02019R0788 — GA — 01.02.2020 — 001.002
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) 2019/788 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 17 Aibreán 2019 maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (IO L 130 17.5.2019, lch. 55) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2019/1673 ÓN GCOIMISIÚN an 23 Iúil 2019 |
L 257 |
1 |
8.10.2019 |
|
Arna cheartú le:
RIALACHÁN (AE) 2019/788 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Aibreán 2019
maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, bunaítear na nósanna imeachta agus na coinníollacha is gá maidir le tionscnamh lena n-iarrtar ar an gCoimisiún, faoi chuimsiú a chumhachtaí, togra iomchuí a thíolacadh maidir le ceisteanna a bhfuil gá, dar le saoránaigh den Aontas, le gníomh dlí de chuid an Aontais ina leith chun na Conarthaí a chur chun feidhme (an “Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh” nó an “tionscnamh”).
Airteagal 2
An ceart tacú le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh
Féadfaidh na Ballstáit aois íosta lena mbeidh daoine i dteideal tacú le tionscnamh a shocrú ag 16 bliana d'aois, i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta, agus i gcás den sórt sin, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.
Airteagal 3
An líon sínitheoirí is gá
Tá tionscnamh bailí más rud é:
go bhfuil tacaíocht faighte aige ó mhilliún saoránach ar a laghad an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 2(1) (“sínitheoirí”), ar saoránaigh iad ó aon cheathrú ar a laghad de na Ballstáit; agus
gurb ionann an líon sínitheoirí, in aon cheathrú de na Ballstáit ar a laghad, agus an líon íosta atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, agus go bhfreagraíonn an líon sin don líon Comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa arna dtoghadh i ngach Ballstát, arna iolrú faoi líon iomlán Comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa, tráth cláraithe an tionscnaimh.
Airteagal 4
Faisnéis agus cúnamh ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit
Déanfaidh an Coimisiún treoir maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a chur ar fáil go poiblí, ar líne agus i bhfoirm páipéir araon, agus i ngach teanga oifigiúil de chuid institiúidí an Aontais.
Cuirfidh an t-ardán comhairle phraiticiúil agus dhlíthiúil ar fáil, mar aon le fóram plé maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh le haghaidh malartú faisnéise agus dea-chleachtas idir saoránaigh, grúpaí d'eagraithe, geallsealbhóirí, eagraíochtaí neamhrialtais, saineolaithe agus institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais ar mian leo a bheith rannpháirteach.
Beidh an t-ardán inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.
Is as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a íocfar na costais a bhaineann leis an ardán a oibriú agus a chothabháil.
Cuimseoidh an clár suíomh gréasáin poiblí a chuirfidh ar fáil faisnéis ghinearálta faoin tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh agus faisnéis faoi thionscnaimh shonracha agus a stádas sin.
Déanfaidh an Coimisiún an clár a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta trí fhaisnéis arna tíolacadh ag an ngrúpa d'eagraithe a chur ar fáil.
Ina theannta sin, féadfaidh an grúpa d'eagraithe aistriúcháin a chur ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid institiúidí an Aontais den fhaisnéis bhreise maidir leis an tionscnamh agus, más ann dó, den dréacht ghníomh dlí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, arna thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 6(2). Is é an grúpa d'eagraithe a bheidh freagrach as na haistriúcháin sin. Beidh inneachar na n-aistriúchán arna soláthar ag an ngrúpa d'eagraithe ag freagairt ar inneachar an tionscnaimh arna thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 6(2).
Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar an fhaisnéis arna tíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 6(2) agus na haistriúcháin arna dtíolacadh i gcomhréir leis an mír seo a fhoilsiú ar an gclár agus ar an suíomh gréasáin poiblí maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh.
CAIBIDIL II
FORÁLACHA NÓS IMEACHTA
Airteagal 5
Grúpa d'eagraithe
Maidir le gach tionscnamh, foilseoidh an Coimisiún ainmneacha gach ball den ghrúpa d'eagraithe sa chlár i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.
Féadfaidh an grúpa d'eagraithe beirt daoine nádúrtha eile ar a mhéad a ainmniú, as measc a chuid comhaltaí nó eile, agus beidh sainordú acu gníomhú thar ceann na ndaoine teagmhála chun críche idirchaidreamh a dhéanamh le hinstitiúidí an Aontais le linn an nós imeachta.
Gan dochar do na pionóis faoi Airteagal 84 de Rialachán (AE) 2016/679, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comhaltaí an ghrúpa d'eagraithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, faoi réir pionóis éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha mar gheall ar sháruithe ar an Rialachán seo agus go háirithe mar gheall ar na nithe seo a leanas:
dearbhuithe bréagacha;
úsáid chalaoiseach sonraí.
Airteagal 6
Clárú
Agus iarraidh á tíolacadh, déanfaidh an grúpa d'eagraithe an méid seo a leanas freisin:
an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a tharchuir i gceann de theanga oifigiúil de chuid institiúidí an Aontais;
na seacht gcomhalta atá le cur san áireamh chun críche Airteagal 5(1) agus (2) a lua i gcás ina bhfuil níos mó ná seacht gcomhalta sa ghrúpa d'eagraithe;
i gcás inarb ábhartha, a léiriú gur ceapadh eintiteas dlíthiúil de bhun Airteagal 5(7).
Gan dochar do mhír 4, déanfaidh an Coimisiún cinneadh i dtaobh na hiarrata ar chlárú laistigh de 2 mhí ón tionscnamh a thíolacadh.
Déanfaidh an Coimisiún an tionscnamh a chlárú más rud é:
go bhfuil fianaise curtha ar fáil ag an ngrúpa d'eagraithe go gcomhlíontar na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 5(1) agus (2) agus go bhfuil na daoine teagmhála ainmnithe aige i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 5(3);
sa chás dá dtagraítear in Airteagal 5(7), gur ceapadh an t-eintiteas dlíthiúil go sonrach chun an tionscnamh a bhainistiú agus go bhfuil sainordú ag an gcomhalta den ghrúpa d'eagraithe a ainmníodh ina ionadaí air chun gníomhú thar ceann an eintitis dhlíthiúil;
nach bhfuil aon chuid den tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh, go follasach, lasmuigh de chreat chumhachtaí an Choimisiúin chun togra le haghaidh gníomh dlíthiúil de chuid an Aontais a thíolacadh chun críche na Conarthaí a chur chun feidhme;
gur léir nach bhfuil an tionscnamh míchuí, suaibhreosach ná cráiteach;
nach bhfuil an tionscnamh contrártha go follasach do luachanna an Aontais atá leagtha amach in Airteagal 2 CAE agus do na cearta atá cuimsithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
Chun críche cinneadh a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas atá leagtha amach i bpointe (a) go pointe (e) sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis arna cur ar fáil ag an ngrúpa d'eagraithe i gcomhréir le mír 2.
Mura gcomhlíontar ceanglas amháin nó níos mó de na ceanglais atá leagtha amach i bpointe (a) go pointe (e) sa chéad fhomhír den mhír seo, diúltóidh an Coimisiún an tionscnamh a chlárú, gan dochar do mhír 4.
Sa chás sin, féadfaidh an grúpa d'eagraithe an tionscnamh a leasú chun measúnú an Choimisiúin a chur san áireamh chun a áirithiú go bhfuil an tionscnamh i gcomhréir leis an gceanglas atá leagtha síos i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 3, nó chun an tionscnamh tosaigh a choimeád nó a tharraingt siar. Cuirfidh an grúpa d'eagraithe an Coimisiún ar an eolas faoina chinneadh laistigh de 2 mhí tar éis measúnú an Choimisiúin a fháil agus luafaidh sé na cúiseanna leis an measúnú agus, déanfaidh sé leasuithe, más ann dóibh, a thíolacadh ar an tionscnamh tosaigh.
I gcás ina ndéanann an grúpa d'eagraithe a thionscnamh tosaigh a leasú nó a choimeád i gcomhréir leis an dara fomhír den mhír seo,, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
an tionscnamh a chlárú, má chomhlíonann sé an ceanglas atá leagtha síos i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 3;
an tionscnamh a chlárú i bpáirt más léir nach bhfuil cuid den tionscnamh, lena n-áirítear a phríomhchuspóirí, go follasach lasmuigh de chreat chumhachtaí an Choimisiúin togra le haghaidh gníomh reachtach de chuid an Aontais a thíolacadh chun críche na Conarthaí a chur chun feidhme;
diúltú an tionscnamh a chlárú i gcásanna áirithe.
Déanfaidh an Coimisiún cinneadh i leith na hiarrata laistigh de mhí amháin tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a fháil ón ngrúpa d'eagraithe.
I gcás ina gcláraíonn an Coimisiún tionscnamh i bpáirt, foilseoidh sé faisnéis faoi raon feidhme chlárú an tionscnaimh sa chlár.
I gcás den sórt sin, déanfaidh an grúpa d'eagraithe a áirithiú go gcuirtear sínitheoirí ionchasacha ar an eolas faoi raon feidhme chlárú an tionscnaimh agus nach mbailítear ráitis tacaíochta ach i dtaca le raon feidhme an chlárúcháin.
Cuirfidh an Coimisiún gach cinneadh maidir le hiarratas ar chlárú arna ghlacadh i gcomhréir leis an Airteagal seo ar fáil go poiblí ar an gclár agus ar an suíomh gréasáin poiblí maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh.
Airteagal 7
Tionscnamh a tharraingt siar
Féadfaidh an grúpa d'eagraithe tionscnamh atáthar tar éis a chlárú i gcomhréir le hAirteagal 6 a tharraingt siar aon tráth sula dtíolacfar an tionscnamh don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 13. Foilseofar an tarraingt siar sin sa chlár.
Airteagal 8
Tréimhse bhailiúcháin
Cuirfidh an grúpa d'eagraithe an Coimisiún ar an eolas maidir leis an dáta a roghnófar ar a dhéanaí 10 lá oibre roimh an dáta sin.
I gcás ina dteastaíonn ón ngrúpa d'eagraithe, le linn na tréimhse bailiúcháin, bailiú na ráiteas tacaíochta a fhoirceannadh roimh dheireadh na tréimhse bailiúcháin, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin ar a laghad 10 lá oibre roimh an dáta nua atá roghnaithe ar a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse bhailiúcháin.
Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas maidir leis an dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Airteagal 9
Nós imeachta maidir le ráitis tacaíochta a bhailiú
Sula dtionscnaítear bailiú na ráiteas tacaíochta, comhlánóidh an grúpa d'eagraithe na foirmeacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn III. Freagróidh an fhaisnéis a thabharfar sna foirmeacha don fhaisnéis atá sa chlár.
I gcás ina gcinneann an grúpa d'eagraithe ráitis tacaíochta a bhailiú ar líne tríd an lárchóras bailithe ar líne dá dtagraítear in Airteagal 10, is é an Coimisiún a bheidh freagrach as na foirmeacha iomchuí a chur ar fáil, i gcomhréir le hIarscríbhinn III.
I gcás ina ndearnadh tionscnamh a chlárú i bpáirt i gcomhréir le hAirteagal 6(4), léireofar raon feidhme chlárú an tionscnaimh sna foirmeacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn III agus sa lárchóras bailithe ar líne agus sa chóras bailithe ar líne ar leithligh, de réir mar is infheidhme. Féadfar na foirmeacha don ráiteas tacaíochta a chuir in oiriúint chun críche an bhailithe ar líne nó i bhfoirm páipéir.
Ní bheidh feidhm ag Iarscríbhinn III i gcás ina dtacaíonn na saoránaigh le tionscnamh ar líne, trí bhíthin an lárchórais bailithe ar líne dá dtagraítear in Airteagal 10, modhanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith a úsáid de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 i gcomhréir le hAirteagal 10(4) den Rialachán seo. Cuirfidh saoránaigh a náisiúntacht in iúl agus glacfaidh na Ballstáit leis an tacar sonraí íosta do dhuine nádúrtha i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1501 ( 1 ).
Faoin 1 Eanáir 2020, foilseoidh an Coimisiún na foirmeacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn III sa chlár.
Féadfaidh Ballstát a n-áirítear i gcuid amháin d'Iarscríbhinn III iarraidh a dhéanamh ar an gCoimisiún a bheith aistrithe chuig an gcuid eile d'Iarscríbhinn III. Déanfaidh sé a iarraidh ar an gCoimisiún sin a dhéanamh 6 mhí ar a laghad roimh an dáta óna mbeidh feidhm ag na foirmeacha nua.
I gcás nach sroichfear an líon ráiteas tacaíochta is gá, nó in éagmais freagra ón ngrúpa d'eagraithe laistigh de 3 mhí ó dheireadh na tréimhse bailiúcháin, déanfaidh an Coimisiún an tionscnamh a dhúnadh agus foilseoidh sé fógra á rá sin sa chlár.
Airteagal 10
Lárchóras bailithe ar líne
Is as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a íocfar na costais a bhaineann leis an lárchóras bailithe ar líne a chur ar bun agus a oibriú. Beidh úsáid an lárchórais bailithe ar líne saor in aisce.
Beidh an lárchóras bailithe ar líne inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.
Na sonraí a bhailítear tríd an lárchóras bailithe ar líne, stórálfar iad ar na freastalaithe a chuirfidh an Coimisiún ar fáil chun na críche sin.
Leis an lárchóras bailithe ar líne féadfar ráitis tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir a uaslódáil.
I gcás inar mian le grúpa d'eagraithe na ráitis tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir a uaslódáil, déanfaidh sé gach ráiteas tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir a uaslódáil tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis dheireadh na tréimhse bailiúcháin, agus cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún.
Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
go bhféadfaidh saoránaigh tacú le tionscnaimh ar líne trí bhíthin ráitis tacaíochta trí na modhanna ríomh-shainaitheantais a dtugtar fógra ina leith a úsáid nó tríd an ráiteas tacaíochta a shíniú le síniú leictreonach de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;
go ndéanfar nód e-IDAS an Choimisiúin a forbraíodh faoi chuimsiú Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1501 a aithint.
Airteagal 11
Córais bailithe ar líne ar leithligh
Na sonraí a bhaileofar tríd an gcóras bailithe ar líne ar leithligh, déanfar iad a stóráil i gcríoch Ballstáit.
I gcás ina gcomhlíonfaidh córas bailithe ar líne ar leithligh na ceanglais atá leagtha síos i mír 4 den Airteagal seo, déanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha deimhniú chuige sin a eisiúint i gcomhréir leis an tsamhail atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV laistigh de mhí amháin. Cuirfidh an grúpa d'eagraithe cóip den deimhniú sin ar fáil don phobal ar an suíomh gréasáin a úsáidtear don chóras bailithe ar líne ar leithligh.
Tabharfaidh na Ballstáit aitheantas do na deimhnithe arna n-eisiúint ag údaráis inniúla Ballstát eile.
Beidh na gnéithe slándála agus teicniúla leordhóthanacha ag córais bailithe ar líne ar leithligh chun an méid seo a leanas a áirithiú le linn na tréimhse bailiúcháin:
nach bhféadfaidh ach daoine nádúrtha ráiteas tacaíochta a shíniú;
go bhfreagróidh an fhaisnéis a sholáthraítear chun tacú leis an tionscnamh don fhaisnéis a fhoilseofar sa chlár;
go mbaileofar na sonraí ó na sínitheoirí i gcomhréir le hIarscríbhinn III;
go ndéanfar na sonraí a sholáthraíonn na sínitheoirí a bhailiú agus a stóráil go daingean.
Féadfaidh an Coimisiún comhairle a iarraidh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA), agus é i mbun na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhorbairt.
Airteagal 12
Fíorú agus deimhniú na ráiteas tacaíochta ag na Ballstáit
Ní chuirfidh an grúpa d'eagraithe na ráitis tacaíochta faoi bhráid an údaráis inniúil ach amháin i gcás ina sroicheann an líon sínitheoirí an líon íosta sínitheoirí atá leagtha síos in Airteagal 3.
Ní dhéanfar ráitis tacaíochta a chur faoi bhráid gach údarás inniúil sa Bhallstát atá freagrach ach uair amháin, agus úsáidfear an fhoirm atá leagtha amach in Iarscríbhinn V.
Déanfar ráitis tacaíochta a bailíodh ar líne a chur faoi bhráid i gcomhréir le scéimre leictreonach a chuirfidh an Coimisiún ar fáil don phobal.
Na ráitis tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir agus na ráitis a bailíodh ar líne trí chóras bailithe ar líne ar leithligh, déanfar iad a thíolacadh ar leithligh.
I gcás ina bhfuil ráitis tacaíochta bailithe ag grúpa d'eagraithe trí chóras bailithe ar líne ar leithligh, féadfaidh an grúpa iarraidh ar an gCoimisiún na ráitis tacaíochta sin a thíolacadh d'údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach.
Déanfaidh an Coimisiún na ráitis tacaíochta i gcomhréir le fomhír 2 go fomhír 4 de mhír 2 den Airteagal seo a thíolacadh, trí úsáid a bhaint as an tseirbhís malartaithe comhad dá dtagraítear in Airteagal 4(5).
I gcás ina dtíolacfar na ráitis tacaíochta a bailíodh ar líne agus i bhfoirm páipéir ar leithligh, cuirfear tús leis an tréimhse sin nuair a bheidh na ráitis tacaíochta uile faighte ag an údarás inniúil.
Chun críche na ráitis tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir a fhíorú, ní gá sínithe a fhíordheimhniú.
Sonrófar sa deimhniú an líon ráiteas tacaíochta bailí a bailíodh i bhfoirm páipéir agus ar líne lena n-áirítear na ráitis a bailíodh i bhfoirm páipéir agus a uaslódáladh de bhun an dara fomhír d'Airteagal 10(3).
Airteagal 13
Tionscnamh a thíolacadh don Choimisiún
Laistigh de 3 mhí tar éis an deimhniú deireanach dá bhforáiltear in Airteagal 12(5) a fháil, cuirfidh an grúpa d'eagraithe an tionscnamh faoi bhráid an Choimisiúin.
Tíolacfaidh an grúpa d'eagraithe an fhoirm atá leagtha amach in Iarscríbhinn VII agus í comhlánaithe, mar aon le cóipeanna, i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach, de na deimhnithe dá bhforáiltear in Airteagal 12(5).
Déanfaidh an Coimisiún an fhoirm atá leagtha amach in Iarscríbhinn VII a chur ar fáil don phobal sa chlár.
Airteagal 14
Foilsiú agus éisteacht phoiblí
Déanfaidh Parlaimint na hEorpa an éisteacht a eagrú ina háitreabh.
Déanfar ionadaíocht ar an gCoimisiún ag an éisteacht ar leibhéal iomchuí.
Tabharfar deis don Chomhairle, d'institiúidí eile agus do chomhlachtaí comhairleacha eile an Aontais, do na parlaimintí náisiúnta agus don tsochaí shibhialta a bheith i láthair ag an éisteacht.
Áiritheoidh Parlaimint na hEorpa go ndéanfar ionadaíocht chothrom ar na leasanna poiblí agus príobháideacha.
Airteagal 15
Scrúdúchán an Choimisiúin
I gcás ina bhfuil sé i gceist ag an gCoimisiún gníomhú mar fhreagairt ar an tionscnamh, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, togra nó tograí le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais a ghlacadh, leagfar amach sa teachtaireacht an amlíne atá beartaithe maidir leis na gníomhaíochtaí sin.
Tabharfar fógra faoin teachtaireacht sin don ghrúpa d'eagraithe agus do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún agus cuirfear ar fáil don phobal é.
Soláthróidh an Coimisiún, sa chlár agus sa suíomh gréasáin poiblí maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, faisnéis atá cothrom le dáta maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí atá leagtha amach sa teachtaireacht a glacadh mar fhreagairt ar an tionscnamh.
Airteagal 16
Obair leantach ag Parlaimint na hEorpa ar thionscnaimh rathúla ó na saoránaigh
Déanfaidh Parlaimint na hEorpa measúnú ar na bearta a ghlacfaidh an Coimisiún de bharr a theachtaireachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2).
CAIBIDIL III
FORÁLACHA EILE
Airteagal 17
Trédhearcacht
Beidh na foinsí dearbhaithe cistithe agus tacaíochta, lena n-áirítear na hurraí, agus na méideanna a fhreagraíonn dóibh inaitheanta go soiléir.
Cuirfidh an grúpa d'eagraithe faisnéis ar fáil freisin faoi na heagraíochtaí a thugann cúnamh dó ar bhonn deonach, i gcás nach bhfuil an tacaíocht sin inchainníochtaithe ar bhonn eacnamaíoch.
Déanfar an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta gach 2 mhí ar a laghad le linn na tréimhse ón dáta cláraithe go dtí an dáta a dtíolacfar an tionscnamh don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 13. Cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí é ar bhealach soiléir inrochtana sa chlár agus ar an suíomh gréasáin poiblí maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh.
Féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis bhreise maidir le gearáin a fhaightear i gcomhréir leis an mír seo a iarraidh ar an ngrúpa d'eagraithe, agus, de réir mar is iomchuí, an fhaisnéis a thabhairt cothrom le dáta i ndáil leis na foinsí dearbhaithe cistithe agus tacaíochta sa chlár.
Airteagal 18
Cumarsáid
Rannchuideoidh Parlaimint na hEorpa le gníomhaíochtaí cumarsáide an Choimisiúin.
Cuirfear in iúl do shínitheoirí ionchasacha nach mbraitheann a gceart chun tacú le tionscnamh ar a dtoiliú a seoladh ríomhphoist a thabhairt.
Airteagal 19
Sonraí pearsanta a chosaint
Airteagal 20
Údaráis inniúla sna Ballstáit
Cuirfidh an Coimisiún ainmneacha agus seoltaí na n-údarás a ainmnítear de bhun mhír 1 agus mír 2 ar fáil go poiblí sa chlár.
Airteagal 21
Bearta náisiúnta a chur in iúl
CAIBIDIL IV
GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME
Airteagal 22
Nós imeachta coiste
Airteagal 23
Cumhachtaí tarmligthe
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24 chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, faoi chuimsiú raon feidhme fhorálacha an Rialacháin seo a mbaineann na hIarscríbhinní sin leo.
Airteagal 24
An tarmligean a fheidhmiú
CAIBIDIL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 25
Athbhreithniú
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú tréimhsiúil ar fheidhmiú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh agus tíolacfaidh sé tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo tráth nach déanaí ná 1 Eanáir 2024, agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin. Cumhdófar sna tuarascálacha sin an aois íosta chun tacú le tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh sna Ballstáit. Déanfar na tuarascálacha a chur ar fáil go poiblí.
Airteagal 26
Aisghairm
Aisghairfear Rialachán (AE) Uimh. 211/2011, le héifeacht ón 1 Eanáir 2020.
Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.
Airteagal 27
Foráil idirthréimhseach
Leanfaidh Airteagal 5 go hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 de bheith i bhfeidhm tar éis an 1 Eanáir 2020 maidir le tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh atá cláraithe roimh an 1 Eanáir 2020.
Airteagal 28
Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2020.
Beidh feidhm ag Airteagail 9(4), 10, 11(5), agus 20 go 24, áfach, ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
AN LÍON ÍOSTA SÍNITHEOIRÍ IN AGHAIDH AN BHALLSTÁIT
|
An Bheilg |
14 805 |
|
An Bhulgáir |
11 985 |
|
An tSeicia |
14 805 |
|
An Danmhairg |
9 870 |
|
An Ghearmáin |
67 680 |
|
An Eastóin |
4 935 |
|
Éire |
9 165 |
|
An Ghréig |
14 805 |
|
An Spáinn |
41 595 |
|
An Fhrainc |
55 695 |
|
An Chróit |
8 460 |
|
An Iodáil |
53 580 |
|
An Chipir |
4 230 |
|
An Laitvia |
5 640 |
|
An Liotuáin |
7 755 |
|
Lucsamburg |
4 230 |
|
An Ungáir |
14 805 |
|
Málta |
4 230 |
|
An Ísiltír |
20 445 |
|
An Ostair |
13 395 |
|
An Pholainn |
36 660 |
|
An Phortaingéil |
14 805 |
|
An Rómáin |
23 265 |
|
An tSlóivéin |
5 640 |
|
An tSlóvaic |
9 870 |
|
An Fhionlainn |
9 870 |
|
An tSualainn |
14 805 |
IARSCRÍBHINN II
FAISNÉIS IS GÁ CHUN TIONSCNAMH A CHLÁRÚ
1. Teideal an tionscnaimh, gan níos mó ná 100 carachtar a bheith ann ( *1 );
2. Cuspóirí an tionscnaimh ar ina leith a iarrtar ar an gCoimisiún gníomhú, gan níos mó ná 1 100 carachtar a bheith ann gan spásanna a áireamh (meán coigeartaithe in aghaidh na teanga (*1) ;
Féadfaidh grúpa d'eagraithe iarscríbhinn a sholáthar faoi ábhar, faoi chuspóirí agus faoi chúlra an tionscnaimh, gan níos mó ná 5 000 carachtar a bheith ann gan spásanna a áireamh; (meán coigeartaithe in aghaidh na teanga (*1) ;
Féadfaidh grúpa d'eagraithe faisnéis bhreise a sholáthar faoi ábhar, faoi chuspóirí agus faoi chúlra an tionscnaimh. Féadfaidh sé freisin, más mian leis, dréachtghníomh reachtach a thíolacadh;
3. Na forálacha de na Conarthaí a mheasann grúpa d'eagraithe a bheith ábhartha i ndáil leis an ngníomhaíocht atá beartaithe;
4. Ainmneacha iomlána, seoltaí poist, náisiúntachtaí agus dátaí breithe an tseachtair comhaltaí den ghrúpa d'eagraithe a bhfuil cónaí orthu i seacht mBallstát éagsúla, agus ainm an ionadaí agus ainm an ionadaí mhalartaigh, chomh maith lena seoltaí ríomhphoist agus a n-uimhreacha teileafóin, á léiriú go sonrach ( 2 );
Mura duine den seachtar comhaltaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír an t-ionadaí agus/nó an t-ionadaí malartach, ainm iomlán, seoladh poist, náisiúntacht, dáta breithe, seoltaí ríomhphost agus uimhir theileafóin an duine sin.
5. Doiciméid lena gcruthaítear ainmneacha iomlána, seoltaí poist, náisiúntachtaí agus dátaí breithe gach duine den seachtar comhaltaí dá dtagraítear i bpointe 4 agus an ionadaí agus an ionadaí mhalartaigh mura duine den seachtar comhaltaí sin iad;
6. Ainmneacha chomhaltaí eile an ghrúpa d'eagraithe;
7. Sa chás dá dtagraítear in Airteagal 5(7) de Rialachán (AE) 2019/788, i gcás inarb iomchuí, doiciméid lena gcruthaítear gur bunaíodh eintiteas dlíthiúil i gcomhréir le dlí náisiúnta Ballstáit go sonrach chun críche tionscnamh áirithe a bhainistiú agus lena gcruthaítear go bhfuil an sainordú ag an gcomhalta den ghrúpa d'eagraithe atá ainmnithe ina ionadaí ar an ngrúpa sin, go bhfuil an sainordú aige gníomhú thar ceann an eintitis dhlíthiúil.
8. Gach foinse tacaíochta agus cistithe don tionscnamh tráth an chlárúcháin.
IARSCRÍBHINN III
FOIRM RÁITIS TACAÍOCHTA — Cuid A ( 3 )
(do na Ballstáit nach gceanglaíonn go soláthrófaí uimhir aitheantais phearsanta/uimhir doiciméid aitheantais phearsanta)
Tá gach réimse ar an bhfoirm seo éigeantach.
LE COMHLÁNÚ ROIMH RÉ AG AN nGRÚPA D'EAGRAITHE:
1. Gach sínitheoir ar an bhfoirm seo, is saoránach é de chuid:
Marcáil Ballstát amháin in aghaidh an liosta.
2. Uimhir chlárúcháin an Choimisiúin Eorpaigh:
3. Dáta tosaithe agus dáta deiridh na tréimhse bailiúcháin:
4. Seoladh gréasáin an tionscnaimh seo ar chlár an Choimisiúin Eorpaigh:
5. Teideal an tionscnaimh seo
6. Cuspóirí an tionscnaimh:
7. Ainmneacha agus seoltaí ríomhphoist na ndaoine teagmhála cláraithe:
[sa chás dá dtagraítear in Airteagal 5(7) de Rialachán (AE) 2019/788, de réir mar is iomchuí, ina theannta sin: ainm an eintitis dhlíthiúil agus an tír ina bhfuil a shuíochán]
8. Suíomh gréasáin an tionscnaimh seo (más ann dó):
LE COMHLÁNÚ AG NA SÍNITHEOIRÍ I gCEANNLITREACHA:
“Deimhním leis seo go bhfuil an fhaisnéis atá tugtha agam san fhoirm seo ceart agus nár thacaigh mé leis an tionscnamh seo cheana.”
|
CÉADAINMNEACHA IOMLÁNA |
SLOINNTE |
ÁIT CHÓNAITHE (1) (sráid, uimhir, cód poist, cathair, tír) |
DÁTA BREITHE |
Dáta |
Síniú (2) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
(1)
Náisiúnaigh de chuid na Gearmáine atá ina gcónaí taobh amuigh den tír, má tá a n-áit chónaithe bhuan faoi láthair cláraithe ag a n-ionadaíocht Ghearmánach taidhleoireachta ar an gcoigríoch.
(2)
Ní bheidh an síniú éigeantach má dhéantar an fhoirm a thíolacadh ar líne ag baint úsáid as an lárchóras bailithe ar líne dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/788 nó as córas bailithe ar líne ar leithligh dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán sin. |
|||||
Ráiteas príobháideachais ( 4 ) maidir leis na ráitis tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir nó trí chórais bailithe ar líne ar leithligh:
Ráiteas príobháideachais maidir leis na ráitis tacaíochta a bailíodh ar líne tríd an lárchóras bailithe ar líne:
FOIRM RÁITIS TACAÍOCHTA — Cuid B ( 5 )
(do na Ballstáit a cheanglaíonn go soláthrófar uimhir aitheantais phearsanta/uimhir doiciméid aitheantais phearsanta)
Tá gach réimse ar an bhfoirm seo éigeantach.
LE COMHLÁNÚ ROIMH RÉ AG AN nGRÚPA D'EAGRAITHE:
1. Gach sínitheoir ar an bhfoirm seo, is saoránach é de chuid:
Marcáil Ballstát amháin in aghaidh an liosta.
Féach suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh chun na huimhreacha aitheantais pearsanta/uimhreacha doiciméid aitheantais phearsanta a fháil, nach mór ceann acu a sholáthar.
2. Uimhir chlárúcháin an Choimisiúin Eorpaigh:
3. Dáta tosaithe agus dáta deiridh na tréimhse bailiúcháin:
4. Seoladh gréasáin an tionscnaimh seo ar chlár an Choimisiúin Eorpaigh:
5. Teideal an tionscnaimh seo:
6. Ábhar an tionscnaimh:
7. Ainmneacha agus seoltaí ríomhphoist na ndaoine teagmhála cláraithe:
[Ina theannta sin, sa chás dá dtagraítear in Airteagal 5(7) de Rialachán (AE) 2019/788 de réir mar is iomchuí: ainm an eintitis dhlíthiúil agus an tír ina bhfuil a shuíochán].:
8. Suíomh gréasáin an tionscnaimh seo (más ann dó):
LE COMHLÁNÚ AG NA SÍNITHEOIRÍ I gCEANNLITREACHA:
“Deimhním leis seo go bhfuil an fhaisnéis atá tugtha agam san fhoirm seo ceart agus nár thacaigh mé leis an tionscnamh seo cheana.”
|
Céadainmneacha iomlána |
Sloinnte |
UIMHIR aitheantais PHEARSANTA/UIMHIR DOICIMÉID AITHEANTAIS PHEARSANTA |
An cineál uimhreach aitheantais pearsanta nó doiciméid aitheantais phearsanta |
Dáta |
Síniú (1) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
(1)
Ní bheidh an síniú éigeantach má dhéantar an fhoirm a thíolacadh ar líne ag baint úsáid as an lárchóras bailithe ar líne dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/788 nó as córas bailithe ar líne ar leithligh dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán sin. |
|||||
Ráiteas príobháideachais ( 6 ) maidir leis na ráitis tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir nó trí chórais bailithe ar líne ar leithligh:
Ráiteas príobháideachais maidir leis na ráitis tacaíochta a bailíodh ar líne tríd an lárchóras bailithe ar líne:
IARSCRÍBHINN IV
DEIMHNIÚ LENA nDEIMHNÍTEAR COMHRÉIREACHT CÓRAIS BAILITHE AR LÍNE LE RIALACHÁN (AE) 2019/788 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE AN 17 AIBREÁN 2019 MAIDIR LEIS AN TIONSCNAMH EORPACH Ó NA SAORÁNAIGH
Deimhníonn …. (ainm an údaráis inniúil) as … (ainm an Bhallstáit), leis seo, go bhfuil forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh á gcomhlíonadh i gcás an chórais bailithe ar líne ar leithligh … (seoladh suímh gréasáin) a úsáideadh chun ráitis tacaíochta a bhailiú do... (teideal an tionscnaimh) a bhfuil an uimhir chlárúcháin... (uimhir chlárúcháin an tionscnaimh) aige.
Dáta, síniú agus stampa oifigiúil an údaráis inniúil:
IARSCRÍBHINN V
FOIRM CHUN RÁITIS TACAÍOCHTA A THÍOLACADH D'ÚDARÁIS INNIÚLA NA mBALLSTÁT
1. Ainmneacha iomlána, seoltaí poist agus seoltaí ríomhphoist na ndaoine teagmhála (ionadaí agus ionadaí malartach an ghrúpa d'eagraithe) nó an eintitis dhlíthiúil a bhainistíonn an tionscnamh agus a ionadaí siúd:
2. Teideal an tionscnaimh:
3. Uimhir chlárúcháin an Choimisiúin:
4. Dáta clárúcháin:
5. An líon sínitheoirí ar náisiúnaigh de chuid (ainm an Bhallstáit) iad:
6. An líon iomlán ráiteas tacaíochta a bailíodh:
7. An líon Ballstát inar sroicheadh an tairseach:
8. Iarscríbhinní:
(Cuirtear faoi iamh leis seo gach ráiteas tacaíochta ó shínitheoirí ar náisiúnaigh iad den Bhallstát ábhartha.
Más infheidhme, cuirtear faoi iamh leis seo deimhniú comhréireachta ábhartha an chórais bailithe ar líne ar leithligh le Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh).
9. Dearbhaím leis seo go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear san fhoirm seo ceart agus gur bailíodh na ráitis tacaíochta i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh.
10. Dáta agus síniú duine de na daoine teagmhála (ionadaí/ionadaí malartach ( 7 )) nó ionadaí an eintitis dhlíthiúil:
IARSCRÍBHINN VI
DEIMHNIÚ LENA nDEIMHNÍTEAR AN LÍON RÁITEAS TACAÍOCHTA BAILÍ ARNA mBAILIÚ LE hAGHAIDH … (AINM AN BHALLSTÁIT)
Deimhníonn … (ainm an údaráis inniúil) as … (ainm an Bhallstáit), leis seo, tar éis na fíoruithe is gá a dhéanamh a cheanglaítear le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, go bhfuil (an líon ráiteas tacaíochta bailí) ráiteas tacaíochta don tionscnamh a bhfuil an uimhir chlárúcháin... (uimhir chlárúcháin an tionscnaimh) aige, bailí i gcomhréir le forálacha an Rialacháin sin.
Dáta, síniú agus stampa oifigiúil
IARSCRÍBHINN VII
FOIRM CHUN TIONSCNAMH Ó NA SAORÁNAIGH A THÍOLACADH DON CHOIMISIÚN EORPACH
1. Teideal an tionscnaimh:
2. Uimhir chlárúcháin an Choimisiúin:
3. Dáta clárúcháin:
4. An líon ráiteas tacaíochta bailí a fuarthas (ní mór aon mhilliún amháin ar a laghad a bheith ann):
5. An líon sínitheoirí ar thug Ballstáit deimhniú ina leith:
|
|
BE |
BG |
CZ |
DK |
DE |
EE |
IE |
EL |
ES |
FR |
HR |
IT |
CY |
LV |
LT |
LU |
|
An líon sínitheoirí |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
HU |
MT |
NL |
AT |
PL |
PT |
RO |
SI |
SK |
FI |
SE |
UK |
IOMLÁN |
|||
|
An líon sínitheoirí |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|||
6. Ainmneacha iomlána, seoltaí poist agus seoltaí ríomhphoist na ndaoine teagmhála (ionadaí agus ionadaí malartach an ghrúpa d'eagraithe) ( 8 ) nó an eintitis dhlíthiúil a bhainistíonn an tionscnamh agus a ionadaí siúd:
7. Léirigh na foinsí tacaíochta agus cistithe go léir a fuarthas don tionscnamh, lena n-áirítear an méid tacaíochta airgeadais tráth an tíolactha:
8. Dearbhaím leis seo go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear san fhoirm seo ceart agus gur comhlíonadh na nósanna imeachta agus na coinníollacha ábhartha go léir atá leagtha amach i Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh.
Dáta agus síniú duine de na daoine teagmhála (ionadaí/ionadaí malartach ( 9 )) nó ionadaí an eintitis dhlíthiúil:
9. Iarscríbhinní: (Cuirtear gach deimhniú faoi iamh leis seo)
( 1 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1501 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 maidir leis an gcreat idir-inoibritheachta de bhun Airteagal 12(8) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (IO L 235, 9.9.2015, lch. 1).
( *1 ) Is é an Coimisiún a sholáthraíonn an t-aistriúchán i ngach teanga oifigiúil de chuid institiúidí an Aontais, i gcás na dtionscnamh cláraithe go léir.
( 2 ) Ní chuirfear ar fáil don phobal i gclár ar líne an Choimisiúin ach ainmneacha iomlána bhaill an ghrúpa d'eagraithe, tír chónaithe an ionadaí nó, i gcás inarb iomchuí, ainm an eintitis dhlíthiúil agus an tír ina bhfuil a shuíochán, seoltaí ríomhphoist na ndaoine teagmhála agus faisnéis a bhaineann leis na foinsí tacaíochta agus cistithe. Tá sé de cheart ag ábhair sonraí agóid a dhéanamh i gcoinne fhoilsiú a gcuid sonraí pearsanta ar chúiseanna dosháraithe dlisteanacha a bhaineann lena gcúinsí áirithe.
( 3 ) Clófar an fhoirm ar bhileog amháin. Féadfaidh grúpa d'eagraithe bileog dhéthaobhach a úsáid. Úsáidfear cód arna chur ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach chun críche na ráitis tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir a uaslódáil go dtí an lárchóras bailithe ar líne.
( 4 ) Ná húsáidtear ach ceann den dá leagan den ráiteas príobháideachais atá molta, ag brath ar an modh bailithe.
( 5 ) Clófar an fhoirm ar bhileog amháin. Féadfaidh grúpa d'eagraithe bileog dhéthaobhach a úsáid. Úsáidfear cód arna chur ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach chun críche na ráitis tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir a uaslódáil go dtí an lárchóras bailithe ar líne.
( 6 ) Ná húsáidtear ach ceann den dá leagan den ráiteas príobháideachais atá molta, ag brath ar an modh bailithe.
( 7 ) Scrios de réir mar is iomchuí
( 8 ) Ní dhéanfar ach ainmneacha iomlána bhaill an ghrúpa d'eagraithe, tír chónaithe an ionadaí nó, i gcás inarb iomchuí, ainm an eintitis dhlíthiúil agus an tír ina bhfuil a shuíochán seoltaí ríomhphoist na ndaoine teagmhála agus faisnéis a bhaineann le foinsí tacaíochta agus cistithe a sholáthar don phobal i gclár ar líne an Choimisiúin. Tá sé de cheart ag ábhair sonraí agóid a dhéanamh i gcoinne fhoilsiú a sonraí pearsanta ar chúiseanna dosháraithe dlisteanacha a bhaineann lena gcúinsí áirithe.
( 9 ) Scrios de réir mar is iomchuí.