02022O0912 — GA — 20.11.2023 — 002.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
TREOIRLÍNE (AE) 2022/912 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH an 24 Feabhra 2022 (IO L 163 17.6.2022, lch. 84) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
TREOIRLÍNE (AE) 2022/2250 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH an 9 Samhain 2022 |
L 295 |
50 |
16.11.2022 |
|
TREOIRLÍNE (AE) 2023/2415 ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH an 7 Meán Fómhair 2023 |
L |
1 |
27.10.2023 |
Arna cheartú le:
TREOIRLÍNE (AE) 2022/912 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 24 Feabhra 2022
maidir le hUathchóras Nua Giniúna Mearaistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras- Eorpach (TARGET) agus lena n-aisghairtear Treoirlíne BCE/2012/27 (BCE/2022/8)
ROINN I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Soláthraítear le TARGET na cuntais seo a leanas maidir le socraíocht in euro in airgead bainc cheannais,
Príomhchuntais airgid (MCAnna) le haghaidh socraíocht oibríochaí le bainc cheannais;
Cuntais airgid thiomnaithe le haghaidh ollsocraíocht fíor-ama (DCAnna RTGS ) agus fochuntais le haghaidh íocaíochtaí fíor-ama idirbhainc agus custaiméirí agus le haghaidh idirbhearta le córais choimhdeacha (AS) a shocrú;
Cuntais theicniúla chórais choimhdeacha le haghaidh ollsocraíochta fíor-ama (cuntais theicniúla AS RTGS), cuntais theicniúla chórais choimhdeacha le haghaidh Socraíocht Íocaíochta Meandraí (TIPS) (cuntais theicniúla AS TIPS) agus cuntais chistí ráthaíochta córas coimhdeach (cuntais chistí ráthaíochta AS) chun idirbhearta a shocrú le jAS;
Cuntais airgid thiomnaithe Urrúis-TARGET2 (DCAnna T2S) le haghaidh íocaíochtaí airgid i ndáil le hidirbhearta urrús; agus
Cuntais airgid thiomnaithe do shocraíocht íocaíochtaí meandracha TARGET (TIPS DCAnna) chun íocaíochtaí meandracha a shocrú.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Treoirlíne seo beidh le gach ceann de na téarmaí seo a leanas an bhrí a shanntar dó in Iarscríbhinn III:
“grúpa faireacháin cuntas“ (accounting monitoring group);
“sealbhóir BIC inteagmhála” (addressable BIC holder);
“córas coimhdeach” (AC), (ancillary system);
“cuntas cistí ráthaíochta córais choimhdigh” (cuntas cistí ráthaíochta AS), (ancillary system guarantee funds account, AS guarantee funds account);
“nós imeachta socraíochta córais choimhdigh“ (nós imeachta socraíochta AS), (ancillary system settlement procedure, AS settlement procedure);
“ordú aistrithe córais choimhdigh” (ordú aistrithe AS), (ancillary system transfer order, AS transfer order);
“uathsholáthar urrúis chomhthaobhaigh“ (auto-collateralisation);
“uathordú aistrithe leachtacha” (automated liquidity transfer order);
“leachtacht atá ar fáil“ (available liquidity);
“grúpa baincéireachta“ (banking group);
“brainse“ (branch);
“teachtaireacht craolta“ (broadcast message);
“lá gnó“ nó “lá gnó TARGET“ (business day or TARGET business day);
“Cód aitheantais Gnó” (BIC), (business code identifier);
“tuairim acmhainní“ (capacity opinion);
“ordú aistrithe airgid’ (“cash transfer order” );
“banc ceannais” (BC);
“oibríocht bainc cheannais” (central bank operation);
“BCN bainteach” (connected NCB);
“Réiteach Teagmhasachta“ (Contingency Solution);
“instititúid chreidmheasa“ (credit institution);
“iarmhéid meabhráin creidmheasa” (CMB), (credit memorandum balance);
“socraíocht traschórais“ (cross-system settlement);
“Cuntas airgid tiomnaithe” (DCA), (dedicated cash account);
“ráta na saoráide taisce“ (deposit facility rate);
“saoráid taisce“ (deposit facility);
“BCN sa limistér euro” (euro area NCB);
“Aistrithe Creidmheasa Meandraí (SCT Inst.) SEPA de chuid na Comhairle Eorpaí um Íocaíochtaí” nó “scéim SCT Inst”;
“BC Eurochórais“ (Eurosystem CB);
“teagmhas mainneachtana“(event of default);
“cistí ráthaíochta“ (cistí rathaíochta);
“imeachtaí dócmhainneachta“ (insolvency proceedings);
“ordú íocaíochta meandraí“ (instant payment order);
“páirtí inrochtana“ (instructing party);
“creidmheas ionlae” (intraday credit);
“gnólacht infheistíochta“ (investment firm);
“BCNanna Leibhéal 3” (level 3 NCBs);
“orduithe aistrithe leachtacha” (liquidity transfer order);
“ráta na saoráide iasachta imeallach“ (marginal lending facility rate);
“saoráid iasachta imeallach“ (marginal lending facility);
“seirbhís shoghluaiste cuardaigh ionadaithe (MPL)” (mobile proxy look-up (MPL) service);
“íocaíocht gar meandrach“ (near instant payment);
“solathraí seirbhíse líonra” (network service provider);
“ordú aistrithe airgid neamhshocraithe” (non-settled cash transfer order);
“rannphairtí” (participant);
“íocaí“ (payee);
“íocóir“ (payer);
“ordú íocaíochta” (payment order);
“freagra dearfach aisghairme“ (positive recall answer);
“comhlacht earnála poiblí” (public sector body);
“páirtí treorach“ (reachable party);
“nós imeachta socraíochta córais choimhdigh um ollsocraíocht fíor-ama” (Nós imeachta socraíochta AS RTGS), (Real-time gross settlement ancillary system settlement procedure” (RTGS AS settlement procedure);
“cuntas teicniúil córais choimhdigh um ollsocraíocht fíor-ama” (Real-time gross settlement ancillary system technical account);
“iarraidh ar aisghairm“ (recall request);
“ordú aistrithe leachtacha riailbhunaithe” (rules-based liquidity transfer order);
“grúpa cuntas bainc socraíochta” (settlement bank account group)
“banc socraíochta” (settlement bank);
“fionraí“ (suspension);
“Cuntas TARGET” (TARGET account);
“córas comhpháirte de TARGET” (TARGET component system);
“comhordaitheoir TARGET” (TARGET coordinator);
“nós imeachta socraíochta córais choimhdigh de Shocraíocht Íocaíochtaí Meandracha TARGET“ (Nós imeachta socraíochta AS TIPS), (TARGET Instant Payment Settlement (TIPS) ancillary system settlement procedure), (TIPS AS settlement procedure);
“cuntas teicniúil chórais choimhdigh de Shocraíocht Íocaíochtaí Meandaracha TARGET” (cuntas theicniúil AS TIPS), (TARGET Instant Payment Settlement (TIPS) ancillary system technical account” (TIPS AS technical account);
“bainisteoir socraíochta TARGET“ (TARGET settlement manager);
“Urrúis-TARGET2” (T2S), (TARGET2-Securities);
“mífheidhm theicniúil TARGET“ (technical malfunction of TARGET).
Airteagal 3
Córais chomhpháirteanna de TARGET
Airteagal 4
Nasc BCNanna na mBallstát sin nach bhfuil an euro mar airgeadra acu
Ní fhéadfaidh BCNanna na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu bheith nasctha le TARGET ach amháin má thugann siad comhaontú i gcrích le BCanna an Eurochórais. Sonrófar sa chomhaontú sin go gcomhlíonfaidh na BCNanna nasctha sin an Treoirlíne seo, faoi réir aon sonraíochtaí agus modhnuithe iomchuí a chomhaontaítear go frithpháirteach.
Airteagal 5
Idirbhearta laistigh den CEBC
Próiseálfar idirbhearta atá ainmnithe in euro agus a dhéantar laistigh den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC) trí TARGET, seachas íocaíochtaí a chomhaontaíonn na BCanna go déthaobhach a phróseáil trí chuntais chomhfhreagracha, más iomchuí.
Airteagal 6
Oibleagáidí agus éilimh laistigh den Eurochóras
ROINN II
RIALACHAS
Airteagal 7
Leibhéil rialachais
ROINN III
OIBRIÚ TARGET
Airteagal 8
Deasc tacaíochta córais
Bunóidh agus cothabhálfaidh gach aon BC sa Eurochóras deasc tacaíochta córais chun cabhrú le rannpháirtithe a gcóras chomhpháirte de TARGET náisiúnta faoi seach. Soláthrófar an deasc tacaíochta idir 07:00 CET agus 18:15 CET ar a laghad. Leathnófar é seo go 18:30 CET ar an lá deireanach den tréimhse chothabhála cúlchiste Eurochórais.
Airteagal 9
Coinníollacha comhchuibhithe le haghaidh rannpháirtíochta i TARGET
Le héifeacht ón dáta a chuirfear tús le hoibriú Chóras Bainistíochta Comhthaobhachta an Eurochórais (ECMS), mar a chuirtear in iúl ar shuíomh gréasáin BCE, ní osclóidh BCanna an Eurochórais cuntais seachas cuntais TARGET do rannpháirtithe atá incháilithe chun páirt a ghlacadh i TARGET chun seirbhísí a thagann faoi raon feidhme na Treoirlíne seo a sholáthar, faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas:
cuntais do na rannpháirtithe sin atá liostaithe faoi Iarscríbhinn I, Cuid I, Airteagal 4(2), pointí (a) agus (b);
cuntais ina gcoinnítear cistí idirlae chun críocha taiscí airgid agus aistarraingtí airgid a dhéanamh agus chun na críche sin amháin;
cuntais atá le húsáid chun cistí urghafa nó cistí a cuireadh i ngeall do chreidiúnaí tríú páirtí nó cistí dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(d) de Rialachán (AE) 2021/378 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2021/1) ( 2 ) a shealbhú;
cuntais a úsáideann rannpháirtithe i gcórais a oibríonn BCN agus a úsáidtear chun íocaíochtaí meandracha a chomhlíonann an scéim SCT Inst a imréitiú.
cuntais atá le húsáid ag institiúidí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2021/378 (BCE/2021/1) chun na híoscheanglais cúlchiste is infheidhme a chomhlíonadh, agus a mheasfar mar chuntais chúlchiste i gcomhréir leis an Rialachán sin. Ní fhéadfar cuntais den sórt sin a oscailt agus ní fhéadfar iad a oscailt ach amháin go dtí go n-osclófar cuntas TARGET don institiúid ábhartha i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Cuid I, Airteagail 4 agus 5, nó i gcás inar foirceannadh rannpháirtíocht na hinstitiúide sin in TARGET i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Cuid I, Airteagal 25. Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:
ní úsáidfear cistí ar na cuntais sin ach amháin chun críocha Rialachán (AE) 2021/378 (BCE/2021/1) agus i gcomhréir leis;
Déanfaidh BCanna an Eurochórais a d’oscail na cuntais sin, sa chéad seachtain d’Eanáir gach bliain, tuarascáil ar líon na gcuntas sin a osclaíodh sa bhliain féilire roimhe sin agus ar an gcúis ar osclaíodh gach cuntas den sórt sin a chur faoi bhráid chomhlacht bainistíochta teicniúil agus oibríochtúil Leibhéal 2.
Glacfaidh an BCE Téarmaí agus Coinníollacha BCE-TARGET trí na Coinníollacha Comhchuibhithe maidir le rannpháirtíocht i TARGET2, mar atá leagtha síos in Iarscríbhinn II, a chur chun feidhme.
Ní sholáthróidh BCE-TARGET seirbhísí imréitigh agus socraíochta ach d’eagraíochtaí imréitigh agus socraíochta, lena n-áirítear eintitis a bunaíodh lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), má tá siad faoi réir maoirseachta ag údarás inniúil agus má tá a rochtain ar BCE-TARGET formheasta ag an gComhairle Rialaithe;
Ní sholáthróidh BCE-TARGET creidmheas ionlae nó uathsholáthar urrúis chomhthaobhaigh.
Airteagal 10
Creidmheas ionlae — Uathsholáthar urrúis chomhthaobhaigh
Airteagal 11
Coinníollacha breise le haghaidh AS
Soláthróidh BCanna sa Eurochóras seirbhísí aistrithe cistí in airgead bainc cheannais don AS atá ag gníomhú sa cháil sin. Tairgfear na seirbhísí seo trí cheachtar acu:
an nós imeachta um Shocraíocht AS TIPS chun tacú le socraíocht íocaíochtaí meandracha de bhun na scéime ACS Inst nó íocaíochtaí beagnach meandracha i leabhair an AS; nó
Nósanna Imeachta Socraíochta AS RTGS do gach cás gnó eile.
Féadfaidh BCanna sa Eurochóras, de bharr na gcoinníollacha sin in Iarscríbhinn I, coinníollacha a leagan síos maidir le rannpháirtíocht AS i TARGET a bhaineann le:
leanúnachas gnó agus nósanna imeachta teagmhasachta;
cineál na teidlíochta ar chistí a choinnítear ar chuntas TARGET i gcás nach leis an AS na cistí a choinnítear;
cearta gealltáin agus fritháirimh na BCanna ar chuntais TARGET atá i seilbh an AS nó thar a cheann;
bailiú agus dáileadh úis fabhraithe;
ceanglais rialála (lena n-áirítear maoirseacht) ar bhainc socraíochta AS nó ar AS (lena n-áirítear iad siúd a chuireann rialtóirí eachtracha i bhfeidhm);
malartú faisnéise chun comhlíonadh le beartas an Eurochórais a fhíorú.
Airteagal 12
Maoiniú agus modheolaíocht costais
Airteagal 13
Forálacha slándála
Comhlíonfaidh BCanna sa Eurochóras bearta a shonróidh an Chomhairle Rialaithe lena leagtar amach na beartais slándála agus na ceanglais slándála agus na rialuithe slándála is infheidhme maidir le TARGET, lena n-áirítear i ndáil le cibear-athléimneacht agus slándáil faisnéise.
Airteagal 14
Rialacha iniúchóireachta
Déanfar measúnuithe iniúchóireachta i gcomhréir leis na prionsabail agus na socruithe atá leagtha amach i mBeartas Iniúchóireachta CEBC na gComhairle Rialaithe
Airteagal 15
Oibleagáidí i gcás fionraí nó foirceanta
Déanfaidh BCanna sa Eurochóras rannpháirtíocht rannpháirtí sa chóras comhpháirte de TARGET ábhartha a fhoirceannadh nó a fhionraí láithreach, gan fógra a thabhairt roimh ré, más rud é:
go n-osclaítear imeachtaí dócmhainneachta i ndáil le rannpháirtí; nó
nach gcomhlíonann rannpháirtí na critéir rochtana maidir le rannpháirtíocht sa chóras comhpháirtech TARGET ábhartha a thuilleadh.
Má dhéanann BC sa Eurochóras rannpháirtíocht rannpháirtí i TARGET a fhionraí nó a fhoirceannadh i gcomhréir le mír 1 nó ar fhorais stuamachta i gcomhréir le hAirteagal 17, tabharfaidh sé fógra láithreach do gach BC eile sa Eurochóras, ag soláthar gach ceann díobh seo a leanas:
ainm agus BIC an rannpháirtí;
an fhaisnéis a raibh cinneadh BCN an limistéir euro bunaithe uirthi, lena n-áirítear aon fhaisnéis nó tuairim a fuarthas ón údarás maoirseachta ábhartha;
an beart a glacadh agus tréimhse ama beartaithe lena chur i bhfeidhm.
Déanfaidh gach BC sa Eurochóras, má iarrann BC eile sa Eurochóras amhlaidh, faisnéis a mhalartú i ndáil leis an rannpháirtí sin, lena n-áirítear faisnéis maidir le orduithe aistrithe airgid a dhírítear air.
Glacfaidh BC sa Eurochóras a chuir deireadh le rannpháirtíocht rannpháirtí ina chóras comhpháirteach TARGET nó a chuir ar fionraí í, i gcomhréir le mír 1, dliteanas air féin i ndáil le BCanna eile sa Eurochóras más rud é:
ina dhiaidh sin, go n-údaraíonn sé socraíocht orduithe airgid a dhírítear ar rannpháirtithe a bhfuil a rannpháirtíocht curtha ar fionraí nó foirceanta aige; nó
nach gcomhlíonann sé leis na hoibleagáidí i míreanna 1 agus 2.
Airteagal 16
Nósanna imeachta maidir le diúltú iarratais ar rannpháirtíocht i TARGET ar fhorais stuamachta
Más rud é, de bhun Iarscrbhínn I, Cuid I, Airteagal 5(5)(c), go ndiúltaíonn BC sa Eurochóras iarratas a bheith rannpháirteach i TARGET ar fhorais stuamachta, cuirfidh BC sin an Eurochórais BCanna eile sa Eurochórais ar an eolas go pras faoin diúltú sin.
Airteagal 17
Nósanna imeachta maidir le fionraí, teorannú nó foirceannadh rannpháirtíochta i TARGET agus maidir le rochtain ar chreidmheas ionlae agus ar uath-sholáthar urrúis chomhthaobhaigh ar fhorais stuamachta.
Airteagal 18
Nósanna imeachta maidir le comhar ag BCanna sa Eurochóras i ndáil le bearta riaracháin nó sriantacha
Maidir le cur i bhfeidhm Iarscríbhinn I, Cuid I, Airteagal 29(3):
roinnfidh aon BC sa Eurochóras gach faisnéis a fhaigheann sé i ndáil le hordú íocaíochta beartaithe go pras le BCanna uile a bhféadfadh tionchar a bheith orthu mar thoradh air, seachas orduithe um aistriú leachtacha idir cuntais éagsúla an rannpháirtí chéanna;
déanfaidh aon BC sa Eurohóras a fhaigheann fianaise ó rannpháirtí go ndearnadh fógra chuig aon údarás inniúil, nó go bhfuarthas toiliú uaidh, an fhianaise sin a tharchur go pras chuig aon BC eile a ghníomhaíonn mar sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra nó an íocaí de réir mar is cuí;
cuirfidh BC sa Eurochóras atá ag gníomhú mar sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra in iúl go pras don íocóir ansin gur féidir leis ordú ábhartha um aistriú airgid a iontráil i TARGET.
Airteagal 19
Nósanna imeachta leanúnachais gnó agus teagmhasachta
Airteagal 20
An chaoi ina ndéileálfar le héilimh faoi scéim cúitimh TARGET
Airteagal 21
An chaoi ina ndéileálfar le caillteanais mar gheall ar mhífheidhm theicniúil TARGET
I gcás mífheidhmiú theicniúil TARGET:
Ar thaobh an íocóra, baineann aon BC, a bhfuil íocóir tar éis taisce a chur leis, sochar as gnóthachain airgeadais áirithe arb ionann iad agus an difríocht idir ráta phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin an Eurochórais agus an ráta taisce a chuirtear i bhfeidhm ar an méadú imeallach ar úsáid shaoráid taisce an Eurochórais ar feadh tréimhse mhífheidhm theicniúil TARGET agus suas go dtí méid na n-orduithe airgid neamhshocraithe. I gcás go bhfágtar cistí barrachais neamhchúitithe ag an íocóir, is ionann na gnóthachain airgeadais agus ráta phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin an Eurochórais, a chuirtear i bhfeidhm ar mhéid na gcistí barrachais neamhúsmhara ar feadh tréimhse mhífheidhm theicniúil TARGET agus suas go dtí méid na n-orduithe airgid neamhshocraithe.
Ar thaobh an íocaí, baineann an BC a bhfuil an t-íocaí ar iasacht uaidh trí úsáid a bhaint as an tsaoráid iasachta imeallach sochar as gnóthachain airgeadais áirithe arb ionann iad agus an difríocht idir an ráta saoráide iasachta imeallach agus ráta phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin an Eurochórais a chuirtear i bhfeidhm ar an méadú imeallach ar úsáid na saoráide iasachta imeallaí ar feadh tréimhse mhífheidhm theicniúil TARGET agus suas go dtí méid na n-orduithe íocaíochta neamhshocraithe.
Is ionann gnóthachain airgeadais an BCE:
an tuilleamh i ndáil leis na BCNanna bainteacha a eascraíonn as luach saothair éagsúil iarmhéideanna deiridh lae na BCNanna bainteacha sin i ndáil leis an BCE; agus
méid an úis phionósaigh a fhaigheann an BCE ó BCNanna bainteacha aon uair a ghearrann ceann de na BCNanna bainteacha sin pionós ar rannpháirtí mar gheall ar mhainneachtain creidmheas ionlae a aisíoc in am, mar a fhoráiltear sa chomhaontú idir BCanna an Eurochórais agus na BCNanna bainteacha.
Airteagal 22
Cearta slándála i ndáil le cistí ar fhochuntais agus le ráthaíocht in-Eurochórais
ROINN IV
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 23
Réiteach Díospóidí agus an dlí is infheidhme
Airteagal 24
Treoirlíne 2013/47/AE (BCE/2012/27) a aisghairm
Airteagal 25
Teacht i bhfeidhm agus cur chun feidhme
Airteagal 26
Forálacha ilghnéitheacha agus idirthréimhseacha
Ar an dáta a shonraítear in Airteagal 25 (2):
déanfar iarmhéideanna an rannpháirtí ar a chuntais TARGET2 PM a aistriú sna MCAnna ábhartha mar a shonraítear ag an rannpháirtí;
déanfar DCAnna TIPS de DCAnna TIPS TARGET2;
déanfar DCAnna T2S de DCAnna T2S TARGET2;
déanfar cuntais theicniúla AS RTGS, cuntais theicniúla AS TIPS agus cuntais chiste ráthaíochta AS faoi seach de chuntais theicniúla TARGET2, cuntais theicniúla AS TIPS TARGET2 agus cuntais ciste ráthaíochta TARGET2;
déanfar iarmhéideanna ar Chuntais Baile a aistriú sna MCAnna ábhartha mar a shonraítear ag an rannpháirtí.
Airteagal 27
Seolaithe, bearta cur cun feidhme agus tuairisciú do leibhéal 1
IARSCRÍBHINN I
COINNÍOLLLACHA COMHCHUIBHITHE LE HAGHAIDH RANNPHÁIRTÍOCHTA I TARGET
CUID I
Téarmaí agus coinníollacha ginearálta
Airteagal 1
Raon feidhme
Rialaíonn na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach i gCuid I an gaol idir [cuir isteach ainm BC] agus a rannpháirtithe i TARGET- [cuir isteach BC/tagairt tíre]. Tá feidhm ag na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach i gCodanna II, III, IV, V, VI agus VII den Iarscríbhinn seo a mhéid a roghnaíonn rannpháirtithe agus a dheonaítear dóibh cuntas amháin nó níos mó a thuairiscítear sna Codanna sin. Tugtar na “Coinníollacha Comhchuibhithe” nó na “Coinníollacha” le chéile anseo feasta ar na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach i gCodanna I go VII den Iarscríbhinn seo.
Airteagal 2
Foscríbhinní
Is cuid dhílis de na Coinníollacha seo na Foscríbhinní seo a leanas:
Sonraíochtaí teicniúla chun orduithe aistrithe airgid a phróiseáil
Scéim chúitimh TARGET
Téarmaí tagartha maidir le hacmhainn agus tuairimí tíre
Nósanna imeachta leanúnachais gnó agus nósanna imeachta teagmhasachta
Sceideal oibriúcháin TARGET
Sceideal táillí
Ceanglais maidir le bainistiú slándála faisnéise agus bainistíú leanúnachais gnó
Cuir isteach más gá: Liosta sainmhínithe atá leagtha amach in Iarscríbinn III a ghabhann leis an Treoirlíne]
Airteagal 3
Cuir síos ginearálta ar TARGET
Soláthraíonn TARGET:
MCAnna chun oibríochtaí bainc ceannais a shocrú;
DCAnna RTGS le haghaidh ollsocraíocht fíor-ama mhórluach íocaíochtaí agus fo-chuntais más gá le haghaidh socraíochta AS;
DCAanna T2S le haghaidh íocaíochtaí airgid i ndáil le socraíocht urrús;
DCAnna TIPS chun íocaíochtaí meandracha a shocrú; agus
na cuntais seo a leanas le haghaidh socraíochta AS: (i) cuntais theicniúla AS RTGS; (ii) cuntais chiste ráthaíochta AS; agus (iii) cuntais theicniúla AS TIPS.
Déanfar gach cuntas i TARGET-[cuir isteach ainm BC] a shainaithint trí bhíthin uimhir chuntais uathúil a bheidh comhdhéanta de na heilimintí a ndéantar tuairisc orthu in Iarscríbhinn I, Foscríbhinn I, mír 2.
Airteagal 4
Critéir rochtana
Tá na cineálacha eintiteas seo a leanas incháilithe le bheith ina rannpháirtithe i TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre], arna iarraidh sin:
institiúidí creidmheasa a bunaíodh san Aontas nó sa LEE, lena n-áirítear nuair a ghníomhaíonn siad trí bhrainse a bunaíodh san Aontas nó sa LEE;
institiúidí creidmheasa a bunaíodh taobh amuigh den LEE, ar choinníoll go ngníomhóidh siad trí bhrainse a bunaíodh san Aontas nó san LEE;
BCNanna na mBallstát agus an BCE;
ar choinníoll nach bhfuil na heintitis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) faoi réir bearta sriantacha arna nglacadh ag Comhairle an Aontais Eorpaigh nó ag na Ballstáit de bhun Airteagal 65(1)(b), Airteagal 75 nó Airteagal 215 den Chonradh, a bhfuil a gcur chun bhfeidhme, dar le [TARGET [tagairt BC/tíre] tar éis an BCE a chur ar an eolas, neamh-chomhoiriúnach le feidhmiú rianúil TARGET.
Féadfaidh [cuir isteach ainm BC], dá rogha féin, na heintitis seo a leanas a ligean isteach mar rannpháirtithe:
ranna cisteáin rialtais láir nó réigiúnacha na mBallstát;
comhlachtaí earnála poiblí na mBallstát atá údaraithe chun cuntais a choinneáil do chustaiméirí;
gnólachtaí infheistíochta a bunaíodh san Aontas nó sa LEE, lena n-áirítear nuair a ghníomhaíonn siad trí bhrainse a bunaíodh san Aontas nó sa LEE; agus
institiúidí creidmheasa a bunaíodh taobh amuigh de LEE, ar choinníoll go ngníomhaíonn siad trí bhrainse a bunaíodh san Aontas nó sa LEE;
eintitis a bhainistíonn AS, agus a ghníomhaíonn sa cháil sin; agus
institiúidí creidmheasa nó aon cheann de na heintitis de na cineálacha atá liostaithe i bpointí (a) go (d), sa dá chás sin, i gcás ina mbunaítear iad seo i dtír a ndearna an tAontas comhaontú airgeadaíochta léi lena gceadaítear rochtain ag aon cheann de na heintitis sin ar chórais íocaíochta san Aontas faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach sa chomhaontú airgeadaíochta agus ar choinníoll go bhfuil an córas dlí ábhartha atá i bhfeidhm sa tír comhionann le reachtaíocht ábhartha an Aontais.
Airteagal 5
Nós Imeachta iarratais
Chun a bheith ina rannpháirtí i TARGET-[cuir isteach ainm BC/tagairt tíre] beidh eintiteas mar a thuairiscítear in Airteagal 4(1) nó ina eintiteas a bhféadfar ligean isteach [cuir isteach ainm BC] faoi Airteagal 4(2) agus comhlíonfaidh sé na ceanglais seo a leanas:
an bonneagair TF riachtanach chun nascadh le TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre] a shuiteáil, a bhainistiú, a oibriú, a mhonatóiriú agus a shábháilteacht a áirithiú agus a bheith in ann orduithe aistrithe airgid a chur faoina bhráid. Agus é sin á dhéanamh, féadfaidh rannpháirtithe iarrthacha bheith bainteach le tríú páirtithe ach is ag na rannpháirtithe iarrthacha a fhanfaidh an dhliteanas aonair.
na tástálacha a éilíonn [cuir isteach ainm BC] a ghnóthú;
más iarratasóir é ar DCA RTGS, ar DCA T2S nó ar DCA TIPS, déanfaidh sé MCA le [cuir isteach ainm BC] a shealbhú nó a oscailt;
tuairim um acmhainní a sholáthar san fhoirm a shonraítear i bhForscríbhinn III, mura rud é go bhfuil an fhaisnéis agus na huiríll a bheidh le soláthar sa tuairim sin um acmhainní faighte cheana ag [cuir isteach ainm BC] i gcomhthéacs eile;
maidir leis na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b) agus in Airteagal 4(2), pointe (c)(ii), tuairim tíre san fhoirm a shonraítear i bhForschríbinn III, mura rud é go bhfuil an fhaisnéis agus na huiríll atá le soláthar sa tuairim tíre sin faighte cheana ag [cuir isteach ainm BC] i gcomhthéacs eile;
más iarrathóir DCA TIPS, gur chloigh sé leis an scéim ACS Inst trí Chomhaontú Forleanúna um Aistriú Creidmheasa Meandrach SEPA a shíniú;
más iarrathóir cuntais theicniúil AS TIPS, go bhfuil fianaise curtha ar fáil aige gur cuireadh an litir nochtaithe lena taispeántar a rún le bheith ina Sásra Imréitigh agus Glanta (CSM) de chuid SCT Inst comhlíontach ar fáil don Chomhairle Eorpach um Íocaíochtaí (CEI).
Déanfaidh iarratasóirí iarratas ar [cuir isteach ainm BC], lena cuimsítear na doiciméid/an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:
foirmeacha bailithe sonraí tagartha, agus iad comhlíonta, arna soláthar ag [cuir isteach ainm BC]; agus
an tuairim um acmhainní, ma éilíonn [cuir isteach ainm BC] í, agus an tuairim tíre, má éilíonn [cuir isteach ainm BC] í”;
más iarrathóir DCA TIPS, fianaise gur chloigh sé leis an scéim SCT Inst;
má tá an t-iarratasóir ag déanamh iarratais ar nós imeachta socraíochta TIPS AS a úsáid, fianaise gur chuir sé an litir nochtaithe lena taispeántar go bhfuil sé ar intinn aige a bheith ina CSM a chomhlíonann SCT Inst ar fáil don CEI;
i gcás go n-ainmneoidh an t-iarratasóir gníomhaire íocaíochta, an fhianaise gur chomhaontaigh an gníomhaire íocaíochta gníomhú sa ról sin.
Diúltóidh [cuir isteach ainm BC] don iarratas páirt a ghlacadh más rud é:
Nach eintiteas incháilithe mar a thuairiscítear in Airteagal 4(1) an t-iarratasóir nó nach eintiteas é a bhféadfar ligean isteach ag [cuir isteach ainm BC] faoi Airteagal 4(2);
nach gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na ceanglais rannpháirtíochta dá dtagraítear i mír 1; agus/nó
i mheasúnú [cuir isteach ainm BC], chuirfeadh an rannpháirtíocht sin cobhsaíocht, fóntacht agus sábháilteacht fhoriomlán TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre] nó aon chóras comhpháirte eile de TARGET i mbaol, nó chuirfeadh sé feidhmíocht chúraimí [cuir isteach ainm BC], mar a thuairiscítear i [déan tagairt don dlí náisiúnta ábhartha] agus i Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh i gcontúirt, nó cruthaíonn sé rioscaí ar fhorais stuamachta.
Airteagal 6
Rannpháirthithe
Airteagal 7
Rochtain ar chuntas rannpháirtí ag eintitis seachas an rannpháirtí
Airteagal 8
Billeáil
Airteagal 9
Grúpaí Billeála
Airteagal 10
Oibleagáidí [cuir isteach ainm BC] agus an rannpháirtí
Airteagal 11
Comhar agus malartú faisnéise
Airteagal 12
Luach Saothair Cuntas
Íocfar MCAnna, DCAnna agus fochuntais ag nialas faoin gcéad nó ag ráta na saoráide taisce, cibé acu is ísle, mura n-úsáidtear iad aon cheann de na nithe seo a leanas chun coinneáil:
cúlchistí íosta;
cúlchistí barrachais;
taiscí rialtais mar atá sainmhínithe in Airteagal 2, pointe (5) de Threoirlíne (AE) 2019/671 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2019/7) ( 5 ).
I gcás cúlchistí íosta, beidh ríomh agus íoc luach saothair sealúchas faoi rialú ag Rialachán (CE) Uimh. 2531/98 ( 6 ) ón gComhairle agus ag Rialachán (AE) 2021/378 (BCE/2021/1).
I gcás cúlchistí barrachais, beidh ríomh agus íoc luach saothair sealúchas faoi rialú ag Cinneadh (AE) Uimh. 2019/1743 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2019/31) ( 7 ).
I gcás taiscí rialtais, rialófar luach saothair sealúchas leis na forálacha a bhaineann leis na taiscí rialtais sin mar a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoirlíne (AE) 2019/671 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2019/7).
Airteagal 13
Bainistíocht cuntas
Airteagal 14
Cúlchistí íosta
Airteagal 15
Íosteorainneacha agus uasteorainneacha
Airteagal 16
Grúpa monatóireachta cuntas
Airteagal 17
Orduithe aistrithe airgid a ghlacadh agus a dhiúltú
Measfar go nglacann an [cuir isteach ainm BC] le horduithe aistrithe airgid a chuireann rannpháirtithe isteach:
má chomhlíonann an teachtaireacht aistrithe ceanglais theicniúla TARGET a ndéantar tuairisc orthu i bhFoscríbhinn I;
má chomhlíonann an teachtaireacht na rialacha formáidithe agus na coinníollacha a ndéantar tuairisc orthu i bhFoscríbhinn I;
má éiríonn leis an teachtaireacht an seiceáil iontrála dúbailte a thuairiscítear i bhFoscríbhínn I;
i gcásanna inar cuireadh íocóir ar fionraí maidir lena chunta(i)s a dhochar nó má cuireadh íocaí ar fionraí maidir le creidiúnú a dhéanamh ar a chunta(i)s, fuarthas toiliú sainráite BC an rannpháirtí ar fionraí;
i gcásanna ina ndéantar an t-ordú aistrithe airgid mar chuid de nós imeachta socraíochta AS RTGS, go bhfuil cuntas an rannpháirtí san áireamh sa ghrúpa cuntas bainc socraíochta a d’iarr an AS sin mar atá leagtha amach i gCuid VI, Airteagal 1(7); agus
más rud é, más ábhartha i gcás socraíochta traschórais mar chuid de nósanna imeachta socraíochta RTGS AS, go bhfuil an AS lena mbaineann mar chuid de shocrú socraíochta traschórais mar atá leagtha amach in Airteagal 9 de Chuid VI.
Airteagal 18
Orduithe aistrithe airgid a iontráil sa chóras agus a ndo-athraitheacht
Chun críocha na chéad abairte d’Airteagal 3(1) agus d’Airteagal 5 de Threoir 98/26/CE agus [cuir isteach forálacha dlí náisiúnta lena gcuirtear na hAirteagail seo de Threoir 98/26/CE chun feidhme]:
measfar gach ordú aistrithe airgid, ach amháin mar a fhoráiltear i bpointí b), c) agus d) den mhír seo, a bheith curtha isteach i TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre] agus neamh-inchúlghairthe ag an nóiméad a bhfuil cuntas TARGET an rannpháirtí ábhartha curtha chun dochair;
meastar go ndéantar orduithe íocaíochta meandraí a bheith curtha isteach i TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre] agus a bheith neamhinchúlghairthe ag an nóiméad a fhorchoimeádtar na cistí ábhartha ar DCA TIPS an rannpháirtí nó ar a chuntas teicniúil DCA TIPS;
i gcás idirbheart atá socraithe ar DCAnna T2S agus atá faoi réir dhá ordú aistrithe ar leith a chomhoiriúnú:
meastar go ndéantar orduithe aistrithe den sórt sin curtha isteach i TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre] tráth ar dearbhaíodh ar Ardán T2S go gcomhlíonann siad rialacha teicniúla T2S agus meastar gur neamhinchúlghairthe iad tráth a dtugadh an stádas “comhoiriúnaithe” don idirbheart ar Ardán T2S;
i gcás idirbheart a bhaineann le TLU rannpháirteach amháin a bhfuil comhpháirt comhoiriúnaithe ar leithligh aige ina seoltar orduithe aistrithe go díreach chuig an TLU rannpháirteach sin chun comhoiriúnú a dhéanamh orthu ina chomhpháirt comhoiriúnaithe ar leithligh, meastar go gcuirtear orduithe aistrithe den sórt sin isteach i TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre] tráth ar dearbhaíodh iad a bheith comhlíonta le rialacha teicniúla T2S ag an TLU rannpháirteach sin agus meastar go bhfuil siad neamhinchúlghairthe tráth a dtugtar stádas “comhoiriúnaithe” don idirbheart ar Ardán T2S. Tá liosta de na TLUanna rannpháirteacha dá dtagraítear sa phointe (ii) seo ar fáil ar shuíomh gréasáin an BCE;
measfar orduithe aistrithe airgid i dtaca le nósanna imeachta socraíochta AS RTGS a bheith curtha isteach i gcóras comhpháirte de TARGET an chuntais atá le cur chun dochair tráth a ghlacfaidh an córas comhpháirte de TARGET sin leo agus measfar go bhfuil siad neamhinchúlghairithe ag an nóiméad sin.
Airteagal 19
Nósanna imeachta leanúnachais gnó agus teagmhasachta
Soláthraíonn an tEurochóras Réiteach Teagmhasachta le húsáid má tharlaíonn na himeachtaí a thuairiscítear i mír 1. Féadfar nasc leis an Réiteach Teagmhasachta agus úsáid an Réitigh Teagmhasachta a dhéanamh arna iarraidh sin do rannpháirtí, agus beidh sé éigeantach sna cásanna seo a leanas:
rannpháirtithe a mheasann [cuir isteach ainm CB] a bheith criticiúil agus do rannpháirtithe a shocraíonn idirbhearta an-chriticiúla mar a leagtar amach i bhFoscríbhinn IV;
le héifeacht ón 21 Márta 2025, do gach AS agus do gach sealbhóir RTGS DCA.
Airteagal 20
Ceanglais slándála
Féadfaidh an [cuir isteach ainm BC] na bearta sásaimh seo a leanas a fhorchur ar rannpháirtithe ar measadh go raibh a leibhéal comhlíonta mar mion-neamhchomhlíonadh nó neamhchomhlíonadh mór, in ord méadaitheach déine:
níos mó monatóireachta: soláthróidh an rannpháirtí tuarascáil mhíosúil do [cuir isteach ainm BC], arna síniú ag feidhmeannach sinsearach, ar a dhul chun cinn maidir le dul i ngleic leis an neamhchomhlíonadh. Ina theannta sin, gearrfaidh an rannpháirtí muirear pionóis míosúil de EUR 1 000 ar gach cuntas lena mbaineann. Féadfar an beart sásaimh seo a fhorchur i gcás go bhfaighidh an rannpháirtí an dara measúnú leantach ar mhion-neamhchomhlíonadh nó measúnú ar neamhchomhlíonadh mór;
fionraí: féadfar rannpháirtíocht i TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre] a chur ar fionraí sna himthosca a thuairiscítear in Airteagal 25 (2), pointí (b) agus/nó (c). De mhaolú ar Airteagal 25, tabharfar fógra trí mhí faoin bhfionraí sin don rannpháirtí. Gearrfaidh an rannpháirtí muirear pionóis míosúil de EUR 2 000 ar gach cuntas fionraithe. Féadfar an beart sásaimh seo a fhorchur i gcás go bhfaighidh an rannpháirtí an dara measúnú leantach ar neamhchomhlíonadh mór;
foirceannadh: féadfar rannpháirtíocht i TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre] a chur ar fionraí sna himthosca a thuairiscítear in Airteagal 25(2), pointí (b) agus/nó (c). De mhaolú ar Airteagal 25, tabharfar fógra trí mhí don rannpháirtí. Gearrfaidh an rannpháirtí muirear pionóis breise de EUR 1 000 i leith gach cuntais fhoirceanta. Féadfar an beart sásaimh seo a fhorchur mura ndeachaigh an rannpháirtí i ngleic leis an neamhchomhlíonadh mór chun sástacht [cuir isteach ainm BC] tar éis trí mhí a bheith ar fionraí.
Airteagal 21
Scéim chúitimh
Mura féidir ordú um aistriú airgid a shocrú ar an lá gnó céanna ar glacadh leis mar gheall ar mhífheidhm theicniúil TARGET, tairgfidh [cuir isteach ainm BC] an rannpháirtí lena mbaineann a chúiteamh de réir an nós imeachta speisialta atá leagtha síos i bhFoscríbhinn II.
Airteagal 22
Córas dliteanais
Ní bheidh [cuir isteach ainm BC] faoi dhliteanas:
a mhéid is gurb é an rannpháirtí is cúis leis an gcaillteanas; nó
má eascraíonn an caillteanas ó theagmhais sheachtracha nach raibh neart réasúnach ag [cuir isteach ainm BC] orthu (force majeure).
Airteagal 23
Fianaise
Airteagal 24
Fad agus gnáthfhoirceannadh rannpháirtíochta agus dúnadh cuntas
Féadfaidh rannpháirtí aon cheann díobh seo a leanas a fhoirceannadh tráth ar bith agus fógra 14 lá gnó a thabhairt ina thaobh, mura rud é go gcomhaontaíonn sé tréimhse fógra níos giorra le [cuir isteach ainm BC].
a rannpháirtíocht iomlán in TARGET-[cuir isteach tagairt CB/tír], ach amháin i gcás inar institiúid é an rannpháirtí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2021/378 (BCE/2021/1), agus sa chás sin leanfaidh an rannpháirtí de MCA amháin ar a laghad a shealbhú chun na híoscheanglais chúlchistí is infheidhme a chomhlíonadh, ar choinníoll go leanfaidh an rannpháirtí d’Airteagail 4 agus 5 a chomhlíonadh;
ceann amháin nó níos mó dá DCAnna aonair, cuntais theicniúla AS RTGS agus/nó cuntais theicniúla TIPS AS;
ceann amháin nó níos mó dá MCAnna, ach amháin i gcás inar institiúid é an rannpháirtí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2021/378 (BCE/2021/1), agus sa chás sin leanfaidh an rannpháirtí de MCA amháin ar a laghad a shealbhú chun na híoscheanglais chúlchistí is infheidhme a chomhlíonadh, ar choinníoll go leanfaidh an rannpháirtí d’Airteagail 4 agus 5 a chomhlíonadh;
Féadfaidh [cuir isteach ainm BC] aon cheann díobh seo a leanas a fhoirceannadh tráth ar bith agus fógra trí mhí a thabhairt ina thaobh, mura gcomhaontaíonn sé tréimhse fógra níos giorra leis an rannpháirtí ábhartha:
rannpháirtíocht iomlán rannpháirtí in TARGET-[cuir isteach tagairt CB/tír], ach amháin i gcás inar institiúid é an rannpháirtí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2021/378 (BCE/2021/1), agus sa chás sin leanfaidh [cuir isteach ainm CB] de MCA amháin ar a laghad a thairiscint chun na híoscheanglais chúlchistí is infheidhme a chomhlíonadh, ar choinníoll go leanfaidh an rannpháirtí d’Airteagail 4 agus 5 a chomhlíonadh;
ceann amháin nó níos mó de DCAnna aonair,cuntais theicniúla RTGS AS nó cuntais theicniúla TIPS AS rannpháirtí;
ceann amháin nó níos mó de MCAnna aonair rannpháirtí, ar choinníoll go leanann sé MCA amháin ar a laghad a shealbhú.
Airteagal 25
Fionraí agus foirceannadh urghnách rannpháirtíochta
Déanfar rannpháirtíocht rannpháirtí i TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre] a fhoirceannadh láithreach gan fógra roimh ré nó a chur ar fionraí má tharlaíonn ceann de na teagmhais mhainneachtana seo a leanas:
tionsnamh imeachtaí dócmhainneachta; agus/nó
níchomhlíonann an rannpháirtí na critéir rochtana atá leagtha síos in Airteagal 4 a thuilleadh.
Chun críocha na míre seo, ní cháileoidh bearta um chosc géarchéime nó bearta um bainistíocht géarchéime de réir bhrí Threoir 2014/59/AE i gcoinne rannpháirtí go huathoibríoch mar thionsnamh imeachtaí dócmhainneachta.
Féadfaidh [cuir isteach ainm BC] rannpháirtíocht rannpháirti i TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre] a fhoircheannadh gan fógra a thabhairt roimh ré nó an rannpháirtíocht sin a chur ar fionraí más rud é:
go dtarlaíonn teagmhas mainneachtana amháin nó níos mó (seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1);
go bhfuil sárú ábhartha déanta ag an rannpháirtí ar aon cheann de na Coinníollacha seo;
go mainníonn an rannpháirtí aon oibleagáid ábhartha a chur i gcrích i ndáil le [cuir isteach ainm BC];
go scoirfidh an rannpháirtí de chomhaontú bailí a bheith aige le NSP chun an nasc riachtanach le TARGET a sholáthar;
go dtarlaíonn aon teagmhas eile a bhaineann le rannpháirtíocht, a chuirfeadh, i measúnú [cuir isteach ainm BC], bagairt ar chobhsaíocht, fhóntacht agus shábháilteacht fhoriomlán TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre] nó aon chóras comhpháirte eile de TARGET, nó a chuirfeadh feidhmíocht chúraimí [cuir isteach ainm BC] i mbaol mar a thuairiscítear i [déan tagairt don dlí náisiúnta ábhartha] agus i Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, nó a chruthaíonn rioscaí ar fhorais stuamachta;
go ndéanann BCN rochtain an rannpháirtí ar chreidmheas idirlae a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, lena n-áirítear uathchomhthaobhacht, de bhun Chuid II, Airteagal 13; agus/nó
go bhfuil an rannpháirtí eisiata ó nó go scoirfidh sé ar dhóigh eile de bheith ina bhall de cheann de Ghrúpa Dúnta Úsáideoirí an NSP.
Airteagal 26
Cuntais TARGET a dhúnadh ag [cuir isteach ainm BC] ar an rannpháirtíocht a fhoirceannadh
Ar fhoirceannadh rannpháirtíocht rannpháirtí i TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre] de bhun Airteagal 24 nó Airteagal 25, dúnfaidh [cuir isteach ainm BC] cuntais TARGET an rannpháirtí lena mbaineann, tar éis dó aon orduithe aistrithe airgid scuaine a shocrú nó a dhiúltú, agus úsáid a bhaint as a chearta gealltáin agus fritháirimh faoi Airteagal 27.
Airteagal 27
Cearta gealltáin agus fritháirimh [cuir isteach ainm BC]
[Cuir isteach más infheidhme: Beidh gealltán ag [cuir isteach ainm BC] maidir le hiarmhéideanna creidmheasa an rannpháirtí atá ann cheana agus a bheidh ann sa todhchaí ar a chuntais TARGET, agus ar an gcaoi sin déanann sé aon éileamh reatha agus aon éileamh sa todhchaí a eascróidh as an gcaidreamh dlíthiúil idir na páirtithe a chomhthaobhú]
[cuir isteach más infheidhme: Aistreofar éilimh rannpháirtí atá ann cheana agus a bheidh ann i leith [cuir isteach ainm BC] agus a eascróidh as iarmhéid creidmheasa ar an gcuntas TARGET chuig [cuir isteach ainm BC] mar chomhthaobhacht, i.e. mar aistriú muiníneach, le haghaidh aon éilimh [cuir isteach ainm BC] atá ann cheana nó a bheidh ann i gcoinne an rannpháirtí a éiríonn as an [cuir isteach tagairt don socrú a chuireann na Coinníollacha seo chun feidhme]. Bunófar an chomhthaobhacht sin toisc na cistí a bheith curtha chun sochair do chuntais TARGET an rannpháirtí agus dá thoisc sin amháin.]
[Cuir isteach más infheidhme: Beidh muirear foluaineach ag [cuir isteach ainm BC] thar iarmhéideanna creidmheasa an rannpháirtí atá ann cheana nó a bheidh ann ar a chuntais TARGET, agus ar an gcaoi sin déanfaidh sé aon éilimh atá ann cheana nó a bheidh ann agus a eascróidh as an gcaidreamh dlíthiúil idir na páirtithe, a chomhthaobhú.]
Nuair a tharlaíonn:
teagmhas mainneachtana, dá dtagraítear in Airteagal 25(1); nó
aon teagmhas mainneachtana eile nó aon teagmhas dá dtagraítear in Airteagal 25(2) as ar eascair foirceannadh nó fionraí rannpháirtíocht an rannpháirtí, d’ainneoin tús a bheith curtha le haon imeachtaí dócmhainneachta i leith rannpháirtí agus d’ainneoin aon sanndh, astú breithiúnach nó astú eile nó diúscairt chearta an rannpháirtí nó diúscairt ina leith, cuirfidh dlús láithreach agus uathoibríoch le gach oibleagáid atá ag an rannpháirtí,
gan fhógra roimh ré agus gan gá le ceadú roimh ré ó aon údarás, ionas go mbeidh sé dlite láithreach. Ina theannta sin, déanfar oibleagáidí frithpháirteacha an rannpháirtí agus [cuir isteach ainm BC] a fhritháireamh go huathoibríoch i gcoinne a chéile, agus íocfaidh an páirtí a bhfuil an méid féichiúnais is airde aige an difríocht leis an bpáirtí eile.
Ní dhéanfaidh forálacha an Airteagail seo aon cheart, gealltán, muirear éilimh nó cuntais fritháirimh a chruthú a leith cuntais TARGET seo a leanas a úsáideann AS:
cuntais TARGET a úsáidtear de réir na nósanna imeachta socraíochta AS faoi Chuid VI nó faoi Chuid VII;
cuntais TARGET arna sealbhú ag AS faoi Chodanna II go V, i gcás nach leis an AS na cistí a choinnítear sna cuntais sin ach go gcoinnítear iad thar ceann a gcustaiméirí nó go n-úsáidtear iad chun orduithe aistrithe airgid a shocrú thar ceann a gcustaiméirí.
Airteagal 28
Rúndacht
De mhaolú ar mhír 1, aontaíonn an rannpháirtí go bhféadfaidh [cuir isteach ainm BC] faisnéis íocaíochta, theicniúil nó eagraíochtúil maidir leis an rannpháirtí, rannpháirtithe ón ngrúpa céanna nó custaiméirí an rannpháirtí a fuarthas le linn oibriú TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre] a nochtadh do:
BCanna eile nó tríú páirtithe a bhfuil baint acu le hoibriú TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre], a mhéid is gá chun feidhmiú éifeachtach TARGET nó chun faireachán a dhéanamh ar risíocht an rannpháirtí nó a ghrúpa baincéireachta;
BCanna eile d’fhonn na hanailísí is gá a dhéanamh ar oibríochtaí margaidh, feidhmeanna beartais airgeadaíochta, cobhsaíocht airgeadais nó comhtháthú airgeadais; nó
údaráis mhaoirseachta, réitigh agus formhaoirseachta na mBallstát agus an Aontais, lena n-áirítear BCanna, a mhéid is gá sin chun a gcúraimí poiblí a chomhlíonadh,
agus ar choinníoll nach bhfuil sé neamhréir leis an dlí is infheidhme.
Airteagal 29
Cosaint sonraí, sciúradh airgid a chosc, bearta riaracháin nó sriantacha agus saincheisteanna gaolmhara
Comhlíonfaidh na rannpháirtithe, agus iad ag gníomhú mar sholáthraí seirbhíse íocaíochta íocóra nó íocaí, na ceanglais go léir a eascróidh as bearta riaracháin nó sriantacha a fhorchuirtear de bhun Airteagal 75 nó Airtegal 215 den Chonradh agus a bhfuil siad faoina réir, lena n-áirítear iad siúd maidir le fógra agus/nó cead a fháil ó údarás inniúil i ndáil le hidirbhearta a phróiseáil. Ina theannta sin:
nuair is é [cuir isteach ainm BC] soláthraí seirbhíse íocaíochta rannpháirtí ar íocóir é:
tabharfaidh an rannpháirtí an fógra riachtanach nó gheobhaidh sé toiliú thar ceann an bhainc ceannais a éilítear go príomha fógra a thabhairt nó toiliú a fháil, agus soláthróidh sé fianaise do [cuir isteach ainm BC] gur thug sé fógra nó go bhfuair sé toiliú;
ní dhéanfaidh an rannpháirtí aon ordú aistrithe airgid chun cistí a aistriú chuig cuntas atá i seilbh eintitis nach é an rannpháirtí é, isteach i TARGET go dtí go bhfaighidh sé deimhniú ó [cuir isteach ainm BC] gur tugadh an fógra riachtanach nó go bhfuair soláthróir seirbhíse íocaíochta an íocaí an toiliú nó go bhfuarthas é thar a cheann;
nuair is [cuir isteach ainm BC] soláthraí seirbhíse íocaíochta rannpháirtí ar íocaí é, tabharfaidh an rannpháirtí an fógra riachtanach nó gheobhaidh sé toiliú thar ceann an bhainc ceannais a éilítear go príomha chun fógra a thabhairt nó toiliú a fháil, agus déanfaidh sé fianaise a sholáthar don [cuir isteach ainm BC] go ndearna sé fógra nó go bhfuair sé toiliú.
Chun críocha na míre seo, beidh leis na téarmaí “soláthraí seirbhíse íocaíochta”, “íocóir” agus “íocaí” na bríonna a shanntar dóibh sna bearta riaracháin nó sriantacha is infheidhme.
Airteagal 30
Fógraí
Airteagal 31
Caidreamh conarthach le NSP
D’fhonn treoracha agus teachtaireachtaí a sheoladh chuig nó a fháil ó TARGET, caithfidh rannpháirtithe:
conradh a thabhairt i gcrích le NSP faoi chuimsiú an chonartha lamháltais leis an NSP sin d’fhonn nasc teicniúil a bhunú le TARGET [cuir isteach tagairt BC/tíre]; nó
nasc a dhéanamh trí aonán eile a chuir conradh é féin le NSP i gcrích faoi chuimsiú a chonartha lamháltais leis an NSP sin.
Airteagal 32
Nós Imeachta leasuithe
Féadfaidh [cuir isteach ainm BC] na Coinníollacha seo, lena n-áirítear na Foscríbhinní, a leasú go haontaobhach. Fógrófar leasuithe ar na Coinníollacha seo, lena n-áirítear na Foscríbhinní, trí [cuir isteach modh ábhartha fógartha]. Measfar gur glacadh le leasuithe mura ndéanann an rannpháirtí agóid go sainráite laistigh de 14 lá tar éis dó a bheith curtha ar an eolas faoi na leasuithe sin. Sa chás go ndéanann an rannpháirtí agóid in aghaidh an leasaithe, tá an [cuir isteach ainm BC] i dteideal rannpháirtíocht an rannpháirtí sin i TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre] a fhoirceannadh agus aon cheann dá chuntais TARGET a dhúnadh.
Airteagal 33
Cearta tríú páirtithe
Airteagal 34
Dlí rialaithe, dlínse agus ionad feidhmíochta
Airteagal 35
Inscoiteacht
Má tá nó má éiríonn aon fhoráil sna Coinníollacha seo neamhbhailí, ní dhéanfaidh sin dochar d’infheidhmeacht fhorálacha eile na Coinníollacha seo.
Airteagal 36
Teacht i bhfeidhm agus nádúr ceangailteach
CUID II
Téarmaí agus coinníollacha speisialta do phríomh-chuntais airgid (MCAS)
Airteagal 1
Oscailt agus bainistíú MCA
Úsáidfear an MCA príomha a ainmneofar i gcomhréir le mír 2 chun na críocha seo a leanas:
luach saothair mar atá leagtha amach i gCuid I, Airteagal 12, mura rud é go bhfuil rannpháirtí eile i TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre] ainmnithe ag an rannpháirtí chun na críche sin;
deonú creidmheasa idirlae nuair is infheidhme.
Airteagal 2
Comhbhainistíú MCA
Ar iarraidh ó shealbhóir MCA, ligfidh [cuir isteach ainm BC] do MCA atá i seilbh an tsealbhóra MCA sin á chomhbhainistiú ag ceann amháin díobh seo a leanas:
sealbhóir MCA eile i TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre];
sealbhóir MCA i gcóras comhpháirte eile de TARGET;
[cuir isteach ainm BC] más infheidhme].
Má tá níos mó ná MCA amháin ag sealbhóir an MCA, féadfaidh gach MCA a shealbhaítear á chomhbhainistiú ag comhbhainisteoir difriúil.
Beidh na cearta agus na pribhléidí céanna ag an gcomhbhainisteoir maidir le MCA a chomhbhainistíonn sé agus atá aige maidir lena MCA féin.
Airteagal 3
Grúpa aistrithe leachtachta MCA
Airteagal 4
Idirbhearta arna bpróiseáil trí MCA
Déantar na hidirbhearta seo a leanas a phróiseáil trí MCA i TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre):
oibríochtaí bainc ceannais;
orduithe aistrithe leachtachta chuig agus ó chuntais taisce thar oíche arna n-oscailt ag [cuir isteach ainm BC] in ainm an rannpháirtí;
orduithe aistrithe leachtachta chuig MCA eile laistigh den ghrúpa aistrithe leachtachta MCA céanna;
orduithe aistrithe leachtachta chuig DCA T2S, DCA TIPS nó DCA RTGS, nó chuig fochuntas de.
Déantar an t-idirbheart seo a leanas a phróiseáil trí MCA i TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre):
[cuir isteach más gá [orduithe aistrithe airgid a eascraíonn as lóisteálacha agus aistarraingtí.]]
Airteagal 5
Orduithe aistrithe leachtacha
Féadfaidh sealbhóir MCA orduú aistrithe leachtachtach a chur isteach mar cheann de na orduithe aistrithe leachtacha seo a leanas:
ordú aistrithe leachtachta láithreach, ar treoir é maidir le forghníomhú láithreach;
buanordú aistrithe leachtachta, a bheidh ina threoir chun méid aistrithe sonraithe a fhorghníomhú go athfhillteach nuair a tharlaíonn teagmhas réamhshainithe gach lá gnó.
Airteagal 6
Orduithe aistrithe leachtacha riailbhunaithe
Airteagal 7
Orduithe forchoimeádas leachtachta
Sa chás nach bhfuil go leor airgid ar MCA chun socraíocht a chur i bhfeidhm, beidh feidhm ag an riail ábhartha mar atá leagtha amach i bpointí (a) go (e) [ag brath ar chineál an ordaithe aistrithe airgid]
Ordú íocaíochta ar an MCA: diúltófar don treoir má thionscnaíonn an [cuir isteach ainm BC] é agus spreagfadh sé athrú ar líne creidmheasa idirlae an rannpháirtí agus dochair nó chreidmheas comhfhreagrach dá MCA. Ciúálfar gach treoir eile.
Ordú aistrithe leachtachta láithreach: diúltófar don ordú gan socraíocht páirteach nó aon iarracht bhreise é a shocrú.
Buan-ordú aistrithe leachtachta : socrófar an t-ordú go páirteach gan aon iarracht eile é a shocrú.
Ordú aistrithe leachtachta riailbhunaithe: socrófar an t-ordú go páirteach gan aon iarracht bhreise é a shocrú.
Ordú aistrithe leachtachta chuig cuntas taisce thar oíche: diúltófar don ordú gan socrú páirteach nó aon iarracht bhreise é a shocrú.
Airteagal 8
Orduithe Leachtachta
Féadfaidh sealbhóir MCA treoir a thabhairt do [cuir isteach ainm BC] méid sonraithe leachtachta a fhorchoimeád ar a MCA chun oibríochtaí bainc cheannais nó orduithe aistrithe leachtachta chuig cuntais taisce thar oíche a shocrú ag baint úsáide as ceann amháin díobh seo a leanas:
ordú cúl-leachtachta reatha a mbeidh éifeacht láithreach aige don lá gnó TARGET reatha;
buanordú cúl-leachtachta a bheidh le déanamh ag tús gach lá gnó TARGET.
Airteagal 9
Próiseáil orduithe aistrithe airgid i gcás fionraí nó foirceanta
Airteagal 10
Eintitis atá incháilithe le haghaidh creidmheas ionlae
Féadfaidh [cuir isteach ainm BCN] creidmheas idirlae a dheonú do na heintitis seo a leanas freisin:
institiúidí creidmheasa a bunaíodh san Aontas nó sa LEE nach contrapháirtithe incháilithe iad le haghaidh oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais agus/nó nach bhfuil rochtain acu ar an tsaoráid iasachta imeallach, lena n-áirítear nuair a ghníomhaíonn siad trí bhrainse a bunaíodh san Aontas nó sa LEE agus lena n-áirítear brainsí a bunaíodh san Aontas nó sa LEE d’institiúidí creidmheasa a bhunaítear lasmuigh den LEE;
ranna cisteáin rialtais láir nó réigiúnacha na mBallstát agus comhlachtaí earnála poiblí na mBallstát atá údaraithe chun cuntais a choinneáil do chustaiméirí;
institúidí creidmheasa a bunaíodh san Aontas nó sa LEE, ar choinníoll go bhfuil socrú curtha i gcrích acu le rannpháirtí a bhfuil rochtain aige ar chreidmheas idirlae, mar a leagtar amach i mhír 1 thuas, chun a chinntiú go gcumhdófar aon staid dochair iarmharaigh ag deireadh an lae ábhartha; agus
eintitis seachas iad siúd a thagann faoi phointe (a) a bhainistíonn AS agus a ghníomhaíonn sa cháil sin;
ar choinníoll, sna cásanna a shonraítear i bpointí (b) go (d), go mbunaítear an t-eintiteas a fhaigheann creidmheas ionlae sa dlínse chéanna le [cuir isteach ainm an BC].
Féadfaidh [cuir isteach ainm BC] rochtain ar an tsaoráid chreidmheasa thar oíche a sholáthar do CPLanna incháilithe áirithe,faoi raon feidhme Airteagail 139(2)(c) den Chonradh i gcomhar le hAirteagail 18 agus 42 de Reacht an CEBC agus [cuir isteach forálacha náisiúnta lena gcuirtear i bhfeidhm Airteagal 1(1) de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60)]. Is CPLanna incháilithe iad siúd, ag gach tráth iomchuí:
atá ina n-eintitis incháilithe chun críocha mhír 2(d), ar choinníoll freisin go bhfuil na heintitis incháilithe sin údaraithe mar CPLanna de réir reachtaíocht an Aontais is infheidhme nó an reachtaíochta náisiúnta is infheidhme;
atá bunaithe i limistéar an euro;
a bhfuil rochtain acu ar chreidmheas ionlae.
Airteagal 11
Comhthaobhacht incháilithe le haghaidh creidmheasa idirlae
Beidh creidmheas ionlae bunaithe ar chomhthaobhacht incháilithe. Beidh comhthaobhacht incháilithe comhdhéanta de na sócmhainní céanna atá incháilithe le húsáid in oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais, agus beidh sí faoi réir na rialacha céanna maidir le luach agus riosca a rialú leo siúd atá leagtha síos i [cuir insteach forálacha náisiúnta lena gcuirtear i bhfeidhm Cuid a Ceathair de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60)].
Airteagal 12
Nós imeachta síneadh creidmheasa le haghaidh creidmheasa idirlae
Má mhainníonn eintiteas dá dtagraítear i Airteagal 10(),(b), (d) nó (Is ionann D) an creidmheas ionlae a aisíoc ag deireadh an lae ar chúis ar bith, beidh an t-eintiteas sin faoi dhliteanas na bpionós seo a leanas:
má tá iarmhéid dochair ar chuntas an eintitis ábhartha ag deireadh an lae don chéad uair laistigh d’aon tréimhse 12 mhí, tabhóidh an t-eintiteas sin ús pionóis arna ríomh ag ráta cúig phointe céatadáin os cionn an ráta iasachta imeallaigh ar mhéid an iarmhéid dochair sin;
má tá iarmhéid dochair ar chuntas an eintitis i dtrácht ag deireadh an lae don dara huair ar a laghad laistigh den tréimhse 12 mhí chéanna, déanfar an t-ús pionóis a luaitear i bhfomhír (a) a mhéadú de 2.5 phointe céatadáin do gach uair sa bhreis ar an gcéad cheann gur tharla suíomh dochair laistigh den tréimhse 12 mhí seo.
Airteagal 13
Creidmheas ionlae a fhionraí, a theorannú nó a fhoirceannadh
Déanfaidh [cuir isteach ainm BCN] rochtain ar chreidmheas idirlae a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh má tharlaíonn ceann de na himeachtaí mainneachtana seo a leanas:
cuirtear príomh-MCA an rannpháirtí leis an [cuir isteach ainm BCN] ar fionraí nó cuirtear deireadh leis;
ní chomhlíonann an rannpháirtí lena mbaineann aon cheann de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 10 chun creidmheas idirlae a sholáthar a thuilleadh;
déanann údarás breithiúnach inniúil nó údarás eile cinneadh in ndáil leis an rannpháirtí, nós imeachta a chur chun feidhme chun an rannpháirtí a fhoirceannadh nó leachtaitheoir nó oifigeach comhchosúil a cheapadh don rannpháirtí nó aon nós imeachta comhchosúil eile a chur chun feidhme i ndáil leis an rannpháirtí;
bíonn an rannpháirtí faoi réir reo cistí agus/nó bearta eile arna bhforchur ag an Aontas lena sriantar cumas an eintitis a chistí a úsáid;
cuireadh incháilitheacht an rannpháirtí mar chontrapháirtí d’oibríochtaí bheartas airgeadaíochta an Eurochórais ar fionraí nó cuireadh deireadh leis.
CUID III
Téarmaí agus coinníollacha speisialta maidir le cuntais airgid tiomnaithe ollsocraíochta fíor-ama (DCAnna RTGS)
Airteagal 1
DCA RTGS a oscailt agus a bhainistiú
Airteagal 2
Sealbhóirí BIC inteagmhála
Airteagal 3
Rochtain ilseolaithe
Féadfaidh sealbhóir DCA RTGS ar institiúid creidmheasa é mar atá leagtha amach i gCuid I, Airteagal 4(1)(a) nó (b) údarú sainráite a thabhairt do na hinstitiúidí creidmheasa agus na brainsí seo a leanas a DCA RTGS a úsáid chun críche orduithe aistrithe airgid a chur isteach agus/nó a fháil go díreach trí rochtain ilseolaithe:
institiúidí creidmheasa mar atá leagtha amach i gCuid I, Airteagal 4(1), pointí (a) nó (b) a bhaineann leis an ngrúpa baincéireachta céanna le sealbhóir DCA RTGS;
brainsí an tsealbhóra DCA RTGS sin;
brainsí eile nó ceannoifig an eintitis dhlíthiúil chéanna le sealbhóir DCA RTGS.
Airteagal 4
Grúpa aistrithe leachtachta RTGS
Airteagal 5
Idirbhearta próiseáilte ar DCA RTGS agus ar a fhochuntais
Féadfar na hidirbhearta seo a leanas a phróiseáil trí DCA RTGS nó trína fhochuntais in TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre]]:
[cuir isteach más gá] [orduithe aistrithe airgid a eascraíonn as lóisteálacha agus aistarraingtí];
orduithe aistrithe leachtachta chuig DCA RTGS eile laistigh den ghrúpa aistrithe leachtachta RTGS céanna;
orduithe aistrithe leachtachta chuig DCA TIPS nó chuig MCA;
aistrithe leachtachta chuig cuntas taisce thar oíche.
Airteagal 6
Orduithe aistrithe leachtacha
Féadfaidh sealbhóir DCA RTGS ordú aistrithe leachtachta a chur isteach mar cheann de na rudaí seo a leanas:
ordú aistrithe leachtachta láithreach, ar treoir é maidir le forghníomhú láithreach;
buanordú aistrithe leachtachta, a bheidh ina threoir chun méid sonraithe a fhorghníomhú go hathfhillteach nuair a tharlaíonn teagmhas réamhshainithe gach lá gnó.
Airteagal 7
Orduithe aistrithe leachtacha riailbhunaithe
Féadfaidh sealbhóir DCA RTGS íosteorainn agus/nó uasteorainn a shonrú le haghaidh a DCA RTGS.
Trí uasteorainn a shocrú agus ordú aistrithe leachtachta riailbhunaithe a roghnú, más rud é, tar éis ordú íocaíochta nó ordú aistrithe AS a shocrú, go sáraítear an uasteorainn, tugann sealbhóir an DCA RTGS treoir do [cuir isteach ainm BC] ordú aistrithe leachtachta riailbhunaithe a fhorghníomhú lena tugtar creidmheas do MCA arna ainmniú ag an sealbhóir DCA RTGS sin. Féadfaidh an MCA creidiúnaithe bheith i seilbh rannpháirtí eile i TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre] nó i gcóras comhpháirte eile de TARGET.
Trí uasteorainn a shocrú agus ordú aistrithe leachtachta riailbhunaithe a roghnú, más rud é, tar éis ordú íocaíochta nó ordú aistrithe AS a shocrú, go sáraítear an íosteorainn, tionscnaítear ordú aistrithe leachtachta riailbhunaithe a chuireann dochair do MCA arna údarú ag an sealbhóir MCA. Féadfaidh an MCA atá le cur do dhochar bheith i seilbh rannpháirtí eile i TARGET- [cuir isteach ragairt BC/tíre] nó i gcóras comhpháirte eile de TARGET. Ní mór do shealbhóir an MCA le cur do dhochar a údarú go gcuirfear a MCA do dhochar ar an mbealach seo.
Airteagal 8
Rialacha tosaíochta
Is é an t-ord tosaíochta maidir le próiseáil orduithe aistrithe airgid, in ord a bpráinn anuas:
práinneach;
ard;
gnáth
Sannfar an tosaíocht “phráinneach” go huathoibríoch do na horduithe seo a leanas:
orduithe aistrithe AS;
orduithe aistrithe leachtachta lena n-áirítear orduithe aistrithe leachtachta uathoibrithe;
orduithe aistrithe airgid chuig cuntas teicniúil AS le haghaidh nós imeachta socraíochta D AS RTGS;
Airteagal 9
Próiseáil orduithe aistrithe airgid ar RTGS DCAnna
Nuair a ghlacfar le horduithe aistrithe airgid ar DCAnna RTGS, socrófar láithreach iad, nó socrófar níos déanaí iad de réir mar a léiríonn sealbhóir an DCA RTGS i gcomhréir le hAirteagal 16 nó Airteagal 17, ar choinníoll i ngach cás:
go bhfuil leachtacht ar fáil ar DCA RTGS an íocóra;
nach bhfuil aon orduithe aistrithe airgid a bhfuil tosaíocht chomhionann nó níos airde acu ciúáilte; agus
go gcomhlíontar aon teorainneacha dochair atá leagtha síos in gcomhréir le hAirteagal 15.
Mura gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) go (c) de mhír 1 maidir le hordú aistrithe airgid, beidh feidhm ag an méid seo a leanas.
I gcás ordú aistrithe leachtachta uathoibrithe, tugtar treoir do [cuir isteach ainm BC] an treoir a fhorghníomhú go páirteach agus tuilleadh aistrithe leachtachta a fhorghníomhú aon uair a bhíonn leachtacht ar fáil, suas go dtí méid an ordaithe aistrithe leachtachta uathoibrithe tosaigh.
I gcás ordú aistrithe leachtachta láithreach, diúltófar don ordú gan socraíocht páirteach nó aon iarracht bhreise socrú mura dtionscnóidh AS an t-ordú, agus sa chás sin socrófar go páirteach é gan aon iarracht eile socrú a dhéanamh.
I gcás buanordú aistrithe leachtachta nó ordaithe aistrithe leachtachta riailbhunaithe, socrófar an t-ordú go páirteach gan aon iarracht bhreise é a shocrú. Déanfaidh buanordú aistrithe leachtachta arna spreagadh ag nósanna imeachta socraíochta éigeantacha C nó D AS RTGS agus nach bhfuil cistí leordhóthanacha ar an DCA RTGS ina leith, a shocrú tar éis laghdaithe pro rata ar na horduithe go léir. Diúltófar do bhuanordú aistrithe leachtachta arna spreagadh le nós imeachta socraíochta roghnach C AS RTGS agus nach bhfuil cistí leordhóthanacha ar an DCA RTGS ina leith.
Airteagal 10
Bainistíocht ciú agus barrfheabhsú socraíochta
Déanfar orduithe aistrithe airgid ar DCAnna RTGS atá ciúáilte i gcomhréir le hAirteagal 9(3) a phróiseáil de réir a dtosaíochta. Faoi réir mhír 2 go 5, beidh feidhm ag an bprionsabal “is túisce isteach is túisce amach” (FIFO) laistigh de gach catagóir nó fochatagóir d’orduithe aistrithe airgid mar a leanas:
orduithe aistrithe airgid práinneacha: cuirfear na horduithe aistrithe leachtachta uathoibrithe ar dtús sa chiú. déanfar orduithe aistrithe AS agus orduithe aistrithe airgid práinneacha eile a chur sa chéad suíomh eile den chiú;
ní dhéanfar orduithe aistrithe airgid ardtosaíochta a shocrú fad a bheidh orduithe aistrithe airgid práinneacha á ciúáilte;
ní dhéanfar orduithe aistrithe airgid gnáth-thosaíochta a shocrú fad a bheidh orduithe aistrithe airgid práinneacha nó ardtosaíochta á ciúáilte.
Chun socraíochta orduithe aistrithe airgid ciúáilte a bharrfheabhsú, féadfaidh an [cuir isteach ainm BC];
úsáid a bhaint as na nósanna imeachta barrfheabhsaithe a bhfuil cur síos orthu i bhFoscríbhinn I;
orduithe aistrithe airgid a bhfuil tosaíocht níos ísle acu (nó a bhfuil an tosaíocht chéanna acu ach a nglactar leo níos déanaí) a shocrú roimh orduithe aistrithe airgid a bhfuil tosaíocht níos airde acu (nó a bhfuil an tosaíocht chéanna acu agus ar glacadh leo níos luaithe), dá ndéanfaí na horduithe aistrithe airgid le tosaíocht níos ísle a ghlanluacháil le híocaíochtaí atá le fáil agus méadú leachtachta don íocóir mar thoradh air sin.
orduithe aistrithe airgid le gnáththosaíocht a shocrú roimh íocaíochtaí gnáthtosaíochta ciúáilte eile ar glacadh leo níos luaithe, ar choinníoll go bhfuil cistí leordhóthanacha ar fáil agus d’ainneoin go bhféadfadh sé sin sárú a dhéanamh ar phrionsabal FIFO.
Airteagal 11
Orduithe forchoimheádas leachtachta
Féadfaidh sealbhóir DCA RTGS treoir a thabhairt do [cuir isteach ainm BC] méid sonraithe leachtachta a chur i gcúlchistí ar a DCA RTGS agus úsáid a bhaint as ceann amháin díobh seo a leanas:
ordú cúl-leachtachta reatha a mbeidh éifeacht láithreach aige don lá gnó TARGET reatha;
buanordú cúl-leachtachta a bheidh le déanamh ag tús gach lá gnó TARGET.
Déanfaidh sealbhóir DCA RTGS ceann de na stádais seo a leanas a shannadh d’ordú cúl-leachtachta reatha nó do bhuanordú cúl-leachtachta:
ardtosaíocht: ceadaítear an leachtacht a úsáid le haghaidh orduithe aistrithe airgid práinneacha nó ardtosaíochta;
tosaíocht phráinneach: ní cheadaítear an leachtacht a úsáid ach amháin le haghaidh orduithe aistrithe airgid práinneacha.
Airteagal 12
Iarraidh ar aisghairm agus freagra
Airteagal 13
Eolaire RTGS
Is éard atá san eolaire RTGS ná liosta de na BICanna a úsáidtear chun faisnéis a ródú agus cuimsíonn sé na BICanna:
de shealbhóirí DCA RTGS;
d’aon eintiteas a bhfuil rochtain ilseolaithe aige;
de shealbhóirí BIC inteagmhálacha.
Airteagal 14
Próiseáil orduithe aistrithe airgid i gcás fionraí nó foirceanta
Airteagal 15
Teorainneacha dochair
Airteagal 16
Treoracha rannpháirtithe maidir le hama socraíochta
Airteagal 17
Orduithe íochaíochta curtha isteach roimh ré
Airteagal 18
Dochar díreach
Airteagal 19
Feidhmiúlacht íocaíochta chúltaca
I gcás ina dteipeann ar a bhonneagar íocaíochta, féadfaidh sealbhóir RTGS DCA a iarraidh ar [cuir isteach ainm BC] chun an fheidhmiúlacht íocaíochta cúltaca a ghníomhachtú. Ligeann sé seo do shealbhóir RTGS DCA orduithe íocaíochta áirithe a chur isteach ag baint úsáide as an gComhéadan Úsáideora Grafach (GUI).
Airteagal 20
Cearta slándála i ndáil le cistí ar fhochuntais
CUID IV
Téarmaí agus coinníollacha speisialta maidir le cuntais airgid thiomnaithe urrúis-target2
Airteagal 1
T2S DCA a oscailt agus a bhainistiú
Airteagal 2
Naisc idir cuntais urrús agus T2S DCAnna
Airteagal 3
Idirbhearta arna bpróiseáil trí T2S DCAnna
Déantar na hidirbhearta seo a leanas a phróiseáil trí T2S DCA i TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre):
socraíocht na dtreoracha airgid a eascraíonn as T2S ar choinníoll go bhfuil an cuntas nó na cuntais urrús ábhartha nó leo ainmnithe ag sealbhóir an T2S DCA, de réir mar a dtagraítear in Airteagal 2;
orduithe aistrithe leachtachta chuig RTGS DCA, TIPS DCA nó MCA;
orduithe aistrithe leachtachta idir T2S DCAnna ar leis an rannpháirtí céanna iad nó a bhfuil an MCA céanna ainmnithe ina leith chun críche Airteagal 1(3);
orduithe aistrithe airgid idir an T2S DCA agus T2S DCA [cuir isteach ainm BC] i gcomhthéacs áirithe Airteagal 10(2) agus (3).
Airteagal 4
Orduithe aistrithe leachtacha
Féadfaidh sealbhóir T2S DCA ordú aistrithe leachtachta chur isteach mar cheann díobh seo a leanas:
ordú aistrithe leachtachta láithreach, ar treoir é maidir le forghníomhú láithreach;
buanordú aistrithe leachtachta, a bheidh ina threoir chun forghníomhaithe allfhilltigh (i) de mhéid aistrithe sonraithe a aistriú nó (ii) d’aistriú chun iarmhéid an T2S DCA a laghdú go leibhéal réamhshainithe le méid an laghdaithe á aistriú chuig RTGS DCA, TIPS DCA nó MCA, ar imeacht réamhshainithe gach lá gnó.
ordú aistrithe leachtachta réamhshainithe, ar treoir é chun forghníomhaithe allfhilltigh (i) de mhéid aistrithe sonraithe a aistriú nó (ii) d’aistriú chun iarmhéid an T2S DCA a laghdú go leibhéal réamhshainithe le méid an laghdaithe á aistriú chuig RTGS DCA, TIPS DCA nó MCA, ar tharlú teagmhaiss réamhshainithe gach lá gnó.
Airteagal 5
Leachtacht agus blocáil leachtachta
Airteagal 6
Próiseáil orduithe aistrithe airgid ar DCAnna T2S
Tar éis ordú aistrithe leachtachta chuig TIPS DCA, MCA, RTGS DCA nó T2S DCA a bheith glactha mar atá leagtha amach i gCuid 1, Airteagal 17, seiceálfaidh TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre] an bhfuil cistí leordhóthanacha ar fáil ar T2S DCA an íocóra chun socraíocht a chur i gcrích. Má tá go leor cistí ar fáil, socraítear an t-ordú aistrithe leachtachta láithreach. Mura bhfuil go leor cistí ar fáil, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:-
i gcás ordú aistrithe leachtachta láithreach, diúltófar don ordú gan socraíocht páirteach nó aon iarracht bhreise é a shocrú mura rud é go dtionscnófar iad seo ag tríú páirtí mar a ainmnítear i gcomhréir le Cuid I, Airteagal 7, agus sa chás sin socrófar go páirteach iad gan aon iarracht bhreise é a shocrú;
i gcás buanordú aistrithe leachtachta nó ordú aistrithe leachtachta athshainithe, socrófar an t-ordú go páirteach gan aon iarracht bhreise é a shocrú.
Airteagal 7
Próiseáil orduithe aistrithe airgid i gcás fionraí nó foirceanta
Airteagal 8
Entitis incháilithe maidir le saoráidí um uathsholáthar urrúis chomhthaobhaigh
Airteagal 9
Comhthaobhacht incháilithe le haghaidh oibríochtaí um uathsholáthar urrúis chomhthaobhaigh
Thairis sin, maidir le comhthaobhacht incháilithe um sholáthar urrúis chomhthaobhaigh:
[cuir isteach de réir mar is ábhartha: féadfar í a theorannú ag [cuir isteach ainm BC] trí eisiamh ex ante comhthaobhachta dlúthnasctha féideartha;
tá sí faoi réir roghanna lánroghnacha áirithe chun comhthaobhacht incháilithe a eisiamh mar a dheonaítear do BCNanna an limistéir euro le cinntí Chomhairle Rialaithe an BCE.
Airteagal 10
Soláthar creidmheasa agus nós imeachta aisghabhála
Aisíocfar uathsholáthar urrúis chomhthaobhaigh ag an am a shainmhínítear i bhFoscríbhinn V ar a dhéanaí agus i gcomhréir leis an bpróiseas seo a leanas:
scaoileann [cuir isteach ainm BC] an treoir aisíocaíochta atá socraithe faoi réir airgid a bheith ar fáil chun uathsholáthar urrúis chomhthaobhaigh gan íoc a aisíoc;
más rud é, tar éis céim (a) a dhéanamh, nach leor an t-iarmhéid ar an T2S DCA chun uathsholáthar urrúis chomhthaobhaigh gan íoc a aisíoc, seiceálann [cuir isteach ainm BC] T2S DCAnna eile a osclaíodh ina chuid leabhar don tsealbhóir DCA T2S céanna agus aistríonn sé airgead ó aon cheann nó gach ceann díobh seo chuig an T2S DCA ina bhfuil treoracha aisíocaíochta ar feitheamh;
más rud é, tar éis céimeanna (a) agus (b) a dhéanamh, nach leor an t-iarmhéid ar T2S DCA chun uathsholáthar urrúis chomhthaobhaigh neamhíoctha a aisíoc, measfar gur thug sealbhóir T2S DCA treoir do[cuir isteach ainm BC] an chomhthaobhacht a úsáideadh chun an uathsholáthar urrúis chomhthaobhaigh neamhíoctha a fháil a aistriú go cuntas comhthaobhachta [cuir isteach ainm BC]. Ina dhiaidh sin, soláthróidh [cuir isteach ainm BC] an leachtacht chun an uathsholáthar urrúis chomhthaobhaigh neamhíoctha a aisíoc agus déanfaidh sé MCA príomhá an tsealbhóra T2S DCA a chur do dhochar gan mhoill mhíchuí.
Cuirfidh [cuir isteach ainm BC ] táille pionóis EUR 1 000 i bhfeidhm maidir le gach lá i gcás ina mbíonn leas amháin nó níos mó bainte as athlonnú comhthaobhachta faoi phointe (c). Cuirfidh an táille pionóis do dhochar MCA príomha an tsealbhóra T2S DCA dá dtagraítear i bpointe (c).
Airteagal 11
Saoráidí um uathsholáthar urrúis chomhthaobhaigh a fhionraí, a theorannú nó a fhoirceannadh
CUID V
Téarmaí agus coinníollacha speisialta maidir le socraíocht íocaíochta meandrach (TIPS) cuntais airgid tiomnaithe (DCAnna TIPS )
Airteagal 1
DCA TIPS a oscailt agus a bhainistiú
Airteagal 2
Teachtaireachtaí a sheoladh agus a fháil
Féadfaidh sealbhóir TIPS DCA teachtaireachtaí a sheoladh:
go díreach, agus/nó
trí pháirtí treorach amháin nó níos mó.
Gheobhaidh sealbhóir TIPS DCA teachtaireachtaí:
go díreach; nó
trí pháirtí treorach amháin.
Airteagal 3
Páirtithe inrochtana
Airteagal 4
Idirbhearta arna bpróseáil ar DCAnna TIPS
Déantar na hidirbhearta seo a leanas a phróiseáil trí TIPS DCA i TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre):
orduithe íocaíochta meandraí;
freagraí dearfacha aisghairmeacha;
orduithe aistrithe leachtachta chuig cuntais theicniúla TIPS AS, MCAnna, T2S DCAnna nó RTGS DCAnna;
orduithe aistrithe leachtachta chuig fochuntais;
orduithe aistrithe leachtachta chuig cuntais taisce thar oíche.
Airteagal 5
Orduithe aistrithe leachtachta láithreacha
Féadfaidh sealbhóir TIPS DCA orduithe aistrithe leachtachta láithreacha a chur isteach.
Airteagal 6
Próiseáil orduithe aistrithe airgid ar DCAnna TIPS
Tar éis glacadh le hordú íocaíochta meandraí mar a leagtar amach i gCuid I, Airteagal 17, seiceálfaidh TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre] an bhfuil cistí leordhóthanacha ar fáil ar TIPS DCA an íocóra chun socraíocht a chur i gcrích agus beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
mura bhfuil cistí leordhóthanacha ar fáil, diúltófar don ordú íocaíochta meandraí;
má tá cistí leordhóthanacha ar fáil cuirtear an méid comhfhreagrach i gcúlchistí fad a bheifear ag fanacht le freagra an íocaí. I gcás go nglacfaidh an t-íocaí leis, socrófar an t-ordú íocaíochta meandraí agus cuirfear deireadh leis an bhforchoimeádas go comhuaineach. Má dhiúltaíonn an t-íocaí nó mura bhfaightear freagra tráthúil uaidh, de réir bhrí na scéime Inst SCT, diúltaítear don ordú íocaíochta meandraí agus cuirfear deireadh leis an bhforchoimeádas go comhuaineach.
Airteagal 7
Iarraidh ar aisghairm
Airteagal 8
Eolaire TIPS
Is éard atá san eolaire TIPS ná liosta de na BICanna a úsáidtear chun faisnéis a ródú agus cuimsíonn sé BICanna de:
shealbhóirí TIPS DCA;
pháirtithe inrochtana.
Airteagal 9
Stór MPL
Airteagal 10
Próiseáil orduithe aistrithe airgid i gcás fionraí nó foirceanta urghnách
Má chuirtear rannpháirtíocht shealbhóir TIPS DCA i TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre] ar fionraí ar fhorais seachas iad siúd a shonraítear i gCuid I, Airteagal 25(1), pointe (a), maidir le [cuir isteach ainm BC]:
diúiltóidh sé dá orduithe aistrithe airgid isteach go léir;
diúltóidh sé dá orduithe aistrithe airgid amach go léir; nó
diúltóidh sé dá orduithe aistrithe isteach agus amach.
CUID VI
Téarmaí agus coinníollacha speisialta maidir le córais choimhdeacha (AS) ag úsáid nós imeachta ollsocraíochta fíor-ama córais choimhdigh (AS RTGS) nósanna imeachta socraíochta
Airteagal 1
Cuntais theicniúla AS a oscailt agus a bhainistiú agus nósanna imeachta socraíochta AS RTGS a úsáid
Roghnóidh an AS ceann amháin de na nósanna imeachta socraíochta seo a leanas ar a laghad chun críocha orduithe aistrithe AS a phróiseáil:
nós imeachta socraíochta RTGSAS A;
nós imeachta socraíochta RTGS AS B;
nós imeachta socraíochta RTGS AS C;
nós imeachta socraíochta RTGS AS D;
nós imeachta socraíochta RTGS AS E;
Airteagal 2
Tosaíocht orduithe aistrithe AS
Sannfar an tosaíocht “práinneach” go huathoibríoch d’ordaithe aistrithe AS uile.
Airteagal 3
Nós imeachta socraíochta A AS RTGS
Féadfaidh AS na seirbhísí seo a leanas a roghnú :
an tseirbhís “tréimhse faisnéise”, dá dtagraítear in Airteagal 8(1);
an tseirbhís “tréimhse shocraíochta”, dá dtagraítear in Airteagal 8(3);
Airteagal 4
Nós imeachta socraíochta B AS RTGS;
Féadfaidh AS na seirbhísí seo a leanas a roghnú :
an tseirbhís “tréimhse faisnéise”, dá dtagraítear in Airteagal 8(1);
an tseirbhís “tréimhse shocraíochta”, dá dtagraítear in Airteagal 8(3).
Airteagal 5
Nós imeachta socraíochta C AS RTGS
Féadfaidh an AS orduithe aistrithe AS mar bhaisc i gcomhad amháin nó i roinnt comhaid le linn an timtrialla a bheith ar oscailt Féadfaidh na horduithe aistrithe airgid a bheith d’aon cheann de na hidirbhearta seo a leanas:
fochuntais na mbanc socraíochta a chur chun dochair agus cuntas teicniúil an RTGS AS a chur chun sochair;
cuntas teicniúil an RTGS AS a chur chun dochair agus fochuntais na mbanc socraíochta a chur chun socair;
cuntas teicniúil an RTGS AS a chur chun dochair agus RTGS DCAnna na mbanc socraíochta a chur chun sochair.
Airteagal 6
Nós imeachta socraíochta D AS RTGS
Airteagal 7
Nós imeachta socraíochta E AS RTGS
Féadfaidh an AS orduithe aistrithe AS a thíolacadh mar bhaisc i gcomhad amháin nó i roinnt comhad idir:
RTGS DCAnna na mbanc socraíochta agus cuntas teicniúil an RTGS AS má úsáidtear iad; agus
RTGS DCAnna na mbanc socraíochta.
Beidh an AS freagrach as seicheamhú ceart orduithe aistrithe AS sa chomhad a áirithiú chun socraíocht rianúil a áirithiú.
Féadfaidh AS na seirbhísí seo a leanas a roghnú :
an tseirbhís “tréimhse fhaisnéise”, dá dtagraítear in Airteagal 8(1);
an tseirbhís “tréimhse shocraíochta”, dá dtagraítear in Airteagal 8(3).
Airteagal 8
Tréimhse fhaisnéise agus tréimhse shocraíochta
Le linn na “tréimhse socraíochta” féadfaidh an AS, nó [cuir isteach ainm BC] thar a cheann, orduithe aistrithe AS aonair (do nós imeachta socraíochta RTGS AS E) nó comhaid (do nósanna imeachta socraíochta RTGS AS A agus B) nach bhfuil stádas críochnaitheach acu a chúlghairm agus beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
má úsáidtear nós imeachta socraíochta RTGS AS E le haghaigh socraíochta déthaobhaí, déanfar na horduithe aistrithe AS ábhartha a fhreaschur;
mura n-úsáidtear nós imeachta socraíochta RTGS AS E le haghaidh socraíochta déthaobhaí, nó má theipeann ar an tsocraíocht iomlán i nós imeachta socraíochta RTGS AS A, déanfar aon orduithe aistrithe AS socraithe sa chomhad a fhreaschur agus cuirfear na bainc socraíochta go léir agus an AS ar an eolas trí theachtaireacht chraolta.
má úsáidtear nós imeachta socraíochta RTGS AS B, teipeann ar an tsocraíocht iomlán agus cuirfear na bainc socraíochta go léir agus an AS ar an eolas trí theachtaireacht chraolta.
Airteagal 9
Socraíocht traschórais
Tabharfar fógra don dá AS a úsáideann socraíocht traschórais trí theachtaireacht chraolta maidir le socraíocht nó diúltú na n-orduithe aistrithe AS.
Airteagal 10
Éifeacht fionraí nó foirceanta
Má dhéantar úsáid nósanna imeachta socraíochta AS a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh ag AS le linn timthriall socraíochta orduithe aistrithe AS, féadfaidh [cuir isteach ainm BC] an timthriall socraíochta a chríochnú.
CUID VII
Téarmaí agus coinníollacha speisialta maidir le córais choimhdeacha ag baint usáid as nós imeachta córais choimhdigh de shocraíocht íocaíochtaí meandracha target (TIPS) (NÓS IMEACHTA AS TIPS )
Aireagal 1
Cuntas teicniúil AS TIPS a oscailt agus a bhainistiú
Airteagal 2
Teachtaireachtaí a sheoladh agus a fháil
Féadfaidh sealbhóir cuntas teicniúil TIPS AS teachtaireachtaí a sheoladh:
go díreach;
trí pháirtí treorach amháin nó níos mó.
Gheobhaidh sealbhóir cuntas teicniúil TIPS AS teachtaireachtaí:
go díreach; nó
trí pháirtí treorach amháin.
Airteagal 3
Orduithe aistrithe leachtachta láithreacha
Féadfaidh sealbhóir cuntas teicniúil TIPS AS orduithe aistrithe leachtachta láithreacha a chur isteach.
Airteagal 4
Próiseáil orduithe aistrithe airgid ar chuntais theicniúla AS TIPS
Tar éis glacadh le hordú íocaíochta meandraí mar a leagtar amach i gCuid I, Airteagal 17(1), seiceálfaidh -[cuir isteach ainm BC/tíre] an bhfuil cistí leordhóthanacha ar fáil ar chuntas teicniúil TIPS AS an íocóra chun socraíocht a chur i gcrích agus beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
mura bhfuil cistí leordhóthanacha ar fáil, diúltófar don ordú íocaíochta meandraí;
má tá cistí leordhóthanacha ar fáil, cuirtear an méid comhfhreagrach i gcúlchistí fad a bheifear ag fanacht le freagra an íocaí. I gcás go nglacfaidh an t-íocaí leis, socrófar an t-ordú íocaíochta meandraí agus cuirfear deireadh leis an bhforchoimeádas go comhuaineach. I gcás diúltaithe ag an t-íocaí nó mura bhfaightear freagra tráthúil uaidh, de réir bhrí na scéime Inst SCT, déanfaidh an t-ordú íocaíochta meandraí a dhiúltú agus cuirfear deireadh leis an bhforchoimeádas go comhuaineach.
Airteagal 5
Iarraidh ar aisghairm
Airteagal 6
Nós imeachta socraíochta AS TIPS
Beidh nós imeachta socraíochta TIPS AS i bhfeidhm le linn na n-amanna atá leagtha amach i bhFoscríbhinn V.
Aireagal 7
Páirtithe inrochtana trí chuntas teicniúil TIPS AS
Airteagal 8
Idirbhearta próiseáilte ar chuntais theicniúla AS TIPS
Déantar na hidirbhearta seo a leanas a phróiseáil trí chuntas teicniúil TIPS AS i TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre):
orduithe íocaíochta meandraí;
freagraí athghairmeacha dearfacha;
orduithe aistrithe leachtacha chuig TIPS DCAnna.
Airteagal 9
Eolaire TIPS
Is éard atá san eolaire TIPS ná liosta de na BICanna a úsáidtear chun faisnéis a ródú agus cuimsíonn sé na BICanna de:
shealbhóirí TIPS DCA;
pháirtithe inrochtana.
Airteagal 10
Stór MPL
Airteagal 11
Próiseáil orduithe aistrithe airgid i gcás fionraí nó foirceanta urghnách
Má chuirtear rannpháirtíocht shealbhóir chuntas teicniúil TIPS AS i TARGET[cuir isteach tagairt BC/tíre] ar fionraí ar fhorais seachas iad siúd a shonraítear i gCuid I, Airteagal 25(1), pointe (a), maidir le [cuir isteach ainm BC]:
diúiltóidh sé dá orduithe aistrithe airgid isteach go léir;
diúltóidh sé dá orduithe aistrithe airgid amach go léir; nó
diúltóidh sé dá orduithe aistrithe isteach agus amach.
FOSCRÍBHINN I
SONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA LE HAGHAIDH ORDUITHE AISTRITHE AIRGID A PHRÓISEÁIL
De bhreis ar na Coinníollacha Comhchuibhithe, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le horduithe aistrithe airgid a phróiseáil:
1. Ceanglais tástála maidir le rannpháirtíocht i TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre]
Éireoidh gach rannpháirtí le sraith tástálacha chun a inniúlacht theicniúil agus oibríochtúil a chruthú sula bhféadfaidh sé páirt a ghlacadh i TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre].
2. Uimhreacha cuntais
Sainaithneofar cuntas gach rannpháirtí le huimhir chuntais uathúil suas le 34 carachtar comhdhéanta de chúig chuid mar a leanas:
Ainm |
Uimh. Carachtar |
Ábhar |
Cineál cuntais |
1. |
M = MCA R = DCA RTGS C = DCA T2S I = DCA TIPS T = cuntas teicniúil AS RTGS U = Fochuntas A = Cuntais teicniúil G = Cuntas cistí ráthaíochta AS D = Cuntas taisce thar oíche X = Cuntas teagmhasachta |
Cód tíre bainc ceannais |
2. |
Cód tíre ISO: 3166-1 |
Cód airgeadra |
3. |
EUR |
BIC |
11 |
Sealbhóir cuntais BIC |
Ainm cuntais |
Max. 17 |
Téacs saor (1) |
(1)
Maidir le fochuntais ní mór don chuid seo tosú leis an gcód AS 3-charachtar mar atá sainmhínithe ag an mbanc ceannais. |
3. Rialacha teachtaireachta i TARGET
Comhlíonfaidh gach rannpháirtí an struchtúr teachtaireachta agus sonraíochtaí an réimse, mar atá sainmhínithe i gCuid 3 de na Sonraíochtaí Feidhmiúla Mionsonraithe Úsáideora (UDFS).
Cuirfear ceannteidil feidhmchláir ghnó i gceangal le gach cineál teachtaireachta a phróiseálfar ar MCAnna, DCAnna RTGS (lena n-áirítear fochuntais), AS RTGS cuntais teicniciúla, cuntas cistí ráthaíochta AS agus AS T2S DCAs mar a leanas:
Cineál Teachtaireachta |
Cur síos |
ceann.001 |
Feidhmchláir gnó |
ceann.002 |
Ceannteideal comhaid gnó |
4. Cineál Teachtaireachta arna bpróiseáil i TARGET
Déantar na cineálacha teachtaireachta seo a leanas a phróiseáil ar MCAnna:
Cineál Teachtaireachta |
Cur síos |
Administration (admi) |
|
admi.004 |
SystemEventNotification |
admi.005 |
ReportQueryRequest |
admi.007 |
ReceiptAcknowledgement |
Cash Management (camt) |
|
camt.003 |
GetAccount |
camt.004 |
ReturnAccount |
camt.005 |
GetTransaction |
camt.006 |
ReturnTransaction |
camt.018 |
GetBusinessDayInformation |
camt.019 |
ReturnBusinessDayInformation |
camt.025 |
Receipt |
camt.046 |
GetReservation |
camt.047 |
ReturnReservation |
camt.048 |
ModifyReservation |
camt.049 |
DeleteReservation |
camt.050 |
LiquidityCreditTransfer |
camt.053 |
BankToCustomerStatement |
camt.054 |
BankToCustomerDebitCreditNotification |
Payments clearing and Settlement (pacs) |
|
pacs.009 |
FinancialInstitutionCreditTransfer |
pacs.010 |
FinancialInstitutionDirectDebit |
Próiseáiltear na cineálacha teachtaireachta seo a leanas ar DCAnna RTGS, agus más ábhartha, ar chuntais theicniúla AS RTGS agus ar chuntais chiste ráthaíochta; i gc bhaineann sé le cuntais theicniúla RTGS AS agus cuntais cistí ráthaíochta AS:
Administration (admi) |
|
admi.004 |
SystemEventNotification |
admi.005 |
Iarraidh ar ceist thuarascála |
admi.007 |
ReceiptAcknowledgement |
Cash Management (camt) |
|
camt.003 |
GetAccount |
camt.004 |
ReturnAccount |
camt.005 |
GetTransaction |
camt.006 |
Aischuir Idirbheart |
camt.007 |
ModifyTransaction |
camt.009 |
GetLimit |
camt.010 |
ReturnLimit |
camt.011 |
ModifyLimit |
camt.012 |
DeleteLimit |
camt.018 |
GetBusinessDayInformation |
camt.019 |
ReturnBusinessDayInformation |
camt.021 |
ReturnGeneralBusinessInformation |
camt.025 |
Receipt |
camt.029 |
ResolutionOfInvestigation |
camt.046 |
GetReservation |
camt.047 |
ReturnReservation |
camt.048 |
ModifyReservation |
camt.049 |
DeleteReservation |
camt.050 |
LiquidityCreditTransfer |
camt.053 |
BankToCustomerStatement |
camt.054 |
BankToCustomerDebitCreditNotification |
camt.056 |
FIToFIPaymentCancellationRequest |
|
|
Imréiteach agus Socraíocht Íocaíochtaí (pacs) |
|
pacs.002 |
PaymentStatusReport |
pacs.004 |
PaymentReturn |
pacs.008 |
CustomerCreditTransfer |
pacs.009 |
FinancialInstitutionCreditTransfer |
pacs.010 |
FinancialInstitutionDirectDebit |
Payments Initiation (pain) |
|
pain.998 |
ASInitiationStatus |
pain.998 |
ASTransferNotice |
pain.998 |
ASTransferInitiation |
Próiseáiltear na cineálacha teachtaireachta seo a leanas ar DCAnna T2S
Cineál Teachtaireachta |
Cur síos |
Riarachán (admi) |
|
admi.005 |
ReportQueryRequest |
admi.006 |
ResendRequestSystemEventNotification |
admi.007 |
ReceiptAcknowledgement |
Bainistiú Airgid (camt) |
|
camt.003 |
GetAccount |
camt.004 |
ReturnAccount |
camt.005 |
GetTransaction |
camt.006 |
ReturnTransaction |
camt.009 |
GetLimit |
camt.010 |
ReturnLimit |
camt.011 |
ModifyLimit |
camt.012 |
DeleteLimit |
camt.018 |
GetBusinessDayInformation |
camt.019 |
ReturnBusinessDayInformation |
camt.024 |
ModifyStandingOrder |
camt.025 |
Receipt |
camt.050 |
LiquidityCreditTransfer |
camt.051 |
LiquidityDebitTransfer |
camt.052 |
BankToCustomerAccountReport |
camt.053 |
BankToCustomerStatement |
camt.054 |
BankToCustomerDebitCreditNotification |
camt.064 |
LimitUtilisationJournalQuery |
camt.065 |
LimitUtilisationJournalReport |
camt.066 |
IntraBalanceMovementInstruction |
camt.067 |
IntraBalanceMovementStatusAdvice |
camt.068 |
IntraBalanceMovementConfirmation |
camt.069 |
GetStandingOrder |
camt.070 |
ReturnStandingOrder |
camt.071 |
DeleteStandingOrder |
camt.072 |
IntraBalanceMovementModificationRequest |
camt.073 |
IntraBalanceMovementModificationRequestStatusAdvice |
camt.074 |
IntraBalanceMovementCancellationRequest |
camt.075 |
IntraBalanceMovementCancellationRequestStatusAdvice |
camt.078 |
IntraBalanceMovementQuery |
camt.079 |
IntraBalanceMovementQueryResponse |
camt.080 |
IntraBalanceModificationQuery |
camt.081 |
IntraBalanceModificationReport |
camt.082 |
IntraBalanceCancellationQuery |
camt.083 |
IntraBalanceCancellationReport |
camt.084 |
IntraBalanceMovementPostingReport |
camt.085 |
IntraBalanceMovementPendingReport |
Próiseáiltear na cineálacha teachtaireachta seo a leanas ar DCAnna TIPS agus ar chuntais theicniúla AS TIPS:
Cineál Teachtaireachta |
Cur síos |
Riarachán (admi) |
|
pacs.002 |
FIToFIPayment Status Report |
pacs.004 |
PaymentReturn |
pacs.008 |
FIToFICustomerCreditTransfer |
pacs.028 |
FIToFIPaymentStatusRequest |
Bainistiú Airgid (camt) |
|
camt.003 |
GetAccount |
camt.004 |
ReturnAccount |
camt.011 |
ModifyLimit |
camt.019 |
ReturnBusinessDayInformation |
camt.025 |
Receipt |
camt.029 |
ResolutionOfInvestigation |
camt.050 |
LiquidityCreditTransfer |
camt.052 |
BankToCustomerAccountReport |
camt.053 |
BankToCustomerStatement |
camt.054 |
BankToCustomerDebitCreditNotification |
camt.056 |
FIToFIPaymentCancellationRequest |
acmt.010 |
AccountRequestAcknowledgement |
acmt.011 |
AccountRequestRejection |
acmt.015 |
AccountExcludedMandateMaintenanceRequest |
Sonraí tagartha (reda) |
|
reda.016 |
PartyStatusAdviceV01 |
reda.022 |
PartyModificationRequestV01 |
5. Seiceáil iontrála dúbailte
Déanfaidh seiceáil iontrála dúbailte ar gach ordú aistrithe airgid, arb é is aidhm di diúltú d’orduithe a cuireadh isteach níos mó ná uair amháin (orduithe aistrithe airgid dúbailte). Tá sonraí le fáil i gCuid I, Roinn 3 den UDFS ábhartha.
6. Rialacha bailíochtaithe agus cóid earráide
Déantar teachtaireachtaí a bhailíochtú de réir threoirlínte Íocaíochtaí Ardluacha Plus (HVPS+) maidir le bailíochtú teachtaireachta atá sonraithe i gcaighdeán ISO 20022, agus bailíochtaí a bhaineann go sonrach le TARGET. Déantar cur síos ar na rialacha mionsonraithe bailíochtaithe agus ar na cóid earráide sna codanna faoi seach den UDFS mar a leanas:
do MCAnna, i gCaibidil 14 de na CLM UDFS
do RTGS DCAnna, i gCaibidil 13 de na RTGS UDFS;
do T2S DCAnna, i gCaibidil 4.1 de na T2S UDFS.
Má dhiúltaítear d’ordú íocaíochta meandraí nó freagra athghairme dearfach ar chúis ar bith, gheobhaidh sealbhóir TIPS DCA tuarascáil ar stádas íocaíochta (pacs.002), mar a thuairiscítear i gCaibidil 4.2 de na TIPS UDFS. Má dhiúltaítear d’ordú aistrithe leachtachta ar chúis ar bith, gheobhaidh sealbhóir TIPS DCA diúltú (camt.025), mar a thuairiscítear i gCaibidil 1.6 de na TIPS UDFS.
7. Amanna socraíochta réamhchinntithe agus teagmhais réamhchinntithe
DCAnna RTGS
Maidir le horduithe íocaíochta ag baint úsáide as an Táscaire maidir leis an Tráth Dochair is Luaithe, úsáidfear an eilimint teachtaireachta “/FromTime/”.
Maidir le horduithe íocaíochta ag baint úsáide as an Táscaire maidir leis an Tráth Dochair is Déanaí, beidh dhá rogha ar fáil.
Eilimint teachtaireachta “RejectTime”: mura féidir an t-ordú íocaíochta a shocrú faoin am dochair a luaitear, déanfaidh an t-ordú aistrithe airgid a dhiúltú.
Eilimint teachtaireachta “TillTime”: mura féidir an t-ordú íocaíochta a shocrú faoin am dochair a luaitear, ní dhéanfaidh an t-ordú íocaíochta a dhiúltú ach coinneofar é sa chiú ábhartha.
Faoin dá rogha, mura socraítear ordú íocaíochta le Táscaire maidir leis an Tráth Dochair is Déanaí 15 nóiméad roimh an am a léirítear ann, seolfar fógra go huathoibríoch tríd an GUI.
DCAnna T2S
Maidir le horduithe aistrithe leachtachta láithreacha, ní theastaíonn aon chlib XML ar leith;
Féadfar orduithe aistrithe leachtachta réamhshainithe agus buanorduithe aistrithe leachtachta a spreagadh le ham nó teagmhas ar leith lá na socraíochta:
le haghaidh socraíochta ag am ar leith, úsáidfear an chlib XML “Time (/ExctnTp/Tm/)”,
le haghaidh socraíochta nuair a tharlaíonn teagmhas ar leith, úsáidfear an chlib XML “(EventType/ExctnTp/Evt/)”.
Socróidh na clibeanna XML seo a leanas an tréimhse bailíochta le haghaidh buanorduithe aistrithe leachtachta: “FromDate/VldtyPrd/FrDt/” and “ToDate/VldtyPrd/ToDt/”.
8. Fritháireamh orduithe aistrithe airgid ar DCAnna RTGS
Déanfar seiceálacha fritháirimh agus, más iomchuí, seiceálacha breisithe fritháirimh (an dá théarma mar a shainmhinítear i míreanna a) agus b) ar orduithe aistrithe airgid chun socraíocht rianúil a éascú.
Cinnfear le seiceáil fritháirimh an bhfuil orduithe aistrithe airgid an íocaí atá ag tosach an chúi le haghaidh orduithe aistrithe airgid a bhfuil an tosaíocht “phráinneach” acu nó, mura bhfuil sí infheidhme, a bhfuil an tosaíocht “ard” acu, ar fáil lena bhfritháireamh in aghaidh ordú aistrithe airgid an íocóra (dá ngairfear anseo feasta “orduithe aistrithe airgid fritháirithe”). Mura soláthraíonn ordú aistrithe airgid fritháirithe cistí leordhóthanacha d’ordú aistrithe airgid an íocóra faoi seach, cinnfear an bhfuil leachtacht leordhóthanach ar fáil ar RTGS DCA an íocóra.
Má theipeann ar an seiceáil fritháirimh, féadfaidh an [cuir isteach ainm BC] seiceáil bhreisithe fritháirimh a chur i bhfeidhm. Le seiceáil bhreisithe fritháirimh cinntítear an bhfuil orduithe aistrithe airgid fritháirimh ar fáil i gciúnna ar bith an íocaí is cuma cathain a chuaigh siad isteach sa chiú. Mar sin féin, má tá orduithe aistrithe airgid le tosaíocht níos airde i gciú an íocaí atá dírithe chuig rannpháirtithe eile, ní fhéadfar prionsabal FIFO a shárú mura rud é go dtiocfadh méadú leachtachta don íocaí dá socrófaí an t-ordú aistrithe airgid fritháirimh sin.
9. Algartaim bharrfheabhsú ar DCAanna RTGS agus fochuntais
Cuirfear ceithre algartam i bhfeidhm chun socraíocht rianúil sreabha íocaíochta a éascú. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil sa RTGS UDFS Cuid 2.
Faoin algartam “barrfheabhsú páirteach” déanfaidh [cuir isteach ainm BC]:
suíomhanna leachtachta, teorainneacha agus forchoimeádtaí gach RTGS DCA ábhartha a ríomh agus a sheiceáil; agus
má tá suíomh leachtachta iomlán RTGS DCA ábhartha amháin nó níos mó diúltach, orduithe íocaíochta aonair a bhaint amach go dtí go mbeidh suíomh leachtachta iomlán gach cuntas RTGS DCA ábhartha dearfach.
Ina dhiaidh sin, déanfaidh [cuir isteach ainm BC] agus na BCanna eile lena mbaineann, ar choinníoll go bhfuil cistí leordhóthanacha ann, na horduithe íochtaíochta atá fágtha (seachas na horduithe aistrithe airgid asbhainte) a shocrú go comhuaineach ar RTGS DCAnna na rannpháirtithe lena mbaineann.
Agus orduithe íocaíochta á mbaint amach, tosóidh [cuir isteach ainm BC] ó RTGS DCA an rannpháirtí a bhfuil an suíomh leachtachta iomlán diúltach is airde air agus ón ordú íocaíochta ag deireadh an chiú leis an tosaíocht is ísle. Ní rithfidh an próiseas roghnúcháin ach ar feadh tréimhse ghearr, a bheidh le cinneadh ag [cuir isteach ainm BC] dá rogha féin.
Faoin algartam “ilbharrfheabhsú” déanfaidh [cuir isteach ainm BC]:
comparáid idir péirí de chuntais RTGS DCAnna rannpháirtithe chun a fháil amach an féidir orduithe íochtaíochta scuaine a shocrú laistigh den leachtacht atá ar fáil sa dhá chuntas RTGS DCAnna na rannpháirtithe lena mbaineann agus laistigh de na teorainneacha atá socraithe acu (trí thosú ón bpéire cuntas RTGS DCAnna leis an difríocht is lú idir na horduithe íochtaíochta a dhírítear ar a chéile), agus déanfaidh na BCanna lena mbaineann na híocaíochtaí sin a chur in áirithe go comhuaineach ar dhá chuntas RTGS DCAnna na rannpháirtithe; agus
más rud é, i ndáil le péire cuntas RTGS DCAnna mar a thuairiscítear faoi phointe (i), nach leor an leachtacht chun an suíomh déthaobhach a mhaoiniú, orduithe íochtaíochta aonair a bhaint amach go dtí go mbeidh leachtacht leordhóthanach ann. Sa chás seo socróidh na BCanna lena mbaineann na híocaíochtaí atá fágtha, seachas na cinn a baineadh amach, go comhuaineach ar dhá chuntas RTGS DCAnna na rannpháirtithe.
Tar éis dó na seiceálacha a shonraítear faoi fhomhíreanna (i) go (ii) a dhéanamh, seiceálfaidh [cuir isteach ainm BC] na suíomhanna socraíochta iltaobhacha (idir RTGS DCA rannpháirtí agus RTGS DCAnna rannpháirtithe eile a bhfuil teorainn iltaobhach socraithe leo). Chun na críche seo, beidh feidhm mutatis mutandis ag an nós imeachta a thuairiscítear faoi fhomhíreanna (i) go (ii).
Faoin algartam “barrfheabhsú páirteach le hAS” a thacaíonn le nós imeachta socraíochta B, leanfaidh [cuir isteach ainm BC] an nós imeachta céanna agus a bhaineann leis an algartam páirtbharrfheabhsaithe, ach gan orduithe aistrithe AS a bhaint (le haghaidh AS a shocraíonn ar bhonn comhuaineach iltaobhach (i.e. nós imeachta B le haghaidh socraíochta AS RTGS).
Úsáidtear an t-algartam “barrfheabsú ar fhochuntais” chun socraíocht orduithe aistrithe AS tosaíochta práinneacha ar fhochuntais na rannpháirtithe a bharrfheabhsú. Agus an t-algartam seo á úsáid, ríomhfaidh [cuir isteach ainm BC] suíomh leachtachta iomlán fhochuntais gach rannpháirtí trína fháil amach an bhfuil comhiomlán na n-orduithe aistrithe AS isteach agus amach go léir atá ar feitheamh sa chiú diúltach nó dearfach. Má tá toradh na ríomhanna agus na seiceálacha seo dearfach do gach fochuntas ábhartha, socróidh [cuir isteach ainm BC] agus BCanna eile ábhartha gach aistrithe airgid go comhuaineach ar fhochuntais na rannpháirtithe lena mbaineann. Má bhíonn toradh na ríomhanna agus na seiceálacha sin diúltach, ní dhéanfar aon socraíocht. Ina theannta sin, ní chuireann an algartam seo aon teorainneacha nó forchoimeádais san áireamh. I gcás gach banc socraíochta ríomhtar an suíomh iomlán agus, má chumhdaítear suíomhanna na mbanc socraíochta go léir, socrófar gach idirbheart. Cuirtear idirbhearta nach gcumhdaítear ar ais sa chiú.
Féadfar orduithe aistrithe airgid a iontráladh tar éis don algartam barrfheabhsaithe iolrach, don algartam barrfheabhsaithe go páirteach nó don algartam páirtbharrfheabhsaithe le hAS a bheith tosaithe a shocrú láithreach mar sin féin, má tá suíomhanna agus teorainneacha DCAnna RTGS na rannpháirtithe lena mbaineann ag luí le socraíocht na n-orduithe seo agus le socraíocht na n-orduithe aistrithe airgid sa nós imeachta barrfheabhsaithe reatha.
Déanfar an t-algartam páirt-bharrfheabhsaithe a bhaint páirteach agus an t-algartam il- optamúcháin a rith go seicheamhach san ord sin. Ní reáchtálfar iad má tá nós imeachta socraíochta B AS RTGS á reáchtáil.
Rithfidh na halgartaim go solúbtha trí mhoill ama réamhshainithe a leagan síos idir halgartaim éagsúla a chur i bhfeidhm chun eatramh íosta a chinntiú idir dhá algartam a rith. Déanfar an t-ord ama a rialú go huathoibríoch. Beifear in ann idirghabháil láimhe a dhéanamh.
Le linn dó a bheith in algartam reatha, ní dhéanfar ordú íocaíochta a atheagrú (an seasamh i scuaine a athrú) ná a chúlghairm. Scuaineofar iarratais ar ordú íocaíochta a athordú nó a chúlghairm go dtí go mbeidh an algartam críochnaithe. Má shocraítear an t-ordú íocaíochta ábhartha agus an algartam á rith, diúltófar d’iarratas ar bith é a athordú nó a chúlghairm. Mura socraítear an t-ordú íocaíochta, cuirfear iarratais an rannpháirtí san áireamh láithreach.
10. Nascacht
Nascfaidh rannpháirtithe le TARGET trí úsáid a bhaint as ceann amháin de na modhanna seo a leanas.
An mód úsáideora go feidhmchlár (U2A): sa mhodh U2A, nascann rannpháirtithe trí GUI a ligeann d’úsáideoirí feidhmeanna gnó a dhéanamh atá bunaithe ar a gcearta rochtana faoi seach. Ligeann sé d’úsáideoirí sonraí gnó a iontráil agus a chothabháil chomh maith le faisnéis ghnó a aisghabháil. Soláthraíonn an Lámhleabhar Úsáideora ábhartha (UHB) faisnéis uileghabhálach ar gach ceann de na feidhmeanna gnó a sholáthraíonn an GUI faoi seach.
Modh feidhmchlár-go-feidhmchlár (A2A): i mód A2A déanann feidhmchláir bogearraí cumarsáid le TARGET trí theachtaireachtaí aonair agus comhaid a mhalartú bunaithe ar a gcearta rochtana faoi seach agus a gcumraíoch ródaithe agus a síntiús teachtaireachta. Braitheann an chumarsáid A2A ar theachtaireachtaí XML, ag baint úsáide as an gcaighdeán ISO 20022 nuair is infheidhme, le haghaidh cumarsáide isteach agus amach.
Déantar cur síos níos mionsonraithe ar na modhanna nasctha in ESMIG UDFS.
11. An UDFS agus an Lámhleabhar Úsáideora
Tá sonraí breise agus samplaí a mhíníonn na rialacha thuas le fáil sna UDFS faoi seach agus sna Lámhleabhair Úsáideora do gach seirbhís, arna leasú ó am go ham agus arna bhfoilsiú ar [cuir isteach mar is gá shuíomh gréasáin an [cuir isteach ainm BC] agus] suíomh gréasáin an BCE, i mBéarla.
FOSCRÍBHINN II
SCÉIM CHÚITIMH TARGET
1. Prionsabail Ghinearálta
(a) Má tharlaíonn mífheidhm theicniúil TARGET, féadfaidh rannpháirtithe éilimh ar chúiteamh a thíolacadh de réir scéim chúitimh TARGET atá leagtha síos san Fhoscríbhinn seo.
Mura gcinnfidh Comhairle Rialaithe an BCE a mhalairt, ní bheidh feidhm ag scéim cúitimh TARGET má éiríonn mífheidhm theicniúil TARGET as imeachtaí seachtracha nach bhfuil smacht réasúnach orthu ag na BCanna lena mbaineann nó mar thoradh ar ghníomhartha nó neamhghníomhartha tríú páirtithe.
Is é an cúiteamh faoi scéim chúitimh TARGET an t-aon nós imeachta cúitimh a thairgfear i gcás mhífheidhm theicniúil TARGET. Féadfaidh rannpháirtithe, áfach, modhanna dlíthiúla eile a úsáid chun éileamh a dhéanamh ar chaillteanais. Má ghlacann rannpháirtí le tairiscint chúitimh faoi scéim chúitimh TARGET, is éard a bheidh anseo comhaontú neamh-inchúlghairthe an rannpháirtí go dtarscaoilfidh sé leis sin gach éileamh i ndáil leis na horduithe aistrithe airgid a nglacann sé le cúiteamh ina leith (lena n-áirítear aon éilimh ar chaillteanas iarmhartach) a d’fhéadfadh a bheith aige i gcoinne aon BC, agus gurb ionann an íocaíocht chúitimh chomhfhreagrach a fuair sé agus socraíocht iomlán críochnaitheach ar gach éileamh den sórt sin. Déanfaidh an rannpháirtí na BCanna lena mbaineann a shlánú, suas go huasmhéid an mhéid a fuarthas aoi scéim chúitimh TARGET, i leith aon éileamh breise a dhéanfaidh aon rannpháirtí eile nó aon tríú páirtí eile i ndáil leis an ordú aistrithe airgid nó an aistithe airgid i gceist.
Ní hionann déanamh tairiscint cúitimh agus admháil dliteanais ag [cuir isteach ainm BC] nó ag aon BC eile maidir le mífheidhm theicniúil TARGET.
2. Coinníollacha maidir le tairiscintí cúitimh
Féadfaidh íocóir éileamh ar tháille riaracháin agus cúiteamh úis a thíolacadh más rud é, mar gheall ar mhífheidhm theicniúil TARGET, nár socraíodh ordú aistrithe airgis an lá gnó ar glacadh leis.
Féadfaidh íocaí éileamh ar tháille riaracháin a thíolacadh mura bhfuair sé íocaíocht a raibh súil aige a fháil lá gnó áirithe mar gheall ar mhífheidhm theicniúil TARGET Féadfaidh an t-íocaí éileamh ar chúiteamh úis a thíolacadh freisin má chomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:
i gcás rannpháirtithe a bhfuil rochtain acu ar an tsaoráid iasachta imeallach: mar gheall ar mhífheidhm theicniúil TARGET, bhain íocaí leas as an tsaoráid iasachta imeallach; agus/nó
i gcás na rannpháirtithe uile: bhí sé indhéanta go teicniúil leas a bhaint as an margadh airgid nó bhí sé dodhéanta athmhaoiniú den sórt sin a dhéanamh ar fhorais réasúnacha eile.
3. Cúiteamh a ríomh
(a) Maidir le tairiscint cúitimh le haghaidh íocóra:
is é EUR 50 an táille riaracháin don chéad ordú aistrithe airgid neamhshocraithe, EUR 25 do gach ceann de na chéad cheithre ordú aistrithe airgid eile agus EUR 12,50 do gach ordú aistrithe airgid breise den sórt sin. Ríomhfar an táille riaracháin go leithleach i ndáil le gach íocaí;
cinnfear cúiteamh úis trí ráta tagartha a bheidh le socrú ó lá go lá a chur i bhfeidhm. Is éard a bheidh sa ráta tagartha seo ná an ráta tagartha gearrthéarmach euro (€STR) nó an ráta saoráide iasachta imeallach, cibé acu is ísle. Cuirfear an ráta tagartha i bhfeidhm ar mhéid an ordaithe aistrithe airgid nár socraíodh mar thoradh ar mhífheidhm theicniúil TARGET do gach lá sa tréimhse ó dháta thíolacadh iarbhír an ordaithe aistrithe airgid nó, i ndáil le horduithe aistrithe airgid dá dtagraítear i mír 2(b)(ii), ó dháta thíolacadh beartaithe an ordaithe aistrithe argid go dtí an dáta a socraíodh an t-ordú aistrithe airgid go rathúíl nó a bhféadfadh an t-ordú aistrithe airgid a bheith socraithe go rathúil. Déanfar aon ús nó táillí a leanann as aon orduithe aistrithe airgid neamhshocraithe a chur i dtaisce leis an Eurochóras a asbhaint ó nó a ghearradh ar mhéid aon chúitimh, de réir mar a bheidh;
ní bheidh aon chúiteamh úis iníoctha má cuireadh agus sa mhéid gur cuireadh cistí a d’eascair as orduithe aistrithe airgid neamhshocraithe ar an margadh nó má úsáideadh iad chun ceanglais maidir le cúlchistí íosta a chomhlíonadh.
Maidir le tairiscint cúitimh le haghaidh íocaí:
is é EUR 50 an táille riaracháin don chéad ordú aistrithe airgid neamhshocraithe, EUR 25 do gach ceann de na chéad cheithre ordú aistrithe airgid eile agus EUR 12.50 do gach ordú aistrithe airgid breise den sórt sin. Ríomhfar an táille riaracháin go leithleach i ndáil le gach íocóir;
beidh feidhm ag an modh a leagtar amach i bhfomhír (a)(ii) chun cúiteamh úis a ríomh ach amháin go mbeidh cúiteamh úis iníoctha ag ráta is comhionann leis an difríocht idir an ráta saoráide iasachta imeallach agus an ráta tagartha, agus ríomhfar é ar an méid a bhaintear leas as an tsaoráid iasachta imeallach mar thoradh ar mhífheidhm theicniúil TARGET.
4. Rialacha nós imeachta
(a) Cuirfear éileamh ar chúiteamh isteach ar an bhfoirm éilimh atá ar fáil ar shuíomh gréasáin [cuir isteach ainm BC] i mBéarla (féach [cuir isteach tagairt do shuíomh gréasáin BC]). Cuirfidh íocóirí foirm éilimh ar leithligh isteach maidir le gach íocaí agus cuirfidh íocaithe foirm éilimh ar leithligh isteach maidir le gach íocóir. Soláthrófar dóthain faisnéise agus doiciméad breise chun tacú leis an bhfaisnéis a léirítear san fhoirm éilimh. Ní féidir ach éileamh amháin a chur isteach maidir le híocaíocht shonrach nó ordú íocaíochta sonrach.
Laistigh de cheithre seachtaine ó mhífheidhm theicniúil TARGET, cuirfidh rannpháirtithe a bhfoirmeacha éilimh faoi bhráid [cuir isteach ainm BC]. Soláthrófar aon fhaisnéis agus fianaise bhreise a iarrfaidh [cuir isteach ainm BC] laistigh de dhá sheachtain tar éis an iarraidh sin a dhéanamh.
Déanfaidh [cuir isteach ainm BC] na héilimh a athbhreithniú agus a chur ar aghaidh chuig an BCE. Mura gcinnfidh Comhairle Rialaithe an BCE a mhalairt agus an cinneadhh sin a chur in iúl do na rannpháirtithe, déanfar gach éileamh a fhaightear a mheasúnú tráth nach déanaí ná 14 sheachtain tar éis mhífheidhm theicniúil TARGET.
Cuirfidh [cuir isteach ainm BC] toradh an mheasúnaithe dá dtagraítear i bhfomhír (c) in iúl do na rannpháirtithe ábhartha. Má tá tairiscint chúitimh i gceist leis an measúnú, déanfaidh na rannpháirtithe lena mbaineann, laistigh de cheithre seachtaine ó chur in iúl na tairisceana sin dóibh, í a ghlacadh nó a dhiúltú, maidir le gach ordú aistrithe airgid a chuimsítear i ngach éileamh, trí litir ghlactha chaighdeánach a shíniú (san fhoirm atá ar fáil ar shuíomh gréasáin [cuir isteach ainm BC] (féach [cuir isteach tagairt do shuíomh gréasáin BC]). Más rud é nach mbeidh an litir sin faighte ag [cuir isteach ainm BC] laistigh de cheithre seachtaine, measfar gur dhiúltaigh na rannpháirtithe lena mbaineann an tairiscint chúitimh.
Déanfaidh [cuir isteach ainm BC] íocaíochtaí cúitimh nuair a gheofar litir rannpháirtí go nglacann sé leis an gcúiteamh. Ní bheidh aon ús iníoctha ar aon íocaíocht chúitimh.
FOSCRÍBHINN III
TÉARMAÍ TAGARTHA MAIDIR LE TUAIRIMÍ ACHMHAINNÍ AGUS TÍRE
Téarmaí tagartha maidir le tuairimí acmhainní do rannpháirtithe i TARGET.
[Cuir isteach ainm BC]
[seoladh]
Rannpháirtíocht sa [ainm an chórais]
[suíomh]
[dáta]
A Dhaoine Uaisle,
Iarradh orainn an Tuairim seo a sholáthar mar chomhairleoirí dlí [intí nó seachtracha] chun [sonraigh ainm an Rannpháirtí nó brainse an Rannpháirtí] maidir le saincheisteanna a thagann chun cinn faoi dhlíthe [dlínse ina bhfuil an Rannpháirtí bunaithe; [an “dlíinse” anseo feasta] i dtaca le rannpháirtíocht [sonraigh ainm an Rannpháirtí] (an “Rannpháirtí” anseo feasta) sa [ainm an chórais chomhpháirte de TARGET] (an “Córas” anseo feasta).
Tá an Tuairim seo teoranta do dhlíthe [dlínse] amhail mar atá siad ar dháta na Tuairime seo. Níl aon imscrúdú déanta againn ar dhlíthe aon dlínse eile mar bhonn don Tuairim seo, agus ní chuirimid aon tuairim in iúl agus ní thugaimid aon tuairim le tuiscint maidir leis na dlíthe sin. Tá feidhm ag gach ceann de na ráitis agus na tuairimí a chuirtear i láthair thíos le cruinneas agus bailíocht chomhionann faoi dhlíthe [dlínse], cibé acu a ghníomhaíonn an Rannpháirtí trína cheannoifig nó trí bhrainse amháin nó níos mó a bunaíodh laistigh nó lasmuigh de [dlínse] agus orduithe aistrithe airgid á gcur isteach agus orduithe aistrithe airgid á bhfáil aige.
I. NA DOICIMÉID A SCRÚDAÍODH
Chun críocha na Tuairime seo, rinneamar scrúdú ar:
cóip dheimhnithe de [sonraigh doicméid bunreachtúla ábhartha] an Rannpháirtí mar atá siad i bhfeidhm ar an dáta seo;
[más infheidhme] sliocht as [sonraigh clár na gcuideachtaí ábhartha] agus [más infheidhme] [clár institiúidí creidmheasa nó clár comhchosúil];
[a mhéid is infheidhme] cóip de cheadúnas an Rannpháirtí nó cruthúnas údaraithe eile chun baincéireacht, infheistíocht, aistriú cistí nó seirbhísí airgeadais eile a sholáthar i gcomhréir leis na critéir le haghaidh rannpháirtíochta i TARGET i [dlínse];
[más infheidhme] cóip de rún arna ghlacadh ag an mbord stiúrthóirí nó ag comhlachtrialaithe ábhartha an Rannpháirtí an [cuir isteach an dáta ], [cuir isteach an bhliain], lena bhfianaítear comhaontú an Rannpháirtí cloí leis na Doiciméid Chórais, mar a shainmhínítear thíos; agus
[sonraigh gach cumhacht aturnae agus doiciméid eile arb éard iad nó lena bhfianaítear cumhacht riachtanach an duine nó na ndaoine a shíníonn na Doiciméid Chórais ábhartha (mar a shainmhínítear thíos) thar ceann an Rannpháirtí];
agus gach doiciméad eile a bhaineann le bunreacht, cumhachtaí, agus údaruithe an Rannpháirtí atá riachtanach nó iomchuí chun an Tuairim seo a sholáthar (“Doiciméid Rannpháirteacha” anseo feasta).
Chun críocha na Tuairime seo, tá scrúdú déanta againn freisin ar:
an [cuir isteach tagairt do na socruithe lena gcuirtear na Coinníollacha Comhchuibhithe maidir le rannpháirtíocht i TARGET don Chóras dar dáta [cuir isteach an dáta] (na “Rialacha” anseo feasta); agus
[…].
Tagrófar do na Rialacha agus na […] anseo feasta mar na “Doiciméid Chórais” (agus i dteannta leis na Doiciméid Rannpháirteacha mar na “Doiciméid“).
II. TOIMHDÍ
Chun críocha na Tuairime seo, tá glactha againn maidir leis na Doiciméid:
gur bunchóipeanna nó fíorchóipeanna iad na Doiciméid Chórais a soláthraíodh dúinn;
go bhfuil téarmaí na nDoiciméad Córais agus na cearta agus na hoibleagáidí a chruthaíonn siad bailí agus ceangailteach ó thaobh dlí faoi dhlíthe [cuir isteach tagairt do Bhallstát an Chórais] trína gcuirtear in iúl go bhfuil siad á rialú, agus go bhfuil rogha na ndlíthe de [cuir isteach tagairt do Bhallstát an Chórais] chun na Doiciméid Chórais a rialú, aitheanta le dlíthe [cuir isteach tagairt do Bhallstát an Chórais];
go bhfuil na Doiciméid Rannpháirteacha laistigh de chumas agus cumhacht na bpáirtithe ábhartha agus go bhfuil siad údaraithe, glactha nó forghníomhaithe agus, nuair is gá, seachadta go bailí ag na páirtithe ábhartha; agus
go bhfuil na Doiciméid Rannpháirteacha ceangailteach ar na páirtithe a bhfuil siad dírithe chucu, agus nar sáraíodh aon cheann dá dtéarmaí.
III. TUAIRIMÍ MAIDIR LEIS AN RANNPHÁIRTÍ
Is corparáid é an Rannpháirtí atá bunaithe agus cláraithe go cuí nó atá corpraithe nó eagraithe go cuí faoi dhlíthe [dlínse].
Tá na cumhachtaí corparáideacha riachtanacha go léir ag an Rannpháirtí chun na cearta agus na hoibleagáidí faoi na Doiciméid Chórais a bhfuil sé ina pháirtí iontu a fhorghníomhú agus a chomhlíonadh.
Ní sháraíonn glacadh nó forghníomhú agus feidhmíocht an Rannpháirtí de na cearta agus na hoibleagáidí faoi na Doiciméid Chórais a bhfuil an Rannpháirtí ina pháirtí iontu aon fhoráil de na dlíthe nó na rialacháin [dlínse] is infheidhme maidir leis an Rannpháirtí nó maidir leis na Doiciméid Rannpháirteacha.
Ní éilíonn an Rannpháirtí aon údaruithe, formheasanna, ceadaithe, comhdúcháin, clárúcháin, nótaireachtaí nó deimhnithe eile de chuid nó le haon chúirt nó údarás rialtais, breithiúnach nó poiblí atá inniúil i [dlínse] maidir le glacadh, bailíocht nó infhorfheidhmitheacht aon cheann de na Doiciméid Chórais nó forghníomhú nó comhlíonadh na gceart agus na n-oibleagáidí fúthu.
Tá gach gníomh corparáideach riachtanach agus gach céim eile is gá faoi dhlíthe [dlínse] glactha ag an Rannpháirtí chun a chinntiú go bhfuil a oibleagáidí faoi na Doiciméid Chórais dlíthiúil, bailí agus ceangailteach.
Luaitear an Tuairim seo amhail ar a dáta agus dírítear go heisiach chuig [cuir isteach ainm BC] agus an [Rannpháirtí] í. Ní fhéadfaidh aon duine eile brath ar an Tuairim seo, agus ní fhéadfar ábhar na Tuairime seo a nochtadh do dhaoine seachas na faighteoirí beartaithe agus a n-abhcóide dlí gan ár dtoiliú i scríbhinn roimh ré, seachas an Banc Ceannais Eorpach agus bainc cheannais náisiúnta an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais [agus an banc ceannais náisiúnta/údaráis rialála ábhartha] de [dlínse]].
Is sinne, le meas,
[síniú]
Téarmaí tagartha maidir le tuairimí tíre do rannpháirtithe neamh-LEE i TARGET.
[Cuir isteach ainm an BC]
[seoladh]
[ainm an chórais]
[suíomh]
[dáta]
A Dhaoine Uaisle,
Iarradh orainn mar chomhairleoirí dlí [seachtracha] do [sonraigh ainm an Rannpháirtí nó brainse an Rannpháirtí] (an “Rannpháirtí”) an Tuairim seo a sholáthar faoi dhlithe [dlínse] i dtaca le rannpháirtíocht an Rannpháirtí i gcóras ar córas comhpháirte de TARGET é (an “Córas” anseo feasta) maidir le saincheisteanna a eascraíonn faoi dhlíthe [dlínse ina bhfuil an Rannpháirtí bunaithe; [an “dlínse” anseo feasta]. Cuimsíonn tagairtí anseo do dhlíthe [dlínse] na rialacháin go léir is infheidhme maidir le [dlínse]. Cuirimid tuairim in iúl anseo faoi dhlí [dlínse], agus aird ar leith á tabhairt ar an Rannpháirtí a bunaíodh lasmuigh [cuir isteach tagairt do Bhallstát an Chórais] maidir le cearta agus oibleagáidí a éiríonn as rannpháirtíocht sa Chóras, mar a chuirtear i láthair sna Doiciméid Chórais dá dtagraítear/a shainítear thíos.
Tá an Tuairim seo teoranta do dhlíthe [dlínse] amhail mar atá siad ar dháta na Tuairime seo. Níl aon imscrúdú déanta againn ar dhlíthe aon dlínse eile mar bhonn don Tuairim seo, agus ní chuirimid aon tuairim in iúl agus ní thugaimid aon tuairim le tuiscint maidir leis na dlíthe sin. Tá glactha againn nach bhfuil aon rud i ndlíthe dlínse eile a dhéanann difear don Tuairim seo.
1. NA DOICIMÉID A SCRÚDAÍODH
Chun críocha na Tuairime seo, tá scrúdú déanta againn ar na doiciméid atá liostaithe thíos agus ar cibé doiciméid eile a mheasamar a bheith riachtanach nó iomchuí:
an [cuir isteach tagairt do na socruithe lena gcuirtear na Coinníollacha Comhchuibhithe maidir le rannpháirtíocht i TARGET] i bhfeidhm don Chóras dar dáta [cuir isteach an dáta] (na “Rialacha” anseo feasta); agus
aon doiciméad eile lena rialaítear an Córas agus/nó an caidreamh idir an Rannpháirtí agus rannpháirtithe eile sa Chóras, agus idir na rannpháirtithe sa Chóras agus [cuir isteach ainm BC].
Tabharfar “na Doiciméid Chórais” anseo feasta ar na Rialacha agus ar an […].
2. TOIMHDÍ
Chun críocha na Tuairime seo tá glactha againn maidir leis na Doiciméid Chórais:
go bhfuil na Doiciméid Córais laistigh de chumas agus de chumhacht na bpáirtithe ábhartha agus go bhfuil siad údaraithe, glactha nó forghníomhaithe agus, nuair is gá, seachadta go bailí acu;
go bhfuil téarmaí na nDoiciméad Córais agus na cearta agus na hoibleagáidí a chruthaíonn siad bailí agus ceangailteach ó thaobh dlí faoi dhlíthe [cuir isteach tagairt do Bhallstát an Chórais] trína rialaítear iad, mar a chuirtear in iúl, agus go bhfuil rogha na ndlíthe de [cuir isteach tagairt do Bhallstát an Chórais] chun na Doiciméid Chórais a rialú, aitheanta le dlíthe [cuir isteach tagairt do Bhallstát an Chórais];
go bhfuil na rannpháirtithe sa Chóras trína seoltar aon orduithe asitrithe airgid nó trína bhfaightear aistrithe airgid, nó trína ndéantar aon chearta nó oibleagáidí faoi na Doiciméid Chórais a fhorghníomhú nó a chomhlíonadh, ceadúnaithe chun seirbhísí aistrithe cistí a sholáthar, i ngach dlínse ábhartha; agus
go bhfuil na doiciméid a cuireadh faoin ár mbráid i gcóip nó mar shamplaí i gcomhréir leis na bunchóipeanna.
3. TUAIRIM
Ar bhonn agus faoi réir a bhfuil anseo roimhe seo agus, i ngach cás, faoi réir na bpointí atá leagtha amach thíos, is í ár dtuairim:
3.1. Gnéithe dlí tír-shonracha [a mhéid is infheidhme]
Tá na sainghnéithe seo a leanas de reachtaíocht [dlínse] comhsheasmhach le hoibleagáidí an Rannpháirtí a eascraíonn as na Doiciméid Chórais agus ní chuireann siad na hoibleagáidí sin i leataobh ar bhealach ar bith: [liosta de na gnéithe dlí tírshonracha]
3.2. Saincheisteanna ginearálta maidir le dócmhainneacht
3.2.a. Cineálacha imeachtaí dócmhainneachta
Is iad na cineálacha imeachtaí dócmhainneachta (lena n-áirítear imshocraíocht nó athshlánú) a chuimseoidh, chun críche na Tuairime seo, gach imeachtaí a bhaineann le sócmhainní an Rannpháirtí nó aon bhrainse a d’fhéadfadh a bheith aige i [dlínse] agus a bhféadfadh an Rannpháirtí a bheith faoina réir i [dlínse], na himeachtaí seo a leanas amháin: [Liostaigh na himeachtaí i dteanga bhunaidh agus aistriúchán Béarla léi] (dá ngairtear le chéile “Imeachtaí Dócmhainneachta”).
Chomh maith le hImeachtaí Dócmhainneachta, féadfaidh an Rannpháirtí, aon cheann dá shócmhainní, nó aon bhrainse a d’fhéadfadh a bheith aige i [dlínse] a bheith faoi réir i[dlínse] [liostaigh moratóir, glacadóireacht nó aon imeachtaí eile is infheidhme a mbíonn de thoradh orthu go bhféadfar íocaíochtaí chuig agus/nó ón Rannpháirtí a bheith curtha ar fionraí nó go bhféadfar teorainneacha a bheith forchurtha i ndáil le híocaíochtaí den sórt sin, nó imeachtaí den chineál céanna, i dteanga bhunaidh agus le haistriúchán i mBéarla] (dá ngairtear le chéile “Imeachtaí” anseo feasta).
3.2.b. Conarthaí dócmhainneachta
Tá [dlínse] nó foranna polaitiúla áirithe laistigh de [dlínse], mar a shonraítear, ina pháirtí nó ina bpáirtithe sna conarthaí dócmhainneachta seo a leanas: [sonraigh, más infheidhme, iad siúd a bhfuil nó a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an Tuairim seo].
3.3. Infhorghníomhaitheacht na nDoiciméad Córais
Faoi réir na bpointí a leagtar amach thíos, beidh gach foráil de na Doiciméid Chórais ceangailteach agus infhorghníomhaithe de réir a dtéarmaí faoi dhlíthe [dlínse], go háirithe i gcás go n-osclófar aon Imeachtaí nó Imeachtaí Dócmhainneachta maidir leis an Rannpháirtí.
Go háirithe, is í ár dtuairim:
3.3.a. Próiseáil orduithe aistrithe airgid
Tá forálacha na Rialacha maidir le horduithe aistrithe airgid a phróiseáil [cuir isteach na forálacha ábhartha lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 17 agus Airteagal 18 de Chuid I d’Iarscríbhinn I, Airteagal 4 go hAirteagal 7 agus Airteagal 9 de Chuid II d’Iarscríbhinn I, Airteagal 5 go hAirteagal 10 agus Airteagal 14 go hAirteagal 17 de Chuid III d’Iarscríbhinn I, Airteagal 4 agus Airteagal 6 go hAirteagal 7 de Chuid IV d’Iarscríbhinn I, Airteagal 6 agus Airteagal 10 de Chuid V d’Iarscríbhinn I] bailí agus infhorghníomhaithe. Go háirithe, beidh gach ordú aistrithe airgid a phróiseálfar de bhun na n-alt sin bailí, ceangailteach agus infhorghníomhaithe faoi dhlíthe [dlínse]. Tá foráil na Rialacha a shonraíonn cén uair go díreach a mbíonn orduithe aistrithe airgid arna gcuirtear isteach sa Chóras ag an Rannpháirtí infhorghníomhaithe agus neamh-inchúlghairthe ([cuir isteach foráil a churireann Airteagal 18 chun feidhmne d’Iarscríbhinn 1, Cuid I]) bailí, ceangailteach agus infhorghníomhaithe faoi dhlíthe [dlínse].
3.3.b. Údarás [cuir isteach ainm BC] chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh
Ní dhéanfaidh oscailt Imeachtaí Dócmhainneachta nó Imeachtaí i leith an Rannpháirtí difear d’údarás nó do chumhachtaí an [cuir isteach ainm BC] faoi na Doiciméid Chórais. [Sonraigh [a mhéid is infheidhme]: go bhfuil an tuairim chéanna infheidhmithe freisin maidir le haon eintiteas eile a sholáthraíonn seirbhísí do na Rannpháirtithe go díreach agus is gá le haghaidh rannpháirtíochta sa Chóras, e.g TARGET NSP].
3.3.c. Leigheasanna i gcás mainneachtana
[Nuair is infheidhme maidir leis an Rannpháirtí, tá na forálacha i [liosta na n-alt] de na Rialacha maidir le feidhmíocht luathaithe éilimh nach bhfuil aibithe fós, fritháireamh éilimh chun taiscí an Rannpháirtí a úsáid, forfheidhmiú gealltáin, fionraí agus foirceannadh rannpháirtíocht, éilimh ar ús mainneachtana, agus foirceannadh comhaontuithe agus idirbhearta ([cuir isteach clásail ábhartha eile de na Rialacha nó de na Doiciméid Chórais]) bailí agus infheidhmithe faoi dhlíthe [dlínse].]
3.3.d. Fionraí agus foirceannadh
Nuair is infheidhme maidir leis an Rannpháirtí, tá na forálacha i [liosta na ranna] de na Rialacha (maidir le fionraí agus foirceannadh rannpháirtíocht an Rannpháirtí sa Chóras má osclaítear Imeachtaí nó Imeachtaí Dócmhainneachta nó teagmhais mainneachtana eile mar a shainmhinítear sna Doiciméid Chórais, nó má tá aon chineál riosca sistéamach ag gabháil leis an Rannpháirtí nó má tá fadhbanna oibríochta tromchúiseacha aige) bailí agus infhorghníomhaithe faoi dhlíthe [dlínse].
3.3.e. Córas pionóis
Nuair is infheidhme maidir leis an Rannpháirtí, tá na forálacha atá i [liosta na n-alt] de na Rialacha maidir le pionóis a ghearrtar ar Rannpháirtí nach bhfuil in ann creidmheas idirlae nó creidmheas thar oíche a aisíoc, nuair is infheidhme, in am, bailí agus infhorghníomhaithe faoi dhlíthe [dlínse].
3.3.f. Sannadh cearta agus oibleagáidí
Ní féidir le Rannpháirtí a chuid cearta agus oibleagáidí a shannadh, a athrú nó a aistriú ar bhealach eile chuig tríú páirtithe gan toiliú i scríbhinn a fháil roimh ré ón [cuir isteach ainm BC]
3.3.g. Rogha dlí agus dlínse rialaithe
Tá na forálacha i [liosta na n-alt] de na Rialacha, agus go háirithe na forálacha maidir leis an dlí rialaithe, le réiteach díospóide, le cúirteanna inniúla, agus le seirbheáil próisis bailí agus infhorghníomhaithe faoi dhlíthe [dlínse].
3.4. Fabhair inneamhnithe
Is í ár dtuairim nach féidir aon oibleagáid a eascróidh as na Doiciméid Chórais, a feidhmiú, nó a comhlíonadh, sula n-osclaítear aon Imeachtaí Dócmhainneachta nó aon Imeachtaí i leith an Rannpháirtí, a chur i leataoibh in aon imeachtaí den sórt sin mar thosaíocht, idirbheart inneamhnithe nó eile faoi dhlíthe [dlínse].
Go háirithe, agus gan teorainn leis an méid sin roimhe seo, cuirimid an tuairim seo in iúl maidir le haon orduithe aistrithe airgid arna dtíolacadh ag aon rannpháirtí sa Chóras. Go háirithe, is í ár dtuairim go mbeidh forálacha i [liosta na n-alt] de na Rialacha lena mbunaítear infhorghníomhaitheacht agus do-athraitheacht orduithe aistrithe airgid bailí agus infhorghníomhaithe agus nach féidir orduithe aistrithe airgid arna gcur isteach ag aon rannpháirtí agus arna bpróiseáiltear de bhun [liosta na n-alt] de na Rialacha a bheith curtha i leataoibh in aon Imeachtaí nó Imeachtaí Dócmhainneachta mar fhabhar, idirbheart inneamhnithe nó ar shlí eile faoi dhlíthe [dlínse].
3.5. Astú
Má fhéachann creidiúnaí an Rannpháirtí ordú astaithe (lena n-áirítear aon ordú calctha, ordú urghabhála nó aon nós imeachta dlí poiblí nó príobháideach eile atá beartaithe chun leas an phobail nó cearta chreidiúnaithe an Ranpháirtí a chosaint) a fháil — dá ngairtear “Astú” anseo feasta — faoi dhlíthe [dlínse] ó chúirt nó údarás rialtasach, breithiúnach nó poiblí atá inniúil i [dlínse], is í ár dtuairim go [cuir isteach an anailís agus an plé].
3.6. Comhthaobhacht [más infheidhme]
3.6.a. Sannadh cearta nó taisceadh sócmhainní chun críocha comhthaobhachta, gealltán agus/nó athcheannach
Beidh sannacháin chun críocha comhthaobhachta bailí agus infhorghníomhaithe faoi dhlíthe [dlínse]. Go sonrach, beidh cruthú agus forfheidhmiú gealltáin nó athcheannaigh faoin [cuir isteach tagairt don socraíocht ábhartha leis an BC] bailí agus infhorghníomhaithe faoi dhlíthe [dlínse].
3.6.b. Tosaíocht leasa sannaithe, geallaithe nó ceannaitheoirí athcheannaigh thar leas éilitheoirí eile
I gcás Imeachtaí Dócmhainneachta nó Imeachtaí i leith an Rannpháirtí, beidh na cearta nó na sócmhainní a shanntar chun críocha comhthaobhachta, nó a gheall an Rannpháirtí i bhfabhar an [cuir isteach tagairt do BC] nó rannpháirtithe eile sa Chóras, i dtosaíocht íocaíochta os cionn gach éileamh eile ó chreidiúnaithe an Rannpháirtí agus ní bheidh siad faoi réir creidiúnaithe tosaíochta nó fabhracha.
3.6.c. Teideal chun urrúis a fhorfheidhmiú
Fiú amháin i gcás Imeachtaí Dócmhainneachta nó Imeachtaí i leith an Rannpháirtí, beidh rannpháirtithe eile sa Chóras agus [cuir isteach ainm BC] mar [sannaithe, geallaithe nó ceannaitheoirí athcheannaigh, de réir mar is infheidhme] fós saor chun cearta nó sócmhainní an Rannpháirtí a fhorfheidhmiú agus a bhailiú trí ghníomh an [cuir isteach ainm BC] de bhun na Rialacha.
3.6.d. Ceanglais foirme agus cláraithe
Níl aon cheanglais foirme ann maidir le sannadh chun críocha comhthaobhachta, nó maidir le gealltán nó athcheannach ar chearta nó ar shócmhainní an Rannpháirtí a chruthú agus a fhorfheidhmiú agus ní gá an [sannadh chun críocha comhthaobhachta, gealltán nó athcheannach, mar is infheidhme], nó aon sonraí den [sannadh, gealltán nó athcheannach, de réir mar is infheidhme,] sin a chlárú nó a chomhdú le haon chúirt nó údarás rialtasach, breithiúnach nó poiblí atá inniúil i [dlínse].
3.7. Brainsí [a mhéid is infheidhme]
3.7.a. Baineann an tuairim le gníomh trí bhrainsí
Tá feidhm ag gach ceann de na ráitis agus na tuairimí maidir leis an Rannpháirtí a chuirtear i láthair thuas le cruinneas agus le bailíocht chomhionann faoi dhlíthe [dlínse] i gcásanna ina ngníomhaíonn an Rannpháirtí trí cheann amháin nó níos mó dá bhrainsí a bunaíodh lasmuigh de [dhlínse].
3.7.b. Comhréireacht leis an dlí
Ní sháróidh forghníomhú agus comhlíonadh na gceart agus na n-oibleagáidí faoi na Doiciméid Chórais ná tíolacadh, tarchur nó glacadh orduithe aistrithe airgid ag brainse an Rannpháirtí dlíthe [dlínse] ar bhealach ar bith.
3.7.c. Údaruithe riachtanacha
Ní bheidh aon údaruithe, ceaduithe, toilithe, comhdúcháin, clárúcháin, nótaireachtaí nó deimhnithe eile ó nó le haon chúirt nó údarás rialtasach, breithiúnach nó poiblí atá inniúil i [dlínse] ag teastáil chun na cearta agus na n-oibleagáidí faoi na Doiciméid Chórais a fhorfheidmiú agus a chomhlíonadh, nó chun tíolacadh, tarchur nó glacadh orduithe aistrithe airgid ag brainse Rannpháirtí.
Luaitear an Tuairim seo amhail ar a dáta agus dírítear go heisiach chuig [cuir isteach ainm BC] agus an [Rannpháirtí] í. Ní fhéadfaidh aon duine eile brath ar an Tuairim seo, agus ní fhéadfar ábhar na Tuairime seo a nochtadh do dhaoine seachas na faighteoirí beartaithe agus a n-abhcóide dlí gan ár dtoiliú i scríbhinn roimh ré, seachas an Banc Ceannais Eorpach agus bainc cheannais náisiúnta an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais [agus an banc ceannais náisiúnta/údaráis rialála ábhartha] de [dlínse]].
Is sinne, le meas,
[síniú]
FOSCRÍBHINN IV
NÓSANNA IMEACHTA LEANÚNACHAIS GNÓ AGUS NÓSANNA IMEACHTA TEAGMHASACHTA
1. FORÁLACHA GINEARÁLTA
Leagtar amach leis an bhFoscríbhinn seo na socruithe idir [cuir isteach ainm BC] agus na rannpháirtithe, má theipeann ar TARGET nó má theipeann ar ceann amháin nó níos mó de na NSPanna nó má bhíonn teagmhas seachtrach mínormálta i bhfeidhm orthu, nó má dhéanann an teip difear do rannpháirtí ar bith.
Déantar gach tagairt d’amanna ar leith san Fhoscríbhinn seo don am áitiúil ag suíomh an BCE.
Beidh feidhm ag forálacha a leagtar amach sa roinn 1 seo maidir le MCAnna, RTGS DCAnna agus a bhfochuntais, cuntais theicniúla RTGS AS, T2S DCAnna, TIPS DCAnna agus cuntais theicniúla TIPS AS.
1.1. Bearta maidir le leanúnachas gnó agus próiseáil theagmhasachta
Sa chás go dtarlaíonn teagmhas seachtrach neamhghnách agus/nó má theipeann ar TARGET agus/nó theipeann ar ceann amháin nó níos mó de na NSPanna a dhéanann difear do ghnáthoibriú TARGET, beidh [cuir isteach ainm BC] i dteideal bearta leanúnachais gnó agus próiseála teagmhasachta a ghlacadh.
Beidh na príomhbhearta leanúnachais gnó agus próiseála teagmhasachta seo a leanas ar fáil i TARGET:
oibriúchán TARGET a athlonnú go suíomh eile;
sceideal oibriúcháin TARGET a athrú.
Maidir le bearta leanúnachais gnó agus próiseála teagmhasachta, beidh lánrogha ag [cuir isteach ainm BC] maidir le cibé an nglacfar leis na bearta agus cé na bearta a nglacfar leo.
1.2. Cumarsáid teagmhais
Má tharlaíonn teagmhas a gcuirtear síos air faoi mhír 1.1(a), cuirfear é sin in iúl do rannpháirtithe trí shuíomh gréasáin BCE, má bhíonn sé ar fáil, tríd an GUI nó na GUIanna agus, más infheidhme, trí bhealaí cumarsáide intíre. Go háirithe, beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh i gcumarsáid le rannpháirtithe:
cur síos ar an teagmhas agus a thionchar ar TARGET;
an t-am a bhfuiltear ag súil le réiteach an theagmhais (más eol);
faisnéis faoi na bearta a glacadh cheana féin (más ann);
an chomhairle do rannpháirtithe (más ann);
stampa ama na cumarsáide agus léiriú i dtaobh cén uair a sholáthrófar nuashonrú.
1.3. Athrú ar uaireanta oibriúcháin
Agus sceideal oibriúcháin TARGET dá bhforáiltear i gCuid I, Airteagal 19(2) de Choinníollacha seo á athrú, féadfaidh [cuir isteach ainm BC] moill a chur ar scoithamanna TARGET i dtaca le lá gnó áirithe nó moill a chur ar thosú an lae ghnó dar gcionn nó am aon imeachta eile atá liostaithe i bhFoscríbhinnn V a athrú.
Féadfar moill a chur ar na scoithamanna TARGET maidir le lá gnó áirithe má tharla cliseadh ar TARGET i rith an lae sin ach má réitítear é roimh 18:00. Níor cheart go rachadh moill ama dúnta den sórt sin thar dhá uair an chloig de ghnáth agus fógrófar do rannpháirtithe í a luaithe is féidir.
Ar fhógra na moille maidir le hamanna scoite TARGET, féadfar tuilleadh moille a chur air ach ní fhéadfar é a tharraingt siar.
1.4. Forálacha eile
Má theipeann ar [cuir isteach ainm BC], féadfaidh BCanna eile an Eurochórais nó na BCanna Leibhéal 3 cuid dá fheidhmeanna teicniúla nó iad go léir i ndáil le TARGET-[cuir isteach BC/tagairt tíre] a chomhlíonadh.
Féadfaidh [cuir isteach ainm BC] a cheangal go nglacfadh na rannpháirtithe páirt i dtástáil rialta nó ad hoc ar bhearta leanúnachais gnó agus próiseála teagmhasachta, in oiliúint nó in aon socruithe coisctheacha eile, de réir mar a mheasann [cuir isteach ainm BC] a bheith riachtanach. Is iad na rannpháirtithe amháin a iompróidh aon chostais a thabhóidh siad mar thoradh ar thástáil den sórt sin nó mar thoradh ar shocruithe eile.
2 NÓSANNA IMEACHTA LEANÚNACHAIS GNÓ AGUS TEAGMHASACHTA (NÓSANNA IMEACHTA SOCRAÍOCHTA DCA RTGS AGUS AS RTGS)
I dteannta leis na forálacha a leagtar amach i roinn 1, beidh feidhm shonrach ag na forálacha atá leagtha amach sa roinn 2 seo maidir le sealbhóirí RTGS DCA agus AS a bhaineann úsáid as nósanna imeachta socraíochta RTGS AS.
2.1. Oibriúchán TARGET a athlonnú go suíomh eile
Féadfar an t-athlonnú go suíomh eile d’oibriúchán TARGET dá dtagraítear i mír 1.1(b)(i), bheith go dtí áit laistigh den réigiún céanna nó i réigiún eile.
I gcás ina ndéanfar oibríúchán TARGET a athlonnú go réigiún eile, déanfaidh na rannpháirtithe: (i) staonadh ó orduithe aistrithe airgid nua a chur isteach i TARGET; (ii) arna iarraidh sin do [cuir isteach ainm BC] comhréiteach a dhéanamh; (iii) aon orduithe aistrithe airgid a shainaithnítear a bheith in easnamh a chur isteach arís; agus (iv) an fhaisnéis ábhartha go léir ina leith sin a sholáthar do [cuir isteach ainm BC].
Féadfaidh [cuir isteach ainm BC] aon ghníomhaíochtaí breise a dhéanamh lena n-áirítear cuntais rannpháirtithe a chur chun dochair agus a chreidiúnú chun cuntais na rannpháirtithe sin a thabhairt ar ais chuig an stádas a bhí acu roimh an athlonnú.
2.2. Athrú ar uaireanta oibriúcháin
Má chuireann [cuir isteach ainm BC] moill ar dhúnadh TARGET mar a fhoráiltear dó i mír 1.3 roimh 16:50, ba cheart go bhfanfadh an íostréimhse uair amháin an chloig idir an scoitham le haghaidh orduithe íocaíochta custaiméara agus orduithe íocaíochta idirbhainc i bhfeidhm de ghnáth.
Beidh modhanna bunaithe ag AS chun déileáil le cásanna ina gcuirtear moill ar an am athoscailte mar gheall ar chliseadh TARGET an lá roimhe sin.
2.3. Próiseáil theagmhasachta
Má mheasann sé gur gá sin a dhéanamh, tionscnóidh [cuir isteach ainm BC] próiseáil theagmhasach orduithe aistrithe airgid trí úsáid a bhaint as Réiteach Teagmhasachta TARGET nó as modhanna eile. I gcásanna den sórt sin, déanfar próiseáil theagmhasach a sholáthar ar bhonn díchill. Cuirfidh [cuir isteach ainm BC] a rannpháirtithe ar an eolas faoi thosú na próiseála teagmhasaí trí aon mhodh cumarsáide a bheidh ar fáil.
I bpróiseáil theagmhasach ag baint úsáide as Réiteach Teagmhasachta TARGET, déanfaidh sealbhóirí RTGS DCA orduithe aistrithe airgid a thíolacadh agus déanfaidh [cuir isteach ainm BC] iad a údarú. Féadfaidh [cuir isteach ainm BC], go heisceachtúil, orduithe aistrithe airgid a ionchur de láimh thar ceann rannpháirtithe. Ina theannta sin, féadfaidh an AS comhaid a chur isteach ina bhfuil treoracha íocaíochta faoi nós imeachta socraíochta RTGS AS A, a údaraíonn an AS do [cuir isteach ainm BC] a uaslódáil isteach sa Réiteach Teagmhasachta.
Measfar gur “an-chriticiúil” na horduithe aistrithe seo a leanas agus déanfaidh [cuir isteach ainm BC] a dhícheall chun iad a phróiseáil i dteagmhas gan mhoill iomchuí:
íocaíochtaí a bhaineann le socraíocht oibríochtaí CLS Bank International a phróiseáiltear ar Shocraíocht CLS;
glaonna ar chorrlach ó chontrapháirtí lárnach.
Déanfar orduithe aistrithe airgid seachas na cinn atá liostaithe i bpointe (c) agus a bhfuil gá leo chun priacal sistéamach a sheachaint a mheas mar orduithe “criticiúla” agus féadfaidh [cuir isteach ainm BC] cinneadh a dhéanamh próiseáil theagmhasach a thionscnamh ina leith. Áireofar ar orduithe aistrithe airgid criticiúla an méid seo a leanas ach níl siad teoranta dóibh:
orduithe aistrithe airgid a bhaineann le córais íocaíochta eile atá tábhachtach go sistéamach a shocrú mar atá sainmhínithe i Rialachán (AE) Uimh. 795/2014 (BCE/2014/28).
orduithe aistrithe leachtacha chuig T2S DCAnna nó TIPS DCAnna;
orduithe aistrithe leachtachta atá fíor-riachtanach chun orduithe aistrithe airgid ríthábhachtacha a fhorghníomhú mar a leagtar amach i bpointe (c) nó chun orduithe aistrithe airgid ríchriticiúla eile.
Féadfar orduithe aistrithe airgid a cuireadh faoi bhráid TARGET-[cuir isteach BC/tagairt tíre] roimh ghníomhachtú na próiseála teagmhasaí, ach atá scuaine, a chur faoi phróiseáil theagmhasach freisin. I gcásanna den sórt sin féachfaidh [cuir isteach ainm BC] le próiseáil dhúbailte orduithe aistrithe airgid a sheachaint, ach iompróidh na rannpháirtithe an riosca den phróiseáil dhúbailte sin dá dtarlódh sé.
Maidir le próiseáil theagmhasach trí úsáid a bhaint as Réiteach Teagmhasachta TARGET, soláthróidh rannpháirtithe sócmhainní incháilithe mar chomhthaobhacht. Le linn na próiseála teagmhasaí, féadfar orduithe aistrithe airgid atá ag teacht isteach a úsáid chun orduithe aistrithe airgid atá ag dul amach a mhaoiniú.
2.4. Teipeanna a bhaineann le rannpháirtithe
I gcás ina bhfuil saincheist nó fadhb ag rannpháirtí a chuireann cosc air orduithe aistrithe airgid a chur chuig TARGET, réiteoidh sé an cheist nó an fhadhb trí úsáid a bhaint as a acmhainní féin. Go háirithe, féadfaidh rannpháirtí aon réitigh intí atá ar fáil dó a úsáid, an fheidhmiúlacht GUI a úsáid chun aistrithe leachtachta agus orduithe íocaíochta a phróiseáil nó an fheidhm chúltaca a úsáid tríd an Treoirlíne.
Má tá na modhanna réitigh agus/nó réitigh nó feidhmiúlachtaí arna n-úsáid ag an rannpháirtí dá dtagraítear i mír (a) ídithe nó mura leor iad, féadfaidh an rannpháirtí tacaíocht a iarraidh ansin ón [cuir isteach ainm BC] agus soláthróidh [cuir isteach ainm BC] tacaíocht den sórt sin ar bhonn díchill. Cinnfidh [cuir isteach ainm BC] cén tacaíocht a thairgfidh sé don rannpháirtí.
[Cuir isteach más infheidhme, déanfar cur síos ar bhearta teagmhasacha mionsonraithe breise maidir le AS i socruithe breise idir [cuir isteach ainm BC] agus an AS ábhartha.]
3. NÓSANNA IMEACHTA LEANÚNACHAIS GNÓ AGUS TEAGMHASACHA (MCA)
I dteannta leis na forálacha a leagtar amach i roinn 1, beidh feidhm shonrach ag na forálacha atá leagtha amach sa roinn 3 seo maidir le sealbhóirí MCA.
3.1. Oibriúchán TARGET a athlonnú go suíomh eile
féadfar an t-athlonnú go suíomh eile d’oibriúchán TARGET dá dtagraítear i mír 1.1(b)(i), bheith go dtí áit laistigh den réigiún céanna nó i réigiún eile.
I gcás ina ndéanfar oibríúchán TARGET a athlonnú go réigiún eile, déanfaidh na rannpháirtithe: (i) staonadh ó orduithe aistrithe airgid nua a chur isteach i TARGET; (ii) arna iarraidh sin do [cuir isteach ainm BC] comhréiteach a dhéanamh, (iii) aon orduithe aistrithe airgid a shainaithnítear a bheith in easnamh a chur isteach arís; agus (iv) an fhaisnéis ábhartha go léir ina leith sin a sholáthar do [cuir isteach ainm BC].
Féadfaidh [cuir isteach ainm BC] aon ghníomhaíochtaí breise a dhéanamh lena n-áirítear cuntais rannpháirtithe a chur chun dochair agus a chreidiúnú chun cuntais na rannpháirtithe sin a thabhairt ar ais chuig an stádas a bhí acu roimh an athlonnú.
3.2. Próiseáil theagmhasachta
Má mheasann sé gur gá sin a dhéanamh, tionscnóidh [cuir isteach ainm BC] próiseáil theagmhasachta orduithe aistrithe airgid trí úsáid a bhaint as Réiteach Teagmhasachta TARGET nó as modhanna eile. I gcásanna den sórt sin, déanfar próiseáil theagmhasachta a sholáthar ar bhonn díchill. Cuirfidh [cuir isteach ainm BC] a rannpháirtithe ar an eolas faoi thosú na próiseála teagmhasaí trí aon mhodh cumarsáide a bheidh ar fáil.
I bpróiseáil theagmhasachta ag baint úsáide as Réiteach Teagmhasachta TARGET, déanfaidh sealbhóirí MCA orduithe aistrithe airgid a thíolacadh agus déanfaidh [cuir isteach ainm BC] iad a údarú. Féadfaidh [cuir isteach ainm BC], go heisceachtúil, orduithe aistrithe airgid a ionchur de láimh thar ceann rannpháirtithe.
Measfar gur “criticiúil” na horduithe aistrithe airgid a theastaíonn chun riosca sistéamach a sheachaint agus féadfaidh [cuir isteach ainm BC] a chinneadh próiseáil theagmhasachta a thionscnamh ina leith.
Féadfar orduithe aistrithe airgid a cuireadh faoi bhráid TARGET-[cuir isteach BC/tagairt tíre] roimh ghníomhachtú na próiseála teagmhasaí, ach atá scuaine, a chur faoi phróiseáil theagmhasach freisin. I gcásanna den sórt sin féachfaidh [cuir isteach ainm BC] le próiseáil dhúbailte orduithe aistrithe airgid a sheachaint, ach iompróidh na rannpháirtithe an riosca den phróiseáil dhúbailte sin dá dtarlódh sé.
Maidir le próiseáil theagmhasachta trí úsáid a bhaint as Réiteach Teagmhasachta TARGET, soláthróidh rannpháirtithe sócmhainní incháilithe mar chomhthaobhacht. Le linn na próiseála teagmhasaí, féadfar orduithe aistrithe airgid atá ag teacht isteach a úsáid chun orduithe aistrithe airgid atá ag dul amach a mhaoiniú.
3.3. Teipeanna a bhaineann le rannpháirtithe
I gcás ina bhfuil saincheist nó fadhb ag rannpháirtí a chuireann cosc air orduithe aistrithe airgid a chur chuig TARGET, réiteoidh sé an cheist nó an fhadhb trí úsáid a bhaint as a acmhainní féin. Go háirithe, féadfaidh rannpháirtí aon réitigh intí nó an fheidhmiúlacht GUI a úsáid chun orduithe aistrithe leachtachta a phróiseáil.
Má tá na modhanna réitigh agus/nó réitigh nó feidhmiúlachtaí arna n-úsáid ag an rannpháirtí dá dtagraítear i mír (a) ídithe nó mura leor iad, féadfaidh an rannpháirtí tacaíocht a iarraidh ón [cuir isteach ainm BC] agus soláthróidh [cuir isteach ainm BC] tacaíocht den sórt sin ar bhonn díchill. Cinnfidh [cuir isteach ainm BC] cén tacaíocht a thairgfidh sé don rannpháirtí.
4. NÓSANNA IMEACHTA LEANÚNACHAIS GNÓ AGUS TEAGMHASACHTA (T2S DCA)
I dteannta leis na forálacha a leagtar amach i roinn 1, beidh feidhm shonrach ag na forálacha atá leagtha amach sa roinn 4 seo maidir le sealbhóirí T2S DCA.
4.1. Oibriúchán TARGET a athlonnú go suíomh eile
Féadfar an t-athlonnú go suíomh eile d’oibriúchán TARGET dá dtagraítear i mír 1.1(b)(i), bheith go dtí áit laistigh den réigiún céanna nó i réigiún eile.
I gcás ina ndéanfar oibríúchán TARGET a athlonnú go réigiún eile, déanfaidh na rannpháirtithe: (i) staonadh ó orduithe aistrithe airgid nua a chur isteach i TARGET; (ii) arna iarraidh sin do [cuir isteach ainm BC] comhréiteach a dhéanamh, (iii) aon treoracha a shainaithnítear a bheith in easnamh a chur isteach arís; agus (iv) an fhaisnéis ábhartha go léir ina leith sin a sholáthar do [cuir isteach ainm BC].
Féadfaidh [cuir isteach ainm BC] aon ghníomhaíochtaí breise a dhéanamh lena n-áirítear cuntais rannpháirtithe a chur chun dochair agus a chreidiúnú chun cuntais na rannpháirtithe a thabhairt ar ais chuig an stádas a bhí acu roimh an athlonnú.
4.2. Teipeanna nasctha le rannpháirtithe
I gcás ina bhfuil saincheist nó fadhb ag sealbhóir T2S DCA a chuireann cosc air orduithe aistrithe airgid a shocrú i TARGET-[cuir isteach ainm Bc/tagairt tíre], réiteoidh sé an cheist nó an fhadhb trí úsáid a bhaint as a acmhainní féin.
Má tá na modhanna réitigh dá dtagraítear i mír (a) ídithe nó mura leor iad, féadfaidh an rannpháirtí tacaíocht a iarraidh ón [cuir isteach ainm BC] agus soláthróidh [cuir isteach ainm BC] tacaíocht den sórt sin ar bhonn díchill. Cinnfidh [cuir isteach ainm BC] cén tacaíocht a thairgfidh sé don rannpháirtí.
FOSCRÍBHINN V
SCEIDEAL OIBRIÚCHÁIN TARGET
1. Is é dáta luacha na n-idirbheart atá socraithe i TARGET an dáta luacha ar a bhfeidhmíonn an córas i gcónaí.
2. Is laethanta gnó TARGET iad na laethanta ar fad seachas an Satharn, an Domhnach, Lá na Bliana Nua, Aoine an Chéasta ( 8 ), Luan Cásca ( 9 ), 1 Bealtaine, Lá Nollag, agus 26 Nollaig agus mar sin d’fhéadfadh gur dátaí luacha iad chun críche socraithe in TARGET.
3. Feidhmítear cuntais theicniúla TIPS DCanna agus TIPS AS ar gach lá. Feidhmítear gach cineál cuntais eile gach lá seachas an Satharn, an Domhnach, Lá na Bliana Nua, Aoine an Chéasta ( 10 ), Luan Cásca ( 11 ), 1 Bealtaine, Lá Nollag, agus 26 Nollaig.
4. Osclaítear lá gnó i rith tráthnóna an lae gnó roimh ré agus
5. Is é an t-am tagartha don chóras an t-am áitiúil ag suíomh an BCE.
6. Taispeántar sa tábla seo a leanas na céimeanna éagsúla de lá gnó TARGET agus na himeachtaí suntasacha oibríochtúla a bhaineann le MCAnna, RTGS DCAnna ( 12 ), T2S DCAnna agus TIPS DCAnna ( 13 ):
HH:MM |
MCAnna |
DCAnna RTGS (1) |
DCAnna T2S |
DCAnna TIPS (2) |
18:45 (D-1) |
Tús lae gnó: Athrú dáta luacha |
Tús lae gnó: Athrú dáta luacha |
Tús lae gnó: Athrú dáta luacha Ullmhú na socraíochta istoíche |
Próiseáil orduithe íocaíochta meandraí agus orduithe aistrithe leachtachta chuig/ó chuntais theicniúla AS TIPS. Ní phóiseáltar aon aistrithe leachtachta idir DCAnna TIPS agus cuntais eile |
19:00 (D-1) |
Socraíocht CBOnna Aisíoc iasachta imeallaí Aisíoc taiscí thar oíche Próiseáil orduithe aistrithe leachtachta uathoibrithe agus riailbhunaithe |
|
An spriocam chun fothaí sonraí CMS a ghlacadh Ullmhú na socraíochta istoíche |
|
19:30 (D-1) |
Socraíocht CBOanna Buanorduithe aistrithe leachtachta a phróiseáil Próiseáil orduithe aistrithe leachtachta láithreacha |
Socraíocht orduithe aistrithe AS Próiseáil buanorduithe aistrithe leachtachta Próiseáil orduithe aistrithe leachtachta uathoibrithe, riailbhunaithe agus láithreacha |
|
Próiseáil orduithe íocaíochta meandraí agus orduithe aistrithe leachtachta ó/chuig MCAnna agus DCAnna RTGS |
20:00 (D-1) |
|
Timthriallta socraíochta istoíche |
Próiseáil orduithe aistrithe leachtachta ó/chuig DCAnna T2S |
|
02:30 (lá féilire tar éis D-1) |
Ionú cothabhála neamhroghnach ar — laethanta gnó tar éis laethanta dúnta lena n-áirítear gach lá gnó Luain Ionú cothabhála roghnach (más gá) ó 03:00 – 05:00 ar na laethanta atá fágtha |
Ionú cothabhála neamhroghnach ar — laethanta gnó tar éis laethanta dúnta lena n-áirítear gach lá gnó Luain Ionú cothabhála roghnach (más gá) ó 03:00 – 05:00 ar na laethanta atá fágtha |
Ionú cothabhála neamhroghnach ar — laethanta gnó tar éis laethanta dúnta lena n-áirítear gach lá gnó Luain Ionú cothabhála roghnach (más gá) ó 03:00 – 05:00 ar na laethanta atá fágtha (3) |
Próiseáil orduithe íocaíochta meandraí agus orduithe aistrithe leachtachta chuig/ó chuntais theicniúla AS TIPS. Ní phróiseáltar aon orduithe aistrithe leachtachta idir DCAnna TIPS agus cuntais eile |
Am athoscailte* (D) |
Socraíocht CBOnna Próiseáil orduithe aistrithe leachtacha riailbhunaithe uathoibrithe agus láithreacha |
Socraíocht orduithe aistrithe AS Próiseáil orduithe aistrithe leachtachta uathoibrithe, riailbhunaithe agus láithreacha. Orduithe custaiméirí agus idirbhainc a phróiseáil |
Timthriallta socraíochta istoíche |
Próiseáil orduithe íocaíochta meandraí agus orduithe aistrithe leachtachta chuig/ó chuntais theicniúla AS TIPS agus orduithe aistrithe leachtachta idir DCAnna TIPS agus cuntais eile. |
05:00 (D) |
|
Trádáil lae/Socraíocht fíor-ama (4): Ullmhú do shocraíocht fíor-ama Ionú páirt-shocraíochta páirtí (4) |
|
|
16:00 (D) |
|
Scoitham le haghaidh orduithe DvP |
|
|
16:30 (D) |
|
Aisíocaíocht uathoibríoch d’uathsholáthar urrúis chomhthaobhaigh, agus an scuab airgid roghnach ina dhiaidh sin |
|
|
17:00 (D) |
Scoitham le haghaidh orduithe íocaíochta ó chustaiméirí |
|
|
|
17:40 (D) |
|
Scoitham le haghaidh oibríochtaí bainistíochta cisteáin comhaontaithe déthaobhacha (BATM) agus scoith CBO |
|
|
17:45 (D) |
Scoitham le haghaidh orduithe um aistriú leachtachta chuig DCAnna T2S |
Scoitham le haghaidh orduithe aistrithe leachtachta isteach |
Orduithe aistrithe leachtachta ó DCAnna TIPS go DCAnna T2S a bhlocáil. Ní phróiseáiltear aon orduithe aistrithe leachtachta idir DCAnna T2S agus DCAnna TIPS le linn na tréimhse seo |
|
18:00 (D) |
Scoitham le haghaidh: — Orduithe aistrithe leachtachta — CBOs, seachas saoráidí seasmhacha — modhnaithe ar línte creidmheasa |
Scoitham le haghaidh: — orduithe íocaíochta idirbhainc — orduithe aistrithe leachtachta — orduithe aistrithe AS |
Scoith FOP Deireadh le próiseáil socraíochta T2S Athchúrsáil agus glanadh Tuairisciú agus ráitis dheireadh lae |
Próiseáil orduithe íocaíochta meandraí agus orduithe aistrithe leachtachta chuig/ó chuntais theicniúla AS TIPS. Próseáil orduithe aistrithe leachtachta ó DCAnna TIPS go MCA/RTGS agus go DCAnna T2S. Ní dhéantar aon orduithe aistrithe leachtachta idir DCAnna TIPS agus cuntais eile a phróiseáil le linn na tréimhse seo. Go gairid i ndiaidh 18:00: Athrú ar lá gnó (tar éis an teachtaireacht camt.019 a fháil ó MCA/RTGS) Léiriú ar iarmhéideanna DCAnna TIPS agus tuairisciú deireadh lae |
18:15 (D) |
Scoith le haghaidh úsáide saoráidí seasmhacha |
|
|
|
18:40 (D) |
Scoitham le haghaidh iasachta immeallaí (BCNanna amháin) Próiseáil deiridh lae |
|
|
|
(1)
Baineann sé freisin le cuntais theicniúla RTGS AS, fo-chuntais agus cuntais chiste ráthaíochta AS.
(2)
De réir an fhéilire is infheidhme ag suíomh an BCE.
(3)
I gcás DCAnna T2S: chun críche an ionú cothabhála, measfar gur lá gnó é an 1 Bealtaine.
(4)
Tarlaíonn ionú páirtshocraíochta ag 08:00, 10:00, 12:00, 14:00 agus 15:30 (nó 30 nóiméad roimh thús am scoite DvP, cibé acu is túisce). |
Féadfar na huaireanta oibríochta a athrú sa chás go nglactar bearta leanúnachais gnó i gcomhréir le Fhoscríbhinn IV. Ar an lá deiridh de thréimhse chothabhála chúlchiste an Eurochórais, tarlóidh na hamanna scoite 18:15, 18:40, 18:45, 19:00 agus 19:30 maidir le MCAnna agus DCAnna RTGS (chomh maith le cuntais theicniúla AS RTGS agus focuntais agus cuntais chistí ráthaíochta AS) 15 nóiméad níos déanaí.
Liosta de ghiorrúcháin agus nótaí leis an tábla seo:
* Amanna athoscailte: d’fhéadfadh go n-athróidh siad de réir na staide. Soláthraíonn an tOibreoir an fhaisnéis.
(D-1) |
: |
an lá gnó roimhe sin |
(D): l |
: |
á féilire = lá gnó = dáta luacha |
CMS |
: |
Córas Bainistíochta Comhthaobhachta |
Orduithe DvP |
: |
Seachadadh in aghaidh Orduithe Íocaíochta. |
FOSCRÍBHINN VI
SCEIDEAL TÁILLÍ
1. GINEARÁLTA
1. Níl na seirbhísí seo a leanas san áireamh sna seirbhísí atá á dtairiscint ag [cuir isteach ainm BC] agus gearrfaidh na soláthraithe seirbhíse ábhartha orthu i gcomhréir lena dtéarmaí agus coinníollacha:
seirbhísí a thairgeann NSPanna;
seirbhísí T2S nach mbaineann le hairgead tirim.
2. Rannpháirtí ar mian leis a rogha scéime praghsála a athrú, cuirfidh sé é sin in iúl do [cuir isteach ainm BC] faoin bhfichiú lá féilire den mhí ionas gur féidir é a chur san áireamh don mhí ina dhiaidh sin.
2. TAILLÍ LE HAGHAIDH SEALBHÓIRÍ MCAnna
1. Ní thabhóidh MCAnna agus idirbhearta a shocrófar orthu táillí.
2. [cuir isteach más infheidhme: Táille(í) do MCAnna comhbhainistithe]
3. TÁILLÍ DO SHEALBHÓIRÍ DCAnna RTGS
1. Roghnóidh sealbhóirí RTGS DCAnna ceann amháin den dá rogha praghsála seo a leanas:
táille mhíosúil, chomh maith le táille seasta idirbhirt in aghaidh an ordaithe íocaíochta (iontráil dochair).
Táille mhíosúil |
|
EUR 150 |
Táille idirbhirt in aghaidh an ordaithe íocaíochta |
|
EUR 0,80 |
táille mhíosúil, chomh maith le táille idirbhirt bunaithe ar mhéid na n-orduithe íocaíochta (iontráil dochair) agus arna ríomh ar bhonn carnach mar atá leagtha amach sa tábla seo a leanas. I gcás rannpháirtithe i ngrúpa billeála déanfar méid míosúil na n-orduithe íocaíochta (iontráil dochair) do na rannpháirtithe uile sa ghrúpa sin a chomhiomlánú.
Táille mhíosúil |
|
EUR 1 875 |
|
Méid míosúil na n-orduithe íocaíochta |
|||
Banda |
Ó |
Go |
Táille idirbhirt in aghaidh an ordaithe íocaíochta (EUR) |
1. |
1 . |
10 000 |
0,60 |
2. |
10 001 |
25 000 |
0,50 |
3. |
25 001 |
50 000 |
0,40 |
4. |
50 001 |
75 000 |
0,20 |
5. |
75 001 |
100 000 |
0,125 |
6. |
100 001 |
150 000 |
0,08 |
7. |
Thar 150 000 |
|
0,05 |
2. Beidh orduithe aistrithe leachtachta ó DCAnna RTGS chuig fochuntais, chuig MCAanna, chuig cuntais taisce thar oíche nó chuig DCAnna RTGS atá i seilbh an rannpháirtí céanna nó rannpháirtithe laistigh den ghrúpa baincéireachta céanna saor in aisce.
3. Beidh muirear EUR 0.80 in aghaidh an idirbhirt (iontráil dochair) ar orduithe aistrithe leachtachta ó DCAnna RTGS nó chuig MCAnna nó chuig DCAnna RTGS atá i seilbh rannpháirtithe nach den ghrúpa baincéireachta céanna iad.
4. Beidh orduithe aistrithe leachtachta ó DCAnna RTGS go DCAnna T2S nó chuig DCAnna TIPS saor in aisce.
5. Ní dhéanfar orduithe aistrithe airgid ó DCA RTGS chuig cuntas AS ( 14 ) a mhuirearú ar shealbhóir RTGS DCA.
6. Beidh feidhm ag na táillí seo a leanas maidir le sealbhóirí DCA RTGS:
Seirbhís |
Táille mhíosúil (EUR) |
BIC inteagmhála (comhfhreagraithe (1)) |
20 |
BIC neamhfhoilsithe |
30 |
Rochtain il-seoltaí (bunaithe ar BIC 8) |
80 |
(1)
Tá sealbhóirí BICanna inteagmhálacha ar fáil do chineálacha éagsúla rannpháirtithe: sealbhóir BIC inteagmhála – Comhfhreagraí; sealbhóirBIC inteagmhála – Brainse na Rannpháirtithe; agus sealbhóir BIC inteagmhála – Brainse an chomhfhreagraí. Ní thabhófar an táille ach amháin ar an sealbhóir BIC inteagmhála – cineál rannpháirtíochta comhfhreagraí. Gearrfar an táille ar gach BIC11 éagsúil. |
4. TÁILLÍ MAIDIR LE AS A BHAINEANN ÚSÁID AS NÓSANNA IMEACHTA SOCRAÍOCHTA AS RTGS
Gearrtar táillí de réir an chórais choimhdigh beag beann ar líon agus ar chineál na gcuntas. Gearrfar táille in aghaidh gach córais ar Oibritheoirí AS a oibríonn níos mó ná córas amháin.
1. Roghnóidh AS a úsáideann nósanna imeachta socraíochta AS RTGS nó ar deonaíodh eisceacht dóibh lena gceadaítear dóibh socrú a dhéanamh ar DCA RTGS ceann amháin den dá rogha praghsála seo a leanas:
táille mhíosúil, chomh maith le táille seasta idirbhirt in aghaidh an ordaithe aistrithe airgid.
Táille mhíosúil |
|
EUR 300 |
Táille idirbhirt in aghaidh an ordaithe aistrithe airgid |
|
EUR 1,60 |
táille mhíosúil, chomh maith le táille idirbhirt bunaithe ar mhéid na n-orduithe aistrithe airgid agus arna ríomh ar bhonn carnach mar atá leagtha amach sa tábla seo a leanas.
Táille mhíosúil |
|
EUR 3 750 |
|
Méid míosúil na n-orduithe aistrithe airgid |
|||
Banda |
Ó |
Chuig |
Táille idirbhirt in aghaidh an ordaithe aistrithe airgid (EUR) |
1. |
1 . |
5 000 |
1,20 |
2. |
5 001 |
12 500 |
1,00 |
3. |
12 501 |
25 000 |
0,80 |
4. |
25 001 |
50 000 |
0,40 |
5. |
Thar 50 000 |
|
0,25 |
Déanfar orduithe aistrithe airgid idir DCA RTGS agus cuntas AS ( 15 )a mhuirearú ar an AS faoi seach de réir na rogha praghsála a roghnaigh an AS.
2. I dteannta leis na táillí a leagtar amach thuas, beidh gach AS faoi réir dhá tháille sheasta mar atá leagtha amach sa tábla seo a leanas.
A. Táille sheasta I |
||
Táille mhíosúil in aghaidh an AS |
EUR 2 000 |
|
B. Táille sheasta II (bunaithe ar bunuach comhlán (1)) |
||
Méid (EUR milliúin in aghaidh an lae) |
Táille bhliantúil (EUR) |
Táille mhíosúil (EUR) |
ó 0 go 999,99 |
10 000 |
833 |
ó 1 000 go 2 499,99 |
20 000 |
1 667 |
ó 2 500 go 4 999,99 |
40 000 |
3 334 |
ó 5 000 go 9 999,99 |
60 000 |
5 000 |
ó 10 000 go 49 999,99 |
80 000 |
6 666 |
ó 50 000 go 499 999,99 |
100 000 |
8 333 |
500 000 agus os a chionn |
200 000 |
16 667 |
(1)
Is ionann an “bunluach comhlán” agus méid iomlán na n-olloibleagáidí airgeadaíochta a urscaoiltear trí AS tar éis socraíochta a dhéanamh ar DCA RTGS nó ar fho-chuntas. Maidir le CPLanna, is é an bunluach comhlán luach barúlach iomlán na gconarthaí todhchaí nó luach marcála ón margadh na gconarthaí todhchaí, ag luachanna a bheidh le socrú nuair a théann conarthaí todhchaíochtaí in éag agus nuair a chuirtear coimisiún i bhfeidhm. |
5. TÁILLÍ MAIDIR LE SEALBHÓIRÍ DCA T2S
1. Gearrfar na táillí seo a leanas as DCAnna T2S a oibriú:
Ítim |
Riail i bhfeidhm |
Táille in aghaidh an ítime (EUR) |
Orduithe aistrithe leachtachta idir DCAnna T2S |
In aghaidh an aistrithe don DCA T2S curtha do dhochar. |
0,141 |
Gluaiseachtaí laistigh den iarmhéid |
Aon ghluaiseacht laistigh den iarmhéid a dhéantar go rathúil (i.e. blocáil, díbhlocáil, cúl-leachtacht, etc.). |
0,094 |
Iarratais A2A |
In aghaidh na hítime gnó laistigh de gach iarratas A2A a ghintear |
0,007 |
Tuarascálacha A2A |
In agahidh na hítime gnó laistigh de gach tuarascáil A2A a ghintear lena n-áirítear tuarascálacha A2A mar thoradh ar iarratais U2A. |
0,004 |
Teachtaireachtaí cuachta i gcomhad |
In aghaidh na teachtaireachta i ngach comhad ina bhfuil teachtaireachtaí cuachta |
0,004 |
Tarchur |
Déanfar gach tarchur in aghaidh páirtí T2S (idir isteach agus amach) a chomhaireamh agus muirear a ghearradh as (seachas teachtaireachtaí admhála teicniúla). |
0,012 |
Iarratais U2A |
Feidhm chuardaigh iarratais ar bith a rinneadh |
0,100 |
Táille in aghaidh gach DCA T2S |
Aon DCA T2S atá ann ag am ar bith le linn na tréimhse billeála míosúla Saor in aisce faoi láthair, le hathbhreithniú go tráthrialta. |
0,000 |
Uathsholáthar urrúis chomhthaobhaigh |
Uathsholáthar urrúis chomhthaobhaigh a eisiúint nó a thabhairt ar ais |
0,000 |
2. Beidh orduithe aistrithe leachtachta ó DCA T2S chuig DCA RTGS, DCA TIPS nó MCA saor in aisce.
6. TÁILLÍ DO SHEALBHÓIRÍ DCA TIPS
1. Go dtí an 31 Nollaig 2023, beidh feidhm ag na táillí seo a leanas:
Déanfar táillí le haghaidh oibriú DCAnna TIPS a mhuirearú ar an bpáirtí a luaitear mar a thaispeántar sa tábla seo a leanas:
Ítim |
Riail i bhfeidhm |
Táille in aghaidh na hítime (EUR) |
Ordú íocaíochta meandraí socraithe |
Páirtí a bheidh le muirearú: úinéir an DCA TIPS le cur do dhochar |
0,002 |
Ordú íocaíochta meandraí neamhshocraithe |
An páirtí a bheidh le muirearú: úinéir an DCA TIPS le cur do dhochar |
0,002 |
Freagra dearfach aisghairme socraithe |
An páirtí a bheidh le muirearú: úinéir an DCA TIPS le cur chun sochair |
0,002 |
Freagra dearfach aisghairme neamhshocraithe |
An páirtí a bheidh le muirearú: úinéir an DCA TIPS le cur chun sochair |
0,002 |
Orduithe aistrithe leachtachta ó DCAnna TIPS chuig: MCAnna; DCAnna RTGS; fochuntais; cuntais taisce thar oíche; cuntais theicniúla TIPS AS; agus beidh DCAnna T2S saor in aisce.
2. Le héifeacht ón 1 Eanáir 2024, gearrfar táillí ar fheidhmiú DCAnna TIPS mar seo a leanas:
I gcás gach TIPS DCA, gearrfar táille sheasta mhíosúil EUR 800 ar shealbhóir DCA TIPS;
I gcás gach páirtí ar féidir teacht air arna ainmniú ag sealbhóir DCA TIPS, suas le 50 páirtí ar féidir rochtain a fháil orthu, gearrfar táille sheasta mhíosúil EUR 20 ar shealbhóir DCA TIPS. Ní ghearrfar aon táille ar an gcéad pháirtí is caoga ná ar aon pháirtí insroichte ina dhiaidh sin;
As gach ordú um íocaíocht meandrach nó freagra aisghlaoch deimhneach a nglacann [cuir isteach ainm CB] mar a leagtar amach i gCuid I, Airteagal 17, gearrfar táille EUR 0,001 ar shealbhóir TIPS DCA atá le cur chun dochair agus ar shealbhóir an chuntais theicniúil TIPS DCA nó TIPS AS atá le cur chun sochair, cibé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar an t-ordú um íocaíocht ar an toirt nó an freagra dearfach aisghlaoch a shocrú;
Ní ghearrfar aon táille as orduithe aistrithe leachtachta ó DCAnna TIPS chuig MCAnna, RTGS, fochuntais, cuntais taisce thar oíche, cuntais theicniúla TIPS AS ná DCAanna T2S.
7. TÁILLÍ MAIDIR LE hÚSÁID A BHAINEANN AS NÓS IMEACHTA SCORAÍOCHTA TIPS AS
1. Go dtí an 31 Nollaig 2023, beidh feidhm ag na táillí seo a leanas:
Déanfar táillí as úsáid a bhaint as nós imeachta socraíochta TIPS AS ag AS a mhuirearú ar an bpáirtí a luaitear mar a thaispeántar sa tábla seo a leanas:
Ítim |
Riail i bhfeidhm |
Táille in aghaidh na hítime (EUR) |
Ordú íocaíochta meandraí socraithe |
An páirtí a bheidh le muirearú: úinéir an cuntais theicniúil TIPS AS le cur do dhochar |
0,002 |
Ordú íocaíochta meandraí neamhshocraithe |
An páirtí a bheidh le muirearú: úinéir an cuntais theicniúil TIPS AS le cur do dhochar |
0,002 |
Freagra dearfach aisghairme socraithe |
An páirtí a bheidh le muirearú: úinéir an cuntais theicniúil TIPS AS le cur chun sochair |
0,002 |
Freagra dearfach aisghairme neamhshocraithe |
An páirtí a bheidh le muirearú: úinéir an cuntais theicniúil TIPS AS le cur chun sochair |
0,002 |
Beidh ordu ithe aistrithe leachtachta ó chuntais theicniúla TIPS AS go TIPS DCAnna saor in aisce;
I dteannta na dtáillí atá leagtha amach thuas, beidh gach AS faoi réir táille mhíosúil bunaithe ar ollmhéid bhunúsach na n-íocaíochtaí meandracha, gar d’íocaíochtaí meandracha agus na bhfreagraí dearfacha aisghairme arna socrú in ardán an AS féin agus arna chumasú ag na suíomhanna réamh-mhaoinithe ar chuntas theicniúil TIPS AS. EUR 0,0005 a bheidh sa táille in aghaidh na híocaíochta meandraí socraithe nó in aghaidh an fhreagra dhearfaigh socraithe I gcás gach míosa, tuairisceoidh gach AS ar ollmhéid bhunúsach a íocaíochtaí meandracha socraithe, gar d’íocaíochtaí meandracha agus a fhreagraí dearfacha aisghairme socraithe arna slánú síos go dtí an deich míle is gaire, faoin tríú lá gnó den mhí dár gcionn ar a dhéanaí. Cuirfear an ollmhéid bhunúsach thuairiscithe i bhfeidhm faoin ag [cuir isteach ainm BC] chun an táille don mhí dár gcionn a ríomh.
2. Le héifeacht ón 1 Eanáir 2024, gearrfar táillí as nós imeachta TIPS AS a úsáid mar a leanas:
I gcás gach cuntais theicniúil TIPS AS, gearrfar táille sheasta mhíosúil EUR 3 000 ar shealbhóir TIPS AS;
I gcás gach páirtí ar féidir teacht air arna ainmniú ag sealbhóir cuntais theicniúil TIPS AS, suas le 50 páirtí ar féidir rochtain a fháil orthu, gearrfar táille sheasta mhíosúil EUR 20 ar shealbhóir cuntais theicniúil TIPS AS. Ní ghearrfar aon táille ar an gcéad pháirtí is caoga ná ar aon pháirtí insroichte ina dhiaidh sin;
As gach ordú um íocaíocht meandrach nó freagra aisghlaoch deimhneach a nglacann [cuir isteach ainm CB] mar a leagtar amach i gCuid I, Airteagal 17, gearrfar táille EUR 0,001 ar shealbhóir cuntais theicniúil TIPS AS atá le cur chun dochair agus ar shealbhóir cuntais teicniúil TIPS AS nó DCA TIPS atá le cur chun sochair, cibé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar an t-ordú um íocaíocht ar an toirt nó an freagra dearfach aisghlaoch a shocrú;
Ní ghearrfar aon táille ar orduithe aistrithe leachtachta ó chuntais theicniúla TIPS AS chuig DCAnna TIPS;
I dteannta na dtáillí atá leagtha amach thuas, beidh gach AS faoi réir táille mhíosúil bunaithe ar ollmhéid bhunúsach na n-íocaíochtaí meandracha, gar d’íocaíochtaí meandracha agus na bhfreagraí dearfacha aisghairme arna socrú in ardán an AS féin agus arna chumasú ag na suíomhanna réamh-mhaoinithe ar chuntas theicniúil TIPS AS. I gcás gach míosa, tuairisceoidh gach AS ar ollmhéid bhunúsach a íocaíochtaí meandracha socraithe, gar d’íocaíochtaí meandracha agus a fhreagraí dearfacha aisghairme socraithe arna slánú síos go dtí an deich míle is gaire, faoin tríú lá gnó den mhí dár gcionn ar a dhéanaí. Cuirfear an t-ollmhéid foluiteach tuairiscithe i bhfeidhm faoin [cuir isteach ainm CB] chun an táille aonaid in aghaidh na híocaíochta meandraí socraithe, gar d’íocaíochtaí meandraí nó an fhreagra aisghlaoch dhearfaigh socraithe don mhí roimhe sin a ríomh de réir an tábla seo a leanas:
Ollmhéid foluiteach tuairiscithe |
|
|
Ó |
Chuig |
Táille an Aonaid (EUR) |
0 |
10 000 000 |
0,00040 |
10 000 001 |
25 000 000 |
0,00030 |
25 000 001 |
100 000 000 |
0,00020 |
100 000 001 |
|
0,00015 ... |
FOSCRÍBHINN VII
CEANGLAIS MAIDIR LE BAINISTIÚ SLÁNDÁLA FAISNÉISE AGUS BAINISTÍÚ LEANÚNACHAIS GNÓ
SEALBHÓIRÍ MCA, SEALBHÓIRÍ DCA T2S AGUS SEALBHÓIRÍ DCA TIPS
Ní bheidh feidhm ag aon cheanglais maidir le bainistiú slándála faisnéise nó bainistiú leanúnachais gnó maidir le sealbhóirí MCA, sealbhóirí T2S DCA agus sealbhóirí TIPS DCA.
Sealbhóirí DCA RTGS AGUS AS
Beidh feidhm ag na ceanglais atá leagtha amach i roinn 1 den Fhoscríbhinn VII seo (bainistíocht slándála faisnéise) maidir le gach sealbhóir RTGS DCA agus AS, ach amháin i gcás ina léiríonn sealbhóir RTGS DCA nó AS nach bhfuil ceanglas sonrach infheidhme maidir leis. Agus raon feidhme chur i bhfeidhm na gceanglas laistigh dá bhonneagar á bhunú, ba cheart don rannpháirtí na heilimintí atá mar chuid den Slabhra Idirbhearta Íocaíochta (PTC) a shainaithint. Go sonrach, tosaíonn an PTC ag Pointe Iontrála (PoE), i.e. córas a bhaineann le hidirbhearta a chruthú (m.sh. stáisiúin oibre, feidhmchláir oifige tosaigh agus cúloifige, meánearraí), agus críochnaíonn sé ag an gcóras atá freagrach as an teachtaireacht a sheoladh chuig an NSP.
Beidh feidhm ag na ceanglais atá leagtha amach i roinn 2 den Fhoscríbhinn VII seo (bainistíocht leanúnachais gnó) maidir le sealbhóirí RTGS DCA agus AS a ainmnítear ag an Eurochóras mar cheanglais ríthábhachtach d’fheidhmiú rianúil chóras TARGET ar bhonn critéar a nuashonraítear go tréimhsiúil agus a fhoilseofar ar shuíomh gréasáin an BCE.
1. Bainistiú slándála faisnéise
Ceanglas 1.1: Beartas slándála faisnéise
Socróidh an bhainistíocht treoir beartais shoiléir i gcomhréir le cuspóirí gnó agus léireoidh siad tacaíocht agus tiomantas don tslándáil faisnéise trí bheartas slándála faisnéise a eisiúint, a fhormheas agus a chothabháil arb é is aidhm dó slándáil faisnéise agus cibear-athléimneacht a bhainistiú ar fud na heagraíochta i dtéarmaí sainaitheantais, measúnú agus láimhseáil rioscaí slándála faisnéise agus cibear-athléimneachta. Ba cheart go mbeadh na ranna seo a leanas ar a laghad sa bheartas: cuspóirí, raon feidhme (lena n-áirítear réimsí amhail eagrú, acmhainní daonna, bainistíocht sócmhainní etc.), prionsabail agus leithdháileadh freagrachtaí.
Ceanglas 1.2: Eagraíocht inmheánach
Bunófar creat slándála faisnéise chun an beartas slándála faisnéise a chur chun feidhme laistigh den eagraíocht. Déanfaidh an bhainistíocht bunú an chreata slándála faisnéise a chomhordú agus a athbhreithniú chun cur chun feidhme an bheartais um shlándáil faisnéise a áirithiú (de réir Ceanglas 1.1) ar fud na heagraíochta, lena n-áirítear leithdháileadh acmhainní leordhóthanacha agus sannadh freagrachtaí slándála chun na críche seo.
Ceanglas 1.3: Páirtithe seachtracha
Níor cheart slándáil shaoráidí próiseála faisnéise agus faisnéise na heagraíochta a laghdú trí thabhairt isteach agus/nó spleáchas ar pháirtí/páirtithe seachtracha nó ar tháirgí/seirbhísí a sholáthraíonn siad. Déanfar aon rochtain ar shaoráidí próiseála faisnéise na heagraíochta ag páirtithe seachtracha a rialú. Nuair a cheanglaítear ar pháirtithe seachtracha nó ar tháirgí/seirbhísí páirtithe seachtracha rochtain a fháil ar shaoráidí próiseála faisnéise na heagraíochta, déanfar measúnú riosca chun na himpleachtaí slándála agus na ceanglais rialaithe a chinneadh. Déanfar rialuithe a chomhaontú agus a shainiú i gcomhaontú le gach páirtí seachtrach ábhartha.
Ceanglas 1.4: Bainistíocht sócmhainní
Déanfar cuntas ar na sócmhainní faisnéise uile, na próisis ghnó agus na córais faisnéise bhunúsacha, amhail córais oibriúcháin, bonneagair, feidhmchláir ghnó, táirgí atá le ceannach i siopa, seirbhísí agus feidhmchláir arna bhforbairt ag úsáideoirí, atá faoi raon feidhme an tSlabhra Idirbhearta Íocaíochta agus úinéir ainmnithe a bheith acu. Sannfar an fhreagracht as rialuithe iomchuí sna próisis ghnó agus sna comhpháirteanna TF gaolmhara a chothabháil agus a oibriú chun na sócmhainní faisnéise a chosaint. Nóta: is féidir leis an úinéir cur chun feidhme rialuithe sonracha a tharmligean de réir mar is cuí, ach fanfaidh sé de bheith freagrach as cosaint chuí na sócmhainní.
Ceanglas 1.5: Aicmiú sócmhainní faisnéise
Aicmeofar sócmhainní faisnéise de réir a gcriticiúlacht do sholáthar rianúil na seirbhíse ag an rannpháirtí. Léireoidh an t-aicmiú an gá, na tosaíochtaí agus an méid cosanta is gá agus an tsócmhainn faisnéise á láimhseáil sna próisis ghnó ábhartha agus cuirfear san áireamh freisin na comhpháirteanna TF bunúsacha. Úsáidfear scéim um aicmiú sócmhainní faisnéise arna formheas ag an mbainistíocht chun sraith iomchuí rialuithe cosanta a shainiú ar feadh shaolré na sócmhainní faisnéise (lena n-áirítear baint agus scriosadh sócmhainní faisnéise) agus chun an gá atá le bearta sonracha láimhseála a chur in iúl.
Ceanglas 1.6: Slándáil acmhainní daonna
Tabharfar aghaidh ar fhreagrachtaí slándála roimh fhostaíocht i dtuairiscí leordhóthanacha ar phoist agus i dtéarmaí agus coinníollacha fostaíochta. Déanfar scagadh imleor ar gach iarrthóir ar fhostaíocht, ar chonraitheoir agus ar úsáideoirí tríú páirtí, go háirithe maidir le poist íogaire. Síneoidh fostaithe, conraitheoirí agus úsáideoirí tríú páirtí na saoráidí próiseála faisnéise comhaontú maidir lena róil agus a bhfreagrachtaí slándála. Áiritheofar leibhéal leordhóthanach feasachta i measc na bhfostaithe, na gconraitheoirí agus na n-úsáideoirí tríú páirtí go léir, agus cuirfear oideachas agus oiliúint ar nósanna imeachta slándála agus úsáid cheart áiseanna próiseála faisnéise ar fáil dóibh chun rioscaí slándála féideartha a íoslaghdú. Bunófar próiseas foirmiúil araíonachta le haghaidh fostaithe chun déileáil le sáruithe slándála. Beidh freagrachtaí i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar imeacht an fhostaí, an chonraitheora nó an úsáideora tríú páirtí ón eagraíocht nó a n-aistriú laistigh den eagraíocht a bhainistiú, agus go dtabharfar an trealamh ar fad ar ais agus go gcuirfear deireadh le gach ceart rochtana.
Ceanglas 1.7: Slándáil fhisiceach agus chomhshaoil
Déanfar saoráidí próiseála faisnéise criticiúla nó íogair a lonnú i limistéir shlána, arna gcosaint ag paraiméadair slándála sainithe, le bacainní slándála agus rialuithe iontrála iomchuí. Beidh siad cosanta go fisiciúil ó rochtain neamhúdaraithe, damáiste agus cur isteach. Ní dheonófar rochtain ach do dhaoine aonair a thagann faoi raon feidhme Cheanglas 1.6. Bunófar nósanna imeachta agus caighdeáin chun meáin fhisiceacha ina bhfuil sócmhainní faisnéise a chosaint agus iad ar idirthuras.
Déanfar trealamh a chosaint ar bhagairtí fisiceacha agus comhshaoil. Tá gá le trealamh a chosaint (lena n-áirítear trealamh a úsáidtear lasmuigh den láthair) agus le cosaint ar bhaint réadmhaoine chun an riosca a bhaineann le rochtain neamhúdaraithe ar fhaisnéis a laghdú agus chun cosaint a thabhairt in aghaidh caillteanas nó damáiste trealaimh nó faisnéise. D’fhéadfadh go mbeadh gá le bearta speisialta chun cosaint a thabhairt ar bhagairtí fisiceacha agus chun saoráidí tacaíochta a chosaint ar nós an tsoláthair leictreachais agus an bhonneagair cáblaithe.
Ceanglas 1.8: Bainistíocht oibríochtaí
Bunófar freagrachtaí agus nósanna imeachta maidir le bainistiú agus oibriú na n-áiseanna próiseála faisnéise a chumhdóidh na córais bhunúsacha uile sa Slabhra Idirbhearta Íocaíochta ó cheann-go-ceann.
Maidir le nósanna imeachta oibriúcháin, lena n-áirítear riarachán teicniúil na gcóras TF, cuirfear chun feidhme leithscaradh dualgas, i gcás inarb iomchuí, chun an riosca go ndéanfaí mí-úsáid fhaillíoch nó d’aon ghnó córais a laghdú. I gcás nach féidir leithscaradh dualgas a chur chun feidhme ar chúiseanna oibiachtúla doiciméadaithe, cuirfear rialuithe cúitimh chun feidhme tar éis anailís riosca fhoirmiúil. Bunófar rialuithe chun tabhairt isteach cód mailíseach do chórais sa Slabhra Idirbhearta Íocaíochta a chosc agus a bhrath. Bunófar rialuithe freisin (lena n-áirítear feasacht úsáideoirí) chun cód mailíseach a chosc, a bhrath agus a bhaint. Ní úsáidfear cód móibíleach ach ó fhoinsí iontaofa (m.sh. comhpháirteanna Microsoft COM sínithe agus Feidhmchláiríní Java). Déanfar cumraíocht an bhrabhsálaí (m.sh. úsáid síntí agus breiseán) a rialú go docht.
Déanfaidh an bhainistíocht beartais um chúltaca sonraí agus aisghabhála sonraí a chur chun feidhme; áireofar leis na beartais aisghabhála sin plean den phróiseas athshlánaithe a thástáiltear go tráthrialta uair sa bhliain ar a laghad.
Déanfar faireachán ar chórais atá criticiúil do shlándáil íocaíochtaí agus déanfar imeachtaí a bhaineann le slándáil faisnéise a thaifeadadh. Úsáidfear logaí oibreoirí chun a áirithiú go sainaithneofar fadhbanna córais faisnéise. Déanfar logaí oibreoirí a athbhreithniú go tráthrialta ar bhonn samplach, bunaithe ar chriticiúlacht na n-oibríochtaí. Úsáidfear faireachán córais chun éifeachtacht na rialuithe a shainaithnítear mar rialuithe criticiúla do shlándáil íocaíochtaí a sheiceáil agus chun comhréireacht le samhail beartais rochtana a fhíorú.
Bunófar malartuithe faisnéise idir eagraíochtaí ar bheartas malartaithe foirmiúil, a dhéanfar i gcomhréir le comhaontuithe malairte idir na páirtithe lena mbaineann agus comhlíonfaidh siad aon reachtaíocht ábhartha. Ní mór comhpháirteanna bogearraí tríú páirtí a úsáidtear i malartú faisnéise le TARGET (m.sh. bogearraí a fhaightear ó Bhiúró Seirbhíse) a úsáid faoi chomhaontú foirmiúil leis an tríú páirtí.
Ceanglas 1.9: Rialú rochtana
Beidh údar maith le rochtain ar shócmhainní faisnéise ar bhonn ceanglas gnó (riachtanas eolais ( 16 )) agus de réir chreat bunaithe na mbeartas corparáideach (lena n-áirítear an beartas slándála faisnéise). Déanfar rialacha soiléire um rialú rochtana a shainiú a mbeidh bunaithe ar phrionsabal an údaráis is lú ( 17 ) chun riachtanais na bpróiseas gnó agus TF comhfhreagrach a léiriú go dlúth. I gcás inar iomchuí, (e.g. le haghaidh bainistíochta cúltaca) ba cheart go mbeadh rialú rochtana loighciúil comhsheasmhach le rialú rochtana fisiceach ach amháin má tá rialuithe cúiteacha leordhóthanacha i bhfeidhm (m.sh. criptiú, anaithnidiú sonraí pearsanta).
Beidh nósanna imeachta foirmiúla agus doiciméadaithe i bhfeidhm chun leithdháileadh na gceart rochtana ar chórais faisnéise agus ar sheirbhísí a thagann faoi raon feidhme an tSlabhra Idirbhearta Íocaíochta a rialú. Cumhdóidh na nósanna imeachta gach céim de shaolré rochtana na n-úsáideoirí, ó thúschlárú úsáideoirí nua go dtí díchlárú deiridh na n-úsáideoirí nach dteastaíonn rochtain uathu a thuilleadh.
Tabharfar aird ar leith, i gcás inarb iomchuí, ar chearta rochtana a leithdháileadh a bhfuil an méid sin criticiúlachta ag baint leo go bhféadfadh drochthionchar mór a bheith mar thoradh ar mhí-úsáid na gceart rochtana sin ar oibríochtaí an rannpháirtí (e.g. cearta rochtana lena gceadaítear riarachán córais, rialuithe córais a shárú, rochtain dhíreach ar shonraí gnó).
Cuirfear rialuithe iomchuí i bhfeidhm chun úsáideoirí a shainaithint, a fhíordheimhniú agus a údarú ag pointí sonracha i líonra na heagraíochta, e.g. le haghaidh rochtana áitiúla agus cianrochtana ar chórais sa Slabhra Idirbhearta Íocaíochta. Ní roinnfear cuntais phearsanta chun cuntasacht a áirithiú.
Maidir le pasfhocail, déanfar rialacha a bhunú agus a fhorghníomhú le rialuithe sonracha chun a áirithiú nach féidir pasfhocail a thomhas go héasca, e.g. rialacha castachta agus bailíocht ama teoranta. Bunófar prótacal sábháilte um aisghabháil pasfhocail agus/nó athshocrú.
Déanfar beartas a fhorbairt agus a chur chun feidhme maidir le húsáid rialuithe cripteagrafacha chun rúndacht, barántúlacht agus sláine na faisnéise a chosaint. Bunófar beartas um bhainistiú eochracha chun tacú le húsáid rialuithe cripteagrafacha.
Beidh beartas ann chun faisnéis rúnda a fheiceáil ar scáileán nó i gcló (m.sh. scáileán soiléir, polasaí deisce glaine) chun an riosca a bhaineann le rochtain neamhúdaraithe a laghdú.
Le linn oibriú go cianda, cuirfear san áireamh na rioscaí a bhaineann le hobair i dtimpeallacht nach bhfuil cosanta agus cuirfear rialuithe teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí i bhfeidhm.
Ceanglas 1.10: Fáil, forbairt agus cothabháil córais faisnéise
Déanfar ceanglais slándála a shainaithint agus a chomhaontú sula ndéanfar córais faisnéise a fhorbairt agus/nó a chur chun feidhme.
Déanfar rialuithe iomchuí a fhí isteach i bhfeidhmchláir, lena n-áirítear feidhmchláir arna bhforbairt ag úsáideoirí, chun próiseáil cheart a áirithiú. Áireofar leis na rialuithe sin bailíochtú sonraí ionchuir, próiseáil inmheánach agus sonraí aschuir. D’fhéadfadh go mbeadh gá le rialuithe breise do chórais a phróiseálann, nó a mbíonn tionchar acu ar fhaisnéis íogair, luachmhar nó chriticiúil. Cinnfear rialuithe den sórt sin ar bhonn ceanglas slándála agus measúnú riosca de réir na mbeartas bunaithe (e.g. beartas slándála faisnéise, beartas rialaithe cripteagrafach).
Déanfar ceanglais oibríochtúla córas nua a bhunú, a dhoiciméadú agus a thástáil sula nglacfar leo agus sula n-úsáidfear iad. Maidir le slándáil gréasáin, ba cheart rialuithe iomchuí, lena n-áirítear deighilt agus bainistiú slán, a chur chun feidhme bunaithe ar chriticiúlacht sreafaí sonraí agus ar leibhéal riosca na gcriosanna líonra san eagraíocht. Beidh rialuithe sonracha ann chun faisnéis íogair a théann thar líonraí poiblí a chosaint.
Déanfar rochtain ar chomhaid chórais agus ar chód foinse an chláir a rialú agus déanfar tionscadail TF agus gníomhaíochtaí tacaíochta a sheoladh ar bhealach slán. Tabharfar aire chun nochtadh sonraí íogaire i dtimpeallachtaí tástála a sheachaint. Déanfar timpeallachtaí tionscadail agus tacaíochta a rialú go docht. Déanfar úsáid athruithe ar tháirgeadh a rialú go docht. Déanfar measúnú riosca ar na mórathruithe a bheidh le déanamh sa táirgeadh.
Déanfar gníomhaíochtaí rialta tástála um shlándáil na gcóras táirgthe freisin de réir plean réamhshainithe a bheidh bunaithe ar thoradh measúnaithe riosca, agus áireofar sa tástáil slándála, ar a laghad, measúnuithe leochaileachta. Déanfar na heasnaimh go léir a léireofar le linn na ngníomhaíochtaí tástála slándála a mheasúnú agus ullmhófar pleananna gníomhaíochta chun aon bhearna shainaitheanta a dhúnadh agus déanfar bearta leantacha orthu go tráthúil.
Ceanglas 1.11: Slándáil faisnéise i gcaidrimh soláthraithe ( 18 )
Chun a áirithiú go gcosnófar córais faisnéise inmheánacha an rannpháirtí a bhfuil rochtain ag soláthraithe orthu, déanfar ceanglais slándála faisnéise a dhoiciméadú agus a chomhaontú go foirmiúil leis an soláthraí chun na rioscaí a bhaineann le rochtain an tsoláthraí a mhaolú.
Ceanglas 1.12: Bainistíocht ar theagmhais slándála faisnéise agus feabhsuithe
Chun cur chuige comhsheasmhach agus éifeachtach a áirithiú maidir le teagmhais slándála faisnéise a bhainistiú, lena n-áirítear cumarsáid maidir le teagmhais slándála agus laigí slándála, bunófar róil, freagrachtaí agus nósanna imeachta, ar an leibhéal gnó agus teicniúil, agus déanfar iad a thástáil chun a áirithiú go ndéanfar aisghabháil tapa, éifeachtach, ordúil agus sábháilte ó theagmhais slándála faisnéise lena n-áirítear cásanna a bhaineann le cúis chibear-ghaolmhar (e.g. calaois arna saothrú ag ionsaitheoir seachtrach nó trí chos istigh). c
Ceanglas 1.13: Athbhreithniú ar chomhlíonadh teicniúil
Déanfar córais faisnéise inmheánacha rannpháirtí (e.g. córais chúloifige, líonraí inmheánacha agus nascacht gréasáin sheachtrach) a mheasúnú go rialta chun go gcomhlíontar creat beartas seanbhunaithe na heagraíochta (e.g. beartas slándála faisnéise, beartas rialaithe cripteagrafach).
Ceanglas 1.14: Fíorúlú
Comhlíonfaidh aoi-innill fíorúla na rialuithe slándála go léir a shocraítear do chrua-earraí agus córais fhisiceacha (m.sh. cruaite, logáil). Ní mór na nithe seo a leanas a áireamh sna rialuithe a bhaineann le hipearscáthláin: cruachan an hipearscáthláin agus an chórais oibriúcháin óstaigh, paisteáil rialta, deighilt dhian ar thimpeallachtaí éagsúla (m.sh. táirgeadh agus forbairt). Déanfar bainistiú láraithe, logáil agus faireachán mar aon le bainistiú ar chearta rochtana, go háirithe maidir le cuntais ardphribhléideacha, a chur chun feidhme ar bhonn measúnú riosca. Beidh próifíl riosca comhchosúil ag aoi-innill arna mbainistiú ag an hipearscáthlán céanna.
Ceanglas 1.15: Néalríomhaireacht
Ní mór úsáid réiteach poiblí agus/nó néil hibrideacha sa Slabhra Idirbhearta Íocaíochta a bheith bunaithe ar mheasúnú riosca foirmiúil, agus na rialuithe teicniúla agus na clásail chonarthacha a bhaineann leis an néalréiteach a chur san áireamh.
Má úsáidtear réitigh néil hibrideacha, tuigtear gurb é leibhéal criticiúlachta an chórais iomláin an ceann is airde de na córais nasctha. Ní mór gach comhpháirt de na réitigh hibrideacha san áitreabh a scaradh ó na córais eile san áitreabh.
2. Bainistíocht leanúnachais gnó
Baineann na ceanglais seo a leanas le bainistíocht leanúnachais gnó. Beidh straitéis leanúnachais gnó i bhfeidhm ag gach rannpháirtí TARGET arna ainmniú ag an Eurochóras mar rannpháirtí ríthábhachtach maidir le feidhmiú rianúil chóras TARGET a chomhlíonfaidh na ceanglais seo a leanas.
Ceanglas 2.1:
Forbrófar pleananna leanúnachais gnó agus beidh nósanna imeachta i bhfeidhm chun iad a chothabháil.
Ceanglas 2.2:
Beidh láithreán oibriúcháin eile ar fáil.
Ceanglas 2.3:
Beidh próifíl riosca an láithreáin mhalartaigh difriúil ó phróifíl riosca an láithreáin phríomha, chun nach ndéanfaidh an teagmhas céanna difear don dá shuíomh ag an am céanna. Mar shampla, beidh an láithreán malartach ar eangach fuinnimh agus ar chiorcad lárnach teileachumarsáide atá difriúil ó na cinn atá sa phríomhshuíomh gnó.
Ceanglas 2.4:
I gcás suaitheadh oibriúcháin mhór a fhágann nach mbeidh rochtain ar an bpríomhláithreán agus/nó nach mbeidh an fhoireann chriticiúil ar fáil, beidh an rannpháirtí criticiúil in ann gnáthoibríochtaí a atosú ón suíomh malartach, áit a mbeifear in ann an lá gnó a dhúnadh i gceart agus oscailt an lá/na laethanta dar gcionn.
Ceanglas 2.5:
Beidh nósanna imeachta i bhfeidhm chun a áirithiú go dtosófar ar phróiseáil na n-idirbheart ón suíomh malartach laistigh de thréimhse ama réasúnach tar éis suaitheadh tosaigh na seirbhíse agus atá i gcomhréir le criticiúlacht an ghnó ar cuireadh isteach air.
Ceanglas 2.6:
Déanfar tástáil ar an gcumas chun déileáil le suaitheadh oibriúcháin uair amháin sa bhliain ar a laghad agus cuirfear oiliúint chuí ar an bhfoireann chriticiúil. Ní rachaidh an uastréimhse idir tástálacha thar aon bhliain amháin.
IARSCRÍBHINN II
SOCRUITHE RIALACHAIS TARGET
Leibhéal 1 — Comhairle Rialaithe |
Leibhéal 2 — Comhlacht bainistíochta teicniúil agus oibríochtúil |
Leibhéal 3 — BCNanna Leibhéal 3 |
1. Forálacha ginearálta |
|
|
Inniúlacht deiridh i ndáil le gach saincheist TARGET, go háirithe na rialacha maidir le cinnteoireacht i TARGET, agus freagrach as feidhm phoiblí TARGET a chosaint. |
Tascanna teicniúla, feidhmiúla oibríochtúla agus bainistíochta airgeadais a dhéanamh i ndáil le TARGET agus na rialacha maidir le rialachas arna gcinneadh ag Leibhéal 1 a chur chun feidhme. |
Cinntí a dhéanamh maidir le reáchtáil laethúil TARGET a bheidh bunaithe ar na leibhéil seirbhíse a shainítear sa chomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 7(6) den Treoirlíne seo |
2. Beartas praghsála |
|
|
— Cinneadh a dhéanamh ar struchtúr praghsála/beartas praghsála — Cinneadh a dhéanamh ar na imchlúdaigh praghsála |
— Athbhreithniú rialta ar struchtúr praghsála/beartas praghsála — Clúdaigh praghsála a dhréachtú agus faireachán a dhéanamh orthu |
(Neamhbhainteach) |
3. Maoiniú |
|
|
— Cinneadh a dhéanamh ar rialacha maidir le córas airgeadais TARGET — Cinneadh a dhéanamh ar na clúdaigh airgeadais |
— Tograí a dhréachtú le haghaidh phríomhghnéithe an chórais airgeadais mar a chinntear ag Leibhéal 1. — Dréachtú agus faireachán ar imchlúdaigh airgeadais — Faomhadh agus/nó tús a chur le tráthchodanna arna n-íoc ag BCanna an Eurochórais go Leibhéal 3 chun seirbhísí a sholáthar — Faomhadh agus/nó tús a chur le haisíocaíocht táillí le BCanna an Eurochórais |
Figiúirí costais a sholáthar go Leibhéal 2 don soláthar seirbhíse |
4. Leibhéal seirbhíse |
|
|
Cinneadh a dhéanamh ar an leibhéal seirbhíse |
Ag fíorú gur seachadadh an tseirbhís de réir an leibhéil Seirbhíse comhaontaithe |
An tseirbhís a sheachadadh de réir an leibhéil Seirbhíse comhaontaithe |
5. Oibríocht |
|
|
|
— Cinneadh a dhéanamh ar na rialacha is infheidhme maidir le teagmhais agus cásanna géarchéime — Monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí gnó |
TARGET a bhainistiú ar bhonn na gcomhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 7(6) den Treoirlíne seo |
6. Bainistíocht athraithe agus scaoilte |
|
|
Cinneadh a dhéanamh i gcás formhéadaithe |
— Na hiarratais ar Athrú a cheadú — An scóip scaoilte a cheadú — An plean scaoilte agus a fhorghníomhú a cheadú |
Na hIarratais ar Athrú a Mheasúnú Na hIarratais ar Athraithe a Chur i bhFeidhm i gcomhréir leis an bplean comhaontaithe |
7. Bainistíocht riosca |
|
|
— Creat Bainistíochta Riosca TARGET agus lamháltas riosca le haghaidh TARGET a fhormheas chomh maith le glacadh leis na rioscaí atá fágtha — freagracht deiridh a ghlacadh as gníomhaíochtaí na chéad líne agus an dara líne cosanta — an struchtúr eagraíochtúil a bhunú do róil agus freagrachtaí a bhaineann le riosca agus rialú |
— An bhainistíocht riosca a dhéanamh de réir na ról a shainítear sna creataí bainistíochta riosca is infheidhme — Anailís riosca agus bearta leantacha a dhéanamh de réir na húinéireachta riosca leithdháilte — ag cinntiú go ndéantar gach socrú bainistíochta riosca a chothabháil agus a choinneáil cothrom le dáta — an plean leanúnachais gnó a fhaomhadh agus a athbhreithniú mar atá leagtha amach sna doiciméid oibriúcháin ábhartha |
— An bainistiú riosca a dhéanamh de réir na rólanna a shainítear sna creataí bainistithe riosca is infheidhme agus a bhaineann le gníomhaíochtaí Leibhéal 3 — Anailís riosca agus bearta leantacha a dhéanamh de réir na húinéireachta riosca leithdháilte — An fhaisnéis is gá a sholáthar le haghaidh anailís riosca de réir iarrataí Leibhéal 1/Leibhéal 2 agus de réir na gcreataí bainistithe riosca atá i bhfeidhm |
8. Rialacha an chórais |
|
|
— Creat dlíthiúil an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais maidir le TARGET a bhunú agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go leordhóthanach é, lena n-áirítear na Coinníollacha Comhchuibhithe maidir le rannpháirtíocht in TARGET |
(Neamhbhainteach) |
(Neamhbhainteach). |
IARSCRÍBHINN III
SAINMHÍNITHE
ciallaíonn “grúpa faireacháin cuntas“ grúpa de dhá MCA nó níos mó agus/nó dhá DCA nó níos mó a bhfuil dearcadh ag rannpháirtí amháin acu, an páirtí ceannais, ar an iarmhéid ar gach ceann de chuntais TARGET sa ghrúpa;
ciallaíonn “sealbhóir BIC inteagmhála” eintiteas: (a) a shealbhaíonn Cód Aitheantóra Gnó (BIC); agus (b) is comhfhreagraí nó custaiméir de chuid sealbhóir DCA RTGS nó brainse de shealbhóir DCA RTGS é, agus atá in ann orduithe íocaíochta a chur isteach chuig córas comhpháirte de TARGET agus íocaíochtaí a fháil uaidh trí shealbhóir an DCA RTGS sin;
ciallaíonn “córas coimhdeach” (AS) córas arna oibriú ag eintiteas a bunaíodh san Aontas nó sa LEE agus atá faoi réir maoirseachta agus/nó formhaoirseachta ag údarás inniúil agus a chomhlíonann na ceanglais mhaoirseachta maidir le suíomh bonneagair a thairgeann seirbhísí in euro, arna leasú ó am go ham agus atá foilsithe ar shuíomh Gréasáin an BCE, ina ndéantar íocaíochtaí agus/nó ionstraimí airgeadais a mhalartú agus/nó a imréitiú nó a thaifeadadh (a) leis na hoibleagáidí airgeadaíochta a eascraíonn as orduithe aistrithe a shocraítear in TARGET agus/nó (b) le cistí a shealbhaítear i TARGET, i gcomhréir le Treoirlíne BCE/2022/8;
ciallaíonn “cuntas cistí ráthaíochta córais choimhdigh” (cuntas cistí ráthaíochta AS) cuntas teicniúil a úsáidtear chun críche cistí ráthaíochta a shealbhú chun tacú le nósanna imeachta socraíochta RTGS AS A agus B;
ciallaíonn “nós imeachta socraíochta córais choimhdigh“ (nós imeachta socraíochta AS) aon nós imeachta socraíochta AS TIPS nó nós imeachta socraíochta AS RTGS ;
ciallaíonn “ordú aistrithe córais choimhdigh” (ordú aistrithe AS) aon ordú aistrithe airgid a thionscnaíonn córas coimhdeach chun críche nós imeachta socraíochta córais choimhdigh RTGS;
ciallaíonn “uathsholáthar urrúis chomhthaobhaigh“ creidmheas ionlae arna dheonú ag banc ceannais náisiúnta an limistéir euro (BCN) in airgead bainc cheannais a spreagtar nuair nach bhfuil cistí leordhóthanacha ag sealbhóir DCA T2S chun idirbhearta urrús a réiteach, trína comhthaobhaítear an creidmheas ionlae sin leis na hurrúis a cheannaítear (comhthaobhacht ar shreabhadh), nó le hurrúis atá i seilbh shealbhóir DCA T2S i bhfabhar BCN an limistéir euro (comhthaobhacht ar stoc); Tá dhá idirbheart ar leith in idirbheart maidir le huathsholáthar urrúis chomhthaobhaigh, ceann amháin chun an t-uathsholáthar urrúis chomhthaobhaigh a dheonú agus ceann amháin lena aisíoc. Féadfaidh sé tríú idirbheart a áireamh freisin maidir le haon athlonnú comhthaobhachta sa deireadh, Chun críocha Iarscríbhinn 1, Cuid I, Airteagal 18, meastar gur iontráladh na trí idirbheart uile sa chóras agus meastar iad a bheith neamh-inchúlghairthe ag an am céanna leis an idirbheart chun an uathsholáthar urrúis chomhthaobhaigh a dheonú;
ciallaíonn “uathordú aistriú leachtachta” ordú aistrithe leachtachta a ghintear go huathoibríoch chun cistí a aistriú ó DCA RTGS ainmnithe go dtí MCA an rannpháirtí i gcás nach bhfuil cistí leordhóthanach ar an MCA sin chun oibríochtaí bainc cheannais a shocrú;
ciallaíonn “leachtacht atá ar fáil“ iarmhéid sochair ar chuntas rannpháirtí agus, más ábhartha, aon líne creidmheasa ionlae arna dheonú ar an MCA ag BCN ábhartha an limistéir euro i ndáil leis an gcuntas sin ach nár tarraingíodh uirthi fós, nó más infheidhme, arna laghdú ag an méid aon chúl-leachtachta atá próiseáilte nó aon bhlocáil cistí ar MCAnna nó DCAnna;
ciallaíonn “grúpa baincéireachta“:
comhdhéanamh institiúidí creidmheasa a áirítear i ráitis airgeadais chomhdhlúite máthairchuideachta ina bhfuil oibleagáid ar an máthairchuideachta ráitis airgeadais chomhdhlúite a chur i láthair faoin gCaighdeán Cuntasaíochta Idirnáisiúnta 27 (IAS 27), arna ghlacadh de bhun Rialachán an Choimisiúin (CE) Uimh. 1126/2008 ( 19 ) agus a bheidh comhdhéanta de: (i) máthairchuideachta agus fochuideachta amháin nó níos mó; nó (ii) dhá fhochuideachta nó níos mó de mháthairchuideachta; nó
comhdhéanamh institiúidí creidmheasa dá dtagraítear i bhfomhír (a)(i) nó (ii), i gcás nach gcuireann máthairchuideachta ráitis airgeadais chomhdhlúite i láthair de réir IAS 27, ach go bhféadfadh sí a bheith in ann na critéir a shainmhínítear in IAS 27 um chuimsiú i ráitis airgeadais chomhdhlúite a chomhlíonadh, faoi réir fhíorú BC shealbhóir an rannpháirtí;
líonra déthaobhach nó iltaobhach institiúidí creidmheasa atá: (i) eagraithe trí chreat reachtúil lena gcinntear cleamhnacht institiúidí creidmheasa le líonra den sórt sin; nó (ii) arb iad na saintréithe atá aige meicníochtaí féineagraithe comhair (leasanna gnó a chomhaltaí a chur chun cinn, tacú leo agus ionadaíocht a dhéanamh orthu) agus/nó dlúthpháirtíocht eacnamaíoch a théann thar an gnáthchomhar idir institiúidí creidmheasa a bhfuil comhar agus dlúthpháirtíocht den sórt sin ceadaithe trí fho-dhlíthe nó airteagail chorpraithe nó arna mbunú de bhun comhaontuithe ar leith agus i ngach cás go bhfuil iarratas ceadaithe ag Comhairle Rialaithe an BCE chun a mheas gur grúpa é;
ciallaíonn “teachtaireacht craolta“ faisnéis a chuirtear ar fáil do ghrúpa roghnaithe de rannpháirtithe nó dóibh go léir;
ciallaíonn “lá gnó“ nó “lá gnó TARGET“ aon lá a bhfuil MCAnna, RTGS nó DCAnna T2S ar fáil chun orduithe aistrithe airgid a shocrú;
ciallaíonn “Cód Aitheantóra Gnó“ (BIC) cód mar atá sainmhínithe ag Caighdeán ISO Uimh. 9362;
ciallaíonn “tuairim acmhainní“ tuairim a bhaineann go sonrach le rannpháirtí ina bhfuil measúnú ar chumas dlíthiúil rannpháirtí dul i mbun oibleagáidí agus iad a chomhlíonadh;
ciallaíonn “ordú aistrithe airgid’ aon treoir ó rannpháirtí nó ó pháirtí atá ag gníomhú thar a cheann méid airgid ó chuntas amháin a chur ar fáil d’fhaighteoir trí iontráil leabhair i gcuntas eile agus ar ordú aistrithe córais choimhdigh, ordú aistrithe leachtachta, ordú íocaíochta meandraí, freagra athghairme dearfach nó ordú íocaíochta é;
ciallaíonn “banc ceannais”(BC) BC an Eurochórais agus/nó BCN bainteach;
ciallaíonn “oibríocht banc ceannais“ aon ordú íocaíochta nó ordú aistrithe leachtachta arna thionscnamh ag BC ar MCA a osclaíodh in aon chóras comhpháirte de TARGET;
ciallaíonn “BCN bainteach“ BCN, seachas BCN an limistéir euro, atá nasctha le TARGET de bhun comhaontaithe sonrach;
ciallaíonn “Réiteach Teagmhasachta“ an fheidhmiúlacht lena ligtear do BCanna agus do rannpháirtithe orduithe aistrithe airgid a phróiseáil i gcás nach féidir gnáthoibriú na MCAnna agus/nó na DCAnna RTGS agus/nó na gcuntais theicniúla AS RTGS;
ciallaíonn “institiúid creidmheasa“ : (a) institiúid creidmheasa de réir bhrí phointe (1) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (agus na forálacha dlí náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(5) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 22 ) mar is infheidhme don institiúid chreidmheasa} atá faoi réir maoirseachta ag údarás inniúil; nó (b) institiúid creidmheasa eile de réir bhrí Airteagal 123(2) den Chonradh atá faoi réir grinnscrúdaithe ar chaighdeán atá inchomparáide le maoirseacht ag údarás inniúil;
ciallaíonn “iarmhéid meabhráin creidmheasa (CMB)“ teorainn arna socrú ag sealbhóir DCA TIPS chun leachtacht ar DCA TIPS a úsáid ag páirtí sonrach inrochtana;
ciallaíonn “socraíocht traschórais“ socraíocht orduithe aistrithe AS lena gcuirtear do dhochar an cuntas teicniúil RTGS AS nó fo-chuntas bainc socraíochta AS amháin a úsáideann nós imeachta socraíochta AS C nó D agus a chuireann chun sochair an cuntas teicniúil AS RTGS nó fochuntais banc socraíochta de chuid AS eile a úsáideann nós imeachta socraíochta AS C nó D;
ciallaíonn “cuntas airgid tiomnaithe” (DCA)DCA RTGS, DCA T2S nó DCA TIPS;
ciallaíonn “saoráid taisce“ “saoráid taisce“ mar a shainmhínítear i bpointe (21) d’Airteagal 2 de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60);
ciallaíonn “ráta na saoráide taisce“ “ráta na saoráide taisce“ mar a shainmhínítear i bpointe (22) d’Airteagal 2 de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60);
ciallaíonn “BCN an limistéir euro“ banc ceannais náisiúnta (BCN) Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra aige;
ciallaíonn “scéim Aistrithe Creidmheasa Meandraí SEPA (SCT Inst) de chuid na Comhairle Eorpaí um Íocaíochtaí“ nó “scéim Inst SCT“ scéim um chaighdeáin oscailte uathoibrithe lena soláthraítear sraith rialacha idirbhainc atá le comhlíonadh ag rannpháirtithe scéim SCT Inst, lena gceadaítear soláthraithe seirbhísí íocaíochta i Limistéar Aonair d’Íocaíochtaí Euro (SEPA), chun táirge aistrithe creidmheasa meandraí uathoibrithe in euro ar fud SEPA a thairiscint;
ciallaíonn “BC Eurochórais“ an BCE nó BCN an limistéir euro;
ciallaíonn “teagmhas mainneachtana“ aon teagmhas atá le teacht nó atá ann cheana, a d’fhéadfadh bagairt ar fheidhmíocht ag rannpháirtí dena chuid oibleagáidí faoi na Coinníollacha seo nó faoi aon rialacha eile a bhaineann leis an gcaidreamh idir an rannpháirtí sin agus BC an rannpháirtí nó aon BC eile, lena n-áirítear:
cás nach gcomhlíonann an rannpháirtí na critéir rochtana a leagtar síos i gcur chun feidhme náisiúnta Chuid I, Iarscríbhinn I, Airteagal 4 nó na ceanglais a leagtar síos i gcur chun feidhme náisiúnta ábhartha Chuid I, Iarscríbhinn I, Airteagal 5(1) a thuilleadh, pointe (a)(i);
tionscnamh imeachtaí dócmhainneachta i ndáil leis an rannpháirtí;
tíolacadh iarratais a bhaineann leis na himeachtaí dá dtagraítear i bpointe (b);
eisiúint dearbhaithe i scríbhinn ag rannpháirtí maidir lena neamhábaltacht a chuid fiacha go léir nó aon chuid díobh a íoc nó a oibleagáidí a eascraíonn as creidmheas ionlae a chomhlíonadh;
dul i mbun comhaontaithe nó socraithe dheonaigh ghinearálta ag rannpháirtí lena chreidiúnaithe;
cás ina bhfuil, nó má mheasann BC an rannpháirtí go bhfuil an rannpháirtí dócmhainneach nó nach bhfuil sé in ann a chuid fiacha a íoc;
cás ina bhfuil iarmhéid creidmheasa an rannpháirtí ar aon dena chuntas TARGET, nó gach cuid nó cuid mhaith de shócmhainní an rannpháirtí faoi réir ordaithe chalctha, astú, urghabhála nó aon nós imeachta eile atá beartaithe chun leas an phobail nó cearta chreidiúnaithe an rannpháirtí a chosaint;
cás inar cuireadh rannpháirtíocht an rannpháirtí i gcóras comhpháirte TARGET eile agus/nó in AS ar fionraí nó gur foirceannadh é;
cás ina bhfuil aon uiríoll ábhartha nó ráiteas réamhchonarthach a rinne an rannpháirtí nó a bhfuil sé intuigthe go ndearna an rannpháirtí é faoin dlí is infheidhme mícheart nó bréagach;
sannadh gach cuid nó cuid shuntasach shócmhainní an rannpháirtí;
ciallaíonn “cistí ráthaíochta“ cistí a sholáthraíonn rannpháirtithe AS le húsáid i gcás go dteipfeadh, ar chúis ar bith, ar rannpháirtí amháin nó níos mó a gcuid oibleagáidí íocaíochta sa AS a chomhlíonadh;
ciallaíonn “imeachtaí dócmhainneachta“ imeachtaí dócmhainneachta de réir bhrí Airteagal 2(j) de Threoir 98/26/CE;
ciallaíonn “ordú íocaíochta meandraí“, i gcomhréir le Scéim um Aistriú Meandrach Creidmheasa SEPA (SCT Inst) na Comhairle Eorpaí um Íocaíochtaí, ordú aistrithe airgid is féidir a fhorghníomhú 24 uair sa lá aon lá féilire den bhliain, le socraíocht láithreach nó gar do láithreach agus fógra don íocóir, agus lena n-áirítear: (i) orduithe íocaíochta meandraí DCA TIPS go DCA TIPS; (ii) orduithe íocaíochta meandraí ó DCA TIPS go cuntas teicnIúil AS TIPS; (iii) orduithe íocaíochta meandraí ó chuntas teicniúil AS TIPS go DCA TIPS; agus (iv) orduithe íocaíochta meandraí ó chuntas teicniúil TIPS AS go AS TIPS;
ciallaíonn “páirtí treorach“ eintiteas atá ainmnithe amhlaidh ag sealbhóir DCA TIPS nó ag sealbhóir cuntas teicniúil AS TIPS, agus a cheadaítear chun orduithe íocaíochta meandraí nó orduithe aistrithe leachtachta a sheoladh agus/nó orduithe íocaíochta meandraí agus orduithe aistrithe leachtachta a fháil thar ceann an tsealbhóra cuntais sin nó páirtí inrochtana de chuid an tsealbhóra cuntais sin;
ciallaíonn “creidmheas ionlae“ creidmheas arna fhadú ar feadh tréimhse níos lú ná lá gnó amháin.
ciallaíonn “gnólacht infheistíochta“ gnólacht infheistíochta de réir bhrí [cuir isteach forálacha dlí náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 4(1)(1) de Threoir 2014/65/AE, seachas na hinstitiúidí a shonraítear i agus na forálacha dlí náisiúnta lena gcuirtear chun feidhm Airteagal 2(1) de Threoir 2014/65/AE de réir mar is infheidhme don ghnólacht infheistíochta, ar choinníoll go bhfuil an gnólacht infheistíochta i gceist:
údaraithe agus maoirsithe ag údarás inniúil aitheanta, atá ainmnithe mar sin faoi Threoir 2014/65/AE; agus
i dteideal na gníomhaíochtaí dá dtagraítear faoi (forálacha dlí náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme ítimí 2, 3, 6 agus 7 de Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, mar is infheidhme don ghnólacht infheistíochta);
ciallaíonn “BCNanna Leibhéal 3“ Deutsche Bundesbank, Banque de France, Banca d’Italia agus Banco de España ina gcáil mar na BCanna atá ag forbairt agus ag oibriú TARGET ar mhaithe leis an Eurochóras;
ciallaíonn “ordú aistrithe leachtachta” ordú aistrithe airgid chun méid sonraithe cistí a aistriú chun críche bainistithe leachtachta;
ciallaíonn “ráta na saoráide iasachta imeallaí“ “ráta na saoráide iasachta imeallach” mar a shainmhínítear i bpointe (57) d’Airteagal 2 de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60);
ciallaíonn “saoráid iasachta imeallach“ “saoráid iasachta imeallach” mar a shainmhínítear i bpointe (56) d’Airteagal 2 de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60);
ciallaíonn “seirbhís shoghluaiste cuardaigh ionadaithe (MPL)” seirbhís a chuireann ar chumas sealbhóirí DCA TIPS, AS a úsáideann cuntais theicniúla AS TIPS agus páirtithe inrochtana, a fhaigheann iarratas óna gcustaiméirí ordú íocaíochta meandraí a fhorghníomhú i bhfabhar tairbhí a shainaithnítear trí ionadaí (e.g. uimhir shoghluaiste), chun IBAN agus BIC an tairbhí chomhfhreagraigh a úsáidfear chun creidmheas a dhéanamh don chuntas ábhartha Chórais Íocaíochta Meandraí TARGET (TIPS) a fháil ón stór lárnach MPL;
ciallaíonn “íocaíocht gar meandrach“ ordú aistrithe airgid a chomhlíonann Caighdeán NL Seirbhísí Breise Roghnacha um Aistriú Creidmheasa SEPA (SCT AOS) maidir le haistrithe creidmheasa SEPA a phróiseáil láithreach;
ciallaíonn “soláthraí seirbhísí líonra” (NSP) gnóthas ar dámhadh lamháltas dó leis an Eurochóras chun seirbhísí nascachta a sholáthar trí Thairseach an Eurochórais um Bonneagar Margaidh Aonair chuig seirbhísí TARGET;
ciallaíonn “ordú aistrithe airgid neamhsocraithe“ ordú aistrithe airgid nach bhfuil socraithe ar an lá gnó a nglactar leis;
ciallaíonn “rannpháirtí”; a) eintiteas a bhfuil MCA amháin ar a laghad aige agus a fhéadfaidh freisin DCA amháin nó níos mó] a shealbhú] i TARGET; nó b) AS;
ciallaíonn “íocaí“ , ach amháin i gcás ina n-úsáidtear é in Iarscríbhinn I, Foscríbhinn II, rannpháirtí a bhfuil a MCA nó a DCA curtha chun sochair mar thoradh ar ordú aistrithe airgid a bheith socraithe;
ciallaíonn “íocóir“ , ach amháin i gcás ina n-úsáidtear é in Iarscríbhinn I, Foscríbhinn II, rannpháirtí a gcuirtear an MCA nó a DCA do dhochar de thoradh ordú aistrithe airgid a bheith socraithe;
ciallaíonn “ordú íocaíochta” aon treoir ó rannpháirtí nó páirtí a ghníomhaíonn ar a shon méid airgid ó chuntas amháin a chur ar fáil d’fhaighteoir trí iontráil leabhair i gcuntas eile agus nach ordú aistrithe AS, ordú aistrithe leachtachta, ordú íocaíochta meandraí nó freagra dearfach aisghairme é;
ciallaíonn “freagra dearfach aisghairme“ , ordú aistrithe airgid arna thionscnamh ag faighteoir iarrata ar aisghairm, mar fhreagairt ar iarraidh ar aisghairm, chun leasa seoltóir na hiarrata ar aisghairm sin,
ciallaíonn “comhlacht earnála poiblí” eintiteas laistigh den “earnáil phoiblí”, an téarma deireanach mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 3603/93 ( 23 );
ciallaíonn “páirtí inteagmhála“ einteatas: (a) a shealbhaíonn Cód Aitheantóra Gnó (BIC); (b) atá ainmnithe amhlaidh ag sealbhóir DCA TIPS nó ag córas coimhdeach a bhfuil cuntas teicniúil AS TIPS aige; (c) is comhfhreagraí, custaiméir, nó brainse de shealbhóir DCA TIPS nó rannpháirtí de chóras coimhdeach é; nó is comhfhreagraí, custaiméir, nó brainse de rannpháirtí de chóras coimhdeach a bhfuil cuntas teicniúil AS TIPS aige agus (d) gur féidir dul i ngleic leis trí TIPS agus atá in ann orduithe aistrithe airgid a chur isteach agus orduithe aistrithe airgid a fháil trí shealbhóir DCA TIPS nó trí chóras coimhdeach a shealbhaíonn cuntas teicniúil AS TIPS, nó go díreach má údaraíonn sealbhóir an DCA TIPS amhlaidh nó trí chóras coimhdeach a bhfuil cuntas teicniúil AS TIPS aige;
ciallaíonn “nós imeachta córais coimhdigh um ollsocraíocht fíor-ama“ (nós imeachta socraíochta AS RTGS ) ceann amháin den raon de sheirbhísí speisialta, réamhshainithe chun orduithe aistrithe AS a bhaineann le socraíocht AS ar DCAnna RTGS, ar fhochuntais agus ar chuntais theicniúla AS RTGS a thíolacadh agus a shocrú;
ciallaíonn “Cuntas teicniúil córais choimhdigh um ollsocraíocht fíor-ama” (cuntas teicniúil AS RTGS) cuntas arna sealbhú ag AS nó ag BC ina chóras comhpháirte TARGET thar ceann an AS agus a úsáidtear i gcomhthéacs nós imeachta socraíochta AS RTGS;
ciallaíonn “iarraidh ar aisghairm” teachtaireacht ó shealbhóir DCA RTGS, ó shealbhóir DCA TIPS nó ó shealbhóir cuntais teicniúi TIPS AS ag iarraidh aisíocaíocht ordú íocaíochta socraithe nó ordú íocaíochta meandraí faoi seach;
“ordú aistrithe leachtacha riailbhunaithe” ordú aistrithe leachtacha a spreagtar mar thoradh ar: (a) an iarmhéid ar chuntas MCA ó DCA RTGS a sháraíonn íosteorainnr nó uasteorainn réamhshainithe; nó (b) cistí neamhleordhóthanacha ar fáil chun orduithe íocaíochta práinneach scuaine, orduithe aistrithe AS nó orduithe íocaíochta ardtosaíochta ar DCA RTGS a chumhdach;
Ciallaíonn “grúpa cuntas bainc socraíochta” liosta de na DCAnna RTGS agus/nó de na fochuntais arna socrú i gcomhthéacs córais coimhdigh a shocrú trí úsáid a bhaint as samhlacha socraíochta AS RTGS;
ciallaíonn “banc socraíochta“ sealbhóir DCA RTGS a mbaintear úsáid as a DCA nó a fhochuntas RTGS chun orduithe aistrithe AS arna gcur isteach ag AS a shocrú trí úsáid a bhaint as nósanna imeachta socraíochta AS RTGS;
ciallaíonn “fionraí“ cearta agus oibleagáidí rannpháirtí a chalcadh go sealadach ar feadh tréimhse ama a chinnfidh BCE an rannpháirtí;
ciallaíonn “cuntas TARGET“ aon chuntas a osclaítear i gcóras comhpháirte de TARGET;
ciallaíonn “córas comhpháirte de TARGET“ aon cheann de chórais BCanna atá mar chuid de TARGET;
ciallaíonn “comhordaitheoir TARGET“ duine arna cheapadh ag BCE chun bainistiú oibríochtúil laethúil TARGET a áirithiú, chun gníomhaíocht a bhainistiú agus a chomhordú i gcás ina dtarlaíonn staid neamhghnách agus chun scaipeadh na faisnéise ar na rannpháirtithe a chomhordú;
ciallaíonn “nós imeachta socraíochta córais coimhdigh um Socraíocht Íocaíochta Meandraí TARGET (TIPS)“ (nós imeachta socraíochta AS TIPS ) an tseirbhís réamhshainithe chun orduithe aistrithe leachtachta agus orduithe íocaíochta meandraí a bhaineann le socraíocht AS ar DCAnna TIPS agus ar chuntais theicniúla AS TPS;
ciallaíonn “Cuntas teicniúil córais choimhdigh de Shocraíocht Íocaíochta Meandraí TARGET (TIPS)” (cuntas teicniúil AS TIPS) cuntas atá á sealbhú ag AS nó ag BC ina chóras comhpháirte TARGET thar ceann an AS le húsáid ag an AS chun críche imréitigh íocaíochtaí meandracha lena socraítear íocaíochtaí meandracha ina leabhair féin;
ciallaíonn “bainisteoir socraíochta TARGET“ duine arna cheapadh ag BC an Eurochórais chun faireachán a dhéanamh ar oibriú a chóras chomhpháirte TARGET;
ciallaíonn “Urrúis-TARGET2 (T2S)”an tacar crua-earraí, bogearraí agus comhpháirteanna bonneagair theicniúil eile trína soláthraíonn an Eurochóras na seirbhísí do TLUnna agus BCanna an Eurochórais lena ceadaítear idirbhearta urrús a shocrú go lárnach, go neodrach agus gan teorainn ar bhonn seachadta in áit íocaíochta in airgead bainc cheannais;
ciallaíonn “mífheidhm theicniúil TARGET“ aon locht nó teip ar an mbonneagar teicniúil agus/nó ar na córais ríomhaireachta a úsáideann an córas comhpháirte ábhartha de TARGET, nó aon teagmhas eile a fhágann nach féidir próiseáil orduithe aistrithe airgid a fhorghníomhú agus a chur i gcrích de réir codanna ábhartha den Treoirlíne seo sa chóras comhpháirte ábhartha de TARGET.
( 1 ) Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús (IO L 166, 11.6.1998, lch. 45)
( 2 ) Rialachán (AE) Uimh. 2021/378 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Eanáir 2021 maidir le ceanglais um chúlchistí íosta a chur i bhfeidhm (BCE/2021/1) (IO L 73, 3.3.2021, lch. 1).
( 3 ) Treoirlíne (AE) 2015/510 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Nollaig 2014 maidir le creat beartais airgeadaíochta an Eurochórais a chur chun feidhme (Treoirlíne maidir le Doiciméadacht Ghinearálta) (BCE/2014/60) (athmhúnlú) ((IO L 91, 2.4.2015, lch. 3).
( 4 ) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
( 5 ) Treoirlíne (AE) 2019/671 ón mBanc Ceannais Eorpach an 9 Aibreán 2019 2019 maidir le hoibríochtaí bainistithe sócmhainní agus dliteanas intíre arna ndéanamh ag na bainc cheannais náisiúnta (BCE/2019/7) (IO L 113, 29.04.2019, lch. 11).
( 6 ) Rialachán (CE) Uimh. 2531/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le cur i bhfeidhm cúlchistí íosta ag an mBanc Ceannais Eorpach (IO L 318, 27.11.1998, lch. 1).
( 7 ) Cinneadh (AE) 2019/1743 ón mBanc Ceannais Eorpach an 15 Deireadh Fómhair 2019 maidir le híocaíocht luach saothair shealúchais na gcúlchistí barrachais agus íocaíocht luach saothair taiscí áirithe (BCE/2019/31) (IO L 267, 21.10.2019, lch. 12).
( 8 ) De réir an fhéilire is infheidhme ag suíomh an BCE.
( 9 ) De réir an fhéilire is infheidhme ag suíomh an BCE.
( 10 ) De réir an fhéilire is infheidhme ag suíomh an BCE.
( 11 ) De réir an fhéilire is infheidhme ag suíomh an BCE.
( 12 ) Baineann sé freisin le cuntais theicniúla RTGS AS, fo-chuntais agus cuntais chiste ráthaíochta AS.
( 13 ) De réir an fhéilire is infheidhme ag suíomh an BCE.
( 14 ) Is cuma cé acu DCA RTGS, cuntas teicniúil AS RTGS nó cuntas cistí ráthaíochta AS é.
( 15 ) Is cuma cé acu DCA RTGS, cuntas teicniúil ASRTGS nó Cuntas cistí ráthaíochta AS é.
( 16 ) Tagraíonn an phrionsabail eolas ar bhonn riachtanais d’aithint na sraithe faisnéise a bhfuil rochtain ag teastáil ó dhuine aonair chun a c(h)uid dualgas a chomhlíonadh.
( 17 ) Tagraíonn prionsabal an údaráis is lú do phróifíl rochtana duine a chur in oiriúint do chóras TF chun teacht leis an ról gnó comhfhreagrach.
( 18 ) Ba cheart soláthróir i gcomhthéacs an chleachtaidh seo a thuiscint mar aon tríú páirtí (agus a phearsanra) atá faoi chonradh (comhaontú), leis an institiúid, chun seirbhís a sholáthar agus faoin gcomhaontú seirbhíse tugtar rochtain, go cianda nó ar an láthair, don tríú páirtí (agus dá phearsanra) ar fhaisnéis agus/nó ar chórais faisnéise agus/nó ar shaoráidí próiseála faisnéise na hinstitiúide atá faoi raon feidhme nó a bhaineann leis an raon feidhme a chumhdaítear faoin gcleachtadh den fhéindheimhniú TARGET.
( 19 ) Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2008 lena nglactar caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta áirithe de réir Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 320, 29.11.2008, lch. 1).
( 20 ) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
( 21 ) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.06.2014, lch. 349).
( 22 ) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
( 23 ) Rialachán (AE) Uimh. 3603/93 ón gComhairle an 13 Nollaig 1993 lena sonraítear sainmhínithe chun na toirmisc dá dtagraítear in Airteagal 104 agus Airteagal 104b(1) den Chonradh a chur i bhfeidhm (IO L 332, 31.12.1993, lch. 1).