02022R1478 — GA — 19.10.2023 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1478 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Meán Fómhair 2022

lena leathnaítear an dleacht frithchúitimh chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776, maidir le hallmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte chun allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe a choinsínítear ón Tuirc a chumhdach, dearbhaítear gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná dearbhaítear

(IO L 233 8.9.2022, lch. 18)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2158 ÓN gCOIMISIÚN  an 17 Deireadh Fómhair 2023

  L 

1

18.10.2023




▼B

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1478 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Meán Fómhair 2022

lena leathnaítear an dleacht frithchúitimh chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776, maidir le hallmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte chun allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe a choinsínítear ón Tuirc a chumhdach, dearbhaítear gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná dearbhaítear



Airteagal 1

1.  

An dleacht frithchúitimh chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 an 12 Meitheamh 2020 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte, déantar leis seo an dleacht sin a leathnú chun allmhairí fabraicí caisirníní snáithíní gloine filiméad leanúnach fite agus/nó fuaite agus/nó snáthanna a bhfuil eilimintí eile iontu nó nach bhfuil a chumhdach, gan táirgí atá tuilithe nó réamhthuilithe a áireamh, agus gan fabraicí mogaill oscailte a áireamh ag a bhfuil cealla oscailte is faide agus is leithne ná 1,8 mm araon agus a bhfuil meáchan is mó ná 35 g/m2 iontu, agus a aicmítear faoi láthair faoi na cóid AC ex 7019 61 00 , ex 7019 62 00 , ex 7019 63 00 , ex 7019 64 00 , ex 7019 65 00 , ex 7019 66 00 , ex 7019 69 10 , ex 7019 69 90 agus ex 7019 90 00 (na cóid TARIC 7019610081 , 7019610084 , 7019620081 , 7019620084 , 7019630081 , 7019630084 , 7019640081 , 7019640084 , 7019650081 , 7019650084 , 7019660081 , 7019660084 , 7019691081 , 7019691084 , 7019699081 , 7019699084 , 7019900081 agus 7019900084 ) a choinsínítear ón Tuirc, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná bíodh (na cóid TARIC 7019610083 , 7019620083 , 7019630083 , 7019640083 , 7019650083 , 7019660083 , 7019691083 , 7019699083 agus 7019900083 ), cé is moite díobh sin a tháirgeann na cuideachtaí a liostaítear thíos:

▼M1



Tír

Cuideachta

Cód breise TARIC

An Tuirc

Saertex Turkey Tekstil Ltd. Ști.

C115

An Tuirc

Sonmez Asf Iplik Dokuma Ve Boya San Tic A. Ș.

C116

An Tuirc

Telateks Tekstil Ürünleri Sanayi ve Ticaret Anonim Șirketi

Telateks Dıș Ticaret ve Kompozit Sanayi Anonim Șirketi

C117

An Tuirc

Fibroteks Dokuma Sanayi Ve Ticaret AS

899G

▼B

2.  
Is í an dleacht a leathnaítear an dleacht frithchúitimh 30,7 % is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile” i nDaon-Phoblacht na Síne.
3.  
Baileofar an dleacht a leathnaítear le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i gcás allmhairí arna gclárú i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2229 agus Airteagail 23(4) agus 24(5) de Rialachán (AE) 2016/1037.
4.  
Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

Ordaítear do na húdaráis chustaim scor de chlárú na n-allmhairí a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2229, ar clárú é a aisghairtear leis seo.

Airteagal 3

Diúltaítear don iarraidh ar dhíolúine a chuir Turkiz Composite Materials Technology Üretim Sanayi ve Ticaret Anonim Șirketi isteach.

Airteagal 4

1.  

Iarrataí ar dhíolúine ón dleacht a leathnaítear le hAirteagal 1, déanfar i scríbhinn iad i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus ní mór do dhuine na hiarrataí a shíniú, ar é sin an duine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar an eintiteas atá ag iarraidh na díolúine. Ní mór an iarraidh a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na Trádála

Oifig Stiúrthóireacht G:

CHAR 04/39

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

2.  
I gcomhréir le hAirteagal 23(6) de Rialachán (AE) 2016/1037, féadfaidh an Coimisiún a údarú, trí chinneadh, go ndíolmhófar allmhairí ó chuideachtaí nach n-imchéimníonn na bearta frithchúitimh arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776, ón dleacht a leathnaítear le hAirteagal 1.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.