02022D1684 — GA — 30.09.2022 — 000.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1684 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Meán Fómhair 2022

maidir leis an gcoibhéis idir an creat rialála le haghaidh contrapháirtithe lárnacha sa Téaváin ( 1 ) agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le Tithe Imréitigh Todhchaíochtaí atá faoi mhaoirseacht an Choimisiúin um Maoirseacht Airgeadais

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 252 30.9.2022, lch. 82)


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 142, 1.6.2023, lch.  40 ((AE) 2022/1684)




▼B

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1684 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Meán Fómhair 2022

maidir leis an gcoibhéis idir an creat rialála le haghaidh contrapháirtithe lárnacha sa Téaváin ( 3 ) agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le Tithe Imréitigh Todhchaíochtaí atá faoi mhaoirseacht an Choimisiúin um Maoirseacht Airgeadais

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



Airteagal 1

Chun críocha Airteagal 25(6) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, socruithe dlíthiúla agus maoirseachta na Téaváine arb é atá iontu an Gníomh maidir le Trádáil Todhchaíochtaí, na Rialacháin lena Rialaítear Tithe Imréitigh Todhchaíochtaí agus na Caighdeáin lena Rialaítear Bunú na dTithe Imréitigh Todhchaíochtaí, agus is infheidhme maidir le tithe imréitigh todhchaíochtaí atá údaraithe sa Téaváin, measfar iad a bheith coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Airteagal 2

Faoin 28 Meán Fómhair ►C1  2025 ◄ , agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na forais ar a raibh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 1 bunaithe.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.



( 1 ) Níor cheart an Cinneadh seo a léirmhíniú mar léiriú ar sheasamh oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcúinsí ar bith maidir le stádas dlíthiúil na Téaváine.

( 2 ) Níor cheart an Cinneadh seo a léirmhíniú mar léiriú ar sheasamh oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcúinsí ar bith maidir le stádas dlíthiúil na Téaváine.

( 3 ) Níor cheart an Cinneadh seo a léirmhíniú mar léiriú ar sheasamh oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcúinsí ar bith maidir le stádas dlíthiúil na Téaváine.