02021R1189 — GA — 05.07.2022 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1189 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Bealtaine 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach ó ghéinis nó speicis ar leith

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 258 20.7.2021, lch. 18)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

 M1

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/923 ÓN gCOIMISIÚN an 11 Márta 2022

  L 160

28

15.6.2022




▼B

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1189 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Bealtaine 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach ó ghéinis nó speicis ar leith

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/848 ar síolta iad de speicis talmhaíochta agus glasraí, ábhar iomadaithe glasraí seachas síolta, ábhar iomadaithe plandaí ornáideacha, ábhar iomadaithe fíniúna agus ábhar iomadaithe plandaí torthaí, de réir bhrí Threoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 68/193/CE, 98/56/CE, 2002/53/CE, 2002/54/CE, 2002/55/CE, 2002/56/CE, 2002/57/CE, 2008/72/CE, agus 2008/90/CE.

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon aistriú cainníochtaí teoranta d’ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach atá beartaithe chun taighde nó forbairt a dhéanamh ar ábhar ilchineálach orgánach.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “ábhar ilchineálach orgánach” grúpa plandaí de réir bhrí Airteagal 3(18) de Rialachán (AE) 2018/848 a tháirgtear de réir cheanglais Airteagal 3(1) den Rialachán sin;

(2) 

ciallaíonn “máthair-ábhar” aon ábhar plandaí a rinneadh a chrostoirchiú nó a iomadú as ar tháinig ábhar ilchineálach orgánach;

(3) 

ciallaíonn “pacáistí beaga” pacáistí ina bhfuil cainníochtaí síolta suas go dtí na huaschainníochtaí dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II.

Airteagal 3

Táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí a bhfuil ábhar ilchineálach orgánach ann laistigh den Aontas

Ní dhéanfar ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach a tháirgeadh ná a mhargú laistigh den Aontas ach amháin má chomhlíontar na ceanglais uile seo a leanas:

(1) 

go gcomhlíonann sé na ceanglais maidir le:

(a) 

sainaitheantas, dá dtagraítear in Airteagal 5;

(b) 

sláintíocht agus íonacht anailíseach agus péacadh, dá dtagraítear in Airteagal 6;

(c) 

pacáistiú agus lipéadú, dá dtagraítear in Airteagal 7;

(2) 

go n-áirítear na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 4 sa tuairisc;

(3) 

go bhfuil sé faoi réir na rialuithe oifigiúla de bhun Airteagal 9;

(4) 

gur oibreoirí a chomhlíonann na ceanglais maidir le faisnéis in Airteagal 8 a dhéanann a tháirgeadh nó a mhargú; agus

(5) 

go ndéantar é a chothabháil i gcomhréir le hAirteagal 10.

Airteagal 4

Tuairisc ar ábhar ilchineálach orgánach

1.  

Áireofar sa tuairisc ar ábhar ilchineálach orgánach gach ceann de na heilimintí seo a leanas:

(a) 

tuairisc ar na saintréithe atá ag gabháil leis, lena n-áirítear:

(i) 

an saintréithriú feinitíopach a bhaineann le príomhcharachtair an ábhair, mar aon leis an tuairisc ar ilchineálacht an ábhair trí bhíthin saintréithriú na héagsúlachta feinitíopaí atá inbhraite idir aonaid atáirgthe aonair;

(ii) 

na saintréithe ábhartha atá aige a dhoiciméadú, lena n-áirítear gnéithe agranamaíocha amhail toradh, cobhsaíocht toraidh, oiriúnacht maidir le córais íseal-ionchuir, feidhmíocht, frithsheasmhacht in aghaidh strus aibitheach, frithsheasmhacht in aghaidh galar, paraiméadair cháilíochta, blas nó dath;

(iii) 

aon toradh atá ar fáil ó thástálacha maidir leis na saintréithe dá dtagraítear i bpointe (ii);

(b) 

tuairisc ar an gcineál teicníce a úsáidtear le haghaidh modh pórúcháin nó táirgthe an ábhair ilchineálaigh orgánaigh;

(c) 

tuairisc ar an máthair-ábhar a úsáidtear chun an t-ábhar ilchineálach orgánach agus an clár um rialú táirgthe féin a úsáideann an t-oibreoir lena mbaineann a phórú nó a tháirgeadh agus tagairt do na cleachtais dá dtagraítear i mír (2)(a) agus, más infheidhme, i mír 2(c);

(d) 

tuairisc ar na cleachtais bhainistíochta agus roghnúcháin ar an bhfeirm agus tagairt do mhír 2(b) agus, más infheidhme, ar an máthair-ábhar le tagairt do mhír 2(c);

(e) 

tagairt don tír phóraithe nó táirgthe, agus faisnéis maidir leis an mbliain táirgthe agus tuairisc ar na dálaí peidichlíomacha;

2.  

Féadfar an t-ábhar dá dtagraítear i mír 1 a ghiniúint le ceann de na teicnící seo a leanas:

(a) 

roinnt cineálacha éagsúla máthair-ábhair a chrostoirchiú, trí úsáid a bhaint as prótacail chrostoirchithe chun ábhar ilchineálach orgánach a tháirgeadh tríd an síolrach a mhéadú, an stoc a athshíolú go hatriallach agus é a nochtadh don roghnú nádúrtha agus/nó daonna, ar choinníoll go léiríonn an t-ábhar sin ardleibhéal éagsúlachta géinití atá i gcomhréir le hAirteagal 3(18) de Rialachán (AE) 2018/848;

(b) 

cleachtais bainistíochta ar an bhfeirm, lena n-áirítear roghnú, bunú nó cothabháil ábhair, ar ábhar é a bhfuil ardleibhéal éagsúlachta géinití mar shaintréith aige i gcomhréir le hAirteagal 3(18) de Rialachán (AE) 2018/848;

(c) 

aon teicníc eile a úsáidtear chun ábhar ilchineálach orgánach a phórú nó a tháirgeadh, agus sainghnéithe ar leith den síolrú san áireamh.

Airteagal 5

Ceanglais maidir le sainaithint luchtóg síolta d’ábhar atáirgthe plandaí a bhfuil ábhar ilchineálach orgánach ann

Is ar bhonn ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach a shainaithneofar na heilimintí seo ar fad a leanas:

(1) 

an máthair-ábhar agus an scéim táirgthe a úsáidtear sa chrostoirchiú chun an t-ábhar ilchineálach orgánach a chruthú, dá bhforáiltear in Airteagal 4(2)(a) nó, más infheidhme, in Airteagal 4(2)(c); nó stair an ábhair agus na cleachtais bhainistithe ar an bhfeirm, lena n-áirítear ar go nádúrtha a tharla an roghnú nó trí idirghabháil dhaonna, i gcásanna Airteagal 4(2)(b) agus Airteagal 4(2)(c);

(2) 

an tír phóraithe nó táirgthe;

(3) 

saintréithriú na bpríomhcharachtar coitianta agus ilchineálachta feinitíopaí an ábhair.

Airteagal 6

Ceanglais maidir le cáilíocht sláintíochta, íonacht anailíseach agus péacadh ábhair atáirgthe plandaí a bhfuil ábhar ilchineálach orgánach ann

1.  
Comhlíonfaidh ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach forálacha Rialachán (AE) 2016/2031, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún ( 1 ) agus na gníomhartha ábhartha eile arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2016/2031 maidir le láithreacht lotnaidí coraintín de chuid an Aontais, lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta agus lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais, agus na bearta ina gcoinne.
2.  

Chun ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach de speicis plandaí farae a liostaítear in Airteagal 2(1)(A) de Threoir 66/401/CEE a tháirgeadh agus a mhargú, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) 

pointe 1 agus an colún deireanach den tábla i bpointe 5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 66/401/CEE, agus

(b) 

Roinn I, pointí 2 agus 3 agus Roinn III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 66/401/CEE.

3.  

Chun ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach de speicis ghránach a liostaítear in Airteagal 2(1)(A) de Threoir 66/402/CEE a tháirgeadh agus a mhargú, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) 

pointe 1 agus an colún deireanach den tábla i bpointe 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 66/402/CEE;

(b) 

an tríú ró, an séú ró, an deichiú ró, an tríú ró déag, an séú ró déag, an fichiú ró agus an t-aonú ró is fiche den tábla i bpointe 2(A) agus i bpointe 2(B) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin,

(c) 

an colún deireanach sa tábla i bpointe 3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin;

(d) 

an tríú agus an séú ró sa tábla i bpointe 4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin.

4.  

Chun ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach na fíniúna a tháirgeadh agus a mhargú de réir bhrí Threoir 68/193/CEE, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) 

Ranna 2, 3, 4, 6 agus 7 agus pointe 6 de Roinn 8 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 68/193/CEE;

(b) 

Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 68/193/CEE, cé is moite de phointe 1(1).

5.  
Chun ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach de phlandaí ornáideacha a tháirgeadh agus a mhargú de réir bhrí Threoir 98/56/CE, beidh feidhm ag Airteagal 3 de Threoir 93/49/CEE ( 2 ).
6.  
Chun ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach de bhiatais a tháirgeadh agus a mhargú de réir bhrí Threoir 2002/54/CE, beidh feidhm ag pointí A(1), B(2) agus B(3) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.
7.  
Chun ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach de speicis glasraí a liostaítear in Airteagal 2(1)(b) de Threoir 2002/55/CE a tháirgeadh agus a mhargú, beidh feidhm ag pointí 2 agus 3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin.
8.  
Chun ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach de phrátaí síl a tháirgeadh agus a mhargú de réir bhrí Threoir 2002/56/CE, beidh feidhm ag na forálacha maidir leis an gcatagóir is ísle de phrátaí síl i bpointe 3 d’Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II.
9.  

Chun ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach de phlandaí ola agus plandaí snáithín a liostaítear in Airteagal 2(1)(b) de Threoir 2002/57/CE a tháirgeadh agus a mhargú, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) 

pointe 1 agus an colún deireanach den tábla i bpointe 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2002/57/CE;

(b) 

an tábla i bpointe I(4)(A) d’Iarscríbhinn II, cé is moite de na ceanglais maidir le bunsíol Brassica ssp. agus Sinapis alba, agus an colún deireanach den tábla i bpointe I(5) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2002/57/CE.

10.  
Chun ábhar ilchineálach orgánach iomadaithe agus plandaithe glasraí a tháirgeadh agus a mhargú, seachas síolta de réir bhrí Threoir 2008/72/CE, beidh feidhm ag Airteagail 3 agus 5 de Threoir 93/61/CEE ón gCoimisiún ( 3 ).
11.  

Chun ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach iomadaithe plandaí torthaí agus plandaí torthaí a tháirgeadh agus a mhargú de réir bhrí Threoir 2008/90/CE, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) 

Airteagal 23, seachas pointe (1)(b), Airteagail 24, 26, 27 agus 27a de Threoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE ón gCoimisiún ( 4 );

(b) 

Iarscríbhinní I, II agus III agus na ceanglais a bhaineann le hábhar CAC in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE.

12.  
Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 go 11 ach amháin i gcás na gceanglas maidir le híonacht anailíseach agus péacadh síolta agus na ceanglais cháilíochta agus sláinte maidir le hábhar iomadaithe eile, ach ní bheidh feidhm acu maidir le sainaitheantas cineáil agus íonacht chineáil agus na ceanglais maidir le cigireacht allamuigh i leith sainaitheantas cineáil agus íonacht chineáil ábhair atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach.
13.  
De mhaolú ar fhorálacha mhíreanna 1 go 12, féadfaidh oibreoirí síol ábhair ilchineálaigh orgánaigh nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le péacadh a chur ar an margadh, ar choinníoll go léireoidh an soláthróir ráta péactha an tsíl atá i gceist ar an lipéad nó ar an bpacáiste féin.

Airteagal 7

Na ceanglais maidir le pacáistiú agus lipéadú ábhair atáirgthe plandaí a bhfuil ábhar ilchineálach orgánach ann

1.  
Déanfar ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach nach bhfuil i bpacáistí beaga a choimeád i bpacáistí nó i gcoimeádáin a bheidh dúnta ar shlí nach féidir iad a oscailt gan fianaise a fhágáil ar an bpacáiste nó ar an gcoimeádán go rabhthas ag útamáil leo.
2.  

Déanfaidh an t-oibreoir lipéad a ghreamú ar phacáistí nó ar choimeádáin síolta nó ábhair atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais ar a laghad.

Maidir leis an lipéad sin:

(a) 

beidh sé inléite, clóite nó scríofa ar thaobh amháin, neamhúsáidte agus sofheicthe;

(b) 

cuirfear an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo san áireamh;

(c) 

beidh sé buí agus cros thrasnánach uaine air.

3.  
In ionad lipéid, féadfar an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn I a phriontáil nó a scríobh ar an bpacáiste féin nó ar an gcoimeádán. Sa chás sin, ní bheidh feidhm ag pointe 2(c).
4.  
I gcás pacáistí beaga trédhearcacha, féadfar an lipéad a chur taobh istigh den phacáiste ach é a bheith soléite.
5.  
De mhaolú ar mhíreanna 1 go 4, féadfar síolta d’ábhar ilchineálach orgánach atá i bpacáistí agus i gcoimeádáin atá dúnta agus lipéadaithe a dhíol le húsáideoirí deiridh i bpacáistí neamh-mharcáilte agus neamhshéalaithe, suas go dtí na huaschainníochtaí dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II, ach an ceannaitheoir a chur ar an eolas, má iarrann sé sin, i scríbhinn tráth an tseachadta faoin speiceas, ainmníocht an ábhair agus uimhir thagartha na luchtóige.

Airteagal 8

Ceanglais maidir le faisnéis atá le coinneáil ag oibreoirí

1.  

Aon oibreoir a tháirgeann nó a mhargaíonn ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a) 

cóip den fhógra a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán (AE) 2018/848, cóip den dearbhú a cuireadh isteach faoi Airteagal 39(1)(d) de agus, i gcás inarb infheidhme, cóip den deimhniú a fuair sé i gcomhréir le hAirteagal 35 de a choinneáil;

(b) 

inrianaitheacht an ábhair ilchineálaigh orgánaigh a áirithiú sa scéim táirgthe faoi mar a fhoráiltear in Airteagal (4)(2)(a) nó, más infheidhme, in Airteagal (4)(2)(c) trí fhaisnéis a choinneáil lena bhféadfar na hoibreoirí a sholáthair an máthair-ábhar atá ag ábhar ilchineálach orgánach a shainaithint.

Coinneoidh an t-oibreoir na doiciméid sin go ceann 5 bliana.

2.  

An t-oibreoir a tháirgeann ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach a mbeartaítear é a chur ar an margadh, déanfaidh sé an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh agus a choinneáil:

(a) 

ainm an speicis agus na hainmníochta a úsáidtear i ngach ábhar ilchineálach orgánach ar tugadh fógra ina leith; an cineál teicníce a úsáidtear chun ábhar ilchineálach orgánach dá dtagraítear in Airteagal 4 a tháirgeadh;

(b) 

saintréithriú an ábhair ilchineálaigh orgánaigh ar tugadh fógra ina leith mar a fhoráiltear in Airteagal 4;

(c) 

suíomh póraithe an ábhair ilchineálaigh orgánaigh agus suíomh táirgthe ábhar orgánach atáirgthe plandaí an ábhair ilchineálaigh orgánaigh mar a fhoráiltear in Airteagal 5;

(d) 

achar dromchla chun ábhar ilchineálach orgánach a tháirgeadh agus an chainníocht a tháirgtear.

3.  
Na comhlachtaí oifigiúla atá freagrach i gcomhréir le Treoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 68/193/CEE, 98/56/CE, 2002/53/CE, 2002/54/CE, 2002/55/CE, 2002/56/CE, 2002/57/CE, 2008/72/CE agus 2008/90/CE, beidh rochtain acu ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.

Airteagal 9

Rialuithe oifigiúla

I gcás ina bhfuil cúraimí rialaithe tarmligthe ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le Caibidil III de Theideal II de Rialachán (AE) 2017/625, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát nó na comhlachtaí tarmligthe rialuithe oifigiúla rioscabhunaithe i ndáil le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach chun a sheiceáil an bhfuil ceanglais Airteagail 4, 5, 6, 7, 8 agus 10 den Rialachán seo á gcomhlíonadh.

Is i gcomhréir le modhanna infheidhme an Chomhlachais Idirnáisiúnta um Thástáil Síolta a dhéanfar an tástáil ar phéacadh agus íonacht anailíseach.

Airteagal 10

Cothabháil an ábhair ilchineálaigh orgánaigh

I gcás inar féidir cothabháil a dhéanamh, an t-oibreoir a thug fógra do na húdaráis inniúla maidir leis an ábhar ilchineálach orgánach de bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2018/848, caomhnóidh sé príomhthréithe an ábhair tráth a thabharfar an fógra, trína choinneáil ar bun fad a bheidh sé ar an margadh. Is i gcomhréir le cleachtais aitheanta atá curtha in oiriúint do chothabháil an ábhair ilchineálaigh sin a dhéanfar an chothabháil sin. An t-oibreoir atá freagrach as an gcothabháil, déanfaidh sé taifid a choinneáil ar ré agus ar ábhar na cothabhála.

Beidh rochtain ag na húdaráis inniúla i gcónaí ar gach taifead a choinníonn an t-oibreoir atá freagrach as an ábhar chun a sheiceáil an bhfuil sé á chothabháil. Coinneoidh an t-oibreoir na taifid sin go ceann 5 bliana ón uair nach mbeidh an t-ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach á mhargú a thuilleadh.

Airteagal 11

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát




IARSCRÍBHINN I

FAISNÉIS ATÁ LE CUR ISTEACH AR LIPÉAD NA bPACÁISTÍ DÁ bhFORÁILTEAR IN AIRTEAGAL 7(2)(b)

A.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar áireamh ar an lipéad:

1. 

ainmníocht an ábhair ilchineálaigh, mar aon leis an bhfrása “Ábhar ilchineálach orgánach”;

2. 

“Rialacha agus caighdeáin an Aontais”;

3. 

ainm agus seoladh an oibreora ghairmiúil atá freagrach as an lipéad a ghreamú, nó an cód clárúcháin a ghabhann leis;

4. 

an tír tháirgthe;

5. 

an uimhir thagartha a thug an t-oibreoir gairmiúil atá freagrach as lipéid a ghreamú;

6. 

mí agus bliain an dúnta, i ndiaidh an téarma: “dúnta”;

7. 

speiceas agus é léirithe ar a laghad faoina ainm luibheolaíoch agus a fhéadfar a thabhairt i bhfoirm ghiorraithe agus gan ainmneacha na n-údar, i gcarachtair rómhánacha;

8. 

glanmheáchan nó ollmheáchan dearbhaithe, nó líon dearbhaithe i gcás síolta, seachas pacáistí beaga;

9. 

i gcás ina dtaispeántar meáchan agus go n-úsáidtear substaintí piléadachta nó breiseáin sholadacha eile, an cineál breiseáin agus an garchoibhneas idir meáchan na síolta íona agus iomlán an mheáchain;

10. 

faisnéis faoi na táirgí cosanta plandaí a chuirtear ar an ábhar atáirgthe plandaí de réir mar a cheanglaítear faoi Airteagal 49(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 );

11. 

an ráta péactha, de bhun Airteagal 6(13) den Rialachán seo, i gcás nach gcomhlíonann ábhar ilchineálach orgánach na coinníollacha i ndáil le péacadh.

B.   An ainmníocht dá dtagraítear i bpointe A.1., ní bheidh sí ina cúis le deacrachtaí dá cuid úsáideoirí maidir le sainaithint nó atáirgeadh, agus:

(a) 

ní bheidh sí ar aon chuma le hainmníocht faoina ndéantar cineál nó ábhar ilchineálach orgánach eile den speiceas céanna nó de speiceas neasghaolmhar a thaifeadadh i gclár oifigiúil cineálacha plandaí nó ar liosta d’ábhar ilchineálach orgánach agus ní ceart na nithe sin a mhíthuiscint léi;

(b) 

ní bheidh sí ar aon chuma le hainmnithe eile a úsáidtear go forleathan chun earraí a mhargú nó ainmnithe nach mór a choimeád saor faoi ghnéithe eile den reachtaíocht agus ní ceart na nithe sin a mhíthuiscint léi;

(c) 

ní baol míthuisceana a bheith inti agus ní bheidh sí ina cúis mearbhaill maidir le saintréithe, luach nó sainaitheantas an ábhair ilchineálaigh orgánaigh nó maidir le sainaitheantas an phóraitheora.




IARSCRÍBHINN II

UASCHAINNÍOCHTAÍ SÍOLTA I bPACÁISTÍ BEAGA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 7(5)



Speicis

Glanmhais uasta an tsíl (kg)

Plandaí farae

10

Biatas

10

Gránaigh

30

Plandaí ola agus plandaí snáithín

10

Prátaí síl

30

Síol glasraí:

 

Léagúim

5

Oinniúin, costóg, an lus súgach, biatas bán, biatas, tornapaí, mealbhacán uisce, gurd, mearóga, cairéid, raidisí, salsabh dubh, spionáiste, ceathrú uain

0,5

Gach speiceas eile glasraí

0,1



( 1 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).

( 2 ) Treoir 93/49/CEE ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 1993 lena leagtar amach an sceideal ina sonraítear na coinníollacha atá le comhlíonadh ag ábhar iomadaithe plandaí ornáideacha agus plandaí ornáideacha de bhun Threoir 91/682/CEE ón gComhairle (IO L 250, 7.10.1993, lch. 9).

( 3 ) Treoir 93/61/CEE ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 lena leagtar amach na sceidil ina sonraítear na coinníollacha atá le comhlíonadh ag ábhar iomadaithe agus plandaithe glasraí, seachas síolta de bhun Threoir 92/33/CEE ón gComhairle (IO L 250, 7.10.1993, lch. 19).

( 4 ) Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE ón gCoimisiún an 15 Deireadh Fómhair 2014 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2008/90/CE ón gComhairle maidir le ceanglais shonracha i ndáil le géinis agus speicis plandaí torthaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann léi, ceanglais shonracha a bheidh le comhlíonadh ag soláthróirí agus rialacha mionsonraithe maidir le cigireachtaí oifigiúla (IO L 298, 16.10.2014, lch. 22).

( 5 ) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).