02021R1056 — GA — 30.06.2021 — 000.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2021/1056 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Meitheamh 2021

lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir

(IO L 231 30.6.2021, lch. 1)


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 421, 26.11.2021, lch.  74 (2021/1056)




▼B

RIALACHÁN (AE) 2021/1056 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Meitheamh 2021

lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir



Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Bunaítear leis an Rialachán seo an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC) chun tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine, do gheilleagair agus do chomhshaol na gcríoch sin a bhfuil dúshláin shocheacnamaíocha thromchúiseacha rompu a eascraíonn as an bpróiseas aistrithe i dtreo spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid a shainítear i bpointe (11) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) agus geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050.

Leagtar síos leis cuspóir sonrach CUAC, an cumhdach geografach agus na hacmhainní a bhaineann leis, raon feidhme na tacaíochta a thugtar leis maidir leis an sprioc Infheistíochta le haghaidh post agus fáis dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 5(2) den Rialachán (AE) 2021/1060, chomh maith le forálacha sonracha maidir le clársceidealú agus na táscairí is gá chun faireachán a dhéanamh.

Airteagal 2

Cuspóir sonrach

I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, rannchuideoidh CUAC leis an gcuspóir sonrach aonair maidir le réigiúin agus daoine a chumasú chun aghaidh a thabhairt ar thionchair shóisialta, fostaíochta, eacnamaíocha agus chomhshaoil an aistrithe i dtreo spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid agus geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, bunaithe ar Chomhaontú Pháras.

Airteagal 3

Cumhdach geografach agus acmhainní faoin sprioc Infheistíocht le haghaidh post agus fáis

1.  
Tacófar le CUAC leis an sprioc Infheistíocht le haghaidh post agus fáis sna Ballstáit uile.
2.  
Is é EUR 7 500 000 000 i bpraghsanna 2018 a bheidh ar fáil sa ghealltanas buiséadach don tréimhse 2021-2027 sna hacmhainní do CUAC faoin sprioc Infheistíocht le haghaidh post agus fáis faoi mar a bhunaítear i pointe (g) d’Airteagal 110(1) de Rialachán (AE) 2021/1060.
3.  
Féadfar na achmhainní dá dtagraítear i mír 2 a mhéadú, de réir mar a bheidh, le hacmhainní breise a leithdháilfear i mbuiséad an Aontais, agus le hacmhainní eile i gcomhréir leis an mbunghníomh is infheidhme.
4.  
Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ina leagfar amach an miondealú bliantúil ar acmhainní atá ar fáil, lena n-áirítear aon acmhainní breise dá dtagraítear i mír 3, de réir an Bhallstáit i gcomhréir leis na leithdháiltí a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 4

Acmhainní ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh

1.  
Déanfar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2020/2094 a chur chun feidhme faoin Rialachán seo le méid EUR 10 000 000 000 i bpraghasanna 2018 dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 109(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 agus faoi réir Airteagal 3(3), (4), (7) agus (9) de Rialachán (AE) 2020/2094.

Measfar gur acmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 3(3) den Rialachán seo é an méid sin. De réir mar a fhoráiltear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2020/2094, is éard a bheidh sa mhéid sin ioncam sannta seachtrach chun críoch Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais.

2.  

Cuirfear an méid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar fáil le haghaidh gealltanas buiséadach faoin sprioc Infheistíocht le haghaidh post agus fáis do na blianta 2021 go 2023, de bhreis ar na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 3, mar a leanas:

— 
2021: EUR 2 000 000 000 ;
— 
2022: EUR 4 000 000 000 ;
— 
2023: EUR 4 000 000 000 .

Méid de EUR 15 600 000 i bpraghsanna 2018 a gcuirfear ar fáil le haghaidh caiteachas riaracháin ó na hacmhainní dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

3.  
Déanfar an miondealú bliantúil ar an méid dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo de réir an Bhallstáit a chumhdach sa Chinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 3(4) i gcomhréir leis na leithdháiltí a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
4.  
De mhaolú ar Airteagal 14(3) den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na rialacha saortha a leagtar amach i gCaibidil IV de Theideal VII de Rialachán (AE) 2021/1060 maidir leis na gealltanais bhuiséadacha a bheidh bunaithe ar acmhainní dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. De mhaolú ar phointe (c) d’Airteagal 12(4) den Rialachán Airgeadais, ní úsáidfear na hacmhainní sin le haghaidh clár nó gníomhaíocht a bheidh ann ina dhiaidh sin.
5.  
Breacfar na híocaíochtaí sa ghealltanas is túisce a bheidh oscailte de CUAC, ag tosú ar dtús leis na gealltanais ó na hacmhainní dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 go dtí go mbeidh siad ídithe.

Airteagal 5

An Sásra Luaíochta Ghlais

1.  
Más rud é, de bhun Airteagal 3(3), go méadófar ar na hacmhainní do CUAC roimh an 31 Nollaig 2024, leithdháilfear na hachmhainní breise ar na Ballstáit ar bhonn na sciaranna náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
2.  
Más rud é, de bhun Airteagal 3(3) den Rialachán seo, go méadófar ar na hacmhainní do CUAC tar éis an 31 Nollaig 2024, leithdáilfear na hacmhainní breise ar na Ballstáit i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar síos sa dara fomhír den mhír seo, ar bhonn an athraithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a saoráidí tionsclaíocha sa tréimhse ón mbliain 2018 go dtí an bhliain is déanaí a bhfuil sonraí ar fáil ina leith, arna dtuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ). Déanfar an t-athrú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa gach Ballstáit a ríomh trí astaíochtaí gás ceaptha teasa na réigiúin leibhéal NUTS 3 sin a sainaithníodh sna pleananna críochacha um aistriú cóir, agus sna réigiúin sin amháin, i gcomhréir le hAirteagal 11(1) den Rialachán seo.

Déanfar leithdháileadh acmhainní breise do gach Ballstát a chinneadh i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a) 

i gcás Ballstáit ar éirigh leo astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, déanfar an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhain gach Ballstát amach a ríomh trí leibhéal na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa sa bhliain tagartha is déanaí a shloinneadh mar chéatadán de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a tugadh faoi deara in 2018; i gcás Ballstáit nár éirigh leo astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, socrófar an céatadán sin ag 100 %.

(b) 

déanfar sciar deiridh gach Ballstáit a ríomh trí na sciaranna náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a roinnt ar na céatadáin a thagann as pointe (a); agus

(c) 

déanfar toradh an ríomha faoi phointe (b) a athscálú chun suimiú suas go dtí 100 %.

3.  
Déanfaidh na Ballstáit na hacmhainní breise a áireamh ina gcláir agus tíolacfaidh siad leasú cláir i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/1060.

Airteagal 6

Leithdháiltí sonracha le haghaidh na réigiún is forimeallaí agus na n-oileán

Agus a bpleananna críochacha um aistriú cóir á n-ullmhú acu i gcomhréir le hAirteagal 11(1), tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar staid na n-oileán agus na réigiún is forimeallaí a bhfuil dúshláin shocheacnamaíocha thromchúiseacha acu a eascraíonn as an bpróiseas aistrithe i dtreo spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid agus geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, ag féachaint dá riachtanais shonracha mar a aithnítear iad in Airteagal 174 agus in Airteagal 349 CFAE.

Agus na críocha sin á gcur san áireamh ina bpleananna críochacha um aistriú cóir, leagfaidh na Ballstáit amach an méid sonrach a leithdháilfear do na críocha sin mar aon leis an mbonn cirt comhfhreagrach, agus dúshláin shonracha na gcríoch seo á gcur san áireamh acu.

Airteagal 7

Rochtain choinníollach ar acmhainní

1.  
I gcás nach mbeidh gealltanas tugtha ag Ballstát an cuspóir a chur chun feidhme Aontas aeráid-neodrach a bhaint amach faoi 2050, ní dhéanfar ach 50 % de na leithdháiltí bliantúla don Bhallstát sin a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 3(4) agus 4(3) a chur ar fáil le haghaidh clársceidealaithe agus a áireamh sna tosaíochtaí.

De mhaolú ar Airteagal 10(1) den Rialachán seo, ní dhéanfar an 50 % atá fágtha de na leithdháiltí bliantúla a áireamh sna tosaíochtaí. Sna cásanna sin, ní áireofar sna cláir a fhaigheann tacaíocht ó CUAC agus a thíolacfar i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/1060 ach 50 % de leithdháiltí bliantúla CUAC sa tábla dá dtagraítear i bpointe (g)(ii) d’Airteagal 22(3) den Rialachán sin. Sa tábla dá dtagraítear i bpointe (g)(i) d’Airteagal 22(3) den Rialachán sin, déanfar na leithdháiltí atá ar fáil le haghaidh clársceidealaithe agus na leithdháiltí nach ndéanfar a chlársceidealú a shainaithint ar leithligh.

2.  
Ní fhormheasfaidh an Coimisiún cláir ina bhfuil tosaíocht CUAC, nó aon leasú air, ach amháin i gcás ina n-urramófar na ceanglais a leagtar amach sa chuid sin a bhaineann leis an leithdháileadh clársceidealaithe i gcomhréir le mír 1.
3.  
A luaithe a bheidh gealltanas tugtha ag Ballstáit an cuspóir a chur chun feidhme Aontas aeráid-neodrach a bhaint amach faoi 2050, féadfaidh sé iarraidh a thíolacadh go ndéanfar gach clár a fhaigheann tacaíocht ó CUAC a leasú i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/1060 agus na leithdháiltí neamh-chlársceidealaithe nár saoradh a chur san áireamh.
4.  
Déanfar gealltanais bhuiséadacha ar bhonn an tábla dá dtagraítear i bpointe (g)(i) d’Airteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2021/1060. Ní dhéanfar na gealltanais a bhaineann leis na leithdháiltí neamh-chlársceidealaithe a úsáid le haghaidh íocaíochtaí agus ní chuirfear san áireamh iad sa bhonn do ríomh an réamh-mhaoiniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 90 den Rialachán sin go dtí go gcuirfear ar fáil iad le haghaidh clársceidealaithe i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

De mhaolú ar Airteagal 105 de Rialachán (AE) 2021/1060, in éagmais ghealltanas an Bhallstáit an cuspóir a chur chun feidhme Aontas aeráid-neodrach a bhaint amach faoi 2050 faoin 31 Nollaig in aon bhliain faoi leith, ag tosú ó 2022, déanfar gealltanais bhuiséadacha don bhliain roimhe sin a bhaineann le leithdháiltí neamhchlársceidealaithe a shaoradh ina n-iomláine an bhliain dár gcionn.

Airteagal 8

Raon feidhme na tacaíochta

1.  
Ní thabharfar tacaíocht le CUAC ach amháin do ghníomhaíochtaí atá nasctha go díreach lena chuspóir sonrach faoi mar a leagtar amach in Airteagal 2 agus a chuireann le cur chun feidhme na bpleananna críochacha um aistriú cóir arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 11.
2.  

I gcomhréir le mír 1, tabharfar tacaíocht eisiach le CUAC do na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a) 

infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), lena n-áirítear micrifhiontair agus gnólachtaí nuathionscanta, a mbeidh éagsúlú eacnamaíoch, nuachóiriú agus ath-chomhshó mar thoradh orthu;

(b) 

infheistíochtaí i gcruthú gnólachtaí nua, lena n-áirítear trí ghorlanna gnó agus seirbhísí comhairliúcháin, a mbeidh cruthú post mar thoradh air;

(c) 

infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, lena n-áirítear arna ndéanamh ag ollscoileanna agus eagraíochtaí taighde poiblí, agus chun aistriú teicneolaíochtaí nua a chothú;

(d) 

infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí agus i gcórais agus bonneagar le haghaidh fuinneamh glan inacmhainne, lena n-áirítear teicneolaíochtaí stórála hidrigine, agus le hastaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú;

(e) 

infheistíochtaí san fhuinneamh inathnuaite i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ), lena n-áirítear na critéir inbhuaine a leagtar amach sa Treoir sin, agus san éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear chun bochtaineacht fuinnimh a laghdú;

(f) 

infheistíochtaí sa tsoghluaisteacht áitiúil chliste agus inbhuanaithe, lena n-áirítear dícharbónú na hearnála iompair áitiúil agus an bhonneagair a bhaineann léi;

(g) 

athshlánú agus uasghrádú na líonraí téimh ceantair d’fhonn feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh na gcóras téimh ceantair agus infheistíochtaí i dtáirgeadh teasa ar choinníoll go ndéantar na suiteálacha táirgthe teasa a sholáthar go heisiach le foinsí fuinnimh inathnuaite;

(h) 

infheistíochtaí i ndigiteáil, nuálaíocht dhigiteach agus i nascacht dhigiteach;

(i) 

infheistíochtaí in athghiniúint agus i ndí-éilliú láithreán athfhorbraíochta, in athchóiriú talún agus lena n-áirítear, i gcás inar gá, i dtionscadail bonneagair ghlais agus athrú cuspóra, agus aird á tabhairt ar an bprionsabal “íoc mar a thruaillítear”;

(j) 

infheistíochtaí i bhfeabhsú an gheilleagair chiorclaigh, lena n-áirítear trí dhramhaíl a chosc, laghdú, éifeachtúlacht acmhainní, athúsáid, deisiú, agus athchúrsáil;

(k) 

uas-sciliú agus athsciliú oibrithe agus cuardaitheoirí poist;

(l) 

cúnamh i gcuardach poist do chuardaitheoirí poist;

(m) 

cuimsiú gníomhach na gcuardaitheoirí poist;

(n) 

cúnamh teicniúil;

(o) 

gníomhaíochtaí eile i réimsí an oideachais agus an chuimsithe shóisialta lena n-áirítear, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, infheistíochtaí i mbonneagar chun críoch ionad oiliúna, saoráidí cúraim leanaí agus daoine scothaosta mar a léirítear sna pleananna críochacha um aistriú cóir i gcomhréir le hAirteagal 11.

Ina theannta sin, féadfar, le CUAC, tacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair nach FBManna iad, i limistéir atá ainmnithe mar limistéir fóirithinte chun críocha pointí (a) agus (c) d’Airteagal 107(3) CFAE, ar choinníoll go bhfuil na hinfheistíochtaí sin formheasta mar chuid den phlean críochach um aistriú cóir bunaithe ar an bhfaisnéis atá riachtanach faoi phointe (h) d’Airteagal 11(2) den Rialachán seo. Ní bheidh na hinfheistíochtaí sin incháilithe ach amháin i gcás ina mbeidh gá leo chun an plean críochach um aistriú cóir a chur chun feidhme, ina rannchuideoidh siad leis an aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach san Aontais faoi 2050 agus le spriocanna comhshaoil gaolmhara a bhaint amach, i gcás ina mbeidh gá lena dtacaíocht chun poist a chruthú sa chríoch a shainaithneofar agus nach mbeidh athshocrú mar thoradh orthu mar a shainaithneofar i bpointe (27) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1060.

Le CUAC, féadfar tacú freisin le hinfheistíochtaí chun astaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú i ngníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE ar choinníoll go bhfuil na hinfheistíochtaí sin formheasta mar chuid den phlean críochach um aistriú cóir bunaithe ar an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi phointe (i) d’Airteagal 11(2) den Rialachán seo. Ní bheidh na hinfheistíochtaí sin incháilithe ach amháin má tá gá leo chun an plean críochach um aistriú cóir a chur chun feidhme.

Airteagal 9

Eisiamh ón raon feidhme tacaíochta

Ní thacóidh CUAC leis an méid seo a leanas:

(a) 

díchoimisiúnú nó tógáil cumhachtstáisiún núicléach;

(b) 

monarú, próiseáil agus margú tobac agus táirgí tobac;

(c) 

gnóthas atá i gcruachás faoi mar a shainítear i bpointe (18) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún ( 4 ), mura n-údaraítear dó faoi rialacha sealadacha Státchabhrach a bunaíodh chun aghaidh a thabhairt ar imthosca eisceachtúla nó faoi chabhair de minimis chun tacú le hinfheistíochtaí chun costais fuinnimh a laghdú i gcomhthéacs an phróisis aistrithe fuinnimh;

(d) 

infheistíocht a bhaineann le táirgeadh, próiseáil, iompar, dáileadh, stóráil nó dóchán na mbreoslaí iontaise.

Airteagal 10

Clársceidealú acmhainní CUAC

1.  
Déanfar acmhainní CUAC a chlársceidealú i gcomhair na gcatagóirí réigiún ina bhfuil na críocha lena mbaineann, ar bhonn na bpleananna críochacha um aistriú cóir arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 11 agus arna bhformheas ag an gCoimisiún mar chuid de chlár nó de leasú ar chlár. Beidh na hacmhainní arna gclársceidealú i bhfoirm cláir shonraigh amháin nó níos mó nó i bhfoirm tosaíochta amháin nó níos mó laistigh de chláir.

Ní dhéanfaidh an Coimisiún clár nó aon leasú air a fhormheas, ach i gcás ina bhfuil údar cuí le sainaithint na gcríoch is mó atá faoi thionchar diúltach ag próiseas an aistrithe, atá sa phlean ábhartha críochach um aistriú cóir, agus go bhfuil an plean ábhartha críochach um aistriú cóir ag teacht le plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide an Bhallstáit lena mbaineann.

2.  
Is éard a bheidh i dtosaíocht nó i dtosaíochtaí CUAC cuid nó iomlán acmhainní CUAC a leithdháiltear ar na Ballstáit agus na hacmhainní a aistrítear i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/1060. Ní rachaidh iomlán acmhainní CFRE agus CSE+ a aistreofar chuig CUAC thar thrí oiread mhéid na tacaíochta ó CUAC chuig an tosaíocht sin cé is moite de na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo.
3.  

I gcomhréir le hAirteagal 112 de Rialachán (AE) 2021/1060, ní bheidh an ráta cómhaoinithe, ar ráta é is infheidhme don réigiún ina bhfuil an chríoch nó na críocha a shainaithnítear sna pleananna críochacha um aistriú cóir i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo, don tosaíocht nó do na tosaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CUAC os cionn:

(a) 

85 % le haghaidh réigiúin lagfhorbartha;

(b) 

70 % le haghaidh réigiúin trasdula;

(c) 

50 % le haghaidh réigiúin níos forbartha.

Airteagal 11

Pleananna críochacha um aistriú cóir

1.  
Ullmhóidh na Ballstáit, i gcomhar le húdaráis ábhartha áitiúla agus réigiúnacha na gcríoch lena mbaineann, plean críochach um aistriú cóir amháin nó níos mó a chumhdaíonn críoch amháin nó níos mó a ndéanann sé difear dóibh, a chomhfhreagraíonn do réigiúin NUTS leibhéal 3, nó codanna díobh, i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Beidh na críocha sin ar na cinn is mó a bheidh faoi thionchar diúltach, bunaithe ar na torthaí eacnamaíocha agus sóisialta de dheasca an aistrithe, go háirithe maidir leis an oiriúnú measta oibrithe nó caillteanas measta post i dtáirgeadh agus úsáid breoslaí iontaise agus na riachtanais maidir le claochlú ó bhonn ar phróisis táirgthe na saoráidí tionsclaíocha sin a bhfuil an déine gás ceaptha teasa is airde acu.
2.  

Beidh na gnéithe seo a leanas in aon phlean críochach um aistriú cóir:

(a) 

tuairisc ar an bpróiseas aistrithe ar an leibhéal náisiúnta i dtreo geilleagar aeráid-neodrach, lena n-áirítear amlíne le haghaidh céimeanna aistrithe tábhachtacha i dtreo spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid agus geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, atá comhsheasmhach leis an leagan is déanaí den phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide;

(b) 

údar cuí le críocha a shainaithint a bheith faoin tionchar is diúltaí de dheasca an phróisis aistrithe dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo agus atá le tacaíocht a fháil ó CUAC, i gcomhréir le mír 1;

(c) 

measúnú ar dhúshláin an aistrithe atá ann do na críocha a sainaithníodh mar na críocha is mó a bheidh faoi thionchar diúltach, lena n-áirítear tionchar sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil an aistrithe i dtreo geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, ina sainaithnítear líon na bpost a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh agus líon na bpost a d’fhéadfadh cailleadh, na rioscaí dídhaonraithe, agus na riachtanais agus na cuspóirí forbartha, atá le baint amach faoi 2030 agus nasctha le claochlú ó bhonn nó le dúnadh na ngníomhaíochtaí atá dian ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa de sna críocha sin;

(d) 

tuairisc ar rannchuidiú measta na tacaíochta CUAC maidir le dul i ngleic le tionchair shóisialta, dhéimeagrafacha, eacnamaíocha, sláinte agus chomhshaoil an aistrithe i dtreo geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, lena n-áirítear an rannchuidiú measta i dtéarmaí cruthú agus caomhnú post;

(e) 

measúnú ar a chomhsheasmhacht le straitéisí agus pleananna ábhartha náisiúnta, réigiúnacha nó críochacha eile;

(f) 

tuairisc ar shásraí rialachais ina bhfuil socruithe comhpháirtíochta, na bearta faireacháin agus meastóireachta atá pleanáilte agus na comhlachtaí freagracha;

(g) 

tuairisc ar na cineálacha oibríochtaí atá beartaithe agus an rannchuidiú a bhfuiltear ag súil leis uathu chun tionchar an aistrithe a laghdú;

(h) 

i gcás ina gcuirtear tacaíocht ar fáil d’infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair nach FBManna iad, liosta táscach na n-oibríochtaí agus na bhfiontar atá le tacú agus cuí-réasúnú ar an ngá atá le tacaíocht den sórt sin trí anailís ar bhearnaí ina léirítear go rachadh na caillteanais post a d’fhéadadh a bheith ann thar líon na bpost a chruthófaí in éagmais na hinfheistíochta sin;

(i) 

i gcás ina bhfuil tacaíocht le cur ar fáil d’infheistíochtaí chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, liosta de na hoibríochtaí a bhfuiltear chun tacú leo agus cuí-réasúnú go gcuirfeadh siad leis an aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach agus go mbeadh laghdú suntasach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a rachadh i bhfad faoi na tagarmharcanna ábhartha a bhunaítear don saor-leithdháileadh faoi Threoir 2003/87/CE mar thoradh orthu agus ar choinníoll go bhfuil gá leis na hoibríochtaí chun líon suntasach post a chosaint;

(j) 

sineirgí agus comhlántachtaí le cláir ábhartha eile an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais forbartha shainaitheanta; agus

(k) 

sineirgí agus comhlántachtaí lena mbeartaítear tacaíocht a fháil ó cholúin eile an tSásra um Aistriú Cóir.

3.  
Beidh na páirtithe ábhartha agus, i gcás inarb ábhartha, an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta, rannpháirteach in ullmhú agus cur chun feidhme na bpleananna críochacha um aistriú cóir, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2021/1060.
4.  
Beidh na pleananna críochacha um aistriú cóir comhsheasmhach leis na straitéisí ábhartha críochacha dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2021/1060 agus le straitéisí ábhartha um speisialtóireacht chliste, leis na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.

I gcás ina mbeidh gá le huasdhátú ar phlean críochach um aistriú cóir, de bharr athbhreithniú a dhéantar ar phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, déanfar an t-athbhreithniú sin mar chuid den athbhreithniú meántéarma i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/1060.

5.  
I gcás inar mian le Ballstáit leas a bhaint as an bhféidearthacht atá ann tacaíocht a fháil faoi na colúin eile den Sásra um Aistriú Cóir, leagfar amach ina bplean críochach um aistriú cóir na hearnálacha agus na réimsí téamacha a bhfuil tacaíocht beartaithe ina leith faoi na colúin sin.

Airteagal 12

Táscairí

1.  
Bainfear úsáid as comhtháscairí aschuir agus toraidh, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus, i gcásanna cuí-réasúnaithe sa phlean críochach um aistriú cóir, táscairí aschuir agus toraidh atá clár-shonrach, i gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 16 (1), pointe (d)(ii) d’Airteagal 22(3) agus pointe (b) d’Airteagal 42 (2) de Rialachán (AE) 2021/1060.
2.  
Maidir le táscairí aschuir, socrófar na bonnlínte ag náid. Beidh na garspriocanna a shocraítear do 2024 agus na spriocanna a shocraítear do 2029 carnach. Ní dhéanfar athbhreithniú ar na spriocanna tar éis don iarraidh ar an leasú ar chlár a chur isteach de bhun Airteagal 18 (3) de Rialachán (AE) 2021/1060 a bheith formheasta ag an gCoimisiún.
3.  
I gcás ina dtacaíonn tosaíocht CUAC leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (k), (l) nó (m) d’Airteagal 8(2), ní dhéanfar sonraí na dtáscairí a tharchur ach amháin má bhíonn na sonraí uile a bhaineann leis an rannpháirtí sin, a cheanglaítear i gcomhréir le hIarscríbhinn III, ar fáil.

Airteagal 13

Ceartuithe airgeadais

Bunaithe ar scrúdú ar thuarascáil deiridh ar fheidhmíocht an chláir, féadfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 104 de Rialachán (AE) 2021/1060 i gcás ina mbaintear amach níos lú ná 65 % den sprioc a leagtar amach do cheann amháin nó níos mó de na táscairí aschuir.

Beidh na ceartuithe airgeadais i gcomhréir leis an méid a baineadh amach agus ní dhéanfar iad a chur i bhfeidhm i gcás inar ann don mhainneachtain spriocanna a bhaint amach i ngeall ar an tionchar atá ag imthosca socheacnamaíocha nó comhshaoil, i ngeall ar athruithe suntasacha i ndálaí eacnamaíocha nó comhshaoil sa Bhallstát lena mbaineann nó i ngeall ar chúiseanna force majeure a dhéanann difear mór do chur chun feidhme na dtosaíochtaí lena mbaineann.

Airteagal 14

Athbhreithniú

Faoin 30 Meitheamh 2025, athbhreithneoidh an Coimisiún cur chun feidhme CUAC a bhaineann leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 2, agus na hathruithe a bhféadfaí a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2020/852 agus cuspóirí an Aontais maidir leis an athrú aeráide a leagtar amach i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an creat chun aeráid-neodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“an Dlí Aeráide Eorpach”), agus an forás i gcur chun feidhme an Phlean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe á gcur san áireamh. Ar an mbonn sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, a bhféadfadh tograí reachtacha a bheith ag gabháil leo.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

LEITHDHÁILTÍ DE RÉIR AN BHALLSTÁIT



 

Leithdháiltí ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh

Leithdháiltí ó acmhainní CAI

Leithdháiltí Iomlána

Sciar na mBallstát ón iomlán

An Bheilg

95

71

166

0,95  %

An Bhulgáir

673

505

1 178

6,73  %

An tSeicia

853

640

1 493

8,53  %

An Danmhairg

46

35

81

0,46  %

An Ghearmáin

1 288

966

2 254

12,88  %

An Eastóin

184

138

322

1,84  %

Éire

44

33

77

0,44  %

An Ghréig

431

324

755

4,31  %

An Spáinn

452

339

790

4,52  %

An Fhrainc

535

402

937

5,35  %

An Chróit

97

72

169

0,97  %

An Iodáil

535

401

937

5,35  %

An Chipir

53

39

92

0,53  %

An Laitvia

100

75

174

1,00  %

An Liotuáin

142

107

249

1,42  %

Lucsamburg

5

4

8

0,05  %

An Ungáir

136

102

237

1,36  %

Málta

12

9

21

0,12  %

An Ísiltír

324

243

567

3,24  %

An Ostair

71

53

124

0,71  %

An Pholainn

2 000

1 500

3 500

20,00  %

An Phortaingéil

116

87

204

1,16  %

An Rómáin

1 112

834

1 947

11,12  %

An tSlóvéin

134

101

235

1,34  %

An tSlóvaic

239

179

418

2,39  %

An Fhionlainn

242

182

424

2,42  %

An tSualainn

81

61

142

0,81  %

AE 27

10 000

7 500

17 500

100,00  %

Leithdháiltí in EUR milliún, i bpraghsanna 2018 agus roimh asbhaintí le haghaidh cúnamh teicniúil agus caiteachas riaracháin (mar gheall ar shlánú aníos nó anuas, d’fhéadfadh sé nach réitíonn na suimeanna iomlána le chéile)




IARSCRÍBHINN II

TEIMPLÉAD LE hAGHAIDH PLEANANNA CRÍOCHACHA UM AISTRIÚ CÓIR

1. Leagan amach an phróisis aistrithe agus sainaithint na gcríoch ina mbeidh an tionchar is diúltaí laistigh den Bhallstát

Réimse téacs [12000]

Tagairt: pointe (a) d’Airteagal 11(2)

1.1. Leagan amach an phróisis aistrithe a bhfuiltear ag súil leis i dtreo spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid agus geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, i gcomhréir le cuspóirí na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus pleananna críochacha eile atá ann cheana maille le hamlíne chun deireadh a chur le gníomhaíochtaí amhail mianadóireacht ghuail agus ligníte nó táirgeadh leictreachais gualbhreoslaithe nó na gníomhaíochtaí sin a laghdú

Tagairt: pointe (b) d’Airteagal 11(2)

1.2. Sainaithint na gcríoch a bhfuiltear ag súil leis go mbeidh an tionchar is diúltaí iontu agus bonn cirt a thabhairt don rogha sin leis an meastachán comhfhreagrach ar na tionchair eacnamaíocha agus fostaíochta bunaithe ar an leagan amach i Roinn 1.1

Tagairt: Airteagal 6

1.3. Na réigiúin agus na hoileáin is forimeallaí a bhfuil dúshláin shonracha acu sna críocha a liostaítear faoi Roinn 1.1 a shainaithint agus na méideanna sonracha a leithdháileadh ar na críocha sin agus údar cuí sonrach ag gabháil leo

2. Measúnú ar na dúshláin i dtaca leis an aistriú, le haghaidh gach ceann de na críocha arna sainaithint

2.1. Measúnú ar an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bheidh ag an aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050

Tagairt: pointe (c) d’Airteagal 11(2)

Réimse téacs [12000]

Sainaithint na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha agus na n-earnálacha tionsclaíocha a n-imreofar tionchar orthu, ina ndéantar idirdhealú idir:

— 
earnálacha atá ag dul i léig, a bhfuiltear ag súil leis go dtiocfaidh deireadh leo nó go dtiocfaidh laghdú suntasach ar a ngníomhaíochtaí de bharr an aistrithe, agus amlíne chomhfhreagrach san áireamh;
— 
earnálacha ina bhfuil claochlú ó bhonn ag tarlú, a bhfuiltear ag súil leis go dtiocfaidh clochlú ó bhonn ar a ngníomhaíochtaí, a bpróisis agus a n-aschuir.

I gcomhair gach ceann den dá chineál earnálacha:

— 
na caillteanais post agus na riachtanais i ndáil le hathcháiliú a bhfuiltear ag súil leo, agus réamhaisnéisí scileanna á gcur san áireamh;
— 
an cumas féideartha éagsúlaithe eacnamaíoch agus deiseanna forbartha.

2.2. Riachtanais forbartha agus cuspóirí faoi 2030 d’fhonn geilleagar aeráid-neodrach san Aontas a bhaint amach faoi 2050

Tagairt: pointe (d) d’Airteagal 11(2)

Réimse téacs [6000]

— 
Riachtanais forbartha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an aistrithe;
— 
Cuspóirí agus torthaí a bhfuiltear ag súil leo trí thosaíocht CUAC a chur chun feidhme, lena n-áirítear an rannchuidiú measta i dtéarmaí cruthú agus caomhnú post.

2.3. Comhsheasmhacht le straitéisí agus pleananna ábhartha náisiúnta, réigiúnacha nó críochacha eile

Tagairt: pointe (e) d’Airteagal 11(2)

Réimse téacs [6000]

— 
Straitéisí um speisialtóireacht chliste;
— 
Straitéisí críochacha dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2021/…;
— 
Pleananna forbartha réigiúnacha nó náisiúnta eile.

2.4. Na cineálacha oibríochtaí atá beartaithe

Réimse téacs [12000]

Tagairt: pointe (g) d’Airteagal 11(2)

— 
an cineál oibríochtaí atá beartaithe agus an méid a mheastar a rannchuideoidh siad chun tionchar an aistrithe a mhaolú

Tagairt: pointe (h) d’Airteagal 11(2)

Le líonadh isteach má thugtar tacaíocht d’infheistíochtaí táirgiúla in eagraíochtaí nach FBManna iad, agus sa chás sin amháin:

— 
liosta táscach de na hoibríochtaí agus fiontair atá le tacú agus i gcás gach ceann acu, údar cuí leis an ngá atá le tacaíocht den sórt sin trí anailís ar bhearnaí a léiríonn go mbeadh líon na gcaillteanas post a bhfuiltear ag súil leo níos mó ná líon na bpost a bhfuiltear ag súil go gcruthófaí in éagmais na hinfheistíochta sin

Nuashonraigh nó líon isteach an roinn seo tríd an athbhreithniú ar phleananna críocha um aistriú cóir, ag brath ar an gcinneadh tacaíocht mar sin a chur ar fáil.

Tagairt: pointe (i) d’Airteagal 11(2);

Le líonadh má thugtar tacaíocht d’infheistíochtaí chun an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE a bhaint amach, agus sa chás sin amháin:

— 
liosta d’oibríochtaí a dtabharfar tacaíocht dóibh agus cuí-réasúnú go rannchuidíonn siad leis an aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach agus go mbeidh laghduithe suntasacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar thoradh leo a rachaidh go substaintiúil faoi bhun na dtagarmharcanna ábhartha arna mbunú don leithdháileadh saor in aisce faoi Threoir 2003/87/CE agus ar choinníoll go bhfuil siad riachtanach chun líon suntasach post a chosaint

Nuashonraigh nó líon isteach an roinn seo tríd an athbhreithniú ar phleananna críochacha um aistriú cóir, ag brath ar an gcinneadh tacaíocht mar sin a chur ar fáil.

Tagairt: pointe (j) d’Airteagal 11(2)

— 
sineirgí agus comhlántachtaí na n-oibríochtaí a bheartaítear le cláir ábhartha eile de chuid an Aontais faoin sprioc “Infheistíocht le haghaidh post agus fáis” (lena dtacaítear leis an bpróiseas aistrithe), le hionstraimí maoiniúcháin eile (an Ciste um Nuachóiriú ar Thrádáil Astaíochtaí an Aontais) chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais forbartha a sainaithníodh

Tagairt: pointe (k) d’Airteagal 11(2) agus d’Airteagal 11(5)

— 
sineirgí agus comhlántachtaí lena mbeartaítear tacaíocht a fháil ó cholúin eile an tSásra um Aistriú Cóir
— 
na hearnálacha agus na réimsí téamacha, a bheartaítear tacú leo faoi na colúin eile

3. Sásraí rialachais

Tagairt: pointe (f) d’Airteagal 11(2)

Réimse téacs [5000]

3.1. Comhpháirtíocht

— 
Socruithe chun go mbeadh rannpháirtíocht ag comhpháirtithe in ullmhú, cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an bplean críochach um aistriú cóir;
— 
An toradh ar an gcomhairliúchán poiblí

3.2. Faireachán agus meastóireacht

— 
Bearta faireacháin agus meastóireachta atá beartaithe, lena n-áirítear táscairí chun cumas an phlean a chuspóirí a bhaint amach a thomhas

3.3. Comhlacht/comhlachtaí comhordaithe agus faireacháin

An comhlacht nó na comhlachtaí atá freagrach as comhordú agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean agus an ról atá acu

4. Táscairí aschuir nó toraidh atá clárshonrach

Tagairt: Airteagal 12(1)

Le líonadh isteach má tá táscairí clárshonracha beartaithe, agus sa chás sin amháin:

— 
cuí-réasúnú go bhfuil gá le táscairí aschuir nó toraidh clárshonracha bunaithe ar na cineálacha oibríochtaí atá beartaithe



Tábla 1.

Táscairí aschuir

Cuspóir sonrach

Aitheantóir [5]

Táscaire [255]

Aonad tomhais

Garsprioc (2024)

Sprioc (2029)

 

 

 

 

 

 



Tábla 2.

Táscairí toraidh

Cuspóir sonrach

Aitheantóir [5]

Táscaire [255]

Aonad tomhais

Bonnlíne nó luach tagartha

Bliain tagartha

Sprioc (2029)

Foinse na sonraí [200]

Barúlacha [200]

 

 

 

 

 

 

 

 

 




IARSCRÍBHINN III

COMHTHÁSCAIRÍ AISCHUIR AGUS COMHTHÁSCAIRÍ TORAIDH LE hAGHAIDH AN CHISTE UM AISTRIÚ CÓIR ( 5 )



Comhtháscairí Aischuir maidir leis an mBeartas Réigiúnach (RCO) agus Comhtháscairí Toraidh maidir leis an mBeartas Réigiúnach (RCR)

Aschuir

Torthaí

RCO 01 - Fiontair dá dtugtar tacaíocht (astu sin: micrifhiontair, fiontair bheaga, fiontair mheánmhéide agus fiontair mhóra) (*1)
RCO 02 - Fiontair dá dtugtar tacaíocht trí dheontais
RCO 03 - Fiontair dá dtugtar tacaíocht le hionstraimí airgeadais
RCO 04 - Fiontair dá dtugtar tacaíocht neamhairgeadais
RCO 05 - Gnólachtaí nuathionscanta dá dtugtar tacaíocht
RCO 07 - Eagraíochtaí taighde atá rannpháirteach i dtionscadail taighde chomhpháirteacha
RCO 10 - Fiontair a chomhoibríonn le heagraíochtaí taighde ►C1  
RCO 121a – Fiontair dá dtugtar tacaíocht chun an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE a bhaint amach  ◄

RCR 01 - Poist arna gcruthú in eintitis dá dtugtar tacaíocht

RCR 102 – Poist arna gcruthú in eintitis dá dtugtar tacaíocht

RCR 02 - Infheistíochtaí príobháideacha ar chomh-mhéid le tacaíocht phoiblí (astu sin: deontais, ionstraimí airgeadais) (*1)

RCR 03 – FBManna a thugann isteach nuálaíocht ó thaobh táirgí agus próiseas de

RCR 04 – FBManna a thugann nuálaíocht isteach ó thaobh margaíochta nó eagraíochta de

RCR 05 - FBManna atá i mbun nuálaíocht inmheánach

RCR 06 - Iarratais ar phaitinní a cuireadh isteach

RCR 29a – Astaíochtaí gás ceaptha teasa measta ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE i bhfiontair dá dtugtar tacaíocht

RCO 13 - Luach maidir le Seirbhísí agus táirgí digiteacha arna bhforbairt le haghaidh fiontar

RCR 11 - Úsáideoirí seirbhísí, táirgí agus próiseas digiteach poiblí nua agus uasghrádaithe

RCR 12 - Úsáideoirí táirgí, seirbhísí, táirgí agus próiseas digiteach nua agus uasghrádaithe arna bhforbairt ag fiontair

RCO 15 - Acmhainneacht ghoir arna cruthú

RCR 17 - Fiontair nua fós ar marthain sa mhargadh

RCR 18 - FBManna a úsáideann seirbhísí goir bliain amháin tar éis an ghorlann a chruthú

RCO 101 – FBManna a dhéanann infheistiú i scileanna don speisialú cliste, don trasghabháil thionsclaíoch agus don fhiontraíocht

RCR 97 – Printíseachtaí dá dtugtar tacaíocht in FBManna

RCR 98 – Foireann FBManna a chuireann Gairmoiliúint agus Gairmoideachas Leanúnach i gcrích (de réir an chineáil scile: scil theicniúil, bhainistíochta, fiontraíochta, ghlas, eile) (*1)

RCO 18 – Teaghaisí ina bhfuil feidhmíocht fuinnimh fheabhsaithe

RCO 19 – Foirgnimh phoiblí ina bhfuil feidhmíocht fuinnimh fheabhsaithe

RCO 20 - Línte líonraí le haghaidh téamh agus fuarú ceantair a tógadh nó a feabhsaíodh le déanaí

RCO 104 – Líon na n-aonad comhghiniúna ardéifeachtúil

RCR 26 – Príomhthomhaltas fuinnimh bliantúil (as sin: teaghaisí, foirgnimh phoiblí, fiontair, eile) (*1)

RCR 29 – Astaíochtaí gás ceaptha teasa measta

RCO 22 - Acmhainneacht táirgeachta bhreise le haghaidh fuinneamh inathnuaite (as sin: leictreachas, fuinneamh teirmeach) (*1)

RCR 31 - An fuinneamh inathnuaite iomlán arna tháirgeadh (as sin: leictreachas, fuinneamh teirmeach) (*1)

RCR 32 – Acmhainneacht oibríochtúil bhreise arna suiteáil don fhuinneamh inathnuaite

RCO 34 - Acmhainneacht bhreise le haghaidh athchúrsáil dramhaíola

RCO 107 – Infheistíocht i saoráidí bailithe dramhaíola ar leithligh

RCO 119 - Dramhaíl arna hullmhú le haghaidh athúsáide

RCR 47 - Dramhaíl arna hathchúrsáil

RCR 48 - Dramhaíl arna hathchúrsáil arna húsáid mar amhábhair

RCO 36 - Bonneagar glas dá dtugtar tacaíocht chun críocha eile seachas oiriúnú don athrú aeráide

RCO 38 - Achar dromchla na talún athshlánaithe dá dtugtar tacaíocht

RCO 39 - Córais chun faireachán a dhéanamh ar thruailliú aeir arna suiteáil

RCR 50 - An daonra a bhaineann tairbhe as bearta le haghaidh cháilíocht an aeir (*2)

RCR 52 - Talamh athshlánaithe arna úsáid le haghaidh limistéir ghlasa, tithíocht shóisialta, gníomhaíochtaí eacnamaíocha nó úsáidí eile

RCO 55 - Fad na línte nua tram agus meitreo

RCO 56 - Fad na línte atógtha nó nuachóirithe tram agus meitreo

RCO 57 – Toilleadh an rothstoic atá neamhdhíobhálach don chomhshaol le haghaidh iompar poiblí

RCO 58 - Bonneagar rothaíochta tiomnaithe dá dtugtar tacaíocht

RCO 60 – Cathracha agus bailte ag a bhfuil córais dhigiteacha iompair uirbigh nua nó nuachóirithe

RCR 62 – Úsáideoirí bliantúla iompair phoiblí nua nó nuachóirithe

RCR 63 - Úsáideoirí bliantúla línte nua nó nuachóirithe tram agus meitreo

RCR 64 - Úsáideoirí bliantúla bonneagair rothaíochta thiomnaithe

RCO 61 – Dromchla saoráidí nua nó nuachóirithe le haghaidh seirbhísí fostaíochta

RCR 65 – Úsáideoirí bliantúla saoráidí nua nó nuachóirithe le haghaidh seirbhísí fostaíochta

RCO 66 - Líon na leanaí sa seomra ranga i saoráidí cúraim leanaí nua nó nuachóirithe dá dtugtar tacaíocht

RCO 67 - Líon na leanaí sa seomra ranga i saoráidí oideachais nua nó nuachóirithe dá dtugtar tacaíocht

RCR 70 - Úsáideoirí bliantúla saoráidí cúraim leanaí nua nó nuachóirithe

RCR 71 - Úsáideoirí bliantúla saoráidí oideachais nua nó nuachóirithe

RCO 113 - Daonra arna chumhdach ag tionscadail faoi chuimsiú gníomhaíochtaí comhtháite maidir le cuimsiú socheacnamaíoch pobal imeallaithe, teaghlach ar ioncam íseal agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste (*2)

 

RCO 69 - Líon na ndaoine i saoráidí cúraim sláinte nua nó nuachóirithe dá dtugtar tacaíocht

RCO 70 - Líon na ndaoine i saoráidí cúraim shóisialta nua nó nuachóirithe (seachas tithíocht) dá dtugtar tacaíocht

RCR 72 – Úsáideoirí bliantúla ríomhsheirbhísí cúraim sláinte nua nó nuachóirithe

RCR 73 - Úsáideoirí bliantúla saoráidí cúraim sláinte nua nó nuachóirithe

RCR 74 - Úsáideoirí bliantúla saoráidí cúraim shóisialta nua nó nuachóirithe

omhtháscairí Aischuir maidir leis an mBeartas Réigiúnach (RCO) agus Comhtháscairí Toraidh maidir leis an mBeartas Réigiúnach (RCR) (1) , (2)

Aschuir

Torthaí

RCO 01 - daoine dífhostaithe, lena n-áirítear daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach (*2)

RCO 02 - daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach (*2)

RCO 03 - daoine neamhghníomhacha (*2)

RCO 04 - daoine fostaithe, lena n-áirítear daoine féinfhostaithe (*2)

RCO 05 - líon na bpáistí faoi bhun 18 mbliana d’aois (*2)

RCO 06 - daoine óga idir 16 agus 29 mbliana d’aois (*2)

RCO 07 - líon na rannpháirtithe atá 55 bliana d’aois nó os a chionn (*2)

RCO 08 - daoine a bhfuil oideachas meánscoile íochtaraí nó níos lú ná sin (ISCED 0-2) acu (*2)

RCO 09 - daoine a bhfuil oideachas meánscoile uachtaraí (ISCED 3) nó oideachas iar-mheánscoile (ISCED 4) acu (*2)

RCO 10 - daoine a bhfuil oideachas treasach (ISCED 5 nó 8) acu (*2)

RCO 11 - líon iomlán na rannpháirtithe (3)

RCR 01 - rannpháirtithe atá ag lorg poist i ndiaidh na rannpháirtíochta (*2)

RCR 02 - rannpháirtithe in oideachas/oiliúint i ndiaidh na rannpháirtíochta (*2)

RCR 03 - rannpháirtithe a fuair cáilíocht ar fhágáil dóibh (*2)

RCR 04 - rannpháirtithe i bhfostaíocht, lena n-áirítear féinfhostaíocht, ar fhágáil dóibh (*2)

(*1)   

Miondealú nár iarradh le haghaidh clársceidealaithe ach amháin chun tuairisciú a dhéanamh.

(*2)   

Na sonraí a thuairiscítear, is sonraí pearsanta iad de réir Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(1)   

Tá gach táscaire aschuir agus toraidh a bhaineann le rannpháirtithe le tuairisciú.

(2)   

Déanfar na sonraí pearsanta ar fad a mhiondealú de réir inscne (fireann/baineann – daoine neamh-dhénártha, de réir an dlí náisiúnta).


I gcás nach bhfuil torthaí áirithe indéanta, níl sé riachtanach sonraí na dtorthaí sin a bhailiú nó a thuairisciú.


I gcás inarb iomchuí, is féidir comhtháscairí aschuir a thuairisciú bunaithe ar spriocghrúpa na hoibríochta.


Nuair a dhéantar sonraí a bhailiú ó chlárlanna nó ó foinsí coibhéiseacha, féadfaidh na Ballstáit sainmhínithe náisiúnta a úsáid.

(3)   

Déanfar an táscaire seo a ríomh go huathoibríoch ar bhonn na gcomhtháscairí aschuir a bhaineann leis an stádas fostaíochta.



( 1 ) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

( 2 ) Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le bunú Clár Eorpach um Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán agus lena leasaítear Treoir 91/689/CEE agus Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 33, 4.2.2006, lch. 1).

( 3 ) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

( 4 ) Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).

( 5 ) Ar chúiseanna a bhaineann leis an gcur i láthair, déantar na táscairí a ghrúpáil le go mbeidh sé níos éasca iad a chur le chéile leis na táscairí atá san áireamh i rialacháin ciste-shonracha eile.