinnimh chun tomhaltas fuinnimh a laghdú le tréimhse aisíoca 5 bliana nó níos lú, ar bhonn modheolaíochtaí simplí tréimhse aisíoca arna soláthar ag an mBallstát, arna moladh mar thoradh ar iniúchadh fuinnimh de bhun Airteagal 11(2) agus a áirítear sa phlean cur chun feidhme;
comhlíonann úsáid teicneolaíochtaí dócháin dhírigh breoslaí iontaise reachtaíocht chomhfhreagrach is déanaí an Aontais maidir le feidhmíocht astaíochtaí agus ní thagann éifeachtaí gaibhnithe teicneolaíochta aisti agus áirithíonn sí comhoiriúnacht amach anseo le breoslaí agus teicneolaíochtaí malartacha aeráidneodracha;
ní bhíonn méadú ar thomhaltas fuinnimh ná méadú ar acmhainneacht na suiteála san fhiontar mar thoradh ar úsáid teicneolaíochtaí dócháin dhírigh breoslaí iontaise san fhiontar sin;
cuirtear fianaise ar fáil nach raibh aon réiteach malartach, inbhuanaithe breosla neamh-iontaise indéanta go teicniúil;
is é an toradh a bhíonn ar úsáid teicneolaíochtaí dócháin dhírigh na mbreoslaí iontaise díreacha go mbíonn coigilteas fuinnimh críochúsáide infhíoraithe agus intomhaiste nó inmheasta, arna ríomh i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo;
foilsítear fianaise ar shuíomh gréasáin nó cuirtear ar fáil go poiblí í do gach saoránach ar spéis leo í;
bearta lena gcuirtear suiteáil teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite ar mionscála chun cinn ar fhoirgnimh nó i bhfoirgnimh, féadfaidh siad a bheith incháilithe a bheith curtha san áireamh maidir le coigilteas fuinnimh a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) a chomhlíonadh, ar choinníoll go mbaintear coigilteas fuinnimh críochúsáide infhíoraithe amach leo atá intomhaiste nó inmheasta. Comhlíonfaidh ríomh an choigiltis fuinnimh ceanglais an Iarscríbhinn seo;
bearta lena gcuirtear suiteáil teicneolaíochtaí teirmeacha gréine chun cinn, féadfaidh siad a bheith incháilithe a bheith curtha san áireamh maidir le coigilteas fuinnimh a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) a chomhlíonadh, ar an gcoinníoll go mbaintear coigilteas fuinnimh críochúsáide infhíoraithe amach leo atá intomhaiste nó inmheasta. Is féidir an teas a thairgeann teicneolaíochtaí teirmeacha gréine ó radaíocht na gréine a eisiamh óna dtomhaltas fuinnimh críochúsáide;
i gcás beartais lena gcuirtear dlús le glacadh táirgí agus feithiclí níos éifeachtúla, seachas na beartais a chuirtear chun feidhme go nua ón 1 Eanáir 2024 maidir le húsáid dócháin dhírigh breosla iontaise, féadfar creidmheas iomlán a éileamh, ar choinníoll go dtaispeántar go dtarlóidh an glacadh sin sula rachaidh an saolré mheánach lena bhfuiltear ag súil don táirge nó don fheithicil in éag, nó sula ndéanfaí an táirge nó an fheithicil a ionadú de ghnáth, agus nach n-éileofar an coigilteas ach amháin don tréimhse go dtí deireadh na saolré meánaí lena bhfuiltear ag súil don táirge nó don fheithicil atá le hionadú;
agus glacadh beart éifeachtúlachta fuinnimh á chur chun cinn acu, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, go ndéanfar caighdeáin cháilíochta do tháirgí, do sheirbhísí agus do shuiteáil beart a chothabháil nó a thabhairt isteach i gcás nach ann do na caighdeáin sin;
chun éagsúlachtaí aeráide idir réigiúin a chur san áireamh, féadfaidh Ballstáit rogha a dhéanamh an coigilteas a oiriúnú do luach caighdeánach nó chun coigilteas fuinnimh éagsúil a thabhairt i gcomhréir le hathruithe teochta idir réigiúin;
déanfaidh ríomh an choigiltis fuinnimh saolré na mbeart agus an ráta ag a laghdaítear coigilteas le himeacht ama a chur san áireamh. Leis an ríomh sin, déanfar an coigilteas a bhainfidh gach gníomhaíocht aonair amach le linn na tréimhse óna dáta cur chun feidhme go dtí deireadh gach tréimhse oibleagáide a chomhaireamh. Mar mhalairt air sin, féadfaidh na Ballstáit modh eile a ghlacadh a mheastar go mbainfidh sé amach an méid iomlán céanna de choigilteas ar a laghad. Nuair a bheidh feidhm á baint acu as modh eile, áiritheoidh na Ballstáit nach sáróidh méid iomlán an choigiltis fuinnimh arna ríomh trí fheidhm a bhaint as an modh sin méid an choigiltis fuinnimh a bheadh mar thoradh ar a ríomh agus an coigilteas, a bhainfear amach le gach gníomhaíocht aonair le linn na tréimhse óna dáta cur chun feidhme go dtí 2030, á chomhaireamh acu. Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc mhionsonraithe, ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a dtugtar fógra ina leith de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 de Rialachán (AE) 2018/1999, ar an modh eile agus ar na forálacha atá déanta chun a áirithiú go gcomhlíontar an ceanglas ceangailteach maidir leis an ríomh.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas na bearta beartais arna nglacadh de bhun Airteagal 10 agus Airteagal 30(14):
déantar, leis na bearta beartais agus na gníomhaíochtaí aonair, coigilteas fuinnimh críochúsáide atá infhíoraithe;
déantar freagracht gach páirtí rannpháirtigh, gach páirtí iontaoibhe nó gach údaráis phoiblí cur chun feidhme, de réir mar is ábhartha, a shainiú go soiléir;
déantar an coigilteas fuinnimh a baineadh amach nó atá le baint amach a chinneadh ar bhealach trédhearcach;
sloinntear an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear faoin mbeart beartais nó atá le baint amach aige i dtomhaltas fuinnimh phríomhúil nó i dtomhaltas fuinnimh deiridh, agus feidhm á baint as na glanluachanna calracha nó na fachtóirí fuinnimh phríomhúil dá dtagraítear in Airteagal 31;
cuirtear ar fáil tuarascáil bhliantúil maidir leis an gcoigilteas fuinnimh a bhain na páirtithe iontaoibhe, na páirtithe rannpháirteacha agus na húdaráis phoiblí cur chun feidhme amach agus déantar í, mar aon le sonraí ar threocht bhliantúil an choigiltis fuinnimh, a fhoilsiú go poiblí;
faireachán a dhéanamh ar na torthaí agus bearta iomchuí a ghlacadh mura bhfuil an dul chun cinn sásúil;
ní éilíonn níos mó ná aon pháirtí amháin an coigilteas fuinnimh ó ghníomhaíocht aonair;
taispeántar go raibh gníomhaíochtaí an pháirtí rannpháirtigh, an pháirtí iontaoibhe nó an údaráis phoiblí cur chun feidhme ábhartha maidir le baint amach an choigiltis fuinnimh a éilíodh;
níl aon éifeacht dhíobhálach ag gníomhaíochtaí an pháirtí rannpháirtigh, an pháirtí iontaoibhe nó an údaráis phoiblí cur chun feidhme ábhartha ar dhaoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta.
4. Agus an coigilteas fuinnimh ó bhearta beartais atá bainteach le cánachas a tugadh isteach faoi Airteagal 10 á chinneadh, beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:
le praghasleaisteachais ghearrthréimhseacha chun tionchar na mbeart cánach fuinnimh a ríomh, léireofar freagrúlacht an éilimh fuinnimh d’athruithe praghsanna, agus déanfar iad a mheasúnú ar bhonn foinsí sonraí oifigiúla ionadaíocha, ar sonraí iad atá ann le gairid atá infheidhme maidir leis an mBallstát, agus, i gcás inarb infheidhme, ar bhonn staidéir a ghabhann leo ó institiúid neamhspleách. Má úsáidtear praghasleaisteachas eile seachas praghasleaisteachais ghearrthréimhseacha, míneoidh na Ballstáit an chaoi ar tugadh isteach na feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh de bharr cur chun feidhme reachtaíocht eile de chuid an Aontais a áirítear sa bhunlíne a úsáidtear chun an coigilteas fuinnimh a mheas, nó an chaoi ar seachnaíodh comhaireamh dúbailte an choigiltis fuinnimh ó Reachtaíocht eile de chuid an Aontais;
déanfar an coigilteas fuinnimh ó na hionstraimí beartais cánachais a ghabhann leo, lena n-áirítear dreasachtaí fioscacha nó íocaíocht chuig ciste, a chuntasú ar leithligh;
ba cheart meastacháin leaisteachais ghearrthréimhsigh a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar an gcoigilteas fuinnimh ó bhearta cánachais chun forluí le dlí an Aontais agus le bearta beartais eile a sheachaint;
cinnfidh na Ballstáit éifeachtaí dáileacháin cánachais agus éifeachtaí dáileacháin beart coibhéiseach ar dhaoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, agus taispeánfaidh siad éifeachtaí beart maolúcháin a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 24(1), (2) agus (3);
soláthróidh na Ballstáit fianaise nach mbeidh aon chomhaireamh dúbailte coigiltis fuinnimh, lena n-áirítear modheolaíochtaí ríofa, i gcás ina bhfuil forluí i dtionchar na mbeart fuinnimh nó cánachais carbóin nó trádáil astaíochtaí i gcomhréir le Treoir 2003/87/CE.
5. Fógra faoin modheolaíocht
Tabharfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999, fógra don Choimisiún faoin modheolaíocht mhionsonraithe atá molta acu chun na scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh agus na bearta malartacha dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10 agus Airteagal 30(14) den Treoir seo a fheidhmiú. Ach amháin i gcás cánachais, beidh faisnéis faoi na nithe seo a leanas i bhfógra den sórt sin:
leibhéal an choigiltis fuinnimh a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1), an chéad fhomhír, nó an coigilteas a bhfuiltear ag súil lena bhaint amach thar an tréimhse ar fad ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030;
an chaoi a ríomhfar méid an choigiltis fuinnimh nua a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1), an chéad fhomhír, nó an chaoi a gcéimneofar an coigilteas fuinnimh a bhfuiltear ag súil lena bhaint amach thar an tréimhse oibleagáide;
na páirtithe faoi oibleagáid, na páirtithe rannpháirteacha nó na páirtithe iontaoibhe, nó na húdaráis phoiblí cur chun feidhme;
sprioc-earnálacha;
bearta beartais agus gníomhaíochtaí aonair, lena n-áirítear an méid iomlán de choigilteas carnach fuinnimh lena bhfuiltear ag súil le haghaidh gach birt;
na bearta beartais nó na cláir nó na bearta a mhaoinítear faoi chiste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a chuirtear chun feidhme mar thosaíocht i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta;
sciar agus méid an choigiltis fuinnimh atá le baint amach i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta;
i gcás inarb infheidhme, na táscairí arna gcur i bhfeidhm, an mheánscair uimhríochtúil agus toradh na mbeart beartais de bhun Airteagal 8(3);
i gcás inarb infheidhme, tionchair agus éifeachtaí díobhálacha na mbeart beartais a chuirtear i bhfeidhm de bhun Airteagal 8(3) maidir le daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta;
fad na tréimhse oibleagáide do na scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh;
i gcás inarb infheidhme, méid an choigiltis fuinnimh nó na spriocanna maidir le laghdú costais atá le baint amach ag páirtithe faoi oibleagáid i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta;
na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear leis an mbeart beartais;
modheolaíocht an ríomha, lena n-áirítear an chaoi ar cinneadh an bhreisíocht agus an ábharthacht agus cé na modheolaíochtaí agus na tagarmharcanna a úsáidtear le haghaidh coigilteas measta agus coigilteas scálaithe, agus, i gcás inarb infheidhme, na luachanna calracha agus fachtóirí coinbhéartachta;
saolréanna na mbeart, agus an chaoi a ndéantar iad a ríomh nó cad air a bhfuil siad bunaithe;
an cur chuige a ghlactar chun aghaidh a thabhairt ar éagsúlachtaí aeráide laistigh den Bhallstát;
na córais faireacháin agus fíoraithe le haghaidh bearta faoi Airteagail 9 agus 10 agus an chaoi a ndéantar a neamhspleáchas ó na páirtithe faoi oibleagáid, ó na páirtithe rannpháirteacha nó ó na páirtithe iontaoibhe a áirithiú;
i gcás cánachais:
sprioc-earnálacha agus sciar na gcáiníocóirí;
an t-údarás poiblí cur chun feidhme;
an coigilteas a bhfuiltear ag súil lena bhaint amach;
an fad a mhairfidh an beart cánachais;
an mhodheolaíocht ríofa, lena n-áirítear na praghasleaisteachais a úsáidtear agus an chaoi ar bunaíodh iad agus
an chaoi ar seachnaíodh forluí le CTA AE i gcomhréir le Treoir 2003/87/CE agus ar cuireadh deireadh leis an riosca maidir le háireamh dúbailte.
IARSCRÍBHINN VI
NA CRITÉIR ÍOSTA LE hAGHAIDH INIÚCHTAÍ FUINNIMH LENA nÁIRÍTEAR NA hINIÚCHTAÍ FUINNIMH A DHÉANTAR MAR CHUID DE CHÓRAIS BAINISTÍOCHTA FUINNIMH
Maidir leis na hiniúchtaí fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 11:
beidh siad bunaithe ar shonraí oibríochtúla atá cothrom le dáta, tomhaiste, inrianaithe maidir le tomhaltas fuinnimh agus lódphróifílí (le haghaidh leictreachais);
beidh siad comhdhéanta d’athbhreithniú mionsonraithe ar phróifíl tomhaltais fuinnimh foirgneamh nó grúpaí foirgneamh, oibríochtaí tionsclaíochta nó suiteálacha, lena n-áirítear in earnáil an iompair;
sainaithneofar leo bearta éifeachtúlachta fuinnimh chun ídiú fuinnimh a laghdú;
sainaithneofar leo an acmhainneacht atá le húsáid chostéifeachtach nó táirgeadh costéifeachtach fuinnimh in-athnuaite;
tógfar, nuair is féidir, ar anailís costais saolré seachas ar thréimhsí aisíoca simplí chun an coigilteas fadtéarmach, luachanna iarmharacha infheistíochtaí fadtéarmacha agus rátaí lascaine a chur san áireamh;
beidh siad comhréireach, agus sách ionadaíoch ionas gur féidir léargas iontaofa na feidhmíochta fuinnimh foriomláine a tharraingt agus na deiseanna feabhais is suntasaí a shainaithint go hiontaofa.
Le hiniúchtaí fuinnimh, ceadófar ríomhanna mionsonraithe agus bailíochtaithe le haghaidh na mbeart atá beartaithe chun faisnéis shoiléir maidir leis an gcoigilteas a d’fhéadfadh a bheith ann a chur ar fáil.
Beifear in ann na sonraí a úsáidfear in iniúchtaí fuinnimh a stóráil le haghaidh anailís stairiúil agus feidhmíocht rianaithe.
IARSCRÍBHINN VII
NA CEANGLAIS ÍOSTA MAIDIR LE FAIREACHÁN A DHÉANAMH AR FHEIDHMÍOCHT FUINNIMH LÁRIONAD SONRAÍ AGUS MAIDIR LEIS AN bhFEIDHMÍOCHT SIN A FHOILSIÚ
Déanfar faireachán ar an bhfaisnéis íosta seo a leanas agus foilseofar í a mhéid a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh lárionad sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12:
ainm an lárionaid sonraí, ainm úinéir agus oibreoirí an lárionaid sonraí, an dáta ar cuireadh tús leis na hoibríochtaí sa lárionad sonraí agus an bardas ina bhfuil an lárionad sonraí lonnaithe;
achar urláir an lárionaid sonraí, an chumhacht suiteáilte, an trácht bliantúil sonraí isteach agus amach, agus méid na sonraí a stóráiltear agus a phróiseáiltear laistigh den lárionad sonraí;
feidhmíocht an lárionaid sonraí, le linn na bliana iomláine féilire deiridh, i gcomhréir le príomhtháscairí feidhmíochta maidir le, inter alia, tomhaltas fuinnimh, úsáid cumhachta, pointí socraithe teochta, úsáid dramhtheasa, úsáid uisce agus úsáid fuinnimh in-athnuaite, agus úsáid á baint mar bhonn, i gcás inarb infheidhme, as CEN/CENELEC EN 50600-4 ‘Teicneolaíocht faisnéise - saoráidí agus bonneagair lárionaid sonraí’, go dtí go dtiocfaidh an gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 33(3) i bhfeidhm.
IARSCRÍBHINN VIII
NA CEANGLAIS ÍOSTA MAIDIR LE BILLEÁIL AGUS MAIDIR LE FAISNÉIS BHILLEÁLA BUNAITHE AR THOMHALTAS IARBHÍR GÁIS NÁDÚRTHA
1. Na ceanglais íosta maidir le billeáil
1.1. An bhilleáil bunaithe ar thomhaltas iarbhír
Chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí deiridh a dtomhaltas fuinnimh féin a rialú, ba cheart billeáil a dhéanamh ar bhonn an tomhaltais iarbhír uair sa bhliain ar a laghad, agus ba cheart faisnéis bhilleála a chur ar fáil ar bhonn ráithiúil ar a laghad, arna iarraidh sin nó i gcás inár roghnaigh tomhaltóirí billeáil leictreonach a fháil nó seachas sin faoi dhó sa bhliain. Is féidir gás nach n-úsáidtear ach chun críche cócaireachta amháin a dhíolmhú ón gceanglas sin.
1.2. An fhaisnéis íosta atá sa bhille
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, go gcuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil do na custaiméirí deiridh i dtéarmaí soiléire agus sothuigthe ina mbillí, ina gconarthaí, ina n-idirbhearta, agus ina bhfáltais ag stáisiúin dáileacháin nó lena mbillí, lena gconarthaí, lena n-idirbhearta, agus lena bhfáltais ag stáisiúin dáileacháin:
praghsanna iarbhír reatha agus tomhaltas iarbhír fuinnimh;
comparáidí idir tomhaltas fuinnimh reatha an chustaiméara deiridh agus tomhaltas na tréimhse chéanna sa bhliain roimhe sin, i bhfoirm ghrafach más féidir;
faisnéis teagmhála d’eagraíochtaí úsáideoirí deiridh, gníomhaireachtaí fuinnimh nó comhlachtaí comhchosúla, lena n-áirítear seoltaí gréasáin, óna bhféadfar faisnéis a fháil faoi na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh atá le fáil, faoi phróifílí comparáideacha úsáideoirí deiridh agus faoi shonraíochtaí teicniúla oibiachtúla do threalamh a úsáideann fuinneamh.
Sa bhreis air sin, i gcás inar féidir agus ina bhfuil sin úsáideach, áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar comparáidí le meánchustaiméir normalaithe nó tagarmharcáilte sa chatagóir úsáideora chéanna do na custaiméirí deiridh i dtéarmaí soiléire agus sothuigthe ina mbillí, ina gconarthaí, ina n-idirbhearta, agus ina n-admhálacha ag stáisiúin dáileacháin nó déanfar na comparáidí sin a chur leo nó comhartha ina leith sin a chur iontu.
1.3. Comhairle maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a ghabhann le billí agus aiseolas eile do na custaiméirí deiridh
►C1 Agus conarthaí agus athruithe ar chonarthaí á seoladh, agus i mbillí a fhaigheann custaiméirí nó trí shuíomhanna gréasáin lena dtugtar aghaidh ar chustaiméirí aonair, cuirfidh dáileoirí fuinnimh, oibreoirí córais dáileacháin agus cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola a gcustaiméirí ar an eolas ar bhealach soiléir agus intuigthe ◄ maidir le faisnéis teagmhála le haghaidh aonaid comhairle tomhaltóirí aonair, gníomhaireachtaí fuinnimh nó institiúidí comhchosúla, lena n-áirítear a seoltaí idirlíne, áit ar féidir leo comhairle faoi bhearta éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil a fháil, próifílí tagarmhairc dá dtomhaltas fuinnimh agus sonraíochtaí teicniúla fearas a úsáideann fuinneamh lenar féidir tomhaltas na bhfearas sin a laghdú.
IARSCRÍBHINN IX
NA CEANGLAIS ÍOSTA MAIDIR LE FAISNÉIS BHILLEÁLA AGUS TOMHALTAIS I gCÁS TÉIMH, FUARAITHE AGUS UISCE TE TÍ
1. An bhilleáil bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó léamha leithdháileoirí costais teasa
Chun é a chur ar a gcumas do na húsáideoirí deiridh a dtomhaltas fuinnimh féin a rialú, déanfar an bhilleáil ar bhonn tomhaltas iarbhír nó léamha leithdháileoirí costais teasa uair sa bhliain ar a laghad.
2. Minicíocht íosta na faisnéise billeála nó tomhaltais
Go dtí an 31 Nollaig 2021, i gcás inar suiteáladh méadair nó leithdháileoirí costais teasa atá inléite go cianda, cuirfear faisnéis bhilleála nó tomhaltais bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais teasa ar fáil do na húsáideoirí deiridh ar a laghad ar bhonn ráithiúil arna iarraidh sin nó i gcás inar roghnaigh na custaiméirí deiridh billeáil leictreonach a fháil, nó faoi dhó sa bhliain murach sin.
Ón 1 Eanáir 2022, i gcás inar suiteáladh méadair nó leithdháileoirí costais teasa atá inléite go cianda, cuirfear faisnéis bhilleála nó tomhaltais bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais teasa ar fáil do na húsáideoirí deiridh ar bhonn míosúil ar a laghad. Féadfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil tríd an idirlíon freisin agus í a thabhairt chun dáta a mhinice is incheadaithe leis na feistí agus na córais tomhais a úsáidtear. Féadfar téamh agus fuarú a dhíolmhú ón gceanglas sin lasmuigh de na séasúir téimh nó fuaraithe.
3. An fhaisnéis íosta a bheidh sa bhille
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear ar fáil an fhaisnéis seo a leanas do na húsáideoirí deiridh i dtéarmaí soiléire sothuigthe ina mbillí nó lena mbillí i gcás ina bhfuil siad bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais teasa:
praghsanna iarbhír reatha agus tomhaltas iarbhír fuinnimh nó costas teasa iomlán agus léamha leithdháileoirí costais teasa;
an meascán breosla a úsáidtear agus na hastaíochtaí gás ceaptha teasa bliantúla gaolmhara, lena n-áirítear d'úsáideoirí deiridh arna soláthar ag téamh ceantair nó fuarú ceantair, agus cur síos ar na cánacha, tobhaigh agus taraifí éagsúla a cuireadh i bhfeidhm;
comparáidí de thomhaltas fuinnimh reatha na n-úsáideoirí deiridh le tomhaltas don tréimhse chéanna sa bhliain roimhe, i bhfoirm ghrafaic agus arna gceartú ó thaobh na haeráide de le haghaidh téimh agus fuaraithe;
faisnéis teagmhála d'eagraíochtaí úsáideoirí deiridh, gníomhaireachtaí fuinnimh nó comhlachtaí comhchosúla, lena n-áirítear seoltaí gréasáin, óna bhféadfar faisnéis a fháil faoi na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh atá le fáil, faoi phróifílí comparáideacha úsáideoirí deiridh agus faoi shonraíochtaí teicniúla oibiachtúla do threalamh a úsáideann fuinneamh;
faisnéis faoi nósanna imeachta gaolmhara gearáin, seirbhísí ombudsman nó sásraí um réiteach malartach díospóidí, de réir mar is infheidhme sna Ballstáit;
comparáidí le meán-úsáideoir deiridh normalaithe nó tagarmharcáilte sa chatagóir úsáideora chéanna. I gcás billí leictreonacha, féadfar, de rogha air sin, na comparáidí sin a chur ar fáil ar líne agus a bheith marcáilte sna billí.
An ceanglas maidir le faisnéis faoi astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur ar fáil de bhun phointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit raon feidhme an cheanglais sin a theorannú chun nach n-áireofar ach soláthairtí ó chórais téimh ceantair ar mó a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán ná 20 MW.
I gcás billí nach bhfuil bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais, beidh míniú soiléir sothuigthe iontu ar conas a ríomhadh an méid a leagtar amach sa bhille, agus ar a laghad, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e).
IARSCRÍBHINN X
ACMHAINNEACHT MAIDIR LE hÉIFEACHTÚLACHT I dTÉAMH AGUS I bhFUARÚ
Áireofar sa mheasúnú cuimsitheach ar an acmhainneacht náisiúnta téimh agus fuaraithe dá dtagraítear in Airteagal 25(1) na nithe seo a leanas agus beidh sé bunaithe orthu sin:
Cuid I
FORBHREATHNÚ AR THÉAMH AGUS AR FHUARÚ
1. éileamh ar théamh agus ar fhuarú i dtéarmaí fuinneamh úsáideach a ndéantar measúnú air ( 20 ) agus tomhaltas deiridh cainníochtaithe fuinnimh in GWh in aghaidh na bliana ( 21 ) de réir na hearnála seo a leanas:
an earnáil chónaithe;
an earnáil seirbhísí;
earnáil na tionsclaíochta;
aon earnáil eile a tomhlaíonn níos mó ná 5 % den éileamh iomlán náisiúnta úsáideach téimh agus fuaraithe;
2. sainaithint, nó i gcás phointe (a)(i), sainaithint nó meastachán an tsoláthair téimh agus fuaraithe atá ann faoi láthair:
trí theicneolaíocht, in GWh in aghaidh na bliana ( 22 ), laistigh de na hearnálacha dá dtagraítear i bpointe 1, i gcás inar féidir, agus idirdhealú á dhéanamh idir an fuinneamh a fhaightear ó fhoinsí iontaise agus ó fhoinsí in-athnuaite:
arna soláthar ar an láthair i suíomhanna cónaithe agus seirbhíse trí bhíthin na nithe seo a leanas:
arna soláthar ar an láthair i suíomhanna neamhsheirbhíse agus neamhchónaithe trí bhíthin na nithe seo a leanas:
arna soláthar lasmuigh den láthair trí bhíthin na nithe seo a leanas:
suiteálacha a ghineann dramhtheas nó dramhfhuacht agus an soláthar téimh nó fuaraithe a d’fhéadfadh a bheith acu in GWh in aghaidh na bliana a shainaithint:
suiteálacha giniúna cumhachta teirmí lenar féidir dramhtheas a sholáthar nó is féidir a iarfheistiú chun dramhtheas a sholáthar agus a bhfuil ionchur teirmeach iomlán acu ar mó é ná 50 MW;
suiteálacha comhghiniúna teasa agus cumhachta a úsáideann teicneolaíochtaí dá dtagraítear i gCuid II d’Iarscríbhinn II agus a bhfuil ionchur teirmeach iomlán acu ar mó é ná 20 MW;
gléasraí loiscthe dramhaíola;
suiteálacha fuinnimh in-athnuaite a bhfuil ionchur teirmeach iomlán acu ar mó é ná 20 MW seachas na suiteálacha a shonraítear faoi phointí (i) agus (ii) a ghineann téamh nó fuarú trí fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a úsáid;
suiteálacha tionsclaíocha a bhfuil ionchur teirmeach iomlán acu ar mó é ná 20 MW agus ar féidir dramhtheas a sholáthar leo;
sciar tuairiscithe an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus ó dhramhtheas nó ó dhramhfhuacht sa thomhaltas fuinnimh deiridh san earnáil téimh agus fuaraithe ceantair ( 23 ) le 5 bliana anuas, i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001;
3. sonraí comhiomlánaithe maidir le haonaid chomhghiniúna i líonraí téimh agus fuaraithe ceantair atá ann cheana i gcúig raon acmhainneachta lena gcumhdaítear an méid seo a leanas:
tomhaltas fuinnimh phríomhúil;
éifeachtúlacht fhoriomlán;
coigilteas fuinnimh phríomhúil;
fachtóirí astaíochta CO2;
4. sonraí comhiomlánaithe maidir le líonraí téimh agus fuaraithe ceantair atá ann cheana agus a sholáthraítear ó chomhghiniúint i gcúig raon acmhainneachta lena gcumhdaítear an méid seo a leanas:
tomhaltas fuinnimh phríomhúil foriomlán;
tomhaltas fuinnimh phríomhúil aonad comhghiniúna;
sciar na comhghiniúna i soláthar téimh nó fuaraithe ceantair;
caillteanais an chórais téimh ceantair;
caillteanais an chórais fuaraithe ceantair;
dlús nasctha;
sciartha na gcóras in aghaidh grúpaí teochta oibriúcháin éagsúla;
5. léarscáil lena gcumhdaítear an chríoch náisiúnta iomlán lena sainaithnítear na nithe seo a leanas, agus an fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de á caomhnú san am céanna:
réimsí éilimh téimh agus fuaraithe a eascraíonn as an anailís ar phointe 1, agus critéir chomhsheasmhacha á n-úsáid chun díriú ar cheantair dhlúthfhuinnimh i mbardais agus i gceirtleáin uirbeacha;
pointí soláthair téimh agus fuaraithe atá ann cheana a shainaithnítear faoi phointe 2(b) agus suiteálacha tarchuir téimh ceantair;
pointí soláthair téimh agus fuaraithe beartaithe den chineál a dtugtar tuairisc air faoi phointe 2(b) agus limistéir nua sainaitheanta le haghaidh an téimh agus fuaraithe ceantair;
6. réamhaisnéis ar threochtaí maidir leis an éileamh ar théamh agus ar fhuarú chun peirspictíocht na 30 bliana atá amach romhainn in GWh a choinneáil ar bun agus aird á tabhairt go háirithe ar réamh-mheastacháin do na 10 mbliana atá amach romhainn, an t-athrú ar an éileamh i bhfoirgnimh agus in earnálacha difriúla den tionscal, agus tionchar na mbeartas agus na straitéisí a bhaineann le bainistiú éilimh, amhail straitéisí athchóirithe fadtéarmacha i bhfoirgnimh faoi Threoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 24 );
Cuid II
CUSPÓIRÍ, STRAITÉISÍ AGUS BEARTA BEARTAIS
7. rannchuidiú beartaithe an Bhallstáit maidir lena chuspóirí náisiúnta, lena spriocanna náisiúnta agus lena rannchuidithe náisiúnta a bhaineann leis na cúig ghné den Aontas Fuinnimh, mar a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/1999, a bhainfear amach trí éifeachtúlacht i dtéamh agus i bhfuarú, go háirithe a bhaineann le hAirteagal 4, pointe (b), pointí 1 go 4 agus le hAirteagal 15(4), pointe (b), den Rialachán sin, lena sainaithnítear cé acu de na heilimintí sin atá sa bhreis i gcomparáid leis an bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 den Rialachán sin;
8. forbhreathnú ginearálta ar na beartais agus na bearta atá ann cheana mar a thuairiscítear iad sa tuarascáil is déanaí a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagail 3, 20 agus 21 agus Airteagal 27(a) de Rialachán (AE) 2018/1999;
Cuid III
ANAILÍS AR AN ACMHAINNEACHT EACNAMAÍOCH MAIDIR LE hÉIFEACHTÚLACHT I dTÉAMH AGUS I bhFUARÚ
9. déanfar anailís ar acmhainneacht eacnamaíoch ( 25 ) teicneolaíochtaí difriúla téimh agus fuaraithe don chríoch náisiúnta iomlán trí úsáid a bhaint as an anailís costais is tairbhe dá dtagraítear in Airteagal 25(3) agus sainaithneofar inti cásanna malartacha le haghaidh teicneolaíochtaí téimh agus fuaraithe níos éifeachtúla agus in-athnuaite, agus idirdhealú á dhéanamh idir an fuinneamh a fhaightear ó fhoinsí iontaise agus ó fhoinsí in-athnuaite i gcás inarb infheidhme.
Ba cheart na teicneolaíochtaí seo a leanas a mheas:
dramhtheas tionsclaíoch agus dramhfhuacht thionsclaíoch;
loscadh dramhaíola;
comhghiniúint ardéifeachtach;
foinsí in-athnuaite fuinnimh amhail fuinneamh geoiteirmeach, grianfhuinneamh teirmeach agus bithmhais seachas iad sin a úsáidtear le haghaidh comhghiniúint ardéifeachtach;
teaschaidéil;
caillteanais teasa agus fuachta ó líonraí ceantair atá ann cheana a laghdú;
téamh agus fuarú ceantair;
10. áireofar san anailís ar acmhainneacht eacnamaíoch na céimeanna agus na breithnithe seo a leanas:
Breithnithe:
áireofar san anailís costais is tairbhe chun críocha Airteagal 25(3) anailís eacnamaíoch ina gcuirtear tosca socheacnamaíocha agus comhshaoil ( 26 ) san áireamh, agus anailís airgeadais a dhéanfar chun tionscadail a mheasúnú ó thaobh na n-infheisteoirí de, anailísí eacnamaíocha agus airgeadais araon agus úsáid á baint as an nglanluach reatha mar chritéar don mheasúnú;
ba cheart an cás bunlíne a bheith mar phointe tagartha agus beartais atá ann cheana tráth a dtiomsaítear an measúnú cuimsitheach ( 27 ) sin a chur san áireamh ann, agus ba cheart é a bheith nasctha le sonraí arna mbailiú faoi Chuid I agus Chuid II, pointe 6, den Iarscríbhinn seo;
le cásanna malartacha ar an mbonnlíne, cuirfear san áireamh éifeachtúlacht fuinnimh agus cuspóirí an fhuinnimh in-athnuaite i Rialachán (AE) 2018/1999, i ngach cás ina léirítear na heilimintí seo a leanas i gcomparáid leis an gcás bunlíne:
Féadfar cásanna nach bhfuil indéanta ar chúiseanna teicniúla, cúiseanna airgeadais nó mar gheall ar rialachán náisiúnta a eisiamh go luath san anailís costais is tairbhe, má tá údar cuí leis sin bunaithe ar bhreithnithe atá cúramach, sainráite agus dea-dhoiciméadaithe.
Ba cheart a chur san áireamh sa mheasúnú agus sa chinnteoireacht costais agus coigilteas fuinnimh de bhíthin solúbthacht mhéadaithe i dtaobh an tsoláthair fuinnimh agus de bhíthin fheidhmiú barrmhaith na líonraí leictreachais, lena n-áirítear na costais agus an coigilteas a seachnaíodh a bhuí le hinfheistíocht laghdaithe sa bhonneagar, sna cásanna a ndéantar anailís orthu.
Costais agus sochair
Áireofar na costais agus na tairbhí seo a leanas ar a laghad sna costais agus sna tairbhí dá dtagraítear i bpointe (a):
costais:
sochair:
Cásanna ábhartha maidir leis an mbunlíne:
Déanfar gach cás ábhartha a ghabhann leis an mbunlíne a mheas, lena n-áirítear ról an téimh agus an fhuaraithe aonair éifeachtúil. Féadfar measúnú tionscadail nó grúpa tionscadal do mheasúnú áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta níos leithne a chumhdach leis an anailís costais is tairbhe chun an réiteach téimh nó fuaraithe is cost-éifeachtaí agus is tairbhiúla a bhunú in aghaidh bunlíne do limistéar geografach ar leith chun críche pleanála.
Teorainneacha agus cur chuige comhtháite:
cumhdófar leis an teorainn gheografach limistéar geografach dea-shainithe a bheidh oiriúnach;
cuirfear san áireamh sna hanailísí costais is tairbhe na hacmhainní soláthair láraithe nó díláraithe ábhartha uile atá ar fáil laistigh den chóras agus teorainn gheografach, lena n-áirítear teicneolaíochtaí a mheastar faoi phointe 9 de Chuid III den Iarscríbhinn seo, agus treochtaí agus saintréithe an éilimh ar théamh agus ar fhuarú.
Toimhdí:
soláthróidh na Ballstáit toimhdí, chun críoch na n-anailísí costais is tairbhe, maidir le praghsanna na bpríomhfhachtóirí ionchuir agus aschuir agus an ráta lascaine;
roghnófar an ráta lascaine arna úsáid san anailís eacnamaíoch chun an glanluach láithreach a ríomh de réir treoirlínte Eorpacha nó náisiúnta;
bainfidh na Ballstáit úsáid as réamhaisnéisí ar fhorbairt praghsanna fuinnimh ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal Eorpach nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, más iomchuí, ina gcomhthéacs náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil;
na praghsanna a úsáidfear san anailís eacnamaíoch, léireoidh siad na costais agus na sochair shocheacnamaíocha. Ba cheart costais sheachtracha, amhail éifeachtaí ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte, a áireamh a mhéid is féidir, eadhon nuair is ann do phraghas margaidh nó nuair atá sé san áireamh cheana féin i rialachán Eorpach nó náisiúnta.
Anailís íogaireachta: áireofar anailís íogaireachta chun costais agus tairbhí tionscadail nó grúpa tionscadal a mheasúnú agus beidh sí bunaithe ar fhachtóirí athraitheacha a bhfuil tionchar suntasach acu ar thoradh na ríomhanna, amhail praghsanna éagsúla fuinnimh, leibhéil éilimh, rátaí lascaine agus eile.
Cuid IV
CUSPÓIRÍ, STRAITÉISÍ AGUS BEARTA BEARTAIS NUA FÉIDEARTHA
11. forbhreathnú ar bhearta beartais reachtacha agus neamhreachtacha nua ( 28 ) chun an acmhainneacht eacnamaíoch arna sainaithint i gcomhréir le pointí 9 agus 10 a bhaint amach, mar aon le réamhaisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:
laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa;
an coigilteas fuinnimh phríomhúil in GWh in aghaidh na bliana;
an tionchar ar sciar na comhghiniúna ardéifeachtaí;
an tionchar ar sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh sa mheascán náisiúnta fuinnimh agus san earnáil téimh agus fuaraithe;
naisc le clárú airgeadais náisiúnta agus coigilteas costais don bhuiséad poiblí agus do rannpháirtithe sa mhargadh;
bearta measta tacaíochta poiblí, más ann dóibh, lena mbuiséad bliantúil agus sainaithint na comhchoda cabhraí a d’fhéadfadh a bheith ann.
IARSCRÍBHINN XI
ANAILÍSÍ COSTAIS IS TAIRBHE
Cuirfear faisnéis ar fáil sna hanailísí costais is tairbhe chun críoch na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 25(3) agus Airteagal 26(7):
Má tá suiteáil leictreachais amháin nó suiteáil gan aisghabháil teasa beartaithe, déanfar comparáid idir na suiteálacha atá beartaithe nó an t-athfheistiú atá beartaithe agus suiteáil choibhéiseach a tháirgeann an méid céanna leictreachais nó teasa próisis, ach an dramhtheas a aisghabháil agus teas a sholáthar trí bhíthin líonraí comhghiniúna ardéifeachtacha nó líonraí téimh agus fuaraithe ceantair, nó iad araon.
Laistigh de theorainn gheografach ar leith, cuirfear san áireamh sa mheasúnú an tsuiteáil atá beartaithe agus aon phointe éilimh téimh nó fuaraithe iomchuí atá inti cheana nó a d’fhéadfadh a bheith inti a d’fhéadfaí a sholáthar uaithi, agus aird á tabhairt ar na féidearthachtaí réasúnacha mar shampla, an indéantacht theicniúil agus fad.
Beidh teorainn an chórais socraithe chun an tsuiteáil agus na lóid théite agus fuaraithe atá beartaithe, mar shampla foirgneamh/foirgnimh agus an próiseas tionsclaíoch a chur san áireamh. Laistigh de theorainn an chórais sin, cinnfear an costas iomlán a bhaineann le teas agus cumhacht a sholáthar don dá chás agus cuirfear i gcomparáid é.
Cuimseofar sna lóid théite nó fuaraithe na lóid théite nó fuaraithe atá ann cheana, amhail suiteáil thionsclaíoch nó córas téimh nó fuaraithe ceantair atá ann cheana, agus chomh maith leis sin, i limistéir uirbeacha, an lód téite nó fuaraithe agus na costais a bheadh ann dá gcuirfí líonra téimh nó fuaraithe ceantair nua ar fáil do ghrúpa foirgneamh nó do chuid de chathair nó dá nascfaí grúpa foirgneamh nó cuid de chathair le líonra téimh nó fuaraithe ceantair nua, nó iad araon.
Beidh na hanailísí costais is tairbhe bunaithe ar thuairisc ar an tsuiteáil atá beartaithe agus ar an tsuiteáil comparáide nó ar na suiteálacha comparáide, lena gcumhdaítear acmhainneacht leictreach agus theirmeach, de réir mar is infheidhme, cineál breosla, an úsáid atá beartaithe agus líon na n-uaireanta oibríochta atá beartaithe gach bliain, suíomh agus leictreachas agus éileamh teirmeach.
Cuirfear na teicneolaíochtaí atá ann faoi láthair san áireamh i measúnú ar an úsáid a bhaintear as dramhtheas. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú úsáid dhíreach dramhtheasa nó a uasghrádú go leibhéil teochta níos airde, nó iad araon. I gcás aisghabháil dramhtheasa ar an láthair, déanfar measúnú ar úsáid malartóirí teasa, teaschaidéal, agus teicneolaíochtaí teasa agus cumhachta ar a laghad. I gcás aisghabháil dramhtheasa lasmuigh den láthair, déanfar ar a laghad suiteálacha tionsclaíocha, láithreáin talmhaíochta agus líonraí le haghaidh téamh ceantair a mheasúnú mar phointí éilimh féideartha.
Chun críoch na comparáide, cuirfear san áireamh an t-éileamh ar fhuinneamh teirmeach agus na cineálacha téimh agus fuaraithe arna n-úsáid ag na pointí éilimh téimh nó fuaraithe in aice láimhe. Cumhdóidh an chomparáid costais a bhaineann le bonneagar don tsuiteáil beartaithe agus comparáide.
Áireofar sna hanailísí costais is tairbhe chun críocha Airteagal 26(7) anailís eacnamaíoch lena gcumhdaítear anailís airgeadais lena léirítear idirbhearta sreafa airgid iarbhír ó infheistiú i suiteálacha aonair agus ó oibriú suiteálacha aonair.
Is iad na tionscadail a bhfuil toradh dearfach costais is tairbhe orthu na tionscadail sin ina sáraíonn suim na sochar lascainithe san anailís eacnamaíoch agus airgeadais suim na gcostas lascainithe (barrachas costais is tairbhe).
Socróidh na Ballstáit prionsabail threoracha le haghaidh na modheolaíochta, na dtoimhdí agus na tréimhse ama don anailís eacnamaíoch.
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar na cuideachtaí atá freagrach as suiteálacha giniúna leictreachais theirmigh, cuideachtaí tionsclaíocha, líonraí téimh agus fuaraithe ceantair a oibriú, nó ar pháirtithe eile a bhfuil tionchar ag teorainn shainithe an chórais agus ag teorainn gheografach shainithe orthu sonraí a chur ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar chostais agus ar thairbhí suiteála aonair.
IARSCRÍBHINN XII
RÁTHAÍOCHT TIONSCNAIMH LE hAGHAIDH LEICTREACHAS ARNA THÁIRGEADH Ó CHOMHGHINIÚINT ARDÉIFEACHTACH
Déanfaidh na Ballstáit bearta chun an méid seo a leanas a áirithiú:
maidir le ráthaíocht tionscnaimh an leictreachais a tháirgtear ó chomhghiniúint ardéifeachtach:
nach gcuirtear an t-aonad céanna fuinnimh ó chomhghiniúint ardéifeachtach san áireamh ach aon uair amháin.
Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa ráthaíocht tionscnaimh dá dtagraítear in Airteagal 26(13):
céannacht, suíomh, cineál agus acmhainn (theirmeach agus leictreach) na suiteála inar táirgeadh an fuinneamh;
na dátaí agus na háiteanna táirgthe;
luach calrach níos ísle na foinse breosla ónar táirgeadh an leictreachas;
cainníocht agus úsáid an teasa a ghintear in éineacht leis an leictreachas;
cainníocht an leictreachais ó chomhghiniúint ardéifeachtach i gcomhréir le hIarscríbhinn III ar a ndéanann an ráthaíocht tionscnaimh ionadaíocht;
an coigealtas fuinnimh phríomhúil a ríomhtar i gcomhréir le hIarscríbhinn III ar bhonn na luachanna tagartha éifeachtúlachta comhchuibhithe a léirítear in Iarscríbhinn III, pointe (d);
éifeachtúlacht ainmniúil leictreach agus theirmeach an ghléasra;
cé acu a thairbhigh nó nár thairbhigh an tsuiteáil den tacaíocht infheistíochta agus a mhéid a thairbhigh sí;
cé acu a thairbhigh nó nár thairbhigh an t-aonad fuinnimh den scéim náisiúnta tacaíochta ar aon bhealach eile, agus cineál na scéime tacaíochta;
an dáta a cuireadh an tsuiteáil i mbun feidhme; agus
an dáta eisiúna agus tír na heisiúna, agus uimhir aitheantais uathúil.
An méid caighdeánach 1 MWh a bheidh sa ráthaíocht tionscnaimh. Bainfidh sé leis an nglanaschur leictreachais arna thomhas ag teorainn an stáisiúin agus arna onnmhairiú chuig an eangach.
IARSCRÍBHINN XIII
CRITÉIR ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH LE hAGHAIDH RIALÁIL AN LÍONRA FUINNIMH AGUS LE hAGHAIDH TARAIFÍ LÍONRA LEICTREACHAIS
1. Beidh na taraifí líonra trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, agus beidh siad i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/943 agus beidh siad costas-léiritheach maidir le coigilteas a bhaineann le costas i líonraí a bhaintear amach ó bhearta ar thaobh an éilimh agus ó bhearta mar fhreagairt don éileamh agus ó ghiniúint dháilte, lena n-áirítear an coigilteas a eascraíonn as an gcostas seachadta nó na hinfheistíochta a ísliú agus as feidhmiú barrmhaith an líonra.
2. Le rialáil agus taraifí gréasáin, ní chuirfear cosc ar oibreoirí gréasáin ná ar mhiondíoltóirí fuinnimh seirbhísí córais a chur ar fáil le haghaidh bearta freagartha don éileamh, bainistiú éilimh agus giniúint dháilte ar mhargaí leictreachais eagraithe, lena n-áirítear margaí thar an gcuntar agus malartuithe leictreachais chun fuinneamh, acmhainneacht, cothromú agus seirbhísí coimhdeacha a thrádáil i ngach tráthchlár, lena n-áirítear margaí réamhleantacha, margaí lá roimh ré agus margaí ionlae, go háirithe:
an lód a aistriú ó bhuaicamanna go hamanna beagéilimh ag custaiméirí deiridh agus infhaighteacht fuinnimh in-athnuaite, fuinnimh ó chomhghiniúint agus giniúint dháilte á gcur san áireamh;
an coigilteas fuinnimh ó fhreagairt éilimh na dtomhaltóirí dáilte ag comhbhailitheoirí neamhspleácha;
laghdú ar éileamh ó bhearta éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanann soláthraithe seirbhísí fuinnimh, lena n-áirítear ESCOnna;
nascadh agus seoladh foinsí giniúna ar leibhéil voltais níos ísle;
foinsí giniúna a nascadh ó shuíomh atá níos gaire don tomhaltas; agus
an stóráil fuinnimh.
3. Féadfaidh taraifí líonra nó miondíola tacú leis an bpraghsáil dhinimiciúil don éileamh maidir le bearta freagartha na gcustaiméirí deiridh, amhail na nithe seo a leanas:
taraifí am úsáide;
buaicphraghsáil chriticiúil;
praghsáil fíor-ama; agus
lacáistí buaic-ama.
IARSCRÍBHINN XIV
CEANGLAIS ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH D’OIBREOIRÍ CÓRAIS TARCHUIR AGUS D’OIBREOIRÍ CÓRAIS DÁILEACHÁIN
Déanfaidh oibreoirí córais tarchuir agus oibreoirí córais dáileacháin an méid seo a leanas:
a rialacha caighdeánacha a bhunú agus a chur ar fáil don phobal, ar rialacha iad a bhaineann le costais maidir le hoiriúnuithe teicniúla a iompar agus a roinnt, amhail nascadh leis an eangach, atreisiú na heangaí agus tabhairt isteach eangach nua, feabhas a chur ar fheidhmiú na heangaí agus ar na rialacha maidir le cur chun feidhme neamh-idirdhealaitheach na gcód eangaí, rud atá riachtanach chun táirgeoirí nua a chuireann leictreachas a ghintear as comhghiniúint ardéifeachtach leis an eangach idirnasctha a lánpháirtiú;
an fhaisnéis chuimsitheach agus riachtanach is gá a sholáthar d’aon táirgeoir nua leictreachais, leictreachas arna tháirgeadh ó chomhghiniúint ardéifeachtach, ar mian leis a bheith nasctha leis an gcóras, lena n-áirítear:
meastachán cuimsitheach mionsonraithe de na costais a bhaineann leis an nascadh;
tráthchlár réasúnach cruinn chun an iarraidh ar nascadh leis an eangach a fháil agus a phróiseáil;
tráthchlár réasúnach táscach d’aon nascadh beartaithe leis an eangach. Níor cheart an próiseas foriomlán atá le nascadh leis an eangach a bheith níos faide ná 24 mhí, agus aird á tabhairt ar a bhfuil indéanta agus neamh-idirdhealaitheach le réasún;
nósanna imeachta caighdeánaithe agus simplithe a sholáthar chun táirgeoirí comhghiniúna dáilte ardéifeachtacha a nascadh chun a nasc leis an eangach a éascú.
Beidh na rialacha caighdeánacha dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad mhír bunaithe ar chritéir oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha, agus aird ar leith á tabhairt ar na costais agus ar na sochair uile a bhaineann le nascadh na dtáirgeoirí sin leis an eangach. Féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le cineálacha éagsúla naisc.
IARSCRÍBHINN XV
ÍTIMÍ ÍOSTA ATÁ LE hÁIREAMH I gCONARTHAÍ FEIDHMÍOCHTA FUINNIMH NÓ SNA SONRAÍOCHTAÍ TAIRISCEANA GAOLMHARA
IARSCRÍBHINN XVI
Cuid A
Treoir aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh uirthi (dá dtagraítear in Airteagal 39)
|
Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1) |
|
|
Treoir 2013/12/AE ón gComhairle (IO L 141, 28.5.2013, lch. 28) |
|
|
Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 156, 19.6.2018, lch. 75) |
Airteagal 2 agus an tAirteagal sin amháin |
|
Treoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 210) |
|
|
Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1) |
Airteagal 54 agus an tAirteagal sin amháin |
|
Cinneadh (AE) 2019/504 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 85 I, 27.3.2019, lch. 66) |
Airteagal 1 agus an tAirteagal sin amháin |
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/826 ón gCoimisiún (IO L 137, 23.5.2019, lch. 3) |
|
|
Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125) |
Airteagal 70 agus an tAirteagal sin amháin |
Cuid B
Teorainneacha ama do thrasuí sa dlí náisiúnta (dá dtagraítear in Airteagal 39)
|
Treoir |
Teorainn ama don trasuí |
|
2012/27/AE |
An 5 Meitheamh 2014 |
|
(AE) 2018/844 |
An 10 Márta 2020 |
|
(AE) 2018/2002 |
An 25 Meitheamh 2020, seachas pointí 5 go 10 d’Airteagal 1 agus pointí 3 agus 4 den Iarscríbhinn An 25 Deireadh Fómhair 2020 a mhéid a bhaineann le pointí 5 go 10 d’Airteagal 1 agus pointí 3 agus 4 den Iarscríbhinn |
|
(AE) 2019/944 |
An 31 Nollaig 2019 a mhéid a bhaineann le pointe 5(a) d’Airteagal 70 An 25 Deireadh Fómhair 2020 a mhéid a bhaineann le pointe (4) d’Airteagal 70 An 31 Nollaig 2020 a mhéid a bhaineann le pointí (1) go (3), (5)(b) agus (6) d’Airteagal 70 |
IARSCRÍBHINN XVII
Tábla Comhghaoil
|
Treoir 2012/27/AE |
An Treoir seo |
|
Airteagal 1 |
Airteagal 1 |
|
Airteagal 2, an fhoclaíocht tosaigh |
Airteagal 2, an fhoclaíocht tosaigh |
|
Airteagal 2, pointe 1 |
Airteagal 2, pointe 1 |
|
- |
Airteagal 2, pointí 2, 3 agus 4 |
|
Airteagal 2, pointe 2 |
Airteagal 2, pointe 5 |
|
Airteagal 2, pointe 3 |
Airteagal 2, pointe 6 |
|
- |
Airteagal 2, pointe 7 |
|
Airteagal 2, pointe 4 |
Airteagal 2, pointe 8 |
|
Airteagal 2, pointe 5 |
Airteagal 2, pointe 9 |
|
Airteagal 2, pointe 6 |
Airteagal 2, pointe 10 |
|
Airteagal 2, pointe 7 |
Airteagal 2, pointe 11 |
|
Airteagal 2, pointe 8 |
Airteagal 2, pointe 12 |
|
Airteagal 2, pointe 9 |
- |
|
Airteagal 2, pointe 10 |
Airteagal 2, pointe 13 |
|
_ |
Airteagal 2, pointí 14 agus 15 |
|
Airteagal 2, pointe 11 |
Airteagal 2, pointe 16 |
|
Airteagal 2, pointe 12 |
Airteagal 2, pointe 17 |
|
Airteagal 2, pointe 13 |
Airteagal 2, pointe 18 |
|
Airteagal 2, pointe 14 |
Airteagal 2, pointe 19 |
|
Airteagal 2, pointe 15 |
Airteagal 2, pointe 20 |
|
Airteagal 2, pointe 16 |
Airteagal 2, pointe 21 |
|
Airteagal 2, pointe 17 |
Airteagal 2, pointe 22 |
|
Airteagal 2, pointe 18 |
Airteagal 2, pointe 23 |
|
Airteagal 2, pointe 19 |
Airteagal 2, pointe 24 |
|
Airteagal 2, pointe 20 |
Airteagal 2, pointe 25 |
|
Airteagal 2, pointe 21 |
Airteagal 2, pointe 26 |
|
Airteagal 2, pointe 22 |
Airteagal 2, pointe 27 |
|
Airteagal 2, pointe 23 |
Airteagal 2, pointe 28 |
|
Airteagal 2, pointe 24 |
Airteagal 2, pointe 29 |
|
- |
Airteagal 2, pointe 30 |
|
- |
Airteagal 2, pointe 31 |
|
Airteagal 2, pointe 25 |
Airteagal 2, pointe 32 |
|
Airteagal 2, pointe 26 |
- |
|
Airteagal 2, pointe 27 |
Airteagal 2, pointe 33 |
|
Airteagal 2, pointe 28 |
Airteagal 2, pointe 34 |
|
Airteagal 2, pointe 29 |
Airteagal 2, pointe 35 |
|
Airteagal 2, pointe 30 |
Airteagal 2, pointe 36 |
|
Airteagal 2, pointe 31 |
Airteagal 2, pointe 37 |
|
Airteagal 2, pointe 32 |
Airteagal 2, pointe 38 |
|
Airteagal 2, pointe 33 |
Airteagal 2, pointe 39 |
|
Airteagal 2, pointe 34 |
Airteagal 2, pointe 40 |
|
Airteagal 2, pointe 35 |
Airteagal 2, pointe 41 |
|
Airteagal 2, pointe 36 |
Airteagal 2, pointe 42 |
|
Airteagal 2, pointe 37 |
Airteagal 2, pointe 43 |
|
Airteagal 2, pointe 38 |
Airteagal 2, pointe 44 |
|
Airteagal 2, pointe 39 |
Airteagal 2, pointe 45 |
|
Airteagal 2, pointe 40 |
- |
|
Airteagal 2, pointe 41 |
Airteagal 2, pointe 46 |
|
Airteagal 2, pointe 42 |
Airteagal 2, pointe 47 |
|
Airteagal 2, pointe 43 |
Airteagal 2, pointe 48 |
|
- |
Airteagal 2, pointe 49 |
|
Airteagal 2, pointí 44 agus 45 |
Airteagal 2, pointí 50 |
|
Airteagal 2, pointe 45 |
Airteagal 2, pointe 51 |
|
- |
Airteagal 2, pointí 52, 53, 54, 55 agus 56 |
|
- |
Airteagal 3 |
|
- |
Airteagal 4(1) |
|
Airteagal 3(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 4(2), an chéad fhomhír Airteagal 4(2), an dara fomhír |
|
Airteagal 3(1), an dara fomhír, an fhoclaíocht tosaigh |
Airteagal 4(3), an chéad fhomhír, an fhoclaíocht tosaigh |
|
Airteagal 3(1), an dara fomhír, pointí (a) agus (b) |
Airteagal 4(3), an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b) |
|
Airteagal 3(1), an dara fomhír, pointe (c) |
- |
|
Airteagal 3(1), an dara fomhír, pointe (d) |
Airteagal 4(3), an chéad fhomhír, pointe (c) |
|
Airteagal 3(1), an tríú fomhír, an fhoclaíocht tosaigh |
- |
|
- |
Airteagal 4(3), an chéad fhomhír, pointe (d), an fhoclaíocht tosaigh |
|
- |
Airteagal 4(3), an chéad fhomhír, pointí (d)(i), (ii) agus (iii) |
|
Airteagal 3(1), an tríú fomhír, pointe (a) |
Airteagal 4(3), an chéad fhomhír, pointe (d)(iv) |
|
- |
Airteagal 4(3), an chéad fhomhír, pointe (e), an fhoclaíocht tosaigh |
|
Airteagal 3(1), an tríú fomhír, pointe (b) |
Airteagal 4(3), an chéad fhomhír, pointe (e)(i) |
|
Airteagal 3(1), an tríú fomhír, pointe (c) |
Airteagal 4(3), an chéad fhomhír, pointe (e)(ii) |
|
Airteagal 3(1), an tríú fomhír, pointe (d) |
Airteagal 4(3), an chéad fhomhír, pointe (e)(iii) |
|
Airteagal 3(1), an tríú fomhír, pointe (e) |
- |
|
- |
Airteagal 4(3), an chéad fhomhír, pointe (e)(iv) |
|
Airteagal 3(2) agus (3) |
- |
|
Airteagal 3(4) |
Airteagal 35(6) |
|
Airteagal 3(5) agus (6) |
- |
|
- |
Airteagal 4(4) |
|
- |
Airteagal 4(5) |
|
|
Airteagal 4(6) |
|
|
Airteagal 4(7) |
|
- |
Airteagal 5 |
|
Airteagal 5(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 6(1), an chéad fhomhír |
|
Airteagal 5(1), an dara fomhír |
Airteagal 6(1), an cúigiú fomhír |
|
- |
Airteagal 6(1), an dara agus an tríú fomhír |
|
Airteagal 5(1), an tríú fomhír |
Airteagal 6(1), an ceathrú fomhír |
|
Airteagal 5(1), an ceathrú agus an cúigiú fomhír |
- |
|
Airteagal 5(2) - |
Airteagal 6(2) Airteagal 6(2), an dara fomhír |
|
Airteagal 5(3) |
Airteagal 6(3) |
|
Airteagal 5(4) |
Airteagal 6(4) |
|
Airteagal 5(5) |
Airteagal 6(5) |
|
Airteagal 5(5), an chéad fhomhír, pointe (b) |
Airteagal 6(5), an dara fomhír, pointe (c) |
|
- |
Airteagal 6(5), an dara fomhír, pointe (b) |
|
Airteagal 5(6) |
Airteagal 6(6) |
|
- |
Airteagal 6(6), an dara fomhír, pointe (a) |
|
Airteagal 5(6), an dara fomhír |
Airteagal 6(7), an dara fomhír, pointe (b) |
|
Airteagal 5(6), an tríú fomhír |
Airteagal 6(8), an tríú fomhír |
|
Airteagal 5(7) |
- |
|
Airteagal 6(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 7(1), an chéad fhomhír |
|
Airteagal 6(1), an dara fomhír |
Airteagal 7(1), an chéad fhomhír |
|
|
Airteagal 7(1), an dara fomhír |
|
Airteagal 6(1), an tríú fomhír |
- |
|
Airteagal 6(2), (3) agus (4) |
Airteagal 7(2), (3) agus (4) |
|
- |
Airteagal 7(5), (6), (7) agus (8) |
|
- |
|
|
Airteagal 7(1), an fhoclaíocht tosaigh, pointí (a) agus (b) |
Airteagal 8(1), an fhoclaíocht tosaigh, pointí (a) agus (b) |
|
- |
Airteagal 8(1), pointe (c) |
|
Airteagal 7(1), an dara fomhír |
Airteagal 8(5) |
|
Airteagal 7(1), an tríú fomhír |
Airteagal 8(1), an cúigiú fomhír |
|
Airteagal 7(1), an ceathrú fomhír |
Airteagal 8(1), an ceathrú fomhír |
|
- |
Airteagal 8(3) agus (4) |
|
Airteagal 7(2) |
Airteagal 8(6) |
|
Airteagal 7(3) |
Airteagal 8(7) |
|
Airteagal 7(4) |
Airteagal 8(8) |
|
Airteagal 7(5) |
Airteagal 8(9) |
|
Airteagal 7(6) |
Airteagal 8(10) |
|
Airteagal 7(7) |
- |
|
Airteagal 7(8) |
- |
|
Airteagal 7(9) |
- |
|
Airteagal 7(10) |
Airteagal 8(2) |
|
Airteagal 7(11) |
- |
|
|
Airteagal 8(11), (12) agus (13) |
|
Airteagal 7(12) |
Airteagal 8(14) |
|
Airteagail 7a (1) |
Airteagal 9(1) |
|
Airteagal 7a(2) |
Airteagal 9(3) |
|
Airteagal 7a(3) |
Airteagal 9(4) |
|
- |
Airteagal 9(2) |
|
- |
Airteagal 9(5), (6) agus (7) |
|
Airteagal 7a (4) agus (5) |
Airteagal 9(8) agus (9) |
|
- |
Airteagal 9(10) |
|
Airteagal 7a (6) agus (7) |
Airteagal 9(11) agus (12) |
|
Airteagal 7b (1) agus (2) |
Airteagal 10(1) agus (2) |
|
- |
Airteagal 10(3) agus (4) |
|
- |
Airteagal 11(1) agus (2) |
|
- |
Airteagal 11(3) agus (4) |
|
Airteagal 8(1) agus (2) |
Airteagal 11(5), (6) agus (7) |
|
Airteagal 8(3) agus (4) |
- |
|
- |
Airteagal 11(8) |
|
Airteagal 8(5) |
Airteagal 11(9) |
|
- |
Airteagal 11(10) |
|
Airteagal 8(6) |
Airteagal 11(11) |
|
Airteagal 8(7) |
Airteagal 11(12) |
|
- |
Airteagal 12 |
|
Airteagal 9 |
Airteagal 13 |
|
Airteagal 9a |
Airteagal 14 |
|
Airteagal 9b |
Airteagal 15 |
|
Airteagal 9c |
Airteagal 16 |
|
Airteagal 10 |
Airteagal 17 |
|
Airteagal 10a |
Airteagal 18 |
|
Airteagal 11 |
Airteagal 19 |
|
Airteagal 12 |
Airteagal 20 |
|
- |
Airteagal 21 |
|
- |
Airteagal 22(1) |
|
Airteagal 12(1) |
Airteagal 22(2) |
|
Airteagal 12(2), an fhoclaíocht tosaigh agus pointe (a), pointí (i) go (v) |
Airteagal 22(2), an dara fomhír, fophointí (a) go (g) Airteagal 22(2), an dara fomhír, fophointe (h) |
|
Airteagal 12(2), pointe (b) |
Airteagal 22(3), an tríú fomhír |
|
- |
Airteagal 22(3), an tríú fomhír, pointe (a) agus (b) |
|
Airteagal 12(2), pointe (b), pointí (i) agus (ii) |
Airteagal 22(3), an tríú fomhír, pointí (c) agus (d) |
|
- |
Airteagal 22(3), an tríú fomhír, pointe (e) |
|
- |
Airteagal 22(4), (5), (6), (7), (8) agus (9) |
|
- |
Airteagal 23 |
|
- |
Airteagal 24 |
|
Airteagal 13 |
Airteagal 32 |
|
Airteagal 14(1) |
Airteagal 25(1) |
|
- |
Airteagal 25(2) |
|
Airteagal 14(2) |
Airteagal 25(5) |
|
Airteagal 14(3) |
Airteagal 25(3), an chéad fhomhír |
|
- |
Airteagal 25(3), an dara fomhír |
|
Airteagal 14(4) |
Airteagal 25(4) |
|
- |
Airteagal 25(6) |
|
- |
Airteagal 26(1), (2), (3), (4), (5) agus (6) |
|
Airteagal 14(5), an fhoclaíocht tosaigh agus pointe (a) |
Airteagal 26(7), an fhoclaíocht tosaigh agus pointe (a) |
|
Airteagal 14(5) pointí (b), (c) agus (d) |
- |
|
- |
Airteagal 26(7) pointí (b), (c) agus (d) agus an dara fomhír |
|
Airteagal 14(5), an dara agus an tríú fomhír |
Airteagal 26(7), an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír |
|
Airteagal 14(6), pointe (a) |
Airteagal 26(8), pointe (a) |
|
Airteagal 14(6), pointe (b) |
- |
|
Airteagal 14(6), pointe (c) |
Airteagal 26(8), pointe (b) |
|
- |
Airteagal 26(8), pointe (c) |
|
Airteagal 14(6), an dara agus an tríú fomhír |
Airteagal 26(8), an dara agus an tríú fomhír |
|
Airteagal 14(7), (8) agus (9) |
Airteagal 26(9), (10) agus (11) |
|
- |
Airteagal 26(12) |
|
Airteagal 14(10) agus (11) |
Airteagal 26(13) agus (14) |
|
Airteagal 15(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 27(1) |
|
Airteagal 15(1), an dara agus an tríú fomhír |
- |
|
- |
Airteagal 27(2), (3) agus (4) |
|
Airteagal 15(1), an ceathrú fomhír |
Airteagal 27(5) |
|
Airteagal 15(2) agus (2a) |
- |
|
Airteagal 15(3), (4) agus (5), an chéad fhomhír |
Airteagal 25(6), (7) agus (8) |
|
Airteagal 15(5), an dara fomhír |
- |
|
Airteagal 15(6), an chéad fhomhír |
- |
|
Airteagal 15(6), an dara fomhír |
Airteagal 27(9) |
|
Airteagal 15(7) |
Airteagal 27(10) |
|
Airteagal 15(9), an chéad fhomhír |
Airteagal 27(11) |
|
Airteagal 15(9), an dara fomhír |
- |
|
Airteagal 16(1) agus (2) |
- |
|
- |
Airteagal 28(1)(2), (3) agus (5) |
|
Airteagal 16(3) |
Airteagal 28(4) |
|
Airteagal 17(1), an chéad fhomhír |
- |
|
Airteagal 17(1), an dara fomhír |
Airteagal 30(3) |
|
Airteagal 17(2) |
Airteagal 22(7) |
|
Airteagal 17(3) |
- |
|
Airteagal 17(4) |
- |
|
Airteagal 17(5) |
Airteagal 22(10) |
|
Airteagal 18(1), an fhoclaíocht tosaigh |
Airteagal 29(1), an fhoclaíocht tosaigh |
|
Airteagal 18(1), pointe (a), pointí (i) agus (ii) |
Airteagal 29(1), pointí (a) agus (b) |
|
- |
Airteagal 29(1) pointí (c) agus (d) |
|
Airteagal 18(1), pointe (b) |
Airteagal 29(2) |
|
Airteagal 18(1), pointe (c) |
Airteagal 29(3) |
|
- |
Airteagal 29(4) |
|
Airteagal 18(1), pointe (d), pointí (i) agus (ii) |
Airteagal 29(5), pointí (a) agus (b) |
|
- |
Airteagal 29(5), pointe (c) |
|
Airteagal 18(2), pointí (a) agus (b) |
Airteagal 29(6), pointí (a) agus (b) |
|
Airteagal 18(2) pointí (c) agus (d) |
- |
|
- |
Airteagal 29(6), pointe (c) |
|
- |
Airteagal 29(7) |
|
Airteagal 18(3) |
Airteagal 29(8) |
|
Airteagal 19(1), pointe (a) |
Airteagal 22(5), an chéad fhomhír |
|
Airteagal 19(1), pointe (b) |
Airteagal 7(7), an chéad fhomhír |
|
Airteagal 19(1), an dara fomhír |
Airteagal 22(9), an dara fomhír |
|
Airteagal 19(2) |
- |
|
Airteagal 20(1) agus (2) |
Airteagal 30(1) agus (2) |
|
- |
Airteagal 30(3), (4) agus (5) |
|
Airteagail 20(3), (3a), (3b) agus (3c) |
Airteagal 30(6), (7), (8) agus (9) |
|
Airteagal 20(3d) |
Airteagal 30(10), an chéad fhomhír |
|
- |
Airteagal 30(10), an dara fomhír |
|
Airteagal 20(4), (5), (6) agus (7) |
Airteagal 30(11), (13), (14) agus (15) |
|
- |
Airteagal 30(12) |
|
- |
Airteagal 30(16) |
|
- |
Airteagal 30(17) agus (18) |
|
Airteagal 21 |
Airteagal 31(1) |
|
Iarscríbhinn IV, fonóta 3 |
Airteagal 31(2), (3) agus (4) |
|
- |
Airteagal 31(5) |
|
Iarscríbhinn IV, fonóta 3 |
Airteagal 31(6) agus (7) |
|
Airteagal 22(1) agus (2) |
Airteagal 33(1) agus (2) |
|
- |
Airteagal 33(3) |
|
Airteagal 23 |
Airteagal 34 |
|
Airteagail 24(4a), (5) agus (6) |
Airteagal 34(1), (2) agus (3) |
|
Airteagal 24(7),(8), (9), (10), (12) |
- |
|
Airteagal 24(13) agus (14) |
Airteagal 34(4) agus (5) |
|
Airteagal 24(15), an fhoclaíocht tosaigh |
Airteagal 34(7), an fhoclaíocht tosaigh |
|
Airteagal 24(15), pointe (a) |
- |
|
Airteagal 24(15), pointe (b) |
Airteagal 35(7), pointe (a) |
|
- |
Airteagal 35(7), pointí (b), (c), (d), (e), (f), (g) agus (h) |
|
- |
Airteagal 35(7), an dara fomhír |
|
Airteagal 24(8) |
Airteagal 35(7), an tríú fomhír |
|
Airteagal 25 |
- |
|
Airteagal 26 |
- |
|
Airteagal 28 |
Airteagal 36 |
|
- |
Airteagal 37 |
|
Airteagal 27, an chéad mhír |
Airteagal 38, an chéad mhír |
|
Airteagal 27, an dara mír |
- |
|
Airteagal 27, an tríú mír |
Airteagal 38, an dara mír |
|
|
|
|
Airteagal 28(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 36(1), an chéad fhomhír |
|
Airteagal 28(1), an dara fomhír |
- |
|
Airteagal 28(1), an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír |
Airteagal 36(1), an dara fomhír |
|
Airteagal 28(2) |
Airteagal 36(2) |
|
Airteagal 29 |
Airteagal 39 |
|
- |
Airteagal 39, an dara mír |
|
- |
Airteagal 39, an tríú mír |
|
Airteagal 30 |
Airteagal 40 |
|
- |
Iarscríbhinn I |
|
Iarscríbhinn I |
Iarscríbhinn II |
|
Iarscríbhinn II |
Iarscríbhinn III |
|
Iarscríbhinn III |
Iarscríbhinn IV |
|
Iarscríbhinn IV |
- |
|
Iarscríbhinn V |
Iarscríbhinn V |
|
Iarscríbhinn VI - |
Iarscríbhinn VI Iarscríbhinn VII |
|
Iarscríbhinn VII |
Iarscríbhinn VIII |
|
Iarscríbhinn VIIa |
Iarscríbhinn IX |
|
Iarscríbhinn VIII |
Iarscríbhinn X |
|
Iarscríbhinn IX |
Iarscríbhinn XI |
|
Iarscríbhinn X |
Iarscríbhinn XII |
|
Iarscríbhinn XI |
Iarscríbhinn XIII |
|
Iarscríbhinn XII |
Iarscríbhinn XIV |
|
Iarscríbhinn XIII |
Iarscríbhinn XV |
|
Iarscríbhinn XV |
- |
|
- |
Iarscríbhinn XVI |
|
- |
Iarscríbhinn XVII |
( 1 ) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
( 2 ) Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh (IO L 304, 14.11.2008, lch. 1).
( 3 ) Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
( 4 ) Moladh (AE) 2021/1749 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2021 dar teideal On energy efficiency first: from principle to practice — Guidelines and examples for its implementation in decision-making into the energy sector and beyond [Bunphrionsabal na hÉifeachtúlachta Fuinnimh: ó phrionsabail go cleachtas — Treoirlínte agus samplaí dá cur chun feidhme sa chinnteoireacht san earnáil fuinnimh agus níos faide i gcéin] (IO L 350, 4.10.2021, lch. 9).
( 5 ) Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, lch. 76).
( 6 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1780 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2019 lena mbunaítear foirmeacha caighdeánacha maidir le foilsiú fógraí i réimse an tsoláthair phoiblí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1986 (‘eForms’) (IO L 272, 25.10.2019, lch. 7)
( 7 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1).
( 8 ) Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le ceart tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).
( 9 ) Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).
( 10 ) Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
( 11 ) Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóidí le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63).
( 12 ) Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú ar na héifeachtaí atá ag tionscadail áirithe phoiblí agus phríobháideacha ar an gcomhshaol (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30).
( 13 ) Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).
( 14 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí ábhar agus cur i láthair na faisnéise atá le nochtadh ag gnóthais faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE a bhaineann le gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus ina sonraítear an mhodheolaíocht chun an oibleagáid nochta sin a chomhlíonadh (IO L 443, 10.12.2021, lch. 9).
( 15 ) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
( *1 ) Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (IO L 231 20 20.9.2023, lch. 1)’.
( 16 ) Cinneadh 2008/952/CE ón gCoimisiún an 19 Samhain 2008 lena mbunaítear treoirlínte mionsonraithe chun Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2004/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm (IO L 338, 17.12.2008, lch. 55).
( 17 ) Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).
( 18 ) Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).
( 19 ) Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).
( 20 ) An méid fuinnimh theirmigh atá ag teastáil chun éileamh na n-úsáideoirí deiridh ar théamh agus ar fhuarú a shásamh.
( 21 ) Ba cheart na sonraí is déanaí atá ar fáil a úsáid.
( 22 ) Ba cheart na sonraí is déanaí atá ar fáil a úsáid.
( 23 ) I ndiaidh na modheolaíochta chun cainníocht an fhuinnimh in-athnuaite arna úsáid le haghaidh fuarú agus fuarú ceantair a ríomh a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 35 de Threoir (AE) 2018/2001, déanfar an ‘fuarú in-athnuaite’ a shainaithint, i gcomhréir leis an Treoir sin. Go dtí sin, cuirfear i gcrích é i gcomhréir le modheolaíocht iomchuí náisiúnta.
( 24 ) Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (IO L 156, 19.6.2018, lch. 75).
( 25 ) Ba cheart don anailís ar an acmhainneacht eacnamaíoch an méid fuinnimh (in GWh) a fhéadann gach teicneolaíocht a ndearnadh anailís uirthi a ghiniúint in aghaidh na bliana a chur i láthair. Ba cheart na teorainneacha agus na hidirghaolta laistigh den chóras fuinnimh a chur san áireamh freisin. Féadfar samhlacha atá bunaithe ar thoimhdí a léiríonn feidhmiú cineálacha coiteanna teicneolaíochtaí nó córas a úsáid san anailís.
( 26 ) Lena n-áirítear an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 15(7) de Threoir (AE) 2018/2001.
( 27 ) Is é deireadh na bliana roimh an mbliain a mbeidh an measúnú cuimsitheach dlite roimh dheireadh na bliana an scoithdháta chun beartais a chur san áireamh don chás bunlíne. Is é sin le rá, ní gá beartais a chur san áireamh ar beartais iad a achtaítear laistigh de bhliain roimh an spriocdháta leis an measúnú cuimsitheach a chur isteach.
( 28 ) Áireofar san fhorbhreathnú sin bearta maoiniúcháin agus cláir a fhéadfar a ghlacadh thar thréimhse an mheasúnaithe chuimsithigh, gan dochar d’fhógra ar leithligh maidir leis na scéimeanna tacaíochta poiblí le haghaidh measúnú Státchabhrach.