02022D2333 — GA — 12.06.2023 — 005.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2333 ÓN gCOIMISIÚN an 23 Samhain 2022 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le bolgach caorach agus bolgach gabhar sa Spáinn agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1913 (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8629) (Is é an téacs Spáinnise amháin atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 308 29.11.2022, lch. 22) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/10 ÓN gCOIMISIÚN an 20 Nollaig 2022 |
L 2 |
126 |
4.1.2023 |
|
|
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/414 ÓN gCOIMISIÚN an 17 Feabhra 2023 |
L 59 |
15 |
24.2.2023 |
|
|
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/836 ÓN gCOIMISIÚN an 11 Aibreán 2023 |
L 105 |
51 |
20.4.2023 |
|
|
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/872 ÓN gCOIMISIÚN an 20 Aibreán 2023 |
L 113 |
49 |
28.4.2023 |
|
|
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1145 ÓN gCOIMISIÚN an 7 Meitheamh 2023 |
L 151 |
28 |
12.6.2023 |
|
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2333 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Samhain 2022
maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le bolgach caorach agus bolgach gabhar sa Spáinn agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1913
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8629)
(Is é an téacs Spáinnise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Leis an gCinneadh seo, bunaítear an méid seo a leanas ar leibhéal an Aontais:
na criosanna srianta ina bhfuil criosanna cosanta agus faireachais atá le bunú ag an Spáinn tar éis ráig nó ráigeanna de bholgach caorach agus de bholgach gabhar sa Spáinn, mar aon le crios srianta breise i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;
fad na mbeart rialaithe galar atá le cur i bhfeidhm sna criosanna cosanta, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, sna criosanna faireachais i gcomhréir le hAirteagal 55 den Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus sa chrios srianta breise i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán Tarmligthe sin.
Airteagal 2
Criosanna srianta a bhunú
Áiritheoidh an Spáinn:
go mbunóidh údarás inniúil an Bhallstáit sin láithreach criosanna srianta ina bhfuil criosanna cosanta agus faireachais agus an crios srianta breise i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus faoi na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal sin agus in Airteagal 23 pointe (a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;
go gcuimseoidh na criosanna cosanta agus faireachais agus an crios srianta breise dá dtagraítear i bpointe (a) ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo;
go mbeidh feidhm ag na bearta i ngach crios srianta ar a laghad go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 3
Bearta atá le cur i bhfeidhm sna criosanna cosanta, faireachais agus sna criosanna srianta breise
Maidir leis na modhanna iompair a úsáidtear le haghaidh gluaiseachtaí caorach agus gabhar ó chriosanna cosanta, faireachais nó ó chriosanna srianta breise, a leagtar amach i míreanna 1, 3 agus 5:
comhlíonfaidh siad na ceanglais maidir leis na modhanna iompair a leagtar síos in Airteagal 24(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;
déanfar iad a ghlanadh agus a dhíghalrú sula ndéanfar aon ainmhí a iompar faoi rialú an údaráis inniúil nó faoina mhaoirseacht;
déanfar iad a ghlanadh agus a dhíghalrú i gcomhréir leis na ceanglais maidir leis na modhanna iompair a leagtar síos in Airteagal 24(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 faoi rialú nó faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil;
ní bheidh iontu ach caoirigh agus gabhair a bhfuil an stádas sláinte céanna acu a choimeádtar sa bhunaíocht chéanna;
séalóidh an t-údarás inniúil iad ag an mbunaíocht tionscnaimh tar éis luchtú na n-ainmhithe agus bainfidh an t-údarás inniúil an séala ag an seamlas cinn scríbe.
Airteagal 4
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1913 a aisghairm
Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1913.
Airteagal 5
Feidhm
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Nollaig 2023.
Airteagal 6
Seolaí
Is chuig Ríocht na Spáinne a dhírítear an Cinneadh seo.
IARSCRÍBHINN
A. Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar ráigeanna deimhnithe
|
Réigiún agus uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid de na criosanna srianta sa Spáinn dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí |
|
Réigiún Castilla–La Mancha ES-CAPRIPOX-2023-00003 ES-CAPRIPOX-2023-00004 ES-CAPRIPOX-2023-00005 ES-CARPIPOX-2023-00006 ES-CARPIPOX-2023-00007 |
An crios cosanta: Crios cosanta ina bhfuil na limistéir seo a leanas: I gCúige Ciudad Real, na bardasachtaí seo a leanas: — Alcázar de San Juan — Campo de Criptana — Pedro Muñoz I gCúige Albacete, an bhardasacht seo a leanas: — Minaya I gCúige Cuenca, na bardasachtaí seo a leanas: — Sisante — Casas de Fernando Alonso — Casas de Haro — Casas de los Pinos — El Pedernoso — El Provencio — Las Mesas — Las Pedroñeras — Mota del Cuervo — Pozoamargo — San Clemente — Santa María de los Llanos — Vara de Rey |
20.7.2023 |
|
An crios faireachais: Crios faireachais ina bhfuil na limistéir seo a leanas: I gCúige Ciudad Real, na bardasachtaí seo a leanas: — Villarta de San Juan — Villarrubia de los Ojos — Tomelloso — Socuéllamos — Puerto Lápice — Manzanares — Llanos de Caudillo — Las Labores — Herencia — Daimiel — Argamasilla de Alba — Arenas de San Juan — Arenales de San Gregorio I gCúige Toledo, na bardasachtaí seo a leanas: — Villafranca de los Caballeros — Villacañas — Quintanar de la Orden — Quero — Miguel Esteban — Madridejos — La Villa de Don Fabrique — La Puebla de Almoradiel — El Toboso — Camuñas I gCúige Cuenca, na bardasachtaí seo a leanas: — Atalaya del Cañavate — Cañada Juncosa — El Cañavate — Honrubia — Pinarejo — Alarcón — Casas de Benítez — Casas de Guijarro — Casasimarro — El Picazo — Pozorrubielos de la Mancha — Quintanar del Rey — Tébar — Valhermoso de la Fuente — Villanueva de la Jara — Belmonte — Carrascosa de Haro — La Alberca de Záncara — Los Hinojosos — Monreal del Llano — Rada de Haro — Santa María del Campo Rus — Villaescusa de Haro (iamhchríoch Dehesa de Alcahozo, agus í sin amháin) I gCúige Albacete, na bardasachtaí seo a leanas: — Fuensanta — La Roda — Munera — Tarazona de la Mancha — Villalgordo del Júcar — Villarrobledo |
7.8.2023 |
|
|
An crios faireachais: Crios faireachais ina bhfuil na limistéir seo a leanas: I gCúige Ciudad Real, na bardasachtaí seo a leanas: — Alcázar de San Juan — Campo de Criptana — Pedro Muñoz I gCúige Albacete, an bhardasacht seo a leanas: — Minaya I gCúige Cuenca, na bardasachtaí seo a leanas: — Sisante — Casas de Fernando Alonso — Casas de Haro — Casas de los Pinos — El Pedernoso — El Provencio — Las Mesas — Las Pedroñeras — Mota del Cuervo — Pozoamargo — San Clemente — Santa María de los Llanos — Vara de Rey |
21.7.2023-7.8.2023 |
B. Criosanna srianta breise
|
Réigiún |
Limistéir a bhunaítear mar chriosanna srianta breise, cuid de na criosanna srianta sa Spáinn dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí |
|
Réigiún Castilla–La Mancha |
Crios srianta breise ina bhfuil na cúigí seo a leanas: — Albacete — Ciudad Real — Cuenca — Toledo |
25.9.2023 |