02022R1646 — GA — 01.01.2025 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1646 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Meán Fómhair 2022

maidir le socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla a mhéid a bhaineann le húsáid substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de atá údaraithe mar tháirgí íocshláinte tréidliachta nó mar bhreiseáin bheathaithe agus le húsáid substaintí toirmiscthe nó neamhúdaraithe atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus le húsáid iarmhar díobh, agus maidir le hábhar sonrach pleananna rialaithe náisiúnta ilbhliantúil agus socruithe sonracha chun iad a ullmhú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 248 26.9.2022, lch. 32)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2563 ÓN gCOIMISIÚN  an 24 Meán Fómhair 2024

  L 2563

1

27.9.2024




▼B

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1646 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Meán Fómhair 2022

maidir le socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla a mhéid a bhaineann le húsáid substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de atá údaraithe mar tháirgí íocshláinte tréidliachta nó mar bhreiseáin bheathaithe agus le húsáid substaintí toirmiscthe nó neamhúdaraithe atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus le húsáid iarmhar díobh, agus maidir le hábhar sonrach pleananna rialaithe náisiúnta ilbhliantúil agus socruithe sonracha chun iad a ullmhú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Chun críoch rialuithe oifigiúla maidir le húsáid substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de atá údaraithe mar tháirgí íocshláinte tréidliachta nó mar bhreiseáin bheathaithe, agus le húsáid substaintí toirmiscthe nó neamhúdaraithe atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus iarmhar díobh, leagtar síos an méid seo a leanas leis an Rialachán seo:

(a) 

an íosmhinicíocht aonfhoirmeach bhliantúil mar chuid de rialuithe oifigiúla, ag féachaint do na guaiseacha agus do na rioscaí i ndáil leis na substaintí lena mbaineann;

(b) 

socruithe sonracha breise agus ábhar sonrach breise le haghaidh plean rialaithe ilbhliantúla náisiúnta na mBallstát (“MANCP”), sa bhreis ar na socruithe sin agus ar an ábhar sin dá bhforáiltear in Airteagal 110 de Rialachán (AE) 2017/625.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2090 ón gCoimisiún ( 1 ), i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/808 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644.

CAIBIDIL II

ÁBHAR SONRACH BREISE AN MANCP

Airteagal 3

Forálacha Ginearálta

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an méid seo a leanas sa chuid den MANCP a bhaineann le feidhmiú rialuithe oifigiúla ar úsáid substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de atá údaraithe mar tháirgí íocshláinte tréidliachta nó mar bhreiseáin bheathaithe agus úsáid substaintí toirmiscthe nó neamhúdaraithe atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus iarmhar díobh in ainmhithe beo agus i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch:

(a) 

“plean rialaithe rioscabhunaithe náisiúnta i ndáil le táirgeadh sna Ballstáit”, faoi mar a leagtar amach in Airteagal 4;

(b) 

“plean faireachais randamaithe náisiúnta i ndáil le táirgeadh sna Ballstáit”, faoi mar a leagtar amach in Airteagal 5

(c) 

“plean rialaithe rioscabhunaithe náisiúnta i ndáil le hallmhairí tríú tíortha”, faoi mar a leagtar amach in Airteagal 6.

Airteagal 4

Plean rialaithe rioscabhunaithe náisiúnta i ndáil le táirgeadh sna Ballstáit

Ullmhóidh na Ballstáit plean rialaithe rioscabhunaithe náisiúnta i leith substaintí i ngrúpaí A agus B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644 chun a fhíorú go gcomhlíonann bia-ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a tháirgtear sna Ballstáit reachtaíocht an Aontais lena rialaítear úsáid substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de atá údaraithe mar tháirgí íocshláinte tréidliachta nó mar bhreiseáin bheathaithe agus úsáid substaintí toirmiscthe nó neamhúdaraithe atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus iarmhar díobh agus go gcomhlíonann siad na huasleibhéil iarmhar (“MRL”) is infheidhme agus na huasleibhéil (“ML”) is infheidhme i mbia.

Beidh an méid seo a leanas sa phlean rialaithe rioscabhunaithe náisiúnta i ndáil le táirgeadh sna Ballstáit:

(a) 

liosta na dteaglamaí substaintí agus speiceas, táirgí agus maitrísí i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644;

(b) 

an straitéis samplála arna cinneadh ag an mBallstát i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644;

(c) 

minicíochtaí iarbhír na samplála arna gcinneadh ag an mBallstát agus na híosmhinicíochtaí bliantúla maidir le rialuithe a leagtar síos in Iarscríbhinn I á gcur san áireamh;

(d) 

na modhanna anailíse a bheidh le húsáid agus a saintréithe feidhmiúcháin;

(e) 

an fhaisnéis mhionsonraithe dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus (2).

De bhun Airteagal 111(2) de Rialachán (AE) 2017/625, le linn don MANCP a bheith á chur i gcrích, déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar an bplean rioscabhunaithe náisiúnta i ndáil le táirgeadh sna Ballstáit chun cóireálacha neamhdhleathacha, go háirithe iad siúd a aithnítear tríd an bplean faireachais.

Airteagal 5

Plean faireachais randamaithe náisiúnta i ndáil le táirgeadh sna Ballstáit

Ullmhóidh na Ballstáit plean faireachais randamaithe náisiúnta le haghaidh na rialaithe maidir le táirgeadh sna Ballstáit, rud a áiritheoidh go ndéanfar faireachán randamach i leith réimse leathan substaintí.

Beidh an méid seo a leanas sa phlean faireachais randamaithe náisiúnta i ndáil le táirgeadh sna Ballstáit:

(a) 

liosta na dteaglamaí substaintí agus speiceas, táirgí agus maitrísí i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644;

(b) 

an straitéis samplála arna cinneadh ag an mBallstát a leagtar amach i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644;

(c) 

minicíochtaí iarbhír na samplála arna gcinneadh ag an mBallstát agus na híosmhinicíochtaí bliantúla samplála a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo á gcur san áireamh;

(d) 

an fhaisnéis mhionsonraithe dá dtagraítear in Airteagal 7(1).

I gcomhréir leis na ceanglais le haghaidh modhanna anailíse dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/808, úsáidfidh na Ballstáit modhanna anailíse chun anailís a dhéanamh ar shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus atá údaraithe mar tháirgí íocshláinte tréidliachta nó mar bhreiseáin bheatha agus ar shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de toirmiscthe nó neamhúdaraithe agus iarmhair díobh de bhunadh ainmhíoch, lena gcuirtear torthaí cainníochtúla nó leathchainníochtúla ar fáil, lena n-áirítear nuair a dhéantar na hiarmhair sin a shainaithint agus a chainníochtú ag leibhéil faoi bhun an MRL.

Cuirfidh na Ballstáit san áireamh ceanglais tuairiscithe maidir leis na rialuithe ar úsáid substaintí údaraithe, lena n-áirithítear tuairisciú na dtiúchan ar fad ag an gcumas braite le haghaidh scagthástáil (“CCβ”) an mhodha nó os cionn, agus á áirithiú ag an am céanna go bhfaighfear an CCβ is ísle, atá indéanta go réasúnta, i gcás na modhanna, tiúchain a úsáidtear chun na hanailísí scagtha a dhéanamh. Maidir le tástáil nach ndéantar ach le modhanna deimhniúcháin amháin, déanfar na torthaí inchainníochtúla ar fad a thuairisciú. I gcás ina n-úsáidfear modhanna scagtha atá spriocdhírithe agus nach bhfuil spriocdhírithe, tabharfaidh na Ballstáit tuairisc ar úsáid na modhanna anailíse sin agus ar thorthaí na modhanna sin.

Airteagal 6

Plean rialaithe rioscabhunaithe náisiúnta i ndáil le hallmhairí tríú tíortha

Ullmhóidh na Ballstáit plean rialaithe rioscabhunaithe náisiúnta le haghaidh bia-ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann isteach san Aontas agus a bheartaítear a chur ar mhargadh an Aontais trína gcuid post rialaithe teorann (“BCP”) agus trí phointí teacht isteach eile amhail ar shoithí de réir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 ón gCoimisiún ( 2 ) chun comhlíonadh reachtaíocht an Aontais maidir le húsáid substaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644 agus comhlíonadh MRLanna agus MLanna is infheidhme a fhíorú.

Is mar chuid de na rialuithe oifigiúla ag BCP dá bhforáiltear in Airteagail 47 agus 65 de Rialachán (AE) 2017/625 a dhéanfar rialuithe maidir le húsáid substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus atá údaraithe mar tháirgí íocshláinte tréidliachta nó mar bhreiseáin bheatha agus substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus atá toirmiscthe nó neamhúdaraithe ó thaobh na cógaseolaíochta de agus iarmhair díobh.

Beidh an méid seo a leanas sa phlean rialaithe rioscabhunaithe náisiúnta i ndáil le hallmhairí tríú tíortha:

(a) 

liosta na dteaglamaí substaintí agus speiceas, táirgí agus maitrísí i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644;

(b) 

an straitéis samplála arna cinneadh ag an mBallstát i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644;

(c) 

minicíochtaí iarbhír na samplála i ndáil le rialuithe a cuirtear i gcrích ag BCP arna gcinneadh ag an mBallstát agus na híosmhinicíochtaí bliantúla samplála i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo á gcur san áireamh. Ní mheasfar, áfach, maidir leis na samplaí a thógtar chun críche rialuithe oifigiúla arna ndéanamh de bhun Airteagal 65(1), (2) agus (4) de Rialachán (AE) 2017/625, gur samplaí iad a rannchuidíonn le minicíochtaí samplála íosta Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a bhaint amach;

(d) 

na modhanna anailíse a bheidh le húsáid agus a saintréithe feidhmiúcháin;

(e) 

an fhaisnéis mhionsonraithe dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus (2).

▼M1

Airteagal 7

Ábhar breise na bpleananna rialaithe rioscabhunaithe náisiúnta agus an phlean faireachais randamaithe náisiúnta

1.  

Sna pleananna rialaithe rioscabhunaithe náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagail 4 agus 6, agus sa phlean faireachais randamaithe náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 5, sonrófar an méid seo a leanas:

(a) 

na speicis atá le sampláil agus áit na samplála;

(b) 

an reachtaíocht náisiúnta i ndáil le húsáid substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus, go háirithe, i ndáil lena dtoirmeasc nó lena n-údarú, lena ndáileadh, lena gcur ar an margadh agus lena riaradh, a mhéid nach bhfuil an reachtaíocht sin comhchuibhithe le reachtaíocht an Aontais;

(c) 

na húdaráis inniúla atá freagrach as na pleananna a chur chun feidhme.

2.  

Sna pleananna rialaithe rioscabhunaithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagail 4 agus 6, sa bhreis ar an bhfaisnéis a shonraítear i mír 1, déanfar foráil maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

réasúnú maidir leis na substaintí, na speicis, na táirgí agus na maitrísí roghnaithe a áiríodh sna pleananna ar bhonn na gcritéar a liostaítear in Iarscríbhinní II agus VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644, lena n-áirítear réasúnú maidir leis an gcaoi ar cuireadh na critéir a liostaítear sna hIarscríbhinní sin san áireamh, fiú mura ndearnadh aon athruithe i gcomparáid le plean na bliana roimhe sin;

(b) 

réasúnú maidir leis an gcaoi ar cuireadh san áireamh cásanna neamhchomhlíontachta sa Bhallstát ábhartha a braitheadh sna 3 bliana féilire roimhe sin chun an plean a bharrfheabhsú.

I gcomhréir le hAirteagal 110(2) de Rialachán (AE) 2017/625 ní gá do na Ballstáit faisnéis a soláthraíodh cheana sa chuid ghinearálta de na pleananna rialaithe ilbhliantúla náisiúnta a chur isteach.

▼B

CAIBIDIL III

NA PLEANANNA AGUS MEASTÓIREACHT AR NA PLEANANNA, AGUS SONRAÍ Á gCUR ISTEACH AG NA BALLSTÁIT

Airteagal 8

▼M1

Na pleananna rialaithe rioscabhunaithe náisiúnta agus an plean faireachais randamaithe náisiúnta a chur isteach agus meastóireacht a dhéanamh orthu

▼B

Faoin 31 Márta gach bliain, déanfaidh na Ballstáit, i bhformáid chomhaontaithe, pleananna rialaithe rioscabhunaithe náisiúnta athbhreithnithe agus nuashonraithe agus plean faireachais randamaithe le haghaidh na bliana féilire reatha a chur faoi bhráid an Choimisiúin go leictreonach.

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na pleananna sin ar bhonn an Rialacháin seo agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644 agus cuirfidh sé in iúl do gach Ballstát a mheastóireacht, mar aon le barúlacha nó molta, i gcás inar gá, laistigh de 4 mhí ón tráth a bhfaighidh sé na pleananna.

Cuirfidh na Ballstáit leaganacha nuashonraithe de gach plean ar fáil don Choimisiún, agus déanfaidh siad achoimre ar an gcaoi a cuireadh barúlacha an Choimisiún san áireamh, agus déanfaidh siad é sin faoin 31 Márta den bhliain dár gcionn ar a dhéanaí. I gcás ina gcinnfidh Ballstát gan a phleananna rialaithe a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bharúlacha an Choimisiúin, léireoidh sé réasúnú a sheasaimh.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún go ndéanfadh na pleananna dochar d’éifeachtacht na rialuithe oifigiúla, déanfar leaganacha nuashonraithe de na pleananna lena mbaineann a chur isteach níos luaithe arna iarraidh sin don Choimisiún agus laistigh de thréimhse ama réasúnta a shocróidh an Coimisiún.

▼M1

Airteagal 9

Cur isteach sonraí ag na Ballstáit

Faoin 30 Meitheamh gach bliain, tarchuirfidh na Ballstáit chuig an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“EFSA”) na sonraí go léir ón mbliain roimhe sin, lena n-áirítear torthaí comhlíontacha na modhanna scagtha i gcás nach ndearnadh aon anailís dheimhnitheach, arna mbailiú faoi na pleananna rialaithe agus an plean faireachais dá dtagraítear in Airteagal 3. Sna sonraí sin freisin beidh na cineálacha beart leantach a rinne na húdaráis inniúla a mhéid a bhaineann le hainmhithe nó táirgí de bhunadh ainmhíoch inar aimsíodh iarmhair neamhchomhlíontacha an bhliain roimhe sin.

Faoin 31 Lúnasa gach bliain, cuirfidh gach Ballstát bailchríoch ar bhailíochtú, ar athbhreithniú agus ar ghlacadh deiridh sonraí i gcórais stórtha sonraí EFSA.

▼B

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 10

Cinneadh 97/747/CE a aisghairm

Déantar Cinneadh 97/747/CE a aisghairm dá bhrí sin.

Airteagal 11

Tagairtí

Tagairtí d’Airteagail 3, 4, 5, 6, 7 agus 8 de Threoir 96/23/CE agus d’Iarscríbhinní I agus IV a ghabhann leis an Treoir sin agus do Chinneadh 97/747/CE, déanfar iad a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 15 Nollaig 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

An mhinicíocht samplála in aghaidh an Bhallstáit sa phlean rialaithe rioscabhunaithe náisiúnta i ndáil le táirgeadh sna Ballstáit (dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (c))

Is mar a leanas an líon íosta samplaí:



 

An mhinicíocht samplála — Substaintí Ghrúpa A

Bó-ainmhithe

Ar a laghad 0,25 % den líon ainmhí a maraíodh (ar a laghad 25 % de na samplaí le tógáil ó ainmhithe beo ar an bhfeirm agus ar a laghad 25 % de na samplaí le tógáil ag an seamlas)

Caoirigh agus gabhair

Ar a laghad 0,01 % den líon ainmhí a maraíodh in aghaidh an speicis

Muc-ainmhithe

Ar a laghad 0,02 % den líon ainmhí a maraíodh

Eachainmhithe

Ar a laghad 0,02 % den líon ainmhí a maraíodh

Éanlaith chlóis

Maidir le gach catagóir d’éanlaith chlóis a bhreithnítear (sicíní grísce, cearca spíonta, turcaithe agus éanlaith chlóis eile), sampla amháin ar a laghad in aghaidh gach 400 tonna den táirgeadh bliantúil (meálasta)

Dobharshaothrú (éisc eite, crústaigh agus táirgí dobharshaothraithe eile)

Ar a laghad sampla amháin in aghaidh gach 300 tona den táirgeadh bliantúil dobharshaothraithe le haghaidh an chéad 60 000 tona den táirgeadh agus ansin sampla amháin le haghaidh gach 2 000 tona breise

Bainne bó, caorach agus gabhar

Sampla amháin ar a laghad in aghaidh gach 30 000 tona den táirgeadh bliantúil bainne in aghaidh an speicis

Uibheacha circe agus uibheacha eile

Sampla amháin ar a laghad in aghaidh gach 2 000 tona den táirgeadh bliantúil uibheacha in aghaidh an speicis

Coiníní, géim saothraithe, reiptíl agus feithidí

Ar a laghad sampla amháin in aghaidh gach 100 tona den táirgeadh bliantúil (meálasta) coiníní, géime saothraithe nó reiptílí le haghaidh an chéad 3 000 tona den táirgeadh agus ansin sampla amháin le haghaidh gach 1 000 tona breise

Sampla amháin ar a laghad in aghaidh gach 25 tona den táirgeadh bliantúil feithidí

Mil

Ar a laghad sampla amháin in aghaidh gach 50 tona den táirgeadh bliantúil le haghaidh an chéad 5 000 tona táirgthe agus ansin sampla amháin le haghaidh gach 500 tona breise

Cásálacha ()

Sampla amháin ar a laghad in aghaidh gach 300 tona den táirgeadh bliantúil

(1)   

* Mar a shainmhínítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis dóibh a theacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).



 

An mhinicíocht samplála — Substaintí Ghrúpa B

Bó-ainmhithe

Ar a laghad 0,10 % den líon ainmhí a maraíodh

Caoirigh agus gabhair

Ar a laghad 0,02 % den líon ainmhí a maraíodh in aghaidh an speicis

Muc-ainmhithe

Ar a laghad 0,02 % den líon ainmhí a maraíodh

Eachainmhithe

Ar a laghad 0,02 % den líon ainmhí a maraíodh

Éanlaith chlóis

Maidir le gach catagóir d’éanlaith chlóis a bhreithnítear (sicíní grísce, cearca spíonta, turcaithe agus éanlaith chlóis eile), sampla amháin ar a laghad in aghaidh gach 500 tona den táirgeadh bliantúil (meálasta)

Dobharshaothrú (éisc eite, crústaigh agus táirgí dobharshaothraithe eile)

Ar a laghad sampla amháin in aghaidh gach 300 tona de tháirgeadh bliantúil dobharshaothraithe le haghaidh an chéad 60 000 tona táirgthe agus ansin sampla amháin le haghaidh gach 2 000 tona breise

Bainne bó, caorach agus gabhar

Sampla amháin ar a laghad in aghaidh gach 30 000 tona den táirgeadh bliantúil bainne in aghaidh an speicis

Uibheacha circe agus uibheacha eile

Sampla amháin ar a laghad in aghaidh gach 2 000 tona den táirgeadh bliantúil uibheacha in aghaidh an speicis

Coiníní, géim saothraithe, reiptíl agus feithidí

Ar a laghad sampla amháin in aghaidh gach 50 tona den táirgeadh bliantúil (meálasta) coiníní, géime saothraithe nó reiptílí le haghaidh an chéad 3 000 tona den táirgeadh agus ansin sampla amháin le haghaidh gach 500 tona breise

Sampla amháin ar a laghad in aghaidh gach 25 tona den táirgeadh bliantúil feithidí

Mil

Ar a laghad sampla amháin in aghaidh gach 50 tona den táirgeadh bliantúil le haghaidh an chéad 5 000 tona táirgthe agus ansin sampla amháin le haghaidh gach 500 tona breise

Forálacha breise

(a) 

Más ábhartha chun comhlíonadh reachtaíocht an Aontais a fhíorú maidir le húsáid substaintí toirmiscthe nó neamhúdaraithe atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, féadfaidh na Ballstáit samplaí a thógáil ó bheatha, uisce nó maitrís nó comhshaol ábhartha eile agus a áireamh chun na minicíochtaí íosta samplála dá bhforáiltear san Iarscríbhinn seo a bhaint amach.

▼M1

(b) 

Maidir leis na rialuithe ar gach teaglaim d’fhoghrúpaí de shubstaintí Ghrúpa A agus de ghrúpaí tráchtearraí mar a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644, cuirfear i gcrích iad go bliantúil in 5 % ar a laghad de na samplaí a thógfar i gcomhréir le tábla na hIarscríbhinne seo le haghaidh an ghrúpa tráchtearraí sin. Níl feidhm ag an íoschéatadán seo maidir le cásálacha agus níl feidhm aige maidir le grúpa substaintí A(3), pointe (b), agus grúpa substaintí A(3), pointe (f) le haghaidh gach grúpa tráchtearraí.

▼B

(c) 

Maidir le substaintí Ghrúpa B, tá roghnú substaintí sonracha le haghaidh tástála laistigh de gach grúpa substaintí le cinneadh de réir na gcritéar a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644.

(d) 

Laistigh de ghrúpa bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach agus de chineál gabhair, tógfar na samplaí ó gach speiceas, agus an méid táirgeachta coibhneasta atá acu á chur san áireamh. Cumhdóidh an tsampláil ainmhithe le haghaidh táirgeadh déiríochta agus ainmhithe le haghaidh táirgeadh feola araon.

(e) 

Laistigh den ghrúpa éanlaithe clóis, tógfar samplaí ó shicíní grísce, cearca spíonta, turcaithe agus ó éanlaith chlóis eile, agus an méid táirgeachta coibhneasta atá acu á gcur san áireamh.

(f) 

Laistigh den ghrúpa dobharshaothraithe, tógfar samplaí ó speicis dhobharshaothraithe fionnuisce agus uisce sáile, agus an méid táirgeachta coibhneasta atá acu á gcur san áireamh.

(g) 

I gcás ina bhfuil cúis ann lena chreidiúint go bhfuil substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de á n-úsáid ar na táirgí dobharshaothraithe eile, ní mór na speicis sin a áireamh sa phlean samplála i gcomhréir lena dtáirgeadh agus iad ina samplaí sa bhreis ar na samplaí a thógtar le haghaidh táirgí feirmeoireachta éisc eití.

(h) 

Tógfar an líon samplaí is gá chun an mhinicíocht samplála a fhorordaítear a bhaint amach. Is tagairt é seo do líon na n-ainmhithe a sampláladh (nó líon na n-ainmhithe ar dócha go gcuirfear cóireáil air i ngrúpa áirithe (e.g. iasc)) gan beann ar líon na dtástálacha a dhéanfar in aghaidh gach sampla.

(i) 

I gcás ina ndéanfar anailís ar shubstaintí ó Ghrúpaí A agus B in aon shampla amháin ó ainmhí amháin, is féidir an sampla seo a chur san áireamh i dtreo na híosmhinicíochta samplála le haghaidh an dá ghrúpa (Grúpaí A agus B) ós rud é gur féidir é a dhoiciméadú, agus gurb ionann na critéir riosca do Ghrúpaí A agus B. Má thógtar sampla eile de mhaitrís eile ón ainmhí céanna chun anailís a dhéanamh ar shubstaintí ghrúpa A agus/nó ghrúpa B, ní chuirfear an toradh san áireamh i dtreo na híosmhinicíochta samplála. I gcás ina ndéanfar anailís ar shubstaintí ó Ghrúpa A in aon shampla amháin ó ainmhí amháin agus ina ndéanfar anailís ar shubstaintí ó Ghrúpa i sampla ó mhaitrís eile ón ainmhí céanna, is féidir an dá shampla sin a chur san áireamh chun na híosmhinicíochta samplála don dá ghrúpa (Grúpaí A agus B) ós rud é gur féidir é a dhoiciméadú, agus gur cuireadh i bhfeidhm na critéir riosca le haghaidh Grúpaí A agus B.

(j) 

Ní dhéanfar samplaí amhrasta a glacadh le linn na hoibre leantaí ar neamhchomhlíonadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/2090 a chomhaireamh chun an mhinicíocht samplála a leagtar síos le haghaidh plean riosca-bhunaithe i ndáil le táirgeadh AE a bhaint amach.

(k) 

Chun íosmhinicíochtaí na rialuithe a ríomh, úsáidfidh na Ballstáit na sonraí táirgthe is déanaí atá ar fáil, ón mbliain roimhe sin ar a laghad nó ón mbliain leathdheireanach ar a mhéad, agus iad coigeartaithe, más ábhartha, chun athruithe sa táirgeadh a léiriú ó cuireadh na sonraí ar fáil.

(l) 

I gcás inar lú ná cúig shampla in aghaidh na bliana a bheadh sa mhinicíocht samplála arna ríomh i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo, féadfar an tsampláil a dhéanamh uair amháin gach 2 bhliain. I gcás nach sroichtear, laistigh de thréimhse 2 bhliain, an táirgeadh a chomhfhreagraíonn d’íosmhéid sampla amháin, déanfar anailís ar shampla amháin ar a laghad uair amháin in aghaidh gach 2 bhliain ar choinníoll go ndéantar an táirgeadh le haghaidh an speicis nó an táirge sin sa Bhallstát.

(m) 

Samplaí a thógtar chun críocha pleananna rialaithe eile atá ábhartha maidir le hanailís a dhéanamh ar shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus ar iarmhair díobh (e.g. ar éilleáin, ar iarmhair lotnaidicídí, etc.), féadfar iad a úsáid freisin le haghaidh rialuithe ar shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de ar choinníoll go ndéanfar na ceanglais maidir leis na rialuithe ar shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de a chomhlíonadh.




IARSCRÍBHINN II

An mhinicíócht samplála in aghaidh an Bhallstáit sa phlean faireachais randamaithe náisiúnta i ndáil le táirgeadh sna Ballstáit (dá dtagraítear in Airteagal 5, pointe (c))

Is mar a leanas an líon íosta samplaí:



Ballstát

An líon íosta samplaí

Ballstát

An líon íosta samplaí

An Bheilg

195

An Liotuáin

50

An Bhulgáir

120

Lucsamburg

10

An tSeicia

180

An Ungáir

165

An Danmhairg

100

Málta

10

An Ghearmáin

1 425

An Ísiltír

300

An Eastóin

25

An Ostair

150

Éire

85

An Pholainn

650

An Ghréig

185

An Phortaingéil

175

An Spáinn

805

An Rómáin

335

An Fhrainc

1 150

An tSlóivéin

35

An Chróit

70

An tSlóvaic

95

An Iodáil

1 050

An Fhionlainn

95

An Chipir

15

An tSualainn

175

An Laitvia

35

An Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann) ()

30

(1)   

I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha an Rialacháin seo, baineann tagairtí do na Ballstáit leis an Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann

Forálacha breise:

(a) 

Déanfar na samplaí arna dtógáil faoina phlean faireachais a dháileadh ar na speicis éagsúla agus ar na táirgí éagsúla de réir an chion ar a dhéanann siad ionadaíocht faoin táirgeadh agus tomhaltas náisiúnta.

(b) 

25 % de na samplaí a thógfar de bhun an phlean sin, déanfar anailís orthu le haghaidh substaintí de Ghrúpa A.

(c) 

75 % de na samplaí a thógfar de bhun an phlean sin, déanfar anailís orthu le haghaidh substaintí de Ghrúpa B.




IARSCRÍBHINN III

An íosmhinicíocht samplála in aghaidh an Bhallstáit sa phlean rialaithe rioscabhunaithe náisiúnta i ndáil le hallmhairí tríú tíortha (dá dtagraítear in Airteagal 6, pointe (c))

Féadfar an íosmhinicíocht samplála a úsáid mar chuid de phlean faireachais ag poist rialaithe teorann i gcomhréir le pointe 5 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2130 ( 3 ).

Rialuithe a dhéantar de bhun na bearta éigeandála bunaithe agus na rialuithe oifigiúla treisithe, ar bhonn Airteagal 53 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Airteagal 65(4) de Rialachán (AE) 2017/625, ní áireofar iad chun na híosmhinicíochtaí samplála a leagtar síos san Iarscríbhinn seo a bhaint amach.

Rialuithe ar tháirgí bia ó thríú tíortha áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2129 ( 4 ), ar tíortha iad a bhfuil comhaontuithe coibhéise maidir le seiceálacha fisiceacha tugtha i gcrích ag an Aontas leo, ní áireofar iad chun na híosmhinicíochtaí samplála a leagtar síos san hIarscríbhinn seo a bhaint amach.

Is mar a leanas an líon íosta samplaí:



 

An mhinicíocht samplála le haghaidh substaintí de Ghrúpaí A agus B

Bó-ainmhithe (lena n-áirítear ainmhithe beo, feoil, feoil mhionaithe, feoil scartha go meicniúil, ullmhóidí feola agus táirgí feola)

7 % ar a laghad de na coinsíneachtaí allmhairithe

Caoirigh/gabhair (lena n-áirítear ainmhithe beo, feoil, feoil mhionaithe, feoil scartha go meicniúil, ullmhóidí feola agus táirgí feola)

3 % ar a laghad de na coinsíneachtaí allmhairithe

Muc-ainmhithe (lena n-áirítear ainmhithe beo, feoil, feoil mhionaithe, feoil scartha go meicniúil, ullmhóidí feola agus táirgí feola)

3 % ar a laghad de na coinsíneachtaí allmhairithe

Eachainmhithe (lena n-áirítear ainmhithe beo a bhfuil sé beartaithe iad a mharú lena gcaitheamh ag an duine, feoil, feoil mhionaithe, feoil scartha go meicniúil, ullmhóidí feola agus táirgí feola)

3 % ar a laghad de na coinsíneachtaí allmhairithe

Éanlaith chlóis () (lena n-áirítear ainmhithe beo, éineoil agus táirgí éineola)

7 % ar a laghad de na coinsíneachtaí allmhairithe

Dobharshaothrú (éisc eite, crústaigh agus táirgí dobharshaothraithe eile)

7 % ar a laghad de na coinsíneachtaí allmhairithe

Bainne (lena n-áirítear bainne amh, táirgí déiríochta, gruth buí agus táirgí bunaithe ar ghruth buí de gach speiceas)

7 % ar a laghad de na coinsíneachtaí allmhairithe

Uibheacha (lena n-áirítear uibheacha agus táirgí uibhe ó gach speiceas éan)

12 % ar a laghad de na coinsíneachtaí allmhairithe

Coiníní, géim shaothraithe agus géim fhiáin (), reiptílí agus feithidí (lena n-áirítear ainmhithe beo, feoil agus táirgí feola ó na speicis a luaitear agus táirgí a dhíorthaítear ó na speicis sin)

Ar a laghad 12 % de na coinsíneachtaí allmhairithe le haghaidh gach speicis

Mil (lena n-áirítear mil agus táirgí beachadóireachta eile)

7 % ar a laghad de na coinsíneachtaí allmhairithe

Cásálacha ()

2 % ar a laghad de na coinsíneachtaí allmhairithe

(1)   

* Mar a shainmhínítear i bpointe 1.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55).

(2)   

** Mar a shainmhínítear i bpointí 1.5 agus 1.6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55).

(3)   

*** Mar a shainmhínítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis dóibh a theacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).

Forálacha breise:

(a) 

Chun íosmhinicíochtaí na rialuithe a liostaítear san Iarscríbhinn seo a ríomh, úsáidfidh na Ballstáit na sonraí is déanaí maidir leis an líon coinsíneachtaí atá ag teacht isteach san Aontas trína bpoist rialaithe teorann, ón mbliain roimhe sin ar a laghad nó ón mbliain leathdheireanach ar a mhéad.

(b) 

I gcás inar lú an líon coinsíneachtaí a thagann isteach san Aontas ná an líon coinsíneachtaí a chomhfhreagraíonn do shampla amháin, féadfar an tsampláil a dhéanamh uair amháin gach 2 nó 3 bliana. I gcás inar lú an líon coinsíneachtaí a thagann isteach san Aontas thar thréimhse 3 bliana ná an líon coinsíneachtaí a chomhfhreagraíonn do shampla amháin, tógfar sampla amháin ar a laghad uair amháin gach 3 bliana.

(c) 

Samplaí a thógtar chun críoch pleananna rialaithe eile atá ábhartha maidir le hanailís a dhéanamh ar shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus ar iarmhair díobh (e.g. ar éilleáin, ar iarmhair lotnaidicídí, etc.), féadfar iad a úsáid freisin le haghaidh rialuithe ar shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de ar choinníoll go ndéanfar na ceanglais maidir leis na rialuithe ar shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de a chomhlíonadh.



( 1 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2090 ón gCoimisiún an 19 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cásanna amhrasta neamhchomhlíontachta nó cásanna neamhchomhlíontachta arna suí le rialacha an Aontais is infheidhme maidir le húsáid substaintí nó iarmhair substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus atá údaraithe i dtáirgí íocshláinte tréidliachta nó mar bhreiseáin bheatha nó le rialacha an Aontais is infheidhme maidir le húsáid substaintí nó iarmhair substaintí toirmiscthe nó neamhúdaraithe atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de (IO L 317, 9.12.2019, lch. 28).

( 2 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 ón gCoimisiún an 15 Márta 2019 lena leagtar síos socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2074/2005 ón gCoimisiún maidir le rialuithe oifigiúla (IO L 131, 17.5.2019, lch. 51).

( 3 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2130 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2019 lena mbunaítear rialacha mionsonraithe maidir leis na hoibríochtaí atá le déanamh le linn seiceálacha doiciméadacha, seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar ainmhithe agus ar earraí atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann (IO L 321, 12.12.2019, lch. 128).

( 4 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2129 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2019 lena mbunaítear rialacha maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach rátaí minicíochta le haghaidh seiceálacha sainaitheantais agus seiceálacha fisiceacha ar choinsíneachtaí áirithe ainmhithe agus earraí a thagann isteach san Aontas (IO L 321, 12.12.2019, lch. 122).