02021R0605 — GA — 24.12.2022 — 027.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/605 ÓN gCOIMISIÚN an 7 Aibreán 2021 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 129 15.4.2021, lch. 1) |
Arna leasú le:
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/605 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Aibreán 2021
lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:
bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc atá le cur i bhfeidhm ar feadh tréimhse teoranta ama ag na Ballstáit ( 1 ) ina bhfuil criosanna srianta I, II nó III a liostaítear in Iarscríbhinn I (na Ballstáit lena mbaineann).
Tá feidhm ag na bearta speisialta rialaithe galar sin maidir le muc-ainmhithe fiáine agus ar coimeád agus maidir le táirgí a fhaightear ó mhuc-ainmhithe chomh maith leis na bearta is infheidhme sna criosanna cosanta, faireachais, sna criosanna srianta eile a thuilleadh agus sna criosanna ionfhabhtaithe arna mbunú ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagail 21(1) agus 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.
bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc atá le cur i bhfeidhm ar feadh tréimhse teoranta ama ag gach Ballstát.
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
gluaiseachtaí coinsíneachtaí díobh seo a leanas:
muc-ainmhithe a choimeádtar i mbunaíochtaí atá lonnaithe i gcriosanna srianta I, II agus III lasmuigh de na criosanna sin;
táirgí geirmeacha, táirgí de bhunadh ainmhíoch agus seachtháirgí ainmhithe a fhaightear ó mhuc-ainmhithe atá ar coimeád dá dtagraítear i bpointe (a)(i);
gluaiseachtaí díobh seo a leanas:
coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe fiáine sna Ballstáit uile;
coinsíneachtaí agus gluaiseachtaí lena n-úsáid go príobháideach ag sealgairí táirgí de bhunadh ainmhíoch agus seachtháirgí ainmhithe a fhaightear ó mhuca fiáine sna criosanna srianta I, II agus III nó a phróiseáiltear i mbunaíochtaí atá suite i gcriosanna srianta I, II agus III;
oibreoirí gnólachtaí bia a láimhseálann coinsíneachtaí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b);
gach Ballstát maidir le feasacht a ardú faoi fhiabhras Afracach na muc.
Leis na rialacha dá dtagraítear i mír 1, cumhdaítear an méid seo a leanas:
leagtar síos i gCaibidil II rialacha speisialta maidir le criosanna srianta I, II agus III a bhunú i gcás ina mbeidh ráig d’fhiabhras Afracach na muc ann agus i gcás ina gcuirfear bearta speisialta rialaithe galar i bhfeidhm sna Ballstáit uile;
leagtar síos i gCaibidil III bearta speisialta rialaithe galar is infheidhme maidir le coinsíneachtaí muc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta I, II agus III agus táirgí a dhéantar astu sna Ballstáit lena mbaineann;
leagtar síos i gCaibidil IV bearta speisialta maolaithe riosca maidir le fiabhras Afracach na muc le haghaidh gnólachtaí bia sna Ballstáit lena mbaineann;
leagtar síos i gCaibidil V bearta speisialta rialaithe galar is infheidhme maidir le muc-ainmhithe fiáine sna Ballstáit;
i gCaibidil VI, leagtar síos oibleagáidí speisialta faisnéise agus oiliúna sna Ballstáit;
leagtar síos forálacha críochnaitheacha i gCaibidil VII.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.
Sa bhreis air sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “muc-ainmhí” ainmhí de na speicis crúbach den fhine Suidae a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/429;
ciallaíonn “táirgí geirmeacha” seamhan, úicítí agus suthanna mucúla a fhaightear ó mhuc-ainmhithe atá ar coimeád lena n-atáirgeadh saorga;
ciallaíonn “crios srianta I” limistéar Ballstáit a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn I a bhfuil teorannú geografach beacht leis atá faoi réir bearta speisialta rialaithe galar agus a bhfuil teorainn aige le criosanna srianta II nó III;
ciallaíonn “crios srianta II” limistéar Ballstáit a liostaítear i gCuid II d’Iarscríbhinn I a bhfuil teorannú geografach beacht leis atá faoi réir bearta speisialta rialaithe galar;
ciallaíonn “crios srianta III” limistéar ballstát a liostaítear i gCuid III d’Iarscríbhinn I a bhfuil teorannú geografach beacht leis atá faoi réir bearta speisialta rialaithe galar;
ciallaíonn “Ballstát saor ó ghalair roimhe sin” Ballstát nár deimhníodh fiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád ann le linn na tréimhse dhá mhí dhéag roimhe sin;
ciallaíonn “ábhair i gCatagóir 2” seachtháirgí ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 a fhaightear ó mhuc-ainmhithe atá ar coimeád;
ciallaíonn “ábhair i gCatagóir 3” seachtháirgí ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 a fhaightear ó mhuc-ainmhithe atá ar coimeád.
CAIBIDIL II
RIALACHA SPEISIALTA MAIDIR LE CRIOSANNA SRIANTA I, II AGUS III A BHUNÚ I gCÁS RÁIGE D’FHIABHRAS AFRACACH NA MUC AGUS BEARTA SPEISIALTA RIALAITHE GALAR A CHUR I bhFEIDHM SNA BALLSTÁIT UILE
Airteagal 3
Rialacha speisialta maidir le criosanna srianta agus criosanna ionfhabhtaithe a bhunú i gcás ráige d’fhiabhras Afracach na muc
I gcás ráige d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád nó i muc-ainmhithe fiáine, socróidh údarás inniúil an Bhallstáit ceann den dá rud seo a leanas:
i gcás ráige i muc-ainmhithe atá ar coimeád, crios srianta i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin; nó
i gcás ráige i muc-ainmhithe fiáine, crios ionfhabhtaithe i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.
Airteagal 4
Rialacha speisialta maidir le crios srianta breise a bhunú i gcás ráige d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád nó i muc-ainmhithe fiáine
Airteagal 5
Rialacha speisialta maidir le criosanna srianta I a liostú i gcás ráige d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád nó i muc-ainmhithe fiáine i limistéar Ballstáit a bhfuil teorainn aige le limistéar nach bhfuil aon ráig d’fhiabhras Afracach na muc deimhnithe go hoifigiúil ann
Airteagal 6
Rialacha speisialta maidir le criosanna srianta II a liostú i gcás ráige d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine i mBallstát
Airteagal 7
Rialacha speisialta maidir le criosanna srianta III a liostú i gcás ráige d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád sa Bhallstát
Mar sin féin, i gcás nár deimhníodh ach an chéad ráig agus an t-aon ráig amháin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád i limistéar Ballstáit a bhí saor ó ghalair roimhe sin, ní dhéanfar an limistéar sin a liostú mar chrios srianta III i gCuid III d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 8
Cur i bhfeidhm ginearálta na mbeart speisialta rialaithe galar i gcriosanna srianta I, II agus III
Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann na bearta speisialta rialaithe galar a leagtar síos sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcriosanna srianta I, II agus III sa bhreis ar na bearta rialaithe galar atá le cur i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 sna limistéir seo a leanas:
limistéir shrianta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;
limistéir ionfhabhtaithe a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.
CAIBIDIL III
BEARTA RIALAITHE GALAR IS INFHEIDHME MAIDIR LE COINSÍNEACHTAÍ MUC-AINMHITHE A CHOIMEÁDTAR I gCRIOSANNA SRIANTA I, II AGUS III AGUS TÁIRGÍ A DHÉANTAR ASTU SNA BALLSTÁIT LENA mBAINEANN
ROINN 1
Toirmisc shonracha a chur i bhfeidhm ar choinsíneachtaí muc-ainmhithe atá ar coimeád agus a dtáirgí sna ballstáit lena mbaineann
Airteagal 9
Toirmisc shonracha i ndáil le gluaiseachtaí coinsíneachtaí muc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta I, II agus III lasmuigh de na criosanna sin
Airteagal 10
Toirmisc shonracha i ndáil le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus III lasmuigh de na criosanna sin
Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann toirmeasc ar ghluaiseachtaí coinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus III lasmuigh de na criosanna sin.
Airteagal 11
Toirmisc shonracha maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de sheachtháirgí ainmhithe a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus III lasmuigh de na criosanna sin
Airteagal 12
Toirmisc shonracha i ndáil le gluaiseacht coinsíneachtaí d’fheoil úr agus táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus III lasmuigh de na criosanna sin
Airteagal 13
Toirmisc ghinearálta maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí muc-ainmhithe ar coimeád agus a dtáirgí a meastar gur riosca iad maidir le fiabhras Afracach na muc a leathadh
Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann, laistigh de chríoch an Bhallstáit chéanna, toirmeasc a chur ar ghluaiseachtaí coinsíneachtaí muc-ainmhithe ar coimeád agus ar tháirgí a fhaightear ó mhuc-ainmhithe ar coimeád má mheasann an t-údarás inniúil go baol ann go leathfaidh fiabhras Afracach na muc chuig na muc-ainmhithe sin, uathu nó tríothu nó go leathfaidh an fiabhras chuig a dtáirgí, uathu nó tríothu.
ROINN 2
Coinníollacha ginearálta agus sonracha maidir le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí coinsíneachtaí muc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta i, ii agus iii lasmuigh de na criosanna sin
Airteagal 14
Coinníollacha ginearálta maidir le maoluithe ar thoirmisc shonracha i ndáil le gluaiseachtaí coinsíneachtaí muc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta I, II agus III lasmuigh de na criosanna sin
De mhaolú ar na toirmisc shonracha dá bhforáiltear in Airteagal 9(1), féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gluaiseachtaí coinsíneachtaí muc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta I, II agus III a údarú lasmuigh de na criosanna sin sna cásanna a chumhdaítear le hAirteagail 22, 23, 24, 25, 28 agus 29 agus faoi na coinníollacha sonracha dá bhforáiltear sna hAirteagail sin, agus:
na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagal 28(2) go (7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687; agus
na coinníollacha ginearálta maidir leis an méid seo a leanas:
gluaiseachtaí muc-ainmhithe atá ar coimeád ó chriosanna srianta I, II agus III a leagtar síos in Airteagal 15;
bunaíochtaí le haghaidh muc-ainmhithe atá ar coimeád atá lonnaithe i gcriosanna srianta I, II agus III a leagtar síos in Airteagal 16;
na modhanna iompair a úsáidtear chun muc-ainmhithe atá ar coimeád a iompar ó chriosanna srianta I, II agus III a leagtar síos in Airteagal 17.
Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a chinneadh nach mbeidh feidhm ag na coinníollacha ginearálta breise dá dtagraítear in Airteagail 15 agus 16 maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí muc-ainmhithe a choimeádtar i seamlais atá suite i gcriosanna srianta I, II agus III ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
nach mór na muc-ainmhithe atá ar coimeád a aistriú go seamlas eile mar gheall ar imthosca eisceachtúla, amhail cliseadh mór sa seamlas;
go bhfuil an seamlas cinn scríbe suite i gceann den dá áit seo a leanas:
i gcriosanna srianta I, II nó III den Bhallstát céanna; nó
in imthosca eisceachtúla, nuair nach ann do na seamlais dá dtagraítear i bpointe (b)(i), lasmuigh de chriosanna srianta I, II nó III i gcríoch an Bhallstáit chéanna;
go bhfuil an ghluaiseacht údaraithe ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann.
Airteagal 15
Coinníollacha ginearálta breise maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí muc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta I, II agus III lasmuigh de na criosanna sin
Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gluaiseachtaí muc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta I, II agus III a údarú lasmuigh de na criosanna sin sna cásanna a chumhdaítear le hAirteagail 22 go 25 agus 28 go 30 faoi na coinníollacha sonracha dá bhforáiltear sna hAirteagail sin ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
gur coimeádadh na muc-ainmhithe isteach agus nár aistríodh iad ón mbunaíocht seolta ar feadh tréimhse 30 lá ar a laghad roimh an dáta gluaiseachta, nó ó rugadh iad, má tá siad níos óige ná 30 lá d’aois, agus i rith na tréimhse sin nár tugadh aon mhuc-ainmhithe eile atá ar coimeád isteach ó chriosanna srianta II agus III:
an bhunaíocht sin; nó
go ndearnadh an t-aonad eipidéimeolaíoch ina raibh na muc-ainmhithe le haistriú a choinneáil go hiomlán scartha. Cinnfidh an t-údarás inniúil, tar éis measúnú riosca a dhéanamh, teorainneacha an aonaid eipidéimeolaíoch sin lena ndeimhnítear go n-áirithítear, leis an struchtúr, méid agus fad idir aonaid eipidéimeolaíocha éagsúla agus na hoibríochtaí atá á ndéanamh, saoráidí ar leith le haghaidh muc-ainmhithe atá ar coimeád ó thaobh tithíocht a chur ar fáil dóibh, iad a choimeád agus a bheathú ionas nach féidir le víreas Afracach fhiabhras na muc leathadh ó aonad eipidéimeolaíoch amháin go ceann eile;
go ndearnadh scrúdú cliniciúil ar na muc-ainmhithe a choimeádtar sa bhunaíocht seolta, lena n-áirítear na hainmhithe sin atá le haistriú nó le húsáid chun táirgí geirmeacha a bhailiú, scrúdú a raibh torthaí fabhracha air maidir le fiabhras Afracach na muc:
ag tréidlia oifigiúil;
laistigh den tréimhse 24 uair an chloig roimh am gluaiseachta na coinsíneachta muc-ainmhithe nó roimh an am ar bailíodh táirgí geirmeacha; agus
i gcomhréir le hAirteagal 3(1) agus (2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus le pointe A.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis.
más gá, agus ag leanúint treoracha ón údarás inniúil, go ndearnadh tástálacha sainaitheantais pataigine roimh dháta gluaiseachta na coinsíneachta ón mbunaíocht seolta nó roimh dháta bailithe na dtáirgí geirmeacha:
tar éis an scrúdaithe chliniciúil ar mhuc-ainmhithe a choimeádtar sa bhunaíocht dá dtagraítear i bpointe (b), lena n-áirítear na hainmhithe sin atá le haistriú nó le húsáid chun táirgí geirmeacha a bhailiú; agus
i gcomhréir le pointe A.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.
Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann an méid seo a leanas a chinneadh, i gcás gluaiseachtaí coinsíneachtaí muc-ainmhithe atá ar coimeád ó bhunaíochtaí seolta atá suite i gcriosanna srianta I agus II, go dtí bunaíochtaí atá suite laistigh den Bhallstát céanna lena mbaineann, an scrúdú cliniciúil dá dtagraítear i mír (1)(b):
nach ndéanfar é ach amháin chun ainmhithe a aistriú; nó
nach gá é a dhéanamh, ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
gur thug tréidlia oifigiúil cuairt ar bhunaíocht seolta a mhinice dá dtagraítear in Airteagal 16(a)(i) agus go raibh toradh fabhrach ar na cuairteanna uile a thug tréidlia oifigiúil ar feadh tréimhse dhá mhí dhéag ar a laghad roimh dháta na gluaiseachta, lena léirítear an méid seo a leanas:
bhí an faireachas leanúnach dá dtagraítear in Airteagal 16(c) ar bun i mbunaíocht seolta ar feadh tréimhse dhá mhí dhéag ar a laghad roimh dháta na gluaiseachta.
Airteagal 16
Coinníollacha ginearálta breise maidir le bunaíochtaí muc-ainmhithe atá ar coimeád atá suite i gcriosanna srianta I, II agus III
Ní údaróidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gluaiseachtaí muc-ainmhithe a choimeádtar i mbunaíochtaí atá suite i gcriosanna srianta I, II agus III ach amháin lasmuigh de na criosanna sin sna cásanna a chumhdaítear le hAirteagail 22 go 25 agus 28 go 30 agus faoi na coinníollacha sonracha dá bhforáiltear sna hAirteagail sin ar choinníoll:
go bhfuil cuairt tugtha ag tréidlia oifigiúil ar an mbunaíocht seolta uair amháin ar a laghad tar éis liostú na gcriosanna srianta I, II agus III in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo nó le linn thréimhse trí mhí roimh an ngluaiseacht, agus go bhfuil sí faoi réir cuairteanna rialta ó thréidlianna oifigiúla dá bhforáiltear in Airteagal 26(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 mar seo a leanas:
sna criosanna srianta I agus II: ar a laghad dhá uair sa bhliain, agus eatramh ceithre mhí ar a laghad ann idir na cuairteanna sin;
i gcrios srianta III: uair amháin gach trí mhí ar a laghad.
Féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh cuairteanna a thabhairt ar an mbunaíocht i gcrios srianta III a mhinice dá dtagraítear i mír (a)(i) bunaithe ar thoradh fabhrach na cuairte deiridh tar éis liostú na gcriosanna srianta I, II agus III in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo nó le linn thréimhse trí mhí roimh an ngluaiseacht, lena léirítear gur cuireadh na ceanglais bhithshlándála dá dtagraítear i mír (b) chun feidhme agus go bhfuil an faireachas leanúnach dá dtagraítear i mír (c) á chur i bhfeidhm sa bhunaíocht sin.
go gcuireann an bhunaíocht seolta ceanglais bhithshlándála chun feidhme maidir le fiabhras Afracach na muc:
i gcomhréir leis na bearta bithshlándála athneartaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II; agus
de réir mar atá bunaithe ag an mBallstát atá i gceist;
go ndéantar faireachas leanúnach trí thástáil le tástálacha sainaitheantais pataigine le haghaidh fhiabhras Afracach na muc i mbunaíocht seolta:
i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus le hIarscríbhinn I a ghabhann leis;
tástálacha a bhfuil torthaí diúltacha orthu gach seachtain ar an gcéad dá mhuc-ainmhí mharbha ar coimeád atá os cionn 60 lá d’aois nó, murab ann d’ainmhithe marbha den sórt sin atá os cionn 60 lá d’aois, ar mhuc-ainmhithe marbha atá ar coimeád tar éis iad a bhaint den diúl, i ngach aonad eipidéimeolaíoch;
ar a laghad ar feadh na tréimhse faireacháin le haghaidh fhiabhras Afracach na muc a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 roimh ghluaiseacht na coinsíneachta ón mbunaíocht seolta.
Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a chinneadh nach mbeidh gá leis an bhfálú stocdhíonach dá bhforáiltear i bpointe (2)(h) d’Iarscríbhinn II dá dtagraítear i mír (1)(b)(i) den Airteagal seo i gcás bunaíochtaí muc-ainmhithe atá ar coimeád ar feadh tréimhse trí mhí tar éis na chéad ráige d’fhiabhras Afracach na muc sa Bhallstát sin ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
go bhfuil measúnú déanta ag údarás inniúil an Bhallstáit ar na rioscaí a eascraíonn as an gcinneadh agus go léirítear sa mheasúnú sin gur diomaibhseach an baol go leathfaidh fiabhras Afracach na muc;
go bhfuil córas malartach i bhfeidhm lena gcinntítear go ndéantar muc-ainmhithe a choimeádtar i mbunaíochtaí a scaradh ó mhuc-ainmhithe fiáine sna Ballstáit ina bhfuil líon na muc-ainmhithe fiáine;
nach n-aistrítear muc-ainmhithe atá ar coimeád ó na bunaíochtaí sin chuig Ballstát eile.
Airteagal 17
Coinníollacha ginearálta breise maidir leis na modhanna iompair a úsáidtear le haghaidh iompar muc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta I, II agus III lasmuigh de na criosanna sin
Ní údaróidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gluaiseachtaí coinsíneachtaí muc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta I, II agus III lasmuigh de na criosanna sin ach amháin más rud é gur fíor an méid seo a leanas faoi na modhanna iompair a úsáidtear chun na coinsíneachtaí sin a iompar:
go gcomhlíontar na ceanglais leo a leagtar síos in Airteagal 24(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687; agus
go ndéantar iad a ghlanadh agus a dhíghalrú i gcomhréir le hAirteagal 24(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 faoi rialú nó faoi mhaoirseacht údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann.
ROINN 3
Oibleagáidí atá ar oibreoirí maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe
Airteagal 18
Oibleagáidí ar oibreoirí maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí coinsíneachtaí muc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta I, II agus III lasmuigh de na criosanna sin
Ní aistreoidh oibreoirí coinsíneachtaí muc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta I, II agus III lasmuigh de na criosanna sin laistigh den Bhallstát lena mbaineann nó chuig Ballstát eile ach amháin i gcásanna a chumhdaítear le hAirteagail 22 go 25 agus 28 go 30 má ghabhann deimhniú sláinte ainmhithe leis na coinsíneachtaí sin dá bhforáiltear in Airteagal 143(1) de Rialachán (AE) 2016/429 ina bhfuil ceann amháin ar a laghad de na fianuithe seo a leanas ar chomhlíonadh na gceanglas dá bhforáiltear sa Rialachán seo:
“Muc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta I gcomhréir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún.”;
“Muc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II i gcomhréir leis na bearta speisialta rialaithe a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún.”;
“Muc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta III i gcomhréir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún.”;
I gcás gluaiseachtaí laistigh den Bhallstát céanna lena mbaineann, áfach, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh nach gá deimhniú sláinte ainmhithe dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 143(2) de Rialachán (AE) 2016/429 a eisiúint.
Airteagal 19
Na hoibleagáidí atá ar oibreoirí maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí coinsíneachtaí d’fheoil úr agus táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fhaightear ó mhuc-ainmhithe ó chriosanna srianta I, II agus III
Ní aistreoidh oibreoirí coinsíneachtaí d’fheoil úr agus táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta I agus II lasmuigh de na criosanna sin laistigh den Bhallstát céanna lena mbaineann nó chuig Ballstát eile i gcásanna a chumhdaítear le hAirteagail 38 agus 39, ach amháin má ghabhann deimhniú sláinte ainmhithe leis na coinsíneachtaí sin dá bhforáiltear in Airteagal 167(1) de Rialachán (AE) 2016/429 ina bhfuil an méid seo a leanas:
an fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2154; agus
ceann amháin ar a laghad de na fianuithe seo a leanas ar chomhlíonadh na gceanglas dá bhforáiltear sa Rialachán seo:
“Feoil úr agus táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta I i gcomhréir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún.”;
“Feoil úr agus táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II i gcomhréir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún.”
Ní aistreoidh oibreoirí ach coinsíneachtaí de tháirgí feola próiseáilte, lena n-áirítear cásálacha, a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta I, II agus III lasmuigh de na criosanna sin laistigh den Bhallstát céanna lena mbaineann nó chuig Ballstát eile ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
go ndearnadh an chóireáil ábhartha maolaithe riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch;
go ngabhann deimhniú sláinte ainmhithe leis na coinsíneachtaí sin dá bhforáiltear in Airteagal 167(1) de Rialachán (AE) 2016/429 ina bhfuil an méid seo a leanas:
an fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2154; agus
an fianú seo a leanas ar chomhlíonadh na gceanglas dá bhforáiltear sa Rialachán seo:
“Táirgí feola próiseáilte, lena n-áirítear cásálacha a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta I, II agus III i gcomhréir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún.”
Ní aistreoidh oibreoirí coinsíneachtaí d’fheoil úr agus táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i limistéir lasmuigh de chriosanna srianta I, II agus III agus a mharaítear i seamlais atá suite i gcriosanna srianta I, II agus III lasmuigh de na criosanna sin laistigh den Bhallstát céanna lena mbaineann nó chuig Ballstát eile, má tá na nithe seo a leanas ag gabháil leis na coinsíneachtaí sin:
deimhniú sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 167(1) de Rialachán (AE) 2016/429 ina bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2154; agus
an fianú seo a leanas ar chomhlíonadh na gceanglas dá bhforáiltear sa Rialachán seo:
“Feoil úr agus táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i limistéir lasmuigh de chriosanna srianta I, II agus III agus a mharaítear i gcriosanna srianta I, II agus III i gcomhréir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún.”
Maidir le coinsíneachtaí de tháirgí feola, lena n-áirítear cásálacha a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i limistéir lasmuigh de chriosanna srianta I, II agus III agus a phróiseáiltear i gcriosanna srianta I, II agus III lasmuigh de na criosanna sin laistigh den aon Bhallstát amháin lena mbaineann nó chuig Ballstát eile, ní aistreoidh oibreoirí iad ach amháin má tá deimhniú sláinte ainmhithe ag gabháil leo, deimhniú dá bhforáiltear in Airteagal 167(1) de Rialachán (AE) 2016/429 ina bhfuil an méid seo a leanas:
an fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2154; agus
an fianú seo a leanas ar chomhlíonadh na gceanglas dá bhforáiltear sa Rialachán seo:
“Táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i limistéir lasmuigh de chriosanna srianta I, II agus III agus a phróiseáiltear i gcriosanna srianta I, II agus III i gcomhréir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún.”
Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a chinneadh go bhféadfaidh marc sláinte nó, i gcás inarb ábhartha, marc aitheantais dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a cuireadh i bhfeidhm maidir leis an bhfeoil úr nó phróiseáilte, táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, i mbunaíochtaí a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 41(1) den Rialachán seo nó i mbunaíochtaí a láimhseálann feoil úr nó phróiseáilte, táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta I, II agus III nó an deimhniú sláinte ainmhithe a chur in ionad an deimhnithe sláinte ainmhithe le haghaidh ghluaiseachtaí na gcoinsíneachtaí seo a leanas:
an fheoil úr, na táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta I agus II lasmuigh de na criosanna sin laistigh den Bhallstát céanna lena mbaineann nó chuig Ballstát eile, mar a leagtar síos i mír 1;
na táirgí feola próiseáilte, lena n-áirítear cásálacha, a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta I agus II lasmuigh de na criosanna sin laistigh den Bhallstát céanna lena mbaineann nó chuig Ballstát eile, mar a leagtar síos i mír 2;
an fheoil úr agus na táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i limistéir lasmuigh de chriosanna srianta I, II agus III agus a mharaítear i seamlais atá suite i gcriosanna srianta I, II agus III lasmuigh de na criosanna sin laistigh den Bhallstát céanna lena mbaineann nó chuig Ballstát eile, mar a leagtar síos i mír 3;
na táirgí feola próiseáilte, lena n-áirítear cásálacha, a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i limistéir lasmuigh de chriosanna srianta I, II agus III agus a phróiseáiltear i gcriosanna srianta I, II agus III lasmuigh de na criosanna sin laistigh den Bhallstát céanna lena mbaineann nó chuig Ballstát eile, mar a leagtar síos i mír 4.
Airteagal 20
Na hoibleagáidí ar oibreoirí maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i mbunaíochtaí atá suite i gcriosanna srianta II agus III lasmuigh de na criosanna sin
Ní aistreoidh oibreoirí coinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus III lasmuigh de na criosanna sin laistigh den Bhallstát céanna lena mbaineann nó chuig Ballstát eile i gcásanna a chumhdaítear le hAirteagail 31 agus 32, ach amháin má tá deimhniú sláinte ainmhithe ag gabháil leis na coinsíneachtaí sin dá bhforáiltear in Airteagal 161(1) de Rialachán (AE) 2016/429 ina bhfuil ceann amháin ar a laghad de na fianuithe seo a leanas ar chomhlíonadh na gceanglas dá bhforáiltear sa Rialachán seo:
“Táirgí geirmeacha a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II i gcomhréir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún.”;
“Táirgí geirmeacha a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta III i gcomhréir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún.”.
I gcás gluaiseachtaí laistigh den Bhallstát céanna lena mbaineann, áfach, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh nach gá deimhniú sláinte ainmhithe dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 161(2) de Rialachán (AE) 2016/429 a eisiúint.
Airteagal 21
Na hoibleagáidí ar oibreoirí maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí d’ábhair i gCatagóir 2 agus 3 a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus III lasmuigh de na criosanna sin
Ní aistreoidh oibreoirí coinsíneachtaí d’ábhair i gCatagóir 2 agus 3 a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus III lasmuigh de na criosanna sin laistigh den Bhallstát céanna lena mbaineann nó chuig Ballstát eile ach amháin i gcásanna a chumhdaítear le hAirteagail 33 go 37, ach amháin má tá na nithe seo a leanas ag gabháil leis na coinsíneachtaí sin:
an doiciméad tráchtála dá dtagraítear i gCaibidil III d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011; agus
deimhniú sláinte ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 22(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;
I gcás gluaiseachtaí laistigh den Bhallstát céanna lena mbaineann, áfach, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh nach n-eiseofar deimhniú sláinte ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 22(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.
ROINN 4
Coinníollacha sonracha maidir le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí coinsíneachtaí muc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta I lasmuigh den chrios sin
Airteagal 22
Coinníollacha sonracha maidir le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí coinsíneachtaí muc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta I lasmuigh den chrios sin
De mhaolú ar an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 9(1), féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta I lasmuigh den chrios sin a údarú chuig na háiteanna seo a leanas:
bunaíocht atá suite ar chríoch an Bhallstáit chéanna lena mbaineann:
i gcrios srianta I eile;
i gcriosanna srianta II agus III;
lasmuigh de na criosanna srianta I, II agus III;
bunaíocht atá suite i gcríoch Bhallstáit eile;
na tríú tíortha.
Ní thabharfaidh an t-údaráis inniúil na húdaraithe dá bhforáiltear i mír 1 ach amháin faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha seo a leanas:
na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagal 28(2) go (7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;
na coinníollacha ginearálta breise a leagtar síos in Airteagal 14(2) agus in Airteagail 15(1)(b)(c), (2) agus (3), agus Airteagail 16 agus 17.
ROINN 5
Coinníollacha sonracha maidir le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II lasmuigh den chrios sin
Airteagal 23
Coinníollacha sonracha maidir le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II lasmuigh den chrios sin i gcríoch an Bhallstáit chéanna lena mbaineann
De mhaolú ar an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 9, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II lasmuigh den chrios sin a údarú chuig bunaíocht atá suite i gcríoch an Bhallstáit chéanna lena mbaineann:
i gcrios srianta II eile;
i gcriosanna srianta I agus III;
lasmuigh de na criosanna srianta I, II agus III.
Ní thabharfaidh an t-údarás inniúil na húdaraithe dá bhforáiltear i mír 1 ach amháin faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha seo a leanas:
na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagal 28(2) go (7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;
na coinníollacha ginearálta breise a leagtar síos in Airteagail 14(2) agus 15, 16 agus 17.
Airteagal 24
Coinníollacha sonracha maidir le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II lasmuigh den chrios sin chuig seamlas atá suite i gcríoch an Bhallstáit chéanna lena mbaineann chun iad a mharú láithreach
De mhaolú ar an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 9, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gluaiseachtaí de choinsíneachtaí muc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II lasmuigh den chrios sin a údarú chuig seamlas atá suite i gcríoch an Bhallstáit chéanna lena mbaineann, ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
go n-aistrítear na muc-ainmhithe atá ar coimeád lena marú láithreach;
go bhfuil an seamlas cinn scríbe ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 41(1).
Ní thabharfaidh an t-údaráis inniúil na húdaraithe dá bhforáiltear i mír 1 ach amháin faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha seo a leanas:
na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagal 28(2) go (7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;
na coinníollacha ginearálta breise a leagtar síos in Airteagal 14(2), Airteagal 15(1)(b)(c), (2) agus (3), agus Airteagail 16 agus 17.
Airteagal 25
Coinníollacha sonracha maidir le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II lasmuigh den chrios sin chuig criosanna srianta II nó III i mBallstát eile
Ní thabharfaidh an t-údaráis inniúil na húdaruithe dá bhforáiltear i mír 1 ach amháin ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
go gcomhlíontar na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagal 28(2) go (7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;
go gcomhlíontar na coinníollacha ginearálta breise a leagtar síos in Airteagail 14(2) agus 15, 16 agus 17;
gur bunaíodh nós imeachta cainéalaithe de réir Airteagal 26;
go gcomhlíonann na muc-ainmhithe atá ar coimeád aon ráthaíochtaí iomchuí eile a bhaineann le fiabhras Afracach na muc bunaithe ar thoradh dearfach ar mheasúnú riosca ar na bearta i gcoinne leathadh an ghalair sin:
measúnú atá ag teastáil ó údarás inniúil na bunaíochta seolta;
measúnú atá formheasta ag údaráis inniúla na mBallstát trasnaithe agus ag an mbunaíocht chinn scríbe, roimh ghluaiseacht na muc-ainmhithe atá ar coimeád;
nár deimhníodh aon ráig d’fhiabhras Afracach na muc go hoifigiúil i muc-ainmhithe atá ar coimeád i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 le linn tréimhse dhá mhí dhéag ar a laghad sa bhunaíocht seolta;
gur thug an t-oibreoir fógra don údarás inniúil roimh ré go bhfuil sé beartaithe coinsíneacht na muc-ainmhithe atá ar coimeád a aistriú i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 152 de Rialachán (AE) 2016/429 agus le hAirteagal 96 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688.
Déanfaidh údarás inniúil na bunaíochta seolta na nithe seo a leanas:
liosta bunaíochtaí a chomhlíonann na ráthaíochtaí dá dtagraítear i mír 2(d) a dhréachtú;
na ráthaíochtaí dá bhforáiltear i mír (2)(d) agus an ceadú ó na húdaráis inniúla dá bhforáiltear i mír 2(d)(ii) a chur in iúl láithreach don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.
Airteagal 26
Nós imeachta sonrach um chainéalú lena ndeonaítear maoluithe i ndáil le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II amach as an gcrios sin chuig criosanna srianta II nó III i mBallstát eile
Bunóidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nós imeachta um chainéalú mar a fhoráiltear in Airteagal 25(2)(c) chun coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II a bhogadh amach as an gcrios sin chuig bunaíocht atá suite i gcriosanna srianta II nó III i mBallstát eile faoi rialú na n-údarás inniúil a bhfuil ceann acu de na nithe seo a leanas faoina gcúram:
an bhunaíocht seolta;
trasnú;
an bhunaíocht chinn scríbe.
Déanfaidh údarás inniúil na bunaíochta seolta na nithe seo a leanas:
an méid seo a leanas a áirithiú i gcás gach modha iompair a úsáidtear le haghaidh na ngluaiseachtaí dá dtagraítear i mír 1:
beidh córas um loingseoireacht satailíte ag gach ceann acu chun a shuíomh a chinneadh, a tharchur agus a thaifead san fhíor-am;
séalóidh tréidlia oifigiúil iad díreach tar éis an choinsíneacht de mhuc-ainmhithe ar coimeád a bheith lódáilte; ní fhéadfaidh ach tréidlia oifigiúil nó údarás forfheidhmithe de chuid an Bhallstáit lena mbaineann an séala a bhriseadh agus ceann nua a chur ina ionad, i gcás inarb ábhartha, de réir mar a chomhaontaítear leis an údarás inniúil.
é a chur in iúl d’údarás inniúil áit na bunaíochta seolta agus, i gcás inarb ábhartha, d’údarás inniúil áit an trasnaithe, go bhfuil sé beartaithe an choinsíneacht de mhuc-ainmhithe ar coimeád a sheoladh;
córas a bhunadh faoina mbeidh sé de cheangal ar oibreoirí fógra láithreach a thabhairt d’údarás inniúil áit na bunaíochta seolta maidir le haon timpiste nó aon chliseadh a tharlaíonn d’aon mhodh iompair a úsáidtear chun an choinsíneacht de mhuc-ainmhithe ar coimeád a iompar;
é a áirithiú go mbunófar plean éigeandála, slabhra ceannais agus na socruithe is gá le haghaidh comhar idir na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1(a), (b) agus (c) i gcás aon timpiste a d’fhéadfadh tarlú le linn an iompair, aon mhórchliseadh nó aon ghníomhaíocht chalaoiseach ó thaobh na n-oibreoirí de.
Airteagal 27
Oibleagáidí ar údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann, údarás inniúil áit na bunaíochtaí ceann scríbe le haghaidh coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II i mBallstát eile
Údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann, údarás inniúil áit na bunaíochta ceann scríbe le haghaidh coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II i mBallstát eile, déanfaidh sé na nithe seo a leanas:
fógra a thabhairt gan moill mhíchuí d’údarás inniúil na bunaíochta seolta faoi theacht na coinsíneachta;
na nithe seo a leanas a áirithiú i gcás na muc-ainmhithe ar coimeád:
coinneofar iad sa bhunaíocht chinn scríbe ar feadh ar a laghad na tréimhse faireacháin le haghaidh fhiabhras Afracach na muc a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687; nó
aistreofar iad go díreach chuig seamlas arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 41(1) den Rialachán seo.
ROINN 6
Coinníollacha sonracha i ndáil le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta III lasmuigh den chrios sin
Airteagal 28
Coinníollacha sonracha i ndáil le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta III amach as an gcrios sin chuig crios srianta II sa Bhallstát céanna lena mbaineann
De mhaolú ar an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 9, in imthosca eisceachtúla, i gcás ina dtagann fadhbanna leasa ainmhithe chun cinn i mbunaíocht ina gcoimeádtar muc-ainmhithe, i ngeall ar an toirmeasc sin, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a údarú go ndéanfar muc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta III a bhogadh amach as an gcrios sin chuig bunaíocht atá suite i gcrios srianta II ar chríoch an Bhallstáit chéanna, ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
comhlíontar na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagal 28(2) go (7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;
comhlíontar na coinníollacha ginearálta breise a leagtar síos in Airteagal 14(2), Airteagail 15, 16 agus 17;
baineann an bhunaíocht chinn scríbe leis an slabhra soláthair céanna agus tá na muc-ainmhithe ar coimeád le bogadh chun an timthriall táirgeachta a chomhlánú.
Airteagal 29
Coinníollacha sonracha i ndáil le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta III amach as an gcrios sin lena marú láithreach sa Bhallstát céanna lena mbaineann
De mhaolú ar an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 9, in imthosca eisceachtúla, i gcás ina dtagann fadhbanna leasa ainmhithe chun cinn i mbunaíocht ina gcoimeádtar muc-ainmhithe i ngeall ar an toirmeasc dá dtagraítear in Airteagal 5(1), agus i gcás srianta lóistíochta ó thaobh acmhainneacht mharaithe na seamlas atá suite i gcrios srianta III agus arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 41(1), nó in éagmais an tseamlais ainmnithe i gcrios srianta III, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a údarú, chun críche maraithe láithrigh, go ndéanfar muc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios III a bhogadh amach as an gcrios sin chuig seamlas arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 41(1) sa Bhallstát céanna agus atá chomh cóngarach agus is féidir leis an mbunaíocht seolta, bunaíocht atá suite i gceann de na háiteanna seo a leanas:
crios srianta II;
crios srianta I nuair nach féidir na hainmhithe a mharú sa chrios srianta II sin;
lasmuigh de chriosanna srianta I, II agus III nuair nach féidir na hainmhithe a mharú sna criosanna III, II agus I sin.
Ní thabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann an t-údarú dá bhforáiltear i mír 1 ach amháin ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
comhlíontar na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagal 28(2) go (7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;
comhlíontar na coinníollacha ginearálta breise a leagtar síos in Airteagal 14(2) agus Airteagail 15(1)(b)(c) agus (2), 16 agus 17;
Áiritheoidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann na nithe seo a leanas:
beidh na muc-ainmhithe ar coimeád le cur go díreach chuig seamlas lena marú láithreach, seamlas arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 41(1);
ar theacht dóibh chuig an seamlas ainmnithe, coimeádfar na muc-ainmhithe ó chrios srianta III scartha amach ó mhuc-ainmhithe eile agus marófar iad;
ar lá sonrach nuair nach maraítear ach muc-ainmhithe ó chrios srianta III; nó
ag deireadh lae mharaithe, rud a áirithíonn nach marófar muc-ainmhithe eile ar coimeád ina dhiaidh sin;
tar éis mharú na muc-ainmhithe ó chrios srianta III, agus roimh thús a chur le marú na muc-ainmhithe eile ar coimeád, ní mór an seamlas a ghlanadh agus a dhífhabhtú i gcomhréir leis na dtreoracha ó údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann.
Áiritheoidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann na nithe seo a leanas:
seachtháirgí ainmhithe arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta III agus a bhogtar amach as an gcrios sin, déanfar iad a phróiseáil nó a dhiúscairt i gcomhréir le hAirteagail 33 agus 36;
feoil úr agus táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta III agus a bhogtar amach as crios srianta III, déanfar iad a phróiseáil agus a stóráil i gcomhréir le hAirteagal 40.
ROINN 7
Coinníollacha sonracha i ndáil le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí muc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta I, II agus III amach as na criosanna sin chuig gléasra formheasta um sheachtháirgí ainmhithe
Airteagal 30
Coinníollacha sonracha i ndáil le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta I, II agus III chuig gléasra formheasta um sheachtháirgí ainmhithe atá suite lasmuigh de chriosanna srianta I, II agus III sa Bhallstát céanna lena mbaineann
De mhaolú ar na toirmisc dá bhforáiltear in Airteagal 9, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a údarú go ndéanfar muc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta I, II agus III a bhogadh chuig gléasra formheasta um sheachtháirgí ainmhithe atá suite lasmuigh de chriosanna I, II agus III sa Bhallstát céanna lena mbaineann ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
maraítear láithreach na muc-ainmhithe ar coimeád; agus
diúscraítear na seachtháirgí ainmhithe a eascraíonn as sin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009.
Ní thabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann an t-údarú dá bhforáiltear i mír 1 ach amháin ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
comhlíontar na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagal 28(2) go (7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;
comhlíontar na coinníollacha ginearálta breise a leagtar síos in Airteagal 14(2) agus 17.
ROINN 8
Coinníollacha sonracha i ndáil le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí coinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II, lasmuigh den chrios sin
Airteagal 31
Coinníollacha sonracha i ndáil le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí coinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II, lasmuigh den chrios sin ar chríoch an Bhallstáit chéanna
De mhaolú ar na toirmisc dá bhforáiltear in Airteagal 10, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a údarú go ndéanfar coinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha a bhogadh ó bhunaíocht táirgí geirmeacha atá súite i gcrios srianta II chuig crios srianta II eile agus chuig criosanna srianta I agus III, nó chuig limistéir atá lasmuigh de chriosanna srianta I, II agus III ar chríoch an Bhallstáit chéanna lena mbaineann ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
rinneadh na táirgí geirmeacha a bhailiú nó a tháirgeadh, a phróiseáil agus a stóráil i mbunaíochtaí agus fuarthas iad ó mhuc-ainmhithe ar coimeád, bunaíochtaí agus muc-ainmhithe a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 15(1)(b)(c) (2) agus in Airteagal 16;
coimeádadh deontóirí fireanna agus deontóirí baininne na muc-ainmhithe i mbunaíochtaí táirgí geirmeacha nár tugadh isteach iontu aon mhuc-ainmhí eile ar coimeád ó chriosanna srianta II agus III le linn tréimhse 30 lá ar a laghad roimh dháta bhailiú nó tháirgeadh na dtáirgí geirmeacha.
Airteagal 32
Coinníollacha sonracha i ndáil le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí coinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II, as an gcrios sin chuig criosanna srianta II agus III ar chríoch an Bhallstáit chéanna lena mbaineann
De mhaolú ar na toirmisc dá bhforáiltear in Airteagal 10, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a údarú go ndéanfar coinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II a bhogadh ó bhunaíocht formheasta um tháirgí geirmeacha atá suite i gcrios srianta II chuig criosanna srianta II agus III ar chríoch Ballstáit eile lena mbaineann ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
rinneadh na táirgí geirmeacha a bhailiú nó a tháirgeadh, a phróiseáil agus a stóráil i mbunaíochtaí táirgí geirmeacha faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 15(1)(b)(c) agus (2) agus Airteagal 16;
coimeádadh deontóirí fireanna agus deontóirí baininne na muc-ainmhithe i mbunaíochtaí táirgí geirmeacha nár tugadh isteach iontu aon mhuc-ainmhí eile ar coimeád ó chriosanna srianta II agus III le linn tréimhse 30 lá ar a laghad roimh dháta bhailiú nó tháirgeadh na dtáirgí geirmeacha;
comhlíonann na coinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha aon ráthaíocht eile is iomchuí i leith sláinte ainmhithe ar bhonn toradh dearfach ó mheasúnú riosca ar bhearta in aghaidh leathadh fhiabhras Afracach na muc:
bearta arna n-éileamh ag údaráis inniúla na bunaíochta seolta;
bearta arna bhformheas ag údarás inniúil Bhallstát na bunaíochta cinn scríbe roimh ghluaiseacht na dtáirgí geirmeacha.
Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann na nithe seo a leanas:
liosta a tharraingt suas de na bunaíochtaí táirgí geirmeacha formheasta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 agus atá údaraithe i ndáil le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha as crios srianta II sa Bhallstát sin lena mbaineann chuig criosanna srianta II agus III i mBallstát eile lena mbaineann; is éard a bheidh sa liosta sin an fhaisnéis a bhfuil sé de cheangal ar údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a choimeád maidir le bunaíochtaí táirgí geirmeacha formheasta le haghaidh muc-ainmhithe, mar a leagtar síos in Airteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686;
an liosta dá bhforáiltear i bpointe (a) a chur ar fáil don phobal ar a shuíomh gréasáin agus é a choimeád cothrom le dáta;
an nasc chuig an suíomh gréasáin dá dtagraítear i mír (b) a chur ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit.
ROINN 9
Coinníollacha sonracha i ndáil le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí coinsíneachtaí de sheachtháirgí ainmhithe, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus III, lasmuigh de na criosanna sin
Airteagal 33
Coinníollacha sonracha i ndáil le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí coinsíneachtaí de sheachtháirgí ainmhithe, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus III, lasmuigh de na criosanna sin sa Bhallstát céanna, chun críche próiseála nó diúscartha
An t-oibreoir iompair atá freagrach as gluaiseachtaí na seachtháirgí ainmhithe dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
é a chur ar a chumas don údarás inniúil gluaiseacht an mhodha iompair a rialú san fhíor-am trí chóras um loingseoireacht satailíte;
taifid leictreonacha ar an ngluaiseacht sin a choimeád ar feadh tréimhse dhá mhí ar a laghad ó dháta na gluaiseachta.
Féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh go gcuirfear séala ar leith ar an modh iompair in ionad an chórais um loingseoireacht satailíte dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
coinsíneachtaí de sheachtháirgí ainmhithe arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus III, ní bhogfar iad laistigh den Bhallstát céanna ach amháin le haghaidh na n-úsáidí dá dtagraítear i mír 1;
séalóidh tréidlia oifigiúil gach modh iompair go díreach tar éis an choinsíneacht de sheachtháirgí ainmhithe a bheith lódáilte; ní fhéadfaidh ach tréidlia oifigiúil nó údarás forfheidhmithe de chuid an Bhallstáit an séala a bhriseadh agus ceann nua a chur ina ionad, i gcás inarb ábhartha, de réir mar a chomhaontaítear leis an údarás inniúil.
Airteagal 34
Coinníollacha sonracha i ndáil le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí coinsíneachtaí aoiligh, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus III, lasmuigh de na criosanna sin sa Bhallstát céanna
An t-oibreoir iompair atá freagrach as gluaiseachtaí na gcoinsíneachtaí aoiligh, lena n-áirítear eascair úsáidte, dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, déanfaidh sé na nithe seo a leanas:
é a chur ar a chumas don údarás inniúil gluaiseacht an mhodha iompair a rialú san fhíor-am trí chóras um loingseoireacht satailíte;
taifid leictreonacha ar an ngluaiseacht sin a choimeád ar feadh tréimhse dhá mhí ar a laghad ó dháta na gluaiseachta.
Ní fhéadfaidh ach tréidlia oifigiúil nó údarás forfheidhmithe de chuid an Bhallstáit an séala a bhriseadh agus ceann nua a chur ina ionad, i gcás inarb ábhartha, de réir mar a chomhaontaítear leis an údarás inniúil.
Airteagal 35
Coinníollacha sonracha i ndáil le gluaiseachtaí ábhair Chatagóir 3, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II, lasmuigh de na criosanna sin sa Bhallstát céanna chun na seachtháirgí ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 24(1)(a), (e) agus (g) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 a phróiseáil
De mhaolú ar Airteagal 11(1), féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a údarú go ndéanfar coinsíneachtaí d’ábhair Chatagóir 3 arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II a bhogadh amach as an gcrios sin chuig gléasra nó bunaíocht atá suite lasmuigh de chrios srianta II sa Bhallstát céanna, gléasra nó bunaíocht arna formheas ag an údarás inniúil chun na hábhair a phróiseáil a thuilleadh ina mbeatha ainmhithe phróiseáilte, chun bia peataí nó táirgí díorthaithe atá le húsáid lasmuigh den slabhra bia a mhonarú, nó chun seachtháirgí ainmhithe a thiontú ina mbithghás nó ina múirín de réir Airteagal 24(1)(a), (e) agus (g) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
comhlíontar na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagal 28(2) go (7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;
comhlíontar na coinníollacha ginearálta breise a leagtar síos in Airteagal 14(2);
faightear na hábhair Chatagóir 3 ó mhuc-ainmhithe ar coimeád agus ó bhunaíochtaí a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagal 15(1)(b)(c), (2) agus (3) agus Airteagal 16;
faightear na hábhair Chatagóir 3 ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II agus a mharaítear:
i gcrios srianta II:
nó
lasmuigh de chrios srianta II atá suite sa Bhallstát céanna lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 24;
feistítear córas um loingseoireacht satailíte ar gach modh iompair ar leith chun a shuíomh a chinneadh, a tharchur agus a thaifead san fhíor-am;
bogtar coinsíneachtaí d’ábhair Chatagóir 3 ón seamlas arna ainmniú i gcomhréir le Airteagal 41(1) go díreach chuig ceann de na háiteanna seo a leanas:
gléasra próiseála le haghaidh phróiseáil na táirgí díorthaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011;
gléasra bia peataí arna fhormheas chun bia peataí próiseáilte a tháirgeadh dá dtagraítear i gCaibidil II, pointe 3(a) agus (b)(i) go (iii), d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011;
gléasra bithgháis nó múirínithe arna formheas chun seachtháirgí ainmhithe a thiontú ina muinín nó ina mbithghás i gcomhréir leis na paraiméadair chaighdeánacha tiontaithe dá dtagraítear i gCaibidil III, Roinn 1, d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011; nó
gléasra próiseála le haghaidh phróiseáil na dtáirgí díorthaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.
An t-oibreoir iompair atá freagrach as gluaiseachtaí coinsíneachtaí d’ábhair Chatagóir 3, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
é a chur ar a chumas don údarás inniúil gluaiseacht an mhodha iompair a rialú san fhíor-am trí chóras um loingseoireacht satailíte;
taifid leictreonacha ar an ngluaiseacht sin a choimeád ar feadh tréimhse dhá mhí ar a laghad ó dháta na gluaiseachta.
Féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh go gcuirfear séala ar leith ar an modh iompair in ionad an chórais um loingseoireacht satailíte dá dtagraítear i mír 1(e) ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
baineann an méid seo a leanas leis na hábhair de Chatagóir 3:
faightear iad ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II;
ní bhogtar iad laistigh den Bhallstát céanna ach amháin le haghaidh na n-úsáidí dá dtagraítear i mír 1;
séalóidh tréidlia oifigiúil gach modh iompair go díreach tar éis an choinsíneacht d’ábhair Chatagóir 3 a bheith lódáilte; ní fhéadfaidh ach tréidlia oifigiúil nó údarás forfheidhmithe de chuid an Bhallstáit an séala a bhriseadh agus ceann nua a chur ina ionad, i gcás inarb ábhartha, de réir mar a chomhaontaítear leis an údarás inniúil.
Airteagal 36
Coinníollacha sonracha i ndáil le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí coinsíneachtaí d’ábhair Chatagóir 2, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus III, lasmuigh de na criosanna sin chun iad a phróiseáil nó a dhiúscairt i mBallstát eile
De mhaolú ar Airteagal 11(1), féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a údarú go ndéanfar coinsíneachtaí de sheachtháirgí ainmhithe d’ábhair Chatagóir 2, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus III, a bhogadh chuig gléasra próiseála lena bpróiseáil faoi mhodhanna 1 go 5 mar a leagtar amach i gCaibidil III d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011, nó chuig gléasra loiscthe nó comhloiscthe, dá dtagraítear in Airteagal 24(1)(a)(b) agus (c) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
comhlíontar na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagal 28(2) go (7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;
comhlíontar na coinníollacha ginearálta breise a leagtar síos in Airteagal 14(2);
feistítear córas um loingseoireacht satailíte ar gach modh iompair ar leith chun a shuíomh a chinneadh, a tharchur agus a thaifead san fhíor-am;
An t-oibreoir iompair atá freagrach as gluaiseachtaí coinsíneachtaí d’ábhair Chatagóir 2, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
é a chur ar a chumas don údarás inniúil gluaiseacht an mhodha iompair a rialú san fhíor-am trí chóras um loingseoireacht satailíte; agus
taifid leictreonacha ar an ngluaiseacht sin a choimeád ar feadh tréimhse dhá mhí ar a laghad ó dháta na gluaiseachta.
Airteagal 37
Coinníollacha sonracha i ndáil le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí coinsíneachtaí d’ábhair Chatagóir 3, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II, lasmuigh den chrios sin chun iad a phróiseáil a thuileadh nó a thiontú i mBallstáit eile
De mhaolú ar Airteagal 11(1), féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a údarú go ndéanfar coinsíneachtaí d’ábhair Chatagóir 3, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II, a bhogadh amach as an gcrios sin chuig gléasra nó bunaíocht atá suite i mBallstáit eile, gléasra nó bunaíocht arna formheas ag an údarás inniúil chun ábhair chatagóir 3 a phróiseáil ina mbeatha ainmhithe phróiseáilte, bia peataí, táirgí díorthaithe atá le húsáid lasmuigh den slabhra bia, nó chun ábhair Chatagóir 3 a thiontú ina mbithghás nó ina múirín de réir Airteagal 24(1)(a), (e) agus (g) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
comhlíontar na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagal 28(2) go (7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;
comhlíontar na coinníollacha ginearálta breise a leagtar síos in Airteagal 14(2);
faightear na hábhair Chatagóir 3 ó mhuc-ainmhithe ar coimeád agus ó bhunaíochtaí a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagail 15(1)(b)(c), (2) agus (3) agus Airteagal 16;
faightear na hábhair Chatagóir 3 ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II agus a mharaítear:
i gcrios srianta II:
nó
lasmuigh de chrios srianta II atá suite sa Bhallstát céanna lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 24;
feistítear córas um loingseoireacht satailíte ar gach modh iompair ar leith chun a shuíomh a chinneadh, a tharchur agus a thaifead san fhíor-am;
bogtar na seachtháirgí ainmhithe go díreach ón seamlas arna ainmniú i gcomhréir le Airteagal 41(1) chuig ceann de na háiteanna seo a leanas:
gléasra próiseála le haghaidh phróiseáil na dtáirgí díorthaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinní X agus XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011;
gléasra bia peataí arna fhormheas chun bia peataí próiseáilte a tháirgeadh dá dtagraítear i gCaibidil II, pointe 3(b)(i)(ii) agus (iii) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011;
gléasra bithgháis nó múirínithe arna fhormheas chun seachtháirgí ainmhithe a thiontú ina muinín nó ina mbithghás i gcomhréir leis na paraiméadair chaighdeánacha tiontaithe dá dtagraítear i gCaibidil III, Roinn 1, d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.
An t-oibreoir iompair atá freagrach as gluaiseachtaí coinsíneachtaí d’ábhair Chatagóir 3, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
é a chur ar a chumas don údarás inniúil gluaiseacht an mhodha iompair a rialú san fhíor-am trí chóras um loingseoireacht satailíte; agus
taifid leictreonacha ar an ngluaiseacht sin a choinneáil ar feadh tréimhse dhá mhí ar a laghad ó dháta na gluaiseachta.
ROINN 10
Coinníollacha sonracha i ndáil le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí coinsíneachtaí d’fheoil úr agus táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus III, lasmuigh de na criosanna sin
Airteagal 38
Coinníollacha sonracha i ndáil le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí coinsíneachtaí d’fheoil úr agus táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, arna bhfáil ó muc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II, lasmuigh den chrios sin ar chríoch an Bhallstáit chéanna lena mbaineann
De mhaolú ar na toirmisc dá bhforáiltear in Airteagal 12, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a údarú go ndéanfar coinsíneachtaí d’fheoil úr agus táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II, a bhogadh lasmuigh den chrios sin ar chríoch an Bhallstáit chéanna lena mbaineann, ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
go gcomhlíontar na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagal 28(2) go (7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;
faightear an fheoil úr agus na táirgí úra ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i mbunaíochtaí a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta breise a leagtar síos in Airteagal 14(2), Airteagal 15(1)(b)(c), (2) agus (3) agus Airteagal 16;
táirgeadh an fheoil úr agus na táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, i mbunaíochtaí arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 41(1).
De mhaolú ar na toirmisc dá bhforáiltear in Airteagal 12, mura gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 1, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a údarú go ndéanfar coinsíneachtaí d’fheoil úr agus táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II, a bhogadh amach as an gcrios sin ar chríoch an Bhallstáit chéanna lena mbaineann, ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
táirgeadh an fheoil úr agus na táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, i mbunaíochtaí arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 41(1);
déantar ceann acu de na nithe seo a leanas i gcás na feola úire agus na dtáirgí feola
i gcás na feola úire amháin, déantar í a mharcáil agus a bhogadh i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha lena n-údaraítear gluaiseachtaí na feola úire, arna fáil ó ainmhithe ar cóiméad de speicis liostaithe, ó bhunaíochtaí áirithe a leagtar síos in Airteagal 33(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, chuig gléasra próiseála, áit a rachaidh sí faoi cheann amháin de na cóireálacha ábhartha um maolú riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis;
nó
rinneadh iad a mharcáil le marc speisialta sláinte i gcomhréir le hAirteagal 44, nó, i gcás inarb ábhartha, le marc aitheantais nach marc ubhchruthach é agus nach féidir é a mheascadh leis an marc sláinte nó leis an marc aitheantas dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointí (a) agus (b), de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004; agus
níl sé beartaithe iad a bhogadh ach amháin laistigh den Bhallstát céanna lena mbaineann.
Airteagal 39
Coinníollacha sonracha i ndáil le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí coinsíneachtaí d’fheoil úr nó táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II, amach as an gcrios sin chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha
De mhaolú ar na toirmisc dá bhforáiltear in Airteagal 12, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a údarú go ndéanfar coinsíneachtaí d’fheoil úr agus táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II a bhogadh amach as an gcrios sin chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha, ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
go gcomhlíontar na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagal 28(2) go (7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;
comhlíontar na coinníollacha ginearálta breise a leagtar síos in Airteagal 14(2);
faightear an fheoil úr agus na táirgí úra ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i mbunaíochtaí a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagail 15 agus 16;
táirgeadh an fheoil úr agus na táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, i mbunaíochtaí arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 41(1).
Airteagal 40
Coinníollacha sonracha i ndáil le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí coinsíneachtaí d’fheoil úr agus táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta III, chuig criosanna srianta I, II agus III eile, nó chuig limistéir lasmuigh de chriosanna srianta I, II agus III ar chríoch an Bhallstáit chéanna
De mhaolú ar na toirmisc dá bhforáiltear in Airteagal 12, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a údarú go ndéanfar coinsíneachtaí d’fheoil úr agus táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta III a bhogadh chuig criosanna srianta I, II, agus III eile nó chuig limistéir lasmuigh de shrianta I, II agus III ar chríoch an Bhallstáit chéanna lena mbaineann, ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
go gcomhlíontar na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagal 28(2) go (7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;
comhlíontar na coinníollacha ginearálta breise a leagtar síos in Airteagal 14(2);
faightear an fheoil úr agus na táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, ó mhuc-ainmhithe sna cásanna seo a leanas:
coimeádtar iad i mbunaíochtaí a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagail 15 agus 16; agus
maraítear iad:
táirgeadh an fheoil úr agus na táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, i mbunaíochtaí arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 41(1); agus i gcás ceann amháin acu seo:
i gcás na feola úire amháin, déantar í a mharcáil agus a bhogadh i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha lena n-údaraítear gluaiseachtaí na feola úire, arna fáil ó ainmhithe ar cóiméad de speicis liostaithe, ó bhunaíochtaí áirithe a leagtar síos in Airteagal 33(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, chuig gléasra próiseála, áit a rachaidh sí faoi cheann amháin de na cóireálacha ábhartha um maolú riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis;
nó
rinneadh iad a mharcáil le marc speisialta sláinte i gcomhréir le hAirteagal 44, nó, i gcás inarb ábhartha, le marc aitheantais nach marc ubhchruthach é agus nach féidir é a mheascadh leis an marc sláinte nó leis an marc aitheantas dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointí (a) agus (b), de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004; agus
níl sé beartaithe iad a bhogadh ach amháin laistigh den Bhallstát céanna lena mbaineann.
CAIBIDIL IV
BEARTA SPEISIALTA MAOLAITHE RIOSCA MAIDIR LE FIABHRAS AFRACACH NA MUC LE hAGHAIDH GNÓLACHTAÍ BIA SNA BALLSTÁIT LENA mBAINEANN
Airteagal 41
Ainmniú speisialta le haghaidh seamlas, ionaid spólta, fuarstóras, agus bunaíochtaí próiseála feola agus láimhseála géimfheola
Údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann, tar éis dó iarratas a fháil ó oibreoir gnólachta bia, ainmneoidh sé bunaíochtaí le haghaidh na nithe seo a leanas:
marú láithreach muc-ainmhithe ar coimeád ó chriosanna srianta II agus III:
laistigh de na criosanna srianta II agus III sin;
lasmuigh de na criosanna srianta II agus III sin, dá dtagraítear in Airteagail 24 agus 29;
spól, próiseáil agus stóráil na feola úire agus na dtáirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus III, dá dtagraítear in Airteagail 38, 39 agus 40;
ullmhú géimfheola dá dtagraítear i bpointe 1(1.18) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 853/2004 agus próiseáil agus stóráil na feola úire agus na dtáirgí feola arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe fiáine i gcriosanna srianta I, II agus III mar a fhoráiltear in Airteagail 48 agus 49 den Rialachán seo;
ullmhú géimfheola dá dtagraítear i bpointe 1(1.18) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 853/2004 agus próiseáil agus stóráil na feola úire agus na dtáirgí feola ó mhuc-ainmhithe fiáine, má tá na bunaíochtaí sin suite i gcriosanna srianta I, II agus III mar a fhoráiltear in Airteagail 48 agus 49 den Rialachán seo.
Féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh nach mbeidh gá leis an ainmniú dá dtagraítear i mír 1 i gcás bunaíochtaí ina ndéantar próiseáil, spól agus stóráil na feola úire agus na dtáirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus III agus ó mhuc-ainmhithe fiáine arna bhfáil i gcriosanna srianta I, II agus III, agus na bunaíochtaí dá dtagraítear i mír 1(d), ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
an fheoil úr agus na táirgí feola de bhunadh mucúil, lena n-áirítear cásálacha, déantar iad a mharcáil sna bunaíochtaí sin le marc speisialta sláinte nó, i gcás inarb ábhartha, marc aitheantais dá dtagraítear in Airteagal 44;
an fheoil úr agus na táirgí feola de bhunadh mucúil ó na bunaíochtaí sin, lena n-áirítear cásálacha, níl siad ceaptha ach amháin le haghaidh an Bhallstáit chéanna lena mbaineann;
seachtháirgí ainmhithe de bhunadh mucúil ó na bunaíochtaí sin, ní dhéantar iad a phróiseáil ná a dhiúscairt ach amháin i gcomhréir le hAirteagal 33 sa Bhallstát céanna.
Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann na nithe seo a leanas:
nasc a chur ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile chuig suíomh gréasáin an údaráis inniúil ina bhfuil liosta de na bunaíochtaí ainmnithe agus a ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1;
an liosta dá bhforáiltear i mír (a) a choinneáil cothrom le dáta.
Airteagal 42
Coinníollacha speisialta i ndáil le bunaíochtaí a ainmniú le haghaidh mharú láithreach na muc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II agus III
Ní ainmneoidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann bunaíochtaí le haghaidh mharú láithreach na muc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II agus III ach amháin ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
marú na muc-ainmhithe a choimeádtar lasmuigh de chriosanna srianta II agus III agus marú na muc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus III agus atá faoi réir na ngluaiseachtaí údaraithe dá bhforáiltear in Airteagail 24 agus 29, agus táirgeadh agus stóráil na dtáirgí a thagann uathu, coinneofar an marú sin scartha amach ó mharú na muc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta I, II agus III agus ó tháirgeadh agus stóráil na dtáirgí a thagann uathu nach gcomhlíonann na nithe ábhartha seo a leanas:
na coinníollacha ginearálta breise a leagtar síos in Airteagail 15, 16 agus 17; agus
na coinníollacha speisialta dá dtagraítear in Airteagail 24 agus 29;
tá treoracha nó nósanna imeachta doiciméadaithe i bhfeidhm ag oibreoir na bunaíochta, treoracha nó nósanna imeachta arna bhformheas ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann chun a áirithiú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír (a).
Airteagal 43
Coinníollacha speisialta i ndáil le bunaíochtaí a ainmniú le haghaidh spól, phróiseáil agus stóráil na feola úire agus na dtáirgí úire, lena n-áirítear cásálacha, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus III
Ní ainmneoidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann bunaíochtaí le haghaidh spól, phróiseáil agus stóráil na feola úire agus na dtáirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus III atá faoi réir gluaiseacht údaraithe dá bhforáiltear in Airteagail 38, 39 agus 40 ach amháin ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
spól, próiseáil agus stóráil na feola úire agus na dtáirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar lasmuigh de chriosanna srianta II agus III agus ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus III, beidh siad scartha amach ó fheoil úr agus ó tháirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus III nach gcomhlíonann an méid seo a leanas:
na coinníollacha ginearálta breise a leagtar síos in Airteagail 15, 16 agus 17; agus
na coinníollacha sonracha dá dtagraítear in Airteagail 38, 39 agus 40;
tá treoracha nó nósanna imeachta doiciméadaithe i bhfeidhm ag oibreoir na bunaíochta, treoracha nó nósanna imeachta arna bhformheas ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann chun a áirithiú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír (a).
Airteagal 44
Marcanna speisialta sláinte nó aitheantais
Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a áirithiú go ndéanfar na táirgí de bhunadh ainmhíoch seo a leanas a mharcáil le marc speisialta sláinte nó, i gcás inarb ábhartha, le marc aitheantais nach marc ubhchruthach é agus nach féidir é a mheascadh leis an marc sláinte nó an marc aitheantais dá bhforáiltear in Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004:
an fheoil úr agus na táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta III mar a leagtar síos in Airteagal 40(d)(ii);
an fheoil úr agus na táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II, mura gcomhlíontar na coinníollacha sonracha i ndáil le húdarú ghluaiseachtaí na gcoinsíneachtaí sin amach as crios srianta II, mar a fhoráiltear in Airteagal 38(1), mar a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 38(2)(b)(ii):
an fheoil úr agus na táirgí feola ó mhuc-ainmhithe fiáine arna mbogadh laistigh de chrios srianta I nó amach as an gcrios sin ón mbunaíocht arna hainmniú i gcomhréir le Airteagal 41(1), mar a leagtar síos in Airteagal 49(1)(c)(iii), an chéad fhleasc.
CAIBIDIL V
BEARTA SPEISIALTA RIALAITHE GALAR IS INFHEIDHME MAIDIR LE MUC-AINMHITHE FIÁINE SNA BALLSTÁIT
Airteagal 45
Toirmisc speisialta i ndáil le gluaiseachtaí muc-ainmhithe fiáine
Cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát uile toirmeasc ar ghluaiseachtaí muc-ainmhithe fiáine ag oibreoirí mar a fhoráiltear in Airteagal 101 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 sna háiteanna seo a leanas:
laistigh de chríoch iomlán an Bhallstáit;
as críoch iomlán an Bhallstáit chuig:
Ballstáit eile; agus
tríú tíortha.
Airteagal 46
Toirmisc speisialta i ndáil le gluaiseachtaí laistigh de chriosanna srianta I, II, III agus amach as na criosanna sin, gluaiseachtaí feola úire, táirgí feola agus aon táirge eile de bhunadh ainmhíoch, seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe agus ó choirp muc-ainmhithe fiáine atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine
Cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann toirmisc speisialta ar ghluaiseachtaí laistigh de chriosanna srianta I, II, III agus amach as na criosanna sin, gluaiseachtaí feola úire, táirgí feola agus aon táirge eile de bhunadh ainmhíoch, seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe agus ó choirp muc-ainmhithe fiáine atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine seo a leanas:
i gcás úsáid phríobháidigh;
má bhaineann sé le gníomhaíochtaí fiagaí a sholáthraíonn méideanna beaga de ghéimfheoil mhucúil fhiáin nó de ghéimfheoil de bhunadh mucúil go díreach don tomhaltóir deiridh nó do bhunaíochtaí miondíola áitiúla a sholáthraíonn an tomhaltóir deiridh go díreach, mar a fhoráiltear in Airteagal 1(3)(e) de Rialachán (AE) Uimh. 853/2004.
Airteagal 47
Toirmisc ghinearálta i ndáil le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de tháirgí arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe fiáine agus ó choirp muc-ainmhithe fiáine, atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine, i bhfianaise riosca leathadh fhiabhras Afracach na muc
Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann toirmeasc a chur, laistigh de chríoch an Bhallstáit chéanna, ar ghluaiseachtaí feola úire, táirgí feola agus aon táirge eile arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe fiáine agus ó choirp muc-ainmhithe fiáine atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine, má mheasann an t-údarás inniúil go bhfuil riosca ann go leathfar fiabhras Afracach na muc chuig na muc-ainmhithe fiáine sin nó go leathfar é uathu nó tríothu, nó go leathfar é chuig táirgí a fhaightear ó na muc-ainmhithe fiáine sin nó go leathfar é uathu nó tríothu.
Airteagal 48
Coinníollacha sonracha i ndáil le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí coinsíneachtaí de tháirgí feola próiseáilte arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe fiáine laistigh de chriosanna srianta I, II agus III agus amach as na criosanna sin
De mhaolú ar an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 46(1), féadfaidh údarás an Bhallstáit lena mbaineann a údarú go ndéanfar coinsíneachtaí de tháirgí feola próiseáilte, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe fiáine ó bhunaíocht atá suite i gcriosanna srianta I, II agus III, a bhogadh laistigh de chriosanna srianta I, II agus III agus amach as na criosanna sin chuig na háiteanna seo a leanas:
criosanna srianta I, II agus III eile atá suite sa Bhallstát céanna lena mbaineann;
limistéir lasmuigh de chriosanna I, II, III sa Bhallstát céanna lena mbaineann; agus
Ballstáit eile agus tríú tíortha.
Údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann, ní údaróidh sé gluaiseachtaí coinsíneachtaí de tháirgí feola próiseáilte, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe fiáine ó bhunaíochtaí atá suite i gcrios srianta I, II agus III, dá dtagraítear i mír 1 ach amháin ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
rinneadh tástálacha sainaitheantais pataigine le haghaidh fhiabhras Afracach na muc i gcás gach muc-ainmhí a úsáidtear chun táirgí feola a tháirgeadh agus a phróiseáil i gcrios srianta I, II agus III;
fuair an t-údarás inniúil torthaí diúltacha ó na tástálacha sainaitheantais pataigine le haghaidh fhiabhras Afracach na muc dá dtagraítear i bpointe (a) roimh na cóireála dá dtagraítear i bpointe (c)(ii);
táirgí feola ó mhuc-ainmhithe fiáine sna cásanna seo a leanas:
rinneadh iad a tháirgeadh, a phróiseáil agus a stóráil i mbunaíochtaí arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 41(1); agus
cuireadh cóireála maolaithe riosca orthu le haghaidh táirgí de bhunadh ainmhíoch ó na criosanna srianta i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 a mhéid a bhaineann le fiabhras Afracach na muc.
Airteagal 49
Coinníollacha sonrach i ndáil le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí laistigh de shrianta I, II agus III agus amach as crios srianta I, gluaiseachtaí feola úire, táirgí feola agus aon táirge eile de bhunadh ainmhíoch arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe fiáine agus ó choirp muc-ainmhithe fiáine atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine
De mhaolú ar na toirmisc dá bhforáiltear in Airteagal 46(1) agus (2), féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a údarú go ndéanfar feoil úr, táirgí feola agus aon táirge eile de bhunadh ainmhíoch, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe agus ó choirp muc-ainmhithe atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine, a bhogadh laistigh de chrios srianta I agus amach as an gcrios sin chuig criosanna srianta I, II agus III eile nó chuig limistéir lasmuigh de chriosanna I, II agus III sa Bhallstát céanna ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
rinneadh tástálacha sainaitheantais pataigine le haghaidh fhiabhras Afracach na muc i gcás gach muc-ainmhí ábhartha roimh ghluaiseacht na feola úire, na dtáirgí feola agus aon táirge eile de bhunadh ainmhíoch arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe fiáine;
fuair an t-údarás inniúil sa Bhallstát lena mbaineann torthaí diúltacha ó na tástálacha sainaitheantais pataigine le haghaidh fhiabhras Afracach na muc dá dtagraítear i bpointe (a) roimh an ngluaiseacht;
an fheoil úr, na táirgí feola agus aon táirge eile de bhunadh ainmhíoch ó mhuc-ainmhithe fiáine agus ó choirp muc-ainmhithe atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine, déantar iad a bhogadh laistigh de chrios srianta I nó amach as crios srianta I laistigh den Bhallstát céanna:
i gcás úsáid phríobháidigh; nó
má bhaineann sé le gníomhaíochtaí fiagaí a sholáthraíonn méideanna beaga de ghéimfheoil mhucúil fhiáin nó de ghéimfheoil de bhunadh mucúil go díreach don tomhaltóir deiridh nó do bhunaíochtaí miondíola áitiúla a sholáthraíonn an tomhaltóir deiridh go díreach, mar a fhoráiltear in Airteagal 1(3)(e) de Rialachán (AE) Uimh. 853/2004; nó
ón mbunaíocht arna hainmniú i gcomhréir le hAirteagal 41(1) ina ndearnadh an fheoil úr agus na táirgí feola a mharcáil:
De mhaolú ar na toirmisc dá bhforáiltear in Airteagal 46(2), féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a údarú go ndéanfar an fheoil úr, na táirgí feola agus aon táirge eile de bhunadh ainmhíoch ó mhuc-ainmhithe fiáine agus ó choirp muc-ainmhithe fiáine atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine a bhogadh laistigh de chriosanna srianta II agus III sa Bhallstát céanna, ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
rinneadh tástálacha sainaitheantais pataigine le haghaidh fhiabhras Afracach na muc i gcás gach muc-ainmhí ábhartha roimh ghluaiseacht na feola úire, na dtáirgí feola agus aon táirge eile de bhunadh ainmhíoch arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe fiáine nó ó choirp muc-ainmhithe fiáine atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine;
fuair an t-údarás inniúil sa Bhallstát lena mbaineann torthaí diúltacha ó na tástálacha sainaitheantais pataigine le haghaidh fhiabhras Afracach na muc dá dtagraítear i bpointe (a) roimh an ngluaiseacht;
an fheoil úr, na táirgí feola agus aon táirge eile de bhunadh ainmhíoch ó mhuc-ainmhithe fiáine agus ó choirp muc-ainmhithe atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine, bogfar iad laistigh de chriosanna srianta II agus III sa Bhallstát céanna chun na gcríoch seo a leanas:
úsáid phríobháideach;
nó
i gcomhréir le hAirteagal 33(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, bogfar iad chuig gléasra próiseála chun dul faoi cheann de na cóireálacha ábhartha um maolú riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis.
Airteagal 50
Oibleagáidí na n-oibreoirí maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe le haghaidh coinsíneachtaí d’fheoil úr, táirgí feola agus aon táirge eile de bhunadh ainmhíoch, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe fiáine agus ó choirp muc-ainmhithe fiáine atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine, i ndáil le gluaiseachtaí lasmuigh de chriosanna I, II agus III
Coinsíneachtaí d’fheoil úr, táirgí feola agus aon táirge eile de bhunadh ainmhíoch, arna bhfáil ó mhuc-ainmhithe fiáine agus ó choirp muc-ainmhithe fiáine atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine, ní bhogfaidh na hoibreoirí amach as criosanna srianta I, II agus III iad ach amháin sna cásanna seo a leanas:
i gcásanna a chumhdaítear le hAirteagail 48 agus 49; agus
má ghabhann deimhniú sláinte ainmhithe leis na coinsíneachtaí sin, mar a fhoráiltear in Airteagal 167(1) de Rialachán (AE) 2016/429, ina bhfuil an fhaisnéis seo a leanas:
an fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2154; agus
ceann amháin ar a laghad de na fianuithe seo a leanas ina léirítear go gcomhlíontar na ceanglais dá bhforáiltear sa Rialachán seo:
Mar sin féin, i gcás gluaiseacht laistigh den Bhallstát céanna lena mbaineann, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh nach gá deimhniú sláinte ainmhithe a eisiúint, mar a thagraítear dó in Airteagal 167(1), an chéad fhomhír de Rialachán (AE) 2016/429.
Airteagal 51
Coinníollacha sonracha i ndáil le gluaiseachtaí a údarú laistigh de chriosanna srianta I, II agus III agus lasmuigh de na criosanna sin, gluaiseachtaí coinsíneachtaí de sheachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe ó mhuc-ainmhithe fiáine
De mhaolú ar na toirmisc dá bhforáiltear in Airteagal 46(1), féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a údarú go ndéanfar coinsíneachtaí de sheachtháirgí ainmhithe ó mhuc-ainmhithe fiáine a bhogadh laistigh de chriosanna srianta I, II agus III agus amach as na criosanna sin chuig criosanna srianta I, II, agus III eile agus chuig limistéir lasmuigh de chriosanna srianta I, II agus III sa Bhallstát céanna ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
déantar na seachtháirgí ainmhithe a bhailiú, a iompar agus a dhiúscairt i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009;
i gcás gluaiseachtaí amach as criosanna srianta I, II agus III, feistítear córas um loingseoireacht satailíte ar gach modh iompair ar leith chun a shuíomh a chinneadh, a tharchur agus a thaifead san fhíor-am. Cuirfidh an t-oibreoir iompair ar a chumas don údarás gluaiseacht fíor-ama an mhodh iompair a rialú agus taifid leictreonacha a choimeád ar an ngluaiseacht ar feadh tréimhse dhá mhí ar a laghad ón am a bogadh an choinsíneacht.
Airteagal 52
Oibleagáidí oibreoirí i ndáil le deimhnithe sláinte ainmhithe le haghaidh gluaiseachtaí coinsíneachtaí de sheachtháirgí ainmhithe ó mhuc-ainmhithe fiáine lasmuigh de chriosanna I, II agus III ar chríoch an Bhallstáit chéanna lena mbaineann
Ní bhogfaidh oibreoirí coinsíneachtaí de sheachtháirgí ainmhithe ó mhuc-ainmhithe fiáine lasmuigh de chriosanna srianta I, II agus III sa Bhallstát céanna lena mbaineann sa chás dá dtagraítear in Airteagal 51(2) ach amháin má ghabhann na nithe seo a leanas leis na coinsíneachtaí sin:
doiciméad tráchtála dá dtagraítear i gCaibidil III d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011; agus
deimhniú sláinte ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 22(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;
Mar sin féin, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh nach gá deimhniú sláinte ainmhithe a eisiúint, mar a thagraítear dó in Airteagal 22(6), an chéad fhomhír, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.
CAIBIDIL VI
OIBLEAGAÍDÍ SPEISIALTA FAISNÉISE AGUS OILIÚNA SNA BALLSTÁIT
Airteagal 53
Oibleagáidí speisialta faisnéise na mBallstát lena mbaineann
Chun na críche sin, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann feachtais feasachta poiblí a eagrú agus a chur i bhfeidhm go rialta chun an fhaisnéis maidir leis na bearta speisialta rialaithe galar a leagtar síos sa Rialachán seo a chur chun cinn agus a scaipeadh.
Faoi chuimsiú an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoin méid seo a leanas:
athruithe ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le fiabhras Afracach na muc ar a gcríoch;
torthaí faireachais ar fhiabhras Afracach na muc a rinneadh i gcriosanna srianta I, II agus III agus i limistéir lasmuigh de chriosanna srianta I, II agus III maidir le muc-ainmhithe ar cóiméad agus muc-ainmhithe fiáine;
bearta agus tionscnaimh eile a ghlactar chun fiabhras Afracach na muc a chosc, a rialú agus a dhíothú.
Airteagal 54
Oibleagáidí speisialta oiliúna na mBallstát lena mbaineann
Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann seisiúin oiliúna a eagrú agus a chur i bhfeidhm go rialta, nó ag eatraimh iomchuí, seisiúin oiliúna ar na rioscaí a bhaineann le fiabhras Afracach na muc agus ar bhearta coiscthe, rialaithe agus díothaithe a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm le haghaidh ar a laghad na spriocghrúpaí seo a leanas:
tréidlianna;
feirmeoirí a bhfuil muc-ainmhithe acu;
fiagaithe.
Airteagal 55
Oibleagáidí speisialta faisnéise na mBallstát uile
Áiritheoidh na Ballstáit uile an méid seo a leanas:
ar mhórbhealaí bonneagair talún, amhail bóithre agus iarnróid chumarsáide idirnáisiúnta, agus ar líonraí iompair talún gaolmhara, díreofar aird taistealaithe ar fhaisnéis iomchuí ar na rioscaí a bhaineann le leathadh fhiabhras Afracach na muc agus ar na bearta speisialta rialaithe galar a leagtar síos sa Rialachán seo, agus déanfar é sin ar an mbealach seo a leanas:
ar bhealach soiléir agus feiceálach;
ar bhealach atá curtha i láthair sa tslí gur féidir le taistealaithe í a thuiscint go héasca agus iad ag teacht ó na háiteanna seo a leanas nó ag dul chucu:
tá na bearta is gá i bhfeidhm chun feasacht a mhéadú i measc páirtithe leasmhara atá gníomhach in earnáil na muc-ainmhithe ar coimeád, lena n-áirítear bunaíochtaí beaga, maidir leis na rioscaí a bhaineann le tabhairt isteach fhiabhras Afracach na muc agus chun an fhaisnéis is iomchuí a chur ar fáil dóibh maidir le bearta atreisithe bithshlándála le haghaidh bunaíochtaí ina gcoimeádtar muc-ainmhithe atá suite i gcriosanna srianta I, II agus III mar a fhoráiltear dóibh in Iarscríbhinn II, go háirithe na bearta atá le forfheidhmiú i gcriosanna srianta I, II agus III, trí na modhanna is oiriúnaí chun a n-aird a tharraingt ar an fhaisnéis sin.
Déanfaidh na Ballstáit uile feasacht a mhéadú ar fhiabhras Afracach na muc i measc na bpáirtithe leasmhara seo a leanas:
an pobal dá bhforáiltear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2016/429;
tréidlianna, feirmeoirí agus fiagaithe agus an fhaisnéis is iomchuí a chur ar fáil dóibh maidir leis na bearta maolaithe riosca agus na bearta bithshlándála atreisithe dá bhforáiltear sna doiciméid seo a leanas:
Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;
treoirlínte an Aontais maidir le fiabhras Afracach na muc arna gcomhaontú leis na Ballstáit ag an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha;
fianaise eolaíoch a chuireann an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia ar fáil;
Cód um Shláinte na nAinmhithe Talún de chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe.
CAIBIDIL VII
FORALACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 56
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 21 Aibreán 2021 go dtí an 20 Aibreán 2028.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
CRIOSANNA SRIANTA
CUID I
1. An Ghearmáin
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Ghearmáin:
Bundesland Brandenburg:
Bundesland Sachsen:
Bundesland Mecklenburg-Vorpommern:
2. An Eastóin
Na criosanna srianta I seo a leanas san Eastóin:
3. An Ghréig
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Ghréig
4. An Laitvia
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Laitvia:
5. An Liotuáin
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Liotuáin:
6. An Ungáir
Na criosanna srianta I seo a leanas san Ungáir:
7. An Pholainn
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Pholainn:
w województwie kujawsko - pomorskim:
w województwie warmińsko-mazurskim:
w województwie podlaskim:
w województwie mazowieckim:
w województwie podkarpackim:
w województwie świętokrzyskim:
w województwie łódzkim:
w województwie pomorskim:
w województwie lubuskim:
w województwie dolnośląskim:
w województwie wielkopolskim:
w województwie opolskim:
w województwie zachodniopomorskim:
w województwie małopolskim:
8. An tSlóvaic
Na criosanna srianta I seo a leanas sa tSlóvaic:
9. An Iodáil
Na criosanna srianta I seo a leanas san Iodáil:
Piedmont Region:
Liguria Region:
Emilia-Romagna Region:
Lombardia Region:
Lazio Region:
Sardinia Region
10. Poblacht na Seice
Na criosanna srianta I seo a leanas i bPoblacht na Seice:
Region of Liberec:
CUID II
1. An Bhulgáir
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Bhulgáir:
2. An Ghearmáin
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Ghearmáin:
Bundesland Brandenburg:
Bundesland Sachsen:
Bundesland Mecklenburg-Vorpommern:
3. An Eastóin
Na criosanna srianta II seo a leanas san Eastón
4. An Laitvia
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Laitvia:
5. An Liotuáin
Na criosanna srianta II seo a leanas san Liotuáin:
6. An Ungáir
Na criosanna srianta II seo a leanas san Ungáir:
7. An Pholainn
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Pholainn:
w województwie warmińsko-mazurskim:
w województwie podlaskim:
w województwie mazowieckim:
w województwie lubelskim:
w województwie podkarpackim:
w województwie małopolskim:
w województwie pomorskim:
w województwie świętokrzyskim:
w województwie lubuskim:
w województwie dolnośląskim:
w województwie wielkopolskim:
w województwie łódzkim:
w województwie zachodniopomorskim:
w województwie opolskim:
8. An tSlóvaic
Na criosanna srianta II seo a leanas sa tSlóvaic:
9. An Iodáil
Na criosanna srianta II seo a leanas san Iodáil:
Piedmont Region:
Liguria Region:
Lazio Region:
Sardinia Region:
10. Poblacht na Seice
Na criosanna srianta IIseo a leanas i bPoblacht na Seice:
Region of Liberec:
CUID III
1. An Bhulgáir
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Bhulgáir:
2. An Iodáil
Na criosanna srianta III seo a leanas san Iodáil
Sardinia Region:
3. An Laitvia
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Laitvia
4. An Liotuáin
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Liotuáin:
5. An Pholainn
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Pholainn:
w województwie zachodniopomorskim:
w województwie warmińsko-mazurskim:
w województwie lubuskim:
w województwie wielkopolskim:
w województwie dolnośląskim:
w województwie świętokrzyskim:
6. An Rómáin
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Rómáin:
7. An tSlóvaic
Na criosanna srianta III seo a leanas sa tSlóvaic:
IARSCRÍBHINN II
BEARTA BITHSHLÁNDÁLA TREISITHE LE hAGHAIDH BUNAÍOCHTAÍ MUC-AINMHITHE AR COIMEÁD ATÁ LONNAITHE I gCRIOSANNA SRIANTA I, II AGUS III
(dá dtagraítear in Airteagal 16(1)(b)(i))
1. Beidh feidhm ag na bearta bithshlándála treisithe seo a leanas, dá dtagraítear in Airteagal 16(1)(b)(i) maidir le bunaíochtaí muc-ainmhithe ar coimeád atá lonnaithe i gcriosanna srianta I, II agus III atá suite sna Ballstáit lena mbaineann i gcás gluaiseachtaí údaraithe coinsíneachtaí díobh seo a leanas:
muc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta I, II agus III lasmuigh de na criosanna sin dá bhforáiltear in Airteagail 22, 23, 24, 25, 28 agus 29;
táirgí geirmeacha a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II lasmuigh den chrios sin dá bhforáiltear in Airteagail 31 agus 32;
seachtháirgí ainmhithe a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta II lasmuigh den chrios sin dá bhforáiltear in Airteagail 35 agus 37;
feoil úr, táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus III lasmuigh de na criosanna sin dá bhforáiltear in Airteagail 38, 39 agus 40.
2. Déanfaidh oibreoirí bunaíochtaí muc-ainmhithe ar coimeád atá lonnaithe i gcriosanna srianta I, II agus III atá suite sna Ballstáit lena mbaineann i gcás gluaiseachtaí údaraithe lasmuigh de na criosanna sin a áirithiú go gcuirfear na bearta bithshlándála treisithe seo a leanas i bhfeidhm i mbunaíochtaí muc-ainmhithe atá ar coimeád:
ní ceart aon teagmháil dhíreach nó indíreach a bheith ann idir muc-ainmhithe atá ar coimeád agus, ar a laghad:
muc-ainmhithe eile atá ar coimeád ó bhunaíochtaí eile;
muc-ainmhithe fiáine;
bearta sláinteachais iomchuí amhail éadaí agus bróga a athrú ar dhul isteach do dhuine san áitreabh ina gcoimeádtar muc-ainmhithe agus ar fhágáil an áitribh sin dó;
lámha a ní agus a dhíghalrú agus bróga a dhíghalrú ar an mbealach isteach do dhuine san áitreabh ina gcoimeádtar muc-ainmhithe;
gan aon teagmháil a bheith ag duine le muc-ainmhithe atá ar coimeád ar feadh tréimhse 48 uair an chloig ar a laghad tar éis dó a bheith i mbun aon ghníomhaíocht fiaigh a bhaineann le muc-ainmhithe fiáine nó tar éis dó aon teagmháil eile a bheith aige le muc-ainmhithe fiáine;
toirmeasc a chur ar dhaoine nó ar mhodhanna iompair neamhúdaraithe dul isteach sa bhunaíocht, lena n-áirítear an t-áitreabh, ina gcoimeádtar muc-ainmhithe;
coimeád taifead leordhóthanach a dhéanamh ar dhaoine agus modhanna iompair a théann isteach sa bhunaíocht ina gcoimeádtar na muc-ainmhithe;
ní mór na nithe seo a leanas a bheith fíor faoin áitreabh agus faoi fhoirgneamh na bunaíochta ina gcoimeádtar muc-ainmhithe:
é a bheith tógtha sa chaoi nach mbeidh aon ainmhithe eile in ann dul isteach san áitreabh ná sna foirgnimh agus nach mbeidh teagmháil acu leis na muc-ainmhithe atá ar coimeád ná lena mbeatha agus lena n-ábhar leapa;
ní agus díghalrú lámh a chur san áireamh;
ní agus díghalrú an áitribh a chur san áireamh;
seomraí feistis iomchuí a chur ar fáil chun gur féidir le daoine a mbróga agus a n-éadaí a athrú ar an mbealach isteach san áitreabh ina gcoimeádtar muc-ainmhithe;
fálú stocdhíonach a dhéanamh ar an áitreabh ina gcoimeádtar na muc-ainmhithe agus ar na foirgnimh ina gcoimeádtar beatha agus easair, ar a laghad;
ní mór plean bithshlándála a fhormheasann údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a chur i bhfeidhm, plean lena gcuirtear próifíl na bunaíochta agus an reachtaíocht náisiúnta san áireamh; go n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad sa phlean bithshlándála sin:
limistéir “ghlana” agus limistéir “shalacha” a bhunú le haghaidh na foirne, limistéir atá oiriúnach do thíopeolaíocht na feirme, amhail seomraí feistis, cithfholcadán, seomra bia;
na socruithe lóistíochta a bhunú agus a athbhreithniú, más infheidhme, maidir le muc-ainmhithe nua atá ar coimeád a thabhairt isteach sa bhunaíocht;
na nósanna imeachta maidir leis na saoráidí, iompar agus trealamh a ní agus maidir le sláinteachas na foirne;
rialacha a leagan amach maidir le bia le haghaidh na foirne ar an láthair agus toirmeasc a chur ar an bhfoireann muc-ainmhithe a choimeád, i gcás inarb ábhartha agus más infheidhme;
clár tiomnaithe d’fheasacht leanúnach na foirne ar an mbunaíocht a chur ar fáil;
socruithe lóistíochta a bhunú agus a athbhreithniú, más infheidhme, chun deighilt chuí idir aonaid eipidéimeolaíocha éagsúla a áirithiú agus chun nach mbeidh teagmháil ag muc-ainmhithe atá ar coimeád le seachtháirgí ainmhithe agus aonaid eile;
na nósanna imeachta agus na treoracha maidir le ceanglais bhithshlándála a fhorfheidhmiú le linn thógáil an áitribh nó na bhfoirgneamh nó le linn dheisiú an áitribh nó na bhfoirgneamh;
iniúchadh inmheánach nó féinmheastóireacht chun na bearta bithshlándála a fhorfheidhmiú.
( 1 ) I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha an Rialacháin seo, baineann tagairtí do na Ballstáit leis an Ríocht Aontaithe i dtaca le Tuaisceart Éireann de.