02023D2135 — GA — 24.06.2024 — 002.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

CINNEADH (CBES) 2023/2135 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Deireadh Fómhair 2023

a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine

(IO L 2135 11.10.2023, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

CINNEADH (CBES) 2024/383 ÓN gCOMHAIRLE  an 22 Eanáir 2024

  L 383

1

22.1.2024

►M2

CINNEADH (CBES) 2024/1784 ÓN gCOMHAIRLE  an 24 Meitheamh 2024

  L 1784

1

24.6.2024




▼B

CINNEADH (CBES) 2023/2135 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Deireadh Fómhair 2023

a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine



Airteagal 1

1.  

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun teacht isteach ina gcríocha, nó chun idirthuras trína gcríocha, a chosc i leith na ndaoine seo a leanas:

(a) 

daoine nádúrtha atá freagrach as, nó a bhí páirteach go díreach nó go hindíreach as, tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí nó do bheartais a chuireann síocháin, cobhsaíocht nó slándáil na Súdáine i mbaol, nó a thairbhíonn de na gníomhaíochtaí nó de na beartais sin;

(b) 

daoine nádúrtha atá ag cur bac ar iarrachtaí chun an t-aistriú polaitiúil a atosú sa tSúdáin nó atá ag baint an bonn de na hiarrachtaí sin;

(c) 

daoine nádúrtha atá ag cur bac ar chabhair dhaonnúil a sheachadadh, a dháileadh sa tSúdáin, nó atá ag cur bac ar rochtain ar an gcabhair sin, lena n-áirítear ionsaithe ar oibrithe sláinte agus daonnúla agus bonneagar daonnúil nó sláinte nó sócmhainní daonnúla nó sláinte a urghabháil nó a scriosadh;

(d) 

daoine nádúrtha atá i mbun gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh sa tSúdáin ar sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha chearta an duine iad nó ar sáruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta iad, lena n-áirítear marú agus ciorrú, éigniú agus cineálacha tromchúiseacha eile foréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe, fuadach agus easáitiú éigeantach;

(e) 

daoine nádúrtha a bhfuil baint acu leis na daoine a aimnítear faoi phointí (a) go (d), mar a liostaítear san Iarscríbhinn.

2.  
Ní chuirfear de cheangal le mír 1 ar aon Bhallstát teacht isteach chuig a chríoch féin a dhiúltú dá náisiúnaigh féin.
3.  

I gcás ina mbeidh Ballstát faoi cheangal ag oibleagáid faoin dlí idirnáisiúnta, beidh mír 1 gan dochar don chás sin, eadhon:

(a) 

mar thír óstach ar eagraíocht idir-rialtasach idirnáisiúnta;

(b) 

mar thír óstach ar chomhdháil idirnáisiúnta a bheidh á tionól ag na Náisiúin Aontaithe nó faoina gcoimirce;

(c) 

faoi chomhaontú iltaobhach lena dtugtar pribhléidí agus díolúintí; nó

(d) 

faoi Chonradh Idir-Réitigh 1929 (Comhaontú na Lataráine) a tugadh i gcrích idir an Suí Naofa (Stát Chathair na Vatacáine) agus an Iodáil.

4.  
Beidh feidhm ag mír 3 freisin i gcásanna ina bhfuil an Ballstát ina thír óstach de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE).
5.  
Cuirfear an Chomhairle ar an eolas go cuí faoi gach cás ina ndeonann an Ballstát díolúine de bhun mhíreanna 3 nó 4.
6.  
Féadfaidh na Ballstáit díolúintí a dheonú ó na bearta a forchuireadh faoi mhír 1 i gcás ina bhfuil údar leis ar fhorais riachtanais dhaonnachtúil phráinnigh nó ar fhorais go bhfuiltear ag freastal ar chruinnithe idir-rialtasacha nó ar chruinnithe atá á gcur chun cinn ag an Aontas nó á n-óstáil aige, nó atá á n-óstáil ag Ballstát a bhfuil Cathaoirleacht aige ar oifig ESCE, i gcás ina reáchtáiltear idirphlé polaitiúil a chuireann cuspóirí beartais na mbeart sriantach chun cinn go díreach, lena n-áirítear tacaíocht do chobhsaíocht agus aistriú polaitiúil na Súdáine.
7.  
Féadfaidh na Ballstáit díolúintí a dheonú ó na bearta a forchuireadh faoi mhír 1 i gcás ina bhfuil gá le teacht isteach nó le hidirthuras chun próiseas breithiúnach a chomhlíonadh.
8.  
Tabharfaidh aon Bhallstát ar mian leis díolúintí a dheonú dá dtagraítear i mír 6 nó 7 fógra don Chomhairle i scríbhinn ina leith. Measfar an díolúine sin a bheith deonaithe mura ndéanfaidh Ballstát amháin nó níos mó agóid i scríbhinn laistigh de 2 lá oibre tar éis fógra a fháil faoin díolúine atá beartaithe. Má dhéanann Ballstát amháin nó níos mó agóid, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh an díolúine atá beartaithe a dheonú.
9.  
I gcás, de bhun mhíreanna 3, 4, 6, 7 agus 8, ina n-údaraíonn Ballstát teacht isteach ina gcríocha, nó idirthuras trína gcríocha do dhaoine a liostaítear san Iarscríbhinn, beidh an t-údarú teoranta don chuspóir ar chuige sin a thugtar é don duine lena mbaineann.

Airteagal 2

1.  

Maidir le cistí agus acmhainní eacnamaíocha ar le, atá faoi úinéireacht, i seilbh nó ar faoi rialú iad seo a leanas iad:

(a) 

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá freagrach as, nó bhí páirteach go díreach nó go hindíreach as, tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí nó do bheartais a chuireann síocháin, cobhsaíocht nó slándáil na Súdáine i mbaol, nó a thairbhíonn de na gníomhaíochtaí nó de na beartais sin;

(b) 

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá ag cur bac ar iarrachtaí chun an t-aistriú polaitiúil a atosú nó atá ag baint an bonn de na hiarrachtaí sin sa tSúdáin;

(c) 

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá ag cur bac ar chabhair dhaonnúil a sheachadadh, a dháileadh sa tSúdáin, nó atá ag cur bac ar rochtain ar an gcabhair sin, lena n-áirítear ionsaithe ar oibrithe sláinte agus daonnúla agus bonneagar daonnúil nó sláinte nó sócmhainní daonnúla nó sláinte a urghabháil nó a scriosadh,

(d) 

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá i mbun gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh sa tSúdáin ar sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha chearta an duine iad nó ar sáruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta iad, lena n-áirítear marú agus ciorrú, éigniú agus cineálacha tromchúiseacha eile foréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe, fuadach agus easáitiú éigeantach;

(e) 

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leis na daoine a ainmnítear faoi phointí (a) go (d) mar a liostaítear san Iarscríbhinn;

déanfar iad a reo.

2.  
Ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis ná do chomhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn, ná ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, chun tairbhe dóibh.
3.  

De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát a údarú cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur mar a leanas atá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:

(a) 

go bhfuil gá leo chun bunriachtanais na ndaoine a liostaítear san Iarscríbhinn a chomhlíonadh, agus baill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine sin, lena n-áirítear íocaíochtaí as bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;

(b) 

gur ceapadh iad chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc agus costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

(c) 

gur ceapadh iad chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;

(d) 

go bhfuil gá leo le haghaidh costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais a mheasann sé gur cheart údarú sonrach a dheonú, 2 sheachtain ar a laghad roimh an údarú; nó

(e) 

go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas misin taidhleoireachta nó poist chonsalaigh nó eagraíochta idirnáisiúnta nó ón gcuntas sin a bhfuil díolúintí aige i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó an phoist chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír sin laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

4.  

De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát a údarú cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t–eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 a liostú san Iarscríbhinn, nó tá siad faoi réir cinneadh dlí nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;

(b) 

ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh den sórt sin a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;

(c) 

ní chun leas duine nádúrtha ná dlítheanach, eintitis ná comhlachta a liostaítear san Iarscríbhinn é an cinneadh; agus

(d) 

níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

5.  
Ní chuirfear de chosc le mír 1 ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach, ar eintiteas nó ar chomhlacht a liostaítear san Iarscríbhinn, íocaíocht a dhéanamh atá dlite faoi chonradh nó faoi chomhaontú a rinneadh, nó faoi oibleagáid a tháinig chun cinn, roimh an dáta a liostaíodh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin san Iarscríbhinn sin, ar choinníoll gur chinn an Ballstát lena mbaineann nach bhfaighidh duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i mír 1 an íocaíocht, go díreach nó go hindíreach.
6.  

Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir le breiseanna mar a leanas arna gcur le cuntais reoite:

(a) 

ús nó tuillimh eile ar na cuntais sin;

(b) 

íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta ar tháinig na cuntais sin le bheith faoi réir na mbearta dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2; nó

(c) 

íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a tugadh san Aontas nó atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann;

ar choinníoll gur faoi réir na mbeart dá bhforáiltear i mír 1 fós atá aon ús den sórt sin, tuillimh agus íocaíochtaí eile.

7.  

Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó chun tacú le le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:

(a) 

na Náisiúin Aontaithe, lena n–áirítear a gcláir, a gcistí agus a n–eintitis agus a gcomhlachtaí eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

(b) 

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c) 

eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n–eagraíochtaí daonnúla sin;

(d) 

eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achomhairc nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla;

(e) 

eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí ar dheonaigh an tAontas an Deimhniú Comhpháirtíochta Daonnúla dóibh nó atá deimhnithe nó aitheanta ag Ballstát i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta;

(f) 

sainghníomhaireachtaí na mBallstát; nó

(g) 

ostaithe, deontaithe, fochuideachtaí, nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (f) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin.

8.  
I gcásanna nach gcumhdaítear le mír 7, agus de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit a údarú cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine.
9.  
In éagmais cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra i gcomhair tréimhse bhreise ón údarás inniúil laistigh de 5 lá oibre ón dáta a bhfaighfear an iarraidh ar údarú faoi mhír 8, measfar gur deonaíodh an t-údarú.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin Airteagal seo laistigh de 4 seachtaine ón údarú sin.

Airteagal 3

1.  
Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ó Bhallstát nó ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’), an liosta san Iarscríbhinn a bhunú agus a leasú.
2.  
Déanfaidh an Chomhairle an cinneadh dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear na forais leis an liostú, a chur in iúl go díreach don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht lena mbaineann más eol an seoladh, nó trí fhógra a fhoilsiú, trína dtabharfar deis don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht sin barúlacha a thíolacadh.
3.  
I gcás ina dtíolacfar barúlacha, nó i gcás ina dtíolacfar fianaise shubstaintiúil nua, athbhreithneoidh an Chomhairle na cinntí dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfidh sí an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann ar an eolas dá réir sin.

Airteagal 4

1.  
Áireofar san Iarscríbhinn na forais chun na daoine nádúrtha agus dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 a liostú.
2.  
Beidh san Iarscríbhinn, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis is gá chun daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine nádúrtha, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha agus ailiasanna; dáta breithe agus áit bhreithe; náisiúntacht; uimhreacha pas agus cárta aitheantais; inscne; seoladh, más eol; agus feidhm nó gairm. Maidir le daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, féadfaidh an méid a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha; áit agus dáta clárúcháin; cláruimhir; agus áit ghnó.

Airteagal 5

1.  

Féadfaidh an Chomhairle agus an tArdionadaí sonraí pearsanta a phróiseáil chun a gcúraimí faoin gCinneadh seo a chur i gcrích, go háirithe:

(a) 

a mhéid a bhaineann leis an gComhairle, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú agus a dhéanamh;

(b) 

a mhéid a bhaineann leis an Ardionadaí, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú.

2.  
Maidir le sonraí ábhartha a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha liostaithe agus le ciontuithe coiriúla nó bearta slándála a bhaineann leis na daoine sin, ní dhéanfaidh an Chomhairle ná an tArdionadaí iad a phróiseáil, i gcás inarb infheidhme, ach amháin a mhéid is gá an phróiseáil sin chun an Iarscríbhinn a ullmhú.
3.  
Chun críocha an Chinnidh seo, ainmnítear an Chomhairle agus an tArdionadaí mar ‘rialaitheoir’ de réir bhrí Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), chun a áirithiú gur féidir leis na daoine nádúrtha lena mbaineann a gcearta a fheidhmiú faoin Rialachán sin.

Airteagal 6

Ní chomhlíonfar aon éileamh i ndáil le haon chonradh nó idirbheart a ndearnadh dochar dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin gCinneadh seo, lena n–áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh eile den sórt sin, amhail éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna, ráthaíocht nó slánaíocht nó [éileamh ar] iad a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é go ndéanfaidh ceann de na páirtithe seo a leanas an t-éileamh:

(a) 

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí arna n-ainmniú, a liostaítear san Iarscríbhinn;

(b) 

aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó ceann de na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a).

Airteagal 7

Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach nó d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na toirmisc a leagtar amach sa Chinneadh seo.

Airteagal 8

Chun tionchar na mbeart a leagtar amach sa Chinneadh seo a uasmhéadú, spreagfaidh an tAontas tríú Stáit chun bearta sriantacha a ghlacadh cosúil leis na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo.

Airteagal 9

1.  
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 10 Deireadh Fómhair 2024.

Coimeádfar an Cinneadh seo faoi athbhreithniú go leanúnach. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.

2.  
Déanfar na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(7), (8) agus (9) maidir le hAirteagal 2(1) agus (2) a athbhreithniú go tráthrialta agus ar a laghad gach 12 mhí nó arna iarraidh sin go práinneach ag aon Bhallstát, ag an Ardionadaí, nó ag an gCoimisiún tar éis athrú bunúsach ar na himthosca.

Airteagal 10

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

▼M1




IARSCRÍBHINN

A.   Liosta na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus in Airteagal 2(1)

▼M2



 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

1.

Mirghani Idriss SULEIMAN

Náisiúntacht: Súdánach

Inscne: fireann

Feidhm: Leifteanant-Ghinearál i bhFórsaí Armtha na Súdáine;

Ard-Stiúrthóir Defence Industries System;

Ceann Ghníomhaireacht Táirgthe Arm na Súdáine

Daoine a bhfuil baint acu leis: An Ginearál Abdelfattah Al-Burhan, Ardcheannasaí Fhórsaí Armtha na Súdáine

Eintitis chomhlachaithe: Defense Industry System, SMT Engineering; Fórsaí Armtha na Súdáine

Is oifigeach d’Fhórsaí Armtha na Súdáine é an Leifteanant-Ghinearál Mirghani Idriss Suleiman atá ina Ard-Stiúrthóir ar Defense Industry System (DIS), cuideachta atá curtha faoi smachtbhannaí ag an Aontas Eorpach as tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Súdáine i mbaol.

Cuirtear síos ar DIS mar an fiontar cosanta is mó sa tSúdáin, a ghineann thart ar USD 2 bhilliún in ioncam trí na céadta fochuideachtaí ar fud earnálacha éagsúla de gheilleagar na Súdáine. Monaraíonn DIS raon mionarm, gnáth-armán, armlón agus feithiclí míleata le haghaidh Fhórsaí Armtha na Súdáine.

Líomhnaítear gur thaisteal Mirghani Idriss Suleiman, mar Ard-Stiúrthóir DIS, go forleathan leis an nGinearál Abdelfattah Al-Burhan, Ardcheannasaí Fhórsaí Armtha na Súdáine, ó thús an chogaidh, chun cur le cumas Fhórsaí Armtha na Súdáine na Fórsaí Mear-Thacaíochta a chomhrac ar roinnt frontaí i gCartúm, Darfur agus Kordofan.

Dá bhrí sin, tacaíonn Mirghani Idriss Suleiman le gníomhaíochtaí nó beartais a chuireann síocháin, cobhsaíocht nó slándáil na Súdáine i mbaol.

24.6.2024

2.

EL TAHIR Mohamed EL AWAD EL AMIN

ar a dtugtar freisin:

EL TAHIR Mohamed

EL AWAD EL AMIN

AL-TAHER;

Mohammed AL-AWAD AL-AMIN

Náisiúntacht: Súdánach

Inscne: fireann

Feidhm: Leifteanant-Ghinearál, Ceannasaí Aerfhórsa na Súdáine ón 1 Meán Fómhair 2022 i leith;

Iar-Déan Choláiste Aerfhórsa na Súdáine; Iar-Cheannasaí Aerbhunáit Chartúm

Daoine a bhfuil baint acu leis: An Ginearál Abdelfattah Al-Burhan, Ceannasaí Uachtarach Fhórsaí Armtha na Súdáine;

An Leifteanant Ghinearál Yasir al-Atta, Ardcheannasaí Cúnta Fhórsaí Armtha na Súdáine;

An Ginearál Mohamed Osman al-Hussein, Ceann Foirne Fórsaí Talún Fhórsaí Armtha na Súdáine

Eintitis a bhfuil baint acu leis: Fórsaí Armtha na Súdáine

Is Leifteanant-Ghinearál i bhFórsaí Armtha na Súdáine agus Ceannasaí Aerfhórsa na Súdáine é El Tahir Mohamed El Awad El Amin ón 1 Meán Fómhair 2022 i leith. Dá bhrí sin, tá sé i gceannas ar na hoibríochtaí a rinne Aerfhórsa Fhórsaí Armtha na Súdáine ó thús na coinbhleachta idir Fórsaí Armtha na Súdáine, na Fórsaí Mear-Thacaíochta agus a mílístí gaolmhara an 15 Aibreán 2023, mar a léiríodh trína rannpháirtíocht arna nochtadh go poiblí i gcruinnithe ardleibhéil de cheannasaithe sinsearacha Fhórsaí Armtha na Súdáine faoi cheannas an Ardcheannasaí Abdelfattah Al-Burhan i gCeannas Ginearálta Fhórsaí Armtha na Súdáine i gCartúm i mí na Bealtaine agus i mí Iúil 2023.

Dá bhrí sin, tá freagracht dhíreach cheannasaíochta ar El Tahir Mohamed El Awad El Amin as an aerbhuamáil neamh-idirdhealaitheach a rinne Aerfhórsa Fhórsaí Armtha na Súdáine i limistéir chónaithe dhlúthdhaonra, go háirithe i gCartúm, in Omdurman, in Nyala (Darfur Theas) agus in Kordofan Thuaidh, arna dhoiciméadú ag Misean Cúnaimh Chomhtháite na Náisiún Aontaithe um Aistriú sa tSúdáin (UNITAMS) ina thuarascálacha an 31 Lúnasa 2023 agus an 13 Samhain 2023 chuig an Ardrúnaí, i dtuarascáil an 22 Feabhra 2024 ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus i dtuarascáil an 15 Eanáir 2024 ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe maidir leis an tSúdáin.

Dá bhrí sin, bhí El Tahir Mohamed El Awad El Amin rannpháirteach go díreach i leanúnachas na coinbhleachta sa tSúdáin, rud a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Súdáine i mbaol, agus bhí baint aige le haeroibríochtaí a phleanáil, a stiúradh agus a chur i gcrích a raibh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus sáruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta mar thoradh orthu ós iad ba chúis le líon ard taismeach sibhialtach, le heasáitiú an phobail shibhialtaigh agus le scriosadh bonneagar criticiúil, lena n áirítear saoráidí leighis ar nós Ospidéal na Níle Thoir i gCartúm, i mí na Bealtaine 2023, agus Ospidéal Péidiatraiceach Babiker Nahar in El-Fasher, i mí na Bealtaine 2024.

24.6.2024

3.

Ali Ahmed KARTI MOHAMED

Dáta breithe: 11.3.1953

Áit bhreithe: Hagar Elassal – an tSúdáin

Náisiúntacht: Súdánach

Inscne: fireann

Feidhm: Ball dílis de Pháirtí na Comhdhála Náisiúnta;

Ardrúnaí Ghluaiseacht Ioslamach na Súdáine;

Iar-Aire Gnóthaí Eachtracha na Súdáine

Uimhir aitheantais: 11822483949

Eintitis a bhfuil baint acu leis:

Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Súdáine;

Gluaiseacht Ioslamach na Súdáine

Ba é Ali Ahmed Karti Mohamed Aire Gnóthaí Eachtracha na Súdáine faoi Rialtas Omar al-Bashir. Tar éis thitim réimeas al-Bashir, roghnaíodh Ali Ahmed Karti Mohamed mar dhuine de cheannairí Ghluaiseacht Ioslamach na Súdáine agus bhí sé i gceannas ar iarrachtaí chun an bonn a bhaint de dhul chun cinn na Súdáine i dtreo aistriú iomlán daonlathach, tríd an mbonn a bhaint den iar-rialtas idirthréimhseach faoi stiúir sibhialtach agus de phróiseas an Chreat-Chomhaontaithe Pholaitiúil. Chuir sé sin leis an gcoinbhleacht idir Fórsaí Armtha na Súdáine agus na Fórsaí Mear-Thacaíochta, a thosaigh an 15 Aibreán 2023.

Tá sé féin agus Ioslamaithe dochta eile na Súdáine ag cur bac, ar bhealach gníomhach, ar iarrachtaí teacht ar shos comhraic chun deireadh a chur leis an gcoinbhleacht agus tá siad i gcoinne iarrachtaí sibhialta aistriú daonlathach na Súdáine a athbhunú. Tá Ali Ahmed Karti Mohamed ina bhall dílis de Pháirtí na Comhdhála Náisiúnta, a bhunaigh Omar Al-Bashir in 1998. Is é Páirtí na Comhdhála Náisiúnta an eagraíocht a tháinig i gcomharbacht ar an bhFronta Náisiúnta Ioslamach atá cleamhnaithe leis an mBráithreachas.

Faoi láthair, is é Ali Ahmed Karti Mohamed Ardrúnaí Ghluaiseacht Ioslamach na Súdáine, comhghuaillíocht leathan de ghrúpaí Ioslamacha, agus meastar gurb é an fear is bun le hathbheochan Pháirtí na Comhdhála Náisiúnta. Tá tionchar láidir ag an ngluaiseacht Ioslamach ar Fhórsaí Armtha na Súdáine, ar na póilíní agus ar na seirbhísí faisnéise.

Dá bhrí sin, tá Ali Ahmed Karti Mohamed i mbun, go díreach nó go hindíreach, gníomhaíochtaí nó beartais lena gcuirtear síocháin, cobhsaíocht nó slándáil na Súdáine i mbaol, nó tá tacaíocht á cur ar fáil aige do na gníomhaíochtaí nó na bearta sin, nó tá tairbhe á baint aige astu.

24.6.2024

4.

Abdulrahman JUMA BARAKALLAH

ar a dtugtar freisin:

An Maor-Ghinearál Abdulrahman GOMAA;

Abdul Rahman JUMA BARAKALLAH

Áit bhreithe: AlDaein- Abu Matareq, Darfur Thoir, an tSúdáin

Náisiúntacht: Súdánach

Inscne: fireann

Feidhm: Maorghinearál na bhFórsaí Mear-Thacaíochta agus Ceannasaí na bhFórsaí Mear-Thacaíochta in Darfur Thiar

Eintitis a bhfuil baint acu leis: Na Fórsaí Mear-Thacaíochta

Is Ginearál mór le rá é Abdulrahman Juma Barakallah i measc na bhFórsaí Mear-Thacaíochta, atá i gceannas ar fhórsa míleata na bhFórsaí Mear-Thacaíochta in Darfur Thiar.

Tá sé freagrach as ainghníomhartha agus mí-úsáidí eile a dhéanamh, as maruithe ar bhonn eitneach a spreagadh, as ionsaithe spriocdhírithe ar ghníomhaithe agus ar chosantóirí chearta an duine, as foréigean gnéasach coinbhleacht-bhainteach, agus as pobail a chreachadh agus a loscadh.

Tá sé freagrach freisin as Gobharnóir Darfur Thiar, Khamis Abbakar, agus a dheartháir a fhuadach agus a fheallmharú. Maraíodh Khamis Abbakar uaireanta an chloig tar éis dó ionsaí ar phobail áitiúla in Al Geneina, príomhchathair Darfur Thiar, a chur i leith na bhFórsaí Mear-Thacaíochta agus na mílístí gaolmhara, in agallamh le Al Hadath, stáisiún teilifíse faoi úinéireacht na hAraibe Sádaí, agus Al Arabiya, stáisiún teilifíse de chuid Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha.

Chuir Eagraíochtaí Neamhrialtasacha idirnáisiúnta i leith Abdulrahman Juma Barakallah freisin go raibh sé freagrach as cinedhíothú an phobail Masalit.

Dá bhrí sin, tá Abdulrahman Juma Barakallah freagrach as gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a chur i gcrích in Darfur Thiar, ar sáruithe tromchúiseacha nó ar mí-úsáidí trómchúiseacha ar chearta an duine nó ar mí-úsáidí nó sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta iad, lena n-áirítear marú agus ciorrú, éigniú agus cineálacha tromchúiseacha eile d'fhoréigean gnéasach agus inscne-bhunaithe, d'fhuadach agus d'easáitiú éigeantach. Mar Ghinearál de na Fórsaí Mear Thacaíochta in Darfur Thiar, bíonn sé i mbun freisin, go díreach nó go hindíreach, gníomhaíochtaí nó i mbeartais a chuireann síocháin, cobhsaíocht nó slándáil na Súdáine i mbaol.

24.6.2024

5.

Mustafa Ibrahim ABDEL NABI MOHAMED

Náisiúntacht: Súdánach

Inscne: fireann

Feidhm: Stiúrthóir al-Khaleej Bank; scairshealbhóir tromlaigh Shield Protective Solutions Co. Ltd. (an tSúdáin); comhairleoir airgeadais do cheannaire na bhFórsaí Mear-Thacaíochta

Pas uimhir: B CH 4930920

Daoine a bhfuil baint acu leis: Musa Hamdan Dagalo Musa, deartháir le ceannaire na bhFórsaí Mear-Thacaíochta, Mohamed Hamdan Dagalo

Eintitis a bhfuil baint acu leis: Al-Khaleej Bank; Shield Protective Solutions Co. Ltd. (an tSúdáin)

Is iaroifigeach sinsearach de Bhanc Ceannais na Súdáine é Mustafa Ibrahim Abdel Nabi Mohamed a ceapadh ina chomhairleoir airgeadais de na Fórsaí Mear-Thacaíochta; cuidíonn sé leo gréasán seach-chuideachtaí agus seacheintiteas a bhainistiú.

Le déanaí, i dTuarascáil ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe maidir le smachtbhannaí in Darfur, rinneadh tagairt d’iaroifigeach sinsearach de chuid Bhanc Ceannais na Súdáine atá lonnaithe in Dubai agus atá anois ina chomhairleoir airgeadais ag na Fórsaí Mear-Thacaíochta, gan é a ainmniú. Mínítear sa tuarascáil freisin go raibh ról lárnach ag al Khaleej Bank i maoiniú na bhFórsaí Mear-Thacaíochta in 2019 nuair a fuair daoine aonair agus eintitis a bhfuil baint acu leis na Fórsaí Mear-Thacaíochta úinéireacht tromlaigh an bhainc.

Tá tuairiscí sna meáin agus meithleacha machnaimh tar éis an duine sin a aithint mar Mustafa Ibrahim Abdel Nabi Mohamed. Is Stiúrthóir é ar Al Khaleej Bank, banc de chuid na Súdáine.

Tá os cionn 60 % de scaireanna Al Khaleej Bank i seilbh cuideachtaí a bhfuil baint acu le teaghlach Mohammad Hamdan Dagalo (Hemedti), ceann na bhFórsaí Mear-Thacaíochta.

Is é Mustafa Ibrahim Abdel Nabi Mohamed scairshealbhóir tromlaigh Shield Protective Solutions Co. Ltd. Is é duine de dheartháireacha Hemedti, eadhon Musa Hamdan Dagalo Musa, an scairshealbhóir eile sa chuideachta sin agus tá os cionn 14 % den scairsheilbh in al Khaleej Bank ag an gcuideachta.

Mar chomhairleoir airgeadais do na Fórsaí Mear-Thacaíochta agus do mhuintir Dagalo, tá Mustafa Ibrahim Abdel Nabi Mohamed i mbun, go díreach nó go hindíreach, gníomhaíochtaí nó beartais lena gcuirtear síocháin, cobhsaíocht nó slándáil na Súdáine i mbaol, nó tá tacaíocht á cur ar fáil aige do na gníomhaíochtaí nó na bearta sin, nó tá tairbhe á baint aige astu.

24.6.2024

6.

Masar Abdurahman ASEEL

ar a dtugtar freisin

Massar Abdelrahman ASSIL

Masar Abdelrahman ESEIL

Massar ASSEL

Masar ASIL

Inscne: fireann

Feidhm: Amir d’fhine Mahamid in Darfur Thiar;

Comhalta den Riarachán Dúchasach in Darfur Thiar

Tá Masar Abdurahman Aseel ina cheannaire treibhe mór le rá ar fhine Mahamid in Darfur Thiar. Baineann fine Mahamid leis an treibh Rizeigat a chuimsíonn pobail Arabacha atá ina gcónaí in Darfur agus Sead. Tá an teideal Amir aige agus tá sé ina bhall den Riarachán Dúchasach in Darfur Thiar.

D’éascaigh Masar Abdurahman Aseel na hionsaithe a bhí faoi stiúir na bhFórsaí Mear-Thacaíochta agus a mílístí gaolmhara i gcoinne na bpobal áitiúil a bhfuil cónaí orthu in El Geneina (Darfur Thiar), go háirithe an pobal Massalit, ó mhí Aibreáin 2023. Go háirithe, rannchuidigh sé go díreach leis an earcú agus an armáil mílístí a rinne na Fórsaí Mear-Thacaíochta agus leis an gcomhordú idir na fórsaí sin, mar a thuairiscítear sa 15ú tuarascáil chríochnaitheach ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe maidir leis an tSúdáin, a foilsíodh i mí Eanáir 2024, chun a n-ionsaithe spriocdhírithe ar bhonn eitneach a dhéanamh, go háirithe i gcoinne an phobail Massalit, in Darfur Thiar idir deireadh mhí Aibreáin agus tús mhí na Samhna 2023. D’fhoilsigh na Fórsaí Mear-Thacaíochta físeáin bholscaireachta ina raibh Masar Abdurahman Aseel i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin 2024, rud a léirigh a thacaíocht chogadh-ghríosaitheach do na Fórsaí Mear-Thacaíochta agus a ról maidir leis na trúpaí is bun do na Fórsaí Mear-Thacaíochta a shlógadh chun páirt a ghlacadh sa chomhrac i gcoinne Fhórsaí Armtha na Súdáine ón 15 Aibreán 2023.

Dá bhrí sin, thacaigh Masar Abdurahman Aseel go díreach le gníomhaíochtaí nó beartais lena gcuirtear síocháin, cobhsaíocht nó slándáil na Súdáine i mbaol, agus thairbhigh sé de na gníomhaíochtaí nó na bearta sin. Trí thacú leis an urghabháil a rinne na Fórsaí Mear Thacaíochta ar Darfur Thiar, neartaigh Masar Abdurahman Aseel a sheasamh féin agus a thionchar laistigh de Riarachán Dúchasach Darfur Thiar, ar chostas ceannairí pobail eile, go háirithe iad siúd de chuid an phobail Massalit, ar pobal é a bhfuil na Fórsaí Mear Thacaíochta agus a mílístí gaolmhara ag díriú air.

24.6.2024

▼M1

B.   Liosta de dhaoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1)



 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

1.

Defense Industries System

ar a dtugtar freisin:

Military Industry Corporation;

Defense Industries Corporation

Seoladh: Khartoum North, Khartoum 10783

An cineál eintitis: Eintiteas poiblí

Dáta clárúcháin: 1993

Is ilchuideachta mhór faoi úinéireacht Fhórsaí Armtha na Súdáine é Defence Industries System (DIS), ar a dtugtaí an Chorparáid Tionsclaíoch Mhíleata roimhe seo, a bhainistíonn líonra cuideachtaí faoi rialú míleata. Gineann DIS ioncam suntasach bliantúil, a mheastar a bheith cothrom le USD 2 bhilliún in 2020.

Monaraíonn DIS raon trealamh míleata d’Fhórsaí Armtha na Súdáine agus soláthraíonn sé an trealamh sin dóibh freisin, lena n-áirítear airm, armlón, aerárthaí agus feithiclí míleata, a úsáideann na fórsaí armtha sa choinbhleacht sa tSúdáin.

Rialaíonn DIS, in éineacht le SMT Engineering (SMT), trí líonra scairshealbh díreach agus indíreach, an iliomad cuideachtaí de chuid ilchuideachta GIAD atá faoi rialú Fhórsaí Armtha na Súdáine, a bhfuil baint aige freisin le hairm agus feithiclí a tháirgeadh do na fórsaí armtha, chomh maith le seirbhísí a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na Súdáine, go háirithe trí chomhpháirtíocht idir GIAD le haghaidh Seirbhísí Gluaisteán agus Cór na nInnealtóirí.

Bhí Ard-Stiúrthóir DIS in éineacht leis an gCeannasaí Al-Burhan le linn a chuairteanna oifigiúla thar lear ó mhí Aibreáin 2023.

Dá bhrí sin, tacaíonn DIS le gníomhaíochtaí nó beartais a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Súdáine i mbaol. Ina theannta sin, tá baint ag DIS le SMT a thacaíonn freisin le gníomhaíochtaí agus beartais Fhórsaí Armtha na Súdáine a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Súdáine i mbaol.

22.1.2024

2.

SMT Engineering

ar a dtugtar freisin:

Sudan Master Technology;

SMT

Seoladh: SMT Building Madani Road, KM 50 Khartoum, Giad Industrial Complex, Gamhuria Street Khartoum

An cineál eintitis: Cuideachta faoi rialú an stáit

Is cuideachta é SMT Engineering (SMT) atá lonnaithe sa tSúdáin agus ar leis, in éineacht le (DIS), an iliomad cuideachtaí de chuid ilchuideachta GIAD atá faoi rialú Fhórsaí Armtha na Súdáine nó a bhfuil na cuideachtaí sin a rialú aige, trí líonra scairshealbh díreach agus indíreach. Is é SMT an príomh-scairshealbhóir de thrí chuideachta GIAD ina bhfuil an chuid eile de na scaireanna faoi úinéireacht DIS (GIAD don tionscal gluaisteán agus trucaile, coimpléasc GIAD do thionscail trom-mheicníochta agus coimpléasc GIAD thionscail miotalóireachta). Tá a lán cuideachtaí eile faoi úinéireacht nó faoi rialú SMT freisin atá mar chuid d’ilchuideachta GIAD agus a bhfuil bunanna ag DIS iontu chomh maith, mar shampla GIAD le haghaidh Seirbhísí Gluaisteán.

Tá baint ag ilchuideachta GIAD le hairm agus feithiclí a tháirgeadh do na fórsaí armtha, chomh maith le seirbhísí a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na Súdáine go háirithe trí chomhpháirtíocht idir GIAD le haghaidh Seirbhísí Gluaisteán agus Cór na nInnealtóirí.

Ilchuideachta mhór faoi úinéireacht Fhórsaí Armtha na Súdáine is ea DIS a thacaíonn le gníomhaíochtaí agus beartais Fhórsaí Armtha na Súdáine a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Súdáine i mbaol, go háirithe trí raon trealamh míleata a mhonarú agus a sholáthar, lena n-áirítear airm, armlón, aerárthaí agus feithiclí míleata, a úsáideann na fórsaí armtha sa choinbhleacht sa tSúdáin.

Dá bhrí sin, tacaíonn SMT Engineering le gníomhaíochtaí nó beartais a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Súdáine i mbaol. Tá baint aige le DIS chomh maith, a thacaíonn freisin le gníomhaíochtaí agus beartais Fhórsaí Armtha na Súdáine a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Súdáine i mbaol.

22.1.2024

3.

Zadna International Company for Investment Limited

Seoladh: Doha Street Property 436, Manshia Doha Street, Khartoum, Sudan, 11429

An cineál eintitis: Cuideachta faoi rialú an stáit

Dáta clárúcháin: 1997

Is cuideachta sealbhaíochta sa talmhaíocht agus san earnáil tógála é Zadna International Company for Investment Limited (Zadna), ar leis an gCiste Speisialta um Shlándáil Shóisialta na bhFórsaí Armtha, ar a dtugtaí Eagraíocht Charthanachta chun Tacú leis na Fórsaí Armtha roimhe seo, 99 % de, ar ciste é a rialaíonn Fórsaí Armtha na Súdáine.

I mí Dheireadh Fómhair 2021, cheap ceannaire Fhórsaí Armtha na Súdáine, Ceannasaí Al-Burhan, an Ginearál El Mirghani Idris Suleiman, ar cara leis é agus atá ina Stiúrthóir ar DIS, mar Chathaoirleach ar Zadna.

I mí na Bealtaine 2023, cheap sé freisin an Dochtúir Taha Hussein Yousef mar Ard-Stiúrthóir Zadna.

Tá an Ciste Speisialta um Shlándáil Shóisialta na bhFórsaí Armtha agus Zadna mar chuid den líonra ollmhór cuideachtaí agus eagraíochtaí atá faoi úinéireacht nó faoi rialú Fhórsaí Armtha na Súdáine, a úsáidtear chun go mbeidh smacht i gcónaí ag fórsaí armtha na Súdáine ar an ngeilleagar.

Is cuideachta ceannródaíocht é Zadna a dhéanann margaí gnó idirnáisiúnta ard-phróifíle agus is é ceann de an cuideachtaí is mó a thugann isteach ioncam i líonra cuideachtaí an airm. Dá bhrí sin, gineann sé ioncam suntasach ar mhaithe le Fórsaí Armtha na Súdáine, rud a chuireann ar chumas na bhfórsaí armtha an choinbhleacht sa tSúdáin a mhaoiniú agus leanúint léi.

Dá bhrí sin, tacaíonn Zadna International Company for Investment Limited le gníomhaíochtaí nó beartais Fhórsaí Armtha na Súdáine a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na tíre i mbaol.

22.1.2024

4.

Al Junaid Multi Activities Co Ltd

ar a dtugtar freisin

Ajmac multi activities company;

Al Gunade

Seoladh: Street 3 Khartoum Block 17 Alryad, Sudan

Industrial Area 13, Sharjah, UAE P.O. Box 61401, Sharjah

An cineál eintitis: Cuideachta theoranta

Dáta clárúcháin: 2009

Is cuideachta sealbhaíochta de chuid na Súdáine é Al Junaid Multi Activities Co Ltd (Al Junaid) atá faoi rialú Mohamed Hamdan Dagalo (Hemedti), Ceannasaí na bhFórsaí Mear-Thacaíochta, agus deartháir leis, Abdul Rahim Dagalo, Leas-Cheannasaí na bhFórsaí Mear-Thacaíochta. Is le Abdul Rahim Dagalo agus a bheirt mhac an chuideachta. Tá Hemedti féin ar an mbord stiúrthóirí.

Lonnaithe i gCartúm, oibríonn Al Junaid fochuideachtaí ar fud earnálacha eacnamaíocha éagsúla, lena n-áirítear mianadóireacht óir agus trádáil, agus cumhdaíonn sé cuid mhór de thionscal óir na Súdáine. Tá lamháltais mhianadóireachta ag an gcuideachta in Darfur, go háirithe i gcomharsanacht Jebel Amer (Darfur Thuaidh) agus i gceantar Singo (Darfur Theas), agus oibríonn sé lasmuigh den réigiún sin freisin.

Tá mianaigh óir Darfur faoi smacht na bhFórsaí Mear-Thacaíochta, lena n-áirítear suíomh Jebel Amer ó 2017.

Is foinsí suntasacha ioncaim iad mianadóireacht óir agus trádáil trí Al-Junaid do theaghlach Dagalo agus do na Fórsaí Mear-Thacaíochta, rud a chuireann ar a gcumas an choinbhleacht sa tSúdáin a mhaoiniú agus leanúint léi.

Baineann na Fórsaí Mear-Thacaíochta úsáid freisin as táirgeadh óir agus a onnmhairí Al Junaid chun tacaíocht mhíleata a fháil ó Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha (AEA), a ndéantar an chuid is mó de tháirgeadh óir na Súdáine a smuigleáil chuige, agus ó Ghrúpa Wagner, lena n-áirítear soláthar arm a úsáideann na Fórsaí Mear-Thacaíochta sa choinbhleacht sa tSúdáin.

Dá bhrí sin, tacaíonn Al Junaid Multi Activities Co Ltd le gníomhaíochtaí na bhFórsaí Mear-Thacaíochta a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Súdáine i mbaol.

22.1.2024

5.

Tradive General Trading Co

Seoladh: P.O. Box 86436, Dubai (UAE)

An cineál eintitis: Cuideachta theoranta

Dáta clárúcháin: 2018

Is cuideachta é Tradive General Trading Co (Tradive) atá lonnaithe in AEA arb é an Maor na bhFórsaí Mear-Thacaíochta, Algoney Hamdam Daglo, an deartháir is óige le Mohammed Hamdan Dagalo (Hemedti), an stiúrthóir agus an t-úinéir tairbhiúil deiridh.

Tá Tradive mar chuid de líonra tráchtála na bhFórsaí Mear-Thacaíochta a ghineann ioncam cobhsaí do na bhFórsaí Mear-Thacaíochta lena gcuirtear ar a gcumas an choinbhleacht sa tSúdáin a mhaoiniú agus leanúint léi. Úsáidtear Tradive mar chuideachta chaoch na bhFórsaí Mear-Thacaíochta, a sheolann suimeanna móra isteach chuig na Fórsaí Mear-Thacaíochta agus uathu, chun gur féidir ábhar a cheannach chun tacú le hoibríochtaí na bhFórsaí Mear-Thacaíochta.

Mar shampla, cheannaigh Tradive feithiclí do na Fórsaí Mear-Thacaíochta, lena n-áirítear trucailíní Toyota Hilux agus Land Cruiser, a iompaítear go minic ina “feithiclí teicniúla” ardghluaisteacha, atá feithiclí fásaigh armtha. Sa chéad leath de 2019, allmhairíodh níos mó ná 1000 feithicil den sórt sin isteach sa tSúdáin ó AEA. Bhain na Fórsaí Mear-Thacaíochta úsáid as na feithiclí athchóirithe sin ar feadh i bhfad agus tá siad fós á n-úsáid acu sa choinbhleacht sa tSúdáin, go háirithe chun patról a dhéanamh ar na limistéir atá faoi rialú na bhFórsaí Mear-Thacaíochta.

Dá bhrí sin, tacaíonn Tradive General Trading Co le gníomhaíochtaí na bhFórsaí Mear-Thacaíochta a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Súdáine i mbaol.

22.1.2024

6.

GSK ADVANCE COMPANY LTD

Seoladh: Ahmed Khair Street, Khartoum 11111, Sudan

An cineál eintitis: Cuideachta theoranta

Is cuideachta teicneolaíochta faisnéise agus slándála é GSK atá bunaithe sa tSúdáin, ar le Maor na bhFórsaí Mear-Thacaíochta, Algoney Hamdam Daglo, an deartháir is óige le Mohammed Hamdan Dagalo (Hemedti), 60 % de.

Tá GSK mar chuid de líonra tráchtála na bhFórsaí Mear-Thacaíochta a ghineann ioncam cobhsaí do na bhFórsaí Mear-Thacaíochta lena gcuirtear ar a gcumas an choinbhleacht sa tSúdáin a mhaoiniú agus leanúint léi. Úsáideann na Fórsaí Mear-Thacaíochta GSK mar chuideachta chaoch, a éascaíonn sreafaí airgid isteach sna Fórsaí sin agus tá baint aige le próisis soláthair na bhFórsaí Mear-Thacaíochta.

Ina theannta sin, ó dheireadh 2019 ar a laghad, oibríonn GSK le Aviatrade LLC, cuideachta soláthair mhíleata atá lonnaithe sa Rúis, chun ábhar agus trealamh chun leasanna bhFórsaí Mear-Thacaíochta, lena n-áiritear an oiliúint comhfhreagrach, agus chun aerárthaigh gan foireann a cheannach agus a sholáthar, lena n-áirítear trealamh faireacháin agus páirteanna spártha. Baineann na Fórsaí Mear-Thacaíochta úsáid as taiscéalaíocht agus ladrainn armáilte sa choinbhleacht sa tSúdáin.

Dá bhrí sin, tacaíonn GSK Advance Company LTD le gníomhaíochtaí na bhFórsaí Mear-Thacaíochta a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Súdáine i mbaol.

22.1.2024



( 1 ) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).