02022R2105 — GA — 11.11.2024 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2105 ÓN gCOIMISIÚN an 29 Iúil 2022 (IO L 284 4.11.2022, lch. 23) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2707 ÓN gCOIMISIÚN an 21 Deireadh Fómhair 2024 |
L 2707 |
1 |
22.10.2024 |
|
Arna cheartú le:
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2105 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Iúil 2022
lena leagtar síos rialacha maidir le seiceálacha comhréireachta ar chaighdeáin mhargaíochta le haghaidh ola olóige agus modhanna anailíse ar shaintréithe ola olóige
Airteagal 1
Raon feidhme
Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:
na seiceálacha ar chomhréireacht leis na caighdeáin mhargaíochta maidir le holaí olóige dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104 agus a gcur chun feidhme ag oibreoirí;
an comhar agus an cúnamh idir na húdaráis inniúla maidir leis na seiceálacha comhréireachta dá dtagraítear i bpointe (a);
na taifid atá le coinneáil ag oibreoirí a tháirgeann nó a choinníonn ola olóige agus formheas monarchana pacáistithe;
na modhanna anailíse chun saintréithe ola olóige a chinneadh.
Airteagal 2
Oibleagáidí na mBallstát maidir le seiceálacha comhréireachta
Airteagal 3
Minicíocht na seiceálacha comhréireachta agus na hanailíse riosca
Is iad seo a leanas, go háirithe, na critéir chun an riosca a mheasúnú:
catagóir na hola olóige de réir bhrí Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104, an tréimhse táirgthe, a praghas i gcomparáid le holaí plandúla eile, oibríochtaí measctha agus pacála, na saoráidí agus na dálaí stórála, an tír tionscnaimh, an tír is ceann scríbe, an modh iompair nó méid na luchtóige;
suíomh na n-oibreoirí sa slabhra margaíochta, an méid agus an luach a mhargaíonn siad, raon na gcatagóirí ola a chuireann siad ar an margadh, an cineál gnó a dhéantar amhail muilleoireacht, stóráil, scagadh, meascadh, pacáistiú nó miondíol;
torthaí a fuarthas le linn seiceálacha a rinneadh roimhe seo lena n-áirítear líon agus cineál na bhfabhtanna a aimsíodh, gnáthcháilíocht na hola olóige a mhargaítear, feidhmíocht an trealaimh theicniúil a úsáidtear;
iontaofacht chórais dearbhaithe cáilíochta na n-oibreoirí nó na gcóras féinseiceála a bhaineann le comhréireacht le caighdeáin mhargaíochta;
an áit ina ndéantar an tseiceáil comhréireachta, go háirithe más í an chéad phointe teacht isteach san Aontas í, an pointe imeachta deireanach ón Aontas nó an áit ina ndéantar na holaí a tháirgeadh, a phacáistiú, a luchtú nó a dhíol leis an tomhaltóir deiridh;
aon fhaisnéis eile a d’fhéadfadh riosca neamhchomhlíonta a léiriú.
Déanfaidh na Ballstáit na nithe seo a leanas a leagan síos roimh ré:
na critéir chun measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le neamhchomhréireacht luchtóg;
ar bhonn anailíse riosca le haghaidh gach catagóir riosca, an t-íoslíon oibreoirí nó luchtóg agus cainníochtaí a bheidh faoi réir seiceála comhréireachta.
Airteagal 4
Comhar idir na Ballstáit maidir le seiceálacha comhréireachta
De bhreis ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 16 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715, beidh an fhaisnéis go léir is gá le haghaidh an fhíoraithe ag gabháil leis an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus go háirithe:
an dáta a rinneadh an ola olóige i gceist a shampláil nó a cheannach;
ainm nó ainm gnó agus seoladh an oibreora inar tógadh an sampla nó inar ceannaíodh an ola olóige lena mbaineann;
líon na mbaisceanna lena mbaineann;
cóip de na lipéid uile a thaispeánfar ar phacáistíocht na hola olóige lena mbaineann;
torthaí na hanailíse nó na dtuairimí saineolaí comparáideacha eile ina léirítear na modhanna a úsáideadh agus ainm agus seoladh na saotharlainne nó an tsaineolaí;
i gcás inarb infheidhme, ainm sholáthróir na hola olóige i gceist mar atá dearbhaithe ag an asraon margaíochta.
Airteagal 5
Oibleagáidí na n-oibreoirí
Arna iarraidh sin don Bhallstát ina bhfuil an t-oibreoir atá le feiceáil ar an lipéad bunaithe, cuirfidh an t-oibreoir doiciméadacht ar fáil maidir le comhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear in Airteagail 6, 8 agus 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104 bunaithe ar cheann amháin nó níos mó de na heilimintí seo a leanas:
eilimintí fíorasacha nó fíorais a shuífear go heolaíoch;
torthaí anailísí nó taifeadtaí uathoibríocha arna dtógáil ar shamplaí ionadaíocha;
faisnéis riaracháin nó cuntasaíochta a choinnítear i gcomhréir le rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta.
Airteagal 6
Formheas roghnach ar mhonarchana pacáistithe ar an leibhéal náisiúnta
Nuair a chinnfidh siad leas a bhaint as mír 1, deonóidh na Ballstáit formheas agus sannfaidh siad sainaithint alfa-uimhriúil ar aon mhonarcha pacáistíochta a iarrann amhlaidh agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
saoráidí pacáistithe a bheith aici;
a gheallann an doiciméadacht dá dtagraítear in Airteagal 5 a bhailiú agus a choinneáil;
a bhfuil córas stórála aici lena bhféadfar bunáitíocht na n-olaí olóige a sheiceáil, ar olaí iad a bhfuil sé sainordaitheach an áit tionscnaimh a lipéadú ina leith i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104.
Airteagal 7
Modhanna anailíse chun saintréithe ola olóige a chinneadh
Déanfar saintréithe olaí olóige a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104 a chinneadh i gcomhréir leis na modhanna anailíse a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 8
Sampláil le haghaidh seiceálacha comhréireachta
Airteagal 9
Saintréithe olaí olóige a fhíorú
Fíoróidh na Ballstáit go bhfuil na holaí olóige i gcomhréir le saintréithe na n-olaí olóige a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104:
in ord ar bith; nó
tríd an ord a leagtar amach ar an sreabhchairt in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint, go dtí go dtiocfar ar cheann de na cinntí atá sa tsreabhchairt.
Airteagal 10
Painéil bhlaiste
Socróidh na Ballstáit téarmaí formheasta na bpainéal blaiste agus áiritheoidh siad:
go gcomhlíonfar ceanglais an mhodha dá dtagraítear i bpointe 5 d’Iarscríbhinn I maidir le saintréithe orgánaileipteacha ola olóige íon a chinneadh;
go dtabharfar oiliúint do cheannaire an phainéil a aithníonn an Ballstát chun na críche sin;
beidh formheas leanúnach ag brath ar athbhreithniú bliantúil a bheith á dhéanamh ag an mBallstát ar an bpainéal blaiste.
Airteagal 11
Saintréithe orgánaileipteacha olaí olóige íona a fhíorú
Airteagal 12
Cion ola cáca ola agus iarmhar eile
Airteagal 13
Pionóis
Airteagal 14
Tuairisciú
Faoin 31 Bealtaine gach bliain, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo le linn na bliana féilire roimhe sin. Beidh sa tuarascáil sin ar a laghad torthaí na seiceálacha comhréireachta a rinneadh ar ola olóige i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 15
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
Modhanna anailíse chun saintréithe ola olóige a chinneadh
|
|
Saintréithe olaí olóige |
An modh IOC a úsáidfear |
|
1 |
Aigéadacht |
COI/T.20/Doc. Uimh. 34 (Cinneadh maidir le saoraigéid shailleacha, modh fuar) |
|
2 |
Luach sároscsaíde |
COI/T.20/Doc. Uimh. 35 (Cinneadh maidir le luacha sároscsaíde) |
|
3 |
Monapalmatáit 2- ghlicrile |
COI/T.20/Doc. Uimh. 23 (Cinneadh maidir le céatadán monaphalmatáite 2- ghlicrile) |
|
4 |
K232, K268 nó K270, ΔΚ |
COI/T.20/Doc. Uimh. 19(Imscrúdú speictreafótaiméadrach san ultravialait) |
|
5 |
Saintréithe orgánaileipteacha |
COI/T.20/Doc. Uimh. 15 (Anailís chéadfach ar ola olóige– Modh chun measúnú orgánaileipteach a dhéanamh ar ola olóige íon) – cé is moite de phointí 4.4 agus 10.4 de |
|
6 |
Comhdhéanamh aigéid shailligh, lena n-áirítear tras-isiméirí |
COI/T.20/Doc. Uimh. 33 (Cinneadh maidir le heistir mheitile aigéid shailligh le crómatagrafaíocht gháis) |
|
7 |
Eistir meitile aigéid shailligh, céaracha |
►M1 COI/T.20/Doc. Uimh. 28 (Cinneadh maidir le cion céaracha agus eistear eitile aigéid shailligh le crómatagrafaíocht gháis ribeach) ◄ |
|
8 |
Iomlán stéaról, comhdhéanamh stéaról, eiritridhé-ól, úváól agus alcóil alafatacha |
COI/T.20/Doc. Uimh. 26 (Comhdhéanamh agus ábhar stéaról, dé-alcól trítheirpéineach agus alcól alafatach a chinneadh le crómatagrafaíocht gháis ribeach) |
|
9 |
Stiogmastaidé-éin |
COI/T-20/Doc. Uimh. 11(An méid stiogmastaidé-éin in olaí glasraí a chinneadh) |
|
10 |
ΔΕCN42 |
COI/T.20/Doc. Uimh. 20 (Cinneadh na difríochta idir ábhar iarbhír agus ábhar teoiriciúil tríaicilgliocról ECN 42) |
IARSCRÍBHINN II
SAMPLÁIL AR OLAÍ OLÓIGE A SHEACHADTAR I bPACÁISTÍ
Cuirtear an modh samplála seo i bhfeidhm maidir le baisceanna ola olóige a chuirtear i bpacáistí. Beidh feidhm ag modhanna samplála éagsúla ag brath ar cibé acu is mó ná 5 lítear an pacáiste nó nach ea.
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “pacáiste” an coimeádán a bhfuil teagmháil dhíreach idir é agus an ola olóige;
ciallaíonn “baisc” tacar pacáistí a tháirgtear, a mhonaraítear agus a phacáiltear in imthosca ina meastar go bhfuil an ola olóige, atá i ngach pacáiste, aonchineálach i dtéarmaí na saintréithe anailíseacha uile. Ní mór indibhidiú baisce a dhéanamh i gcomhréir le Treoir 2011/91/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 );
ciallaíonn “incrimint” an chainníocht ola olóige atá i bpacáiste suas go 5 lítear nó a eastósctar as pacáiste ar mó é ná 5 lítear, nuair a roghnaítear pacáistí ó phointe randamach sa bhaisce.
1. ÁBHAR AN tSAMPLA PHRÍOMHÚIL
1.1. Samplaí phríomhúla le haghaidh pacáistí suas go 5 lítear
Déanfar sampla príomhúil le haghaidh pacáistí suas go 5 lítear a chomhdhéanamh i gcomhréir le Tábla 1.
Tábla 1
Ní mór an méid seo a leanas a bheith in íosmhéid sampla phríomhúil:
|
I gcás inarb é toilleadh an phacáistithe |
Is é a bheidh sa sampla príomhúil an ola olóige ó |
||
|
(a) |
750 ml nó níos mó |
(a) |
pacáiste amháin ar a laghad; |
|
(b) |
níos lú ná 750 ml |
(b) |
an líon íosta pacáistí ina bhfuil toilleadh 750 ml ar a laghad |
Ní mór ábhar an tsampla phríomhúil a homaiginiú sula ndéanfar na measúnuithe agus na hanailísí éagsúla.
1.2. Samplaí phríomhúla le haghaidh pacáistí níos mó ná 5 lítear
Comhdhéanfar “Sampla Príomhúil” le haghaidh pacáistí níos mó ná 5 lítear as líon iomlán na n-incrimintí a eastósctar as an líon íosta pacáistí a leagtar amach i dTábla 2. Déanfar na pacáistí a roghnú go randamach as an mbaisce. Nuair a chomhdhéantar an sampla príomhúil beidh toilleadh leordhóthanach ann chun gur féidir é a roinnt san iliomad samplaí.
Tábla 2
An líon íosta pacáistí le roghnú go randamach
|
An líon pacáistí sa bhaisce |
An líon íosta pacáistí le roghnú |
|
Suas go 10 |
1 |
|
Ó ... 11 go 150 |
2 |
|
Ó ... 151 go 500 |
3 |
|
Ó ... 501 go 1 500 |
4 |
|
Ó ... 1 501 go 2 500 |
5 |
|
> 2 500 in aghaidh 1 000 pacáiste |
1 phacáiste sa bhreis |
Tar éis ábhar gach pacáiste a homaiginiú, eastósctar an incrimint agus doirtear isteach i gcoimeádán coiteann í lean homaiginiú trína corraí, ionas gur fearr a chosnófar ar an aer í.
Ní mór ábhar an tsampla phríomhúil a dhoirteadh i seicheamh pacáistí ar toilleadh dóibh 1 lítear ar a laghad, a mbeidh gach ceann acu comhdhéanta d’aonad de sampla príomhúil. Ní mór gach aonad pacáiste a líonadh ar bhealach ina n-íoslaghdaítear an ciseal aeir ar barr agus a dhúnadh agus a shéalú chun a áirithiú go mbeidh an táirge crioscaíldíonach. Ní mór na pacáistí a lipéadú chun a áirithiú go ndéantar iad a shainaithint i gceart.
2. AN LÍON SAMPLAÍ PRÍOMHÚLA A MHÉADÚ
Féadfaidh gach Ballstát líon na samplaí príomhúla a mhéadú, de réir a riachtanais féin.
►M1 Agus aonchineálacht baisce á seiceáil, féadfaidh an t-údarás inniúil an líon samplaí príomhúla a mhéadú de réir an tábla seo a leanas: ◄
Tábla 3
An líon samplaí príomhúla arna chinneadh de réir méid baisce
|
Méid an bhaisce(lítir) |
An líon samplaí príomhúla |
|
Níos lú ná 7 500 |
2 |
|
Ó 7 500 go níos lú ná 25 000 |
3 |
|
Ó 25 000 go níos lú ná 75 000 |
4 |
|
Ó 75 000 go níos lú ná 125 000 |
5 |
|
Cothrom le agus níos mó ná 125 000 |
6 + 1 le haghaidh gach 50 000 lítear nó níos mó |
2.3. Ní mór foirmiú gach sampla phríomhúil a dhéanamh i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointí 1.1 agus 1.2.
2.4. Agus pacáistí á roghnú go randamach le haghaidh incrimintí, ní mór na pacáistí a roghnaítear le haghaidh sampla príomhúil amháin tadhlach le pacáistí a roghnaítear le haghaidh sampla príomhúil eile. Is gá nóta a dhéanamh de shuíomh gach pacáiste a roghnaítear go randamach agus é a shainaithint i gceart agus go cinnte.
3. ANAILÍSÍ AGUS TORTHAÍ
3.1. I gcás ina bhfuil torthaí na n-anailísí comhlíontach le saintréithe na catagóire ola olóige a dhearbhaítear, ní mór a dhearbhú go bhfuil an baisce iomlán comhlíontach chomh maith.
3.2. Nuair nach bhfuil torthaí na n-anailísí ar aon sampla príomhúil amháin comhlíontach le saintréithe na catagóire ola olóige a dhearbhaítear, ní mór a dhearbhú go bhfuil an baisce iomlán neamhchomhlíontach chomh maith.
IARSCRÍBHINN III
SREABHCHAIRT LENA bhFÍORAÍTEAR AN bhFUIL SAMPLA OLA OLÓIGE COMHSHEASMHACH LEIS AN gCATAGÓIR A DHEARBHAÍTEAR
Tábla ginearálta
Tábla 1
Ola olóige úríon –– Critéir cháilíochta
Tábla 2
Ola olóige íon –– Critéir cháilíochta
Tábla 3
Ola olóige úríon agus ola olóige íon –– Critéir íonachta
Tábla 4
Ola olóige lampante –– Critéir cháilíochta
Tábla 5
Ola olóige scagtha –– Critéir cháilíochta
Tábla 6
Ola olóige (comhdhéanta d’ola olóige scagtha agus olaí olóige íona) –– Critéir cháilíochta
Tábla 7
Ola olóige scagtha agus ola olóige atá comhdhéanta d’ola olóige scagtha agus olaí olóige íona–– Critéir íonachta
Tábla 8
Amhola phrabhaite olóige –– Critéir cháilíochta
Tábla 9
Ola phrabhaite olóige scagtha –– Critéir cháilíochta
Tábla 10
Ola phrabhaite olóige –– Critéir cháilíochta
Tábla 11
Ola phrabhaite olóige scagtha agus ola phrabhaite olóige –– Critéir íonachta
IARSCRÍBHINN IV
Modh chun cion ola cáca olóige agus iarmhar a thomhas
1. ÁBHAIR
1.1. Trealamh
1.2. Imoibrí
Gnáth-heacsán, de ghrád teicniúil, nach mór dó iarmhar níos lú ná 0,002 g in aghaidh 100 ml tar éis galú iomlán.
2. Nós imeachta
2.1. Ullmhú an tsampla tástála
Más gá, úsáid an muileann meicniúil, a glanadh i gceart roimh ré, chun an sampla saotharlainne a mheilt chun é a laghdú go cáithníní ar féidir leo dul go hiomlán tríd an gcriathar.
Bain úsáid as an bhfichiú cuid nó mar sin chun críoch a chur leis an bpróiseas chun a muileann a ghlanadh, diúscair an t-ábhar meilte, meil an méid atá fágtha agus déan é a bhailiú, a meascadh go cúramach agus a anailísiú gan mhoill.
2.2. Trialchuid
A luaithe a chuirtear críoch leis an oibríocht meilte, bain amach thart ar 10 g den sampla don 0,01 g is gaire lena thástáil.
2.3. Ullmhú an mhéaracáin eastósctha
Cuir an chuid sa mhéaracán agus stop í le holann chádáis. Más páipéar scagtha a úsáidtear, imchlúdaigh an trialchuid ann.
2.4. Réamhthriomú
Má tá an t-iarmhar olóige an-tais (i.e. cion taisligh nó cion ábhair ghalaithe níos mó ná 10 %) déan réamhthriomú tríd an méaracán ualaithe (nó páipéar scagtha) a chur san oigheann ar feadh am iomchuí ag teocht nach airde ná 80 °C chun an cion taisligh agus an cion ábhair ghalaithe a laghdú go 10 %.
2.5. Ullmhú an fhleascáin cruinntóna
Meáigh don 1 mg is gaire an fleascán ina bhfuil cáithnín nó dhó de shlíogart a triomaíodh cheana sa sorn ag 103 ± 2 °C agus a fuaraíodh ansin i dtriomadóir ar feadh tréimhse nach giorra ná aon uair an chloig.
2.6. Eastóscadh tosaigh
Cuir an méaracán (nó an páipéar scagtha) ina bhfuil an trialchuid isteach sa ghaireas eastósctha. Doirt an méid heacsáin is gá isteach sa fhleascán. Feistigh an fleascán den ghaireas eastósctha agus cuir an t-iomlán ar an dabhach atá téite go leictreach. Coigeartaigh an ráta téimh sa chaoi nach lú an ráta aife na trí bhraon in aghaidh an tsoicind (bruith mheasartha seachas géarbhruith). Tar éis eastóscadh 4 uair an chloig, lig di fuaradh. Bain an méaracán den ghaireas eastósctha agus cuir i sruth aeir é chun an chuid is mó den tuaslagóir tuile a bhaint.
2.7. Dara eastóscadh
Doirt ábhar an mhéaracáin isteach sa mhicrimheilteoir agus meil chomh mion agus is féidir. Cuir an meascán meilte, ina iomláine, ar ais sa mhéaracán agus cuir ar ais sa ghaireas eastósctha é.
Lean den eastóscadh go ceann dhá uair an chloig eile trí úsáid a bhaint as an bhfleascán cruinntóna eile ina bhfuil an t-eastóscadh tosaigh.
An tuaslagán a fhaightear sa fhleascán eastósctha, ní mór é a bheith glé. Mura bhfuil, déan é a scagadh trí pháipéar scagtha agus nigh an fleascán a úsáideadh ar dtús agus an páipéar scagtha roinnt uaireanta le heacsán. Bailigh an scagáit agus an tuaslagóir níocháin i bhfleascán cruinntóna eile a ndearnadh triomú agus táir air don 1 mg is gaire.
2.8. Tuaslagóir a bhaint agus eastóscadh a mheá
Bain amach an chuid is mó den tuaslagóir trína dhriogadh ar dhabhach atá téite go leictreach. Bain amach na rianta deiridh den tuaslagóir tríd an bhfleascán a théamh san oigheann ag 103 ± 2 °C ar feadh 20 nóiméad. Cuidigh leis an bpróiseas díothaithe trí aer a shéideadh, támhghás más féidir, ar eatraimh nó trí bhíthin brú laghdaithe.
Fág an fleascán i dtriomadóir lena fhuarú ar feadh uair an chloig ar a laghad agus meáigh don 1 mg is gaire.
Téigh arís ar feadh 10 nóiméad faoi na dálaí céanna, fuaraigh i dtriomadóir agus meáigh athuair.
Ní rachaidh an difríocht idir an dá mheá thar 10 mg. Má théann, téigh arís ar feadh tréimhsí 10 nóiméad agus, dá éis sin, fuaraigh agus meáigh arís go dtí gurb é 10 mg nó níos lú ná sin an difríocht meáchain. Déan meáchan deiridh an fhleascáin a thaifead.
Déan cinntiúcháin dhúblacha ar an sampla tástála.
3. SLOINNEADH TORTHAÍ
3.1. Modh ríofa agus foirmle
An t-eastóscadh arna shloinneadh mar chéatadán de réir maise mar a fhaightear é, tá sé cothrom le:
i gcás:
|
is é S |
= |
céatadán de réir maise an eastósctha mar a fhaightear é, |
|
is é m0 |
= |
mais i ngraim, na trialchoda, |
|
mais |
= |
i ngraim, an eastósctha tar éis a thriomaithe. is é m1 |
Glac leis gur é meán uimhriúil na gcinntiúchán dúblach an toradh, ar choinníoll go sásaítear na coinníollacha in-atrialltachta.
Sloinn an toradh go dtí an chéad deachúil.
Sloinntear an t-eastóscadh ar bhonn ábhair thirim trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle:
i gcás:
|
is é S |
= |
an céatadán eastósctha trí bhíthin an táirge mar a fhaightear (féach pointe(a)), |
|
an |
= |
cion taisligh agus an cion ábhair ghalaithe. is é U |
3.2. In-atrialltacht
An difríocht idir na cinntiúcháin dhúblacha a dhéanann an t-anailíseoir céanna go comhuaineach nó go tapa i ndiaidh a chéile, ní rachaidh sí thar 0,2 g d’eastóscadh heacsáin in aghaidh 100 g den sampla.
Mura gcomhlíontar an coinníoll sin, déan an anailís athuair ar dhá thrialchuid eile. Más rud é, sa chás sin freisin, gur mó é an difríocht ná 0,2 g, glac leis gurb é meán uimhriúil na gceithre chinntiúchán an toradh.
IARSCRÍBHINN V
Foirm le haghaidh torthaí seiceálacha comhréireachta a thuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 14 i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 ón gCoimisiún
|
|
Lipéadú |
Paraiméadair cheimiceacha |
Saintréithe orgánaileipteacha (4) |
Cinneadh críochnaitheach |
|||||||||||||
|
Sampla |
Catagóir |
Tír tionscnaimh |
Láthair chigireachta (1) |
Ainm dlíthiúil |
Áit tionscnaimh |
Dálaí stórála |
Faisnéis earráideach |
Inléiteacht |
C/NC (3) |
Paraiméadair lasmuigh de theorainn Tá/Níl |
Más ea, léirigh anseo an ceann/na cinn i gceist (2) |
C/NC (3) |
Fabht airmheánach |
Airmheán Torthaíoch |
C/NC (3) |
An beart is gá |
Smachtbhanna |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
(1)
An margadh inmheánach (muileann, buidéalaithe, an chéim mhiondíola) onnmhairiú, allmhairiú.
(2)
Beidh cód ag gach saintréith d’ola olóige a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104 [tagairt don Ghníomh Tarmligthe atá le glacadh].
(3)
Comhréireach/Neamhchomhréireach.
(4)
Ina cheangal maidir le holaí olóige íona de réir bhrí Chuid VIII, pointe 1, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus maidir leo sin amháin |
|||||||||||||||||
( 1 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena bhforlíontar Rialacháin (AE) Uimh. 1307/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fógraí a thabhairt don Choimisiún faoi fhaisnéis agus doiciméid (IO L 171, 4.7.2017, lch. 100).
( 2 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú an chórais bainistíochta faisnéise le haghaidh rialuithe oifigiúla agus sonraíochtaí comhpháirteanna an chórais (Rialachán IMSOC) (IO L 261, 14.10.2019, lch. 37).
( 3 ) Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).
( 4 ) Treoir 2011/91/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le tásca nó marcanna lena sainaithnítear an luchtóg lena mbaineann earra bia (IO L 334, 16.12.2011, lch. 1).