02021R2307 — GA — 01.07.2022 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2307 ÓN gCOIMISIÚN an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le doiciméid agus fógraí a cheanglaítear le haghaidh táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bheartaítear a allmhairiú isteach san Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 461 27.12.2021, lch. 30) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2240 ÓN gCOIMISIÚN an 20 Deireadh Fómhair 2022 |
L 294 |
8 |
15.11.2022 |
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2307 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Deireadh Fómhair 2021
lena leagtar síos rialacha maidir le doiciméid agus fógraí a cheanglaítear le haghaidh táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bheartaítear a allmhairiú isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo leagtar rialacha síos maidir leis an méid seo a leanas:
na dearbhuithe agus an chumarsáid ó allmhaireoirí, ó oibreoirí atá freagrach as na coinsíneachtaí, ó chéadchoinsínithe agus ó choinsínithe chun táirgí a allmhairiú ó thríú tíortha chun na táirgí sin a chur ar an margadh laistigh den Aontas mar tháirgí orgánacha nó mar tháirgí atá á dtiontú; agus
an fógra ó údaráis inniúla na mBallstát maidir le neamhchomhlíonadh amhrasta coinsíneachtaí nó neamhchomhlíonadh coinsíneachtaí a shuitear a bheith ann.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “allmhaireoir” duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhunaítear san Aontas agus atá faoi réir an chórais rialaithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2018/848, a chuireann an choinsíneacht i láthair lena scaoileadh i saorchúrsaíocht san Aontas as féin, nó trí ionadaí;
ciallaíonn ‘oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht’, chun críocha Airteagal 6(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123 ( 1 ) ón gCoimisiún, an t-allmhaireoir nó duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a chuireann an choinsíneacht i láthair ag an bpoist rialaithe teorann thar ceann an allmhaireora;
ciallaíonn “céadchoinsíní” duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhunaítear san Aontas agus atá faoi réir an chórais rialaithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2018/848 a ndéanann an t-allmhaireoir an choinsíneacht a sheachadadh air tar éis na scaoilte i saorchúrsaíocht agus a fhaigheann í chun tuilleadh ullmhúcháin agus/nó margaíochta a dhéanamh uirthi;
ciallaíonn “coinsíní” duine nádúrtha nó duine dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus atá faoi réir an chórais rialaithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2018/848 a ndéanann an t-allmhaireoir an bhaisc a fhaightear tar éis coinsíneacht a dheighilt a sheachadadh air tar éis na scaoilte i saorchúrsaíocht agus a fhaigheann í chun tuilleadh ullmhúcháin nó margaíochta a dhéanamh uirthi;
ciallaíonn “coinsíneacht” coinsínseacht, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (37), de Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), de tháirgí a bheartaítear a chur ar an margadh laistigh den Aontas mar tháirgí orgánacha nó mar tháirgí atá á dtiontú; i gcás táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú, áfach, agus atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2305 ón gCoimisiún ( 3 ), ciallaíonn sé cainníocht táirgí faoi chód Ainmníochta Comhcheangailte amháin nó níos mó, a chumhdaítear le deimhniú cigireachta aonair, a iompraítear leis an modh iompair céanna agus a allmhairítear ón tríú tír chéanna.
Airteagal 3
Réamhfhógra maidir le teacht isteach
Maidir le gach coinsíneacht, tabharfaidh an t-allmhaireoir nó, i gcás inarb iomchuí, an t-oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht, réamhfhógra maidir le teacht isteach na coinsíneachta ag an bpost rialaithe teorann nó ag an bpointe scaoilte i saorchúrsaíocht tríd an gcuid ábhartha den deimhniú cigireachta a líonadh isteach sa Chóras um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES) dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (36), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún ( 4 ) agus a chur faoi bhráid na n-eintiteas seo a leanas leis an gcóras sin i gcomhréir leis an tsamhail agus leis na nótaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306:
an t-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306;
údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe an allmhaireora.
Airteagal 4
Deimhniú cigireachta agus sliocht as an deimhniú cigireachta
Líonfaidh an t-allmhaireoir agus an céadchoinsíní an deimhniú cigireachta isteach in TRACES mar a leanas:
i mbosca 23 maidir le nósanna imeachta custaim speisialta, líonfaidh an t-allmhaireoir an fhaisnéis uile isteach in TRACES, seachas an fhaisnéis maidir leis an bhfíorú a dhéanann an t-údarás inniúil ábhartha;
i mbosca 24 maidir leis an gcéadchoinsíní, líonfaidh an t-allmhaireoir an fhaisnéis isteach in TRACES mura bhfuil an fhaisnéis líonta isteach ag an údarás rialaithe ná ag an gcomhlacht rialaithe sa tríú tír sula ndéanann an t-údarás inniúil an choinsíneacht a fhíorú agus an deimhniú cigireachta a fhormhuiniú; agus
maidir le bosca 31 i ndáil le dearbhú an chéadchoinsíní líonfaidh an céadchoinsíní isteach in TRACES é ag pointe glactha na coinsíneachta tar éis a scaoilte i saorchúrsaíocht.
Tá feidhm ag an méid céanna má dheighltear coinsíneacht i mbaisceanna éagsúla i gcomhréir le hAirteagal 7(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 tar éis fhíorú agus fhormhuiniú an deimhnithe cigireachta.
Más rud é go léirítear leis an gcinneadh i ndáil le baisc a thaifeadtar i sliocht an deimhnithe cigireachta i gcomhréir le hAirteagail 6(6) agus 7(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 go bhfuil an bhaisc le scaoileadh i saorchúrsaíocht, tuairisceofar uimhir shliocht an deimhnithe cigireachta sa dearbhú custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht dá dtagraítear in Airteagal 158(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
Déanfaidh an coinsíní, ag pointe glactha baisce, bosca 13 de shliocht an deimhnithe cigireachta a líonadh isteach in TRACES, á dheimhniú cé acu, ag pointe glactha na baisce, atá nó nach bhfuil an phacáistíocht nó an coimeádán agus, i gcás inarb ábhartha, an deimhniú cigireachta i gcomhréir le pointe 6 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848.
Airteagal 5
Cuntais dhoiciméadacha
Arna iarraidh sin don údarás inniúil ábhartha, ag an údarás rialaithe ábhartha nó ag an gcomhlacht rialaithe ábhartha, soláthróidh an t-allmhaireoir, an céadchoinsíní nó an coinsíní an deimhniú cigireachta nó, i gcás inarb ábhartha, sliocht an deimhnithe cigireachta ina luaitear iad.
Airteagal 6
Tuairisc ar na haonaid táirgthe agus ar na gníomhaíochtaí
I gcás ina ndearbhaíonn allmhaireoir an choinsíneacht lena scaoileadh i saorchúrsaíocht, i dtuairisc iomlán an aonaid táirgthe orgánaigh nó an aonaid atá á thiontú agus na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 39(1), pointe (d)(i), de Rialachán (AE) 2018/848, áireofar:
an t-áitreabh;
na gníomhaíochtaí, lena léirítear na pointí scaoilte i saorchúrsaíocht san Aontas;
aon saoráid eile a bheartaíonn an t-allmhaireoir a úsáid chun na táirgí allmhairithe a stóráil go dtí go ndéantar iad a sheachadadh ar an gcéadchoinsíní; agus
gealltanas lena áirithiú go mbeidh aon saoráid a úsáidfear chun táirgí allmhairithe a stóráil faoi réir rialú, atá le déanamh ag an údarás rialaithe nó ag an gcomhlacht rialaithe nó, i gcás ina bhfuil na saoráidí stórála suite i mBallstát nó réigiún eile, ag údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe a aithnítear le haghaidh rialuithe sa Bhallstát nó sa réigiún sin.
I gcás an chéadchoinsíní agus an choinsíní, áireofar sa tuairisc na saoráidí a úsáideadh chun na coinsíneachtaí a fháil agus a stóráil.
Airteagal 7
Fógra a thabhairt maidir le neamhchomhlíonadh amhrasta nó neamhchomhlíonadh a shuitear a bheith ann
Más rud é, le linn comhlíontacht coinsíneachta a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306, go ndéantar cásanna neamhchomhlíontachta amhrasta nó cásanna neamhchomhlíontachta a shuitear a bheith ann a shainaithint, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra láithreach don Choimisiún agus do na Ballstáit eile agus úsáid á baint as Córas Faisnéise na Talmhaíochta Orgánaí (OFIS) agus as an teimpléad a leagtar amach i Roinn 4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/279 ón gCoimisiún ( 7 ). Cuirfidh an Coimisiún an t-údarás inniúil, nó i gcás inarb ábhartha, údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe an tríú tír lena mbaineann ar an eolas.
Airteagal 8
Forálacha idirthréimhseacha maidir le deimhnithe páipéir cigireachta agus sleachta astu
Maidir leis an bhfaisnéis a bhaineann leis an líon pacáistí dá dtagraítear i mbosca 13 den deimhniú cigireachta agus leis an bhfaisnéis i mboscaí 16 agus 17 den deimhniú sin, i gcás nach mbeidh sí líonta isteach ar an deimhniú páipéir cigireachta, nó i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin éagsúil leis an bhfaisnéis a líontar isteach sa deimhniú in TRACES, ní mheasfaidh an céadchoinsíní go bhfuil an fhaisnéis líonta isteach sa deimhniú in TRACES.
Airteagal 9
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN
CUID I
SLIOCHT Uimh. ...........DEN DEIMHNIÚ CIGIREACHTA LE hAGHAIDH TÁIRGÍ ORGÁNACHA AGUS TÁIRGÍ ATÁ Á dTIONTÚ A ALLMHAIRIÚ ISTEACH SAN AONTAS EORPACH
|
1. An t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a d’eisigh an deimhniú cigireachta foluiteach |
2. Nósanna imeachta de bhun Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1): □ Comhlíontacht (Airteagal 46); □ Tríú tír choibhéiseach (Airteagal 48); □ Údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe coibhéiseach (Airteagal 57); nó □ Coibhéis faoi chomhaontú trádála (Airteagal 47). |
|
3. Uimhir thagartha an deimhnithe cigireachta |
4. Údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe |
|
5. Allmhaireoir |
6. Tír thionscnaimh |
|
7. Tír is onnmhaireoir |
8. Post rialaithe teorann/pointe rialaithe/pointe scaoilte i saorchúrsaíocht |
|
9. Tír cinn scríbe |
10. Coinsíní na baisce a fuarthas ó dheighilt |
|
11. Tuairisc ar tháirgí Orgánach nó atá á dtiontú Cóid AC Catagóir An líon pacáistí Uimhir luchtóige Glanmheáchan na baisce agus glanmheáchan na coinsíneachta bunaidh |
|
|
12. Dearbhú an údaráis inniúil ábhartha a fhíoraíonn agus a fhormhuiníonn sliocht an deimhnithe. Comhfhreagraíonn an sliocht seo don bhaisc ar a dtugtar tuairisc thuas agus a fhaightear trí choinsíneacht a dheighilt, rud a chumhdaítear le deimhniú cigireachta bunaidh le huimhir a luaitear i mbosca 3. □ Le scaoileadh mar tháirgí orgánacha; □ Le scaoileadh mar tháirgí atá á dtiontú; □ Le scaoileadh mar tháirgí neamhorgánacha; □ Ní féidir an bhaisc a scaoileadh i saorchúrsaíocht. Faisnéis bhreise: Údarás agus Ballstát: Dáta: Ainm agus síniú an duine údaraithe/ríomhshéala cáilithe |
|
|
|
|
|
13. Dearbhú choinsíní na baisce Maidir leis an bpacáistíocht nó leis an gcoimeádán agus, i gcás inarb ábhartha, an deimhniú cigireachta, deimhnítear leis seo ag pointe glactha na dtáirgí gurb amhlaidh: □ atá siad i gcomhréir le pointe 6 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848; nó □ nach bhfuil siad i gcomhréir le pointe 6 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848. |
|
|
|
|
|
Ainm agus síniú an duine údaraithe |
Dáta: |
|
|
|
|
(1)
Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1). |
|
CUID II
NÓTAÍ CHUN SAMHAIL SHLIOCHT AN DEIMHNITHE CIGIREACHTA A LÍONADH ISTEACH
Sliocht Uimh. ….: Comhfhreagraíonn an uimhir shleachta d’uimhir na baisce a fuarthas ón gcoinsíneacht bhunaidh a dheighilt.
|
Bosca 1 |
: |
Ainm, seoladh agus cód an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe sa tríú tír a d’eisigh an deimhniú cigireachta foluiteach. |
|
Bosca 2 |
: |
Leis an mbosca seo léirítear forálacha Rialachán (AE) 2018/848 atá ábhartha maidir le heisiúint agus úsáid an tsleachta seo; léirigh an fhoráil ábhartha faoinar allmhairíodh an choinsíneacht fholuiteach, féach bosca 2 den deimhniú cigireachta foluiteach. |
|
Bosca 3 |
: |
Uimhir an deimhnithe cigireachta a shanntar go huathoibríoch don deimhniú foluiteach ag an gCóras leictreonach um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES). |
|
Bosca 4 |
: |
Ainm, seoladh agus cód an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe atá i gceannas ar na rialuithe i leith an oibreora a dheighil an choinsíneacht. |
|
Boscaí 5, 6 agus 7 |
: |
Féach faisnéis ábhartha maidir leis an deimhniú cigireachta foluiteach. |
|
Bosca 8 |
: |
Is é seo an cód alfa-uimhriúil uathúil atá sannta le TRACES don phost rialaithe teorann nó don phointe rialaithe nach post rialaithe teorann é mar a thagraítear in Airteagal 53(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/625 ( 8 ) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó don phointe scaoilte i saorchúrsaíocht san Aontas Eorpach, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear an tír ina ndéantar rialuithe oifigiúla maidir le fíorú na baisce i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus (2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ( 9 ) ón gCoimisiún agus ina ndéantar an cinneadh maidir leis an gcoinsíneacht a thaifead i mbosca 30 den deimhniú cigireachta. |
|
Bosca 9 |
: |
Ciallaíonn tír cinn scríbe tír an chéadchoinsíní san Aontas Eorpach. |
|
Bosca 10 |
: |
Coinsíní na baisce (a fuarthas ón deighilt) san Aontas Eorpach. |
|
Bosca 11 |
: |
Tuairisc ar na táirgí, lena n-áirítear:
—
an táscaire lena léirítear cibé acu an táirgí orgánacha nó táirgí atá á dtiontú atá iontu;
—
an cód Ainmníochta Comhcheangailte (AC) dá dtagraítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (
10
) le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann (leibhéal 8 ndigit i gcás inar féidir);
—
catagóir an táirge i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 (
11
) ón gCoimisiún;
—
an líon pacáistí (an líon boscaí, cartán, málaí, buicéad, etc.);
—
an glanmheáchan a shloinntear in aonaid iomchuí (kg glanmhais, lítear, etc.) agus an glanmheáchan a léirítear i mbosca 13 den deimhniú cigireachta foluiteach.
|
|
Bosca 12 |
: |
Ní mór don údarás inniúil an bosca seo a líonadh isteach le haghaidh gach ceann de na baisceanna a thagann as an oibríocht deighilte dá dtagraítear in Airteagail 6(6) agus 7(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306. Ní mór don údarás inniúil an rogha iomchuí a roghnú agus, más gá, aon fhaisnéis bhreise a mheastar a bheith ábhartha a chur isteach. Go háirithe, má tá an rogha ‘Ní féidir an bhaisc a scaoileadh i saorchúrsaíocht’ roghnaithe, ní mór an fhaisnéis ábhartha a sholáthar faoi ‘Faisnéis bhreise’. I gcás ina bhfuil táirgí faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, ní mór don údarás inniúil an bosca seo a líonadh isteach ag an bpost rialaithe teorann. Ní cheanglaítear síniú lámhscríofa an duine údaraithe ach amháin i gcás sleachta deimhnithe cigireachta a fhormhuinítear ar pháipéar go dtí an ►M1 30 Samhain 2022 ◄ i gcomhréir le hAirteagal 11(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ón gCoimisiún. |
|
Bosca 13 |
: |
Ní mór don choinsíní an bosca seo a líonadh isteach ag an bpointe glactha trí rogha amháin a roghnú tar éis na seiceálacha dá bhforáiltear i bpointe 6 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 a dhéanamh. Ceanglaítear síniú lámhscríofa an choinsíní le haghaidh sleachta deimhnithe cigireachta a fhormhuinítear ar pháipéar go dtí an ►M1 30 Samhain 2022 ◄ i gcomhréir le hAirteagal 11(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ón gCoimisiún. |
( 1 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir leis na gcásanna ina bhféadfar seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar tháirgí áirithe a dhéanamh ag pointí rialaithe agus na cásanna ina bhféadfar seiceálacha doiciméadacha a dhéanamh i gcéin ó phoist rialaithe teorann, agus na coinníollacha faoina bhféadfar na seiceálacha sin a dhéanamh (IO L 321, 12.12.2019, lch. 64).
( 2 ) Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).
( 3 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2305 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir leis na cásanna ina bhfuil táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla agus na coinníollacha faoina bhfuil na táirgí sin díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, áit na rialuithe oifigiúla le haghaidh na dtáirgí sin agus lena leasaítear Rialacháin Tarmligthe (AE) 2019/2123 agus (AE) 2019/2124 (féach leathanach 5 den Iris Oifigiúil seo).
( 4 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú an chórais bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla agus comhpháirteanna a chórais (Rialachán CBFRO) (IO L 261, 14.10.2019, lch. 37).
( 5 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1013 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2019 maidir le réamhfhógra faoi choinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe agus earraí a thagann isteach san Aontas (IO L 165, 21.6.2019, lch. 8).
( 6 ) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
( 7 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/279 ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2021 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe le haghaidh cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialuithe agus bearta eile lena n-áirithítear inrianaitheacht agus comhlíontacht i dtáirgeadh orgánach agus i lipéadú táirgí orgánacha (IO L 62, 23.2.2021, lch. 6).
( 8 ) Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).
( 9 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir leis na rialuithe oifigiúla i leith coinsíneachtaí de tháirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bheartaítear a allmhairiú isteach san Aontas agus maidir leis an deimhniú cigireachta (IO L 461, 27.12.2021, lch. 13).
( 10 ) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
( 11 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún an 19 Lúnasa 2021 lena leagtar síos rialacha áirithe a bhaineann leis an deimhniú a eisítear d’oibreoirí, do ghrúpaí oibreoirí agus d’onnmhaireoirí i dtríú tíortha a bhfuil baint acu le hallmhairiú táirgí orgánacha nó táirgí atá á dtiontú isteach san Aontas agus lena mbunaítear an liosta d’údaráis rialaithe aitheanta agus de chomhlachtaí rialaithe aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 297, 20.8.2021, lch. 24).