02023L0959 — GA — 16.05.2023 — 000.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

TREOIR (AE) 2023/959 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Bealtaine 2023

lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 130 16.5.2023, lch. 134)


Arna ceartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 90176, 22.3.2024, lch.  1 ((AE) 2023/959)




▼B

TREOIR (AE) 2023/959 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Bealtaine 2023

lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2003/87/CE

Leasaítear Treoir 2003/87/CE mar a leanas:

(1) 

in Airteagal 1, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara mír:

‘Foráiltear leis an Treoir seo freisin go méadófar na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa chun cur leis na leibhéil laghduithe a mheastar a bheith riachtanach ó thaobh na heolaíochta de chun athrú aeráide contúirteach a sheachaint. Rannchuidíonn sé le cuspóir an Aontais maidir le haeráidneodracht agus a spriocanna aeráide a bhaint amach mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ) agus, ar an gcaoi sin, rannchuidíonn sé le cuspóirí Chomhaontú Pháras ( *2 ).

(2) 

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.  
Beidh Feidhm ag an Treoir seo maidir leis na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinní I agus III, agus maidir leis na gáis cheaptha teasa a liostaítear in Iarscríbhinn II. I gcás, maidir le suiteáil atá cuimsithe faoi raon feidhme CTA AE de thoradh aonaid dócháin a oibriú lena ngabhann ionchur teirmeach rátáilte iomlán a sháraíonn 20 MW, go n-athraíonn sí a cuid próiseas táirgthe chun a hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus nach sroicheann sí an tairseach sin a thuilleadh, tabharfaidh an Ballstát ina bhfuil an suiteáil sin rogha don oibreoir fanacht faoi raon feidhme EU ETS go dtí deireadh na tréimhse 5 bliana reatha agus deireadh na chéad tréimhse 5 bliana eile ina dhiaidh sin dá dtagraítear in Airteagal 11(1), an dara fomhír, tar éis athrú a dhéanamh ar a próisis táirgthe. Féadfaidh oibreoir na suiteála sin a chinneadh go bhfuil an tsuiteáil le fanacht faoi raon feidhme CTA AE go dtí deireadh na tréimhse 5 bliana reatha amháin nó go dtí deireadh na tréimhse 5 bliana ina dhiaidh sin freisin, tar éis athrú a dhéanamh ar a próisis táirgthe. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoi athruithe i gcomparáid leis an liosta a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 11(1).
2.  
Beidh feidhm ag an Treoir seo gan dochar d’aon cheanglais de bhun Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *3 ).
(3) 

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b) 

ciallaíonn ‘astaíochtaí’ gáis cheaptha teasa a scaoileadh san atmaisféar ó fhoinsí i suiteáil nó a scaoileadh ó aerárthach ag gabháil do ghníomhaíocht eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I nó ó longa atá ag gabháil do ghníomhaíocht mhuiriompair a liostaítear in Iarscríbhinn I de na gáis a shonraítear i leith na gníomhaíochta sin, nó ciallaíonn sé gáis cheaptha teasa lena gcomhfhreagraítear don ghníomhaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a scaoileadh;’;

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d) 

ciallaíonn ‘cead astaíochtaí gás ceaptha teasa’ an cead a eisítear i gcomhréir le hAirteagail 5, 6 agus 30b;’;

(c) 

scriostar pointe (u);

(d) 

cuirtear na pointí seo a leanas léi:

‘(w) 

ciallaíonn ‘cuideachta loingseoireachta’ an longúinéir nó aon eagraíocht nó duine eile, amhail an bainisteoir nó an cairtfhostóir forléasta, a ghlac an fhreagracht as oibriú na loinge ón longúinéir; agus ar an bhfreagracht sin a ghlacadh, a d’aontaigh dul i gceann na ndualgas agus na bhfreagrachtaí go léir arna bhforchur leis an gCód Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta, a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *4 );

(x) 

ciallaíonn ‘muiraistear’ muiraistear mar a shainítear in Airteagal 3, pointe (c), de Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *5 );

(y) 

ciallaíonn ‘údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta’ an t-údarás atá freagrach as CTA AE a riar i leith cuideachta loingseoireachta i gcomhréir le hAirteagal 3gf;

(z) 

ciallaíonn ‘calafort cuarda’ an calafort ina stopann long chun lastas a luchtú nó a dhíluchtú nó chun paisinéirí a bhordáil nó a dhíbhordáil, nó an calafort ina stopann long amach ón gcósta chun an criú a shaoradh; ina stopann long chun críocha athbhreoslaithe, soláthairtí a fháil, uainíocht a dhéanamh ar chriú loinge nach long amach ón gcósta í, dul i nduga tirim nó obair dheisiúcháin a dhéanamh ar an long, ar a cuid trealaimh, nó orthu araon, stopanna i gcalafort toisc go dteastaíonn cabhair ón long nó toisc í a bheith i nguais, aistrithe long-go-long a dhéantar lasmuigh de chalafoirt, stopanna chun críche foscadh a fháil ón doineann nó a bhfuil gá leo i ngeall ar ghníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála, agus chun na críche sin amháin, agus stopanna arna ndéanamh ag longa coimeádán i gcalafort trasloingsithe coimeádán comharsanachta a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 3ga(2);

(aa) 

ciallaíonn ‘long chúrsála’ long paisinéirí nach bhfuil deic lastais uirthi agus atá deartha go heisiach chun paisinéirí a iompar ar bhonn tráchtála i gcóiríocht thar oíche le linn muiraistir;

(ab) 

ciallaíonn ‘conradh le haghaidh difríochta’ nó ‘CD’ conradh idir an Coimisiún agus táirgeoir táirge ísealcharbóin nó táirge saor ó charbón, arna roghnú trí shásra tairisceana iomaíoch amhail ceant, agus faoina soláthraítear tacaíocht ón gCiste don Nuálaíocht don táirgeoir lena gcumhdaítear an difríocht idir an praghas buaiteach, ar a dtugtar an praghas ceangail freisin, ar thaobh amháin, agus praghas tagartha a dhíorthaítear ó phraghas an táirge táirgthe ísealcharbóin nó saor ó charbón, praghas margaidh dlúththáirge ionaid, nó teaglaim den dá phraghas sin, ar an taobh eile;

(ac) 

ciallaíonn ‘conradh carbóin le haghaidh difríochta’ nó ‘CCD’ conradh idir an Coimisiún agus táirgeoir táirge ísealcharbóin nó táirge saor ó charbón,arna roghnú trí shásra tairisceana iomaíoch amhail ceant, agus faoina soláthraítear tacaíocht ón gCiste don Nuálaíocht don táirgeoir lena gcumhdaítear an difríocht idir an praghas buaiteach, ar a dtugtar an praghas ceangail freisin, ar thaobh amháin, agus praghas tagartha a dhíorthaítear ó mheánphraghas na lamháltas, ar an taobh eile;

(ad) 

ciallaíonn ‘conradh préimhe seasta’ conradh idir an Coimisiún agus táirgeoir táirge ísealcharbóin nó táirge saor ó charbón, arna roghnú trí shásra tairisceana iomaíoch amhail ceant, agus faoina soláthraítear tacaíocht don táirgeoir i bhfoirm méid sheasta in aghaidh an aonaid den táirge táirgthe;

(ae) 

chun críocha Chaibidil IVa, ciallaíonn ‘eintiteas rialáilte’ aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, seachas tomhaltóir deiridh na mbreoslaí, a bhíonn ag gabháil den ghníomhaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn III agus a thagann faoi réim ceann amháin de na catagóirí seo a leanas:

(i) 

i gcás ina dtéann an breosla trí thrádstóras cánach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 11, de Threoir (AE) 2020/262 ( *6 ) ón gComhairle, an coimeádaí údaraithe trádstórais mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 1, den Treoir sin, atá faoi dhliteanas an dleacht mháil a íoc atá inmhuirearaithe de bhun Airteagal 7 den Treoir sin;

(ii) 

mura bhfuil pointe (i) den phointe seo infheidhme, aon duine eile atá faoi dhliteanas an dleacht mháil a íoc atá inmhuirearaithe de bhun Airteagal 7 de Threoir (AE) 2020/262 nó Airteagal 21(5), an chéad fhomhír, de Threoir 2003/96/CE ón gComhairle ( *7 ) i leith na mbreoslaí a chumhdaítear le Caibidil IVa den Treoir seo;

(iii) 

mura bhfuil pointí (i) agus (ii) den phointe seo infheidhme, aon duine eile atá le clárú ag údaráis inniúla ábhartha an Bhallstáit chun críche a bheith faoi dliteanas an dleacht mháil a íoc, lena n-áirítear aon duine atá díolmhaithe ón dleacht mháil a íoc, dá dtagraítear in Airteagal 21(5), an ceathrú fomhír, de Threoir 2003/96/CE;

(iv) 

mura bhfuil pointí (i), (ii) agus (iii) infheidhme, nó i gcás ina mbeidh roinnt daoine i gcomhpháirt agus go leithleach faoi dhliteanas an dleacht mháil chéanna a íoc, aon duine eile arna ainmniú ag Ballstát;

(af) 

chun críocha Chaibidil IVa den Treoir seo, ciallaíonn ‘breosla’ aon táirge fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Threoir 2003/96/CE, lena n-áirítear breoslaí a liostaítear i dTábla A agus Tábla C d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, chomh maith le haon táirge eile arna bheartú lena úsáid, arna thairiscint le díol nó arna úsáid mar bhreosla mótair nó mar bhreosla téimh mar a shonraítear in Airteagal 2(3) den Treoir sin, lena n-áirítear táirgeadh leictreachais;

(ag) 

chun críocha Chaibidil IVa den Treoir seo, ciallaíonn ‘scaoileadh lena dtomhailt’ scaoileadh lena dtomhailt mar a shainmhínítear in Airteagal 6(3) de Threoir (AE) 2020/262;

(ah) 

chun críocha Chaibidil IVa, ciallaíonn ‘praghas gáis TTF’ praghas an chonartha mí chun tosaigh le haghaidh todhchaíochtaí gáis arna thrádáil ag Pointe Trádála Fíorúil na Saoráide Aistrithe Teidil (TTF), arna oibriú ag Gasunie Transport Services B.V.;

(ai) 

chun críocha Chaibidil IVa, ciallaíonn ‘praghas amhola Brent’ praghas todhchaíochtaí mí chun tosaigh le haghaidh amhola, arna úsáid mar phraghas tagarmhairc do cheannach ola.

(4) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil II:

‘Eitlíocht agus Muiriompar’;

(5) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3a:

‘Airteagal 3a

Raon feidhme

Beidh feidhm ag Airteagail 3b go 3g maidir le leithdháileadh agus eisiúint lamháltas i ndáil leis na gníomhaíochtaí eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I. Beidh feidhm ag Airteagail 3ga go 3gg i ndáil leis na gníomhaíochtaí muiriompair a liostaítear in Iarscríbhinn I.’

;
(6) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3g:

‘Airteagal 3g

Pleananna faireacháin agus tuairiscithe

Áiritheoidh an Ballstát riaracháin go gcuirfidh gach oibreoir aerárthaigh plean faireacháin ina leagtar amach bearta chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí agus go bhformheasfaidh an t-údarás inniúil na pleananna sin i gcomhréir leis na hionstraimí cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 14.’

;
(7) 

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 3ga

Raon feidhme an chur i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí muiriompair

1.  
Beidh feidhm ag leithdháileadh na lamháltas agus cur i bhfeidhm na gceanglas tabhairt suas i leith gníomhaíochtaí muiriompair i leith caoga faoin gcéad (50 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort cuarda lasmuigh de dhlínse Ballstáit, caoga faoin gcéad (50 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort cuarda lasmuigh de dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit, céad faoin gcéad (100 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit, agus céad faoin gcéad (100 %) de na hastaíochtaí ó longa laistigh de chalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit.
2.  
Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2023, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de na calafoirt thrasloingsithe coimeádán chomharsanacha a bhunú agus an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta faoin 31 Nollaig gach 2 bhliain ina dhiaidh sin.

Liostófar sna gníomhartha cur chun feidhme sin calafort mar calafort trasloingsithe coimeádán comharsanachta ina bhfuil sciar an trasloingsithe de choimeádáin, arna thomhas in aonaid choibhéiseacha fiche troigh, níos mó ná 65 % de thrácht iomlán coimeádáin an chalafoirt sin le linn na tréimhse 12 mhí is déanaí a bhfuil sonraí ábhartha ar fáil ina leith agus i gcás ina bhfuil an calafort sin lonnaithe lasmuigh den Aontas ach níos lú ná 300 muirmhíle ó chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit. Chun críocha na míre seo, measfar gur trasloingsíodh coimeádáin nuair a dhíluchtófar iad ó long go calafort chun iad a luchtú ar long eile agus chun na críche sin amháin. Ní áireofar ar an liosta arna bhunú ag an gCoimisiún de bhun na chéad fhomhíre calafoirt atá lonnaithe i dtríú tír a gcuireann an tríú tír sin bearta atá coibhéiseach leis an Treoir seo i bhfeidhm go héifeachtach ina leith.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).

3.  
Beidh feidhm ag Airteagail 9, 9a agus 10 maidir le gníomhaíochtaí muiriompair ar an gcaoi chéanna agus atá feidhm acu maidir le gníomhaíochtaí eile a chumhdaítear le CTA AE ach amháin leis an eisceacht seo a leanas maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 10.

Go dtí an 31 Nollaig 2030, sannfar sciar lamháltas do Bhallstáit inarb ionann an cóimheas idir líon na gcuideachtaí loingseoireachta a bhí le bheith faoina bhfreagracht de bhun Airteagal 3gf agus a ndaonra faoi seach in 2020, bunaithe ar shonraí atá ar fáil don tréimhse ó 2018 go 2020, agus os cionn 15 chuideachta loingseoireachta in aghaidh an mhilliúin áitritheoir. Beidh cainníocht na lamháltas ag freagairt do 3,5 % de mhéid breise na lamháltas i ngeall ar an méadú ar an uasteorainn le haghaidh iompar muirí dá dtagraítear in Airteagal 9, an tríú mír sa bhliain ábhartha. Do na blianta 2024 agus 2025, déanfar cainníocht na lamháltas a iolrú freisin faoi na céatadáin is infheidhme maidir leis an mbliain ábhartha de bhun Airteagal 3gb, an chéad mhír, pointí (a) agus (b). Ba cheart an t-ioncam ó cheantáil sciar na lamháltas sin a úsáid chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 10(3), an chéad fhomhír, pointe (g), maidir leis an earnáil mhuirí, agus pointí (f) agus (i). Dáilfear 50 % de chainníocht na lamháltas i measc na mBallstát ábhartha bunaithe ar sciar na gcuideachtaí loingseoireachta faoina gcúram agus dáilfear an fuílleach orthu ina scaireanna comhionanna.

Airteagal 3gb

Céimniú isteach na gceanglas maidir le muiriompar

Beidh cuideachtaí loingseoireachta faoi dhliteanas lamháltais a thabhairt suas de réir an sceidil seo a leanas:

(a) 

40 % de na hastaíochtaí fíoraithe a thuairiscítear le haghaidh 2024 a bheadh faoi réir na gceanglas tabhairt suas i gcomhréir le hAirteagal 12;

(b) 

70 % de na hastaíochtaí fíoraithe a thuairiscítear le haghaidh 2025 a bheadh faoi réir na gceanglas tabhairt suas i gcomhréir le hAirteagal 12;

(c) 

100 % de na hastaíochtaí fíoraithe a thuairiscítear le haghaidh 2026 agus gach bliain ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 12.

I gcás ina dtugtar suas níos lú lamháltas i gcomparáid leis na hastaíochtaí fíoraithe ón muiriompar le haghaidh 2024 agus 2025, nuair a bheidh an difríocht idir na hastaíochtaí fíoraithe agus na lamháltais arna dtabhairt suas bunaithe i leith gach bliana, déanfar méid lamháltas a chomhfhreagraíonn don difríócht sin a chur ar ceal seachas a chur ar ceant de bhun Airteagal 10.

Airteagal 3gc

Forálacha maidir le costais CTA AE a aistriú ón gcuideachta loingseoireachta go heintiteas eile

Nuair a ghlacann eintiteas eile seachas an chuideachta loingseoireachta de bhun socrú conarthach an fhreagracht deiridh as breosla a cheannach nó as oibriú na loinge, nó as an dá cheann déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an chuideachta loingseoireachta i dteideal aisíocaíocht a fháil ón eintiteas sin as na costais a eascraíonn as lamháltais a thabhairt suas.

Ciallaíonn ‘oibriú na loinge’ chun críocha an Airteagail seo an lastas atá á iompar nó an bealach agus luas na loinge a chinneadh. Is í an chuideachta loingseoireachta an t-eintiteas a bheidh freagrach i gcónaí as lamháltais a thabhairt suas mar a cheanglaítear faoi Airteagail 3gb agus 12 agus as comhlíonadh foriomlán fhorálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh na cuideachtaí loingseoireachta atá faoina gcúram na hoibleagáidí maidir le lamháltais a thabhairt suas faoi Airteagail 3gb agus 12, d’ainneoin teidlíocht na gcuideachtaí loingseoireachta sin aisíocaíocht a fháil ó na hoibreoirí tráchtála i leith an chostais a eascraíonn ón tabhairt suas.

Airteagal 3gd

Faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí ó mhuiriompar

I leith astaíochtaí ó ghníomhaíochtaí muiriompair a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo, áiritheoidh an t-údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta go ndéanfaidh cuideachta loingseoireachta a thagann faoina fhreagracht faireachán agus tuairisciú ar na paraiméadair ábhartha le linn tréimhse tuairiscithe, agus go gcuirfidh sí sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal na cuideachta faoi bhráid an údaráis riaracháin i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán (AE) 2015/757.

Airteagal 3ge

Rialacha maidir le fíorú agus creidiúnú a dhéanamh ar astaíochtaí ó mhuiriompar

An tuairisciú a dhéantar ar na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta loingseoireachta a chuireann cuideachta loingseoireachta isteach de bhun Airteagal 3gd den Treoir seo, áiritheoidh an t-údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta go ndéanfar an tuairisciú a fhíoriú i gcomhréir leis na rialacha fíoraithe agus creidiúnaithe a leagtar amach i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2015/757.

Airteagal 3gf

An t-údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta

1.  

Is éard a bheidh san údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta:

(a) 

i gcás cuideachta loingseoireachta atá cláraithe i mBallstát, an Ballstát ina bhfuil an chuideachta loingseoireachta cláraithe;

(b) 

i gcás cuideachta loingseoireachta nach bhfuil cláraithe i mBallstát, an Ballstát lena mbaineann an líon measta is mó cuairteanna ar chalafort le linn muiraistear ag an gcuideachta loingseoireachta sin sna 4 bliana faireacháin roimhe seo agus a thagann faoin raon feidhme a leagtar amach in Airteagal 3ga;

(c) 

i gcás cuideachta loingseoireachta nach bhfuil cláraithe i mBallstáit agus nár thug faoi aon mhuiraistear a thagann faoin raon feidhme a leagtar amach in Airteagal 3ga sna 4 bliana faireacháin roimhe sin, is é an Ballstát inar thosaigh long de chuid na cuideachta loingseoireachta a chéad mhuiraistear nó inar chríochnaigh an long sin a chéad mhuiraistear a thagann faoin raon feidhme a leagtar amach in Airteagal 3g a bheidh ina údarás riaracháin.

2.  

Bunaithe ar an bhfaisnéis is fearr a bheidh ar fáil, bunóidh an Coimisiún an méid seo a leanas trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:

(a) 

roimh an 1 Feabhra 2024, liosta de na cuideachtaí loingseoireachta a thug faoi gníomhaíocht mhuiriompair a liostaítear in Iarscríbhinn I a tháinig faoin raon feidhme a leagtar amach in Airteagal 3ga an 1 Eanáir 2024, nó le héifeacht ón dáta sin, agus sonrófar ann an t-údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo;

(b) 

roimh an 1 Feabhra 2026 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, liosta nuashonraithe chun cuideachtaí loingseoireachta atá cláraithe i mBallstát a athshannadh d’údarás riaracháin eile i leith cuideachta loingseoireachta má d’athraigh siad an Ballstát clárúcháin laistigh den Aontas i gcomhréir le mír 1, pointe (a) den Airteagal seo, nó chun cuideachtaí loingseoireachta a rinne gníomhaíocht mhuiriompair a liostaítear in Iarscríbhinn I a tháinig laistigh den raon feidhme a leagtar amach in Airteagal 3ga, i gcomhréir le mír 1, pointe (c), den Airteagal seo a chur san áireamh; agus

(c) 

roimh an 1 Feabhra 2028 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, liosta nuashonraithe chun cuideachtaí loingseoireachta nach bhfuil cláraithe i mBallstát a athshannadh d’údarás riaracháin eile i leith cuideachta loingseoireachta i gcomhréir le mír 1, pointe (b), den Airteagal seo.

3.  
Maidir le húdarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta atá, de réir an liosta a bhunaítear de bhun mhír 2, freagrach as cuideachta loingseoireachta, coinneoidh sé an fhreagracht sin gan beann ar athruithe ina dhiaidh sin ar ghníomhaíochtaí nó ar chlárú na cuideachta loingseoireachta go dtí go léireofar na hathruithe sin i liosta nuashonraithe.
4.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun riail mhionsonraithe a bhunú maidir le riarachán cuideachtaí loingseoireachta ag údaráis riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta faoin Treoir seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).

Airteagal 3gg

Tuairisciú agus athbhreithniú

1.  
I gcás ina nglacfaidh an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) beart domhanda margadhbhunaithe chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ón muiriompar a laghdú, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Treoir seo i bhfianaise an beart sin arna ghlacadh.

Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle laistigh de 18 mí ón dáta a nglacfar an beart domhanda margadhbhunaithe sin agus sula mbeidh sé oibríochtúil. Sa tuarascáil sin, scrúdóidh an Coimisiún an bearta domhanda margadhbhunaithe i dtaca leis an méid seo a leanas:

(a) 

a uaillmhian i bhfianaise chuspóirí Chomhaontú Pháras;

(b) 

a shláine comhshaoil fhoriomlán, lena n-áirítear i gcomparáid le forálacha na Treorach seo lena gcumhdaítear iompar muirí, agus

(c) 

agus aon saincheist a bhaineann le comhleanúnachas CTA AE agus an beart sin.

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún togra reachtach a chur leis an tuarascáil dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo chun leasú a dhéanamh ar an Threoir seo ar bhealach atá comhsheasmhach le sprioc aeráide 2030 an Aontais agus leis an gcuspóir aeráidneodrachta mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 agus é mar aidhm sláine comhshaoil agus éifeachtacht ghníomhaíocht an Aontais ar son na haeráide a chaomhnú, chun comhleanúnachas a áirithiú idir cur chun feidhme birt dhomhanda margadhbhunaithe agus CTA AE, agus aon ualach dúbailte suntasach á sheachaint.

2.  
I gcás nach nglacfaidh IMO faoi 2028 beart domhanda margadhbhunaithe chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar a laghdú i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus ar laghad go leibhéal atá inchomparáide leis an leibhéal a thagann as bearta an Aontais a dhéantar faoin Treoir seo, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfaidh sé scrúdú ar an ngá atá le leithdháileadh lamháltas agus ceanglais tabhairt suas a chur i bhfeidhm i leith níos mó ná caoga faoin gcéad (50 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir idir calafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit agus calafort cuarda atá lasmuigh de dhlínse Ballstáit, i bhfianaise chuspóirí Chomhaontú Pháras. Sa tuarascáil sin, breithneoidh an Coimisiún, go háirithe, an dul chun cinn atá déanta ar leibhéal IMO agus scrúdóidh sé an bhfuil beart margadhbhunaithe atá coibhéiseach leis an Treoir seo ag aon tríú tír agus déanfaidh sé measúnú ar an riosca a bhaineann le méadú ar chleachtais seachantacha, lena n-áirítear trí aistriú go modhanna eile iompair nó aistriú moil chalafoirt chuig calafoirt lasmuigh den Aontas.

I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach chun an Treoir seo a leasú ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

3.  
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na Caibidle seo maidir le muiriompar, go háirithe chun iompar imghabhála a bhrath chun cosc a chur ar iompar den sórt sin ag céim luath, lena n-áirítear trí aird a thabhairt ar na réigiún is forimeallaí, agus tuairisceoidh sé go débhliantúil ón … [an bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo] ar chur chun feidhme na Caibidle seo maidir le muiriompar agus ar threochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a mhéid a bhaineann le cuideachtaí loingseoireachta atá ag iarraidh ceanglais na Treorach seo a sheachaint. Déanfaidh an Coimisiún faireachán freisin ar thionchair maidir le, inter alia, méaduithe féideartha ar chostais iompair, saobhadh margaidh agus athruithe ar thrácht calafoirt, amhail seachaint calafoirt agus aistrithe mol trasloingsithe, iomaíochas foriomlán na hearnála muirí sna Ballstáit, agus go háirithe na tionchair ar na seirbhísí loingseoireachta sin a sholáthraíonn seirbhísí riachtanacha leanúnachais críche. Más iomchuí, molfaidh an Coimisiún bearta chun cur chun feidhme éifeachtach na Caibidle seo maidir le muiriompar a áirithiú, go háirithe bearta chun aghaidh a thabhairt ar na treochtaí i ndáil le cuideachtaí loingseoireachta atá ag iarraidh ceanglais na Treorach seo a sheachaint.
4.  
Tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair 2028, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a iomchuí atá sé síneadh a chur le cur i bhfeidhm Airteagal 3 ga(3), an dara fomhír, tar éis an 31 Nollaig 2030 agus, más iomchuí, togra reachtach a thíolacadh chuige sin.
5.  
Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2026, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina scrúdóidh sé an bhféadfaí astaíochtaí ó longa, lena n-áirítear longa amach ón gcósta, faoi bhun olltonnáiste 5 000 ach nach bhfuil faoi bhun olltonnáiste 400, a áireamh sa Treoir seo agus ar an tionchair eacnamaíocha, chomhshaoil agus shóisialta a bheadh ann dá ndéanfaí amhlaidh, á chur go háirithe leis an anailís a ghabhann leis an athbhreithniú ar Rialachán (AE) 2015/757 atá le bheith ann faoi 31 Nollaig 2024.

Breithneofar sa tuarascáil sin freisin na hidirnaisc idir an Treoir seo agus Rialachán (AE) 2015/757 agus bainfear leas as an taithí a fuarthas óna gcur i bhfeidhm. Sa tuarascáil sin, scrúdóidh an Coimisiún freisin an bealach is fearr chun úsáid breoslaí muirí inathnuaite agus ísealcharbóin ar bhonn saolré a mhíniú leis an Treoir seo. Más iomchuí, féadfaidh tograí reachtacha a bheith ag gabháil leis an tuarascáil.’

;

(8) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3h:

‘Airteagal 3h

Raon feidhme

Beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo maidir le ceadanna astaíochtaí gás ceaptha teasa agus leithdháileadh agus eisiúint lamháltas i leith gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I seachas gníomhaíochtaí eitlíochta agus gníomhaíochtaí muiriompair.’

;
(9) 

in Airteagal 6(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e) 

oibleagáid lamháltais a thabhairt suas arb ionann iad agus astaíochtaí iomlána na suiteála i ngach bliain féilire, mar a fhíoraítear i gcomhréir le hAirteagal 15, faoin spriocdháta a leagtar síos in Airteagal 12(3).’;

(10) 

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

Comhordú le Treoir 2010/75/AE

Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás ina ndéanfaidh suiteálacha gníomhaíochtaí a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2010/75/AE, go ndéanfar na coinníollacha agus an nós imeachta le haghaidh na heisiúna sin a chomhordú leis na coinníollacha agus leis an nós imeachta maidir le cead a eisiúint dá bhforáiltear sa Treoir sin. Féadfar na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 den Treoir seo a chomhtháthú sna nósanna imeachta dá bhforáiltear i dTreoir 2010/75/AE.

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar éifeachtacht na sineirgí le Treoir 2010/75/AE. Déanfar ceadanna atá ábhartha don chomhshaol agus don aeráid a chomhordú lena áirithiú go gcuirfear bearta i gcrích go héifeachtúil agus níos gasta, bearta atá ag teastáil chun cuspóirí aeráide agus fuinnimh an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh. Féadfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcomhthéacs aon athbhreithniú ar an Treoir seo amach anseo.’

;
(11) 

in Airteagal 9, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

‘In 2024, laghdófar cainníocht na lamháltas uile-Aontais faoi 90 milliún lamháltas. In 2026, laghdófar cainníocht na lamháltas uile-Aontais faoi 27 milliún lamháltas. In 2024, méadófar cainníocht na lamháltas uile-Aontais faoi 78,4 milliún lamháltas le haghaidh an mhuiriompair. 4,3 % ó 2024 go 2027 agus 4,4 % ó 2028 a bheidh mar fhachtóir líneach. Beidh feidhm ag an bhfachtóir líneach freisin maidir leis na lamháltais a chomhfhreagraíonn do na meánastaíochtaí ó mhuiriompar arna dtuairisciú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/757 do 2018 agus 2019 a dtugtar aghaidh orthu in Airteagal 3ga den Treoir seo. Foilseoidh an Coimisiún cainníocht na lamháltas uile-Aontais faoi 6 Meán Fómhair 2023.

Ón 1 Eanáir 2026 agus ón 1 Eanáir 2027 faoi seach, méadófar cainníocht na lamháltas chun cumhdach astaíochtaí gás ceaptha teasa seachas astaíochtaí CO2 ó ghníomhaíochtaí muiriompair agus cumhdach astaíochtaí long amach ón gcósta a chur san áireamh, bunaithe ar a n-astaíochtaí don bhliain is déanaí a bhfuil sonraí ar fáil ina leith. D’ainneoin Airteagal 10(1), cuirfear na lamháltais a leanann as an laghdú sin ar fáil chun tacú leis an nuálaíocht i gcomhréir le hAirteagal 10a(8).’;

(12) 

leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a) 

i mír 1, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

‘Cuirfear 2 % de chainníocht iomlán na lamháltas idir 2021 agus 2030 ar ceant chun ciste a bhunú chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus chun córais fuinnimh de chuid Ballstáit áirithe a nuachóiriú (‘na Ballstáit is tairbhithe’), mar a leagtar amach in Airteagal 10d (an ‘Ciste don Nuachóiriú’). Is iad na Ballstáit is tairbhithe le haghaidh na cionranna sin lamháltas na Ballstáit sin a bhfuil OTI per capita acu de réir margadhphraghsanna faoi bhun 60 % de mheán an Aontais in 2013. Leithdháilfear na cistí a chomhfhreagraíonn don mhéid sin lamháltas i gcomhréir le Cuid A d’Iarscríbhinn IIb.

Thairis sin, cuirfear 2,5 % de chainníocht iomlán na lamháltas idir 2024 agus 2030 ar ceant le haghaidh an Chiste don Nuachóiriú. Is iad na Ballstáit is tairbhithe le haghaidh na cionranna sin lamháltas na mBallstát sin a bhfuil OTI per capita acu de réir margadhphraghsanna faoi bhun 75 % de mheán an Aontais sa tréimhse ó 2016 go 2018. Leithdháilfear na cistí a chomhfhreagraíonn don mhéid sin lamháltas i gcomhréir le Cuid B d’Iarscríbhinn IIb.’;

(b) 

i mír 3, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

‘3.  
Cinnfidh Ballstáit úsáid ioncam a ghintear ó cheantáil lamháltas dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, seachas le haghaidh na n-ioncam bunaithe mar acmhainní dílse i gcomhréir le hAirteagal 311, an triú mír, CFAE agus iontráilte i mbuiséad an Aontais. Bainfidh na Ballstáit leas as na hioncaim sin, cé is moite den ioncam a úsáidtear chun costais charbóin indíreacha dá dtagraítear in Airteagal 10ú(6) den Treoir seo a chúiteamh, nó a choibhéis i luach airgeadais na n-ioncam sin, i gcás ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:’

;

(c) 

i mír 3, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) go (f):

‘(b) 

chun fuinnimh in-athnuaite agus eangacha do tharchur leictreachais a fhorbairt d’fhonn gealltanas an Aontais i ndáil le fuinnimh in-athnuaite agus spriocanna an Aontais maidir le hidirnascacht a chomhlíonadh, agus chun teicneolaíochtaí eile a fhorbairt lena gcuirtear leis an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin slán inbhuanaithe, agus chun cabhrú le comhlíonadh ghealltanas an Aontais an éifeachtúlacht fuinnimh a ardú, ag na leibhéil a comhaontaíodh i ngníomhartha reachtacha ábhartha, lena n-áirítear leictreachas a tháirgeadh ó fhéintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite agus ó chomhphobail fuinnimh in-athnuaite;

(c) 

bearta lena ndéantar an dífhoraoisiú a sheachaint agus tacú le cosaint agus le hathbhunú portaigh, foraoisí agus eiceachórais eile atá talamhbhunaithe nó mara, lena n-áirítear bearta lena rannchuidítear le cosaint, athchóiriú agus bainistiú níos fearr na nithe sin, go háirithe maidir le limistéir mhuirí faoi chosaint, agus lena méadaítear an foraoisiú agus an t-athfhoraoisiú atá fabhrach don bhithéagsúlacht, lena n-áirítear i dtíortha i mbéal forbartha a bhfuil Comhaontú Pháras daingnithe acu, agus bearta chun teicneolaíochtaí a aistriú agus éascaíocht a dhéanamh ar an oiriúnú d’éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide sna tíortha sin;

(d) 

gás ceaptha teasa a cheapadh san Aontas trí mheán na foraoiseachta agus na hithreach;

(e) 

gabháil agus stóráil gheolaíoch CO2 ar bhealach atá sábháilte ó thaobh an chomhshaoil de, go háirithe CO2 ó stáisiúin cumhachta breosla iontaise sholadaigh agus ó raon earnálacha agus fo-earnálacha tionsclaíochta, lena n-áirítear i dtríú tíortha, agus modhanna nuálacha chun carbón a bhaint, amhail gabháil dhíreach ón aer agus stóráil;

(f) 

infheistíocht a dhéanamh san aistriú chuig cineálacha iompair a chuireann go mór le dícharbónú na hearnála agus dlús a chur leo, lena n-áirítear seirbhísí agus teicneolaíochtaí iompair paisinéirí agus lasta d’iarnród agus seirbhísí agus teicneolaíochtaí bus atá neamhdhíobhálach don aeráid a fhorbairt, bearta chun an earnáil mhuirí a dhícharbónú, lena n-áirítear feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh long, calafort, teicneolaíochtaí nuálacha agus bonneagair, agus breoslaí malartacha inbhuanaithe, amhail hidrigin agus amóinia a tháirgtear ó fhoinsí in-athnuaite, agus teicneolaíochtaí tiomána astaíochtaí nialasacha, agus bearta a mhaoiniú chun tacú le dícharbónú aerfort i gcomhréir le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid, agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú d’aeriompar inbhuanaithe;’;

(d) 

i mír 3, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

‘(h) 

bearta atá ceaptha chun éifeachtúlacht fuinnimh, córais téimh cheantair agus insliú a fheabhsú, chun tacú le córais téimh agus fuaraithe éifeachtúla agus in-athnuaite, nó chun tacú le hathchóiriú domhain céimneach foirgneamh i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *8 ), ag tosú le hathchóiriú na bhfoirgneamh is neamhfheidhmiúla;

(e) 

i mír 3, an chéad fhomhír, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

‘(ha) 

tacaíocht airgeadais a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta i dteaghlaigh ar ioncam íseal nó ar mheánioncam, lena n-áirítear trí chánacha saobhacha a laghdú, agus laghduithe spriocdhírithe ar dhleachtanna agus ar mhuirir le haghaidh leictreachas in-athnuaite;

(hb) 

scéimeanna náisiúnta díbhinní aeráide a mhaoiniú a bhfuil tionchar dearfach cruthaithe acu mar atá doiciméadaithe sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *9 ).

(f) 

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre, pointe (k):

‘(k) 

chun foirmiú scileanna agus athdháileadh an lucht saothair a chur chun cinn d’fhonn cur le haistriú cóir chuig geilleagar aeráidneodrach, go háirithe sna réigiúin is mó atá thíos le haistriú post, i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, agus chun infheistíocht a dhéanamh in uas-sciliú agus in athoiliúint oibrithe a bhféadfadh an t-aistriú difear a dhéanamh dóibh, lena n-áirítear oibrithe i muiriompar.

(l) 

chun aghaidh a thabhairt ar aon riosca iarmharach sceite carbóin sna hearnálacha a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *10 ), tacú leis an aistriú agus a ndícharbónú a chur chun cinn i gcomhréir leis na rialacha maidir le Státchabhair.

(g) 

i mír 3, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh na chéad fhomhíre:

‘Agus úsáid na n-ioncam a ghintear ó na lamháltais a chur ar ceant á cinneadh acu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an gá atá le leanúint de mhaoiniú idirnáisiúnta don troid i gcoinne an athraithe aeráide a mhéadú i dtríú tíortha leochaileacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (j).’;

(h) 

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 3:

‘Measfar forálacha na míre seo a bheith comhlíonta ag na Ballstáit má tá beartais fhioscacha nó tacaíochta airgeadais nó beartais rialaitheacha i bhfeidhm acu, agus má chuireann siad chun feidhme iad, lena n-áirítear go háirithe i dtíortha i mbéal forbartha, ar beartais iad lena ndéantar tacaíocht airgeadais a ghiaráil, arna mbunú chun na gcríoch a leagtar amach sa chéad fhomhír agus arb ionann a luach agus na hioncaim dá dtagraítear sa chéad fhomhír.’;

(i) 

i mír 3, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

‘Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le húsáid na n-ioncam agus na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun na míre seo ina dtuarascálacha arna dtíolacadh faoi Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, agus sonróidh siad, i gcás inarb ábhartha agus de réir mar is iomchuí, cén t-ioncam a úsáidfear agus na gníomhaíochtaí a dhéanfar chun a bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna thíolacadh i gcomhréir leis an Rialachán sin, agus a bpleananna críochach um aistriú cóir arna ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *11 ) a chur chun feidhme.

Beidh an tuairisciú mionsonraithe go leor chun a chur ar chumas an Choimisiúin measúnú a dhéanamh maidir leis an gcéad fhomhír a bheith á chomhlíonadh ag na Ballstáit.

(j) 

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 den Treoir seo chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir le huainiú, riarachán agus gnéithe eile a bhaineann le ceantáil, lena n-áirítear na módúlachtaí ceantála a bhfuil gá leo chun sciar ioncam a aistriú chuig buiséad an Aontais mar ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 30d(4) den Treoir seo nó mar acmhainní dílse i gcomhréir le hAirteagal 311, an triú mír, CFAE, chun a áirithiú go ndéantar é ar bhealach oscailte, trédhearcach, comhchuibhithe agus neamh-idirdhealaitheach. Chuige sin, beidh an próiseas intuartha, go háirithe maidir le huainiú agus seicheamhú ceantanna agus méideanna measta na lamháltas atá le cur ar fáil.’;

(k) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.  
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fheidhmiú mhargadh carbóin na hEorpa. Gach bliain, cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar fheidhmiú an mhargaidh carbóin agus faoi aon bheartas ábhartha eile aeráide nó fuinnimh, lena n-áirítear oibriú na gceantanna, an leachtacht agus na méideanna arna dtrádáil, agus ina ndéanfar achoimre ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo agus ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit maidir leis na bearta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 10a(6). Más gá, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear aon fhaisnéis ábhartha faoi bhráid an Choimisiúin dhá mhí ar a laghad sula nglacfaidh an Coimisiún an tuarascáil.’

;

(l) 

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘6.  
Déanfaidh ESMA faireachán rialta ar shláine agus trédhearcacht mhargadh carbóin na hEorpa, go háirithe maidir le luaineacht sa mhargadh agus éabhlóid praghsanna, feidhmiú na gceantanna, oibríochtaí trádála ar an mhargadh le haghaidh lamháltas astaíochtaí agus díorthaigh díobh, lena n-áirítear trádáil thar an gcuntar, leachtacht agus na méideanna a thrádáiltear, agus catagóirí agus iompraíocht trádála rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear suíomhanna idirghabhálaithe airgeadais. Áireoidh ESMA na torthaí ábhartha agus, i gcás inar gá, cuirfidh sé moltaí ina chuid measúnuithe faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach i gcomhréir le hAirteagal 32(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *12 ). Chun críocha na gcúraimí dá dtagraítear sa chéad abairt den mhír seo, comhoibreoidh ESMA agus na húdaráis inniúla ábhartha agus malartóidh siad faisnéis maidir le faisnéis mhionsonraithe faoi gach cineál idirbhirt i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *13 ).
(13) 

Leasaítear Airteagal 10a mar a leanas:

(a) 

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i) 

cuirtear na fomhíreanna seo a leanas isteach tar éis an dara fomhír:

‘Má chumhdaítear suiteáil leis an oibleagáid iniúchadh fuinnimh a dhéanamh nó corás bainistithe fuinnimh deimhnithe a chur chun feidhme faoi Airteagal 8 de Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *14 ) agus mura gcuirtear moltaí na tuarascála iniúchóireachta nó an chórais bainistithe fuinnimh dheimhnithe chun feidhme, mura rud é gur faide ná 3 bliana an t-am aisíocaíochta do na hinfheistíochtaí ábhartha nó mura rud é go bhfuil costais na n-infheistíochtaí sin díréireach, ansin déanfar méid an leithdháilte saor in aisce a laghdú 20 %. Ní laghdófar méid an leithdháilte saor in aisce má léiríonn oibreoir go bhfuil bearta eile curtha chun feidhme aige a bhfuil mar thoradh orthu laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá coibhéiseach leo siúd a mholtar sa tuarascáil iniúchóra don suiteáil lena mbaineann nó an córas bainistithe fuinnimh dheimhnithe don suiteáil lena mbaineann.

Déanfaidh an Coimisiún an Treoir seo a fhorlíonadh trí fhoráil a dhéanamh, sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo agus gan dochar do na rialacha is infheidhme faoi Threoir 2012/27/AE, do rialacha comhchuibhithe simplí riaracháin maidir le cur i bhfeidhm an tríú fomhír den mhír seo lena n-áirithítear nach ndéanfaidh cur i bhfeidhm na coinníollachta dochar do chothrom iomaíochta, do shláine comhshaoil ná do chóir chomhionann idir suiteálacha ar fud an Aontais. Leis na rialacha comhchuibhithe sin, soláthrófar go háirithe amlínte, critéir chun bearta éifeachtúlachta fuinnimh a cuireadh chun feidhme a aithint agus bearta malartacha chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus úsáid á baint as an nós imeachta le haghaidh bearta náisiúnta cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 11(1) den Treoir seo.

Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach sa tríú fomhír den mhír seo, cuirfear an laghdú 20 % dá dtagraítear san fhomhír sin i bhfeidhm i gcás nach bhfuil, faoin 1 Bealtaine 2024, oibreoirí suiteálacha a bhfuil a leibhéil astaíochtaí gás ceaptha teasa níos airde ná an 80ú peircintíl de leibhéil astaíochtaí le haghaidh na dtagarmharcanna táirgí ábhartha tar éis plean aeráidneodrachta a bhunú le haghaidh gach ceann de na suiteálacha sin dá ngníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Treoir seo. Beidh na heilimintí a shonraítear in Airteagal 10b(4) sa phlean sin agus bunófar é i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme dá bhforáiltear san Airteagal sin. Léifear Airteagal 10b(4) mar thagairt don leibhéal suiteála amháin. Fíorófar gnóthú na spriocanna agus na ngarspriocanna dá dtagraítear in Airteagal 10b(4), tríú fomhír, pointe (b), maidir leis an tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2025 agus maidir le gach tréimhse a chríochnaíonn an 31 Nollaig gach cúigiú bliain ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis na nósanna imeachta maidir le fíorú agus creidiúnú dá bhforáiltear in Airteagal 15. Ní leithdháilfear aon lamháltais saor in aisce thar 80 % mura mbeidh gnóthú na spriocanna idirmheánacha agus na ngarspriocanna fíoraithe i leith na tréimhse suas go dtí deireadh 2025 nó i leith na tréimhse ó 2026 go 2030.

Lamháltais nach leithdháiltear mar gheall ar laghdú ar leithdháileadh saor in aisce i gcomhréir leis an tríú agus leis an gcúigiú fomhír den mhír seo, úsáidfear iad chun suiteálacha a dhíolmhú ón gcoigeartú i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo. I gcás ina bhfanfaidh aon lamháltais den sórt sin, cuirfear 50 % de na lamháltais sin ar fáil chun tacú leis an nuálaíocht i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo. Cuirfear an 50 % eile de na lamháltais sin ar ceant i gcomhréir le hAirteagal 10(1) den Treoir seo agus ba cheart do na Ballstáit na hioncaim faoi seach a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar aon riosca iarmharach sceite carbóin sna hearnálacha a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956, chun tacú leis an aistriú agus chun a ndícharbónú a chur chun cinn i gcomhréir leis na rialacha maidir le Státchabhair.

Ní thabharfar aon leithdháileadh saor in aisce do shuiteálacha in earnálacha nó i bhfo-earnálacha a mhéid go gcumhdaítear iad le bearta eile chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin mar a bhunaítear le Rialachán (AE) 2023/956 + . Déanfar na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a choigeartú dá réir sin.

(ii) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

‘I gcás gach earnála agus fo-earnála, i bprionsabal, déanfar an tagarmharc a ríomh do tháirgí seachas d’ionchuir, chun laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus coigilteas éifeachtúlachta fuinnimh a uasmhéadú le linn gach próisis táirgthe den earnáil nó den fho-earnáil lena mbaineann. Chun tuilleadh dreasachtaí a sholáthar chun astaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú agus feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus chun cothrom na Féinne a áirithiú do shuiteálacha lena n-úsáidtear teicneolaíochtaí nua lena laghdaítear astaíochtaí gás ceaptha teasa go páirteach nó lena gcuirtear deireadh iomlán leo, agus suiteálacha lena n-úsáidtear teicneolaíochtaí atá ann cheana, déanfar athbhreithniú ar na tagarmharcanna ex ante uile-Aontais dá gcur i bhfeidhm sa tréimhse ó 2026 go 2030, i bhfianaise an modhnú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar shainmhínithe agus teorainneacha córas na dtagarmharcanna táirge reatha, agus aird á tabhairt mar threoirphrionsabail ar acmhainneacht úsáide ciorclaigh ábhar agus gur cheart na tagarmharcanna a bheith neamhspleách ar an mbunábhar agus ar an gcineál próisis táirgthe, i gcás ina bhfuil an cuspóir céanna ag na próisis táirgthe. Déanfaidh an Coimisiún iarracht chun na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun críche na luachanna tagarmhairc athbhreithnithe le haghaidh leithdháileadh saor in aisce a chinneadh i gcomhréir le mír 2, an tríú fomhír, a luaithe is féidir roimh thús na tréimhse ó 2026 go 2030.’;

(b) 

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘1a.  
Faoi réir chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/956, ní thabharfar aon leithdháileadh saor in aisce i ndáil le táirgeadh earraí atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, le haghaidh na chéad bhlianta tar éis Rialachán (AE) 2023/956 a chur i bhfeidhm, tairbheoidh táirgeadh na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin ó leithdháileadh saor in aisce i méideanna laghdaithe. Cuirfear fachtóir lena laghdófar an leithdháileadh saor in aisce le haghaidh tháirgeadh na n-earraí sin i bhfeidhm (an fachtóir SCCT). Beidh fachtóir SCCT cothrom le 100 % don tréimhse idir teacht i bhfeidhm an Rialacháin sin agus deireadh 2025, agus, faoi réir chur i bhfeidhm na bhforálacha dá dtagraítear in Airteagal 36(2), pointe (b), den Rialachán sin, beidh sé cothrom le 97,5 % in 2026, 95 % in 2027, 90 % in 2028, 77,5 % in 2029, 51,5 % in 2030, 39 % in 2031, 26,5 % in 2032 agus 14 % in 2033. Ó 2034 ar aghaidh, ní bheidh feidhm ag aon fhachtóir SCCT.

Déanfar an laghdú ar leithdháileadh saor in aisce a ríomh gach bliain mar an meánsciar ar an éileamh ar leithdháileadh saor in aisce le haghaidh tháirgeadh na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2023/956 + i gcomparáid leis an éileamh iomlán ar leithdháileadh saor in aisce a ríomhtar le haghaidh na suiteálacah go léir, le haghaidh na tréimhse ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 11(1) den Treoir seo. Cuirfear fachtóir SCCT i bhfeidhm sa ríomh seo.

Cuirfear leithdháiltí a leanann as an laghdú ar leithdháileadh saor in aisce ar fáil chun tacú leis an nuálaíocht i gcomhréir le mír 8.

Faoin 31 Nollaig 2024 agus mar chuid dá thuarascáil bhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 10(5) den Treoir seo, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an riosca sceite carbóin d’earraí atá faoi réir SCCT agus a tháirgtear san Aontas lena n-onnmhairiú chuig tríú tíortha nach gcuireann CTA AE ná sásra comhchosúil praghsála carbóin i bhfeidhm. Déanfar measúnú sa tuarascáil go háirithe ar an riosca sceite carbóin in earnálacha a mbeidh feidhm ag SCCT, go háirithe ról agus glacadh luathaithe hidrigine, agus na forbairtí maidir le sreabha trádála agus astaíochtaí leabaithe na n-earraí sin ar an margadh domhanda. I gcás inarb é conclúid na tuarascála go bhfuil riosca sceite carbóin ann d’earraí a tháirgtear san Aontas chun onnmhairiú chuig tríú tíortha nach gcuireann CTA AE nó sásra praghsála carbóin den chineál céanna i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin ar bhealach a chomhlíonann rialacha de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála, lena n-áirítear Airteagal XX den Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil agus a chuireann dícharbónú suiteálacha san Aontas san áireamh.’

;

(c) 

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i) 

Sa tríú fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c);

‘(c) 

Le linn na tréimhse ó 2026 go 2030, cinnfear na luachanna tagarmhairc ar an mbealach céanna a leagtar amach i bpointí (a) agus (d) den fhomhír seo, agus pointe (e) den fhomhír seo á chur san áireamh, ar bhonn faisnéis a thíolacfar de bhun Airteagal 11 le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022 agus ar bhonn an ráta bliantúil maidir le laghdú a chur i bhfeidhm i leith gach bliana idir 2008 agus 2028.’;

(ii) 

sa tríú fomhír, cuirtear na pointí seo a leanas léi:

‘(d) 

I gcás inar mó ná 2,5 % an ráta bliantúil maidir le laghdú nó i gcás inar lú ná 0,3 % é, is iad na luachanna tagarmhairc don tréimhse ó 2026 go 2030 na luachanna tagarmhairc is infheidhme sa tréimhse ó 2013 go 2020 agus iad laghdaithe de cibé ceann den dá ráta is ábhartha i leith gach bliana idir 2008 agus 2028.

(e) 

Don tréimhse ó 2026 go 2030, ní dhéanfaidh an t-athrú ar shainmhínithe tagarmhairc agus teorainneacha córais is infheidhme de bhun mhír 1, fomhír 8, difear do ráta laghdaithe bliantúil do thagarmhairc táirge do mhiotal te’;

(iii) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír:

‘De mhaolú air sin, maidir leis na luachanna tagarmhairc le haghaidh cumhránaice agus gás sintéiseach, déanfar na luachanna tagarmhairc sin a choigeartú leis an gcéatadán céanna is a dhéanfar le tagarmharcanna na scaglann d’fhonn cothroime iomaíochta a chaomhnú do tháirgeoirí na dtáirgí sin.’;

(d) 

scriostar míreanna 3 agus 4;

(e) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.  
D’fhonn cloí leis an sciar cheantála a leagtar amach in Airteagal 10, déanfar, i gcás gach bliana nach sroicheann suim na leithdháiltí saor in aisce an t-uasmhéid lena n-urramaítear an sciar cheantála, na lamháltais atá fágtha suas go dtí an méid sin a úsáid chun laghdú na leithdháiltí saor in aisce a chosc nó a theorannú d'fhonn an sciar cheantála a urramú sna blianta atá le teacht. Mar sin féin, i gcás ina sroichtear an t-uasmhéid, déanfar leithdháiltí saor in aisce a choigeartú dá réir sin. Déanfar aon choigeartú den sórt sin ar bhealach aonfhoirmeach. Mar sin féin, suiteálacha a bhfuil a leibhéil astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi bhun mheán an 10 % de na suiteálacha is éifeachtúla in earnáil nó i bhfo-earnáil san Aontas le haghaidh na dtagarmharcanna ábhartha i mbliain nuair atá feidhm ag an gcoigeartú, díolmhófar ón gcoigeartú iad.’

;

(f) 

i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Ba cheart do na Ballstáit bearta airgeadais a ghlacadh, i gcomhréir leis an dara agus leis an gceathrú fomhír den mhír seo i bhfabhar earnálacha nó fo-earnálacha atá neamhchosanta ar fhíor-riosca sceite carbóin i ngeall ar chostais shuntasacha indíreacha a thabhaítear iarbhír ó chostais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thugtar ar aghaidh i bpraghsanna leictreachais, ar choinníoll go mbeidh bearta airgeadais den sórt sin i gcomhréir le rialacha maidir leis an Státchabhair, agus go háirithe, nach ndéanfar saobhadh míchuí ar iomaíocht an mhargaidh inmheánaigh leo. Leis na bearta airgeadais arna nglacadh, níor cearta costais indíreacha a chumhdaítear le leithdháileadh saor in aisce i gcomhréir leis na tagarmharcanna a bhunaítear de bhun mhír 1 den Airteagal seo a chúiteamh. I gcás ina gcaitheann Ballstát méid níos mó ná coibhéis 25 % de na hioncaim ceantála dá dtagraítear in Airteagal 10(3) don bhliain inar tabhaíodh na costais indíreacha, déanfaidh sé na cúiseanna leis an méid sin a shárú a leagan amach.’;

(g) 

i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Ó 2021 ar aghaidh, déanfar lamháltais nach leithdháilfear de bhun mhíreanna 19, 20 agus 22 ar shuiteálacha a chur le méid na lamháltas a chuirfear ar leataobh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, an chéad abairt, den mhír seo.’;

(h) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

‘8.  
Déanfar 345 mhilliún lamháltas, ón méid a d’fhéadfaí a leithdháileadh ar shlí eile saor in aisce de bhun an Airteagail seo, agus 80 mhilliún lamháltas, ón méid a d’fhéadfaí a chur ar ceant de bhun Airteagal 10, chomh maith leis na lamháltais a leanann as an leithdháileadh saor in aisce a laghdú dá dtagraítear i mír 1a den Airteagal seo, a chur ar fáil do chiste (an ‘Ciste don Nuálaíocht’) leis an gcuspóir tacú leis an nuálaíocht i dteicnící ísealcharbóin agus saor ó charbón, próisis agus teicneolaíochtaí lena rannchuidítear go suntasach le dícharbónú na n-earnálacha a chumhdaítear leis an Treoir seo lena rannchuidítear le cuspóirí maidir le truailliú nialasach agus ciorclaíocht lena n-áirítear tionscadail a bhfuil sé mar aidhm leo uascálú a dhéanamh ar theicnící, próisis agus teicneolaíochtaí den chineál sin d’fhonn iad a chur i bhfeidhm trasna an Aontais. Beidh acmhainneacht shuntasach laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na tionscadail sin agus rannchuideofar leo le coigilt fuinnimh agus acmhainní i gcomhréir le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais do 2030.

Déanfaidh an Coimisiún lamháltais an Ciste don Nuálaíocht a thúsualú chun a áirithiú go mbeidh méid leordhóthanach acmhainní ar fáil chun nuálaíocht a chothú, lena n-áirítear uas-scálú.

Lamháltais nach n-eisítear chuig oibreoirí aerárthaigh toisc gur scoir siad dá n-oibríochtaí agus nach bhfuil gá leo chun aon easnamh i dtabhairt suas ag na hoibreoirí sin a chumhdach, úsáidfear iad chomh maith le haghaidh tacaíocht nuálaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Thairis sin, cuirfear 5 mhilliún lamháltas ar fáil ón gcainníocht dá dtagraítear in Airteagal 3c(5) agus (7) a bhaineann le leithdháiltí eitlíochta le haghaidh 2026 ar mhaithe leis an tacaíocht nuálaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Sa bhreis air sin, le 50 milliún lamháltas neamh-leithdháilte ó chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh, forlíonfar aon ioncam a bheidh fágtha ón 300 milliún lamháltas atá ar fáil sa tréimhse ó 2013 go 2020 faoi Chinneadh 2010/670/AE ón gCoimisiún ( *15 ) agus úsáidfear iad ar bhealach tráthúil le haghaidh tacaíocht nuálaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Cumhdófaí leis an gCiste don Nuálaíocht na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus III, chomh maith le táirgí agus próisis a úsáidtear in ionad cinn atá dian ó thaobh úsáid carbóin de a tháirgtear nó a úsáidtear in earnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn I, lena n-áirítear teicneolaíochtaí nuálacha fuinnimh in-athnuaite agus stórála fuinnimh agus gabháil agus úsáid carbóin (CCU) ar dhóigh atá sábháilte don chomhshaol, a chuideoidh go mór leis an athrú aeráide a mhaolú, go háirithe i gcás astaíochtaí próisis dho-sheachanta, agus chuideofaí le spreagadh a thabhairt chun tionscadail a thógáil agus a oibriú atá dírithe ar ghabháil, iompar agus stóráil (CCS) CO2 go geolaíoch, go háirithe i gcás astaíochtaí próisis thionsclaíocha dho-sheachanta, agus gabháil dhíreach CO2 ón atmaisféar le buanstóráil sábháilte agus inbhuanaithe, in áiteanna atá cothrom ó thaobh na geografaíochta de. Féadfaidh an Ciste don Nuálaíocht tacú freisin le teicneolaíochtaí nuálacha ceannródaíocha agus bonneagar nuálach ceannródaíoch, lena n-áirítear táirgeadh breoslaí ísealcharbóin agus saor ó charbón, chun na hearnálacha muirí, eitlíochta, iompar iarnróid agus iompar de bhóthar a dhícharbónú, lena n-áirítear cineálacha coiteanna iompair amhail iompar poiblí agus seirbhísí cóiste.

Maidir le heitlíocht, féadfaidh sí tacú freisin le leictriú agus le gníomhaíochtaí chun tionchair aeráide fhoriomlána na heitlíochta a laghdú.

Tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar thionscadail in earnálacha a chumhdaítear faoi Rialachán (AE) 2023/956 chun tacú leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin, CCU, CCS, fuinneamh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh, ar bhealach a chuideoidh leis an athrú aeráide a mhaolú agus é d’aidhm leis sin, thar an tréimhse ó 2021 go 2030, sciar suntasach de choibhéis i luach airgeadais na lamháltas dá dtagraítear i mír 1a, an ceathrú fomhír, den Airteagal seo a bhronnadh ar thionscadail sna hearnálacha sin. Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún glaonna ar thograí a sheoladh, roimh 2027, ar tograí iad a bheidh tiomnaithe do na hearnálacha a chumhdaítear faoin Rialachán sin.

Tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith freisin ar thionscadail lena rannchuidítear leis an earnáil mhuirí a dhícharbónú agus áireoidh sé ábhair atá tiomnaithe don chríoch sin sna glaonna ar thograí faoin gCiste don Nuálaíocht, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear chun muiriompar a leictriú, agus chun aghaidh a thabhairt ar a tionchar iomlán ar an aeráid, lena n-áirítear astaíochtaí carbóin dhuibh. Leis na glaonna ar thograí den sórt sin, sna critéir a úsáidtear chun tionscadail a roghnú, tabharfar aird ar leith freisin ar an fhéidireacht atá ann maidir le cosaint na bithéagsúlachta a mhéadú agus truailliú torainn agus uisce ó thionscadail agus infheistíochtaí a laghdú.

Féadfaidh an Ciste don Nuálaíocht, i gcomhréir le mír 8a, tacú le tionscadail trí imthairiscint iomaíoch, amhail CDanna, CCDanna nó conarthaí préimhe seasta chun tacú le teicneolaíochtaí dícharbónaithe a bhféadfadh sé nach dreasacht leordhóthanach a bheadh sa phraghas carbóin ina leith.

Lorgóidh an Coimisiún sineirgí idir an Ciste don Nuálaíocht agus Fís Eorpach, go háirithe maidir le comhpháirtíochtaí Eorpacha, agus déanfaidh sé, i gcás inarb ábhartha, sineirgí a lorg idir an Ciste don Nuálaíocht agus cláir eile de chuid an Aontais.

Beidh tionscadail i gcríoch gach Ballstáit, lena n-áirítear tionscadail ar mhionscála agus tionscadail ar mheánscála, incháilithe, agus, maidir le gníomhaíochtaí muirí, beidh tionscadail ag a mbaineann breisluach soiléir don Aontas incháilithe. Teicneolaíochtaí a gheobhaidh tacaíocht, beidh siad nuálach agus ní bheidh siad ar fáil ó thaobh tráchtála go fóill ar scála comhchosúil gan tacaíocht, ach beidh siad ina réitigh cheannródaíocha nó beidh siad aibí a ndóthain chun iad a chur i bhfeidhm ar scála réamhthráchtála.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na lamháltais atá dírithe ar an gCiste don Nuálaíocht ar ceant i gcomhréir leis na prionsabail agus leis na módúlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(4) den Treoir seo. Measfar na méideanna sin a bheith ina n-ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *16 ). Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le bearta ar faide ná aon bhliain airgeadais amháin iad a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta.

Cuirfidh an Coimisiún, arna iarraidh sin air, cúnamh teicniúil ar fáil do na Ballstáit a mbíonn éifeacht íseal lena rannpháirtíocht i dtionscadail faoin gCiste Nuálaíochta chun cur le cumas an Bhallstáit iarrthaigh tacú le hiarrachtaí thionscnóirí na dtionscadal ar a gcríoch faoi seach iarratais a chur isteach ar chistiú ón gCiste don Nuálaíocht, d’fhonn rannpháirtíocht éifeachtach gheografach sa Chiste don Nuálaíocht a fheabhsú agus cáilíocht fhoriomlán na dtionscadal arna dtíolacadh a mhéadú. Déanfaidh an Coimisiún clúdach geografach éifeachtach atá bunaithe ar cháilíocht a shaothrú i ndáil le cistiú ón gCiste don Nuálaíocht ar fud an Aontais agus áiritheoidh sé go ndéanfar faireachán cuimsitheach ar an dul chun cinn agus go ndéanfar obair leantach iomchuí air ina leith sin.

Faoi réir chomhaontú na n-iarratasóirí, tar éis dheireadh an ghlao ar thograí, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi na hiarratais ar mhaoiniú le haghaidh tionscadail ar a gcríoch faoi seach agus cuirfidh sé faisnéis mhionsonraithe ar fáil dóibh a bhaineann leis na hiarratais sin chun gur fusa do na Ballstáit tacaíocht do thionscadail a chomhordú. Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi liosta na dtionscadal réamhroghnaithe roimh dhámhachtain na tacaíochta.

Roghnófar tionscadail trí nós imeachta roghnúcháin trédhearcach, ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de i gcomhréir le cuspóirí an Chiste don Nuálaíocht mar a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo agus ar bhonn critéir oibiachtúla agus thrédhearcacha, agus aird á tabhairt ar a mhéid a rannchuidíonn tionscadail go suntasach le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais agus, ag an am céanna, leis na cuspóirí nialasacha truaillithe agus ciorclaíochta i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, agus, i gcás inarb ábhartha, ar a mhéid a rannchuidíonn tionscadail le laghduithe ar astaíochtaí a bhaint amach go mór faoi bhun na dtagarmharcanna dá dtagraítear i mír 2. Beidh d’acmhainneacht ag tionscadail go bhféadfar iad a chur i bhfeidhm go forleathan nó costais a laghdú i leith aistriú chuig geilleagair aeráidneodrach sna hearnálacha lena mbaineann. Tabharfar tosaíocht do theicneolaíochtaí nuálacha agus do phróisis lena dtugtar aghaidh ar thionchair iomadúla ar an gcomhshaol. Le tionscadail lena mbaineann CCU, léireofar glanlaghdú in astaíochtaí agus áiritheofar go ndéanfar CO2 a sheachaint nó a stóráil go buan. I gcás deontais a chuirtear ar fáil trí ghlao ar thograí, féadfar tacú le suas le 60 % de chostais ábhartha na dtionscadal agus as a measc sin ní gá suas le 40 % a bheith ag brath ar sheachaint fhíoraithe astaíochtaí gás ceaptha teasa, ar choinníoll go mbainfear amach garspriocanna réamhshocraithe, agus an teicneolaíocht atá in úsáid á cur san áireamh. I gcás tacaíocht a chuirtear ar fáil trí thairiscint iomaíoch agus i gcás tacaíocht cúnaimh teicniúil, féadfar tacú le suas le 100 % de chostais ábhartha na dtionscadal. Cuirfear san áireamh sna critéir a úsáidtear chun tionscadail a roghnú na féidearthachtaí a chuirtear ar fáil trí thionscadail chomhcheangailte maidir le hastaíochtaí a laghdú i roinnt earnálacha, lena n-áirítear i limistéir in aice láimhe.

Tionscadail arna gcistiú ag an gCiste don Nuálaíocht, cuirfear de cheangal orthu eolas a chomhroinnt le tionscadail ábhartha eile agus le taighdeoirí atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil leas dlisteanach acu. Déanfaidh an Coimisiún téarmaí na comhroinnte eolais a shainiú i nglaonna ar thograí.

Beidh na glaonna ar thograí oscailte agus trédhearcach. Agus na glaonna ar thograí á n-ullmhú aige, féachfaidh an Coimisiún lena áirithiú go gcumhdófar gach earnáil go cuí. Déanfaidh an Coimisiún bearta chun a áirithiú go gcuirfear na glaonna in iúl ar bhealach chomh forleathan agus is féidir, agus go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir le hoibriú an Chiste don Nuálaíocht, lena n-áirítear an nós imeachta agus na critéir roghnúcháin, agus na hearnálacha incháilithe agus ceanglais teicneolaíocha le haghaidh na gcineálacha éagsúla tacaíochta.

Ní bhfaighidh aon tionscadal tacaíocht tríd an sásra faoin mír seo a sháróidh 15 % de líon iomlán na lamháltas a bheidh ar fáil chun na críche sin. Cuirfear na lamháltais sin san áireamh i mír 7.

Faoin 31 Nollaig 2023 agus gach bliain ina dhiaidh sin, tuairisceoidh an Coimisiún don Choiste um Athrú Aeráide dá dtagraítear in Airteagal 22a(1) den Treoir seo maidir le cur chun feidhme an Chiste don Nuálaíocht, ina soláthrófar anailís ar thionscadail lena ndéantar cistiú a dhámhachtin, de réir earnála agus de réir Ballstáit, agus ar an rannchuidiú a mheastar a dhéanfaidh na tionscadail sin i dtreo chuspóir na haeráidneodrachta san Aontas mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus déanfaidh sé an tuarascáil sin a phoibliú.

(i) 

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

‘8a.  
Maidir le CDanna agus CCDanna arna ndámhachtain tar éis sásra um imthairiscint iomaíoch a thabhairt chun críche, soláthrófar cumhdach iomchuí tri ghealltanais bhuiséadacha a eascraíonn as fáltais ó cheantáil lamháltas atá ar fáil sa Chiste don Nuálaíocht agus féadfar na gealltanais bhuiséadacha sin a mhiondealú ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta. I gcás an chéad dá bhabhta den sásra um imthairiscint iomaíoch, déanfar cumhdach an dliteanais airgeadais a bhaineann le CDanna agus CCDanna a áirithiú go hiomlán trí leithreasuithe a thagann as na fáltais a eascraíonn as ceantáil na lamháltas a leithdháiltear ar an gCiste don Nuálaíocht de bhun mhír 8.

Ar bhonn measúnú cáilíochtúil agus cainníochtúil arna dhéanamh ag an gCoimisiún ar na rioscaí airgeadais a eascraíonn as cur chun feidhme CDanna agus CCDanna, a bheidh le déanamh tar éis an chéad dá bhabhta den sásra um imthairiscint iomaíoch a thabhairt chun críche agus gach uair is gá ina dhiaidh sin i gcomhréir le prionsabal na stuamachta, i gcas nach mbeidh rómheastachán ar shócmhainní agus ar bhrabúis le déanamh agus nach mbeidh gannmheas ar dhliteanais agus ar chaillteanais le déanamh, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an gcumhachtú san ochtú fomhír, a chinneadh gan ach cuid den dliteanas airgeadais a bhaineann le CDanna agus CCDanna trí na modhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus an chuid atá fágtha a chumhdach trí mhodh eile. Beidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún teorainn a chur le húsáid modhanna eile cumhdaigh.

I gcás inarb é conclúid an mheasúnaithe go bhfuil gá le modhanna eile cumhdaigh chun acmhainneacht iomlán CDanna agus CCDanna a bhaint amach, féachfaidh an Coimisiún le meascán cothrom de mhodhanna eile cumhdaigh a bhaint amach. De mhaolú ar Airteagal 210(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, cinnfidh an Coimisiún méid na húsáide a bhaintear as modhanna eile cumhdaigh de bhun an ghnímh tharmligthe dá bhforáiltear san ochtú fomhír den mhír seo.

Déanfar an chuid eile den dliteanas airgeadais a chumhdach go leordhóthanach, ag féachaint do phrionsabail Theideal X de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, más gá, arna n-oiriúnú do shainiúlachtaí CDanna agus CCDanna, de mhaolú ar Airteagal 209(2), pointí (d) agus (h), Airteagal 210(1), Airteagal 211(1), (2), (4) agus (6), Airteagail 212, 213 agus 214, Airteagal 218(1) agus Airteagal 219(3) agus (6) den Rialachán sin. I gcás inarb infheidhme, bunófar modhanna eile cumhdaigh, an ráta soláthair agus na maoluithe is gá i ngníomh tarmligthe dá bhforáiltear san ochtú fomhír den mhír seo.

Ní úsáidfidh an Coimisiún níos mó ná 30 % de na fáltais ó cheantáil lamháltas arna leithdháileadh ar an gCiste don Nuálaíocht de bhun mhír 8 le haghaidh soláthar do CDanna agus do CCDanna.

Ní bheidh an ráta soláthair níos ísle ná 50 % den dliteanas airgeadais iomlán arna iompar ag buiséad an Aontais do CDanna agus do CCDanna. Nuair a bheidh an ráta soláthair a bhunú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na gnéithe a d’fhéadfadh na rioscaí airgeadais do bhuiséad an Aontais a laghdú, cé is moite de na leithreasuithe atá ar fáil sa Chiste don Nuálaíocht, amhail comhroinnt fhéideartha dliteanais leis na Ballstáit ar bhonn deonach, nó sásra athárachais ón earnáil phríobháideach a d’fhéadfadh a bheith ann. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an ráta soláthair gach trí bliana ar a laghad ó dháta chur i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe a bhunaítear é den chéad uair.

D’fhonn iarratais amhantracha a sheachaint, féadfar rochtain ar thairiscint iomaíoch a bheith faoi réir íocaíocht taisce ag iarratasóirí, a bheidh le forghéilleadh i gcás nach gcomhlíonfar an conradh. Úsáidfear taiscí forghéillte den sórt sin le haghaidh an Chiste don Nuálaíocht mar ioncam sannta seachtrach de bhun Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Aon ranníocaíocht a íocfaidh tairbhí leis an údarás deonúcháin i gcomhréir le téarmaí CD nó CCD i gcás ina bhfuil an praghas tagartha níos airde ná an praghas ceangail (‘athshreabha’), úsáidfear í le haghaidh an Chiste don Nuálaíocht mar ioncam sannta seachtrach de bhun Airteagal 21(5) den Rialachán sin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 den Treoir seo chun an Treoir seo a fhorlíonadh chun foráil a dhéanamh maidir le modhanna eile cumhdaigh agus eolas a thabhairt fúthu, más ann dóibh, agus, i gcás inarb infheidhme, an ráta soláthair agus na maoluithe breise is gá ar Theideal X de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 mar a leagtar amach sa cheathrú fomhír den mhír seo, agus ina theannta sin na rialacha maidir leis an sásra um thairiscint iomaíoch a oibriú, go háirithe i ndáil le taiscí agus athshreabha.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an cúigiú fomhír den mhír seo a leasú tríd an teorainn 30 % dá dtagraítear san fhomhír sin a ardú faoi mhéid nach mó ná 20 pointe céatadáin san iomlán i gcás inar gá chun freagairt d’éileamh ar CDanna agus ar CCDanna, agus na ceachtanna a foghlaimíodh sna céad bhabhtaí den sásra um imthairiscint iomaíoch á gcur san áireamh agus i bhfianaise an ghá atá ann cothromaíocht iomchuí a aimsiú sa tacaíocht ón gCiste don Nuálaíocht idir deontais agus conarthaí den sórt sin.

Beidh tacaíocht airgeadais ón gCiste don Nuálaíocht comhréireach leis na cuspóirí beartais a leagtar amach san Airteagal seo agus ní bheidh saobhadh míchuí ar an margadh inmheánach mar thoradh uirthi. Chuige sin, ní dheonófar tacaíocht ach amháin chun costais bhreise nó rioscaí infheistíochta a chumhdach nach féidir le hinfheisteoirí a íoc faoi ghnáthdhálaí margaidh.

8b.  
Déanfar 40 milliún lamháltas, ón méid a d’fhéadfaí a leithdháileadh ar shlí eile saor in aisce de bhun an Airteagail seo, agus 10 milliún lamháltas, ón méid a d’fhéadfaí a chur ar ceant de bhun Airteagal 10 den Treoir seo, a chur ar fáil don Chiste Aeráide Sóisialta arna bhunú le Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *17 ). Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na lamháltais atá ceaptha don Chiste Aeráide Sóisialta ar ceant in 2025 i gcomhréir le prionsabail agus módúlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(4) den Treoir seo agus leis an ngníomh tarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir leis an Airteagal sin. Beidh na hioncaim ón gceantáil sin ina n-ioncaim sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, agus úsáidfear é i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leis an gCiste Aeráide Sóisialta.
(j) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 19:

‘19.  
Ní thabharfar aon leithdháileadh saor in aisce do shuiteáil a scoir de bheith ag oibriú. Suiteálacha a bhfuil an cead astaíochtaí gás ceaptha teasa dulta in éag ina leith nó ar tarraingíodh siar é ina leith agus suiteálacha nach bhfuil sé indéanta go teicniúil oibriú ná atosú na hoibríochta ina leith, measfar gur scoir siad d’oibríochtaí.’

;

(k) 

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘22.  
I gcás inar gá ceartúchán a chur i bhfeidhm ar na leithdháiltí saor in aisce arna ndeonú de bhun Airteagal 11(2), cuirfear ceartúcháin den sórt sin i gcrích le lamháltais ó mhéid na lamháltas a chuirtear ar leataobh i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo nó trí lamháltais a chur le méid na lamháltas sin.’

;

(14) 

cuirtear na fomhíreanna seo a leanas le hAirteagal 10b(4):

‘I mBallstát inar mó ná 5, ar an meán thar na blianta ó 2014 go 2018, a sciar d’astaíochtaí ó théamh ceantair d’iomlán na n-aistíóchtaí sin san Aontais, arna roinnt ar sciar OTI an Bhallstáit sin de OTI iomlán an Aontais, déanfar leithdháileadh breise saor in aisce 30 % den chainníocht arna cinneadh de bhun Airteagal 10a a thabhairt do théamh ceantair don tréimhse ó 2016 go 2030, ar choinníoll go n-infheisteofar méid arb ionann é agus luach an leithdháilte saor in aisce sin chun astaíochtaí a laghdú go suntasach roimh 2030 i gcomhréir le pleananna aeráidneodrachta dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo agus go ndearbhófar gnóthú na spriocanna agus na ngarspriocanna dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír sin leis an bhfíorú arna dhéanamh i gcomhréir leis an gceathrú fomhír den mhír seo.

Faoin 1 Bealtaine 2024, bunóidh oibreoirí téimh ceantair plean aeráidneodrachta do na suiteálacha a ndéanann siad iarratas ar leithdháileadh saor in aisce breise ina leith i gcomhréir leis an dara fomhír den mhír seo. Beidh an plean sin comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 agus leagfar amach an méid seo a leanas ann:

(a) 

bearta agus infheistíochtaí chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar leibhéal na suiteála nó ar leibhéal na cuideachta, gan úsáid creidmheasanna fritháirithe carbóin a chur san áireamh;

(b) 

spriocanna idirmheánacha agus garspriocanna le tomhas a dhéanamh, faoin 31 Nollaig 2025 agus faoin 31 Nollaig gach cúigiú bliain ina dhiaidh sin, ar an dul chun cinn a rinneadh i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach mar a leagtar amach i bpointe (a) den fhomhír seo;

(c) 

meastachán ar thionchar gach ceann de na bearta agus infheistíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo maidir leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa.

Fíorófar gnóthú na spriocanna agus na ngarspriocanna dá dtagraítear sa tríú fomhír, pointe (b), den mhír seo, maidir leis an tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2025 agus maidir le gach tréimhse a chríochnaíonn an 31 Nollaig gach cúigiú bliain ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis na nósanna imeachta maidir le fíorú agus creidiúnú dá bhforáiltear in Airteagal 15. Ní leithdháilfear aon lamháltais saor in aisce thar an méid dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo mura mbeidh gnóthú na spriocanna idirmheánacha agus na ngarspriocanna fíoraithe i leith na tréimhse suas go dtí deireadh 2025 nó i leith na tréimhse ó 2026 go 2030.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun sonrú a dhéanamh ar íosmhéid inneachair na faisnéise dá dtagraítear sa tríú fomhír, i bpointe (a), (b) agus (c) den mhír seo, agus ar fhormáid na bpleananna aeráidneodrachta dá dtagraítear san fhomhír sin agus in Airteagal 10a(1), an cúigiú fomhír. Lorgóidh an Coimisiún sineirgí le pleananna comhchosúla dá bhforáiltear i ndlí an Aontais. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(a)2.’;

(15) 

in Airteagal 10c, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7.  
Ceanglóidh na Ballstáit ar shuiteálacha giniúna leictreachais agus ar oibreoirí líonra is tairbhithe tuarascáil a thabhairt, faoin 28 Feabhra gach bliain, maidir le cur chun feidhme a n-infheistíochtaí roghnaithe, lena n-áirítear iarmhéid an leithdháilte saor in aisce agus an chaiteachais infheistíochta a tabhaíodh agus na cineálacha infheistíochtaí a dtacaítear leo. Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún maidir leis sin, agus cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha sin ar fáil don phobal.’

;

(16) 

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 10ca

Spriocdháta níos luaithe le haghaidh leithdháileadh saor in aisce idirthréimhseach chun an earnáil fuinnimh a nuachóiriú

De mhaolú ar Airteagal 10c, ní fhéadfaidh na Ballstáit lena mbaineann leithdháileadh saor in aisce idirthréimhseach a thabhairt ach amháin do shuiteálacha i gcomhréir leis an Airteagal sin maidir le hinfheistíochtaí arna ndéanamh go dtí an 31 Nollaig 2024. Maidir le haon lamháltais atá ar fáil do na Ballstáit lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 10c don tréimhse ó 2021 go 2030 agus nach n-úsáidtear le haghaidh infheistíochtaí den sórt sin iad, déanfar an méid seo a leanas, sa chion a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann:

(a) 

cuirfear iad le cainníocht iomlán na lamháltas a chuirfidh an Ballstát lena mbaineann ar ceant de bhun Airteagal 10(2); nó

(b) 

úsáidfear iad chun tacú le hinfheistíochtaí faoi chuimsiú an Chiste don Nuachóiriú dá dtagraítear in Airteagal 10d, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leis an ioncam ó lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 10d(4).

Faoin 15 Bealtaine 2024, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoi mhéideanna na lamháltas faoi seach atá le húsáid faoi Airteagal 10(2), an chéad fhomhír, pointe (a), agus, de mhaolú ar Airteagal 10d(4), an dara habairt, faoi Airteagal 10d.’

;

(17) 

leasaítear Airteagal 10d mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.  
Bunófar ciste chun tacú le hinfheistíochtaí atá beartaithe ag na Ballstáit is tairbhithe, lena n-áirítear tionscadail infheistíochta ar mhionscála a mhaoiniú, chun córais fuinnimh a nuachóiriú agus chun an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú don tréimhse ó 2021 go 2030 (an ‘Ciste don Nuachóiriú’). Maoineofar an Ciste don Nuachóiriú trí lamháltais a chur ar ceant mar a leagtar amach in Airteagal 10, le haghaidh na mBallstát is tairbhithe a leagtar amach ann.

Beidh na hinfheistíochtaí sin a fhaigheann tacaíocht ag teacht le haidhmeanna na Treorach seo, chomh maith le cuspóirí na teachtaireachta ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus Rialachán (AE) 2021/1119 agus leis na cuspóirí fadtéarmacha a leagtar síos i gComhaontú Pháras. Féadfaidh na Ballstáit is tairbhithe, i gcás inarb iomchuí, acmhainní an Chiste don Nuachóiriú a úsáid chun infheistíochtaí a mhaoiniú lena mbaineann réigiúin teorann an Aontais in aice láimhe. Ní chuirfear aon tacaíocht ón gCiste don Nuachóiriú ar fáil do shaoráidí giniúna fuinnimh a úsáideann breoslaí iontaise. Mar sin féin, féadfar ioncam ó lamháltais arna gcumhdach le fógra de bhun mhír 4 den Airteagal seo a úsáid le haghaidh infheistíochtaí lena mbaineann breoslaí iontaise gásacha.

Ina theannta sin, maidir le hioncam ó lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 10(1), an tríú fomhír, den Treoir seo, i gcás ina gcáilíonn an ghníomhaíocht mar ghníomhaíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *18 ) agus ina bhfuil údar cuí léi ar chúiseanna a bhaineann le slándáil fuinnimh a áirithiú, féadfar é a úsáid le haghaidh infheistíochtaí lena mbaineann breoslaí iontaise gásacha ar choinníoll, chun fuinneamh a ghiniúint, go gcuirfear na lamháltais ar ceant roimh an 31 Nollaig 2027 agus, maidir le hinfheistíochtaí lena mbaineann úsáidí iartheachtacha gáis, go gcuirfear na lamháltais ar ceant roimh an 31 Nollaig 2028.

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.  

Úsáidfear 80 % ar a laghad den ioncam ó lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 10(1), an tríú fomhír, agus ó lamháltais a chumhdaítear le fógra de bhun mhír 4 denAirteagal seo, agus 90 % ar a laghad den ioncam ó lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 10(1), an ceathrú fomhír, chun tacú le hinfheistíochtaí sna nithe seo a leanas:

(a) 

leictreachas a ghiniúint agus a úsáid ó fhoinsí in-athnuaite, lena n-áirítear hidrigin inathnuaite;

(b) 

téamh agus fuarú ó fhoinsí in-athnuaite;

(c) 

úsáid fhoriomlán fuinnimh a laghdú trí éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear sa tionscal, san iompar, i bhfoirgnimh, sa talmhaíocht agus i gcúrsaí dramhaíola;

(d) 

stóráil fuinnimh agus nuachóiriú líonraí fuinnimh, lena n-áirítear bainistiú ar éileamh, píblínte téimh ceantair, eangacha le haghaidh traschur leictreachais, méadú ar idirnaisc idir na Ballstáit agus bonneagar le haghaidh soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha;

(e) 

tacú le teaghlaigh ar ioncam íseal, lena n-áirítear i gceantair thuaithe agus i gceantair iargúlta, chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh agus chun a gcórais téimh a nuachóiriú; agus

(f) 

aistriú cóir i réigiúin, sna Ballstáit is tairbhithe, a bhíonn ag brath ar an gcarbón, chun tacú le hath-imlonnú, le hathoiliúint agus le breisoiliúint oibrithe, leis an oideachas, le tionscnaimh cuardaithe poist agus le gnólachtaí nuathionscanta, agus in idirphlé leis an tsochaí shibhialta agus comhpháirtithe sóisialta, ar bhealach atá comhsheasmhach le gníomhaíochtaí ábhartha arna n-áireamh ag na Ballstáit ina bpleananna críochacha um aistriú cóir i gcomhréir le hAirteagal 8(2), an chéad fhomhír, pointe (k), de Rialachán (AE) 2021/1056, i gcás inarb ábhartha’

;

(c) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 11:

‘11.  
Tuairisceoidh an coiste infheistíochta ar bhonn bliantúil don Choimisiún ar an taithí a fuarthas agus infheistíochtaí á measúnú aige, go háirithe maidir le laghduithe ar astaíochtaí agus costais laghdaithe. Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na réimsí a bhaineann leis na tionscadail dá dtagraítear i mír 2, agus torthaí an choiste infheistíochta á gcur san áireamh aige, agus déanfaidh sé athbhreithniú freisin ar an mbunús atá le moltaí an choiste infheistíochta.

Déanfaidh an coiste infheistíochta socrú chun go bhfoilseofar an tuarascáil bhliantúil. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil bhliantúil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.’

;

(18) 

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 10f

An prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’

Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, úsáidfidh na Ballstáit is tairbhithe agus an Coimisiún an t-ioncam a ghintear ó cheantáil na lamháltas atá ceaptha don Chiste don Nuálaíocht de bhun Airteagal 10a(8) den Airteagal seo, agus ó na lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 10(1), an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír, den Treoir seo i gcomhréir leis na critéir ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a leagtar amach in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852, i gcás ina n-úsáidtear ioncam den sórt sin le haghaidh gníomhaíocht eacnamaíoch ar bunaíodh critéir scagtha theicniúla ina leith chun a chinneadh cibé an ndéanann gníomhaíocht eacnamaíoch dochar suntasach do cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí comhshaoil ábhartha de bhun Airteagal 10(3), pointe (b), den Rialachán sin.’

;
(19) 

in Airteagal 11(2) cuirtear ‘30 Meitheamh’ in ionad an dáta ‘28 Feabhra’;

(20) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil IV:

‘Forálacha a bhaineann leis an Eitlíocht, leis an Muiriompair agus le Suiteálacha Do-aistrithe’;

(21) 

leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.  
Áiritheoidh na Ballstáit go n-aithneofar na lamháltais arna n-eisiúint ag údarás inniúil Bhallstáit eile chun oibleagáidí oibreora, oibreora aerárthaigh nó cuideachta loingseoireachta faoi mhír 3 a chomhlíonadh.’

;

(b) 

scriostar mír 2a;

(c) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.  

Áiritheoidh na Ballstáit, na Ballstáit riaracháin agus na húdaráis riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta, faoin 30 Meán Fómhair gach bliain ar a dhéanaí, na rudaí seo a leanas:

(a) 

go dtabharfaidh oibreoir gach suiteála méid áirithe lamháltas suas, atá cothrom leis na hastaíochtaí iomlána ón tsuiteáil sin le linn na bliana féilire roimhe sin mar a fhíoraítear i gcomhréir le hAirteagal 15;

(b) 

go dtabharfaidh oibreoir aerárthaigh méid áirithe lamháltas suas, atá cothrom lena astaíochtaí iomlána le linn na bliana féilire roimhe sin mar a fhíoraítear i gcomhréir le hAirteagal 15;

(c) 

go dtabharfaidh cuideachta loingseoireachta méid áirithe lamháltas suas, atá cothrom lena hastaíochtaí iomlána le linn na bliana féilire roimhe sin mar a fhíoraítear i gcomhréir le hAirteagal 3ge.

Áiritheoidh na Ballstáit, na Ballstáit riaracháin agus na húdaráis riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta, go ndéanfar lamháltais a thabharfar suas i gcomhréir leis an gcéad fhomhír a chur ar ceal ina dhiaidh sin.’

;

(d) 

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 3:

‘3-e.  
De mhaolú ar mhír 3, an chéad fhomhír, pointe (c), féadfaidh cuideachtaí loingseoireachta 5 % níos lú lamháltas a thabhairt suas ná a n-astaíochtaí fíoraithe a scaoilfear go dtí an 31 Nollaig 2030 ó longa aicme oighir, ar choinníoll go bhfuil aicme oighir IA nó IA Super nó aicme oighir choibhéiseach ag longa den sórt sin, atá bunaithe ar Mholadh HELCOM 25/7.

I gcás ina dtabharfar suas níos lú lamháltas i gcomparáid leis na hastaíochtaí fíoraithe, a luaithe a dhéanfar an difríocht idir na hastaíochtaí fíoraithe agus na lamháltais a thugtar suas i leith gach bliana a shuí, cuirfear an méid lamháltas lena gcomhfhreagraítear don difríocht sin ar ceal seachas ar ceant de bhun Airteagal 10.

3-d.  
De mhaolú ar mhír 3, an chéad fhomhír, pointe (c), den Airteagal seo agus d’Airteagal 16, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do Bhallstát, a fhoráil trí bhíthin gníomh cur chun feidhme go bhfuil na Ballstáit le meas go bhfuil na ceanglais a leagtar amach sna forálacha sin comhlíonta agus níl siad le haon ghníomh a dhéanamh i gcoinne cuideachtaí loingseoireachta i leith astaíochtaí a scaoilfear go dtí an 31 Nollaig 2030 ó mhuiraistir a dhéanann longa paisinéirí, seachas longa cúrsála, ná a dhéanann longa ro-pax, idir calafort oileáin atá faoi dhlínse an Bhallstáit iarrthaigh sin, nach bhfuil aon nasc bóthair ná iarnróid aige leis an mórthír agus ar lú a dhaonra ná 200 000 buanchónaitheoir de réir na sonraí is fearr agus is déanaí atá ar fáil ó 2022, agus calafort atá faoi dhlínse an Bhallstáit chéanna sin, ná ó na gníomhaíochtaí, laistigh de chalafort, ó longa den sórt sin i ndáil le muiraistir den sórt sin.

Foilseoidh an Coimisiún liosta de na hoileáin dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus de na calafoirt lena mbaineann agus coimeádfaidh sé an liosta sin cothrom le dáta.

3-c.  
De mhaolú ar mhír 3, an chéad fhomhír, pointe (c), den Airteagal seo agus d’Airteagal 16, déanfaidh an Coimisiún, ar iarraidh chomhpháirteach ó dhá Bhallstát, ceann díobh nach bhfuil teorainn talún le Ballstát eile aige agus arb é an Ballstát eile an Ballstát is gaire go geografach don Bhallstát nach bhfuil teorainn talún den sórt sin aige, a fhoráil trí bhíthin gníomh cur chun feidhme go bhfuil na Ballstáit le meas go bhfuil na ceanglais a leagtar amach sna forálacha sin comhlíonta agus níl siad le haon ghníomh a dhéanamh i gcoinne cuideachtaí loingseoireachta i leith astaíochtaí a scaoilfear go dtí an 31 Nollaig 2030, ó mhuiraistir a dhéanann longa paisinéirí ná longa ro-pax faoi chuimsiú conradh seirbhíse poiblí trasnáisiúnta ná oibleagáid seirbhíse poiblí trasnáisiúnta, a leagtar amach san iarraidh chomhpháirteach, lena nasctar an dá Bhallstát, ná ó na gníomhaíochtaí, laistigh de chalafort, ó longa den sórt sin i ndáil le muiraistir den sórt sin.
3-b.  
Ní thiocfaidh oibleagáid maidir le lamháltais a thabhairt suas chun cinn i leith astaíochtaí a scaoilfear go dtí an 31 Nollaig 2030 ó mhuiraistir idir calafort atá lonnaithe i réigiún forimeallach Ballstáit agus calafort atá lonnaithe sa Bhallstát céanna, lena n-áirítear muiraistir idir calafoirt laistigh de réigiún is forimeallaí agus muiraistir idir calafoirt sna réigiún is forimeallaí den Bhallstát céanna, ná ó na gníomhaíochtaí, laistigh de chalafort, ó longa den sórt sin i ndáil le muiraistir den sórt sin.’

;

(e) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3-a:

‘3-a.  
I gcás inar gá agus chomh fada agus is gá, chun sláine comhshaoil CTA AE a chosaint, beidh toirmeasc ar oibreoirí, oibreoirí aerárthaigh agus ar chuideachtaí loingseoireachta in CTA AE ó lamháltais a úsáid arna n-eisiúint ag Ballstát ar ina leith atá oibleagáidí ag dul i léig i gcás oibreoirí, oibreoirí aerárthaigh, agus cuideachtaí loingseoireachta. Cuimseofar sna ghníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 19(3) na bearta riachtanacha sna cásanna dá dtagraítear sa mhír seo.’

;

(f) 

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘3b.  
Ní thiocfaidh oibleagáid chun cinn i dtaobh lamháltais a thabhairt suas i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa a mheastar a bheith gafa agus úsáidte sa chaoi is go bhfuil siad ceangailte go ceimiceach go buan i dtáirge ionas nach dtéann siad isteach san atmaisféar faoin ngnáthúsáid a bhaintear astu, lena n-áirítear aon ghnáthghníomhaíocht a dhéanfar tar éis dheireadh ré an táirge.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir leis na ceanglais chun a mheas go bhfuil gáis ceaptha teasa ceangailte go ceimiceach go buan dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.’

;

(g) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.  
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirtear na lamháltais ar ceal ag aon tráth arna iarraidh sin don duine a bhfuil siad ina seilbh aige. I gcás ina ndúntar toilleadh giniúna leictreachais ina gcríoch féin i ngeall ar bhearta náisiúnta eile, féadfaidh Ballstáit lamháltais a chealú, agus moltar go láidir dóibh déanamh amhlaidh, ó chainníocht iomlán na lamháltas a bheidh le cur ar ceant acu dá dtagraítear in Airteagal 10(2) suas go méid a chomhfhreagraíonn do mheán-astaíochtaí fíoraithe na suiteála lena mbaineann thar thréimhse 5 bliana roimh an dúnadh. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoin gcealú atá beartaithe, nó faoi na cúiseanna nach ndéantar cealú, i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(4).’

;

(22) 

In Airteagal 14(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann leis na socruithe mionsonraithe chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí agus, i gcás inarb ábhartha, ar shonraí gníomhaíochta, ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo, agus ar éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 ar aerbhealaí a ndéantar astaíochtaí a thuairisciú ina leith faoin Treoir seo, a bheidh bunaithe ar na prionsabail a bhaineann le faireachán agus tuairisciú a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir seo agus ar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 2 agus 5 den Airteagal seo. Sonrófar sna gníomhartha cur chun feidhme sin freisin acmhainneacht téite domhanda gach gáis cheaptha teasa agus cuirfear san áireamh iontu eolas eolaíoch atá cothrom le dáta maidir le héifeachtaí astaíochtaí eitlíochta neamh-CO2 sna ceanglais maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na hastaíochtaí sin agus ar a n-éifeachtaí, lena n-áirítear éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2. Déanfar foráil leis na gníomhartha cur chun feidhme sin do chur i bhfeidhm na critéir inbhuanaitheachta agus coigiltis astaíochtaí gás ceaptha teasa maidir le húsáid bhithmhaise a bhunaítear le Treoir (AE) 2018/2001, le haon choigeartú is gá lena gcur i bhfeidhm faoin Treoir seo, chun go mbeidh bithmhais den sórt sin nialas-rátaithe. Sonrófar iontu an chaoi le haghaidh stóráil astaíochtaí ó mheascán d’fhoinsí atá nialas-rátaithe agus foinsí nach bhfuil nialas-rátaithe a chur san áireamh. Sonrófar iontu freisin conas le hastaíochtaí ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a chur san áireamh, lena n-áirithítear go gcuirfear astaíochtaí den sórt sin san áireamh agus go seachnófar an t-áireamh dúbailte.’;

(23) 

Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseofar ainmneacha na n-oibreoirí, na n-oibreoirí aerárthaigh agus na gcuideachtaí loingseoireachta a dhéanann sárú ar na ceanglais i leith lamháltais leordhóthanacha a thabhairt suas faoin Treoir seo.’

;

(b) 

i mír 3, cuirtear ‘30 Meán Fómhair’ in ionad an dáta ‘30 Aibreán’;

(c) 

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘3a.  
Cuirfear na pionóis a leagtar amach i mír 3 i bhfeidhm freisin i leith cuideachtaí loingseoireachta.’

;

(d) 

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘11a.  
I gcás cuideachta loingseoireachta a mhainnigh na hoibleagáidí maidir le tabhairt suas a chomhlíonadh ar feadh dhá thréimhse tuairiscithe i ndiaidh a chéile nó níos mó, agus i gcás inar mhainnigh ag bearta forfheidhmiúcháin eile comhlíontadh a áirithiú, féadfaidh údarás inniúil Bhallstát an chalafoirt teacht isteach, tar éis dó an deis a thabhairt don chuideachta loingseoireachta lena mbaineann a barúlacha a thíolacadh, ordú díbeartha a eisiúint, a dtabharfar fógra ina leith don Choimisiún, don Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA), do na Ballstáit eile agus don Bhratstát lena mbaineann. De thoradh ordú díbeartha den sórt sin a eisiúint, diúltóidh gach Ballstát, cé is moite den Bhallstát a bhfuil a bhratach ar foluain ag an long, cead isteach in aon cheann dá chalafoirt do longa atá faoi fhreagracht na cuideachta loingseoireachta lena mbaineann go dtí go gcomhlíonfaidh an chuideachta loingseoireachta a hoibleagáidí tabhairt suas i gcomhréir le hAirteagal 12. I gcás ina bhfuil brat Ballstáit ar foluain ag an long agus ina dtagann sí isteach nó ina bhfaightear í i gcalafort dá chuid, coinneoidh an Ballstát lena mbaineann an long sin, i ndiaidh an deis a thabhairt don chuideachta loingseoireachta lena mbaineann a barúlacha a thíolacadh, go dtí go gcomhlíonfaidh an chuideachta loingseoireachta a hoibleagáidí tabhairt suas.

I gcás ina ina bhfaightear long de chuid cuideachta loingseoireachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gceann de na calafoirt de chuid an Bhallstáit a bhfuil a bhratach ar foluain ag an long sin, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann, tar éis deis a thabhairt don chuideachta loingseoireachta lena mbaineann a barúlacha a thíolacadh, ordú coinneála an Bhratstáit a eisiúint go dtí go gcomhlíonfaidh an chuideachta loingseoireachta a hoibleagáidí tabhairt suas. Cuirfidh sé an Coimisiún, EMSA agus na Ballstáit eile ar an eolas ina thaobh sin. Mar thoradh ar ordú coinneála an Bhratstáit sin a eisiúint, déanfaidh gach Ballstát na bearta céanna agus a cheanglaítear tar éis ordú díbeartha a eisiúint i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, an dara habairt.

Ní dochar an mhír seo do rialacha idirnáisiúnta muirí is infheidhme i gcás longa atá i nguais.’

;

(24) 

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18b:

‘Airteagal 18b

Cúnamh ón gCoimisiún, ó EMSA agus ó eagraíochtaí ábhartha eile

1.  
Chun críoch a oibleagáidí faoi Airteagal 3c(4) agus Airteagail 3g, 3gd, 3ge, 3gf, 3gg agus 18a a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún, an Ballstát riaracháin agus údaráis riaracháin maidir le cuideachta loingseoireachta, cúnamh a iarraidh ar EMSA nó ar eagraíochta ábhartha eile agus féadfaidh siad aon chomhaontú iomchuí a thabhairt i gcrích leis na heagraíochtaí sin chun na críche sin.
2.  
Féachfaidh an Coimisiún, agus cúnamh á fháil aige ó EMSA, le huirlisí agus treoir iomchuí a fhorbairt chun gníomhaíochtaí fíoraithe agus forfheidhmiúcháin a bhaineann le cur i bhfeidhm na Treorach seo maidir le muiriompar a éascú agus a chomhordú. A mhéid is indéanta, cuirfear an treoir agus na huirlisí sin ar fáil do na Ballstáit agus do na fíoraitheoirí chun críoch faisnéis a chomhroinnt agus chun forfheidhmiú láidir na mbeart náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo a áirithiú ar bhonn níos fearr.’

;

(25) 

leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3c(6), Airteagal 3d(3), Airteagal 10(4), Airteagal 10a(1), (8) agus (8a), Airteagal 10b(5), Airteagal 12(3b), Airteagal 19(3), Airteagal 22, Airteagal 24(3), Airteagal 24a(1), Airteagal 25a(1), Airteagal 28c agus Airteagal 30j(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 8 Aibreán 2018.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3c(6), Airteagal 3d(3), Airteagal 10(4), Airteagal 10a(1), (8) agus (8a), Airteagal 10b(5), Airteagal 12(3b), Airteagal 19(3), Airteagal 22, Airteagal 24(3), Airteagal 24a(1), Airteagal 25a(1), Airteagal 28c agus Airteagal 30j(1) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.’

;

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3c(6), Airteagal 3d(3), Airteagal 10(4), Airteagal 10a(1) (8) ná (8a), Airteagal 10b(5) Airteagal 12(3b), Airteagal 19(3), Airteagal 22, Airteagal 24(3), Airteagal 24a(1), Airteagal 25a(1), Airteagal 28c ná Airteagal 30j(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh sé curtha in iúl don Choimisiún ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’

;

(26) 

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29:

‘Airteagal 29

Tuarascáil chun feidhmiú níos fearr an mhargaidh carbóin a áirithiú

Má tá fianaise sna tuarascálacha rialta ar an margadh carbóin dá dtagraítear in Airteagal 10(5) agus (6) nach bhfuil an margadh carbóin ag feidhmiú mar is ceart, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle laistigh de thréimhse 3 mhí. Féadfar tograí reachtacha a bheith ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inarb iomchuí, arb é is aidhm dóibh trédhearcacht agus sláine an mhargaidh carbóin a mhéadú, lena n-áirítear margaí díorthach gaolmhara, agus aghaidh a thabhairt ar na bearta ceartaitheacha chun feidhmiú an mhargaidh a fheabhsú, chomh maith le feabhas a chur ar chosc agus ar bhrath gníomhaíochtaí drochúsáide margaidh.’

;
(27) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29a:

‘Airteagal 29a

Bearta i gcás luaineachtaí iomarcacha ar phraghsanna

1.  
Más mó meánphraghas lamháltais don 6 mhí féilire roimhe sin ná 2,4 oiread mheánphraghas lamháltais na tréimhse tagartha don 2 bhliain roimhe sin, scaoilfear 75 mhilliún lamháltas ó chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh i gcomhréir le hAirteagal 1(7) de Chinneadh (AE) 2015/1814.

Is éard a bheidh sa phraghas lamháltais dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, i gcás lamháltas a chumhdaítear i gCaibidil II agus i gCaibidil III, praghas na gceantanna a dhéantar i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe a glacadh de bhun Airteagal 10(4.)

Is éard a bheidh sa tréimhse thagartha 2 bhliain roimhe sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír an tréimhse 2 bhliain a chríochnaíonn roimh an gcéad mhí den tréimhse 6 mhí féilire dá dtagraítear san fhomhír sin.

I gcás ina gcomhlíontar an coinníoll sa chéad fhomhír den mhír seo agus nach bhfuil mír 2 infheidhme, foilseoidh an Coimisiún fógra chuige sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina léireofar an dáta ar a comhlíonadh an coinníoll.

Foilseoidh an Coimisiún, laistigh de na chéad 3 lá oibre de gach mí, meánphraghas lamháltais don na 6 mhí féilire roimhe sin agus meánphraghas lamháltais na tréimhse tagartha don 2 bhliain roimhe sin. Mura ndéanfar an coinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chomhlíonadh, foilseoidh an Coimisiún freisin an leibhéal a mbeadh ar an meánphraghas an lamháltais a shroicheadh sa mhí dár gcionn chun an coinníoll dá dtagraítear sa mhír sin a chomhlíonadh.

2.  
Nuair a chomhlíonfar an coinníoll maidir le scaoileadh lamháltas ó chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh de bhun mhír 1, ní mheasfar an coinníoll dá dtagraítear sa mhír sin a bheith comhlíonta arís go dtí 12 mhí ar a laghad tar éis dheireadh an scaoilte roimhe sin.
3.  
Leagfar síos na socruithe mionsonraithe chun na mbeart dá dtagraítear i mír 1 agus 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 10(4).’

;

(28) 

Leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.  
Coinneofar an Treoir seo faoi athbhreithniú i bhfianaise forbairtí idirnáisiúnta agus iarrachtaí atá déanta chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras a bhaint amach, lena n-áirítear aon ghealltanais ábhartha mar thoradh ar Chomhdháil Pháirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide.’

;

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.  
Coinneofar faoi athbhreithniú freisin na bearta lena dtacaítear le tionscail áirithe dianfhuinnimh a d’fhéadfadh a bheith faoi réir sceitheadh carbóin dá dtagraítear in Airteagail 10a agus 10b den Treoir seo, i bhfianaise bearta beartais aeráide i mórgheilleagair eile. Sa chomhthéacs seo, measfaidh an Coimisiún freisin ar cheart bearta i ndáil leis an gcúiteamh as costais neamhdhíreacha a chomhchuibhiú tuilleadh. Leanfar d’athbhreithniú a dhéanamh ar na bearta is infheidhme i leith earnálacha SCCT i bhfianaise chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/956. Roimh an 1 Eanáir 2028, agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, mar chuid dá thuarascálacha chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 30(6) den Rialachán sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thionchar SCCT ar an riosca sceite carbóin, lena n-áirítear i ndáil le honnmhairí.

Measúnófar sa tuarascáil an gá atá le bearta breise a dhéanamh, lena n-áirítear bearta reachtacha, chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sceite carbóin. Beidh tograí reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.’

;

(c) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.  
Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i gcomhthéacs gach athbhreithnithe dhomhanda atá comhaontaithe faoi Chomhaontú Pháras, go háirithe maidir leis an ngá atá le beartais agus bearta breise an Aontais i bhfianaise na laghduithe ar gháis ceaptha teasa nach foláir don Aontas agus do na Ballstát a dhéanamh, lena n-áirítear i ndáil leis an bhfachtóir líneach dá dtagraítear in Airteagal 9 den Airteagal seo. Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun an Treoir seo a leasú, go háirithe chun a áirithiú go gcomhlíonfar an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar síos in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 agus spriocanna aeráide an Aontais a leagtar síos in Airteagal 4 den Rialachán sin. Agus a thogra reachtacha á chur i dtoll a chéile aige, déanfaidh an Coimisiún, chuige sin, inter alia, breithniú ar bhuiséad táscach réamh-mheasta gás ceaptha teasa an Aontais don tréimhse ó 2030 go 2050 dá dtagraítear in Airteagal 4(4) den Rialachán sin.’

;

(d) 

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

‘5.  

Faoin 31 Iúil 2026, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar na hábhair seo a leanas, a mbeidh, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach agus measúnú tionchair ag gabháil leo:

(a) 

an chaoi a bhféadfaí astaíochtaí diúltacha a eascraíonn ó gháis ceaptha teasa a aistrítear as an atmaisféar agus a stóráiltear go buan a chur i gcuntas agus an chaoi a bhféadfaí na hastaíochtaí diúltacha sin a chumhdach le trádáil astaíochtaí, más iomchuí, lena n-áirítear raon feidhme soiléir agus critéir dhochta le haghaidh cumhdach den sórt sin agus coimircí dochta chun a áirithiú nach mbeidh na laghduithe riachtanacha ar astaíochtaí á bhfritháireamh ag na haistrithe sin i gcomhréir le spriocanna aeráide an Aontais mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119.

(b) 

a indéanta atá sé ísliú a dhéanamh ar na tairseacha ionchuir theirmigh rátaithe iomláin 20 MW do na gníomhaíochtaí in Iarscríbhinn I ó 2031 ar aghaidh;

(c) 

cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil astaíochtaí gás ceaptha teasa uile a chumhdaítear leis an Treoir seo curtha i gcuntas go héifeachtach, agus cibé acu an ndéantar nó nach ndéantar áireamh dúbailte a sheachaint go héifeachtach; go háirithe, déanfaidh sé measúnú ar chuntasaíocht na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a mheastar a bheith gafa agus úsáidte i dtáirge ar bhealach seachas an bealach dá dtagraítear in Airteagal 12(3b).

6.  
Agus athbhreithniú á dhéanamh ar an Treoir seo, i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún anailís ar conas is féidir naisc idir CTA AE agus margaí carbóin eile a chur ar bun gan bac a chur ar an gcuspóir aeráidneodrachta ná ar spriocanna aeráide an Aontais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach.
7.  
Faoin 31 Iúil 2026, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfaidh sé measúnú ar a indéanta atá sé suiteálacha loiscthe dramhaíola cathrach a áireamh in CTA AE, lena n-áirítear d’fhonn iad a áireamh ó 2028 ar aghaidh agus ina ndéanfar measúnú ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le rogha a bheith ag Ballstát diúltú don rogha sin go dtí an31 Nollaig 2030. Ina leith sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh a thábhachtaí atá na hearnálacha uile a rannchuidíonn le laghduithe astaíochtaí agus leis an atreorú dramhaíola féideartha i dtreo diúscairt trí líonadh talún san Aontas agus trí onnmhairí dramhaíola chuig tríú tíortha. Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh critéir ábhartha amhail na héifeachtaí ar an margadh inmheánach, saobhadh féideartha iomaíochta, sláine comhshaoil, ailíniú le cuspóirí Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *19 ) agus stóinseacht agus cruinneas maidir le faireachán agus ríomh a dhéanamh ar astaíochtaí. Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí agus gan dochar d’Airteagal 4 den Treoir sin, togra reachtach a thíolacadh a bheidh ag gabháil leis an tuarascáil chun forálacha na Caibidle seo a chur i bhfeidhm maidir le ceadanna astaíochtaí gás ceaptha teasa agus leithdháileadh agus eisiúint lamháltas breise i leith suiteálacha loiscthe dramhaíola cathrach, agus chun atreorú dramhaíola féideartha a chosc.

Sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar an bhféidearthacht próisis eile bainistithe dramhaíola a áireamh in CTA AE, go háirithe líonadh talún lena gcruthaítear meatán agus astaíochtaí ocsaíde nítriúla san Aontas. Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur leis an tuarascáil sin freisin chun próisis eile bainistithe dramhaíola den sórt sin a áireamh in CTA AE.

(29) 

cuirtear an Chaibidil seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 30:

‘Caibidil Iva

Córas Trádála Astaíochtaí le hAghaidh EarnáiL na bhFoirgneamh, Earnáil an Iompair de Bhóthar agus Earnálacha Breise

Airteagal 30a

Raon feidhme

Beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo i leith astaíochtaí, ceadanna astaíochtaí gás ceaptha teasa, eisiúint agus tabhairt suas lamháltas, faireachán, tuairisciú agus fíorú i leith na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn III. Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le haon astaíocht a chumhdaítear le Caibidlí II ná III.

Airteagal 30b

Ceadanna astaíochtaí gás ceaptha teasa

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit, ón 1 Eanáir 2025, nach ndéanfaidh aon eintiteas rialáilte an ghníomhaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn III mura rud é go bhfuil cead arna eisiúint ag údarás inniúil i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo ina sheilbh ag an eintiteas rialáilte sin.
2.  

San iarratas ar chead astaíochtaí gás ceaptha teasa chuig an údarás inniúil ón eintiteas rialáilte de bhun mhír 1 den Airteagal seo faoin gCaibidil seo, áireofar tuairisc ar na nithe seo a leanas, ar a laghad:

(a) 

an t-eintiteas rialáilte;

(b) 

cineál na mbreoslaí a scaoileann sé lena dtomhailt agus a úsáidtear le haghaidh dóchán sna hearnálacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn III agus na modhanna trína scaoileann sé na breoslaí sin lena dtomhailt;

(c) 

úsáid nó úsáidí deiridh na mbreoslaí a scaoileadh lena dtomhailt le haghaidh na gníomhaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn III;

(d) 

na bearta atá beartaithe chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 14 agus 30f;

(e) 

achoimre neamhtheicniúil ar na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den mhír seo.

3.  
Eiseoidh an t-údarás inniúil cead astaíochtaí gás ceaptha teasa lena n-údarófar don eintiteas rialáilte dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo tabhairt faoin ngníomhaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, más deimhin leis go bhfuil an t-eintiteas in ann faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí a chomhfhreagraíonn do na méideanna breoslaí a scaoileadh lena dtomhailt de bhun Iarscríbhinn III.
4.  

Áireofar i gceadanna astaíochtaí gás ceaptha teasa an méid seo a leanas, ar a laghad:

(a) 

ainm agus seoladh an eintitis rialáilte;

(b) 

tuairisc ar na modhanna trína scaoileann an t-eintiteas rialáilte na breoslaí lena dtomhailt sna hearnálacha a chumhdaítear faoin gCaibidil seo;

(c) 

liosta de na breoslaí a scaoileann an t-eintiteas rialáilte lena dtomhailt sna hearnálacha a chumhdaítear faoin gCaibidil seo;

(d) 

plean faireacháin lena gcomhlíontar na ceanglais a bhunaítear leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 14;

(e) 

na ceanglais tuairiscithe a bhunaítear leis an gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 14;

(f) 

oibleagáid i leith lamháltais a thabhairt suas, ar lamháltais iad a eisítear faoin gCaibidil seo, arb ionann iad agus na hastaíochtaí iomlána i ngach bliain féilire, mar a fhíoraítear i gcomhréir le hAirteagal 15, faoin spriocdháta a leagtar síos in Airteagal 30e(2).

5.  
Féadfaidh na Ballstáit a cheadú do na heintitis rialáilte pleananna faireacháin a nuashonrú gan an cead a athrú. Cuirfidh na heintitis rialáilte aon phlean faireacháin nuashonraithe faoi bhráid an údaráis inniúil lena bhformheas.
6.  
Cuirfidh an t-eintiteas rialáilte an t-údarás inniúil ar an eolas maidir le haon athruithe atá beartaithe ar chineál a ghníomhaíochta nó ar na breoslaí a scaoileann sé lena dtomhailt, a d’fhéadfadh a éileamh go ndéanfaí an cead astaíochtaí gás ceaptha teasa a nuashonrú. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an t-údarás inniúil an cead a nuashonrú i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 14. I gcás ina mbeidh athrú ar chéannacht an eintitis rialáilte a chumhdaítear leis an gCaibidil seo, déanfaidh an t-údarás inniúil an cead a nuashonrú chun ainm agus seoladh an eintitis rialáilte nua a áireamh.

Airteagal 30c

Cainníocht iomlán uile-Aontais na lamháltas

1.  
Laghdófar cainníocht uile-Aontais na lamháltas a eisítear faoin gCaibidil seo gach bliain ó 2027 ar aghaidh ar bhealach líneach ag tosú in 2024. Saineofar luach 2024 mar theorainneacha astaíochtaí 2024, arna ríomh ar bhonn na n-astaíochtaí tagartha faoi Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *20 ) le haghaidh na n-earnálacha a chumhdaítear leis an gCaibidil seo agus an chonair laghdaithe línigh á cur i bhfeidhm le haghaidh na n-astaíochtaí uile laistigh de raon feidhme an Rialacháin sin. Laghdófar an chainníocht gach bliain i ndiaidh 2024 faoi chonair laghdaithe línigh de 5,10 %. Faoin 1 Eanáir 2025, foilseoidh an Coimisiún cainníocht uile-Aontais na lamháltas le haghaidh na bliana 2027.
2.  
Laghdófar cainníocht uile-Aontais na lamháltas a eisítear faoin gCaibidil seo gach bliain ó 2028 ar aghaidh ar bhealach líneach ag tosú in 2025 ar bhonn na meánastaíochtaí a thuairisceofar faoin gCaibidil seo le haghaidh na mblianta 2024 go 2026. Laghdófar cainníocht na lamháltas faoi chonair laghdaithe línigh de 5,38 %, seachas má bhíonn feidhm ag coinníollacha a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IIIa, agus sa chás sin, laghdófar an chainníocht faoi chonair laghdaithe línigh a choigeartófar i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IIIa. Faoin 30 Meitheamh 2027, foilseoidh an Coimisiún cainníocht uile-Aontais na lamháltas le haghaidh 2028 agus, más gá, an fachtóir laghdaithe línigh coigeartaithe.
3.  
Déanfar cainníocht uile-Aontais na lamháltas a eisítear faoin gCaibidil seo a choigeartú i gcás gach bliana ó 2028 ar aghaidh chun cúiteamh a dhéanamh ar chainníocht na lamháltas a thugtar suas i gcásanna nárbh fhéidir áireamh dúbailte astaíochtaí a sheachaint nó i gcás ina bhfuil lamháltais tugtha suas i gcás astaíochtaí nach gcumhdaítear leis an gCaibidil seo dá dtagraítear in Airteagal 30f(5). Beidh an coigeartú ag comhfhreagairt do mhéid iomlán na lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil seo a cúitíodh sa bhliain ábhartha tuairiscithe de bhun na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 30f(5), an dara fomhír.
4.  
Aon Bhallstát a dhéanann, de bhun Airteagal 30j, an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a leathnú go haontaobhach chuig earnálacha nach bhfuil liostaithe san Iarscríbhinn sin, áiritheoidh sé go gcuirfidh na heintitis rialáilte lena mbaineann tuarascáil chuí-réasúnaithe, i gcomhréir le hAirteagal 30f, faoi bhráid an údaráis inniúil ábhartha faoin 30 Aibreán den bhliain ábhartha. Má tá bunús cuí-réasúnaithe leis na sonraí a thíolactar, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra ina leith don Choimisiún faoin 30 Meitheamh den bhliain ábhartha. Déanfar cainníocht na lamháltais atá le heisiúint faoi mhír 1 a choigeartú agus an tuarascáil chuí-réasúnaithe arna tíolacadh ag na heintitis rialáilte á cur san áireamh.

Airteagal 30d

Ceantáil lamháltas le haghaidh na gníomhaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn III

1.  
Ó 2027 ar aghaidh, cuirfear lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo ar ceant, seachas má chuirtear iad i gcúlchiste cobhsaíochta an mhagaidh, arna bhunú le Cinneadh (AE) 2015/1814. Cuirfear na lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo ar ceant ar leithligh ó na lamháltais a chumhdaítear le Caibidil II agus III den Treoir seo.
2.  
Tosófar ceantáil na lamháltas faoin gCaibidil seo in 2027 le méid a fhreagraíonn do 130 % de na méideanna ceantála le haghaidh 2027 arna mbunú ar bhonn chainníocht uile-Aontais na lamháltas le haghaidh na bliana sin agus na sciartha agus méideanna ceantála faoi seach de bhun mhíreanna 3 go 6 den Airteagal seo. Ní úsáidfear an 30 % breise atá le cur ar ceant ach amháin chun lamháltais a thabhairt suas de bhun Airteagal 30e(2) agus féadfar iad a chur ar ceant go dtí an 31 Bealtaine 2028. Bainfear an 30 % breise as na toirteanna ar ceant don tréimhse ó 2029 go dtí 2031. Socrófar na coinníollacha le haghaidh na gceantanna dá bhforáiltear sa mhír seo i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo agus Airteagal 10(4).

In 2027, cruthófar 600 milliún lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil seo mar shealúchais i gcúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh de bhun Airteagal 1a(3) de Chinneadh (AE) 2015/1814.

3.  
Cuirfear 150 milliún lamháltas a eisítear faoin gCaibidil seo ar ceant agus cuirfear an t-ioncam uile ó na ceantanna sin ar fáil le haghaidh an Chiste Aeráide Sóisialta a bhunaítear faoi Rialachán (AE) 2023/955 go dtí 2032.
4.  
As méid na lamháltas atá fágtha agus chun suas le huasmhéid EUR 65 000 000 000 a ghiniúint, mar aon leis an ioncam ó na lamháltais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus in Airteagal 10a(8b) den Treoir seo, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear ar ceant méid breise lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil seo agus an t-ioncam ó na ceantanna sin agus go gcuirfear ar fáil iad don Chiste Aeráide Sóisialta arna bhunú le Rialachán (AE) 2023/955 go dtí 2032.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na lamháltais atá ceaptha don Chiste Aeráide Sóisialta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus sa mhír seo ar ceant i gcomhréir le prionsabail agus módúlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(4) agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Airteagail sin.

Is é a bheidh san ioncam a thiocfaidh ó na lamháltais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus sa mhír seo ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, agus úsáidfear é i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leis an gCiste Sóisialta Aeráide.

An méid bliantúil a leithdháilfear ar an gCiste Aeráide Sóisialta i gcomhréir le hAirteagal 10a(8b), mír 3 den Airteagal seo agus an mhír seo, ní rachaidh sé thar an méid seo a leanas:

(a) 

le haghaidh 2026, EUR 4 000 000 000 ;

(b) 

le haghaidh 2027, EUR 10 900 000 000 ;

(c) 

le haghaidh 2028, EUR 10 500 000 000 ;

(d) 

le haghaidh 2029, EUR 10 300 000 000 ;

(e) 

le haghaidh 2030, EUR 10 100 000 000 ;

(f) 

le haghaidh 2031, EUR 9 800 000 000 ;

(g) 

le haghaidh 2032, EUR 9 400 000 000 .

I gcás ina gcuirfear an córas trádála astaíochtaí arna bunú i gcomhréir leis an gCaibidil seo ar atráth go dtí 2028 de bhun Airteagal 30k, is é EUR 54 600 000 000 an t-uasmhéid a chuirfear ar fáil don Chiste Aeráide Sóisialta i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo. I gcás den sórt sin, ní bheidh na méideanna bliantúla a leithdháilfear ar an gCiste Aeráide Sóisialta níos mó ná go carnach do na blianta 2026 agus 2027, EUR 4 000 000 000 , agus le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2028 go dtí an 31 Nollaig 2032, ní rachaidh an méid bliantúil ábhartha thar an méid seo a leanas:

(a) 

le haghaidh 2028, EUR 11 400 000 000 ;

(b) 

le haghaidh 2029, EUR 10 300 000 000 ;

(c) 

le haghaidh 2030, EUR 10 100 000 000 ;

(d) 

le haghaidh 2031, EUR 9 800 000 000 ;

(e) 

le haghaidh 2032, EUR 9 000 000 000 .

I gcás ina mbunófar ioncam a ghintear ón gceantáil dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo mar acmhainn dhílis i gcomhréir le hAirteagal 311, an triú mír, CFAE, ní bheidh Airteagal 10a(8b) den Treoir seo, mír 3 den Airteagal seo agus an mhír seo infheidhme.

5.  
Cainníocht foriomlán na lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil seo, i ndiaidh na cainníochtaí a leagtar amach i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo a asbhaint, cuirfidh na Ballstáit ar ceant iad agus leithdháilfear orthu í i sciartha atá díreach mar an gcéanna le sciar astaíochtaí tagartha an Bhallstáit lena mbaineann faoi Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2018/842 le haghaidh na gcatagóirí foinsí astaíochtaí dá dtagraítear sa dara mír, pointí (b), (c) agus (d), d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo le haghaidh mheán thréimhse an Bhallstáit lena mbaineann ó 2016 go 2018 arna athbhreithniú go cuimsitheach de bhun Airteagal 4(3) den Rialachán sin.
6.  

Cinnfidh Ballstáit úsáid ioncam a ghintear ó cheantáil lamháltas dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, seachas an t-ioncam ar ioncam arna shannadh go seachtrach é i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo nó an t-ioncam a bhunaítear mar acmhainní dílse i gcomhréir le hAirteagal 311, an triú mír, CFAE agus a iontrálfar i mbuiséad an Aontais. Úsáidfidh na Ballstáit a n-ioncam nó a gcoibhéis i luach airgeadais an ioncaim sin chun ceann amháin nó níos mó de na críocha dá dtagraítear in Airteagal 10(3) den Treoir seo, agus tosaíocht á tabhairt do ghníomhaíochtaí ar féidir leo rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta den trádáil astaíochtaí faoin gCaibidil seo, nó ar cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a) 

bearta atá beartaithe rannchuidiú le téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú nó le riachtanais fuinnimh foirgneamh a laghdú, lena n-áirítear fuinnimh inathnuaite agus bearta gaolmhara a chomhtháthú i gcomhréir le hAirteagal 7(11), agus Airteagail 12 agus 20 de Threoir 2012/27/AE, chomh maith le bearta chun tacaíocht airgeadais a sholáthar do theaghlaigh ar ioncam íseal sna foirgnimh is neamhfheidhmiúla;

(b) 

bearta atá beartaithe dlús a chur le glacadh na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha nó chun tacaíocht airgeadais a sholáthar chun bonneagar athbhreoslaithe agus athluchtaithe iomlán idir-inoibritheach le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha a chur chun feidhme, nó bearta chun athrú chuig iompair phoiblí a spreagadh agus feabhas a chur ar an ilmhódúlacht, nó chun tacaíocht airgeadais a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta a bhaineann le húsáideoirí iompair ar ioncaim ísle agus ar mheánioncaim;

(c) 

chun a Plean Aeráide Sóisialta a mhaoiniú i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2023/955;

(d) 

cúiteamh airgeadais a sholáthar do thomhaltóirí deiridh breoslaí i gcásanna nach raibh sé indéanta comhaireamh dúbailte astaíochtaí a sheachaint nó i gcás inar tugadh suas lamháltais le haghaidh astaíochtaí nach gcumhdaítear leis an gCaibidil seo dá dtagraítear in Airteagal 30f(5).

Measfar forálacha na míre seo a bheith comhlíonta ag na Ballstáit má tá beartais fhioscacha nó tacaíochta airgeadais nó beartais rialaitheacha a dhéanann tacaíocht airgeadais a ghiaráil, a bhunaítear chun na gcríoch a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo, agus arb ionann a luach agus na hioncaim dá dtagraítear san fhomhír sin a ghintear ó cheantáil na lamháltas dá dtagraítear sa Chaibidil seo, má tá na beartais sin i bhfeidhm acu agus má chuireann siad chun feidhme iad.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le húsáid na n-ioncam agus na ngníomhaíochtaí a dhéantar de bhun na míre seo tríd an bhfaisnéis sin a áireamh ina gcuid tuarascálacha a dhéantar a thíolacadh faoi Rialachán (AE) 2018/1999.

7.  
Beidh feidhm ag Airteagal 10(4) agus (5) maidir leis na lamháltais a eisítear faoin gCaibidil seo.

Airteagal 30e

Aistriú, tabhairt suas agus cur ar ceal lamháltas

1.  

Beidh feidhm ag Airteagal 12 maidir leis na hastaíochtaí, na heintitis rialáilte agus na lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo, cé is moite de mhíreanna 3 agus 3a, mír 4, an dara habairt agus an tríú habairt, agus mír 5 den Airteagal sin. Chun na críche seo:

(a) 

léifear aon tagairt d’astaíochtaí amhail is gur tagairt do na hastaíochtaí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo atá ann;

(b) 

léifear aon tagairt d’oibreoirí suiteálacha amhail is gur tagairt do na heintitis rialáilte a chumhdaítear leis an gCaibidil seo atá ann;

(c) 

léifear aon tagairt do lamháltais amhail is gur tagairt do na lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo atá ann.

2.  
Ón 1 Eanáir 2028 amach, áiritheoidh na Ballstáit, faoin 31 Bealtaine gach bliain go dtabharfaidh an t-eintiteas rialáilte méid áirithe lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo suas, arb ionann iad agus astaíochtaí iomlána eintitis rialáilte a fhreagraíonn do chainníocht na mbreoslaí a scaoileadh lena dtomhailt de bhun Iarscríbhinn III, sa bhliain féilire roimhe sin mar atá fíoraithe i gcomhréir le hAirteagal 15 agus 30f, agus go ndéanfar na lamháltais sin a chur ar ceal ina dhiaidh sin.
3.  

Go dtí an 31 Nollaig 2030, de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil eintiteas rialáilte atá bunaithe i mBallstát ar leith faoi réir cáin náisiúnta carbóin a bheidh i bhfeidhm do na blianta 2027 go 2030, lena gcumhdaítear an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann an t-eintiteas rialáilte sin a dhíolmhú ón oibleagáid lamháltais a thabhairt suas faoi mhír 2 den Airteagal seo i gcás bliana tagartha ar leith, ar choinníoll:

(a) 

go dtugann an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoina cháin charbóin náisiúnta sin faoin 31 Nollaig 2023, agus go bhfuil an dlí náisiúnta lena socraítear na rátaí cánach is infheidhme do na blianta 2027 go 2030 tagtha i bhfeidhm, faoin dáta sin; go dtabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoi aon athrú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an gcáin náisiúnta carbóin;

(b) 

i gcás na bliana tagartha, go bhfuil cáin náisiúnta carbóin an Bhallstáit lena mbaineann a íocann an t-eintiteas rialáilte sin go héifeachtach níos airde ná an meánphraghas imréitigh do cheantáil an chórais trádála astaíochtaí arna bhunú faoin gCaibidil seo;

(c) 

go gcomhlíonann an t-eintiteas rialáilte go hiomlán na hoibleagáidí faoi Airteagal 30b maidir le ceadanna astaíochtaí ceaptha teasa agus Airteagal 30f maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar a astaíochtaí;

(d) 

go dtugann an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoi chur i bhfeidhm aon díolúine den sórt sin agus faoi mhéid comhfhreagrach na lamháltas atá le cealú i gcomhréir le pointe (g) den fhomhír seo agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(4), faoin 31 Bealtaine den bhliain tar éis na bliana tagartha;

(e) 

nach ndéanann an Coimisiún agóid i gcoinne chur i bhfeidhm an mhaolaithe ar an bhforas nach bhfuil an beart ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa mhír seo, laistigh de 3 mhí tar éis fógra a fháil faoi phointe (a) den fhomhír seo nó laistigh de mhí amháin tar éis fógra a thabhairt don bhliain ábhartha faoi phointe (d) den fhomhír seo;

(f) 

nach gcuireann an Ballstát lena mbaineann méid na lamháltas dá dtagraítear in Airteagal 30d(5) ar ceant le haghaidh bliain tagartha ar leith go dtí go gcinnfear méid na lamháltas a bheidh le cur ar ceal faoin mír seo i gcomhréir le pointe (g) den fhomhír seo; nach gcuirfidh an Ballstát lena mbaineann aon mhéid breise lamháltas ar ceant de bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 30d(2);

(g) 

má chealaíonn an Ballstát lena mbaineann méid lamháltas ó chainníocht iomlán na lamháltas atá le cur ar ceant aige, dá dtagraítear in Airteagal 30d(5), don bhliain tagartha, ar méid é atá cothrom le hastaíochtaí fíoraithe an eintitis rialáilte sin faoin gCaibidil seo don bhliain tagartha; i gcás ina mbeidh méid na lamháltas a bheidh fós le cur ar ceant sa bhliain tagartha tar éis pointe (f) den fhomhír seo a chur i bhfeidhm faoi bhun mhéid na lamháltas a bheidh le cur ar ceal faoin mír seo, áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go gcealóidh sé méid na lamháltas a chomhfhreagraíonn don difríocht faoi dheireadh na bliana tar éis na bliana tagartha; agus

(h) 

go ngeallann an Ballstát lena mbaineann, tráth a dtabharfar an chéad fhógra faoi phointe (a) den fhomhír seo, go n-úsáidfidh sé, le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na bearta a liostaítear nó dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 30d(6), méid atá coibhéiseach leis an ioncam a mbeadh feidhm ag Airteagal 30d(6) maidir leis in éagmais an mhaolaithe sin. Beidh feidhm ag Airteagal 30d(6), an dara fomhír agus an tríú fomhír, agus áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an fhaisnéis a gheofar dá bhun i gcomhréir leis an ngealltanas a rinneadh faoin bpointe seo.

Ní dhéanfaidh méid na lamháltas atá le cealú faoin gcéad fhomhír, pointe (g), den mhír seo difear don ioncam sannta seachtrach arna bhunú de bhun Airteagal 30d(4) den Treoir seo ná, i gcás inar bunaíodh é de bhun Airteagal 311, an triú mír, CFAE, d’acmhainní dílse bhuiséad an Aontais de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ( *21 ) ón gComhairle ón ioncam a ghintear ó lamháltais a chur ar ceant i gcomhréir le hAirteagal 30d den Treoir seo.

4.  
Féadfar cúiteamh airgid a sholáthar d’ospidéil nach bhfuil faoi réim Chaibidil III as an gcostas a cuireadh orthu mar gheall ar lamháltais a thabhairt suas faoin gCaibidil seo. Chun na críche sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha na Caibidle seo is infheidhme maidir le cásanna an chomhairimh dhúbailte.

Airteagal 30f

Faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí agus creidiúnú

1.  

Beidh feidhm ag Airteagail 14 agus 15 maidir leis na hastaíochtaí, na heintitis rialáilte agus na lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo. Chun na críche seo:

(a) 

léifear aon tagairt d’astaíochtaí amhail is gur tagairt do na hastaíochtaí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo atá ann;

(b) 

léifear aon tagairt do ghníomhaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn I amhail is gur tagairt don ghníomhaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn III atá ann;

(c) 

léifear aon tagairt d’oibreoirí amhail is gur tagairt do na heintitis rialáilte a chumhdaítear leis an gCaibidil seo atá ann;

(d) 

léifear aon tagairt do lamháltais amhail is gur tagairt do na lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo atá ann.

(e) 

léifear an tagairt don dáta in Airteagal 15 amhail gur tagairt don 30 Aibreán atá ann.

2.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gach eintiteas rialáilte, le haghaidh gach bliain féilire ó 2025 amach, faireachán ar na hastaíochtaí a fhreagraíonn do chainníochtaí na mbreoslaí a scaoileadh lena dtomhailt de bhun Iarscríbhinn III. Áiritheoidh siad freisin go dtabharfaidh gach eintiteas rialáilte tuairisc i leith na n-astaíochtaí sin don údarás inniúil sa bhliain dar gcionn, ag tosú in 2026, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 14(1).
3.  
Ón 1 Eanáir 2028, áiritheoidh na Ballstáit go dtuairisceoidh gach eintiteas rialáilte, faoin 30 Aibreán gach bliain go dtí 2030, meánsciar na gcostas a bhaineann le lamháltais a thabhairt suas faoin gCaibidil seo a chuir sé ar aghaidh chuig tomhaltóirí don bhliain roimhe sin. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na ceanglais agus na teimpléid do na tuarascálacha sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2). Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na tuarascálacha arna dtíolacadh agus tuarascáil bhliantúil ar a thorthaí do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. I gcás ina gcinneann an Coimisiún gurb ann do chleachtais mhíchuí maidir le costais charbóin a chur tríothu, féadfaidh tograí reachtacha a bheith ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inarb iomchuí, arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar na cleachtais mhíchuí sin.
4.  
Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh gach eintiteas rialáilte a shealbhaíonn cead i gcomhréir le hAirteagal 30b an 1 Eanáir 2025 tuairisc ar a chuid astaíochtaí stairiúla don bhliain 2024 faoin 30 Aibreán 2025.
5.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na heintitis rialáilte in ann cainníochtaí beachta an bhreosla a scaoileadh lena dtomhailt a úsáidtear le haghaidh dócháin sna hearnálacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, agus úsáid deiridh na mbreoslaí a scaoileadh lena dtomhailt ag na heintitis rialáilte, go mbeidh siad in ann iad a shainaithint agus a dhoiciméadú go hiontaofa agus go cruinn in aghaidh an chineáil breosla. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun teorainn a chur leis an riosca go ndéanfar na hastaíochtaí a chumhdaítear faoin gCaibidil seo agus na hastaíochtaí faoi Chaibidil II agus Caibidil III a áireamh faoi dhó, chomh maith leis an riosca go dtabharfar suas lamháltais le haghaidh astaíochtaí nach gcumhdaítear leis an gCaibidil seo.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na rialacha mionsonraithe chun comhaireamh dúbailte a sheachaint agus lamháltais a thabhairt suas le haghaidh astaíochtaí nach gcumhdaítear leis an gCaibidil seo, chomh maith le cúiteamh airgeadais a sholáthar do thomhaltóirí deiridh na mbreoslaí i gcásanna nach féidir an comhaireamh dúbailte nó an tabhairt suas sin a sheachaint. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2). Beidh ríomh an chúitimh airgeadais do thomhaltóirí deiridh na mbreoslaí bunaithe ar mheánphraghas na lamháltas sna ceantanna a dhéantar i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(4) sa bhliain tuairiscithe ábhartha.

6.  
Leagtar amach na prionsabail i dtaca le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na hastaíochtaí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo i gCuid C d’Iarscríbhinn IV.
7.  
Leagtar amach na critéir i dtaca leis na hastaíochtaí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo a fhíorú i gCuid C d’Iarscríbhinn V.
8.  
Féadfaidh na Ballstáit bearta simplithe faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe a cheadú d’eintitis rialáilte ar lú a n-astaíochtaí bliantúla a fhreagraíonn do chainníochtaí na mbreoslaí a scaoileadh lena dtomhailt ná 1 000  tona de CO2, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 14(1).

Airteagal 30g

Riarachán

Beidh feidhm ag Airteagail 13 agus 15a, Airteagail 16(1), (2), (3), (4) agus (12), agus Airteagail 17, 18, 19, 20, 21, 22, 22a, 23 agus 29 maidir leis na hastaíochtaí, na heintitis rialáilte agus na lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo. Chun na críche sin:

(a) 

léifear aon tagairt d’astaíochtaí amhail is gur tagairt do na hastaíochtaí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo atá ann;

(b) 

léifear aon tagairt d’oibreoirí amhail is gur tagairt do na heintitis rialáilte a chumhdaítear leis an gCaibidil seo atá ann;

(c) 

léifear aon tagairt do lamháltais amhail is gur tagairt do na lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo atá ann.

Airteagal 30h

Bearta i gcás ardú iomarcach ar phraghsanna

1.  
I gcás, ar feadh níos mó ná 3 mhí as a chéile, ina bhfuil meánphraghas na lámhaltas sna ceantanna a dhéantar i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(4) den Treoir seo níos mó ná dhá oiread mheánphraghais na lámhaltas le linn na 6 mhí as a chéile roimhe sin sna ceantanna le haghaidh na lámhaltas a chumhdaítear leis an gCaibidil seo, glacfaidh an Coimisiún, ar bhonn práinne, scaoilfear 50 milliún lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil seo ó chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh i gcomhréir le hAirteagal 1a(7) de Chinneadh (AE) 2015/1814.

Maidir leis na blianta 2027 agus 2028, comhlíonfar na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír más rud é, ar feadh níos mó ná 3 mhí as a chéile, gur mó an meánphraghas lamháltais ná 1,5 oiread mheánphraghas na lamháltas i rith na tréimhse tagartha de chuid na 6 mhí as a chéile roimhe sin.

2.  
I gcás inar mó meánphraghas na lamháltas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ná praghas EUR 45 le linn tréimhse dhá mhí as a chéile, scaoilfear 20 milliún lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil seo ó chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh i gcomhréir le hAirteagal 1a(7) de Chinneadh (AE) 2015/1814. Beidh feidhm ag an innéacsú bunaithe ar an innéacs Eorpach praghsanna do thomhaltóirí 2020. Scaoilfear lamháltais suas go dtí an 31 Nollaig 2029 leis an sásra dá bhforáiltear sa mhír seo.
3.  
I gcás inar mó meánphraghas na lamháltas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo níos mó ná trí oiread mheánphraghas na lamháltas le linn na sé mhí as a chéile roimhe sin, scaoilfear 150 milliún lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil seo ó chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh i gcomhréir le hAirteagal 1d(7) de Chinneadh (AE) 2015/1814.
4.  
I gcás inar comhlíonadh an coinníoll dá dtagraítear i mír 2 ar an lá céanna leis an gcoinníoll dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 3, ní scaoilfear lamháltais bhreise ach amháin de bhun mhír 1 nó mhír 3.
5.  
Roimh an 31 Nollaig 2029, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina measfaidh sé an raibh an sásra dá dtagraítear i mír 2 éifeachtach agus ar cheart leanúint léi. Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur leis an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle chun an Treoir seo a leasú chun an sásra sin a choigeartú.
6.  
I gcás inar comhlíonadh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 nó i mír 3 agus go raibh scaoileadh lamháltas mar thoradh air, ní scaoilfear lamháltais bhreise de bhun an Airteagail seo níos luaithe ná 12 mhí ina dhiaidh sin.
7.  
Más rud é, laistigh den dara leath den tréimhse 12 mhí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, go mbeidh an coinníoll dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo comhlíonta arís, déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste, a bunaíodh le hAirteagal 44 de Rialachán (AE) 2018/1999, measúnú ar éifeachtacht an bhirt agus féadfaidh sé a chinneadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme nach bhfuil feidhm le bheith ag mír 6 den Airteagal seo. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2) den Treoir seo.
8.  
I gcás inar comhlíonadh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, mír 2 nó i mír 3 agus nach mbeidh mír 6 infheidhme, foilseoidh an Coimisiún fógra go pras in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis an dáta ar comhlíonadh an coinníoll nó na coinníollacha sin.
9.  
Na Ballstáit atá faoi réir na hoibleagáide plean gníomhaíochta ceartaithí a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2018/842, tabharfaidh siad aird chuí ar éifeachtaí scaoileadh lamháltas breise de bhun mhír 2 den Airteagal seo le linn an dá bhliain roimhe sin agus gníomhaíochtaí breise le cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(1), an chéad fhomhír, pointe (c), den Rialachán sin á meas acu chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán sin a chomhlíonadh.

Airteagal 30i

Athbhreithniú ar an gCaibidil seo

Faoin 1 Eanáir 2028, tuairisceoidh an Coimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme fhorálacha na Caibidle seo maidir lena n-éifeachtacht, a riarachán agus a gcur i bhfeidhm praiticiúil, lena n-áirítear maidir le cur i bhfeidhm na rialacha faoi Threoir (AE) 2015/1814. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach in éineacht leis an tuarascáil sin chun an Chaibidil seo a leasú. Faoin 31 Deireadh Fómhair 2031, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a indéanta atá sé na hearnálacha a chumhdaítear le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo a chomhtháthú in CTA AE lena gcumhdaítear na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 30j

Nósanna imeachta chun an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a leathnú go haontaobhach chuig earnálacha eile nach bhfuil faoi réir Chaibidíl II agus III

1.  
Féadfaidh na Ballstáit, ó 2027 ar aghaidh, an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a leathnú chuig earnálacha nach bhfuil liostaithe san Iarscríbhinn sin agus sa chaoi sin trádáil astaíochtaí a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an gCaibidil seo in earnálacha den sórt sin, agus na critéir ábhartha go léir á gcur san áireamh, go háirithe na héifeachtaí ar an margadh inmheánach, saobhadh iomaíochta ionchasach, sláine chomhshaoil an chórais trádála astaíochtaí arna bhunú de bhun na Caibidle seo agus iontaofacht an chórais faireacháin agus tuairiscithe atá beartaithe, ar choinníoll go bhformheasfaidh an Coimisiún síneadh na gníomhaíochta dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir leis an leathnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a fhormheas, údarú lamháltas breise a eisiúint agus údarú Ballstát eile chun síneadh ama a chur leis an ngníomhaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a fhormheas. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, féadfaidh an Coimisiún cur leis an síneadh le rialacha breise lena rialaítear bearta chun aghaidh a thabhairt ar chásanna a d’fhéadfadh a bheith ann de chomhaireamh dúbailte, lena n-áirítear lamháltais bhreise a eisiúint chun cúiteamh a dhéanamh ar lamháltais a thugtar suas as úsáid breoslaí i ngníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I. Aon bhearta airgeadais a dhéanfaidh Ballstáit i bhfabhar cuideachtaí in earnálacha agus i bhfo-earnálacha atá neamhchosanta ar fhíor-riosca sceite carbóin i ngeall ar chostais shuntasacha indíreacha a thabhaítear ó chostais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thugtar ar aghaidh i bpraghsanna breosla i ngeall ar an síneadh aontaobhach, beidh siad i gcomhréir leis na rialacha maidir leis an Státchabhair, agus ní bheidh siad ina gcúis le saobhadh míchuí ar iomaíocht sa mhargadh inmheánach.

2.  
Cuirfear lamháltais bhreise arna n-eisiúint de bhun údarú faoin Airteagal seo ar ceant i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 30d. D’ainneoin Airteagal 30d(1) go (6), is iad na Ballstáit a rinne an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn III i gcomhréir leis an Airteagal seo a shíneadh go haontaobhach a chinnfidh an úsáid a bhainfear as an ioncam a ghinfear ó na lamháltais bhreise sin a chur ar ceant.

Airteagal 30k

Cur ar atráth trádála astaíochtaí le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise go dtí 2028 i gcás praghsanna fuinnimh thar a bheith ard

1.  

Faoin 15 Iúil 2026, foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a bhaineann le cé acu ar comhlíonadh ceann amháin nó an dá cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

bhí meánphraghas gáis TTF don sé mhí féilire dar críoch 30 Meitheamh 2026 níos airde ná an meánphraghas gáis TTF i mí Feabhra agus i mí an Mhárta 2022;

(b) 

bhí meánphraghas amhola Brent don sé mhí féilire dar críoch 30 Meitheamh 2026 níos mó ná dhá oiread mheánphraghas amhola Brent sna cúig bliana roimhe sin; is éard a bheidh sa tréimhse thagartha cúig bliana an tréimhse cúig bliana a chríochnaíonn roimh an gcéad mhí den tréimhse sé mhí féilire.

2.  

I gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin nó an dá cheann de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) 

de mhaolú ar Airteagal 30c(1), is é 2028 an chéad bhliain ar ina leith a mbunófar cainníocht na lamháltas uile-Aontais agus, de mhaolú ar Airteagal 30c(3), is é 2029 an chéad bhliain ar ina leith a ndéanfar cainníocht na lamháltas uile-Aontais a choigeartú;

(b) 

de mhaolú ar Airteagal 30d(1) agus (2), cuirfear tús le ceantáil lamháltas faoin gCaibidil seo siar go 2028;

(c) 

de mhaolú ar Airteagal 30d(2), déanfar méideanna na lamháltas breise don chéad bhliain de cheantanna a asbhaint ó na méideanna ceantála le haghaidh na tréimhse ó 2030 go 2032 agus cruthófar na sealúchais tosaigh sa chúlchiste cobhsaíochta margaidh in 2028;

(d) 

de mhaolú ar Airteagal 30e(2), cuirfear an spriocdháta chun lamháltais a thabhairt suas den chéad uair siar go dtí an 31 Bealtaine 2029 le haghaidh astaíochtaí iomlána na bliana 2028;

(e) 

de mhaolú ar Airteagal 30i, déanfar an spriocdháta don Choimisiún chun tuarascáil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle a chur siar go dtí an 1 Eanáir 2029.

(30) 

cuirtear an Chaibidil seo a leanas isteach:

‘Caibidil Ivb

Comhairle Eolaíoch agus Infheictheacht an Chistithe

Airteagal 30l

Comhairle eolaíoch

Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide (‘an Bord Comhairleach’) arna bhunú faoi Airteagal 10a de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *22 ), ar a thionscnamh féin, comhairle eolaíoch a sholáthar agus tuarascálacha a eisiúint maidir leis an Treoir seo. Cuirfidh an Coimisiún comhairle agus tuarascálacha ábhartha an Bhoird Chomhairligh san áireamh, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

an gá atá le beartais agus bearta breise de chuid an Aontais chun comhlíonadh na gcuspóirí agus na spriocanna dá dtagraítear in Airteagal 30(3) den Treoir seo a áirithiú;

(b) 

an gá atá le beartais agus bearta breise de chuid an Aontais i bhfianaise comhaontuithe maidir le bearta domhanda laistigh de ICAO chun tionchar na heitlíochta ar an aeráid a laghdú, agus i bhfianaise uaillmhian agus sláine comhshaoil an bhirt atá bunaithe ar an margadh domhanda ó IMO dá dtagraítear in Airteagal 3gg den Treoir seo.

Airteagal 30m

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.  

Áiritheoidh an Coimisiún infheictheacht an chistithe ó ioncam ceantála CTA AE dá dtagraítear in Airteagal 10a(8) tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

a áirithiú go dtabharfaidh tairbhithe an chistithe sin aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe ón Aontas, go háirithe nuair a bhíonn na tionscadail agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal; agus

(b) 

a áirithiú go n-úsáidfidh faighteoirí an chistithe sin lipéad iomchuí arb é ‘Arna (chomh)chistiú ag Córas AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí (an Ciste Nuálaíochta)’, chomh maith le suaitheantas an Aontais agus méid an chistithe; i gcás nach bhfuil sé indéanta an lipéad sin a úsáid, luafar an Ciste don Nuálaíocht i ngach gníomhaíocht cumarsáide lena n-áirítear cláir fógraí in áiteanna straitéiseacha a mbeidh sé le feiceáil ag an bpobal.

Sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 10a(8), leagfaidh an Coimisiún amach na ceanglais is gá chun infheictheacht an chistithe ón gCiste don Nuálaíocht a áirithiú, lena n-áirítear ceanglas maidir leis an gCiste sin a lua.

2.  
Áiritheoidh na Ballstáit infheictheacht an chistithe ó ioncam ceantála CTA AE dá dtagraítear in Airteagal 10d a chomhfhreagraíonn don mhéid dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo, lena n-áirítear ceanglas maidir leis an gCiste don Nuachóiriú a lua.
3.  
Agus imthosca náisiúnta á gcur san áireamh, féachfaidh na Ballstáit le hinfheictheacht fhoinse chistiú na ngníomhaíochtaí nó na dtionscadal arna gcistiú le hioncam ceantála CTA AE dá gcinneann siad an úsáid i gcomhréir le hAirteagal 3d(4), Airteagal 10(3) agus Airteagal 30d(6), a áirithiú.
(31) 

Leasaítear Iarscríbhinní I, Iib, IV agus V a ghabhann le Treoir 2003/87/CE i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo, agus cuirtear Iarscríbhinní III agus IIIa isteach i dTreoir 2003/87/CE mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

Leasuithe ar Chinneadh (AE) 2015/1814

Leasaítear Cinneadh (AE) 2015/1814 mar a leanas:

(1) 

leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.  
Foilseoidh an Coimisiún líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht gach bliain faoin 1 Meitheamh den bhliain ina dhiaidh sin. Is éard a bheidh i líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht i mbliain ar leith líon carnach na lamháltas a eisíodh i leith suiteálacha agus cuideachtaí loingseoireachta agus nár cuireadh sa chúlchiste sa tréimhse ón 1 Eanáir 2008, lena n-áirítear líon na lamháltas a eisíodh de bhun Airteagal 13(2) de Threoir 2003/87/CE, sa leagan a bhí i bhfeidhm ar an 18 Márta 2018, sa tréimhse sin agus teidlíochtaí chun creidmheasanna idirnáisiúnta a úsáid a d’fheidhmigh suiteálacha faoi CTA AE, suas leis an 31 Nollaig sa bhliain áirithe sin, lúide na tonaí carnacha d’astaíochtaí fíoraithe ó shuiteálacha agus cuideachtaí loingseoireachta faoi CTA AE idir an 1 Eanáir 2008 agus an 31 Nollaig an bhliain áirithe chéanna sin, agus aon lamháltas a chuirtear ar ceal i gcomhréir le hAirteagal 12(4) de Threoir 2003/87/CE. Ní chuirfear astaíochtaí le linn na tréimhse 3 bliana dar tús 2005 agus dar críoch 2007 san áireamh ná lamháltais arna n-eisiúint i leith na n-astaíochtaí sin. Tarlóidh an chéad fhoilsiú faoin 15 Bealtaine 2017.’

;

(b) 

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘4a.  
Amhail ó 2024 áireofar, agus líon iomlán na lamháltas a bheidh i gcúrsaíocht in aon bhliain ar leith á ríomh, líon carnach na lamháltas a eisíodh i dtaca leis an eitlíocht agus na tonaí carnacha d’astaíochtaí fíoraithe ón eitlíocht faoi CTA AE, cé is moite d’astaíochtaí ó eitiltí ar bhealaí a chumhdaítear le fritháireamh arna ríomh de bhun Airteagal 12(6) de Threoir 2003/87/CE, idir an 1 Eanáir 2024 agus an 31 Nollaig den bhliain áirithe sin.

Maidir leis na lamháltais a chuirtear ar ceal de bhun Airteagal 3gb de Threoir 2003/87/CE, measfar iad a bheith eisithe chun críoch líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht a ríomh.’

;

(c) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 5 agus 5a:

‘5.  
In aon bhliain ar leith, má bhíonn líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht idir 833 mhilliún agus 1 096  milliún, bainfear líon lamháltas atá comhionann leis an difríocht idir líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht, mar a leagtar amach san fhoilseachán is déanaí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo é, agus 833 mhilliún, ó chainníocht na lamháltas atá le cur ar ceant ag na Ballstáit faoi Airteagal 10(2) de Threoir 2003/87/CE agus cuirfear sa chúlchiste iad thar thréimhse 12 mhí ag tosú an 1 Meán Fómhair den bhliain sin. Má bhíonn líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht os cionn 1 096  milliún lamháltas, beidh líon na lamháltas atá le baint ó chainníocht na lamháltas atá le cur ar ceant ag na Ballstáit faoi Airteagal 10(2) de Threoir 2003/87/CE agus le cur sa chúlchiste thar thréimhse 12 mhí ag tosú an 1 Meán Fómhair den bhliain sin, beidh an líon sin comhionann le 12 % de líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht. De mhaolú ar an dara habairt den fhomhír seo, déanfar an céatadán dá dtagraítear san abairt sin a dhúbailt go dtí an 31 Nollaig 2030.

Gan dochar do líon iomlán na lamháltas atá le baint de bhun na míre seo, go dtí an 31 Nollaig 2030, ní chuirfear lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 10(2), an chéad fhomhír, pointe (b), de Threoir 2003/87/CE san áireamh agus sciartha na mBallstát a rannchuidíonn leis an líon iomlán sin á gcinneadh.

5a.  
Mura rud é go gcinnfear a mhalairt sa chéad athbhreithniú arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 3, ní bheidh lamháltais a choinnítear sa chúlchiste os cionn 400 milliún lamháltas bailí a thuilleadh ó 2023 ar aghaidh.’

;

(d) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7.  
In aon bhliain ar leith, murar infheidhme mír 6 den Airteagal seo agus má comhlíonadh an coinníoll in Airteagal 29a(1) de Threoir 2003/87/CE, scaoilfear 75 mhilliún lamháltas ón gcúlchiste agus cuirfear iad le cainníocht na lamháltas a bheidh le cur ar ceant ag na Ballstáit faoi Airteagal 10(2) den Treoir sin. I gcás ina mbíonn níos lú ná 75 mhilliún lamháltas sa chúlchiste, scaoilfear gach lamháltas sa chúlchiste faoin mír seo. I gcás ina gcomhlíonfar an coinníoll in Airteagal 29a(1) den Treoir sin, déanfar na méideanna atá le scaoileadh ón gcúlchiste i gcomhréir leis an Airteagal sin a dháileadh go cothrom le linn tréimhse 3 mhí, ag tosú tráth nach déanaí ná 2 mhí ón dáta a gcomhlíonfar an coinníoll in Airteagal 29a(1) den Treoir sin de réir mar a thabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith i gcomhréir leis an gceathrú fomhír de.’

;

(2) 

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 1a

Feidhmiú chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar, agus earnálacha breise

1.  
Cuirfear lamháltais a chumhdaítear le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE i roinn ar leithligh den chúlchiste arna bunú de bhun Airteagal 1 den Chinneadh seo, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach san Airteagal seo, agus scaoilfear ón roinn sin iad.
2.  
Feidhmeofar cur na lamháltas sa chúlchiste faoin Airteagal seo ón 1 Meán Fómhair 2028. Déanfar na lamháltais a chumhdaítear le Caibidil Iva de Threoir 2003/87/CE a chur sa chúlchiste, a choinneáil ann, agus a scaoileadh uaidh ar leithligh ó na lamháltais a chumhdaítear le hAirteagal 1 den Chinneadh seo.
3.  
In 2027, cruthófar an roinn dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 30d(2), an dara fomhír, de Threoir 2003/87/CE. Ón 1 Eanáir 2031 ar aghaidh, ní bheidh na lamháltais dá dtagraítear sa fhomhír sin nach bhfuil scaoilte ón gcúlchiste bailí a thuilleadh.
4.  
Foilseoidh an Coimisiún líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht a chumhdaítear i gCaibidil Iva de Threoir 2003/87/CE gach bliain, faoin 1 Meitheamh an bhliain ina dhiaidh sin, ar leithligh ó líon na lamháltas atá i gcúrsaíocht faoi Airteagal 1(4) den Chinneadh seo. Is éard a bheidh i líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht faoin Airteagal seo i mbliain ar leith líon carnach na lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil sin a eisíodh sa tréimhse ón 1 Eanáir 2027, lúide na tonaí carnacha d’astaíochtaí fíoraithe a chumhdaítear leis an gCaibidil sin don tréimhse idir an 1 Eanáir 2027 agus an 31 Nollaig an bhliain áirithe chéanna sin, agus aon lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil sin a chuirtear ar ceal i gcomhréir le hAirteagal 12(4) de Threoir 2003/87/CE. Tarlóidh an chéad fhoilsiú faoin 1 Meitheamh 2028.
5.  
In aon bhliain ar leith, má bhíonn líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht, mar a leagtar amach san fhoilseachán is déanaí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo iad, os cionn 440 milliún lamháltas, bainfear 100 milliún lamháltas ó chainníocht na lamháltas a chumhdaítear le Caibidil Iva de Threoir 2003/87/CE atá le cur ar ceant ag na Ballstáit faoi Airteagal 30d den Treoir sin agus cuirfear sa chúlchiste iad thar thréimhse 12 mhí ag tosú an 1 Meán Fómhair den bhliain sin.
6.  
In aon bhliain ar leith, má bhíonn líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht níos lú ná 210 milliún, scaoilfear 100 milliún lamháltas a chumhdaítear le Caibidil Iva de Threoir 2003/87/CE ón gcúlchiste agus cuirfear iad le cainníocht na lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil sin atá le cur ar ceant ag na Ballstáit faoi Airteagal 30d den Treoir sin. I gcás ina bhfuil níos lú ná 100 milliún lamháltas sa chúlchiste, scaoilfear gach lamháltas sa chúlchiste faoin mír seo.
7.  
Cuirfear na méideanna atá le scaoileadh ón gcúlchiste i gcomhréir le hAirteagal 30h de Threoir 2003/87/CE le cainníocht na lamháltas a chumhdaítear le Caibidil Iva den Treoir sin atá le cur ar ceant ag na Ballstáit faoi Airteagal 30d den Treoir sin. Déanfar na méideanna atá le scaoileadh ón gcúlchiste a dháileadh go cothrom le linn tréimhse 3 mhí, ag tosú tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis an dáta ar comhlíonadh na coinníollacha de réir a bhfoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 30h(8) de Threoir 2003/87/CE.
8.  
Beidh feidhm ag Airteagal 1(8) agus Airteagal 3 den Chinneadh seo maidir leis na lamháltais a chumhdaítear le Caibidil Iva de Threoir 2003/87/CE.
9.  
De mhaolú ar mhíreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo, i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin nó an dá cheann de na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 30k(1) de Threoir 2003/87/CE, déanfar cur na lámhaltas sa chúlchiste dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a fheidhmiú ón 1 Meán Fómhair 2029 agus cuirfear na dátaí dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo siar bliain amháin.’

;

(3) 

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

‘Airteagal 3

Athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fheidhmiú an chúlchiste i gcomhthéacs na tuarascála dá bhforáiltear in Airteagal 10(5) de Threoir 2003/87/CE. Ba cheart go mbreithneofaí sa tuarascáil sin na héifeachtaí ábhartha ar iomaíochas, go háirithe san earnáil thionsclaíoch, lena n-áirítear i ndáil le OTI, agus táscairí fostaíochta agus infheistíochta. Laistigh de 3 bliana ó thús oibriú an chúlchiste agus ag eatraimh 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn anailíse ar fheidhmiú ordúil an mhargaidh carbóin Eorpaigh, athbhreithniú ar an gcúlchiste agus cuirfidh sé togra reachtach, i gcás inarb iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Le gach athbhreithniú, tabharfar aird ar leith ar an bhfigiúr céatadáin chun líon na lamháltas a chuirfear sa chúlchiste de bhun Airteagal 1(5) den Chinneadh seo a chinneadh, ar luach uimhriúil na tairsí do líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht, lena n-áirítear d’fhonn coigeartú féideartha a dhéanamh ar an tairseach sin i gcomhréir leis an bhfachtóir líneach dá dtagraítear in Airteagal 9 de Threoir 2003/87/CE, agus ar líon na lamháltas a bheidh le scaoileadh ón gcúlchiste de bhun Airteagal 1(6) nó (7) den Chinneadh seo. Ina athbhreithniú, féachfaidh an Coimisiún freisin ar an tionchar a bheidh ag an gcúlchiste ar fhás, ar phoist, ar iomaíochas tionsclaíoch an Aontais agus ar an mbaol sceite carbóin.’.

Airteagal 3

Trasuí

1.  
Na dlíthe, na rialúcháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 1 den Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2023. Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024.

Na dlíthe, na rialúcháin agus na forálacha riaracháin is gá chun na hairteagail seo a leanas a chomhlíonadh, áfach, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 30 Meitheamh 2024:

▼C1

(a) 

Airteagal 1, pointe (3)(d), den Treoir seo maidir le hAirteagal 3, pointí (ae) go (ai), de Threoir 2003/87/CE, arna gcur isteach leis an bpointe sin;

▼B

(b) 

Airteagal 1, pointe (29), den Treoir seo cé is moite d’Airteagal 30f(4) de Threoir 2003/87/CE arna chur isteach leis an bpointe sin; agus

(c) 

Airteagal 1, pointe (31), den Treoir seo maidir le hIarscríbhinní III agus IIIa a ghabhann le Treoir 2003/87/CE arna gcur isteach leis an bpointe sin.

Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta arna nglacadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus leis an dara fomhír láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh an tagairt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáitsíos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.  
Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 4

Forálacha idirthréimhseacha

Agus a n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3(1) den Treoir seo á gcomhlíonadh acu, áiritheoidh na Ballstáit go leanfaidh a reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuítear pointe (u) d’Airteagal 3, Airteagal 10a(3) agus (4), Airteagal 10c(7) agus pointí 1 agus 3 d’Iarscríbhinn I, a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, mar atá sí i bhfeidhm an 4 Bealtaine 2023 d’fheidhm a bheith aici go dtí an 31 Nollaig 2025. De mhaolú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 3(1), an abairt dheireanach, cuirfidh siad a mbearta náisiúnta lena dtrasuitear leasuithe ar na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2026.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 2 ón 1 Eanáir 2024.

Airteagal 6

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.




IARSCRÍBHINN

(1) 

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

‘1. 

Leis an Treoir seo, ní chumhdaítear suiteálacha ná codanna de shuiteálacha a úsáidtear chun taighde a dhéanamh ar tháirgí agus próisis nua agus iad a fhorbairt agus a thástáil. Leis an Treoir seo, ní chumhdaítear suiteálacha más rud é, le linn na tréimhse 5 bliana dá dtagraítear in Airteagal 11(1), an dara fomhír, go rannchuidíonn astaíochtaí ó dhóchán bithmhaise a chomhlíonann na critéir atá leagtha amach de bhun Airteagal 14 le níos mó ná 95 %, ar an meán, de na meánastaíochtaí gás ceaptha teasa uile.’;

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

‘3. 

Nuair a dhéantar ionchur teirmeach rátaithe iomlán suiteála a ríomh chun cinneadh a dhéanamh maidir lena chuimsiú in CTA AE, déanfar ionchuir theirmeacha rátaithe na n-aonad teicniúil go léir atá mar chuid de, ina ndéantar breoslaí a dhó laistigh den tsuiteáil, a shuimiú le chéile. D’fhéadfadh sé go gcuimseofaí leis na haonaid sin coirí, dóirí, tuirbíní, téiteoirí, foirnéisí, loisceoirí, cailcíneoirí, áitheanna, oighinn, triomadóirí, innill, cealla breosla, aonaid dócháin lúbtha cheimicigh, lasracha, agus aonaid iardhócháin theirmeacha nó chatalaíocha de gach saghas. Ní chuirfear san áireamh aonaid ag a bhfuil ionchur teirmeach rátaithe faoi bhun 3 MW chun críocha an ríomha seo.’;

(c) 

leasaítear an tábla mar a leanas:

(i) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chéad ró:



‘Dóchán breoslaí i suiteálacha ar mó a hionchur teirmeach rátaithe iomlán ná 20 MW (seachas i suiteálacha chun dramhaíl ghuaiseach nó dramhaíl chathrach a loscadh)

Ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, dóchán breoslaí i suiteálacha chun dramhaíl chathrach a loscadh ar mó a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán ná 20 MW, chun críocha Airteagal 14 agus Airteagal 15.

Dé-ocsaíd charbóin’

;

(ii) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara ró:



‘Mínghlanadh ola, ina n-oibrítear aonaid dócháin ag a bhfuil ionchur teirmeach rátaithe iomlán a sháraíonn 20 MW

Dé-ocsaíd charbóin’

’;

(iii) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú ró:



‘Iarann nó cruach a tháirgeadh (comhleá príomhúil nó tánaisteach), lena n-áirítear teilgean leanúnach, lena ngabhann acmhainneacht is mó ná 2,5 tona in aghaidh na huaire

Dé-ocsaíd charbóin’

’;

(iv) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an seachtú ró:



‘Alúmanam nó alúmana príomhúil a tháirgeadh

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin’

;

(v) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú ró déag:



‘Triomú nó calcaíniú gipsim nó táirgeadh bord plástair agus táirgí gipsim eile, lena ngabhann acmhainneacht táirgeachta do ghipseam calcaínithe nó gipseam tánaisteach triomaithe a sháraíonn 20 tona in aghaidh an lae

Dé-ocsaíd charbóin’

;

(vi) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ochtú ró déag:



‘Dubh carbóin a tháirgeadh lena mbaineann carbónú substaintí orgánacha amhail olaí, tarraí, iarmhair scoilteora agus driogtha ag a bhfuil acmhainneacht táirgeachta a sháraíonn 50 tona in aghaidh an lae

Dé-ocsaíd charbóin’

(vii) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú ró is fiche:



‘Táirgeadh hidrigine (H2) agus gás sintéise a tháirgeadh ag a bhfuil acmhainneacht táirgeachta a sháraíonn 5 thona in aghaidh an lae

Dé-ocsaíd charbóin’

;

(viii) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an seachtú ró is fiche:



‘Gáis ceaptha teasa a iompar le haghaidh stóráil gheolaíoch i láithreán stórála atá ceadaithe faoi Threoir 2009/31/CE, seachas na hastaíochtaí sin a chumhdaítear le gníomhaíocht eile faoin Treoir seo

Dé-ocsaíd charbóin’

;

(ix) 

cuirtear an ró seo a leanas isteach tar éis an ró dheireanaigh nua, agus líne dheighilte eatarthu:



‘Muiriompar

Gníomhaíochtaí muiriompair a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2015/757 cé is moite de na gníomhaíochtaí muiriompair a chumhdaítear le hAirteagal 2(1a) agus, go dtí an 31 Nollaig 2026, le hAirteagal 2(1b) den Rialachán sin

Dé-ocsaíd charbóin

Ón 1 Eanáir 2026, meatán agus ocsaíd nítriúil’

;

(2) 

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn IIb a ghabhann le Treoir 2003/87/CE:




‘IARSCRÍBHINN IIb

CUID A

DÁILEADH CISTÍ ÓN gCISTE DON NUACHÓIRIÚ A CHOMHFHREAGRAÍONN D’AIRTEAGAL 10(1), AN TRÍÚ FOMHÍR



 

Sciar

An Bhulgáir

5,84  %

An tSeicia

15,59  %

An Eastóin

2,78  %

An Chróit

3,14  %

An Laitvia

1,44  %

An Liotuáin

2,57  %

An Ungáir

7,12  %

An Pholainn

43,41  %

An Rómáin

11,98  %

An tSlóvaic

6,13  %

CUID B

DÁILEADH CISTÍ ÓN gCISTE DON NUACHÓIRIÚ A CHOMHFHREAGRAÍONN D’AIRTEAGAL 10(1), AN CEATHRÚ FOMHÍR



 

Sciar

An Bhulgáir

4,9  %

An tSeicia

12,6  %

An Eastóin

2,1  %

An Ghréig

10,1  %

An Chróit

2,3  %

An Laitvia

1,0  %

An Liotuáin

1,9  %

An Ungáir

5,8  %

An Pholainn

34,2  %

An Phortaingéil

8,6  %

An Rómáin

9,7  %

An tSlóvaic

4,8  %

An tSlóivéin

2,0  %’;

(3) 

Cuirtear na hIarscríbhinní seo a leanas isteach mar Iarscríbhinní III agus IIIa a ghabhann le Treoir 2003/87/CE:




‘IARSCRÍBHINN III

GNÍOMHAÍOCHT ATÁ CUMHDAITHE LE CAIBIDIL Iva



Gníomhaíocht

Gáis ceaptha teasa

Breoslaí a caoileadh lena dtomhailt a úsáidtear le haghaidh dócháin in earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise. Ní áireofar leis an ngníomhaíocht sin:

(a)  breoslaí a scaoileadh lena dtomhailt a úsáidtear sna gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, ach amháin má úsáidtear iad i gcomhair dócháin agus gáis ceaptha teasa á n-iompar le haghaidh stóráil gheolaíoch mar a leagtar amach sa tábla, ró 27 den Iarscríbhinn sin nó má úsáidtear iad le haghaidh dócháin i suiteálacha a eisiatar faoi Airteagal 27a;

(b)  breoslaí a scaoileadh lena dtomhailt arb ionann an fachtóir astaíochta lena n-aghaidh agus nialas;

(c)  dramhaíola guaisí nó cathrach a scaoileadh lena tomhailt a úsáidtear mar bhreosla.

Comhfhreagróidh earnáil na bhfoirgneamh agus earnáil an iompair de bhóthar do na foinsí astaíochtaí seo a leanas, atá sainithe i dTreoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa, agus na leasuithe is gá déanta ar na sainmhínithe sin mar seo a leanas:

(a)  Comhghiniúint Cumhachta agus Teasa (CHP) (cód catagóire foinse 1A1a ii) agus Gléasraí Teasa (cód catagóire foinse 1A1a iii), sa mhéid go dtáirgeann siad teas le haghaidh catagóirí faoi phointí (c) agus (d) den mhír seo, go díreach nó trí líonraí téimh ceantair;

Dé-ocsaíd charbóin

(b)  Iompar de Bhóthar (cód catagóire foinse 1A3b), seachas feithiclí talmhaíochta a úsáid ar bhóithre pábháilte;

(c)  Tráchtáil / Institiúideach (cód catagóire foinse 1A4a);

(d)  Cónaitheach (cód catagóire foinse 1A4b).

Comhfhreagróidh earnálacha breise do na foinsí astaíochtaí seo a leanas, atá sainithe i dTreoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa:

(a)  Tionscail Fuinnimh (cód catagóire foinse 1A1), cé is moite de na catagóirí a shainmhínítear faoin dara mír, pointe (a), den Iarscríbhinn seo;

(b)  Tionscail Mhonaraíochta agus Foirgníocht (cód catagóire foinse 1A2).

 




IARSCRÍBHINN IIIa

COIGEARTÚ AR AN bhFACHTÓIR LAGHDAITHE LÍNIGH I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 30c(2)

1. Má bhíonn na meánastaíochtaí arna dtuairisciú faoi Chaibidil IVa le haghaidh na mblianta 2024 go 2026 níos mó ná 2 % níos airde i gcomparáid le luach chainníocht 2025 a shainmhínítear i gcomhréir le hAirteagal 30c(1), agus mura mbíonn na difríochtaí sin ann i ngeall ar an difríocht de níos lú ná 5 % atá idir na hastaíochtaí atá tuairiscithe faoi Chaibidil IVa agus sonraí fardail maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais in 2025 ó chatagóirí foinse UNFCCC le haghaidh na n-earnálacha atá cumhdaithe faoi Chaibidil IVa, déanfar an fachtóir laghdaithe línigh a ríomh tríd an bhfachtóir laghdaithe línigh dá dtagraítear in Airteagal 30c(1) a choigeartú.

2. Cinnfear an fachtóir laghdaithe línigh coigeartaithe i gcomhréir le pointe 1 mar seo a leanas:

LRFadj = 100%* [MRV[2024-2026] – (ESR[2024] - 6* LRF[2024]* ESR[2024])]/ (5* MRV[2024-2026]), i gcás an mhéid seo a leanas:
Is é LRFadj an fachtóir laghdaithe línigh coigeartaithe;
Is é MRV[2024-2026] meán na n-astaíochtaí fíoraithe faoi Chaibidil IVa le haghaidh na mblianta 2024 go 2026;
Is é ESR[2024] luach astaíochtaí 2024 arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 30c(1) le haghaidh na n-earnálacha atá cumhdaithe faoi Chaibidil IVa;
Is é LRF[2024] an fachtóir laghdaithe línigh dá dtagraítear in Airteagal 30c(1).’;
(4) 

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2003/87/CE mar a leanas:

(a) 

i gCuid A, leasaítear an mhír ‘Ríomh’ mar a leanas:

(i) 

sa tríú mír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deireanaí ‘Nialas a bheidh san fhachtóir astaíochta le haghaidh bithmhaise.’:

‘Nialas a bheidh san fhachtóir astaíochta i gcomhair bithmhais lena gcomhlíontar na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomhair úsáid bithmhaise a bhunaítear le Treoir (AE) 2018/2001, agus aon choigeartú is gá chun an Treoir seo a chur chun feidhme ann, mar atá leagtha amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 14 den Treoir seo.’;

(ii) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cúigiú mír:

‘Bainfear úsáid as fachtóirí ocsaídiúcháin réamhshocraithe arna bhforbairt de bhun Threoir 2010/75/AE mura rud é go bhféadfaidh an t-oibreoir a léiriú gur cruinne iad fachtóirí a bhaineann go sonrach le gníomhaíochtaí.’;

(b) 

i gCuid B, an mhír dar teideal ‘Faireachán ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin’, an ceathrú mír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deireanaí, ‘Nialas a bheidh san fhachtóir astaíochta i gcomhair bithmhaise.’:

‘Nialas a bheidh san fhachtóir astaíochta i gcomhair bithmhais lena gcomhlíontar na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomhair úsáid bithmhaise a bhunaítear le Treoir (AE) 2018/2001, agus aon choigeartú is gá chun an Treoir seo a chur chun feidhme ann, mar atá leagtha amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 14 den Treoir seo.’;

(c) 

cuirtear an chuid seo a leanas léi:

‘CUID C

Faireachán agus tuairisciú ar astaíochtaí a chomhfhreagraíonn don ghníomhaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn III

Faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí

Déanfar faireachán ar na hastaíochtaí trí ríomh a dhéanamh.

Ríomh

Déanfar astaíochtaí a ríomh ag úsáid na foirmle seo a leanas:

Breosla a scaoiltear lena thomhailt × fachtóir astaíochta

Áireofar le breosla a scaoiltear lena thomhailt an méid breosla arna scaoileadh ag an eintiteas rialáilte lena thomhailt.

Úsáidfear fachtóirí réamhshocraithe i gcomhair astaíochtaí IPCC, arna dtógáil ó Threoirlínte Fardail IPCC 2006 nó ó nuashonruithe ina dhiaidh sin ar na Treoirlínte sin, murar cruinne iad fachtóirí astaíochta a bhaineann go sonrach le breosla arna sainaithint ag saotharlanna creidiúnaithe neamhspleácha agus iad ag baint úsáide as modhanna anailíseacha a bhfuil glacadh leo.

Déanfar ríomh ar leithligh i ndáil le gach eintiteas rialáilte, agus i ndáil le gach breosla.

Tuairisciú ar astaíochtaí

Cuirfidh gach eintiteas rialáilte an fhaisnéis seo a leanas san áireamh ina thuarascáil:

A. 

Sonraí lena sainaithnítear an t-eintiteas rialáilte, lena n-áirítear:

— 
ainm an eintitis rialáilte;
— 
a sheoladh, lena n-áirítear cód poist agus tír;
— 
cineál na mbreoslaí a scaoileann sé lena dtomhailt agus a chuid gníomhaíochtaí trína scaoileann sé na breoslaí lena dtomhailt, lena n-áirítear an teicneolaíocht a úsáidtear;
— 
seoladh agus sonraí teileafóin, facs agus ríomhphoist le haghaidh teagmhálaí; agus
— 
ainm úinéir an eintitis rialáilte, agus ainm aon mháthairghnóthais.
B. 

Maidir le gach cineál breosla a scaoiltear lena thomhailt agus a úsáidtear i gcomhair dócháin sna hearnálacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, dá ndéantar astaíochtaí a ríomh:

— 
cainníocht an bhreosla a scaoiltear lena thomhailt;
— 
fachtóirí astaíochta;
— 
astaíochtaí iomlána;
— 
úsáid nó úsáidí deiridh an bhreosla a scaoiltear lena thomhailt; agus
— 
éiginnteacht.

Déanfaidh na Ballstáit bearta chun ceanglais tuairiscithe a chomhordú le haon cheanglas tuairiscithe atá ann cheana chun an t-ualach tuairiscithe ar ghnóthais a laghdú.’;

(5) 

In Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2003/87/CE cuirtear an chuid seo a leanas léi:

‘CUID C

Fíorú astaíochtaí a chomhfhreagraíonn don ghníomhaíocht dá dtagraítear in IARSCRÍBHINN III

Prionsabail Ghinearálta

1. Beidh astaíochtaí a chomhfhreagraíonn don ghníomhaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn III faoi réir fíorú.

2. Áireofar leis an bpróiseas fíorúcháin breithniú ar an tuarascáil de bhun Airteagal 14(3) agus ar fhaireachán le linn na bliana roimhe sin. Leis sin, tabharfar aghaidh ar iontaofacht, inchreidteacht agus cruinneas córas faireacháin agus na sonraí agus na faisnéise tuairiscithe a bhaineann le hastaíochtaí, go háirithe:

(a) 

na breoslaí tuairiscithe a scaoiltear lena dtomhailt agus ríomhanna gaolmhara;

(b) 

rogha agus úsáid fachtóirí astaíochta;

(c) 

na ríomhanna as a n-eascraíonn cinneadh i leith na n-astaíochtaí iomlána.

3. Ní fhéadfar astaíochtaí tuairiscithe a bhailíochtú ach amháin má cheadaíonn sonraí agus faisnéis iontaofa agus inchreidte go ndéanfar cinneadh i leith na n-astaíochtaí le hardleibhéal deimhneachta. Éilíonn ardleibhéal deimhneachta go dtaispeánfaidh an t-eintiteas rialáilte:

(a) 

nach bhfuil aon neamhréireacht sna sonraí tuairiscithe;

(b) 

gur bailíodh na sonraí i gcomhréir leis na caighdeáin eolaíochta is infheidhme; agus

(c) 

go bhfuil taifid ábhartha an eintitis rialáilte iomlán agus comhsheasmhach.

4. Tabharfar rochtain don fhíoraitheoir ar na láithreáin agus an fhaisnéis uile i ndáil le hábhar an fhíorúcháin.

5. Déanfaidh an fíoraitheoir breithniú maidir le cibé an bhfuil an t-eintiteas rialáilte cláraithe faoi scéim an Aontais um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS).

Modheolaíocht

Anailís straitéiseach

6. Bunófar an fíorúchán ar anailís straitéiseach ar chainníochtaí go léir na mbreoslaí arna scaoileadh ag an eintiteas rialáilte lena dtomhailt. Leis sin, éilítear ar an bhfíoraitheoir forbhreathnú a bheith aige ar na gníomhaíochtaí ar fad trína bhfuil na breoslaí á scaoileadh lena dtomhailt ag an eintiteas rialáilte agus a thábhachtaí atá siad d’astaíochtaí.

Anailís ar phróisis

7. Déanfar na sonraí agus an fhaisnéis arna tíolacadh a fhíorú ar láithreán an eintitis rialáilte, i gcás inarb iomchuí. Bainfidh an fíoraitheoir úsáid as spotseiceálacha chun iontaofacht na sonraí agus na faisnéise tuairiscithe a chinneadh.

Anailís riosca

8. Tíolacfaidh an fíoraitheoir na modhanna uile trína scaoileann an t-eintiteas rialáilte na breoslaí lena dtomhailt i gcomhair meastóireacht maidir le hiontaofacht sonraí gach foinse a chuireann le hastaíochtaí iomlána an eintitis rialáilte.

9. Ar bhonn na hanailíse sin, déanfaidh an fíoraitheoir aon ghné a bhfuil ardriosca earráide ag gabháil léi a shainaithint go sainráite, mar aon le gnéithe eile den nós imeachta faireacháin agus tuairiscithe ar dóigh go mbeidh earráidí de thoradh orthu agus na hastaíochtaí foriomlána á gcinneadh. Áirítear leis sin go háirithe na ríomhanna is gá chun leibhéal na n-astaíochtaí ó gach foinse aonair a chinneadh. Tabharfar aird ar leith ar na foinsí sin a bhfuil ardriosca earráide ag baint leo agus ar na gnéithe thuasluaite den nós imeachta faireacháin.

10. Cuirfidh an fíoraitheoir aon mhodh rialaithe rioscaí éifeachtach arna chur i bhfeidhm ag an eintiteas rialáilte san áireamh d’fhonn an méid éiginnteachta a íoslaghdú.

Tuarascáil

11. Ullmhóidh an fíoraitheoir tuarascáil maidir leis an bpróiseas bailíochtaithe agus luafaidh sé cibé an bhfuil an tuarascáil de bhun Airteagal 14(3) sásúil. Sa tuarascáil sin, sonrófar na saincheisteanna uile is iomchuí maidir leis an obair a rinneadh. Féadfar ráiteas a dhéanamh ina sonrófar go bhfuil an tuarascáil de bhun Airteagal 14(3) sásúil más rud é, i dtuairim an fhíoraitheora, nach bhfuil míráiteas ábhartha tugtha maidir leis na hastaíochtaí iomlána.

Íoscheanglas inniúlachta don fhíoraitheoir

12. Beidh an fíoraitheoir neamhspleách ón eintiteas rialáilte, déanfaidh sé a chuid nó a cuid gníomhaíochtaí ar bhealach fónta, oibiachtúil agus proifisiúnta, agus beidh tuiscint aige nó aici ar na nithe seo a leanas:

(a) 

forálacha na Treorach seo, mar aon le caighdeáin agus treoraíocht ábhartha arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 14(1);

(b) 

na ceanglais reachtacha, rialála, agus riaracháin is iomchuí maidir leis na gníomhaíochtaí atá á bhfíorú; agus

(c) 

giniúint na faisnéise uile a bhaineann leis na bealaí go léir trína scaoileann an t-eintiteas rialáilte na breoslaí lena dtomhailt, go háirithe maidir le sonraí a bhailiú, a thomhas, a ríomh agus a thuairisciú.’.



( *1 ) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

( *2 )  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.’;

( *3 ) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).’;

( *4 ) Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cur chun feidhme an Chóid Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta sa Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3051/95 (IO L 64, 4.3.2006, lch. 1).

( *5 ) Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55);

( *6 ) Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (IO L 58, 27.2.2020, lch. 4.)

( *7 ) Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).’;

( *8 ) Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).’;

( *9 ) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).’;

( *10 ) Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (IO L 130 16.5.2023, lch. 52).’;

( *11 ) Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).’;

( *12 ) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

( *13 ) Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).’;

( *14 ) Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).’;

( *15 ) Cinneadh 2010/670/AE ón gCoimisiún an 3 Samhain 2010 lena leagtar síos na critéir agus na bearta maidir le maoiniú tionscadal taispeántais tráchtála atá ceaptha CO2 a ghabháil ar bhealach sábháilte ó thaobh an chomhshaoil agus a stóráil go geolaíoch chomh maith le tionscadail taispeántais de theicneolaíochtaí nuálacha fuinnimh in-athnuaite faoin scéim um lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Chomhphobal arna bunú le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 290, 6.11.2010, lch. 39).

( *16 ) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).’;

( *17 ) Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 (IO L 130 16.5.2003, lch. 1).’;

( *18 ) Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).’;

( *19 ) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).’;

( *20 ) Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).

( *21 ) Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena leasaítear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).”;

( *22 ) Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus maidir leis an nGréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (IO L 126, 21.5.2009, lch. 13).’;