02022D1954 — GA — 12.01.2024 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1954 ÓN gCOIMISIÚN an 12 Deireadh Fómhair 2022 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i dtaca le hárthaí áineasa agus báid phearsanta, caighdeáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 269 17.10.2022, lch. 20) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/201 ÓN gCOIMISIÚN an 10 Eanáir 2024 |
L |
1 |
12.1.2024 |
|
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1954 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Deireadh Fómhair 2022
maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i dtaca le hárthaí áineasa agus báid phearsanta, caighdeáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Airteagal 1
Maidir leis na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe i dtaca le hárthaí áineasa agus báid phearsanta a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2013/53/AE, tagairtí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo, foilsítear leis seo iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 2
Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919.
Airteagal 3
Aisghairtear Teachtaireacht 2018/C 209/05.
Beidh feidhm aici go fóill, áfach, i leith na dtagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo go dtí na dátaí a tharraingeofar siar na tagairtí sin a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
IARSCRÍBHINN I
|
Uimhir |
An tagairt don chaighdeán |
|
1. |
EN ISO 6185-1:2018 Báid inséidte - Cuid 1: Báid a bhfuil uasrátáil cumhachta mótair 4,5 kW acu (ISO 6185-1:2001) |
|
2. |
EN ISO 6185-2:2018 Báid inséidte - Cuid 2: Báid a bhfuil uasrátáil cumhachta mótair 4,5 kW go 15 kW acu agus an dá rátáil sin san áireamh (ISO 6185-2:2001) |
|
3. |
EN ISO 6185-3:2018 Báid inséidte - Cuid 3: Báid a bhfuil cabhail níos lú ná 8 m acu agus a bhfuil rátáil mótair 15 kW agus níos mó ná sin acu (ISO 6185-3:2014) |
|
4. |
EN ISO 6185-4:2018 Báid inséidte - Cuid 4: Báid a bhfuil cabhail atá idir 8 m agus 24 m acu agus a bhfuil rátáil cumhachta mótair 15 kW agus níos mó acu (ISO 6185-4:2011, Leagan ceartaithe 2014-08-01) |
|
5. |
EN ISO 7840:2021 Árthaí beaga - Píobáin bhreosla dhódhíonacha (ISO 7840:2021) |
|
6. |
EN ISO 8099-1:2018 Árthaí beaga - Córais dramhaíola - Cuid 1: Coinneáil fuíolluisce (ISO 8099-1:2018) |
|
7. |
EN ISO 8099-2:2021 Árthaí beaga - Córais dramhaíola - Cuid 2: Córais cóireála séarachais (ISO 8099-2:2020) |
|
8. |
EN ISO 8469:2021 Árthaí beaga - Píobáin bhreosla neamh-dhódhíonacha (ISO 8469:2021) |
|
9. |
EN ISO 8665:2017 Árthaí beaga - Innill dócháin inmheánaigh fhrithingeacha le haghaidh cumhacht tiomána muirárthaí - Tomhais agus dearbhuithe cumhachta (ISO 8665:2006) |
|
10. |
EN ISO 8666:2020 Árthaí beaga - Na príomhshonraí (ISO 8666:2020) EN ISO 8666:2020/A11:2021 |
|
11. |
EN ISO 8846:2017 Árthaí beaga - Feistí leictreacha - Cosaint i gcoinne adhaint na ngás inadhainte máguaird (ISO 8846:1990) |
|
12. |
EN ISO 8847:2021 Árthaí beaga - Fearas stiúrtha - Córais chábla ar ulóg (ISO 8847:2021) |
|
13. |
EN ISO 8848:2017 Árthaí beaga - Córais stiúrtha chianda (ISO 8848:1990) |
|
13a. |
EN ISO 8848:2022 Árthaí beaga — Córais chianstiúrtha meicniúla |
|
14. |
EN ISO 8849:2021 Árthaí beaga - Caidéil ruma a oibrítear go leictreach (ISO 8849:2020) |
|
15. |
EN ISO 9093:2021 Árthaí beaga - Comhlaí farraige agus feistis trí chabhail (ISO 9093:2020) |
|
16. |
EN ISO 9094:2017 Árthaí beaga - Cosaint ar dhóiteán (ISO 9094:2015) |
|
17. |
EN ISO 10087:2022 Árthaí beaga - Sainaithint árthaí - Córas códaithe (ISO 10087:2022) |
|
18. |
EN ISO 10088:2017 Árthaí beaga - Córais breoslaí atá suiteáilte go buan (ISO 10088:2013) |
|
18a. |
EN ISO 10088:2023 Árthaí beaga — Córais bhreosla atá suiteáilte go buan |
|
19. |
EN ISO 10133:2017 Árthaí beaga - Córais leictreacha - Suiteálacha voltais d.c. an-ísil (ISO 10133:2012) |
|
20. |
EN ISO 10239:2017 Árthaí beaga - Córais gáis peitriliam leachtaithe (GPL) (ISO 10239:2014) |
|
21. |
EN ISO 10592:2017 Árthaí beaga - Córais stiúrtha hiodrálacha (ISO 10592:1994) |
|
21a. |
EN ISO 10592:2022 Árthaí beaga — Córais chianda stiúrtha hiodrálacha |
|
22. |
EN ISO 11105:2020 Árthaí beaga - Aeráil urranna innill peitril agus/nó umair peitril (ISO 11105:2020) |
|
23. |
EN ISO 11192:2018 Árthaí beaga - Siombailí grafacha (ISO 11192:2005) |
|
24. |
EN ISO 11547:2018 Árthaí beaga - Cosaint ar thosú i ngiar (ISO 11547:1994) |
|
25. |
EN ISO 11592-1:2016 Árthaí beaga - An uasrátáil cumhachta tiomána a chinneadh trí úsáid a bhaint as an luas ainlithe - Cuid 1: Árthaí a bhfuil cabhail níos lú ná 8 m acu (ISO 11592-1:2016) |
|
26. |
EN ISO 11592-2:2021 Árthaí beaga - An uasrátáil cumhachta tiomána a chinneadh trí úsáid a bhaint as an luas ainlithe - Cuid 2: Árthaí a bhfuil cabhail atá idir 8 m agus 24 m acu (ISO 11592-2:2021) |
|
27. |
EN ISO 11812:2018 Árthaí beaga - Cróite uiscedhíonacha agus cróite meardhraenála (ISO 11812:2001) |
|
28. |
EN ISO 12215-1:2018 Árthaí beaga - Tógáil cabhlach agus sáilíní - Cuid 1: Ábhair: Roisíní teirmithéachtacha, atreisiú snáithíní gloine, lannán tagartha (ISO 12215-1:2000) |
|
29. |
EN ISO 12215-2:2018 Árthaí beaga - Tógáil cabhlach agus sáilíní - Cuid 2: Ábhair: Príomhábhair le haghaidh tógáil srathaithe, ábhair leabaithe (ISO 12215-2:2002) |
|
30. |
EN ISO 12215-3:2018 Árthaí beaga - Tógáil cabhlach agus sáilíní - Cuid 3: Ábhair: Cruach, cóimhiotail alúmanaim, adhmad, ábhair eile (ISO 12215-3:2002) |
|
31. |
EN ISO 12215-4:2018 Árthaí beaga - Tógáil cabhlach agus sáilíní - Cuid 4: Ceardlann agus monaraíocht (ISO 12215-4:2002) |
|
32. |
EN ISO 12215-5:2019 Árthaí beaga - Tógáil cabhlach agus sáilíní - Cuid 5: Brúnna dearaidh le haghaidh monachabhailí, strusanna dearaidh, cinneadh sáilíní (ISO 12215-5:2019) |
|
33. |
EN ISO 12215-6:2018 Árthaí beaga - Tógáil cabhlach agus sáilíní - Cuid 6: Socruithe agus sonraí struchtúracha (ISO 12215-6:2008) |
|
34. |
EN ISO 12215-8:2018 Árthaí beaga - Tógáil cabhlach agus sáilíní - Cuid 8: Stiúracha (ISO 12215-8:2009, lena n-áirítear Cor 1:2010) |
|
35. |
EN ISO 12215-9:2018 Árthaí beaga - Tógáil cabhlach agus sáilíní - Cuid 9: Aguisíní árthaí seoltóireachta (ISO 12215-9:2012) |
|
36. |
EN ISO 12216:2018 Árthaí beaga - Fuinneoga, sliosphoill, haistí, comhlaí sliosphoill agus doirse - Ceanglais maidir le neart agus uiscedhíonacht (ISO 12216:2002) |
|
37. |
EN ISO 12217-1:2017 Árthaí beaga - An tseasmhacht agus an tsnámhacht a mheasúnú agus a chatagóiriú - Cuid 1: Báid nach báid seoltóireachta iad a bhfuil cabhail níos mó ná nó cothrom le 6 m acu (ISO 12217-1:2015) |
|
38. |
EN ISO 12217-2:2017 Árthaí beaga - An tseasmhacht agus an tsnámhacht a mheasúnú agus a chatagóiriú - Cuid 2: Báid seoltóireacht a bhfuil cabhail níos mó ná nó cothrom le 6 m acu (ISO 12217-2:2015) |
|
39. |
EN ISO 12217-3:2017 Árthaí beaga - An tseasmhacht agus an tsnámhacht a mheasúnú agus a chatagóiriú - Cuid 3: Báid a bhfuil cabhail níos lú ná 6 m acu (ISO 12217-3:2015) |
|
40. |
EN ISO 13297:2018 Árthaí beaga - Córais leictreacha - Suiteálacha srutha ailtéarnaigh (ISO 13297:2014) |
|
41. |
EN ISO 13590:2018 Árthaí beaga - Árthaí uisce pearsanta - Ceanglais tógála agus suiteála córais (ISO 13590:2003) |
|
42. |
EN ISO 13929:2017 Árthaí beaga - Fearas stiúrtha - Córais nasctha ghiaráilte (ISO 13929:2001) |
|
43. |
EN ISO 14509-1:2018 Árthaí beaga - Fuaim aeriompartha a dhéanann árthaí áineasa cumhachtaithe - Cuid 1: Nósanna imeachta maidir leis an torann a dhéantar ag dul thar bráid a thomhas (ISO 14509-1:2008) |
|
44. |
EN ISO 14509-3:2018 Árthaí beaga - Fuaim aeriompartha a dhéanann árthaí áineasa cumhachtaithe - Cuid 3: Measúnú fuaime a dhéanamh trí úsáid a bhaint as nósanna imeachta ríomha agus tomhais (ISO 14509-3:2009) |
|
45. |
EN ISO 14895:2016 Árthaí beaga - Soirn agus fearais téimh a bhreoslaítear le breoslaí leachtacha (ISO 14895:2016) |
|
46. |
EN ISO 14945:2021 Árthaí beaga - Pláta tógálaí (ISO 14945:2021) |
|
47. |
EN ISO 14946:2021 Árthaí beaga - Uasacmhainn ualaigh (ISO 14946:2021) |
|
48. |
EN ISO 15083:2018 Árthaí beaga - Córais caidéalaithe ruma (ISO 15083:2003) |
|
49. |
EN ISO 15084:2018 Árthaí beaga - Ancaireacht, múráil agus tarraingt - Pointí láidre (ISO 15084:2003) |
|
50. |
EN ISO 15085:2003 Árthaí beaga - Cosaint ó thitim thar bord agus daoine i bhfarraige a tharrtháil (ISO 15085:2003) EN ISO 15085:2003/A1:2009 EN ISO 15085:2003/A2:2018 |
|
51. |
EN ISO 15584:2017 Árthaí beaga - Innill pheitril istigh - Comhpháirteanna breosla, agus leictreacha atá feistithe ar inneall (ISO 15584:2001) |
|
52. |
EN 15609:2021 Trealamh agus oiriúintí GPL - Córais tiomána GPL do bháid, luaimh agus árthaí uisce eile - Ceanglais suiteála |
|
53. |
EN ISO 16147:2021 Árthaí beaga - Innill díosail istigh - Comhpháirteanna breosla, ola agus leictreacha atá feistithe ar inneall (ISO 16147:2020) |
|
54. |
EN ISO 16180:2018 Árthaí beaga - Soilse loingseoireachta - Suiteáil, socrú agus infheictheacht (ISO 16180:2013) |
|
55. |
EN ISO 16315:2016 Árthaí beaga - Córas tiomána leictreach (ISO 16315:2016) |
|
56. |
EN ISO 18854:2015 Árthaí beaga - Innill dócháin inmheánaigh fhrithingeacha a thomhas - Astaíochtaí sceite gásacha agus cáithníneacha a thomhas le clár tástála (ISO 18854:2015) |
|
57. |
EN ISO 19009:2015 Árthaí beaga - Soilse loingseoireachta leictreacha - Feidhmíocht soilse LED (ISO 19009:2015) |
|
58. |
EN ISO 21487:2018 Árthaí beaga - Umair bhreosla le haghaidh peitril agus díosail atá suiteáilte go buan (ISO 21487:2012, lena n-áirítear Amd 1:2014 agus Amd 2:2015) |
|
59. |
EN ISO 23411:2021 Árthaí beaga - Rothaí stiúrtha (ISO 23411:2020) |
|
60. |
EN ISO 25197:2018 Árthaí beaga - Córais rialaithe leictreacha/leictreonacha maidir le stiúradh, athrú agus scóig (ISO 25197:2012, lena n-áirítear Amd 1:2014) |
|
61. |
EN 60092-507:2015 Suiteálacha leictreacha i longa - Cuid 507 - Soithí beaga (IEC 60092-507:2014) |
IARSCRÍBHINN II
|
Uimh. |
An tagairt don chaighdeán |
Dáta an tarraingt siar |
|
1. |
EN ISO 7840:2018 Árthaí beaga - Píobáin bhreosla dhódhíonacha (ISO 7840:2013) |
An 27 Feabhra 2023 |
|
2. |
EN ISO 8469:2018 Árthaí beaga - Píobáin bhreosla neamh-dhódhíonacha (ISO 8469:2013) |
27 Feabhra 2023 |
|
3. |
EN ISO 8666:2018 Árthaí beaga - Na príomhshonraí (ISO 8666:2016) |
An 29 Nollaig 2023 |
|
4. |
EN ISO 8847:2017 Árthaí beaga - Fearas stiúrtha - Córais chábla ar ulóg (ISO 8847:2004) |
An 10 Meán Fómhair 2023 |
|
5. |
EN ISO 9093-1:2018 Árthaí beaga - Comhlaí farraige agus feistis trí chabhail - Cuid 1: EN ISO 9093-1:1994 |
An 27 Feabhra 2023 |
|
6. |
EN ISO 9093-2:2018 Árthaí beaga - Comhlaí farraige agus feistis trí chabhail - Cuid 2: Neamh-mhiotalach (EN ISO 9093-2:2002) |
An 27 Feabhra 2023 |
|
7. |
EN ISO 9775:2017 Árthaí beaga - Córais stiúrtha chianda le haghaidh innill transaim aonair de chumhacht 15 kW go 40 kW (ISO 9775:1990) |
An 27 Feabhra 2023 |
|
8. |
EN ISO 10087:2019 Córas sainaitheanta agus códaithe árthaí le haghaidh árthaí beaga |
An 17 Aibreán 2024 |
|
9. |
EN 15609:2012 Trealamh agus oiriúintí GPL - Córais tiomána GPL do bháid, luaimh agus árthaí eile |
An 29 Nollaig 2023 |
|
10. |
EN ISO 15652:2017 Árthaí beaga - Córais stiúrtha chianda le haghaidh mionbháid scairde istigh (ISO 15652:2003) |
An 27 Feabhra 2023 |
|
11. |
EN ISO 16147:2017 Árthaí beaga - Innill díosail istigh - Comhpháirteanna breosla, agus leictreacha atá feistithe ar inneall (ISO 16147:2002, lena n-áirítear Amd 1:2013) |
An 27 Feabhra 2023 |