02022D1994 — GA — 21.10.2022 — 000.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
Arna cheartú le:
▼B
▼C1
CINNEADH (AE) 2022/1994 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Deireadh Fómhair 2022
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhochoiste um Thásca Geografacha arna bhunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann lena rialacha nós imeachta a ghlacadh
Airteagal 1
Maidir le seasamh an Aontais san Fhochoiste um Thásca Geografacha a mhéid a bhaineann lena rialacha nós imeachta a ghlacadh, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón bhFochoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
DRÉACHT
CINNEADH UIMH. ... Ó FHOCHOISTE UM THÁSCA GEOGRAFACHA AE-AN AIRMÉIN
an ...
lena ndéantar a rialacha nós imeachta a ghlacadh
Airteagal 1
Glactar leis seo rialacha nós imeachta an Fhochoiste um Thásca Geografacha mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
IARSCRÍBHINN
Rialacha nós imeachta Fhochoiste um Thásca Geografacha AE- an Airméin
Airteagal 1
Forálacha Ginearálta
1.
An Fochoiste um Thásca Geografacha (‘An Fochoiste’), arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 240 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), tabharfaidh sé cúnamh don Choiste Comhpháirtíochta i gcumraíocht trádála, arna bhunú le hAirteagal 363(7) den Chomhaontú, le linn dó a fheidhmeanna a fheidhmiú.
2.
Déanfaidh an Fochoiste a fheidhmeanna a fheidhmiú de réir mar a leagtar amach in Airteagal 240 den Chomhaontú.
3.
Beidh an Fochoiste comhdhéanta d’ionadaithe an Choimisiúin Eorpaigh agus Phoblacht na hAirméine, atá freagrach as ábhair a bhaineann le tásca geografacha.
4.
Chun críche na rialacha nós imeachta seo déanfar 'na Páirtithe' a shainiú de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 382 den Chomhaontú.
5.
Déanfaidh gach ceann de na Páirtithe Ceann Toscaireachta a cheapadh agus is é a bheidh ina theagmhálaí le haghaidh na n-ábhar uile a bhaineann leis an bhFochoiste.
6.
Feidhmeoidh na Cinn Toscaireachta mar Chathaoirleach ar an bhFochoiste i gcomhréir le hAirteagal 2.
7.
Féadfaidh gach Ceann Toscaireachta feidhmeanna uile an Chinn Toscaireachta nó aon cheann díobh a tharmligean do leascheann toscaireachta ainmnithe, agus sa chás sin beidh feidhm chomhionann ag gach tagairt a dhéantar anseo feasta don Cheann Toscaireachta maidir leis an leascheann toscaireachta ainmnithe. Tabharfaidh an Ceann Toscaireachta fógra do Rúnaíocht an Fhochoiste maidir le ainmniúchán den sórt sin.
Airteagal 2
An Chathaoirleacht
Beidh cathaoirleacht an Fhochoiste ag na Páirtithe ar bhonn idirmhalartach ar feadh tréimhse 12 mhí. Tosóidh an chéad tréimhse ar dháta chéad chruinniú na Comhairle Comhpháirtíochta agus tiocfaidh deireadh leis an 31 Nollaig an bhliain sin.
Airteagal 3
Cruinnithe
1.
Tiocfaidh an Fochoiste le chéile uair sa bhliain, mura gcinneann an Cathaoirleach a mhalairt, nó ar a iarraidh don dá pháirtí, ar bhonn idirmhalartach san Aontas agus i bPoblacht na hAirméine, ag am agus i láthair agus ar bhealach, ar físchomhdháil a d’fhéadfadh a bheith ann, a chomhaontaíonn an dá Pháirtí, ach tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis an iarraidh a fháil.
2.
Is é an Cathaoirleach a thionólfaidh gach cruinniú den Fhochoiste. Is é Rúnaí an Fhochoiste a chuirfidh amach an fógra maidir le tionól an chruinnithe tráth nach déanaí ná 28 lá féilire roimh hús an chruinnithe, mura gcomhaontaíonn na Páirtithe a mhalairt.
3.
Nuair is féidir, déanfar cruinniú rialta an Fhochoiste a thionól in am trátha roimh chruinniú rialta an Choiste Comhpháirtíochta i gcumraíocht trádála.
Airteagal 4
Toscaireachtaí
Roimh gach cruinniú, cuirfidh Rúnaíocht an Fhochoiste na Páirtithe ar an eolas maidir le comhdhéanamh beartaithe thoscaireacht gach Páirtí a bheidh ag freastal ar an gcruinniú.
Airteagal 5
Rúnaíocht
1.
Gníomhóidh oifigeach de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus oifigeach de chuid Phoblacht na hAirméine go comhpháirteach mar Rúnaithe ar an bhFochoiste, iad arna gceapadh ag na Cinn Toscaireachta, agus feidhmeoidh siad cúraimí rúnaíochta ar bhealach comhpháirteach, i spiorad muiníne frithpháirtí agus comhair.
2.
Cuirfear Rúnaí an Choiste Comhpháirtíochta i gcumraíocht trádála ar an eolas maidir le haon chinneadh, tuarascáil nó aon ghníomhaíocht eile arna chomhaontú ag an bhFochoiste.
Airteagal 6
Comhfhreagras
1.
Comhfhreagras a sheolfar chuig an bhFochoiste, díreofar é chuig Rúnaí ceachtar den dá Pháirtí agus cuirfidh seisean an Rúnaí eile ar an eolas ansin.
2.
Áiritheoidh Rúnaíocht an Fhochoiste go gcuirfear comhfhreagras a sheolfar chuig an bhFochoiste ar aghaidh chuig Cathaoirleach an Fhochoiste agus go scaipfear é, i gcás inarb iomchuí, mar dhoiciméid dá dtagraítear in Airteagal 7.
3.
Seolfaidh an Rúnaíocht, thar ceann an Chathaoirligh, comhfhreagras ón gCathaoirleach chuig na Páirtithe. Déanfar an comhfhreagras sin a scaipeadh, i gcás inarb iomchuí, faoi mar a fhoráiltear dó in Airteagal 7.
Airteagal 7
Doiciméid
1.
Déanfaidh Rúnaithe an Fhochoiste doiciméid a scaipeadh.
2.
Is chuig a Rúnaí a tharchuirfidh Páirtí a dhoiciméid. Tarchuirfidh an Rúnaí na doiciméid sin chuig Rúnaí an Pháirtí eile.
3.
Scaipfidh Rúnaí arna cheapadh ag an Aontas na doiciméid ar ionadaithe ábhartha an Aontais agus cuirfidh sé Rúnaí arna cheapadh ag Poblacht na hAirméine agus Rúnaithe an Choiste Comhpháirtíochta i gcumraíocht Trádála i gcóip go córasach sa chomhfhreagras sin.
4.
Scaipfidh Rúnaí arna cheapadh ag Poblacht na hAirméine na doiciméid ar ionadaithe ábhartha Phoblacht na hAirméine agus cuirfidh sé Rúnaí arna cheapadh ag an Aontas agus Rúnaithe an Choiste Comhpháirtíochta i gcumraíocht trádála i gcóip go córasach sa chomhfhreagras sin.
Airteagal 8
Rúndacht
Mura gcinneann na Páirtithe a mhalairt, ní cruinnithe poiblí a bheidh i gcruinnithe an Fhochoiste. I gcás ina gcuireann Páirtí faoi bhráid an Fhochoiste faisnéis a ainmnítear mar fhaisnéis rúnda, déileálfaidh an Páirtí eile leis an bhfaisnéis sin mar fhaisnéis rúnda.
Airteagal 9
Clár
1.
Déanfaidh Rúnaíocht an Fhochoiste clár sealadach a tharraingt suas le haghaidh gach cruinnithe chomh maith le dréachtchonclúidí oibríochtúla dá bhforáiltear in Airteagal 10 ar bhonn na moltaí a dhéanfaidh na Páirtithe. Beidh sa chlár sealadach míreanna a bhfuil iarraidh faighte ag an Rúnaíocht ó Pháirtí i leith iad a chur ar an gclár, míreanna arna dtacú le doiciméid ábhartha, tráth nach déanaí ná 21 lá féilire roimh dháta an chruinnithe.
2.
Scaipfear an clár sealadach dá bhforáiltear in Airteagal 7, mar aon leis na doiciméid ábhartha, tráth nach déanaí ná 15 lá féilire roimh thús an chruinnithe.
3.
Faoi réir Airteagal 8, déanfar clár sealadach an chruinnithe sin a phoibliú, 10 lá féilire sula mbeidh an cruinniú ann más féidir sin.
4.
Glacfaidh Cathaoirleach an Fhochoiste agus an Ceann Toscaireachta eile an clár ag tús gach cruinnithe. Is féidir míreanna cé is moite de na míreanna ar an gclár sealadach a chur ar an gclár má chomhaontaíonn na Páirtithe sin.
5.
Féadfaidh Cathaoirleach an Fhochoiste iarraidh ar ionadaithe ar chomhlachtaí eile de chuid na bPáirtithe nó, le comhaontú an Pháirtí eile, ar shaineolaithe neamhspleácha i réimse áirithe freastal ar na cruinnithe ar bhonn ad hoc chun faisnéis maidir le hábhair shonracha a sholáthar. Áiritheoidh na Páirtithe go n-urramóidh breathnóirí nó saineolaithe den sórt sin aon cheanglas rúndachta.
6.
Féadfaidh Cathaoirleach an Fhochoiste na teorainneacha ama a shonraítear i míreanna 1 agus 2 a laghdú i gcomhairle leis na Páirtithe, chun tosca faoi leith a chur san áireamh.
Airteagal 10
Miontuairiscí agus conclúidí oibríochtúla
1.
Déanfaidh Rúnaithe an Fhochoiste dréacht-mhiontuairiscí ar gach cruinniú a tharraingt suas go comhpháirteach.
2.
Beidh na nithe seo a leanas sna miontuairiscí i leith gach míre ar an gclár mar riail ghinearálta:
(a)
liosta de na rannpháirtithe sa chruinniú, liosta de na hoifigigh a bhí ag gabháil leo agus liosta de na breathnóirí nó saineolaithe a d’fhreastail ar an gcruinniú más rud é go raibh siad ann;
(b)
an doiciméadacht a cuireadh faoi bhráid an Fhochoiste;
(c)
ráitis ar iarr an Fochoiste iad a chur sna miontuairiscí; agus
(d)
conclúidí oibríochtúla an chruinnithe, más gá, dá bhforáiltear i mír 4.
3.
Cuirfear na dréacht-mhiontuairiscí faoi bhráid an Fhochoiste lena bhformheas. Déanfar iad a fhormheas laistigh de 28 lá féilire tar éis gach cruinniú den Fhochoiste. Cuirfear cóip chuig gach duine de na seolaithe dá dtagraítear in Airteagal 7. Gan dochar d’Airteagal 8, a luaithe is féidir tar éis a fhormheas, foilseoidh na Páirtithe miontuairiscí formheasta. Beidh ag gabháil leis na miontuairiscí mar riail ghinearálta, an clár críochnaitheach agus achoimre ar an bplé faoi gach pointe sa chlár.
4.
Déanfaidh Rúnaí Fhochoiste an Pháirtí a bhfuil cathaoirleacht an Fhochoiste aige dréacht-chonclúidí oibríochtúla a tharraingt suas agus a scaipeadh ar na Páirtithe mar aon leis an gclár sealadach tráth nach déanaí ná 15 lá féilire roimh thús an chruinnithe. Déanfar an dréacht a nuashonrú agus an cruinniú ag dul ar aghaidh sa chaoi go nglacfaidh an Fochoiste na conclúidí oibríochtúla lena léireofar na gníomhaíochtaí leantacha ag deireadh an chruinnithe, ar conclúidí iad arna gcomhaontú ag na Páirtithe mura gcomhaontaíonn na Páirtithe a mhalairt, Ach na conclúidí oibríochtúla a bheith comhaontaithe, ceanglófar de na miontuairiscí iad agus athbhreithneofar a gcur chun feidhme ag aon chruinniú den Fhochoiste ina dhiaidh sin. Chuige sin, glacfaidh an Fochoiste teimpléad lena bhféadfar gach gníomhaíocht a rianú in aghaidh sprioc-am sonrach.
Airteagal 11
Cinntí
1.
Beidh an chumhacht ag an bhFochoiste cinntí a ghlacadh sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 240(3) den Chomhaontú. Glacfaidh an Fochoiste cinntí de chomhthoil, faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 240(2) den Chomhaontú. Beidh siad ina gceangal ar na Páirtithe agus déanfaidh siad sin bearta iomchuí chun iad a chur chun feidhme.
2.
Déanfaidh Cathaoirleach an Fhochoiste gach cinneadh a fhíordheimhniú.
3.
Féadfaidh an Fochoiste cinntí a dhéanamh nó tuairiscí a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn tar éis do na Páirtithe a nósanna imeachta inmheánacha féin a thabhairt i gcrích, i gcás ina gcomhaontaíonn siad leis sin. Is é a bheidh sa nós imeachta i scríbhinn malartú nótaí idir na Rúnaithe, ag gníomhú dóibh i gcomhaontú leis na Páirtithe. Chun na críche sin, scaipfear téacs an togra de bhun Airteagal 7 laistigh de theorainn ama nach lú ná 21 lá féilire ina gcuirfear in iúl aon fhorchoimeádas nó aon leasú. Féadfaidh Cathaoirleach an Fhochoiste an teorainn ama sin a laghdú i gcomhairle leis na Páirtithe, chun tosca faoi leith a chur san áireamh. Measfar na dréachtchinntí a bheith glactha a thúisce a chuirfidh an Páirtí eile in iúl go n-aontaíonn sé leo agus déanfar a nglacadh a thaifeadadh i miontuairiscí chruinniú an Fhochoiste.
4.
Is é an teideal a bheith ar ghníomhartha an Fhochoiste ‘Cinneadh’ nó ‘Tuarascáil’ faoi seach. Tiocfaidh gach cinneadh i bhfeidhm ar dháta a ghlactha mura bhforáiltear a mhalairt ann.
5.
Scaipfear na cinntí ar na Páirtithe.
6.
Féadfaidh gach Páirtí cinneadh a dhéanamh maidir le foilsiú chinntí an Fhochoiste ina fhoilseachán oifigiúil féin.
Airteagal 12
Tuarascálacha
Tuairisceoidh an Fochoiste a ghníomhaíochtaí don Choiste Comhpháirtíochta i gcumraíocht trádála ag gach cruinniú rialta den Choiste Comhpháirtíochta.
Airteagal 13
Teangacha
1.
Is iad an Béarla agus an Airméinis teangacha oibre an Fhochoiste. Féadfaidh na Páirtithe áfach a chinneadh cruinnithe a thionól i mBéarla amháin.
2.
Mura gcinntear a mhalairt, bunóidh an Fochoiste a phléití ar an doiciméadacht a ullmhófar sna teangacha sin.
3.
Glacfaidh an Fochoiste cinntí lena mbaineann leasú nó léirmhíniú an Chomhaontaithe i dteangacha théacs barántúil an Chomhaontaithe. Cé is moite de sin glacfar cinntí uile an Fhochoiste sna teangacha dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 14
Speansais
1.
Íocfaidh gach Páirtí as aon chaiteachas a thabhóidh sé de thoradh a bheith rannpháirteach i gcruinnithe an Fhochoiste maidir le speansais foirne, taistil agus chothaithe agus maidir le caiteachas postais agus teileachumarsáide.
2.
Is é an Páirtí a bheidh ina óstach ar an gcruinniú a sheasfaidh an caiteachas i ndáil le cruinnithe a eagrú agus doiciméid a atáirgeadh.
3.
Is é an Páirtí a bheidh ina óstach ar an gcruinniú a sheasfaidh an caiteachas i ndáil le hateangaireacht ar cruinnithe agus aistriú doiciméad go Béarla agus go hAirméinis dá dtagraítear in Airteagal 13(1).
Airteagal 15
Leasuithe ar rialacha nós imeachta
Is féidir na rialacha nós imeachta seo a leasú le cinneadh ón bhFochoiste i gcomhréir le hAirteagal 240(2) den Chomhaontú.