02021R2085 — GA — 21.09.2023 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2021/2085 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Samhain 2021

lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014

(IO L 427 30.11.2021, lch. 17)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2023/1782 ÓN gCOMHAIRLE  an 25 Iúil 2023

  L 229

55

18.9.2023




▼B

RIALACHÁN (AE) 2021/2085 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Samhain 2021

lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014



CUID A hAON

FORÁLACHA COITEANNA

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear naoi gcomhghnóthas leis an Rialachán seo de réir bhrí Airteagal 187 CFAE chun comhpháirtíochtaí institiúidithe Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (c), den Rialachán maidir le Fís Eorpach a chur chun feidhme. Socraítear a gcuspóirí agus a gcúraimí, ballraíocht, eagraíocht agus rialach oibríochtúla eile leis.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1. 

ciallaíonn “comhalta seachas an tAontas” aon stát rannpháirteach, comhalta príobháideach nó eagraíocht idirnáisiúnta eile atá mar chomhalta den chomhghnóthas;

▼M1

2. 

ciallaíonn “comhalta bunaidh” aon eintiteas dlítheanach atá bunaithe i mBallstát, tír atá comhlachaithe le Fís Eorpach nó, i gcás inarb infheidhme, atá comhlachaithe leis an gClár don Eoraip Dhigiteach, nó eagraíocht idirnáisiúnta a aithnítear mar chomhalta de chomhghnóthas sa Rialachán seo nó i gceann de na hIarscríbhinní a ghabhann leis;

3. 

ciallaíonn “comhalta comhlachaithe” aon eintiteas dlítheanach atá bunaithe i mBallstát, tír atá comhlachaithe le Fís Eorpach nó, i gcás inarb infheidhme, atá comhlachaithe leis an gClár don Eoraip Dhigiteach, nó eagraíocht idirnáisiúnta a aontaíonn do chomhghnóthas trí litir ghealltanais a shíniú i gcomhréir le hAirteagal 6(3) agus faoi réir formheasa i gcomhréir le hAirteagal 7;

4. 

ciallaíonn “stát rannpháirteach” aon Bhallstát nó aon tír atá comhlachaithe le Fís Eorpach nó, i gcás inarb infheidhme, atá comhlachaithe leis an gClár don Eoraip Dhigiteach ar fhógra a thabhairt maidir lena rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí an chomhghnóthais ábhartha trí bhíthin litir ghealltanais;

▼B

5. 

ciallaíonn “comhalta príobháideach” aon eintiteas dlíthiúil arna bhunú faoin dlí poiblí nó príobháideach agus ar comhalta é de chomhghnóthas seachas an tAontas, stáit rannpháirteacha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta;

6. 

ciallaíonn “comheintitis” na heintitis atá ina gcomhalta príobháideach de chuid comhghnóthais, i gcás inar comhlachas an comhalta príobháideach de réir reachtanna an chomhalta sin;

7. 

ciallaíonn “comhpháirtí rannchuidithe” aon tír, eagraíocht idirnáisiúnta nó eintiteas dlítheanach seachas comhalta de chomhghnóthas, nó comheintiteas de chuid comhalta nó eintiteas cleamhnaithe de cheachtar díobh, a thacaíonn le cuspóirí comhghnóthais ina réimse sonrach taighde agus ar formheasadh a iarratas nó a hiarratas i gcomhréir le hAirteagal 9;

8. 

ciallaíonn “ranníocaíochtaí comhchineáil le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla” ranníocaíochtaí ó chomhaltaí príobháideacha, comheintitis nó na heintitis chleamhnaithe de cheachtar díobh, ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ó chomhpháirtithe rannchuidithe, ina gcuimsítear na costais incháilithe a thabhaigh siad chun gníomhaíochtaí indíreacha a chur chun feidhme lúide ranníocaíocht an chomhghnóthais sin agus stáit rannpháirteacha an chomhghnóthais sin i leith na gcostas sin;

9. 

ciallaíonn “gníomhaíocht bhreise” gníomhaíocht, a áirítear sa phlean bliantúil gníomhaíochtaí breise a ghabhann le príomhchuid an chláir oibre, nach bhfaigheann tacaíocht airgeadais ón gcomhghnóthas ach a rannchuidíonn lena chuspóirí agus atá nasctha go díreach le glacadh torthaí ó thionscadal faoin gcomhghnóthas sin nó ó thionscnaimh roimhe sin nó lena ngabhann breisluach suntasach ó thaobh an Aontais de;

10. 

ciallaíonn “ranníocaíochtaí comhchineáil le haghaidh gníomhaíochtaí breise” ranníocaíochtaí ó chomhaltaí príobháideacha, comheintitis, agus na heintitis chleamhnaithe de cheachtar díobh, agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, ina gcuimsítear na costais a thabhaigh siad chun gníomhaíochtaí breise a chur chun feidhme lúide aon ranníocaíocht ón Aontais agus ó stáit rannpháirteacha an chomhghnóthais sin le haghaidh na gcostas sin;

11. 

ciallaíonn “tionscnamh roimhe sin” aon chomhpháirtíocht i réimse amháin de na réimsí a chumhdaítear i gcomhghnóthas a fuair tacaíocht ó cheann de chreatchláir an Aontais roimhe sin le haghaidh taighde;

12. 

ciallaíonn “Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht” an doiciméad ina gcumhdaítear tréimhse Fís Eorpach ina sainaithnítear na príomhthosaíochtaí agus na teicneolaíochtaí agus na nuálaíochtaí is gá chun cuspóirí an chomhghnóthais a bhaint amach;

13. 

ciallaíonn “clár oibre” an doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (25), den Rialachán maidir le Fís Eorpach;

14. 

ciallaíonn “coinbhleacht leasa” cás a bhaineann le gníomhaí airgeadais nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 61 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046;

15. 

ciallaíonn “rannpháirtí nua” eintiteas ar tairbhí é, den chéad uair, de dheontas arna dhámhachtain ag comhghnóthas aonair nó ag a thionscnamh roimhe sin agus nach comhalta bunaidh é den chomhghnóthas sin ná dá thionscnamh roimhe sin.

Airteagal 3

Bunú

1.  

Tá na comhghnóthais seo a leanas bunaithe mar chomhlachtaí Aontais don tréimhse a chríochnóidh an 31 Nollaig 2031 agus a mhaoinítear faoi CAI 2021-2027:

(a) 

an Comhghnóthas um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach;

(b) 

an Comhghnóthas um Eitlíocht Ghlan;

(c) 

an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan;

(d) 

Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa;

(e) 

Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3;

(f) 

Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach;

(g) 

►M1  an Comhghnóthas um Shliseanna ◄ ;

(h) 

Comhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair;

(i) 

an Comhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste.

2.  
Maidir leis na comhlachtaí Aontais dá dtagraítear i mír 1 tagrófar dóibh mar “na comhghnóthais” le chéile.

▼M1

3.  
Chun fad Fís Eorpach agus, i gcás inarb infheidhme, an Chláir don Eoraip Dhigiteach, a chur san áireamh, déanfar glaonna ar thograí faoi na comhghnóthais a sheoladh faoin 31 Nollaig 2027 ar a dhéanaí. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar glaonna ar thograí a sheoladh faoin 31 Nollaig 2028, ar a dhéanaí.

▼B

4.  
Beidh pearsantacht dhlítheanach ag na comhghnóthais. I ngach ceann de na Ballstáit, beidh an inniúlacht dhlítheanach acu is fairsinge atá ar fáil do dhaoine dlítheanacha faoin dhlíthe na mBallstát sin. Féadfaidh siad, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh siad a bheith ina bpáirtí in imeachtaí dlíthiúla.
5.  
Is sa Bhruiséil, an Bheilg, a bheidh a shuíomh ag na comhghnóthais.
6.  
Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha a leagtar amach i gCodanna a hAon agus a Trí maidir le gach comhghnóthas. Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar amach i gCuid a Dó maidir le gach comhghnóthas, de réir mar is iomchuí.
7.  
Chun críocha Chodanna a hAon agus a Trí agus mura sonraítear a mhalairt, ciallóidh tagairt do chomhghnóthas nó comhlacht aonair tagairt do gach comhghnóthas nó gach comhlacht coibhéiseach de na comhghnóthais aonair agus a inniúlachtaí maidir le comhlachtaí eile den chomhghnóthas céanna.

TEIDEAL II

FEIDHMIÚ NA gCOMHGHNÓTHAS

Caibidil 1

Cuspóirí agus cúraimí

Airteagal 4

Cuspóirí agus Prionsabail

1.  
Cuirfidh na comhghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo le cuspóirí ginearálta agus sonracha an Rialacháin maidir le Fís Eorpach mar a leagtar amach in Airteagal 3 den rialachán sin.

▼M1

Rannchuideoidh an Comhghnóthas um Shliseanna freisin leis an gcuspóir ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2023/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), leis na cuspóirí oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointí (a) go (d) de Rialachán (AE) 2023/1781 (“cuspóirí oibríochtúla 1 go 4”) agus le cuspóirí ginearálta an Chláir don Eoraip Dhigiteach, dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2021/694

▼B

2.  

Déanfaidh na comhghnóthais, trí rannpháirtíocht agus gealltanas na gcomhpháirtithe maidir le clár gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta lena ngabhann breisluach Eorpach a dhearadh agus a chur chun feidhme, na cuspóirí ginearálta seo a leanas a thabhairt i gcrích i dteannta a chéile:

(a) 

na hacmhainneachtaí eolaíochta, nuálaíochta agus teicneolaíochta a neartú agus a chomhtháthú agus naisc chomhoibríocha a éascú ar fud an Aontais chun tacú le cruthú agus scaipeadh eolais agus scileanna nua ardchaighdeáin, go háirithe d’fhonn cuspóirí a bhaint amach i leith dúshláin dhomhanda, iomaíochas an Aontais agus breisluach, athléimneacht agus inbhuaine Eorpach a dhaingniú agus a fheabhsú agus cur le Limistéar Eorpach Taighde (LET) atreisithe;

(b) 

ceannaireacht dhomhanda ar shlabhraí luacha an Aontais, ar ceannaireacht í atá dírithe ar an inbhuaine, agus athléimneacht na slabhraí luacha sin, a dhaingniú in eochairtheicneolaíochtaí agus in eochairthionscail i gcomhréir leis na straitéisí tionsclaíocha agus le straitéisí FBManna don Eoraip, leis an gComhaontú Glas don Eoraip, an Plean Eorpach don Téarnamh Eacnamaíoch agus le beartais ábhartha eile an Aontais;

(c) 

an glacadh a bheidh le réitigh nuálacha ar fud an Aontais lena dtabharfar aghaidh ar dhúshláin aeráide, chomhshaoil, sláinte, dhigiteacha agus ar dhúshláin dhomhanda shochaíocha eile a rannchuidíonn le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a fhorbairt agus dlús a chur leo, dlús á chur le fás eacnamaíoch an Aontais agus éiceachóras na nuálaíochta á chothú, agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe á mbaint amach freisin, agus aeráidneodracht á baint amach san Aontas faoi 2050 ar a dhéanaí, i gcomhréir le Comhaontú Pháras, agus ar an gcaoi sin cáilíocht na beatha ag saoránaigh na hEorpa a fheabhsú.

3.  

Seachadfaidh na comhghnóthais na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a) 

feabhas a chur ar an mais chriticiúil agus ar na hacmhainneachtaí agus na hinniúlachtaí eolaíochta agus teicneolaíochta a bhaineann le taighde agus nuálaíocht chomhoibríoch, thrasearnálach, trasbheartais, trasteorann agus idirdhisciplíneach ar fud an Aontais chomh maith lena gcomhtháthú in éiceachórais Eorpacha a éascú;

(b) 

dlús a chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach mar aon leis na claochluithe eacnamaíocha, sóisialta agus sochaíocha i réimsí agus earnálacha a meastar go mbaineann tábhacht straitéiseach leo maidir le tosaíochtaí an Aontais, go háirithe astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoin mbliain 2030 i gcomhréir leis na spriocanna aeráide agus fuinnimh a socraíodh i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus an Dlí Aeráide Eorpach;

(c) 

feabhas a chur ar chumais agus feidhmíocht taighde agus nuálaíochta na slabhraí luacha éiceachórais nuálaíochta agus eacnamaíoch Eorpacha atá ann cheana agus na slabhraí luacha éiceachórais nuálaíochta agus eacnamaíoch Eorpacha nua, lena n-áirítear i ngnólachtaí nuathionscanta agus FBManna;

(d) 

dlús a chur le himscaradh, glacadh agus scaipeadh réiteach, teicneolaíochtaí, seirbhísí agus scileanna nuálacha in éiceachórais athneartaithe taighde agus nuálaíochta Eorpacha agus in éiceachórais thionsclaíocha athneartaithe Eorpacha, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht fhorleathan agus luath agus comhchruthú le húsáideoirí deiridh, lena n-áirítear FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, le comhlachtaí saoránach, agus le comhlachtaí rialála agus um chaighdeánú;

(e) 

feabhsúcháin chomhshaoil, fuinnimh, acmhainn-spárálacha, shochaíocha, chiorclaíochta agus táirgiúlachta a thabhairt i gcrích i dtáirgí, teicneolaíochtaí, feidhmeanna agus seirbhísí nua trí earraíocht a bhaint as acmhainneachtaí agus acmhainní an Aontais.

4.  
Beidh na cuspóirí breise a leagtar amach i gCuid a Dó ag na comhghnóthais freisin.
5.  
Agus an Rialachán maidir le Fís Eorpach á chur chun feidhme acu, urramóidh na comhghnóthais na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 7 den Rialachán sin.
6.  
Cloífidh na comhghnóthais leis na coinníollacha agus na critéir le haghaidh comhpháirtíochtaí Eorpacha a leagtar amach in Airteagal 10 den Rialachán maidir le Fís Eorpach agus Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán maidir le Fís Eorpach.

Airteagal 5

Cuspóirí agus cúraimí oibríochtúla

1.  

Cloífidh na comhghnóthais leis na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán maidir le Fís Eorpach, agus rannchuideoidh siad le cuspóirí oibríochtúla Fís Eorpach mar a leagtar iad amach sa Chlár Sonrach lena gcuirtear Fís Eorpach chun feidhme:

(a) 

sármhaitheas a athneartú agus a scaipeadh, lena n-áirítear ag cothú rannpháirtíocht níos leithne agus ag neartú nasc comhair ar fud an Aontais;

(b) 

barr feabhais eolaíoch a neartú, lena n-áirítear trí thorthaí taighde atá úrscothach bunúsach agus ar theorainn an eolais a mheas, i gcás inarb ábhartha, agus a ngníomhaíochtaí á gcur chun feidhme acu;

(c) 

gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a spreagadh in FBManna agus rannchuidiú le cruthú agus uas-scálú cuideachtaí nuálacha, go háirithe cuideachtaí nua-thionscanta, FBManna, agus i gcásanna eisceachtúla, cuideachtaí lárchaipitlithe beaga;

(d) 

an nasc idir beartais taighde, nuálaíochta agus, i gcás inarb iomchuí, oideachais, oiliúna agus beartais eile, lena n-áirítear comhlántachtaí le beartais agus gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta náisiúnta, réigiúnacha agus Aontais, a athneartú;

(e) 

príomhshruthú inscne a neartú, lena n-áirítear gné na hinscne san ábhar taighde agus nuálaíochta a chomhtháthú;

(f) 

naisc chomhair idir taighde agus nuálaíocht Eorpach agus i measc earnálacha agus disciplíní, lena n-áirítear na heolaíochtaí sóisialta agus na daonnachtaí, a mhéadú;

(g) 

an comhar idirnáisiúnta a neartú mar thaca le cuspóirí beartais an Aontais agus le gealltanais idirnáisiúnta;

(h) 

feasacht an phobail agus glacadh an phobail, gníomhú i leith éilimh agus leathadh agus úsáid réiteach nua a spreagadh trí, i gcás inarb iomchuí, na saoránaigh agus na húsáideoirí deiridh a bheith rannpháirteach i bpróisis chomhdheartha agus chomhchruthaithe;

(i) 

saothrú torthaí taighde agus nuálaíochta a spreagadh agus torthaí a scaipeadh agus a shaothrú go gníomhach, go háirithe chun infheistíochtaí príobháideacha a ghiaráil agus chun beartais a fhorbairt;

(j) 

dlús a chur leis an gclaochlú tionsclaíoch agus leis an athléimneacht ar fud na slabhraí luacha, lena n-áirítear trí scileanna don nuálaíocht a fheabhsú agus tríd an teicneolaíocht dhigiteach a chur chun cinn;

(k) 

tacú le cur chun feidhme eolaíoch fianaisebhunaithe bheartais ghaolmhara an Aontais, chomh maith le gníomhaíochtaí rialála, caighdeánaithe agus infheistíochta inbhuanaithe ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal domhanda.

2.  

Déanfaidh na comhghnóthais na cúraimí seo a leanas trí chur chuige córasach a ghlacadh chun na cuspóirí a bhaint amach:

(a) 

tacaíocht airgeadais a chur ar fáil, i bhfoirm deontas den chuid is mó, do ghníomhaíochtaí indíreacha taighde agus nuálaíochta, a roghnófar tar éis glaonna oscailte, trédhearcacha agus iomaíocha seachas i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a shonraítear ina gclár oibre chun coinníollacha breise a leagan síos lena gceanglaítear rannpháirtíocht chomhaltaí an chomhghnóthais nó a gcomheintiteas nó a n-eintiteas cleamhnaithe;

(b) 

dlúthchomhar a fhorbairt agus comhordú a áirithiú le comhpháirtithe Eorpacha eile, lena n-áirítear trí chuid de bhuiséad an chomhghnóthais a shannadh do chomhghlaonna, i gcás inarb iomchuí;

(c) 

sineirgí a lorg agus a uasmhéadú le gníomhaíochtaí agus cláir ábhartha ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, agus i gcás inarb iomchuí, féidearthachtaí le haghaidh tuilleadh cistithe uathu, go háirithe iad sin a thacaíonn le himscaradh agus glacadh réiteach nuálach, oiliúna, oideachais agus forbartha réigiúnaí, amhail Cistí Beartais Comhtháthaithe nó Pleananna náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta;

(d) 

a áirithiú go gcuireann a n-oibríochtaí le pleanáil straitéiseach ilbhliantúil, tuairisciú, faireachán agus meastóireacht agus ceanglais eile Fís Eorpach mar a leagtar amach in Airteagal 50 agus Airteagal 52 den Rialachán maidir le Fís Eorpach, amhail cur chun feidhme an chreata aiseolais comhbheartais;

(e) 

rannpháirtíocht FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta ina ngníomhaíochtaí a chur chun cinn agus a áirithiú go gcuirfear faisnéis thráthúil ar fáil dóibh, i gcomhréir le cuspóirí Fís Eorpach;

(f) 

cur chuige spriocdhírithe a fhorbairt laistigh dá gClár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht maidir le bearta a chur chun feidhme chun rannpháirtithe nua a mhealladh, go háirithe FBManna, institiúidí ardoideachais agus eagraíochtaí taighde, chun líonraí comhoibríocha a leathnú;

(g) 

na hacmhainní poiblí agus príobháideacha atá riachtanach chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach a shlógadh;

(h) 

faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo ghnóthú na gcuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo, agus i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach in Airteagal 50 den Rialachán maidir le Fís Eorpach agus in Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán maidir le Fís Eorpach;

(i) 

a gclár oibre a shainiú agus a chur chun feidhme;

(j) 

idirchaidreamh a dhéanamh leis an raon geallsealbhóirí is fairsinge agus is féidir, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do, gníomhaireachtaí díláraithe, eagraíochtaí taighde agus institiúidí ardoideachais, úsáideoirí deiridh agus údaráis phoiblí, go háirithe chun críche tosaíochtaí agus gníomhaíochtaí gach comhghnóthais a shainiú agus chun trédhearcacht, oscailteacht agus cuimsitheacht, agus buntáistí don tsochaí a áirithiú;

(k) 

tabhairt faoi ghníomhaíochtaí faisnéise, cumarsáide, poiblíochta, scaipthe agus saothraithe trí Airteagal 51 den Rialachán maidir le Fís Eorpach, a chur i bhfeidhm mutatis mutandis, lena n-áirítear tríd an bhfaisnéis mhionsonraithe agus chomhleanúnach maidir le torthaí ó ghníomhaíochtaí cistithe taighde agus nuálaíochta a chur ar fáil agus a dhéanamh inrochtana, ar bhealach tráthúil, i ríomhbhunachar sonraí coiteann Fís Eorpach;

(l) 

an tacaíocht theicniúil, eolaíochta agus riaracháin is gá chun a chúraimí a dhéanamh a sholáthar don Choimisiún agus chun críocha feidhmiú ceart agus forbairt na réimsí sonracha a théitear i ngleic leo sa chomhghnóthas san Aontas a áirithiú;

(m) 

rannchuidiú le comhéadan níos éifeachtaí idir eolaíocht agus beartas a fhorbairt, le heolaíocht oscailte a chothú trí úsáid torthaí níos fearr a áirithiú agus le dul i ngleic le riachtanais bheartais, chomh maith le saothrú, scaipeadh agus glacadh níos tapa torthaí a chur chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 14 agus Airteagal 39 den Rialachán maidir le Fís Eorpach;

(n) 

an t-eolas ábhartha a fuarthas ó bhainistíocht tionscadal taighde agus nuálaíochta agus a dtorthaí a shainaithint agus a thuairisciú, i gcomhréir le creat aiseolais comhbheartais agus le straitéisí agus gníomhaíochtaí chun tacú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, don Choimisiún ionas go mbeidh sé mar ionchur chun faireachán a dhéanamh ar bhearta beartais reatha, iad a mheasúnú agus a cheartú, nuair is gá, nó chun tionscnaimh agus cinntí beartais nua a mhúnlú;

(o) 

tacú leis an gCoimisiún chun critéir scagtha teicniúla láidre atá bunaithe ar an eolaíocht a fhorbairt agus a chur chun feidhme de bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 maidir le hinfheistíochtaí inbhuanaithe, ag déanamh faireacháin agus ag measúnú a gcur chun feidhme laistigh den earnáil eacnamaíoch ina bhfeidhmíonn siad, d’fhonn aiseolas ad hoc a sholáthar le haghaidh déanamh beartas, nuair is gá;

(p) 

an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 a bhreithniú maidir le gníomhaíochtaí na gcomhghnóthas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin agus forálacha an Rialacháin sin a chur san áireamh chun rochtain ar mhaoiniú inbhuanaithe a fheabhsú, i gcás inarb ábhartha;

(q) 

aon chúram eile is gá chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach a dhéanamh.

3.  
I dteannta na gcúraimí a leagtar amach san Airteagal seo agus i gCuid a Dó, féadfar é a chur ar iontaoibh na gcomhghnóthas cúraimí breise a éilíonn cistiú carnach, comhlántach nó comhcheangailte idir cláir an Aontais a chur chun feidhme.

Caibidil 2

Comhaltaí, comhpháirtithe rannchuidithe agus ranníocaíochtaí

Airteagal 6

Comhaltaí

1.  

Is iad an tAontas, a mbeidh an Coimisiún ina ionadaí dó, agus aon cheann díobh seo a leanas, mar atá sonraithe i gCuid a Dó, comhaltaí na gcomhghnóthas dá dtagraítear in Airteagal 3:

(a) 

stáit rannpháirteacha;

(b) 

comhaltaí bunaidh;

(c) 

comhaltaí comhlachaithe.

2.  
Ní féidir ballraíocht i gcomhghnóthas a aistriú chuig tríú páirtí gan aontú roimh ré ón mbord rialaithe dá dtagraítear i gCaibidil 3, Roinn 1 den Teideal seo.
3.  
Déanfaidh comhaltaí bunaidh agus comhaltaí comhlachaithe litir ghealltanais a shíniú agus sonrófar inti raon feidhme na ballraíochta i dtéarmaí ábhair, gníomhaíochtaí agus a ré, chomh maith le ranníocaíochtaí na gcomhaltaí bunaidh agus na gcomhaltaí comhlachaithe leis an gcomhghnóthas, lena n-áirítear léiriú ar na gníomhaíochtaí breise atá beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b).

Airteagal 7

Roghnú na gcomhaltaí comhlachaithe

1.  
Féadfaidh comhghnóthais glaonna ar léiriú spéise atá oscailte agus trédhearcach a sheoladh d’fhonn comhaltaí comhlachaithe a roghnú a d’fhéadfadh rannchuidiú le cuspóirí na gcomhghnóthas a bhaint amach. Is iad na comhghnóthais a liostaítear a gcomhaltaí bunaidh in Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a sheolfaidh na glaonna sin. Leagfar amach sa ghlao ar léiriú spéise na príomhacmhainneachtaí a theastaíonn chun cuspóirí an chomhghnóthais a bhaint amach agus d’fhéadfaí a iarraidh ar iarratasóirí léiriú ar an rannchuid a d’fhéadfaidís a dhéanamh a chur ar fáil. Foilseofar gach glao ar shuíomh gréasán an chomhghnóthais agus cuirfear iad in iúl trí gach cainéal iomchuí lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, grúpa ionadaithe na stát, d’fhonn an rannpháirtíocht is leithne agus is féidir a áirithiú ar mhaithe le cuspóirí an chomhghnóthais a bhaint amach.
2.  
Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin na hiarratasóirí le haghaidh ballraíochta a mheasúnú le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha agus, i gcás inarb iomchuí, comhlachtaí ábhartha an chomhghnóthais, ar bhonn eolas, taithí agus bhreisluach doiciméadaithe an iarratasóra chun cuspóirí an chomhghnóthais a bhaint amach, fóntacht airgeadais an iarratasóra agus gealltanas fadtéarmach i gcomhair rannchuidithe airgeadais agus comhchineáil le haghaidh an chomhghnóthais, agus coinbhleachtaí leasa féideartha á gcur san áireamh.
3.  
Déanfaidh an bord rialaithe measúnú ar iarratais le haghaidh ballraíochta a mheas agus a fhormheas nó a dhiúltú.

Airteagal 8

Athruithe ar an mballraíocht nó foirceannadh na ballraíochta

1.  
Féadfaidh aon chomhalta de chomhghnóthas a bhallraíocht sa chomhghnóthas sin a fhoirceannadh. Tiocfaidh an foirceannadh i bhfeidhm agus beidh sé neamh-inchúlghairthe 6 mhí tar éis fógra a thabhairt do stiúrthóir feidhmiúcháin an chomhghnóthais, a chuirfidh na comhaltaí eile ar an eolas. Amhail ón dáta foirceanta, brisfear an comhalta ó aon oibleagáid seachas iad siúd a d’fhormheas nó a thabhaigh an comhghnóthas roimh fhoirceannadh na ballraíochta, mura gcomhaontaítear a mhalairt.
2.  
Cuirfidh gach comhalta príobháideach an comhghnóthas ar an eolas go tráthúil maidir le haon chumasc nó éadáil idir comhaltaí ar dócha go mbeidh tionchar aige nó aici ar an gcomhghnóthas nó maidir le haon táthcheangal comhalta ag eintiteas nach comhalta den chomhghnóthas é.
3.  
Déanfaidh an bord rialaithe cinneadh i dtaobh an bhfoirceannfar ballraíocht aon chomhalta dá dtagraítear i mír 2, d’fhonn leanúnachas gnó a áirithiú agus leas an Aontais nó an chomhghnóthais a chosaint. Tiocfaidh an foirceannadh i bhfeidhm agus beidh sé neamh-inchúlghairthe tráth nach déanaí ná 6 mhí ó chinneadh an bhoird rialaithe nó ar an dáta a shonraítear sa chinneadh sin, cibé acu is luaithe. Ní ghlacfaidh an comhalta ná na comhaltaí lena mbaineann páirt i vóta an bhoird rialaithe.
4.  
Cuirfidh gach comhalta príobháideach an comhghnóthas ar an eolas go tráthúil maidir le haon athrú suntasach eile ina úinéireacht, rialú nó chomhdhéanamh. I gcás ina measann an Coimisiún gur dóchúil go mbeidh tionchar ag an athrú ar leas an Aontais nó an chomhghnóthais ar fhorais slándála nó oird phoiblí, féadfaidh sé a mholadh don bhord rialaithe ballraíocht an chomhalta phríobháidigh lena mbaineann a fhoirceannadh. Déanfaidh an bord rialaithe cinneadh maidir le foirceannadh ballraíochta an chomhalta phríobháidigh lena mbaineann. Ní ghlacfaidh an comhalta príobháideach lena mbaineann páirt i vóta an bhoird rialaithe.
5.  
Tiocfaidh an foirceannadh i bhfeidhm agus beidh sé neamh-inchúlghairthe tráth nach déanaí ná 6 mhí ó chinneadh an bhoird rialaithe nó ar an dáta a shonraítear sa chinneadh sin, cibé acu is luaithe.
6.  
Féadfaidh an bord rialaithe ballraíocht aon chomhalta nach gcomhlíonann a oibleagáidí de bhun an Rialacháin seo a fhoirceannadh. Tá feidhm mutatis mutandis ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 28(6).
7.  
I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar chomhaltaí príobháideacha bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar leas an Aontais agus an chomhghnóthais ar fhorais slándála nó oird phoiblí a choimirciú.
8.  
I gcás ina ndéantar aon athrú ar an mballraíocht nó ar an bhfoirceannadh, foilseoidh an comhghnóthas láithreach ar a shuíomh gréasáin liosta nuashonraithe dá chomhaltaí mar aon leis an dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an athrú sin.
9.  
I gcás inarb iomchuí agus faoi réir Airteagal 16(3), cinnfidh an bord rialaithe athdháileadh na gceart vótála sa bhord rialaithe de bharr an athraithe ar an mballraíocht nó de bharr foirceannadh.

Airteagal 9

Comhpháirtithe rannchuidithe

1.  
Cuirfidh aon chomhpháirtí rannchuidithe is iarratasóir mar a shainítear in Airteagal 2, pointe (7), litir formhuinithe faoi bhráid an bhoird rialaithe. Sonrófar raon feidhme na comhpháirtíochta i dtéarmaí ábhair, gníomhaíochtaí agus a ré, agus mionsonraí maidir le rannchuidiú an iarratasóra leis an gcomhghnóthas sa litir formhuinithe sin.
2.  
Déanfaidh an bord rialaithe measúnú ar an litir formhuinithe agus déanfaidh sé an t-iarratas a fhormheas nó diúltú dó.
3.  
Ní bheidh cearta vótála ag comhpháirtithe rannchuidithe i mbord rialaithe comhghnóthais.

Airteagal 10

Ranníocaíocht airgeadais ón Aontas

1.  
Cumhdófar le ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis na comhghnóthais, lena n-áirítear leithreasuithe Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE)„ costais riaracháin agus oibríochtúla nach mó ná na huasmhéideanna a shonraítear i gCuid a Dó, ar choinníoll go ndéanfar an méid sin a mheaitseáil ar a laghad le ranníocaíocht ó chomhaltaí eile seachas an tAontas nó a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe.

▼M1

2.  
Féadfar méid ranníocaíocht an Aontais a shonraítear i gCuid a Dó a mhéadú le ranníocaíochtaí ó thríú tíortha atá comhlachaithe le Fís Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 16(5) den Rialachán maidir le Fís Eorpach agus, i gcás inarb infheidhme, leis an gClár don Eoraip Dhigiteach i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2021/694, ar choinníoll go ndéanfar an méid iomlán faoina méadófar ranníocaíocht an Aontais a mheaitseáil ar a laghad leis an ranníocaíocht ó chomhaltaí eile seachas an tAontas, nó óna gcomheintitis nó óna n-eintitis chleamhnaithe.
3.  
Íocfar ranníocaíocht an Aontais ó na leithreasuithe i mbuiséad ginearálta an Aontais a leithdháiltear ar an gClár Sonrach lena gcuirtear Fís Eorpach chun feidhme, agus, i gcás inarb infheidhme, ar an gClár don Eoraip Dhigiteach, i gcomhréir le hAirteagal 62(1), pointe (c)(iv), agus Airteagal 154 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 i gcás na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 71 den Rialachán sin.

▼B

4.  
Féadfar cistí breise an Aontais a chomhlánóidh an ranníocaíocht dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a chur ar iontaoibh na gcomhghnóthas i gcomhréir le hAirteagal 62(1), pointe (c)(iv), agus Airteagal 154 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.
5.  
Maidir le ranníocaíochtaí a chomhfhreagraíonn do chúraimí breise atá curtha ar iontaoibh Comhghnóthais i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo nó Airteagal 5(3) den Rialachán seo, beidh feidhm ag ceanglais Airteagal 155 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.
6.  
Ní chuirfear ranníocaíochtaí breise ó chláir an Aontais a chomhfhreagraíonn do chúraimí breise atá curtha ar iontaoibh comhghnóthais de bhun mhír 4 den Airteagal seo nó d’Airteagal 5(3) san áireamh nuair a bheidh ranníocaíocht airgeadais uasta an Aontais mar a shainítear i gCuid a Dó á ríomh.

Airteagal 11

Ranníocaíochtaí ó chomhaltaí seachas an tAontas agus comhpháirtithe rannchuidithe

1.  

Mura sonraítear a mhalairt i gCuid a Dó, is éard a bheidh i ranníocaíochtaí comhaltaí príobháideacha ranníocaíochtaí airgeadais agus aon cheann díobh seo a leanas:

(a) 

ranníocaíochtaí comhchineáil le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla;

(b) 

ranníocaíochtaí comhchineáil le haghaidh gníomhaíochtaí breise, atá formheasta ag an mbord rialaithe i gcomhréir le hAirteagal 17(2), pointe (n).

2.  
Mura sonraítear a mhalairt i gCuid a Dó, tabharfaidh comhaltaí príobháideacha tuairisc faoin 31 Bealtaine gach bliain, ar a dhéanaí, dá mbord rialaithe faoi seach maidir le luach na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), a rinneadh i ngach bliain airgeadais roimhe sin. D’fhonn na ranníocaíochtaí sin a luacháil, cinnfear na costais i gcomhréir le gnáthchleachtais chuntasaíochta costais na n-eintiteas lena mbaineann, le caighdeáin chuntasaíochta infheidhme na tíre ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe agus leis na Caighdeáin Chuntasaíochta Idirnáisiúnta agus na Caighdeáin Tuairiscithe Airgeadais Idirnáisiúnta is infheidhme. Déanfaidh comhlacht iniúchóireachta neamhspleách arna cheapadh ag an eintiteas lena mbaineann na costais a dheimhniú agus ní dhéanfaidh an comhghnóthas lena mbaineann ná aon chomhlacht de chuid an Aontais iniúchadh orthu. Féadfaidh an comhghnóthas lena mbaineann an modh luachála a dheimhniú, i gcás go mbeadh aon éiginnteacht ann de bharr an deimhniúcháin. I gcásanna atá sonraithe go cuí, féadfaidh an bord rialaithe úsáid cnapshuimeanna nó costas aonaid a údarú chun na ranníocaíochtaí sin a luacháil.
3.  
Is ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh sna rannchuidithe ó stáit rannpháirteacha. Tabharfaidh na stáit rannpháirteacha tuairisc don bhord rialaithe faoin 31 Eanáir gach bliain maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a rinneadh sa bhliain airgeadais roimhe sin.
4.  
Is ranníocaíochtaí airgeadais agus ranníocaíochtaí comhchineáil le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla a bheidh sna rannchuidithe ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, mura sonraítear a mhalairt i gCuid a Dó.
5.  
Comhfhreagróidh na ranníocaíochtaí ó chomhpháirtithe rannchuidithe do na méideanna sin a gheall siad sa litir formhuinithe nuair a rinneadh comhpháirtí rannchuidithe díobh agus is ranníocaíochtaí airgeadais agus ranníocaíochtaí comhchineáil le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla a bheidh sna ranníocaíochtaí sin.
6.  

Féadfaidh an Coimisiún ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis an gcomhghnóthas a fhoirceannadh, a laghdú go comhréireach nó a chur ar fionraí nó an nós imeachta foirceanta dá dtagraítear in Airteagal 45 a úsáid in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a) 

i gcás ina mainníonn an comhghnóthas lena mbaineann na coinníollacha maidir le ranníocaíocht an Aontais a chur ar iontaoibh;

(b) 

i gcás ina mainníonn na comhaltaí seachas an tAontas nó a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe ranníocaíocht a dhéanamh, gan ranníocaíochta dhéanamh ach i bpáirt, mura dtugann siad urraim do na teorainneacha ama a leagtar amach i mír 2 maidir leis an ranníocaíocht dá dtagraítear i mír 1, mír 4 agus mír 5 den Airteagal seo;

(c) 

de thoradh na meastóireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 171(2).

7.  
Ní chuirfidh cinneadh an Choimisiúin maidir le ranníocaíocht an Aontais a fhoirceannadh, a laghdú go comhréireach nó a chur ar fionraí cosc ar aisíocaíocht na gcostas incháilithe arna dtabhú cheana féin ag na comhaltaí seachas an tAontas sula gcuirtear an cinneadh in iúl don chomhghnóthas.
8.  
I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 28(6), dícháileofar aon chomhalta den chomhghnóthas seachas an tAontas a mhainníonn a ngealltanais maidir leis na ranníocaíochtaí dá dtagraítear sa Rialachán seo chun vóta a chaitheamh ar an mbord rialaithe go dtí go gcomhlíonfaidh siad a n-oibleagáidí. I gcás ina mainníonn aon chomhalta den sórt sin a n-oibleagáidí a chomhlíonadh ar dhul in éag tréimhse 6 mhí breise, déanfar a mballraíocht a chúlghairm, mura gcinneann an bord rialaithe a mhalairt i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. Ní ghlacfaidh an t-eintiteas lena mbaineann páirt i vóta an bhoird rialaithe.

Airteagal 12

Bainistíocht ranníocaíochtaí ó na stáit rannpháirteacha

1.  
Tabharfaidh gach stát rannpháirteach gealltanas táscach maidir le méid a ranníocaíochtaí airgeadais náisiúnta leis an gcomhghnóthas. Tabharfar an gealltanas sin sula nglacfar an clár oibre.

▼M1

Chomh maith leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 22 den Rialachán maidir le Fís Eorpach nó, i gcás an Chomhghnóthais um Shliseanna, in Airteagal 18 de Rialachán 2021/694, féadfar a áireamh sa chlár oibre, mar iarscríbhinn, critéir incháilitheachta maidir le heintitis dhlítheanacha náisiúnta.

Cuirfidh gach stát rannpháirteach de chúram ar an gcomhghnóthas meastóireacht ar na tograí de réir an Rialacháin maidir le Fís Eorpach agus, i gcás inarb infheidhme, de réir Rialachán (AE) 2021/694.

▼B

Is ar liosta an rangaithe arna sholáthar ag an gcoiste meastóireachta a bhunófar roghnú na dtograí. Féadfaidh an comhlacht atá freagrach as roghnú imeacht ón liosta sin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, mar a leagtar amach sa chlár oibre iad, chun comhsheasmhacht fhoriomlán chur chuige na punainne a áirithiú.

Beidh ceart crosta ag gach stát rannpháirteach maidir le gach saincheist a bhaineann le húsáid a ranníocaíochtaí airgeadais náisiúnta féin leis an gcomhghnóthas d’iarratasóirí arna mbunú sna stáit rannpháirteacha sin, ar bhonn tosaíochtaí straitéiseacha náisiúnta.

2.  
Déanfaidh gach stát rannpháirteach ceann amháin nó níos mó de na comhaontuithe riaracháin a thabhairt i gcrích leis an gcomhghnóthas lena leagfar síos an sásra comhordúcháin chun ranníocaíochtaí a íoc le hiarratasóirí atá bunaithe sa stát rannpháirteach sin agus chun tuairisc a thabhairt ina leith. Áireofar sa chomhaontú sin sceideal, coinníollacha íocaíochta, ceanglais tuairiscithe agus iniúchóireachta.

Déanfaidh gach stát rannpháirteach a dhícheall a sceideal íocaíochta, a thuairisciú agus a iniúchtaí a shioncrónú le sceideal íocaíochta, tuairisciú agus iniúchtaí an chomhghnóthais agus a rialacha incháilitheachta costais a chóineasú le rialacha Fís Eorpach.

3.  
Sa chomhaontú dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh gach stát rannpháirteach íoc a ranníocaíochta lena thairbhithe a chur ar iontaoibh an chomhghnóthais. Tar éis tograí a roghnú, geallfaidh an stát rannpháirteach an tsuim is gá le haghaidh íocaíochtaí. Féadfaidh údaráis iniúchóireachta an stáit rannpháirtigh na ranníocaíochtaí náisiúnta faoi seach a iniúchadh.

Caibidil 3

Eagrú na gcomhghnóthas

Airteagal 13

Sineirgí agus éifeachtúlachtaí i socruithe cúloifige

1.  

Déanfaidh comhghnóthais, laistigh de bhliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, socruithe cúloifige a oibriú trí chomhaontuithe leibhéil seirbhíse a thabhairt i gcrích, mura sonraítear a mhalairt i gCuid a Dó agus faoi réir an ghá atá le leibhéal coibhéiseach um chosaint leas airgeadais an Aontais a áirithiú nuair a bhíonn cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid á gcur ar iontaoibh comhghnóthas. Áireofar na réimsí seo a leanas, ar a laghad, sna socruithe sin, faoi réir daingniú inmharthanachta agus tar éis scagadh acmhainní:

(a) 

tacaíocht acmhainní daonna;

(b) 

tacaíocht dhlíthiúil;

(c) 

teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide;

(d) 

cuntasaíocht (gan ciste san áireamh);

(e) 

cumarsáid;

(f) 

bainistíochta lóistíochta, imeachtaí agus seomraí cruinnithe;

(g) 

tacaíocht do straitéis iniúchóireachta agus frithchalaoise.

2.  
Soláthróidh comhghnóthas roghnaithe amháin nó níos mó na socruithe cúloifige coiteanna dá dtagraítear i mír 1 do na comhghnóthais eile go léir. Coinneofar socruithe idirghaolmhara laistigh den aon chomhghnóthas amháin a mhéid is iomchuí chun na cúraimí lena mbaineann a chur chun feidhme go héifeachtúil agus go héifeachtach chun struchtúr comhleanúnach eagraíochtúil a áirithiú.
3.  
Cumasóidh na comhaontuithe leibhéil seirbhíse dá dtagraítear i mír 1 aistriú leithreasuithe nó aisghabhála costas chun na seirbhísí coiteanna idir na comhghnóthais a sholáthar.
4.  
Gan dochar d’athshannadh do chúraimí eile laistigh den chomhghnóthas, nó do shocruithe riaracháin eile, nach bhfuil tionchar acu ar chonarthaí fostaíochta, féadfar baill foirne atá sannta do na feidhmeanna arna n-aistriú chun críoch na socruithe cúlofige, arna n-óstáil ag comhghnóthas eile, a aistriú chuig an gcomhghnóthas sin. I gcás ina gcuireann ball foirne a dhiúltú nó a diúltú in iúl i scríbhinn, féadfaidh an comhghnóthas conradh an bhaill foirne sin a fhoirceannadh faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 47 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle ( 2 ).
5.  
Coimeádfaidh na baill foirne dá dtagraítear i mír 4, a aistríodh chuig an gcomhghnóthas atá ag óstáil na socruithe cúloifige, an cineál céanna conartha agus an feidhmghrúpa céanna agus an grád céanna, agus measfar gur chaith siad a seirbhís iomlán sa chomhghnóthas sin.

Airteagal 14

Comhlachtaí na gcomhghnóthas

1.  
Beidh bord rialaithe, stiúrthóir feidhmiúcháin agus, seachas i gcomhghnóthais ina bhfuil ionadaíocht ag stáit ar an mBord Rialaithe, grúpa ionadaithe de chuid na mballstát, ag gach comhghnóthas.
2.  
Féadfaidh comhlacht comhairleach eolaíochta agus grúpa geallsealbhóirí agus aon chomhlacht eile a bheith ag comhghnóthas freisin i gcomhréir leis na forálacha i gCuid a Dó.
3.  
Le linn a chuid cúraimí a chomhall, ní thabharfaidh gach comhlacht sna comhghnóthais ach faoi na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo agus ní fheidhmeoidh siad ach laistigh de raon feidhme ghníomhaíochtaí an chomhghnóthais chun na críche lenar bunaíodh é.
4.  
Gan dochar do mhír 3, féadfaidh comhlachtaí de dhá chomhghnóthas nó níos mó ná dhá chomhghnóthas cinneadh a dhéanamh comhar struchtúrtha, lena n-áirítear trí chruinnithe tráthrialta nó comhchoistí, a bhunú.

Roinn 1

Bord Rialaithe

Airteagal 15

Comhdhéanamh an Bhoird Rialaithe

1.  
Beidh an bord rialaithe comhdhéanta de bheirt ionadaithe ar a laghad de chuid an Choimisiúin, thar ceann an Aontais, agus de líon na n-ionadaithe ó gach comhalta de chuid an chomhghnóthais seachas an tAontas mar a leagtar amach i gCuid a Dó maidir le gach comhghnóthas.
2.  
I gcomhréir le hAirteagal 6(1), pointe (b), i gcás ina n-áirítear stáit rannpháirteacha i gcomhaltaí an chomhghnóthas, ceapfar ionadaí amháin ó gach stát rannpháirteach chun bheith ar an mbord rialaithe.

Airteagal 16

Feidhmiú an Bhoird Rialaithe

1.  
Déanfaidh ionadaithe chomhaltaí an bhoird rialaithe gach iarracht chun cinntí a ghlacadh de chomhthoil. Má chliseann orthu teacht ar chomhréiteach, déanfar vótáil. Measfar cinntí a bheith glactha le tromlach 75 % ar a laghad de na vótaí, lena n-áirítear vótaí na n-ionadaithe atá as láthair, ach gan staonadh ó vótáil a áireamh.

Féadfaidh na cinntí a ghlacann an bord rialaithe a bheith faoi réir aon riail shonrach ábhartha a leagtar amach i gCuid a Dó freisin.

2.  
Ní mór don Choimisiún, 50 % ar a laghad de na comhaltaí príobháideacha agus, más infheidhme, 50 % ar a laghad de thoscairí na stát rannpháirteach a bheith i láthair chun go mbeidh an bord rialaithe in ann vótáil.
3.  
Beidh 50 % de na cearta vótála ag an Aontas, mura sonraítear a mhalairt i gCuid a Dó. Beidh cearta vótála an Aontais doroinnte.

Beidh cearta vótála na gcomhaltaí seachas an tAontas faoi réir na rialacha sonracha a leagtar amach i gCuid a Dó. Mura sonraítear a mhalairt i gCuid a Dó, beidh an líon céanna vótaí ag gach ionadaí de chuid na gcomhaltaí seachas an tAontas.

4.  
Ceapfaidh an tAontas agus na hionadaithe eile, ar a n-uain, cathaoirleach an bhoird rialála ar bhonn bliantúil uainíochta, mura bhforáiltear a mhalairt i gCuid a Dó.
5.  
Reáchtálfaidh an bord rialaithe gnáthchruinnithe dhá uair sa bhliain ar a laghad. Féadfar cruinnithe urghnácha a ghairm arna iarraidh sin ag an gcathaoirleach, an stiúrthóir feidhmiúcháin, an Coimisiún nó ag tromlach ionadaithe na gcomhaltaí seachas an tAontas nó na stát rannpháirteach. Is é an cathaoirleach a ghairfidh cruinnithe an bhoird rialaithe agus reáchtálfar iad ag suíomh an chomhghnóthais lena mbaineann, mura gcinneann an bord rialála a mhalairt i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. Cuirfear clár oibre na gcruinnithe, agus na cinntí, ar fáil go poiblí go tráthúil ar shuíomh gréasáin an chomhghnóthais faoi seach.
6.  
Beidh sé de cheart ag an stiúrthóir feidhmiúcháin freastal ar chruinnithe agus páirt a ghlacadh i bpléití ach ní bheidh aon chearta vótála aige.
7.  
Beidh stádas breathnóra ag cathaoirleach agus leaschathaoirleach ghrúpa ionadaithe na stát ag cruinnithe an bhoird rialaithe. Beidh sé de cheart ag cathaoirligh chomhlachtaí eile an chomhghnóthais lena mbaineann freastal ar chruinnithe an bhoird rialaithe mar bhreathnóirí aon uair a phléitear saincheisteanna a thagann faoi raon feidhme a gcúraimí. Féadfaidh na breathnóirí páirt a ghlacadh i bpléití ach ní bheidh aon chearta vótála acu.
8.  
Féadfaidh an cathaoirleach cuireadh a thabhairt do dhaoine eile freisin, go háirithe ionadaithe comhpháirtíochtaí Eorpacha eile, gníomhaireachtaí feidhmiúcháin nó rialála, údaráis réigiúnacha laistigh den Aontas agus ardáin teicneolaíochta Eorpacha, freastal mar bhreathnóirí ar bhonn cás ar chás faoi réir na rialacha maidir le rúndacht agus coinbhleacht leasa.
9.  
Ní bheidh ionadaithe na gcomhaltaí faoi dhliteanas pearsanta as gníomhaíochtaí a ghlac siad ina gcáil mar ionadaithe ar an mbord rialaithe seachas i gcásanna mórfhaillí nó mí-iompar toiliúil.
10.  
Glacfaidh an bord rialaithe a rialacha nós imeachta féin.
11.  
Beidh ionadaithe na gcomhaltaí agus na mbreathnóirí faoi cheangal ag forálacha cóid iompair lena mbunófar a n-oibleagáidí chun sláine agus cáil an chomhghnóthais lena mbaineann agus an Aontais a choimirciú.

Airteagal 17

Cúraimí an Bhoird Rialaithe

1.  
Is é an bord rialaithe comhlacht cinnteoireachta gach comhghnóthais. Beidh freagracht fhoriomlán air maidir le treoshuíomh straitéiseach, comhleanúnachas le cuspóirí agus beartais ábhartha an Aontais, agus oibríochtaí an chomhghnóthais sin agus déanfaidh sé maoirseacht ar chur chun feidhme a ghníomhaíochtaí.

Déanfaidh an Coimisiún, ina ról ar an mbord rialaithe, iarracht comhordú agus comhleanúnachas a áirithiú idir gníomhaíochtaí na gcomhghnóthas agus gníomhaíochtaí ábhartha chláir cistiúcháin an Aontais, d’fhonn sineirgí agus comhlántachtaí a chur chun cinn, agus ag an am céanna dúbailtí á seachaint, nuair a bheidh tosaíochtaí a chumhdaítear i dtaighde comhoibritheach á sainaithint.

2.  

Déanfaidh an bord rialaithe na cúraimí seo a leanas:

(a) 

bearta a ghlacadh chun cuspóirí ginearálta, sonracha agus oibríochtúla an chomhghnóthais a chur chun feidhme, measúnú a dhéanamh ar a n-éifeachtacht agus a dtionchar, dlúthfhaireachán tráthúil a áirithiú ar dhul chun cinn chlár taighde agus nuálaíochta an chomhghnóthais agus gníomhaíochtaí aonair maidir le tosaíochtaí an Aontais agus an Chláir Oibre um Thaighde Straitéiseach agus Nuálaíocht, lena n-áirítear maidir le comhlántacht le cláir réigiúnacha nó náisiúnta, agus bearta ceartaitheacha a dhéanamh i gcás inar gá chun a áirithiú go mbainfidh an comhghnóthas a chuspóirí amach;

(b) 

measúnú, glacadh nó diúltú iarratas ar bhallraíocht i gcomhréir le hAirteagal 7;

(c) 

measúnú, glacadh nó diúltú iarratas ó chomhpháirtithe rannchuidithe féideartha i gcomhréir le hAirteagal 9;

(d) 

cinneadh a dhéanamh maidir le foirceannadh ballraíochta sa chomhghnóthas d’aon chomhalta nach gcomhlíonann a oibleagáidí de bhun an Rialacháin seo nó i gcomhréir le hAirteagal 8(2) agus (3);

(e) 

rialacha airgeadais an chomhghnóthais a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27;

(f) 

buiséad bliantúil agus plean bunaithe foirne a ghlacadh, lena n-áirítear an líon post buan agus sealadach de réir an fheidhmghrúpa agus gráid, chomh maith leis an líon foirne ar conradh agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht arna gcur in iúl i gcoibhéisí lánaimseartha;

(g) 

cinneadh a dhéanamh maidir le leithdháileadh na gcostas riaracháin i measc na gcomhaltaí seachas an tAontas, i gcás ina mainníonn na comhaltaí sin teacht ar chomhaontú i gcomhréir le hAirteagal 28(2), agus míchothromaíochtaí féideartha ina ngealltanais riaracháin i gcomparáid lena rannpháirtíocht á gcur san áireamh;

(h) 

na cumhachtaí arna mbronnadh ag Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (na “Rialacháin Foirne”) ar an Údarás Ceapacháin agus ag Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh ar an Údarás atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt chun Críche (“cumhachtaí an údaráis ceapacháin”) a fheidhmiú i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo agus maidir le foireann an chomhghnóthais;

(i) 

an stiúrthóir feidhmiúcháin a cheapadh, a dhífhostú, síneadh a chur lena théarma oifige, treoir a thabhairt dó agus a fheidhmíocht a fhaire;

(j) 

an Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht a ghlacadh ag tús an chomhghnóthais agus é a nuashonrú i rith shaolré Fís Eorpach, i gcás inar gá. Aithneofar sa Chlár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht tionchar dírithe na comhpháirtíochta, punann gníomhaíochtaí bheartaithe, torthaí, acmhainní, táirgí insoláthartha agus garspriocanna ionchais intomhaiste a bhfuiltear ag súil leo laistigh de thréimhse shonrach. Sainaithneoidh sé freisin na comhpháirtíochtaí Eorpacha eile lena mbunóidh an comhghnóthas comhar foirmiúil agus rialta, agus féidearthachtaí do shineirgí idir gníomhaíochtaí an chomhghnóthais agus tionscnaimh agus beartais náisiúnta nó réigiúnacha bunaithe ar eolas a fhaigheann na stáit rannpháirteacha nó grúpa ionadaithe na stát chomh maith le sineirgí le cláir agus beartais eile de chuid an Aontais;

(k) 

clár oibre agus na meastacháin ar chaiteachas comhfhreagrach mar a mholann an stiúrthóir feidhmiúcháin a ghlacadh, tar éis tuairim ghrúpa ionadaithe na stát a mheas, chun an Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht a chur chun feidhme, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí riaracháin, inneachar na nglaonna ar thograí, coinníollacha féideartha maidir le déileáil le tograí ex aequo i gcomhréir le hAirteagal 28(3) de Fís Eorpach agus a cláir oibre, na réimsí taighde atá faoi réir comhghlaonna agus comhar le comhpháirtíochtaí eile agus sineirgí le cláir eile de chuid an Aontais, an ráta cistiúcháin is infheidhme, agus na rialacha gaolmhara maidir le nósanna imeachta um thíolacadh, meastóireacht, roghnú, dámhachtain agus athbhreithniú agus aird ar leith ar an aiseolas ar riachtanais bheartais;

(l) 

i gcás inarb iomchuí, an rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí sonracha sa chlár oibre a theorannú i gcomhréir le hAirteagal 22(5) den Rialachán maidir le Fís Eorpach agus i gcomhréir leis an seasamh a comhaontaíodh ar bhonn cás ar chás idir an Coimisiún agus na Ballstáit i ngrúpa ionadaithe na stát, mura sonraítear a mhalairt i gCuid a Dó;

(m) 

bearta a ghlacadh chun rannpháirtithe nua, go háirithe FBManna, institiúidí ardoideachais agus eagraíochtaí taighde, a mhealladh chuig gníomhaíochtaí agus beartais an chomhghnóthais, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, iad a spreagadh le bheith ina gcomhaltaí príobháideacha nó ina gcomheintitis de na comhaltaí príobháideacha;

(n) 

an plean bliantúil le haghaidh gníomhaíochtaí breise, a leagtar amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an bpríomhchuid den chlár oibre, a fhormheas ar bhonn togra ó na comhaltaí seachas an tAontas agus tar éis dul i gcomhairle leis an gcomhlacht comhairleach eolaíochta nó le comhlacht den sórt sin mar a leagtar amach i gCuid a Dó agus tar éis tuairim ghrúpa ionadaithe na stát a mheas;

(o) 

treoshuíomh straitéiseach a sholáthar maidir le comhar le comhpháirtíochtaí Eorpacha eile i gcomhréir leis an gClár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht;

(p) 

measúnú agus formheas a dhéanamh ar an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite maidir le gníomhaíochtaí, lena n-áirítear caiteachas comhfhreagrach agus an buiséad atá tiomnaithe do chomhghlaonna le comhpháirtíochtaí Eorpacha eile;

(q) 

tuairim thabhairt maidir le cuntais chríochnaitheacha an chomhghnóthais;

(r) 

socruithe a dhéanamh, de réir mar is iomchuí, chun acmhainn iniúchóireachta inmheánaí an chomhghnóthais a bhunú;

(s) 

struchtúr eagraíochtúil na clároifige a fhormheas ar mholadh ón stiúrthóir feidhmiúcháin;

(t) 

beartas cumarsáide an chomhghnóthais a fhormheas ar mholadh ón stiúrthóir feidhmiúcháin;

(u) 

mura sonraítear a mhalairt i gCuid a Dó, an liosta beart a roghnófar le haghaidh cistiú a fhormheas;

(v) 

rialacha cur chun feidhme a ghlacadh chun feidhm a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne;

(w) 

rialacha a ghlacadh maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Chomhghnóthas agus maidir le húsáid a bhaint as oiliúnaithe;

(x) 

grúpaí comhairleacha nó meithleacha a bhunú, de réir mar is gá, lena n-áirítear i gcomhar le comhghnóthais eile, anuas ar chomhlachtaí an chomhghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 14, ar feadh tréimhse chinnte agus chun cuspóir sonrach a chomhlíonadh;

(y) 

iarrataí ar leasú an Rialacháin seo a chur faoi bhráid an Choimisiúin, i gcás inarb iomchuí;

(z) 

comhairle nó anailís eolaíochta ar shaincheisteanna sonracha a iarraidh ó chomhlacht comhairleach eolaíochta an chomhghnóthais nó a chomhaltaí, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le forbairtí in earnálacha cóngaracha;

(a1) 

plean le haghaidh chéimniú amach an chomhghnóthais ó chistiú Fís Eorpach a ghlacadh faoi dheireadh 2023 ar mholadh ón stiúrthóir feidhmiúcháin;

(b1) 

feidhmíocht aon chúram nach leithdháiltear go sonrach do chomhlacht ar leith de chomhghnóthas a áirithiú, faoi réir na féidearthachta gur féidir leis an mbord rialála aon chúram den sórt sin a shannadh do chomhlacht eile de chuid an chomhghnóthais lena mbaineann.

3.  
Féadfaidh bord rialaithe comhghnóthais a bheith faoi réir aon riail shonrach a leagtar amach i gCuid a Dó freisin.
4.  
Glacfaidh an bord rialaithe, i gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne sin agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile lena ndéantar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean don stiúrthóir feidhmiúcháin agus lena sainítear na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Údarófar don stiúrthóir feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.
5.  
Tabharfaidh an bord rialaithe lánaird ar thuairimí, ar mholtaí nó ar thograí ghrúpa ionadaithe na stát, más ann dóibh, sula gcaithfear vóta. Cuirfidh an bord rialaithe grúpa ionadaithe na stát ar an eolas gan moill mhíchuí faoi na bearta leantacha a thug sé ar thuairimí, ar mholtaí nó ar thograí den sórt sin, nó tabharfaidh sé cúiseanna mura ndéanfar bearta leantacha ina leith.

Roinn 2

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

Airteagal 18

An stiúrthóir feidhmiúcháin a cheapadh, a dhífhostú agus síneadh a chur le téarma oifige an stiúrthóra feidhmiúcháin

1.  
Molfaidh an Coimisiún liosta iarrthóirí, triúr ar a laghad más féidir, don stiúrthóir feidhmiúcháin tar éis dul i gcomhairle le comhaltaí an chomhghnóthais seachas an tAontas. Chun críoch an chomhairliúcháin sin, ceapfaidh gach cineál comhaltaí de chuid an chomhghnóthais seachas an tAontas ionadaí amháin chomh maith le breathnóir amháin thar ceann an bhoird rialaithe
2.  
Ceapfaidh an bord rialaithe an stiúrthóir feidhmiúcháin ar bhonn tuillteanais agus scileanna, ó liosta iarrthóirí arna moladh ag an gCoimisiún, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach, a urramóidh prionsabal na cothromaíochta inscne.
3.  
Beidh an stiúrthóir feidhmiúcháin ina bhall foirne agus fostófar é mar ghníomhaire sealadach den chomhghnóthas faoi Airteagal 2, pointe (a), de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

Chun críche conradh an stiúrthóra feidhmiúcháin a chur i gcrích, déanfaidh cathaoirleach an bhoird rialaithe ionadaíocht thar ceann an chomhghnóthais.

4.  
Ceithre bliana a mhairfidh téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Faoi dheireadh na tréimhse sin, tabharfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na comhaltaí seachas an tAontas, faoi mheasúnú ar fheidhmiú an stiúrthóra feidhmiúcháin agus cúraimí agus dúshláin an chomhghnóthais sa todhchaí.
5.  
Féadfaidh bord rialaithe an chomhghnóthais, ag feidhmiú ar thogra ón gCoimisiún agus aird á tabhairt ar an meastóireacht dá dtagraítear i mír 4, téarma oifige an stiúrthóra feidhmiúcháin a fhadú uair amháin, ar feadh tréimhse nach faide ná 3 bliana.
6.  
Ní fhéadfaidh stiúrthóir feidhmiúcháin a bhfuil síneadh curtha lena théarma oifige a bheith rannpháirteach in aon nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna.
7.  
Ní féidir stiúrthóir feidhmiúcháin a dhífhostú ach ar chinneadh ón mbord rialaithe ag gníomhú ar thogra ón gCoimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le grúpa ionadaithe na stát agus le comhaltaí an chomhghnóthais seachas an tAontas.

Airteagal 19

Cúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.  
Is é an stiúrthóir feidhmiúcháin an príomhfheidhmeannach a bheidh freagrach as bainistíocht laethúil an chomhghnóthais i gcomhréir le cinntí an bhoird rialaithe. Soláthróidh sé nó sí an fhaisnéis uile is gá don bhord rialaithe le haghaidh fheidhmiú a fheidhmeanna. Gan dochar d’inniúlachtaí institiúidí an Aontais agus an bhoird rialaithe faoi seach, ní iarrfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin ná ní ghlacfaidh sé le treoracha ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile ná ní ghlacfaidh sé nó sí teagasc uathu.
2.  
Is é nó í an stiúrthóir feidhmiúcháin ionadaí dlíthiúil an chomhghnóthais. Beidh sé nó sí cuntasach do bhord rialaithe an chomhghnóthais.
3.  
Cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin buiséad an chomhghnóthais chun feidhme agus áiritheoidh sé nó sí comhordú idir comhlachtaí agus seirbhísí éagsúla an chomhghnóthais.
4.  

Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin na cúraimí seo a leanas ar son an chomhghnóthais:

(a) 

a áirithiú go ndéanfar bainistiú inbhuanaithe éifeachtúil ar an gcomhghnóthas agus go gcuirfear an clár oibre chun feidhme go héifeachtúil;

(b) 

an dréachtbhuiséad bliantúil agus an plean bunaithe foirne a ullmhú agus a chur faoi bhráid an bhoird rialaithe;

(c) 

an clár oibre agus na meastacháin ar chaiteachas comhfhreagrach an chomhghnóthais a ullmhú agus, tar éis tuairim ghrúpa ionadaithe na stát nó Bhord na nÚdarás Poiblí de réir mar is iomchuí, a chur san áireamh, é a chur faoi bhráid an bhoird rialaithe, chun an Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht a chur chun feidhme;

(d) 

cuntais bhliantúla an chomhghnóthais a chur faoi bhráid an bhoird rialaithe chun tuairim a fháil;

(e) 

an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an gcaiteachas comhfhreagrach agus na ranníocaíochtaí comhfhreagracha ó chomhaltaí eile seachas an tAontas dá dtagraítear in Airteagal 11(1), a ullmhú agus a chur faoi bhráid an bhoird rialaithe lena measúnú agus lena formheas;

(f) 

faireachán a dhéanamh ar na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(1), tuairisciú go tráthrialta don bhord rialaithe faoi dhul chun cinn maidir le spriocanna a bhaint amach agus bearta leighis agus ceartaithe a mholadh, i gcás inar gá;

(g) 

faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart chun rannpháirtithe nua a mhealladh, go háirithe FBManna, institiúidí ardoideachais agus eagraíochtaí taighde;

(h) 

comhar foirmiúil agus tráthrialta a bhunú le comhpháirtíochtaí Eorpacha a aithnítear sa Chlár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht agus i gcomhréir leis an treoshuíomh straitéiseach a sholáthair an bord rialaithe;

(i) 

tar éis cuireadh a fháil ón gCathaoirleach, foirmíocht ábhartha Choiste Chlár Fís Eorpach a chur ar an eolas go tráthrialta, de bhreis ar fhreagracht an Choimisiúin Coiste an Chláir a chur ar an eolas faoi Airteagal 14(7) agus Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gClár Sonrach lena gcuirtear Fís Eorpach chun feidhme, agus go háirithe, sula nglacfar clár oibre an chomhghnóthais, i ndáil le cur i bhfeidhm Airteagal 22(5) den Rialachán maidir le Fís Eorpach;

(j) 

an liosta gníomhaíochtaí atá le roghnú le haghaidh cistiú ón gcomhghnóthas a chur faoi bhráid an bhoird rialaithe nó Bhord na nÚdarás Poiblí de réir mar is iomchuí;

(k) 

measúnú a dhéanamh ar iarratas le haghaidh comhaltaí comhlachaithe i gcomhair ballraíochta sa chomhghnóthas tar éis glao oscailte ar léiriú spéise agus tograí le haghaidh comhaltaí comhlachaithe a chur faoi bhráid an bhoird rialaithe;

(l) 

comhlachtaí eile an chomhghnóthais a chur ar an eolas go tráthrialta maidir le gach ábhar a bhaineann lena ról;

(m) 

comhaontuithe deontais agus cinntí faoina shainchúram nó faoina sainchúram a shíniú thar ceann an chomhghnóthais;

(n) 

conarthaí soláthair a shíniú thar ceann an chomhghnóthais;

(o) 

faireachán agus measúnú ar dhul chun cinn an chláir i gcomparáid le táscairí ábhartha tionchair agus le cuspóirí sonracha an chomhghnóthais mar a shainmhínítear i gCuid a Dó, faoi mhaoirsiú an bhoird rialaithe agus i gcomhordú le comhlachtaí comhairleacha i gcás inarb ábhartha, agus i gcomhréir le hAirteagal 171 a áirithiú;

(p) 

beartas cumarsáide an chomhghnóthais a chur chun feidhme;

(q) 

oibríochtaí agus foireann an chomhghnóthais a eagrú, a stiúradh agus a mhaoirsiú laistigh de theorainneacha tarmligin ón mbord rialaithe;

(r) 

feidhmiú córas rialaithe inmheánaigh éifeachtach agus éifeachtúil a bhunú agus a áirithiú agus aon athrú suntasach air a thuairisciú leis an mbord rialaithe;

(s) 

leasanna airgeadais an Aontais agus na gcomhaltaí eile a chosaint trí bhearta coisctheacha in aghaidh na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, a chur i bhfeidhm, trí bhíthin seiceálacha éifeachtacha agus, i gcás ina mbraithfear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh ar bhealach mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur;

(t) 

cur i gcrích na measúnuithe riosca agus na bainistíochta riosca ar son an chomhghnóthais a áirithiú;

(u) 

aon bheart eile is gá chun measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn an chomhghnóthais i dtreo a chuspóirí a bhaint amach;

(v) 

plean le haghaidh chéimniú amach an chomhghnóthais ó chistiú Fís Eorpach a ullmhú agus a chur faoi bhráid an bhoird rialaithe lena ghlacadh;

(w) 

aon chúraimí eile atá ar iontaoibh nó atá tarmligthe dó nó di ag an mbord rialaithe nó is gá faoin Rialachán seo a dhéanamh;

(x) 

beidh an chumhacht aige nó aige a chumhachtaí nó a cumhachtaí a tharmligean chuig baill foirne eile faoi réir rialacha a bheidh le glacadh i gcomhréir le hAirteagal 17(4).

5.  
Féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin a bheith faoi réir aon riail shonrach a leagtar amach i gCuid a Dó freisin.
6.  

Bunóidh an stiúrthóir feidhmiúcháin clároifig chun a fhreagracht nó a freagracht a chur i gcrích maidir le gach cúram tacaíochta de chuid an chomhghnóthais a eascraíonn as an Rialachán seo. Beidh an chlároifig comhdhéanta d’fhoireann an chomhghnóthais agus go háirithe, déanfaidh sí na cúraimí seo a leanas:

(a) 

tacaíocht a thabhairt chun córas cuntasaíochta iomchuí a bhunú agus a bhainistiú i gcomhréir le rialacha airgeadais an chomhghnóthais;

(b) 

bainistíocht a dhéanamh ar chur chun feidhme clár oibre an chomhghnóthais ar fud na sraithe chur chun feidhme;

(c) 

gach faisnéis ábhartha thráthúil agus gach tacaíocht ábhartha thráthúil a chur ar fáil don chomhghnóthas agus dá chomhlachtaí atá riachtanach dóibh chun a ndualgais a chomhlíonadh;

(d) 

feidhmiú mar rúnaíocht na gcomhlachtaí sa chomhghnóthas agus tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí comhairleacha arna mbunú ag an mbord rialaithe, más ann.

Roinn 3

Comhlachtaí comhairleacha

Airteagal 20

Grúpa ionadaithe na stát

1.  
Seachas i gcásanna ina bhfuil Ballstáit agus tíortha comhlachaithe rannpháirteach i gcomhghnóthas mar chomhaltaí nó i gcomheintitis de chomhaltaí, bunóidh comhghnóthais grúpa ionadaithe de chuid na mballstát mar a shonraítear i gCuid a Dó faoi réir na bhforálacha san Airteagal seo.
2.  
Beidh suas le beirt ionadaithe agus suas le beirt ionadaithe mhalartacha ó gach Ballstát agus ó gach tír chomhlachaithe i ngrúpa ionadaithe na stát. Toghfaidh grúpa ionadaithe na stát cathaoirleach agus leaschathaoirleach as measc a chomhaltaí.
3.  
Tiocfaidh grúpa ionadaithe na stát le chéile dhá uair in aghaidh na bliana ar a laghad. Is é an cathaoirleach nó aon trian ar a laghad de chomhaltaí ghrúpa ionadaithe na stát a chomórfaidh na cruinnithe. Freastalóidh cathaoirleach an bhoird rialaithe agus an stiúrthóir feidhmiúcháin nó a n-ionadaithe ar na cruinnithe mar bhreathnóirí arna iarraidh sin do chathaoirleach ghrúpa ionadaithe na stát chun críche faisnéis a sholáthar maidir le hábhair shonracha.
4.  
Féadfar cruinnithe de chuid ghrúpa ionadaithe na stát a rialáil le haon fhoráil shonrach a leagtar amach i gCuid a Dó.
5.  
Féadfaidh cathaoirleach ghrúpa ionadaithe na stát cuireadh a thabhairt do dhaoine eile freastal ar a chruinnithe mar bhreathnóirí, go háirithe ionadaithe ó na húdaráis chónaidhme nó réigiúnacha ábhartha laistigh den Aontas, ionadaithe ó institiúidí ardoideachais agus eagraíochtaí a dhéanann taighde, comhlachais FBManna nó comhlachais den earnáil tionsclaíoch agus ionadaithe ó chomhlachtaí eile den chomhghnóthas.
6.  
Déanfar clár oibre agus doiciméid tacaíochta chruinnithe ghrúpaí ionadaithe na stát a scaipeadh luath go leor d’fhonn ionadaíocht iomchuí ó gach Ballstát agus gach tír chomhlachaithe a áirithiú. Déanfar an clár oibre a scaipeadh go tráthúil ar an mbord rialaithe freisin chun críoch faisnéise.
7.  

Rachfar i gcomhairle le grúpa ionadaithe na stát agus, go háirithe, déanfaidh sé faisnéis a athbhreithniú agus soláthróidh sé tuairimí faoi na cúrsaí seo a leanas:

(a) 

dul chun cinn ar chlár an chomhghnóthais agus baint amach a spriocanna agus na tionchair a bhfuiltear ag dréim leo mar chuid de Fís Eorpach, lena n-áirítear faisnéis faoi ghlaonna ar thograí agus tograí a fuarthas agus faoi phróiseas meastóireachta na dtograí;

(b) 

nuashonrú an Chláir Oibre Straitéisigh um Thaighde agus um Nuálaíocht i gcomhréir le pleanáil straitéiseach Fís Eorpach agus le hionstraimí cistiúcháin eile an Aontais agus na mBallstát;

(c) 

naisc le tionscnaimh Fís Eorpach agus tionscnaimh eile Aontais, náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, réigiúnacha, lena n-áirítear cistí beartais comhtháthaithe i gcomhréir le straitéisí speisialaithe chliste;

(d) 

dréachtchláir oibre, lena n-áirítear inneachar na nglaonna ar thograí, go háirithe maidir le topaicí taighde ar LUT níos ísle a áirítear sa dréachtchlár oibre agus maidir le critéir incháilitheachta a chur i bhfeidhm;

(e) 

páirtíocht FBManna, gnólachtaí nuathionscanta, institiúidí ardoideachais agus eagraíochtaí taighde, agus bearta arna nglacadh chun rannpháirtíocht rannpháirtithe nua a chur chun cinn;

(f) 

gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun torthaí a scaipeadh agus a shaothrú feadh an tslabhra breisluacha;

(g) 

tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí.

8.  
Chun críche an tseasaimh a comhaontaíodh dá dtagraítear in Airteagal 17(2), pointe (l) a lorg, ní áireofar i ngrúpa ionadaithe na stát ach Ballstáit, amháin. I rialacha nós imeachta ghrúpa ionadaithe na stát déanfar an nós imeachta chun comhaontú ar an seasamh sin a shonrú a thuilleadh.
9.  

I gcás inarb infheidhme, tuairisceoidh grúpa ionadaithe na stát don bhord rialaithe go tráthrialta freisin, agus gníomhóidh sé mar chomhéadan leis an gcomhghnóthas ar na cúrsaí seo a leanas:

(a) 

stádas clár ábhartha náisiúnta nó réigiúnach taighde agus nuálaíochta agus sainaithint réimsí féideartha comhair, lena n-áirítear gníomhaíochtaí nithiúla arna gcur i gcrích nó arna mbeartú chun teicneolaíochtaí ábhartha agus réitigh nuálacha a imscaradh agus a ghlacadh;

(b) 

bearta sonracha a glacadh ar leibhéal náisiúnta nó réigiúnach i ndáil le himeachtaí scaipthe, ceardlanna teicniúla tiomnaithe agus gníomhaíochtaí cumarsáide;

(c) 

bearta sonracha ar leibhéal náisiúnta nó réigiúnach i ndáil le gníomhaíochtaí imscartha i leith gach comhghnóthais faoi seach;

(d) 

beartais agus tionscnaimh náisiúnta nó réigiúnacha d’fhonn comhlántachtaí i ndáil le Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht agus cláir oibre bhliantúla an chomhghnóthais a áirithiú.

10.  
Cuirfidh grúpa ionadaithe na stát, ag deireadh gach bliana féilire, tuarascáil isteach ina ndéantar tuairisc ar na beartais náisiúnta nó réigiúnacha i raon feidhme an chomhghnóthais agus ina sainaithnítear bealaí sonracha comhair leis na gníomhaíochtaí atá cistithe ag an gcomhghnóthas.
11.  
Féadfaidh grúpa ionadaithe na stát tuairimí, moltaí nó tograí a eisiúint, ar a thionscnamh féin, chun an mbord rialaithe nó chun an oifigeach feidhmiúcháin maidir le cúrsaí teicniúla, bainistíochta agus airgeadais, chomh maith le cúrsaí a bhaineann le cláir oibre agus doiciméid eile, go háirithe nuair a bhíonn tionchar ag na cúrsaí sin ar leasa náisiúnta nó réigiúnacha.
12.  
Gheobhaidh grúpa ionadaithe na stát faisnéis thráthúil agus ábhartha ar bhonn tráthrialta, lena n-áirítear miondealú de réir tíre, i measc sonraí eile faoi iarratas a dhéanamh agus rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí indíreacha atá cistithe ag an gcomhghnóthas, faoi thorthaí meastóireachta gach glao ar thograí agus cur chun feidhme na dtionscadal, faoi shineirgí le cláir ábhartha eile de chuid an Aontais agus le comhpháirtíochtaí Eorpacha eile, faoi ghníomhaíochtaí breise, faoi ranníocaíochtaí airgeadais agus comhchineáil arna ngealladh agus arna dtabhairt go hiarbhír agus faoi fhorghníomhú bhuiséad an chomhghnóthais.
13.  
Glacfaidh grúpa ionadaithe na stát a rialacha nós imeachta féin agus aird chuí á tabhairt ar Airteagal 33 agus Airteagal 42.
14.  
Féadfaidh comhghnóthas amháin nó níos mó ná comhghnóthas amháin comhghrúpa ionadaithe de chuid na mballstát a bhunú i gcomhréir leis na forálacha ábhartha a leagtar amach i gCuid a Dó.

Airteagal 21

Comhairle eolaíochta

1.  

Mura sonraítear a mhalairt i gCuid a Dó, lorgóidh comhghnóthais comhairle eolaíoch neamhspleách trí bhíthin na nithe seo a leanas:

(a) 

comhlacht comhairleach eolaíochta atá le bunú ag an gcomhghnóthas i gcomhréir leis na forálacha ábhartha a leagtar amach i gCuid a Dó, agus faoi réir fhorálacha an Airteagail seo; nó

(b) 

iarrataí ad hoc ón mbord rialaithe chuig an gcomhghnóthas ar shaineolas neamhspleách maidir le ceisteanna sonracha.

2.  
Beidh ionadaíocht chothrom saineolaithe i measc chomhaltaí an chomhlachta chomhairligh eolaíochta, laistigh de raon feidhme ghníomhaíochtaí an chomhghnóthais, lena n-áirítear maidir le cothromaíocht inscne agus gheografach. Beidh na hinniúlachtaí agus saineolas is gá ag comhaltaí an chomhlachta chomhairligh eolaíochta ag cumhdach an réimse theicniúil d’fhonn moltaí atá bunaithe ar an eolaíocht a dhéanamh don chomhghnóthas, ag cur tionchar aeráide, comhshaoil agus socheacnamaíoch moltaí den sórt sin agus cuspóirí an chomhghnóthais san áireamh.
3.  
Beidh comhaltaí an chomhlachta chomhairligh eolaíochta, chomh maith le breathnóirí ar tugadh cuireadh dóibh, faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla, a bhfuil feidhm aici, de bhua na gConarthaí agus na rialacha lena gcuirtear chun feidhme iad, maidir le gach comhalta de chuid na n-institiúidí agus a bhfoirne, chomh maith le rialacha an Choimisiúin maidir le slándáil a bhaineann le faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe agus rúnaicmithe an Aontais a chosaint, arna leagan síos i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 ( 3 ) agus (AE, Euratom) 2015/444 ( 4 ) ón gCoimisiún faoi seach.
4.  
Bunóidh an bord rialaithe próiseas roghnúcháin oscailte lena n-áirítear critéir shonracha le haghaidh chomhdhéanamh chomhlacht comhairleach eolaíochta an chomhghnóthais agus ceapfaidh sé a chomhaltaí. Déanfaidh an bord rialaithe na hiarrthóirí féideartha arna moladh ag grúpa ionadaithe na stát a chur san áireamh.
5.  
Toghfaidh an comhlacht comhairleach eolaíochta a chathaoirleach as a chomhaltaí.
6.  
Tiocfaidh an comhlacht comhairleach eolaíochta le chéile faoi dhó in aghaidh na bliana ar a laghad agus is é an cathaoirleach a ghairfidh na cruinnithe. Féadfaidh an cathaoirleach cuireadh a thabhairt do dhaoine eile freastal ar a chruinnithe mar bhreathnóirí. Glacfaidh an comhlacht comhairleach eolaíochta a rialacha nós imeachta féin. Cuirfear clár oibre na gcruinnithe ar fáil go poiblí go tráthúil ar shuíomh gréasáin an chomhghnóthais faoi seach.
7.  

Déanfaidh an comhlacht comhairleach eolaíochta na cúraimí seo a leanas:

(a) 

comhairle a thabhairt faoi na tosaíochtaí eolaíochtaí ar a dtabharfar aghaidh sna cláir oibre, lena n-áirítear maidir le raon feidhme ghlaonna ar thograí, i gcomhréir leis an gClár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht agus le pleanáil straitéiseach i gcomhair Fís Eorpach;

(b) 

comhairle a thabhairt faoi na gnóthachtálacha eolaíochta a dtabharfar tuairisc orthu sa tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí;

(c) 

bearta ceartaithe nó treoshuíomh nua a mholadh don bhord rialaithe, i bhfianaise dhul chun cinn an Chláir Oibre Straitéisigh um Thaighde agus um Nuálaíocht agus dul chun cinn gníomhaíochtaí aonair, i gcás inar gá;

(d) 

comhairle neamhspleách agus eolaíochta a sholáthar ar shaincheisteanna sonracha arna iarraidh ag an mbord rialaithe, go háirithe a mhéid a bhaineann le forbairtí in earnálacha gaolmhara, nó chun tacaíocht a thabhairt le meastóireacht iarratas ó chomhaltaí comhlachaithe agus comhpháirtithe rannchuidithe ionchais;

(e) 

i gcás ina sonraítear i gCuid a Dó, measúnú a dhéanamh ar thorthaí na ngníomhaíochtaí teicneolaíochta agus nuálaíochta atá cistithe ag an gcomhghnóthas agus tuairisciú don bhord rialaithe;

(f) 

i gcás ina sonraítear i gCuid a Dó, a bheith rannpháirteach i gcoistí comhtháthaithe earnála a bunaíodh go sonrach idir comhpháirtíochtaí Eorpacha faoi Fís Eorpach chun sineirgí a chumasú;

(g) 

aon chúram eile a dhéanamh, mar a shonraítear i gCuid a Dó.

8.  
Tar éis gach cruinnithe de chuid an chomhlachta chomhairligh eolaíochta, cuirfidh an cathaoirleach tuarascáil ina n-achoimrítear tuairimí an comhlachta agus a chomhaltaí faoin ábhar a pléadh i gcaitheamh an chruinnithe faoi bhráid an bhoird rialaithe. A mhéid is féidir, cuirfear an tuarascáil ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin an chomhghnóthais faoi seach.
9.  
Féadfaidh an comhlacht comhairleach eolaíochta, ar a thionscnamh féin, comhairle a thabhairt don bhord rialaithe chun dul i gcomhairle léi maidir le pointí sonracha nach gcumhdaítear leis na cúraimí a leagtar amach i mír 7. A mhéid is féidir, cuirfear an tuarascáil ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin an chomhghnóthais faoi seach.
10.  
Cuirfear an comhlacht comhairleach eolaíoch ar an eolas faoi na cúiseanna i gcás nach leanfar a chomhairle faoin gclár oibre agus faoin gClár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht.

Airteagal 22

Líonra geallsealbhóirí

1.  
Féadfaidh comhghnóthais grúpa geallsealbhóirí a bhunú i gcomhréir leis na forálacha ábhartha a leagtar amach i gCuid a Dó agus faoi réir an Airteagail seo.
2.  
Ba cheart don ghrúpa geallsealbhóirí a bheith oscailte do gach geallsealbhóir poiblí agus príobháideach, lena n-áirítear grúpaí eagraithe, grúpaí atá gníomhach i réimse an chomhghnóthais agus leasghrúpaí idirnáisiúnta ó na Ballstáit, tíortha gaolmhara nó tíortha eile.
3.  
Bunóidh an bord rialaithe na critéir shonracha agus an próiseas roghnúcháin maidir le comhdhéanamh an ghrúpa geallsealbhóirí agus beidh sé mar aidhm aige ionadaíocht chothrom a bhaint amach ó thaobh dáileadh geografach, inscne, earnála agus saineolas na ngeallsealbhóirí de. I gcás inarb ábhartha, cuirfidh an bord rialaithe na hiarrthóirí ionchais arna moladh ag grúpa ionadaithe na stát san áireamh.
4.  
Cuirfear an grúpa geallsealbhóirí ar an eolas go tráthrialta faoi ghníomhaíochtaí an chomhghnóthais agus tabharfar cuireadh dó barúlacha a thabhairt maidir le tionscnaimh bheartaithe an chomhghnóthais.
5.  
Tionólfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin cruinnithe an ghrúpa geallsealbhóirí.
6.  
Féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin comhairle a chur ar an mbord rialaithe dul i gcomhairle leis an ngrúpa geallsealbhóirí maidir le ceisteanna sonracha. I gcás ina ndéantar comhairliúchán den sórt sin, cuirfear tuarascáil faoi bhráid an bhoird rialaithe agus chuig grúpa ionadaithe na stát tar éis an phlé ábhartha sa ghrúpa geallsealbhóirí agus cuirfear ar fáil go poiblí í ar shuíomh gréasáin an chomhghnóthais faoi seach.

Caibidil 4

Forálacha airgeadais agus oibríochtúla

Roinn 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 23

Teorannú rannpháirtíochta a chur i bhfeidhm go comhleanúnach

Áiritheoidh na comhghnóthais comhleanúnachas leis an gcur chuige a ghlacfar maidir le gníomhaíochtaí a chistítear faoin gclár oibre Fís Eorpach a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 13(2), pointe (b), den Chlár Sonrach lena gcuirtear Fís Eorpach chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Airteagal 22(5) den Rialachán maidir le Fís Eorpach, chomh maith le reachtaíocht an Aontais agus treoir atá ábhartha dá chur i bhfeidhm in ábhair chomhchosúla i gclár oibre an chomhghnóthais lena mbaineann.

Airteagal 24

Rialacha is infheidhme maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an gcomhghnóthas

1.  
Beidh feidhm ag an Rialachán maidir le Fís Eorpach maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an gcomhghnóthas faoi Fís Eorpach. I gcomhréir leis an Rialachán sin, measfar gur comhlacht cistiúcháin é gach comhghnóthas agus tabharfaidh sé tacaíocht airgeadais do ghníomhaíochtaí indíreacha de bhun Airteagal 6 den Rialachán sin.
2.  
Féadfaidh na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag na comhghnóthais a bheith faoi réir aon riail shonrach ábhartha a leagtar amach i gCuid a Dó freisin.
3.  
De mhaolú ar Airteagal 40(4), pointe (a), den Rialachán maidir le Fís Eorpach, beidh feidhm ag an gceart chun agóid a dhéanamh maidir le rannpháirtithe a ghineann na torthaí nach bhfuair cistiú ó chomhghnóthas.

Airteagal 25

Pleanáil oibríochtúil agus airgeadais

1.  
Ullmhóidh an stiúrthóir feidhmiúcháin dréachtchlár oibre agus cuirfidh sé faoi bhráid an bhoird rialaithe é lena ghlacadh.
2.  
Glacfar an clár oibre faoi dheireadh na bliana roimh a chur chun feidhme. Foilseofar an clár oibre agus na glaonna ar thograí ar shuíomh gréasáin an chomhghnóthais agus ar shuíomh gréasáin Fís Eorpach, agus, chun tacú leis an gcomhordú le straitéis fhoriomlán Fís Eorpach, comhroinnfear é le foirmíocht ábhartha Choiste an Chláir chun críoch faisnéise.
3.  
Ullmhóidh an stiúrthóir feidhmiúcháin dréachtbhuiséad bliantúil don bhliain dár gcionn agus cuirfidh sé faoi bhráid an bhoird rialaithe é lena ghlacadh.
4.  
Glacfaidh an bord rialaithe an buiséad bliantúil do bhliain áirithe faoi dheireadh na bliana roimh a chur chun feidhme.
5.  
Oiriúnófar an buiséad bliantúil chun méid ranníocaíocht airgeadais an Aontais, mar a leagtar amach i mbuiséad an Aontais é, agus, i gcás inarb infheidhme, méideanna na ranníocaíochtaí airgeadais ó chomhaltaí eile seachas an tAontas agus ó chomhpháirtithe rannchuidithe, más ann dóibh, a chur san áireamh.

Airteagal 26

Tuairisciú oibríochtúil agus airgeadais

1.  
Soláthróidh an stiúrthóir feidhmiúcháin tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite maidir le feidhmíocht a ghníomhaíochtaí nó a gníomhaíochtaí i gcomhréir le rialacha airgeadais an chomhghnóthais don bhord rialaithe. Cuirfear an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí ar fáil don phobal go tráthúil ar shuíomh gréasáin an chomhghnóthais faoi seach.
2.  

Áireofar sa tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíocht, i measc nithe eile, eolas ar na cúrsaí seo a leanas:

(a) 

taighde, nuálaíocht agus gníomhaíochtaí eile a rinneadh agus an caiteachas comhfhreagrach;

(b) 

na tograí a tíolacadh, lena n-áirítear miondealú de réir na dtíortha ina bhfuil an t-eintiteas dlítheanach bunaithe, agus de réir chineál na rannpháirtithe, go háirithe FBManna agus rannpháirtithe nua;

(c) 

na gníomhaíochtaí indíreacha a roghnaíodh i gcomhair cistiú, lena n–áirítear scagadh de réir catagóir rannpháirtí, lena n-áirítear FBManna, agus de réir tíre, agus ag tabhairt le fios ranníocaíocht an chomhghnóthais faoi seach leis na rannpháirtithe agus na gníomhaíochtaí aonair;

(d) 

faisnéis maidir le hoscailteacht na gcomhghnóthas, lena n-áirítear faireachán ar naisc chomhoibríocha;

(e) 

na gníomhaíochtaí breise arna ndéanamh ag comhaltaí seachas an tAontas, lena n-áirítear miondealú de réir na dtíortha ina bhfuil na comhaltaí príobháideacha, a gcomheintitis nó na heintitis chleamhnaithe de chuid ceachtar acu bunaithe;

(f) 

an comhar le comhpháirtíochtaí Eorpacha eile, lena n-áirítear glaonna comhpháirteacha, agus sineirgí idir bearta an chomhghnóthais agus tionscnaimh nó beartais náisiúnta nó réigiúnacha.

3.  
Seolfaidh oifigeach cuntasaíochta an chomhghnóthais na cuntais shealadacha chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí i gcomhréir le rialacha airgeadais an chomhghnóthais.
4.  
Seolfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an tuarascáil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí i gcomhréir le rialacha airgeadais an chomhghnóthais.
5.  
Déanfar an nós imeachta um urscaoileadh i gcomhréir le rialacha airgeadais an chomhghnóthais.

Roinn 2

Forálacha airgeadais

Airteagal 27

Rialacha airgeadais

1.  
Glacfaidh an comhghnóthas a rialacha airgeadais féin i gcomhréir le hAirteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.
2.  
Foilseofar na rialacha airgeadais ar shuíomh gréasáin an chomhghnóthais faoi seach.

Airteagal 28

Cineálacha maoinithe

1.  
Beidh gach comhghnóthas comhchistithe ag an Aontas, na comhaltaí seachas an tAontas agus na comhpháirtithe rannchuidithe trí ranníocaíochtaí airgeadais agus ranníocaíochtaí comhchineáil le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla.
2.  
Comhaontóidh na comhaltaí seachas an tAontas faoin mbealach a ndéanfar a ranníocaíocht chomhchoiteann a chomhroinnt eatarthu i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme.
3.  

Cumhdófar costais oibríochtúla an chomhghnóthais trí bhíthin:

(a) 

ranníocaíocht airgeadais ón Aontas;

(b) 

ranníocaíochtaí airgeadais ó na comhaltaí príobháideacha nó a gcomheintitis nó, a n-eintitis chleamhnaithe, ó chomhpháirtithe rannchuidithe nó ó eagraíocht idirnáisiúnta atá ina comhalta den chomhghnóthas;

(c) 

i gcás inarb infheidhme, ranníocaíochtaí airgeadais ó na stáit rannpháirteacha;

(d) 

ranníocaíochtaí comhchineáil mar a shainítear in Airteagal 2, pointe (8);

4.  

I gcomhréir le hAirteagal 10 agus Airteagal 11, beidh acmhainní comhghnóthais a chuirtear isteach ina bhuiséad comhdhéanta de na ranníocaíochtaí seo a leanas:

(a) 

ranníocaíochtaí airgeadais na gcomhaltaí leis an gcomhghnóthas le haghaidh costais riaracháin, arna gcomhroinnt go cothrom ar bhonn bhliantúil idir an tAontas agus comhaltaí seachas an tAontas, mura sonraítear a mhalairt i gCuid a Dó mar gheall ar an gcineál sonrach ballraíochta a bhaineann le comhghnóthas;

(b) 

ranníocaíochtaí airgeadais na gcomhaltaí nó na gcomhpháirtithe rannchuidithe le costais oibríochtúla an chomhghnóthais;

(c) 

aon ioncam a ghineann an comhghnóthas;

(d) 

aon ranníocaíochtaí, acmhainní agus ioncam airgeadais eile.

Measfar gur ioncam a bheidh in aon ús a ghnóthóidh na ranníocaíochtaí dá dtagraítear sa mhír seo.

5.  
Féadfar aon chuid nach n-úsáidtear den ranníocaíocht i gcomhair costais riaracháin a chur ar fáil chun costais oibríochtúla an chomhghnóthais lena mbaineann a chumhdach.
6.  
Má mhainníonn comhalta den Chomhghnóthas seachas an tAontas a ghealltanas a bhaineann lena ranníocaíocht, cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin é ar an eolas faoin méid sin i scríbhinn agus leagfaidh sé amach tréimhse réasúnach inar cheart an mhainneachtain a chur ina ceart. I gcás ina bhfuil an comhalta lena mbaineann seachas an tAontas fós ar mainneachtain, tráth a éagfaidh an tréimhse sin, cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an Coimisiún agus na stáit rannpháirteacha, i gcás inarb infheidhme, ar an eolas i bhfianaise bearta féideartha de bhun Airteagal 11(8) agus cuirfidh sé in iúl don chomhalta lena mbaineann go bhfuil sé dícháilithe chun vóta a chaitheamh ar an mbord rialaithe i gcomhréir leis an Airteagal sin.
7.  
Úsáidfear acmhainní an chomhghnóthais agus a ghníomhaíochtaí chun a chuspóirí agus a chúraimí a chomhall.
8.  
Beidh úinéireacht ag an gcomhghnóthas ar na sócmhainní uile a ghin sé nó a aistríodh chuige chun a chuspóirí agus a chúraimí a chomhall.
9.  
Seachas i gcás ina bhfoirceanntar an comhghnóthas, ní íocfar aon ioncam breise thar chaiteachas le comhaltaí an chomhghnóthais sin, mura gcinneann an bord rialaithe a mhalairt.

Airteagal 29

Ceangaltais airgeadais

1.  
Ní sháróidh ceangaltais airgeadais comhghnóthais méid na n-acmhainní airgeadais atá ar fáil nó atá tiomanta dá bhuiséad ag a chomhaltaí agus a chomhpháirtithe rannchuidithe.

▼M1

2.  
Féadfar gealltanais bhuiséadacha na gcomhghnóthas dá dtagraítear in Airteagal 3(1) pointí (b), (d), (g) agus (h), a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla. Go dtí an 31 Nollaig 2024, ní rachaidh méid carnach na ngealltanas buiséadach sin i dtráthchodanna thar 50 % de ranníocaíocht uasta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 10. Ó mhí Eanáir 2025 ar aghaidh, ní chumhdófar 20 % ar a laghad de bhuiséad carnach na mblianta iarmharacha le tráthchodanna bliantúla.

▼B

Airteagal 30

Leasanna airgeadais na gcomhaltaí a chosaint

1.  
Deonóidh an comhghnóthas rochtain d’fhoireann an Choimisiúin agus do dhaoine eile atá údaraithe ag an gcomhghnóthas nó ag an gCoimisiún faoi seach, chomh maith leis an gCúirt Iniúchóirí, ar a chuid láithreán agus áitreabh agus ar an bhfaisnéis go léir, lena n-áirítear faisnéis i bhformáid leictreonach, a theastóidh uathu chun a gcuid iniúchóireachtaí a dhéanamh.
2.  
Tá sé de chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle ( 5 ) agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ) agus d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú, nó le cinneadh nó le conradh a chistítear faoin Rialachán seo.
3.  
Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle ( 7 ), cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh mar a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán sin.
4.  
D’ainneoin mhíreanna 1 go 3, beidh forálacha sna comhaontuithe, sna cinntí agus sna conarthaí a eascróidh as an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, don chomhghnóthas faoi seach, don Chúirt Iniúchóirí, do OIPE agus do OLAF na hiniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.
5.  
Áiritheoidh gach comhghnóthas go dtabharfar cosaint leordhóthanach do leasanna airgeadais a chuid comhaltaí trí rialuithe inmheánacha agus seachtracha iomchuí a chur i gcrích nó iad a choimisiúnú.
6.  
Aontóidh gach comhghnóthas do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le himscrúduithe inmheánacha arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) ( 8 ). Glacfaidh gach comhghnóthas na bearta riachtanacha is gá chun imscrúduithe inmheánacha a chuirfidh OLAF i gcrích a éascú.
7.  
Tabharfaidh an comhghnóthas rochtain do gach cúirt iniúchóirí náisiúnta, arna iarraidh sin dóibh, ar an bhfaisnéis uile a bhaineann le ranníocaíochtaí náisiúnta an stáit rannpháirtigh faoi seach, lena n-áirítear faisnéis i bhformáid leictreonach, a bheidh riachtanach chun a n-iniúchtaí a dhéanamh.

Airteagal 31

Iniúchóireachtaí ex post

Déanfar iniúchóireachtaí ar ghníomhaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 53 den Rialachán maidir le Fís Eorpach mar chuid de na gníomhaíochtaí indíreacha in Fís Eorpach, go háirithe ag teacht leis an straitéis iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 53(2) den Rialachán sin.

Airteagal 32

Iniúchadh Inmheánach

1.  
Feidhmeoidh iniúchóir inmheánach an Choimisiúin na cumhachtaí céanna maidir leis an gcomhghnóthas leo sin a fheidhmítear maidir leis an gCoimisiún agus féachfaidh sé leis an ualach riaracháin ar an gcomhghnóthas a laghdú.
2.  
Féadfaidh an bord rialaithe feidhm iniúchóireachta inmheánaí a bhunú i gcomhréir le rialacha airgeadais an chomhghnóthais lena mbaineann.

Roinn 3

Forálacha oibríochtúla

Airteagal 33

Rúndacht

Gan dochar d’Airteagal 34 agus Airteagal 36, áiritheoidh gach comhghnóthas go dtabharfar cosaint d’fhaisnéis rúnda a bhféadfadh nochtadh na faisnéise sin lasmuigh d’institiúidí Aontais agus comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile an Aontais, damáiste a dhéanamh do leasanna a chomhaltaí nó do na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí an chomhghnóthais faoi seach. Áirítear le faisnéis rúnda den sórt sin, ach níl sé teoranta do, faisnéis phearsanta, faisnéis tráchtála, faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe agus rúnaicmithe.

Airteagal 34

Trédhearcacht

Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ) maidir le doiciméid atá i seilbh comhghnóthais.

Airteagal 35

Sonraí pearsanta a phróiseáil

I gcás ina n-éilítear le cur chun feidhme an Rialacháin seo go ndéanfaí sonraí pearsanta a phróiseáil, déanfar iad a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ).

Airteagal 36

Rochtain ar thorthaí agus faisnéis maidir le tograí

1.  
Tabharfaidh an comhghnóthas rochtain d’institiúidí an Aontais agus do chomhlachtaí, oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais, mar aon le húdaráis na stát rannpháirteach i gcás inarb infheidhme, ar an bhfaisnéis go léir a bhaineann leis na gníomhaíochtaí indíreacha a chistíonn sé. Áireofar san fhaisnéis sin ranníocaíochtaí agus torthaí na dtairbhithe a bheidh rannpháirteach i ngníomhaíochtaí indíreacha an chomhghnóthais nó aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith riachtanach chun beartais nó cláir an Aontais, nó i gcás inarb infheidhme, na stát rannpháirteach a fhorbairt, a chur chun feidhme, a chur faoi fhaireachán agus a mheas. Tá cearta rochtana den sórt sin teoranta d’úsáid neamhthráchtála agus neamhiomaíoch agus comhlíonfaidh siad na rialacha rúndachta is infheidhme.
2.  
Chun críocha beartais nó cláir an Aontais a fhorbairt, a chur chun feidhme, a fhaire agus a mheas, soláthróidh an comhghnóthas an fhaisnéis a áirítear i dtograí a chuirtear isteach don Choimisiún. Beidh feidhm aige sin mutatis mutandis maidir le stáit rannpháirteacha i gcás inarb infheidhme maidir le tograí lena n-áirítear iarratasóirí atá bunaithe ar a gcríocha, atá teoranta d’úsáid neamhthráchtála agus neamhiomaíoch agus i gcomhréir leis na rialacha rúndachta is infheidhme.

Caibidil 5

Foireann agus dliteanas

Roinn 1

Foireann, pribhléidí agus díolúintí

Airteagal 37

Foireann

1.  
Maidir leis na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh agus na rialacha a ghlac institiúidí an Aontais go comhpháirteach chun na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile sin a chur i bhfeidhm, ba cheart go mbeadh feidhm acu maidir le foireann an chomhghnóthais.
2.  
Socrófar na hacmhainní foirne i bplean bunaíochta foirne gach comhghnóthais lena gcuirfear in iúl líon na bpost sealadach de réir feidhmghrúpa agus gráid agus líon na mball foirne ar conradh arna sloinneadh in aonaid de choibhéis lánaimseartha, i gcomhréir lena bhuiséad bliantúil.
3.  
Beidh foireann shealadach agus foireann ar conradh ag obair don Chomhghnóthas.
4.  
Is é an Comhghnóthas a íocfaidh na costais go léir a bhaineann leis an bhfoireann.

Airteagal 38

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus oiliúnaithe

1.  
Féadfaidh comhghnóthas úsáid a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus oiliúnaithe nach bhfuil fostaithe go díreach ag an gcomhghnóthas. Cuirfear líon na saineolaithe náisiúnta ar iasacht arna chur in iúl i gcoibhéisí lánaimseartha leis an bhfaisnéis maidir le hacmhainní foirne dá dtagraítear in Airteagal 37(2) i gcomhréir le buiséad bliantúil an chomhghnóthais lena mbaineann.
2.  
Glacfaidh bord rialaithe an chomhghnóthais lena mbaineann cinneadh ina leagfar síos rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don chomhghnóthas faoi seach agus maidir le fostaíocht oiliúnaithe.

Airteagal 39

Pribhléidí agus Díolúintí

Beidh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 maidir le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, maidir leis na comhghnóthais agus foireann na gcomhghnóthas.

Roinn 2

Dliteanas

Airteagal 40

Dliteanas na gcomhghnóthas

1.  
Rialófar dliteanas conarthach an chomhghnóthais trí na forálacha conarthachta ábhartha agus tríd an dlí is infheidhme maidir leis an gcomhaontú, maidir leis an gcinneadh nó maidir leis an gconradh i dtrácht.
2.  
I gcás ina bhfuil an dliteanas neamhchonarthach, déanfaidh an comhghnóthas, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste arb é a fhoireann is cúis leis i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna a shlánú.
3.  
Measfar gur caiteachas de chuid comhghnóthais aon íocaíocht a dhéanfaidh comhghnóthas maidir leis an dliteanas dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, agus maidir leis na costais agus na speansais a tabhaíodh dá réir sin, agus cumhdófar iad ina chuid acmhainní féin.
4.  
Is iad na comhghnóthais amháin a bheidh freagrach as a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh.

Airteagal 41

Dliteanas na gcomhaltaí agus árachas

1.  
Beidh dliteanas airgeadais chomhaltaí an chomhghnóthais as fiacha an chomhghnóthais teoranta do ranníocaíochtaí airgeadais a rinne siad cheana leis an gcomhghnóthas.
2.  
Glacfaidh agus cothóidh an comhghnóthas árachas iomchuí.

Airteagal 42

Coinbhleachtaí leasa

1.  
Seachnóidh an comhghnóthas, a chomhlachtaí agus a fhoireann aon choinbhleacht leasa iad i mbun a gcuid gníomhaíochtaí.
2.  
Glacfaidh an bord rialaithe rialacha lena ndéanfar cosc, seachaint agus bainistiú ar choinbhleachtaí leasa i ndáil le foireann, comhaltaí agus daoine eile a fhreastalaíonn ar an mbord rialaithe agus comhlachtaí nó grúpaí eile an chomhghnóthais, i gcomhréir le rialacha airgeadais an chomhghnóthais agus leis na Rialacháin Foirne i leith foirne.

Caibidil 6

Réiteach díospóide

Airteagal 43

Dlínse na Cúirte Breithiúnais agus an dlí is infheidhme

1.  

Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh:

(a) 

de bhun aon chlásal eadrána atá i gcomhaontuithe nó i gconarthaí arna gcur i gcrích ag an gcomhghnóthas, nó ina chinntí;

(b) 

i ndíospóidí a bhaineann le cúiteamh de bharr damáiste a rinne foireann an Chomhghnóthais i gcomhlíonadh a gcuid dualgas;

(c) 

in aon díospóid idir an comhghnóthas agus a fhoireann laistigh de theorainneacha agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne agus sna Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

2.  
Maidir le haon ábhar nach bhfuil cumhdaithe leis an Rialachán seo ná le haon ghníomhartha dlíthiúla eile an Aontais, beidh feidhm ag dlí an bhallstáit ina bhfuil suíochán an chomhghnóthais lonnaithe.

Airteagal 44

Gearáin leis an Ombudsman

D’fhéadfadh cinntí a ghlacann comhghnóthas maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a bheith ina ábhar gearáin leis an Ombudsman i gcomhréir le hAirteagal 228 de CFAE.

Caibidil 7

Foirceannadh

Airteagal 45

Foirceannadh

1.  
Foirceannfar na comhghnóthais ag deireadh na tréimhse a leagtar amach in Airteagal 3.
2.  
Anuas ar mhír 1, tionscnófar an nós imeacht um fhoirceannadh an chomhghnóthais go huathoibríoch i gcás ina n-aistarraingíonn an tAontas nó gach comhalta seachas an tAontas ón gcomhghnóthas.
3.  
Chun críche na nósanna imeachta um fhoirceannadh a dhéanamh ar an gcomhghnóthas, ceapfaidh an bord rialaithe leachtaitheoir amháin nó níos mó, a chloífidh le cinntí an bhoird rialaithe.
4.  
Le linn an nós imeachta um fhoirceannadh, féadfar sócmhainní an chomhghnóthais a úsáid chun a dhliteanais agus an caiteachas a bhaineann lena fhoirceannadh a chumhdach. Leithdháilfear aon bharrachas i measc chomhaltaí an chomhghnóthais tráth an fhoirceannta i gcomhréir lena ranníocaíocht airgeadais leis an gcomhghnóthas. Aisíocfar le buiséad an Aontais aon bharrachas a dháilfear ar an Aontas.
5.  
Bunófar nós imeachta ad hoc chun bainistíocht iomchuí aon chomhaontaithe a chuirtear i gcrích nó aon chinnidh a ghlacann an comhghnóthas atá á fhoirceannadh a áirithiú, chomh maith le haon chonradh soláthair ag a bhfuil fad atá níos faide ná fad an chomhghnóthais.

CUID A DÓ

FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LE COMHGHNÓTHAIS AONAIR

TEIDEAL I

AN COMHGHNÓTHAS UM EORAIP BHITHBHUNAITHE CHIORCLACH

Airteagal 46

Cuspóirí breise an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach

1.  

Anuas ar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 agus Airteagal 5, beidh na cuspóirí ginearálta seo a leanas ag an gComhghnóthas um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach:

(a) 

dlús a chur le próiseas nuálaíochta agus forbairt réiteach nuálach bithbhunaithe;

(b) 

dlús a chur le himscaradh margaidh na réiteach aibí agus nuálach bithbhunaithe atá ann cheana;

(c) 

ardleibhéal feidhmíochta comhshaoil maidir le córais thionsclaíocha bhithbhunaithe a áirithiú.

2.  

Beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gComhghnóthas um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach freisin:

(a) 

déine gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta trasearnálacha a mhéadú d’fhonn tairbhiú den dul chun cinn a rinneadh sna heolaíochtaí saoil agus i ndisciplíní eolaíochta eile chun réitigh inbhuanaithe bhithbhunaithe a fhorbairt agus a léiriú;

(b) 

acmhainneacht taighde agus nuálaíochta na ngeallsealbhóirí ar fud an Aontais a mhéadú agus a chomhtháthú chun féidearthachtaí an bhithgheilleagair áitiúil a shaothrú, lena n-áirítear i réigiúin ina bhfuil tearcfhorbairt ar an acmhainneacht sin;

(c) 

an acmhainneacht taighde agus nuálaíochta a mhéadú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhshaoil agus ar nuálaíochtaí bithbhunaithe níos inbhuanaithe a fhorbairt trína áirithiú go ndéanfar saincheisteanna inbhuanaitheachta agus an fheidhmíocht chomhshaoil a chomhtháthú ar fud an tslabhra nuálaíochta iomláin agus i réitigh nuálacha amach anseo;

(d) 

comhtháthú taighde agus nuálaíochta bithbhunaithe i dtionscal bithbhunaithe an Aontais a threisiú agus rannpháirtíocht gníomhaithe T&N a mhéadú lena n-áirítear soláthraithe bunábhair sna slabhraí luacha bithbhunaithe;

(e) 

an riosca a ghabhann le hinfheistíocht taighde agus nuálaíochta i gcuideachtaí agus tionscadail bhithbhunaithe a laghdú;

(f) 

a áirithiú go gcuirtear breithnithe ciorclaíochta agus comhshaoil, lena n-áirítear rannchuidithe le cuspóirí aeráidneodrachta agus truailliú nialasach, san áireamh i bhforbairt agus cur chun feidhme táirgí taighde agus nuálaíochta bithbhunaithe agus an glacadh sochaíoch a éascú.

Airteagal 47

Cúraimí breise an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach

Anuas ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 5, déanfaidh an Comhghnóthas um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach na cúraimí seo a leanas:

(a) 

a áirithiú go mbainfear a cuspóirí amach trí ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta na gcomhpháirtithe poiblí agus príobháideacha a chlárú;

(b) 

cistiú poiblí agus príobháideach a shlógadh le haghaidh a ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta;

(c) 

tacú le tionscadail taighde agus nuálaíochta ildisciplíneacha ardtionchair a chuireann leis an nuálaíocht thionsclaíoch bhithbhunaithe chun a chuspóirí an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach a bhaint amach;

(d) 

a ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta chomh maith leis an slabhra nuálaíochta foriomlán ó Leibhéil ísle go Leibhéil arda Ullmhachta Teicneolaí a threisiú;

(e) 

gníomhaithe taighde agus nuálaíochta lena n-áirítear soláthraithe amhábhair ó cheantair thuaithe, chósta agus uirbeacha agus ó réigiúin ina bhfuil poitéinseal le haghaidh forbairt slabhra breisluacha bhithbhunaithe nár saothraíodh fós a shlógadh agus a chomhtháthú chun comhar a dhéanamh le gníomhaíochtaí tionscadail;

(f) 

a áirithiú go ndíríonn gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta faoi ar shaincheisteanna leasa an phobail, go háirithe ar fheidhmíocht chomhshaoil agus aeráide an tionscail bhithbhunaithe, i dtéarmaí tuisceana ar na fadhbanna ábhartha agus réitigh a fhorbairt ar na fadhbanna sin;

(g) 

cumarsáid agus comhar a chur chun cinn idir gníomhaithe taighde agus nuálaíochta agus geallsealbhóirí tionsclaíocha faoi chun feasacht a mhúscailt maidir le heolas agus teicneolaíocht atá ag athrú go tapa, comhar trasdisciplíneach agus trasearnála agus glacadh margaidh na réiteach nuálacha bithbhunaithe a éascú;

(h) 

údaráis náisiúnta agus réigiúnacha atá in ann coinníollacha níos fabhraí a chruthú le haghaidh ghlacadh margaidh na nuálaíochtaí bithbhunaithe a shlógadh;

(i) 

tacú leis an machnamh i leith caighdeáin a fhorbairt chun glacadh nuálaíochtaí bithbhunaithe sa mhargadh a éascú;

(j) 

critéir eolaíochta inbhuanaithe láidre agus tagarmharcanna feidhmíochta a shocrú, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu ina ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta uile, agus iad a chur chun cinn taobh amuigh den tionscnamh agus sa tionscal bithbhunaithe;

(k) 

réitigh nuálacha bhithbhunaithe a chur chun cinn i measc déantóirí beartais, na hearnála tionsclaíochta, eagraíochtaí neamhrialtasacha, na sochaí sibhialta agus tomhaltóirí trí chéile agus na páirtithe sin a chur ar an eolas fúthu.

Airteagal 48

Comhaltaí

Beidh na comhaltaí seo a leanas ag an gComhghnóthas um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach:

(a) 

an tAontas, a mbeidh an Coimisiún mar ionadaí dó;

(b) 

Cuibhreannas na dTionscal Bithbhunaithe, eagraíocht neamhbhrabúis atá cláraithe faoi dhlí na Beilge, tar éis fógra a fháil faoina cinneadh aontú don Chomhghnóthas um an Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach trí bhíthin litir ghealltanais, nach mbeidh coinníollacha inti maidir lena haontachas seachas na coinníollacha sin a leagtar amach sa Rialachán seo;

(c) 

beidh na comhaltaí comhlachaithe a roghnófar i gcomhréir le hAirteagal 7 faoi réir cinneadh ón mbord rialaithe.

Airteagal 49

Ranníocaíocht airgeadais ón Aontas

Suas le EUR 1 000 000 000 , lena n-áirítear suas le EUR 23 500 000 le haghaidh costais riaracháin, a bheidh i ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis an gComhghnóthas um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach, leithreasuithe LEE san áireamh, chun costais riaracháin agus costais oibriúcháin a chumhdach.

Airteagal 50

Ranníocaíochtaí ó chomhaltaí seachas an tAontas

Déanfaidh comhaltaí an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach seachas an tAontas ranníocaíocht iomlán a gcomheintiteas nó a n-eintiteas cleamhnaithe nó déanfaidh siad comhshocrú do dhéanamh a ranníocaíochta iomláine le haghaidh EUR 1 000 000 000 ar a laghad, lena n-áirítear suas le EUR 23 500 000 le haghaidh costais riaracháin, sa tréimhse a leagtar amach in Airteagal 3.

Airteagal 51

Raon feidhme gníomhaíochtaí breise

1.  

D’ainneoin chumhacht an Bhoird Rialaithe cinneadh a dhéanamh maidir leis an bplean gníomhaíochtaí breise de bhun Airteagal 17(2), pointe (n), agus laistigh de raon feidhme Airteagal 2, pointe (9) agus pointe (10), déanfaidh Cuibhreannas na dTionscal Bithbhunaithe nó a chomheintitis nó a eintitis chleamhnaithe togra le haghaidh na ngníomhaíochtaí breise gach bliain. Is éard atá i gceist leis na gníomhaíochtaí breise gníomhaíochtaí atá nasctha go díreach le tionscadail agus gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach, lena n-áirítear an méid seo a leanas go háirithe:

(a) 

infheistíochtaí i saoráidí nua a léiríonn slabhra luacha nua, lena n-áirítear infheistíochtaí i dtrealamh marthanach, uirlisí agus bonneagar tionlacain, go háirithe iad siúd a bhaineann le himscaradh réigiúnach agus a fhíorúchán inbhuanaitheachta;

(b) 

infheistíochtaí i ngléasra nua táirgeachta nó suaitheanta nuálach agus inbhuanaithe;

(c) 

infheistíochtaí i dtaighde agus nuálaíocht nua agus bonneagar a bhfuil údar cuí leis, lena n-áirítear saoráidí, uirlisí agus trealamh marthanach nó gléasra píolótach (lárionaid taighde);

(d) 

gníomhaíochtaí caighdeánaithe;

(e) 

gníomhaíochtaí cumarsáide, scaipthe agus chun feasacht a ardú.

2.  

Is iad seo a leanas na hinfheistíochtaí atá nasctha go díreach le tionscadail go háirithe:

(a) 

infheistíochtaí neamh-incháilithe a theastaíonn chun tionscadal de chuid an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach a chur chun feidhme le linn an tionscadail sin;

(b) 

infheistíocht a rinneadh i gcomhthráth le tionscadal de chuid an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach, lena gcomhlánaítear torthaí an tionscadail agus á thabhairt chuig LUT níos airde;

(c) 

infheistíochtaí a theastaíonn le haghaidh imscaradh torthaí tionscadail de chuid an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach tar éis dhúnadh an tionscadail go dtí foirceannadh an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach. I gcásanna ina bhfuil údar cuí leo, féadfar an infheistíocht a bhaineann le himscaradh torthaí tionscadail ón tionscnamh roimhe sin (Comhghnóthas BBI) a chur san áireamh.

Airteagal 52

Comhlachtaí an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach

Is iad Comhlachtaí an Comhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach:

(a) 

an Bord Rialaithe;

(b) 

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(c) 

grúpa ionadaithe na stát;

(d) 

an Coiste Eolaíoch;

(e) 

na Grúpaí Imscartha.

Airteagal 53

Comhdhéanamh an Bhoird Rialaithe

Beidh an Bord Rialaithe comhdhéanta mar a leanas:

(a) 

cúigear ionadaithe de chuid an Choimisiúin, thar ceann an Aontais; agus

(b) 

cúigear ionadaithe ó gach ceann de na comhaltaí seachas an tAontas; ba cheart go ndéanfadh duine amháin díobh ar a laghad ionadaíocht ar FBManna.

Airteagal 54

Feidhmiú an Bhoird Rialaithe

1.  
Beidh 50 % de na cearta vótála ag na comhaltaí eile seachas an tAontas i dteannta a chéile.
2.  
De mhaolú ar Airteagal 16(4), toghfaidh an Bord Rialaithe a chathaoirleach ar feadh tréimhse 2 bhliain.
3.  
Tionólfaidh an Bord Rialaithe a ghnáthchruinnithe ceithre huaire sa bhliain ar a laghad.
4.  
Anuas ar na cruinnithe dá dtagraítear i mír 2, tionólfaidh an Bord Rialaithe cruinniú straitéiseach uair amháin na bliana ar a laghad, agus is é a bheidh mar phríomhchuspóirí leis an gcruinniú sin dúshláin agus deiseanna le haghaidh tionscal inbhuanaithe bithbhunaithe a aithint agus treoshuíomh straitéiseach breise a sholáthar don Chomhghnóthas um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach.
5.  
Tabharfar cuireadh do phríomhfheidhmeannaigh bhreise nó d’oifigigh bhreise ag a bhfuil cumhacht chinnteoireachta de chuid na gcuideachtaí bithbhunaithe Eorpacha agus don Choimisiún freastal ar an gcruinniú straitéiseach.

Airteagal 55

An Coiste Eolaíoch

1.  
Is comhlacht comhairleach eolaíoch an Chomhghnóthais um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe dá dtagraítear in Airteagal 21(1) a bheidh sa Choiste Eolaíoch.
2.  
Ní bheidh níos mó ná 15 chomhalta bhuana a bheith ar an gCoiste Eolaíoch.
3.  
Toghfar cathaoirleach an Choiste Eolaíoch ar feadh tréimhse 2 bhliain.
4.  
Bunóidh an Coiste Eolaíoch tascfhórsa ar a mbeidh saineolaithe leis na próifílí iomchuí chun cuidiú le béim leordhóthanach a chur ar gach gné inbhuanaithe den chlár oibre. Aon uair is féidir, áireofar le comhairle an Choiste Eolaíoch maidir leis an gclár oibre gnéithe a bhaineann le ciorclaíocht, inbhuanaitheacht chomhshaoil, caomhnú agus feabhsú bithéagsúlachta, chomh maith le gnéithe níos leithne a bhaineann le hinbhuanaitheacht na gcóras bithbhunaithe agus na slabhraí luacha gaolmhara.

Airteagal 56

Na Grúpaí Imscartha

1.  
Bunófar Grúpa Imscartha amháin nó níos mó ná Grúpa Imscartha amháin de bhun Airteagal 22. Is é ról na nGrúpaí Imscartha comhairle a chur ar an mBord Rialaithe maidir le saincheisteanna atá criticiúil do ghlacadh margaidh nuálaíochta bithbhunaithe agus chun imscaradh réiteach ciorclach bithbhunaithe inbhuanaithe a chur chun cinn.
2.  
Áireofar béim théamach iomchuí agus ionadaíochas forleathan geallsealbhóirí nuálaíochta bithbhunaithe le comhdhéanamh na nGrúpaí Imscartha. Féadfaidh aon gheallsealbhóir, seachas comhaltaí Chuibhreannas na dTionscal Bithbhunaithe, a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe, suim a léiriú chun bheith ina chomhalta de Ghrúpa Imscartha. Leagfaidh an Bord Rialaithe amach fad agus comhdhéanamh beartaithe na nGrúpaí Imscartha, fad na sainorduithe agus féidearthacht athnuachana na gcomhaltaí, agus roghnóidh sé comhaltaí na ngrúpaí sin.
3.  
Tiocfaidh na Grúpaí Imscartha le chéile uair amháin sa bhliain ar a laghad. Ag an gcéad chruinniú, glacfaidh na Grúpaí Imscartha a rialacha nós imeachta. Faomhfaidh an Bord Rialaithe na rialacha nós imeachta sin. Gairfear cruinnithe urghnácha de chuid na nGrúpaí Imscartha ar iarraidh ón mBord Rialaithe, ón gcathaoirleach nó ó thromlach an Ghrúpa Imscartha ábhartha.
4.  
Toghfaidh na Grúpaí Imscartha cathaoirleach, agus leaschathaoirleach le haghaidh gach béime téamaí, i gcomhair tréimhse 2 bhliain. Comhordaíonn an cathaoirleach gníomhaíochtaí agus déanann sé ionadaíocht ar an nGrúpa Imscartha. Féadfar cuireadh a thabhairt don chathaoirleach, mar bhreathnóir, chuig cruinnithe an Choiste Eolaíoch agus ghrúpa ionadaithe na stát.
5.  
Soláthróidh na Grúpaí Imscartha moltaí maidir le saincheisteanna a bhaineann le himscaradh na nuálaíochta bithbhunaithe ar iarraidh ón mBord Rialaithe. Féadfaidh na Grúpaí Imscartha moltaí a eisiúint don Bhord Rialaithe tráth ar bith ar a dtionscnamh féin freisin.

TEIDEAL II

AN COMHGHNÓTHAS UM EITLÍOCHT GHLAN

Airteagal 57

Cuspóirí breise an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan

1.  

Anuas ar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 agus Airteagal 5, beidh na cuspóirí ginearálta seo a leanas ag an gComhghnóthas um Eitlíocht Ghlan:

(a) 

rannchuidiú le lorg éiceolaíochta na heitlíochta a laghdú trí dhlús a chur le forbairt teicneolaíochtaí aeráidneodracha eitlíochta lena n-imscaradh a luaithe is féidir, agus dá bhrí sin déanfar rannchuidiú nach beag le baint amach spriocanna ginearálta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, go háirithe maidir le glanastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an Aontais de réir sprioc laghdaithe 55 % ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990, agus le conair i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, ar a dhéanaí;

(b) 

a áirithiú go gcuireann na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a bhaineann le haerloingseoireacht, agus béim ar leith ar thionscnaimh teicneolaíochta cheannródaíocha, le hiomaíochas inbhuanaithe thionscal eitlíochta an Aontais, agus a áirithiú go gcomhlíontar leis na teicneolaíochtaí eitlíochta aeráidneodracha na ceanglais sábháilteachta agus slándála eitlíochta ábhartha, agus go mbeidh an eitlíocht ina modh iompair paisinéirí agus lasta atá slán, iontaofa, costéifeachtach agus éifeachtúil i gcónaí;

(c) 

acmhainneacht taighde agus nuálaíochta eitlíochta na hEorpa a chur chun cinn.

2.  

Beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gComhghnóthas um Eitlíocht Ghlan freisin:

(a) 

nuálaíochtaí teicneolaíochta aerárthaigh suaiteacha a chomhtháthú agus a léiriú go mbeidh siad in ann glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 30 % ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le teicneolaíocht úrscothach 2020, agus an chonair a réiteach chun go mbeidh an eitlíocht aeráidneodrach faoi 2050;

(b) 

a áirithiú gur féidir le hullmhacht theicneolaíoch agus ullmhacht fhéideartha thionsclaíoch nuálaíochtaí tacú le seoladh táirgí agus seirbhísí nua suaiteacha faoi 2035, agus mar aidhm leis sin flít nua a chur in ionad 75 % den fhlít ar seirbhís faoi 2050, agus córas eitlíochta Eorpach atá nuálach, iontaofa, sábháilte agus costéifeachtach a fhorbairt atá in ann cuspóir na haeráidneodrachta faoi 2050, ar a dhéanaí, a chomhlíonadh;

(c) 

comhtháthú slabhraí luacha taighde agus nuálaíochtaí maidir le heitlíocht aeráidneodrach a leathnú agus a chothú, lena n-áirítear an saol acadúil, eagraíochtaí taighde, tionscal agus FBManna, a bhaineann tairbhe as sineirgí a shaothrú le cláir ábhartha náisiúnta agus Eorpacha eile freisin agus trí thacú le glacadh scileanna tionsclaíocha ar fud an tslabhra luacha.

Airteagal 58

Cúraimí breise an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan

Anuas ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 5, déanfaidh an Comhghnóthas um Eitlíocht Ghlan na cúraimí seo a leanas:

(a) 

an fhaisnéis uile is gá le haghaidh ullmhú agus tíolacadh tograí chuig glaonna oscailte an Chomhghnóthas um Eitlíocht Ghlan a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus ar shuíomhanna gréasáin ábhartha an Choimisiúin;

(b) 

faireachán agus measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn teicneolaíoch i dtreo ghnóthú na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 57;

(c) 

rochtain iomlán ar shonraí agus ar fhaisnéis a éascú le haghaidh faireachán tionchair neamhspleách a dhéanamh ar thaighde agus nuálaíocht eitlíochta, arna dhéanamh faoi mhaoirseacht an Choimisiúin;

(d) 

cúnamh a thabhairt don Choimisiún, ar iarraidh uaidh, maidir le bunú agus forbairt chomhordú na rialachán agus na gcaighdeán a thacaíonn le glacadh margaidh na réiteach eitlíochta glaine, go háirithe trí thabhairt faoi staidéir, ionsamhlúcháin agus comhairle theicniúil a chur ar fáil, fad a áirítear an gá le deireadh a chur le bacainní ó thaobh iontráil isteach sa mhargadh.

Airteagal 59

Comhaltaí

1.  

Beidh na comhaltaí seo a leanas ag an gComhghnóthas um Eitlíocht Ghlan:

(a) 

an tAontas, a mbeidh an Coimisiún mar ionadaí dó;

(b) 

na comhaltaí bunaidh a liostaítear in Iarscríbhinn I, tar éis fógra a fháil faoina gcinneadh aontú don Chomhghnóthas um Eitlíocht Ghlan trí bhíthin litir ghealltanais, nach mbeidh coinníollacha inti maidir lena n-aontachas seachas na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo;

(c) 

na comhaltaí comhlachaithe a roghnófar i gcomhréir le hAirteagal 7 faoi réir cinneadh ón mBord Rialaithe.

2.  
De bhreis ar Airteagal 7(1), féadfaidh an Bord Rialaithe, le linn na chéad 6 mhí i ndiaidh bhunú an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan, comhaltaí comhlachaithe a roghnú ó liosta arna tharraingt suas i ndiaidh glao oscailte ar léiriú spéise a sheol an Coimisiún sular bunaíodh é. Beidh feidhm ag coinníollacha Airteagal 7(2) mutatis mutandis.

Airteagal 60

Ranníocaíocht airgeadais ón Aontas

Suas le EUR 1 700 000 000 , lena n-áirítear suas le EUR 39 223 000 le haghaidh costais riaracháin, a bheidh i ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis an gComhghnóthas um Eitlíocht Ghlan, leithreasuithe LEE san áireamh, chun costais riaracháin agus costais oibriúcháin a chumhdach.

Airteagal 61

Ranníocaíochtaí ó chomhaltaí seachas an tAontas

Déanfaidh comhaltaí an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan seachas an tAontas ranníocaíocht iomlán nó socróidh siad go ndéanfaidh a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe ranníocaíocht iomlán EUR 2 400 000 000 ar a laghad, lena n-áirítear suas le EUR 39 223 000 le haghaidh costais riaracháin, sa tréimhse a leagtar amach in Airteagal 3.

Airteagal 62

Raon feidhme gníomhaíochtaí breise

1.  

Chun críoch Airteagal 11(1), pointe (b), féadfaidh sé go n-áireofar na rudaí seo a leanas le gníomhaíochtaí breise:

(a) 

gníomhaíochtaí a chumhdaítear faoi ghníomhaíochtaí indíreacha an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan ach nach gcistítear faoi ghníomhaíochtaí indíreacha den sórt sin;

(b) 

gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach le clár oibre an Chomhghnóthas um Eitlíocht Ghlan;

(c) 

gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta lena dtógtar ar ghníomhaíochtaí arna gcistiú ag an gComhghnóthas um Eitlíocht Ghlan nó an tionscnamh a bhí ann roimhe;

(d) 

gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta tionscadail a bhfuil nasc sonrach acu leis an gClár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht, agus a chomhchistítear faoi chláir náisiúnta nó réigiúnacha laistigh den Aontas;

(e) 

tionscadail phríobháideacha taighde agus nuálaíochta lena gcomhlánaítear tionscadail ar an Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht chomh maith le gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le glacadh scileanna a bhaineann go sonrach leis an tionscal ar fud an tslabhra luacha;

(f) 

gníomhaíochtaí as a n-eascraíonn imscaradh nó glacadh thorthaí tionscadail ón gChomhghnóthas um Eitlíocht Ghlan nó ó na tionscnamh roimhe sin dá chuid, nach bhfuair aon chistiú ón Aontas;

(g) 

gníomhaíochtaí caighdeánaithe agus deimhnithe Eorpacha a bhaineann le réitigh eitlíochta glaine ó thionscadail de chuid an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan nó ó thionscnaimh roimhe sin.

2.  
Beidh táirgí insoláthartha atá sainmhínithe go soiléir ag gníomhaíochtaí breise.

Airteagal 63

Comhlachtaí an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan

Is iad Comhlachtaí an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan:

(a) 

an Bord Rialaithe;

(b) 

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(c) 

grúpa ionadaithe na stát;

(d) 

an Coiste Teicniúil;

(e) 

an Comhlacht Comhairliúcháin Eolaíoch um Eitlíocht Ghlan na hEorpa.

Airteagal 64

Comhdhéanamh an Bhoird Rialaithe

Beidh an Bord Rialaithe comhdhéanta mar a leanas:

(a) 

beirt ionadaithe de chuid an Choimisiúin, thar ceann an Aontais;

(b) 

cúig ionadaí dhéag ó chomhaltaí seachas an tAontas a roghnaigh na comhaltaí bunaidh as a measc féin agus as measc comhaltaí comhlachaithe ag áirithiú ionadaíocht chothrom ar an slabhra breisluacha aerloingseoireachta amhail comhtháthairí aerárthaí, monaróirí inneall agus monaróirí trealaimh. Bunóidh an bord rialaithe sásra uainíochta ina rialacha nós imeachta le haghaidh leithdháileadh shuíocháin na gcomhaltaí seachas an tAontas, agus cothromaíocht inscne á cur san áireamh. Áireofar ar na hionadaithe roghnaithe ionadaí amháin ar a laghad ar FBManna Eorpacha, dhá ionadaí ar a laghad ar na heagraíochtaí taighde agus ionadaí amháin ar a laghad ar na hinstitiúidí ardoideachais.

Airteagal 65

Feidhmiú an Bhoird Rialaithe

1.  
Beidh 50 % de na cearta vótála ag na comhaltaí eile seachas an tAontas i dteannta a chéile.
2.  
De mhaolú ar Airteagal 16(4), déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an mBord Rialaithe thar ceann an Aontais agus déanfaidh ionadaí ó chomhaltaí seachas an tAontas comhchathaoirleacht air.
3.  
Freastalóidh cathaoirligh Chomhlacht Comhairliúcháin Eolaíoch um Eitlíocht Ghlan na hEorpa, an Choiste Theicniúil agus ghrúpa ionadaithe na stát agus ionadaí amháin ó EASA ar chruinnithe an Bhoird Rialaithe mar bhreathnóirí.
4.  
Áiritheoidh an Bord Rialaithe go bhfuil nasc díreach agus comhordú idir gníomhaíochtaí ghrúpa ionadaithe na stát nó gníomhaíochtaí comhlachtaí comhairleacha eile. Chun na críche sin, féadfaidh an Bord Rialaithe comhalta a tharmligean chun gníomhaíochtaí na gcomhlachtaí sin a leanúint.

Airteagal 66

Cúraimí breise an Bhoird Rialaithe

1.  

Anuas ar na cúraimí a liostaítear in Airteagal 17, déanfaidh Bord Rialaithe an Comhghnóthais um Eitlíocht Ghlan na cúraimí seo a leanas:

(a) 

maoirseacht a dhéanamh ar oiriúnacht eitlíochta glaine na straitéisí le haghaidh ghníomhaíochtaí breise na gcomhaltaí seachas an tAontas;

(b) 

glacadh margaidh na dteicneolaíochtaí agus na réiteach a chuidíonn le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach a chur chun cinn agus a áirithiú go mbaintear cuspóirí sonracha an Chomhghnóthais a leagtar amach in Airteagal 57 amach;

(c) 

sineirgí a shaothrú idir gníomhaíochtaí taighde agus léirithe ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais a bhaineann leis an gClár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht agus le clár oibre an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan;

(d) 

faireachán agus measúnú ar dhul chun cinn an chláir i gcomparáid le táscairí tionchair agus cuspóirí sonracha an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan a leagtar amach in Airteagal 57(2) a mhaoirsiú;

(e) 

stiúradh agus bainistíocht leanúnach aistriú tosaíochtaí teicniúla agus gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta an chláir Spéir Ghlan 2 go dtí go gcuirfear i gcrích iad a áirithiú, i gcomhréir le cuspóirí an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan agus, i gcás inarb ábhartha, aistriú torthaí chuig an gclár Eitlíochta Glaine a áirithiú.

2.  

Déanfaidh an Bord Rialaithe measúnú agus cinneadh i ndáil le cur chun feidhme an chláir agus maidir le cuspóirí an Chomhghnóthais um Eitlíochta Ghlan a chur ar fáil, lena n-áirítear na míreanna a leanas:

(a) 

pleanáil straitéiseach ilbhliantúil na nglaonna um Eitlíocht Ghlan agus a n-ailíniú le cuspóirí Fís Eorpach agus na cláir oibre ghaolmhara agus na tosaíochtaí teicniúla agus gníomhaíochtaí taighde;

(b) 

athbhreithnithe nó optamú raon feidhme an chláir chun ailíniú le clár oibre agus cuspóirí an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan agus le Fís Eorpach ar an iomlán agus le cláir oibre ghaolmhara eile de chuid comhpháirtíochtaí Eorpacha;

(c) 

na moltaí ó chomhlachtaí comhairleacha agus gníomhaíochtaí sonracha a leagtar amach in Airteagal 58 chun dul i bhfód ar an margadh agus tionchar réiteach eitlíochta glaine a mhéadú i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus na gníomhaíochtaí beartais ghaolmhara lena fheabhsú.

Airteagal 67

Cúraimí breise an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

Anuas ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 19, déanfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan na cúraimí seo a leanas:

(a) 

gníomhaíocht iomchuí a ghlacadh chun idirghníomhaíochtaí idir tionscadail a dtacaíonn an comhghnóthas leo a bhainistiú, ag seachaint aon fhorluí míchuí eatarthu agus dlús a chur le sineirgí ar fud an chláir iomlán;

(b) 

a áirithiú go gcomhlíontar sprioc-amanna le haghaidh thraiseoladh na faisnéise is gá chuig comhlachtaí éagsúla an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan;

(c) 

comhordú an Choimisiúin a éascú i gcomhréir le comhairle na gcomhlachtaí comhairleacha idir gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan agus na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta ábhartha laistigh de Fís Eorpach d’fhonn forluí a sheachaint agus sineirgí a chur chun cinn;

(d) 

a áirithiú go n-éascaíonn an Comhghnóthas rochtain fhoriomlán ar shonraí agus faisnéis le haghaidh faireachán neamhspleách ar thaighde agus nuálaíocht eitlíochta a dhéantar faoi mhaoirsiú díreach an Choimisiúin agus aon ghníomhaíocht ábhartha is gá a ghlacadh chun neamhspleáchas an phróisis sin ón gComhghnóthas um Eitlíocht Ghlan féin a áirithiú, amhail trí bhíthin soláthar poiblí, meastóireachtaí neamhspleácha, athbhreithnithe nó anailís ad hoc. Cuirfear tuarascáil faireacháin agus measúnaithe an chláir faoi bhráid an Bhoird Rialaithe uair amháin in aghaidh na bliana;

(e) 

cúnamh a thabhairt don Bhord Rialaithe le hoiriúnuithe d’ábhar teicniúil agus leithdháiltí buiséid an chláir oibre nuair atáthar ag cur an Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht chun feidhme d’fhonn gnóthachain an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan a uasmhéadú.

Airteagal 68

Grúpa ionadaithe na stát

1.  
Reáchtálfaidh grúpa ionadaithe na stát cruinnithe comhordaithe le grúpa ionadaithe na stát de chuid comhghnóthas ábhartha eile, amhail Comhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair, dhá uair in aghaidh na bliana ar a laghad, agus is é a bheidh mar aidhm leis na cruinnithe sin comhéadan a chruthú idir na húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha agus an Comhghnóthas um Eitlíocht Ghlan agus comhairle a sholáthar don Chomhghnóthas um Eitlíocht Ghlan ar an mbonn sin.
2.  

I dteannta Airteagal 20, beidh na cúraimí breise seo a leanas freisin ar ghrúpa ionadaithe na stát:

(a) 

bearta a mholadh chun comhlántachtaí idir na gníomhaíochtaí Taighde agus Nuálaíochta Eitlíochta Glaine agus cláir thaighde náisiúnta a chuireann le cuspóirí an Chláir Oibre Straitéisigh um Thaighde agus um Nuálaíocht, chomh maith le tionscnaimh agus tionscadail idirnáisiúnta agus náisiúnta eile, a fheabhsú;

(b) 

bearta sonracha a chur chun cinn ar leibhéal náisiúnta nó réigiúnach a bhfuil sé mar aidhm leo rannpháirtíocht FBManna i dTaighde agus Nuálaíocht maidir le hEitlíocht Ghlan a mhéadú, lena n-áirítear trí imeachtaí scaipthe, ceardlanna teicniúla tiomnaithe agus cumarsáid, agus aon ghníomhaíocht eile a bhfuil sé mar aidhm léi comhar agus imscaradh teicneolaíochtaí aerloingseoireachta a chur chun cinn;

(c) 

infheistíocht i dtaighde agus nuálaíocht ó chistí Beartais Comhtháthaithe amhail Cistí Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Cistí Sóisialta na hEorpa, Cistí um Aistriú Cóir, agus Cistí Théarnaimh an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn i gcomhthéacs an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan.

Airteagal 69

An Coiste Teicniúil

1.  

Beidh an Coiste Teicniúil comhdhéanta mar a leanas:

(a) 

suas le ceathrar ionadaithe ón gCoimisiún agus ó chomhlachtaí de chuid an Aontais, mar a chinneann ionadaithe an Aontais ar an mBord Rialaithe;

(b) 

ionadaí amháin ó gach comhalta de na comhaltaí seachas an tAontas;

(c) 

ionadaí amháin ó EASA.

2.  
Déanfaidh ionadaí ar na comhaltaí bunaidh, a ndéanfar uainíocht orthu gach 2 bhliain, agus an Coimisiún, comhchathaoirleacht ar an gCoiste Teicniúil. Tuairisceoidh sé don Bhord Rialaithe agus soláthróidh an Comhghnóthas um Eitlíocht Ghlan a rúnaíocht.
3.  
Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ina bhreathnóir buan ar an gCoiste Teicniúil. Féadfaidh ionadaithe ó ghrúpa ionadaithe na stát agus ón gComhlacht Comhairliúcháin Eolaíoch um Eitlíocht Ghlan na hEorpa freastal ar chruinnithe mar bhreathnóirí ar cuireadh ón gcathaoirleach, nó ar a n-iarraidh féin, agus sa chás sin beidh a bhfreastal faoi réir comhaontú a fháil ón gcathaoirleach agus ó ionadaithe an Chomhghnóthais.
4.  
Molfaidh an Coiste Teicniúil a rialacha nós imeachta agus cuirfidh sé iad faoi bhráid an Bhoird Rialaithe lena nglacadh.
5.  
Forbróidh an Coiste Teicniúil treochlár agus straitéis theicneolaíoch an chláir agus coinneoidh sé ar bun iad. Molfaidh sé agus ullmhóidh sé, de réir mar is iomchuí, raon feidhme agus clárú na ngníomhaíochtaí taighde, an straitéis theicneolaíoch agus treochlár taighde foriomlán an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan lena nglacadh ag an mBord Rialaithe. Féadfar comhalta de chuid an Bhoird Rialaithe a tharmligean chun na gníomhaíochtaí sin a leanúint.
6.  

Déanfaidh an Coiste Teicniúil na cúraimí seo a leanas:

(a) 

tograí a ullmhú i gcomhair leasuithe ar an gClár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht mar is gá leo le haghaidh breithniú agus cinneadh críochnaitheach an Bhoird Rialaithe;

(b) 

tograí a ullmhú le haghaidh na dtosaíochtaí teicniúla agus na ngníomhaíochtaí taighde atá le cur san áireamh sa chlár oibre, agus na hábhair thaighde i gcomhair glaonna oscailte ar thograí;

(c) 

faisnéis a sholáthar faoi ghníomhaíochtaí taighde atá beartaithe nó atá i mbun ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó ar leibhéil eile nach de chuid an Aontais iad agus moltaí a dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí is gá chun sineirgí féideartha chlár an Chomhghnóthais um Eitlíochta Ghlan a uasmhéadú;

(d) 

togra d’athbhreithniú nó optamú raon feidhme an chláir chun ailíniú le clár oibre agus cuspóirí an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan agus le Fís Eorpach ar an iomlán agus le cláir oibre ghaolmhara eile de chuid comhpháirtíochtaí Eorpacha, arna sonrú sa Chlár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht, le haghaidh bhreithniú agus chinneadh críochnaitheach an Bhoird Rialaithe;

(e) 

moltaí a dhéanamh maidir le tionchar a uasmhéadú i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus maidir le glacadh margaidh féideartha thorthaí an chláir ó ghníomhaíochtaí indíreacha arna gcistiú ag an gComhghnóthas.

Airteagal 70

An Comhlacht Comhairliúcháin Eolaíoch um Eitlíocht Ghlan na hEorpa

1.  
Is é an Comhlacht Comhairliúcháin Eolaíoch um Eitlíocht Ghlan na hEorpa comhlacht comhairleach eolaíoch an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 21(1), pointe (a) agus le Airteagal 21(4).
2.  
Ní bheidh níos mó ná 15 buanchomhalta ag an gComhlacht Comhairliúcháin Eolaíoch um Eitlíocht Ghlan na hEorpa agus ní bheidh na comhaltaí sin ina gcomhaltaí d’aon chomhlacht eile faoin gComhghnóthas seo.
3.  
Toghfar cathaoirleach an Chomhlachta Comhairliúcháin Eolaíoch um Eitlíocht Ghlan na hEorpa ar feadh 2 bhliain.
4.  
Beidh ionadaí ó EASA ina chomhalta buan den Chomhlacht Comhairliúcháin Eolaíoch um Eitlíocht Ghlan na hEorpa.
5.  
Le linn a cuid cúraimí a chomhall, comhoibríodh an Comhlacht Comhairliúcháin Eolaíoch um Eitlíocht Ghlan na hEorpa le fóraim geallsealbhóirí eitlíochta ábhartha Eorpacha, amhail an Chomhairle Chomhairleach le haghaidh Taighde Aerloingseoireachta san Eoraip (ACARE).
6.  
Reáchtálfaidh an Comhlacht Comhairliúcháin Eolaíoch um Eitlíocht Ghlan na hEorpa, de bhun)Airteagal 21(7) pointe (f), cruinnithe comhordúcháin le comhlachtaí comhairleacha comhghnóthas ábhartha eile amhail Comhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair, agus is é a bheidh mar aidhm leis na cruinnithe sin sineirgí agus comhar a chur chun cinn i measc thionscnaimh taighde agus nuálaíochta ábhartha an Aontais san eitlíocht agus comhairle a sholáthar chun na críche sin don Chomhghnóthas um Eitlíocht Ghlan ar an mbonn sin.
7.  
Cuirfidh an Comhlacht Comhairliúcháin Eolaíoch um Eitlíocht Ghlan na hEorpa comhairle agus tacaíocht ar fáil freisin don Choimisiún agus don Chomhghnóthas um Eitlíocht Ghlan maidir le tionscnaimh lena gcuirtear taighde eitlíochta chun cinn i gcórais oideachais na hEorpa, agus soláthróidh sé moltaí maidir le forbairt scileanna agus cumas aerloingseoireachta agus curaclaim innealtóireachta aerloingseoireachta nuashonraithe.

Airteagal 71

Teicneolaíochtaí nua a dheimhniú

1.  
Féadfaidh iarratasóirí, tairbhithe nó an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a iarraidh ar EASA comhairle a thabhairt ar thionscadail aonair agus gníomhaíochtaí taisealbhaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le comhlíontacht sábháilteachta eitlíochta, idir-inoibritheacht agus caighdeáin chomhshaoil, le háirithiú go ndéanfaí caighdeáin ábhartha, acmhainneacht tástála agus ceanglais rialála a fhorbairt go tráthúil le haghaidh forbairt táirgí agus imscaradh teicneolaíochtaí nua.
2.  
Beidh gníomhaíochtaí agus seirbhísí deimhniúcháin arna soláthar faoi réir forálacha a bhaineann le táillí agus muirir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1139.

Airteagal 72

Maolú ó na rialacha maidir le rannpháirtíocht

I gcás ina bhfuil údar cuí léirithe ina leith i dtuairisc na n-ábhar ábhartha sa chlár oibre, beidh eintiteas dlítheanach amháin atá bunaithe i mBallstát nó i dtír comhlachaithe nó i gcuibhreannas nach gcomhlíonann an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 22(2) den Rialachán maidir le Fís Eorpach incháilithe chun bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí indíreacha atá cistithe ag an gComhghnóthas um Eitlíocht Ghlan.

TEIDEAL III

AN COMHGHNÓTHAS UM HIDRIGIN GHLAN

Airteagal 73

Cuspóirí breise an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan

1.  

Anuas ar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 agus Airteagal 5, beidh na cuspóirí ginearálta seo a leanas ag an gComhghnóthas um Hidrigin Ghlan:

(a) 

rannchuidiú leis na cuspóirí a leagtar amach sa, teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le Dlús a chur le huaillmhian aeráide na hEorpa do 2030, Infheistíocht i dtodhchaí aeráidneodrach ar son leas ár muintire, an Comhaontú Glas don Eoraip, agus sa Dlí Aeráide Eorpach ag méadú uaillmhian an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go 55 % faoi bhun leibhéil 1990 ar a laghad faoi 2030, agus aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, ar a dhéanaí;

(b) 

rannchuidiú le Straitéis Hidrigine 2020 ón gCoimisiún le haghaidh Eoraip aeráidneodrach a chur chun feidhme;

(c) 

iomaíochas slabhra breisluacha hidrigine glaine an Aontais a neartú, d’fhonn tacú, go háirithe le FBManna, le dlús a chur le hiontráil réiteach glan nuálach ar an margadh;

(d) 

taighde agus nuálaíocht a spreagadh maidir le táirgeadh, dáileadh, stóráil agus feidhmeanna úsáide deiridh hidrigine glaine.

2.  

Beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gComhghnóthas um Hidrigin Ghlan freisin:

(a) 

feabhas a chur, trí thaighde agus nuálaíocht, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann le LUTanna níos ísle, ar chostéifeachtúlacht, éifeachtúlacht, iontaofacht, cainníocht agus cáilíocht na réiteach hidrigine glaine, lena n-áirítear táirgeadh, dáileadh, stóráil agus úsáidí deiridh a fhorbraítear san Aontas;

(b) 

eolas agus acmhainneacht na ngníomhaithe eolaíochta agus tionsclaíocha ar feadh shlabhra luacha hidrigine an Aontais a neartú agus tacaíocht a thabhairt don ghlacadh scileanna tionsclaíocha;

(c) 

léirithe a dhéanamh ar réitigh hidrigine glaine d’fhonn iad a imscaradh go háitiúil, go réigiúnach agus ar fud an Aontais, agus é mar aidhm leo geallsealbhóirí sna Ballstáit uile a dhéanamh rannpháirteach agus aghaidh a thabhairt ar tháirgeadh, leithdháileadh, stóráil agus úsáid le haghaidh tionscal iompair agus na tionscail sin atá dian ó thaobh fuinnimh de, chomh maith le feidhmeanna eile;

(d) 

feasacht agus glacadh poiblí agus príobháideach le réitigh hidrigine glaine a mhéadú, go háirithe trí chomhar le comhpháirtíochtaí Eorpacha eile faoi Fís Eorpach.

Airteagal 74

Cúraimí breise an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan

Anuas ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 5, déanfaidh an gComhghnóthas um Hidrigin Ghlan na cúraimí seo a leanas:

(a) 

measúnú agus faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn teicneolaíoch agus ar bhacainní teicneolaíocha, eacnamaíocha agus sochaíocha ar iontráil sa mhargadh, lena n-áirítear i margaí hidrigine atá ag teacht chun cinn;

(b) 

d’ainneoin shainchumas beartais an Choimisiúin, faoi threoir agus maoirseacht bheartais an Choimisiúin, cur le forbairt na rialachán agus na gcaighdeán d’fhonn deireadh a chur le bacainní ar iontráil sa mhargadh agus chun tacú le hinmhalartacht, idir-inoibritheacht agus trádáil ar fud an mhargaidh inmheánaigh agus dhomhanda;

(c) 

tacú leis an gCoimisiún, lena n-áirítear trí shaineolas teicniúil, ina thionscnaimh idirnáisiúnta maidir leis an straitéis hidrigine, amhail an Chomhpháirtíocht Idirnáisiúnta maidir leis an nGeilleagar Hidrigine (IPHE), Nuálaíocht Misin agus an Tionscnamh Hidrigine de chuid na hAireachta Fuinnimh Ghlain.

Airteagal 75

Comhaltaí

Beidh na comhaltaí seo a leanas ag an gComhghnóthas um Hidrigin Ghlan:

(a) 

an tAontas, a mbeidh an Coimisiún mar ionadaí dó;

(b) 

Hydrogen Europe AISBL, eagraíocht neamhbhrabúsach atá cláraithe faoi Dhlí na Beilge (an “Grúpáil Tionscail”), ach a mbeidh fógra tugtha faoina cinneadh aontú don Chomhghnóthas um Hidrigin Ghlan trí bhíthin litir ghealltanais nach mbeidh coinníollacha inti maidir lena aontachas seachas na coinníollacha sin a leagtar amach sa Rialachán seo;

(c) 

Hydrogen Europe Research AISBL, eagraíocht neamhbhrabúsach atá cláraithe faoi Dhlí na Beilge (an “Grúpáil Taighde”), ach a mbeidh fógra tugtha faoina chinneadh aontú don Chomhghnóthas um Hidrigin Ghlan trí bhíthin litir ghealltanais nach mbeidh coinníollacha inti maidir lena aontachas seachas na coinníollacha sin a leagtar amach sa Rialachán seo.

Airteagal 76

Ranníocaíocht airgeadais ón Aontas

Suas le EUR 1 000 000 000 , lena n-áirítear suas le EUR 30 193 000 le haghaidh costais riaracháin, a bheidh i ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis an gComhghnóthas um Hidrigin Ghlan, leithreasuithe LEE san áireamh, chun costais riaracháin agus costais oibriúcháin a chumhdach.

Airteagal 77

Ranníocaíochtaí ó chomhaltaí seachas an tAontas

Déanfaidh comhaltaí an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan seachas an tAontas ranníocaíocht iomlán nó socróidh siad go ndéanfaidh a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe ranníocaíocht iomlán EUR 1 000 000 000 ar a laghad, lena n-áirítear suas le EUR 30 193 000 le haghaidh costais riaracháin, sa tréimhse a leagtar amach in Airteagal 3.

Airteagal 78

Raon feidhme gníomhaíochtaí breise

1.  

Chun críoch Airteagal 11(1), pointe (b), féadfaidh sé go n-áireofar le gníomhaíochtaí breise gníomhaíochtaí a bhfuil nasc díreach acu le gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan agus a chuireann lena chuspóirí, lena n-áirítear iad seo a leanas:

(a) 

trialacha agus tástálacha allamuigh réamhthráchtála;

(b) 

cruthúnas ar choincheap;

(c) 

línte táirgthe reatha a fheabhsú le haghaidh méadú scála;

(d) 

cás-staidéir mhórscála;

(e) 

gníomhaíochtaí a ardaíonn feasacht ar theicneolaíochtaí hidrigine agus ar bhearta sábháilteachta;

(f) 

glacadh torthaí ó thionscadail i dtáirgí, saothrú breise agus gníomhaíochtaí laistigh den slabhra taighde ag LUTanna níos airde nó i snáitheanna gníomhaíochta comhthreomhara;

(g) 

gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta tionscadail bhfuil nasc sonrach acu leis an gClár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht, agus a chomhchistítear faoi chláir náisiúnta nó réigiúnacha laistigh den Aontas.

2.  
Beidh sé mar aidhm ag gníomhaíochtaí breise an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan sineirgí a áirithiú leis an gComhghuaillíocht don Hidrigin Ghlan, le Dúshlán Nuálaíochta Misin “Hidrigin Inathnuaite agus Ghlan”, le Ciste Nuálaíochta an Aontais Eorpaigh, le hardán Straitéis um Speisialtóireacht Chliste H2 na Réigiún (S3) agus le clár píolótach ERA um hidrigin ghlas.

Airteagal 79

Comhlachtaí an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan

Is iad seo a leanas Comhlachtaí an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan:

(a) 

an Bord Rialaithe;

(b) 

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(c) 

grúpa ionadaithe na stát; agus

(d) 

an grúpa geallsealbhóirí.

Airteagal 80

Comhdhéanamh an Bhoird Rialaithe

Beidh na comhaltaí seo a leanas ar an mBord Rialaithe:

(a) 

ionadaithe de chuid an Choimisiúin, thar ceann an Aontais;

(b) 

seisear ionadaithe ón nGrúpáil Tionscail, ag féachaint d’ionadaíocht gheografach, d’ionadaíocht ar na hinscní, d’ionadaíocht ar chuideachtaí de réir a méide agus d’ionadaíocht ar na hearnálacha;

(c) 

ionadaí amháin ar an nGrúpáil Taighde.

Airteagal 81

Feidhmiú an Bhoird Rialaithe

1.  
Anuas ar na rialacha vótála a leagtar amach in Airteagal 16(3), beidh 43 % de na cearta vótála ag an nGrúpáil Tionscail agus beidh 7 % de na cearta vótála ag an nGrúpáil Taighde sa Bhord Rialaithe.
2.  
Beidh cathaoirleach an Bhoird Rialaithe ina ionadaí ar na comhaltaí príobháideach agus ceapfaidh an Bord Rialaithe é.

Airteagal 82

Cúraimí breise an Bhoird Rialaithe

Anuas ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 17, déanfaidh Bord Rialaithe an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan na cúraimí seo a leanas:

(a) 

sineirgí a chothú le gníomhaíochtaí agus le cláir ábhartha ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach, go háirithe leo sin a thacaíonn le himscaradh réiteach taighde agus nuálaíochta, bonneagar, oideachas agus forbairt réigiúnach maidir le húsáid hidrigine glaine;

(b) 

a sholáthar, de bhun Airteagal 5(2), pointe (b), agus Airteagal 17(n), treoshuíomh straitéiseach a mhéid a bhaineann le comhar le comhpháirtíochtaí Eorpacha eile, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí i dtreo iompar ar bhóithre saor ó astaíochtaí, iompar ar an uisce saor ó astaíochtaí, iarnróid na hEorpa, eitlíocht ghlan, próiseas don phláinéad agus um chruach ghlan i gcomhréir lena Cláir Oibre Straitéiseacha um Thaighde agus um Nuálaíocht faoi seach nó doiciméad comhionann eile;

(c) 

glacadh margaidh na dteicneolaíochtaí agus na réiteach a chuidíonn le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach a spreagadh;

(d) 

a áirithiú go mbaileofar tuairimí neamhspleácha agus comhairle neamhspleách an phobail eolaíochta i gcoitinne maidir leis an gClár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht, cláir oibre agus forbairtí sna hearnálacha cóngaracha trí cheardlann neamhspleách chomhairleach eolaíoch mar chuid den fhóram comhpháirtíochta Eorpach don Hidrigin Ghlan.

Airteagal 83

Cúraimí breise an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

Anuas ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 19, déanfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan na cúraimí seo a leanas:

(a) 

gníomhaíochtaí lena gcuirtear dlús le sineirgí le gníomhaíochtaí agus cláir ábhartha ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach a mholadh agus a chur chun feidhme;

(b) 

tacú agus cur le tionscnaimh eile an Aontais a bhaineann le hidrigin, faoi réir a bhformheasta ag an mBord Rialaithe;

(c) 

fóram comhpháirtíochta Eorpach don Hidrigin Ghlan a thionól ar bhonn bliantúil, faoi réir fhormheas an Bhoird Rialaithe, lena n-áirítear an cheardlann neamhspleách chomhairleach eolaíoch dá dtagraítear in Airteagal 82(d); reáchtálfar an fóram comhpháirtíochta, a mhéid is féidir, i gcomhar leis an bhFóram Eorpach do Hidrigin den Chomhghuaillíocht don Hidrigin Ghlan, agus i gcomhthráth leis.

Airteagal 84

An grúpa geallsealbhóirí

1.  
Cuimseofar sa ghrúpa geallsealbhóirí ionadaithe ó earnálacha a ghineann, a dháileann, a stórálann, a éilíonn nó a úsáideann hidrigin ghlan ar fud an Aontais, lena n-áirítear ionadaithe ó chomhpháirtíochtaí Eorpacha ábhartha eile, chomh maith le hionadaithe ó Chomhpháirtíocht Idir-réigiúnach Eorpach um Ghleannta Hidrigine agus ón bpobal eolaíochta.
2.  

Anuas ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 22, déanfaidh an grúpa geallsealbhóirí na cúraimí seo a leanas:

(a) 

ionchur a sholáthar ar na tosaíochtaí straitéiseacha agus teicneolaíocha a rachaidh an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan i ngleic leo mar a leagtar síos sa Chlár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht nó i ndoiciméad comhionann eile agus na treochláir theicneolaíocha mhionsonraithe, ag tabhairt aird chuí ar dhul chun cinn agus riachtanais in earnálacha cóngaracha;

(b) 

moltaí a sholáthar chun cothú sineirgí nithiúla idir an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan agus na hearnálacha cóngaracha nó aon earnáil lena meastar go mbainfidh breisluach a éascú;

(c) 

ionchur a chur ar fáil don Chomhpháirtíocht don Hidrigin Ghlan agus don Fhóram Eorpach don Hidrigin Ghlan den Chomhghuaillíocht Eorpach don Hidrigin Ghlan.

TEIDEAL IV

COMHGHNÓTHAS UM IARNRÓD NA hEORPA

Airteagal 85

Cuspóirí breise an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa

1.  

Anuas ar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 agus Airteagal 5, beidh na cuspóirí ginearálta seo a leanas ag Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa:

(a) 

rannchuidiú i dtreo Limistéar Eorpach Iarnróid Aonair a bhaint amach;

(b) 

aistriú tapa chuig córas iarnróid Eorpach atá níos tarraingtí, níos simplí le haghaidh úsáideoirí, níos iomaíche, níos inacmhainne, níos fusa le cothabháil, níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe, agus é comhtháite leis an mórchóras gluaiseachta, a áirithiú;

(c) 

tacú le forbairt tionscal iarnróid Eorpach atá láidir agus iomaíoch go domhanda.

2.  

Anuas ar na cuspóirí a leagtar amach i mír 1, beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gComhghnóthas um Iarnród na hEorpa:

(a) 

gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a éascú chun líonra iarnród comhtháite Eorpach a sholáthar trí dhearadh, ag cur deireadh le bacainní ar idir-inoibritheacht agus réitigh a sholáthar le haghaidh comhtháthú foriomlán, ag cumhdach bainistíocht tráchta, feithiclí, bonneagair, lena n-áirítear comhtháthú le rianta náisiúnta, amhail iarnróid 1 520 , 1 000 nó 1 668 mm ar leithead, agus seirbhísí, agus an réiteach is fearr is féidir a sholáthar i gcás riachtanais paisinéirí agus gnólachtaí, ag cur dlús le glacadh na réiteach nuálach chun tacú le Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid, agus cur le hacmhainneacht agus iontaofacht an iompair ar iarnróid agus costais a laghdú ag an am céanna;

(b) 

córas iarnróid inbhuanaithe athléimneach a sholáthar trí chóras iarnróid ciúin, astaíochtaí nialasacha agus bonneagar aeráid-díonach a fhorbairt, ag cur an gheilleagair chiorclaigh i bhfeidhm ar an earnáil iarnróid, ag baint leas píolótach próisis, teicneolaíochtaí, dearaí agus ábhair nuálacha i saolré fhoriomlán na gcóras iarnróid agus ag forbairt réitigh nuálacha eile ar an iompar dromchla treoraithe;

(c) 

coincheap oibríochtúil aontaithe agus ollstruchtúr feidhmiúil, sábháilte agus slán, agus gnéithe cibearshlándála á gcur san áireamh go cuí, agus é dírithe ar an líonra iarnróid Eorpach a bhfuil feidhm ag Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ) maidir leis, a fhorbairt trína Cholún Córasach le haghaidh bainistíocht tráchta, córais rialaithe, ceannais agus comharthaíochta iarnróid comhtháite Eorpach, lena n-áirítear uathrialú tráchta traenacha, rud a áiritheoidh go ndíríonn taighde agus nuálaíocht ar riachtanais custaiméirí agus riachtanais oibríochtúla ar a gcomhaontaítear agus a roinntear i gcoiteann agus go bhfuil siad oscailte don fhorbairt;

(d) 

gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a bhaineann le lasta iarnróid agus seirbhísí iompair idirmhódúil a chur i gcrích, chun lasta glas iomaíoch iarnróid atá comhtháite ina iomláine leis an slabhra breisluacha lóistíochta a sholáthar, agus uathoibriú agus digitiú an iarnróid lasta ina chroílár;

(e) 

tionscadail taispeántais a fhorbairt i mBallstáit a bhfuil spéis acu iontu;

(f) 

rannchuidiú le tionscal láidir iarnróid Eorpach a fhorbairt a bheidh iomaíoch ar bhonn domhanda;

(g) 

sineirgí le beartais, cláir, tionscnaimh, ionstraimí nó cistí eile de chuid an Aontais a chumasú, a chur chun cinn agus a shaothrú chun tionchar agus breisluach na n-iarnród a uasmhéadú.

3.  
Agus a ghníomhaíochtaí á gcur i gcrích aige, féachfaidh an Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa le rannpháirtíocht chothrom comhaltaí agus comhpháirtithe a bhaint amach ina ghníomhaíochtaí. Bunóidh sé na naisc idirnáisiúnta is gá i ndáil le taighde agus nuálaíocht iarnróid freisin, i gcomhréir le tosaíochtaí an Choimisiúin.

Airteagal 86

Cúraimí breise an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa

1.  
Anuas ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 5, ullmhóidh an Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa an Máistirphlean i gcomhar leis an gCoimisiún, agus tar éis dul i gcomhairle le grúpa ionadaithe na stát, déanfaidh sé an Máistirphlean arna fhorbairt i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha uile sa chóras iarnróid agus sa tionscal soláthair iarnróid a chur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe lena ghlacadh.
2.  
Féadfaidh an Coimisiún tús a chur le hullmhú an Mháistirphlean roimh bhunú an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa, i gcomhairle le hionadaithe na mBallstát agus leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.
3.  
Treochlár coiteann, réamhbhreathnaitheach atá bunaithe ar amharc córasach a bheidh sa Mháistirphlean. Aithneoidh sé na réimsí idirghabhála laistigh de raon feidhme an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa. Beidh na cuspóirí a leagtar amach sa Mháistirphlean treoraithe ag feidhmíocht agus struchtúrtha thart ar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 85.
4.  
Glacfaidh an Bord Rialaithe an Máistirphlean agus tacóidh an Coimisiún leis i gcomhréir le hAirteagal 16 cé is moite den roinn den Mháistirphlean a bhaineann leis an gColún Córasach a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 93(4). Sula dtacaíonn an Coimisiún leis an Máistirphlean, cuirfidh sé faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa é. Ina dhiaidh sin, déanfar aon leasú a chur in iúl don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa.
5.  

Is éard a bheidh sa Mháistirphlean Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa laistigh de bhrí Airteagal 2, pointe (12). Cuirfidh sé treoir ar fáil maidir le cúraimí sonracha an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa, eadhon:

(a) 

amharc córasach a fhorbairt ina Cholún Córasach lena léirítear riachtanais an tionscail monaraíochta iarnróid, an phobail oibriúcháin iarnróid, na mBallstát agus geallsealbhóirí iarnróid príobháideacha agus poiblí eile, lena n-áirítear comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht ar chustaiméirí, amhail paisinéirí agus lasta agus baill foirne, chomh maith le gníomhaithe ábhartha eile lasmuigh den earnáil iarnróid thraidisiúnta. Cuimseofar an méid seo a leanas san “amharc córasach” sin:

(i) 

forbairt coincheapa oibríochta aonair agus an ollstruchtúir, lena n-áirítear seirbhísí, bloic feidhme, agus comhéadain, atá mar bhunús oibríochtaí an chórais iarnróid, a shainiú;

(ii) 

forbairt na sonraíochtaí comhlachaithe lena n-áirítear comhéadain, sonraíochtaí ceanglais fheidhmiúil agus sonraíochtaí ceanglais chórasaigh chun iad a úsáid i Sonraíochtaí Teicniúla don Idir-inoibritheacht (STI) a bhunaítear de bhun Threoir (AE) 2016/797 nó i bpróisis chaighdeánaithe chun leibhéil níos airde digiteála agus uathoibrithe a bhaint amach;

(iii) 

a áirithiú go ndéanfar an córas a chothabháil, go gceartaítear earráidí agus go bhfuil sé in ann oiriúnú le himeacht ama agus a áirithiú go ndéanfar cúinsí a bhaineann le hascnamh ó ollstruchtúir reatha a chur san áireamh;

(iv) 

a áirithiú go ndéanfar na comhéadain is gá le móid eile, chomh maith le meitreo agus tramanna nó córais iarnróid éadroim, a mheasúnú agus a chur ar taispeáint, go háirithe i gcás trácht lasta agus paisinéirí;

(b) 

na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta is gá a éascú chun cuspóirí an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa a bhaint amach, lena n-áirítear gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dhíríonn ar iarnróid ar leibhéil ísle ullmhachta teicneolaí (LUT). Chuige sin, déanfaidh an Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa:

(i) 

na gníomhaíochtaí taighde, nuálaíochta, léirithe, bailíochta agus staidéir a dhéanfar faoina údarás, a shainiú agus a eagrú, fad a sheachnaítear deighilt sna gníomhaíochtaí sin;

(ii) 

deiseanna caighdeánúcháin agus modúlachta a shaothrú, agus na comhéadain le modhanna agus córais eile a éascú;

(iii) 

tionscadail taispeántais a fhorbairt;

(iv) 

dlúthchomhar a fhorbairt agus comhar a áirithiú le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta Eorpacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta ábhartha san earnáil iarnróid agus lasmuigh de mar is gá, go háirithe faoi Fís Eorpach, agus dá bhrí sin ag cur ar chumas an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa ról mór a ghlacadh i dtaighde agus nuálaíocht a bhaineann le hiarnród fad a bhaintear tairbhe as an dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch a bhaintear amach in earnálacha eile freisin;

(v) 

a áirithiú, trí bhíthin an chomhair dá dtagraítear i bpointe (iv), go n-aistreofar taighde chuig iarracht forbartha éifeachtach agus chuig nuálaíochtaí ceannródaíocha a fhorbairt agus ar deireadh chuig nuálaíocht atá dírithe ar an margadh trí léiriú agus imscaradh;

(c) 

aon chúram eile is gá chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 agus Airteagal 85 a bhaint amach a dhéanamh.

Airteagal 87

Comhaltaí

1.  

Is iad comhaltaí an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa:

(a) 

an tAontas, a mbeidh an Coimisiún mar ionadaí dó;

(b) 

na comhaltaí bunaidh a liostaítear in Iarscríbhinn II, ar fhógra a fháil faoina gcinneadh aontú don Chomhghnóthas trí bhíthin litir ghealltanais, nach mbeidh coinníollacha inti maidir lena n-aontachas seachas na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo;

(c) 

na comhaltaí comhlachaithe atá le roghnú i gcomhréir le hAirteagal 7. Tacóidh an Coimisiún leis an liosta de chomhaltaí comhlachaithe.

2.  
I dteannta Airteagal 7(1), féadfaidh an Bord Rialaithe, le linn na chéad 6 mhí i ndiaidh bhunú an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa, comhaltaí comhlachaithe a roghnú ó liosta arna tharraingt suas i ndiaidh glao oscailte ar léiriú spéise a sheol an Coimisiún sular bunaíodh é. Beidh feidhm ag coinníollacha Airteagal 7(2) mutatis mutandis.

Airteagal 88

Ranníocaíocht airgeadais ón Aontas

Suas le EUR 600 000 000 , lena n-áirítear suas le EUR 50 000 000 le haghaidh an Cholúin Chórasaigh agus suas le EUR 24 000 000 le haghaidh costais riaracháin, a bheidh i ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis an gComhghnóthas um Iarnród na hEorpa, leithreasuithe LEE san áireamh, chun costais riaracháin agus costais oibriúcháin a chumhdach.

Airteagal 89

Ranníocaíochtaí ó chomhaltaí seachas an tAontas

Déanfaidh comhaltaí an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa seachas an tAontas ranníocaíocht iomlán nó socróidh siad go ndéanfaidh a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe ranníocaíocht iomlán EUR 600 000 000 ar a laghad, lena n-áirítear suas le EUR 24 000 000 le haghaidh costais riaracháin, sa tréimhse a leagtar amach in Airteagal 3.

Airteagal 90

Raon feidhme gníomhaíochtaí breise

1.  

Chun críocha Airteagal 11(1), pointe (b), féadfaidh sé go n-áireofar na rudaí seo a leanas le gníomhaíochtaí breise:

(a) 

gníomhaíochtaí a chumhdaítear faoi ghníomhaíochtaí indíreacha an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa ach nach gcistítear faoi na gníomhaíochtaí indíreacha sin;

(b) 

gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach le clár oibre an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa;

(c) 

gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a thógann ar ghníomhaíochtaí a chistigh an Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa nó Comhghnóthas Shift2Rail;

(d) 

gníomhaíochtaí comhlántacha atá cistithe ag comhaltaí seachas an tAontas, lena ngabhann breisluach soiléir don Aontas agus lena rannchuidítear le cuspóirí an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa a bhaint amach;

(e) 

gníomhaíochtaí atá cistithe ag comhaltaí seachas an tAontas i dtionscadail atá cistithe ag cláir náisiúnta nó cláir réigiúnacha lena gcomhlánaítear gníomhaíochtaí atá cistithe ag an gComhghnóthas um Iarnród na hEorpa;

(f) 

glacadh torthaí gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin gComhghnóthas Shift2Rail agus faoin gComhghnóthas um Iarnród na hEorpa, saothrú breise, gníomhaíochtaí taispeántais, caighdeánú agus forbairt moltaí le haghaidh straitéisí faoina ndéanfar aistriú rianúil, cosáin ascnaimh agus nuashonruithe ar STI, agus le haghaidh gníomhaíochtaí údaraithe agus deimhnithe Eorpacha nach bhfuil nasctha le himscaradh níos forleithne.

2.  
I ndáil leis na gníomhaíochtaí atá cistithe ag comhaltaí seachas an tAontas i dtionscadail atá cistithe ag comhpháirtíochtaí Eorpacha eile nó ag cláir Aontais eile nó ag iarrachtaí agus infheistíochtaí taighde agus nuálaíochta eile ag a bhfuil breisluach Aontais suntasach agus a chuireann le cuspóirí an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa agus a ghníomhaíochtaí comhlántacha atá cistithe aige a bhaint amach, déanfar luach gníomhaíochtaí den sórt sin a thuairisciú, ag cur in iúl chineál, leibhéal agus fhoinse an chistithe ón Aontas, d’fhonn áireamh dúbailte a sheachaint.

Airteagal 91

Comhlachtaí an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa

1.  

Is iad comhlachtaí an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa:

(a) 

an Bord Rialaithe;

(b) 

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(c) 

grúpa ionadaithe na stát;

(d) 

an grúpa stiúrtha don Cholún Córasach;

(e) 

an Grúpa Imscartha.

2.  
Féadfaidh an Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa grúpa stiúrtha eolaíochta a bhunú nó comhairle eolaíochta a lorg ó shaineolaithe léinn neamhspleácha nó ó chomhlachtaí comhairleacha eolaíochta comhroinnte.

Airteagal 92

Comhdhéanamh an Bhoird Rialaithe

Beidh an Bord Rialaithe comhdhéanta mar a leanas:

(a) 

beirt ionadaithe de chuid an Choimisiúin, thar ceann an Aontais;

(b) 

ionadaí amháin ó gach ceann de na comhaltaí seachas an tAontas.

Airteagal 93

Feidhmiú an Bhoird Rialaithe

1.  
De mhaolú ar Airteagal 16(4), déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an mBord Rialaithe, thar ceann an Aontais.
2.  
Beidh 50 % de na cearta vótála ag na comhaltaí eile seachas an tAontas i dteannta a chéile.
3.  
Tabharfar cuireadh d’ionadaithe ó Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus ó Chomhairle Chomhairleach um Thaighde Iarnróid na hEorpa (ERRAC) freastal ar chruinnithe an Bhoird Rialaithe mar bhreathnóirí agus páirt a ghlacadh ina phléití, ach ní bheidh aon chearta vótála acu.
4.  
De mhaolú ar Airteagal 16(1) maidir le gníomhaíochtaí atá le déanamh faoin gColún Córasach, measfar cinntí a bheith glactha le tromlach 55 % ar a laghad de na vótaí, lena n-áirítear vótaí na n-ionadaithe atá as láthair.
5.  
I dteannta Airteagal 16(5), tiocfaidh an Bord Rialaithe le chéile uair amháin in aghaidh na bliana ag comhthionól ginearálta agus tabharfar cuireadh do gach rannpháirtí de chuid ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa freastal ar an gcruinniú sin. Spreagfaidh an comhthionól machnamh ar threo foriomlán ghníomhaíochtaí an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa a fhad a dhéantar idirphlé oscailte agus trédhearcach ar chur chun feidhme an Mháistirphlean.

Airteagal 94

Cúraimí breise an Bhoird Rialaithe

Anuas ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 17, déanfaidh Bord Rialaithe an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa na cúraimí seo a leanas:

(a) 

an Máistirphlean agus aon togra dá leasú a ghlacadh;

(b) 

cláir oibre a ghlacadh, lena n-áirítear buiséad agus plean cur chun feidhme, don Cholún Córasach agus a leasuithe bunaithe ar mholtaí arna ndéanamh ag an ngrúpa stiúrtha don Cholún Córasach agus ar thograí ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Airteagal 95

Grúpa ionadaithe na stát

I dteannta Airteagal 20, áiritheoidh na Ballstáit go gcuireann a n-ionadaithe seasamh comhordaithe i láthair lena léirítear tuairimí na mBallstát mar a nochtar iad sna coistí seo a leanas:

(a) 

an coiste a bhunaítear faoi Airteagal 51 de Threoir (AE) 2016/797;

(b) 

Coiste an Chláir faoi fhoirmíocht Fís Eorpach “Aeráid, Fuinneamh agus Soghluaisteacht”;

(c) 

an Coiste um Limistéar Aonair Iarnróid Eorpach, a bhunaítear faoi Airteagal 62 de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 ).

Airteagal 96

An grúpa stiúrtha don Cholún Córasach

1.  
Beidh an grúpa stiúrtha don Cholún Chórasach ina chomhlacht comhairleach de chuid Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa a mbeidh de chúram air comhairle a thabhairt faoi shaincheisteanna a bhaineann leis an gColún Córasach.
2.  
Beidh an grúpa stiúrtha don Cholún Córasach comhdhéanta d’ionadaithe ón gCoimisiún, ionadaithe ar an earnáil iarnróid agus soghluaisteachta agus ar eagraíochtaí ábhartha, Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa, cathaoirleach ghrúpa ionadaithe na stát agus ionadaithe ó Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus ó ERRAC. Déanfaidh an Coimisiún an cinneadh críochnaitheach maidir le comhdhéanamh an Ghrúpa. I gcás ina bhfuil údar cuí leis, féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do shaineolaithe agus páirtithe geallsealbhóirí breise chun freastal ar chruinnithe de chuid an ghrúpa stiúrtha don Cholún Córasach mar bhreathnóirí. Tabharfaidh grúpa stiúrtha don Cholún Córasach tuairisc go tráthrialta do ghrúpa ionadaithe na stát maidir lena chuid gníomhaíochtaí.
3.  
Déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an ngrúpa stiúrtha don Cholún Córasach.
4.  
Déanfar moltaí an ghrúpa stiúrtha don Cholún Córasach a ghlacadh de chomhthoil. I gcás nach dtagtar ar comhthoil, ullmhóidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa tuarascáil don Bhord Rialaithe, i gcomhairle le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus leis an gCoimisiún, ina n-achoimrítear na príomhphointí comhchoiteanna agus na tuairimí nach n-aontaítear orthu. Sa chás sin, ullmhóidh grúpa ionadaithe na stát tuairim don Bhord Rialaithe freisin.
5.  
Glacfaidh an grúpa stiúrtha don Cholún Córasach a rialacha nós imeachta féin.
6.  

Beidh an grúpa stiúrtha don Cholún Córasach freagrach as comhairle a sholáthar don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus don Bhord Rialaithe maidir le haon cheann de na hábhair seo a leanas:

(a) 

an cur chuige maidir le comhchuibhiú oibríochtúil agus forbairt ailtireachta córais, lena n-áirítear maidir leis an gcuid ábhartha den Mháistirphlean;

(b) 

an cuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 85(2), pointe (c), a chur i gcrích;

(c) 

an cúram a leagtar amach in Airteagal 84(5), pointe (a) a dhéanamh;

(d) 

an plean cur chun feidhme mionsonraithe bliantúil don Cholún Córasach i gcomhréir leis na cláir oibre a ghlacann an Bord Rialaithe i gcomhréir le hAirteagal 94, pointe (b);

(e) 

faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn an Cholúin Chórasaigh.

Airteagal 97

An Grúpa Imscartha

1.  
Bunófar an Grúpa Imscartha de bhun Airteagal 22. Is é an ról a bheidh ag an nGrúpa Imscartha comhairle a chur ar an mBord Rialaithe maidir le glacadh margaidh na nuálaíochta iarnróid a forbraíodh faoin gComhghnóthas um Iarnród na hEorpa agus chun tacú le himscaradh na réiteach nuálach.
2.  
Beidh deis isteach sa Ghrúpa Imscartha ag na geallsealbhóirí go léir. Áireofar béim théamach agus ionadaíochas iomchuí le comhdhéanamh an Ghrúpa Imscartha. Déanfaidh an Coimisiún an cinneadh críochnaitheach maidir le comhdhéanamh an Ghrúpa. Foilseofar an liosta comhaltaí ar shuíomh gréasáin an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa.
3.  
Soláthróidh an Grúpa Imscartha moltaí maidir le saincheisteanna a bhaineann le himscaradh na réiteach nuálach iarnróid ar iarraidh ón mBord Rialaithe. Féadfaidh an Grúpa Imscartha moltaí a eisiúint ar a thionscnamh féin freisin.

Airteagal 98

Comhar le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh

Áiritheoidh an Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa dlúthchomhar le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh, go háirithe maidir le cur chun feidhme an Mháistirphlean. De bhun Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 13 ), cuimseofar leis an gcomhar sin na cúraimí comhairleacha seo a leanas:

(a) 

ionchur ar riachtanais taighde a bhaineann le Limistéar Eorpach Iarnróid Aonair a bhaint amach a bhreithneoidh an Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa sa Mháistirphlean agus a leasuithe agus sna cláir oibre;

(b) 

aiseolas agus comhairle ar idir-inoibritheacht agus sábháilteacht a bhreithneofar sna gníomhaíochtaí taighde nuálaíochta agus, níos sonraí, i gcomhthéacs gníomhaíochtaí agus torthaí tionscadail le haghaidh na gcuspóirí a shainaithnítear in Airteagal 86(5), pointe (a);

(c) 

tacú leis an gComhghnóthas um Iarnród na hEorpa chun riachtanais le haghaidh aon bhailíochtú breise nó aon staidéar a dtugann sé faoi a shainaithint, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht na n-údarás sábháilteachta náisiúnta;

(d) 

comhairle a chur ar fáil a mhéid a bhaineann leis an gColún Córasach;

(e) 

a áirithiú go gcuirtear taithí agus aiseolas ar STI nó caighdeáin san áireamh nuair atá sonraíochtaí, lena n-áirítear comhéadain, sonraíochtaí riachtanas feidhmiúil agus sonraíochtaí riachtanas córasach á bhforbairt.

TEIDEAL V

COMHGHNÓTHAS SHLÁINTE DHOMHANDA EDCTP3

Airteagal 99

Cuspóirí breise Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCPT3

1.  

Anuas ar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 agus Airteagal 5, beidh na cuspóirí ginearálta seo a leanas ag Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3:

(a) 

rannchuidiú leis an ualach socheacnamaíoch a ghabhann le galair thógálacha san Afraic Fho-Shahárach a laghdú trí fhorbairt agus glacadh teicneolaíochtaí sláinte nua nó feabhsaithe a chur chun cinn;

(b) 

rannchuidiú le méadú na slándála sláinte san Afraic Fho-Shahárach agus ar fud an domhain trí neartú a dhéanamh ar na hacmhainneachtaí atá bunaithe ar thaighde agus nuálaíocht i ndáil le hullmhacht agus freagairt chun galair thógálacha a rialú.

2.  

Beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 freisin:

(a) 

forbairt agus úsáid teicneolaíochtaí sláinte nua agus feabhsaithe chun dul i ngleic le galair thógálacha a chur chun cinn trí thacú le stiúradh trialacha cliniciúla san Afraic Fho-Shahárach;

(b) 

acmhainneacht taighde agus nuálaíochta agus na córais náisiúnta taighde sláinte san Afraic Fho-Shahárach chun dul i ngleic le galair thógálacha a neartú;

(c) 

ailíniú níos fearr idir Ballstáit na tíortha comhlachaithe agus tíortha Fo-Shaháracha bunaithe ar Chlár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht coiteann i réimse na sláinte domhanda a éascú chun cost-éifeachtúlacht infheistíochtaí poiblí na hEorpa a mhéadú;

(d) 

acmhainneacht i leith ullmhacht eipidéime a neartú san Afraic Fho-Shahárach trí fhreagairt éifeachtach tapa taighde chun feistí diagnóiseacha, vacsaíní agus teiripic fhíor-riachtanach a fhorbairt chun galair atá ag teacht chun cinn a mbaineann baol eipidéime leo a bhrath go luath agus a rialú;

(e) 

líonrú agus comhpháirtíochtaí tairbhiúla agus inbhuanaithe i réimse an taighde sláinte domhanda a chur chun cinn, ag tógáil caidreamh Thuaidh–Theas agus Theas-Theas le neart eagraíochtaí príobháideacha agus earnála poiblí.

Airteagal 100

Cúraimí breise Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3

Anuas ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 5, déanfaidh Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 na cúraimí seo a leanas:

(a) 

caidrimh thairbhiúla a chothú idir daoine, grúpaí agus institiúidí Eorpacha agus Afracacha;

(b) 

feasacht a ardú faoi leasanna coiteanna agus spriocanna comhroinnte idir institiúidí agus grúpaí taighde chun comhar tionscadal agus institiúidí a éascú agus a neartú;

(c) 

rannchuidiú le hailíniú straitéisí sláinte domhanda cisteoirí, institiúidí agus údarás Eorpach agus Afracach a éascú;

(d) 

infheistíocht bhreise a mhealladh lena n-áirítear chomhpháirtithe ón earnáil phríobháideach, ón earnáil phoiblí agus ón earnáil charthanachta;

(e) 

sineirgí, comhoibriú agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta arna bunú le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 ), a chur chun cinn, go háirithe maidir le fothú acmhainní agus comhroinnt saoráidí agus bonneagar.

Airteagal 101

Comhaltaí

Is iad comhaltaí Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3:

(a) 

an tAontas, a mbeidh an Coimisiún mar ionadaí dó;

(b) 

Comhlachas EDCTP, eagraíocht neamhbhrabúsach atá cláraithe faoi dhlí na hÍsiltíre, ar fhógra a thabhairt maidir lena chinneadh aontú do chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 á fhógairt aige trí bhíthin litir ghealltanais, nach mbeidh coinníollacha inti maidir lena aontachas seachas na coinníollacha sin a leagtar amach sa Rialachán seo.

Airteagal 102

Rannchuidiú airgeadais ón Aontas

Suas le EUR 800 000 000 , lena n-áirítear suas le EUR 59 756 000 le haghaidh costais riaracháin, a bheidh i ranníocaíocht airgeadais an Aontais le Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3, leithreasuithe LEE san áireamh, chun costais riaracháin agus costais oibriúcháin a chumhdach, agus beidh an méid seo a leanas mar chuid de:

(a) 

suas le EUR 400 000 000 , ar choinníoll go bhfuil ranníocaíocht na gcomhaltaí seachas an tAontas, nó a gcomheintiteas nó a n-eintitis chleamhnaithe, cothrom leis an méid sin ar a laghad;

(b) 

suas le EUR 400 000 000 , ar choinníoll go bhfuil ranníocaíochtaí ó chomhpháirtithe rannchuidithe, nó óna gcomheintitis nó óna n-eintitis chleamhnaithe, cothrom leis an méid sin ar a laghad.

I gcás nach gcomhlíonfar an coinníoll faoi phointe (b), méadófar an méid faoi phointe (a) suas le EUR 400 000 000 , ar choinníoll go ndéanfar an méid iomlán lena méadaítear é a mheaitseáil ar a laghad leis an ranníocaíocht ó chomhaltaí eile seachas an tAontas, nó a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe, mar a leagtar amach in Airteagal 103(1).

Airteagal 103

Ranníocaíochtaí ó chomhaltaí seachas an tAontas

1.  
Déanfaidh comhaltaí Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 seachas an tAontas ranníocaíocht iomlán nó socróidh siad go ndéanfaidh a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe ranníocaíocht iomlán EUR 439 878 000 ar a laghad sa tréimhse a leagtar amach in Airteagal 3.
2.  
Cuimseofar sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na ranníocaíochtaí le Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 mar a leagtar síos in Airteagal 11(1). De mhaolú ar Airteagal 11(1), féadfaidh na ranníocaíochtaí sin a bheith ina ranníocaíochtaí airgeadais.

Airteagal 104

Raon feidhme gníomhaíochtaí breise

1.  
Forbróidh Comhlachas EDCTP agus a chomheintitis nó a eintitis chleamhnaithe gníomhaíochtaí breise Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 agus cuirfidh sé chun feidhme iad ar bhealach ailínithe, comhtháite agus comhleanúnach agus leanfaidh siad Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht Shláinte Dhomhanda EDCTP3.
2.  

Chun críoch Airteagal 11(1), pointe (b), féadfar a áireamh ar ghníomhaíochtaí breise gníomhaíochtaí a bhfuil nasc díreach acu le gníomhaíochtaí Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 agus a chuireann lena chuspóirí, lena n-áirítear iad seo a leanas:

(a) 

gníomhaíochtaí de chomheintitis nó eintitis chleamhnaithe Chomhlachas EDCTP ailínithe le gníomhaíochtaí comhchosúla ó chomheintitis eile Chomhlachas EDCTP nó ó eintitis chleamhnaithe Chomhlachas EDCTP agus bainistíocht neamhspleách á déanamh orthu i gcomhréir le rialacha cistithe náisiúnta;

(b) 

gníomhaíochtaí cur chun feidhme a dhéanann eagraíochtaí taighde rialtais thíortha na hAfraice Fo-Shaháraí;

(c) 

gníomhaíochtaí a chuireann líonrú agus comhpháirtíochtaí chun cinn ag tógáil caidreamh le neart eagraíochtaí san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí;

(d) 

tacaíocht d’fhorbairt bonneagar taighde amhail líonraí trialach cliniciúla nó cohóirt a bhaineann le raon feidhme Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3, agus tacaíocht d’ullmhacht na gcóras sláinte a neartú chun gníomhaíochtaí taighde a dhéanamh laistigh de raon feidhme Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3.

Airteagal 105

Comhlachtaí Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3

Is iad comhlachtaí Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3:

(a) 

an Bord Rialaithe;

(b) 

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(c) 

an Coiste Eolaíoch;

(d) 

an grúpa geallsealbhóirí.

Airteagal 106

Comhdhéanamh an Bhoird Rialaithe

Beidh na comhaltaí seo a leanas ar an mBord Rialaithe:

(a) 

seisear ionadaithe de chuid an Choimisiúin, thar ceann an Aontais;

(b) 

seisear ionadaithe ar Chomhlachas EDCTP.

Airteagal 107

Feidhmiú an Bhoird Rialaithe

Beidh 50 % de na cearta vótála ag Comhlachas EDCTP.

Airteagal 108

An Coiste Eolaíoch

1.  
De bhun Airteagal 21(1), pointe (a), is comhlacht comhairleach eolaíochta Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 a bheidh sa Choiste Eolaíoch.
2.  
De bhreis ar Airteagal 21(2), áiritheoidh an Coiste Eolaíochta go gcuirfear saineolas eolaíoch ó thíortha na hAfraice san áireamh.
3.  

Anuas ar na cúraimí a liostaítear in Airteagal 21, déanfaidh an Coiste Eolaíoch na cúraimí seo a leanas:

(a) 

cuidiú le dearadh agus pleanáil straitéiseach agus eolaíochta ghníomhaíochtaí Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3;

(b) 

comhairle a thabhairt maidir le straitéisí chun sineirgí agus comhpháirtíochtaí a chothú leis na geallsealbhóirí uile;

(c) 

rannchuidiú le hullmhú doiciméad straitéiseach agus doiciméid eolaíochta atá ábhartha do Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3, mar is gá;

(d) 

comhairle straitéiseach agus eolaíochta a sholáthar do Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 agus cur i gcrích rathúil na dtionscadal reatha a áirithiú;

(e) 

riachtanais agus tosaíochtaí a aithint chun dlús a chur le forbairt idirghabhálacha nua nó feabhsaithe, lena n-áirítear an oiliúint, líonrú agus tógáil acmhainneachtaí is gá a dhéanamh chun na cuspóirí sin a bhaint amach;

(f) 

athbhreithniú a dhéanamh ar thírdhreach na ngalar a bhaineann le bochtaineacht agus na ngalar a ndéantar siléig iontu chun ról Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 a aithint i gcomhpháirtíocht le geallsealbhóirí eile chun dlús a chur le forbairt nó feabhsú idirghabhálacha in aghaidh na ngalar sin;

(g) 

measúnú a dhéanamh ar staid conairí forbartha táirgí domhanda agus ar na deiseanna conairí criticiúla le haghaidh forbairt táirgí amach anseo;

(h) 

comhairle a sholáthar maidir leis an athbhreithniú a dhéanfar ar aon ghlao ar thograí agus cláir eile;

(i) 

tacaíocht agus ionchur a chur ar fáil do chreat faireacháin agus meastóireachta Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3, chomh maith le monatóireacht a dhéanamh ar thorthaí eolaíochta agus ar thionchair straitéiseacha na ndeontas atá cistithe ag Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3;

(j) 

comhairle agus cúnamh a thabhairt agus a bheith rannpháirteach i meithleacha Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3, cruinnithe geallsealbhóirí, Fóram EDCTP agus in imeachtaí eile.

4.  
Ullmhóidh an cathaoirleach tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí agus gnóthachain an Choiste Eolaíochta sa bhliain roimhe agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Rialaithe í lena formheasadh.

Airteagal 109

An grúpa geallsealbhóirí

1.  
Beidh ionadaíocht chothrom sa ghrúpa geallsealbhóirí ar gheallsealbhóirí ó thaobh na tíreolaíochta, téamaí agus na hinscne de, lena n-áirítear go háirithe saineolas Afracach.
2.  

Anuas ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 22, déanfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí na cúraimí seo a leanas freisin:

(a) 

ionchur a sholáthar ar na tosaíochtaí eolaíochta, straitéiseacha agus teicneolaíocha a rachaidh Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 i ngleic leo mar a leagtar síos sa Chlár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht nó i ndoiciméad comhionann eile, ag tabhairt aird chuí ar dhul chun cinn agus riachtanais na Sláinte Domhanda in earnálacha cóngaracha;

(b) 

moltaí a sholáthar chun cothú sineirgí nithiúla idir Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 agus na hearnálacha cóngaracha nó aon earnáil lena measfar go mbainfidh breisluach a éascú;

(c) 

ionchur a sholáthar d’Fhóram EDCTP.

Airteagal 110

Incháilitheacht le haghaidh cistiúcháin

1.  
I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den Rialachán maidir le Fís Eorpach agus de mhaolú ar Airteagal 23(1) de, beidh cistiú ó Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 teoranta d’eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i mBallstáit nó i dtíortha comhlachaithe nó i gcomhstáit Chomhlachas EDCTP. I gcásanna eisceachtúla agus má fhoráiltear dó sa chlár oibre, d’fhéadfadh eintitis atá bunaithe i stáit eile a bheith incháilithe chun cistiú a fháil ó Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 le haghaidh ábhar glaonna sonracha freisin nó i gcás glao ina dtéitear i ngleic le héigeandáil sláinte poiblí.
2.  
Féachfaidh an tAontas le comhaontuithe a chur i gcrích le tríú tíortha a éascaíonn leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Sula gcuirtear i gcrích iad, agus d’fhonn leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, i gcás ina bhfuil eintitis atá bunaithe i dtríú tír gan comhaontú den sórt sin rannpháirteach le cistiú i ngníomhaíocht indíreach, bunófar comhordaitheoir airgeadais na gníomhaíochta indírí i mBallstát nó i dtír chomhlachaithe, déanfar an méid réamh-mhaoinithe a oiriúnú agus tabharfar aird chuí ar na rioscaí airgeadais i bhforálacha dliteanais an chomhaontaithe deontais.

Airteagal 111

Rannpháirtithe sainaitheanta

Féadfaidh rannpháirtíocht eintiteas a shainaithníonn Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 a bheith mar chritéir incháilitheachta sa ghlao ar thograí. Beidh údar cuí leis sa chlár oibre agus féadfaidh sé sin foráil a dhéanamh nach mbeidh rannpháirtithe sainaitheanta den sórt sin incháilithe chun cistiú a fháil ó Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 faoi na gníomhaíochtaí indíreacha sainaitheanta.

Airteagal 112

Prionsabail eiticiúla

Cuirfear na trialacha cliniciúla agus an taighde cur chun feidhme a dhéanfar faoi Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 chun feidhme i gcomhréir le prionsabail bhunúsacha eitice, caighdeáin rialála idirnáisiúnta shainaitheanta agus dea-chleachtais rannpháirtíochta.

Airteagal 113

Comhar leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú

Áiritheoidh Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 dlúthchomhar leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, agus le gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí Afracacha ábhartha.

Airteagal 114

Rochtain inacmhainne

Áiritheoidh rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí indíreacha atá cistithe ag Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3, maidir leis na táirgí agus na seirbhísí a fhorbraíonn siad bunaithe nó bunaithe i bpáirt ar thorthaí staidéar cliniciúil arna ndéanamh mar chuid de ghníomhaíocht indíreach, go bhfuil na táirgí agus na seirbhísí sin inacmhainne, ar fáil agus inrochtana don phobal de réir coinníollacha cothroma réasúnta. Chun na críche sin, i gcás inarb ábhartha, sonrófar sa chlár oibre na hoibleagáidí saothraithe breise is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí indíreacha sonracha.

TEIDEAL VI

COMHGHNÓTHAS AN TIONSCNAIMH UM SHLÁINTE NUÁLACH

Airteagal 115

Cuspóirí breise an Chomhghnóthais um Shláinte Nuálach

1.  

Anuas ar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 agus Airteagal 5, beidh ar Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach na cuspóirí ginearálta seo a leanas a bhaint amach faoi 2030:

(a) 

rannchuidiú le héiceachóras taighde agus nuálaíochta sláinte ar fud an Aontais a éascaíonn aistriú eolas eolaíochta ina nuálaíochtaí, go háirithe ag seoladh 30 tionscadal trasearnála ar scála mór a dhíríonn ar nuálaíochtaí sláinte;

(b) 

forbairt nuálaíochtaí sábháilte, éifeachtacha, duinelárnacha, costéifeachtúla a fhreagraíonn do riachtanais straitéiseacha sláinte poiblí nach gcomhlíontar go fóill a chothú, ag léiriú, i gcúig shampla ar a laghad, féidearthacht táirgí nó seirbhísí cúraim sláinte a chomhtháthú, le hoiriúnacht léirithe i gcomhar ghlacadh na gcóras sláinte. Ba cheart do na tionscadail ghaolmhara dul i ngleic le cosc, diagnóis, cóireáil nó bainistíocht galar a dhéanann difear do dhaonra an Aontais, lena n-áirítear rannchuidiú le Plean na hEorpa um Shárú na hAilse;

(c) 

nuálaíocht trasearnála a spreagadh le haghaidh tionscal sláinte Eorpach iomaíoch, agus cur le cuspóirí faoin Straitéis Nua Thionsclaíoch don Eoraip agus an Straitéis Cógaisíochta don Eoraip.

2.  

Beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach freisin:

(a) 

rannchuidiú chun tuiscint níos fearr a fháil ar na nithe is cinntithigh le sláinte agus réimsí tosaíochtaí galair;

(b) 

iarrachtaí scoilte taighde agus nuálaíochta sláinte a chomhtháthú ag tabhairt earnálacha tionscal sláinte agus geallsealbhóirí eile le chéile, ag díriú ar riachtanais sláinte poiblí nach gcomhlíontar go fóill, chun forbairt uirlisí, sonraí, ardán, teicneolaíochtaí agus próiseas a éascú i gcomhair réamhaisnéis, cosc, idircheapadh, diagnóis, cóireáil agus bainistíocht níos fearr galar, ag freastal ar riachtanais na n-úsáideoirí deiridh;

(c) 

féidearthacht na réiteach cúraim sláinte duinelárnach agus comhtháite a léiriú;

(d) 

an acmhainneacht iomlán a bhaineann le digiteáil agus malartú sonraí i gcúram sláinte a shaothrú;

(e) 

forbairt modheolaíochtaí agus samhlacha nua agus feabhsaithe a éascú le haghaidh measúnú cuimsitheach ar bhreisluach na réiteach cúraim sláinte nuálach agus comhtháite.

Airteagal 116

Cúraimí breise Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach

Anuas ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 5, déanfaidh Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach na cúraimí seo a leanas:

(a) 

comhar dlúth agus fadtéarmach a chothú idir an tAontas, comhaltaí eile, comhpháirtithe rannchuidithe, agus geallsealbhóirí eile atá rannpháirteach i gcúram sláinte agus i dtionscail ábhartha eile, údaráis chúraim shláinte (amhail comhlachtaí rialála, comhlachtaí measúnaithe teicneolaíochta sláinte agus íocóirí), eagraíochtaí othar, gairmithe agus soláthróirí cúraim shláinte, chomh maith leis an saol acadúil;

(b) 

tacú le taighde agus nuálaíocht sláinte réamhiomaíoch, go háirithe gníomhaíochtaí a thugann le chéile eintitis ó roinnt earnálacha i dtionscal an chúraim sláinte chun comhoibriú ar réimsí riachtanas poiblí nach bhfreastalaítear orthu go fóill;

(c) 

a áirithiú gur féidir le gach geallsealbhóir réimsí a mholadh le haghaidh glaonna ar thograí sa todhchaí;

(d) 

athbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta agus na leasuithe is gá a dhéanamh ar Chlár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach i bhfianaise na bhforbairtí eolaíochta a thagann chun cinn le linn a chur chun feidhme nó i bhfianaise na riachtanas sláinte poiblí a thagann chun cinn;

(e) 

faisnéis ar na tionscadail, lena n-áirítear eintitis rannpháirtithe agus méid ranníocaíochta airgeadais Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach agus ranníocaíochtaí comhchineáil geallta in aghaidh gach rannpháirtí a fhoilsiú;

(f) 

cumarsáid thráthrialta a eagrú, lena n-áirítear cruinniú bliantúil amháin ar a laghad le leasghrúpaí agus lena gheallsealbhóirí chun oscailteacht agus trédhearcacht ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach a áirithiú;

(g) 

aon chúram eile is gá chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 115 a bhaint amach.

Airteagal 117

Comhaltaí

Beidh na comhaltaí seo a leanas ag Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach:

(a) 

an tAontas, a mbeidh an Coimisiún mar ionadaí dó;

(b) 

an Coiste Eorpach Comhordúcháin den Tionscal TF Raideolaíoch, Leictrimhíochaine agus Cúraim Sláinte (COCIR) atá cláraithe faoi dhlí na Beilge, Cónaidhm Eorpach na dTionscal agus na gCumann Cógaisíochta, lena n-áirítear a fhoghrúpa Vaccines Europe, atá cláraithe faoi dhlí Lucsamburg, EuropaBio atá cláraithe faoi dhlí na Beilge agus MedTech Europe atá cláraithe faoi dhlí na Beilge, ar fhógra a thabhairt maidir lena gcinntí faoi seach aontú don Chomhghnóthas um Shláinte Nuálach trí bhíthin litir ghealltanais nach mbeidh coinníollacha inti maidir lena n-aontachas seachas na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo;

(c) 

na comhaltaí comhlachaithe atá le roghnú i gcomhréir le hAirteagal 7.

Airteagal 118

Ranníocaíocht airgeadais ón Aontas

Suas le EUR 1 200 000 000 , lena n-áirítear suas le EUR 30 212 000 le haghaidh costais riaracháin, a bheidh i ranníocaíocht airgeadais an Aontais le Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach, leithreasuithe LEE san áireamh, chun costais riaracháin agus costais oibriúcháin a chumhdach, agus beidh an méid seo a leanas mar chuid de:

(a) 

suas le EUR 1 000 000 000 , ar choinníoll go meaitseálann ranníocaíocht na gcomhaltaí seachas an tAontas, nó a chomheintitis nó a eintitis chleamhnaithe, an méid sin;

(b) 

suas le EUR 200 000 000 , ar choinníoll go meaitseálann na ranníocaíochtaí breise ó chomhpháirtithe rannchuidithe, nó óna gcomheintitis, an méid sin.

Airteagal 119

Ranníocaíochtaí ó chomhaltaí seachas an tAontas

1.  
Déanfaidh comhaltaí Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach seachas an tAontas ranníocaíocht iomlán nó socróidh siad go ndéanfaidh a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe ranníocaíocht iomlán EUR 1 000 000 000 ar a laghad, lena n-áirítear suas le EUR 30 212 000 le haghaidh costais riaracháin, sa tréimhse a leagtar amach in Airteagal 3.
2.  
Ní sháróidh ranníocaíochtaí comhchineáil le haghaidh gníomhaíochtaí breise níos mó ná 40 % de ranníocaíochtaí comhchineáil ó chomhaltaí seachas an tAontas, ar leibhéal chlár Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach.
3.  
Ranníocaíochtaí arna soláthar ag rannpháirtithe i gcomhair gníomhaíochtaí indíreacha atá cistithe ag Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach, is é a bheidh iontu 45 % ar a laghad de chostais incháilithe de chuid gníomhaíochta indírí agus de chostais a gníomhaíochtaí gaolmhara breise. I gcás ina bhfuil údar cuí leis, féadfaidh an clár oibre cion ionadaithe níos ísle ranníocaíochtaí a cheadú ar leibhéal gníomhaíochta indírí aonair agus a ghníomhaíochtaí breise gaolmhara.
4.  
Tabharfar údar le costais a thabhaítear i ngníomhaíochtaí indíreacha i dtríú tíortha seachas tíortha atá comhlachaithe le Fís Eorpach agus beidh siad ábhartha do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 115. Ní sháróidh siad 20 % de na ranníocaíochtaí comhchineáil le costais oibriúcháin a sholáthair comhaltaí seachas an tAontas agus comhpháirtithe rannchuidithe ar leibhéal cláir Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach. Ní mheasfar costais a sháraíonn 20 % de na ranníocaíochtaí comhchineáil chuig costais oibriúcháin ar leibhéal cláir Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach a bheith mar ranníocaíochtaí comhchineáil le costais oibriúcháin.
5.  
I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh cláir oibre Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach teorannacha sonracha a leagan amach le haghaidh ranníocaíochtaí comhchineáil le costais oibriúcháin a thabhaítear i dtríú tíortha seachas tíortha atá comhlachaithe le Fís Eorpach ar leibhéal gníomhaíochta indírí. Cuirfear na cuspóirí agus an tionchar a bheartaítear leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann san áireamh sna cinntí a dhéanfar maidir le teorannacha sonracha den sórt sin agus ní bheidh sárú ar an uasteorainn a leagtar amach i mír 4 ar leibhéal cláir an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach mar thoradh orthu.

Airteagal 120

Coinníollacha a bhaineann le gníomhaíochtaí breise

1.  

Chun críoch Airteagal 11(1), pointe (b), tabharfar faoi ghníomhaíochtaí breise san Aontas nó i dtíortha atá comhlachaithe le Fís Eorpach agus d’fhéadfadh na gníomhaíochtaí seo a leanas a bheith san áireamh leo:

(a) 

gníomhaíochtaí a chuidíonn le cuspóirí gníomhaíochtaí indíreacha atá cistithe ag Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach a bhaint amach;

(b) 

gníomhaíochtaí a chuidíonn le scaipeadh, inbhuaine nó saothrú torthaí gníomhaíochtaí indíreacha atá cistithe ag Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach.

2.  
I gcás inarb ábhartha, beidh plean le haghaidh a ngníomhaíochtaí breise gaolmhara mar chuid de na tograí tionscadal. Ní mór costais a bhaineann le gníomhaíochtaí breise den sórt sin a bhaineann go sonrach le tionscadal a thabhú idir an dáta a cuireadh isteach an togra agus 2 bhliain tar éis dháta críochnaithe na gníomhaíochta indírí.
3.  
Ionas go bhféadfar na costais a chur san áireamh mar ranníocaíochtaí comhchineáil dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b), tabharfar faoi na gníomhaíochtaí breise foluiteacha san Aontas nó i dtíortha atá comhlachaithe le Fís Eorpach.

Airteagal 121

Comhlachtaí Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach

Is iad Comhlachtaí Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach:

(a) 

an Bord Rialaithe;

(b) 

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(c) 

grúpa ionadaithe na stát;

(d) 

an Painéal Eolaíochta agus Nuálaíochta.

Airteagal 122

Comhdhéanamh an Bhoird Rialaithe

Beidh na comhaltaí seo a leanas ar an mBord Rialaithe:

(a) 

ceathrar ionadaithe de chuid an Choimisiúin, thar ceann an Aontais;

(b) 

ionadaí amháin in aghaidh gach comhalta seachas an tAontas.

Airteagal 123

Feidhmiú an Bhoird Rialaithe

Beidh 50 % de na cearta vótála ag na comhaltaí eile seachas an tAontas i dteannta a chéile.

Airteagal 124

An Painéal Eolaíochta agus Nuálaíochta

1.  
Cuirfidh an Painéal Eolaíochta agus Nuálaíochta comhairle ar an mBord Rialaithe maidir le cúrsaí a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach agus i gcomhréir le hAirteagal 21.
2.  

Beidh na painéalaithe buana seo a leanas ar an bPainéal Eolaíochta agus Nuálaíochta:

(a) 

beirt ionadaithe de chuid an Choimisiúin, thar ceann an Aontais;

(b) 

ceathrar ionadaithe ó gach ceann de na comhaltaí seachas an tAontas;

(c) 

beirt ionadaithe ó ghrúpa ionadaithe na stát;

(d) 

ceathrar ionadaithe ón bpobal eolaíochta, agus iad ceaptha ag an mBord Rialaithe tar éis próiseas roghnúcháin oscailte i gcomhréir le hAirteagal 21(4);

(e) 

suas le seisear painéalaithe buana eile, agus iad ceaptha ag an mBord Rialaithe tar éis próiseas roghnúcháin oscailte chun Airteagal 21(4) a chur chun feidhme, ag áirithiú ionadaíocht chuí ar gheallsealbhóirí atá páirteach sa chúram sláinte go háirithe, ag cumhdach go háirithe na hearnála poiblí, lena n-áirítear comhlachtaí rialála, othair agus úsáideoirí deiridh go ginearálta.

3.  
Féadfaidh na painéalaithe buana dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), pointe (b) agus pointe (c), cuireadh a thabhairt do phainéalaithe ad hoc, i gcás inarb iomchuí, chun ábhair shonracha a phlé. Féadfaidh siad cuireadh ar bhonn comhpháirteach a thabhairt do sheisear painéalaithe ad hoc ar a mhéad le haghaidh gach cruinnithe.

Tabharfar cuireadh do phainéalaithe ad hoc den sórt sin bunaithe ar a saineolas eolaíoch nó teicniúil ar na hábhair atá le plé ag cruinnithe ar leith nó ag cur an ghá le sineirgí a chruthú le cláir thaighde eile san áireamh.

Is go chomhthoiliúil a thabharfaidh na painéalaithe buana dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), pointe (b) agus pointe (c) cuireadh do phainéalaithe ad hoc. Cuirfidh siad a gcinntí in iúl don Bhord Rialaithe, grúpa ionadaithe na stát agus do na painéalaithe buana eile.

4.  

I dteannta Airteagal 21(7), cuirfidh an Painéal Eolaíochta agus Nuálaíochta comhairle ar fáil don Bhord Rialaithe, ar iarraidh uaidh nó ar a thionscnamh féin, maidir le cúrsaí eolaíochta agus teicneolaíochta a bhaineann le cuspóirí Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach, agus faoi na hábhair seo a leanas go háirithe:

(a) 

tosaíochtaí eolaíocha, lena n-áirítear i gcomhthéacs an Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht a thabhairt cothrom le dáta;

(b) 

an dréachtchlár oibre, lena n-áirítear ábhar na nglaonna ar thograí;

(c) 

pleanáil gníomhaíochtaí breise comhaltaí seachas an tAontas dá dtagraítear in Airteagal 120;

(d) 

bunú grúpaí comhairleacha a bheidh dírithe ar thosaíochtaí eolaíocha sonracha i gcomhréir le hAirteagal 17(2), pointe (x), agus tar éis próiseas roghnúcháin oscailte dá gcomhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 21(4);

(e) 

cruthú sineirgí le gníomhaíochtaí eile de chuid Fís Eorpach, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí Eorpacha eile, chomh maith le cláir cistiúcháin eile an Aontais agus cláir cistiúcháin náisiúnta.

5.  
De bhreis ar Airteagal 21(5), toghfaidh an Painéal Eolaíochta agus Nuálaíochta a chathaoirleach as measc na n-ionadaithe dá bhforáiltear i mír 2, pointe (d), den Airteagal seo.

Airteagal 125

Na coinníollacha is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí indíreacha

1.  
Chun críoch an Rialacháin seo, déanfar riachtanas poiblí nach bhfreastalaítear air go fóill a shainmhíniú mar riachtanas nach dtéann córais cúraim sláinte i ngleic leis faoi láthair ar chúiseanna soláthair nó rochtana, mar shampla i gcás nach bhfuil modh sásúil diagnóise, coisc, nó cóireála ann i gcomhair fadhb shláinte nó i gcás ina bhfuil rochtain theoranta ag daoine ar chúram sláinte mar gheall ar an gcostas a bhaineann leis, an t-achar idir an duine agus na saoráidí sláinte nó amanna feithimh. Tagraíonn duinelárnach do chur chuige i leith cúraim a ghlacann go comhfhiosach le dearcthaí daoine aonair, cúramóirí, teaghlach agus pobal agus meastar iad a bheith mar rannpháirtithe chomh maith le tairbhithe na gcóras cúraim sláinte a eagraítear timpeall a riachtanas agus a roghanna féin seachas timpeall galair aonair.
2.  
D’fhéadfadh go mbeadh staidéir chliniciúla ina léirítear riachtanas poiblí nach bhfreastalaítear air go fóill sa réimse spriocdhírithe nó san úsáid bheartaithe, a dhéanann difear suntasach do nó bagairt ar dhaonra an Aontais, san áireamh le gníomhaíochtaí indíreacha atá cistithe ag Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach.
3.  
Ní mór do rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí indíreacha atá cistithe ag Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach a áirithiú, maidir leis na táirgí agus na seirbhísí a fhorbraíonn siad bunaithe nó bunaithe i bpáirt ar thorthaí staidéar cliniciúil arna ndéanamh mar chuid de ghníomhaíocht indíreach, go bhfuil na táirgí agus na seirbhísí sin inacmhainne, ar fáil agus inrochtana don phobal de réir coinníollacha cothroma agus réasúnta. Chun na críche sin, i gcás inarb ábhartha, sonrófar sa chlár oibre na hoibleagáidí saothraithe breise is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí indíreacha sonracha.
4.  
I gcás ina bhforáiltear dó sa chlár oibre agus i dteannta Airteagal 5(2), pointe (a), féadfar a cheangal ar eintitis dhlítheanacha arna sainaithint ag Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí indíreacha sonracha. Ní bheidh na heintitis sin incháilithe chun cistiú a fháil ó Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach.
5.  

Ní bheidh aon eintiteas dlítheanach atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí indíreacha sonracha leis na heintitis dhlítheanacha dá dtagraítear i mír 4 incháilithe chun cistiú a fháil sna cásanna seo a leanas:

(a) 

is eintitis dhlítheanacha bhrabúsacha iad a bhfuil láimhdeachas bliantúil atá cothrom le EUR 500 milliún nó níos mó ná sin acu;

(b) 

tá siad faoi rialú díreach nó indíreach eintitis dhlítheanaigh mar a thuairiscítear i bpointe (a), nó faoin rialú díreach nó indíreach céanna le heintiteas mar a thuairiscítear i bpointe (a);

(c) 

tá rialú díreach nó indíreach acu ar eintiteas dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (a).

TEIDEAL VII

▼M1

AN COMHGHNÓTHAS UM SHLISEANNA

▼B

Airteagal 126

Cuspóirí breise ►M1  an Comhghnóthas um Shliseanna ◄

1.  

Anuas ar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 agus Airteagal 5, beidh na cuspóirí ginearálta seo a leanas ag ►M1  an Comhghnóthas um Shliseanna ◄ :

(a) 

neamhspleáchas straitéiseach an Aontais i gcomhpháirteanna agus córais leictreonacha a neartú chun tacú le riachtanais na dtionscal ingearach agus an gheilleagair trí chéile amach anseo. Is é an sprioc fhoriomlán rannchuidiú i dtreo luach dearaidh agus táirgthe comhpháirteanna agus córas leictreonach a dhúbláil san Eoraip faoi 2030, i gcomhréir le meáchan an Aontais i dtáirgí agus seirbhísí;

▼M1

(b) 

sármhaitheas eolaíochta agus ceannaireacht nuálaíochta an Aontais a bhunú i dteicneolaíochtaí comhpháirteanna agus córas atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear i ngníomhaíochtaí a bhaineann le LUTanna níos ísle; agus páirtíocht ghníomhach FBManna a chur chun cinn, ar FBManna iad, ó thaobh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta de, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin a bhaineann leis an Tionscnamh Sliseanna don Eoraip arna bhunú le Rialachán (AE) 2023/1781, a bheidh in aon trian ar a laghad den líon iomlán rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí indíreacha agus ar cheart do 20 % ar a laghad den chistiú poiblí a bheith ag dul chucu;

▼B

(c) 

a áirithiú go dtéann teicneolaíochtaí comhpháirteanna agus córas i ngleic le dúshláin shochaíocha agus chomhshaoil na hEorpa. Is é an sprioc atá ann ailíniú le beartas an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus rannchuidiú le hídiú fuinnimh a laghdú 32,5 % in 2030;

▼M1

(d) 

fothú acmhainneachta teicneolaíche ar mórscála a bhaint amach agus tacú le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta gaolmhara ar fud shlabhra luacha leathsheoltóra an Aontais chun go mbeifear in ann teicneolaíochtaí leathsheoltóra, teicneolaíochtaí leathsheoltóra na chéad ghlúine eile agus teicneolaíochtaí candamacha úrscothacha a fhorbairt agus a imscaradh, chomh maith le nuálaíocht teicneolaíochtaí seanbhunaithe chun ardacmhainneachtaí dearthóireachta, comhtháthaithe córas agus táirgthe sliseanna san Aontas a threisiú, agus, ar an gcaoi sin, iomaíochas an Aontais a mhéadú; agus rannchuidiú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach a bhaint amach, go háirithe trí thionchar aeráide na gcóras leictreonach a laghdú, trí inbhuanaitheacht sliseanna na chéad ghlúine eile a fheabhsú agus trí phróisis an gheilleagair chiorclaigh a neartú, trí rannchuidiú le poist ardcháilíochta laistigh den éiceachóras leathsheoltóra agus trí aghaidh a thabhairt ar shlándáil trí dhearadh, lena soláthraítear cosaint ar bhagairtí cibearshlándála.

▼B

2.  

Anuas ar na cuspóirí a leagtar amach i mír 1, beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag ►M1  an Comhghnóthas um Shliseanna ◄ :

(a) 

tacú le taighde agus forbairt chun acmhainneachtaí deartha agus táirgthe a bhunú san Eoraip do réimsí feidhmeanna straitéiseacha;

(b) 

punann chothrom de thionscadail mhóra agus bheaga a thacaíonn le haistriú tapa na dteicneolaíochtaí ón taighde chuig an timpeallacht thionsclaíoch a sheoladh;

(c) 

éiceachóras dinimiciúil uile-Aontais a chothú bunaithe ar shlabhraí breisluacha digiteacha lena ngabhann rochtain shimplithe do rannpháirtithe nua;

(d) 

tacú le taighde agus forbairt chun teicneolaíochtaí comhpháirteanna lena ráthaítear slándáil, iontaofacht agus éifeachtúlacht fuinnimh le haghaidh bonneagair chriticiúla agus earnálacha criticiúla san Eoraip;

(e) 

slógadh acmhainní náisiúnta a chothú agus comhordú ar chláir thaighde agus nuálaíochta an Aontais agus ar chláir thaighde agus nuálaíochta náisiúnta a áirithiú i réimse na gcomhpháirteanna agus na gcóras leictreonach;

(f) 

comhleanúnachas a bhunú idir Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht ►M1  an Comhghnóthas um Shliseanna ◄ agus beartais an Aontais ionas go gcuirfidh teicneolaíochtaí comhpháirteanna agus córas leictreonach go héifeachtúil leo;

▼M1

(g) 

ardacmhainneachtaí dearthóireachta a fhorbairt le haghaidh teicneolaíochtaí leathsheoltóra comhtháite;

(h) 

feabhas a chur ar ardlínte píolótacha atá ann cheana agus ardlínte nua píolótacha a fhorbairt ar fud an Aontais chun teicneolaíochtaí leathsheoltóra úrscothacha agus teicneolaíochtaí leathsheoltóra na chéad ghlúine eile a fhorbairt agus a imscaradh;

(i) 

ardacmhainneachtaí teicneolaíochta agus innealtóireachta a fhothú chun dlús a chur le forbairt nuálach sliseanna candamacha úrscothacha agus teicneolaíochtaí gaolmhara leathsheoltóra;

(j) 

líonra lárionad inniúlachta a bhunú ar fud an Aontais, trí shaoráidí atá ann cheana a fheabhsú nó trí shaoráidí nua a chruthú.

▼B

Airteagal 127

Comhaltaí

1.  

Beidh na comhaltaí seo a leanas ag ►M1  an Comhghnóthas um Shliseanna ◄ :

(a) 

na húdaráis phoiblí agus iad comhdhéanta de:

(i) 

an tAontas, a mbeidh an Coimisiún mar ionadaí dó;

(ii) 

na stáit rannpháirteacha seo a leanas:an Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, an tSeicia, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, an Íoslainn, Éire, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Iorua, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn;

(b) 

na comhaltaí príobháideacha agus iad comhdhéanta de na comhlachais tionscail seo a leanas: Cumann AENEAS arna chlárú faoi dhlí na Fraince; Comhlachas Tionscail Inside (INSIDE), arna chlárú faoi dhlí na hÍsiltíre; cumann EpoSS e.V. arna chlárú faoi dhlí na Gearmáine.

2.  
Ceapfaidh gach stát rannpháirteach a ionadaí ar chomhlachtaí an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí agus ainmneoidh sé an t-eintiteas nó na heintitis náisiúnta a bheidh freagrach as a oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le gníomhaíochtaí ►M1  an Comhghnóthas um Shliseanna ◄ .

▼M1

Airteagal 128

Ranníocaíocht airgeadais ón Aontas

1.  

Suas le EUR 4 175 000 000 a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais ón Aontais leis an gComhghnóthas um Shliseanna, lena n-áirítear leithreasuithe LEE, lena n-áirítear suas le EUR 62 287 000 le haghaidh costais riaracháin, a dháilfear mar a leanas:

(a) 

suas le EUR 2 725 000 000 ó Fís Eorpach;

(b) 

suas le EUR 1 450 000 000 ón gClár don Eoraip Dhigiteach.

2.  
Úsáidfear an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo chun go ndéanfaidh an Comhghnóthas um Shliseanna tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí indíreacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (43), den Rialachán maidir le Fís Eorpach, a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta an Chomhghnóthais um Shliseanna, lena n-áirítear gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a bhaineann le cuspóirí oibríochtúla 1 go 4.
3.  
Úsáidfear an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), le haghaidh gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta chuspóirí oibríochtúla 1 go 4.
4.  
Ní mó ná 50 % de chostais iomlána na ngníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear i mír 1, pointe (b).
5.  
Beidh rochtain ar acmhainneachtaí a eascraíonn as cuspóirí oibríochtúla 1 go 4 a chur chun feidhme ag an gComhghnóthas um Shliseanna, oscailte do raon leathan úsáideoirí ar fud an Aontais agus deonófar í ar bhonn trédhearcach neamh-idirdhealaitheach a bheidh comhréireach go díreach leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas as costais iomlána na ngníomhaíochtaí sin.

▼B

Airteagal 129

Ranníocaíochtaí ó chomhaltaí seachas an tAontas

1.  
Le linn na tréimhse a leagtar amach in Airteagal 3, déanfaidh stáit rannpháirteacha ►M1  an Comhghnóthas um Shliseanna ◄ ranníocaíocht iomlán a bheidh ar cóimhéid le méid ranníocaíocht an Aontais i leith costais oibriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 128. Déanfaidh na stáit rannpháirteacha a ranníocaíochtaí comhchoiteanna agus an chaoi a soláthróidh siad iad a shocrú eatarthu. Ní dhéanfaidh sin difear do chumas gach stáit rannpháirtigh a ranníocaíocht airgeadais náisiúnta a shainiú i gcomhréir le hAirteagal 12. De mhaolú ar Airteagal 28(4), pointe (a), ní dhéanfaidh na stáit rannpháirteacha ranníocaíocht le costais riaracháin.
2.  
Le linn na tréimhse a leagtar amach in Airteagal 3, déanfaidh comhaltaí príobháideacha ►M1  an Comhghnóthas um Shliseanna ◄ ranníocaíocht nó socróidh siad go ndéanfaidh a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe ranníocaíochtaí EUR 2 511 164 000 ar a laghad leis ►M1  an Comhghnóthas um Shliseanna ◄ .

▼M1

3.  
De mhaolú ar Airteagal 28(4), déanfaidh na comhaltaí príobháideacha ranníocaíocht airgeadais nó socróidh siad go ndéanfaidh a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe ranníocaíocht airgeadais suas le EUR 26 331 000 le haghaidh chostais riaracháin an Chomhghnóthais um Shliseanna. Is é 30 % a bheidh i sciar na ranníocaíochta iomláine a dhéanfaidh na comhaltaí príobháideacha ar bhonn bliantúil le haghaidh chostais riaracháin an Chomhghnóthais um Shliseanna.
4.  

Cuimseofar sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 na ranníocaíochtaí a leagtar síos in Airteagal 11(3). Go heisceachtúil, de mhaolú ar Airteagal 11(3), tá cead ag na stáit rannpháirteacha ranníocaíochtaí airgeadais a rinneadh ón 8 Feabhra 2022 a thuairisciú. Féadfar a mheas go bhfuil costais bhunúsacha na ngníomhaíochtaí gaolmhara incháilithe ón dáta sin, fiú má tabhaíodh iad sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

comhlíonann na gníomhaíochtaí an Rialachán seo;

(b) 

rannchuidíonn na gníomhaíochtaí leis an gcuspóir dá dtagraítear in Airteagal 126(2), pointe (h), agus is caiteachas caipitiúil atá sna costais ghaolmhara a thabhaítear;

(c) 

déanann an Comhghnóthas um Shliseanna meastóireacht ar na hiarratais ar dheontas agus roghnaíonn sé iad i gcomhréir le hAirteagal 12(1);

(d) 

leantar de na gníomhaíochtaí a dhéanamh tráth a bhronntar an deontas;

(e) 

ní chuirtear ranníocaíocht an stáit rannpháirtigh atá nasctha leis na costais sin san áireamh chun críche cearta vótála na stát rannpháirteach dá dtagraítear in Airteagail 133(2), 133(3) agus 136(1) a ríomh;

(f) 

ní théann ranníocaíocht an stáit rannpháirtigh atá nasctha leis na costais sin thar 25 % den ranníocaíocht airgeadais iomlán ón stát rannpháirteach sin a bheartaítear do na gníomhaíochtaí a rannchuidíonn leis an gcuspóir dá dtagraítear in Airteagal 126(2), pointe (h).

5.  
Cuimseofar sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo na ranníocaíochtaí a leagtar síos in Airteagal 11(1), lena n-áirítear 90 % ar a laghad de ranníocaíochtaí a leagtar síos in Airteagal 11(1), pointe (a).

▼B

Airteagal 130

Raon feidhme gníomhaíochtaí breise

1.  
Féadfaidh Bord Rialaithe ►M1  an Comhghnóthas um Shliseanna ◄ plean na ngníomhaíochtaí breise dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b) a fhormheas i gcás inar gá tar éis togra ó Bhord na gComhaltaí Príobháideacha, ag cur tuairim Bhord na nÚdarás Poiblí san áireamh.
2.  

Chun críoch Airteagal 11(1), pointe (b), féadfaidh sé go n-áireofar na rudaí seo a leanas le gníomhaíochtaí breise:

(a) 

infheistíocht a bhfuil sé d’aidhm aici torthaí thionscadail ►M1  an Comhghnóthas um Shliseanna ◄ agus Chomhghnóthais ECSEL, ARTEMIS agus ENIAC a thionsclú;

(b) 

cláir phíolótacha, taispeántóirí, feidhmchláir, imscarthaí, tionsclú, lena n-áirítear caiteachas caipitil ábhartha, lena n-áirítear tionscadail faoi na IPCEInna ar mhicrileictreonaic;

(c) 

gníomhaíochtaí taighde agus forbartha gaolmhara nach gcistítear go poiblí;

(d) 

gníomhaíochtaí a mhaoinítear ag iasachtaí de chuid an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus nach gcistítear faoi dheontas ón Aontas;

(e) 

gníomhaíochtaí chun an t-éiceachóras a thacaíonn le comhar úsáideoirí agus soláthróirí teicneolaíochta a fhorbairt.

Airteagal 131

Comhlachtaí ►M1  an Comhghnóthas um Shliseanna ◄

Is iad comhlachtaí ►M1  an Comhghnóthas um Shliseanna ◄ :

(a) 

an Bord Rialaithe;

(b) 

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(c) 

Bord na nÚdarás Poiblí;

(d) 

Bord na gComhaltaí Príobháideacha.

Airteagal 132

Comhdhéanamh an Bhoird Rialaithe

Ceapfaidh gach comhalta ►M1  den Comhghnóthas um Shliseanna ◄ a n-ionadaithe agus a bpríomhthoscairí ag a mbeidh cearta vótála chomhalta an Bhoird Rialaithe.

Airteagal 133

Feidhmiú an Bhoird Rialaithe

1.  

Déanfar cearta vótála ar an mBord Rialaithe a leithdháileadh mar a leanas:

(a) 

aon trian don Choimisiún;

(b) 

aon trian do na comhaltaí príobháideacha i dteannta a chéile; agus

(c) 

aon trian do na stáit rannpháirteacha i dteannta a chéile.

2.  

Sa chéad 2 bhliain airgeadais tar éis bhunú ►M1  an Comhghnóthas um Shliseanna ◄ , déanfar cearta vótála na stát rannpháirteach a leithdháileadh mar seo a leanas:

(a) 

1 % le haghaidh gach stáit rannpháirtigh;

(b) 

déanfar an céatadán atá fágtha a leithdháileadh go bliantúil i measc na stát rannpháirteach i gcomhréir lena ranníocaíochtaí airgeadais iarbhír leis ►M1  an Comhghnóthas um Shliseanna ◄ nó a thionscnamh roimhe sin sa 2 bhliain roimhe sin.

3.  
Maidir leis na blianta airgeadais ina dhiaidh sin, bunófar leithdháileadh cearta vótála na stát rannpháirteach go bliantúil agus i gcomhréir leis na cistí a gheall siad le gníomhaíochtaí indíreacha sa 2 bhliain airgeadais roimhe sin.

▼M1

3a.  
De mhaolú ar mhír 1, ní áireofar ar an mBord Rialaithe ach an Coimisiún agus na Ballstáit agus iad ag vótáil ar an bhforoinn i ndáil le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta den chuid shonrach den chlár oibre atá tiomnaithe do chur chun feidhme an Tionscnaimh Sliseanna don Eoraip. Beidh 50 % de na cearta vótála ag an gCoimisiún. Maidir leis an bhforoinn i ndáil le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta den chuid shonrach den chlár oibre atá tiomnaithe do chur chun feidhme an Tionscnaimh Sliseanna don Eoraip, beidh 45 % de na cearta vótála ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit araon agus beidh 10 % ag na comhaltaí príobháideacha. Beidh feidhm mutatis mutandis ag míreanna 2 agus 3 maidir le cearta vótála na mBallstát. Beidh ionadaithe uile an Bhoird Rialaithe rannpháirteach in ullmhú na coda sonraí sin den chlár oibre.

▼B

4.  
Déanfar cearta vótála na gcomhaltaí príobháideacha a leithdháileadh go cothrom i measc na gcumann tionsclaíoch mura gcinneann Bord na gComhaltaí Príobháideacha a mhalairt.
5.  
Cinnfidh an Bord Rialaithe na cearta vótála a bheidh ag comhalta nua ►M1  den Comhghnóthas um Shliseanna ◄ nach Ballstát ná tír chomhlachaithe é sula nglacann an comhalta sin ballraíocht ►M1  sa Comhghnóthas um Shliseanna ◄ .

▼M1

Airteagal 133a

Rialacha is infheidhme maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin gClár don Eoraip Dhigiteach

1.  
Sa bhreis ar Airteagal 24(2), beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2021/694 maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an gComhghnóthas um Shliseanna faoin gClár don Eoraip Dhigiteach.
2.  
Foilseofar clár oibre agus glaonna ar thograí an Chomhghnóthais um Shliseanna ar shuíomh gréasáin an Chláir don Eoraip Dhigiteach.
3.  
Déanfaidh an Comhghnóthas um Shliseanna iniúchtaí ex post ar chaiteachas ar ghníomhaíochtaí arna gcistiú le buiséad an Chláir don Eoraip Dhigiteach i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/694.

▼M1

Airteagal 134

Teorainneacha agus coinníollacha maidir le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí sonracha

1.  
I gcás gníomhaíochtaí arna gcistiú faoi Fís Eorpach, de mhaolú ar Airteagal 17(2), pointe (l), den Rialachán seo, i gcás ina n-iarrfaidh an Coimisiún amhlaidh, tar éis formheas ó Bhord na nÚdarás Poiblí, beidh an rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí sonracha teoranta i gcomhréir le hAirteagal 22(5) den Rialacháin maidir le Fís Eorpach.
2.  
I gcás gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin gClár don Eoraip Dhigiteach, i gcás ina n-iarrfaidh an Coimisiún amhlaidh, tar éis formheas ó Bhord na nÚdarás Poiblí, beidh an rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí sonracha teoranta i gcomhréir le hAirteagal 12(6) agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/694.
3.  
Beidh na glaonna ar thograí dá bhforáiltear sa chuid shonrach den chlár oibre atá tiomnaithe don Tionscnamh Sliseanna don Eoraip oscailte do chineálacha éagsúla comhair agus do rannpháirtithe eile. Ní bheidh roghnú na dtograí le haghaidh cistiúcháin bunaithe ar fhoirm shonrach dhlíthiúil comhair. Féadfaidh eintitis dhlíthiúla atá ag comhoibriú laistigh de chuibhreannas atá struchtúrtha i bhfoirm cuibhreannais Eorpaigh um bonneagar sliseanna (ECIC) gníomhaíochtaí a dhéanamh freisin, arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2023/1781. Sonrófar sa chuid shonrach den chlár oibre atá tiomnaithe don Tionscnamh Sliseanna don Eoraip gurb é ECIC féin, agus ní eintitis aonair a chomhdhéanann ECIC, a bheidh ina iarratasóir i gcás ina ndéanfaidh ECIC iarratas ar chistiú le haghaidh gníomhaíocht shonrach.

▼M1

Airteagal 134a

Cúraimí breise an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

De mhaolú ar Airteagal 19(4), pointe (c), ullmhóidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Shliseanna clár oibre an chomhghnóthais, ar bhonn na hachoimre arna hullmhú ag Bord na nÚdarás Poiblí dá dtagraítear in Airteagal 137, pointe (aa), agus an Chláir Oibre Straitéisigh um Thaighde agus Nuálaíocht, agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Rialaithe é lena ghlacadh.

▼B

Airteagal 135

Comhdhéanamh Bhord na nÚdarás Poiblí

Is iad a bheidh ar Bhord na nÚdarás Poiblí ionadaithe ó údaráis phoiblí ►M1  an Comhghnóthas um Shliseanna ◄ .

Ceapfaidh gach údarás poiblí a n-ionadaithe agus a bpríomhthoscairí ag a mbeidh na cearta vótála ar Bhord na nÚdarás Poiblí.

Airteagal 136

Feidhmiú Bhord na nÚdarás Poiblí

1.  
Sannfar na cearta vótála ar Bhord na nÚdarás Poiblí do na húdaráis phoiblí ar bhonn bliantúil i gcomhréir lena ranníocaíochtaí airgeadais le gníomhaíochtaí ►M1  an Comhghnóthas um Shliseanna ◄ don bhliain sin i gcomhréir le hAirteagal 12, agus le huasteorainn 50 % de na cearta vótála iomlána ar Bhord na nÚdarás Poiblí le haghaidh aon chomhalta ar leith.

▼M1

2.  
Chun críocha Airteagal 134(1) agus (2), ní áireofar i mBord na nÚdarás Poiblí ach na Ballstáit. Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 1 den Airteagal seo.

▼M1

2a.  
Chun críche Airteagal 137, pointe (aa), agus chun tograí a roghnú a chomhfhreagraíonn do chur chun feidhme an Tionscnaimh Sliseanna don Eoraip faoi Airteagal 137, pointe (d), ní áireofar ar Bhord na nÚdarás Poiblí ach an Coimisiún agus na Ballstáit. Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 1 den Airteagal seo.

▼B

3.  
Má chuireann níos lú ná trí stát rannpháirteacha a ranníocaíocht airgeadais de réir Airteagal 12(3) in iúl don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, beidh 50 % de na cearta vótála ag an gCoimisiún agus déanfar an 50 % atá fágtha a leithdháileadh go cothrom i measc na stát rannpháirteach go dtí go gcuirfidh níos mó ná trí stát rannpháirteacha de chuid ►M1  an Comhghnóthas um Shliseanna ◄ a ranníocaíocht in iúl.
4.  
Déanfaidh na húdaráis phoiblí a ndícheall cinntí a ghlacadh de chomhthoil. Má chliseann orthu teacht ar chomhréiteach, déanfar vótáil. Glacfar cinneadh le tromlach 75 % ar a laghad de na vótaí, lena n-áirítear vótaí na stát rannpháirteach atá as láthair, ach gan staonadh a áireamh.
5.  
Toghfaidh Bord na nÚdarás Poiblí a chathaoirleach as a chomhaltaí ar feadh tréimhse 2 bhliain ar a laghad.
6.  
Féadfaidh an cathaoirleach a iarraidh ar dhaoine eile freastal ar a chruinnithe mar bhreathnóirí, go háirithe ionadaithe ó na húdaráis réigiúnacha laistigh den Aontas, ionadaithe ó chomhlachais FBManna agus ionadaithe ó chomhlachtaí eile ►M1  den Comhghnóthas um Shliseanna ◄ .
7.  
Reáchtálfaidh Bord na nÚdarás Poiblí a ghnáthchruinnithe dhá uair sa bhliain ar a laghad. Féadfaidh sé cruinnithe urghnácha a reáchtáil arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, nó ó thromlach na n-ionadaithe ó na stáit rannpháirteacha, nó ar iarratas an chathaoirligh. Is é an cathaoirleach a ghairfidh cruinnithe Bhord an nÚdarás Poiblí agus reáchtálfar de ghnáth iad ag suíochán ►M1  an Comhghnóthas um Shliseanna ◄ .
8.  
Comhdhéanfaidh an Coimisiún agus príomhthoscairí trí stát rannpháirteacha ar a laghad córam Bhord na nÚdarás Poiblí.
9.  
Freastalóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar chruinnithe Bhord na nÚdarás Poiblí, mura gcinneann Bord na nÚdarás Poiblí a mhalairt, ach ní bheidh aon chearta vótála aige.
10.  
Arna iarraidh sin ag Bord na nÚdarás Poiblí, féadfaidh aon Bhallstát nó tír chomhlachaithe nach comhalta ►M1  den Comhghnóthas um Shliseanna ◄ é nó í a bheith rannpháirteach i gcruinnithe Bhord na nÚdarás Poiblí mar bhreathnóir. Gheobhaidh breathnóirí gach doiciméad ábhartha agus féadfaidh siad comhairle a thabhairt ar aon chinneadh a ghlacann Bord na nÚdarás Poiblí. Beidh gach breathnóir den sórt sin faoi cheangal ag na rialacha rúndachta is infheidhme maidir le comhaltaí Bhord na nÚdarás Poiblí.
11.  
Féadfaidh Bord na nÚdarás Poiblí meithleacha a cheapadh i gcás inar gá de réir comhordú iomlán údaráis phoiblí amháin nó níos mó.
12.  
Glacfaidh Bord na nÚdarás Poiblí a rialacha nós imeachta féin.
13.  
Beidh freisin feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 11(8) agus Airteagal 28(6) maidir le Bord na nÚdarás Poiblí.

Airteagal 137

Cúraimí Bhord na nÚdarás Poiblí

Déanfaidh Bord na nÚdarás Poiblí an méid seo a leanas:

(a) 

rannchuidiú leis an gClár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht a dhréachtú;

▼M1

(aa) 

sula n-ullmhófar gach clár oibre agus aird á tabhairt ar chomhairle na gcomhaltaí príobháideacha agus, i gcás inar iomchuí, ar chomhairle an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí arna bhunú le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) 2023/1781 agus ar ionchur ó gheallsealbhóirí áirithe eile, déanfar dhá chuid shonracha den chlár oibre a leagan amach, lena n-áirítear na meastacháin chomhfhreagracha ar chaiteachas: sa chéad chuid, áireofar foroinn i ndáil le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a bhaineann leis na ngníomhaíochtaí oibríochtúla a bhaineann le cuspóirí oibríochtúla 1 go 4 agus foroinn maidir le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a bhaineann le cuspóirí oibríochtúla 1 go 4, lena n-áirítear coinníollacha i ndáil le rochtain ar bhonneagar arna chistiú go poiblí; beidh an dara cuid tiomnaithe do ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta nach gcumhdaítear faoin Tionscnamh “Sliseanna do Eoraip;”

▼B

(b) 

ionchur a sholáthar leis an dréachtchlár oibre, go háirithe na glaonna ar thograí, lena n-áirítear na rialacha maidir le gníomhaíochtaí indíreacha a mheas agus a roghnú agus faireachán a dhéanamh orthu;

(c) 

seoladh glaonna ar thograí a fhormheas, i gcomhréir leis an gclár oibre;

▼M1

(d) 

tograí a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 12(1) agus Airteagal 17(2), pointe (u);

▼B

(e) 

tuairim a sholáthar ar an dréachtphlean gníomhaíochta breise dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b);

▼M1

(f) 

a mholadh, más gá, go ndéanfadh ECIC gníomhaíocht feabhais, mar shampla leasú ar a chuid reachtanna, i gcás inar thug Ballstát an t-ábhar ar aird Bhord na nÚdarás Poiblí tar éis do ECIC comhalta nua a dhiúltú gan cúiseanna leordhóthanacha a thabhairt leis an diúltú sin ar bhonn na dtéarmaí córa réasúnacha a shonraítear sna reachtanna.

▼B

Airteagal 138

Comhdhéanamh Bhord na gComhaltaí Príobháideacha

1.  
Is iad a bheidh ar Bhord na gComhaltaí Príobháideacha ionadaithe ó chomhaltaí príobháideacha ►M1  an Comhghnóthas um Shliseanna ◄ .
2.  
Ceapfaidh gach comhalta príobháideach a ionadaithe agus príomhthoscaire ag a mbeidh na cearta vótála ar Bhord na gComhaltaí Príobháideacha.

Airteagal 139

Feidhmiú Bhord na gComhaltaí Príobháideacha

1.  
Tiocfaidh Bord na gComhaltaí Príobháideacha le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad.
2.  
Féadfaidh Bord na gComhaltaí Príobháideacha meithleacha a cheapadh i gcás inar gá faoi chomhordú foriomlán ceann amháin nó níos mó dá chomhaltaí.
3.  
Toghfaidh Bord na gComhaltaí Príobháideacha a chathaoirleach as a chomhaltaí.
4.  
Glacfaidh Bord na gComhaltaí Príobháideacha a rialacha nós imeachta.

Airteagal 140

Cúraimí Bhord na gComhaltaí Príobháideacha

Déanfaidh Bord na gComhaltaí Príobháideacha an méid seo a leanas:

(a) 

an dréacht-Chlár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta chun cuspóirí ►M1  an Comhghnóthas um Shliseanna ◄ a leagtar amach in Airteagal 4 agus Airteagal 126 a bhaint amach, agus ionchur Bhord na nÚdarás Poiblí á chur san áireamh;

(b) 

an dréacht-Chlár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht a chur faoi bhráid an Stiúrthóra Feidhmiúchán laistigh de na sprioc-amanna a leagfaidh an Bord Rialaithe amach;

(c) 

Fóram comhairleach Geallsealbhóirí a eagrú atá oscailte do gach geallsealbhóir poiblí agus príobháideach a bhfuil leas acu i réimsí na bpríomhtheicneolaíochtaí digiteacha chun iad a chur ar an eolas maidir leis an dréacht-Chlár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht do bhliain ar leith, agus aiseolas a bhailiú air;

(d) 

i gcás inarb iomchuí, agus Airteagal 130 á chur san áireamh, an dréachtphlean gníomhaíochtaí breise dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b), a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid an Bhoird Rialála, agus tuairim Bhord na nÚdaráis Poiblí á cur san áireamh.

▼M1

Airteagal 141

Rátaí cistiúcháin agus rialacha rannpháirtíochta

1.  
I gcás gníomhaíochtaí indíreacha arna gcistiú faoi Fís Eorpach, i gcomhréir le hAirteagal 17(2) den Rialachán maidir le Fís Eorpach agus de mhaolú ar Airteagal 34 den Rialachán sin, agus i gcás gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin gClár don Eoraip Dhigiteach, féadfaidh an Comhghnóthas um Shliseanna rátaí difriúla cistiúcháin a chur i bhfeidhm le haghaidh chistiú an Aontais laistigh de ghníomhaíocht ag brath ar an gcineál rannpháirtí, go háirithe FBManna agus eintitis dhlítheanacha neamhbhrabúsacha, agus ar an gcineál gníomhaíochta. Sonrófar na rátaí cistiúcháin sa chlár oibre.
2.  
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo agus ar Airteagal 34 den Rialachán maidir le Fís Eorpach, déanfaidh an tAontas 100 % de chostais incháilithe iomlána na ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta suas le LUT 4 a chistiú.
3.  
De mhaolú ar Airteagal 22(2) den Rialachán maidir le Fís Eorpach nó Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/694, beidh lárionad inniúlachta nó eintiteas dlítheanach aonair ina bhfuil trí eintiteas dhlíthiúla neamhspleácha ar a laghad atá bunaithe i dtrí stát rannpháirteacha éagsúla ar a laghad, ar Ballstát é stát amháin díobh sin ar a laghad, beidh sé incháilithe chun páirt a ghlacadh i nglaonna ar thograí arna gcistiú ag an gComhghnóthas um Shliseanna faoi Airteagal 134(4) den Rialachán seo, ar choinníoll go bhfuil údar cuí leis an maolú sin i dtuairisc na n-ábhar ábhartha sa chlár oibre.

▼B

TEIDEAL VIII

COMHGHNÓTHAS TAIGHDE BAT 3 AN AERSPÁIS EORPAIGH AONAIR

Airteagal 142

Cuspóirí breise Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair

1.  

Anuas ar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 agus Airteagal 5, beidh na cuspóirí ginearálta seo a leanas ag Comhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair:

(a) 

acmhainneacht taighde agus nuálaíochta an Aontais sa réimse BAT a neartú agus a chomhtháthú, chun go mbeidh sí níos athléimní agus intomhaiste i leith luaineachtaí sa trácht agus oibriú comhleanúnach gach aerárthaigh á chumasú;

(b) 

iomaíochas aeriompair le foireann agus iompair aeir gan foireann san Aontas, agus margaí seirbhísí BAT, a neartú, tríd an nuálaíocht, chun tacú le fás eacnamaíoch san Aontas;

(c) 

glacadh sa mhargadh le réitigh nuálacha a fhorbairt agus dlús a chur leis chun an t-aerspás san Aerspás Eorpach Aonair a bhunú mar an t-aerspás is éifeachtúla agus is neamhdhíobhálaí don chomhshaol don eitilt ar domhan.

2.  

Beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag Comhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair freisin:

(a) 

éiceachóras taighde agus nuálaíochta a fhorbairt a chumhdaíonn na slabhraí luacha iomlán aerspás BAT agus U-spás lenar féidir an Spás Digiteach Eorpach a shainmhínítear sa Mháistirphlean Eorpach BAT a thógáil, lena gcumasaítear an comhar agus an comhordú a theastaíonn idir soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta agus úsáideoirí aerspáis chun córas aonair comhchuibhithe BAT san Aontas a áirithiú d’oibríochtaí le foireann agus gan foireann;

(b) 

réitigh BAT a thacaíonn le hardleibhéil uathoibrithe a fhorbairt agus a bhailíochtú;

(c) 

ailtireacht theicniúil an Spáis Dhigitigh Eorpaigh a fhorbairt agus a bhailíochtú;

(d) 

tacú le himscaradh brostaithe réitigh nuálacha sa mhargadh trí léiritheoirí;

(e) 

beartú tosaíochta agus pleanáil i leith iarrachtaí nuachóirithe BAT an Aontais a chomhordú, de réir próiseas faoi stiúir comhthola i measc geallsealbhóirí BAT;

(f) 

forbairt caighdeán le haghaidh tionsclú réiteach SESAR a éascú.

3.  

Chun críoch Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) 

ciallaíonn “aerspás U-spáis” crios geografach córas ar eite gan foireann (UAS) arna ainmniú ag na Ballstáit, áit nach gceadaítear oibríochtaí UAS ach amháin le tacaíocht seirbhísí U-spáis arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí U-spáis;

(b) 

tagraíonn “Aerspás Digiteach Eorpach” don Mháistirphlean Eorpach BAT mar fhís, a fhéachann le bonneagar eitlíochta na hEorpa a chlaochlú chun a chur ar a chumas déileáil leis an bhfás agus an éagsúlacht aerthráchta amach anseo go sábháilte agus go héifeachtúil, agus an tionchar comhshaoil á laghdú ag an am céanna;

(c) 

tagraíonn “ailtireacht an Aerspáis Dhigitigh Eorpaigh” don fhís den Mháistirphlean Eorpach BAT, a fhéachann le haghaidh a thabhairt ar an ailtireacht neamhéifeachtúil aerspáis atá ann faoi láthair sa mheántéarma agus san fhadtéarma trí chumraíocht agus dearadh aerspáis a chur le chéile le teicneolaíochtaí chun an nasc idir soláthar seirbhísí agus bonneagar áitiúil a bhriseadh agus an leibhéal comhair agus tacaíocht uathoibrithe a mhéadú de réir a chéile;

(d) 

ciallaíonn “céim shainithe SESAR” an chéim lena mbunaítear agus lena nuashonraítear fís fhadtéarmach thionscadal SESAR, an coincheap gaolmhar oibríochtaí lena gcumasaítear feabhsuithe ag gach céim den eitilt, na hathruithe riachtanacha oibríochtúla is gá laistigh den ATM agus na tosaíochtaí forbartha agus imscartha is gá;

(e) 

ciallaíonn “céim imscartha SESAR” na céimeanna comhleanúnacha den tionsclaíocht agus den chur chun feidhme, a ndéantar na gníomhaíochtaí seo a leanas lena linn: caighdeánú, táirgeadh agus deimhniú an trealaimh talún, an trealaimh a bhíonn ar bord agus na bpróiseas is gá chun réitigh SESAR (tionsclú) a chur chun feidhme; agus trealamh agus córais atá bunaithe ar réitigh SESAR a sholáthar, a shuiteáil, agus a chur i seirbhís, lena n-áirítear nósanna imeachta oibríochtúla gaolmhara (cur chun feidhme).

Airteagal 143

Cúraimí breise Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair

Anuas ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 5, déanfaidh Comhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair na rudaí seo a leanas:

(a) 

cúraimí chéim shainithe Thaighde BAT an Aerspáis Eorpaigh Aonair a chomhordú, faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme thionscadal SESAR agus, i gcás inar gá, an Máistirphlean Eorpach BAT a leasú;

(b) 

na gnéithe taighde agus forbartha den Mháistirphlean Eorpach BAT a chur chun feidhme, go háirithe tríd an méid seo a leanas:

(i) 

obair chéim forbartha SESAR a eagrú agus a chomhordú, agus faireachán a dhéanamh uirthi, i gcomhréir leis an Máistirphlean Eorpach BAT, lena n-áirítear gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta ar LUTanna ísle (0 go 2);

(ii) 

réitigh SESAR a sholáthar, ar aschur inchurtha i bhfeidhm iad de chéim forbartha SESAR lena dtugtar isteach nósanna imeachta oibríochtúla idir-inoibritheacha caighdeánaithe nó teicneolaíochtaí nua nó feabhsaithe;

(iii) 

rannpháirtíocht gheallsealbhóirí sibhialta agus míleata earnáil na heitlíochta a áirithiú, go háirithe soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, úsáideoirí aerspáis, comhlachais foirne gairmiúla, aerfoirt, an tionscal monaraíochta agus na hinstitiúidí ábhartha eolaíochta agus an pobal eolaíochta;

(c) 

úsáid bhrostaithe a bhaint as réitigh SESAR sa mhargadh a éascú trí na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

(i) 

gníomhaíochtaí mórscála taisealbhaidh a eagrú agus a chomhordú;

(ii) 

dul i ndlúthchomhar le EASA chun go bhféadfaidh EASA bearta rialála a thagann faoi Rialachán (AE) 2018/1139 agus na rialacha ábhartha cur chun feidhme a fhorbairt go tráthúil;

(iii) 

tacú leis na gníomhaíochtaí gaolmhara caighdeánucháin, i ndlúthchomhar le comhlachtaí um chaighdeánú agus le EASA, chomh maith leis an eintiteas a bhunaítear chun cúraimí na céime imscartha SESAR a chomhordú i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 409/2013 ón gCoimisiún ( 15 ).

Airteagal 144

Comhaltaí

1.  

Beidh na comhaltaí seo a leanas ag Comhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair:

(a) 

an tAontas, a mbeidh an Coimisiún mar ionadaí dó;

(b) 

an Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta (Eurocontrol), arna hionadú ag a Gníomhaireacht, ar fhógra a thabhairt maidir lena cinneadh aontú do Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair trí bhíthin litir ghealltanais, nach mbeidh coinníollacha inti maidir lena haontachas seachas na coinníollacha sin a leagtar amach sa Rialachán seo;

(c) 

na comhaltaí bunaidh a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, ar fhógra a thabhairt maidir lena gcinneadh aontú do Chomhghnóthas Taighde ATM 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair trí bhíthin litir ghealltanais, nach mbeidh coinníollacha inti maidir lena n-aontachas seachas na coinníollacha sin a leagtar amach sa Rialachán seo;

(d) 

na comhaltaí comhlachaithe atá le roghnú i gcomhréir le hAirteagal 7.

2.  
I dteannta Airteagal 7(1), féadfaidh an Bord Rialaithe, le linn na chéad 6 mhí i ndiaidh bhunú Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair, comhaltaí comhlachaithe a roghnú ó liosta arna tharraingt suas i ndiaidh glao oscailte ar léiriú spéise a sheol an Coimisiún sular bunaíodh é. Beidh feidhm ag coinníollacha Airteagal 7(2) mutatis mutandis.
3.  
Agus comhaltaí comhlachaithe á roghnú, féachfaidh an Bord Rialaithe leis an ionadaíocht chuí ar an slabhra luacha iomlán BAT a áirithiú agus, i gcás inar gá, roghnófar gníomhaithe ábhartha ó lasmuigh den earnáil. Féadfar aon eintiteas nó comhlacht poiblí nó príobháideach, lena n-áirítear iad siúd ó thríú tíortha a bhfuil comhaontú amháin ar a laghad tugtha i gcrích acu leis an Aontas i réimse an aeriompair, a roghnú mar chomhaltaí comhlachaithe le Comhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair.

Airteagal 145

Ranníocaíocht airgeadais ón Aontas

Suas le EUR 600 000 000 , lena n-áirítear suas le EUR 30 000 000 le haghaidh costais riaracháin, a bheidh i ranníocaíocht airgeadais an Aontais le Comhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair, leithreasuithe LEE san áireamh, chun costais riaracháin agus costais oibriúcháin a chumhdach.

Airteagal 146

Ranníocaíochtaí ó chomhaltaí seachas an tAontas

1.  
Déanfaidh comhaltaí príobháideacha Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair ranníocaíocht iomlán nó socróidh siad go ndéanfaidh a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe ranníocaíocht iomlán EUR 500 000 000 ar a laghad, lena n-áirítear suas le EUR 25 000 000 le haghaidh costais riaracháin, sa tréimhse a leagtar amach in Airteagal 3.
2.  
Déanfaidh Eurocontrol ranníocaíocht iomlán suas le EUR 500 000 000 , lena n-áirítear suas le EUR 25 000 000 i leith costais riaracháin, sa tréimhse a leagtar amach in Airteagal 3. De bhreis ar Airteagal 11(4), is é a bheidh sa ranníocaíocht freisin ranníocaíochtaí comhchineáil le haghaidh gníomhaíochtaí breise.

Airteagal 147

Raon feidhme gníomhaíochtaí breise

Chun críocha Airteagal 11(1), pointe (b), féadfaidh sé go n-áireofar na rudaí seo a leanas le gníomhaíochtaí breise:

(a) 

gníomhaíochtaí lena gcumhdaítear iomlán na coda de thionscadail Thaighde an Aerspáis Eorpaigh Aonair nach gcistíonn an tAontas a rannchuidíonn le clár oibre comhaontaithe an Chomhghnóthais a bhaint amach;

(b) 

gníomhaíochtaí tionsclaithe, lena n-áirítear caighdeánú, deimhniú agus táirgeadh, a bhaineann le Réitigh SESAR ó Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair nó an tionscnaimh roimhe sin, Comhghnóthas SESAR;

(c) 

gníomhaíochtaí cumarsáide agus for-rochtana a bhaineann le Réitigh SESAR ó Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair nó ón tionscnamh roimhe sin, Comhghnóthas SESAR;

(d) 

gníomhaíochtaí a áirithíonn comhchuibhiú domhanda BAT bunaithe ar Réitigh SESAR ó Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair nó ón tionscnamh roimhe sin, Comhghnóthas SESAR;

(e) 

imscaradh nó glacadh torthaí ó thionscadail faoi Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair nó faoin tionscnamh roimhe sin, Comhghnóthas SESAR, nach bhfuair aon chistiú ón Aontas.

Airteagal 148

Comhlachtaí Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair

Is iad comhlachtaí Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair:

(a) 

an Bord Rialaithe;

(b) 

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(c) 

grúpa ionadaithe na stát;

(d) 

an Comhlacht Comhairleach Eolaíochta.

Airteagal 149

Comhdhéanamh an Bhoird Rialaithe

Beidh an Bord Rialaithe comhdhéanta mar a leanas:

(a) 

beirt ionadaithe de chuid an Choimisiúin, thar ceann an Aontais;

(b) 

ionadaí amháin ó gach ceann de na comhaltaí seachas an tAontas.

Airteagal 150

Feidhmiú an Bhoird Rialaithe

1.  
De mhaolú ar Airteagal 16(4), déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an mBord Rialaithe, thar ceann an Aontais.
2.  

Beidh na breathnóirí buana seo a leanas ag an mBord Rialaithe:

(a) 

ionadaí ón nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint;

(b) 

ionadaí ar úsáideoirí sibhialta aerspáis, arna ainmniú ag a n-eagraíocht ionadaíochta ar leibhéal na hEorpa;

(c) 

ionadaí ar sholáthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, arna ainmniú ag a n-eagraíocht ionadaíochta ar leibhéal na hEorpa;

(d) 

ionadaí ar mhonaróirí trealaimh, arna ainmniú ag a n-eagraíocht ionadaíochta ar leibhéal na hEorpa;

(e) 

ionadaí ar aerfoirt, arna ainmniú ag a n-eagraíocht ionadaíochta ar leibhéal na hEorpa;

(f) 

ionadaí ó na comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht ar fhoirne san BAT, arna ainmniú ag a n-eagraíocht ionadaíochta ar leibhéal na hEorpa;

(g) 

ionadaí ar na hinstitiúidí ábhartha eolaíochta nó ar an bpobal ábhartha eolaíochta, arna ainmniú ag a n-eagraíocht ionadaíochta ar leibhéal na hEorpa:

(h) 

ionadaí ó Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh;

(i) 

ionadaí ón eagraíocht EASA;

(j) 

ionadaí ar thionscal na n-aerfheithiclí gan foireann, arna ainmniú ag a n-eagraíocht ionadaíochta ar leibhéal na hEorpa.

3.  
Beidh líon na vótaí ag comhaltaí de Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair i gcomhréir lena ranníocaíocht le buiséad an chomhghnóthais. Beidh 25 % ar a laghad de líon iomlán na vótaí ag an Aontas agus ag Eurocontrol araon, áfach, agus beidh 10 % ar a laghad de líon iomlán na vótaí ag an ionadaí ar na húsáideoirí sibhialta aerspáis dá dtagraítear i mír 2, pointe (b).
4.  
Déanfar cinntí an Bhoird Rialaithe a ghlacadh trí thromlach simplí na vótaí a chaitear. I gcás ina mbeidh na vótaí roinnte go cothrom, ag an Aontas a bheidh an vóta réitigh.
5.  
Éileoidh cinntí a bhaineann le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Máistirphlean Eorpach BAT vótaí dearfacha ón Aontas agus Eurocontrol. Sna cinntí sin cuirfear san áireamh na tuairimí arna gcur in iúl ag gach breathnóir buan dá dtagraítear i mír 2 agus ag grúpa ionadaithe na stát.

Airteagal 151

Cúraimí breise an Bhoird Rialaithe

Anuas ar na cúraimí a liostaítear in Airteagal 17, déanfaidh Bord Rialaithe Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair maoirsiú ar sholáthar na ngnéithe taighde agus forbartha a shainaithnítear sa Mháistirphlean Eorpach BAT.

Airteagal 152

Cúraimí breise an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

Anuas ar na cúraimí a liostaítear in Airteagal 19, déanfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair na cúraimí seo a leanas:

(a) 

forghníomhú na gcéimeanna sainithe agus forbartha de thionscadal SESAR a stiúradh laistigh de na treoirlínte arna mbunú ag an mBord Rialaithe;

(b) 

aon togra a chur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe lena mbaineann athruithe ar dhearadh chéim forbartha thionscadal SESAR.

Airteagal 153

Grúpa ionadaithe na stát

I dteannta Airteagal 20, áiritheoidh na Ballstáit go gcuireann a n-ionadaithe seasamh comhordaithe i láthair lena léirítear tuairimí na mBallstát mar a nochtar iad sna coistí seo a leanas:

(a) 

an Coiste um Aerspás Aonair, a bunaíodh le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004;

(b) 

an Coiste Cláir faoi Airteagal 14 den Chlár Sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach.

Airteagal 154

An Coiste Eolaíoch

1.  
Comhlacht comhairleach eolaíochta Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair dá dtagraítear in Airteagal 21(1), pointe (a), a bheidh sa Choiste Eolaíoch.
2.  
Ní bheidh níos mó ná 15 chomhalta bhuana ar an gCoiste Eolaíoch.
3.  
Toghfar cathaoirleach an Choiste Eolaíoch ar feadh tréimhse 2 bhliain.
4.  
Féadfaidh an Coiste Eolaíoch comhairle a thabhairt arna iarraidh sin ag an mBord Rialaithe agus comhlachtaí eile de chuid Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair, nó ar a thionscnamh féin, go háirithe ar ghníomhaíochtaí a bhaineann LUTanna ísle (0 go 2).
5.  
Rachaidh an Coiste Eolaíoch i gcomhar leis na comhlachtaí ábhartha comhairleacha arna mbunú le Fís Eorpach.

Airteagal 155

Gníomhartha cur chun feidhme chun seasamh an Aontais maidir le leasú a dhéanamh ar an Máistirphlean Eorpach BAT a bhunú

1.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme d’fhonn seasamh an Aontais a bhaineann le leasú a dhéanamh ar an Máistirphlean Eorpach BAT a bhunú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 ).
2.  
Déanfaidh an Coiste um Aerspás Aonair, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste um Aerspás Aonair ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011

Airteagal 156

Teicneolaíochtaí nua a dheimhniú

1.  
Féadfaidh iarratasóirí, rannpháirtithe nó an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a iarraidh ar EASA comhairle a thabhairt ar thionscadail aonair agus gníomhaíochtaí taisealbhaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le comhlíontacht sábháilteachta eitlíochta, idir-inoibritheacht agus caighdeáin chomhshaoil, chun a áirithiú go ndéanfar caighdeáin ábhartha, acmhainneacht tástála agus ceanglais rialála a fhorbairt go tráthúil le haghaidh forbairt táirgí agus imscaradh teicneolaíochtaí nua.
2.  
Beidh gníomhaíochtaí agus seirbhísí deimhniúcháin arna soláthar faoi réir forálacha maidir le táillí agus muirir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1139.

Airteagal 157

Comhaontú le Eurocontrol

Mar chomhalta bunaidh de Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair, leagfar ról agus rannchuidiú Eurocontrol amach i gcomhaontú riaracháin idir an dá chomhpháirtí, Comhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair agus Eurocontrol. Tabharfar tuairisc sa chomhaontú ar chúraimí, freagrachtaí agus rannchuidiú Eurocontrol le gníomhaíochtaí Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair a mhéid a bhaineann leis seo a leanas:

(a) 

gníomhaíochtaí taighde, forbartha agus bailíochtaithe Eurocontrol a eagrú i gcomhréir le clár oibre Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair;

(b) 

tacaíocht agus comhairle speisialaithe a sholáthar do Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair arna iarraidh sin dó;

(c) 

tacaíocht agus comhairle a thabhairt maidir leis na forbairtí comónta do na córais BAT Eorpacha amach seo, go háirithe maidir le hailtireacht aerspáis na todhchaí;

(d) 

tacú le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme Réitigh SESAR i gcomhréir leis an Máistirphlean Eorpach BAT;

(e) 

caidreamh a chothú le Ballstáit Eurocontrol chun tacaíocht forleathan a áirithiú do chuspóirí beartais an Aontais agus torthaí gníomhaíochtaí taighde, bailíochtaithe agus taisealbhaidh i measc comhpháirtithe líonra uile-Eorpacha;

(f) 

tacaíocht a sholáthar do bhainistíocht an chláir;

(g) 

rannchuidiú le costais riaracháin Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair agus tacaíocht teicneolaíochta faisnéise, chumarsáide agus lóistíochta a sholáthar do Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair agus Eurocontrol).

Airteagal 158

Socruithe cúloifige

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 13 maidir le Comhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair. Is é Eurocontrol a sholáthróidh an socrú cúloifige.

TEIDEAL IX

AN COMHGHNÓTHAS UM LÍONRAÍ AGUS SEIRBHÍSÍ CLISTE

Airteagal 159

Cuspóirí breise an Chomhghnóthais um Líonraí agus Seirbhísí Cliste

1.  

Anuas ar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 agus Airteagal 5, beidh na cuspóirí ginearálta seo a leanas ag an gComhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste:

(a) 

ceannaireacht teicneolaíochta na hEorpa maidir le líonraí agus seirbhísí cliste amach anseo a chothú trí láidreachtaí tionscail atá ann faoi láthair a neartú agus trí shíneadh a chur leis an raon feidhme ó nascacht 5G go dtí an slabhra luacha straitéiseach níos leithne, lena n-áirítear soláthar seirbhíse néalbhunaithe agus comhpháirteanna agus gairis;

(b) 

treochláir straitéiseacha a ailíniú le réimse níos leithne gníomhaithe tionscail, lena n-áirítear ní hamháin an tionscal teileachumarsáide, ach gníomhaithe ó réimsí Idirlíon na Rudaí Nithiúla agus an néil, chomh maith le comhpháirteanna agus gairis freisin;

(c) 

sármhaitheas teicneolaíochta agus eolaíochta na hEorpa a chur chun cinn chun tacú le ceannaireacht na hEorpa chun córais 6G a mhúnlú agus máistreacht a fháil orthu faoi 2030;

(d) 

imscaradh bonneagar digiteach agus glacadh réiteach digiteach a neartú i margaí na hEorpa, go háirithe trí shásra comhordaithe straitéisigh a áirithiú don chlár SCE2 Digiteach, chomh maith le sineirgí laistigh de SCE2, agus le CED agus InvestEU mar chuid de raon feidhme agus rialachas an Chomhghnóthais um Líonraí agus Seirbhísí Cliste;

(e) 

tionscadal soláthair líonraí agus seirbhísí cliste na hEorpa a ullmhú i gcomhair na ndeiseanna fadtéarmacha a thagann chun tosaigh mar thoradh ar fhorbairt margaí ingearacha do bhonneagair agus seirbhísí 5G, agus 6G ina dhiaidh sin, san Eoraip;

(f) 

an nuálaíocht dhigiteach a éascú, faoi 2030, agus riachtanais mhargaí na hEorpa agus ceanglais beartais phoiblí á gcomhlíonadh, lena n-áirítear na ceanglais is déine ag margaí ingearacha, chomh maith le ceanglais shochaíocha i réimsí lena n-áirítear an tslándáil, an éifeachtúlacht fuinnimh agus réimsí leictreamaighnéadacha;

(g) 

tacú le líonraí agus seirbhísí cliste amach anseo a ailíniú le cuspóirí beartais an Aontais, lena n-áirítear an Comhaontú Glas don Eoraip, slándáil líonra agus faisnéise, eitic agus príobháideachas, chomh maith le hIdirlíon atá dírithe ar an duine agus inbhuanaithe.

2.  

Beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gComhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste freisin:

(a) 

forbairt teicneolaíochtaí atá in ann freastal ar ardriachtanais chumarsáide a éascú agus tacú le sármhaitheas na hEorpa maidir le teicneolaíochtaí agus ailtireachtaí líonraí agus seirbhísí cliste agus an éabhlóid a thiocfaidh orthu i dtreo 6G ag an am céanna, lena n-áirítear seasaimh láidre Eorpacha ar chaighdeáin, ar phaitinní fíor-riachtanacha agus ar phríomhcheanglais, amhail ceanglais le haghaidh bandaí speictrim a bheidh de dhíth le haghaidh ardteicneolaíochtaí líonra chliste amach anseo;

(b) 

dlús a chur le forbairt teicneolaíochtaí líonra atá tíosach ar fhuinneamh agus é mar aidhm ídiú fuinnimh agus acmhainní an bhonneagair fhoriomláin dhigitigh a laghdú go suntasach faoi 2030 agus ídiú fuinnimh príomhthionscal ingearach a laghdú le tacaíocht teicneolaíochta líonraí agus seirbhísí cliste;

(c) 

dlús a chur le forbairt agus imscaradh forleathan 5G san Eoraip faoi 2025, agus bonneagar 6G ina dhiaidh sin, go háirithe, trí chomhordú ar imscaradh 5G agus tacaíocht straitéiseach don imscaradh sin a chur chun cinn le haghaidh Soghluaisteacht Nasctha agus Uathoibrithe feadh conairí trasteorann, trí chlár SCE2 Digiteach a úsáid agus imscaradh a chur chun cinn faoi SCE2, CED agus InvestEU;

(d) 

slabhra inbhuanaithe éagsúil soláthair agus luacha a chothú i gcomhréir leis an mbosca uirlisí Cibearshlándála 5G;

(e) 

seasamh thionscal an Aontais i slabhra luacha líonra agus seirbhísí cliste an domhain a neartú trí mhais chriticiúil gníomhaithe poiblí agus príobháideacha a chruthú, go háirithe trí rannchuidiú gníomhaithe bogearraí agus Idirlíon na Rudaí Nithiúla a mhéadú, tionscnaimh náisiúnta a ghiaráil agus tacú le teacht chun cinn gníomhaithe nua;

(f) 

tacú le hailíniú le ceanglais eiticiúla agus slándála, iad a chuimsiú sna Cláir Oibre Straitéiseacha um Thaighde agus um Nuálaíocht agus ionchur a sholáthar do phróiseas reachtach an Aontais de réir mar is iomchuí.

Airteagal 160

Cúraimí breise an Chomhghnóthais um Líonraí agus Seirbhísí Cliste

Anuas ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 5, déanfaidh an Comhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste na cúraimí seo a leanas:

(a) 

rannchuidiú leis na cláir oibre a ghabhann le cláir eile de chuid an Aontais, amhail clár SCE 2 Digiteach, CED agus InvestEU atá ag cur gníomhaíochtaí chun feidhme i réimse na líonraí cliste agus na seirbhísí cliste;

(b) 

trialacha, tionscnaimh phíolótacha agus imscartha an Aontais i réimse na líonraí cliste agus na seirbhísí cliste a chomhordú, amhail conairí 5G uile-Eorpacha le haghaidh soghluaisteacht nasctha agus uathoibrithe faoi chlár SCE2 Digiteach, i gcomhar leis an gCoimisiún agus comhlachtaí ábhartha inniúla cistiúcháin;

(c) 

sineirgí a chur chun cinn i measc trialacha, cláir phíolótacha agus gníomhaíochtaí imscartha ábhartha arna gcistiú ag an Aontas i réimse na líonraí cliste agus na seirbhísí cliste, amhail iad siúd a chistítear faoi chlár SCE2 Digiteach, CED agus InvestEU, agus scaipeadh agus giaráil an eolais agus an tsaineolais a bhailítear i gcomhthéacs na ngníomhaíochtaí sin a áirithiú;

(d) 

na cláir straitéiseacha um imscaradh maidir le conairí 5G uile-Eorpacha le haghaidh soghluaisteacht nasctha agus uathoibrithe a fhorbairt agus a chomhordú le rannpháirtíocht geallsealbhóirí. Leis na cláir oibre sin tabharfar treoir straitéiseach neamhcheangailteach lena gcumhdaítear ré chlár SCE2 Digiteach agus lena sainítear fís choiteann maidir le forbairt éiceachóras 5G-chumasaithe agus na ceanglais líonra agus seirbhísí atá mar bhonn taca fúthu, agus lena sainaithnítear cuspóirí agus treochláir um imscaradh chomh maith le samhlacha féideartha comhair.

Airteagal 161

Comhaltaí

Beidh na comhaltaí seo a leanas ag an gComhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste:

(a) 

an tAontas, a mbeidh an Coimisiún mar ionadaí dó;

(b) 

6G-IA atá cláraithe faoi dhlí na Beilge ar fhógra a fháil faoina chinneadh aontú don Chomhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste trí bhíthin litir ghealltanais, nach mbeidh coinníollacha inti maidir lena aontachas seachas na coinníollacha sin a leagtar amach sa Rialachán seo.

Airteagal 162

Ranníocaíocht airgeadais ón Aontas

Suas le EUR 900 000 000 , lena n-áirítear suas le EUR 18 519 000 le haghaidh costais riaracháin, a bheidh i ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis an gComhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste, leithreasuithe LEE san áireamh, chun costais riaracháin agus costais oibriúcháin a chumhdach.

Airteagal 163

Ranníocaíochtaí ó chomhaltaí seachas an tAontas

1.  
Déanfaidh comhaltaí an Chomhghnóthais um Líonraí agus Seirbhísí Cliste seachas an tAontas ranníocaíocht iomlán nó socróidh siad go ndéanfaidh a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe ranníocaíocht iomlán EUR 900 000 000 ar a laghad sa tréimhse a leagtar amach in Airteagal 3.
2.  
Déanfaidh comhaltaí an Chomhghnóthais um Líonraí agus Seirbhísí Cliste seachas an tAontas ranníocaíocht bhliantúil nó socróidh siad go ndéanfaidh a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe ranníocaíochta bliantúla le haghaidh 20 % ar a laghad de na costais fhoriomlána riaracháin le costas riaracháin an Chomhghnóthais um Líonraí agus Seirbhísí Cliste. Féachfaidh siad le líon a gcomheintiteas nó a n-eintiteas cleamhnaithe a mhéadú chun a ranníocaíocht a mhéadú go 50 % de chostais riaracháin an Chomhghnóthais um Líonraí agus Seirbhísí Cliste le linn a shaolré, agus aird chuí á tabhairt ar chomheintitis agus eintitis chleamhnaithe ar FBManna iad.

Airteagal 164

Raon feidhme gníomhaíochtaí breise

Chun críoch Airteagal 11(1), pointe (b) féadfaidh sé go n-áireofar na rudaí seo a leanas le gníomhaíochtaí breise:

(a) 

seachghníomhaíochtaí taighde agus forbartha;

(b) 

rannchuidithe le caighdeánú;

(c) 

rannchuidithe le comhairliúcháin i gcomhthéacs phróisis rialála an Aontais;

(d) 

gníomhaíochtaí a mhaoinítear ag iasachtaí de chuid an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus nach gcistítear faoi dheontas ón Aontas;

(e) 

rannchuidithe le gníomhaíochtaí na gcomhaltaí seachas an tAontas agus aon ghrúpa nó comhlachas eile geallsealbhóirí i réimse an Chomhghnóthais um Líonraí agus Seirbhísí Cliste, nach gcistítear faoi dheontas ón Aontas;

(f) 

gníomhaíochtaí chun an t-éiceachóras a fhorbairt, lena n-áirítear comhar a fhorbairt le tionscail ingearacha;

(g) 

gníomhaíochtaí scaipthe torthaí ar fud an domhain chun teacht ar chomhréiteach maidir le teicneolaíochtaí a dtacaítear leo mar ullmhúchán le haghaidh caighdeáin amach anseo;

(h) 

trialacha, taispeántais, cláir phíolótacha, cur ar an margadh agus luath-imscaradh teicneolaíochtaí;

(i) 

comhar idirnáisiúnta nach gcistítear faoi dheontas ón Aontas;

(j) 

gníomhaíochtaí a bhaineann le hullmhú tionscadail taighde agus nuálaíochta a chistíonn comhlachtaí príobháideacha nó comhlachtaí poiblí seachas an tAontas, nó le bheith rannpháirteach iontu.

Airteagal 165

Comhlachtaí an Chomhghnóthais um Líonraí agus Seirbhísí Cliste

Is iad comhlachtaí an Chomhghnóthais um Líonraí agus Seirbhísí Cliste:

(a) 

an Bord Rialaithe;

(b) 

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(c) 

grúpa ionadaithe na stát;

(d) 

an grúpa geallsealbhóirí.

Airteagal 166

Comhdhéanamh an Bhoird Rialaithe

1.  

Beidh na comhaltaí seo a leanas ar an mBord Rialaithe:

(a) 

beirt ionadaithe de chuid an Choimisiúin, thar ceann an Aontais;

(b) 

cúigear ionadaithe 6G-IA.

2.  
D’ainneoin Airteagal 42, nochtfaidh ionadaithe na gcomhaltaí príobháideacha láithreach don Bhord Rialaithe a rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí gairmiúla le heintitis nach bhfuil bunaithe san Aontas, nó le heintitis nach bhfuil faoi rialú daoine dlítheanacha nó eintiteas atá bunaithe san Aontas. I gcás den sórt sin, féadfaidh ionadaithe ón Aontas a chinneadh a iarraidh ar an gcomhalta lena mbaineann ionadaí eile a cheapadh.

Airteagal 167

Feidhmiú an Bhoird Rialaithe

Beidh 50 % de na cearta vótála ag 6G-IA.

Airteagal 168

Cúraimí breise an Bhoird Rialaithe

Anuas ar na cúraimí a liostaítear in Airteagal 17, déanfaidh Bord Rialaithe an Chomhghnóthais um Líonraí agus Seirbhísí Cliste na cúraimí seo a leanas:

(a) 

cláir oibre straitéiseacha um imscaradh a ghlacadh mar rannchuidithe neamhcheangailteacha faoin gclár CEF2 Digiteach maidir le conairí 5G agus, más iomchuí, iad a leasú ar feadh ré chlár digiteach SCE2;

(b) 

a áirithiú go gcuirfear reachtaíocht chibearshlándála an Aontais agus treoir chomhordaithe na mBallstát atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo san áireamh i ngach gníomhaíocht den Chomhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste;

(c) 

sineirgí agus comhlántachtaí a chur chun cinn idir earnálacha digiteacha, iompair agus fuinnimh chlár SCE2 Digiteach trí réimsí idirghabhála a shainaithint agus rannchuidiú leis na cláir oibre, chomh maith le sineirgí agus comhlántachtaí le cláir ábhartha eile an Aontais.

Airteagal 169

Grúpa ionadaithe na stát

I dteannta Airteagal 20, áiritheoidh na hionadaithe go gcuirfidh siad seasamh comhordaithe i láthair lena léirítear tuairimí a stáit arna gcur in iúl in aon cheann díobh seo a leanas:

(a) 

ábhair thaighde agus nuálaíochta a bhaineann le Fís Eorpach;

(b) 

an clár oibre straitéiseach um imscaradh agus na gníomhaíochtaí imscartha a bhaineann le cláir eile de chuid an Aontais, go háirithe clár SCE2 Digiteach, agus gníomhaíochtaí faoi CEP agus InvestEU freisin atá i raon feidhme an Chomhghnóthais um Líonraí agus Seirbhísí Cliste.

Airteagal 170

Slándáil

1.  
I gcás ina measfaí ábhartha é, féadfaidh an Bord Rialaithe a shainordú go n-áiritheoidh gníomhaíocht arna cistiú ag an gComhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste go mbeidh eilimintí líonra a úsáidtear le haghaidh tástáil nó píolótú ar mórscála faoi réir measúnuithe grinnscrúdaithe slándála. Léireoidh na measúnuithe reachtaíocht agus beartais chibearshlándála an Aontais, chomh maith le treoir chomhordaithe na mBallstáit atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo.
2.  
Maidir lena chúram dá dtagraítear i d’Airteagal 160, pointe (a), tabharfaidh an Bord Rialaithe an chomhairle gur cheart do chomhlachtaí cistiúcháin eile mír 1 den Airteagal seo agus Airteagal 17(2), pointe (l), a chur i bhfeidhm maidir lena ngníomhaíochtaí mutatis mutandis, i gcás ina measann sé gurb iomchuí sin agus i gcás ina bhfuil sé sin údaraithe le bunghníomh an chláir cistiúcháin ábhartha de chuid an Aontais.

CUID A TRÍ

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 171

Faireachán agus meastóireacht

1.  
Beidh gníomhaíochtaí na gcomhghnóthas faoi réir faireachán leanúnach agus athbhreithnithe tréimhsiúla i gcomhréir lena gcuid rialacha airgeadais, chun an tionchar is mó, sármhaitheas san eolaíocht agus an úsáid is éifeachtaí agus is éifeachtúla as acmhainní a áirithiú. Cuirfear torthaí an fhaireacháin agus na n-athbhreithnithe tréimhsiúla leis an bhfaireachán a dhéanfar ar chomhpháirtíochtaí Eorpacha agus ar mheastóireachtaí na gcomhghnóthas mar chuid de mheastóireachtaí ar Fís Eorpach mar a shonraítear in Airteagal 50 agus Airteagal 52 den Rialachán maidir le Fís Eorpach.
2.  

Eagróidh na comhghnóthais faireachán leanúnach agus tuairisciú ar bhainistiú agus cur chun feidhme a gcuid gníomhaíochtaí agus athbhreithnithe tréimhsiúla a eagrú ar aschuir, torthaí agus tionchair na ngníomhaíochtaí indíreacha cistithe arna gcur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 50 den Rialachán maidir le Fís Eorpach agus le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán maidir le Fís Eorpach. Áireofar an méid seo a leanas san fhaireachán agus sa tuairisciú sin:

(a) 

táscairí faoi cheangal ama chun tuairisciú ar bhonn bliantúil ar an dul chun cinn ar a gcuid gníomhaíochtaí i dtreo bhaint amach na gcuspóirí ginearálta, sonracha agus oibríochtúla, lena n-áirítear cuspóirí breise comhghnóthas a leagtar síos i gCuid a Dó, chomh maith le conairí tionchair a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán maidir le Fís Eorpach;

(b) 

faisnéis faoi shineirgí idir gníomhaíochtaí an chomhghnóthais agus tionscnaimh agus beartais náisiúnta nó réigiúnacha bunaithe ar fhaisnéis arna fáil ag na stáit rannpháirteacha nó ag grúpa ionadaithe na stát agus ar shineirgí le cláir eile de chuid an Aontais agus le comhpháirtíochtaí Eorpacha eile;

(c) 

faisnéis ar an leibhéal príomhshruthaithe eolaíochtaí sóisialta agus daonnachtaí, an cóimheas idir LUTanna ísle agus arda i dtaighde comhoibritheach, an dul chun cinn ar rannpháirtíocht tíortha a leathnú, comhdhéanamh geografach cuibhreannas i dtionscadail chomhoibritheacha, úsáid nós imeachta aighneachta agus meastóireachta dhá chéim, na bearta atá dírithe ar naisc chomhoibritheacha a éascú i dtaighde agus nuálaíocht na hEorpa, úsáid an athbhreithnithe ar mheastóireacht agus líon agus cineálacha na ngearán, an leibhéal príomhshruthaithe aeráide agus caiteachas gaolmhar, rannpháirtíocht FBM, rannpháirtíocht na hearnála príobháidí, rannpháirtíocht inscne i ngníomhaíochtaí cistithe, painéil mheastóireachta, boird agus grúpaí comhairleacha, an ráta comhchistiúcháin, an cistiú comhlántach agus carnach ó chistí eile de chuid an Aontais, an méid ama a thógann sé deontas a thabhairt, an leibhéal comhair idirnáisiúnta, rannpháirtíocht saoránach agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta;

(d) 

na leibhéil caiteachais dí-chomhiomlánaithe ar leibhéal tionscadail chun go bhféadfar anailís shonrach a dhéanamh, lena n-áirítear in aghaidh an réimse idirghabhála;

(e) 

an leibhéal ró-shuibscríofa, go háirithe líon na dtograí agus maidir le gach glao ar thograí, an méanscór, sciar na dtograí os cionn na dtairseach cáilíochta agus faoina mbun;

(f) 

faisnéis ar éifeachtaí giarála cáilíochtúla agus cainníochtúla, lena n-áirítear maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus comhchineáil a ghealltar agus a chuirtear ar fáil go hiarbhír, infheictheacht agus suí sa chomhthéacs idirnáisiúnta, an tionchar ar thaighde agus na rioscaí ó thaobh nuálaíochta de a bhaineann le hinfheistíochtaí na hearnála príobháidí;

(g) 

faisnéis maidir le bearta chun rannpháirtithe nua a mhealladh, go háirithe FBManna, institiúidí ardoideachais agus eagraíochtaí taighde, agus chun líonraí comhoibríocha a leathnú.

3.  
Cuirfear meastóireachtaí ar oibríochtaí na gcomhghnóthas i gcrích go tráthúil chun fónamh do na meastóireachtaí eatramhacha agus deiridh foriomlána in Fís Eorpach agus don phróiseas cinnteoireachta gaolmhar maidir le Fís Eorpach, a chomharba agus tionscnaimh eile atá ábhartha do thaighde agus nuálaíocht, dá dtagraítear in Airteagal 52 den Rialachán maidir le Fís Eorpach.
4.  
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht eatramhach agus deiridh ar gach Comhghnóthas chun fónamh do mheastóireachtaí Fís Eorpach, mar a shonraítear in Airteagal 52 den Rialachán maidir le Fís Eorpach. Déanfar scrúdú sna meastóireachtaí ar conas a chomhlíonann gach comhghnóthas a mhisean agus a chuspóirí, cumhdófar gach gníomhaíocht den chomhghnóthas agus déanfar meastóireacht ar bhreisluach Eorpach, éifeachtacht, éifeachtúlacht an chomhghnóthais lena mbaineann, lena n-áirítear a oscailteacht agus a thrédhearcacht, ar ábharthacht na ngníomhaíochtaí a shaothraítear agus a gcomhleanúnachas agus a gcomhlántachtaí le beartais ábhartha réigiúnacha, náisiúnta agus de chuid an Aontais, lena n-áirítear sineirgí le codanna eile de Fís Eorpach, amhail misin, braislí nó cláir théamacha nó shonracha. Cuirfear san áireamh sna meastóireachtaí tuairimí na ngeallsealbhóirí, ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal náisiúnta araon, agus i gcás inarb ábhartha, cuirfear san áireamh iontu freisin measúnú ar thionchair fhadtéarmacha eolaíocha, shochaíocha, eacnamaíocha agus teicneolaíochtaí na gcomhghnóthas dá dtagraítear in Airteagal 174(3) go (9). Áireofar leis na meastóireachtaí freisin, i gcás inarb ábhartha, measúnú ar an modh idirghabhála beartais is éifeachtaí le haghaidh aon ghníomh sa todhchaí, chomh maith le hábharthacht agus comhleanúnachas aon athnuachana a fhéadfar a dhéanamh ar gach comhghnóthas faoi seach i bhfianaise na dtosaíochtaí beartais foriomlána agus an tírdhreach tacaíochta taighde agus nuálaíochta, lena n-áirítear a shuíomh i gcomparáid le tionscnaimh eile a dtacaítear leo tríd an gCreatchlár, go háirithe comhpháirtíochtaí nó misin Eorpacha. Tabharfar aird chuí sna meastóireachtaí ar an bplean céimnithe amach arna ghlacadh ag an mBord Rialaithe i gcomhréir le hAirteagal 17(2), pointe (a1), freisin.
5.  
Ar bhonn chonclúidí na meastóireachta eatramhaí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 11(6) nó féadfaidh sé aon ghníomh eile iomchuí a ghlacadh.
6.  
Féadfaidh an Coimisiún meastóireachtaí breise a dhéanamh ar théamaí nó ar thopaicí atá ábhartha go straitéiseach, le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha seachtracha arna roghnú ar bhonn próiseas trédhearcach, chun scrúdú a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinne comhghnóthas i dtreo na gcuspóirí a leagadh síos, agus na tosca a rannchuidíonn le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a shainaithint agus dea-chleachtais a shainaithint freisin. Ach na meastóireachtaí breise sin a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún a mhachnamh maidir leis an tionchar iomlán ar an gcomhghnóthas.
7.  
Déanfaidh comhghnóthais athbhreithnithe tréimhsiúla ar a gcuid gníomhaíochtaí mar bhonn dá meastóireachtaí eatramhacha agus deiridh mar chuid de na meastóireachtaí in Fís Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 52 den Rialachán maidir le Fís Eorpach.
8.  
Cuirfear na hathbhreithnithe tréimhsiúla agus na meastóireachtaí san áireamh i bhfoirceannadh nó céimniú amach an chomhghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 45 den Rialacháin seo, i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán maidir le Fís Eorpach. Laistigh de 6 mhí ó fhoirceannadh comhghnóthais, ach tráth nach déanaí ná 4 bliana tar éis an nós imeachta foirceanta dá dtagraítear in Airteagal 45 den Rialachán seo a thruicearú, cuirfidh an Coimisiún meastóireacht deiridh i gcrích maidir leis an gcomhghnóthas sin i gcomhréir leis an meastóireacht deiridh in Fís Eorpach.
9.  
Déanfaidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí ar na comhghnóthais, ina n-áireofar conclúidí na meastóireachta agus barúlacha ón gCoimisiún, a fhoilsiú agus a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún mar chuid de na meastóireachtaí in Fís Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 52 den Rialachán maidir le Fís Eorpach.

Airteagal 172

Tacaíocht ón mBallstát óstach

Féadfar comhaontú riaracháin a thabhairt i gcrích idir comhghnóthas agus an Ballstát ina bhfuil a shuíochán lonnaithe maidir le pribhléidí agus díolúintí agus tacaíocht eile a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil don chomhghnóthas lena mbaineann.

Airteagal 173

Gníomhaíochtaí tosaigh

1.  
Beidh an Coimisiún freagrach as bunú agus oibriú tosaigh Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 agus an Chomhghnóthais um Líonraí agus Seirbhísí Cliste go dtí go mbeidh an acmhainneacht oibríochtúil acu a mbuiséad féin a chur i bhfeidhm. Déanfaidh an Coimisiún gach gníomhaíocht is gá i gcomhar leis na comhaltaí eile agus le rannpháirtíocht comhlachtaí inniúla na gcomhghnóthas sin.
2.  

Chun críoch mhír 1:

(a) 

go dtí go rachaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i mbun dualgas tar éis don Bhord Rialaithe é nó í a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 18(2), féadfaidh an Coimisiún oifigeach ón gCoimisiún a ainmniú le gníomhú mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach agus na dualgais a shanntar don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fheidhmiú;

(b) 

de mhaolú ar Airteagal 17(2), pointe (h), feidhmeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin i leith aon phost foirne is gá a líonadh sula rachaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i mbun dualgas i gcomhréir le hAirteagal 18(2);

(c) 

féadfaidh an Coimisiún líon teoranta dá chuid oifigeach a shannadh ar bhonn eatramhach.

3.  
Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach na híocaíochtaí uile arna gcumhdach ag na leithreasuithe dá bhforáiltear i mbuiséad bliantúil na gComhghnóthas dá dtagraítear i mír 1 a údarú i ndiaidh don Bhord Rialaithe iad a fhormheas agus féadfaidh sé nó siad comhaontuithe, cinntí agus conarthaí, lena n-áirítear conarthaí fostaíochta foirne, a thabhairt i gcrích, i ndiaidh go nglacfar plean bunaithe foirne na gcomhghnóthas sin.
4.  
Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach, le comhaontú an Stiúrthóra Feidhmiúcháin isteach agus faoi réir cheadú an Bhoird Rialaithe, an dáta a mheasfar a mbeidh sé d’acmhainneacht ag an gcomhghnóthas lena mbaineann a bhuiséad féin a chur chun feidhme a chinneadh. Ón dáta sin, staonfaidh an Coimisiún ó ghealltanais agus íocaíochtaí a dhéanamh i leith ghníomhaíochtaí an chomhghnóthais sin.

Airteagal 174

Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

1.  
Déantar Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014,(AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014 (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014, agus (AE) Uimh. 642/2014 a aisghairm.
2.  
Leanfaidh gníomhaíochtaí arna dtionscnamh nó arna leanúint faoi na Rialacháin dá dtagraítear i mír 1 agus na hoibleagáidí airgeadais a bhaineann le gníomhaíochtaí den sórt sin de bheith faoi rialú na Rialachán sin go dtí go mbeidh siad tugtha chun críche.
3.  
Is é an Comhghnóthas um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach a bheidh mar chomharba dlíthiúil agus uilíoch i leith gach conartha, lena n-áirítear conarthaí fostaíochta agus comhaontuithe deontais, dliteanais agus maoin fhaighte an Chomhghnóthais Tionscal Bhithbhunaithe a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 560/2014, agus gabhfaidh sé a ionad agus tiocfaidh sé i gcomharbas air.
4.  
Is é an Comhghnóthas um Eitlíocht Ghlan a bheidh mar chomharba dlíthiúil agus uilíoch i leith gach conartha, lena n-áirítear conarthaí fostaíochta agus comhaontuithe deontais, dliteanais agus maoin fhaighte Chomhghnóthas Spéire Glaine 2 a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 558/2014, agus gabhfaidh sé a ionad agus tiocfaidh sé i gcomharbas air.
5.  
Is é an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan a bheidh mar chomharba dlíthiúil agus uilíoch i leith gach conartha, lena n-áirítear conarthaí fostaíochta agus comhaontuithe deontais, dliteanais agus maoin fhaighte an Chomhghnóthais um Chealla Breosla agus um Hidrigin 2 a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 559/2014, agus gabhfaidh sé a ionad agus tiocfaidh sé i gcomharbas air.
6.  
Is é an Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa a bheidh mar chomharba dlíthiúil agus uilíoch i leith gach conartha, lena n-áirítear conarthaí fostaíochta agus comhaontuithe deontais, dliteanais agus maoin fhaighte Chomhghnóthas Shift2Rail a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 642/2014 ón, agus gabhfaidh sé a ionad agus tiocfaidh sé i gcomharbas air.
7.  
Is é Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach a bheidh mar chomharba dlíthiúil agus uilíoch i leith gach conartha, lena n-áirítear conarthaí fostaíochta agus comhaontuithe deontais, dliteanais agus maoin fhaighte an Chomhghnóthais maidir leis an Tionscnamh um Míochaine Nuálach 2 a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 557/2014, agus gabhfaidh sé a ionad agus tiocfaidh sé i gcomharbas air.
8.  
Is é ►M1  an Comhghnóthas um Shliseanna ◄ (KDT) a bheidh mar chomharba dlíthiúil agus uilíoch i leith gach conartha, lena n-áirítear conarthaí fostaíochta agus comhaontuithe deontais, dliteanais agus maoin fhaighte Chomhghnóthas ECSEL a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 561/2014, agus gabhfaidh sé a ionad agus tiocfaidh sé i gcomharbas air.
9.  
Is é Comhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair a bheidh ina chomharba dlíthiúil agus uilíoch i leith gach conartha, lena n-áirítear conarthaí fostaíochta agus comhaontuithe deontais, dliteanais agus maoin fhaighte Chomhghnóthas SESAR a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 219/2007, agus gabhfaidh sé a ionad agus tiocfaidh sé i gcomharbas air.
10.  
Ní dhéanann an Rialachán seo difear do chearta agus d’oibleagáidí na foirne atá fostaithe faoi na Rialacháin dá dtagraítear i mír 1.
11.  
Ar feadh a dtéarma oifige atá fágtha, sannfar na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin arna gceapadh faoi na Rialacháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo d’fheidhmeanna an Stiúrthóra Feidhmiúcháin dá bhforáiltear sa Rialachán seo le héifeacht ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ní thiocfaidh aon athrú ar choinníollacha eile an chonartha.
12.  
Ina chéad chruinniú, glacfaidh Bord Rialaithe gach comhghnóthais liosta cinntí a ghlac Bord Rialaithe na gcomhghnóthas roimhe seo dá dtagraítear i míreanna 3 go 9 a mbeidh feidhm leo fós maidir leis an gcomhghnóthas lena mbaineann a bhunaítear faoin Rialachán seo.
13.  
Cuimseofar sna meastóireachtaí eatramhacha dá dtagraítear in Airteagal 171(2) meastóireacht deiridh ar na comhghnóthais roimhe seo dá dtagraítear i míreanna 3 go 9 den Airteagal seo.
14.  
Déanfar aon leithreasuithe nár úsáideadh faoi na Rialachán dá dtagraítear i mír 1 a aistriú chuig an gcomhghnóthas comhfhreagrach arna bhunú faoin Rialachán seo. Úsáidfear aon leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí nár úsáideadh arna n-aistriú amhlaidh ar dtús chun tacaíocht airgeadais a sholáthar do ghníomhaíochtaí indíreacha arna dtionscnamh faoi Fís 2020. Féadfar aon leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí atá fágtha a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí indíreacha arna dtionscnamh faoin Rialachán seo. I gcás ina n-úsáidfí leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí den sórt sin le haghaidh gníomhaíochtaí indíreacha arna dtionscnamh faoin Rialachán seo, bainfear iad den ranníocaíocht airgeadais atá le soláthar ag an Aontas don chomhghnóthas faoi seach faoin Rialachán seo.

Airteagal 175

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

Comhaltaí bunaidh an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan

(1) 

Aciturri Aeronáutica S.L.U., atá cláraithe faoi dhlí na Spáinne (cláruimhir: BU12351), agus a bhfuil a oifig chláraithe in P.I. Bayas, calle Ayuelas, 22, 09200, Miranda de Ebro (Burgos), an Spáinn;

(2) 

Aernnova Aerospace SAU, atá cláraithe faoi dhlí na Spáinne (cláruimhir: VI6749), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Parque Tecnológico de Álava, C/Leonardo da Vinci num. 13, Miñano (Álava), an Spáinn;

(3) 

Airbus SAS, atá cláraithe faoi dhlí na Fraince (cláruimhir: 383474814), agus a bhfuil a oifig chláraithe in 2 Rond-Point Emile Dewoitine, 31707 Blagnac, an Fhrainc;

(4) 

Centro Italiano Ricerche Aerospaziali SCPA (CIRA), atá cláraithe faoi dhlí na hIodáile (cláruimhir: 128446), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Via Maiorise 1, Capua-Caserta 81043, an Iodáil;

(5) 

Dassault Aviation SA, atá cláraithe faoi dhlí na Fraince (cláruimhir: 712042456), agus a bhfuil a oifig chláraithe in 9, Rond-Point des Champs-Elysées Marcel-Dassault, 78008 Páras, an Fhrainc;

(6) 

Deutsches Zentrum für Luft- und Raumfahrt e.V. (DLR), atá cláraithe faoi dhlí na Gearmáine (cláruimhir: VR2780), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Linder Höhe, 51147 Köln, an Ghearmáin;

(7) 

Fraunhofer-Gesellschaft zur Förderung der Angewandten Forschung e.V., atá cláraithe faoi dhlí na Gearmáine (cláruimhir: VR4461), agus a bhfuil a oifig chláraithe in 27C, Hansastrasse, 80686 München, an Ghearmáin;

(8) 

Fokker Technologies Holding BV, atá cláraithe faoi dhlí na hÍsiltíre (cláruimhir: 50010964), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Industrieweg 4, 3351 LB Papendrecht, an Ísiltír;

(9) 

GE Avio S.r.l., atá cláraithe faoi dhlí na hIodáile (cláruimhir: 1170622CF10898340012), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Rivalta di Torino (TO), Via I Maggio uimh. 99, an Iodáil;

(10) 

GKN Aerospace, Sweden AB, atá cláraithe faoi dhlí na Spáinne (cláruimhir: 5560290347), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Flygmotorvägen 1, SE-461 81 Trollhättan, an tSualainn;

(11) 

Honeywell International s.r.o., atá cláraithe faoi dhlí na Seice (cláruimhir: 27617793), agus a bhfuil a oifig chláraithe in V Parku 2325/18, 148 00 Praha 4 – Chodov, Prág, Poblacht na Seice;

(12) 

Industria de Turbo Propulsores S.A.U., atá cláraithe faoi dhlí na Spáinne (cláruimhir: BI5062), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Parque Tecnológico, Edificio 300, 48170 Zamudio, an Spáinn;

(13) 

Leonardo SpA, atá cláraithe faoi dhlí na hIodáile (cláruimhir: 7031), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Piazza Monte Grappa 4, 00195 an Róimh, an Iodáil;

(14) 

Liebherr-Aerospace & Transportation SAS, atá cláraithe faoi dhlí na Fraince (cláruimhir: 552016834), agus a bhfuil a oifig chláraithe in 408 avenue des Etats-Unis, 31016 Toulouse Cedex 2, an Fhrainc;

(15) 

Lufthansa Technik AG, atá cláraithe faoi dhlí na Gearmáine (cláruimhir: HRB 56865), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Weg beim Jäger 193, 22335 Hamburg, an Ghearmáin;

(16) 

Łukasiewicz Research Network – Institute of Aviation, atá cláraithe faoi dhlí na Polainne (cláruimhir: 387193275), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Al. Krakowska 110/114, 02-256 Vársá,an Pholainn;

(17) 

MTU Aero Engines AG, atá cláraithe faoi dhlí na Gearmáine (cláruimhir: HRB 157206), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Dachauer Str. 665, 80995 München, an Ghearmáin;

(18) 

National Institute for Aerospace Research (INCAS), atá cláraithe faoi dhlí na Rómáine (cláruimhir: J40649215071991), agus a bhfuil a hoifig chláraithe in B-dul Iuliu Maniu no. 220, sect 6, 061126 Búcairist, an Rómáin;

(19) 

Office National d’Etudes et de Recherches Aérospatiales (ONERA), atá cláraithe faoi dhlí na Fraince (cláruimhir: 775722879), agus a bhfuil a oifig chláraithe in BP 80100 - 91123 Palaiseau, an Fhrainc;

(20) 

Piaggio Aero Industries, atá cláraithe faoi dhlí na hIodáile (cláruimhir: 903062), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Viale Generale Disegna, 1, 17038 Villanova d’Albenga, Savona, an Iodáil;

(21) 

Pipistrel Vertical Solutions d.o.o., atá cláraithe faoi dhlí na Slóivéine (cláruimhir: 7254466000), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Vipavska cesta 2, SI-5270 Ajdovščina, an tSlóivéin;

(22) 

Rolls-Royce Deutschland Ltd & Co KG, atá cláraithe faoi dhlí na Gearmáine (cláruimhir: HRA 2731P), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Eschenweg 11, Dahlewitz, 15827 Blankenfelde-Mahlow, an Ghearmáin;

(23) 

Safran, atá cláraithe faoi dhlí na Fraince (cláruimhir: 562082909), agus a bhfuil a oifig chláraithe in 2, Bvd. du General Martial-Valin, 75015 Páras, an Fhrainc;

(24) 

Stichting Nationaal Lucht- en Ruimtevaartlaboratorium, atá cláraithe faoi dhlí na hÍsiltíre (cláruimhir: 41150373), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Anthony Fokkerweg 2, 1059 CM Amstardam, an Ísiltír;

(25) 

Thales AVS France SAS, atá cláraithe faoi dhlí na Fraince (cláruimhir: 612039495), agus a bhfuil a oifig chláraithe in 75-77 Avenue Marcel Dassault, 33700 Mérignac, an Fhrainc;

(26) 

United Technologies Research Centre Ireland, Ltd, atá cláraithe faoi dhlí na hÉireann (cláruimhir: 472601), agus a bhfuil a oifig chláraithe ar an gCeathrú hUrlár, Ionad Gnó Penrose, Cé Penrose, Corcaigh T23 XN53, Éire;

(27) 

Ollscoil Patras, atá cláraithe faoi dhlí na Gréige (cláruimhir: EL998219694 (CBL)), agus a bhfuil a hoifig chláraithe ar an gCampas Ollscoile, 26504 Rio Achaia, an Ghréig.




IARSCRÍBHINN II

Comhaltaí bunaidh an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa

(1) 

Administrador de Infraestructuras Ferroviarias (ADIF), Entidad Pública Empresarial, cuideachta chorparáideach phoiblí atá cláraithe faoi dhlí na Spáinne (cláruimhir: Q2801660H), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Calle Sor Ángela de la Cruz, 3, 28020 Maidrid, an Spáinn;

(2) 

Alstom Transport SA, atá cláraithe faoi dhlí na Fraince (cláruimhir 389191982), agus a bhfuil oifig chláraithe in 48, rue Albert Dhalenne, 93482 Saint-Ouen, an Fhrainc;

(3) 

Cuibhreannas ANGELRAIL faoi stiúir MER MEC S.p.A., atá cláraithe faoi dhlí na hIodáile (cláruimhir: 05033050963), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Monopoli (BA) 70043 Via Oberdan, 70 an Iodáil;

(4) 

AŽD Praha s.r.o., atá cláraithe faoi dhlí na Seice (cláruimhir: 48029483), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Žirovnická 3146/2, Záběhlice, 106 00, Prág 10, Poblacht na Seice;

(5) 

Construcciones y Auxiliar de Ferrocarriles, S.A. (CAF), atá cláraithe faoi dhlí na Spáinne (cláruimhir: Imleabhar 983, Fóilió 144, Bileog uimhir SS-329, iontráil 239), agus a bhfuil a oifig chláraithe in calle José Miguel Iturrioz no 26, 20200, Beasain (Gipuzkoa), an Spáinn;

(6) 

Asociación Centro Tecnológico CEIT, atá cláraithe faoi dhlí na Spáinne (cláruimhir: 28/1986 Clárlann Chomhlachais rialtas phobal féinrialaitheach Thír na mBascach), agus a bhfuil oifig chláraithe in Paseo Manuel Lardizabal, no 15. Donostia-San Sebastián, an Spáinn;

(7) 

České dráhy, a.s., atá cláraithe faoi dhlí na Seice (cláruimhir: 70994226, arna iontráil sa Chlár Tráchtála arna choimeád ag an gCúirt Dúiche i bPrág, roinn B, iontráil 8039), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Prague 1, Nábřeží L. Svobody 1222, postchód 110 15, Poblacht na Seice;

(8) 

Deutsche Bahn AG, an Ghearmáin;

(9) 

Deutsches Zentrum für Luft- und Raumfahrt e.V. (DLR), atá cláraithe faoi dhlí na Gearmáine (cláruimhir: VR 2780 ag Amtsgericht Bonn), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Linder Höhe, 51147 Köln, an Ghearmáin;

(10) 

European Smart Green Rail Joint Venture (eSGR JV), (eSGR JV), arna ionadú ag Centro de Estudios de Materiales y Control de Obra S.A (CEMOSA), atá cláraithe faoi dhlí na Spáinne (cláruimhir: A-29021334), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Benaque 9, 29004 Málaga, an Spáinn;

(11) 

Faiveley Transport SAS, atá cláraithe faoi dhlí na Fraince (cláruimhir 323288563 RCS Nanterre), agus a bhfuil a oifig chláraithe in 3, rue du 19 mars 1962, 92230 Gennevilliers, an Fhrainc;

(12) 

Ferrovie dello Stato Italiane S.p.A. (FSI), atá cláraithe faoi dhlí na hIodáile (cláruimhir: R.E.A. 962805), agus a bhfuil a oifig chláraithe in piazza della Croce Rossa 1 - 00161 an Róimh, an Iodáil;

(13) 

Hitachi Rail STS S.p.A., atá cláraithe faoi dhlí na hIodáile (cláruimhir: R.E.A. GE421689), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Genova, an Iodáil;

(14) 

INDRA SISTEMAS S.A & PATENTES TALGO S.L.U.

INDRA SISTEMAS S.A., atá cláraithe faoi dhlí na Spáinne (cláruimhir: A-28599033), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Avenida de Bruselas no 35, 28108 Alcobendas, Maidrid, an Spáinn;

PATENTES TALGO S.L.U., atá cláraithe faoi dhlí na Spáinne (cláruimhir: B-84528553), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Paseo del tren Talgo, no 2, 28290 Las Rozas de Madrid, Maidrid, an Spáinn;

(15) 

Jernbanedirektorate (Stiúrthóireacht Iarnróid na hIorua), Osló, an Iorua;

(16) 

Knorr-Bremse Systems für Schienenfahrzeuge GmbH, atá cláraithe faoi dhlí na Gearmáine (cláruimhir: HRB91181), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Moosacher Str. 80, 80809 München, an Ghearmáin;

(17) 

Österreichische Bundesbahnen-Holding Aktiengesellschaft (ÖBB-Holding AG) atá cláraithe faoi dhlí na hOstaire (cláruimhir: FN 247642f), agus a bhfuil a hoifig chláraithe in Am Hauptbahnhof 2, 1100 Vín, an Ostair;

(18) 

Polskie Koleje Państwowe Spółka Akcyjna (PKP), atá cláraithe faoi dhlí na Polainne (cláruimhir: 0000019193), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Al. Jerozolimskie 142A, 02-305 Vársá, an Pholainn;

(19) 

Rail B.V. & NS Groep N.V.

ProRail B.V., atá cláraithe faoi dhlí na hÍsiltíre (cláruimhir: 30124359), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Utrecht (PIC-nr.: 998208668), an Ísiltír;

NS Groep N.V., atá cláraithe faoi dhlí na hÍsiltíre (cláruimhir: 30124358), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Utrecht (PIC-nr.: 892354217), an Ísiltír;

(20) 

Siemens Mobility GmbH, atá cláraithe faoi dhlí na Gearmáine (cláruimhir HRB 237219), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Otto-Hahn-Ring 6, München, an Ghearmáin;

(21) 

Société nationale SNCF, société anonyme, atá cláraithe faoi dhlí na Fraince (cláruimhir: 552049447), agus a bhfuil a oifig chláraithe in 2 Place aux Étoiles, 93200 Saint-Denis, an Fhrainc;

(22) 

Strukton Rail Nederland B.V., atá cláraithe faoi dhlí na hÍsiltíre (cláruimhir: 30139439 Cumann Tráchtála Utrecht), an Ísiltír;

(23) 

THALES SIX GTS France SAS, atá cláraithe faoi dhlí na Fraince (cláruimhir: 383470937), a bhfuil a oifig chláraithe in 4 Avenue des Louvresses - 92230 Gennevilliers, an Fhrainc;

(24) 

Trafikverket, Comhlacht Earnála Poiblí, atá cláraithe faoi dhlí na Sualainne (cláruimhir: 202100-6297), agus a bhfuil a oifig chláraithe in 781 89 Borlänge, an tSualainn;

(25) 

voestalpine Railway Systems GmbH, atá cláraithe faoi dhlí na hOstaire (cláruimhir: FN 126714W), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Kerpelystrasse 199, 8700 Leoben, an Ostair.




IARSCRÍBHINN III

Comhaltaí bunaidh Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair

(1) 

Aeroporti di Roma SpA, cuideachta chorpraithe faoi dhlí na hIodáile, faoi réir bhainistiú agus chomhordú Atlantia SpA, a bhfuil a hoifig chláraithe ag Via Pier Paolo Racchetti 1, Fiumicino (An Róimh), an Iodáil, Cód Cánach agus uimhir Chlárlann Gnó agus Trádála na Róimhe 13032990155;

(2) 

AENA Sociedad Mercantil Estatal, Sociedad Anónima (AENA S.M.E.S.A), atá cláraithe faoi dhlí na Spáinne (clárú oifigiúil C.I.F Deimhniú aitheantais cánach: A-86212420) agus a bhfuil a sheoladh dlíthiúil ag Calle Peonías 12, 28042, Maidrid, an Spáinn. Fón +34913211000;

(3) 

AEROPORTS DE PARIS, Société Anonyme, atá cláraithe faoi dhlí na Fraince (clárú oifigiúil RCS Bobigny B 552016628), agus a bhfuil a oifig chláraithe in 1 rue de France, 93290 Tremblay Tremblay-en-France, an Fhrainc;

(4) 

Société Air France SA, atá cláraithe faoi dhlí na Fraince, 420495178 RCS Bobigny, 45 rue de Paris, 95747 Roissy-CDG, an Fhrainc, FR 61420495178;

(5) 

Seirbhísí Aerloingseoireachta Phoblacht na Seice (ANS CR), fiontar stáit, arna bhunú agus arna eagrú faoi dhlíthe Phoblacht na Seice, agus a bhfuil a oifig chláraithe in Navigační 787, 252 61 Jeneč, Poblacht na Seice, Uimhir Aitheantais na Cuideachta: 497 10 371, Uimhir Aitheantais CBL: CZ699004742, atá cláraithe sa Chlár Tráchtála arna riaradh ag an gCúirt Dúiche i bPrág, faoi Roinn A, Iontráil 10771;

(6) 

Airbus SAS, atá cláraithe faoi dhlí na Fraince (cláruimhir: 383474814 R.C.S. Toulouse), agus a bhfuil a oifig chláraithe in 2 Rond Point Émile Dewoitine, 31700 Blagnac, an Fhrainc;

(7) 

Airtel ATN Limited, atá cláraithe faoi dhlí na hÉireann (cláruimhir: 287698), agus a bhfuil a oifig chláraithe in 2 Cearnóg an Chuain, Bóthar Crofton, Dún Laoghaire, Contae Bhaile Átha Cliath, A96 D6RO, Éire;

(8) 

Alliance for New Mobility Europe (AME), eagraíocht neamhbhrabúsach (“Association sans but lucratif/Vereniging zonder winstoogmerk”), atá cláraithe faoi dhlí na Beilge faoin gcláruimhir 0774.408.606, agus a bhfuil a oifig chláraithe in 227, rue de la Loi, 1000 an Bhruiséil, an Bheilg;

(9) 

Aerfort Idirnáisiúnta na hAithne S.A., atá cláraithe faoi Dhlí na Gréige (clárú oifigiúil: An Chlárlann Ghinearálta Leictreonach Tráchtála faoin uimhir 2229601000 G.E.MI, lena háitreabh cláraithe ag Spata Attica, an Ghréig, postchód 19019;

(10) 

Austro Control Österreichische Gesellschaft für Zivilluftfahrt mit beschränkter Haftung, (ACG), cuideachta faoi dhlitheanas teoranta, atá cláraithe faoi Dhlíthe na hOstaire (cláruimhir 71000m), lena oifig chláraithe ag Wagramer Strasse 19, A-1220 Vín, an Ostair;

(11) 

Cuideachta NV/SA Aerfort na Bruiséile, cuideachta faoi dhliteanas teoranta atá corpraithe agus arb ann di faoi dhlíthe na Beilge, atá cláraithe le Crossroads Bank of Enterprises faoin uimhir 0890.082.292 agus lena hoifigí cláraithe in Auguste Reyerslaan 80, 1030 an Bhruiséil, an Bheilg;

(12) 

Boeing Aerospace Spain, SL, atá cláraithe faoi dhlí na Spáinne, uimhir CBL: B-83053835, agus a bhfuil a oifig chláraithe in Avenida Sur del Aeropuerto de Barajas 38, Maidrid, 28042, an Spáinn;

(13) 

Fiontar stáit “Air traffic services authority” (BULATSA) (BULATSA), fiontar stáit atá cláraithe faoi dhlí na Bulgáire (cláruimhir 000697179), agus a bhfuil a oifig chláraithe sa Bhulgáir, 1 Brussels blvd, 1540 Sóifia;

(14) 

Centro Italiano Ricerche Aerospaziali C.I.R.A. SCpA, atá cláraithe faoi dhlí na hIodáile (cláruimhir: CE-128446), lena oifig chláraithe in Via Maiorise snc – 81043 Capua (CE) – an Iodáil;

(15) 

Croatia Control Ltd, (CCL), cláraithe faoi Dhlíthe na Cróite (cláruimhir 080328617), lena oifig chláraithe ag Rudolfa Fizira 2, Velika Gorica, an Chróit;

(16) 

Deutsche Lufthansa AG; cláraithe faoi dhlí na Gearmáine, Cúirt Dúiche Kölne HRB 2168, Venloer Str. 151-153, D-50672 Köln, an Ghearmáin, DE 122652565;

(17) 

Deutsches Zentrum für Luft- und Raumfahrt e.V. (DLR), atá cláraithe faoi dhlí na Gearmáine (cláruimhir: VR 2780 ag Amtsgericht Bonn), lena oifig chláraithe in Linder Höhe, 51147 Köln, an Ghearmáin;

(18) 

DFS Deutsche Flugsicherung GmbH, atá cláraithe faoin Dlí Príobháideach (Cláruimhir: HRB 34977), lena oifig chláraithe in Langen (Hessen), an Ghearmáin;

(19) 

Stát na Fraince – Ministère de la Transition écologique (Direction générale de l’aviation civile (DGAC), Direction des services de la navigation aérienne DSNA, atá cláraithe faoi dhlí na Fraince (cláruimhir: SIREN 120 064 019 00074), a bhfuil a oifig chláraithe in 50 Rue Henry Farman 75720 Páras Cedex 15, an Fhrainc;

(20) 

Drone Alliance Europe, eagraíocht neamhbhrabúsach (“Association sans but lucratif/Vereniging zonder winstoogmerk”), atá cláraithe faoi dhlí na Beilge lena chláruimhir 0693.860.794, agus a bhfuil a hoifig chláraithe in Rue Breydel 34 – 36, 1040 an Bhruiséil, an Bheilg;

(21) 

Droniq GmbH, atá cláraithe faoi dhlí na Gearmáine, Ginnheimer Stadtweg 88, 60431 Frankfurt, an Ghearmáin, Amtsgericht Frankfurt am Main, HRB 115576, DE324815501;

(22) 

easyJet Europe Airline GmbH, atá cláraithe faoi Dhlíthe na hOstaire (cláruimhir FN 452433 v), agus a oifig chláraithe in Wagramer Strasse 19, IZD Tower, 11. Stock, 1220 Vín, an Ostair;

(23) 

Ecole Nationale de l’Aviation Civile (ENAC), atá cláraithe faoi dhlí na Fraince (cláruimhir: no193 112 562 00015), agus a bhfuil a oifig chláraithe in 7 Avenue Edouard Belin, CS 54005 – 31055 TOULOUSE cedex 4, an Fhrainc;

(24) 

ENTIDAD PUBLICA EMPRESARIAL ENAIRE, eintiteas gnó poiblí a cláraíodh faoi dhlí 4/1990 an 29 Meitheamh agus faoi Dhlí 18/2014 an 15 Deireadh Fómhair, uimhir CBL: Q2822001J, agus a bhfuil a oifig chláraithe in Parque Empresarial las Mercedes. Edificio no2 Avda. de Aragón, 330. 28022 Maidrid, an Spáinn;

(25) 

ENAV S.p.A., Cuideachta Comhstoic atá cláraithe faoi dhlí na hIodáile, cláruimhir: R.E.A. 965162, agus a bhfuil a hoifig chláraithe in Via Salaria, 716 – 00138, an Róimh, an Iodáil;

(26) 

Flughafen München GmbH, atá cláraithe faoi dhlí na Gearmáine (cláruimhir: HRB 5448, cúirt áitiúil München), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Nordallee 25, 85356 Aerfort München, an Ghearmáin;

(27) 

Frequentis AG, atá cláraithe faoi dhlí na hOstaire (cláruimhir: FN 72115 b), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Innovationsstraße 1, 1100 Vín, an Ostair;

(28) 

Honeywell International s.r.o. atá cláraithe faoi dhlí na Seice, Uimhir Aitheantais: 276 17 793, agus a bhfuil a oifig chláraithe in V Parku 2325/16, 148 00 Prág 4, Poblacht na Seice;

(29) 

HungaroControl Seirbhísí Aerloingseoireachta na hUngáire, Cuideachta Phríobháideach Theoranta, atá cláraithe faoi dhlí na hUngáire (cláruimhir: 01-10-045570), agus a bhfuil a hoifig chláraithe in Igló utca 3335, 1185 Búdaipeist, an Ungáir;

(30) 

Indra Sistemas, S.A., atá cláraithe faoi dhlí na Spáinne, lena ngabhann Cód Aitheantais Cánach A-28599033, atá cláraithe i gClárlann Mharsantach Mhaidrid in Imleabhar 5465 ginearálta, 4554 de roinn 3 den Mhórleabhar Corparáideach, Fóilió 80, Bileog uimhir 43677, an 1ú hiontráil, agus a bhfuil a oifig chláraithe in Avenida de Bruselas, NUM 35, 28108 Alcobendas – Maidrid;

(31) 

Údarás Eitlíochta na hÉireann (IAA), atá cláraithe faoi Dhlíthe na hÉireann (cláruimhir 211082), lena oifig chláraithe ag Foirgneamh The Times, 11-12 Sráid D’Olier, Baile Átha Cliath 2, Éire;

(32) 

Københavns Lufthavne A/S, atá cláraithe faoi dhlí na Danmhairge (Clárú oifigiúil CVR 14707204), lena hoifig chláraithe in Lufthavnsboulevarden 6, 2770 Kastrup;

(33) 

L’OFFICE NATIONAL D’ÉTUDES ET DE RECHERCHES AÉROSPATIALES (ONERA), gníomhaireacht de chuid na Fraince (Établissement public à caractère industriel et commercial), atá cláraithe faoi dhlí na Fraince le clárlann tráchtála agus cuideachtaí Évry (uimhir 775722879), agus a bhfuil a ceannoifig in: BP 80100 – FR-91123 Palaiseau Cedex – an Fhrainc;

(34) 

Leonardo Società per azioni; Ainm gearr: Leonardo S.p.A. – atá cláraithe faoi Dhlí na hIodáile (Cód Fioscach agus Cláruimhir: 00401990585), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Piazza Monte Grappa n. 4, 00195 an Róimh, an Iodáil;

(35) 

Letiště Praha, a. s. (“Aerfort Phrág”), Comhchuideachta atá cláraithe faoi dhlí Phoblacht na Seice, cláruimhir: 28244532, agus a bhfuil a oifig chláraithe in K Letišti 6/1019, Prág 6, Poblacht na Seice;

(36) 

Luftfartsverket (“LFV”), cláraithe faoi Dhlíthe na Sualainne (cláruimhir: 202195-0795) lena oifig chláraithe ag Hospitalsgatan 30, S-601 79 Norrköping, an tSualainn;

(37) 

Luchtverkeersleiding Nederland (LVNL), comhlacht poiblí arna bhunú le hAcht Eitlíochta na hÍsiltíre, atá cláraithe faoi dhlí na hÍsiltíre (cláruimhir: 34367959), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Stationsplein ZuidWest 1001, 1117 CV Schiphol, an Ísiltír;

(38) 

NAVEGAÇÃO AÉREA DE PORTUGAL – NAV Portugal E.P.E, cláraithe faoi Dhlíthe na Portaingéile (cláruimhir 504448064), lena oifig chláraithe ag Rua D, Edifício 121, Aeroporto de Lisboa, 1700-008 Lisboa, an Phortaingéil;

(39) 

NAVIAIR, cláraithe faoi Dhlíthe na Danmhairge, lena n-áirítear dlí Naviair an 26 Bealtaine 2010, (cláruimhir 26059763) lena oifig chláraithe ag Naviair Allé 1 2770 Kastrup, an Danmhairg;

(40) 

Stichting Nationaal Lucht- en Ruimtevaartlaboratorium (NLR), fondúireacht faoi dhlí na hÍsiltíre lena ngabhann cláruimhir de chuid an Chomhlachais Tráchtála: 41150373, agus a bhfuil a hoifig chláraithe in Amstardam, an Ísiltír, agus a seoladh in Anthony Fokkerweg 2, 1059 CM Amstardam, an Ísiltír;

(41) 

Pipistrel Vertical Solutions d.o.o., atá cláraithe faoi dhlí na Slóivéine (cláruimhir: 7254466000), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Ajdovščina, an tSlóivéin.;

(42) 

Polish Air Navigation Services Agency PANSA, eintiteas dlítheanach stáit, a eagraíodh agus a oibríonn faoi Acht an 8 Nollaig 2006 maidir le Gníomhaireacht Seirbhísí Aerloingseoireachta na Polainne, Uimhir Clárlainne Náisiúnta Gnó: 140886771, uimhir aitheantais cánach: 5222838321, lonnaithe in sráid Wieżowa 8, 02-147 Vársá, an Pholainn;

(43) 

Régie autonome “Riarachán Seirbhísí Aerthráchta Rómána” – ROMATSA, eintiteas dlíthiúil stáit atá cláraithe faoi Oifig Chlár Trádála na Rómáine Uimh. J40/1012/1991, Cód Cánach Uimh. RO1589932, atá lonnaithe in 10, Ion Ionescu de la Brad Blvd., 013813, Búcairist, an Rómáin;

(44) 

Ryanair Holdings plc, atá cláraithe faoi dhlí na hÉireann, Ryanair Dublin Office, Páirc Ghnó Aerside, Sord, Contae Bhaile Átha Cliath, Éire, Cuideachta Uimh. 249885;

(45) 

Saab AB (publ), atá cláraithe faoi dhlí na Sualainne (cláruimhir 556036-0793), lena oifig chláraithe 581 88 Linköping, an tSualainn;

(46) 

SAFRAN, atá cláraithe faoi dhlí na Fraince (Cláruimhir: 562082909 R.C.S. Páras), agus a bhfuil a oifig chláraithe i bPáras, an Fhrainc;

(47) 

SINTEF AS, Eagraíocht neamhbhrabúsach Taighde agus Teicneolaíochta, atá cláraithe faoi dhlí na hIorua (cláruimhir: 919303808), agus a bhfuil a hoifig chláraithe in Strindvegen 4 7034 TRONDHEIM, an Iorua;

(48) 

Schiphol NEDERLAND BV, atá cláraithe faoi dhlí na hÍsiltíre (Uimhir de chuid na gComhlachas Tráchtála: 34166584), agus a bhfuil a oifig chláraithe in SHG, Evert van de Beekstraat 202, 1118 CP Schiphol, an Ísiltír;

(49) 

Societa per Azioni Esercizi Aeroportuali (S.E.A), cláruimhir oifigiúil: 00826040156, a bhfuil a oifig chláraithe ag Aeroporto Milano Linate, Segrate, 20090, an Iodáil, uimhir CBL: 00826040156;

(50) 

SWEDAVIA AB, cuideachta phoiblí theoranta, a cláraíodh faoi dhlí na Sualainne an 14 Nollaig 2009 leis an gcláruimhir oifigiúil 556797-0818, a bhfuil a hoifig chláraithe in Sigtuna leis an seoladh 190 45 Stócólm-Arlanda;

(51) 

THALES AVS SAS FRANCE, Société simplifiée par actions, atá cláraithe faoi dhlí THALES AVS na Fraince, cláruimhir RCS Bordeaux 612039495, agus a bhfuil a oifig chláraithe in 73-75 Avenue Marcel Dassault 33700 Mérignac, an Fhrainc;

(52) 

THALES LAS FRANCE SAS, atá cláraithe faoi dhlí na Fraince (cláruimhir: 319159877), agus a bhfuil a oifig chláraithe in 2, Avenue Gay Lussac, 78990 Elancourt, an Fhrainc;

(53) 

United Technologies Research Centre Ireland, Ltd, atá cláraithe faoi dhlíthe na hÉireann (cláruimhir: 472601), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Ionad Gnó Penrose, Cé Penrose, Corcaigh, Éire;

(54) 

Volocopter GmbH atá cláraithe faoi dhlí na Gearmáine (cláruimhir HRB 702987), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Zeiloch 20, 76646 Bruchsal, an Ghearmáin;

(55) 

VTT Technical Research Centre of Finland Ltd, atá cláraithe faoi dhlí na Fionlainne (cláruimhir: 2647375-4), agus a bhfuil a oifig chláraithe in Espoo, an Fhionlainn agus a sheoladh cláraithe ag P.O. Box 1000, FI-02044 VTT, an Fhionlainn.



( 1 ) Rialachán (AE) 2023/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóra na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 (an Gníomh um Shliseanna)… (IO L 229 18.9.2023, lch 1)

( 2 )  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

( 3 ) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).

( 4 ) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

( 5 ) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

( 6 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

( 7 ) Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

( 8 )  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

( 9 ) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

( 10 ) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

( 11 ) Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44).

( 12 ) Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).

( 13 ) Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004, (IO L 138, 26.5.2016, lch. 1).

( 14 ) Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).

( 15 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 409/2013 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2013 maidir le comhthionscadail a shainiú, rialachas a bhunú agus dreasachtaí chun tacú le cur chun feidhme an Mháistirphlean Eorpach um Bainistíocht Aerthráchta a shainaithint (IO L 123, 4.5.2013, lch. 1).

( 16 ) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).