02022D2333 — GA — 20.04.2023 — 003.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2333 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Samhain 2022

maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le bolgach caorach agus bolgach gabhar sa Spáinn agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1913

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8629)

(Is é an téacs Spáinnise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 308 29.11.2022, lch. 22)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

 M1

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/10 ÓN gCOIMISIÚN an 20 Nollaig 2022

  L 2

126

4.1.2023

 M2

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/414 ÓN gCOIMISIÚN an 17 Feabhra 2023

  L 59

15

24.2.2023

►M3

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/836 ÓN gCOIMISIÚN an 11 Aibreán 2023

  L 105

51

20.4.2023




▼B

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2333 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Samhain 2022

maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le bolgach caorach agus bolgach gabhar sa Spáinn agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1913

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8629)

(Is é an téacs Spáinnise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leis an gCinneadh seo, bunaítear an méid seo a leanas ar leibhéal an Aontais:

(a) 

na criosanna srianta ina bhfuil criosanna cosanta agus faireachais atá le bunú ag an Spáinn tar éis ráig nó ráigeanna de bholgach caorach agus de bholgach gabhar sa Spáinn, mar aon le crios srianta breise i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;

(b) 

fad na mbeart rialaithe galar atá le cur i bhfeidhm sna criosanna cosanta, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, sna criosanna faireachais i gcomhréir le hAirteagal 55 den Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus sa chrios srianta breise i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán Tarmligthe sin.

Airteagal 2

Criosanna srianta a bhunú

Áiritheoidh an Spáinn:

(a) 

go mbunóidh údarás inniúil an Bhallstáit sin láithreach criosanna srianta ina bhfuil criosanna cosanta agus faireachais agus an crios srianta breise i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus faoi na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal sin agus in Airteagal 23 pointe (a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;

(b) 

go gcuimseoidh na criosanna cosanta agus faireachais agus an crios srianta breise dá dtagraítear i bpointe (a) ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(c) 

go mbeidh feidhm ag na bearta i ngach crios srianta ar a laghad go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

▼M3

Airteagal 3

Bearta atá le cur i bhfeidhm sna criosanna cosanta, faireachais agus sna criosanna srianta breise

1.  
Gluaiseachtaí caorach agus gabhar a choimeádtar sa chrios cosanta nó faireachais, ní cheadófar iad ach amháin má údaraíonn an t-údarás inniúil iad agus má chomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 2 agus 5.
2.  

Na gluaiseachtaí seo a leanas maidir le caoirigh agus gabhair a choimeádtar sna criosanna cosanta nó faireachais, féadfaidh an t-údarás inniúil iad a údarú:

(a) 

gluaiseachtaí caorach agus gabhar a théann go díreach chuig seamlas atá lonnaithe sa chrios cosanta nó faireachais céanna leis an mbunaíocht tionscnaimh, lena marú láithreach;

(b) 

nuair nach féidir na hainmhithe a mharú sa chrios cosanta nó faireachais céanna leis an mbunaíocht tionscnaimh, gluaiseachtaí caorach agus gabhar a théann go díreach chuig seamlas atá lonnaithe sa chrios srianta breise, lena marú láithreach, atá chomh gar agus is féidir don bhunaíocht tionscnaimh.

3.  
Gluaiseachtaí caorach agus gabhar ón gcrios srianta breise go dtí ceann scríbe lasmuigh den chrios srianta breise sin, ní cheadófar iad ach amháin má údaraíonn an t-údarás inniúil iad agus má chomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 4 agus 5.
4.  
Féadfaidh an t-údarás inniúil gluaiseachtaí caorach agus gabhar a choimeádtar sa chrios srianta breise lasmuigh den chrios sin laistigh de chríoch na Spáinne a údarú nuair atá na gluaiseachtaí caorach agus gabhar sin ag dul díreach chuig seamlas lena marú láithreach:
5.  

Maidir leis na modhanna iompair a úsáidtear le haghaidh gluaiseacht caorach agus gabhar ó chriosanna cosanta, faireachais nó ó chriosanna srianta breise:

(a) 

comhlíonann siad na ceanglais maidir leis na modhanna iompair a leagtar síos in Airteagal 24(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;

(b) 

déanfar iad a ghlanadh agus a dhíghalrú i gcomhréir leis na ceanglais maidir leis na modhanna iompair a leagtar síos in Airteagal 24(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 faoi rialú nó faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil;

(c) 

ní bheidh iontu ach caoirigh agus gabhair a bhfuil an stádas sláinte céanna acu.

▼B

Airteagal 4

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1913 a aisghairm

Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1913.

▼M3

Airteagal 5

An Cur i bhFeidhm

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 20 Meán Fómhair 2023.

▼B

Airteagal 6

Seolaí

Is chuig Ríocht na Spáinne a dhírítear an Cinneadh seo.




IARSCRÍBHINN

▼M3




“IARSCRÍBHINN

A.    Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar ráigeanna deimhnithe



Réigiún agus uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid de na criosanna srianta sa Spáinn dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí

Réigiún Castilla – La Mancha

ES-CAPRIPOX-2023-00001

ES-CAPRIPOX-2023-00002

ES-CAPRIPOX-2023-00003

ES-CAPRIPOX-2023-00004

ES-CAPRIPOX-2023-00005

An crios cosanta:

Na codanna sin de chúige Ciudad Real, laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 7 gciliméadar, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí UTM 30, ETRS89 seo a leanas: domhanleithead 39.3779337, domhanfhad -3.2065384 (2023/3); domhanleithead 39.3799218, domhanfhad -3.2133482 (2023/4); domhanleithead 39.28998, domhanfhad -3.24795 (2023/5)

10.5.2023

An crios faireachais:

Na codanna sin de chúigí Cuenca agus Albacete, laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 20 chiliméadar, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí UTM 30, ETRS89 seo a leanas: domhanleithead 39.5105823, domhanfhad -2.4881244 (2023/01); domhanleithead 39.4754483, domhanfhad -2.1693509 (2023/2);

17.4.2023

An crios faireachais:

Na codanna sin de chúigí Ciudad Real agus Toledo, lasmuigh den limistéar a dtugtar tuairisc air sa chrios cosanta agus atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 25 gciliméadar agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí UTM 30, ETRS89 seo a leanas: domhanleithead 39.3779337, domhanfhad -3.2065384 (2023/3); domhanleithead 39.3799218, domhanfhad -3.2133482 (2023/4); domhanleithead 39.28998, domhanfhad -3.24795 (2023/5)

26.5.2023

An crios faireachais:

Na codanna sin de chúigí Ciudad Real, laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 7 gciliméadar, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí UTM 30, ETRS89 seo a leanas: domhanleithead 39.3779337, domhanfhad -3.2065384 (2023/3); domhanleithead 39.3799218, domhanfhad -3.2133482 (2023/4); domhanleithead 39.28998, domhanfhad -3.24795 (2023/5)

11.5.2023 - 26.5.2023

B.    Criosanna srianta breise



Réigiún

Limistéir a bhunaítear mar chriosanna srianta breise, cuid de na criosanna srianta sa Spáinn dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí

Réigiún Castilla – La Mancha

Crios srianta breise ina bhfuil na cúigí seo a leanas:

— Albacete

— Ciudad Real

— Cuenca

— Toledo

5.7.2023”