02021R1232 — GA — 15.05.2024 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2021/1232 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Iúil 2021

maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 274 30.7.2021, lch. 41)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2024/1307 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 29 Aibreán 2024

  L 1307

1

14.5.2024




▼B

RIALACHÁN (AE) 2021/1232 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Iúil 2021

maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  
Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha sealadacha atá teoranta go docht lena maolaítear ar oibleagáidí áirithe a leagtar síos i dTreoir 2002/58/CE, nach bhfuil de chuspóir leo ach soláthraithe seirbhísí áirithe cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir (“soláthraithe”) a chumasú chun teicneolaíochtaí sonracha a úsáid, gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679, chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil a mhéid is fíorghá chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar a seirbhísí agus í a thuairisciú agus ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint dá seirbhísí.
2.  
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le scanadh cumarsáide fuaime.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir” seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Threoir (AE) 2018/1972;

(2) 

ciallaíonn “ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne”:

(a) 

pornagrafaíocht leanaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (c), de Threoir 2011/93/AE;

(b) 

taibhiú pornagrafach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (e), de Threoir 2011/93/AE;

(3) 

ciallaíonn “sirtheoireacht leanaí” aon iompar intinneach ar cion coiriúil é faoi Airteagal 6 de Threoir 2011/93/AE;

(4) 

ciallaíonn “mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne” ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne agus sirtheoireacht leanaí.

Airteagal 3

Raon feidhme an mhaolaithe

1.  

Airteagail 5(1) agus 6(1) de Threoir 2002/58/CE, ní bheidh feidhm acu maidir le rúndacht cumarsáide a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann soláthraithe ar shonraí pearsanta agus sonraí eile i dtaca le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a sholáthar ar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

is fíor an méid seo a leanas maidir leis an bpróiseáil:

(i) 

tá fíorghá léi chun teicneolaíocht shonrach a úsáid chun na críche ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhrath agus a bhaint agus é a thuairisciú d’údaráis forfheidhmithe dlí agus d’eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí agus sirtheoireacht leanaí a bhrath agus a thuairisciú d’údaráis forfheidhmithe dlí nó d’eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí, agus chun na críche sin amháin;

(ii) 

tá sí comhréireach agus teoranta do theicneolaíochtaí a úsáideann soláthraithe chun na críche a leagtar amach i bpointe (i):

(iii) 

tá sí teoranta do shonraí inneachair agus sonraí tráchta gaolmhara a bhfuil fíorghá leo chun na críche a leagtar amach i bpointe (i);

(iv) 

tá sí teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun na críche a leagtar amach i bpointe (i);

(b) 

tá na teicneolaíochtaí a úsáidtear chun na críche a leagtar amach i bpointe (a)(i) den mhír seo i gcomhréir leis an úrscothacht atá in úsáid sa tionscal agus is iad na teicneolaíochtaí is lú iad lena gcuirtear isteach ar an bpríobháideachas, lena n-áirítear maidir le prionsabal na cosanta sonraí trí dhearadh agus trí réamhshocrú a leagtar síos in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/679 agus, a mhéid a úsáidtear iad chun téacs i gcumarsáid a scanadh, ní féidir leo substaint inneachar na cumarsáide a bhaint de thátal as agus ní féidir a dhéanamh leo ach patrúin a bhrath lena dtugtar le fios go bhféadfadh mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bheith ann;

(c) 

i leith aon teicneolaíocht shonrach a úsáidtear chun na críche a leagtar amach i bpointe (a)(i) den mhír seo, rinneadh measúnú tionchair roimh ré ar chosaint sonraí dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679 agus nós imeachta réamhchomhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán sin;

(d) 

maidir le teicneolaíocht nua, rud a chiallaíonn teicneolaíocht a úsáidtear chun na críche ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhrath nár bhain aon soláthraí úsáid aisti i ndáil le seirbhísí a soláthraíodh d’úsáideoirí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir (“úsáideoirí”) san Aontas roimh an 2 Lúnasa 2021, agus maidir le teicneolaíocht a úsáideadh chun na críche sirtheoireacht fhéideartha leanaí a shainaithint, tuairiscíonn an soláthraí ar ais don údarás inniúil maidir leis na bearta a rinneadh chun a léiriú go bhfuil comhairle i scríbhinn arna heisiúint i gcomhréir le hAirteagal 36(2) de Rialachán (AE) 2016/679 á comhlíonadh ag an údarás inniúil maoirseachta arna ainmniú de bhun Chaibidil VI, Roinn 1, den Rialachán sin (“údarás maoirseachta”) le linn an nós imeachta réamhchomhairliúcháin.

(e) 

tá na teicneolaíochtaí a úsáidtear iontaofa go leor sa chaoi a dteorannaíonn siad a mhéid is féidir an ráta earráide i dtaca le hinneachar arb é atá ann mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath agus, i gcás ina dtarlaíonn earráidí den sórt sin ó am go chéile, ceartaítear a n-iarmhairtí gan mhoill;

(f) 

tá na teicneolaíochtaí a úsáidtear chun patrúin fhéideartha sirtheoireachta leanaí a bhrath teoranta d’úsáid na bpríomhtháscairí ábhartha agus do thosca riosca arna sainaithint go hoibiachtúil amhail difríocht aoise agus an bhaint is dócha a bheith ag leanbh leis an gcumarsáid scanta, gan dochar don cheart chun athbhreithniú daonna;

(g) 

is fíor an méid seo a leanas maidir leis na soláthraithe:

(i) 

tá nósanna imeachta inmheánacha bunaithe acu chun mí-úsáid sonraí pearsanta agus sonraí eile, rochtain neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta agus sonraí eile, agus aistrithe neamhúdaraithe de shonraí pearsanta agus sonraí eile, a chosc;

(ii) 

áirithíonn siad maoirseacht dhaonna ar an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta agus sonraí eile le teicneolaíochtaí a thagann faoin Rialachán seo agus, i gcás inar gá, idirghabháil dhaonna i bpróiseáil na sonraí sin;

(iii) 

áirithíonn siad nach ndéantar ábhar nár sainaithníodh roimhe sin mar ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne nó sirtheoireacht leanaí a thuairisciú d’údaráis forfheidhmithe dlí nó d’eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí gan deimhniú ó dhuine a fháil roimh ré;

(iv) 

tá nósanna imeachta agus sásraí iomchuí bunaithe acu chun a áirithiú gur féidir le húsáideoirí gearáin a thaisceadh leo laistigh de thréimhse ama réasúnta chun a dtuairimí a chur i láthair;

(v) 

cuireann siad úsáideoirí ar an eolas ar bhealach soiléir, feiceálach agus sothuigthe gur agair siad, i gcomhréir leis an Rialachán seo, an maolú ar Airteagail 5(1) agus 6(1) de Threoir 2002/58/CE maidir le rúndacht cumarsáide úsáideoirí chun na críche a leagtar amach i bpointe (a)(i) den mhír seo, agus chun na críche sin amháin, faoin loighic atá taobh thiar de na bearta a ghlac siad faoin maolú agus faoin tionchar ar rúndacht cumarsáide úsáideoirí, lena n-áirítear an fhéidearthacht go roinntear sonraí pearsanta le húdaráis forfheidhmithe dlí agus le heagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí;

(vi) 

cuireann siad an méid seo a leanas in iúl d’úsáideoirí, i gcás inar baineadh a n-inneachar nó ina ndearnadh a gcuntas a bhlocáil nó inar cuireadh seirbhís a thairgtear dóibh ar fionraí:

(1) 

na bealaí chun sásamh a lorg uathu;

(2) 

an fhéidearthacht chun gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta; agus

(3) 

an ceart chun leigheas breithiúnach a fháil;

(vii) 

faoin 3 Feabhra 2022, agus faoin 31 Eanáir gach bliain ina dhiaidh sin, déanann siad tuarascáil a fhoilsiú agus a chur faoi bhráid an údaráis inniúil maoirseachta agus faoi bhráid an Choimisiúin maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo, lena n-áirítear maidir leis an méid seo a leanas:

(1) 

cineál agus méideanna na sonraí a phróiseáiltear;

(2) 

an foras sonrach a bhfuiltear ag brath air don phróiseáil de bhun Rialachán (AE) 2016/679;

(3) 

an foras a bhfuiltear ag brath air chun sonraí pearsanta a aistriú lasmuigh den Aontas de bhun Chaibidil V de Rialachán (AE) 2016/679, i gcás inarb infheidhme,

(4) 

líon na gcásanna de mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a sainaithníodh, agus idirdhealú á dhéanamh idir ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne agus sirtheoireacht leanaí;

(5) 

líon na gcásanna inar thaisc úsáideoir gearán leis an sásra sásaimh inmheánaigh nó le húdarás breithiúnach agus toradh na ngearán sin;

(6) 

líon agus cóimheasa earráidí (bréagdheimhneacha) na dteicneolaíochtaí éagsúla a úsáidtear;

(7) 

na bearta a chuirtear i bhfeidhm chun an ráta earráide a theorannú agus an ráta earráide a bhaintear amach leo;

(8) 

an beartas coinneála agus na coimircí cosanta sonraí a chuirtear i bhfeidhm de bhun Rialachán (AE) 2016/679;

(9) 

ainmneacha na n-eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí ar roinneadh sonraí leo de bhun an Rialacháin seo;

(h) 

i gcás inar sainaithníodh mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne amhrasta, déantar na sonraí inneachair agus na sonraí tráchta gaolmhara a phróiseáiltear chun na críche a leagtar amach i bpointe (a)(i), agus sonraí pearsanta a ghintear trí phróiseáil den sórt sin, a stóráil ar bhealach slán, chun na gcríoch seo a leanas, agus chun na gcríoch seo a leanas amháin:

(i) 

an mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne amhrasta a thuairisciú gan mhoill d’údaráis inniúla forfheidhmithe dlí agus d’údaráis bhreithiúnacha nó d’eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí;

(ii) 

cuntas an úsáideora lena mbaineann a bhlocáil nó soláthar na seirbhíse don úsáideoir lena mbaineann a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh;

(iii) 

síniú digiteach uathúil neamh-ath-intiontaithe (“hais”) a chruthú de shonraí a shainaithnítear go hiontaofa mar ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne;

(iv) 

cur ar chumas an úsáideora lena mbaineann sásamh a lorg ón soláthraí nó athbhreithniú riaracháin nó leigheasanna breithiúnacha a fháil ar ábhair a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne amhrasta; nó

(v) 

freagairt d’iarrataí arna n-eisiúint ag údaráis inniúla forfheidhmithe dlí agus údaráis bhreithiúnacha i gcomhréir leis an dlí is infheidhme chun na sonraí is gá a sholáthar dóibh chun cionta coiriúla a leagtar amach i dTreoir 2011/93/AE a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh;

(i) 

ní stóráiltear na sonraí níos faide ná mar is fíorghá chun na críche ábhartha a leagtar amach i bpointe (h) agus, in aon chás, tráth nach faide ná 12 mhí ón dáta ar sainaithníodh an mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne amhrasta;

(j) 

déantar gach cás ina bhfuil amhras réasúnaithe agus fíoraithe ann i dtaobh mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a thuairisciú gan mhoill do na húdaráis náisiúnta inniúla forfheidhmithe dlí nó d’eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí.

2.  

Go dtí an 3 Aibreán 2022, ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll a leagtar amach i mír 1, pointe (c), maidir le soláthraithe ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a) 

bhí úsáid á baint acu as teicneolaíocht shonrach roimh an 2 Lúnasa 2021 chun na críche a leagtar amach i mír 1, pointe (a)(i), gan nós imeachta réamhchomhairliúcháin a bheith curtha i gcrích acu i leith na teicneolaíochta sin;

(b) 

tosaíonn siad nós imeachta réamhchomhairliúcháin roimh an 3 Meán Fómhair 2021; agus

(c) 

comhoibríonn siad go cuí leis an údarás inniúil maoirseachta i dtaca leis an nós imeachta réamhchomhairliúcháin dá dtagraítear i bpointe (b).

3.  

Go dtí an 3 Aibreán 2022, ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll a leagtar amach i mír 1, pointe (d), maidir le soláthraithe ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a) 

bhí úsáid á baint acu as teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), roimh an 2 Lúnasa 2021 gan nós imeachta réamhchomhairliúcháin a bheith curtha i gcrích acu i leith na teicneolaíochta sin;

(b) 

tosaíonn siad nós imeachta dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), roimh an 3 Meán Fómhair 2021; agus

(c) 

comhoibríonn siad go cuí leis an údarás inniúil maoirseachta i dtaca leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1, pointe (d).

▼M1

4.  
Cuirfear na sonraí a áirítear sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, pointe (g)(vii), ar fáil i scríbhinn trí bhíthin foirm chaighdeánach. Faoin 3 Nollaig 2024 ar a dhéanaí, cinnfidh an Coimisiún ábhar agus cur i láthair na foirme sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Agus é sin á dhéanamh aige, féadfaidh an Coimisiún na catagóirí sonraí a liostaítear i mír 1, pointe (g)(vii), a roinnt ina bhfochatagóirí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 9a(2).

▼B

Airteagal 4

Treoirlínte ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí

Faoin 3 Meán Fómhair 2021, agus de bhun Airteagal 70 de Rialachán (AE) 2016/679, iarrfaidh an Coimisiún ar an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí treoirlínte a eisiúint chun cúnamh a thabhairt do na húdaráis mhaoirseachta chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an gcomhlíontar Rialachán (AE) 2016/679 leis an bpróiseáil a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, i gcás na dteicneolaíochtaí atá ann cheana agus na dteicneolaíochtaí nua arna n-úsáid chun na críche a leagtar amach in Airteagal 3(1), pointe (a)(i), den Rialachán seo.

Airteagal 5

Leigheasanna breithiúnacha éifeachtacha

I gcomhréir le hAirteagal 79 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 15(2) de Threoir 2002/58/CE, beidh sé de cheart ag úsáideoirí leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcás ina measann siad gur sáraíodh a gcearta mar thoradh ar phróiseáil sonraí pearsanta agus sonraí eile chun na críche a leagtar amach Airteagal 3(1), pointe (a)(i), den Rialachán seo.

Airteagal 6

Údaráis mhaoirseachta

Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta arna n-ainmniú de bhun Chaibidil VI, Roinn 1, de Rialachán (AE) 2016/679 faireachán ar an bpróiseáil a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo i gcomhréir lena n-inniúlachtaí agus lena gcumhachtaí faoin gCaibidil sin.

Airteagal 7

Liosta poiblí d’eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí

1.  
Faoin 3 Meán Fómhair 2021, déanfaidh soláthraithe liosta d’ainmneacha na n-eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí a dtuairiscíonn siad mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne dóibh faoin Rialachán seo a chur in iúl don Choimisiún. Déanfaidh soláthraithe aon athruithe ar an liosta sin a chur in iúl don Choimisiún ar bhonn rialta.
2.  
Faoin 3 Deireadh Fómhair 2021, poibleoidh an Coimisiún liosta d’ainmneacha na n-eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí arna gcur in iúl dó faoi mhír 1. Coimeádfaidh an Coimisiún an liosta poiblí sin cothrom le dáta.

Airteagal 8

Staidreamh

1.  

Faoin 3 Lúnasa 2022, agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit ar fáil go poiblí agus cuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin tuarascálacha ina mbeidh staidreamh maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

líon iomlán na dtuarascálacha ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a braitheadh agus a thíolaic soláthraithe agus eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí do na húdaráis náisiúnta inniúla forfheidhmithe dlí, agus idirdhealú á dhéanamh, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil, ar líon absalóideach na gcásanna agus na cásanna sin a tuairiscíodh roinnt uaireanta agus an cineál soláthraí ar braitheadh an mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne ar a sheirbhís;

(b) 

líon na leanaí a sainaithníodh trí ghníomhaíochtaí de bhun Airteagal 3, arna idirdhealú de réir inscne;

(c) 

líon na ndéantóirí coire a ciontaíodh.

2.  
Déanfaidh an Coimisiún an staidreamh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhiomlánú agus cuirfidh sé san áireamh é nuair a bheidh an tuarascáil cur chun feidhme de bhun Airteagal 9 á hullmhú.

Airteagal 9

Tuarascáil cur chun feidhme

▼M1

1.  
Ar bhonn na dtuarascálacha arna dtíolacadh de bhun Airteagal 3(1), pointe (g)(vii), agus ar bhonn an staidrimh arna sholáthar de bhun Airteagal 8, déanfaidh an Coimisiún, faoin 4 Meán Fómhair 2025, tuarascáil a ullmhú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í.

▼B

2.  

Sa tuarascáil cur chun feidhme, breithneoidh an Coimisiún an méid seo a leanas go háirithe:

(a) 

na coinníollacha a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta agus sonraí eile a leagtar amach in Airteagal 3(1), pointe (a)(ii), agus pointí (b), (c) agus (d);

(b) 

comhréireacht an mhaolaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo, lena n-áirítear measúnú ar an staidreamh arna thíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 8;

(c) 

forbairtí sa dul chun cinn teicneolaíoch maidir leis na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, agus a mhéid a fheabhsaítear cruinneas agus a laghdaítear líon agus cóimheasa earráidí (bréagdheimhneacha) de bharr na bhforbairtí sin.

▼M1

Airteagal 9a

Nós imeachta coiste

1.  
Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina Choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.  
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

▼B

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

▼M1

Beidh feidhm aige go dtí an 3 Aibreán 2026.

▼B

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.