02020R1056 — GA — 20.05.2024 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2020/1056 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Iúil 2020

maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 249 31.7.2020, lch. 33)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2024/1157 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 11 Aibreán 2024

  L 1157

1

30.4.2024




▼B

RIALACHÁN (AE) 2020/1056 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Iúil 2020

maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo creat dlíthiúil maidir le faisnéis rialála a chur in iúl go leictreonach idir oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann agus údaráis inniúla i ndáil le hiompar earraí ar chríoch an Aontais.

Chun na críche sin, déantar an méid seo a leanas leis an Rialachán:

(a) 

leagtar síos leis na coinníollacha ar bunaithe orthu go gceanglaítear ar údaráis inniúla glacadh le faisnéis rialála nuair a chuireann na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann an fhaisnéis sin ar fáil go leictreonach;

(b) 

leagtar síos leis rialacha le haghaidh soláthar seirbhísí a bhaineann le faisnéis rialála a chur ar fáil go leictreonach d’údaráis inniúla ag na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.  

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

na ceanglais um fhaisnéis rialála a leagtar amach i:

(i) 

Airteagal 6(1) de Rialachán CEE ón gComhairle Uimh. 11 ( 1 );

(ii) 

Airteagal 3 de Threoir 92/106/CEE ón gComhairle ( 2 );

(iii) 

Airteagal 8(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );

▼M1

(iv) 

Airteagal 9(2), Airteagal 16(1) agus Airteagal 18(4) de Rialachán (AE) 2024/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ); ní dochar an Rialachán seo do rialuithe a dhéanann oifigí custam dá bhforáiltear i bhforálacha ábhartha de ghníomhartha dlí an Aontais;

▼B

(v) 

Caibidil 5.4 de Chuid 5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR) a cuireadh i gcrích sa Ghinéiv an 30 Meán Fómhair 1957, dá dtagraítear i Roinn I.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ); Caibidil 5.4 de Chuid 5 de na Rialacháin maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), atá mar Aguisín C a ghabhann le COTIF a cuireadh i gcrích ag Vilnias an 3 Meitheamh 1999, dá dtagraítear i Roinn II.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin; agus Caibidil 5.4 de Pháirt 5 de na Rialacháin atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Uiscebhealaí Intíre (ADN), a cuireadh i gcrích sa Ghinéiv an 26 Bealtaine 2000, dá dtagraítear i Roinn III.1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin;

(b) 

na ceanglais um fhaisnéis rialála a leagtar síos i ngníomhartha tarmligthe nó i ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun gníomh dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo nó de bhun Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ) nó de bhun Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ). Liostófar na gníomhartha tarmligthe nó na gníomhartha cur chun feidhme i gcuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(c) 

na ceanglais um fhaisnéis rialála a leagtar amach sna forálacha den dlí náisiúnta a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.  
Faoin 21 Lúnasa 2021, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi fhorálacha an dlí náisiúnta agus na ceanglais chomhfhreagracha um fhaisnéis rialála ina gceanglaítear go soláthraítear faisnéis atá comhionann, go hiomlán nó i bpáirt, leis an bhfaisnéis atá le cur ar fáil de bhun na gceanglas um fhaisnéis rialála dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1.

De bhun an fhógra sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le haon fhorálacha sa dlí náisiúnta:

(a) 

lena dtugtar isteach athruithe ar na ceanglais um fhaisnéis mar a leagtar amach i bhforálacha an dlí náisiúnta a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I; nó

(b) 

lena leagtar síos ceanglais nua ábhartha um fhaisnéis rialála lena gceanglaítear soláthar faisnéise atá comhionann, go hiomlán nó i bpáirt, leis an bhfaisnéis atá le cur ar fáil de bhun na gceanglas um fhaisnéis rialála dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1.

Cuirfidh na Ballstáit na fógraí sin in iúl laistigh de 1 mhí ó ghlacadh na bhforálacha sin.

3.  

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14, lena leasaítear:

(a) 

Cuid A d’Iarscríbhinn I d’fhonn tagairtí a ionchorprú d’aon cheanglais um fhaisnéis rialála dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo;

(b) 

Cuid B d’Iarscríbhinn I d’fhonn tagairtí a chuimsiú nó a scriosadh do dhlí náisiúnta agus do cheanglais um fhaisnéis rialála i gcomhréir leis na fógraí a dhéantar de bhun mhír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “faisnéis rialála” faisnéis, bíodh sí curtha i láthair i bhfoirm doiciméid nó ná bíodh, a bhaineann le hiompar earraí ar chríoch an Aontais, lena n-áirítear earraí ar idirthuras, nach mór d’oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann a chur ar fáil i gcomhréir leis na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 2(1) chun comhlíonadh cheanglais ábhartha na ngníomhartha lena leagtar síos na forálacha sin a chruthú;

(2) 

ciallaíonn “ceanglas um fhaisnéis rialála” ceanglas faisnéis rialála a chur ar fáil;

(3) 

ciallaíonn “údarás inniúil” údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile atá inniúil chun cúraimí a chomhlíonadh, amhail comhlíonadh ar chríoch Ballstáit a sheiceáil, a fhorfheidhmiú, a bhailíochtú nó faireachán a dhéanamh air, de bhun na ngníomhartha dlí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus ag a bhfuil rochtain ar an bhfaisnéis rialála ag teastáil maidir leis na cúraimí sin a dhéanamh;

(4) 

ciallaíonn “faisnéis leictreonach faoi iompar lastais” nó “eFTI” tacar eilimintí sonraí a phróiseáiltear trí mhodh leictreonach chun críocha faisnéis rialála a mhalartú i measc na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann agus idir na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann agus na húdaráis inniúla;

(5) 

ciallaíonn “fothacar sonraí eFTI” tacar eilimintí sonraí struchtúrtha a chomhfhreagraíonn don fhaisnéis rialála a cheanglaítear de bhun ghníomh dlí sonrach de chuid an Aontais nó de bhun dlí náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 2(1);

(6) 

ciallaíonn “tacar comhchoiteann sonraí eFTI” tacar cuimsitheach na n-eilimintí sonraí struchtúrtha a chomhfhreagraíonn do gach fothacar sonraí eFTI, i gcás nach gcuimseofar ach aon uair amháin na heilimintí sonraí is coiteann d’fhothacair éagsúla eFTI;

(7) 

ciallaíonn “eilimint sonraí” an t-aonad faisnéise is lú a bhfuil sainiú uathúil agus tréithe teicniúla beachta aige ar nós formáide, faid agus cineáil saintréithe;

(8) 

ciallaíonn “próiseáil” oibríocht nó sraith oibríochtaí a fheidhmítear ar eFTI, trí mhodhanna uathoibrithe nó modhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó mionathrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, scaipeadh nó trí eFTI a chur ar fáil ar shlí eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, glanadh nó scriosadh;

(9) 

ciallaíonn “loga oibriúcháin” taifead uathoibrithe an phróiseáil leictreonach eFTI;

(10) 

ciallaíonn “ardán eFTI” réiteach bunaithe ar an teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC), amhail córas oibriúcháin, timpeallacht oibriúcháin, nó bunachar sonraí, a bheartaítear a úsáid chun eFTI a phróiseáil;

(11) 

ciallaíonn “forbróir ardán eFTI” duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil ardán eFTI forbartha nó faighte acu chun críocha faisnéis rialála a bhaineann lena ghníomhaíocht eacnamaíoch féin a phróiseáil nó chun an t-ardán sin a chur ar an margadh;

(12) 

ciallaíonn “seirbhís eFTI” seirbhís lena ndéantar próiseáil eFTI trí ardán eFTI, as féin nó i gcomhcheangal le réitigh TFC eile, lena n-áirítear ardáin eFTI eile;

(13) 

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí eFTI”- aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhís eFTI do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann ar bhonn conartha;

(14) 

ciallaíonn “oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann” oibreoir iompair nó lóistíochta, nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile, atá freagrach as faisnéis rialála a chur ar fáil d’údaráis inniúla lena mbaineann i gcomhréir leis na ceanglais ábhartha um fhaisnéis rialála;

(15) 

ciallaíonn “formáid atá inléite ag an duine” bealach chun na sonraí a léiriú i bhfoirm leictreonach ar féidir le duine nádúrtha a úsáid mar fhaisnéis gan tuilleadh próiseála a bheith de dhíth;

(16) 

ciallaíonn “formáid atá meaisín-inléite” bealach chun na sonraí a léiriú i bhfoirm leictreonach ar féidir a úsáid le haghaidh uathphróiseáil ag meaisín;

(17) 

ciallaíonn “comhlacht um measúnú comhréireachta” comhlacht um measúnú comhréireachta laistigh de bhrí Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008, atá creidiúnaithe i gcomhréir leis an Rialachán sin chun an measúnú comhréireachta a dhéanamh ar ardáin eFTI nó ar sholáthraithe seirbhísí eFTI;

(18) 

ciallaíonn “loingsiú” tacar socraithe earraí, lena n-áirítear, dramhaíl, a iompar idir an chéad áit bailithe agus an áit deiridh seachadta faoi théarmaí conartha aonair iompair nó faoi théarmaí conarthaí iomadúla iompair as a chéile lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an t-aistriú idir modhanna éagsúla iompair, gan beann ar chainníocht ná ar líon na gcoimeádán, na bpacáistí, nó na bpíosaí a n-iompraítear lena mbaineann.

CAIBIDIL II

FAISNÉIS RIALÁLA A CHUIRTEAR AR FÁIL GO LEICTREONACH

Airteagal 4

Ceanglais ar oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann

1.  
Chun críocha Airteagal 5(1), (2) agus (3) comhlíonfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo.
2.  
I gcás ina gcuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann faisnéis rialála ar fáil go leictreonach d’údarás inniúil, déanfaidh siad amhlaidh ar bhonn sonraí arna bpróiseáil ar ardán eFTI deimhnithe agus, más infheidhme, is soláthraí seirbhísí eFTI deimhnithe a dhéanfaidh sin. Cuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis rialála sin ar fáil i bhformáid atá meaisín-inléite agus, má iarrann an t-údarás inniúil é, i bhformáid atá inléite ag an duine.
3.  
Cuirfear faisnéis san fhormáid atá meaisín-inléite ar fáil trí nasc fíordheimhnithe agus slán le foinse sonraí ardáin eFTI. Cuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann in iúl an nasc leictreonach uathúil sainaitheanta dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 9(1) lenar féidir leis an údarás inniúil an fhaisnéis rialála a bhaineann leis an loingsiú a shainaithint go uathúil.
4.  
Cuirfear faisnéis i bhformáid atá inléite ag an duine, arna iarraidh sin ag údaráis inniúla, ar fáil láithreach lom, ar scáileán gléas leictreonach ar leis an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann an gléas leictreonach sin.

Airteagal 5

Ceanglais d’údaráis inniúla

1.  
Amhail ó 30 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na chéad ghníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 8, glacfaidh na húdaráis inniúla le faisnéis rialála a chuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann ar fáil go leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 4, lena n-áirítear i gcás ina n-iarrfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis rialála sin mar fhaisnéis bhreise.

▼M1

1a.  
De mhaolú ar mhír 1, glacfaidh údaráis inniúla faisnéis rialála, lena n-áirítear faisnéis bhreise, de bhun Rialachán (AE)2024/1157 amhail ón 21 Bealtaine 2026.

▼M1 —————

▼B

3.  
I gcás ina n-áireofar bailíochtú oifigiúil, amhail stampaí nó deimhnithe, i bhfaisnéis rialála a éilítear de bhun ghníomh dlí sonrach de chuid an Aontais nó ghníomh dlí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 2(1), cuirfidh an t-údarás faoi seach an bailíochtú sin ar fáil go leictreonach, i gcomhréir leis na ceanglais a bhunaítear leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 8.
4.  
Chun go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 go 3 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit bearta chun go bhféadfaidh a n-údaráis inniúla uile an fhaisnéis rialála a chuireann na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 4 a rochtain agus a phróiseáil. Comhlíonfaidh na bearta sin na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 8.

Airteagal 6

Faisnéis tráchtála rúnda

Údaráis inniúla, soláthraithe seirbhísí eFTI agus na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann, déanfaidh siad bearta chun go n-áiritheofar an rúndacht faisnéise tráchtála a phróiseáiltear agus a mhalartaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo agus áiritheoidh siad nach bhféadfar an fhaisnéis sin a rochtain agus a phróiseáil ach amháin nuair a údaraítear sin.

Airteagal 7

Tacar comhchoiteann sonraí eFTI agus fothacair sonraí eFTI

1.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 14 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an tacar comhchoiteann eFTI agus fothacair chomhchoiteanna sonraí eFTI a bhunú agus a leasú i ndáil leis na ceanglais um fhaisnéis rialála faoi seach, dá dtagraítear in Airteagal 2(1), lena n-áirítear sonraíochtaí comhfhreagracha maidir le sainiú agus tréithe teicniúla le haghaidh gach eilimint sonraí a áirítear sa tacar comhchoiteann sonraí eFTI agus sna fothacair chomhchoiteanna sonraí eFTI.
2.  

Agus na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 á nglacadh, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a) 

coinbhinsiúin idirnáisiúnta ábhartha agus dlí an Aontais a chur san áireamh; agus

(b) 

féachaint lena áirithiú go mbeidh tacar comhchoiteann sonraí eFTI agus fothacair chomhchoiteanna sonraí eFTI idir-inoibritheach le samhlacha ábhartha sonraí a nglactar leo go hidirnáisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear samhlacha sonraí ilmhódacha.

3.  
Cumhdóidh an chéad ghníomh tarmligthe den sórt sin na heilimintí go léir dá dtagraítear i mír 1 agus déanfar é a ghlacadh tráth nach déanaí ná an 21 Feabhra 2023.

▼M1

4.  
De mhaolú ar mhír 3, déanfar eilimintí dá dtagraítear i mír 1 a bhaineann le ceanglais faisnéise a leagtar amach sna forálacha dá dtagraítear i bpointe (iv) d’Airteagal 2(1)(a) a ghlacadh tráth nach déanaí ná an dáta dá dtagraítear in Airteagal 27(5) de Rialachán (AE) 2024/1157.

▼B

Airteagal 8

Nósanna imeachta comhchoiteanna agus rialacha maidir le rochtain

1.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos nósanna imeachta comhchoiteanna agus rialacha mionsonraithe lena n-áirítear sonraíochtaí teicniúla comhchoiteanna, maidir le rochtain na n-údarás inniúil ar ardáin eFTI, lena n-áirítear nósanna imeachta chun faisnéis rialála a phróiseáil agus maidir le cumarsáid idir údaráis inniúla agus na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann i ndáil leis an bhfaisnéis sin.
2.  
Agus na gníomhartha cur chun feidhme, dá dtagraítear i mír 1, á nglacadh, féachfaidh an Coimisiún le héifeachtúlacht na nósanna imeachta riaracháin a fheabhsú agus le costais an chomhlíonta a íoslaghdú i gcás na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann agus na n-údarás inniúil araon.
3.  
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Cumhdóidh an chéad ghníomh cur chun feidhme den sórt sin na heilimintí go léir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus déanfar é a ghlacadh tráth nach déanaí ná an 21 Feabhra 2023.

▼M1

4.  
De mhaolú ar mhír 3, déanfar eilimintí dá dtagraítear i mír 1 a bhaineann go sonrach le rochtain agus próiseáil faisnéise rialála ag na húdaráis i ndáil le ceanglais a leagtar amach sna forálacha dá dtagraítear i bpointe (iv) d’Airteagal 2(1)(a), lena n-áirítear an chumarsáid leis na hoibreoirí eacnamaíocha i ndáil leis an bhfaisnéis sin, a ghlacadh tráth nach déanaí ná an dáta dá dtagraítear in Airteagal 27(5) de Rialachán (AE) 2024/1157.

▼B

CAIBIDIL III

ARDÁIN eFTI AGUS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ eFTI

ROINN 1

Ceanglais maidir le hardáin eFTI agus soláthraithe seirbhísí eFTI

Airteagal 9

Ceanglais fheidhmiúla maidir le hardáin eFTI

1.  

Leis na hardáin eFTI a úsáidtear chun faisnéis rialála a phróiseáil, soláthrófar feidhmiúlachtaí lena n-áirithítear an méid seo a leanas:

(a) 

gur féidir sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679;

(b) 

gur féidir sonraí tráchtála a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 6;

(c) 

go bhféadfaidh údaráis inniúla sonraí a rochtain agus a phróiseáil i gcomhréir leis na sonraíochtaí a ghlactar trí bhíthin gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 8;

(d) 

go bhféadfaidh oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann faisnéis a chur ar fáil d’údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 4;

(e) 

gur féidir nasc leictreonach uathúil sainaitheanta a bhunú idir loingsiú agus na gnéithe gaolmhara sonraí, lena n-áirítear tagairt struchtúrtha don ardán eFTI ar a gcuirtear na sonraí ar fáil, amhail aitheantóir tagartha uathúil;

(f) 

nach féidir sonraí a phróiseáil ach ar bhonn rochtain údaraithe agus fhíordheimhnithe amháin;

(g) 

go dtaifeadfar gach próiseáil sonraí go cuí trí logaí oibriúcháin chun go bhféadfar, ar a laghad, gach oibríocht phróiseála ar leith, an duine nádúrtha nó dlítheanach a rinne an oibríocht agus seicheamhú na n-oibríochtaí ar gach eilimint sonraí aonair a shainaithint; má bhaineann oibríocht leis an eilimint sonraí atá ann cheana a mhionathrú nó a ghlanadh, caomhnófar an bhuneilimint sonraí;

(h) 

gur féidir sonraí a chur i gcartlann agus go mbeidh siad inrochtana ag údaráis inniúla i gcomhréir le gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais agus leis an dlí náisiúnta lena leagtar síos na ceanglais um fhaisnéis rialála ábhartha;

(i) 

go ndéanfar na logaí oibriúcháin dá dtagraítear i bpointe (g) den mhír seo a chur i gcartlann agus go mbeidh siad inrochtana ag údaráis inniúla, chun críoch iniúchóireachta ar feadh na tréimhse ama a shonraítear i ngíomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais agus sa dlí náisiúnta ábhartha lena leagtar síos na ceanglais um fhaisnéis rialála faoi seach agus, chun críoch faireacháin, ar feadh na dtréimhsí ama dá dtagraítear in Airteagal 17;

(j) 

go bhfuil na sonraí cosanta ar éillitheacht agus ar ghadaíocht;

(k) 

go bhfreagraíonn na heilimintí sonraí a phróiseáiltear do thacar comhchoiteann sonraí eFTI agus d’fhothacair chomhchoiteanna sonraí eFTI a bhunaítear leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 7 agus gur féidir iad a phróiseáil in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais mar a fhoráiltear le gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais, agus leis an dlí náisiúnta ábhartha, lena leagtar síos na ceanglais um fhaisnéis rialála faoi seach.

2.  

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos mionsonraíochtaí maidir leis na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Agus na sonraíochtaí á nglacadh, déanfaidh an Coimisiún an méid a leanas:

(a) 

féachaint le hidir-inoibritheacht ardáin eFTI a áirithiú;

(b) 

na réitigh agus na caighdeáin theicniúla ábhartha atá ann cheana a chur san áireamh;

(c) 

a áirithiú go mbeidh na sonraíochtaí sin fós neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, a oiread is mó is féidir.

Cumhdóidh an chéad ghníomh cur chun feidhme den sórt sin na heilimintí go léir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus déanfar é a ghlacadh tráth nach déanaí ná an 21 Lúnasa 2023.

▼M1

3.  
De mhaolú ar mhír 2, déanfar eilimintí dá dtagraítear i mír 1 a bhaineann go sonrach le próiseáil faisnéise rialála i ndáil le ceanglais a leagtar amach sna forálacha dá dtagraítear i bpointe (iv) d’Airteagal 2(1)(a) a ghlacadh tráth nach déanaí ná an dáta dá dtagraítear in Airteagal 27(5) de Rialachán (AE) 2024/1157.

▼B

Airteagal 10

Ceanglais maidir le soláthraithe seirbhísí eFTI

1.  

Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí eFTI an méid seo a leanas:

(a) 

nach ndéanann ach úsáideoirí údaraithe próiseáil ar na sonraí agus go ndéanann siad amhlaidh i gcomhréir le cearta próiseála a bheidh sainithe agus sannta go soiléir laistigh den ardán eFTI, i gcomhréir leis na ceanglais ábhartha um fhaisnéis rialála;

(b) 

go stórálfar na sonraí agus go mbeidh siad inrochtana i gcomhréir le gníomhartha dlí de chuid an Aontais agus leis an dlí náisiúnta lena leagtar síos na ceanglais um fhaisnéis rialála faoi seach;

(c) 

go bhfuil rochtain láithreach ag údaráis inniúla ar fhaisnéis rialála maidir le hoibríocht iompair lastais a phróiseáiltear trína n-ardáin eFTI, saor ó aon mhuirir nó táillí;

(d) 

go bhfuil sonraí slánaithe go hiomchuí, lena n-áirítear i gcoinne próiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus i gcoinne caillteanais de thimpiste, i gcoinne scriosta nó i gcoinne damáiste.

2.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Déanfar an chéad ghníomh cur chun feidhme den sórt sin lena gcumhdaítear na heilimintí go léir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh tráth nach déanaí ná an 21 Lúnasa 2023.

ROINN 2

Deimhniú

Airteagal 11

Comhlachtaí um measúnú comhréireachta

1.  
Beidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta creidiúnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 chun deimhniú ardáin eFTI agus soláthraithe seirbhísí eFTI a fheidhmiú faoi mar a leagtar amach in Airteagail 12 agus 13 den Rialachán seo.
2.  
Chun críoch creidiúnaithe, comhlíonfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II. Déanfaidh comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta seoladh an tsuímh gréasáin ar a gcuireann siad an fhaisnéis ar fáil don phobal faoi na comhlachtaí um measúnú comhréireachta atá creidiúnaithe a chur in iúl don údarás náisiúnta a ainmnítear i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, lena n-áirítear liosta de na comhlachtaí sin agus é cothrom le dáta.
3.  
Ainmneoidh gach Ballstát údarás a choimeádfaidh liosta cothrom le dáta de na comhlachtaí um measúnú comhréireachta atá creidiúnaithe, de na hardáin eFTI agus de na soláthraithe seirbhísí eFTI ag a mbeidh deimhniú bailí ar bhonn na faisnéise arna soláthar de bhun mhír (2) den Airteagal seo agus d’Airteagal 12(2) agus d’Airteagal 13(2), ar liosta é a bheidh cothrom le dáta. Cuirfidh na húdaráis náisiúnta ainmnithe sin an liosta sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin oifigiúil an rialtais.
4.  
Faoin 31 Márta gach bliain, déanfaidh na húdaráis náisiúnta ainmnithe an liosta dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt don Choimisiún mar aon le seoladh an tsuímh gréasáin ar a bhfuil an liosta sin ar fáil don phobal. Foilseoidh an Coimisiún seoltaí na suíomhanna gréasáin sin ar a shuíomh gréasáin oifigiúil.

Airteagal 12

Deimhniú ardáin eFTI

1.  
Ar iarratas ó fhorbróir ardáin eFTI, déanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta measúnú ar chomhlíontacht an ardáin eFTI leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 9(1). I gcás measúnú dearfach, eiseoidh an comhlacht um measúnú comhréireachta deimhniú um chomhlíonadh don ardán eFTI sin. I gcás measúnú diúltach, cuirfidh an comhlacht um measúnú comhréireachta na cúiseanna lena mheasúnú diúltach ar fáil don iarratasóir.
2.  
Coimeádfaidh gach comhlacht um measúnú comhréireachta liosta cothrom le dáta de na hardáin eFTI a bheidh deimhnithe aige agus díobh sin a ndearna sé an deimhniú ina leith a tharraingt siar nó a chur ar fionraí. Cuirfidh sé an liosta sin ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin agus cuirfidh sé an nasc chuig seoladh an tsuímh gréasáin sin in iúl don údarás náisiúnta ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 11(3).
3.  
Beidh marc deimhniúcháin ag gabháil le faisnéis a chuirtear ar fáil d’údaráis inniúla trí ardán eFTI deimhnithe.
4.  
Déanfaidh forbróir an ardáin eFTI iarratas ar athmheasúnú ar a dheimhniú má athbhreithnítear na sonraíochtaí teicniúla arna leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 9(2).
5.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a leagadh síos maidir le deimhniú na n-ardán eFTI agus maidir le húsáid an mhairc dheimhniúcháin, lena n-áirítear rialacha maidir le hathnuachan, fionraí agus tarraingt siar deimhniú.

Airteagal 13

Deimhniú soláthraithe seirbhísí eFTI

1.  
Ar iarratas ó sholáthraí seirbhísí eFTI, déanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta measúnú ar chomhlíontacht an tsoláthraí seirbhísí eFTI leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 10(1). I gcás measúnú dearfach, eiseoidh an comhlacht um measúnú comhréireachta deimhniú um chomhlíonadh. I gcás measúnú diúltach, cuirfidh an comhlacht um measúnú comhréireachta na cúiseanna lena mheasúnú diúltach ar fáil don iarratasóir.
2.  
Coimeádfaidh gach comhlacht um measúnú comhréireachta liosta cothrom le dáta de na soláthraithe seirbhísí eFTI a bheidh deimhnithe aige agus díobh sin a ndearna sé an deimhniú ina leith a tharraingt siar nó a chur ar fionraí. Cuirfidh sé an liosta sin ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin agus cuirfidh sé seoladh an tsuímh gréasáin sin in iúl don údarás náisiúnta ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 11(3).
3.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a leagan síos maidir le deimhniú na soláthraithe seirbhísí eFTI, lena n-áirítear rialacha maidir le hathnuachan, fionraí agus tarraingt siar deimhniú.

CAIBIDIL IV

TARMLIGEAN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 14

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(3), Airteagal 7, Airteagal 12(5) agus Airteagal 13(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 20 Lúnasa 2020. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(3), Airteagal 7, Airteagal 12(5), Airteagal 13(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.  
Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(3), Airteagal 7, Airteagal 12(5) agus Airteagal 13(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 15

Nós imeachta coiste

1.  
Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.  
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 16

Athbhreithniú

1.  
Tráth nach déanaí ná an 21 Feabhra 2029, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar thionscnaimh a d’fhéadfaí a dhéanamh d’fhonn an méid seo a leanas, go háirithe, a dhéanamh:

(a) 

an oibleagáid ar oibreoirí eacnamaíocha a bhunú maidir le faisnéis rialála a chur ar fáil go leictreonach d’údaráis inniúla, i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(b) 

idir-inoibritheacht agus idirnascthacht bhreise a bhunú idir timpeallacht eFTI agus na córais agus ardáin TFC éagsúla a úsáidtear chun faisnéis rialála a thaifeadadh agus a phróiseáil mar a fhoráiltear i ndlíthe eile de chuid an Aontais a bhaineann le hiompar.

Cuimseofar sna measúnuithe sin, go háirithe, leasú ar an Rialachán seo agus leasú ar ghníomhartha dlí ábhartha eile de chuid an Aontais agus beidh togra reachtach ag gabháil leis, i gcás inarb iomchuí.

2.  
Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá a leagtar amach in Airteagal 17 chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a thabhairt don Choimisiún.

Airteagal 17

Faireachán

Faoin 21 Lúnasa 2027, agus gach 5 bliana ina dhiaidh, cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún an méid uaireanta a rinne údaráis inniúla rochtain agus próiseáil ar an bhfaisnéis rialála a chuir na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann ar fáil go leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 4, agus déanfaidh siad an méid sin bunaithe ar na logaí oibriúcháin dá dtagraítear i bpointí (g) agus (i) d’Airteagal 9(1).

Soláthrófar an fhaisnéis sin maidir le gach bliain atá cumhdaithe faoin tréimhse tuairiscithe.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.  
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2.  
Beidh sé i bhfeidhm ón 21 Lúnasa 2024.
3.  
Beidh feidhm, áfach, ag Airteagail 2(2), Airteagal 5(4), Airteagal 7, Airteagal 8, Airteagal 9(2) agus Airteagal 10(2), ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

FAISNÉIS RIALÁLA A THAGANN FAOI RAON FEIDHME AN RIALACHÁIN SEO

CUID A – Ceanglais um fhaisnéis rialála dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(1)

Liosta na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(1):

1. 

Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún ( 8 ) lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil eitlíochta: Iarscríbhinn 6.3.2.6 (a), (b), (c), (d), (e), (f) agus (g).

CUID B – dlí náisiúnta

Na forálacha ábhartha den dlí náisiúnta lena gceanglaítear soláthar na faisnéise atá comhionann, go hiomlán nó i bpáirt, leis an bhfaisnéis a shonraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 2(1), liostaítear thíos iad.

[Ballstát]

1. 

Gníomh dlí: [foráil]




IARSCRÍBHINN II

CEANGLAIS A BHAINEANN LE COMHLACHTAÍ UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA

1. Bunófar comhlacht um measúnú comhréireachta faoi dhlí náisiúnta agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige.

2. Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta ina chomhlacht tríú páirtí a bheidh neamhspleách ar an eagraíocht nó ar an ardán eFTI nó ar an soláthraí seirbhísí ardáin ar a ndéanfaidh sé measúnú.

Comhlacht ar le cumann gnó nó cónaidhm ghairmiúil é a dhéanann ionadaíocht ar son gnóthas atá bainteach i ndearadh, monaraíocht, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil ardán eFTI nó soláthraí seirbhísí ardáin ar a ndéanann sé measúnú, d’fhéadfaí a mheas, ar choinníoll go léireofar a neamhspleáchas agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ag baint leis, gur comhlacht den sórt sin atá ann.

3. Ní bheidh comhlacht um measúnú comhréireachta, a lucht bainistíochta barrleibhéil agus an pearsanra atá freagrach as na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh ina dhearthóir, ina mhonaróir, ina sholáthróir, ina shuiteálaí, ina cheannaitheoir, ina úinéir, ina úsáideoir ná ina chothabhálaí den ardán eFTI nó den soláthraí seirbhísí ardáin, nó ní bheidh sé ina ionadaí ar son aon cheann de na páirtithe sin.

Ní bheidh comhlacht um measúnú comhréireachta, a lucht bainistíochta barrleibhéil agus an pearsanra atá freagrach as na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh bainteach go díreach le dearadh, monarú nó tógáil, margaíocht, suiteáil, úsáid nó cothabháil an ardáin eFTI nó an tsoláthraí seirbhísí ardáin, nó ní dhéanfaidh sé ionadaíocht ar son na bpáirtithe a dhéanann na gníomhaíochtaí sin. Ní bheidh siad páirteach in aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh teacht salach ar a neamhspleáchas breithiúnais nó ionracais i ndáil le gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta a dtugtar creidiúnaithe dóibh ina leith. Beidh feidhm ag an méid sin go háirithe maidir le seirbhísí sainchomhairleoireachta.

Áiritheoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta nach rachaidh gníomhaíochtaí a bhfochuideachtaí nó a bhfochonraitheoirí i gcion ar rúndacht, oibiacht nó neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta.

4. Déanfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus a bpearsanra na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta le hionracas gairmiúil den scoth agus leis an gcumas teicniúil riachtanach sa réimse sonrach agus beidh siad saor ó gach brú agus gach dreasacht, go háirithe ó thaobh airgeadais de, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí a ngníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta, go háirithe i ndáil le daoine nó grúpaí daoine a bhfuil leas acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin.

5. Beidh ar chumas an chomhlachta um measúnú comhréireachta na cúraimí measúnaithe comhréireachta go léir a chur i gcrích a shanntar dó faoi Airteagail 12 agus 13 den Rialachán seo, cibé acu a dhéanann an comhlacht um measúnú comhréireachta féin na cúraimí sin a chur i gcrích nó a dhéantar thar a cheann agus faoina fhreagracht iad.

Beidh an méid seo a leanas ar fáil do chomhlacht um measúnú comhréireachta:

(a) 

pearsanra ag a bhfuil eolas teicniúil agus taithí dhóthanach agus iomchuí chun na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh;

(b) 

cur síos ar na nósanna imeachta a ndéantar an measúnú comhréireachta dá réir;

(c) 

nósanna imeachta maidir le feidhmiú na ngníomhaíochtaí ina dtugtar aird chuí ar mhéid gnóthais, ar an earnáil ina n-oibríonn sé, ar a struchtúr agus ar a chasta atá an teicneolaíocht lena mbaineann.

Beidh an acmhainn ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta is gá chun na cúraimí teicniúla agus riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh ar mhodh iomchuí.

6. Beidh an méid seo a leanas ag an bpearsanra atá freagrach as na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh:

(a) 

oiliúint fhónta theicniúil agus ghairme a chumhdóidh na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta uile;

(b) 

eolas sásúil faoi cheanglais na measúnuithe a dhéanann siad agus údarás leordhóthanach chun na measúnuithe sin a dhéanamh;

(c) 

eolas agus tuiscint iomchuí ar na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 9 agus 10 den Rialachán seo;

(d) 

an cumas deimhnithe um chomhlíonadh, taifid agus tuarascálacha ina léirítear go ndearnadh na measúnuithe a dhréachtú.

7. Ráthófar neamhchlaontacht na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta, a lucht bainistíochta barrleibhéil agus a bpearsanra atá freagrach as na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh.

Ní bhraithfidh luach saothair an lucht bainistíochta barrleibhéil agus an phearsanra atá freagrach as cúraimí measúnaithe comhréireachta de chuid comhlachta um measúnú comhréireachta a dhéanamh ar líon na measúnuithe a dhéantar ná ar thorthaí na measúnuithe sin.

8. Glacfaidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta árachas dliteanais mura bhfuil dliteanas glactha ag an Stát i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó más é an Ballstát féin atá freagrach go díreach as an measúnú comhréireachta.

9. Cloífidh pearsanra an chomhlachta um measúnú comhréireachta le rúndacht ghairmiúil i ndáil leis an bhfaisnéis ar fad a gheofar agus a gcúraimí á gcur i gcrích acu faoi Airteagail 12 agus 13 den Rialachán seo nó faoi aon fhoráil den dlí náisiúnta lena dtugtar éifeacht dóibh, ach amháin i ndáil le húdaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéantar na gníomhaíochtaí. Déanfar cearta dílseánaigh a chosaint.

10. Beidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta rannpháirteach sna gníomhaíochtaí caighdeánaithe ábhartha agus sna gníomhaíochtaí rialála ábhartha nó áiritheoidh siad go gcuirfear a bpearsanra atá freagrach as na cúraimí measúnaithe gníomhaíochtaí ar an eolas fúthu.



( 1 ) Comhairle CEE: Rialachán Uimh. 11 maidir le díothú idirdhealaithe i rátaí agus coinníollacha iompair, i gcur chun feidhme Airteagal 79 (3) den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO P 52, 16.8.1960, lch. 1121).

( 2 ) Treoir 92/106/CEE ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú le haghaidh cineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí idir Bhallstáit (IO L 368, 17.12.1992, lch. 38).

( 3 ) Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72).

( 4 ) Rialachán (AE) 2024/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le loingsiú dramhaíola, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1257/2013 agus (AE) 2020/1056 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L, 2024/1157, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1157/oj.).

( 5 ) Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).

( 6 ) Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44).

( 7 ) Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (IO L 97, 9.4.2008, lch. 72).

( 8 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta mionsonraithe chun na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna maidir le slándáil eitlíochta a chur chun feidhme (IO L 299, 14.11.2015, lch. 1).