02020R2093 — GA — 21.12.2022 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE, Euratom) 2020/2093 ÓN gCOMHAIRLE an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I 22.12.2020, lch. 11) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
RIALACHÁN (AE, Euratom) 2022/2496 ÓN gCOMHAIRLE an 15 Nollaig 2022 |
L 325 |
11 |
20.12.2022 |
RIALACHÁN (AE, Euratom) 2020/2093 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Nollaig 2020
lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027
CAIBIDIL 1
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Creat airgeadais ilbhliantúil
Leis an Rialachán seo, leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (CAI).
Airteagal 2
Uasteorainneacha CAI a chomhlíonadh
Bunaítear an fho-uasteorainn do cheannteideal 3 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I í gan dochar don tsolúbthacht idir dhá cholún an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT). Déanfar an uasteorainn choigeartaithe a chuirfear i bhfeidhm ar cholún I CBT tar éis na n-aistrithe idir an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus íocaíochtaí díreacha a leagan síos sa ghníomh ábhartha dlíthiúil agus déanfar CAI a choigeartú dá réir sin faoin gcoigeartú teicniúil dá bhforáiltear in Airteagal 4 den Rialachán seo.
I gcás inar gá úsáid a bhaint as na hacmhainní ón Ionstraim Corrlaigh Aonair mar a leagtar síos in Airteagal 11, iontrálfar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí sa bhuiséad de bhreis ar uasteorainneacha ábhartha CAI do bhliain ar leith.
I gcás inar gá ráthaíocht a shlógadh le haghaidh cúnamh airgeadais atá údaraithe don Úcráin atá ar fáil do na blianta 2023 agus 2024 i gcomhréir le hAirteagal 220(1) den Rialachán Airgeadais, déanfar an méid riachtanach a shlógadh de bhreis ar uasteorainneacha CAI.
Airteagal 3
Urraim d’uasteorainn na n-acmhainní dílse
CAIBIDIL 2
COIGEARTUITHE AR CAI
Airteagal 4
Coigeartuithe teicniúla
Déanfaidh an Coimisiún na coigeartuithe teicniúla seo a leanas ar CAI gach bliain, ag gníomhú dó sula gcuirfear an nós imeachta buiséadach do bhliain n+1 i bhfeidhm:
athluacháil, ag praghsanna bhliain n+1, ar na huasteorainneacha agus ar na figiúirí foriomlána do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí;
ríomh an chorrlaigh atá ar fáil faoi uasteorainn na n-acmhainní dílse a leagtar amach sa Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse;
ríomh mhéid na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas atá ar fáil faoin Ionstraim Corrlaigh Aonair dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 11(1), chomh maith leis an uasmhéid iomlán dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 11(2);
ríomh an choigeartaithe ar an uasteorainn le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí faoin Ionstraim Corrlaigh Aonair dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 11(1), chomh maith leis an uasmhéid dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 11(2);
ríomh na leithdháiltí breise le haghaidh cláir shonracha dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus toradh an choigeartaithe bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 5(2).
Airteagal 5
Coigeartú clárshonrach
Beidh méid is ionann agus an t-ioncam ó fhíneálacha arna bhforchur faoi Rialacháin (EC) Uimh. 1/2003 ( 1 ) agus (EC) Uimh. 139/2004 ( 2 ) ag institiúidí an Aontais, a iontrálfar i mbuiséad na bliana n-1 i gcomhréir le hAirteagal 107 den Rialachán Airgeadais, tar éis an méid don bhliain n-1 dá dtagraítear in Airteagal 141(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach ( 3 ) a bhaint, ar fáil do leithdháileadh breise den mhéid seo a leanas:
leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do bhliain n+1, ag tosú don bhliain 2022 agus ag críochnú in 2027, do na cláir atá liostaithe in Iarscríbhinn II, i gcomhréir le céatadáin arna leagan amach do na cláir sin sa cholún “Eochair leithdháilte” den tábla in Iarscríbhinn II; agus
leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí do bhliain n+1, ag tosú don bhliain 2022 agus ag críochnú in 2027.
Is é EUR 11 000 milliún (i bpraghsanna 2018) a bheidh i méid iomlán na leithdháiltí breise don tréimhse 2022 go 2027 le haghaidh leithreasaí faoi chomhair gealltanas agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí faoi seach. I gcás gach ceann de na blianta 2022 go 2026, EUR 1 500 milliún (i bpraghsanna 2018) ar a laghad a bheidh i méid bliantúil na leithdháiltí breise le haghaidh leithreasaí faoi chomhair gealltanas agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí agus ní rachaidh sé thar EUR 2 000 milliún (i bpraghsanna 2018).
Leagtar amach méid iomlán na leithdháiltí breise le haghaidh leithreasaí faoi chomhair gealltanas do na cláir sa tréimhse 2022 go 2027 sa cholún “Leithdháileadh breise iomlán na leithreasaí faoi chomhair gealltanas faoi Airteagal 5” den tábla in Iarscríbhinn II.
Airteagal 6
Coigeartuithe a bhaineann le bearta atá nasctha le rialachas eacnamaíoch fónta nó le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint
Airteagal 7
Coigeartú i ndiaidh rialacha nó cláir nua faoi bhainistíocht roinnte
CAIBIDIL 3
IONSTRAIMÍ SPEISIALTA
ROINN 1
Ionstraimí speisialta téamacha
Airteagal 8
An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú
Airteagal 9
Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála
Féadfar an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála a úsáid chun na gníomhaíochtaí seo a leanas a mhaoiniú:
cúnamh chun freagairt ar chásanna éigeandála a eascraíonn as tubaistí móra a chumhdaítear le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a leagtar amach na cuspóirí agus an raon feidhme atá leis i Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle ( 4 ); agus
mearfhreagairtí a thabhairt ar riachtanais shonracha éigeandála laistigh den Aontas nó i dtríú tíortha ag eascairt as imeachtaí nach bhféadfaí a thuar nuair a bunaíodh an buiséad, go háirithe le haghaidh práinnfhreagairtí agus oibríochtaí tacaíochta tar éis tubaistí nádúrtha nach gcumhdaítear le pointe (a), tubaistí de dhéanamh an duine, géarchéimeanna daonnúla i gcásanna ina bhfuil bagairtí ar an tsláinte phoiblí, bagairtí tréidliachta nó fíteashláintíochta ar mhórscála ann, chomh maith le cásanna a mbeidh brú faoi leith ag baint leo ag teorainneacha seachtracha an Aontais a eascróidh as sreafaí imirce, i gcás ina n-éileofar sin leis na himthosca.
Gan dochar don chéad fhomhír, féadfar na céatadáin uasta seo a leanas den mhéid foriomlán atá ar fáil go dtí an 1 Meán Fómhair gach bliain a shlógadh:
Gan dochar don chéad fhomhír, ón 1 Meán Fómhair gach bliain, féadfar an chuid atá fágtha den mhéid atá ar fáil a úsáid le haghaidh aon chúnaimh dá dtagraítear sa dara fomhír chun na riachtanais a thagann chun cinn go dtí deireadh na bliana sin a chumhdach.
Airteagal 10
Cúlchiste Coigeartaithe Brexit
ROINN 2
Ionstraimí speisialta neamhthéamacha
Airteagal 11
Ionstraim Corrlaigh Aonair
Is éard a bheidh san Ionstraim Corrlaigh Aonair:
amhail ó 2022, méideanna a fhreagraíonn do chorrlaigh a bheidh fós ar fáil faoi uasteorainneacha CAI do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas de bhliain n-1 a chuirfear ar fáil de bhreis ar na huasteorainneacha CAI do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do na blianta ó 2022 go 2027;
amhail ó 2022, méideanna atá coibhéiseach leis an difríocht idir na híocaíochtaí a fhorghníomhaítear agus uasteorainn íocaíochta CAI de bhliain n-1 chun an uasteorainn íocaíochta do na blianta ó 2022 go 2027 a choigeartú suas; agus
méideanna breise a fhéadfar a chur ar fáil de bhreis ar uasteorainneacha CAI in aon bhliain ar leith do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas nó do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, nó don dá rud, de réir mar a bheidh, ar choinníoll go ndéanfar iad a fhritháireamh go hiomlán in aghaidh na gcorrlach i gceann amháin nó níos mó de cheannteidil CAI don bhliain airgeadais reatha nó do na blianta airgeadais amach anseo a mhéid a bhaineann le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus go ndéanfar iad a fhritháireamh go hiomlán in aghaidh na gcorrlach faoin uasteorainn íocaíochta do na blianta airgeadais amach anseo a mhéid a bhaineann le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
Ní fhéadfar méideanna a shlógadh faoi phointe (c) den chéad fhomhír ach amháin mura leor na méideanna atá ar fáil de bhun phointí (a) agus (b) den fhomhír sin, de réir mar is infheidhme, agus in aon chás mar rogha dheireanach chun freagairt ar chúinsí gan choinne.
I gcás ina rachfar ar iontaoibh phointe (c) den chéad fhomhír ní bheidh mar thoradh air sin go rachfar thar méideanna iomlána uasteorainneacha CAI do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí don bhliain airgeadais reatha agus do na blianta airgeadais amach anseo. Dá bhrí sin aon mhéideanna a dhéanfar a fhritháireamh i gcomhréir leis an bpointe sin, ní shlógfar iad a thuilleadh i gcomhthéacs CAI.
I gcás ina rachfar ar iontaoibh na hIonstraime Corrlaigh Aonair faoi phointí (a) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1 ní rachfar, in aon bhliain ar leith, thar na hiomláin seo a leanas:
0,04 % d’ollioncam náisiúnta an Aontais i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, arna ríomh sa choigeartú teicniúil bliantúil ar CAI dá dtagraítear in Airteagal 4;
0,03 % d’ollioncam náisiúnta an Aontais i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, arna ríomh sa choigeartú teicniúil bliantúil ar CAI dá dtagraítear in Airteagal 4.
An méid a rachfar ar iontaoibh na hIonstraime Corrlaigh Aonair in aon bhliain ar leith beidh sé comhsheasmhach leis na huasteorainneacha a leagtar amach sa Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse.
Ní rachaidh na coigeartuithe bliantúla dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 thar na huasmhéideanna seo a leanas (i bpraghsanna 2018) do na blianta ó 2025 go 2027 i gcomparáid leis an mbun-uasteorainn íocaíochta do na blianta ábhartha:
Beidh na méideanna dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 5(2) sa bhreis ar na huasmhéideanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.
Déanfar aon choigeartú suas a fhritháireamh trí laghdú comhfhreagrach a dhéanfar ar an uasteorainn íocaíochta do bhliain n-1.
Is é an Coimisiún a dhéanfaidh an coigeartú suas dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, ag tosú in 2022, mar chuid den choigeartú teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 4.
Airteagal 12
An Ionstraim Sholúbthachta
CAIBIDIL 4
ATHBHREITHNIÚ AR CAI
Airteagal 13
Athbhreithniú ar CAI
Airteagal 14
Athbhreithniú a bhaineann le cur chun feidhme
Nuair a bheidh fógra maidir le torthaí na gcoigeartuithe teicniúla ar CAI á thabhairt ag an gCoimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, tíolacfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, aon togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar na leithreasuithe iomlána faoi chomhair íocaíochtaí a mheasfaidh sé a bheith riachtanach, i bhfianaise an chur chun feidhme, lena áirithiú go ndéanfar bainistiú fónta ar na huasteorainneacha íocaíochta bliantúla agus, go háirithe, go ndéanfar forchéimniú ar bhealach ordúil i ndáil leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas.
Airteagal 15
Athbhreithniú i gcás ina ndéanfaí athbhreithniú ar na Conarthaí
I gcás ina ndéanfaí athbhreithniú ar na Conarthaí lena ngabhfaidh impleachtaí buiséadacha, déanfar CAI a athbhreithniú dá réir.
Airteagal 16
Athbhreithniú i gcás ina méadófaí an tAontas
I gcás aontachais amháin nó níos mó leis an Aontas, déanfar CAI a athbhreithniú chun na ceanglais chaiteachais a bheidh mar thoradh air sin a chur san áireamh.
Airteagal 17
Athbhreithniú i gcás athaontú na Cipire
I gcás ina ndéanfar an Chipir a athaontú, déanfar CAI a athbhreithniú chun go gcuirfear san áireamh an réiteach cuimsitheach ar fhadhb na Cipire agus na riachtanais bhreise airgeadais a bheidh mar thoradh ar an athaontú.
CAIBIDIL 5
RANNÍOCAÍOCHT LE MAOINIÚ TIONSCADAL AR MHÓRSCÁLA
Airteagal 18
Ranníocaíocht le maoiniú tionscadal ar mhórscála
CAIBIDIL 6
COMHAR IDIRINSTITIÚIDEACH SA NÓS IMEACHTA BUISÉADACH
Airteagal 19
Comhar idirinstitiúideach sa nós imeachta buiséadach
Airteagal 20
Aontacht an bhuiséid
Áireofar caiteachas agus ioncam uile an Aontais agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach i mbuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán Airgeadais, lena n-áirítear caiteachas a bheidh mar thoradh ar aon chinneadh ábhartha a dhéanfaidh an Chomhairle d’aontoil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, faoi chuimsiú Airteagal 332 CFAE.
CAIBIDIL 7
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 21
Aistriú i dtreo an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile
Roimh an 1 Iúil 2025, tíolacfaidh an Coimisiún togra le haghaidh creat airgeadais ilbhliantúil nua.
Airteagal 22
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
AN CREAT AIRGEADAIS ILBHLIANTÚIL (AE-27)
(EUR milliún – i bpraghsanna 2018) |
||||||||
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas |
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
Iomlán 2021-2027 |
1. An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha |
19 712 |
19 666 |
19 133 |
18 633 |
18 518 |
18 646 |
18 473 |
132 781 |
2. Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna |
49 741 |
51 101 |
52 194 |
53 954 |
55 182 |
56 787 |
58 809 |
377 768 |
2a. Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach |
45 411 |
45 951 |
46 493 |
47 130 |
47 770 |
48 414 |
49 066 |
330 235 |
2b. Athléimneacht agus luachanna |
4 330 |
5 150 |
5 701 |
6 824 |
7 412 |
8 373 |
9 743 |
47 533 |
3. Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol |
55 242 |
52 214 |
51 489 |
50 617 |
49 719 |
48 932 |
48 161 |
356 374 |
ar a bhfuil: Caiteachas a bhaineann leis an margadh agus íocaíochtaí díreacha |
38 564 |
38 115 |
37 604 |
36 983 |
36 373 |
35 772 |
35 183 |
258 594 |
4. Imirce agus Bainistiú Teorainneacha |
2 324 |
2 811 |
3 164 |
3 282 |
3 672 |
3 682 |
3 736 |
22 671 |
5. Slándáil agus Cosaint |
1 700 |
1 725 |
1 737 |
1 754 |
1 928 |
2 078 |
2 263 |
13 185 |
6. An Chomharsanacht agus an Domhan |
15 309 |
15 522 |
14 789 |
14 056 |
13 323 |
12 592 |
12 828 |
98 419 |
7. An Riarachán Poiblí Eorpach |
10 021 |
10 215 |
10 342 |
10 454 |
10 554 |
10 673 |
10 843 |
73 102 |
ar a bhfuil: Caiteachas riaracháin na n-institiúidí |
7 742 |
7 878 |
7 945 |
7 997 |
8 025 |
8 077 |
8 188 |
55 852 |
IOMLÁN NA LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR GEALLTANAS |
154 049 |
153 254 |
152 848 |
152 750 |
152 896 |
153 390 |
155 113 |
1 074 300 |
IOMLÁN NA LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR ÍOCAÍOCHTAÍ |
156 557 |
154 822 |
149 936 |
149 936 |
149 936 |
149 936 |
149 936 |
1 061 058 |
IARSCRÍBHINN II
COIGEARTÚ CLÁRSHONRACH – LIOSTA NA gCLÁR, EOCHAIR LEITHDHÁILTE AGUS LEITHDHÁILEADH BREISE IOMLÁN NA LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR GEALLTANAS
(i EUR milliún, praghsanna 2018) |
||
|
Eochair leithdháilte |
Leithdháileadh breise iomlán na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas faoi Airteagal 5 |
1. An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha |
36,36 % |
4 000 |
Fís Eorpach |
27,27 % |
3 000 |
Ciste InvestEU |
9,09 % |
1 000 |
2b. Athléimneacht agus Luachanna |
54,55 % |
6 000 |
EU4Health |
26,37 % |
2 900 |
Erasmus+ |
15,46 % |
1 700 |
Eoraip na Cruthaitheachta |
5,45 % |
600 |
Cearta agus Luachanna |
7,27 % |
800 |
4. Imirce agus Bainistiú Teorainneacha |
9,09 % |
1 000 |
An Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha |
9,09 % |
1 000 |
IOMLÁN |
100,00 % |
11 000 |
( 1 ) Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1)
( 2 ) Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1)
( 3 ) IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.
( 4 ) Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (IO L 311, 14.11.2002, lch. 3).