02022R1471 — GA — 23.04.2025 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1471 ÓN gCOIMISIÚN an 5 Meán Fómhair 2022 maidir le hochtaihiodráit charbónáite lantanaim mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat (sealbhóir an údaraithe Porus GmbH) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 231 6.9.2022, lch. 113) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/647 ÓN gCOIMISIÚN an 2 Aibreán 2025 |
L 647 |
1 |
3.4.2025 |
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1471 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Meán Fómhair 2022
maidir le hochtaihiodráit charbónáite lantanaim mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat (sealbhóir an údaraithe Porus GmbH)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Airteagal 1
An breiseán a shonraítear san Iarscríbhinn, breiseán a bhaineann leis an gcatagóir breiseán “breiseáin zóiteicniúla” agus leis an bhfeidhmghrúpa “breiseáin zóiteicniúla eile”, údaraítear é mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
|
mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||
|
Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: breiseáin zóiteicniúla eile (laghdú ar eisfhearadh fosfair trí fhual) |
|||||||||
|
4d23 |
Porus GmbH |
Ochtaihiodráit charbónáite lantanaim |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ochtaihiodráit charbónáite lantanaim ina bhfuil ar a laghad 85 % d’ochtaihiodráit charbónáite lantanaim mar shubstaint ghníomhach. Foirm sholadach. Tréithriú na substainte gníomhaí Ochtaihiodráit charbónáite lantanaim La2(CO3)3*8H2O Uimhir CAS: 6487-39-4 Modh anailíse (1) Maidir le carbónáit sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú: Modh an Aontais, ar modh é a tugadh isteach le Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún. (2) Maidir le lantanaim sa bhreiseán beathaithe agus sa bheatha chumaisc a chainníochtú: Speictriméadracht astaíochta adamhaí le plasma cúpláilte go hionduchtach (ICP-AES). |
Cait |
- |
1 500 |
7 500 |
1. Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú. 2. Ní thabharfar an breiseán mar bheatha ach do chait fásta. 3. Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin, déanfar an méid seo a leanas a shonrú: ‘Le haghaidh cait fhásta. “Seachain úsáid chomhuaineach beathaí a bhfuil ardleibhéal fosfair iontu.”. 4. I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin. |
26 Meán Fómhair 2032 |
|
(1)
Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.
(2)
Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2009 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar bheatha (IO L 54, 26.2.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/152/oj). |
|||||||||