02019L2162 — GA — 09.01.2024 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

TREOIR (AE) 2019/2162 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 27 Samhain 2019

maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE agus 2014/59/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 328 18.12.2019, lch. 29)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

TREOIR (AE) 2023/2864 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 13 Nollaig 2023

  L 

1

20.12.2023




▼B

TREOIR (AE) 2019/2162 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 27 Samhain 2019

maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE agus 2014/59/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



TEIDEAL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME, AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos sa Treoir seo na rialacha cosanta infheisteoirí a leanas lena mbaineann:

(1) 

ceanglais maidir le bannaí faoi chumhdach a eisiúint;

(2) 

gnéithe struchtúracha na mbannaí faoi chumhdach;

(3) 

maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach;

(4) 

ceanglais foilsithe i ndáil le bannaí faoi chumhdach.

Airteagal 2

Raon feidhme

Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint ag institiúidí creidmheasa atá bunaithe san Aontas.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “banna faoi chumhdach” oibleagáid fiachais atá eisithe ag institiúid creidmheasa i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuítear ceanglais éigeantacha na Treorach seo agus atá urrúsaithe ag sócmhainní cumhdaigh ar féidir le hinfheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach dul ina n‐iontaoibh mar chreidiúnaithe tosaíochta;

(2) 

ciallaíonn “clár bannaí faoi chumhdach” na gnéithe struchtúracha d’eisiúint bhannaí faoi chumhdach a chinntear le rialacha reachtúla agus le téarmaí conarthacha agus coinníollacha conarthacha, i gcomhréir leis an gcead arna dheonú don institiúid creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach;

(3) 

ciallaíonn “comhthiomsú cumhdaigh” tacar sócmhainní atá sainithe go soiléir lena n‐urramaítear na hoibleagáidí íocaíochta a ghabhann le bannaí faoi chumhdach agus atá leithscartha ó shócmhainní eile atá i seilbh na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach;

(4) 

ciallaíonn “sócmhainní cumhdaigh” sócmhainní a áirítear i gcomhthiomsú cumhdaigh;

(5) 

ciallaíonn “sócmhainní comhthaobhachta” sócmhainní fisiceacha agus sócmhainní i bhfoirm risíochtaí lena n‐urramaítear sócmhainní cumhdaigh;

(6) 

ciallaíonn “leithscaradh” na gníomhaíochtaí a dhéanann institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach chun sócmhainní cumhdaigh a aithint agus iad a chur go dlíthiúil thar acmhainn na gcreidiúnaithe cé is moite d’infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach agus contrapháirtithe conarthaí díorthacha;

(7) 

ciallaíonn “institiúid creidmheasa” institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(8) 

ciallaíonn “institiúid speisialaithe creidmheasa morgáiste” institiúid creidmheasa nach gcistíonn iasachtaí ach amháin trí bhannaí faoi chumhdach a eisiúint, nó a chistíonn iad go príomha trí bhannaí a eisiúint, nach bhfuil ceadaithe de réir an dlí ach amháin chun iasachtaí morgáiste agus earnála poiblí a dhéanamh agus nach bhfuil ceadaithe éarlaisí a ghlacadh, ach a ghlacann cistí in-aisíoctha eile ón bpobal;

(9) 

ciallaíonn “luasghéarú uathoibríoch” dáil ina thagann banna faoi chumhdach chun a bheith dlite agus iníoctha láithreach bonn go huathoibríoch ar dhócmhainneacht nó réiteach an eisitheora agus go bhfuil ina leith éileamh in-fhorfheidhmithe ar aisíocaíocht ag am níos luaithe ná an dáta aibíochta bunaidh ag na hinfheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach;

(10) 

ciallaíonn “luach margaidh”, chun críoch maoine dochorraithe, luach margaidh mar a shainmhínítear i bpointe (76) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(11) 

ciallaíonn “luach iasachta morgáiste”, chun críoch maoine dochorraithe, an luach iasachta morgáiste mar a shainmhínítear i bpointe (74) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(12) 

ciallaíonn “sócmhainní príomhúla” sócmhainní cumhdaigh cinsealacha lena socraítear cineál an chomhthiomsaithe cumhdaigh;

(13) 

ciallaíonn “sócmhainní ionadaíochta” sócmhainní cumhdaigh a rannchuidíonn le ceanglais chumhdaigh, cé is moite de shócmhainní príomhúla;

(14) 

ciallaíonn “ró-urrúsú comhthaobhach” leibhéal reachtach, conarthach nó deonach na comhthaobhachta ina iomláine a sháraíonn an ceanglas cumhdaigh mar a leagtar amach in Airteagal 15;

(15) 

ciallaíonn “ceanglais cistiúcháin meaitseála” rialacha lena gceanglaítear nach mór meaitseáil a dhéanamh idir na sreafaí airgid idir dliteanais agus sócmhainní a bhfuil íocaíocht ina leith dlite trína áirithiú i dtéarmaí conarthacha agus coinníollacha conarthacha go mbeidh íocaíochtaí ó iasachtóirí agus contrapháirtithe na gconarthaí díorthach dlite sula ndéanfar íocaíochtaí d’infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach agus do chontrapháirtithe na gconarthaí díorthach, go mbeidh na suimeanna a gheofar cothrom ar a laghad le luach na n‐íocaíochtaí atá le híoc le hinfheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach agus le contrapháirtithe na gconarthaí díorthach, agus go gcuirtear na méideanna a fhaightear ó iasachtaithe agus ó chontrapháirtithe na gconarthaí díorthach san áireamh sa chomhthiomsú cumhdaigh i gcomhréir le hAirteagal 16(3) go dtí go mbeidh na híocaíochtaí dlite do na hinfheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach agus contrapháirtithe na gconarthaí díorthach;

(16) 

ciallaíonn “glan-eis-sreabhadh leachtachta” gach eis-sreabhadh íocaíochta a thiocfaidh chun a bheith iníoctha ar aon lá, lena n-áirítear íocaíochtaí príomhshuime agus úis mar aon le híocaíochtaí faoi chonarthaí díorthach an chláir bannaí faoi chumhdach, glan ó gach insreabhadh íocaíochta a thiocfaidh chun a bheith iníoctha ar an lá céanna le haghaidh na n‐éileamh a bhaineann leis na sócmhainní cumhdaigh;

(17) 

ciallaíonn “struchtúr aibíochta insínte” sásra lena soláthraítear deis aibíocht sceidealta bannaí faoi chumhdach a shíneadh ar feadh tréimhse réamhshocraithe ama agus i gcás ina dtarlóidh truicear sonrach;

(18) 

ciallaíonn “maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach” maoirseacht ar chláir bannaí faoi chumhdach lena n‐áirítear comhlíonadh agus forfheidhmiú na gceanglas is infheidhme maidir le heisiúint na mbannaí faoi chumhdach;

(19) 

ciallaíonn “riarthóir speisialta” an duine nó an t‐eintiteas a ceapadh chun clár bannaí faoi chumhdach a riar i gcás dócmhainneacht institiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach faoin gclár sin, nó nuair a cinneadh go bhfuil ag cliseadh ar institiúid creidmheasa den sórt sin nó gur dócha go gclisfear air de bhun Airteagal 32(1) de Threoir 2014/59/AE nó, i gcásanna eisceachtúla, i gcás ina gcinneann an t‐údarás ábhartha inniúil go bhfuil feidhmiú cuí na hinstitiúide creidmheasa sin go mór i mbaol;

(20) 

ciallaíonn “réiteach” réiteach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE;

(21) 

ciallaíonn “grúpa” grúpa mar a shainmhínítear i bpointe (138) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(22) 

ciallaíonn “gnóthais phoiblí” gnóthais phoiblí mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 2 de Threoir 2006/111/CE ón gCoimisiún.

TEIDEAL II

GNÉITHE STRUCHTÚRACHA NA mBANNAÍ FAOI CHUMHDACH

CAIBIDIL 1

Dé-iontaoibh agus scoiteacht féimheachta

Airteagal 4

Dé-iontaoibh

1.  

Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos lena dtabharfar teidlíocht do na hinfheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach agus contrapháirtithe conarthaí díorthach a chomhlíonann Airteagal 11 ar na teidil seo a leanas:

(a) 

teideal i leith na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach;

(b) 

i gcás dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach; teideal céadtosaíochta i leith na príomhshuime agus aon ús fabhraithe agus ús amach anseo ar shócmhainní cumhdaigh;

(c) 

i gcás dhócmhainneacht na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach agus i gcás nach féidir an teideal céadtosaíochta dá dtagraítear i bpointe (b) a chomhlíonadh go hiomlán, teideal i leith eastát dócmhainneachta na hinstitiúide creidmheasa sin, institiúid atá rangaithe pari passu le teidil ghnáthchreidiúnaithe neamhurraithe na hinstitiúide creidmheasa arna gcinneadh i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta lena rialaítear an rangú in imeachtaí dócmhainneachta.

2.  
Beidh na teidil dá dtagraítear i mír 1 teoranta do na hoibleagáidí maidir le híocaíocht iomlán a ghabhann leis na bannaí faoi chumhdach.
3.  
Chun críocha phointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo, i gcás dócmhainneachta de chuid institiúide speisialaithe creidmheasa morgáiste, féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos lena ndeonaítear teideal d’infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach agus contrapháirtithe conarthaí díorthach a chomhlíonann Airteagal 11 atá rangaithe ar leibhéal níos sinsearaí ná teideal ghnáthchreidiúnaithe neamhurraithe na hinstitiúide speisialaithe creidmheasa morgáiste sin, rud a chinnfear de réir na ndlíthe náisiúnta lena rialaítear rangú creidiúnaithe in imeachtaí dócmhainneachta, ach an teideal sin fós rangaithe ar leibhéal níos sóisearaí ná aon cheann de na creidiúnaithe tosaíochta eile.

Airteagal 5

Scoiteacht féimheachta bannaí faoi chumhdach

Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na hoibleagáidí íocaíochta a ghabhann le bannaí faoi chumhdach faoi réir luasghéarú uathoibríoch de dhroim dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach.

CAIBIDIL 2

Comhthiomsú cumhdaigh agus cumhdach

Cuid 1

Sócmhainní incháilithe

Airteagal 6

Sócmhainní cumhdaigh incháilithe

1.  

Éileoidh na Ballstáit go mbeidh bannaí faoi chumhdach i gcónaí urrúsaithe ag an méid seo a leanas:

(a) 

sócmhainní atá incháilithe de bhun Airteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar choinníoll go gcomhlíonann an institiúid creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach ceanglais mhíreanna 1a go 3 d’Airteagal 129 den Rialachán sin;

(b) 

sócmhainní cumhdaigh ardcháilíochta lena n‐áirithítear go bhfuil éileamh ar íocaíocht ag an institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach mar a leagtar amach i mír 2 agus atá urrúsaithe ag sócmhainní comhthaobhachta mar a leagtar amach i mír 3; nó

(c) 

sócmhainní i bhfoirm iasachtaí atá le tabhairt do ghnóthais phoiblí nó arna ráthú ag gnóthais phoiblí, faoi réir mhír 4 den Airteagal seo.

2.  

Beidh an t‐éileamh ar íocaíocht dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 faoi réir na gceanglas dlí seo a leanas:

(a) 

is ionann an tsócmhainn agus éileamh ar íocaíocht airgid a mbíonn íosluach aige is inchinnte i gcónaí, atá bailí agus in-fhorfheidhmithe de réir dlí, nach bhfuil faoi réir coinníollacha seachas an coinníoll go n‐aibeoidh an t‐éileamh ar dháta éigin amach anseo, agus go bhfuil an t‐éileamh urrúsaithe le morgáiste, muirear, lian nó ráthaíocht eile;

(b) 

tá an morgáiste, an táille, an lian nó an ráthaíocht eile lena n‐urrúsaítear an t‐éileamh ar íocaíocht in-fhorfheidhmithe;

(c) 

comhlíonadh gach ceanglas dlíthiúil maidir leis an morgáiste, an táille, an lian nó ráthaíocht eile lena n‐urrúsaítear an t‐éileamh ar íocaíocht a bhunú;

(d) 

cuireann an morgáiste, an táille, an lian nó an ráthaíocht eile lena n‐urrúsaítear an t‐éileamh ar íocaíocht ar chumas na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach luach an éilimh a aisghabháil gan moill mhíchuí.

Éileoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach measúnú ar in-fhorfheidhmitheacht na n‐éileamh ar íocaíocht agus ar an gcumas sócmhainní comhthaobhachta a réadú sula n‐áireoidh siad sa chomhthiomsú cumhdaigh iad.

3.  

Comhlíonfaidh na sócmhainní comhthaobhachta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 ceann amháin de na ceanglais seo a leanas:

(a) 

i gcás sócmhainní fisiciúla comhthaobhachta, tá caighdeáin luachála ann a nglactar leo i gcoitinne i measc saineolaithe agus atá oiriúnach don tsócmhainn fhisiciúil comhthaobhachta lena mbaineann agus tá clár poiblí ann ina dtaifeadtar úinéireacht na sócmhainní fisiciúla comhthaobhachta sin agus éilimh orthu; nó

(b) 

i gcás sócmhainní i bhfoirm risíochtaí, is intuigthe sábháilteacht agus fóntacht an chontrapháirtí risíochta as cumhachtaí ardaithe cánach nó as bheith faoi réir maoirseacht phoiblí leanúnach ar fhóntacht oibríochtúil agus ar sócmhainneacht airgeadais an chontrapháirtí.

Le sócmhainní fisiciúla comhthaobhachta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, rannchuideofar le cumhdach na ndliteanas a ghabhann leis an mbanna faoi chumhdach suas leis an méid is lú de phríomhshuim na lian atá cónasctha le haon lian roimhe sin agus 70 % de luach na sócmhainní fisiciúla comhthaobhachta sin. Sócmhainní fisiciúla comhthaobhachta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo agus ar sócmhainní slána iad mar a thagraítear dóibh i bpointe (a) de mhír 1, ceanglófar go gcomhlíonfaidh siad an teorainn de 70 % nó na teorainneacha atá in Airteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Más rud é, chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, nach ann d’aon chlár poiblí le haghaidh sócmhainn fhisiciúil comhthaobhachta ar leith, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le foirm mhalartach dheimhniúchán úinéireacht na sócmhainne fisiciúla comhthaobhachta sin agus foirm mhalartach éileamh ar an tsócmhainn fhisiciúil comhthaobhachta sin, a mhéid a sholáthraíonn foirm an deimhniúcháin sin cosaint atá inchomparáide leis an gcosaint a sholáthraítear le clár poiblí sa chiall is go gceadaítear léi, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit lena mbaineann, do thríú páirtithe leasmhara rochtain a fháil ar fhaisnéis a bhaineann leis na sócmhainní fisiciúla comhthaobhachta ualaithe a shainaithint, úinéireacht a chur i leith, doiciméadacht agus cur i leith na n‐ualach agus in-fhorfheidhmeacht na leasanna urrúis.

4.  

Chun críocha phointe (c) de mhír 1, bannaí faoi chumhdach arna n‐urrúsú ag iasachtaí nó arna ráthú mar shócmhainní príomhúla ag gnóthais phoiblí, beidh siad faoi réir íosleibhéal 10 % de ró-urrúsú comhthaobhach beidh siad faoi réir gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

déanann na gnóthais phoiblí seirbhísí poiblí riachtanacha a sholáthar ar bhonn ceadúnais, conradh lamháltais nó foirm eile iontaoibhe arna deonú ag údarás poiblí;

(b) 

tá na gnóthais phoiblí faoi réir maoirseacht phoiblí;

(c) 

tá cumhachtaí leordhóthanacha ginte ioncaim ag na gnóthais phoiblí, rud a áirithítear toisc gur fíor an méid seo a leanas i leith na ngnóthas poiblí sin:

(i) 

tá solúbthacht leordhóthanach acu i ndáil le táillí, muirir agus infháltais i leith na seirbhíse arna soláthar a bhailiú agus a mhéadú chun a bhfóntacht airgeadais agus a sócmhainneacht airgeadais a áirithiú;

(ii) 

faigheann siad deontais leordhóthanacha ar bhonn reachtúil chun a bhfóntacht airgeadais agus a sócmhainneacht airgeadais a áirithiú mar mhalairt ar sheirbhísí poiblí riachtanacha a sholáthar, nó

(iii) 

tá comhaontú maidir le brabús agus caillteanas a aistriú déanta acu le húdarás poiblí.

5.  

Déanfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis an modheolaíocht agus leis an bpróiseas chun luacháil a dhéanamh ar shócmhainní fisiciúla comhthaobhachta a urrúsaíonn sócmhainní dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1. Áiritheofar an méid seo a leanas ar a laghad leis na rialacha sin:

(a) 

i gcás gach sócmhainne fisiciúla comhthaobhachta, is ann do luacháil reatha arb ionann í agus an luach margaidh nó an luach iasachta morgáiste, nó ar lú í ná an luach margaidh nó an luach iasachta morgáiste, tráth a dhéantar an tsócmhainn chumhdaigh a áireamh sa chomhthiomsú cumhdaigh;

(b) 

déanann luachálaí an luacháil, ar luachálaí é nó í ag a bhfuil na cáilíochtaí, an cumas agus an taithí is gá; agus

(c) 

tá an luachálaí neamhspleách ar an bpróiseas cinnteoireachta creidmheasa, ní áiríonn sé nó sí eilimintí amhantracha sa mheasúnú ar luach na sócmhainne fisiciúla comhthaobhachta, agus déanann sé nó sí luach na sócmhainne fisiciúla comhthaobhachta a dhoiciméadú ar bhealach trédhearcach agus soiléir.

6.  
Éileoidh na Ballstáit go mbeidh nósanna imeachta curtha ar bun ag na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach chun faireachán a dhéanamh féachaint an bhfuil na sócmhainní fisiciúla comhthaobhachta a urrúsaíonn sócmhainní dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 den Airteagal seo árachaithe a ndóthain in aghaidh priacal damáiste agus go bhfuil an t‐éileamh árachais leithscartha i gcomhréir le hAirteagal 12.
7.  
Éileoidh na Ballstáit go ndéanfaidh institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach doiciméadú ar na sócmhainní cumhdaigh dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 agus ar chomhlíonadh a mbeartas maidir le hiasachtaí a thabhairt le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuítear an tAirteagal seo.
8.  
Déanfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos lena n‐áiritheofar éagsúlú priacail sa chomhthiomsú cumhdaigh i ndáil le gráinneacht agus tiúchan ábhair i gcás sócmhainní nach bhfuil incháilithe faoi phointe (a) de mhír 1.

Airteagal 7

Sócmhainní comhthaobhachta atá lonnaithe lasmuigh den Aontas

1.  
Faoi réir mhír 2, féadfaidh na Ballstáit a cheadú d’institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach sócmhainní atá urrúsaithe ag sócmhainní comhthaobhachta atá lonnaithe lasmuigh den Aontas a áireamh sa chomhthiomsú cumhdaigh.
2.  
Nuair a cheadaíonn Ballstáit sócmhainní a áireamh dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh siad cosaint infheisteoirí trí cheangal a chur ar institiúidí creidmheasa a fhíorú go gcomhlíonann na sócmhainní comhthaobhachta sin na ceanglais go léir a leagtar amach in Airteagal 6. Áiritheoidh na Ballstáit go dtairgfear leis na sócmhainní comhthaobhachta sin leibhéal slándála atá cosúil le leibhéal slándála na sócmhainní comhthaobhachta atá lonnaithe san Aontas agus áiritheoidh siad go mbeidh réadú na sócmhainní comhthaobhachta sin in-fhorfheidhmithe le dlí ar dhóigh atá coibhéiseach i ndáiríre le réadú sócmhainní comhthaobhachta atá lonnaithe san Aontas.

Airteagal 8

Struchtúir bannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú in inghrúpa

Is féidir le Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le húsáid struchtúr bannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú in inghrúpa faoina n-úsáidtear bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint ag institiúid creidmheasa ar le grúpa í (“bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint go hinmheánach”) mar shócmhainní cumhdaigh le haghaidh eisiúint sheachtrach bannaí faoi chumhdach a rinne institiúid creidmheasa eile ar leis an ngrúpa céanna í (“bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint go seachtrach”). Beidh ar áireamh sna rialacha sin na ceanglais seo a leanas:

(a) 

go ndíoltar na bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint go hinmheánach leis an institiúid creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint go seachtrach;

(b) 

go n‐úsáidtear na bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint go hinmheánach mar shócmhainní cumhdaigh sa chomhthiomsú cumhdaigh le haghaidh na mbannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint go seachtrach agus go dtaifeadtar iad ar chlár comhardaithe na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach a eisítear go seachtrach;

(c) 

nach gcuimsítear sa chomhthiomsú cumhdaigh le haghaidh na mbannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint go seachtrach ach bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint go hinmheánach ag institiúid creidmheasa aonair laistigh den ghrúpa;

(d) 

go bhfuil sé beartaithe ag an institiúid creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach iad a dhíol le hinfheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach lasmuigh den ghrúpa;

(e) 

go gcáilíonn na bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint go hinmheánach agus go seachtrach araon le haghaidh chéim 1 den cháilíocht chreidmheasa dá dtagraítear i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 tráth a n‐eisiúna agus go bhfuil siad urrúsaithe ag sócmhainní cumhdaigh incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 6 den Treoir seo;

(f) 

i gcás struchtúir trasteorann bannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú in inghrúpa, go comhlíonann sócmhainní cumhdaigh na mbannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint go hinmheánach ceanglais incháilitheachta agus chumhdaigh na mbannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint go seachtrach.

Chun críocha phointe (e) den chéad fhomhír den Airteagal seo, féadfaidh údaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) a cheadú gur i gcás bannaí faoi chumhdach a cháilíonn do chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa tar éis athrú a mbeidh céim níos ísle den cháilíocht chreidmheasa a bhaineann leis na bannaí faoi chumhdach mar thoradh air, go leanfaidís de bheith ina gcuid de struchtúr bannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú in inghrúpa ar choinníoll go gcinneann na húdaráis inniúla sin nárbh ann don athrú ar an gcéim den cháilíocht chreidmheasa mar thoradh ar shárú ar na ceanglais don cheadú mar a leagtar amach i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuítear Airteagal 19(2). Cuirfidh údaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) aon chinneadh de bhun na fomhíre seo in iúl do ÚBE ina dhiaidh sin.

Airteagal 9

Comhchistiú

1.  
Ceadóidh na Ballstáit sócmhainní cumhdaigh incháilithe a thionscain institiúid creidmheasa agus a cheannaigh institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach atá le húsáid mar shócmhainní cumhdaigh le haghaidh eisiúint na mbannaí faoi chumhdach.

Déanfaidh na Ballstáit ceannacháin den sórt sin a rialáil chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 6 agus 12.

2.  
Gan dochar don cheanglas a leagtar amach sa dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit aistrithe a cheadú trí bhíthin socrú comhthaobhachta airgeadais de bhun Threoir 2002/47/CE.
3.  
Gan dochar don cheanglas a leagtar amach sa dara fomhír de mhír 1, maidir le sócmhainní arna dtionscnamh ag gnóthas nach institiúid creidmheasa é, féadfaidh na Ballstáit a n‐úsáid mar shócmhainní cumhdaigh a cheadú. I gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit an rogha sin a fheidhmiú, éileoidh siad go ndéanfaidh an institiúid creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach measúnú ar chaighdeáin deonaithe creidmheasa an ghnóthais ónar tionscnaíodh na sócmhainní cumhdaigh, sin nó go ndéanfaidh an institiúid creidmheasa féin measúnú críochnúil ar acmhainneacht creidmheasa an iasachtaí.

Airteagal 10

Comhdhéanamh an chomhthiomsaithe cumhdaigh

Áiritheoidh na Ballstáit cosaint d’infheisteoirí trí rialacha a leagan síos maidir le comhdhéanamh an chomhthiomsaithe cumhdaigh. Leis na rialacha sin, leagfar síos, i gcás inarb ábhartha, na coinníollacha maidir le sócmhainní príomhúla a bhfuil saintréithe éagsúla acu i dtéarmaí gnéithe struchtúracha, saolré nó próifíl priacal a bheith á n‐áireamh sa chomhthiomsú cumhdaigh ag institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach.

Airteagal 11

Conarthaí díorthach sa chomhthiomsú cumhdaigh

1.  

Áiritheoidh na Ballstáit cosaint d’infheisteoirí trí chead a thabhairt conarthaí díorthach a chur sa chomhthiomsú cumhdaigh i gcás ina mbeidh na ceanglais seo a leanas ar a laghad comhlíonta, agus sa chás sin amháin:

(a) 

tá na conarthaí díorthach sa chomhthiomsú cumhdaigh go heisiach chun críoch fálaithe priacail, déantar a dtoirt a choigeartú i gcás laghdú ar an bpriacal fálaithe agus baintear iad nuair a scoirfidh an priacal fálaithe de bheith ann;

(b) 

tá na conarthaí díorthach doiciméadaithe go leordhóthanach;

(c) 

tá na conarthaí díorthach leithscartha i gcomhréir le hAirteagal 12;

(d) 

ní féidir na conarthaí díorthach a fhoirceannadh de dhroim dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a d’eisigh na bannaí faoi chumhdach;

(e) 

tá na rialacha a leagtar síos i gcomhréir le mír 2 comhlíonta sna conarthaí díorthach.

2.  

Chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais atá liostaithe i mír 1, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le conarthaí díorthach sa chomhthiomsú cumhdaigh. Sonrófar leis na rialacha sin:

(a) 

na critéir incháilitheachta le haghaidh na gcontrapháirtithe fálaithe;

(b) 

an doiciméadú is gá a sholáthar maidir le conarthaí díorthach.

Airteagal 12

Leithscaradh sócmhainní cumhdaigh

1.  

Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha lena rialófar leithscaradh na sócmhainní cumhdaigh. Beidh na ceanglais seo a leanas ar a laghad ar áireamh sna rialacha sin:

(a) 

tá na sócmhainní cumhdaigh go léir inaitheanta i gcónaí ag an institiúid creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach;

(b) 

tá na sócmhainní cumhdaigh go léir sa chomhthiomsú cumhdaigh faoi réir leithscaradh atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá in-fhorfheidhmithe ag an institiúid creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach;

(c) 

tá na sócmhainní cumhdaigh go léir cosanta ar éilimh tríú páirtí agus níl aon sócmhainn chumhdaigh ina cuid d’eastát dócmhainneachta na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach go dtí go sásófar an teideal céadtosaíochta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(1).

Chun críocha na chéad fhomhíre, áiritheofar aon chomhthaobhacht a fuarthas maidir le suíomhanna conarthaí díorthach leis na sócmhainní cumhdaigh.

2.  
Beidh feidhm ag leithscaradh na sócmhainní cumhdaigh dá dtagraítear i mír 1 freisin i gcás dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach.

Airteagal 13

Monatóir ar chomhthiomsú cumhdaigh

1.  
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go gceapfaidh na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach monatóir chun faireachán leanúnach a dhéanamh ar an gcomhthiomsú cumhdaigh i dtaca leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 6 go 12 agus in Airteagail 14 go 17.
2.  

I gcás ina bhfeidhmeoidh na Ballstáit an rogha dá bhforáiltear i mír 1, déanfaidh siad rialacha a leagan síos maidir leis na gnéithe seo a leanas ar a laghad:

(a) 

an monatóir ar an gcomhthiomsú cumhdaigh a cheapadh agus a chur as oifig;

(b) 

aon chritéir incháilitheachta maidir leis an monatóir ar an gcomhthiomsú cumhdaigh;

(c) 

ról agus dualgais an mhonatóra ar an gcomhthiomsú cumhdaigh, lena n‐áirítear i gcás dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach;

(d) 

an oibleagáid tuairisciú do na húdaráis inniúla atá ainmnithe de bhun Airteagal 18(2);

(e) 

an ceart rochtana ar fhaisnéis is gá le haghaidh dualgais an mhonatóra ar an gcomhthiomsú cumhdaigh a dhéanamh.

3.  
I gcás ina bhfeidhmeoidh na Ballstáit an rogha dá bhforáiltear i mír 1, beidh monatóir ar chomhthiomsú cumhdaigh scoite agus neamhspleách ón institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach agus ó iniúchóir na hinstitiúide creidmheasa sin.

Féadfaidh na Ballstáit monatóir ar chomhthiomsú cumhdaigh nach bhfuil ar leithligh ón institiúid creidmheasa (“monatóir inmheánach ar an gcomhthiomsú cumhdaigh”) a cheadú sna cásanna seo a leanas:

(a) 

tá an monatóir inmheánach ar an gcomhthiomsú cumhdaigh neamhspleách ó phróiseas cinnteoireachta creidmheasa na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach;

(b) 

gan dochar do phointe (a) de mhír 2, áirithíonn na Ballstáit nach féidir an monatóir inmheánach ar an gcomhthiomsú cumhdaigh a chur as an bpost sin mar mhonatóir ar chomhthiomsú cumhdaigh gan formheas roimh ré a fháil ón gcomhlacht bainistíochta i mbun a fheidhme maoirseachta ar an institiúid creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach; agus

(c) 

i gcás inar gá, tá rochtain dhíreach ag an monatóir inmheánach ar an gcomhthiomsú cumhdaigh ar an gcomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta.

4.  
I gcás ina bhfeidhmeoidh Ballstáit an rogha dá bhforáiltear i mír 1, tabharfaidh siad fógra do ÚBE.

Airteagal 14

Faisnéis don infheisteoir

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach faisnéis ar fáil faoi na cláir bannaí faoi chumhdach atá acu atá mionsonraithe a ndóthain le gur féidir le hinfheisteoirí próifíl agus priacail an chláir sin a mheas agus dícheall cuí a dhéanamh.
2.  

Chun críocha mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an fhaisnéis ar fáil d’infheisteoirí go ráithiúil ar a laghad, agus go mbeidh an fhaisnéis phunainne seo a leanas ar a laghad san áireamh:

(a) 

luach an chomhthiomsaithe cumhdaigh agus na mbannaí faoi chumhdach gan íoc;

(b) 

liosta de na hUimhreacha Aitheantais Idirnáisiúnta Urrús (ISINanna) i ndáil le gach banna faoi chumhdach arna eisiúint faoin gclár sin, a bhfuil ISIN tugtha dó;

(c) 

dáileachán geografach agus cineál na sócmhainní cumhdaigh, méid a n‐iasachtaí agus modh luachála na n‐iasachtaí;

(d) 

mionsonraí i ndáil le priacal margaidh, lena n‐áirítear priacal ráta úis agus priacal airgeadra, agus priacail chreidmheasa agus leachtachta;

(e) 

struchtúr aibíochta na sócmhainní cumhdaigh agus na mbannaí faoi chumhdach, lena n‐áirítear forléargas ar na truicir sínte aibíochta más infheidhme;

(f) 

leibhéil an chumhdaigh atá ag teastáil agus atá ar fáil, agus leibhéil an ró-urrúsaithe chomhthaobhaigh reachtúil, chonarthaigh agus dheonaigh;

(g) 

céatadán na n‐iasachtaí ina meastar gur tharla mainneachtain de bhun Airteagal 178 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus in aon chás inar mó na hiasachtaí ná 90 lá thar téarma.

I gcás na mbannaí faoi chumhdach a eisítear go seachtrach faoi struchtúir bannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú in inghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 8, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar fáil d’infheisteoirí an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, nó nasc chuici sin, i ndáil le gach banna faoi chumhdach den ghrúpa arna eisiúint go hinmheánach. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil d’infheisteoirí ar bhonn comhiomlánaithe ar a laghad.

3.  
Áiritheoidh na Ballstáit cosaint infheisteoirí trína cheangal ar institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach an fhaisnéis a chuirtear ar fáil d’infheisteoirí i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin. Ní chuirfidh na Ballstáit ceangal ar na hinstitiúidí creidmheasa sin an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar pháipéar.

Roinn II

Ceanglais maidir le cumhdach agus leachtacht

Airteagal 15

Ceanglais chumhdaigh

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit cosaint d’infheisteoirí trína cheangal go gcomhlíonfaidh na cláir bannaí faoi chumhdach na ceanglais chumhdaigh a leagtar síos i míreanna 2 go 8 ar a laghad i gcónaí.
2.  
Déanfar dliteanais uile na mbannaí faoi chumhdach a chumhdach in éilimh ar íocaíocht a bheidh ag gabháil leis na sócmhainní cumhdaigh.
3.  

Áireofar sna dliteanais dá dtagraítear i mír 2:

(a) 

na hoibleagáidí i dtaca le híocaíocht phríomhshuim na mbannaí faoi chumhdach gan íoc;

(b) 

na hoibleagáidí i dtaca le híocaíocht aon úis ar bhannaí faoi chumhdach gan íoc;

(c) 

na hoibleagáidí íocaíochta a bheidh ag gabháil le conarthaí díorthach atá i seilbh i gcomhréir le hAirteagal 11; agus

(d) 

na costais a bhfuiltear ag súil leo a bhaineann le cothabháil agus riar le haghaidh fhoirceannadh na gclár bannaí faoi chumhdach.

Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit ríomh cnapshuime a cheadú.

4.  

Measfar go rannchuideoidh na sócmhainní cumhdaigh seo a leanas leis an gceanglas cumhdaigh:

(a) 

sócmhainní príomhúla;

(b) 

sócmhainní ionadaíochta;

(c) 

sócmhainní leachtacha i seilbh i gcomhréir le hAirteagal 16; agus

(d) 

éilimh ar íocaíocht a bheidh ag gabháil le conarthaí díorthach atá i seilbh i gcomhréir le hAirteagal 11.

Ní rannchuidíonn éilimh neamh-chomhthaobhaithe ina meastar gur tharla mainneachtain de bhun Airteagal 178 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le cumhdach.

5.  
Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 3 agus phointe (d) den chéad fhomhír de mhír 4, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le luacháil conarthaí díorthach.
6.  
Áiritheofar i ríomh mhéid an chumhdaigh atá de dhíth go mbeidh príomhshuim chomhiomlán na sócmhainní cumhdaigh uile cothrom le príomhshuim chomhiomlán na mbannaí faoi chumhdach gan íoc nó níos mó ná an méid sin ('prionsabal ainmniúil').

Féadfaidh na Ballstáit prionsabail ríofa eile a cheadú, ar an gcoinníoll nach gcruthaíonn siad cóimheas níos airde cumhdaigh ná an leibhéal arna ríomh faoin bprionsabal ainmniúil.

Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos maidir le haon ús is iníoctha maidir le bannaí faoi chumhdach gan íoc agus ús is infhaighte maidir le sócmhainní cumhdaigh a ríomh, lena léireofar prionsabail fhónta stuamachta i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme.

7.  

De mhaolú ar an gcéad fhomhír de mhír 6, féadfaidh na Ballstáit, ar shlí a léireoidh prionsabail fhónta stuamachta agus i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme, a cheadú go gcuirfear san áireamh an t‐ús is infhaighte amach anseo ar an tsócmhainn chumhdaigh glan ón ús is iníoctha ar an mbanna faoi chumhdach comhfhreagrach chun cothromaíocht a bhaint amach idir aon ghannchion sa chumhdach i ndáil leis an oibleagáid i dtaca le híoc na príomhshuime a bheidh ag gabháil leis an mbanna faoi chumhdach, i gcás ina mbeidh dlúthchomhar ann faoi mar a shainmhínítear sa rialachán tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a) 

maidir le híocaíochtaí a fuarthas le linn shaolré na sócmhainne cumhdaigh agus atá riachtanach le haghaidh chumhdach na hoibleagáide íocaíochta a bheidh ag gabháil leis an mbanna faoi chumhdach comhfhreagrach, déantar iad a leithscaradh i gcomhréir le hAirteagal 12 nó déantar iad a áireamh sa chomhthiomsú cumhdaigh i bhfoirm sócmhainní cumhdaigh dá dtagraítear in Airteagal 6 go dtí go mbeidh na híocaíochtaí dlite; agus

(b) 

ní féidir an tsócmhainn chumhdaigh a réamhíoc ach amháin tríd an rogha seachadta a fheidhmiú, mar a shainmhínítear sa rialachán tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó, i gcás bannaí faoi chumhdach inghlaoite ar par ag an institiúid creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach, trí pharmhéid na sócmhainne cumhdaigh ar a laghad a bheith íoctha ag iasachtaí na sócmhainne cumhdaigh.

8.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ríomh na sócmhainní cumhdaigh agus ríomh na ndliteanas bunaithe ar an modheolaíocht chéanna. Féadfaidh na Ballstáit modheolaíochtaí ríofa eile a cheadú le haghaidh ríomh na sócmhainní cumhdaigh ar lámh amháin agus ríomh na ndliteanas ar an lámh eile, ar choinníoll nach gcruthófar, le húsáid modheolaíochtaí éagsúla den sórt sin, cóimheas níos airde cumhdaigh ná an leibhéal arna ríomh trí úsáid a bhaint as an modheolaíocht chéanna le haghaidh ríomh na sócmhainní cumhdaigh agus na ndliteanas araon.

Airteagal 16

Ceanglas i leith maolán leachtachta an chomhthiomsaithe cumhdaigh

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit cosaint infheisteoirí trína cheangal go mbeidh i gcónaí sa chomhthiomsú cumhdaigh maolán leachtachta ina bhfuil sócmhainní leachtacha atá ar fáil chun glan-eis-sreabhadh leachtachta an chláir bannaí faoi chumhdach a chumhdach.
2.  
Le maolán leachtachta an chomhthiomsaithe cumhdaigh, cumhdófar uasmhéid carnach an ghlan-eis-sreabhaidh leachtachta thar an gcéad 180 lá eile.
3.  

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuimseofar i maolán leachtachta an chomhthiomsaithe cumhdaigh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na cineálacha sócmhainní seo a leanas, arna leithscaradh i gcomhréir le hAirteagal 12 den Treoir seo:

(a) 

sócmhainní a cháilíonn mar shócmhainní ar leibhéal 1, leibhéal 2A nó leibhéal 2B den rialachán tarmligthe is infheidhme a glacadh de bhun Airteagal 460 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, atá luacháilte i gcomhréir leis an rialachán tarmligthe sin, agus nach bhfuil eisithe ag an institiúid creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach í féin, a máthairghnóthais, seachas eintiteas earnála poiblí nach institiúid creidmheasa é, a fochuideachta nó fochuideachta eile a máthairghnóthais nó ag eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin a bhfuil dlúthnaisc ag an institiúid creidmheasa leis;

(b) 

risíochtaí gearrthéarmacha ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 1 nó 2 den cháilíocht chreidmheasa, nó taiscí gearrthéarmacha chuig institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 1, 2 nó 3 den cháilíocht chreidmheasa, i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Féadfaidh na Ballstáit na cineálacha sócmhainní leachtacha atá le húsáid chun críocha phointí (a) agus (b) den chéad fhomhír a shrianadh.

Áiritheoidh na Ballstáit nach féidir éilimh neamh-chomhthaobhaithe ó risíochtaí a mheasfar a bheith ar mainneachtain de bhun Airteagal 178 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bheith ina gcuid de mhaolán leachtachta an chomhthiomsaithe cumhdaigh.

4.  
I gcás ina bhfuil institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach faoi réir ceanglais leachtachta a leagtar amach i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais as a leanfaidh forluí le maolán leachtachta an chomhthiomsaithe cumhdaigh, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear míreanna 1, 2 agus 3 a chur i bhfeidhm ar feadh na tréimhse dá foráiltear sna gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais. Ní fhéadfaidh na Ballstáit an rogha sin a fheidhmiú ach amháin go dtí an dáta a dtiocfaidh leasú ar na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais chun an forluí a dhíchur chun bheith infheidhme agus cuirfidh siad an Coimisiún agus ÚBE ar an eolas i gcás ina bhfeidhmíonn siad an rogha sin.
5.  
Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt an phríomhshuim le haghaidh struchtúir aibíochta insínte a ríomh bunaithe ar an dáta aibíochta deiridh i gcomhréir le téarmaí agus coinníollacha an bhanna faoi chumhdach.
6.  
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach mbaineann mír 1 leis na bannaí faoi chumhdach atá faoi réir ceanglais cistiúcháin meaitseála.

Airteagal 17

Coinníollacha le haghaidh struchtúir aibíochta insínte

1.  

Féadfaidh na Ballstáit eisiúint bannaí faoi chumhdach ag a bhfuil struchtúir aibíochta insínte a cheadú i gcás ina n‐áiritheofar cosaint d’infheisteoirí tríd an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) 

ní féidir an aibíocht a fhadú ach faoi réir truicir oibiachtúla arna sonrú sa dlí náisiúnta, agus gan faoi réir rogha na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach;

(b) 

sonraítear na truicir sínte aibíochta sna téarmaí conarthacha agus i gcoinníollacha an bhanna faoi chumhdach;

(c) 

is leor an fhaisnéis a chuirtear ar fáil d’infheisteoirí faoin struchtúr aibíochta chun iad a chumasú priacal an bhanna faoi chumhdach a chinneadh, agus áirítear léi cur síos mionsonraithe ar an méid a leanas:

(i) 

na truicir sínte aibíochta;

(ii) 

iarmhairtí i leith síneadh aibíochta i gcás dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach;

(iii) 

ról na n‐údarás inniúil a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) agus, i gcás inarb ábhartha, an riarthóra speisialta maidir leis an síneadh aibíochta;

(d) 

is inchinnte i gcónaí dáta aibíochta deiridh an bhanna faoi chumhdach;

(e) 

i gcás dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach, ní dhéanann síntí aibíochta difear do rangú infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach nó ní dhéanann siad seicheamhú sceideal aibíochta bunaidh na gclár bannaí faoi chumhdach a aisiompú;

(f) 

ní athraíonn an síneadh aibíochta gnéithe struchtúracha na mbannaí faoi chumhdach maidir leis an dé-iontaoibh dá dtagraítear in Airteagal 4 agus an scoiteacht féimheachta dá dtagraítear in Airteagal 5.

2.  
Na Ballstáit a cheadaíonn eisiúint bannaí faoi chumhdach ag a bhfuil struchtúir aibíochta insínte, tabharfaidh siad fógra do ÚBE dá réir sin.

TEIDEAL III

MAOIRSEACHT PHOIBLÍ AR BHANNAÍ FAOI CHUMHDACH

Airteagal 18

Maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit cosaint d’infheisteoirí trí fhoráil a dhéanamh go bhfuil eisiúint bannaí faoi chumhdach faoi réir maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach.
2.  
Chun críocha na maoirseachta poiblí ar bhannaí faoi chumhdach dá dtagraítear i mír 1, ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó. Cuirfidh siad na húdaráis ainmnithe sin in iúl don Choimisiún agus do ÚBE agus léireoidh siad aon roinnt ar fheidhmeanna agus ar dhualgais.
3.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun mhír 2 faireachán ar eisiúint bannaí faoi chumhdach chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo.
4.  
Áiritheoidh na Ballstáit go gcláróidh institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach a gcuid idirbheart go léir maidir leis an gclár bannaí faoi chumhdach agus go bhfuil córais agus próisis doiciméadúcháin leordhóthanacha iomchuí i bhfeidhm acu.
5.  
Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na bearta iomchuí i bhfeidhm chun na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun mhír 2 den Airteagal seo a chumasú an fhaisnéis a fháil atá riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, imscrúdú a dhéanamh ar na sáruithe féideartha ar na ceanglais sin, agus pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchur i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 23.
6.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an saineolas, na hacmhainní, an cumas oibríochtúil, na cumhachtaí agus an neamhspleáchas is gá ag na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun mhír 2 chun na feidhmeanna a bhaineann leis an maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach a chomhlíonadh.

Airteagal 19

Cead le haghaidh cláir bannaí faoi chumhdach

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit cosaint infheisteoirí trína cheangal go mbeidh cead le haghaidh clár bannaí faoi chumhdach faighte sula n‐eiseofar bannaí faoi chumhdach faoin gclár sin. Tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht cead den sórt sin a thabhairt d’údaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2).
2.  

Leagfaidh na Ballstáit na ceanglais síos maidir leis an gcead dá dtagraítear i mír 1, lena n‐áireofar an méid a leanas ar a laghad:

(a) 

clár leordhóthanach oibríochtaí lena leagtar amach eisiúint bannaí faoi chumhdach;

(b) 

beartais leordhóthanacha, próisis agus modheolaíochtaí dírithe ar chosaint infheisteoirí chun iasachtaí atá san áireamh leis an gcomhthiomsú cumhdaigh a fhormheas, a leasú, a athnuachan agus a athmhaoiniú;

(c) 

lucht bainistíochta agus foireann atá tiomnaithe don chlár bannaí faoi chumhdach lena mbaineann cáilíochtaí leordhóthanacha agus eolas leordhóthanach maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach agus riar an chláir bannaí faoi chumhdach;

(d) 

leagan amach riaracháin an chomhthiomsaithe cumhdaigh agus an faireachán air lena gcomhlíontar na ceanglais is infheidhme a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo.

Airteagal 20

Maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach i gcás dócmhainneachta nó réitigh

1.  
Comhoibreoidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) leis an údarás réitigh i gcás réiteach de chuid institiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach chun a áirithiú go gcaomhnófar cearta agus leasanna na n‐infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach, lena n‐áirítear ar a laghad trí bhainistiú leanúnach agus fónta an chláir bannaí faoi chumhdach le linn thréimhse an phróisis réitigh a fhíorú.
2.  
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh le go gceapfar riarthóir speisialta chun a áirithiú go gcaomhnófar cearta agus leasanna na n-infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach, lena n‐áirítear ar a laghad trí bhainistiú leanúnach agus fónta an chláir bannaí faoi chumhdach le linn na tréimhse riachtanaí a fhíorú.

I gcás ina bhfeidhmeoidh na Ballstáit an rogha sin, féadfaidh siad a cheangal ar a gcuid údarás inniúil a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) ceapadh agus dífhostú an riarthóra speisialta a fhormheas, éileoidh na Ballstáit a fheidhmeoidh an rogha sin ar a laghad go rachfar i gcomhairle leis na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) maidir leis an riarthóir speisialta a cheapadh agus a chur as oifig.

3.  

I gcás ina ndéanfaidh Ballstáit foráil maidir le riarthóir speisialta a cheapadh i gcomhréir le mír 2, glacfaidh siad rialacha lena leagfar síos cúraimí agus dualgais an riarthóra speisialta sin maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) 

na dliteanais a bhaineann leis na bannaí faoi chumhdach a urscaoileadh;

(b) 

sócmhainní cumhdaigh a bhainistiú agus a réadú, lena n‐áirítear a n‐aistriú i dteannta le dliteanais bannaí faoi chumhdach chuig institiúid creidmheasa eile a eisíonn bannaí faoi chumhdach;

(c) 

na hidirbhearta dlíthiúla is gá a dhéanamh le haghaidh riaradh cuí an chomhthiomsaithe cumhdaigh, le haghaidh an fhaireacháin leanúnaigh ar chumhdach na ndliteanas a ghabhann leis na bannaí faoi chumhdach, chun imeachtaí a thionscnamh chun sócmhainní a thabhairt ar ais sa chomhthiomsú cumhdaigh agus chun na sócmhainní atá fágtha a aistriú chuig eastát dócmhainneachta na hinstitiúide creidmheasa a d’eisigh na bannaí faoi chumhdach tar éis gach dliteanas banna faoi chumhdach a bheith urscaoilte.

Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit a cheadú don riarthóir speisialta oibriú, i gcás dhócmhainneacht na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach, faoin údarú atá i seilbh na hinstitiúide creidmheasa sin, faoi réir na gceanglas oibríochtúil céanna.

4.  
Áiritheoidh na Ballstáit comhordú agus malartú faisnéise chun críocha an phróisis dócmhainneachta nó réitigh i measc na n‐údarás inniúil a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2), an riarthóra speisialta, i gcás inar ceapadh riarthóir den sórt sin, agus, i gcás réitigh, an údaráis réitigh.

Airteagal 21

Tuairisciú do na húdaráis inniúla

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit cosaint d’infheisteoirí trí cheanglas a chur ar institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach an fhaisnéis a leagtar amach i mír 2 faoi chláir bannaí faoi chumhdach a thuairisciú do na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2). Déanfar an tuairisciú ar bhonn rialta agus arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla sin. Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le minicíocht an tuairiscithe rialta sin.
2.  

Na hoibleagáidí tuairiscithe atá le leagan síos de bhun mhír 1, ceanglófar leo go n‐áireofar san fhaisnéis atá le soláthar faisnéis maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) 

incháilitheacht na gceanglas maidir le sócmhainní agus comhthiomsú cumhdaigh i gcomhréir le hAirteagail 6 go 11;

(b) 

leithscaradh sócmhainní cumhdaigh i gcomhréir le hAirteagal 12;

(c) 

i gcás inarb iomchuí, feidhmiú an mhonatóra ar an gcomhthiomsú cumhdaigh i gcomhréir le hAirteagal 13;

(d) 

na ceanglais chumhdaigh i gcomhréir le hAirteagal 15;

(e) 

maolán leachtachta an chomhthiomsaithe cumhdaigh i gcomhréir le hAirteagal 16;

(f) 

i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha le haghaidh struchtúir aibíochta insínte i gcomhréir le hAirteagal 17.

3.  
Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir leis na rialacha faoin bhfaisnéis atá le soláthar faoi mhír 2 ag na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach do na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) i gcás dócmhainneacht nó réiteach institiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach.

Airteagal 22

Cumhachtaí na n-údarás inniúil chun críoch maoirseachta poiblí ar bhannaí faoi chumhdach

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit cosaint d’infheisteoirí trí na cumhachtaí uile maoirseachta, imscrúdúcháin agus pionósacha is gá chun cúram na maoirseachta poiblí ar bhannaí faoi chumhdach a dhéanamh a thabhairt d’údaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2).
2.  

Áireofar leis na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) 

an chumhacht cead a dheonú nó a dhiúltú de bhun Airteagal 19;

(b) 

an chumhacht athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an gclár bannaí faoi chumhdach d’fhonn measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo;

(c) 

an chumhacht iniúchtaí ar an láithreán agus lasmuigh den láithreán a dhéanamh;

(d) 

an chumhacht pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchur i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuítear Airteagal 23;

(e) 

an chumhacht treoirlínte maoirseachta maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach a ghlacadh agus a chur chun feidhme.

Airteagal 23

Pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile

1.  

Gan dochar do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le pionóis choiriúla, féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos lena mbunófar pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a bheidh infheidhme ar a laghad sna cásanna seo a leanas:

(a) 

tá cead faighte ag institiúid creidmheasa le haghaidh clár bannaí faoi chumhdach trí bhíthin ráitis bhréagacha nó modhanna mírialta eile;

(b) 

ní chomhlíonann institiúid creidmheasa na coinníollacha faoinar tugadh cead le haghaidh clár bannaí faoi chumhdach a thuilleadh;

(c) 

eisíonn institiúid creidmheasa bannaí faoi chumhdach gan an cead a fháil i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 19;

(d) 

mainníonn institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach na ceanglais a leagtar amach i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 4 a chomhlíonadh;

(e) 

eisíonn institiúid creidmheasa bannaí faoi chumhdach nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 5;

(f) 

eisíonn institiúid creidmheasa bannaí faoi chumhdach nach bhfuil comhthaobhaithe i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 6;

(g) 

eisíonn institiúid creidmheasa bannaí faoi chumhdach atá comhthaobhaithe ag sócmhainní atá lonnaithe lasmuigh den Aontas, de shárú ar na ceanglais a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 7;

(h) 

comhthaobhaíonn institiúid creidmheasa bannaí faoi chumhdach i struchtúr bannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú in inghrúpa, de shárú ar na ceanglais a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 8;

(i) 

mainníonn institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach na coinníollacha le haghaidh comhchistithe a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 9 a chomhlíonadh;

(j) 

mainníonn institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach na ceanglais maidir le comhdhéanamh an chomhthiomsaithe cumhdaigh a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 10 a chomhlíonadh;

(k) 

mainníonn institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach na ceanglais maidir le conarthaí díorthach sa chomhthiomsú cumhdaigh a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 11 a chomhlíonadh;

(l) 

mainníonn institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach na ceanglais maidir le leithscaradh na sócmhainní cumhdaigh i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 12 a chomhlíonadh;

(m) 

mainníonn institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach faisnéis a thuairisciú nó cuireann sí faisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn ar fáil, de shárú ar fhorálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 14;

(n) 

mainníonn institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach, arís agus arís eile nó ar dhóigh leanúnach, maolán leachtachta comhthiomsaithe cumhdaigh a choimeád, de shárú ar fhorálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 16;

(o) 

mainníonn institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach ag a bhfuil struchtúir aibíochta insínte na coinníollacha maidir le struchtúir aibíochta insínte a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 17 a chomhlíonadh;

(p) 

mainníonn institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach faisnéis a thuairisciú nó cuireann sí faisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn ar fáil faoina hoibleagáidí, de shárú ar fhorálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 21(2).

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan foráil a dhéanamh maidir le pionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile i gcás sáruithe atá faoi réir pionóis choiriúla faoina ndlí náisiúnta. Sna cásanna sin, cuirfidh na Ballstáit forálacha ábhartha an dlí choiriúil in iúl don Choimisiún.

2.  

Beidh na pionóis agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 éifeachtach comhréireach athchomhairleach agus áireofar an méid seo a leanas ar a laghad iontu:

(a) 

tarraingt siar ceada le haghaidh clár bannaí faoi chumhdach;

(b) 

ráiteas poiblí ina léireofar céannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh agus cineál an tsáraithe i gcomhréir le hAirteagal 24;

(c) 

ordú lena gceanglófar ar an duine nádúrtha nó dlítheanach scor den iompraíocht agus gan bheith i mbun na hiompraíochta sin in athuair;

(d) 

pionóis airgid riaracháin.

3.  
Áiritheoidh na Ballstáit chomh maith go gcuirfear na pionóis agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 chun feidhme go héifeachtach.
4.  

Áiritheoidh na Ballstáit, agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le cineál na bpionós riaracháin nó na mbeart riaracháin eile agus maidir le méid na bpionós airgid riaracháin, go cuirfidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) san áireamh na himthosca seo a leanas, i gcás inarb ábhartha:

(a) 

tromchúis an tsáraithe agus a fhad a mhair sé;

(b) 

méid freagrachta an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú;

(c) 

acmhainn airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú, lena n‐áirítear faoi threoir láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh nó ioncam bliantúil an duine nádúrtha;

(d) 

méid na mbrabús a ghnóthaigh an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú nó méid na gcaillteanas a sheachain an duine sin, mar gheall ar an sárú, a mhéid is féidir na brabúis nó na caillteanais sin a chinneadh;

(e) 

na caillteanais tríú páirtithe mar gheall ar an sárú, a mhéid is féidir na caillteanais sin a chinneadh;

(f) 

an méid a chomhoibrigh an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú leis na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2);

(g) 

aon sárú a rinne an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú roimhe sin;

(h) 

aon iarmhairtí sistéamacha iarbhír nó féideartha de thoradh an tsáraithe.

5.  
I gcás ina bhfuil feidhm ag na forálacha dá dtagraítear i mír 1 maidir le daoine dlítheanacha, áiritheoidh na Ballstáit chomh maith go gcuirfidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) na pionóis riaracháin agus na bearta riaracháin eile a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo i bhfeidhm maidir le comhaltaí den chomhlacht bainistíochta agus maidir le daoine aonair eile atá freagrach as an sárú faoin dlí náisiúnta.
6.  
Áiritheoidh na Ballstáit, sula ndéanfar aon chinneadh lena bhforchuirfear pionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile mar a leagtar amach i mír 2, go dtabharfaidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2), an deis don duine nádúrtha nó dlítheanach lena mbaineann éisteacht a fháil. Féadfar feidhm a bheith ag eisceachtaí ón gceart éisteachta maidir le glacadh na mbeart riaracháin eile sin i gcás ina mbeidh gá le gníomhaíocht phráinneach chun caillteanais shuntasacha do thríú páirtithe nó damáiste suntasach don chóras airgeadais a chosc. I gcásanna den sórt sin, tabharfar an deis don duine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an beart riaracháin sin a bheith glactha agus, i gcás inar gá, déanfar athbhreithniú ar an mbeart sin.
7.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon chinneadh lena bhforchuirfear pionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile mar a leagtar amach i mír 2, réasúnaithe mar is ceart agus go mbeidh sé faoi réir cead achomhairc.

Airteagal 24

Pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhoilsiú

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go n‐áireofar le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo rialacha lena gceanglófar go bhfoilseofar pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile gan moill mhíchuí ar shuíomhanna gréasáin oifigiúla na n‐údarás inniúil a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2). Tá feidhm ag na hoibleagáidí céanna i gcás ina gcinnfidh Ballstát foráil a dhéanamh maidir le pionóis choiriúla de bhun an dara fomhír d’Airteagal 23(1).
2.  
Ceanglófar leis na rialacha a ghlactar de bhun mhír 1 go bhfoilseofar ar a laghad aon chinneadh nach féidir achomharc déanta ina leith nó nach féidir achomharc a dhéanamh ina leith a thuilleadh, agus a fhorchuirfear de dheasca sárú ar fhorálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo.
3.  
Áiritheoidh na Ballstáit go n‐áireofar leis an bhfoilseachán sin faisnéis faoi chineál agus saghas an tsáraithe agus céannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh ar a bhforchuireadh an pionós nó beart. Faoi réir mhír 4, áiritheoidh na Ballstáit freisin go bhfoilseofar an fhaisnéis sin gan moill mhíchuí tar éis don seolaí a bheith curtha ar an eolas faoin bpionós nó faoin mbeart sin agus chomh maith leis sin faoi fhoilsiú an chinnidh lena bhforchuirtear an pionós sin nó an beart sin ar shuíomhanna gréasáin oifigiúla na n‐údarás inniúil a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2).
4.  
I gcás ina gceadóidh Ballstáit cinneadh a fhoilsiú lena bhforchuirtear pionóis nó bearta eile a bhfuil ábhar achomhairc ina n‐aghaidh ar feitheamh, foilseoidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) freisin, gan moill mhíchuí, ar a suíomhanna gréasáin oifigiúla, faisnéis maidir le stádas an achomhairc agus lena thoradh.
5.  

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) an cinneadh lena bhforchuirtear pionóis nó bearta a fhoilsiú ar bhonn anaithnid agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a) 

i gcás ina ngearrfar an pionós nó an beart ar dhuine nádúrtha agus go gcinnfear go bhfuil sé díréireach sonraí pearsanta a fhoilsiú;

(b) 

i gcás ina gcuirfeadh an foilsiú cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú coiriúil atá fós ar siúl i gcontúirt;

(c) 

i gcás ina mbeadh an foilsiú ina chúis, a mhéid is féidir a chinneadh, le damáiste díréireach do na hinstitiúidí creidmheasa nó do na daoine nádúrtha atá i gceist.

6.  
I gcás ina bhfoilseoidh Ballstát cinneadh lena bhforchuirtear pionós nó beart ar bhonn anaithnid, féadfaidh sé a cheadú go gcuirfear foilsiú na sonraí ábhartha siar.
7.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseofar freisin aon rialú deiridh cúirte lena gcuirtear ar neamhní cinneadh lena bhforchuirtear pionós nó beart.
8.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfanfaidh aon fhoilseachán dá dtagraítear i míreanna 2 go 6 ar shuíomhanna gréasáin oifigiúla na n‐údarás inniúil a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) go ceann cúig bliana tar éis an dáta foilsithe. Sonraí pearsanta a bheidh san fhoilsiú, ní choinneofar ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil iad ach ar feadh na tréimhse atá riachtanach i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme. Déanfar tréimhse choinneála den sórt sin a chinneadh agus na tréimhsí teorann dá bhforáiltear i reachtaíocht na mBallstát lena mbaineann á gcur san áireamh ach, in aon chás, ní bheidh sí níos faide ná deich mbliana.
9.  
Cuirfidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) ÚBE ar an eolas faoi aon phionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile arna bhforchur, lena n‐áirítear, i gcás inarb ábhartha, aon achomharc ina dtaobh agus an toradh a bhí orthu. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na húdaráis inniúla sin faisnéis mar aon le sonraí faoin mbreithiúnas críochnaitheach i ndáil le haon phionós coiriúil arna fhorchur, agus cuirfear na húdaráis inniúla sin an méid sin faoi bhráid ÚBE.
10.  
Coimeádfaidh ÚBE bunachar sonraí lárnach de phionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a cuireadh in iúl dóibh. Is iad na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2), agus iadsan amháin, a mbeidh rochtain acu ar an mbunachar sonraí sin agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn na faisnéise arna cur ar fáil ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le mír 9 den Airteagal seo.

Airteagal 25

Oibleagáidí comhair

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go n‐oibreoidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) i ndlúthchomhar leis na húdaráis inniúla a dhéanann an mhaoirseacht ghinearálta ar institiúidí creidmheasa i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais is infheidhme maidir leis na hinstitiúidí sin agus leis an údarás réitigh i gcás réiteach institiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach.
2.  
Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit go n‐oibreoidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) i ndlúthchomhar le chéile. Beidh soláthar faisnéise dá chéile atá ábhartha d’fheidhmiú chúraimí maoirseachta na n‐údarás eile faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo san áireamh sa chomhoibriú sin.
3.  

Chun críocha an dara habairt de mhír 2 den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) na nithe seo a leanas a chur in iúl:

(a) 

gach faisnéis ábhartha arna iarraidh sin d’údarás inniúil eile a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2); agus

(b) 

ar a dtionscnamh féin, aon fhaisnéis atá riachtanach d’údaráis inniúla eile a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) i mBallstáit eile.

4.  
Áiritheoidh na Ballstáit chomh maith go n‐oibreoidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) i gcomhar le ÚBE nó, i gcás inarb ábhartha, leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), arna bhunú le Rialachán (AE) 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), chun críocha na Treorach seo.
5.  
Chun críocha an Airteagail seo, measfar go bhfuil faisnéis ríthábhachtach más rud é go bhféadfadh sí tionchar suntasach a imirt ar an measúnú ar eisiúint bannaí faoi chumhdach i mBallstát eile.

Airteagal 26

Ceanglais maidir le nochtadh

1.  

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) an fhaisnéis seo a leanas ar a suíomhanna gréasáin oifigiúla:

(a) 

téacsanna a ndlíthe náisiúnta, rialacháin náisiúnta, rialacha riaracháin náisiúnta agus na treorach ginearálta náisiúnta arna nglacadh maidir le bannaí faoi chumhdach a eisiúint;

(b) 

liosta na n‐institiúidí creidmheasa a bhfuil cead acu bannaí faoi chumhdach a eisiúint;

(c) 

liosta na mbannaí faoi chumhdach atá i dteideal an lipéad “Banna Eorpach faoi Chumhdach” a úsáid agus liosta na mbannaí atá i dteideal an lipéad “Banna Eorpach faoi Chumhdach (Préimh)” a úsáid.

2.  
Beidh an fhaisnéis a fhoilseofar i gcomhréir le mír 1 leordhóthanach chun gur féidir comparáid a bhfuil ciall léi a dhéanamh ar na cineálacha cur chuige éagsúla a ghlacann údaráis inniúla na mBallstát éagsúil a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2). Nuashonrófar an fhaisnéis sin chun aon athrú a chur san áireamh.
3.  
Tabharfaidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) fógra do ÚBE ar bhonn bliantúil faoi liosta na n-institiúidí creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 agus liostaí na mbannaí faoi chumhdach dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1.

▼M1

Airteagal 26a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.  
Ón 10 Eanáir 2030, áiritheoidh na Ballstáit, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 14 den Treoir seo á poibliú acu, go gcuirfidh institiúidí creidmheasa, a bhfuil cead acu bannaí faoi chumhdach a eisiúint, an fhaisnéis sin faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ).

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a) 

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b) 

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i) 

ainmneacha uile na hinstitiúide creidmheasa, a bhfuil cead aici bannaí faoi chumhdach a eisiúint, lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii) 

aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na hinstitiúide creidmheasa, a bhfuil cead aici bannaí faoi chumhdach a eisiúint, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii) 

méid na hinstitiúide creidmheasa, a bhfuil cead aici bannaí faoi chumhdach a eisiúint, de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv) 

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(v) 

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.  
Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh institiúidí creidmheasa, a bhfuil cead acu bannaí faoi chumhdach a eisiúint, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.
3.  
Faoin 9 Eanáir 2030, chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.
4.  
Ón 10 Eanáir 2030, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 24 agus Airteagal 26(1), pointí (b) agus (c), den Treoir seo inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é an t-údarás inniúil a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a) 

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b) 

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i) 

ainmneacha uile na hinstitiúide creidmheasa, a bhfuil cead aici bannaí faoi chumhdach a eisiúint, lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii) 

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na hinstitiúide creidmheasa, a bhfuil cead aici bannaí faoi chumhdach a eisiúint, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii) 

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv) 

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

5.  

Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b) 

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c) 

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Chun críocha phointe (c), déanfaidh ÚBE measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

6.  
I gcás inar gá, glacfaidh ÚBE treoirlínte chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 5, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.

▼B

TEIDEAL IV

LIPÉADÚ

Airteagal 27

Lipéadú

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit nach n-úsáidfear an lipéad “Banna Eorpach faoi Chumhdach” agus a aistriúchán i dteangacha oifigiúla uile an Aontais ach amháin le haghaidh bannaí faoi chumhdach a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo.
2.  
Áiritheoidh na Ballstáit nach n‐úsáidfear an lipéad “Banna Eorpach faoi Chumhdach (Préimh)” agus a aistriúchán i dteangacha oifigiúla uile an Aontais ach amháin le haghaidh bannaí faoi chumhdach a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo agus a chomhlíonann ceanglais Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna leasú le Rialachán (AE) 2019/2160 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ).

TEIDEAL V

LEASUITHE AR THREORACHA EILE

Airteagal 28

Leasú ar Threoir 2009/65/CE

Leasaítear Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE mar a leanas:

(1) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“4. 

Féadfaidh Ballstáit an teorainn 5 % a leagtar síos sa chéad fhomhír de mhír 1 a ardú go dtí uasmhéid 25 % i gcás ina mbeidh na bannaí eisithe roimh an 8 Iúil 2022 agus i gcás ina gcomhlíonann na bannaí sin na ceanglais a leagtar amach sa mhír seo de réir mar is infheidhme ar dháta a n‐eisiúna, nó i gcás ina dtagann na bannaí faoin sainmhíniú ar bhannaí faoi chumhdach i bpointe (1) d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ).

(2) 

scriostar an tríú fomhír.

Airteagal 29

Leasú ar Threoir 2014/59/AE

In Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 96:

“(96) 

ciallaíonn ‘banna faoi chumhdach’ banna faoi chumhdach faoi mar a shainmhínítear é in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *2 )nó, i dtaca le ionstraim arna heisiúint roimh an 8 Iúil 2022, banna dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *3 ), de réir mar is infheidhme ar an dáta a eisítear é;

TEIDEAL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 30

Bearta idirthréimhseacha

1.  
Maidir le bannaí faoi chumhdach a eisíodh roimh an 8 Iúil 2022 agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE, de réir mar is infheidhme ar dháta a n‐eisiúna, áiritheoidh na Ballstáit nach bhfuil siad faoi réir na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 5 go 12 agus in Airteagail 15, 16, 17 agus 19 den Treoir seo, ach féadfar leanúint de bheith ag tagairt dóibh mar bhannaí faoi chumhdach i gcomhréir leis an Treoir seo go dtí go mbeidh siad aibí.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) den Treoir seo faireachán ar chomhlíonadh na mbannaí faoi chumhdach a eisíodh roimh an 8 Iúil 2022 leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE, de réir mar is infheidhme ar dháta a n‐eisiúna, agus le ceanglais na Treorach seo, a mhéid atá siad infheidhme i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo.

2.  

Féadfaidh na Ballstáit mír 1 a chur i bhfeidhm maidir le heisiúintí leanúnacha i ndáil le bannaí faoi chumhdach a ndéanfar oscailt ISIN ina leith roimh an 8 Iúil 2022 suas le 24 mhí tar éis an dáta sin, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na heisiúintí sin na ceanglais seo a leanas ar fad:

(a) 

titeann dáta aibíochta an bhanna faoi chumhdach roimh an 8 Iúil 2027;

(b) 

ní sháraíonn méid iomlán na n‐eisiúintí leanúnacha arna ndéanamh tar éis an 8 Iúil 2022 dhá oiread de mhéid iomlán na mbannaí faoi chumhdach gan íoc ar an dáta sin;

(c) 

ní sháraíonn méid iomlán eisiúna an bhanna faoi chumhdach tráth na haibíochta EUR 6 000 000 000 nó an méid comhionann in airgeadra intíre;

(d) 

tá na sócmhainní comhthaobhachta lonnaithe sa Bhallstát a chuireann mír 1 i bhfeidhm maidir le heisiúintí leanúnacha bannaí faoi chumhdach.

Airteagal 31

Athbhreithniú agus tuairisciú

1.  
Faoin 8 Iúil 2024, cuirfidh an Coimisiún, i dlúthchomhar le ÚBE, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, maille le togra reachtach, más iomchuí, i dtaobh an bhféadfaí córas coibhéise a thabhairt isteach le haghaidh institiúidí creidmheasa tríú tír a eisíonn bannaí faoi chumhdach, agus le haghaidh infheisteoirí sna bannaí faoi chumhdach sin, agus, dá bhféadfaí sin a dhéanamh, i dtaobh na caoi a ndéanfar an córas sin a thabhairt isteach, agus forbairtí idirnáisiúnta i réimse na mbannaí faoi chumhdach, go háirithe forbairt creataí reachtacha i dtríú tíortha, á gcur san áireamh aige.
2.  

Faoin 8 Iúil 2024, déanfaidh an Coimisiún, i dlúthchomhar le ÚBE, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar chur chun feidhme na Treorach seo i dtaca le leibhéal na cosanta infheisteoirí agus leis na forbairtí i ndáil le bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint san Aontas. Áireofar sa tuarascáil aon mholtaí le haghaidh gníomhaíocht bhreise. Áireofar sa tuarascáil faisnéis faoin méid seo a leanas:

(a) 

forbairtí maidir le líon na gceadanna chun bannaí faoi chumhdach a eisiúint;

(b) 

forbairtí maidir le líon na mbannaí faoi chumhdach a eisíodh i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo agus i gcomhréir le hAirteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c) 

forbairtí maidir leis na sócmhainní lena gcomhthaobhaítear eisiúint na mbannaí faoi chumhdach;

(d) 

forbairtí maidir le leibhéal an ró-urrúsaithe chomhthaobhaigh;

(e) 

infheistíochtaí trasteorann i mbannaí faoi chumhdach, lena n‐áirítear infheistíocht isteach ó thríú tíortha agus infheistíocht amach chucu;

(f) 

forbairtí maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach ag a bhfuil struchtúir aibíochta insínte;

(g) 

forbairtí maidir leis na priacail agus na tairbhí a bhaineann le risíochtaí a úsáid dá dtagraítear in Airteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(h) 

feidhmiú mhargaí na mbannaí faoi chumhdach.

3.  
Faoin 8 Iúil 2024, tarchuirfidh na Ballstáit faisnéis maidir leis na saincheisteanna a liostaítear i mír 2 chuig an gCoimisiún.
4.  
Faoin 8 Iúil 2024, tar éis staidéar a choimisiúnú agus a fháil lena ndéantar measúnú ar na priacail agus tairbhí a eascraíonn as bannaí faoi chumhdach ag a bhfuil struchtúir aibíochta insínte agus tar éis dul i gcomhairle le ÚBE, glacfaidh an Coimisiún tuarascáil agus cuirfidh sé an staidéar sin agus an tuarascáil sin, maille le togra reachtach, más iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
5.  
Faoin 8 Iúil 2024, glacfaidh an Coimisiún tuarascáil faoin bhféidearthacht ionstraim dé-iontaoibhe a thabhairt isteach, ar a dtabharfaí “Nótaí Urraithe Eorpacha”. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, maille le togra reachtach, más iomchuí.

Airteagal 32

Trasuí

1.  
Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 8 Iúil 2021. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ar a dhéanaí ón 8 Iúil 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairt den sórt sin.

2.  
Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 33

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 34

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.



( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‐aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

( 2 ) Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil don phobal agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (IO L, 2023/2859, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2859/oj).

( 3 ) Rialachán (AE) 2019/2160 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le risíochtaí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

( *1 ) Treoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE agus 2014/59/AE (IO L 328, 18.12.2019, lch.29).”.

( *2 ) Treoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE agus 2014/59/AE (IO L 328, 18.12.2019, lch.29).

( *3 ) Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú forálacha reachtaíochta, rialúchán agus riaracháin a bhaineann le gnóthais i gcomhair comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).”.