02021R2306 — GA — 24.02.2022 — 001.002
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2306 ÓN gCOIMISIÚN an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir leis na rialuithe oifigiúla i leith coinsíneachtaí de tháirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bheartaítear a allmhairiú isteach san Aontas agus maidir leis an deimhniú cigireachta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 461 27.12.2021, lch. 13) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/760 ÓN gCOIMISIÚN an 8 Aibreán 2022 |
L 139 |
13 |
18.5.2022 |
Arna cheartú le:
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2306 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Deireadh Fómhair 2021
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir leis na rialuithe oifigiúla i leith coinsíneachtaí de tháirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bheartaítear a allmhairiú isteach san Aontas agus maidir leis an deimhniú cigireachta
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo leagtar rialacha síos maidir leis an méid seo a leanas:
an fíorú i dtríú tíortha ar choinsíneachtaí de tháirgí a bheartaítear a chur ar an margadh laistigh den Aontas mar tháirgí orgánacha nó mar tháirgí atá á dtiontú agus eisiúint an deimhnithe cigireachta;
rialuithe oifigiúla ar tháirgí a thagann isteach san Aontas ó thríú tíortha a bheartaítear a chur ar mhargadh an Aontais mar tháirgí orgánacha nó mar tháirgí atá á dtiontú; agus
gníomhaíocht, i gcásanna neamhchomhlíontachta a bhfuiltear san amhras go bhfuil sí ann nó i gcásanna neamhchomhlíontachta arna suí le Rialachán (AE) 2018/848, atá le déanamh ag údaráis inniúla, údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe i dtríú tíortha.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “coinsíneacht” coinsíneacht, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (37), de Rialachán (AE) 2017/625, de tháirgí a bheartaítear a chur ar an margadh laistigh den Aontas mar tháirgí orgánacha nó mar tháirgí atá á dtiontú; i gcás táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú, áfach, agus atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2305, ciallaíonn sé cainníocht táirgí faoi chód Ainmníochta Comhcheangailte amháin nó níos mó, a chumhdaítear le deimhniú cigireachta aonair, a iompraítear leis an modh iompair céanna agus a allmhairítear ón tríú tír chéanna;
ciallaíonn “post rialaithe teorann” post rialaithe teorann mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (38), de Rialachán (AE) 2017/625;
ciallaíonn “pointe scaoilte i saorchúrsaíocht” pointe scaoilte i saorchúrsaíocht ag a ndéantar rialuithe oifigiúla ar tháirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2305;
ciallaíonn “post rialaithe” post rialaithe seachas post rialaithe teorann dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/625;
ciallaíonn “seiceáil dhoiciméadach” seiceáil dhoiciméadach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (41), de Rialachán (AE) 2017/625;
ciallaíonn “seiceáil céannachta” seiceáil céannachta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (42), de Rialachán (AE) 2017/625;
ciallaíonn “seiceáil fhisiceach” seiceáil fhisiceach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (43), de Rialachán (AE) 2017/625;
ciallaíonn “ríomhshéala cáilithe” ríomhshéala cáilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ).
Airteagal 3
Fíorú sa tríú tír
Chun críocha mhíreanna 2 go 5, is éard a bheidh san údarás rialaithe ábhartha nó sa chomhlacht rialaithe ábhartha:
údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe dá dtagraítear in Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2018/848 a aithníodh le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann agus le haghaidh an tríú tír ina bhfuil tionscnamh na dtáirgí, nó, i gcás inarb infheidhme, ina ndearnadh an oibríocht deiridh chun críoch an ullmhúcháin; nó
údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe atá ainmnithe ag údarás rialaithe de chuid tríú tír aitheanta dá dtagraítear in Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2018/848 a bhfuil tionscnamh na dtáirgí ann, nó, i gcás inarb infheidhme, a ndearnadh an oibríocht deiridh chun críoch an ullmhúcháin ann.
Maidir leis an bhfíorú dá dtagraítear i mír 2 déanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe seo a leanas é:
údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe tháirgeoir nó phróiseálaí an táirge lena mbaineann; nó
i gcás ina bhfuil an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí a dhéanann an oibríocht deiridh chun críoch an ullmhúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (44), de Rialachán (AE) 2018/848 éagsúil le táirgeoir nó próiseálaí an táirge, údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí a dhéanann an oibríocht deiridh chun críoch an ullmhúcháin.
Maidir leis na seiceálacha doiciméadacha dá dtagraítear i mír 2 fíorófar an méid seo a leanas leo:
inrianaitheacht na dtáirgí agus na gcomhábhar;
go bhfuil méid na dtáirgí a áirítear sa choinsíneacht i gcomhréir le seiceálacha maischothromaíochta na n-oibreoirí faoi seach de réir an mheasúnaithe a dhéanann an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe;
doiciméid iompair ábhartha agus doiciméid tráchtála ábhartha (lena n-áirítear sonraisc) na dtáirgí;
i gcás táirgí próiseáilte, maidir le comhábhair orgánacha uile na dtáirgí sin, gur tháirg oibreoirí nó grúpaí oibreoirí atá deimhnithe i dtríú tír ag údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 46 nó dá dtagraítear in Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2018/848 nó ag tríú tír a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 47 nó Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2018/848 iad, nó gur táirgeadh agus gur deimhníodh san Aontas iad i gcomhréir leis an Rialachán sin.
Beidh na seiceálacha doiciméadacha sin bunaithe ar na doiciméid ábhartha uile, lena n-áirítear deimhniú na n-oibreoirí dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointe (b)(i), de Rialachán (AE) 2018/848, na taifid ar na cigireachtaí, an plean táirgthe le haghaidh an táirge lena mbaineann agus taifid a choimeádann na hoibreoirí nó na grúpaí oibreoirí, na doiciméid iompair atá ar fáil, doiciméid tráchtála agus airgeadais agus aon doiciméad eile a mheasann an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a bheith ábhartha.
Airteagal 4
An deimhniú cigireachta a eisiúint
Airteagal 5
Formáid an deimhnithe cigireachta agus úsáid TRACES
Nuair a eiseoidh an comhlacht rialaithe nó an t-údarás rialaithe an deimhniú cigireachta, déanfaidh sé na doiciméid tacaíochta uile a uaslódáil isteach in TRACES, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
torthaí na n-anailísí nó na dtástálacha a rinneadh ar na samplaí a tógadh, i gcás inarb iomchuí;
na doiciméid tráchtála agus iompair amhail an bille luchta, sonraisc agus an liosta pacáistíochta agus, i gcás ina mbeidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/848, an plean taistil mar atá tarraingthe suas i gcomhréir le hAirteagal 16(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698.
Mura bhfuil fáil uirthi tráth na heisiúna, an fhaisnéis a bhaineann leis an líon pacáistí dá dtagraítear i mbosca 13 den deimhniú cigireachta agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mboscaí 16 agus 17 de, chomh maith leis na doiciméid dá dtagraítear i mír 2, déanfar í a áireamh nó a thabhairt cothrom le dáta sa deimhniú cigireachta laistigh de 10 lá ó thráth a heisiúna agus, in aon chás, sula bhfíoraíonn agus sula bhformhuiníonn an t-údarás inniúil í i gcomhréir le hAirteagal 6.
Déanfar an deimhniú cigireachta a tharraingt suas:
i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla Bhallstát an phoist rialaithe teorann ag an mbealach isteach san Aontas, i gcás táirgí atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann;
i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an choinsíneacht le scaoileadh i saorchúrsaíocht, i gcás táirgí atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2305.
Airteagal 6
Rialuithe oifigiúla ar choinsíneachtaí
Déanfaidh an t-údarás rialaithe ag post rialaithe teorann nó ag pointe scaoilte i saorchúrsaíocht, de réir mar is iomchuí, rialuithe oifigiúla ar choinsíneachtaí chun fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh Rialachán (AE) 2018/848 mar a leanas:
seiceálacha doiciméadacha ar na coinsíneachtaí uile;
seiceálacha céannachta a dhéantar go randamach; agus
seiceálacha fisiceacha ar mhinicíocht de réir dhóchúlacht neamhchomhlíonadh Rialachán (AE) 2018/848.
I seiceálacha doiciméadacha áireofar scrúdú ar an deimhniú cigireachta, ar na doiciméid tacaíochta uile eile mar a fhoráiltear in Airteagal 5, agus, i gcás inarb infheidhme, ar thorthaí na n-anailísí nó na dtástálacha a rinneadh ar na samplaí a tógadh.
Maidir le deimhniú cigireachta i gcás ina gceanglaítear ceartúcháin de chineál cléireachais nó eagarthóireachta amháin leis, féadfaidh an t-údarás inniúil glacadh leis go ndéanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a d’eisigh an deimhniú cigireachta an fhaisnéis in TRACES a thabhairt cothrom le dáta tríd an doiciméad a ionadú i gcomhréir leis an nós imeachta atá le fáil in TRACES gan modhnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis sa deimhniú tosaigh maidir le sainaithint na coinsíneachta, a hinrianaitheacht agus na ráthaíochtaí.
Tar éis an fhíoraithe dá dtagraítear i mír 1, agus, i gcás inarb infheidhme, i mír 2, déanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh maidir le gach coinsíneacht. Taifeadfar an cinneadh maidir leis an gcoinsíneacht i mbosca 30 den deimhniú cigireachta i gcomhréir leis an tsamhail agus leis na nótaí a leagtar amach san Iarscríbhinn agus léireofar ceann de na nithe seo a leanas leis:
is féidir an choinsíneacht a scaoileadh i saorchúrsaíocht mar tháirgí orgánacha;
is féidir an choinsíneacht a scaoileadh i saorchúrsaíocht mar tháirgí atá á dtiontú;
is féidir an choinsíneacht a scaoileadh i saorchúrsaíocht mar tháirgí neamhorgánacha;
ní féidir an choinsíneacht a scaoileadh i saorchúrsaíocht;
is féidir cuid den choinsíneacht a scaoileadh i saorchúrsaíocht le sliocht as an deimhniú cigireachta.
Formhuineoidh an t-údarás inniúil an deimhniú cigireachta in TRACES le ríomhshéala cáilithe.
Maidir le táirgí atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
Beidh feidhm ag mír 3 i dteannta na rialacha maidir le húsáid an Doiciméid Choitinn um Shláinte ar Theacht isteach san Aontas (CHED) ag na húdaráis inniúla ag poist rialaithe teorann i gcomhréir le hAirteagal 56(3), pointe (b)(i), de Rialachán (AE) 2017/625 agus ag pointí rialaithe i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123 ón gCoimisiún ( 3 ) agus leis na rialacha maidir le cinntí i leith coinsíneachtaí a leagtar síos in Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2017/625;
féadfar na seiceálacha doiciméadacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) a dhéanamh go cianda ó phoist rialaithe teorann i ndáil le táirgí orgánacha áirithe agus táirgí atá á dtiontú i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123;
féadfar na seiceálacha céannachta agus fisiceacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c) a dhéanamh ag poist rialaithe teorann i ndáil le táirgí orgánacha áirithe agus táirgí atá á dtiontú i gcomhréir le hAirteagail 2 agus 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123.
Maidir leis an gcinneadh a thaifeadtar sa deimhniú cigireachta lena léirítear nach féidir an choinsíneacht ná cuid di a scaoileadh i saorchúrsaíocht, tabharfar fógra maidir leis sin gan mhoill in TRACES don údarás inniúil ábhartha a dhéanann rialuithe oifigiúla chun fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointí (a) go (h) agus (j), de Rialachán (AE) 2017/625.
I gcás ina léirítear leis an gcinneadh a dhéantar in CHED i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán (AE) 2017/625 nach gcomhlíonann an choinsíneacht na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán sin, cuirfidh an t-údarás inniúil ag an bpost rialaithe teorann an t-údarás inniúil a rinne an cinneadh ar an eolas faoi sin in TRACES i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, chun an deimhniú cigireachta a thabhairt cothrom le dáta. Ina theannta sin, aon údarás inniúil a dhéanann rialuithe oifigiúla chun fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointí (a) go (h) agus (j), de Rialachán (AE) 2017/625, déanfaidh sé aon fhaisnéis ábhartha, amhail torthaí anailíse saotharlainne, a sholáthar in TRACES don údarás inniúil a rinne an cinneadh i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo chun an deimhniú cigireachta a thabhairt cothrom le dáta, más ábhartha.
I gcás ina ndeighltear an choinsíneacht i mbaisceanna éagsúla, ceanglóidh na húdaráis inniúla go gcuirfear i láthair CHED a tugadh chun críche go cuí i gcomhréir le hAirteagal 57(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2017/625 agus sliocht as an deimhniú cigireachta i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307 lena léirítear i mbosca 12 gur féidir an bhaisc a scaoileadh i saorchúrsaíocht.
Airteagal 7
Nósanna imeachta custaim speisialta
Beidh na hullmhúcháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír teoranta do na cineálacha oibríochtaí seo a leanas:
pacáistíocht nó athrú pacáistíochta; nó
greamú, baint agus athrú lipéad maidir leis an modh táirgthe orgánach a chur i láthair.
Airteagal 8
Socruithe teagmhasacha le haghaidh TRACES i gcás neamh-infhaighteachta agus i gcás force majeure
Tabharfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe dá dtagraítear i mír 1 tagairt do gach deimhniú a eisítear agus coimeádfaidh sé clár de na deimhnithe a eisítear in ord croineolaíoch chun an comhfhreagras leis an tagairt alfa-uimhriúil a thugtar le TRACES a áirithiú nuair a bheidh sé feidhmiúil.
I gcás ina n-úsáidtear deimhnithe páipéir cigireachta, le hathruithe nó scriosadh neamhdheimhnithe cuirfear an méid sin ó bhail.
Airteagal 9
Úsáid an deimhnithe cigireachta agus shliocht an deimhnithe cigireachta ag údaráis inniúla
Maidir le táirgí atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag pointe scaoilte i saorchúrsaíocht i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2305, ní cheadóidh na húdaráis chustaim scaoileadh coinsíneachta i saorchúrsaíocht ach ar dheimhniú cigireachta a chur i láthair lena léirítear i mbosca 30 gur féidir an choinsíneacht a scaoileadh i saorchúrsaíocht.
I gcás ina ndeighltear an choinsíneacht i mbaisceanna éagsúla, ceanglóidh na húdaráis inniúla go gcuirfear sliocht as an deimhniú cigireachta i láthair i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307 lena léirítear i mbosca 12 gur féidir an bosca a scaoileadh i saorchúrsaíocht.
Airteagal 10
Faisnéis atá le soláthar ag údarás inniúil, údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe i dtríú tír i gcás neamhchomhlíontachtaí amhrasta nó neamhchomhlíontachtaí a shuitear a bheith ann le coinsíneachtaí
Féadfaidh an Coimisiún nó Ballstát a iarraidh ar an údarás inniúil, ar an údarás rialaithe nó ar an gcomhlacht rialaithe an liosta de na hoibreoirí nó na grúpaí oibreoirí uile sa slabhra táirgeachta orgánaí a bhfuil an choinsíneacht ina cuid de, agus dá n-údaráis rialaithe nó dá gcomhlachtaí rialaithe, a chur ar fáil, gan mhoill.
Airteagal 11
Forálacha idirthréimhseacha maidir le deimhnithe páipéir cigireachta agus sleachta astu
De mhaolú ar Airteagal 5(3), an chéad fhomhír, go dtí an 30 Meitheamh 2022, féadfar an deimhniú cigireachta a eisiúint ar pháipéar tar éis a bheith líonta isteach in TRACES agus priontáilte. Leis an deimhniú páipéir sin comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
i mbosca 18, beidh síniú lámhscríofa an duine údaraithe ón údarás rialaithe nó ón gcomhlacht rialaithe a eisíonn an deimhniú agus an stampa oifigiúil;
eiseofar é sula bhfágann an choinsíneacht lena mbaineann sé an tríú tír is onnmhaireoir nó an tríú tír tionscnaimh.
De mhaolú ar Airteagal 6(3), go dtí an 30 Meitheamh 2022, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
i gcás ina n-eisítear an deimhniú cigireachta ar pháipéar i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, formhuineofar an deimhniú sin ar pháipéar le síniú lámhscríofa dhuine údaraithe an údaráis inniúil ag an bpost rialaithe teorann nó ag an bpointe scaoilte i saorchúrsaíocht, i mboscaí 23, 25 agus 30, de réir mar is iomchuí, tar éis é a bheith líonta isteach in TRACES agus priontáilte;
i gcás ina n-eisítear an deimhniú cigireachta in TRACES agus ina bhfuil ríomhshéala cáilithe air, i gcomhréir le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, féadfar an deimhniú sin a fhormhuiniú ar pháipéar le síniú lámhscríofa dhuine údaraithe an údaráis inniúil ag an bpost rialaithe teorann nó ag an bpointe scaoilte i saorchúrsaíocht, i mboscaí 23, 25 agus 30, de réir mar is iomchuí, tar éis é a bheith líonta isteach in TRACES agus priontáilte;
i gcás ina ndéantar an deimhniú cigireachta a tháirgeadh agus a chur isteach in TRACES i bhformáid leictreonach i gcomhréir le mír 1a, formhuineofar an deimhniú sin in TRACES le ríomhshéala cáilithe nó ar pháipéar le síniú lámhscríofa dhuine údaraithe an údaráis inniúil ag an bpost rialaithe teorann nó ag an bpointe scaoilte i saorchúrsaíocht, i mboscaí 23, 25 agus 30, de réir mar is iomchuí, tar éis a bheith líonta isteach in TRACES agus priontáilte.
Maidir leis an bhfaisnéis a bhaineann leis an líon pacáistí dá dtagraítear i mbosca 13 den deimhniú cigireachta nó leis an bhfaisnéis i mboscaí 16 agus 17 den deimhniú sin, i gcás nach mbeidh sí líonta isteach ar an deimhniú páipéir cigireachta, nó i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin éagsúil leis an bhfaisnéis a líontar isteach sa deimhniú in TRACES, ní mheasfaidh na húdaráis inniúla, chun críoch fhíorú na coinsíneachta agus fhormhuiniú an deimhnithe, ach amháin an fhaisnéis a líontar isteach in TRACES.
De mhaolú ar Airteagail 6(6) agus 7(4), go dtí an 30 Meitheamh 2022, féadfar sliocht an deimhnithe cigireachta a fhormhuiniú ar pháipéar, tar éis a bheith líonta isteach in TRACES agus priontáilte. Leis an sliocht páipéir deimhnithe sin comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
i mbosca 12, formhuineofar é ar pháipéar le síniú lámhscríofa dhuine údaraithe an údaráis inniúil;
beidh síniú lámhscríofa choinsíní na baisce air, i mbosca 13.
Cuirfidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír an sliocht páipéir as an deimhniú sin ar ais chuig an duine a chuir i láthair é.
Airteagal 12
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1235/2008.
Mar sin féin, beidh feidhm ag an Rialachán sin fós chun deimhnithe cigireachta atá ar feitheamh a líonadh isteach agus a fhormhuiniú, ar deimhnithe iad a eisíodh roimh an 1 Eanáir 2022 agus chun sleachta as deimhnithe cigireachta a chuir an t-allmhaireoir isteach roimh an 1 Eanáir 2022 a líonadh isteach agus a fhormhuiniú, agus chun críoch dhearbhú an chéadchoinsíní nó an choinsíní sa deimhniú cigireachta nó sa sliocht as an deimhniú cigireachta.
Airteagal 13
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN
CUID I
DEIMHNIÚ CIGIREACHTA LE hAGHAIDH TÁIRGÍ ORGÁNACHA AGUS TÁIRGÍ ATÁ Á dTIONTÚ A ALLMHAIRIÚ ISTEACH SAN AONTAS EORPACH
1. Údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe eisiúna |
2. Nós imeachta de bhun Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1): □ Comhlíontacht (Airteagal 46); □ Tríú tír choibhéiseach (Airteagal 48); □ Údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe coibhéiseach (Airteagal 57); nó □ Coibhéis faoi chomhaontú trádála (Airteagal 47). |
||||||
3. Uimhir thagartha an deimhnithe cigireachta |
4. Táirgeoir nó próiseálaí an táirge |
||||||
5. Onnmhaireoir |
6. Oibreoir a cheannaíonn nó a dhíolann an táirge gan an táirge a stóráil ná a láimhseáil go fisiceach |
||||||
7. Údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe |
8. Tír thionscnaimh |
||||||
9. Tír is onnmhaireoir |
10. Post rialaithe teorann/pointe scaoilte i saorchúrsaíocht |
||||||
11. Tír cinn scríbe |
12. Allmhaireoir |
||||||
13. Tuairisc ar tháirgí |
|||||||
Táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú |
Cód AC |
Ainm trádála |
Catagóir |
Líon pacáistí |
Uimhir luchtóige |
Glanmheáchan |
|
14. Uimhir choimeádáin |
15. Uimhir shéala |
16. Ollmheáchan iomlán |
|||||
17. Modh iompair Modh Aitheantas Doiciméad iompair idirnáisiúnta |
|||||||
18. Dearbhú an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe a eisíonn an deimhniú dá dtagraítear i mbosca 1 Deimhnítear leis seo gur eisíodh an deimhniú seo ar bhonn na seiceálacha a cheanglaítear faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 ón gCoimisiún (2) maidir le comhlíontacht (Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/848) nó Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1342 ón gCoimisiún (3) maidir le coibhéis (Airteagal 47, Airteagal 48 nó Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2018/848) agus go bhfuil na táirgí a ainmnítear thuas i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) 2018/848 Dáta |
|||||||
Ainm agus síniú an duine údaraithe/ríomhshéala cáilithe |
Stampa an údaráis rialaithe eisiúna nó an chomhlachta rialaithe eisiúna |
||||||
19. An t-oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht |
|||||||
20. Réamhfhógra |
|||||||
Dáta |
Am |
||||||
21. Áit a bhfuil an choinsíneacht le haistriú: |
22. Sonraí an lárionaid rialaithe |
||||||
23. Nósanna imeachta custaim speisialta |
|||||||
Stórasú custaim□ |
Próiseáil isteach□ |
||||||
Ainm agus seoladh an oibreora atá freagrach as an nós imeachta custaim nó as na nósanna imeachta custaim: An t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a dheimhníonn an t-oibreoir atá freagrach as an nós imeachta custaim nó as na nósanna imeachta custaim: □ Fíorú na coinsíneachta roimh an nós imeachta custaim speisialta nó na nósanna imeachta custaim speisialta Faisnéis bhreise: Údarás agus Ballstát: Dáta: Ainm agus síniú an duine údaraithe Uimhir Thagartha an Dearbhaithe Custaim le haghaidh an nós imeachta custaim nó na nósanna imeachta custaim |
|||||||
24. Céadchoinsíní san Aontas Eorpach |
|||||||
25. Rialú na n-údarás inniúil ábhartha Seiceálacha doiciméadacha □ Sásúil □ Níl siad sásúil Ar roghnaíodh an choinsíneacht le haghaidh seiceálacha sainaitheantais agus fisiceacha? □ Roghnaíodh □ Níor Roghnaíodh Údarás agus Ballstát: Dáta: Ainm agus síniú an duine údaraithe/ríomhshéala cáilithe |
|||||||
26. An bhfuil an choinsíneacht le haistriú ón bpost rialaithe teorann go dtí an lárionad rialaithe: |
27. Sonraí an lárionaid rialaithe |
||||||
□Tá |
□Níl |
|
|||||
28. An modh iompair ón bpointe rialaithe teorann chuig an lárionad rialaithe |
|||||||
29. Seiceálacha sainaitheantais agus fisiceacha Seiceálacha sainaitheantais □ Sásúil; □ Níl siad sásúil; Seiceálacha fisiciúla □ Sásúil; □ Níl siad sásúil; |
|||||||
An ndearnadh tástáil saotharlainne |
□Rinneadh |
□Ní dhearnadh |
|
||||
Toradh na tástála sin |
□Sásúil |
□Níl sé sásúil |
|
||||
30. Cinneadh ón údarás inniúil ábhartha □ Le scaoileadh mar tháirgí orgánacha; □ Le scaoileadh mar tháirgí atá á dtiontú; □ Le scaoileadh mar tháirgí neamhorgánacha; □ Nach féidir an choinsíneacht a scaoileadh i saorchúrsaíocht; □ Is féidir cuid den choinsíneacht a scaoileadh i saorchúrsaíocht. Faisnéis bhreise: An t-údarás ag an bpost rialaithe teorann/an lárionad rialaithe/an bpointe scaoilte i saorchúrsaíocht agus an Ballstát: Dáta: Ainm agus síniú an duine údaraithe/ríomhshéala cáilithe |
|||||||
31. Dearbhú an chéadchoinsíní Maidir leis an bpacáistíocht nó leis an gcoimeádán agus, i gcás inarb ábhartha, an deimhniú cigireachta, deimhnítear leis seo ag pointe glactha na dtáirgí gurb amhlaidh: □ atá siad i gcomhréir le pointe 6 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848; nó □ nach bhfuil siad i gcomhréir le pointe 6 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848. |
|||||||
Ainm agus síniú an duine údaraithe |
Dáta: |
||||||
(1)
Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).
(2)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais nós imeachta maidir le húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh ar oibreoirí a deimhníodh mar oibreoirí orgánacha a aithint agus ar tháirgí orgánacha i dtríú tíortha agus le rialacha maidir lena maoirseacht agus na rialuithe agus na gníomhaíochtaí eile atá le déanamh ag na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe sin (IO L 336, 23.9.2021, lch. 7).
(3)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1342 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha i dtaca leis an bhfaisnéis atá le seoladh ag tríú tíortha agus ag údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe chun críche maoirseachta ar a n-aitheantas faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgí orgánacha allmhairithe agus na bearta atá le déanamh i bhfeidhmiú na maoirseachta sin (IO L 292, 16.8.2021, lch. 20). |
CUID II
NÓTAÍ CHUN SAMHAIL AN DEIMHNITHE CIGIREACHTA A LÍONADH ISTEACH
Ní mór don údarás rialaithe nó don chomhlacht rialaithe ábhartha sa tríú tír Boscaí 1 go 20 a líonadh isteach.
Bosca 1: Ainm, seoladh agus cód an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe a aithnítear de bhun Airteagal 46 nó dá dtagraítear in Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2018/848 nó údaráis rialaithe nó comhlachta rialaithe atá ainmnithe ag údarás inniúil tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 47 nó Airteagal 48 den Rialachán sin. Líonann an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe boscaí 2 go 18 isteach freisin.
Bosca 2: Leis an mbosca seo léirítear forálacha Rialachán (AE) 2018/848 atá ábhartha maidir le heisiúint agus úsáid an deimhnithe seo; léirigh an fhoráil ábhartha.
Bosca 3: Uimhir an deimhnithe a shanntar go huathoibríoch leis an gCóras leictreonach um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES).
Bosca 4: Ainm agus seoladh na n-oibreoirí a tháirg nó a phróiseáil na táirgí sa tríú tír a luaitear i mbosca 8.
Bosca 5: Ainm agus seoladh an oibreora a onnmhairíonn na táirgí ón tír a luaitear i mbosca 9. Is é an t-onnmhaireoir an t-oibreoir a dhéanann an oibríocht deiridh chun críocha an ullmhúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (44), de Rialachán (AE) 2018/848 maidir leis na táirgí a luaitear i mbosca 13 agus na táirgí a shéalú i bpacáistíocht nó coimeádáin iomchuí, de bhun phointe 6 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848.
Bosca 6: I gcás inarb infheidhme, líon isteach ainm agus seoladh oibreora amháin nó níos mó nó a cheannaíonn nó a dhíolann an táirge gan an táirge a stóráil ná a láimhseáil go fisiceach.
Bosca 7: Ainm agus seoladh na gcomhlachtaí rialaithe nó na n-údarás rialaithe chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh tháirgeadh nó phróiseáil na dtáirgí leis na rialacha maidir le táirgeadh orgánach sa tír a luaitear i mbosca 8.
Bosca 8: Ciallaíonn tír thionscnaimh an tír nó na tíortha inar táirgeadh/fásadh nó próiseáladh an táirge.
Bosca 9: Ciallaíonn tír is onnmhaireoir an tír ina raibh an táirge faoi réir na hoibríochta deiridh chun críoch an ullmhúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (44), de Rialachán (AE) 2018/848 agus séalaithe i bpacáistíocht nó coimeádáin iomchuí.
Bosca 10: Más rud é go bhfuil coinsíneacht faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann de bhua Airteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2018/848, léirigh an t-ainm agus cód alfa-uimhriúil uathúil arna sannadh ag an gCóras um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe don phost rialaithe teorann an chéad teacht isteach san Aontas, áit a ndéantar rialuithe oifigiúla i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ón gCoimisiún ( 5 ).
Más rud é go bhfuil coinsíneacht díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2305 ón gCoimisiún ( 6 ), léirigh an t-ainm agus cód alfa-uimhriúil uathúil arna sannadh ag an gCóras um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe don phointe scaoilte i saorchúrsaíocht san Aontas Eorpach, de réir mar is iomchuí, áit a ndéantar rialuithe oifigiúla i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306ón gCoimisiún.
Is féidir leis an allmhaireoir nó a ionadaí an fhaisnéis sa bhosca seo a thabhairt cothrom le dáta sula sroicheann an choinsíneacht an post rialaithe teorann nó an pointe scaoilte i saorchúrsaíocht, de réir mar is iomchuí.
Bosca 11: Ciallaíonn tír cinn scríbe tír an chéadchoinsíní san Aontas Eorpach.
Bosca 12: Ainm, seoladh agus uimhir chláraithe agus aitheantais oibreoirí eacnamaíochta (uimhir EORI), mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (18), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún ( 7 ), ag an allmhaireoir, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307ón gCoimisiún ( 8 ), arb é a chuireann an choinsíneacht i láthair le haghaidh scaoileadh i saorchúrsaíocht as féin, nó trí ionadaí.
Bosca 13: Tuairisc ar na táirgí, lena n-áirítear:
Bosca 14: Uimhir an choimeádáin: roghnach.
Bosca 15: Uimhir shéala: roghnach.
Bosca 16: An t-ollmheáchan iomlán a shloinntear in aonaid iomchuí (kg, lítear, etc.).
Bosca 17: An modh iompair a úsáidtear ón tír thionscnaimh go dtí go sroicheann an táirge an post rialaithe teorann nó an pointe scaoilte i saorchúrsaíocht chun an choinsíneacht a fhíorú agus an deimhniú cigireachta a fhormhuiniú.
Modh iompair: eitleán, soitheach, iarnróid, feithicil bhóthair, eile.
Sainaithint an mhodha iompair: i gcás eitleáin, uimhir na heitilte, i gcás soithí, ainm nó ainmneacha na loinge, i gcás iarnród, uimhir sainaitheantais agus vaigín na traenach, i gcás iompar de bhóthar, an t-uimhirphláta clárúcháin leis an uimhirphláta leantóra más iomchuí.
I gcás bád farantóireachta, léirigh an soitheach agus an fheithicil bhóthair le sainaitheantas na feithicle bóthair agus an bháid farantóireachta sceidealaithe.
Bosca 18: Dearbhú an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe a eisíonn an deimhniú. Roghnaigh an Rialachán Tarmligthe iomchuí ón gCoimisiún. Ní cheanglaítear síniú lámhscríofa an duine údaraithe ná an stampa ach amháin i gcás deimhnithe cigireachta a eisítear ar pháipéar go dtí an 30 Meitheamh 2022 i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306.
Bosca 19: Ainm, seoladh agus uimhir EORI, mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (18) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, ag an oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht, mar a sainmhínítear í in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307. Ní mór don allmhaireoir a shonraítear i mbosca 12 an bosca seo a líonadh isteach, más rud é nach ionann an t-oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht agus an t-allmhaireoir sin.
Bosca 20: I gcás coinsíneacht táirgí a bheartaítear a chur ar an margadh mar tháirgí orgánacha nó táirgí atá á dtiontú faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann de bhun Airteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2018/848, léirigh an dáta agus an t-am teachta measta ag an bpost rialaithe teorann.
I gcás coinsíneacht táirgí atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann de bhun Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2305 ón gCoimisiún, léirigh an dáta agus an t-am teachta measta ag an bpointe scaoilte i saorchúrsaíocht i gcomhréir leis an Rialachán sin.
Bosca 21: Tá an bosca seo le líonadh isteach ag an allmhaireoir, nó i gcás inarb iomchuí, ag an oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht, chun a iarraidh go n-aistreofar na táirgí chuig lárionad rialaithe san Aontas i gcomhair rialuithe oifigiúla breise, más rud é go roghnaíonn na húdaráis inniúla an choinsíneacht le haghaidh seiceálacha sainaitheantais agus fisiceacha ag an bpost rialaithe teorann. Níl feidhm ag an mbosca seo ach amháin maidir le táirgí atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann de bhun Airteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2018/848.
Bosca 22: Tabhair ainm an phointe rialaithe sa Bhallstát a bhfuil na táirgí le haistriú chuige le haghaidh seiceálacha sainaitheantais agus fisiceacha, más rud é go roghnaíonn na húdaráis inniúla an choinsíneacht le haghaidh seiceálacha sainaitheantais agus fisiceacha ag an bpost rialaithe teorann. Tá an bosca seo le líonadh isteach ag an allmhaireoir, nó i gcás inarb iomchuí, ag an oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht. Níl feidhm ag an mbosca seo ach amháin maidir le táirgí atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann de bhun Airteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2018/848.
Bosca 23: Ní mór don údarás inniúil ábhartha agus don allmhaireoir an bosca seo a líonadh isteach.
I gcás ina bhfuil táirgí faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, ní mór don údarás inniúil an bosca seo a líonadh isteach ag an bpost rialaithe teorann.
Ceanglaítear síniú lámhscríofa an duine údaraithe i gcás deimhnithe cigireachta a fhormhuinítear ar pháipéar go dtí an 30 Meitheamh 2022 i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306.
Bosca 24: Ainm agus seoladh an chéadchoinsíní san Aontas Eorpach. Ní mór don allmhaireoir an bosca seo a líonadh isteach.
Bosca 25: Ní mór don údarás inniúil an bosca seo a líonadh isteach tar éis na seiceálacha doiciméadacha a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306. Más rud nach bhfuil na seiceálacha doiciméadacha sásúil, ní mór bosca 30 a líonadh isteach.
Ní mór don údarás a léiriú gur roghnaíodh an choinsíneacht le haghaidh seiceálacha sainaitheantais agus fisiceacha nó nár roghnaíodh.
Ceanglaítear síniú an duine údaraithe/ríomhshéala cháilithe más rud é nach ionann an t-údarás inniúil agus an t-údarás a shonraítear in mbosca 30, agus sa chás sin amháin. Ní cheanglaítear síniú lámhscríofa an duine údaraithe ach amháin i gcás deimhnithe cigireachta a fhormhuinítear ar pháipéar go dtí an 30 Meitheamh 2022 i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306.
Bosca 26: Tá an bosca seo le líonadh isteach ag an údarás inniúil ag an bpost rialaithe teorann más rud é go roghnaítear an choinsíneacht le haghaidh seiceálacha sainaitheantais agus fisiceacha agus más rud é go bhfuil sí inghlactha lena haistriú chuig an lárionad rialaithe le haghaidh rialuithe oifigiúla breise. Níl feidhm ag an mbosca seo ach amháin maidir le táirgí atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann de bhun Airteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2018/848.
Bosca 27: Más rud é go n-aistrítear an choinsíneacht go lárionad rialaithe, tabhair ainm an lárionaid rialaithe sa Bhallstát a n-iarrtar earraí a aistriú chuige le haghaidh seiceálacha sainaitheantais agus fisiceacha, sonraí teagmhála an lárionaid rialaithe agus an cód alfa-uimhriúil uathúil arna sannadh ag an gCóras um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe don lárionad rialaithe. Tá an bosca seo le líonadh isteach ag an údarás inniúil ag an bpost rialaithe teorann. Níl feidhm ag an mbosca seo ach amháin maidir le táirgí atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann de bhun Airteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2018/848.
Bosca 28: Féach, le do thoil, an treoir maidir le bosca 17. Tá an bosca seo a líonadh isteach más rud é go n-aistrítear an choinsíneacht go lárionad rialaithe le haghaidh seiceálacha sainaitheantais agus fisiceacha.
Bosca 29: Ní mór don údarás inniúil an bosca seo a líonadh isteach i gcás ina roghnaítear na táirgí le haghaidh seiceálacha sainaitheantais agus fisiceacha.
Bosca 30: Ní mór don údarás inniúil an bosca seo a líonadh isteach, tar éis an na n-ullmhúchán dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306, i gcás inarb infheidhme, agus i ngach cás tar éis fhíorú na coinsíneachta i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus (2) den Rialachán sin.
Ní mór don údarás inniúil an rogha iomchuí a roghnú agus, más gá, aon fhaisnéis bhreise a mheastar a bheith ábhartha a chur isteach. Go háirithe, má tá an rogha “Ní féidir an choinsíneacht a scaoileadh i saorchúrsaíocht” nó “Is féidir cuid den choinsíneacht a scaoileadh i saorchúrsaíocht” roghnaithe, ní mór an fhaisnéis ábhartha a sholáthar faoi “Faisnéis bhreise”.
I gcás ina bhfuil táirgí faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, ní mór don údarás inniúil an bosca seo a líonadh isteach ag an bpost rialaithe teorann. I gcás ina n-aistrítear an choinsíneacht go lárionad rialaithe le haghaidh seiceálacha sainaitheantais agus fisiceacha dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 , ní mór don údarás inniúil an bosca seo a líonadh isteach ag an lárionad rialaithe.
Faoi “an t-údarás ag an bpost rialaithe teorann/an lárionad rialaithe/an bpointe scaoilte i saorchúrsaíocht”, cuir isteach ainm an údaráis lena mbaineann, de réir mar is iomchuí.
Ní cheanglaítear síniú lámhscríofa an duine údaraithe ach amháin i gcás deimhnithe cigireachta a fhormhuinítear ar pháipéar go dtí an 30 Meitheamh 2022 i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306.
Bosca 31: Ní mór don chéadchoinsíní an bosca seo a líonadh isteach ag pointe glactha na dtáirgí tar éis na scaoilte i saorchúrsaíocht trí rogha amháin a roghnú tar éis na seiceálacha dá bhforáiltear i bpointe 6 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 a dhéanamh.
Ceanglaítear síniú lámhscríofa an chéadchoinsíní le haghaidh deimhnithe cigireachta a fhormhuinítear ar pháipéar go dtí an 30 Meitheamh 2022 i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306.
( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).
( 2 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais nós imeachta maidir le húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe a aithint atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh ar oibreoirí a deimhníodh mar oibreoirí orgánacha agus ar tháirgí orgánacha i dtríú tíortha agus le rialacha maidir lena maoirseacht agus na rialuithe agus na gníomhaíochtaí eile atá le déanamh ag na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe sin (IO L 336, 23.9.2021, lch. 7).
( 3 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha le haghaidh na gcásanna ina bhféadfar seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar tháirgí áirithe a dhéanamh ag pointí rialaithe agus na gcoinníollacha faoina bhféadfar na seiceálacha sin a dhéanamh agus ina bhféadfar seiceálacha doiciméadacha a dhéanamh go cianda ó phoist rialaithe teorann agus na gcoinníollacha faoina bhféadfar na seiceálacha sin a dhéanamh (IO L 321, 12.12.2019, lch. 64).
( 4 ) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
( 5 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir leis na rialuithe oifigiúla i leith coinsíneachtaí de tháirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bheartaítear a allmhairiú isteach san Aontas agus maidir leis an deimhniú cigireachta (IO L 461, 27.12.2021, lch. 13).
( 6 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2305ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir leis na cásanna ina bhfuil táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla agus na coinníollacha faoina bhfuil na táirgí sin díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, áit na rialuithe oifigiúla le haghaidh na dtáirgí sin agus lena leasaítear Rialacháin Tarmligthe (AE) 2019/2123 agus (AE) 2019/2124 (IO L 461, 27.12.2021, lch. 5).
( 7 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).
( 8 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena leagtar síos rialacha maidir leis na doiciméid agus na fógraí a éilítear le haghaidh táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bhfuil sé beartaithe iad a allmhairiú isteach san Aontas (IO L 461, 27.12.2021, lch. 30).
( 9 ) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
( 10 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha áirithe a bhaineann leis an deimhniú a eisítear d’oibreoirí, do ghrúpaí oibreoirí agus d’onnmhaireoirí i dtríú tíortha a bhfuil baint acu le hallmhairiú táirgí orgánacha, agus táirgí atá á dtiontú, isteach san Aontas agus lena mbunaítear an liosta d’údaráis rialaithe aitheanta agus de chomhlachtaí rialaithe aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 297, 20.8.2021, lch. 24).