02020L0262 — GA — 26.04.2022 — 001.005
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
TREOIR (AE) 2020/262 ÓN gCOMHAIRLE an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (IO L 058 27.2.2020, lch. 4) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
L 107 |
13 |
6.4.2022 |
Arna ceartú le:
TREOIR (AE) 2020/262 ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Nollaig 2019
lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil
(athmhúnlú)
CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos sa Treoir seo socruithe ginearálta i leith dleacht mháil a thoibhítear go díreach nó go hindíreach ar thomhailt na n-earraí a leanas ("earraí máil'):
táirgí fuinnimh agus leictreachas a chumhdaítear le Treoir 2003/96/CE;
alcól agus deochanna alcólacha a chumhdaítear le Treoracha 92/83/CEE agus 92/84/CEE;
tobac monaraithe a chumhdaítear le Treoir 2011/64/AE.
Féadfaidh na Ballstáit cánacha a thobhach orthu seo a leanas:
táirgí nach earraí máil iad;
soláthar seirbhísí, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le hearraí máil, nach bhfuil saintréithe cánacha láimhdeachais acu.
Ní fhéadfaidh foirmiúlachtaí a bhaineann le trasnú teorainneacha a eascairt as cánacha den sórt sin a thobhach, áfach, sa trádáil idir na Ballstáit.
Airteagal 2
Cód Custaim an Aontais a chur i bhfeidhm maidir le hearraí máil
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn "coimeádaí údaraithe stórais" duine nádúrtha nó dlítheanach arna údarú ag údaráis inniúla Ballstáit, agus an duine sin i mbun gnó, chun earraí máil a tháirgeadh, a phróiseáil, a choinneáil ina sheilbh, a stóráil, a fháil nó a sheoladh faoi shocrú fionraí dleachta i stóras cánach;
ciallaíonn "críoch Bhallstáit" críoch Bhallstáit a bhfuil na Conarthaí infheidhme maidir leis, i gcomhréir le hAirteagail 349 agus 355 de CFAE, cé is moite de thríú críocha;
ciallaíonn "críoch an Aontais" críocha na mBallstát;
ciallaíonn "tríú críocha" na críocha dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus (3);
ciallaíonn "tríú tíortha" aon Stát nó críoch nach bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir leis nó léi;
ciallaíonn "socrú fionraí dleachta" socrú cánach a chuirtear i bhfeidhm maidir le hearraí máil a tháirgeadh, a phróiseáil, a choinneáil i seilbh, a stóráil nó a ghluaiseacht i gcás ina gcuirtear an dleacht mháil ar fionraí;
ciallaíonn "allmhairiú" earraí máil a scaoiltear le haghaidh saorchúrsaíochta i gcomhréir le hAirteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
ciallaíonn 'teacht isteach neamhrialta" earraí a theacht isteach i gcríoch an Aontais, nár scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta i gcomhréir le hAirteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus ar tabhaíodh fiach custaim ina leith faoi Airteagal 79(1) den Rialachán sin, nó a dtabhófaí fiach custaim ina leith faoi Airteagal 79(1) den Rialachán sin dá mba rud é go raibh na hearraí sin faoi réir dleacht chustaim;
ciallaíonn 'coinsíní cláraithe" duine nádúrtha nó dlítheanach arna údarú ag údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe, agus an duine sin i mbun gnó agus faoi na coinníollacha a shocróidh na húdaráis sin, chun earraí máil a ghluaiseann faoi shocrú fionraí dleachta ó chríoch Ballstáit eile a fháil;
ciallaíonn "coinsíneoir cláraithe" duine nádúrtha nó dlítheanach arna údarú ag údaráis inniúla an Bhallstáit allmhairiúcháin, agus an duine sin i mbun gnó agus faoi na coinníollacha a shocróidh na húdaráis sin, gan earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta a sheoladh ach amháin nuair a scaoilfear le haghaidh saorchúrsaíochta iad i gcomhréir le hAirteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
ciallaíonn "stóras cánach" áit a ndéanann coimeádaí údaraithe stórais, agus an duine sin i mbun gnó, earraí máil a tháirgeadh, a phróiseáil, a choinneáil ina sheilbh, a fháil nó a sheoladh faoi shocruithe fionraí dleachta, faoi réir coinníollacha áirithe arna leagan síos ag údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an stóras cánach suite;
ciallaíonn "coinsíneoir cláraithe" duine nádúrtha nó dlítheanach atá cláraithe le húdaráis inniúla an Bhallstáit seolta chun earraí máil a sheoladh, agus an duine sin i mbun gnó, a scaoileadh lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus, ina dhiaidh sin, a ghluaistear go críoch Ballstáit eile;
ciallaíonn "coinsíneoir deimhnithe" duine nádúrtha nó dlítheanach atá cláraithe le húdaráis inniúla Bhallstát cinn scríbe chun earraí máil a fháil, agus an duine sin i mbun gnó, a scaoileadh lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus, ina dhiaidh sin, a ghluaistear go críoch Ballstáit eile ansin;
ciallaíonn "Ballstát cinn scríbe" an Ballstát sin ina seachadfar nó ina n-úsáidfear earraí máil i gcomhréir le forálacha na Treorach seo;
ciallaíonn "loghadh" tarscaoileadh na hoibleagáide ar mhéid faoi leith den dleacht mháil nár íocadh a íoc;
ciallaíonn "aisíocaíocht" aisíocaíocht ar mhéid faoi leith den dleacht mháil a íocadh.
Airteagal 4
Cur i bhfeidhm críochach
Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo ná ag Treoracha 92/83/CEE, 92/84/CEE, 2003/96/CE agus 2011/64/AE maidir leis na críocha seo a leanas ar cuid de chríoch chustaim an Aontais iad:
na hOileáin Chanáracha;
críocha na Fraince dá dtagraítear in Airteagal 349 agus Airteagal 355(1) den CFAE;
Oileáin Åland;
Oileáin Mhuir nIocht.
Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo ná ag Treoracha 92/83/CEE, 92/84/CEE, 2003/96/CE agus 2011/64/AE maidir leis na críocha a thagann faoi raon feidhme Airteagal 355(3) CFAE, ná maidir leis na críocha eile seo a leanas nach cuid de chríoch chustaim an Aontais iad:
Oileán Heligoland;
críoch Büsingen;
Ceuta;
Melilla;
Livigno.
Airteagal 5
Stádas críochach speisialta
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú, maidir le gluaiseachtaí earraí máil de thionscnamh na n-áiteanna seo a leanas nó atá beartaithe dóibh:
i gcás Phrionsacht Mhonacó, go láimhseálfar iad mar ghluaiseachtaí de thionscnamh na Fraince nó atá beartaithe le haghaidh na Fraince;
i gcás Shan Mairíne, go láimhseálfar iad mar earraí de thionscnamh na hIodáile nó atá beartaithe le haghaidh na hIodáile;
i gcás Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Akrotiri agus Dhekelia de chuid na Ríochta Aontaithe, go láimhseálfar iad mar earraí de thionscnamh na Cipire nó atá beartaithe le haghaidh na Cipire;
i gcás Oileán Mhanann, go láimhseálfar iad mar earraí de thionscnamh na Ríochta Aontaithe nó atá beartaithe le haghaidh na Ríochta Aontaithe.
Caibidil II
Forálacha ginearálta nós imeachta
Airteagal 6
Teagmhas incháinithe, tráth agus áit na inmhuirearachta, díothú agus caillteanais dholeigheasta
Beidh earraí máil faoi réir dleacht mháil:
tráth a ndéanfar iad a tháirgeadh, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, iad a eastóscadh, laistigh de chríoch an Chomhphobail;
tráth a ndéanfar iad a allmhairiú nó a thabhairt isteach go neamhrialta i gcríoch an Aontais.
Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn "scaoileadh lena dtomhailt" aon cheann díobh seo a leanas:
imeacht earraí máil, lena n-áirítear imeacht neamhrialta, ó shocrú fionraí dleachta;
seilbh nó stóráil earraí máil, lena n-áirítear mírialtachtaí, lasmuigh de shocrú fionraí dleachta i gcás nach ndearnadh dleacht mháil a thobhach de bhun na bhforálacha is infheidhme de dhlí an Aontais agus den reachtaíocht náisiúnta;
earraí máil a tháirgeadh, lena n-áirítear táirgeadh neamhrialta, lasmuigh de shocrú fionraí dleachta;
allmhairiú earraí máil, murab é go gcuirtear na hearraí sin faoi shocrú fionraí dleachta a luaithe a allmhairítear iad, nó tabhairt isteach neamhrialta earraí máil, murab é gur múchadh an fiach custaim faoi phointí (e), (f), (g) nó (k) d'Airteagal 124(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Más rud é gur múchadh an fiach custaim i gcomhréir le pointe (e) d'Airteagal 124(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh ina ndlí náisiúnta do phionós, agus méid an fhéich máil a thabhófaí á chur san áireamh.
Measfar gurb iad seo a leanas an tráth a n-imítear ón socrú fionraí dleachta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3:
tráth a bhfaighidh an coinsíní cláraithe na hearraí máil sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) d'Airteagal 16(1);
tráth a bhfaighidh an coinsíní na hearraí máil sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a)(iv) d'Airteagal 16(1);
tráth a bhfaighfear na hearraí máil ag áit an tseachadta dhírigh sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 16(4).
I gcás ina mbunaítear gur tharla díothú iomlán nó caillteanas doleigheasta, iomlán nó páirteach, na n-earraí máil, déanfar an ráthaíocht a taisceadh i gcomhréir le hAirteagal 17 a scaoileadh, ina hiomláine nó i bpáirt, de réir mar is iomchuí, ach a gcuirtear ar fáil cruthúnas sásúil.
I gcás nach ann do thairseacha chomhchoiteann pháirtchaillteanais, leanfaidh na Ballstáit de na forálacha náisiúnta a chur i bhfeidhm.
Airteagal 7
Duine atá faoi dhliteanas dleacht mháil a íoc
Is é an duine a bheidh faoi dhliteanas an dleacht mháil atá inmhuirearaithe a íoc:
i ndáil le hearraí máil a imeacht ó shocrú fionraí dleachta dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 6(3):
an coimeádaí údaraithe stórais, an coinsíní cláraithe nó aon duine eile a scaoilfidh na hearraí máil nó a scaoilfear na hearraí máil ar a shon ón socrú fionraí dleachta agus, i gcás imeacht neamhrialta ón stóras cánach, aon duine eile a mbeidh baint aige leis an imeacht sin;
i gcás neamhrialtacht le linn gluaiseacht earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta mar a shainítear in Airteagal 9(1), (2) agus (4): an coimeádaí údaraithe stórais, an coinsíneoir cláraithe nó aon duine eile a ráthaigh an íocaíocht i gcomhréir le hAirteagal 17(1) agus (3) agus aon duine a bhí rannpháirteach san imeacht neamhrialta agus a raibh a fhios aige faoi chineál neamhrialta an imeachta nó ar cheart le réasún fios a bheith aige faoi;
i ndáil le hearraí máil dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 6(3) a shealbhú nó a stóráil: an duine a shealbhaíonn nó a stórálann na hearraí máil, nó aon duine eile a bhfuil baint aige le sealbhú nó stóráil na n-earraí máil, nó aon teaglaim de dhaoine den sórt sin i gcomhréir le prionsabal an dliteanais chomhpháirtigh agus leithligh;
i ndáil le hearraí máil dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 6(3) a tháirgeadh – lena n-áirítear iad a phróiseáil: an duine a tháirgeann na hearraí máil agus, i gcás táirgeadh neamhrialta, aon duine eile a mbeidh baint aige lena dtáirgeadh;
i ndáil le hearraí máil dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 6(3) a onnmhairiú nó a thabhairt isteach go neamhrialta: an dearbhóir a shainmhínítear i bpointe (15) d'Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (an "dearbhóir") nó aon duine eile dá dtagraítear in Airteagal 77(3) den Rialachán sin agus, i gcás teacht isteach neamhrialta, aon duine eile a bhfuil baint aige leis an teacht isteach neamhrialta sin.
Airteagal 8
Coinníollacha inmhuirearachta agus rátaí dleachta máil a bheidh le húsáid
Is iad na coinníollacha inmhuirearachta agus an ráta dleachta máil atá le cur i bhfeidhm iad siúd a bheidh i bhfeidhm ar an dáta a dtiocfaidh an dleacht chun bheith inmhuirearaithe sa Bhallstát ina scaoilfear na hearraí lena dtomhailt.
Déanfar dleacht mháil a thobhach agus a bhailiú agus, i gcás inarb iomchuí, a aisíoc nó a loghadh i gcomhréir leis an nós imeachta arna leagan síos ag gach Ballstát. Is iad na nósanna imeachta céanna a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm maidir le hearraí náisiúnta agus le hearraí ó Bhallstáit eile.
De mhaolú ar an gcéad mhír, nuair a athraítear rátaí dleachta máil, féadfaidh pé earraí máil a scaoileadh cheana féin lena dtomhailt a bheith faoi réir, i gcás inarb iomchuí, méadú nó laghdú ar an dleacht mháil.
Airteagal 9
Neamhrialtachtaí le linn gluaiseachtaí earraí máil faoi fhionraí dleachta
I gcás nár cuireadh ar an eolas an duine a ráthaigh an íocaíocht i gcomhréir le hAirteagal 17, nó nárbh fhéidir é a chur ar an eolas, nár tháinig na hearraí chuig a gceann scríbe, deonófar tréimhse míosa amháin ón dáta ar a gcuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta an fhaisnéis sin in iúl chun a chur ar chumas an duine sin fianaise a sholáthar ar dheireadh na gluaiseachta i gcomhréir le hAirteagal 19(2), nó ar an áit ar tharla an neamhrialtacht.
Cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit inar tharla an neamhrialtacht údaráis inniúla an Bhallstáit inar toibhíodh an dleacht mháil ar an eolas, agus déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit inar toibhíodh an dleacht mháil í a aisíoc nó a loghadh a luaithe a sholáthrófar fianaise gur toibhíodh an dleacht mháil sa Bhallstát eile.
Airteagal 10
Aisíoc agus loghadh
I dteannta na gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 37(4), Airteagal 44(5), agus Airteagal 46(3), chomh maith leo siúd dá bhforáiltear le Treoracha 92/83/CEE, 92/84/CEE, 2003/96/CE agus 2011/64/AE, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit inar scaoileadh na hearraí sin lena dtomhailt, ar iarraidh ó dhuine lena mbaineann, dleacht mháil ar earraí a scaoileadh lena dtomhailt a aisíoc nó a loghadh sna cásanna a shocróidh na Ballstáit agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagfaidh na Ballstáit síos chun críche aon imghabháil nó mí-úsáid fhéideartha a chosc.
Ní fhéadfaidh díolúine seachas na díolúintí dá bhforáiltear in Airteagal 11 nó i dTreoracha 92/83/CEE, 92/84/CEE, ]2003/96/CE nó 2011/64/AE eascairt as aisíocaíocht nó loghadh den sórt sin.
Airteagal 11
Díolúintí ó dhleacht mháil a íoc
Beidh earraí máil díolmhaithe ó íoc dleachta máil i gcás ina mbeartaítear go mbeidh siad á n-úsáid:
i gcomhthéacs caidreamh taidhleoireachta nó caidreamh consalachta;
ag eagraíochtaí idirnáisiúnta a n-aithníonn údaráis phoiblí an Bhallstáit aíochta iad amhlaidh, agus ag comhaltaí na n-eagraíochtaí sin, laistigh de na teorainneacha agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna coinbhinsiúin idirnáisiúnta lena mbunaítear na heagraíochtaí sin, nó le comhaontuithe ceanncheathrún;
ag fórsaí armtha aon Bhallstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an dleacht mháil inmhuirearaithe, lena n-úsáid ag na fórsaí armtha sin, le haghaidh na gcomhaltaí foirne sibhialtacha a bhíonn á dtionlacan nó mar sholáthairtí dá gcuid bialann nó dá gcuid ceaintíní nuair a ghlacann na fórsaí sin páirt in iarracht chosanta a dhéantar chun gníomhaíocht de chuid an Aontais faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta a chur chun feidhme;
ag fórsaí armtha aon Stáit ar páirtí é i gConradh an Atlantaigh Thuaidh, seachas an Ballstát ina bhfuil an dleacht mháil inmhuirearaithe, lena n-úsáid ag na fórsaí armtha sin, le haghaidh na gcomhaltaí foirne sibhialtacha a bhíonn á dtionlacan nó mar sholáthairtí dá gcuid bialann nó dá gcuid ceaintíní;
ag fórsaí armtha na Ríochta Aontaithe atá lonnaithe sa Chipir de bhun an Chonartha Bunaíochta maidir le Poblacht na Cipire dar dáta an 16 Lúnasa 1960, lena n-úsáid ag na fórsaí armtha sin, le haghaidh na gcomhaltaí foirne sibhialtacha a bhíonn á dtionlacan nó mar sholáthairtí dá gcuid bialann nó dá gcuid ceaintíní;
lena dtomhailt faoi chomhaontú arna thabhairt i gcrích le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, ar choinníoll go gceadófar nó go n-údarófar an comhaontú sin maidir le díolúine ó cháin bhreisluacha.
Airteagal 12
Deimhniú díolúine
Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, áfach, go n-úsáidfear an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 20 go 27 le haghaidh gluaiseachtaí den sórt sin a dhéanfar ina n-iomláine laistigh dá gcríoch nó, trí chomhaontú idir na Ballstáit lena mbaineann, idir a gcríocha.
Airteagal 13
Díolúintí ó íocaíocht dleachta máil do phaisinéirí a bhíonn ag taisteal chuig tríú tíortha nó tríú críocha
Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn "siopa saor ó cháin" aon bhunaíocht atá suite laistigh d'aerfort nó calafort a chomhlíonann na coinníollacha arna leagan síos ag údaráis inniúla na mBallstát, de bhun mhír 3 go háirithe;
ciallaíonn "taistealaí chuig tríú críoch nó tríú tír" aon phaisinéir a bhfuil doiciméad iompair aige, le haghaidh aerthaisteal nó taisteal ar farraige, ar a sonraítear gur aerfort nó calafort atá suite i dtríú críoch nó tríú tír an ceann scríbe deiridh.
CAIBIDIL III
Táirgeadh, próiseáil, coinneáil agus stóráil
Airteagal 14
Foráil ghinearálta
Airteagal 15
Coinníollacha maidir le húdarú mar choimeádaí údaraithe stórais
Beidh an t-údarú sin faoi réir na gcoinníollacha atá na húdaráis i dteideal a leagan síos chun aon imghabháil nó mí-úsáid fhéideartha a chosc.
Ceanglófar ar choimeádaí údaraithe stórais:
ráthaíocht a sholáthar, más gá, chun an riosca a chumhdach is gné dhílis de tháirgeadh, próiseáil, coinneáil i seilbh agus stóráil earraí máil;
na ceanglais a chomhlíonadh arna leagan síos ag an mBallstát a bhfuil an stóras cánach suite ar a chríoch;
cuntais a choimeád, i leith gach stórais cánach, ar stoc agus gluaiseachtaí earraí máil;
dul isteach ina stóras cánach agus na hearraí máil go léir a ghluaiseann faoi shocrú fionraí dleachta a iontráil ina chuntas nó ina cuntas ag deireadh a ngluaiseachta, ach amháin i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 16(4);
toiliú le gach faireachán agus gach seiceáil stoic.
Is iad údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an stóras cánach údaraithe a leagfaidh síos na coinníollacha maidir leis an ráthaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír.
CAIBIDIL IV
Gluaiseacht earraí mail faoi fhionraí dleachta máil
Airteagal 16
Forálacha ginearálta maidir le hionad seolta agus ceann scríbe na gluaiseachta
Féadfar earraí máil a ghluaiseacht faoi shocrú fionraí dleachta idir na háiteanna seo a leanas laistigh de chríoch an Aontais, lena n-áirítear trí thríú tír nó tríú críoch:
ó stóras cánach go dtí:
stóras cánach eile;
coinsíní cláraithe;
áit óna bhfágfaidh na hearraí máil críoch an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 25(1);
an coinsíní dá dtagraítear in Airteagal 11(1), i gcás ina seolfar na hearraí ó chríoch Ballstáit eile;
an oifig custaim imeachta i gcás ina bhforáiltear di in Airteagal 329(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 agus arb í an oifig custaim imeachta ag an am céanna í le haghaidh an nós imeachta idirthurais sheachtraigh i gcás ina bhforáiltear dó sin in Airteagal 189(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446;
ón áit allmhairiúcháin chuig aon cheann de na cinn scríbe dá dtagraítear i bpointe (a), i gcás inarb é coinsíneoir cláraithe a sheolfaidh na hearraí.
Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn "áit allmhairiúcháin" an áit a scaoilfear na hearraí le haghaidh saorchúrsaíochta i gcomhréir le hAirteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
Ach amháin i gcás ina ndéantar allmhairiú laistigh de stóras cánach, ní fhéadfar earraí máil a ghluaiseacht ón áit allmhairiúcháin faoi shocrú fionraí dleachta ach amháin má sholáthraíonn an dearbhóir nó aon duine a bhfuil baint aige go díreach nó go hindíreach le foirmiúlachtaí custaim a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 an méid seo a leanas d'údaráis inniúla an Bhallstáit allmhairiúcháin:
an uimhir mháil uathúil faoi phointe (a) d'Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle ( 2 ) lena sainaithnítear an coinsíneoir cláraithe don ghluaiseacht;
an uimhir mháil uathúil faoi phointe (a) d'Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 lena sainaithnítear an coinsíní a seoltar na hearraí chuige;
más infheidhme, an fhianaise go bhfuil sé beartaithe na hearraí allmhairithe a sheoladh ó chríoch an Bhallstáit allmhairiúcháin chuig críoch Ballstáit eile.
Fanfaidh an coimeádaí údaraithe stórais sin nó an coinsíní cláraithe sin freagrach as an tuarascáil fála dá dtagraítear in Airteagal 24(1) a chur isteach.
Airteagal 17
Ráthaíocht
Féadfaidh an Ballstát seolta an oibleagáid a tharscaoileadh i dtaobh an ráthaíocht a sholáthar maidir leis na gluaiseachtaí earraí máil seo a leanas faoi shocrú fionraí dleachta:
gluaiseachtaí a dhéantar ina n-iomláine ina chríoch;
i gcás ina n-aontóidh na Ballstáit eile lena mbaineann leis sin, gluaiseachtaí táirgí fuinnimh laistigh den Aontas de mhuir.
Airteagal 18
Coinsíní cláraithe
Comhlíonfaidh coinsíní cláraithe na ceanglais seo a leanas:
sula seolfar na hearraí máil, ráthóidh sé go n-íocfar dleacht mháil faoi na coinníollacha a shocróidh údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe;
ag deireadh na gluaiseachta, iontrálfaidh sé ina chuntais nó ina cuntais na hearraí máil a fuarthas faoi shocrú fionraí dleachta;
toileoidh sé le haon seiceáil lena gcuirfear ar a gcumas d'údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe a dheimhniú dóibh féin go bhfuarthas na hearraí iarbhír.
Airteagal 19
Tosach agus deireadh gluaiseachtaí earraí máil atá ar fionraí ó dhleacht
Tosóidh gluaiseacht earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta:
sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 16(1), nuair a fhágann na hearraí máil an stóras cánach seolta;
sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 16(1) nuair a scaoiltear i saorchúrsaíocht iad i gcomhréir le hAirteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
Críochnóidh gluaiseacht earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta:
sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a)(i), (ii) agus (iv) d'Airteagal 16(1) agus i bpointe (b) d'Airteagal 16(1), nuair a bheidh na hearraí máil glactha ag an gcoinsíní;
sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a)(iii) d'Airteagal 16(1), nuair a fhágann na hearraí críoch an Aontais;
sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a)(v) d'Airteagal 16(1), nuair a chuirtear na hearraí faoin nós imeachta idirthurais sheachtraigh.
Airteagal 20
Doiciméad riaracháin leictreonach
I gcás nach mbeidh na sonraí sin bailí, cuirfear an coinsíneoir ar an eolas faoi sin gan mhoill.
I gcás ina mbeidh na sonraí sin bailí, sannfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta cód tagartha riaracháin uathúil don doiciméad agus cuirfidh sé in iúl don choinsíneoir é.
I gcás ina mbeidh na hearraí máil beartaithe do choimeádaí údaraithe stórais sa Bhallstát seolta, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit sin an doiciméad leictreonach riaracháin díreach ar aghaidh chuig an gcoimeádaí údaraithe stórais.
Airteagal 21
An doiciméad riaracháin leictreonach a láimhseáil maidir leis na hearraí atá á n-onnmhairiú
Airteagal 22
Socruithe speisialta maidir le gluaiseachtaí táirgí fuinnimh
Airteagal 23
Coinsíneachtaí a roinnt
Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta a cheadú, faoi na coinníollacha arna socrú ag an mBallstát sin, go ndéanfaidh an coinsíneoir gluaiseacht táirgí fuinnimh faoi fhionraí dleachta máil a roinnt ina dhá gluaiseacht nó níos mó ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
nach n-athrófar cainníocht iomlán na n-earraí máil;
go ndéanfar an roinnt i gcríoch Bhallstáit a cheadaíonn nós imeachta den sórt sin;
go gcuirfear údaráis inniúla an Bhallstáit sin ar an eolas faoin áit ina ndéanfar an roinnt.
Airteagal 24
Foirmiúlachtaí ag an gceann scríbe
I gcás nach mbeidh na sonraí sin bailí, tabharfar fógra don choinsíní gan mhoill.
I gcás ina mbeidh na sonraí sin bailí, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe dearbhú maidir le clárú na tuarascála fála ar fáil don choinsíní agus seolfaidh siad an dearbhú sin chuig údaráis inniúla an Bhallstáit seolta.
Airteagal 25
Foirmiúlachtaí ag deireadh gluaiseacht earraí atá á n-onnmhairiú
Cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta an tuarascáil onnmhairiúcháin ar aghaidh chuig an gcoinsíneoir.
Airteagal 26
Neamh-infhaighteacht an chórais ríomhairithe
De mhaolú ar Airteagal 20(1), i gcás nach mbeidh an córas ríomhairithe ar fáil sa Bhallstát seolta, féadfaidh an coinsíneoir tús a chur le gluaiseacht earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta ar choinníoll:
go bhfuil doiciméad cúltaca ag gabháil leis na hearraí ina bhfuil na sonraí céanna atá sa dréachtdoiciméad riaracháin leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 20(2);
go gcuirfidh an coinsíneoir údaráis inniúla an Bhallstáit seolta ar an eolas roimh thús na gluaiseachta.
Féadfaidh an Ballstát seolta a cheangal ar an gcoinsíneoir freisin go soláthróidh an coinsíneoir cóip den doiciméad dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, go bhfíoróidh an Ballstát seolta na sonraí atá sa chóip sin agus, i gcás inarb é an coinsíneoir atá freagrach as neamh-infhaighteacht an chórais ríomhairithe, go soláthróidh sé faisnéis iomchuí faoi na cúiseanna leis an neamh-infhaighteacht sin roimh thús na gluaiseachta.
A luaithe a dhéanfar na sonraí sa dréachtdoiciméad riaracháin leictreonach a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 20(3) má tá na sonraí sin bailí, déanfar an doiciméad sin a chur in ionad an doiciméid cúltaca dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 20(4), Airteagal 21(1) agus Airteagail 24 agus 25.
Soláthróidh an dearbhóir d'údaráis inniúla an Bhallstáit onnmhairiúcháin cóip den doiciméad cúltaca sin, a bhfreagróidh a inneachar do na hearraí máil a dhearbhófar sa dearbhú onnmhairiúcháin, nó aitheantóir uathúil an doiciméid cúltaca.
Airteagal 27
Doiciméid chúltaca ag an gceann scríbe nó i gcás onnmhairiúcháin
Cé is moite den chás inar féidir leis an gcoinsíní an tuarascáil fála dá bhforáiltear in Airteagal 24(1) a chur isteach go pras tríd an gcóras ríomhairithe, nó cé is moite de chásanna a bhfuil údar cuí leo, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe cóip den doiciméad cúltaca a luaitear sa chéad fhomhír chuig údaráis inniúla an Bhallstáit seolta, agus cuirfidh an Ballstát seolta ar aghaidh é chuig an gcoinsíneoir nó coimeádfaidh sé nó sí ar fáil don choinsíneoir é. A luaithe a chuirfear an córas ríomhairithe ar fáil arís sa Bhallstát cinn scríbe nó a chuirfear na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2) i gcrích, déanfaidh an coinsíní tuarascáil fála a thíolacadh, i gcomhréir le hAirteagal 24(1). Beidh feidhm mutatis mutandis ag míreanna 3 agus 4 d'Airteagal 24.
Cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta cóip den doiciméad dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar aghaidh chuig an gcoinsíneoir nó coimeádfaidh sé ar fáil don choinsíneoir é.
A luaithe a chuirfear an córas ríomhairithe ar fáil arís sa Bhallstát onnmhairiúcháin nó a bheidh na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2) curtha i gcrích, seolfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit onnmhairiúcháin tuarascáil onnmhairiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 25(1) agus (2) nó leis an nóta dá bhforáiltear in Airteagal 21(5). Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 25(3).
Airteagal 28
Cruthúnais fála mhalartacha agus fianaise ar imeacht
Beidh doiciméad cúltaca dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 26(1) ina fhianaise iomchuí.
Sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a)(iii) nó (v) d'Airteagal 16(1), chun a chinneadh ar tugadh na hearraí máil amach as críoch an Aontais sna cásanna dá dtagraítear i mír 2, maidir le húdaráis inniúla an Bhallstáit seolta:
glacfaidh siad le formhuiniú ó údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an oifig custaim imeachta lonnaithe, lena ndeimhneofar go bhfuil na hearraí máil imithe ó chríoch an Aontais nó lena ndeimhneofar gur cuireadh na hearraí máil faoin nós imeachta idirthurais seachtrach i gcomhréir le pointe (a)(v) d'Airteagal 16(1) mar fhianaise iomchuí go bhfuil na hearraí tugtha amach as críoch an Aontais.
féadfaidh siad aon teaglaim de na píosaí fianaise seo a leanas a chur san áireamh:
nóta seachadta;
doiciméad arna shíniú nó arna fhíordheimhnithe ag an oibreoir eacnamaíoch a bhfuil na hearraí máil tugtha amach as críoch chustaim an Aontais aige nó aici lena ndeimhnítear imeacht na n-earraí;
doiciméad lena ndeimhníonn údarás custaim an Bhallstáit nó an tríú tír an seachadadh i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir leis an deimhniúchán sin sa Bhallstát nó sa tír sin;
taifid ar earraí a sholáthraítear do longa, d'aerárthaí nó do shuiteálacha amach ón gcósta arna gcoimeád ag oibreoirí eacnamaíocha;
fianaise eile is inghlactha d'údaráis an Bhallstáit seolta.
Airteagal 29
Tarmligean na cumhachta agus bronnadh cumhachtaí cur chun feidhme i ndáil leis na doiciméid atá le malartú faoin socrú fionraí dleachta
Airteagal 30
Nósanna imeachta simplithe i mBallstát amháin
Féadfaidh na Ballstáit nósanna imeachta simplithe a bhunú i ndáil le gluaiseachtaí earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta a dhéantar ina n-iomláine ar a gcríoch, lena n-áirítear an fhéidearthacht maidir leis an gceanglas a tharscaoileadh i dtaobh maoirseacht leictreonach ar ghluaiseachtaí den sórt sin.
Airteagal 31
Nósanna imeachta in dhá Bhallstát nó níos mó
Trí chomhaontú agus faoi choinníollacha arna socrú ag na Ballstáit uile lena mbaineann, féadfar nósanna imeachta simplithe a bhunú chun críoch gluaiseachtaí earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta a tharlaíonn go minic agus go rialta idir críocha dhá Bhallstát nó níos mó.
Áirítear leis an bhforáil sin gluaiseachtaí trí phíblínte seasta.
CAIBIDIL V
Gluaiseacht earraí máil agus cánachas orthu tar éis iad a scaoileadh lena dtomhailt
Airteagal 32
Fáil ag duine príobháideach
Chun a chinneadh an bhfuil na hearraí máil dá dtagraítear i mír 1 ceaptha don duine aonair príobháideach dá úsáid nó dá húsáid féin, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an méid seo a leanas ar a laghad:
stádas tráchtála shealbhóir na n-earraí máil agus na cúiseanna lena gcoinneáil ina seilbh;
an áit a bhfuil na hearraí máil lonnaithe nó, más iomchuí, an modh iompair a úsáidtear;
aon doiciméad a bhaineann leis na hearraí máil;
cineál na n-earraí máil;
cainníocht na n-earraí máil.
Chun mír 2(e) a chur i bhfeidhm, féadfaidh na Ballstáit leibhéil treorach a leagan síos, mar fhoirm fianaise amháin. Ní fhéadfaidh na leibhéil treorach sin a bheith níos ísle ná:
maidir le táirgí tobac:
maidir le deochanna alcólacha:
Chun críocha na míre seo, ciallaíonn "modh iompair neamhghnách" breoslaí a iompar ar shlí seachas in umair feithiclí nó i gceanastair iomchuí breosla cúltaca agus táirgí teasa leachtacha a iompar ar shlí seachas trí thancaeir a úsáidtear thar ceann oibreoirí eacnamaíocha.
Airteagal 33
Ginearálta
Faoi raon feidhme na socraíochtaí sa Roinn seo, ní ghluaisfear earraí máil ach ó choinsíneoir deimhnithe chuig coinsíní deimhnithe.
Airteagal 34
Teagmhas inmhuirearaithe
Airteagal 35
Coinníollacha maidir le gluaiseacht earraí máil faoin Roinn seo
Comhlíonfaidh an coinsíní deimhnithe faoi Airteagal 34(1) gach ceann de na ceanglais a leanas:
sula seolfar na táirgí, soláthróidh sé ráthaíocht lena gcumhdófar rioscaí dúchasacha neamhíocaíocht na ndleachtanna máil a d'fhéadfadh a bheith ann i rith na gluaiseachta trí chríocha na mBallstát a thrasnaítear agus sa Bhallstát cinn scríbe;
an dleacht mháil atá dlite sa Bhallstát cinn scríbe a íoc i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos ag an mBallstát cinn scríbe ag deireadh ghluaiseacht na dtáirgí;
toiliú le haon seiceálacha lena gcuirfear ar chumas údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe a dheimhniú dóibh féin go bhfuarthas na hearraí máil iarbhír agus gur íocadh an dleacht mháil a bhí inmhuirearaithe ina leith.
Airteagal 36
Doiciméad riaracháin leictreonach simplithe
I gcás nach mbeidh na sonraí sin bailí, cuirfear an coinsíneoir deimhnithe ar an eolas faoi sin gan mhoill.
I gcás ina mbeidh na sonraí sin bailí, sannfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta cód tagartha riaracháin uathúil simplithe don doiciméad agus cuirfidh sé in iúl don choinsíneoir deimhnithe é.
Airteagal 37
Tuarascáil fála
I gcás nach mbeidh na sonraí sin bailí, cuirfear an coinsíní deimhnithe ar an eolas faoi sin gan mhoill.
I gcás ina mbeidh na sonraí sin bailí, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe dearbhú maidir le clárú na tuarascála fála ar fáil don choinsíní agus seolfaidh siad an dearbhú sin chuig údaráis inniúla an Bhallstáit seolta.
Measfar gur cruthúnas leordhóthanach í an tuarascáil fála go bhfuil na foirmiúlachtaí uile is gá comhlíonta ag an gcoinsíní deimhnithe agus, más infheidhme agus mura bhfuil na hearraí máil díolmhaithe ó dhleacht mháil a íoc, go bhfuil aon íocaíochtaí dleachta máil atá dlite don Bhallstát cinn scríbe nó socrú fionraí dleachta i gcomhréir le Caibidil III déanta aige.
Airteagal 38
An nós imeachta cúltaca agus aisghabháil tráth an tseolta
De mhaolú ar Airteagal 36, i gcás nach mbeidh an córas ríomhairithe ar fáil sa Bhallstát seolta, féadfaidh an coinsíneoir deimhnithe tús a chur le gluaiseacht earraí máil ar na coinníollacha a leanas:
tá doiciméad cúltaca ag gabháil leis na hearraí ina bhfuil na sonraí céanna atá sa dréachtdoiciméad riaracháin leictreonach simplithe dá dtagraítear in Airteagal 35(1);
cuirfidh an coinsíneoir údaráis inniúla an Bhallstáit seolta ar an eolas roimh thosach na gluaiseachta.
Féadfaidh an Ballstát seolta a cheangal ar an gcoinsíneoir deimhnithe go soláthrófar cóip den doiciméad dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, go bhfíoróidh an Ballstát seolta na sonraí atá sa chóip sin agus, más é an coinsíneoir atá freagrach as neamh‐infhaighteacht an chórais ríomhairithe, go soláthrófar faisnéis iomchuí ar na cúiseanna leis an neamh-infhaighteacht sin roimh thús na gluaiseachta.
A luaithe a fhíorófar na sonraí sa dréachtdoiciméad riaracháin leictreonach simplithe i gcomhréir le hAirteagal 36(2), má tá na sonraí sin bailí, cuirfear an doiciméad sin in ionad an doiciméid cúltaca dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 36(3) agus ag Airteagal 37.
Airteagal 39
Doiciméid chúltaca agus aisghabháil sonraí — tuarascáil fála
I gcás ina mbeidh earraí máil le gluaiseacht faoin Roinn seo agus nach féidir an tuarascáil fála a thíolacadh ag deireadh ghluaiseacht na n-earraí máil i gcomhréir le hAirteagal 37(1), toisc nach bhfuil an córas ríomhairithe ar fáil sa Bhallstát cinn scríbe nó toisc nach bhfuil na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 38(2) curtha i gcrích fós, cuirfidh an coinsíní deimhnithe faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad cúltaca ina mbeidh na sonraí céanna atá sa tuarascáil fála agus ina sonrófar go bhfuil deireadh tagtha leis an ngluaiseacht.
Cé is moite den chás inar féidir leis an gcoinsíní deimhnithe an tuarascáil fála a chur isteach go pras tríd an gcóras ríomhairithe mar a fhoráiltear don mhéid sin in Airteagal 37(1), nó i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe cóip den doiciméad cúltaca dá dtagraítear sa chéad fhomhír chuig údaráis inniúla an Bhallstáit seolta. Cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta an chóip ar aghaidh chuig an gcoinsíneoir deimhnithe nó coinneoidh siad ar fáil don choinsíneoir deimhnithe í.
A luaithe a chuirfear an córas ríomhairithe ar fáil arís sa Bhallstát cinn scríbe nó a bheidh na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 38(2) curtha i gcrích, tíolacfaidh an coinsíní deimhnithe tuarascáil fála, i gcomhréir le hAirteagal 37(1). Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 37(2) agus (3).
Airteagal 40
Cruthúnais fála mhalartacha
Beidh an doiciméad cúltaca dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 39 ina fhianaise iomchuí chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo.
Airteagal 41
Maolú ón oibleagáid úsáid a bhaint as an gcóras ríomhairithe — nósanna imeachta simplithe in dhá Bhallstát nó níos mó
Trí chomhaontú agus ar choinníollacha arna socrú ag na Ballstáit uile lena mbaineann, féadfar nósanna imeachta simplithe a bhunú i dtaca le gluaiseachtaí earraí máil faoin Roinn seo a tharlaíonn idir críocha dhá Bhallstát nó níos mó.
Airteagal 42
Gluaiseacht earraí máil a scaoileadh lena dtomhailt idir dhá áit i gcríoch an Bhallstáit chéanna trí chríoch Ballstáit eile
I gcás ina ndéanfar earraí máil a scaoileadh cheana lena dtomhailt i gcríoch Bhallstáit a ghluaiseacht go ceann scríbe i gcríoch an Bhallstáit sin trí chríoch Ballstáit eile, beidh feidhm ag na ceanglais a leanas:
déanfar gluaiseacht den sórt sin faoi chumhdach an doiciméid riaracháin leictreonaigh shimplithe dá dtagraítear in Airteagal 35(1) tar éis cúrsa taistil iomchuí ina leith;
fianóidh an coinsíní deimhnithe go bhfuair sé na hearraí i gcomhréir leis na rialacha arna leagan síos ag údaráis inniúla an chinn scríbe;
toileoidh an coinsíneoir deimhnithe agus an coinsíní deimhnithe le haon seiceálacha lena gcuirfear ar chumas a n-údarás inniúil faoi seach a dheimhniú dóibh féin go bhfuarthas na hearraí iarbhír.
Airteagal 43
Tarmligean cumhachta agus cumhacht cur chun feidhme a thabhairt le haghaidh ghluaiseacht earraí atá le seachadadh chun críoch tráchtála
Airteagal 44
Ciandíol
Íocfar an dleacht mháil i gcomhréir leis an nós imeachta arna leagan síos ag an mBallstát cinn scríbe.
Mar sin féin, féadfaidh an Ballstát cinn scríbe a cheadú don choinsíneoir ionadaí cánach, atá bunaithe sa Bhallstát cinn scríbe, a cheapadh mar an duine atá faoi dhliteanas dleacht mháil a íoc. Formheasfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit sin an t-ionadaí cánach. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, i gcásanna nach ndearna an coinsíneoir nó an t-ionadaí cánach foráil phointe (a) de mhír 4 a urramú, gurb é coinsíní na n-earraí máil a bheidh faoi dhliteanas an dleacht mháil a íoc.
Comhlíonfaidh an coinsíneoir nó an t-ionadaí cánach na ceanglais seo a leanas:
sula seolfaidh sé na hearraí máil, cláróidh sé a chéannacht nó a céannacht agus rathóidh an coinsíneoir go n-íocfar an dleacht mháil leis an oifig inniúil arna sainiú go sonrach agus faoi na coinníollacha arna leagan síos ag an mBallstát cinn scríbe;
íocfaidh sé an dleacht mháil ag an oifig dá dtagraítear i bpointe (a) tar éis do na hearraí máil a bheith seachadta;
coimeádfaidh sé cuntas ar sheachadtaí earraí máil.
Féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann, ar choinníollacha a chinnfidh siad féin, na ceanglais sin a shimpliú ar bhonn comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha.
Airteagal 45
Díothú agus caillteanas
Chun críocha na Treorach seo, measfar go mbeidh díothú iomlán déanta ar earraí máil nó go mbeidh siad caillte ar fad nuair a bheidh siad curtha ó mhaith mar earraí máil.
I gcás ina mbunaítear gur tharla díothú iomlán nó caillteanas doleigheasta páirteach nó iomlán na n-earraí máil, déanfar an ráthaíocht a taisceadh i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 35(2) nó pointe (a) d'Airteagal 44(4) a scaoileadh, ina hiomláine nó i bpáirt, de réir mar is iomchuí, ach a gcuirtear ar fáil cruthúnas sásúil.
Airteagal 46
Neamhrialtachtaí le linn gluaiseacht earraí máil
Más rud é, áfach, sula rachaidh tréimhse trí bliana in éag ón dáta a bhfuarthas na hearraí máil, go bhfaighfear amach cén Ballstát inar tharla an neamhrialtacht i bhfírinne ina chríoch, beidh feidhm ag forálacha mhír 1.
Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit inar scaoileadh na hearraí máil lena dtomhailt an dleacht mháil a aisíoc nó a loghadh, arna iarraidh sin, sa chás ina ndearnadh í a thobhach sa Bhallstát inar tharla an neamhrialtacht nó inar braitheadh í. Scaoilfidh údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe an ráthaíocht arna taisceadh de bhun phointe (a) d'Airteagal 35(2) nó de bhun phointe (a) d'Airteagal 44(4).
CAIBIDIL VI
Ilghnéitheach
Airteagal 47
Marcáil
I gcás ina ngreamófar marcálacha nó marcanna den sórt sin d'earraí máil, déanfaidh an Ballstát a d'eisigh iad aon mhéid a íocadh nó a rathaíodh chun na marcálacha nó na marcanna sin a fháil, seachas na táillí as ucht iad a eisiúint, a aisíoc, a loghadh nó a scaoileadh, más rud é go bhfuil dleacht mháil tagtha chun bheith inmhuirearaithe agus gur bailíodh í i mBallstát eile.
Féadfaidh an Ballstát a d'eisigh na marcálacha nó na marcanna sin, áfach, aisíoc, loghadh nó scaoileadh an méid a íocadh nó a rathaíodh a chur faoi réir fianaise a thabhairt ar láimh, chun sástacht a údarás inniúil, go ndearnadh iad a bhaint nó a dhíothú.
Airteagal 48
Táirgeoirí beaga fíona
Airteagal 49
Stórais do bháid agus aerárthaí
Go dtí go nglacfaidh an Chomhairle forálacha an Aontais maidir le stórais do bháid agus aerárthaí, féadfaidh na Ballstáit a gcuid forálacha náisiúnta féin a choimeád maidir le díolúintí i leith stórais den sórt sin.
Airteagal 50
Socruithe speisialta
I gcás na mBallstát a bhfuil Comhaontú déanta acu maidir leis an bhfreagracht as droichead trasteorann a thógáil nó a chothabháil, féadfaidh siad bearta a ghlacadh de mhaolú ar fhorálacha na Treorach seo chun simpliú a dhéanamh ar an nós imeachta maidir le dleacht mháil a bhailiú ar na hearraí máil a úsáidtear chun an droichead sin a thógáil agus a chothabháil.
Chun críocha na mbeart sin, measfar gur cuid de chríoch an Bhallstáit atá freagrach as an droichead a thógáil nó a chothabháil i gcomhréir leis an gComhaontú an droichead agus na láithreáin tógála dá dtagraítear sa Chomhaontú.
Cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann na bearta sin in iúl don Choimisiún, agus cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas.
CAIBIDIL VII
An tarmligean a fheidhmiú agus an nós imeachta coiste
Airteagal 51
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 52
Nós imeachta coiste
CAIBIDIL VIII
Tuairisciú agus forálacha aistrithe agus deiridh
Airteagal 53
Tuairisciú ar chur chun feidhme na Treorach seo
Gach cúig bliana, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Tíolacfar an chéad tuarascáil trí bliana ar a dhéanaí tar éis dháta chur i bhfeidhm na Treorach seo.
Go háirithe, déanfar measúnú sa chéad tuarascáil ar chur i bhfeidhm agus ar thionchar na bhforálacha náisiúnta arna nglacadh agus arna gcur i bhfeidhm de bhun Airteagal 32, agus fianaise ábhartha á cur san áireamh maidir le tionchar na bhforálacha sin a mhéid a bhaineann le héifeachtaí trasteorann, calaois, seachaint, imghabháil nó mí-úsáid, agus maidir le tionchar ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus ar an tsláinte phoiblí.
Déanfaidh Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, an fhaisnéis ábhartha infhaighte a bheidh ag teastáil chun an tuarascáil a bhunú a chur faoi bhráid an Choimisiúin.
Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.
Airteagal 54
Forálacha idirthréimhseacha
Ceadóidh na Ballstáit earraí máil a fháil faoi na foirmiúlachtaí a leagtar amach in Airteagail 33, 34 agus 35 de Threoir 2008/118/CE go dtí an 31 Nollaig 2023.
Féadfar na fógraí dá dtagraítear in Airteagal 21(5) den Treoir seo a dhéanamh trí mhodhanna eile seachas an córas ríomhairithe go dtí an 13 Feabhra 2024.
Airteagal 55
Trasuí
Faoi réir Airteagail 54, cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 13 Feabhra 2023.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireofar iontu freisin ráiteas go ndéanfar tagairtí don Treoir a aisghairtear leis an Treoir seo i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá ann cheana a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.
Airteagal 56
Aisghairm
Déantar Treoir 2008/118/CE, arna leasú leis na gníomhartha a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn I, a aisghairm le héifeacht ón 13 Feabhra 2023, gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d'Iarscríbhinn I a thrasuí sa dlí náisiúnta agus maidir le dátaí chur i bhfeidhm na dTreoracha sin.
Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.
Airteagal 57
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagail 1, 4, 5, Airteagail 7 go 11, Airteagail 13 go 15, Airteagail 18, 23, 24, Airteagail 30 go 32, Airteagail 47 go 53, Airteagal 56 agus Airteagal 58 ón 13 Feabhra 2023.
Airteagal 58
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
IARSCRÍBHINN I
CUID A
An Treoir aisghairthe agus liosta de na leasuithe a rinneadh uirthi
(dá dtagraítear in Airteagal 56)
Treoir 2008/118/CE ón gComhairle |
(IO L 9, 14.1.2009, lch. 12) |
Treoir 2010/12/AE ón gComhairle |
(IO L 50, 27.2.2010, lch. 1) |
Conradh Aontachais na Cróite |
(IO L 112, 24.4.2012, lch. 10) |
Treoir 2013/61/AE ón gComhairle |
(IO L 353, 28.12.2013, lch. 5) |
Treoir (AE) 2019/2235 ón gComhairle |
(IO L 336, 30.12.2019, lch. 10) |
CUID B
Teorainneacha ama don trasuí sa dlí náisiúnta agus dátaí cur i bhfeidhm (dá dtagraítear in Airteagal 56)
(dá dtagraítear in Airteagal 56)
Treoir |
Teorainn ama don trasuí |
Dáta cur i bhfeidhm |
2008/118/CE |
1 Eanáir 2010 |
1 Aibreán 2010 |
2010/12/AE |
1 Eanáir 2011 |
|
2013/61/AE |
1 Eanáir 2014 |
|
(AE) 2019/2235 |
30 Meitheamh 2022 |
1 Iúil 2022 |
IARSCRÍBHINN II
Tábla comhghaoil
Treoir 2008/118/CE |
An Treoir seo |
Airteagal 1 |
Airteagal 1 |
Airteagal 2 |
Airteagal 6(1) |
Airteagal 3(1), (2) agus (3) |
Airteagal 2(1), (2) agus (3) |
Airteagal 3(4) |
– |
– |
Airteagal 2(4) |
Airteagal 4, an fhoclaíocht tosaigh |
Airteagal 3, an fhoclaíocht tosaigh |
Airteagal 4, pointí (1) go (5) |
Airteagal 3, pointí (1) go (5) |
Airteagal 4, pointe (6) |
– |
Airteagal 4, pointe (7) |
Airteagal 3, pointe (6) |
Airteagal 4, pointe (8) |
Airteagal 3, pointe (7) |
– |
Airteagal 3, pointe (8) |
Airteagal 4, pointí (9) go (11) |
Airteagal 3, pointí (9) go (11) |
– |
Airteagal 3, pointí (12) agus (13) |
Airteagal 36(1), an dara fomhír |
Airteagal 3, pointe (14) |
– |
Airteagal 3, pointí (15) agus (16) |
Airteagal 5(1) agus (2) |
Airteagal 4(1) agus (2) |
Airteagal 5(3), an fhoclaíocht tosaigh |
Airteagal 4(3), an fhoclaíocht tosaigh |
Airteagal 5(3)(a) go (e) |
Airteagal 4(3)(a) go (e) |
Airteagal 5(3)(f) agus (g) |
– |
Airteagal 5(4), (5) agus (6) |
Airteagal 4(4), (5) agus (6) |
Airteagal 6 |
Airteagal 5 |
Airteagal 7(1) go (3) |
Airteagal 6(2) go (4) |
Airteagal 7(4), an chéad fhomhír |
Airteagal 6(5) |
Airteagal 7(4), an dara fomhír |
Airteagal 6(6) |
Airteagal 7(4), an tríú fomhír |
Airteagal 6(9), an chéad fhomhír |
Airteagal 7(5) |
– |
– |
Airteagal 6(7) |
– |
Airteagal 6(8) |
– |
Airteagal 6(9), an dara fomhír |
– |
Airteagal 6(10) |
Airteagal 8 |
Airteagal 7 |
Airteagal 9 |
Airteagal 8, an chéad fhomhír agus an dara fomhír |
– |
Airteagal 8, an tríú fomhír |
Airteagail 10 go 12 |
Airteagail 9 go 11 |
Airteagal 13(1) |
Airteagal 12(1) |
Airteagal 13(2) |
– |
– |
Airteagal 12(2) agus (3) |
Airteagal 13(3) |
Airteagal 12(4) |
Airteagal 14(1), (2) agus (3) |
Airteagal 13(1), (2) agus (3) |
Airteagal 14(4) |
– |
Airteagal 14(5) |
Airteagal 13(4) |
Airteagail 15 agus 16 |
Airteagail 14 agus 15 |
Airteagal 17(1), an fhoclaíocht tosaigh |
Airteagal 16(1), an fhoclaíocht tosaigh |
Airteagal 17(1)(a) an fhoclaíocht tosaigh |
Airteagal 16(1)(a) an fhoclaíocht tosaigh |
Airteagal 17(1)(a)(i) go (iv) |
Airteagal 16(1)(a)(i) go (iv) |
– |
Airteagal 16(1)(a)(v) |
Airteagal 17(1)(b) |
Airteagal 16(1)(b) |
– |
Airteagal 16(2) agus (3) |
Airteagal 17(2) |
Airteagal 16(4) |
Airteagal 17(3) |
Airteagal 16(5) |
Airteagal 18(1) |
Airteagal 17(1) |
– |
Airteagal 17(2) |
Airteagal 18(2) |
Airteagal 17(3) |
Airteagal 18(3), an chéad abairt |
Airteagal 17(4) |
Airteagal 18(4) |
Airteagal 17(5) |
Airteagal 18(3), an dara habairt |
Airteagal 17(6) |
Airteagal 19 |
Airteagal 18 |
Airteagal 20(1) |
Airteagal 19(1) |
Airteagal 20(2) |
Airteagal 19(2)(a) agus (b) |
– |
Airteagal 19(2)(c) |
Airteagal 21(1) go (4) |
Airteagal 20(1) go (4) |
Airteagal 21(5) |
Airteagal 21(1) |
Airteagal 21(6) |
Airteagal 20(5) |
Airteagal 21(7) |
Airteagal 20(6) |
Airteagal 21(8) |
Airteagal 20(7), an chéad abairt |
– |
Airteagal 20(7), an dara habairt |
– |
Airteagal 21(2) go (5) |
Airteagal 22 |
Airteagal 22(1) agus (2) |
– |
Airteagal 22(3) |
Airteagal 23, an chéad mhír, an fhoclaíocht tosaigh |
Airteagal 23(1), an fhoclaíocht tosaigh |
Airteagal 23, an chéad mhír, pointe 1 |
Airteagal 23(1)(a) |
Airteagal 23, an chéad mhír, pointe 2 |
Airteagal 23(1)(b) |
Airteagal 23, an chéad mhír, pointe 3 |
Airteagal 23(1)(c) |
Airteagal 23, an dara fomhír |
Airteagal 23(2) |
Airteagal 24 |
Airteagal 24 |
Airteagal 25(1) |
Airteagal 25(1) |
– |
Airteagal 25(2) |
Airteagal 25(2) |
Airteagal 25(3), an chéad fhomhír |
Airteagal 25(3) |
Airteagal 25(3), an dara fomhír |
Airteagal 26(1) agus (2) |
Airteagal 26(1) agus (2) |
Airteagal 26(3) |
– |
Airteagal 26(4) agus (5) |
Airteagal 26(3) agus (4) |
– |
Airteagal 26(5) |
Airteagal 27 |
Airteagal 27 |
Airteagal 28(1) |
Airteagal 28(1) |
Airteagal 28(2), an chéad fhomhír agus an dara fomhír |
Airteagal 28(2) agus (3) |
– |
Airteagal 28(4) |
Airteagal 28(2), an tríú fomhír |
Airteagal 28(5) |
Airteagal 29 |
Airteagal 29 |
Airteagal 30 |
Airteagal 30 |
Airteagal 31 |
Airteagal 31 |
Airteagal 32 |
Airteagal 32 |
Airteagal 33(1) |
Airteagal 33(1) agus (2) |
– |
Airteagal 33(3) agus (4) |
Airteagal 33(2) |
Airteagal 33(5) |
Airteagal 33(3) agus (4) |
– |
– |
Airteagal 34(1) agus (2) |
Airteagal 33(5) |
Airteagal 34(3) |
Airteagal 33(6) |
Airteagal 37(4) |
Airteagal 34(1) |
Airteagal 35(1) |
Airteagal 34(2)(a), (b) agus (c) |
Airteagal 35(2)(a), (b) agus (c) |
Airteagal 34(2), an dara fomhír |
– |
– |
Airteagal 35(3) go (8) |
– |
Airteagail 36 go 41 |
Airteagal 35 |
Airteagal 42 |
– |
Airteagal 43 |
Airteagal 36(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 44(1) |
Airteagal 36(1), an dara fomhír |
Airteagal 3, pointe (14) |
Airteagal 36(2) go (6) |
Airteagal 44(2) go (6) |
Airteagal 37(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 45(1), an chéad fhomhír |
– |
Airteagal 45(1), an dara fomhír |
– |
Airteagal 45(2) |
Airteagal 37(1), an dara fomhír |
Airteagal 45(3), an chéad fhomhír |
Airteagal 37(1), an tríú fomhír |
Airteagal 45(3), an dara fomhír |
Airteagal 37(2) |
– |
Airteagal 38 |
Airteagal 46(1) go (4) |
– |
Airteagal 46(3), an chéad fhomhír, an dara habairt |
– |
Airteagal 46(5) |
Airteagal 39 |
Airteagal 47 |
Airteagal 40 |
Airteagal 48 |
Airteagal 41 |
Airteagal 49 |
Airteagal 42 |
Airteagal 50 |
– |
Airteagal 51 |
Airteagal 43 |
Airteagal 52 |
Airteagal 44 |
– |
– |
Airteagail 53 agus 54 |
Airteagail 45 agus 46 |
– |
Airteagal 47 |
Airteagal 56 |
Airteagal 48 |
Airteagal 55 |
Airteagal 49 |
Airteagal 57 |
Airteagal 50 |
Airteagal 58 |
– |
Iarscríbhinn I |
– |
Iarscríbhinn II |
( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1), arna leasú le Rialachán (AE) 2016/2339 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, a mhéid a bhaineann le hearraí a d'fhág go sealadach críoch chustaim an Aontais ar muir nó san aer (OJ L 354, 23.12.2016, lch. 32).
( 2 ) Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2073/2004 (IO L 121, 8.5.2012, lch. 1).
( 3 ) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2018/273 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scéim na n-údaruithe le haghaidh planduithe fíniúnacha, clár na bhfíonghort, doiciméid tionlacain agus deimhniúchán, an clár isteach agus amach, dearbhuithe éigeantacha, fógraí agus foilsiú faisnéise ar tugadh fógra fúithi, agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha agus na pionóis ábhartha, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 555/2008 ón gCoimisiún, Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 607/2009 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 436/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/560 ón gCoimisiún (IO L 58, 28.2.2018, lch. 1).