02023D2447 — GA — 11.07.2024 — 013.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2447 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Deireadh Fómhair 2023

maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 7450)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 2447 30.10.2023, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

 M1

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2578 ÓN gCOIMISIÚN  an 13 Samhain 2023

  L 2578

1

20.11.2023

 M2

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2695 ÓN gCOIMISIÚN  an 24 Samhain 2023

  L 2695

1

28.11.2023

 M3

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2778 ÓN gCOIMISIÚN  an 7 Nollaig 2023

  L 2778

1

12.12.2023

 M4

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2913 ÓN gCOIMISIÚN  an 20 Nollaig 2023

  L 2913

1

29.12.2023

 M5

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/258 ÓN gCOIMISIÚN  an 10 Eanáir 2024

  L 258

1

18.1.2024

 M6

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/416 ÓN gCOIMISIÚN  an 25 Eanáir 2024

  L 416

1

31.1.2024

 M7

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/580 ÓN gCOIMISIÚN  an 9 Feabhra 2024

  L 580

1

15.2.2024

 M8

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/759 ÓN gCOIMISIÚN  an 23 Feabhra 2024

  L 759

1

26.2.2024

 M9

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/852 ÓN gCOIMISIÚN  an 8 Márta 2024

  L 852

1

11.3.2024

 M10

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/963 ÓN gCOIMISIÚN  an 21 Márta 2024

  L 963

1

27.3.2024

 M11

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1066 ÓN gCOIMISIÚN  an 5 Aibreán 2024

  L 1066

1

10.4.2024

 M12

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1184 ÓN gCOIMISIÚN  an 17 Aibreán 2024

  L 1184

1

18.4.2024

 M13

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1222 ÓN gCOIMISIÚN  an 23 Aibreán 2024

  L 1222

1

29.4.2024

 M14

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1297 ÓN gCOIMISIÚN  an 3 Bealtaine 2024

  L 1297

1

8.5.2024

 M15

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1452 ÓN gCOIMISIÚN  an 17 Bealtaine 2024

  L 1452

1

21.5.2024

►M16

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1948 ÓN gCOIMISIÚN  an 9 Iúil 2024

  L 1948

1

11.7.2024




▼B

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2447 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Deireadh Fómhair 2023

maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 7450)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leis an gCinneadh seo, bunaítear an méid seo a leanas ar leibhéal an Aontais:

(a) 

na criosanna cosanta agus faireachais atá le bunú ag na Ballstáit a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo (na Ballstáit lena mbaineann), tar éis ráig nó ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis nó in éin i mbraighdeanas, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus fad na mbeart rialaithe galar atá le cur i bhfeidhm sna criosanna cosanta i gcomhréir le hAirteagal 39, agus sna criosanna faireachais i gcomhréir le hAirteagal 55 den Rialachán Tarmligthe sin.

(b) 

na criosanna srianta breise atá le bunú ag na Ballstáit lena mbaineann, tar éis ráig nó ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis nó in éin i mbraighdeanas, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna srianta breise.

Leagtar síos sa Chinneadh seo freisin rialacha maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí d’éanlaithe clóis, d’éin i mbraighdeanas, d’uibheacha goir agus d’uibheacha sonracha saor ó phataiginí ó na criosanna srianta breise, i gcás inar deonaíodh maolú, i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena gceadaítear gluaiseachtaí den sórt sin.

Airteagal 2

An crios cosanta

Áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann an méid seo a leanas:

(a) 

go gcuimseoidh na criosanna cosanta arna mbunú ag a n-údaráis inniúla, i gcomhréir le hAirteagal 21(1), pointe(a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, na limistéir a liostaítear ar a laghad mar chriosanna cosanta i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(b) 

go gcoimeádtar ar siúl na bearta atá le cur i bhfeidhm sna criosanna cosanta, dá bhforáiltear in Airteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ar a laghad go dtí na dátaí le haghaidh na gcriosanna cosanta a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

An crios faireachais

Áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann an méid seo a leanas:

(a) 

go gcuimseoidh na criosanna faireachais arna mbunú ag a n-údaráis inniúla, i gcomhréir le hAirteagal 21(1), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ar a laghad na limistéir a liostaítear mar chriosanna faireachais i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(b) 

go gcoimeádtar ar siúl na bearta atá le cur i bhfeidhm sna criosanna faireachais, dá bhforáiltear in Airteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ar a laghad go dtí na dátaí le haghaidh na gcriosanna faireachais a leagtar amach i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 4

Criosanna srianta breise

Áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann an méid seo a leanas:

(a) 

go gcuimseoidh na criosanna srianta breise arna mbunú ag a n-údaráis inniúla, i gcomhréir le hAirteagal 21(1), pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ar a laghad na limistéir a liostaítear mar chriosanna srianta breise i gCuid C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(b) 

go gcoimeádtar ar siúl na bearta atá le cur i bhfeidhm sna criosanna srianta breise, dá bhforáiltear in Airteagal 21(1), pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ar a laghad go dtí na dátaí le haghaidh na gcriosanna srianta breise a leagtar amach i gCuid C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(c) 

i gcás ina ndeonóidh údarás inniúil Ballstáit lena mbaineann maolú, tar éis toradh dearfach ar mheasúnú riosca, i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena gceadaítear gluaiseachtaí coinsíneachtaí éanlaithe clóis, éan faoi chuing, uibheacha goir agus uibheacha saor ó phataigin shonrach ó na criosanna srianta breise a liostaítear i gCuid C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo chuig Ballstáit eile, áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann go mbeidh an deimhniú sláinte ainmhithe ábhartha nó an deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 ón gCoimisiún in éineacht leis na coinsíneachtaí sin, deimhniú nach mór an fianú seo a leanas a bheith ann:

‘Comhlíonann an choinsíneacht na forálacha a leagtar síos in Airteagal 4 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) C(2023)7450 ón gCoimisiún.’

Airteagal 5

Cur i bhFeidhm

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 30 Meán Fómhair 2024.

Airteagal 6

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.




IARSCRÍBHINN

▼M16

Cuid A

Criosanna cosanta sna Ballstáit lena mbaineann* dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), agus Airteagal 2:

Ballstát: an Ghearmáin



Uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

NIEDERSACHSEN

DE-HPAI(P)-2024-00010

Landkreis Grafschaft Bentheim

3 km um den Ausbruchsbetrieb mit den GPS Koordiniaten 7.076164 / 52.354830. Betroffen sind Teile der Gemeinden Bad Bentheim, Isterberg, Quendorf und Nordhorn.

27.7.2024

Ballstát: an Ísiltír



Uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

Province Overijssel

DE-HPAI(P)-2024-00010

Those parts of the province Overijssel contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on GPS coordinates 7.076164 / 52.354830.

27.7.2024

Cuid B

Criosanna faireachais sna Ballstáit lena mbaineann* dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), agus Airteagal 3:

Ballstát: an Ghearmáin



Uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

NIEDERSACHSEN

DE-HPAI(P)-2024-00010

Landkreis Grafschaft Bentheim

10 km um den Ausbruchsbetrieb mit den GPS Koordiniaten 7.076164 / 52.354830. Betroffen sind die Gemeinde Isterberg und Teile der Gemeinden Bad Bentheim, Quendorf, Nordhorn, Engden und Schüttorf.

5.8.2024

Landkreis Grafschaft Bentheim

3 km um den Ausbruchsbetrieb mit den GPS Koordiniaten 7.076164 / 52.354830. Betroffen sind Teile der Gemeinden Bad Bentheim, Isterberg, Quendorf und Nordhorn.

28.7.2024 - 5.8.2024

Ballstát: an Ísiltír



Uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

Province Overijssel

DE-HPAI(P)-2024-00010

Those parts of the province Overijssel extending beyond the area described in the protection zone contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centered on GPS coordinates 7.076164 / 52.354830.

5.8.2024

Those parts of the province Overijssel contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on GPS coordinates 7.076164 / 52.354830.

28.7.2024 - 5.8.2024

Cuid C

Criosanna srianta breise sna Ballstáit lena mbaineann* dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), agus Airteagal 4:

Ballstát: Ceann ar bith



Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh na bearta infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 3a

 

 

* I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) de Chreat Windsor (féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023, IO L 102, 17.4.2023, lch. 87) i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCreat sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, baineann tagairtí don Bhallstát leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.