02022D2435 — GA — 13.12.2022 — 000.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

CINNEADH (AE) 2022/2435 ÓN gCOMHAIRLE

►C1  an 5 Nollaig 2022 ◄

maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar

(IO L 319 13.12.2022, lch. 5)


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 335, 29.12.2022, lch.  114 (2022/2435)




▼B

CINNEADH (AE) 2022/2435 ÓN gCOMHAIRLE

▼C1

an 5 Nollaig 2022

▼B

maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar



Airteagal 1

Leis seo, formheastar an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar thar ceann an Aontais Eorpaigh. ( 1 )

Airteagal 2

1.  
Beidh feidhmiú inniúlacht an Aontais de bhun an Chinnidh seo agus an Chomhaontaithe teoranta do thréimhse cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe. Gan dochar do bhearta eile de chuid an Aontais, agus faoi réir chomhlíonadh bhearta an Aontais sin, tar éis dheireadh na tréimhse cur i bhfeidhm sin, scoirfidh an tAontas den inniúlacht sin a fheidhmiú agus déanfaidh na Ballstáit a n-inniúlacht a fheidhmiú arís i gcomhréir le hAirteagal 2(2) CFAE.
2.  
Ní dochar feidhmiú inniúlacht an Aontais de bhun an Chinnidh seo agus an Chomhaontaithe d’inniúlacht na mBallstát in aon chaibidlíocht, síniú nó tabhairt i gcrích atá ar siúl faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann le hiompar earraí de bhóthar le haon tríú tír eile, agus leis an Úcráin i leith na tréimhse ar dá héis a scoirfidh an Comhaontú d’fheidhm a bheith aige.
3.  
Ní chumhdaítear le feidhmiú inniúlacht an Aontais dá dtagraítear i mír 1 ach na heilimintí a rialaítear leis an gCinneadh seo agus leis an gComhaontú.
4.  
Ní dochar an Cinneadh seo agus an Comhaontú d’inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát faoi seach i réimse an iompair earraí de bhóthar maidir leis na heilimintí seachas na heilimintí sin a rialaítear leis an gCinneadh seo agus leis an gComhaontú.

Airteagal 3

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 13 den Chomhaontú.

Airteagal 4

Déanfaidh an Coimisiún Eorpach, le cúnamh ó ionadaithe na mBallstát mar bhreathnóirí, ionadaíocht thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bunaíodh de bhun Airteagal 7 den Chomhaontú.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.



( 1 ) Tá téacs an Chomhaontaithe foilsithe in IO L 179, 6.7.2022, lch. 4.