02022D1975 — GA — 19.10.2022 — 000.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

CINNEADH (AE) 2022/1975 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Deireadh Fómhair 2022

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil arna bhunú ag an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinní 10-A agus 10-B a ghabhann leis an gComhaontú a leasú

(IO L 271 19.10.2022, lch. 3)


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 297, 17.11.2022, lch.  85 (2022/1975)




▼B

CINNEADH (AE) 2022/1975 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Deireadh Fómhair 2022

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil arna bhunú ag an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinní 10-A agus 10-B a ghabhann leis an gComhaontú a leasú



Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Thrádáil a bunaíodh le hAirteagal 15.1 den Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinní 10-A agus 10-B a ghabhann leis an gComhaontú a leasú, bunófar an seasamh sin ar an dréachtchinneadh ón gCoiste um Thrádáil atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.




DRÉÁCHT-

CINNEADH UIMH. X. ÓN gCOISTE UM THRÁDÁIL IDIR AN CHÓIRÉ AGUS AN tAONTAS EORPACH

an …

maidir leis an leasú ar Iarscríbhinní 10-a agus 10-b a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile



Airteagal 1

Tagairtí do reachtaíocht an Aontais agus na Cóiré i gCaibidil 10, Roinn B, Foroinn C ‘Tásca Geografacha’ fonótaí (51), (53) – (55) i leagan den Chomhaontú a foilsíodh san Aontas nó na fonótaí céanna a bhfuil uimhreacha (2), (4)-(6) orthu i leagan den Chomhaontú a foilsíodh sa Chóiré ( 19 ), déanfar iad a mheas mar thagairtí don reachtaíocht sin arna leasú nó arna hionadú i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Leasaítear Iarscríbhinní 10-A agus 10-B a ghabhann leis an gComhaontú mar a leanas:

(1) 

na tásca geografacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo a chur faoin liosta comhfhreagrach de thásca geografacha an Bhallstáit lena mbaineann i gCuid A d’Iarscríbhinn 10-A a ghabhann leis an gComhaontú;

(2) 

na tásca geografacha a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo a chur faoin liosta comhfhreagrach de thásca geografacha na Cóiré i gCuid B d’Iarscríbhinn 10-A a ghabhann leis an gComhaontú;

(3) 

na tásca geografacha a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCinneadh seo a chur faoin liosta comhfhreagrach de thásca geografacha an Bhallstáit lena mbaineann i Roinn 1 agus Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 10-B a ghabhann leis an gComhaontú;

(4) 

na tásca geografacha a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gCinneadh seo a chur faoin liosta comhfhreagrach de thásca geografacha na Cóiré i gCuid B d’Iarscríbhinn 10-B a ghabhann leis an gComhaontú;

(5) 

na tásca geografacha ‘Pacharán’ (An Spáinn), ‘Polska Wiśniówka/Polish Cherry’ (An Pholainn) agus ‘Scotch Whisky’ (An Ríocht Aontaithe) a bhaint de liosta na dtásc geografach i Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 10-B a ghabhann leis an gComhaontú;

▼C1

(6) 

na tásca geografacha ‘Seosan Garlic (서산마늘)’, ‘Muan White Lotus Tea (무안백련차)’ agus ‘Cheongyang Powdered Hot Pepper (청양고춧가루)’, ‘Yeoju Sweet Potato (여주고구마)’ a bhaint de liosta thásca geografacha na Cóiré i gCuid B d’Iarscríbhinn 10-A a ghabhann leis an gComhaontú; agus

▼B

(7) 

na tásca geografacha comhfhreagracha a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCinneadh seo a chur in ionad na dtásc geografach ar athraíodh a n-ainmneacha i liosta thásca geografacha an Bhallstáit lena mbaineann i gCuid A d’Iarscríbhinn 10-A a ghabhann leis an gComhaontú.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an chéad lá den mhí tar éis an dáta a mhalartóidh na Páirtithe fógraí i scríbhinn trí bhealaí taidhleoireachta lena ndeimhnítear go bhfuil a gcuid ceanglas agus nósanna imeachta dlí is infheidhme is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm curtha i gcrích acu.




IARSCRÍBHINN I

Tagairtí do reachtaíocht an Aontais agus na Cóiré i gCaibidil 10, Roinn B, Foroinn C ‘Tásca Geografacha’ fonótaí (51), (53) – (55) i leagan den Chomhaontú a foilsíodh san Aontas nó na fonótaí céanna a bhfuil uimhreacha (2), (4)-(6) orthu i leagan den Chomhaontú a foilsíodh sa Chóiré, déanfar iad a mheas mar thagairtí don reachtaíocht sin arna leasú nó arna hionadú sna bealaí seo a leanas:

(1) 

I gcás tagairtí do reachtaíocht an Aontais:

(a) 

Maidir le tagairtí do ‘Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ón gComhairle’, déanfar iad a chur in ionad tagairtí do ‘Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89’;

(b) 

Cuirfear tagairtí do ‘Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí’ in ionad tagairtí do ‘Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 ón gComhairle an 20 Márta 2006 maidir le tásca geografacha agus ainmniúcháin tionscnaimh do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair’;

(c) 

Cuirfear tagairtí do ‘Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach i ndáil le táirgí fíonta cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle’ in ionad tagairtí do ‘Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle an 10 Meitheamh 1991 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le sainmhíniú, tuairisciú agus cur i láthair ar fhíonta cumhraithe, ar dheochanna bunaithe ar fhíon cumhraithe agus ar mhanglaim táirgí fíonta cumhraithe’;

(d) 

Cuirfear tagairtí do ‘Rialachán (CE) Uimh. 491/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i leith táirgí talmhaíochta áirithe (an Rialachán maidir le CEM Aonair)’ in ionad tagairtí do ‘Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le comheagrú mhargadh an fhíona’ a aisghaireadh le Rialachán (CE) Uimh. 479/2008 ón gComhairle an 29 Aibreán 2008 maidir le comheagrú mhargadh an fhíona, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1493/1999, (CE) Uimh. 1782/2003, (CE) Uimh. 1290/2005, (CE) Uimh. 3/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2392/86 agus (CE) Uimh. 1493/1999’; agus

(e) 

Cuirfear tagairtí do ‘Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle’ in ionad tagairtí do ‘Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i leith táirgí talmhaíochta airithe (an Rialachán maidir le CEM Aonair)’.

(2) 

I gcás tagairtí do reachtaíocht na Cóiré:

(a) 

Cuirfear tagairtí don Acht um Rialú Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta agus Iascaigh (Acht Uimh. 18599, Nollaig 21, 2021) in ionad tagairtí don Acht um Rialú Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta (Acht Uimh. 9759, 9 Meitheamh, 2009); agus

(b) 

Cuirfear tagairtí don Acht um Cháin ar Dheochanna Meisciúla (Acht Uimh. 18593, 21 Nollaig, 2021) agus don Acht um Cheadúnas Deochanna Meisciúla (Acht Uimh. 18723, 6 Eanáir, 2022) in ionad tagairtí don Acht um Cháin ar Dheochanna Meisciúla (Acht Uimh. 8852, 29 Feabhra, 2008).




IARSCRÍBHINN II



Cód Tíre

An t-ainm atá le cosaint

Táirge

Tras-scríbhinn go haibítir na Cóiréise

AT

Steirisches Kürbiskernöl

Ola síl puimcín

슈타이리쉐스 퀴르비스케른욀

CY

Λουκούμι Γεροσκήπου / Loukoumi Geroskipou

Milseogra

루꾸미 게로스끼뿌

DE

Hopfen aus der Hallertau

Leannlusanna

할러타우 홉펜

DE

Lübecker Marzipan

Milseogra

뤼베커 마르지판

DE

Nürnberger Lebkuchen

Milseogra

뉘른베르거 렙쿠헨

DE

Schwarzwälder Schinken

Liamhás

슈바르츠벨더 쉰켄

DK

Danablu

Cáis

다나블루

ES

Aceite de Terra Alta/Oli de Terra Alta

Ola olóige

아쎄이떼 데 떼라 알따; 올리 데 떼라 알따

ES

Aceite Monterrubio

Ola olóige

아쎄이떼 몬떼루비오

ES

Estepa

Ola olóige

에스떼빠

ES

Les Garrigues

Ola olóige

레스 가리게스

ES

Sierra de Cazorla

Ola olóige

씨에라 데 까쏘를라

ES

Siurana

Ola olóige

씨우라나

EL

Καλαμάτα / Kalamata (1)

Ola olóige

칼라마타

EL

Σητεία Λασιθίου Κρήτης / Sitia Lasithiou Kritis

Ola olóige

시티아 라시티우 크리티스

EL

Λακωνία / Lakonia

Ola olóige

라코니아

EL

Γραβιέρα Κρήτης / Graviera Kritis

Cáis

그라비에라 크리티스

EL

Κασέρι / Kasseri

Cáis

카세리

IT

Aceto Balsamico di Modena

Fínéagar

아체토 발사미코 디 모데나

IT

Bresaola della Valtellina

Liamhás

브레사올라 델라 발텔리나

IT

Kiwi Latina

Cíobhaí

키위 라티나

IT

Mela Alto Adige / Südtiroler Apfel

Úll

멜라 알토 아디제; 수드티롤레르 아펠

IT

Toscano

Ola olóige

토스카노

IT

Pecorino Toscano

Cáis

페코리노 토스카노

IT

Salamini italiani alla cacciatora

Salámaí

살라미니 이탈리아니 알라 카차토라

NL

Edam Holland

Cáis

에담 홀란드

NL

Gouda Holland

Cáis

고다 홀란드

(1)   

Ní chuirfear cosc, le cosaint an táisc gheografaigh ‘Kalamata’, ar úsáid ainm cineáil planda maidir le hola olóige i gcríoch na Cóiré. Leis an bhfoirmliú sin, ní athraítear ná ní laghdaítear an chosaint a thugtar cheana don tásc geografach cosanta ‘Elia Kalamatas’ leis an gComhaontú.




IARSCRÍBHINN III



An t-ainm atá le cosaint

Táirge

Tras-scríbhinn go haibítir na Cóiréise

천안배 (Cheonan Bae (Pear))

Piorra

Cheonan Bae

나주배 (Naju Bae (Pear))

Piorra

Naju Bae

안성배 (Anseong Bae (Pear))

Piorra

Anseong Bae

고려흑삼제품 (Korean Black Ginseng Product)

Táirge Ginsinge Duibhe

Goryeo Heuksamjepum

예산사과 (Yesan Apple)

Úll

Yesan Sagwa

안성쌀 (Anseong Ssal (Rice))

Rís

Anseong Ssal

영월고춧가루 (Yeongwol Red Pepper Powder)

Púdar Piobar Dearg

Yeongwol Gochutgaru

고려흑삼 (Korean Black Ginseng)

Ginsing Dhubh

Goryeo Heuksam

보성웅치올벼쌀 (Boseong Ungchi Olbyeossal)

Rís

Boseong Ungchi Olbyeossal

김포쌀 (Gimpo Ssal (Rice))

Rís

Gimpo Ssal

진도검정쌀 (Jindo Black Rice)

Rís

Jindo Geomjeong Ssal

군산쌀 (Gunsan Ssal (Rice))

Rís

Gunsan Ssal

영월고추 (Yeongwol Red Pepper)

Piobar Dearg

Yeongwol Gochu

영천포도 (Yeongcheon Grapes)

Fíonchaor

Yeongcheon Podo

무주사과 (Muju Apple)

Úll

Muju Sagwa

삼척마늘 (Samcheok Garlic)

Gairleog

Samcheok Maneul

김천자두 (Gimcheon Jadu (Plum))

Pluma

Gimcheon Jadu

영동포도 (Yeongdong Grapes)

Fíonchao

Yeongdong Podo

문경오미자 (Mungyeong Omija)

Omija

Mungyeong Omija

청도반시 (Cheongdo Seedless Flat Persimmon)

Dátphluma

Cheongdo Bansi

평창산양삼 (PyeongChang Wild-cultivated Ginseng)

Ginsing a saothraíodh go fiáin

PyeongChang Sanyangsam

보은대추 (Boeun Jujube)

Jujobe

Boeun Daechu

충주밤 (Chungju Bam (Chestnut))

Castán

Chungju Bam

가평잣 (Gapyeong Korean Pine nuts)

Cnó péine

Gapyeong Jat

정선곤드레 (Jeongseon Gondre)

Gondre (Feochadán Cóiréach)

Jeongseon Gondre

영동곶감 (Yeongdong Persimmon Dried)

Dátphluma

Yeongdong Gotgam

부여표고 (Buyeo Pyogo (Oak mushroom))

Muisiriún darach

Buyeo Pyogo

완도미역 (Wando Sea mustard)

Mustard mara

Wando Miyeok

완도다시마 (Wando Sea tangle)

Coirleach

Wando Dasima

기장미역 (Gijang sea mustard)

Mustard mara

Gijang Miyeok

기장다시마 (Gijang sea tangle)

Coirleach

Gijang Dasima

완도김 (Wando Laver)

Sleabhac

Wando Gim

장흥김 (Jangheung Laver)

Sleabhac

Jangheung Gim

여수굴 (Yeosu Gul (Yeosu Oyster))

Oisre

Yeosu Gul

고흥미역 (Goheung Dried Sea mustard)

Mustard mara

Goheung Miyeok

고흥다시마 (Goheung Dried Sea tangle)

Coirleach

Goheung Dasima

신안김 (Sinan Gim (Laver))

Sleabhac

Sinan Gim

해남김 (Haenam Gim (Laver))

Sleabhac

Haenam Gim

고흥김 (Goheung Laver)

Sleabhac

Goheung Gim

고흥굴 (Goheung Gul (Oyster))

Oisre

Goheung Gul




IARSCRÍBHINN IV

ROINN 1

FÍONTA DE THIONSCNAMH AN AONTAIS EORPAIGH



Cód Tíre

Ainm Ainmniúcháin

Tras-scríbhinn go haibítir na Cóiréise

CY

Κουμανδαρία (tras-scríbhinn go haibítir na Laidine: Commandaria )

꼬만다리아

DE

Franken

프랑켄

ES

Utiel-Requena

우띠엘 레께나

FR

Pays d'Oc

패이 독 / 뻬이 독

FR

Romanée-Conti

로마네 콘티 / 로마네 꽁띠

FR

Pauillac

포이약 / 뽀이약

FR

Saint-Estèphe

세인트 에스테브 / 쎙 에스테프

IT

Prosecco

프로세코

RO

Cotnari

코트나리

SI

Vipavska dolina

비파브스카 돌리나

SK

Vinohradnícka oblasť Tokaj

비노흐라드니스카 오블라스트 토카이

ROINN 2

DEOCHANNA BIOTÁILLEACHA DE THIONSCNAMH AN AONTAIS EORPAIGH



Cód Tíre

Ainm Ainmniúcháin

Tras-scríbhinn go haibítir na Cóiréise

CY

Ζιβανία / Τζιβανία / Ζιβάνα / Zivania

지바니아

ES

Brandy del Penedés

브란디 델 뻬네데스

EL

Τσίπουρο / Tsipouro

치푸로

IE

Irish Cream

아이리쉬 크림

LT

Originali lietuviška degtinė/Vodca bunaidh na Liotuáine

오리지널 리투아니아 보드카

BE+NL+FR+DE

Genièvre / Jenever / Genever

예네이버/제니버




IARSCRÍBHINN V



An t-ainm atá le cosaint

Tras-scríbhinn go haibítir na Cóiréise

무주머루와인 (Muju Wild Grape Wine)

Muju Meoru Wine




IARSCRÍBHINN VI

AN FHRAINC



Huile essentielle de lavande de Haute-Provence/Essence de lavande de Haute-Provence (1)

Bláthola labhandair

윌 에썽씨엘 드 라벙드 드 오뜨 프로방스 / 에썽스 드 라벙드 드 오뜨 프로방스 (오뜨 프로방스 라벙드 에센스 오일)

(1)   

Athraíodh ‘Huile essentielle de lavande de Haute-Provence’ go ‘Huile essentielle de lavande de Haute-Provence/Essence de lavande de Haute-Provence’.

AN IODÁIL



Prosciutto di San Daniele (1)

Liamhás

프로슈토 디 산 다니엘레(생햄)

(1)   

Athraíodh ‘Prosciutto di S. Daniele’ go ‘Prosciutto di San Daniele’.

AN SPÁINN



Jamón de Teruel/Paleta de Teruel (1)

Liamhás

하몬 데 떼루엘 / 빨레따 데 떼루엘

Jabugo (2)

Liamhás

하부고

(1)   

Athraíodh ‘Jamon de Teruel’ go ‘Jamón de Teruel/Paleta de Teruel’.

(2)   

Athraíodh ‘Jamón de Huelva’ go ‘Jabugo’.



( 1 ) IO L 127, 14.5.2011, lch. 6.

( 2 ) IO L 39, 13.2.2008, lch. 16.

( 3 ) IO L 130, 17.5.2019, lch. 1.

( 4 ) IO L 93, 31.3.2006, lch. 12.

( 5 ) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

( 6 ) IO L 149, 14.6.1991, lch. 1.

( 7 ) IO L 84, 20.3.2014, lch. 14.

( 8 ) IO L 179, 14.7.1999, lch. 1.

( 9 ) IO L 154, 17.6.2009, lch. 1.

( 10 ) IO L 299, 16.11.2007, lch. 1.

( 11 ) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

( 12 ) 대한민국정부 관보 제20151호(iris oifigiúil 20151), 2021.12.21, lch. 47.

( 13 ) 대한민국정부 관보 제19907호(iris oifigiúil 19907), 2020.12.29, lch. 110.

( 14 ) 대한민국정부 관보 제20151호(iris oifigiúil 20151), 2021.12.21, lch. 39.

( 15 ) 대한민국정부 관보 제20163호 별권1(iris oifigiúil 20163, imleabhar 1 ar leith), 2022.1.6, lch. 4.

대한민국정부 관보 제20163호 별권1(iris oifigiúil 20163, imleabhar 1 ar leith), 2022.1.6, lch. 4.

 ◄

( 16 ) IO L 114, 30.4.2019, lch. 7.

( 17 ) Athraíodh ‘Huile essentielle de lavande de Haute-Provence’ go ‘Huile essentielle de lavande de Haute-Provence/Essence de lavande de Haute-Provence’.(tras-scríbhinn: 윌 에썽씨엘 드 라벙드 드 오뜨 프로방스 / 에썽스 드 라벙드 드 오뜨 프로방스 (오뜨 프로방스 라벙드 에센스 오일) – athraíodh ‘Prosciutto di S. Daniele’ go ‘Prosciutto di San Daniele’ (fanann an tras-scríbhinn mar an gcéanna) – athraíodh ‘Jamon de Teruel’ go ‘Jamón de Teruel/Paleta de Teruel’ (tras-scríbhinn: 하몬 데 떼루엘 / 빨레따 데 떼루엘) – athraíodh ‘Jamón de Huelva’ go ‘Jabugo’ (tras-scríbhinn: 하부고).

( 18 ) Cinneadh Uimh. 1 ón gCoiste um Thrádáil idir an tAontas agus an Chóiré an 23 Nollaig 2011 maidir le rialacha nós imeachta an Choiste um Thrádáil a ghlacadh (IO L 58, 1.3.2013, lch. 9).

( 19 ) 대한민국 관보 제17538호 (그2) (iris oifigiúil 17538, imleabhar 2 ar leith), 2011.6.28, lch. 800.