02021R2139 — GA — 08.01.2025 — 004.001

Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2139 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Meitheamh 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 442 9.12.2021, lch. 1)

Arna leasú le:

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1214 ÓN gCOIMISIÚN  an 9 Márta 2022

  L 188

1

15.7.2022

►M2

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2485 ÓN gCOIMISIÚN  an 27 Meitheamh 2023

  L 2485

1

21.11.2023

►M3

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/3215 ÓN gCOIMISIÚN  an 28 Meitheamh 2024

  L 3215

1

19.12.2024

▼B

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2139 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Meitheamh 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

Airteagal 1

Tá na critéir scagtha theicniúla chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tá na critéir scagtha theicniúla chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

▼M1

Airteagal 2a

Athbhreithniú

Le linn don Choimisiún an t-athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 19(5) de Rialachán (AE) 2020/852 a dhéanamh, déanfaidh sé athbhreithniú agus measúnú ar an gá atá ann na dátaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn 4.27, Roinn 4.28, Roinn 4.29, pointe 1(b), Roinn 4.30, pointe 1(b) agus Roinn 4.31, pointe 1(b) a leasú.

Aon athbhreithniú ar an dáta dá dtagraítear i bpointe (2) de Roinn 4.27 agus Roinn 4.28 a ghabhann le hIarscríbhinn I, déanfaidh sé an dul chun cinn teicniúil maidir le tráchtálú breosla timpiste-fhulangach san Aontas agus ar fud an domhain a chur san áireamh.

▼B

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

IARSCRÍBHINN I

Critéir scagtha theicniúla chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar aon díobháil shuntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile

CLÁR NA NÁBHAR

1.

Foraoiseacht

1.1.

Foraoisiú

1.2.

Foraoisí a athshlánú agus a athchóiriú lena n-áirítear athfhoraoisiú agus athghiniúint nádúrtha foraoisí tar éis teagmhas foircneach

1.3.

Bainistiú foraoisí

1.4.

Foraoiseacht caomhantais

2.

Gníomhaíochtaí cosanta agus athchóirithe an chomhshaoil

2.1.

Athchóiriú bogach

3.

Monaraíocht

3.1.

Teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a mhonarú

3.2.

Trealamh a mhonarú chun hidrigin a tháirgeadh agus a úsáid

3.3.

Teicneolaíochtaí ísealcharbóin a mhonarú le haghaidh iompair

3.4.

Ceallraí a mhonarú

3.5.

Trealamh éifeachtúlachta fuinnimh a mhonarú le haghaidh foirgneamh

3.6.

Teicneolaíochtaí ísealcharbóin eile a mhonarú

3.7.

Stroighin a mhonarú

3.8.

Alúmanam a mhonarú

3.9.

Iarann agus cruach a mhonarú

3.10.

Hidrigin a mhonarú

3.11.

Dubh carbóin a mhonarú

3.12.

Luaith shóide a mhonarú

3.13.

Clóirín a mhonarú

3.14.

Bun-cheimiceáin orgánacha a mhonarú

3.15.

Amóinia ainhidriúil a mhonarú

3.16.

Aigéad nítreach a mhonarú

3.17.

Plaistigh a mhonarú i bhfoirm phríomhúil

4.

Fuinneamh

4.1.

Leictreachas a ghiniúint trí bhíthin teicneolaíocht fhótavoltach gréine a úsáid

4.2.

Leictreachas a ghiniúint trí bhíthin teicneolaíocht dírithe grianteasa (CSP) a úsáid

4.3.

Leictreachas a ghiniúint le cumhacht ghaoithe

4.4.

Leictreachas a ghiniúint le teicneolaíochtaí fuinnimh aigéin

4.5

Leictreachas a ghiniúint le hidreachumhacht

4.6.

Leictreachas a ghiniúint le fuinneamh geoiteirmeach

4.7.

Leictreachas a ghiniúint le breoslaí gásacha agus leachtacha in-athnuaite nach breoslaí iontaise iad

4.8.

Leictreachas a ghiniúint le bithfhuinneamh

4.9.

Leictreachas a tharchur agus a dháileadh

4.10

Stóráil leictreachais

4.11.

Teirmeastóráil

4.12.

Stóráil hidrigine

4.13.

Monarú bithgháis agus bithbhreoslaí le húsáid san iompar agus monarú bithleachtanna

4.14.

Líonraí tarchurtha agus dáilte le haghaidh gáis in-athnuaite agus ísealcharbóin

4.15.

Téamh agus fuarú ceantair a dháileadh

4.16.

Suiteáil agus oibriú teaschaidéal leictreach

4.17.

Comhghiniúint téimh/fuaraithe agus cumhachta as fuinneamh gréine

4.18.

Comhghiniúint téimh/fuaraithe agus cumhachta as fuinneamh geoiteirmeach

4.19.

Comhghiniúint téimh/fuaraithe agus cumhachta as breoslaí gásacha agus leachtacha nach breoslaí iontaise iad

4.20.

Comhghiniúint téimh/fuaraithe agus cumhachta as bithfhuinneamh

4.21.

Téamh/fuarú a tháirgeadh as téamh grianteasa

4.22.

Téamh/fuarú a tháirgeadh as fuinneamh geoiteirmeach

4.23.

Téamh/fuarú a tháirgeadh as breoslaí gásacha agus leachtacha nach breoslaí iontaise iad

4.24.

Téamh/fuarú a tháirgeadh as bithfhuinneamh

4.25.

Téamh/fuarú a tháirgeadh agus dramhtheas á úsáid

4.26.

Céimeanna réamhthráchtála ardteicneolaíochtaí chun fuinneamh a tháirgeadh ó phróisis núicléacha le dramhaíl íosta ón timthriall breosla

4.27.

Foirgniú agus oibriú sábháilte gléasraí cumhachta núicléiche nua, le haghaidh leictreachas nó teas a tháirgeadh, lena n-áirítear maidir le táirgeadh hidrigine, trí na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil a úsáid

4.28.

Giniúint leictreachais ó fhuinneamh núicléach i ngléasraí atá ann faoi láthair

4.29.

Giniúint leictreachais ó bhreoslaí gásacha iontaise

4.30.

Comhghiniúint teasa/fuaraithe agus cumhachta ardfheidhmíochta ó bhreoslaí gásacha iontaise

4.31.

Téamh/fuarú a tháirgeadh as breoslaí gásacha iontaise i gcóras téamh agus fuarú ceantair éifeachtach

5.

Soláthar uisce, séarachas, bainistíocht dramhaíola agus feabhsúchán

5.1.

Córais bailithe, cóireála agus soláthair uisce a thógáil, a leathnú agus a oibriú

5.2.

Córais bailithe, cóireála agus soláthair uisce a athnuachan

5.3.

Córais bailithe agus cóireála fuíolluisce a thógáil, a leathnú agus a oibriú

5.4.

Bailiú agus cóireáil fuíolluisce a athnuachan

5.5

Dramhaíl neamhghuaiseach a bhailiú agus a iompar i gcodáin scagtha de réir foinse

5.6.

Díleá anaeróbach sloda séarachais

5.7.

Díleá anaeróbach bithdhramhaíola

5.8.

Múiríniú bithdhramhaíola

5.9.

Ábhair a aisghabháil ó dhramhaíl neamhghuaiseach

5.10.

Gás láithreáin líonta a ghabháil agus a úsáid

5.11.

CO2 a iompar

5.12.

Stóráil bhuan gheolaíoch CO2 faoi thalamh

6.

Iompar

6.1.

Iompar paisinéirí d’iarnród idiruirbeach

6.2.

Iompair lastais iarnróid

6.3.

Iompar uirbeach agus fo-uirbeach, iompar paisinéirí de bhóthar

6.4.

Oibriú gairis ghluaiseachta pearsanta, lóistíocht i dtaobh rothar

6.5

Iompar le gluaisrothair, le gluaisteáin paisinéirí agus le feithiclí éadroma tráchtála

6.6.

Seirbhísí iompair lastais de bhóthar

6.7.

Iompar intíre ar uisce do phaisinéirí

6.8.

Iompar intíre lastais ar uisce

6.9.

Iarfheistiú iompair paisinéirí agus lasta ar uisce intíre

6.10.

Iompar lastais ar uisce mara agus cósta, soithí le haghaidh oibríochtaí calafoirt agus gníomhaíochtaí cúnta

6.11.

Iompar ar muir agus ar uiscí cósta do phaisinéirí

6.12.

Iarfheistiú iompar lasta agus paisinéirí ar muir agus ar uiscí cósta

6.13.

Bonneagar le haghaidh soghluaisteacht phearsanta, lóistíocht i dtaobh rothar

6.14.

Bonneagar le haghaidh iompar iarnróid

6.15.

Bonneagar lena gcumasaítear iompar ísealcharbóin de bhóthar agus iompar poiblí

6.16.

Bonneagar lena gcumasaítear iompar ísealcharbóin d’uisce

6.17.

Bonneagar aerfoirt ísealcharbóin

7.

Gníomhaíochtaí foirgníochta agus réadmhaoine

7.1.

Foirgnimh nua a fhoirgniú

7.2.

Athchóiriú foirgneamh atá ann faoi láthair

7.3.

Suiteáil, cothabháil agus deisiú trealamh éifeachtúlachta fuinnimh

7.4.

Suiteáil, cothabháil agus deisiú stáisiúin luchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha i bhfoirgnimh (agus spásanna páirceála atá i gceangal le foirgnimh)

7.5.

Suiteáil, cothabháil agus deisiú uirlisí agus gaireas chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a thomhas, a rialú agus a rialáil

7.6.

Suiteáil, cothabháil agus deisiú teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite

7.7.

Fáil agus úinéireacht foirgneamh

8.

Faisnéis agus cumarsáid

8.1.

Próiseáil sonraí, óstáil agus gníomhaíochtaí gaolmhara

8.2.

Réitigh shonraíbhunaithe chun astaíochtaí GCT a laghdú

9.

Gníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíocha agus teicniúla

9.1.

Neasacht maidir le taighde, forbairt agus nuálaíocht mhargaidh

9.2.

Taighde, forbairt agus nuálaíocht le haghaidh CO2 a ghabháil go díreach ón aer

9.3.

Seirbhísí gairmiúla a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh

Aguisín A:

Critéir ghinearálta le haghaidh DNSH maidir le hoiriúnú don athrú aeráide

Aguisín B:

Critéir ghinearálta le haghaidh DNSH maidir le húsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus as acmhainní mara agus iad a chosaint

Aguisín C:

Critéir chineálacha le haghaidh DNSH maidir le truailliú a chosc agus a rialú i dtaobh úsáid agus láithreacht ceimiceán

Aguisín D:

Critéir chineálacha le haghaidh DNSH chun bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athchóiriú

Aguisín E:

Sonraíochtaí teicniúla le haghaidh fearais uisce

1.   FORAOISEACHT

1.1.    Foraoisiú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Foraois a bhunú trí phlandú, trí shíolú toiliúil nó athghiniúint nádúrtha ar thalamh a raibh, go dtí sin, úsáid éagsúil á baint as nó nach raibh aon úsáid á baint as. Tuigtear leis an bhforaoisiú claochlú ar úsáid talún ó neamhfhoraois go foraois, i gcomhréir le sainmhíniú Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (“FAO”) ar an bhforaoisiú ( 1 ), ina gciallaíonn foraois talamh atá ag teacht leis an sainmhíniú ar fhoraois mar a leagtar amach sa dlí náisiúnta, nó i gcás nach bhfuil sé sin ar fáil, atá i gcomhréir le sainmhíniú FAO ar fhoraois ( 2 ). Féadfar foraoisiú roimhe seo a chumhdach le foraoisiú chomh fada agus go dtarlaíonn sé sa tréimhse idir plandú na gcrann agus an t-am a aithnítear an úsáid talún mar fhoraois.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE A2 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006. Tá na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo teoranta do NACE II 02.10, i.e. foraoiseolaíocht agus gníomhaíochtaí foraoiseachta eile, 02.20, i.e. lománaíocht, 02.30, i.e. bailiú táirgí foraoise fiáine neamhadhmaid atá ag fás agus 02.40, i.e. seirbhísí tacaíochta le haghaidh na foraoiseachta.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Plean foraoisithe agus plean bainistíochta foraoisí nó ionstraim choibhéiseach ina dhiaidh sin

1.1.  Tá an limistéar ar a dtarlaíonn an ghníomhaíocht cumhdaithe ag plean foraoisithe fadtéarmach (5 bliana nó níos mó) a forbraíodh sular cuireadh tús leis an ngníomhaíocht, go dtí go dtiocfaidh an limistéar sin leis an sainmhíniú ar fhoraois a úsáidtear san fhardal náisiúnta de gháis ceaptha teasa nó i gcás nach bhfuiltear ar fáil, atá i gcomhréir le sainmhíniú FAO ar fhoraois.

Cuimsítear sa phlean foraoisithe gach gné a éilítear sa dlí náisiúnta a bhaineann le measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol den fhoraoisiú.

1.2  Cuirtear faisnéis mhionsonraithe ar fáil de rogha tríd an bplean foraoisithe, nó má tá faisnéis in easnamh, trí aon doiciméad eile, maidir leis na pointí seo a leanas:

(a)  tuairisc ar an limistéar de réir a fhoilsithe i gclárlann na talún;

(b)  ullmhú suímh agus a thionchar ar bhunstoic charbóin, lena n-áirítear ithreacha agus bithmhais os cionn talún, chun talamh a bhfuil ardstoc carbóin aige a chosaint (1);

(c)  spriocanna bainistíochta, lena n-áirítear srianta móra;

(d)  straitéisí agus gníomhaíochtaí ginearálta atá beartaithe chun na spriocanna bainistíochta a bhaint amach, lena n-áirítear oibríochtaí ionchasacha thar an timthriall iomlán foraoise;

(e)  sainmhíniú ar chomhthéacs na gnáthóige foraoise, lena n-áirítear príomhspeicis crainn foraoise atá ann cheana agus atá beartaithe don ghnáthóg, a bhfairsinge agus a ndáileadh;

(f)  urranna, bóithre, cearta slí agus rochtain eile phoiblí, gnéithe fisiceacha lena n-áirítear uiscebhealaí, limistéir atá faoi shrianta dlí nó faoi shrianta eile;

(g)  bearta a ghlactar chun dea-riocht na n-éiceachóras foraoise a bhunú agus a choimeád ar bun;

(h)  breithniú ar shaincheisteanna sóisialta (lena n-áirítear caomhnú an tírdhreacha, comhairliúchán le páirtithe leasmhara i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta);

(i)  rioscaí a bhaineann le foraoisí a mheasúnú, lena n-áirítear dóiteáin foraoise, agus lotnaidí agus ráigeanna galar, agus é d’aidhm leis na rioscaí a chosc, a laghdú agus a rialú agus na bearta a chuirtear i bhfeidhm chun cosaint ar rioscaí iarmharacha a áirithiú.

(j)  measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar shlándáil bia;

(k)  tá na critéir DNSH ar fad ábhartha don fhoraoisiú.

1.3.  Tarlaíonn an ghníomhaíocht ar limistéar atá faoi réir plean bainistíochta foraoise nó ionstraim choibhéiseach, de réir mar a leagtar amach sa dlí náisiúnta nó, nuair nach bhfuil plean bainistíochta foraoise nó ionstraim choibhéiseach sainmhínithe sa dlí náisiúnta, dá dtagraítear i sainmhíniú EBT ar “limistéar foraoise lena mbaineann plean bainistíochta foraoise fadtéarma” (2). Cumhdaíonn an plean bainistithe foraoise nó an ionstraim choibhéiseach tréimhse 10 mbliana nó níos mó agus déantar é a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach.

1.4  Cuirtear faisnéis ar fáil ar na pointí seo a leanas nach bhfuil doiciméadaithe cheana féin sa phlean bainistíochta foraoise nó i gcóras coibhéiseach:

(a)  spriocanna bainistíochta, lena n-áirítear srianta móra (3);

(b)  straitéisí agus gníomhaíochtaí ginearálta atá beartaithe chun na spriocanna bainistíochta a bhaint amach, lena n-áirítear oibríochtaí ionchasacha thar an timthriall iomlán foraoise;

(c)  sainmhíniú ar chomhthéacs na gnáthóige foraoise, lena n-áirítear príomhspeicis crainn foraoise atá ann cheana agus atá beartaithe don ghnáthóg, a bhfairsinge agus a ndáileadh;

(d)  sainmhíniú ar an limistéar de réir a fhoilsithe i gclárlann na talún;

(e)  urranna, bóithre, cearta slí agus rochtain eile phoiblí, gnéithe fisiceacha lena n-áirítear uiscebhealaí, limistéir atá faoi shrianta dlí nó faoi shrianta eile;

(f)  bearta a ghlactar chun dea-riocht na n-éiceachóras foraoise a chothabháil;

(g)  breithniú ar shaincheisteanna sóisialta (lena n-áirítear caomhnú an tírdhreacha, comhairliúchán le páirtithe leasmhara i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta);

(h)  rioscaí a bhaineann le foraoisí a mheasúnú, lena n-áirítear dóiteáin foraoise, agus lotnaidí agus ráigeanna galar, agus é d’aidhm leis na rioscaí a chosc, a laghdú agus a rialú agus na bearta a chuirtear i bhfeidhm chun cosaint ar rioscaí iarmharacha a áirithiú.

(i)  tá na critéir DNSH ar fad ábhartha don bhainistíocht foraoisí.

1.5.  Leanann an ghníomhaíocht na cleachtais foraoisithe is fearr a leagtar síos sa dlí náisiúnta, nó, i gcás nach bhfuil na cleachtais foraoisithe is fearr sin leagtha síos sa dlí náisiúnta, comhlíontar ceann de na critéir a leanas leis an ngníomhaíocht:

(a)  comhlíonann an ghníomhaíocht Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 807/2014 ón gCoimisiún (4);

(b)  leanann an ghníomhaíocht na “Treoirlínte Uile-Eorpacha maidir leis an bhForaoisiú agus an Athfhoraoisiú agus fócas speisialta ann ar fhorálacha UNFCCC” (5);

1.6.  Ní mar chuid den ghníomhaíocht talamh ag a bhfuil stoc ardcharbóin a dhíghrádú (6).

1.7.  Comhlíonann na córais bhainistíochta atá bainteach leis an ngníomhaíocht atá i bhfeidhm an oibleagáid díchill chuí agus na ceanglais dlíthiúlachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

1.8.  Sa phlean bainistíochta foraoisí nó san ionstraim choibhéiseach déantar foráil d’fhaireachán lena n-áirithítear cruinneas na faisnéise sa phlean, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na sonraí a bhaineann leis an limistéar atá i gceist.

2.  Anailís ar an tairbhe don aeráid

2.1.  I gcás limistéar a chomhlíonann na ceanglais ar leibhéal an limistéir foinsithe foraoise chun a áirithiú go ndéanfar stoic charbóin agus linnte carbóin san fhoraois a chothabháil nó a neartú san fhadtéarma i gcomhréir le hAirteagal 29(7), pointe (b) de Threoir (AE) 2018/2001, comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir seo a leanas:

(a)  léirítear san anailís ar thairbhe don aeráid go bhfuil glan-iarmhéid na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe GCT arna nginiúint ag an ngníomhaíocht thar thréimhse 30 bliana ó thús na gníomhaíochta níos ísle ná bonnlíne a chomhfhreagraíonn do chomhardú na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe GCT thar thréimhse 30 bliana ó thús na gníomhaíochta, bonnlíne a bhaineann leis na cleachtais “gnó mar is gnách” a bheadh curtha i gcrích sa réimse lena mbaineann in éagmais na gníomhaíochta;

(b)  meastar tairbhí aeráide fadtéarmacha a bheith cruthaithe le cruthúnas ar ailíniú le pointe (b) d’Airteagal 29(7) de Threoir (AE) 2018/2001.

2.2.  I gcás limistéar nach gcomhlíonann na ceanglais ar leibhéal an limistéir foinsithe foraoise chun a áirithiú go ndéanfar stoic charbóin agus leibhéil linnte san fhoraois a chothabháil nó a neartú san fhadtéarma i gcomhréir le hAirteagal 29(7), pointe (b) de Threoir (AE) 2018/2001, comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir seo a leanas:

(a)  léiríonn an anailís ar thairbhe don aeráid go bhfuil glan-iarmhéid na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe GCT arna nginiúint ag an ngníomhaíocht thar thréimhse 30 bliana tar éis thús na gníomhaíochta níos ísle ná bonnlíne a chomhfhreagraíonn do chomhardú na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe GCT thar thréimhse 30 bliana ag tosú ag tús na gníomhaíochta, bonnlíne a bhaineann leis na cleachtais “gnó mar is gnách” a bheadh curtha i gcrích sa réimse lena mbaineann in éagmais na gníomhaíochta.

(b)  tá an meán-ghlanchomhardú fadtéarmach gás ceaptha teasa sa ghníomhaíocht níos ísle ná an meán-chomhardú fadtéarmach gás ceaptha teasa atá tuartha don bhonnlíne, dá dtagraítear i bpointe 2.2, i gcás ina gcomhfhreagraíonn “fadtéarmach” do thréimhse níos faide, i.e. idir 100 bliana agus tréimhse thimthriall foraoise ina iomláine.

2.3.  Comhlíonann ríomh na tairbhe don aeráid na critéir seo a leanas go léir:

(a)  tá an anailís comhsheasmhach le Mionchoigeartú 2019 ar Threoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa (8). Tá an anailís ar thairbhe don aeráid bunaithe ar fhaisnéis thrédhearcach, chruinn, chomhsheasmhach, iomlán agus inchomparáide, cumhdaítear léi na linnte carbóin ar fad a mbíonn tionchar ag an ngníomhaíocht orthu, lena n-áirítear bithmhais os cionn na talún, bithmhais faoi thalamh, brosna, bruscar agus ithir, ag brath ar na toimhdí is coimeádaí le haghaidh ríomhanna agus áirítear inti breithnithe iomchuí faoi na rioscaí a bhaineann le neamhbhuaine agus cúlú maidir le ceapadh carbóin, leis an riosca sáithiú agus leis an riosca sceite.

(b)  Féadann ceann acu seo a leanas a bheith ar na cleachtais “gnó mar is gnách”:

(i)  na cleachtais bhainistíochta mar atá doiciméadaithe sa leagan is déanaí den phlean bainistíochta foraoisí nó den ionstraim choibhéiseach sular cuireadh tús leis an ngníomhaíocht, más ann dóibh;

(ii)  na cleachtais is déanaí “gnó mar is gnách” sular cuireadh tús leis an ngníomhaíocht;

(iii)  na cleachtais a chomhfhreagraíonn do chóras bainistíochta lena n-áirithítear go ndéantar stoic charbóin agus linnte carbóin a chothabháil nó a neartú san fhadtéarma mar a leagtar amach in Airteagal 29(7), pointe (b), de Threoir (AE) 2018/2001.

(c)  tá gléine na hanailíse i gcoibhneas le méid an limistéir lena mbaineann agus úsáidtear luachanna atá sonrach don limistéar lena mbaineann.

(d)  ní bheidh neamhchomhlíonadh Rialachán (AE) 2020/852 mar thoradh ar astaíochtaí agus aistrithe a tharlaíonn de bharr suaitheadh nádúrtha, amhail foirgeacht lotnaidí agus galar, dóiteáin foraoise, gaoth, damáistí stoirme, a mbíonn tionchar acu ar an limistéar agus is cúis le tearcfheidhmíocht, ar choinníoll go bhfuil an anailís ar an tairbhe don aeráid comhsheasmhach le Mionchoigeartú 2019 ar Threoirlínte IPCC 2006 d'Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa maidir le hastaíochtaí agus aistrithe de bharr suaitheadh nádúrtha.

2.4.  Níl gá le gabháltais foraoise faoi bhun 13 heicteár chun anailís ar thairbhí aeráide a dhéanamh.

3.  Ráthaíocht buaine

3.1.  I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, rathaítear stádas foraoise an limistéir ina dtarlaíonn an ghníomhaíocht le ceann de na bearta a leanas:

(a)  aicmítear an limistéar san eastát foraoise buan mar atá sainithe ag FAO (9);

(b)  tá an limistéar aicmithe mar limistéar faoi chosaint;

(c)  tá an limistéar faoi réir aon ráthaíochta dlíthiúla nó conarthaí lena n-áirithítear go bhfanfaidh sé ina fhoraois.

3.2.  I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, geallann oibreoir na gníomhaíochta go leanfar le tairbhí don aeráid a sheachadadh, mar a chinntear i bpointe 2, le nuashonruithe ar an bplean foraoisithe amach anseo agus ar an bplean bainistíochta foraoisí ina dhiaidh sin nó ar ionstraim choibhéiseach, i ndiaidh na gníomhaíochta atá maoinithe. Thairis sin, geallann oibreoir na gníomhaíochta aon laghdú ar an tairbhe don aeráid a chinntear i bpointe 2 a chúiteamh le tairbhe choibhéiseach don aeráid a bheidh mar thoradh ar ghníomhaíocht a dhéanamh chomhfhreagraíonn do cheann de na gníomhaíochtaí foraoiseachta atá sainmhínithe sa Rialachán seo.

4.  Iniúchóireacht

Laistigh de 2 bhliain ó thús na gníomhaíochta agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin, déanann ceachtar díobh seo a leanas comhlíontacht na gníomhaíochta leis an rannchuidiú substaintiúil leis na critéir um maolú ar an athrú aeráide agus leis na critéir DNSH a fhíorú:

(a)  na húdaráis náisiúnta inniúla ábhartha;

(b)  deimhnitheoir tríú páirtí neamhspleách, ar iarratas ó údaráis náisiúnta nó ó oibreoir na gníomhaíochta.

D’fhonn costais a laghdú, féadfar iniúchóireachtaí a dhéanamh i gcomhar le haon deimhniú foraoise, deimhniú aeráide nó iniúchóireacht eile.

Ní bheidh aon choinbhleacht leasa ag an deimhnitheoir neamhspleách tríú páirtí leis an úinéir ná leis an maoinitheoir, agus ní bheidh baint aige le forbairt ná le hoibríocht na gníomhaíochta.

5.  Measúnú grúpa

Is féidir comhlíonadh na gcritéar maidir le rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide agus comhlíonadh na gcritéar DNSH a sheiceáil:

(a)  ar leibhéal an limistéir foinsithe foraoise (10) de réir mar atá sainmhínithe in Airteagal 2, pointe (30), de Threoir (AE) 2018/2001;

(b)  ar leibhéal grúpa sealúchas atá aonchineálach go leordhóthanach chun riosca inbhuanaitheacht na gníomhaíochta foraoise a mheasúnú, ar choinníoll go bhfuil gaol buanfasach eatarthu agus go bhfuil siad páirteach sa ghníomhaíocht agus go bhfanann an grúpa sealúchas sin gan athrú le haghaidh gach iniúchadh dá éis sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Faisnéis mhionsonraithe dá dtagraítear i bpointe 1.2. (k) forálacha chun na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a chomhlíonadh.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Laghdaítear úsáid lotnaidicídí agus táthar i bhfabhar cur chuige nó teicnící malartacha, a bhféadfadh roghanna malartacha neamhcheimiceacha ar lotnaidicídí a bheith san áireamh leo, i gcomhréir le Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), cé is moite de na hócáidí sin inar gá lotnaidicídí a úsáid chun ráigeanna lotnaidí agus galar a rialú.

Leis an ngníomhaíocht sin, íoslaghdaítear úsáid leasachán agus ní úsáidtear aoileach. Comhlíonann an ghníomhaíocht Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) nó rialacha náisiúnta maidir le leasacháin nó feabhsaitheoirí itheach le haghaidh úsáid talmhaíochta.

Glactar le bearta a dhéantar a dhoiciméadú agus a fhíordheimhniú go maith chun go seachnófar úsáid comhábhar gníomhach a liostaítear in Iarscríbhinn I, cuid A, de Rialachán (AE) 2019/1021 (13) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), Coinbhinsiún Rotterdam maidir leis an nós imeachta um thoiliú eolach roimh ré le haghaidh ceimiceáin agus lotnaidicídí guaiseacha áirithe i dtrádáil idirnáisiúnta (15), i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair (16), i bPrótacal Montréal maidir le Substaintí lena nÍdítear an Ciseal Ózóin (17), chun úsáid comhábhar gníomhach a sheachaint a liostaítear mar Aicme Ia (“fíorghuaiseach”) nó Aicme Ib (“thar a bheith guaiseach”) san Aicmiú Lotnaidicídí faoi Ghuais arna Mholadh ag EDS (18). Comhlíontar an dlí cur chun feidhme ábhartha maidir le comhábhair ghníomhacha leis an ngníomhaíocht.

Seachnaítear truailliú uisce agus ithreach agus glactar bearta glantacháin nuair a tharlaíonn an truailliú.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

I limistéir arna n-ainmniú ag an údarás náisiúnta inniúil don chaomhnú nó i ngnáthóga atá faoi chosaint, tá an ghníomhaíocht i gcomhréir le cuspóirí caomhnaithe na limistéar sin.

Níl aon athrú ar ghnáthóga atá íogair go sonrach do chaillteanas bithéagsúlachta nó a bhfuil ardluach caomhnaithe acu, nó ar limistéir atá curtha ar leataobh le haghaidh athchóiriú ar ghnáthóga den sórt sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Áirítear leis an bplean dá dtagraítear i bpointe 1.2(k) agus pointe 1.4(i) (Plean athchóirithe) den Roinn seo forálacha maidir leis an mbithéagsúlacht a chothabháil agus a fheabhsú b’fhéidir i gcomhréir le forálacha náisiúnta agus áitiúla, lena n-áirítear an méid a leanas:

(a)  dea-stádas caomhnaithe na ngnáthóg agus na speiceas a áirithiú, gnáthspeicis gnáthóige a chothabháil;

(b)  úsáid nó scaoileadh speiceas coimhthíoch ionrach a eisiamh;

(c)  úsáid speiceas neamhdhúchasach a eisiamh murar féidir an méid a leanas a léiriú:

(i)  go mbíonn dálaí éiceachórais fabhracha iomchuí (amhail aeráid, critéir ithreach, agus crios fásra, athléimneacht dóiteáin foraoise) mar thoradh ar úsáid an ábhair atáirgthe foraoisí;

(ii)  nach bhfuil na speicis dhúchasacha atá ar an suíomh faoi láthair oiriúnaithe níos mó do dhálaí réamh-mheasta aeráide agus peidihidreolaíocha;

(d)  a áirithiú go ndéanfar cáilíocht fhisiceach, cheimiceach agus bhitheolaíoch na hithreach a chothabháil agus a fheabhsú;

(e)  cleachtais atá neamhdhíobhálach don bhithéagsúlacht lena bhfeabhsaítear próisis nádúrtha foraoisí a chur chun cinn;

(f)  go n-eisiatar athrú ar éiceachórais ard-bhithéagsúlachta go héiceachórais nach bhfuil chomh bithéagsúil céanna;

(g)  go n-áirithítear éagsúlacht na ngnáthóg agus na speiceas gaolmhara a bhfuil nasc acu leis an bhforaois;

(h)  go n-áirithítear éagsúlacht na struchtúr clampa agus cothabháil nó feabhsú na gclampaí aibí agus adhmaid mhairbh.

(1)   

Ciallaíonn talamh lena mbaineann stoc ardcharbóin bogaigh lena n-áirítear talamh portaigh, agus limistéir a bhíonn faoi fhoraois i dtólamh de réir bhrí 29(4)(a), (b) agus (c) de Threoir (AE) 2018/2001.

(2)   

Limistéar foraoise a bhfuil plean bainistíochta doiciméadaithe fadtéarmach (10 mbliana nó níos mó) ann ina leith, plean atá dírithe ar spriocanna bainistíochta sainmhínithe, agus a athbhreithnítear go tréimhsiúil.

Measúnú ar Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

(3)   

Lena n-áirítear anailís ar (i) inbhuanaitheacht fhadtéarmach na hacmhainne adhmaid (ii) tionchair/brúnna ar chaomhnú gnáthóige, éagsúlacht na ngnáthóg gaolmhar agus coinníoll lománaithe lena n-íoslaghdaítear tionchair ar an ithir.

(4)   

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 807/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena dtugtar isteach forálacha idirthréimhseacha (IO L 227, 31.7.2014, lch. 1).

(5)   

Treoirlínte Uile-Eorpacha maidir leis an bhForaoisiú agus an Athfhoraoisiú agus fócas speisialta ann ar fhorálacha UNFCCC arna ghlacadh ag an gCruinniú de Shaineolaithe na Comhdhála Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip (MCPFE) an 12-13 Samhain, 2008 agus ag Biúró PEBLDS ar son Chomhairle PEBLDS an 4 Samhain, 2008 (leagan an 4.6.2021: https://www.foresteurope.org/docs/other_meetings/2008/Geneva/Guidelines_Aff_Ref_ADOPTED.pdf).

(6)   

Ciallaíonn talamh a bhfuil ardstoc carbóin aige bogaigh, lena n-áirítear tailte móna, agus limistéir atá faoi fhoraois leanúnach de réir bhrí Airteagal 29(4)(a), (b) agus (c) de Threoir (AE) 2018/2001.

(7)   

Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (IO L 295, 12.11.2010, lch. 23).

(8)   

Mionchoigeartú 2019 ar Threoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa (leagan an 4.6.2021: https://www.ipcc-nggip.iges.or.jp/public/2019rf/).

(9)   

Limistéar foraoise a ainmnítear le coinneáil mar fhoraois agus ní féidir é a thiontú go talamhúsáid eile,

Measúnú ar Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

(10)   

ciallaíonn “limistéar foinsithe” an limistéar, arna shainiú go geografach, as a bhfaightear an bunábhar bithmhaise foraoise, óna bhfuil faisnéis iontaofa agus neamhspleách ar fáil, agus ina bhfuil na dálaí sách aonfhoirmeach le gur féidir measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le saintréithe inbhuanaitheachta agus dlíthiúlachta na bithmhaise foraoise.

(11)   

Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71).

(12)   

Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin ón AE a chur ar an margadh agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1069/2009 agus (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 (IO L 170, 25.6.2019, lch. 1).

(13)   

Lena gcuirtear Coinbhinsiún Stócólm maidir le truailleáin orgánacha leanúnacha (IO L 209, 31.7.2006, lch. 3.) chun feidhme san Aontas.

(14)   

Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45).

(15)   

Coinbhinsiún Rotterdam ar an Nós Imeachta i dTaobh Toiliú Feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh Ceimiceán Guaiseach agus Lotnaidicídí Áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta (IO L 63, 6.3.2003, lch. 29).

(16)   

Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair (IO L 142, 2.6.2017, lch. 6.).

(17)   

Prótacal Montréal um Shubstaintí a Ídíonn an Ciseal Ózóin (IO L 297, 31.10.1988, lch. 21).

(18)   

Aicmiú Lotnaidicídí faoi Ghuais arna Mholadh ag EDS (leagan 2019), (leagan an 4.6.2021: https://apps.who.int/iris/bitstream/handle/10665/332193/9789240005662-eng.pdf?ua=1

1.2.    Athshlánú agus athchóiriú foraoisí, lena n-áirítear athfhoraoisiú agus athghiniúint nádúrtha foraoisí tar éis teagmhas foircneach

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Athchóiriú agus athshlánú foraoisí mar a shainmhínítear leis an dlí náisiúnta. Sa chás nach gcuimsíonn an dlí náisiúnta sainmhíniú den sórt sin, comhfhreagraíonn athshlánú agus athchóiriú do shainmhíniú i dtaobh tíortha sonracha, sainmhíniú ar a bhfuil comhaontú ginearálta sa litríocht eolaíoch phiarmheasúnaithe nó comhfhreagraíonn athshlánú agus athchóiriú do shainmhíniú i gcomhréir le coincheap FAO maidir le hathchóiriú foraoise ( 3 ) nó do shainmhíniú i gcomhréir le ceann de na sainmhínithe ar athchóiriú éiceolaíoch ( 4 ) a fheidhmítear i leith foraoise, nó athchóiriú foraoise ( 5 ) faoin gCoinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht ( 6 ). Áirítear freisin ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo gníomhaíochtaí foraoise atá i gcomhréir le sainmhíniú FAO ar “athfhoraoisiú”  ( 7 ) agus ar “athghiniúint nádúrtha foraoisí”  ( 8 ) tar éis teagmhas foircneach, i gcás ina bhfuil teagmhas foircneach sainmhínithe sa dlí náisiúnta, agus i gcás nach gcuimsítear sa dlí náisiúnta sainmhíniú den chineál sin, bíodh sé i gcomhréir le sainmhíniú IPCC ar theagmhas adhaimsire ( 9 ); nó tar éis falscaí, i gcás ina bhfuil falscaí sainmhínithe sa dlí náisiúnta, agus i gcás nach gcuimsítear sa dlí náisiúnta sainmhíniú den chineál sin, de réir mar atá sainmhínithe sa Ghluais Eorpach maidir le falscaithe agus dóiteáin foraoise ( 10 ).

Tuigtear leis an ngníomhaíocht nach mbeidh athrú ar an úsáid talún agus tarlaíonn sé ar thalamh dhíghrádaithe atá ag teacht leis an sainmhíniú ar fhoraois a úsáidtear san fhardal náisiúnta de gháis ceaptha teasa, nó i gcás nach bhfuil sé sin ar fáil, tá sé i gcomhréir le sainmhíniú FAO ar fhoraois ( 11 ).

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE A2 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006. Tá na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo teoranta do NACE II 02.10, i.e. foraoiseolaíocht agus gníomhaíochtaí foraoiseachta eile, 02.20, i.e. lománaíocht, 02.30, i.e. bailiú táirgí foraoise fiáine neamhadhmaid atá ag fás agus 02.40, i.e. seirbhísí tacaíochta le haghaidh na foraoiseachta.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Plean bainistíochta foraoisí nó ionstraim choibhéiseach

1.1.  Tarlaíonn an ghníomhaíocht ar limistéar atá faoi réir plean bainistíochta foraoise nó ionstraim choibhéiseach, de réir mar a leagtar amach sa dlí náisiúnta nó, nuair nach bhfuil plean bainistíochta foraoise nó ionstraim choibhéiseach sainmhínithe sa dlí náisiúnta, dá dtagraítear i sainmhíniú EBT ar “limistéar foraoise lena mbaineann plean bainistíochta foraoise fadtéarma” (1).

Leis an bplean bainistíochta foraoisí nó leis an ionstraim choibhéiseach cumhdaítear tréimhse 10 mbliana nó níos mó, agus déantar é a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach.

1.2.  Cuirtear faisnéis ar fáil ar na pointí seo a leanas nach bhfuil doiciméadaithe cheana féin sa phlean bainistíochta foraoise nó i gcóras coibhéiseach:

(a)  spriocanna bainistíochta, lena n-áirítear srianta móra (2);

(b)  straitéisí agus gníomhaíochtaí ginearálta atá beartaithe chun na spriocanna bainistíochta a bhaint amach, lena n-áirítear oibríochtaí ionchasacha thar an timthriall iomlán foraoise;

(c)  sainmhíniú ar chomhthéacs na gnáthóige foraoise, lena n-áirítear príomhspeicis crainn foraoise atá ann cheana agus atá beartaithe don ghnáthóg, a bhfairsinge agus a ndáileadh;

(d)  sainmhíniú ar an limistéar de réir a fhoilsithe i gclárlann na talún;

(e)  urranna, bóithre, cearta slí agus rochtain eile phoiblí, gnéithe fisiceacha lena n-áirítear uiscebhealaí, limistéir atá faoi shrianta dlí nó faoi shrianta eile;

(f)  bearta a ghlactar chun dea-riocht na n-éiceachóras foraoise a chothabháil;

(g)  breithniú ar shaincheisteanna sóisialta (lena n-áirítear caomhnú an tírdhreacha, comhairliúchán le páirtithe leasmhara i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta);

(h)  rioscaí a bhaineann le foraoisí a mheasúnú, lena n-áirítear dóiteáin foraoise, agus lotnaidí agus ráigeanna galar, agus é d’aidhm leis na rioscaí a chosc, a laghdú agus a rialú agus na bearta a chuirtear i bhfeidhm chun cosaint ar rioscaí iarmharacha a áirithiú.

(i)  tá na critéir DNSH ar fad ábhartha don bhainistíocht foraoisí.

1.3.  Áirithítear inbhuanaitheacht na gcóras bainistíochta foraoisí, mar a dhoiciméadaítear sa phlean dá dtagraítear i bpointe 1.1, ach ceann de na cuir chuige is uaillmhianaí díobh seo a leanas a roghnú:

(a)  tá an plean bainistíochta foraoisí ag teacht leis an sainmhíniú náisiúnta is infheidhme maidir le bainistíocht inbhuanaithe ar fhoraoisí,

(b)  tagann an bainistiú foraoise le sainmhíniú Forest Europe (3) ar bhainistiú inbhuanaithe foraoisí, agus comhlíonann sé na Treoirlínte Uile-Eorpacha ar an Leibhéal Oibríochta maidir le Bainistiú Inbhuanaithe Foraoisí (4);

(c)  tá an córas bainistíochta atá i bhfeidhm i gcomhréir leis na critéir inbhuanaitheachta foraoise a leagtar síos in Airteagal 29(6) de Threoir (AE) 2018/2001, agus amhail dáta a chur i bhfeidhm leis an ngníomh cur chun feidhme maidir le treoraíocht oibríochtúil don fhuinneamh ó bhithmhais foraoise arna ghlacadh faoi Airteagal 29(8) den Treoir sin.

1.4.  Ní mar chuid den ghníomhaíocht talamh ag a bhfuil stoc ardcharbóin a dhíghrádú (5).

1.5.  Comhlíonann an córas bainistíochta atá bainteach leis an ngníomhaíocht atá i bhfeidhm an oibleagáid díchill chuí agus na ceanglais dlíthiúlachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 995/2010.

1.6.  Sa phlean bainistíochta foraoise nó san ionstraim choibhéiseach déantar foráil d’fhaireachán lena n-áirithítear cruinneas na faisnéise sa phlean, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na sonraí a bhaineann leis an limistéar atá i gceist.

2.  Anailís ar an tairbhe don aeráid

2.1.  I gcás limistéar a chomhlíonann na ceanglais ar leibhéal an limistéir foinsithe foraoise chun a áirithiú go ndéanfar stoic charbóin agus linnte carbóin san fhoraois a chothabháil nó a neartú san fhadtéarma i gcomhréir le hAirteagal 29(7), pointe (b) de Threoir (AE) 2018/2001, comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir seo a leanas:

(a)  léirítear san anailís ar thairbhe don aeráid go bhfuil glan-iarmhéid na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe GCT arna nginiúint ag an ngníomhaíocht thar thréimhse 30 bliana ó thús na gníomhaíochta níos ísle ná bonnlíne a chomhfhreagraíonn do chomhardú na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe GCT thar thréimhse 30 bliana ó thús na gníomhaíochta, bonnlíne a bhaineann leis na cleachtais “gnó mar is gnách” a bheadh curtha i gcrích sa réimse lena mbaineann in éagmais na gníomhaíochta.

(b)  meastar tairbhí aeráide fadtéarmacha a bheith cruthaithe le cruthúnas ar ailíniú le pointe (b) d’Airteagal 29(7) de Threoir (AE) 2018/2001.

2.2.  I gcás limistéar nach gcomhlíonann na ceanglais ar leibhéal an limistéir foinsithe foraoise chun a áirithiú go ndéanfar stoic charbóin agus leibhéil linnte san fhoraois a chothabháil nó a neartú san fhadtéarma i gcomhréir le hAirteagal 29(7), pointe (b) de Threoir (AE) 2018/2001, comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir seo a leanas:

(a)  léiríonn an anailís ar thairbhe don aeráid go bhfuil glan-iarmhéid na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe GCT arna nginiúint ag an ngníomhaíocht thar thréimhse 30 bliana tar éis thús na gníomhaíochta níos ísle ná bonnlíne a chomhfhreagraíonn do chomhardú na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe GCT thar thréimhse 30 bliana ag tosú ag tús na gníomhaíochta, bonnlíne a bhaineann leis na cleachtais “gnó mar is gnách” a bheadh curtha i gcrích sa réimse lena mbaineann in éagmais na gníomhaíochta.

(b)  tá an meán-ghlanchomhardú fadtéarmach gás ceaptha teasa sa ghníomhaíocht níos ísle ná an meán-chomhardú fadtéarmach gás ceaptha teasa atá tuartha don bhonnlíne, dá dtagraítear i bpointe 2.2, i gcás ina gcomhfhreagraíonn “fadtéarmach” do thréimhse níos faide, i.e. idir 100 bliana agus tréimhse thimthriall foraoise ina iomláine.

2.3.  Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir seo a leanas go léir:

(a)  tá an anailís comhsheasmhach le Mionchoigeartú 2019 ar Threoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa (6). Tá an anailís ar thairbhe don aeráid bunaithe ar fhaisnéis thrédhearcach, chruinn, chomhsheasmhach, iomlán agus inchomparáide, cumhdaítear léi na linnte carbóin ar fad a mbíonn tionchar ag an ngníomhaíocht orthu, lena n-áirítear bithmhais os cionn na talún, bithmhais faoi thalamh, brosna, bruscar agus ithir, ag brath ar na toimhdí is coimeádaí le haghaidh ríomhanna agus áirítear inti breithnithe iomchuí faoi na rioscaí a bhaineann le neamhbhuaine agus cúlú maidir le ceapadh carbóin, leis an riosca sáithiú agus leis an riosca sceite.

(b)  Féadann ceann acu seo a leanas a bheith ar na cleachtais “gnó mar is gnách”:

(i)  na cleachtais bhainistíochta mar atá doiciméadaithe sa leagan is déanaí den phlean bainistíochta foraoisí nó den ionstraim choibhéiseach sular cuireadh tús leis an ngníomhaíocht, más ann dóibh;

(ii)  na cleachtais is déanaí “gnó mar is gnách” sular cuireadh tús leis an ngníomhaíocht;

(iii)  na cleachtais a chomhfhreagraíonn do chóras bainistíochta lena n-áirithítear go ndéantar stoic charbóin agus linnte carbóin a chothabháil nó a neartú san fhadtéarma mar a leagtar amach in Airteagal 29(7), pointe (b), de Threoir (AE) 2018/2001.

(c)  tá gléine na hanailíse i gcoibhneasle méid an limistéir lena mbaineann agus úsáidtear luachanna atá sonrach don limistéar lena mbaineann.

(d)  ní bheidh neamhchomhlíonadh Rialachán (AE) 2020/852 mar thoradh ar astaíochtaí agus aistrithe a tharlaíonn de bharr suaitheadh nádúrtha, amhail foirgeacht lotnaidí agus galar, dóiteáin foraoise, gaoth, damáistí stoirme, a mbíonn tionchar acu ar an limistéar agus is cúis le tearcfheidhmíocht, ar choinníoll go bhfuil an anailís ar an tairbhe don aeráid comhsheasmhach le Mionchoigeartú 2019 ar Threoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa maidir le hastaíochtaí agus aistrithe de bharr suaitheadh nádúrtha.

2.4.  Níl gá le gabháltais foraoise faoi bhun 13 heicteár chun anailís ar thairbhí aeráide a dhéanamh.

3.  Ráthaíocht buaine

3.1.  I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, rathaítear stádas foraoise an limistéir ina dtarlaíonn an ghníomhaíocht le ceann de na bearta a leanas:

(a)  aicmítear an limistéar san eastát foraoise buan mar atá sainithe ag FAO (7);

(b)  tá an limistéar aicmithe mar limistéar faoi chosaint;

(c)  tá an limistéar faoi réir aon ráthaíochta dlíthiúla nó conarthaí lena n-áirithítear go bhfanfaidh sé ina fhoraois.

3.2.  I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, geallann oibreoir na gníomhaíochta go leanfar de thairbhí don aeráid a lorg mar a chinntear i bpointe 2 i nuashonruithe amach anseo ar an bplean bainistíochta foraoisí nó ar ionstraim choibhéiseach i ndiaidh na gníomhaíochta atá maoinithe. Thairis sin, geallann oibreoir na gníomhaíochta aon laghdú ar an tairbhe don aeráid a chinntear i bpointe 2 a chúiteamh le tairbhe choibhéiseach don aeráid a bheidh mar thoradh ar ghníomhaíocht a dhéanamh chomhfhreagraíonn do cheann de na gníomhaíochtaí foraoiseachta atá sainmhínithe sa Rialachán seo.

4.  Iniúchóireacht

Laistigh de 2 bhliain ó thús na gníomhaíochta agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin, déanann ceachtar díobh seo a leanas comhlíontacht na gníomhaíochta leis an rannchuidiú substaintiúil leis na critéir um maolú ar an athrú aeráide agus leis na critéir DNSH a fhíorú:

(a)  na húdaráis náisiúnta inniúla ábhartha;

(b)  deimhnitheoir tríú páirtí neamhspleách, ar iarratas ó údaráis náisiúnta nó ó oibreoir na gníomhaíochta.

D’fhonn costais a laghdú, féadfar iniúchóireachtaí a dhéanamh i gcomhar le haon deimhniú foraoise, deimhniú aeráide nó iniúchóireacht eile.

Ní bheidh aon choinbhleacht leasa ag an deimhnitheoir neamhspleách tríú páirtí leis an úinéir ná leis an maoinitheoir, agus ní bheidh baint aige le forbairt ná le hoibríocht na gníomhaíochta.

5.  Measúnú grúpa

Is féidir comhlíonadh na gcritéar maidir le rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide agus comhlíonadh na gcritéar DNSH a sheiceáil:

(a)  ar leibhéal an limistéir foinsithe foraoise (8) de réir mar atá sainmhínithe in Airteagal 2, pointe (30), de Threoir (AE) 2018/2001;

(b)  ar leibhéal grúpa sealúchas atá aonchineálach go leordhóthanach chun riosca inbhuanaitheacht na gníomhaíochta foraoise a mheasúnú, ar choinníoll go bhfuil gaol buanfasach eatarthu agus go bhfuil siad páirteach sa ghníomhaíocht agus go bhfanann an grúpa sealúchas sin gan athrú le haghaidh gach iniúchadh dá éis sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Faisnéis mhionsonraithe dá dtagraítear i bpointe 1.2. (i) áirítear forálacha chun na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a chomhlíonadh.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní dócha go dtiocfaidh laghdú suntasach ar sholáthar inbhuanaithe de bithmhaise foraoise príomha atá oiriúnach chun táirgí atá bunaithe ar adhmad a mhonarú a bhfuil acmhainneacht fhadtéarmach chiorclaíochta acu mar thoradh ar an athrú foraoiseolaíochta arna spreagadh leis an ngníomhaíocht ar an limistéar atá cumhdaithe leis an ngníomhaíocht. Is féidir an critéar sin a léiriú tríd an anailís ar thairbhí don aeráid dá dtagraítear i bpointe (2).

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Laghdaítear úsáid lotnaidicídí agus táthar i bhfabhar cur chuige nó teicnící malartacha, a bhféadfadh roghanna malartacha neamhcheimiceacha ar lotnaidicídí a bheith san áireamh leo, i gcomhréir le Treoir 2009/128/CE, cé is moite de na hócáidí sin inar gá lotnaidicídí a úsáid chun ráigeanna lotnaidí agus galar a rialú.

Íoslaghdaítear an úsáid a bhaintear as leasacháin leis an ngníomhaíocht agus ní úsáidtear aoileach inti. Comhlíonann an ghníomhaíocht Rialachán (AE) 2019/1009 nó na dlíthe náisiúnta maidir le leasacháin nó feabhsaitheoirí ithreach le haghaidh úsáid talmhaíochta.

Glactar le bearta a dhéantar a dhoiciméadú agus a fhíordheimhniú go maith chun go seachnófar úsáid comhábhar gníomhach a liostaítear in Iarscríbhinn I, cuid A, de Rialachán (AE) 2019/1021 (9), i gCoinbhinsiún Rotterdam maidir leis an nós imeachta um thoiliú eolach roimh ré le haghaidh ceimiceáin agus lotnaidicídí guaiseacha áirithe i dtrádáil idirnáisiúnta, i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair, i bPrótacal Montréal maidir le Substaintí lena nÍdítear an Ciseal Ózóin, chun úsáid comhábhar gníomhach a sheachaint a liostaítear mar Aicme Ia (“fíorghuaiseach”) nó Aicme Ib (“thar a bheith guaiseach”) san Aicmiú Lotnaidicídí faoi Ghuais arna Mholadh ag EDS. Comhlíontar an dlí cur chun feidhme ábhartha maidir le comhábhair ghníomhacha leis an ngníomhaíocht.

Seachnaítear truailliú uisce agus ithreach agus glactar bearta glantacháin nuair a tharlaíonn an truailliú.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

I limistéir arna n-ainmniú ag an údarás náisiúnta inniúil don chaomhnú nó i ngnáthóga atá faoi chosaint, tá an ghníomhaíocht i gcomhréir le cuspóirí caomhnaithe na limistéar sin.

Níl aon athrú ar ghnáthóga atá íogair go sonrach do chaillteanas bithéagsúlachta nó a bhfuil ardluach caomhnaithe acu, nó ar limistéir atá curtha ar leataobh le haghaidh athchóiriú ar ghnáthóga den sórt sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Áirítear leis an bhfaisnéis mhionsonraithe dá dtagraítear i bpointe 1.2(i) forálacha maidir leis an mbithéagsúlacht a chothabháil agus a fheabhsú b’fhéidir i gcomhréir le forálacha náisiúnta agus áitiúla, lena n-áirítear an méid a leanas:

(a)  dea-stádas caomhnaithe na ngnáthóg agus na speiceas a áirithiú, gnáthspeicis gnáthóige a chothabháil;

(b)  úsáid nó scaoileadh speiceas coimhthíoch ionrach a eisiamh;

(c)  úsáid speiceas neamhdhúchasach a eisiamh murar féidir an méid a leanas a léiriú:

(i)  go mbíonn dálaí éiceachórais fabhracha iomchuí (amhail aeráid, critéir ithreach, agus crios fásra, athléimneacht dóiteáin foraoise) mar thoradh ar úsáid an ábhair atáirgthe foraoisí;

(ii)  nach bhfuil na speicis dhúchasacha atá ar an suíomh faoi láthair oiriúnaithe níos mó do dhálaí réamh-mheasta aeráide agus peidihidreolaíocha;

(d)  a áirithiú go ndéanfar cáilíocht fhisiceach, cheimiceach agus bhitheolaíoch na hithreach a chothabháil agus a fheabhsú;

(e)  cleachtais atá neamhdhíobhálach don bhithéagsúlacht lena bhfeabhsaítear próisis nádúrtha foraoisí a chur chun cinn;

(f)  go n-eisiatar athrú ar éiceachórais ard-bhithéagsúlachta go héiceachórais nach bhfuil chomh bithéagsúil céanna;

(g)  go n-áirithítear éagsúlacht na ngnáthóg agus na speiceas gaolmhara a bhfuil nasc acu leis an bhforaois;

(h)  go n-áirithítear éagsúlacht na struchtúr clampa agus cothabháil nó feabhsú na gclampaí aibí agus adhmaid mhairbh.

(1)   

Limistéar foraoise a bhfuil plean bainistíochta doiciméadaithe fadtéarmach (10 mbliana nó níos mó) ann ina leith, plean atá dírithe ar spriocanna bainistíochta sainmhínithe, agus a athbhreithnítear go tréimhsiúil.

Measúnú ar Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

(2)   

Lena n-áirítear anailís ar (i) inbhuanaitheacht fhadtéarmach na hacmhainne adhmaid (ii) tionchair/brúnna ar chaomhnú gnáthóige, éagsúlacht na ngnáthóg gaolmhar agus coinníoll lománaithe lena n-íoslaghdaítear tionchair ar an ithir.

(3)   

Maoracht agus úsáid a bhaint as foraoisí agus talamh foraoise ar bhealach, agus ar ráta, lena gcoinnítear a mbithéagsúlacht, a dtáirgiúlacht, a gcumas athghiniúna, a mbeogacht agus a gcumas chun feidhmeanna ábhartha éiceolaíocha, eacnamaíocha agus sóisialta a chomhlíonadh, anois agus amach anseo, ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal domhanda, agus nach bhfágtar dá mbarr go ndéantar damáiste d'éiceachórais eile.

Rún H1 Treoirlínte Ginearálta maidir le Bainistiú Inbhuanaithe Foraoisí san Eoraip An Dara Comhdháil Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip 1993 (Forest Europe), 16-17 Meitheamh 1993, Heilsincí/an Fhionlainn (leagan an 4.6.2021: https://www.foresteurope.org/docs/MC/MC_helsinki_resolutionH1.pdf ).

(4)   

Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Rún L2. Treoirlínte Uile-Eorpacha ar an Leibhéal Oibríochta maidir le Bainistiú Inbhuanaithe Foraoisí. An Tríú Comhdháil Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip, 2-4 Meitheamh 1998, Liospóin na Portaingéile (leagan an 4.6.2021: https://foresteurope.org/wp-content/uploads/2016/10/MC_lisbon_resolutionL2_with_annexes.pdf#page=18).

(5)   

Ciallaíonn talamh lena mbaineann stoc ardcharbóin bogaigh lena n-áirítear talamh portaigh, agus limistéir a bhíonn faoi fhoraois i dtólamh de réir bhrí 29(4)(a), (b) agus (c) de Threoir (AE) 2018/2001.

(6)   

Mionchoigeartú 2019 ar Threoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa (leagan an 4.6.2021: https://www.ipcc-nggip.iges.or.jp/public/2019rf/).

(7)   

Limistéar foraoise a ainmnítear le coinneáil mar fhoraois agus ní féidir é a thiontú go talamhúsáid eile,

(Measúnú ar Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

(8)   

ciallaíonn “limistéar foinsithe” an limistéar, arna shainiú go geografach, as a bhfaightear an bunábhar bithmhaise foraoise, as a bhfuil faisnéis iontaofa agus neamhspleách ar fáil, agus ina bhfuil na dálaí sách aonfhoirmeach le gur féidir measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le saintréithe inbhuanaitheachta agus dlíthiúlachta na bithmhaise foraoise.

(9)   

Lena gcuirtear Coinbhinsiún Stócólm maidir le truailleáin orgánacha leanúnacha (IO L 209, 31.7.2006, lch. 3.) chun feidhme san Aontas.

1.3.    Bainistíocht foraoisí

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Bainistíocht foraoisí mar a shainmhínítear leis an dlí náisiúnta. I gcás nach bhfuil sainmhíniú den sórt sin sa dlí náisiúnta, comhfhreagraíonn bainistiú foraoisí do ghníomhaíocht eacnamaíoch ar bith a eascraíonn as córas is infheidhme maidir le foraois a mbíonn tionchar aici ar fheidhmeanna éiceolaíocha, eacnamaíocha nó sóisialta na foraoise. Toimhdítear leis an ngníomhaíocht nach mbeidh athrú ar an úsáid talún agus tarlaíonn sé ar thalamh atá ag teacht leis an sainmhíniú ar fhoraois a úsáidtear san fhardal náisiúnta de gháis ceaptha teasa, nó i gcás nach bhfuil sé sin ar fáil, tá sé i gcomhréir le sainmhíniú FAO ar fhoraois ( 12 ).

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE A2 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006. Tá na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo teoranta do NACE II 02.10, i.e. foraoiseolaíocht agus gníomhaíochtaí foraoiseachta eile, 02.20, i.e. lománaíocht, 02.30, i.e. bailiú táirgí foraoise fiáine neamhadhmaid atá ag fás agus 02.40, i.e. seirbhísí tacaíochta le haghaidh na foraoiseachta.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Plean bainistíochta foraoisí nó ionstraim choibhéiseach

1.1.  Tarlaíonn an ghníomhaíocht ar limistéar atá faoi réir plean bainistíochta foraoise nó ionstraim choibhéiseach, de réir mar a leagtar amach sa dlí náisiúnta nó, nuair nach bhfuil plean bainistíochta foraoise nó ionstraim choibhéiseach sainmhínithe sa dlí náisiúnta, dá dtagraítear i sainmhíniú EBT ar “limistéar foraoise lena mbaineann plean bainistíochta foraoise fadtéarma” (1).

Leis an bplean bainistíochta foraoisí nó leis an ionstraim choibhéiseach cumhdaítear tréimhse 10 mbliana nó níos mó, agus déantar é a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach.

1.2.  Soláthraítear faisnéis ar na pointí seo a leanas nach bhfuil doiciméadaithe cheana féin sa phlean bainistíochta foraoisí nó sa chóras coibhéiseach:

(a)  spriocanna bainistíochta, lena n-áirítear srianta móra (2);

(b)  straitéisí agus gníomhaíochtaí ginearálta atá beartaithe chun na spriocanna bainistíochta a bhaint amach, lena n-áirítear oibríochtaí ionchasacha thar an timthriall iomlán foraoise;

(c)  sainmhíniú ar chomhthéacs na gnáthóige foraoise, lena n-áirítear príomhspeicis crainn foraoise atá ann cheana agus atá beartaithe don ghnáthóg, a bhfairsinge agus a ndáileadh;

(d)  sainmhíniú ar an limistéar de réir a fhoilsithe i gclárlann na talún;

(e)  urranna, bóithre, cearta slí agus rochtain eile phoiblí, gnéithe fisiceacha lena n-áirítear uiscebhealaí, limistéir atá faoi shrianta dlí nó faoi shrianta eile;

(f)  bearta a ghlactar chun dea-riocht na n-éiceachóras foraoise a chothabháil;

(g)  breithniú ar shaincheisteanna sóisialta (lena n-áirítear caomhnú an tírdhreacha, comhairliúchán le páirtithe leasmhara i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta);

(h)  rioscaí a bhaineann le foraoisí a mheasúnú, lena n-áirítear dóiteáin foraoise, agus lotnaidí agus ráigeanna galar, agus é d’aidhm leis na rioscaí a chosc, a laghdú agus a rialú agus na bearta a chuirtear i bhfeidhm chun cosaint ar rioscaí iarmharacha a áirithiú.

(i)  tá na critéir DNSH ar fad ábhartha le haghaidh bainistíocht foraoisí.

1.3.  Áirithítear inbhuanaitheacht na gcóras bainistíochta foraoisí, mar a dhoiciméadaítear sa phlean dá dtagraítear i bpointe 1.1, ach ceann de na cuir chuige is uaillmhianaí díobh seo a leanas a roghnú:

(a)  tá an plean bainistíochta foraoisí ag teacht leis an sainmhíniú náisiúnta is infheidhme maidir le bainistíocht inbhuanaithe ar fhoraoisí,

(b)  tagann an bainistiú foraoise le sainmhíniú Forest Europe (3) ar bhainistiú inbhuanaithe foraoisí, agus comhlíonann sé na Treoirlínte Uile-Eorpacha ar an Leibhéal Oibríochta maidir le Bainistiú Inbhuanaithe Foraoisí (4);

(c)  léiríonn na córais bhainistíochta atá i bhfeidhm comhlíontacht na gcritéar hinbhuanaitheachta foraoise a leagtar amach in Airteagal 29(6) de Threoir (AE) 2018/2001, agus amhail dáta a chur i bhfeidhm leis an ngníomh cur chun feidhme maidir le treoraíocht oibríochtúil don fhuinneamh ó bhithmhais foraoise arna ghlacadh faoi Airteagal 29(8) den Treoir sin.

1.4.  Ní mar chuid den ghníomhaíocht talamh ag a bhfuil stoc ardcharbóin a dhíghrádú (5).

1.5.  Comhlíonann an córas bainistíochta atá bainteach leis an ngníomhaíocht atá i bhfeidhm an oibleagáid díchill chuí agus na ceanglais dlíthiúlachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 995/2010.

1.6.  Sa phlean bainistíochta foraoise nó san ionstraim choibhéiseach déantar foráil d’fhaireachán lena n-áirithítear cruinneas na faisnéise sa phlean, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na sonraí a bhaineann leis an limistéar atá i gceist.

2.  Anailís ar an tairbhe don aeráid

2.1.  I gcás limistéar a chomhlíonann na ceanglais ar leibhéal an limistéir foinsithe foraoise chun a áirithiú go ndéanfar stoic charbóin agus linnte carbóin san fhoraois a chothabháil nó a neartú san fhadtéarma i gcomhréir le hAirteagal 29(7), pointe (b) de Threoir (AE) 2018/2001, comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir seo a leanas:

(a)  léirítear san anailís ar thairbhe don aeráid go bhfuil glan-iarmhéid na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe GCT arna nginiúint ag an ngníomhaíocht thar thréimhse 30 bliana ó thús na gníomhaíochta níos ísle ná bonnlíne a chomhfhreagraíonn do chomhardú na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe GCT thar thréimhse 30 bliana ó thús na gníomhaíochta, bonnlíne a bhaineann leis na cleachtais “gnó mar is gnách” a bheadh curtha i gcrích sa réimse lena mbaineann in éagmais na gníomhaíochta.

(b)  meastar tairbhí aeráide fadtéarmacha a bheith cruthaithe le cruthúnas ar ailíniú le pointe (b) d’Airteagal 29(7) de Threoir (AE) 2018/2001.

2.2.  I gcás limistéar nach gcomhlíonann na ceanglais ar leibhéal an limistéir foinsithe foraoise chun a áirithiú go ndéanfar stoic charbóin agus leibhéil linnte san fhoraois a chothabháil nó a neartú san fhadtéarma i gcomhréir le hAirteagal 29(7), pointe (b) de Threoir (AE) 2018/2001, comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir seo a leanas:

(a)  léiríonn an anailís ar thairbhe don aeráid go bhfuil glan-iarmhéid na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe GCT arna nginiúint ag an ngníomhaíocht thar thréimhse 30 bliana tar éis thús na gníomhaíochta níos ísle ná bonnlíne a chomhfhreagraíonn do chomhardú na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe GCT thar thréimhse 30 bliana ag tosú ag tús na gníomhaíochta, bonnlíne a bhaineann leis na cleachtais “gnó mar is gnách” a bheadh curtha i gcrích sa réimse lena mbaineann in éagmais na gníomhaíochta.

(b)  tá an meán-ghlanchomhardú fadtéarmach gás ceaptha teasa sa ghníomhaíocht níos ísle ná an meán-chomhardú fadtéarmach gás ceaptha teasa atá tuartha don bhonnlíne, dá dtagraítear i bpointe 2.2, i gcás ina gcomhfhreagraíonn “fadtéarmach” do thréimhse níos faide, i.e. idir 100 bliana agus tréimhse thimthriall foraoise ina iomláine.

2.3.  Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir seo a leanas go léir:

(a)  tá an anailís comhsheasmhach le Mionchoigeartú 2019 ar Threoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa (6). Tá an anailís ar thairbhe don aeráid bunaithe ar fhaisnéis thrédhearcach, chruinn, chomhsheasmhach, iomlán agus inchomparáide, cumhdaítear léi na linnte carbóin ar fad a mbíonn tionchar ag an ngníomhaíocht orthu, lena n-áirítear bithmhais os cionn na talún, bithmhais faoi thalamh, brosna, bruscar agus ithir, ag brath ar na toimhdí is coimeádaí le haghaidh ríomhanna agus áirítear inti breithnithe iomchuí faoi na rioscaí a bhaineann le neamhbhuaine agus cúlú maidir le ceapadh carbóin, leis an riosca sáithiú agus leis an riosca sceite.

(b)  Féadann ceann acu seo a leanas a bheith ar na cleachtais “gnó mar is gnách”:

(i)  na cleachtais bhainistíochta mar atá doiciméadaithe sa leagan is déanaí den phlean bainistíochta foraoisí nó den ionstraim choibhéiseach sular cuireadh tús leis an ngníomhaíocht, más ann dóibh;

(ii)  na cleachtais is déanaí “gnó mar is gnách” sular cuireadh tús leis an ngníomhaíocht;

(iii)  na cleachtais a chomhfhreagraíonn do chóras bainistíochta lena n-áirithítear go ndéantar stoic charbóin agus linnte carbóin a chothabháil nó a neartú san fhadtéarma mar a leagtar amach in Airteagal 29(7), pointe (b), de Threoir (AE) 2018/2001.

(c)  tá gléine na hanailíse i gcoibhneasle méid an limistéir lena mbaineann agus úsáidtear luachanna atá sonrach don limistéar lena mbaineann.

(d)  Ní bheidh neamhchomhlíonadh Rialachán (AE) 2020/852 mar thoradh ar astaíochtaí agus aistrithe a tharlaíonn de bharr suaitheadh nádúrtha, amhail foirgeacht lotnaidí agus galar, dóiteáin foraoise, gaoth, damáistí stoirme, a mbíonn tionchar acu ar an limistéar agus is cúis le tearcfheidhmíocht, ar choinníoll go bhfuil an anailís ar an tairbhe don aeráid comhsheasmhach le Mionchoigeartú 2019 ar Threoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa maidir le hastaíochtaí agus aistrithe de bharr suaitheadh nádúrtha.

2.4.  Níl gá le gabháltais foraoise faoi bhun 13 heicteár chun anailís ar thairbhí aeráide a dhéanamh.

3.  Ráthaíocht buaine

3.1.  I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, rathaítear stádas foraoise an limistéir ina dtarlaíonn an ghníomhaíocht le ceann de na bearta a leanas:

(a)  aicmítear an limistéar san eastát foraoise buan mar atá sainithe ag FAO (7);

(b)  tá an limistéar aicmithe mar limistéar faoi chosaint;

(c)  tá an limistéar faoi réir aon ráthaíochta dlíthiúla nó conarthaí lena n-áirithítear go bhfanfaidh sé ina fhoraois.

3.2.  I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, geallann oibreoir na gníomhaíochta go leanfar de thairbhí don aeráid a lorg mar a chinntear i bpointe 2 i nuashonruithe amach anseo ar an bplean bainistíochta foraoisí nó ar ionstraim choibhéiseach i ndiaidh na gníomhaíochta atá maoinithe. Thairis sin, geallann oibreoir na gníomhaíochta aon laghdú ar an tairbhe don aeráid a chinntear i bpointe 2 a chúiteamh le tairbhe choibhéiseach don aeráid a bheidh mar thoradh ar ghníomhaíocht a dhéanamh chomhfhreagraíonn do cheann de na gníomhaíochtaí foraoiseachta atá sainmhínithe sa Rialachán seo.

4.  Iniúchóireacht

Laistigh de 2 bhliain tar éis thús na gníomhaíochta agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin, déantar comhlíonadh na gníomhaíochta leis na critéir maidir le maolú ar an athrú aeráide agus leis na critéir DNSH a fhíorú trí cheachtar díobh seo a leanas:

(a)  na húdaráis náisiúnta inniúla ábhartha;

(b)  deimhnitheoir tríú páirtí neamhspleách, ar iarratas ó údaráis náisiúnta nó ó oibreoir na gníomhaíochta.

D’fhonn costais a laghdú, féadfar iniúchóireachtaí a dhéanamh i gcomhar le haon deimhniú foraoise, deimhniú aeráide nó iniúchóireacht eile.

Ní bheidh aon choinbhleacht leasa ag an deimhnitheoir neamhspleách tríú páirtí leis an úinéir ná leis an maoinitheoir, agus ní bheidh baint aige le forbairt ná le hoibríocht na gníomhaíochta.

5.  Measúnú grúpa

Is féidir comhlíonadh na gcritéar maidir le rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide agus comhlíonadh na gcritéar DNSH a sheiceáil:

(a)  ar leibhéal an limistéir foinsithe foraoise (8) de réir mar atá sainmhínithe in Airteagal 2, pointe (30), de Threoir (AE) 2018/2001;

(b)  ar leibhéal grúpa gabháltas atá sách aonfhoirmeach le gur féidir measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le hinbhuanaitheacht na gníomhaíochta foraoise, ar choinníoll go bhfuil caidreamh buanfasach ag na gabháltais sin go léir eatarthu agus go bhfuil siad rannpháirteach sa ghníomhaíocht agus go mbeidh grúpa na ngabháltas sin mar an gcéanna le haghaidh na n-iniúchóireachtaí uile ina dhiaidh sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Faisnéis mhionsonraithe dá dtagraítear i bpointe 1.2. (i) áirítear forálacha chun na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a chomhlíonadh.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní dócha go dtiocfaidh laghdú suntasach ar sholáthar inbhuanaithe de bithmhaise foraoise príomha atá oiriúnach chun táirgí atá bunaithe ar adhmad a mhonarú a bhfuil acmhainneacht fhadtéarmach chiorclaíochta acu mar thoradh ar an athrú foraoiseolaíochta arna spreagadh leis an ngníomhaíocht ar an limistéar atá cumhdaithe leis an ngníomhaíocht. Is féidir an critéar sin a léiriú tríd an anailís ar thairbhí don aeráid dá dtagraítear i bpointe (2).

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Laghdaítear úsáid lotnaidicídí agus táthar i bhfabhar cur chuige nó teicnící malartacha, a bhféadfadh roghanna malartacha neamhcheimiceacha ar lotnaidicídí a bheith san áireamh leo, i gcomhréir le Treoir 2009/128/CE, cé is moite de na hócáidí sin inar gá lotnaidicídí a úsáid chun ráigeanna lotnaidí agus galar a rialú.

Íoslaghdaíodh an úsáid a bhaintear as leasacháin leis an ngníomhaíocht agus ní úsáidtear aoileach inti. Comhlíonann an ghníomhaíocht Rialachán (AE) 2019/1009 nó na dlíthe náisiúnta maidir le leasacháin nó feabhsaitheoirí ithreach le haghaidh úsáid talmhaíochta.

Glactar le bearta a dhéantar a dhoiciméadú agus a fhíordheimhniú go maith chun go seachnófar úsáid comhábhar gníomhach a liostaítear in Iarscríbhinn I, cuid A, de Rialachán (AE) 2019/1021 (9), i gCoinbhinsiún Rotterdam maidir leis an nós imeachta um thoiliú eolach roimh ré le haghaidh ceimiceáin agus lotnaidicídí guaiseacha áirithe i dtrádáil idirnáisiúnta, i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair, i bPrótacal Montréal maidir le Substaintí lena nÍdítear an Ciseal Ózóin, chun úsáid comhábhar gníomhach a sheachaint a liostaítear mar Aicme Ia (“fíorghuaiseach”) nó Aicme Ib (“thar a bheith guaiseach”) san Aicmiú Lotnaidicídí faoi Ghuais arna Mholadh ag EDS (10). Comhlíontar an dlí náisiúnta maidir le comhábhair ghníomhacha leis an ngníomhaíocht.

Seachnaítear truailliú uisce agus ithreach agus glactar bearta glantacháin nuair a tharlaíonn an truailliú.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

I limistéir arna n-ainmniú ag an údarás náisiúnta inniúil don chaomhnú nó i ngnáthóga atá faoi chosaint, tá an ghníomhaíocht i gcomhréir le cuspóirí caomhnaithe na limistéar sin.

Níl aon athrú ar ghnáthóga atá íogair go sonrach do chaillteanas bithéagsúlachta nó a bhfuil ardluach caomhnaithe acu, nó ar limistéir atá curtha ar leataobh le haghaidh athchóiriú ar ghnáthóga den sórt sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Áirítear leis an bhfaisnéis mhionsonraithe dá dtagraítear i bpointe 1.2(i) forálacha maidir leis an mbithéagsúlacht a chothabháil agus a fheabhsú b’fhéidir i gcomhréir le forálacha náisiúnta agus áitiúla, lena n-áirítear an méid a leanas:

(a)  dea-stádas caomhnaithe na ngnáthóg agus na speiceas a áirithiú, gnáthspeicis gnáthóige a chothabháil;

(b)  úsáid nó scaoileadh speiceas coimhthíoch ionrach a eisiamh;

(c)  úsáid speiceas neamhdhúchasach a eisiamh murar féidir an méid a leanas a léiriú:

(i)  go mbíonn dálaí éiceachórais fabhracha iomchuí (amhail aeráid, critéir ithreach, agus crios fásra, athléimneacht dóiteáin foraoise) mar thoradh ar úsáid an ábhair atáirgthe foraoisí;

(ii)  nach bhfuil na speicis dhúchasacha atá ar an suíomh faoi láthair oiriúnaithe níos mó do dhálaí réamh-mheasta aeráide agus peidihidreolaíocha;

(d)  a áirithiú go ndéantar cáilíocht fhisiceach, cheimiceach agus bhitheolaíoch na hithreach a chothabháil agus a fheabhsú;

(e)  cleachtais atá neamhdhíobhálach don bhithéagsúlacht lena bhfeabhsaítear próisis nádúrtha foraoisí a chur chun cinn;

(f)  go n-eisiatar athrú ar éiceachórais ard-bhithéagsúlachta go héiceachórais nach bhfuil chomh bithéagsúil céanna;

(g)  go n-áirithítear éagsúlacht na ngnáthóg agus na speiceas gaolmhara a bhfuil nasc acu leis an bhforaois;

(h)  go n-áirithítear éagsúlacht na struchtúr clampa agus cothabháil nó feabhsú na gclampaí aibí agus adhmaid mhairbh.

(1)   

Limistéar foraoise a bhfuil plean bainistíochta doiciméadaithe fadtéarmach (10 mbliana nó níos mó) ann ina leith, plean atá dírithe ar spriocanna bainistíochta sainmhínithe, agus a athbhreithnítear go tréimhsiúil.

Measúnú ar Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

(2)   

Lena n-áirítear anailís ar (i) inbhuanaitheacht fhadtéarmach na hacmhainne adhmaid (ii) tionchair/brúnna ar chaomhnú gnáthóige, éagsúlacht na ngnáthóg gaolmhar agus coinníoll lománaithe lena n-íoslaghdaítear tionchair ar an ithir.

(3)   

Maoracht agus úsáid a bhaint as foraoisí agus talamh foraoise ar bhealach, agus ar ráta, lena gcoinnítear a mbithéagsúlacht, a dtáirgiúlacht, a gcumas athghiniúna, a mbeogacht agus a gcumas chun feidhmeanna ábhartha éiceolaíocha, eacnamaíocha agus sóisialta a chomhlíonadh, anois agus amach anseo, ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal domhanda, agus nach bhfágtar dá mbarr go ndéantar damáiste d’éiceachórais eile.

Rún H1 Treoirlínte Ginearálta maidir le Bainistíocht Inbhuanaithe ar Fhoraoisí san Eoraip An Dara Comhdháil Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip (Eoraip na bhForaoisí), 16-17 Meitheamh 1993, Heilsincí na Fionlainne (leagan an 4.6.2021: https://www.foresteurope.org/docs/MC/MC_helsinki_resolutionH1.pdf).

(4)   

Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Rún L2. Treoirlínte Uile-Eorpacha ar an Leibhéal Oibríochta maidir le Bainistiú Inbhuanaithe Foraoisí. An Tríú Comhdháil Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip, 2-4 Meitheamh 1998, Liospóin na Portaingéile (leagan an 4.6.2021: https://foresteurope.org/wp-content/uploads/2016/10/MC_lisbon_resolutionL2_with_annexes.pdf#page=18).

(5)   

Ciallaíonn talamh lena mbaineann stoc ardcharbóin bogaigh lena n-áirítear talamh portaigh, agus limistéir a bhíonn faoi fhoraois i dtólamh de réir bhrí 29(4)(a), (b) agus (c) de Threoir (AE) 2018/2001.

(6)   

Mionchoigeartú 2019 ar Threoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa (leagan an 4.6.2021: https://www.ipcc-nggip.iges.or.jp/public/2019rf/).

(7)   

Limistéar foraoise a ainmnítear le coinneáil mar fhoraois agus ní féidir é a thiontú go talamhúsáid eile.

(Measúnú ar Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

(8)   

Ciallaíonn “limistéar foinsithe” an limistéar, arna shainiú go geografach, as a bhfaightear an bunábhar bithmhaise foraoise, as a bhfuil faisnéis iontaofa agus neamhspleách ar fáil, agus ina bhfuil na dálaí sách aonfhoirmeach le gur féidir measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le saintréithe inbhuanaitheachta agus dlíthiúlachta na bithmhaise foraoise.

(9)   

Lena gcuirtear Coinbhinsiún Stócólm maidir le truailleáin orgánacha leanúnacha (IO L 209, 31.7.2006, lch. 3.) chun feidhme san Aontas.

(10)   

Aicmiú Lotnaidicídí faoi Ghuais arna Mholadh ag EDS (leagan 2019), https://apps.who.int/iris/bitstream/handle/10665/332193/9789240005662-eng.pdf?ua=1 https://apps.who.int/iris/bitstream/handle/10665/332193/9789240005662-eng.pdf?ua=1

1.4.    Foraoiseacht caomhantais

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Cumhdaíonn an ghníomhaíocht gníomhaíochtaí bainistíochta foraoise a bhfuil de chuspóir leo gnáthóg nó speiceas amháin nó níos mó a chaomhnú. Toimhdítear leis an bhforaoiseacht caomhantais nach mbeidh athrú sa chatagóir úsáide talún agus tarlaíonn sé ar thalamh atá ag teacht leis an sainmhíniú ar fhoraois mar a leagtar amach sa dlí náisiúnta, nó i gcás nach bhfuil sé sin ar fáil, tá sé i gcomhréir le sainmhíniú FAO ar fhoraois ( 13 ).

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE A2 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006. Tá na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo teoranta do NACE II 02.10, i.e. foraoiseolaíocht agus gníomhaíochtaí eile foraoiseachta, 02.20, i.e. lománaíocht, 02.30, i.e. bailiú táirgí a fhásann go fiáin nach táirgí adhmaid iad agus 02.40, i.e. seirbhísí tacaíochta don fhoraoiseacht.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Plean bainistíochta foraoisí nó ionstraim choibhéiseach

1.1.  Tarlaíonn an ghníomhaíocht ar limistéar atá faoi réir plean bainistíochta foraoise nó ionstraim choibhéiseach, de réir mar a leagtar amach sa dlí náisiúnta nó, nuair nach bhfuil plean bainistíochta foraoise sainmhínithe i rialachán náisiúnta, dá dtagraítear i sainmhíniú EBT ar “limistéar foraoise lena mbaineann plean bainistíochta foraoise fadtéarmach” (1).

Leis an bplean bainistíochta foraoisí nó leis an ionstraim choibhéiseach cumhdaítear tréimhse 10 mbliana nó níos mó agus déantar é a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach.

1.2.  Soláthraítear faisnéis ar na pointí seo a leanas nach bhfuil doiciméadaithe cheana féin sa phlean bainistíochta foraoisí nó sa chóras coibhéiseach:

(a)  spriocanna bainistíochta, lena n-áirítear srianta móra;

(b)  straitéisí agus gníomhaíochtaí ginearálta atá beartaithe chun na spriocanna bainistíochta a bhaint amach, lena n-áirítear oibríochtaí ionchasacha thar an timthriall iomlán foraoise;

(c)  sainmhíniú ar chomhthéacs na gnáthóige foraoise, príomhspeicis crainn foraoise atá ann cheana agus atá beartaithe don ghnáthóg, a bhfairsinge agus a ndáileadh, i gcomhréir le comhthéacs áitiúil éiceachórais na foraoise;

(d)  sainmhíniú ar an limistéar de réir a fhoilsithe i gclárlann na talún;

(e)  urranna, bóithre, cearta slí agus rochtain eile phoiblí, gnéithe fisiceacha lena n-áirítear uiscebhealaí, limistéir atá faoi shrianta dlí nó faoi shrianta eile;

(f)  bearta a ghlactar chun dea-riocht na n-éiceachóras foraoise a chothabháil;

(g)  breithniú ar shaincheisteanna sóisialta (lena n-áirítear caomhnú an tírdhreacha, comhairliúchán le páirtithe leasmhara i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta);

(h)  rioscaí a bhaineann le foraoisí a mheasúnú, lena n-áirítear dóiteáin foraoise, agus lotnaidí agus ráigeanna galar, agus é d’aidhm leis na rioscaí a chosc, a laghdú agus a rialú agus na bearta a chuirtear i bhfeidhm chun cosaint ar rioscaí iarmharacha a áirithiú.

(i)  tá gach DNSH ábhartha don bhainistíocht foraoisí.

1.3.  Sa phlean bainistíochta foraoisí nó san ionstraim choibhéiseach:

(a)  léirítear bunchuspóir ainmnithe bainistíochta (2) a bhfuil cosaint na hithreach nó an uisce (3), caomhnú na bithéagsúlachta (4) nó seirbhísí sóisialta (5) atá bunaithe ar sainmhínithe FAO i gceist leis;

(b)  lena gcuirtear cleachtais atá neamhdhíobhálach don bhithéagsúlacht agus lena bhfeabhsaítear próisis nádúrtha foraoisí chun cinn;

(c)  tá anailís ar an méid a leanas san áireamh:

(i)  tionchair agus brúnna ar chaomhnú gnáthóige agus ar éagsúlacht na ngnáthóg ghaolmhar;

(ii)  coinníoll lománaithe lena n-íoslaghdaítear tionchair ar an ithir;

(iii)  gníomhaíochtaí eile a mbíonn tionchar acu ar chuspóirí caomhnaithe, amhail fiach agus iascaireacht, gníomhaíochtaí talmhaíochta, féaraigh agus foraoiseachta, gníomhaíochtaí tionsclaíocha, mianadóireachta agus tráchtála.

1.4.  Áirithítear inbhuanaitheacht na gcóras bainistíochta foraoisí, mar a dhoiciméadaítear sa phlean dá dtagraítear i bpointe 1.1 le ceann de na cuir chuige a leanas:

(a)  tá an plean bainistíochta foraoisí ag teacht leis an sainmhíniú náisiúnta maidir le bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí, más ann dó;

(b)  tagann an bainistiú foraoise le sainmhíniú Forest Europe (6) ar bhainistiú inbhuanaithe foraoisí, agus comhlíonann sé na Treoirlínte Uile-Eorpacha ar an Leibhéal Oibríochta maidir le Bainistiú Inbhuanaithe Foraoisí (7);

(c)  léiríonn an córas bainistíochta atá i bhfeidhm comhlíontacht na gcritéar inbhuanaitheachta foraoise mar a shainmhínítear in Airteagal 29(6) de Threoir (AE) 2018/2001, agus amhail dáta a chur i bhfeidhm leis an ngníomh cur chun feidhme maidir le treoraíocht oibríochtúil don fhuinneamh ó bhithmhais foraoise arna ghlacadh faoi Airteagal 29(8) den Treoir sin.

1.5.  Ní mar chuid den ghníomhaíocht talamh ag a bhfuil stoc ardcharbóin a dhíghrádú (8).

1.6.  Comhlíonann na córais bhainistíochta atá bainteach leis an ngníomhaíocht atá i bhfeidhm an oibleagáid díchill chuí agus na ceanglais dlíthiúlachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 995/2010.

1.7.  Sa phlean bainistíochta foraoise nó san ionstraim choibhéiseach déantar foráil d’fhaireachán lena n-áirithítear cruinneas na faisnéise sa phlean, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na sonraí a bhaineann leis an limistéar atá i gceist.

2.  Anailís ar an tairbhe don aeráid

2.1.  I gcás limistéar a chomhlíonann na ceanglais ar leibhéal an limistéir foinsithe foraoise chun a áirithiú go ndéanfar stoic charbóin agus linnte carbóin san fhoraois a chothabháil nó a neartú san fhadtéarma i gcomhréir le hAirteagal 29(7), pointe (b) de Threoir (AE) 2018/2001, comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir seo a leanas:

(a)  léirítear san anailís ar thairbhe don aeráid go bhfuil glan-iarmhéid na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe GCT arna nginiúint ag an ngníomhaíocht thar thréimhse 30 bliana ó thús na gníomhaíochta níos ísle ná bonnlíne a chomhfhreagraíonn do chomhardú na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe GCT thar thréimhse 30 bliana ó thús na gníomhaíochta, bonnlíne a bhaineann leis na cleachtais “gnó mar is gnách” a bheadh curtha i gcrích sa réimse lena mbaineann in éagmais na gníomhaíochta.

(b)  meastar tairbhí aeráide fadtéarmacha a bheith cruthaithe le cruthúnas ar ailíniú le pointe (b) d’Airteagal 29(7) de Threoir (AE) 2018/2001.

2.2.  I gcás limistéar nach gcomhlíonann na ceanglais ar leibhéal an limistéir foinsithe foraoise chun a áirithiú go ndéanfar stoic charbóin agus leibhéil linnte san fhoraois a chothabháil nó a neartú san fhadtéarma i gcomhréir le hAirteagal 29(7), pointe (b) de Threoir (AE) 2018/2001, comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir seo a leanas:

(a)  léiríonn an anailís ar thairbhe don aeráid go bhfuil glan-iarmhéid na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe GCT arna nginiúint ag an ngníomhaíocht thar thréimhse 30 bliana tar éis thús na gníomhaíochta níos ísle ná bonnlíne a chomhfhreagraíonn do chomhardú na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe GCT thar thréimhse 30 bliana ag tosú ag tús na gníomhaíochta, bonnlíne a bhaineann leis na cleachtais “gnó mar is gnách” a bheadh curtha i gcrích sa réimse lena mbaineann in éagmais na gníomhaíochta.

(b)  tá an meán-ghlanchomhardú fadtéarmach gás ceaptha teasa sa ghníomhaíocht níos ísle ná an meán-chomhardú fadtéarmach gás ceaptha teasa atá tuartha don bhonnlíne, dá dtagraítear i bpointe 2.2, i gcás ina gcomhfhreagraíonn “fadtéarmach” do thréimhse níos faide, i.e. idir 100 bliana agus tréimhse thimthriall foraoise ina iomláine.

2.3.  Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir seo a leanas go léir:

(a)  tá an anailís comhsheasmhach le Mionchoigeartú 2019 ar Threoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa (9). Tá an anailís ar thairbhe don aeráid bunaithe ar fhaisnéis thrédhearcach, chruinn, chomhsheasmhach, iomlán agus inchomparáide, cumhdaítear léi na linnte carbóin ar fad a mbíonn tionchar ag an ngníomhaíocht orthu, lena n-áirítear bithmhais os cionn na talún, bithmhais faoi thalamh, brosna, bruscar agus ithir, ag brath ar na toimhdí is coimeádaí le haghaidh ríomhanna agus áirítear inti breithnithe iomchuí faoi na rioscaí a bhaineann le neamhbhuaine agus cúlú maidir le ceapadh carbóin, leis an riosca sáithiú agus leis an riosca sceite.

(b)  Féadann ceann acu seo a leanas a bheith ar na cleachtais “gnó mar is gnách”:

(i)  na cleachtais bhainistíochta mar atá doiciméadaithe sa leagan is déanaí den phlean bainistíochta foraoisí nó den ionstraim choibhéiseach sular cuireadh tús leis an ngníomhaíocht, más ann dóibh;

(ii)  na cleachtais is déanaí “gnó mar is gnách” sular cuireadh tús leis an ngníomhaíocht;

(iii)  na cleachtais a chomhfhreagraíonn do chóras bainistíochta lena n-áirithítear go ndéantar stoic charbóin agus linnte carbóin a chothabháil nó a neartú san fhadtéarma mar a leagtar amach in Airteagal 29(7), pointe (b), de Threoir (AE) 2018/2001.

(c)  tá gléine na hanailíse i gcoibhneasle méid an limistéir lena mbaineann agus úsáidtear luachanna atá sonrach don limistéar lena mbaineann.

(d)  Ní bheidh neamhchomhlíonadh chritéir Rialachán (AE) 2020/852 mar thoradh ar astaíochtaí agus aistrithe a tharlaíonn de bharr suaitheadh nádúrtha, amhail foirgeacht lotnaidí agus galar, dóiteáin foraoise, gaoth, damáistí stoirme, a mbíonn tionchar acu ar an limistéar agus is cúis le tearcfheidhmíocht, ar choinníoll go bhfuil an anailís ar an tairbhe don aeráid comhsheasmhach le Mionchoigeartú 2019 ar Threoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa maidir le hastaíochtaí agus aistrithe de bharr suaitheadh nádúrtha.

2.4.  Níl gá le gabháltais foraoise faoi bhun 13 heicteár chun anailís ar thairbhí aeráide a dhéanamh.

3.  Ráthaíocht buaine

3.1.  I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, rathaítear stádas foraoise an limistéir ina dtarlaíonn an ghníomhaíocht le ceann de na bearta a leanas:

(a)  aicmítear an limistéar san eastát foraoise buan mar atá sainithe ag FAO (10);

(b)  tá an limistéar aicmithe mar limistéar faoi chosaint;

(c)  tá an limistéar faoi réir aon ráthaíochta dlíthiúla nó conarthaí lena n-áirithítear go bhfanfaidh sé ina fhoraois.

3.2.  I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, geallann oibreoir na gníomhaíochta go leanfar de thairbhí don aeráid a lorg mar a chinntear i bpointe 2 i nuashonruithe amach anseo ar an bplean bainistíochta foraoisí nó ar ionstraim choibhéiseach i ndiaidh na gníomhaíochta atá maoinithe. Thairis sin, geallann oibreoir na gníomhaíochta aon laghdú ar an tairbhe don aeráid a chinntear i bpointe 2 a chúiteamh le tairbhe choibhéiseach don aeráid a bheidh mar thoradh ar ghníomhaíocht a dhéanamh chomhfhreagraíonn do cheann de na gníomhaíochtaí foraoiseachta atá sainmhínithe sa Rialachán seo.

4.  Iniúchóireacht

Laistigh de 2 bhliain ó thús na gníomhaíochta agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin, déanann ceachtar díobh seo a leanas comhlíontacht na gníomhaíochta leis an rannchuidiú substaintiúil leis na critéir um maolú ar an athrú aeráide agus leis na critéir DNSH a fhíorú:

(a)  na húdaráis náisiúnta inniúla ábhartha;

(b)  deimhnitheoir tríú páirtí neamhspleách, ar iarratas ó údaráis náisiúnta nó ó oibreoir na gníomhaíochta.

D’fhonn costais a laghdú, féadfar iniúchóireachtaí a dhéanamh i gcomhar le haon deimhniú foraoise, deimhniú aeráide nó iniúchóireacht eile.

Ní bheidh aon choinbhleacht leasa ag an deimhnitheoir neamhspleách tríú páirtí leis an úinéir ná leis an maoinitheoir, agus ní bheidh baint aige le forbairt ná le hoibríocht na gníomhaíochta.

5.  Measúnú grúpa

Is féidir comhlíonadh na gcritéar maidir le rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide agus comhlíonadh na gcritér DNSH a sheiceáil:

(a)  ar leibhéal an limistéir foinsithe foraoise (11) de réir mar atá sainmhínithe in Airteagal 2, pointe (30), de Threoir (AE) 2018/2001;

(b)  ar leibhéal grúpa gabháltas foraoise atá sách aonfhoirmeach le gur féidir measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le hinbhuanaitheacht na gníomhaíochta foraoise, ar choinníoll go bhfuil caidreamh buanfasach ag na gabháltais sin go léir eatarthu agus go bhfuil siad rannpháirteach sa ghníomhaíocht agus go mbeidh grúpa na ngabháltas sin mar an gcéanna le haghaidh na n-iniúchóireachtaí uile ina dhiaidh sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Áirítear leis an bhfaisnéis mhionsonraithe dá dtagraítear i bpointe 1.2.(i) forálacha chun na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a chomhlíonadh.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní dócha go dtiocfaidh laghdú suntasach ar sholáthar inbhuanaithe de bithmhaise foraoise príomha atá oiriúnach chun táirgí atá bunaithe ar adhmad a mhonarú a bhfuil acmhainneacht fhadtéarmach chiorclaíochta acu mar thoradh ar an athrú foraoiseolaíochta arna spreagadh leis an ngníomhaíocht ar an limistéar atá cumhdaithe leis an ngníomhaíocht. Féadtar na critéir sin a léiriú trí anailís ar na sochair don aeráid dá dtagraítear i bpointe (2).

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní úsáideann an ghníomhaíocht lotnaidicídí ná leasacháin.

Glactar bearta dea-dhoiciméadaithe agus infhíoraithe chun go seachnófar úsáid comhábhar gníomhach a liostaítear in Iarscríbhinn I, cuid A, de Rialachán (AE) 2019/1021 (12), Coinbhinsiún Rotterdam maidir leis an nós imeachta um thoiliú eolach roimh ré le haghaidh ceimiceáin agus lotnaidicídí guaiseacha áirithe i dtrádáil idirnáisiúnta, i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair, i bPrótacal Montréal maidir le Substaintí lena nÍdítear an Ciseal Ózóin, chun úsáid comhábhar gníomhach a sheachaint, comhábhair ghníomhacha a liostaítear faoi aicme Ia (“fíorghuaiseach”) nó faoi aicme Ib (“thar a bheith guaiseach”) san Aicmiú Lotnaidicídí faoi Ghuais arna Mholadh ag EDS (13). Comhlíontar an dlí cur chun feidhme ábhartha maidir le comhábhair ghníomhacha leis an ngníomhaíocht.

Seachnaítear truailliú uisce agus ithreach agus glactar bearta glantacháin nuair a tharlaíonn an truailliú.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

I limistéir arna n-ainmniú ag an údarás náisiúnta inniúil don chaomhnú nó i ngnáthóga atá faoi chosaint, tá an ghníomhaíocht i gcomhréir le cuspóirí caomhnaithe na limistéar sin.

Níl aon athrú ar ghnáthóga atá íogair go sonrach do chaillteanas bithéagsúlachta nó a bhfuil ardluach caomhnaithe acu, nó ar limistéir atá curtha ar leataobh le haghaidh athchóiriú ar ghnáthóga den sórt sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Áirítear leis an bhfaisnéis mhionsonraithe dá dtagraítear i bpointe 1.2(i) forálacha maidir leis an mbithéagsúlacht a chothabháil agus a fheabhsú b’fhéidir i gcomhréir le forálacha náisiúnta agus áitiúla, lena n-áirítear an méid a leanas:

(a)  dea-stádas caomhnaithe na ngnáthóg agus na speiceas a áirithiú, gnáthspeicis gnáthóige a chothabháil;

(b)  úsáid nó scaoileadh speiceas coimhthíoch ionrach a eisiamh;

(c)  úsáid speiceas neamhdhúchasach a eisiamh murar féidir an méid a leanas a léiriú:

(i)  go mbíonn dálaí éiceachórais fabhracha iomchuí (amhail aeráid, critéir ithreach, agus crios fásra, athléimneacht dóiteáin foraoise) mar thoradh ar úsáid an ábhair atáirgthe foraoisí;

(ii)  nach bhfuil na speicis dhúchasacha atá ar an suíomh faoi láthair oiriúnaithe níos mó do dhálaí réamh-mheasta aeráide agus peidihidreolaíocha;

(d)  a áirithiú go ndéantar cáilíocht fhisiceach, cheimiceach agus bhitheolaíoch na hithreach a chothabháil agus a fheabhsú;

(e)  cleachtais atá neamhdhíobhálach don bhithéagsúlacht lena bhfeabhsaítear próisis nádúrtha foraoisí a chur chun cinn;

(f)  go n-eisiatar athrú ar éiceachórais ard-bhithéagsúlachta go héiceachórais nach bhfuil chomh bithéagsúil céanna;

(g)  go n-áirithítear éagsúlacht na ngnáthóg agus na speiceas gaolmhara a bhfuil nasc acu leis an bhforaois;

(h)  go n-áirithítear éagsúlacht na struchtúr clampa agus cothabháil nó feabhsú na gclampaí aibí agus adhmaid mhairbh.

(1)   

Limistéar foraoise a bhfuil plean bainistíochta doiciméadaithe fadtéarmach (10 mbliana nó níos mó) ann ina leith, plean atá dírithe ar spriocanna bainistíochta sainmhínithe, agus a athbhreithnítear go tréimhsiúil, Measúnú ar Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe (leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

(2)   

An bunchuspóir ainmnithe bainistíochta a shanntar ar aonad bainistíochta (Measúnú ar Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

(3)   

Foraois ina bhfuil cosaint na hithreach agus an uisce mar an cuspóir bainistíochta. (Measúnú ar Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

(4)   

Foraois ina bhfuil caomhnú na héagsúlachta bitheolaíche mar an cuspóir bainistíochta. Áirítear leis ach níl sé teoranta do limistéir arna n-ainmniú don chaomhnú bithéagsúlachta laistigh de na limistéir faoi chosaint. (Measúnú ar Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

(5)   

Foraois ina bhfuil seirbhísí sóisialta mar an cuspóir bainistíochta. (Measúnú ar Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf

(6)   

Maoracht agus úsáid a bhaint as foraoisí agus talamh foraoise ar bhealach, agus ar ráta, lena gcoinnítear a mbithéagsúlacht, a dtáirgiúlacht, a gcumas athghiniúna, a mbeogacht agus a gcumas chun feidhmeanna ábhartha éiceolaíocha, eacnamaíocha agus sóisialta a chomhlíonadh, anois agus amach anseo, ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal domhanda, agus nach bhfágtar dá mbarr go ndéantar damáiste d’éiceachórais eile.

Rún H1 Treoirlínte Ginearálta maidir le Bainistiú Inbhuanaithe Foraoisí san Eoraip An Dara Comhdháil Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip 1993 (Forest Europe), 16-17 Meitheamh 1993, Heilsincí/an Fhionlainn (leagan an 4.6.2021: https://www.foresteurope.org/docs/MC/MC_helsinki_resolutionH1.pdf)

(7)   

Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Rún L2. Treoirlínte Uile-Eorpacha ar Leibhéal Oibríochta le haghaidh Bainistíocht Inbhuanaithe Foraoisí. An Tríú Comhdháil Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip, 2-4 Meitheamh 1998, Liospóin na Portaingéile (leagan an 4.6.2021: https://foresteurope.org/wp-content/uploads/2016/10/MC_lisbon_resolutionL2_with_annexes.pdf#page=18).

(8)   

Ciallaíonn talamh lena mbaineann stoc ardcharbóin bogaigh lena n-áirítear talamh portaigh, agus limistéir a bhíonn faoi fhoraois i dtólamh de réir bhrí 29(4)(a), (b) agus (c) de Threoir (AE) 2018/2001.

(9)   

Mionchoigeartú 2019 ar Threoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa (leagan an 4.6.2021: https://www.ipcc-nggip.iges.or.jp/public/2019rf/).

(10)   

Limistéar foraoise a ainmnítear le coinneáil mar fhoraois agus ní féidir é a thiontú go talamhúsáid eile.

(Measúnú ar Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

(11)   

ciallaíonn “limistéar foinsithe” an limistéar, arna shainiú go geografach, as a bhfaightear an bunábhar bithmhaise foraoise, as a bhfuil faisnéis iontaofa agus neamhspleách ar fáil, agus ina bhfuil na dálaí sách aonfhoirmeach le gur féidir measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le saintréithe inbhuanaitheachta agus dlíthiúlachta na bithmhaise foraoise.

(12)   

Lena gcuirtear Coinbhinsiún Stócólm maidir le truailleáin orgánacha leanúnacha (IO L 209, 31.7.2006, lch. 3.) chun feidhme san Aontas.

(13)   

Aicmiú Lotnaidicídí faoi Ghuais arna Mholadh ag EDS (leagan 2019), (leagan an 4.6.2021: https://apps.who.int/iris/bitstream/handle/10665/332193/9789240005662-eng.pdf?ua=1).

2.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ COSANTA AGUS ATHCHÓIRITHE AN CHOMHSHAOIL

2.1.    Athchóiriú bogach

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Is é atá i gceist le bogaigh a athchóiriú na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin trína gcuirtear athshlánú riochtaí bunaidh na mbogach chun cinn mar aon le gníomhaíochtaí eacnamaíocha trína gcuirtear feabhas ar fheidhmeanna na mbogach gan aon ghá go gcuirfí athshlánú riochtaí réamh-shuaite chun cinn, agus is é is brí le bogaigh an talamh sin a thagann leis an sainmhíniú idirnáisiúnta ar bhogach ( 14 ) nó ar thalamh portaigh ( 15 ) de réir mar atá leagtha amach sa Choinbhinsiún maidir le Bogaigh a bhfuil Tábhacht Idirnáisiúnta leo go háirithe mar Ghnáthóg d'Éin Uisce (Coinbhinsiún Ramsar) ( 16 ). Tá an limistéar lena mbaineann ag teacht le sainmhíniú an Aontais ar bhogaigh, mar a fhoráiltear i dTeachtaireacht ón gCoimisiún faoi úsáid stuama agus caomhnú bogach ( 17 ).

Níl cód tiomnaithe NACE ag an ngníomhaíocht dá dtagraítear san aicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006, ach baineann sé le haicme 6 d’aicmiú staitistiúil na ngníomhaíochtaí um chosaint an chomhshaoil (CEPA) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 18 ).

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Plean athchóirithe

1.1.  Tá an limistéar cumhdaithe ag plean athchóirithe, atá comhsheasmhach le prionsabail agus treoirlínte Choimisiún Ramsar maidir le hathchóiriú bogach (1), go dtí go n-aicmítear an limistéar mar bhogach agus go gcumhdaítear é ag plean bainistíochta bogach, atá comhsheasmhach le treoirlínte Choinbhinsiún Ramsar maidir le pleanáil bainistíochta le haghaidh shuíomhanna Ramsar agus bogaigh eile (2). I gcás tailte móna, leanann an plean athchóirithe na moltaí atá sna rúin ábhartha de Choinbhinsiún Ramsar, lena n-áirítear rún XIII/13.

1.2.  Déantar breithniú cúramach sa phlean athchóirithe ar dhálaí áitiúla hidreolaíocha agus peideolaíocha, lena n-áirítear dinimic an tsáithiúcháin ithreach agus an t-athrú ar thosca aeróbacha agus anaeróbacha.

1.3.  Dírítear ar na critéir bainistíochta bogach ábhartha DNSH ar fad sa phlean athchóirithe.

1.4.  Déantar foráil sa phlean athchóirithe d’fhaireachán lena n-áirithítear cruinneas na faisnéise atá sa phlean, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na sonraí a bhaineann leis an limistéar atá i gceist.

2.  Anailís ar an tairbhe don aeráid

2.1.  Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir seo a leanas:

(a)  léirítear san anailís ar thairbhe don aeráid go bhfuil glan-iarmhéid na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe GCT arna nginiúint ag an ngníomhaíocht thar thréimhse 30 bliana ó thús na gníomhaíochta níos ísle ná bonnlíne a chomhfhreagraíonn do chomhardú na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe GCT thar thréimhse 30 bliana ó thús na gníomhaíochta, bonnlíne a bhaineann leis na cleachtais “gnó mar is gnách” a bheadh curtha i gcrích sa réimse lena mbaineann in éagmais na gníomhaíochta;

(b)  tá an meán-ghlanchomhardú fadtéarmach gás ceaptha teasa sa ghníomhaíocht níos ísle ná an meán-chomhardú fadtéarmach gás ceaptha teasa atá tuartha don bhonnlíne, dá dtagraítear i bpointe 2.2, i gcás ina gcomhfhreagraíonn “fadtéarmach” do 100 bliana.

2.2.  Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir seo a leanas go léir:

(a)  tá an anailís comhsheasmhach le Mionchoigeartú 2019 ar Threoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa (3). Go háirithe, má tá an sainmhíniú ar bhogach a úsáidtear san anailís sin difriúil leis an sainmhíniú ar bhogach a úsáidtear san fhardal náisiúnta GCT, tá aitheantas ar na catagóirí éagsúla talún a chumhdaítear leis an limistéar atá i gceist san áireamh san anailís. Tá an anailís ar thairbhe don aeráid bunaithe ar fhaisnéis thrédhearcach, chruinn, chomhsheasmhach, iomlán agus inchomparáide, cumhdaítear léi na linnte carbóin ar fad a mbíonn tionchar ag an ngníomhaíocht orthu, lena n-áirítear bithmhais os cionn na talún, bithmhais faoi thalamh, brosna, bruscar agus ithir, ag brath ar na toimhdí is coimeádaí le haghaidh ríomhanna agus áirítear inti breithnithe iomchuí faoi na rioscaí a bhaineann le neamhbhuaine agus cúlú maidir le ceapadh carbóin, leis an riosca sáithiú agus leis an riosca sceite. I gcás bogaigh chósta, tá breithniú san anailís ar an tairbhe don aeráid ar réamh-mheastacháin maidir le hardú ar leibhéal gaolmhar ionchasach na mara agus an acmhainneacht go n-aistreoidh na bogaigh.

(b)  Féadann ceann acu seo a leanas a bheith ar na cleachtais “gnó mar is gnách”:

(i)  cleachtais bhainistíochta mar atá doiciméadaithe sular cuireadh tús leis an ngníomhaíocht, más ann dóibh;

(ii)  na cleachtais is déanaí “gnó mar is gnách” sular cuireadh tús leis an ngníomhaíocht.

(c)  tá gléine na hanailíse i gcoibhneas le méid an limistéir lena mbaineann agus úsáidtear luachanna atá sonrach don limistéar lena mbaineann;

(d)  Ní bheidh neamhchomhlíonadh chritéir Rialachán (AE) 2020/852 mar thoradh ar astaíochtaí agus aistrithe a tharlaíonn de bharr suaitheadh nádúrtha, amhail foirgeacht lotnaidí agus galar, dóiteáin foraoise, gaoth, damáistí stoirme, a mbíonn tionchar acu ar an limistéar agus is cúis le tearcfheidhmíocht, ar choinníoll go bhfuil an anailís ar an tairbhe don aeráid comhsheasmhach le Mionchoigeartú 2019 ar Threoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa maidir le hastaíochtaí agus aistrithe de bharr suaitheadh nádúrtha.

4.  Ráthaíocht buaine

4.1.  I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, rathaítear stádas bogaigh an limistéir ina dtarlaíonn an ghníomhaíocht le ceann de na bearta a leanas:

(a)  limistéar foraoise a ainmnítear le coinneáil mar bhogach agus ní féidir é a thiontú go talamhúsáid eile;

(b)  tá an limistéar aicmithe mar limistéar faoi chosaint;

(c)  tá an limistéar faoi réir aon ráthaíochta dlíthiúla nó conarthaí lena n-áirithítear go bhfanfaidh sé ina bhogach.

4.2.  I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, geallann oibreoir na gníomhaíochta go leanfar de thairbhí don aeráid a lorg mar a chinntear i bpointe 2 i nuashonruithe amach anseo ar an bplean athshlánúcháin tar éis na gníomhaíochta atá maoinithe. Thairis sin, geallann oibreoir na gníomhaíochta aon laghdú ar an tairbhe don aeráid a chinntear i bpointe 2 a chúiteamh le tairbhe choibhéiseach don aeráid a bheidh mar thoradh ar ghníomhaíocht a chomhfhreagraíonn do cheann de na gníomhaíochtaí cosanta agus athshlánaithe comhshaoil atá sainmhínithe sa Rialachán seo.

5.  Iniúchóireacht

Laistigh de 2 bhliain ó thús na gníomhaíochta agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin, déanann ceachtar díobh seo a leanas comhlíontacht na gníomhaíochta leis an rannchuidiú substaintiúil leis na critéir um maolú ar an athrú aeráide agus leis na critéir DNSH a fhíorú:

(a)  na húdaráis náisiúnta inniúla ábhartha;

(b)  deimhnitheoir tríú páirtí neamhspleách, ar iarratas ó údaráis náisiúnta nó ó oibreoir na gníomhaíochta.

D’fhonn costais a laghdú, féadfar iniúchóireachtaí a dhéanamh i gcomhar le haon deimhniú foraoise, deimhniú aeráide nó iniúchóireacht eile.

Ní bheidh aon choinbhleacht leasa ag an deimhnitheoir neamhspleách tríú páirtí leis an úinéir ná leis an maoinitheoir, agus ní bheidh baint aige le forbairt ná le hoibríocht na gníomhaíochta.

6.  Measúnú grúpa

Is féidir comhlíonadh na gcritéar maidir le rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide agus comhlíonadh na gcritéar DNSH a sheiceáil ar leibhéal grúpa sealúchas atá aonchineálach go leordhóthanach chun riosca inbhuanaitheacht na gníomhaíochta foraoise a mheasúnú, ar choinníoll go bhfuil gaol buanfasach eatarthu agus go bhfuil siad páirteach sa ghníomhaíocht agus go bhfanann an grúpa sealúchas sin gan athrú le haghaidh gach iniúchadh dá éis sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Íoslaghdaítear baint móna.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Íoslaghdaítear úsáid lotnaidicídí agus táthar i bhfabhar cur chuige nó teicnící malartacha, a bhféadfadh roghanna malartacha neamhcheimiceacha ar lotnaidicídí a bheith san áireamh leo, i gcomhréir le Treoir 2009/128/CE, cé is moite de na hócáidí sin inar gá lotnaidicídí a úsáid chun ráigeanna lotnaidí agus galar a rialú.

Leis an ngníomhaíocht sin, íoslaghdaítear úsáid leasachán agus ní úsáidtear aoileach. Comhlíonann an ghníomhaíocht Rialachán (AE) 2019/1009 nó na dlíthe náisiúnta maidir le leasacháin nó feabhsaitheoirí ithreach le haghaidh úsáid talmhaíochta.

Glactar bearta dea-dhoiciméadaithe agus infhíoraithe chun go seachnófar úsáid comhábhar gníomhach a liostaítear in Iarscríbhinn I, cuid A, de Rialachán (AE) 2019/1021 (4), Coinbhinsiún Rotterdam maidir leis an nós imeachta um thoiliú eolach roimh ré le haghaidh ceimiceáin agus lotnaidicídí guaiseacha áirithe i dtrádáil idirnáisiúnta, i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair, i bPrótacal Montréal maidir le Substaintí lena nÍdítear an Ciseal Ózóin, chun úsáid comhábhar gníomhach a sheachaint, comhábhair ghníomhacha a liostaítear faoi aicme Ia (“fíorghuaiseach”) nó faoi aicme Ib (“thar a bheith guaiseach”) san Aicmiú Lotnaidicídí faoi Ghuais arna Mholadh ag EDS (5). Comhlíontar an dlí cur chun feidhme ábhartha maidir le comhábhair ghníomhacha leis an ngníomhaíocht.

Seachnaítear truailliú uisce agus ithreach agus glactar bearta glantacháin nuair a tharlaíonn an truailliú.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

I limistéir arna n-ainmniú ag an údarás náisiúnta inniúil don chaomhnú nó i ngnáthóga atá faoi chosaint, tá an ghníomhaíocht i gcomhréir le cuspóirí caomhnaithe na limistéar sin.

Níl aon athrú ar ghnáthóga atá íogair go sonrach do chaillteanas bithéagsúlachta nó a bhfuil ardluach caomhnaithe acu, nó ar limistéir atá curtha ar leataobh le haghaidh athchóiriú ar ghnáthóga den sórt sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Áirítear leis an bplean dá dtagraítear i bpointe 1 (Plean athchóirithe) den Roinn seo forálacha maidir leis an mbithéagsúlacht a chothabháil agus a fheabhsú b’fhéidir i gcomhréir le forálacha náisiúnta agus áitiúla, lena n-áirítear an méid a leanas:

(a)  dea-stádas caomhnaithe na ngnáthóg agus na speiceas a áirithiú, gnáthspeicis gnáthóige a chothabháil;

(b)  úsáid nó scaoileadh speiceas ionrach a eisiamh.

(1)   

Prionsabail agus treoirlínte Choinbhinsiún Ramsar (2002) maidir le hathchóiriú bogadh. Arna ghlacadh ag Rún VIII.16 (2002) de Choinbhinsiún Ramsar (leagan an 4.6.2021: https://www.ramsar.org/sites/default/files/documents/pdf/guide/guide-restoration.pdf).

(2)   

Rún VIII.14 Choinbhinsiún Ramsar (2002) Treoirlínte nua maidir le pleanáil bainistíochta le haghaidh suíomhanna Ramsar agus bogaigh eile (leagan an 4.6.2021: https://www.ramsar.org/sites/default/files/documents/pdf/res/key_res_viii_14_e.pdf).

(3)   

Mionchoigeartú 2019 ar Threoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa (leagan an 4.6.2021: https://www.ipcc-nggip.iges.or.jp/public/2019rf/).

(4)   

Lena gcuirtear Coinbhinsiún Stócólm maidir le truailleáin orgánacha leanúnacha (IO L 209, 31.7.2006, lch. 3.) chun feidhme san Aontas.

(5)   

Aicmiú Lotnaidicídí faoi Ghuais arna Mholadh ag EDS (leagan 2019), (leagan an 4.6.2021: https://apps.who.int/iris/bitstream/handle/10665/332193/9789240005662-eng.pdf?ua=1).

3.   MONARAÍOCHT

3.1.    Teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a mhonarú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Monarú teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite, i gcás ina sainmhínítear fuinneamh in-athnuaite in Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2018/2001.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe C25, C27, C28 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht chumasúcháin í an ghníomhaíocht i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Monaraítear teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déanann an ghníomhaíocht infhaighteacht teicnící a mheasúnú agus, i gcás inarb indéanta, na teicnící sin a ghlacadh chun tacú leis an méid a leanas:

(a)  amhábhair thánaisteacha agus comhpháirteanna athúsáidte a athúsáid agus a úsáid sna táirgí a mhonaraítear;

(b)  dearadh don ardmharthanacht, in-athchúrsáilteacht, díchóimeáil éasca agus don inoiriúnaitheacht sna táirgí a mhonaraítear;

(c)  bainistíocht dramhaíola lena dtugtar tosaíocht don athchúrsáil in áit na diúscartha sa phróiseas monaraíochta;

(d)  faisnéis agus inrianaitheacht substaintí ar údar imní iad le linn shaolré na dtáirgí monaraithe.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

3.2.    Trealamh a mhonarú chun hidrigin a tháirgeadh agus a úsáid

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Trealamh a mhonarú chun hidrigin a tháirgeadh.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe C25, C27, C28 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Monaraítear leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch trealamh chun hidrigin a tháirgeadh i gcomhréir leis na Critéir Scagtha Theicniúla atá leagtha amach i Roinn 3.10 den Iarscríbhinn seo mar aon le trealamh chun hidrigin a úsáid.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déanann an ghníomhaíocht infhaighteacht teicnící a mheasúnú agus, i gcás inarb indéanta, na teicnící sin a ghlacadh chun tacú leis an méid a leanas:

(a)  amhábhair thánaisteacha agus comhpháirteanna athúsáidte a athúsáid agus a úsáid sna táirgí a mhonaraítear;

(b)  dearadh don ardmharthanacht, in-athchúrsáilteacht, díchóimeáil éasca agus don inoiriúnaitheacht sna táirgí a mhonaraítear;

(c)  bainistíocht dramhaíola lena dtugtar tosaíocht don athchúrsáil in áit na diúscartha sa phróiseas monaraíochta;

(d)  faisnéis maidir le substaintí arb údar mór imní iad agus na substaintí sin a rianú ar feadh shaolré na dtáirgí monaraithe.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

3.3.    Teicneolaíochtaí ísealcharbóin a mhonarú le haghaidh iompair

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Feithiclí, rothstoc agus soithigh iompair ísealcharbóin a mhonarú, a dheisiú, a chothabháil, a iarfheistiú, a athchuspórú agus a uasghrádú.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe C29.1, C30.1, C30.2, C30.9, C33.15, C33.17 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch déantar an méid a leanas a mhonarú, a dheisiú, a chothabháil, a iarfheistiú (1), a athchuspórú nó a uasghrádú:

(a)  traenacha, carráistí paisinéirí agus vaigíní a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 acu;

(b)  traenacha, carráistí paisinéirí agus vaigíní a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha sceithphíopa CO2 acu nuair a oibrítear iad ar rian a bhfuil an bonneagar is gá air, agus a úsáideann gnáth-inneall i gcás nach bhfuil bonneagar den sórt sin ar fáil (mód déach);

(c)  gairis iompair paisinéirí uirbeacha, fo-uirbeacha agus bóthair, i gcás ina bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 ag na feithiclí;

(d)  go dtí an 31 Nollaig 2025, feithiclí atá ainmnithe mar chatagóirí M2 agus M3 (2) ag a bhfuil cineál cabhalra a n-aicmítear mar “CA” (feithicil aon stór), “CB” (feithicil dhá stór), “CC” (feithicil altach aon stór) nó “CD” (feithicil altach dhá stór) (3), ar feithiclí iad a chomhlíonann an caighdeán EURO VI is déanaí, i.e. ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus, ó theacht i bhfeidhm na leasuithe ar an Rialachán, sna gníomhartha leasaitheacha sin, fiú sula raibh siad infheidhme, agus an chéim is déanaí den chaighdeán EURO VI a leagtar amach i dTábla 1 d’Aguisín 9 le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún (5) ina bhfuil na forálacha lena rialaítear an chéim sin tagtha i bhfeidhm gan a bheith infheidhme go fóill don chineál feithicle seo (6). I gcás nach bhfuil caighdeán den sórt sin ar fáil, is ionann astaíochtaí díreacha CO2 na bhfeithiclí agus nialas;

(e)  gairis ghluaiseachta pearsanta a bhfuil tiomáint acu a thagann ó ghníomhaíocht choirp an úsáideora, ó mhótar astaíochtaí nialasacha, nó ó mheascán de mhótar astaíochtaí nialasacha agus de ghníomhaíocht choirp;

(f)  feithiclí i gcatagóirí M1 agus N1 a n-aicmítear mar feithiclí saothair éadroim (7) a bhfuil an méid a leanas acu:

(i)  go dtí an 31 Nollaig 2025, astaíochtaí sonracha CO2, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (h), de Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), níos ísle ná 50 gCO2/km (feithiclí saothair éadroim le hastaíochtaí ísle nó saor ó astaíochtaí);

(ii)  ón 1 Eanáir 2026: tá na hastaíochtaí sonracha CO2, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (h), de Rialachán (AE) 2019/631, nialasach;

(g)  feithiclí i gcatagóir L (9) lena mbaineann astaíochtaí sceithphíopa CO2 comhionann le 0 gCO2e/km arna ríomh i gcomhréir leis an tástáil astaíochtaí a leagtar síos i Rialachán (AE) 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10);

(h)  feithiclí i gcatagóirí N2 agus N3 agus N1 a n-aicmítear mar feithiclí tromshaothair, nach bhfuil tiomnaithe do bhreoslaí iontaise a iompar lena mbaineann mais luchtaithe atá ceadaithe go teicniúil nach bhfuil níos mó ná 7,5 tona atá ina “bhfeithiclí tromshaothair atá saor ó astaíochtaí” mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (11), de Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11);

(i)  feithiclí catagóirí N2 agus N3 nach bhfuil tiomnaithe d’iompar breoslaí iontaise lena mbaineann mais luchtaithe atá ceadaithe go teicniúil agus atá níos mó ná 7,5 tona atá ina “bhfeithiclí tromshaothair atá saor ó astaíochtaí” mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (11), de Rialachán (AE) 2019/1242 nó “feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle” mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (12) den Rialachán sin;

(j)  soithí iompair uisce paisinéirí intíre:

(i)  a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 acu;

(ii)  go dtí an 31 Nollaig 2025, ar soithí hibrideacha iad a úsáideann 50 % ar a laghad de mhais breosla nó de chumhacht inluchtaithe astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 dá ngnáthoibríocht;

(k)  soithí iompair uisce lasta intíre, nach bhfuil tiomnaithe do bhreoslaí iontaise a iompar:

(i)  a bhfuil astaíocht nialasach dhíreach (sceithphíopa) CO2 acu;

(ii)  go dtí an 31 Nollaig 2025, a bhfuil astaíochtaí díreacha (sceithphíopa) ag baint leo de CO2 in aghaidh an chiliméadair tona (gCO2/tkm), arna ríomh (nó arna meas i gcás soithí nua) agus an Táscaire Oibríochtúil Éifeachtúlachta Fuinnimh á úsáid (12), atá 50 % níos ísle ná an meánluach tagartha le haghaidh astaíochtaí CO2 atá sainmhínithe d’fheithiclí tromshaothair (foghrúpa feithiclí 5-LH) i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/1242;

(l)  soithí iompair uisce lasta mara agus cósta, soithí le haghaidh oibríochtaí calafoirt agus gníomhaíochtaí cúntacha, nach bhfuil tiomnaithe do bhreoslaí iontaise a iompar, agus:

(i)  a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 acu;
(ii)  go dtí an 31 Nollaig 2025, ar soithí hibrideacha agus soithí débhreosla iad a dhíorthaíonn ar a laghad 25 % dá gcuid fuinnimh ó bhreoslaí lena mbaineann astaíochtaí CO2 nialasacha díreacha (sceithphíopa) nó ó chumhacht inluchtaithe dá ngnáthoibriú ar muir agus i gcalafoirt;
(iii)  go dtí an 31 Nollaig 2025, agus sa chás amháin inar féidir a chruthú go n-úsáidtear na soithí go heisiach chun seirbhísí cósta a sholáthar a dheartar chun aistriú córa iompair lastais a chumasú a dhéantar a iompar faoi láthair ar talamh go muir, na soithí lena mbaineann astaíochtaí díreacha (sceithphíopa) CO2, arna ríomh agus Innéacs Dearaidh Éifeachtúlachta Fuinnimh (EEDI) de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) á úsáid (13), 50 % níos ísle ná luach na n-astaíochtaí meán-tagartha CO2 a shainmhínítear d’fheithiclí tromshaothair (foghrúpa feithiclí 5-LH) i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/1242;
(iv)  go dtí an 31 Nollaig 2025, tá luach Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh Dearaidh (EEDI) bainte amach ag na soithí, luach atá 10 % faoi bhun na gceanglas EEDI is infheidhme an 1 Aibreán 2022 (14) más rud é gur féidir leis na soithí oibriú ar bhreoslaí lena mbaineann astaíochtaí CO2 nialasacha díreacha (ón sceithphíopa) nó ar bhreoslaí ó fhoinsí in-athnuaite (15); ►M2  
(v)  ón 1 Eanáir 2026, soithí atá inoibrithe ar bhreoslaí a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 acu nó ar bhreoslaí ó fhoinsí in-athnuaite (15), tá luach de chuid Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh Dearaidh (EEDI) acu atá coibhéiseach le líne thagartha EEDI a laghdú 20 pointe céatadáin ar a laghad faoi cheanglais EEDI is infheidhme an 1 Aibreán 2022 (18), agus:
(a)  tá siad in ann plugáil isteach agus iad i mbeart;
(b)  i gcás longa a bhreoslaítear le gás, léiríonn siad an úsáid a bhaintear as bearta agus teicneolaíochtaí úrscothacha chun astaíochtaí sceite meatáin a mhaolú.  ◄

(m)  soithí iompair uisce paisinéirí mara agus cósta, nach bhfuil tiomnaithe do bhreoslaí iontaise a iompar:

(i)  a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 acu;
(ii)  go dtí an 31 Nollaig 2025, soithí hibrideacha agus débhreosla a dhíorthaíonn 25 % ar a laghad dá gcuid fuinnimh ó bhreoslaí nó de chumhacht inluchtaithe astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 dá ngnáthoibríocht ar muir agus i gcalafoirt;
(iii)  go dtí an 31 Nollaig 2025, tá luach Innéacs Dearaidh um Éifeachtúlacht Fuinnimh (EEDI) bainte amach ag na soithí, luach atá 10 % faoi bhun cheanglais EEDI is infheidhme an 1 Aibreán 2022 más rud é gur féidir leis na soithí oibriú ar bhreoslaí lena mbaineann astaíochtaí CO2 nialasacha díreacha (ón sceithphíopa) nó ar bhreoslaí ó fhoinsí in-athnuaite (16); ►M2  
(iv)  ón 1 Eanáir 2026, soithí atá inoibrithe ar bhreoslaí a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 acu nó ar bhreoslaí ó fhoinsí in-athnuaite (16), tá luach de chuid Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh Dearaidh (EEDI) acu atá coibhéiseach le líne thagartha EEDI a laghdú 20 pointe céatadáin ar a laghad faoi cheanglais EEDI is infheidhme an 1 Aibreán 2022 (19), agus:
(a)  tá siad in ann plugáil isteach agus iad i mbeart;
(b)  i gcás longa a bhreoslaítear le gás, léiríonn siad an úsáid a bhaintear as bearta agus teicneolaíochtaí úrscothacha chun astaíochtaí sceite meatáin a mhaolú.  ◄

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déanann an ghníomhaíocht infhaighteacht teicnící a mheasúnú agus, i gcás inarb indéanta, na teicnící sin a ghlacadh chun tacú leis an méid a leanas:

(a)  amhábhair thánaisteacha agus comhpháirteanna athúsáidte a athúsáid agus a úsáid sna táirgí a mhonaraítear;

(b)  dearadh don ardmharthanacht, in-athchúrsáilteacht, díchóimeáil éasca agus don inoiriúnaitheacht sna táirgí a mhonaraítear;

(c)  bainistíocht dramhaíola lena dtugtar tosaíocht don athchúrsáil in áit na diúscartha sa phróiseas monaraíochta;

(d)  faisnéis maidir le substaintí arb údar mór imní iad agus na substaintí sin a rianú ar feadh shaolré na dtáirgí monaraithe.

▼M2

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

I gcás inarb infheidhme, níl luaidhe, mearcair, cróimiam heicsifhiúsach ná caidmiam sna feithiclí.

▼B

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

I gcás phointe (j) go pointe (m), tá na critéir a bhaineann le hiarfheistiú cumhdaithe i Roinn 6.9 agus i Roinn 6.12 den Iarscríbhinn seo.

(2)   

Mar a thagraítear dó in Airteagal 4(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).

(3)   

Mar a leagtar amach i bpointe 3 de chuid C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858.

(4)   

Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le mótarfheithiclí agus innill a chineál-cheadú i leith astaíochtaí ó fheithiclí saothair throm (Euro VI) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi fheithiclí a dheisiú agus a chothabháil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Treoir 2007/46/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 80/1269/CEE, Treoir 2005/55/CE agus Treoir 2005/78/CE (IO L 188, 18.7.2009, lch. 1).

(5)   

Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear i bhfeidhm agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus lena leasaítear Iarscríbhinní I agus III a ghabhann le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 167, 25.6.2011, lch. 1).

(6)   

Go dtí an 31/12/2022, céim E, EURO VI, mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 595/2009.

(7)   

Mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointí (a) agus (b) de Rialachán (AE) 2018/858.

(8)   

Rialachán (AE) Uimh. 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 443/2009 agus (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).

(9)   

Mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).

(10)   

Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).

(11)   

Rialachán (AE) Uimh. 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí tromshaothair nua agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) Uimh. 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE (IO L 198, 25.7.2019, lch. 202) ón gComhairle.

(12)   

Sainmhínítear an Táscaire Oibríochtúil Éifeachtúlachta Fuinnimh mar mhais CO2 a astaítear in aghaidh aonad na hoibre iompair. Ba cheart gur luach ionadaíoch d’éifeachtúlacht fuinnimh oibríocht na loinge é thar thréimhse chomhsheasmhach a léiríonn patrún foriomlán trádála an tsoithigh. Soláthraítear treoraíocht maidir leis an táscaire sin a ríomh sa doiciméad MEPC.1/Circ. 684 ó IMO.

(13)   

Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh Dearaidh (leagan an 4.6.2021: http://www.imo.org/fr/MediaCentre/HotTopics/GHG/Pages/EEDI.aspx).

(14)   

Mar a comhaontaíodh ag an gCoiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta ag a 74ú seisiún.

(15)   

Breoslaí a chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i Roinn 3.10 agus i Roinn 4.13 den Iarscríbhinn seo.

Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (IO L 269, 21.10.2000, lch. 34).

(18)   

Ceanglais EEDI a shonraítear mar fhachtóir laghdaithe céatadáin, atá le cur i bhfeidhm ar luach tagartha EEDI, mar a chomhaontaigh an Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta ag a 75ú seisiún. Cuirfear na pointí céatadáin sainithe sna critéir scagtha theicniúla le haghaidh EEDI le fachtóir laghdaithe céatadáin EEDI.

(19)   

Ceanglais EEDI a shainítear mar fhachtóir laghdaithe céatadáin, atá le cur i bhfeidhm ar luach tagartha EEDI, mar a chomhaontaigh an Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta ag a 75ú seisiún. Na pointí céatadáin sainithe sna critéir scagtha theicniúla le haghaidh EEDI, cuirfear le fachtóir laghdaithe céatadáin EEDI iad.

3.4.    Ceallraí a mhonarú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Monarú ceallraí in-athluchtaithe, pacáistí ceallraí agus taisc-cheallraí le haghaidh iompair, stóráil fuinnimh do-aistrithe agus eiseangaí agus feidhmeanna tionsclaíocha eile. Monarú comhpháirteanna faoi seach (ábhair ghníomhacha ceallraí, cealla ceallraí, cásálacha agus comhpháirteanna leictreonacha).

Athchúrsáil ceallraí deireadh ré.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE C27.2 agus E38.32 i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Monaraíonn an ghníomhaíocht eacnamaíoch ceallraí in-athluchtaithe, pacáistí ceallraí agus taisc-cheallraí (agus a gcomhpháirteanna faoi seach), lena n-áirítear ó amhábhair thánaisteacha, as a dtagann laghduithe suntasacha ar astaíochtaí GCT maidir le hiompar, stóráil fuinnimh dho-aistrithe agus eiseangaí agus feidhmeanna tionsclaíocha eile.

Déanann an ghníomhaíocht eacnamaíoch athchúrsáil ar cheallraí a bhfuil a ré caite.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

I gcás monaraíocht ceallraí, comhpháirteanna agus ábhair nua, déanann an ghníomhaíocht infhaighteacht teicnící a mheasúnú agus, i gcás inarb indéanta, na teicnící sin a ghlacadh chun tacú leis an méid seo a leanas:

(a)  amhábhair thánaisteacha agus comhpháirteanna athúsáidte a athúsáid agus a úsáid sna táirgí a mhonaraítear;

(b)  dearadh don ardmharthanacht, in-athchúrsáilteacht, díchóimeáil éasca agus don inoiriúnaitheacht sna táirgí a mhonaraítear;

(c)  faisnéis maidir le substaintí arb údar mór imní iad agus na substaintí sin a rianú ar feadh shaolré na dtáirgí monaraithe.

Comhlíonann na próisis athchúrsála na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12 de Threoir 2006/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus in Iarscríbhinn III, Cuid B, leis an Treoir sin, lena n-áirítear úsáid na dTeicnící ábhartha is fearr agus is nua dá bhfuil ar fáil, baint amach na n-éifeachtúlachtaí atá sonraithe le haghaidh ceallraí luaidhe-aigéadacha, ceallraí nicile-caidmiam agus le haghaidh ceimiceáin eile. Áirithítear leis na próisis sin go ndéantar athchúrsáil ar an ábhar miotail chuig an gcéim is airde atá indéanta ar bhonn teicniúil agus costais iomarcacha á seachaint ag an am céanna.

I gcás inarb infheidhme, comhlíonfaidh saoráidí a chuireann próisis athchúrsála i gcrích na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Comhlíonann ceallraí na rialacha inbhuanaitheachta is infheidhme maidir le ceallraí a chur ar an margadh san Aontas, lena n-áirítear srianta ar shubstaintí guaiseacha a úsáid i gceallraí, lena n-áirítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus Treoir 2006/66/CE.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Treoir 2006/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le ceallraí agus taisc-cheallraí agus ceallraí dramhaíola agus taisc-cheallraí dramhaíola, agus lena n-aisghairtear Treoir 91/157/CEE (IO L 266, 26.9.2006, lch. 1).

(2)   

Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17)

(3)   

Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/67/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/105/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

3.5.    Trealamh éifeachtúlachta fuinnimh a mhonarú le haghaidh foirgneamh

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Trealamh éifeachtúlachta fuinnimh a mhonarú le haghaidh foirgneamh.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE C16.23, C23.11, C23.20, C23.31, C23.32, C23.43, C.23.61, C25.11, C25.12, C25.21, C25.29, C25.93, C27.31, C27.32, C27.33, C27.40, C27.51, C28.11, C28.12, C28.13, C28.14, i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Monaraítear leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch ceann amháin nó níos mó de na táirgí a leanas mar aon lena bpríomhchomhpháirteanna (1):
(a)  fuinneoga lena mbaineann U-luach níos ísle ná 1,0 W/m2K nó comhionann leis;
(b)  doirse lena mbaineann U-luach níos ísle ná 1,2 W/m2K nó comhionann leis;
(c)  cumhdach seachtrach lena mbaineann U-luach níos ísle ná 0,5 W/m2K nó comhionann leis;
(d)  córais dín lena mbaineann U-luach níos ísle ná 0,3 W/m2K nó comhionann leis;
(e)  táirgí insliúcháin lena mbaineann luach lambda níos ísle ná 0,06 W/mK nó comhionann leis;
(f)  fearais leictreacha a chuimsítear sa dá aicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde a úsáidtear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Rialachán sin; ►M3  
(g)  foinsí solais atá rátaithe sa dá aicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde a úsáidtear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1369 agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Rialachán sin;  ◄ ►M3  
(h)  córais téimh spáis agus uisce the tí atá rátaithe sa dá aicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde a úsáidtear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1369 agus gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Rialachán sin;  ◄ ►M3  
(i)  córais fuaraithe agus aerála atá rátaithe sa dá aicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde a úsáidtear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1369 agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Rialachán sin;  ◄
(j)  rialtáin láithreachta agus sholas an lae le haghaidh córais soilsithe;
(k)  teaschaidéil atá i gcomhréir leis na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach i Roinn 4.16 den Iarscríbhinn seo;
(l)  gnéithe aghaidhe agus dín a bhfuil feidhm scáthaithe gréine nó rialaithe gréine acu, lena n-áirítear na cinn sin a thacaíonn le fásra a fhás;
(m)  córais uathoibrithe agus rialaithe foirgneamh atá tíosach ar fhuinneamh le haghaidh foirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe;
(n)  teirmeastait agus gairis atá criosaithe chun faireachán cliste a dhéanamh ar na príomhualaí leictreachais nó lóid théite le haghaidh foirgneamh, agus trealamh braiteora;
(o)  táirgí méadraithe téimh agus rialtáin teirmeastait le haghaidh tithe aonair a bhfuil nasc acu le córais téimh ceantair, le haghaidh árasáin aonair a bhfuil nasc acu le córais téimh lárnaigh a fhreastalaíonn ar fhoirgneamh iomlán, agus le haghaidh córais téimh lárnaigh;
(p)  malartóirí téimh ceantair agus fostáisiúin atá i gcomhréir leis an ngníomhaíocht téimh/fuaraithe ceantair a leagtar amach i Roinn 4.15 den Iarscríbhinn seo;
(q)  táirge chun faireachán cliste a dhéanamh ar chóras téimh agus é a rialáil, agus trealamh braiteora.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déanann an ghníomhaíocht infhaighteacht teicnící a mheasúnú agus, i gcás inarb indéanta, na teicnící sin a ghlacadh chun tacú leis an méid a leanas:

(a)  amhábhair thánaisteacha agus comhpháirteanna athúsáidte a athúsáid agus a úsáid sna táirgí a mhonaraítear;

(b)  dearadh don ardmharthanacht, in-athchúrsáilteacht, díchóimeáil éasca agus don inoiriúnaitheacht sna táirgí a mhonaraítear;

(c)  bainistíocht dramhaíola lena dtugtar tosaíocht don athchúrsáil in áit na diúscartha sa phróiseas monaraíochta;

(d)  faisnéis maidir le substaintí arb údar mór imní iad agus na substaintí sin a rianú ar feadh shaolré na dtáirgí monaraithe.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

I gcás inarb ábhartha, ba cheart an U-luach a ríomh de réir na gcaighdeán is infheidhme, e.g. EN ISO 10077-1:2017 (fuinneoga agus doirse), EN ISO 12631:2017 (ballaí reatha) agus EN ISO 6946:2017 (comhpháirteanna agus eilimintí foirgnimh eile).

(2)   

Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1).

3.6.    Teicneolaíochtaí ísealcharbóin eile a mhonarú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Monarú teicneolaíochtaí a dhírítear ar laghduithe suntasacha astaíochtaí GCT in earnálacha eile an gheilleagair, i gcás nach bhfuil na teicneolaíochtaí sin clúdaithe i Roinn 3.1 go 3.5 den Iarscríbhinn seo.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cód NACE, go háirithe C22, C25, C26, C27, C28 i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Monaraítear leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch teicneolaíochtaí lena léirítear coigiltí suntasacha astaíochtaí saolré GCT, atá mar sprioc acu, i gcomparáid leis an teicneolaíocht/táirge/réiteach malartach is fearr ó thaobh feidhmíochta de atá ar fáil ar an margadh.

Déantar an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT a ríomh ach Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún a úsáid (1) nó, ina áit sin, ISO 14067:2018 (2) nó ISO 14064-1:2018 (3).

Tríú páirtí neamhspleách a dhéanann an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT cainníochtaithe a fhíorú.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déanann an ghníomhaíocht infhaighteacht teicnící a mheasúnú agus, i gcás inarb indéanta, na teicnící sin a ghlacadh chun tacú leis an méid a leanas:

(a)  amhábhair thánaisteacha agus comhpháirteanna athúsáidte a athúsáid agus a úsáid sna táirgí a mhonaraítear;

(b)  dearadh don ardmharthanacht, in-athchúrsáilteacht, díchóimeáil éasca agus don inoiriúnaitheacht sna táirgí a mhonaraítear;

(c)  bainistíocht dramhaíola lena dtugtar tosaíocht don athchúrsáil in áit na diúscartha sa phróiseas monaraíochta;

(d)  faisnéis maidir le substaintí arb údar mór imní iad agus na substaintí sin a rianú ar feadh shaolré na dtáirgí monaraithe.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Moladh ón gCoimisiún 2013/179/AE an 9 Aibreán 2013 maidir le modhanna coiteanna a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl (IO L 124, 4.5.2013, lch. 1).

(2)   

Caighdeán ISO 14067:2018, gáis ceaptha teasa — Lorg carbóin táirgí — Ceanglais agus treoirlínte le haghaidh cainníochtaithe (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/71206.html).

(3)   

Caighdeán ISO 14064-1:2018, Gáis ceaptha teasa – Cuid 1: Sonraíocht le treoir ar leibhéal an eagrúcháin le haghaidh astaíochtaí agus asbhaintí gáis ceaptha teasa a chainníochtú agus a thuairisciú (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/66453.html).

3.7.    Monarú stroighne

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Clincear stroighne, stroighin nó ceanglóir malartach a mhonarú.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE C23.51 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht idirthréimhseach í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo faoi mar a thagraítear di in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Monaraíonn an ghníomhaíocht ceann díobh seo a leanas:

(a)  clincear stroighne liath i gcás ina bhfuil na hastaíochtaí GCT (1) sonracha níos ísle ná 0,722 (2) tCO2e in aghaidh an tona de chlincear stroighne liath;

(b)  stroighin nó ceanglóir hiodrálach eile, as clincear liath, i gcás ina bhfuil na hastaíochtaí GCT sonracha (3) ó tháirgeadh an chlincir agus na stroighne nó an cheanglóra eile níos ísle ná 0,469 (4) tCO2e in aghaidh an tona stroighne nó ceanglóra eile arna monarú;

I gcás ina ndéantar CO2 a ghabháil lena stóráil faoi thalamh, ar CO2 é a d’astófaí ón bpróiseas monaraíochta murach sin, iompraítear agus stóráiltear an CO2 faoi thalamh, i gcomhréir leis na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach i Roinn 5.11 agus i Roinn 5.12 den Iarscríbhinn seo.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) chun stroighin, aol agus ocsaíd mhaignéisiam a tháirgeadh (5).

Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach (6).

Maidir le stroighin a mhonarú trí úsáid a bhaint as dramhaíl ghuaiseach mar bhreosla malartach, tá bearta ar bun chun láimhseáil shábháilte na dramhaíola a áirithiú.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Arna ríomh i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha idirthréimhseacha uile-Aontais le haghaidh leithdháileadh saor in aisce comhchuibhithe liúntais astaíochtaí de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, 27.2.2019, lch. 8).

(2)   

Léirítear leis meánluach an 10 % de na suiteálacha ba éifeachtúla in 2016 agus 2017 (t coibhéisí CO2/t) faoi mar a leagtar amach san Iarscríbhinn le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 an 12 Márta 2021 lena gcinntear luachanna tagarmharcála athbhreithnithe le haghaidh leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce don tréimhse ó 2021 go 2025 de bhun Airteagal 10a(2) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 87, 15.3.2021, lch. 29).

(3)   

Arna ríomh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/331.

(4)   

Léirítear leis meánluach an 10 % de na suiteálacha ba éifeachtúla in 2016 agus 2017 (t coibhéisí CO2/t) le haghaidh clincear stroighne léithe faoi mar a leagtar amach san Iarscríbhinn le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447, arna iolrú faoin gcóimheas clincir go stroighin de 0,65.

(5)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/163/AE ón gCoimisiún an 26 Márta 2013 lena mbunaítear conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha chun stroighin, aol agus ocsaíd mhaignéisiam a tháirgeadh (IO L 100, 9.4.2013, lch. 1).

(6)   

Féach Doiciméad Tagartha maidir leis na Teicnící is Fearr Atá ar Fáil (BREF) i ndáil le hEacnamaíocht agus Éifeachtaí Trasmheáin (leagan an 4.6.2021: https://eippcb.jrc.ec.europa.eu/sites/default/files/2019-11/ecm_bref_0706.pdf).

3.8.    Alúmanam a mhonarú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Alúmanam a mhonarú tríd an bpróiseas alúmana phríomhúil (báicsít) nó trí athchúrsáil alúmanaim thánaistigh.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE C24.42, C24.53 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht idirthréimhseach í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo faoi mar a thagraítear di in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Monaraíonn an ghníomhaíocht ceann díobh seo a leanas:

(a)  alúmanam príomhúil ina gcomhlíonann an ghníomhaíocht eacnamaíoch le dhá cheann de na critéir a leanas go dtí 2025 agus le gach ceann de na critéir seo a leanas (1) tar éis 2025:

(i)  ní sháraíonn na hastaíochtaí GCT (2) 1,484 (3) tCO2e in aghaidh an tonna d'alúmanam arna mhonarú (4):

(ii)  ní sháraíonn meándéine carbóin na n-astaíochtaí GCT (5) indíreacha 100 g CO2e/kWh;

(iii)  nach mó ná 15.5 MWh/t Al an tomhaltas leictreachais don phróiseas monaraíochta.

(b)  alúmanam tánaisteach.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) i gcomhair na dtionscal miotal neamhfheiriúil (6). Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Arna chomhcheangal le tairseach aonair a mbíonn suim dhíreach agus neamhdhíreach astaíochtaí mar thoradh air, é ríofa mar mheánluach de na 10 % is fearr de shuiteálacha bunaithe ar na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs tagarmharcanna tionsclaíocha EU ETS a bhunú don tréimhse 2021-2026 agus á ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht i gcomhair socrú na dtagarmharcanna a leagtar amach i dTreoir 2003/87/CE móide an rannchuidiú substaintiúil le critéir um maolú ar an athrú aeráide (100 g CO2e/kWh) iolraithe faoi mheán-éifeachtúlacht fuinnimh na monaraíochta alúmanaim (15.5 MWh/t Al).

(2)   

Arna ríomh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/331.

(3)   

Léirítear leis meánluach an 10 % de na suiteálacha ba éifeachtúla in 2016 agus 2017 (t coibhéisí CO2/t) faoi mar a leagtar amach san Iarscríbhinn le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447.

(4)   

Is éard atá san alúmanam a mhonaraítear, an t-alúmanam leachtach, neamh-chóimhiotail, neamhshaoirsithe a dhéantar trí leictrealú.

(5)   

Is éard atá in astaíochtaí gás ceaptha teasa indíreacha, astaíochtaí saolré gás ceaptha teasa a dhéantar trí ghiniúint an leictreachais a úsáidtear chun alúmanam príomhúil a mhonarú.

(6)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1032 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2016 lena mbunaítear conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcomhair na dtionscal miotal neamhfheiriúil (IO L 174, 30.6.2016, lch. 32).

3.9.    Iarann agus cruach a mhonarú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Iarann agus cruach a mhonarú.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe C24.10, C24.20, C24.31, C24.32, C24.33, C24.34, C24.51 agus C24.52 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht idirthréimhseach í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo faoi mar a thagraítear di in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Monaraíonn an ghníomhaíocht ceann díobh seo a leanas:

(a)  iarann agus cruach i gcás nach sáraíonn astaíochtaí GCT (1), arna laghdú de réir mhéid na n-astaíochtaí a shanntar do tháirgeadh gás dramhaíola i gcomhréir le pointe 10.1.5(a) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/331 na luachanna seo a leanas a chuirtear i bhfeidhm maidir leis na céimeanna éagsúla den phróiseas monaraíochta:

(i)  miotal te = 1,331 (2) tCO2e/t den táirge;

(ii)  mian shintéaraithe = 0,163 (3) tCO2e/t den táirge;

(iii)  cóc (gan cóc ligníte san áireamh) = 0,144 (4) tCO2e/t den táirge;

(iv)  teilgean iarainn = 0,299 (5) tCO2e/t den táirge;

(v)  stuafhoirnéis leictreach (EAF) cruach chóimhiotail = 0,266 (6) tCO2e/t den táirge;

(vi)  stuafhoirnéis leictreach (EAF) cruach charbóin = 0,209 (7) tCO2e/t den táirge.

(b)  cruach i stuafhoirnéisí leictreacha (EAFanna) lena dtáirgtear cruach charbóin EAF nó cruach ard-chóimhiotail EAF, de réir mar atá sainmhínithe i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún agus i gcás nach bhfuil an t-ionchur dramh-chruaiche i gcoibhneas leis an aschur táirge níos ísle ná:

(i)  70 % le haghaidh cruach ard-chóimhiotail a tháirgeadh;

(ii)  90 % le haghaidh cruach charbóin a tháirgeadh.

I gcás ina ndéantar CO2 a ghabháil lena stóráil faoi thalamh, ar CO2 é a d’astófaí ón bpróiseas monaraíochta murach sin, iompraítear agus stóráiltear an CO2 faoi thalamh, i gcomhréir leis na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach i Roinn 5.11 agus i Roinn 5.12 den Iarscríbhinn seo.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil le haghaidh táirgeadh iarainn agus cruach (8).

Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Arna ríomh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/331.

(2)   

Léirítear leis meánluach an 10 % de na suiteálacha ba éifeachtúla in 2016 agus 2017 (t coibhéisí CO2/t) faoi mar a leagtar amach san Iarscríbhinn le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447.

(3)   

Léirítear leis meánluach an 10 % de na suiteálacha ba éifeachtúla in 2016 agus 2017 (t coibhéisí CO2/t) faoi mar a leagtar amach san Iarscríbhinn le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447.

(4)   

Léirítear leis meánluach an 10 % de na suiteálacha ba éifeachtúla in 2016 agus 2017 (t coibhéisí CO2/t) faoi mar a leagtar amach san Iarscríbhinn le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447.

(5)   

Léirítear leis meánluach an 10 % de na suiteálacha ba éifeachtúla in 2016 agus 2017 (t coibhéisí CO2/t) faoi mar a leagtar amach san Iarscríbhinn le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447.

(6)   

Léirítear leis meánluach an 10 % de na suiteálacha ba éifeachtúla in 2016 agus 2017 (t coibhéisí CO2/t) faoi mar a leagtar amach san Iarscríbhinn le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447.

(7)   

Léirítear leis meánluach an 10 % de na suiteálacha ba éifeachtúla in 2016 agus 2017 (t coibhéisí CO2/t) faoi mar a leagtar amach san Iarscríbhinn le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447.

(8)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/135/AE ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2012 lena mbunaítear conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha do tháirgeadh iarainn agus cruach (IO L 70, 17.8.3.2012, lch. 63).

3.10.    Hidrigin a mhonarú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Hidrigin agus breoslaí sintéiseacha hidrigin-bhunaithe a mhonarú.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE C20.11 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Comhlíonann an ghníomhaíocht an ceanglas maidir le laghdú suntasach 73.4 % ar astaíochtaí saolré GCT i gcás hidrigine [a bhfuil astaíochtaí saolré GCT níos ísle ná 3tCO2e/tH2 mar thoradh air] agus 70 % i gcás breoslaí sintéiseacha bunaithe ar hidrigin i gcoibhneas le táirge comparáide breoslaí iontaise de 94g CO2e/MJ de réir análaí leis an gcur chuige a leagtar amach in Airteagal 25(2) de Threoir (AE) 2018/2001 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann léi.

Déantar an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT a ríomh tríd an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 28(5) de Threoir (AE) 2018/2001 a úsáid, nó, ina áit sin, ISO 14067:2018 (1) nó ISO 14064-1:2018 a úsáid (2).

Déantar an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT cainníochtaithe a fhíorú i gcomhréir hAirteagal 30 de Threoir (AE) 2018/2001 nuair is infheidhme, nó déanann tríú páirtí neamhspleách iad a fhíorú.

I gcás ina ndéantar CO2 a ghabháil lena stóráil faoi thalamh, ar CO2 é a d’astófaí ón bpróiseas monaraíochta murach sin, iompraítear agus stóráiltear an CO2 faoi thalamh, i gcomhréir leis na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach i Roinn 5.11 agus i Roinn 5.12 den Iarscríbhinn seo.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha maidir leis na teicnící ábhartha is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear:

(a)  na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh clór-alcaile (3) a tháirgeadh agus na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh gnáthchórais bhainistíochta/chóireála fuíolluisce agus dramhgháis in earnáil na gceimiceán (4);

(b)  conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) chun ola mhianrach agus gás a mhínghlanadh (5);

Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Caighdeán ISO 14067:2018, gáis ceaptha teasa — Lorg carbóin táirgí — Ceanglais agus treoirlínte le haghaidh cainníochtaithe (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/71206.html).

(2)   

ISO 14064-1:2018, Gáis ceaptha teasa – Cuid 1: Sonraíocht lena ngabhann treoraíocht ar leibhéal na heagraíochta maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe a chainníochtú agus a thuairisciú (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/66453.html).

(3)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/732/AE ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2013 lena mbunaítear conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha chun clór-alcailí a tháirgeadh (IO L 332, 11.12.2013, lch. 34).

(4)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/902 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2016 lena mbunaítear conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, do ghnáthchórais bhainistíochta/chóireála fuíolluisce agus dramhgháis in earnáil na gceimiceán (IO L 152, 9.6.2016, lch. 23).

(5)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/738/AE ón gCoimisiún an 9 Deireadh Fómhair 2014 lena mbunaítear conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha chun ola mhianrach agus gás a mhínghlanadh (IO L307, 28.10.2014, lch. 38).

3.11.    Dubh carbóin a mhonarú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Dubh carbóin a mhonarú.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE C20.13 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht idirthréimhseach í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo faoi mar a thagraítear di in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Tá astaíochtaí GCT (1) ó phróisis táirgeachta an duibh carbóin níos ísle ná 1,141 (2) tCO2e in aghaidh an tona den táirge.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear:

(a)  an Doiciméad Tagartha maidir leis na Teicnící Is Fearr atá Ar Fáil (BREF) don tionscal Ceimiceáin Neamhorgánacha d’Ardtoirt – Soladacha agus Eile (3);

(b)  na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh gnáthchórais bhainistíochta/chóireála fuíolluisce agus dramhgháis in earnáil na gceimiceán (4);

Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Arna ríomh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/331.

(2)   

Léirítear leis meánluach an 10 % de na suiteálacha ba éifeachtúla in 2016 agus 2017 (t coibhéisí CO2/t) faoi mar a leagtar amach san Iarscríbhinn le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447.

(3)   

An Doiciméad Tagartha maidir leis na Teicnící Is Fearr atá Ar Fáil (BAT) le haghaidh an tionscail Ceimiceáin Neamhorgánacha ar Mhéideanna Móra – Soladacha agus Eile, (leagan an 4.6.2021: https://eippcb.jrc.ec.europa.eu/sites/default/files/2019-11/lvic-s_bref_0907.pdf

(4)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/902.

3.12.    Luaith shóide a mhonarú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Carbónáit déshóidiam (luaith shóide, carbónáit sóidiam, sóidiam monaihidrigine décarbónáite) a mhonarú.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE C20.13 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht idirthréimhseach í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo faoi mar a thagraítear di in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Tá astaíochtaí GCT (1) ó phróisis táirgeachta na carbónáite déshóidiam (na luaithe sóide) níos ísle ná 0,789 (2) tCO2e in aghaidh an tona den táirge.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear:

(a)  an Doiciméad Tagartha maidir leis na Teicnící Is Fearr atá Ar Fáil (BREF) don tionscal Ceimiceáin Neamhorgánacha d’Ardtoirt – Soladacha agus Eile (3);

(b)  na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh gnáthchórais bhainistíochta/chóireála fuíolluisce agus dramhgháis in earnáil na gceimiceán (4);

Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Arna ríomh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/331.

(2)   

Léirítear leis meánluach an 10 % de na suiteálacha ba éifeachtúla in 2016 agus 2017 (t coibhéisí CO2/t) faoi mar a leagtar amach san Iarscríbhinn le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447.

(3)   

An Doiciméad Tagartha maidir leis na Teicnící Is Fearr atá Ar Fáil (BAT) le haghaidh an tionscail Ceimiceáin Neamhorgánacha ar Mhéideanna Móra – Soladacha agus Eile (leagan an 4.6.2021: https://eippcb.jrc.ec.europa.eu/sites/default/files/2019-11/lvic-s_bref_0907.pdf

(4)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/902.

3.13.    Clóirín a mhonarú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Clóirín a mhonarú.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE C20.13 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht idirthréimhseach í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo faoi mar a thagraítear di in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Tá tomhaltas leictreachais i gcomhair leictrealú agus cóireáil le clóirín cothrom le 2.45 MWh in aghaidh an tona clóirín nó níos lú ná sin.

Tá meán-astaíochtaí saolré GCT an leictreachais a úsáidtear le haghaidh táirgeadh clóirín comhionann le nó níos ísle ná 100 gCO2e/kWh.

Déantar astaíochtaí saolré GCT a ríomh ach Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún a úsáid nó, ina áit sin, ISO 14067:2018 (1) nó ISO 14064-1:2018 (2).

Tríú páirtí neamhspleách a dhéanann an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT cainníochtaithe a fhíorú.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear:

(a)  conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) chun clór-alcailí a tháirgeadh (3);

(b)  na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh gnáthchórais bhainistíochta/chóireála fuíolluisce agus dramhgháis in earnáil na gceimiceán (4).

Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Caighdeán ISO 14067:2018, gáis ceaptha teasa — Lorg carbóin táirgí — Ceanglais agus treoirlínte le haghaidh cainníochtaithe (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/71206.html).

(2)   

ISO 14064-1:2018, Gáis ceaptha teasa – Cuid 1: Sonraíocht le treoir ar leibhéal an eagrúcháin le haghaidh astaíochtaí agus asbhaintí gáis ceaptha teasa a chainníochtú agus a thuairisciú (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/66453.html).

(3)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/732/AE.

(4)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/902.

3.14.    Bun-cheimiceáin orgánacha a mhonarú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Na nithe seo a leanas a mhonarú:

(a) 

ceimiceáin ardluacha (HVC):

(i) 

aicéitiléin;

(ii) 

eitiléin;

(iii) 

próipiléin;

(iv) 

bútaidhé-éin.

(b) 

Cumhránaic:

(i) 

ailcilbheinséiní measctha, ailcilnaftailéiní measctha, seachas HS 2707 nó 2902 ;

(ii) 

cioglaiheacsán;

(iii) 

beinséin;

(iv) 

tolúéin;

(v) 

o-Xiléin;

(vi) 

p-Xiléin;

(vii) 

m-Xiléin agus isiméirí xiléine measctha;

(viii) 

eitilbeinséin;

(ix) 

cúiméin;

(x) 

défheinil, trífheinilí, viniltolúéiní, hidreacarbóin thimthriallacha eile, seachas ciogláin, cigléiní, cioglaiteirpéiní, beinséin, tolúéin, xiléiní, stiréiní, eitilbeinséin, cúiméin, naftailéin, antraicéin;

(xi) 

beansól (beinséin), toluol (tolúéin) agus xylol (xiléiní)

(xii) 

naftailéin agus meascáin hidreacarbóin cumhránaice eile (seachas beansól, toluole, xylole).

(c) 

clóiríd vinile;

(d) 

stiréin;

(e) 

ocsaíd eitiléine;

(f) 

gliocól eitiléine;

(g) 

aigéad aidipeach.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE C20.14 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht idirthréimhseach í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo faoi mar a thagraítear di in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Tá astaíochtaí GCT (1) ó phróisis táirgeachta na mbun-cheimiceán orgánach níos ísle ná:

(a)  maidir le HVC: 0,693 (2) tCO2e/t de HVC;

(b)  maidir le cumhránaic: 0,0072 (3) tCO2e/t de thréchur ualaithe casta;

(c)  maidir le clóiríd vinile: 0,171 (4) tCO2e/t de chlóiríd vinile;

(d)  maidir le stiréin: 0,419 (5)] tCO2e/t de stiréin;

(e)  maidir le hocsaíd eitiléine/gliocóil eitiléine: 0,314 (6) tCO2e/t d’ocsaíd eitiléine/gliocól eitiléine;

(f)  maidir le haigéad aidipeach: 0,32 (7) tCO2e /t d’aigéad aidipeach.

I gcás ina dtáirgtear na ceimiceáin orgánacha sa raon feidhme go hiomlán nó i bpáirt as bunábhar in-athnuaite, bíonn astaíochtaí saolré GCT an cheimiceáin orgánaigh arna dtáirgeadh go hiomlán nó i bpáirt as bunábhar in-athnuaite, níos ísle ná astaíochtaí saolré GCT an cheimiceáin choibhéisigh arna dtáirgeadh as bunábhar breosla iontaise.

Déantar astaíochtaí saolré GCT a ríomh ach Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún a úsáid nó, ina áit sin, ISO 14067:2018 (8) nó ISO 14064-1:2018 (9).

Tríú páirtí neamhspleách a dhéanann an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT cainníochtaithe a fhíorú.

Maidir le bithmhais talmhaíochta a úsáidtear sa ghníomhaíocht chun téamh agus fuarú a tháirgeadh, comhlíonann sí na critéir a leagtar síos in Airteagal 29, míreanna 2 go 5, i dTreoir (AE) 2018/2001. Comhlíonann bithmhais foraoise a úsáidtear sa ghníomhaíocht na critéir a leagtar síos in Airteagal 29, míreanna 6 agus 7, sa Treoir sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach i gconclúidí ábhartha maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear:

(a)  conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) chun ceimiceáin orgánacha d’ardtoirt a tháirgeadh (10);

(b)  na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh gnáthchórais bhainistíochta/chóireála fuíolluisce agus dramhgháis in earnáil na gceimiceán (11);

Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Arna ríomh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/331.

(2)   

Léirítear leis meánluach an 10 % de na suiteálacha ba éifeachtúla in 2016 agus 2017 (t coibhéisí CO2/t) faoi mar a leagtar amach san Iarscríbhinn le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447.

(3)   

Léirítear leis meánluach an 10 % de na suiteálacha ba éifeachtúla in 2016 agus 2017 (t coibhéisí CO2/t) faoi mar a leagtar amach san Iarscríbhinn le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447.

(4)   

Léirítear leis meánluach an 10 % de na suiteálacha ba éifeachtúla in 2016 agus 2017 (t coibhéisí CO2/t) faoi mar a leagtar amach san Iarscríbhinn le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447.

(5)   

Léirítear leis meánluach an 10 % de na suiteálacha ba éifeachtúla in 2016 agus 2017 (t coibhéisí CO2/t) faoi mar a leagtar amach san Iarscríbhinn le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447.

(6)   

Léirítear leis meánluach an 10 % de na suiteálacha ba éifeachtúla in 2016 agus 2017 (t coibhéisí CO2/t) faoi mar a leagtar amach san Iarscríbhinn le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447.

(7)   

Léirítear leis meánluach an 10 % de na suiteálacha ba éifeachtúla in 2016 agus 2017 (t coibhéisí CO2/t) faoi mar a leagtar amach san Iarscríbhinn le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447.

(8)   

Caighdeán ISO 14067:2018, gáis ceaptha teasa — Lorg carbóin táirgí — Ceanglais agus treoirlínte le haghaidh cainníochtaithe (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/71206.html).

(9)   

ISO 14064-1:2018, Gáis ceaptha teasa – Cuid 1: Sonraíocht le treoir ar leibhéal an eagrúcháin le haghaidh astaíochtaí agus asbhaintí gáis ceaptha teasa a chainníochtú agus a thuairisciú (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/66453.html).

(10)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2117 ón gCoimisiún an 21 Samhain 2017 lena mbunaítear conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le ceimiceáin orgánacha d’ardtoirt a tháirgeadh (IO L 323, 7.12.2017, lch. 1).

(11)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/902.

3.15.    Amóinia ainhidriúil a mhonarú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Amóinia ainhidriúil a mhonarú.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE C20.15 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Comhlíonann an ghníomhaíocht ceann de na critéir seo a leanas:

(a)  táirgtear amóinia ó hidrigin a chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach i Roinn 3.10 den Iarscríbhinn seo (Hidrigin a mhonarú);

(b)  déantar amóinia a aisghabháil ó dhramhuisce.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear:

(a)  an Doiciméad Tagartha maidir leis na Teicnící Is Fearr atá Ar Fáil (BREF) maidir le monarú Ceimiceáin Neamhorgánacha d’Ardtoirt – Amóinia, Aigéid agus Leasacháin (1);

(b)  na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh gnáthchórais bhainistíochta/chóireála fuíolluisce agus dramhgháis in earnáil na gceimiceán (2).

Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

An Doiciméad Tagartha maidir leis na Teicnící is Fearr atá Ar Fáil (BAT) maidir le monarú Ceimiceáin Neamhorgánacha d’Ardtoirt – Amóinia, Aigéid agus Leasacháin (leagan an 4.6.2021: https://eippcb.jrc.ec.europa.eu/sites/default/files/2019-11/lvic_aaf.pdf).

(2)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/902.

3.16.    Aigéad nítreach a mhonarú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Aigéad nítreach a mhonarú.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE C20.15 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht idirthréimhseach í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo faoi mar a thagraítear di in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Tá astaíochtaí GCT (1) ó mhonarú aigéad nítreach níos ísle ná 0,038 (2) tCO2e in aghaidh an tona d’aigéad nítreach.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear:

(a)  an Doiciméad Tagartha maidir leis na Teicnící Is Fearr atá Ar Fáil (BREF) maidir le monarú Ceimiceáin Neamhorgánacha d’Ardtoirt – Amóinia, Aigéid agus Leasacháin (3);

(b)  na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh gnáthchórais bhainistíochta/chóireála fuíolluisce agus dramhgháis in earnáil na gceimiceán (4);

Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Arna ríomh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/331.

(2)   

Léirítear leis meánluach an 10 % de na suiteálacha ba éifeachtúla in 2016 agus 2017 (t coibhéisí CO2/t) faoi mar a leagtar amach san Iarscríbhinn le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447.

(3)   

An Doiciméad Tagartha maidir leis na Teicnící Is Fearr atá Ar Fáil (BREF) maidir le monarú Ceimiceáin Neamhorgánacha d’Ardtoirt – Amóinia, Aigéid agus Leasacháin https://eippcb.jrc.ec.europa.eu/sites/default/files/2019-11/lvic_aaf.pdf https://eippcb.jrc.ec.europa.eu/sites/default/files/2019-11/lvic_aaf.pdf).

(4)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/902.

3.17.    Plaistigh a mhonarú i bhfoirm phríomhúil

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Roisíní, ábhair phlaisticigh agus leaistiméirí teirmeaplaisteacha neamh-inbholcánaithe a mhonarú, roisíní a mheascadh agus a chumasc ar bhonn saincheaptha, chomh maith le roisíní sintéiseacha nach bhfuil saincheaptha a mhonarú.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE C20.16 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht idirthréimhseach í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo faoi mar a thagraítear di in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Comhlíonann an ghníomhaíocht ceann de na critéir seo a leanas:

(a)  monaraítear an plaisteach i bhfoirm phríomhúil go hiomlán trí athchúrsáil mheicniúil ar dhramhaíl phlaisteach;

(b)  i gcás nach bhfuil athchúrsáil mheicniúil indéanta ó thaobh teicniúil de nó inmharthana ó thaobh eacnamaíoch de, monaraítear an plaisteach ina fhoirm phríomhúil go hiomlán trí athchúrsáil cheimiceach na dramhaíola plaistí agus i gcás go bhfuil astaíochtaí saolré GCT an phlaistigh mhonaraithe, seachas aon chreidiúintí ríofa ó tháirgeadh breoslaí, níos ísle ná astaíochtaí saolré GCT an phlaistigh phríomhúil choibhéisigh arna monarú ó bhunábhar breosla iontaise. Déantar astaíochtaí saolré GCT a ríomh ach Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún a úsáid nó, ina áit sin, ISO 14067:2018 (1) nó ISO 14064-1:2018 (2). Tríú páirtí neamhspleách a dhéanann an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT cainníochtaithe a fhíorú.

(c)  arna dhíorthú go hiomlán nó i bpáirt ó bhunábhar in-athnuaite (3) agus tá a astaíochtaí saolré GCT níos ísle ná astaíochtaí saolré GCT na bplaisteach coibhéiseach san fhoirm phríomhúil arna monarú ó bhunábhar breosla iontaise. Déantar astaíochtaí saolré GCT a ríomh ach Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún a úsáid nó, ina áit sin, ISO 14067:2018 nó ISO 14064-1:2018. Tríú páirtí neamhspleách a dhéanann an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT cainníochtaithe a fhíorú.

Maidir le bithmhais talmhaíochta a úsáidtear chun plaisteach ina fhoirm phríomhúil a mhonarú, comhlíonann sí na critéir a leagtar síos in Airteagal 29, míreanna 2 go 5, i dTreoir (AE) 2018/2001. Maidir le bithmhais foraoise a úsáidtear chun plaisteach ina fhoirm phríomhúil a mhonarú, comhlíonann sí na critéir a leagtar síos in Airteagal 29, míreanna 6 agus 7, den Treoir sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach i gconclúidí ábhartha maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear:

(a)  an Doiciméad Tagartha maidir leis na Teicnící Is Fearr atá Ar Fáil (BREF) maidir le Polaiméirí a Tháirgeadh (4);

(b)  na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh gnáthchórais bhainistíochta/chóireála fuíolluisce agus dramhgháis in earnáil na gceimiceán (5);

Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Caighdeán ISO 14067:2018, gáis ceaptha teasa — Lorg carbóin táirgí — Ceanglais agus treoirlínte le haghaidh cainníochtaithe (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/71206.html).

(2)   

ISO 14064-1:2018, Gáis ceaptha teasa – Cuid 1: Sonraíocht le treoir ar leibhéal an eagrúcháin le haghaidh astaíochtaí agus asbhaintí gáis ceaptha teasa a chainníochtú agus a thuairisciú (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/66453.html).

(3)   

Tagraíonn bunábhar in-athnuaite do bhithmhais, bithdhramhaíl thionsclaíoch nó bithdhramhaíl chathrach.

(4)   

An Doiciméad Tagartha maidir leis na Teicnící Is Fearr atá Ar Fáil (BREF) maidir le Táirgeadh Polaiméirí (leagan an 4.6.2021: https://eippcb.jrc.ec.europa.eu/sites/default/files/2019-11/pol_bref_0807.pdf

(5)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/902.

▼M2

3.18.    Monarú comhpháirteanna gluaisteán agus comhpháirteanna soghluaisteachta

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Monarú, deisiú, cothabháil, iarfheistiú, athrú cuspóra, agus uasghrádú comhpháirteanna soghluaisteachta le haghaidh gairis soghluaisteachta phearsanta atá saor ó astaíochtaí agus córais mótarfheithiclí agus córais soghluaisteachta, comhpháirteanna, aonaid theicniúla ar leithligh, páirteanna agus páirteanna spártha mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointí (18) go (21) agus (23) de Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 19 ), a chineálcheadaítear, a dheartar, agus a thógtar lena n-úsáid i bhfeithiclí agus i mbusanna de chatagóir M1, M2, M3, N1, N2 agus N3 agus iontu sin amháin, agus in Airteagal 3, pointí (15) go (18) agus (21) de Rialachán (AE) 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 20 ), a chineálcheadaítear, a dheartar, agus a thógtar lena n-úsáid i bhfeithiclí de chatagóir L agus iontu sin amháin, a chomhlíonann na critéir a leagtar amach sa Roinn seo agus atá fíor-riachtanach chun feidhmíocht chomhshaoil na feithicle a bhaint amach agus a fheabhsú.

Tá na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo eisiata ó Ranna 3.3. agus 3.6. den Iarscríbhinn seo.

I gcás ina bhfuil feidhm ag Ranna 3.2. agus 3.4. den Iarscríbhinn seo, eisiatar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo ón Roinn seo.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe C22.2, C26.1, C26.2, 26.3, 26.4, C28.14, C28.15, C29.2, C29.3, agus C33.17 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Déanann an ghníomhaíocht eacnamaíoch comhpháirteanna a mhonarú, a dheisiú, a chothabháil, a iarfheistiú, a gcuspóir a athrú agus a uasghrádú, ar comhpháirteanna iad atá fíor-riachtanach chun an fheidhmíocht chomhshaoil a bhaint amach agus a fheabhsú le haghaidh na bhfeithiclí seo a leanas:

(a)  gairis iompair paisinéirí uirbeacha, fo-uirbeacha agus bóthair, i gcás ina bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 ag na feithiclí;

(b)  feithiclí arna n-ainmniú mar fheithiclí de chatagóirí M2 agus M3 (1) i gcás ina bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 ag na feithiclí;

(c)  feithiclí de chatagóirí M1 agus N1 arna n-aicmiú mar fheithiclí saothair éadroim (2)i gcás ina bhfuil na hastaíochtaí sonracha CO2, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (h), de Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), nialasach;

(d)  feithiclí de chatagóir L (4) lena mbaineann astaíochtaí sceithphíopa CO2 comhionann le 0 g CO2e/km arna ríomh i gcomhréir leis an tástáil astaíochtaí a leagtar síos i Rialachán (AE) 168/2013;

(e)  feithiclí i gcatagóirí N2 agus N3, agus N1 a aicmítear mar fheithiclí tromshaothair, nach bhfuil tiomnaithe do bhreoslaí iontaise a iompar lena mbaineann uasmhais ualaithe incheadaithe go teicniúil nach mó ná 7,5 tona atá ina “bhfeithiclí tromshaothair atá saor ó astaíochtaí” mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (11), de Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

2.  Déanann an ghníomhaíocht eacnamaíoch comhpháirteanna soghluaisteachta a mhonarú, a dheisiú, a chothabháil, a iarfheistiú, a gcuspóir a athrú, agus a nuashonrú le haghaidh gairis ghluaiseachta phearsanta a bhfuil tiomáint acu a thagann ó ghníomhaíocht coirp an úsáideora, ó mhótar astaíochtaí nialasacha, nó ó mheascán de mhótar astaíochtaí nialasacha agus de ghníomhaíocht coirp.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déanann an ghníomhaíocht infhaighteacht teicnící a mheasúnú agus, i gcás inarb indéanta, na teicnící sin a ghlacadh chun tacú leis an méid a leanas:

(a)  amhábhair thánaisteacha agus comhpháirteanna athúsáidte a athúsáid agus a úsáid sna táirgí a mhonaraítear;

(b)  dearadh don ardmharthanacht, in-athchúrsáilteacht, díchóimeáil éasca agus don inoiriúnaitheacht sna táirgí a mhonaraítear;

(c)  bainistíocht dramhaíola lena dtugtar tosaíocht don athchúrsáil in áit na diúscartha sa phróiseas monaraíochta;

(d)  faisnéis maidir le substaintí arb údar mór imní iad agus na substaintí sin a rianú ar feadh shaolré na dtáirgí monaraithe.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo

I gcás inarb infheidhme, níl luaidhe, mearcair, cróimiam heicsifhiúsach agus caidmiam sna comhpháirteanna agus sna páirteanna.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Leis an ngníomhaíocht, comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(1)   

Dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/858.

(2)   

Mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointí (a) agus (b) de Rialachán (AE) 2018/858.

(3)   

Rialachán (AE) Uimh. 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 443/2009 agus (AE) Uimh. 510/2011 (athmhúnlú) (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).

(4)   

Mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 168/2013.

(5)   

Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí tromshaothair nua agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 202).

3.19.    Monarú comhábhar rothstoic iarnróid

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Monarú, suiteáil, comhairliúchán teicniúil, iarfheistiú, uasghrádú, deisiú, cothabháil agus athrú cuspóra táirgí, trealaimh, córas, agus bogearraí a bhaineann leis na comhábhair iarnróid a shonraítear i bPointe 2.7 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2016/797.

Tá na comhábhair agus na seirbhísí sin fíor-riachtanach don fheidhmíocht chomhshaoil, d’oibriú agus d’fheidhmiú feadh shaolré an rothstoic iarnróid a chomhlíonann Roinn 3.3 den Iarscríbhinn seo.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe C30.2, C27.1, C27.9 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Tá na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo eisiata ó Ranna 3.3. agus 3.6. den Iarscríbhinn seo.

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Déanann an ghníomhaíocht eacnamaíoch táirgí, trealamh, córais nó bogearraí a mhonarú, a shuiteáil, a iarfheistiú, a dheisiú, a chothabháil, a uasghrádú nó a gcuspóir a athrú, ar táirgí, trealamh, córais nó bogearraí iad a bhaineann leis na comhábhair iarnróid seo a leanas a shonraítear i bPointe 2.7 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2016/797 nó soláthraíonn an ghníomhaíocht eacnamaíoch seirbhísí comhairliúcháin teicniúla gaolmhara:

Tá na comhábhair agus na seirbhísí sin fíor-riachtanach don fheidhmíocht chomhshaoil, d’oibriú agus d’fheidhmiú feadh shaolré ceann amháin nó níos mó de na teicneolaíochtaí a liostaítear thíos:

(a)  traenacha, carráistí paisinéirí agus vaigíní a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 acu a chomhlíonann Roinn 3.3. d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(b)  traenacha, carráistí paisinéirí agus vaigíní a bhfuil astaíocht nialasach dhíreach sceithphíopa CO2 acu nuair a oibrítear iad ar rian a bhfuil an bonneagar is gá air, agus a úsáideann gnáth-inneall i gcás nach bhfuil bonneagar den sórt sin ar fáil (mód déach); a chomhlíonann Roinn 3.3. d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déanann an ghníomhaíocht infhaighteacht teicnící a mheasúnú agus, i gcás inarb indéanta, na teicnící sin a ghlacadh chun tacú leis an méid a leanas:

(a)  amhábhair thánaisteacha agus comhpháirteanna athúsáidte a athúsáid agus a úsáid sna táirgí a mhonaraítear;

(b)  dearadh don ardmharthanacht, in-athchúrsáilteacht, díchóimeáil éasca agus don inoiriúnaitheacht sna táirgí a mhonaraítear;

(c)  bainistíocht dramhaíola lena dtugtar tosaíocht don athchúrsáil in áit na diúscartha sa phróiseas monaraíochta;

(d)  faisnéis maidir le substaintí arb údar mór imní iad agus na substaintí sin a rianú ar feadh shaolré na dtáirgí monaraithe.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

I gcás inarb infheidhme, níl luaidhe, mearcair, cróimiam heicsifhiúsach ná caidmiam sna feithiclí.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Leis an ngníomhaíocht, comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

3.20.    Monarú, suiteáil, agus seirbhísiú trealaimh leictrigh ardvoltais, meánvoltais agus ísealvoltais le haghaidh tarchur leictreach as a dtagann nó a chumasaíonn rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Déanann an ghníomhaíocht eacnamaíoch táirgí, trealamh nó córais leictreacha, nó bogearraí a fhorbairt, a mhonarú, a shuiteáil, a chothabháil nó a sheirbhísiú arb é is aidhm dóibh laghduithe substaintiúla a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcórais tarchurtha agus dáilte leictreachais ardvoltais, meánvoltais agus ísealvoltais trí leictriú, éifeachtúlacht fuinnimh, comhtháthú fuinnimh in-athnuaite nó tiontú éifeachtúil cumhachta.

Áirítear leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch córais chun foinsí in-athnuaite fuinnimh a chomhtháthú san eangach leictreachais, uathoibriú, solúbthacht agus cobhsaíocht na n-eangacha a idirnascadh nó a mhéadú, freagairt don éileamh a bhainistiú, iompar nó teas ísealcharbóin a fhorbairt, nó teicneolaíochtaí méadraithe cliste a úsáid chun feabhas substaintiúil a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh.

Ní áirítear leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir sin trealamh giniúna teasa agus cumhachta ná fearais leictreacha.

I gcás ina dtagann gníomhaíocht eacnamaíoch faoin Roinn seo agus faoi Roinn 4.9. den Iarscríbhinn seo, tá feidhm ag Roinn 4.9. den Iarscríbhinn seo.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe C26.51, C27.1, C27.3, C27.9, C33.13, C33.14 agus C33.2 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo faoi mar a thagraítear in Airteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Déanann an ghníomhaíocht monarú, suiteáil nó cothabháil ar cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas, nó soláthraíonn sí seirbhísí cothabhála, deisithe agus comhairliúcháin theicniúil, ar seirbhísí iad atá fíor-riachtanach d’fheidhmiú ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas ar feadh a saolré:

(a)  stáisiúin athluchtaithe feithiclí leictreacha agus bonneagar tacaíochta leictreach chun iompar a leictriú atá suiteáilte go príomha chun luchtú feithiclí leictreacha a chumasú.

Eisiatar aon ghníomhaíocht a áirítear i Roinn 7.4. ón bpointe sin.

(b)  gairis sreangaithe tarchurtha agus dáileacháin a iompraíonn sruth agus gairis sreangaithe tarchurtha agus dáileacháin nach n-iompraíonn sruth chun ciorcaid leictreacha a shreangú, agus claochladáin a chomhlíonann ceanglais Leibhéal 2 (an 1 Iúil 2021) maidir le claochladáin mhórchumhachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 548/2014 ón gCoimisiún (1), agus claochladáin mheánchumhachta ag a bhfuil an voltas is airde do threalamh nach mó ná 36 kV, lena mbaineann ceanglais leibhéal AA0 maidir le caillteanais gan lód a leagtar amach i sraith chaighdeánach EN 50708, ar choinníoll go gcuireann na gairis agus na claochladáin sin le cion an fhuinnimh in-athnuaite sa chóras a mhéadú nó le héifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú;

(c)  táirgí, trealamh agus córais leictreacha ísealvoltais, lena méadaítear inrialaitheacht an chórais leictreachais, agus lena rannchuidítear le cion an fhuinnimh in-athnuaite a mhéadú nó éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, is iad sin:

(i)  scoradáin chiorcaid, lascthrealamh, lasc-chláir, cláir phainéil nó lárionaid rialaithe ísealvoltais atá in-nasctha, uathoibrithe nó feistithe le gairis mhéadraithe fuinnimh nó cumhachta agus a chomhlíonann IEC TR 63196 Lascthrealamh agus Trealamh rialaithe Ísealvoltais agus a gcóimeálacha – Éifeachtúlacht fuinnimh;

(ii)  Córais Leictreonacha Baile agus Foirgníochta (HBES), dá dtagraítear i sraith EN IEC 63044, i gcás ina bhfuil gá leis na táirgí agus na córais chun ídiú fuinnimh a thomhas, a rialú agus a laghdú;

(iii)  teicneolaíochtaí lena gcumasaítear éifeachtúlacht fuinnimh suiteálacha ísealvoltais a mhéadú, a aithnítear faoi HD 60364-8-1: Suiteálacha leictreacha ísealvoltais – Cuid 8-1: Éifeachtúlacht fuinnimh agus HD 60364-8-82: Suiteálacha leictreacha ísealvoltais – Cuid 8-82: Gnéithe feidhmiúla – Suiteálacha leictreacha ísealvoltais táirgeora is tomhaltóir, lena n-áirítear méadair fuinnimh agus chumhachta, taispeáint sheachtrach custaiméara, cúiteamh cumhachta, cúiteamh céime agus scagadh agus córais leictreacha éifeachtúla mótarthiomáinte;

(d)  déantar lascthrealamh agus gléasanna rialaithe ardvoltais agus meánvoltais lena méadaítear inrialaitheacht an chórais leictreachais a chomhtháthú chun cion an fhuinnimh in-athnuaite a mhéadú nó chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú.

Comhlíonann an trealamh dá dtagraítear i bpointe (d) seo EN 62271-1 Lascthrealamh agus gléas rialaithe ardvoltais – Cuid 1: Sonraíochtaí coiteanna maidir le lascthrealamh agus gléas rialaithe srutha ailtéarnaigh agus EN 62271-200 Lascthrealamh agus gléas rialaithe ardvoltais – Cuid 200: Lascthrealamh agus gléas rialaithe SA atá iata i miotal le haghaidh voltais rátaithe os cionn 1 kV agus suas le 52 kV agus an voltas sin san áireamh nó le EN 62271-203 Lascthrealamh agus gléas rialaithe ardvoltais – Cuid 203: Lascthrealamh gás-inslithe atá iata i miotal le haghaidh voltais rátaithe os cionn 52 kV;

(e)  trealamh, córais agus seirbhísí chun freagairt don éileamh agus chun an t-ualach a aistriú lena méadaítear solúbthacht an chórais leictreachais agus lena dtacaítear le cobhsaíocht na heangaí, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i)  réitigh chun faisnéis a iompar chuig úsáideoirí le haghaidh cianghníomhú ar sholáthar nó ar ídiú fuinnimh, lena n-áirítear moil sonraí custaiméara;

(ii)  lárionaid rialaithe uathoibrithe do bhainistiú lóid agus a bpríomh-chomhpháirteanna (lasc-chláir, teagmhálaithe, athsheachadáin, scoradáin chiorcaid, lasca aistrithe uathoibríocha).

Suiteáiltear croí-chomhpháirteanna mar chuid d’ionaid rialaithe;

(iii)  i gcás nach n-áirítear iad i Roinn 8.2., ard-bhogearraí agus anailísíocht chun éifeachtúlacht agus uathoibriú líonraí leictreachais a uasmhéadú nó chun acmhainní fuinnimh díláraithe a chomhtháthú, ar leibhéal na heangaí leictreachais nó tionscail, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)  seomraí ardrialaithe, fostáisiúin leictreacha a uathoibriú, acmhainneacht rialaithe voltais;

(b)  bogearraí oibriúcháin lena gcuirtear ar a gcumas d’oibreoirí oibriú na n-eangach a ionsamhlú chun cobhsaíocht na heangaí a áirithiú, Acmhainní Fuinnimh Dáilte a bhainistiú nó feidhmíocht eangaí a fheabhsú.

Tacaíonn na bogearraí le saintréithe eangaí dinimiciúla is gá chun an t-aistriú i dtreo fuinnimh in-athnuaite. Tá sé in ann sonraí a phróiseáil ó thomhais na heangaí gar d’fhíor-am chun breathnú ar an gcaoi a dtarlaíonn tarchur, dáileadh agus ídiú na cumhachta i ndáiríre, agus an fhaisnéis sin a úsáid chun staidéir ionsamhlúcháin agus gníomhaíochtaí oibriúcháin a fheabhsú, lena n-áirítear éaradh seirbhíse, lándorchú, agus dramhaíl a sheachaint;

(iv)  i gcás nach n-áirítear iad i Roinn 8.2., bogearraí a thacaíonn le dearadh agus pleanáil eangacha nua nó uasghráduithe eangaí.

Tacaíonn na bogearraí le saintréithe eangaí dinimiciúla atá ag teastáil chun an t-aistriú i dtreo fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear giniúint cumhachta luainí ar an leibhéal dáileacháin (“táirgeoirí is tomhaltóir”), treoracha sreafa cumhachta a athrú, agus aonaid stórála eangaí a úsáid;

(v)  braiteoirí meitéareolaíocha chun táirgeadh in-athnuaite leictreachais a thuar;

(vi)  rialaitheoirí agus athsheachadáin in-nasctha neamhspleácha nó leabaithe lena gcumasaítear úsáid éifeachtúil foinsí leictreacha agus lód leictreach;

(vii)  trealamh scoite lóid agus aistrithe lóid le haghaidh trealamh bainistithe lóid agus aistrithe foinse, i gcás ina bhfuil an trealamh i gcomhréir le EN IEC 62962:2019 Ceanglais ar leith maidir le trealamh scoite lóid;

(f)  i gcás nach n-áirítear i Roinn 8.2., córais chumarsáide, bogearraí agus trealamh rialaithe, táirgí, córais, agus seirbhísí le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh nó comhtháthú fuinnimh in-athnuaite:

(i)  trealamh lenar féidir leictreachas in-athnuaite a mhalartú go sonrach idir úsáideoirí;

(ii)  teicneolaíocht nó seirbhísí malartaithe ceallraí, a thacaíonn le leictriú iompair;

(iii)  córais bhainistithe micreangaí;

(iv)  córais bhainistithe fuinnimh nó cumhachta, córais rialaithe fuinnimh nó cumhachta agus córais SCADA le haghaidh bainistiú cumhachta;

(v)  teagmhálaithe, tosaitheoirí mótair agus rialaitheoirí mótair atá in-nasctha nó uathoibrithe agus lenar féidir ídiú leictreachais a rialú go cianda nó go huathoibríoch agus an t-athrú lóid a optamú;

(vi)  tiomántáin luais inathraithe agus réitigh eile maidir le tiomantán luais inathraithe, seachas tosaitheoirí boga, lena gcumasaítear éifeachtúlacht fuinnimh i bhfeidhmeanna mótair leictrigh, i gcás ina bhfuil an trealamh i gcomhréir le EN 61800-9-1: Córais tiomána cumhachta leictrí le luas inchoigeartaithe — Cuid 9-1: Éicidhearthóireacht do chórais tiomána cumhachta, do thosaitheoirí mótair, do leictreonaic chumhachta agus dá bhfeidhmeanna tiomáinte — Ceanglais ghinearálta maidir le caighdeáin éifeachtúlachta fuinnimh a shocrú do threalamh cumhacht-tiomáinte a úsáideann an cur chuige táirge leathnaithe (EPA) agus an tsamhail leathanailíseach (SAM) agus EN 61800-9-2: Córais tiomána cumhachta leictrí le luas inchoigeartaithe — Cuid 9-2: Éicidhearthóireacht do chórais tiomána cumhachta, do thosaitheoirí mótair, do leictreonaic chumhachta agus dá bhfeidhmeanna tiomáinte — Táscairí éifeachtúlachta fuinnimh do chórais tiomána cumhachta agus do thosaitheoirí mótair;

(vii)  mótair leictreacha ísealvoltais a bhfuil aicme éifeachtúlachta fuinnimh acu (de réir EN 60034-30-1: Meaisíní leictreacha rothlacha — Cuid 30-1: Aicmí éifeachtúlachta de mhótair SA líne-oibrithe (cód IE)) a sháraíonn na ceanglais a leagtar síos le Rialachán 2019/1781 ón gCoimisiún (2), go sonrach:

(a)  mótair leictreacha aon phas ag a bhfuil aschur rátaithe 0,12 kW nó níos mó ná sin agus ag a bhfuil aicme éifeachtúlachta IE3 nó níos mó ná sin acu;

(b)  Mótair sábháilteachta mhéadaithe ex eb ag a bhfuil aschur rátaithe idir 0,12 kW agus 1 000 kW, a bhfuil 2, 4, 6 phol nó 8 bpol acu agus aicme éifeachtúlachta IE3 nó níos airde;

(c)  Mótair 3 phas a bhfuil aschur rátaithe acu idir 0,75 kW agus 1 000 kW, a bhfuil 2, 4, 6 phol nó 8 bpol acu, nach mótair sábháilteachta mhéadaithe Ex eb iad agus ag a bhfuil (i) aicme éifeachtúlachta IE5 acu do mhótair a bhfuil 2, 4 nó 6 phol acu agus cumhacht rátaithe idir 75 kW agus 200 kW, (ii) aicme éifeachtúlachta IE4 nó níos airde acu do gach mótar eile;

(d)  Mótair 3 phas ag a bhfuil aschur rátaithe idir 0,12 kW agus 0,75 kW, a bhfuil 2, 4, 6 phol nó 8 bpol acu nach mótair sábháilteachta mhéadaithe ex eb iad agus ag a bhfuil aicme éifeachtúlachta IE3 nó níos airde;

(e)  Mótair 3-phas VSD amháin a bhfuil aschur rátaithe idir 0,75 kW agus 1 000 kW acu a bhfuil 2, 4, 6 phol nó 8 bpol acu, atá aicmithe de réir EN IEC TS 60034-30-2 agus ag a bhfuil aicme éifeachtúlachta IE5;

(viii)  mótair mheánvoltais agus ardvoltais a bhfuil cumhacht rátaithe os cionn 1 000 kW acu agus ag a bhfuil aicme éifeachtúlachta fuinnimh IE 4 nó níos airde de réir dhréachtchaighdeán IEC 60034-30-3.

2.  Níl na gnéithe seo a leanas comhlíontach:

(a)  bonneagar atá dírithe ar nasc díreach a chruthú nó ar nasc díreach atá ann cheana a fhorleathnú idir fostáisiún nó líonra agus gléasra táirgthe cumhachta atá níos déine ó thaobh gás ceaptha teasa de ná 100 g CO2e/kWh arna thomhas ar bhonn saolré. Níl feidhm ag an eisiamh sin ach amháin maidir le trealamh a úsáidtear go díreach chun ceangal a dhéanamh le gléasra táirgthe cumhachta atá níos déine ó thaobh gás ceaptha teasa de ná 100 g CO2e/kWh arna thomhas ar bhonn saolré, nó chun an nasc le gléasra táirgthe cumhachta a threisiú;

(b)  táirgí, trealamh, córais agus bogearraí atá suiteáilte i mbonneagar atá tiomnaithe d’eastóscadh, d’iompar, do dháileadh, do stóráil, do mhonarú nó do chlaochlú breoslaí iontaise.

3.  Lascthrealamh le meán inslithe nó briste ag baint úsáid as gáis le Poitéinseal Téimh Dhomhanda os cionn 10, nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin, níl siad comhlíontach.

I gcás gach raon cumhachta, níl trealamh lasc ina bhfuil SF6 comhlíontach.

4.  Comhlíonann na táirgí, an trealamh agus na córais uile na ceanglais éigeantacha feidhmíochta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus ábhair a leagtar síos i dTreoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Tagraíonn monaróirí do na ceanglais feidhmíochta is infheidhme is déanaí san Aontas.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déanann an ghníomhaíocht infhaighteacht teicnící a mheasúnú agus, i gcás inarb indéanta, na teicnící sin a ghlacadh chun tacú leis an méid a leanas:

(a)  amhábhair thánaisteacha agus comhpháirteanna athúsáidte a athúsáid agus a úsáid sna táirgí a mhonaraítear;

(b)  dearadh don ardmharthanacht, in-athchúrsáilteacht, díchóimeáil éasca agus don inoiriúnaitheacht sna táirgí a mhonaraítear;

(c)  bainistíocht dramhaíola lena dtugtar tosaíocht don athchúrsáil in áit na diúscartha sa phróiseas monaraíochta;

(d)  faisnéis maidir le substaintí arb údar mór imní iad agus na substaintí sin a rianú ar feadh shaolré na dtáirgí monaraithe.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Leis an ngníomhaíocht, comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(1)   

Uredba Komisije (EU) br. 548/2014 od 21. svibnja 2014. o provedbi Direktive 2009/125/EZ Europskog parlamenta i Vijeća u pogledu malih, srednjih i velikih energetskih transformatora (SL L 152, 22.5.2014., str. 1.).

(2)   

Uredba Komisije (EU) 2019/1781 od 1. listopada 2019. o utvrđivanju zahtjeva za ekološki dizajn za elektromotore i pogone s promjenjivom brzinom u skladu s Direktivom 2009/125/EZ Europskog parlamenta i Vijeća, o izmjeni Uredbe (EZ) br. 641/2009 u pogledu zahtjeva za ekološki dizajn samostalnih cirkulacijskih sisaljki bez brtvenice i cirkulacijskih sisaljki bez brtvenice integriranih u proizvode i o stavljanju izvan snage Uredbe Komisije (EZ) br. 640/2009 (SL L 272, 25.10.2019., str. 74.).

(3)   

Direktiva 2009/125/EZ Europskog parlamenta i Vijeća od 21. listopada 2009. o uspostavi okvira za utvrđivanje zahtjeva za ekološki dizajn proizvoda koji koriste energiju (preinaka) (SL L 285, 31.10.2009., str. 10.).

3.21.    Monarú aerárthaí

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Monarú, deisiú, cothabháil, ollchóiriú, iarfheistiú, dearadh, athrú cuspóra agus uasghrádú aerárthaí agus páirteanna agus trealamh aerárthaí ( 21 ).

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE, go háirithe C30.3 agus C33.16 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

I gcás nach gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo an critéar maidir le rannchuidiú substaintiúil a shonraítear i bpointe (a) den Roinn seo, is gníomhaíocht idirthréimhseach í an ghníomhaíocht sin dá dtagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla atá fágtha a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Déanann an ghníomhaíocht ceann amháin díobh seo a leanas a mhonarú, a dheisiú, a chothabháil, a ollchóiriú, a iarfheistiú, a dhearadh, a chuspóir a athrú, nó a uasghrádú:

(a)  na haerárthaí le hastaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2;

(b)  go dtí an 31 Nollaig 2027, na haerárthaí, seachas aerárthaí a tháirgtear le haghaidh eitlíocht ghnó phríobháideach nó tráchtála, a chomhlíonann na corrlaigh a shonraítear thíos agus atá teoranta leis an gcóimheas athsholáthair chun a áirithiú nach méadóidh an seachadadh líon an chabhlaigh dhomhanda:

(i)  a bhfuil uasmhais éirí de thalamh níos mó ná 5,7 t agus níos lú ná 60 t nó cothrom leis sin acu agus ag a bhfuil luach méadrach deimhnithe astaíochtaí CO2 11 % níos lú, ar a laghad, ná teorainn Cineáil Nua chaighdeán na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) (1);

(ii)  a bhfuil uasmhais éirí de thalamh níos mó ná 60 t agus níos lú ná 150 t nó cothrom leis sin acu agus ag a bhfuil luach méadrach deimhnithe astaíochtaí CO2 2 % níos lú, ar a laghad, ná teorainn Cineáil Nua chaighdeán na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta;

(iii)  a bhfuil uasmhais éirí de thalamh níos mó ná 150 t acu agus ag a bhfuil luach méadrach deimhnithe astaíochtaí CO2 1,5 % níos lú, ar a laghad, ná teorainn Cineáil Nua chaighdeán na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta.

Beidh an sciar de chomhlíonadh Tacsanomaíochta na n-aerárthaí incháilithe teoranta ag an gcóimheas athsholáthair. Déanfar an cóimheas athsholáthair a ríomh bunaithe ar chion na n-aerárthaí a tharraingítear siar go buan óna n-úsáid le haerárthaí a sheachadtar ar an leibhéal domhanda ar an meán le linn na 10 mbliana roimhe sin, mar a léirítear le sonraí fíoraithe atá le fáil ó sholáthraithe sonraí neamhspleácha.

In éagmais deimhniú maidir le luachanna méadracha astaíochtaí CO2 lena ndeimhnítear an corrlach is gá do theorainn Cineáil Nua chaighdeán na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, tabharfaidh monaróir na n-aerárthaí dearbhú go gcomhlíonann na haerárthaí an leibhéal feidhmíochta agus na corrlaigh feabhais is gá ar choinníoll go bhfuil na haerárthaí deimhnithe faoin 11 Nollaig 2026.

(c)  ón 1 Eanáir 2028 go dtí an 31 Nollaig 2032, na haerárthaí a chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach i bpointe (b) den fhoroinn seo agus atá deimhnithe chun oibriú ar chumasc 100 % de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déanann an ghníomhaíocht infhaighteacht teicnící a mheasúnú agus, i gcás inarb indéanta, na teicnící sin a ghlacadh chun tacú leis an méid a leanas:

(a)  amhábhair thánaisteacha agus comhpháirteanna athúsáidte a athúsáid agus a úsáid sna táirgí a mhonaraítear;

(b)  dearadh don ardmharthanacht, in-athchúrsáilteacht, díchóimeáil éasca agus don inoiriúnaitheacht sna táirgí a mhonaraítear;

(c)  bainistíocht dramhaíola lena dtugtar tosaíocht don athchúrsáil in áit na diúscartha sa phróiseas monaraíochta;

(d)  faisnéis maidir le substaintí arb údar mór imní iad agus na substaintí sin a rianú ar feadh shaolré na dtáirgí monaraithe.

Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú agus a athchúrsáil ag deireadh a ré, lena n-áirítear trí chomhaontuithe conarthacha díchoimisiúnúcháin le soláthraithe seirbhísí athchúrsála, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil. Áirithítear leis na bearta sin go ndéantar comhpháirteanna agus ábhair a dheighilt agus a chóireáil chun an athchúrsáil agus an athúsáid a uasmhéadú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, prionsabail an Aontais maidir le rialáil dramhaíola agus na rialacháin is infheidhme, go háirithe trí cheallraí agus leictreonaic agus na hamhábhair chriticiúla iontu a athúsáid agus a athchúrsáil. Áirítear ar na bearta sin freisin rialú agus bainistiú ábhar guaiseach.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Comhlíonann na haerárthaí Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2018/1139.

Comhlíonann na haerárthaí dá dtagraítear i bpointe (b) agus (c) den Roinn seo na caighdeáin seo a leanas:

(a)  leasú 13 d’Imleabhar I (torann), Caibidil 14 d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, i gcás nach lú ná 22 EPNdB suim na ndifríochtaí ag na trí phointe tomhais idir na huasleibhéil torainn agus na huasleibhéil torainn cheadaithe atá sonraithe in 14.4.1.1, 14.4.1.2 agus 14.4.1.3;

(b)  leasú 10 d’Imleabhar II (astaíochtaí innill), Caibidlí 2 agus 4, d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Leis an ngníomhaíocht, comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(1)   

Imleabhar 3 (astaíochtaí CO2) caighdeán cosanta comhshaoil na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta atá in Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, an chéad eagrán.

▼B

4.   FUINNEAMH

4.1.    Leictreachas a ghiniúint trí bhíthin teicneolaíocht fhótavoltach gréine a úsáid

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí giniúna leictreachais a fhoirgniú nó a oibriú ina dtáirgtear leictreachas trí bhíthin teicneolaíocht fhótavoltach gréine a úsáid.

I gcás inar gné lárnach den ghníomhaíocht eacnamaíoch é “teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a shuiteáil, a chothabháil agus a dheisiú” dá dtagraítear i Roinn 7.6 den iarscríbhinn seo, beidh feidhm leis na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i Roinn 7.6.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe D35.11 agus F42.22 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Gineann an ghníomhaíocht leictreachas trí bhíthin teicneolaíocht fhótavoltach gréine a úsáid.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déanann an ghníomhaíocht measúnú ar an bhfáil ar threalamh agus ar chomhpháirteanna lena mbaineann marthanacht agus in-athchúrsáilteacht ard agus atá éasca le baint óna chéile agus le hathchóiriú, agus úsáideann iad nuair is féidir.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

4.2.    Giniúint leictreachais trí bhíthin teicneolaíocht dírithe grianteasa (CSP) a úsáid

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí giniúna leictreachais a fhoirgniú nó a oibriú ina dtáirgtear leictreachas trí bhíthin teicneolaíocht dírithe grianteasa (CSP) a úsáid.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe D35.11 agus F42.22 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Gineann an ghníomhaíocht leictreachas trí bhíthin teicneolaíocht CSP a úsáid.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déanann an ghníomhaíocht measúnú ar an bhfáil ar threalamh agus ar chomhpháirteanna lena mbaineann marthanacht agus in-athchúrsáilteacht ard agus atá éasca le baint óna chéile agus le hathchóiriú, agus úsáideann iad nuair is féidir.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

4.3.    Giniúint leictreachais ó chumhacht ghaoithe

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí giniúna leictreachais a fhoirgniú nó a oibriú ina dtáirgtear leictreachas le cumhacht ghaoithe.

I gcás inar gné lárnach den ghníomhaíocht eacnamaíoch é “teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a shuiteáil, a chothabháil agus a dheisiú” dá dtagraítear i Roinn 7.6 den iarscríbhinn seo, beidh feidhm leis na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i Roinn 7.6.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe D35.11 agus F42.22 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Gineann an ghníomhaíocht leictreachas trí bhíthin cumhacht ghaoithe.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

I gcás fhorbairt chumhacht na gaoithe eischósta, ní chuireann an ghníomhaíocht isteach ar bhaint amach an dea-stádais chomhshaoil de réir mar a leagtar amach i dTreoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), lena n-éilítear go ndéantar na bearta iomchuí chun iarmhairtí a chosc nó a mhaolú i ndáil le Tuairisceoir 11 (Torann/Fuinneamh) na Treorach sin, a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, agus i gCinneadh (AE) 2017/848 (2) ón gCoimisiún i ndáil leis na critéir ábhartha agus na caighdeáin mhodheolaíochta don tuairisceoir sin.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déanann an ghníomhaíocht measúnú ar an bhfáil ar threalamh agus ar chomhpháirteanna lena mbaineann marthanacht agus in-athchúrsáilteacht ard agus atá éasca le baint óna chéile agus le hathchóiriú, agus úsáideann iad nuair is féidir.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo (3).

Maidir le gaoth eischósta, comhlíonann an ghníomhaíocht ceanglais Threoir 2008/56/CE i ndáil le Tuairisceoirí 1 (bithéagsúlacht) agus 6 (sláine ghrinneall na farraige) dá cuid, a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, agus i gCinneadh (AE) 2017/848 ón gCoimisiún i ndáil leis na critéir ábhartha agus na caighdeáin mhodheolaíochta do na tuairisceoirí sin.

(1)   

Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht chomhphobail i réimse an bheartais chomhshaoil mhuirí (An Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

(2)   

Cinneadh (AE) 2017/848 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos critéir agus caighdeáin mhodheolaíochta maidir le dea-stádas comhshaoil uiscí mara agus sonraíochtaí agus modhanna caighdeánaithe le haghaidh faireacháin agus measúnú, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2010/477/AE (IO L 125, 18.5.2017, lch. 43).

(3)   

Cuimsítear treoir phraiticiúil le haghaidh an critéar sin a chur chun feidhme i bhfógra C(2020) 7730 final ón gCoimisiún Eorpach “Guidance document on wind energy developments and EU nature legislation” [“Treoirdhoiciméad maidir le forbairtí ar fhuinneamh gaoithe agus ar reachtaíocht dúlra an Aontais Eorpaigh”], (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/environment/nature/natura2000/management/docs/wind_farms_en.pdf).

4.4.    Giniúint leictreachais ó theicneolaíochtaí fuinnimh aigéin

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí giniúna leictreachais a fhoirgniú nó a oibriú ina dtáirgtear leictreachas le fuinneamh aigéin.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe D35.11 agus F42.22 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Gineann an ghníomhaíocht leictreachas trí bhíthin fuinneamh aigéin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní chuireann an ghníomhaíocht isteach ar stádas maith comhshaoil a bhaint amach, mar a leagtar amach i dTreoir 2008/56/CE, rud lena n-éilítear go nglacfaí bearta iomchuí chun tionchair i ndáil le Tuairisceoir 11 (Torann/Fuinneamh) na Treorach sin a chosc nó a mhaolú, a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, agus mar a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2017/848 i ndáil leis na critéir ábhartha agus na caighdeáin mhodheolaíochta don tuairisceoir sin.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déanann an ghníomhaíocht measúnú ar an bhfáil ar threalamh agus ar chomhpháirteanna lena mbaineann marthanacht agus in-athchúrsáilteacht ard agus atá éasca le baint óna chéile agus le hathchóiriú, agus úsáideann iad nuair is féidir.

▼M2

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Tá bearta i bhfeidhm chun tocsaineacht péinte frithsmálaithe agus táirgí bithicídeacha a íoslaghdú mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

▼B

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Ní chuireann an ghníomhaíocht isteach ar stádas maith comhshaoil a bhaint amach, mar a leagtar amach i dTreoir 2008/56/CE, rud lena n-éilítear go nglacfaí na bearta iomchuí chun tionchair i ndáil le Tuairisceoir 1 (bithéagsúlacht) na Treorach sin a chosc nó a mhaolú, a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, agus mar a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2017/848 i ndáil leis na critéir ábhartha agus na caighdeáin mhodheolaíochta don tuairisceoir sin.

(1)   

Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicíde a chur ar fáil sa mhargadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).

4.5.    Giniúint leictreachais ó hidreachumhacht

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí giniúna leictreachais a fhoirgniú nó a oibriú ina dtáirgtear leictreachas as cumhacht hidrileictreach.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe D35.11 agus F42.22 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Comhlíonann an ghníomhaíocht ceann de na critéir seo a leanas:

(a)  is fearas shní na habhann í an tsaoráid giniúna leictreachais gan taiscumar saorga aici;

(b)  tá dlús cumhachta na saoráide giniúna leictreachais os cionn 5 W/m2;

(c)  Tá astaíochtaí saolré GCT ó leictreachas a ghiniúint as fuinneamh geoiteirmeach níos ísle ná 100 g CO2e/kWh. Déantar astaíochtaí saolré GCT a ríomh ach Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún a úsáid nó, ina áit sin, ISO 14067:2018 (1), ISO 14064-1:2018 (2) nó uirlis an taiscumair gáis ceaptha teasa (G-res) (3). Tríú páirtí neamhspleách a dhéanann an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT cainníochtaithe a fhíorú.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

1.  Comhlíonann an ghníomhaíocht forálacha Threoir 2000/60/CE, go háirithe na ceanglais ar fad a leagtar síos in Airteagal 4 den Treoir.

2.  Maidir le gléasraí hidrileictreacha reatha a oibriú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí athchóirithe chun acmhainneacht maidir le fuinneamh in-athnuaite nó stóráil fuinnimh a fheabhsú, comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir seo a leanas:

2.1.  I gcomhréir le Treoir 2000/60/CE agus go háirithe Airteagail 4 agus 11 den Treoir sin, tá gach beart maolaithe atá indéanta go teicniúil agus ábhartha go héiceolaíoch curtha chun feidhme d’fhonn drochthionchar ar uisce a laghdú, chomh maith le gnáthóga cosanta agus speicis a bhraitheann go díreach ar uisce.

2.2.  I measc na mbeart, i gcás inarb ábhartha agus ag brath ar na héiceachórais atá i láthair go nádúrtha sna dobharlaigh dá ndéantar difear:

(a)  bearta chun imirce éisc le sruth agus in aghaidh srutha a áirithiú (amhail tuirbíní atá neamhdhíobhálach d’éisc, treoir-struchtúir d’éisc, pasanna éisc úrscothacha atá go hiomlán feidhmiúil, bearta chun oibriú agus sileadh a stopadh nó a íoslaghdú i rith imirce nó sceitheadh);

(b)  bearta chun sreabhadh éiceolaíoch íosta a áirithiú (lena n-áirítear imirce éagsúlachtaí gearrthéarmacha, tobanna i sreabh-oibríochtaí nó oibríochtaí hidrea-bhuacacha) agus sreabhadh dríodair;

(c)  bearta chun gnáthóga a chosaint nó a fheabhsú.

2.3.  Déantar faireachán ar éifeachtacht na mbeart sin i gcomhthéacs an údaraithe nó an cheada ina leagtar amach na coinníollacha a bhfuil mar aidhm leo stádas maith nó acmhainneacht an dobharlaigh a ndéantar difear dó a bhaint amach.

3.  I gcás gléasraí nua hidrileictreacha a fhoirgniú, comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir seo a leanas:

3.1.  I gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2000/60/CE agus go háirithe mír 7 den Airteagal sin, roimh fhoirgníocht, déantar measúnú tionchair ar an tionscadal chun measúnú a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith aige ar stádas na ndobharlach laistigh den abhantrach céanna agus ar ghnáthóga agus ar speiceas cosanta atá ag brath go díreach ar an uisce, agus conairí imirce, aibhneacha atá ag sreabhadh go saor nó éiceachórais gar do choinníollacha nach bhfuil cur isteach orthu á gcur san áireamh go háirithe.

Tá an measúnú bunaithe ar shonraí cruinne, cuimsitheacha a fuarthas le déanaí, lena n-áirítear sonraí faireacháin ar ghnéithe cáilíochta bitheolaíocha atá íogair go sonrach d’athruithe hidreamhoirfeolaíocha, agus ar stádas ionchasach an dobharlaigh de thoradh na ngníomhaíochtaí nua, i gcomparáid leis an stádas atá ann faoi láthair.

Déantar measúnú go háirithe ar thionchair charnacha an tionscadail nua seo le bonneagar eile reatha nó beartaithe san abhantrach.

3.2.  Ar bhonn an mheasúnaithe tionchair sin, fuarthas amach go gceaptar an gléasra, ó thaobh dearaidh agus suímh de, agus ó thaobh bearta maolaithe de, le go gcloífidh sé le ceann de na ceanglais seo a leanas:

(a)  níl aon mheathlú sna gléasraí, ná ní chuireann siad as do dhea-stádas ná acmhainneacht an dobharlaigh shonraigh dá mbaineann siad a bhaint amach;

(b)  i gcás ina bhfuil baol ann go bhféadfadh an gléasra meathlú a dhéanamh nó baint amach dhea-stádais/acmhainneacht an dobharlaigh shonraigh lena mbaineann sé a chur i mbaol, níl meathlú den sórt sin suntasach, agus tugtar údar iomchuí leis trí dhianmheasúnú costais agus tairbhe ina léireofar an dá cheann díobh seo a leanas:

(i)  na cúiseanna sáraitheacha a bhaineann leis an leas poiblí nó toisc gur mó na buntáistí a bhfuiltear ag súil leo ón ngléasra hidrileictreach pleanáilte ná na costais atá ag fabhrú chuig an gcomhshaol agus chuig an tsochaí mar thoradh ar mheath a bheith ag teacht ar stádas an uisce;

(ii)  ní féidir, ar chúiseanna indéantachta teicniúla nó costais dhíréirigh, na sochair a bhfuiltear ag súil leo ón ngléasra, a bhaint amach ar mhodh malartach as a leanfadh toradh comhshaoil níos fearr (amhail gléasraí hidrileictreacha atá ann cheana a athchóiriú nó teicneolaíochtaí nach gcuireann isteach ar leanúnachas aibhneacha a úsáid).

3.3.  Tá gach beart maolaithe atá indéanta go teicniúil agus ábhartha go héiceolaíoch curtha chun feidhme d’fhonn drochthionchar ar uisce a laghdú, chomh maith le gnáthóga cosanta agus speicis a bhraitheann go díreach ar uisce.

I measc na mbeart imirce, i gcás inarb ábhartha agus ag brath ar na héiceachórais atá i láthair go nádúrtha sna dobharlaigh dá ndéantar difear:

(a)  bearta chun imirce éisc le sruth agus in aghaidh srutha a áirithiú (amhail tuirbíní atá neamhdhíobhálach d’éisc, treoir-struchtúir d’éisc, pasanna éisc úrscothacha atá go hiomlán feidhmiúil, bearta chun oibriú agus sileadh a stopadh nó a íoslaghdú i rith imirce nó sceite);

Déantar faireachán ar éifeachtacht na mbeart sin i gcomhthéacs an údaraithe nó an cheada ina leagtar amach na coinníollacha a bhfuil mar aidhm leo stádas maith nó acmhainneacht an dobharlaigh a ndéantar difear dó a bhaint amach.

3.4.  Ní chuireann an gléasra as go buan do dhea-stádas ná acmhainneacht a bhaint amach i gceann ar bith de na dobharlaigh sa cheantar abhantraí céanna.

3.5.  Anuas ar na bearta maolaithe dá dtagraítear i bpointe (d) agus i gcás inarb ábhartha, cuirtear beara cúitimh chun feidhme lena áirithiú nach gcuirfidh an tionscadal le bloghadh dobharlaigh sa cheantar abhantraí céanna. Baintear sin amach trí bhíthin leanúnachas a thabhairt ar ais chuig an gceantar abhantraí céanna sa mhéid a chúiteodh an cur isteach ar leanúnachas a d’fhéadfadh an gléasra hidreachumhachta a chruthú. Tosaíonn cúiteamh sula gcuirtear an tionscadal i ngníomh.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo (4).

(1)   

Caighdeán ISO 14067:2018, gáis ceaptha teasa — Lorg carbóin táirgí — Ceanglais agus treoirlínte le haghaidh cainníochtaithe (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/71206.html).

(2)   

ISO 14064-1:2018, Gáis ceaptha teasa – Cuid 1: Sonraíocht le treoir ar leibhéal an eagrúcháin le haghaidh astaíochtaí agus asbhaintí gáis ceaptha teasa a chainníochtú agus a thuairisciú (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/66453.html).

(3)   

Uirlis ar líne atá ar fáil go poiblí arna forbairt ag an gCumann Hidreachumhachta Idirnáisiúnta (IHA) i gcomhar le Cathaoirleach UNESCO maidir le hAthrú ar an gComhshaol Domhanda (leagan an 4.6.2021: https://www.hydropower.org/gres).

(4)   

Tá treoraíocht phraiticiúil i bhfógra C/2018/2619 ón gCoimisiún “Treoirdhoiciméid maidir le ceanglais don hidreachumhacht i ndáil le reachtaíocht AE maidir leis an dúlra” (IO C 213, 18.6.2018, lch. 1).

4.6.    Giniúint leictreachais as fuinneamh geoiteirmeach

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí giniúna leictreachais a fhoirgniú nó a oibriú ina dtáirgtear leictreachas as fuinneamh geoiteirmeach.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe D35.11 agus F42.22 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Tá astaíochtaí saolré GCT ó leictreachas a ghiniúint as fuinneamh geoiteirmeach níos ísle ná 100gCO2e/kWh. Déantar an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT a ríomh ach Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún a úsáid nó, ina áit sin, ISO 14067:2018 nó ISO 14064-1:2018. Tríú páirtí neamhspleách a dhéanann an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT cainníochtaithe a fhíorú.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Le haghaidh córais fuinnimh gheoiteirmigh ard-eantalpachta a oibriú, tá córais laghdaithe iomchuí i bhfeidhm d’fhonn na ceanglais astaíochtaí aeir a chomhlíonadh a leagtar amach i dTreoir 2004/107/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus i dTreoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Treoir 2004/107/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 i ndáil le harsanaic, caidmiam, mearcair, nicil agus hidreacarbóin aramatacha iltimthriallacha san aer comhthimpeallach (IO L 23, 26.1.2005, lch. 3).

(2)   

Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip (IO L 152, 11.6.2008, lch. 1).

4.7.    Giniúint leictreachais ó bhreoslaí gásacha agus leachtacha neamh-iontaise in-athnuaite

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí giniúna leictreachais a fhoirgniú agus a oibriú lena dtáirgtear leictreachas trí bhíthin breoslaí gásacha agus leachtacha ó fhoinse in-athnuaite a úsáid. Ní áirítear giniúint leictreachais ó úsáid eisiach bithgháis agus breoslaí bithleachta (féach Cuid 4.8 den Iarscríbhinn seo) leis an ngníomhaíocht seo.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe D35.11 agus F42.22 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Tá astaíochtaí saolré GCT ó leictreachas a ghiniúint ó bhreoslaí gásacha agus leachtacha in-athnuaite níos ísle ná 100 gCO2e/kWh.

Déantar astaíochtaí saolré GCT a ríomh bunaithe ar shonraí a bhaineann go sonrach le tionscadal, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, ach Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún a úsáid nó, ina áit sin, ISO 14067:2018 (1) nó ISO 14064-1:2018 (2).

Tríú páirtí neamhspleách a dhéanann an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT cainníochtaithe a fhíorú.

2.  I gcás ina gcuimsíonn saoráidí aon chineál laghdaithe (lena n-áirítear gabháil carbóin nó breoslaí dícharbónaithe a úsáid), go gcomhlíonann an ghníomhaíocht laghdaithe sin na critéir a leagtar amach sa Roinn ábhartha den Iarscríbhinn seo, i gcás inarb infheidhme.

I gcás ina ndéantar CO2 a ghabháil lena stóráil faoi thalamh, ar CO2 é a d’astófaí ón bpróiseas giniúna leictreachais murach sin, iompraítear agus stóráiltear an CO2 faoi thalamh, i gcomhréir leis na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach i Roinn 5.11 agus i Roinn 5.12 den Iarscríbhinn seo.

3.  Comhlíonann an ghníomhaíocht ceachtar de na critéir seo a leanas:

(a)  suiteáiltear trealamh tomhais chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí fisiceacha, amhail sceitheadh meatáin, tráth na foirgníochta, nó tugtar isteach clár chun sceitheadh a bhrath agus a dheisiú;

(b)  tuairiscítear tomhas fisiceach astaíochtaí agus cuirtear deireadh le sceitheadh i rith an oibrithe.

4.  I gcás ina gcumascann an ghníomhaíocht breoslaí gásacha nó leachtacha in-athnuaite le bithghás nó le bithleachtaí, comhlíonann an bhithmhais talmhaíochta arna húsáid le haghaidh bithghás nó bithleachtaí a tháirgeadh na critéir a leagtar amach in Airteagal 29, mír 2 go mír 5, de Threoir (AE) 2018/2001 agus comhlíonann bithmhais foraoise na critéir a leagtar amach in Airteagal 29, míreanna 6 agus 7, den Treoir sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin (3). Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

Maidir le gléasraí dócháin atá níos mó ná ionchur teirmeach 1MW ach atá níos ísle ná na tairseacha le go mbeidh feidhm le conclúidí BAT do mhórghléasraí dócháin, tá astaíochtaí níos ísle ná na teorainnluachanna astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Caighdeán ISO 14067:2018, gáis ceaptha teasa — Lorg carbóin táirgí — Ceanglais agus treoirlínte le haghaidh cainníochtaithe (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/71206.html).

(2)   

ISO 14064-1:2018, Aer laistigh – Cuid 3: Sonraíocht le treoir ar leibhéal an eagrúcháin le haghaidh astaíochtaí agus asbhaintí gáis ceaptha teasa a chainníochtú agus a thuairisciú (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/66453.html).

(3)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1442 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2017 lena mbunaítear conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, do mhórghléasraí dócháin (IO L 212, 17.8.2017, lch. 1).

(4)   

Treoir (AE) 2015/2193 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le hastaíochtaí truailleán áirithe ó ghléasraí dócháin meánmhéide san aer a theorannú (IO L 313, 28.11.2015, lch. 1).

4.8.    Giniúint leictreachais ó bhithfhuinneamh

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Suiteálacha giniúna leictreachais a fhoirgniú agus a oibriú a tháirgeann leictreachas go heisiach as bithmhais, bithghás, nó bithleachtanna, seachas giniúint leictreachais ó bhreoslaí in-athnuaite a chumasc le bithghás nó bithleachtanna (féach Roinn 4.7 den Iarscríbhinn seo).

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE D35.11 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Maidir le bithmhais talmhaíochta a úsáidtear sa ghníomhaíocht, comhlíonann sí na critéir a leagtar síos in Airteagal 29, míreanna 2 go 5, i dTreoir (AE) 2018/2001. Comhlíonann bithmhais foraoise a úsáidtear sa ghníomhaíocht na critéir a leagtar síos in Airteagal 29, míreanna 6 agus 7, sa Treoir sin.

2.  Is ionann an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bharr bithmhais a úsáid agus 80 % ar a laghad i ndáil leis an modheolaíocht chun GCT a laghdú agus an táirge comparáide breosla iontaise coibhneasta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001.

3.  I gcás ina mbraitheann na suiteálacha ar dhíleá anaeróbach ábhair orgánaigh, comhlíonann táirgeadh an díleáiteáin na critéir i Roinn 5.6 agus critéir 1 agus 2 i Roinn 5.7 den Iarscríbhinn seo, mar is infheidhme.

4.  Níl feidhm ag pointí 1 agus 2 maidir le suiteálacha giniúna leictreachais ina bhfuil ionchur teirmeach rátaithe iomlán faoi 2 MW agus ina n-úsáidtear breoslaí bithmhaise gásacha.

5.  I gcás suiteálacha giniúna leictreachais a bhfuil a n-ionchur teirmeach rátaithe foriomlán idir 50 agus 100 MW, cuireann an ghníomhaíocht teicneolaíocht ardéifeachtúil comhghiniúna i bhfeidhm, nó i gcás suiteálacha leictreachais amháin, comhlíonann an ghníomhaíocht leibhéal éifeachtúlachta fuinnimh a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin (1).

6.  Maidir le suiteálacha giniúna leictreachais a bhfuil a n-ionchur teirmeach rátaithe foriomlán os cionn 100 MW, comhlíonann an ghníomhaíocht ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

(a)  éifeachtúlacht leictreachais 36 % ar a laghad a bhaint amach;

(b)  CTÉ (cumhacht agus teas in éineacht) ardéifeachtúil a ghiniúint, dá dtagraítear i dTreoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2);

(c)  úsáid a bhaint as teicneolaíocht gabhála agus stórála carbóin. I gcás ina ndéantar CO2 a ghabháil lena stóráil faoi thalamh, ar CO2 é a d’astófaí ón bpróiseas giniúna leictreachais murach sin, iompraítear agus stóráiltear an CO2 faoi thalamh, i gcomhréir leis na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach i Roinn 5.11 agus i Roinn 5.12 den Iarscríbhinn seo.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Maidir le suiteálacha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin (4). Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

Maidir le gléasraí dócháin níos mó ná ionchur teirmeach 1 MW ach atá níos ísle ná na tairseacha do chonclúidí BAT nach mór do ghléasraí dócháin móra a chomhlíonadh, tá astaíochtaí níos lú ná luachanna na dteorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.

Maidir le gléasraí i gcriosanna nó i gcodanna de chriosanna nach gcomhlíonann na teorainnluachanna maidir le cáilíocht an aeir a leagtar síos i dTreoir 2008/50/CE, déantar torthaí an mhalartaithe faisnéise (5) a fhoilsíonn an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 6, míreanna 9 agus 10, de Threoir (AE) 2015/2193, a chur san áireamh.

Le haghaidh díleá anaeróbach ábhair orgánaigh, i gcás ina mbaintear úsáid as an díleáiteán arna tháirgeadh mar leasachán nó mar fheabhsaitheoir ithreach, go díreach nó tar éis múiríniú nó tar éis aon chóireáil eile, comhlíonann sé na ceanglais maidir le hábhair leasacháin a leagtar amach i gCatagóirí na nÁbhar Comhpháirte (CMC) 4 agus 5 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009, nó dlíthe náisiúnta maidir le leasacháin nó feabhsaitheoirí ithreach le haghaidh úsáid talmhaíochta.

Maidir le gléasraí díleá anaeróbaigh a dhéanann níos mó ná 100 tona a chóireáil in aghaidh an lae, tá astaíochtaí chuig aer agus chuig uisce laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí atá bainteach leis na raonta teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach le haghaidh cóireáil anaeróbach dramhaíola sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh chóireáil dramhaíola (6). Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1442

(2)   

Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(3)   

Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

(4)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1442.

(5)   

Tá faisnéis theicniúil faoi na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil agus a úsáidtear i meánghléasraí dócháin chun a dtionchair chomhshaoil a laghdú, agus faoi na leibhéil astaíochtaí is féidir a bhaint amach leis na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil agus atá ag teacht chun cinn, chomh maith leis na costais ghaolmhara, sa tuarascáil chríochnaitheach teicneolaíochta a tháinig as an malartú faisnéise leis na Ballstáit, leis na tionscail lena mbaineann agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha: https://circabc.europa.eu/ui/group/06f33a94-9829-4eee-b187-21bb783a0fbf/library/9a99a632-9ba8-4cc0-9679-08d929afda59/details).

(6)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1147 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2018 lena mbunaítear conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, do chóireáil dramhaíola (IO L 208, 17.8.2018, lch. 38).

4.9.    Tarchur agus dáileadh leictreachais

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Córais tarchurtha a fhoirgniú agus a oibriú lena ndéantar leictreachas a iompar ar an gcóras idirnasctha an-ardvoltais agus ardvoltais.

Córais dáilte a fhoirgniú agus a oibriú lena ndéantar leictreachas a iompar ar chórais dáilte ardvoltais, mheánvoltais agus ísealvoltais.

D’fhéadfaí na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe D35.12 agus D35.13 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Comhlíonann an ghníomhaíocht ceann de na critéir seo a leanas:

1.  Tá an bonneagar nó trealamh tarchurtha agus dáilte i gcóras leictreachais a chomhlíonann ar a laghad ceann amháin de na critéir seo a leanas:

(a)  is é an córas Eorpach idirnasctha atá ann, i.e. limistéir rialaithe idirnasctha na mBallstát, na hIorua, na hEilvéise agus na Ríochta Aontaithe, agus a fhochórais;

(b)  tá níos mó ná 67 % den inniúlacht giniúna nasctha nua sa chóras níos ísle ná an luach tairsí giniúna de 100 gCO2e/kWh arna thomhas ar bhonn saolré i gcomhréir le critéir giniúna leictreachais, thar thréimhse rothlach 5 bliana;

(c)  tá meánfhachtóir astaíochtaí eangaí córais, a ríomhtar mar na hastaíochtaí bliantúla foriomlána ó ghiniúint cumhachta, arna roinnt ar an nglantáirgeadh leictreachais bliantúil foriomlán sa chóras sin, tá sé níos ísle ná an luach tairsí de 100 gCO2e/kWh arna thomhas ar bhonn saolré i gcomhréir le critéir giniúna leictreachais, thar mheántréimhse rothlach 5 bliana;

Ní comhlíontach é bonneagar atá dírithe ar nasc díreach a chruthú nó ar nasc díreach atá ann cheana a fhorleathnú idir fostáisiún nó líonra agus gléasra táirgthe cumhachta atá níos déine ó thaobh gás ceaptha teasa de ná 100 gCO2e/kWh arna thomhas ar bhonn saolré.

Ní comhlíontach é bonneagar méadraithe nach gcomhlíonann ceanglais chórais méadraithe chliste Airteagal 20 de Threoir (AE) 2019/944.

2.  Is ionann an ghníomhaíocht agus ceann díobh seo a leanas:

(a)  nasc díreach a fhoirgniú agus a oibriú, nó nasc atá ann cheana a leathnú, maidir le giniúint leictreachais ísealcharbóin faoi bhun na tairsí 100 gCO2e/kWh arna thomhas ar bhonn saolré chuig fostáisiún nó líonra;
(b)  stáisiúin luchtaithe feithiclí leictreacha (EV) a fhoirgniú agus a oibriú agus tacú le bonneagar leictreach chun iompar a leictriú, faoi réir chomhlíonadh na gcritéar scagtha theicniúla faoin Roinn iompair den Iarscríbhinn seo; ►M2  
(c)  claochladáin tarchurtha agus dáileacháin a shuiteáil lena gcomhlíontar ceanglais Leibhéal 2 (an 1 Iúil 2021) a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 548/2014 ón gCoimisiún agus, maidir le claochladáin mheánchumhachta lena mbaineann an voltas is airde do threalamh nach bhfuil níos mó ná 36 kV, le ceanglais leibhéil AA0 ar chaillteanais gan lód a leagtar amach i gcaighdeán EN 50588-1 (2);  ◄
(d)  trealamh agus bonneagar a fhoirgniú/a shuiteáil agus a oibriú i gcás inar méadú ar ghiniúint nó úsáid na giniúna leictreachais in-athnuaite an cuspóir príomha.
(e)  trealamh a shuiteáil chun inrialaitheacht agus inbhreathnaitheacht an chórais leictreachais a mhéadú agus chun forbairt agus comhtháthú foinsí fuinnimh in-athnuaite a chumasú, lena n-áirítear:
(i)  braiteoirí agus uirlisí tomhais (lena n-áirítear braiteoirí meitéareolaíochta chun táirgeacht in-athnuaite a thuar);
(ii)  cumarsáid agus rialú (lena n-áirítear ard-bhogearraí agus seomraí rialaithe, fostáisiúin nó fothairí a uathoibriú, agus cumais um rialú voltais chun oiriúnú d’ionfhotha in-athnuaite níos díláraithe).
(f)  trealamh a shuiteáil, gan a bheith teoranta do chórais méadraithe chliste amach anseo nó do chórais méadraithe chliste a athsholáthar i gcomhréir le hAirteagal 19(6) de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), lena gcomhlíontar ceanglais Airteagal 20 de Threoir (AE) 2019/944, córais ar féidir leo faisnéis a iompar chuig úsáideoirí le haghaidh cianghníomhú maidir le tomhaltas, moil sonraí tomhaltóirí san áireamh;
(g)  trealamh a fhoirgniú/a shuiteáil ionas go bhféadfaí leictreachas atá in-athnuaite go sonrach a mhalartú idir úsáideoirí;
(h)  idirnascairí idir córais tarchurtha a fhoirgniú agus a oibriú, ar choinníoll go bhfuil ceann de na córais comhlíontach.

Chun críocha na Roinne seo, beidh feidhm ag na sonraíochtaí seo a leanas:

(a)  tá an tréimhse rothlach 5 bliana a úsáidtear chun comhlíontacht leis na tairsí bunaithe ar 5 bliana stairiúla i ndiaidh a chéile, agus áirítear orthu an bhliain dá bhfuil na sonraí is déanaí ar fáil;

(b)  ciallaíonn “córas” limistéar rialaithe cumhachta an ghréasáin tarchurtha nó dáileacháin ina bhfuil an bonneagar nó an trealamh suiteáilte;

(c)  féadfaidh inniúlacht giniúna arna nascadh le fochórais dáilte a bheith san áireamh le córais tarchurtha;

(d)  maidir le fochórais dáilte chuig córas tarchurtha a mheastar a bheith ar chonair chuig dícharbónú foriomlán, is féidir a mheas go bhfuil siad sin ar chonair chuig dícharbónú foriomlán freisin;

(e)  d’fhonn comhlíontacht a chinneadh, is féidir córas a bhreithniú lena gcumhdaítear limistéir rialaithe iolracha atá idirnasctha agus a mbíonn malartáin shuntasacha fuinnimh eatarthu, agus sa chás sin úsáidtear an meánfhachtóir astaíochtaí ualaithe ar fud na limistéar rialaithe uile, agus ní éilítear ar fhochórais tarchurtha nó dáilte aonair laistigh den chóras sin comhlíontacht a thaispeáint astu féin;

(f)  féadfaidh córas éirí neamh-chomhlíontach i ndiaidh dó a bheith comhlíontach roimhe sin. Maidir le córais a éiríonn neamh-chomhlíontach, ní bhíonn gníomhaíochtaí tarchurtha agus dáilte comhlíontach as sin amach, go dtí go gcomhlíonann an córas an tairseach arís (ach amháin na gníomhaíochtaí sin a bhíonn comhlíontach i gcónaí, féach thuas). D’fhéadfadh gníomhaíochtaí i bhfochórais a bheith fós comhlíontach, i gcás ina gcomhlíontar critéir na Roinne seo leis na fochórais sin;

(g)  áirítear le nasc díreach chuig gléasraí táirgeachta, nó leathnú ar nasc díreach atá ann cheana féin, bonneagar atá fíor-riachtanach chun an leictreachas gaolmhar a iompar ón tsaoráid giniúna cumhachta chuig fostáisiún nó líonra.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá plean bainistíochta dramhaíola i bhfeidhm agus cinntíonn sé athúsáid nó athchúrsáil uasta ag deireadh saolré i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, lena n-áirítear trí bhíthin comhaontuithe conarthacha le comhpháirtithe bainistíochta dramhaíola, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Línte ardvoltais os cionn talún:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí ar láithreáin foirgníochta, cloíonn gníomhaíochtaí le prionsabail na dTreoirlínte Ginearálta um an gComhshaol, Sláinte agus Sábháilteacht de chuid na Corparáide Airgeadais Idirnáisiúnta (IFC) (4).

(b)  comhlíonann na gníomhaíochtaí na noirm agus rialacháin is infheidhme d’fhonn tionchar na radaíochta leictreamaighnéadaí ar shláinte an duine a theorannú, lena n-áirítear le haghaidh gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme san Aontas, an Moladh ón gComhairle maidir le nochtadh an phobail i gcoitinne a theorannú do réimsí leictreamaighnéadacha (0 Hz go 300 GHz) (5) agus do ghníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme i dtríú tíortha Treoirlínte 1998 ón gCoimisiún Idirnáisiúnta ar Chosaint ar Radaíocht Neamhianacháin (ICNIRP) (6).

Ní úsáidtear défheinilí polaclóirínithe (PCBanna) sna gníomhaíochtaí.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo (7).

(1)   

Rialachán (AE) Uimh. 548/2014 ón gCoimisiún an 21 Bealtaine 2014 maidir le cur chun feidhme Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le claochladáin bheagchumhachta, mheánchumhachta agus mhórchumhachta (IO L 152, 22.5.2014, lch. 1).

(2)   

CEI EN 50588-1 Claochladáin mheánchumhachta 50 Hz, lena mbaineann an voltas is airde do threalamh nach bhfuil níos mó ná 36 kV.

(3)   

Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha don mhargadh inmheánach leictreachais agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158/125, 14.6.2019),

(4)   

Treoirlínte um Chomhshaol, Sláinte agus Sábháilteacht an 30 Aibreán 2007 (leagan an 4.6.2021: https://www.ifc.org/wps/wcm/connect/29f5137d-6e17-4660-b1f9-02bf561935e5/Final%2B-%2BGeneral%2BEHS%2BGuidelines.pdf?MOD=AJPERES&CVID=jOWim3p).

(5)   

Moladh ón gComhairle an 12 Iúil 1999 maidir leis an teorannú ar nochtadh an phobail i gcoitinne do réimsí leictreamaighnéadacha (0 Hz go 300 GHz) (1999/519/CE) (IO L 199, 30.7.1999, lch. 59).

(6)   

Treoirlínte ICNIRP 1998 maidir le nochtadh do réimsí leictreacha, maighnéadacha agus leictreamaighnéadacha (chomh hard le 300 ghz) ag tréimhsí ama éagsúla, (leagan an 4.6.2021: https://www.icnirp.org/cms/upload/publications/ICNIRPemfgdl.pdf

(7)   

Tá treoraíocht phraiticiúil chun an critéar seo a chur chun feidhme i bhfógra C(2018)2620 ón gCoimisiún Eorpach “Bonneagar tarchurtha fuinnimh agus reachtaíocht AE maidir leis an dúlra” (IO C 213, 18.6.2018, lch. 62).

4.10.    Stóráil leictreachais

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí a fhoirgniú agus a oibriú lena ndéantar leictreachas a stóráil agus a chur ar ais ag céim níos déanaí, i bhfoirm leictreachais. San áireamh leis an ngníomhaíocht tá taisce hidreachumhachta pumpála.

I gcás inar gné lárnach den ghníomhaíocht eacnamaíoch é “teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a shuiteáil, a chothabháil agus a dheisiú” dá dtagraítear i Roinn 7.6 den iarscríbhinn seo, beidh feidhm leis na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i Roinn 7.6.

Níl cód tiomnaithe NACE ag na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo dá dtagraítear san aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht sa chatagóir seo i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Is í an ghníomhaíocht tógáil agus oibriú stórála leictreachais lena n-áirítear stóráil hidreachumhachta pumpála.

I gcás go n-áirítear leis an ngníomhaíocht stóráil fuinnimh cheimicigh, comhlíonann an meán stórála (m.sh. hidrigin nó amóinia) na critéir le haghaidh an táirge comhfhreagrach a shonraítear i Ranna 3.7 go 3.17 den Iarscríbhinn seo a mhonarú. I gcás hidrigin a úsáid mar stóráil leictreachais, i gcás ina gcomhlíonfaidh hidrigin na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i Roinn 3.10 den Iarscríbhinn seo, measfar gur cuid den ghníomhaíocht athleictriú hidrigine.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

I gcás taisce hidreachumhachta pumpála nach bhfuil nasctha le dobharlach abhann, comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

I gcás taisce hidreachumhachta pumpála atá nasctha le dobharlach abhann, comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir DNSH maidir le húsáid inbhuanaithe agus cosaint uisce agus acmhainní muirí atá sonraithe i Roinn 4.5 (Táirgeadh leictreachais ó hidreachumhacht).

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá plean bainistíochta dramhaíola i bhfeidhm agus cinntíonn sé athúsáid nó athchúrsáil uasta ag deireadh saolré i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, lena n-áirítear trí bhíthin comhaontuithe conarthacha le comhpháirtithe bainistíochta dramhaíola, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

4.11.    Teirmeastóráil

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí a fhoirgniú agus a oibriú lena ndéantar fuinneamh teirmeach a stóráil agus a chur ar ais ag céim níos déanaí, i bhfoirm fuinnimh theirmigh nó veicteoirí fuinnimh eile.

I gcás inar gné lárnach den ghníomhaíocht é “teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a shuiteáil, a chothabháil agus a dheisiú” dá dtagraítear i Roinn 7.6 den iarscríbhinn seo, beidh feidhm leis na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i Roinn 7.6.

Níl cód tiomnaithe NACE ag na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo dá dtagraítear san aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Déantar fuinneamh teirmeach a stóráil leis an ngníomhaíocht, lena n-áirítear Teirmeastóráil Faoi Thalamh (UTES) nó Teirmeastóráil Uiscígh (ATES).

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach iin Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Le haghaidh Stóráil Fuinnimh Theirmigh Uiscígh, comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá plean bainistíochta dramhaíola i bhfeidhm agus cinntíonn sé athúsáid, athmhonaraíocht nó athchúrsáil uasta ag deireadh saolré, lena n-áirítear trí bhíthin comhaontuithe conarthacha le comhpháirtithe bainistíochta dramhaíola, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

4.12.    Stóráil hidrigine

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí a fhoirgniú agus a oibriúlena ndéantar hidrigin a stóráil agus a chur ar ais ag céim níos déanaí.

Níl cód tiomnaithe NACE ag na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo i gcomhréir leis an aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Is ionann an ghníomhaíocht agus ceann díobh seo a leanas:

(a)  saoráidí stórála hidrigine a thógáil;

(b)  saoráidí stórála gáis atá ann cheana féin faoi thalamh a thiontú ina saoráidí stórála atá tiomnaithe do stóráil hidrigine;

(c)  saoráidí stórála hidrigine a oibriú i gcás ina gcomhlíonann an hidrigin arna stóráil sa tsaoráid na critéir maidir le monaraíocht hidrigine a leagtar amach i Roinn 3.10 den Iarscríbhinn seo.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá plean bainistíochta dramhaíola i bhfeidhm agus cinntíonn sé athúsáid, athmhonaraíocht nó athchúrsáil uasta ag deireadh saolré, lena n-áirítear trí bhíthin comhaontuithe conarthacha le comhpháirtithe bainistíochta dramhaíola, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

I gcás stóráil níos mó ná cúig thona, comhlíontar Treoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis an ngníomhaíocht (1).

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Treoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le rialú guaiseacha mórthimpiste lena bhfuil baint ag substaintí contúirteacha, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 96/82/CE ón gComhairle (IO L 197, 24.7.2012, lch. 1).

4.13.    Monarú bithgháis agus bithbhreoslaí le húsáid san iompar agus monarú bithleachtanna

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Monarú bithgháis nó bithbhreoslaí le húsáid san iompar agus monarú bithleachtanna.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE D35.21 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Maidir le bithmhais talmhaíochta a úsáidtear sa ghníomhaíocht le haghaidh monarú bithgháis nó bithbhreoslaí le húsáid san iompar agus le haghaidh monarú bithleachtanna, comhlíonann sí na critéir a leagtar síos in Airteagal 29, míreanna 2 go 5, de Threoir (AE) 2018/2001. Maidir le bithmhais foraoise a úsáidtear sa ghníomhaíocht le haghaidh monarú bithgháis nó bithbhreoslaí le húsáid san iompar agus le haghaidh monarú bithleachtanna, comhlíonann sí na critéir a leagtar síos in Airteagal 29, míreanna 6 agus 7 den Treoir sin.

Ní úsáidtear barra bia agus barra beatha le haghaidh bithbhreoslaí a mhonarú lena n-úsáid le haghaidh iompair agus le haghaidh bithleachtaí a mhonarú.

2.  Is ionann an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bharr monarú bithgháis nó bithbhreoslaí le húsáid san iompar agus 65 % ar a laghad i ndáil leis an modheolaíocht chun GCT a laghdú agus an táirge comparáide breosla iontaise coibhneasta a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001.

3.  I gcás ina mbraitheann monarú bithgháis ar dhíleá anaeróbach ábhair orgánaigh, comhlíonann táirgeadh an díleáiteáin na critéir i Roinn 5.6 agus critéir 1 agus 2 i Roinn 5.7 den Iarscríbhinn seo, mar is infheidhme.

4.  I gcás ina ndéantar CO2 a bheadh astaithe mar chuid den phróiseas monaraíochta ina mhalairt de chás a ghabháil lena stóráil faoi thalamh, iompraítear agus stóráiltear an CO2 faoi thalamh, i gcomhréir leis na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach i Roinn 5.11 agus i Roinn 5.12 den Iarscríbhinn seo.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Maidir le táirgeadh bithgháis, cuirtear clúdach gásobach ar an stóráil díleáiteáin.

Maidir le gléasraí díleá anaeróbaigh a dhéanann níos mó ná 100 tona a chóireáil in aghaidh an lae, tá astaíochtaí chuig aer agus chuig uisce laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí atá bainteach leis na raonta teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach le haghaidh cóireáil anaeróbach dramhaíola sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh chóireáil dramhaíola (1). Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

I gcás díleá anaeróbach ábhair orgánaigh, i gcás ina mbaintear úsáid as an díleáiteán arna tháirgeadh mar leasachán nó mar fheabhsaitheoir ithreach, go díreach nó tar éis múiríniú nó tar éis aon chóireáil eile, comhlíonann sé na ceanglais maidir le hábhair leasacháin a leagtar amach i gCatagóirí na nÁbhar Comhpháirte (CMC) 4 agus 5 le haghaidh díleáiteáin nó CMC 3 le haghaidh múirín, de réir mar is infheidhme, in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán AE 2019/1009 nó dlíthe náisiúnta maidir le leasacháin nó feabhsaitheoirí ithreach le haghaidh úsáid talmhaíochta.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1147.

4.14.    Líonraí tarchurtha agus dáilte le haghaidh gáis in-athnuaite agus ísealcharbóin

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Tiontú, athdhéantúsaíocht nó iarfheistiú líonraí gáis le haghaidh tarchur agus dáileadh gáis in-athnuaite agus ísealcharbóin.

Píblínte tarchurtha agus dáilte a fhoirgniú agus a oibriú atá tiomnaithe do hidrigin nó do gháis ísealcharbóin eile a iompar.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cód NACE, go háirithe D35.22, F42.21 agus H49.50 i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Is ionann an ghníomhaíocht agus ceann díobh seo a leanas:

(a)  líonraí tarchurtha agus dáilte nua a fhoirgniú agus a oibriú atá tiomnaithe do hidrigin nó do gháis ísealcharbóin eile a iompar.

(b)  na gréasáin gáis nádúrtha atá ann cheana a thiontú/a athchóiriú go hidrigin 100 %;

(c)  líonraí tarchurtha agus dáilte gáis a iarfheistiú, i gcás inarb é comhtháthú hidrigine agus gáis ísealcharbóin eile an príomhchuspóir, lena n-áirítear gníomhaíocht ar bith maidir le tarchur nó dáileadh gáis a chuireann ar a chumas don líonra an cumasc hidrigine nó gáis ísealcharbóin eile sa chóras gáis a mhéadú;

2.  San áireamh leis an ngníomhaíocht tá sceitheadh a bhrath agus píblínte gáis atá ann cheana agus gnéithe líonra eile a dheisiú chun sceitheadh meatáin a laghdú.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann feananna, comhbhrúiteoirí, caidéil agus trealamh eile a úsáidtear atá cumhdaithe ag Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), i gcás inarb ábhartha, ceanglais ard-aicme an lipéid fuinnimh agus rialacháin cur chun feidhme faoin Treoir sin agus is ionann iad agus an teicneolaíocht is fearr atá ar fáil.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).

4.15.    Téamh agus fuarú ceantair a dháileadh

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Píblínte agus an bonneagar gaolmhar a fhoirgniú, a athchóiriú agus a oibriú chun téamh agus fuarú a dháileadh, ag críochnú ag an bhfostáisiún nó ag an teasmhalartóir.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE D35.30 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Comhlíonann an ghníomhaíocht ceann de na critéir seo a leanas:

(a)  maidir le píblínte agus an bonneagar gaolmhar a fhoirgniú agus a oibriú chun téamh agus fuarú a dháileadh, comhlíonann an córas an sainmhíniú ar chórais téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtacha a leagtar síos in Airteagal 2, pointe 41, Treoir 2012/27/AE;

(b)  maidir le píblínte agus an bonneagar gaolmhar a athchóiriú chun téamh agus fuarú a dháileadh, tosaíonn an infheistíocht lena gcomhlíonann an córas an sainmhíniú ar chóras téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtach a leagtar síos in Airteagal 2, pointe 41, Treoir 2012/27/AE, laistigh de thréimhse 3 bliana, agus oibleagáid chonarthach nó a comhionann mar bhonn taca fúithi, i gcás oibreoirí atá i bhfeighil na giniúna agus an líonra araon;

(c)  Seo a leanas an ghníomhaíocht:

(i)  modhnú go córais teochta níos ísle;

(ii)  ard-treoirchórais (córais rialaithe agus bainistíochta fuinnimh, Idirlíon na Rudaí Nithiúla).

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann feananna, comhbhrúiteoirí, caidéil agus trealamh eile a úsáidtear atá cumhdaithe ag Treoir 2009/125/CE, i gcás inarb ábhartha, ceanglais ard-aicme an lipéid fuinnimh, agus comhlíonann rialacháin cur chun feidhme faoin Treoir sin agus is ionann iad agus an teicneolaíocht is fearr atá ar fáil.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

4.16.    Suiteáil agus oibriú teaschaidéal leictreach

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Suiteáil agus oibriú teaschaidéal leictreach.

I gcás inar gné lárnach den ghníomhaíocht é “teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a shuiteáil, a chothabháil agus a dheisiú” dá dtagraítear i Roinn 7.6 den iarscríbhinn seo, beidh feidhm leis na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i Roinn 7.6.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cód NACE, go háirithe D35.30 agus F43.22 i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Comhlíonann suiteáil agus oibriú teaschaidéal leictreach an dá chritéar seo a leanas:

(a)  tairseach chuisneáin: Acmhainneacht Téite Domhanda nach mó ná 675;

(b)  Comhlíontar na ceanglais um éifeachtúlacht fuinnimh a leagtar síos sna rialacháin maidir le cur chun feidhme (1) faoi Threoir 2009/125/CE.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déanann an ghníomhaíocht measúnú ar an bhfáil ar threalamh agus ar chomhpháirteanna lena mbaineann marthanacht agus in-athchúrsáilteacht ard agus atá éasca le baint óna chéile agus le hathchóiriú, agus úsáideann iad nuair is féidir.

Tá plean bainistíochta dramhaíola i bhfeidhm agus cinntíonn sé athúsáid, athmhonaraíocht nó athchúrsáil uasta ag deireadh saolré, lena n-áirítear trí bhíthin comhaontuithe conarthacha le comhpháirtithe bainistíochta dramhaíola, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Maidir le teaschaidéil aer go haer le toilleadh rátaithe de 12 kW nó níos lú ná sin, tá leibhéil torainn laistigh agus lasmuigh níos ísle ná an tairseach a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 206/2012 ón gCoimisiún (2)

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Rialachán (AE) Uimh. 206/2012 ón gCoimisiún an 6 Márta 2012 maidir le cur chun feidhme Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i ndáil le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh aerchóiritheoirí agus feananna compoird (IO L 72, 10.3.2012, lch. 7), Rialachán (AE) Uimh. 813/2013 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2013 maidir le cur chun feidhme Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i ndáil le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí spáis agus comhthéitheoirí (IO L 239, 6.9.2013, lch. 136) agus Rialachán (AE) Uimh. 2016/2281 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2016 maidir le cur chun feidhme Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta a leagan amach do tháirgí a bhaineann le fuinneamh, i ndáil le ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí téamh aeir, táirgí fuaraithe, fuarthóirí próisis ardteochta agus aonaid ghaothráin agus cornas (IO L 346, 20.12.2016, lch. 1).

(2)   

Rialachán (AE) Uimh. 206/2012 ón gCoimisiún an 6 Márta 2012 maidir le cur chun feidhme Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh aerchóiritheoirí agus feananna compoird (IO L 72, 10.3.2012, lch. 7).

4.17.    Comhghiniúint téimh/fuaraithe agus cumhachta as fuinneamh gréine

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí a fhoirgniú agus a oibriú lena gcomhghintear leictreachas agus téamh/fuarú as fuinneamh gréine.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cód NACE, go háirithe D35.11 agus D35.30 i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Is éard atá sa ghníomhaíocht, leictreachas agus téamh/fuarú a chomhghiniúint (1) as fuinneamh gréine.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déanann an ghníomhaíocht measúnú ar an bhfáil ar threalamh agus ar chomhpháirteanna lena mbaineann marthanacht agus in-athchúrsáilteacht ard agus atá éasca le baint óna chéile agus le hathchóiriú, agus úsáideann iad nuair is féidir.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Sainmhínítear comhghiniúint in Airteagal 2, pointe 30, de Threoir 2012/27/AE.

4.18.    Comhghiniúint téimh/fuaraithe agus cumhachta as fuinneamh geoiteirmeach

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí a fhoirgniú agus a oibriú lena gcomhghintear téamh/fuarú agus cumhacht as fuinneamh geoiteirmeach.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe D35.11 agus D35.30 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Tá astaíochtaí saolré GCT ó théamh/fuarú agus cumhacht (1) a chomhghiniúint as fuinneamh geoiteirmeach níos ísle ná 100gCO2e in aghaidh 1 kWh d’aschur fuinnimh ón gcomhghiniúint.

Déantar astaíochtaí saolré GCT a ríomh bunaithe ar shonraí a bhaineann go sonrach le tionscadal, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, ach Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún a úsáid nó, ina áit sin, ISO 14067:2018 nó ISO 14064-1:2018.

Tríú páirtí neamhspleách a dhéanann an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT cainníochtaithe a fhíorú.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Chun córais fuinnimh gheoiteirmigh ard-eantalpachta a oibriú, tá córais laghdaithe leordhóthanacha i bhfeidhm chun leibhéil astaíochtaí a laghdú d’fhonn gan cur isteach ar luachanna teorann aercháilíochta a bhaint amach mar a leagtar amach i dTreoracha 2004/107/CE agus 2008/50/CE.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Sainmhínítear comhghiniúint in Airteagal 2, pointe 30, de Threoir 2012/27/AE.

4.19.    Comhghiniúint téimh/fuaraithe agus cumhachta as breoslaí gásacha neamh-iontaise in-athnuaite agus leachtacha

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí giniúna cumhachta agus téimh/fuaraithe in éineacht a fhoirgniú agus a oibriú lena n-úsáidtear breoslaí gásacha agus leachtacha de bhunadh in-athnuaite. Ní áirítear leis an ngníomhaíocht seo comhghiniúint teasa/fuaraithe agus cumhachta ó úsáid eisiach bithgháis agus breoslaí bithleachta (féach Roinn 4.20 den Iarscríbhinn seo)

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cód NACE, go háirithe D35.11 agus D35.30 i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Tá astaíochtaí saolré GCT ó théamh/fuarú agus cumhacht (1) a chomhghiniúint as breoslaí in-athnuaite gásacha agus leachtacha níos ísle ná 100gCO2e in aghaidh 1 kWh d’aschur fuinnimh ón gcomhghiniúint.

Déantar astaíochtaí saolré GCT a ríomh bunaithe ar shonraí a bhaineann go sonrach le tionscadal, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, ach Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún a úsáid nó, ina áit sin, ISO 14067:2018 (2) nó ISO 14064-1:2018 (3).

Tríú páirtí neamhspleách a dhéanann an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT cainníochtaithe a fhíorú.

2.  I gcás ina gcuimsíonn saoráidí aon chineál laghdaithe (lena n-áirítear gabháil carbóin nó breoslaí dícharbónaithe a úsáid), go gcomhlíonann an ghníomhaíocht laghdaithe sin na Ranna ábhartha den Iarscríbhinn seo, i gcás inarb infheidhme.

I gcás ina ndéantar CO2 a ghabháil lena stóráil faoi thalamh, ar CO2 é a d’astófaí ón bpróiseas comhghiniúna murach sin, iompraítear agus stóráiltear an CO2 faoi thalamh, i gcomhréir leis na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach i Roinn 5.11 agus i Roinn 5.12 den Iarscríbhinn seo.

3.  Comhlíonann an ghníomhaíocht ceachtar de na critéir seo a leanas:

(a)  suiteáiltear trealamh tomhais chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí fisiceacha, amhail sceitheadh meatáin, tráth na foirgníochta, nó tugtar isteach clár chun sceitheadh a bhrath agus a dheisiú;

(b)  tuairiscítear tomhas fisiceach astaíochtaí agus cuirtear deireadh le sceitheadh i rith an oibrithe.

4.  I gcás ina gcumascann an ghníomhaíocht breoslaí gásacha nó leachtacha in-athnuaite le bithghás nó le bithleachtaí, comhlíonann an bhithmhais talmhaíochta arna húsáid le haghaidh bithghás nó bithleachtaí a tháirgeadh na critéir a leagtar amach in Airteagal 29, mír 2 go mír 5, de Threoir (AE) 2018/2001 agus comhlíonann bithmhais foraoise na critéir a leagtar amach in Airteagal 29, mír 6 agus 7, den Treoir sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin (4). Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

Maidir le gléasraí dócháin níos mó ná ionchur teirmeach 1 MW ach atá níos ísle ná na tairseacha do chonclúidí BAT nach mór do ghléasraí dócháin móra a chomhlíonadh, tá astaíochtaí níos lú ná luachanna na dteorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Sainmhínítear comhghiniúint in Airteagal 2, pointe 30, de Threoir 2012/27/AE.

(2)   

Caighdeán ISO 14067:2018, gáis ceaptha teasa — Lorg carbóin táirgí — Ceanglais agus treoirlínte le haghaidh cainníochtaithe (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/71206.html).

(3)   

ISO 14064-1:2018, Aer laistigh – Cuid 3: Sonraíocht le treoir ar leibhéal an eagrúcháin le haghaidh astaíochtaí agus asbhaintí gáis ceaptha teasa a chainníochtú agus a thuairisciú (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/66453.html).

(4)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1442.

4.20.    Comhghiniúint téimh/fuaraithe agus cumhachta as bithfhuinneamh

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Suiteálacha a thógáil agus a oibriú lena n-úsáidtear le haghaidh teas/fuarú agus cumhacht a chomhghiniúint go heisiach ó bhithmhais, ó bhithghás nó ó bhithleachtaí, seachas comhghiniúint ó chumasc breoslaí in-athnuaite le bithghás nó bithleachtaí (féach Roinn 4.19 den Iarscríbhinn).

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cód NACE, go háirithe D35.11 agus D35.30 i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Maidir le bithmhais talmhaíochta a úsáidtear sa ghníomhaíocht, comhlíonann sí na critéir a leagtar síos in Airteagal 29, míreanna 2 go 5, i dTreoir (AE) 2018/2001. Comhlíonann bithmhais foraoise a úsáidtear sa ghníomhaíocht na critéir a leagtar síos in Airteagal 29, míreanna 6 agus 7, sa Treoir sin.

2.  Is ionann an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bharr bithmhais a úsáid i suiteálacha comhghiniúna agus 80 % ar a laghad i ndáil leis an modheolaíocht chun GCT a laghdú agus an táirge comparáide breosla iontaise coibhneasta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001.

3.  I gcás ina mbraitheann na suiteálacha comhghiniúna ar dhíleá anaeróbach ábhair orgánaigh, comhlíonann táirgeadh an díleáiteáin na critéir i Roinn 5.6 agus critéir 1 agus 2 i Roinn 5.7 den Iarscríbhinn seo, mar is infheidhme.

4.  Níl feidhm ag pointí 1 agus 2 maidir le suiteálacha comhghiniúna ina bhfuil ionchur teirmeach rátaithe iomlán faoi 2 MW agus ina n-úsáidtear breoslaí bithmhaise gásacha.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Maidir le suiteálacha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2010/75/AE, tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin (1), agus áirithítear an tráth céanna nach dtarlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

Maidir le gléasraí dócháin níos mó ná ionchur teirmeach 1 MW ach atá níos ísle ná na tairseacha do chonclúidí BAT nach mór do ghléasraí dócháin móra a chomhlíonadh, tá astaíochtaí níos lú ná luachanna na dteorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.

Maidir le gléasraí i gcriosanna nó i gcodanna de chriosanna nach gcomhlíonann na teorainnluachanna maidir le cáilíocht an aeir a leagtar síos i dTreoir 2008/50/CE, déantar torthaí an mhalartaithe faisnéise (2) a fhoilsíonn an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 6, míreanna 9 agus 10, de Threoir (AE) 2015/2193, a chur san áireamh.

I gcás díleá anaeróbach ábhair orgánaigh, i gcás ina mbaintear úsáid as an díleáiteán arna tháirgeadh mar leasachán nó mar fheabhsaitheoir ithreach, go díreach nó tar éis múiríniú nó tar éis aon chóireáil eile, comhlíonann sé na ceanglais maidir le hábhair leasacháin a leagtar amach i gCatagóirí na nÁbhar Comhpháirte (CMC) 4 agus 5 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009, nó rialacha náisiúnta maidir le leasacháin nó feabhsaitheoirí ithreach le haghaidh úsáid talmhaíochta.

Maidir le gléasraí díleá anaeróbaigh a dhéanann níos mó ná 100 tona a chóireáil in aghaidh an lae, tá astaíochtaí chuig aer agus chuig uisce laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí atá bainteach leis na raonta teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach le haghaidh cóireáil anaeróbach dramhaíola sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh chóireáil dramhaíola (3). Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1442.

(2)   

Tá faisnéis theicniúil faoi na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil agus a úsáidtear i meánghléasraí dócháin chun a dtionchair chomhshaoil a laghdú, agus faoi na leibhéil astaíochtaí is féidir a bhaint amach leis na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil agus atá ag teacht chun cinn, chomh maith leis na costais ghaolmhara, sa tuarascáil chríochnaitheach teicneolaíochta a tháinig as an malartú faisnéise leis na Ballstáit, leis na tionscail lena mbaineann agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha: https://circabc.europa.eu/ui/group/06f33a94-9829-4eee-b187-21bb783a0fbf/library/9a99a632-9ba8-4cc0-9679-08d929afda59/details).

(3)   

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1147.

4.21.    Téamh/fuarú a tháirgeadh as téamh grianteasa

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí a fhoirgniú agus a oibriú lena dtáirgtear téamh/fuarú as teicneolaíocht téimh grianteasa.

I gcás inar gné lárnach den ghníomhaíocht eacnamaíoch é “teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a shuiteáil, a chothabháil agus a dheisiú” dá dtagraítear i Roinn 7.6 den iarscríbhinn seo, beidh feidhm leis na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i Roinn 7.6.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE D35.30 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Táirgeann an ghníomhaíocht téamh/fuarú trí bhíthin téamh grianteasa a úsáid.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déanann an ghníomhaíocht measúnú ar an bhfáil ar threalamh agus ar chomhpháirteanna lena mbaineann marthanacht agus in-athchúrsáilteacht ard agus atá éasca le baint óna chéile agus le hathchóiriú, agus úsáideann iad nuair is féidir.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

4.22.    Téamh/fuarú a tháirgeadh as fuinneamh geoiteirmeach

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí a thógáil agus a oibriú lena dtáirgtear téamh/fuarú as fuinneamh geoiteirmeach.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir sin a bheith bainteach le cód NACE D35.30 i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Tá astaíochtaí saolré GCT ó chomhghiniúint teasa/fuaraithe as fuinneamh geoiteirmeach níos ísle ná 100 gCO2e/kWh.

Déantar astaíochtaí saolré GCT a ríomh bunaithe ar shonraí a bhaineann go sonrach le tionscadal, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, ach Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún a úsáid nó, ina áit sin, ISO 14067:2018 nó ISO 14064-1:2018.

Tríú páirtí neamhspleách a dhéanann an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT cainníochtaithe a fhíorú.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Chun córais fuinnimh gheoiteirmigh ard-eantalpachta a oibriú, tá córais laghdaithe leordhóthanacha i bhfeidhm chun leibhéil astaíochtaí a laghdú d’fhonn gan cur isteach ar luachanna teorann aercháilíochta a bhaint amach mar a leagtar amach i dTreoracha 2004/107/CE agus 2008/50/CE.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

4.23.    Téamh/fuarú a tháirgeadh as breoslaí neamh-iontaise in-athnuaite gásacha agus leachtacha

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí giniúna téimh a fhoirgniú agus a oibriú lena dtáirgtear téamh/fuarú agus breoslaí gásacha agus leachtacha á n-úsáid (ní bhaineann go heisiach le gás nádúrtha, ola ná táirgí scagtha eile). Ní áirítear táirgeadh téimh/fuaraithe agus cumhachta ó úsáid eisiach bithgháis agus breoslaí bithleachta (féach Cuid 4.24 den Iarscríbhinn seo) leis an ngníomhaíocht seo.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE D35.30 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Tá astaíochtaí saolré GCT ó théamh/fuarú a ghiniúint trí bhíthin breoslaí gásacha agus leachtacha in-athnuaite a úsáid níos ísle ná 100 gCO2e/kWh.

Déantar astaíochtaí saolré GCT a ríomh bunaithe ar shonraí a bhaineann go sonrach le tionscadal, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, ach Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún a úsáid nó, ina áit sin, ISO 14067:2018 (1) nó ISO 14064-1:2018 (2).

Tríú páirtí neamhspleách a dhéanann an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT cainníochtaithe a fhíorú.

2.  I gcás ina gcuimsíonn saoráidí aon chineál laghdaithe (lena n-áirítear gabháil carbóin nó breoslaí dícharbónaithe a úsáid), go gcomhlíonann an ghníomhaíocht laghdaithe sin na Ranna ábhartha den Iarscríbhinn seo, i gcás inarb infheidhme.

I gcás ina ndéantar CO2 a ghabháil lena stóráil faoi thalamh, ar CO2 é a d’astófaí ón bpróiseas giniúna leictreachais murach sin, iompraítear agus stóráiltear an CO2 faoi thalamh, i gcomhréir leis na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach i Roinn 5.11 agus i Roinn 5.12 den Iarscríbhinn seo.

3.  Comhlíonann an ghníomhaíocht ceachtar de na critéir seo a leanas:

(a)  suiteáiltear trealamh tomhais chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí fisiceach, amhail sceitheadh meatáin, tráth na foirgníochta, nó tugtar isteach clár chun sceitheadh a bhrath agus a dheisiú;

(b)  tuairiscítear tomhas fisiceach astaíochtaí agus cuirtear deireadh le sceitheadh i rith an oibrithe.

4.  I gcás ina gcumascann an ghníomhaíocht breoslaí gásacha nó leachtacha in-athnuaite le bithghás nó le bithleachtaí, comhlíonann an bhithmhais talmhaíochta arna húsáid le haghaidh bithghás nó bithleachtaí a tháirgeadh na critéir a leagtar amach in Airteagal 29, mír 2 go mír 5, de Threoir (AE) 2018/2001 agus comhlíonann bithmhais foraoise na critéir a leagtar amach in Airteagal 29, mír 6 agus 7, den Treoir sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin (3). Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

Maidir le gléasraí dócháin níos mó ná ionchur teirmeach 1 MW ach atá níos ísle ná na tairseacha do chonclúidí BAT nach mór do ghléasraí dócháin móra a chomhlíonadh, tá astaíochtaí níos lú ná luachanna na dteorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Caighdeán ISO 14067:2018, gáis ceaptha teasa — Lorg carbóin táirgí — Ceanglais agus treoirlínte le haghaidh cainníochtaithe (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/71206.html).

(2)   

ISO 14064-1:2018, Gáis ceaptha teasa – Cuid 1: Sonraíocht le treoir ar leibhéal an eagrúcháin le haghaidh astaíochtaí agus asbhaintí gáis ceaptha teasa a chainníochtú agus a thuairisciú (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/66453.html).

(3)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1442

4.24.    Téamh/fuarú a tháirgeadh as bithfhuinneamh

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí a thógáil agus a oibriú lena dtáirgtear teas/fuarú go heisiach ó bhithmhais, ó bhithghás nó ó bhithleachtaí, seachas táirgeadh teasa/fuaraithe ó chumasc breoslaí in-athnuaite le bithghás nó bithleachtaí (féach Roinn 4.23 den Iarscríbhinn seo).

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir sin a bheith bainteach le cód NACE D35.30 i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Maidir le bithmhais talmhaíochta a úsáidtear sa ghníomhaíocht chun téamh agus fuarú a tháirgeadh, comhlíonann sí na critéir a leagtar síos in Airteagal 29, míreanna 2 go 5, i dTreoir (AE) 2018/2001. Comhlíonann bithmhais foraoise a úsáidtear sa ghníomhaíocht na critéir a leagtar síos in Airteagal 29, míreanna 6 agus 7, sa Treoir sin.

2.  Is ionann an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bharr bithmhais a úsáid agus 80 % ar a laghad i ndáil leis an modheolaíocht chun GCT a laghdú agus an táirge comparáide breosla iontaise coibhneasta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001.

3.  I gcás ina mbraitheann na suiteálacha ar dhíleá anaeróbach ábhair orgánaigh, comhlíonann táirgeadh an díleáiteáin na critéir i Roinn 5.6 agus critéir 1 agus 2 i Roinn 5.7 den Iarscríbhinn seo, mar is infheidhme.

4.  Níl feidhm ag pointí 1 agus 2 maidir le suiteálacha giniúna leictreachais ina bhfuil ionchur teirmeach rátaithe iomlán faoi 2 MW agus ina n-úsáidtear breoslaí bithmhaise gásacha.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Maidir le suiteálacha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2010/75/AE, tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear na conclúidí maidir leis an teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin (1), agus áirithítear an tráth céanna nach dtarlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

Maidir le gléasraí dócháin níos mó ná ionchur teirmeach 1 MW ach atá níos ísle ná na tairseacha do chonclúidí BAT nach mór do ghléasraí dócháin móra a chomhlíonadh, tá astaíochtaí níos lú ná luachanna na dteorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.

Maidir le gléasraí i gcriosanna nó i gcodanna de chriosanna nach gcomhlíonann na teorainnluachanna maidir le cáilíocht an aeir a leagtar síos i dTreoir 2008/50/CE, déantar torthaí an mhalartaithe faisnéise (2) a fhoilsíonn an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 6, míreanna 9 agus 10, de Threoir (AE) 2015/2193, a chur san áireamh.

Le haghaidh díleá anaeróbach ábhair orgánaigh, i gcás ina mbaintear úsáid as an díleáiteán arna tháirgeadh mar leasachán nó mar fheabhsaitheoir ithreach, go díreach nó tar éis múiríniú nó tar éis aon chóireáil eile, comhlíonann sé na ceanglais maidir le hábhair leasacháin a leagtar amach i gCatagóirí na nÁbhar Comhpháirte (CMC) 4 agus 5 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009, nó dlíthe náisiúnta maidir le leasacháin nó feabhsaitheoirí ithreach le haghaidh úsáid talmhaíochta.

Maidir le gléasraí díleá anaeróbaigh a dhéanann níos mó ná 100 tona a chóireáil in aghaidh an lae, tá astaíochtaí chuig aer agus chuig uisce laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí atá bainteach leis na raonta teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach le haghaidh cóireáil anaeróbach dramhaíola sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh chóireáil dramhaíola (3). Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1442.

(2)   

Tá faisnéis theicniúil faoi na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil agus a úsáidtear i meánghléasraí dócháin chun a dtionchair chomhshaoil a laghdú, agus faoi na leibhéil astaíochtaí is féidir a bhaint amach leis na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil agus atá ag teacht chun cinn, chomh maith leis na costais ghaolmhara, sa tuarascáil chríochnaitheach teicneolaíochta a tháinig as an malartú faisnéise leis na Ballstáit, leis na tionscail lena mbaineann agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha: https://circabc.europa.eu/ui/group/06f33a94-9829-4eee-b187-21bb783a0fbf/library/9a99a632-9ba8-4cc0-9679-08d929afda59/details).

(3)   

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1147.

4.25.    Téamh/fuarú a tháirgeadh agus dramhtheas á úsáid

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí a fhoirgniú agus a oibriú lena dtáirgtear téamh/fuarú agus dramhtheas á úsáid.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE D35.30 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Táirgeann an ghníomhaíocht téamh/fuarú as dramhtheas.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déanann an ghníomhaíocht measúnú ar an bhfáil ar threalamh agus ar chomhpháirteanna lena mbaineann marthanacht agus in-athchúrsáilteacht ard agus atá éasca le baint óna chéile agus le hathchóiriú, agus úsáideann iad nuair is féidir.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann caidéil agus an cineál trealaimh a úsáidtear, a chumhdaítear le héicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh, sa chás ina bhfuil sé ábhartha, ceanglais ard-aicme an lipéid fuinnimh a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/1369, agus rialacháin cur chun feidhme faoi Threoir 2009/125/CE, agus is ionann iad agus an teicneolaíocht is fearr atá ar fáil.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

▼M1

4.26.    Céimeanna réamhthráchtála ardteicneolaíochtaí chun fuinneamh a tháirgeadh ó phróisis núicléacha le dramhaíl íosta ón timthriall breosla

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Taighde, forbairt, taisealbhadh agus úsáid saoráidí ginte leictreachais nuálacha, arna gceadúnú ag údaráis inniúla na mBallstát i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, a tháirgeann fuinneamh ó phróisis núicléacha le dramhaíl íosta ón timthriall breosla.

Aicmítear an ghníomhaíocht faoi chód NACE M72 agus M72.1 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha arna mbunú le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852 í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla go léir a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Critéir ghinearálta a bhaineann le rannchuidiú substaintiúil le maolú an athraithe aeráide agus Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

1. Tá an tionscadal a bhaineann leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch (“an tionscadal”) lonnaithe i mBallstát a chomhlíonann gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a) 

rinne an Ballstát Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle ( 22 ) agus Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle ( 23 ) a thrasuí go hiomlán;

(b) 

comhlíonann an Ballstát an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (“Conradh Euratom”) agus an reachtaíocht arna glacadh ar a bhonn, go háirithe Treoir 2009/71/Euratom, Treoir 2011/70 Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle ( 24 ), chomh maith le dlí comhshaoil an Aontais mar is infheidhme arna ghlacadh faoi Airteagal 192 CFAE, go háirithe Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 25 ) agus Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 26 );

(c) 

Ó dháta formheasta an tionscadail amach, tá ciste um bainistiú dramhaíola núicléiche agus ciste um dhíchoimisiúnú núicléach i bhfeidhm ag an mBallstát, cistí is féidir a chomhcheangal;

(d) 

tá léirithe ag an mBallstát go mbeidh na hacmhainní ar fáil dó faoi dheireadh shaolré úsáide measta an ghléasra cumhachta núicléiche a comhfhreagraíonn do chostas measta bainistíochta dramhaíola radaighníomhaí agus díchoimisiúnaithe i gcomhréir le Moladh 2006/851/Euratom ón gCoimisiún ( 27 );

(e) 

tá saoráidí diúscartha deiridh oibríochtúla ag an mBallstát maidir leis an dramhaíl radaighníomhach atá ar leibhéal an-íseal, íseal agus idirmheánach, a bhfuil fógra tugtha don Choimisiún ina leith faoi Airteagal 41 de Chonradh Euratom nó Airteagal 1(4) de Rialachán 2587/1999 ón gComhairle, agus a áirítear sa chlár náisiúnta arna nuashonrú faoi Threoir 2011/70/Euratom;

(f) 

tá plean cláraithe ag an mBallstát ina leagtar amach céimeanna mionsonraithe chun go mbeidh, faoi 2050, saoráid diúscartha á hoibriú aige maidir le dramhaíl radaighníomhach ardleibhéil lena ndéantar cur síos ar gach ceann de na nithe seo a leanas:

(i) 

coincheapa nó pleananna agus réitigh theicniúla le haghaidh bainistiú breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí ó ghiniúint go diúscairt;

(ii) 

coincheapa nó pleananna do thréimhse iardhúnta shaolré saoráide diúscartha, lena n-áirítear an tréimhse ina gcoinnítear na rialuithe iomchuí agus na modhanna atá le húsáid chun eolas faoin tsaoráid sin a chaomhnú san fhadtéarma;

(iii) 

na freagrachtaí maidir le cur chun feidhme an phlean agus na heochairtháscairí feidhmíochta chun faireachán a dhéanamh ar a dhul chun cinn;

(iv) 

measúnuithe costais agus scéimeanna maoiniúcháin.

Chun críocha phointe (f), féadfaidh na Ballstáit pleananna arna dtarraingt suas mar chuid den chlár náisiúnta a iarrtar le hAirteagail 11 agus 12 de Threoir 2011/70/Euratom a úsáid.

2. Tá an tionscadal ina chuid de chlár taighde arna mhaoiniú ag an Aontas nó tugadh fógra don Choimisiún maidir leis an tionscadal i gcomhréir le hAirteagal 41 de Chonradh Euratom nó Airteagal 1(4) de Rialachán 2587/1999 ón gComhairle, i gcás ina mbeidh ceachtar de na forálacha sin infheidhme, gur thug an Coimisiún a thuairim ina leith i gcomhréir le hAirteagal 43 de Chonradh Euratom, agus gur tugadh aghaidh go sásúil ar gach saincheist a ardaíodh sa tuairim, le hábharthacht maidir le cur chun feidhme Airteagal 10(2) agus Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852, agus na critéir scagtha theicniúla a leagtar síos sa Roinn seo.

3. Thug an Ballstát lena mbaineann gealltanas chun tuairisc a thabhairt don Choimisiún gach 5 bliana i leith gach tionscadail maidir le gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a) 

leordhóthanacht na n-acmhainní carntha dá dtagraítear i bpointe 1(c);

(b) 

dul chun cinn iarbhír maidir le cur chun feidhme an phlean dá dtagraítear i bpointe 1(f).

Ar bhonn na dtuarascálacha, athbhreithneoidh an Coimisiún leordhóthanacht acmhainní carntha an chiste um bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus an chiste um dhíchoimisiúnú núicléach dá dtagraítear i bpointe 1(c) agus an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an phlean chláraithe dá dtagraítear i bpointe 1(f) agus féadfaidh sé aghaidh a thabhairt ar thuairim an Bhallstáit lena mbaineann.

4. Comhlíonann an ghníomhaíocht reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear an reachtaíocht dá dtagraítear i bpointe 1(a) agus (b), lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le meastóireacht, go háirithe trí thástálacha struis, ar athléimneacht na ngléasraí cumhachta núicléiche suite i gcrích an Aontais i gcoinne guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n-áirítear creathanna talún. Dá réir sin, déantar an ghníomhaíocht i gcrích Ballstáit i gcás ina ndéanann oibreoir gléasra núicléach an méid a leanas:

(a) 

taispeántas maidir le sábháilteacht núicléach a chur isteach, a bhfuil raon feidhme agus leibhéal sonraí ann de réir thromchúis agus nádúr féideartha na guaise ábhartha maidir leis an ngléasra núicléach agus a shuíomh (Airteagal 6, pointe (b), de Threoir 2009/71/Euratom);

(b) 

go bhfuil bearta domhainchosanta déanta aige chun a áirithiú, inter alia, go bhfuil tionchar guaiseacha ainscianta seachtracha nádúrtha agus de dhéanamh an duine íoslaghdaithe (Airteagal 8b(1), pointe (a) de Threoir 2009/71/Euratom);

(c) 

go ndearna sé measúnú iomchuí atá suíomh-shonrach agus gléasra-shonrach nuair a dhéanann an t-oibreoir lena mbaineann iarratas ar cheadúnas chun gléasra cumhachta núicléiche a thógáil agus a oibriú (Airteagal 8c(a) de Threoir 2009/71/Euratom).

5. Comhlíonann an ghníomhaíocht ceanglais Threoir 2009/71/Euratom, arna dtacú ag an gcomhairle idirnáisiúnta is déanaí ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (“IAEA”) agus an Comhlachas Eorpach Rialaitheoirí um Shábháilteacht Núicléach (“WENRA”), lena rannchuidítear le hathléimneacht acmhainneacht gléasraí cumhachta núicléiche nua agus gléasraí cumhachta núicléiche atá ann faoi láthair a mhéadú chun dul i ngleic le guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n-áirítear tuilte agus coinníollacha aimsire ainscianta.

6. Go ndéantar dramhaíl radaighníomhach, dá dtagraítear i bpointe 1(e) agus (f), a dhiúscairt sa Bhallstát inar gineadh é, mura bhfuil comhaontú idir an Ballstát lena mbaineann agus an Ballstát cinn scríbe, mar a bhunaítear i dTreoir 2011/70/Euratom. Sa chás sin, tá cláir um bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus diúscartha agus saoráid diúscartha oiriúnach á n-oibriú ag an mBallstát cinn scríbe i gcomhréir le ceanglais Threoir 2011/70/Euratom.

Critéir bhreise a bhaineann le rannchuidiú substaintiúil le maolú an athraithe aeráide

Is é is aidhm don ghníomhaíocht leictreachas a ghineadh trí fhuinneamh núicléach a úsáid. Tá astaíochtaí saolré gás ceaptha teasa (GCT) ó leictreachas a tháirgeadh as fuinneamh núicléach níos ísle ná an tairseach arb é atá ann 100 g CO2e/kWh.

Déantar astaíochtaí saolré GCT a ríomh ach Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún a úsáid nó, ina áit sin, ISO 14067:2018 nó ISO 14064-1:2018.

Tríú páirtí neamhspleách a dhéanann an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT cainníochtaithe a fhíorú.

Critéir bhreise a bhaineann le Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Comhlíonann an ghníomhaíocht na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 6(b), 8b(1), pointe (a) agus Airteagal 8c(a) de Threoir 2009/71/Euratom.

Comhlíonann an ghníomhaíocht ceanglais Threoir 2009/71/Euratom arna gcur chun feidhme i gcomhréir le comhairle idirnáisiúnta IAEA agus WENRA a bhaineann le guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n-áirítear tuilte agus coinníollacha aimsire ainscianta.

▼M2

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Sainaithnítear rioscaí díghrádaithe comhshaoil a bhaineann le cáilíocht an uisce a chosaint agus strus maidir le huisce a sheachaint agus tugtar aghaidh ar na rioscaí sin, i gcomhréir le plean bainistíochta úsáide agus cosanta uisce, a fhorbraítear i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann.

Chun aimhrialtachtaí teirmeacha a bhaineann le sceitheadh teas dramhaíola a theorannú, oibreoirí gléasraí cumhachta núicléiche intíre ag úsáid fuaraithe fhliuch aonuaire trí uisce a ghlacadh ó abhainn nó rialú locha:

(a)  teocht uasta an dobharlaigh glactha fionnuisce tar éis an mheasctha, agus

(b)  an difríocht teochta uasta idir an t-uisce fuarúcháin sceite agus an dobharlach glactha fionnuisce.

Déantar an rialú teochta a chur chun feidhme i gcomhréir leis na coinníollacha ceadúnais aonair maidir leis na hoibríochtaí sonracha, i gcás inarb infheidhme, nó luachanna tairsí i gcomhréir le dlí an Aontais.

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, caighdeáin na Corparáide Airgeadais Idirnáisiúnta (IFC).

Oibrítear gníomhaíochtaí núicléacha i gcomhréir le ceanglais Threoir 2000/60/CE agus le ceanglais Threoir 2013/51/Euratom lena leagtar síos ceanglais i ndáil le sláinte an phobail i gcoitinne a chosaint maidir le substaintí radaighníomhacha in uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine.

▼M1

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá plean maidir le bainistiú dramhaíola neamh-radaighníomhaí agus dramhaíola radaighníomhaí i bhfeidhm agus áirithíonn sé athúsáid nó athchúrsáil uasta na dramhaíola sin ag deireadh na saolré i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, lena n-áirítear trí chomhaontuithe conarthacha le comhpháirtithe bainistíochta dramhaíola, an léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil.

Le linn oibrithe agus díchoimisiúnaithe, íoslaghdaítear méid na dramhaíola radaighníomhaí agus uasmhéadaítear méid na n-ábhar saorscaoilte i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom, agus i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cosaint ar radaíocht a leagtar síos i dTreoir 2013/59/Euratom.

Tá scéim maoiniúcháin i bhfeidhm chun cistiú leordhóthanach a áirithiú maidir le gach gníomhaíocht díchoimisiúnaithe agus maidir le breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú, i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom agus Moladh 2006/851/Euratom.

Comhlánaítear Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol roimh fhoirgniú an ghléasra cumhachta núicléiche, i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE. Déantar na bearta maolaithe agus cúiteacha atá riachtanach a chur i bhfeidhm.

Déantar na gnéithe ábhartha sa Roinn seo a chumhdach le tuarascálacha na mBallstát leis an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Threoir 2011/70/Euratom.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Tá astaíochtaí neamh-radaighníomhacha laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochta bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin. Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

Maidir le gléasraí cumhachta núicléiche níos mó ná ionchur teirmeach 1 MW ach atá níos ísle ná na tairseacha do chonclúidí BAT nach mór do ghléasraí dócháin móra a chomhlíonadh, tá astaíochtaí níos lú ná luachanna na dteorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.

Na sceite radaighníomhacha isteach san aer, sna dobharlaigh agus sa talamh (ithir), comhlíonann siad na coinníollacha ceadúnais aonair maidir leis na hoibríochtaí sonracha, i gcás inarb infheidhme, nó luachanna tairsí náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2013/51/Euratom (1) agus Treoir 2013/59/Euratom.

Déantar breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú go freagrach i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom.

Tá acmhainneacht leordhóthanach de stóráil eatramhach ar fáil don tionscadal, agus tá pleananna diúscartha náisiúnta i bhfeidhm chun fad tréimhse na stórála eatramhaí a íoslaghdú, i gcomhréir le foráil Threoir 2011/70/Euratom lena ndéantar stóráil dramhaíola radaighníomhaí a bhreithniú, lena n-áirítear stóráil fhadtéarmach, mar réiteach eatramhach, ach nach mbreithnítear é mar rogha mhalartach thar an diúscairt.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Comhlánaítear Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol roimh thógáil an ghléasra cumhachta núicléiche, i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE. Déantar na bearta maolaithe agus cúiteacha atá riachtanach a chur i bhfeidhm.

Maidir le suíomhanna/oibríochtaí atá lonnaithe i limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de ar dócha go mbeadh tionchar mór acu ar limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de nó suíomhanna/oibríochtaí atá gar dóibh (lena n-áirítear líonra limistéir faoi chosaint Natura 2000, láithreáin Oidhreachta Domhanda Unesco agus Príomhlimistéir Bhithéagsúlachta, chomh maith le limistéir eile faoi chosaint), rinneadh measúnú iomchuí, i gcás inarb infheidhme, agus bunaithe ar a chonclúidí cuirtear na bearta maolaithe riachtanacha i bhfeidhm.

Ní dhéanfaidh na suíomhanna/oibríochtaí díobháil do stádas caomhantais aon cheann de na gnáthóga nó na speicis atá sna limistéir faoi chosaint.

(1)   

Treoir 2013/51/Euratom ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos ceanglais maidir le sláintean phobail i gcoitinne a chosaint i ndáil le substaintí radaighníomhacha in uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine (IO L 296, 7.11.2013, lch. 12).

4.27.    Foirgniú agus oibriú sábháilte gléasraí cumhachta núicléiche nua, le haghaidh leictreachas nó teas a tháirgeadh, lena n-áirítear maidir le táirgeadh hidrigine, trí na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil a úsáid

Chun críocha na Roinne seo, ciallaíonn na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil teicneolaíochtaí lena gcomhlíontar ceanglais Threoir 2009/71/Euratom go hiomlán agus lena n-urramófar go hiomlán na paraiméadair theicniúla is déanaí de chuid chaighdeáin IAEA agus cuspóirí Sábháilteachta WENRA agus Leibhéil Tagartha.

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Foirgniú agus oibriú sábháilte gléasraí núicléacha nua a n-eiseoidh údaráis inniúla na mBallstát ceadúnas foirgníochta lena n-aghaidh faoi 2045, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, chun leictreachas a tháirgeadh nó teas a phróiseáil, lena n-áirítear chun críoch téamh ceantair nó próisis thionsclaíocha amhail táirgeadh hidrigine (gléasraí núicléacha nua nó NNInna), chomh maith lena n-uasghráduithe sábháilteachta.

Aicmítear an ghníomhaíocht faoi chóid NACE D35.11 agus F42.22 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10(2) DE Rialachán (AE) 2020/852 í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla go léir a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Critéir ghinearálta a bhaineann le rannchuidiú substaintiúil le maolú an athraithe aeráide agus Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

1. Tá an tionscadal a bhaineann leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch (“an tionscadal”) lonnaithe i mBallstát a chomhlíonann gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a) 

rinne an Ballstát Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle agus Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle a thrasuí go hiomlán;

(b) 

comhlíonann an Ballstát Conradh Euratom agus reachtaíocht arna glacadh ar a bonn, go háirithe, Treoir 2009/71/Euratom, Treoir 2011/70/Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom, chomh maith le dlí comhshaoil an Aontais is infheidhme arna ghlacadh faoi Airteagal 192 CFAE, go háirithe Treoir 2011/92/AE agus Treoir 2000/60/CE;

(c) 

Ó dháta formheasta an tionscadail amach, tá ciste um bainistiú dramhaíola núicléiche agus ciste um dhíchoimisiúnú núicléach i bhfeidhm ag an mBallstát, cistí is féidir a chomhcheangal;

(d) 

tá sé léirithe ag an mBallstát go mbeidh na hacmhainní ar fáil dó faoi dheireadh shaolré úsáide measta an ghléasra cumhachta núicléiche a chomhfhreagraíonn do chostas measta bainistíochta dramhaíola radaighníomhaí agus díchoimisiúnaithe i gcomhréir le Moladh 2006/851/Euratom;

(e) 

tá saoráidí diúscartha deiridh oibríochtúla ag an mBallstát maidir leis an dramhaíl radaighníomhach atá ar leibhéal an-íseal, íseal agus idirmheánach, a bhfuil fógra tugtha don Choimisiún ina leith faoi Airteagal 41 de Chonradh Euratom nó faoi Airteagal 1(4) de Rialachán 2587/1999 ón gComhairle, agus a áirítear sa chlár náisiúnta arna nuashonrú faoi Threoir 2011/70/Euratom ón gComhairle;

(f) 

tá plean cláraithe ag an mBallstát ina leagtar amach céimeanna mionsonraithe chun go mbeidh, faoi 2050, saoráid diúscartha á hoibriú aige maidir le dramhaíl radaighníomhach ardleibhéil lena ndéantar cur síos ar gach ceann de na nithe seo a leanas:

(i) 

coincheapa nó pleananna agus réitigh theicniúla le haghaidh bainistiú breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí ó ghiniúint go diúscairt;

(ii) 

coincheapa nó pleananna do thréimhse iardhúnta shaolré saoráide diúscartha, lena n-áirítear an tréimhse ina gcoinnítear na rialuithe iomchuí agus na modhanna atá le húsáid chun eolas faoin tsaoráid sin a chaomhnú san fhadtéarma;

(iii) 

na freagrachtaí maidir le cur chun feidhme an phlean agus na heochairtháscairí feidhmíochta chun faireachán a dhéanamh ar a dhul chun cinn;

(iv) 

measúnuithe costais agus scéimeanna maoiniúcháin.

Chun críocha phointe (f), féadfaidh na Ballstáit na pleananna arna dtarraingt suas mar chuid den chlár náisiúnta a iarrtar le hAirteagail 11 agus 12 de Threoir 2011/70/Euratom a úsáid.

2. Déanann an tionscadal an teicneolaíocht is fearr atá ar fáil a chur chun feidhme go hiomlán chomh maith le breosla tionóisc-fulangach faoi 2025. Déantar an teicneolaíocht a dheimhniú agus a fhormheas ag an rialtóir sábháilteachta náisiúnta.

3. Tugadh fógra don Choimisiún maidir leis an tionscadal i gcomhréir le hAirteagal 41 de Chonradh Euratom nó Airteagal 1(4) de Rialachán 2587/1999 ón gComhairle, i gcás ina mbeidh ceachtar de na forálacha sin infheidhme, gur thug an Coimisiún a bharúil ina leith i gcomhréir le hAirteagal 43 de Chonradh Euratom, agus gur tugadh aghaidh go sásúil ar gach saincheist a ardaíodh sa bharúil, le hábharthacht maidir le cur chun feidhme Airteagal 10(2) agus Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852, agus na critéir scagtha theicniúla a leagtar síos sa Roinn seo.

4. Thug an Ballstát lena mbaineann gealltanas chun tuairisc a thabhairt don Choimisiún gach 5 bliana i leith gach tionscadail maidir le gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a) 

leordhóthanacht na n-acmhainní carntha dá dtagraítear i bpointe 1(c);

(b) 

dul chun cinn iarbhír maidir le cur chun feidhme an phlean dá dtagraítear i bpointe 1(f).

Ar bhonn na dtuarascálacha, athbhreithneoidh an Coimisiún leordhóthanacht acmhainní carntha an chiste um bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus an chiste um dhíchoimisiúnú núicléach dá dtagraítear i bpointe 1(c) agus an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an phlean chláraithe dá dtagraítear i bpointe 1(f) agus féadfaidh sé aghaidh a thabhairt ar thuairim an Bhallstáit lena mbaineann.

5. Athbhreithneoidh an Coimisiún, faoi 2025, agus gach 10 mbliana ar a laghad, na paraiméadair theicniúla a chomhfhreagraíonn don teicneolaíocht is fearr atá ar fáil bunaithe ar mheasúnú an Ghrúpa Eorpach Rialaitheoirí um Shábháilteacht Núicléach (“ENSREG”).

6. Comhlíonann an ghníomhaíocht reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear an reachtaíocht dá dtagraítear i bpointe 1(a) agus (b), lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le meastóireacht, go háirithe trí thástálacha struis, ar athléimneacht na ngléasraí cumhachta núicléiche suite i gcrích an Aontais i gcoinne guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n-áirítear creathanna talún. Dá réir sin, déantar an ghníomhaíocht i gcrích Ballstáit i gcás ina ndéanann oibreoir gléasra núicléach:

(a) 

taispeántas maidir le sábháilteacht núicléach a chur isteach, a bhfuil raon feidhme agus leibhéal sonraí ann de réir thromchúis agus nádúr féideartha na guaise ábhartha maidir leis an ngléasra núicléach agus a shuíomh (Airteagal 6, pointe (b), de Threoir 2009/71/Euratom);

(b) 

go bhfuil bearta domhainchosanta déanta aige chun a áirithiú inter alia, go bhfuil tionchar guaiseacha ainscianta seachtracha nádúrtha agus de dhéanamh an duine íoslaghdaithe (Airteagal 8b(1), pointe (a) de Threoir 2009/71/Euratom);

(c) 

go ndearna sé measúnú iomchuí atá suíomh-shonrach agus gléasra-shonrach nuair a dhéanann an t-oibreoir lena mbaineann iarratas ar cheadúnas chun gléasra cumhachta núicléiche a thógáil agus a oibriú (Airteagal 8c(a) de Threoir 2009/71/Euratom).

7. Comhlíonann an ghníomhaíocht ceanglais Threoir 2009/71/Euratom, arna dtacú ag an gcomhairle idirnáisiúnta is déanaí ó IAEA agus WENRA, lena rannchuidítear le hathléimneacht acmhainneacht gléasraí cumhachta núicléiche nua agus gléasraí cumhachta núicléiche atá ann faoi láthair a mhéadú chun dul i ngleic le guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n-áirítear tuilte agus coinníollacha aimsire ainscianta.

8. Go ndéantar dramhaíl radaighníomhach, dá dtagraítear i bpointe 1(e) agus (f), a dhiúscairt sa Bhallstát inar táirgeadh é, mura bhfuil comhaontú idir an Ballstát lena mbaineann agus an Ballstát cinn scríbe, mar a bhunaítear i dTreoir 2011/70/Euratom. Sa chás sin, tá cláir um bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus diúscartha agus saoráid diúscartha oiriúnach á n-oibriú ag an mBallstát cinn scríbe i gcomhréir le ceanglais Threoir 2011/70/Euratom.

Critéir bhreise a bhaineann le rannchuidiú substaintiúil le maolú an athraithe aeráide

Gineann an ghníomhaíocht leictreachas trí fhuinneamh núicléach a úsáid. Tá astaíochtaí saolré gás ceaptha teasa (GCT) ó leictreachas a ghiniúint as fuinneamh núicléach níos ísle ná an tairseach arb é atá ann 100 g CO2e/kWh.

Déantar astaíochtaí saolré GCT a ríomh ach Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún a úsáid nó, ina áit sin, ISO 14067:2018 nó ISO 14064-1:2018.

Tríú páirtí neamhspleách a dhéanann an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT cainníochtaithe a fhíorú.

Critéir bhreise a bhaineann le Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Comhlíonann an ghníomhaíocht na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 6(b), Airteagal 8b(1), pointe (a) agus Airteagal 8c(a) de Threoir 2009/71/Euratom.

Comhlíonann an ghníomhaíocht ceanglais Threoir 2009/71/Euratom arna gcur chun feidhme i gcomhréir le comhairle idirnáisiúnta IAEA agus WENRA maidir le guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n-áirítear tuilte agus coinníollacha aimsire ainscianta.

▼M2

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Sainaithnítear rioscaí díghrádaithe comhshaoil a bhaineann le cáilíocht an uisce a chosaint agus strus maidir le huisce a sheachaint agus tugtar aghaidh ar na rioscaí sin, i gcomhréir le plean bainistíochta úsáide agus cosanta uisce, a fhorbraítear i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann.

Chun aimhrialtachtaí teirmeacha a bhaineann le sceitheadh teas dramhaíola a theorannú, oibreoirí gléasraí cumhachta núicléiche intíre ag úsáid fuaraithe fhliuch aonuaire trí uisce a ghlacadh ó abhainn nó rialú locha:

(a)  teocht uasta an dobharlaigh glactha fionnuisce tar éis an mheasctha, agus

(b)  an difríocht teochta uasta idir an t-uisce fuarúcháin sceite agus an dobharlach glactha fionnuisce.

Déantar an rialú teochta a chur chun feidhme i gcomhréir leis na coinníollacha ceadúnais aonair maidir leis na hoibríochtaí sonracha, i gcás inarb infheidhme, nó luachanna tairsí i gcomhréir le dlí an Aontais.

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, caighdeáin na Corparáide Airgeadais Idirnáisiúnta (IFC).

Oibrítear gníomhaíochtaí núicléacha i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE maidir le huisce óil a thógáil agus i gcomhréir le Treoir 2013/51/Euratom lena leagtar síos ceanglais i ndáil le sláinte an phobail i gcoitinne a chosaint maidir le substaintí radaighníomhacha in uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine.

▼M1

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá plean maidir le bainistiú dramhaíola neamh-radaighníomhaí agus dramhaíola radaighníomhaí i bhfeidhm agus áirithíonn sé athúsáid nó athchúrsáil uasta na dramhaíola sin ag deireadh na saolré i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, lena n-áirítear trí chomhaontuithe conarthacha le comhpháirtithe bainistíochta dramhaíola, an léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil.

Le linn oibrithe agus díchoimisiúnaithe, íoslaghdaítear méid na dramhaíola radaighníomhaí agus uasmhéadaítear méid na n-ábhar saorscaoilte i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom, agus i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cosaint ar radaíocht a leagtar síos i dTreoir 2013/59/Euratom.

Tá scéim maoiniúcháin i bhfeidhm chun cistiú leordhóthanach a áirithiú maidir le gach gníomhaíocht díchoimisiúnaithe agus maidir le breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú, i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom agus Moladh 2006/851/Euratom.

Comhlánaítear Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol roimh thógáil an ghléasra cumhachta núicléiche, i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE. Déantar na bearta maolaithe agus cúiteacha atá riachtanach a chur i bhfeidhm.

Déantar na gnéithe ábhartha sa Roinn seo a chumhdach le tuarascálacha na mBallstát leis an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Threoir 2011/70/Euratom.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Tá astaíochtaí neamh-radaighníomhacha laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochta bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin. Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

Maidir le gléasraí cumhachta núicléiche níos mó ná ionchur teirmeach 1 MW ach atá níos ísle ná na tairseacha do chonclúidí BAT nach mór do ghléasraí dócháin móra a chomhlíonadh, tá astaíochtaí níos lú ná luachanna na dteorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.

Comhlíonann sceite radaighníomhacha leis an aer, dobharlaigh agus an talamh (ithir) leis na coinníollacha ceadúnais aonair maidir leis na hoibríochtaí sonracha, i gcás inarb infheidhme, nó luachanna tairsí náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2013/51/Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom.

Déantar breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú go freagrach i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom.

Tá acmhainneacht leordhóthanach de stóráil eatramhach ar fáil don tionscadal, agus tá pleananna diúscartha náisiúnta i bhfeidhm chun fad tréimhse na stórála eatramhaí a íoslaghdú, i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom lena mbreithnítear ar stóráil dramhaíola radaighníomhaí, lena n-áirítear stóráil fhadtéarmach, mar réiteach eatramhach, ach nach mbreithnítear air mar rogha mhalartach thar an diúscairt.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Comhlánaítear Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol roimh thógáil an ghléasra cumhachta núicléiche, i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE. Déantar na bearta maolaithe agus cúiteacha atá riachtanach a chur i bhfeidhm.

Maidir le suíomhanna/oibríochtaí atá lonnaithe i limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de ar dócha go mbeadh tionchar mór acu ar limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de nó suíomhanna/oibríochtaí atá gar dóibh (lena n-áirítear líonra limistéir faoi chosaint Natura 2000, láithreáin Oidhreachta Domhanda Unesco agus Príomhlimistéir Bhithéagsúlachta, chomh maith le limistéir eile faoi chosaint), rinneadh measúnú iomchuí, i gcás inarb infheidhme, agus bunaithe ar a chonclúidí cuirtear na bearta maolaithe riachtanacha i bhfeidhm.

Ní dhéanfaidh na suíomhanna/oibríochtaí díobháil do stádas caomhantais aon cheann de na gnáthóga nó na speicis atá sna limistéir faoi chosaint.

4.28.    Giniúint leictreachais ó fhuinneamh núicléach i ngléasraí atá ann faoi láthair

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Modhnú gléasraí núicléacha atá ann faoi láthair, arna údarú ag údaráis inniúla na mBallstát faoi 2040 i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, chun am seirbhíse oibriú sábháilte gléasraí núicléacha lena ngintear leictreachas nó teas ó fhuinneamh núicléach a shíneadh (“gléasraí cumhachta núicléiche”).

Aicmítear an ghníomhaíocht faoi chóid NACE D35.11 agus F42.22 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10(2) DE Rialachán (AE) 2020/852 í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla go léir a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Critéir ghinearálta a bhaineann le rannchuidiú substaintiúil le maolú an athraithe aeráide agus Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

1. Tá an tionscadal a bhaineann leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch (“an tionscadal”) lonnaithe i mBallstát a chomhlíonann gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a) 

rinne an Ballstát Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle agus Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle a thrasuí go hiomlán;

(b) 

comhlíonann an Ballstát le Conradh Euratom agus le reachtaíocht arna glacadh ar a bonn, go háirithe, Treoir 2009/71/Euratom, Treoir 2011/70/Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom, agus le dlí comhshaoil an Aontais is infheidhme arna ghlacadh faoi Airteagal 192 CFAE, go háirithe Treoir 2011/92/AE agus Treoir 2000/60/CE;

(c) 

Ó dháta formheasta an tionscadail amach, tá ciste um bainistiú dramhaíola núicléiche agus ciste um dhíchoimisiúnú núicléach i bhfeidhm ag an mBallstát, cistí is féidir a chomhcheangal;

(d) 

tá sé léirithe ag an mBallstát go mbeidh na hacmhainní ar fáil dó faoi dheireadh shaolré úsáide measta an ghléasra cumhachta núicléiche a chomhfhreagraíonn do chostas measta bainistíochta dramhaíola radaighníomhaí agus díchoimisiúnaithe i gcomhréir le Moladh 2006/851/Euratom;

(e) 

tá saoráidí diúscartha deiridh oibríochtúla ag an mBallstát maidir leis an dramhaíl radaighníomhach atá ar leibhéal an-íseal, íseal agus idirmheánach, a bhfuil fógra tugtha don Choimisiún ina leith faoi Airteagal 41 de Chonradh Euratom nó faoi Airteagal 1(4) de Rialachán 2587/1999 ón gComhairle, agus a áirítear sa chlár náisiúnta arna nuashonrú faoi Threoir 2011/70/Euratom ón gComhairle;

(f) 

le haghaidh pleananna a údarófar i ndiaidh 2025, tá plean cláraithe ag an mBallstát ina leagtar amach céimeanna mionsonraithe chun go mbeidh, faoi 2050, saoráid diúscartha á hoibriú aige maidir le dramhaíl radaighníomhach ardleibhéil lena ndéantar cur síos ar gach ceann de na nithe seo a leanas:

(i) 

coincheapa nó pleananna agus réitigh theicniúla le haghaidh bainistiú breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí ó ghiniúint go diúscairt;

(ii) 

coincheapa nó pleananna do thréimhse iardhúnta shaolré saoráide diúscartha, lena n-áirítear an tréimhse ina gcoinnítear na rialuithe iomchuí agus na modhanna atá le húsáid chun eolas faoin tsaoráid sin a chaomhnú san fhadtéarma;

(iii) 

na freagrachtaí maidir le cur chun feidhme an phlean agus na heochairtháscairí feidhmíochta chun faireachán a dhéanamh ar a dhul chun cinn;

(iv) 

measúnuithe costais agus scéimeanna maoiniúcháin.

Chun críocha phointe (f), féadfaidh na Ballstáit na pleananna arna dtarraingt suas mar chuid den chlár náisiúnta a iarrtar le hAirteagail 11 agus 12 de Threoir 2011/70/Euratom a úsáid.

2. Leis an tionscadal uasghrádaithe cuirtear feabhsú sábháilteachta infheidhmithe ar bith chun feidhme agus ó 2025 ar aghaidh bainfidh sé leas as breosla tionóisc-fulangach. Déantar an teicneolaíocht a dheimhniú agus a fhormheas ag an rialtóir sábháilteachta náisiúnta.

3. Tugadh fógra don Choimisiún maidir leis an tionscadal i gcomhréir le hAirteagal 41 de Chonradh Euratom nó Airteagal 1(4) de Rialachán 2587/1999 ón gComhairle, i gcás ina mbeidh ceachtar de na forálacha sin infheidhme, gur thug an Coimisiún a bharúil ina leith i gcomhréir le hAirteagal 43 de Chonradh Euratom, agus gur tugadh aghaidh go sásúil ar gach saincheist a ardaíodh sa bharúil, le hábharthacht maidir le cur chun feidhme Airteagal 10(2) agus Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852, agus na critéir scagtha theicniúla a leagtar síos sa Roinn seo.

4. Thug an Ballstát lena mbaineann gealltanas chun tuairisc a thabhairt don Choimisiún gach 5 bliana i leith gach tionscadail maidir le gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a) 

leordhóthanacht na n-acmhainní carntha dá dtagraítear i bpointe 1(c);

(b) 

dul chun cinn iarbhír maidir le cur chun feidhme an phlean dá dtagraítear i bpointe 1(f).

Ar bhonn na dtuarascálacha, athbhreithneoidh an Coimisiún leordhóthanacht acmhainní carntha an chiste um bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus an chiste um dhíchoimisiúnú núicléach dá dtagraítear i bpointe 1(c) agus an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an phlean chláraithe dá dtagraítear i bpointe 1(f) agus féadfaidh sé aghaidh a thabhairt ar bharúil an Bhallstáit lena mbaineann.

5. Comhlíonann an ghníomhaíocht reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear an reachtaíocht dá dtagraítear i bpointe 1(a) agus (b), lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le meastóireacht, go háirithe trí thástálacha struis, ar athléimneacht na ngléasraí cumhachta núicléiche de chuid an Aontais i gcoinne guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n-áirítear creathanna talún. Dá réir sin, déantar an ghníomhaíocht i gcrích Ballstáit i gcás ina ndéanann oibreoir gléasra núicléach:

(a) 

taispeántas maidir le sábháilteacht núicléach a chur isteach, a bhfuil raon feidhme agus leibhéal sonraí ann de réir thromchúis agus nádúr féideartha na guaise ábhartha maidir leis an ngléasra núicléach agus a shuíomh (Airteagal 6, pointe (b), de Threoir 2009/71/Euratom);

(b) 

go bhfuil bearta domhainchosanta déanta aige chun a áirithiú inter alia, go bhfuil tionchar guaiseacha ainscianta seachtracha nádúrtha agus de dhéanamh an duine íoslaghdaithe (Airteagal 8b(1), pointe (a) de Threoir 2009/71/Euratom);

(c) 

go ndearna sé measúnú iomchuí atá suíomh-shonrach agus gléasra-shonrach nuair a dhéanann an t-oibreoir lena mbaineann iarratas ar cheadúnas chun gléasra cumhachta núicléiche a thógáil agus a oibriú (Airteagal 8c(a) de Threoir 2009/71/Euratom).

6. Comhlíonann an ghníomhaíocht ceanglais Threoir 2009/71/Euratom, arna dtacú ag an gcomhairle idirnáisiúnta is déanaí ó IAEA agus WENRA, lena rannchuidítear le hathléimneacht acmhainneacht gléasraí cumhachta núicléiche nua agus gléasraí cumhachta núicléiche atá ann faoi láthair a mhéadú chun dul i ngleic le guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n-áirítear tuilte agus coinníollacha aimsire ainscianta.

7. Go ndéantar dramhaíl radaighníomhach, dá dtagraítear i bpointe 1(e) agus (f), a dhiúscairt sa Bhallstát inar táirgeadh é, mura bhfuil comhaontú idir an Ballstát lena mbaineann agus an Ballstát cinn scríbe, mar a bhunaítear i dTreoir 2011/70/Euratom. Sa chás sin, tá cláir um bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus diúscartha agus saoráid diúscartha oiriúnach á n-oibriú ag an mBallstát cinn scríbe i gcomhréir le ceanglais Threoir 2011/70/Euratom.

Critéir bhreise a bhaineann le rannchuidiú substaintiúil le maolú an athraithe aeráide

Gineann an ghníomhaíocht leictreachas trí fhuinneamh núicléach a úsáid. Tá astaíochtaí saolré gás ceaptha teasa (GCT) ó leictreachas a ghintear as fuinneamh núicléach níos ísle ná an tairseach arb é atá ann 100 g CO2e/kWh.

Déantar astaíochtaí saolré GCT a ríomh ach Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún a úsáid nó, ina áit sin, ISO 14067:2018 nó ISO 14064-1:2018.

Tríú páirtí neamhspleách a dhéanann an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT cainníochtaithe a fhíorú.

Critéir bhreise a bhaineann le Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Comhlíonann an ghníomhaíocht na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 6(b), Airteagal 8b(1), pointe (a) agus Airteagal 8c(a) de Threoir 2009/71/Euratom.

Comhlíonann an ghníomhaíocht ceanglais Threoir 2009/71/Euratom arna gcur chun feidhme i gcomhréir le comhairle idirnáisiúnta IAEA agus WENRA a bhaineann le guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n-áirítear tuilte agus coinníollacha aimsire ainscianta.

▼M2

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Sainaithnítear rioscaí díghrádaithe comhshaoil a bhaineann le cáilíocht an uisce a chosaint agus strus maidir le huisce a sheachaint agus tugtar aghaidh ar na rioscaí sin, i gcomhréir le plean bainistíochta úsáide agus cosanta uisce, a fhorbraítear i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann.

Chun aimhrialtachtaí teirmeacha a bhaineann le sceitheadh teas dramhaíola a theorannú, oibreoirí gléasraí cumhachta núicléiche intíre ag úsáid fuaraithe fhliuch aonuaire trí uisce a ghlacadh ó abhainn nó rialú locha:

(a)  teocht uasta an dobharlaigh glactha fionnuisce tar éis an mheasctha, agus

(b)  an difríocht teochta uasta idir an t-uisce fuarúcháin sceite agus an dobharlach glactha fionnuisce.

Déantar an rialú teochta a chur chun feidhme i gcomhréir leis na coinníollacha ceadúnais aonair maidir leis na hoibríochtaí sonracha, i gcás inarb infheidhme, nó luachanna tairsí i gcomhréir le dlí an Aontais.

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, caighdeáin na Corparáide Airgeadais Idirnáisiúnta (IFC).

Oibrítear gníomhaíochtaí núicléacha i gcomhréir le ceanglais Threoir 2000/60/CE maidir le huisce óil a thógáil agus i gcomhréir le Treoir 2013/51/Euratom lena leagtar síos ceanglais i ndáil le sláinte an phobail i gcoitinne a chosaint maidir le substaintí radaighníomhacha in uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine.

▼M1

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá plean maidir le bainistiú dramhaíola neamh-radaighníomhaí agus dramhaíola radaighníomhaí i bhfeidhm agus áirithíonn sé athúsáid nó athchúrsáil uasta na dramhaíola sin ag deireadh na saolré i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, lena n-áirítear trí chomhaontuithe conarthacha le comhpháirtithe bainistíochta dramhaíola, an léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil.

Le linn oibrithe agus díchoimisiúnaithe, íoslaghdaítear méid na dramhaíola radaighníomhaí agus uasmhéadaítear méid na n-ábhar saorscaoilte i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom, agus i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cosaint ar radaíocht a leagtar síos i dTreoir 2013/59/Euratom.

Tá scéim maoiniúcháin i bhfeidhm chun cistiú leordhóthanach a áirithiú maidir le gach gníomhaíocht díchoimisiúnaithe agus maidir le breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú, i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom agus Moladh 2006/851/Euratom.

Comhlánaítear Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol roimh thógáil an ghléasra cumhachta núicléiche, i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE. Déantar na bearta maolaithe agus cúiteacha atá riachtanach a chur i bhfeidhm.

Déantar na gnéithe ábhartha sa Roinn seo a chumhdach le tuarascálacha na mBallstát leis an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Threoir 2011/70/Euratom.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Tá astaíochtaí neamh-radaighníomhacha laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochta bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin. Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

Maidir le gléasraí dócháin níos mó ná ionchur teirmeach 1 MW ach atá níos ísle ná na tairseacha do chonclúidí BAT nach mór do ghléasraí dócháin móra a chomhlíonadh, tá astaíochtaí níos lú ná na teorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.

Comhlíonann sceite radaighníomhacha leis an aer, dobharlaigh agus an talamh (ithir) leis na coinníollacha ceadúnais aonair maidir leis na hoibríochtaí sonracha, i gcás inarb infheidhme, nó luachanna tairsí náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2013/51/Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom.

Déantar breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú go freagrach i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom.

Tá acmhainneacht leordhóthanach de stóráil eatramhach ar fáil don tionscadal, agus tá pleananna diúscartha náisiúnta i bhfeidhm chun fad tréimhse na stórála eatramhaí a íoslaghdú, i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom lena mbreithnítear ar stóráil dramhaíola radaighníomhaí, lena n-áirítear stóráil fhadtéarmach, mar réiteach eatramhach, ach nach mbreithnítear air mar rogha mhalartach thar an diúscairt.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Comhlánaítear Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol roimh thógáil an ghléasra cumhachta núicléiche, i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE. Déantar na bearta maolaithe agus cúiteacha atá riachtanach a chur i bhfeidhm.

Maidir le suíomhanna/oibríochtaí atá lonnaithe i limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de ar dócha go mbeadh tionchar mór acu ar limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de nó suíomhanna/oibríochtaí atá gar dóibh (lena n-áirítear líonra limistéir faoi chosaint Natura 2000, láithreáin Oidhreachta Domhanda Unesco agus Príomhlimistéir Bhithéagsúlachta, chomh maith le limistéir eile faoi chosaint), rinneadh measúnú iomchuí, i gcás inarb infheidhme, agus bunaithe ar a chonclúidí cuirtear na bearta maolaithe riachtanacha i bhfeidhm.

Ní dhéanfaidh na suíomhanna/oibríochtaí díobháil do stádas caomhantais aon cheann de na gnáthóga nó na speicis atá sna limistéir faoi chosaint.

4.29.    Giniúint leictreachais ó bhreoslaí gásacha iontaise

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí giniúna leictreachais a fhoirgniú nó a oibriú ina ngintear leictreachas trí bhreoslaí gásacha iontaise a úsáid. Ní áirítear giniúint leictreachais ó úsáid eisiach breoslaí gásacha neamh-iontaise agus leachtacha dá dtagraítear i Roinn 4.7 den Iarscríbhinn seo agus breoslaí bithgháis agus bithleachta dá dtagraítear i Roinn 4.8 den Iarscríbhinn seo.

Féadfar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe D35.11 agus F42.22 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht idirthréimhseach dá dtagraítear in Airteagal 10 (2) de Rialachán (AE) 2020/852 í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Comhlíonann an ghníomhaíocht ceachtar de na critéir seo a leanas:

(a)  Tá astaíochtaí saolré GCT ó leictreachas a ghiniúint as breoslaí gásacha iontaise níos ísle ná 100 g CO2e/kWh.

Déantar astaíochtaí saolré GCT a ríomh bunaithe ar shonraí a bhaineann go sonrach le tionscadal, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, ach Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún a úsáid nó, ina áit sin, ISO 14067:2018 nó ISO 14064-1:2018.

Tríú páirtí neamhspleách a dhéanann an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT cainníochtaithe a fhíorú.

I gcás ina gcuimsíonn saoráidí aon chineál laghdaithe, lena n-áirítear gabháil carbóin nó breoslaí in-athnuaite nó ísealcharbóin a úsáid, go gcomhlíonann an ghníomhaíocht laghdaithe sin na critéir a leagtar amach sa Roinn ábhartha den Iarscríbhinn seo, i gcás inarb infheidhme.

I gcás ina ndéantar CO2 a ghabháil lena stóráil faoi thalamh, ar CO2 é a d’astófaí ón bpróiseas giniúna leictreachais murach sin, iompraítear agus stóráiltear an CO2 faoi thalamh, i gcomhréir leis na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach i Roinn 5.11 agus i Roinn 5.12 den Iarscríbhinn seo.

(b)  comhlíonfaidh saoráidí a ndeonófar ceadúnas foirgníochta ina leith faoin 31 Nollaig 2030 gach ceann de na nithe seo a leanas:

(i)  tá astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha na gníomhaíochtaí níos ísle ná 270g CO2e/kWh den aschur fuinnimh, nó ní mó astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha bliantúla na gníomhaíochta ná meánmhéid 550kgCO2e/kWh d’acmhainneacht na saoráide ar feadh tréimhse 20 bliain;

(ii)  ní féidir an chumhacht atá le hionadú a ghineadh ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, bunaithe ar mheastóireacht inchomparáide leis an rogha mhalartach is costéifeachtaí agus is indéanta go teicniúil le haghaidh na hacmhainneachta céanna a aithnítear; foilsítear toradh na meastóireachta inchomparáide sin agus tá sé faoi réir comhairliúchán le páirtithe leasmhara;

(iii)  déanann an ghníomhaíocht gníomhaíochta ginte leictreachais ardastaíochta atá ann faoi láthair a úsáideann breoslaí soladacha nó breoslaí iontaise leachtacha a ionadú;

(iv)  an acmhainneacht táirgeachta a suiteáladh le fíorghairid, ní bheidh sí níos mó ná 15 % os cionn acmhainneacht na saoráide a ionadaíodh;

(v)  déantar an tsaoráid a cheapadh agus a fhoirgniú chun breoslaí gásacha in-athnuaite agus/nó ísealcharbóin a úsáid agus déanfar an t-aistriú chuig úsáid iomlán breoslaí gásacha in-athnuaite agus/nó ísealcharbóin faoin 31 Nollaig 2035, le gealltanas agus plean infhíoraithe arna gceadú ag comhlacht bainistíochta an ghnóthais;

(vi)  laghdú astaíochtaí 55 % GCT ar a laghad a bheidh mar thoradh ar an ionadú thar shaolré na hacmhainneachta táirgeachta a suiteáladh le fíorghairid;

(vii)  i gcás ina ndéantar an ghníomhaíocht i gcrích Ballstáit ina n-úsáidtear gual chun fuinneamh a ghineadh, gur thug an Ballstát sin gealltanas chun úsáid giniúna fuinnimh ó ghual a chéimniú amach agus gur thug sé tuairisc maidir leis sin ina phlean fuinnimh agus aeráide náisiúnta comhtháite dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) nó in ionstraim eile.

Déanfaidh thríú páirtí comhlíontacht leis na critéir dá dtagraítear i bpointe 1(b) a fhíorú. Tá na hacmhainní agus an saineolas is gá ag an bhfíoraitheoir tríú páirtí neamhspleách chun an fíorú sin a dhéanamh. Níl aon choinbhleacht leasa ag an bhfíoraitheoir tríú páirtí neamhspleách leis an úinéir ná leis an maoinitheoir, agus níl baint aige le forbairt ná le hoibríocht na gníomhaíochta. Déanann an fíoraitheoir tríú páirtí neamhspleách fíorú na comhlíontachta leis na critéir scagtha theicniúla go dícheallach. Gach bliain, go sonrach, foilsíonn an tríú páirtí neamhspleách tuarascáil agus tarchuireann sé é chuig an gCoimisiún, ar tuarascáil é:

(a)  lena ndeimhnítear leibhéal na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha dá dtagraítear i bpointe 1(b)(i);

(b)  i gcás inarb infheidhme, lena ndéantar measúnú ar cibé acu atá nó nach bhfuil astaíochtaí GCT díreacha na gníomhaíochta ar chonair inchreidte chun an meánluach tairsí thar 20 bliain dá dtagraítear i bpointe 1(b)(i) a chomhlíonadh;

(c)  lena ndéantar measúnú ar cibé acu atá nó nach bhfuil an ghníomhaíocht ar chonair inchreidte chun pointe 1(b)(v) a chomhlíonadh.

Le linn don fhíoraitheoir tríú páirtí neamhspleách an mheastóireacht dá dtagraítear i bpointe 1(b) a dhéanamh, cuireann sé san áireamh go háirithe na hastaíochtaí GCT díreacha bliantúla beartaithe le haghaidh gach bliana de chuid na conaire, astaíochtaí GCT díreacha bliantúla réadaithe, uaireanta seirbhíse beartaithe agus réadaithe, agus úsáid bheartaithe agus réadaithe gáis in-athnuaite nó ísealcharbóin.

Ar bhonn na dtuarascálacha arna dtarchur chuig an gCoimisiún, féadfaidh sé barúil a chur chuig na hoibritheoirí ábhartha. Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha sin san áireamh le linn dó an t-athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 19(5) de Rialachán (AE) 2020/852 a dhéanamh.

2.  Comhlíonann an ghníomhaíocht ceachtar de na critéir seo a leanas:

(a)  suiteáiltear trealamh tomhais chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí fisiceacha, amhail iad siúd a thagann as sceitheadh meatáin, tráth na foirgníochta, nó tugtar isteach clár chun sceitheadh a bhrath agus a dheisiú;

(b)  tuairiscítear tomhas fisiceach astaíochtaí agus cuirtear deireadh le sceitheadh i rith an oibrithe.

3.  I gcás ina gcumascann an ghníomhaíocht breoslaí gásacha iontaise le bithghás gásacha nó le bithleachtaí, comhlíonann an bhithmhais talmhaíochta arna húsáid le haghaidh bithleachtaí a tháirgeadh na critéir a leagtar amach in Airteagal 29, míreanna 2 go mír 5, de Threoir (AE) 2018/2001 agus comhlíonann bithmhais foraoise na critéir a leagtar amach in Airteagal 29, míreanna 6 agus 7, den Treoir sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochta bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin.

Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

Maidir le gléasraí dócháin a bhfuil ionchur teirmeach níos mó ná 1 MW acu ach atá faoi bhun na dtairseacha le haghaidh na gconclúidí BAT nach mór do mhórghléasraí dócháin a chur i bhfeidhm, tá astaíochtaí faoi bhun na dteorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(1)   

Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 663/2009 agus (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

4.30.    Comhghiniúint teasa/fuaraithe agus cumhachta ardfheidhmíochta ó bhreoslaí gásacha iontaise

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí giniúna cumhachta agus téimh/fuaraithe a fhoirgniú, a athchothromú, agus a oibriú lena n-úsáidtear breoslaí gásacha iontaise. Ní áirítear comhghiniúint téimh/fuaraithe agus cumhachta ardfheidhmíochta ó úsáid eisiach breoslaí gásacha neamh-iontaise agus leachtacha dá dtagraítear i Roinn 4.19 den Iarscríbhinn seo, agus breoslaí bithgháis agus bithleachta dá dtagraítear i Roinn 4.20 den Iarscríbhinn seo.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE D35.11 agus D35.30 i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht idirthréimhseach dá dtagraítear in Airteagal 10 (2) de Rialachán (AE) 2020/852 í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Comhlíonann an ghníomhaíocht ceachtar de na critéir seo a leanas:

(a)  Tá astaíochtaí saolré GCT ó théamh/fuarú agus cumhacht a chomhghiniúint as breoslaí gásacha níos ísle ná 100 g CO2e in aghaidh 1 kWh d’aschur fuinnimh ón gcomhghiniúint.

Déantar astaíochtaí saolré GCT a ríomh bunaithe ar shonraí a bhaineann go sonrach le tionscadal, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, ach Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún a úsáid nó, ina áit sin, ISO 14067:2018 nó ISO 14064-1:2018.

Tríú páirtí neamhspleách a dhéanann an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT cainníochtaithe a fhíorú.

I gcás ina gcuimsíonn saoráidí aon chineál laghdaithe, lena n-áirítear gabháil carbóin nó breoslaí dícharbónaithe a úsáid, go gcomhlíonann an ghníomhaíocht laghdaithe sin na Ranna ábhartha den Iarscríbhinn seo, i gcás inarb infheidhme. I gcás ina ngabhtar an CO2 a astaítear ón nginiúint leictreachais, go mbainfidh an CO2 amach an teorainn astaíochta a leagtar amach i bpointe 1 den Roinn seo agus, go bhféadfar an CO2 a iompar agus a stóráil faoi thalamh ar bhealach lena mbaintear amach na critéir scagtha theicniúla maidir le CO2 a iompar agus a stóráil a leagtar amach i Ranna 5.11 agus 5.12 faoi seach den Iarscríbhinn seo.

(b)  comhlíonfaidh saoráidí a ndeonófar ceadúnas foirgníochta ina leith faoin 31 Nollaig 2030 gach ceann de na nithe seo a leanas:

(i)  baineann an ghníomhaíocht coigiltis fuinnimh phríomhúla de 10 % ar a laghad amach i gcomparáid leis na tagairtí do tháirgeadh scartha teasa agus leictreachais; déantar na coigiltis fuinnimh phríomhúla a ríomh ar bhonn na foirmle arna chur ar fáil i dTreoir 2012/27/AE;

(ii)  Tá astaíochtaí GCT díreacha na gníomhaíochta níos ísle ná 270 gCO2e/kWh den aschur fuinnimh;

(iii)  ní féidir an chumhacht agus/nó an teas/fuarú atá le hionadú a ghineadh ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, bunaithe ar mheastóireacht inchomparáide leis an rogha mhalartach is costéifeachtaí agus is indéanta go teicniúil le haghaidh na hacmhainneachta céanna a aithnítear; foilsítear toradh na meastóireachta inchomparáide sin agus tá sé faoi réir comhairliúchán le páirtithe leasmhara;

(iv)  déanann an ghníomhaíocht gníomhaíocht ardastaíochta giniúna cumhachta agus téimh/fuaraithe in éineacht, gníomhaíocht giniúna téimh/fuaraithe scartha, nó gníomhaíocht giniúna cumhachta scartha, atá ann faoi láthair lena n-úsáidtear breoslaí soladacha nó leachtacha iontaise, a ionadú;

(v)  an acmhainneacht táirgeachta a suiteáladh fíorghairid, ní bheidh sí os cionn acmhainneacht na saoráide a ionadaíodh;

(vi)  déantar an tsaoráid a dhearadh agus a fhoirgniú chun breoslaí gásacha in-athnuaite agus/nó ísealcharbóin a úsáid agus déanfar an t-aistriú chuig úsáid iomlán breoslaí gásacha in-athnuaite agus/nó ísealcharbóin faoin 31 Nollaig 2035, le gealltanas agus plean infhíoraithe arna gceadú ag comhlacht bainistíochta an ghnóthais;

(vii)  laghdú astaíochtaí 55 % GCT ar a laghad a bheidh mar thoradh ar an ionadú in aghaidh kWh aschur fuinnimh;

(viii)  ní mhéadaíonn athchóiriú na saoráide acmhainneacht táirgeachta na saoráide;

(ix)  i gcás ina ndéantar an ghníomhaíocht i gcrích Ballstáit ina n-úsáidtear gual chun fuinneamh a ghineadh, gur thug an Ballstát sin gealltanas chun úsáid giniúna fuinnimh ó ghual a chéimniú amach agus gur thug sé tuairisc maidir leis sin ina phlean fuinnimh agus aeráide náisiúnta comhtháite dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999 nó in ionstraim eile.

Déanfaidh thríú páirtí comhlíontacht leis na critéir dá dtagraítear i bpointe 1(b) a fhíorú. Tá na acmhainní agus an saineolas riachtanach ag an bhfíoraitheoir tríú páirtí neamhspleách chun an fíorú sin a dhéanamh. Níl aon choinbhleacht leasa ag an bhfíoraitheoir tríú páirtí neamhspleách leis an úinéir ná leis an maoinitheoir, agus níl baint aige le forbairt ná le hoibríocht na gníomhaíochta. Déanann an fíoraitheoir, ar tríú páirtí neamhspleách é, fíorú na comhlíontachta leis na critéir scagtha theicniúla go dícheallach. Gach bliain, go sonrach, foilsíonn an tríú páirtí neamhspleách tuarascáil agus tarchuireann sé é chuig an gCoimisiún, ar tuarascáil é:

(a)  lena ndeimhnítear leibhéal na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha dá dtagraítear i bpointe 1(b)(ii);

(b)  lena ndéantar measúnú ar cibé acu atá nó nach bhfuil an ghníomhaíocht ar chonair inchreidte chun pointe 1(b)(vi) a chomhlíonadh.

Ar bhonn na dtuarascálacha arna dtarchur chuig an gCoimisiún, féadfaidh sé tuairim a chur chuig na hoibritheoirí lena mbaineann. Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha sin san áireamh le linn dó an t-athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 19(5) de Rialachán (AE) 2020/852 a dhéanamh.

2.  Comhlíonann an ghníomhaíocht ceachtar de na critéir seo a leanas:

(a)  suiteáiltear trealamh tomhais chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí fisiceacha, lena n-áirítear sceitheadh meatáin, tráth na foirgníochta, nó tugtar isteach clár chun sceitheadh a bhrath agus a dheisiú;

(b)  tuairiscítear tomhas fisiceach astaíochtaí agus cuirtear deireadh le sceitheadh ar bith i rith an oibrithe.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochta bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin.

Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

Maidir le gléasraí dócháin a bhfuil ionchur teirmeach níos mó ná 1 MW acu ach atá faoi bhun na dtairseacha le haghaidh na gconclúidí BAT nach mór do mhórghléasraí dócháin a chur i bhfeidhm, tá astaíochtaí faoi bhun na dteorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

4.31.    Téamh/fuarú a tháirgeadh as breoslaí gásacha iontaise i gcóras téamh agus fuarú ceantair éifeachtach

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí giniúna teasa a tháirgeann téamh/fuarú trí bhreoslaí gásacha iontaise atá bainteach le téamh agus fuarú ceantair éifeachtach de réir bhrí Airteagal 2, pointe (41) de Threoir 2012/27/AE a fhoirgniú, a athriochtú agus a oibriú. Ní áirítear táirgeadh téimh/fuaraithe i dtéamh ceantair éifeachtach ó úsáid eisiach breoslaí in-athnuaite neamh-iontaise agus breoslaí leachtacha dá dtagraítear i Roinn 4.23 den Iarscríbhinn seo, agus breoslaí bithgháis agus bithleachta dá dtagraítear i Roinn 4.24 den Iarscríbhinn seo.

Aicmítear an ghníomhaíocht aicmithe chód NACE D35.30 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht idirthréimhseach dá dtagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852 í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Comhlíonann an ghníomhaíocht ceachtar de na critéir seo a leanas:

(a)  Tá astaíochtaí saolré GCT ó ghiniúint téimh/fuaraithe as breoslaí gásacha níos ísle ná 100 g CO2e/kWh. Déantar astaíochtaí saolré GCT a ríomh ach Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún a úsáid nó, ina áit sin, ISO 14067:2018 nó ISO 14064-1:2018.

Tríú páirtí neamhspleách a dhéanann an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT cainníochtaithe a fhíorú.

I gcás ina gcuimsíonn saoráidí aon chineál laghdaithe, lena n-áirítear gabháil carbóin nó breoslaí dícharbónaithe a úsáid, go gcomhlíonann an ghníomhaíocht laghdaithe sin na Ranna ábhartha den Iarscríbhinn seo, i gcás inarb infheidhme. I gcás ina ngabhtar an CO2 a astaítear ón nginiúint leictreachais, go mbainfidh an CO2 amach an teorainn astaíochta a leagtar amach i bpointe 1 den Roinn seo agus go bhféadfar an CO2 a iompar agus a stóráil faoi thalamh ar bhealach lena mbaintear amach na critéir scagtha theicniúla maidir le CO2 a iompar agus a stóráil a leagtar amach i Ranna 5.11 agus 5.12 faoi seach den Iarscríbhinn seo.

(b)  comhlíonfaidh saoráidí a ndeonófar ceadúnas foirgníochta ina leith faoin 31 Nollaig 2030 gach ceann de na nithe seo a leanas:

(i)  úsáidtear an fuinneamh teirmeach a ghintear leis an ngníomhaíocht i gcóras téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtach mar a shainítear i dTreoir 2012/27/AE;

(ii)  tá astaíochtaí GCT díreacha na gníomhaíochta níos ísle ná 270 g CO2e/kWh den aschur fuinnimh;

(iii)  ní féidir an téamh/fuarú atá le hionadú a ghineadh ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, bunaithe ar mheastóireacht inchomparáide leis an rogha mhalartach is costéifeachtaí agus is indéanta go teicniúil le haghaidh na hacmhainneachta céanna a aithnítear; foilsítear toradh na meastóireachta inchomparáide sin agus tá sé faoi réir comhairliúchán le páirtithe leasmhara;

(iv)  déanann an ghníomhaíocht gníomhaíocht téimh/fuaraithe ardastaíochta atá ann faoi láthair a úsáideann breoslaí soladacha nó breoslaí iontaise leachtacha a ionadú;

(v)  an acmhainneacht táirgeachta a suiteáladh fíorghairid, ní bheidh sí os cionn acmhainneacht na saoráide a ionadaíodh;

(vi)  déantar an tsaoráid a dhearadh agus a fhoirgniú chun breoslaí gásacha in-athnuaite agus/nó ísealcharbóin a úsáid agus déanfar an t-aistriú chuig úsáid iomlán breoslaí gásacha in-athnuaite agus/nó ísealcharbóin faoin 31 Nollaig 2035, le gealltanas agus plean infhíoraithe arna gceadú ag comhlacht bainistíochta an ghnóthais;

(vii)  is é a bheidh mar thoradh ar an ionadú laghdú astaíochtaí ar a laghad 55 % GCT de réir kWh aschur fuinnimh;

(viii)  ní mhéadaíonn athriochtú na saoráide acmhainneacht táirgeachta na saoráide;

(ix)  i gcás ina ndéantar an ghníomhaíocht i gcrích Ballstáit ina n-úsáidtear gual chun fuinneamh a ghineadh, gur thug an Ballstát sin gealltanas chun úsáid giniúna fuinnimh ó ghual a chéimniú amach agus gur thug sé tuairisc maidir leis sin ina phlean fuinnimh agus aeráide náisiúnta comhtháite dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999 nó in ionstraim eile.

Déanfaidh thríú páirtí comhlíontacht leis na critéir dá dtagraítear i bpointe 1(b) a fhíorú. Tá na acmhainní agus an saineolas riachtanach ag an bhfíoraitheoir tríú páirtí neamhspleách chun an fíorú sin a dhéanamh. Ní bheidh aon choinbhleacht leasa ag an bhfíoraitheoir neamhspleách tríú páirtí leis an úinéir ná leis an maoinitheoir, agus ní bheidh baint aige le forbairt ná le hoibríocht na gníomhaíochta. Déanann an fíoraitheoir tríú páirtí neamhspleách fíorú na comhlíontachta leis na critéir scagtha theicniúla go dícheallach. Gach bliain, go sonrach, foilsíonn an tríú páirtí neamhspleách tuarascáil agus tarchuireann sé é chuig an gCoimisiún, ar tuarascáil é:

(a)  lena ndeimhnítear leibhéal na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha dá dtagraítear i bpointe 1(b)(ii);

(b)  lena ndéantar measúnú ar cibé acu atá nó nach bhfuil an ghníomhaíocht ar chonair inchreidte chun pointe 1(b)(vi) a chomhlíonadh.

Ar bhonn na dtuarascálacha arna dtarchur chuig an gCoimisiún, féadfaidh sé barúil a chur chuig na hoibritheoirí lena mbaineann. Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha sin san áireamh le linn dó an t-athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 19(5) de Rialachán (AE) 2020/852 a dhéanamh.

2.  Comhlíonann an ghníomhaíocht ceachtar de na critéir seo a leanas:

(a)  suiteáiltear trealamh tomhais chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí fisiceacha, amhail sceitheadh meatáin, tráth na foirgníochta, nó tugtar isteach clár chun sceitheadh a bhrath agus a dheisiú;

(b)  tuairiscítear tomhas fisiceach astaíochtaí agus cuirtear deireadh le sceitheadh ar bith i rith an oibrithe.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochta bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin.

Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

Maidir le gléasraí dócháin a bhfuil ionchur teirmeach níos mó ná 1 MW acu ach atá faoi bhun na dtairseacha le haghaidh na gconclúidí BAT nach mór do mhórghléasraí dócháin a chur i bhfeidhm, tá astaíochtaí faoi bhun na dteorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

▼B

5.   SOLÁTHAR UISCE, SÉARACHAS, BAINISTÍOCHT DRAMHAÍOLA AGUS FEABHSÚCHÁN

5.1.    Córais bailithe, cóireála agus soláthair uisce a fhoirgniú, a leathnú agus a oibriú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Córais bailithe, cóireála agus soláthair uisce a fhoirgniú, a leathnú agus a oibriú.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe E36.00 agus F42.99 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Comhlíonann an córas soláthar uisce ceann de na critéir seo a leanas:

(a)  tá an glantomhaltas fuinnimh a úsáidtear le haghaidh astarraingthe agus cóireála cothrom le 0,5 kWh in aghaidh an mhéadair chiúbaigh den soláthar uisce táirgthe nó tá sé níos lú ná sin. Féadfar a chur san áireamh, le glantomhaltas fuinnimh, bearta lena laghdaítear an tomhaltas fuinnimh, amhail rialú foinse (ionchuir ualaigh thruailleáin), agus, de réir mar is iomchuí, giniúint fuinnimh (amhail fuinneamh hiodrálach, fuinneamh gréine agus fuinneamh gaoithe);

(b)  déantar an leibhéal sceite a ríomh trí úsáid a bhaint as modh rátála an Innéacs Sceite Bonneagair (ILI) (1) agus tá an luach tairsí cothrom le 1.5 nó níos lú ná sin, nó ríomhtar é trí mhodh iomchuí eile agus bunaítear an luach tairsí i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Tá an ríomh sin le cur i bhfeidhm ar fud mhéid an líonra soláthair (dáilte) uisce ina ndéantar na hoibreacha, i.e. ar leibhéal chrios an tsoláthair uisce, limistéar/limistéir méadraithe ceantair (DMAnna) nó ag limistéir/limistéir bhrú-bhainistithe (PMAnna).

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Ríomhtar an tInnéacs Sceite Bonneagair (ILI) mar chaillteanais réadacha bhliantúla atá ann faoi láthair (CARL)/caillteanais réadacha bhliantúla nach féidir a sheachaint (UARL): Is ionann na caillteanais réadacha bhliantúla atá ann faoi láthair (CARL) agus an méid uisce a chailltear ón líonra dáilte i ndáiríre (i.e. nach seachadtar chuig úsáideoirí deiridh). Cuirtear san áireamh le caillteanais réadacha bhliantúla nach féidir a sheachaint (UARL) go mbeidh roinnt sceite i gcónaí i líonra dáilte uisce. Ríomhtar UARL bunaithe ar thosca amhail fad an líonra, líon na nasc seirbhíse agus an brú ag a bhfuil an líonra ag oibriú.

(2)   

Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (athmhúnlú) (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1).

5.2.    Córais bailithe, cóireála agus soláthair uisce a athnuachan

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Córais bailithe, cóireála agus soláthair uisce a athnuachan, lena n-áirítear athnuachan ar bhonneagair bailithe, cóireála agus dáilte uisce le haghaidh riachtanais bhaile agus thionsclaíocha. Ní thugann sé aon athrú ábhartha le fios maidir le méid an tsreafa a bhailítear, a chóireáiltear nó a sholáthraítear.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe E36.00 agus F42.99 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Mar gheall ar athnuachan an chórais soláthair uisce, cuirtear feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)  trí bhíthin laghdú 20 % ar a laghad a chur ar mheántomhaltas fuinnimh an chórais, i gcomparáid lena mheánfheidhmíocht bhonnlíne thar 3 bliana, lena n-áirítear astarraingt agus cóireáil, arna thomhas in kWh in aghaidh an mhéadair chiúbaigh den soláthar uisce táirgthe;

(b)  tríd an mbearna a dhúnadh 20 % ar a laghad idir an leibhéal reatha sceite a mheánaítear thar thréimhse trí bliana, arna ríomh trí úsáid a bhaint as modh rátála an Innéacs Sceite Bonneagair (ILI) agus ILI de 1.5 (1), nó idir an leibhéal sceite reatha a mheánaítear thar thréimhse trí bliana, arna ríomh trí úsáid a bhaint as modh iomchuí eile, agus an luach tairsí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir (AE) 2020/2184. Déantar an leibhéal sceite reatha a mheánaítear thar thréimhse trí bliana a ríomh thar mhéid an líonra soláthair (dáilte) uisce ina ndéantar na hoibreacha i.e. don ghréasán athnuaite soláthair (dáilte) uisce ag limistéar/limistéir méadraithe ceantair (DMAnna) nó ag limistéar/limistéir bhrú-bhainistithe (PMAnna).

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Ríomhtar an tInnéacs Sceite Bonneagair (ILI) mar chaillteanais réadacha bhliantúla atá ann faoi láthair (CARL)/caillteanais réadacha bhliantúla nach féidir a sheachaint (UARL): Is ionann na caillteanais réadacha bhliantúla atá ann faoi láthair (CARL) agus an méid uisce a chailltear ón líonra dáilte i ndáiríre (i.e. nach seachadtar chuig úsáideoirí deiridh). Cuirtear san áireamh le caillteanais réadacha bhliantúla nach féidir a sheachaint (UARL) go mbeidh roinnt sceite i gcónaí i líonra dáilte uisce. Ríomhtar UARL bunaithe ar thosca amhail fad an líonra, líon na nasc seirbhíse agus an brú ag a bhfuil an líonra ag oibriú.

5.3.    Córais bailithe agus cóireála fuíolluisce a fhoirgniú, a leathnú agus a oibriú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Córais fuíolluisce láraithe, lena n-áirítear bailiú (líonra séarachais) agus cóireáil, a fhoirgniú, a leathnú agus a oibriú.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe E37.00 agus F42.99 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Tá glantomhaltas fuinnimh an ghléasra cóireála fuíolluisce cothrom leis an méid seo a leanas nó tá sé níos ísle ná:

(a)  35 kWh in aghaidh na coibhéise daonra (p.e.) in aghaidh na bliana le haghaidh toilleadh gléasra cóireála faoi bhun 10 000 p.e.;

(b)  25 kWh in aghaidh na coibhéise daonra (p.e.) in aghaidh na bliana le haghaidh toilleadh gléasra cóireála idir 10 000 agus 100 000 p.e.;

(c)  20 kWh in aghaidh na coibhéise daonra (p.e.) in aghaidh na bliana le haghaidh toilleadh gléasra cóireála 100 000 p.e.

Féadfar a chur san áireamh, le glantomhaltas fuinnimh ar oibriú an ghléasra cóireála fuíolluisce, bearta lena laghdaítear an tomhaltas fuinnimh a bhaineann le rialú foinse (laghdú a dhéanamh ar ionchuir uisce stoirme nó ualaigh truailleáin), agus, de réir mar is iomchuí, giniúint fuinnimh laistigh den chóras (amhail fuinneamh hiodrálach, gréine, teirmeach agus gaoithe).

2.  Chun gléasra cóireála fuíolluisce nó gléasra cóireála fuíolluisce ag a bhfuil córas bailiúcháin a thógáil agus a leathnú, gléasraí a bhfuil córais chóireála níos déine ar GCT (amhail umair sheipteacha, murlaigh anaeróbacha) á n-ionadú acu, déantar measúnú ar na hastaíochtaí díreacha GCT (1). Nochtar na torthaí d’infheisteoirí agus do chliaint ach iad a iarraidh.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht. I gcás ina ndéantar an fuíolluisce a chóireáil chuig leibhéal atá oiriúnach lena athúsáid in uisciú talmhaíochta, tá na gníomhartha a éilítear chun riosca a bhainistiú le go seachnófar tionchar comhshaoil sainmhínithe agus curtha chun feidhme (2).

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Le sceithí in uiscí glactha, comhlíontar na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 91/271/CEE (3) ón gComhairle nó mar a cheanglaítear le forálacha náisiúnta nó le caighdeáin idirnáisiúnta ina sonraítear na leibhéil truailleán uasta is incheadaithe ó sceitheadh chuig uiscí glactha.

Tá bearta cuí curtha chun feidhme chun forsceitheadh iomarcach uisce stoirme ón gcóras bailithe fuíolluisce a sheachaint agus a mhaolú, a bhféadfadh a bheith san áireamh leo réitigh bunaithe ar an dúlra, córais ar leithligh chun uisce stoirme a bhailiú, umair choinneála agus cóireáil an scagtha tosaigh.

Úsáidtear sloda séarachais i gcomhréir le Treoir 86/278/CEE (4) ón gComhairle nó de réir mar a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta a bhaineann le leathadh sloda ar an ithir nó le haon sloda a chur ar an ithir agus san ithir.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Mar shampla, treoirlínte IPCC d'fhardail náisiúnta GCT maidir le cóireáil fuíolluisce: https://www.ipcc-nggip.iges.or.jp/public/2019rf/pdf/5_Volume5/19R_V5_6_Ch06_Wastewater.pdf.

(2)   

De réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir leis na híoscheanglais le haghaidh uisce a athúsáid (IO L 177, 5.6.2020, lch. 32).

(3)   

Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40).

(4)   

Treoir 86/278/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1986 maidir le cosaint an chomhshaoil, agus go háirithe cosaint na hithreach, agus sloda séarachais á úsáid sa talmhaíocht (IO L 181, 4.7.1986, lch. 6).

5.4.    Bailiú agus cóireáil fuíolluisce a athnuachan

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Córais láraithe fuíolluisce a athnuachan, lena n-áirítear bailiú (líonra séarachais) agus cóireáil. Ní thugann sé aon athrú ábhartha le fios maidir le hualach nó méid an tsreafa a bhailítear nó a chóireáiltear sa chóras fuíolluisce.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE E37.00 i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Feabhsaítear éifeachtúlacht fuinnimh trí chóras bailiúcháin a athnuachan tríd an meántomhaltas fuinnimh a laghdú 20 % i gcomparáid leis an bhfeidhmíocht bhunlíne féin a mheánaítear thar 3 bliana, arna léiriú ar bhonn bliantúil. Is féidir an laghdú sin ar thomhaltas fuinnimh a chur san áireamh ar leibhéal an tionscadail (i.e. athnuachan an chórais bailithe) nó, ar fud an cheirtleáin fuíolluisce iartheachtaigh (i.e. lena n-áirítear an córas bailithe iartheachtach, an gléasra cóireála nó sceitheadh fuíolluisce).

2.  Ach an córas fuíolluisce “ó thús deireadh” a athnuachan, lena n-áirítear bailiúchán, cóireáil agus scaoileadh fuíolluisce, cuirtear feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh trí bhíthin laghdú 20 % ar a laghad a chur ar an meán-úsáid a bhaintear as an gcóras, i gcomparáid leis an meánfheidhmíocht bhonnlíne thar 3 bliana, arna thaispeáint ar bhonn bliantúil.

3.  Chun críche phointe 1 agus phointe 2, déantar glantomhaltas fuinnimh an chórais a ríomh in kWh in aghaidh na coibhéise daonra in aghaidh na bliana den fhuíolluisce a bhailítear nó a chóireáiltear, ag cur san áireamh bearta lena laghdaítear ídiú fuinnimh a bhaineann le rialú foinse (uisce stoirme nó ionchuir ualaigh truailleáin a laghdú) agus, de réir mar is iomchuí, giniúint fuinnimh laistigh den chóras (amhail fuinneamh hiodrálach, gréine, teirmeach agus gaoithe).

4.  Chun críocha phointe 1 agus 2, taispeánann an t-oibreoir nach ann d’aon athruithe ábhartha a bhaineann le coinníollacha seachtracha, lena n-áirítear modhnuithe ar údarú/údaruithe scaoilte nó athruithe ar ualach maidir leis an gceirtleán as a dtiocfadh laghdú ar thomhaltas fuinnimh, beag beann ar bhearta éifeachtúlachta arna ndéanamh.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht. I gcás ina ndéantar an fuíolluisce a chóireáil chuig leibhéal atá oiriúnach lena athúsáid in uisciú talmhaíochta, tá na gníomhartha a éilítear chun riosca a bhainistiú le go seachnófar tionchar comhshaoil sainmhínithe agus curtha chun feidhme (1).

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann scaoileadh amach in uiscí glactha na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 91/271/CEE nó de réir mar a éilítear i bhforálacha náisiúnta ina luaitear na huasleibhéil truailleán incheadaithe ó scaoileadh amach in uiscí glactha.

Tá bearta cuí curtha chun feidhme chun forsceitheadh iomarcach uisce stoirme ón gcóras bailithe fuíolluisce a sheachaint agus a mhaolú, a bhféadfadh a bheith san áireamh leo réitigh bunaithe ar an dúlra, córais ar leithligh chun uisce stoirme a bhailiú, umair choinneála agus cóireáil an scagtha tosaigh.

Úsáidtear sloda camrais i gcomhréir le Treoir 86/278/CEE nó de réir mar a cheanglaítear sa dlí náisiúnta maidir le sloda a scaipeadh ar an ithir nó sloda a chur ar an ithir agus san ithir ar aon bhealach eile.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le híoscheanglais le haghaidh uisce a athúsáid (IO L 177, 5.6.2020, lch. 32).

5.5.    Dramhaíl neamhghuaiseach a bhailiú agus a iompar i gcodáin scagtha de réir foinse

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Dramhaíl neamhghuaiseach a bhailiú agus a iompar ar leithligh i gcodáin aonair nó mheasctha ( 28 ) dírithe ar an dramhaíl a ullmhú le haghaidh athúsáide nó athchúrsála.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE E38.11 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Déantar an dramhaíl neamhghuaiseach ar fad arna bailiú agus arna hiompar ar leithligh agus arna scagadh ag an bhfoinse, dramhaíl mheasctha san áireamh, a sheoladh le hullmhú le haghaidh athúsáide nó athchúrsála.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní mheasctar codáin dramhaíola a bhailítear ar leithligh i saoráidí stórála agus aistrithe dramhaíola le dramhaíl nó ábhair eile ag a bhfuil airíonna éagsúla.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

5.6.    Díleá anaeróbach sloda séarachais

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí a fhoirgniú agus a oibriú chun sloda séarachais a chóireáil trí dhíleá anaeróbach agus táirgeadh agus úsáid bithgháis nó ceimiceán mar thoradh air sin.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cód NACE, go háirithe E37.00 agus F42.99 i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Tá plean faireachán agus teagmhais i bhfeidhm maidir le sceitheadh meatáin sa tsaoráid a íoslaghdú.

2.  Baintear úsáid dhíreach as an mbithghás a tháirgtear chun leictreachas nó teas a ghiniúint, nó déantar é a uasghrádú chuig bithmheatán lena instealladh isteach in eangach an gháis nádúrtha, nó a úsáid mar bhreosla feithicle nó mar bhunábhar sa tionscal ceimiceán.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí atá bainteach leis na raonta teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach le haghaidh cóireáil anaeróbach dramhaíola sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear na conclúidí maidir leis na teicnicí is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh bainistíocht dramhaíola (1). Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

I gcás ina bhfuil sé i gceist an díleáiteán a fhágtar mar thoradh a úsáid mar leasachán nó feabhsaitheoir ithreach, cuirtear a thoilleadh nítrigine (le leibhéal lamháltais ± 25 %) in iúl don cheannaitheoir nó don eintiteas atá i bhfeighil an díleáiteán a bhaint.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1147.

5.7.    Díleá anaeróbach bithdhramhaíola

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí tiomnaithe a fhoirgniú agus a oibriú le haghaidh bithdhramhaíl ( 29 ) a bhailítear ar leithligh a chóireáil trí dhíleá anaeróbach agus táirgeadh agus úsáid bithgháis agus díleáiteán agus/nó ceimiceán mar thoradh air sin.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cód NACE, go háirithe E38.21 agus F42.99 i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Tá plean faireachán agus teagmhais i bhfeidhm maidir le sceitheadh meatáin sa tsaoráid a íoslaghdú.

2.  Baintear úsáid dhíreach as an mbithghás a tháirgtear chun leictreachas nó teas a ghiniúint, nó déantar é a uasghrádú chuig bithmheatán lena instealladh isteach in eangach an gháis nádúrtha, nó a úsáid mar bhreosla feithicle nó mar bhunábhar sa tionscal ceimiceán.

3.  Déantar an bithdhramhaíl a úsáidtear le haghaidh díleá anaeróbach a scagadh ag an bhfoinse agus a bhailiú ar leithligh.

4.  Úsáidtear an díleáiteán arna tháirgeadh mar leasachán nó mar fheabhsaitheoir ithreach, go díreach nó tar éis muirínithe nó aon chóireáil eile.

5.  Sna gléasraí cóireála bithdhramhaíola tiomnaithe, sciar na mbarr bia agus cothaithe (1) a úsáidtear mar bhunábhar ionchuir, arna thomhas de réir meáchain, mar mheánmhéid bliantúil, agus bíonn an sciar den ábhar ionchuir eile níos lú ná nó comhionann le 10 % den bhunábhar ionchuir.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Maidir le gléasraí díleá anaeróbaigh a dhéanann níos mó ná 100 tona a chóireáil in aghaidh an lae, tá astaíochtaí chuig aer agus chuig uisce laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí atá bainteach leis na raonta teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach le haghaidh cóireáil anaeróbach dramhaíola sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh chóireáil dramhaíola (2). Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

Comhlíonann an díleáiteán arna tháirgeadh na ceanglais maidir le hábhair leasacháin a leagtar amach i gCatagóirí d'Ábhar Comhpháirteach (CMC) 4 agus 5 le haghaidh díleáiteáin nó CMC 3 le haghaidh muirínithe, de réir mar is infheidhme, in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009, nó le rialacha náisiúnta maidir le leasacháin/feabhsaitheoirí ithreach le haghaidh úsáid talmhaíochta

Cuirtear toilleadh nítrigine (leibhéal lamháltais ±25 %) an díleáiteáin a úsáidtear mar leasachán nó mar fheabhsaitheoir ithreach in iúl don cheannaitheoir nó don eintiteas atá i bhfeighil an díleáiteán a bhaint.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Sainmhínítear “bithghás” in Airteagal 2, pointe 40, de Threoir (AE) 2018/2001.

(2)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1147.

5.8.    Múiríniú bithdhramhaíola

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí tiomnaithe a fhoirgniú agus a oibriú le haghaidh bithdhramhaíl ( 30 ) a bhailítear ar leithligh a chóireáil trí mhúiríniú (díleá anaeróbach) agus táirgeadh agus úsáid múiríne mar thoradh air sin.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cód NACE, go háirithe E38.21 agus F42.99 i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Déantar an bithdhramhaíl a mhúirínítear a scagadh ag an bhfoinse agus a bhailiú ar leithligh.

2.  Baintear úsáid as an díleáiteán arna tháirgeadh mar leasachán nó mar fheabhsaitheoir ithreach agus comhlíonann sé na ceanglais maidir le hábhair leasacháin a leagtar amach i gCatagóir na nÁbhar Comhpháirte (CMC) 3 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009, nó dlíthe náisiúnta maidir le leasacháin nó feabhsaitheoirí ithreach le haghaidh úsáid talmhaíochta.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Maidir le gléasraí múirínithe a dhéanann níos mó ná 75 tona a chóireáil in aghaidh an lae, tá astaíochtaí chuig aer agus chuig uisce laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí atá bainteach leis na raonta teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach le haghaidh cóireáil anaeróbach dramhaíola sna teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh cóireáil dramhaíola (1). Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

Tá córas i bhfeidhm ar an láthair a chuireann cosc ar láisteáit screamhuisce a bhaint amach.

Comhlíonann an múirín arna tháirgeadh na ceanglais maidir le hábhair leasacháin a leagtar amach i gCatagóir na nÁbhar Comhpháirte 3 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009, nó rialacha náisiúnta maidir le leasacháin nó feabhsaitheoirí ithreach le haghaidh úsáid talmhaíochta.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1147.

5.9.    Aisghabháil ábhair ó dhramhaíl neamhghuaiseach

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí a fhoirgniú agus a oibriú chun sruthanna dramhaíola neamhghuaisí a bhailítear ar leithligh a shórtáil agus a phróiseáil ina n-amhábhair thánaisteacha trí phróiseas athphróiseála meicniúil, seachas chun críocha aislíonta.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe E38.32 agus F42.99 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Déanann an ghníomhaíocht 50 % ar a laghad, i dtéarmaí meáchain de, den dramhaíl neamhghuaiseach a bailíodh agus a próiseáladh ar leithligh a thiontú go hamhábhair thánaisteacha atá oiriúnach le dul in ionad óghábhar i bpróisis táirgeachta.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

5.10.    Gás láithreáin líonta a ghabháil agus a úsáid

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Bonneagar a shuiteáil agus a oibriú chun gás láithreáin líonta ( 31 ) a ghabháil agus a úsáid i láithreán líonta talún atá dúnta go buan, agus úsáid á baint as trealamh agus saoráidí teicniúla tiomnaithe nua nó forlíontacha a suiteáladh i rith dhúnadh an láithreáin nó ina dhiaidh.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE E38.21 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Níor osclaíodh an líonadh talún i ndiaidh an 8 Iúil 2020.

2.  Tá an líonadh talún nó an chill líonta talún ina bhfuil an córas gabhála gáis nuashuiteáilte, leathnaithe nó iarfheistithe, dúnta go buan agus níl sé ag glacadh le tuilleadh dramhaíl in-bhithmhillte (1).

3.  Baintear úsáid as an ngás líonta talún a tháirgtear chun leictreachas nó teas a ghiniúint mar bhithghás (2), nó déantar é a uasghrádú chuig bithmheatán lena instealladh isteach in eangach an gháis nádúrtha, nó a úsáid mar bhreosla feithicle nó mar bhunábhar sa tionscal ceimiceán.

4.  Tá astaíochtaí meatáin ón líonadh talún agus sceitheadh ó na saoráidí bailithe agus úsáide gás láithreáin líonta faoi réir ag nósanna imeachta um rialú agus faireachán a leagtar amach in Iarscríbhinn III le Treoir 1999/31/CE ón gComhairle (3).

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Déantar dúnadh buan agus feabhsúchán sean-líonta talún, chomh maith le hiarchúram ina leith, sa chás ina bhfuil córas gabhála gás láithreáin líonta suiteáilte, i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

(a)  na ceanglais ghinearálta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 1999/31/CE;

(b)  nósanna imeachta um rialú agus faireachán a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

De réir mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I de Threoir 1999/31/CE.

(2)   

Sainmhínítear “bithghás” in Airteagal 2, pointe 28, de Threoir (AE) 2018/2001.

(3)   

Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (IO L 182, 16.7.1999, lch. 1).

5.11.    Iompar CO2

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

CO2 gafa a iompar de gach modh.

Píblínte CO2 a fhoirgniú agus a oibriú agus líonraí gáis a iarfheistiú i gcás inarb é an príomhchuspóir CO2 ghafa a chomhtháthú:

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cód NACE, go háirithe F42.21 agus H49.50 i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Déantar CO2 a iompar ón ngléasra ina bhfuil sí gafa chuig an bpointe insteallta ach ní bhíonn sceitheadh CO2 ina thoradh air sin os cionn 0,5 % de mhais CO2 a dhéantar a iompar.

2.  Déantar CO2 a sheachadadh chuig láithreán stórála buaine CO2 lena gcomhlíontar na critéir le haghaidh stóráil gheolaíoch faoi thalamh CO2 a leagtar amach i Roinn 5.12 den Iarscríbhinn seo; nó chuig módúlachtaí iompair eile, a théann go díreach chuig láithreán stórála buaine CO2 lena gcomhlíontar na critéir sin;

3.  Cuirtear córais braite sceite iomchuí i bhfeidhm agus tá plean faireacháin i bhfeidhm, agus fíordheimhníonn tríú páirtí neamhspleách an tuarascáil.

4.  D’fhéadfaí a chuimsiú leis an ngníomhaíocht suiteáil sócmhainní lena méadaítear solúbthacht agus lena bhfeabhsaítear bainistíocht líonra atá ann cheana..

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

5.12.    Stóráil bhuan gheolaíoch CO2 faoi thalamh

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Stóráil bhuan CO2 ghafa i bhfoirmíochtaí geolaíocha iomchuí faoi thalamh.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE E39.00 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Is é an chúis go ndéantar an coimpléacs stórála féideartha agus an ceantar máguaird a thréithriú agus a mheasúnú, nó a thaiscéaladh de réir bhrí Airteagal 3, pointe (8), de Threoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), chun a dhéanamh amach má tá an fabhrú geolaíoch oiriúnach le húsáid mar láithreán stórála CO2.

2.  Maidir le láithreáin stórála CO2 gheolaíoch faoi thalamh, lena n-áirítear oibleagáidí maidir le dúnadh agus i ndiaidh an dúnta:

(a)  cuirtear córais braite sceite iomchuí chun feidhme chun scaoileadh le linn oibre a chosc;

(b)  tá plean faireacháin i bhfeidhm do na saoráidí insteallta, an coimpléacs stórála agus, nuair is iomchuí, an timpeallacht mháguaird, agus déanann an t-údarás inniúil náisiúnta na tuarascálacha tráthrialta a sheiceáil.

3.  Maidir le taiscéalaíocht agus oibriú láithreáin stórála laistigh den Aontas, comhlíonann an ghníomhaíocht Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Maidir le taiscéalaíocht agus oibriú láithreáin stórála i dtríú tíortha, comhlíonann an ghníomhaíocht ISO 27914:2017 (2) maidir le stóráil gheolaíoch CO2.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann an ghníomhaíocht Treoir 2009/31/CE.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114).

(2)   

Caighdeán ISO 27914:2017, Dé-ocsaíd charbóin a ghabháil, a iompar agus stóráil gheolaíoch di — (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/64148.html).

6.   IOMPAR

6.1.    Iompar paisinéirí d’iarnród idiruirbeach

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Iompar paisinéirí a cheannach, a mhaoiniú, a fháil ar cíos, a léasú agus a oibriú agus úsáid á baint as rothstoc iarnróid ar líonraí príomhlíne, scaipthe amach thar cheantar geografach fairsing, iompar paisinéirí trí bhíthin iarnróid idiruirbeacha agus carráistí codlata nó proinncharranna a oibriú mar oibríocht chomhtháite cuideachtaí iarnróid.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe H49.10, N77.39 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

I gcás nach gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo an critéar maidir le rannchuidiú substaintiúil a shonraítear i bpointe (a) den Roinn seo, is gníomhaíocht idirthréimhseach í an ghníomhaíocht sin faoi mar thagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla atá fágtha agus a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Comhlíonann an ghníomhaíocht ceann de na critéir seo a leanas:

(a)  tá astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 ag na traenacha agus ag na carráistí paisinéirí;

(b)  tá astaíocht nialasach díreach sceithphíopa CO2 ag na traenacha agus ag na carráistí paisinéirí nuair a oibrítear iad ar rian a bhfuil an bonneagar is gá air, agus úsáideann siad gnáth-inneall i gcás nach bhfuil bonneagar den sórt sin ar fáil (mód déach);

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, go háirithe i rith cothabhála.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann innill chun innill féinghluaiste (RLL) a thiomáint agus innill chun cairr iarnróid (RLR) a thiomáint teorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí le haghaidh truailleáin ghásacha agus cháithníneacha agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1024/2012 agus (AE) Uimh. 167/2013, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 97/68/CE (IO L 252, 16.9.2016, lch. 53).

6.2.    Iompair lastais iarnróid

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Iompar lasta ar líonraí iarnróid príomhlíne, chomh maith le hiarnróid lasta ghearrlíne, a cheannach, a mhaoiniú, a léasú, a fháil ar cíos agus a oibriú.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe H49.20 agus N77.39 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

I gcás nach gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo an critéar maidir le rannchuidiú substaintiúil a shonraítear i bpointe (a) den Roinn seo, is gníomhaíocht idirthréimhseach í an ghníomhaíocht sin faoi mar a thagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla atá fágtha agus a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Comhlíonann an ghníomhaíocht ceann de na critéir seo a leanas nó an dá chritéar:

(a)  tá astaíocht nialasach díreach sceithphíopa CO2 ag na traenacha agus ag na vaigíní;

(b)  tá astaíocht nialasach díreach sceithphíopa CO2 ag na traenacha agus ag na vaigíní nuair a oibrítear iad ar rian a bhfuil an bonneagar is gá air, agus úsáideann siad gnáth-inneall i gcás nach bhfuil bonneagar den sórt sin ar fáil (mód déach).

2.  Níl na traenacha ná na vaigíní tiomnaithe do bhreoslaí iontaise a iompar.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, go háirithe i rith cothabhála.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann innill chun innill féinghluaiste (RLL) a thiomáint agus innill chun cairr iarnróid (RLR) a thiomáint teorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1628.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

6.3.    Iompar uirbeach agus fo-uirbeach, paisinéirí a iompar de bhóthar

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Feithiclí iompair uirbeacha agus fo-uirbeacha a cheannach, a mhaoiniú, a léasú, a fháil ar cíos agus a oibriú le haghaidh paisinéirí agus paisinéirí a iompar de bhóthar.

I gcás mótarfheithiclí, feithiclí a oibriú a ainmnítear mar chatagóirí M2 nó M3, i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2018/858, le haghaidh iompar paisinéirí a sholáthar.

D'fhéadfaí a áireamh leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo oibriú modhanna difriúla iompair talún, amhail de mhótarbhus, tram, bus tralaí, iarnród faoi thalamh agus iarnród ardaithe. Cuimsítear freisin sa ghníomhaíocht línte baile-go-haerfort nó baile-go-stáisiún agus oibriú iarnród cáblach agus cábla-bhealaigh i gcás inar chuid de chórais idirthurais uirbeacha nó fo-uirbeacha iad.

Áirítear ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo freisin seirbhísí sceidealaithe fadachair bus, cairteacha, turais agus seirbhísí cóiste ócáideacha eile, tointeoga aerfoirt (lena n-áirítear laistigh d’aerfoirt), oibriú busanna scoile agus busanna don iompar.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe H49.31, H49.3.9, N77.39 agus N77.11 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

I gcás nach gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo an critéar maidir le rannchuidiú substaintiúil a shonraítear i bpointe (a) den Roinn seo, is gníomhaíocht idirthréimhseach í an ghníomhaíocht sin faoi mar a thagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla atá fágtha a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir seo a leanas:

(a)  soláthraíonn an ghníomhaíocht iompar uirbeach nó fo-uirbeach paisinéirí agus níl aon astaíochtaí díreacha (sceithphíopa) CO2 ann (1);

(b)  go dtí an 31 Nollaig 2025, soláthraíonn an ghníomhaíocht iompar idiruirbeach paisinéirí de bhóthar trí úsáid feithiclí atá ainmnithe mar chatagóirí M2 agus M3 (2) ag a bhfuil cineál cabhalra a n-aicmítear mar “CA” (feithicil aon stór), “CB” (feithicil dhá stór), “CC” (feithicil altach aon stór) nó “CD” (feithicil altach dhá stór) (3), ar feithiclí iad a chomhlíonann an caighdeán EURO VI is déanaí, i.e. ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus, ó theacht i bhfeidhm na leasuithe ar an Rialachán, sna gníomhartha leasaitheacha sin, fiú sula raibh siad infheidhme, agus an chéim is déanaí den chaighdeán Euro VI a leagtar amach i dTábla 1 d’Aguisín 9 le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ina bhfuil na forálacha lena rialaítear an chéim sin tagtha i bhfeidhm gan a bheith infheidhme go fóill don chineál feithicle seo (4). Mura bhfuil an caighdeán sin ar fáil, bíonn astaíochtaí díreacha CO2 na bhfeithiclí cothrom le nialas.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú sa chéim úsáide (cothabháil) agus nuair a bhíonn a ré caite ag an bhflít araon, lena n-áirítear trí bhíthin ceallraí agus leictreonaic a athúsáid agus a athchúrsáil (go háirithe na hamhábhair chriticiúla iontu), i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola.

▼M2

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Le haghaidh feithiclí bóthair de chatagóir M, comhlíonann na boinn ceanglais torainn sheachtraigh rollta san aicme is airde a úsáidtear agus Comhéifeacht Friotaíochta Rollta (a bhfuil tionchar aige ar éifeachtúlacht fuinnimh na feithicle) sa dá aicme is airde a úsáidtear mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2020/740 agus mar is féidir a fhíorú ó Bhunachar Sonraí Táirgí Eorpach le haghaidh Lipéadú Fuinnimh (EPREL).

I gcás inarb infheidhme, comhlíonann feithiclí ceanglais na céime is déanaí is infheidhme de chineálcheadú astaíochtaí tromshaothair Euro VI a leagtar amach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009.

▼B

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Áirítear leis sin Mótarbhusanna ar a bhfuil cineál cabhalra aicmithe ar nós “CE” (feithicil aon urláir ísil), “CF” (feithicil dhá urlár íseal), “CG” (feithicil altach aon urláir ísil), “CH” (feithicil altach dhá urlár íseal), “CI” (feithicil aon urláir díon-oscailte) nó “CJ” (feithicil dhá urlár díon-oscailte), mar a leagtar amach i bpointe 3 de chuid C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858.

(2)   

Dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/858.

(3)   

Mar a leagtar amach i bpointe 3 de chuid C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858.

(4)   

Go dtí an 31/12/2021, céim E, EURO VI, mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 595/2009.

(5)   

Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le lipéadú bonn i ndáil le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile, lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 2017/1369 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 (IO L 177, 5.6.2020, lch. 1).

6.4.    Gairis soghluaisteachta phearsanta a oibriú, lóistíocht rothar

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Oibriú gairis ghluaiseachta pearsanta i gcás ina dtagann tiomáint ó ghníomhaíocht choirp an úsáideora, ó mhótar astaíochtaí nialasacha, nó ó mheascán de mhótar astaíochtaí nialasacha agus de ghníomhaíocht choirp. Áirítear leis sin seirbhísí iompair lasta (lastas) de rothair.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe N77.11 agus N77.21 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Tagann tiomáint gairis ghluaiseachta pearsanta ó ghníomhaíocht choirp an úsáideora, ó mhótar astaíochtaí nialasacha, nó ó mheascán de mhótar astaíochtaí nialasacha agus de ghníomhaíocht choirp.

2.  Ceadaítear oibriú na ngaireas gluaiseachta pearsanta ar an mbonneagar poiblí céanna le rothair nó coisithe.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá bearta i láthair chun dramhaíl a bhainistiú sa chéim úsáide (cothabháil) agus nuair a bhíonn a ré caite ag an bhflít, lena n-áirítear trí bhíthin ceallraí agus leictreonaic a athúsáid agus a athchúrsáil (go háirithe na hamhábhair chriticiúla iontu), i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

6.5.    Iompar le gluaisrothair, le gluaisteáin phaisinéirí agus le feithiclí éadroma tráchtála.

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Ceannach, maoiniú, ligean ar cíos, léasú agus oibriú feithiclí atá ainmnithe mar chatagóirí M1 ( 32 ), N1 ( 33 ), araon a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 34 ), nó L (2-agus 3-roth agus cuadrothair) ( 35 ).

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe H49.32, H49.39 agus N77.11 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

I gcás nach gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo an critéar maidir le rannchuidiú substaintiúil a shonraítear i bpointe (a)(ii) agus i bpointe (b) den Roinn seo, is gníomhaíocht idirthréimhseach í an ghníomhaíocht sin faoi mar a thagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla atá fágtha a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir seo a leanas:

(a)  i gcás feithiclí de chatagóir M1 agus agus de chatagóir N1, a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 araon:

(i)  go dtí an 31 Nollaig 2025, beidh astaíochtaí sonracha CO2, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (h), de Rialachán (AE) 2019/631, níos ísle ná 50 gCO2/km (feithiclí saothair éadroim astaíochtaí ísle nó saor ó astaíochtaí);

(ii)  ón 1 Eanáir 2026, beidh na hastaíochtaí CO2, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (h), de Rialachán (AE) 2019/631, nialasach.

(b)  maidir le feithiclí de chatagóir L lena mbaineann astaíochtaí sceithphíopa CO2 comhionann le 0 g CO2e/km arna ríomh i gcomhréir leis an tástáil astaíochtaí a leagtar síos i Rialachán (AE) 168/2013.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá na nithe a leanas ag baint le feithiclí i gcatagóirí M1 agus N1:

(a)  in-athúsáidte nó in-athchúrsáilte go dtí íosmhéid 85 % de réir meáchain;

(b)  in-athúsáidte nó in-aisghabhála go dtí íosmhéid 95 % de réir meáchain (1).

Tá bearta i láthair chun dramhaíl a bhainistiú sa chéim úsáide (cothabháil) agus nuair a bhíonn a ré caite ag an bhflít, lena n-áirítear trí bhíthin ceallraí agus leictreonaic a athúsáid agus a athchúrsáil (go háirithe na hamhábhair chriticiúla iontu), i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola.

▼M2

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann feithiclí ceanglais na céime is déanaí is infheidhme de chineálcheadú astaíochtaí saothair éadroim Euro 6 (2) a leagtar amach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007.

Comhlíonann feithiclí na tairseacha astaíochtaí le haghaidh feithiclí saothair éadroim glana a leagtar amach i dTábla 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

Le haghaidh feithiclí bóthair de chatagóirí M agus N, comhlíonann na boinn ceanglais torainn sheachtraigh rollta san aicme is airde a úsáidtear agus Comhéifeacht Friotaíochta Rollta (a bhfuil tionchar aige ar éifeachtúlacht fuinnimh na feithicle) sa dá aicme is airde a úsáidtear mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2020/740 agus mar is féidir a fhíorú ó Bhunachar Sonraí Táirgí Eorpach le haghaidh Lipéadú Fuinnimh (EPREL).

Comhlíonann feithiclí Rialachán (AE) Uimh. 540/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

▼B

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I de Threoir 2005/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca lena n-ath-inúsáideacht, lena n-athchúrsáilteacht agus lena n-in-aisghábháilteacht agus lena leasaítear Treoir 70/156/CEE ón gComhairle (IO L 310, 25.11.2005, lch. 10).

(2)   

Rialachán (AE) 2018/1832 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún chun críche feabhas a chur ar na tástálacha agus na nósanna imeachta um chineálcheadú astaíochtaí i gcás feithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála, lena n-áirítear iad sin le haghaidh comhréireacht inseirbhíse agus astaíochtaí fíorthiomána, agus chun críche gairis a thabhairt isteach chun faireachán a dhéanamh ar thomhaltas breosla agus fuinnimh leictrigh (IO L 301, 27.11.2018, lch. 1).

(3)   

Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a chur chun cinn (IO L 120, 15.5.2009, lch. 5).

(4)   

Rialachán (AE) Uimh. 540/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le leibhéal na fuaime ó mhótarfheithiclí agus ó chórais tosta athsholáthair, agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 70/157/CEE (IO L 158, 27.5.2014, lch. 131).

6.6.    Seirbhísí iompair lastais de bhóthar

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Feithiclí a cheannach, a mhaoiniú, a léasú, a fháil ar cíos agus a oibriú, ar feithiclí iad atá ainmnithe faoi chatagóir N1, N2 ( 36 ) nó N3 ( 37 ) a thagann faoi raon feidhme EURO VI ( 38 ), céim E nó an ionstraim a thiocfaidh ina ionad, le haghaidh seirbhísí iompair lastais de bhóthar.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe H49.4.1, H53.10, H53.20 agus N77.12 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

I gcás nach gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo an critéar um rannchuidiú substaintiúil a shonraítear i bpointe (1)(a), i bpointe (1)(b) ná i bpointe (1)(c)(i) den Roinn seo, is gníomhaíocht idirthréimhseach í an ghníomhaíocht sin faoi mar a thagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla atá fágtha a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Comhlíonann an ghníomhaíocht ceann de na critéir seo a leanas:

(a)  níl astaíochtaí CO2 díreacha (sceithphíopa) díreach ar bith ag feithiclí chatagóir N1;

(b)  tá feithiclí de chatagóir N2 agus N3 lena mbaineann mais luchtaithe atá ceadaithe go teicniúil nach mó ná 7.5 tona ina “bhfeithiclí tromshaothair saor ó astaíochtaí” mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (11) de Rialachán (AE) 2019/1242.

(c)  is ceann de na feithiclí seo a leanas iad feithiclí de chatagóir N2 agus N3 ag a bhfuil uasmhais ualaithe atá incheadaithe go teicniúil agus is mó ná 7,5 tona:

(i)  “feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha”, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (11), de Rialachán (AE) 2019/1242;

(ii)  i gcás nach indéanta é ó thaobh teicniúil nó eacnamaíoch de chun an critéar i bpointe (i) a chomhlíonadh, “feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle” de réir mar atá sainmhínithe in Airteagal 3, pointe (12), den Rialachán sin.

2.  Ní thiomnaítear soithí do bhreoslaí iontaise a iompar.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá na nithe a leanas ag baint le feithiclí i gcatagóirí N1, N2 agus N3:

(a)  in-athúsáidte nó in-athchúrsáilte go dtí íosmhéid 85 % de réir meáchain;

(b)  in-athúsáidte nó in-aisghabhála go dtí íosmhéid 95 % de réir meáchain (1).

Tá bearta i láthair chun dramhaíl a bhainistiú sa chéim úsáide (cothabháil) agus nuair a bhíonn a ré caite ag an bhflít, lena n-áirítear trí bhíthin ceallraí agus leictreonaic a athúsáid agus a athchúrsáil (go háirithe na hamhábhair chriticiúla iontu), i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola.

▼M2

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Le haghaidh feithiclí bóthair de chatagóirí M agus N, comhlíonann na boinn ceanglais torainn sheachtraigh rollta san aicme is airde a úsáidtear agus Comhéifeacht Friotaíochta Rollta (a bhfuil tionchar aige ar éifeachtúlacht fuinnimh na feithicle) sa dá aicme is airde a úsáidtear mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2020/740 agus mar is féidir a fhíorú ó Bhunachar Sonraí Táirgí Eorpach le haghaidh Lipéadú Fuinnimh (EPREL). Comhlíonann feithiclí ceanglais na céime is déanaí is infheidhme de chineálcheadú astaíochtaí tromshaothair Euro VI (2) a leagtar amach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009.

Comhlíonann feithiclí Rialachán (AE) Uimh. 540/2014.

▼B

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/64/CE.

(2)   

Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear i bhfeidhm agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus lena leasaítear Iarscríbhinní I agus III a ghabhann le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 167, 25.6.2011, lch. 1).

6.7.    Iompar intíre ar uisce do phaisinéirí

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Soithí paisinéirí a cheannach, a mhaoiniú, a léasú, a fháil ar cíos agus a oibriú ar uiscí intíre, lena mbaineann soithí nach bhfuil oiriúnach d’iompar farraige.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir sin a bheith bainteach le cód NACE H50.30 i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

I gcás nach gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo an critéar maidir le rannchuidiú substaintiúil a shonraítear i bpointe (a) den Roinn seo, is gníomhaíocht idirthréimhseach í an ghníomhaíocht sin faoi mar a thagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla atá fágtha a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Comhlíonann an ghníomhaíocht ceann de na critéir seo a leanas:
(a)  tá astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 ag na soithí;
(b)  go dtí an 31 Nollaig 2025, úsáidfidh soithí hibrideacha 50 % ar a laghad de mhais breosla nó de chumhacht inluchtaithe astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 dá ngnáthoibríocht; ►M2  
(c)  i gcás nach bhfuil sé indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de pointe (a) a chomhlíonadh, ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, ní rachaidh meándéine bhliantúil gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáideann long ar bord le linn tréimhse tuairiscithe (1) thar na teorainneacha seo a leanas:
(a)  76,4 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2026 do dtí an 31 Nollaig 2029;
(b)  61,1 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2030 do dtí an 31 Nollaig 2034;
(c)  45,8 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2035 do dtí an 31 Nollaig 2039;
(d)  30,6 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2040 do dtí an 31 Nollaig 2044;
(e)  15,3 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2045 do dtí an 31 Nollaig 2049;
(f)  0 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2050 ar aghaidh.  ◄

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

▼M2

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú agus a athchúrsáil ag deireadh a ré, lena n-áirítear trí chomhaontuithe conarthacha díchoimisiúnúcháin le soláthraithe seirbhísí athchúrsála, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil. Áirithítear leis na bearta sin go ndéantar comhpháirteanna agus ábhair a dheighilt agus a chóireáil chun an athchúrsáil agus an athúsáid a uasmhéadú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, prionsabail an Aontais maidir le rialáil dramhaíola agus na rialacháin is infheidhme, go háirithe trí cheallraí agus leictreonaic agus na hamhábhair chriticiúla iontu a athúsáid agus a athchúrsáil. Áirítear ar na bearta sin freisin rialú agus bainistiú ábhar guaiseach.

Tá bearta i bhfeidhm chun cosc a chur ar ghiniúint dramhaíola le linn na céime úsáide (cothabháil, oibriú seirbhísí iompair maidir le dramhaíl lónadóireachta) agus chun aon dramhaíl atá fágtha a bhainistiú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola.

▼B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann innill i soithí na teorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1628 (lena n-áirítear soithí a chomhlíonann na teorainneacha sin gan réitigh chineálcheadaithe amhail trí iarchóireáil).

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Fíoraíonn tríú páirtí neamhspleách déine gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáideann long ar bord agus ríomhtar é mar mhéid na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh an aonaid fuinnimh de réir na modheolaíochta agus na luachanna réamhshocraithe a shonraítear i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE.

6.8.    Iompar intíre lastais ar uisce

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Soithí lastais a cheannach, a mhaoiniú, a léasú, a fháil ar cíos agus a oibriú ar uiscí intíre, lena mbaineann soithí nach bhfuil oiriúnach d’iompar farraige.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE H50.4 i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

I gcás nach gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo an critéar maidir le rannchuidiú substaintiúil a shonraítear i bpointe (a) den Roinn seo, is gníomhaíocht idirthréimhseach í an ghníomhaíocht sin faoi mar a thagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla atá fágtha a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Comhlíonann an ghníomhaíocht ceann de na critéir seo a leanas nó an dá chritéar:

(a)  tá astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 ag na soithí;
(b)  i gcás nach bhfuil sé indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de an critéar i bpointe (a) a chomhlíonadh go dtí an 31 Nollaig 2025, beidh astaíochtaí díreacha (sceithphíopa) CO2 in aghaidh an chiliméadair tona (gCO2/tkm) ag na soithí, arna ríomh (nó arna meas i gcás soithí nua) agus an Táscaire Oibríochtúil Éifeachtúlachta Fuinnimh á úsáid (1), atá 50 % níos ísle ná an meánluach tagartha le haghaidh astaíochtaí CO2 a shainmhínítear d’fheithiclí tromshaothair (foghrúpa feithiclí 5-LH) i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán 2019/1242; ►M2  
(c)  i gcás nach bhfuil sé indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de pointe (a) a chomhlíonadh, ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, ní rachaidh meándéine bhliantúil gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáideann long ar bord nó a úsáideann flít cabhlach cuideachta le linn tréimhse tuairiscithe (2) thar na teorainneacha seo a leanas:
(a)  76,4 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2026 do dtí an 31 Nollaig 2029;
(b)  61,1 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2030 do dtí an 31 Nollaig 2034;
(c)  45,8 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2035 do dtí an 31 Nollaig 2039;
(d)  30,6 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2040 do dtí an 31 Nollaig 2044;
(e)  15,3 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2045 do dtí an 31 Nollaig 2049;
(f)  0 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2050 ar aghaidh.  ◄

2.  Ní thiomnaítear soithí do bhreoslaí iontaise a iompar.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

▼M2

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú agus a athchúrsáil ag deireadh a ré, lena n-áirítear trí chomhaontuithe conarthacha díchoimisiúnúcháin le soláthraithe seirbhísí athchúrsála, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil. Áirithítear leis na bearta sin go ndéantar comhpháirteanna agus ábhair a dheighilt agus a chóireáil chun an athchúrsáil agus an athúsáid a uasmhéadú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, prionsabail an Aontais maidir le rialáil dramhaíola agus na rialacháin is infheidhme, go háirithe trí cheallraí agus leictreonaic agus na hamhábhair chriticiúla iontu a athúsáid agus a athchúrsáil. Áirítear ar na bearta sin freisin rialú agus bainistiú ábhar guaiseach.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann innill i soithí na teorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1628 (lena n-áirítear soithí a chomhlíonann na teorainneacha sin gan réitigh chineálcheadaithe amhail trí iarchóireáil).

▼B

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Sainmhínítear an Táscaire Oibríochtúil Éifeachtúlachta Fuinnimh mar mhais CO2 a astaítear in aghaidh aonad na hoibre iompair. Ba cheart gur luach ionadaíoch d’éifeachtúlacht fuinnimh oibríocht na loinge é thar thréimhse chomhsheasmhach a léiríonn patrún foriomlán trádála an tsoithigh. Soláthraítear treoraíocht maidir leis an táscaire sin a ríomh sa doiciméad MEPC.1/Circ. 684 ó IMO.

(2)   

Fíoraíonn tríú páirtí neamhspleách déine gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáideann long ar bord agus ríomhtar é mar mhéid na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh an aonaid fuinnimh de réir na modheolaíochta agus na luachanna réamhshocraithe a shonraítear i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE.

6.9.    Iarfheistiú iompair paisinéirí agus lasta ar uisce intíre

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Iarfheistiú agus uasghrádú soithí le haghaidh lasta nó paisinéirí a iompar ar uiscí intíre, lena mbaineann soithí nach bhfuil oiriúnach d’iompar farraige.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE H50.4, H50.30 agus C33.15 i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht idirthréimhseach í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo faoi mar a thagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

►M2  
1.  Leis an ngníomhaíocht iarfheistithe, baintear amach ceann amháin nó níos mó de na gnéithe seo a leanas:
(a)  ídiú breosla an tsoithigh paisinéirí intíre a laghdú 15 % ar a laghad arna shloinneadh in aghaidh an aonaid fuinnimh in aghaidh an turais iomláin (cúrsáil paisinéirí iomlán), mar a léirítear le ríomh comparáideach do na limistéir loingseoireachta ionadaíocha (lena n-áirítear próifílí lóid ionadaíocha agus teacht chun cé) ina mbeidh an soitheach le hoibriú nó trí bhíthin torthaí tástálacha samhla nó ionsamhlúchán;
(b)  ídiú breosla an tsoithigh lasta intíre a laghdú 15 % ar a laghad arna shloinneadh in aghaidh an aonaid fuinnimh in aghaidh an tona-ciliméadair, mar a léirítear le ríomh comparáideach do na limistéir loingseoireachta ionadaíocha (lena n-áirítear próifílí lóid ionadaíocha) ina mbeidh an soitheach le hoibriú nó trí bhíthin torthaí tástálacha samhla nó ionsamhlúchán.  ◄
2.  Níl soithí iarfheistithe nó uasghrádaithe tiomnaithe do bhreoslaí iontaise a iompar.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

▼M2

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú agus a athchúrsáil ag deireadh a ré, lena n-áirítear trí chomhaontuithe conarthacha díchoimisiúnúcháin le soláthraithe seirbhísí athchúrsála, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil. Áirithítear leis na bearta sin go ndéantar comhpháirteanna agus ábhair a dheighilt agus a chóireáil chun an athchúrsáil agus an athúsáid a uasmhéadú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, prionsabail an Aontais maidir le rialáil dramhaíola agus na rialacháin is infheidhme, go háirithe trí cheallraí agus leictreonaic agus na hamhábhair chriticiúla iontu a athúsáid agus a athchúrsáil. Áirítear ar na bearta sin freisin rialú agus bainistiú ábhar guaiseach

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Comhlíonann innill i soithí na teorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1628 (lena n-áirítear soithí a chomhlíonann na teorainneacha sin gan réitigh chineálcheadaithe amhail trí iarchóireáil).

▼B

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

6.10.    Lasta a iompar ar muir agus ar uisce cósta, soithí le haghaidh oibríochtaí calafoirt agus gníomhaíochtaí cúntacha

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Soithí arna ndearadh agus arna bhfeistiú chun lastas a iompar nó chun lastas agus paisinéirí a iompar ar uiscí farraige nó cósta, cibé an bhfuil siad sceidealaithe nó nach bhfuil, a cheannach, a mhaoiniú, a chairtfhostú (le criú nó gan chriú) agus a oibriú. Soithí a theastaíonn le haghaidh oibríochtaí calafoirt agus gníomhaíochtaí cúntacha, amhail tugaí, soithí múrála, soithí píolótacha, soithí tarrthálais agus bristeoirí oighir a cheannach, a mhaoiniú, a fháil ar cíos agus a oibriú.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe H50.2, H52.22 agus N77.34 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

I gcás nach gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo an critéar maidir le rannchuidiú substaintiúil a shonraítear i bpointe 1 (a) den Roinn seo, is gníomhaíocht idirthréimhseach í an ghníomhaíocht sin faoi mar a thagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla atá fágtha a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Comhlíonann an ghníomhaíocht ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

(a)  tá astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 ag na soithí;
(b)  go dtí an 31 Nollaig 2025, díorthaíonn soithí hibrideacha agus soithí débhreosla ar a laghad 25 % dá gcuid fuinnimh ó bhreoslaí lena mbaineann astaíochtaí CO2 nialasacha (ón sceithphíopa) nó ó chumhacht inluchtaithe dá ngnáthoibriú ar muir agus i gcalafoirt;
(c)  i gcás nach bhfuil sé indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de an critéar i bpointe (a) a chomhlíonadh go dtí an 31 Nollaig 2025, agus sa chás amháin inar féidir a chruthú go n-úsáidtear na soithí go heisiach chun seirbhísí cósta a sholáthar a dheartar chun aistriú córa iompair lastais a chumasú a dhéantar a iompar faoi láthair ar talamh go muir, na soithí lena mbaineann astaíochtaí díreacha (sceithphíopa) CO2, arna ríomh agus Innéacs Dearaidh Éifeachtúlachta Fuinnimh (EEDI) de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) á úsáid (1), 50 % níos ísle ná luach na n-astaíochtaí meán-tagartha CO2 a shainmhínítear d’fheithiclí tromshaothair (foghrúpa feithiclí 5-LH) i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán 2019/1242;
(d)  i gcás nach bhfuil sé indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de an critéar i bpointe (a) a chomhlíonadh go dtí an 31 Nollaig 2025, tá luach Innéacs Dearaidh um Éifeachtúlacht Fuinnimh (EEDI) bainte amach ag na soithí, luach atá 10 % faoi bhun cheanglais EEDI is infheidhme an 1 Aibreán 2022 (2) más rud é gur féidir leis na soithí oibriú ar bhreoslaí lena mbaineann astaíochtaí CO2 nialasacha díreacha nó ar bhreoslaí ó fhoinsí in-athnuaite (3); ►M2  
(e)  i gcás nach bhfuil sé indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de pointe (a) a chomhlíonadh, ón 1 Eanáir 2026, na soithí atá inoibrithe ar bhreoslaí a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 acu nó ar bhreoslaí ó fhoinsí in-athnuaite (2) tá luach de chuid Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh Dearaidh (EEDI) acu atá coibhéiseach le líne thagartha EEDI a laghdú 20 pointe céatadáin ar a laghad faoi cheanglais EEDI is infheidhme ón 1 Aibreán 2022 (15), agus:
(a)  tá siad in ann plugáil isteach agus iad i mbeart;
(b)  i gcás longa a bhreoslaítear le gás, léiríonn siad an úsáid a bhaintear as bearta agus teicneolaíochtaí úrscothacha chun astaíochtaí sceite meatáin a mhaolú.
(f)  i gcás nach bhfuil sé indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de an critéar i bpointe (a) a chomhlíonadh, ón 1 Eanáir 2026, anuas ar luach Innéacs maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh na Long atá ann cheana (EEXI) a baineadh amach atá coibhéiseach chun laghdú 10 bpointe céatadáin ar a laghad a dhéanamh ar líne thagartha EEDI faoi bhun cheanglais EEXI is infheidhme ón 1 Eanáir 2023 (15), ní théann meándéine bhliantúil gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáideann long ar bord le linn tréimhse tuairiscithe (16) thar na teorainneacha seo a leanas:
(a)  76,4 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2026 do dtí an 31 Nollaig 2029;
(b)  61,1 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2030 do dtí an 31 Nollaig 2034;
(c)  45,8 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2035 do dtí an 31 Nollaig 2039;
(d)  30,6 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2040 do dtí an 31 Nollaig 2044;
(e)  15.3 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2045 ar aghaidh.  ◄

2.  Ní thiomnaítear soithí do bhreoslaí iontaise a iompar.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

▼M2

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú agus a athchúrsáil ag deireadh a ré, lena n-áirítear trí chomhaontuithe conarthacha díchoimisiúnúcháin le soláthraithe seirbhísí athchúrsála, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil. Áirithítear leis na bearta sin go ndéantar comhpháirteanna agus ábhair a dheighilt agus a chóireáil chun an athchúrsáil agus an athúsáid a uasmhéadú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, prionsabail an Aontais maidir le rialáil dramhaíola agus na rialacháin is infheidhme, go háirithe trí cheallraí agus leictreonaic agus na hamhábhair chriticiúla iontu a athúsáid agus a athchúrsáil. Áirítear ar na bearta sin freisin rialú agus bainistiú ábhar guaiseach.

I gcás long atá ann cheana atá os cionn 500 olltonnáiste agus na longa nuathógtha a chuirfear ina n-ionad, comhlíonann an ghníomhaíocht ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Déantar na dramhlonga a athchúrsáil i saoráidí atá san áireamh ar an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long mar a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2016/2323 ón gCoimisiún (5).

Comhlíonann an ghníomhaíocht Treoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a mhéid a bhaineann leis an gcomhshaol muirí a chosaint ar thionchair dhiúltacha mar thoradh ar sceitheadh dramhaíola as longa.

Oibrítear an long i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc an 2 Samhain 1973 (Coinbhinsiún MARPOL IMO), go háirithe chun cainníochtaí laghdaithe dramhaíola a tháirgeadh agus chun sceitheadh dleathach a laghdú, trína dramhaíl a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

A mhéid a bhaineann le hastaíochtaí ocsaídí sulfair agus ábhair cháithníneacha a laghdú, comhlíonann soithí Treoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), agus Rialachán 14 (10) d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO. Ní mó ná mais 0,5 % (an teorainn dhomhanda sulfair) agus mais 0,1 % sa limistéar rialaithe astaíochtaí (ECA) an sulfar in ábhar breosla maidir le hocsaídí sulfair arna n-ainmniú ag IMO (11) sa Mhuir Thuaidh agus i Muir Bhailt le cois sa Mheánmhuir (ó 2025 ar aghaidh).

A mhéid a bhaineann le hastaíochtaí ocsaídí nítrigine (NOx), comhlíonann soithí Rialachán 13 (12) d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO. Tá feidhm ag ceanglas NOx Leibhéal II maidir le longa a tógadh i ndiaidh 2011. Agus iad á n-oibriú i limistéir rialaithe astaíochtaí NOx a bunaíodh faoi rialacha IMO agus sin amháin, comhlíonann longa a tógadh i ndiaidh an 1 Eanáir 2016 ceanglais innill níos déine (Leibhéal III) chun astaíochtaí NOx (13) a laghdú.

Comhlíonann sceitheadh uisce dhuibh agus léith Iarscríbhinn IV a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO.

Tá bearta i bhfeidhm chun tocsaineacht péinte frithsmálaithe agus táirgí bithicídeacha a íoslaghdú mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

▼B

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Coisctear scaoileadh uisce ballasta ina bhfuil speicis neamhdhúchasacha i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Rialú agus Bainistiú Uisce Ballasta agus Dríodar Long (BWM).

Tá bearta i bhfeidhm chun cosc a chur ar speicis neamhdhúchasacha a thabhairt isteach trí limistéir chabhail agus limistéir nideoige long a bhithscagadh agus Treoirlínte Bithsmálaithe IMO á gcur san áireamh (13).

Tá teorainn le torann agus le creathanna trí úsáid a bhaint as liáin laghdaithe torainn, dearadh cabhlach nó innealra ar bord i gcomhréir leis an treoir a thugtar i dTreoirlínte IMO maidir le Torann Faoi Uisce a Laghdú (14).

Ní chuireann an ghníomhaíocht bac san Aontas ar dhea-stádas comhshaoil a bhaint amach, mar a leagtar amach i dTreoir 2008/56/CE, lena gceanglaítear go ndéanfar na bearta iomchuí chun tionchair i ndáil le Tuairisceoirí na Treorach sin a chosc nó a mhaolú; eadhon Tuairisceoir 1 (bithéagsúlacht), 2 (speicis neamhdhúchasacha), 6 (sláine ghrinneall na farraige), 8 (éilleáin), 10 (bruscar muirí), 11 (Torann/Fuinneamh), faoi mar a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2017/848 ón gCoimisiún i ndáil leis na critéir agus na caighdeáin mhodheolaíochta ábhartha do na tuairisceoirí sin, de réir mar is infheidhme..

(1)   

Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh Dearaidh (leagan an 4.6.2021: http://www.imo.org/fr/MediaCentre/HotTopics/GHG/Pages/EEDI.aspx).

(2)   

Ceanglais EEDI mar a comhaontaíodh ag an gCoiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta ag a 75ú seisiún. Soithí a thagann faoi na cineálacha long a leagtar amach i Rialachán MARPOL VI de Rialachán 2, ach nach meastar gur long nua iad faoin rialachán sin, féadfaidh siad luach bainte amach EEDI a sholáthar, arna ríomh ar bhonn deonach i gcomhréir le MARPOL Iarscríbhinn VI, Caibidil 4 agus ar fíoraíodh na ríomhanna sin i gcomhréir le Caibidil 2 MARPOL Iarscríbhinn VI, Caibidil 2.

(3)   

Breoslaí a chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i roinn 3.10 agus i roinn 4.13 den Iarscríbhinn seo.

(4)   

Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hathchúrsáil long agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Treoir Uimh. 2009/16/CE (IO L 330, 10.12.2013, lch. 1).

(5)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2016/2323 ón gCoimisiún lena mbunaítear an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathchúrsáil long (IO L 345, 20.12.2016, lch. 119).

(6)   

Treoir (AE) 2019/883 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa, lena leasaítear Treoir 2010/65/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/59/CE (IO L 151, 7.6.2019, lch. 116).

(7)   

Treoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le laghdú ar an gcion sulfair i leachtbhreoslaí áirithe (IO L 132, 21.5.2016, lch. 58).

(8)   

(leagan an 4.6.2021: http://www.imo.org/en/OurWork/Environment/PollutionPrevention/AirPollution/Pages/Sulphur-oxides-(SOx)-%E2%80%93-Regulation-14.aspx).

(9)   

A mhéid a bhaineann leis na ceanglais atá i bhfeidhm sa Limistéar Rialaithe Astaíochtaí a shíneadh chuig farraigí eile san Aontas Eorpach, tá cruthú ECA ábhartha faoi chreat dlíthiúil Choinbhinsiún Barcelona á phlé ag tíortha ar imeall na Meánmhara.

(10)   

(leagan an 4.6.2021: http://www.imo.org/en/OurWork/Environment/PollutionPrevention/AirPollution/Pages/Nitrogen-oxides-(NOx)-–-Regulation-13.aspx).

(11)   

I bhfarraigí de chuid an Aontais, tá an ceanglas infheidhme ón mbliain 2021 i leith, i Muir Bhailt agus sa Mhuir Thuaidh.

(12)   

An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Chórais Dhíobhálacha Frithsmálaithe ar Longa a Rialú, an 5 Deireadh Fómhair 2001.

(13)   

Treoirlínte IMO maidir le bithsmálaithe long a rialú agus a bhainistiú chun aistriú speiceas uisceach ionrach a íoslaghdú, réiteach MEPC.207(62).

(14)   

Treoirlínte IMO le haghaidh Torann Faoi Uisce ó Loingeas Tráchtála a Laghdú chun Aghaidh a Thabhairt ar Dhrochthionchar ar an mBeatha Mhuirí (MEPC.1/Circ.833).

(15)   

EEDI requirements defined as a percentage reduction factor, to be applied to the EEDI reference value, as agreed by the Marine Environment Protection Committee of the International Maritime Organization on its seventy-fifth session. The defined percentage points in the technical screening criteria for EEDI shall be added to EEDI percentage reduction factor.

(16)   

EEXI requirements defined as a percentage reduction factor, to be applied to the EEDI reference value, as agreed by the Marine Environment Protection Committee of the International Maritime Organization on its seventy-sixth session. The defined percentage points in the Taxonomy technical screening criteria for EEXI must be added to EEXI percentage reduction factor. (Attained Energy Efficiency Existing Ship Index (EEXI), mandatory from 1 January 2023 for all ships in maritime freight/passenger transport, to measure their energy efficiency and to initiate the collection of data for the reporting of their annual operational carbon intensity indicator (CII) and CII rating. (version of 27.6.2023: https://www.imo.org/en/MediaCentre/HotTopics/Pages/EEXI-CII-FAQ.aspx).

(17)   

Fíoraíonn tríú páirtí neamhspleách déine gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáideann long ar bord agus ríomhtar é mar mhéid na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh an aonaid fuinnimh de réir na modheolaíochta agus na luachanna réamhshocraithe a shonraítear i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE.

(18)   

(Leagan 27.6.2023: http://www.imo.org/en/OurWork/Environment/PollutionPrevention/AirPollution/Pages/Sulphur-oxides- (SOx)-%E2 %80 %93-Regulation-14.aspx).

(19)   

(Leagan [27.6.2023]: http://www.imo.org/en/OurWork/Environment/PollutionPrevention/AirPollution/Pages/Nitrogenoxides-(NOx)-–-Regulation-13.aspx).

6.11.    Iompar ar muir agus ar uiscí cósta do phaisinéirí

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Soithí arna ndearadh agus arna bhfeistiú chun iompar paisinéirí a chur ar fáil, ar uiscí farraige nó cósta, cibé an bhfuil siad sceidealaithe nó nach bhfuil, a cheannach, a mhaoiniú, a chairtfhostú (le criú nó gan chriú) agus a oibriú. Áirítear ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo báid farantóireachta, tacsaithe uisce agus bád turais, cúrsála nó amharc ar radhairc.

D’fhéadfadh an ghníomhaíocht a bheith bainteach le roinnt cód NACE, go háirithe H50.10, N77.21 agus N77.34 i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

I gcás nach gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo an critéar maidir le rannchuidiú substaintiúil a shonraítear i bpointe (a) den Roinn seo, is gníomhaíocht idirthréimhseach í an ghníomhaíocht sin faoi mar a thagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla atá fágtha a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Comhlíonann an ghníomhaíocht ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:
(a)  tá astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 ag na soithí;
(b)  i gcás nach bhfuil sé indéanta ó thaobh teicniúil nó ó thaobh eacnamaíoch de an critéar i bpointe (a) a chomhlíonadh, go dtí an 31 Nollaig 2025, díorthaíonn soithí hibrideacha agus soithí débhreosla ar a laghad 25 % dá gcuid fuinnimh ó bhreoslaí lena mbaineann astaíochtaí CO2 nialasacha díreacha (sceithphíopa) nó ó chumhacht inluchtaithe dá ngnáthoibriú ar muir agus i gcalafoirt;
(c)  i gcás nach bhfuil sé indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de an critéar i bpointe (a) a chomhlíonadh, go dtí an 31 Nollaig 2025, tá luach Innéacs Dearaidh um Éifeachtúlacht Fuinnimh (EEDI) (1) bainte amach ag na soithí, luach atá 10 % faoi bhun cheanglais EEDI is infheidhme an 1 Aibreán 2022 (2), más rud é gur féidir leis na soithí oibriú ar bhreoslaí lena mbaineann astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) nó ar bhreoslaí ó fhoinsí in-athnuaite (3); ►M2  
(d)  i gcás nach bhfuil sé indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de pointe (a) a chomhlíonadh, ón 1 Eanáir 2026, na soithí atá inoibrithe ar bhreoslaí a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) acu nó ar bhreoslaí ó fhoinsí in-athnuaite (3) tá luach de chuid Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh Dearaidh (EEDI) acu atá coibhéiseach le líne thagartha EEDI a laghdú 20 pointe céatadáin ar a laghad faoi cheanglais EEDI is infheidhme an 1 Aibreán 2022 (8), agus:
(a)  tá siad in ann plugáil isteach agus iad i mbeart;
(b)  i gcás longa a bhreoslaítear le gás, léiríonn siad an úsáid a bhaintear as bearta agus teicneolaíochtaí úrscothacha chun astaíochtaí sceite meatáin a mhaolú.
(e)  i gcás nach bhfuil sé indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de pointe (a) a chomhlíonadh, ón 1 Eanáir 2026, anuas ar luach Innéacs maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh na Long atá ann cheana (EEXI) a baineadh amach atá coibhéiseach chun laghdú 10 bpointe céatadáin ar a laghad a dhéanamh ar líne thagartha EEDI faoi bhun cheanglais EEXI is infheidhme ón 1 Eanáir 2023 (9), nach dtéann meándéine bhliantúil gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáideann long ar bord le linn tréimhse tuairiscithe (10) thar na teorainneacha seo a leanas:
(a)  76,4 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2026 do dtí an 31 Nollaig 2029;
(b)  61,1 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2030 do dtí an 31 Nollaig 2034;
(c)  45,8 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2035 do dtí an 31 Nollaig 2039;
(d)  30,6 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2040 do dtí an 31 Nollaig 2044;
(e)  15,3 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2045 ar aghaidh.  ◄

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

▼M2

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú agus a athchúrsáil ag deireadh a ré, lena n-áirítear trí chomhaontuithe conarthacha díchoimisiúnúcháin le soláthraithe seirbhísí athchúrsála, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil. Áirithítear leis na bearta sin go ndéantar comhpháirteanna agus ábhair a dheighilt agus a chóireáil chun an athchúrsáil agus an athúsáid a uasmhéadú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, prionsabail an Aontais maidir le rialáil dramhaíola agus na rialacháin is infheidhme, go háirithe trí cheallraí agus leictreonaic agus na hamhábhair chriticiúla iontu a athúsáid agus a athchúrsáil. Áirítear ar na bearta sin freisin rialú agus bainistiú ábhar guaiseach.

Tá bearta i bhfeidhm chun cosc a chur ar ghiniúint dramhaíola le linn na céime úsáide (cothabháil, oibriú seirbhísí iompair maidir le dramhaíl lónadóireachta) agus chun aon dramhaíl atá fágtha a bhainistiú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola.

Maidir le longa atá ann cheana os cionn 500 olltonnáiste agus na longa nuathógtha a thagann ina n-ionad, comhlíonann an ghníomhaíocht ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013. Déantar na dramhlonga a athchúrsáil i saoráidí atá san áireamh ar an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long mar a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2016/2323 ón gCoimisiún.

Comhlíonann an ghníomhaíocht Treoir (AE) 2019/883 a mhéid a bhaineann leis an gcomhshaol muirí a chosaint ar thionchair dhiúltacha mar thoradh ar sceitheadh dramhaíola as longa.

Oibrítear an long i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc an 2 Samhain 1973 (Coinbhinsiún MARPOL IMO), go háirithe chun cainníochtaí laghdaithe dramhaíola a tháirgeadh agus chun sceitheadh dleathach a laghdú, trína dramhaíl a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

A mhéid a bhaineann le hastaíochtaí ocsaídí sulfair agus ábhair cháithníneacha a laghdú, comhlíonann soithí Treoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán 14 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO. Ní mó ná mais 0,50 % (an teorainn dhomhanda sulfair) agus mais 0,10 % sa limistéar rialaithe astaíochtaí (ECA) an sulfar in ábhar breosla maidir le hocsaídí sulfair arna n-ainmniú ag IMO (4) sa Mhuir Thuaidh agus i Muir Bhailt le cois sa Mheánmhuir (ó 2025 ar aghaidh).

A mhéid a bhaineann le hastaíochtaí ocsaídí nítrigine (NOx), comhlíonann soithí Rialachán 13 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO. Tá feidhm ag ceanglas NOx Leibhéal II maidir le longa a tógadh i ndiaidh 2011. Agus iad á n-oibriú i limistéir rialaithe astaíochtaí NOx a bunaíodh faoi rialacha IMO agus sin amháin, comhlíonann longa a tógadh i ndiaidh an 1 Eanáir 2016 ceanglais innill níos déine (Leibhéal III) lena laghdaítear astaíochtaí NOx (5).

Comhlíonann sceitheadh uisce dhuibh agus léith Iarscríbhinn IV a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO.

Tá bearta i bhfeidhm chun tocsaineacht péinte frithsmálaithe agus táirgí bithicídeacha a íoslaghdú mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

▼B

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Coisctear scaoileadh uisce ballasta ina bhfuil speicis neamhdhúchasacha i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Rialú agus Bainistiú Uisce Ballasta agus Dríodar Long (BWM).

Tá bearta i bhfeidhm chun cosc a chur ar speicis neamhdhúchasacha a thabhairt isteach trí limistéir chabhail agus limistéir nideoige long a bhithscagadh agus Treoirlínte Bithsmálaithe IMO á gcur san áireamh (6).

Tá teorainn le torann agus le creathanna trí úsáid a bhaint as liáin laghdaithe torainn, dearadh cabhlach nó innealra ar bord i gcomhréir leis an treoir a thugtar i dTreoirlínte IMO maidir le Torann Faoi Uisce a Laghdú (7).

Ní chuireann an ghníomhaíocht bac san Aontas ar dhea-stádas comhshaoil a bhaint amach, mar a leagtar amach i dTreoir 2008/56/CE, lena gceanglaítear go ndéanfar na bearta iomchuí chun tionchair i ndáil le Tuairisceoirí na Treorach sin a chosc nó a mhaolú; eadhon Tuairisceoir 1 (bithéagsúlacht), 2 (speicis neamhdhúchasacha), 6 (sláine ghrinneall na farraige), 8 (éilleáin), 10 (bruscar muirí), 11 (Torann/Fuinneamh), faoi mar a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2017/848 i ndáil leis na critéir agus na caighdeáin mhodheolaíochta ábhartha do na tuairisceoirí sin, de réir mar is infheidhme..

(1)   

Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh Dearaidh (leagan an 4.6.2021: http://www.imo.org/fr/MediaCentre/HotTopics/GHG/Pages/EEDI.aspx).

(2)   

Ceanglais EEDI mar a comhaontaíodh ag an gCoiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta ag a 75ú seisiún. Soithí a thagann faoi na cineálacha long a leagtar amach i Rialachán 2 d’Iarscríbhinn VI de Choinbhinsiún MARPOL, ach nach meastar gur long nua iad faoin rialachán sin, féadfaidh siad luach EEDI atá bainte amach acu a sholáthar, luach arna ríomh ar bhonn deonach i gcomhréir le hIarscríbhinn VI, Caibidil 4 de Choinbhinsiún MARPOL agus ní mór na ríomhanna sin a fhíorú i gcomhréir le hIarscríbhinn VI, Caibidil 2 de Choinbhinsiún MARPOL.

(3)   

Breoslaí a chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i roinn 3.10 agus i roinn 4.13 den Iarscríbhinn seo.

(4)   

A mhéid a bhaineann leis na ceanglais atá i bhfeidhm sa Limistéar Rialaithe Astaíochtaí a shíneadh chuig farraigí eile san Aontas Eorpach, tá cruthú ECA ábhartha faoi chreat dlíthiúil Choinbhinsiún Barcelona á phlé ag tíortha ar imeall na Meánmhara.

(5)   

I bhfarraigí de chuid an Aontais, tá an ceanglas infheidhme ón mbliain 2021 i leith, i Muir Bhailt agus sa Mhuir Thuaidh.

(6)   

Treoirlínte IMO maidir le bithsmálaithe long a rialú agus a bhainistiú chun aistriú speiceas uisceach ionrach a íoslaghdú, rún MEPC.207(62).

(7)   

Treoirlínte IMO le haghaidh Torann Faoi Uisce ó Loingeas Tráchtála a Laghdú chun Aghaidh a Thabhairt ar Dhrochthionchar ar an mBeatha Mhuirí (MEPC.1/Circ.833).

(8)   

Ceanglais EEDI a shainmhínítear mar fhachtóir laghdaithe céatadáin, atá le cur i bhfeidhm ar luach tagartha EEDI, mar a chomhaontaigh an Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta ag a 75ú seisiún. Cuirfear na pointí céatadáin sainithe sna critéir scagtha theicniúla le haghaidh EEDI le fachtóir laghdaithe céatadáin EEDI.

(9)   

Ceanglais EEXI a shainmhínítear mar fhachtóir laghdaithe céatadáin, atá le cur i bhfeidhm ar luach tagartha EEDI, mar a chomhaontaigh an Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta ag a 76ú seisiún. Ní mór na pointí céatadáin sainithe i gcritéir scagtha theicniúla na Tacsanomaíochta le haghaidh EEXI a chur le fachtóir laghdaithe céatadáin EEXI. (Innéacs maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh na Long atá ann cheana (EEXI) a baineadh amach), sainordaitheach ón 1 Eanáir 2023 le haghaidh gach long in iompar muirlasta/paisinéirí, chun a n-éifeachtúlacht fuinnimh a thomhas agus chun tús a chur le bailiú sonraí chun an Táscaire um Dhéine Carbóin (CII) bhliantúil oibríochtúil agus chun an rátáil CII a thuairisciú. (leagan [27.6.2023]: https://www.imo.org/en/MediaCentre/HotTopics/Pages/EEXI-CII-FAQ.aspx).

(10)   

Fíoraíonn tríú páirtí neamhspleách déine gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáideann long ar bord agus ríomhtar é mar mhéid na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh an aonaid fuinnimh de réir na modheolaíochta agus na luachanna réamhshocraithe a shonraítear i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE.

6.12.    Iarfheistiú iompar lasta agus paisinéirí ar muir agus ar uiscí cósta

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Iarfheistiú agus uasghrádú soithí arna ndearadh agus arna bhfeistiú le haghaidh lasta nó paisinéirí a iompar ar muir nó ar uiscí cósta, agus ar shoithí a éilítear le haghaidh oibríochtaí calafoirt agus gníomhaíochtaí cúntacha, amhail tugaí, soithí múrála, soithí píolótacha, soithí tarrthálais agus bristeoirí oighir.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cóid NACE H50.10, H50.2, H52.22, C33.15, N77.21 agus N.77.34 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht idirthréimhseach í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo faoi mar a thagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

►M2  
1.  Comhlíonann an ghníomhaíocht ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:
(a)  leis an ngníomhaíocht iarfheistithe, laghdaítear ídiú breosla an tsoithigh 15 % ar a laghad, arna shloinneadh i ngraim breosla in aghaidh an tona meá-lasta in aghaidh an mhuirmhíle le haghaidh soithí lasta, nó in aghaidh an olltonnáiste in aghaidh an mhuirmhíle le haghaidh soithí paisinéirí, mar a léirítear le dinimic ríomhaireachtúil na sreabhán (CFD), tástálacha umair nó ríomhanna innealtóireachta;
(b)  cuirtear ar a chumas do na soithí luach Innéacs maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh na Long atá ann cheana ar a laghad 10 % faoi bhun cheanglais EExi is infheidhme ón 1 Eanáir 2023 a bhaint amach, agus má tá na soithí inoibrithe ar bhreoslaí a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) acu nó ar bhreoslaí ó fhoinsí in-athnuaite (4), agus a bhfuil an cumas acu plugáil agus iad i mbeart agus feistithe le teicneolaíocht cumhachta inluchtaithe.  ◄
2.  Ní thiomnaítear soithí do bhreoslaí iontaise a iompar.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

▼M2

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú agus a athchúrsáil ag deireadh a ré, lena n-áirítear trí chomhaontuithe conarthacha díchoimisiúnúcháin le soláthraithe seirbhísí athchúrsála, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil. Áirithítear leis na bearta sin go ndéantar comhpháirteanna agus ábhair a dheighilt agus a chóireáil chun an athchúrsáil agus an athúsáid a uasmhéadú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, prionsabail an Aontais maidir le rialáil dramhaíola agus na rialacháin is infheidhme, go háirithe trí cheallraí agus leictreonaic agus na hamhábhair chriticiúla iontu a athúsáid agus a athchúrsáil. Áirítear ar na bearta sin freisin rialú agus bainistiú ábhar guaiseach.

Maidir le longa atá ann cheana os cionn 500 olltonnáiste agus na longa nuathógtha a thagann ina n-ionad, comhlíonann an ghníomhaíocht ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013. Déantar na dramhlonga a athchúrsáil i saoráidí atá san áireamh ar an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long mar a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2016/2323 ón gCoimisiún.

Comhlíonann an ghníomhaíocht Treoir (AE) 2019/883 a mhéid a bhaineann leis an gcomhshaol muirí a chosaint ar thionchair dhiúltacha mar thoradh ar sceitheadh dramhaíola as longa.

Oibrítear an long i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc an 2 Samhain 1973 (Coinbhinsiún MARPOL IMO), go háirithe chun cainníochtaí laghdaithe dramhaíola a tháirgeadh agus chun sceitheadh dleathach a laghdú, trína dramhaíl a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

A mhéid a bhaineann le hastaíochtaí ocsaídí sulfair agus ábhair cháithníneacha a laghdú, comhlíonann soithí Treoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán 14 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO. Ní mó ná mais 0,50 % (an teorainn dhomhanda sulfair) agus mais 0,10 % sa limistéar rialaithe astaíochtaí (ECA) an sulfar in ábhar breosla maidir le hocsaídí sulfair arna n-ainmniú ag IMO (2) sa Mhuir Thuaidh agus i Muir Bhailt le cois sa Mheánmhuir (ó 2025 ar aghaidh).

A mhéid a bhaineann le hastaíochtaí ocsaídí nítrigine (NOx), comhlíonann soithí Rialachán 13 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO. Tá feidhm ag ceanglas NOx Leibhéal II maidir le longa a tógadh i ndiaidh 2011. Agus iad á n-oibriú i limistéir rialaithe astaíochtaí NOx a bunaíodh faoi rialacha IMO agus sin amháin, comhlíonann longa a tógadh i ndiaidh an 1 Eanáir 2016 ceanglais innill níos déine (Leibhéal III) lena laghdaítear astaíochtaí NOx (3).

Comhlíonann sceitheadh uisce dhuibh agus léith Iarscríbhinn IV a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO.

Tá bearta i bhfeidhm chun tocsaineacht péinte frithsmálaithe agus táirgí bithicídeacha a íoslaghdú mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

▼B

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Coisctear scaoileadh uisce ballasta ina bhfuil speicis neamhdhúchasacha i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Rialú agus Bainistiú Uisce Ballasta agus Dríodar Long (BWM).

Tá bearta i bhfeidhm chun cosc a chur ar speicis neamhdhúchasacha a thabhairt isteach trí limistéir chabhail agus limistéir nideoige long a bhithscagadh agus Treoirlínte Bithsmálaithe IMO á gcur san áireamh (3).

Tá teorainn le torann agus le creathanna trí úsáid a bhaint as liáin laghdaithe torainn, dearadh cabhlach nó innealra ar bord i gcomhréir leis an treoir a thugtar i dTreoirlínte IMO maidir le Torann Faoi Uisce a Laghdú (4).

Ní chuireann an ghníomhaíocht bac san Aontas ar dhea-stádas comhshaoil a bhaint amach, mar a leagtar amach i dTreoir 2008/56/CE, lena gceanglaítear go ndéanfar na bearta iomchuí chun tionchair i ndáil le Tuairisceoirí na Treorach sin a chosc nó a mhaolú; eadhon Tuairisceoir 1 (bithéagsúlacht), 2 (speicis neamhdhúchasacha), 6 (sláine ghrinneall na farraige), 8 (éilleáin), 10 (bruscar muirí), 11 (Torann/Fuinneamh), faoi mar a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2017/848 i ndáil leis na critéir agus na caighdeáin mhodheolaíochta ábhartha do na tuairisceoirí sin, de réir mar is infheidhme..

(1)   

A mhéid a bhaineann leis na ceanglais atá i bhfeidhm sa Limistéar Rialaithe Astaíochtaí a shíneadh chuig farraigí eile san Aontas Eorpach, tá cruthú ECA ábhartha faoi chreat dlíthiúil Choinbhinsiún Barcelona á phlé ag tíortha ar imeall na Meánmhara.

(2)   

I bhfarraigí de chuid an Aontais, tá an ceanglas infheidhme ón mbliain 2021 i leith, i Muir Bhailt agus sa Mhuir Thuaidh.

(3)   

Treoirlínte IMO maidir le bithsmálaithe long a rialú agus a bhainistiú chun aistriú speiceas uisceach ionrach a íoslaghdú, rún MEPC.207(62).

(4)   

Treoirlínte IMO le haghaidh Torann Faoi Uisce ó Loingeas Tráchtála a Laghdú chun Aghaidh a Thabhairt ar Dhrochthionchar ar an mBeatha Mhuirí (MEPC.1/Circ.833).

(5)   

Breoslaí lena gcomhlíontar na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i Ranna 3.10. agus 4.13. den Iarscríbhinn seo.

6.13.    Bonneagar le haghaidh gluaiseacht phearsanta, lóistíocht rothar

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Bonneagar a fhoirgniú agus a oibriú maidir le gluaiseacht phearsanta, lena n-áirítear foirgniú bóithre, droichead agus tollán ar mhótarbhealaí agus cineálacha bonneagair eile atá tiomnaithe do choisithe agus do rothair, bíodh rothair leictreacha nó gnáthrothair i gceist.

▼M2

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe F42.11, F42.12, F42.13, F43.21, M71.12 agus M71.20 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

▼B

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo faoi mar a thagraítear in Airteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

An bonneagar a fhoirgnítear agus a oibrítear atá tiomnaithe do ghluaiseacht phearsanta: cosáin, lánaí rothar agus criosanna do choisithe, suiteálacha luchtaithe leictreachais agus suiteálacha athbhreoslaithe hidrigine le haghaidh gairis ghluaiseachta pearsanta.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déantar 70 % ar a laghad (de réir meáchain) de dhramhaíl foirgníochta agus scartála neamhghuaiseach (cé is moite d’ábhar a fhaightear go nádúrtha dá dtagraítear in aicme 17 05 04 sa Liosta Dramhaíola Eorpach a bunaíodh le Cinneadh 2000/532/CE ón gCoimisiún (1)) a ghintear ar an láithreán foirgníochta a ullmhú lena hathúsáid, lena hathchúrsáil nó le haisghabháil ábhar eile, lena n-áirítear oibríochtaí aislíonta ina n-úsáidtear dramhaíl in ionad ábhair eile, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh (2). Cuireann oibreoirí teorainn le giniúint dramhaíola i bpróisis a bhaineann le tógáil agus scartáil, i gcomhréir le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Tógála agus Scartála an Aontais Eorpaigh, trí na teicnící is fearr atá ar fáil a chur san áireamh agus scartáil roghnaíoch a úsáid chun baint agus láimhseáil shábháilte substaintí guaiseacha a chumasú agus chun athúsáid agus athchúrsáil ardcháilíochta a éascú ach ábhair a bhaint go roghnaíoch, trí úsáid a bhaint as na córais sórtála atá ar fáil le haghaidh dramhaíl tógála agus scartála.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Déantar bearta chun torann, deannach agus astaíochtaí truailleán a laghdú i rith oibreacha foirgníochta nó cothabhála.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Cinneadh 2000/532/CE ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2000 a chuirtear in ionad Chinneadh 94/3/CE lena mbunaítear liosta dramhaíola de bhun Airteagal 1(a) de Threoir 75/442/CEE ón gComhairle maidir le dramhaíl agus Cinneadh 94/904/CE ón gComhairle lena mbunaítear liosta de dhramhaíl ghuaiseach de bhun Airteagal 1(4) de Threoir 91/689/CEE ón gComhairle maidir le dramhaíl ghuaiseach (IO L 226, 6.9.2000, lch. 3).

(2)   

Prótacal an Aontais maidir le Dramhaíl Foirgníochta agus Scartála (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/growth/content/eu-construction-and-demolition-waste-protocol-0_en ).

6.14.    Bonneagar d'iompar iarnróid

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Foirgníocht, nuachóiriú, oibriú agus cothabháil iarnród agus íosbhealaí agus i dtaobh droichead agus tollán, stáisiúin, críochfoirt, saoráidí seirbhíse iarnróid ( 39 ), agus córais bainistíochta sábháilteachta agus tráchta, lena n-áirítear soláthar seirbhísí ailtireachta, seirbhísí innealtóireachta, seirbhísí dréachtaithe, seirbhísí cigireachta foirgneamh agus seirbhísí suirbhéireachta agus mapála agus a leithéid chomh maith le feidhmiú tástála fisicí, ceimicí agus anailísí eile ar gach cineál ábhair agus táirge.

▼M2

Monarú, suiteáil, iarfheistiú, uasghrádú, deisiú, cothabháil, athrú cuspóra táirgí, trealaimh, córas agus bogearraí a bhaineann le ceann amháin de na gnéithe seo a leanas agus comhairliúchán teicniúil ina leith:

(a) 

daingneáin iarnróid chóimeáilte;

(b) 

comhábhair iarnróid a shonraítear i bPointí 2.2 go 2.6 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2016/797.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe C25.99, C27.9, C30.20, F42.12, F42.13, M71.12, M71.20, F43.21 agus H52.21 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

▼B

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo faoi mar a thagraítear in Airteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Comhlíonann an ghníomhaíocht ceann de na critéir seo a leanas:

(a)  ceann amháin díobh seo a leanas is ea an bonneagar (mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II.2 a ghabhann le Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1)):
(i)  bonneagar taobh riain leictrithe agus fochórais ghaolmhara: bonneagar, fuinneamh, fochórais ar bord um rialú agus ceannas agus um chomharthaíocht, agus fochórais taobh riain um rialú agus ceannas agus um chomharthaíocht, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II.2 a ghabhann le Treoir (AE)2016/797;
(ii)  bonneagar taobh riain agus fochórais ghaolmhara i gcás ina bhfuil plean le haghaidh leictriú nó ina mbeidh an bonneagar oiriúnach le húsáid ag traenacha astaíochtaí nialasacha sceithphíopa CO2 laistigh de 10 mbliana ó thús na gníomhaíochta: bonneagar, fuinneamh, fochórais ar bord um rialú agus ceannas agus um chomharthaíocht, agus fochórais taobh riain um rialú agus ceannas agus um chomharthaíocht, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II.2 a ghabhann le Treoir (AE) 2016/797;
(iii)  go dtí 2030, bonneagar reatha taobh riain agus fochórais ghaolmhara nach cuid de ghréasán TEN-T (2) iad agus na síntí táscacha a ghabhann leis chuig tríú tíortha, ná aon ghréasán de mhórlínte iarnróid atá sainithe go náisiúnta, go fornáisiúnta nó go hidirnáisiúnta: bonneagar, fuinneamh, fochórais ar bord um rialú agus ceannas agus um chomharthaíocht, agus fochórais taobh riain um rialú agus ceannas agus um chomharthaíocht, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II.2 a ghabhann le Treoir (AE) 2016/797;
(b)  tiomnaítear an bonneagar agus na suiteálacha do thrasloingsiú lasta idir na modhanna: bonneagar críochfoirt agus forstruchtúir chun earraí a lódáil, a dhílódáil agus a thrasloingsiú;
(c)  tiomnaítear an bonneagar agus na suiteálacha d’aistriú paisinéirí ó gach mód iompair eile chuig an iarnród; ►M2  
(d)  le huirlisí digiteacha, cumasaítear méadú ar éifeachtúlacht, ar acmhainneacht nó ar choigilt fuinnimh.  ◄

2.  Ní thiomnaítear an bonneagar do bhreoslaí iontaise a iompar.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

▼M2

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Cuireann oibreoirí teorainn le giniúint dramhaíola i bpróisis a bhaineann le tógáil agus scartáil agus cuireann siad san áireamh na teicnící is fearr atá ar fáil. 70 % ar a laghad (de réir meáchain) de dhramhaíl foirgníochta agus scartála neamhghuaiseach (cé is moite d’ábhar a fhaightear go nádúrtha dá dtagraítear in aicme 17 05 04 sa Liosta Dramhaíola Eorpach a bunaíodh le Cinneadh 2000/532/CE) a ghintear ar an láithreán foirgníochta, déantar é a ullmhú lena hathúsáid, lena hathchúrsáil nó le haghaidh aisghabháil ábhar eile, lena n-áirítear oibríochtaí aislíonta ina n-úsáidtear dramhaíl in ionad ábhair eile, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh (8). Úsáideann oibreoirí scartáil roghnaíoch chun gur féidir substaintí guaiseacha a bhaint agus a láimhseáil go sábháilte agus chun athúsáid agus athchúrsáil ardcháilíochta a éascú.

Maidir le comhábhair a mhonarú, déanann an ghníomhaíocht infhaighteacht teicnící a mheasúnú agus, i gcás inarb indéanta, na teicnící sin a ghlacadh chun tacú leis an méid seo a leanas:

(a)  amhábhair thánaisteacha agus comhpháirteanna athúsáidte a athúsáid agus a úsáid sna táirgí a mhonaraítear;

(b)  dearadh don ardmharthanacht, in-athchúrsáilteacht, díchóimeáil éasca agus don inoiriúnaitheacht sna táirgí a mhonaraítear;

(c)  bainistíocht dramhaíola lena dtugtar tosaíocht don athchúrsáil in áit na diúscartha sa phróiseas monaraíochta;

(d)  faisnéis maidir le substaintí arb údar mór imní iad agus na substaintí sin a rianú ar feadh shaolré na dtáirgí monaraithe.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

I gcás inarb iomchuí, i bhfianaise íogaireacht an limistéir dá ndéantar difear, go háirithe i dtéarmaí mhéid an daonra dá ndéantar difear, maolaítear torann agus creathanna ó úsáid an bhonneagair trí úsáid a bhaint as trinsí oscailte, bacainní balla nó bearta eile agus comhlíonann siad Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

Déantar bearta chun torann, deannach agus astaíochtaí truailleán a laghdú i rith oibreacha foirgníochta nó cothabhála.

Maidir le comhábhair a mhonarú, comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Leis an ngníomhaíocht, comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Tá an méid seo a leanas le háirithiú chomh maith:

(a)  san Aontas, i ndáil le láithreáin Natura 2000: níl éifeachtaí móra ag an ngníomhaíocht ar láithreáin Natura 2000 i bhfianaise a gcuspóirí caomhnaithe ar bhonn measúnú iomchuí arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle (5);

(b)  san Aontas, in aon cheantar: níl an ghníomhaíocht díobhálach do théarnamh ná do chothabháil líon na speiceas atá faoi chosaint faoi Threoir 92/43/CEE agus Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) ag stádas caomhantais fabhrach. Ní dhéantar dochar leis an ngníomhaíocht ach oiread do théarnamh ná do chothabháil na gcineálacha gnáthóige lena mbaineann agus atá faoi chosaint faoi Threoir 92/43/CEE ar stádas caomhantais fabhrach.

(c)  lasmuigh den Aontas, déantar gníomhaíochtaí i gcomhréir leis an dlí is infheidhme a bhaineann le gnáthóga agus speicis a chaomhnú.

▼B

(1)   

Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44).

(2)   

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).

(3)   

Prótacal an Aontais maidir le Dramhaíl Foirgníochta agus Scartála (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/growth/content/eu-construction-and-demolition-waste-protocol-0_en).

(4)   

Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú (IO L 189, 18.7.2002, lch. 12).

(5)   

Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh, Meán Fómhair 2016: https://ec.europa.eu/docsroom/documents/20509/.

(6)   

Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú — Dearbhú ón gCoimisiún sa Choiste Idir-réitigh maidir leis an Treoir a bhaineann le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú, (IO L 189, 18.7.2002, lch. 12).

(7)   

Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(8)   

Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

6.15.    Bonneagar lena gcumasaítear iompar ísealcharbóin de bhóthar

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Bonneagar a thógáil, a nuachóiriú, a chothabháil agus a oibriú is gá le haghaidh iompar de bhóthar a oibriú saor ó astaíochtaí sceithphíopa CO2, chomh maith le bonneagar atá tiomnaithe don trasloingsiú, agus bonneagar is gá chun iompar uirbeach a oibriú.

▼M2

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cód NACE, go háirithe F42.11, F42.13, M71.12 agus M71.20 i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

▼B

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo faoi mar a thagraítear in Airteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Comhlíonann an ghníomhaíocht ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

(a)  tiomnaítear an bonneagar d’oibriú soithí a bhfuil astaíocht nialasach díreach CO2 ó sceithphíopaí acu: pointí luchtaithe leictreacha, uasghráduithe ar cheangal leis an eangach leictreachais, stáisiúin bhreoslaithe hidrigine nó córais bóithre leictreacha (ERS):

(b)  tiomnaítear an bonneagar agus na suiteálacha do thrasloingsiú lasta idir na modhanna: bonneagar críochfoirt agus forstruchtúir chun earraí a lódáil, a dhílódáil agus a thrasloingsiú;

(c)  tá an bonneagar agus na suiteálacha tiomnaithe d’iompar poiblí uirbeach agus fo-uirbeach do phaisinéirí, lena n-áirítear córais chomharthaíochta ghaolmhara le haghaidh córas meitreo, tram agus iarnróid.

2.  Ní thiomnaítear an bonneagar do bhreoslaí iontaise a iompar.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déantar 70 % ar a laghad (de réir meáchain) de dhramhaíl foirgníochta agus scartála neamhghuaiseach (cé is moite d’ábhar a fhaightear go nádúrtha a sainmhínítear in aicme 17 05 04 sa Liosta Dramhaíola Eorpach a bunaíodh le Cinneadh 2000/532/CE) a ghintear ar an láithreán foirgníochta a ullmhú lena hathúsáid, lena hathchúrsáil nó le haisghabháil ábhar eile, lena n-áirítear oibríochtaí aislíonta ina n-úsáidtear dramhaíl in ionad ábhair eile, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh (1). Cuireann oibreoirí teorainn le giniúint dramhaíola i bpróisis a bhaineann le tógáil agus scartáil, i gcomhréir le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Tógála agus Scartála an Aontais Eorpaigh, trí na teicnící is fearr atá ar fáil a chur san áireamh agus scartáil roghnaíoch a úsáid chun baint agus láimhseáil shábháilte substaintí guaiseacha a chumasú agus chun athúsáid agus athchúrsáil ardcháilíochta a éascú ach ábhair a bhaint go roghnaíoch, trí úsáid a bhaint as na córais sórtála atá ar fáil le haghaidh dramhaíl tógála agus scartála.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

I gcás inarb ábhartha, maolaítear torann agus creathanna ó úsáid an bhonneagair trí úsáid a bhaint as trinsí oscailte, bacainní balla nó bearta eile agus comhlíonann siad Treoir 2002/49/CE.

Déantar bearta chun torann, deannach agus astaíochtaí truailleán a laghdú i rith oibreacha foirgníochta nó cothabhála.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

I gcás inarb ábhartha, áirithítear nach leatar speicis ionracha trí chothabháil a dhéanamh ar an bhfásra feadh bhonneagar an iompair de bhóthar.

Tá bearta maolaithe curtha chun feidhme chun imbhuailtí fiadhúlra a sheachaint.

(1)   

Prótacal an Aontais maidir le Dramhaíl Foirgníochta agus Scartála (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/growth/content/eu-construction-and-demolition-waste-protocol-0_en).

6.16.    Bonneagar lena gcumasaítear iompar ísealcharbóin de bhóthar

▼M2

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Tógáil, nuachóiriú, oibriú agus cothabháil an bhonneagair is gá le haghaidh soithí nó oibríochtaí an chalafoirt féin a oibriú saor ó astaíochtaí sceithphíopa CO2, mar aon le bonneagar atá tiomnaithe don trasloingsiú agus don athrú córa iompair agus do shaoráidí seirbhíse, do chórais sábháilteachta agus bainistithe tráchta.

Ní áirítear dreidireacht uiscebhealaí leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe F42.91, M71.12 agus M71.20 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006. Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo faoi mar a thagraítear in Airteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

▼B

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Comhlíonann an ghníomhaíocht ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

(a)  tiomnaítear an bonneagar d’oibriú soithí a bhfuil astaíocht nialasach díreach CO2 ó sceithphíopaí acu: luchtú leictreachais, athbhreoslú hidrigin-bhunaithe;
(b)  tiomnaítear an bonneagar do chumhacht leictreachais cois cladaigh a sholáthar do shoithí feistithe;
(c)  tiomnaítear an bonneagar d’fheidhmíocht oibríochtaí an chalafoirt féin a bhfuil astaíocht nialasach díreach CO2 ó sceithphíopaí acu:
(d)  tiomnaítear an bonneagar agus na suiteálacha do thrasloingsiú lasta idir na modhanna: bonneagar críochfoirt agus forstruchtúir chun earraí a lódáil, a dhílódáil agus a thrasloingsiú; ►M2  
(e)  nuachóiriú an bhonneagair atá ann cheana is gá chun an t-aistriú córa iompair a chumasú agus atá oiriúnach lena úsáid ag soithí a bhfuil astaíochtaí CO2 nialasacha díreacha (sceithphíopa) acu agus a ndearnadh measúnú fíoraithe ina leith ar an díonadh ó thaobh na haeráide de i gcomhréir leis an bhFógra ón gCoimisiún, Technical guidance on the climate proofing of infrastructure in the period 2021-2027 [Treoir theicniúil maidir le díonadh ó thaobh na haeráide de sa tréimhse 2021-2027] (2021/C 373/01).  ◄

2.  Ní thiomnaítear an bonneagar do bhreoslaí iontaise a iompar.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

▼M2

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíonann an ghníomhaíocht na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 4 de Threoir 2000/60/CE.

I gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2000/60/CE agus go háirithe mír 7 den Airteagal sin, tá measúnú tionchair le déanamh ar an tionscadal chun measúnú a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith aige ar stádas na ndobharlach laistigh den abhantrach céanna agus ar ghnáthóga agus ar speiceas cosanta atá ag brath go díreach ar an uisce, agus conairí imirce, aibhneacha atá ag sreabhadh go saor nó éiceachórais gar do dhálaí neamhshuaite á gcur san áireamh go háirithe.

Tá an measúnú bunaithe ar shonraí cruinne, cuimsitheacha a fuarthas le déanaí, lena n-áirítear sonraí faireacháin ar ghnéithe cáilíochta bitheolaíocha atá íogair go sonrach d’athruithe hidreamhoirfeolaíocha, agus ar stádas ionchasach an dobharlaigh de thoradh na ngníomhaíochtaí nua, i gcomparáid leis an stádas atá ann faoi láthair. Déantar measúnú, go háirithe, ar thionchair charnacha an tionscadail nua le bonneagar eile reatha nó beartaithe san abhantrach.

Ar bhonn an mheasúnaithe tionchair sin, fuarthas amach go gceaptar an tionscadal, ó thaobh dearaidh agus suímh de, agus ó thaobh bearta maolaithe de, le go gcloífidh sé le ceann de na ceanglais seo a leanas:

(a)  níl aon mheathlú sa tionscadal, ná ní chuireann sé as do dhea-stádas ná d’acmhainneacht an dobharlaigh shonraigh dá mbaineann sé a bhaint amach;

(b)  i gcás ina bhfuil baol ann go bhféadfadh an tionscadal meathlú a dhéanamh nó baint amach dhea-stádais/acmhainneacht an dobharlaigh shonraigh lena mbaineann sé a chur i mbaol, níl meathlú den sórt sin suntasach, agus tugtar údar iomchuí leis trí dhianmheasúnú costais agus tairbhe ina léireofar an dá cheann díobh seo a leanas:

(i)  na cúiseanna sáraitheacha ar mhaithe le leas an phobail nó toisc gur mó na buntáistí a bhfuil coinne leo ón tionscadal bonneagair loingseoireachta pleanáilte i dtéarmaí na mbuntáistí le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide ná na costais atá ag fabhrú chuig an gcomhshaol agus chuig an tsochaí mar thoradh ar mheath a bheith ag teacht ar stádas an uisce;

(ii)  ní féidir, ar chúiseanna indéantachta teicniúla nó costais dhíréirigh, an leas sáraitheach poiblí nó na sochair a bhfuil coinne leo ón ngníomhaíocht a bhaint amach ar mhodh malartach as a leanfadh toradh comhshaoil níos fearr (amhail réitigh bunaithe ar an dúlra, láthair mhalartach, bonneagair atá ann cheana a athshlánú/athchóiriú, nó teicneolaíochtaí nach gcuireann isteach ar leanúnachas aibhneacha a úsáid).

Tá gach beart maolaithe atá indéanta go teicniúil agus ábhartha go héiceolaíoch curtha chun feidhme d’fhonn drochthionchar ar uisce a laghdú, chomh maith le gnáthóga cosanta agus speicis a bhraitheann go díreach ar uisce.

I measc na mbeart imirce, i gcás inarb ábhartha agus ag brath ar na héiceachórais atá i láthair go nádúrtha sna dobharlaigh dá ndéantar difear:

(a)  bearta lena áirithiú go bhfuil coinníollacha chomh gar agus is féidir do leanúnachas nach bhfuil cur isteach air, lena n-áirítear bearta chun fadleanúnachas agus leanúnachas cliathánach, an sreabhadh éiceolaíoch agus dríodair is lú agus is féidir a áirithiú;

(b)  bearta chun coinníollacha agus gnáthóga moirfeolaíocha a chosaint nó a fheabhsú le haghaidh speiceas uisceach;

(c)  bearta chun drochthionchair an eotrófaithe a laghdú.

Déantar faireachán ar éifeachtacht na mbeart sin i gcomhthéacs an údaraithe nó an cheada ina leagtar amach na coinníollacha a bhfuil mar aidhm leo stádas maith nó acmhainneacht an dobharlaigh a ndéantar difear dó a bhaint amach.

Ní chuireann an tionscadal as go buan do dhea-stádas ná acmhainneacht a bhaint amach i gceann ar bith de na dobharlaigh sa cheantar abhantraí céanna.

Anuas ar na bearta maolaithe, agus i gcás inarb ábhartha, cuirtear beara cúitimh chun feidhme lena áirithiú nach mbíonn meath stádais dobharlaigh sa cheantar abhantraí céanna mar thoradh ar an tionscadal. Baintear an toradh sin amach trí bhíthin leanúnachas (fad nó cliathánach) a thabhairt ar ais chuig an gceantar abhantraí céanna sa mhéid a chúiteodh an cur isteach ar leanúnachas a d’fhéadfadh an tionscadal bonneagar loingseoireachta a chruthú. Tosaíonn cúiteamh sula gcuirtear an tionscadal i ngníomh.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Cuireann oibreoirí teorainn le giniúint dramhaíola i bpróisis a bhaineann le tógáil agus scartáil agus cuireann siad san áireamh na teicnící is fearr atá ar fáil. 70 % ar a laghad (de réir meáchain) de dhramhaíl foirgníochta agus scartála neamhghuaiseach (cé is moite d’ábhar a fhaightear go nádúrtha dá dtagraítear in aicme 17 05 04 sa Liosta Dramhaíola Eorpach a bunaíodh le Cinneadh 2000/532/CE a ghintear ar an láithreán foirgníochta, déantar é a ullmhú lena hathúsáid, lena hathchúrsáil nó le haghaidh aisghabháil ábhar eile, lena n-áirítear oibríochtaí aislíonta ina n-úsáidtear dramhaíl in ionad ábhair eile, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh. Úsáideann oibreoirí scartáil roghnaíoch chun gur féidir substaintí guaiseacha a bhaint agus a láimhseáil go sábháilte agus chun athúsáid agus athchúrsáil ardcháilíochta a éascú.

Déanann an ghníomhaíocht infhaighteacht teicnící a mheasúnú agus, i gcás inarb indéanta, na teicnící sin a ghlacadh chun tacú leis an méid a leanas:

(a)  amhábhair thánaisteacha agus comhpháirteanna athúsáidte a athúsáid agus a úsáid sna táirgí a mhonaraítear;

(b)  dearadh don ardmharthanacht, in-athchúrsáilteacht, díchóimeáil éasca agus don inoiriúnaitheacht sna táirgí a mhonaraítear;

(c)  bainistíocht dramhaíola lena dtugtar tosaíocht don athchúrsáil in áit na diúscartha sa phróiseas monaraíochta;

(d)  faisnéis maidir le substaintí arb údar mór imní iad agus na substaintí sin a rianú ar feadh shaolré na dtáirgí monaraithe.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Déantar bearta chun torann, creathadh, deannach agus astaíochtaí truailleán a laghdú i rith oibreacha foirgníochta nó cothabhála.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Cuireadh Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol (MTC) nó scagadh (1) i gcrích i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE (2). I gcás ina ndearnadh MTC, tá na bearta maolaithe agus cúiteacha a éilítear chun an comhshaol a chosaint curtha chun feidhme.

Níl éifeachtaí móra ag an ngníomhaíocht ar limistéir faoi chosaint (láithreáin Oidhreachta Domhanda Unesco agus Príomhlimistéir Bhithéagsúlachta, chomh maith le limistéir eile faoi chosaint seachas láithreáin Natura 2000), agus speicis faoi chosaint bunaithe ar mheasúnú ar a tionchar lena gcuirtear san áireamh an t-eolas is fearr atá ar fáil (3).

Tá an méid seo a leanas le háirithiú chomh maith:

(a)  san Aontas, i ndáil le láithreáin Natura 2000: níl éifeachtaí móra ag an ngníomhaíocht ar láithreáin Natura 2000 i bhfianaise a gcuspóirí caomhnaithe ar bhonn measúnú iomchuí arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE;

(b)  san Aontas, in aon cheantar: níl an ghníomhaíocht díobhálach do théarnamh ná do chothabháil líon na speiceas atá faoi chosaint faoi Threoir 92/43/CEE agus Threoir 2009/147/CE ag stádas caomhantais fabhrach. Ní dhéantar dochar leis an ngníomhaíocht ach oiread do théarnamh ná do chothabháil na gcineálacha gnáthóige lena mbaineann agus atá faoi chosaint faoi Threoir 92/43/CEE ar stádas caomhantais fabhrach;

(c)  san Aontas, cuirtear cosc ar speicis choimhthíocha ionracha a thabhairt isteach, nó bainistítear a leathadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3);

(d)  lasmuigh den Aontas, déantar gníomhaíochtaí i gcomhréir leis an dlí is infheidhme a bhaineann le gnáthóga agus speicis a chaomhnú agus le bainistiú speiceas coimhthíoch ionrach.

▼B

(1)   

Prótacal an Aontais maidir le Dramhaíl Foirgníochta agus Scartála (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/growth/content/eu-construction-and-demolition-waste-protocol-0_en).

(2)   

An nós imeachta trína gcinneann an t-údarás inniúil cé acu a bheidh nó nach mbeidh na tionscadail a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/92/AE faoi réir ag measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol (dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Treoir sin).

(3)   

Le haghaidh gníomhaíochtaí i dtríú tíortha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme a éilíonn go ndéanfaí MTC nó scagadh, mar shampla, Caighdeán Feidhmíochta 1 na Corparáide Airgeadais Idirnáisiúnta (IFC): Measúnú agus Bainistíocht Rioscaí Comhshaoil agus Sóisialta.

(4)   

Le haghaidh gníomhaíochtaí atá suite i dtríú tíortha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme, a dhíríonn ar chaomhnú gnáthóg nádúrtha, fána fiáin agus flóra fiáin, agus a éilíonn go ndéantar (1) nós imeachta scagtha lena chinneadh an bhfuil gá, le haghaidh gníomhaíocht ar leith, le measúnú cuí ar na tionchair féideartha ar ghnáthóga agus speicis chosanta; (2) measúnú cuí den sórt sin i gcás ina gcinntear ón scagadh go bhfuil gá leis, mar shampla, Caighdeán Feidhmíochta IFC 6: Caomhnú na Bithéagsúlachta agus Bainistíocht Inbhuanaithe na Beo-Acmhainní Nádúrtha.

(5)   

Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (IO L 317, 4.11.2014, lch. 35).

6.17.    Bonneagar aerfoirt ísealcharbóin

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

▼M2

Tógáil, nuachóiriú, cothabháil agus oibriú an bhonneagair is gá le haghaidh oibriú aerárthaí a bhfuil astaíochtaí nialasacha CO2 ón sceithphíopa acu nó le haghaidh oibríochtaí an aerfoirt féin, agus le haghaidh soláthar cumhachta leictrí fosaithe talún agus aeir réamhchóirithe d’aerárthaí atá ina stad chomh maith le bonneagar atá tiomnaithe do thrasloingsiú le hiompar d’iarnród agus d’uisce.

▼B

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cód NACE, go háirithe F41.20 agus F42.99 i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht chumasúcháin í an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Comhlíonann an ghníomhaíocht ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

(a)  tiomnaítear an bonneagar d’oibriú aerárthaí a bhfuil astaíocht nialasach díreach CO2 ó sceithphíopaí acu: luchtú leictreachais agus athbhreoslú hidrigine;
(b)  tiomnaítear an bonneagar do sholáthar cumhachta leictrí agus aeir réamhchóirithe d’aerárthaí atá ina stad;
(c)  tiomnaítear an bonneagar d’fheidhmíocht oibríochtaí an aerfoirt féin a bhfuil astaíocht nialasach díreach acu: pointí luchtaithe leictreacha, uasghráduithe ar cheangal leis an eangach leictreachais, stáisiúin bhreoslaithe hidrigine; ►M2  
(d)  tiomnaítear an bonneagar agus na suiteálacha do thrasloingsiú lasta le hiompar d’iarnród agus d’uisce: bonneagar críochfoirt agus forstruchtúir chun earraí a lódáil, a dhílódáil agus a thrasloingsiú.  ◄

2.  Ní thiomnaítear an bonneagar do bhreoslaí iontaise a iompar.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déantar 70 % ar a laghad (de réir meáchain) de dhramhaíl foirgníochta agus scartála neamhghuaiseach (cé is moite d’ábhar a fhaightear go nádúrtha a sainmhínítear in aicme 17 05 04 sa Liosta Dramhaíola Eorpach a bunaíodh le Cinneadh 2000/532/CE) a ghintear ar an láithreán foirgníochta a ullmhú lena hathúsáid, lena hathchúrsáil nó le haisghabháil ábhar eile, lena n-áirítear oibríochtaí aislíonta ina n-úsáidtear dramhaíl in ionad ábhair eile, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh (1). Cuireann oibreoirí teorainn le giniúint dramhaíola i bpróisis a bhaineann le tógáil agus scartáil, i gcomhréir le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Tógála agus Scartála an Aontais Eorpaigh, trí na teicnící is fearr atá ar fáil a chur san áireamh agus scartáil roghnaíoch a úsáid chun baint agus láimhseáil shábháilte substaintí guaiseacha a chumasú agus chun athúsáid agus athchúrsáil ardcháilíochta a éascú ach ábhair a bhaint go roghnaíoch, trí úsáid a bhaint as na córais sórtála atá ar fáil le haghaidh dramhaíl tógála agus scartála.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Déantar bearta chun torann, creathadh, deannach agus astaíochtaí truailleán a laghdú i rith oibreacha foirgníochta nó cothabhála.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh (https://ec.europa.eu/growth/content/eu-construction-and-demolition-waste-protocol-0_en).

▼M2

6.18.    Aerárthaí a léasú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Aerárthaí agus páirteanna agus trealamh de chuid aerárthaí a ligean ar cíos nó a léasú ( 40 ).

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE, go háirithe N77.35, i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

I gcás nach gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo an critéar maidir le rannchuidiú substaintiúil a shonraítear i bpointe (a) den Roinn seo, is gníomhaíocht idirthréimhseach í an ghníomhaíocht sin dá dtagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla atá fágtha a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Is éard atá sa ghníomhaíocht ceann díobh seo a leanas a ligean ar cíos nó a léasú:

(a)  na haerárthaí le hastaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2;

(b)  an t-aerárthach a seachadadh roimh 11 Nollaig 2023, a chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i Roinn 3.21., foroinn “Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide”, pointí (b) nó (c);

(c)  an t-aerárthach a seachadadh tar éis 11 Nollaig 2023, a chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i Roinn 3.21., foroinn “Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide”, pointí (b) nó (c) agus an gealltanas gur fíor ceann amháin den dá rud seo a leanas i gcás aerárthach neamhchomhlíontach eile de chuid an fhlít:

(i)  gur tarraingíodh siar go buan é ón úsáid laistigh de 6 mhí ón uair a sheachadtar an t-aerárthach comhlíontach, agus sa chás sin, nach bhfuil feidhm ag an gcóimheas athsholáthair; nó

(ii)  gur tarraingíodh siar go buan é ón bhflít laistigh de 6 mhí tar éis an t-aerárthach comhlíontach a sheachadadh, agus sa chás sin, go bhfuil sciar comhlíontachta Tacsanomaíochta aerárthaí incháilithe teoranta ag an gcóimheas athsholáthair mar a leagtar amach i Roinn 3.21.;

inar fíor an méid seo a leanas maidir leis an aerárthach a tharraingítear siar go buan óna úsáid nó ón bhflít:

(i)  tá sé neamhchomhlíontach leis na corrlaigh a leagtar amach i Roinn 3.21., foroinn “Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide”, pointe (b);

(ii)  tá 80 % ar a laghad d’uasmheáchan tráth turgabhála an aerárthaigh chomhlíontaigh aige;

(iii)  d’fhan sé sa fhlít laistigh den 12 mhí, ar a laghad, sular tarraingíodh siar é;

(iv)  tá cruthúnas aeracmhainneachta aige a théann siar níos lú ná 6 mhí roimh sheachadadh an aerárthaigh chomhlíontaigh.

Áirithíonn an léasóir go n-oibrítear an t-aerárthach i bpointe (b) nó (c) ar bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe (SAF) go comhsheasmhach leis na critéir a shonraítear i bpointe (d) agus i mír 2 de Roinn 6.19 den Iarscríbhinn seo.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá bearta i bhfeidhm chun cosc a chur ar ghiniúint dramhaíola le linn na céime úsáide (cothabháil) agus chun aon dramhaíl atá fágtha a bhainistiú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola.

Déanann an ghníomhaíocht infhaighteacht teicnící a mheasúnú agus, i gcás inarb indéanta, na teicnící sin a ghlacadh chun tacú leis an méid a leanas:

(a)  amhábhair thánaisteacha agus comhpháirteanna athúsáidte a athúsáid agus a úsáid sna táirgí a mhonaraítear;

(b)  dearadh don ardmharthanacht, in-athchúrsáilteacht, díchóimeáil éasca agus don inoiriúnaitheacht sna táirgí a mhonaraítear;

(c)  bainistíocht dramhaíola lena dtugtar tosaíocht don athchúrsáil in áit na diúscartha sa phróiseas monaraíochta;

(d)  faisnéis maidir le substaintí arb údar mór imní iad agus na substaintí sin a rianú ar feadh shaolré na dtáirgí monaraithe.

Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú agus a athchúrsáil ag deireadh a ré, lena n-áirítear trí chomhaontuithe conarthacha díchoimisiúnúcháin le soláthraithe seirbhísí athchúrsála, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil. Áirithítear leis na bearta sin go ndéantar comhpháirteanna agus ábhair a dheighilt agus a chóireáil chun an athchúrsáil agus an athúsáid a uasmhéadú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, prionsabail an Aontais maidir le rialáil dramhaíola agus na rialacháin is infheidhme, go háirithe trí cheallraí agus leictreonaic agus na hamhábhair chriticiúla iontu a athúsáid agus a athchúrsáil. Áirítear ar na bearta sin freisin rialú agus bainistiú ábhar guaiseach.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Comhlíonann na haerárthaí na ceanglais ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2018/1139.

Comhlíonann na haerárthaí dá dtagraítear san fhoroinn “Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide”, pointí (b) go (c), na caighdeáin seo a leanas:

(a)  i gcás aerárthaí seachas aerárthaí lasta: leasú 13 d’Imleabhar I (torann), Caibidil 14 d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, i gcás nach lú ná 22 EPNdB suim na ndifríochtaí ag na trí phointe tomhais idir na huasleibhéil torainn agus na huasleibhéil torainn cheadaithe atá sonraithe in 14.4.1.1, 14.4.1.2 agus 14.4.1.3; i gcás aerárthaí lasta: leasú 13 d’Imleabhar I (torann), Caibidil 14 d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago;

(b)  leasú 10 d’Imleabhar II (astaíochtaí innill), Caibidlí 2 agus 4, d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

6.19.    Aeriompar paisinéir agus lasta

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Ceannach, maoiniú agus oibriú aerárthaí lena n-áirítear paisinéirí agus earraí a iompar.

Ní áirítear leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch léasú aerárthaí dá dtagraítear i Roinn 6.18.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe H51.1 agus H51.21 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

I gcás nach gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir sin an critéar maidir le rannchuidiú substaintiúil a shonraítear i bpointe (a) den Roinn seo, is gníomhaíocht idirthréimhseach í an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla atá fágtha a leagtar amach sa roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Déantar an ghníomhaíocht agus ceann de na critéir seo a leanas á úsáid:

(a)  na haerárthaí le hastaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2;

(b)  go dtí an 31 Nollaig 2029, an t-aerárthach a fuarthas roimh 11 Nollaig 2023, a chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i Roinn 3.21., foroinn “Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide”, pointí (b) nó (c);

(c)  go dtí an 31 Nollaig 2029, an t-aerárthach a fuarthas tar éis 11 Nollaig 2023, a chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i Roinn 3.21., foroinn “Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide”, pointí (b) nó (c), agus an gealltanas gur fíor ceann amháin den dá rud seo a leanas i gcás aerárthach neamhchomhlíontach eile de chuid an fhlít:

(i)  gur tarraingíodh siar go buan é ón úsáid laistigh de 6 mhí ón uair a sheachadtar an t-aerárthach comhlíontach, agus sa chás sin, nach bhfuil feidhm ag an gcóimheas athsholáthair; nó

(ii)  gur tarraingíodh siar go buan é ón bhflít laistigh de 6 mhí tar éis an t-aerárthach comhlíontach a sheachadadh, agus sa chás sin, go bhfuil sciar comhlíontachta Tacsanomaíochta aerárthaí incháilithe teoranta ag an gcóimheas athsholáthair mar a leagtar amach i Roinn 3.21.;

inar fíor an méid seo a leanas maidir leis an aerárthach a tharraingítear siar go buan óna úsáid nó ón bhflít:

(i)  tá sé neamhchomhlíontach leis na corrlaigh a shainmhínítear i Roinn 3.21. foroinn “Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide”, pointe (b);

(ii)  tá 80 % ar a laghad d’uasmheáchan tráth turgabhála an aerárthaigh chomhlíontaigh aige;

(iii)  d’fhan sé sa fhlít laistigh den 12 mhí, ar a laghad, sular tarraingíodh siar é;

(iv)  tá cruthúnas aeracmhainneachta aige a théann siar níos lú ná 6 mhí roimh sheachadadh an aerárthaigh chomhlíontaigh.

(d)  ón 1 Eanáir 2030, na haerárthaí a chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i bpointí (b) agus (c) thuas agus a oibrítear le sciar íosta de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe (SAF), atá chomhfhreagrach do 15 % in 2030 agus a mhéadófar 2 phointe céatadáin gach bliain ina dhiaidh sin;

(e)  na haerárthaí a oibrítear le sciar íosta de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe, comhfhreagrach do 5 % SAF in 2022, agus an céatadán SAFanna ag méadú 2 phointe céatadáin gach bliain ina dhiaidh sin.

Déantar an ceanglas maidir le húsáid SAF dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e) a ríomh le tagairt don bhreosla eitlíochta iomlán a úsáideann na haerárthaí comhlíontacha agus le tagairt don SAF a úsáidtear ar leibhéal an fhlít. Déanann oibreoirí comhlíonadh a ríomh mar chóimheas na cainníochta (arna sloinneadh i dtonaí) de SAF a cheannaítear ar leibhéal an fhlít arna roinnt faoin mbreosla eitlíochta iomlán arna úsáid ag na haerárthaí comhlíontacha arna iolrú faoi 100. Sainmhínítear SAF i rialachán maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú le haghaidh aeriompar inbhuanaithe.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá bearta i bhfeidhm chun cosc a chur ar ghiniúint dramhaíola le linn na céime úsáide (cothabháil, oibriú seirbhísí aeriompair maidir le dramhaíl lónadóireachta) agus chun aon dramhaíl atá fágtha a bhainistiú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola.

Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú agus a athchúrsáil ag deireadh a ré, lena n-áirítear trí chomhaontuithe conarthacha díchoimisiúnúcháin le soláthraithe seirbhísí athchúrsála, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil. Áirithítear leis na bearta sin go ndéantar comhpháirteanna agus ábhair a dheighilt agus a chóireáil chun an athchúrsáil agus an athúsáid a uasmhéadú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, prionsabail an Aontais maidir le rialáil dramhaíola agus na rialacháin is infheidhme, go háirithe trí cheallraí agus leictreonaic agus na hamhábhair chriticiúla iontu a athúsáid agus a athchúrsáil. Áirítear ar na bearta sin freisin rialú agus bainistiú ábhar guaiseach.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Comhlíonann an t-aerárthach na ceanglais ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2018/1139.

Comhlíonann na aerárthaí na critéir scagtha theicniúla i bpointí (b) go (e) na caighdeáin seo a leanas:

(a)  i gcás aerárthaí seachas aerárthaí lasta: leasú 13 d’Imleabhar I (torann), Caibidil 14 d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, i gcás nach lú ná 22 EPNdB suim na ndifríochtaí ag na trí phointe tomhais idir na huasleibhéil torainn agus na huasleibhéil torainn cheadaithe atá sonraithe in 14.4.1.1, 14.4.1.2 agus 14.4.1.3; i gcás aerárthaí lasta: leasú 13 d’Imleabhar I (torann), Caibidil 14 d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago;

(b)  leasú 10 d’Imleabhar II (astaíochtaí innill), Caibidlí 2 agus 4, d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

6.20.    Oibríochtaí seirbhísí láimhseála ar an talamh aeriompair

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Monarú, deisiú, cothabháil, athchóiriú, iarfheistiú, dearadh, athrú cuspóra agus uasghrádú, ceannach, maoiniú, ligean ar cíos, léasú agus oibriú trealaimh agus gníomhaíochtaí seirbhíse atá teagmhasach le haeriompar (láimhseáil ar an talamh), lena n-áirítear gníomhaíochtaí seirbhíse láimhseála ar an talamh ag aerfoirt agus láimhseáil lastais, lena n-áirítear luchtú agus díluchtú earraí ó aerárthaí.

Áirítear ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch:

(a) 

feithiclí le haghaidh cogairsiú aerárthaí agus seirbhísí eile laistigh den naprún;

(b) 

trealamh bordála paisinéirí, lena n-áirítear tointeálacha paisinéirí, céimeanna soghluaiste;

(c) 

trealamh le haghaidh bagáiste agus láimhseála lastais lena n-áirítear lódairí criosanna, tarracóirí bagáiste, trucailí pailléid aerfoirt, lódairí deice níos ísle, príomhlódairí deice;

(d) 

trealamh lónadóireachta lena n-áirítear dalaithe coimeádán fionnuara, seachas trealamh le haonaid chuisniúcháin arna gcumhachtú ag inneall dócháin inmheánaigh;

(e) 

trealamh cothabhála lena n-áirítear seastáin agus ardáin chothabhála;

(f) 

tugaí brú siar;

(g) 

trealamh dí-oighrithe le haghaidh aerárthaí agus dí-oighriú innill;

(h) 

céachtaí sneachta agus trealamh eile glanta sneachta agus trealamh dí-oighrithe dromchla;

(i) 

inleadh neamh-uathrialach.

Ní áirítear leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch feithiclí le haghaidh paisinéirí agus criú a iompar agus le haghaidh athbhreoslú aerárthaí a úsáidtear laistigh den aerfort a chumhdaítear i Ranna 3.3., 6.3. agus 6.6 den Iarscríbhinn seo.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe H52.23, H52.24, H52.29 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Tá astaíochtaí CO2 díreacha (sceithphíopa) nialasacha ag feithiclí seirbhísí láimhseála ar an talamh.

Tagann tiomáint gach gaireas agus trealaimh seirbhísí láimhseála ar an talamh ó mhótar astaíochtaí nialasacha.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Maidir le gníomhaíochtaí dí-oighrithe, tá bearta i bhfeidhm chun na rialuithe sceite is gá a áirithiú ar leibhéal na n-aerfort, chun an tionchar comhshaoil ar chúrsaí uisce a laghdú, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as ceimiceáin atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, trí aisghabháil gliocóil agus trí chóireáil uisce dromchla.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá bearta i bhfeidhm chun cosc a chur ar ghiniúint dramhaíola le linn na céime úsáide (cothabháil, oibriú seirbhísí aeriompair maidir le dramhaíl lónadóireachta) agus chun aon dramhaíl atá fágtha a bhainistiú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola.

Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú agus a athchúrsáil ag deireadh a ré, lena n-áirítear trí chomhaontuithe conarthacha díchoimisiúnúcháin le soláthraithe seirbhísí athchúrsála, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil. Áirithítear leis na bearta sin go ndéantar comhpháirteanna agus ábhair a dheighilt agus a chóireáil chun an athchúrsáil agus an athúsáid a uasmhéadú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, prionsabail an Aontais maidir le rialáil dramhaíola agus na rialacháin is infheidhme, go háirithe trí cheallraí agus leictreonaic agus na hamhábhair chriticiúla iontu a athúsáid agus a athchúrsáil. Áirítear ar na bearta sin freisin rialú agus bainistiú ábhar guaiseach.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

▼B

7.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ FOIRGNÍOCHTA AGUS RÉADMHAOINE

7.1.    Foirgnimh nua a fhoirgniú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Tionscadail foirgníochta a fhorbairt le haghaidh foirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe, trí bhíthin modhanna airgeadais, teicniúla agus fisiceacha a thabhairt le chéile chun na tionscadail foirgníochta a réadú chun iad a dhíol níos faide anonn, chomh maith le foirgnimh chónaithe nó neamhchónaithe iomlána a fhoirgniú, ar a gcuntas féin lena ndíol nó ar bhonn táille nó conartha.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe F41.1 agus F41.2, lena n-áirítear freisin gníomhaíochtaí faoi F43, i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Foirgnimh nua a fhoirgniú, lena mbaineann na nithe seo a leanas:

1.  Tá an Príomhéileamh Fuinnimh (PED) (1), lena sainmhínítear feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh ag eascairt as an bhfoirgníocht, 10 % ar a laghad níos ísle ná an tairseach a leagtar amach le haghaidh na gceanglas d’fhoirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh sna bearta náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Deimhnítear an fheidhmíocht fuinnimh agus Deimhniú Feidhmíochta Fuinnimh (EPC) mar a tógadh á úsáid.

2.  Maidir le foirgnimh níos mó ná 5 000 m2 (3), ach é a thabhairt chun críche, déantar tástáil maidir le haer-obacht agus sláine theirmeach ar an bhfoirgneamh a d’eascair as an bhfoirgníocht (4), agus nochtar aon diallas ó na leibhéil feidhmíochta a leagtar amach ag an gcéim dearaidh nó aon locht san imchlúdach foirgnimh d’infheisteoirí agus do chliaint. Mar mhalairt rogha; i gcás ina bhfuil próisis rialaithe cáilíochta láidre agus inrianaithe i bhfeidhm le linn an phróisis tógála tá sé sin inghlactha mar mhalairt rogha ar thástáil ar shláine theirmeach.

3.  Maidir le foirgnimh atá níos mó ná 5 000 m2 (5), ríomhadh Acmhainneacht Téite Domhanda (GWP) (6) saolré an fhoirgnimh mar thoradh ar a fhoirgniú le haghaidh gach céime saolré agus nochtar í d’infheisteoirí agus do chliaint ach í a iarraidh.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Seachas i gcás suiteálacha in aonaid foirgneamh cónaithe, nuair a shuiteáiltear na fearais uisce seo a leanas, deimhnítear an úsáid uisce shonrach le haghaidh na bhfearas uisce le bileoga sonraí táirge, deimhniúchán foirgneamh nó lipéad táirge atá ann cheana san Aontas, i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla a leagtar síos in Aguisín E leis an Iarscríbhinn seo:

(a)  tá sreabhadh uasta uisce de 6 lítear/nóiméad ag sconnaí báisín níocháin agus sconnaí cistine;

(b)  tá sreabhadh uasta uisce de 8 lítear/nóiméad ag cithfholcadáin;

(c)  Tá toirt sruthlaithe iomlán uasta 6 lítear agus meántoirt sruthlaithe 3,5 lítear ag leithris, lena n-áirítear svuíteanna, soithí agus sistéil sruthlaithe;

(d)  úsáideann úirinéil uasmhéid de 2 lítear/soitheach/uair an chloig. Tá toirt sruthlaithe iomlán uasta 1 lítear ag úirinéil sruthlaithe.

Chun tionchar ón suíomh foirgníochta a sheachaint, comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déantar 70 % ar a laghad (de réir meáchain) de dhramhaíl foirgníochta agus scartála neamhghuaiseach (cé is moite d’ábhar a fhaightear go nádúrtha dá dtagraítear in aicme 17 05 04 sa Liosta Dramhaíola Eorpach a bunaíodh le Cinneadh 2000/532/CE) a ghintear ar an láithreán foirgníochta a ullmhú lena hathúsáid, lena hathchúrsáil nó le haisghabháil ábhar eile, lena n-áirítear oibríochtaí aislíonta ina n-úsáidtear dramhaíl in ionad ábhair eile, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh (7). Cuireann oibreoirí teorainn le giniúint dramhaíola i bpróisis a bhaineann le tógáil agus scartáil, i gcomhréir le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Tógála agus Scartála an Aontais Eorpaigh, trí na teicnící is fearr atá ar fáil a chur san áireamh agus scartáil roghnaíoch a úsáid chun baint agus láimhseáil shábháilte substaintí guaiseacha a chumasú agus chun athúsáid agus athchúrsáil ardcháilíochta a éascú ach ábhair a bhaint go roghnaíoch, trí úsáid a bhaint as na córais sórtála atá ar fáil le haghaidh dramhaíl tógála agus scartála.

Tacaíonn dearaí foirgneamh agus teicnící foirgníochta le ciorclaíocht agus léiríonn siad go háirithe, i ndáil le ISO 20887 (8) nó le caighdeáin eile chun measúnú a dhéanamh ar a éasca atá sé foirgnimh a dhíchóimeáil nó a oiriúnú, an tslí a bhfuil siad deartha le bheith níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní, níos inoiriúnaithe, níos solúbtha agus níos éasca le baint óna chéile le gur féidir iad a athúsáid agus a athchúrsáil.

▼M2

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann na comhpháirteanna agus ábhair foirgníochta a úsáideadh san fhoirgníocht na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Maidir le comhpháirteanna tógála agus ábhair a úsáidtear sa tógáil a d’fhéadfadh a bheith i dteagmháil le háititheoirí (11), astaíonn siad níos lú ná 0,06 mg d’fhormaildéad in aghaidh an m3 den aer seomra tástála, de réir tástála i gcomhréir leis na coinníollacha a shonraítear in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, agus níos lú ná 0,001 mg de chomhdhúile so-ghalaithe orgánacha carcanaigineacha d’aicme 1A agus 1B in aghaidh an m3 den aer seomra tástála, de réir tástála i gcomhréir le CEN/TS 16516 (12) agus ISO 16000-3:2011 (13) nó de réir dálaí tástála agus modhanna cinntithe caighdeánacha inchomparáide eile (14).

I gcás ina bhfuil an fhoirgníocht nua lonnaithe ar láithreán a d’fhéadfadh a bheith éillithe (láithreán athfhorbraíochta), rinneadh an láithreán a imscrúdú le haghaidh éillitheoirí a d’fhéadfadh a bheith ann, mar shampla trí chaighdeán ISO 18400 (15) a úsáid.

Déantar bearta chun torann, deannach agus astaíochtaí truailleán a laghdú i rith oibreacha foirgníochta nó cothabhála.

▼B

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Níl an fhoirgníocht nua tógtha ar cheann de na nithe seo a leanas:

(a)  talamh arúil agus talamh barr ina bhfuil leibhéal measartha go dtí ardleibhéal torthúlachta ithreach agus bithéagsúlachta faoi thalamh, dá dtagraítear i suirbhé LUCAS an Aontais (14);

(b)  láithreán úrnua a bhfuil ardluach bithéagsúlachta aitheanta aige agus talamh atá in úsáid mar ghnáthóg ag speicis faoi bhagairt (flora agus fauna) a liostaítear ar an Liosta Dearg Eorpach (15) nó ar Liosta Dearg IUCN (16);

(c)  Tuigtear leis an ngníomhaíocht nach mbeidh athrú ar an úsáid talún agus tarlaíonn sé ar thalamh dhíghrádaithe atá ag teacht leis an sainmhíniú ar fhoraois a úsáidtear san fhardal náisiúnta de gháis ceaptha teasa, nó i gcás nach bhfuil sé sin ar fáil, tá sé i gcomhréir le sainmhíniú FAO ar fhoraois (17).

(1)   

An méid ríofa fuinnimh is gá chun freastal ar an éileamh fuinnimh bainteach le gnáth-úsáidí fuinnimh foirgnimh, á chur in iúl ag táscaire uimhriúil maidir le húsáid fuinnimh phríomha iomlán i kWh/m2 in aghaidh na bliana agus bunaithe ar an modheolaíocht ríomha náisiúnta ábhartha agus mar a léirítear ar an Deimhniú Feidhmíochta Fuinnimh (EPC).

(2)   

Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(3)   

Maidir le foirgnimh chónaithe, déantar an tástáil le haghaidh tacar ionadaíoch de chineálacha teaghaisí/árasán.

(4)   

Déantar an tástáil i gcomhréir le EN13187 (Feidhmíocht Theirmeach Foirgneamh – Brath Cainníochtúil Neamhrialtachtaí Teirmeacha in Imchlúdaigh Foirgneamh – Modh Infridheirg) agus EN 13829 (Feidhmíocht Theirmeach Foirgneamh. Tréscaoilteacht Aeir Foirgneamh a chinneadh. Modh brúchóirithe fean) nó caighdeáin choibhéiseacha arna nglacadh ag an gcomhlacht rialaithe foirgneamh ábhartha ina bhfuil an foirgneamh lonnaithe.

(5)   

Maidir le foirgnimh chónaithe, déantar an ríomh agus an nochtadh le haghaidh tacar ionadaíoch de chineálacha teaghaisí/árasán.

(6)   

Cuirtear GWP in iúl mar tháscaire uimhriúil le haghaidh gach céime saolré, mar kgCO2e/m2 (den achar urláir inmheánach fónta) meánaithe le haghaidh bliain amháin de thréimhse staidéir tagartha 50 bliain. Déantar roghnú sonraí, sainmhíniú cásanna agus ríomhanna i gcomhréir le EN 15978 (BS EN 15978:2011. Inbhuaine oibreacha foirgníochta. Measúnú ar fheidhmíocht chomhshaoil foirgneamh. Modh ríofa). Beidh raon feidhme gnéithe foirgníochta agus trealaimh theicniúil mar a shainmhínítear i gcreat comhchoiteann Leibhéil/Léibhéal an Aontais Eorpaigh maidir le táscaire 1.2. I gcás inarb ann d’uirlis ríofa náisiúnta, nó ina n-éilítear ceann chun nochtadh a dhéanamh nó chun ceadanna foirgníochta a fháil, is féidir an uirlis i gceist a úsáid chun an nochtadh a éilítear a sholáthar. Is féidir uirlisí ríofa eile a úsáid má chomhlíonann siad na híoschritéir a leagtar síos le creat comhchoiteann Leibhéil/Léibhéal an Aontais Eorpaigh: https://susproc.jrc.ec.europa.eu/product-bureau/product-groups/412/documents), féach táscaire 1.2 sa lámhleabhar úsáideora.

(7)   

Prótacal an Aontais maidir le Dramhaíl Foirgníochta agus Scartála (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/growth/content/eu-construction-and-demolition-waste-protocol-0_en).

(8)   

ISO 20887:2020, Inbhuaine i bhfoirgnimh agus in oibreacha innealtóireachta sibhialta – Dearadh le haghaidh díchóimeála agus inoiriúnaitheachta – Prionsabail, ceanglais agus treoraíocht (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/69370.html).

(9)   

Tá feidhm aige seo maidir le péinteanna agus vearnaisí, tíleanna síleála, clúdaigh urláir lena n-áirítear greamacháin agus séaltáin lena mbaineann, insliú inmheánach agus cóireálacha dromchla inmheánaigh amhail cóireálacha in aghaidh taise agus múscáin.

(10)   

CEN/TS 16516: 2013, Táirgí foirgníochta – Measúnú ar scaoileadh substaintí contúirteacha – Astaíochtaí isteach san aer laistigh a chinneadh.

(11)   

ISO 16000-3:2011, Aer laistigh – Cuid 3: Formaildéad agus comhdhúile carbóinile in aer laistigh agus in aer seomra tástála a chinneadh – modh samplála gníomhaí (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/51812.html).

(12)   

Baineann na tairseacha astaíochtaí le haghaidh comhdhúile so-ghalaithe orgánacha carcanaigineacha le tréimhse tástála 28 lá.

(13)   

Sraith ISO 18400 faoi cháilíocht Ithreach — Sampláil

(14)   

JRC ESDCA, LUCAS: “Land Use and Coverage Area frame Survey”, https://esdac.jrc.ec.europa.eu/projects/lucas. https://esdac.jrc.ec.europa.eu/projects/lucas

(15)   

An tAontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra (IUCN), Liosta Dearg Eorpach IUCN na Speiceas faoi Bhagairt (leagan an 4.6.2021: https://www.iucn.org/regions/europe/our-work/biodiversity-conservation/european-red-list-threatened-species).

(16)   

IUCN, Liosta Dearg IUCN na Speiceas faoi Bhagairt (leagan an 4.6.2021: https://www.iucnredlist.org).

(17)   

Talamh is fairsinge ná 0,5 heicteár agus é faoi chrainn is airde ná 5 mhéadar agus clúdach téastair aige is mó ná 10 %, nó faoi chrainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amachin situ. Ní áirítear leis talamh atá faoi úsáid talmhaíochta nó uirbeach den chuid is mó, Measúnú ar Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe (leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

7.2.    Athchóiriú foirgneamh atá ann faoi láthair

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Oibreacha foirgníochta agus innealtóireachta sibhialta nó iad a ullmhú.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe F41 agus F43 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht idirthréimhseach í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo faoi mar a thagraítear in Airteagal 10 (2) de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Comhlíonann athchóiriú an fhoirgnimh na ceanglais is infheidhme le haghaidh mór-athchóiriú (1).

De rogha air sin, bíonn laghdú 30 % ar a laghad ar an bpríomhéileamh fuinnimh (PED) mar thoradh air sin (2).

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Seachas i gcás oibreacha athchóirithe in aonaid foirgneamh cónaithe, nuair a shuiteáiltear na fearais uisce seo a leanas mar chuid d’oibreacha athchóirithe, deimhnítear an úsáid uisce shonrach le haghaidh na bhfearas uisce le bileoga sonraí táirge, deimhniúchán foirgneamh nó lipéad táirge atá ann cheana san Aontas, i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla a leagtar síos in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo:

(a)  tá sreabhadh uasta uisce de 6 lítear/nóiméad ag sconnaí báisín níocháin agus sconnaí cistine;

(b)  tá sreabhadh uasta uisce de 8 lítear/nóiméad ag cithfholcadáin;

(c)  Tá toirt sruthlaithe iomlán uasta 6 lítear agus meántoirt sruthlaithe 3,5 lítear ag leithris, lena n-áirítear svuíteanna, soithí agus sistéil sruthlaithe;

(d)  úsáideann úirinéil uasmhéid de 2 lítear/soitheach/uair an chloig. Tá toirt sruthlaithe iomlán uasta 1 lítear ag úirinéil sruthlaithe.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déantar 70 % ar a laghad (de réir meáchain) de dhramhaíl foirgníochta agus scartála neamhghuaiseach (cé is moite d’ábhar a fhaightear go nádúrtha dá dtagraítear in aicme 17 05 04 sa Liosta Dramhaíola Eorpach a bunaíodh le Cinneadh 2000/532/CE) a ghintear ar an láithreán foirgníochta a ullmhú lena hathúsáid, lena hathchúrsáil nó le haisghabháil ábhar eile, lena n-áirítear oibríochtaí aislíonta ina n-úsáidtear dramhaíl in ionad ábhair eile, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh (3). Cuireann oibreoirí teorainn le giniúint dramhaíola i bpróisis a bhaineann le tógáil agus scartáil, i gcomhréir le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Tógála agus Scartála an Aontais Eorpaigh, trí na teicnící is fearr atá ar fáil a chur san áireamh agus scartáil roghnaíoch a úsáid chun baint agus láimhseáil shábháilte substaintí guaiseacha a chumasú agus chun athúsáid agus athchúrsáil ardcháilíochta a éascú ach ábhair a bhaint go roghnaíoch, trí úsáid a bhaint as na córais sórtála atá ar fáil le haghaidh dramhaíl tógála agus scartála.

Tacaíonn dearaí foirgneamh agus teicnící foirgníochta le ciorclaíocht agus léiríonn siad go háirithe, i ndáil le ISO 20887 (4) nó le caighdeáin eile chun measúnú a dhéanamh ar a éasca atá sé foirgnimh a dhíchóimeáil nó a oiriúnú, an tslí a bhfuil siad deartha le bheith níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní, níos inoiriúnaithe, níos solúbtha agus níos éasca le baint óna chéile le gur féidir iad a athúsáid agus a athchúrsáil.

▼M2

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann na comhpháirteanna agus ábhair foirgníochta a úsáideadh san fhoirgníocht na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Maidir le comhpháirteanna tógála agus ábhair a úsáidtear san athchóiriú foirgneamh a d’fhéadfadh a bheith i dteagmháil le háititheoirí (1), astaíonn siad níos lú ná 0,06 mg d’fhormaildéad in aghaidh an m3 den aer seomra tástála, de réir tástála i gcomhréir leis na coinníollacha a shonraítear in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus níos lú ná 0,001 mg de chomhdhúile so-ghalaithe orgánacha carcanaigineacha d’aicme 1A agus 1B in aghaidh an m3 den aer seomra tástála, de réir tástála i gcomhréir le CEN/EN 16516 nó ISO 16000-3:2011 (2) nó de réir dálaí tástála agus modhanna cinntithe caighdeánacha inchomparáide coibhéiseacha eile (3).

Déantar bearta chun torann, deannach agus astaíochtaí truailleán a laghdú i rith oibreacha foirgníochta nó cothabhála.

▼B

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

N/B

(1)   

Mar a leagtar amach sna rialacháin foirgníochta náisiúnta agus réigiúnacha is infheidhme le haghaidh “mór-athchóiriú” maidir le cur chun feidhme Threoir 2010/31/AE. Comhlíonann feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh nó an chuid uasghrádaithe athchóirithe na híoscheanglais feidhmíochta is fearr costais, i gcomhréir leis an Treoir sin.

(2)   

Bunaítear an príomhéileamh fuinnimh tosaigh agus an feabhsúchán measta ar shuirbhé foirgníochta mionsonraithe, ar iniúchadh fuinnimh arna dhéanamh ag saineolaí neamhspleách creidiúnaithe nó ar aon mhodh trédhearcach agus comhréireach eile, agus déantar é a bhailíochtú le Deimhniú Feidhmíochta Fuinnimh. Tarlaíonn an feabhsúchán 30 % mar thoradh ar laghdú iarbhír ar an bpríomhéileamh fuinnimh (i gcás nach gcuirtear na laghduithe ar an nglan-phríomhéileamh fuinnimh trí fhoinsí fuinnimh in-athnuaite san áireamh), agus is féidir é a bhaint amach trí bhearta comhleanúnacha laistigh de 3 bliana ar a mhéad.

(3)   

Prótacal an Aontais maidir le Dramhaíl Foirgníochta agus Scartála (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/growth/content/eu-construction-and-demolition-waste-protocol-0_en).

(4)   

ISO 20887:2020, Inbhuaine i bhfoirgnimh agus in oibreacha innealtóireachta sibhialta – Dearadh le haghaidh díchóimeála agus inoiriúnaitheachta – Prionsabail, ceanglais agus treoraíocht (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/69370.html).

(5)   

Tá feidhm aige seo maidir le péinteanna agus vearnaisí, tíleanna síleála, clúdaigh urláir (lena n-áirítear greamacháin agus séaltáin lena mbaineann), insliú inmheánach agus cóireálacha dromchla inmheánaigh (amhail cóireálacha in aghaidh taise agus múscáin).

(6)   

ISO 16000-3:2011, Aer laistigh – Cuid 3: Formaildéad agus comhdhúile carbóinile in aer laistigh agus in aer seomra tástála a chinneadh – modh samplála gníomhaí (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/51812.html).

(7)   

Baineann na tairseacha astaíochtaí le haghaidh comhdhúile so-ghalaithe orgánacha carcanaigineacha le tréimhse tástála 28 lá.

7.3.    Suiteáil, cothabháil agus deisiú trealamh éifeachtúlachta fuinnimh

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Bearta athchóirithe aonair lena gcuimsítear suiteáil, cothabháil nó deisiú trealamh éifeachtúlachta fuinnimh.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe F42, F43, M71, C16, C17, C22, C23, C25, C27, C28, S95.21, S95.22, C33.12 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo faoi mar a thagraítear in Airteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

►M3  
Cuimsítear leis an ngníomhaíocht ceann amháin de na bearta aonair seo a leanas, ar choinníoll go gcomhlíonann siad ceanglais íosta a leagtar amach le haghaidh comhpháirteanna agus córais aonair sna bearta náisiúnta infheidhme lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2010/31/AE agus, i gcás inarb infheidhme, go mbaineann siad amach rátálacha fuinnimh d’aicme A ar a laghad i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1369  ◄
(a)  insliú a chur le comhpháirteanna imchlúdaigh atá ann cheana féin, amhail ballaí seachtracha (lena n-áirítear ballaí glasa), díonta (lena n-áirítear díonta glasa), áiléir, íoslaigh agus urláir talún (lena n-áirítear bearta le haer-obacht a áirithiú, bearta chun éifeachtaí droichead teirmeach a laghdú agus scafalra) agus táirgí chun an t-insliú a chur i bhfeidhm ar an imchlúdach foirgnimh (lena n-áirítear fosúcháin mheicniúla agus greamachán);
(b)  fuinneoga atá ann cheana féin a athsholáthar le fuinneoga nua atá éifeachtúil ó thaobh an fhuinnimh de;
(c)  doirse seachtracha atá ann cheana féin a athsholáthar le doirse nua atá éifeachtúil ó thaobh an fhuinnimh de;
(d)  suiteáil agus ionadú foinsí solais atá fuinneamhéifeachtúil;
(e)  córais téimh, aerála agus aerchóirithe agus córais uisce, lena n-áirítear trealamh a bhaineann le seirbhísí téimh ceantair, a shuiteáil, a ionadú, a chothabháil agus a dheisiú, le teicneolaíochtaí ard-éifeachtúla;
(f)  suiteáil feisteas uisce cistine agus sláintíochta atá tíosach ar uisce agus ar fhuinneamh a chomhlíonann sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo agus i gcás réitigh chithfholcadáin, tá sreabhadh uasta uisce 6 L/nóiméad nó níos lú ag cithfholcadáin mheasctha, asraonta cithfholcadáin agus sconnaí mar a dheimhnítear le lipéad reatha i margadh an Aontais.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann na comhpháirteanna agus ábhair foirgníochta na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

I gcás insliú teirmigh a chur le himchlúdach foirgnimh atá ann cheana féin, déanann speisialtóir inniúil atá oilte sa tsuirbhéireacht aispeiste suirbhé foirgníochta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Pearsanra atá oilte go hiomchuí a bhaineann amach aon fhálú a bhfuil nó is dócha a bhfuil aispeist ann, a bhriseann nó a dhruileálann go meicniúil nó a scriúálann nó a bhaineann amach clár inslithe, tíleanna agus ábhair eile a bhfuil aispeist iontu agus déantar faireachán ar shláinte roimh na hoibreacha agus ina ndiaidh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

7.4.    Suiteáil, cothabháil agus deisiú stáisiúin luchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha i bhfoirgnimh (agus spásanna páirceála atá i gceangal le foirgnimh)

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Suiteáil, cothabháil agus deisiú stáisiúin luchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha i bhfoirgnimh (agus spásanna páirceála atá i gceangal le foirgnimh)

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cód NACE, go háirithe F42, F43, M71, C16, C17, C22, C23, C25, C27 nó C28, i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo faoi mar a thagraítear in Airteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Suiteáil, cothabháil agus deisiú stáisiúin luchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

7.5.    Suiteáil, cothabháil agus deisiú uirlisí agus gaireas chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a thomhas, a rialáil agus a rialú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Suiteáil, cothabháil agus deisiú uirlisí agus gaireas chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a thomhas, a rialú agus a rialáil

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe F42, F43, M71, agus C16, C17, C22, C23, C25, C27, C28, i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht sa chatagóir seo faoi mar a thagraítear in Airteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Cuimsítear leis an ngníomhaíocht ceann de na bearta aonair seo a leanas:

(a)  teirmeastait chriosaithe, córais teirmeastait chliste agus trealamh braite, lena n-áirítear rialú gluaisne agus sholas an lae, a shuiteáil, a chothabháil agus a dheisiú;

(b)  córais uathoibrithe agus rialaithe foirgneamh, córais bhainistíochta fuinnimh i gcomhair foirgneamh (BEMS), córais rialaithe soilsithe agus córais bhainistíochta fuinnimh (EMS) a shuiteáil, a chothabháil agus a dheisiú;

(c)  méadair chliste a shuiteáil, a chothabháil agus a dheisiú maidir le gás, téamh, fuarú agus leictreachas;

(d)  suiteáil gnéithe aghaidhe agus dín a bhfuil feidhm scáthaithe gréine nó rialaithe gréine acu, lena n-áirítear na cinn sin a thacaíonn le fásra a fhás.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

7.6.    Suiteáil, cothabháil agus deisiú teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Suiteáil, cothabháil agus deisiú teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite, ar an láithreán.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cód NACE, go háirithe F42, F43, M71, C16, C17, C22, C23, C25, C27 nó C28, i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo faoi mar a thagraítear in Airteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Cuimsítear an ghníomhaíocht i gceann de na bearta aonair seo a leanas, má shuiteáiltear iad ar an láithreán mar chórais theicniúla foirgnimh:

(a)  suiteáil, cothabháil agus deisiú córais fhótavoltacha gréine agus an trealaimh theicniúil choimhdigh;

(b)  suiteáil, cothabháil agus deisiú painéil uisce the ghrianfhuinnimh agus an trealaimh theicniúil choimhdigh;

(c)  suiteáil, cothabháil, deisiú agus uasghrádú teaschaidéil a chuireann leis na spriocanna maidir le fuinnimh in-athnuaite le haghaidh téimh agus fuarú i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 agus an trealaimh theicniúil choimhdigh;

(d)  suiteáil, cothabháil agus deisiú tuirbíní gaoithe agus an trealaimh theicniúil choimhdigh;

(e)  suiteáil, cothabháil agus deisiú tiomsaitheoirí grianteasa éalaithigh agus an trealaimh theicniúil choimhdigh;

(f)  suiteáil, cothabháil agus deisiú aonaid stórála fuinnimh theirmigh nó leictrigh agus an trealaimh theicniúil choimhdigh;

(g)  suiteáil, cothabháil agus deisiú micreaphlanda ardéifeachtúil CHP (comhghiniúint cumhachta agus teasa);

(h)  suiteáil, cothabháil agus deisiú córais teasmhalartóra/aisghabhála teasa.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

7.7.    Fáil agus úinéireacht foirgneamh

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Eastát réadach a cheannach agus úinéireacht a fheidhmiú ar an eastát réadach sin.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE L68 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  I gcás foirgneamh arna dtógáil roimh an 31 Nollaig 2020, tá Teastas Feidhmíochta Fuinnimh (EPC) d’aicme A ar a laghad ag an bhfoirgneamh. Mar mhalairt rogha, tá an foirgneamh sa 15 % is fearr as measc an stoic náisiúnta nó réigiúnaigh foirgneamh ó thaobh Éileamh Príomh-Fhuinnimh (PED) oibríochtúil de, rud a léirítear le fianaise iomchuí, trína gcuirtear feidhmíocht na sócmhainne ábhartha i gcomparáid le feidhmíocht an stoic náisiúnta nó réigiúnaigh arna thógáil roimh an 31 Nollaig 2020 agus trína ndéantar idirdhealú ar a laghad idir na foirgnimh chónaitheacha agus neamhchónaitheacha.

2.  Maidir le foirgnimh a tógadh i ndiaidh an 31 Nollaig 2020, comhlíonann an foirgneamh na critéir a leagtar amach i Roinn 7.1 den Iarscríbhinn seo atá ábhartha tráth na héadála.

3.  I gcás inar foirgneamh mór neamhchónaithe é an foirgneamh (ag a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach le haghaidh córais téimh, córais le haghaidh téamh spáis agus aerála, córais aerchóirithe nó comhchórais aerchóirithe agus aerála os cionn 290 kW), déantar é a fheidhmiú trí fhaireachán agus measúnú ar an bhfeidhmíocht fuinnimh (1).

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Is féidir é sin a léiriú, mar shampla, le láithreacht Conartha um Fheidhmíocht Fuinnimh nó le láithreacht córais uathoibrithe agus rialaithe foirgneamh i gcomhréir le hAirteagal 14(4) agus Airteagal 15(4) de Threoir 2010/31/AE.

8.   FAISNÉIS AGUS CUMARSÁID

8.1.    Próiseáil sonraí, óstáil agus gníomhaíochtaí gaolmhara

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Stóráil, ionramháil, bainistíocht, aistriú, rialú, taispeáint, malartú, idirmhalartú, tarchur nó próiseáil sonraí trí lárionaid sonraí ( 41 ), lena n-áirítear imeall-ríomhaireacht.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir sin a bheith bainteach le cód NACE J63.11 i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht idirthréimhseach í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo faoi mar a thagraítear in Airteagal 10 (2) de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Chuir an ghníomhaíocht gach ceann de na cleachtais ábhartha chun feidhme a liostaítear mar “chleachtais a bhfuil súil leo” sa leagan is déanaí den Chód Iompair Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí (1), nó i ndoiciméad CEN-CENELEC CLC TR50600-99-1 “Data centre facilities and infrastructures – Part 99-1: Recommended practices for energy management” [Acmhainní agus bonneagair lárionad sonraí – Cuid 99-1: Cleachtais mholta don bhainistíocht fuinnimh] (2).

Déanann tríú páirtí neamhspleách cur chun feidhme na gcleachtas sin a fhíorú agus iad a iniúchadh gach 3 bliana.

2.  I gcás ina meastar nach bhfuil cleachtas a bhfuiltear ag súil leis ábhartha mar gheall ar shrianta fisiceacha, lóistíochtúla ná srianta eile, tabharfar míniú ar an bhfáth nach bhfuil an cleachtas a bhfuiltear ag súil leis infheidhme ná praiticiúil. Féadfar dea-chleachtais mhalartacha ón gCód Iompair Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí nó ó fhoinsí coibhéiseacha eile a shainaithint mar ábhar eile a úsáidfear go díreach ina n-ionad má bhíonn coigilteas fuinnimh comhchosúil de thoradh orthu.

3.  Ní mó ná 675 poitéinseal téimh dhomhanda (GWP) cuisneán a úsáidtear i gcóras fuaraithe an ionaid sonraí.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Comhlíonann an trealamh a úsáidtear na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2009/125/CE maidir le freastalaithe agus táirgí stórála sonraí.

Níl sa trealamh a úsáidtear na substaintí srianta a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ach amháin i gcás nach mó na luachanna tiúchana de réir meáchain in ábhair aonchineálacha ná na luachanna uasta a liostaítear san Iarscríbhinn sin.

Tá plean bainistíochta dramhaíola i bhfeidhm agus áirithíonn sé athchúrsáil uasta ag deireadh saolré trealaimh leictrigh agus leictreonaigh, lena n-áirítear trí bhíthin comhaontuithe conarthacha le comhpháirtithe athchúrsála, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil.

Ag deireadh a shaolré, ullmhaítear an trealamh chun é a athúsáid, a aisghabháil nó le haghaidh oibríochtaí athchúrsála, nó a chóireáil go cuí, lena n-áirítear gach sreabhán a bhaint agus cóireáil roghnaitheach i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Is é an leagan is déanaí den Chód Iompair Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh an Lárionaid Sonraí an leagan is déanaí atá foilsithe ar shuíomh gréasáin an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde um Éifeachtúlacht Fuinnimh (E3P), https://e3p.jrc.ec.europa.eu/communities/data-centres-code-conduct, agus tá idirthréimhse sé mhí ag tosú ó lá a fhoilsithe (tá leagan 2021 ar fáil ag https://e3p.jrc.ec.europa.eu/publications/2021-best-practice-guidelines-eu-code-conduct-data-centre-energy-efficiency).

(2)   

Arna eisiúint ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus an Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (CENELEC), an 1 Iúil 2019, (leagan an 4.6.2021: https://www.cenelec.eu/dyn/www/f?p=104:110:508227404055501::::FSP_ORG_ID,FSP_PROJECT,FSP_LANG_ID:1258297,65095,25).

(3)   

Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO L 174, 1.7.2011, lch. 88).

(4)   

Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (IO L 197, 24.7.2012, lch. 38).

8.2.    Réitigh shonraíbhunaithe chun astaíochtaí GCT a laghdú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Forbairt nó úsáid réitigh TFC a bhfuil sé mar aidhm leo sonraí a bhailiú, a tharchur agus a stóráil agus maidir lena samhaltú agus a n-úsáid i gcás ina ndírítear na gníomhaíochtaí seo go príomha ar shonraí agus anailísíocht a sholáthar le haghaidh cinnteoireachta (san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach) a chumasaíonn laghduithe in astaíochtaí GCT. Féadfar a áireamh ar na réitigh TFC sin, inter alia, úsáid teicneolaíochtaí díláraithe (i.e. teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte), Idirlíon na Rudaí Nithiúla (IoT), 5G agus an Intleacht Shaorga. D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cód NACE, go háirithe J61, J62 agus J63.11 i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo faoi mar a thagraítear in Airteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Úsáidtear na réitigh TFC go príomha chun sonraí agus anailísíocht a sholáthar lenar féidir astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

2.  I gcás ina bhfuil réiteach/teicneolaíocht mhalartach ar fáil ar an margadh cheana féin, léiríonn an réiteach TFC coigiltis shuntasacha astaíochtaí saolré GCT i gcomparáid leis an réiteach/teicneolaíocht mhalartach is fearr feidhmíocht.

Déantar astaíochtaí saolré gás ceaptha teasa a ríomh le Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún nó, ina áit sin, ETSI ES 203 199  (1), ISO 14067:2018 (2) nó ISO 14064-2:2019 (3).

Déanfaidh tríú páirtí neamhspleách na laghduithe cainníochtaithe ar astaíochtaí GCT a fhíorú, ar tríú páirtí é ar cheart dó measúnú trédhearcach a dhéanamh ar an dóigh ar cloíodh leis na critéir chaighdeánacha, lena n-áirítear iad siúd le haghaidh athbhreithniú criticiúil, nuair a díorthaíodh an luach.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Comhlíonann an trealamh a úsáidtear na ceanglais a leagtar síos i gcomhréir le Treoir 2009/125/CE maidir le freastalaithe agus táirgí stórála sonraí.

Níl sa trealamh a úsáidtear na substaintí srianta a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, ach amháin i gcás nach mó na luachanna tiúchana de réir meáchain in ábhair aonchineálacha ná na luachanna a liostaítear san Iarscríbhinn sin.

Tá plean bainistíochta dramhaíola i bhfeidhm agus áirithíonn sé athchúrsáil uasta ag deireadh saolré trealaimh leictrigh agus leictreonaigh, lena n-áirítear trí bhíthin comhaontuithe conarthacha le comhpháirtithe athchúrsála, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil.

Ag deireadh a shaolré, ullmhaítear an trealamh chun é a athúsáid, a aisghabháil nó le haghaidh oibríochtaí athchúrsála, nó a chóireáil go cuí, lena n-áirítear gach sreabhán a bhaint agus cóireáil roghnaitheach i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2012/19/AE.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

ETSI ES 203 199 , Innealtóireacht Chomhshaoil (EE); Modheolaíocht le haghaidh Measúnú Saolré (LCA) earraí, líonraí agus seirbhísí Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) ar an gcomhshaol (leagan an 4.6.2021: https://www.etsi.org/deliver/etsi_es/203100_203199/203199/01.03.00_50/es_203199v010300m.pdf). Freagraíonn caighdeán ETSI; ETSI ES 203 199 , do chaighdeán ITU; ITU–T L.1410.

(2)   

Caighdeán ISO 14067:2018, gáis ceaptha teasa — Lorg carbóin táirgí — Ceanglais agus treoirlínte le haghaidh cainníochtaithe (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/71206.html).

(3)   

Caighdeán ISO 14064-2:2019, Gáis ceaptha teasa – Cuid 2: Sonraíocht le treoir ar leibhéal tionscadail le haghaidh laghduithe nó feabhsuithe asbhainte i dtaobh astaíochtaí gáis ceaptha teasa a chainníochtú, a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/66454.html).

9.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ GAIRMIÚLA, EOLAÍOCHA AGUS TEICNIÚLA

9.1.    Gar do thaighde, forbairt agus nuálaíocht margaidh

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Taighde, taighde feidhmeach agus forbairt thurgnamhach ar réitigh, ar phróisis, ar theicneolaíochtaí, ar shamhlacha gnó agus ar tháirgí eile atá tiomnaithe do laghdú, do sheachaint nó d'asbhaint astaíochtaí GCT (Taighde, Forbairt agus Nuáil) a bhfuil an cumas astaíochtaí GCT sna gníomhaíochtaí eacnamaíocha sprioctha a laghdú, a bhaint nó a sheachaint léirithe i dtimpeallacht ábhartha, timpeallacht a chomhfhreagraíonn do Leibhéal na hUllmhachta Teicneolaí (TRL) 6 ar a laghad ( 42 ).

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cód NACE éagsúil, go háirithe M71.1.2 agus M72.1, nó le haghaidh taighde atá ina dhlúthchuid de na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin dá bhfuil na critéir scagtha theicniúla sonraithe san Iarscríbhinn seo, nó leis na cóid NACE a leagtar amach i Ranna eile den Iarscríbhinn seo i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo faoi mar a thagraítear in Airteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Déanann na gníomhaíochtaí taighde ar ghníomhaíochtaí, forbraíonn nó soláthraíonn siad nuálaíocht le haghaidh teicneolaíochtaí, táirgí nó réitigh eile atá tiomnaithe do ghníomhaíocht eacnamaíoch amháin nó níos mó dá bhfuil na critéir scagtha theicniúla leagtha amach san Iarscríbhinn seo.

2.  Cuireann torthaí an taighde, na forbartha agus na nuála ar chumas ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin na critéir faoi seach maidir le rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide a chomhlíonadh, agus na critéir ábhartha á n-urramú chun gan dochar suntasach a dhéanamh do chuspóirí comhshaoil eile.

3.  Is é is aidhm leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch réiteach nach bhfuil ar an margadh go fóill a thabhairt chun an mhargaidh agus tá feidhmíocht níos fearr aici maidir le hastaíochtaí GCT ar feadh na saolré ná na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil ar bhonn tráchtála agus é sin bunaithe ar fhaisnéis phoiblí nó mhargaidh. Tá laghduithe i nglanastaíochtaíochtaí foriomlána GCT thar an tsaolré de thoradh ar chur chun feidhme na dteicneolaíochtaí, na dtáirgí nó na réiteach eile a bhfuil taighde á dhéanamh orthu.

4.  I gcás ina gcumasaíonn an teicneolaíocht, an táirge nó an réiteach eile a ndearnadh taighde air, a forbraíodh nó a cruthaíodh, gníomhaíocht amháin nó roinnt gníomhaíochtaí a ndírítear orthu san Iarscríbhinn seo chun na critéir scagtha theicniúla sa Roinn is infheidhme den Iarscríbhinn seo a chomhlíonadh, nó i gcás ina gcumasaíonn an teicneolaíocht, an táirge nó an réiteach eile sin cheana gníomhaíocht eacnamaíoch nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha a mheastar gur gníomhaíochtaí cumasúcháin nó idirthréimhseacha iad chun na ceanglais a shonraítear i bpointí 5 agus 6 faoi seach a chomhlíonadh, díríonn an ghníomhaíocht taighde, forbartha agus nuálaíochta ar theicneolaíochtaí, táirgí nó réitigh eile a fhorbairt atá chomh híseal céanna nó níos ísle ó thaobh astaíochtaí de agus a mbaineann buntáistí suntasacha leo, amhail costas níos ísle.

5.  I gcás ina mbíonn gníomhaíocht taighde tiomnaithe do ghníomhaíocht eacnamaíoch amháin nó níos mó a meastar gur gníomhaíochtaí cumasúcháin iad i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán AE 2020/852 dá leagtar amach na critéir scagtha theicniúla san Iarscríbhinn seo, soláthraíonn torthaí an taighde teicneolaíochtaí, próisis nó táirgí nuálacha trína gcuirtear ar chumas na ngníomhaíochtaí cumasúcháin sin agus na ngníomhaíochtaí, a mbíonn siad dá gcumasú faoi dheoidh, a gcuid astaíochtaí GCT a laghdú go mó nó a bhféidearthacht theicneolaíoch eacnamaíoch a fheabhsú go mór chun méadú ó scála ina leith a éascú.

6.  I gcás ina bhfuil gníomhaíocht taighde tiomnaithe d'aon ghníomhaíocht nó níos mó ná sin a mbreithnítear orthu mar ghníomhaíochtaí idirthréimhseacha i gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán AE 2020/852 dá bhfuil na critéir scagtha theicniúla leagtha amach san Iarscríbhinn seo, cumasaíonn na teicneolaíochtaí, na táirgí nó na réitigh eile ar a ndéantar taighde cur i gcrích na ngníomhaíochtaí sprioctha agus na hastaíochtaí dá mbun i bhfad níos ísle ná mar a thuartar i gcomparáid leis na critéir scagtha theicniúla le haghaidh rannchuidiú suntasach le maolú ar an athrú aeráide faoi mar a leagtar amach san Iarscríbhinn seo.

I gcás ina bhfuil gníomhaíocht taighde tiomnaithe d’aon ghníomhaíocht eacnamaíoch, nó níos mó ná sin, atá sonraithe i Roinn 3.7, 3.8, 3.9, 3.11, 3.12, 3.13, 3.14 agus 3.16 den Iarscríbhinn seo, cumasaíonn na teicneolaíochtaí, na táirgí nó na réitigh eile cur i gcrích na ngníomhaíochtaí sprioctha agus an astaíocht GCT lena mbaineann i bhfad níos ísle ná mar a bheadh ina mhalairt de chás, is é sin gur laghdú 30 % a bhíonn i gceist acu i gcomparáid leis an tagarmharc/tagarmharcanna EU ETS ábhartha (1) nó bíonn siad tiomnaithe do na teicneolaíochtaí/próisis ísealcharbóin ábhartha a nglactar leo go forleathan sna hearnálacha sin, eadhon leictriú, go háirithe téamh agus fuarú, hidrigin mar bhreosla nó amhábhar, CCS, CCU agus bithmhais mar bhreosla nó mar amhábhar, ina gcomhlíonann bithmhais leis na ceanglais ábhartha a leagtar amach i Roinn 4.8, i Roinn 4.20, i Roinn 4.24 san Iarscríbhinn seo.

7.  I gcás go bhfuil an teicneolaíocht, an táirge nó aon réiteach eile a bhfuil taighde, forbairt nó nuáil déanta air ag TRL 6 nó 7, déanann an t-eintiteas a bhfuil an taighde á dhéanamh aige na hastaíochtaí saolré GCT a mheas i bhfoirm shimplithe. Léiríonn an t-eintiteas ceann den mhéid a leanas, nuair is infheidhme:

(a)  paitinn nach bhfuil níos sine ná 10 mbliana atá bainteach leis an teicneolaíocht, leis an táirge nó leis an réiteach eile, i gcás inar cuireadh faisnéis ar fáil maidir lena hacmhainneacht chun astaíochtaí GCT a laghdú;

(b)  cead arna fháil ó údarás inniúil le haghaidh an suíomh taispeána a bhaineann leis an teicneolaíocht, táirge nuálaíoch nó aon réiteach nuálaíoch eile a oibriú ar feadh thréimhse an tionscadail taispeána, i gcás ina bhfuil faisnéis maidir lena hacmhainneacht laghdaithe astaíochtaí GCT curtha ar fáil.

I gcás go bhfuil an teicneolaíocht, an táirge nó aon réiteach eile a bhfuil taighde, forbairt nó nuáil déanta air ag TRL 8 nó níos airde, ríomhtar na hastaíochtaí saolré GCT de réir Mholadh 2013/179/AE nó, ina mhalairt de chás, de réir ISO 14067:2018 (2) nó ISO 14064-1:2018 (3) agus déanann tríú páirtí neamhspleách iad a fhíorú.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an teicneolaíocht, an táirge nó réiteach eile ar a ndearnadh taighde na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Aon riosca féideartha do dhea-stádas nó do dhea-acmhainneacht éiceolaíoch dobharlach, lena n-áirítear uiscí dromchla agus screamhuisce, nó do dhea-stádas comhshaoil uiscí mara ón teicneolaíocht, táirge nó réiteach eile a ndearnadh taighde orthu, déantar iad a mheas agus tugtar aghaidh orthu.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déantar aon riosca féideartha do chuspóirí an gheilleagair chiorclaigh ón teicneolaíocht, táirge nó ó haon réiteach eile a bhfuil taighde déanta air a mheas agus tugtar aghaidh air, trí bhreithniú a dhéanamh ar na cineálacha díobhála suntasaí féideartha faoi mar a leagtar amach iad in Airteagal 17(1), pointe. de Rialachán (AE) 2020/852

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Aon riosca féideartha do mhéadú suntasach in astaíochtaí truailleáin le haer, uisce nó talamh ó theicneolaíocht, táirge nó réiteach eile a ndearnadh taighde orthu, déantar iad a mheas agus tugtar aghaidh orthu.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Aon riosca féideartha do dhea-riocht nó athléimneacht éiceachóras nó do stádas caomhnaithe gnáthóg agus speiceas, lena n-áirítear iad sin a bhfuil leas ag an Aontas iontu, ón teicneolaíocht, táirge nó réiteach eile a ndearnadh taighde orthu, déantar iad a mheas agus tugtar aghaidh orthu.

(1)   

Léirítear leis meánluach an 10 % de na suiteálacha ba éifeachtúla in 2016 agus 2017 (t coibhéisí CO2/t) faoi mar a leagtar amach san Iarscríbhinn le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447.

(2)   

Caighdeán ISO 14067:2018, gáis ceaptha teasa — Lorg carbóin táirgí — Ceanglais agus treoirlínte le haghaidh cainníochtaithe (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/71206.html).

(3)   

ISO 14064-1:2018, Gáis ceaptha teasa – Cuid 1: Sonraíocht le treoir ar leibhéal an eagrúcháin le haghaidh astaíochtaí agus asbhaintí gáis ceaptha teasa a chainníochtú agus a thuairisciú (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/66453.html.)

9.2.    Taighde, forbairt agus nuálaíocht le haghaidh CO2 a ghabháil go díreach ón aer

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Taighde, taighde feidhmeach agus forbairt thurgnamhach ar réitigh, ar phróisis, ar theicneolaíochtaí, ar shamhlacha gnó agus ar tháirgí eile atá tiomnaithe d’aerghabháil dhíreach CO2 ón atmaisféar.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cód NACE, go háirithe M71.1.2 agus M72.1 i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo faoi mar a thagraítear in Airteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.  Déantar taighde, forbairt nó nuáil leis an ngníomhaíocht le haghaidh teicneolaíochtaí, táirgí nó réitigh eile atá tiomnaithe d’aerghabháil dhíreach CO2 ón atmaisféar.

2.  Tá féidearthacht ann le cur chun feidhme ar bhonn tráchtála na dteicneolaíochtaí, na dtáirgí nó na réiteach eile atá á dtaighde le haghaidh gabháil dhíreach CO2 ón atmaisféar tríd an aer go dtiocfaidh laghdú glan ar líon iomlán na n-astaíochtaí GCT.

3.  I gcás go bhfuil an teicneolaíocht, an táirge nó aon réiteach eile a bhfuil taighde, forbairt nó nuáil déanta air ag TRL 1 go 7, déanann an t-eintiteas a bhfuil an taighde á dhéanamh aige na hastaíochtaí saolré GCT a mheas i bhfoirm shimplithe. Léiríonn an t-eintiteas ceann den mhéid a leanas, nuair is infheidhme:

(a)  paitinn nach bhfuil níos sine ná 10 mbliana atá bainteach leis an teicneolaíocht, leis an táirge nó leis an réiteach eile, i gcás inar cuireadh faisnéis ar fáil maidir lena hacmhainneacht chun astaíochtaí GCT a laghdú;

(b)  cead arna fháil ó údarás inniúil le haghaidh an suíomh taispeána a bhaineann leis an teicneolaíocht, táirge nuálaíoch nó aon réiteach nuálaíoch eile a oibriú ar feadh thréimhse an tionscadail taispeána, i gcás ina bhfuil faisnéis maidir lena hacmhainneacht laghdaithe astaíochtaí GCT curtha ar fáil.

I gcás go bhfuil an teicneolaíocht, an táirge nó aon réiteach eile a bhfuil taighde, forbairt nó nuáil déanta air ag TRL 8 nó níos airde, ríomhtar na hastaíochtaí saolré GCT de réir Mholadh 2013/179/AE nó, ina mhalairt de chás, de réir ISO 14067:2018 (1) nó ISO 14064-1:2018 (2) agus déanann tríú páirtí neamhspleách iad a fhíorú.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Aon riosca féideartha do dhea-stádas nó do dhea-acmhainneacht éiceolaíoch dobharlach, lena n-áirítear uiscí dromchla agus screamhuisce, nó do dhea-stádas comhshaoil uiscí mara ón teicneolaíocht, táirge nó réiteach eile a ndearnadh taighde orthu, déantar iad a mheas agus tugtar aghaidh orthu.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déantar aon riosca féideartha do chuspóirí an gheilleagair chiorclaigh ón teicneolaíocht, táirge nó ó haon réiteach eile a bhfuil taighde déanta air a mheas agus tugtar aghaidh air, trí bhreithniú a dhéanamh ar na cineálacha díobhála suntasaí féideartha faoi mar a leagtar amach iad in Airteagal 17(1), pointe (d) de Rialachán (AE) 2020/852.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Aon riosca féideartha do mhéadú suntasach in astaíochtaí truailleáin le haer, uisce nó talamh ó theicneolaíocht, táirge nó réiteach eile a ndearnadh taighde orthu, déantar iad a mheas agus tugtar aghaidh orthu.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Aon riosca féideartha do dhea-riocht nó athléimneacht éiceachóras nó do stádas caomhnaithe gnáthóg agus speiceas, lena n-áirítear iad sin a bhfuil leas ag an Aontas iontu, ón teicneolaíocht, táirge nó réiteach eile a ndearnadh taighde orthu, déantar iad a mheas agus tugtar aghaidh orthu.

(1)   

Caighdeán ISO 14067:2018, gáis ceaptha teasa — Lorg carbóin táirgí — Ceanglais agus treoirlínte le haghaidh cainníochtaithe (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/71206.html).

(2)   

ISO 14064-1:2018, Gáis ceaptha teasa – Cuid 1: Sonraíocht le treoir ar leibhéal an eagrúcháin le haghaidh astaíochtaí agus asbhaintí gáis ceaptha teasa a chainníochtú agus a thuairisciú (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/66453.html).

9.3.    Seirbhísí gairmiúla a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Seirbhísí gairmiúla a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir sin a bheith bainteach le cód NACE M71 i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo faoi mar a thagraítear in Airteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

Is ionann an ghníomhaíocht agus ceann díobh seo a leanas:

(a)  comhairliúcháin theicniúla (comhairliúcháin fuinnimh, ionsamhlúcháin fuinnimh, bainistíocht tionscadal, táirgeadh conarthaí feidhmíochta fuinnimh, oiliúint tiomanta) a bhfuil nasc acu le feabhsú fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh;

(b)  iniúchtaí fuinnimh creidiúnaithe agus measúnuithe feidhmíochta foirgnimh;

(c)  seirbhísí bainistíochta fuinnimh;

(d)  conarthaí feidhmíochta fuinnimh;

(e)  seirbhísí fuinnimh a sholáthraíonn cuideachtaí seirbhísí fuinnimh (ESCO).

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(2)  Oiriúnú don athrú aeráide

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

Aguisín A

CRITÉIR GHINEARÁLTA LE hAGHAIDH DNSH MAIDIR LE hOIRIÚNÚ DON ATHRÚ AERÁIDE

I.    Critéir

Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear sa tábla i Roinn II den Aguisín seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a) 

scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cé na rioscaí fisiciúla aeráide ón liosta i Roinn II den Aguisín seo a d‘fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche le linn a saolré ionchais;

(b) 

i gcás ina measfar go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol i ngeall ar cheann amháin nó níos mó de na rioscaí aeráide fisiciúla atá liostaithe i Roinn II den Aguisín seo, measúnú riosca agus leochaileachta aeráide chun ábharthacht na rioscaí aeráide fisiciúla don ghníomhaíocht eacnamaíoch a mheasúnú;

(c) 

measúnú ar réitigh oiriúnaithe lenar féidir an riosca aeráide fisiciúil aitheanta a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a) 

maidir le hinfheistíochtaí i ngníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a íos-scálú;

(b) 

maidir le gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh á n-úsáid thar raon cásanna amach anseo i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta ( 43 ), agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain maidir le hinfheistíochtaí móra.

Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar an eolaíocht is fearr atá ar fáil maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide ( 44 ), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte ( 45 ) nó samhlacha íocaíochta.

I gcás gníomhaíochtaí atá ann cheana agus gníomhaíochtaí nua ina n-úsáidtear sócmhainní fisiciúla atá ann cheana, cuireann an t-oibreoir eacnamaíoch réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiciúla (“réitigh oiriúnaithe”) chun feidhme thar thréimhse suas le 5 bliana, lena laghdaítear na rioscaí aeráide fisiciúla is tábhachtaí atá sainaitheanta agus atá ábhartha don ghníomhaíocht sin. Dréachtaítear plean oiriúnaithe le haghaidh chur chun feidhme na réiteach sin dá réir sin.

Maidir le gníomhaíochtaí nua agus gníomhaíochtaí reatha ina n-úsáidtear sócmhainní fisiciúla nua-thógtha, comhtháthaíonn an t-oibreoir eacnamaíoch na réitigh oiriúnaithe a laghdaíonn na rioscaí aeráide fisiciúla is tábhachtaí atá aitheanta agus atá ábhartha don ghníomhaíocht sin tráth an deartha agus na tógála agus cuireann sé chun feidhme iad sula gcuirtear tús leis na hoibríochtaí.

ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile; tá siad comhsheasmhach le hiarrachtaí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta, tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra ( 46 ) nó bíonn siad ag brath ar an mbonneagar glas nó gorm ( 47 ) a mhéid is féidir.

II.    Guaiseacha a bhaineann leis an aeráid a aicmiú ( 48 )

Rioscaí a bhaineann le teocht

Rioscaí a bhaineann le gaoth

Rioscaí a bhaineann le huisce

Rioscaí a bhaineann le mais sholadach

Ainsealach

Athrú teochta (aer, fionnuisce, uisce mara)

Athrú i bpátrúin ghaoithe

Athrú i bpátrúin agus i gcineáil frasaíochta (báisteach, clocha sneachta, sneachta/leac oighir)

Creimeadh cósta

Strus teirmeach

Frasaíochta nó inathraitheacht hidreolaíocha

Díghrádú ithreach

Inathraitheacht teochta

Aigéadú na n-aigéan

Creimeadh ithreach

Talamh síorshioctha ag leá

Ionsá salanda

Sreabhadh ithreach

Ardú ar leibhéal na farraige

Strus maidir le huisce

Géar

Tonn teasa

Cioclón, hairicín, tíofún

Triomach

Maidhm shneachta

Tonn fuachta/sioc

Stoirm (lena n-áirítear síobadh sneachta, deannach agus stoirmeacha gainimh)

Frasaíocht throm (báisteach, clocha sneachta, sneachta/leac oighir)

Maidhm shléibhe

Falscaí

Tornádó

Tuile (chósta, srutha, bháistiúil, screamhuisce)

Turnamh

Ráig locha oighrigh

Aguisín B

CRITÉIR GHINEARÁLTA LE hAGHAIDH DNSH MAIDIR LE hÚSÁID INBHUANAITHE A BHAINT AS UISCE AGUS ACMHAINNÍ MARA AGUS IAD A CHOSAINT

Sainaithnítear rioscaí díghrádaithe comhshaoil a bhaineann le cáilíocht uisce a chaomhnú agus strus uisce a sheachaint agus tugtar aghaidh orthu d’fhonn stádas maith uisce agus dea-acmhainneacht éiceolaíoch mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (22) agus pointe (23) de Rialachán (AE) 2020/852 a bhaint amach, i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 49 ) agus plean bainistíochta um úsáid uisce agus um chosaint, arna fhorbairt faoin Treoir sin don dobharlach nó do na dobharlaigh a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh, i gcomhairliúchán leis na geallsealbhóirí ábhartha.

I gcás ina ndéantar Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 50 ) agus ina bhfuil measúnú ar an tionchar ar an uisce san áireamh i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE, ní éilítear aon mheasúnú breise ar thionchar ar an uisce, ar choinníoll gur tugadh aghaidh ar na rioscaí a sainaithníodh.

►M2  Ní chuireann an ghníomhaíocht isteach ar stádas maith comhshaoil a bhaint amach d’uiscí mara ná ní dhéanann sí meath ar uiscí mara a bhfuil stádas maith comhshaoil acu cheana féin mar a shainmhínítear i bpointe 5 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 51 ), ( 52 ), agus Cinneadh (AE) 2017/848 ( 53 ) ón gCoimisiún á chur san áireamh i ndáil leis na critéir ábhartha agus na caighdeáin mhodheolaíochta do na tuairisceoirí sin. ◄

Aguisín C

CRITÉIR GHINEARÁLTA LE hAGHAIDH DNSH MAIDIR LE TRUAILLIÚ A CHOSC AGUS RIALÚ MAIDIR LE hÚSÁID AGUS LÁITHREACHT CHEIMICEÁN

Ní dhéantar na nithe a leanas a mhonarú, a chur ar an margadh ná a úsáid mar thoradh ar an ngníomhaíocht:

(a) 

substaintí, cibé acu leo féin, i meascáin nó in earraí, a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 54 ), ach amháin i gcás substaintí atá i láthair mar rian-éilleán neamhbheartaithe;

(b) 

mearcair agus comhdhúile mearcair, a meascáin agus táirgí ar cuireadh mearcair leo mar atá sainmhínithe in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 55 );

(c) 

substaintí, is cuma iad a bheith ina n-aonair, i gcumasc nó i n-earraí, a liostaítear in Iarscríbhinn I nó II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 56 );

(d) 

substaintí, cibé acu leo féin, i meascáin nó in earraí, atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 57 ), ach amháin i gcás ina bhfuil Airteagal 4(1) den Treoir sin á chomhlíonadh go hiomlán;

(e) 

substaintí, cibé acu leo féin, i meascáin nó in earraí, atá liostaithe in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 58 ), ach amháin i gcás ina bhfuil na coinníollacha atá sonraithe san Iarscríbhinn sin á gcomhlíonadh go hiomlán;

▼M2

(f) 

substaintí, bídís leo féin, i meascáin nó in earra, i dtiúchan os cionn 0,1 % maischodán (w/w), agus a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus a sainaithníodh i gcomhréir le hAirteagal 59(1) den Rialachán sin ar feadh tréimhse ocht mí dhéag ar a laghad, ach amháin má dhéanann na hoibreoirí measúnú agus doiciméadú air nach bhfuil aon substaint nó teicneolaíocht mhalartach oiriúnach eile ar fáil ar an margadh, agus go n-úsáidtear iad faoi choinníollacha rialaithe ( 59 )

▼M2 —————

▼M2

Ina theannta sin, ní bheidh mar thoradh ar an ngníomhaíocht substaintí eile a mhonarú, a bheith sa táirge deiridh nó san aschur deiridh, ná iad a chur ar an margadh, bídís leo féin, i meascáin nó in earra, i dtiúchan os cionn 0,1 % maischodán (w/w), a chomhlíonann critéir Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 le haghaidh ceann de na haicmí guaiseacha nó catagóirí guaiseacha a luaitear in Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, ach amháin má dhéanann na hoibreoirí measúnú agus doiciméadú air nach bhfuil aon substaint nó teicneolaíocht mhalartach oiriúnach eile le fáil ar an margadh, agus go n-úsáidtear iad faoi choinníollacha rialaithe ( 60 ).

▼B

Aguisín D

CRITÉIR GHINEARÁLTA LE HAGHAIDH DNSH MAIDIR LE BITHÉAGSÚLACHT AGUS ÉICEACHÓRAIS A CHOSAINT AGUS A ATHBHUNÚ

Cuireadh Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol (MTC) nó scagadh ( 61 ) i gcrích, le haghaidh gníomhaíochtaí laistigh den Aontas, i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE ( 62 ).

I gcás ina ndearnadh MTC, tá na bearta maolaithe agus cúiteacha a éilítear chun an comhshaol a chosaint curtha chun feidhme.

Maidir le suíomhanna/oibríochtaí atá suite i limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de nó gar dóibh (lena n-áirítear líonra limistéir faoi chosaint Natura 2000, láithreáin Oidhreachta Domhanda agus Príomhlimistéir Bithéagsúlachta UNESCO, chomh maith le limistéir eile faoi chosaint), rinneadh measúnú iomchuí ( 63 ), i gcás inarb infheidhme, agus bunaithe ar a chonclúidí cuirtear na bearta maolaithe riachtanacha ( 64 ) i bhfeidhm.

Aguisín E

SONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA  ( 65 ) LE hAGHAIDH FEARAIS UISCE

1. Déantar an sreabhráta a thaifeadadh ag an mbrú tagartha caighdeánach 3 – 0/+ 0,2 bar nó 0,1 – 0/+ 0,02 maidir le táirgí atá teoranta do bhrú íseal.

2. Is ionann an sreabhráta ag an mbrú níos ísle agus 1,5 – 0/+ 0,2 bar agus ≥ 60 % den sreabhráta uasta atá ar fáil.

3. Maidir le cithfholcadáin mheasctha, is ionann an teocht tagartha agus 38 ± 1 °C.

4. I gcás nach mór don sreabhadh a bheith níos ísle ná 6 L/nóiméad, comhlíonann sé an riail a leagtar amach i bpointe 2.

5. Maidir le sconnaí, leantar an nós imeachta a dtugtar tuairisc air i gclásal 10.2.3 de EN 200, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a) 

maidir le sconnaí nach bhfuil teoranta do chur i bhfeidhm brú ísil agus sin amháin: cuir brú 3 – 0/+ 0,2 bar i bhfeidhm ar na hionraonta teo agus fuara, nó;

(b) 

maidir le sconnaí atá teoranta do chur i bhfeidhm brú íseal agus sin amháin: cuir brú barra 0,4 – 0/+ 0,02 i bhfeidhm ar na hionraonta teo agus fuara agus oscail an rialaitheoir sreafa go hiomlán.

IARSCRÍBHINN II

Critéir scagtha theicniúla chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar aon díobháil shuntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile

1.

Foraoiseacht

1.1.

Foraoisiú

1.2.

Athshlánú agus athchóiriú foraoisí, lena n-áirítear athfhoraoisiú agus athghiniúint nádúrtha foraoisí tar éis teagmhas foircneach

1.3.

Bainistíocht foraoisí

1.4.

Foraoiseacht caomhantais

2.

Gníomhaíochtaí cosanta agus athchóirithe an chomhshaoil

2.1.

Athchóiriú bogach

3.

Monaraíocht

3.1.

Teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a mhonarú

3.2.

Trealamh a mhonarú chun hidrigin a tháirgeadh agus a úsáid

3.3.

Teicneolaíochtaí ísealcharbóin a mhonarú le haghaidh iompair

3.4.

Ceallraí a mhonarú

3.5.

Trealamh éifeachtúlachta fuinnimh a mhonarú le haghaidh foirgneamh

3.6.

Teicneolaíochtaí ísealcharbóin eile a mhonarú

3.7.

Stroighin a mhonarú

3.8.

Alúmanam a mhonarú

3.9.

Iarann agus cruach a mhonarú

3.10.

Hidrigin a mhonarú

3.11.

Dubh carbóin a mhonarú

3.12.

Luaith shóide a mhonarú

3.13.

Clóirín a mhonarú

3.14.

Bun-cheimiceáin orgánacha a mhonarú

3.15.

Amóinia ainhidriúil a mhonarú

3.16.

Aigéad nítreach a mhonarú

3.17.

Plaistigh a mhonarú i bhfoirm phríomhúil

4.

Fuinneamh

4.1.

Leictreachas a ghiniúint trí bhíthin teicneolaíocht fhótavoltach gréine a úsáid

4.2.

Giniúint leictreachais trí bhíthin teicneolaíocht dírithe grianteasa (CSP) a úsáid

4.3.

Giniúint leictreachais ó chumhacht ghaoithe

4.4.

Giniúint leictreachais ó theicneolaíochtaí fuinnimh aigéin

4.5

Giniúint leictreachais ó hidreachumhacht

4.6.

Giniúint leictreachais as fuinneamh geoiteirmeach

4.7.

Giniúint leictreachais ó bhreoslaí gásacha neamh-iontaise in-athnuaite agus leachtacha

4.8.

Giniúint leictreachais ó bhithfhuinneamh

4.9.

Tarchur agus dáileadh leictreachais

4.10

Stóráil leictreachais

4.11.

Teirmeastóráil

4.12.

Stóráil hidrigine

4.13.

Monarú bithgháis agus bithbhreoslaí le húsáid san iompar agus monarú bithleachtanna

4.14.

Líonraí tarchurtha agus dáilte le haghaidh gáis in-athnuaite agus ísealcharbóin

4.15.

Téamh agus fuarú ceantair a dháileadh

4.16.

Suiteáil agus oibriú teaschaidéal leictreach

4.17.

Comhghiniúint téimh/fuaraithe agus cumhachta as fuinneamh gréine

4.18.

Comhghiniúint téimh/fuaraithe agus cumhachta as fuinneamh geoiteirmeach

4.19.

Comhghiniúint téimh/fuaraithe agus cumhachta as breoslaí gásacha neamh-iontaise in-athnuaite agus leachtacha

4.20.

Comhghiniúint téimh/fuaraithe agus cumhachta as bithfhuinneamh

4.21.

Téamh/fuarú a tháirgeadh as téamh grianteasa

4.22.

Téamh/fuarú a tháirgeadh as fuinneamh geoiteirmeach

4.23.

Téamh/fuarú a tháirgeadh as breoslaí neamh-iontaise in-athnuaite gásacha agus leachtacha

4.24.

Téamh/fuarú a tháirgeadh as bithfhuinneamh

4.25.

Téamh/fuarú a tháirgeadh agus dramhtheas á úsáid

4.26.

Céimeanna réamhthráchtála ardteicneolaíochtaí chun fuinneamh a tháirgeadh ó phróisis núicléacha agus an méid dramhaíola is lú is féidir ann ón timthriall breosla

4.27.

Tógáil agus oibriú sábháilte gléasraí cumhachta núicléiche nua, chun leictreachas agus/nó teas a ghiniúint, lena n-áirítear chun hidrigin a tháirgeadh, trí na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil a úsáid

4.28.

Giniúint leictreachais ó fhuinneamh núicléach i ngléasraí atá ann cheana

4.29.

Giniúint leictreachais ó bhreoslaí gásacha iontaise

4.30.

Comhghiniúint ardéifeachtach téimh/fuaraithe agus cumhachta ó bhreoslaí gásacha iontaise

4.31.

Táirgeadh téimh/fuaraithe ó bhreoslaí gásacha iontaise i gcóras téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil

5.

Soláthar uisce, séarachas, bainistíocht dramhaíola agus gníomhaíochtaí feabhsúcháin

5.1.

Córais bailithe, cóireála agus soláthair uisce a fhoirgniú, a leathnú agus a oibriú

5.2.

Córais bailithe, cóireála agus soláthair uisce a athnuachan

5.3.

Córais bailithe agus cóireála fuíolluisce a fhoirgniú, a leathnú agus a oibriú

5.4.

Bailiú agus cóireáil fuíolluisce a athnuachan

5.5

Dramhaíl neamhghuaiseach a bhailiú agus a iompar i gcodáin scagtha de réir foinse

5.6.

Díleá anaeróbach sloda séarachais

5.7.

Díleá anaeróbach bithdhramhaíola

5.8.

Múiríniú bithdhramhaíola

5.9.

Aisghabháil ábhair ó dhramhaíl neamhghuaiseach

5.10.

Gás láithreáin líonta a ghabháil agus a úsáid

5.11.

CO2 a iompar

5.12.

Stóráil bhuan gheolaíoch CO2 faoi thalamh

6.

Iompar

6.1.

Iompar paisinéirí d’iarnród idiruirbeach

6.2.

Lasta a iompar d’iarnród

6.3.

Iompar uirbeach agus fo-uirbeach, paisinéirí a iompar de bhóthar

6.4.

Gairis soghluaisteachta phearsanta a oibriú, lóistíocht rothar

6.5

Iompar le gluaisrothair, le gluaisteáin phaisinéirí agus le feithiclí tráchtála

6.6.

Seirbhísí iompair lastais de bhóthar

6.7.

Paisinéirí a iompar ar uisce intíre

6.8.

Lasta a iompar ar uisce intíre

6.9.

Iarfheistiú iompair paisinéirí agus lasta ar uisce intíre

6.10.

Lasta a iompar ar muir agus ar uisce cósta, soithí le haghaidh oibríochtaí calafoirt agus gníomhaíochtaí cúntacha

6.11.

Iompar ar muir agus ar uiscí cósta do phaisinéirí

6.12.

Iarfheistiú iompar lasta agus paisinéirí ar muir agus ar uiscí cósta

6.13.

Bonneagar le haghaidh gluaiseacht phearsanta, lóistíocht rothar

6.14.

Bonneagar d'iompar iarnróid

6.15.

Bonneagar a chumasaíonn iompar ar bóthar agus iompar poiblí

6.16.

Bonneagar d'iompar ar uisce

6.17.

Bonneagar aerfoirt

7.

Foirgníocht agus réadmhaoin

7.1.

Foirgnimh nua a fhoirgniú

7.2.

Athchóiriú foirgneamh atá ann faoi láthair

7.3.

Suiteáil, cothabháil agus deisiú trealamh éifeachtúlachta fuinnimh

7.4.

Suiteáil, cothabháil agus deisiú stáisiúin luchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha i bhfoirgnimh (agus spásanna páirceála atá i gceangal le foirgnimh)

7.5.

Suiteáil, cothabháil agus deisiú uirlisí agus gaireas chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a thomhas, a rialáil agus a rialú

7.6.

Suiteáil, cothabháil agus deisiú teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite

7.7.

Fáil agus úinéireacht foirgneamh

8.

Faisnéis agus cumarsáid

8.1.

Próiseáil sonraí, óstáil agus gníomhaíochtaí gaolmhara

8.2.

Ríomhchlárúchán, sainchomhairliúchán agus gníomhaíochtaí gaolmhara

8.3.

Gníomhaíochtaí clársceidealaithe agus craoltóireachta

9.

Gníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíocha agus teicniúla

9.1.

Gníomhaíochtaí innealtóireachta agus sainchomhairliúchán teicniúil gaolmhar atá tiomnaithe don oiriúnú don athrú aeráide

9.2.

Gar do thaighde, forbairt agus nuálaíocht margaidh

10.

Gníomhaíochtaí airgeadais agus árachais

10.1.

Árachas neamhshaoil: frithghealladh priacal a bhaineann leis an aeráid

10.2.

Athárachas

11.

Oideachas

12.

Gníomhaíochtaí sláinte daonna agus oibre sóisialta

12.1.

Gníomhaíochtaí cúraim chónaithe

13.

Gníomhaíochtaí ealaíon, siamsaíochta agus caithimh aimsire

13.1.

Gníomhaíochtaí cruthaitheacha, ealaíon agus siamsaíochta

13.2.

Gníomhaíochtaí leabharlainne, cartlainne, iarsmalainne agus cultúrtha

13.3.

Gníomhaíochtaí léirithe scannán, físeán agus clár teilifíse, taifeadta fuaime agus foilsitheoireachta ceoil

Aguisín A:

Guaiseacha a bhaineann leis an aeráid a aicmiú

Aguisín B:

Critéir ghinearálta le haghaidh DNSH maidir le húsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Aguisín C:

Critéir ghinearálta le haghaidh DNSH maidir le truailliú a chosc agus rialú maidir le húsáid agus láithreacht cheimiceán

Aguisín D:

Critéir ghinearálta le haghaidh DNSH maidir le bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

1.   FORAOISEACHT

1.1.    Foraoisiú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Foraois a bhunú trí phlandú, trí shíolú toiliúil nó athghiniúint nádúrtha ar thalamh a raibh, go dtí sin, úsáid éagsúil á baint as nó nach raibh aon úsáid á baint as. Tuigtear leis an bhforaoisiú claochlú ar úsáid talún ó neamhfhoraois go foraois, i gcomhréir le sainmhíniú Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (‘FAO’) ar an bhforaoisiú ( 66 ), ina gciallaíonn foraois talamh atá ag teacht leis an sainmhíniú ar fhoraois mar a leagtar amach sa dlí náisiúnta, nó i gcás nach bhfuil sé sin ar fáil, atá i gcomhréir le sainmhíniú FAO ar fhoraois ( 67 ). Féadfar foraoisiú roimhe seo a chumhdach le foraoisiú chomh fada agus go dtarlaíonn sé sa tréimhse idir plandú na gcrann agus an t-am a aithnítear an úsáid talún mar fhoraois.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE A2 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006. Tá gníomhaíochtaí teoranta do NACE II 02.10, i.e. foraoiseolaíocht agus gníomhaíochtaí foraoiseachta eile, 02.20, i.e. lománaíocht, 02.30, i.e. bailiú táirgí foraoise fiáine neamhadhmaid atá ag fás agus 02.40, i.e. seirbhísí tacaíochta le haghaidh na foraoiseachta.

I gcás ina gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo na critéir rannchuidithe shubstaintiúla a shonraítear i bpointe 5, is gníomhaíocht chumasúcháin í an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

5.  Ionas go mbreithneofar gníomhaíocht mar ghníomhaíocht chumasúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852, léiríonn an t-oibreoir eacnamaíoch, trí mheasúnú ar rioscaí aeráide reatha agus amach anseo, lena n-áirítear neamhchinnteacht agus bunaithe ar shonraí láidre, go soláthraíonn an ghníomhaíocht teicneolaíocht, táirge, seirbhís, faisnéis, nó cleachtas, nó go gcuireann sí a gcuid úsáidí chun cinn le ceann de na príomhchuspóirí seo a leanas:

(a)  leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile a mhéadú;

(b)  rannchuidiú le hiarrachtaí oiriúnaithe daoine eile, an dúlra, na hoidhreachta cultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

1.  Plean foraoisithe agus plean bainistíochta foraoisí nó ionstraim choibhéiseach ina dhiaidh sin

1.1.  Tá an limistéar ar a dtarlaíonn an ghníomhaíocht cumhdaithe ag plean foraoisithe a mhairfidh ar feadh 5 bliana ar a laghad, nó an íostréimhse a fhorordaítear sa dlí náisiúnta, a forbraíodh sular cuireadh tús leis an ngníomhaíocht, agus a thabharfar cothrom le dáta go leanúnach go dtí go dtiocfaidh an limistéar sin leis an sainmhíniú ar fhoraois mar a leagtar amach sa dlí náisiúnta nó i gcás nach bhfuiltear ar fáil, atá i gcomhréir le sainmhíniú FAO ar fhoraois.

Cuimsítear sa phlean foraoisithe gach gné a éilítear sa dlí náisiúnta a bhaineann le measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol den fhoraoisiú.

1.2.  Tríd an bplean foraoisithe más féidir é, nó má tá faisnéis ar iarraidh, trí aon doiciméad eile, soláthraítear faisnéis mhionsonraithe ar na pointí seo a leanas:

(a)  tuairisc ar an limistéar de réir a fhoilsithe i gclárlann na talún;

(b)  ullmhú suímh agus a thionchar ar bhunstoic charbóin, lena n-áirítear ithreacha agus bithmhais os cionn talún, chun talamh a bhfuil ardstoc carbóin aige a chosaint (6);

(c)  spriocanna bainistíochta, lena n-áirítear srianta móra;

(d)  straitéisí agus gníomhaíochtaí ginearálta atá beartaithe chun na spriocanna bainistíochta a bhaint amach, lena n-áirítear oibríochtaí ionchasacha thar an timthriall iomlán foraoise;

(e)  sainmhíniú ar chomhthéacs na gnáthóige foraoise, lena n-áirítear príomhspeicis crainn foraoise atá ann cheana agus atá beartaithe don ghnáthóg, a bhfairsinge agus a ndáileadh;

(f)  urranna, bóithre, cearta slí agus rochtain eile phoiblí, gnéithe fisiceacha lena n-áirítear uiscebhealaí, limistéir atá faoi shrianta dlí nó faoi shrianta eile;

(g)  bearta a ghlactar chun dea-riocht na n-éiceachóras foraoise a bhunú agus a choimeád ar bun;

(h)  breithniú ar shaincheisteanna sóisialta (lena n-áirítear caomhnú an tírdhreacha, comhairliúchán le páirtithe leasmhara i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta);

(i)  rioscaí a bhaineann le foraoisí a mheasúnú, lena n-áirítear dóiteáin foraoise, agus lotnaidí agus ráigeanna galar, agus é d’aidhm leis na rioscaí a chosc, a laghdú agus a rialú agus na bearta a chuirtear i bhfeidhm chun cosaint ar rioscaí iarmharacha a áirithiú.

(j)  measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar shlándáil bia;

(k)  tá na critéir DNSH ar fad ábhartha don fhoraoisiú.

1.3.  Nuair a thagann an limistéar chun bheith ina fhoraois, leanann plean bainistíochta foraoisí nó ionstraim choibhéiseach ina dhiaidh sin an plean foraoisithe, de réir mar a leagtar amach sa dlí náisiúnta nó, nuair nach bhfuil plean bainistíochta foraoisí nó ionstraim choibhéiseach sainmhínithe sa dlí náisiúnta, dá dtagraítear i sainmhíniú FAO ar ‘limistéar foraoise lena mbaineann plean bainistíochta foraoisí fadtéarma’ (7). Leis an bplean bainistíochta foraoisí nó leis an ionstraim choibhéiseach cumhdaítear tréimhse 10 mbliana nó níos mó agus déantar é a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach.

1.4.  Soláthraítear faisnéis ar na pointí seo a leanas nach bhfuil doiciméadaithe cheana féin sa phlean bainistíochta foraoisí nó sa chóras coibhéiseach:

(a)  spriocanna bainistíochta, lena n-áirítear srianta móra (8);

(b)  straitéisí agus gníomhaíochtaí ginearálta atá beartaithe chun na spriocanna bainistíochta a bhaint amach, lena n-áirítear oibríochtaí ionchasacha thar an timthriall iomlán foraoise;

(c)  sainmhíniú ar chomhthéacs na gnáthóige foraoise, lena n-áirítear príomhspeicis crainn foraoise atá ann cheana agus atá beartaithe don ghnáthóg, a bhfairsinge agus a ndáileadh;

(d)  sainmhíniú ar an limistéar de réir a fhoilsithe i gclárlann na talún;

(e)  urranna, bóithre, cearta slí agus rochtain eile phoiblí, gnéithe fisiceacha lena n-áirítear uiscebhealaí, limistéir atá faoi shrianta dlí nó faoi shrianta eile;

(f)  bearta a ghlactar chun dea-riocht na n-éiceachóras foraoise a chothabháil;

(g)  breithniú ar shaincheisteanna sóisialta (lena n-áirítear caomhnú an tírdhreacha, comhairliúchán le páirtithe leasmhara i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta);

(h)  rioscaí a bhaineann le foraoisí a mheasúnú, lena n-áirítear dóiteáin foraoise, agus lotnaidí agus ráigeanna galar, agus é d’aidhm leis na rioscaí a chosc, a laghdú agus a rialú agus na bearta a chuirtear i bhfeidhm chun cosaint agus oiriúnú do rioscaí iarmharacha a áirithiú

(i)  tá na critéir DNSH ar fad ábhartha don bhainistíocht foraoisí.

1.5.  Leanann an ghníomhaíocht na cleachtais foraoisithe is fearr a leagtar síos sa dlí náisiúnta, nó, i gcás nach bhfuil na cleachtais foraoisithe is fearr sin leagtha síos sa dlí náisiúnta, comhlíontar ceann de na critéir a leanas leis an ngníomhaíocht:

(a)  comhlíontar Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 807/2014 leis an ngníomhaíocht;

(b)  leanann an ghníomhaíocht na ‘Treoirlínte Uile-Eorpacha maidir leis an bhForaoisiú agus an Athfhoraoisiú agus fócas speisialta ann ar fhorálacha UNFCCC’ (9).

1.6.  Ní bhaineann an ghníomhaíocht le díghrádú na talún ag a bhfuil ardstoc carbóin (10).

1.7.  Comhlíonann an córas bainistíochta atá bainteach leis an ngníomhaíocht atá i bhfeidhm an oibleagáid díchill chuí agus na ceanglais dlíthiúlachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 995/2010.

1.8.  Sa phlean foraoisithe agus sa phlean bainistíochta foraoisí nó san ionstraim choibhéiseach ina dhiaidh sin déantar foráil d’fhaireachán lena n-áirithítear cruinneas na faisnéise sa phlean, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na sonraí a bhaineann leis an limistéar atá i gceist.

2.  Iniúchóireacht

Laistigh de 2 bhliain ó thús na gníomhaíochta agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin, déanann ceachtar díobh seo a leanas comhlíontacht na gníomhaíochta leis an rannchuidiú substaintiúil leis na critéir um maolú ar an athrú aeráide agus le critéir DNSH a fhíorú:

(a)  na húdaráis náisiúnta inniúla ábhartha;

(b)  deimhnitheoir tríú páirtí neamhspleách, ar iarratas ó údaráis náisiúnta nó ó oibreoir na gníomhaíochta.

D’fhonn costais a laghdú, féadfar iniúchóireachtaí a dhéanamh i gcomhar le haon deimhniú foraoise, deimhniú aeráide nó iniúchóireacht eile.

Ní bheidh aon choinbhleacht leasa ag an deimhnitheoir neamhspleách tríú páirtí leis an úinéir ná leis an maoinitheoir, agus ní bheidh baint aige le forbairt ná le hoibríocht na gníomhaíochta.

3.  Measúnú grúpa

Féadfar comhlíontacht leis na critéir DNSH a sheiceáil:

(a)  ar leibhéal an limistéir foinsithe foraoise (11) leibhéal mar a shainmhínítear le Treoir (AE) 2018/2001;

(b)  ar leibhéal grúpa gabháltas foraoise atá sách aonfhoirmeach le gur féidir measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le hinbhuanaitheacht na gníomhaíochta foraoise, ar choinníoll go bhfuil caidreamh buanfasach ag na gabháltais sin go léir eatarthu agus go bhfuil siad rannpháirteach sa ghníomhaíocht agus go mbeidh grúpa na ngabháltas sin mar an gcéanna le haghaidh na n-iniúchóireachtaí uile ina dhiaidh sin.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Faisnéis mhionsonraithe dá dtagraítear i bpointe 1.2. (i) áirítear forálacha chun na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a chomhlíonadh.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Laghdaítear úsáid lotnaidicídí agus táthar i bhfabhar cur chuige nó teicnící malartacha, a bhféadfadh roghanna malartacha neamhcheimiceacha ar lotnaidicídí a bheith san áireamh leo, i gcomhréir le Treoir 2009/128/CE, cé is moite de na hócáidí sin inar gá lotnaidicídí a úsáid chun ráigeanna lotnaidí agus galar a rialú.

Íoslaghdaítear an úsáid a bhaintear as leasacháin leis an ngníomhaíocht agus ní úsáidtear aoileach inti. Comhlíonann an ghníomhaíocht Rialachán (AE) 2019/1009 nó na dlíthe náisiúnta maidir le leasacháin nó feabhsaitheoirí ithreach le haghaidh úsáid talmhaíochta

Glactar le bearta a dhéantar a dhoiciméadú agus a fhíordheimhniú go maith chun go seachnófar úsáid comhábhar gníomhach a liostaítear in Iarscríbhinn I, cuid A, de Rialachán (AE) 2019/1021 (12), i gCoinbhinsiún Rotterdam maidir leis an nós imeachta um thoiliú eolach roimh ré le haghaidh ceimiceáin agus lotnaidicídí guaiseacha áirithe i dtrádáil idirnáisiúnta, i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair, i bPrótacal Montréal maidir le Substaintí lena nÍdítear an Ciseal Ózóin, chun úsáid comhábhar gníomhach a sheachaint a liostaítear mar Aicme Ia (‘fíorghuaiseach’) nó Aicme Ib (‘thar a bheith guaiseach’) san Aicmiú Lotnaidicídí faoi Ghuais arna Mholadh ag EDS (13). Comhlíontar an dlí náisiúnta maidir le comhábhair ghníomhacha leis an ngníomhaíocht.

Seachnaítear truailliú uisce agus ithreach agus glactar bearta glantacháin nuair a tharlaíonn an truailliú.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

I limistéir arna n-ainmniú ag an údarás náisiúnta inniúil don chaomhnú nó i ngnáthóga atá faoi chosaint, tá an ghníomhaíocht i gcomhréir le cuspóirí caomhnaithe na limistéar sin.

Níl aon athrú ar ghnáthóga atá íogair go sonrach do chaillteanas bithéagsúlachta nó a bhfuil ardluach caomhnaithe acu, nó ar limistéir atá curtha ar leataobh le haghaidh athchóiriú ar ghnáthóga den sórt sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Áirítear leis an bhfaisnéis mhionsonraithe dá dtagraítear i bpointí 1.2(k) (Plean foraoisithe) agus 1.4(i) (Plean bainistíochta foraoisí nó córas coibhéiseach) forálacha maidir leis an mbithéagsúlacht a chothabháil agus a fheabhsú b’fhéidir i gcomhréir le forálacha náisiúnta agus áitiúla, lena n-áirítear an méid a leanas:

(a)  dea-stádas caomhnaithe na ngnáthóg agus na speiceas a áirithiú, gnáthspeicis gnáthóige a chothabháil;

(b)  úsáid nó scaoileadh speiceas ionrach a eisiamh;

(c)  úsáid speiceas neamhdhúchasach a eisiamh murar féidir an méid a leanas a léiriú:

(i)  go mbíonn dálaí éiceachórais fabhracha iomchuí (amhail aeráid, critéir ithreach, agus crios fásra, athléimneacht dóiteáin foraoise) mar thoradh ar úsáid an ábhair atáirgthe foraoisí;

(ii)  nach bhfuil na speicis dhúchasacha atá ar an suíomh faoi láthair oiriúnaithe níos mó do dhálaí réamh-mheasta aeráide agus peidihidreolaíocha;

(d)  a áirithiú go ndéantar cáilíocht fhisiceach, cheimiceach agus bhitheolaíoch na hithreach a chothabháil agus a fheabhsú;

(e)  cleachtais atá neamhdhíobhálach don bhithéagsúlacht lena bhfeabhsaítear próisis nádúrtha foraoisí a chur chun cinn;

(f)  go n-eisiatar athrú ar éiceachórais ard-bhithéagsúlachta go héiceachórais nach bhfuil chomh bithéagsúil céanna;

(g)  go n-áirithítear éagsúlacht na ngnáthóg agus na speiceas gaolmhara a bhfuil nasc acu leis an bhforaois;

(h)  go n-áirithítear éagsúlacht na struchtúr clampa agus cothabháil nó feabhsú na gclampaí aibí agus adhmaid mhairbh.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Ciallaíonn talamh a bhfuil ardstoc carbóin aige bogaigh, lena n-áirítear tailte móna, agus limistéir atá faoi fhoraois leanúnach de réir bhrí Airteagal 29(4)(a), (b) agus (c) de Threoir (AE) 2018/2001.

(7)   

Limistéar foraoise a bhfuil plean bainistíochta doiciméadaithe fadtéarmach (10 mbliana nó níos mó) ann ina leith, plean atá dírithe ar spriocanna bainistíochta sainmhínithe, agus a athbhreithnítear go tréimhsiúil, Measúnú Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

(8)   

Lena n-áirítear anailís ar (i) inbhuanaitheacht fhadtéarmach na hacmhainne adhmaid agus (ii) tionchair/brúnna ar chaomhnú gnáthóige, éagsúlacht na ngnáthóg gaolmhar agus coinníoll lománaithe lena n-íoslaghdaítear tionchair ar an ithir.

(9)   

Treoirlínte Uile-Eorpacha maidir leis an bhForaoisiú agus an Athfhoraoisiú agus fócas speisialta ann ar fhorálacha UNFCCC arna ghlacadh ag an gCruinniú de Shaineolaithe na Comhdhála Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip (MCPFE) an 12-13 Samhain 2008 agus ag Biúró PEBLDS ar son Chomhairle PEBLDS an 4 Samhain 2008 (leagan an 4.6.2021: https://www.foresteurope.org/docs/other_meetings/2008/Geneva/Guidelines_Aff_Ref_ADOPTED.pdf).

(10)   

Ciallaíonn talamh a bhfuil ardstoc carbóin aige bogaigh, lena n-áirítear tailte móna, agus limistéir atá faoi fhoraois leanúnach de réir bhrí Airteagal 29(4), pointí (a), (b) agus (c) de Threoir (AE) 2018/2001.

(11)   

Ciallaíonn ‘limistéar foinsithe’ an limistéar, arna shainiú go geografach, as a bhfaightear an bunábhar bithmhaise foraoise, as a bhfuil faisnéis iontaofa agus neamhspleách ar fáil, agus ina bhfuil na dálaí sách aonfhoirmeach le gur féidir measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le saintréithe inbhuanaitheachta agus dlíthiúlachta na bithmhaise foraoise.

(12)   

Lena gcuirtear Coinbhinsiún Stócólm maidir le truailleáin orgánacha leanúnacha (IO L 209, 31.7.2006, lch. 3.) chun feidhme san Aontas.

(13)   

Aicmiú Lotnaidicídí faoi Ghuais arna Mholadh ag EDS (leagan 2019) (leagan an 4.6.2021: https://apps.who.int/iris/bitstream/handle/10665/332193/9789240005662-eng.pdf?ua=1).

1.2.    Athshlánú agus athchóiriú foraoisí, lena n-áirítear athfhoraoisiú agus athghiniúint nádúrtha foraoisí tar éis teagmhas foircneach

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Athchóiriú agus athshlánú foraoisí mar a shainmhínítear leis an dlí náisiúnta. I gcás nach bhfuil sainmhíniú den sórt sin sa dlí náisiúnta, tagraíonn athchóiriú agus athshlánú do shainmhíniú a bhfuil comhaontú leathan faoi sa litríocht eolaíochta a bhfuil athbhreithniú piaraí déanta uirthi le haghaidh tíortha sonracha nó sainmhíniú atá i gcomhréir le coincheap FAO maidir le hathshlánú foraoisí ( 68 ) nó sainmhíniú atá i gcomhréir le ceann de na sainmhínithe maidir le hathshlánú éiceolaíoch ( 69 ) a bhaineann le foraois, nó athchóiriú foraoise ( 70 ) faoin gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch. Áirítear leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha freisin gníomhaíochtaí foraoise i gcomhréir le sainmhíniú FAO maidir le ‘athfhoraoisiú’  ( 71 ) agus ‘foraois a athghintear go nádúrtha’  ( 72 ) tar éis teagmhas foircneach, i gcás ina sainítear teagmhas foircneach sa dlí náisiúnta, agus i gcás nach bhfuil sainmhíniú den sórt sin sa dlí náisiúnta, atá i gcomhréir le sainmhíniú IPCC de tharlú adhaimsire ( 73 ); nó tar éis loscadh sléibhe, i gcás ina sainítear loscadh sléibhe sa dlí náisiúnta, agus i gcás nach bhfuil sainmhíniú den sórt sin sa dlí náisiúnta, mar a shainmhínítear sa Ghluais Eorpach maidir le loscadh sléibhe agus dóiteáin foraoise ( 74 ).

Tuigtear leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo nach mbeidh athrú ar an úsáid talún agus tarlaíonn sé ar thalamh dhíghrádaithe atá ag teacht leis an sainmhíniú ar fhoraois mar a leagtar amach sa dlí náisiúnta, nó i gcás nach bhfuil sé sin ar fáil, tá sé i gcomhréir le sainmhíniú FAO ar fhoraois ( 75 ).

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE A2 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006. Tá na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo teoranta do NACE II 02.10, i.e. foraoiseolaíocht agus gníomhaíochtaí foraoiseachta eile, 02.20, i.e. lománaíocht, 02.30, i.e. bailiú táirgí foraoise fiáine neamhadhmaid atá ag fás agus 02.40, i.e. seirbhísí tacaíochta le haghaidh na foraoiseachta.

I gcás ina gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo na critéir rannchuidithe shubstaintiúla a shonraítear i bpointe 5, is gníomhaíocht chumasúcháin í an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

5.  Ionas go mbreithneofar gníomhaíocht mar ghníomhaíocht chumasúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852, léiríonn an t-oibreoir eacnamaíoch, trí mheasúnú ar rioscaí aeráide reatha agus amach anseo, lena n-áirítear neamhchinnteacht agus bunaithe ar shonraí láidre, go soláthraíonn an ghníomhaíocht teicneolaíocht, táirge, seirbhís, faisnéis, nó cleachtas, nó go gcuireann sí a gcuid úsáidí chun cinn le ceann de na príomhchuspóirí seo a leanas:

(a)  leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile a mhéadú;

(b)  rannchuidiú le hiarrachtaí oiriúnaithe daoine eile, an dúlra, na hoidhreachta cultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

1.  Plean bainistíochta foraoisí nó ionstraim choibhéiseach

1.1.  Tarlaíonn an ghníomhaíocht ar limistéar atá faoi réir plean bainistíochta foraoise nó ionstraim choibhéiseach, de réir mar a leagtar amach sa dlí náisiúnta nó, nuair nach bhfuil plean bainistíochta foraoise nó ionstraim choibhéiseach sainmhínithe sa dlí náisiúnta, dá dtagraítear i sainmhíniú EBT ar ‘limistéar foraoise lena mbaineann plean bainistíochta foraoise fadtéarma’ (6).

Leis an bplean bainistíochta foraoisí nó leis an ionstraim choibhéiseach cumhdaítear tréimhse 10 mbliana nó níos mó, agus déantar é a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach.

1.2.  Soláthraítear faisnéis ar na pointí seo a leanas nach bhfuil doiciméadaithe cheana féin sa phlean bainistíochta foraoisí nó sa chóras coibhéiseach:

(a)  spriocanna bainistíochta, lena n-áirítear srianta móra (7);

(b)  straitéisí agus gníomhaíochtaí ginearálta atá beartaithe chun na spriocanna bainistíochta a bhaint amach, lena n-áirítear oibríochtaí ionchasacha thar an timthriall iomlán foraoise;

(c)  sainmhíniú ar chomhthéacs na gnáthóige foraoise, lena n-áirítear príomhspeicis crainn foraoise atá ann cheana agus atá beartaithe don ghnáthóg, a bhfairsinge agus a ndáileadh;

(d)  sainmhíniú ar an limistéar de réir a fhoilsithe i gclárlann na talún;

(e)  urranna, bóithre, cearta slí agus rochtain eile phoiblí, gnéithe fisiceacha lena n-áirítear uiscebhealaí, limistéir atá faoi shrianta dlí nó faoi shrianta eile;

(f)  bearta a ghlactar chun dea-riocht na n-éiceachóras foraoise a chothabháil;

(g)  breithniú ar shaincheisteanna sóisialta (lena n-áirítear caomhnú an tírdhreacha, comhairliúchán le páirtithe leasmhara i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta);

(h)  rioscaí a bhaineann le foraoisí a mheasúnú, lena n-áirítear dóiteáin foraoise, agus lotnaidí agus ráigeanna galar, agus é d’aidhm leis na rioscaí a chosc, a laghdú agus a rialú agus na bearta a chuirtear i bhfeidhm chun cosaint ar rioscaí iarmharacha a áirithiú.

(i)  tá na critéir DNSH ar fad ábhartha don bhainistíocht foraoisí.

1.3.  Áirithítear inbhuanaitheacht na gcóras bainistíochta foraoisí, mar a dhoiciméadaítear sa phlean dá dtagraítear i bpointe 1.1, ach ceann de na cuir chuige is uaillmhianaí díobh seo a leanas a roghnú:

(a)  tá an plean bainistíochta foraoisí ag teacht leis an sainmhíniú náisiúnta is infheidhme maidir le bainistíocht inbhuanaithe ar fhoraoisí,

(b)  tá an bhainistíocht foraoisí ag teacht leis an sainmhíniú atá ag an gComhdháil Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip (8) ar bhainistíocht inbhuanaithe foraoisí agus comhlíonann sé na Treoirlínte Uile-Eorpacha ar Leibhéal Oibríochta do Bhainistíocht Inbhuanaithe ar Fhoraoisí (9);

(c)  tá an córas bainistíochta atá i bhfeidhm i gcomhréir leis na critéir inbhuanaitheachta foraoise a leagtar síos in Airteagal 29(6) de Threoir (AE) 2018/2001, agus amhail dáta a chur i bhfeidhm leis an ngníomh cur chun feidhme maidir le treoraíocht oibríochtúil don fhuinneamh ó bhithmhais foraoise arna ghlacadh faoi Airteagal 29(8) den Treoir sin.

1.4.  Ní bhaineann an ghníomhaíocht le díghrádú na talún ag a bhfuil ardstoc carbóin (10).

1.5.  Comhlíonann an córas bainistíochta atá bainteach leis an ngníomhaíocht atá i bhfeidhm an oibleagáid díchill chuí agus na ceanglais dlíthiúlachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 995/2010.

1.6.  Sa phlean bainistíochta foraoise nó san ionstraim choibhéiseach déantar foráil d’fhaireachán lena n-áirithítear cruinneas na faisnéise sa phlean, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na sonraí a bhaineann leis an limistéar atá i gceist.

2.  Iniúchóireacht

Laistigh de 2 bhliain ó thús na gníomhaíochta agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin, déanann ceachtar díobh seo a leanas comhlíontacht na gníomhaíochta leis an rannchuidiú substaintiúil leis na critéir um maolú ar an athrú aeráide agus le critéir DNSH a fhíorú:

(a)  na húdaráis náisiúnta inniúla ábhartha;

(b)  deimhnitheoir tríú páirtí neamhspleách, ar iarratas ó údaráis náisiúnta nó ó oibreoir na gníomhaíochta.

D’fhonn costais a laghdú, féadfar iniúchóireachtaí a dhéanamh i gcomhar le haon deimhniú foraoise, deimhniú aeráide nó iniúchóireacht eile.

Ní bheidh aon choinbhleacht leasa ag an deimhnitheoir neamhspleách tríú páirtí leis an úinéir ná leis an maoinitheoir, agus ní bheidh baint aige le forbairt ná le hoibríocht na gníomhaíochta.

3.  Measúnú grúpa

Féadfar comhlíontacht leis na critéir DNSH a sheiceáil:

(a)  ar leibhéal an limistéir foinsithe foraoise (11) mar a shainmhínítear le Treoir (AE) 2018/2001;

(b)  ar leibhéal grúpa gabháltas atá sách aonfhoirmeach le gur féidir measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le hinbhuanaitheacht na gníomhaíochta foraoise, ar choinníoll go bhfuil caidreamh buanfasach ag na gabháltais sin go léir eatarthu agus go bhfuil siad rannpháirteach sa ghníomhaíocht agus go mbeidh grúpa na ngabháltas sin mar an gcéanna le haghaidh na n-iniúchóireachtaí uile ina dhiaidh sin.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Faisnéis mhionsonraithe dá dtagraítear i bpointe 1.2. (i) áirítear forálacha chun na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a chomhlíonadh.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní dócha go mbeidh laghdú suntasach ar sholáthar inbhuanaithe na bithmhaise foraoise príomhúla atá oiriúnach le haghaidh monaraíocht táirgí adhmaid a bhfuil cumas ciorclaíochta fadtéarmaí ag gabháil leo mar thoradh ar an athrú a dhéanann an ghníomhaíocht ar an limistéar atá cumhdaithe ag an ngníomhaíocht. Féadtar na critéir sin a léiriú trí anailís ar na sochair don aeráid dá dtagraítear i bpointe (2).

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Laghdaítear úsáid lotnaidicídí agus táthar i bhfabhar cur chuige nó teicnící malartacha, a bhféadfadh roghanna malartacha neamhcheimiceacha ar lotnaidicídí a bheith san áireamh leo, i gcomhréir le Treoir 2009/128/CE, cé is moite de na hócáidí sin inar gá lotnaidicídí a úsáid chun ráigeanna lotnaidí agus galar a rialú.

Íoslaghdaítear an úsáid a bhaintear as leasacháin leis an ngníomhaíocht agus ní úsáidtear aoileach inti. Comhlíonann an ghníomhaíocht Rialachán (AE) 2019/1009 nó na dlíthe náisiúnta maidir le leasacháin nó feabhsaitheoirí ithreach le haghaidh úsáid talmhaíochta.

Glactar le bearta a dhéantar a dhoiciméadú agus a fhíordheimhniú go maith chun go seachnófar úsáid comhábhar gníomhach a liostaítear in Iarscríbhinn I, cuid A, de Rialachán (AE) 2019/1021 (12), i gCoinbhinsiún Rotterdam maidir leis an nós imeachta um thoiliú eolach roimh ré le haghaidh ceimiceáin agus lotnaidicídí guaiseacha áirithe i dtrádáil idirnáisiúnta, i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair, i bPrótacal Montréal maidir le Substaintí lena nÍdítear an Ciseal Ózóin, chun úsáid comhábhar gníomhach a sheachaint a liostaítear mar Aicme Ia (‘fíorghuaiseach’) nó Aicme Ib (‘thar a bheith guaiseach’) san Aicmiú Lotnaidicídí faoi Ghuais arna Mholadh ag EDS. Comhlíontar an dlí náisiúnta maidir le comhábhair ghníomhacha leis an ngníomhaíocht.

Seachnaítear truailliú uisce agus ithreach agus glactar bearta glantacháin nuair a tharlaíonn an truailliú.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

I limistéir arna n-ainmniú ag an údarás náisiúnta inniúil don chaomhnú nó i ngnáthóga atá faoi chosaint, tá an ghníomhaíocht i gcomhréir le cuspóirí caomhnaithe na limistéar sin.

Níl aon athrú ar ghnáthóga atá íogair go sonrach do chaillteanas bithéagsúlachta nó a bhfuil ardluach caomhnaithe acu, nó ar limistéir atá curtha ar leataobh le haghaidh athchóiriú ar ghnáthóga den sórt sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Áirítear leis an bhfaisnéis mhionsonraithe dá dtagraítear i bpointe 1.2(i) forálacha maidir leis an mbithéagsúlacht a chothabháil agus a fheabhsú b’fhéidir i gcomhréir le forálacha náisiúnta agus áitiúla, lena n-áirítear an méid a leanas:

(a)  dea-stádas caomhnaithe na ngnáthóg agus na speiceas a áirithiú, gnáthspeicis gnáthóige a chothabháil;

(b)  úsáid nó scaoileadh speiceas coimhthíoch ionrach a eisiamh;

(c)  úsáid speiceas neamhdhúchasach a eisiamh murar féidir an méid a leanas a léiriú:

(i)  go mbíonn dálaí éiceachórais fabhracha iomchuí (amhail aeráid, critéir ithreach, agus crios fásra, athléimneacht dóiteáin foraoise) mar thoradh ar úsáid an ábhair atáirgthe foraoisí;

(ii)  nach bhfuil na speicis dhúchasacha atá ar an suíomh faoi láthair oiriúnaithe níos mó do dhálaí réamh-mheasta aeráide agus peidihidreolaíocha;

(d)  a áirithiú go ndéantar cáilíocht fhisiceach, cheimiceach agus bhitheolaíoch na hithreach a chothabháil agus a fheabhsú;

(e)  cleachtais atá neamhdhíobhálach don bhithéagsúlacht lena bhfeabhsaítear próisis nádúrtha foraoisí a chur chun cinn;

(f)  go n-eisiatar athrú ar éiceachórais ard-bhithéagsúlachta go héiceachórais nach bhfuil chomh bithéagsúil céanna;

(g)  go n-áirithítear éagsúlacht na ngnáthóg agus na speiceas gaolmhara a bhfuil nasc acu leis an bhforaois;

(h)  go n-áirithítear éagsúlacht na struchtúr clampa agus cothabháil nó feabhsú na gclampaí aibí agus adhmaid mhairbh.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Limistéar foraoise a bhfuil plean bainistíochta doiciméadaithe fadtéarmach (10 mbliana nó níos mó) ann ina leith, plean atá dírithe ar spriocanna bainistíochta sainmhínithe, agus a athbhreithnítear go tréimhsiúil.

Measúnú Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

(7)   

Lena n-áirítear anailís ar (i) inbhuanaitheacht fhadtéarmach na hacmhainne adhmaid (ii) tionchair/brúnna ar chaomhnú gnáthóige, éagsúlacht na ngnáthóg gaolmhar agus coinníoll lománaithe lena n-íoslaghdaítear tionchair ar an ithir.

(8)   

Maoirseacht agus úsáid a bhaint as foraoisí agus as tailte foraoise ar bhealach, agus ar ráta, lena gcoinnítear a mbithéagsúlacht, a dtáirgiúlacht, a gcumas athghiniúna, a mbeogacht agus a gcumas chun feidhmeanna ábhartha éiceolaíocha, eacnamaíocha agus sóisialta a chomhlíonadh, anois agus amach anseo, ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal domhanda, agus nach bhfágtar dá mbarr go ndéantar damáiste d'éiceachórais eile.

Rún H1 Treoirlínte Ginearálta maidir le Bainistíocht Inbhuanaithe ar Fhoraoisí san Eoraip An Dara Comhdháil Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip (Eoraip na bhForaoisí), 16-17 Meitheamh 1993, Heilsincí na Fionlainne (leagan an 4.6.2021: https://www.foresteurope.org/docs/MC/MC_helsinki_resolutionH1.pdf.

(9)   

Iarscríbhinn 2 de Rún L2. Treoirlínte Uile-Eorpacha ar Leibhéal Oibríochta le haghaidh Bainistíocht Inbhuanaithe Foraoisí. An Tríú Comhdháil Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip, 2-4 Meitheamh 1998, Liospóin na Portaingéile (leagan an 4.6.2021: https://foresteurope.org/wp-content/uploads/2016/10/MC_lisbon_resolutionL2_with_annexes.pdf#page=18).

(10)   

Ciallaíonn talamh a bhfuil ardstoc carbóin aige bogaigh, lena n-áirítear tailte móna, agus limistéir atá faoi fhoraois leanúnach de réir bhrí Airteagal 29(4)(a), (b) agus (c) de Threoir (AE) 2018/2001.

(11)   

Ciallaíonn ‘limistéar foinsithe’ an limistéar, arna shainiú go geografach, as a bhfaightear an bunábhar bithmhaise foraoise, as a bhfuil faisnéis iontaofa agus neamhspleách ar fáil, agus ina bhfuil na dálaí sách aonfhoirmeach le gur féidir measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le saintréithe inbhuanaitheachta agus dlíthiúlachta na bithmhaise foraoise.

(12)   

Lena gcuirtear Coinbhinsiún Stócólm maidir le truailleáin orgánacha leanúnacha ((IO L 209, 31.7.2006, lch. 3.) chun feidhme san Aontas.

1.3.    Bainistíocht foraoisí

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Bainistíocht foraoisí mar a shainmhínítear leis an dlí náisiúnta. I gcás nach bhfuil sainmhíniú den sórt sin sa dlí náisiúnta, tagraíonn bainistíocht foraoisí d’aon ghníomhaíocht eacnamaíoch a leanann as córais is infheidhme maidir le foraois a dhéanann difear d’fheidhmeanna éiceolaíocha, eacnamaíocha nó sóisialta na foraoise. Toimhdítear leis an mbainistíocht foraoisí nach mbeidh athrú ar an úsáid talún agus tarlaíonn sé ar thalamh atá ag teacht leis an sainmhíniú ar fhoraois mar a leagtar amach sa dlí náisiúnta, nó i gcás nach bhfuil sé sin ar fáil, tá sé i gcomhréir le sainmhíniú FAO ar fhoraois ( 76 ).

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE A2 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006. Tá na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo teoranta do NACE II 02.10, i.e. foraoiseolaíocht agus gníomhaíochtaí foraoiseachta eile, 02.20, i.e. lománaíocht, 02.30, i.e. bailiú táirgí foraoise fiáine neamhadhmaid atá ag fás agus 02.40, i.e. seirbhísí tacaíochta le haghaidh na foraoiseachta.

I gcás ina gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo na critéir rannchuidithe shubstaintiúla a shonraítear i bpointe 5, is gníomhaíocht chumasúcháin í an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

5.  Ionas go mbreithneofar gníomhaíocht mar ghníomhaíocht chumasúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852, léiríonn an t-oibreoir eacnamaíoch, trí mheasúnú ar rioscaí aeráide reatha agus amach anseo, lena n-áirítear neamhchinnteacht agus bunaithe ar shonraí láidre, go soláthraíonn an ghníomhaíocht teicneolaíocht, táirge, seirbhís, faisnéis, nó cleachtas, nó go gcuireann sí a gcuid úsáidí chun cinn le ceann de na príomhchuspóirí seo a leanas:

(a)  leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile a mhéadú;

(b)  rannchuidiú le hiarrachtaí oiriúnaithe daoine eile, an dúlra, na hoidhreachta cultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

1.  Plean bainistíochta foraoisí nó ionstraim choibhéiseach

1.1.  Tarlaíonn an ghníomhaíocht ar limistéar atá faoi réir plean bainistíochta foraoise nó ionstraim choibhéiseach, de réir mar a leagtar amach sa dlí náisiúnta nó, nuair nach bhfuil plean bainistíochta foraoise sainmhínithe sa dlí náisiúnta, dá dtagraítear i sainmhíniú EBT ar ‘limistéar foraoise lena mbaineann plean bainistíochta foraoise fadtéarmach’ (6).

Leis an bplean bainistíochta foraoisí nó leis an ionstraim choibhéiseach cumhdaítear tréimhse 10 mbliana nó níos mó, agus déantar é a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach.

1.2.  Soláthraítear faisnéis ar na pointí seo a leanas nach bhfuil doiciméadaithe cheana féin sa phlean bainistíochta foraoisí nó sa chóras coibhéiseach:

(a)  spriocanna bainistíochta, lena n-áirítear srianta móra (7);

(b)  straitéisí agus gníomhaíochtaí ginearálta atá beartaithe chun na spriocanna bainistíochta a bhaint amach, lena n-áirítear oibríochtaí ionchasacha thar an timthriall iomlán foraoise;

(c)  sainmhíniú ar chomhthéacs na gnáthóige foraoise, lena n-áirítear príomhspeicis crainn foraoise atá ann cheana agus atá beartaithe don ghnáthóg, a bhfairsinge agus a ndáileadh;

(d)  sainmhíniú ar an limistéar de réir a fhoilsithe i gclárlann na talún;

(e)  urranna, bóithre, cearta slí agus rochtain eile phoiblí, gnéithe fisiceacha lena n-áirítear uiscebhealaí, limistéir atá faoi shrianta dlí nó faoi shrianta eile;

(f)  bearta a ghlactar chun dea-riocht na n-éiceachóras foraoise a bhunú agus a choimeád ar bun;

(g)  breithniú ar shaincheisteanna sóisialta (lena n-áirítear caomhnú an tírdhreacha, comhairliúchán le páirtithe leasmhara i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta);

(h)  rioscaí a bhaineann le foraoisí a mheasúnú, lena n-áirítear dóiteáin foraoise, agus lotnaidí agus ráigeanna galar, agus é d’aidhm leis na rioscaí a chosc, a laghdú agus a rialú agus na bearta a chuirtear i bhfeidhm chun cosaint ar rioscaí iarmharacha a áirithiú.

(i)  tá na critéir DNSH ar fad ábhartha le haghaidh bainistíocht foraoisí.

1.3.  Áirithítear inbhuanaitheacht an chórais bainistíochta foraoisí, mar a dhoiciméadaítear sa phlean dá dtagraítear i bpointe 1.1, ach ceann de na cuir chuige is uaillmhianaí díobh seo a leanas a roghnú:

(a)  tá an plean bainistíochta foraoisí ag teacht leis an sainmhíniú náisiúnta is infheidhme maidir le bainistíocht inbhuanaithe ar fhoraoisí,

(b)  tá an bhainistíocht foraoisí ag teacht leis an sainmhíniú atá ag an gComhdháil Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip (8) ar bhainistíocht inbhuanaithe foraoisí agus comhlíonann sé na Treoirlínte Uile-Eorpacha ar Leibhéal Oibríochta do Bhainistíocht Inbhuanaithe ar Fhoraoisí (9);

(c)  léiríonn an córas bainistíochta atá i bhfeidhm comhlíontacht na gcritéar inbhuanaitheachta foraoise a leagtar amach in Airteagal 29(6) de Threoir (AE) 2018/2001, agus amhail dáta a chur i bhfeidhm leis an ngníomh cur chun feidhme maidir le treoraíocht oibríochtúil don fhuinneamh ó bhithmhais foraoise arna ghlacadh faoi Airteagal 29(8) den Treoir sin.

1.4.  Ní bhaineann an ghníomhaíocht le díghrádú na talún ag a bhfuil ardstoc carbóin (10).

1.5.  Comhlíonann an córas bainistíochta atá bainteach leis an ngníomhaíocht atá i bhfeidhm an oibleagáid díchill chuí agus na ceanglais dlíthiúlachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 995/2010.

1.6.  Sa phlean bainistíochta foraoise nó sa doiciméad coibhéiseach déantar foráil d’fhaireachán lena n-áirithítear cruinneas na faisnéise sa phlean, go háirithe maidir leis na sonraí a bhaineann leis an limistéar atá i gceist.

2.  Iniúchóireacht

Laistigh de 2 bhliain ó thús na gníomhaíochta agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin, déanann ceachtar díobh seo a leanas comhlíontacht na gníomhaíochta leis an rannchuidiú substaintiúil leis na critéir um maolú ar an athrú aeráide agus le critéir DNSH a fhíorú:

(a)  na húdaráis náisiúnta inniúla ábhartha;

(b)  deimhnitheoir tríú páirtí neamhspleách, ar iarratas ó údaráis náisiúnta nó ó oibreoir na gníomhaíochta.

D’fhonn costais a laghdú, féadfar iniúchóireachtaí a dhéanamh i gcomhar le haon deimhniú foraoise, deimhniú aeráide nó iniúchóireacht eile.

Ní bheidh aon choinbhleacht leasa ag an deimhnitheoir neamhspleách tríú páirtí leis an úinéir ná leis an maoinitheoir, agus ní bheidh baint aige le forbairt ná le hoibríocht na gníomhaíochta.

3.  Measúnú grúpa

Féadfar comhlíontacht leis na critéir DNSH a sheiceáil:

(a)  ar leibhéal an limistéir foinsithe foraoise (11) mar a shainmhínítear le Treoir (AE) 2018/2001;

(b)  ar leibhéal grúpa gabháltas atá sách aonfhoirmeach le gur féidir measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le hinbhuanaitheacht na gníomhaíochta foraoise, ar choinníoll go bhfuil caidreamh buanfasach ag na gabháltais sin go léir eatarthu agus go bhfuil siad rannpháirteach sa ghníomhaíocht agus go mbeidh grúpa na ngabháltas sin mar an gcéanna le haghaidh na n-iniúchóireachtaí uile ina dhiaidh sin.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Faisnéis mhionsonraithe dá dtagraítear i bpointe 1.2. (i) áirítear forálacha chun na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a chomhlíonadh.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní dócha go mbeidh laghdú suntasach ar sholáthar inbhuanaithe na bithmhaise foraoise príomhúla atá oiriúnach le haghaidh monaraíocht táirgí adhmaid a bhfuil cumas ciorclaíochta fadtéarmaí ag gabháil leo mar thoradh ar an athrú a dhéanann an ghníomhaíocht ar an limistéar atá cumhdaithe ag an ngníomhaíocht. Féadtar na critéir sin a léiriú trí anailís ar na sochair don aeráid dá dtagraítear i bpointe (2).

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Laghdaítear úsáid lotnaidicídí agus táthar i bhfabhar cur chuige nó teicnící malartacha, a bhféadfadh roghanna malartacha neamhcheimiceacha ar lotnaidicídí a bheith san áireamh leo, i gcomhréir le Treoir 2009/128/CE, cé is moite de na hócáidí sin inar gá lotnaidicídí a úsáid chun ráigeanna lotnaidí agus galar a rialú.

Íoslaghdaíodh an úsáid a bhaintear as leasacháin leis an ngníomhaíocht agus ní úsáidtear aoileach inti. Comhlíonann an ghníomhaíocht Rialachán (AE) 2019/1009 nó na dlíthe náisiúnta maidir le leasacháin nó feabhsaitheoirí ithreach le haghaidh úsáid talmhaíochta.

Glactar le bearta a dhéantar a dhoiciméadú agus a fhíordheimhniú go maith chun go seachnófar úsáid comhábhar gníomhach a liostaítear in Iarscríbhinn I, cuid A, de Rialachán (AE) 2019/1021 (12), i gCoinbhinsiún Rotterdam maidir leis an nós imeachta um thoiliú eolach roimh ré le haghaidh ceimiceáin agus lotnaidicídí guaiseacha áirithe i dtrádáil idirnáisiúnta, i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair, i bPrótacal Montréal maidir le Substaintí lena nÍdítear an Ciseal Ózóin, chun úsáid comhábhar gníomhach a sheachaint a liostaítear mar Aicme Ia (‘fíorghuaiseach’) nó Aicme Ib (‘thar a bheith guaiseach’) san Aicmiú Lotnaidicídí faoi Ghuais arna Mholadh ag EDS (13). Comhlíontar an dlí náisiúnta maidir le comhábhair ghníomhacha leis an ngníomhaíocht.

Seachnaítear truailliú uisce agus ithreach agus glactar bearta glantacháin nuair a tharlaíonn an truailliú.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

I limistéir arna n-ainmniú ag an údarás náisiúnta inniúil don chaomhnú nó i ngnáthóga atá faoi chosaint, tá an ghníomhaíocht i gcomhréir le cuspóirí caomhnaithe na limistéar sin.

Níl aon athrú ar ghnáthóga atá íogair go sonrach do chaillteanas bithéagsúlachta nó a bhfuil ardluach caomhnaithe acu, nó ar limistéir atá curtha ar leataobh le haghaidh athchóiriú ar ghnáthóga den sórt sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Áirítear leis an bhfaisnéis mhionsonraithe dá dtagraítear i bpointe 1.2(i) forálacha maidir leis an mbithéagsúlacht a chothabháil agus a fheabhsú b’fhéidir i gcomhréir le forálacha náisiúnta agus áitiúla, lena n-áirítear an méid a leanas:

(a)  dea-stádas caomhnaithe na ngnáthóg agus na speiceas a áirithiú, gnáthspeicis gnáthóige a chothabháil;

(b)  úsáid nó scaoileadh speiceas coimhthíoch ionrach a eisiamh;

(c)  úsáid speiceas neamhdhúchasach a eisiamh murar féidir an méid a leanas a léiriú:

(i)  go mbíonn dálaí éiceachórais fabhracha iomchuí (amhail aeráid, critéir ithreach, agus crios fásra, athléimneacht dóiteáin foraoise) mar thoradh ar úsáid an ábhair atáirgthe foraoisí;

(ii)  nach bhfuil na speicis dhúchasacha atá ar an suíomh faoi láthair oiriúnaithe níos mó do dhálaí réamh-mheasta aeráide agus peidihidreolaíocha;

(d)  a áirithiú go ndéantar cáilíocht fhisiceach, cheimiceach agus bhitheolaíoch na hithreach a chothabháil agus a fheabhsú;

(e)  cleachtais atá neamhdhíobhálach don bhithéagsúlacht lena bhfeabhsaítear próisis nádúrtha foraoisí a chur chun cinn;

(f)  go n-eisiatar athrú ar éiceachórais ard-bhithéagsúlachta go héiceachórais nach bhfuil chomh bithéagsúil céanna;

(g)  go n-áirithítear éagsúlacht na ngnáthóg agus na speiceas gaolmhara a bhfuil nasc acu leis an bhforaois;

(h)  go n-áirithítear éagsúlacht na struchtúr clampa agus cothabháil nó feabhsú na gclampaí aibí agus adhmaid mhairbh.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Limistéar foraoise a bhfuil plean bainistíochta doiciméadaithe fadtéarmach (10 mbliana nó níos mó) ann ina leith, plean atá dírithe ar spriocanna bainistíochta sainmhínithe, agus a athbhreithnítear go tréimhsiúil.

Measúnú Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

(7)   

Lena n-áirítear anailís ar (i) inbhuanaitheacht fhadtéarmach na hacmhainne adhmaid (ii) tionchair/brúnna ar chaomhnú gnáthóige, éagsúlacht na ngnáthóg gaolmhar agus coinníoll lománaithe lena n-íoslaghdaítear tionchair ar an ithir.

(8)   

Maoirseacht agus úsáid a bhaint as foraoisí agus as tailte foraoise ar bhealach, agus ar ráta, lena gcoinnítear a mbithéagsúlacht, a dtáirgiúlacht, a gcumas athghiniúna, a mbeogacht agus a gcumas chun feidhmeanna ábhartha éiceolaíocha, eacnamaíocha agus sóisialta a chomhlíonadh, anois agus amach anseo, ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal domhanda, agus nach bhfágtar dá mbarr go ndéantar damáiste d'éiceachórais eile.

Rún H1 Treoirlínte Ginearálta maidir le Bainistíocht Inbhuanaithe ar Fhoraoisí san Eoraip An Dara Comhdháil Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip (Eoraip na bhForaoisí), 16-17 Meitheamh 1993, Heilsincí na Fionlainne (leagan an 4.6.2021: https://www.foresteurope.org/docs/MC/MC_helsinki_resolutionH1.pdf).

(9)   

Iarscríbhinn 2 de Rún L2. Treoirlínte Uile-Eorpacha ar Leibhéal Oibríochta le haghaidh Bainistíocht Inbhuanaithe Foraoisí. An Tríú Comhdháil Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip, 2-4 Meitheamh 1998, Liospóin na Portaingéile (leagan an 4.6.2021:

https://foresteurope.org/wp-content/uploads/2016/10/MC_lisbon_resolutionL2_with_annexes.pdf#page=18).

(10)   

Ciallaíonn talamh a bhfuil ardstoc carbóin aige bogaigh, lena n-áirítear tailte móna, agus limistéir atá faoi fhoraois leanúnach de réir bhrí Airteagal 29(4)(a), (b) agus (c) de Threoir (AE) 2018/2001.

(11)   

Ciallaíonn ‘limistéar foinsithe’ an limistéar, arna shainiú go geografach, as a bhfaightear an bunábhar bithmhaise foraoise, as a bhfuil faisnéis iontaofa agus neamhspleách ar fáil, agus ina bhfuil na dálaí sách aonfhoirmeach le gur féidir measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le saintréithe inbhuanaitheachta agus dlíthiúlachta na bithmhaise foraoise.

(12)   

Lena gcuirtear Coinbhinsiún Stócólm maidir le truailleáin orgánacha leanúnacha (IO L 209, 31.7.2006, lch. 3.) chun feidhme san Aontas.

(13)   

Aicmiú Lotnaidicídí faoi Ghuais arna Mholadh ag EDS (leagan 2019) (leagan an 4.6.2021: https://apps.who.int/iris/bitstream/handle/10665/332193/9789240005662-eng.pdf?ua=1).

1.4.    Foraoiseacht caomhantais

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Cumhdaíonn an ghníomhaíocht gníomhaíochtaí bainistíochta foraoise a bhfuil de chuspóir leo gnáthóg nó speiceas amháin nó níos mó a chaomhnú. Toimhdítear leis an bhforaoiseacht caomhantais nach mbeidh athrú sa chatagóir úsáide talún agus tarlaíonn sé ar thalamh atá ag teacht leis an sainmhíniú ar fhoraois mar a leagtar amach sa dlí náisiúnta, nó i gcás nach bhfuil sé sin ar fáil, tá sé i gcomhréir le sainmhíniú FAO ar fhoraois ( 77 ).

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE A2 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006. Tá na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo teoranta do NACE II 02.10, i.e. foraoiseolaíocht agus gníomhaíochtaí foraoiseachta eile, 02.20, i.e. lománaíocht, 02.30, i.e. bailiú táirgí foraoise fiáine neamhadhmaid atá ag fás agus 02.40, i.e. seirbhísí tacaíochta le haghaidh na foraoiseachta.

I gcás ina gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo na critéir rannchuidithe shubstaintiúla a shonraítear i bpointe 5, is gníomhaíocht chumasúcháin í an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

5.  Ionas go mbreithneofar gníomhaíocht mar ghníomhaíocht chumasúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852, léiríonn an t-oibreoir eacnamaíoch, trí mheasúnú ar rioscaí aeráide reatha agus amach anseo, lena n-áirítear neamhchinnteacht agus bunaithe ar shonraí láidre, go soláthraíonn an ghníomhaíocht teicneolaíocht, táirge, seirbhís, faisnéis, nó cleachtas, nó go gcuireann sí a gcuid úsáidí chun cinn le ceann de na príomhchuspóirí seo a leanas:

(a)  leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile a mhéadú; nó

(b)  rannchuidiú le hiarrachtaí oiriúnaithe daoine eile, an dúlra, na hoidhreachta cultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

1.  Plean bainistíochta foraoisí nó ionstraim choibhéiseach

1.1.  Tarlaíonn an ghníomhaíocht ar limistéar atá faoi réir plean bainistíochta foraoise nó ionstraim choibhéiseach, de réir mar a leagtar amach sa dlí náisiúnta nó, nuair nach bhfuil plean bainistíochta foraoise sainmhínithe i rialachán náisiúnta, dá dtagraítear i sainmhíniú EBT ar ‘limistéar foraoise lena mbaineann plean bainistíochta foraoise fadtéarmach’ (6).

Leis an bplean bainistíochta foraoisí nó leis an ionstraim choibhéiseach cumhdaítear tréimhse 10 mbliana nó níos mó agus déantar é a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach.

1.2.  Soláthraítear faisnéis ar na pointí seo a leanas nach bhfuil doiciméadaithe cheana féin sa phlean bainistíochta foraoisí nó sa chóras coibhéiseach:

(a)  spriocanna bainistíochta, lena n-áirítear srianta móra;

(b)  straitéisí agus gníomhaíochtaí ginearálta atá beartaithe chun na spriocanna bainistíochta a bhaint amach, lena n-áirítear oibríochtaí ionchasacha thar an timthriall iomlán foraoise;

(c)  sainmhíniú ar chomhthéacs na gnáthóige foraoise, príomhspeicis crainn foraoise atá ann cheana agus atá beartaithe don ghnáthóg, a bhfairsinge agus a ndáileadh, i gcomhréir le comhthéacs áitiúil éiceachórais na foraoise;

(d)  sainmhíniú ar an limistéar de réir a fhoilsithe i gclárlann na talún;

(e)  urranna, bóithre, cearta slí agus rochtain eile phoiblí, gnéithe fisiceacha lena n-áirítear uiscebhealaí, limistéir atá faoi shrianta dlí nó faoi shrianta eile;

(f)  bearta a ghlactar chun dea-riocht na n-éiceachóras foraoise a chothabháil;

(g)  breithniú ar shaincheisteanna sóisialta (lena n-áirítear caomhnú an tírdhreacha, comhairliúchán le páirtithe leasmhara i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta);

(h)  rioscaí a bhaineann le foraoisí a mheasúnú, lena n-áirítear dóiteáin foraoise, agus lotnaidí agus ráigeanna galar, agus é d’aidhm leis na rioscaí a chosc, a laghdú agus a rialú agus na bearta a chuirtear i bhfeidhm chun cosaint ar rioscaí iarmharacha a áirithiú.

(i)  tá gach DNSH ábhartha don bhainistíocht foraoisí.

1.3.  Sa phlean bainistíochta foraoisí nó san ionstraim choibhéiseach:

(a)  léirítear bunchuspóir ainmnithe bainistíochta (7) a bhfuil cosaint na hithreach nó an uisce (8), caomhnú na bithéagsúlachta (9) nó seirbhísí sóisialta (10) atá bunaithe ar sainmhínithe FAO i gceist leis;

(b)  lena gcuirtear cleachtais atá neamhdhíobhálach don bhithéagsúlacht agus lena bhfeabhsaítear próisis nádúrtha foraoisí chun cinn;

(c)  tá anailís ar an méid a leanas san áireamh:

(i)  tionchair agus brúnna ar chaomhnú gnáthóige agus ar éagsúlacht na ngnáthóg ghaolmhar;

(ii)  coinníoll lománaithe lena n-íoslaghdaítear tionchair ar an ithir;

(iii)  gníomhaíochtaí eile a mbíonn tionchar acu ar chuspóirí caomhnaithe, amhail fiach agus iascaireacht, gníomhaíochtaí talmhaíochta, féaraigh agus foraoiseachta, gníomhaíochtaí tionsclaíocha, mianadóireachta agus tráchtála.

1.4.  Áirithítear inbhuanaitheacht an chórais bainistíochta foraoisí, mar a dhoiciméadaítear sa phlean dá dtagraítear i bpointe 1.1, ach ceann de na cuir chuige is uaillmhianaí díobh seo a leanas a roghnú:

(a)  tá an plean bainistíochta foraoisí ag teacht leis an sainmhíniú náisiúnta maidir le bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí, más ann dó;

(b)  tá an bhainistíocht foraoisí ag teacht leis an sainmhíniú atá ag an gComhdháil Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip (11) ar bhainistíocht foraoise inbhuanaithe agus comhlíonann sé na Treoirlínte Uile-Eorpacha ar Leibhéal Oibríochta do Bhainistíocht Inbhuanaithe ar Fhoraoisí (12)

(c)  léiríonn an córas bainistíochta atá i bhfeidhm comhlíontacht na gcritéar inbhuanaitheachta foraoise mar a shainmhínítear in Airteagal 29(6) de Threoir (AE) 2018/2001, agus amhail dáta a chur i bhfeidhm leis an ngníomh cur chun feidhme maidir le treoraíocht oibríochtúil don fhuinneamh ó bhithmhais foraoise arna ghlacadh faoi Airteagal 29(8) den Treoir sin.

1.5.  Ní bhaineann an ghníomhaíocht le díghrádú na talún ag a bhfuil ardstoc carbóin (13).

1.6.  Comhlíonann an córas bainistíochta atá bainteach leis an ngníomhaíocht atá i bhfeidhm an oibleagáid díchill chuí agus na ceanglais dlíthiúlachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 995/2010.

1.7.  Sa phlean bainistíochta foraoise nó san ionstraim choibhéiseach déantar foráil d’fhaireachán lena n-áirithítear cruinneas na faisnéise sa phlean, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na sonraí a bhaineann leis an limistéar atá i gceist.

2.  Iniúchóireacht

Laistigh de 2 bhliain ó thús na gníomhaíochta agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin, déanann ceachtar díobh seo a leanas comhlíontacht na gníomhaíochta leis an rannchuidiú substaintiúil leis na critéir um maolú ar an athrú aeráide agus le critéir DNSH a fhíorú:

(a)  na húdaráis náisiúnta inniúla ábhartha;

(b)  deimhnitheoir tríú páirtí neamhspleách, ar iarratas ó údaráis náisiúnta nó ó oibreoir na gníomhaíochta.

D’fhonn costais a laghdú, féadfar iniúchóireachtaí a dhéanamh i gcomhar le haon deimhniú foraoise, deimhniú aeráide nó iniúchóireacht eile.

Ní bheidh aon choinbhleacht leasa ag an deimhnitheoir neamhspleách tríú páirtí leis an úinéir ná leis an maoinitheoir, agus ní bheidh baint aige le forbairt ná le hoibríocht na gníomhaíochta.

3.  Measúnú grúpa

Féadfar comhlíontacht leis na critéir DNSH a sheiceáil:

(a)  ar leibhéal an limistéir foinsithe foraoise (14) mar a shainmhínítear le Treoir (AE) 2018/2001;

(b)  ar leibhéal grúpa gabháltas atá sách aonfhoirmeach le gur féidir measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le hinbhuanaitheacht na gníomhaíochta foraoise, ar choinníoll go bhfuil caidreamh buanfasach ag na gabháltais sin go léir eatarthu agus go bhfuil siad rannpháirteach sa ghníomhaíocht agus go mbeidh grúpa na ngabháltas sin mar an gcéanna le haghaidh na n-iniúchóireachtaí uile ina dhiaidh sin.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Faisnéis mhionsonraithe dá dtagraítear i bpointe 1.2. (i) áirítear forálacha chun na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a chomhlíonadh.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní dócha go mbeidh laghdú suntasach ar sholáthar inbhuanaithe na bithmhaise foraoise príomhúla atá oiriúnach le haghaidh monaraíocht táirgí adhmaid a bhfuil cumas ciorclaíochta fadtéarmaí ag gabháil leo mar thoradh ar an athrú a dhéanann an ghníomhaíocht ar an limistéar atá cumhdaithe ag an ngníomhaíocht. Féadtar na critéir sin a léiriú trí anailís ar na sochair don aeráid dá dtagraítear i bpointe (2).

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní úsáideann an ghníomhaíocht lotnaidicídí ná leasacháin.

Glactar le bearta a dhéantar a dhoiciméadú agus a fhíordheimhniú go maith chun go seachnófar úsáid comhábhar gníomhach a liostaítear in Iarscríbhinn I, cuid A, de Rialachán (AE) 2019/1021 (15), i gCoinbhinsiún Rotterdam maidir leis an nós imeachta um thoiliú eolach roimh ré le haghaidh ceimiceáin agus lotnaidicídí guaiseacha áirithe i dtrádáil idirnáisiúnta, i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair, i bPrótacal Montréal maidir le Substaintí lena nÍdítear an Ciseal Ózóin, chun úsáid comhábhar gníomhach a sheachaint a liostaítear mar Aicme Ia (‘fíorghuaiseach’) nó Aicme Ib (‘thar a bheith guaiseach’) san Aicmiú Lotnaidicídí faoi Ghuais arna Mholadh ag EDS (16). Comhlíontar an dlí náisiúnta maidir le comhábhair ghníomhacha leis an ngníomhaíocht.

Seachnaítear truailliú uisce agus ithreach agus glactar bearta glantacháin nuair a tharlaíonn an truailliú.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

I limistéir arna n-ainmniú ag an údarás náisiúnta inniúil don chaomhnú nó i ngnáthóga atá faoi chosaint, tá an ghníomhaíocht i gcomhréir le cuspóirí caomhnaithe na limistéar sin.

Níl aon athrú ar ghnáthóga atá íogair go sonrach do chaillteanas bithéagsúlachta nó a bhfuil ardluach caomhnaithe acu, nó ar limistéir atá curtha ar leataobh le haghaidh athchóiriú ar ghnáthóga den sórt sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Áirítear leis an bhfaisnéis mhionsonraithe dá dtagraítear i bpointe 1.2(i) forálacha maidir leis an mbithéagsúlacht a chothabháil agus a fheabhsú b’fhéidir i gcomhréir le forálacha náisiúnta agus áitiúla, lena n-áirítear an méid a leanas:

(a)  dea-stádas caomhnaithe na ngnáthóg agus na speiceas a áirithiú, gnáthspeicis gnáthóige a chothabháil;

(b)  úsáid nó scaoileadh speiceas coimhthíoch ionrach a eisiamh;

(c)  úsáid speiceas neamhdhúchasach a eisiamh murar féidir an méid a leanas a léiriú:

(i)  go mbíonn dálaí éiceachórais fabhracha iomchuí (amhail aeráid, critéir ithreach, agus crios fásra, athléimneacht dóiteáin foraoise) mar thoradh ar úsáid an ábhair atáirgthe foraoisí;

(ii)  nach bhfuil na speicis dhúchasacha atá ar an suíomh faoi láthair oiriúnaithe níos mó do dhálaí réamh-mheasta aeráide agus peidihidreolaíocha;

(d)  a áirithiú go ndéantar cáilíocht fhisiceach, cheimiceach agus bhitheolaíoch na hithreach a chothabháil agus a fheabhsú;

(e)  cleachtais atá neamhdhíobhálach don bhithéagsúlacht lena bhfeabhsaítear próisis nádúrtha foraoisí a chur chun cinn;

(f)  go n-eisiatar athrú ar éiceachórais ard-bhithéagsúlachta go héiceachórais nach bhfuil chomh bithéagsúil céanna;

(g)  go n-áirithítear éagsúlacht na ngnáthóg agus na speiceas gaolmhara a bhfuil nasc acu leis an bhforaois;

(h)  go n-áirithítear éagsúlacht na struchtúr clampa agus cothabháil nó feabhsú na gclampaí aibí agus adhmaid mhairbh.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Limistéar foraoise a bhfuil plean bainistíochta doiciméadaithe fadtéarmach (10 mbliana nó níos mó) ann ina leith, plean atá dírithe ar spriocanna bainistíochta sainmhínithe, agus a athbhreithnítear go tréimhsiúil, Measúnú Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

(7)   

An bunchuspóir ainmnithe bainistíochta a shanntar ar aonad bainistíochta (Measúnú Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

(8)   

Foraois ina bhfuil cosaint na hithreach agus an uisce mar an cuspóir bainistíochta. (Measúnú Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

(9)   

Foraois ina bhfuil caomhnú na héagsúlachta bitheolaíche mar an cuspóir bainistíochta. Áirítear leis ach níl sé teoranta do limistéir arna n-ainmniú don chaomhnú bithéagsúlachta laistigh de na limistéir faoi chosaint. (Measúnú Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

(10)   

Foraois ina bhfuil seirbhísí sóisialta mar an cuspóir bainistíochta. (Measúnú Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

(11)   

Maoirseacht agus úsáid a bhaint as foraoisí agus as tailte foraoise ar bhealach, agus ar ráta, lena gcoinnítear a mbithéagsúlacht, a dtáirgiúlacht, a gcumas athghiniúna, a mbeogacht agus a gcumas chun feidhmeanna ábhartha éiceolaíocha, eacnamaíocha agus sóisialta a chomhlíonadh, anois agus amach anseo, ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal domhanda, agus nach bhfágtar dá mbarr go ndéantar damáiste d'éiceachórais eile.

Rún H1 Treoirlínte Ginearálta maidir le Bainistíocht Inbhuanaithe ar Fhoraoisí san Eoraip An Dara Comhdháil Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip (Eoraip na bhForaoisí), 16-17 Meitheamh 1993, Heilsincí na Fionlainne (leagan an 4.6.2021: https://www.foresteurope.org/docs/MC/MC_helsinki_resolutionH1.pdf).

(12)   

Iarscríbhinn 2 de Rún L2. Treoirlínte Uile-Eorpacha ar Leibhéal Oibríochta le haghaidh Bainistíocht Inbhuanaithe Foraoisí. An Tríú Comhdháil Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip, 2-4 Meitheamh 1998, Liospóin na Portaingéile (leagan an 4.6.2021: https://foresteurope.org/wp-content/uploads/2016/10/MC_lisbon_resolutionL2_with_annexes.pdf#page=18).

(13)   

Ciallaíonn talamh a bhfuil ardstoc carbóin aige bogaigh, lena n-áirítear tailte móna, agus limistéir atá faoi fhoraois leanúnach de réir bhrí Airteagal 29(4)(a), (b) agus (c) de Threoir (AE) 2018/2001.

(14)   

Ciallaíonn ‘limistéar foinsithe’ an limistéar, arna shainiú go geografach, as a bhfaightear an bunábhar bithmhaise foraoise, as a bhfuil faisnéis iontaofa agus neamhspleách ar fáil, agus ina bhfuil na dálaí sách aonfhoirmeach le gur féidir measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le saintréithe inbhuanaitheachta agus dlíthiúlachta na bithmhaise foraoise.

(15)   

Lena gcuirtear Coinbhinsiún Stócólm maidir le truailleáin orgánacha leanúnacha (IO L 209, 31.7.2006, lch. 3.) chun feidhme san Aontas.

(16)   

Aicmiú Lotnaidicídí faoi Ghuais arna Mholadh ag EDS (leagan 2019) (leagan an 4.6.2021: https://apps.who.int/iris/bitstream/handle/10665/332193/9789240005662-eng.pdf?ua=1).

2.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ COSANTA AGUS ATHCHÓIRITHE AN CHOMHSHAOIL

2.1.    Athchóiriú bogach

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Tagraíonn athchóiriú bogach do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha lena moltar filleadh ar choinníollacha bunaidh bogach agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha lena bhfeabhsaítear feidhmeanna bogaigh gan gá moladh go bhfillfí ar choinníollacha roimh shuaitheadh, agus an chiall a bheith le bogaigh talamh atá ag teacht leis an sainmhíniú idirnáisiúnta ar bhogach ( 78 ) nó ar thailte móna ( 79 ) mar a leagtar amach i gCoinbhinsiún Ramsar um Bogaigh a bhfuil Tábhacht Idirnáisiúnta ag baint leo go háirithe mar Ghnáthóg d’Éin Uisce (Coinbhinsiún Ramsar) ( 80 ). Tá an limistéar lena mbaineann ag teacht le sainmhíniú an Aontais ar bhogaigh, mar a fhoráiltear i dTeachtaireacht ón gCoimisiún faoi úsáid stuama agus caomhnú bogach ( 81 ).

Níl cód tiomnaithe NACE ag na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo dá dtagraítear san aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006, ach baineann sé le haicme 6 d’aicmiú staidrimh na ngníomhaíochtaí um chosaint an chomhshaoil (CEPA) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 691/2011.

I gcás ina gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo na critéir rannchuidithe shubstaintiúla a shonraítear i bpointe 5, is gníomhaíocht chumasúcháin í an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

5.  Ionas go mbreithneofar gníomhaíocht mar ghníomhaíocht chumasúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852, léiríonn an t-oibreoir eacnamaíoch, trí mheasúnú ar rioscaí aeráide reatha agus amach anseo, lena n-áirítear neamhchinnteacht agus bunaithe ar shonraí láidre, go soláthraíonn an ghníomhaíocht teicneolaíocht, táirge, seirbhís, faisnéis, nó cleachtas, nó go gcuireann sí a gcuid úsáidí chun cinn le ceann de na príomhchuspóirí seo a leanas:

(a)  leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile a mhéadú;

(b)  rannchuidiú le hiarrachtaí oiriúnaithe daoine eile, an dúlra, na hoidhreachta cultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

1.  Plean athchóirithe

1.1.  Tá an limistéar cumhdaithe ag plean athchóirithe, atá comhsheasmhach le prionsabail agus treoirlínte Choimisiún Ramsar maidir le hathchóiriú bogach, go dtí go n-aicmítear an limistéar mar bhogach agus go gcumhdaítear é ag plean bainistíochta bogach, atá comhsheasmhach le treoirlínte Choinbhinsiún Ramsar maidir le pleanáil bainistíochta le haghaidh shuíomhanna Ramsar agus bogaigh eile. I gcás tailte móna, leanann an plean athchóirithe na moltaí atá sna rúin ábhartha de Choinbhinsiún Ramsar, lena n-áirítear rún XIII/13.

1.2.  Déantar breithniú cúramach sa phlean athchóirithe ar dhálaí áitiúla hidreolaíocha agus peideolaíocha, lena n-áirítear dinimic an tsáithiúcháin ithreach agus an t-athrú ar thosca aeróbacha agus anaeróbacha.

1.3.  Dírítear ar na critéir bainistíochta bogach ábhartha DNSH ar fad sa phlean athchóirithe.

1.4.  Déantar foráil sa phlean athchóirithe d’fhaireachán lena n-áirithítear cruinneas na faisnéise atá sa phlean, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na sonraí a bhaineann leis an limistéar atá i gceist.

2.  Iniúchóireacht

Laistigh de 2 bhliain ó thús na gníomhaíochta agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin, déanann ceachtar díobh seo a leanas comhlíontacht na gníomhaíochta leis an rannchuidiú substaintiúil leis na critéir um maolú ar an athrú aeráide agus leis na critéir DNSH a fhíorú:

(a)  na húdaráis náisiúnta inniúla ábhartha;

(b)  deimhnitheoir tríú páirtí neamhspleách, ar iarratas ó údaráis náisiúnta nó ó oibreoir na gníomhaíochta.

D’fhonn costais a laghdú, féadfar iniúchóireachtaí a dhéanamh i gcomhar le haon deimhniú foraoise, deimhniú aeráide nó iniúchóireacht eile.

Ní bheidh aon choinbhleacht leasa ag an deimhnitheoir neamhspleách tríú páirtí leis an úinéir ná leis an maoinitheoir, agus ní bheidh baint aige le forbairt ná le hoibríocht na gníomhaíochta.

Measúnú grúpa

Féadfar comhlíontacht leis na critéir DNSH a sheiceáil ar leibhéal grúpa gabháltas atá sách aonfhoirmeach le gur féidir measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le hinbhuanaitheacht na gníomhaíochta foraoise, ar choinníoll go bhfuil caidreamh buanfasach ag na gabháltais sin go léir eatarthu agus go bhfuil siad rannpháirteach sa ghníomhaíocht agus go mbeidh grúpa na ngabháltas sin mar an gcéanna le haghaidh na n-iniúchóireachtaí uile ina dhiaidh sin.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Íoslaghdaítear baint móna.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Íoslaghdaítear úsáid lotnaidicídí agus táthar i bhfabhar cuir chuige nó teicnící malartacha, a bhféadfadh roghanna malartacha neamhcheimiceacha ar lotnaidicídí a bheith san áireamh leo, i gcomhréir le Treoir 2009/128/CE, cé is moite de na hócáidí sin inar gá lotnaidicídí a úsáid chun ráigeanna lotnaidí agus galar a rialú.

Íoslaghdaítear an úsáid a bhaintear as leasacháin leis an ngníomhaíocht agus ní úsáidtear aoileach inti. Comhlíonann an ghníomhaíocht Rialachán (AE) 2019/1009 nó na dlíthe náisiúnta maidir le leasacháin nó feabhsaitheoirí ithreach le haghaidh úsáid talmhaíochta.

Glactar le bearta a dhéantar a dhoiciméadú agus a fhíordheimhniú go maith chun go seachnófar úsáid comhábhar gníomhach a liostaítear in Iarscríbhinn I, cuid A, de Rialachán (AE) 2019/1021 (6), i gCoinbhinsiún Rotterdam maidir leis an nós imeachta um thoiliú eolach roimh ré le haghaidh ceimiceáin agus lotnaidicídí guaiseacha áirithe i dtrádáil idirnáisiúnta, i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair, i bPrótacal Montréal maidir le Substaintí lena nÍdítear an Ciseal Ózóin, chun úsáid comhábhar gníomhach a sheachaint a liostaítear mar Aicme Ia (‘fíorghuaiseach’) nó Aicme Ib (‘thar a bheith guaiseach’) san Aicmiú Lotnaidicídí faoi Ghuais arna mholadh ag EDS (7). Comhlíontar an dlí náisiúnta maidir le comhábhair ghníomhacha leis an ngníomhaíocht.

Seachnaítear truailliú uisce agus ithreach agus glactar bearta glantacháin nuair a tharlaíonn an truailliú.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

I limistéir arna n-ainmniú ag an údarás náisiúnta inniúil don chaomhnú nó i ngnáthóga atá faoi chosaint, tá an ghníomhaíocht i gcomhréir le cuspóirí caomhnaithe na limistéar sin.

Níl aon athrú ar ghnáthóga atá íogair go sonrach do chaillteanas bithéagsúlachta nó a bhfuil ardluach caomhnaithe acu, nó ar limistéir atá curtha ar leataobh le haghaidh athchóiriú ar ghnáthóga den sórt sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Áirítear leis an bplean dá dtagraítear i bpointe 1 (Plean Athchóirithe) den Roinn seo forálacha maidir leis an mbithéagsúlacht a chothabháil agus a fheabhsú b’fhéidir i gcomhréir le forálacha náisiúnta agus áitiúla, lena n-áirítear an méid a leanas:

(a)  dea-stádas caomhnaithe na ngnáthóg agus na speiceas a áirithiú, gnáthspeicis gnáthóige a chothabháil;

(b)  úsáid nó scaoileadh speiceas ionrach a eisiamh.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Lena gcuirtear Coinbhinsiún Stócólm maidir le truailleáin orgánacha leanúnacha (IO L 209, 31.7.2006, lch. 3.) chun feidhme san Aontas.

(7)   

Aicmiú Lotnaidicídí faoi Ghuais arna Mholadh ag EDS (leagan 2019) (leagan an 4.6.2021: https://apps.who.int/iris/bitstream/handle/10665/332193/9789240005662-eng.pdf?ua=1).

3.   MONARAÍOCHT

3.1.    Teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a mhonarú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a mhonarú i gcás ina bhfuil fuinneamh in-athnuaite mar atá sainithe in Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2018/2001.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe C25, C27, C28 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déanann an ghníomhaíocht infhaighteacht teicnící a mheasúnú agus, i gcás inarb indéanta, na teicnící sin a ghlacadh chun tacú leis an méid a leanas:

(a)  amhábhair thánaisteacha agus comhpháirteanna athúsáidte a athúsáid agus a úsáid sna táirgí a mhonaraítear;

(b)  dearadh don ardmharthanacht, in-athchúrsáilteacht, díchóimeáil éasca agus don inoiriúnaitheacht sna táirgí a mhonaraítear;

(c)  bainistíocht dramhaíola lena dtugtar tosaíocht don athchúrsáil in áit na diúscartha sa phróiseas monaraíochta;

(d)  faisnéis maidir le substaintí arb údar mór imní iad agus na substaintí sin a rianú ar feadh shaolré na dtáirgí monaraithe

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

3.2.    Trealamh a mhonarú chun hidrigin a tháirgeadh agus a úsáid

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Trealamh a mhonarú chun hidrigin a tháirgeadh agus a úsáid, i gcás ina gcomhlíonann an hidrigin dá ndéantar an trealamh sin a mhonarú an ceanglas maidir le laghdú 73,4 % ar astaíochtaí saolré GCT [a mbíonn astaíochtaí saolré GCT níos ísle ná 3 tCO2e/tH2 mar thoradh air] agus laghdú 70 % i gcás breoslaí sintéiseacha hidrigin-bhunaithe i gcoibhneas le táirge comparáide breosla iontaise 94g CO2e/MJ i gcomparáid leis an gcur chuige a leagtar amach in Airteagal 25(2) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe C25, C27, C28 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déanann an ghníomhaíocht infhaighteacht teicnící a mheasúnú agus, i gcás inarb indéanta, na teicnící sin a ghlacadh chun tacú leis an méid a leanas:

(a)  amhábhair thánaisteacha agus comhpháirteanna athúsáidte a athúsáid agus a úsáid sna táirgí a mhonaraítear;

(b)  dearadh don ardmharthanacht, in-athchúrsáilteacht, díchóimeáil éasca agus don inoiriúnaitheacht sna táirgí a mhonaraítear;

(c)  bainistíocht dramhaíola lena dtugtar tosaíocht don athchúrsáil in áit na diúscartha sa phróiseas monaraíochta;

(d)  faisnéis maidir le substaintí arb údar mór imní iad agus na substaintí sin a rianú ar feadh shaolré na dtáirgí monaraithe.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

3.3.    Teicneolaíochtaí ísealcharbóin a mhonarú le haghaidh iompair

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Monarú, deisiú, cothabháil, iarfheistiú ( 82 ), athrú cuspóra agus uasghrádú ar fheithiclí, rothstoc agus soithí iompair ísealcharbóin, i gcás inar ceann díobh seo a leanas í an teicneolaíocht:

(a) 

traenacha, carráistí paisinéirí agus vaigíní a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 acu;

(b) 

traenacha, carráistí paisinéirí agus vaigíní a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha sceithphíopa CO2 acu nuair a oibrítear iad ar rian a bhfuil an bonneagar is gá air, agus a úsáideann gnáth-inneall i gcás nach bhfuil bonneagar den sórt sin ar fáil (mód déach);

(c) 

gairis iompair paisinéirí uirbeacha, fo-uirbeacha agus bóthair, i gcás ina bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 ag na feithiclí;

(d) 

go dtí an 31 Nollaig 2025, feithiclí atá ainmnithe mar chatagóirí M2 agus M3 ( 83 ) a bhfuil cineál cabhlach uirthi a aicmítear mar ‘CA’ (feithicil aon stóir), ‘CB’ (feithicil dhá stór), ‘CC’ (feithicil altach aon stóir) nó ‘CD’ (feithicil altach dhá stór) ( 84 ), agus a chomhlíonann an caighdeán EURO VI is déanaí, i.e. ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 595/2009 agus, ó thráth theacht i bhfeidhm na leasuithe ar an Rialachán sin, sna gníomhartha leasaithe sin, fiú sula dtagann siad chun bheith infheidhme, agus leis an gcéim is déanaí den chaighdeán Euro VI a leagtar amach i dTábla 1 d’Aguisín 9 a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 i gcás ina bhfuil na forálacha lena rialaítear an chéim sin tagtha i bhfeidhm ach nach bhfuil siad infheidhme go fóill maidir leis an gcineál seo feithicle ( 85 ). I gcás nach bhfuil caighdeán den sórt sin ar fáil, is ionann astaíochtaí díreacha CO2 na bhfeithiclí agus nialas;

(e) 

gairis ghluaiseachta pearsanta a bhfuil tiomáint acu a thagann ó ghníomhaíocht choirp an úsáideora, ó mhótar astaíochtaí nialasacha, nó ó mheascán de mhótar astaíochtaí nialasacha agus de ghníomhaíocht choirp;

(f) 

feithiclí i gcatagóir M1 agus N1 a aicmítear mar fheithiclí saothair éadroim ( 86 ) le:

(i) 

go dtí an 31 Nollaig 2025, astaíochtaí sonracha CO2, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (h), de Rialachán (AE) 2019/631, níos ísle ná 50 gCO2/km (feithiclí saothair éadroim le hastaíochtaí ísle nó saor ó astaíochtaí);

(ii) 

ón 1 Eanáir 2026: tá na hastaíochtaí sonracha CO2, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (h), de Rialachán (AE) 2019/631, nialasach;

(g) 

feithiclí de chatagóir L ( 87 ) lena mbaineann astaíochtaí sceithphíopa CO2 comhionann le 0 gCO2e/km arna ríomh i gcomhréir leis an tástáil astaíochtaí a leagtar síos i Rialachán (AE) 168/2013;

(h) 

feithiclí i gcatagóir N2 agus N3, agus N1 a aicmítear mar fheithiclí tromshaothair, nach bhfuil tiomnaithe do bhreoslaí iontaise a iompar lena mbaineann mais luchtaithe atá ceadaithe go teicniúil nach mó ná 7,5 tona atá ina ‘bhfeithiclí tromshaothair atá saor ó astaíochtaí’ mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2019/1242;

(i) 

feithiclí i gcatagóir N2 agus N3 nach bhfuil tiomnaithe do bhreoslaí iontaise a iompar lena mbaineann mais luchtaithe atá ceadaithe go teicniúil níos mó ná 7,5 tona atá ina ‘bhfeithiclí tromshaothair atá saor ó astaíochtaí’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (11), de Rialachán (AE) 2019/1242 nó ‘feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (12) den Rialachán sin;

(j) 

soithí iompair uisce paisinéirí intíre:

(i) 

a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 acu;

(ii) 

go dtí an 31 Nollaig 2025, ar soithí hibrideacha nó débhreosla iad a úsáideann 50 % ar a laghad dá gcuid fuinnimh ó bhreoslaí nó de chumhacht inluchtaithe astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 dá ngnáthoibríocht;

(k) 

soithí iompair uisce lasta intíre, nach bhfuil tiomnaithe do bhreoslaí iontaise a iompar:

(i) 

a bhfuil astaíocht nialasach dhíreach (sceithphíopa) CO2 acu;

(ii) 

go dtí an 31 Nollaig 2025, beidh astaíochtaí díreacha (sceithphíopa) CO2 in aghaidh an chiliméadair tona (gCO2/tkm) acu, arna ríomh (nó arna meas i gcás soithí nua) agus an Táscaire Oibríochtúil Éifeachtúlachta Fuinnimh á úsáid ( 88 ), atá 50 % níos ísle ná an meánluach tagartha le haghaidh astaíochtaí CO2 a shainmhínítear d’fheithiclí tromshaothair (foghrúpa feithiclí 5-LH) i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/1242;

(l) 

soithí iompair uisce lasta mara agus cósta, soithí le haghaidh oibríochtaí calafoirt agus gníomhaíochtaí cúntacha, nach bhfuil tiomnaithe do bhreoslaí iontaise a iompar:

(i) 

a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 acu;

(ii) 

go dtí an 31 Nollaig 2025, ar soithí hibrideacha agus débhreosla iad a dhíorthaíonn 25 % ar a laghad dá gcuid fuinnimh ó bhreoslaí nó de chumhacht inluchtaithe astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 dá ngnáthoibríocht ar muir agus i gcalafoirt;

(iii) 

go dtí an 31 Nollaig 2025, agus sa chás amháin inar féidir a chruthú go n-úsáidtear na soithí go heisiach chun seirbhísí cósta agus gearrthurais a oibriú, a dheartar chun aistriú córa iompair lastais a chumasú a dhéantar a iompar faoi láthair ar talamh go muir, na soithí lena mbaineann astaíochtaí díreacha (sceithphíopa) CO2, arna ríomh agus Innéacs Dearaidh Éifeachtúlachta Fuinnimh (EEDI) de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) á úsáid ( 89 ), 50 % níos ísle ná luach na n-astaíochtaí meán-tagartha CO2 a shainmhínítear d’fheithiclí tromshaothair (foghrúpa feithiclí 5-LH) i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/1242;

(iv) 

go dtí an 31 Nollaig 2025, soithí a bhfuil luach Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh Dearaidh (EEDI) atá 10 % faoi bhun na gceanglas EEDI is infheidhme an 1 Aibreán 2022 bainte amach acu ( 90 ) más féidir na soithí a rith ar bhreoslaí astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 nó ar bhreoslaí ó fhoinsí in-athnuaite ( 91 );

(m) 

soithí iompair uisce paisinéirí mara agus cósta, nach bhfuil tiomnaithe do bhreoslaí iontaise a iompar:

(i) 

a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 acu;

(ii) 

go dtí an 31 Nollaig 2025, soithí hibrideacha agus débhreosla a dhíorthaíonn 25 % ar a laghad dá gcuid fuinnimh ó bhreoslaí nó de chumhacht inluchtaithe astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 dá ngnáthoibríocht ar muir agus i gcalafoirt;

(iii) 

go dtí an 31 Nollaig 2025, soithí a bhfuil luach Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh Dearaidh (EEDI) atá 10 % faoi bhun na gceanglas EEDI is infheidhme an 1 Aibreán 2022 bainte amach acu más féidir na soithí a rith ar bhreoslaí astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 nó ar bhreoslaí ó fhoinsí in-athnuaite ( 92 ).

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe C29.1, C30.1, C30.2, C30.9, C33.15, C33.17 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déanann an ghníomhaíocht infhaighteacht teicnící a mheasúnú agus, i gcás inarb indéanta, na teicnící sin a ghlacadh chun tacú leis an méid a leanas:

(a)  amhábhair thánaisteacha agus comhpháirteanna athúsáidte a athúsáid agus a úsáid sna táirgí a mhonaraítear;

(b)  dearadh don ardmharthanacht, in-athchúrsáilteacht, díchóimeáil éasca agus don inoiriúnaitheacht sna táirgí a mhonaraítear;

(c)  bainistíocht dramhaíola lena dtugtar tosaíocht don athchúrsáil in áit na diúscartha sa phróiseas monaraíochta;

(d)  faisnéis maidir le substaintí arb údar mór imní iad agus na substaintí sin a rianú ar feadh shaolré na dtáirgí monaraithe.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Níl luaidhe, mearcair, cróimiam heicsifhiúsach ná caidmiam i bhfeithiclí i gcomhréir le Treoir 2000/53/CE.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

3.4.    Ceallraí a mhonarú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Ceallraí inathchúrsáilte, pacaí ceallraí agus cill stórais a mhonarú i gcomhair iompair, stóráil fuinnimh fhosaithe agus lasmuigh den eangach agus feidhmchláir thionsclaíocha eile agus comhpháirteanna faoi seach a mhonarú (ábhar gníomhach i gceallraí, cealla ceallraí, cásálacha agus comhpháirteanna leictreonacha) a mbíonn laghduithe substaintiúla ar astaíochtaí GCT mar thoradh orthu in iompar, i stóráil fuinnimh fhosaithe agus lasmuigh den eangach agus feidhmchláir thionsclaíocha eile.

Athchúrsáil ceallraí deireadh ré.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le NACE C27.2 agus E38.3.2 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

I gcás monaraíocht ceallraí, comhpháirteanna agus ábhair nua, déanann an ghníomhaíocht infhaighteacht teicnící a mheasúnú agus, i gcás inarb indéanta, na teicnící sin a ghlacadh chun tacú leis an méid seo a leanas:

(a)  amhábhair thánaisteacha agus comhpháirteanna athúsáidte a athúsáid agus a úsáid sna táirgí a mhonaraítear;

(b)  dearadh don ardmharthanacht, in-athchúrsáilteacht, díchóimeáil éasca agus don inoiriúnaitheacht sna táirgí a mhonaraítear;

(c)  faisnéis maidir le substaintí arb údar mór imní iad agus na substaintí sin a rianú ar feadh shaolré na dtáirgí monaraithe.

Comhlíonann na próisis athchúrsála na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12 agus in Iarscríbhinn III, Cuid B, de Threoir 2006/66/CE, lena n-áirítear an úsáid a bhaintear as an leagan ábhartha is déanaí de na Teicnící Is Fearr atá ar Fáil, baint amach na n-éifeachtúlachtaí a shonraítear le haghaidh ceallraí luaidhe-aigéadacha, ceallraí nicil-caidmiam agus le haghaidh ceimicí eile. Áirithítear leis na próisis sin go ndéantar athchúrsáil ar an ábhar miotail chuig an gcéim is airde atá indéanta ar bhonn teicniúil agus costais iomarcacha á seachaint ag an am céanna.

I gcás inarb infheidhme, comhlíonann saoráidí a bhíonn i mbun próisis athchúrsála na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2010/75/AE.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Comhlíonann na ceallraí na rialacha inbhuanaitheachta is infheidhme maidir le ceallraí a chur ar an margadh san Aontas, lena n-áirítear srianta maidir le húsáid substaintí guaiseacha i gceallraí, lena n-áirítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus Treoir 2006/66/CE.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

3.5.    Trealamh éifeachtúlachta fuinnimh a mhonarú le haghaidh foirgneamh

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Ceann amháin nó níos mó de na táirgí trealamh éifeachtúlachta fuinnimh a leanas agus a bpríomh-chomhpháirteanna ( 93 ) a mhonarú d’fhoirgnimh:

(a) 

fuinneoga lena mbaineann U-luach níos ísle ná 1,0 W/m2K nó comhionann leis;

(b) 

doirse lena mbaineann U-luach níos ísle ná 1,2 W/m2K nó comhionann leis;

(c) 

córais ballaí seachtracha lena mbaineann U-luach níos ísle ná 0,5 W/m2K nó comhionann leis;

(d) 

córais dín lena mbaineann U-luach níos ísle ná 0,3 W/m2K nó comhionann leis;

(e) 

táirgí insliúcháin lena mbaineann luach lambda níos ísle ná 0,06 W/mK nó comhionann leis;

▼M3

(f) 

gairis tí atá faoi chuimsiú an dá aicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1369 agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Rialachán sin;

g) 

foinsí solais atá rátaithe sa dá aicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde a úsáidtear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1369 agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Rialachán sin;

h) 

córais téimh spáis agus uisce the tí atá rátaithe sa dá aicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde a úsáidtear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1369 agus gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Rialachán sin;

i) 

córais fuaraithe agus aerála atá rátaithe sa dá aicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde a úsáidtear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1369 agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Rialachán sin;

▼B

(j) 

rialtáin láithreachta agus sholas an lae le haghaidh córais soilsithe;

(k) 

teaschaidéil lena gcomhlíontar na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach i Roinn 4.16 den Iarscríbhinn seo;

(l) 

gnéithe aghaidhe agus dín a bhfuil feidhm scáthaithe gréine nó rialaithe gréine acu, lena n-áirítear na cinn sin a thacaíonn le fásra a fhás;

(m) 

córais uathoibrithe agus rialaithe foirgneamh atá tíosach ar fhuinneamh le haghaidh foirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe;

(n) 

teirmeastait agus gairis atá criosaithe chun faireachán cliste a dhéanamh ar na príomhualaí leictreachais nó lóid théite le haghaidh foirgneamh, agus trealamh braiteora;

(o) 

táirgí méadraithe téimh agus rialtáin teirmeastait le haghaidh tithe aonair a bhfuil nasc acu le córais téimh ceantair, le haghaidh árasáin aonair a bhfuil nasc acu le córais téimh lárnaigh a fhreastalaíonn ar fhoirgneamh iomlán, agus le haghaidh córais téimh lárnaigh;

(p) 

malartóirí téimh ceantair agus fostáisiúin ag comhlíonadh na gníomhaíochta téimh/fuaraithe ceantair a leagtar amach i Roinn 4.15 den Iarscríbhinn seo;

(q) 

táirge chun faireachán cliste a dhéanamh ar chóras téimh agus é a rialáil, agus trealamh braiteora.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE C16.23, C23.11, C23.20, C23.31, C23.32, C23.43, C.23.61, C25.11, C25.12, C25.21, C25.29, C25.93, C27.31, C27.32, C27.33, C27.40, C27.51, C28.11, C28.12, C28.13, C28.14, i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déanann an ghníomhaíocht infhaighteacht teicnící a mheasúnú agus, i gcás inarb indéanta, na teicnící sin a ghlacadh chun tacú leis an méid a leanas:

(a)  amhábhair thánaisteacha agus comhpháirteanna athúsáidte a athúsáid agus a úsáid sna táirgí a mhonaraítear;

(b)  dearadh don ardmharthanacht, in-athchúrsáilteacht, díchóimeáil éasca agus don inoiriúnaitheacht sna táirgí a mhonaraítear;

(c)  bainistíocht dramhaíola lena dtugtar tosaíocht don athchúrsáil in áit na diúscartha sa phróiseas monaraíochta;

(d)  faisnéis maidir le substaintí arb údar mór imní iad agus na substaintí sin a rianú ar feadh shaolré na dtáirgí monaraithe.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

3.6.    Teicneolaíochtaí ísealcharbóin eile a mhonarú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Teicneolaíochtaí a mhonarú atá dírithe ar laghduithe substaintiúla a dhéanamh ar astaíochtaí GCT in earnálacha eile den gheilleagar, i gcás nach gcumhdaítear na teicneolaíochtaí sin i Ranna 3.1 go dtí 3.5 den Iarscríbhinn seo agus i gcás ina léiríonn na teicneolaíochtaí sin coigilteas substaintiúil ar astaíochtaí saolré GCT i gcomparáid leis an teicneolaíocht/táirge/réiteach malartach is fearr feidhmíocht atá ar fáil ar an margadh, á ríomh agus Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún nó ISO 14067:2018 ( 94 ) nó ISO 14064-1:2018 ( 95 ) á n-úsáid agus nuair a dheimhníonn tríú páirtí neamhspleách an coigilteas astaíochtaí GCT saolré cainníochtaithe.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe C22, C25, C26, C27 agus C28, i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Déantar astaíochtaí gás ceaptha teasa (6) ó phróisis táirgthe stroighne:

(a)  maidir le clincear stroighne léithe, atá níos ísle ná 0,816 (7) tCO2e in aghaidh an tona de chlincear stroighne léithe;

(b)  maidir le stroighin nó ceanglóir hiodrálach eile, as clincear liath, níos ísle ná 0,530 (8) tCO2e in aghaidh an tona de stroighin nó de cheanglóir eile arna mhonarú.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) chun stroighin, aol agus ocsaíd mhaignéisiam a tháirgeadh (9). Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach (10).

Maidir le stroighin a mhonarú trí úsáid a bhaint as dramhaíl ghuaiseach mar bhreosla malartach, tá bearta ar bun chun láimhseáil shábháilte na dramhaíola a áirithiú.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Arna ríomh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/331.

(7)   

Léiriú ar mheánluach na suiteálacha in 2016 agus 2017 (coibhéisí/t t CO2) de na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún a bhunú, á chinneadh ar bhonn na faisnéise fíoraithe maidir le héifeachtúlacht gás ceaptha teasa na suiteálacha arna dtuairisciú de bhua Airteagal 11 de Threoir 2003/87/CE.

(8)   

Léiriú ar mheánluach na suiteálacha in 2016 agus 2017 (coibhéisí/t t CO2) de na sonraí a bailíodh le haghaidh clincear stroighne léithe i gcomhthéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún a bhunú, arna iolrú faoin gcóimheas clincir le stroighin (0,65), á chinneadh ar bhonn na faisnéise fíoraithe maidir le héifeachtúlacht gás ceaptha teasa na suiteálacha arna dtuairisciú de bhua Airteagal 11 de Threoir 2003/87/CE.

(9)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/163/AE ón gCoimisiún an 26 Márta 2013 lena mbunaítear conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha chun stroighin, aol agus ocsaíd mhaignéisiam a tháirgeadh (IO L 100, 9.4.2013, lch. 1).

(10)   

Féach Doiciméad Tagartha maidir leis na Teicnící is Fearr Atá ar Fáil (BREF) i ndáil le hEacnamaíocht agus Éifeachtaí Trasmheáin, (leagan an 4.6.2021: https://eippcb.jrc.ec.europa.eu/sites/default/files/2019-11/ecm_bref_0706.pdf).

3.8.    Alúmanam a mhonarú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Alúmanam a mhonarú tríd an bpróiseas alúmana phríomhúil (báicsít) nó trí athchúrsáil alúmanaim thánaistigh.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE C24.42, C24.53 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Monaraíonn an ghníomhaíocht ceann díobh seo a leanas:

(a)  alúmanam príomhúil i gcás ina gcomhlíonann an ghníomhaíocht eacnamaíoch dhá cheann de na critéir seo a leanas go dtí 2025 agus na critéir seo a leanas ar fad (6) tar éis 2025:

(i)  ní mó na hastaíochtaí GCT ná 1,604 (7) tCO2e in aghaidh an tonna d’alúmanam a mhonaraítear (8);

(ii)  ní mó na hastaíochtaí GCT indíreacha ná 270 g CO2e/kWh;

(iii)  ní mó an tomhaltas leictreachais le haghaidh an phróisis monaraíochta ná 15,5 MWh/t Al;

(b)  alúmanam tánaisteach.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí de na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh na dtionscal miotal neamhfheiriúil (9). Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/-.

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Comhcheangailte le tairseach aonair agus suim astaíochtaí díreacha agus indíreacha dá thoradh, á ríomh mar mheánluach na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs tagarmharcanna tionsclaíocha EU ETS a bhunú don tréimhse 2021-2026 agus á ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht i gcomhair shocrú na dtagarmharcanna a leagtar amach i dTreoir 2003/87/CE móide an critéar maidir le gan dochar suntasach a dhéanamh don mhaolú ar an athrú aeráide le haghaidh giniúint leictreachais (270gCO2e/kWh) iolraithe faoi mheán-éifeachtúlacht fuinnimh na monaraíochta alúmanaim (15,5 MWh/t Al).

(7)   

Léiriú ar mheánluach na suiteálacha in 2016 agus 2017 (coibhéisí/t t CO2) de na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún a bhunú, á chinneadh ar bhonn na faisnéise fíoraithe maidir le héifeachtúlacht gás ceaptha teasa na suiteálacha arna dtuairisciú de bhua Airteagal 11 de Threoir 2003/87/CE.

(8)   

Is éard atá san alúmanam a mhonaraítear, an t-alúmanam leachtach, neamh-chóimhiotail, neamhshaoirsithe a dhéantar trí leictrealú.

(9)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1032 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2016 lena mbunaítear conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcomhair na dtionscal miotal neamhfheiriúil (IO L 174, 30.6.2016, lch. 32).

3.9.    Iarann agus cruach a mhonarú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Iarann agus cruach a mhonarú.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe C24.10, C24.20, C24.31, C24.32, C24.33, C24.34, C24.51 agus C24.52 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Monaraíonn an ghníomhaíocht ceann díobh seo a leanas:

(a)  iarann agus cruach i gcás nach mó na hastaíochtaí GCT (6), á laghdú le méid na n-astaíochtaí arna sannadh do tháirgeadh dramhghás i gcomhréir le pointe 10.1.5(a) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/331 ná na luachanna seo a leanas arna gcur i bhfeidhm ar na céimeanna difriúla sa phróiseas monaraíochta:

(i)  miotal te =1,443 (7) tCO2e/t den táirge;

(ii)  mian shintéaraithe = 0,242 (8) tCO2e/t den táirge;

(iii)  cóc (gan cóc ligníte san áireamh) = 0,237 (9) tCO2e/t den táirge;

(iv)  teilgean iarainn = 0,390 (10) tCO2e/t den táirge;

(v)  stuafhoirnéis leictreach (EAF) cruach chóimhiotail = 0,360 (11) tCO2e/t den táirge;

(vi)  stuafhoirnéis leictreach (EAF) cruach charbóin = 0,276 (12)] tCO2e/t den táirge.

(b)  cruach i stuafhoirnéisí leictreacha (EAFanna) a tháirgeann cruach charbóin EAF nó cruach ard-chóimhiotail mar a shainmhínítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún agus i gcás ina bhfuil an t-iarmhar de chruach:

(i)  70 % ar a laghad chun cruach ard-chóimhiotail a tháirgeadh

(ii)  90 % ar a laghad chun cruach carbóin a tháirgeadh.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí de na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh táirgeacht iarainn agus cruach (13).

Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Arna ríomh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/331.

(7)   

Léiriú ar mheánluach na suiteálacha in 2016 agus 2017 (coibhéisí/t t CO2) de na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún a bhunú, á chinneadh ar bhonn na faisnéise fíoraithe maidir le héifeachtúlacht gás ceaptha teasa na suiteálacha arna dtuairisciú de bhua Airteagal 11 de Threoir 2003/87/CE.

(8)   

Léiriú ar mheánluach na suiteálacha in 2016 agus 2017 (coibhéisí/t t CO2) de na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún a bhunú, á chinneadh ar bhonn na faisnéise fíoraithe maidir le héifeachtúlacht gás ceaptha teasa na suiteálacha arna dtuairisciú de bhua Airteagal 11 de Threoir 2003/87/CE.

(9)   

Léiriú ar mheánluach na suiteálacha in 2016 agus 2017 (coibhéisí/t t CO2) de na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún a bhunú, á chinneadh ar bhonn na faisnéise fíoraithe maidir le héifeachtúlacht gás ceaptha teasa na suiteálacha arna dtuairisciú de bhua Airteagal 11 de Threoir 2003/87/CE.

(10)   

Léiriú ar mheánluach na suiteálacha in 2016 agus 2017 (coibhéisí/t t CO2) de na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún a bhunú, á chinneadh ar bhonn na faisnéise fíoraithe maidir le héifeachtúlacht gás ceaptha teasa na suiteálacha arna dtuairisciú de bhua Airteagal 11 de Threoir 2003/87/CE.

(11)   

Léiriú ar mheánluach na suiteálacha in 2016 agus 2017 (coibhéisí/t t CO2) de na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún a bhunú, á chinneadh ar bhonn na faisnéise fíoraithe maidir le héifeachtúlacht gás ceaptha teasa na suiteálacha arna dtuairisciú de bhua Airteagal 11 de Threoir 2003/87/CE.

(12)   

Léiriú ar mheánluach na suiteálacha in 2016 agus 2017 (coibhéisí/t t CO2) de na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún a bhunú, á chinneadh ar bhonn na faisnéise fíoraithe maidir le héifeachtúlacht gás ceaptha teasa na suiteálacha arna dtuairisciú de bhua Airteagal 11 de Threoir 2003/87/CE.

(13)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/135/AE ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2012 lena mbunaítear conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha do tháirgeadh iarainn agus cruach (IO L 70, 8.3.2012, lch. 63).

3.10.    Hidrigin a mhonarú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Hidrigin agus breoslaí sintéiseacha hidrigin-bhunaithe a mhonarú.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE C20.11 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Comhlíonann an ghníomhaíocht an ceanglas maidir le laghdú 70 % ar astaíochtaí saolré GCT i gcoibhneas le 94 gCO2e/MJ de réir mar a leagtar amach in Airteagal 25(2) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin.

Déantar an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT a ríomh tríd an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 28(5) de Threoir (AE) 2018/2001 a úsáid, nó, ina áit sin, ISO 14067:2018 (7) nó ISO 14064-1:2018 (8) a úsáid.

Déantar an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT cainníochtaithe a fhíorú i gcomhréir hAirteagal 30 de Threoir (AE) 2018/2001 nuair is infheidhme, nó déanann tríú páirtí neamhspleách iad a fhíorú.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach i gconclúidí ábhartha maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil, lena n-áirítear:

(a)  na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) chun clór-alcaile a tháirgeadh (9) agus na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh gnáthchórais bhainistíochta/chóireála dramhgháis in earnáil na gceimiceán (10);

(b)  conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) chun ola mhianrach agus gás a mhínghlanadh (11).

Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(7)   

Caighdeán ISO 14067:2018, Gáis cheaptha teasa – Lorg carbóin táirgí – Ceanglais agus treoirlínte maidir le cainníochtú (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/71206.html).

(8)   

Caighdeán ISO 14064-1:2018, Gáis cheaptha teasa – Cuid 1: Sonraíocht lena ngabhann treoraíocht ar leibhéal na heagraíochta maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe a chainníochtú agus a thuairisciú (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/66453.html).

(9)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/732/AE.

(10)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/902.

(11)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/738/AE.

3.11.    Dubh carbóin a mhonarú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Dubh carbóin a mhonarú.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE C20.13 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Tá astaíochtaí gás ceaptha teasa (6) ó phróisis táirgeachta dhubha an charbóin níos ísle ná 1,615 (7) tCO2e in aghaidh an tona den táirge.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis teicnící is fearr atá ar fáil, lena n-áirítear:

(a)  an Doiciméad Tagartha maidir leis na Teicnící Is Fearr atá Ar Fáil (BREF) don tionscal Ceimiceáin Neamhorgánacha d’Ardtoirt – Soladacha agus Eile (8);

(b)  na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh gnáthchórais bhainistíochta/chóireála dramhuisce agus dramhgháis in earnáil na gceimiceán (9).

Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Arna ríomh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/331.

(7)   

Léiriú ar mheánluach na suiteálacha in 2016 agus 2017 (coibhéisí/t t CO2) de na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún a bhunú, á chinneadh ar bhonn na faisnéise fíoraithe maidir le héifeachtúlacht gás ceaptha teasa na suiteálacha arna dtuairisciú de bhua Airteagal 11 de Threoir 2003/87/CE.

(8)   

An Doiciméad Tagartha maidir leis na Teicnící Is Fearr atá Ar Fáil (BAT) le haghaidh an tionscail Ceimiceáin Neamhorgánacha ar Mhéideanna Móra – Soladacha agus Eile, (leagan an 4.6.2021: https://eippcb.jrc.ec.europa.eu/sites/default/files/2019-11/lvic-s_bref_0907.pdf ).

(9)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/902.

3.12.    Luaith shóide a mhonarú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Carbónáit déshóidiam (luaith shóide, carbónáit sóidiam, sóidiam monaihidrigine décarbónáite) a mhonarú.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE C20.13 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Tá astaíochtaí gás ceaptha teasa (6) ó phróisis táirgeachta luaithe sóide níos ísle ná 0,866 (7) tCO2e in aghaidh an tona den táirge.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil, lena n-áirítear:

(a)  an Doiciméad Tagartha maidir leis na Teicnící Is Fearr atá Ar Fáil (BREF) don tionscal Ceimiceáin Neamhorgánacha d’Ardtoirt – Soladacha agus Eile (8);

(b)  na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh gnáthchórais bhainistíochta/chóireála dramhuisce agus dramhgháis in earnáil na gceimiceán (9).

Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Arna ríomh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/331.

(7)   

Léiriú ar mheánluach na suiteálacha in 2016 agus 2017 (coibhéisí/t t CO2) de na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún a bhunú, á chinneadh ar bhonn na faisnéise fíoraithe maidir le héifeachtúlacht gás ceaptha teasa na suiteálacha arna dtuairisciú de bhua Airteagal 11 de Threoir 2003/87/CE.

(8)   

An Doiciméad Tagartha maidir leis na Teicnící Is Fearr atá Ar Fáil (BAT) le haghaidh an tionscail Ceimiceáin Neamhorgánacha ar Mhéideanna Móra – Soladacha agus Eile, (leagan an 4.6.2021: https://eippcb.jrc.ec.europa.eu/sites/default/files/2019-11/lvic-s_bref_0907.pdf).

(9)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/902.

3.13.    Clóirín a mhonarú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Clóirín a mhonarú.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE C20.13 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Tá tomhaltas leictreachais i gcomhair leictrealú agus cóireáil le clóirín comhionann le nó níos ísle ná 2,45 MWh in aghaidh an tona clóirín.

Tá meán-astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha an leictreachais a úsáidtear le haghaidh chlóirín a tháirgeadh comhionann le 270 gCO2e/kWh nó níos ísle ná sin.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil, lena n-áirítear:

(a)  conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) chun clór-alcailí a tháirgeadh (6);

(b)  na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh gnáthchórais bhainistíochta/chóireála dramhuisce agus dramhgháis in earnáil na gceimiceán (7).

Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

▼M2

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

▼B

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/732/AE.

(7)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/902.

3.14.    Bun-cheimiceáin orgánacha a mhonarú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Na nithe seo a leanas a mhonarú:

(a) 

ceimiceáin ardluacha (HVC):

(i) 

aicéitiléin;

(ii) 

eitiléin;

(iii) 

próipiléin;

(iv) 

bútaidhé-éin.

(b) 

Cumhránaic:

(i) 

ailcilbheinséiní measctha, ailcilnaftailéiní measctha, seachas HS 2707 nó 2902 ;

(ii) 

cioglaiheacsán;

(iii) 

beinséin;

(iv) 

tolúéin;

(v) 

o-Xiléin;

(vi) 

p-Xiléin;

(vii) 

m-Xiléin agus isiméirí xiléine measctha;

(viii) 

eitilbeinséin;

(ix) 

cúiméin;

(x) 

défheinil, trífheinilí, viniltolúéiní, hidreacarbóin thimthriallacha eile, seachas ciogláin, cigléiní, cioglaiteirpéiní, beinséin, tolúéin, xiléiní, stiréiní, eitilbeinséin, cúiméin, naftailéin, antraicéin;

(xi) 

beansól (beinséin), toluol (tolúéin) agus xylol (xiléiní);

(xii) 

naftailéin agus meascáin hidreacarbóin cumhránaice eile (seachas beansól, toluole, xylole).

(c) 

clóiríd vinile;

(d) 

stiréin;

(e) 

ocsaíd eitiléine;

(f) 

gliocól eitiléine;

(g) 

aigéad aidipeach.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE C20.14 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Tá astaíochtaí GCT (6) ó phróisis táirgeachta ceimiceán orgánach níos ísle ná:

(a)  maidir le HVC: [0,851 (7)] tCO2e/t de HVC;

(b)  maidir le cumhránaic: 0,0300 (8) tCO2e/t de thréchur ualaithe casta;

(c)  maidir le clóiríd vinile: [0,268 (9)] tCO2e/t de chlóiríd vinile;

(d)  maidir le stiréin: 0,564 (10) CO2e/t de stiréin;

(e)  maidir le hocsaíd eitiléine/gliocóil eitiléine: 0,489 (11) tCO2e/t d’ocsaíd eitiléine/gliocól eitiléine;

(f)  maidir le haigéad aidipeach: 0,76 (12) tCO2e/t d’aigéad aidipeach.

I gcás ina dtáirgtear na ceimiceáin orgánacha sa raon feidhme go hiomlán nó i bpáirt as bunábhar in-athnuaite, bíonn astaíochtaí saolré GCT an cheimiceáin orgánaigh arna dtáirgeadh go hiomlán nó i bpáirt as bunábhar in-athnuaite, níos ísle ná astaíochtaí saolré GCT an cheimiceáin choibhéisigh arna dtáirgeadh as bunábhar breosla iontaise.

Maidir le bithmhais talmhaíochta a úsáidtear chun bun-cheimiceáin orgánacha a mhonarú ina foirm bhunaidh, comhlíonann sí na critéir a leagtar síos in Airteagal 29, míreanna 2 go 5, de Threoir (AE) 2018/2001. Comhlíonann bithmhais foraoise a úsáidtear chun bun-cheimiceáin orgánacha a mhonarú na critéir a leagtar síos in Airteagal 29, míreanna 6 agus 7, den Treoir sin.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach i gconclúidí ábhartha maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil, lena n-áirítear:

(a)  conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) chun ceimiceáin orgánacha d’ardtoirt a tháirgeadh (13);

(b)  na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh gnáthchórais bhainistíochta/chóireála dramhuisce agus dramhgháis in earnáil na gceimiceán (14).

Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Arna ríomh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/331.

(7)   

Léiriú ar mheánluach na suiteálacha in 2016 agus 2017 (coibhéisí/t t CO2) de na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún a bhunú, á chinneadh ar bhonn na faisnéise fíoraithe maidir le héifeachtúlacht gás ceaptha teasa na suiteálacha arna dtuairisciú de bhua Airteagal 11 de Threoir 2003/87/CE.

(8)   

Léiriú ar mheánluach na suiteálacha in 2016 agus 2017 (coibhéisí/t t CO2) de na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún a bhunú, á chinneadh ar bhonn na faisnéise fíoraithe maidir le héifeachtúlacht gás ceaptha teasa na suiteálacha arna dtuairisciú de bhua Airteagal 11 de Threoir 2003/87/CE.

(9)   

Léiriú ar mheánluach na suiteálacha in 2016 agus 2017 (coibhéisí/t t CO2) de na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún a bhunú, á chinneadh ar bhonn na faisnéise fíoraithe maidir le héifeachtúlacht gás ceaptha teasa na suiteálacha arna dtuairisciú de bhua Airteagal 11 de Threoir 2003/87/CE.

(10)   

Léiriú ar mheánluach na suiteálacha in 2016 agus 2017 (coibhéisí/t t CO2) de na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún a bhunú, á chinneadh ar bhonn na faisnéise fíoraithe maidir le héifeachtúlacht gás ceaptha teasa na suiteálacha arna dtuairisciú de bhua Airteagal 11 de Threoir 2003/87/CE.

(11)   

Léiriú ar mheánluach na suiteálacha in 2016 agus 2017 (coibhéisí/t t CO2) de na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún a bhunú, á chinneadh ar bhonn na faisnéise fíoraithe maidir le héifeachtúlacht gás ceaptha teasa na suiteálacha arna dtuairisciú de bhua Airteagal 11 de Threoir 2003/87/CE.

(12)   

Léiriú ar mheánluach na suiteálacha in 2016 agus 2017 (coibhéisí/t t CO2) de na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún a bhunú, á chinneadh ar bhonn na faisnéise fíoraithe maidir le héifeachtúlacht gás ceaptha teasa na suiteálacha arna dtuairisciú de bhua Airteagal 11 de Threoir 2003/87/CE.

(13)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2117 ón gCoimisiún an 21 Samhain 2017 lena mbunaítear conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le ceimiceáin orgánacha d’ardtoirt a tháirgeadh (IO L 323, 7.12.2017, lch. 1).

(14)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/902.

3.15.    Amóinia ainhidriúil a mhonarú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Amóinia ainhidriúil a mhonarú.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE C20.15 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Comhlíonann an ghníomhaíocht ceann de na critéir seo a leanas:

(a)  baineann astaíochtaí gás ceaptha teasa le monarú amóinia ainhidriúla (6) níos ísle ná 1,948 (7) tCO2e in aghaidh an tona d’amóinia ainhidriúil;

(b)  déantar amóinia a aisghabháil ó dhramhuisce.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil, lena n-áirítear:

(a)  an Doiciméad Tagartha maidir leis na Teicnící Is Fearr atá Ar Fáil (BREF) maidir le monarú Ceimiceáin Neamhorgánacha d’Ardtoirt – Amóinia, Aigéid agus Leasacháin (8);

(b)  na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh gnáthchórais bhainistíochta/chóireála dramhuisce agus dramhgháis in earnáil na gceimiceán (9).

Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Arna ríomh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/331.

(7)   

Léiriú ar mheánluach na suiteálacha in 2016 agus 2017 (coibhéisí/t t CO2) de na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún a bhunú, á chinneadh ar bhonn na faisnéise fíoraithe maidir le héifeachtúlacht gás ceaptha teasa na suiteálacha arna dtuairisciú de bhua Airteagal 11 de Threoir 2003/87/CE.

(8)   

An Doiciméad Tagartha maidir leis na Teicnící Is Fearr atá Ar Fáil (BREF) maidir le monarú Ceimiceáin Neamhorgánacha d’Ardtoirt – Amóinia, Aigéid agus Leasacháin (leagan an 4.6.2021: https://eippcb.jrc.ec.europa.eu/sites/default/files/2019-11/lvic_aaf.pdf).

Tá astaíochtaí GCT (6) ó mhonarú aigéid nítrigh níos ísle ná 0,184 (7)] tCO2e in aghaidh an tona d’aigéad nítreach.

Tá ceann díobh seo a leanas i gceist leis an bplaisteach i bhfoirm phríomhúil:

(a)  á monarú go hiomlán ag athchúrsáil mheicniúil na dramhaíola plaistí;

(b)  i gcás nach féidir athchúrsáil mheicniúil a dhéanamh, á mhonarú go hiomlán ag athchúrsáil cheimiceach dramhaíola plaistí agus tá astaíochtaí saolré gás ceaptha teasa an phlaistigh mhonaraithe, ag eisiamh aon chreidmheas ríofa ó tháirgeadh breoslaí, níos ísle ná astaíochtaí gás ceaptha teasa saolré an phlaistigh phríomhúil choibhéisigh a mhonaraítear ó bhunábhar breosla iontaise. Déantar astaíochtaí saolré gás ceaptha teasa a ríomh le Moladh 2013/179/AE nó, ina áit sin, ISO 14067:2018 (6) nó ISO 14064-1:2018 (7). Tríú páirtí neamhspleách a dhéanann an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT cainníochtaithe a fhíorú.

(c)  arna díorthú go hiomlán nó i bpáirt as bunábhar in-athnuaite (8) i gcás ina bhfuil astaíochtaí gás ceaptha teasa saolré an phlaistigh mhonaraithe i bhfoirm phríomhúil, arna mhonarú go hiomlán nó i bpáirt as bunábhar in-athnuaite, níos ísle ná astaíochtaí saolré gás ceaptha teasa an phlaistigh mhonaraithe i bhfoirm phríomhúil arna mhonarú as bunábhar breosla iontaise. Déantar astaíochtaí saolré gás ceaptha teasa a ríomh le Moladh 2013/179/AE nó, ina áit sin, ISO 14067:2018 nó ISO 14064-1:2018. Tríú páirtí neamhspleách a dhéanann an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT cainníochtaithe a fhíorú.

Maidir le bithmhais talmhaíochta a úsáidtear chun plaisteach ina fhoirm phríomhúil a mhonarú, comhlíonann sí na critéir a leagtar síos in Airteagal 29, míreanna 2 go 5, i dTreoir (AE) 2018/2001. Maidir le bithmhais foraoise a úsáidtear chun plaisteach ina fhoirm phríomhúil a mhonarú, comhlíonann sí na critéir a leagtar síos in Airteagal 29, míreanna 6 agus 7, den Treoir sin.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach i gconclúidí na dteicnící ábhartha is fearr atá ar fáil, lena n-áirítear:

(a)  an Doiciméad Tagartha maidir leis na Teicnící Is Fearr atá Ar Fáil (BREF) maidir le Táirgeadh Polaiméirí (9);

(b)  na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh gnáthchórais bhainistíochta/chóireála dramhuisce agus dramhgháis in earnáil na gceimiceán (10).

Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Caighdeán ISO 14067:2018, Gáis cheaptha teasa – Lorg carbóin táirgí – Ceanglais agus treoirlínte maidir le cainníochtú (https://www.iso.org/standard/71206.html).

(7)   

Caighdeán ISO 14064-1:2018, Gáis cheaptha teasa – Cuid 1: Sonraíocht lena ngabhann treoraíocht ar leibhéal na heagraíochta maidir le astaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe a chainníochtú agus a thuairisciú (https://www.iso.org/standard/66453.html).

(8)   

Tagraíonn bunábhar in-athnuaite do bhithmhais, bithdhramhaíl thionsclaíoch nó bithdhramhaíl chathrach.

(9)   

An Doiciméad Tagartha maidir leis na Teicnící Is Fearr atá Ar Fáil (BAT) maidir le Táirgeadh Polaiméirí (leagan an 4.6.2021: https://eippcb.jrc.ec.europa.eu/sites/default/files/2019-11/pol_bref_0807.pdf).

(10)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/902.

4.   FUINNEAMH

4.1.    Leictreachas a ghiniúint trí bhíthin teicneolaíocht fhótavoltach gréine a úsáid

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí giniúna leictreachais a fhoirgniú nó a oibriú ina dtáirgtear leictreachas trí bhíthin teicneolaíocht fhótavoltach gréine a úsáid.

I gcás inar gné lárnach den ghníomhaíocht eacnamaíoch é ‘teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a shuiteáil, a chothabháil agus a dheisiú’ dá dtagraítear i Roinn 7.6 den iarscríbhinn seo, beidh feidhm leis na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i Roinn 7.6.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe D35.11 agus F42.22 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déanann an ghníomhaíocht measúnú ar an bhfáil ar threalamh agus ar chomhpháirteanna lena mbaineann marthanacht agus in-athchúrsáilteacht ard agus atá éasca le baint óna chéile agus le hathchóiriú, agus úsáideann iad nuair is féidir.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

4.2.    Giniúint leictreachais trí bhíthin teicneolaíocht dírithe grianteasa (CSP) a úsáid

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí giniúna leictreachais a fhoirgniú nó a oibriú ina dtáirgtear leictreachas trí bhíthin teicneolaíocht dírithe grianteasa (CSP) a úsáid.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe D35.11 agus F42.22 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déanann an ghníomhaíocht measúnú ar an bhfáil ar threalamh agus ar chomhpháirteanna lena mbaineann marthanacht agus in-athchúrsáilteacht ard agus atá éasca le baint óna chéile agus le hathchóiriú, agus úsáideann iad nuair is féidir.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

4.3.    Giniúint leictreachais ó chumhacht ghaoithe

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí giniúna leictreachais a fhoirgniú nó a oibriú ina dtáirgtear leictreachas le cumhacht ghaoithe.

I gcás inar gné lárnach den ghníomhaíocht eacnamaíoch é ‘teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a shuiteáil, a chothabháil agus a dheisiú’ dá dtagraítear i Roinn 7.6 den iarscríbhinn seo, beidh feidhm leis na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i Roinn 7.6.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe D35.11 agus F42.22 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

I gcás foirgníocht gaoithe amach ón gcósta, ní chuireann an ghníomhaíocht isteach ar stádas maith comhshaoil a bhaint amach, mar a leagtar amach i dTreoir 2008/56/CE, rud lena n-éilítear go nglacfaí bearta iomchuí chun tionchair i ndáil le Tuairisceoir 11 (Torann/Fuinneamh) na Treorach sin a chosc nó a mhaolú, a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, agus mar a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2017/848 i ndáil leis na critéir ábhartha agus na caighdeáin mhodheolaíochta don tuairisceoir sin.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déanann an ghníomhaíocht measúnú ar an bhfáil ar threalamh agus ar chomhpháirteanna lena mbaineann marthanacht agus in-athchúrsáilteacht ard agus atá éasca le baint óna chéile agus le hathchóiriú, agus úsáideann iad nuair is féidir.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht (6).

I gcás gaoithe amach ón gcósta, ní chuireann an ghníomhaíocht isteach ar stádas maith comhshaoil a bhaint amach, mar a leagtar amach i dTreoir 2008/56/CE, rud lena n-éilítear go nglacfaí bearta iomchuí chun tionchair i ndáil le Tuairisceoirí 1 (bithéagsúlacht) agus 6 (sláine ghrinneall na farraige) na Treorach sin a chosc nó a mhaolú, a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, agus mar a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2017/848 i ndáil leis na critéir ábhartha agus na caighdeáin mhodheolaíochta do na tuairisceoirí sin.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Tá treoraíocht phraiticiúil chun an critéar seo a chur chun feidhme i bhfógra C(2020) 7730 final ón gCoimisiún Eorpach ‘Treoirdhoiciméad maidir le forbairtí i bhfuinneamh gaoithe agus reachtaíocht AE maidir leis an dúlra’ (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/environment/nature/natura2000/management/docs/wind_farms_en.pdf).

4.4.    Giniúint leictreachais ó theicneolaíochtaí fuinnimh aigéin

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí giniúna leictreachais a fhoirgniú nó a oibriú ina dtáirgtear leictreachas le fuinneamh aigéin.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe D35.11 agus F42.22 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní chuireann an ghníomhaíocht isteach ar stádas maith comhshaoil a bhaint amach, mar a leagtar amach i dTreoir 2008/56/CE, rud lena n-éilítear go nglacfaí bearta iomchuí chun tionchair i ndáil le Tuairisceoir 11 (Torann/Fuinneamh) na Treorach sin a chosc nó a mhaolú, a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, agus mar a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2017/848 i ndáil leis na critéir ábhartha agus na caighdeáin mhodheolaíochta don tuairisceoir sin.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déanann an ghníomhaíocht measúnú ar an bhfáil ar threalamh agus ar chomhpháirteanna lena mbaineann marthanacht agus in-athchúrsáilteacht ard agus atá éasca le baint óna chéile agus le hathchóiriú, agus úsáideann iad nuair is féidir.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Tá bearta i bhfeidhm chun tocsaineacht péinte frithscreamha agus bithicídí a íoslaghdú, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, lena gcuirtear an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Chórais Dhíobhálacha Frithsmálaithe ar Longa a Rialú, a glacadh an 5 Deireadh Fómhair 2001, chun feidhme i ndlí an Aontais.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Ní chuireann an ghníomhaíocht isteach ar stádas maith comhshaoil a bhaint amach, mar a leagtar amach i dTreoir 2008/56/CE, rud lena n-éilítear go nglacfaí na bearta iomchuí chun tionchair i ndáil le Tuairisceoir 1 (bithéagsúlacht) na Treorach sin a chosc nó a mhaolú, a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, agus mar a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2017/848 i ndáil leis na critéir ábhartha agus na caighdeáin mhodheolaíochta don tuairisceoir sin.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

4.5.    Giniúint leictreachais ó hidreachumhacht

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí giniúna leictreachais a fhoirgniú nó a oibriú ina dtáirgtear leictreachas as cumhacht hidrileictreach.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe D35.11 agus F42.22 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Tá astaíochtaí GCT díreacha na gníomhaíochta níos ísle ná 270 gCO2e/kWh.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

1.  Comhlíonann an ghníomhaíocht forálacha Threoir 2000/60/CE, go háirithe na ceanglais ar fad a leagtar síos in Airteagal 4 den Treoir.

2.  Maidir le gléasraí hidrileictreacha reatha a oibriú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí athchóirithe chun acmhainneacht maidir le fuinneamh in-athnuaite nó stóráil fuinnimh a fheabhsú, comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir seo a leanas:

2.1.  I gcomhréir le Treoir 2000/60/CE agus go háirithe Airteagail 4 agus 11 den Treoir sin, tá gach beart maolaithe atá indéanta go teicniúil agus ábhartha go héiceolaíoch curtha chun feidhme d’fhonn drochthionchar ar uisce a laghdú, chomh maith le gnáthóga cosanta agus speicis a bhraitheann go díreach ar uisce.

2.2.  I measc na mbeart, i gcás inarb ábhartha agus ag brath ar na héiceachórais atá i láthair go nádúrtha sna dobharlaigh dá ndéantar difear:

(a)  bearta chun imirce éisc le sruth agus in aghaidh srutha a áirithiú (amhail tuirbíní atá neamhdhíobhálach d’éisc, treoir-struchtúir d’éisc, pasanna éisc úrscothacha atá go hiomlán feidhmiúil, bearta chun oibriú agus sileadh a stopadh nó a íoslaghdú i rith imirce nó sceitheadh);

(b)  bearta chun sreabhadh éiceolaíoch íosta a áirithiú (lena n-áirítear imirce éagsúlachtaí gearrthéarmacha, tobanna i sreabh-oibríochtaí nó oibríochtaí hidrea-bhuacacha) agus sreabhadh dríodair;

(c)  bearta chun gnáthóga a chosaint nó a fheabhsú.

2.3.  Déantar faireachán ar éifeachtacht na mbeart sin i gcomhthéacs an údaraithe nó an cheada ina leagtar amach na coinníollacha a bhfuil mar aidhm leo stádas maith nó acmhainneacht an dobharlaigh a ndéantar difear dó a bhaint amach.

3.  I gcás gléasraí nua hidrileictreacha a fhoirgniú, comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir seo a leanas:

3.1.  I gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2000/60/CE agus go háirithe mír 7 den Airteagal sin, roimh fhoirgníocht, déantar measúnú tionchair ar an tionscadal chun measúnú a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith aige ar stádas na ndobharlach laistigh den abhantrach céanna agus ar ghnáthóga agus ar speiceas cosanta atá ag brath go díreach ar an uisce, agus conairí imirce, aibhneacha atá ag sreabhadh go saor nó éiceachórais gar do choinníollacha nach bhfuil cur isteach orthu á gcur san áireamh go háirithe.

Tá an measúnú bunaithe ar shonraí cruinne, cuimsitheacha a fuarthas le déanaí, lena n-áirítear sonraí faireacháin ar ghnéithe cáilíochta bitheolaíocha atá íogair go sonrach d’athruithe hidreamhoirfeolaíocha, agus ar stádas ionchasach an dobharlaigh de thoradh na ngníomhaíochtaí nua, i gcomparáid leis an stádas atá ann faoi láthair.

Déantar measúnú go háirithe ar thionchair charnacha an tionscadail nua seo le bonneagar eile reatha nó beartaithe san abhantrach.

3.2.  Ar bhonn an mheasúnaithe tionchair sin, fuarthas amach go gceaptar an gléasra, ó thaobh dearaidh agus suímh de, agus ó thaobh bearta maolaithe de, le go gcloífidh sé le ceann de na ceanglais seo a leanas:

(a)  níl aon mheathlú sna gléasraí, ná ní chuireann siad as do dhea-stádas ná acmhainneacht an dobharlaigh shonraigh dá mbaineann siad a bhaint amach;

(b)  i gcás ina bhfuil baol ann go bhféadfadh an gléasra meathlú a dhéanamh nó baint amach dhea-stádais/acmhainneacht an dobharlaigh shonraigh lena mbaineann sé a chur i mbaol, níl meathlú den sórt sin suntasach, agus tugtar údar iomchuí leis trí dhianmheasúnú costais agus tairbhe ina léireofar an dá cheann díobh seo a leanas:

(i)  na cúiseanna sáraitheacha a bhaineann leis an leas poiblí nó toisc gur mó na buntáistí a bhfuiltear ag súil leo ón ngléasra hidrileictreach pleanáilte ná na costais atá ag fabhrú chuig an gcomhshaol agus chuig an tsochaí mar thoradh ar mheath a bheith ag teacht ar stádas an uisce;

(ii)  ní féidir, ar chúiseanna indéantachta teicniúla nó costais dhíréirigh, na sochair a bhfuiltear ag súil leo ón ngléasra, a bhaint amach ar mhodh malartach as a leanfadh toradh comhshaoil níos fearr (amhail gléasraí hidrileictreacha atá ann cheana a athchóiriú nó teicneolaíochtaí nach gcuireann isteach ar leanúnachas aibhneacha a úsáid).

3.3.  Tá gach beart maolaithe atá indéanta go teicniúil agus ábhartha go héiceolaíoch curtha chun feidhme d’fhonn drochthionchar ar uisce a laghdú, chomh maith le gnáthóga cosanta agus speicis a bhraitheann go díreach ar uisce.

I measc na mbeart imirce, i gcás inarb ábhartha agus ag brath ar na héiceachórais atá i láthair go nádúrtha sna dobharlaigh dá ndéantar difear:

(a)  bearta chun imirce éisc le sruth agus in aghaidh srutha a áirithiú (amhail tuirbíní atá neamhdhíobhálach d’éisc, treoir-struchtúir d’éisc, pasanna éisc úrscothacha atá go hiomlán feidhmiúil, bearta chun oibriú agus sileadh a stopadh nó a íoslaghdú i rith imirce nó sceite);

(b)  bearta chun sreabhadh éiceolaíoch íosta a áirithiú (lena n-áirítear imirce éagsúlachtaí gearrthéarmacha, tobanna i sreabh-oibríochtaí nó oibríochtaí hidrea-bhuacacha) agus sreabhadh dríodair;

(c)  bearta chun gnáthóga a chosaint nó a fheabhsú.

Déantar faireachán ar éifeachtacht na mbeart sin i gcomhthéacs an údaraithe nó an cheada ina leagtar amach na coinníollacha a bhfuil mar aidhm leo stádas maith nó acmhainneacht an dobharlaigh a ndéantar difear dó a bhaint amach.

3.4.  Ní chuireann an gléasra as go buan do dhea-stádas ná acmhainneacht a bhaint amach i gceann ar bith de na dobharlaigh sa cheantar abhantraí céanna.

3.5.  Anuas ar na bearta maolaithe dá dtagraítear i bpointe (d) agus i gcás inarb ábhartha, cuirtear beara cúitimh chun feidhme lena áirithiú nach gcuirfidh an tionscadal le bloghadh dobharlaigh sa cheantar abhantraí céanna. Baintear sin amach trí bhíthin leanúnachas a thabhairt ar ais chuig an gceantar abhantraí céanna sa mhéid a chúiteodh an cur isteach ar leanúnachas a d’fhéadfadh an gléasra hidreachumhachta a chruthú. Tosaíonn cúiteamh sula gcuirtear an tionscadal i ngníomh.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht (6).

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Tá treoraíocht phraiticiúil i bhfógra C/2018/2619 ón gCoimisiún ‘Treoirdhoiciméid maidir le ceanglais don hidreachumhacht i ndáil le reachtaíocht AE maidir leis an dúlra’ (IO C 213, 18.6.2018, lch. 1).

4.6.    Giniúint leictreachais as fuinneamh geoiteirmeach

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí giniúna leictreachais a fhoirgniú nó a oibriú ina dtáirgtear leictreachas as fuinneamh geoiteirmeach.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe D35.11 agus F42.22 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Tá astaíochtaí GCT díreacha na gníomhaíochta níos ísle ná 270 gCO2e/kWh.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Chun córais fuinnimh gheoiteirmigh ard-eantalpachta a oibriú, tá córais laghdaithe leordhóthanacha i bhfeidhm chun leibhéil astaíochtaí a laghdú d’fhonn gan cur isteach ar luachanna teorann aercháilíochta a bhaint amach mar a leagtar amach i dTreoir 2004/107/CE agus i dTreoir 2008/50/CE.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

4.7.    Giniúint leictreachais ó bhreoslaí gásacha neamh-iontaise in-athnuaite agus leachtacha

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí giniúna leictreachais a fhoirgniú agus a oibriú lena dtáirgtear leictreachas agus breoslaí gásacha agus leachtacha ó fhoinse in-athnuaite á n-úsáid. Ní áirítear giniúint leictreachais ó úsáid eisiach bithgháis agus breoslaí bithleachta (féach Cuid 4.8 den Iarscríbhinn seo) leis an ngníomhaíocht seo.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe D35.11 agus F42.22 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Tá astaíochtaí GCT díreacha na gníomhaíochta níos ísle ná 270 gCO2e/kWh.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin (6). Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

Maidir le gléasraí dócháin a bhfuil ionchur teirmeach níos mó ná 1 MW acu ach atá faoi bhun na dtairseacha le haghaidh na gconclúidí BAT nach mór do mhórghléasraí dócháin a chur i bhfeidhm, tá astaíochtaí faoi bhun luachanna na dteorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1442 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2017 lena mbunaítear conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, do mhórghléasraí dócháin (IO L 212, 17.8.2017, lch. 1).

4.8.    Giniúint leictreachais ó bhithfhuinneamh

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Suiteálacha giniúna leictreachais a fhoirgniú agus a oibriú a tháirgeann leictreachas go heisiach as bithmhais, bithghás, nó bithleachtanna, seachas giniúint leictreachais ó bhreoslaí in-athnuaite a chumasc le bithghás nó bithleachtanna (féach Cuid 4.7 den Iarscríbhinn seo).

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE D35.11 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(2)  Maolú ar an athrú aeráide

Comhlíonann an ghníomhaíocht na ceanglais a bhaineann le hinbhuanaitheacht, laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus éifeachtúlacht a leagtar síos in Airteagal 29 de Threoir 2018/2001.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Maidir le suiteálacha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin (7). Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

Maidir le gléasraí dócháin a bhfuil ionchur teirmeach níos mó ná 1 MW acu ach atá faoi bhun na dtairseacha le haghaidh na gconclúidí BAT nach mór do mhórghléasraí dócháin a chur i bhfeidhm, tá astaíochtaí faoi bhun luachanna na dteorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.

Maidir le gléasraí i gcriosanna nó i gcodanna de chriosanna nach gcomhlíonann na teorainnluachanna maidir le cáilíocht an aeir a leagtar síos i dTreoir 2008/50/CE, cuirtear bearta chun feidhme chun leibhéil astaíochtaí a laghdú agus déantar torthaí an mhalartaithe faisnéise (8) a fhoilsíonn an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 6, míreanna 9 agus 10, de Threoir (AE) 2015/2193, a chur san áireamh.

Le haghaidh díleá anaeróbach ábhair orgánaigh, i gcás ina mbaintear úsáid as an díleáiteán arna tháirgeadh mar leasachán nó mar fheabhsaitheoir ithreach, go díreach nó tar éis múiríniú nó tar éis aon chóireáil eile, comhlíonann sé na ceanglais maidir le hábhair leasacháin a leagtar amach i gCatagóirí na nÁbhar Comhpháirte (CMC) 4 agus 5 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009, nó dlíthe náisiúnta maidir le leasacháin nó feabhsaitheoirí ithreach le haghaidh úsáid talmhaíochta.

Maidir le gléasraí díleá anaeróbaigh a dhéanann níos mó ná 100 tona a chóireáil in aghaidh an lae, tá astaíochtaí chuig aer agus chuig uisce laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí atá bainteach leis na raonta teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach le haghaidh cóireáil anaeróbach dramhaíola sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh chóireáil dramhaíola (9). Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

(7)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1442.

(8)   

Tá faisnéis theicniúil faoi na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil agus a úsáidtear i meánghléasraí dócháin chun a dtionchair chomhshaoil a laghdú, agus faoi na leibhéil astaíochtaí is féidir a bhaint amach leis na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil agus atá ag teacht chun cinn, chomh maith leis na costais ghaolmhara, sa tuarascáil chríochnaitheach teicneolaíochta a tháinig as an malartú faisnéise leis na Ballstáit, leis na tionscail lena mbaineann agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha (leagan an 4.6.2021: https://circabc.europa.eu/ui/group/06f33a94-9829-4eee-b187-21bb783a0fbf/library/9a99a632-9ba8-4cc0-9679-08d929afda59/details).

(9)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1147 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2018 lena mbunaítear conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, do chóireáil dramhaíola (IO L 208, 17.8.2018, lch. 38).

4.9.    Tarchur agus dáileadh leictreachais

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Córais tarchurtha a fhoirgniú agus a oibriú lena ndéantar leictreachas a iompar ar an gcóras idirnasctha an-ardvoltais agus ardvoltais.

Córais dáilte a fhoirgniú agus a oibriú lena ndéantar leictreachas a iompar ar chórais dáilte ardvoltais, mheánvoltais agus ísealvoltais.

D’fhéadfaí na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe D35.12 agus D35.13 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Níl an bonneagar tiomnaithe do nasc díreach a chruthú, ná do nasc díreach atá ann cheana chuig gléasra táirgthe cumhachta a leathnú i gcás ina bhfuil na hastaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha níos airde ná 270 gCO2e/kWh.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá plean bainistíochta dramhaíola i bhfeidhm agus cinntíonn sé athúsáid nó athchúrsáil uasta ag deireadh saolré i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, lena n-áirítear trí bhíthin comhaontuithe conarthacha le comhpháirtithe bainistíochta dramhaíola, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Línte ardvoltais os cionn talún:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí ar láithreáin foirgníochta, cloíonn gníomhaíochtaí le prionsabail na dTreoirlínte Ginearálta um an gComhshaol, Sláinte agus Sábháilteacht de chuid na Corparáide Airgeadais Idirnáisiúnta (IFC) (6).

(b)  comhlíonann na gníomhaíochtaí na noirm agus rialacháin is infheidhme d’fhonn tionchar na radaíochta leictreamaighnéadaí ar shláinte an duine a theorannú, lena n-áirítear le haghaidh gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme san Aontas, an Moladh ón gComhairle maidir le nochtadh an phobail i gcoitinne a theorannú do réimsí leictreamaighnéadacha (0 Hz go 300 GHz) (7) agus do ghníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme i dtríú tíortha Treoirlínte 1998 ón gCoimisiún Idirnáisiúnta ar Chosaint ar Radaíocht Neamhianacháin (ICNIRP) (8).

Ní úsáidtear défheinilí polaclóirínithe (PCBanna) sna gníomhaíochtaí.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht (9).

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Treoirlínte um an gComhshaol, Sláinte agus Sábháilteacht (EHS) an 30 Aibreán 2007 (leagan an 4.6.2021: https://www.ifc.org/wps/wcm/connect/29f5137d-6e17-4660-b1f9-02bf561935e5/Final%2B-%2BGeneral%2BEHS%2BGuidelines.pdf?MOD=AJPERES&CVID=jOWim3p).

(7)   

Moladh an 12 Iúil 1999 ón gComhairle maidir le nochtadh an phobail i gcoitinne a theorannú do réimsí leictreamaighnéadacha (0 Hz go 300 GHz) (1999/519/CE) (IO L 199, 30.7.1999, lch. 59).

(8)   

Treoirlínte ICNIRP 1998 maidir le nochtadh do réimsí leictreacha, maighnéadacha agus leictreamaighnéadacha (chomh hard le 300 ghz) ag tréimhsí ama éagsúla a theorannú (leagan an 4.6.2021: https://www.icnirp.org/cms/upload/publications/ICNIRPemfgdl.pdf).

(9)   

Tá treoraíocht phraiticiúil chun an critéar seo a chur chun feidhme i bhfógra C(2018)2620 ón gCoimisiún Eorpach ‘Bonneagar tarchurtha fuinnimh agus reachtaíocht AE maidir leis an dúlra’ (IO C 213, 18.6.2018, lch. 62).

4.10.    Stóráil leictreachais

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí a fhoirgniú agus a oibriú lena ndéantar leictreachas a stóráil agus a chur ar ais ag céim níos déanaí, i bhfoirm leictreachais. San áireamh leis an ngníomhaíocht tá taisce hidreachumhachta pumpála.

I gcás inar gné lárnach den ghníomhaíocht eacnamaíoch é ‘teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a shuiteáil, a chothabháil agus a dheisiú’ dá dtagraítear i Roinn 7.6 den iarscríbhinn seo, beidh feidhm leis na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i Roinn 7.6.

Níl cód tiomnaithe NACE ag na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo dá dtagraítear san aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Le haghaidh taisce hidreachumhachta pumpála nach bhfuil ceangailte le habhainn, comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Le haghaidh taisce hidreachumhachta pumpála nach bhfuil ceangailte le habhainn, comhlíontar na critéir le haghaidh DNSH maidir le húsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint mar a shonraítear i gCuid 4.5 (Táirgeadh leictreachais ón hidreachumhacht).

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá plean bainistíochta dramhaíola i bhfeidhm agus cinntíonn sé athúsáid nó athchúrsáil uasta ag deireadh saolré i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, lena n-áirítear trí bhíthin comhaontuithe conarthacha le comhpháirtithe bainistíochta dramhaíola, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

4.11.    Teirmeastóráil

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí a fhoirgniú agus a oibriú lena ndéantar fuinneamh teirmeach a stóráil agus a chur ar ais ag céim níos déanaí, i bhfoirm fuinnimh theirmigh nó veicteoirí fuinnimh eile.

I gcás inar gné lárnach den ghníomhaíocht eacnamaíoch é ‘teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a shuiteáil, a chothabháil agus a dheisiú’ dá dtagraítear i Roinn 7.6 den iarscríbhinn seo, beidh feidhm leis na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i Roinn 7.6.

Níl cód tiomnaithe NACE ag na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo dá dtagraítear san aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Le haghaidh Stóráil Fuinnimh Theirmigh Uiscígh, comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá plean bainistíochta dramhaíola i bhfeidhm agus cinntíonn sé athúsáid, athmhonaraíocht nó athchúrsáil uasta ag deireadh saolré, lena n-áirítear trí bhíthin comhaontuithe conarthacha le comhpháirtithe bainistíochta dramhaíola, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

4.12.    Stóráil hidrigine

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí a fhoirgniú agus a oibriúlena ndéantar hidrigin a stóráil agus a chur ar ais ag céim níos déanaí.

Níl cód tiomnaithe NACE ag na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo i gcomhréir leis an aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá plean bainistíochta dramhaíola i bhfeidhm agus cinntíonn sé athúsáid, athmhonaraíocht nó athchúrsáil uasta ag deireadh saolré, lena n-áirítear trí bhíthin comhaontuithe conarthacha le comhpháirtithe bainistíochta dramhaíola, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

I gcás níos mó ná cúig thona a stóráil, comhlíonann an ghníomhaíocht Treoir 2012/18/AE.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

4.13.    Monarú bithgháis agus bithbhreoslaí le húsáid san iompar agus monarú bithleachtanna

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Monarú bithgháis nó bithbhreoslaí le húsáid san iompar agus monarú bithleachtanna.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE D35.21 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Comhlíonann an ghníomhaíocht na ceanglais a bhaineann le hinbhuanaitheacht, laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus éifeachtúlacht a leagtar síos in Airteagal 29 de Threoir 2018/2001.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Maidir le táirgeadh bithgháis, cuirtear clúdach gásobach ar an stóráil díleáiteáin.

Maidir le gléasraí díleá anaeróbaigh a dhéanann níos mó ná 100 tona a chóireáil in aghaidh an lae, tá astaíochtaí chuig aer agus chuig uisce laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí atá bainteach leis na raonta teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach le haghaidh cóireáil anaeróbach dramhaíola sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh chóireáil dramhaíola (6). Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

I gcás díleá anaeróbach ábhair orgánaigh, i gcás ina mbaintear úsáid as an díleáiteán arna tháirgeadh mar leasachán nó mar fheabhsaitheoir ithreach, go díreach nó tar éis múiríniú nó tar éis aon chóireáil eile, comhlíonann sé na ceanglais maidir le hábhair leasacháin a leagtar amach i gCatagóirí na nÁbhar Comhpháirte (CMC) 4 agus 5 le haghaidh díleáiteáin nó CMC 3 le haghaidh múirín, de réir mar is infheidhme, in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán AE 2019/1009 nó dlíthe náisiúnta maidir le leasacháin nó feabhsaitheoirí ithreach le haghaidh úsáid talmhaíochta.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1147.

4.14.    Líonraí tarchurtha agus dáilte le haghaidh gáis in-athnuaite agus ísealcharbóin

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Tiontú, athdhéantúsaíocht nó iarfheistiú líonraí gáis le haghaidh tarchur agus dáileadh gáis in-athnuaite agus ísealcharbóin.

Píblínte tarchurtha agus aistrithe a fhoirgniú agus a oibriú atá tiomnaithe do hidrigin agus do gháis ísealcharbóin eile a iompar.

▼M2

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe D35.22, F42.21 agus H49.50 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

▼B

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

▼M2

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní mhéadaítear an acmhainn tarchurtha agus dáilte gáis leis an tiontú, leis an athrú cuspóra nó leis an iarfheistiú.

Ní dhéantar saolré na líonraí a shíneadh níos faide leis an tiontú, leis an athrú cuspóra nó leis an iarfheistiú ná a saolré mheasta sula ndéantar an tiontú, an t-athrú cuspóra nó an t-iarfheistiú, ach amháin má tá an líonra tiomnaithe do hidrigin nó do gháis ísealcharbóin eile.

▼B

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann feananna, comhbhrúiteoirí, caidéil agus trealamh eile a úsáidtear a chumhdaítear le Treoir 2009/125/CE, i gcás inarb ábhartha, ceanglais ard-aicme an lipéid fuinnimh agus rialacháin chur i bhfeidhm faoin Treoir sin agus is ionann iad agus an teicneolaíocht is fearr atá ar fáil.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

4.15.    Téamh agus fuarú ceantair a dháileadh

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Píblínte agus an bonneagar gaolmhar a fhoirgniú, a athchóiriú agus a oibriú chun téamh agus fuarú a dháileadh, ag críochnú ag an bhfostáisiún nó ag an teasmhalartóir.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE D35.30 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann feananna, comhbhrúiteoirí, caidéil agus trealamh eile a úsáidtear atá cumhdaithe ag Treoir 2009/125/CE, i gcás inarb ábhartha, ceanglais ard-aicme an lipéid fuinnimh, agus comhlíonann rialacháin cur chun feidhme faoin Treoir sin agus is ionann iad agus an teicneolaíocht is fearr atá ar fáil.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

4.16.    Suiteáil agus oibriú teaschaidéal leictreach

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Suiteáil agus oibriú teaschaidéal leictreach.

I gcás inar gné lárnach den ghníomhaíocht eacnamaíoch é ‘teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a shuiteáil, a chothabháil agus a dheisiú’ dá dtagraítear i Roinn 7.6 den iarscríbhinn seo, beidh feidhm leis na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i Roinn 7.6.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe D35.30, F43.22 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déanann an ghníomhaíocht measúnú ar an bhfáil ar threalamh agus ar chomhpháirteanna lena mbaineann marthanacht agus in-athchúrsáilteacht ard agus atá éasca le baint óna chéile agus le hathchóiriú, agus úsáideann iad nuair is féidir.

Tá plean bainistíochta dramhaíola i bhfeidhm agus cinntíonn sé athúsáid, athmhonaraíocht nó athchúrsáil uasta ag deireadh saolré, lena n-áirítear trí bhíthin comhaontuithe conarthacha le comhpháirtithe bainistíochta dramhaíola, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Maidir le teaschaidéil aer go haer le toilleadh rátaithe de 12 kW nó níos lú ná sin, tá leibhéil torainn laistigh agus lasmuigh níos ísle ná an tairseach a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 206/2012.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

4.17.    Comhghiniúint téimh/fuaraithe agus cumhachta as fuinneamh gréine

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráid a fhoirgniú agus a oibriú lena gcomhghintear leictreachas agus téamh/fuarú as fuinneamh gréine.

Saoráidí giniúna cumhachta agus téimh/fuaraithe in éineacht a fhoirgniú agus a oibriú lena n-úsáidtear breoslaí gásacha agus leachtacha de bhunadh in-athnuaite. Ní áirítear comhghiniúint téimh/fuaraithe agus cumhachta ó úsáid eisiach bithgháis agus breoslaí bithleachta (féach Cuid 4.20 den Iarscríbhinn seo) leis an ngníomhaíocht seo.

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí de na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin (6). Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

Maidir le gléasraí dócháin a bhfuil ionchur teirmeach níos mó ná 1 MW acu ach atá faoi bhun na dtairseacha le haghaidh na gconclúidí BAT nach mór do mhórghléasraí dócháin a chur i bhfeidhm, tá astaíochtaí faoi bhun luachanna na dteorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1442.

4.20.    Comhghiniúint téimh/fuaraithe agus cumhachta as bithfhuinneamh

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Suiteálacha a fhoirgniú agus a oibriú lena n-úsáid chun téamh/fuarú agus cumhacht a chomhghiniúint go heisiach as bithmhais, bithghás, nó bithleachtanna, seachas comhghiniúint ó bhreoslaí in-athnuaite a chumasc le bithgháis nó bithleachtanna (féach Cuid 4.19 den Iarscríbhinn seo).

Maidir le suiteálacha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2010/75/AE, tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí atá bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin (6), rud lena n-áirithítear an tráth céanna nach dtarlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

Maidir le gléasraí dócháin a bhfuil ionchur teirmeach níos mó ná 1 MW acu ach atá faoi bhun na dtairseacha le haghaidh na gconclúidí BAT nach mór do mhórghléasraí dócháin a chur i bhfeidhm, tá astaíochtaí faoi bhun luachanna na dteorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.

Maidir le gléasraí i gcriosanna nó i gcodanna de chriosanna nach gcomhlíonann na teorainnluachanna maidir le cáilíocht an aeir a leagtar síos i dTreoir 2008/50/CE, déantar torthaí an mhalartaithe faisnéise (7) a fhoilsíonn an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 6, míreanna 9 agus 10, de Threoir (AE) 2015/2193, a chur san áireamh.

I gcás díleá anaeróbach ábhair orgánaigh, i gcás ina mbaintear úsáid as an díleáiteán arna tháirgeadh mar leasachán nó mar fheabhsaitheoir ithreach, go díreach nó tar éis múiríniú nó tar éis aon chóireáil eile, comhlíonann sé na ceanglais maidir le hábhair leasacháin a leagtar amach i gCatagóirí na nÁbhar Comhpháirte (CMC) 4 agus 5 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009, nó rialacha náisiúnta maidir le leasacháin nó feabhsaitheoirí ithreach le haghaidh úsáid talmhaíochta.

Maidir le gléasraí díleá anaeróbaigh a dhéanann níos mó ná 100 tona a chóireáil in aghaidh an lae, tá astaíochtaí chuig aer agus chuig uisce laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí atá bainteach leis na raonta teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach le haghaidh cóireáil anaeróbach dramhaíola sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh chóireáil dramhaíola (8). Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1442.

(7)   

Tá faisnéis theicniúil faoi na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil agus a úsáidtear i meánghléasraí dócháin chun a dtionchair chomhshaoil a laghdú, agus faoi na leibhéil astaíochtaí is féidir a bhaint amach leis na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil agus atá ag teacht chun cinn, chomh maith leis na costais ghaolmhara, sa tuarascáil chríochnaitheach teicneolaíochta a tháinig as an malartú faisnéise leis na Ballstáit, leis na tionscail lena mbaineann agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha (leagan an 4.6.2021: https://circabc.europa.eu/ui/group/06f33a94-9829-4eee-b187-21bb783a0fbf/library/9a99a632-9ba8-4cc0-9679-08d929afda59/details).

(8)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1147.

4.21.    Téamh/fuarú a tháirgeadh as téamh grianteasa

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí a fhoirgniú agus a oibriú lena dtáirgtear téamh/fuarú as teicneolaíocht téimh grianteasa.

I gcás inar gné lárnach den ghníomhaíocht eacnamaíoch é ‘teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a shuiteáil, a chothabháil agus a dheisiú’ dá dtagraítear i Roinn 7.6 den iarscríbhinn seo, beidh feidhm leis na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i Roinn 7.6.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE D35.30 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déanann an ghníomhaíocht measúnú ar an bhfáil ar threalamh agus ar chomhpháirteanna lena mbaineann marthanacht agus in-athchúrsáilteacht ard agus atá éasca le baint óna chéile agus le hathchóiriú, agus úsáideann iad nuair is féidir.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

4.22.    Téamh/fuarú a tháirgeadh as fuinneamh geoiteirmeach

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí a fhoirgniú agus a oibriú lena dtáirgtear téamh/fuarú as fuinneamh geoiteirmeach.

Saoráidí giniúna teasa a fhoirgniú agus a oibriú lena dtáirgtear téamh/fuarú agus breoslaí gásacha agus leachtacha á n-úsáid de bhunadh in-athnuaite. Ní áirítear táirgeadh téimh/fuaraithe agus cumhachta ó úsáid eisiach bithgháis agus breoslaí bithleachta (féach Cuid 4.24 den Iarscríbhinn seo) leis an ngníomhaíocht seo.

Maidir le gléasraí dócháin a bhfuil ionchur teirmeach níos mó ná 1 MW acu ach atá faoi bhun na dtairseacha le haghaidh na gconclúidí BAT nach mór do mhórghléasraí dócháin a chur i bhfeidhm, tá astaíochtaí faoi bhun Luachanna na dTeorainneacha Astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1442.

4.24.    Téamh/fuarú a tháirgeadh as bithfhuinneamh

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí a fhoirgniú agus a oibriú a tháirgeann téamh/fuarú go heisiach as bithmhais, bithghás, nó bithleachtanna, seachas téamh/fuarú a tháirgeadh ó bhreoslaí in-athnuaite a chumasc le bithghás nó bithleachtanna (féach Cuid 4.23 den Iarscríbhinn seo).

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE D35.30 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Comhlíonann an ghníomhaíocht na ceanglais a bhaineann le hinbhuanaitheacht, laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus éifeachtúlacht a leagtar síos in Airteagal 29 de Threoir 2018/2001.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Maidir le suiteálacha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2010/75/AE, tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí atá bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin (6), rud lena n-áirithítear an tráth céanna nach dtarlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

Maidir le gléasraí dócháin a bhfuil ionchur teirmeach níos mó ná 1 MW acu ach atá faoi bhun na dtairseacha le haghaidh na gconclúidí BAT nach mór do mhórghléasraí dócháin a chur i bhfeidhm, tá astaíochtaí faoi bhun luachanna na dteorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.

Maidir le gléasraí i gcriosanna nó i gcodanna de chriosanna nach gcomhlíonann na teorainnluachanna maidir le cáilíocht an aeir a leagtar síos i dTreoir 2008/50/CE, déantar torthaí an mhalartaithe faisnéise (7) a fhoilsíonn an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 6, míreanna 9 agus 10, de Threoir (AE) 2015/2193, a chur san áireamh.

Le haghaidh díleá anaeróbach ábhair orgánaigh, i gcás ina mbaintear úsáid as an díleáiteán arna tháirgeadh mar leasachán nó mar fheabhsaitheoir ithreach, go díreach nó tar éis múiríniú nó tar éis aon chóireáil eile, comhlíonann sé na ceanglais maidir le hábhair leasacháin a leagtar amach i gCatagóirí na nÁbhar Comhpháirte (CMC) 4 agus 5 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009, nó dlíthe náisiúnta maidir le leasacháin nó feabhsaitheoirí ithreach le haghaidh úsáid talmhaíochta.

Maidir le gléasraí díleá anaeróbaigh a dhéanann níos mó ná 100 tona a chóireáil in aghaidh an lae, tá astaíochtaí chuig aer agus chuig uisce laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí atá bainteach leis na raonta teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach le haghaidh cóireáil anaeróbach dramhaíola sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh chóireáil dramhaíola (8). Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1442.

(7)   

Tá faisnéis theicniúil faoi na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil agus a úsáidtear i meánghléasraí dócháin chun a dtionchair chomhshaoil a laghdú, agus faoi na leibhéil astaíochtaí is féidir a bhaint amach leis na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil agus atá ag teacht chun cinn, chomh maith leis na costais ghaolmhara, sa tuarascáil chríochnaitheach teicneolaíochta a tháinig as an malartú faisnéise leis na Ballstáit, leis na tionscail lena mbaineann agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha (leagan an 4.6.2021: https://circabc.europa.eu/ui/group/06f33a94-9829-4eee-b187-21bb783a0fbf/library/9a99a632-9ba8-4cc0-9679-08d929afda59/details).

(8)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1147.

4.25.    Téamh/fuarú a tháirgeadh agus dramhtheas á úsáid

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí a fhoirgniú agus a oibriú lena dtáirgtear téamh/fuarú agus dramhtheas á úsáid.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE D35.30 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déanann an ghníomhaíocht measúnú ar an bhfáil ar threalamh agus ar chomhpháirteanna lena mbaineann marthanacht agus in-athchúrsáilteacht ard agus atá éasca le baint óna chéile agus le hathchóiriú, agus úsáideann iad nuair is féidir.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann caidéil agus an cineál trealaimh a úsáidtear, a chumhdaítear le héicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh, sa chás ina bhfuil sé ábhartha, ceanglais ard-aicme an lipéid fuinnimh a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/1369, agus rialacháin cur chun feidhme faoi Threoir 2009/125/CE, agus is ionann iad agus an teicneolaíocht is fearr atá ar fáil.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

▼M1

4.26.    Céimeanna réamhthráchtála ardteicneolaíochtaí chun fuinneamh a tháirgeadh ó phróisis núicléacha agus an méid dramhaíola is lú is féidir ann ón timthriall breosla

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Taighde, forbairt, taisealbhadh agus cur chun úsáide saoráidí ginte leictreachais nuálacha, arna gceadúnú ag údaráis inniúla na mBallstát i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, a tháirgeann fuinneamh ó phróisis núicléacha agus an méid dramhaíola is lú is féidir ann ón timthriall breosla.

Aicmítear an ghníomhaíocht faoi na cóid NACE M72 agus M72.1 i gcomhréir leis an aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (“réitigh oiriúnúcháin”) chun feidhme lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha aeráide is tábhachtaí atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide atá ábhartha don ghníomhaíocht as na rioscaí sin a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir riosca agus leochaileachta aeráide a dhéanamh a bhfuil na céimeanna seo a leanas ann:

(a)  scagadh ar an ngníomhaíocht chun a shainaithint cé na rioscaí fisiceacha aeráide ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmiú na gníomhaíochta eacnamaíche le linn a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht faoi riosca ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha aeráide a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú riosca agus leochaileachta aeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnúcháin lenar féidir an riosca fisiceach aeráide sainaitheanta a laghdú.

Tá an measúnú riosca agus leochaileachta aeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, déantar an measúnú, ar a laghad trí úsáid a bhaint as réamh-mheastacháin aeráide ar an scála is lú is iomchuí;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, déantar an measúnú agus úsáid á baint as réamh-mheastacháin aeráide úrscothacha ar an taifeach is airde atá ar fáil thar an raon reatha cásanna a bheidh ann amach anseo (1) atá comhsheasmhach le saolré ionchasach na gníomhaíochta, lena n-áirítear, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain le haghaidh infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus an measúnú tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar an treoir atá ar fáil agus cuirtear san áireamh iontu sin an eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus samhlacha foinse oscailte (3) nó samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnúcháin a cuireadh chun feidhme:

(a)  ní dhéanann siad dochar do na hiarrachtaí oiriúnúcháin ná don leibhéal athléimneachta in aghaidh rioscaí fisiceacha aeráide a bhaineann le daoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh dhúlrabhunaithe (4) nó bíonn siad ag brath ar an mbonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnúcháin áitiúla, earnálacha, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán orthu agus déantar iad a thomhas in aghaidh táscairí réamhshainithe agus déantar breithniú ar ghníomhaíocht feabhais i gcás nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás inar réiteach fisiceach é an réiteach a chuirtear chun feidhme agus inar gníomhaíocht é ar sonraíodh critéir scagtha theicniúla ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar, leis an réiteach, na critéir scagtha theicniúla don ghníomhaíocht sin gan dochar suntasach a dhéanamh.

5.  Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na forálacha a leagtar síos i gConradh Euratom agus an reachtaíocht arna glacadh ar a bhonn, go háirithe, Treoir 2013/59/Euratom, Treoir 2009/71/Euratom agus Treoir 2011/70/Euratom, chomh maith le dlí comhshaoil an Aontais is infheidhme arna ghlacadh faoi Airteagal 192 CFAE, go háirithe Treoir 2011/92/AE agus Treoir 2000/60/CE.

6.  Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2009/71/Euratom, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le meastóireacht, trí thástálacha struis, ar athléimneacht ghléasraí cumhachta núicléiche an Aontais i gcoinne guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n-áirítear creathanna talún. Dá réir sin, déantar an ghníomhaíocht i gcríoch Ballstáit i gcás ina ndearna oibreoir gléasra núicléach:

(a)  taispeántas maidir le sábháilteacht núicléach a chur isteach, a bhfuil a raon feidhme agus an leibhéal sonraí atá ann de réir mhéid fhéideartha agus chineál na guaise atá ábhartha maidir leis an ngléasra núicléach agus a shuíomh (Airteagal 6, pointe (b), de Threoir 2009/71/Euratom);

(b)  bearta domhainchosanta chun a áirithiú, inter alia, go n-íoslaghdaítear tionchar guaiseacha ainscianta seachtracha, idir ghuaiseacha nádúrtha agus ghuaiseacha neamhbheartaithe de dhéanamh an duine (Airteagal 8b(1), pointe (a), de Threoir 2009/71/Euratom);

(c)  measúnú iomchuí atá suíomhshonrach agus gléasrashonrach nuair a dhéanann an t-oibreoir lena mbaineann iarratas ar cheadúnas chun gléasra cumhachta núicléiche a thógáil nó a oibriú (Airteagal 8c(a) de Threoir 2009/71/Euratom).

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, ceanglais Threoir 2009/71/Euratom, arna dtacú ag an gcomhairle idirnáisiúnta is déanaí tríd an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (IAEA) agus tríd an gComhlachas Eorpach Rialaitheoirí um Shábháilteacht Núicléach (WENRA), lena rannchuidítear le hathléimneacht agus le hacmhainneacht gléasraí cumhachta núicléiche nua agus gléasraí cumhachta núicléiche atá ann cheana a mhéadú chun dul i ngleic le guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n-áirítear tuilte agus adhaimsir.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Tá astaíochtaí GCT díreacha na gníomhaíochta níos ísle ná 270 g CO2e/kWh.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Sainaithnítear rioscaí díghrádaithe comhshaoil a bhaineann le cáilíocht an uisce a chosaint agus strus maidir le huisce a sheachaint agus tugtar aghaidh ar na rioscaí sin, i gcomhréir le plean bainistíochta úsáide agus cosanta uisce, a fhorbraítear i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann.

Chun aimhrialtachtaí teirmeacha a bhaineann le sceitheadh dramhtheasa a theorannú, rialóidh oibreoirí gléasraí cumhachta núicléiche intíre a úsáideann fuarú fliuch aonuaire trí uisce a thógáil ó abhainn nó ó loch:

(a)  teocht uasta an dobharlaigh glactha fionnuisce tar éis an mheasctha, agus

(b)  an difríocht teochta uasta idir an t-uisce fuarúcháin sceite agus an dobharlach glactha fionnuisce.

Déantar an rialú teochta a chur chun feidhme i gcomhréir leis na coinníollacha ceadúnais aonair maidir leis na hoibríochtaí sonracha, i gcás inarb infheidhme, nó luachanna tairsí i gcomhréir le creat rialála an Aontais.

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, caighdeáin Aicmí na Fondúireachta Tionscail (IFC).

Oibrítear gníomhaíochtaí núicléacha i gcomhréir leis na ceanglais maidir le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine de Threoir 2000/60/CE agus de Threoir 2013/51/Euratom lena leagtar síos ceanglais i ndáil le sláinte an phobail i gcoitinne a chosaint maidir le substaintí radaighníomhacha in uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá plean maidir le bainistíocht dramhaíola neamh-radaighníomhaí agus dramhaíola radaighníomhaí i bhfeidhm agus áirithíonn sé athúsáid nó athchúrsáil uasta na dramhaíola sin ag deireadh na saolré i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, lena n-áirítear trí chomhaontuithe conarthacha le comhpháirtithe bainistithe dramhaíola, an léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó an doiciméadacht tionscadail oifigiúil.

Le linn oibrithe agus díchoimisiúnaithe, íoslaghdaítear méid na dramhaíola radaighníomhaí agus uasmhéadaítear méid na n-ábhar saorscaoilte i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom, agus i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cosaint ar radaíocht a leagtar síos i dTreoir 2013/59/Euratom.

Tá scéim maoiniúcháin i bhfeidhm chun cistiú leordhóthanach a áirithiú maidir le gach gníomhaíocht díchoimisiúnaithe agus maidir le breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú, i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom agus Moladh 2006/851/Euratom.

Cuirtear Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol i gcrích sula dtógtar gléasra cumhachta núicléiche, i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE. Cuirtear chun feidhme na bearta maolaithe agus cúiteacha is gá.

Cumhdaítear na gnéithe ábhartha sa Roinn seo le tuarascálacha na mBallstát chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Threoir 2011/70/Euratom.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. Tá astaíochtaí neamh-radaighníomhacha laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí a bhaineann leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin. Níl aon éifeacht trasmheáin mhór ann.

Maidir le gléasraí cumhachta núicléiche ar mó a n-ionchur teirmeach ná 1 MW ach atá faoi bhun na dtairseacha chun go mbeadh feidhm ag conclúidí BAT maidir le mórghléasraí dócháin, tá na hastaíochtaí faoi bhun na dteorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.

Le sceitheadh radaighníomhach san aer, i ndobharlaigh agus sa talamh (ithir), comhlíontar na coinníollacha ceadúnais aonair maidir leis na hoibríochtaí sonracha, i gcás inarb infheidhme, agus/nó luachanna tairsí náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2013/51/Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom.

Déantar breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú go sábháilte agus go freagrach i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom.

Tá toilleadh leordhóthanach stórála eatramhaí ar fáil don tionscadal, agus tá pleananna diúscartha náisiúnta i bhfeidhm chun fad na stórála eatramhaí a íoslaghdú, i gcomhréir leis an bhforáil i dTreoir 2011/70/Euratom lena bhféachtar ar stóráil dramhaíola radaighníomhaí, lena n-áirítear stóráil fhadtéarmach, mar réiteach eatramhach, seachas mar rogha mhalartach ar an diúscairt.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Maidir le suíomhanna/oibríochtaí atá suite i limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de nó gar do limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de, ar dócha go mbeadh tionchar mór acu ar limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de (lena n-áirítear líonra Natura 2000 de limistéir faoi chosaint, láithreáin Oidhreachta Domhanda Unesco agus Príomhlimistéir Bhithéagsúlachta, chomh maith le limistéir eile faoi chosaint), rinneadh measúnú iomchuí, i gcás inarb infheidhme, agus cuirtear na bearta maolaithe is gá i bhfeidhm, ar bhonn chonclúidí an mheasúnaithe sin.

Ní dhéanfaidh na suíomhanna/oibríochtaí dochar do stádas caomhantais aon cheann de na gnáthóga ná de na speicis atá sna limistéir faoi chosaint.

(1)   

Áirítear le cásanna a bheidh ann amach anseo conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Tuarascálacha Measúnachta ar an Athrú Aeráide: Impacts, Adaptation and Vulnerability a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht na Náisiún Aontaithe atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Mar shampla, seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainmhínítear réitigh dhúlrabhunaithe mar “réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, a sholáthraíonn, go comhuaineach, tairbhí comhshaoil, tairbhí sóisialta agus tairbhí eacnamaíocha, agus a chuidíonn le hathléimneacht a chothú. Tugann na réitigh sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra, níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha, agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, i dtírdhreacha agus i muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a oiriúnaítear go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní”. Dá bhrí sin, is chun tairbhe na bithéagsúlachta na réitigh dhúlrabhunaithe agus is tacaíocht iad ó thaobh raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an [dáta glactha]: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (BG) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Neartú, COM/2013/249 final.

4.27.    Tógáil agus oibriú sábháilte gléasraí cumhachta núicléiche nua, chun leictreachas agus/nó teas a ghiniúint, lena n-áirítear chun hidrigin a tháirgeadh, trí na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil a úsáid

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Tógáil agus oibriú sábháilte gléasraí núicléacha nua, ar eisigh údaráis inniúla na mBallstát ceadúnas tógála ina leith faoi 2045, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, chun leictreachas a tháirgeadh nó teas a phróiseáil, lena n-áirítear chun críoch téamh ceantair nó próisis thionsclaíocha mar shampla táirgeadh hidrigine (gléasraí núicléacha nua), chomh maith lena n-uasghráduithe sábháilteachta.

Aicmítear an ghníomhaíocht faoi na cóid NACE D35.11 agus F42.22 i gcomhréir leis an aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (“réitigh oiriúnúcháin”) chun feidhme lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha aeráide is tábhachtaí atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide atá ábhartha don ghníomhaíocht as na rioscaí sin a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir riosca agus leochaileachta aeráide a dhéanamh a bhfuil na céimeanna seo a leanas ann:

(a)  scagadh ar an ngníomhaíocht chun a shainaithint cé na rioscaí fisiceacha aeráide ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmiú na gníomhaíochta eacnamaíche le linn a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht faoi riosca ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha aeráide a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú riosca agus leochaileachta aeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnúcháin lenar féidir an riosca fisiceach aeráide sainaitheanta a laghdú.

Tá an measúnú riosca agus leochaileachta aeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, déantar an measúnú, ar a laghad trí úsáid a bhaint as réamh-mheastacháin aeráide ar an scála is lú is iomchuí;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, déantar an measúnú agus úsáid á baint as réamh-mheastacháin aeráide úrscothacha ar an taifeach is airde atá ar fáil thar an raon reatha cásanna a bheidh ann amach anseo (1) atá comhsheasmhach le saolré ionchasach na gníomhaíochta, lena n-áirítear, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain le haghaidh infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus an measúnú tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar an treoir atá ar fáil agus cuirtear san áireamh iontu sin an eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus samhlacha foinse oscailte (3) nó samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnúcháin a cuireadh chun feidhme:

(a)  ní dhéanann siad dochar do na hiarrachtaí oiriúnúcháin ná don leibhéal athléimneachta in aghaidh rioscaí fisiceacha aeráide a bhaineann le daoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh dhúlrabhunaithe (4) nó bíonn siad ag brath ar an mbonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnúcháin áitiúla, earnálacha, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán orthu agus déantar iad a thomhas in aghaidh táscairí réamhshainithe agus déantar breithniú ar ghníomhaíocht feabhais i gcás nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás inar réiteach fisiceach é an réiteach a chuirtear chun feidhme agus inar gníomhaíocht é ar sonraíodh critéir scagtha theicniúla ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar, leis an réiteach, na critéir scagtha theicniúla don ghníomhaíocht sin gan dochar suntasach a dhéanamh.

5.  Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na forálacha a leagtar síos i gConradh Euratom agus an reachtaíocht arna glacadh ar a bhonn, go háirithe, Treoir 2013/59/Euratom, Treoir 2009/71/Euratom agus Treoir 2011/70/Euratom, chomh maith le dlí comhshaoil an Aontais is infheidhme arna ghlacadh faoi Airteagal 192 CFAE, go háirithe Treoir 2011/92/AE agus Treoir 2000/60/CE.

6.  Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2009/71/Euratom, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le meastóireacht, trí thástálacha struis, ar athléimneacht ghléasraí cumhachta núicléiche an Aontais i gcoinne guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n-áirítear creathanna talún. Dá réir sin, déantar an ghníomhaíocht i gcríoch Ballstáit i gcás ina ndearna oibreoir gléasra núicléach:

(a)  taispeántas maidir le sábháilteacht núicléach a chur isteach, a bhfuil a raon feidhme agus an leibhéal sonraí atá ann de réir mhéid fhéideartha agus chineál na guaise atá ábhartha maidir leis an ngléasra núicléach agus a shuíomh (Airteagal 6, pointe (b), de Threoir 2009/71/Euratom);

(b)  bearta domhainchosanta chun a áirithiú, inter alia, go n-íoslaghdaítear tionchar guaiseacha ainscianta seachtracha, idir ghuaiseacha nádúrtha agus ghuaiseacha neamhbheartaithe de dhéanamh an duine (Airteagal 8b(1), pointe (a), de Threoir 2009/71/Euratom);

(c)  measúnú iomchuí atá suíomhshonrach agus gléasrashonrach nuair a dhéanann an t-oibreoir lena mbaineann iarratas ar cheadúnas chun gléasra cumhachta núicléiche a thógáil nó a oibriú (Airteagal 8c(a) de Threoir 2009/71/Euratom).

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, ceanglais Threoir 2009/71/Euratom, arna dtacú ag an gcomhairle idirnáisiúnta is déanaí tríd an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (IAEA) agus tríd an gComhlachas Eorpach Rialaitheoirí um Shábháilteacht Núicléach (WENRA), lena rannchuidítear le hathléimneacht agus le hacmhainneacht gléasraí cumhachta núicléiche nua agus gléasraí cumhachta núicléiche atá ann cheana a mhéadú chun dul i ngleic le guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n-áirítear tuilte agus adhaimsir.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Tá astaíochtaí GCT díreacha na gníomhaíochta níos ísle ná 270 g CO2e/kWh.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Sainaithnítear rioscaí díghrádaithe comhshaoil a bhaineann le cáilíocht an uisce a chosaint agus strus maidir le huisce a sheachaint agus tugtar aghaidh ar na rioscaí sin, i gcomhréir le plean bainistíochta úsáide agus cosanta uisce, a fhorbraítear i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann.

Chun aimhrialtachtaí teirmeacha a bhaineann le sceitheadh dramhtheasa a theorannú, rialóidh oibreoirí gléasraí cumhachta núicléiche intíre a úsáideann fuarú fliuch aonuaire trí uisce a thógáil ó abhainn nó ó loch:

(a)  teocht uasta an dobharlaigh glactha fionnuisce tar éis an mheasctha, agus

(b)  an difríocht teochta uasta idir an t-uisce fuarúcháin sceite agus an dobharlach glactha fionnuisce.

Déantar an rialú teochta a chur chun feidhme i gcomhréir leis na coinníollacha ceadúnais aonair maidir leis na hoibríochtaí sonracha, i gcás inarb infheidhme, agus/nó luachanna tairsí i gcomhréir le creat rialála an Aontais.

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, caighdeáin Aicmí na Fondúireachta Tionscail (IFC).

Oibrítear gníomhaíochtaí núicléacha i gcomhréir leis na ceanglais maidir le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine de Threoir 2000/60/CE agus de Threoir 2013/51/Euratom lena leagtar síos ceanglais i ndáil le sláinte an phobail i gcoitinne a chosaint maidir le substaintí radaighníomhacha in uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá plean maidir le bainistíocht dramhaíola neamh-radaighníomhaí agus dramhaíola radaighníomhaí i bhfeidhm agus áirithíonn sé athúsáid nó athchúrsáil uasta na dramhaíola sin ag deireadh na saolré i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, lena n-áirítear trí chomhaontuithe conarthacha le comhpháirtithe bainistithe dramhaíola, an léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó an doiciméadacht tionscadail oifigiúil.

Le linn oibrithe agus díchoimisiúnaithe, íoslaghdaítear méid na dramhaíola radaighníomhaí agus uasmhéadaítear méid na n-ábhar saorscaoilte i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom, agus i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cosaint ar radaíocht a leagtar síos i dTreoir 2013/59/Euratom.

Tá scéim maoiniúcháin i bhfeidhm chun cistiú leordhóthanach a áirithiú maidir le gach gníomhaíocht díchoimisiúnaithe agus maidir le breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú, i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom agus Moladh 2006/851/Euratom.

Cuirtear Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol i gcrích sula dtógtar gléasra cumhachta núicléiche, i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE. Cuirtear chun feidhme na bearta maolaithe agus cúiteacha is gá.

Cumhdaítear na gnéithe ábhartha sa Roinn seo le tuarascálacha na mBallstát chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Threoir 2011/70/Euratom.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. Tá astaíochtaí neamh-radaighníomhacha laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí a bhaineann leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin. Níl aon éifeacht trasmheáin mhór ann.

Maidir le gléasraí cumhachta núicléiche ar mó a n-ionchur teirmeach ná 1 MW ach atá faoi bhun na dtairseacha chun go mbeadh feidhm ag conclúidí BAT maidir le mórghléasraí dócháin, tá na hastaíochtaí faoi bhun na dteorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.

Le sceitheadh radaighníomhach san aer, i ndobharlaigh agus sa talamh (ithir), comhlíontar na coinníollacha ceadúnais aonair maidir leis na hoibríochtaí sonracha, i gcás inarb infheidhme, agus/nó luachanna tairsí náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2013/51/Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom.

Déantar breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú go sábháilte agus go freagrach i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom.

Tá toilleadh leordhóthanach stórála eatramhaí ar fáil don tionscadal, agus tá pleananna diúscartha náisiúnta i bhfeidhm chun fad na stórála eatramhaí a íoslaghdú, i gcomhréir leis an bhforáil i dTreoir 2011/70/Euratom lena bhféachtar ar stóráil dramhaíola radaighníomhaí, lena n-áirítear stóráil fhadtéarmach, mar réiteach eatramhach, seachas mar rogha mhalartach ar an diúscairt.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Cuirtear Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol i gcrích sula dtógtar gléasra cumhachta núicléiche, i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE. Cuirtear chun feidhme na bearta maolaithe agus cúiteacha is gá.

Maidir le suíomhanna/oibríochtaí atá suite i limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de nó gar do limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de, ar dócha go mbeadh tionchar mór acu ar limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de (lena n-áirítear líonra Natura 2000 de limistéir faoi chosaint, láithreáin Oidhreachta Domhanda Unesco agus Príomhlimistéir Bhithéagsúlachta, chomh maith le limistéir eile faoi chosaint), rinneadh measúnú iomchuí, i gcás inarb infheidhme, agus cuirtear na bearta maolaithe is gá i bhfeidhm, ar bhonn chonclúidí an mheasúnaithe sin.

Ní dhéanfaidh na suíomhanna/oibríochtaí dochar do stádas caomhantais aon cheann de na gnáthóga ná de na speicis atá sna limistéir faoi chosaint.

(1)   

Áirítear le cásanna a bheidh ann amach anseo conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Tuarascálacha Measúnachta ar an Athrú Aeráide: Impacts, Adaptation and Vulnerability a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht na Náisiún Aontaithe atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Mar shampla, seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainmhínítear réitigh dhúlrabhunaithe mar “réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, a sholáthraíonn, go comhuaineach, tairbhí comhshaoil, tairbhí sóisialta agus tairbhí eacnamaíocha, agus a chuidíonn le hathléimneacht a chothú. Tugann na réitigh sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra, níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha, agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, i dtírdhreacha agus i muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a oiriúnaítear go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní”. Dá bhrí sin, is chun tairbhe na bithéagsúlachta na réitigh dhúlrabhunaithe agus is tacaíocht iad ó thaobh raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an [dáta glactha]: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (BG) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Neartú, COM/2013/249 final.

4.28.    Giniúint leictreachais ó fhuinneamh núicléach i ngléasraí atá ann cheana

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Modhnú gléasraí núicléacha atá ann cheana chun síneadh, arna údarú ag údaráis inniúla na mBallstát faoi 2040 i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, a chur le ham seirbhíse oibriú sábháilte gléasraí núicléacha lena ngintear leictreachas nó teas ó fhuinneamh núicléach (“gléasraí cumhachta núicléiche”).

Aicmítear an ghníomhaíocht faoi na cóid NACE D35.11 agus F42.2 i gcomhréir leis an aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Tógáil nó oibriú saoráidí giniúna leictreachais lena dtáirgtear leictreachas trí úsáid a bhaint as breoslaí gásacha iontaise lena gcomhlíontar na critéir i bpointe 1(a) de Roinn 4.29 d’Iarscríbhinn I. Ní áirítear leis an ngníomhaíocht sin giniúint leictreachais ó úsáid eisiach breoslaí gásacha agus leachtacha inathnuaite neamhiontaise dá dtagraítear i Roinn 4.7 d’Iarscríbhinn I agus breoslaí bithgháis agus bithleachta dá dtagraítear i Roinn 4.8 d’Iarscríbhinn I.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe D35.11 agus F42.22 i gcomhréir leis an aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (“réitigh oiriúnúcháin”) chun feidhme lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha aeráide is tábhachtaí atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide atá ábhartha don ghníomhaíocht as na rioscaí sin a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir riosca agus leochaileachta aeráide a dhéanamh a bhfuil na céimeanna seo a leanas ann:

(a)  scagadh ar an ngníomhaíocht chun a shainaithint cé na rioscaí fisiceacha aeráide ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmiú na gníomhaíochta eacnamaíche le linn a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht faoi riosca ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha aeráide a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú riosca agus leochaileachta aeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnúcháin lenar féidir an riosca fisiceach aeráide sainaitheanta a laghdú.

Tá an measúnú riosca agus leochaileachta aeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, déantar an measúnú, ar a laghad trí úsáid a bhaint as réamh-mheastacháin aeráide ar an scála is lú is iomchuí;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, déantar an measúnú agus úsáid á baint as réamh-mheastacháin aeráide úrscothacha ar an taifeach is airde atá ar fáil thar an raon reatha cásanna a bheidh ann amach anseo (1) atá comhsheasmhach le saolré ionchasach na gníomhaíochta, lena n-áirítear, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain le haghaidh infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus an measúnú tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar an treoir atá ar fáil agus cuirtear san áireamh iontu sin an eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus samhlacha foinse oscailte (3) nó samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnúcháin a cuireadh chun feidhme:

(a)  ní dhéanann siad dochar do na hiarrachtaí oiriúnúcháin ná don leibhéal athléimneachta in aghaidh rioscaí fisiceacha aeráide a bhaineann le daoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh dhúlrabhunaithe (4) nó bíonn siad ag brath ar an mbonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnúcháin áitiúla, earnálacha, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán orthu agus déantar iad a thomhas in aghaidh táscairí réamhshainithe agus déantar breithniú ar ghníomhaíocht feabhais i gcás nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás inar réiteach fisiceach é an réiteach a chuirtear chun feidhme agus inar gníomhaíocht é ar sonraíodh critéir scagtha theicniúla ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar, leis an réiteach, na critéir scagtha theicniúla don ghníomhaíocht sin gan dochar suntasach a dhéanamh.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Tá astaíochtaí GCT díreacha na gníomhaíochta níos ísle ná 270 g CO2e/kWh.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Neamhbhainteach

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí a bhaineann leis na raonta teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin.

Níl aon éifeacht trasmheáin mhór ann.

Maidir le gléasraí dócháin ar mó a n-ionchur teirmeach ná 1 MW ach atá faoi bhun na dtairseacha chun go mbeadh feidhm ag conclúidí BAT maidir le mórghléasraí dócháin, tá na hastaíochtaí faoi bhun na dteorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(1)   

Áirítear le cásanna a bheidh ann amach anseo conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Tuarascálacha Measúnachta ar an Athrú Aeráide: Impacts, Adaptation and Vulnerability a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht na Náisiún Aontaithe atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Mar shampla, seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainmhínítear réitigh dhúlrabhunaithe mar “réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, a sholáthraíonn, go comhuaineach, tairbhí comhshaoil, tairbhí sóisialta agus tairbhí eacnamaíocha, agus a chuidíonn le hathléimneacht a chothú. Tugann na réitigh sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra, níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha, agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, i dtírdhreacha agus i muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a oiriúnaítear go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní”. Dá bhrí sin, is chun tairbhe na bithéagsúlachta na réitigh dhúlrabhunaithe agus is tacaíocht iad ó thaobh raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an [dáta glactha]: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (BG) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Neartú, COM/2013/249 final.

4.30.    Comhghiniúint ardéifeachtach téimh/fuaraithe agus cumhachta ó bhreoslaí gásacha iontaise

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Tógáil, athchóiriú agus oibriú saoráidí comhghiniúna téimh/fuaraithe agus cumhachta trí úsáid a bhaint as breoslaí gásacha iontaise lena gcomhlíontar na critéir i bpointe 1(a) de Roinn 4.30 d’Iarscríbhinn I. Ní áirítear leis an ngníomhaíocht sin comhghiniúint ardéifeachtach téimh/fuaraithe agus cumhacht ó úsáid eisiach breoslaí gásacha agus leachtacha inathnuaite neamhiontaise dá dtagraítear i Roinn 4.19 d’Iarscríbhinn I agus breoslaí bithgháis agus bithleachta dá dtagraítear i Roinn 4.20 d’Iarscríbhinn I.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach leis na cóid NACE D35.11 agus D35.30 i gcomhréir leis an aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (“réitigh oiriúnúcháin”) chun feidhme lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha aeráide is tábhachtaí atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide atá ábhartha don ghníomhaíocht as na rioscaí sin a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir riosca agus leochaileachta aeráide a dhéanamh a bhfuil na céimeanna seo a leanas ann:

(a)  scagadh ar an ngníomhaíocht chun a shainaithint cé na rioscaí fisiceacha aeráide ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmiú na gníomhaíochta eacnamaíche le linn a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht faoi riosca ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha aeráide a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú riosca agus leochaileachta aeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnúcháin lenar féidir an riosca fisiceach aeráide sainaitheanta a laghdú.

Tá an measúnú riosca agus leochaileachta aeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, déantar an measúnú, ar a laghad trí úsáid a bhaint as réamh-mheastacháin aeráide ar an scála is lú is iomchuí;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, déantar an measúnú agus úsáid á baint as réamh-mheastacháin aeráide úrscothacha ar an taifeach is airde atá ar fáil thar an raon reatha cásanna a bheidh ann amach anseo (1) atá comhsheasmhach le saolré ionchasach na gníomhaíochta, lena n-áirítear, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain le haghaidh infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus an measúnú tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar an treoir atá ar fáil agus cuirtear san áireamh iontu sin an eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus samhlacha foinse oscailte (3) nó samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnúcháin a cuireadh chun feidhme:

(a)  ní dhéanann siad dochar do na hiarrachtaí oiriúnúcháin ná don leibhéal athléimneachta in aghaidh rioscaí fisiceacha aeráide a bhaineann le daoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh dhúlrabhunaithe (4) nó bíonn siad ag brath ar an mbonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnúcháin áitiúla, earnálacha, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán orthu agus déantar iad a thomhas in aghaidh táscairí réamhshainithe agus déantar breithniú ar ghníomhaíocht feabhais i gcás nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás inar réiteach fisiceach é an réiteach a chuirtear chun feidhme agus inar gníomhaíocht é ar sonraíodh critéir scagtha theicniúla ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar, leis an réiteach, na critéir scagtha theicniúla don ghníomhaíocht sin gan dochar suntasach a dhéanamh.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Tá astaíochtaí GCT díreacha na gníomhaíochta níos ísle ná 270 g CO2e/kWh.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Neamhbhainteach

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí a bhaineann leis na raonta teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin.

Níl aon éifeacht trasmheáin mhór ann.

Maidir le gléasraí dócháin ar mó a n-ionchur teirmeach ná 1 MW ach atá faoi bhun na dtairseacha chun go mbeadh feidhm ag conclúidí BAT maidir le mórghléasraí dócháin, tá na hastaíochtaí faoi bhun na dteorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(1)   

Áirítear le cásanna a bheidh ann amach anseo conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Tuarascálacha Measúnachta ar an Athrú Aeráide: Impacts, Adaptation and Vulnerability a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht na Náisiún Aontaithe atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Mar shampla, seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainmhínítear réitigh dhúlrabhunaithe mar “réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, a sholáthraíonn, go comhuaineach, tairbhí comhshaoil, tairbhí sóisialta agus tairbhí eacnamaíocha, agus a chuidíonn le hathléimneacht a chothú. Tugann na réitigh sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra, níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha, agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, i dtírdhreacha agus i muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a oiriúnaítear go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní”. Dá bhrí sin, is chun tairbhe na bithéagsúlachta na réitigh dhúlrabhunaithe agus is tacaíocht iad ó thaobh raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an [dáta glactha]: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (BG) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Neartú, COM/2013/249 final.

4.31.    Táirgeadh téimh/fuaraithe ó bhreoslaí gásacha iontaise i gcóras téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Tógáil, athchóiriú agus oibriú saoráidí giniúna téimh lena dtáirgtear téamh/fuarú trí úsáid a bhaint as breoslaí gásacha iontaise atá nasctha le téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil de réir bhrí Airteagal 2(41) de Threoir 2012/27/AE lena gcomhlíontar na critéir i bpointe 1(a) de Roinn 4.31 d’Iarscríbhinn I. Ní áirítear leis an ngníomhaíocht sin táirgeadh téimh/fuaraithe ó théamh ceantair éifeachtúil ó úsáid eisiach breoslaí gásacha agus leachtacha inathnuaite neamhiontaise dá dtagraítear i Roinn 4.23 d’Iarscríbhinn I agus breoslaí bithgháis agus bithleachta dá dtagraítear i Roinn 4.24 d’Iarscríbhinn I.

Aicmítear an ghníomhaíocht faoin gcód NACE D35.30 i gcomhréir leis an aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (“réitigh oiriúnúcháin”) chun feidhme lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha aeráide is tábhachtaí atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide atá ábhartha don ghníomhaíocht as na rioscaí sin a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir riosca agus leochaileachta aeráide a dhéanamh a bhfuil na céimeanna seo a leanas ann:

(a)  scagadh ar an ngníomhaíocht chun a shainaithint cé na rioscaí fisiceacha aeráide ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmiú na gníomhaíochta eacnamaíche le linn a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht faoi riosca ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha aeráide a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú riosca agus leochaileachta aeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnúcháin lenar féidir an riosca fisiceach aeráide sainaitheanta a laghdú.

Tá an measúnú riosca agus leochaileachta aeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, déantar an measúnú, ar a laghad trí úsáid a bhaint as réamh-mheastacháin aeráide ar an scála is lú is iomchuí;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, déantar an measúnú agus úsáid á baint as réamh-mheastacháin aeráide úrscothacha ar an taifeach is airde atá ar fáil thar an raon reatha cásanna a bheidh ann amach anseo (1) atá comhsheasmhach le saolré ionchasach na gníomhaíochta, lena n-áirítear, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain le haghaidh infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus an measúnú tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar an treoir atá ar fáil agus cuirtear san áireamh iontu sin an eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus samhlacha foinse oscailte (3) nó samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnúcháin a cuireadh chun feidhme:

(a)  ní dhéanann siad dochar do na hiarrachtaí oiriúnúcháin ná don leibhéal athléimneachta in aghaidh rioscaí fisiceacha aeráide a bhaineann le daoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh dhúlrabhunaithe (4) nó bíonn siad ag brath ar an mbonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnúcháin áitiúla, earnálacha, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán orthu agus déantar iad a thomhas in aghaidh táscairí réamhshainithe agus déantar breithniú ar ghníomhaíocht feabhais i gcás nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás inar réiteach fisiceach é an réiteach a chuirtear chun feidhme agus inar gníomhaíocht é ar sonraíodh critéir scagtha theicniúla ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar, leis an réiteach, na critéir scagtha theicniúla don ghníomhaíocht sin gan dochar suntasach a dhéanamh.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Tá astaíochtaí GCT díreacha na gníomhaíochta níos ísle ná 270 g CO2e/kWh.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Neamhbhainteach

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí a bhaineann leis na raonta teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin.

Níl aon éifeacht trasmheáin mhór ann.

Maidir le gléasraí dócháin ar mó a n-ionchur teirmeach ná 1 MW ach atá faoi bhun na dtairseacha chun go mbeadh feidhm ag conclúidí BAT maidir le mórghléasraí dócháin, tá na hastaíochtaí faoi bhun na dteorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(1)   

Áirítear le cásanna a bheidh ann amach anseo conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Tuarascálacha Measúnachta ar an Athrú Aeráide: Impacts, Adaptation and Vulnerability a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht na Náisiún Aontaithe atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Mar shampla, seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainmhínítear réitigh dhúlrabhunaithe mar “réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, a sholáthraíonn, go comhuaineach, tairbhí comhshaoil, tairbhí sóisialta agus tairbhí eacnamaíocha, agus a chuidíonn le hathléimneacht a chothú. Tugann na réitigh sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra, níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha, agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, i dtírdhreacha agus i muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a oiriúnaítear go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní”. Dá bhrí sin, is chun tairbhe na bithéagsúlachta na réitigh dhúlrabhunaithe agus is tacaíocht iad ó thaobh raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an [dáta glactha]: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (BG) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Neartú, COM/2013/249 final.

▼B

5.   SOLÁTHAR UISCE, SÉARACHAS, BAINISTIÚ DRAMHAÍOLA AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ FEABHSÚCHÁIN

5.1.    Córais bailithe, cóireála agus soláthair uisce a fhoirgniú, a leathnú agus a oibriú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Córais bailithe, cóireála agus soláthair uisce a fhoirgniú, a leathnú agus a oibriú.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe E36.00 agus F42.99 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

5.2.    Córais bailithe, cóireála agus soláthair uisce a athnuachan

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Córais bailithe, cóireála agus soláthair uisce a athnuachan, lena n-áirítear athnuachan ar bhonneagair bailithe, cóireála agus dáilte uisce le haghaidh riachtanais bhaile agus thionsclaíocha. Ní thugann sé aon athrú ábhartha le fios maidir le méid an tsreafa a bhailítear, a chóireáiltear nó a sholáthraítear.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe E36.00 agus F42.99 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

5.3.    Córais bailithe agus cóireála fuíolluisce a fhoirgniú, a leathnú agus a oibriú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Córais fuíolluisce láraithe, lena n-áirítear bailiú (líonra séarachais) agus cóireáil, a fhoirgniú, a leathnú agus a oibriú.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe E37.00 agus F42.99 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Tá measúnú déanta ar na hastaíochtaí GCT díreacha ón gcóras láraithe fuíolluisce, lena n-áirítear bailiú (líonra séarachais) agus cóireáil (6). Nochtar na torthaí d’infheisteoirí agus do chliaint ach iad a iarraidh.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

I gcás ina ndéantar an fuíolluisce a chóireáil chuig leibhéal atá oiriúnach lena athúsáid in uisciú talmhaíochta, tá na gníomhartha a éilítear chun riosca a bhainistiú le go seachnófar tionchar comhshaoil sainmhínithe agus curtha chun feidhme (7).

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann scaoileadh amach in uiscí glactha na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 91/271/CEE nó de réir mar a éilítear i bhforálacha náisiúnta ina luaitear na huasleibhéil truailleán incheadaithe ó scaoileadh amach in uiscí glactha.

Tá bearta cuí curtha chun feidhme chun forsceitheadh iomarcach uisce stoirme ón gcóras bailithe fuíolluisce a sheachaint agus a mhaolú, a bhféadfadh a bheith san áireamh leo réitigh bunaithe ar an dúlra, córais ar leithligh chun uisce stoirme a bhailiú, umair choinneála agus cóireáil an scagtha tosaigh.

Úsáidtear sloda camrais i gcomhréir le Treoir 86/278/CEE nó de réir mar a cheanglaítear sa dlí náisiúnta maidir le sloda a scaipeadh ar an ithir nó sloda a chur ar an ithir agus san ithir ar aon bhealach eile.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Mar shampla, treoirlínte IPCC d'fhardail náisiúnta GCT maidir le cóireáil fuíolluisce (leagan an 4.6.2021: https://www.ipcc-nggip.iges.or.jp/public/2019rf/pdf/5_Volume5/19R_V5_6_Ch06_Wastewater.pdf).

(7)   

De réir mar a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir leis na híoscheanglais le haghaidh uisce a athúsáid (IO L 177, 5.6.2020, lch. 32).

5.4.    Bailiú agus cóireáil fuíolluisce a athnuachan

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Córais láraithe fuíolluisce a athnuachan, lena n-áirítear bailiú (líonra séarachais) agus cóireáil. Ní thugann sé aon athrú ábhartha le fios maidir le hualach nó méid an tsreafa a bhailítear nó a chóireáiltear sa chóras fuíolluisce.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE E37.00 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Dramhaíl neamhghuaiseach a bhailiú agus a iompar ar leithligh i gcodáin aonair nó mheasctha ( 96 ) dírithe ar an dramhaíl a ullmhú le haghaidh athúsáide nó athchúrsála.

D’fhéadfaí na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe E37.00 agus F42.99 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Tá plean faireachán i bhfeidhm maidir le sceitheadh meatáin sa tsaoráid.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí atá bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach le haghaidh cóireáil anaeróbach dramhaíola sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh bainistíocht dramhaíola (6). Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

I gcás ina bhfuil sé i gceist an díleáiteán a fhágtar mar thoradh a úsáid mar leasachán nó feabhsaitheoir ithreach, cuirtear a thoilleadh nítrigine (le leibhéal lamháltais ±25 %) in iúl don cheannaitheoir nó don eintiteas atá i bhfeighil an díleáiteán a bhaint.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1147.

5.7.    Díleá anaeróbach bithdhramhaíola

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí tiomnaithe a fhoirgniú agus a oibriú le haghaidh bithdhramhaíl ( 97 ) a bhailítear ar leithligh a chóireáil trí dhíleá anaeróbach agus an táirgeadh agus an úsáid bithgháis agus díleáiteán nó ceimiceán mar thoradh air sin.

D’fhéadfaí na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe E38.21 agus F42.99 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Tá plean faireacháin agus teagmhais i bhfeidhm d’fhonn sceitheadh meatáin sa tsaoráid a íoslaghdú.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Maidir le gléasraí díleá anaeróbaigh a dhéanann níos mó ná 100 tona a chóireáil in aghaidh an lae, tá astaíochtaí chuig aer agus chuig uisce laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí atá bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach le haghaidh cóireáil anaeróbach dramhaíola sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh bainistíocht dramhaíola (6). Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

Comhlíonann an díleáiteán arna tháirgeadh na ceanglais maidir le hábhair leasacháin a leagtar amach i gCatagóirí na nÁbhar Comhpháirte (CMC) 4 agus 5 le haghaidh díleáiteáin nó CMC 3 le haghaidh múirín, de réir mar is infheidhme, in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009, nó rialacha náisiúnta maidir le leasacháin nó feabhsaitheoirí ithreach le haghaidh úsáid talmhaíochta.

Cuirtear toilleadh nítrigine (leibhéal lamháltais ±25 %) an díleáiteáin a úsáidtear mar leasachán nó mar fheabhsaitheoir ithreach in iúl don cheannaitheoir nó don eintiteas atá i bhfeighil an díleáiteán a bhaint.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1147.

5.8.    Múiríniú bithdhramhaíola

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí tiomnaithe a fhoirgniú agus a oibriú le haghaidh bithdhramhaíl a bhailítear ar leithligh a chóireáil trí mhúiríniú (díleá anaeróbach) agus an táirgeadh agus an úsáid múirín mar thoradh air sin. ( 98 )

D’fhéadfaí na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe E38.21 agus F42.99 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

N/B

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Maidir le gléasraí múirínithe a dhéanann níos mó ná 75 tona a chóireáil in aghaidh an lae, tá astaíochtaí chuig aer agus chuig uisce laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí atá bainteach leis na raonta de na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach le haghaidh cóireáil anaeróbach dramhaíola sna conclúidí ábhartha is déanaí de na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh cóireáil dramhaíola (6). Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.

Tá córas i bhfeidhm ar an láthair a chuireann cosc ar láisteáit screamhuisce a bhaint amach.

Comhlíonann an múirín arna tháirgeadh na ceanglais maidir le hábhair leasacháin a leagtar amach i gCatagóir na nÁbhar Comhpháirte 3 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009, nó rialacha náisiúnta maidir le leasacháin nó feabhsaitheoirí ithreach le haghaidh úsáid talmhaíochta.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1147.

5.9.    Aisghabháil ábhair ó dhramhaíl neamhghuaiseach

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saoráidí a fhoirgniú agus a oibriú chun sruthanna dramhaíola neamhghuaisí a bhailítear ar leithligh a shórtáil agus a phróiseáil ina n-amhábhair thánaisteacha trí phróiseas athphróiseála meicniúil, seachas chun críocha aislíonta.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe E38.32 agus F42.99 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

5.10.    Gás láithreáin líonta a ghabháil agus a úsáid

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Bonneagar a shuiteáil agus a oibriú chun gás láithreáin líonta ( 99 ) a ghabháil agus a úsáid i láithreán líonta talún nó cealla líonta talún atá dúnta go buan, agus úsáid á baint as trealamh agus saoráidí teicniúla tiomnaithe nua nó forlíontacha a suiteáladh i rith dhúnadh an láithreáin nó an chill líonta talún nó ina dhiaidh.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE E38.21 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Tá plean faireachán i bhfeidhm maidir le sceitheadh meatáin sa tsaoráid.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Déantar dúnadh buan agus feabhsúchán sean-líonta talún, chomh maith le hiarchúram ina leith, sa chás ina bhfuil córas gabhála gás láithreáin líonta suiteáilte, i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

(a)  na ceanglais ghinearálta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 1999/31/CE;

(b)  nósanna imeachta um rialú agus faireachán a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

5.11.    Iompar CO2

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Iompar CO2 ghafa, píblínte CO2 a fhoirgniú agus a oibriú agus líonraí gáis a iarfheistiú i gcás inarb é an príomhchuspóir CO2 ghafa a chomhtháthú agus i gcás inarb amhlaidh:

(a) 

déantar CO2 a iompar ón ngléasra ina ngabhtar í chuig an bpointe inteilgin ach ní bhíonn sceitheadh CO2 ina thoradh air sin os cionn 0,5 % de mhais CO2 a dhéantar a iompar;

(b) 

déantar CO2 a sheachadadh chuig láithreán stórála buaine CO2 lena gcomhlíontar na critéir le haghaidh stóráil gheolaíoch faoi thalamh CO2 a leagtar amach i roinn 5.12 den Iarscríbhinn seo; nó chuig módúlachtaí eile iompair, a théann go díreach chuig láithreán stórála buaine CO2 lena gcomhlíontar na critéir sin;

(c) 

cuirtear córais braite sceite iomchuí i bhfeidhm agus tá plean faireacháin i bhfeidhm, agus fíordheimhníonn tríú páirtí neamhspleách an tuarascáil;

(d) 

d’fhéadfaí a chuimsiú leis an ngníomhaíocht suiteáil sócmhainní lena méadaítear solúbthacht agus lena bhfeabhsaítear bainistíocht líonra atá ann cheana.

D’fhéadfadh an ghníomhaíocht a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe F42.21 agus H49.50 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Tá plean faireacháin i bhfeidhm maidir le sceitheadh CO2.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

5.12.    Stóráil bhuan gheolaíoch CO2 faoi thalamh

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Stóráil bhuan CO2 ghafa i bhfoirmíochtaí geolaíocha iomchuí faoi thalamh.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE E39.00 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Tá plean faireacháin i bhfeidhm maidir le sceitheadh CO2.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann an ghníomhaíocht Treoir 2009/31/CE.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

▼M2

5.13.    Díshalannú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Tógáil, oibriú, nuashonrú, síneadh agus athnuachan gléasraí díshalannaithe chun uisce a tháirgeadh atá le dáileadh i gcórais soláthair uisce óil.

Áirítear ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch astarraingt uisce mhuirí nó goirt, réamhchóireáil (amhail cóireáil a ceapadh chun éilleáin a bhaint, foirmiú scála nó salú scannáin), cóireáil (amhail cúlosmóis ag baint úsáid as teicneolaíocht scannáin), iarchóireáil (dífhabhtú agus riochtú) agus uisce próiseáilte a stóráil. Áirítear leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch freisin diúscairt sáile (uisce diúltaithe) a bhaintear amach trí phíopaí domhainfharraige nó eis-sreafaí lena soláthraítear caolú, nó trí theicnící sceite sáile eile do ghléasra atá suite ar láithreán níos faide isteach faoin tír (amhail teicnící sceite sáile le haghaidh díshalannú uisce goirt).

Féadfar an ghníomhaíocht eacnamaíoch a chur i bhfeidhm maidir le huiscí a bhfuil leibhéil éagsúla salandachta acu, ar choinníoll nach gcáilíonn na huiscí sin mar fhionnuisce, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/60/CE.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe E36.00 agus F42.9 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

I gcás ina gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo an critéar rannchuidithe shubstaintiúil a shonraítear i bpointe 5, is gníomhaíocht chumasúcháin í an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (“réitigh oiriúnaithe”) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide atá ábhartha don ghníomhaíocht ó na cinn a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cé na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche le linn a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach don aeráid a sainaithníodh a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, déantar an measúnú agus úsáid á baint as réamh-mheastacháin aeráide úrscothacha ar an taifeach is airde atá ar fáil thar an raon reatha cásanna a bheidh ann amach anseo (3) atá comhsheasmhach le saolré ionchasach na gníomhaíochta, lena n-áirítear, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain le haghaidh infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoraíocht atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (3), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (5) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh chun feidhme:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, ón dúlra, ón oidhreacht chultúrtha, ó shócmhainní agus ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh dhúlrabhunaithe (6) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (6) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus tomhas orthu in aghaidh táscairí réamhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin i gcás nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás inar réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear chun feidhme agus ina gcuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar leis an réiteach na critéir scagtha theicniúla gan dochar suntasach a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

5.  Ionas go mbreithneofar gníomhaíocht mar ghníomhaíocht chumasúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852, léiríonn an t-oibreoir eacnamaíoch, trí mheasúnú ar rioscaí aeráide reatha agus amach anseo, lena n-áirítear neamhchinnteacht agus bunaithe ar shonraí láidre, go soláthraíonn an ghníomhaíocht teicneolaíocht, táirge, seirbhís, faisnéis, nó cleachtas, nó go gcuireann sí a gcuid úsáidí chun cinn le ceann de na príomhchuspóirí seo a leanas:

(a)  leibhéal na seasmhachta a mhéadú in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, ón dúlra, ón oidhreacht chultúrtha, ó shócmhainní agus ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  rannchuidiú le hiarrachtaí oiriúnaithe daoine eile, an dúlra, na hoidhreachta cultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní sháraíonn na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón ngléasra díshalannaithe 1 080 gCO2e/m3 d’fhionnuisce arna tháirgeadh (lena n-áirítear cóireálacha, caidéalú agus diúscairt sáile agus an úsáid fuinnimh ghaolmhar).

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Sainaithnítear rioscaí díghrádaithe comhshaoil a bhaineann le cáilíocht an uisce a chosaint agus strus maidir le huisce a sheachaint agus tugtar aghaidh ar na rioscaí sin agus é d’aidhm aige sin stádas maith uisce agus acmhainn mhaith éiceolaíoch a bhaint amach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí (22) agus (23), de Rialachán (AE) 2020/852, i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE (1) agus plean bainistíochta úsáide agus cosanta uisce, a fhorbraítear fúthu don dobharlach nó do na dobharlaigh a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh, i gcomhairle le páirtithe leasmhara ábhartha.

D’údaraigh an t-údarás inniúil an tionscadal, faoi chuimsiú an bhainistithe comhtháite acmhainní uisce, agus, mar thosaíocht, chuir sé na roghanna soláthair uisce inmharthana eile go léir, bainistiú an éilimh ar uisce agus bearta éifeachtúlachta san áireamh, i gcomhairle leis na húdaráis bhainistíochta uisce.

Déantar Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol (MTC) nó scagadh i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, agus áirítear ann measúnú ar an tionchar ar fhionnuisce agus ar uiscí mara i gcomhréir le Treoracha 2000/60/CE agus 2008/56/CE.

Ní chuireann an ghníomhaíocht isteach ar bhaint amach stádas maith comhshaoil uiscí mara ná ní dhéantar meathlú léi ar uiscí mara a bhfuil stádas maith comhshaoil acu cheana féin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (21), de Rialachán (AE) 2020/852, agus i gcomhréir le Treoir 2008/56/CE, lena gceanglaítear go háirithe go ndéanfar na bearta iomchuí chun tionchair a chosc nó a mhaolú i ndáil leis na tuairisceoirí a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, agus Cinneadh (AE) 2017/848 á chur san áireamh i ndáil leis na critéir ábhartha agus na caighdeáin mhodheolaíochta maidir leis na tuairisceoirí sin.

Comhlíonann an ghníomhaíocht Treoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

Chun teorainn a chur le haimhrialtachtaí teirmeacha a bhaineann le sceitheadh dramhtheasa, rialaíonn oibreoir na ngléasraí díshalannaithe na nithe seo a leanas:

(a)  teocht uasta an dobharlaigh glactha uisce mara tar éis an mheasctha;

(b)  an difríocht teochta uasta idir an t-uisce sáile sceite agus an dobharlach glactha uisce mara.

Cuirtear an rialú teochta chun feidhme i gcomhréir leis na luachanna tairsí a leagtar amach i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Tá an diúscairt sáile bunaithe ar staidéar ar an tionchar ar an gcomhshaol lena n-áirítear measúnú suíomh-shonrach ar thionchair atá gaolmhar le diúscairt mhuirí sáile agus na gnéithe seo a leanas á gcur san áireamh:

(a)  tuairisc agus tuiscint ar na dálaí bonnlíne áitiúla, amhail cáilíocht uisce farraige, topagrafaíocht, saintréithe hidridinimiciúla, agus éiceachórais mhuirí bunaithe ar thomhais allamuigh agus ar shuirbhéanna;

(b)  anailís ar thionchair sceite sáile, bunaithe ar shamhaltú easraithe ar an sceitheadh sáile agus ar thástáil tocsaineachta saotharlainne, dírithe ar choinníollacha sábháilte sceite a shainiú agus tiúchan salainn, alcaileacht iomlán, teocht agus miotail thocsaineacha á gcur san áireamh.

Tá an leibhéal sonraí is gá sa mheasúnú oiriúnach do mhéid, do phróisis agus do rátaí aisghabhála an ghléasra díshalannaithe, chomh maith lena shuíomh.

Léirítear sa staidéar ar an tionchar ar an gcomhshaol nach dtagann meath ar shláine an éiceachórais mar gheall ar an tionchar a bhíonn ag sceitheadh sáile.

Bunaithe ar an staidéar ar an tionchar ar an gcomhshaol, glacann an ghníomhaíocht critéir maidir le scaoileadh sáile sábháilte, lena n-áirítear cuspóirí íosta maidir le caolú sáile suíomh-shonrach, bunaithe ar thréithriú iomchuí na ndálaí uisce áitiúla, na n-éiceachóras, na speiceas agus na ngnáthóg, chun na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag diúscairt sáile a mhaolú.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Cuireadh Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol nó scagadh (4) i gcrích i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta ábhartha maidir le MTC (5). I gcás ina ndearnadh MTC, tá na bearta maolaithe, athbhunaithe nó cúiteacha a éilítear chun an comhshaol a chosaint curtha chun feidhme.

Níl éifeachtaí móra ag an ngníomhaíocht ar limistéir faoi chosaint (láithreáin Oidhreachta Domhanda Unesco, Príomhlimistéir Bhithéagsúlachta, chomh maith le limistéir eile faoi chosaint seachas láithreáin Natura 2000), agus speicis faoi chosaint bunaithe ar mheasúnú ar a tionchar lena gcuirtear san áireamh an t-eolas is fearr atá ar fáil (6).

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Tuarascálacha Measúnachta ar an Athrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht, a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht na Náisiún Aontaithe atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainmhínítear réitigh dhúlrabhunaithe mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, a sholáthraíonn, go comhuaineach, tairbhí comhshaoil, tairbhí sóisialta agus tairbhí eacnamaíocha, agus a chuidíonn le hathléimneacht a chothú. Tugann na réitigh sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra, níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha, agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, i dtírdhreacha agus i muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a oiriúnaítear go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, is chun tairbhe na bithéagsúlachta na réitigh dhúlrabhunaithe agus is tacaíocht iad ó thaobh raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an [27.6.2023]: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM(2013) 249 final).

(6)   

Maidir le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme nó le caighdeáin idirnáisiúnta lena saothraítear cuspóirí coibhéiseacha maidir le stádas maith uisce agus acmhainn mhaith éiceolaíoch, trí rialacha nós imeachta agus substainteacha, i.e. plean bainistíochta maidir le húsáid uisce agus cosaint uisce arna fhorbairt i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha lena n-áirithítear an méid seo a leanas 1) go ndéanfar measúnú ar thionchar na ngníomhaíochtaí ar stádas sainaitheanta nó ar acmhainn éiceolaíoch an dobharlaigh nó na ndobharlach a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh agus 2) go seachnófar meathlú nó cosc ar stádas maith/acmhainn mhaith éiceolaíoch, nó, sa chás nach féidir sin a dhéanamh, 3) go mbeidh údar maith leis an easpa roghanna malartacha comhshaoil níos fearr nach bhfuil costas díréireach ag baint leo/dodhéanta go teicniúil, agus go ndéantar gach beart praiticiúil chun an drochthionchar ar stádas an dobharlaigh a mhaolú.

(7)   

Treoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat do phleanáil spásúil mhuirí (IO L 257, 28.8.2014, lch. 135).

(8)   

An nós imeachta trína gcinneann an t-údarás inniúil cé acu a bheidh nó nach mbeidh na tionscadail a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/92/AE faoi réir ag measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol (dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Treoir sin).

(9)   

Le haghaidh gníomhaíochtaí i dtríú tíortha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme a éilíonn go ndéanfaí MTC nó scagadh, mar shampla, Caighdeán Feidhmíochta 1 na Corparáide Airgeadais Idirnáisiúnta (IFC): Measúnú agus Bainistíocht Rioscaí Comhshaoil agus Sóisialta.

(10)   

Le haghaidh gníomhaíochtaí atá suite i dtríú tíortha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme, a dhíríonn ar chaomhnú gnáthóg nádúrtha, fauna fiáin agus flora fiáin, agus a éilíonn go ndéantar (1) nós imeachta scagtha lena chinneadh an bhfuil gá, le haghaidh gníomhaíocht ar leith, le measúnú iomchuí ar na tionchair féideartha ar ghnáthóga agus speicis faoi chosaint; (2) measúnú iomchuí den sórt sin i gcás ina gcinntear ón scagadh go bhfuil gá leis, mar shampla, Caighdeán Feidhmíochta 6 na Corparáide Airgeadais Idirnáisiúnta (IFC): Caomhnú na Bithéagsúlachta agus Bainistíocht Inbhuanaithe na mBeo-Acmhainní Nádúrtha.

▼B

6.   IOMPAR

6.1.    Iompar paisinéirí d’iarnród idiruirbeach

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Iompar paisinéirí a cheannach, a mhaoiniú, a fháil ar cíos, a léasú agus a oibriú agus úsáid á baint as rothstoc iarnróid ar líonraí príomhlíne, scaipthe amach thar cheantar geografach fairsing, iompar paisinéirí trí bhíthin iarnróid idiruirbeacha agus carráistí codlata nó proinncharranna a oibriú mar oibríocht chomhtháite cuideachtaí iarnróid.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe H49.10, N77.39 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, go háirithe i rith cothabhála.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann innill chun innill féinghluaiste (RLL) a thiomáint agus innill chun cairr iarnróid (RLR) a thiomáint teorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1628.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

6.2.    Iompair lastais iarnróid

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Iompar lasta ar líonraí iarnróid príomhlíne, chomh maith le hiarnróid lasta ghearrlíne, a cheannach, a mhaoiniú, a léasú, a fháil ar cíos agus a oibriú.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe H49.20 agus N77.39 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Níl na traenacha ná na vaigíní tiomnaithe do bhreoslaí iontaise a iompar.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, go háirithe i rith cothabhála.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann innill chun innill féinghluaiste (RLL) a thiomáint agus innill chun cairr iarnróid (RLR) a thiomáint teorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1628.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

6.3.    Iompar uirbeach agus fo-uirbeach, paisinéirí a iompar de bhóthar

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Feithiclí iompair uirbeacha agus fo-uirbeacha a cheannach, a mhaoiniú, a léasú, a fháil ar cíos agus a oibriú le haghaidh paisinéirí agus paisinéirí a iompar de bhóthar.

Áirítear léi feithiclí a oibriú a ainmnítear mar chatagóirí M2 nó M3, i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2018/858, le haghaidh iompar paisinéirí a sholáthar.

D'fhéadfaí a áireamh leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo oibriú modhanna difriúla iompair talún, amhail de mhótarbhus, tram, bus tralaí, iarnród faoi thalamh agus iarnród ardaithe. Cuimsítear freisin sa ghníomhaíocht línte baile-go-haerfort nó baile-go-stáisiún agus oibriú iarnród cáblach agus cábla-bhealaigh i gcás inar chuid de chórais idirthurais uirbeacha nó fo-uirbeacha iad.

Cuimsítear freisin sna gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo seirbhísí bus fada sceidealaithe, seirbhísí cairtfhostaithe, turais agus seirbhísí bus ócáideacha eile, seirbhísí tointeála aerfoirt (lena n-áirítear laistigh d’aerfoirt), oibriú busanna scoile le haghaidh iompair.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe H49.31, H49.3.9, N77.39 agus N77.11 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

NÍ BHAINEANN LE HÁBHAR (6)

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú sa chéim úsáide (cothabháil) agus nuair a bhíonn a ré caite ag an bhflít araon, lena n-áirítear trí bhíthin ceallraí agus leictreonaic a athúsáid agus a athchúrsáil (go háirithe na hamhábhair chriticiúla iontu), i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola.

▼M2

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Le haghaidh feithiclí bóthair de chatagóir M, comhlíonann na boinn ceanglais torainn sheachtraigh rollta san aicme is airde a úsáidtear agus Comhéifeacht Friotaíochta Rollta (a bhfuil tionchar aige ar éifeachtúlacht fuinnimh na feithicle) sa dá aicme is airde a úsáidtear mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2020/740 agus mar is féidir a fhíorú ó Bhunachar Sonraí Táirgí Eorpach le haghaidh Lipéadú Fuinnimh (EPREL).

I gcás inarb infheidhme, comhlíonann feithiclí ceanglais na céime is déanaí is infheidhme de chineálcheadú astaíochtaí tromshaothair Euro VI a leagtar amach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009.

▼B

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Is gá go gcomhlíonfadh feithiclí na critéir le haghaidh DNSH chun truailliú a chosc agus a rialú mar a shonraítear sa chuid seo, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le leibhéil astaíochtaí CO2.

6.4.    Gairis soghluaisteachta phearsanta a oibriú, lóistíocht rothar

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Gairis ghluaiseachta pearsanta nó gairis iompair a dhíol, a cheannach, a léasú, a fháil ar cíos agus a oibriú i gcás ina dtagann tiomáint ó ghníomhaíocht choirp an úsáideora, ó mhótar astaíochtaí nialasacha, nó ó mheascán de mhótar astaíochtaí nialasacha agus de ghníomhaíocht choirp. Áirítear leis sin seirbhísí iompair lasta (lastas) de rothair.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe N77.11 agus N77.21 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú sa chéim úsáide (cothabháil) agus nuair a bhíonn a ré caite ag an bhflít, lena n-áirítear trí bhíthin ceallraí agus leictreonaic a athúsáid agus a athchúrsáil (go háirithe na hamhábhair chriticiúla iontu), i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

▼M2

6.5.    Iompar le gluaisrothair, le gluaisteáin paisinéirí agus le feithiclí éadroma tráchtála

▼B

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

▼M2

Ceannach, maoiniú, ligean ar cíos, léasú agus oibriú feithiclí a ainmnítear mar chatagóir M1 ( 100 ), N1 ( 101 ) a dtagann an dá cheann díobh faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 715/2007, nó L (feithiclí dhá roth agus trí roth agus cuadrothair) ( 102 ).

Le haghaidh feithiclí de chatagóirí M1 agus N1, tá na hastaíochtaí sonracha CO2, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (h), de Rialachán (AE) 2019/631, nach mó ná na spriocanna astaíochtaí CO2 le haghaidh an fhlít uile (6).

Is iad na spriocluachanna astaíochtaí CO2 le haghaidh an fhlít uile atá le meas:

(a)  go dtí an 31 Nollaig 2024:

(i)  luachanna NEDC, na spriocluachanna mar a shonraítear in Airteagal 1, míreanna 2-3 de Rialachán (AE) 2019/631: 95 gCO2/km maidir le feithiclí i gcatagóir M1 agus 147 gCO2/km maidir le feithiclí i gcatagóir N1;

(ii)  maidir le luachanna WLTP, spriocanna le haghaidh fhlít uile an Aontais 2021, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I le Rialachán (AE) 2019/631, i Roinn A, pointe 6.0 maidir le feithiclí i gcatagóir M1 agus i Roinn B, pointe 6.0 maidir le feithiclí i gcatagóir N1. Go dtí go bhfoilsítear sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais 2021, cuirfear fachtóir coinbhéartachta 1.21 agus 1.24 faoi seach i bhfeidhm ar na feithiclí sin i gcatagóir M1 agus N1 a gcuirtear a n-astaíochtaí CO2 in iúl de réir nós imeachta tástála WLTP d’fhonn an t-aistriú ó NEDC go WLTP a thabhairt san áireamh, a mbeidh na luachanna WLTP comhfhreagracha 115 gCO2/km maidir le feithiclí i gcatagóir M1 agus 182 gCO2/km maidir le feithiclí i gcatagóir N1 mar thoradh air;

(b)  ón 1 Eanáir 2025, na spriocluachanna mar a shainítear in Airteagal 1, mír 4 de Rialachán (AE) 2019/631.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá na nithe a leanas ag baint le feithiclí i gcatagóirí M1 agus N1:

(a)  in-athúsáidte nó in-athchúrsáilte go dtí íosmhéid 85 % de réir meáchain;

(b)  in-athúsáidte nó in-aisghabhála go dtí íosmhéid 95 % de réir meáchain (7).

Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú sa chéim úsáide (cothabháil) agus nuair a bhíonn a ré caite ag an bhflít, lena n-áirítear trí bhíthin ceallraí agus leictreonaic a athúsáid agus a athchúrsáil (go háirithe na hamhábhair chriticiúla iontu), i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola.

▼M2

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann feithiclí ceanglais na céime is déanaí is infheidhme de chineálcheadú astaíochtaí saothair éadroim Euro 6 (4) a leagtar amach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007.

Comhlíonann feithiclí na tairseacha astaíochtaí le haghaidh feithiclí saothair éadroim glana a leagtar amach i dTábla 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2009/33/CE.

Le haghaidh feithiclí bóthair de chatagóirí M agus N, comhlíonann na boinn ceanglais torainn sheachtraigh rollta san aicme is airde a úsáidtear agus Comhéifeacht Friotaíochta Rollta (a bhfuil tionchar aige ar éifeachtúlacht fuinnimh na feithicle) sa dá aicme is airde a úsáidtear mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2020/740 agus mar is féidir a fhíorú ó Bhunachar Sonraí Táirgí Eorpach le haghaidh Lipéadú Fuinnimh (EPREL).

Comhlíonann feithiclí Rialachán (AE) Uimh. 540/2014.

▼B

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Is gá go gcomhlíonfadh feithiclí na critéir le haghaidh DNSH chun truailliú a chosc agus a rialú mar a shonraítear sa chuid seo, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le leibhéil astaíochtaí CO2.

(7)   

De réir mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I de Threoir 2005/64/CE.

(8)   

Rialachán (AE) Uimh. 2018/1832 ón gCoimisiún.

6.6.    Seirbhísí iompair lastais de bhóthar

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Feithiclí a cheannach, a mhaoiniú, a léasú, a fháil ar cíos agus a oibriú a ainmnítear mar chatagóirí N1, N2 ( 103 ) nó N3 ( 104 ) a thiteann laistigh de raon feidhme EURO VI ( 105 ), céim E nó a chomharba maidir le seirbhísí iompair lastais de bhóthar.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe H49.4.1, H53.10, H53.20 agus N77.12 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

1.  Níl na feithiclí tiomnaithe do bhreoslaí iontaise a iompar.

2.  Maidir le feithiclí i gcatagóir N2 agus N3 a thiteann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2019/1242, tá astaíochtaí CO2 sonracha díreacha ag na feithiclí atá cothrom le hastaíochtaí CO2 tagartha na bhfeithiclí uile san fhoghrúpa céanna nó níos ísle ná sin, mar a shainítear in Airteagal 3 den Rialachán sin (6).

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá na nithe a leanas ag baint le feithiclí i gcatagóirí N1, N2 agus N3:

(a)  in-athúsáidte nó in-athchúrsáilte go dtí íosmhéid 85 % de réir meáchain;

(b)  in-athúsáidte nó in-aisghabhála go dtí íosmhéid 95 % de réir meáchain (7).

Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú sa chéim úsáide (cothabháil) agus nuair a bhíonn a ré caite ag an bhflít, lena n-áirítear trí bhíthin ceallraí agus leictreonaic a athúsáid agus a athchúrsáil (go háirithe na hamhábhair chriticiúla iontu), i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola.

▼M2

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Le haghaidh feithiclí bóthair de chatagóirí M agus N, comhlíonann na boinn ceanglais torainn sheachtraigh rollta san aicme is airde a úsáidtear agus Comhéifeacht Friotaíochta Rollta (a bhfuil tionchar aige ar éifeachtúlacht fuinnimh na feithicle) sa dá aicme is airde a úsáidtear mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2020/740 agus mar is féidir a fhíorú ó Bhunachar Sonraí Táirgí Eorpach le haghaidh Lipéadú Fuinnimh (EPREL).

Comhlíonann feithiclí ceanglais na céime is déanaí is infheidhme de chineálcheadú astaíochtaí tromshaothair Euro VI (6) a leagtar amach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009.

Comhlíonann feithiclí Rialachán (AE) Uimh. 540/2014.

▼B

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Is gá go gcomhlíonfadh gach feithicil na critéir le haghaidh DNSH chun truailliú a chosc agus a rialú mar a shonraítear sa chuid seo, lena n-áirítear maidir le leibhéil astaíochtaí CO2.

(7)   

Mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/64/CE.

(8)   

Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear i bhfeidhm agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus lena leasaítear Iarscríbhinní I agus III a ghabhann le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 167, 25.6.2011, lch. 1).

6.7.    Iompar intíre ar uisce do phaisinéirí

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Soithí paisinéirí a cheannach, a mhaoiniú, a léasú, a fháil ar cíos agus a oibriú ar uiscí intíre, lena mbaineann soithí nach bhfuil oiriúnach d’iompar farraige.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe H50.30 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú, i gcéim úsáide agus ag deireadh saolré an tsoithigh araon, i gcomhréir leis an ordlathas dramhaíola, lena n-áirítear rialú agus bainistíocht ábhar guaiseach ar bord long agus a n-athchúrsáil shábháilte a áirithiú.

Maidir le flít ceallra-oibrithe, áirítear ar na bearta sin ceallraí agus leictreonaic a athúsáid agus a athchúrsáil, lena n-áirítear na hamhábhair chriticiúla istigh iontu.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann innill i soithí na teorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1628 (lena n-áirítear soithí a chomhlíonann na teorainneacha sin gan réitigh faofa cineáil amhail trí iarchóireáil).

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

6.8.    Iompar intíre lastais ar uisce

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Soithí lastais a cheannach, a mhaoiniú, a léasú, a fháil ar cíos agus a oibriú ar uiscí intíre, lena mbaineann soithí nach bhfuil oiriúnach d’iompar farraige.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe H50.4 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Níl na soithí tiomnaithe do bhreoslaí iontaise a iompar.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú, i gcéim úsáide agus ag deireadh saolré an tsoithigh araon, i gcomhréir leis an ordlathas dramhaíola, lena n-áirítear rialú agus bainistíocht ábhar guaiseach ar bord long agus a n-athchúrsáil shábháilte a áirithiú.

Maidir le flít ceallra-oibrithe, áirítear ar na bearta sin ceallraí agus leictreonaic a athúsáid agus a athchúrsáil, lena n-áirítear na hamhábhair chriticiúla istigh iontu.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann soithí na teorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1628 (lena n-áirítear soithí a chomhlíonann na teorainneacha sin gan réitigh faofa cineáil amhail trí iarchóireáil).

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

6.9.    Iarfheistiú iompair paisinéirí agus lasta ar uisce intíre

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Iarfheistiú agus uasghrádú soithí le haghaidh lasta nó paisinéirí a iompar ar uiscí intíre, lena mbaineann soithí nach bhfuil oiriúnach d’iompar farraige.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe H50.4, H50.30 agus C33.15 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú, i gcéim úsáide agus ag deireadh saolré an tsoithigh araon, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola.

Maidir le flít ceallra-oibrithe, áirítear ar na bearta sin ceallraí agus leictreonaic a athúsáid agus a athchúrsáil, lena n-áirítear na hamhábhair chriticiúla istigh iontu.

Maidir le longa reatha os cionn 500 olltonnáiste agus longa nuathógtha a thagann ina n-ionad, comhlíonann an ghníomhaíocht ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 a bhaineann leis an bhfardal ábhar guaiseach ar bord. Déantar longa a athchúrsáil i saoráidí atá san áireamh ar an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long mar a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2016/2323 ón gCoimisiún.

Comhlíonann an ghníomhaíocht Treoir (AE) 2019/883 a mhéid a bhaineann leis an gcomhshaol muirí a chosaint ar thionchair dhiúltacha mar thoradh ar sceitheadh dramhaíola as longa.

Oibrítear an long i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO, go háirithe d’fhonn cainníochtaí laghdaithe dramhaíola a tháirgeadh agus chun sceitheadh dleathach a laghdú, trína dhramhaíl a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe agus nach ndéanann dochar don chomhshaol.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Maidir le hastaíochtaí ocsaídí sulfair agus ábhair cháithníneacha a laghdú, comhlíonann soithí Treoir (AE) 2016/802 agus Rialachán 14 (6) d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO. Tá sulfar in ábhar breosla nach mó ná mais 0,5 % (an teorainn domhanda sulfair) agus mais 0,1 % sa limistéar rialaithe astaíochtaí (ECA) arna ainmniú ag IMO sa Mhuir Thuaidh agus i Muir Bhailt (7).

Maidir le hastaíochtaí ocsaídí nítrigine (NOx), comhlíonann soithí Rialachán 13 (8) d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO. Tá feidhm ag ceanglas NOx Leibhéal II maidir le longa a tógadh i ndiaidh 2011. Agus iad á n-oibriú i limistéir rialaithe astaíochtaí NOx a bunaíodh faoi rialacha IMO agus sin amháin, comhlíonann longa a tógadh i ndiaidh an 1 Eanáir 2016 ceanglais innill níos déine (Leibhéal III) chun astaíochtaí NOx a laghdú (9).

Comhlíonann sceitheadh uisce dhuibh agus léith Iarscríbhinn IV a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO.

Tá bearta i bhfeidhm chun tocsaineacht péinte frithscreamha agus bithicídí a íoslaghdú, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, lena gcuirtear an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Chórais Dhíobhálacha Frithsmálaithe ar Longa a Rialú, a glacadh an 5 Deireadh Fómhair 2001, chun feidhme i ndlí an Aontais.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Coisctear scaoileadh uisce ballasta ina bhfuil speicis neamhdhúchasacha i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Rialú agus Bainistiú Uisce Ballasta agus Dríodar Long (BWM).

Tá bearta i bhfeidhm chun tabhairt isteach speiceas neamhdhúchasach a chosc mar gheall ar bhithsmálú na cabhlach agus limistéir nideoige long ag tabhairt Treoirlínte um Bithsmálú IMO san áireamh (10).

Cuirtear teorainn le torann agus creathadh trí liáin, dearadh cabhlach nó innealra ar bord a laghdaíonn torann a úsáid i gcomhréir leis an treoir a thugtar i dTreoirlínte IMO um Thorann Faoi Uisce a Laghdú (11).

San Aontas, ní chuireann an ghníomhaíocht isteach ar stádas maith comhshaoil a bhaint amach, mar a leagtar amach i dTreoir 2008/56/CE, rud lena n-éilítear go nglacfaí bearta iomchuí chun tionchair i ndáil le Tuairisceoirí 1 (bithéagsúlacht), 2 (speicis neamhdhúchasacha), 6 (sláine ghrinneall na farraige), 8 (ábhar salaithe), 10 (bruscar muirí), 11 (Torann/Fuinneamh) na Treorach agus mar a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2017/848 ón gCoimisiún i ndáil leis na critéir ábhartha agus na caighdeáin mhodheolaíochta do na tuairisceoirí sin, de réir mar is infheidhme.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

(Leagan an 4.6.2021: http://www.imo.org/en/OurWork/Environment/PollutionPrevention/AirPollution/Pages/Sulphur-oxides-(SOx)-%E2%80%93-Regulation-14.aspx).

(7)   

A mhéid a bhaineann leis na ceanglais atá i bhfeidhm sa Limistéar Rialaithe Astaíochtaí a shíneadh chuig farraigí eile san Aontas Eorpach, tá cruthú ECA ábhartha faoi chreat dlíthiúil Choinbhinsiún Barcelona á phlé ag tíortha ar imeall na Meánmhara.

(8)   

(Leagan an 4.6.2021: http://www.imo.org/en/OurWork/Environment/PollutionPrevention/AirPollution/Pages/Nitrogen-oxides-(NOx)-–-Regulation-13.aspxo.

(9)   

I bhfarraigí de chuid an Aontais, tá an ceanglas infheidhme ón mbliain 2021 i leith, i Muir Bhailt agus sa Mhuir Thuaidh.

(10)   

Treoirlínte IMO maidir le rialú agus bainistíocht bithsmálú long chun aistriú speiceas uisceach ionrach a íoslaghdú, rún MEPC.207(62).

(11)   

Treoirlínte IMO le haghaidh Torann Faoi Uisce ó Loingeas Tráchtála a Laghdú chun Aghaidh a Thabhairt ar Dhrochthionchar ar an mBeatha Mhuirí (MEPC.1/Circ.833).

6.11.    Iompar ar muir agus ar uiscí cósta do phaisinéirí

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Soithí arna ndearadh agus arna bhfeistiú chun iompar paisinéirí a chur ar fáil, ar uiscí farraige nó cósta, cibé an bhfuil siad sceidealaithe nó nach bhfuil, a cheannach, a mhaoiniú, a chairtfhostú (le criú nó gan chriú) agus a oibriú. Áirítear ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo báid farantóireachta, tacsaithe uisce agus bád turais, cúrsála nó amharc ar radhairc.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe H50.10, N77.21 agus N77.34 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú, i gcéim úsáide agus ag deireadh saolré an tsoithigh araon, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola.

Maidir le flít ceallra-oibrithe, áirítear ar na bearta sin ceallraí agus leictreonaic a athúsáid agus a athchúrsáil, lena n-áirítear na hamhábhair chriticiúla istigh iontu.

Maidir le longa reatha os cionn 500 olltonnáiste agus longa nuathógtha a thagann ina n-ionad, comhlíonann an ghníomhaíocht ceanglas Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 a bhaineann leis an bhfardal ábhar guaiseach. Déantar longa a athchúrsáil i saoráidí atá san áireamh ar an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long mar a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2016/2323 ón gCoimisiún.

Comhlíonann an ghníomhaíocht Treoir (AE) 2019/883 maidir leis an gcomhshaol muirí a chosaint ar thionchair dhiúltacha mar thoradh ar sceitheadh dramhaíola as longa.

Oibrítear an long i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO, go háirithe d’fhonn cainníochtaí laghdaithe dramhaíola a tháirgeadh agus chun sceitheadh dleathach a laghdú, trína dhramhaíl a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe agus nach ndéanann dochar don chomhshaol.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Maidir le hastaíochtaí ocsaídí sulfair agus ábhair cháithníneacha a laghdú, comhlíonann soithí Treoir (AE) 2016/802 agus Rialachán 14 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO. Tá sulfar in ábhar breosla nach mó ná mais 0,5 % (an teorainn domhanda sulfair) agus mais 0,1 % sa limistéar rialaithe astaíochtaí (ECA) arna ainmniú ag IMO sa Mhuir Thuaidh agus i Muir Bhailt (6).

Maidir le hastaíochtaí ocsaídí nítrigine (NOx), comhlíonann soithí Rialachán 13 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO. Tá feidhm ag ceanglas NOx Leibhéal II maidir le longa a tógadh i ndiaidh 2011. Agus iad á n-oibriú i limistéir rialaithe astaíochtaí NOx a bunaíodh faoi rialacha IMO agus sin amháin, comhlíonann longa a tógadh i ndiaidh an 1 Eanáir 2016 ceanglais innill níos déine (Leibhéal III) chun astaíochtaí NOx a laghdú (7).

Comhlíonann sceitheadh uisce dhuibh agus léith Iarscríbhinn IV a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO.

Tá bearta i bhfeidhm chun tocsaineacht péinte frithscreamha agus bithicídí a íoslaghdú, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, lena gcuirtear an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Chórais Dhíobhálacha Frithsmálaithe ar Longa a Rialú, a glacadh an 5 Deireadh Fómhair 2001, chun feidhme i ndlí an Aontais.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Coisctear scaoileadh uisce ballasta ina bhfuil speicis neamhdhúchasacha i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Rialú agus Bainistiú Uisce Ballasta agus Dríodar Long (BWM).

Tá bearta i bhfeidhm chun tabhairt isteach speiceas neamhdhúchasach a chosc mar gheall ar bhithsmálú na cabhlach agus limistéir nideoige long ag tabhairt Treoirlínte um Bithsmálú IMO san áireamh (8).

Cuirtear teorainn le torann agus creathadh trí liáin, dearadh cabhlach nó innealra ar bord a laghdaíonn torann a úsáid i gcomhréir leis an treoir a thugtar i dTreoirlínte IMO um Thorann Faoi Uisce a Laghdú (9).

San Aontas, ní chuireann an ghníomhaíocht isteach ar stádas maith comhshaoil a bhaint amach, mar a leagtar amach i dTreoir 2008/56/CE, rud lena n-éilítear go nglacfaí bearta iomchuí chun tionchair i ndáil le Tuairisceoirí 1 (bithéagsúlacht), 2 (speicis neamhdhúchasacha), 6 (sláine ghrinneall na farraige), 8 (ábhar salaithe), 10 (bruscar muirí), 11 (Torann/Fuinneamh) na Treorach agus mar a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2017/848 ón gCoimisiún i ndáil leis na critéir ábhartha agus na caighdeáin mhodheolaíochta do na tuairisceoirí sin, de réir mar is infheidhme.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

A mhéid a bhaineann leis na ceanglais atá i bhfeidhm sa Limistéar Rialaithe Astaíochtaí a shíneadh chuig farraigí eile san Aontas Eorpach, tá cruthú ECA ábhartha faoi chreat dlíthiúil Choinbhinsiún Barcelona á phlé ag tíortha ar imeall na Meánmhara.

(7)   

I bhfarraigí de chuid an Aontais, tá an ceanglas infheidhme ón mbliain 2021 i leith, i Muir Bhailt agus sa Mhuir Thuaidh.

(8)   

Treoirlínte IMO maidir le rialú agus bainistíocht bithsmálú long chun aistriú speiceas uisceach ionrach a íoslaghdú, rún MEPC.207(62).

(9)   

Treoirlínte IMO le haghaidh Torann Faoi Uisce ó Loingeas Tráchtála a Laghdú chun Aghaidh a Thabhairt ar Dhrochthionchar ar an mBeatha Mhuirí (MEPC.1/Circ.833).

6.12.    Iarfheistiú iompar lasta agus paisinéirí ar muir agus ar uiscí cósta

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Iarfheistiú agus uasghrádú soithí arna ndearadh agus arna bhfeistiú le haghaidh lasta nó paisinéirí a iompar ar muir nó ar uiscí cósta, agus ar shoithí a éilítear le haghaidh oibríochtaí calafoirt agus gníomhaíochtaí cúntacha, amhail tugaí, soithí múrála, soithí píolótacha, soithí tarrthálais agus bristeoirí oighir.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cóid NACE H50.10, H50.2, H52.22, C33.15, N77.21 agus N.77.34 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

▼M2

Rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide

▼B

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

▼M2

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Níl na soithí tiomnaithe do bhreoslaí iontaise a iompar.

▼B

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú, i gcéim úsáide agus ag deireadh saolré an tsoithigh araon, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola.

Maidir le flít ceallra-oibrithe, áirítear ar na bearta sin ceallraí agus leictreonaic a athúsáid agus a athchúrsáil, lena n-áirítear na hamhábhair chriticiúla istigh iontu.

Maidir le longa reatha os cionn 500 olltonnáiste agus longa nuathógtha a thagann ina n-ionad, comhlíonann an ghníomhaíocht ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 a bhaineann leis an bhfardal ábhar guaiseach. Déantar longa a athchúrsáil i saoráidí atá san áireamh ar an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long mar a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2016/2323 ón gCoimisiún.

Comhlíonann an ghníomhaíocht Treoir (AE) 2019/883 a mhéid a bhaineann leis an gcomhshaol muirí a chosaint ar thionchair dhiúltacha mar thoradh ar sceitheadh dramhaíola as longa.

Oibrítear an long i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO, go háirithe d’fhonn cainníochtaí laghdaithe dramhaíola a tháirgeadh agus chun sceitheadh dleathach a laghdú, trína dhramhaíl a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe agus nach ndéanann dochar don chomhshaol.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Maidir le hastaíochtaí ocsaídí sulfair agus ábhair cháithníneacha a laghdú, comhlíonann soithí Treoir (AE) 2016/802 agus Rialachán 14 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO. Tá sulfar in ábhar breosla nach mó ná mais 0,5 % (an teorainn domhanda sulfair) agus mais 0,1 % sa limistéar rialaithe astaíochtaí (ECA) arna ainmniú ag IMO sa Mhuir Thuaidh agus i Muir Bhailt (6).

Maidir le hastaíochtaí ocsaídí nítrigine (NOx), comhlíonann soithí Rialachán 13 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO. Tá feidhm ag ceanglas NOx Leibhéal II maidir le longa a tógadh i ndiaidh 2011. Agus iad á n-oibriú i limistéir rialaithe astaíochtaí NOx a bunaíodh faoi rialacha IMO agus sin amháin, comhlíonann longa a tógadh i ndiaidh an 1 Eanáir 2016 ceanglais innill níos déine (Leibhéal III) chun astaíochtaí NOx a laghdú (7).

Comhlíonann sceitheadh uisce dhuibh agus léith Iarscríbhinn IV a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO.

Tá bearta i bhfeidhm chun tocsaineacht péinte frithscreamha agus bithicídí a íoslaghdú, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, lena gcuirtear an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Chórais Dhíobhálacha Frithsmálaithe ar Longa a Rialú, a glacadh an 5 Deireadh Fómhair 2001, chun feidhme i ndlí an Aontais.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Coisctear scaoileadh uisce ballasta ina bhfuil speicis neamhdhúchasacha i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Rialú agus Bainistiú Uisce Ballasta agus Dríodar Long (BWM).

Tá bearta i bhfeidhm chun tabhairt isteach speiceas neamhdhúchasach a chosc mar gheall ar bhithsmálú na cabhlach agus limistéir nideoige long ag tabhairt Treoirlínte um Bithsmálú IMO san áireamh (8).

Cuirtear teorainn le torann agus creathadh trí liáin, dearadh cabhlach nó innealra ar bord a laghdaíonn torann a úsáid i gcomhréir leis an treoir a thugtar i dTreoirlínte IMO um Thorann Faoi Uisce a Laghdú (9).

San Aontas, ní chuireann an ghníomhaíocht isteach ar stádas maith comhshaoil a bhaint amach, mar a leagtar amach i dTreoir 2008/56/CE, rud lena n-éilítear go nglacfaí bearta iomchuí chun tionchair i ndáil le Tuairisceoirí 1 (bithéagsúlacht), 2 (speicis neamhdhúchasacha), 6 (sláine ghrinneall na farraige), 8 (ábhar salaithe), 10 (bruscar muirí), 11 (Torann/Fuinneamh) na Treorach agus mar a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2017/848 ón gCoimisiún i ndáil leis na critéir ábhartha agus na caighdeáin mhodheolaíochta do na tuairisceoirí sin, de réir mar is infheidhme.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

A mhéid a bhaineann leis na ceanglais atá i bhfeidhm sa Limistéar Rialaithe Astaíochtaí a shíneadh chuig farraigí eile san Aontas Eorpach, tá cruthú ECA ábhartha faoi chreat dlíthiúil Choinbhinsiún Barcelona á phlé ag tíortha ar imeall na Meánmhara.

(7)   

I bhfarraigí de chuid an Aontais, tá an ceanglas infheidhme ón mbliain 2021 i leith, i Muir Bhailt agus sa Mhuir Thuaidh.

(8)   

Treoirlínte IMO maidir le rialú agus bainistíocht bithsmálú long chun aistriú speiceas uisceach ionrach a íoslaghdú, rún MEPC.207(62).

(9)   

Treoirlínte IMO le haghaidh Torann Faoi Uisce ó Loingeas Tráchtála a Laghdú chun Aghaidh a Thabhairt ar Dhrochthionchar ar an mBeatha Mhuirí (MEPC.1/Circ.833).

6.13.    Bonneagar le haghaidh gluaiseacht phearsanta, lóistíocht rothar

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Bonneagar a fhoirgniú agus a oibriú maidir le gluaiseacht phearsanta, lena n-áirítear foirgniú bóithre, droichead agus tollán ar mhótarbhealaí agus cineálacha bonneagair eile atá tiomnaithe do choisithe agus do rothair, bíodh rothair leictreacha nó gnáthrothair i gceist.

▼M2

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe F42.11, F42.12, F42.13, F43.21, M71.12 agus M71.20 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

▼B

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déantar 70 % ar a laghad (de réir meáchain) de dhramhaíl foirgníochta agus scartála neamhghuaiseach (cé is moite d’ábhar a fhaightear go nádúrtha dá dtagraítear in aicme 17 05 04 sa Liosta Dramhaíola Eorpach a bunaíodh le Cinneadh 2000/532/CE) a ghintear ar an láithreán foirgníochta a ullmhú lena hathúsáid, lena hathchúrsáil nó le haghaidh aisghabháil ábhar eile, lena n-áirítear oibríochtaí aislíonta ina n-úsáidtear dramhaíl in ionad ábhair eile, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh (6). Cuireann oibreoirí teorainn le giniúint dramhaíola i bpróisis a bhaineann le foirgniú agus scartáil, i gcomhréir le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Tógála agus Scartála an Aontais Eorpaigh, trí na teicnící is fearr atá ar fáil a chur san áireamh agus scartáil roghnaíoch a úsáid chun baint agus láimhseáil shábháilte substaintí guaiseacha a chumasú agus chun athúsáid agus athchúrsáil ardcháilíochta a éascú ach ábhair a bhaint go roghnaíoch, trí úsáid a bhaint as na córais sórtála atá ar fáil le haghaidh dramhaíl foirgnithe agus scartála.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Déantar bearta chun torann, deannach agus astaíochtaí truailleán a laghdú i rith oibreacha foirgníochta nó cothabhála.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/growth/content/eu-construction-and-demolition-waste-protocol-0_en).

6.14.    Bonneagar d'iompar iarnróid

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Iarnróid agus íosbhealaí chomh maith le droichid agus tolláin, stáisiúin, críochfoirt, saoráidí seirbhísí iarnróid ( 106 ), córais bhainistíochta sábháilteachta agus tráchta a fhoirgniú, a nuachóiriú, a oibriú agus a chothabháil, lena n-áirítear seirbhísí ailtireachta, seirbhísí innealtóireachta, seirbhísí dréachtaithe, seirbhísí cigireachta foirgneamh agus seirbhísí suirbhéireachta agus mapála agus a leithéid a sholáthar chomh maith le feidhmiú tástála fisicí, ceimicí agus anailísí eile ar gach cineál ábhar agus táirge.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe F42.12, F42.13, M71.12, M71.20, F43.21 agus H52.21 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní thiomnaítear an bonneagar do bhreoslaí iontaise a iompar ná a stóráil.

I gcás bonneagar nua nó athchóiriú mór, áirithíodh go bhfuil an bonneagar aeráid-díonach i gcomhréir leis an gcleachtas aeráid-díonach iomchuí lena n-áirítear lorg carbóin agus scáthchostas carbóin atá sainmhínithe go soiléir. Cumhdaíonn lorg carbóin den sórt sin astaíochtaí raon feidhme 1-3, agus léiríonn sé nach mbíonn astaíochtaí gás ceaptha teasa coibhneasta breise ann mar gheall ar an mbonneagar, arna ríomh ar bhonn toimhdí, luachanna agus nósanna imeachta coimeádacha.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déantar 70 % ar a laghad (de réir meáchain) de dhramhaíl foirgníochta agus scartála neamhghuaiseach (cé is moite d’ábhar a fhaightear go nádúrtha dá dtagraítear in aicme 17 05 04 sa Liosta Dramhaíola Eorpach a bunaíodh le Cinneadh 2000/532/CE) a ghintear ar an láithreán foirgníochta a ullmhú lena hathúsáid, lena hathchúrsáil nó le haghaidh aisghabháil ábhar eile, lena n-áirítear oibríochtaí aislíonta ina n-úsáidtear dramhaíl in ionad ábhair eile, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh (6). Cuireann oibreoirí teorainn le giniúint dramhaíola i bpróisis a bhaineann le foirgniú agus scartáil, i gcomhréir le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Tógála agus Scartála an Aontais Eorpaigh, trí na teicnící is fearr atá ar fáil a chur san áireamh agus scartáil roghnaíoch a úsáid chun baint agus láimhseáil shábháilte substaintí guaiseacha a chumasú agus chun athúsáid agus athchúrsáil ardcháilíochta a éascú ach ábhair a bhaint go roghnaíoch, trí úsáid a bhaint as na córais sórtála atá ar fáil le haghaidh dramhaíl foirgnithe agus scartála.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

I gcás inarb iomchuí, i bhfianaise íogaireacht an limistéir dá ndéantar difear, go háirithe i dtéarmaí mhéid an daonra dá ndéantar difear, maolaítear torann agus creathanna ó úsáid an bhonneagair trí úsáid a bhaint as trinsí oscailte, bacainní balla nó bearta eile agus comhlíonann siad Treoir 2002/49/CE.

Déantar bearta chun torann, deannach agus astaíochtaí truailleán a laghdú i rith oibreacha foirgníochta nó cothabhála.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/growth/content/eu-construction-and-demolition-waste-protocol-0_en).

6.15.    Bonneagar a chumasaíonn iompar ar bóthar agus iompar poiblí

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Mótarbhealaí, sráideanna, bóithre, bealaí eile d’fheithiclí agus do choisithe, obair dhromchla ar shráideanna, bóithre, mórbhealaí, droichid nó tolláin a fhoirgniú, a nuachóiriú, a chothabháil agus a oibriú agus rúidbhealaí aerpháirce a fhoirgniú, lena n-áirítear seirbhísí ailtireachta, seirbhísí innealtóireachta, seirbhísí dréachtaithe, seirbhísí cigireachta foirgneamh agus seirbhísí suirbhéireachta agus mapála agus a leithéid a sholáthar chomh maith le feidhmiú tástála fisicí, ceimicí agus anailísí eile ar gach cineál ábhar agus táirge, agus ní áirítear suiteáil soilsiú sráide agus comharthaí leictreacha leis.

▼M2

D’fhéadfaí na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a aicmiú faoi roinnt cóid NACE, go háirithe F42.11, F42.13, M71.12 agus M71.20 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

▼B

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní thiomnaítear an bonneagar do bhreoslaí iontaise a iompar ná a stóráil.

I gcás bonneagar nua nó athchóiriú mór, áirithíodh go bhfuil an bonneagar aeráid-díonach i gcomhréir leis an gcleachtas aeráid-díonach iomchuí lena n-áirítear lorg carbóin agus scáthchostas carbóin atá sainmhínithe go soiléir. Cumhdaíonn lorg carbóin den sórt sin astaíochtaí raon feidhme 1-3, agus léiríonn sé nach mbíonn astaíochtaí gás ceaptha teasa coibhneasta breise ann mar gheall ar an mbonneagar, arna ríomh ar bhonn toimhdí, luachanna agus nósanna imeachta coimeádacha.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déantar 70 % ar a laghad (de réir meáchain) de dhramhaíl foirgníochta agus scartála neamhghuaiseach (cé is moite d’ábhar a fhaightear go nádúrtha a sainmhínítear in aicme 17 05 04 sa Liosta Dramhaíola Eorpach a bunaíodh le Cinneadh 2000/532/CE) a ghintear ar an láithreán foirgníochta a ullmhú lena hathúsáid, lena hathchúrsáil nó le haghaidh aisghabháil ábhar eile, lena n-áirítear oibríochtaí aislíonta ina n-úsáidtear dramhaíl in ionad ábhair eile, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh (6). Cuireann oibreoirí teorainn le giniúint dramhaíola i bpróisis a bhaineann le foirgniú agus scartáil, i gcomhréir le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Tógála agus Scartála an Aontais Eorpaigh, trí na teicnící is fearr atá ar fáil a chur san áireamh agus scartáil roghnaíoch a úsáid chun baint agus láimhseáil shábháilte substaintí guaiseacha a chumasú agus chun athúsáid agus athchúrsáil ardcháilíochta a éascú ach ábhair a bhaint go roghnaíoch, trí úsáid a bhaint as na córais sórtála atá ar fáil le haghaidh dramhaíl foirgnithe agus scartála.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

I gcás inarb ábhartha, maolaítear torann agus creathanna ó úsáid an bhonneagair trí úsáid a bhaint as trinsí oscailte, bacainní balla nó bearta eile agus comhlíonann siad Treoir 2002/49/CE.

Déantar bearta chun torann, deannach agus astaíochtaí truailleán a laghdú i rith oibreacha foirgníochta nó cothabhála.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

I gcás inarb ábhartha, áirithítear nach leatar speicis ionracha trí chothabháil a dhéanamh ar an bhfásra feadh bhonneagar an iompair de bhóthar.

Tá bearta maolaithe curtha chun feidhme chun imbhuailtí fiadhúlra a sheachaint.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/growth/content/eu-construction-and-demolition-waste-protocol-0_en).

6.16.    Bonneagar d'iompar ar uisce

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Uiscebhealaí, oibreacha ar chuanta agus ar aibhneacha, calafoirt phléisiúir, loic, dambaí agus fálta cosanta agus eile a fhoirgniú, a nuachóiriú agus a oibriú lena n-áirítear seirbhísí ailtireachta, seirbhísí innealtóireachta, seirbhísí dréachtaithe, seirbhísí cigireachta foirgneamh agus seirbhísí suirbhéireachta agus mapála agus a leithéid a sholáthar chomh maith le feidhmiú tástála fisicí, ceimicí agus anailísí eile ar gach cineál ábhar agus táirge agus ní áirítear leis gníomhaíocht bainistíochta tionscadail a bhaineann le hoibreacha innealtóireachta sibhialta.

Ní áirítear dreidireacht uiscebhealaí leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo.

▼M2

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe F42.91, M71.12 agus M71.20 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

▼B

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní thiomnaítear an bonneagar do bhreoslaí iontaise a iompar ná a stóráil.

I gcás bonneagar nua nó athchóiriú mór, áirithíodh go bhfuil an bonneagar aeráid-díonach i gcomhréir leis an gcleachtas aeráid-díonach iomchuí lena n-áirítear lorg carbóin agus scáthchostas carbóin atá sainmhínithe go soiléir. Cumhdaíonn lorg carbóin den sórt sin astaíochtaí raon feidhme 1-3, agus léiríonn sé nach mbíonn astaíochtaí gás ceaptha teasa coibhneasta breise ann mar gheall ar an mbonneagar, arna ríomh ar bhonn toimhdí, luachanna agus nósanna imeachta coimeádacha.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíonann an ghníomhaíocht forálacha Threoir 2000/60/CE, go háirithe na ceanglais ar fad a leagtar síos in Airteagal 4 den Treoir. I gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2000/60/CE agus go háirithe mír 7 den Airteagal sin, roimh athchóiriú/fhoirgníocht, déantar measúnú tionchair ar an tionscadal chun measúnú a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith aige ar stádas na ndobharlach laistigh den abhantrach céanna agus ar ghnáthóga agus ar speiceas cosanta atá ag brath go díreach ar an uisce, agus conairí imirce, aibhneacha atá ag sreabhadh go saor nó éiceachórais gar do choinníollacha nach bhfuil cur isteach orthu á gcur san áireamh go háirithe.

Tá an measúnú bunaithe ar shonraí cruinne, cuimsitheacha a fuarthas le déanaí, lena n-áirítear sonraí faireacháin ar ghnéithe cáilíochta bitheolaíocha atá íogair go sonrach d’athruithe hidreamhoirfeolaíocha, agus ar stádas ionchasach an dobharlaigh de thoradh na ngníomhaíochtaí nua, i gcomparáid leis an stádas atá ann faoi láthair.

Déantar measúnú, go háirithe, ar thionchair charnacha an tionscadail nua seo le bonneagar eile reatha nó beartaithe san abhantrach.

Ar bhonn an mheasúnaithe tionchair sin, fuarthas amach go gceaptar an tionscadal, ó thaobh dearaidh agus suímh de, agus ó thaobh bearta maolaithe de, le go gcloífidh sé le ceann de na ceanglais seo a leanas:

(a)  níl aon mheathlú sa tionscadal, ná ní chuireann sé as do dhea-stádas ná acmhainneacht an dobharlaigh shonraigh dá mbaineann sé a bhaint amach,

(b)  i gcás ina bhfuil baol ann go bhféadfadh an tionscadal meathlú a dhéanamh nó baint amach dhea-stádais/acmhainneacht an dobharlaigh shonraigh lena mbaineann sé a chur i mbaol, níl meathlú den sórt sin suntasach, agus tugtar údar iomchuí leis trí dhianmheasúnú costais agus tairbhe ina léireofar an dá cheann díobh seo a leanas:

(i)  na cúiseanna sáraitheacha a bhaineann leis an leas poiblí nó toisc gur mó na buntáistí a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal bonneagar loingseoireachta pleanáilte i dtéarmaí na mbuntáistí le maolú/oiriúnú don athrú aeráide ná na costais atá ag fabhrú chuig an gcomhshaol agus chuig an tsochaí mar thoradh ar mheath a bheith ag teacht ar stádas an uisce

(ii)  ní féidir, ar chúiseanna indéantachta teicniúla nó costais dhíréirigh, na sochair a bhfuiltear ag súil leo ón ngníomhaíocht, a bhaint amach ar mhodh malartach as a leanfadh toradh comhshaoil níos fearr (amhail réiteach bunaithe ar an dúlra, láthair mhalartach, bonneagair atá ann cheana a athshlánú/athchóiriú, nó teicneolaíochtaí nach gcuireann isteach ar leanúnachas aibhneacha a úsáid).

Tá gach beart maolaithe atá indéanta go teicniúil agus ábhartha go héiceolaíoch curtha chun feidhme d’fhonn drochthionchar ar uisce a laghdú, chomh maith le gnáthóga cosanta agus speicis a bhraitheann go díreach ar uisce.

I measc na mbeart imirce, i gcás inarb ábhartha agus ag brath ar na héiceachórais atá i láthair go nádúrtha sna dobharlaigh dá ndéantar difear:

(a)  bearta lena áirithiú go bhfuil coinníollacha chomh gar agus is féidir do leanúnachas nach bhfuil cur isteach air (lena n-áirítear bearta chun fadleanúnachas agus leanúnachas cliathánach, an sreabhadh éiceolaíoch agus dríodair is lú agus is féidir a áirithiú);

(b)  bearta chun coinníollacha agus gnáthóga moirfeolaíocha a chosaint nó a fheabhsú le haghaidh speiceas uisceach;

(c)  bearta chun drochthionchair an eotrófaithe a laghdú.

Déantar faireachán ar éifeachtacht na mbeart sin i gcomhthéacs an údaraithe nó an cheada ina leagtar amach na coinníollacha a bhfuil mar aidhm leo stádas maith nó acmhainneacht an dobharlaigh a ndéantar difear dó a bhaint amach.

Ní chuireann an tionscadal as go buan do dhea-stádas ná acmhainneacht a bhaint amach i gceann ar bith de na dobharlaigh sa cheantar abhantraí céanna.

Anuas ar na bearta maolaithe dá dtagraítear thuas, agus i gcás inarb ábhartha, cuirtear beara cúitimh chun feidhme lena áirithiú nach mbíonn meath stádais dobharlaigh sa cheantar abhantraí céanna mar thoradh ar an tionscadal. Baintear sin amach trí bhíthin leanúnachas (fad nó cliathánach) a thabhairt ar ais chuig an gceantar abhantraí céanna sa mhéid a chúiteodh an cur isteach ar leanúnachas a d’fhéadfadh an tionscadal bonneagar loingseoireachta a chruthú. Tosaíonn cúiteamh sula gcuirtear an tionscadal i ngníomh.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déantar 70 % ar a laghad (de réir meáchain) de dhramhaíl foirgníochta agus scartála neamhghuaiseach (cé is moite d’ábhar a fhaightear go nádúrtha a sainmhínítear in aicme 17 05 04 sa Liosta Dramhaíola Eorpach a bunaíodh le Cinneadh 2000/532/CE) a ghintear ar an láithreán foirgníochta a ullmhú lena hathúsáid, lena hathchúrsáil nó le haghaidh aisghabháil ábhar eile, lena n-áirítear oibríochtaí aislíonta ina n-úsáidtear dramhaíl in ionad ábhair eile, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh (6). Cuireann oibreoirí teorainn le giniúint dramhaíola i bpróisis a bhaineann le foirgniú agus scartáil, i gcomhréir le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Tógála agus Scartála an Aontais Eorpaigh, trí na teicnící is fearr atá ar fáil a chur san áireamh agus scartáil roghnaíoch a úsáid chun baint agus láimhseáil shábháilte substaintí guaiseacha a chumasú agus chun athúsáid agus athchúrsáil ardcháilíochta a éascú ach ábhair a bhaint go roghnaíoch, trí úsáid a bhaint as na córais sórtála atá ar fáil le haghaidh dramhaíl foirgnithe agus scartála.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Déantar bearta chun torann, creathadh, deannach agus astaíochtaí truailleán a laghdú i rith oibreacha foirgníochta nó cothabhála.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/growth/content/eu-construction-and-demolition-waste-protocol-0_en).

6.17.    Bonneagar aerfoirt

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Bonneagar a fhoirgniú, a nuachóiriú agus a oibriú atá riachtanach chun aerárthaí a bhfuil astaíocht nialasach CO2 ón sceithphíopa acu a oibriú nó le haghaidh oibríochtaí an aerfoirt féin, chomh maith le cumhacht leictreach talún fosaithe agus aer réamhchóirithe a sholáthar d’aerárthaí atá ina stad.

D’fhéadfaí na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a aicmiú faoi roinnt cóid NACE, go háirithe F41.20 agus F42.99 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní thiomnaítear an bonneagar do bhreoslaí iontaise a iompar ná a stóráil.

I gcás bonneagar nua nó athchóiriú mór, áirithíodh go bhfuil an bonneagar aeráid-díonach i gcomhréir leis an gcleachtas aeráid-díonach iomchuí lena n-áirítear lorg carbóin agus scáthchostas carbóin atá sainmhínithe go soiléir. Cumhdaíonn lorg carbóin den sórt sin astaíochtaí raon feidhme 1-3, agus léiríonn sé nach mbíonn astaíochtaí gás ceaptha teasa coibhneasta breise ann mar gheall ar an mbonneagar, arna ríomh ar bhonn toimhdí, luachanna agus nósanna imeachta coimeádacha.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déantar 70 % ar a laghad (de réir meáchain) de dhramhaíl foirgníochta agus scartála neamhghuaiseach (cé is moite d’ábhar a fhaightear go nádúrtha a sainmhínítear in aicme 17 05 04 sa Liosta Dramhaíola Eorpach a bunaíodh le Cinneadh 2000/532/CE) a ghintear ar an láithreán foirgníochta a ullmhú lena hathúsáid, lena hathchúrsáil nó le haghaidh aisghabháil ábhar eile, lena n-áirítear oibríochtaí aislíonta ina n-úsáidtear dramhaíl in ionad ábhair eile, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh (6). Cuireann oibreoirí teorainn le giniúint dramhaíola i bpróisis a bhaineann le foirgniú agus scartáil, i gcomhréir le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Tógála agus Scartála an Aontais Eorpaigh, trí na teicnící is fearr atá ar fáil a chur san áireamh agus scartáil roghnaíoch a úsáid chun baint agus láimhseáil shábháilte substaintí guaiseacha a chumasú agus chun athúsáid agus athchúrsáil ardcháilíochta a éascú ach ábhair a bhaint go roghnaíoch, trí úsáid a bhaint as na córais sórtála atá ar fáil le haghaidh dramhaíl foirgnithe agus scartála.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Déantar bearta chun torann, creathadh, deannach agus astaíochtaí truailleán a laghdú i rith oibreacha foirgníochta nó cothabhála.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/growth/content/eu-construction-and-demolition-waste-protocol-0_en).

7.   FOIRGNÍOCHT AGUS RÉADMHAOIN

7.1.    Foirgnimh nua a fhoirgniú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Tionscadail foirgníochta a fhorbairt le haghaidh foirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe, trí bhíthin modhanna airgeadais, teicniúla agus fisiceacha a thabhairt le chéile chun na tionscadail foirgníochta a réadú chun iad a dhíol níos faide anonn, chomh maith le foirgnimh chónaithe nó neamhchónaithe iomlána a fhoirgniú, ar a gcuntas féin lena ndíol nó ar bhonn táille nó conartha.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe F41.1 agus F41.2, lena n-áirítear freisin gníomhaíochtaí faoi F43, i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní thiomnaítear an foirgneamh d’eastóscadh, stóráil, iompar ná monarú breoslaí iontaise.

Ní mó an Príomhéileamh Fuinnimh (PED) (6) lena leagtar amach feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh ag eascairt as an bhfoirgníocht ná an tairseach a leagtar amach le haghaidh na gceanglas d’fhoirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh sa rialachán náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2010/31/AE. Deimhnítear an fheidhmíocht fuinnimh agus Deimhniú Feidhmíochta Fuinnimh (EPC) mar a tógadh á úsáid.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

I gcás ina suiteáiltear iad, seachas le haghaidh suiteálacha in aonaid foirgneamh cónaithe, deimhnítear an úsáid uisce shonrach le haghaidh na bhfearas uisce seo a leanas le bileoga sonraí táirge, deimhniúchán foirgneamh nó lipéad táirge atá ann cheana san Aontas, i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla a leagtar síos in Aguisín E a ghabhann le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo:

(a)  tá sreabhadh uasta uisce de 6 lítear/nóiméad ag sconnaí báisín níocháin agus sconnaí cistine;

(b)  tá sreabhadh uasta uisce de 8 lítear/nóiméad ag cithfholcadáin;

(c)  Tá toirt sruthlaithe iomlán uasta 6 lítear agus meántoirt sruthlaithe 3,5 lítear ag leithris, lena n-áirítear svuíteanna, soithí agus sistéil sruthlaithe;

(d)  úsáideann úirinéil uasmhéid de 2 lítear/soitheach/uair an chloig. Tá toirt sruthlaithe iomlán uasta 1 lítear ag úirinéil sruthlaithe.

Chun tionchar ón suíomh foirgníochta a sheachaint, comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déantar 70 % ar a laghad (de réir meáchain) de dhramhaíl foirgníochta agus scartála neamhghuaiseach (cé is moite d’ábhar a fhaightear go nádúrtha dá dtagraítear in aicme 17 05 04 sa Liosta Dramhaíola Eorpach a bunaíodh le Cinneadh 2000/532/CE) a ghintear ar an láithreán foirgníochta a ullmhú lena hathúsáid, lena hathchúrsáil nó le haghaidh aisghabháil ábhar eile, lena n-áirítear oibríochtaí aislíonta ina n-úsáidtear dramhaíl in ionad ábhair eile, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh (7). Cuireann oibreoirí teorainn le giniúint dramhaíola i bpróisis a bhaineann le foirgniú agus scartáil, i gcomhréir le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Tógála agus Scartála an Aontais Eorpaigh, trí na teicnící is fearr atá ar fáil a chur san áireamh agus scartáil roghnaíoch a úsáid chun baint agus láimhseáil shábháilte substaintí guaiseacha a chumasú agus chun athúsáid agus athchúrsáil ardcháilíochta a éascú ach ábhair a bhaint go roghnaíoch, trí úsáid a bhaint as na córais sórtála atá ar fáil le haghaidh dramhaíl foirgnithe agus scartála.

Tacaíonn dearaí foirgneamh agus teicnící foirgníochta le ciorclaíocht agus léiríonn siad go háirithe, i ndáil le ISO 20887 (9) nó le caighdeáin eile chun measúnú a dhéanamh ar a éasca atá sé foirgnimh a dhíchóimeáil nó a oiriúnú, an tslí a bhfuil siad deartha le bheith níos éifeachtúlaí ó thaobh acmhainní, níos inoiriúnaithe, níos solúbtha agus níos éasca le baint óna chéile le gur féidir iad a athúsáid agus a athchúrsáil.

▼M2

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann na comhpháirteanna tógála agus ábhair thógála a úsáideadh sa tógáil na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Maidir le comhpháirteanna tógála agus ábhair thógála a úsáidtear san fhoirgníocht a d’fhéadfadh a bheith i dteagmháil le háititheoirí (8), astaíonn siad níos lú ná 0,06 mg d’fhormaildéad in aghaidh an m3 d’aer seomra tástála de réir tástála i gcomhréir leis na coinníollacha a shonraítear in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus níos lú ná 0,001 mg de chomhdhúile so-ghalaithe orgánacha carcanaigineacha eile de chatagóirí 1A agus 1B in aghaidh an m3 d’aer seomra tástála, de réir tástála i gcomhréir le CEN/EN 16516 (9) nó ISO 16000-3 (10) nó de réir dálaí tástála agus modhanna cinntithe caighdeánaithe coibhéiseacha eile (11).

I gcás ina bhfuil fhoirgníocht nua lonnaithe ar láithreán a d’fhéadfadh a bheith éillithe (láithreán athfhorbraíochta), rinneadh an láithreán a imscrúdú le haghaidh éilleáin a d’fhéadfadh a bheith ann, mar shampla trí chaighdeán ISO 18400 (12) a úsáid.

Déantar bearta chun torann, deannach agus astaíochtaí truailleán a laghdú i rith oibreacha foirgníochta nó cothabhála.

▼B

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

Níl an fhoirgníocht nua tógtha ar cheann de na nithe seo a leanas:

(a)  talamh arúil agus talamh barr ina bhfuil leibhéal measartha go dtí ardleibhéal torthúlachta ithreach agus bithéagsúlachta faoi thalamh, dá dtagraítear i suirbhé LUCAS an Aontais (14);

(b)  láithreán úrnua a bhfuil ardluach bithéagsúlachta aitheanta aige agus talamh atá in úsáid mar ghnáthóg ag speicis faoi bhagairt (flora agus fauna) a liostaítear ar an Liosta Dearg Eorpach (15) nó ar Liosta Dearg IUCN (16);

(c)  talamh atá ag teacht leis an sainmhíniú ar fhoraois mar a leagtar amach sa dlí náisiúnta a úsáidtear san fhardal náisiúnta de gháis ceaptha teasa, nó i gcás nach bhfuil sé sin ar fáil, tá sé i gcomhréir le sainmhíniú FAO ar fhoraois (17).

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

An méid ríofa fuinnimh is gá chun freastal ar an éileamh fuinnimh bainteach le gnáth-úsáidí fuinnimh foirgnimh, á chur in iúl ag táscaire uimhriúil maidir le húsáid fuinnimh phríomha iomlán i kWh/m2 in aghaidh na bliana agus bunaithe ar an modheolaíocht ríomha náisiúnta ábhartha agus mar a léirítear ar an Deimhniú Feidhmíochta Fuinnimh (EPC).

(7)   

Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/growth/content/eu-construction-and-demolition-waste-protocol-0_en).

(8)   

ISO 20887:2020, Inbhuaine i bhfoirgnimh agus in oibreacha innealtóireachta sibhialta – Dearadh le haghaidh díchóimeála agus inoiriúnaitheachta – Prionsabail, ceanglais agus treoraíocht (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/69370.html).

(9)   

Tá feidhm aige seo maidir le péinteanna agus vearnaisí, tíleanna síleála, clúdaigh urláir lena n-áirítear greamacháin agus séaltáin lena mbaineann, insliú inmheánach agus cóireálacha dromchla inmheánaigh amhail cóireálacha in aghaidh taise agus múscáin.

(10)   

CEN/TS 16516: 2013, Táirgí foirgníochta – Measúnú ar scaoileadh substaintí contúirteacha – Astaíochtaí isteach san aer laistigh a chinneadh.

(11)   

ISO 16000-3:2011, Aer laistigh – Cuid 3: Formaildéad agus comhdhúile carbóinile in aer laistigh agus in aer seomra tástála a chinneadh – modh samplála gníomhaí.

(12)   

Baineann na tairseacha astaíochtaí le haghaidh comhdhúile so-ghalaithe orgánacha carcanaigineacha le tréimhse tástála 28 lá.

(13)   

Sraith ISO 18400 faoi cháilíocht Ithreach — Sampláil

(14)   

JRC ESDCA, LUCAS: Suirbhé Staidrimh Fráma Limistéir ar Chumhdach/Úsáid Talún (leagan an 4.6.2021: https://esdac.jrc.ec.europa.eu/projects/lucas).

(15)   

IUCN, Liosta Dearg Eorpach IUCN na Speiceas faoi Bhagairt (leagan an 4.6.2021: https://www.iucn.org/regions/europe/our-work/biodiversity-conservation/european-red-list-threatened-species).

(16)   

IUCN, Liosta Dearg IUCN na Speiceas faoi Bhagairt (leagan an 4.6.2021: https://www.iucnredlist.org).

(17)   

Talamh is fairsinge ná 0,5 heicteár agus é faoi chrainn is airde ná 5 mhéadar agus clúdach téastair aige is mó ná 10 %, nó faoi chrainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ. Ní áirítear leis talamh atá faoi úsáid talmhaíochta nó uirbeach den chuid is mó.

7.2.    Athchóiriú foirgneamh atá ann faoi láthair

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Oibreacha foirgníochta agus innealtóireachta sibhialta nó iad a ullmhú.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe F41 agus F43 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní thiomnaítear an foirgneamh d’eastóscadh, stóráil, iompar ná monarú breoslaí iontaise.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

I gcás ina suiteáiltear iad mar chuid de na hoibreacha athchóirithe, seachas oibreacha athchóirithe in aonaid foirgneamh cónaithe, deimhnítear an úsáid uisce shonrach le haghaidh na bhfearas uisce seo a leanas le bileoga sonraí táirge, deimhniúchán foirgneamh nó lipéad táirge atá ann cheana san Aontas, i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla a leagtar síos in Aguisín E a ghabhann le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo:

(a)  tá sreabhadh uasta uisce de 6 lítear/nóiméad ag sconnaí báisín níocháin agus sconnaí cistine;

(b)  tá sreabhadh uasta uisce de 8 lítear/nóiméad ag cithfholcadáin;

(c)  Tá toirt sruthlaithe iomlán uasta 6 lítear agus meántoirt sruthlaithe 3,5 lítear ag leithris, lena n-áirítear svuíteanna, soithí agus sistéil sruthlaithe;

(d)  úsáideann úirinéil uasmhéid de 2 lítear/soitheach/uair an chloig. Tá toirt sruthlaithe iomlán uasta 1 lítear ag úirinéil sruthlaithe.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Déantar 70 % ar a laghad (de réir meáchain) de dhramhaíl foirgníochta agus scartála neamhghuaiseach (cé is moite d’ábhar a fhaightear go nádúrtha dá dtagraítear in aicme 17 05 04 sa Liosta Dramhaíola Eorpach a bunaíodh le Cinneadh 2000/532/CE) a ghintear ar an láithreán foirgníochta a ullmhú lena hathúsáid, lena hathchúrsáil nó le haghaidh aisghabháil ábhar eile, lena n-áirítear oibríochtaí aislíonta ina n-úsáidtear dramhaíl in ionad ábhair eile, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh (6). Cuireann oibreoirí teorainn le giniúint dramhaíola i bpróisis a bhaineann le foirgniú agus scartáil, i gcomhréir le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Tógála agus Scartála an Aontais Eorpaigh, trí na teicnící is fearr atá ar fáil a chur san áireamh agus scartáil roghnaíoch a úsáid chun baint agus láimhseáil shábháilte substaintí guaiseacha a chumasú agus chun athúsáid agus athchúrsáil ardcháilíochta a éascú ach ábhair a bhaint go roghnaíoch, trí úsáid a bhaint as na córais sórtála atá ar fáil le haghaidh dramhaíl foirgnithe agus scartála.

Tacaíonn dearaí foirgneamh agus teicnící foirgníochta le ciorclaíocht agus léiríonn siad go háirithe, i ndáil le ISO 20887 (7) nó le caighdeáin eile chun measúnú a dhéanamh ar a éasca atá sé foirgnimh a dhíchóimeáil nó a oiriúnú, an tslí a bhfuil siad deartha le bheith níos éifeachtúlaí ó thaobh acmhainní, níos inoiriúnaithe, níos solúbtha agus níos éasca le baint óna chéile le gur féidir iad a athúsáid agus a athchúrsáil.

▼M2

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann na comhpháirteanna tógála agus ábhair thógála a úsáidtear san fhoirgníocht na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Maidir le comhpháirteanna tógála agus ábhair thógála a úsáidtear san athchóiriú foirgnimh a d’fhéadfadh a bheith i dteagmháil le háititheoirí (8), astaíonn siad níos lú ná 0,06 mg d’fhormaildéad in aghaidh an m3 d’aer seomra tástála de réir tástála i gcomhréir leis na coinníollacha a shonraítear in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus níos lú ná 0,001 mg de chomhdhúile so-ghalaithe orgánacha carcanaigineacha eile de chatagóirí 1A agus 1B in aghaidh an m3 d’aer seomra tástála de réir tástála i gcomhréir le CEN/EN 16516 (10) nó ISO 16000-3:2011 (11) nó de réir dálaí tástála agus modhanna cinntithe caighdeánacha coibhéiseacha eile (12).

Déantar bearta chun torann, deannach agus astaíochtaí truailleán a laghdú i rith oibreacha foirgníochta nó cothabhála.

▼B

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

N/B

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/growth/content/eu-construction-and-demolition-waste-protocol-0_en).

(7)   

ISO 20887:2020, Inbhuaine i bhfoirgnimh agus in oibreacha innealtóireachta sibhialta – Dearadh le haghaidh díchóimeála agus inoiriúnaitheachta – Prionsabail, ceanglais agus treoraíocht (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/69370.html).

(8)   

Tá feidhm aige seo maidir le péinteanna agus vearnaisí, tíleanna síleála, clúdaigh urláir (lena n-áirítear greamacháin agus séaltáin lena mbaineann), insliú inmheánach agus cóireálacha dromchla inmheánaigh (amhail cóireálacha in aghaidh taise agus múscáin).

(9)   

ISO 16000-3:2011, Aer laistigh – Cuid 3: Formaildéad agus comhdhúile carbóinile in aer laistigh agus in aer seomra tástála a chinneadh – modh samplála gníomhaí (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/51812.html).

(10)   

CEN/TS 16516: 2013, Táirgí foirgníochta — Measúnú ar scaoileadh substaintí contúirteacha — Astaíochtaí isteach san aer laistigh a chinneadh.

(11)   

ISO 16000-3:2011, Aer laistigh — Cuid 3: Formaildéad agus comhdhúile carbóinile in aer laistigh agus in aer seomra tástála a chinneadh — Modh samplála gníomhaí (leagan an [27.6.2023]: https://www.iso.org/standard/51812.html).

(12)   

Baineann na tairseacha astaíochtaí le haghaidh comhdhúile so-ghalaithe orgánacha carcanaigineacha le tréimhse thástála 28 lá.

7.3.    Suiteáil, cothabháil agus deisiú trealamh éifeachtúlachta fuinnimh

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

▼M3

Ní mór go gcuimseofaí leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo ceann amháin de na bearta aonair seo a leanas, ar choinníoll go gcomhlíonann siad ceanglais íosta a leagtar amach le haghaidh comhpháirteanna agus córais aonair sna bearta náisiúnta infheidhme lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2010/31/AE agus, i gcás inarb infheidhme, go rátáiltear iad amach sa dá aicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1369 agus gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Rialachán sin:

▼B

(a) 

insliú a chur le comhpháirteanna imchlúdaigh atá ann cheana féin, amhail ballaí seachtracha (lena n-áirítear ballaí glasa), díonta (lena n-áirítear díonta glasa), áiléir, íoslaigh agus urláir talún (lena n-áirítear bearta le haer-obacht a áirithiú, bearta chun éifeachtaí droichead teirmeach a laghdú agus scafalra) agus táirgí chun an t-insliú a chur i bhfeidhm ar an imchlúdach foirgnimh (lena n-áirítear fosúcháin mheicniúla agus greamachán);

(b) 

fuinneoga atá ann cheana féin a athsholáthar le fuinneoga nua atá éifeachtúil ó thaobh an fhuinnimh de;

(c) 

doirse seachtracha atá ann cheana féin a athsholáthar le doirse nua atá éifeachtúil ó thaobh an fhuinnimh de;

(d) 

suiteáil agus ionadú foinsí solais atá fuinneamhéifeachtúil;

(e) 

córais téimh, aerála agus aerchóirithe agus córais uisce, lena n-áirítear trealamh a bhaineann le seirbhísí téimh ceantair, a shuiteáil, a ionadú, a chothabháil agus a dheisiú, le teicneolaíochtaí ard-éifeachtúla;

(f) 

suiteáil feisteas uisce cistine agus sláintíochta atá tíosach ar uisce agus ar fhuinneamh a chomhlíonann sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach in Aguisín D le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus i gcás réitigh chithfholcadáin, tá sreabhadh uasta uisce 6 L/nóiméad nó níos lú ag cithfholcadáin mheasctha, asraonta cithfholcadáin agus sconnaí mar a dheimhnítear le lipéad reatha i margadh an Aontais.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe F42, F43, M71, C16, C17, C22, C23, C25, C27, C28, S95.21, S95.22, C33.12 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

▼M2

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní thiomnaítear an foirgneamh d’eastóscadh, stóráil, iompar ná monarú breoslaí iontaise.

▼B

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Comhlíonann na comhpháirteanna agus ábhair foirgníochta na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

I gcás insliú teirmigh a chur le himchlúdach foirgnimh atá ann cheana féin, déanann speisialtóir inniúil atá oilte sa tsuirbhéireacht aispeiste suirbhé foirgníochta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Pearsanra atá oilte go hiomchuí a bhaineann amach aon fhálú a bhfuil nó is dócha a bhfuil aispeist ann, a bhriseann nó a dhruileálann go meicniúil nó a scriúálann nó a bhaineann amach clár inslithe, tíleanna agus ábhair eile a bhfuil aispeist iontu agus déantar faireachán ar shláinte roimh na hoibreacha agus ina ndiaidh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

7.4.    Suiteáil, cothabháil agus deisiú stáisiúin luchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha i bhfoirgnimh (agus spásanna páirceála atá i gceangal le foirgnimh)

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Suiteáil, cothabháil agus deisiú stáisiúin luchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha i bhfoirgnimh (agus spásanna páirceála atá i gceangal le foirgnimh)

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe F42, F43, M71, C16, C17, C22, C23, C25, C27 nó C28, i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

▼M2

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní thiomnaítear an foirgneamh d’eastóscadh, stóráil, iompar ná monarú breoslaí iontaise.

▼B

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

7.5.    Suiteáil, cothabháil agus deisiú uirlisí agus gaireas chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a thomhas, a rialáil agus a rialú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Suiteáil, cothabháil agus deisiú uirlisí agus gaireas chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a thomhais, a rialú agus a rialáil lena gcuimsítear ceann de na bearta seo a leanas:

(a) 

teirmeastait chriosaithe, córais teirmeastait chliste agus trealamh braite, lena n-áirítear rialú gluaisne agus sholas an lae, a shuiteáil, a chothabháil agus a dheisiú;

(b) 

córais uathoibrithe agus rialaithe foirgneamh, córais bhainistíochta fuinnimh i gcomhair foirgneamh (BEMS), córais rialaithe soilsithe agus córais bhainistíochta fuinnimh (EMS) a shuiteáil, a chothabháil agus a dheisiú;

(c) 

méadair chliste a shuiteáil, a chothabháil agus a dheisiú maidir le gás, téamh, fuarú agus leictreachas;

(d) 

suiteáil gnéithe aghaidhe agus dín a bhfuil feidhm scáthaithe gréine nó rialaithe gréine acu, lena n-áirítear na cinn sin a thacaíonn le fásra a fhás.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe F42, F43, M71, agus C16, C17, C22, C23, C25, C27, C28, i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

▼M2

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní thiomnaítear an foirgneamh d’eastóscadh, stóráil, iompar ná monarú breoslaí iontaise.

▼B

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

7.6.    Suiteáil, cothabháil agus deisiú teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Suiteáil, cothabháil agus deisiú teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite, ar an láithreán, lena gcuimsítear ceann amháin de na bearta aonair seo a leanas, má shuiteáiltear ar an láithreán mar chórais theicniúla foirgnimh:

(a) 

suiteáil, cothabháil agus deisiú córais fhótavoltacha gréine agus an trealaimh theicniúil choimhdigh;

(b) 

suiteáil, cothabháil agus deisiú painéil uisce the ghrianfhuinnimh agus an trealaimh theicniúil choimhdigh;

(c) 

suiteáil, cothabháil, deisiú agus uasghrádú teaschaidéil a chuireann leis na spriocanna maidir le fuinnimh in-athnuaite le haghaidh téimh agus fuarú i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 agus an trealaimh theicniúil choimhdigh;

(d) 

suiteáil, cothabháil agus deisiú tuirbíní gaoithe agus an trealaimh theicniúil choimhdigh;

(e) 

suiteáil, cothabháil agus deisiú tiomsaitheoirí grianteasa éalaithigh agus an trealaimh theicniúil choimhdigh;

(f) 

suiteáil, cothabháil agus deisiú aonaid stórála fuinnimh theirmigh nó leictrigh agus an trealaimh theicniúil choimhdigh;

(g) 

suiteáil, cothabháil agus deisiú micreaphlanda ardéifeachtúil CHP (comhghiniúint cumhachta agus teasa);

(h) 

suiteáil, cothabháil agus deisiú córais teasmhalartóra/aisghabhála teasa.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe F42, F43, M71, C16, C17, C22, C23, C25, C27 nó C28, i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

▼M2

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní thiomnaítear an foirgneamh d’eastóscadh, stóráil, iompar ná monarú breoslaí iontaise.

▼B

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

7.7.    Fáil agus úinéireacht foirgneamh

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Eastát réadach a cheannach agus úinéireacht a fheidhmiú ar an eastát réadach sin.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE L68 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní thiomnaítear an foirgneamh d’eastóscadh, stóráil, iompar ná monarú breoslaí iontaise.

►M3  Le haghaidh foirgneamh a tógadh roimh an 31 Nollaig 2020, tá Deimhniú Feidhmíochta Fuinnimh (EPC) aicme C, ar a laghad ag an bhfoirgneamh. ◄ Mar mhalairt air sin, tá an foirgneamh laistigh den 30 % is airde den stoc foirgneamh náisiúnta nó réigiúnach arna chur in iúl mar Príomhéileamh Fuinnimh (PED) oibríochta agus arna léiriú le fianaise leordhóthanach, atá inchomparáide ar a laghad le feidhmíocht na sócmhainne ábhartha le fheidhmíocht an stoic náisiúnta nó réigiúnaigh a tógadh roimh an 31 Nollaig 2020 agus déantar idirdhealú ar a laghad idir foirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe.

Maidir le foirgnimh a thógtar tar éis an 31 Nollaig 2020, ní mó an Príomhéileamh Fuinnimh (PED) (6) lena sainmhínítear feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh ag eascairt as an bhfoirgníocht ná an tairseach a leagtar amach le haghaidh na gceanglas d’fhoirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh sa rialachán náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2010/31/AE. Deimhnítear an fheidhmíocht fuinnimh agus Deimhniú Feidhmíochta Fuinnimh (EPC) mar a tógadh á úsáid.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

An méid ríofa fuinnimh is gá chun freastal ar an éileamh fuinnimh bainteach le gnáth-úsáidí fuinnimh foirgnimh, á chur in iúl ag táscaire uimhriúil maidir le húsáid fuinnimh phríomha iomlán i kWh/m2 in aghaidh na bliana agus bunaithe ar an modheolaíocht ríomha náisiúnta ábhartha agus mar a léirítear ar an Deimhniú Feidhmíochta Fuinnimh (EPC).

8.   FAISNÉIS AGUS CUMARSÁID

8.1.    Próiseáil sonraí, óstáil agus gníomhaíochtaí gaolmhara

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Stóráil, ionramháil, bainistíocht, aistriú, rialú, taispeáint, malartú, idirmhalartú, tarchur nó fáil éagsúlacht sonraí trí lárionaid sonraí ( 107 ), lena n-áirítear imeall-ríomhaireacht.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE J63.1.1 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Léiríodh leis an ngníomhaíocht na hiarrachtaí is fearr chun na cleachtais ábhartha a chur chun feidhme a liostaítear mar ‘chleachtais a bhfuil súil leo’ sa leagan is déanaí den Chód Iompair Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí (6), nó i ndoiciméad CLC TR50600-99-1 ‘Data centre facilities and infrastructures – Part 99-1: Recommended practices for energy management’ [Acmhainní agus bonneagair lárionad sonraí – Cuid 99-1: Cleachtais mholta don bhainistíocht fuinnimh] (7) de chuid CEN-CENELEC agus gur cuireadh chun feidhme gach cleachtas a bhfuil súil leis ar bronnadh luach uasta 5 orthu de réir an leagain is déanaí den Chód Iompair Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Comhlíonann an trealamh a úsáidtear na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2009/125/CE maidir le freastalaithe agus táirgí stórála sonraí.

Níl sa trealamh a úsáidtear na substaintí srianta a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, ach amháin i gcás nach mó na luachanna tiúchana de réir meáchain in ábhair aonchineálacha ná na luachanna uasta a liostaítear san Iarscríbhinn sin.

Tá plean bainistíochta dramhaíola i bhfeidhm agus áirithíonn sé athchúrsáil uasta ag deireadh saolré trealaimh leictrigh agus leictreonaigh, lena n-áirítear trí bhíthin comhaontuithe conarthacha le comhpháirtithe athchúrsála, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil.

Ag deireadh a shaolré, ullmhaítear an trealamh chun é a athúsáid, a aisghabháil nó le haghaidh oibríochtaí athchúrsála, nó a chóireáil go cuí, lena n-áirítear gach sreabhán a bhaint agus cóireáil roghnaitheach i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2012/19/AE.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

(6)   

Is é an leagan is déanaí den Chód Iompair Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí an leagan is déanaí a foilsíodh ar shuíomh gréasáin an Joint Research Centre European Energy Efficiency Platform (E3P), https://e3p.jrc.ec.europa.eu/communities/data-centres-code-conduct, le tréimhse aistrithe 6 mhí ag tosú ó lá a fhoilsithe (tá leagan 2021 ar fáil ag https://e3p.jrc.ec.europa.eu/publications/2021-best-practice-guidelines-eu-code-conduct-data-centre-energy-efficiency).

(7)   

Arna eisiúint ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (CENELEC), an 1 Iúil 2019, (leagan an 4.6.2021: https://www.cenelec.eu/dyn/www/f?p=104:110:508227404055501::::FSP_ORG_ID,FSP_PROJECT,FSP_LANG_ID:1258297,65095,25).

8.2.    Gníomhaíochtaí ríomhchlárúcháin, sainchomhairliúcháin ríomhaireachta agus gníomhaíochtaí gaolmhara

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Saineolas a sholáthar i réimse na dteicneolaíochtaí faisnéise: bogearraí a scríobh, a mhodhnú, a thástáil agus tacú leo; córais ríomhaireachta a phleanáil agus a dhearadh lena gcuimsítear crua-earraí ríomhaireachta, bogearraí agus teicneolaíochtaí cumarsáide; bainistíocht agus oibriú ar an láithreán de chórais ríomhaireachta nó d’áiseanna próiseála sonraí na gcliant; agus gníomhaíochtaí gairmiúla agus teicniúla eile a bhaineann le ríomhairí.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE J62 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

8.3.    Gníomhaíochtaí clársceidealaithe agus craoltóireachta

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Áirítear le gníomhaíochtaí clársceidealaithe agus craoltóireachta inneachar a chruthú nó an ceart a fháil chun inneachar a dháileadh agus an t-inneachar sin a chraoladh tar a éis sin, amhail cláir raidió, theilifíse agus sonraí de shiamsaíocht, nuacht, caint, agus a leithéid, lena n-áirítear craoladh sonraí, a chomhtháthaítear le craolachán raidió nó teilifíse go hiondúil. Féadfar an craoladh a dhéanamh le teicneolaíochtaí éagsúla, thar an líonra, trí shatailít, trí líonra cábla nó tríd an Idirlíon. Cuimsítear leis sin freisin cláir a chruthú a ndéantar iad a chaolchraoladh go hiondúil (formáid theoranta, amhail cláir nuachta, spóirt, oideachais, agus cláir atá dírithe ar an óige) ar bhonn síntiúis nó táille, chuig tríú páirtí, lena gcraoladh don phobal ina dhiaidh sin.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE J60 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

I gcás ina gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo na critéir rannchuidithe shubstaintiúla a shonraítear i bpointe 5, is gníomhaíocht chumasúcháin í an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

5.  Ionas go mbreithneofar gníomhaíocht mar ghníomhaíocht chumasúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852, léiríonn an t-oibreoir eacnamaíoch, trí mheasúnú ar rioscaí aeráide reatha agus amach anseo, lena n-áirítear neamhchinnteacht agus bunaithe ar shonraí láidre, go soláthraíonn an ghníomhaíocht teicneolaíocht, táirge, seirbhís, faisnéis, nó cleachtas, nó go gcuireann sí a gcuid úsáidí chun cinn le ceann de na príomhchuspóirí seo a leanas:

(a)  leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile a mhéadú;

(b)  rannchuidiú le hiarrachtaí oiriúnaithe daoine eile, an dúlra, na hoidhreachta cultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

▼M2

8.4.    Bogearraí lena gcumasaítear bainistiú riosca fisiceach aeráide agus oiriúnú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Gníomhaíochtaí forbartha nó ríomhchláraithe bogearraí atá dírithe ar bhogearraí a sholáthar le haghaidh na nithe seo a leanas:

(a) 

réamhaisnéis, réamh-mheastachán, agus faireachán ar rioscaí aeráide;

(b) 

córais réamhrabhaidh le haghaidh rioscaí aeráide;

(c) 

bainistiú riosca aeráide.

Ní áirítear leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch forbairt agus ríomhchlárú bogearraí mar chuid de ghníomhaíochtaí innealtóireachta agus sainchomhairleoireacht theicniúil ghaolmhar atá tiomnaithe don oiriúnú don athrú aeráide (féach Roinn 9.1. den Iarscríbhinn seo), taighde, forbairt agus nuálaíocht margaidh (féach Roinn 9.2. den Iarscríbhinn seo), agus mar chuid de shainchomhairleoireacht maidir le bainistiú riosca fisiceach aeráide agus oiriúnú (féach Roinn 9.3. den Iarscríbhinn seo).

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach leis an gcód NACE J62.01 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcomhréir le hAirteagal 11(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht, cuirtear deireadh le bacainní faisnéise, teicneolaíochta nó inniúlachta ar an oiriúnú.

2.  Leis an ngníomhaíocht, úsáidtear modheolaíocht agus sonraí atá:

(a)  bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoraíocht atá ar fáil agus cuirtear eolaíocht úrscothach maidir le leochaileacht, anailís riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (1), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (2) nó le samhlacha íocaíochta;

(b)  comhsheasmhach leis na caighdeáin agus leis na treoirlínte ar oiriúnú don athrú aeráide agus ar bhainistiú riosca agus ar laghdú rioscaí tubaiste, lena n-áirítear, mar shampla, EN-ISO 14090 (3) maidir le tuiscint ar thionchair aeráide agus ar neamhchinnteachtaí agus a n-úsáid i gcinnteoireacht, chomh maith le EN ISO 14091 (4) maidir le leochaileacht, tionchair agus measúnú riosca aeráide, an Treoir Theicniúil um Measúnú Cuimsitheach Riosca agus Pleanáil i gComhthéacs an Athraithe Aeráide (5) agus Creat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaiste (6).

3.  Maidir leis an mbogearra a forbraíodh:

(a)  tá sé dírithe ar bhainistiú rioscaí fisiceacha aeráide a chumasú a bhaineann le guaiseacha a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo;

(b)  ní bhíonn tionchar diúltach aige ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, ón dúlra, ón oidhreacht chultúrtha, ó shócmhainní agus ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(c)  tá sé fabhrach do réitigh dhúlrabhunaithe (7) a mhéid is féidir;

(d)  tá sé comhsheasmhach le straitéisí agus pleananna oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(e)  déantar faireachán agus tomhas air in aghaidh táscairí réamhshainithe agus cuimhnítear ar ghníomhaíocht leasúcháin i gcás nach gcomhlíontar na táscairí sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Tuarascálacha Measúnachta ar an Athrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht, a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht na Náisiún Aontaithe atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide, https://www.ipcc.ch/reports/.

(2)   

Amhail seirbhísí Copernicus agus Seirbhís Réamhrabhaidh Galileo arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(3)   

Caighdeán ISO 14090:2019, Oiriúnú don athrú aeráide – Prionsabail, ceanglais agus treoirlínte (leagan [27.6.2023]: https://www.iso.org/standard/68507.html).

(4)   

Caighdeán ISO 14091:2021, Oiriúnú don athrú aeráide — Treoirlínte maidir le leochaileacht, tionchair agus measúnú riosca (leagan [27.6.2023]: https://www.iso.org/standard/68508.html).

(5)   

an Treoir Theicniúil um Measúnú Cuimsitheach Riosca agus Pleanáil i gComhthéacs an Athraithe Aeráide, https://www.undrr.org/publication/technical-guidance-comprehensive-risk-assessment-and-planning-context-climate-change.

(6)   

Creat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaiste 2015-2030, https://www.undrr.org/publication/sendai-framework-disaster-risk-reduction-2015-2030.

(7)   

Sainmhínítear réitigh dhúlrabhunaithe mar “réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, a sholáthraíonn, go comhuaineach, tairbhí comhshaoil, tairbhí sóisialta agus tairbhí eacnamaíocha, agus a chuidíonn le hathléimneacht a chothú. Tugann na réitigh sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra, níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha, agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, i dtírdhreacha agus i muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a oiriúnaítear go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní”. Dá bhrí sin, is chun tairbhe na bithéagsúlachta na réitigh dhúlrabhunaithe agus is tacaíocht iad ó thaobh raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an [27.6.2023]: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

▼B

9.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ GAIRMIÚLA, EOLAÍOCHA AGUS TEICNIÚLA

9.1.    Gníomhaíochtaí innealtóireachta agus sainchomhairliúchán teicniúil gaolmhar atá tiomnaithe don oiriúnú don athrú aeráide

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Gníomhaíochtaí innealtóireachta agus sainchomhairliúchán teicniúil gaolmhar atá tiomnaithe don oiriúnú don athrú aeráide.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE M71.12 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/20061.

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a shonraítear sa roinn seo

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

Is é is aidhm leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch den chuid is mó soláthar sainchomhairliúcháin lena gcuidítear le haon cheann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí eacnamaíocha arb ina leith a leagtar amach na critéir scagtha theicniúla san Iarscríbhinn seo chun na critéir sin faoi seach a chomhlíonadh maidir le rannchuidiú substaintiúil leis an oiriúnú don athrú aeráide, agus na critéir ábhartha á n-urramú maidir le gan dochar suntasach a dhéanamh do chuspóirí comhshaoil eile.

Comhlíonann an ghníomhaíocht eacnamaíoch ceann amháin de na critéir seo a leanas:

(a)  úsáidtear teicnící samhaltaithe úrscothacha:

(i)  lena léirítear riosca an athraithe aeráide i gceart;

(ii)  nach mbíonn ag brath ar threochtaí stairiúla amháin;

(iii)  lena gcomhtháthaítear cásanna réamhbhreathnaitheacha;

(b)  forbraítear samhlacha agus réamh-mheastacháin aeráide, seirbhísí agus measúnú tionchair, an eolaíocht is fearr atá ar fáil maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide agus le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe.

Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuirtear deireadh le bacainní faisnéise, airgeadais, teicneolaíochta agus acmhainneachta ar an oiriúnú.

Déantar mapáil ar an acmhainneacht chun tionchair ábhartha de bharr rioscaí aeráide a laghdú trí mheasúnú riosca stóinsithe maidir leis an aeráid sa ghníomhaíocht eacnamaíoch ar a ndírítear.

Cuirtear san áireamh i ngníomhaíochtaí sa dearadh ailtireachta treoirlínte maidir le díonadh ar an athrú aeráide, samhaltú ar ghuaiseacha a bhaineann leis an aeráid, agus cuimsítear leo oiriúnú na foirgníochta agus an bhonneagair, lena n-áirítear cóid foirgneamh agus córais bhainistíochta chomhtháite.

Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (1) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (2) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní dhéantar an ghníomhaíocht chun críocha eastóscadh breoslaí iontaise ná iompar breoslaí iontaise.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(2)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

9.2.    Gar do thaighde, forbairt agus nuálaíocht margaidh

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Taighde, taighde feidhmeach agus forbairt thurgnamhach ar réitigh, próisis, teicneolaíochtaí, samhlacha gnó agus táirgí eile atá tiomnaithe don oiriúnú don athrú aeráide.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE M72 nó le haghaidh taighde atá ina chuid lárnach de na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin lena sonraítear critéir scagtha theicniúla san Iarscríbhinn seo na cóid NACE a leagtar amach i Ranna eile den Iarscríbhinn seo i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Déantar taighde, nuálaíocht nó forbairt leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch ar réitigh, ar theicneolaíochtaí, ar tháirgí nó ar shamhlacha gnó, lena n-áirítear réitigh bunaithe ar an dúlra nó atá spreagtha ag an dúlra (1), atá tiomnaithe d’aon ghníomhaíocht amháin nó níos mó dá sonraítear na critéir scagtha theicniúla san Iarscríbhinn seo chun an rannchuidiú substaintiúil faoi seach a chomhlíonadh leis an oiriúnú don athrú aeráide chun a seasmhacht in aghaidh na haeráide a mhéadú, fad is a bhíonn meas ar na critéir ábhartha ionas nach ndéantar dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil eile.

2.  I gcás ina gcumasaíonn an teicneolaíocht, táirge nó an réiteach eile a ndearnadh taighde air, a forbraíodh nó a cruthaíodh, gníomhaíocht amháin nó roinnt gníomhaíochtaí a ndírítear orthu san Iarscríbhinn seo chun a gcritéir scagtha theicniúla a chomhlíonadh le haghaidh rannchuidiú substaintiúil, díríonn an ghníomhaíocht taighde, forbartha agus nuálaíochta ar theicneolaíochtaí, táirgí nó réitigh eile a mbaineann buntáistí nua suntasach leo, amhail feidhmíocht níos fearr nó costas níos ísle, a sheachadadh.

3.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuirtear deireadh le bacainní faisnéise, airgeadais, teicneolaíochta agus acmhainneachta ar an oiriúnú trí réitigh, teicneolaíochtaí, táirgí, próisis nó samhlacha gnó nua nó feabhsaithe, lena n-áirítear réitigh bunaithe ar an dúlra.

4.  D’fhéadfadh an ghníomhaíocht eacnamaíoch tionchair ábhartha de bharr rioscaí aeráide a sainaithnítear iad trí mheasúnú riosca stóinsithe maidir leis an aeráid i ngníomhaíocht eacnamaíoch eile a laghdú trí fhorbairt, taighde, nó nuálaíocht ar réitigh, teicneolaíochtaí, táirgí, próisis nó samhlacha gnó, ar léiríodh a bpoitéinseal laghdaithe riosca i gcomhshaol oibríochta (2) ar scála réamhthráchtála agus a dhearbhaítear a thuilleadh trí ghné amháin ar a laghad díobh seo a leanas:

(a)  an chéad úsáid as paitinn nach sine ná 10 mbliana a bhaineann leis an réiteach, teicneolaíocht, táirge, próiseas nó leis an tsamhail ghnó;

(b)  foirmeacha eile de chearta maoine intleachtúla a bhaineann leis an réiteach, teicneolaíocht, táirge, próiseas nó an tsamhail ghnó, amhail rúin cheirde, trádmharcanna nó cóipchearta;

(c)  cead a fuarthas ó údarás inniúil chun an suíomh taispeántais atá bainteach leis an réiteach, teicneolaíocht, táirge, próiseas nó samhail ghnó a oibriú fad a mhairfidh an tionscadal taispeántais.

4.  Úsáideann an ghníomhaíocht eacnamaíoch réamh-mheastacháin aeráide úrscothach agus measúnú tionchair, an eolaíocht is fearr atá ar fáil maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide agus le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe mar thagarmharc do na réitigh, teicneolaíochtaí, táirgí, próisis nó samhlacha gnó a fhorbraíonn sí.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní dhéantar an ghníomhaíocht chun críocha eastóscadh, iompar ná úsáid breoslaí iontaise.

Ní dhéanann na hastaíochtaí saolré GCT tuartha ón teicneolaíocht, táirge nó réiteach eile a ndearnadh taighde orthu dochar do chuspóirí maolaithe GCT faoi Chomhaontú Pháras ná ní chuirfidh siad bac ar réitigh don mhaolú ar an athrú aeráide a úsáid.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Aon riosca féideartha do dhea-stádas nó do dhea-acmhainneacht éiceolaíoch dobharlach, lena n-áirítear uiscí dromchla agus screamhuisce, nó do dhea-stádas comhshaoil uiscí mara ón teicneolaíocht, táirge nó réiteach eile a ndearnadh taighde orthu, déantar iad a mheas agus tugtar aghaidh orthu.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Aon riosca féideartha do chuspóirí an gheilleagair chiorclaigh ón teicneolaíocht, táirge nó réiteach eile a ndearnadh taighde orthu, déantar iad a mheas agus tugtar aghaidh orthu, trí chineálacha an dochair shuntasaigh a bhreithniú mar a leagtar amach in Airteagal 17(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2020/852.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Aon riosca féideartha do mhéadú suntasach in astaíochtaí truailleáin le haer, uisce nó talamh ó theicneolaíocht, táirge nó réiteach eile a ndearnadh taighde orthu, déantar iad a mheas agus tugtar aghaidh orthu.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Aon riosca féideartha do dhea-riocht nó athléimneacht éiceachóras nó do stádas caomhnaithe gnáthóg agus speiceas, lena n-áirítear iad sin a bhfuil leas ag an Aontas iontu, ón teicneolaíocht, táirge nó réiteach eile a ndearnadh taighde orthu, déantar iad a mheas agus tugtar aghaidh orthu.

(1)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en).

(2)   

A fhreagraíonn do Leibhéal na hUllmhachta Teicneolaí TRL 7 ar a laghad i gcomhréir le hIarscríbhinn G de na hIarscríbhinní Ginearálta a ghabhann le CLÁR OIBRE FÍS 2020 2016– 2017, lch. 29, a shásaíonn ar a laghad na critéir le haghaidh rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide le haghaidh na ngníomhaíochtaí dírithe.

▼M2

9.3.    Sainchomhairleoireacht maidir le bainistiú riosca fisiceach aeráide agus oiriúnú

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Soláthar agus conrú gníomhaíochtaí sainchomhairleoireachta a chuireann ar a gcumas do ghnólachtaí nó d’eagraíochtaí rioscaí fisiceacha aeráide a bhainistiú.

Déantar an ghníomhaíocht eacnamaíoch le ceann amháin ar a laghad de na cuspóirí seo a leanas:

(a) 

soláthar measúnuithe ar thionchair aeráide, leochaileachtaí nó rioscaí aeráide nó tacaíocht a thabhairt ina leith;

(b) 

forbairt, cur chun feidhme, faireachán nó meastóireacht a dhéanamh ar straitéisí, pleananna, nó bearta chun rioscaí fisiceacha aeráide a bhainistiú.

Ní áirítear leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sainchomhairleoireacht theicniúil a bhaineann le gníomhaíochtaí innealtóireachta atá tiomnaithe don oiriúnú don athrú aeráide (féach Roinn 9.1. den Iarscríbhinn seo) taighde, forbairt agus nuálaíocht margaidh (féach Roinn 9.2. den Iarscríbhinn seo), agus sainchomhairleoireacht mar chuid d’fhorbairt nó de ríomhchlárú bogearraí lena gcumasaítear bainistiú rioscaí fisiceacha aeráide agus oiriúnú (féach Roinn 8.4. den Iarscríbhinn seo).

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach leis an gcód NACE M74.90 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcomhréir le hAirteagal 11(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht, cuirtear deireadh le bacainní faisnéise, teicneolaíochta nó inniúlachta ar an oiriúnú.

2.  Leis an ngníomhaíocht, úsáidtear modheolaíocht agus sonraí atá:

(a)  bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoraíocht atá ar fáil agus cuirtear eolaíocht úrscothach maidir le leochaileacht, anailís riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (1), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe, le samhlacha foinse oscailte (2) nó le samhlacha íocaíochta;

(b)  comhsheasmhach leis na caighdeáin agus leis na treoirlínte ar oiriúnú don athrú aeráide agus ar bhainistiú riosca agus ar laghdú rioscaí tubaiste, lena n-áirítear, mar shampla, EN-ISO 14090 2019 (3) maidir le tuiscint ar thionchair aeráide agus ar neamhchinnteachtaí agus a n-úsáid i gcinnteoireacht, chomh maith le ISO 14091 2021 (4) maidir le leochaileacht, tionchair agus measúnú riosca aeráide, an Treoir Theicniúil um Measúnú Cuimsitheach Riosca agus Pleanáil i gComhthéacs an Athraithe Aeráide (5) agus Creat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaiste (6).

3.  Leis na straitéisí, na pleananna agus na bearta a fhorbraítear maidir le bainistiú riosca aeráide:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, ón dúlra, ón oidhreacht chultúrtha, ó shócmhainní agus ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh dhúlrabhunaithe (7) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (8) a mhéid is féidir;

(c)  tá sé comhsheasmhach le straitéisí agus pleananna oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus tomhas orthu in aghaidh táscairí réamhshainithe agus cuimhnítear ar ghníomhaíocht leasúcháin i gcás nach gcomhlíontar na táscairí sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (“DNSH”)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní dhéantar an ghníomhaíocht maidir le saoráidí eastósctha, stórála, iompair ná monaraithe breoslaí iontaise.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Tuarascálacha Measúnachta ar an Athrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht, a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht na Náisiún Aontaithe atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide, https://www.ipcc.ch/reports/.

(2)   

Amhail seirbhísí Copernicus agus Seirbhís Réamhrabhaidh Galileo arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(3)   

Caighdeán ISO 14090:2019, Oiriúnú don athrú aeráide – Prionsabail, ceanglais agus treoirlínte (leagan [27.6.2023]: https://www.iso.org/standard/68507.html).

(4)   

ISO 14091:2021, Oiriúnú don athrú aeráide — Treoirlínte maidir le leochaileacht, tionchair agus measúnú riosca (leagan [27.6.2023]: https://www.iso.org/standard/68508.html).

(5)   

an Treoir Theicniúil um Measúnú Cuimsitheach Riosca agus Pleanáil i gComhthéacs an Athraithe Aeráide, https://www.undrr.org/publication/technical-guidance-comprehensive-risk-assessment-and-planning-context-climate-change

(6)   

Creat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaiste 2015-2030, https://www.undrr.org/publication/sendai-framework-disaster-risk-reduction-2015-2030.

(7)   

Sainmhínítear réitigh dhúlrabhunaithe mar “réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, a sholáthraíonn, go comhuaineach, tairbhí comhshaoil, tairbhí sóisialta agus tairbhí eacnamaíocha, agus a chuidíonn le hathléimneacht a chothú. Tugann na réitigh sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra, níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha, agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, i dtírdhreacha agus i muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a oiriúnaítear go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní”. Dá bhrí sin, is chun tairbhe na bithéagsúlachta na réitigh dhúlrabhunaithe agus is tacaíocht iad ó thaobh raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an [27.6.2023]: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(8)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM(2013) 249 final).

▼B

10.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ AIRGEADAIS AGUS ÁRACHAIS

10.1.    Árachas neamhshaoil: frithghealladh priacal a bhaineann leis an aeráid

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Soláthar na seirbhísí árachais seo a leanas (seachas árachas saoil) mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014  ( 108 ) a bhaineann le frithghealladh priacal a bhaineann leis an aeráid a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo:

(a) 

árachas maidir le caiteachas leighis;

(b) 

árachas cosanta ioncaim;

(c) 

árachas gortuithe tionsclaíocha;

(d) 

árachas dliteanais mótarfheithicle;

(e) 

mótarárachas eile;

(f) 

mótarárachas, árachas muirí, eitlíochta agus iompair;

(g) 

árachas dóiteáin agus árachas le haghaidh damáiste do mhaoin;

(h) 

cúnamh.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE K65.12 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Ceannaireacht i samhaltú agus praghsáil rioscaí aeráide:

1.1.  Úsáidtear teicnící samhaltaithe úrscothacha sa ghníomhaíocht árachais:

(a)  lena léirítear riosca an athraithe aeráide i gceart;

(b)  nach mbíonn ag brath ar an treocht stairiúil amháin;

(c)  lena gcomhtháthaítear cásanna réamhbhreathnaitheacha.

1.2.  Nochtann an t-árachóir go poiblí an chaoi a mbreithnítear rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide sa ghníomhaíocht árachais.

1.3.  Cé is moite de na srianta dlí ar choinníollacha conarthacha agus préimheanna árachais, soláthraíonn an ghníomhaíocht árachais dreasachtaí le haghaidh laghdú riosca trí (réamh)-choinníollacha a leagan amach don chlúdach árachais ar riosca agus trí fheidhmiú mar chomhartha praghais ar riosca. Chun críche an phointe seo, d’fhéadfaí a mheas go bhfuil préimheanna laghdaithe nó asbhaintigh, a d’fhéadfadh a bheith bunaithe ar fhaisnéis thacúil ar ghníomhartha reatha/féideartha, do shealbhóirí polasaí a chosnaíonn sócmhainn nó gníomhaíocht ar dhamáiste mar thoradh ar thubaistí nádúrtha mar dhreasacht le haghaidh laghdú riosca.

1.4.  Tar éis teagmhas riosca aeráide, soláthraíonn an t-árachóir faisnéis ar na coinníollacha faoina bhféadfaí cumhdach faoin ngníomhaíocht árachais a athnuachan nó a chothabháil agus go háirithe na tairbhí do thógáil níos fearr sa chomhthéacs sin.

2.  Dearadh an táirge:

2.1.  Soláthraítear le táirgí árachais a dhíoltar faoin ngníomhaíocht árachais luaíochtaí bunaithe ar riosca le haghaidh bearta coisctheacha a ghlacann sealbhóirí polasaí.

Chun críche an phointe seo, i gcás ina ndearna sealbhóir polasaí infheistíocht i mbearta oiriúnúcháin, d’fhéadfaí préimheanna níos ísle a mheas mar luaíocht bunaithe ar riosca le haghaidh bearta coisctheacha arna nglacadh ag sealbhóirí polasaí.

De mhaolú ar an bpointe seo, i gcás ina gcoisceann srianta dlí ar choinníollacha conarthacha agus ar phréimheanna árachais an chuideachta árachais nó athárachais ó luaíochtaí bunaithe ar riosca a sholáthar, d’fhéadfaí ina ionad sin bearta a sholáthar do chustaiméirí trí tháirgí árachais i ndáil le sócmhainn, gníomhaíocht, nó daoine a choisceann nó a chosnaíonn in aghaidh damáiste mar thoradh ar thubaistí nádúrtha. D’fhéadfaí na bearta sin a sholáthar mar fhaisnéis nó mar chomhairle do chustaiméirí maidir le rioscaí aeráide agus bearta coisctheacha a d’fhéadfadh custaiméirí a ghlacadh.

2.2.  Cuimsítear leis an straitéis dáilte le haghaidh táirgí den sórt sin bearta lena áirithiú go gcuirtear sealbhóirí polasaí ar an eolas maidir le hábharthacht na mbeart coisctheach a d’fhéadfaidís a ghlacadh, le haghaidh théarmaí agus choinníollacha an chumhdaigh árachais, lena n-áirítear aon tionchar a bheidh ag bearta den sórt sin ar an gcumhdach árachais nó ar an leibhéal préimhe.

3.  Réitigh nuálacha cumhdaigh árachais:

3.1.  Soláthraítear le táirgí árachais a dhíoltar faoin ngníomhaíocht árachais cumhdach le haghaidh na bpriacal a bhaineann leis an aeráid (1) i gcás ina dteastaíonn a leithéid mar thoradh ar éilimh agus ar riachtanais na sealbhóirí polasaí.

3.2.  Ag brath ar éilimh agus ar riachtanais custaiméirí aonair, d’fhéadfaí a chuimsiú le táirgí réitigh aistrithe riosca shonraigh amhail cosaint ar bhristeacha gnó, bristeacha teagmhasacha gnó, tosca caillteanais a bhaineann le damáiste neamhfhisiceach eile, éifeachtaí cascáideacha agus idirspleáchas guaiseacha (priacail thánaisteacha), tionchair chascáideacha de ghuaiseacha nádúrtha agus teicneolaíochta idirghníomhacha, clistí sa bhonneagar criticiúil.

4.  Comhroinnt sonraí:

4.1.  Agus aird chuí á tabhairt ar Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), déantar cion suntasach sonraí maidir le caillteanas a bhaineann le gníomhaíocht an árachóra a chur ar fáil, saor in aisce, d’údarás poiblí amháin nó roinnt údarás poiblí chun críche taighde anailíseach. Dearbhaíonn na húdaráis phoiblí sin go mbainfidh siad úsáid as na sonraí chun críoch feabhas a chur ar an oiriúnú don athrú aeráide sa tsochaí i réigiún, i dtír nó go hidirnáisiúnta agus soláthraíonn an t-athárachóir na sonraí ar leibhéal gráinneachta atá leordhóthanach don úsáid a dhearbhaíonn na húdaráis phoiblí faoi seach.

4.2.  I gcás nach bhfuil sonraí den sórt sin á gcomhroinnt go fóill ag an árachóir le húdarás poiblí chun na críche thuasluaite, dhearbhaigh sé go bhfuil sé i gceist aige a chuid sonraí a chur ar fáil, saor in aisce, do thríú páirtithe a bhfuil spéis acu iontu agus léirigh sé na coinníollacha faoina bhféadfaí na sonraí sin a chomhroinnt. Tá teacht éasca ar an dearbhú sin go bhfuil sé i gceist na sonraí atá ar fáil a chomhroinnt, lena n-áirítear ar shuíomh gréasáin an árachóra, d’údaráis phoiblí ábhartha.

5.  Ardleibhéal seirbhíse i gcásanna iarthubaiste:

Déantar éilimh faoi ghníomhaíocht árachais, idir éilimh leanúnacha agus éilimh ó theagmhais caillteanais ar mhórscála mar thoradh ar rioscaí don aeráid, a phróiseáil i gcomhréir le caighdeáin arda láimhseála le haghaidh éileamh agus ar bhealach tráthúil i gcomhréir leis an dlí is infheidhme agus níor mainníodh é sin a dhéanamh i gcomhthéacs teagmhais caillteanais ar mhórscála le déanaí. Tá faisnéis i dtaca le nósanna imeachta maidir le bearta breise i gcás teagmhais caillteanais ar mhórscála ar fáil go poiblí.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní chuimsítear leis an ngníomhaíocht árachas ar eastóscadh, stóráil, iompar ná monarú breoslaí iontaise ná árachas feithiclí, maoine ná sócmhainní eile tiomanta chun na gcríoch sin.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Féach Aguisín A.

(2)   

Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

10.2.    Athárachas

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Cumhdach rioscaí a eascraíonn as priacail a bhaineann leis an aeráid a leagtar amach in Aguisín A leis an Iarscríbhinn seo arna ngéilleadh ag an árachóir don athárachóir. Leagtar amach an cumhdach i gcomhaontú idir an t-árachóir agus an t-athárachóir ina sonraítear táirgí na n-árachóirí (‘buntáirge’) as a n-eascraíonn na rioscaí arna ngéilleadh. Féadfaidh idirghabhálaí athárachais ( 109 ) a bheith páirteach in ullmhú nó i ndéanamh an chomhaontaithe chonarthaigh idir an t-árachóir agus an t-athárachóir.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE K65.20 i gcomhréir leis an aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo dá dtagraítear in Airteagal 11(1) pointe (b) de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Ceannaireacht i samhaltú agus praghsáil rioscaí aeráide:

1.1.  Úsáidtear teicnící samhaltaithe úrscothacha sa ghníomhaíocht athárachais:

(a)  a úsáidtear chun léiriú iomchuí a thabhairt sa leibhéal préimhe ar an neamhchosaint, an ghuais agus an leochaileacht i leith rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide chomh maith le gníomhaíochtaí a ghlacann sealbhóir polasaí an árachóra chun an tsócmhainn nó an ghníomhaíocht faoi árachais a chosaint ar na rioscaí sin, i gcás ina soláthraíonn an t-árachóir an fhaisnéis sin don athárachóir;

(b)  nach mbíonn ag brath ar threochtaí stairiúla amháin;

(c)  lena gcomhtháthaítear cásanna réamhbhreathnaitheacha.

1.2.  Nochtann an t-athárachóir go poiblí an chaoi a mbreithnítear na rioscaí a eascraíonn as priacail a bhaineann leis an aeráid sa ghníomhaíocht athárachais.

2.  Tacú le forbairt agus soláthar táirgí athárachais neamhshaoil cumasúcháin:

2.1.  Cumhdaítear le buntáirgí na gníomhaíochta athárachais rioscaí a eascraíonn as priacail a bhaineann leis an aeráid agus cúitítear leo, ar bhealach atá bunaithe ar riosca agus gan dochar do shrianta dlí ar choinníollacha conarthacha agus préimheanna árachais, bearta coisctheacha a ghlacann sealbhóirí polasaí an árachóra.

2.2.  Comhlíonann an ghníomhaíocht athárachais ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

(a)  i gcás inar mian leis an árachóir, téann an t-árachóir i bpáirt leis an árachóir, cé acu go díreach nó trí idirghabhálaí athárachais, i rith fhorbairt an bhuntáirge:

(i)  trí phlé a dhéanamh ar réitigh athárachais fhéideartha a bhfuil an t-athárachóir toilteanach iad a thairiscint i ndáil leis an táirge sin. Tugtar an táirge deiridh chun an mhargaidh trí úsáid a bhaint as ceann amháin de na réitigh athárachais a pléadh leis an athárachóir i rith chéim forbartha an táirge;

(ii)  trí shonraí nó comhairle theicniúil eile a sholáthar lena chur ar a chumas don árachóir praghas a chur ar an gcumhdach ar rioscaí a eascraíonn as priacail a bhaineann leis an aeráid chomh maith le luaíochtaí maidir le bearta coisctheacha a ghlacann sealbhóirí polasaí an árachóra;

(b)  is dócha go laghdódh an t-árachóir a chumhdach nó go scorfadh sé dá chumhdach faoin mbuntáirge gan an comhaontú athárachais nó comhaontú athárachais inchomparáide a bheith i bhfeidhm;

(c)  soláthraíonn an t-athárachóir, mar chuid den chaidreamh gnó leis an árachóir nó leis an idirghabhálaí athárachais, sonraí nó chomhairle theicniúil eile nó an dá rud lena chur ar a chumas don árachóir cumhdach ar rioscaí a eascraíonn as priacail a bhaineann leis an aeráid a thairiscint agus tá foráil sa chumhdach do luaíochtaí maidir le bearta coisctheacha a ghlacann sealbhóirí polasaí an árachóra.

2.3.  I gcás ina mbíonn feidhm ag táirge athárachais ar leibhéal punainne de bhuntáirgí, d’fhéadfadh sé nach gcumhdaítear le buntáirgí na gníomhaíochta athárachais ach sciar de rioscaí a eascraíonn as priacail a bhaineann leis an aeráid agus cúitítear leo, ar bhealach atá bunaithe ar riosca, bearta coisctheacha a ghlacann sealbhóirí polasaí an árachóra chun críche phointe 2.1. Sa chás sin, tá an t-athárachóir in ann an sciar de na préimheanna athárachais a bhaineann leis na buntáirgí sin a shainaithint.

3.  Réitigh nuálacha cumhdaigh athárachais:

3.1.  Soláthraítear le táirgí athárachais a dhíoltar faoin ngníomhaíocht athárachais cumhdach le haghaidh rioscaí a eascraíonn as priacail a bhaineann leis an aeráid i gcás ina dteastaíonn a leithéid mar thoradh ar éilimh agus ar riachtanais chliaint an árachóra, bunaithe ar na buntáirgí. Léirítear go hiomchuí le táirgí árachais den sórt sin luaíochtaí bunaithe ar riosca le haghaidh gníomhaíochtaí coisctheacha a ghlacann sealbhóirí polasaí an árachóra.

3.2.  Ag brath ar éilimh agus ar riachtanais chustaiméirí aonair an árachóra, d’fhéadfaí a chuimsiú le táirgí athárachais réitigh aistrithe riosca shonraigh a bhféadfaí a chuimsiú leo cosaint ar bhristeacha gnó, bristeacha teagmhasacha gnó, tosca caillteanais a bhaineann le damáiste neamhfhisiceach eile, éifeachtaí cascáideacha agus idirspleáchas guaiseacha (priacail thánaisteacha), tionchair chascáideacha de ghuaiseacha nádúrtha agus teicneolaíochta idirghníomhacha nó clistí sa bhonneagar criticiúil.

4.  Comhroinnt sonraí:

4.1.  Agus aird chuí á tabhairt ar Rialachán (AE) 2016/679, déantar cion suntasach sonraí maidir le caillteanas a bhaineann le gníomhaíocht an athárachóra a chur ar fáil, saor in aisce, d’údarás poiblí amháin nó roinnt údarás poiblí chun críche taighde anailíseach. Dearbhaíonn na páirtithe go mbainfidh siad úsáid as na sonraí chun críoch feabhas a chur ar an oiriúnú don athrú aeráide sa tsochaí i réigiún, i dtír nó go hidirnáisiúnta agus soláthraíonn an t-athárachóir na sonraí ar leibhéal gráinneachta atá leordhóthanach don úsáid a dhearbhaíonn na páirtithe seachtracha faoi seach.

4.2.  I gcás nach bhfuil sonraí den sórt sin á gcomhroinnt go fóill ag an athárachóir le páirtí seachtrach chun na críche thuasluaite, dhearbhaigh sé go bhfuil sé i gceist aige a chuid sonraí a chur ar fáil, saor in aisce, do thríú páirtithe a bhfuil spéis acu iontu agus léirigh sé na coinníollacha faoina bhféadfaí na sonraí sin a chomhroinnt. Tá teacht éasca ar an dearbhú sin go bhfuil sé i gceist na sonraí atá ar fáil a chomhroinnt, lena n-áirítear ar shuíomh gréasáin an athárachóra, d’údaráis phoiblí ábhartha.

5.  Ardleibhéal seirbhíse i gcásanna iarthubaiste:

Déantar éilimh faoin ngníomhaíocht athárachais, idir éilimh leanúnacha agus éilimh ó theagmhais caillteanais ar mhórscála mar thoradh ar rioscaí a eascraíonn as priacail a bhaineann leis an aeráid, a phróiseáil go cothrom maidir le custaiméirí, i gcomhréir le caighdeáin arda láimhseála le haghaidh éileamh agus ar bhealach tráthúil i gcomhréir leis an dlí is infheidhme agus níor mainníodh é sin a dhéanamh i gcomhthéacs teagmhais caillteanais ar mhórscála le déanaí. I gcás inarb iomchuí, tacaíonn an t-athárachóir leis an árachóir nó leis an idirghabhálaí athárachais chun na héilimh ón mbuntáirge a mheasúnú. Tá faisnéis i dtaca le nósanna imeachta maidir le bearta breise a d’fhéadfadh an t-athárachóir a ghlacadh i gcás teagmhais caillteanais ar mhórscála ar fáil go poiblí.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní chuimsítear leis an ngníomhaíocht athárachais géilleadh árachais ar eastóscadh, stóráil, iompar ná monarú breoslaí iontaise ná géilleadh árachais ar úsáid feithiclí, maoine ná sócmhainní eile chun na gcríoch sin.

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

11.   OIDEACHAS

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Oideachas poiblí nó príobháideach ar aon leibhéal nó d’aon ghairm. D’fhéadfadh na treoracha a bheith ó bhéal nó i scríbhinn agus d’fhéadfaí iad a sholáthar ar raidió, teilifís, idirlíon nó i gcomhfhreagras. Áirítear leis oideachas arna sholáthar ag na hinstitiúidí éagsúla ar na leibhéil éagsúla sa ghnáthchóras scoile chomh maith le cláir oideachais aosach agus litearthachta, lena n-áirítear scoileanna míleata, acadaimh agus scoileanna príosúin ar na leibhéil éagsúla iontu.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE P85 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

I gcás ina gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo na critéir rannchuidithe shubstaintiúla a shonraítear i bpointe 5, is gníomhaíocht chumasúcháin í an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

5.  Ionas go mbreithneofar gníomhaíocht mar ghníomhaíocht chumasúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852, léiríonn an t-oibreoir eacnamaíoch, trí mheasúnú ar rioscaí aeráide reatha agus amach anseo, lena n-áirítear neamhchinnteacht agus bunaithe ar shonraí láidre, go soláthraíonn an ghníomhaíocht teicneolaíocht, táirge, seirbhís, faisnéis, nó cleachtas, nó go gcuireann sí a gcuid úsáidí chun cinn le ceann de na príomhchuspóirí seo a leanas:

(a)  leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile a mhéadú;

(b)  rannchuidiú le hiarrachtaí oiriúnaithe daoine eile, an dúlra, na hoidhreachta cultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

12.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ I DTACA LE SLÁINTE AN DUINE AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ OIBRE SÓISIALTA

12.1.    Gníomhaíochtaí cúraim cónaithe

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Soláthar cúraim chónaithe i dteannta cúram altranais, cúram maoirseachta nó cineálacha eile cúraim de réir mar a theastaíonn ó na cónaitheoirí. Tá saoráidí ina gcuid mhór den phróiseas táirgthe agus is é atá sa chúram a sholáthraítear meascán de sheirbhísí sláinte agus sóisialta agus is seirbhísí altranais de leibhéal éigin iad na seirbhísí sláinte den chuid is mó.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE Q87 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Tá plean bainistíochta dramhaíola i bhfeidhm agus cinntíonn sé (1) láimhseáil shábháilte agus fónta ó thaobh an chomhshaoil ar dhramhaíl ghuaiseach (go háirithe dramhaíl thocsaineach nó thógálach) agus táirgí cógaisíochta agus (2) athúsáid nó athchúrsáil uasta ar dhramhaíl neamhghuaiseach, lena n-áirítear trí bhíthin comhaontuithe conarthacha le comhpháirtithe bainistíochta dramhaíola.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

13.   NA HEALAÍONA, SIAMSAÍOCHT AGUS ÁINEAS

13.1.    Gníomhaíochtaí cruthaitheacha, na n-ealaíon agus siamsaíochta

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Cuimsítear le gníomhaíochtaí cruthaitheacha, ealaíon agus siamsaíochta soláthar seirbhísí chun freastal ar réimsí spéise cultúrtha agus siamsaíochta na gcustaiméirí. Áirítear leis sin léiriú agus cur chun cinn taibhithe, imeachtaí nó taispeántas beo, agus rannpháirtíocht iontu, atá beartaithe do léiriú poiblí agus soláthar scileanna ealaíne, cruthaitheacha nó teicniúla chun táirgí ealaíne agus taibhithe beo a léiriú. Eisiaitear ó na gníomhaíochtaí sin oibriú iarsmalann de gach cineál, gairdíní lusanna agus ainmhithe, caomhnú láithreán stairiúil agus gníomhaíochtaí tearmann dúlra, gníomhaíochtaí cearrbhachais agus gealltóireachta mar aon le spóirt agus gníomhaíochtaí caitheamh aimsire agus áineasa.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE R90 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

I gcás ina gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo na critéir rannchuidithe shubstaintiúla a shonraítear i bpointe 5, is gníomhaíocht chumasúcháin í an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

5.  Ionas go mbreithneofar gníomhaíocht mar ghníomhaíocht chumasúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852, léiríonn an t-oibreoir eacnamaíoch, trí mheasúnú ar rioscaí aeráide reatha agus amach anseo, lena n-áirítear neamhchinnteacht agus bunaithe ar shonraí láidre, go soláthraíonn an ghníomhaíocht teicneolaíocht, táirge, seirbhís, faisnéis, nó cleachtas, nó go gcuireann sí a gcuid úsáidí chun cinn le ceann de na príomhchuspóirí seo a leanas:

(a)  leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile a mhéadú;

(b)  rannchuidiú le hiarrachtaí oiriúnaithe daoine eile, an dúlra, na hoidhreachta cultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

13.2.    Gníomhaíochtaí leabharlainne, cartlainne, iarsmalainne agus cultúrtha

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Áirítear le gníomhaíochtaí leabharlainne, cartlainne, iarsmalainne agus cultúrtha gníomhaíochtaí leabharlann agus cartlann, oibriú iarsmalann de gach cineál, gairdíní lusanna agus ainmhithe, oibriú láithreán stairiúil agus gníomhaíochtaí tearmann dúlra. Áirítear freisin leis na gníomhaíochtaí sin caomhnú agus cur ar taispeáint míreanna, láithreán agus iontas nádúrtha lena mbaineann leas stairiúil, cultúrtha nó oideachais, lena n-áirítear láithreáin oidhreachta domhanda. Eisiaitear ó na gníomhaíochtaí sin spóirt agus gníomhaíochtaí caitheamh aimsire agus áineasa amhail oibriú tránna snámha agus páirceanna áineasa.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE R91 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

I gcás ina gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo na critéir rannchuidithe shubstaintiúla a shonraítear i bpointe 5, is gníomhaíocht chumasúcháin í an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

5.  Ionas go mbreithneofar gníomhaíocht mar ghníomhaíocht chumasúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852, léiríonn an t-oibreoir eacnamaíoch, trí mheasúnú ar rioscaí aeráide reatha agus amach anseo, lena n-áirítear neamhchinnteacht agus bunaithe ar shonraí láidre, go soláthraíonn an ghníomhaíocht teicneolaíocht, táirge, seirbhís, faisnéis, nó cleachtas, nó go gcuireann sí a gcuid úsáidí chun cinn le ceann de na príomhchuspóirí seo a leanas:

(a)  leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile a mhéadú;

(b)  rannchuidiú le hiarrachtaí oiriúnaithe daoine eile, an dúlra, na hoidhreachta cultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

13.3.    Gníomhaíochtaí léirithe scannán, físeán agus clár teilifíse, taifeadta fuaime agus foilsitheoireachta ceoil

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Áirítear le gníomhaíochtaí léirithe scannán, físeán agus clár teilifíse, taifeadta fuaime agus foilsitheoireachta ceoil léiriú scannán amharclainne agus neamhamharclainne cé acu ar scannán, fístéip nó diosca le teilgean go díreach in amharclanna nó le craoladh ar an teilifís, gníomhaíochtaí tacaíochta amhail eagarthóireacht scannáin, gearradh nó dubáil, dáileadh scannán agus léirithe scannáin eile ar thionscail eile chomh maith le teilgean scannán reatha nó léirithe scannáin eile. Áirítear freisin ceannach agus díol ceart dáileacháin le haghaidh scannáin reatha nó léirithe scannáin eile. Áirítear leis na gníomhaíochtaí sin freisin na gníomhaíochtaí taifeadta fuaime, lena n-áirítear léiriú máistirthaifeadtaí fuaime bunaidh, iad a eisiúint, a chur chun cinn agus a dháileadh, foilsiú ceoil chomh maith le gníomhaíochtaí seirbhíse taifeadta fuaime i stiúideo nó in áit eile.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE J59 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

I gcás ina gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo na critéir rannchuidithe shubstaintiúla a shonraítear i bpointe 5, is gníomhaíocht chumasúcháin í an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide ó na cinn atá ábhartha don ghníomhaíocht a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cén difear a d’fhéadfadh na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche i rith a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach a sainaithníodh don aeráid a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, cuirtear an measúnú i bhfeidhm agus na réamh-mheastacháin úrscothacha ardtaifigh aeráide is airde atá ar fáil á n-úsáid thar an raon cásanna amach anseo atá ann cheana (1) i gcomhréir le saolré ionchasach na gníomhaíochta, agus san áireamh leo, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain i gcás infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoir atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte (3) nó le samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh i bhfeidhm:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh bunaithe ar an dúlra (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus measúnú orthu in aghaidh táscairí reámhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin nuair nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás nuair is réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear i bhfeidhm agus nuair a chuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar na critéir scagtha theicniúla gan díobháil shuntasach ar bith a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

5.  Ionas go mbreithneofar gníomhaíocht mar ghníomhaíocht chumasúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852, léiríonn an t-oibreoir eacnamaíoch, trí mheasúnú ar rioscaí aeráide reatha agus amach anseo, lena n-áirítear neamhchinnteacht agus bunaithe ar shonraí láidre, go soláthraíonn an ghníomhaíocht teicneolaíocht, táirge, seirbhís, faisnéis, nó cleachtas, nó go gcuireann sí a gcuid úsáidí chun cinn leis na príomhchuspóirí seo a leanas:

(a)  leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile a mhéadú; nó

(b)  rannchuidiú le hiarrachtaí oiriúnaithe daoine eile, an dúlra, na hoidhreachta cultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní bhaineann le hábhar

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Ní bhaineann le hábhar

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Ní bhaineann le hábhar

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Ní bhaineann le hábhar

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainítear réitigh bunaithe ar an dúlra mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, agus a sholáthraíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha ag an am céanna agus a chuidíonn chun athléimneacht a thógáil. Tugann réitigh den sórt sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra agus níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, tairbhíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra don bhithéagsúlacht agus tacaíonn siad le raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

▼M2

14.    BAINISTIÚ RIOSCA TUBAISTÍ

14.1.    Seirbhísí Éigeandála

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

1. 

Gníomhaíochtaí seirbhísí éigeandála lena n-áirítear:

(a) 

comhordú um fhreagairt ar thubaistí chun saoráidí measúnaithe, comhordaithe nó ullmhachta agus foirne amhail buanionaid chomhordaithe um fhreagairt ar thubaistí nó oibríochtaí comhordaithe ar an láthair i láthair éigeandála a bhunú agus a oibriú. Áirítear le hoibriú an fhreagartha ar éigeandálaí ceannasacht, measúnú nó anailís, pleanáil, idirchaidreamh nó comhordú, cumarsáid agus tuairisciú ar na meáin;

(b) 

seirbhísí sláinte éigeandála, is é sin garchabhair éigeandála agus cúram leighis d’othair ar an láthair, in ospidéil mhachaire shealadacha, lena n-áirítear ospidéil mhíleata nó saoráidí leighis a chuireann cóireáil ar othair chónaithe agus sheachtracha a ndéanann éigeandáil ghuaise difear dóibh, agus treoirlínte idirnáisiúnta aitheanta maidir le húsáid ospidéil mhachaire á gcur san áireamh ( 110 ). Áirítear leis sin:

(i) 

othair a ghlacadh, a scagthástáil agus a phróifíliú (triáis) ar láthair na tubaiste nó i saoráid cúraim sláinte;

(ii) 

garchabhair a sholáthar;

(iii) 

dian-éigeandálaí tráma agus neamhthráma a chobhsú agus a atreorú, i gcás inarb infheidhme, an t-othar a ullmhú lena iompar chuig saoráid cúraim sláinte le haghaidh cóireáil deiridh;

(iv) 

ardtacaíocht beatha;

(v) 

seirbhísí ainéistéise, íomháithe, steirilithe, saotharlainne agus aistrithe fola a bhaineann le staideanna éigeandála sláinte;

(vi) 

máinliacht rialaithe damáiste, máinliacht éigeandála ghinearálta a dhéanamh;

(vii) 

cúram cinnte do mhion-éigeandálaí tráma agus d’éigeandálaí neamhthráma;

(viii) 

aslonnú leighis íospartach tubaiste, lena n-áirítear aslonnú talún, aslonnú ar uisce agus aslonnú aeir;

(c) 

fóirithint tubaistí, is é sin gníomhaíochtaí fóirithinte ad-hoc iarthubaiste ar an láthair amhail ionaid aslonnaithe a bhunú agus a bhainistiú i gcomhar leis na struchtúir atá ann cheana, le húdaráis áitiúla agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta go dtí go n-aistreofar chuig údaráis áitiúla nó eagraíochtaí daonnúla iad agus na chéad riachtanais a sholáthar (amhail leigheas, bia, uisce, éadaí teo, pluideanna dóibh siúd atá buailte ag an tubaiste) le linn an teagmhais tubaiste agus ina dhiaidh. Áirítear leis sin:

(i) 

ainmniú roimh ré agus ullmhacht ionad sealadach fóirithinte tubaistí, amhail ionaid aslonnaithe pobail, suíomhanna scaipthe uisce, bia agus cabhrach agus a leithéid, a áirithiú;

(ii) 

oiliúint a chur ar fhoireann fóirithinte tubaistí i gcás ina ndéantar aistriú;

(d) 

cuardach agus tarrtháil, amhail íospartaigh a chuardach, a aimsiú agus a tharrtháil atá i nguais nó atá i gcontúirt láithreach, atá sáinnithe i gcás tuilte, atá sáinnithe faoi smionagar, caillte, fágtha nó leithlisithe gan aon chumas ná modh aslonnaithe, daoine atá ar iarraidh agus nach bhfuil tásc orthu ar thalamh nó in uisce. Déantar na gníomhaíochtaí i gcomhréir le treoirlínte idirnáisiúnta ( 111 ). Áirítear leis sin:

(i) 

cuardach ar an talamh, ar uisce agus ón aer, lena n-áirítear cuardach le madraí cuardaigh nó le trealamh cuardaigh teicniúil;

(ii) 

tarrtháil, lena n-áirítear tógáil agus gluaiseacht;

(iii) 

cabhair tharrthála agus seachadadh na gcéad riachtanas;

(iv) 

briseadh, bearnú agus gearradh;

(v) 

rópa teicniúil;

(vi) 

tabhairt chun cladaí;

(e) 

freagairt ar ábhair ghuaiseacha, amhail ábhair ghuaiseacha a bhrath agus a leithlisiú, teoranta don áit a ndéantar iad le linn teagmhas ábhair ghuaisigh nó díreach ina dhiaidh chun riosca láithreach a laghdú, lena n-áirítear: ithreacha agus screamhuisce a dhí-éilliú ag ionad an truaillithe, in situex situ, trí úsáid a bhaint as modhanna meicniúla, ceimiceacha nó bitheolaíocha; gléasraí nó láithreáin thionsclaíocha a dhí-éilliú, lena n-áirítear gléasraí agus láithreáin núicléacha; uisce dromchla a dhí-éilliú agus a ghlanadh tar éis truailliú de thaisme, amhail trí thruailleáin a bhailiú nó trí cheimiceáin a úsáid; doirteadh ola agus truailleáin eile a ghlanadh ar thalamh, in uisce dromchla, sna haigéin agus sna farraigí, lena n-áirítear limistéir chósta; aispeist, péint luaidhe, agus ábhar tocsaineach eile a laghdú. Áirítear leis sin:

(i) 

guaiseacha ceimiceacha a shainaithint agus guaiseacha raideolaíocha a bhrath trí mheascán de threalamh láimhe, soghluaiste agus saotharlainne;

(ii) 

samplaí bitheolaíocha, ceimiceacha agus raideolaíocha a bhailiú, a láimhseáil agus a ullmhú le haghaidh tuilleadh anailíse in áiteanna eile;

(iii) 

samhail eolaíoch iomchuí a chur i bhfeidhm maidir le tuar guaise;

(iv) 

laghdú riosca láithreach, lena n-áirítear srianadh guaise, neodrú guaise, agus cóireáil ar an láthair nó dí-éilliú daoine, ainmhithe agus trealaimh, lena bhféadfaí gníomhaíocht feabhais láithreach a áireamh i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(a) de Threoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 112 );

(f) 

comhrac dóiteáin agus cosc dóiteáin, amhail briogáidí dóiteáin rialta agus cúnta a riar agus a oibriú i gcosc dóiteáin agus i gcomhrac dóiteáin, agus comhrac dóiteáin ar an talamh, ar uisce nó san aer;

(g) 

freagairt agus cúnamh cosanta teicniúla do ghuais aeráide, i gcás ina gcuirtear chun feidhme é le linn éigeandála agus díreach ina diaidh. Áirítear leis sin:

(i) 

caidéalú ardchumais, amhail caidéalú a sholáthar i limistéir faoi thuilte agus cabhrú le comhrac dóiteáin trí uisce a chaidéalú;

(ii) 

íonú, stóráil agus seachadadh uisce trí aonaid shoghluaiste um íonú agus um stóráil uisce;

(iii) 

pearsanra agus soláthairtí um fhreagairt ar éigeandálaí a iompar;

(iv) 

córais chumarsáide éigeandála a chur ar bun, a choinneáil ar bun agus a oibriú chun cumarsáid a áirithiú le linn éigeandálaí agus ina ndiaidh;

(v) 

córais ginte cumhachta éigeandála a chur ar bun, a choinneáil ar bun agus a oibriú le linn éigeandálaí agus ina ndiaidh;

(vi) 

srianadh tuilte chun na struchtúir atá ann cheana a threisiú agus bacainní nua a thógáil chun tuilleadh tuilte aibhneacha, abhantracha, uiscebhealaí a bhfuil leibhéil uisce ag ardú iontu a chosc.

2. 

Áirítear ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo gníomhaíochtaí ullmhachta ( 113 ) a bhaineann go díreach le seirbhísí éigeandála, amhail:

(a) 

pleananna ábhartha a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta chun ullmhacht gníomhaíochtaí um fhreagairt ar éigeandálaí a áirithiú;

(b) 

oiliúint agus neartú acmhainní foirne agus saineolaithe, agus, i gcás inarb infheidhme, oibrithe deonacha agus ainmhithe seirbhíse;

(c) 

saoráidí oiliúna a úsáidtear le haghaidh oiliúna chun freagairt do ghuaiseacha aeráide a chur ar bun;

(d) 

na hábhair a fháil, a stóráil, a nuashonrú agus a chothabháil, lena n-áirítear codanna de mhodúil ( 114 ) mar chuid den chúnamh cosanta sibhialta ( 115 ) is gá chun iarmhairtí láithreacha tubaiste a mhaolú;

(e) 

aláraim dóiteáin agus córais réamhrabhaidh a fháil, a shuiteáil, a dheisiú, a oibriú, a chothabháil agus cianfhaireachán a dhéanamh orthu;

(f) 

gníomhaíochtaí oideachais agus ardaithe feasachta maidir le rioscaí tubaiste a dhéanann soláthraithe seirbhíse éigeandála sa phobal nó atá dírithe ar pháirtithe leasmhara nó ar spriocghrúpaí áirithe.

3. 

Áirítear na gníomhaíochtaí eacnamaíocha dá dtagraítear i bpointí 1 agus 2 nuair is féidir leo aghaidh a thabhairt ar thubaistí nó ar a dtionchar a bhaineann le guaiseacha aeráide.

4. 

Ní féidir gníomhaíochtaí agus sócmhainní nach é a bpríomhchuspóir seirbhísí éigeandála sibhialta a sholáthar a chur san áireamh ach amháin nuair atá tacaíocht á tabhairt acu do fhreagairt éigeandála shibhialtach ar thubaistí is féidir a chur i leith tubaistí a bhaineann leis an aeráid.

Ní áirítear leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo gníomhaíochtaí a dhéantar faoin ngníomhaíocht ‘Bonneagar chun riosca tuilte a chosc agus chun cosaint a thabhairt ar riosca tuilte’ (féach Roinn 14.2. den Iarscríbhinn seo).

Ní áirítear leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo gníomhaíochtaí a dhéanann oibreoir atá faoi dhliteanas i leith damáiste don chomhshaol i gcomhréir le Treoir 2004/35/CE.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe A2.40, B9.10, E39.00, H52.23, N80.20, Q84, O84.25, Q86.10, Q86.90 agus Q88.99, i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

I gcás ina gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo an critéar rannchuidithe shubstaintiúil a shonraítear i bpointe 5, is gníomhaíocht chumasúcháin í an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide atá ábhartha don ghníomhaíocht ó na cinn a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cé na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche le linn a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach don aeráid a sainaithníodh a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus

lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, déantar an measúnú agus úsáid á baint as réamh-mheastacháin aeráide úrscothacha ar an taifeach is airde atá ar fáil thar an raon reatha cásanna a bheidh ann amach anseo (1) atá comhsheasmhach le saolré ionchasach na gníomhaíochta, lena n-áirítear, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain le haghaidh infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoraíocht atá ar fáil agus cuirtear san áireamh iontu sin an eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus samhlacha foinse oscailte (3) nó samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh chun feidhme:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, ón dúlra, ón oidhreacht chultúrtha, ó shócmhainní agus ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh dhúlrabhunaithe (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus tomhas orthu in aghaidh táscairí réamhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin i gcás nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás inar réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear chun feidhme agus ina gcuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar leis an réiteach na critéir scagtha theicniúla gan dochar suntasach a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

5.  Ionas go mbreithneofar gníomhaíocht mar ghníomhaíocht chumasúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852, léiríonn an t-oibreoir eacnamaíoch, trí mheasúnú ar rioscaí aeráide reatha agus amach anseo, lena n-áirítear neamhchinnteacht agus bunaithe ar shonraí láidre, go soláthraíonn an ghníomhaíocht teicneolaíocht, táirge, seirbhís, faisnéis, nó cleachtas, nó go gcuireann sí a gcuid úsáidí chun cinn le ceann de na príomhchuspóirí seo a leanas:

(a)  leibhéal na seasmhachta a mhéadú in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, ón dúlra, ón oidhreacht chultúrtha, ó shócmhainní agus ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  rannchuidiú le hiarrachtaí oiriúnaithe daoine eile, an dúlra, na hoidhreachta cultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

1.  Tá plean um maolú ar an athrú aeráide agus um chosaint an chomhshaoil forbartha agus curtha chun feidhme ag oibreoir na gníomhaíochta seo lena ndéantar an méid seo a leanas:

(a)  príomhthionchair dhíobhálacha a sócmhainní agus a n-oibríochtaí ar an aeráid a shainaithint atá ábhartha don mhaolú ar an athrú aeráide, lena n-áirítear tionchair ó na nithe seo a leanas:

(i)  Astaíochtaí GCT Scóip 1 (6);

(ii)  Astaíochtaí GCT Scóip 2 (7);

(iii)  Astaíochtaí GCT Scóip 3 (8);

(b)  na bearta is gá a shainaithint chun íoslaghdú a dhéanamh ar thionchair dhíobhálacha shainaitheanta na gníomhaíochta ar an aeráid, agus príomhchuspóir na seirbhíse éigeandála á bhaint amach san am céanna;

(c)  an leibhéal feabhais is féidir a bhaint amach le cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe a mhíniú agus áirítear ann amlíne chun na bearta sin a chur chun feidhme;

(d)  faireachán agus doiciméadú a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart sainaitheanta i gcomhréir leis an bplean ama agus le leibhéal na bhfeabhsuithe a baineadh amach.

2.  Maidir leis an bplean maidir le maolú ar an athrú aeráide agus cosaint an chomhshaoil:

(a)  tá sé bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, a nochtar go poiblí;

(b)  forbraítear é i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear údaráis um chosaint an chomhshaoil;

(c)  nuashonraítear é i gcás ina n-athraíonn saintréithe agus oibriú na gníomhaíochta go mór ar bhealach lena n-athraítear cineál nó scála na dtionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol;

(d)  maidir le hoibríochtaí comhraicthe dóiteáin, comhlíonann sé Airteagal 11 de Rialachán (AE) 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

1.  Tá plean um maolú ar an athrú aeráide agus um chosaint an chomhshaoil forbartha agus curtha chun feidhme ag oibreoir na gníomhaíochta seo lena ndéantar an méid seo a leanas:

(a)  príomhthionchair dhíobhálacha chomhshaoil a sócmhainní agus a n-oibríochtaí is ábhartha do chosaint acmhainní uisce agus muirí a shainaithint, lena n-áirítear tionchair ar acmhainní uisce agus muirí sna réimsí a áirítear i gcláir na limistéar faoi chosaint a leagtar amach in Airteagal 6 de Threoir 2000/60/CE nó aicmithe nó sainmhínithe coibhéiseacha náisiúnta nó idirnáisiúnta eile, lena n-áirítear na tionchair dhiúltacha ar acmhainní uisce a bhíonn ag substaintí díobhálacha (mar shampla, substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (PFAS)) i gcúir comhraic dóiteáin, oibreáin múchta dóiteáin agus moilleoirí dóiteáin;

(b)  na bearta is gá a shainiú chun tionchair dhíobhálacha shainaitheanta na gníomhaíochta ar an gcomhshaol a íoslaghdú agus príomhchuspóir na seirbhíse éigeandála a bhaint amach san am céanna, lena gcomhtháthaítear prionsabail an chur i bhfeidhm spriocdhírithe (in am agus limistéar a chóireáiltear) agus seachadadh ar leibhéil iomchuí (agus tús áite á thabhairt do mhodhanna fisiceacha nó do mhodhanna neamhcheimiceacha eile i gcás inar féidir) i bpleanáil um fhreagairt ar éigeandálaí;

(c)  an leibhéal feabhais is féidir a bhaint amach le cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe a mhíniú agus áirítear ann amlíne chun na bearta sin a chur chun feidhme;

(d)  faireachán agus doiciméadú a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart sainaitheanta i gcomhréir leis an bplean ama agus le leibhéal na bhfeabhsuithe a baineadh amach.

2.  Maidir leis an bplean maidir le maolú ar an athrú aeráide agus cosaint an chomhshaoil:

(a)  tá sé bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, a nochtar go poiblí;

(b)  forbraítear é i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear údaráis um chosaint an chomhshaoil;

(c)  nuashonraítear é i gcás ina n-athraíonn saintréithe agus oibriú na gníomhaíochta go mór, ar bhealach lena n-athraítear cineál nó scála na dtionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

1.  Tá plean um maolú ar an athrú aeráide agus um chosaint an chomhshaoil forbartha agus curtha chun feidhme ag oibreoir na gníomhaíochta seo lena ndéantar an méid seo a leanas:

(a)  príomhthionchair dhíobhálacha chomhshaoil a sócmhainní agus a n-oibríochtaí a shainaithint atá ábhartha don aistriú chuig geilleagar ciorclach, lena n-áirítear tionchair ar (10)ghiniúint, ar bhainistiú agus ar chóireáil dramhaíola, lena n-áirítear tionchair dhiúltacha maidir le húsáid dhian nó úsáid rialta táirgí aon úsáide neamh-athchúrsáilte agus bainistiú míchuí dramhaíola (guaiseach agus neamhghuaiseach araon) agus stóráil agus diúscairt oibreán ceimiceach (11) agus dramhaíl leighis (12);

(b)  na bearta is gá a shainaithint chun tionchair dhíobhálacha shainaitheanta na gníomhaíochta ar an gcomhshaol a íoslaghdú agus príomhchuspóir na seirbhíse éigeandála á bhaint amach san am céanna, i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), lena n-áirítear bearta chun díothú táirgí stoc-charntha nár úsáideadh a íoslaghdú agus dea-chleachtas tionsclaíoch chun bonneagar sealadach a bhaint, mar a shainítear i bPrótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh (14);

(c)  an leibhéal feabhais is féidir a bhaint amach le cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe a mhíniú agus áirítear ann amlíne chun na bearta sin a chur chun feidhme;

(d)  faireachán agus doiciméadú a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart sainaitheanta i gcomhréir leis an bplean ama agus le leibhéal na bhfeabhsuithe a baineadh amach.

2.  Maidir leis an bplean maidir le maolú ar an athrú aeráide agus cosaint an chomhshaoil:

(a)  tá sé bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, a nochtar go poiblí;

(b)  forbraítear é i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear údaráis um chosaint an chomhshaoil;

(c)  nuashonraítear é i gcás ina n-athraíonn saintréithe agus oibriú na gníomhaíochta go mór, ar bhealach lena n-athraítear cineál nó scála na dtionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

1.  Tá plean um maolú ar an athrú aeráide agus um chosaint an chomhshaoil forbartha agus curtha chun feidhme ag oibreoir na gníomhaíochta seo lena ndéantar an méid seo a leanas:

(a)  príomhthionchair dhíobhálacha chomhshaoil a sócmhainní agus a n-oibríochtaí a shainaithint atá ábhartha do chosc agus rialú ar thruailliú, lena n-áirítear tionchair ó astaíochtaí truailliúcháin leis an aer, le huisce agus nó sa talamh mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2) de Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), lena n-áirítear tionchair dhiúltacha substaintí díobhálacha i gcúir chomhraicthe dóiteáin, oibreáin múchta dóiteáin, moilleoirí dóiteáin ar leibhéil truaillithe an chomhshaoil agus na tionchair dhiúltacha a bhaineann le húsáid halón ar ídiú ciseal ózóin;

(b)  na bearta is gá a shainaithint chun íoslaghdú a dhéanamh ar thionchair dhíobhálacha shainaitheanta na gníomhaíochta ar an gcomhshaol, agus príomhchuspóir na seirbhíse éigeandála á bhaint amach san am céanna;

(c)  an leibhéal feabhais is féidir a bhaint amach le cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe a mhíniú agus áirítear ann amlíne chun na bearta sin a chur chun feidhme;

(d)  faireachán agus doiciméadú a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart sainaitheanta i gcomhréir leis an bplean ama agus le leibhéal na bhfeabhsuithe a baineadh amach.

2.  Maidir leis an bplean maidir le maolú ar an athrú aeráide agus cosaint an chomhshaoil:

(a)  tá sé bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, a nochtar go trédhearcach;

(b)  forbraítear é i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear údaráis um chosaint an chomhshaoil;

(c)  nuashonraítear é i gcás ina n-athraíonn saintréithe agus oibriú na gníomhaíochta go mór, rud a d’fhéadfadh cineál nó scála na dtionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a athrú;

(d)  maidir le hoibríochtaí comhraicthe dóiteáin, comhlíonann sé Airteagal 13 de Rialachán Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

1.  Tá plean um maolú ar an athrú aeráide agus um chosaint an chomhshaoil forbartha agus curtha chun feidhme ag oibreoir na gníomhaíochta seo lena ndéantar an méid seo a leanas:

(a)  príomhthionchair dhíobhálacha chomhshaoil a sócmhainní agus a n-oibríochtaí a shainaithint atá ábhartha do chosaint agus d’athbhunú na bithéagsúlachta agus na n-éiceachóras, lena n-áirítear tionchair ar na nithe seo a leanas:

(i)  limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de, amhail láithreáin Natura 2000 (17) i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 92/43/CEE, Airteagal 4 de Threoir 2009/147/CE, agus Airteagal 13(4) de Threoir 2008/56/CE nó aon aicmiú/sainmhíniú coibhéiseach náisiúnta nó idirnáisiúnta eile (18);

(ii)  tógáil talún agus cur i bhfeidhm ‘ordlathas na tógála talún’ mar a thuairiscítear i Straitéis Ithreach an Aontais do 2030, lena n-áirítear tógáil talún a thagann chun cinn mar gheall ar champaí fóirithinte tubaistí a bhunú agus a oibriú ar bhonn meántéarmach agus fadtéarmach;

(b)  na bearta is gá a shainiú chun íoslaghdú a dhéanamh ar thionchair dhíobhálacha shainaitheanta na gníomhaíochta ar an gcomhshaol, agus príomhchuspóir na seirbhíse éigeandála á bhaint amach san am céanna, lena n-áirítear gníomhaíochtaí atá beartaithe chun na rioscaí do limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de a íoslaghdú, mar shampla, trí fhaisnéis spásúil maidir le limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de agus prionsabail chúraim a chomhtháthú i bpleanáil um fhreagairt ar éigeandálaí;

(c)  an leibhéal feabhais is féidir a bhaint amach le cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe a mhíniú agus áirítear ann amlíne chun na bearta sin a chur chun feidhme;

(d)  faireachán agus doiciméadú a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart sainaitheanta i gcomhréir leis an bplean ama agus le leibhéal na bhfeabhsuithe a baineadh amach.

2.  Maidir leis an bplean maidir le maolú ar an athrú aeráide agus cosaint an chomhshaoil:

(a)  tá sé bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, a nochtar go poiblí;

(b)  forbraítear é i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear údaráis um chosaint an chomhshaoil;

(c)  nuashonraítear é i gcás ina n-athraíonn saintréithe agus oibriú na gníomhaíochta go mór, rud a d’fhéadfadh cineál nó scála na dtionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a athrú.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Tuarascálacha Measúnachta ar an Athrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht, a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht na Náisiún Aontaithe atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainmhínítear réitigh dhúlrabhunaithe mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, a sholáthraíonn, go comhuaineach, tairbhí comhshaoil, tairbhí sóisialta agus tairbhí eacnamaíocha, agus a chuidíonn le hathléimneacht a chothú. Tugann na réitigh sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra, níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha, agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, i dtírdhreacha agus i muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a oiriúnaítear go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, is chun tairbhe na bithéagsúlachta na réitigh dhúlrabhunaithe agus is tacaíocht iad ó thaobh raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an [27.6.2023]: https://research-and-innovation.ec.europa.eu/research-area/environment/nature-based-solutions_ga).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM(2013) 249 final).

(6)   

Ciallaíonn ‘astaíochtaí GCT Scóip 1’ na hastaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha a thagann ó fhoinsí atá faoi úinéireacht nó faoi rialú an oibreora lena n-áirítear astaíochtaí GCT ó iompar éigeandála talún, uisce agus aeir.

(7)   

Ciallaíonn ‘astaíochtaí GCT Scóip 2’ na hastaíochtaí gás ceaptha teasa indíreacha ó ghiniúint an leictreachais arna thomhailt ag an oibreoir.

(8)   

Ciallaíonn ‘astaíochtaí GCT Scóip 3’ na hastaíochtaí gás ceaptha teasa indíreacha uile nach gcumhdaítear le scóip 2. Féach Climate Charter, Humanitarian Carbon Calculator [an Chairt Aeráide, an tÁireamhán CO2 Daonnúil], 2023, chun treoir a fháil maidir leis an gcaoi chun lorg carbóin eagraíochtaí daonnúla a ríomh, https://www.climate-charter.org/humanitarian-carbon-calculator/

(9)   

Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 (IO L 150, 20.5.2014, lch. 195).

(10)   

Mar a shainítear sa liosta dramhaíola i gCinneadh 2000/532/CE ón gCoimisiún.

(11)   

Amhail iad siúd i gcúir comhraic dóiteáin, oibreáin múchta dóiteáin, moilleoirí dóiteáin.

(12)   

Féach Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, Medical Waste Management [Bainistiú Dramhaíola Leighis], 2011, le fáil ag: https://www.icrc.org/en/doc/assets/files/publications/icrc-002-4032.pdf.

(13)   

Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe, (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(14)   

Prótacal agus Treoirlínte Dramhaíola Tógála agus Scartála an Aontais Eorpaigh, An Margadh Inmheánach, Tionscal, Fiontraíocht agus FBManna, le fáil ag: https://single-market-economy.ec.europa.eu/content/eu-construction-and-demolition-waste-protocol-0_ga.

(15)   

Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

(16)   

Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (athmhúnlú) (IO L 286, 31.10.2009, lch. 1).

(17)   

Liostaithe in Amharcóir Natura 2000, féach an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, Amharcóir Líonra Natura 2000, https://natura2000.eea.europa.eu/.

(18)   

Lena n-áirítear na tionchair a thagann chun cinn mar gheall ar bhunú agus oibriú campaí fóirithinte tubaistí, na tionchair ar limistéir ardluacha bithéagsúlachta de dheasca ábhair ghuaiseacha a thabhairt isteach nó a dhoirteadh gan chuimhneamh nó toisc nár tugadh cosaint le linn freagairt d’ábhair ghuaiseacha.

14.2.    Bonneagar chun riosca tuilte a chosc agus chun cosaint a thabhairt ar riosca tuilte

Tuairisc ar an ngníomhaíocht

Tagraíonn an ghníomhaíocht do bhearta struchtúrtha ( 116 ) agus neamhstruchtúrtha ( 117 ) arb é is aidhm dóibh daoine, éiceachórais, oidhreacht chultúrtha agus bonneagar a chosaint i gcoinne tuilte agus tuilte a chosc i gcomhréir le Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 118 ).

1. 

Áirítear na nithe seo a leanas ar na bearta struchtúracha a rinneadh:

(a) 

cladáin, sconsaí abhann;

(b) 

cladáin cosanta mara, bacainní borrtha stoirme, ballaí mara, gradhain agus tonnchoisc;

(c) 

imchuacha maolánacha ar líne agus as líne chun tuilte a choinneáil agus a rialú i líonraí draenála nádúrtha agus saorga;

(d) 

bearta chun tuilte a rialú trí acmhainn choinneála na ndobharcheantar a mhéadú, amhail imchuacha maolánacha dáilte nó struchtúir forsceite séarachais a chur chun feidhme;

(e) 

struchtúir hiodrálacha chun sreabhadh uisce a rialú, amhail stáisiúin chaidéalaithe, bualchomhlaí, geataí;

(f) 

struchtúir um rialú dríodair.

2. 

Áirítear an méid seo a leanas ar na bearta neamhstruchtúracha a rinneadh:

(a) 

feachtais ardaithe feasachta maidir le tuilte;

(b) 

samhaltú agus réamhaisnéis tuilte, mapáil guaise tuilte agus riosca;

(c) 

pleanáil spáis i limistéir ina mbíonn tuilte atá dírithe ar rioscaí tuilte a laghdú, amhail trí shrianta a chur i bhfeidhm maidir le húsáid talún agus trí chritéir chosanta a fhorfheidhmiú trí chóid tógála;

(d) 

córais réamhrabhaidh tuilte.

Áirítear leis an ngníomhaíocht bearta struchtúracha nó bearta neamhstruchtúracha a cheapadh, a thógáil, a shíneadh, a atógáil, a nuashonrú agus a oibriú.

Ní áirítear leis na gníomhaíochtaí sa chatagóir seo pleanáil, tógáil, síneadh, agus oibriú bearta bainistithe tuilte nó triomaigh dúlrabhunaithe ar mhórscála agus bearta athchóirithe bogaigh dúlrabhunaithe ar mhórscála a chumhdaítear leis an ngníomhaíocht ‘Réitigh dhúlrabhunaithe maidir le riosca tuilte agus triomach a chosc agus cosaint ar riosca tuilte agus triomach’ (féach Roinn 3.1. in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe XXXX/XXX). Ní áirítear leis an ngníomhaíocht ach oiread bonneagar le haghaidh iompar uisce amhail uiscebhealaí, cuanta agus muiríní (féach Roinn 6.16. den Iarscríbhinn seo), freagairt éigeandála i gcás teagmhas tuilte (féach Roinn 14.1. den Iarscríbhinn seo), sainchomhairleoireacht maidir le bainistiú riosca fisiceach aeráide agus oiriúnú (féach Roinn 9.3) agus bogearraí lena gcumasaítear bainistiú rioscaí fisiceacha aeráide agus oiriúnú (féach roinn 8.4).

Ní áirítear leis na gníomhaíochtaí sa chatagóir seo tógáil, modhnú, nó baint struchtúr coinneála uisce ar líne a mbíonn gaibhniú mar thoradh orthu go príomha chun críoch úsáide hidreachumhachta nó uisciúcháin.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach leis an gcód NACE F42.91 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

I gcás ina gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo an critéar rannchuidithe shubstaintiúil a shonraítear i bpointe 5, is gníomhaíocht chumasúcháin í an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.

Critéir scagtha theicniúla

Rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.

2.  Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide atá ábhartha don ghníomhaíocht ó na cinn a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:

(a)  scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cé na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche le linn a saolré ionchasaí;

(b)  i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)  measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach don aeráid a sainaithníodh a laghdú.

Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus

lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;

(b)  maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, déantar an measúnú agus úsáid á baint as réamh-mheastacháin aeráide úrscothacha ar an taifeach is airde atá ar fáil thar an raon reatha cásanna a bheidh ann amach anseo (1) atá comhsheasmhach le saolré ionchasach na gníomhaíochta, lena n-áirítear, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain le haghaidh infheistíochtaí móra.

3.  Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoraíocht atá ar fáil agus cuirtear san áireamh iontu an eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus samhlacha foinse oscailte (3) nó samhlacha íocaíochta.

4.  Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh chun feidhme:

(a)  ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, ón dúlra, ón oidhreacht chultúrtha, ó shócmhainní agus ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  tugtar tús áite leo do réitigh dhúlrabhunaithe (4) nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas (5) a mhéid is féidir;

(c)  tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;

(d)  déantar faireachán agus tomhas orthu in aghaidh táscairí réamhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin i gcás nach gcomhlíontar na táscairí sin;

(e)  i gcás inar réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear chun feidhme agus ina gcuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar leis an réiteach na critéir scagtha theicniúla gan dochar suntasach a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.

5.  Ionas go mbreithneofar gníomhaíocht mar ghníomhaíocht chumasúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852, léiríonn an t-oibreoir eacnamaíoch, trí mheasúnú ar rioscaí aeráide reatha agus amach anseo, lena n-áirítear neamhchinnteacht agus bunaithe ar shonraí láidre, go soláthraíonn an ghníomhaíocht teicneolaíocht, táirge, seirbhís, faisnéis, nó cleachtas, nó go gcuireann sí a gcuid úsáidí chun cinn le ceann de na príomhchuspóirí seo a leanas:

(a)  leibhéal na seasmhachta a mhéadú in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, ón dúlra, ón oidhreacht chultúrtha, ó shócmhainní agus ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;

(b)  rannchuidiú le hiarrachtaí oiriúnaithe daoine eile, an dúlra, na hoidhreachta cultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile.

Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)

(1)  Maolú ar an athrú aeráide

Ní bhaineann le hábhar

(3)  Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

Ní chuireann an ghníomhaíocht isteach ar bhaint amach stádas maith comhshaoil uiscí mara ná ní dhéantar meathlú léi ar uiscí mara a bhfuil stádas maith comhshaoil acu cheana féin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (21), de Rialachán (AE) 2020/852, agus i gcomhréir le Treoir 2008/56/CE, lena gceanglaítear go háirithe go ndéanfar na bearta iomchuí chun tionchair a chosc nó a mhaolú i ndáil leis na tuairisceoirí a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, agus Cinneadh (AE) 2017/848 ón gCoimisiún á chur san áireamh i ndáil leis na critéir ábhartha agus na caighdeáin mhodheolaíochta maidir leis na tuairisceoirí sin.

Comhlíonann an ghníomhaíocht forálacha Threoir 2000/60/CE (6) go háirithe na ceanglais ar fad a leagtar síos in Airteagal 4 den Treoir sin.

I gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2000/60/CE agus go háirithe mír 7 den Airteagal sin, déantar measúnú tionchair ar an tionscadal chun measúnú a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith aige ar stádas na ndobharlach laistigh den abhantrach céanna agus ar ghnáthóga agus ar speicis faoi chosaint atá ag brath go díreach ar an uisce, agus conairí imirce, aibhneacha atá ag sreabhadh go saor nó éiceachórais gar do choinníollacha nach bhfuil cur isteach orthu á gcur san áireamh go háirithe.

Tá an measúnú bunaithe ar shonraí cruinne, cuimsitheacha a fuarthas le déanaí, lena n-áirítear sonraí faireacháin ar ghnéithe cáilíochta bitheolaíocha atá íogair go sonrach d’athruithe hidreamhoirfeolaíocha, agus ar stádas ionchasach an dobharlaigh de thoradh na ngníomhaíochtaí nua, i gcomparáid leis an stádas atá ann faoi láthair.

Breithnítear sa mheasúnú, go háirithe, tionchair charnacha an tionscadail le bonneagar eile atá ann cheana nó atá beartaithe san abhantrach. Ar bhonn an mheasúnaithe tionchair sin, fuarthas amach go gceaptar an tionscadal, ó thaobh dearaidh agus suímh de, agus ó thaobh bearta maolaithe de, le go gcloífidh sé le ceann de na ceanglais seo a leanas:

(a)  níl aon mheathlú sa tionscadal, ná ní chuireann sé as do stádas maith ná d’acmhainn mhaith an dobharlaigh shonraigh lena mbaineann sé a bhaint amach;

(b)  i gcás ina bhfuil baol ann go bhféadfadh an tionscadal meathlú a dhéanamh nó baint amach stádas maith/acmhainn mhaith an dobharlaigh shonraigh lena mbaineann sé a chur i mbaol, níl meathlú den sórt sin mór, agus tugtar údar iomchuí leis trí dhianmheasúnú costais agus tairbhe ina léireofar an dá cheann díobh seo a leanas:

(i)  na cúiseanna sáraitheacha ar mhaithe le leas an phobail nó toisc gur mó na buntáistí a bhfuil coinne leo ón tionscadal bonneagar loingseoireachta pleanáilte i dtéarmaí na mbuntáistí le maolú ar an athrú aeráide/le hoiriúnú don athrú aeráide ná na costais atá ag fabhrú chuig an gcomhshaol agus chuig an tsochaí mar thoradh ar mheath a bheith ag teacht ar stádas an uisce;

(ii)  ní féidir, ar chúiseanna indéantachta teicniúla nó costais dhíréirigh, an leas sáraitheach poiblí nó na sochair a bhfuil coinne leo ón ngníomhaíocht, a bhaint amach ar mhodh malartach as a leanfadh toradh comhshaoil níos fearr (amhail réiteach dhúlrabhunaithe, láthair mhalartach, bonneagair atá ann cheana a athshlánú/athchóiriú, nó teicneolaíochtaí nach gcuireann isteach ar leanúnachas aibhneacha a úsáid).

Cuirtear chun feidhme gach beart maolaithe atá indéanta go teicniúil agus ábhartha go héiceolaíoch chun drochthionchar ar uisce a laghdú, agus chun drochthionchar a laghdú ar ghnáthóga agus speicis faoi chosaint a bhraitheann go díreach ar uisce.

I measc na mbeart maolaithe, i gcás inarb ábhartha agus ag brath ar na héiceachórais atá i láthair go nádúrtha sna dobharlaigh dá ndéantar difear, tá:

(a)  bearta lena áirithiú go bhfuil coinníollacha chomh gar agus is féidir do leanúnachas nach bhfuil cur isteach air, lena n-áirítear bearta chun fadleanúnachas agus leanúnachas cliathánach a áirithiú, chomh maith leis an sreabhadh éiceolaíoch is lú is féidir agus an sreabhadh dríodair is lú agus is féidir;

(b)  bearta chun coinníollacha agus gnáthóga moirfeolaíocha a chosaint nó a fheabhsú le haghaidh speicis uisceacha;

(c)  bearta chun drochthionchair an eotrófaithe a laghdú.

Déantar faireachán ar éifeachtacht na mbeart sin i gcomhthéacs an údaraithe nó an cheada lena leagtar amach na coinníollacha arb é is aidhm dóibh stádas maith nó acmhainn mhaith an dobharlaigh a ndéantar difear dó a bhaint amach.

Ní chuireann an tionscadal as go buan do stádas maith ná d’acmhainn mhaith a bhaint amach i gceann ar bith de na dobharlaigh sa cheantar abhantraí céanna.

Anuas ar na bearta maolaithe dá dtagraítear thuas, agus i gcás inarb ábhartha, cuirtear bearta cúitimh chun feidhme lena áirithiú nach mbíonn meath stádais dobharlach sa cheantar abhantraí céanna mar thoradh ar an tionscadal. Baintear sin amach trí bhíthin leanúnachas (fadleanúnachas nó leanúnachas cliathánach) a thabhairt ar ais chuig an gceantar abhantraí céanna sa mhéid a chúiteodh an cur isteach ar leanúnachas a d’fhéadfadh an tionscadal bonneagar loingseoireachta beartaithe a chruthú. Tosaíonn cúiteamh sula gcuirtear an tionscadal i ngníomh.

(4)  Aistriú chuig geilleagar ciorclach

Cuireann oibreoirí teorainn le giniúint dramhaíola i bpróisis a bhaineann le tógáil agus scartáil agus cuireann siad san áireamh na teicnící is fearr atá ar fáil. 70 % ar a laghad (de réir meáchain) de dhramhaíl foirgníochta agus scartála neamhghuaiseach (cé is moite d’ábhar a fhaightear go nádúrtha dá dtagraítear i gcatagóir 17 05 04 sa Liosta Dramhaíola Eorpach a bunaíodh le Cinneadh 2000/532/CE) a ghintear ar an láithreán foirgníochta, déantar í a ullmhú lena hathúsáid, lena hathchúrsáil nó le haghaidh aisghabháil ábhar eile, lena n-áirítear oibríochtaí aislíonta ina n-úsáidtear dramhaíl in ionad ábhair eile, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh (7). Úsáideann oibreoirí scartáil roghnaíoch chun gur féidir substaintí guaiseacha a bhaint agus a láimhseáil go sábháilte agus chun athúsáid agus athchúrsáil ardcháilíochta a éascú.

(5)  Cosc agus rialú ar thruailliú

Cuirtear bearta iomchuí chun feidhme chun forsceitheadh uisce stoirme dochrach ón gcóras bailithe fuíolluisce comhcheangailte a sheachaint agus a mhaolú, lena bhféadfaí córais inbhuanaithe draenála uirbeacha, córais bhailithe uisce stoirme ar leithligh, umair choinneála agus cóireáil an chéad shruthaithe a áireamh.

(6)  Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Thairis sin, déanfar na nithe seo a leanas a áirithiú:

(a)  san Aontas, i ndáil le láithreáin Natura 2000: níl éifeachtaí suntasacha ag an ngníomhaíocht ar láithreáin Natura 2000 i bhfianaise a gcuspóirí caomhnaithe ar bhonn measúnú iomchuí arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle;

(b)  san Aontas, in aon limistéar: níl an ghníomhaíocht díobhálach do théarnamh ná do chothabháil líon na speiceas atá faoi chosaint faoi Threoir 92/43/CEE agus faoi Threoir 2009/147/CE a bhfuil stádas caomhantais fabhrach acu. Níl an ghníomhaíocht díobhálach do théarnamh nó do chothabháil na gcineálacha gnáthóige lena mbaineann agus atá faoi chosaint faoi Threoir 92/43/CEE a bhfuil stádas caomhantais fabhrach acu;

(c)  san Aontas, cuirtear cosc ar speicis choimhthíocha ionracha a thabhairt isteach, nó bainistítear leathadh na speiceas sin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014;

(d)  lasmuigh den Aontas, déantar gníomhaíochtaí i gcomhréir leis an dlí is infheidhme a bhaineann le caomhnú gnáthóg, speiceas agus bainistiú speiceas coimhthíoch ionrach.

(1)   

Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(2)   

Tuarascálacha Measúnachta ar an Athrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht, a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht na Náisiún Aontaithe atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide, https://www.ipcc.ch/reports/.

(3)   

Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

(4)   

Sainmhínítear réitigh dhúlrabhunaithe mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, a sholáthraíonn, go comhuaineach, tairbhí comhshaoil, tairbhí sóisialta agus tairbhí eacnamaíocha, agus a chuidíonn le hathléimneacht a chothú. Tugann na réitigh sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra, níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha, agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, i dtírdhreacha agus i muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a oiriúnaítear go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, is chun tairbhe na bithéagsúlachta na réitigh dhúlrabhunaithe agus is tacaíocht iad ó thaobh raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an [27.6.2023]: https://research-and-innovation.ec.europa.eu/research-area/environment/nature-based-solutions_ga).

(5)   

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM(2013) 249 final).

(6)   

Le haghaidh gníomhaíochtaí i dtríú tíortha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó na caighdeán idirnáisiúnta is infheidhme lena saothraítear cuspóirí coibhéiseacha stádas maith uisce agus acmhainn mhaith éiceolaíoch, trí rialacha coibhéiseacha nós imeachta agus substainteacha, i.e. plean bainistíochta úsáide agus cosanta uisce a forbraíodh i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha lena n-áirithítear 1) go ndéantar measúnú ar thionchar na ngníomhaíochtaí ar stádas nó acmhainn éiceolaíocht shainaitheanta an dobharlaigh nó na ndobharlach uisce dá bhféadfaí difear a dhéanamh agus 2) go seachnaítear meathlú nó cosc ar stádas maith/acmhainn mhaith éiceolaíoch nó, i gcás nach bhfuil sé sin indéanta, 3) go bhfuil údar leis mar gheall ar easpa roghanna malartacha comhshaoil níos fearr nach bhfuil costas díréireach orthu/dodhéanta go teicniúil, agus go nglactar gach céim indéanta chun an drochthionchar ar stádas an dobharlaigh a mhaolú.

(7)   

Prótacal agus Treoirlínte Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh, An Margadh Inmheánach, Tionscal, Fiontraíocht agus FBManna, le fáil ag: https://single-market-economy.ec.europa.eu/content/eu-construction-and-demolition-waste-protocol-0_ga.

▼B

Aguisín A

GUAISEACHA A BHAINEANN LEIS AN AERÁID A AICMIÚ  ( 119 )

Rioscaí a bhaineann le teocht

Rioscaí a bhaineann le gaoth

Rioscaí a bhaineann le huisce

Rioscaí a bhaineann le mais sholadach

Ainsealach

Athrú teochta (aer, fionnuisce, uisce mara)

Athrú i bpátrúin ghaoithe

Athrú i bpátrúin agus i gcineáil frasaíochta (báisteach, clocha sneachta, sneachta/leac oighir)

Creimeadh cósta

Strus teirmeach

Frasaíochta nó inathraitheacht hidreolaíocha

Díghrádú ithreach

Inathraitheacht teochta

Aigéadú na n-aigéan

Creimeadh ithreach

Talamh síorshioctha ag leá

Ionsá salanda

Sreabhadh ithreach

Ardú ar leibhéal na farraige

Strus maidir le huisce

Géar

Tonn teasa

Cioclón, hairicín, tíofún

Triomach

Maidhm shneachta

Tonn fuachta/sioc

Stoirm (lena n-áirítear síobadh sneachta, deannach agus stoirmeacha gainimh)

Frasaíocht throm (báisteach, clocha sneachta, sneachta/leac oighir)

Maidhm shléibhe

Falscaí

Tornádó

Tuile (chósta, srutha, bháistiúil, screamhuisce)

Turnamh

Ráig locha oighrigh

Aguisín B

CRITÉIR GHINEARÁLTA LE hAGHAIDH DNSH MAIDIR LE hÚSÁID INBHUANAITHE A BHAINT AS UISCE AGUS ACMHAINNÍ MARA AGUS IAD A CHOSAINT

Sainaithnítear rioscaí díghrádaithe comhshaoil a bhaineann le cáilíocht an uisce a chosaint agus strus uisce a sheachaint agus tugtar aghaidh ar na rioscaí sin agus é mar aidhm dea-stádas uisce agus cumas maith éiceolaíoch a bhaint amach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí (22) agus (23), de Rialachán (AE) 2020/852, i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE ( 120 ) agus plean bainistíochta úsáide agus cosanta uisce, a fhorbraítear fúthu don dobharlach nó na dobharlaigh a ndéantar difear dóibh, i gcomhairle le páirtithe leasmhara ábhartha.

I gcás ina ndéantar Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE agus ina bhfuil measúnú ar an tionchar ar an uisce san áireamh i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE, ní éilítear aon mheasúnú breise ar thionchar ar an uisce, ar choinníoll gur tugadh aghaidh ar na rioscaí a sainaithníodh.

►M2  Ní chuireann an ghníomhaíocht isteach ar bhaint amach stádas maith comhshaoil uiscí mara ná ní dhéantar meathlú léi ar uiscí mara a bhfuil stádas maith comhshaoil acu cheana féin mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (5), de Threoir 2008/56/CE ( 121 ), agus Cinneadh (AE) 2017/848 ón gCoimisiún á chur san áireamh i ndáil leis na critéir ábhartha agus na caighdeáin mhodheolaíochta maidir leis na tuairisceoirí sin. ◄

Aguisín C

CRITÉIR GHINEARÁLTA LE hAGHAIDH DNSH MAIDIR LE TRUAILLIÚ A CHOSC AGUS RIALÚ MAIDIR LE hÚSÁID AGUS LÁITHREACHT CHEIMICEÁN

Ní dhéantar na nithe a leanas a mhonarú, a chur ar an margadh ná a úsáid mar thoradh ar an ngníomhaíocht:

(a) 

substaintí, astu féin, i meascáin nó in earraí, arna liostú in Iarscríbhinní I nó II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021, seachas i gcás substaintí a bhíonn ann mar rian-éilleán neamhbheartaithe;

(b) 

mearcair agus comhdhúil mhearcair, a meascáin agus táirgí lena gcuirtear mearcair mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/852;

(c) 

substaintí, astu féin, i meascán nó in earraí, arna liostú in Iarscríbhinn I nó II le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009;

(d) 

substaintí, astu féin, i meascáin nó in earraí, arna liostú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, seachas i gcás ina bhfuil comhlíontacht iomlán le hAirteagal 4(1) den Treoir sin;

(e) 

substaintí, astu féin, i meascáin nó in earraí, arna liostú in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) 1907/2006, seachas i gcás ina bhfuil comhlíontacht iomlán leis na coinníollacha a shonraítear san Iarscríbhinn sin;

▼M2

(f) 

substaintí, bídís leo féin, i meascáin nó in earra, i dtiúchan os cionn 0,1 % maischodán (w/w), agus a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus a sainaithníodh i gcomhréir le hAirteagal 59(1) den Rialachán sin ar feadh tréimhse 18 mí ar a laghad, ach amháin má dhéanann na hoibreoirí measúnú agus doiciméadú air nach bhfuil aon substaint nó teicneolaíocht mhalartach oiriúnach eile le fáil ar an margadh, agus go n-úsáidtear iad faoi choinníollacha rialaithe ( 122 ).

▼M2 —————

▼M2

Ina theannta sin, ní bheidh mar thoradh ar an ngníomhaíocht substaintí eile a mhonarú, a bheith sa táirge deiridh nó san aschur deiridh, ná iad a chur ar an margadh, bídís leo féin, i meascáin nó in earra, i dtiúchan os cionn 0,1 % maischodán (w/w), a chomhlíonann critéir Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 le haghaidh ceann de na haicmí guaiseacha nó catagóirí guaiseacha a luaitear in Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, ach amháin má dhéanann na hoibreoirí measúnú agus doiciméadú air nach bhfuil aon substaint nó teicneolaíocht mhalartach oiriúnach eile le fáil ar an margadh, agus go n-úsáidtear iad faoi choinníollacha rialaithe ( 123 ).

▼B

Aguisín D

CRITÉIR GHINEARÁLTA LE hAGHAIDH DNSH MAIDIR LE BITHÉAGSÚLACHT AGUS ÉICEACHÓRAIS A CHOSAINT AGUS A ATHBHUNÚ

Cuireadh Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol (MTC) nó scagadh ( 124 ) i gcrích i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE ( 125 ).

I gcás ina ndearnadh MTC, tá na bearta maolaithe agus cúiteacha a éilítear chun an comhshaol a chosaint curtha chun feidhme.

Maidir le suíomhanna/oibríochtaí atá suite i limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de nó gar dóibh (lena n-áirítear líonra limistéir faoi chosaint Natura 2000, láithreáin Oidhreachta Domhanda agus Príomhlimistéir Bithéagsúlachta UNESCO, chomh maith le limistéir eile faoi chosaint), rinneadh measúnú iomchuí ( 126 ), i gcás inarb infheidhme, agus bunaithe ar a chonclúidí cuirtear na bearta maolaithe riachtanacha ( 127 ) i bhfeidhm.

( 1 ) Tuigtear le foraois a bhunú trí phlandú nó trí shíolú toiliúil ar thalamh a raibh, go dtí sin, úsáid éagsúil á baint as, claochlú ar an úsáid talún ó neamhfhoraois go foraois, Measúnú ar Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe (leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

( 2 ) Talamh is fairsinge ná 0,5 heicteár agus é faoi chrainn is airde ná 5 mhéadar agus clúdach téastair aige is mó ná 10 %, nó faoi chrainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ. Ní áirítear leis talamh atá faoi úsáid talmhaíochta nó uirbeach den chuid is mó, Measúnú ar Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

( 3 ) Áirítear an méid seo a leanas le hathchóiriú foraoise:

— 
athshlánú, rud a chiallaíonn athchóiriú na speiceas inmhianaithe, na struchtúr nó na bpróiseas chuig éiceachóras atá ann cheana;
— 
athfhoirgniú, rud a chiallaíonn athchóiriú a dhéanamh ar phlandaí dúchasacha ar thalamh a bhfuil úsáid eile á baint as;
— 
míntíriú, rud a chiallaíonn athchóiriú a dhéanamh ar thalamh atá díghrádaithe go mór nach bhfuil aon fhásra air;
— 
an t-athsholáthar is radacaí, ina ndéantar speiceas a dhéantar a mhí-oiriúnú le haghaidh suíomh ar leith agus nach bhfuil in ann dul ar imirce a athsholáthar le speiceas a thugtar isteach de réir mar a athraíonn aeráidí go tobann,

Modúl ar athchóiriú foraoisí. In Sustainable Forest Management (SFM) Toolbox (leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/sustainable-forest-management/toolbox/modules/forest-restoration/basic-knowledge/en/).

( 4 ) Athchóiriú Éiceolaíoch (Éiceachóras a Athchóiriú (freisin)):

— 
an próiseas a bhaineann le héiceachóras a chur ar ais chuig struchtúr agus feidhm nádúrtha sula ndearnadh iad a shuaitheadh;
— 
an próiseas a bhaineann le cúnamh a thabhairt chun éiceachóras ar a ndearnadh díghrádú, dá ndearnadh damáiste nó a scriosadh a athshlánú;
— 
an próiseas a bhaineann le suíomh a athrú d’aon intinn chun éiceachóras sainithe, dúchasach a bhunú. Is é sprioc an phróisis sin aithris a dhéanamh ar struchtúr, feidhm, éagsúlacht agus dinimicí an éiceachórais shonraithe;
— 
idirghabháil an duine … arna cheapadh chun dlús a chur faoi athshlánú gnáthóg a bhfuil damáiste déanta dóibh, nó chun éiceachórais a thabhairt ar ais chomh gar agus is féidir don staid ina raibh siad sular suaitheadh iad;

Na sainmhínithe/na tuairiscí is mó a úsáidtear le haghaidh príomhthéarmaí a bhaineann le hathchóiriú an éiceachórais 11ú comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch. 2012. UNEP/CBD/COP/11/INF/19 (leagan an 4.6.2021: https://www.cbd.int/doc/meetings/cop/cop-11/information/cop-11-inf-19-en.pdf).

( 5 ) Is é is athshlánú foraoise ann próiseas an athchóirithe ar acmhainn foraoise earraí agus seirbhísí a chur ar fáil arís, i gcás nach bhfuil staid na foraoise athshlánaithe comhionann lena riocht sular tharla an díghrádú,

Na sainmhínithe/na tuairiscí is mó a úsáidtear le haghaidh príomhthéarmaí a bhaineann le hathchóiriú an éiceachórais 11ú comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch. 2012. UNEP/CBD/COP/11/INF/19 (leagan an 4.6.2021: https://www.cbd.int/doc/meetings/cop/cop-11/information/cop-11-inf-19-en.pdf).

( 6 ) (leagan an 4.6.2021: https://www.cbd.int/convention/text/).

( 7 ) Athbhunú foraoise trí phlandú agus/nó trí shíolú toiliúil ar thalamh a aicmítear mar fhoraois,

Measúnú ar Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

( 8 ) Foraois atá comhdhéanta de chrainn a bunaíodh tríd an athghiniúint nádúrtha den chuid is mó,

Measúnú ar Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

( 9 ) Is é is teagmhas adhaimsire ann teagmhas nach dtarlaíonn ach go hannamh ag áit áirithe nó ag am áirithe den bhliain. Tá sainmhínithe éagsúla ar cad is annamh ann, ach bheadh teagmhas adhaimsire chomh hannamh nó níos annaimhe ná an 10ú nó an 90ú peircintíl de dhlúsfheidhm chomhdhóchúlachta arna mheas ó bhreathnuithe. De réir sainmhíniú, beidh éagsúlacht sna saintréithe den rud ar a nglaoitear adhaimsir ó áit go háit sa chiall absalóideach. I gcás ina dtarlaíonn patrún adhaimsire ar feadh tamall fada, amhail séasúr, féadfar é a aicmiú mar theagmhas adhaeráide, go háirithe má tháirgeann sé meán nó iomlán atá foircneach ann féin (e.g. triomach nó báisteach throm i rith séasúir). Féach IPCC, 2018: Iarscríbhinn I: Gluais (leagan an 4.6.2021: https://www.ipcc.ch/sr15/chapter/glossary/).

( 10 ) Aon dóiteán fásra neamhrialaithe a mbíonn cinneadh nó gníomh ag teastáil ina leith chun é a mhúchadh, an Ghluais Eorpach maidir le falscaithe agus dóiteáin foraoise 2012, arna forbairt faoin Líonra Eorpach maidir le dóiteáin foraoise - tionscadal “EUFOFINET”, mar chuid de chlár INTERREG IVC (leagan an 4.6.2021: https://www.ctif.org/index.php/library/european-glossary-wildfires-and-forest-fires).

( 11 ) Talamh is fairsinge ná 0.5 heicteár agus é faoi chrainn is airde ná 5 mhéadar agus clúdach téastair aige is mó ná 10 %, nó faoi chrainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amachin situ. Ní áirítear leis talamh atá faoi úsáid talmhaíochta nó uirbeach den chuid is mó, Measúnú ar Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

( 12 ) Talamh is fairsinge ná 0,5 heicteár agus é faoi chrainn is airde ná 5 mhéadar agus clúdach téastair aige is mó ná 10 %, nó faoi chrainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ. Ní áirítear leis talamh atá faoi úsáid talmhaíochta nó uirbeach den chuid is mó, Measúnú ar Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

( 13 ) Talamh is fairsinge ná 0,5 heicteár agus é faoi chrainn is airde ná 5 mhéadar agus clúdach téastair aige is mó ná 10 %, nó faoi chrainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ. Ní áirítear leis talamh atá faoi úsáid talmhaíochta nó uirbeach den chuid is mó, Measúnú ar Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

( 14 Áirítear le bogaigh réimse leathan de ghnáthóga intíre amhail riasc, féarthailte agus tailte móna fliucha, tuilemhánna, aibhneacha agus lochanna, agus limistéir cósta amhail riasca goirt, mangróibh, réileáin idirthaoideacha agus leapacha féir mhara, agus sceireacha coiréil agus limistéir mhara eile nach doimhne ná sé mhéadar ag díthrá, chomh maith le bogaigh de dhéanamh an duine amhail dambaí, taiscumair, goirt ríse agus linnte agus muirligh cóireála fuíolluisce. An Introduction to the Ramsar Convention on Wetlands, 7ú heag. (The Ramsar Convention Manual roimhe sin). Ardrúnaíocht Choinbhinsiún Ramsar, Gland, an Eilvéis.

( 15 ) Is éiceachórais le hithir mhóna iad tailte portaigh. Tá 30 % ar a laghad d’iarsmaí plandaí marbha, leathlofa i móin, iarsmaí a chruinníonn in situ faoi choinníollacha leathbháite a bhíonn aigéadach go minic. Rún XIII.12 Treoraíocht maidir le tailte móna a shainaithint mar Bhogaigh a bhfuil Tábhacht Idirnáisiúnta leo (Láithreáin Ramsar) le haghaidh rialáil um athrú aeráide domhanda mar argóint bhreise leis na critéir Ramsar atá cheana ann, Coinbhinsiún Ramsar arna ghlacadh an 21-29 Deireadh Fómhair 2018.

( 16 ) An Coinbhinsiún um Bogaigh a bhfuil Tábhacht Idirnáisiúnta leo go háirithe mar Ghnáthóg d’Éin Uisce, https://www.ramsar.org/sites/default/files/documents/library/current_convention_text_e.pdf).

( 17 ) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa an 29 Bealtaine 1995 faoi úsáid stuama agus caomhnú bogach, COM(95) 189 final.

( 18 ) Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2011 maidir le cuntais Eorpacha eacnamaíocha comhshaoil (IO L 192, 22.7.2011, lch. 1).

( 19 ) Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).

( 20 ) Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).

( 21 ) Áirítear ar an ngníomhaíocht monarú páirteanna agus trealaimh agus seirbhísí gaolmhara a sholáthar, chomh maith le Cothabháil, Deisiú agus Ollchóiriú (CDO), a mhéid is féidir iad sin a nascadh le cineál aerárthaigh incháilithe agus a fheabhsaítear nó a choinnítear leibhéal éifeachtúlachta an aerárthaigh ar bun leo.

( 22 ) Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir lesábháilteacht núicléach na suiteálacha núicléacha (IO L 172, 2.7.2009, lch. 18).

( 23 ) Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle an 19 Iúil 2011 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le bainistiú freagrach agus sábháilte ar bhreosla spíonta agus ar dhramhaíl radaighníomhach (IO L 199, 2.8.2011, lch. 48).

( 24 ) Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle an 5 Nollaig 2013 lena leagtar síos caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta don chosaint i gcoinne na contúirte a eascraíonn as nochtadh don radaíocht ianúcháin, agus lena n-aisghairtear Treoracha89/618/Euratom, 90/641/Euratom, 96/29/Euratom, 97/43/Euratom agus 2003/122/Euratom (IO L 13,17.1.2014, lch. 1).

( 25 ) Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).

( 26 ) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1)

( 27 ) Moladh 2006/851/Euratom ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2006 maidir le bainistiú na n-acmhainní airgeadais chun suiteálacha núicléacha, breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a dhíchoimisiúnú (IO L 330,28.11.2006, lch. 31).

( 28 ) Sainmhínítear bithdhramhaíl in Airteagal 3, pointe 3 de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

( 29 ) Mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 4, de Threoir 2008/98/CE.

( 30 ) Mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 4, de Threoir 2008/98/CE.

( 31 ) Sainmhínítear “líonadh talún” in Airteagal 2, pointe (g), de Threoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (IO L 182, 16.7.1999, lch. 1).

( 32 ) Dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a)(i), de Rialachán (AE) 2018/858.

( 33 ) Dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(i), de Rialachán (AE) 2018/858.

( 34 ) Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 171, 29.6.2007, lch. 1).

( 35 ) Dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2018/858.

( 36 ) Dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(ii), de Rialachán (AE) 2018/858.

( 37 ) Dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(iii), de Rialachán (AE) 2018/858.

( 38 ) Mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 595/2009.

( 39 ) I gcomhréir le hAirteagal 3 pointe (11) de Threoir 34/2012/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach iarnróid aonair (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).

( 40 ) Áirítear leis an ngníomhaíocht léasú páirteanna agus trealaimh a mhéid is féidir iad a nascadh le cineál aerárthaigh incháilithe agus go bhfeabhsaítear nó go gcothabhálann sé leibhéal éifeachtúlachta an aerárthaigh.

( 41 ) Áirítear an trealamh seo a leanas i lárionaid sonraí: Trealamh agus seirbhísí TFC trealamh fuaraithe; trealamh cumhachta i gcomhair lárionad sonraí; trealamh dáilte cumhachta i gcomhair lárionad sonraí; foirgneamh lárionaid sonraí; córais faireacháin.

( 42 ) I gcomhréir le hIarscríbhinn G d’Iarscríbhinní Ginearálta CHLÁR OIBRE 2016 2017 FHÍS 2020, lch.29 (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/research/participants/data/ref/h2020/other/wp/2016-2017/annexes/h2020-wp1617-annex-ga_en.pdf).

( 43 ) Ní mór an Painéal Idir-Rialtasach ar chonairí comhchruinniú ionadaíoch um Athrú Aeráide RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 a áireamh ar chásanna amach anseo.

( 44 ) Measúnuithe tionchair maidir le hAthrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide a mheasúnú, https://www.ipcc.ch/reports/.

( 45 ) Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

( 46 ) Sainmhínítear réitigh nádúr-bhunaithe mar “réitigh arbh é an nádúr a bhí ina ionsparáid dóibh agus is é an nádúr is crann taca dóibh, atá cost-éifeachtach agus lena dtugtar tairbhí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha i gcomhthráth agus lena gcothaítear athléimneacht. Leis na réitigh sin, cruthaítear níos mó gnéithe agus próisis de chineál agus de nádúr nádúrtha agus de phróisis i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha atá oiriúnaithe go háitiúil, atá tíosach ar acmhainní agus córasach”. Dá bhrí sin, is chun tairbhe na bithéagsúlachta na réitigh nádúr-bhunaithe agus is tacaíocht iad don sholáthar raon seirbhísí éiceachórais. (leagan an 4.6.2021: https://ec.europa.eu/research/environment/index.cfm?pg=nbs).

( 47 ) Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).

( 48 ) Tá an liosta de ghuaiseacha a bhaineann leis an aeráid sa tábla seo neamh-uileghabhálach, agus níl ann ach liosta táscach de na guaiseacha is forleithne ar cheart a chur san áireamh ar a laghad sa mheasúnú ar riosca agus leochaileacht aeráide.

( 49 ) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

Maidir le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme nó le caighdeáin idirnáisiúnta lena saothraítear cuspóirí coibhéiseacha maidir le dea-stádas uisce agus dea-acmhainneacht éiceolaíoch, trí rialacha nós imeachta agus substainteacha coibhéiseacha, i.e. plean bainistithe uisce agus cosanta arna fhorbairt i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha lena n-áirithítear 1) go ndéanfar measúnú ar thionchar na ngníomhaíochtaí ar an stádas aitheanta nó ar acmhainneacht éiceolaíoch dobharlaigh a bhféadfadh tionchar a bheith imeartha air agus 2) go ndéanfar meath nó cosc ar dhea-stádas/acmhainneacht éiceolaíoch a sheachaint nó, i gcás nach féidir sin a dhéanamh, 3) ar an mbonn nach ann do mhalairtí a bheadh níos fearr ó thaobh an chomhshaoil de nach bhfuil as réir ó thaobh costais de nó dodhéanta ó thaobh teicniúil de, agus go nglacfar gach céim indéanta chun an tionchar díobhálach ar stádas an dobharlaigh a mhaolú.

( 50 ) Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).

►M2  ( 51 ) Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht chomhphobail i réimse an bheartais chomhshaoil mhuirí (An Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

( 52 ) Foráiltear leis an sainmhíniú a leagtar síos i bpointe 5 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/56/CE go háirithe go bhfuil stádas maith comhshaoil le cinneadh ar bhonn na dtuairisceoirí cáilíochtúla a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

( 53 ) Cinneadh (AE) 2017/848 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos critéir agus caighdeáin mhodheolaíochta maidir le dea-stádas comhshaoil uiscí mara agus sonraíochtaí agus modhanna caighdeánaithe le haghaidh faireacháin agus measúnú, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2010/477/AE (IO L 125, 18.5.2017, lch. 43). ◄

( 54 ) Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45).

( 55 ) Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le mearcair, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 (IO L 137, 24.5.2017, lch. 1).

( 56 ) Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 286, 31.10.2009, lch. 1).

( 57 ) Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach. (IO L 174, 1.7.2011, lch. 88)

( 58 ) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le clárú, meastóireacht, údarú agus srianadh ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiúin chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún. (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1)

( 59 ) Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na heisceachtaí ón toirmeasc ar mhonarú, ar chur ar an margadh nó ar úsáid na substaintí dá dtagraítear i bpointí (f) a luaithe a bheidh prionsabail chothrománacha foilsithe aige maidir le húsáid fhíor-riachtanach ceimiceán.

( 60 ) Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na heisceachtaí ón toirmeasc ar mhonarú, ar bheith sa táirge deiridh nó san aschur deiridh, nó ar chur ar an margadh na substaintí dá dtagraítear sa mhír seo a luaithe a bheidh prionsabail chothrománacha foilsithe aige maidir le húsáid fhíor-riachtanach ceimiceán.

( 61 ) An nós imeachta trína gcinneann an t-údarás inniúil cé acu a bheidh nó nach mbeidh na tionscadail a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/92/AE faoi réir ag measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol (dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Treoir sin).

( 62 ) I gcás gníomhaíochtaí i dtríú tíortha, i gcomhréir le forálacha coibhéiseacha náisiúnta nó le caighdeáin idirnáisiúnta, mar shampla Caighdeán Feidhmíochta 1 na Corparáide Airgeadais Idirnáisiúnta (IFC): Measúnú agus Bainistíocht Rioscaí Comhshaoil agus Sóisialta.

( 63 ) I gcomhréir le Treoracha 2009/147/CE agus 92/43/CEE. Le haghaidh gníomhaíochtaí atá suite i dtríú tíortha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme, a dhíríonn ar chaomhnú gnáthóg nádúrtha, fána fiáin agus flóra fiáin, agus a éilíonn go ndéantar (1) nós imeachta scagtha lena chinneadh an bhfuil gá, le haghaidh gníomhaíocht ar leith, le measúnú cuí ar na tionchair féideartha ar ghnáthóga agus speicis chosanta; (2) measúnú cuí den sórt sin i gcás ina gcinntear ón scagadh go bhfuil gá leis, mar shampla, Caighdeán Feidhmíochta IFC 6: Caomhnú na Bithéagsúlachta agus Bainistíocht Inbhuanaithe na Beo-Acmhainní Nádúrtha.

( 64 ) Sainaithníodh na bearta sin chun a áirithiú nach mbeidh aon éifeacht shuntasach ag an tionscadal, ag an bplean ná ag an ngníomhaíocht ar chuspóirí caomhnaithe an limistéir faoi chosaint.

( 65 ) Tá tagairt do chaighdeáin an Aontais Eorpaigh le fáil ar leibhéal an Aontais chun measúnú a dhéanamh ar shonraíochtaí teicniúla táirgí: EN 200 maidir le “Sconnaí sláintíochta. Sconnaí singil agus sconnaí cumaisc le haghaidh córais soláthair uisce de chineál 1 agus cineál 2. Sonraíocht theicniúil ghinearálta”; EN 816 “Sconnaí sláintíochta – Comhlaí stoptha uathoibríocha PN 10”; EN 817 “Comhlaí measctha meicniúla (PN 10) – Sonraíochtaí teicniúla ginearálta”; EN 1111 “Sconnaí sláintíochta – Comhlaí measctha teirmeastait (PN 10) – Sonraíocht theicniúil ghinearálta”; EN 1112 maidir le “Sconnaí sláintíochta. Asraonta cithfholcadáin le haghaidh sconnaí sláintíochta do chórais soláthair uisce de chineál 1 agus cineál 2 – Sonraíocht theicniúil ghinearálta”; EN 1113 maidir le “Sconnaí sláintíochta – Píobáin chithfholcadáin le haghaidh sconnaí sláintíochta do chórais soláthair uisce de cgineál 1 agus cineál 2 – Sonraíocht theicniúil ghinearálta”, lena n-áirítear modh chun tástáil a dhéanamh ar fhrithsheasmhacht lúbtha maidir leis an bpíobán; EN 1287 maidir le “Sconnaí sláintíochta. Comhlaí measctha teirmeastait faoi bhrú íseal. Sonraíochtaí teicniúla ginearálta”; EN 15091 “Sconnaí sláintíochta – Sconnaí sláintíochta a osclaíonn agus a dhúnann go leictreonach”.’]

( 66 ) Tuigtear le foraois a bhunú trí phlandú nó trí shíolú toiliúil ar thalamh a raibh, go dtí sin, úsáid éagsúil á baint as, claochlú ar an úsáid talún ó neamhfhoraois go foraois (Measúnú ar Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

( 67 ) Talamh is fairsinge ná 0,5 heicteár agus é faoi chrainn is airde ná 5 mhéadar agus clúdach téastair aige is mó ná 10 %, nó faoi chrainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ. Ní áirítear leis talamh atá faoi úsáid talmhaíochta nó uirbeach den chuid is mó, Measúnú ar Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

( 68 ) Áirítear na nithe seo a leanas le hathchóiriú foraoisí:

— 
athshlánú, rud a chiallaíonn athchóiriú na speiceas inmhianaithe, na struchtúr nó na bpróiseas chuig éiceachóras atá ann cheana;
— 
athfhoirgniú, rud a chiallaíonn athchóiriú a dhéanamh ar phlandaí dúchasacha ar thalamh a bhfuil úsáid eile á baint as;
— 
míntíriú, rud a chiallaíonn athchóiriú a dhéanamh ar thalamh atá díghrádaithe go mór nach bhfuil aon fhásra air;
— 
an t-athsholáthar is radacaí, ina ndéantar speiceas a dhéantar a mhí-oiriúnú le haghaidh suíomh ar leith agus nach bhfuil in ann dul ar imirce a athsholáthar le speiceas a thugtar isteach de réir mar a athraíonn aeráidí go tobann,

Modúl ar athchóiriú foraoisí. In Sustainable Forest Management (SFM) Toolbox (leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/sustainable-forest-management/toolbox/modules/forest-restoration/basic-knowledge/en/).

( 69 ) Athchóiriú Éiceolaíoch (Athchóiriú Éiceachórais freisin):

— 
an próiseas a bhaineann le héiceachóras a chur ar ais chuig struchtúr agus feidhm nádúrtha sula ndearnadh iad a shuaitheadh;
— 
an próiseas a bhaineann le cúnamh a thabhairt chun éiceachóras ar a ndearnadh díghrádú, dá ndearnadh damáiste nó a scriosadh a athshlánú;
— 
an próiseas a bhaineann le suíomh a athrú d’aon intinn chun éiceachóras sainithe, dúchasach a bhunú. Is é sprioc an phróisis sin aithris a dhéanamh ar struchtúr, feidhm, éagsúlacht agus dinimicí an éiceachórais shonraithe;
— 
idirghabháil an duine … arna cheapadh chun dlús a chur faoi athshlánú gnáthóg a bhfuil damáiste déanta dóibh, nó chun éiceachórais a thabhairt ar ais chomh gar agus is féidir don staid ina raibh siad sular suaitheadh iad;

Na sainmhínithe/na tuairiscí is mó a úsáidtear le haghaidh príomhthéarmaí a bhaineann le hathchóiriú an éiceachórais 11ú comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch. 2012. UNEP/CBD/COP/11/INF/19 (leagan an 4.6.2021: https://www.cbd.int/doc/meetings/cop/cop-11/information/cop-11-inf-19-en.pdf).

( 70 ) Baineann athchóiriú foraoisí leis an bpróiseas chun acmhainneacht foraoise a athshlánú chun earraí agus seirbhísí a sholáthar arís, i gcás nach bhfuil staid na foraoise athshlánaithe comhionann lena staid roimh díghrádú,

Na sainmhínithe/na tuairiscí is mó a úsáidtear le haghaidh príomhthéarmaí a bhaineann le hathchóiriú an éiceachórais 11ú comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch. 2012. UNEP/CBD/COP/11/INF/19 (leagan an 4.6.2021: https://www.cbd.int/doc/meetings/cop/cop-11/information/cop-11-inf-19-en.pdf).

( 71 ) Athbhunú foraoise trí phlandú agus/nó trí shíolú toiliúil ar thalamh a aicmítear mar fhoraois.

Measúnú Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

( 72 ) Foraois atá comhdhéanta de chrainn a bunaíodh tríd an athghiniúint nádúrtha den chuid is mó,

Measúnú Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

( 73 ) Is teagmhas annamh a tharlaíonn in áit áirithe agus ag am áirithe den bhliain é teagmhas adhaimsire. Tá sainmhínithe éagsúla ar cad is annamh ann, ach bheadh teagmhas adhaimsire chomh hannamh nó níos annaimhe ná an 10ú nó an 90ú peircintíl de dhlúsfheidhm chomhdhóchúlachta arna mheas ó bhreathnuithe. De réir sainmhíniú, beidh éagsúlacht sna saintréithe den rud ar a nglaoitear adhaimsir ó áit go háit sa chiall absalóideach. I gcás ina dtarlaíonn patrún adhaimsire ar feadh tamall fada, amhail séasúr, féadfar é a aicmiú mar theagmhas adhaeráide, go háirithe má tháirgeann sé meán nó iomlán atá foircneach ann féin (e.g. triomach nó báisteach throm i rith séasúir). Féach IPCC, 2018: Iarscríbhinn I: Gluais (leagan an 4.6.2021: https://www.ipcc.ch/sr15/chapter/glossary/).

( 74 ) Aon dóiteán fásra neamhrialaithe ina n-éilítear cinneadh nó gníomh maidir le sochtadh, Gluais Eorpach 2012 maidir le loscadh sléibhe agus dóiteáin foraoise, arna forbairt faoi thionscadal an Chórais Eorpaigh Faisnéise maidir le Dóiteáin Foraoise – ‘EUFOFINET’, mar chuid den chlár INTERREG IVC (leagan an 4.6.2021: https://www.ctif.org/index.php/library/european-glossary-wildfires-and-forest-fires).

( 75 ) Talamh is fairsinge ná 0,5 heicteár agus é faoi chrainn is airde ná 5 mhéadar agus clúdach téastair aige is mó ná 10 %, nó faoi chrainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ. Ní áirítear leis talamh atá faoi úsáid talmhaíochta nó uirbeach den chuid is mó, Measúnú ar Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

( 76 ) Talamh is fairsinge ná 0,5 heicteár agus é faoi chrainn is airde ná 5 mhéadar agus clúdach téastair aige is mó ná 10 %, nó faoi chrainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ. Ní áirítear leis talamh atá faoi úsáid talmhaíochta nó uirbeach den chuid is mó, Measúnú ar Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

( 77 ) Talamh is fairsinge ná 0,5 heicteár agus é faoi chrainn is airde ná 5 mhéadar agus clúdach téastair aige is mó ná 10 %, nó faoi chrainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ. Ní áirítear leis talamh atá faoi úsáid talmhaíochta nó uirbeach den chuid is mó, Measúnú ar Acmhainní Foriomlána FAO 2020. Téarmaí agus sainmhínithe leagan an 4.6.2021: http://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf).

( 78 Áirítear le bogaigh réimse leathan de ghnáthóga intíre amhail riasc, féarthailte agus tailte móna fliucha, tuilemhánna, aibhneacha agus lochanna, agus limistéir cósta amhail riasca goirt, mangróibh, réileáin idirthaoideacha agus leapacha féir mhara, agus sceireacha coiréil agus limistéir mhara eile nach doimhne ná sé mhéadar ag díthrá, chomh maith le bogaigh de dhéanamh an duine amhail dambaí, taiscumair, goirt ríse agus linnte agus muirligh cóireála fuíolluisce. An Introduction to the Ramsar Convention on Wetlands, 7ú heag. (The Ramsar Convention Manual roimhe sin). Ardrúnaíocht Choinbhinsiún Ramsar, Gland, an Eilvéis.

( 79 ) Is éiceachórais le hithir mhóna iad tailte móna. Tá 30 % ar a laghad d’iarsmaí plandaí marbha, leathlofa i móin, iarsmaí a chruinníonn in situ faoi choinníollacha leathbháite a bhíonn aigéadach go minic. Rún XIII.12 Treoraíocht maidir le tailte móna a shainaithint mar Bhogaigh a bhfuil Tábhacht Idirnáisiúnta leo (Láithreáin Ramsar) le haghaidh rialáil um athrú aeráide domhanda mar argóint bhreise leis na critéir Ramsar atá cheana ann, Coinbhinsiún Ramsar arna ghlacadh an 21-29 Deireadh Fómhair 2018.

( 80 ) Coinbhinsiún maidir le Bogaigh a bhfuil Tábhacht Idirnáisiúnta leo go háirithe mar Ghnáthóg d’Éin Uisce (leagan an 4.6.2021: https://www.ramsar.org/sites/default/files/documents/library/current_convention_text_e.pdf).

( 81 ) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa an 29 Bealtaine 1995 faoi úsáid stuama agus caomhnú bogach, COM(95) 189 final.

( 82 ) I gcás phointí (j) go (m), cumhdaítear na critéir a bhain le hiarfheistiú i Ranna 6.9 agus 6.12 den Iarscríbhinn seo.

( 83 ) Dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/858.

( 84 ) Mar a leagtar amach i bpointe 3 de chuid C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858.

( 85 ) Go dtí an 31/12/2022, EURO VI, céim E mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 595/2009.

( 86 ) Mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointí (a) agus (b) de Rialachán (AE) 2018/858.

( 87 ) Mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 168/2013.

( 88 ) Sainmhínítear an Táscaire Oibríochtúil Éifeachtúlachta Fuinnimh mar mhais CO2 a astaítear in aghaidh aonad na hoibre iompair. Is luach ionadaíoch d’éifeachtúlacht fuinnimh oibríocht na loinge é thar thréimhse chomhsheasmhach a léiríonn patrún foriomlán trádála an tsoithigh. Soláthraítear treoraíocht maidir leis an táscaire sin a ríomh sa doiciméad MEPC.1/Circ. 684 ó IMO.

( 89 ) Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh Dearaidh (leagan an 4.6.2021: http://www.imo.org/fr/MediaCentre/HotTopics/GHG/Pages/EEDI.aspx).

( 90 ) Mar a comhaontaíodh ag an gCoiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta ag a 74ú seisiún.

( 91 ) Breoslaí lena gcomhlíontar na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i Ranna 3.10 agus 4.13 den Iarscríbhinn seo.

( 92 ) Breoslaí lena gcomhlíontar na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i Ranna 3.10 agus 4.13 den Iarscríbhinn seo.

( 93 ) I gcás inarb ábhartha, ríomhtar an tU-luach de réir na gcaighdeán is infheidhme, e.g. EN ISO 10077-1:2017 (fuinneoga agus doirse), EN ISO 12631:2017 (ballaí cuirtíní) agus EN ISO 6946:2017 (comhpháirteanna agus gnéithe eile foirgníochta).

( 94 ) Caighdeán ISO 14067:2018, Gáis cheaptha teasa – Lorg carbóin táirgí – Ceanglais agus treoirlínte maidir le cainníochtú (https://www.iso.org/standard/71206.html).

( 95 ) Caighdeán ISO 14064-1:2018, Gáis cheaptha teasa – Cuid 1: Sonraíocht lena ngabhann treoraíocht ar leibhéal na heagraíochta maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe a chainníochtú agus a thuairisciú (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/66453.html).

( 96 ) San Aontas, tá an ghníomhaíocht i gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Threoir 2008/98/CE agus leis an dlí náisiúnta agus pleananna bainistithe dramhaíola.

( 97 ) Mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 4, de Threoir 2008/98/CE.

( 98 ) Sainmhínítear bithdhramhaíl in Airteagal 3, pointe 4, de Threoir 2008/98/CE.

( 99 ) Sainmhínítear ‘líonadh talún’ in Airteagal 2, pointe g, de Threoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (IO L 182, 16.7.1999, lch. 1).

( 100 ) Dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a)(i), de Rialachán (AE) 2018/858.

( 101 ) Dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(i), de Rialachán (AE) 2018/858.

( 102 ) Dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2018/858.

( 103 ) Dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(ii), de Rialachán (AE) 2018/858.

( 104 ) Dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(iii), de Rialachán (AE) 2018/858.

( 105 ) Mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 595/2009.

( 106 ) I gcomhréir le hAirteagal 3, pointe 11 de Threoir 34/2012/AE.

( 107 ) Áirítear an trealamh seo a leanas i lárionaid sonraí: Trealamh agus seirbhísí TFC trealamh fuaraithe; trealamh cumhachta i gcomhair lárionad sonraí; trealamh dáilte cumhachta i gcomhair lárionad sonraí; foirgneamh lárionaid sonraí; córais faireacháin.

( 108 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 12, 17.1.2015, lch. 1).

( 109 ) Mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5) de Threoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais, (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19).

( 110 ) Mar shampla, treoraíocht ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte maidir le saoráidí cúraim sláinte atá aeráid-díonach agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, 2020, le fáil ag: https://www.who.int/publications/i/item/9789240012226 agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte; 2020. Ceadúnas: CC BY-NC-SA 3.0 IGO) an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, Smart Hospitals Toolkit, Pan-American Health Organisation, 2017 [Sraith Straitéisí maidir le hOspidéil Chliste, an Eagraíocht Phan-Mheiriceánach Sláinte, 2017], le fáil ag: https://cdn.who.int/media/docs/default-source/climate-change/smart-hospital-toolkit-paho.pdf.

( 111 ) Mar shampla, Treoirlínte ón nGrúpa Comhairleach Idirnáisiúnta um Chuardach agus Tarrtháil 2020 ‘Volume II: Preparedness and response [Imleabhar II: Ullmhacht agus freagairt]’ agus ’Volume III:Operational Field Guidance [Imleabhar III: Treoir Oibríochtúil Allamuigh]’, Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla, le fáil ag: www.insarag.org.

( 112 ) Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lch. 56).

( 113 ) Ciallaíonn ‘ullmhacht’ staid ullmhachta agus acmhainneachta modhanna daonna agus ábhartha, struchtúr, pobal agus eagraíochtaí lenar féidir leo mearfhreagairt éifeachtach do thubaiste a áirithiú, arna fáil mar thoradh ar ghníomhaíocht a rinneadh roimh ré.

( 114 ) Díorthaítear modúl chun críoch na hIarscríbhinne seo ón sainmhíniú atá bunaithe ar Airteagal 4(6) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE lena mbunaítear Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, rud a chiallóidh ‘cúram agus socrú réamhshainithe neamhthuilleamaíoch neamhspleách atá bunaithe ar riachtanais […] nó foireann oibríochtúil shoghluaiste […], lena léirítear meascán de mhodhanna daonna agus ábhartha ar féidir cur síos a dhéanamh air i dtéarmaí a chumais idirghabhála nó i dtéarmaí an chúraim/na gcúraimí a fhéadfaidh sé a dhéanamh;’. Áirítear ar na modhanna ábhartha an t-iompar is gá chun tacú leis an idirghabháil éigeandála de réir mar is ábhartha. Leagtar amach samplaí de mhodhanna ábhartha riachtanacha le haghaidh cineálacha éagsúla modúl freagartha seirbhíse éigeandála i gCinntí Cur Chun Feidhme 2014/762 agus 2019/570 (UCPM), mar shampla, na modhanna ábhartha a bhaineann le comhrac dóiteáin san aer nó ar an talamh amhail héileacaptair, aerárthaí agus feithiclí, báid le haghaidh tarrthála agus modhanna aslonnaithe leighis ón aer.

( 115 ) Ciallaíonn ‘Cúnamh um chosaint shibhialta’ foirne, saineolaithe nó modúil atá ceaptha le haghaidh cosaint shibhialta, lena dtrealamh, chomh maith le hábhair fóirithinte nó soláthairtí a bhfuil gá leo chun iarmhairtí láithreacha tubaiste a mhaolú. Airteagal 2(2) de Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/277/CE, Euratom, ón gCoimisiún agus 2007/606/CE, Euratom, ón gCoimisiún (ar tugadh fógra ina leith faoi dhoiciméad C(2014) 7489) (2014/762/AE).

( 116 ) Lena mbaineann struchtúir innealtóireachta sibhialta.

( 117 ) Nach mbaineann struchtúir innealtóireachta sibhialta leo.

( 118 ) Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le measúnú agus bainistiú rioscaí tuilte (IO L 288, 6.11.2007, lch. 27).

( 119 ) Níl an liosta de ghuaiseacha a bhaineann leis an aeráid sa tábla seo iomlán, agus ní chuimsítear ann ach liosta táscach de na guaiseacha is forleithne atá le tabhairt san áireamh mar íosmhéid sa mheasúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide.

( 120 ) Le haghaidh gníomhaíochtaí i dtríú tíortha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó na caighdeán idirnáisiúnta is infheidhme lena saothraítear cuspóirí coibhéiseacha dea-stádas uisce agus cumas maith éiceolaíoch, trí rialacha coibhéiseacha nós imeachta agus substainteacha, i.e. plean bainistíochta úsáide agus cosanta uisce i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha 1) go ndéantar measúnú ar thionchar na ngníomhaíochtaí ar stádas nó cumas éiceolaíocht sainaitheanta an dobharlaigh nó na ndobharlach uisce dá ndéantar difear agus 2) seachnaítear meathlú nó cosc ar dhea-stádas/chumas éiceolaíoch nó, i gcás nach bhfuil sé seo féideartha, 3) go bhfuil údar leis mar gheall ar easpa malairtí comhshaoil níos fearr nach bhfuil costasach go díréireach/indéanta go teicniúil, agus go nglactar gach céim chun an drochthionchar ar stádas an dobharlaigh a mhaolú.

►M2  ( 121 ) Foráiltear leis an sainmhíniú a leagtar síos in Airteagal 3, pointe 5, de Threoir 2008/56/CE, go háirithe, go bhfuil stádas maith comhshaoil le cinneadh ar bhonn na dtuairisceoirí cáilíochtúla a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. ◄

( 122 ) Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na heisceachtaí ón toirmeasc ar mhonarú, ar chur ar an margadh nó ar úsáid na substaintí dá dtagraítear i bpointe (f) a luaithe a bheidh prionsabail chothrománacha foilsithe aige maidir le húsáid fhíor-riachtanach ceimiceán;

( 123 ) Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na heisceachtaí ón toirmeasc ar mhonarú, ar bheith sa táirge deiridh nó san aschur deiridh, nó ar chur ar an margadh na substaintí dá dtagraítear sa mhír seo a luaithe a bheidh prionsabail chothrománacha foilsithe aige maidir le húsáid fhíor-riachtanach ceimiceán.

( 124 ) An nós imeachta trína gcinneann an t-údarás inniúil cé acu a bheidh nó nach mbeidh na tionscadail a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/92/AE faoi réir ag measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol (dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Treoir sin).

( 125 ) Le haghaidh gníomhaíochtaí i dtríú tíortha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme a éilíonn go ndéanfaí MTC nó scagadh, mar shampla, Caighdeán Feidhmíochta 1 na Corparáide Airgeadais Idirnáisiúnta (IFC): Measúnú agus Bainistíocht Rioscaí Comhshaoil agus Sóisialta.

( 126 ) I gcomhréir le Treoracha 2009/147/CE agus 92/43/CEE. Le haghaidh gníomhaíochtaí atá suite i dtríú tíortha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme, a dhíríonn ar chaomhnú gnáthóg nádúrtha, fána fiáin agus flóra fiáin, agus a éilíonn go ndéantar (1) nós imeachta scagtha lena chinneadh an bhfuil gá, le haghaidh gníomhaíocht ar leith, le measúnú cuí ar na tionchair féideartha ar ghnáthóga agus speicis chosanta; (2) measúnú cuí den sórt sin i gcás ina gcinntear ón scagadh go bhfuil gá leis, mar shampla, Caighdeán Feidhmíochta IFC 6: Caomhnú na Bithéagsúlachta agus Bainistíocht Inbhuanaithe na Beo-Acmhainní Nádúrtha.

( 127 ) Sainaithníodh na bearta sin chun a áirithiú nach mbeidh aon éifeacht shuntasach ag an tionscadal, ag an bplean ná ag an ngníomhaíocht ar chuspóirí caomhnaithe an limistéir faoi chosaint.