02021R1378 — GA — 01.01.2022 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1378 ÓN gCOIMISIÚN an 19 Lúnasa 2021 lena leagtar síos rialacha áirithe a bhaineann leis an deimhniú a eisíodh d’oibreoirí, do ghrúpaí oibreoirí agus d’onnmhaireoirí i dtríú tíortha a bhfuil baint acu le táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a allmhairiú isteach san Aontas agus lena mbunaítear an liosta d’údaráis rialaithe aitheanta agus de chomhlachtaí rialaithe aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 297 20.8.2021, lch. 24) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2119 ÓN gCOIMISIÚN an 1 Nollaig 2021 |
L 430 |
24 |
2.12.2021 |
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1378 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Lúnasa 2021
lena leagtar síos rialacha áirithe a bhaineann leis an deimhniú a eisíodh d’oibreoirí, do ghrúpaí oibreoirí agus d’onnmhaireoirí i dtríú tíortha a bhfuil baint acu le táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a allmhairiú isteach san Aontas agus lena mbunaítear an liosta d’údaráis rialaithe aitheanta agus de chomhlachtaí rialaithe aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Airteagal 1
Deimhniú le haghaidh oibreoirí, grúpaí oibreoirí agus onnmhaireoirí i dtríú tíortha
Soláthróidh údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe a aithníodh i gcomhréir le hAirteagal 46(1) de Rialachán (AE) 2018/848 deimhniú d’oibreoirí, do ghrúpaí oibreoirí agus d’onnmhaireoirí i dtríú tíortha a cuireadh faoi réir na rialuithe dá dtagraítear i bpointe (b)(i) d’Airteagal 45(1) den Rialachán sin, deimhniú lena ndeimhneofar go gcomhlíonann oibreoirí, grúpaí oibreoirí agus onnmhaireoirí den sórt sin Rialachán (AE) 2018/848 (‘an deimhniú’).
Maidir leis an deimhniú:
eiseofar é mar a leanas:
i gcomhréir leis an tsamhail a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;
i bhfoirm leictreonach trí úsáid a bhaint as an gCóras leictreonach um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES) dá dtagraítear i bpointe (36) d’Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún ( 1 );
beifear in ann an méid seo a leanas a shainaithint leis:
an t-oibreoir, an grúpa oibreoirí nó an t-onnmhaireoir a chumhdaítear leis an deimhniú, lena n-áirítear liosta de bhaill grúpa oibreoirí;
catagóir na dtáirgí a chumhdaítear leis an deimhniú, a aicmítear ar an mbealach céanna dá bhforáiltear in Airteagal 35(7) de Rialachán (AE) 2018/848; agus
a thréimhse bailíochta;
beifear in ann a dheimhniú go gcomhlíonann gníomhaíocht an oibreora, an ghrúpa oibreoirí nó an onnmhaireora Rialachán (AE) 2018/848; agus
tabharfar cothrom le dáta é nuair a tharlaíonn athruithe maidir leis na sonraí atá san áireamh ann.
Airteagal 2
Liosta d’údaráis rialaithe aitheanta agus de chomhlachtaí rialaithe aitheanta
Leagtar amach an liosta d’údaráis rialaithe agus de chomhlachtaí rialaithe a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 46(1) de Rialachán (AE) 2018/848 in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Beidh an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach údarás rialaithe aitheanta nó gach comhlacht rialaithe aitheanta ar an liosta:
ainm agus códuimhir an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe;
catagóirí an táirge, mar a leagtar amach iad in Airteagal 35(7) de Rialachán (AE) 2018/848, le haghaidh gach tríú tír;
na tríú tíortha inar tionscnaíodh catagóirí an táirge, ar choinníoll nach bhfuil na tríú tíortha sin cumhdaithe cheana i gcás chatagóir an táirge nó i gcás an táirge lena mbaineann le comhaontú maidir le trádáil i dtáirgí orgánacha i gcomhréir le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) 2018/848 nó trí aitheantas coibhéise i gcomhréir le hAirteagal 48 den Rialachán sin;
fad an aitheantais; agus
na heisceachtaí ón aitheantas, i gcás inarb iomchuí.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.
Beidh feidhm ag Airteagal 1, an dara fomhír, pointe (a)(ii), ón 1 Eanáir 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
SAMHAIL AN DEIMHNITHE
DEIMHNIÚ LE hAGHAIDH OIBREOIRÍ, GRÚPAÍ OIBREOIRÍ AGUS ONNMHAIREOIRÍ I dTRÍÚ TÍORTHA LE hAGHAIDH TÁIRGÍ ATÁ LE hALLMHAIRIÚ ISTEACH SAN AONTAS EORPACH MAR THÁIRGÍ ORGÁNACHA NÓ MAR THÁIRGÍ ATÁ Á dTIONTÚ
Cuid I: Eilimintí éigeantacha
|
1. Uimhir an doiciméid |
2. (roghnaigh de réir mar is iomchuí) Oibreoir
Grúpa oibreoirí – féach pointe 10
Onnmhaireoir
|
||
|
3. Ainm agus seoladh an oibreora, an ghrúpa oibreoirí nó an onnmhaireora: |
4. Ainm, seoladh agus códuimhir údarás rialaithe nó chomhlacht rialaithe an oibreora, an ghrúpa oibreoirí nó an onnmhaireora: |
||
|
5. Gníomhaíocht nó gníomhaíochtaí an oibreora, an ghrúpa oibreoirí nó an onnmhaireora (roghnaigh de réir mar is iomchuí): |
|||
|
Táirgeadh
|
|||
|
Ullmhúchán
|
|||
|
Dáileadh
|
|||
|
Stóráil
|
|||
|
Allmhairiú
|
|||
|
Onnmhairiú
|
|||
|
6. Catagóir nó catagóirí na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 35(7) de Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle (1) agus modhanna táirgthe (roghnaigh de réir mar is iomchuí): |
|||
|
(a) plandaí neamhphróiseáilte agus táirgí plandaí, lena n-áirítear síolta agus ábhar eile atáirgthe plandaí An modh táirgthe: □ táirgeadh orgánach seachas le linn na tréimhse tiontaithe □ táirgeadh le linn na tréimhse tiontaithe □ táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach |
|||
|
(b) beostoc agus táirgí beostoic neamhphróiseáilte An modh táirgthe: □ táirgeadh orgánach seachas le linn na tréimhse tiontaithe □ táirgeadh le linn na tréimhse tiontaithe □ táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach |
|||
|
(c) algaí agus táirgí dobharshaothraithe neamhphróiseáilte An modh táirgthe: □ táirgeadh orgánach seachas le linn na tréimhse tiontaithe □ táirgeadh le linn na tréimhse tiontaithe □ táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach |
|||
|
(d) táirgí talmhaíochta próiseáilte, lena n-áirítear táirgí dobharshaothraithe, a úsáidtear mar bhia An modh táirgthe: □ táirgeadh táirgí orgánacha □ táirgeadh táirgí atá á dtiontú □ táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach |
|||
|
(e) beatha An modh táirgthe: □ táirgeadh táirgí orgánacha □ táirgeadh táirgí atá á dtiontú □ táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach |
|||
|
(f) fíon An modh táirgthe: □ táirgeadh táirgí orgánacha □ táirgeadh táirgí atá á dtiontú □ táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach |
|||
|
(g) táirgí eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 nó nach gcumhdaítear leis na catagóirí roimhe seo: An modh táirgthe: □ táirgeadh táirgí orgánacha □ táirgeadh táirgí atá á dtiontú □ táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach |
|||
|
7. Eolaire táirgí: |
|||
|
Ainm an táirge agus/nó an cód Ainmníochta Comhcheangailte (AC) dá dtagraítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) le haghaidh táirgí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/848 |
□ Orgánach □ Atá á thiontú |
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
Eisíodh an doiciméad seo i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 (3) ón gCoimisiún chun a dheimhniú go gcomhlíonann an t-oibreoir, an grúpa oibreoirí nó an t-onnmhaireoir (roghnaigh de réir mar is iomchuí) Rialachán (AE) 2018/848. |
|||
|
8. Dáta, áit Ainm agus síniú thar ceann an údaráis rialaithe eisiúna nó an chomhlachta rialaithe eisiúna: |
9. Deimhniú bailí ón………. [cuir isteach an dáta] go dtí an.………[cuir isteach an dáta] |
||
|
(1)
Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).
(2)
Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
(3)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún an 19 Lúnasa 2021 lena leagtar síos rialacha áirithe a bhaineann leis an deimhniú a eisítear d’oibreoirí, do ghrúpaí oibreoirí agus d’onnmhaireoirí i dtríú tíortha a bhfuil baint acu le hallmhairiú táirgí orgánacha isteach san Aontas agus lena mbunaítear an liosta d’údaráis rialaithe aitheanta agus de chomhlachtaí rialaithe aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 297, 20.8.2021, lch. 24). |
|||
10. Liosta de bhaill an ghrúpa oibreoirí mar a shainítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2018/848
|
Ainm an bhaill |
Seoladh nó modh eile chun ball a shainaithint |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Cuid II: Eilimintí roghnacha sonracha
Eilimint amháin nó níos mó atá le líonadh isteach más amhlaidh a chinneann an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a eisíonn an deimhniú don oibreoir, don ghrúpa oibreoirí nó don onnmhaireoir i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378
1. Cainníocht na dtáirgí
|
Ainm an táirge agus/nó cód AC dá dtagraítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 le haghaidh táirgí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/848. |
□Orgánach □Atá á thiontú |
Cainníocht arna meas i gcileagraim, i lítir nó, i gcás inarb ábhartha, i líon na n-aonad. |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
2. Faisnéis maidir leis an talamh
|
Ainm an táirge |
□Orgánach □Atá á thiontú □Neamhorgánach |
Dromchla i heicteáir |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3. Liosta áitreabh nó aonad ina ndéanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí an ghníomhaíocht
|
Seoladh nó geoshuíomh |
Tuairisc ar an ngníomhaíocht nó ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 5 de chuid I |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
4. Faisnéis maidir leis an ngníomhaíocht nó leis na gníomhaíochtaí a dhéanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí agus cé acu an ndéanann sé an ghníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí ar a shon féin nó mar fhochonraitheoir a dhéanann an ghníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí d’oibreoir eile, fad agus a leanann an fochonraitheoir de bheith freagrach as an ngníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí a dhéantar
|
Tuairisc ar an ngníomhaíocht nó ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 5 de chuid I |
□Gníomhaíocht/gníomhaíochtaí a dhéanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí ar a shon féin □Gníomhaíocht/gníomhaíochtaí a dhéantar mar fhochonraitheoir d’oibreoir eile, fad agus a leanann an fochonraitheoir de bheith freagrach as an ngníomhaíocht nó as na gníomhaíochtaí a dhéantar |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
5. Faisnéis maidir leis an ngníomhaíocht nó leis na gníomhaíochtaí a rinne an tríú páirtí ar fochonradh
|
Tuairisc ar an ngníomhaíocht nó ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 5 de chuid I |
□Leanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí de bheith freagrach □Is é an tríú páirtí ar fochonradh atá freagrach |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
6. Liosta na bhfochonraitheoirí a dhéanann gníomhaíocht nó gníomhaíochtaí don oibreoir nó don ghrúpa oibreoirí, gníomhaíochtaí a leanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí de bheith freagrach astu a mhéid a bhaineann le táirgeadh orgánach agus nár aistrigh sé an fhreagracht sin ina leith chuig an bhfochonraitheoir
|
Ainm agus seoladh |
Tuairisc ar an ngníomhaíocht nó ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 5 de chuid I |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
7. Faisnéis maidir le creidiúnú an chomhlachta rialaithe i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 46(2) de Rialachán (AE) 2018/848
ainm an chomhlachta creidiúnaithe;
hipearnasc chuig deimhniú an chreidiúnaithe.
8. Faisnéis eile
IARSCRÍBHINN II
Liosta de na húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/848
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, ainmnítear catagóirí an táirge leis na cóid seo a leanas:
|
A |
: |
plandaí neamhphróiseáilte agus táirgí plandaí, lena n-áirítear síolta agus ábhar eile atáirgthe plandaí; |
|
B |
: |
beostoic agus táirgí beostoic neamhphróiseáilte; |
|
C |
: |
algaí agus táirgí dobharshaothraithe neamhphróiseáilte; |
|
D |
: |
táirgí talmhaíochta próiseáilte, lena n-áirítear táirgí dobharshaothraithe, a úsáidtear mar bhia; |
|
E |
: |
beatha; |
|
F |
: |
fíon; |
|
G |
: |
táirgí eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 nó nach gcumhdaítear leis na catagóirí roimhe seo. |
Faisnéis maidir le seoladh poist, seoladh suímh gréasáin agus pointe teagmhála ríomhphoist an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe, mar aon le hainm an chomhlachta creidiúnaithe a dheonaíonn a chreidiúnú, féadfar í a aimsiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin i ndáil le feirmeoireacht orgánach.
Ainm an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe:
Na huimhreacha cóid, na tríú tíortha agus catagóirí an táirge lena mbaineann
|
Códuimhir |
Tríú tír |
Catagóir an táirge |
||||||
|
XX-BIO-XXX |
|
A |
B |
C |
D |
E |
F |
G |
Fad an aitheantais:
Eisceachtaí:
( 1 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú an chórais bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla agus comhpháirteanna an chórais (Rialachán CBFRO) (IO L 261, 14.10.2019, lch. 37).