02021R1755 — GA — 01.03.2023 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2021/1755Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Deireadh Fómhair 2021

lena mbunaítear an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit

(IO L 357 8.10.2021, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2023/435 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 27 Feabhra 2023

  L 63

1

28.2.2023




▼B

RIALACHÁN (AE) 2021/1755Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Deireadh Fómhair 2021

lena mbunaítear an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit



CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

1.  
Bunaítear an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (“an Cúlchiste”) leis an Rialachán seo.
2.  
Leagtar síos ann cuspóirí an Chúlchiste, a acmhainní, foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus rialacha maidir lena chur chun feidhme, lena n-áirítear maidir le hincháilitheacht an chaiteachais, bainistíocht agus rialú, agus bainistiú airgeadais.

Airteagal 2

Cuspóirí

1.  
Leis an gCúlchiste, cuirfear tacaíocht ar fáil chun na hiarmhairtí díobhálacha eacnamaíocha, sóisialta, críochacha agus, i gcás inarb iomchuí, comhshaoil, a eascraíonn as tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas sna Ballstáit, lena n-áirítear a réigiúin agus a bpobail áitiúla, agus a n-earnálacha, a chomhrac, go háirithe sna cinn is mó a ndearnadh dochar dóibh leis an tarraingt siar, agus chun an tionchar diúltach gaolmhar ar an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a mhaolú.
2.  
Saothrófar cuspóirí an Chúlchiste i gcomhréir leis an gcuspóir maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, mar a leagtar amach in Airteagal 11 CFAE, agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, Comhaontú Pháras agus an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” á gcur san áireamh.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “tréimhse thagartha” an tréimhse thagartha dá dtagraítear in Airteagal 63(5), pointe (a), den Rialachán Airgeadais, a mhairfidh idir an 1 Eanáir 2020 agus an 31 Nollaig 2023;

(2) 

ciallaíonn “dlí is infheidhme” dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta a bhaineann lena chur i bhfeidhm;

(3) 

ciallaíonn “neamhrialtacht” aon chás ina sáraítear dlí is infheidhme, ar sárú é a bheidh mar thoradh ar ghníomh nó ar fhaillí a dhéanann aon eintiteas poiblí nó príobháideach a bhfuil baint aige le cur chun feidhme na ranníocaíochta airgeadais as an gCúlchiste, lena n-áirítear údaráis na mBallstát, a bhfuil sé d’éifeacht aige, nó a mbeadh sé d’éifeacht aige, dochar a dhéanamh do bhuiséad ginearálta an Aontais trí ábhar caiteachais gan údar maith a ghearradh ar bhuiséad ginearálta an Aontais;

(4) 

ciallaíonn “neamhrialtacht shistéamach” aon neamhrialtacht a d’fhéadfadh a bheith de chineál athfhillteach, agus ar dóchúil go dtarlóidh sí i mbearta den chineál céanna;

(5) 

ciallaíonn “earráidí iomlán” suim na n-earráidí randamacha réamh-mheasta agus, más infheidhme, earráidí sistéamacha teormharcáilte agus earráidí aimhrialta neamhcheartaithe;

(6) 

ciallaíonn “ráta earráide iomlán” iomlán na n-earráidí arna roinnt ar an daonra iniúchóireachta;

(7) 

ciallaíonn “ráta earráidí iarmharacha” iomlán na n-earráidí lúide na ceartuithe airgeadais arna gcur i bhfeidhm ag an mBallstát chun na rioscaí arna sainaithint ag an gcomhlacht iniúchóireachta neamhspleách a laghdú, arna roinnt ar an gcaiteachas atá le dearbhú san iarratas ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste;

(8) 

ciallaíonn “athlonnú” aistriú na gníomhaíochta céanna nó comhchosúla, nó cuid di, de réir bhrí Airteagal 2, pointe (61a), de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún ( 1 );

(9) 

ciallaíonn “críocha le stádas speisialta”, i gcomhthéacs an Rialacháin seo, i gcás inarb iomchuí, na Críocha Briotanacha thar lear agus Spleáchríocha na Corónach.

Airteagal 4

Raon feidhme geografach agus acmhainní an Chúlchiste

1.  
Beidh gach Ballstát incháilithe do thacaíocht as an gCúlchiste.
2.  
Is é EUR 5 470 435 000 i bpraghsanna reatha a bheidh in acmhainní uasta an Chúlchiste.
3.  

Déanfar na hacmhainní dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a leithdháileadh go sealadach, i leithreasaí faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe íocaíochta araon, de bhun na modheolaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Cuirfear ar fáil iad mar a leanas:

(a) 

cuirfear méid réamh-mhaoinithe EUR 4 321 749 000 i bpraghsanna reatha ar fáil agus íocfar é i dtrí thráthchuid de EUR 1 697 933 000 in 2021, EUR 1 298 919 000 in 2022 agus EUR 1 324 897 000 in 2023 i gcomhréir le hAirteagal 9;

(b) 

cuirfear an méid atá fágtha arna leithdháileadh go sealadach, is é sin méid EUR 1 148 686 000 i bpraghsanna reatha, ar fáil in 2025 i gcomhréir le hAirteagal 12.

Déanfar na méideanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), den mhír seo a mheas mar réamh-mhaoiniú de réir bhrí Airteagal 115(2), pointe (b)(i), den Rialachán Airgeadais.

4.  
Maidir le Ballstáit a bhfuil méid a sháraíonn EUR 10 milliún san áireamh ina leithdháileadh sealadach as acmhainní an Chúlchiste arna chinneadh ar bhonn na toisce maidir le héisc a ghabhtar i limistéar eacnamaíoch eisiach na Ríochta Aontaithe, déanfaidh siad sciar 50 % ar a laghad den mhéid sin nó sciar 7 % den mhéid a leithdháileadh go sealadach orthu, cibé acu is ísle, a chaitheamh chun tacú le pobail chósta áitiúla agus réigiúnacha, lena n-áirítear in earnáil an iascaigh, go háirithe earnáil an iascaigh chósta ar mhionscála atá ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta.

I gcás nach n-úsáidfear an leithdháileadh sealadach ina iomláine, déanfar na méideanna is gá a chaitheamh chun na críche dá dtagraítear sa chéad fhomhír a laghdú go comhréireach.

I gcás nach n-úsáidfear go hiomlán chun na críche sin an méid is gá a chaitheamh chun tacú le pobail chósta áitiúla agus réigiúnacha, déanfar sciar 50 % den mhéid nár úsáideadh a asbhaint agus an méid iomlán glactha á ríomh.

Sonrófar i méid an chaiteachais incháilithe ghlactha, amhail dá dtagraítear in Airteagal 12(2), pointe (a), i gcás inarb infheidhme, an méid caiteachais glactha chun tacú le pobail chósta áitiúla agus réigiúnacha.

Áireofar san iarratas ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste miondealú ar an gcaiteachas arna thabhú agus arna íoc do bhearta a thacaíonn le pobail chósta áitiúla agus réigiúnacha, i gcomhréir le hIarscríbhinn II.

5.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin ghníomh cur chun feidhme, na méideanna sealadacha a leithdháiltear ar gach Ballstát a leagan amach bunaithe ar na critéir atá leagtha amach in Iarscríbhinn I. Leagfar amach sa ghníomh cur chun feidhme sin freisin an t-íosmhéid acmhainní a chaithfear i gcomhréir le mír 4.

▼M1

Airteagal 4a

Aistriú chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

1.  
Faoin 1 Márta 2023, féadfaidh na Ballstáit iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun méideanna uile an leithdháilte shealadaigh a leagtar amach i ngníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 4(5), nó cuid díobh, a aistriú chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta arna bunú le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ). Má fhormheastar an iarraidh ar aistriú, leasóidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme chun na méideanna coigeartaithe tar éis na n-aistrithe a léiriú.
2.  
I gcás ina ndéanfaidh an t-aistriú difear do na tráthchodanna a íocadh cheana nó atá le híoc mar réamh-mhaoiniú, leasóidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 9(1) dá réir i gcás an Bhallstáit lena mbaineann. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, na tráthchodanna 2021 agus 2022 uile, nó cuid díobh, arna n-íoc leis an mBallstát sin mar réamh-mhaoiniú, a aisghabháil. Sa chás sin, aistreofar na méideanna aisghafa chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun tairbhe eisiach an Bhallstáit lena mbaineann.
3.  
I gcás ina roghnaíonn Ballstát a leithdháileadh sealadach iomlán nó cuid de a aistriú chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfar na méideanna a bheidh le caitheamh chun críocha Airteagal 4(4), an chéad fhomhír, a laghdú go comhréireach.
4.  
I gcás ina roghnaíonn Ballstát a leithdháileadh sealadach iomlán a aistriú chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ní bheidh feidhm ag Airteagal 10(1).
5.  
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 10(2) maidir leis na méideanna arna n-aistriú chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

▼B



CAIBIDIL II

Incháilitheacht, cúnamh teicniúil agus eisiamh ó thacaíocht

Airteagal 5

Incháilitheacht

1.  

Ní thacóidh an ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste ach le bearta a rinne na Ballstáit go sonrach, lena n-áirítear ar leibhéil réigiúnacha agus áitiúla, chun rannchuidiú leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2, agus féadfar na nithe seo a leanas a chumhdach léi go háirithe:

(a) 

bearta chun tacú le gnólachtaí príobháideacha agus poiblí, go háirithe FBManna, leis na daoine féinfhostaithe, leis na pobail áitiúla agus leis na heagraíochtaí a ndearna tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas dochar dóibh;

(b) 

bearta chun tacú leis na hearnálacha eacnamaíocha ndearnadh an dochar is mó dóibh le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas;

(c) 

bearta chun tacú le gnólachtaí, le pobail réigiúnacha agus áitiúla agus le heagraíochtaí, lena n-áirítear iascaigh chósta ar mhionscála, atá ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe, in uiscí críoch a bhfuil stádas speisialta acu nó in uiscí atá cumhdaithe ag comhaontuithe iascaigh le stáit chósta, áit ar laghdaíodh na deiseanna iascaireachta do chabhlaigh an Aontais mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas;

(d) 

bearta chun tacú le cruthú agus cosaint post, lena n-áirítear poist ghlasa, scéimeanna oibre gearr-ama, athsciliú agus oiliúint in earnálacha a ndearnadh an dochar is mó dóibh le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas;

(e) 

bearta chun feidhmiú rialuithe teorann, custaim, sláintíocha agus fiteashláintíocha, slándála agus iascaigh a áirithiú, mar aon le bailiú cánachais indírigh, lena n-áirítear pearsanra breise agus a oiliúint, agus bonneagar;

(f) 

bearta chun córais lena ndeimhnítear agus lena n-údaraítear táirgí a éascú, chun cuidiú le ceanglais bhunaíochta a chomhlíonadh, chun lipéadú agus marcáil a éascú, mar shampla le haghaidh caighdeáin sábháilteachta, sláinte agus chomhshaoil, agus chun cuidiú le haitheantas frithpháirteach;

(g) 

bearta le haghaidh cumarsáide, faisnéise agus ardú feasachta do shaoránaigh agus gnólachtaí faoi athruithe ar a gcearta agus a n-oibleagáidí a eascraíonn as tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas;

(h) 

bearta atá dírithe ar ath-lánpháirtiú shaoránaigh an Aontais agus daoine a bhfuil sé de cheart acu cónaí ar chríoch an Aontais a d’fhág an Ríocht Aontaithe, mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas.

2.  
Beidh caiteachas incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste má thabhaíonn agus má íocann údaráis phoiblí sna Ballstáit é, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, lena n-áirítear íocaíochtaí le heintitis phoiblí nó phríobháideacha, le linn na tréimhse tagartha le haghaidh bearta a ghlacfar sa Bhallstát lena mbaineann nó chun tairbhe an Bhallstáit lena mbaineann.
3.  
Agus bearta tacaíochta á gceapadh acu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh tionchar éagsúil tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ar réigiúin éagsúla agus ar phobail áitiúla éagsúla agus díreoidh siad ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste orthu sin a ndearnadh an dochar is mó dóibh leis an tarraingt siar, agus prionsabal na comhpháirtíochta á chur san áireamh acu agus idirphlé il-leibhéil á spreagadh le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus le pobail na réigiún agus na n-earnálacha a ndearnadh an dochar is mó dóibh leis an tarraingt siar, leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis an tsochaí shibhialta, i gcás inarb ábhartha, agus i gcomhréir lena gcreat institiúideach, dlíthiúil agus airgeadais.
4.  
Agus bearta tacaíochta á gceapadh acu i réimse an iascaigh, cuirfidh na Ballstáit cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh san áireamh, agus áiritheoidh siad go rannchuideoidh na bearta sin le bainistiú inbhuanaithe na stoc éisc agus déanfaidh siad a ndícheall tacú leis na hiascairí a ndearnadh an dochar is mó dóibh le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, lena n-áirítear iascaigh chósta ar mhionscála.
5.  
Comhlíonfaidh na bearta dá dtagraítear i mír 1 an dlí is infheidhme.
6.  
Féadfaidh bearta atá incháilithe faoi mhír 1 tacaíocht a fháil ó chistí agus cláir eile de chuid an Aontais ar choinníoll nach gcumhdaíonn an tacaíocht sin an costas céanna.
7.  

An ranníocaíocht as an gCúlchiste le gníomhaíocht a chuimsigh infheistíocht i mbonneagar nó infheistíocht tháirgiúil, déanfaidh Ballstáit an ranníocaíocht sin a aisíoc más rud é, laistigh de 5 bliana ón íocaíocht chríochnaitheach le faighteoirí na ranníocaíochta airgeadais as an gCúlchiste nó laistigh den tréimhse ama a leagtar amach sna rialacha maidir le státchabhair, i gcás inarb infheidhme, go ngabhfaidh an ghníomhaíocht faoi aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) 

scor gníomhaíochta táirgiúla nó aistriú gníomhaíochta táirgiúla lasmuigh den Bhallstát ina bhfuair sí ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste;

(b) 

athrú ar úinéireacht ítime bonneagair a thugann buntáiste míchuí do ghnóthas nó do chomhlacht poiblí;

(c) 

athrú substaintiúil a dhéanann difear dá cineál, dá cuspóirí nó dá coinníollacha cur chun feidhme lena mbainfí an bonn dá cuspóirí bunaidh dá bharr.

Féadfaidh Ballstáit na teorainneacha ama a leagtar amach sa chéad fhomhír a laghdú go dtí 3 bliana i gcásanna a bhaineann le hinfheistíochtaí nó poist arna gcruthú ag FBManna a choinneáil ar bun.

Ní bheidh feidhm ag an mír sin maidir le haon ghníomhaíocht ina ndéanfar gníomhaíocht tháirgiúil a scor de thoradh féimheacht neamhchalaoiseach.

Airteagal 6

Cúnamh teicniúil

1.  
Íocfar 2,5 % den ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste le haghaidh gach Ballstáit mar chúnamh teicniúil do bhainistiú, faireachán, faisnéis agus cumarsáid, rialú agus iniúchadh an Chúlchiste, lena n-áirítear ar na leibhéil réigiúnacha agus áitiúla, de réir mar is iomchuí.
2.  
Déanfar cúnamh teicniúil a ríomh mar ráta comhréidh tríd an bhfachtóir 25/975 a chur i bhfeidhm ar mhéid an chaiteachais incháilithe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 12(2), pointe (a).

Airteagal 7

Eisiamh ó thacaíocht

Ní thacóidh an Cúlchiste le CBL agus caiteachas a thacaíonn le hathlonnú mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (8).



CAIBIDIL III

Bainistíocht Airgeadais

Airteagal 8

Cur chun feidhme agus cineálacha cistiúcháin ón Aontas

1.  
Cuirfear chun feidhme an ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste le Ballstát faoi chuimsiú an bhainistithe chomhroinnte i gcomhréir le hAirteagal 63 den Rialachán Airgeadais.
2.  
Bainfidh na Ballstáit úsáid as an ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste chun na bearta dá dtagraítear in Airteagal 5 a chur chun feidhme chun cineálacha tacaíochta neamh-inaisíoctha a sholáthar. Beidh ranníocaíocht an Aontais i bhfoirm aisíoc na gcostas incháilithe a thabhaigh agus a d’íoc údaráis phoiblí sna Ballstáit go hiarbhír, lena n-áirítear íocaíochtaí le heintitis phoiblí nó phríobháideacha, do bhearta arna ndéanamh, agus i bhfoirm maoiniú ar ráta comhréidh do chúnamh teicniúil.
3.  
Déanfar gealltanais agus íocaíochtaí faoin Rialachán seo faoi réir cistiú a bheith ar fáil.
4.  
De mhaolú ar Airteagal 63(5), (6) agus (7) den Rialachán Airgeadais, déanfar na doiciméid dá dtagraítear sna forálacha sin a thíolacadh uair amháin, de bhun Airteagal 10 den Rialachán seo.
5.  
De mhaolú ar Airteagal 12 den Rialachán Airgeadais, tabharfar anonn go huathoibríoch leithreasuithe gealltanais agus íocaíochtaí nár úsáideadh faoin Rialachán seo agus féadfar iad a úsáid go dtí an 31 Nollaig 2026. Is sa bhliain airgeadais ina dhiaidh sin a ídeofar na leithreasuithe a tugadh anonn i dtús báire.

Airteagal 9

Réamh-mhaoiniú

1.  
Faoi réir an fhaisnéis is gá faoi Airteagal 14(1), pointe (d), den Rialachán seo a fháil, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, miondealú na n-acmhainní dá dtagraítear in Airteagal 4(3), pointe (a) den Rialachán seo a leagan amach in aghaidh an Bhallstáit. Is éard a bheidh sa ghníomh cur chun feidhme sin cinneadh airgeadais de réir bhrí Airteagal 110(1) den Rialachán Airgeadais agus an gealltanas dlíthiúil de réir bhrí an Rialacháin sin. De mhaolú ar Airteagal 110(2) den Rialachán Airgeadais, ní bheidh tuairisc ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú sa chinneadh airgeadais sin.
2.  
Is i dtráthchodanna bliantúla le linn na tréimhse idir 1 Eanáir 2021 agus 31 Nollaig 2023 a dhéanfaidh an Coimisiún gealltanais bhuiséadacha an Aontais i leith gach Ballstáit.

De mhaolú ar Airteagal 111(2) den Rialachán Airgeadais, déanfar na gealltanais bhuiséadacha don chéad tráthchuid tar éis don Choimisiún an gníomh cur chun feidhme arb é an gealltanas dlíthiúil a ghlacadh.

3.  
Íocfaidh an Coimisiún tráthchuid 2021 den réamh-mhaoiniú laistigh de 30 lá ó dháta glactha an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Íocfaidh an Coimisiún tráthchodanna an réamh-mhaoinithe do 2022 agus 2023 faoin 30 Aibreán 2022 agus faoin 30 Aibreán 2023, faoi seach. Déanfar an réamh-mhaoiniú a imréiteach i gcomhréir le hAirteagal 12.
4.  
Tabharfar anonn agus bainfear úsáid as méideanna a leithdháiltear ach nach n-íoctar mar réamh-mhaoiniú le haghaidh íocaíochtaí breise de bhun Airteagal 12(6).

Airteagal 10

Iarratais ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste a thíolacadh

1.  
Déanfaidh gach Ballstát iarratas ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2024. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na hiarratais sin agus suífidh sé an bhfuil an méid atá fágtha den leithdháileadh sealadach agus méideanna breise dlite do na Ballstáit nó má tá aon mhéideanna le haisghabháil ó Bhallstáit i gcomhréir le hAirteagal 12.
2.  
I gcás nach gcuireann Ballstát iarratas ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2024, aisghabhfaidh an Coimisiún an méid iomlán a íocadh mar réamh-mhaoiniú leis an mBallstát sin.

Airteagal 11

Ábhar an iarratais ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste

1.  
Bunófar an t-iarratas ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste ar an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Áireofar san iarratas faisnéis maidir leis an gcaiteachas iomlán arna thabhú agus arna íoc ag údaráis phoiblí sna Ballstáit, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, lena n-áirítear dáileadh críochach an chaiteachais ar réigiúin leibhéal NUTS 2, i gcás inarb ábhartha, agus maidir le luachanna na dtáscairí aschuir do na bearta a rinneadh. I dteannta leis sin beidh na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 63(5), (6) agus (7) den Rialachán Airgeadais mar aon le tuarascáil ar chur chun feidhme.
2.  

Beidh an méid seo a leanas san áireamh sa tuarascáil ar chur chun feidhme le haghaidh an Chúlchiste:

(a) 

tuairisc ar thionchar diúltach tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas i dtéarmaí eacnamaíocha, sóisialta, críochacha agus, i gcás inarb iomchuí, comhshaoil, lena n-áirítear na hearnálacha, na réigiúin, na limistéir agus, i gcás inarb ábhartha, na pobail áitiúla a ndearnadh an dochar is mó dóibh leis an tarraingt siar a shainaithint;

(b) 

tuairisc ar na bearta a rinneadh chun freagairt ar na hiarmhairtí díobhálacha a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, a mhéid a mhaolaigh na bearta sin an tionchar réigiúnach agus earnálach dá dtagraítear i bpointe (a), agus an chaoi ar cuireadh chun feidhme iad;

(c) 

réasúnú incháilitheachta an chaiteachais arna thabhú agus arna íoc agus an nasc díreach atá aige le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas;

(d) 

tuairisc ar na socruithe arna gcur i bhfeidhm chun cistiú dúbailte a sheachaint agus comhlántacht le hionstraimí eile de chuid an Aontais agus cistiú náisiúnta a áirithiú;

(e) 

tuairisc ar rannchuidiú na mbeart le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú sin.

3.  
Leagfar amach san achoimre dá dtagraítear in Airteagal 63(5), pointe (b), den Rialachán Airgeadais an ráta earráide iomlán agus an ráta earráidí iarmharacha maidir leis an gcaiteachas arna iontráil san iarratas ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste arna chur faoi bhráid an Choimisiúin, mar thoradh ar na gníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinneadh.

Airteagal 12

Imréiteach réamh-mhaoiniú an leithdháilte shealadaigh atá fágtha agus ríomh na méideanna breise atá dlite do na Ballstáit

1.  
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an iarratas dá dtagraítear in Airteagal 11 agus deimhneoidh sé dó féin gur cruinn, iomlán agus fíor é an t-iarratas. Agus an ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste atá dlite don Bhallstát á ríomh aige, déanfaidh an Coimisiún a eisiamh ó mhaoiniú an Aontais an caiteachas sin ar bhearta a cuireadh i bhfeidhm nó a ndearnadh eisíocaíochtaí ina leith i gcás inar sháraigh an caiteachas sin an dlí is infheidhme.
2.  

Bunaithe ar a mheasúnú, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an méid seo a leanas a leagan síos:

(a) 

méid an chaiteachais incháilithe ghlactha;

(b) 

méid an chúnaimh theicniúil arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 6(2);

(c) 

suim na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) (“méid iomlán glactha”);

(d) 

cibé acu atá an méid a leithdháiltear go sealadach i gcomhréir leis an gníomh cur chun feidhme faoi Airteagal 4(5) (“leithdháileadh sealadach”) dlite don Bhallstát nó nach bhfuil, i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, nó cibé acu is gá na méideanna sin a aisghabháil nó nach gá, de bhun mhír 6 den Airteagal seo.

3.  
I gcás ina sáraíonn an méid iomlán glactha méid an réamh-mhaoinithe atá íoctha, beidh méid dlite don Bhallstát sin ón leithdháileadh dá dtagraítear in Airteagal 4(3), pointe (b), suas le méid an leithdháilte shealadaigh don Bhallstát sin.
4.  
Maidir leis na méideanna atá dlite de bhun mhír 3 den Airteagal seo, is éard a bheidh sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo cinneadh airgeadais de réir bhrí Airteagal 110(1) den Rialachán Airgeadais agus an gealltanas dlíthiúil de réir bhrí an Rialacháin sin.
5.  
Déanfaidh an Coimisiún an réamh-mhaoiniú a imréiteach agus íocfaidh sé aon mhéid atá dlite do Bhallstáit laistigh de 30 lá ó ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2.
6.  
Cuirfidh an Coimisiún aon acmhainn nár úsáideadh ó na leithdháiltí sealadacha ar fáil mar íocaíochtaí breise a dhéanamh tríd an ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste le Ballstáit ar mó a méid iomlán glactha ná a leithdháileadh sealadach a mhéadú go comhréireach. Is éard a bheidh sna hacmhainní nár úsáideadh méideanna a tugadh anonn de bhun Airteagal 9(4), an chuid eile de leithdháileadh sealadach an Bhallstáit ar lú a mhéid iomlán glactha ná a leithdháileadh sealadach agus na méideanna a thiocfaidh as aisghabhálacha a dhéantar de bhun an dara fomhír den mhír seo.

I gcás ina bhfuil an méid iomlán glactha níos ísle ná an réamh-mhaoiniú atá íoctha leis an mBallstát lena mbaineann, déanfar an fuílleach a aisghabháil i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Caithfear leis na méideanna arna n-aisghabháil mar ioncam sannta inmheánach i gcomhréir le hAirteagal 21(3), pointe (b), den Rialachán Airgeadais.

I gcás ina mbíonn suim na méideanna breise a ríomhtar do na Ballstáit uile ar mó a méid iomlán glactha ná a leithdháileadh sealadach níos airde ná na hacmhainní atá ar fáil de réir na chéad fhomhíre, déanfar na ranníocaíochtaí as an gCúlchiste le haghaidh na méideanna a sháraíonn na leithdháiltí sealadacha a laghdú go comhréireach.

I gcás ina ndearnadh na híocaíochtaí breise ar ráta 100 % leis na Ballstáit ar mó a méid iomlán glactha ná a leithdháileadh sealadach, tabharfar aon mhéid a bheidh fágtha ar ais do bhuiséad an Aontais.

7.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, na méideanna breise atá dlite a leagan amach de bhun na chéad fhomhíre de mhír 6 den Airteagal seo. Is éard a bheidh sa ghníomh cur chun feidhme sin cinneadh airgeadais de réir bhrí Airteagal 110(1) den Rialachán Airgeadais agus an gealltanas dlíthiúil de réir bhrí an Rialacháin sin. Íocfaidh an Coimisiún aon mhéid breise atá dlite laistigh de 30 lá ó ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme sin.
8.  
Roimh ghlacadh na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 2 agus 7, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoina mheasúnú agus iarrfar ar an mBallstát sin a chuid barúlacha a thíolacadh laistigh de dhá mhí tar éis dó a mheasúnú a chur in iúl don Bhallstát.

Airteagal 13

Úsáid an euro

Is in euro a ainmneofar aon mhéideanna a dhearbhóidh na Ballstáit don Choimisiún san iarratas ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste. I gcás na mBallstát nach é an euro a n-airgeadra, déanfaidh siad na méideanna san iarratas ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste a chomhshó in euro trí úsáid a bhaint as an ráta malairte cuntasaíochta míosúil arna bhunú ag an gCoimisiún, sa mhí ina bhfuil an caiteachas cláraithe i gcórais chuntasaíochta an chomhlachta nó na gcomhlachtaí atá freagrach as bainistiú na ranníocaíochta airgeadais as an gCúlchiste.



CAIBIDIL IV

Córais bhainistithe agus rialaithe le haghaidh an Chúlchiste

Airteagal 14

Bainistiú agus rialú

1.  

Le linn dóibh cúraimí maidir le cur chun feidhme an Chúlchiste a fheidhmiú, glacfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, lena n-áirítear bearta reachtacha, rialála agus riaracháin, eadhon trí:

(a) 

comhlacht, nó, i gcás ina gceanglaítear sin le creat bunreachtúil an Bhallstáit, comhlachtaí a ainmniú atá freagrach as bainistiú na ranníocaíochta airgeadais as an gCúlchiste mar aon le comhlacht iniúchóireachta neamhspleách i gcomhréir le hAirteagal 63(3) den Rialachán Airgeadais, agus formhaoirseacht a dhéanamh ar na comhlachtaí sin;

(b) 

córais bhainistithe agus rialaithe a bhunú le haghaidh an Chúlchiste i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus feidhmiú éifeachtach na gcóras sin a áirithiú;

(c) 

tuairisc ar na córais bhainistíochta agus rialaithe le haghaidh an Chúlchiste a tharraingt suas i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus an tuairisc sin a choimeád cothrom le dáta agus í a chur ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin;

(d) 

fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le céannacht an chomhlachta nó na gcomhlachtaí arna n-ainmniú agus céannacht an chomhlachta lena n-íocfar an réamh-mhaoiniú mar aon lena dheimhniú gur dréachtaíodh tuairiscí ar na córais bhainistíochta agus rialaithe le haghaidh an Chúlchiste, faoi 10 Nollaig 2021;

(e) 

a áirithiú nach n-áireofar sa tacaíocht as an gCúlchiste aon chaiteachas a dtacaítear leis faoi chistí agus cláir eile de chuid an Aontais;

(f) 

neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú, agus coinbhleacht leasa a sheachaint; áireofar ar na gníomhaíochtaí sin bailiú faisnéise maidir le húinéirí tairbhiúla na bhfaighteoirí cistithe i gcomhréir le pointe 4(a) d’Iarscríbhinn III; na rialacha a bhaineann le sonraí den sórt sin a bhailiú agus a phróiseáil, comhlíonfar leo na rialacha cosanta sonraí is infheidhme;

(g) 

comhoibriú leis an gCoimisiún, OLAF, an Chúirt Iniúchóirí, agus, maidir leis na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe, OIPE de bhun Rialachán (AE) 2017/1939.

Ní fhéadfaidh ach na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a), an Coimisiún, OLAF, an Chúirt Iniúchóirí agus, maidir leis na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, OIPE, na sonraí dá dtagraítear i bpointe (f) a úsáid agus a rochtain.

Ní bheidh cead ag na Ballstáit ná ag an gCoimisiún sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin i gcás inar gá chun a n-oibleagáidí faoi seach faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, agus déanfaidh siad na sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ) nó Rialachán (AE) 2018/1725, cibé acu is infheidhme.

2.  
Chun críocha mhír 1, pointí (a) agus (b), féadfaidh Ballstáit leas a bhaint as comhlachtaí ar an leibhéal críochach iomchuí, agus as córais bhainistithe agus rialaithe atá i bhfeidhm cheana chun cistiú an bheartais chomhtháthaithe nó Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais a chur chun feidhme.
3.  

Beidh an méid seo a leanas faoi chúram an chomhlachta nó na gcomhlachtaí atá freagrach as bainistiú na ranníocaíochta airgeadais as an gCúlchiste:

(a) 

feidhmiú córais rialaithe inmheánaigh atá éifeachtach agus éifeachtúil a áirithiú;

(b) 

critéir agus nósanna imeachta a bhunú maidir le roghnú na mbeart atá le maoiniú, agus na coinníollacha le haghaidh ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste a chinneadh;

(c) 

a fhíorú go bhfuil na bearta arna maoiniú leis an gCúlchiste á gcur chun feidhme i gcomhréir leis an dlí is infheidhme agus leis na coinníollacha le haghaidh ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste agus go bhfuil an caiteachas bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta infhíoraithe;

(d) 

bearta éifeachtacha a bhunú chun cistiú dúbailte na gcostas céanna leis an gCúlchiste agus le foinsí cistiúcháin eile an Aontais a sheachaint;

(e) 

foilsiú ex post a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 38(2) go (6) den Rialachán Airgeadais;

(f) 

córas cuntasaíochta a úsáid chun sonraí maidir leis an gcaiteachas arna thabhú agus atá le cumhdach leis an ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste a thaifeadadh agus a stóráil go leictreonach, ar córas cuntasaíochta é a chuireann faisnéis chruinn, iomlán agus iontaofa ar fáil go tráthúil;

(g) 

na doiciméid tacaíochta uile maidir le caiteachas atá le cumhdach leis an ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste a choinneáil ar fáil ar feadh tréimhse 5 bliana tar éis an sprioc-ama le haghaidh thíolacadh an iarratais ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste, agus an oibleagáid sin a áireamh i gcomhaontuithe le heintitis eile atá páirteach i gcur chun feidhme an Chúlchiste;

(h) 

chun críocha mhír 1, pointe (f), faisnéis a bhailiú i bhformáid leictreonach chaighdeánaithe chun go mbeifear in ann faighteoirí ranníocaíochta airgeadais as an gCúlchiste a shainaithint mar aon lena n-úinéirí tairbhiúla i gcomhréir le hIarscríbhinn III.

4.  
Déanfaidh an comhlacht iniúchóireachta neamhspleách an córas bainistíochta agus rialaithe le haghaidh an Chúlchiste a iniúchadh agus déanfaidh sé iniúchtaí ar na bearta arna maoiniú chun deimhniú neamhspleách a thabhairt don Choimisiún maidir le feidhmiú éifeachtach an chórais sin agus maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais a luaitear sna cuntais a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin.

Déanfar an obair iniúchóireachta i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta a nglactar leo go hidirnáisiúnta.

Leis na hiniúchtaí ar bearta arna maoiniú cumhdófar caiteachas ar bhonn sampla. Beidh an sampla sin ionadaíoch agus beidh sé bunaithe ar mhodhanna samplála staidrimh.

Nuair is lú ná 300 aonad samplála an daonra, féadfar modh samplála neamhstaidrimh a úsáid de réir bhreithiúnas gairmiúil an chomhlachta iniúchóireachta neamhspleách. I gcásanna den sórt sin, beidh an sampla mór go leor chun gur féidir leis an gcomhlacht iniúchóireachta neamhspleách tuairim iniúchóireachta bhailí a tharraingt suas. Cumhdóidh an modh samplála neamhstaidrimh 10 % ar a laghad de na haonaid samplála i ndaonra na tréimhse tagartha, arna roghnú go randamach.

5.  
Féadfaidh an Coimisiún iniúchtaí ar an láthair a dhéanamh in áitribh aon eintitis atá páirteach i gcur chun feidhme an Chúlchiste maidir leis na bearta arna maoiniú as an gCúlchiste agus beidh rochtain aige ar na doiciméid tacaíochta maidir leis an gcaiteachas atá le cumhdach leis an ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste.
6.  
Tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar bhunú an chórais bhainistíochta agus rialaithe le haghaidh an Chúlchiste i gcás nach n-úsáidfidh na Ballstáit comhlachtaí atá ann cheana agus atá ainmnithe chun cistiú an bheartais chomhtháthaithe nó Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme. Má shainaithnítear rioscaí, déanfaidh an Coimisiún measúnú chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an córas bainistíochta agus rialaithe don Chúlchiste go héifeachtach chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú. Cuirfidh an Coimisiún a chonclúidí sealadacha in iúl don Bhallstát lena mbaineann agus tabharfaidh sé an deis don Bhallstát sin a bharúlacha a thíolacadh laistigh de dhá mhí tar éis dó a chonclúidí sealadacha a chur in iúl don Bhallstát.

Airteagal 15

Ceartuithe airgeadais

1.  
Na ceartuithe airgeadais arna ndéanamh ag Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 14(1), pointe (f), is éard a bheidh iontu cuid den ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste a chur ar ceal nó í a chur ar ceal ina hiomláine. Aisghabhfaidh Ballstáit aon mhéid a chailltear de dheasca neamhrialtacht arna brath.
2.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhaíocht iomchuí chun a áirithiú go gcosnaítear leasanna airgeadais an Aontais trí mhéideanna neamhrialta arna dtíolacadh don Choimisiún san iarratas dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán seo a eisiamh ó mhaoiniú an Aontais agus má shainaithnítear neamhrialtachtaí ina dhiaidh sin trí mhéideanna arna n-íoc go mícheart a aisghabháil i gcomhréir le hAirteagal 101 den Rialachán Airgeadais.
3.  
Bunóidh an Coimisiún a cheartuithe airgeadais ar chásanna neamhrialtachta aonair arna sainaithint agus cuirfidh sé san áireamh más neamhrialtacht shistéamach atá ann. I gcás nach féidir méid an chaiteachais neamhrialta a mheas go beacht, nó i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil an córas bainistíochta agus rialaithe le haghaidh an Chúlchiste ag obair go héifeachtúil chun dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais a choimirciú, cuirfidh an Coimisiún ceartú ar ráta comhréidh nó ceartú eachtarshuite airgeadais i bhfeidhm. Déanfaidh an Coimisiún prionsabal na comhréireachta a urramú trí aird a thabhairt ar chineál agus tromchúis na neamhrialtachta agus ar na himpleachtaí airgeadais a bhaineann léi le haghaidh bhuiséad an Aontais.
4.  
Sula gcuirfear ceartuithe airgeadais i bhfeidhm trí aisghabháil na méideanna arna n-íoc go mícheart, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoina mheasúnú agus iarrfaidh sé ar an mBallstát sin a chuid barúlacha a thíolacadh laistigh de dhá mhí tar éis dó a mheasúnú a chur in iúl don Bhallstát.



CAIBIDIL V

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 16

Faisnéis agus cumarsáid

Beidh na Ballstáit agus a n-údaráis réigiúnacha agus áitiúla, i gcás inarb iomchuí, freagrach as saoránaigh den Aontas, lena n-áirítear iad siúd a d’fhéadfadh leas a bhaint as an gCúlchiste, a chur ar an eolas faoi ról, torthaí agus tionchar ranníocaíocht an Aontais as an gCúlchiste, agus as an fhaisnéis sin a phoibliú dóibh, trí ghníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide agus, sa chomhthéacs sin, feasacht a mhúscailt faoi na hathruithe a eascraíonn as tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas.

Airteagal 17

Meastóireacht agus tuairisciú

1.  
Faoi mhí an Mheithimh 2024, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir le próiseas cur chun feidhme an Rialacháin seo, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil.
2.  
Faoin 30 Meitheamh 2027, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht lena scrúdófar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach Aontais an Chúlchiste. Féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as gach faisnéis ábhartha atá ar fáil cheana féin i gcomhréir le hAirteagal 128 den Rialachán Airgeadais.
3.  
Faoin 30 Meitheamh 2028, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme an Chúlchiste faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

AN MODHEOLAÍOCHT LEITHDHÁILTE LE HAGHAIDH ACMHAINNÍ AN CHÚLCHISTE ATÁ LEAGTHA AMACH IN AIRTEAGAL 4(3)

Leithdháilfear acmhainní an Chúlchiste ar na Ballstáit de réir na modheolaíochta seo a leanas:

1. 

Déantar sciar gach Ballstáit de na hacmhainní as an gCúlchiste a chinneadh mar shuim d’fhachtóir a ghabhann leis na héisc a ghabhtar in uiscí limistéar eacnamaíoch eisiach na Ríochta Aontaithe, d’fhachtóir a ghabhann le trádáil a dhéantar leis an Ríocht Aontaithe, agus d’fhachtóir a ghabhann le daonra réigiún teorann muirí leis an Ríocht Aontaithe.

2. 

Úsáidtear an fachtóir a ghabhann le héisc a ghabhtar i limistéar eacnamaíoch eisiach na Ríochta Aontaithe chun EUR 656 452 200 a leithdháileadh. Úsáidtear an fachtóir a ghabhann le trádáil leis an Ríocht Aontaithe chun EUR 4 540 461 050 a leithdháileadh. Úsáidtear an fachtóir a ghabhann le réigiúin teorann mhuirí leis an Ríocht Aontaithe chun EUR 273 521 750 a leithdháileadh. Is i bpraghsanna reatha a shloinntear gach ceann de na méideanna sin.

3. 

Faightear an fachtóir a ghabhann leis na héisc a ghabhtar i limistéar eacnamaíoch eisiach na Ríochta Aontaithe ar bhonn an chritéir seo a leanas agus trí na céimeanna seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(a) 

sciar gach Ballstáit de luach iomlán na n-iasc a ghabhtar i limistéar eacnamaíoch eisiach na Ríochta Aontaithe;

(b) 

méadófar na sciartha sin le haghaidh na mBallstát ag a bhfuil iascaigh atá ag brath ar leibhéal os cionn an mheáin ar na héisc a ghabhtar i limistéar eacnamaíoch eisiach na Ríochta Aontaithe agus laghdófar na sciartha le haghaidh na mBallstát atá ag brath ar leibhéal faoin meán mar seo a leanas:

(i) 

le haghaidh gach Ballstáit, is mar innéacs de mheán an Aontais (“innéacs spleáchais”) a shloinntear luach na n-iasc a ghabhtar i limistéar eacnamaíoch eisiach na Ríochta Aontaithe mar chéatadán de luach iomlán na n-iasc a ghabhfaidh an Ballstát sin;

(ii) 

déantar sciar tosaigh luach na n-iasc a ghabhtar i limistéar eacnamaíoch eisiach na Ríochta Aontaithe a choigeartú tríd an luach sin a iolrú faoi innéacs spleáchais an Bhallstáit a gcuirtear ualú 75 % i bhfeidhm air;

(iii) 

déantar na sciartha coigeartaithe sin a athscálú chun a áirithiú go bhfuil suim sciartha gach Ballstáit cothrom le 100 %.

4. 

Faightear an fachtóir a ghabhann le trádáil leis an Ríocht Aontaithe trí na céimeanna seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(a) 

sloinntear trádáil gach Ballstáit leis an Ríocht Aontaithe mar sciar de thrádáil an Aontais leis an Ríocht Aontaithe (is éard atá i dtrádáil suim na n-allmhairí agus na n-onnmhairí earraí agus seirbhísí);

(b) 

chun tábhacht choibhéiseach na sreafaí trádála leis an Ríocht Aontaithe a mheasúnú le haghaidh gach Ballstáit, sloinntear suim na sreafaí trádála sin mar chéatadán d’olltáirgeacht intíre (OTI) an Bhallstáit agus dá éis sin sloinntear an tsuim mar innéacs de mheán an Aontais (“innéacs spleáchais”);

(c) 

déantar sciar tosaigh na trádála leis an Ríocht Aontaithe a choigeartú tríd an sciar sin a iolrú faoi innéacs spleáchais an Bhallstáit a gcuirtear ualú 75 % i bhfeidhm air;

(d) 

déantar na sciartha coigeartaithe sin a athscálú chun a áirithiú go bhfuil suim sciartha gach Ballstáit cothrom le 100 %;

(e) 

na sciartha a fhaightear ar an tslí sin coigeartaítear iad trína roinnt ar ollioncam náisiúnta (OIN) per capita an Bhallstáit (arna thomhas i bpaireachtaí cumhachta ceannaigh) arna shloinneadh mar chéatadán de mheán-OIN per capita an Aontais (meán arna shloinneadh mar 100 %);

(f) 

déantar na sciartha atá mar thoradh air sin a athscálú chun a áirithiú go bhfuil suim na sciartha cothrom le 100 %, lena n-áirithítear nach mbeidh sciar níos airde ná 25 % d’iomlán an Aontais ag aon Bhallstát; na hacmhainní a asbhaintear de bharr na huasteorann sin, athdháiltear iad ar na Ballstáit eile, go comhréireach chuig sciartha neamh-chaidhpeáilte na mBallstát sin;

(g) 

más leithdháileadh os cionn 0,36 % de OIN an Bhallstáit (arna thomhas in euro) toradh an ríomha sin, déanfar an leithdháileadh a uasteorannú ag leibhéal 0,36 % de OIN an Bhallstáit; na hacmhainní a asbhaintear de bharr na huasteorann sin, athdháiltear iad ar na Ballstáit eile, go comhréireach chuig sciartha neamh-chaidhpeáilte na mBallstát sin;

(h) 

má tá déine cabhrach os cionn EUR 195/áitritheoir mar thoradh ar an ríomh dá dtagraítear i bpointe (g), déantar leithdháileadh an Bhallstáit sin a uasteorannú ag an leibhéal a fhreagraíonn do dhéine cabhrach EUR 195/áitritheoir; na hacmhainní a asbhaintear de bharr na huasteorann sin, athdháiltear iad ar na Ballstáit nár cuireadh teorainn lena leithdháileadh faoi phointí (g) nó (h), go comhréireach chuig sciartha na mBallstát sin mar a ríomhtar i bpointe (g).

5. 

Faightear an fachtóir a ghabhann leis na réigiúin teorann mhuirí leis an Ríocht Aontaithe tríd an sciar atá ag gach Ballstát i ndaonra iomlán na réigiún teorann muirí leis an Ríocht Aontaithe a ríomh. Is réigiúin ar leibhéal NUTS 3 iad réigiúin teorann mhuirí leis an Ríocht Aontaithe ar feadh imeallbhoird teorann agus réigiúin leibhéal NUTS 3 eile ina bhfuil ar a laghad leath den daonra ina gcónaí laistigh de 25 km de na himeallbhoird teorann seo. Sainmhínítear imeallbhoird teorann mar imeallbhoird atá suite ag uasmhéid 150 km ó chósta na Ríochta Aontaithe.

6. 

Chun leithdháileadh acmhainní an Chúlchiste a ríomh:

(a) 

ó 2015 go dtí 2018 a bheidh sa tréimhse thagartha le haghaidh luach na n-iasc a ghabhtar i limistéar eacnamaíoch eisiach na Ríochta Aontaithe;

(b) 

ó 2015 go dtí 2018 a bheidh sa tréimhse thagartha le haghaidh luach na n-iasc a ghabhtar i limistéar eacnamaíoch eisiach na Ríochta Aontaithe mar sciar de luach iomlán na n-iasc arna ngabháil ag Ballstát;

(c) 

ó 2017 go dtí 2019 a bheidh sa tréimhse thagartha le haghaidh trádála;

(d) 

ó 2017 go dtí 2019 a bheidh sa tréimhse thagartha le haghaidh OIN;

(e) 

ó 2016 go dtí 2018 a bheidh sa tréimhse thagartha le haghaidh OIN per capita (arna thomhas i bpaireachtaí cumhachta ceannaigh);

(f) 

ó 2017 go dtí 2019 a bheidh sa tréimhse thagartha le haghaidh OTI agus dhaonra iomlán na mBallstát;

(g) 

2017 a bheidh sa tréimhse thagartha le haghaidh dhaonra réigiúin leibhéal NUTS 3.




IARSCRÍBHINN II

Teimpléad le haghaidh iarratas ar ranníocaíocht airgeadais, lena n-áirítear eilimintí a bhaineann leis na cuntais



1.

An Ballstát

 

2.

An dáta iarratais

 

3.

Dáta an chéad chaiteachais

Dáta tabhaithe

Dáta íoctha

4.

Dáta an chaiteachais dheireanaigh

Dáta tabhaithe

Dáta íoctha

5.

Méid an réamh-mhaoinithe a fuarthas (in EUR)

 

6.

Comhlacht (1) nó comhlachtaí atá freagrach as bainistiú na ranníocaíochta airgeadais as an gCúlchiste

An duine freagrach agus feidhm an duine sin

Sonraí teagmhála

 

7.

Comhlacht iniúchóireachta neamhspleách

An duine freagrach agus feidhm an duine sin

Sonraí teagmhála

 

8.

Comhlacht nó comhlachtaí a ndearnadh cúraimí a tharmligean chucu, i gcás inarb infheidhme

 

9.

Tuairisc ghairid ar na limistéir agus na hearnálacha atá buailte le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus na bearta freagartha a cuireadh ar bun

 

10.

Tuairisc ghairid ar an idirphlé il-leibhéil, más ann dó

 

11.

Caiteachas iomlán arna thabhú agus arna íoc roimh asbhaintí

 

12.

Méideanna arna n-asbhaint ag an mBallstát agus cúiseanna na hasbhainte

 

13.

Go háirithe, ó na méideanna arna n-asbhaint faoi phointe (12), na méideanna ceartaithe de thoradh iniúchtaí ar na bearta arna maoiniú

 

14.

Caiteachas iomlán a cuireadh isteach le haghaidh ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste (EUR) (14 = 11 – 12)

 

15.

San airgeadra náisiúnta

(i gcás inarb infheidhme)

I gcás na mBallstát nach é an euro a n-airgeadra: athraigh, le do thoil, na méideanna uile go Euro ag na rátaí malairte cuntasaíochta míosúla arna mbunú ag an gCoimisiún, rátaí atá le fáil ar:

https://ec.europa.eu/info/funding-tenders/how-eu-funding-works/information-contractors-and-beneficiaries/exchange-rate-inforeuro_ga

16.

Rátaí malairte cuntasaíochta míosúla arna mbunú ag an gCoimisiún

 

17.

Dáileadh críochach an chaiteachais ar réigiúin leibhéal NUTS 2, i gcás inarb ábhartha

 

18.

Miondealú an chaiteachais a cuireadh isteach le haghaidh ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste lena n-áirítear méid na n-acmhainní a caitheadh i gcomhréir le hAirteagal 4(4) (tabhair liosta, le do thoil, de na gníomhaíochtaí aonair a maoiníodh faoi gach beart agus an caiteachas lena mbaineann le haghaidh gach gníomhaíochta)

Níor cheart na hábhair chaiteachais a iontráil ach aon uair amháin

EUR

Airgeadra náisiúnta (más infheidhme)

Táscairí aschuir (tabhair uimhir)

18.1.

Bearta chun tacú le gnólachtaí príobháideacha agus poiblí, le FBManna go háirithe, le daoine féinfhostaithe, le pobail áitiúla agus le heagraíochtaí a ndearna tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas dochar dóibh

 

 

Fiontair (a dtacaítear leo)

Fiontair a dtacaítear leo (a gcuirtear comhairle orthu)

An daonra is tairbhí

18.2.

Bearta chun tacú leis na hearnálacha eacnamaíocha a ndearnadh an dochar is mó dóibh le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

 

 

Fiontair (a dtacaítear leo)

Fiontair a dtacaítear leo (a gcuirtear comhairle orthu)

18.3.

Bearta chun tacú le gnólachtaí, pobail réigiúnacha agus áitiúla agus le heagraíochtaí, lena n-áirítear iascaigh chósta ar mhionscála, atá ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe, in uiscí críocha a bhfuil stádas speisialta acu nó in uiscí a chumhdaítear le comhaontuithe iascaigh le stáit chósta ina bhfuil deiseanna iascaireachta do chabhlaigh an Aontais laghdaithe mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

 

 

Fiontair (a dtacaítear leo)

Fiontair a dtacaítear leo (a gcuirtear comhairle orthu)

An daonra is tairbhí

18.4.

Bearta chun tacú le cruthú agus cosaint post, lena n-áirítear poist ghlasa, scéimeanna oibre gearr-ama, athsciliú agus oiliúint sna hearnálacha a ndearnadh an dochar is mó dóibh le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

 

 

Rannpháirtithe

18.5.

Bearta chun feidhmiú rialuithe teorann agus slándála a áirithiú, lena n-áirítear pearsanra breise agus a oiliúint, agus bonneagar

 

 

Pearsanra Breise (i gcoibhéis lánaimseartha)

Bonneagar fisiciúil a cuireadh in oiriúint (m2)

18.6.

Bearta chun feidhmiú custaim agus bailiú cánachais indírigh a áirithiú, lena n-áirítear pearsanra breise agus a oiliúint, agus bonneagar

 

 

Pearsanra Breise (i gcoibhéis lánaimseartha)

Bonneagar fisiciúil a cuireadh in oiriúint (m2)

18.7.

Bearta chun feidhmiú rialuithe sláintíochta agus fíteashláintíochta agus iascaigh a áirithiú, lena n-áirítear pearsanra breise agus a oiliúint, agus bonneagar

 

 

Pearsanra breise (i gcoibhéis lánaimseartha)

Bonneagar fisiciúil a cuireadh in oiriúint (m2)

18.8.

Bearta chun córais um dheimhniú agus údarú táirgí a éascú, chun cuidiú le ceanglais bhunaíochta a chomhlíonadh, chun lipéadú agus marcáil a éascú, mar shampla le haghaidh caighdeáin sábháilteachta, sláinte agus chomhshaoil, chomh maith le cuidiú le haitheantas frithpháirteach

 

 

Fiontair (a dtacaítear leo)

Fiontair a dtacaítear leo (a gcuirtear comhairle orthu)

18.9.

Bearta le haghaidh cumarsáide, faisnéise agus ardú feasachta do shaoránaigh agus gnólachtaí faoi athruithe ar a gcearta agus a n-oibleagáidí a eascraíonn as tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

 

 

Fiontair a dtacaítear leo (a gcuirtear comhairle orthu)

An daonra arna chumhdach

18.10.

Bearta atá dírithe ar ath-lánpháirtiú shaoránaigh an Aontais agus daoine a bhfuil sé de cheart acu cónaí ar chríoch an Aontais a d’fhág an Ríocht Aontaithe, mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

 

 

Daoine

18.11.

Eile (sonraigh le do thoil)

 

 

 

19.

Aon chistiú comhlántach de chuid an Aontais a fuarthas nó a iarradh le haghaidh caiteachas nach n-áirítear san iarratas seo

Tuairisc ghairid/méid (e.g. úsáid chistiú an bheartais chomhtháthaithe/REACT-EU/JTF/RRF/eile – sonraigh le do thoil)

 

20.

Sonraigh, le do thoil, an t-eintiteas dlítheanach agus uimhir iomlán an chuntais bainc agus an sealbhóir i gcás íocaíocht bhreise

□An cuntas a úsáideadh roimhe seo chun íocaíochtaí an Aontais Eorpaigh a fháil

□Cuntas nua

(1)   

I gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 14(1), pointe (a), cuirfear an fhaisnéis ar fáil do gach comhlacht atá freagrach as bainistiú na ranníocaíochta airgeadais as an gCúlchiste.

Teimpléad le haghaidh an dearbhaithe bhainistithe a ghabhann leis an iarratas ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste

Dearbhaím/Dearbhaímid, a bhfuil mo shíniú/ár sínithe [ainm(neacha), céadainm(neacha), teideal/teidil nó feidhm(eanna)] leis seo thíos, Ceann an chomhlachta atá freagrach as bainistiú na ranníocaíochta airgeadais as an gCúlchiste, bunaithe ar chur chun feidhme an Chúlchiste le linn na tréimhse tagartha, bunaithe ar mo bhreithiúnas féin/ár mbreithiúnas féin agus ar gach eolas atá ar fáil dom/dúinn ar an dáta a cuireadh an t-iarratas faoi bhráid an Choimisiúin, lena n-áirítear na torthaí ó na fíoruithe a rinneadh agus ó iniúchtaí i ndáil leis an gcaiteachas atá san áireamh san iarratas a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin i leith na tréimhse tagartha, agus m’oibleagáidí/ár n-oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2021/1755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ) á gcur san áireamh, leis seo:

(a) 

go bhfuil an fhaisnéis san iarratas curtha i láthair i gceart, iomlán agus cruinn i gcomhréir le hAirteagal 63 den Rialachán Airgeadais,

(b) 

go gcomhlíonann an caiteachas a iontráladh san iarratas an dlí is infheidhme agus gur úsáideadh é don chuspóir a bhí beartaithe dó,

(c) 

go dtugann na córais rialaithe a cuireadh ar bun na ráthaíochtaí is gá maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart.

Dearbhaím/Dearbhaímid gur caitheadh go hiomchuí san iarratas le neamhrialtachtaí a sainaithníodh sna tuarascálacha deiridh iniúchóireachta agus rialaithe i ndáil leis an tréimhse thagartha. Ina theannta sin, dearbhaím/dearbhaímid iontaofacht na sonraí a bhaineann le cur chun feidhme an Chúlchiste. Dearbhaím/Dearbhaímid freisin go bhfuil bearta éifeachtacha comhréireacha frithchalaoise i bhfeidhm agus go gcuirtear san áireamh sna bearta sin na rioscaí a aithníodh ina leith sin.

Ar deireadh, dearbhaím/dearbhaímid nach bhfuil mé/muid ar an eolas faoi aon ábhar nár nochtadh a bhaineann le cur chun feidhme an Chúlchiste a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do chlú an Chúlchiste.

Teimpléad le haghaidh na tuairime iniúchóireachta a ghabhfaidh leis an iarratas ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste

Chuig an gCoimisiúin Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh

1.   RÉAMHRÁ

Tá iniúchadh déanta agamsa, a bhfuil m’ainm leis seo thíos, thar ceann [ainm an chomhlachta iniúchóireachta neamhspleách]

(i) 

ar na heilimintí a bhaineann leis na cuntais san iarratas le haghaidh na tréimhse tagartha;

(ii) 

ar dhlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais ar iarradh aisíocaíocht ar an gCoimisiún ina leith; agus

(iii) 

ar fheidhmiú an chórais bhainistithe agus rialaithe le haghaidh an Chúlchiste, agus tá fíorú déanta agam ar an dearbhú bainistithe,

chun tuairim iniúchóireachta a eisiúint.

2.   FREAGRACHTAÍ AN CHOMHLACHTA ( 5 ) ATÁ FREAGRACH AS BAINISTIÚ NA RANNÍOCAÍOCHTA AIRGEADAIS AS AN gCÚLCHISTE

Sainaithnítear [ainm an chomhlachta], mar an comhlacht atá freagrach as dea-fheidhmiú an chórais bhainistithe agus rialaithe le haghaidh an Chúlchiste a áirithiú i ndáil leis na feidhmeanna agus na cúraimí dá bhforáiltear in Airteagal 14.

Ina theannta sin, tá [ainm an chomhlachta] freagrach as iomláine, cruinneas agus fírinneacht an iarratais a áirithiú agus a dhearbhú.

Thairis sin, is é an comhlacht atá freagrach as bainistiú na ranníocaíochta airgeadais as an gCúlchiste atá freagrach as a dheimhniú go bhfuil an caiteachas a iontráladh san iarratas dlíthiúil agus rialta agus go gcomhlíonann sé an dlí is infheidhme.

3.   FREAGRACHTAÍ AN CHOMHLACHTA INIÚCHÓIREACHTA NEAMHSPLEÁCH

De réir mar a bhunaítear le hAirteagal 63 den Rialachán Airgeadais, is é an fhreagracht atá ormsa tuairim a chur in iúl go neamhspleách maidir le hiomláine, cruinneas agus fírinneacht na n-eilimintí a bhaineann leis na cuntais san iarratas, maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais ar iarradh aisíocaíocht ar an gCoimisiún ina leith, agus maidir le dea-fheidhmiú chóras bainistithe agus rialaithe le haghaidh an Chúlchiste a cuireadh i bhfeidhm.

Tá freagracht orm freisin ráiteas a chur san áireamh sa tuairim maidir le cé acu a chaitheann nó nach gcaitheann an obair iniúchóireachta a rinneadh amhras ar na dearbhuithe a rinneadh sa dearbhú bainistithe.

Rinneadh na hiniúchtaí i ndáil leis an gCúlchiste i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a nglactar leo go hidirnáisiúnta. Ceanglaítear faoi na caighdeáin sin go gcomhlíonfaidh an comhlacht iniúchóireachta neamhspleách ceanglais eitice agus go ndéanfaidh sé an obair iniúchóireachta a phleanáil agus a dhéanamh chun deimhniú réasúnta a fháil chun críoch na tuairime iniúchóireachta.

Is é atá i gceist le hiniúchadh nósanna imeachta a dhéanamh chun fianaise leordhóthanach iomchuí a fháil chun tacú leis an tuairim a leagtar amach thíos. Bíonn na nósanna imeachta a dhéantar ag brath ar bhreithiúnas gairmiúil an iniúchóra, lena n-áirítear measúnú ar an riosca neamh-chomhlíonta ábhartha, bíodh sin i ngeall ar chalaois nó earráid. Is iad na nósanna imeachta a rinneadh na cinn a chreidim a bheith iomchuí sna cúinsí agus tá siad i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin Airgeadais.

Creidim go bhfuil fianaise an iniúchta a bailíodh leordhóthanach agus iomchuí le bonn a thabhairt do mo thuairim, [[i gcás ina bhfuil aon teorainn ar an raon ann:], seachas i gcás ina luaitear sin i bpointe 4 “Teorainn ar an raon”].

Tá tuairisciú ar an achoimre ar thorthaí na n-iniúchtaí i ndáil leis an gCúlchiste sa tuarascáil iniata i gcomhréir le hAirteagal 63(5), pointe (b), den Rialachán Airgeadais.

4.   TEORAINN AR AN RAON

Ceann amháin díobh seo a leanas

Ní raibh aon teorainn ar raon an iniúchta.

Bhí raon an iniúchta teoranta ag na fachtóirí seo a leanas:

(a) 

[…];

(b) 

[…];

(c) 

[…..]

[Cuir aon teorainn ar raon an iniúchta in iúl, mar shampla aon doiciméadacht tacaíochta a bheith ar lár, cásanna a bhfuil imeachtaí dlí ar siúl ina leith, agus tabhair meastachán faoi “Tuairim choinníollach” thíos, ar na méideanna den chaiteachas agus den ranníocaíocht as an gCúlchiste a ndéantar difear dóibh agus tionchar na teorann ar an raon ar an tuairim iniúchóireachta. Tabharfar tuilleadh mínithe ar an ábhar seo sa tuarascáil, de réir mar is iomchuí.]

5.   TUAIRIM

Ceann amháin díobh seo a leanas (Tuairim gan choinníoll)

I mo thuairim, agus bunaithe ar an obair iniúchóireachta a rinneadh:

(i) 

tugann na heilimintí a bhaineann leis na cuntais san iarratas seasamh fíor agus cothrom;

(ii) 

tá an caiteachas atá san áireamh san iarratas dleathach agus rialta; agus

(iii) 

feidhmíonn an córas bainistithe agus rialaithe le haghaidh an Chúlchiste i gceart.

Ní chaitheann an obair iniúchóireachta a rinneadh amhras ar na dearbhuithe a rinneadh sa dearbhú bainistithe.

Nó (Tuairim choinníollach)

I mo thuairim, agus bunaithe ar an obair iniúchóireachta a rinneadh,

(1) 

Na heilimintí a bhaineann leis na cuntais san iarratas

— 
tugann na heilimintí a bhaineann leis na cuntais san iarratas seasamh fíor agus cothrom [i gcás ina bhfuil feidhm ag an gcoinníoll leis an iarratas, cuirtear an téacs seo a leanas isteach:] ach amháin maidir leis na gnéithe ábhartha seo a leanas: ….
(2) 

Dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais atá san áireamh san iarratas

— 
tá an caiteachas atá san áireamh san iarratas dleathach agus rialta [i gcás ina bhfuil feidhm ag an gcoinníoll maidir leis an iarratas, cuirtear an téacs seo a leanas isteach:] ach amháin maidir leis na gnéithe seo a leanas: ….
Tá tionchar teoranta [nó suntasach] ag an gcoinníoll agus freagraíonn sé do … (méid in EUR den mhéid iomlán caiteachais).
(3) 

An córas bainistithe agus rialaithe le haghaidh an Chúlchiste atá i bhfeidhm amhail dáta na tuairime iniúchóireachta seo

— 
feidhmíonn an córas bainistithe agus rialaithe le haghaidh an Chúlchiste a cuireadh i bhfeidhm i gceart [i gcás ina bhfuil feidhm ag an gcoinníoll maidir leis an gcóras bainistithe agus rialaithe le haghaidh an Chúlchiste, cuirtear an téacs seo a leanas isteach:] ach amháin maidir leis na gnéithe seo a leanas: …
Tá tionchar teoranta [nó suntasach] ag an gcoinníoll agus freagraíonn sé do …. (méid in EUR den mhéid iomlán caiteachais).
Caitheann/Ní chaitheann [scrios de réir mar is iomchuí] an obair iniúchóireachta a rinneadh amhras ar na dearbhuithe a rinneadh sa dearbhú bainistithe.

[I gcás ina gcaitheann an obair iniúchóireachta a rinneadh amhras ar na dearbhuithe a rinneadh sa dearbhú bainistithe, nochtfaidh an comhlacht iniúchóireachta neamhspleách san alt seo na gnéithe a bhí mar bhunús le teacht ar an gconclúid sin.]

Nó (Tuairim neamhfhabhrach)

I mo thuairim, agus bunaithe ar an obair iniúchóireachta a rinneadh:

(i) 

tugann/ní thugann [scrios de réir mar is iomchuí] na heilimintí a bhaineann leis na cuntais san iarratas seasamh fíor agus cothrom; agus/nó

(ii) 

is/ní [scrios de réir mar is iomchuí] caiteachas dlíthiúil rialta é an caiteachas san iarratas ar iarradh aisíocaíocht ar an gCoimisiún ina leith; agus/nó

(iii) 

feidhmíonn/ní fheidhmíonn [scrios de réir mar is iomchuí] mar is ceart an córas bainistithe agus rialaithe le haghaidh an Chúlchiste a cuireadh i bhfeidhm.

Tá an tuairim neamhfhabhrach seo bunaithe ar na gnéithe seo a leanas:

— 
i ndáil le hábhair ábhartha a bhaineann leis an iarratas: [sonraigh le do thoil]
agus/nó [scrios de réir mar is iomchuí]
— 
i ndáil le hábhair ábhartha a bhaineann le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais san iarratas ar iarradh aisíocaíocht ar an gCoimisiún ina leith: [sonraigh le do thoil]
agus/nó [scrios de réir mar is iomchuí]
— 
i ndáil le hábhair ábhartha a bhaineann le feidhmiú an chórais bhainistithe agus rialaithe le haghaidh an Chúlchiste: [sonraigh le do thoil].

Caitheann an obair iniúchóireachta a rinneadh amhras ar na dearbhuithe a rinneadh sa dearbhú bainistithe, a mhéid a bhaineann leis na gnéithe seo a leanas:

[Féadfaidh an comhlacht iniúchóireachta neamhspleách béim ar ábhar a chur san áireamh freisin, béim nach n-imreoidh tionchar ar a thuairim, mar a bhunaítear leis na caighdeáin iniúchóireachta a nglactar leo go hidirnáisiúnta. Is féidir séanadh tuairime a thabhairt i gcásanna eisceachtúla.]

Dáta:

Síniú:




IARSCRÍBHINN III

Teimpléad don tuairisc ar an gcóras bainistithe agus rialaithe le haghaidh an Chúlchiste

1.   GINEARÁLTA

1.1. Faisnéis arna cur isteach ag:

(a) 

Ballstát:

(b) 

Ainm agus seoladh ríomhphoist an phríomhphointe teagmhála (an comhlacht atá freagrach as an tuairisc):

1.2. Leis an bhfaisnéis arna soláthar tugtar tuairisc ar an staid maidir leis na nithe seo a leanas: (ll/mm/bbbb)

1.3. Struchtúr an chórais (faisnéis ghinearálta agus sreabhchairt a léiríonn an gaol eagraíochtúil idir na comhlachtaí a bhfuil baint acu leis an gcóras bainistithe agus rialaithe le haghaidh an Chúlchiste)

(a) 

An comhlacht ( 6 ) atá freagrach as bainistiú na ranníocaíochta airgeadais as an gCúlchiste (ainm, seoladh agus pointe teagmhála sa chomhlacht):

(b) 

An comhlacht nó na comhlachtaí a ndearnadh cúraimí a tharmligean chucu (ainm, seoladh agus pointe teagmhála sa chomhlacht), i gcás inarb infheidhme:

(c) 

An comhlacht iniúchóireachta neamhspleách (ainm, seoladh agus pointí teagmhála sa chomhlacht):

(d) 

Sonraigh conas a áirítear urramú phrionsabal na deighilte feidhmeanna idir na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c):

2.   AN COMHLACHT ATÁ FREAGRACH AS BAINISTIÚ NA RANNÍOCAÍOCHTA AIRGEADAIS AS AN gCÚLCHISTE

2.1. An comhlacht atá freagrach as bainistiú na ranníocaíochta airgeadais as an gCúlchiste agus a phríomhfheidhmeanna

(a) 

Stádas an chomhlachta atá freagrach as bainistiú na ranníocaíochta airgeadais as an gCúlchiste (comhlacht náisiúnta nó réigiúnach) agus an chomhlachta ar cuid de é:

(b) 

Creat chun a áirithiú go ndéanfar beart cuí maidir le bainistiú riosca nuair is gá sin, agus go háirithe i gcás athruithe móra ar an gcóras bainistithe agus rialaithe:

2.2. Tuairisc ar an eagraíocht agus ar na nósanna imeachta a bhaineann le feidhmeanna agus cúraimí an chomhlachta atá freagrach as bainistiú na ranníocaíochta airgeadais as an gCúlchiste

(a) 

Tuairisc ar na feidhmeanna agus na cúraimí arna ndéanamh ag an gcomhlacht atá freagrach as bainistiú na ranníocaíochta airgeadais as an gCúlchiste:

(b) 

Tuairisc ar an gcaoi a n-eagraítear an obair agus ar na nósanna imeachta a chuirfear i bhfeidhm go háirithe agus fíoruithe á ndéanamh (fíoruithe riaracháin agus fíoruithe ar an láthair) agus chun a áirithiú go mbeidh rian soiléir iniúchóireachta ann maidir leis na doiciméid uile a bhaineann leis an gcaiteachas:

(c) 

Eolas táscach faoi na hacmhainní beartaithe a leithdháilfear i ndáil le feidhmeanna difriúla an chomhlachta atá freagrach as bainistiú na ranníocaíochta airgeadais as an gCúlchiste (lena n-áirítear faisnéis maidir le seachfhoinsiú ar bith atá beartaithe agus a raon feidhme, i gcás inarb iomchuí):

3.   COMHLACHT INIÚCHÓIREACHTA NEAMHSPLEÁCH

Stádas agus tuairisc ar an eagraíocht agus ar na nósanna imeachta a bhaineann le feidhmeanna an chomhlachta iniúchóireachta neamhspleách

(a) 

Stádas an chomhlachta iniúchóireachta neamhspleách (comhlacht náisiúnta nó réigiúnach) agus an chomhlachta ar cuid de é, i gcás inarb ábhartha:

(b) 

Tuairisc ar na feidhmeanna agus na cúraimí arna ndéanamh ag an gcomhlacht iniúchóireachta neamhspleách:

(c) 

Tuairisc ar an gcaoi a n-eagraítear an obair (sreafaí oibre, próisis, rannóga inmheánacha), na nósanna imeachta atá i bhfeidhm agus cá huair a bhíonn feidhm leo, conas a dhéantar maoirseacht orthu sin, eolas táscach faoi na hacmhainní beartaithe a leithdháilfear i ndáil leis na cúraimí iniúchóireachta éagsúla:

4.   AN CÓRAS LEICTREONACH

Tuairisc ar an gcóras leictreonach nó ar na córais leictreonacha a chuimsíonn sreabhchairt (córas ar líonra comónta nó lárnach nó córas díláraithe le naisc idir na córais) le haghaidh na nithe seo a leanas:

(a) 

Sonraí a thaifeadadh agus a stóráil, i bhfoirm leictreonach, faoi gach beart arna mhaoiniú as an gCúlchiste:

— 
ainm an fhaighteora agus méid na ranníocaíochta airgeadais as an gCúlchiste,
— 
ainm an chonraitheora ( 7 ) agus an fhochonraitheora ( 8 ), i gcás inarb údarás conarthach an faighteoir i gcomhréir leis an bhforáil Aontais nó náisiúnta maidir le soláthar poiblí agus luach an chonartha,
— 
céadainm, sloinne agus dáta breithe an úinéara thairbhiúil ( 9 ), mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6), de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ), an fhaighteora nó an chonraitheora dá dtagraítear sa chéad fhleasc agus dara fleasc den phointe sin,
— 
nuair is iomchuí, sonraí faoi rannpháirtithe aonair;
(b) 

A áirithiú go ndéantar taifid chuntasaíochta do gach beart arna mhaoiniú as an gCúlchiste a thaifeadadh agus a stóráil, agus go dtacaíonn na taifid sin leis na sonraí is gá chun an t-iarratas ar ranníocaíocht a ullmhú;

(c) 

Taifid chuntasaíochta a choinneáil ar bun maidir le caiteachas a thabhaítear agus a íoctar;

(d) 

A shonrú cibé acu atá na córais leictreonacha ag feidhmiú go héifeachtach nó nach bhfuil agus an féidir leo na sonraí a thaifeadadh go hiontaofa ar an dáta a leagtar amach i bpointe 1.2;

(e) 

Tuairisc a dhéanamh ar na nósanna imeachta chun slándáil, sláine agus rúndacht na gcóras leictreonach a áirithiú.



( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).

( 2 ) Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

( 3 ) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

( 4 ) Rialachán (AE) 2021/1755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2021 lena mbunaítear an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (IO L 357, 8.10.2021, p. 1).

( 5 ) I gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 14(1), pointe (a), cuirfear an fhaisnéis ar fáil do gach comhlacht atá freagrach as bainistiú na ranníocaíochta airgeadais as an gCúlchiste.

( 6 ) I gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 14(1), pointe (a), cuirfear an fhaisnéis ar fáil do gach comhlacht atá freagrach as bainistiú na ranníocaíochta airgeadais as an gCúlchiste.

( 7 ) Ní éilítear faisnéis ach amháin i gcás ina bhfuil nósanna imeachta soláthair phoiblí os cionn thairseacha an Aontais i gceist.

( 8 ) Ní éilítear faisnéis ach ar an gcéad leibhéal fochonraitheoireachta, i gcás ina ndéantar faisnéis a thaifeadadh ar an gconraitheoir faoi seach, agus i gcás fochonarthaí ar mó a luach iomlán ná EUR 50 000 amháin.

( 9 ) Féadfaidh na Ballstáit an ceanglas sin a chomhlíonadh trí na sonraí a stóráiltear sna cláir amhail dá dtagraítear in Airteagal 30 de Threoir (AE) 2015/849 a úsáid.

( 10 ) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).