02022D0162 — GA — 30.10.2023 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/162 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Feabhra 2022

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh, fíorú agus tuairisciú ar an laghdú ar thomhaltas táirgí plaisteacha aon úsáide áirithe agus maidir leis na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit chun an laghdú sin a bhaint amach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 026 7.2.2022, lch. 19)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

 M1

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2106 ÓN gCOIMISIÚN  an 6 Deireadh Fómhair 2023

  L 

1

10.10.2023




▼B

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/162 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Feabhra 2022

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh, fíorú agus tuairisciú ar an laghdú ar thomhaltas táirgí plaisteacha aon úsáide áirithe agus maidir leis na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit chun an laghdú sin a bhaint amach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



Airteagal 1

An mhodheolaíocht chun an laghdú ar thomhaltas táirgí plaisteacha aon úsáide a ríomh

1.  

Déanfaidh na Ballstáit an laghdú ar thomhaltas táirgí plaisteacha aon úsáide a ríomh bunaithe ar cheachtar de na paraiméadair seo a leanas:

(a) 

meáchan iomlán an phlaistigh sna táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh i mBallstát i mbliain féilire;

(b) 

líon na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh i mBallstát i mbliain féilire.

2.  
Ríomhfaidh na Ballstáit an laghdú i dtomhaltas táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh i mBallstát i mbliain féilire i gcomhréir leis na foirmlí a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
3.  
I gcás ina bhfuil onnmhairí nó allmhairí móra nó gluaiseachtaí eile laistigh den Aontas de tháirgí plaisteacha aon úsáide sula gcuirtear ar fáil iad don tomhaltóir nó don úsáideoir deiridh, féadfaidh na Ballstáit meáchan nó líon na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh a choigeartú, dá dtagraítear i mír 1, chun gluaiseachtaí den sórt sin a chur san áireamh.

Airteagal 2

Sonraí a thuairisciú

1.  
Na sonraí maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (a), de Threoir (AE) 2019/904, déanfaidh na Ballstáit na sonraí sin a thuairisciú, sonraí arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 1 den Chinneadh seo, tuairisceofar iad san fhormáid a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.
2.  
An fhaisnéis maidir le bearta laghdaithe tomhaltais dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2019/904, déanfaidh na Ballstáit í a thuairisciú san fhormáid a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo.
3.  
An tuarascáil ina bhfuil seiceáil cáilíochta maidir leis na sonraí agus an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo, cuirfidh na Ballstáit isteach í san fhormáid a leagtar síos in Iarscríbhinn IV.
4.  
Foilseoidh an Coimisiún na sonraí arna dtuairisciú ag na Ballstáit ach amháin, a mhéid a bhaineann le faisnéis atá sa tuarascáil ina bhfuil seiceáil cáilíochta, i gcás ina soláthraíonn an Ballstát údar cuí le foilsiú sonraí áirithe a choinneáil siar.
5.  
Úsáidfidh na Ballstáit clárlanna leictreonacha, a mhéid is féidir, chun sonraí a bhailiú agus a thuairisciú don Choimisiún.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.




IARSCRÍBHINN I

Na foirmlí chun an laghdú ar thomhaltas táirgí plaisteacha aon úsáide a ríomh

I gcás cupáin phlaisteacha aon úsáide le haghaidh deochanna, a gclúdaithe agus a gcláir san áireamh, dá dtagraítear i gCuid A, pointe (1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904 (“cupáin le haghaidh deochanna”):

image

I gcás coimeádáin bhia phlaisteacha aon úsáide dá dtagraítear i gCuid A, pointe (2), den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904 (“coimeádáin bhia”):

image

i gcás an mhéid seo a leanas:

ciallaíonn CfB cupáin le haghaidh deochanna;

ciallaíonn FC coimeádáin bhia;

ciallaíonn ConRed laghdú tomhaltais i mBallstát in aghaidh na bliana féilire;

ciallaíonn PoMCfB:

(a) 

meáchan iomlán an phlaistigh (i dtonaí) atá i gcupáin le haghaidh deochanna a chuirtear ar an margadh i mBallstát in aon bhliain féilire amháin, i gcás inarb ábhartha, arna choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 1(3), i gcás ina gcuirtear an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a), i bhfeidhm le haghaidh ríomh an laghdaithe tomhaltais, nó

(b) 

an líon iomlán cupán plaisteach aon úsáide le haghaidh deochanna a chuirtear ar an margadh i mBallstát in aon bhliain féilire amháin, arna choigeartú, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 1(3), i gcás ina gcuirtear an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), i bhfeidhm le haghaidh ríomh an laghdaithe tomhaltais;

ciallaíonn PoMFC

(i) 

meáchan iomlán an phlaistigh (i dtonaí) atá i gcoimeádáin bhia a chuirtear ar an margadh i mBallstát in aon bhliain féilire amháin, arna choigeartú, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 1(3), i gcás ina gcuirtear an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a), i bhfeidhm le haghaidh ríomh an laghdaithe tomhaltais, nó

(ii) 

an líon iomlán coimeádán bia plaisteach aon úsáide a chuirtear ar an margadh i mBallstát in aon bhliain féilire amháin, arna choigeartú, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 1(3), i gcás ina gcuirtear an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), i bhfeidhm le haghaidh ríomh an laghdaithe tomhaltais;

ciallaíonn t2022 an bhliain tagartha arb í an bhliain féilire 2022 í

ciallaíonn t an bhliain tagartha (an bhliain a mbailítear agus a dtuairiscítear na sonraí ina leith).




IARSCRÍBHINN II

An fhormáid chun sonraí maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh a thuairisciú



 

Meáchan an phlaistigh (1) (tonaí)

Meáchan iomlán (2) (tonaí)

Táirgí (3)

(míle aonad)

Cupáin phlaisteacha aon úsáide le haghaidh deochanna, a gclúdaithe agus a gcláir san áireamh, dá dtagraítear i gCuid A, pointe (1), den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, atá déanta go hiomlán as plaisteach

 

 

 

Coimeádáin bhia phlaisteacha aon úsáide dá dtagraítear i gCuid A, pointe (2), den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, atá déanta go hiomlán as plaisteach

 

 

 

Cupáin phlaisteacha aon úsáide le haghaidh deochanna, a gclúdaithe agus a gcláir san áireamh, dá dtagraítear i gCuid A, pointe (1), den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, atá déanta go páirteach as plaisteach

 

 

 

Coimeádáin bhia phlaisteacha aon úsáide dá dtagraítear i gCuid A, pointe (2), den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, atá déanta go páirteach as plaisteach

 

 

 

(1)   

Tá sé éigeantach sonraí a sholáthar i gcás ina gcuireann Ballstát an mhodheolaíocht a leagtar síos in Airteagal 1(1), pointe (a) i bhfeidhm, agus is féidir í a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 1(3). Ar bhonn deonach a sholáthraítear sonraí i gcás ina gcuireann Ballstát an mhodheolaíocht a leagtar síos in Airteagal 1(1), pointe (b) i bhfeidhm.

(2)   

Tá sé éigeantach sonraí a sholáthar i gcás ina gcuireann Ballstát an mhodheolaíocht a leagtar síos in Airteagal 1(1), pointe (a) i bhfeidhm, agus is féidir í a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 1(3). Ar bhonn deonach a sholáthraítear sonraí i gcás ina gcuireann Ballstát an mhodheolaíocht a leagtar síos in Airteagal 1(1), pointe (b) i bhfeidhm.

(3)   

Tá sé éigeantach sonraí a sholáthar i gcás ina gcuireann Ballstát an mhodheolaíocht a leagtar síos in Airteagal 1(1), pointe (b), i bhfeidhm, agus is féidir í a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 1(3). Ar bhonn deonach a sholáthraítear sonraí i gcás ina gcuireann Ballstát an mhodheolaíocht a leagtar síos in Airteagal 1(1), pointe (a) i bhfeidhm.




IARSCRÍBHINN III

An fhormáid chun faisnéis maidir le bearta laghdaithe tomhaltais a thuairisciú

1.    Bearta chun laghdú a bhaint amach i dtomhaltas cupán plaisteach aon úsáide le haghaidh deochanna, a gclúdaithe agus a gcláir san áireamh, dá dtagraítear i gCuid A, pointe (1), den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904 (SUP CfB)



Bearta laghdaithe tomhaltais

Sonraíocht an bhirt (fochatagóirí)

Tuairisc chainníochtúil/cháilíochtúil ar an mbeart

Teacht i bhfeidhm an bhirt

Cineál dlíthiúil an bhirt (deonach / éigeantach)

Cumhdach an bhirt (áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó eile)

Spriocghrúpa an bhirt (táirgeoirí, allmhaireoirí, díoltóirí, tomhaltóirí)

Spriocanna cainníochtúla

— Spriocanna cainníochtúla chun an sciar de SUP CfB a chuirtear ar an margadh agus a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí a laghdú.

— Spriocanna cainníochtúla chun an sciar de roghanna malartacha in-athúsáidte ar SUP CfB a chuirtear ar an margadh agus a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí a mhéadú

 

 

 

 

 

Roghanna malartacha inbhuanaithe ar SUP CfB (lena n-áirítear CfB plaisteacha in-athúsáidte) a chur chun cinn

— Bearta chun roghanna malartacha in-athúsáidte ar SUP CfB a chur chun cinn i riaracháin phoiblí

— Bearta lena leagtar síos oibleagáidí nó dreasachtaí d’oibreoirí eacnamaíocha chun roghanna malartacha in-athúsáidte ar SUP CfB a chur ar fáil do thomhaltóirí ag imeachtaí poiblí móra

— Bearta lena leagtar síos córais “tabhair leat”, a ligfidh do thomhaltóirí a gcupáin féin a thabhairt leo le haghaidh deochanna.

— Samhlacha gnó a chur chun cinn lena soláthraítear roghanna malartacha in-athúsáidte ar SUP CfB

— Bearta lena leagtar síos oibleagáidí nó dreasachtaí d’oibreoirí eacnamaíocha chun CfB malartacha inbhuanaithe a sholáthar don tomhaltóir deiridh ag an díolphointe

— Foinsí poiblí uisce óil saor in aisce a chur chun cinn agus daoine a spreagadh chun cupán is féidir a athlíonadh a thabhairt leo nó ól díreach ón sconna.

 

 

 

 

 

Ionstraimí eacnamaíocha

— Na tobhaigh a ghearrtar ar oibreoirí eacnamaíocha nuair a chuireann siad SUP CfB ar an margadh

— Soláthar Poiblí Glas

— Scéimeanna Aisíoca Éarlaise

— Fóirdheontais nó tobhaigh laghdaithe d’oibreoirí eacnamaíocha a chuireann roghanna malartacha in-athúsáidte ar SUP CfB ar an margadh

— Ionstraimí lena n-áirithítear lascainí do thomhaltóirí a thugann leo a roghanna malartacha in-athúsáidte féin ar SUP CfB nó a cheannaíonn iad

— Oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora le haghaidh táirgeoirí SUP CfB

 

 

 

 

 

Srianta margaíochta agus úsáide

— Srianta ar SUP CfB a chur ar an margadh lena áirithiú go gcuirfear ina n-ionad roghanna atá in-athúsáidte nó nach bhfuil plaisteach iontu nó a bhfuil níos lú plaistigh iontu dá dtagraítear in Airteagal 4(1), an tríú fomhír, de Threoir (AE) 2019/904

— Srianta ar chur ar fáil SUP CfB in áiteanna sonracha áirithe (e.g. tránna poiblí nó páirceanna) nó srianta ar a gcur ar fáil ag oibreoirí eacnamaíocha agus riaracháin phoiblí áirithe

— Srianta ar úsáid SUP CfB agus deochanna á gcur ar fáil do thomhaltóirí.

 

 

 

 

 

Comhaontuithe idir údaráis inniúla agus earnálacha eacnamaíocha de bhun Airteagal 17(3) de Threoir (AE) 2019/904

— Comhaontuithe ina bhfuil spriocanna cainníochtúla chun an líon SUP CfB a chuirtear ar an margadh a laghdú.

— Comhaontuithe ina bhfuil spriocanna cainníochtúla chun roghanna malartacha in-athúsáidte nó táirgí atá saor ó phlaisteach a chur ar an margadh.

— Comhaontuithe ina bhfuil oibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha [na n-earnálacha eacnamaíocha ábhartha] tomhaltóirí a chur ar an eolas maidir le leas a bhaint as roghanna malartacha ar SUP CfB nó as córais athúsáide

 

 

 

 

An earnáil lena mbaineann agus líon na ngníomhaithe a ghlacann leis na comhaontuithe

Bearta múscailte feasachta [atá dírithe ar SUP CfB]

— Feachtais chun feasacht a mhúscailt faoi thionchar diúltach SUP CfB ar an gcomhshaol mar gheall ar chaitheamh bruscair nó diúscairt bruscair ar bhealach míchuí eile, feachtais a bheidh mar chuid d’fheachtais glantacháin bruscair

— Roghanna malartacha in-athúsáidte ar SUP CfB (e.g. cupáin in-athúsáidte le haghaidh deochanna) a chur chun cinn

— Ionaid a chur chun cinn a bhfuil baint acu le scéimeanna maidir le hathúsáid (e.g. scéimeanna “tabhair leat do chupán féin”)

 

 

 

 

 

Bearta eile

Sonraigh

 

 

 

 

 

Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí.



 

2.    Bearta chun laghdú a bhaint amach i dtomhaltas coimeádán bia plaisteach aon úsáide dá dtagraítear i gCuid A, pointe (2), den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904 (SUP FC)



Beart laghdaithe tomhaltais

Sonraíocht an bhirt (fochatagóirí)

Tuairisc chainníochtúil/cháilíochtúil ar an mbeart

Teacht i bhfeidhm an bhirt

Cineál dlíthiúil an bhirt (deonach/éigeantach)

Cumhdach an bhirt (áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó eile)

Spriocghrúpa an bhirt (táirgeoirí, allmhaireoirí, díoltóirí, tomhaltóirí)

Sprioc chainníochtúil

— Spriocanna cainníochtúla chun an sciar de SUP FC a chuirtear ar an margadh agus a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí a laghdú

— Spriocanna cainníochtúla chun an sciar de roghanna in-athúsáidte in ionad SUP FC a chuirtear ar an margadh agus a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí a mhéadú

 

 

 

 

 

Roghanna malartacha inbhuanaithe ar SUP FC (lena n-áirítear plaistigh in-athúsáidte) a chur chun cinn

— Bearta lena gcuirtear roghanna malartacha in-athúsáidte ar SUP FC chun cinn i riaracháin phoiblí

— Bearta lena leagtar síos oibleagáidí nó dreasachtaí d’oibreoirí eacnamaíocha lena spreagadh chun roghanna malartacha in-athúsáidte ar SUP FC a chur ar fáil do thomhaltóirí ag imeachtaí móra poiblí

— Bearta lena leagtar síos córais “tabhair leat”, a ligfidh do thomhaltóirí a gcoimeádán bia féin a thabhairt leo

— Samhlacha gnó a chur chun cinn lena soláthraítear roghanna malartacha in-athúsáide ar SUP FC, amhail córais éarlaise. Bearta lena leagtar síos oibleagáidí nó dreasachtaí d’oibreoirí eacnamaíocha chun rogha mhalartach inbhuanaithe ar SUP FC a sholáthar don tomhaltóir deiridh ag an díolphointe

— Samhlacha gnó lena soláthraítear roghanna inbhuanaithe in ionad SUP FC

 

 

 

 

 

Ionstraimí eacnamaíocha

— Tobhaigh ar oibreoirí eacnamaíocha a chuireann SUP FC ar an margadh

— Fóirdheontais nó tobhaigh laghdaithe d’oibreoirí eacnamaíocha a chuireann roghanna malartacha in-athúsáidte ar SUP FC ar an margadh.

— Soláthar Poiblí Glas

— Scéimeanna Aisíoca Éarlaise

— Ionstraimí lena n-áirithítear lascainí do thomhaltóirí a cheannaíonn roghanna malartacha in-athúsáidte ar SUP FC.

 

 

 

 

 

Srianta margaíochta agus úsáide

— Srianta ar SUP FC a chur ar an margadh lena áirithiú go gcuirfear ina n-ionad roghanna atá in-athúsáidte nó nach bhfuil plaisteach iontu nó a bhfuil níos lú plaistigh iontu dá dtagraítear in Airteagal 4(1), an tríú fomhír, de Threoir (AE) 2019/904.

— Srianta ar chur ar fáil SUP FC in áiteanna sonracha áirithe (e.g. tránna poiblí nó páirceanna) nó srianta ar a gcur ar fáil ag oibreoirí eacnamaíocha agus riaracháin phoiblí áirithe

— Srianta ar úsáid SUP FC nuair a bhíonn bia á chur ar fáil do thomhaltóirí

 

 

 

 

 

Comhaontuithe idir údaráis inniúla agus earnálacha eacnamaíocha de bhun Airteagal 17(3) de Threoir (AE) 2019/904

— Comhaontuithe ina a bhfuil spriocanna cainníochtúla chun an líon SUP FC a chuirtear ar an margadh a laghdú

— Comhaontuithe ina bhfuil spriocanna cainníochtúla chun roghanna malartacha in-athúsáidte nó táirgí atá saor ó phlaisteach a chur ar an margadh

— Comhaontuithe ina bhfuil oibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha [na n-earnálacha eacnamaíocha ábhartha] tomhaltóirí a chur ar an eolas maidir le leas a bhaint as roghanna malartacha ar SUP FC nó as córais athúsáide

 

 

 

 

An earnáil lena mbaineann agus líon na ngníomhaithe a ghlacann leis na comhaontuithe

Bearta múscailte feasachta [atá dírithe ar SUP FC]

— Feachtais chun feasacht a mhúscailt faoi thionchar diúltach SUP FC ar an gcomhshaol mar gheall ar chaitheamh bruscair nó diúscairt bruscair ar bhealach míchuí eile, feachtais a bheidh mar chuid d’fheachtais glantacháin bruscair

— Roghanna malartacha inbhuanaithe ar SUP FC (e.g. coimeádáin bhia in-athúsáidte) a chur chun cinn

— Ionaid a chur chun cinn a bhfuil baint acu le scéimeanna maidir le hathúsáid (e.g. scéimeanna “tabhair leat do choimeádán bia féin”)

 

 

 

 

 

Bearta eile

Sonraigh

 

 

 

 

 

Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí.



 




IARSCRÍBHINN IV

Formáid na tuarascála ina mbeidh seiceáil cáilíochta

1.    Faisnéis Ghinearálta

1.1. Ballstát:

1.2. An eagraíocht a bhfuil na sonraí agus an tuairisc á gcur isteach acu:

1.3. Teagmhálaí / sonraí teagmhála:

1.4. Bliain tagartha:

1.5. Dáta / leagan seachadta:

1.6 Nasc chuig foilsiú na sonraí ag an mBallstát (más ann dó):

2.    Tuairisc ar na páirtithe a bhfuil baint acu leis an mbailiú sonraí:



Ainm na hinstitiúide

Tuairisc ar na príomhdhualgais

 

 

Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí.

3.    Tuairisc ar na modhanna a úsáideadh.

a.    Foinsí sonraí chun sonraí a ríomh maidir le cupáin phlaisteacha aon úsáide le haghaidh deochanna, a gclúdaithe agus a gcláir san áireamh, dá dtagraítear i gCuid A, pointe (1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, a chuirtear ar mhargadh Ballstáit



Foinsí sonraí

Foinse sonraí a úsáideadh (is ea/ní hea)

Tuairisc ar na modhanna a cuireadh i bhfeidhm

Sciar de na sonraí iomlána

Sonraí ó scéimeanna aisíoca éarlaise

 

 

 

Sonraí maidir leis an scéim um fhreagracht leathnaithe táirgeora. Sonraí ó tháirgeoirí nó ó eagraíochtaí a mbíonn oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora á gcur chun feidhme thar a gceann

 

 

 

Sonraí ó chlárlanna lárnacha maidir le cupáin phlaisteacha aon úsáide le haghaidh deochanna a chuirtear ar an margadh

 

 

 

Sonraí ó bhardais

 

 

 

Suirbhéanna

 

 

 

Clárlann leictreonach

 

 

 

Tuairisciú riaracháin

 

 

 

Staitisticí táirgeachta - cóid náisiúnta

 

 

 

Staitisticí cánach

 

 

 

Staitisticí tionscail

 

 

 

Foinsí eile (sonraigh)

 

 

 

b.    Foinsí sonraí chun sonraí a ríomh maidir le coimeádáin bhia phlaisteacha aon úsáide dá dtagraítear i gCuid A, pointe (2), den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, a chuirtear ar mhargadh Ballstáit



Foinsí sonraí

Foinse sonraí a úsáideadh (is ea/ní hea)

Tuairisc ar na modhanna a cuireadh i bhfeidhm

Sciar de na sonraí iomlána

Sonraí ó scéimeanna aisíoca éarlaise

 

 

 

Sonraí maidir leis an scéim um fhreagracht leathnaithe táirgeora. Sonraí ó tháirgeoirí nó ó eagraíochtaí a mbíonn oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora á gcur chun feidhme thar a gceann

 

 

 

Sonraí ó chlárlanna lárnacha maidir le coimeádáin bhia phlaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh

 

 

 

Sonraí ó bhardais

 

 

 

Suirbhéanna

 

 

 

Anailísí ar chomhdhéanamh

 

 

 

Clárlann leictreonach

 

 

 

Tuairisciú riaracháin

 

 

 

Staitisticí táirgeachta - cóid náisiúnta

 

 

 

Staitisticí cánach

 

 

 

Staitisticí tionscail

 

 

 

Foinsí eile (sonraigh)

 

 

 

c.    I gcás ina dtuairiscítear sonraí de réir meáchain agus úsáid á baint as an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a), léirigh ar úsáideadh meastachán ar mheáchan plaisteach atá i dtáirgí plaisteacha aon úsáide a cuireadh ar mhargadh Ballstáit agus ar mheáchan iomlán na dtáirgí sin, i gcás nach gcumhdaíonn bailiú sonraí an margadh iomlán. Má ríomhadh, sonraigh meáchan breise na bplaisteach mar % den mheáchan iomlán



Ceisteanna sonracha a ndearnadh plé orthu

Tuairisc ar na modhanna a cuireadh i bhfeidhm chun na meastacháin a chinneadh (5)

%

 

Saorthairbhithe (1)

 

 

 

Gluaiseachtaí príobháideacha laistigh den Aontas, allmhairí / onnmhairí (2)

 

 

 

Díolachán ar líne (3)

 

 

 

Rialacha de minimis (4)

 

 

 

Eile (sonraigh)

 

 

 

(1)   

Is é is saorthairbhí ann táirgeoir nó dáileoir a chuireann táirgí aon úsáide ar an margadh ach nach gcomhlíonann a oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeora ar bhonn aonair ná i gcomhar le táirgeoirí eile.

(2)   

Gluaiseacht laistigh den Aontas agus allmhairí / onnmhairí táirgí tar éis dóibh a bheith díolta leis an úsáideoir deiridh.

(3)   

Ba cheart díolachán trí chianchumarsáid a bheith san áireamh le sonraí maidir le táirgí a chur ar an margadh.

(4)   

Rialacha de minimis a chuirtear i bhfeidhm maidir le tuairisciú ar tháirgí aon úsáide a chuirtear ar an margadh.

d.    I gcás ina dtuairisceofar sonraí de réir líon na dtáirgí a úsáideann an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), léirigh ar úsáideadh meastachán ar líon na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a cuireadh ar mhargadh Ballstáit, i gcás nach gcumhdaíonn bailiú sonraí an margadh iomlán. Más ea, luaigh líon breise na dtáirgí i % den líon iomlán a tuairiscíodh



Ceisteanna sonracha a ndearnadh plé orthu

Tuairisc ar na modhanna arna gcur i bhfeidhm chun na meastacháin a chinneadh(5)

%

Saorthairbhithe (1)

 

 

Gluaiseachtaí príobháideacha laistigh den Aontas, allmhairí / onnmhairí (2)

 

 

Díolachán ar líne (3)

 

 

Rialacha de minimis (4)

 

 

Eile (sonraigh)

 

 

(1)   

Is é is saorthairbhí ann táirgeoir nó dáileoir a chuireann táirgí aon úsáide ar an margadh ach nach gcomhlíonann a oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeora ar bhonn aonair ná i gcomhar le táirgeoirí eile.

(2)   

Gluaiseacht laistigh den Aontas agus allmhairí / onnmhairí táirgí tar éis dóibh a bheith díolta leis an úsáideoir deiridh.

(3)   

Ba cheart díolachán trí chianchumarsáid a bheith san áireamh le sonraí maidir le táirgí a chur ar an margadh.

(4)   

Rialacha de minimis a chuirtear i bhfeidhm maidir le tuairisciú ar tháirgí aon úsáide a chuirtear ar an margadh.

4.    Córas fíorúcháin agus rialaithe sonraí

a.    Fíorú sonraí maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar mhargadh Ballstáit



Nósanna imeachta um fhíorú agus rialú

Arna gcur i bhfeidhm i gcás na sonraí ábhartha uile maidir le

Nótaí tráchta breise, más ábhartha

Cupáin phlaisteacha aon úsáide le haghaidh deochanna, a gclúdaithe agus a gcláir san áireamh, dá dtagraítear i gCuid A, pointe (1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, a chuirtear ar an margadh (is ea/ní hea)

Coimeádáin bhia phlaisteacha aon úsáide dá dtagraítear i gCuid A, pointe (2) den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, a chuirtear ar an margadh (is ea/ní hea)

Seiceálacha ar iomláine na sonraí

 

 

 

Tras-seiceálacha

 

 

 

Seiceálacha i dtaca le hamshraith

 

 

 

Seiceálacha iniúchóireachta

 

 

 

Eile (sonraigh)

 

 

 

b.    Tuairisc ar na príomhfhachtóirí a dhéanann difear do chruinneas na sonraí maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar mhargadh Ballstáit



Na fachtóirí ar féidir leo difear a dhéanamh d’iontaofacht [cruinneas] na sonraí

Na fachtóirí atá ábhartha i gcás sonraí ar bith maidir le

Tuairisc ar an gcaoi a ndéantar difear do chruinneas na sonraí agus ar na modhanna a chuirtear i bhfeidhm chun an tionchar sin a laghdú

Cupáin phlaisteacha aon úsáide le haghaidh deochanna, a gclúdaithe agus a gcláir san áireamh, dá dtagraítear i gCuid A, pointe (1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, a chuirtear ar an margadh (is ea/ní hea)

Coimeádáin bhia phlaisteacha aon úsáide dá dtagraítear i gCuid A, pointe (2) den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, a chuirtear ar an margadh (is ea/ní hea)

Earráidí samplála (1)

(e.g. comhéifeachtaí athrúcháin)

 

 

 

Earráidí cumhdaigh (2)

(e.g. rialacha de minimis, cumhdach réigiúnach)

 

 

 

Earráidí tomhais (3)

 

 

 

Ionstraimí tástála maidir le bailiú sonraí (4)

(e.g. ceistneoirí)

 

 

 

Earráidí próiseála (5)

 

 

 

Earráidí neamhfhreagartha (6)

 

 

 

Earráidí toimhdean na samhla (7)

 

 

 

Eile (sonraigh)

 

 

 

 

(1)   

Tabhair tuairisc ar an meastachán ar na comhéifeachtaí athrúcháin agus ar na modheolaíochtaí a cuireadh i bhfeidhm chun meastachán a dhéanamh ar an athrúchán.

(2)   

Tabhair tuairisc ar chineál na n-earráidí cumhdaigh agus ar a méid.

(3)   

Tabhair tuairisc ar na hionstraimí lena laghdaítear rioscaí féideartha agus lena seachadtar earráidí.

(4)   

Tabhair tuairisc ar na hionstraimí agus ar na modheolaíochtaí a chuirtear i bhfeidhm chun cáilíocht agus ábharthacht na n-ionstraimí bailithe sonraí a áirithiú.

(5)   

Tabhair tuairisc ar na céimeanna próiseála idir an bailiú sonraí agus cur ar fáil na n-earráidí a sainaithníodh maidir le staitisticí agus próiseáil liostaí agus méid na n-earráidí sin.

(6)   

Tabhair tuairisc ar na rátaí neamhfhreagartha i dtaca leis na príomhathróga agus na modhanna barúlacha (más ann dóibh).

(7)   

Tabhair tuairisc ar chineál earráidí toimhdean na samhla agus ar a méid.

c.    Míniú ar raon feidhme agus bhailíocht suirbhéanna chun sonraí a bhailiú maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar mhargadh Ballstáit



Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí.

d.    Difríochtaí i gcomparáid leis na sonraí arna dtuairisciú le haghaidh na mblianta tuairiscithe roimhe sin

Athruithe móra modheolaíochta i dtaca leis an modh ríofa a úsáideadh le haghaidh na bliana tagartha reatha i ndáil leis an modh ríofa a úsáideadh le haghaidh blianta tagartha roimhe sin, más ann dóibh (cuir san áireamh go háirithe, athbhreithnithe cúlghabhálacha, cineál na n-athbhreithnithe sin agus tásc lena léirítear an gá neamhleanúnachas sa tsraith a lua le haghaidh bliain áirithe).



Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí.

e.    I gcás ina bhfuil méadú níos mó ná 10 % tagtha ar mheáchan an phlaistigh i dtáirgí plaisteacha aon úsáide nó ar mheáchan iomlán táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar mhargadh Ballstáit nó ar an líon sin earra bhaineann le táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar mhargadh Ballstáit i gcomparáid leis an mbliain tuairiscithe roimhe sin, ba cheart míniú ar na cúiseanna leis an difríocht sin a chur leis



Táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh

Athrúchán (%)

An phríomhchúis leis an athrúchán

 

 

 

Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí.

5.    Rúndacht

Údar le foilsiú codanna sonracha den tuarascáil seo ina bhfuil seiceáil cáilíochta a choimeád siar i gcomhréir le hAirteagal 2(4) agus liostú na gcodanna ar cheart iad a choimeád siar.



Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí.

6.    Príomhshuíomhanna gréasáin náisiúnta, príomhdhoiciméid tagartha agus príomhfhoilseacháin

Tabhair ainm agus URL na bpríomhshuíomhanna gréasáin, na bpríomhdhoiciméad tagartha agus na bpríomhfhoilseachán a bhaineann leis an mbailiú sonraí seo.



 

Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí.