02023D1532 — GA — 24.06.2024 — 004.002
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
CINNEADH (CBES) 2023/1532 ÓN GCOMHAIRLE an 20 Iúil 2023 (IO L 186 25.7.2023, lch. 20) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
L 2686 |
1 |
28.11.2023 |
||
|
L 2792 |
1 |
11.12.2023 |
||
|
CINNEADH (CBES) 2024/1336 ón gCOMHAIRLE an 14 Bealtaine 2024 |
L 1336 |
1 |
15.5.2024 |
|
|
CINNEADH (CBES) 2024/1605 ÓN GCOMHAIRLE an 31 Bealtaine 2024 |
L 1605 |
1 |
31.5.2024 |
|
|
CINNEADH (CBES) 2024/1791 ÓN GCOMHAIRLE an 24 Meitheamh 2024 |
L 1791 |
1 |
24.6.2024 |
|
Arna cheartú le:
CINNEADH (CBES) 2023/1532 ÓN GCOMHAIRLE
an 20 Iúil 2023
bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua
Airteagal 1
Toirmeascfar an méid seo a leanas a dhéanamh:
cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 agus le soláthar, monaraíocht agus cothabháil na n-earraí agus na teicneolaíochta sin, a sholáthar go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’eintiteas nó do chomhlacht san Iaráin nó lena n-úsáid san Iaráin;
maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 chun na hearraí agus an teicneolaíocht sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar, a sholáthar go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’eintiteas nó do chomhlacht san Iaráin nó lena n-úsáid san Iaráin.
cearta maoine intleachtúla nó rúin trádála a dhíol, a cheadúnú nó a aistriú ar bhealach ar bith eile agus cearta rochtana nó athúsáide a thabhairt d’aon ábhar nó faisnéis a chosnaítear trí bhíthin cearta maoine intleachtúla nó ar rúin trádála iad a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 agus le soláthar, monarú, cothabháil agus úsáid na n-earraí agus na teicneolaíochta sin, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht san Iaráin nó lena n-úsáid san Iaráin.
Airteagal 2
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun teacht isteach ina gcríocha, nó chun idirthuras trína gcríocha, a chosc i leith na ndaoine nádúrtha seo a leanas:
atá freagrach as clár aerárthaí gan foireann nó diúracán na hIaráine, a thugann tacaíocht dó nó atá bainteach leis;
a sholáthraíonn nó a dhíolann aerárthaí gan foireann nó diúracáin na hIaráine nó teicneolaíochtaí gaolmhara, nó atá bainteach ar shlí eile lena n-aistriú:
chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine;
chuig grúpaí armtha agus eintitis armtha a bhfuil dochar á dhéanamh acu don tsíocháin agus don tslándáil sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua;
chuig daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá ag gníomhú de shárú ar Rún 2216 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; nó,
a bhfuil baint acu le daoine nádúrtha dá dtagraítear i bpointí (a) nó pointe (b), nó le daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear de bhun Airteagal 3(1);
mar a liostaítear san Iarscríbhinn.
I gcás ina mbeidh Ballstát faoi cheangal ag oibleagáid faoin dlí idirnáisiúnta, beidh mír 1 gan dochar don chás sin, eadhon:
mar thír óstála d’eagraíocht idir-rialtasach idirnáisiúnta;
mar thír óstála do chomhdháil idirnáisiúnta arna tionól ag na Náisiúin Aontaithe nó faoina gcoimirce;
faoi chomhaontú iltaobhach lena dtugtar pribhléidí agus díolúintí; nó
faoi Chonradh Idir-Réitigh 1929 (Comhaontú na Lataráine) a tugadh i gcrích idir an Suí Naofa (Stát Chathair na Vatacáine) agus an Iodáil.
Airteagal 3
Na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha uile ar le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí iad, atá faoi úinéireacht, i seilbh nó faoi rialú na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin:
atá freagrach as clár aerárthaí gan foireann nó diúracán na hIaráine, a thugann tacaíocht dó nó atá bainteach leis;
a sholáthraíonn nó a dhíolann aerárthaí gan foireann nó diúracáin na hIaráine nó teicneolaíochtaí gaolmhara, nó atá bainteach ar shlí eile lena n-aistriú:
chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine;
chuig grúpaí armtha agus eintitis armtha a bhfuil dochar á dhéanamh acu don tsíocháin agus don tslándáil sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua;
chuig daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá ag gníomhú de shárú ar Rún 2216 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; nó,
a bhfuil baint acu le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, le heintitis nó le comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) nó pointe (b);
mar a liostaítear san Iarscríbhinn iad, déanfar iad a reo.
De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údarás inniúil Bhallstáit údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dó cinneadh gur fíor an méid seo a leanas maidir leis na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:
go bhfuil gá leo chun bunriachtanais na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn a chomhlíonadh, agus baill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine nádúrtha sin, lena n-áirítear íocaíochtaí as earraí bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais agus muirir fóntais phoiblí;
gur ceapadh iad chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc agus costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;
gur ceapadh iad chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;
go bhfuil gá leo le haghaidh costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais a mheasann sé gur cheart údarú sonrach a dheonú, dhá sheachtain ar a laghad roimh an údarú; nó
go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas nó as cuntas misin taidhleoireachta, post consalach nó eagraíochta idirnáisiúnta ag a bhfuil díolúintí i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó an phoist chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta.
Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú sin.
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla Bhallstáit údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 a liostú san Iarscríbhinn, nó go bhfuil sé faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;
ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh den sórt sin a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;
ní chun sochair duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear san Iarscríbhinn é an cinneadh; agus
níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.
Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú sin.
Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir leis an méid seo a leanas a chur le cuntais reoite:
ús nó tuillimh eile ar na cuntais sin;
íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta ar tháinig na cuntais sin le bheith faoi réir na mbearta dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2; nó
íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a tugadh san Aontas nó atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann;
ar choinníoll gur faoi réir na mbeart dá bhforáiltear i mír 1 fós atá aon ús den sórt sin, agus tuillimh agus íocaíochtaí eile.
Airteagal 4
Airteagal 5
Airteagal 6
Próiseálfaidh an Chomhairle agus an tArdionadaí sonraí pearsanta chun a gcúraimí faoin gCinneadh seo a chur i gcrích, go háirithe:
a mhéid a bhaineann leis an gComhairle, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú agus a dhéanamh;
a mhéid a bhaineann leis an Ardionadaí, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú.
Airteagal 7
Ní chomhlíonfar aon éileamh i ndáil le haon chonradh nó idirbheart a ndearnadh dochar dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin gCinneadh seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh eile den sórt sin, amhail éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna, ráthaíocht nó slánaíocht nó iad a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é go ndéanfaidh ceann de na páirtithe seo a leanas an t-éileamh:
daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí arna n-ainmniú, a liostaítear san Iarscríbhinn;
aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó ceann de na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a).
Airteagal 8
Cuirfear toirmeasc ar pháirt a ghlacadh, go feasach nó d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na toirmisc a leagtar amach sa Chinneadh seo.
Airteagal 9
Chun tionchar na mbeart a leagtar amach sa Chinneadh seo a uasmhéadú, spreagfaidh an tAontas tríú Stáit chun bearta sriantacha a ghlacadh cosúil leis na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo.
Airteagal 10
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 27 Iúil 2024 agus coinneofar faoi athbhreithniú leanúnach é. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.
Déanfar na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(7) agusl (8) a mhéid a bhaineann le hAirteagal 3(1) agus (2) a athbhreithniú go tráthrialta, agus ar a laghad gach 12 mhí, nó ar iarraidh phráinneach ó aon Bhallstát, ón Ardionadaí, nó ón gCoimisiún tar éis d’athrú ó bhonn teacht ar na himthosca.
Airteagal 11
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
IARSCRÍBHINN
Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3
Daoine nádúrtha
|
|
Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine) |
Ainmneacha |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna lena liostú |
Dáta an liostaithe |
|
1. |
Hadi ZAHOURIAN |
هادی ظهوریان (Litriú Fairsise) |
Post/poist: Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Shakad Sanat Asmari Áit bhreithe: Tehran, an Iaráin Náisiúntacht: Iaránach Inscne: Fireann Pasuimhir: 0055312047 (Aitheantas Náisiúnta) Eintitis chomhlachaithe: Shakad Sanat Asmari |
Is é Hadi Zahourian príomhoifigeach Feidhmiúcháin Shakad Sanat Asmari. Is cuideachta de chuid na hIaráine é Shakad Sanat Asmari (ar a dtugtar freisin Chekad Sanat Faraz Asia) a fhorbraíonn agus a mhonaraíonn comhpháirteanna d’aerárthaigh gan foireann (UAVanna) Shahed. Ina cháil mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar Shakad Sanat Asmari, tá Hadi Zahourian, ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann. |
11.12.2023 |
|
2. |
Mohammad Shahab Khanian |
محمد شهاب خانیان (Litriú Fairsise) |
Post/poist: Leas-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Shakad Sanat Asmari Áit bhreithe: Mashhad, an Iaráin Náisiúntacht: Iaránach Inscne: Fireann Pasuimhir: 0930588411 (Aitheantas Náisiúnta) Eintitis chomhlachaithe: Shakad Sanat Asmari |
Is é Mohammad Shahab Khanian Leas-Phríomhoifigeach feidhmiúcháin Shakad Sanat Asmari. Is cuideachta de chuid na hIaráine é Shakad Sanat Asmari (ar a dtugtar freisin Chekad Sanat Faraz Asia) a fhorbraíonn agus a mhonaraíonn comhpháirteanna d’aerárthaigh gan foireann (UAVanna) Shahed. Ina cháil mar Leas-phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Shakad Sanat Asmari, tá Mohammad Shahab Khanian, ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann. |
11.12.2023 |
|
3. |
Ehsan Rahat VARNOSFADRANI |
احسان راحت وارنوسفدرانی (Litriú Fairsise) |
Post/poist: Príomheolaí Shakad Sanat Asmari Dáta breithe: 1983 Áit bhreithe: Bahman, an Iaráin Náisiúntacht: Iaránach Inscne: Fireann Eintitis chomhlachaithe: Shakad Sanat Asmari |
Is é Ehsan Rahat Varnosfadrani Príomheolaí agus iar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Shakad Sanat Asmari. Is cuideachta de chuid na hIaráine é Shakad Sanat Asmari (ar a dtugtar freisin Chekad Sanat Faraz Asia) a fhorbraíonn agus a mhonaraíonn comhpháirteanna d’aerárthaigh gan foireann (UAVanna) Shahed. Ina cháil mar Phríomheolaí agus iar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Shakad Sanat Asmari, tá Ehsan Rahat Varnosfadrani, ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann. |
11.12.2023 |
|
4. |
Rahmatollah HEIDARI ar a dtugtar freisin Rehmatollah HEIDARI |
رحمت الله حیدری (Litriú Fairsise) |
Post/poist: Stiúrthóir Bainistíochta agus comhalta de bhord stiúrthóirí Baharestan Kish Company atá lonnaithe san Iaráin Dáta breithe: 22.9.1985 Náisiúntacht: Iaránach Inscne: Fireann Eintitis chomhlachaithe: Baharestan Kish Company; Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC) |
Is é Rahmatollah Heidari an Stiúrthóir Bainistíochta ar Baharestan Kish Company agus is comhalta de bhord stiúrthóirí an chuideachta sin é freisin. Monaraíonn Baharestan Kish Company comhpháirteanna d’aerárthaigh gan foireann (UAVanna) do Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC). Ina cháil mar Stiúrthóir Bainistíochta agus mar chomhalta de bhord stiúrthóirí Baharestan Kish Company, tá Rahmatollah Heidari, ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann. |
11.12.2023 |
|
5. |
Nader Khoon SIAVASH |
نادر خون سیاوش (Litriú Fairsise) |
Post/poist: Stiúrthóir ar Eagraíocht na dTionscal Aeraspáis (AIO) Dáta breithe: 30.4.1963 Náisiúntacht: Iaránach Inscne: Fireann Pasuimhir: 0028892753 (Aitheantas Náisiúnta) Eintitis chomhlachaithe: Eagraíocht na dTionscal Aeraspáis (AIO); Eagraíocht na dTionscal Cosanta (DIO); Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC) |
Is é Nader Khoon Siavash an Stiúrthóir ar Eagraíocht na dTionscal Aeraspáis (AIO). Is eagraíocht í AIO a thuairiscíonn d’Aireacht Cosanta na hIaráine agus do Lóistíocht na bhFórsaí Armtha agus atá gníomhach i gclár aerárthach gan foireann (UAVanna) na hIaráine. Ina cháil mar stiúrthóir ar AIO, tá Nader Khoon Siavash, ag tacú dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann. |
11.12.2023 |
|
6. |
Ehsan IMANINEJAD Ar a dtugtar freisin Ehsan IMANIJAD |
احسان ایمانی نژاد احسان ایمانی نژاد (Litriú Fairsise) |
Post/poist: Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Saad Sazeh Faraz Sharif Dáta breithe: 1982 Áit bhreithe: Shahrivar, an Iaráin Náisiúntacht: Iaránach Inscne: Fireann Eintitis chomhlachaithe: Saad Sazeh Faraz Sharif |
Is é Ehsan Imaninejad Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Saad Sazeh Faraz Sharif. Is cuideachta de chuid na hIaráine é Saad Sazeh Faraz Sharif (ar a dtugtar freisin Daria Fanavar Borhan Sharif) a thairgeann seirbhísí innealtóireachta aeraspáis agus a mhonaraíonn codanna d’aerárthaigh gan foireann (UAVanna) Shahed. Ina cháil mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Saad Sazeh Faraz Sharif, tá Ehsan Imaninejad, ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann. |
11.12.2023 |
|
7. |
Mohammad-Reza Gharaei ASHTIANI |
►C1
|
Post/poist: Aire Cosanta Phoblacht Ioslamach na hIaráine Dáta breithe: 1960 Áit bhreithe: Tehran, an Iaráin Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Eintitis chomhlachaithe: Aireacht Cosanta agus Lóistíochta Fhórsaí Armtha na hIaráine (MODAFL) |
Is é Mohammad-Reza Gharaei Ashtiani Aire Cosanta Phoblacht Ioslamach na hIaráine ó mhí Lúnasa 2021 i leith agus, dá bhrí sin, tá sé freagrach as an Aireacht Cosanta agus Lóistíochta Fórsaí Armtha (MODAFL) atá liostaithe ag an Aontas. Tá MODAFL freagrach as pleanáil, lóistíocht agus cistiú Fhórsaí Armtha na hIaráine. Is príomhghníomhaí é freisin i dtionscal cosanta na hIaráine le hilchuideachtaí agus fo-ilchuideachtaí atá gníomhach i dtaighde agus i bhforbairt, i gcothabháil agus i monarú trealaimh mhíleata, lena n-áirítear monarú aerárthaí gan foireann. Tá baint ag MODAFL freisin le gléasra comhpháirteach a chur ar bun chun aerárthaí gan foireann a tháirgeadh agus chun aerárthaí gan foireann a dhíol leis an Rúis agus é beartaithe iad a úsáid i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Mar Aire Cosanta, tá baint dhíreach ag Ashtiani le clár aerárthaí gan foireann na hIaráine agus tá baint aige le haerárthaí gan foireann na hIaráine a aistriú chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine. |
31.5.2024 |
|
8. |
Gholam Ali RASHID ar a dtugtar freisin Gholamali RASHID |
►C1
|
Post/poist: Ceannasaí IRGC ar Khatam al-Anbiya Central Headquarters (KCHG) Dáta breithe: 1953 Áit bhreithe: Dezful, Iran Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Eintitis chomhlachaithe: Khatam al-Anbiya Central Headquarters (KCHG) |
Tá Gholam Ali Rashid ina cheannasaí ar Khatam al-Anbiya Central Headquarters (KCHG) atá liostaithe ag an Aontas ó mhí an Mheithimh 2016 i leith. Is é KCHG an t-eintiteas lárnach i slabhra ceannais fhórsaí armtha na hIaráine a dhéanann cinntí míleata oibríochtúla, agus a dhéanann comhordú idir gnáth-arm na hIaráine (Artesh) agus an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC), a fhaigheann agus a imscarann aerárthaí gan foireann araon. Is é an misean atá ag KCHG maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí ionsaitheacha agus cosanta, lena n-áirítear trína cheanncheathrú réigiúnach agus téamach, mar shampla, na cinn atá i Murascaill na Peirse nó i Murascaill Oman, a thuairiscíonn don phríomh-cheanncheathrú. Tá sé freagrach freisin as comhoibríochtaí míleata a phleanáil agus a chomhordú, lena n-áirítear druileanna. Rinne Gholam Ali Rashid maoirseacht ar imscaradh aerárthaí gan foireann agus ar ullmhacht láthair chatha aerárthaí gan foireann i ndruileanna agus i bhfreachnaimh. Roimh IRGC agus Artesh sa slabhra ceannais, agus ar an gcaoi sin, ag déanamh maoirseacht ar fhórsaí armtha agus faisnéis uile na hIaráine agus ar Cheanncheathrú Foirgníochta Khatam al-Anbiya atá liostaithe ag an Aontas, tá Khatam al-Anbiya Central Headquarters i gcroílár fhórsaí míleata na hIaráine agus, dá bhrí sin, tá baint aige le haerárthaí gan foireann a aistriú chuig an Rúis agus le grúpaí armtha sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua. Dá bhrí sin, tá Gholam Ali Rashid rannpháirteach i gclár aerárthaí gan foireann na hIaráine agus le haerárthaí gan foireann a aistriú chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, agus chuig grúpaí agus eintitis armtha a bhaineann an bonn den tsíocháin agus den tslándáil sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua. |
31.5.2024 |
|
9. |
Hossein Hatefi ARDAKANI ar a dtugtar freisin Hasan HASHEM; Hossein Hatafi ARDAKANI Hossein Hatfi ARDAKANI |
►C1
|
Post/poist: cathaoirleach bhord stiúrthóirí Kavan Electronics Behrad LLC; gníomhaire soláthair do IRGC, Dáta breithe: 21.9.1985 Áit bhreithe: Ardakan, Iran Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Pas uimhir: U34290111 (an Iaráin); 4449916581 (an Iaráin) Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps Research and Self-Sufficiency Jihad Organisation (IRGC SSJO); Kavan Electroncis Behrad LLC Daoine aonair comhlachaithe: Mehdi Dehghani MOHAMMADABADI |
Is é Hossein Hatefi Ardakani cathaoirleach an bhoird stiúrthóirí, agus is scairshealbhóir de Kavan Electroncis Behrad LLC atá lonnaithe san Iaráin agus liostaithe ag an Aontas. Agus úsáid á baint as líonra casta cuideachtaí caocha agus cuideachtaí eachtracha, lena n-áirítear Kavan Electroncis Behrad LLC atá liostaithe ag an Aontas, tacaíonn Ardakani le hiarrachtaí IRGC SSJO earraí ríthábhachtacha a fháil do tháirgeadh aerárthaí gan foireann. In cháil mar chathaoirleach ar bhord Kavan Electronics Behrad LLC, tá sé freagrach as bord na cuideachta a stiúradh, a cuspóirí straitéiseacha a shainiú agus maoirseacht a dhéanamh ar a gnó, agus dá bhrí sin tá baint aige le haerárthaí gan foireann na hIaráine a aistriú chuig an Rúis. Dá bhrí sin, tá Hossein Hatefi Ardakani bainteach le clár aerárthaí gan foireann na hIaráine. Tá baint aige freisin le haerárthaí na hIaráine a aistriú chuig an Rúis chun tacú lena cogadh i gcoinne na hÚcráine. |
31.5.2024 |
|
10. |
Mehdi Dehghani MOHAMMADABADI |
►C1
|
Post/poist: POF ar Kavan Electronics Behrad LLC Dáta breithe: 23.9.1982 Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Pasuimhir: 4433172081 (an Iaráin) Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps Research and Self-Sufficiency Jihad Organisation (IRGC SSJO); Kavan Electroncis Behrad LLC Daoine aonair comhlachaithe: Hossein Hatefi ARDAKANI |
Feidhmíonn Mehdi Dehghani Mohammadabadi mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin, mar chomhalta den bhord stiúrthóirí, agus mar scairshealbhóir de Kavan Electroncis Behrad LLC atá lonnaithe san Iaráin agus atá liostaithe ag an Aontas. Is cuideachta í Kavan Electroncis Behrad LLC a bhfuil baint aici le soláthar earraí aerárthaí gan foireann don Islamic Revolutionary Guard Corps Research and Self-Sufficiency Jihad Organization (IRGC SSJO) atá liostaithe ag an Aontas. Ina cháil mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin, tá sé freagrach as an gcuideachta a bhainistiú agus a stiúradh. Mar chomhalta den bhord, tá baint aige le gach cinneadh suntasach a dhéanann an chuideachta. Dá bhrí sin, tá baint aige le haerárthaí gan foireann na hIaráine a aistriú go dtí an Rúis. Tá baint ag Mehdi Dehghani Mohammadabadi, dá bhrí sin, le clár aerárthaí gan foireann na hIaráine. Tá baint aige freisin le haerárthaí gan foireann na hIaráine a aistriú chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine. |
31.5.2024 |
|
11. |
Ismail QAANI ar a dtugtar freisin Esma’il QANI; Esmaeil GHA’ANI; Esmaeil GHAANI; Esmail QA’ANI; Ismail Akbar QAANI |
►C1
|
Post/poist: Ceannasaí IRGC Qods Force Dáta breithe: 8.8.1957 Áit bhreithe: Mashad, an Iaráin Náisiúntacht: Iaránach Inscne: Fireann Grád: Briogáidire-Ghinearál Pasuimhir: D9003033; D9008347 Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC); IRGC-Qods Force |
Is é Ismail Qaani Ceannasaí an Islamic Revolutionary Guard Corps Qods Force (IRGC-QF) atá liostaithe ag an Aontas. Tá IRGC-QF freagrach as líonra mílístí réigiúnacha a eagrú arb iad is cúis le dianmhéadú a bheith tagtha ar thionchar míleata na hIaráine ar fud an domhain Arabaigh le blianta beaga anuas. Faoi cheannas Qaani, éascaíonn agus tacaíonn IRGC-QF le hionsaithe aerárthach gan foireann agus diúracán trí airm Iaránacha a aistriú chuig mílístí sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua. Faoi orduithe ó Qaani, cumasaíonn agus tacaíonn IRGC-QF i.a. leis na hionsaithe dróin agus diúracán a dhéanann Houthis. Dá bhrí sin, ina cháil mar cheannaire ar IRGC-QF, tá baint ag Ismail Qaani le diúracáin agus aerárthaigh gan foireann na hIaráine a aistriú chuig grúpaí agus eintitis armtha a bhaineann an bonn den tsíocháin agus den tslándáil sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua. |
31.5.2024 |
|
12. |
Afshin Khaji FARD |
►C1
|
Post/poist: Ceann Iranian Aviations Industries Organisation (IAIO) Áit bhreithe: Abadan, an Iaráin Náisiúntacht: Iaránach Inscne: Fireann Uimhir aitheantais náisiúnta: 1819457850 Eintitis chomhlachaithe: Iranian Aviations Industries Organisation (IAIO); Aireacht Cosanta agus Lóistíochta Fhórsaí Armtha na hIaráine (MODAFL) |
Is é Afshin Khaji Fard ceann Iranian Aviations Industries Organisation (IAIO), atá liostaithe ag an Aontas, cuideachta atá faoi úinéireacht stáit faoi údarás na hAireachta Cosanta agus Lóistíochta Fórsaí Armtha (MODAFL) atá liostaithe ag an Aontas chomh maith. Tá IAIO freagrach as tionscal eitlíochta míleata na hIaráine a phleanáil agus a bhainistiú, lena n-áirítear aerárthaí gan foireann a fhorbairt. Ina cháil mar cheann ar IAIO, tá tionscal aerárthaigh gan foireann na hIaráine curtha chun cinn go poiblí ag Fard agus is minic a luaigh sé go bhfuil baint ghníomhach ag IAIO le nuáil a dhéanamh ar aerárthaigh gan foireann na hIaráine. Dá bhrí sin, tá Afshin Khaji Fard ag tacú le clár aerárthaigh gan foireann na hIaráine agus tá sé rannpháirteach ann. |
31.5.2024 |
Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí
|
|
Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine) |
Ainmneacha |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna lena liostú |
Dáta an liostaithe |
|
1. |
Shakad Sanat Asmari ar a dtugtar freisin Chekad Sanat Faraz Asia |
شکاد صنعت آسماری/چکاد صنعت فراز آسیا (Litriú Fairsise) |
Seoladh: Tehran Province - District 18, Tehran City, Central Sector, Tehran City, Tehran Station Quarter, Afshar Nou Alley, Fadaiyan Islam St., No. 841, 1st floor, postal code 1851617167 An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta Áit chlárúcháin: Tehran, an Iaráin Dáta clárúcháin: 2013 Príomhionad gnó: An Iaráin Daoine aonair comhlachaithe: Hadi Zahourian (Príomhoifigeach Feidhmiúcháin); Mohammad Shabab Khanian (Leas-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin); Ehsan Rahat Varnosfadrani (Príomheolaí agus Iar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin) |
Is cuideachta de chuid na hIaráine é Shakad Sanat Asmari (ar a dtugtar freisin Chekad Sanat Faraz Asia) a fhorbraíonn agus a mhonaraíonn comhpháirteanna d’aerárthaigh gan foireann (UAVanna) Shahed. Tá sí ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann. |
11.12.2023 |
|
2. |
Baharestan Kish Company |
شرکت بهارستان کیش (Litriú Fairsise) |
Seoladh uimh. 1: Unit 17, Fifth Floor, Yas Building, Number 116, Sheikh Fazlollah Highway, Teimuri Blvd, before Sharif University Metro Station, Tehran, an Iaráin; Seoladh uimh. 2: Unit 18, Fifth Floor, Yas Building, Number 116, Sheikh Fazlollah Highway, Teimuri Blvd, before Sharif University Metro Station, Tehran, an Iaráin; Seoladh uimh. 3: Unit 19, Fifth Floor, Yas Building, Number 116, Sheikh Fazlollah Highway, Teimuri Blvd, before Sharif University Metro Station, Tehran 1459994450, an Iaráin; Seoladh uimh. 4: No. 47, East 18th Street, Farhang Boulevard, Sa’adat Abad, Tehran 1997857976, an Iaráin; Seoladh uimh. 5: Unit 2, First Floor, EX35, Number 2, Exhibition Industrial Town, Kish Island 7941659854, an Iaráin; Áit chlárúcháin: An Iaráin Dáta clárúcháin: 2002 Daoine aonair comhlachaithe: Rahmatollah Heidari (Stiúrthóir Bainistíochta agus comhalta den bhord stiúrthóirí) |
Monaraíonn Baharestan Kish Company comhpháirteanna d’aerárthaigh gan foireann (UAVanna) do Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC). D’oibrigh an chuideachta freisin ar chomhpháirteanna d’UAV Shahed; onnmhairíodh na comhpháirteanna sin go dtí an Rúis. Tá Baharestan Kish Company tar éis maoirseacht a dhéanamh ar thionscadail éagsúla a bhaineann le cosaint, lena n-áirítear monarú UAVanna. Tá sí, dá bhrí sin, ag tacú le clár UAV na hIaráine agus tá sí rannpháirteach ann. |
11.12.2023 |
|
3. |
Saad Sazeh Faraz Sharif ar a dtugtar freisin Daria Fanavar Borhan Sharif; Sadid Sazeh Parvaz Sharif |
سدید سازه پرواز شریف/داریا فن آور برهان شریف/شرکت سعد سازه فراز شریف (Litriú Fairsise) |
Seoladh: Tehran Province - Tehran City - Central Sector - Tehran City - Shahrak Ansar Neighbourhood - Tehran Karaj Highway - Chogan Street 9 - Plate 0 - Ground Floor An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta Áit chláraithe: Tehran, an Iaráin Dáta clárúcháin: 2017 Uimhir chlárúcháin: 534295 Príomhionad gnó: An Iaráin Daoine aonair comhlachaithe: Ehsan Imaninejad (Príomhoifigeach Feidhmiúcháin) |
Is cuideachta de chuid na hIaráine é Saad Sazeh Faraz Sharif, a thairgeann seirbhísí innealtóireachta aeraspáis agus a mhonaraíonn codanna d’aerárthaigh gan foireann (UAVanna) Shahed. Tá sí ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann. |
11.12.2023 |
|
4. |
Sarmad Electronic Sepahan Company ar a dtugtar freisin Sarmad Electronics; Sarmad Electronic Sepahan; Sarmad Electronics Co. |
سدید سازه پرواز شریف/داریا فن آور برهان شریف/شرکت سعد سازه فراز شریف (Litriú Fairsise) |
Seoladh: Second Floor, No. 309, Alley 28, South Abou Na’im Street, Jaber Ansari Street, Isfahan, an Iarái Áit chlárúcháin: An Iaráin Dáta clárúcháin: 2014 Príomhionad gnó: An Iaráin |
Is cuideachta de chuid na hIaráine é Sarmad Electronic Sepahan Company, a tháirgeann na comhpháirteanna sonracha a úsáidtear in aerárthaigh gan foireann (UAVanna) na hIaráine. Tá na UAVanna sin á n-imscaradh ag an Rúis ina cogadh foghach ar an Úcráin. Fuarthas seirbheamhótair agus flowmotors i UAV scoite de chuid na hIaráine ar láthair an chatha san Úcráin; bhíothas in ann iad a rianú siar díreach go dtí Sarmad Electronic Sepahan Company. Tugann an chuideachta féin le fios ina cuid poiblíochta go bhfuil sí gníomhach i dtionscail mhóra íogaire san Iaráin, lena n-áirítear i dtionscail na UAVanna. Tá sí ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann. |
11.12.2023 |
|
5. |
Kimia Part Sivan Company (KIPAS) ar a dtugtar freisin Kimiar Parts Sibon |
شرکت کیمیا پارت سیوان (کیپس) (Litriú Fairsise) |
Seoladh: 1st Street, 6th Side Street, No. 81, Jey Industrial Park, Isfahan 8376100000, Iran; Áit chlárúcháin: An Iaráin Uimhir chlárúcháin: 10320661315 nó 414950 nó 47779, |
Is cuideachta atá lonnaithe san Iaráin é Kimia Part Sivan Company (KIPAS) a d’oibrigh le Islamic Revolutionary Guard Corps Quds Force (IRGC-QF) chun feabhas a chur ar chlár an fhórsa maidir le haerárthaigh gan foireann (UAVanna). Rinne oifigigh KIPAS tástálacha eitilte UAVanna do IRGC-QF agus thug siad cúnamh teicniúil d’UAVanna IRGC-QF a aistríodh chuig an Iaráic lena n-úsáid in oibríochtaí IRGC-QF. Chuir KIPAS comhpháirteanna luachmhara UAV ar fáil freisin lena n-úsáid ag IRGC. Tá sí, dá bhrí sin, ag tacú le clár UAV na hIaráine agus tá sí rannpháirteach ann. |
11.12.2023 |
|
6. |
Khatam al-Anbiya Central Headquarters (KCHG) ar a dtugtar freisin Khatam al-Anbiye Central Headquarters; KACHQ |
►C1
|
An cineál eintitis: eintiteas rialtais Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Daoine aonair comhlachaithe: Gholam Ali RASHID (ceannasaí KCHG) |
Is é Khatam al-Anbiya Central Headquarters (KCHG) an t-eintiteas lárnach i slabhra ceannais fhórsaí armtha na hIaráine a dhéanann cinntí míleata oibríochtúla, agus a dhéanann comhordú idir gnáth-arm na hIaráine (Artesh) agus an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC), a fhaigheann agus a imscarann aerárthaí gan foireann araon. Is é an misean atá ag KCHG maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí ionsaitheacha agus cosanta, lena n-áirítear trína cheanncheathrú réigiúnach agus téamach, mar shampla, na cinn atá i Murascaill na Peirse nó i Murascaill Óman, a thuairiscíonn don phríomh-cheanncheathrú. Tá sé freagrach freisin as comhoibríochtaí míleata a phleanáil agus a chomhordú, lena n-áirítear druileanna. Is é ceannasaí IRCG, Gholam Ali Rashid, atá liostaithe ag an Aontas, atá i gceannas ar KCHG, agus rinne sé maoirseacht ar imscaradh aerárthaí gan foireann agus ar ullmhacht láthair chatha aerárthaí gan foireann i ndruileanna agus i gcleachtaí.. Roimh IRGC agus Artesh sa slabhra ceannais, agus ar an gcaoi sin, ag déanamh maoirseacht ar fhórsaí armtha agus faisnéis uile na hIaráine agus ar Khatam al-Anbiya Construction Headquarters, atá liostaithe ag an Aontas, tá Khatam al-Anbiya Central Headquarters i gcroílár fhórsaí míleata na hIaráine agus, dá bhrí sin, tá baint aige le haerárthaí gan foireann a aistriú chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine agus le grúpaí agus eintitis armtha a bhaineann an bonn den tsíocháin agus den tslándáil sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua. Thairis sin, tá KCHG bainteach le clár aerárthaí gan foireann na hIaráine. |
31.5.2024 |
|
7. |
Kavan Electronics Behrad LLC ar a dtugtar freisin Kavan Electronics; Kavan Electronic co. LTD; Kavan Electronic Company; Kavan Electronic Sadr Aria Engineering Limited Liability Company |
►C1
|
Seoladh: No. 63, Unit 4, Shahrara, Patrice Lumumba St., Abshori Sharghi St., Tehran 144593491, Iran An cineál eintitis: cuideachta faoi dhliteanas teoranta (LLC) Áit chlárúcháin: An Iaráin Dáta clárúcháin: 13.7.2016 Cláruimhir: 495080 (an Iaráin) Uimhir aitheantais náisiúnta: 14005997725 (an Iaráin) Príomhionad gnó: an Iaráin Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps Research and Self-Sufficiency Jihad Organisation (IRGC SSJO) Daoine aonair comhlachaithe: Hossein Hatefi ARDAKANI (Cathaoirleach an Bhoird Stiúrthóirí); Mehdi Dehghani MOHAMMADABADI (Príomhoifigeach Feidhmiúcháin) |
Is cuideachta atá lonnaithe san Iaráin é Kavan Electronics Behrad LLC a sholáthraíonn agus a dhíolann seirbheamhótair agus comhpháirteanna eile atá ábhartha chun aerárthaí gan foireann a mhonarú don Islamic Revolutionary Guard Corps Research and Self-Sufficiency Jihad Organisation (IRGC SSJO) atá liostaithe ag an Aontas. Is é Hossein Hatefi Ardakani, Cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí na cuideachta, atá liostaithe ag an Aontas, a dhéanann maoirseacht ar líonra soláthair trasnáisiúnta a chuimsíonn an Meánoirthear agus an Áise Thoir agus a fhreastalaíonn ar tháirgeadh aerárthaí gan foireann a ndéanann IRGC SSJO maoirseacht orthu. Dá bhrí sin, tá Kavan Eletronics Behrad LLC bainteach le clár aerárthaí gan foireann na hIaráine.Tá baint aige freisin le haerárthaí gan foireann na hIaráine a aistriú chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine. |
31.5.2024 |
|
8. |
Islamic Revolutionary Guard Corps Navy (IRGCN) ar a dtugtar freisin Nirooy-e Daryaei-e Sepah; NEDSA |
►C1
|
An cineál eintitis: eintiteas rialtais Áit chlárúcháin: Bandar Abbas, an Iaráin Dáta clárúcháin: 1981 Príomhionad gnó: an Iaráin Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) |
Is cuid de IRGC é an Islamic Revolutionary Guard Corps Navy (IRGCN), agus áirítear leis rannán aerárthaí gan foireann agus rannán diúracán. Tá aerárthaí gan foireann agus diúracáin de chuid na hIaráine ag Cabhlach IRGC agus úsáideann sé modhanna neamhshiméadracha cogaíochta. Tá Acadamh Cabhlaigh ag cabhlach IRGC ina gcuireann sé oiliúint ar fáil maidir le diúracáin frithlong a scaoileadh agus aerárthaí gan foireann a oibriú. Cuirtear oiliúint ar mhílístí agus seach-ionadaithe a fhaigheann tacaíocht ón Iaráin san Acadamh Cabhlaigh. Tá baint ag Cabhlach IRGC le hiompar arm na hIaráine a éascú, lena n-áirítear aerárthaí gan foireann agus diúracáin de chuid na hIaráine. Imscarann grúpaí armtha lena n-áirítear na Houthis agus Hezbollah na diúracáin agus na haerárthaí gan foireann sin chun an bonn a bhaint den tsíocháin agus den tslándáil sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua. Dá bhrí sin, tá baint ag Cabhlach IRGC le cláir árthaí gan foireann agus diúracán na hIaráine, agus tá baint aige le diúracáin na hIaráine a aistriú chuig grúpaí agus eintitis armtha a bhaineann an bonn den tsíocháin agus den tslándáil sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua. |
31.5.2024 |
|
9. |
Islamic Revolutionary Guard Corps Research and Self-Sufficiency Jihad Organization (IRGC SSJO) |
سازمان تحقیقات و جهادخودکفایی سپاه پاسداران (Litriú Fairsise) |
An cineál eintitis: eintiteas rialtais Áit chlárúcháin: an Iaráin Príomhionad gnó: an Iaráin Eintitis chomhlachaithe: Kavan Electroncis Behrad LLC |
Is aonad taighde agus forbartha é Islamic Revolutionary Guard Corps Research and Self-Sufficiency Jihad Organization (IRGC SSJO) a fhorbraíonn agus a mhonaraíonn radar treáite talún, córais chumarsáide, armra, feithiclí comhraic agus trealamh leictreonach cibearchogaíochta. Mar chuid de Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí, bhí IRGC SSJO rannpháirteach i ngníomhaíochtaí taighde, forbartha agus soláthair a bhaineann le forbairt aerárthaí gan foireann agus diúracáin Iaránacha. Dá bhrí sin, tá baint ag IRGC SSJO le cláir aerárthaí gan foireann agus diúracán na hIaráine agus leis na haerárthaí gan foireann arna n-aistriú ag an Iaráin chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine. |
24.6.2024 |
( 1 ) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39)