02021R1044 — GA — 29.12.2022 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1044 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Meitheamh 2021

lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh aonair “Pesguard® Gel”

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 225 25.6.2021, lch. 54)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2405 ÓN gCOIMISIÚN an 7 Nollaig 2022

  L 317

54

9.12.2022




▼B

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1044 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Meitheamh 2021

lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh aonair “Pesguard® Gel”

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



Airteagal 1

Deonaítear údarú Aontais a bhfuil an uimhir údaraithe EU-0024951-0000 aige do Sumitomo Chemical Agro Europe SAS chun an táirge bithicídeach aonair “Pesguard® Gel” a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir leis an achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Tá an t-údarú Aontais bailí ón 15 Iúil 2021 go dtí an ►M1  30 Meitheamh 2026 ◄ .

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN

Achoimre ar shaintréithe an táirge le haghaidh táirge bithicídeach

Pesguard® Gel

Cineál táirge 18 - Feithidicídí, acairicídí agus táirgí chun artrapóid eile a shrianadh (Srianadh lotnaidí)

Uimhir an údaraithe: EU-0024951-0000

Uimhir sócmhainne R4BP: EU-0024951-0000

1.    FAISNÉIS RIARACHÁIN

1.1.    Trádainm/trádainmneacha an táirge



Trádainm/trádainmneacha

Pesguard® Gel

1.2.    Sealbhóir an údaraithe



Ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe

Ainm

Sumitomo Chemical Agro Europe SAS

Seoladh

Parc d’Affaires de Crécy 10A, rue de la Voie Lactée, 69370 Saint Didier au Mont d’Or, An Fhrainc

Uimhir an údaraithe

EU-0024951-0000

Uimhir sócmhainne R4BP

EU-0024951-0000

Dáta an údaraithe

15 Iúil 2021

Dáta éaga an údaraithe

►M1  30 Meitheamh 2026 ◄

1.3.    Déantóir/déantóirí an táirge



Ainm an déantóra

McLaughlin Gormley King Company (MGK)

Seoladh an déantóra

8810 10th Avenue North, MN 55427 Minneapolis Stáit Aontaithe Mheiriceá

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

McLaughlin Gormley King Company, 4001 Peavey Road, MN 55318 Chaska Stáit Aontaithe Mheiriceá

1.4.    Déantóir/déantóirí na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha



Substaint ghníomhach

(E)-1-(2-Chloro-1,3-thiazol-5-ylmethyl)-3- methyl-2-nitroguanidine (Clothianidin)

Ainm an déantóra

Sumitomo Chemical Co. Ltd.

Seoladh an déantóra

27-1, Shinkawa 2-chome, Chuo-ku, 104-8260 Tokyo An tSeapáin

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

Sumitomo Chemical Company LTD, Oita Works, 2200, Tsurusaki, Oita City„ 870-0106 Oita An tSeapáin



Substaint ghníomhach

pyriproxyfen

Ainm an déantóra

Sumitomo Chemical Co. ltd.

Seoladh an déantóra

27-1, Shinkawa 2-chome, Chuo-ku, 104-8260 Tokyo An tSeapáin

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

Sumitomo Chemical Company LTD, Misawa Works, Aza-Sabishirotaira, Oaza-Misawa, Misawa„ 033-0022 Aomori An tSeapáin

2.    COMHDHÉANAMH AGUS FOIRMLIÚ AN TÁIRGE

2.1.    Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh an táirge



Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

Clothianidin

(E)-1-(2-Chloro-1,3-thiazol-5-ylmethyl)-3- methyl-2-nitroguanidine

Substaint Ghníomhach

210880-92-5

433-460-1

0,526

pyriproxyfen

4-phenoxyphenyl (RS)-2-(2- pyridyloxy)propyl ether

Substaint Ghníomhach

95737-68-1

429-800-1

0,515

Aigéad aicéiteach

Aigéad eatánóch

Substaint neamhghníomhach

64-19-7

200-580-7

0,3

Sorbáit potaisiam

potaisiam (E,E)-hexa-2,4-dienoate

Substaint neamhghníomhach

24634-61-5

246-376-1

0,5

2.2.    Cineál foirmlithe

RB - Baoite (réidh le húsáid)

3.    RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM



Ráitis ghuaise

D’fhéadfadh a bheith ina chúis le himoibriú ailléirgeach craicinn.

An-tocsaineach don saol uisceach le héifeachtaí buana.

Ráitis réamhchúraim

MÁ DHÉANTAR TEAGMHÁIL LE CRAICEANN: Nigh le neart uisce.

Má tharlaíonn greannú nó gríos craicinn: Faigh comhairle leighis.

Caith lámhainní cosanta.

Seachain scaoileadh isteach sa chomhshaol.

Diúscair coimeádán chuig i gcomhréir le rialacháin áitiúla.

Bailigh doirteadh.

4.    ÚSÁID/ÚSÁIDÍ ÚDARAITHE

4.1.    Tuairisc úsáide



Tábla 1. Úsáid # 1 – Úsáid Ghairmiúil - Baoite RTU

An cineál táirge

PT18 - Feithidicídí, acairicídí agus táirgí chun artrapóid eile a shrianadh (Srianadh lotnaidí)

Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

Feithidicíd

Sprioc-orgánach/sprioc-orgánaigh (lena n-áirítear céim na forbartha)

Ainm eolaíoch: Blattella germanica

Gnáthainm: An chiaróg rua Gearmánach

Céim na forbartha: Nimfeacha

Ainm eolaíoch: Blattella germanica

Gnáthainm: An chiaróg rua Gearmánach

Céim na forbartha: Aosaigh

Ainm eolaíoch: Supella longipalpa

Gnáthainm: An chiaróg rua le bandaí donna

Céim na forbartha: Nimfeacha

Ainm eolaíoch: Supella longipalpa

Gnáthainm: An chiaróg rua le bandaí donna

Céim na forbartha: Aosaigh

Ainm eolaíoch: Blatta orientalis

Gnáthainm: An Chiaróg Dhubh

Céim na forbartha: Nimfeacha

Ainm eolaíoch: Blatta orientalis

Gnáthainm: An Chiaróg Dhubh

Céim na forbartha: Aosaigh

Ainm eolaíoch: Periplaneta americana

Gnáthainm: An Chiaróg Rua Mheiriceánach

Céim na forbartha: Nimfeacha

Ainm eolaíoch: Periplaneta americana

Gnáthainm: An Chiaróg Rua Mheiriceánach

Céim na forbartha: Aosaigh

Réimse/réimsí úsáide

Faoi dhíon

I scoilteanna agus i scáintí, nó i láithreacha ceilte nach féidir le daoine nó le hainmhithe clóis dul iontu; taobh thiar de chuisneoirí, de chófraí agus de sheilfeanna, faoi fhearais chistine, i mboscaí rialaithe leictreachais, i bhfásáin agus i nduchtáil agus faoi fheistis i seomraí folctha, etc.

Modh/modhanna úsáide

Cur síos an bhaoite

Baoite glótháin feithidicídeach atá réidh le húsáid (RTU) le haghaidh ciaróga rua a shrianadh i sláinteachas poiblí

Ráta/rátaí agus minicíocht feidhmithe

Ba cheart Pesguard® Gel a chur síos mar roinnt spotaí de thrastomhas thart ar 4 mm (agus thart ar 0,032 g de bhaoite i ngach spota).

I gcásanna inmhíolú tromchúiseach, nuair a bhíonn speicis níos mó de chiaróga rua i láthair (B. orientalis nó P. americana), in áiteanna atá thar a bheith salach nó trína chéile nó nuair nach féidir foinsí malartacha bia a dhíothú ina n-iomláine, ba cheart an ráta curtha síos níos airde (e.g. 2 spota ina ionad 1 spota in aghaidh an m2 i gcás inmhíolú éadrom) a úsáid.

Inmhíolú éadrom 1 - 2 (0,032 – 0,064 g) spota in aghaidh an m2
Inmhíolú meánmhéide 3 - 6 (0,096 – 0,192 g) spota in aghaidh an m2
Inmhíolú trom 6 - 10 (0,192 – 0,320 g) spota in aghaidh an m2

Níor cheart é a chur síos níos mó ná 11 uair in aghaidh na bliana.

Catagóir/catagóirí úsáideoirí

Gairmiúil

Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

Steallaire Polapróipiléin (PP) 30 g

Caipín scriú Poileitiléin Ard-dlúis (HDPE)

4.1.1.    Treoracha úsáidsonracha úsáide

Féach na treoracha úsáide ginearálta

4.1.2.    Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

Féach na treoracha úsáide ginearálta

4.1.3.    I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach na treoracha úsáide ginearálta

4.1.4.    I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Féach na treoracha úsáide ginearálta

4.1.5.    I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Féach na treoracha úsáide ginearálta

5.    TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE ( 1 )

5.1.    Treoracha úsáide

Léigh an lipéad nó an bhileog roimh úsáid agus comhlíon/lean na treoracha uile arna gcur ar fáil.

Ná fág leaganacha baoite gan cosaint ar sholas gréine nó ar theas (e.g. radaitheoir).

Tá an taisce plaisteach réamhlíonta ina bhfuil Pesguard® Gel beartaithe le húsáid leis an suncaire atá curtha ar fáil nó le gaireas curtha baoite sainiúil a fhaightear go coitianta sa tionscal srianta lotnaidí. Féach treoracha an déantóra maidir le treoracha le haghaidh an forchuradóir a úsáid.

Insteall an baoite i scoilteanna agus i scáintí, i bhfásáin, nó i láithreacha ceilte nach féidir le daoine nó le hainmhithe clóis dul iontu ina bhféadfadh feithidí a bheith ag maireachtáil, ag beathú agus ag síolrú. De ghnáth bíonn a leithéid d’áiteanna te/tais agus dorcha (taobh thiar de chuisneoirí, de chófraí agus de sheilfeanna, faoi fhearais chistine, i mboscaí rialaithe leictreachais, i bhfásáin agus i nduchtáil agus faoi fheistis i seomraí folctha, etc.). Moltar go ndéantar iniúchadh nó gaistiú chun inmhíolú a dhearbhú sula ndéantar cóireáil. Cinntigh go mbaintear foinsí malartacha bia ar bith agus déan leaganacha an bhaoite a dhíriú mar spotaí aonair ag láithreáin ghníomhaíochta na gciaróg rua. Níor cheart an táirge a chur síos ach in áiteanna nach féidir le páistí nó le peataí dul iontu.

Ná cuir Pesguard® Gel síos in áiteanna a mbeidh sé i dteagmháil le huisce nó in áiteanna a dhéantar a ghlanadh go rialta. De ghnáth gheobhaidh ciaróga rua bás roinnt uaireanta tar éis beathú amháin ar Pesguard® Gel. In áitribh inmhíolaithe, feicfear ciaróga rua marbha de ghnáth laistigh de 24 huaire ón gcóireáil.

Bain an caipín ón mbuinne, leag an barr ar an dromchla atá le cóireáil, agus brúigh síos ar an suncaire. Cuir an caipín ar an dáileoir arís tar éis chríochnú na cóireála.

Greamóidh an baoite de dhromchlaí nach bhfuil gréisceach ná deannachúla agus fanfaidh sé solúbtha agus blasta do chiaróga rua fad agus is féidir a fheiceáil go bhfuil sé ann.

Ba cheart iniúchadh amhairc a dhéanamh ar áiteanna cóireáilte tar éis 1-2 sheachtain. Nuair a bhí an t-inmhíolú tosaigh trom d’fhéadfadh sé a bheith riachtanach Pesguard® Gel a chur síos don dara huair má itheadh an chéad chóireáil agus tá ciaróga rua beo fós ann.

Moltar go ndéantar dara hiniúchadh amhairc ar leaganacha an bhaoite 2-4 seachtaine tar éis na cóireála tosaigh. Cuir síos an baoite arís nuair nach féidir a fheiceáil go bhfuil sé fós ann, de réir leibhéal an inmhíolaithe (éadrom, meánmhéide nó trom). Cuir an baoite ar ais arís sula ndéantar é a ithe ina iomláine d’fhonn ciaróga rua a choimeád ó theacht ar ais.

Cuir sealbhóir an chlárúcháin ar an eolas mura bhfuil an chóireáil éifeachtach.

Ní mór doirteadh agus iarmharaigh ina bhfuil an táirge a bhaint mar dhramhaíl cheimiceach.

Ba cheart cúram a ghlacadh chun leagan glótháin ar dhromchlaí nochta a sheachaint. Má thagann glóthán i dteagmháil le dromchla nochta, bain an glóthán le tuáille páipéir agus glan an áit le ceirtíní taise indiúscartha.

Le linn cuairteanna ina dhiaidh sin, déan iniúchadh ar leaganacha baoite agus cuir síos arís é nuair is gá.

Ná cuir baoite i láithreacha a nitear go rialta, mar bainfear an baoite leis an níochán. Ná bain úsáid as an táirge seo i dtrealamh leictreach nó ar threalamh leictreach áit a mbíonn guais turrainge féideartha. Seachain teagmháil le teicstílí agus le héadaí, mar d’fhéadfaí smál a fhágáil orthu.

5.2.    Bearta maolaithe riosca

Caith lámhainní cosanta atá frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán le linn chéim láimhsithe an táirge (ní mór do shealbhóir an údarúcháin ábhar na lámhainní a shonrú laistigh den fhaisnéis faoin táirge).

Ná cuir baoite síos in áiteanna inar úsáideadh feithidicídí éarthacha gan an dromchla a ghlanadh ina iomláine le ciarsúr páipéir tais indiúscartha. Ná cuir feithidicídí éarthacha síos tar éis an baoite a chur síos.

Ná cuir é go díreach ar bhia, ar bheatha nó ar dheochanna nó in aice leo, ná ar dhromchlaí nó ar uirlisí is dócha go mbeidh siad i dteagmháil le bia, le beatha, le deochanna agus le hainmhithe.

Ní mór doirteadh agus iarmharaigh ina bhfuil an táirge a bhaint mar dhramhaíl cheimiceach.

Seachain glóthán a chur ar fhabraicí nó ar chairpéid ós rud é go bhféadfadh sé smál a fhágáil ar ábhair ionsúiteacha áirithe. D’fhonn smálú a sheachaint, ba cheart baoite nochta a ghlanadh suas láithreach bonn le ceirtíní taise indiúscartha.

Ní mór ábhair ghlantacháin a dhiúscairt mar dhramhaíl sholadach.

5.3.    Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Tá clóitiainídin sa táirge bithicídeach seo, rud atá díobhálach do bheacha.

Cur síos ar bhearta garchabhrach

Teagmháil le craiceann: Bain na héadaí éillithe láithreach bonn agus nigh an craiceann le gallúnach agus uisce. Faigh cóir leighis má leanann an greannú ar aghaidh tar éis an ní.

Teagmháil leis na súile: Má tharlaíonn siomptóim; sruthlaigh le huisce. Bain lionsaí tadhaill, más ann dóibh agus más éasca sin a dhéanamh. Glaoigh ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

Ionghabháil: Má shlogtar é: Má tharlaíonn siomptóim glaoigh ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

Má ionanálaítear é: neamhbhainteach.

Ná siomptóim agus iarmhairtí is tábhachtaí, idir chinn ghéara agus mhoillithe

Na súile: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le greannú súl.

Bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Seachain scaoileadh an táirge sa chomhshaol

5.4.    Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Ná cuir ach coimeádáin fholmha/pacáistíocht fholamh ar aghaidh le haghaidh athchúrsála.

Ba cheart go mbeadh diúscairt na pacáistíochta seo i gcomhréir i gcónaí leis an reachtaíocht um dhiúscairt dramhaíola agus le riachtanais ar bith de chuid an údaráis áitiúil réigiúnaigh.

5.5.    Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Cosain ar shioc. Stóráil i bhfad ó áit a mbíonn an ghrian ag soilsiú go díreach air.

Seilfré: 2 bhliain.

6.    FAISNÉIS EILE



( 1 ) Tá treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha eile faoin roinn seo bailí le haghaidh aon úsáidí údaraithe.